An Bhruiséil,20.7.2021

COM(2021) 422 final

2021/0241(COD)

Togra le haghaidh

RIALACHÁN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

maidir le faisnéis a ghabhann le haistrithe cistí, agus le criptea-shócmhainní áirithe (athmhúnlú)

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

{SWD(2021) 190, 191}
{SEC(2021) 391}


MEABHRÁN MÍNIÚCHÁIN

1.COMHTHÉACS AN TOGRA

·Forais agus cuspóirí an togra

Tá sciúradh airgid agus maoiniú sceimhlitheoireachta ina mbagairt thromchúiseach ar shláine gheilleagar agus chóras airgeadais an Aontais agus ar shlándáil na saoránach. Maidir le thart ar 1 % d’Olltáirgeacht Intíre Bhliantúil an Aontais, mheas Europol gur ‘braitheadh go bhfuil baint aige le gníomhaíocht airgeadais amhrastach’ 1 . I mí Iúil 2019, tar éis roinnt cásanna suntasacha de sciúradh airgid líomhnaithe lena mbaineann institiúidí creidmheasa san Aontas, ghlac an Coimisiún pacáiste 2 lena ndéantar anailís ar éifeachtacht chóras an Aontais maidir le Frithsciúradh Airgid/Maoiniú Sceimhlitheoireachta a chomhrac (AML/CFT) faoi mar a bhí an tráth sin, agus tháinig sé ar an gconclúid go raibh gá le hathruithe. Sa chomhthéacs sin, chuir Straitéis an Aontais Eorpaigh um an Aontas Slándála 3 le haghaidh 2020-2025 i dtábhacht go raibh gá le creat an Aontais a fheabhsú maidir le frithsciúradh airgid agus maoiniú sceimhlitheoireachta a chomhrac chun muintir na hEorpa a chosaint ar sceimhlitheoireacht agus coireacht eagraithe.

An 7 Bealtaine 2020, chuir an Coimisiún Plean Gníomhaíochta i láthair le haghaidh beartas cuimsitheach de chuid an Aontais maidir le sciúradh airgid agus maoiniú sceimhlitheoireachta a chosc 4 . Sa Phlean Gníomhaíochta sin, gheall an Coimisiún bearta a dhéanamh chun rialacha an Aontais maidir le sciúradh airgid agus maoiniú sceimhlitheoireachta a chomhrac agus a gcur chun feidhme a neartú, plean ina bhfuil sé thosaíocht nó sé cholún:

1.Cur chun feidhme éifeachtach an chreata AML/CFT ón Aontas atá ann cheana a áirithiú,

2.Leabhar rialacha aonair ón Aontas maidir le AML/CFT a bhunú,

3.Maoirseacht AML/CFT ar leibhéal an Aontais a thabhairt i gcrích,

4.Sásra um thacaíocht agus comhar a bhunú le haghaidh Aonaid Faisnéise Airgeadais (AFAnna),

5.Forálacha dlí choiriúil agus malartú faisnéise a fhorfheidhmiú ar leibhéal an Aontais,

6.Gné idirnáisiúnta chreat AML/CFT ón Aontas a neartú.

Cé go bhfuil colúin 1, 5 agus 6 den Phlean Gníomhaíochta á gcur chun feidhme, tá gá le gníomhaíocht reachtach i gcás na gceann eile. Tá an togra seo le haghaidh Rialachán AE 2015/847 mar chuid de phacáiste AML/CFT de cheithre thogra reachtacha agus meastar gur iomlán comhleanúnach amháin iad sin, agus Plean Gníomhaíochta an Choimisiúin an 7 Bealtaine 2020 á chur chun feidhme, lena gcruthaítear creat rialála agus institiúideach AML/CFT nua atá níos comhleanúnaí laistigh den Aontas. Cuimsítear an méid seo a leanas leis an bpacáiste:

togra le haghaidh Rialachán maidir le cosc a chur le húsáid an chórais airgeadais chun críoch sciúrtha airgid (ML) nó maoinithe sceimhlitheoireachta (TF) 5 ;

togra le haghaidh Treoir 6 lena mbunaítear na sásraí ar cheart do na Ballstáit iad a chur i bhfeidhm chun úsáid an chórais airgeadais chun críoch ML/TF a chosc, agus lena n‑aisghairtear Treoir (AE) 2015/849 7 ;

togra le haghaidh Rialachán lena gcruthaítear Údarás um Fhrithsciúradh Airgid (ÚFA) de chuid an Aontais Eorpaigh 8 , agus

an togra seo le haghaidh athmhúnlú Rialachán (AE) 2015/847 lena leathnaítear ceanglais inrianaitheachta chuig criptea-shócmhainní.

Leis an togra reachtach atá ann faoi láthair, i dteannta an togra le haghaidh Treoir lena mbunaítear na sásraí ar cheart do na Ballstáit iad a chur i bhfeidhm chun úsáid an chórais airgeadais a chos chun críoch sciúrtha airgid nó maoinithe sceimhlitheoireachta, agus lena n‑aisghairtear Treoir (AE) 2015/849 agus an togra le haghaidh Rialachán maidir le cosc a chur ar úsáid an chórais airgeadais chun críoch sciúrtha airgid agus maoinithe sceimhlitheoirí 9 , comhlíontar an cuspóir a bhaineann le leabhar rialacha aonair ón Aontas a bhunú (colún 2).

Thacaigh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle araon leis an bplean a leag an Coimisiún amach i bPlean Gníomhaíochta Bealtaine 2020. Ina rún an 10 Iúil 2020, d’iarr Parlaimint na hEorpa go neartófaí rialacha an Aontais agus d’fháiltigh sí roimh phleananna chun ollchóiriú a dhéanamh ar chur ar bun institiúideach AML/CFT an Aontais 10 . An 4 Samhain 2020, ghlac Comhairle ECOFIN conclúidí lena dtacaítear le gach ceann de cholúin Phlean Gníomhaíochta an Choimisiúin 11 .

Maidir leis an ngá atá le rialacha comhchuibhithe a bheith ann ar fud an mhargaidh inmheánaigh, comhthacaítear leis an ngá sin leis an bhfianaise a thugtar i dtuarascálacha 2019 arna n‑eisiúint ag an gCoimisiún. Cé gur sainaithníodh sna tuarascálacha sin gur ceanglais fhorleathana atá i gceanglais Threoir (AE) 2015/849 12 , sainaithníodh go raibh ilroinnt ina gcur i bhfeidhm mar aon le línte náisiúnta agus léirmhínithe éagsúla mar thoradh ar a easpa infheidhmeachta dhírigh agus gráinneachta. Leis an staid sin, ní féidir déileáil go héifeachtach le cásanna trasteorann agus dá bhrí sin, níl siad oiriúnach don mhargadh inmheánach a chosaint go leordhóthanach. Gintear leis freisin costais bhreise agus ualaí breise d’oibreoirí a sholáthraíonn seirbhísí trasteorann agus is cúis é le harbatráiste rialála.

Chun an úsáid a d’fhéadfaí a bhaint astu le haghaidh sciúradh airgid agus maoiniú sceimhlitheoireachta a chosc, a bhrath agus a imscrúdú, glacadh Rialachán (AE) 2015/847 13 chun inrianaitheacht iomlán aistrithe cistí a áirithiú, lena n‑áirithítear tarchur na faisnéise feadh an tslabhra íocaíochta, trí fhoráil a dhéanamh maidir le córas lena bhforchuirtear an oibleagáid ar sholáthraithe seirbhíse íocaíochta faisnéis go ngabhfadh faisnéis faoin íocóir agus faoin íocaí le haistrithe cistí. Mar sin féin, níl feidhm ag Rialachán (AE) 2015/847 faoi láthair ach amháin maidir le cistí a aistriú, a shainmhínítear mar ‘nótaí bainc agus monaí, airgead scríbhinne agus airgead leictreonach’ i bpointe (25) d’Airteagal 4 de Threoir 2015/2366 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 14 , agus níl feidhm aige maidir leis na haistrithe sócmhainní fíorúla. Go deimhin, níor glacadh caighdeáin nua idirnáisiúnta go dtí 2018 chun ceanglas a thabhairt isteach maidir le comhroinnt faisnéise in aistrithe sócmhainní fíorúla ar den chineál céanna iad agus na cinn atá ann cheana maidir le comhroinnt faisnéise in aistrithe cistí.

Go dtí seo, fágadh aistrithe sócmhainní fíorúla lasmuigh de raon feidhme reachtaíocht an Aontais maidir le seirbhísí airgeadais, rud a d’fhág go raibh sealbhóirí criptea-shócmhainní neamhchosanta ar rioscaí sciúrtha airgid agus maoinithe sceimhlitheoireachta, toisc gur féidir sreafaí airgid neamhdhleathaigh a dhéanamh trí aistrithe criptea-shócmhainní agus is féidir leo dochar a dhéanamh do shláine, do chobhsaíocht agus do chlú na hearnála airgeadais agus a bheith ina mbagairt ar mhargadh inmheánach an Aontais agus ar an bhforbairt idirnáisiúnta ar aistrithe criptea-shócmhainní. Tá sciúradh airgid, maoiniú sceimhlitheoireachta agus coireacht eagraithe ina bhfadhbanna móra fós ar ceart aghaidh a thabhairt orthu ar leibhéal an Aontais.

Ós rud é go bhfuil aistrithe sócmhainní fíorúla faoi réir rioscaí comhchosúla sciúrtha airgid agus maoinithe sceimhlitheoireachta agus a bhaineann le haistrithe cistí de dhroim sreinge, ní mór iad a bheith faoi réir ceanglais den chineál céanna agus dealraíonn sé, dá bhrí sin, go bhfuil sé loighciúil an ionstraim reachtach chéanna a úsáid chun dul i ngleic leis na saincheisteanna coitianta sin. Dá bhrí sin, ní mór Rialachán (AE) 2015/847 a chomhlánú anois chun aistrithe sócmhainní fíorúla a chumhdach go leordhóthanach. Ó tharla go bhfuil tuilleadh leasuithe suntasacha le déanamh chun an sprioc sin a bhaint amach, ba cheart Rialachán (AE) a athmhúnlú ar mhaithe lena shoiléireacht a choinneáil.

·Comhsheasmhacht le forálacha atá sa réimse beartais cheana

Is é Rialachán (AE) 2015/847 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Bealtaine 2015 atá ann cheana maidir le faisnéis a ghabhann le haistrithe cistí agus lena n‑aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1781/2006 (IO L 141, 5.6.2015, lch. 1) túsphointe an togra seo 15 . Ní mór an togra seo agus na tograí reachtacha eile a ghabhann leis a mheas mar chuid de phacáiste atá go hiomlán comhsheasmhach le chéile. Tá an togra seo comhsheasmhach leis na leasuithe is déanaí ar mholtaí an Tascfhórsa um Ghníomhaíocht Airgeadais (FATF), agus go háirithe maidir le leathnú amach raon feidhme na n‑eintiteas atá faoi réir cheanglais AML/CFT chun soláthraithe seirbhíse criptea-sócmhainní agus maolú rioscaí a eascraíonn as a gcuid gníomhaíochtaí a áireamh. Dá bhrí sin, tá dualgas ar Sholáthraithe Seirbhísí Íocaíochta (SSInna) a bhfuil baint acu le cistí a aistriú le roinnt blianta anuas faisnéis faoi sheoltóir agus faoi thairbhí gach aistrithe a chur in éineacht lena n‑aistrithe agus an fhaisnéis sin a choinneáil lena cur ar fáil do na húdaráis inniúla. Tagraítear go minic do na dualgais roinnte faisnéise sin go hidirnáisiúnta i gcomhthéacs na n‑aistrithe de dhroim sreinge mar an‘riail taistil’, a cuireadh i bhfeidhm laistigh de dhlí an Aontais trí Rialachán (AE) 2015/847. Le blianta beaga anuas, de dhroim ar na hábhair imní atá ag dul i méid maidir le rioscaí sciúrtha airgid agus maoinithe sceimhlitheoireachta a bhaineann le sócmhainní fíorúla, bhí ar na comhlachtaí a leagann síos na caighdeáin idirnáisiúnta agus go háirithe FATF cinneadh a dhéanamh maidir leis an gcóras trédhearcachta a forbraíodh i gcomhair soláthraithe seirbhísí íocaíochta chun cistí a aistriú chuig Soláthraithe Seirbhíse Sócmhainní Fíorúla a phróiseálann aistrithe sócmhainní fíorúla a ailíniú 16 . Is é is aidhm don togra atá ann faoi láthair na ceanglais nua sin ar soláthraithe seirbhísí sócmhainní fíorúla a thabhairt isteach i ndlí an Aontais, trí fhoráil a dhéanamh maidir leis na gníomhairí sin sonraí a bhaineann le tionscnóirí agus tairbhithe na n‑aistrithe fíorúla agus criptea-shócmhainní a oibríonn siad a bhailiú agus a chur ar fáil.

Chuige sin, leis an togra seo leasaítear Rialachán (AE) 2015/847 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Bealtaine 2015 maidir le faisnéis a ghabhann le haistrithe cistí, lena ndéantar na ceanglais faisnéise a bhfuil feidhm acu maidir le haistrithe de dhroim sreinge a leathnú chun criptea-shócmhainní a chumhdach, agus na coigeartuithe riachtanacha is gá de thoradh na ndifríochtaí i roinnt dá ngnéithe san áireamh.

Chun comhleanúnachas chreat dlíthiúil an Aontais Eorpaigh a áirithiú, bainfidh an Rialachán seo úsáid as na sainmhínithe ar ‘criptea-shócmhainní’ agus ar ‘soláthraithe seirbhísí criptea-shócmhainní’ a leagtar síos sa togra ón gCoimisiún le haghaidh Rialachán maidir le Margaí Criptea-Shócmhainní 17 [cuir isteach an tagairt – togra le haghaidh Rialachán maidir le Margaí Criptea-Shócmhainní, agus lena leasaítear Treoir (AE) 2019/1937-COM/2020/593 final]. Comhfhreagraíonn an sainmhíniú ar ‘criptea-shócmhainní’ a úsáidtear sa togra seo freisin don sainmhíniú ar ‘sócmhainní fíorúla’ a leagtar amach i moltaí an Tascfhórsa um Ghníomhaíocht Airgeadais (FATF), agus cuimsítear leis an liosta seirbhísí criptea-shócmhainní agus soláthraithe seirbhísí criptea-shócmhainní a chumhdaítear sa togra seo freisin na soláthraithe seirbhísí sócmhainní fíorúla atá sainaitheanta mar sin ag FATF agus is dócha a ardóidh ábhar imní maidir le sciúradh airgid.

·Comhsheasmhacht le beartais eile de chuid an Aontais

I dteannta Rialachán (AE) 2015/847 a leasú, tá an togra seo comhsheasmhach le reachtaíocht eile de chuid an Aontais maidir le híocaíochtaí agus aistrithe cistí (an Treoir maidir le Seirbhísí Íocaíochta, an Treoir maidir le Cuntais Íocaíochta, an Treoir um Airgead Leictreonach 18 ). Comhlánaítear leis sin an pacáiste airgeadais dhigitigh ón gCoimisiún an 24 Meán Fómhair 19 agus áiritheofar leis comhsheasmhacht iomlán idir creat an Aontais agus caighdeáin FATF.

Luadh i Straitéis an Aontais Eorpaigh um an Aontas Slándála i mí Iúil 2020 go dtacódh an Coimisiún le saineolas agus creat reachtach a fhorbairt i rioscaí atá ag teacht chun cinn, amhail criptea-shócmhainní agus córais íocaíochta nua. Go háirithe, breathnóidh an Coimisiún ar an bhfreagairt ar theacht chun cinn na gcriptea-shócmhainní, an bitcoin mar shampla, agus an tionchar a bheidh ag na teicneolaíochtaí nua sin ar an eisiúint agus ar an malartú, ar an roinnt agus ar an rochtain a dhéantar ar shócmhainní airgeadais.

2.BUNÚS DLÍ, COIMHDEACHT AGUS COMHRÉIREACHT

·Bunús dlí

Maidir leis an reachtaíocht lena leasaítear an reachtaíocht atá ann cheana, is tábhachtach freisin, chun a bunús dlí a shainaithint, an reachtaíocht atá ann cheana lena leasaítear í agus go háirithe a cuspóir agus a hinneachar a chur san áireamh 20 . Tá an togra seo le haghaidh Rialachán bunaithe ar Airteagal 114 CFAE, an bunús dlí céanna lena leasaítear Rialachán (AE) 2015/847 atá ann faoi láthair, agus is ionann é agus creat dlí AML/CFT AE 21 . I gcás ina bhfuil comhordú déanta cheana féin ar reachtaíocht na mBallstát i réimse beartais ar leith de chuid an Aontais le gníomh reachtach, ní féidir an fhéidearthacht a shéanadh ar reachtas an Aontais an gníomh sin a chur in oiriúint d’aon athrú in imthosca ná i bhforbairt eolais ag féachaint dá chúram a bhaineann leis na leasanna ginearálta a aithnítear sa Chonradh a chosaint agus cuspóirí uileghabhálacha an Aontais Eorpaigh a leagtar síos in Airteagal 9 den Chonradh sin a chur san áireamh 22 . Go deimhin, i gcás den sórt sin, ní féidir le reachtas an Aontais Eorpaigh an cúram atá air a chur i gcrích i gceart, eadhon na leasanna ginearálta agus na cuspóirí uileghabhálacha sin de chuid an Aontais Eorpaigh a aithnítear sa Chonradh a chosaint, ach amháin más féidir leis an reachtas reachtaíocht ábhartha an Aontais a oiriúnú chun athruithe nó dul chun cinn den sórt sin a chur san áireamh 23 . Tá Airteagal 114 iomchuí go fóill chun leasú a dhéanamh ar reachtaíocht maidir le AML/CFT a oiriúnú d’athruithe in imthosca agus i bhforbairt taithí amhail teacht chun cinn agus úsáid sócmhainní criptea-shócmhainní atá ag méadú i bhfianaise na bagartha suntasaí leanúnaí arb ann di le haghaidh an mhargaidh inmheánaigh mar gheall ar sciúradh airgid agus maoiniú sceimhlitheoireachta, agus na caillteanais eacnamaíocha agus an suaitheadh ar an leibhéal trasteorann is féidir a chruthú dá dheasca sin.

·Coimhdeacht

Le pacáiste AML 2019 ón gCoimisiún 24 cuireadh i dtábhacht an bealach a bhí coirpigh in ann teacht i dtír ar na difríochtaí atá ann i measc chórais AML/CFT de chuid na mBallstát. Fágann an cineál trasteorann a bhaineann le cuid mhór sciúradh airgid agus maoiniú sceimhlitheoireachta (ML/TF) go bhfuil an dea-chomhar idir maoirseoirí náisiúnta agus AFAnna fíor-riachtanach chun na coireanna sin a chosc. Tá gníomhaíochtaí trasteorann ag roinnt eintiteas atá faoi réir oibleagáidí AML, agus de dheasca cineálacha cur chuige éagsúla maoirseoirí náisiúnta agus AFAnna cuirtear bac orthu na cleachtais AML/CFT is fearr a bhaint amach ar leibhéal an ghrúpa. Go háirithe, ní féidir aistrithe trasteorann cistí agus luachanna idir Ballstáit an Aontais a rialáil go héifeachtach ach ar leibhéal an Aontais.

