An Bhruiséil,12.8.2021

COM(2021) 477 final

2021/0270(COD)

Togra le haghaidh

RIALACHÁN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

lena leasaítear Rialachán (AE) 2018/1091 maidir le ranníocaíocht an Aontais don staidreamh comhtháite feirme faoi chreat airgeadais 2021-2027

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)


MEABHRÁN MÍNIÚCHÁIN

1.COMHTHÉACS AN TOGRA

Forais agus cuspóirí an togra

Le Rialachán (AE) 2018/1091 1 maidir le staidreamh comhtháite feirme, ceanglaítear ar na Ballstáit suirbhéanna comhtháite feirme a dhéanamh in 2020, 2023 agus 2026.

Le Rialachán (AE) 2018/1091 bunaítear an t‑imchlúdach airgeadais (i.e. an leithdháileadh buiséid) ar feadh ré iomlán an chreata airgeadais ilbhliantúil (CAI) ábhartha. Áirítear leis foráil maidir le buiséad bailithe sonraí a bhunú i gcomhair na suirbhéanna a bheidh le déanamh in 2023 agus 2026. Luaitear in Airteagal 14 de, tar éis dháta theacht i bhfeidhm do CAI 2021-2027, go socróidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle, ar thogra ón gCoimisiún, an méid le haghaidh na tréimhse i ndiaidh 2020.

Is í tagairt airgeadais an togra seo Rialachán (AE, Euratom) 2020/2093 ón gComhairle 2 lena leagtar síos CAI le haghaidh 2021-2027.

Gheobhaidh na Ballstáit ranníocaíocht uasta airgeadais de 75 % de na costais incháilithe ón Aontas (faoi réir uasmhéideanna sainithe arna sonrú in Airteagal 13(4) agus (5) de Rialachán (AE) 2018/1091) i dtreo an chostais a bhaineann le suirbhéanna a dhéanamh. Is faoi fhorálacha CAI ba cheart an méid don tréimhse i ndiaidh 2020 a shocrú.

Bunaítear leis an togra reachtach sin buiséad EUR 40 000 000.00 le haghaidh 2021-2027 (a bhfuil EUR 36 400 000.00 de le haghaidh deontas d’institiúidí staidrimh náisiúnta agus d’údaráis náisiúnta eile).

De réir Airteagal 13(7) de Rialachán (AE) 2018/1091, is don Chiste Eorpach um Ráthaíocht Talmhaíochta ba cheart an ranníocaíocht airgeadais ón Aontas le haghaidh na ndeontas dá dtagraítear i mír 2 d’Airteagal 13 a sholáthar agus é sin a dhéanamh faoi phointe (d) d’Airteagal 4(2) de Rialachán (AE) Uimh. 1306/2013 nó faoin Rialachán maidir leis an gcomhbheartas talmhaíochta a mhaoiniú, a bhainistiú agus faireachán a dhéanamh air agus lena n‑aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 1306/2013.

Comhsheasmhacht le forálacha beartais atá sa réimse beartais cheana

Ní mór staitisticí a bheith iontaofa ardcháilíochta le go mbeidh lucht ceaptha beartais, gnólachtaí agus an pobal i gcoitinne in ann cinntí a dhéanamh a bhfuil údar cuí leo agus atá bunaithe ar fhianaise.

Leis an straitéis don staidreamh talmhaíochta le haghaidh 2020 áirítear na príomhchuspóirí seo a leanas:

·staidreamh ardcháilíochta a tháirgeadh a dhéanann freastal éifeachtach agus éifeachtúil ar riachtanais úsáideoirí;

·comhchuibhiú agus comhleanúnachas an staidrimh talmhaíochta Eorpaigh a fheabhsú.

Leis an togra seo tugtar aghaidh go díreach ar na cuspóirí sin.

Comhsheasmhacht le beartais eile de chuid an Aontais

Is é is príomhchuspóir do staidreamh Eorpach faoi chlár an mhargaidh aonair staidreamh ardcháilíochta a sholáthar chun tacú le beartais Eorpacha 3 . Faoin gclár sin, ceann amháin de thrí réimse chun staitisticí a bhailiú is ea staidreamh comhshaoil agus talmhaíochta. Tá gá freisin le sonraí tráthúla agus ábhartha i gcomhair an chomhbheartais thalmhaíochta (CBT).

Cuireann an tionscnamh seo an cuspóir sin chun feidhme don tréimhse 2021-2026.

Rannchuideoidh an Córas Eorpach um Staidreamh Talmhaíochta le dhá cheann de na sé thosaíocht ar a laghad de Choimisiúin von der Leyen, eadhon

·Comhaontú Glas don Eoraip leis na straitéisí foluiteacha ‘ón bhfeirm go dtí an forc’ agus bithéagsúlachta, agus

·geilleagar a fhóireann do dhaoine

trí shonraí níos fearr a sholáthar chun measúnú a dhéanamh ar inbhuanaitheacht na hearnála a chumhdóidh an comhshaol, daoine, réigiúin agus an geilleagar. Féadfaidh staidreamh talmhaíochta a bheith úsáideach i gcás thosaíochtaí eile an Aontais nó na mBallstát a bhfuil tionchar acu ar an talmhaíocht nó ar an bhforbairt tuaithe nó a bhfuil tionchar ag an talmhaíocht nó ag an bhforbairt tuaithe ar na tosaíochtaí sin.

Tá faisnéis staidrimh ardcháilíochta inchomparáide iontaofa faoin staid eacnamaíoch, shóisialta, chríochach agus chomhshaoil san Aontas de dhíth chun tacú le beartais an Aontais. Is féidir le staidreamh Eorpach cabhrú leis an bpobal i gcoitinne an próiseas daonlathach a thuiscint agus páirt a ghlacadh sa phróiseas sin agus díospóireacht a dhéanamh ar staid reatha agus ar thodhchaí an Aontais. Maidir leis an staidreamh talmhaíochta, tá béim ar shonraí tráthúla ábhartha a sholáthar chun freastal ar riachtanais an Chomhbheartais Talmhaíochta, an chomhbheartais iascaigh agus beartais eile a bhaineann leis an gcomhshaol, le slándáil bia agus le leas ainmhithe.

Leis an staidreamh talmhaíochta, soláthraítear fianaise ardcháilíochta chun an comhbheartas talmhaíochta a chur chun feidhme agus chun faireachán a dhéanamh air. Is spreagthóir tábhachtach é an comhbheartas talmhaíochta le haghaidh post agus fás cliste, inbhuanaithe agus cuimsitheach san Aontas. Tá sé d’aidhm ag an mbeartas forbartha tuaithe - ar beartas é atá ina dhlúthchuid den chomhbheartas talmhaíochta - iomaíochas agus inbhuanaitheacht an táirgthe talmhaíochta a fheabhsú agus é sin de bhreis ar na cuspóirí sóisialta atá aige. Is breis agus 37 % de bhuiséad iomlán an Aontais faoi CAI 2014-2020 a bhí sa chomhbheartas talmhaíochta.

Ina theannta sin, is mó an gá atá leis an staidreamh talmhaíochta le haghaidh bheartais thábhachtacha eile an Aontais, cuir i gcás an Comhaontú Glas don Eoraip, beartais don chomhshaol agus don athrú aeráide, agus na beartais thrádála, shóisialta agus réigiúnacha.

2.BUNÚS DLÍ, COIMHDEACHT AGUS COMHRÉIREACHT

Bunús dlí

Is é Airteagal 338 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE) an bunús dlí atá faoin staidreamh Eorpach. Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach, glacann Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle bearta maidir le staidreamh a tháirgeadh, i gcás inar gá sin, ionas go ndéanfaidh an tAontas a ról a chomhlíonadh. In Airteagal 338 leagtar amach na ceanglais maidir le staidreamh Eorpach, agus sonraítear nach mór caighdeáin neamhchlaontachta, iontaofachta, oibiachtúlachta, neamhspleáchais eolaíochta, costéifeachtúlachta agus rúndachta staidrimh a chomhlíonadh. Le Rialachán (CE) Uimh. 223/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 4 bunaítear creat dlíthiúil chun staidreamh Eorpach a fhorbairt, a tháirgeadh agus a scaipeadh.

Coimhdeacht (maidir le hinniúlacht neamheisiach) 

Tá feidhm ag prionsabal na coimhdeachta ós rud é nach dtagann an togra faoi inniúlacht eisiach an Aontais. Leis an gCóras Staidrimh Eorpach (CSE) cuirtear bonneagar maidir le faisnéis staidrimh ar fáil. Tá an córas ceaptha chun freastal ar riachtanais úsáideoirí iomadúla agus chun tacú leis an bpróiseas cinnteoireachta i sochaithe daonlathacha. Dréachtaíodh an togra le haghaidh an Rialacháin seo chun príomhghníomhaíochtaí chomhpháirtithe an Chórais Staidrimh Eorpaigh a chosaint agus, ag an am céanna, chun cáilíocht agus inchomparáideacht an staidrimh talmhaíochta a áirithiú agus a chinntiú.

Áirítear ar na príomhchritéir le haghaidh na sonraí staidrimh an chomhsheasmhacht agus an inchomparáideacht. Ní féidir leis na Ballstáit comhsheasmhacht agus inchomparáideacht a bhaint amach mar is gá gan creat Eorpach soiléir a bheith ann, i.e. reachtaíocht de chuid an Aontais lena leagtar amach coincheapa comhchoiteanna staidrimh, formáidí tuairiscithe agus ceanglais cháilíochta. Tá tábhacht ar leith ag baint leis an gceanglas inchomparáideachta maidir le staidreamh talmhaíochta mar gheall ar an gcomhbheartas talmhaíochta.

