An Bhruiséil,14.7.2021

COM(2021) 552 final

2021/0207(COD)

Togra le haghaidh

TREOIR Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

lena leasaítear Treoir 2003/87/CE maidir le rannchuidiú na heitlíochta le sprioc an Aontais chun astaíochtaí a laghdú ar fud an gheilleagair agus beart domhanda margadhbhunaithe a chur chun feidhme go hiomchuí

{SEC(2021) 552 final} - {SWD(2021) 555 final} - {SWD(2021) 603 final} - {SWD(2021) 604 final}


MEABHRÁN MÍNIÚCHÁIN

1.COMHTHÉACS AN TOGRA

Forais agus cuspóirí an togra

Tugtar isteach leis an togra seo leasuithe le reachtaíocht Chóras Trádála Astaíochtaí an Aontais (EU ETS) i ndáil lena chur i bhfeidhm leis an eitlíocht lena áirithiú:

(1)go gcuireann an eitlíocht le sprioc um laghdú astaíochtaí 2030 i gcomhréir leis an gComhaontú Glas don Eoraip;

(2)go leasaítear EU ETS de réir mar is iomchuí i ndáil le Scéim Fritháirithe agus Laghdaithe Carbóin don Eitlíocht Idirnáisiúnta ICAO; agus

(3)go ndéantar athbhreithniú ar leithdháileadh lamháltais astaíochtaí i ndáil le heitlíocht chun ceantáil a mhéadú.

Is é an cuspóir athbhreithniú a dhéanamh ar EU ETS ar bhealach costéifeachtach agus comhleanúnach i gcomhréir le sprioc aeráide mhéadaithe an Aontais, agus an gá le haistriú cóir agus go rannchuideoidh gach earnáil le hiarrachtaí an Aontais ar son na haeráide, á gcur san áireamh.

Tá sé mar aidhm leis an gComhaontú Glas don Eoraip 1 , arna ghlacadh ag an gCoimisiún i mí na Nollag 2019, chomh maith leis an Dlí Aeráide 2  agus an Plean um Sprioc Aeráide (CTP) 3 , gealltanas aeráide an Aontais a bhreisiú faoi Chomhaontú Pháras, comhsheasmhach lena chuspóir chun aeráidneodracht ar fud an gheilleagair a bhaint amach san Aontas faoi 2050. Tá a ghealltanas dícharbónaithe ar fud an gheilleagair á mhéadú ag an Aontas, ó 40 % go 55 % ar a laghad i gcomparáid le leibhéil 1990 faoi 2030 gan creidmheasanna idirnáisiúnta a úsáid. Chun an sprioc aeráide méadaithe a bhaint amach, ní mór go rannchuideoidh gach earnáil, lena n‑áirítear an eitlíocht, go leordhóthanach leis na hiarrachtaí chun astaíochtaí a laghdú.

Is é is aidhm leis an gComhaontú Glas don Eoraip sochaí níos cothroime agus níos rathúla a dhéanamh den Aontas Eorpach, ina mbeidh geilleagar nua‑aimseartha iomaíoch, atá tíosach ó thaobh acmhainní de, áit nach mbeidh aon ghlan‑astaíochtaí gás ceaptha teasa ann faoi 2050, agus ina mbeidh an fás eacnamaíoch díchúpláilte feasta ó úsáid acmhainní. D’fhormhuinigh an Chomhairle Eorpach agus an Pharlaimint cuspóir na haeráidneodrachta agus tá sé leagtha síos ar bhealach atá ceangailteach ó thaobh dlí de sa Dlí Aeráide Eorpach a comhaontaíodh go polaitiúil. Tá sé mar aidhm ag an gComhaontú Glas don Eoraip freisin caipiteal nádúrtha an Aontais a chosaint, a chaomhnú agus a fheabhsú, agus sláinte agus dea‑bhail na saoránach a chosaint ar rioscaí agus tionchair a bhaineann leis an gcomhshaol. An tráth céanna, ní mór don aistriú sin a bheith cóir agus cuimsitheach.

De bhreis ar an méadú in uaillmhian an Aontais 2030 chun laghdú 55 % ar a laghad a bhaint amach in astaíochtaí gás ceaptha teasa ar fud an gheilleagair ar fud an Aontais i gcomparáid le 1990, cuirtear béim sa Phlean um Sprioc Aeráide 2030 ‘in accordance with its international commitment to economy-wide action under the Paris Agreement, the EU should continue to regulate at least intra-EU aviation emissions in the EU ETS’ [i gcomhréir lena ghealltanas idirnáisiúnta do ghníomhaíocht ar fud an gheilleagair faoi Chomhaontú Pháras, ba cheart go leanfadh an tAontas ag rialú astaíochtaí eitlíochta laistigh den Aontas in EU ETS ar a laghad]. Ina chonclúidí i mí na Nollag 2020, d’iarr an Chomhairle freisin ar an gCoimisiún ‘a mheas cad é an bealach is fearr ar féidir leis na hearnálacha eacnamaíocha uile rannchuidiú le sprioc 2030 agus na tograí is gá a dhéanamh lena ngabhfaidh mionscrúdú ar na tionchair chomhshaoil, eacnamaíoch agus shóisialta ar leibhéal an Bhallstáit’ 4 .

Is ionann astaíochtaí eitlíochta agus 2‑3 % d’astaíochtaí CO2 domhanda agus tháinig méadú suntasach orthu ó 1990 ar leibhéal an Aontais agus go domhanda. Ar leibhéal an Aontais, ba 3.7 % den iomlán ar fud an gheilleagair iad astaíochtaí CO2 ón eitlíocht nó 15.7 % d’astaíochtaí CO2 ón iompar in 201849. In 2018, bhí an tAontas Eorpach freagrach as 15% d’astaíochtaí CO2 eitlíochta an domhain 5 . Thairis sin, meastar go bhfuil tionchair aeráide neamh-CO2 na heitlíochta beagnach chomh tábhachtach leis na tionchair atá ag CO2 as féin 6 .

D’ainneoin an laghdú i dtrácht le déanaí mar thoradh ar phaindéim COVID‑19, réamh‑mheastar go bhfásfaidh tionchair aeráide eitlíochta a thuilleadh mar gheall ar fhás stairiúil na hearnála os cionn mheán earnálacha eacnamaíocha eile. Roimh phaindéim COVID‑19, réamh‑mheas EUROCONTROL méadú bliantúil in astaíochtaí eitlíochta Eorpacha ag 53 % faoi 2040 i gcomparáid le 201753. Roimh ghéarchéim COVID‑19, mheas ICAO go bhféadfadh astaíochtaí eitlíochta idirnáisiúnta méadú suas le 150 % faoi 2040 i gcomparáid le 202054.

Príomhuirlis le haghaidh a thabhairt ar astaíochtaí CO2 ón eitlíocht san Eoraip is ea EU ETS. Sa chomhairliúchán poiblí maidir leis na rialacha nuashonraithe le haghaidh ETS eitlíochta, aontaíonn 91 % de fhreagróirí gur cheart go rannchuideodh an eitlíocht níos mó le gníomhaíochtaí aeráide. Creideann 88 % de fhreagróirí gur féidir le bearta atá bunaithe ar mhargadh a bheith éifeachtach le dul i ngleic le hastaíochtaí eitlíochta i gcomhréir leis na cuspóirí aeráide. Idir 2013 agus 2020, bhain an eitlíocht amach glanchoigilteas 193.4 Mt CO2 trí EU ETS go príomha trí laghdú in astaíochtaí in earnálacha eile a chistiú39. Is é seo rannchuidiú na heitlíochta le cuspóir aeráide 2020 an Aontais, agus meastar go leanfaidh an rannchuidiú ar aghaidh le haghaidh 2030.  

Agus na hastaíochtaí reatha agus réamh‑mheasta ón earnáil eitlíochta á gcur san áireamh, agus i gcomhthéacs uaillmhian bhreisithe aeráide an Aontais Eorpaigh le haghaidh 2030, is gá go láidreofaí an rannchuidiú aeráide go suntasach, freisin d’fhonn rannchuidiú riachtanach le haeráidneodracht an Aontais faoi 2050 a cheadú.  Cuireadh an riachtanas seo i dtábhacht freisin in European Aviation Environment Report [An Tuarascáil Eorpach um Chomhshaol Eitlíochta] 2019.

D’ullmhaigh an Coimisiún roinnt measúnuithe tionchair le tacú leis na hathbhreithnithe atá beartaithe ar phríomhionstraimí reachtacha don phacáiste beartais ‘Oiriúnach do 55’. Sa mheasúnú tionchair ar athbhreithniú rialacha eitlíochta EU ETS déantar anailís ar roghanna éagsúla trína bhféadfadh an t‑athbhreithniú rannchuidiú go héifeachtach agus go héifeachtúil le seachadadh na sprice nuashonraithe mar chuid den phacáiste níos leithne. Dá bhrí sin, caithfear aghaidh a thabhairt san athbhreithniú sin ar rialacha eitlíochta i dteannta an athbhreithnithe ar EU ETS le haghaidh suiteálacha do‑aistrithe agus an córas a shíneadh chuig earnálacha eile. Is iad na forálacha a bhaineann le cainníocht iomlán na lamháltas eitlíochta agus cur i bhfeidhm fachtóir laghdaithe línigh leis sin, chomh maith le forálacha maidir le cúlchiste cobhsaíochta an mhargaidh na gnéithe ETS ina bhfuil idirnasc athbhreithnithe le feiceáil go háirithe. Beidh tionchar ag roghanna maidir le raon feidhme chur chun feidhme EU ETS agus CORSIA ar an leibhéal laghdaithe astaíochtaí in earnáil ETS, agus ar an éileamh ar lamháltais an Aontais. Beidh tionchar ag roghanna maidir le sciar ceantála na lamháltas eitlíochta ar mhéid na n‑ioncam ceantála a bheidh ar fáil chun an t‑athrú aeráide a chomhrac, chomh maith le gnéithe dáileacháin.

Ba cheart gníomhaíocht dhomhanda freisin níos leithne a dhéanamh ionas go rannchuideoidh eitlíocht le spriocanna Chomhaontú Pháras. Thacaigh an tAontas le CORSIA de chuid ICAO, agus tá sé ag obair le páirtithe eile chun rannpháirtíocht agus cuir chun feidhme leordhóthanach a spreagadh. Ba cheart a áirithiú san athbhreithniú ar EU ETS go gcuirtear CORSIA chun feidhme de réir mar is iomchuí trí EU ETS agus is gá go n‑áiritheofaí le cur chun feidhme CORSIA go gcaitear go cothrom le haerlínte. Ag an tráth céanna, is gá go mbeadh aon leasú ar an Treoir AE maidir le Trádáil Astaíochtaí comhsheasmhach le huaillmhian an Aontais le bheith aeráidneodrach faoi 2050, le gealltanas an Aontais maidir le laghdú astaíocht gás ceaptha teasa ar fud an gheilleagair faoi 2030 agus leis an aidhm chun ionracas comhshaoil agus éifeachtacht ghníomh ar son na haeráide an Aontais a chaomhnú.