Tagann aistrithe sócmhainní fíorúla lasmuigh de raon feidhme reachtaíocht an Aontais maidir le seirbhísí airgeadais. Toisc nach ann do rialacha den sórt sin, fágtar sealbhóirí criptea-shócmhainní neamhchosanta ar rioscaí sciúrtha airgid agus maoinithe sceimhlitheoireachta, toisc gur féidir sreafaí airgid neamhdhleathaigh a dhéanamh trí aistrithe criptea-shócmhainní agus is féidir leo dochar a dhéanamh do shláine, do chobhsaíocht agus do chlú na hearnála airgeadais agus a bheith ina mbagairt ar mhargadh inmheánach an Aontais agus ar an bhforbairt idirnáisiúnta ar aistrithe criptea-shócmhainní. Tá sciúradh airgid, maoiniú sceimhlitheoireachta agus coireacht eagraithe ina bhfadhbanna móra fós ar ceart aghaidh a thabhairt orthu ar leibhéal an Aontais.

Ós rud é nach féidir leis na Ballstáit cuspóirí an Rialacháin seo a ghnóthú go leordhóthanach agus, de bharr fhairsinge nó iarmhairtí na gníomhaíochta, gur fearr is féidir iad a ghnóthú ar leibhéal an Aontais, féadfaidh an tAontas bearta a ghlacadh i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta mar a leagtar amach in Airteagal 5 den Chonradh ar an Aontas Eorpach (CAE).

·Comhréireacht

Mar gheall ar an gcineál trasteorann a bhaineann le ML/TF ceanglaítear cur chuige comhleanúnach agus comhordaithe ar fud na mBallstát bunaithe ar thacar aonair rialacha i bhfoirm leabhair rialacha aonair. Dá bhrí sin, níl rialacha an Aontais Eorpaigh go hiomlán comhsheasmhach leis na caighdeáin idirnáisiúnta is déanaí, atá tagtha chun cinn ó rinneadh an leasú is déanaí ar an Treoir maidir leis an Sciúradh Airgid, toisc nach gcumhdaítear leo inrianaitheacht aistrithe sócmhainní fíorúla agus na hoibleagáidí comhroinnte faisnéise idir soláthraithe seirbhíse criptea-shócmhainní, mar níl feidhm ag rialacha an Aontais atá ann faoi láthair, mar a leagtar síos i Rialachán (AE) 2015/847, ach amháin maidir le haistrithe de dhroim sreinge lena mbaineann cistí mar a shainmhínítear i bpointe (25) d’Airteagal 4 de Threoir (AE) 2015/2366. Sa tuairim chomhpháirteach 25 a thug údaráis mhaoirseachta an Aontais Eorpaigh le déanaí, sainaithníodh tosca sonracha méadaithe riosca i ndáil le samhlacha agus táirgí nua gnó (i.e. teicneolaíocht airgeadais) agus tá soláthar táirgí agus seirbhísí airgeadais neamhrialáilte nach dtagann faoi raon feidhme reachtaíocht AML/CFT ar an gcéad cheann díobh sin. I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta, a leagtar amach in Airteagal 5 den Chonradh ar an Aontas Eorpach (CAE), ní théann an Rialachán seo thar a bhfuil riachtanach chun na cuspóirí sin a bhaint amach.

·An rogha ionstraime

Glacadh rialacha an Aontais atá ann faoi láthair agus a leagtar síos i Rialachán (AE) 2015/847, chun a áirithiú go gcuirfí i bhfeidhm go haonfhoirmeach ar fud an Aontais na Caighdeáin Idirnáisiúnta maidir le Sciúradh Airgid agus maidir le Maoiniú Sceimhlitheoireachta agus Maoiniú Leata a Chomhrac, a ghlac FATF an 16 Feabhra 2012 (‘Moltaí athbhreithnithe de chuid FATF’), agus, go háirithe, Moladh 16 de chuid FATF maidir le haistrithe de dhroim sreinge (‘Moladh 16 de chuid FATF’), agus an nóta léirithe athbhreithnithe maidir lena chur chun feidhme a chur i bhfeidhm go haonfhoirmeach ar fud an Aontais. Níl feidhm ag na rialacha sin, áfach, ach amháin maidir le cistí (a shainmhínítear mar ‘nótaí bainc agus monaí, airgead scríbhinne agus airgead leictreonach’ i bpointe (25) d’Airteagal 4 de Threoir (AE) 2015/2366) nach n‑áirítear criptiú sócmhainní iontu, agus dá bhrí sin, ní mór iad a thabhairt chun críche go leordhóthanach anois.

Is ionstraim iomchuí é Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle chun an ‘riail taistil’ mar a thugtar uirthi i moladh 15 de chuid FATF a thabhairt isteach i ndlí an Aontais, lena gceanglaítear go ndéanfaidh soláthraithe seirbhísí criptea-shócmhainní an tionscnóra an fhaisnéis is gá agus atá cruinn faoi aistrithe criptea-shócmhainní an tionscnóra agus aistrithe criptea-shócmhainní an tairbhí a fháil agus a shealbhú ar thaobh amháin, agus an fhaisnéis thuasluaite sin a chur faoi bhráid soláthraí seirbhíse criptea-shócmhainní an tairbhí nó na hinstitiúide airgeadais (más ann dóibh) go láithreach agus ar bhealach slán agus í a chur ar fáil ar iarraidh ó na húdaráis iomchuí, (i) agus, ar an taobh eile, go ndéanfaidh soláthraithe seirbhísí criptea-shócmhainní an tairbhí an fhaisnéis faoin tionscnóir agus an fhaisnéis is gá agus atá cruinn faoi aistrithe sócmhainní criptea-shócmhainní an tairbhí a fháil agus a shealbhú agus í a chur ar fáil ar iarraidh ó na húdaráis iomchuí (ii). Is cuid de leabhar rialacha aonair an Rialachán seo lena leasaítear Rialachán (AE) 2015/847, atá infheidhme go díreach agus go láithreach, agus, dá réir sin, baintear an fhéidearthacht go mbeidh difríochtaí ina chur i bhfeidhm sna Ballstáit éagsúla de bharr éagsúlachtaí sa teicníc maidir le trasuí.

3.TORTHAÍ AR MHEASTÓIREACHTAÍ EX POST, AR CHOMHAIRLIÚCHÁIN LEIS NA PÁIRTITHE LEASMHARA AGUS AR MHEASÚNUITHE TIONCHAIR

·Meastóireachtaí ex post/seiceálacha oiriúnachta ar an reachtaíocht atá ann cheana

Ní dhearnadh meastóireacht ná seiceáil oiriúnachta go dtí seo ar Rialachán (AE) 2015/847. Mar sin féin, níor cheart an méid sin cosc a chur ar an gcomhtháthú tapa i gcreat an Aontais maidir le caighdeáin FATF.

Leis na caighdeáin nua a ghlac FATF i mí Dheireadh Fómhair 2018, tugadh isteach sainmhíniú nua ar ‘sócmhainn fhíorúil’, agus ar ‘soláthraithe seirbhíse sócmhainní fíorúla’ agus is gá dlí an Aontais a mhodhnú chun iad a chur chun feidhme. I Rialachán [cuir isteach an tagairt – togra le haghaidh Rialachán maidir le Margaí Criptea-Shócmhainní, agus lena leasaítear Treoir (AE) 2019/1937-COM/2020/593 final], tugtar sainmhíniú ar ‘seirbhís criptea-shócmhainní’ cheana féin, lena gcumhdaítear liosta seirbhísí agus gníomhaíochtaí a ghabhann le criptiú sócmhainní a léiríonn go leordhóthanach an tsraith iomlán gníomhaíochtaí a chumhdaítear le caighdeáin nua FATF; agus sainmhíniú ar ‘criptea-shócmhainn’, a shainmhínítear mar ‘léiriú digiteach ar luach nó ar chearta a fhéadfar a aistriú agus a stóráil go leictreonach, ag úsáid teicneolaíocht mórleabhar dáilte nó teicneolaíocht den chineál céanna’ agus ba cheart é a bheith ag comhfhreagairt don sainmhíniú ar ‘sócmhainní fíorúla’ freisin a leagtar amach i moltaí an Tascfhórsa um Ghníomhaíocht Airgeadais (FATF) 26 .

Is éard atá i gceist le hailíniú riachtanach eile le caighdeáin FATF na hoibleagáidí maidir le comhroinnt faisnéise atá sa nóta Léirithe a ghabhann le moladh 15 de chuid FATF (dá ngairtear an ‘riail taistil’) a thabhairt isteach i reachtaíocht an Aontais Eorpaigh, arb é is cuspóir don rialachán beartaithe atá ann faoi láthair. Mar a léirítear thuas, (féach ‘Comhsheasmhacht leis na forálacha atá sa réimse beartais cheana’) agus chun comhleanúnachas chreat dlíthiúil an Aontais Eorpaigh a áirithiú, bainfidh an Rialachán seo úsáid as na sainmhínithe ar ‘criptea-shócmhainní’ agus ar ‘soláthraithe seirbhísí criptea-shócmhainní’ atá i Rialachán [cuir isteach an tagairt – togra le haghaidh Rialachán maidir le Margaí Criptea-Shócmhainní, agus lena leasaítear Treoir (AE) 2019/1937-COM/2020/593 final].

·Comhairliúcháin leis na páirtithe leasmhara

Bhí an straitéis comhairliúcháin lena dtacaítear leis an bpacáiste a bhfuil an togra seo ina chuid de comhdhéanta de roinnt comhchodanna:

-Comhairliúchán maidir leis an treochlár lena bhfógraítear Plean Gníomhaíochta an Choimisiúin. Lean an comhairliúchán, ar thairseach an Choimisiúin, ‘Cloisimis uait’, ar aghaidh idir an 11 Feabhra agus an 12 Márta 2020, agus fuarthas 42 rannchuidiú ó réimse páirtithe leasmhara;

-Comhairliúchán poiblí maidir leis na gníomhaíochtaí a cuireadh ar aghaidh sa Phlean Gníomhaíochta, oscailte don phobal i gcoitinne agus do na grúpaí páirtithe leasmhara uile, a seoladh an 7 Bealtaine 2020, agus oscailte go dtí an 26 Lúnasa. Fuarthas 202 rannchuidiú oifigiúla sa chomhairliúchán;

-Comhairliúchán spriocdhírithe ar na Ballstáit agus údaráis AML/CFT inniúla. Bhí an deis ag na Ballstáit a dtuairimí a thabhairt i gcruinnithe éagsúla de chuid an tsainghrúpa um sciúradh airgid agus maoiniú sceimhlitheoireachta a chomhrac, agus thug AFAnna ón Aontas ionchur i gcruinnithe d’Ardán AFA agus trí pháipéir scríofa. Tacaíodh leis na pléití le comhairliúcháin spriocdhírithe de chuid na mBallstát agus údaráis inniúla, agus úsáid á baint as ceistneoirí;

-Iarraidh ar chomhairle ón Údarás Baincéireachta Eorpach, a rinneadh i mí an Mhárta 2020; sholáthar ÚBE a thuairim an 10 Meán Fómhair;

-An 23 Iúil 2020, d’eisigh MECS tuairim ar Phlean Gníomhaíochta an Choimisiúin;

-An 30 Meán Fómhair 2020, d’eagraigh an Coimisiún comhdháil ardleibhéil, lena dtugtar le chéile ionadaithe ó údaráis náisiúnta agus ón Aontas, FPEnna, ionadaithe ón earnáil phríobháideach agus ón tsochaí shibhialta agus an lucht acadúil.

Bhí ionchur na bpáirtithe leasmhara maidir leis an bPlean Gníomhaíochta dearfach den chuid is mó. Mar sin féin, mhaígh roinnt ionadaithe soláthraithe seirbhísí sócmhainní fíorúla de chuid an Aontais Eorpaigh 27 go bhféadfaí eisiamh gníomhaithe beaga ón margadh criptea-shócmhainní a bheith mar thoradh ar réiteach teicniúil caighdeánaithe atá domhanda, foinse oscailte agus ar fáil saor in aisce gan a bheith ann, agus nach mbeadh ach gníomhaithe tábhachtacha in ann na rialacha a chomhlíonadh. Ar an taobh eile, i gcás na n‑eintiteas faoi oibleagáid atá ag feidhmiú ar bhonn trasteorann agus atá faoi réir rialacha dlínse éagsúla faoi láthair, cruthaítear costais shuntasacha maidir le comhlíonadh de bharr na ndifríochtaí sin, agus dá bhrí sin, sna rialacha comhchuibhithe meántéarmacha bheadh coigilt costas i réimse an chomhlíonta, agus i gcás na n‑eintiteas nuachumhdaithe, maolófaí na costais bhreise.

·Bailiú agus úsáid saineolais

Agus an togra seo á ullmhú aige, bhí an Coimisiún ag brath ar fhianaise cháilíochtúil agus chainníochtúil a bailíodh ó fhoinsí aitheanta, lena n‑áirítear Tuarascáil ina raibh comhairle maidir le criptea-shócmhainní ó ÚBE a eisíodh an 9 Eanáir 2019 28 agus inar moladh don Choimisiún Eorpach na moltaí is déanaí de chuid FATF agus aon chaighdeáin nó treoir eile arna n‑eisiúint ag FATF a chur san áireamh mar chuid d’athbhreithniú iomlánaíoch ar an ngá, más ann dó, le gníomhaíocht ar leibhéal an Aontais Eorpaigh chun aghaidh a thabhairt ar na saincheisteanna a bhaineann le criptea-shócmhainní.

Ina theannta sin, fuarthas faisnéis ó na Ballstáit trí cheistneoirí maidir le rialacha AML a fhorfheidhmiú.

·Measúnú tionchair

Tá measúnú tionchair ag gabháil leis an togra seo 29 , rud a cuireadh faoi bhráid an Bhoird um Ghrinnscrúdú Rialála an 6 Samhain 2020 agus a formheasadh an 4 Nollaig 2020. Tá an measúnú tionchair céanna ag gabháil leis an dá thogra reachtacha eile freisin a chuirtear i láthair i bpacáiste in éineacht leis an togra atá ann faoi láthair, le Dréachtrialachán maidir le AML/CFT, agus le hathbhreithniú ar Threoir 2015/849 maidir le AML/CFT. Mhol an Bord um Ghrinnscrúdú Rialála feabhsuithe láithritheacha ar an measúnú tionchair ina thuairim dearfach; rinneadh iad sin.

Maidir le ‘riail taistil’ FATF a thabhairt isteach i ndlí an Aontais, is é conclúid an Mheasúnaithe Tionchair gurb é an rogha is éasca an rialachán maidir le haistriú cistí a mhodhnú chun aistrithe sócmhainní fíorúla a chuimsiú freisin. Leis an ‘riail taistil’ a chur chun feidhme, tugtar isteach ceanglais shonracha nua maidir le soláthraithe seirbhísí sócmhainní fíorúla atá nuachumhdaithe agus na cinn a chumhdaítear cheana féin le AMLD, lena gcuirtear de cheangal orthu an fhaisnéis is gá agus atá cruinn maidir le húsáideoirí aistrithe sócmhainní fíorúla a fháil, a shealbhú agus a roinnt agus an fhaisnéis sin a chur ar fáil ar iarraidh ó na húdaráis iomchuí 30 . Tá dúshláin theicniúla éagsúla ag baint leis na hoibleagáidí sonracha sin, toisc nach mór do sholáthraithe seirbhísí sócmhainní fíorúla réitigh agus prótacail theicneolaíocha a fhorbairt lena gceadófar an fhaisnéis sin a bhailiú agus a chomhroinnt eatarthu féin agus leis na húdaráis inniúla araon. Mar sin féin, níor cuireadh aon chostas measta beacht ar fáil agus ní mór a thabhairt ar aird go n‑eascróidh tairbhí nárbh fhurasta measúnú a dhéanamh orthu as an gceanglas seo ach an oiread: ós rud é gur tugadh isteach caighdeáin nua dhomhanda de chuid FATF nach mór a chur i bhfeidhm go comhuaineach i roinnt dlínsí ar fud an domhain, beidh sé níos éasca seirbhísí trasteorann a sholáthar.

·Oiriúnacht rialála agus simpliú

Cé gurb amhlaidh, mar a tugadh faoi deara thuas, nach ndearnadh aon mheastóireacht ex post ná seiceáil oiriúnachta fhoirmiúil ar an reachtaíocht AML/CFT atá ann cheana ón Aontas go fóill, is féidir roinnt pointí a dhéanamh maidir le heilimintí den togra lena simpleofar é a thuilleadh agus lena bhfeabhsófar an éifeachtúlacht. Chun aghaidh a thabhairt ar na bagairtí sciúrtha airgid agus maoinithe sceimhlitheoireachta a thagann ó chriptea-shócmhainní, tabharfar isteach leis an athmhúnlú atá beartaithe ar Rialachán (AE) 2015/847 oibleagáid maidir le soláthraithe seirbhísí criptea-shócmhainní atá faoi réir ceanglais maidir le sciúradh airgid agus maoiniú sceimhlitheoireachta a chomhrac i gcreat dlíthiúil an Aontais, sonraí a bhaineann le tionscnóirí agus tairbhithe na n‑aistrithe criptea-shócmhainní a oibríonn siad a bhailiú agus a chur ar fáil. Trí fhoráil a dhéanamh do rialacha comhchuibhithe atá infheidhme go díreach i Rialachán, áiritheofar leis an athmhúnlú atá beartaithe ar Rialachán (AE) 2015/847 go ndéanfaidh na soláthraithe seirbhíse criptea-shócmhainní uile a chumhdaítear le dlí an Aontais a gcuid dualgas roinnte faisnéise a chomhlíonadh ar bhealach comhchuibhithe, an gá atá le hobair thrasuí sna Ballstáit agus gnó a dhéanamh le haghaidh eintitis trasteorann san Aontas a éascú. Leis sin, ba cheart go ndéanfar an comhar idir maoirseoirí agus AFAnna a shimpliú freisin mar gheall ar an laghdú ar éagsúlachtaí idir a rialacha agus a gcleachtais. Déanfaidh na rialacha nua seo feabhas suntasach a chur ar an bhfaireachán ar sholáthraithe seirbhíse criptea-shócmhainní, agus, ar an leibhéal idirnáisiúnta, áiritheoidh siad go gcomhlíonfaidh an tAontas Eorpach agus a Bhallstáit na bearta ábhartha a iarrtar i Moltaí FATF.

·Cearta bunúsacha

Tá an tAontas Eorpach tiomanta do chaighdeáin arda cosanta a thabhairt do chearta bunúsacha. Faoi Airteagal 15 den Rialachán atá ann faoi láthair, tá próiseáil sonraí pearsanta faoin Rialachán seo faoi réir Rialachán (AE) Uimh. 2019/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 31 . Maidir le sonraí pearsanta a bhíonn an Coimisiún a phróiseáil nó ÚEM de bhun an Rialacháin seo, tá siad faoi réir Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 32 . Beidh feidhm ag an Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí 33 maidir le soláthraithe seirbhísí criptea-shócmhainní i ndáil leis na sonraí pearsanta a láimhseáiltear agus a cheanglaítear le haistrithe luachanna trasteorann trí úsáid a bhaint as sócmhainní fíorúla.

4.IMPLEACHTAÍ BUISÉADACHA

Níl aon impleachtaí buiséadacha ag an Rialachán seo.