Ní féidir na cuspóirí a bhaint amach ina n‑iomláine más ar a chonlán féin atá gach Ballstát ag gníomhú faoi seach. Is éifeachtaí a bheadh an ghníomhaíocht a dhéanfaí ar leibhéal an Aontais, í ar bhonn gníomh dlíthiúil de chuid an Aontais lena n‑áirithítear inchomparáideacht na faisnéise staidrimh sna réimsí staidrimh a chumhdaítear leis an ngníomh atá beartaithe. Idir an dá linn, is fearr gurb iad na Ballstáit a dhéanfaidh na sonraí a bhailiú.

Comhréireacht

Comhlíonann an togra prionsabal na comhréireachta i bhfianaise an méid seo a leanas:

Déanfar cáilíocht agus inchomparáideacht an staidrimh talmhaíochta Eorpaigh a bhailítear agus a thiomsaítear a áirithiú trí na prionsabail chéanna a chur i bhfeidhm ar fud na mBallstát. Ar an dul céanna, áiritheofar go mbeidh an staidreamh talmhaíochta Eorpach fós ábhartha agus go ndéanfar é a oiriúnú chun freagairt do riachtanais na n‑úsáideoirí. A bhuí leis an Rialachán, beifear in ann staidreamh a tháirgeadh ar bhonn níos costéifeachtúla agus ag an am céanna sainiúlachtaí chórais na mBallstát á n‑urramú.

I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta, ní bhaineann an Rialachán atá beartaithe ach leis an íosmhéid a theastaíonn chun a chuspóir a bhaint amach agus ní théann sé thar an méid atá riachtanach don chuspóir sin.

An rogha ionstraime

An ionstraim atá beartaithe: Rialachán.

I bhfianaise chuspóirí agus ábhar an togra, is é leasú ar an Rialachán atá ann cheana an ionstraim is iomchuí.

Beartais thábhachtacha an Aontais, amhail an Comhbheartas Talmhaíochta, bíonn siad ag brath go mór ar staidreamh talmhaíochta ar leibhéal an Aontais atá inchomparáide comhchuibhithe ardcháilíochta. Is fearr is féidir iad sin a áirithiú trí rialacháin atá infheidhme go díreach sna Ballstáit agus nach gá dlí náisiúnta a dhéanamh díobh ar dtús. Le hAirteagal 14 de Rialachán (AE) 2018/1091 is ann d’fhoráil maidir le leasú cheana féin.

3.TORTHAÍ Ó MHEASTÓIREACHTAÍ EX POST, Ó CHOMHAIRLIÚCHÁIN LEIS NA PÁIRTITHE LEASMHARA AGUS Ó MHEASÚNUITHE TIONCHAIR

Meastóireachtaí ex post / seiceálacha oiriúnachta ar an reachtaíocht atá ann cheana

An mheastóireacht a rinneadh ar an gCóras Eorpach um Staidreamh Talmhaíochta i dtaca leis an straitéis don staidreamh talmhaíochta le haghaidh 2020 agus ina dhiaidh sin (SWD (2017) 96 final), léirigh sí an gá atá le cur chuige níos córasaí sa réimse trí chéile.

Seo a leanas a léiríodh i meastóireacht an chórais um staidreamh talmhaíochta:

·An reachtaíocht maidir leis an staidreamh talmhaíochta atá ann faoi láthair, ní dhéanann sí freastal leordhóthanach ar riachtanais sonraí, idir riachtanais nua agus riachtanais atá ag teacht chun cinn, toisc nach n‑áirítear an staidreamh sin ina cheanglas sna gníomhartha dlíthiúla. Níl na gníomhartha solúbtha agus comhtháite go leor chun freagairt go pras do riachtanais atá ag teacht chun cinn.

·Níl an Córas Eorpach um Staidreamh Talmhaíochta sách solúbtha na ní freagraíonn sé sách tapa do riachtanais a thagann chun cinn. Tá sé sin mar thoradh, go páirteach ar an gcineál bailithe staidrimh, ach freisin tá sé mar thoradh ar an mbealach a cuireadh na rialacháin ar bun, ach tá sé mar thoradh freisin ar easpa buiséid agus acmhainní daonna.

·Níl an bailiú sonraí comhchuibhithe ná comhtháite go leor. Is amhlaidh atá toisc go bhfuil riachtanais nua sonraí ag teacht chun cinn, gur forbraíodh reachtaíocht ar leithligh thar roinnt mhaith blianta, agus go bhfuil difríocht bheag idir sainmhínithe agus coincheapa idir réimsí talmhaíochta.

·D’fhéadfaí an staidreamh a tháirgeadh ar bhealach ní b'éifeachtúla dá ndéanfaí an reachtaíocht a oiriúnú chun go bhféadfaí foinsí éagsúla faisnéise a chumhdach agus dá gcuirfeadh na Ballstáit iad féin in oiriúint don teicneolaíocht nua-aimseartha.

Rinneadh comhairliúchán poiblí mar chuid den ullmhúchán do Rialachán (AE) 2018/1091, agus tá na torthaí mionsonraithe i dtuarascáil shonrach 5 .

Thángthas ar an gconclúid i straitéis ghaolmhar um staidreamh talmhaíochta nach mór an staidreamh talmhaíochta a cheapadh agus a chur i bhfeidhm mar chóras, córas ina mbeidh na codanna uile in oiriúint dá chéile chun go mbeidh an t‑aschur i bhfad níos mó ná suim na gcodanna. Ní mór don staidreamh talmhaíochta a bheith in oiriúint gan uaim don Chóras Staidrimh Eorpach ina iomláine agus ní mór foinsí sonraí a éagsúlú agus foinsí sonraí eile a úsáid i gcás inar féidir. Ní mór teicneolaíocht faisnéise agus cumarsáide agus teicneolaíochtaí nua eile (e.g. mórshonraí agus nuálaíochtaí atá taighde-bhunaithe) a chomhtháthú i mbailiú sonraí, agus ní mór éifeachtacht agus éifeachtúlacht na modhanna bailithe sonraí a mheasúnú de réir na riachtanas sonraí agus na gcritéar cáilíochta, agus ba cheart na sileanna atá ann cheana a bhriseadh.

Comhairliúcháin leis na páirtithe leasmhara

Déanann Eurostat an staidreamh talmhaíochta Eorpach a fhorbairt, a tháirgeadh agus a scaipeadh a bhuí le dlúthchomhar comhordaithe rialta laistigh den Chóras Staidrimh Eorpach, comhar agus an chomhpháirtíocht sheanbhunaithe idir Eurostat agus na hoifigí staidrimh náisiúnta (NSInna) chomh maith leis na húdaráis ábhartha eile.

Ar an iomlán, agus i gcomhréir leis an straitéis maidir le staidreamh talmhaíochta le haghaidh 2020 agus ina dhiaidh sin, is iad seo a leanas na príomhghrúpaí agus na daoine aonair a mbaineann an staidreamh talmhaíochta Eorpach leo nó atá bainteach leis: táirgeoirí sonraí (NSInna, údaráis náisiúnta eile agus Eurostat); freagróirí (feirmeoirí, eagraíochtaí feirmeoirí agus gnólachtaí); agus úsáideoirí (cinnteoirí poiblí agus príobháideacha, go háirithe ranna eile de chuid an Choimisiúin, taighdeoirí agus iriseoirí). Chuathas i gcomhairle go forleathan leis na páirtithe leasmhara sin maidir leis na fadhbanna a dtugann siad aghaidh orthu, na hathruithe ba mhaith leo a fheiceáil, na riachtanais sonraí agus na tosaíochtaí atá acu, na réitigh bheartais a d’fhéadfadh a bheith ann, an tionchar a bheadh ag gníomhaíochtaí molta, agus an straitéis í féin.

Bailíodh tuairimí na bpáirtithe leasmhara ag cruinnithe agus ag seimineáir an Bhuanchoiste um Staidreamh Talmhaíochta (BST) agus a chomharba, an Grúpa Stiúrthóirí i gcomhair an Staidrimh Talmhaíochta (GSST) (i gcomhair stiúrthóirí staidreamh talmhaíochta) áit a mbíonn éisteacht go minic ag ranna an Choimisiúin, ag eagraíochtaí idirnáisiúnta, agus ag eagraíochtaí feirmeoirí, cruinnithe an Choiste um an gCóras Staidrimh Eorpach (i gcomhair ard‑stiúrthóirí NSI), agus comhairliúcháin agus éisteachtaí a sceidealaíodh go tráthrialta (i gcomhair ranna an Choimisiúin).

Cuireadh torthaí na gcomhairliúchán sin san áireamh sa mheastóireacht atá luaite thuas.

Ina theannta sin, reáchtáladh comhairliúchán maidir leis an treochlár don togra ar feadh 4 seachtaine ar leathanach gréasáin an Choimisiúin Eorpaigh ‘Nocht do thuairim’.

Bailiú agus úsáid saineolais

Chun Rialachán (AE) 2018/1091 a ullmhú, bhí plé fairsing ag Eurostat ar inneachar an togra le NSInna laistigh de na grúpaí saineolaithe ábhartha, lena n‑áirítear ar leibhéal na stiúrthóirí.

Measúnú tionchair

Thug an Bord um Ghrinnscrúdú Rialála 6 tuairim dhearfach i dtaca leis an measúnú tionchair ar an straitéis um staidreamh talmhaíochta le haghaidh 2020 agus ina dhiaidh sin ( SWD (2016)430 ) a bhfuil an staidreamh comhtháite feirme mar chuid lárnach de.