Leithdháileadh líon mór lamháltas ar earnáil na heitlíochta saor in aisce ó bhí 2012 ann. Fógraíodh sa Chumarsáid maidir le Comhaontú Glas don Eoraip70 go mbeadh togra ann chun na lamháltais saor in aisce a leithdháiltear chuig aerlínte a laghdú. Athshonraítear é sin sa Teachtaireacht maidir le Dlús a chur le huaillmhian 2030 na hEorpa maidir leis an aeráid. Toisc gur maolú atá sa leithdháileadh saor in aisce ón bprionsabal ‘gurb é údar an truaillithe a íocfaidh as’, is í an cheantáil an modh mainneachtana in EU ETS. Tugtar le fios san anailís bhunúsach freisin riosca íseal sceite carbóin agus tionchar an‑teoranta ar phraghsanna tomhaltóra agus ceantáil á méadú i ndáil le heitlíocht.

Is iad na príomhleasuithe dlí:

(1)cainníocht iomlán na lamháltas eitlíochta a chomhdhlúthú ag na leibhéil reatha, agus an fachtóir laghdaithe línigh a chur i bhfeidhm i gcomhréir le hAirteagal 9 de Threoir ETS;

(2)chun ceantáil lamháltais eitlíochta a mhéadú;

(3)leanúint ar aghaidh ag cur EU ETS i bhfeidhm laistigh den Eoraip fad is a chuirtear CORSIA i bhfeidhm de réir mar is iomchuí ar eitiltí amach as an Eoraip; agus

(4)a áirithiú go gcaitear go cothrom le haerlínte ar na bealaí céanna maidir lena noibleagáidí maidir le tionchair eacnamaíocha.

I gcomhthráth leis na leasuithe sin leis an Treoir AE maidir le Trádáil Astaíochtaí, tá togra ar leithligh á dhéanamh chun fógra Ballstáit chuig aerlínte atá lonnaithe san Aontas maidir le fritháireamh CORSIA nialasach don bhliain 2021 a chur chun feidhme. Baineann an togra ar leithligh le gnéithe a bhaineann le CORSIA ar cheart a bheith i bhfeidhm faoi mhí na Samhna 2022, maidir le fógra a thabhairt faoi fhritháireamh nialasach breise atá le tarlú faoin dáta sin.

Comhsheasmhacht le forálacha beartais atá sa réimse beartais cheana

Céim chuimsitheach is ea an pacáiste ‘Oiriúnach do 55’ chun reachtaíocht an Aontais a ollchóiriú lena ailíniú le huaillmhian mhéadaithe aeráide an Aontais. Tá gach tionscnamh sa phacáiste idirnasctha go dlúth, agus tá gach ceann ag brath ar dhearadh na gceann eile.

Cé go bhfuil an sainordú polaitiúil chun an Treoir AE maidir le Trádáil Astaíochtaí a atreisiú don eitlíocht soiléir, tá sé seo á scrúdú i gcomhar le tionscnaimh eile bhainteacha agus ábhartha, amhail athbhreithniú ar an Treoir maidir le Cánachas Fuinnimh agus an Treoir maidir le Fuinneamh In‑athnuaite, chomh maith le Tionscnamh ReFuelEU, a bhfuil measúnú á dhéanamh orthu ar leithligh, agus aird chuí á tabhairt ar ghnéithe agus ar thionchair ETS.

Mar a tugadh le fios sa Chomhaontú Glas don Eoraip, is gá meascán ionstraimí beartais chun tionchair an athraithe aeráide ón eitlíocht a laghdú, mar nach bhfuil aon réiteach amháin ann chun an earnáil a dhícharbónú. Tá an t‑athbhreithniú ar EU ETS don eitlíocht dá bhrí sin mar chuid de ‘chiseán beart’ mar a thugtar air, lena n‑áirítear bearta atá bunaithe ar an margadh amhail EU ETS agus CORSIA, borradh a chur faoi tháirgeadh agus glacadh breoslaí eitlíochta inbhuanaithe (‘SAF’), feabhsúcháin i dteicneolaíocht aerárthaigh agus feabhsúcháin oibríochtúla trí e.g. tionscnamh an Aerspáis Eorpaigh Aonair.  

Comhsheasmhacht le beartais eile de chuid an Aontais

Ní mór go mbeadh gach gníomhaíocht agus beartas de chuid an Aontais comhsheasmhach le tograí phacáiste ‘Oiriúnach do 55’ agus go gcuideoidís leis an Aontas sprioc mhéadaithe 2030 a bhaint amach mar aon le haistriú rathúil cóir i dtreo na haeráidneodrachta in 2050, mar a luaigh an Coimisiún i dTeachtaireacht an Chomhaontaithe Ghlais don Eoraip.

Dá réir sin, tá an tionscnamh seo nasctha le go leor réimsí beartais eile, lena n‑áirítear beartais sheachtracha an Aontais, e.g. trí thíortha comhpháirtíochta a spreagadh le CORSIA a chur chun feidhme freisin, agus tacaíocht a chur ar fáil lena áirithiú go n‑oibríonn aerlínte ar chomhchéim. D’fhógair an Coimisiún go gcuirfidh sé feabhas ar an gcaoi a dtéann na treoirlínte Rialacháin Níos Fearr agus a uirlisí tacaíochta i ngleic le saincheisteanna inbhuanaitheachta agus nuálaíochta, agus é mar chuspóir go bhfreastalóidh gach tionscnamh de chuid an Aontais Eorpaigh ar mhionn glas ‘na neamhdhíobhála’. Tá an tionscnamh seo comhsheasmhach freisin le beartas an Aontais maidir le taighde agus nuálaíocht agus breiseoidh sé sineirgí idir cláir cur in úsáid an Aontais, go háirithe an Ciste Nuálaíochta agus Creatchláir an Aontais um thaighde agus um nuálaíocht trí ghlacadh agus úsáid réitigh nuálacha ísealcharbóin a dhreasú.

Rinneadh measúnú cúramach sa mheasúnú tionchair a ghabhann leis an bPlean um Sprioc Aeráide 2030 ar an bhféidearthacht chun trádáil astaíochtaí a atreisiú agus a leathnú mar cheann de na huirlisí chun laghduithe in astaíochtaí gás ceaptha teasa a bhaint amach ar leibhéal an Aontais.

Áirithítear comhsheasmhacht le beartais eile den chuid an Aontais freisin trí chomhleanúnachas na measúnuithe tionchair le haghaidh EU ETS leis na measúnuithe le haghaidh na coda eile de chreat aeráide, fuinnimh agus iompair 2030, agus le bearta eile a chuirtear i láthair mar chuid den chiseán beart chun aghaidh a thabhairt ar astaíochtaí gás ceaptha teasa ón eitlíocht.

2.BUNÚS DLÍ, COIMHDEACHT AGUS COMHRÉIREACHT

Bunús dlí

Is é Airteagal 192 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE) an bunús dlí le Treoir AE maidir le Trádáil Astaíochtaí 2003/87/CE, chomh maith le gach reachtaíocht ina dhiaidh sin lena leasaítear í agus reachtaíocht eile lena rialaítear astaíochtaí GHG. Ba cheart dó sin a fhanacht mar an bunús dlí le haghaidh aon reachtaíocht nua a thugann aghaidh ar thionchair aeráide na heitlíochta, mar is é príomhchuspóir an bhirt an chomhshaoil a chosaint trí astaíochtaí GHG a laghdú.

Coimhdeacht

Ionstraim beartais reatha de chuid an Aontais is ea an Treoir AE maidir le Trádáil Astaíochtaí. I gcomhréir le prionsabail na coimhdeachta a leagtar amach in Airteagal 5 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, ní féidir cuspóirí an togra, lena leasófaí an ionstraim seo, a bhaint amach ach trí reachtaíocht ar leibhéal an Aontais Eorpaigh.

Is gá gníomh dlíthiúil de chuid an Aontais ionas go mbeidh Ballstát in ann CORSIA a chur chun feidhme de réir mar is iomchuí le haghaidh na n‑eitiltí a chumhdaítear i raon feidhme tíreolaíoch Threoir 2003/87/CE mar a leagtar amach ina Iarscríbhinn I, i.e. eitiltí a fhágann ó aerfoirt in LEE agus a thuirlingíonn in aerfoirt eile in LEE nó i dtríú tíortha agus, eitiltí isteach chuig aerfoirt in LEE ó thríú tíortha. 

Is éifeachtaí feidhmiú ar leibhéal an Aontais Eorpaigh agus ar an leibhéal domhanda más féidir ná feidhmiú ar leibhéal an Bhallstáit de bharr thionchar trasteorann an athraithe aeráide agus chineál na heitlíochta atá trasnáisiúnta don chuid is mó. Is é an gníomh ar leibhéal an Aontais Eorpaigh is fearr a sheachadfaidh spriocanna aeráide intíre agus idirnáisiúnta an Aontais agus a áiritheoidh cur chun feidhme comhchuibhithe agus iomchuí CORSIA i ndáil leis an Aontas Eorpach.

Comhréireacht

Cloíonn an togra seo le prionsabal na comhréireachta toisc nach dtéann sé thar a bhfuil riachtanach chun na cuspóirí i ndáil le sprioc an Aontais chun astaíochtaí gás ceaptha teasa a laghdú don tréimhse 2021 go 2030 a bhaint amach ar bhealach atá costéifeachtach, fad agus a áirithítear cothroime agus sláine comhshaoil, feidhmiú iomchuí an mhargaidh inmheánaigh, agus cur chun feidhme CORSIA ag an tráth céanna.

Thacaigh an Chomhairle Eorpach le laghdú foriomlán uile‑gheilleagair agus intíre 55 % ar a laghad ar astaíochtaí gás ceaptha teasa faoi bhun leibhéil 1990 a bhaint amach faoi 2030. Cumhdaíonn an togra seo cuid mhór de na hastaíochtaí gás ceaptha teasa seo, agus déantar athbhreithniú ar an Treoir seo d’fhonn an cuspóir seo a bhaint amach.

An rogha ionstraime

Is fearr a shaothraítear cuspóirí an togra reatha trí Threoir leasaitheach. Is é seo an ionstraim dlí is iomchuí chun leasuithe a dhéanamh leis an Treoir AE maidir le Trádáil Astaíochtaí reatha, Treoir 2003/87/CE. Éilíonn Treoir ar Bhallstáit na cuspóirí a bhaint amach agus na bearta a chur chun feidhme ina gcórais dlí substainteacha agus nós imeachta náisiúnta. Ba cheart do Bhallstáit a áirithiú nach gcuireann na forálacha náisiúnta trasuímh bac ar nuálaíocht agus go bhfuil siad neodrach ó thaobh na teicneolaíochta de.