5.EILIMINTÍ EILE

·Míniúchán mionsonraithe ar fhorálacha sonracha an togra

Ábhar

Leathnaítear leis an togra raon feidhme Rialachán 2015/847 chun aistrithe criptea-shócmhainní arna ndéanamh ag Soláthraithe Seirbhíse Criptea-Shócmhainní a chur san áireamh mar aon leis na forálacha atá ann faoi láthair maidir le cistí a aistriú. Is é is aidhm dó Moladh 15 an Tascfhórsa um Ghníomhaíocht Airgeadais (FATF) maidir le teicneolaíochtaí nua lena gcumhdaítear ‘sócmhainní fíorúla’ agus ‘soláthraithe seirbhíse sócmhainní fíorúla, agus go háirithe na hoibleagáidí faisnéise nua do sholáthraithe seirbhísí criptea-shócmhainní an tionscnóra agus an tairbhí ar an dá thaobh den aistriú criptea-shócmhainní (ar a dtugtar an ‘riail taistil’) a léiriú sna leasuithe i ndlí an Aontais a rinneadh i mí an Mheithimh 2019 34 .

Raon feidhme

Tá feidhm ag ceanglais an Rialacháin seo maidir le soláthraithe seirbhísí criptea-shócmhainní aon uair a bhfuil baint ag a n‑idirbhearta, bídís in airgeadra fiat nó i gcriptea-shócmhainn, leis na nithe seo a leanas: (a) aistriú de dhroim sreinge traidisiúnta, nó (b) aistriú criptea-shócmhainní idir soláthraí seirbhíse criptea-shócmhainní agus eintiteas faoi oibleagáid eile (e.g. idir dhá sholáthraí seirbhíse criptea-shócmhainní nó idir soláthraí seirbhíse criptea-shócmhainní agus eintiteas eile faoi oibleagáid, amhail banc nó foras airgeadais eile). Maidir le hidirbhearta a bhaineann le haistrithe criptea-shócmhainní, láimhseáiltear gach aistriú criptea-shócmhainní leis na ceanglais chéanna a bhaineann le haistrithe de dhroim sreinge trasteorann, i gcomhréir le Nóta Léirithe de chuid FATF a ghabhann le Moladh 16, seachas aistrithe de dhroim sreinge intíre, i bhfianaise na rioscaí a bhaineann le gníomhaíochtaí criptea-shócmhainní agus oibríochtaí soláthraithe seirbhíse criptea-shócmhainní.

Cineál na n-oibleagáidí ar sholáthraithe seirbhísí criptea-shócmhainní

Ní mór do sholáthraí seirbhíse criptea-shócmhainní an tionscnóra a áirithiú go bhfuil ainm an tionscnóra agus uimhir chuntais an tionscnóra ag gabháil leis na haistrithe criptea-shócmhainní, i gcás inarb ann do chuntas den sórt sin agus go n‑úsáidtear iad chun an t‑idirbheart a phróiseáil; agus seoladh, uimhir dhoiciméad phearsanta oifigiúil, uimhir aitheantais chustaiméara, nó áit bhreithe agus dáta breithe an tionscnóra; ní mór do sholáthraí seirbhíse criptea-shócmhainní an tionscnóra a áirithiú go bhfuil ainm an tairbhí agus uimhir chuntais an tairbhí ag gabháil leis na haistrithe criptea-shócmhainní, i gcás inarb ann do chuntas den sórt sin agus go n‑úsáidtear iad chun an t‑idirbheart a phróiseáil.

Ní mór do sholáthraí seirbhíse criptea-shócmhainní an tairbhí nósanna imeachta éifeachtacha a chur chun feidhme chun a bhrath an bhfuil an fhaisnéis faoin tionscnóir nó faoin tairbhí san áireamh nó an eascraíonn an fhaisnéis as an aistriú criptea-shócmhainní. Ní mór do sholáthraí seirbhíse criptea-shócmhainní an tairbhí nósanna imeachta éifeachtacha a chur chun feidhme, lena n‑áirítear, nuair is iomchuí, faireachán ex-post nó faireachán fíor-ama, chun a bhrath an bhfuil an fhaisnéis a éilítear faoin tionscnóir nó faoin tairbhí ar iarraidh:

Forálacha Críochnaitheacha

Tiocfaidh an Rialachán i bhfeidhm an fichiú lá tar éis a fhoilsithe san Iris Oifigiúil.

🡻 2015/847 (oiriúnaithe)

2021/0241 (COD)

Togra le haghaidh

RIALACHÁN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

maidir le faisnéis a ghabhann le haistrithe cistí,  agus le criptea-shócmhainní áirithe  agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) 1781/2006 (athmhúnlú)

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 114 de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Ag féachaint don tuairim ón mBanc Ceannais Eorpach 35 ,

Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa 36 ,

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach,

De bharr an mhéid seo a leanas:

 nua

(1)Rinneadh Rialachán (AE)  2015/847 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 37 a leasú go substaintiúil 38 . Ós rud é go bhfuil tuilleadh leasuithe le déanamh ar an Rialachán, ba cheart é a athmhúnlú ar mhaithe le soiléireacht.

(2)Glacadh Rialachán (AE) 2015/847 chun a áirithiú go gcuirfí chun feidhme ceanglais an Tascfhórsa um Ghníomhaíocht Airgeadais (FATF) maidir le soláthraithe seirbhíse aistrithe de dhroim sreinge, agus go háirithe an oibleagáid ar sholáthraithe seirbhíse íocaíochta faisnéis faoin íocóir agus faoin íocaí a chur le haistrithe cistí, go haonfhoirmeach ar fud an Aontais. Na hathruithe is déanaí a tugadh isteach i mí an Mheithimh 2019 i gcaighdeáin FATF maidir le teicneolaíochtaí nua, a bhfuil sé d’aidhm acu  sócmhainní fíorúla agus soláthraithe seirbhíse sócmhainní fíorúla mar a thugtar orthu a rialú , cuireadh ar fáil leis na hathruithe sin oibleagáidí nua agus comhchosúla le haghaidh soláthraithe seirbhíse sócmhainní fíorúla, chun inrianaitheacht aistrithe sócmhainní fíorúla a éascú. Dá bhrí sin, faoi na ceanglais nua, ní mór do sholáthraithe seirbhíse aistrithe sócmhainní fíorúla faisnéis faoi na tionscnóirí agus na tairbhithe a chur le haistrithe sócmhainní fíorúla, nach mór dóibh a fháil, a shealbhú agus a roinnt le contrapháirtí ar an taobh eile den aistriú sócmhainní fíorúla agus ní mór dóibh an fhaisnéis sin a chur ar fáil ar iarraidh ó na húdaráis iomchuí.

(3)I bhfianaise nach bhfuil feidhm ag Rialachán (AE) 2015/847 faoi láthair ach maidir le haistriú cistí, i gciall nótaí bainc agus monaí, airgead scríbhinne agus airgead leictreonach mar a shainmhínítear i bpointe (2) d’Airteagal 2 de Threoir 2009/110/CE , is iomchuí an raon feidhme a leathnú chun aistriú sócmhainní fíorúla a chumhdach freisin.

🡻 2015/847 aithris 1 (oiriúnaithe)

 nua

(4)Is féidir le sreafaí airgid neamhdhleathaigh a chuirtear i gcúrsaíocht trí aistrithe cistí  agus trí chriptea-shócmhainní  dochar a dhéanamh do shláine, do chobhsaíocht agus do chlú na hearnála airgeadais agus a bheith ina bhagairt ar mhargadh inmheánach an Aontais agus ar an bhforbairt idirnáisiúnta. Tá sciúradh airgid, maoiniú sceimhlitheoireachta agus coireacht eagraithe ina bhfadhbanna móra fós ar ceart aghaidh a thabhairt orthu ar leibhéal an Aontais. D’fhéadfaí fóntacht, sláine agus cobhsaíocht an chórais trína naistrítear cistí  agus criptea-shócmhainní   mar aon leis  an muinín as an gcóras airgeadais sin ar fad a chur i mbaol de dheasca iarrachtaí ó choirpigh agus a gcomhpháirtithe bréagriocht a chur ar fhoinse a gcuid fáltas ó choireacht nó cistí  nó criptea-shócmhainní  a aistriú le haghaidh gníomhaíochtaí coiriúla nó chun críoch sceimhlitheoireachta.

🡻 2015/847 aithris 2 (oiriúnaithe)

 nua

(5)D’fhonn a gcuid gníomhaíochtaí coiriúla a éascú, is dócha go ndéanfaidh lucht sciúrtha airgid agus maoinitheoirí sceimhlitheoireachta iarracht buntáiste a bhaint as an tsaoirse i ngluaiseachtaí caipitil laistigh de limistéar comhtháite airgeadais an Aontais, mura nglactar bearta comhordaithe áirithe ar leibhéal an Aontais. Is é is aidhm don chomhar idirnáisiúnta faoi chuimsiú an Tascfhórsa um Ghníomhaíocht Airgeadais (FATF) agus le cur chun feidhme domhanda a chuid moltaí sciúradh airgid agus maoiniú sceimhlitheoireachta a chosc le linn cistí nó criptea-shócmhainní a aistriú.

🡻 2015/847 aithris 3 (oiriúnaithe)

 nua

(6)Mar gheall ar fhairsinge na gníomhaíochta a bheidh le déanamh, ba cheart don Aontas a áirithiú go ndéanfaí na Caighdeáin Idirnáisiúnta maidir le Sciúradh Airgid agus maidir le Maoiniú Sceimhlitheoireachta agus Maoiniú Leata a Chomhrac a ghlac FATF an 16 Feabhra 2012 agus ansin an 21 Meitheamh 2019 (Moltaí athbhreithnithe FATF) agus, go háirithe,  Moladh 15 de chuid FATF maidir le teicneolaíochtaí nua (Moladh 15 de chuid FATF), Moladh 16 de chuid FATF maidir le haistrithe de dhroim sreinge (‘Moladh 16 de chuid FATF’), agus nótaí léirithe athbhreithnithe maidir leis na Moltaí sin  an nóta maidir lena chur chun feidhme a chur i bhfeidhm go haonfhoirmeach ar fud an Aontais agus, go háirithe, nach mbeidh aon idirdhealú nó neamhréiteach ann idir íocaíochtaí náisiúnta nó idir aistrithe criptea-shócmhainní laistigh de Bhallstát, ar thaobh amháin, agus íocaíochtaí trasteorann nó aistrithe criptea-shócmhainní trasteorann idir Ballstáit, ar an taobh eile. Maidir le gníomhaíocht neamhchomhordaithe ag Ballstáit ag gníomhú uathu féin i réimse na naistrithe trasteorann cistí agus criptea-shócmhainní , d’fhéadfadh tionchar suntasach a bheith aici ar fheidhmiú rianúil córas íocaíochta agus seirbhísí aistrithe criptea-shócmhainní ar leibhéal an Aontais agus dá bhrí sin d’fhéadfaidís dochar a dhéanamh don mhargadh inmheánach i réimse na seirbhísí airgeadais.

🡻 2015/847 aithris 4 (oiriúnaithe)

(7)D’fhonn cur chuige comhleanúnach a chothú sa chomhthéacs idirnáisiúnta agus an éifeachtacht a fheabhsú maidir leis an gcomhrac i gcoinne sciúradh airgid agus maoiniú sceimhlitheoireachta, ba cheart d’aon ghníomhaíocht bhreise ón Aontas aird a thabhairt ar fhorbairtí ar an leibhéal idirnáisiúnta, eadhon  go háirithe na Moltaí leasaithe de chuid FATF.

 nua

(8)Le Treoir (AE) 2018/843 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 39 tugadh isteach sainmhíniú ar airgeadraí fíorúla agus tugadh aitheantas do sholáthraithe a ghabhann do sheirbhísí malartaithe idir airgeadraí fíorúla agus airgeadraí fiat chomh maith le soláthraithe tiachóg eischoimeádta i measc na neintiteas atá faoi réir ceanglais maidir le sciúradh airgid agus maoiniú sceimhlitheoireachta a chomhrac i gcreat dlíthiúil an Aontais. Mar gheall ar na forbairtí idirnáisiúnta is déanaí, go háirithe laistigh de FATF, feictear go bhfuil gá le catagóirí breise de sholáthraithe seirbhíse sócmhainní fíorúla a rialú nach gcumhdaítear go fóill agus go bhfuil gá leis an sainmhíniú ar airgeadra fíorúil atá ann faoi láthair a leathnú.

(9)Tá sé le tabhairt faoi deara maidir leis an sainmhíniú ar chriptea-shócmhainní atá i Rialachán 40 [cur isteach tagairt – togra le haghaidh Rialachán maidir le Margaí Criptea-Shócmhainní, agus lena leasaítear Treoir (AE) 2019/1937-COM/2020/593 final] go gcomhfhreagraíonn sé don sainmhíniú ar shócmhainní fíorúla a leagtar amach i moltaí FATF, agus cuimsítear sa liosta seirbhísí criptea-shócmhainní agus soláthraithe seirbhísí criptea-shócmhainní a chumhdaítear sa Rialachán sin na soláthraithe seirbhíse sócmhainní fíorúla atá sainaitheanta mar sin ag FATF agus a mheastar gur dócha go nardófar ábhar imní maidir le sciúradh airgid leo. Chun comhleanúnachas chreat dlíthiúil an Aontais a áirithiú, ba cheart an togra seo tagairt a dhéanamh do na sainmhínithe sin ar chriptea-shócmhainní agus ar sholáthraithe seirbhíse criptea-sócmhainní.

🡻 2015/847 aithris 5 (oiriúnaithe)

(10)Is modhanna ábhartha agus éifeachtacha iad cur chun feidhme agus forghníomhú an Rialacháin seo, lena náirítear Moladh 16 de chuid FATF, chun sciúradh airgid agus maoiniú sceimhlitheoireachta a chosc agus a chomhrac.

🡻 2015/847 aithris 6

 nua

(11)Níl an Rialachán seo ceaptha chun ualaí ná costais nach bhfuil gá leo a fhorchur ar sholáthraithe seirbhíse íocaíochta , ar sholáthraithe seirbhíse criptea-shócmhainní ná ar dhaoine a úsáideann a gcuid seirbhísí. Maidir leis sin, ba cheart go mbeadh an cur chuige coisctheach spriocdhírithe agus comhréireach agus ba cheart go ndéanfadh sé saorghluaiseacht an chaipitil, ar ní é a ráthaítear ar fud an Aontais, a chomhlíonadh go hiomlán.

🡻 2015/847 aithris 7

(12)Taispeánadh i Straitéis Leasaithe an Aontais maidir le Maoiniú Sceimhlitheoireachta, an 17 Iúil 2008 (‘An Straitéis Athbhreithnithe’), nach mór leanúint leis na hiarrachtaí chun maoiniú sceimhlitheoireachta a chosc agus chun rialú a dhéanamh ar sceimhlitheoirí amhrasta d’úsáid a gcuid acmhainní féin. Aithnítear go bhfuil FATF de shíor ag iarraidh a Mholtaí a fheabhsú agus go bhfuil sé ag oibriú i dtreo chomhthuiscint maidir leis an mbealach ina bhféadfar na Moltaí sin a chur i bhfeidhm. Tugtar dá naire i Straitéis Athbhreithnithe go ndéanann gach ball de FATF agus gach ball d’eagrais réigiúnacha atá ar aon stíl le FATF measúnú ar bhonn rialta ar chur chun feidhme Mholtaí Athbhreithnithe FATF, agus go bhfuil cur chuige coiteann a bheith ag na Ballstáit i ndáil le cur chun feidhme tábhachtach dá bhrí sin.

 nua

(13)Sa bhreis air sin, i bPlean Gníomhaíochta de chuid an Choimisiúin an 7 Bealtaine 2020 le haghaidh beartas cuimsitheach de chuid an Aontais maidir le sciúradh airgid agus maoiniú sceimhlitheoireachta a chosc 41 sainaithníodh sé réimse tosaíochta i dtaca le gníomhaíocht phráinneach chun feabhas a chur ar chóras an Aontais maidir le sciúradh airgid agus maoiniú sceimhlitheoireachta a chomhrac, lena náirítear creat rialála comhleanúnach a bhunú le haghaidh an chórais sin san Aontas chun rialacha níos mionsonraithe agus níos comhchuibhithe a fháil, go háirithe chun aghaidh a thabhairt ar impleachtaí na nuálaíochta teicneolaíochta agus forbairtí i gcaighdeáin idirnáisiúnta agus chun cur chun feidhme ilchineálach na rialacha atá ann faoi láthair a sheachaint. Tugtar le tuiscint mar gheall ar obair ar an leibhéal idirnáisiúnta go bhfuil gá le raon feidhme na nearnálacha nó na neintiteas a chumhdaítear le rialacha maidir le frithsciúradh airgid agus maoiniú sceimhlitheoireachta a leathnú agus leis an mbealach ar cheart feidhm a bheith acu maidir le soláthraithe seirbhíse sócmhainní fíorúla nach gcumhdaítear go dtí seo a mheas.

🡻 2015/847 aithris 8 (oiriúnaithe)

 nua

(14)D’fhonn maoiniú sceimhlitheoireachta a chosc, rinneadh bearta arb é is cuspóir dóibh cistí agus acmhainní geilleagracha daoine, grúpaí agus eintiteas áirithe a chalcadh, lena náirítear Rialacháin (CE) Uimh. 2580/2001 42 , (CE) Uimh. 881/2002 43 agus (AE) Uimh. 356/2010 ón gComhairle 44 . Chun na críche céanna sin, rinneadh bearta eile arb e is cuspóir dóibh an córas airgeadais a chosaint i gcoinne aistriú cistí agus acmhainní geilleagracha chun críocha sceimhlitheoireachta freisin. Tá roinnt beart den sórt sin i dTreoir (AE) 2015/849 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 45  [cuir isteach tagairt – togra le haghaidh Treoir maidir leis na sásraí atá le cur i bhfeidhm ag na Ballstáit chun úsáid an chórais airgeadais chun críoch sciúrtha airgid nó maoinithe sceimhlitheoireachta a chosc agus lena naisghairtear Treoir (AE) 2015/849]  agus Rialachán [cuir isteach tagairt – togra le haghaidh rialachán maidir le cosc a chur le húsáid an chórais airgeadais chun críoch sciúrtha airgid nó maoinithe sceimhlitheoireachta agus lena naisghairtear Treoir (AE) 2015/849]  Ní éiríonn go hiomlán leis na bearta sin, áfach, sceimhlitheoirí nó coirpigh eile a chosc ó rochtain a fháil ar chórais íocaíochta chun a gcistí a aistriú.

🡻 2015/847 aithris 9 (oiriúnaithe)

 nua

(15)Is féidir inrianaitheacht iomlán i ndáil le haistrithe cistí agus criptea-shócmhainní a bheith ina huirlis antábhachtach agus anluachmhar chun sciúradh airgid nó maoiniú sceimhlitheoireachta a chosc, a imscrúdú agus a bhrath, agus chun bearta sriantacha a chur chun feidhme, go háirithe na cinn a fhorchuirtear le Rialachán (CE) Uimh. 2580/2001, le Rialachán (CE) Uimh. 881/2002 agus le Rialachán (AE) Uimh. 356/2010, agus na rialacháin Aontais lena gcuirtear bearta den sórt sin chun feidhme á gcomhlíonadh ina niomláine. Dá bhrí sin,  is iomchuí  tá sé oiriúnach a áirithiú go dtarchuirfí faisnéis fad an tslabhra íocaíochta nó fad an tslabhra aistrithe criptea-shócmhainní , foráil a dhéanamh maidir le córas lena gcuirtear ceangal ar sholáthraithe seirbhíse íocaíochta agus soláthraithe seirbhíse criptea-shócmhainní go ngabhfadh faisnéis faoin íocóir agus faoin íocaí le haistrithe cistí agus criptea-shócmhainní   , agus, i gcás aistrithe criptea-shócmhainní, faisnéis faoin tionscnóir agus faoin tairbhí .