Is leis an reachtaíocht staidrimh go príomha a bhaineann úsáideoirí na sonraí ar leibhéal an riaracháin (e.g. ranna beartais an Choimisiúin), táirgeoirí sonraí (NSInna), agus freagróirí sonraí (feirmeoirí), dá bhrí sin is beag tionchar díreach a bhíonn aici ar an ngeilleagar, ar an tsochaí ná ar an gcomhshaol. Na príomhchostais dhíreacha a thabhóidh na páirtithe leasmhara, baineann siad le dul in oiriúint do chórais nua staidrimh agus teicneolaíochta. Idir an meántéarma agus an fad‑ téarma, measadh go dtiocfadh laghdú beag ar an ualach riaracháin agus go mbeadh sábháil costais mar thoradh ar na gníomhaíochtaí nuachóirithe. Is ó cheanglais chumhdaigh laghdaithe Rialachán (AE) 2018/1091 a thiocfadh an chuid is mó de na coigiltis chostais. Caithfear costas an staidrimh a mheas i gcomhthéacs na dtairbhí a bhaineann leis don tsochaí ach freisin caithfear é a mheas i gcomhthéacs an chostais a bheadh ann mura mbeadh ann ach staidreamh ar cháilíocht íseal nó mura raibh fáil ar aon staidreamh.

Oiriúnacht rialála agus simpliú

Is cuid é an togra de straitéis don staidreamh talmhaíochta le haghaidh 2020 agus ina dhiaidh sin, mórchlár chun staidreamh talmhaíochta an Aontais a nuachóiriú, ar staidreamh é atá á tháirgeadh ag an gCoimisiún i ndlúthchomhar leis na Ballstáit. Cuid den chlár um Oiriúnacht agus Feidhmíocht Rialála (REFIT) is ea an straitéis, lena dtacaíonn an Coiste um an gCóras Staidrimh Eorpach, agus tá sé d’aidhm aici an Córas Eorpach um Staidreamh Talmhaíochta (CEST) a chuíchóiriú agus a fheabhsú.

Cumhdaítear leis an togra seo cistiú staidrimh chomhtháite feirme le haghaidh 2021-2027, i gcomhréir le Rialachán (AE) 2018/1091.

Cearta bunúsacha

Níl iarmhairtí ar bith ag an togra seo maidir le cosaint na gceart bunúsach.

4.IMPLEACHTAÍ BUISÉADACHA

Is tréimhse theoranta a bheidh i dtionchar airgeadais an togra, agus tagraíonn sé do chómhaoiniú an bhailithe sonraí ar staidreamh comhtháite feirme don tréimhse 2021-2027 (na cleachtaí bailithe sonraí in 2023 agus 2026).

Le hAirteagal 13 de Rialachán (AE) 2018/1091 bunaítear ranníocaíocht airgeadais an Aontais chun an Rialachán sin a chur chun feidhme. Bunaítear leis an togra sin buiséad EUR 40 000 000.00 le haghaidh 2021-2027 (a bhfuil EUR 36 400 000.00 de le haghaidh deontas NSI).

Is é an Ciste Eorpach um Ráthaíocht Talmhaíochta a dhéanfaidh soláthar ar ranníocaíocht airgeadais ón Aontas le haghaidh na ndeontas dá dtagraítear in Airteagal 13(2) de Rialachán (AE) 2018/1091, agus is faoi phointe (d) d’Airteagal 4(2) de Rialachán (AE) Uimh. 1306/2013 a dhéanfaidh sé é nó faoin Rialachán maidir leis an gcomhbheartas talmhaíochta a mhaoiniú, a bhainistiú agus faireachán a dhéanamh air agus lena n‑aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 1306/2013.

5.EILIMINTÍ EILE

Pleananna cur chun feidhme, agus socruithe faireacháin, meastóireachta agus tuairiscithe

Meastar go nglacfaidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle an Rialachán atá beartaithe a luaithe is féidir agus go nglacfaidh an Coimisiún na bearta cur chun feidhme tamall gearr ina dhiaidh sin. Beidh an Rialachán infheidhme go díreach sna Ballstáit uile gan aon ghá le plean cur chun feidhme.

Ceanglófar ar na Ballstáit sonraí a chur ar fáil don Choimisiún in 2024 agus in 2027.

I gcomhréir le Rialachán (AE) 2018/1091, ba cheart don Choimisiún, tar éis dó dul i gcomhairle leis an CCSE, tuarascáil maidir le cur chun feidhme agus baint amach a chuspóirí a chur faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle faoin 31 Nollaig 2024.

Doiciméid mhíniúcháin (i gcás treoracha)

Níl sé infheidhme.

Míniúchán mionsonraithe ar fhorálacha sonracha an togra

Tá feidhm ag an leasú atá beartaithe maidir le hAirteagal 13(4) (5) agus (7) agus Airteagal 14(1) de Rialachán (AE) 2018/1091, lena mbunaítear na huasmhéideanna a shannfar do gach Ballstát agus méid agus foinse an imchlúdaigh airgeadais le haghaidh 2021-2027.

2021/0270 (COD)

Togra le haghaidh

RIALACHÁN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

lena leasaítear Rialachán (AE) 2018/1091 maidir le ranníocaíocht an Aontais don staidreamh comhtháite feirme faoi chreat airgeadais 2021-2027

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 338(1) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)Foráiltear le Rialachán (AE) 2018/1091 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 7 go ndéanfaidh na Ballstáit croí‑shonraí struchtúracha (‘croí‑shonraí’) agus sonraí modúlacha a bhaineann le gabháltais talmhaíochta in 2023 agus 2026 a bhailiú agus a sholáthar.

(2)Chun na suirbhéanna ar struchtúr feirmeacha a dhéanamh agus chun ceanglais an Aontais maidir le faisnéis a chomhlíonadh, tá gá le cistiú nach beag ó Bhallstáit agus ón Aontas.

(3)Gheobhaidh na Ballstáit ranníocaíocht airgeadais uasta de 75 % ón Aontas i leith na gcostas a bhaineann leis na croí‑shonraí agus na sonraí modúlacha a bhailiú in 2023 agus 2026, faoi réir na n‑uasmhéideanna a shonraítear i Rialachán (AE) 2018/1091.

(4)Le Rialachán (AE) 2018/1091 leagtar síos an t‑imchlúdach airgeadais do thréimhse iomlán an chreata airgeadais ilbhliantúil (CAI) ábhartha agus áirítear ann foráil maidir leis an méid a bhunú a bheidh le deonú le haghaidh tuilleadh sonraí a bhailiú faoin CAI ina dhiaidh sin lena gcumhdaítear na suirbhéanna in 2023 agus 2026.

(5)Le Rialachán (AE, Euratom) 2020/2093 ón gComhairle 8 leagadh síos CAI ina dhiaidh sin do na blianta 2021-2027.

(6)I gcomhréir le Rialachán (AE) 2018/1091, ba cheart do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle méid ranníocaíochta an Aontais don staidreamh comhtháite feirme faoi CAI le haghaidh 2021-2027 a shocrú, bunaithe ar thogra ón gCoimisiún tar éis dháta theacht i bhfeidhm Rialachán (AE, Euratom) 2020/2093.

(7)Ba cheart an méid atá beartaithe do 2021-2027 na suirbhéanna ar struchtúr feirmeacha a rinneadh in 2023 agus in 2026 a mhaoiniú, agus na suirbhéanna sin amháin, lena n‑áirítear na costais a bhaineann leis na mbunachar sonraí a bhainistiú, a choinneáil ar bun agus a fhorbairt, ar bunachar sonraí iad a úsáideann an Coimisiún chun na sonraí arna soláthar ag na Ballstáit a phróiseáil.

(8)Ina theannta sin, tar éis don Ríocht Aontaithe tarraingt siar as an Aontas, is iomchuí an tagairt don iar-Bhallstát sin a scriosadh.

(9)Chuathas i gcomhairle leis an gCiste um an gCóras Staidrimh Eorpach a bunaíodh le hAirteagal 7 de Rialachán (CE) Uimh. 223/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 9 .

(10)Ba cheart, dá bhrí sin, Rialachán (AE) 2018/1091 a leasú dá réir,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasaítear Rialachán (AE) 2018/1091 mar a leanas:

(1)Leasaítear Airteagal 13 mar a leanas:

(a)leasaítear mír 4 mar a leanas:

(i)cuirtear an méid seo a leanas in ionad an fhrása réamhráitigh:

‘I gcás costas na croí‑shonraí agus na sonraí modúlacha araon a bhailiú do na blianta 2023 agus 2026, beidh ranníocaíocht an Aontais teoranta do na huasmhéideanna a shonraítear thíos:’;

(ii)cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (c):

‘(c) EUR 2 000 000 an ceann don Bhulgáir, don Ghearmáin, don Ungáir, agus don Phortaingéil;’;

(b)scriostar mír 5;

(c)cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 7:

‘7. Is é an Ciste Eorpach um Ráthaíocht Talmhaíochta a dhéanfaidh soláthar na ranníocaíochta airgeadais ón Aontas le haghaidh na ndeontas dá dtagraítear i mír 2 den Airteagal sin, agus is faoi phointe (d) d’Airteagal 4(2) de Rialachán (AE) Uimh. 1306/2013 a dhéanfaidh sé amhlaidh nó faoi Rialachán ina dhiaidh sin maidir leis an gcomhbheartas talmhaíochta a mhaoiniú, a bhainistiú agus faireachán a dhéanamh air agus lena n‑aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 1306/2013.’;

(2)in Airteagal 14, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1:

‘1. Is EUR 40 000 000 a bheidh i gclúdach airgeadais an Aontais don tréimhse 2021-2027, atá faoi chumhdach CAI 2021-2027, chun clár na mbailithe sonraí le haghaidh na mblianta tagartha 2023 agus 2026 a chur chun feidhme, lena n‑áirítear na leithreasuithe is gá chun na córais bunachar sonraí a bhainistiú, a choinneáil ar bun agus a fhorbairt, ar córais iad a úsáidfear laistigh den Choimisiún chun sonraí a sholáthróidh na Ballstáit faoin Rialachán seo a phróiseáil.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil,

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa    Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán    An tUachtarán

RÁITEAS AIRGEADAIS REACHTACH

Ábhar

1.LEAGAN AMACH AN TOGRA/TIONSCNAIMH

1.1.Teideal an togra/tionscnaimh

1.2.Réimsí beartais lena mbaineann

1.3.Baineann an togra/tionscnamh le:

1.4.Cuspóirí

1.4.1.Cuspóirí ginearálta

1.4.2.Cuspóirí sonracha

1.4.3.An toradh agus an tionchar a bhfuil súil leo

1.4.4.Táscairí feidhmíochta

1.5.Forais an togra/tionscnaimh

1.5.1.Na ceanglais is gá a chomhlíonadh sa ghearrthéarma nó san fhadtéarma, lena náirítear amlíne mhionsonraithe maidir le cur chun feidhme céimneach an tionscnaimh

1.5.2.An breisluach a bhaineann le rannpháirteachas an Aontais (d’fhéadfadh an breisluach a bheith mar thoradh ar fhachtóirí éagsúla, e.g. gnóthachain de thoradh comhordú, deimhneacht dhlíthiúil, breis éifeachtachta, nó comhlántachtaí). Chun críocha an phointe seo, is é a chiallaíonn ‘an breisluach a bhaineann le rannpháirteachas an Aontais’ an luach a bhíonn mar thoradh ar idirghabháil an Aontais atá sa bhreis ar an luach a bheadh cruthaithe ag na Ballstáit dá mbeidís ag feidhmiú leo féin.