3.TORTHAÍ AR MHEASTÓIREACHTAÍ EX POST, AR CHOMHAIRLIÚCHÁIN LEIS NA PÁIRTITHE LEASMHARA AGUS AR MHEASÚNUITHE TIONCHAIR

Meastóireachtaí ex post/seiceálacha oiriúnachta ar an reachtaíocht atá ann cheana

In Airteagal 28b(2) de Threoir 2003/87/CE éilítear ar an gCoimisiún tuarascáil a chur faoi bhráid na Comhairle agus Pharlaimint na hEorpa ar CORSIA, ina scrúdaítear a uaillmhian agus a shláine chomhshaoil fhoriomlán, lena n‑áirítear a uaillmhian ghinearálta i ndáil leis na spriocanna faoi Chomhaontú Pháras, an leibhéal rannpháirtíochta, a in‑fhorfheidhmitheacht, trédhearcacht, na pionóis a bhaineann le neamhchomhlíonadh, na próisis le haghaidh ionchur poiblí, cáilíocht na gcreidmheasanna fritháirimh, faireachán, tuairisciú agus fíorú astaíochtaí, clárlanna, cuntasachta chomh maith le rialacha maidir le húsáid bithbhreoslaí. I bhfianaise an mhéid sin, ba cheart togra a dhéanamh chun an dlí an Aontais a leasú le CORSIA a chur chun feidhme de réir mar is iomchuí.

Ina theannta sin, déantar foráil in Airteagal 28b(2) de Threoir 2003/87/CE gur cheart a mheas i dtuarascáil an Choimisiúin ar cibé an gá na forálacha a glacadh faoi Airteagal 28c(2) a athbhreithniú. Déantar foráil in Airteagal 28b(3) de Threoir AE maidir le Trádáil Astaíochtaí go gcuirfidh an Coimisiún leis an tuarascáil ‘togra, i gcás inarb iomchuí, le leasú, scriosadh, síneadh nó ionadú a dhéanamh’ ar na maoluithe dá ndéantar foráil in Airteagal 28a (a chuireann teorainn le raon feidhme EU ETS chuig eitiltí idir‑LEE ó 2017‑23), atá ‘comhsheasmhach le tiomantas an Aontais maidir le laghdú astaíocht gás ceaptha teasa ar fud an gheilleagair faoi 2030 leis an aidhm chun ionracas comhshaoil agus éifeachtacht ghníomh ar son na haeráide an Aontais a chaomhnú’. 

Tá an tuarascáil san áireamh sa mheasúnú tionchair a ghabhann leis an togra seo, agus tarraingíonn sí ar staidéar ‘Measúnú ar bhearta domhanda margadhbhunaithe ICAO (CORSIA) de bhun Airteagal 28b agus chun staidéar a dhéanamh ar chostas idirmheánach de bhun Airteagal 3d den Treoir AE maidir le Trádáil Astaíochtaí’ 7

Éilítear in Airteagal 3d(2) den Treoir AE maidir le Trádáil Astaíochtaí ar an gCoimisiún chun ‘staidéar a dhéanamh ar chumas earnáil na heitlíochta chun costas an CO2 a chur ar aghaidh chuig a custaiméirí in EU ETS agus i mbeart margadhbhunaithe ICAO araon, á chur seo i gcomparáid le tionscail agus leis an earnáil cumhachta, agus é mar rún aige an céatadán ceantála de bhun an athbhreithnithe dá dtagraítear in Airteagal 28b(2) mhéadú.

Tá an staidéar san áireamh sa Mheasúnú tionchair maidir le hAthbhreithniú ar Chóras Trádála Astaíochtaí an Aontais i ndáil le heitlíocht, agus tarraingíonn sí ar an tuarascáil ‘Measúnú ar bhearta domhanda margadhbhunaithe ICAO (CORSIA) de bhun Airteagal 28b agus chun staidéar a dhéanamh ar chostas curtha ar aghaidh de bhun Airteagal 3d den Treoir AE maidir le Trádáil Astaíochtaí’. 

Comhairliúcháin leis na páirtithe leasmhara

Chuathas i gcomhairle le páirtithe leasmhara maidir leis an measúnú tionchair tosaigh idir an 3 Iúil 2020 agus an 28 Lúnasa 2020. San iomlán, chuir 54 eintiteas aiseolas isteach.  As measc na bhfreagróirí, thacaigh EU MS leis go mbeadh EU ETS agus CORSIA ann le chéile; chuir tíortha nach Ballstáit den Aontas iad imní in iúl maidir leis an bhforluí idir EU ETS agus CORSIA, cur chun feidhme páirteach CORSIA, cóireáil iompróirí nach iompróirí de chuid an Aontais iad agus eisiachas CORSIA. Maidir le roghanna cur chun feidhme CORSIA, bhí tromlach mór Eagraíochtaí Neamhrialtasacha i bhfabhar raon feidhme iomlán EU ETS nó roghanna a choinneodh an raon feidhme reatha nó roghanna hibride idir eatarthu ag an íosmhéid. Thacaigh siad freisin le ceantáil iomlán láithreach.

B’fhearr leis an gcuid is mó de chumainn ghnó agus cuideachtaí an rogha beartais CORSIA amháin. Maidir le ceantáil, bhí formhór na gcumann gnó agus na gcuideachtaí i bhfabhar an status quo nó laghdú mall, agus an t‑ioncam a úsáid le haghaidh an tionscail eitlíochta. Saoránaigh an Aontais a d’fhreagair, bhí siad i bhfabhar uaillmhian aeráide níos mó ón earnáil.

Reáchtáladh an comhairliúchán oscailte poiblí do pháirtithe leasmhara idir an 1 Deireadh Fómhair 2020 agus an 14 Eanáir 2021, agus fuarthas 81 freagra san iomlán. Sa chomhairliúchán poiblí, d’aontaigh 91 % de na freagróirí gur cheart d’earnáil na heitlíochta rannchuidiú níos mó le gníomhaíochtaí aeráide. Creideann 88 % de na freagróirí gur féidir le bearta atá bunaithe ar mhargadh a bheith éifeachtach le dul i ngleic le hastaíochtaí eitlíochta i gcomhréir leis na cuspóirí aeráide. D’aontaigh 82 % de fhreagróirí an chomhairliúcháin phoiblí gur cheart bearta atá bunaithe ar an margadh a nascadh le beartais eile amhail tacaíocht do theicneolaíochtaí nuálacha eitlíochta, feabhsúcháin oibríochtúla, cánachas, agus táirgeadh agus úsáid bhreoslaí eitlíochta inbhuanaithe. 

Maidir le roghanna cur chun feidhme CORSIA, bhí tuairimí éagsúla idir grúpa de pháirtithe leasmhara agus laistigh de na grúpaí sin. Maidir le cumainn ghnó, ba iad na roghanna ba fabhraí CORSIA AMHÁIN agus an rogha MEASCÁN (MIX) agus an dá cheann á roghnú ag 33 % de fhreagróirí. Ba iad na roghanna ba lú fabhair raon feidhme iomlán ETS agus MIX BIS agus an dá cheann á roghnú ag 33 % de fhreagróirí. Maidir le húdarás poiblí, mheas 30 % gurbh é CORSIA AMHÁIN an rogha ab fhabhraí, agus mheas 40 % gurbh é an CORSIA AMHÁIN an rogha ba lú fabhair. Maidir le hEagraíochtaí Neamhrialtasacha, ba é raon feidhme EU ETS an rogha ba fabhraí le 89 % de fhreagraí, agus bhí CORSIA ar an rogha ba lú fabhair le 44% de fhreagraí.

Maidir le sciar cheantála na lamháltas eitlíochta a mhéadú, b’fhearr le formhór na bpáirtithe leasmhara go dtosófaí láithreach ag cur deireadh leis de réir a chéile, agus mhaígh siad go raibh an status quo a choinneáil ar an rogha ba lú fabhair. Bhí tuairimí freagróirí deighilte go soiléir idir méadú i roghanna um méadú sciar cheantála. b’fhearr le 53 % de chumainn ghnó an status quo agus luaigh siad gurbh é an rogha go dtosófaí láithreach ag cur deireadh de réir a chéile leis an rogha ba lú fabhair (74%). b’fhearr le 56 % d’Eagraíochtaí Neamhrialtasacha go dtosófaí láithreach ag cur deireadh leis de réir a chéile, agus luaigh 63% gurbh é an status quo an rogha ba lú fabhair. b’fhearr le 60 % d’údaráis phoiblí go gcuirfí deireadh de réir a chéile le leithdháileadh saor in aisce.

Mheas tromlach mór na bpáirtithe leasmhara go bhféadfadh costas eitilte ardú mar gheall ar mhéadú sa cheantáil, agus d’aontaigh an tromlach freisin go gcuirfeadh an beart seo le maolú ar an athrú aeráide. 

Measúnú tionchair

Rinneadh anailís sa mheasúnú tionchair ar na roghanna éagsúla trína bhféadfadh athbhreithniú ar EU ETS i ndáil leis an eitlíocht rannchuidiú go héifeachtach agus go héifeachtúil le seachadadh na sprice nuashonraithe mar chuid den phacáiste beartais níos leithne ‘Oiriúnach do 55’. Déantar anailís sa mheasúnú tionchair ar roghanna éagsúla le haghaidh cur chun feidhme CORSIA trí EU ETS agus chun sciar cheantála a ardú. 

Tá na roghanna chun CORSIA a chur chun feidhme éagsúil a mhéid a chothaítear, a laghdaítear nó a shíntear cumhdach reatha EU ETS. Léirítear sa chomparáid idir roghanna, cé go bhfuil dreasachtaí praghais ETS ina n‑oird mhéadaíochta níos fiúntaí ná praghas fritháirimh cháilíochta CORSIA, tá an tionchar comhshaoil foriomlán ar leibhéal domhanda ar fud roghanna beartais teoranta de bharr raon feidhme teoranta tíreolaíoch EU ETS. Ach, tá difríochtaí suntasacha idir na roghanna maidir leis an rannchuidiú le sprioc um laghdú astaíochtaí an Aontais. Tá éagsúlachtaí suntasacha freisin i dtéarmaí ioncaim a eascraíonn as meascáin de roghanna beartais éagsúla, mar nach gcothaíonn CORSIA, de réir a dhearaidh, aon ioncam poiblí ó aerlínte. Is é an rogha thosaíochta cumhdach reatha EU ETS a chothabháil (eitiltí laistigh de LEE, lena n‑áirítear eitiltí a imíonn chuig an Eilvéis agus chuig an Ríocht Aontaithe) agus forálacha iomchuí a bhaineann le CORSIA a thabhairt isteach le haghaidh eitiltí nach gcumhdaítear le EU ETS faoi láthair (eitiltí chuig/ó thríú tíortha, agus eitiltí de chuid aerlínte atá lonnaithe san Aontas idir dhá thríú tír).