🡻 2015/847 aithris 10

(16)Ba cheart go mbeadh feidhm ag an Rialachán seo gan dochar do na bearta sriantacha a fhorchuirtear leis na Rialacháin a bhunaítear ar Airteagal 215 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE), amhail Rialacháin (CE) Uimh. 2580/2001, (CE) Uimh. 881/2002 agus (AE) Uimh. 356/2010, a fhéadann a cheangal go ndéanfaidh soláthraithe seirbhíse íocaíochta na níocóirí agus na níocaithe, chomh maith le soláthraithe seirbhíse íocaíochta idirghabhálacha, an beart iomchuí le cistí áirithe a chalcadh nó go gcomhlíonfaidh siad na srianta sonracha a bhaineann le haistrithe cistí áirithe.

🡻 2015/847 aithris 11 (oiriúnaithe)

 nua

(17)Ba cheart go mbeadh feidhm ag an Rialachán seo freisin gan dochar  do Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 46   don reachtaíocht náisiúnta lena ndéantar Treoir 95/46/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 47 a thrasuí. Mar shampla, níor cheart tuilleadh próiseála a dhéanamh ar shonraí pearsanta a bailíodh chun críocha an Rialacháin seo ar bhealach nach mbeadh ag luí le Treoir 95/46/CE. Bba cheart, go háirithe, diantoirmeasc a chur ar phróiseáil bhreise a dhéanamh ar shonraí pearsanta chun críocha tráchtála. Aithníonn na Ballstáit go léir gur foras leasa phoiblí tábhachtach é an comhrac in aghaidh sciúradh airgid agus maoiniú sceimhlitheoireachta. Dá bhrí sin, Aaagus an Rialachán seo á chur i bhfeidhm, ba cheart  ní mór  aistriú sonraí pearsanta go tríú tír nach náirithítear leibhéal leordhóthanach cosanta inti  a dhéanamh  i gcomhréir le hAirteagal 25 de Threoir 95/46/CE  Caibidil V de Rialachán (AE) 2016/679   a cheadú i gcomhréir le hAirteagal 26 de. Maidir le soláthraithe seirbhíse íocaíochta agus soláthraithe seirbhíse criptea-shócmhainní a fheidhmíonn i roinnt dlínsí a bhfuil craobhacha nó fochuideachtaí acu atá lonnaithe lasmuigh den Aontas, tá sé tábhachtach nach gcuirfí cosc orthu sonraí faoi idirbhearta amhrasacha laistigh den eagraíocht chéanna a aistriú, ar an gcoinníoll go gcuireann siad cosaintí leordhóthanacha i bhfeidhm. Ina theannta sin, ba cheart go mbeadh bearta teicniúla agus eagraíochtúla iomchuí i bhfeidhm ag soláthraithe seirbhíse criptea-shócmhainní an tionscnóra agus an tairbhí, soláthraithe seirbhíse íocaíochta an íocóra agus an íocaí agus ag na soláthraithe seirbhíse íocaíochta idirghabhálacha chun sonraí pearsanta a chosaint i gcoinne caillteanas tionóisceach, athrú nó nochtadh neamhúdaraithe nó rochtain neamhúdaraithe.

🡻 2015/847 aithris 12 (oiriúnaithe)

(18)Maidir le daoine nach ndéanann ach doiciméid pháipéir a mhalartú ina sonraí leictreonacha agus atá ag gníomhú faoi chonradh le soláthraí seirbhíse íocaíochta agus maidir le daoine nach gcuireann ach córais teachtaireachtaí nó córais tacaíochta eile chun cistí a tharchur ar fáil do sholáthraithe seirbhíse íocaíochta nó nach gcuireann ach córais imréitigh agus socraíochta ar fáil dóibh, ní thagann siad  níor cheart go dtiocfaidís  faoi raon feidhme an Rialacháin seo.

🡻 2015/847 aithris 13 (oiriúnaithe)

(19)Maidir le haistrithe cistí a chomhfhreagraíonn do sheirbhísí dá dtagraítear i bpointí (a) go (m) agus i bpointe (o) d’Airteagal 3 de Threoir (AE) 2015/23662007/64/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 48 , 49  ní thagann siad faoi raon feidhme an Rialacháin seo. Is iomchuí freisin aistrithe cistí ar beag an baol leo go ndéanfar airgead a sciúradh nó an sceimhlitheoireacht a mhaoiniú a eisiamh ó raon feidhme an Rialacháin seo. Ba cheart a chumhdach le heisiaimh den sórt sin cártaí íocaíochta, ionstraimí airgid leictreonaigh  ríomhairgid  , fóin phóca nó feistí digiteacha nó teicneolaíochta faisnéise (TF) eile atá réamhíoctha nó iaríoctha a bhfuil saintréithe comhchosúla acu, i gcás ina mbaintear feidhm astu go heisiach le hearraí nó seirbhísí a cheannach agus gabhann uimhir an chárta, na hionstraime nó na feiste le gach aistriú. Maidir le cárta íocaíochta, ionstraim airgid leictreonaigh  ríomhairgid  , fón póca nó aon fheiste dhigiteach nó TF eile atá réamhíoctha nó iaríoctha a bhfuil saintréithe comhchosúla acu, a úsáid chun aistriú cistí duine-go-duine a dhéanamh, tagann an méid sin faoi raon feidhme an Rialacháin seo, áfach. Ina theannta sin, maidir le haistarraingtí ó Uathmheaisín Bainc (ATM), íocaíochtaí cánach, fíneálacha nó tobhaigh eile, aistrithe cistí a dhéantar trí íomhánna seice a mhalartú, lena náirítear seiceanna teasctha, nó billí malairte, agus aistrithe cistí nuair is soláthraithe seirbhíse íocaíochta iad an tíocóir agus an tíocaí araon ag feidhmiú thar a gceann féin, ba cheart iad a eisiamh ó raon feidhme an Rialacháin seo.

🡻 2015/847 aithris 14

 nua

(20)D’fhonn léiriú a thabhairt ar shaintréithe na gcóras náisiúnta íocaíochta agus aistrithe criptea-shócmhainní , ar choinníoll go bhfuil sé indéanta an taistriú cistí a rianú ar ais go dtí an tíocóir nó an taistriú criptea-shócmhainní ar ais go dtí an tairbhí i gcónaí, ba cheart go mbeadh na Ballstáit in ann aistrithe cistí baile áirithe a bhfuil luach íseal ag gabháil leo, lena náirítear íocaíochtaí gíoró leictreonacha, nó aistrithe criptea-shócmhainní ar luach íseal a úsáidtear le hearraí nó seirbhísí a cheannach, a dhíolmhú ó raon feidhme an Rialacháin seo.

🡻 2015/847 aithris 15

 nua

(21)Ba cheart do na soláthraithe seirbhíse íocaíochta agus soláthraithe seirbhísí criptea-shócmhainní a áirithiú nach bhfuil an fhaisnéis faoin íocóir ná faoin íocaí ná faoin tionscnóir agus faoin tairbhí ar iarraidh nó neamhiomlán.

🡻 2015/847 aithris 16

 nua

(22)Ionas nach mbainfí ó éifeachtúlacht na gcóras íocaíochtaí agus na gcóras seirbhíse aistrithe criptea-shócmhainní , agus d’fhonn an riosca go mbrúfaí idirbhearta faoi thalamh de thoradh ceanglas aitheantais ródhian a chothromú leis an mbagairt fhéideartha sceimhlitheoireachta ó mhionaistrithe cistí nó criptea-shócmhainní , níor cheart an oibleagáid maidir le cruinneas na faisnéise faoin íocóir nó faoin íocaí , nó, i gcás aistrithe criptea-shócmhainní, faoin tionscnóir agus faoin tairbhí, a sheiceáil a fhorchur, i gcás aistrithe cistí nach ndearnadh a fhíorú, ach amháin i gcás aistrithe aonair cistí nó criptea-shócmhainní os cionn EUR 1 000, ach ba cheart an oibleagáid maidir le cruinneas na faisnéise faoin íocóir nó faoin íocaí a sheiceáil a fhorchur, mura rud é go ndealraíonn sé go bhfuil an taistriú nasctha le haistrithe cistí eile nó aistrithe criptea-sócmhainní eile a bheadh os cionn EUR 1 000 lena chéile, i gcás ina bhfuarthas na cistí nó na criptea-shócmhainní nó inar íocadh amach iad in airgead tirim nó in airgead leictreonach gan ainm, nó i gcás ina bhfuil forais réasúnacha ann chun bheith i ndrochamhras gurb ann do sciúradh airgid nó maoiniú sceimhlitheoireachta.

🡻 2015/847 aithris 17

 nua

(23)I gcás aistrithe cistí nó i gcás aistrithe criptea-shócmhainní ó chuntas ina meastar fíorú a bheith déanta, níor cheart a cheangal ar sholáthraithe seirbhíse íocaíochta agus ar sholáthraithe seirbhíse criptea-shócmhainní faisnéis faoin íocóir nó faoin íocaí a ghabhann le gach aistriú cistí nó faoin tionscnóir agus faoin tairbhí a ghabhann le gach aistriú criptea-shócmhainní a fhíorú, ar an gcoinníoll go gcomhlíontar na hoibleagáidí a leagtar síos faoi Threoir (AE) 2015/849[cuir isteach tagairt – togra le haghaidh treoir maidir leis na sásraí atá le cur i bhfeidhm ag na Ballstáit chun úsáid an chórais airgeadais chun críoch sciúrtha airgid nó maoinithe sceimhlitheoireachta a chosc agus lena naisghairtear Treoir (AE) 2015/849]  agus Rialachán [cuir isteach tagairt – togra le haghaidh Rialachán maidir le cosc a chur le húsáid an chórais airgeadais chun críoch sciúrtha airgid nó maoinithe sceimhlitheoireachta agus lena naisghairtear Treoir (AE) 2015/849] .

🡻 2015/847 aithris 18

 nua

(24)I bhfianaise gníomhartha reachtacha an Aontais i dtaca le seirbhísí íocaíochta, eadhon Rialachán (CE) Uimh. 924/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 50 , Rialachán (AE) Uimh. 260/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 51 agus Treoir (AE) 2015/23662007/64/CE, ba cheart gur leor foráil a dhéanamh gur faisnéis shimplithe agus í sin amháin a bheadh i dteannta aistrithe cistí laistigh den Aontas, amhail an uimhir chuntais íocaíochta/na huimhreacha cuntais íocaíochta nó aitheantóir idirbhirt uathúil , nó i gcás aistrithe criptea-shócmhainní, mura ndéantar aistriú ó chuntas nó go cuntas, bealach eile lena náirítear gur féidir an taistriú criptea-shócmhainní a shainaithint go haonair agus go ndéanfar taifid de shainaithneoirí seolta an tionscnóra agus an tairbhí ar an mórleabhar dáilte .

🡻 2015/847 aithris 19 (oiriúnaithe)

 nua

(25)Ionas go bhféadfaidh na húdaráis atá freagrach as sciúradh airgid nó maoiniú sceimhlitheoireachta a chomhrac i dtríú tíortha foinse na gcistí nó na gcriptea-shócmhainní a úsáidtear chun na gcríoch sin a rianú, ba cheart faisnéis iomlán faoin íocóir agus faoin íocaí a bheith ag gabháil le haistrithe cistí nó le haistriú criptea-shócmhainní ón Aontas amach as an Aontas.  Ba cheart a áireamh ar an bhfaisnéis iomlán faoin íocóir agus faoin íocaí an tAitheantóir Eintitis Dhlítheanaigh (LEI) nuair a sholáthraíonn soláthraí seirbhíse an íocóra nó an íocaí an fhaisnéis sin mar go gcumasófaí leis sin sainaithint níos fearr na bpáirtithe atá páirteach in aistriú cistí agus bheadh sé éasca í a áireamh i bhformáidí teachtaireachta íocaíochta atá ann faoi láthair amhail an ceann a d’fhorbair an Eagraíocht Idirnáisiúnta um Chaighdeánú ar mhaithe le comhmhalartú sonraí leictreonacha idir institiúidí airgeadais.  Níor cheart rochtain ar fhaisnéis iomlán faoin íocóir ná faoin íocaí a thabhairt do na húdaráis sin  atá freagrach as sciúradh airgid nó maoiniú sceimhlitheoireachta a chomhrac i dtríú tíortha ach amháin chun sciúradh airgid agus maoiniú sceimhlitheoireachta a chosc, a imscrúdú agus a bhrath.

🡻 2015/847 aithris 20 (oiriúnaithe)

(26)Na húdaráis Ballstáit atá freagrach as sciúradh airgid agus maoiniú sceimhlitheoireachta a chomhrac, agus na gníomhaireachtaí húdaráis breithiúnacha ábhartha agus gníomhaireachtaí ábhartha um fhorghníomhú an dlí sna Ballstáit agus ar leibhéal an Aontais , ba cheart dóibh comhar a threisiú lena chéile agus le húdaráis ábhartha tríú tíortha, lena náirítear i dtíortha i mbéal a bhforbartha, d’fhonn an trédhearcacht, roinnt na faisnéise agus na gcleachtas is fearr a neartú tuilleadh.

 nua

(27)Maidir le haistrithe criptea-shócmhainní, ba cheart feidhm a bheith ag ceanglais an Rialacháin seo maidir le soláthraithe seirbhíse criptea-shócmhainní aon uair a bhfuil baint ag a naistrithe, bídís in airgeadra fiat nó i gcriptea-shócmhainn, le haistriú de dhroim sreinge traidisiúnta nó le haistriú criptea-shócmhainní a bhfuil soláthraí seirbhíse criptea-shócmhainní bainteach leis.

(28)I ngeall ar chineál trasteorann gníomhaíochtaí criptea-shócmhainní agus soláthraithe seirbhíse criptea-shócmhainní agus na rioscaí a bhaineann leo sin, ba cheart gach aistriú criptea-shócmhainní a láimhseáil mar aistriú de dhroim sreinge trasteorann, gan aon chóras intíre simplithe aistrithe de dhroim sreinge.

(29)Ní mór do sholáthraí seirbhíse criptea-sócmhainní an tionscnóra a áirithiú go bhfuil ainm an tionscnóra agus uimhir chuntais an tionscnóra ag gabháil leis na haistrithe criptea-sócmhainní, i gcás inarb ann do chuntas den sórt sin agus go núsáidtear iad chun an tidirbheart a phróiseáil, mar aon le seoladh, uimhir dhoiciméad phearsanta oifigiúil, uimhir aitheantais chustaiméara, nó áit bhreithe agus dáta breithe an tionscnóra. Ba cheart do sholáthraí seirbhíse criptea-sócmhainní an tionscnóra a áirithiú go bhfuil ainm an tairbhí agus uimhir chuntais an tairbhí ag gabháil leis na haistrithe criptea-sócmhainní, i gcás inarb ann do chuntas den sórt sin agus go núsáidtear iad chun an tidirbheart a phróiseáil.

🡻 2015/847 aithris 21

(30)A mhéid a bhaineann le haistrithe cistí ó íocóir aonair chuig roinnt íocaithe a bheidh le cur i mbaisc chomhaid ina mbeidh aistrithe aonair ón Aontas go lasmuigh den Aontas, ba cheart foráil a dhéanamh chun nach mbeidh ach uimhir chuntais íocaíochta an íocaí nó an taitheantóir idirbhirt uathúil ar aistrithe aonair den sórt sin, chomh maith leis an bhfaisnéis iomlán maidir leis an íocaí, ar an gcoinníoll go mbeidh an fhaisnéis iomlán maidir leis an íocaí sa bhaisc chomhaid a fhíorófar le haghaidh cruinnis agus go mbeidh an fhaisnéis iomlán maidir leis an íocaí iomlán inrianaithe.

 nua

(31)A mhéid a bhaineann le haistrithe criptea-shócmhainní, ba cheart glacadh le faisnéis faoin tionscnóir agus faoin tairbhí a chur isteach i mbaisceanna, ar choinníoll go gcuirtear isteach iad láithreach agus go slán. Níor cheart é a cheadú an fhaisnéis is gá a chur isteach tar éis an aistrithe, ós rud é nach mór iad a chur isteach roimh nó tráth a chuirtear an tidirbheart chun críche, agus ba cheart do sholáthraithe seirbhíse criptea-shócmhainní nó eintitis eile faoi oibleagáid an fhaisnéis is gá a chur isteach san am céanna leis an aistriú baisce criptea-sócmhainní é féin.

🡻 2015/847 aithris 22 (oiriúnaithe)

 nua

(32)Ar mhaithe le seiceáil an bhfuil an fhaisnéis a cheanglaítear a sholáthar faoin íocóir agus faoin íocaí ag gabháil le haistrithe cistí, agus mar chuidiú le hidirbhearta amhrasacha a aithint, ba cheart go mbeadh nósanna imeachta éifeachtacha i bhfeidhm ag soláthraí seirbhíse íocaíochta an íocaí agus ag an soláthraí seirbhíse íocaíochta idirghabhálach chun a bhrath an bhfuil faisnéis faoin íocóir agus faoin íocaí ar iarraidh nó neamhiomlán. Ba cheart iarfhaireachán nó faireachán fíor-ama  tar éis na naistrithe nó le linn na naistrithe  a áireamh ar na nósanna imeachta sin i gcás inarbh iomchuí. Ba cheart, dá bhrí sin, do na húdaráis inniúla a áirithiú go náireoidh na soláthraithe seirbhíse íocaíochta an fhaisnéis idirbhirt a cheanglaítear leis an aistriú de dhroim sreinge nó leis an teachtaireacht lena mbaineann fad an tslabhra íocaíochta.

 nua

(33)A mhéid a bhaineann le haistrithe criptea-shócmhainní, ní mór do sholáthraí seirbhíse criptea-shócmhainní an tairbhí nósanna imeachta éifeachtacha a chur chun feidhme chun a bhrath an bhfuil an fhaisnéis faoin tionscnóir nó faoin tairbhí ar iarraidh nó neamhiomlán. Ba cheart a áireamh ar na nósanna imeachta, i gcás inarb iomchuí, faireachán tar éis aistrithe nó le linn aistrithe ionas go mbraithfear cé acu an bhfuil an fhaisnéis is gá faoin tionscnóir nó faoin tairbhí ar iarraidh. Níor cheart é a bheith de cheangal go mbeidh an fhaisnéis ceangailte go díreach leis an aistriú criptea-shócmhainní féin, ar choinníoll go gcuirtear isteach an fhaisnéis sin láithreach agus go slán, agus go bhfuil sí le fáil ar iarraidh sin ó na húdaráis iomchuí.