1.5.3.Ceachtanna a foghlaimíodh ó thaithí eile den sórt sin san am a chuaigh thart

1.5.4.Comhoiriúnacht don Chreat Airgeadais Ilbhliantúil agus sineirgíochtaí a d’fhéadfadh a bheith ann le hionstraimí iomchuí eile

1.5.5.Measúnú ar na roghanna éagsúla maoinithe atá ar fáil, lena náirítear na féidearthachtaí athshannadh a dhéanamh

1.6.Fad agus tionchar airgeadais an togra/tionscnaimh

1.7.Modhanna bainistíochta atá beartaithe

2.BEARTA BAINISTÍOCHTA

2.1.Rialacha faireacháin agus tuairiscithe

2.2.Córais bhainistíochta agus rialaithe

2.2.1.An bonn cirt atá faoi na modhanna bainistíochta, na sásraí cur chun feidhme, na módúlachtaí íocaíochta agus an straitéis atá beartaithe

2.2.2.Faisnéis faoi na rioscaí a aithníodh agus na córais rialaithe inmheánacha a cuireadh ar bun chun na rioscaí sin a mhaolú

2.2.3.Meastachán ar chostéifeachtúlacht na rialuithe agus an bonn cirt atá léi sin (cóimheas ‘costais rialaithe ÷ luach na gcistí gaolmhara arna mbainistiú’), agus measúnú ar an leibhéal riosca earráide a bhfuiltear ag súil leis (tráth an íocaíocht a dhéanamh agus tráth an clár a dhúnadh)

2.3.Bearta chun calaois agus neamhrialtachtaí a chosc

3.AN TIONCHAR AIRGEADAIS A MHEASTAR A BHEIDH AG AN TOGRA/TIONSCNAMH

3.1.Ceannteideal/ceannteidil an chreata airgeadais ilbhliantúil agus na línte buiséid ar a nimreofar tionchar

3.2.An tionchar airgeadais a mheastar a bheidh ag an togra ar leithreasuithe

3.2.1.Achoimre ar an tionchar a mheastar a bheidh aige ar leithreasuithe faoi chomhair oibríochtaí

3.2.2.An taschur a mheastar a chisteofar le leithreasuithe faoi chomhair oibríochtaí

3.2.3.Achoimre ar an tionchar a mheastar a bheidh ann ar leithreasuithe de chineál riaracháin

3.2.4.Comhoiriúnacht don chreat airgeadais ilbhliantúil reatha

3.2.5.Ranníocaíochtaí ó thríú páirtithe

3.3.An tionchar a mheastar a bheidh ar ioncam

1.LEAGAN AMACH AN TOGRA/TIONSCNAIMH 

1.1.Teideal an togra/tionscnaimh

RIALACHÁN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

lena leasaítear Rialachán (AE) 2018/1091 maidir le ranníocaíocht an Aontais don staidreamh comhtháite feirme faoi chreat airgeadais 2021-2027

1.2.Réimsí beartais lena mbaineann 

Táirgeadh an staidrimh Eorpaigh.

An talmhaíocht agus an fhorbairt tuaithe.

1.3.Baineann an togra/tionscnamh le: 

 beart nua 

 beart nua a leanann treoirthionscadal/réamhbheart 10  

 síneadh ama le beart atá ann cheana 

 beart nó bearta a chumasc nó a atreorú i dtreo beart eile/beart nua 

1.4.Cuspóirí

1.4.1.Cuspóirí ginearálta

Bunaítear leis an togra reachtach sin buiséad EUR 40 000 000.00 le haghaidh 2021-2027 (a bhfuil EUR 36 400 000.00 de le haghaidh deontas d’institiúidí staidrimh náisiúnta agus d’údaráis náisiúnta eile).

Ní mór staitisticí iontaofa ardcháilíochta a bheith ann le go mbeidh lucht ceaptha beartais, gnólachtaí agus an pobal i gcoitinne in ann cinntí a dhéanamh a bhfuil údar cuí leo agus atá bunaithe ar fhianaise. Tugann an togra reatha aghaidh ar dhá chuspóir de chuid straitéis 2020 maidir le staidreamh talmhaíochta:

staidreamh ardcháilíochta a tháirgeadh a dhéanann freastal éifeachtach agus éifeachtúil ar riachtanais úsáideoirí

comhchuibhiú agus comhleanúnachas an staidrimh talmhaíochta Eorpaigh a fheabhsú

1.4.2.Cuspóirí sonracha

Cuspóir Sonrach Uimh. 1

na suirbhéanna ar struchtúr feirme a dhéanfar in 2023 a mhaoiniú, lena n‑áirítear na costais a bhaineann leis na mbunachar sonraí a bhainistiú, a choinneáil ar bun agus a fhorbairt, ar bunachar sonraí iad a úsáideann an gCoimisiún chun na sonraí a chuir na Ballstáit ar fáil don tréimhse tagartha 2023 a phróiseáil agus chun an idir-inoibritheacht idir an Staidreamh Comhtháite Feirme (IFS) agus an Líonra Sonraí um Chuntasaíocht Feirme (LSCF)/Líonra Sonraí um Inbhuanaitheacht Feirme (FSDN) a fheabhsú

Cuspóir sonrach Uimh. 2

na suirbhéanna ar struchtúr feirme a dhéanfar in 2026 a mhaoiniú, lena n‑áirítear na costais a bhaineann leis na mbunachar sonraí a bhainistiú, a choinneáil ar bun agus a fhorbairt, ar bunachar sonraí iad a úsáideann an gCoimisiún chun na sonraí a chuir na Ballstáit ar fáil don tréimhse tagartha 2026 a phróiseáil agus chun an idir-inoibritheacht idir an Staidreamh Comhtháite Feirme (IFS) agus an Líonra Sonraí um Chuntasaíocht Feirme (LSCF)/Líonra Sonraí um Inbhuanaitheacht Feirme (FSDN) a fheabhsú

1.4.3.An toradh agus an tionchar a bhfuil súil leo

Sonraigh an tionchar a bheadh ag an togra/tionscnamh ar na tairbhithe/grúpaí ar a bhfuil sé dírithe.

An tionchar ar institiúidí staidrimh náisiúnta agus eile: Baineann an reachtaíocht staidrimh go príomha le húsáideoirí na sonraí ar leibhéal an riaracháin (e.g. ranna beartais an Choimisiúin), táirgeoirí sonraí (NSInna), agus freagróirí sonraí (feirmeoirí), dá bhrí sin is beag tionchar díreach a bhíonn aici ar an ngeilleagar, ar an tsochaí ná ar an gcomhshaol. Na príomhchostais dhíreacha a thabhóidh na páirtithe leasmhara, baineann siad le dul in oiriúint do chórais nua staidrimh agus teicneolaíochta. Idir an meántéarma agus an fadtéarma, measadh go dtiocfadh laghdú beag ar an ualach riaracháin agus ar na costais riaracháin mar thoradh ar na gníomhaíochtaí nuachóirithe.

1.4.4.Táscairí feidhmíochta

Sonraigh na táscairí chun faireachán a dhéanamh ar dhul chun cinn agus ar ghnóthachain.

Foráiltear le Rialachán (AE) 2018/1091, i gcás na mblianta tagartha 2023 agus 2026, go ndéanfaidh na Ballstáit croí‑shonraí bailíochtaithe agus sonraí modúlacha bailíochtaithe a tharchur chuig an gCoimisiún (Eurostat) laistigh de 12 mhí tar éis dheireadh na bliana tagartha.

Thairis sin, faoin 31 Nollaig 2024, déanfaidh an Coimisiún, tar éis dó dul i gcomhairle le CCSE, tuarascáil maidir le cur chun feidhme chuspóirí an Rialacháin agus baint amach na gcuspóirí sin a chur faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle (Airteagal 18).

1.5.Forais an togra/tionscnaimh 

1.5.1.Na ceanglais is gá a chomhlíonadh sa ghearrthéarma nó san fhadtéarma, lena náirítear amlíne mhionsonraithe maidir le cur chun feidhme céimneach an tionscnaimh

Tá sé d’aidhm ag an togra a áirithiú go gcuirtear tacaíocht bhreise airgeadais ar fáil do na Ballstáit chun sonraí a bhailiú maidir le struchtúr na ngabháltas talmhaíochta, tríd an gclúdach airgeadais a shocrú don tréimhse 2021-2027.