Tá éagsúlacht i luas an mhéadaithe sna roghanna chun an sciar cheantála a mhéadú agus lamháltais eitlíochta á leithdháileadh. Léirítear sa chomparáid ar na roghanna a ndearnadh anailís orthu go bhfuil cás láidir ann le bogadh chuig ceantáil iomlán ó dháta theacht i bhfeidhm na reachtaíochta athbhreithnithe. Cé gur leithdháileadh lamháltais saor in aisce go suntasach chun aghaidh a thabhairt ar na drochthionchair a d’fhéadfadh a bheith ann ar iomaíochas agus sceitheadh carbóin, is ionann iad agus maolú ón bprionsabal ‘gurb é údar an truaillithe a íocfaidh as’. Tugtar le fios san anailís go bhfuil riosca íseal de sceitheadh carbóin ann nuair a bheidh sciar cheantála á hardú. Tugtar le fios le haistriú chuig ceantáil iomlán go ndéanfaí an uasteorainn don eitlíocht a chobhsú ag leibhéil reatha mar is céatadán seasta de lamháltais saor in aisce é an cheantáil faoi láthair. Chothódh sé sin an leibhéal reatha ionracas comhshaoil don uasteorainn eitlíochta, agus bheadh an uasteorainn faoi réir an fhachtóra laghdaithe línigh, mar a éilíonn na comhreachtóirí cheana féin agus mar atá i gceist le haghaidh gach oibreoir eile in EU ETS. Dá mbainfí leithdháileadh saor in aisce in EU ETS, d’atreiseofaí a ionracas comhshaoil. Is é an rogha thosaíochta ceantáil mhéadaithe ó theacht i bhfeidhm an leasaithe. 

Cearta bunúsacha

Urramaítear sa togra seo na cearta bunúsacha agus comhlíontar na prionsabail a aithnítear go háirithe i gCairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh. Go háirithe, leis an togra seo cuirtear leis an gcuspóir go dtabharfaí ardleibhéal cosanta don chomhshaol i gcomhréir le prionsabal na forbartha inbhuanaithe, mar a leagtar síos in Airteagal 37 de Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh.

4.IMPLEACHTAÍ BUISÉADACHA

Faoi ETS reatha, fabhraíonn formhór na n‑ioncam ceantála chuig Ballstáit, agus dá bhrí sin tá tionchair dhearfacha ar bhuiséid náisiúnta. Déanfaidh an Coimisiún coigeartuithe ar chreat buiséadach an Aontais a chur i láthair mar chuid den phacáiste Acmhainní Dísle atá ag teacht aníos lena n‑áirítear togra chun an creat airgeadais ilbhliantúil a leasú.

Maidir le cumhdach reatha EU ETS, níl aon tionchar riaracháin breise ar rialtais náisiúnta. Ba cheart na tionchair a bhaineann le cur chun feidhme CORSIA a theorannú trí na bonneagair chéanna a úsáid. 

Beidh roghanna forbartha agus soláthair TF faoi réir réamhcheadú Bhord an Choimisiúin Eorpaigh um Theicneolaíocht Faisnéise agus um Chibearshlándáil.

5.EILIMINTÍ EILE

Míniúchán mionsonraithe ar fhorálacha sonracha an togra

Leasaítear Airteagal 3c, míreanna 1 go 3 chun an chainníocht iomlán lamháltas le haghaidh eitlíochta a chomhdhlúthú ar leibhéal an leithdháilte/na ceantála le haghaidh eitiltí laistigh den Eoraip agus eitiltí a imíonn as aerfoirt in LEE chuig an Eilvéis agus an Ríocht Aontaithe. Bunófar an leithdháileadh le haghaidh 2024 ar an leithdháileadh iomlán chuig oibreoirí aerárthaigh gníomhacha in 2023, laghdaithe faoin bhfachtóir laghdaithe línigh mar a shonraítear i dTreoir ETS. Méadófar an leithdháileadh faoin leibhéal leithdháilte a dhéanfaí dá mbeadh bealaí idir na réigiúin is forimeallaí agus stáit eile seachas an Ballstát ina bhfuil an réigiún is forimeallaí lonnaithe, cumhdaithe ag an ETS in 2023. Rachaidh an maolú sealadach ó oibleagáidí EU ETS le haghaidh na mbealaí sin in éag ar an 31 Nollaig 2023. Laghdófar an uasteorainn mhéadaithe faoin bhfachtóir laghdaithe línigh mar a shonraítear i dTreoir ETS.

Moltar maolú le teorainn ama air ó ET ETS le haghaidh astaíochtaí ó eitiltí idir aeradróm atá lonnaithe i réigiún is forimeallaí de Bhallstát agus aeradróm atá lonnaithe sa Bhallstát céanna.

Ionadaítear Airteagal 3d mír 1 chun ceantáil mhéadaithe lamháltas a bhunú don eitlíocht ó bhliain tar éis don leasú teacht i bhfeidhm. Baineann an leasú le haistriú chuig ceantáil iomlán ó 2027 ar aghaidh.

Scriostar Airteagal 3d mír 2 toisc é a bheith imithe i léig.

Leasaítear Airteagal 3d, mír 3, an chéad abairt lena léiriú i ngníomhartha tarmligthe atá le glacadh chun an Treoir seo a fhorlíonadh maidir leis na socruithe mionsonraithe don cheantáil ag Ballstáit lamháltais eitlíochta, gur cheart na módúlachtaí le haghaidh aistriú sciar ioncam chuig buiséad an Aontais a áireamh iontu.

Ionadaítear Airteagal 3d, mír 4 chun moladh níos láidre a léiriú go n‑úsáidfeadh Ballstáit ioncaim cheantála ETS le dul i ngleic leis an athrú aeráide agus go leithdháiltear sciar de na hioncaim sin chuig buiséad an Aontais faoi Chinneadh (AE, Euratom) 2020/2053 maidir le córas acmhainní dílse.  

Scriostar Airteagail 3e agus 3f toisc nach bhfuil gá le rialacha leithdháilte saor in aisce chuig oibreoirí aerárthaigh níos mó tar éis an aistriú chuig ceantáil iomlán.

Ionadaítear Airteagal 11a, míreanna 1 go 4 chun foráil a dhéanamh maidir le haerlínte atá lonnaithe san Aontas chun creidmheasanna idirnáisiúnta iomchuí a úsáid le haghaidh comhlíontachta maidir le heitiltí chuig nó ó thríú tíortha a bhfuil CORSIA á chur chun feidhme acu. Lena áirithiú go dtacaíonn cur chun feidhme CORSIA an Aontais le spriocanna Chomhaontú Pháras agus go dtugann sé dreasachtaí le haghaidh rannpháirtíocht leathan in CORSIA, caithfear na coinníollacha a leanas a shásamh: tionscnaítear creidmheasanna comhlíontachta ó stáit atá ina bPáirtithe i gComhaontú Pháras agus atá rannpháirteach in CORSIA, agus seachnaítear comhaireamh dúbailte creidmheasanna.

Cuirtear mír 8 nua le hAirteagal 11a, a thugann de chumhacht don Choimisiún gníomh cur chun feidhme a ghlacadh ina sonrófar go n‑úsáidfear na creidmheasanna a mheas Comhairle ICAO mar a bheith iomchuí chun CORSIA a chomhlíonadh.

Cuirtear mír 6 nua le hAirteagal 12, ag cur CORSIA chun feidhme le haghaidh cuideachtaí an Aontais maidir le heitiltí chuig, ó agus lasmuigh den Limistéar Eorpach Eacnamaíoch, den Eilvéis agus den Ríochta Aontaithe. Laghdaítear oibleagáidí tabhairt suas aerlínte do na heitiltí sin ó mhéid na n‑astaíochtaí chuig a sciar d’astaíochtaí eitlíochta comhchoiteanna de réir bonnlíne CORSIA.

Cuirtear míreanna nua 3 go 9 le hAirteagal 25a.

Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomh cur chun feidhme a ghlacadh agus a choinneáil ar bun ina liostaítear na stáit (seachas LEE, an Eilvéis agus an Ríocht Aontaithe) a meastar go bhfuil CORSIA á chur i bhfeidhm acu chun críocha dhlí an Aontais.

I dtaca le fíorú CORSIA ar chomhlíontacht aerlínte nach bhfuil lonnaithe san Aontas, tá sé i gceist gur le tír bhaile na n‑aerlínte an fíorú, agus leo sin amháin. Dá bhrí sin, ciallaíonn cur chun feidhme CORSIA le haghaidh eitiltí lasmuigh den Eoraip aerlínte nach aerlínte Eorpacha iad, nach mór iad a dhíolmhú ó oibleagáidí EU ETS le haghaidh na n‑eitiltí idir an Eoraip agus tríú tíortha a bhfuil CORSIA á chur chun feidhme acu.

Lena áirithiú go gcaitear mar an gcéanna le gach bealach, bheadh eitiltí chuig tíortha nach bhfuil CORSIA á chur chun feidhme acu, agus eitiltí ó na tíortha sin, díolmhaithe ó oibleagáidí EU ETS nó CORSIA.

Bheadh eitiltí chuig agus ón gcuid is mó de Thíortha is Lú Forbairt agus Stáit Oileánacha Bheaga i mBéal Forbartha nach bhfuil CORSIA á chur chun feidhme acu díolmhaithe ó oibleagáidí EU ETS nó CORSIA gan dáta deiridh leis an díolúine.

Ba cheart don Choimisiún a bheith chumhachtaithe gníomh cur chun feidhme a ghlacadh chun aerlínte atá lonnaithe san Aontas a dhíolmhú ó cheanglais tabhairt suas i ndáil le hastaíochtaí ó eitiltí i gcás ina dtarlaíonn saobhadh suntasach iomaíochta chun dochair aerlínte atá lonnaithe san Aontas de bharr cur chun feidhme nó cur i bhfeidhm CORSIA sa tríú tír nach bhfuil chomh dian. D’fhéadfadh cur chuige nach bhfuil chomh dian i leith creidmheasanna fritháirimh incháilithe nó forálacha um chomhaireamh dúbailte a bheith ina gcúis le saobhadh iomaíochta.

2021/0207 (COD)

Togra le haghaidh

TREOIR Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

lena leasaítear Treoir 2003/87/CE maidir le rannchuidiú na heitlíochta le sprioc an Aontais chun astaíochtaí a laghdú ar fud an gheilleagair agus beart domhanda margadhbhunaithe a chur chun feidhme go hiomchuí

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 192(1) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa 8 ,

Ag féachaint don tuairim ó Choiste na Réigiún 9 ,

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)Le Treoir 2003/87/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 10 , bunaíodh córas maidir le lamháltais astaíochtaí gás ceaptha teasa a thrádáil laistigh den Aontas chun laghduithe ar astaíochtaí gás ceaptha teasa a chur chun cinn ar bhealach costéifeachtach, éifeachtúil ó thaobh an gheilleagair de. Áiríodh gníomhaíochtaí eitlíochta i gcóras trádála astaíochtaí an Aontais le Treoir 2008/101/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 11 .

(2)Comhaontú Pháras, a glacadh faoi Chreat-Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe ar an Athrú Aeráide (‘UNFCCC’) i mí na Nollag 2015, tháinig sé i bhfeidhm i mí na Samhna 2016 (‘Comhaontú Pháras’) 12 . D'aontaigh na páirtithe i gComhaontú Pháras an méadú ar an meánteocht dhomhanda a choinneáil go mór faoi bhun 2 °C os cionn na leibhéal réamhthionsclaíoch agus iarrachtaí a dhéanamh teorainn 1,5 °C os cionn na leibhéal réamhthionsclaíoch a chur leis an méadú teochta. Chun cuspóirí Chomhaontú Pháras a bhaint amach, is gá do gach earnáil rannchuidiú le laghduithe astaíochtaí a bhaint amach, lena náirítear an eitlíocht idirnáisiúnta.