🡻 2015/847 aithris 23

 nua

(34)I bhfianaise na bagartha ionchasaí atá ag baint le haistrithe anaithnide go bhféadfar airgead a sciúradh agus an sceimhlitheoireacht a mhaoiniú, is iomchuí a cheangal ar sholáthraithe seirbhíse íocaíochta faisnéis faoin íocóir agus faoin íocaí a iarraidh. I gcomhréir leis an gcur chuige riosca-bhunaithe arna fhorbairt ag FATF, is iomchuí spriocdhíriú ar na réimsí lena mbaineann an riosca is airde agus lena mbaineann an riosca is ísle, d’fhonn díriú níos fearr ar na rioscaí a bhaineann le sciúradh airgid agus maoiniú sceimhlitheoireachta. Dá réir sin, ba cheart go mbeadh nósanna imeachta éifeachtacha agus riosca-bhunaithe ag soláthraí seirbhíse criptea-shócmhainní an tairbhí, ag soláthraí seirbhíse íocaíochta an íocóra agus ag an soláthraí seirbhíse íocaíochta idirghabhálach a bhfuil feidhm acu i gcás ina mbeadh an fhaisnéis a cheanglaítear a sholáthar faoin íocóir nó faoin íocaí in easnamh, nó i gcás nach bhfuil an fhaisnéis is gá faoin tionscnóir nó faoin tairbhí ag gabháil le haistriú criptea-shócmhainní, chun go ligfí dóibh a chinneadh an taistriú sin a fhorghníomhú, a dhiúltú nó a fhionraí agus go ligfí dóibh a chinneadh cén ghníomhaíocht leantach oiriúnach a bheadh le déanamh.

🡻 2015/847 aithris 24 (oiriúnaithe)

 nua

(35)Ba cheart do sholáthraí seirbhíse íocaíochta an íocaí, agus don soláthraí seirbhíse íocaíochta idirghabhálach  agus do sholáthraí seirbhíse criptea-shócmhainní an tairbhí  faireachas speisialta a dhéanamh, ag measúnú na rioscaí dóibh, nuair a thuigtear do cheachtar acu go bhfuil faisnéis faoin íocóir nó faoin íocaí , nó faoin tionscnóir nó faoin tairbhí ar iarraidh nó neamhiomlán agus ba cheart dóibh idirbhearta amhrasacha a thuairisciú chuig na húdaráis inniúla, i gcomhréir leis na hoibleagáidí um thuairisciú atá leagtha amach i RialachándTreoir (AE) [...]2015/849 agus le bearta náisiúnta lena ndéantar an Treoir sin a thrasuí.

🡻 2015/847 aithris 25 (oiriúnaithe)

 nua

(36)Ba cheart go mbeadh feidhm leis na forálacha ar aistrithe cistí agus ar aistrithe criptea-shócmhainní a bhfuil faisnéis ina leith faoin íocóir nó faoin íocaí nó don tionscnóir nó don tairbhí ar iarraidh nó neamhiomlán gan dochar d’aon oibleagáid atá ar sholáthraithe seirbhíse íocaíochta, agus ar sholáthraithe seirbhíse íocaíochta idirghabhálacha  agus ar sholáthraithe seirbhíse criptea-shócmhainní, aon aistriú cistí a fhionraí agus/nó a dhiúltú ar aistrithe iad a sháraíonn foráil de chuid an dlí shibhialta, riaracháin nó choiriúil.

🡻 2015/847 aithris 26 (oiriúnaithe)

(37)D’fhonn cabhrú le soláthraithe seirbhíse íocaíochta nósanna imeachta éifeachtacha a chur i bhfeidhm chun cásanna a bhrath ina bhfaigheann siad aistrithe cistí ina bhfuil faisnéis ar iarraidh nó ina bhfuil faisnéis neamhiomlán faoin íocóir nó faoin íocaí agus chun gníomhaíochtaí leantacha a dhéanamh, ba cheart go ndéanfadh an tÚdarás Maoirseachta Eorpach (an tÚdarás Baincéireachta Eorpach) (ÚBE), a bhunaítear le Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 52 , an tÚdarás Maoirseachta Eorpach (an tÚdarás Eorpach um Árachas agus Pinsin Cheirde) (ÚEÁPC), a bhunaítear le Rialachán (AE) Uimh. 1094/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 53 , agus an tÚdarás Maoirseachta Eorpach (an tÚdarás Eorpach um Urrúis agus Margaí) (ÚEUM) anseo feasta, a bhunaítear le Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 54 , treoirlínte a fhoilsiú.

🡻 2015/847 aithris 27

 nua

(38)Ba cheart do sholáthraithe seirbhíse íocaíochta agus do sholáthraithe seirbhíse criptea-shócmhainní freagairt go pras d’iarratais ar fhaisnéis faoin íocóir agus faoin íocaí nó faoin tionscnóir agus faoin tairbhí ó na húdaráis atá freagrach as sciúradh airgid nó maoiniú sceimhlitheoireachta a chomhrac sa Bhallstát ina bhfuil na soláthraithe seirbhíse íocaíochta  agus soláthraí seirbhíse criptea-shócmhainní  sin bunaithe d’fhonn beart sciobtha a dhéanamh sa chomhrac in aghaidh sciúradh airgid nó maoiniú sceimhlitheoireachta.

🡻 2015/847 aithris 28

 nua

(39)Is é an líon laethanta oibre i mBallstát soláthraí seirbhíse íocaíochta an íocóra  nó soláthraí seirbhíse criptea-shócmhainní an tairbhí  a chinneann líon na laethanta atá ann le freagairt a thabhairt ar iarratais ar fhaisnéis faoin íocóir  nó faoin tionscnóir  .

🡻 2015/847 aithris 29

 nua

(40)Ós rud é go bhféadfaidh sé, i gcás imscrúduithe coiriúla, nach mbeifear in ann na sonraí ná na daoine lena mbaineann in idirbheart a shainaithint go ceann míonna, nó blianta fiú, tar éis an aistrithe bhunaidh cistí  nó criptea-shócmhainní , agus ionas go mbeifear in ann rochtain a fháil ar an bhfianaise a cheanglaítear i gcomhthéacs imscrúduithe, is iomchuí a cheangal ar sholáthraithe seirbhíse íocaíochta  nó ar sholáthraithe seirbhíse criptea-shócmhainní  taifid a choimeád ar fhaisnéis faoin íocóir agus faoin íocaí  nó faoin tionscnóir agus faoin tairbhí  go ceann tréimhse ama, chun sciúradh airgid agus maoiniú sceimhlitheoireachta a chosc, a imscrúdú agus a bhrath. Ba cheart nach rachadh an tréimhse sin thar cúig bliana, agus ba cheart go scriosfaí na sonraí pearsanta uile ina dhiaidh sin, mura bhforáiltear a mhalairt sa dlí náisiúnta. Más gá chun críocha sciúradh airgid nó maoiniú sceimhlitheoireachta a chosc, a bhrath nó a imscrúdú, agus tar éis measúnú a dhéanamh ar an ngá atá leis an mbeart agus ar chomhréireacht an bhirt, ba cheart go mbeadh na Ballstáit in ann a cheadú, nó a cheangal go leanfaí de, na taifid a choinneáil go ceann tréimhse bhreise nach faide ná cúig bliana, gan dochar don dlí coiriúil náisiúnta maidir le fianaise is infheidhme i ndáil le himscrúduithe coiriúla leanúnacha agus i ndáil le himeachtaí dlíthiúla leanúnacha.

🡻 2015/847 aithris 30

(41)Chun comhlíonadh ceanglais an Rialacháin seo a fheabhsú agus i gcomhréir le Teachtaireacht ón gCoimisiún an 9 Nollaig 2010 dar teideal ‘Atreisiú córas smachtbhannaí in earnáil na seirbhísí airgeadais’, ba cheart go bhfeabhsófaí an chumhacht chun bearta maoirseachta a ghlacadh agus na cumhachtaí atá ag na húdaráis inniúla chun smachtbhannaí a fhorchur. Ba cheart foráil a dhéanamh maidir le smachtbhannaí riaracháin agus bearta riaracháin, ag cur san áireamh a thábhachtaí is atá an comhrac in aghaidh sciúradh airgid agus mhaoiniú sceimhlitheoireachta, ba cheart do Bhallstáit smachtbhannaí agus bearta a leagan síos atá éifeachtach, comhréireach agus athchomhairleach. Ba cheart do na Ballstáit fógra a thabhairt ina leith don Choimisiún agus do Chomhchoiste ÚBE, ÚEÁPC agus ÚEUM (ÚEManna).

🡻 2015/847 aithris 31

 nua

(42)Chun coinníollacha aonfhoirmeacha a áirithiú maidir  leis an  le Caibidil VI den Rialachán seo a chur chun feidhme, ba cheart cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt don Choimisiún. Ba cheart na cumhachtaí sin a fheidhmiú i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 55 .

🡻 2015/847 aithris 32

(43)Tá roinnt tíortha agus críoch nach bhfuil ina gcuid de chríoch an Aontais in aontas airgeadaíochta le Ballstát, ina gcuid de limistéar airgeadra Ballstáit nó tá coinbhinsiún airgeadaíochta sínithe acu leis an Aontas a ndéanann Ballstát ionadaíocht air, agus tá soláthraithe seirbhíse íocaíochta acu a bhíonn rannpháirteach go díreach nó go hindíreach i gcórais íocaíochta agus socraíochta sa Bhallstát sin. Ionas nach mbeidh mórthionchar diúltach ar gheilleagair na dtíortha nó na gcríoch sin i ngeall ar an Rialachán seo a chur i bhfeidhm maidir le haistrithe cistí idir na Ballstáit lena mbaineann agus na tíortha nó na críocha sin, is iomchuí foráil a dhéanamh go bhféadfaí déileáil le haistrithe cistí den chineál sin mar aistrithe cistí laistigh de na Ballstáit lena mbaineann.

🡻 2015/847 aithris 33 (oiriúnaithe)

I bhfianaise líon na leasuithe ba ghá a dhéanamh ar Rialachán (CE) Uimh. 1781/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 56 de bhun an Rialacháin seo, ba cheart an Rialachán sin a aisghairm, ar mhaithe le soiléire.

🡻 2015/847 aithris 34

 nua

(44)Ós rud é nach féidir leis na Ballstáit cuspóirí an Rialacháin seo , eadhon sciúradh airgid agus maoiniú sceimhlitheoireachta a chomhrac, lena náirítear trí Chaighdeáin Idirnáisiúnta a chur chun feidhme, trí infhaighteacht bunfhaisnéise a áirithiú faoi íocóirí agus íocaithe aistrithe cistí, agus faoi thionscnóirí agus thairbhithe aistrithe criptea-shócmhainní, a ghnóthú go leordhóthanach ach gur fearr, dá bhrí sin, de bharr fhairsinge nó éifeachtaí na gníomhaíochta, is féidir iad a bhaint amach ar leibhéal an Aontais, féadfaidh an tAontas bearta a ghlacadh, i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta mar a leagtar amach in Airteagal 5 den Chonradh ar an Aontas Eorpach (CAE). I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta, a leagtar amach san Airteagal sin, ní théann an Rialachán seo thar a bhfuil riachtanach chun na cuspóirí sin a bhaint amach.

🡻 2015/847 aithris 35

 nua

(45)Tá an Rialachán seo  faoi réir Rialachán (AE) 2016/679 agus Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 57 . Urramaítear leis an Rialachán seo na cearta bunúsacha agus na prionsabail a dtugtar aitheantas dóibh i gCairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh, go háirithe an meas ar an saol príobháideach agus ar shaol an teaghlaigh (Airteagal 7), an ceart go ndéanfar sonraí pearsanta a chosaint (Airteagal 8), an ceart chun leigheas éifeachtach agus triail chóir a fháil (Airteagal 47) agus prionsabal ne bis in idem.

🡻 2015/847 aithris 36 (oiriúnaithe)

Chun tabhairt isteach rianúil an chreata nua i gcoinne sciúradh airgid agus maoiniú sceimhlitheoireachta a áirithiú, is iomchuí gurb ionann dáta chur i bhfeidhm an Rialacháin seo agus an spriocdháta do thrasuí Threoir (AE) 2015/849.

🡻 2015/847 aithris 37 (oiriúnaithe)

(46)Chuathas i gcomhairle leis an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí i gcomhréir le hAirteagal 42(1)28(2) de Rialachán (AE) 2018/1725(CE) Uimh. 45/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 58 agus thug sé tuairim  […]  59  an 4 Iúil 2013 60 ,

🡻 2015/847 (oiriúnaithe)

 nua

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

CAIBIDIL I

ÁBHAR, RAON FEIDHME AGUS SAINMHÍNITHE

Airteagal 1

Ábhar

Leagtar síos rialacha leis an Rialachán seo maidir le faisnéis faoi íocóirí agus faoi íocaithe a ghabhann le haistrithe cistí, in aon airgeadra, agus maidir le faisnéis faoi thionscnóirí agus faoi thairbhithe a ghabhann le haistriú criptea-shócmhainní, chun sciúradh airgid agus maoiniú sceimhlitheoireachta a chosc, a imscrúdú agus a bhrath, i gcás ina bhfuil ceann amháin ar a laghad de na soláthraithe seirbhíse íocaíochta nó criptea-shócmhainní a bhfuil baint acu le haistriú cistí nó criptea-shócmhainní bunaithe san Aontas.

Airteagal 2

Raon feidhme

1.    Beidh feidhm ag an Rialachán seo maidir le haistrithe cistí, in aon airgeadra,  nó criptea-shócmhainní,  a sheolfaidh nó a gheobhaidh soláthraí seirbhíse íocaíochta  , soláthraí seirbhíse criptea-shócmhainní,  nó soláthraí seirbhíse íocaíochta idirghabhálach atá bunaithe san Aontas.

2.    Ní bheidh feidhm ag an Rialachán seo maidir leis na seirbhísí a liostaítear i bpointí (a) go (m) agus (o) d’Airteagal 3 de Threoir (AE) 2015/23662007/64/CE.

3.    Ní bheidh feidhm ag an Rialachán seo maidir le haistrithe cistí a dhéantar le cárta íocaíochta, le hionstraim airgid leictreonaigh  ríomh‑airgid  , ná le haon fón póca ná feiste dhigiteach ná teicneolaíochta faisnéise eile, atá réamhíoctha nó iaríoctha agus a bhfuil saintréithe comhchosúla acu, i gcás ina gcomhlíontar na coinníollacha seo a leanas:

(a)úsáidtear an cárta, an ionstraim nó an fheiste sin go heisiach chun íoc as earraí nó seirbhísí; agus

(b)gabhann uimhir an chárta, na hionstraime nó na feiste thuasluaite le gach aistriú a thiocfaidh as an idirbheart.

Beidh feidhm ag an Rialachán seo, áfach, i gcás ina n‑úsáidtear cárta íocaíochta, ionstraim airgid leictreonaigh  ríomh‑airgid  nó fón póca, nó aon fheiste dhigiteach nó teicneolaíochta faisnéise eile atá réamhíoctha nó iaríoctha agus a bhfuil saintréithe comhchosúla acu chun aistriú cistí nó criptea-shócmhainní ó dhuine go duine a dhéanamh.

4.    Ní bheidh feidhm ag an Rialachán seo maidir le daoine nach bhfuil aon ghníomhaíocht ar bun acu seachas doiciméid pháipéir a iompú ina sonraí leictreonacha agus a dhéanann amhlaidh de bhun chonradh le soláthraí seirbhíse íocaíochta ná maidir le daoine arb í an aon ghníomhaíocht atá ar bun acu córais teachtaireachtaí nó córais tacaíochta eile chun cistí a tharchur nó córais imréitigh agus socraíochta a sholáthar do sholáthraithe seirbhíse íocaíochta.

Ní bheidh feidhm ag an Rialachán seo maidir le haistrithe cistí agus criptea-shócmhainní   má chomhlíontar aon cheann de na coinníollacha seo a leanas :

(a)lena   déanann an t‑íocóir airgead tirim a aistarraingt óna c(h)untas íocaíochta féin;

(b)aistrithe cistí lena  déantar  cistí nó criptea-shócmhainní a aistriú chuig údarás poiblí mar íocaíocht ar chánacha, ar fhíneálacha nó ar thobhaigh eile laistigh de Bhallstát;

(c)i gcás inar  is  soláthraithe seirbhíse íocaíochta iad an t‑íocóir agus an t‑íocaí araon nó is soláthraithe seirbhíse criptea-shócmhainní iad an tionscnóir agus an tairbhí araon atá ag gníomhú thar a gceann féin;

(d)aistrithe cistí a dhéantar  déantar iad  trí íomhánna seice a mhalartú, lena n‑áirítear seiceanna teasctha.

 nua

Comharthaí ríomh‑airgid, mar a shainmhínítear in Airteagal 3(1), pointe 4 de Rialachán [cuir isteach tagairt – togra le haghaidh Rialachán maidir le Margaí Criptea-Shócmhainní, agus lena leasaítear Treoir (AE) 2019/1937-COM/2020/593 final],caithfear leo mar chriptea-shócmhainní faoin Rialachán seo.

Ní bheidh feidhm ag an Rialachán seo maidir le criptea-shócmhainní a aistriú ó dhuine go duine.

🡻 2015/847 (oiriúnaithe)

 nua

5.    Féadfaidh Ballstát a chinneadh gan an Rialachán seo a chur i bhfeidhm ar aistrithe cistí  nó aistrithe criptea-shócmhainní  laistigh dá chríoch chuig cuntas íocaíochta íocóra  nó chuig cuntas tairbhí  lena gceadófar íocaíocht go heisiach chun earraí nó seirbhísí a sholáthar i gcás ina gcomhlíontar na coinníollacha uile seo a leanas:

(a)tá soláthraí seirbhíse íocaíochta nó soláthraí seirbhíse criptea-shócmhainní an íocóra nó an tairbhí faoi réir Threoir (AE) 2015/849 [cuir isteach tagairt – togra le haghaidh Rialachán maidir le cosc a chur le húsáid an chórais airgeadais chun críoch sciúrtha airgid nó maoinithe sceimhlitheoireachta agus lena naisghairtear Treoir (AE) 2015/849];

(b)tá soláthraí seirbhíse íocaíochta an íocaí nó soláthraí seirbhíse criptea-shócmhainní an tairbhí in ann, trí bhíthin aitheantóir idirbhirt uathúil, an t‑aistriú cistí nó, i gcás aistrithe criptea-shócmhainní, tríd an tairbhí, ar bhealach lenar féidir na haistrithe criptea-shócmhainní a shainaithint go leithleach ar an mórleabhar dáilte, ón duine a bhfuil comhaontú aige leis an íocaí nó leis an tairbhí chun earraí nó seirbhísí a sholáthar, a rianú siar tríd an íocaí;

(c)ní mó méid an aistrithe cistí ná méid na gcriptea-shócmhainní ná EUR 1000.