Maidir leis an ranníocaíocht a dhéanfaidh an tAontas Eorpach chun tacú leis an mbailiú sonraí don staidreamh talmhaíochta náisiúnta, táthar ag súil, faoin gcóras nua, go mbeidh sí ar leibhéal atá inchomparáide leis an gcaoi a bhfuil sí faoi láthair agus freisin, ba cheart go mbeadh an caiteachas náisiúnta ar leibhéal a bheadh inchurtha leis an leibhéal atá ann faoi láthair. Maidir leis na gníomhaíochtaí chun an t‑ualach agus na costais a laghdú, mar aon leis an laghdú a bhfuiltear ag súil leis ar líon na ngabháltas talmhaíochta (de réir na dtreochtaí a fheictear), tráth a bheidh na gníomhaíochtaí sin curtha chun feidhme ina n‑iomláine, is féidir nach mbeidh gá chomh géar le bailiú sonraí agus, dá bhrí sin, gur buiséad níos lú a bheidh de dhíth.

Tá sé d’aidhm ag Rialachán (AE) 2018/1091 cáilíocht, inchomparáideacht agus comhleanúnachas an staidrimh talmhaíochta Eorpaigh a fheabhsú ionas go mbeidh lucht ceaptha beartais, gnólachtaí agus an pobal i gcoitinne in ann cinntí a dhéanamh a bhfuil údar cuí leo agus atá bunaithe ar fhianaise.

Cumhdaíonn sé staidreamh struchtúrach talmhaíochta agus is i bhfoirm creat‑rialachán príomha agus gníomhartha cur chun feidhme a bheidh sé. Is rialachán é atá infheidhme go díreach i mBallstáit an Aontais, ach leis na gníomhartha cur chun feidhme sonraítear liostaí athraitheacha agus tuairiscí athraitheacha agus ceanglais mhodheolaíochta. Déanfaidh gach Ballstát na hathróga agus na ceanglais eile a chomhtháthú sna bhunachair shonraí náisiúnta atá aige, sna ceistneoirí atá aige, etc. a thúisce a ghlacfar na gníomhartha.

Tá áireamh talmhaíochta 2020 ar siúl cheana féin. Tá an bailiú sonraí le haghaidh 2023 á ullmhú agus beidh bailiú sonraí 2026 ann ina dhiaidh sin.

1.5.2.An breisluach a bhaineann le rannpháirteachas an Aontais (d’fhéadfadh an breisluach a bheith mar thoradh ar fhachtóirí éagsúla, e.g. gnóthachain de thoradh comhordú, deimhneacht dhlíthiúil, breis éifeachtachta, nó comhlántachtaí). Chun críocha an phointe seo, is é a chiallaíonn ‘an breisluach a bhaineann le rannpháirteachas an Aontais’ an luach a bhíonn mar thoradh ar idirghabháil an Aontais atá sa bhreis ar an luach a bheadh cruthaithe ag na Ballstáit dá mbeidís ag feidhmiú leo féin.

Le staidreamh comhtháite feirme (IFS), beidh staidreamh struchtúrach talmhaíochta Eorpach ar ardchaighdeán, inchomparáide agus comhtháite ag an Aontas Eorpach agus ag a Bhallstáit, ar staidreamh é lena bhforchuirtear ualach inghlactha ar fhreagróirí sonraí agus táirgeoirí sonraí i gcomparáid le tairbhí an staidrimh. Is ríthábhachtach an rud ceapadh beartais atá bunaithe ar fhianaise chun go n‑éireoidh le beartais amhail an Comhbheartas Talmhaíochta, agus tábhachtach an ceapadh beartais sin ó thaobh spreagadh na fostaíochta agus an fháis chliste inbhuanaithe chuimsithigh san Aontas.

Is le reachtaíocht staidrimh go príomha a bhaineann úsáideoirí na sonraí ar leibhéal an riaracháin (e.g. ranna beartais an Choimisiúin), táirgeoirí sonraí (institiúidí staidrimh náisiúnta), agus freagróirí sonraí (feirmeoirí), dá bhrí sin is beag tionchar díreach a bhíonn aici ar an ngeilleagar, ar an tsochaí ná ar an gcomhshaol. Is leis an oiriúnú do chórais nua staidrimh, eagrúcháin agus theicniúla a bhaineann na costais dhíreacha is mó i gcás na ngeallsealbhóirí, ach táthar ag súil leis go gcúiteofar na costais agus na hualaí sin idir an meántéarma agus an fadtéarma toisc gur lú an t‑ualach a bheidh ag baint le bailiú sonraí, go méadófar an éifeachtúlacht agus go sábhálfar airgead.

1.5.3.Ceachtanna a foghlaimíodh ó thaithí eile den sórt sin san am a chuaigh thart

Is é atá ina bhunchloch faoin gComhbheartas Talmhaíochta agus faoi go leor beartas tábhachtach éagsúil eile an Aontais, an staidreamh talmhaíochta Eorpach leis na deicheanna de bhlianta anuas. Ceapadh Rialachán (AE) 2018/1091 chun freagairt ar athruithe ar an talmhaíocht agus chun na saincheisteanna is mó a leigheas a aithníodh i meastóireacht an Córas Eorpach um Staidreamh Talmhaíochta (CEST). Seo a leanas na saincheisteanna a sainaithníodh:

1. an reachtaíocht a bhí ann roimhe sin maidir le staidreamh talmhaíochta, ní fhónann sí mar is ceart do na riachtanais sonraí atá nua nó ag teacht chun cinn;

2. ní raibh an Córas Eorpach um Staidreamh Talmhaíochta (CEST) sách solúbtha ná sách tapa ag fónamh do na riachtanais a bhí ag teacht chun cinn;

3. ní raibh na cleachtaí bailithe sonraí comhchuibhithe ná comhtháite go leor;

4. bhí easpa éifeachtúlachta ag baint le staidreamh a tháirgeadh;

5. bhíothas den tuairim gur mhór a bhí an t‑ualach a bhain le staidreamh a sholáthar.

1.5.4.Comhoiriúnacht don Chreat Airgeadais Ilbhliantúil agus sineirgíochtaí a d’fhéadfadh a bheith ann le hionstraimí iomchuí eile

Tá Rialachán (AE) 2018/1091 ina chuid de straitéis Eurostat i ndáil le staidreamh talmhaíochta le haghaidh 2020 agus ina dhiaidh sin, a bheidh le comhlánú le staidreamh maidir le hionchur agus aschur talmhaíochta (SAIO) agus le Rialachán nuashonraithe maidir le Cuntais Eacnamaíocha Talmhaíochta (CET). Beidh raon feidhme coiteann sna trí rialachán agus roinnfidh siad an doiciméadacht theicniúil agus mhodheolaíoch. Nuair a chuirfear le chéile iad, cumhdóidh siad gach gné den staidreamh talmhaíochta.

Na comhbheartais thábhachtacha de chuid an Aontais, amhail an Comhbheartas Talmhaíochta, an Comhaontú Glas don Eoraip, an straitéis ón bhfeirm go dtí an forc agus an straitéis bithéagsúlachta, bíonn siad ag brath ar staidreamh talmhaíochta ar an leibhéal Eorpach atá inchomparáide, comhchuibhithe agus ar ardchaighdeán agus ar a chomhoiriúnacht/comhlántacht le foinsí sonraí gaolmhara éagsúla amhail an Líonra Sonraí um Chuntasaíocht Feirme. Is fearr is féidir iad sin a áirithiú trí rialacháin, atá infheidhme go díreach sna Ballstáit agus nach gá dlí náisiúnta a dhéanamh díobh ar dtús.

Déantar foráil maidir leis an leasú reatha i Rialachán (AE) 2018/1091 agus ní bhaineann sé ach le bailiú sonraí a mhaoiniú le haghaidh 2023 agus 2026.

1.5.5.Measúnú ar na roghanna éagsúla maoinithe atá ar fáil, lena náirítear na féidearthachtaí athshannadh a dhéanamh

Neamhbhainteach

1.6.Fad agus tionchar airgeadais an togra/tionscnaimh

 tréimhse theoranta

   i bhfeidhm ó 01/01/2022 (sealadach) go dtí 31/12/2027

   Tionchar airgeadais ó 2022 go 2025 maidir le leithreasuithe faoi chomhair gealltanas agus ó 2024 go 2028 maidir le leithreasuithe faoi chomhair íocaíochtaí.

 tréimhse neamhtheoranta

Cuir chun feidhme le tréimhse tosaigh ó BBBB go BBBB,

agus le feidhmíocht ina iomláine ina dhiaidh sin.

1.7.Modhanna bainistíochta atá beartaithe 11   

 Bainistíocht dhíreach ag an Coimisiún

ag a ranna, lena n‑áirítear an chuid sin den fhoireann atá i dtoscaireachtaí an Aontais;

   ag na gníomhaireachtaí feidhmiúcháin

 Bainistíocht atá comhroinnte leis na Ballstáit

 Bainistíocht indíreach trí chúraimí a bhaineann le cur chun feidhme an bhuiséid a shannadh dóibh seo a leanas:

tríú tíortha nó na comhlachtaí a d'ainmnigh siad;

eagraíochtaí idirnáisiúnta agus a ngníomhaireachtaí (le sonrú);

an Banc Eorpach Infheistíochta agus an Ciste Eorpach Infheistíochta;

comhlachtaí dá dtagraítear in Airteagail 70 agus 71 den Rialachán Airgeadais;

comhlachtaí dlí phoiblí;

comhlachtaí arna rialú ag an dlí príobháideach agus a bhfuil misean seirbhíse poiblí acu sa mhéid go gcuireann siad ráthaíochtaí leordhóthanacha airgeadais ar fáil;

comhlachtaí arna rialú ag dlí príobháideach Ballstáit, a gcuirtear de chúram orthu comhpháirtíochtaí príobháideacha poiblí a chur chun feidhme, agus a sholáthraíonn ráthaíochtaí leordhóthanacha airgeadais;

daoine a gcuirtear de chúram orthu bearta sonracha a chur chun feidhme sa Chomhbheartas Eachtrach agus Slándála (CBES) de bhun Theideal V den Chonradh ar an Aontas Eorpach, ar daoine iad a aithnítear sa bhunghníomh ábhartha.

I gcás ina sonraítear níos mó ná modh bainistíochta amháin, tabhair sonraí sa roinn ‘Nótaí’.