(3)Ghlac Comhairle na hEagraíocht Eitlíochta Sibhialta Idirnáisiúnta (ICAO) an Chéad Eagrán de na Caighdeáin Idirnáisiúnta agus na Cleachtais Mholta (SARPanna) maidir le Cosaint an Chomhshaoil – an Scéim Fritháirithe agus Laghdaithe Carbóin don Eitlíocht Idirnáisiúnta (CORSIA) (Iarscríbhinn 16, Imleabhar IV a ghabhann le Coinbhinsiún Chicago) ag an deichiú cruinniú dá 214ú seisiún ar an 27 Meitheamh 2018. Leanann an tAontas agus a Bhallstáit de thacaíocht a thabhairt do CORSIA agus iad tiomanta dá chur chun feidhme ó thús na céime píolótaí 20212023 13 .

(4)I gcomhréir le Cinneadh (AE) 2018/2027 ón gComhairle 14 , chuir na Ballstáit Rúnaíocht ICAO ar an eolas maidir leis na héagsúlachtaí idir CORSIA agus EU ETS. Is é an cuspóir a bhí leis sin acquis agus spás beartais todhchaíoch an Aontais chomh maith le leibhéal uaillmhian aeráide an Aontais agus róil eisiacha Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle a chaomhnú chun cinneadh a dhéanamh maidir le hábhar reachtaíocht an Aontais. Tar éis an leasú seo ar Threoir 2003/87/CE a ghlacadh, ba cheart fógra na néagsúlachtaí idir CORSIA agus EU ETS chuig Rúnaíocht ICAO a thabhairt cothrom le dáta chun na hathbhreithnithe a rinneadh ar dhlí an Aontais a léiriú.

(5)Tá iarrachtaí chun dul i ngleic le dúshláin a bhaineann leis an aeráid agus leis an gcomhshaol agus chun cuspóirí Chomhaontú Pháras a bhaint amach i gcroílár na Teachtaireachta maidir leis an ‘gComhaontú Glas don Eoraip’, arna ghlacadh ag an gCoimisiún an 11 Nollaig 2019 15 .

(6)Thug an tAontas faoina ghlanastaíochtaí gás ceaptha teasa ar fud an gheilleagair a laghdú le 55 % ar a laghad faoi leibhéil 1990 faoin mbliain 2030 sa ghealltanas laghdaithe cothrom le dáta a cinneadh go náisiúnta ón Aontas agus óna Bhallstáit a cuireadh faoi bhráid Rúnaíocht UNFCCC an 17 Nollaig 2020 16 .

(7)Chumhdaigh an tAontas i reachtaíocht an sprioc maidir le haeráidneodracht ar fud an gheilleagair faoi 2050 i Rialachán (AE) 2021/1119 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 17 . Bunaítear leis an Rialachán sin freisin gealltanas ceangailteach de chuid an Aontais do laghdú 55 % ar a laghad ar ghlanastaíochtaí gás ceaptha teasa intíre (astaíochtaí tar éis aistrithe a asbhaint) faoi bhun leibhéil 1990 faoi 2030.

(8)Tá an leasú seo ar Threoir 2003/87/CE dírithe ar rannchuidithe an Aontais faoi Chomhaontú Pháras agus an chreata rialála a chur chun feidhme don eitlíocht, chun sprioc cheangailteach aeráide an Aontais do 2030 laghdú 55 % ar a laghad ar ghlanastaíochtaí gás ceaptha teasa intíre i gcomparáid le leibhéil 1990 faoi 2030 a bhaint amach mar a leagtar amach i Rialachán (AE) 2021/ ... .

(9)Ba cheart don eitlíocht rannchuidiú leis na hiarrachtaí laghdaithe astaíochtaí is gá chun sprioc aeráide 2030 an Aontais a bhaint amach. Dá bhrí sin, ba cheart cainníocht iomlán na lamháltas don eitlíocht a chomhdhlúthú agus a bheith faoi réir an fhachtóra laghdaithe línigh.

(10) Chun an uaillmhian aeráide mhéadaithe a bhaint amach, beidh gá a mhéid acmhainní agus is féidir a chur i dtreo an aistrithe aeráide. Dá thoradh sin, ba cheart gach ioncam ceantála nach bhfuil sannta do bhuiséad an Aontais a úsáid chun críocha a bhaineann leis an aeráid.

(11)I gcomhréir le hAirteagal 28b(3) de Threoir 2003/87/CE, déanfaidh an tAontas measúnú ar scéim CORSIA ICAO agus cuirfidh sé chun feidhme í de réir mar is iomchuí, agus ar bhealach atá comhsheasmhach le gealltanas an Aontais maidir le laghduithe astaíochta ar fud an gheilleagair faoi 2030.

(12)Ba cheart cainníocht iomlán na lamháltas don eitlíocht a chomhdhlúthú ag leibhéal an leithdháilte le haghaidh eitiltí a fhágann ó aeradróm atá lonnaithe in LEE agus a thuirlingíonn in aeradróm atá lonnaithe in LEE, san Eilvéis nó sa Ríocht Aontaithe. Ba cheart an leithdháileadh don bhliain 2024 a bhunú ar an leithdháileadh iomlán chuig oibreoirí aerárthaigh gníomhacha in 2023, laghdaithe faoin bhfachtóir laghdaithe línigh mar a shonraítear in Airteagal 9 de Threoir 2003/87/CE. Ba cheart an leibhéal leithdháilte a mhéadú chun na bealaí nach raibh cumhdaithe ag EU ETS sa bhliain 2023 ach a chumhdaítear in EU ETS ón mbliain 2024 ar aghaidh a chur san áireamh. 

(13)Ba cheart do cheantáil mhéadaithe ó bhliain amháin tar éis theacht i bhfeidhm an leasú seo ar Threoir 2003/87/CE a bheith mar riail do leithdháileadh lamháltas earnáil na heitlíochta, ag cur cumas na hearnála chun costas méadaithe CO2 a sheoladh ar aghaidh san áireamh.

(14)Ba cheart Treoir 2003/87/CE a leasú freisin maidir le haonaid chomhlíontachta inghlactha, chun Critéir Incháilitheachta an Aonaid, ar ghlac Comhairle ICAO leo ag a 216ú seisiún i Márta 2019, a chur san áireamh mar eilimint riachtanach de CORSIA. Ba cheart d’aerlínte atá lonnaithe san Aontas a bheith in ann creidmheasanna idirnáisiúnta a úsáid le haghaidh comhlíontachta maidir le heitiltí chuig nó ó thríú tíortha a mheastar go bhfuil siad rannpháirteach in CORSIA. Lena áirithiú go dtacaíonn cur chun feidhme CORSIA an Aontais le spriocanna Chomhaontú Pháras agus go dtugann sé dreasachtaí le haghaidh rannpháirtíocht leathan in CORSIA, ba cheart do chreidmheasanna comhlíontachta a thionscnamh ó stáit atá ina bPáirtithe i gComhaontú Pháras agus atá rannpháirteach in CORSIA, agus ba cheart comhaireamh dúbailte creidmheasanna a sheachaint.

(15)Chun a áirithiú go mbíonn coinníollacha aonfhoirmeacha ann chun creidmheasanna idirnáisiúnta a úsáid i gcomhréir le hAirteagal 11a de Threoir 2003/87/CE, ba cheart cumhachtaí cur chun feidhme a bhronnadh ar an gCoimisiún chun liosta a ghlacadh de na creidmheasanna a mheas Comhairle ICAO a bheith iomchuí lena núsáid chun CORSIA a chomhlíonadh, agus a chomhlíonann na coinníollacha incháilitheachta thuas. Ba cheart na cumhachtaí sin a fheidhmiú i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 18 .

(16)Lena áirithiú go bhfuil na socruithe is gá i bhfeidhm le go bhféadfaidh na páirtithe rannpháirteacha údarú a thabhairt, coigeartuithe tráthúla a dhéanamh le tuairisciú astaíochtaí antrapaigineacha ag foinsí agus aistrithe linnte arna gcumhdach ag rannchuidiú na bpáirtithe rannpháirteacha a chinntear go náisiúnta, agus comhaireamh dúbailte a sheachaint agus glanmhéadú in astaíochtaí domhanda a bhaint amach, ba cheart cumhachtaí cur chun feidhme a bhronnadh ar an gCoimisiún chun ceanglais mhionsonraithe a leagan síos le haghaidh na socruithe sin. Ba cheart na cumhachtaí sin a fheidhmiú i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 19 .

(17)Maidir le CORSIA a chur chun feidhme ar eitiltí seachas eitiltí a fhágann ó aeradróm atá lonnaithe sa LEE agus a thuirlingíonn in aeradróm in LEE, san Eilvéis nó sa Ríocht Aontaithe, ba cheart oibleagáidí tabhairt suas a laghdú le haghaidh oibreoirí aerárthaigh atá lonnaithe san Aontas agus a oibríonn na heitiltí seo. Ba cheart oibleagáidí tabhairt suas oibreoirí aerárthaigh le haghaidh na neitiltí sin a laghdú chuig a sciar d’astaíochtaí eitlíochta idirnáisiúnta comhchoiteanna os cionn leibhéil chomhchoiteanna 2019, i ndáil le hastaíochtaí i rith 202123, agus os cionn leibhéil chomhchoiteanna 201920 le haghaidh blianta ina dhiaidh sin ina gcuirtear CORSIA chun feidhme.

(18)Chun coinníollacha aonfhoirmeacha a áirithiú le haghaidh tíortha a meastar go bhfuil CORSIA á chur i bhfeidhm acu a liostú chun críocha Threoir 2003/87/CE de bhun Airteagal 25a(3) den Treoir sin, ba cheart cumhachtaí cur chun feidhme a bhronnadh ar an gCoimisiún chun an liosta stát a ghlacadh agus a choinneáil ar bun seachas tíortha LEE, an Eilvéis agus an Ríocht Aontaithe, ar stáit iad a meastar go bhfuil siad rannpháirteach in CORSIA chun críocha dhlí an Aontais. Ba cheart na cumhachtaí sin a fheidhmiú i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle.

(19)Mar gheall go bhfuil sé i gceist go mbeadh úinéireacht ag tír dhúchais noibreoirí aerárthaigh atá lonnaithe taobh amuigh den Aontas ar chur chun feidhme agus cur i bhfeidhm CORSIA i leith na noibreoirí sin, ciallaíonn cur chun feidhme CORSIA ar eitiltí seachas eitiltí a fhágann ó aeradróm atá lonnaithe in LEE agus a thuirlingíonn in aeradróm in LEE, san Eilvéis nó sa Ríocht Aontaithe nach mór oibreoirí aerárthaigh atá lonnaithe lasmuigh den Aontas a dhíolmhú ó oibleagáidí ETS le haghaidh na neitiltí sin.

(20)Lena áirithiú go gcaitear mar an gcéanna le gach bealach, ba cheart d’eitiltí chuig agus ó thíortha nach bhfuil CORSIA á chur chun feidhme acu a bheith díolmhaithe ó oibleagáidí EU ETS nó CORSIA. Chun cur chun feidhme iomlán CORSIA, a bheidh ag tosú in 2027, a dhreasachtú, níor cheart don díolúine a bheith i bhfeidhm ach maidir le hastaíochtaí suas go dtí an 31 Nollaig 2026.