Airteagal 3

Sainmhínithe

Chun críocha an Rialacháin seo, beidh feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:

(1)ciallaíonn ‘maoiniú sceimhlitheoireachta’ maoiniú sceimhlitheoireachta mar a shainmhínítear in Airteagal 2(2)1(5) de Threoir (AE) 2015/849 [cuir isteach tagairt – togra le haghaidh Rialachán maidir le cosc a chur le húsáid an chórais airgeadais chun críoch sciúrtha airgid nó maoinithe sceimhlitheoireachta agus lena naisghairtear Treoir (AE) 2015/849];

(2)ciallaíonn ‘sciúradh airgid ’ na gníomhaíochtaí sciúrtha airgid dá dtagraítear in Airteagal 2(1)1(3) de Threoir (AE) 2015/849 [cuir isteach tagairt – togra le haghaidh Rialachán maidir le cosc a chur le húsáid an chórais airgeadais chun críoch sciúrtha airgid nó maoinithe sceimhlitheoireachta agus lena naisghairtear Treoir (AE) 2015/849];

(3)ciallaíonn ‘íocóir’ duine ag a bhfuil cuntas íocaíochta agus a cheadaíonn aistriú cistí ón gcuntas íocaíochta sin, nó, i gcás nach bhfuil cuntas íocaíochta ann, duine a thugann ordú aistrithe cistí;

(4)ciallaíonn ‘íocaí’ duine atá ceaptha an t‑aistriú cistí a fháil;

(5)ciallaíonn ‘soláthraí seirbhíse íocaíochta’ na catagóirí soláthraí seirbhíse íocaíochta dá dtagraítear in Airteagal 1(1) de Threoir (AE) 2015/23662007/64/CE, daoine nádúrtha nó dlítheanacha a thairbhíonn de tharscaoileadh de bhun Airteagal 3226 de agus daoine dlítheanacha a thairbhíonn de tharscaoileadh faoi Airteagal 9 de Threoir 2009/110/CE, ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 61 , lena soláthraítear seirbhísí aistrithe cistí;

(6)ciallaíonn ‘soláthraí seirbhíse íocaíochta idirghabhálach’ soláthraí seirbhíse íocaíochta, nach soláthraí seirbhíse íocaíochta an íocóra ná an íocaí é, a fhaigheann agus a sheachadann aistriú cistí thar ceann sholáthraí seirbhíse íocaíochta an íocóra nó an íocaí nó thar ceann soláthraí seirbhíse íocaíochta idirghabhálach eile;

(7)ciallaíonn ‘cuntas íocaíochta’ cuntas íocaíochta mar a shainmhínítear i bpointe (1214) d’in Airteagal 4, pointe (12), de Threoir (AE) 2015/23662007/64/CE;

(8)ciallaíonn ‘cistí’ cistí mar a shainmhínítear iad in pointe (2515) d’ Airteagal 4, pointe (25), de Threoir (AE) 2015/23662007/64/CE;

(9)ciallaíonn ‘aistriú cistí’ aon idirbheart a dhéantar ar a laghad go páirteach trí mhodhanna leictreonacha thar ceann íocóra trí sholáthraí seirbhíse íocaíochta, d’fhonn cistí a chur ar fáil d’íocaí trí sholáthraí seirbhíse íocaíochta, beag beann arb é an t‑íocóir agus an t‑íocaí an duine céanna agus beag beann arb é soláthraí seirbhíse íocaíochta an íocóra agus soláthraí seirbhíse íocaíochta an íocaí an duine céanna, lena n‑áirítear:

(a)aistriú creidmheasa mar atá sainmhínithe i bpointe (1) d’in Airteagal 2, pointe (1), de Rialachán (AE) Uimh. 260/2012;

(b)dochar díreach, mar a shainmhínítear é i bpointe (2) de in Airteagal 2, pointe (2), de Rialachán (AE) Uimh. 260/2012;

(c)seoltán airgid mar a shainmhínítear é i bpointe (13) d’ in Airteagal 4, pointe (22), de Threoir (AE) 2015/23662007/64/CE, cibé an seoltán náisiúnta nó trasteorann é;

(d)aistriú cistí a dhéantar le cárta íocaíochta, le hionstraim airgid leictreonaigh  ríomh‑airgid  , nó le fón póca, nó le feiste dhigiteach nó TF eile, atá réamhíoctha nó iaríoctha agus a bhfuil saintréithe comhchosúla acu;

 nua

(10) ciallaíonn ‘aistriú criptea-shócmhainní’ aon idirbheart a dhéantar ar a laghad go páirteach trí mhodhanna leictreonacha thar ceann tionscnóra trí sholáthraí seirbhíse criptea-shócmhainní, d’fhonn criptea-shócmhainní a chur ar fáil do thionscnóir trí sholáthraí seirbhíse criptea-shócmhainní, bíodh an tionscnóir agus an tairbhí an duine céanna nó ná bíodh agus bíodh soláthraí seirbhíse criptea-shócmhainní an tionscnóra agus soláthraí seirbhíse criptea-shócmhainní an tairbhí an duine céanna nó ná bíodh.

🡻 2015/847 (oiriúnaithe)

 nua

(1110)ciallaíonn ‘aistriú baisc-chomhaid’ beart aistrithe éagsúla aonair cistí nó criptea-shócmhainní arna gcur le chéile le haghaidh seachadadh;

(1211)ciallaíonn ‘aitheantóir idirbhirt uathúil’ teaglaim de litreacha, d’uimhreacha nó de shiombailí arna  cinneadh  ag an soláthraí seirbhíse íocaíochta, i gcomhréir le prótacail na gcóras socraíochta agus íocaíochta nó na gcóras teachtaireachtaí a úsáidtear chun na cistí a aistriú, lenar féidir an t‑idirbheart a rianú siar go dtí an t‑íocóir agus an t‑íocaí;

(1312)ciallaíonn ‘aistriú cistí ó dhuine go duine’ idirbheart idir daoine nádúrtha, ag gníomhú dóibh mar thomhaltóirí, chun críocha eile seachas trádáil, gnó nó gairm bheatha;.

 nua

(14) ciallaíonn ‘aistriú criptea-shócmhainní ó dhuine go duine’ idirbheart idir daoine nádúrtha, ag gníomhú dóibh mar thomhaltóirí, chun críocha eile seachas trádáil, gnó nó gairm bheatha, gan soláthraí seirbhíse criptea-shócmhainní nó eintiteas eile faoi oibleagáid a úsáid agus gan rannpháirtíocht soláthraí seirbhíse criptea-shócmhainní nó eintitis eile faoi oibleagáid.

(15) ciallaíonn ‘criptea-shócmhainn’ criptea-shócmhainn mar a shainmhínítear in Airteagal 3(1), pointe 2 de Rialachán [cuir isteach tagairt – togra le haghaidh Rialachán maidir le Margaí Criptea-Shócmhainní, agus lena leasaítear Treoir (AE) 2019/1937-COM/2020/593 final] ach amháin nuair is faoi na catagóirí a liostaítear in Airteagal 2(2) den Rialachán sin a thagann sí nó nuair a cháilítear mar chistí í ar chaoi eile.

(16) ciallaíonn ‘soláthraí seirbhíse criptea-shócmhainní’ soláthraí seirbhíse criptea-shócmhainní mar a shainmhínítear in Airteagal 3(1), pointe 8 de [cuir isteach tagairt – togra le haghaidh Rialachán maidir le Margaí Criptea-Shócmhainní, agus lena leasaítear Treoir (AE) 2019/1937-COM/2020/593 final] i gcás ina mbeidh seirbhís criptea-shócmhainní amháin nó níos mó á soláthar mar a shainmhínítear in Airteagal 3(1), pointe 9 de [cuir isteach tagairt – togra le haghaidh Rialachán maidir le Margaí Criptea-Shócmhainní, agus lena leasaítear Treoir (AE) 2019/1937-COM/2020/593 final];

(17) ciallaíonn ‘seoladh tiachóige’ uimhir chuntais a náirithíonn soláthraí seirbhíse criptea-shócmhainní cumhdach ina leith nó cód alfa-uimhriúil le haghaidh tiachóg ar bhlocshlabhra;

(18) ciallaíonn ‘uimhir chuntais’ uimhir chuntais le haghaidh coimeád criptea-shócmhainní a náirithíonn soláthraí seirbhíse criptea-shócmhainní cumhdach ina leith;

(19) ciallaíonn ‘tionscnóir’ duine ag a bhfuil cuntas le soláthraí seirbhíse criptea-shócmhainní agus a cheadaíonn aistriú criptea-shócmhainní ón gcuntas sin, nó, i gcás nach bhfuil cuntas ann, a eisíonn ordú aistrithe criptea-shócmhainní;

(20) ciallaíonn ‘tairbhí’ faighteoir beartaithe an aistrithe criptea-shócmhainní;

(21) ciallaíonn ‘aitheantóir eintitis dhlítheanaigh’ (LEI) cód tagartha alfa-uimhriúil uathúil atá bunaithe ar chaighdeán ISO 17442 a shanntar d’eintiteas dlíthiúil.

🡻 2015/847 (oiriúnaithe)

CAIBIDIL II

OIBLEAGÁIDÍ AR SHOLÁTHRAITHE SEIRBHÍSE ÍOCAÍOCHTA

ROINN 1

Oibleagáidí ar sholáthraithe seirbhíse íocaíochta an íocóra

Airteagal 4

Faisnéis a ghabhann le haistrithe cistí

1.    Áiritheoidh soláthraí seirbhíse íocaíochta an íocóra go ngabhfaidh an fhaisnéis seo a leanas faoin íocóir leis na haistrithe cistí:

(a)ainm an íocóra;

(b)uimhir chuntais íocaíochta an íocóra; agus

(c)seoladh, uimhir dhoiciméad phearsanta oifigiúil, uimhir aitheantais chustaiméara, nó áit bhreithe agus dáta breithe an íocóra;.

 nua

(d)faoi réir an réimse is gá a bheith ann san fhormáid ábhartha teachtaireachta íocaíochtaí, agus i gcás ina gcuireann an tíocóir ar fáil do sholáthraí seirbhísí íocaíochta an íocóra é, Aitheantóir Eintitis Dhlítheanaigh reatha an íocóra.

🡻 2015/847 (oiriúnaithe)

2.    Áiritheoidh soláthraí seirbhíse íocaíochta an íocóra go ngabhfaidh an fhaisnéis seo a leanas faoin íocaí le haistrithe cistí:

(a)ainm an íocaí; agus

(b)uimhir chuntais íocaíochta an íocaí;.

 nua

(c)faoi réir an réimse is gá a bheith ann san fhormáid ábhartha teachtaireachta íocaíochtaí, agus i gcás ina gcuireann an t‑íocóir ar fáil do sholáthraí seirbhíse íocaíochta an íocóra é, Aitheantóir Eintitis Dhlítheanaigh reatha an íocóra.

🡻 2015/847 (oiriúnaithe)

 nua

3.    De mhaolú ar phointe (b) de mhír 1 agus pointe (b) de mhír 2, i gcás aistrithe nach ndéantar ó chuntas nó chuig cuntas íocaíochta, áiritheoidh soláthraí seirbhíse íocaíochta an íocaí go bhfuil aitheantóir idirbhirt uathúil ag gabháil leis an aistriú cistí in ionad uimhir (uimhreacha) an chuntais íocaíochta.

4.    Sula n‑aistreoidh sé na cistí, áiritheoidh soláthraí seirbhíse íocaíochta an íocóra beachtas na faisnéise dá dtagraítear i mír 1  agus, i gcás inarb infheidhme, i mír 3,  ar bhonn doiciméad, sonraí nó faisnéise a fuarthas ó fhoinse iontaofa agus neamhspleách.

5.    Measfar an fíorú dá dtagraítear i mír 4 a bheith déanta sna cásanna seo a leanas:

(a)i gcás ina bhfuil céannacht íocóra fíoraithe i gcomhréir le hAirteagal 13 de Threoir (AE) 2015/849  hAirteagal 16, Airteagal 37 agus Airteagal 18(3) de [cuir isteach tagairt – togra le haghaidh Rialachán maidir le cosc a chur le húsáid an chórais airgeadais chun críoch sciúrtha airgid nó maoinithe sceimhlitheoireachta agus lena naisghairtear Treoir (AE) 2015/849]  agus go bhfuil an fhaisnéis atá faighte de bhun an fhíoraithe sin stóráilte i gcomhréir le hAirteagal 5640 den RialachánTreoir sin; nó

(b)beidh feidhm ag Airteagal 21(2) agus (3)14(5) de Threoir (AE) 2015/849 [cuir isteach tagairt – togra le haghaidh Rialachán maidir le cosc a chur le húsáid an chórais airgeadais chun críoch sciúrtha airgid nó maoinithe sceimhlitheoireachta agus lena naisghairtear Treoir (AE) 2015/849] maidir leis an íocóir;

6.    Gan dochar do na maoluithe dá bhforáiltear in Airteagal 5 agus Airteagal 6, ní dhéanfaidh soláthraí seirbhíse íocaíochta an íocóra aon aistriú cistí a fhorghníomhú sula ndéanfaidh sé a áirithiú go bhfuil an tAirteagal seo á chomhlíonadh ina iomláine.

Airteagal 5

Aistrithe cistí laistigh den Aontas

1.    De mhaolú ar Airteagal 4(1) agus (2), i gcás ina bhfuil na soláthraithe seirbhíse íocaíochta uile a bhfuil baint acu leis an slabhra íocaíochta bunaithe san Aontas, beidh uimhir chuntais íocaíochta an íocóra agus an íocaí araon, nó, i gcás ina bhfuil feidhm ag Airteagal 4(3), an t‑aitheantóir idirbhirt uathúil, ar a laghad, ag gabháil leis an aistriú cistí gan dochar, i gcás inarb infheidhme, do na ceanglais faisnéise a leagtar síos i Rialachán (AE) Uimh. 260/2012.

2.    D’ainneoin mhír 1, déanfaidh soláthraí seirbhíse íocaíochta an íocóra, laistigh de thrí lá oibre ó iarraidh ar fhaisnéis a fháil, ar iarraidh ó sholáthraí seirbhíse íocaíochta an íocaí nó ón soláthraí seirbhíse íocaíochta idirghabhálach, an méid seo a leanas a chur ar fáil:

(a) i gcás  aistrithe cistí ar mó ná EUR 1 000 iad, cibé an ndéantar na haistrithe sin in idirbheart aonair nó i roinnt idirbheart a dhealraíonn a bheith nasctha le chéile, an fhaisnéis faoin íocóir nó faoin íocaí i gcomhréir le hAirteagal 4,

(b) i gcás  aistrithe cistí nach mó ná EUR 1 000 agus nach ndealraíonn a bheith nasctha le haistrithe cistí eile, ar mó ná EUR 1 000 iad, agus an t‑aistriú i dtrácht san áireamh, ar a laghad:

(i)ainmneacha an íocóra agus an íocaí; agus

(ii)uimhreacha cuntais íocaíochta an íocóra agus an íocaí nó, i gcás ina bhfuil feidhm ag Airteagal 4(3), an t‑aitheantóir idirbhirt uathúil.

3.    De mhaolú ar Airteagal 4(4), i gcás aistrithe cistí dá dtagraítear i mír 2, pointe (b), den Airteagal seo, ní gá do sholáthraí seirbhíse íocaíochta an íocóra an fhaisnéis a fhíorú, ar faisnéis í a bhaineann leis an íocóir, ach amháin:

(a)i gcás ina mbeidh na cistí atá le haistriú faighte ag soláthraí seirbhíse íocaíochta an íocóra in airgead tirim nó in airgead leictreonach anaithnid; nó

(b)i gcás ina bhfuil forais réasúnacha ag soláthraí seirbhíse íocaíochta an íocaí chun drochamhras a bheith air, go bhfuil sciúradh airgid nó maoiniú sceimhlitheoireachta ag tarlú.

Airteagal 6

Aistrithe cistí amach as an Aontas

1.    Maidir le haistriú baisc-chomhaid ó íocóir aonair i gcás ina bhfuil soláthraithe seirbhíse íocaíochta na n‑íocaithe bunaithe lasmuigh den Aontas, ní bheidh feidhm ag Airteagal 4(1) maidir leis na haistrithe aonair cuachta le chéile iontu, ar choinníoll go bhfuil san aistriú baisc-chomhaid an fhaisnéis dá dtagraítear in Airteagal 4(1), (2) agus (3), gur fíoraíodh an fhaisnéis sin i gcomhréir le hAirteagal 4(4) agus (5), agus go bhfuil uimhir chuntais íocaíochta an íocóra nó, i gcás ina bhfuil feidhm ag Airteagal 4(3), go bhfuil an t‑aitheantóir idirbhirt uathúil ar na haistrithe aonair.

2.    De mhaolú ar Airteagal 4(1), agus, i gcás inarb iomchuí, gan dochar don fhaisnéis a cheanglaítear a sholáthar i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 260/2012, i gcás ina bhfuil soláthraí seirbhíse íocaíochta an íocaí bunaithe lasmuigh den Aontas, is é a bheidh ag gabháil le haistrithe cistí nach mó ná EUR 1 000 agus a dhealraíonn nach bhfuil siad nasctha le haistrithe cistí eile, ar mó ná EUR 1 000 iad agus an t‑aistriú i dtrácht san áireamh, an méid seo a leanas ar laghad:

(a)ainmneacha an íocóra agus an íocaí; agus

(b)uimhreacha cuntais íocaíochta an íocóra agus an íocaí nó, i gcás ina bhfuil feidhm ag Airteagal 4(3), an t‑aitheantóir idirbhirt uathúil.

De mhaolú ar Airteagal 4(4), ní gá do sholáthraí seirbhíse íocaíochta an íocóra an fhaisnéis dá dtagraítear sa mhír seo a bhaineann leis an íocóir, a fhíorú ach amháin:

(a)i gcás ina mbeidh na cistí atá le haistriú faighte ag soláthraí seirbhíse íocaíochta an íocóra in airgead tirim nó in airgead leictreonach anaithnid; nó

(b)i gcás ina bhfuil forais réasúnacha ag soláthraí seirbhíse íocaíochta an íocaí chun drochamhras a bheith air, go bhfuil sciúradh airgid nó maoiniú sceimhlitheoireachta ag tarlú.

ROINN 2

Oibleagáidí ar sholáthraí seirbhíse íocaíochta an íocóra

Airteagal 7

Faisnéis faoin íocóir agus faoin íocaí atá ar iarraidh a bhrath

1.    Cuirfidh soláthraí seirbhíse íocaíochta an íocaí nósanna imeachta éifeachtacha chun feidhme le brath an bhfuil na réimsí a bhaineann leis an bhfaisnéis faoin íocóir agus faoin íocaí sa chóras teachtaireachtaí nó sa chóras íocaíochta agus socraíochta a úsáidtear chun na cistí a aistriú, líonta isteach agus carachtair nó ionchuir atá inghlactha i gcomhréir le cleachtais an chórais sin á n‑úsáid.

2.    Cuirfidh soláthraí seirbhíse íocaíochta an íocaí nósanna imeachta éifeachtacha chun feidhme, lena n‑áirítear, nuair is iomchuí, faireachán  ex-post faireachán fíor-ama faireachán tar éis na n‑aistrithe nó lena linn , chun a bhrath an bhfuil an fhaisnéis seo a leanas faoin íocóir agus faoin íocaí ar iarraidh:

(a) i gcás  aistrithe cistí i gcás ina bhfuil soláthraí seirbhíse íocaíochta an íocóra bunaithe san Aontas, an fhaisnéis dá dtagraítear in Airteagal 5;

(b)le haghaidh aistrithe cistí i gcás ina bhfuil soláthraí seirbhíse íocaíochta an íocóra bunaithe lasmuigh den Aontas, an fhaisnéis dá dtagraítear in Airteagal 4(1), pointí (a), (b) agus (c), agus Airteagal 4(2), pointí (a) agus (b);

(c)le haghaidh aistrithe baisc-chomhaid i gcás ina bhfuil soláthraí seirbhíse íocaíochta an íocóra bunaithe lasmuigh den Aontas, an fhaisnéis dá dtagraítear in Airteagal 4(1), pointí (a), (b) agus (c), agus Airteagal 4(2), pointí (a) agus (b), i leith an aistrithe baisc-chomhaid sin.