Nótaí

Neamhbhainteach

2.BEARTA BAINISTÍOCHTA 

2.1.Rialacha faireacháin agus tuairiscithe 

Sonraigh minicíocht na mbeart agus na coinníollacha atá leo.

Ní mór d’fhaighteoirí na ndeontas na sonraí a bailíodh agus na tuarascálacha cáilíochta a ghabhann leo a sholáthar faoi mar a shonraítear in Airteagal 12 de Rialachán (AE) 2018/1091.

I gcomhréir le hAirteagal 18 de Rialachán (AE) 2018/1091, tar éis dó dul i gcomhairle leis an CCSE ba cheart don Choimisiún tuarascáil maidir le cur chun feidhme chuspóirí an Rialacháin agus baint amach na gcuspóirí sin a chur faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle faoin 31 Nollaig 2024.

2.2.Córais bhainistíochta agus rialaithe 

2.2.1.An bonn cirt atá faoi na modhanna bainistíochta, na sásraí cur chun feidhme, na módúlachtaí íocaíochta agus an straitéis atá beartaithe

Tá feidhm ag prionsabal na coimhdeachta ós rud é nach dtagann an togra faoi inniúlacht eisiach an Aontais. Leis an gCóras Staidrimh Eorpach (CSE) cuirtear bonneagar faisnéise staidrimh ar fáil. Is córas é a dearadh chun freastal ar riachtanais úsáideoirí iomadúla agus chun tacú leis an bpróiseas cinnteoireachta i sochaithe daonlathacha. Dréachtaíodh an togra le haghaidh an Rialacháin seo chun príomhghníomhaíochtaí chomhpháirtithe an Chórais Staidrimh Eorpaigh a chosaint agus, ag an am céanna chun cáilíocht agus inchomparáideacht an staidrimh talmhaíochta a áirithiú agus a chinntiú.

Áirítear ar na príomhchritéir le haghaidh na sonraí staidrimh an chomhsheasmhacht agus an inchomparáideacht. Ní féidir leis na Ballstáit comhsheasmhacht agus inchomparáideacht a bhaint amach mar is gá d'uireasa creat Eorpach soiléir, is é sin le rá reachtaíocht de chuid an Aontais lena leagtar amach coincheapa comhchoiteanna staidrimh, formáidí tuairiscithe agus ceanglais cháilíochta.

Ní féidir na cuspóirí a bhaint amach ina n‑iomláine más ar a chonlán féin atá gach Ballstát ag gníomhú faoi seach. Is éifeachtaí an ghníomhaíocht a dhéanfaí ar leibhéal an Aontais, í ar bhonn gníomh dlíthiúil de chuid an Aontais lena n‑áirithítear inchomparáideacht na faisnéise staidrimh sna réimsí staidrimh a chumhdaítear leis an ngníomh atá beartaithe. Idir an dá linn, is fearr gurb iad na Ballstáit a dhéanfaidh na sonraí a bhailiú.

2.2.2.Faisnéis faoi na rioscaí a aithníodh agus na córais rialaithe inmheánacha a cuireadh ar bun chun na rioscaí sin a mhaolú

I measc na rioscaí sainaitheanta tá cáilíocht sonraí atá faoi bhun caighdeáin agus sonraí a chuirtear isteach go déanach.

Mhaolófaí na rioscaí sin trí dhoiciméadacht theicniúil agus mhodheolaíoch agus treoirlínte teicniúla agus modheolaíochta a sheoladh chuig na Ballstáit roimh ré, seiceálacha uathoibríocha sonraí, faireachán a dhéanamh ar chomhlíonadh sprioc-amanna, agus tuarascálacha cáilíochta le haghaidh gach suirbhé a scrúdú.

2.2.3.Meastachán ar chostéifeachtúlacht na rialuithe agus an bonn cirt atá léi sin (cóimheas ‘costais rialaithe ÷ luach na gcistí gaolmhara arna mbainistiú’), agus measúnú ar an leibhéal riosca earráide a bhfuiltear ag súil leis (tráth an íocaíocht a dhéanamh agus tráth an clár a dhúnadh) 

Cuirfidh oifigigh de chuid an Choimisiúin na rialuithe i gcrích mar chuid dá ngnáthdhualgais d’fhonn cáilíocht agus inchomparáideacht sonraí a mheasúnú. Is íseal an riosca earráide a bhfuiltear ag súil leis, ós rud é go bhfuil bailiú sonraí don staidreamh talmhaíochta á dhéanamh i ndlúthchomhar leis na Ballstáit ó bhí na 1950í ann agus go bhfuil nuachóiriú déanta ar na córais i gcomhréir leis na caighdeáin theicniúla is déanaí.

2.3.Bearta chun calaois agus neamhrialtachtaí a chosc 

Sonraigh na bearta coisctheacha agus cosanta atá ann cheana nó atá beartaithe, e.g. ón Straitéis Frithchalaoise.

I dteannta na sásraí rialála, déanfaidh Eurostat straitéis frithchalaoise a chur i bhfeidhm a bheidh i gcomhréir le beartas ginearálta frithchalaoise an Choimisiúin. Áiritheofar leis sin go mbeidh an cur chuige i leith bainistíocht riosca calaoise dírithe ar réimsí riosca calaoise agus ar fhreagairtí iomchuí a shainaithint. Cuirfear grúpaí líonraithe agus uirlisí sonracha TF ar bun i gcas inar gá, ar grúpaí agus uirlisí iad atá tiomnaithe d’anailís ar chásanna calaoise a d’fhéadfadh a bheith ann.

Tá straitéis rialaithe forbartha ag Eurostat a bheidh ag gabháil le caiteachas na mBallstát ar bhailiú sonraí, le bearta agus uirlisí atá iomchuí don rialachán atá beartaithe. Ach castacht a laghdú, nósanna imeachta faireacháin atá costéifeachtach a chur i bhfeidhm mar aon le rialuithe roimh ré agus rialuithe deiridh a dhéanamh a bheidh bunaithe ar riosca, ba cheart go gcuideofar le calaois a laghdú agus a chosc. Áirítear sa straitéis bearta múscailte feasachta agus oiliúint maidir le calaois a chosc.

3.AN TIONCHAR AIRGEADAIS A MHEASTAR A BHEIDH AG AN TOGRA/TIONSCNAMH 

3.1.Ceannteideal/ceannteidil an chreata airgeadais ilbhliantúil agus na línte buiséid ar a nimreofar tionchar 

·Línte buiséid atá ann cheana

In ord cheannteidil agus línte buiséid an chreata airgeadais ilbhliantúil.

Ceannteideal an chreata airgeadais ilbhliantúil

Líne buiséid

Cineál
caiteachais

Ranníocaíocht

Uimhir  

LD/LN 12 .

ó thíortha de chuid CSTE 13

ó thíortha is iarrthóirí 14

ó thríú tíortha

de réir bhrí Airteagal 21(2)(b) den Rialachán Airgeadais

3

08.02 06 03 – An Ciste Eorpach um Ráthaíocht Talmhaíochta (CERT) – Cúnamh teicniúil oibríochtúil

Difreáilte

NÍL

NÍL

NÍL

NÍL

·Línte nua buiséid atá á n‑iarraidh

In ord cheannteidil agus línte buiséid an chreata airgeadais ilbhliantúil.

Ceannteideal an chreata airgeadais ilbhliantúil

Líne buiséid

Cineál 
caiteachais

Ranníocaíocht

Uimhir  

LD/LN.

ó thíortha de chuid CSTE

ó thíortha is iarrthóirí

ó thríú tíortha

de réir bhrí Airteagal 21(2)(b) den Rialachán Airgeadais

[XX.YY.YY.YY]

TÁ/NÍL

TÁ/NÍL

TÁ/NÍL

TÁ/NÍL

3.2.An tionchar airgeadais a mheastar a bheidh ag an togra ar leithreasuithe 

3.2.1.Achoimre ar an tionchar a mheastar a bheidh aige ar leithreasuithe faoi chomhair oibríochtaí 

   Ní éilíonn an togra/tionscnamh go n‑úsáidfear leithreasuithe faoi chomhair oibríochtaí

   Éilíonn an togra/tionscnamh go n‑úsáidfear leithreasuithe faoi chomhair oibríochtaí mar a mhínítear thíos:

EUR milliúin (go dtí an tríú deachúil)

Ceannteideal  
an chreata airgeadais ilbhliantúil

3

08.02 06 03 – An Ciste Eorpach um Ráthaíocht Talmhaíochta (CERT) – Cúnamh teicniúil oibríochtúil

AS: AGRI

Bliain 
2021 15

Bliain 
2022

Bliain 
2023

Bliain 
2024

Bliain 
2025

Bliain 
2026

Bliain 
2027

Tar éis 2027

IOMLÁN

• Leithreasuithe faoi chomhair oibríochtaí

08.02 06 03 16

Gealltanais

(1a)

20,000

20,000

40,000

Íocaíochtaí

(2a)

9,100

1,800

18,200

1,800

9,100

40,000

Líne buiséid

Gealltanais

(1b)

Íocaíochtaí

(2b)

Leithreasuithe de chineál riaracháin arna maoiniú as imchlúdach na gclár sonrach 17  

Líne buiséid

(3)

IOMLÁN na leithreasuithe 
le haghaidh AS AGRI

Gealltanais

=1a+1b +3

20,000

20,000

40,000

Íocaíochtaí

=2a+2b

+3

9,100

1,800

18,200

1,800

9,100

40,000



IOMLÁN na leithreasuithe faoi chomhair oibríochtaí

Gealltanais

(4)

20,000

20,000

40,000

Íocaíochtaí

(5)

9,100

1,800

18,200

1,800

9,100

40,000

• IOMLÁN na leithreasuithe de chineál riaracháin arna maoiniú as an imchlúdach le haghaidh cláir shonracha

(6)

IOMLÁN na leithreasuithe  
faoi CHEANNTEIDEAL 3 
den chreat airgeadais ilbhliantúil

Gealltanais

=4+ 6

20,000

20,000

40,000

Íocaíochtaí

=5+ 6

9,100

1,800

18,200

1,800

9,100

40,000

Má tá tionchar ag an togra/tionscnamh ar níos mó ná ceannteideal oibríochta amháin, líon isteach an chuid thuas arís:

• IOMLÁN an leithreasuithe faoi chomhair oibríochtaí (gach ceannteideal oibríochta)

Gealltanais

(4)

Íocaíochtaí

(5)

IOMLÁN na leithreasuithe de chineál riaracháin arna maoiniú as imchlúdach na gclár sonrach (gach ceannteideal oibríochta)

(6)

IOMLÁN na leithreasuithe faoi  
faoi CHEANNTEIDIL 1 go 6 
den chreat airgeadais ilbhliantúil 
(Méid tagartha)

Gealltanais

=4+ 6

Íocaíochtaí

=5+ 6





Ceannteideal  
an chreata airgeadais ilbhliantúil

7

‘Caiteachas riaracháin’

Chun an chuid seo a líonadh isteach, ba cheart leas a bhaint as na ‘sonraí buiséid de chineál riaracháin’ a iontráladh ar dtús san Annex to the Legislative Financial Statement (Iarscríbhinn V a ghabhann leis na rialacha inmheánacha) agus a uaslódáiltear ar chóras DECIDE chun críocha comhairliúcháin idirsheirbhíse.