(21)Ba cheart d’eitiltí chuig agus ó Thíortha is Lú Forbairt agus Stáit Oileánacha Bheaga i mBéal Forbartha, mar a shainmhíníonn na Náisiúin Aontaithe, nach bhfuil CORSIA á chur chun feidhme acu, seachas na stáit sin a bhfuil a OTI per capita cothrom le meán an Aontais nó níos mó ná meán an Aontais, a bheith díolmhaithe ó oibleagáidí EU ETS nó CORSIA gan dáta deiridh leis an díolúine.

(22)D’fhonn coinníollacha aonfhoirmeacha a áirithiú chun oibreoirí aerárthaigh a dhíolmhú ó cheanglais tabhairt suas mar a leagtar síos in Airteagal 12(8) de Threoir 2003/87/CE i ndáil le hastaíochtaí ó eitiltí chuig agus ó thíortha a bhfuil CORSIA á chur chun feidhme acu ar bhealach nach bhfuil chomh dian ina dhlí náisiúnta, nó a bhfuil an teip orthu forálacha CORSIA a chur i bhfeidhm ar bhealach atá cothrom do gach oibreoir aerárthaigh de bhun Airteagal 25a(7) den Treoir sin, ba cheart cumhachtaí cur chun feidhme a bhronnadh ar an gCoimisiún chun aerlínte atá lonnaithe san Aontas a dhíolmhú ó cheanglais tabhairt suas i ndáil le hastaíochtaí ó eitiltí ina dtarlaíonn saobhadh suntasach iomaíochais chun dochair aerlínte atá lonnaithe san Aontas mar gheall ar chur chun feidhme nó cur i bhfeidhm CORSIA nach bhfuil chomh dian sa tríú tír. D’fhéadfadh cur chuige nach bhfuil chomh dian i leith creidmheasanna fritháirimh incháilithe nó forálacha um chomhaireamh dúbailte a bheith ina gcúis le saobhadh iomaíochta. Ba cheart na cumhachtaí sin a fheidhmiú i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle.

(23)D’fhonn coinníollacha aonfhoirmeacha a áirithiú chun cothroime iomaíochta a bhunú ar bhealaí idir dhá thír éagsúla a bhfuil CORSIA á chur chun feidhme acu i gcás ina gceadaíonn na tíortha sin d’oibreoirí aerárthaigh aonaid eile a úsáid seachas iad siúd atá ar an liosta a glacadh de bhun Airteagal 11a(8) de Threoir 2003/87/CE, de bhun Airteagal 25a(8) den Treoir sin, ba cheart cumhachtaí cur chun feidhme a bhronnadh ar an gCoimisiún lena cheadú d’oibreoirí aerárthaigh atá lonnaithe i mBallstát cineálacha aonaid a úsáid sa bhreis ar an liosta a glacadh de bhun Airteagal 11a(8) nó gan a bheith faoi cheangal ag coinníollacha Airteagal 11a(2) agus (3). Ba cheart na cumhachtaí sin a fheidhmiú i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle.

(24)D’fhonn cothroime iomaíochta a áirithiú ar bhealaí idir dhá thríú tír a bhfuil CORSIA á chur chun feidhme acu, ba cheart an chumhacht gníomhartha a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 den Chonradh a tharmligean chuig an gCoimisiún i dtaca le glacadh le creidmheasanna eile ar na bealaí sin. Tá sé tábhachtach, go háirithe, go rachaidh an Coimisiún i mbun comhairliúcháin iomchuí le linn a oibre ullmhúcháin, lena náirítear ar leibhéal na saineolaithe, agus go ndéanfar na comhairliúcháin sin i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos i gComhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr 20 . Go sonrach, chun rannpháirtíocht chomhionann in ullmhú na ngníomhartha tarmligthe a áirithiú, faigheann Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle na doiciméid uile ag an am céanna leis na saineolaithe sna Ballstáit, agus bíonn rochtain chórasach ag a gcuid saineolaithe ar chruinnithe ghrúpaí saineolaithe an Choimisiúin a bhíonn ag déileáil le hullmhú na ngníomhartha tarmligthe.

(25)Ba cheart aird speisialta a dhíriú ar inrochtaineacht a chur chun cinn do na réigiúin is forimeallaí san Aontas. Dá bhrí sin, ba cheart maolú ó ET ETS a chur ar fáil le haghaidh astaíochtaí ó eitiltí idir aeradróm atá lonnaithe i réigiún is forimeallaí de Bhallstát agus aeradróm atá lonnaithe sa Bhallstát céanna.

(26)Tá cur chuige cuimsitheach i leith na nuálaíochta tábhachtach chun cuspóirí Chomhaontú Glas don Eoraip a bhaint amach agus d’iomaíochas an tionscail Eorpaigh. Tá tábhacht ar leith ag baint leis seo d’earnálacha atá deacair le dícharbónú amhail an eitlíocht agus an loingseoireacht i gcás inar gá meascán d’fheabhsuithe oibríochtúla, breoslaí aeráidneodracha malartacha agus réitigh teicneolaíochta a imscaradh. Dá bhrí sin, ba cheart go náiritheodh Ballstáit nach gcuireann na forálacha náisiúnta trasuímh bac ar nuálaíochtaí agus go bhfuil siad neodrach ó thaobh na teicneolaíochta de. Ar leibhéal an Aontais Eorpaigh, tacaítear leis na hiarrachtaí taighde agus nuálaíochta is gá, i measc nithe eile, tríd an gCreatchlár Fís Eorpach, ina náirítear cistiú suntasach agus ionstraimí nua do na hearnálacha a thagann faoi ETS.

(27)Ós rud é nach féidir leis na Ballstáit cuspóirí na Treorach sin a ghnóthú go leordhóthanach agus, de bharr a fhairsinge agus a éifeachtaí, gur fearr is féidir iad a ghnóthú ar leibhéal an Aontais, féadfaidh an tAontas bearta a ghlacadh, i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta a leagtar amach in Airteagal 5 den Chonradh ar an Aontas Eorpach. I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta a leagtar amach san Airteagal sin, ní théann an Treoir seo thar a bhfuil riachtanach chun na cuspóirí sin a ghnóthú.

(28)Ba cheart Treoir 2003/87/CE a leasú dá réir,

TAR ÉIS AN TREOIR SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasaítear Treoir 2003/87/CE mar a leanas:

(1)Leasaítear Airteagal 3c mar a leanas:

(a)scriostar mír 2,

(b)cuirtear isteach mír 5, 6 agus 7 seo a leanas:

‘5.    Cinnfidh an Coimisiún cainníocht iomlán na lamháltas le leithdháileadh i ndáil le hoibreoirí aerárthaigh don bhliain 2024 ar bhonn leithdháileadh iomlán na lamháltas i ndáil le hoibreoirí aerárthaigh a raibh gníomhaíochtaí eitlíochta á bhfeidhmiú acu a tháinig faoi Iarscríbhinn I sa bhliain 2023, arna laghdú de réir an fhachtóra laghdaithe línigh mar a shonraítear in Airteagal 9, agus foilseoidh sé an chainníocht sin, chomh maith le cainníocht an lamháltais saor in aisce a bheadh i bhfeidhm in 2024 mura ndéanfaí na rialacha maidir le leithdháileadh saor in aisce a thabhairt cothrom le dáta.

6.    I ndáil le heitiltí a fhágann aeradróm atá lonnaithe in LEE a thuirlingíonn in aeradróm atá lonnaithe in LEE, san Eilvéis nó sa Ríocht Aontaithe, nach raibh cumhdaithe ag EU ETS in 2023, méadófar cainníocht iomlán na lamháltas le leithdháileadh ar oibreoirí aerárthaigh faoin leibhéal leithdháileadh, lena n‑áirítear leithdháileadh saor in aisce agus ceantáil, a dhéanfaí dá mbeidís cumhdaithe ag an EU ETS sa bhliain sin, arna laghdú leis an bhfachtóir laghdaithe línigh a shonraítear in Airteagal 9.

7.    De mhaolú ar Airteagail 12(2a), 14(3) agus Airteagal 16 ET ETS, déanfaidh Ballstáit na ceanglais a leagtar amach sna forálacha sin atá le sásamh a mheas agus ní dhéanfaidh siad aon bheart in aghaidh oibreoirí aerárthaigh i ndáil le hastaíochtaí atá ag tarlú go dtí 2030 ó eitiltí idir aeradróm atá lonnaithe i réigiún is forimeallaí de Bhallstát agus aeradróm atá lonnaithe sa Bhallstát céanna lasmuigh den réigiún is forimeallaí sin.’;

(2)Leasaítear Airteagal 3d mar a leanas:

(a)cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1:

‘1. In 2024, cuirfear 25 % de chainníocht na lamháltas a mbeadh leithdháileadh saor in aisce i ndáil leo tarlaithe mar a foilsíodh i gcomhréir le hAirteagal 3c, ar ceant.’,

(b)cuirtear isteach na míreanna 1a, 1b, 1c agus 1d seo a leanas:

‘1 a. In 2025, cuirfear 50 % de chainníocht na lamháltas a mbeadh leithdháileadh saor in aisce i ndáil leo tarlaithe sa bhliain sin, arna ríomh ón bhfoilseachán i gcomhréir le hAirteagal 3c, ar ceant.

1b. In 2026, cuirfear 75 % de chainníocht na lamháltas a mbeadh leithdháileadh saor in aisce i ndáil leo tarlaithe sa bhliain sin, arna ríomh ón bhfoilseachán i gcomhréir le hAirteagal 3c, ar ceant.