3.    I gcás aistrithe cistí ar mó ná EUR 1 000 iad, cibé an ndéantar na haistrithe sin in idirbheart aonair nó i roinnt idirbheart a dhealraíonn a bheith nasctha le chéile, sula ndéanfaidh sé iad a chur do shochar chuntas íocaíochta an íocaí nó na cistí a chur ar fáil don íocaí, déanfaidh soláthraí seirbhíse íocaíochta an íocaí cruinneas na faisnéise dá dtagraítear i mír 2 den Airteagal seo a bhaineann leis an íocaí, a fhíorú ar bhonn doiciméad, sonraí nó faisnéise a bheidh faighte ó fhoinse iontaofa agus neamhspleách, gan dochar do na ceanglais a leagtar síos in Airteagal 69 agus in Airteagail 8369 agus 8470 de Threoir (AE) 2015/2366 2007/64/CE.

4.    I gcás aistrithe cistí nach mó ná EUR 1 000 agus a dhealraíonn nach bhfuil siad nasctha le haistrithe cistí eile, ar mó ná EUR 1 000 iad agus an t‑aistriú i dtrácht san áireamh, ní gá do sholáthraí seirbhíse íocaíochta an íocaí cruinneas na faisnéise a bhaineann leis an íocaí a fhíorú, ach amháin:

(a)i gcás ina ndéanann soláthraí seirbhíse íocaíochta an íocaí na cistí a íoc amach in airgead tirim nó in airgead leictreonach anaithnid; nó

(b)i gcás ina bhfuil forais réasúnacha ag soláthraí seirbhíse íocaíochta an íocaí chun drochamhras a bheith air, go bhfuil sciúradh airgid nó maoiniú sceimhlitheoireachta ag tarlú.

5.    Measfar an fíorú dá dtagraítear i mír 3 agus i mír 4 a bheith déanta:

(a)i gcás ina bhfuil céannacht íocaí fíoraithe i gcomhréir le hAirteagal 13 de Threoir (AE) 2015/849  hAirteagal 16, Airteagal 37 agus Airteagal 18(3) de [cuir isteach tagairt – togra le haghaidh Rialachán maidir le cosc a chur le húsáid an chórais airgeadais chun críoch sciúrtha airgid nó maoinithe sceimhlitheoireachta agus lena naisghairtear Treoir (AE) 2015/849]  agus go bhfuil an fhaisnéis atá faighte de bhun an fhíoraithe sin stóráilte i gcomhréir le hAirteagal 5640 den RialachánTreoir sin; nó

(b)beidh feidhm ag Airteagal 21(2) agus (3)14(5) de Threoir (AE) 2015/849 [cuir isteach tagairt – togra le haghaidh Rialachán maidir le cosc a chur le húsáid an chórais airgeadais chun críoch sciúrtha airgid nó maoinithe sceimhlitheoireachta agus lena naisghairtear Treoir (AE) 2015/849] maidir leis an íocaí;

Airteagal 8

Aistrithe cistí ina bhfuil faisnéis faoin íocóir nó faoin íocaí ar iarraidh nó neamhiomlán

1.    Cuirfidh soláthraí seirbhíse íocaíochta an íocaí nósanna imeachta éifeachtacha riosca-bhunaithe chun feidhme, lena n‑áirítear nósanna imeachta atá bunaithe ar an mbonn riosca-íogair dá dtagraítear in Airteagal 1613 de Threoir (AE) 2015/849 [cuir isteach tagairt – togra le haghaidh Rialachán maidir le cosc a chur le húsáid an chórais airgeadais chun críoch sciúrtha airgid nó maoinithe sceimhlitheoireachta agus lena n‑aisghairtear Treoir (AE) 2015/849], chun a chinneadh an ndéanfaidh sé aistriú cistí ina bhfuil an fhaisnéis iomlán a cheanglaítear faoin íocóir agus faoin íocaí in easnamh a fhorghníomhú, a dhiúltú nó a fhionraí agus chun an ghníomhaíocht leantach iomchuí a ghlacadh.

I gcás ina bhfaigheann soláthraí seirbhíse íocaíochta an íocaí amach, agus é ag fáil aistrithe cistí, go bhfuil an fhaisnéis faoin íocóir nó faoin íocaí dá dtagraítear in Airteagal 4(1), pointí (a), (b) agus (c),  Airteagal 4(2), pointí (a) agus (b), Airteagal 5(1) nó Airteagal 6 ar iarraidh nó neamhiomlán, nó nach bhfuil sí líonta isteach agus na carachtair nó na hionchuir atá inghlactha faoi chleachtais an chórais teachtaireachtaí nó an chórais íocaíochta agus socraíochta dá dtagraítear in Airteagal 7(1) á n‑úsáid, diúltóidh sé don aistriú nó iarrfaidh sé an fhaisnéis a cheanglaítear a sholáthar faoin íocóir agus faoin íocaí, sula ndéanfaidh sé na cistí a chur do shochar chuntas íocaíochta an íocaí nó na cistí a chur ar fáil don íocaí, ar bhonn riosca-íogair.

2.    I gcás ina mainníonn soláthraí seirbhíse íocaíochta arís agus arís eile an fhaisnéis a cheanglaítear faoin íocóir nó faoin íocaí a sholáthar, déanfaidh soláthraí seirbhíse íocaíochta an íocaí bearta, agus d’fhéadfaí a áireamh air sin ar dtús rabhaidh a eisiúint agus sprioc-amanna a shocrú, sula ndiúltóidh sé aon aistrithe cistí ina dhiaidh sin ón soláthraí seirbhíse íocaíochta sin nó sula ndéanfaidh sé a chaidreamh gnó leis an soláthraí seirbhíse íocaíochta a shrianadh nó a fhoirceannadh.

Tabharfaidh soláthraí seirbhíse íocaíochta an íocaí tuairisc faoin mainneachtain sin, agus faoi na bearta a rinneadh, don údarás inniúil atá freagrach as faireachán a dhéanamh ar chomhlíonadh forálacha maidir le frithsciúradh airgid agus maidir le frithmhaoiniú sceimhlitheoireachta.

Airteagal 9

Measúnú agus tuairisciú

Cuirfidh soláthraí seirbhíse íocaíochta an íocaí faisnéis faoin íocóir nó faoin íocaí atá ar iarraidh nó neamhiomlán san áireamh le linn dó measúnú á dhéanamh an bhfuil aistriú cistí, nó aon idirbheart lena mbaineann, amhrasach, agus an bhfuil sé le tuairisciú chuig an Aonad um Fhaisnéis Airgeadais (AFA) i gcomhréir le Treoir (AE) 2015/849 [cuir isteach tagairt – togra le haghaidh Rialachán maidir le cosc a chur le húsáid an chórais airgeadais chun críoch sciúrtha airgid nó maoinithe sceimhlitheoireachta agus lena n‑aisghairtear Treoir (AE) 2015/849].

ROINN 3

Oibleagáidí ar sholáthraithe seirbhíse íocaíochta idirghabhálacha

Airteagal 10

Faisnéis faoin íocóir agus faoin íocaí a choinneáil leis an aistriú

Áiritheoidh soláthraithe seirbhíse íocaíochta idirghabhálacha go gcoinneofar an fhaisnéis ar fad a fuarthas faoin íocóir agus faoin íocaí a ghabhann le haistriú cistí leis an aistriú.

Airteagal 11

Faisnéis faoin íocóir agus faoin íocaí atá ar iarraidh a bhrath

1.    Déanfaidh an soláthraí seirbhíse íocaíochta idirghabhálach nósanna imeachta éifeachtacha a chur chun feidhme le brath an bhfuil na réimsí a bhaineann leis an bhfaisnéis faoin íocóir agus faoin íocaí sa chóras teachtaireachtaí nó sa chóras íocaíochta agus socraíochta a úsáidtear chun na cistí a aistriú líonta isteach agus carachtair nó ionchuir atá inghlactha i gcomhréir le cleachtais an chórais sin á n‑úsáid.

2.    Cuirfidh an soláthraí seirbhíse íocaíochta idirghabhálach nósanna imeachta éifeachtacha chun feidhme, lena n‑áirítear, nuair is iomchuí, faireachán ex-post nó faireachán fíor-ama, chun a bhrath an bhfuil an fhaisnéis seo a leanas faoin íocóir nó faoin íocaí ar iarraidh:

(a) i gcás  aistrithe cistí, i gcás ina bhfuil soláthraí seirbhíse íocaíochta an íocóra agus an íocaí bunaithe san Aontas, an fhaisnéis dá dtagraítear in Airteagal 5;

(b)le haghaidh aistrithe cistí i gcás ina bhfuil soláthraí seirbhíse íocaíochta an íocóra nó an íocaí bunaithe lasmuigh den Aontas, an fhaisnéis dá dtagraítear in Airteagal 4(1), pointí (a), (b) agus (c), agus Airteagal 4(2), pointí (a) agus (b);

(c)le haghaidh aistrithe baisc-chomhaid, i gcás ina bhfuil soláthraí seirbhíse íocaíochta an íocóra nó an íocaí bunaithe lasmuigh den Aontas, an fhaisnéis dá dtagraítear in Airteagal 4(1) agus (2) i leith an aistrithe baisc-chomhaid sin.

Airteagal 12

Aistrithe cistí ina bhfuil faisnéis faoin íocóir nó faoin íocaí ar iarraidh

1.    Cuirfidh an soláthraí seirbhíse íocaíochta idirghabhálach nósanna imeachta éifeachtacha riosca-bhunaithe i bhfeidhm atá bunaithe ar an riosca chun a chinneadh aistriú cistí ina bhfuil an fhaisnéis a cheanglaítear a sholáthar faoin íocóir agus faoin íocaí in easnamh a fhorghníomhú, a dhiúltú nó a fhionraí agus chun an ghníomhaíocht leantach iomchuí a ghlacadh.

I gcás ina bhfaigheann an soláthraí seirbhíse íocaíochta idirghabhálach amach, agus é ag fáil aistrithe cistí, go bhfuil an fhaisnéis dá dtagraítear in Airteagal 4(1), pointí (a), (b) agus (c),  Airteagal 4, pointí (2)(a) agus (b), Airteagal 5(1) nó Airteagal 6 ar iarraidh, nó nach bhfuil sí líonta isteach agus carachtair nó ionchuir atá inghlactha i gcomhréir le cleachtais an chórais teachtaireachtaí nó an chórais íocaíochta agus socraíochta dá dtagraítear in Airteagal 7(1) á n‑ úsáid, diúltóidh sé don aistriú nó iarrfaidh sé an fhaisnéis a cheanglaítear a sholáthar faoin íocóir agus faoin íocaí, sula ndéantar tarchur aistriú na gcistí nó ina dhiaidh sin, ar bhonn riosca-íogair.

2.    I gcás ina mainníonn soláthraí seirbhíse íocaíochta arís is arís eile an fhaisnéis a cheanglaítear faoin íocóir nó faoin íocaí a sholáthar, glacfaidh an soláthraí seirbhíse íocaíochta idirghabhálach bearta, agus d’fhéadfaí a áireamh orthu ar dtús rabhaidh a eisiúint agus sprioc-amanna a shocrú, sula ndiúltóidh sé aon aistriú cistí ina dhiaidh sin ón soláthraí seirbhíse íocaíochta sin nó sula ndéanfaidh sé a chaidreamh gnó leis an soláthraí seirbhíse íocaíochta a shrianadh, a theorannú nó a fhoirceannadh.

Tabharfaidh an soláthraí seirbhíse íocaíochta idirghabhálach tuairisc faoin mainneachtain sin, agus na bearta a rinneadh, don údarás inniúil atá freagrach as faireachán a dhéanamh ar chomhlíonadh forálacha maidir le frithsciúradh airgid agus maidir le frithmhaoiniú sceimhlitheoireachta.

Airteagal 13

Measúnú agus tuairisciú

Cuirfidh an soláthraí seirbhíse íocaíochta idirghabhálach faisnéis faoin íocóir nó faoin íocaí atá ar iarraidh san áireamh le linn dó measúnú á dhéanamh an bhfuil aistriú cistí, nó aon idirbheart lena mbaineann, amhrasach, agus an bhfuil sé le tuairisciú chuig AFA i gcomhréir le Treoir (AE) 2015/849 [cuir isteach tagairt – togra le haghaidh Rialachán maidir le cosc a chur le húsáid an chórais airgeadais chun críoch sciúrtha airgid nó maoinithe sceimhlitheoireachta agus lena n‑aisghairtear Treoir (AE) 2015/849].

 nua

CAIBIDIL III

Oibleagáidí ar sholáthraithe seirbhíse criptea-shócmhainní

ROINN 1

Oibleagáidí ar sholáthraí seirbhíse criptea-shócmhainní an tionscnóra

Airteagal 14

Faisnéis a ghabhann le haistrithe criptea-shócmhainní

1. Áiritheoidh soláthraí seirbhíse criptea-shócmhainní an tionscnóra go ngabhfaidh an fhaisnéis seo a leanas faoin tionscnóir le haistrithe criptea-shócmhainní:

(a) ainm an tionscnóra;

(b) uimhir chuntais an tionscnóra, i gcás ina n‑úsáidtear cuntas chun an t‑idirbheart a phróiseáil;

(c) seoladh, uimhir dhoiciméad phearsanta oifigiúil, uimhir aitheantais chustaiméara, nó áit bhreithe agus dáta breithe an tionscnóra.

2. Áiritheoidh soláthraí seirbhíse criptea-shócmhainní an tionscnóra go ngabhfaidh an fhaisnéis seo a leanas faoin tairbhí le haistrithe criptea-shócmhainní:

(a) ainm an tairbhí;

(b) uimhir chuntais an tairbhí, i gcás inarb ann do chuntas den sórt sin agus ina n‑úsáidtear é chun an t‑idirbheart a phróiseáil.

3. De mhaolú ar phointe (b) de mhír 1 agus ar phointe (b) de mhír 2, i gcás aistrithe nach ndéantar ó chuntas nó chuig cuntas, áiritheoidh soláthraí seirbhíse criptea-shócmhainní an tionscnóra gur féidir an t‑aistriú criptea-shócmhainní a shainaithint go leithleach agus go ndéanfar taifid de shainaithneoirí seolta an tionscnóra agus an tairbhí ar an mórleabhar dáilte.

4. Ní gá an fhaisnéis dá dtagraítear i míreanna 1 agus 2 a bheith ag gabháil go díreach leis an aistriú criptea-shócmhainní ná ní gá an fhaisnéis a bheith san áireamh ann.

5. Sula n‑aistreoidh sé na criptea-shócmhainní, áiritheoidh soláthraí seirbhíse criptea-shócmhainní an tionscnóra beachtas na faisnéise dá dtagraítear i mír 1 ar bhonn doiciméad, sonraí nó faisnéise a fuarthas ó fhoinse iontaofa agus neamhspleách.

6. Measfar an fíorú dá dtagraítear i mír 5 a bheith déanta sna cásanna seo a leanas:

(a) i gcás ina bhfuil céannacht an tionscnóra fíoraithe i gcomhréir le hAirteagal 16, Airteagal 18(3) agus Airteagal 37 de Rialachán [cuir isteach tagairt – togra le haghaidh Rialachán maidir le cosc a chur le húsáid an chórais airgeadais chun críoch sciúrtha airgid nó maoinithe sceimhlitheoireachta agus lena n‑aisghairtear Treoir (AE) 2015/849] [agus go bhfuil an fhaisnéis atá faighte de bhun an fhíoraithe sin stóráilte i gcomhréir le hAirteagal 56 de Rialachán [cuir isteach tagairt – togra le haghaidh Rialachán maidir le cosc a chur le húsáid an chórais airgeadais chun críoch sciúrtha airgid nó maoinithe sceimhlitheoireachta agus lena n‑aisghairtear Treoir (AE) 2015/849]

(b) beidh feidhm ag Airteagal 21(2) agus (3) de Rialachán [cuir isteach tagairt – togra le haghaidh Rialachán maidir le cosc a chur le húsáid an chórais airgeadais chun críoch sciúrtha airgid nó maoinithe sceimhlitheoireachta agus lena n‑aisghairtear Treoir (AE) 2015/849] maidir leis an tionscnóir.

7. Gan dochar don mhaolú dá bhforáiltear in Airteagal 15(2), ní dhéanfaidh soláthraí seirbhíse criptea-shócmhainní an tionscnóra aon aistriú criptea-shócmhainní a fhorghníomhú sula ndéanfaidh sé a áirithiú go bhfuil an tAirteagal seo á chomhlíonadh ina iomláine.

Airteagal 15

Aistrithe criptea-shócmhainní

1. Maidir le haistriú baisc-chomhaid ó thionscnóir aonair, ní bheidh feidhm ag Airteagal 14(1) maidir leis na haistrithe aonair cuachta le chéile iontu, ar choinníoll go bhfuil san aistriú baisc-chomhaid an fhaisnéis dá dtagraítear in Airteagal 14 (1), (2) agus (3), gur fíoraíodh an fhaisnéis sin i gcomhréir le hAirteagal 14(5) agus (6), agus go bhfuil uimhir chuntais íocaíochta an tionscnóra nó, i gcás ina bhfuil feidhm ag Airteagal 14(3), go bhfuil sainaithint aonair an aistrithe ar na haistrithe aonair.

2. De mhaolú ar Airteagal 14(1), beidh an fhaisnéis seo a leanas ar a laghad ag gabháil le haistrithe criptea-shócmhainní nach mó ná EUR 1 000 agus nach ndealraíonn a bheith nasctha le haistrithe criptea-shócmhainní eile, ar mó ná EUR 1 000 iad, agus an t‑aistriú i dtrácht san áireamh:

(a) ainmneacha an tionscnóra agus an tairbhí;

(b) uimhir chuntais an tionscnóra agus an tairbhí nó, i gcás ina bhfuil feidhm ag Airteagal 14(3), an t‑árachas gur féidir an t‑idirbheart criptea-shócmhainní a shainaithint go leithleach;

De mhaolú ar Airteagal 14(5), níor cheart don soláthraí seirbhíse criptea-shócmhainní an tionscnóra an fhaisnéis a bhaineann leis an tionscnóir dá dtagraítear sa mhír seo, an chéad fhomhír, pointí (a) agus (b), a fhíorú ach amháin sna cásanna seo a leanas:

(a) i gcás ina mbeidh na cistí atá le haistriú faighte ag soláthraí seirbhíse criptea-shócmhainní an tionscnóra mar mhalairt ar airgead tirim nó ar airgead leictreonach anaithnid;

(b) i gcás ina bhfuil forais réasúnacha ag soláthraí seirbhíse criptea-shócmhainní an tionscnóra chun drochamhras a bheith air, go bhfuil sciúradh airgid nó maoiniú sceimhlitheoireachta ag tarlú.