EUR milliúin (go dtí an tríú deachúil)

Bliain 
2021

Bliain 
2022

Bliain 
2023

Bliain 
2024

Bliain 
2025

Bliain 
2026

Bliain 
2027

IOMLÁN

AS: ESTAT

• Acmhainní daonna

0,775

0,775

0,775

0,775

0,775

0,775

0,775

5,426

• Caiteachas riaracháin eile

0,030

0,530

0,280

0,280

0,280

0,280

0,030

0,210

IOMLÁN AS ESTAT

Leithreasuithe

0,805

1,305

1,055

1,055

1,055

1,055

0,805

5,636

IOMLÁN na leithreasuithe 
faoi CHEANNTEIDEAL 7 
den chreat airgeadais ilbhliantúil 

(Iomlán na ngealltanas = Iomlán na híocaíochtaí)

0,805

1,305

1,055

1,055

1,055

1,055

0,805

5,636

EUR milliúin (go dtí an tríú deachúil)

Bliain 
2021 18

Bliain 
2022

Bliain 
2023

Bliain 
2024

Bliain 
2025

Bliain 
2026

Bliain 
2027

IOMLÁN

IOMLÁN na leithreasuithe faoi  
faoi CHEANNTEIDIL 1 go 7 
den chreat airgeadais ilbhliantúil 

Gealltanais

0,775

0,775

0,775

0,775

0,775

0,775

0,775

5,426

Íocaíochtaí

0,030

0,530

0,280

0,280

0,280

0,280

0,030

0,210

3.2.2.An taschur a mheastar a chisteofar le leithreasuithe faoi chomhair oibríochtaí 

Leithreasuithe faoi chomhair gealltanas in EUR milliúin (go dtí an tríú deachúil)

Sonraigh cuspóirí agus aschuir

Bliain 
2021

Bliain 
2022

Bliain 
2023

Bliain 
2024

Bliain 
2025

Bliain 
2026

Tar éis 
2027

IOMLÁN

ASCHUIR

Cineál 19

Meánchostas

Líon

Costas

Líon

Costas

Líon

Costas

Líon

Costas

Líon

Costas

Líon

Costas

Líon

Costas

Líon iomlán

Costas iomlán

CUSPÓIR SONRACH Uimh. 1 20 : IFS2023

- Aschur

sonraí

9,100

9,100

18,200

- Aschur

eile

1,800

1,800

- Aschur

Fo-iomlán do chuspóir sonrach Uimh. 1

9,100

1,800

9,100

20,000

CUSPÓIR SONRACH Uimh. 2:

IFS2026

- Aschur

sonraí

9,100

9,100

18,200

- Aschur

eile

1,800

1,800

Fo-iomlán do chuspóir sonrach Uimh. 2

9,100

1,800

9,100

20,000

IOMLÁN

9,100

1,800

18,200

1,800

9,100

40,000

3.2.3.Achoimre ar an tionchar a mheastar a bheidh ann ar leithreasuithe de chineál riaracháin 

   Ní éilíonn an togra/tionscnamh go n‑úsáidfear leithreasuithe de chineál riaracháin

   Éilíonn an togra/tionscnamh go n‑úsáidfear leithreasuithe de chineál riaracháin mar a mhínítear thíos:

EUR milliúin (go dtí an tríú deachúil)

Bliain 
2021 21

Bliain 
2022

Bliain 
2023

Bliain 
2024

Bliain 
2025

Bliain 
2026

Bliain 
2027

IOMLÁN

CEANNTEIDEAL 7 
den chreat airgeadais ilbhliantúil

7

7

7

7

7

7

7

7

Acmhainní daonna

0,775

0,775

0,775

0,775

0,775

0,775

0,775

5,426

Caiteachas riaracháin eile

0,030

0,530

0,280

0,280

0,280

0,280

0,030

1,710

Fo-iomlán CHEANNTEIDEAL 7 
den chreat airgeadais ilbhliantúil

0,805

1,305

1,055

1,055

1,055

1,055

0,805

7,136

Lasmuigh de CHEANNTEIDEAL 7 22  
of the multiannual financial framework

Acmhainní daonna

Caiteachas eile  
de chineál riaracháin

Fo-iomlán  
lasmuigh de CHEANNTEIDEAL 7 
den chreat airgeadais ilbhliantúil

IOMLÁN

0,805

1,305

1,055

1,055

1,055

1,055

0,805

7,136

Na leithreasuithe is gá le haghaidh acmhainní daonna agus caiteachas eile de chineál riaracháin, cumhdófar iad leis na leithreasuithe sin san Ard‑Stiúrthóireacht atá sannta cheana do bhainistíocht an bhirt agus/nó ar athshannadh iad laistigh den Ard‑Stiúrthóireacht, mar aon le haon leithdháileadh breise a d’fhéadfaí a thabhairt don Ard‑Stiúrthóireacht atá i mbun bainistíochta faoi chuimsiú an nós imeachta maidir le leithdháileadh bliantúil i bhfianaise na srianta buiséadacha.

3.2.3.1.Na hacmhainní daonna a mheastar a bheidh riachtanach

   Ní éilíonn an togra/tionscnamh go n‑úsáidfear acmhainní daonna.

   Éilíonn an togra/tionscnamh go n‑úsáidfear acmhainní daonna mar a mhínítear thíos:

Sloinnfear an meastachán in aonaid de choibhéis lánaimseartha

Bliain 
2021

Bliain 
2022

Bliain 2023

Bliain 2024

Bliain 2025

Bliain 2026

Bliain 2027

• Poist don phlean bunaíochta (oifigigh agus foireann shealadach)

20 01 02 01 (Ceanncheathrú agus Oifigí Ionadaíocht an Choimisiúin)

5.1

5.1

5.1

5.1

5.1

5.1

5.1

20 01 02 03 (Toscaireachtaí)

01 01 01 01  (Taighde indíreach)

01 01 01 11 (Taighde díreach)

Línte buiséid eile (sonraigh)

Foireann sheachtrach (in aonad Coibhéiseach Lánaimseartha: FTE) 23

20 02 01 (AC, END, INT ón ‘imchlúdach iomlánaíoch’)

20 02 03 (AC, AL, END, INT agus JPD sna toscaireachtaí)

XX 01 xx yy zz   24

- sa Cheanncheathrú

- i dToscaireachtaí

01 01 01 02 (AC, END, INT - Taighde indíreach)

01 01 01 12 (CA, INT, SNE – Taighde díreach)

Línte buiséid eile (sonraigh)

IOMLÁN

5.1

5.1

5.1

5.1

5.1

5.1

5.1

Is é XX an réimse beartais nó an teideal buiséid lena mbaineann.

Soláthrófar na hacmhainní daonna is gá le baill foirne ón Ard‑Stiúrthóireacht a bhfuil bainistíocht an bhirt faoina gcúram cheana agus/nó ar athshannadh a gcúraimí laistigh den Ard‑Stiúrthóireacht, mar aon le haon leithdháileadh breise a d’fhéadfaí a thabhairt don Ard‑Stiúrthóireacht atá i mbun bainistíochta faoi chuimsiú an nós imeachta maidir le leithdháileadh bliantúil i bhfianaise na srianta buiséadacha.

Tuairisc ar na cúraimí a bheidh le cur i gcrích:

Oifigigh agus pearsanra sealadach

Soláthrófar na hacmhainní daonna is gá le baill foirne ón Ard‑Stiúrthóireacht a bhfuil bainistíocht an bhirt faoina gcúram cheana agus/nó ar athshannadh a gcúraimí laistigh den Ard‑Stiúrthóireacht, mar aon le haon leithdháileadh breise a d’fhéadfaí a thabhairt don Ard‑Stiúrthóireacht atá i mbun bainistíochta faoi chuimsiú an nós imeachta maidir le leithdháileadh bliantúil i bhfianaise na srianta buiséadacha.

Ar na cúraimí atá le déanamh, áirítear an méid seo a leanas:

- bainistíocht ar dheontais a bhaineann leis an tionscnamh

- bailíochtú ar shonraí

- tacaíocht agus obair mhodheolaíoch

- anailís ar thuarascálacha

- sonraí a scaipeadh

Pearsanra seachtrach

3.2.4.Comhoiriúnacht don chreat airgeadais ilbhliantúil reatha 

Leis an togra/tionscnamh seo:

   is féidir an tionscnamh a mhaoiniú ina iomláine trí athshannadh laistigh den cheannteideal ábhartha den Chreat Airgeadais Ilbhliantúil (CAI).