1c. Ón 1 Eanáir 2027 ar aghaidh, cuirfear an chainníocht ar fad de na lamháltais a mbeadh leithdháileadh saor in aisce i ndáil leo tarlaithe sa bhliain sin, ar ceant.’,

1.d. Leithdháilfear lamháltais a leithdháiltear saor in aisce ar oibreoirí aerárthaigh go comhréireach lena sciar d’astaíochtaí fíoraithe ó ghníomhaíochtaí eitlíochta tuairiscithe in 2023. Cuirfear san áireamh sa ríomh sin freisin astaíochtaí fíoraithe ó ghníomhaíochtaí eitlíochta tuairiscithe i ndáil le heitiltí nach gcumhdaítear le EU ETS ach ón 1 Eanáir 2023.’,

(c)scriostar mír 2,

(d)cuirtear an méid seo a leanas in ionad na chéad abairte de mhír 3:

‘Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 23 mar fhorlíonadh leis an Treoir seo a bhaineann leis na socruithe mionsonraithe maidir le ceantáil ag Ballstáit lamháltais eitlíochta i gcomhréir le míreanna 1, 1a, 1b, 1c agus 1d den Airteagal seo, lena n‑áirítear na módúlachtaí le haghaidh aistriú sciar ioncam ón gceantáil sin chuig buiséad ginearálta an Aontais.’,

(e)cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 4:

‘4. Cinnfidh Ballstáit an úsáid a bhainfear as ioncam a ghintear ó cheantáil lamháltas a chumhdaítear sa Chaibidil seo, seachas le haghaidh na n‑ioncam a bhunaítear mar acmhainní dílse i gcomhréir le hAirteagal 311(3) den Chonradh agus iontráilte i mbuiséad ginearálta an Aontais. Úsáidfidh Ballstáit na hioncaim a ghintear ó lamháltais a cheantáil i gcomhréir le hAirteagal 10(3).’;

(3)Scriostar Airteagail 3e agus 3f;

(4)In Airteagal 6(2), cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (e):

‘(e) oibleagáid lamháltais a thabhairt suas arb ionann iad agus astaíochtaí iomlána na suiteála i ngach bliain féilire, mar a fhíoraítear i gcomhréir le hAirteagal 15, laistigh de cheithre mhí tar éis dheireadh na bliana sin.’;

(5)Leasaítear Airteagal 11a mar a leanas:

(a)cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhíreanna 1 go 3:

‘1.    Faoi réir mhíreanna 2 agus 3 den Airteagal seo, beidh oibreoirí aerárthaigh a bhfuil deimhniú aeroibreora acu a d’eisigh Ballstát nó atá cláraithe i mBallstát, lena n‑áirítear na réigiúin is forimeallaí, spleáchais agus críocha an Bhallstáit sin, in ann na haonaid a leanas a úsáid chun a n‑oibleagáidí mar a leagtar síos in Airteagal 12 a chomhlíonadh i ndáil le hastaíochtaí ó eitiltí chuig agus ó thíortha atá liostaithe sa ghníomh cur chun feidhme a glacadh de bhun Airteagal 25a(3):

(a)creidmheasanna atá údaraithe ag páirtithe atá rannpháirteach sa sásra arna bhunú faoi Airteagal 6(4) de Chomhaontú Pháras;

(b)creidmheasanna atá údaraithe ag páirtithe atá rannpháirteach i gcláir chreidmheasa ar mheas Comhairle ICAO go raibh siad incháilithe mar a sainaithníodh sa ghníomh cur chun feidhme a glacadh de bhun mhír 8;

(c)creidmheasanna atá údaraithe ag comhaontuithe páirtithe de bhun mhír 5;

(d)creidmheasanna a eisíodh i ndáil le tionscadail ar leibhéal an Aontais de bhun Airteagal 24a.

2.    Féadfar na haonaid dá dtagraítear i mír 1, pointí (a) agus (b) a úsáid má shásaítear na coinníollacha a leanas:

(a)tionscnaítear iad ó thír atá ina páirtí i gComhaontú Pháras tráth na húsáide;

(b)tionscnaíonn siad ó thír atá liostaithe sa ghníomh cur chun feidhme de bhun Airteagal 25a(3) mar thír atá rannpháirteach sa Scéim Fritháirithe agus Laghdaithe Carbóin don Eitlíocht Idirnáisiúnta (CORSIA). Ní bheidh feidhm ag an gcoinníoll seo i ndáil le hastaíochtaí roimh 2027, ná ní bheidh feidhm aige maidir le Tíortha is Lú Forbairt agus Stáit Oileánacha Bheaga i mBéal Forbartha, mar a shainmhíníonn na Náisiúin Aontaithe, seachas na tíortha sin a bhfuil a OTI per capita cothrom le meán an Aontais nó níos mó ná meán an Aontais.

3.    Féadfar na haonaid dá dtagraítear i mír 1, pointí (a), (b) agus (c) a úsáid má tá na socruithe is gá i bhfeidhm le go bhféadfaidh na páirtithe rannpháirteacha údarú a thabhairt, má dhéantar coigeartuithe tráthúla ar thuairisciú astaíochtaí antrapaigineacha ag foinsí agus aistrithe linnte a chumhdaítear le rannchuidiú na bpáirtithe rannpháirteacha a chinntear go náisiúnta, agus go seachnaítear comhaireamh dúbailte agus glanmhéadú in astaíochtaí domhanda.

Glacfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme ina leagfar síos ceanglais níos mionsonraithe le haghaidh na socruithe dá dtagraítear sa chéad fhomhír, ina bhféadfaí ceanglais tuairiscithe agus clárlainne a áireamh, agus le haghaidh na stáit nó cláir a chuireann na socruithe seo i bhfeidhm. Cuirfear san áireamh i socruithe na solúbthachtaí atá ar fáil do Thíortha is Lú Forbairt agus Stáit Oileánacha Bheaga i mBéal Forbartha. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 22a(2).’,

(c)scriostar mír (4),

(d)cuirtear an mhír 8 seo a leanas leis:

‘8.    Glacfaidh an Coimisiún gníomh cur chun feidhme ina liostófar creidmheasanna, a mheas Comhairle ICAO a bheith incháilithe, agus a chomhlíonann na coinníollacha a leagtar síos i míreanna 2 agus 3. Leasóidh an Coimisiún an liosta sin de réir mar is iomchuí. Déanfar an gníomh cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 22a(2).’;

(6)Leasaítear Airteagal 12 mar a leanas:

(a)cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 6:

‘6. I gcomhréir leis an modheolaíocht a leagtar síos sa ghníomh tarmligthe dá dtagraítear i mír 7, ríomhfaidh Ballstáit an fritháireamh gach bliain don bhliain féilire roimhe sin laistigh de bhrí Chaighdeáin Idirnáisiúnta agus na Cleachtais Mholta maidir le Cosaint an Chomhshaoil ICAO don Scéim Fritháirithe agus Laghdaithe Carbóin don Eitlíocht Idirnáisiúnta, seachas iad sin a bhfuil feidhm acu maidir le heitiltí a fhágann ó aeradróm atá lonnaithe in LEE a thuirlingíonn in aeradróm atá lonnaithe in LEE, san Eilvéis nó sa Ríocht Aontaithe, agus faoin 30 Samhain gach bliain cuirfidh siad oibreoirí aerárthaigh a chomhlíonann na coinníollach ar fad a leanas ar an eolas faoina leibhéal fritháirithe:

(a)go bhfuil deimhniú aeroibreora a d’eisigh Ballstát ag an oibreoir aerárthaigh nó go bhfuil sé cláraithe i mBallstát, lena náirítear na réigiúin is forimeallaí, spleáchais agus críocha an Bhallstáit sin;

(b)go dtáirgeann siad astaíochtaí bliantúla CO2 níos mó ná 10 000 tona ó úsáid aerárthaí le huasmhais deimhnithe éirí de thalamh níos mó ná 5 700 kg acu ag tabhairt faoi eitiltí a chumhdaítear in Iarscríbhinn I, seachas iad sin a fhágann agus a thuirlingíonn sa Bhallstát céanna (lena náirítear réigiúin is forimeallaí an Bhallstáit chéanna), ón 1 Eanáir 2019.

Chun críocha na chéad fomhíre, pointe (b), ní thabharfar san áireamh astaíochtaí CO2 ó na cineálacha eitiltí a leanas:

(i) eitiltí stáit;

(ii) eitiltí daonnúla;

(iii) eitiltí leighis;

(iv) eitiltí míleata;

(v) eitiltí comhraic dóiteáin.’,

(b)cuirtear an mhír 7 agus an mhír 8 seo a leanas leis:

‘7. Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 23 leis an Treoir seo a fhorlíonadh tríd an modheolaíocht a leagan síos chun freagrachtaí fritháirithe d’oibreoirí aerárthaigh a ríomh.

8. Maidir le heitiltí chuig, ó agus idir tíortha atá liostaithe sa ghníomh cur chun feidhme de bhun Airteagal 25a(3), cuirfidh oibreoirí aerárthaigh a bhfuil deimhniú aeroibreora acu a d’eisigh Ballstát nó atá cláraithe i mBallstát, lena n‑áirítear na réigiúin is forimeallaí, spleáchais agus críocha an Bhallstáit sin, cuirfidh siad na haonaid dá dtagraítear in Airteagal 11a ar ceal i ndáil leis an gcainníocht dá dtugann an Ballstát fógra fúithi i ndáil leis an mbliain féilire ábhartha. Tarlóidh an cealú faoin 31 Eanáir 2025 le haghaidh astaíochtaí sa tréimhse 2021 go 2023, faoin 31 Eanáir 2028 le haghaidh astaíochtaí sa tréimhse 2024 go 2026, faoin 31 Eanáir 2031 le haghaidh astaíochtaí sa tréimhse 2027 go 2029, faoin 31 Eanáir 2034 le haghaidh astaíochtaí sa tréimhse 2030 go 2032, agus faoin 31 Eanáir 2037 le haghaidh astaíochtaí sa tréimhse 2033 go 2035,’;

(7)Cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 3, pointe (b) d’Airteagal 18a:

‘(b) ó 2024 ar aghaidh, gach 2 bhliain ar a laghad, tabhair an liosta cothrom le dáta chun oibreoirí aerárthaigh a áireamh a bhfuil gníomhaíocht eitlíochta a liostaítear in Iarscríbhinn I déanta acu ina dhiaidh sin.’;

(8)Leasaítear Airteagal 23 mar a leanas:

(a)cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhíreanna 2 agus 3:

‘2. Déanfar an chumhacht chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh dá dtagraítear in Airteagail 3d(3), 10(4), 10a(1) agus (8), 10b(5), 12(7), tríú fomhír, 19(3), Airteagal 22, Airteagal 24(3), Airteagal 24a(1), Airteagal 25a(1) agus Airteagal 28c a thabhairt don Choimisiún go ceann tréimhse neamhchinntithe ón 8 Aibreán 2018.

3. Féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle tarmligean na cumhachta dá dtagraítear in Airteagail 3d(3), 10(4), 10a(1) agus (8), 10b(5), 12(7), tríú fomhír, 19(3), Airteagal 22, Airteagal 24(3), Airteagal 24a(1), Airteagal 25a(1) agus Airteagal 28c a chúlghairm tráth ar bith. Le cinneadh chun cúlghairm a dhéanamh, cuirfear deireadh le tarmligean na cumhachta atá sonraithe sa chinneadh sin. Gabhfaidh éifeacht leis an lá tar éis fhoilsiú an chinnidh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh nó ar dháta is déanaí a shonrófar sa chinneadh. Ní dhéanfaidh sé difear do bhailíocht aon ghnímh tharmligthe atá i bhfeidhm cheana.’,

(b)cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 6:

‘6. Ní thiocfaidh gníomh tarmligthe a ghlactar de bhun Airteagail 3d(3), 10(4), 10a(1) agus (8), 10b(5), 12(6), tríú fomhír, 19(3), Airteagal 22, Airteagal 24(3), Airteagal 24a(1), Airteagal 25a(1) agus Airteagal 28c i bhfeidhm ach amháin mura mbeidh aon agóid curtha in iúl ag Parlaimint na hEorpa ná ag an gComhairle laistigh de thréimhse dhá mhí tar éis fógra faoin ngníomh sin a thabhairt do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle nó más rud é, roimh dhul in éag na tréimhse sin, go mbeidh Parlaimint na hEorpa agus ag an gComhairle araon tar éis a chur in iúl don Choimisiún nach ndéanfaidh siad aon agóid. Déanfar an tréimhse sin a fhadú 2 mhí ar thionscnamh Pharlaimint na hEorpa nó na Comhairle.’;

(9)Cuirtear mír 3 go mír 9 seo a leanas le hAirteagal 25a:

‘3.    Glacfaidh an Coimisiún gníomh cur chun feidhme ina liostófar tíortha seachas tíortha LEE, an Eilvéis agus an Ríocht Aontaithe, a meastar a bhfuil CORSIA á chur i bhfeidhm acu chun críocha na Treorach seo, le bonnlíne 2019 le haghaidh 2021 go 2023 agus bonnlíne 2019‑2020 le haghaidh gach bliain ina dhiaidh sin. Glacfar an gníomh cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 22a(2).

4.    Maidir le hastaíochtaí ó eitiltí chuig nó ó thíortha atá liostaithe sa ghníomh cur chun feidhme a glacadh de bhun mhír 3, ní éileofar ar oibreoirí aerárthaigh a bhfuil deimhniú aeroibreora acu a d’eisigh Ballstát nó atá cláraithe i mBallstát atá liostaithe ann aonaid a chealú i ndáil leis na hastaíochtaí sin.

5.    Maidir le hastaíochtaí a tharlaíonn go dtí an 31 Nollaig 2026 ó eitiltí idir LEE agus tíortha nach bhfuil liostaithe sa ghníomh cur chun feidhme a glacadh de bhun mhír 3, seachas eitiltí chuig an Eilvéis agus an Ríocht Aontaithe, ní éileofar ar oibreoirí aerárthaigh aonaid a chealú.

6.    Maidir le hastaíochtaí ó eitiltí chuig agus ó Thíortha is Lú Forbairt agus Stáit Oileánacha Bheaga i mBéal Forbartha, mar a shainmhíníonn na Náisiúin Aontaithe, seachas iad sin atá liostaithe sa ghníomh cur chun feidhme a glacadh de bhun mhír 3, ní éileofar ar oibreoirí aerárthaigh aonaid a chealú.

7.    I gcás ina gcinneann an Coimisiún go bhfuil saobhadh suntasach iomaíochta a dhéanann dochar d’oibreoirí aerárthaigh a bhfuil deimhniú aeroibreora acu a d’eisigh Ballstát nó atá cláraithe i mBallstát, lena n‑áirítear na réigiúin is forimeallaí, spleáchais agus críocha an Bhallstáit sin, tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh chun na hoibreoirí aerárthaigh a dhíolmhú ó na ceanglais tabhairt suas mar a leagtar síos in Airteagal 12(8) i ndáil le hastaíochtaí ó eitiltí chuig agus ó na tíortha sin. D’fhéadfadh an saobhadh iomaíochta tarlú mar gheall ar thríú tír a chuireann CORSIA i bhfeidhm ar bhealach nach bhfuil chomh dian ina dhlí náisiúnta, nó má theipeann ar thír forálacha CORSIA a chur chun feidhme ar bhealach atá cothrom le haghaidh gach oibreoir aerárthaigh. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 22a(2).

8.    Maidir le hoibreoir aerárthaigh a bhfuil deimhniú aeroibreora aige a d’eisigh Ballstát nó atá cláraithe i mBallstát, lena n‑áirítear na réigiúin is forimeallaí, spleáchais agus críocha den Bhallstát sin, i gcás ina n‑oibríonn an t‑aeroibreoir sin eitiltí idir dhá thír éagsúla atá liostaithe sa ghníomh cur chun feidhme a glacadh de bhun réir mhír 3, lena n‑áirítear eitiltí idir an Eilvéis, an Ríocht Aontaithe agus tíortha a liostaítear sa ghníomh cur chun feidhme a glacadh de bhun mhír 3, agus go gceadaíonn na tíortha sin oibreoirí aerárthaigh aonaid eile a úsáid seachas iad sin atá ar an liosta a glacadh de bhun Airteagal 11a(8), tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh trína gceadófar na hoibreoirí aerárthaigh sin cineálacha aonaid a úsáid atá sa bhreis ar an liosta sin nó gan a bheith faoi cheangal ar coinníollacha Airteagal 11a(2) agus (3) i ndáil le hastaíochtaí ó na heitiltí sin. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 22a(2).’;

(10)In Iarscríbhinn I, sa tábla, cuirtear isteach an téacs a leanas tar éis an chéad mhír den iontráil ‘Eitlíocht’ sa cholún ‘Gníomhaíochtaí’:

‘Eitiltí idir aeradróim atá lonnaithe in dhá thír éagsúla a liostaítear sa ghníomh cur chun feidhme a glacadh de bhun Airteagal 25a(3) ag oibreoirí aerárthaigh a chomhlíonann na coinníollacha ar fad a leanas:

(a)go bhfuil deimhniú aeroibreora a d’eisigh Ballstát ag an oibreoir aerárthaigh nó go bhfuil sé cláraithe i mBallstát, lena náirítear na réigiúin is forimeallaí, spleáchais agus críocha an Bhallstáit sin;

(b)go dtáirgeann siad astaíochtaí bliantúla CO2 níos mó ná 10 000 tona ó úsáid aerárthaí le huasmhais deimhnithe éirí de thalamh níos mó ná 5 700 kg acu ag tabhairt faoi eitiltí a chumhdaítear in Iarscríbhinn I, seachas iad sin a fhágann agus a thuirlingíonn sa Bhallstát céanna (lena náirítear réigiúin is forimeallaí an Bhallstáit chéanna), ón 1 Eanáir 2019. Chun críocha an phointe seo, ní chuirfear san áireamh astaíochtaí ó na cineálacha eitiltí a leanas: (i) eitiltí stáit; (ii) eitiltí daonnúla; (iii) eitiltí leighis; (iv) eitiltí míleata; (v) eitiltí comhraic dóiteáin.’.

Airteagal 2

1.Cuirfidh na Ballstáit na dlíthe, rialacháin agus forálacha reachtaíochta i bhfeidhm a bhfuil gá leo chun an Treoir seo a chomhlíonadh faoin 31 Nollaig 2023. Cuirfidh siad téacs na bhforálacha sin in iúl don Choimisiún láithreach.

Nuair a ghlacfaidh na Ballstáit na bearta sin, beidh tagairt iontu don Treoir seo nó beidh tagairt den sórt sin ag gabháil leo tráth a bhfoilsithe oifigiúil. Is iad na Ballstáit a chinnfidh an bealach le tagairt den sórt sin a dhéanamh.

2.Déanfaidh na Ballstáit téacs phríomhfhorálacha an dlí náisiúnta a ghlacfaidh siad sa réimse a chumhdaítear leis an Treoir seo a chur in iúl don Choimisiún.

Airteagal 3

Tiocfaidh an Treoir seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a foilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Airteagal 4

Is chuig na Ballstáit a dhírítear an Treoir seo.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil,

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa    Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán    An tUachtarán

(1)

   COM(2019)640 final

(2)    Rialachán (AE) 2021/1119 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Meitheamh 2021 lena mbunaítear an creat chun aeráidneodracht a bhaint amach agus lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 401/2009 agus (AE) 2018/1999 (‘An Dlí Aeráide Eorpach’) (IO L 243, 9.7.2021, lch. 1).
(3)    COM(2020)562 final
(4)     https://www.consilium.europa.eu/media/47296/1011-12-20-euco-conclusions-en.pdf  
(5)    Léirigh 7,5 % den astaíocht eitlíocht laistigh den LEE agus 7,5 % eile den astaíocht eitiltí fágála chuig tríú tíortha. Cumhdaítear eitiltí fágála in NDC an Aontais faoi Chomhaontú Pháras agus i dtionscnamh Destination 2050 de chuid thionscal na heitlíochta.
(6)    Déanann COM(2020)777 na tionchair seo a chainníochtú, agus déantar mionanailís in COM(2020)747 agus sna doiciméid lena ngabhann ar na tionchair sin.
(7)    Doiciméad Inmheánach Oibre [nasc le háireamh tráth glactha]
(8)    IO C , , lch. .
(9)    IO C , , lch. .
(10)    Treoir 2003/87/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Deireadh Fómhair 2003 lena mbunaítear córas maidir le lamháltais astaíochtaí gás ceaptha teasa a thrádáil laistigh den Aontas agus lena leasaítear Treoir 96/61/CE ón gComhairle (IO L 275, 25.10.2003, lch. 32).
(11)    Treoir 2008/101/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 19 Samhain 2008 lena leasaítear Treoir 2003/87/CE le go gcuirtear gníomhaíochtaí eitlíochta san áireamh sa scéim i ndáil le trádáil ar lamháltais i gcomhair astaíochtaí gás ceaptha teasa laistigh den Chomhphobal (IO L 8, 13.1.2009, lch. 3).
(12)    Comhaontú Pháras (IO L 282, 19.10.2016, lch. 4).
(13)    Cinneadh (AE) 2020/954 ón gComhairle an 25 Meitheamh 2020 maidir leis an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais Eorpaigh laistigh den Eagraíocht Eitlíochta Sibhialta Idirnáisiúnta maidir leis an bhfógra a thabhairt faoi rannpháirtíocht shaorálach sa Scéim Fritháirithe agus Laghdaithe Carbóin don Eitlíocht Idirnáisiúnta (CORSIA) ón 1 Eanáir 2021 agus an rogha a roghnaíodh chun ceanglais fritháirithe ar oibreoirí aerárthaí a ríomh le linn na tréimhse 2021-2023 (IO L 212, 3.7.2020, lch. 14).
(14)    Cinneadh (AE) 2018/2027 ón gComhairle an 29 Samhain 2018 maidir leis an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais Eorpaigh laistigh d'Eagraíocht Eitlíochta Sibhialta Idirnáisiúnta i leith an Chéad Eagráin de na Caighdeáin Idirnáisiúnta agus na Cleachtais Mholta maidir le Cosaint an Chomhshaoil – an Scéim Fritháirithe agus Laghdaithe Carbóin don Eitlíocht Idirnáisiúnta (CORSIA) (IO L 325, 20.12.2018, lch. 25).
(15)    COM(2019)640 final.
(16)    https://www4.unfccc.int/sites/ndcstaging/PublishedDocuments/European%20Union%20First/EU_NDC_Submission_December%202020.pdf
(17)    Rialachán (AE) 2021/1119 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Meitheamh 2021 lena mbunaítear an creat chun aeráidneodracht a bhaint amach (An Dlí Aeráide Eorpach) (IO L 243, 9.7.2021, lch. 1).
(18)    Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Feabhra 2011 lena leagtar síos na rialacha agus na prionsabail ghinearálta a bhaineann leis na sásraí maidir le rialú ag na Ballstáit ar fheidhmiú cumhachtaí cur chun feidhme ag an gCoimisiún (IO L 55, 28.2.2011, lch. 13).
(19)    Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Feabhra 2011 lena leagtar síos na rialacha agus na prionsabail ghinearálta a bhaineann leis na sásraí maidir le rialú ag na Ballstáit ar fheidhmiú cumhachtaí cur chun feidhme ag an gCoimisiún (IO L 55, 28.2.2011, lch. 13).
(20)    IO L 123, 12.5.2016, lch. 1.