Mínigh an cineál athchláraithe a bhfuil gá leis, agus sonraigh na línte buiséid lena mbaineann agus na méideanna comhfhreagracha. Cuir tábla Excel ar fáil i gcás mór-athchláraithe.

   is gá an corrlach gan leithdháileadh faoin gceannteideal ábhartha de CAI a úsáid agus/nó na hionstraimí speisialta a shainítear sa Rialachán maidir le CAI a úsáid.

Mínigh an méid a bhfuil gá leis, agus sonraigh na ceannteidil agus na línte buiséid lena mbaineann, na méideanna comhfhreagracha agus na hionstraimí atá beartaithe a úsáid.

   is gá athbhreithniú ar CAI.

Mínigh an méid a bhfuil gá leis, agus sonraigh na ceannteidil agus na línte buiséid lena mbaineann agus na méideanna comhfhreagracha.

3.2.5.Ranníocaíochtaí ó thríú páirtithe 

Leis an togra/tionscnamh seo:

   ní dhéantar foráil maidir le cómhaoiniú le tríú páirtithe

   déantar foráil maidir leis an gcómhaoiniú le tríú páirtithe atá réamh‑mheasta thíos:

Leithreasuithe in EUR milliúin (go dtí an tríú deachúil)

Bliain 
N 25

Bliain 
N+1

Bliain 
N+2

Bliain 
N+3

Cuir isteach an oiread blianta agus is gá le fad an tionchair a thaispeáint (féach pointe 1.6)

Iomlán

Sonraigh an comhlacht cómhaoinithe 

IOMLÁN na leithreasuithe cómhaoinithe

3.3.An tionchar a mheastar a bheidh ar ioncam 

   Ní bheidh tionchar airgeadais ar bith ag an togra ar ioncam.

   Beidh an tionchar airgeadais seo a leanas ag an togra/tionscnamh:

   ar acmhainní dílse

   ar ioncam eile

má tá an t‑ioncam sannta do línte caiteachais, sonraigh sin    

EUR milliúin (go dtí an tríú deachúil)

Líne buiséid ioncaim:

Leithreasuithe atá ar fáil don bhliain airgeadais reatha

Tionchar an togra/tionscnaimh 26

Bliain 
N

Bliain 
N+1

Bliain 
N+2

Bliain 
N+3

Cuir isteach an oiread blianta agus is gá le fad an tionchair a thaispeáint (féach pointe 1.6)

Airteagal ….

I gcás ioncam sannta, sonraigh na línte buiséid a n‑imrítear tionchar orthu.

Neamhbhainteach

Aon rud eile (e.g. an modh nó an fhoirmle a úsáideadh chun an tionchar ar ioncam a ríomh nó aon fhaisnéis eile).

Neamhbhainteach

(1)    Rialachán (AE) 2018/1091 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Iúil 2018 maidir le staidreamh comhtháite feirme agus lena n‑aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1166/2008 agus Rialachán (AE) Uimh. 1337/2011 (IO L 200, 7.8.2018, lch. 1).
(2)

   Rialachán (AE, Euratom) 2020/2093 ón gComhairle an 17 Nollaig 2020 lena leagtar síos an creat airgeadais ilbhliantúil do na blianta 2021 go 2027 (IO L 433I, 22.12.2020, lch. 11).

(3)

   Rialachán (AE) 2021/690 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 28 Aibreán 2021 lena mbunaítear clár don mhargadh inmheánach, don iomaíochas fiontar, lena n‑áirítear fiontair bheaga agus mheánmhéide, don réimse plandaí, ainmhithe, bia agus beatha, agus don staidreamh Eorpach (Clár an Mhargaidh Aonair) agus lena n‑aisghairtear Rialacháin (AE) Uimh. 99/2013, (AE) Uimh. 1287/2013, (AE) Uimh. 254/2014 agus (AE) Uimh. 652/2014. (IO L 153, 3.5.2021, lch. 1).

(4)    Rialachán (CE) Uimh. 223/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Márta 2009 maidir le staidreamh Eorpach agus lena n‑aisghairtear Rialachán (CE, Euratom) Uimh. 1101/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le tarchur sonraí atá faoi réir rúndachta staidrimh chuig Oifig Staidrimh na gComhphobal Eorpach, Rialachán (CE) Uimh. 322/97 ón gComhairle maidir le Staidreamh Comhphobail, agus Cinneadh 89/382/CEE, Euratom ón gComhairle lena mbunaítear Coiste um Chláir Staidrimh na gComhphobal Eorpach (IO L 87, 31.3.2009, lch. 164–173).
(5)    Leathanach gréasáin Eurostat le haghaidh comhairliúcháin phoiblí: http://ec.europa.eu/eurostat/about/opportunities/consultations/eass    Tuarascáil ar an gcomhairliúchán poiblí oscailte:     http://ec.europa.eu/eurostat/documents/10186/6937766/Agricultural-Statistics‑Strategy-2020-Report.docx .
(6)     Impact assessment , Impact assessment summary , Regulatory Scrutiny Board Opinion
(7)

   Rialachán (AE) 2018/1091 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Iúil 2018 maidir le staidreamh comhtháite feirme agus lena n‑aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1166/2008 agus Rialachán (AE) Uimh. 1337/2011 (IO L 200, 7.8.2018, lch. 1).

(8)

   Rialachán (AE, Euratom) 2020/2093 ón gComhairle an 17 Nollaig 2020 lena leagtar síos an creat airgeadais ilbhliantúil do na blianta 2021 go 2027 (IO L 433I, 22.12.2020, lch. 11).

(9)    Rialachán (CE) Uimh. 223/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Márta 2009 maidir le staidreamh Eorpach agus lena n‑aisghairtear Rialachán (CE, Euratom) Uimh. 1101/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le tarchur sonraí atá faoi réir rúndachta staidrimh chuig Oifig Staidrimh na gComhphobal Eorpach, Rialachán (CE) Uimh. 322/97 ón gComhairle maidir le Staidreamh Comhphobail, agus Cinneadh 89/382/CEE, Euratom ón gComhairle lena mbunaítear Coiste um Chláir Staidrimh na gComhphobal Eorpach (IO L 87, 31.3.2009, lch. 164).
(10)    Faoi mar a thagraítear dó in Airteagal 58(2)(a) nó (b) den Rialachán Airgeadais.
(11)    Is féidir teacht ar mhionsonraí ar na modhanna bainistíochta agus ar thagairtí don Rialachán Airgeadais ar shuíomh gréasáin BudgWeb: https://myintracomm.ec.europa.eu/budgweb/EN/man/budgmanag/Pages/budgmanag.aspx  
(12)    LD = Leithreasuithe difreáilte / LN = Leithreasuithe neamhdhifreáilte.
(13)    CSTE: Comhlachas Saorthrádála na hEorpa.
(14)    Tíortha is iarrthóirí agus, nuair is iomchuí, tíortha ó na Balcáin Thiar a d’fhéadfadh a bheith ina n‑iarrthóirí.
(15)    Is í bliain N an bhliain a chuirfear tús le cur chun feidhme an togra/tionscnaimh. Is gá an chéad bhliain cur chun feidhme a mheastar a bheidh ann a chur in ionad ‘N’ (mar shampla: 2021). Is gá an rud céanna a dhéanamh i gcás na mblianta eile.
(16)    De réir ainmníocht oifigiúil an bhuiséid.
(17)    Cúnamh agus caiteachas teicniúil agus/nó riaracháin ar mhaithe le cláir agus/nó bearta de chuid an Aontais (seanlínte ‘BA’) a chur chun feidhme, taighde indíreach, taighde díreach.
(18)    Is í bliain N an bhliain a chuirfear tús le cur chun feidhme an togra/tionscnaimh. Is gá an chéad bhliain cur chun feidhme a mheastar a bheidh ann a chur in ionad ‘N’ (mar shampla: 2021). Is gá an rud céanna a dhéanamh i gcás na mblianta eile.
(19)    Is ionann aschuir agus táirgí agus seirbhísí atá le soláthar (e.g.: líon na malartuithe mac léinn a fhaigheann maoiniú, an líon km de bhóithre a rinneadh, etc.).
(20)    Mar a thuairiscítear i bpointe 1.4.2. ‘Cuspóirí sonracha...’
(21)    Is í bliain N an bhliain a chuirfear tús le cur chun feidhme an togra/tionscnaimh. Is gá an chéad bhliain cur chun feidhme a mheastar a bheidh ann a chur in ionad ‘N’ (mar shampla: 2021). Is gá an rud céanna a dhéanamh i gcás na mblianta eile.
(22)    Cúnamh agus caiteachas teicniúil agus/nó riaracháin ar mhaithe le cláir agus/nó bearta de chuid an Aontais (seanlínte ‘BA’) a chur chun feidhme, taighde indíreach, taighde díreach.
(23)    AC = Ball Foirne ar Conradh; AL = Ball Foirne Áitiúil; END = Saineolaí Náisiúnta ar Iasacht; INT= ball foirne gníomhaireachta; JPD = Saineolaithe Sóisearacha i dToscaireachtaí.
(24)    Fo-uasteorainn d’fhoireann sheachtrach arna cumhdach ag leithreasuithe faoi chomhair oibríochtaí (na seanlínte ‘BA’).
(25)    Is í bliain N an bhliain a chuirfear tús le cur chun feidhme an togra/tionscnaimh. Is gá an chéad bhliain cur chun feidhme a mheastar a bheidh ann a chur in ionad ‘N’ (mar shampla: 2021). Is gá an rud céanna a dhéanamh i gcás na mblianta eile.
(26)    Maidir le hacmhainní dílse traidisiúnta (dleachtanna talmhaíochta, tobhaigh siúcra), ní mór na méideanna a luaitear a bheith ina nglanmhéideanna, i.e. méideanna comhlána agus 20 % de na costais bhailiúcháin a bheith bainte astu.