ROINN 2

Oibleagáidí ar sholáthraí seirbhíse criptea-shócmhainní an tairbhí

Airteagal 16

Faisnéis faoin tionscnóir agus faoin tairbhí atá ar iarraidh a bhrath

1. Cuirfidh soláthraí seirbhíse criptea-shócmhainní an tairbhí nósanna imeachta éifeachtacha chun feidhme, lena n‑áirítear, nuair is iomchuí, faireachán tar éis na n‑aistrithe nó lena linn, chun a bhrath an bhfuil an fhaisnéis dá dtagraítear in Airteagal 14(1) agus (2) faoin tionscnóir nó faoin tairbhí san áireamh, nó an eascraíonn an fhaisnéis ón aistriú criptea-shócmhainní nó ón aistriú baisc-chomhaid.

2. I gcás aistrithe criptea-shócmhainní ar mó ná EUR 1 000 iad, cibé an ndéantar na haistrithe sin in idirbheart aonair nó i roinnt idirbheart a dhealraíonn a bheith nasctha le chéile, sula gcuirfidh sé na criptea-shócmhainní ar fáil don tairbhí, déanfaidh soláthraí seirbhíse criptea-shócmhainní an tairbhí cruinneas na faisnéise dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo a bhaineann leis an tairbhí, a fhíorú ar bhonn doiciméad, sonraí nó faisnéise a bheidh faighte ó fhoinse iontaofa agus neamhspleách, gan dochar do na ceanglais a leagtar síos in Airteagail 83 agus 84 de Threoir (AE) 2015/2366.

3. I gcás aistrithe criptea-shócmhainní nach mó ná EUR 1 000 agus a dhealraíonn nach bhfuil siad nasctha le haistrithe criptea-shócmhainní eile, ar mó ná EUR 1 000 iad agus an t‑aistriú i dtrácht san áireamh, ní dhéanfaidh soláthraí seirbhíse criptea-shócmhainní an tairbhí cruinneas na faisnéise a bhaineann leis an tairbhí a fhíorú ach amháin sna cásanna seo a leanas:

(a) i gcás ina ndéanann soláthraí seirbhíse criptea-shócmhainní an tairbhí na criptea-shócmhainní a íoc amach in airgead tirim nó in airgead leictreonach anaithnid;

(b) i gcás ina bhfuil forais réasúnacha ag soláthraí seirbhíse criptea-shócmhainní an tairbhí chun drochamhras a bheith air, go bhfuil sciúradh airgid nó maoiniú sceimhlitheoireachta ag tarlú.

4. Measfar an fíorú dá dtagraítear i míreanna 2 agus 4 a bheith déanta i gcásanna ina bhfuil feidhm ag ceann amháin díobh seo a leanas:

(a) i gcás ina bhfuil céannacht thairbhí an aistrithe criptea-shócmhainní fíoraithe i gcomhréir le hAirteagal 13 [cuir an tagairt cheart in AMLR chun ionadú a dhéanamh ar Airteagal 16, Airteagal 18(3) agus Airteagal 37 de Rialachán [cuir isteach tagairt – togra le haghaidh Rialachán maidir le cosc a chur le húsáid an chórais airgeadais chun críoch sciúrtha airgid nó maoinithe sceimhlitheoireachta agus lena n‑aisghairtear Treoir (AE) 2015/849] agus go bhfuil an fhaisnéis atá faighte de bhun an fhíoraithe sin stóráilte i gcomhréir le hAirteagal 56 de Rialachán [cuir isteach tagairt – togra le haghaidh Rialachán maidir le cosc a chur le húsáid an chórais airgeadais chun críoch sciúrtha airgid nó maoinithe sceimhlitheoireachta agus lena n‑aisghairtear Treoir (AE) 2015/849];

(b) beidh feidhm ag Airteagal 21(2) agus (3) de Rialachán [cuir isteach tagairt – togra le haghaidh Rialachán maidir le cosc a chur le húsáid an chórais airgeadais chun críoch sciúrtha airgid nó maoinithe sceimhlitheoireachta agus lena n‑aisghairtear Treoir (AE) 2015/849] maidir leis an tairbhí a fhaigheann an t‑aistriú criptea-shócmhainní;

Airteagal 17

Aistrithe criptea-shócmhainní ina bhfuil faisnéis faoin tionscnóir nó faoin tairbhí ar iarraidh nó neamhiomlán

1. Cuirfidh soláthraí seirbhíse criptea-shócmhainní an tairbhí nósanna imeachta éifeachtacha riosca-bhunaithe chun feidhme, lena n‑áirítear nósanna imeachta atá bunaithe ar an mbonn riosca-íogair dá dtagraítear in Airteagal 16, Airteagal 18(3) agus Airteagal 37 de Rialachán [cuir isteach tagairt – togra le haghaidh Rialachán maidir le cosc a chur le húsáid an chórais airgeadais chun críoch sciúrtha airgid nó maoinithe sceimhlitheoireachta agus lena n‑aisghairtear Treoir (AE) 2015/849], chun a chinneadh an ndéanfaidh sé aistriú criptea-shócmhainní ina bhfuil an fhaisnéis iomlán a cheanglaítear faoin tionscnóir agus faoin tairbhí in easnamh a fhorghníomhú, a dhiúltú nó a fhionraí agus chun an ghníomhaíocht leantach iomchuí a ghlacadh.

I gcás ina bhfaigheann soláthraí seirbhíse criptea-shócmhainní an tairbhí amach, agus é ag fáil aistrithe criptea-shócmhainní, go bhfuil an fhaisnéis dá dtagraítear in Airteagal 14(1), Airteagal 14(2) nó Airteagal 15 ar iarraidh nó neamhiomlán, déanfaidh an soláthraí seirbhíse criptea-shócmhainní an t‑aistriú a dhiúltú nó iarrfaidh sé an fhaisnéis a cheanglaítear faoin tionscnóir agus faoin tairbhí sula gcuirfear na criptea-shócmhainní ar fáil don tairbhí nó ina dhiaidh sin, ar bhonn riosca-íogair.

2. I gcás ina mainníonn soláthraí seirbhíse íocaíochta arís is arís eile an fhaisnéis a cheanglaítear faoin tionscnóir nó faoin tairbhí a sholáthar, glacfaidh an soláthraí seirbhíse criptea-shócmhainní idirghabhálach bearta, agus d’fhéadfaí a áireamh orthu ar dtús rabhaidh a eisiúint agus sprioc-amanna a shocrú, agus cuirfidh sé na criptea-shócmhainní a aistríodh ar ais chuig cuntas nó seoladh an tionscnóra. Féadfaidh soláthraí seirbhíse criptea-shócmhainní an tairbhí na criptea-shócmhainní a aistríodh a choinneáil, gan iad a chur ar fáil don tairbhí, go dtí go ndéanfaidh an t‑údarás inniúil atá freagrach as faireachán a dhéanamh ar chomhlíonadh forálacha maidir le frithsciúradh airgid agus maidir le frithmhaoiniú sceimhlitheoireachta athbhreithniú orthu.

Tabharfaidh soláthraí seirbhíse criptea-shócmhainní an tairbhí tuairisc faoin mhainneachtain sin, agus faoi na bearta a rinneadh, don údarás inniúil atá freagrach as faireachán a dhéanamh ar chomhlíonadh forálacha maidir le frithsciúradh airgid agus maidir le frithmhaoiniú sceimhlitheoireachta.

Airteagal 18

Measúnú agus tuairisciú

Cuirfidh soláthraí seirbhíse criptea-shócmhainní an tairbhí faisnéis faoin tionscnóir nó faoin tairbhí atá ar iarraidh nó neamhiomlán san áireamh le linn dó measúnú á dhéanamh an bhfuil aistriú cistí, nó aon idirbheart lena mbaineann, amhrasach, agus an bhfuil sé le tuairisciú chuig AFA i gcomhréir le Rialachán [cuir isteach tagairt – togra le haghaidh Rialachán maidir le cosc a chur le húsáid an chórais airgeadais chun críoch sciúrtha airgid nó maoinithe sceimhlitheoireachta agus lena n‑aisghairtear Treoir (AE) 2015/849].

🡻 2015/847

 nua

CAIBIDIL IVIII

FAISNÉIS, COSAINT SONRAÍ, AGUS TAIFID A CHOIMEÁD

Airteagal 1914

Faisnéis a chur ar fáil

Freagróidh soláthraithe seirbhíse íocaíochta agus soláthraithe seirbhíse criptea-shócmhainní go hiomlán agus gan mhoill, lena n‑áirítear trí phointe teagmhála lárnach i gcomhréir le hAirteagal 5(1) de Threoir (AE) 2015/849 [cuir isteach tagairt – togra le haghaidh Treoir maidir leis na sásraí atá le cur i bhfeidhm ag na Ballstáit chun úsáid an chórais airgeadais chun críoch sciúrtha airgid nó maoinithe sceimhlitheoireachta a chosc agus lena n‑aisghairtear Treoir (AE) 2015/849], i gcás inar ceapadh pointe teagmhála den sórt sin, agus i gcomhréir leis na ceanglais nós imeachta atá leagtha síos i ndlí náisiúnta an Bhallstáit ina bhfuil siad bunaithe, d’fhiosrúcháin a thig go heisiach ó údaráis an Bhallstáit sin atá freagrach as sciúradh airgid nó maoiniú sceimhlitheoireachta a chosc agus achomharc maidir leis an bhfaisnéis a cheanglaítear a sholáthar faoin Rialachán seo.

Airteagal 2015

Cosaint sonraí

🡻 2019/2175 Airteagal. 6.1

1.    Tá próiseáil sonraí pearsanta faoin Rialachán seo faoi réir Rialachán (AE) Uimh. 2019/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 62 . Maidir le sonraí pearsanta a bhíonn an Coimisiún a phróiseáil nó ÚBE de bhun an Rialacháin seo, tá siad faoi réir Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 63 .

🡻 2015/847 (oiriúnaithe)

 nua

2.    Ní dhéanfaidh soláthraithe seirbhísí íocaíochta  agus soláthraithe seirbhíse criptea-shócmhainní  sonraí pearsanta a phróiseáil ar bhonn an Rialacháin seo ach amháin chun cosc a chur ar sciúradh airgid agus ar mhaoiniú sceimhlitheoireachta agus ní dhéanfar tuilleadh próiseála orthu ar bhealach nach bhfuil ag luí leis na críocha sin. Toirmeascfar sonraí pearsanta a phróiseáil ar bhonn an Rialacháin seo chun críocha tráchtála.

3.    Déanfaidh soláthraithe seirbhíse íocaíochta  agus soláthraithe seirbhíse criptea-shócmhainní  an fhaisnéis a cheanglaítear a sholáthar de bhun Airteagal 1310 de Rialachán (AE) 2016/679 Threoir 95/46/CE a chur ar fáil do chliaint nua sula mbunófar caidreamh gnó nó sula ndéanfar idirbheart ócáideach. Áireofar ar an bhfaisnéis sin, go háirithe, fógra ginearálta faoi na hoibleagáidí dlíthiúla atá ar sholáthraithe seirbhísí íocaíochta  agus soláthraithe seirbhíse criptea-shócmhainní  faoin Rialachán seo agus sonraí pearsanta á bpróiseáil acu chun críocha cosc a chur ar sciúradh airgid agus ar mhaoiniú sceimhlitheoireachta.

4.    Áiritheoidh soláthraithe seirbhíse íocaíochta  agus criptea-shócmhainní  go n‑urramófar rúndacht na sonraí a phróiseáiltear.

Airteagal 2116

Taifid a choimeád

1.    Ní dhéanfar faisnéis faoin íocóir ná faoin íocaí  , ná, le haghaidh aistrithe criptea-shócmhainní, faoin tionscnóir agus faoin tairbhí,  a choinneáil níos faide ná mar atá géarghá léi. Coinneoidh soláthraithe seirbhíse íocaíochta an íocóra agus an íocaí taifid den fhaisnéis dá dtagraítear in Airteagail 4 go 7  agus coinneoidh soláthraithe seirbhíse criptea-shócmhainní an tionscnóra agus an tairbhí taifid den fhaisnéis dá dtagraítear in Airteagail 14 go 16,  ar feadh tréimhse 5 bliana.

2.    Ar dhul in éag don tréimhse coinneála dá dtagraítear i mír 1, áiritheoidh soláthraithe seirbhísí íocaíochta  agus soláthraithe seirbhíse criptea-shócmhainní  go ndéantar na sonraí pearsanta a scriosadh, mura bhforáiltear a mhalairt sa dlí náisiúnta, arb é an dlí é lena gcinnfear na cúinsí faoina bhféadfaidh soláthraithe seirbhíse íocaíochta na sonraí a choinneáil tuilleadh nó faoina ndéanfaidh siad na sonraí a choinneáil tuilleadh. Ní fhéadfaidh na Ballstáit tréimhse coinneála is faide a cheadú nó a cheangal ach amháin tar éis dóibh measúnú iomlán a dhéanamh ar an ngá le coinneáil tuilleadh den sórt sin agus ar a chomhréireacht, agus i gcás ina measann siad go bhfuil údar le coinneáil tuilleadh den sórt sin chun sciúradh airgid nó maoiniú sceimhlitheoireachta a chosc, a bhrath nó a imscrúdú. Ní rachaidh an tréimhse coinneála bhreise sin thar chúig bliana.

3.    I gcás ina mbeidh imeachtaí dlíthiúla ar feitheamh i mBallstát an 25 Meitheamh 2015, ar imeachtaí iad a bhaineann le sciúradh amhrasta airgid nó maoiniú amhrasta sceimhlitheoireachta a chosc, a bhrath, a imscrúdú nó a ionchúiseamh, agus i gcás ina bhfuil faisnéis nó doiciméid a bhaineann leis na himeachtaí sin ar feitheamh i seilbh ag soláthraí seirbhíse íocaíochta, féadfaidh an soláthraí seirbhíse íocaíochta an fhaisnéis sin nó na doiciméid sin a choinneáil i gcomhréir leis an dlí náisiúnta ar feadh tréimhse cúig bliana ón 25 Meitheamh 2015. Gan dochar don dlí coiriúil náisiúnta maidir le fianaise is infheidhme i ndáil le himscrúduithe coiriúla leanúnacha agus imeachtaí dlíthiúla leanúnacha, féadfaidh na Ballstáit coinneáil faisnéise nó sonraí den sórt sin a cheadú nó a cheangal ar feadh tréimhse bhreise chúig bliana, i gcás inar suíodh gá agus comhréireacht coinneála tuilleadh den sórt sin chun sciúradh amhrasta airgid nó maoiniú amhrasta sceimhlitheoireachta a chosc, a bhrath, a imscrúdú nó a ionchúiseamh.

CAIBIDIL IV

SMACHTBHANNAÍ AGUS FAIREACHÁN

Airteagal 2217

Smachtbhannaí riaracháin agus bearta riaracháin

1.    Gan dochar don cheart chun foráil a dhéanamh do smachtbhannaí coiriúla agus chun iad a fhorchur, leagfaidh na Ballstáit síos na rialacha maidir leis na smachtbhannaí riaracháin agus na bearta riaracháin is infheidhme i leith aon sárú ar fhorálacha an Rialacháin seo agus déanfaidh siad na bearta uile is gá d’fhonn a áirithiú go gcuirfear chun feidhme iad. Beidh na smachtbhannaí agus na bearta dá bhforáiltear éifeachtach, comhréireach agus athchomhairleach agus beidh siad ar aon dul leis na smachtbhannaí agus na bearta a leagtar síos i gcomhréir le Caibidil IVVI, Roinn 4, de Threoir (AE) 2015/849 [[cuir isteach tagairt – togra le haghaidh Treoir maidir leis na sásraí atá le cur i bhfeidhm ag na Ballstáit chun úsáid an chórais airgeadais chun críoch sciúrtha airgid nó maoinithe sceimhlitheoireachta a chosc agus lena n‑aisghairtear Treoir (AE) 2015/849].

Féadfaidh na Ballstáit a chinneadh gan rialacha a leagan maidir le smachtbhannaí riaracháin nó bearta riaracháin mar gheall ar shárú ar fhorálacha an Rialacháin seo ar forálacha iad atá faoi réir smachtbhannaí coiriúla ina ndlí náisiúnta. Sa chás sin, cuirfidh na Ballstáit na forálacha ábhartha sin den dlí choiriúil in iúl don Choimisiún.

2.    I gcás ina bhfuil feidhm ag oibleagáidí maidir le soláthraithe seirbhís  e  í íocaíochta  agus soláthraithe seirbhíse criptea-shócmhainní  , áiritheoidh na Ballstáit i gcás sáraithe ar fhorálacha an Rialacháin seo, go bhféadfar smachtbhannaí nó bearta a chur i bhfeidhm, faoi réir an dlí náisiúnta, ar bhaill an chomhlachta bainistithe agus ar aon duine dlítheanach eile atá freagrach as an sárú, faoin dlí náisiúnta.

🡻 2019/2175 Airteagal 6.2 (oiriúnaithe)

3.    Faoin 26 Meitheamh 2017, tabharfaidh na Ballstáit fógra don Choimisiún agus do Chomhchoiste ÚMEnna faoi na rialacha dá dtagraítear i mír 1. Tabharfaidh siad fógra gan mhoill mhíchuí don Choimisiún agus do  ÚBE  faoi aon leasú a dhéanfar ina dhiaidh sin orthu.

🡻 2015/847 (oiriúnaithe)

 nua

4.    I gcomhréir le hAirteagal 3958(4) de Threoir (AE) 2015/849 [cuir isteach tagairt – togra le haghaidh Treoir maidir leis na sásraí atá le cur i bhfeidhm ag na Ballstáit chun úsáid an chórais airgeadais chun críoch sciúrtha airgid nó maoinithe sceimhlitheoireachta a chosc agus lena n‑aisghairtear Treoir (AE) 2015/849], beidh na cumhachtaí maoirseachta agus imscrúdaithe uile is gá chun a gcuid feidhmeanna a fheidhmiú ag na húdaráis inniúla.
I bhfeidhmiú a gcumhachtaí chun smachtbhannaí riaracháin agus bearta riaracháin a fhorchur, rachaidh na húdaráis inniúla i ndlúthchomhar le chéile chun a áirithiú go mbeidh an toradh inmhianaithe ar na smachtbhannaí riaracháin sin nó ar na bearta riaracháin sin agus déanfaidh siad a ngníomhaíocht a chomhordú agus iad ag déileáil le cásanna trasteorann.

5.    Áiritheoidh na Ballstáit go bhféadfar daoine dlítheanacha a chur faoi dhliteanas mar gheall ar na sáruithe dá dtagraítear in Airteagal 2318 ar bhain siad tairbhe astu, agus a rinne aon duine, ag gníomhú dó ina aonar nó mar chuid de chomhlacht de chuid an duine dhlítheanaigh sin, agus a bhfuil post ceannaireachta aige laistigh den duine dlítheanach atá bunaithe ar aon cheann de na nithe seo a leanas:

(a)cumhacht ionadaíocht a dhéanamh ar an duine dlítheanach;

(b)údarás chun cinntí a dhéanamh thar ceann an duine dhlítheanaigh; nó

(c)údarás chun rialú a fheidhmiú laistigh den duine dlítheanach.

6.    Áiritheoidh na Ballstáit freisin go bhféadfar daoine dlítheanacha a chur faoi dhliteanas i gcás inarbh fhéidir le duine faoi údarás an duine dhlítheanaigh ceann de na sáruithe dá dtagraítear in Airteagal 2318 a dhéanamh chun leasa an duine dhlítheanaigh sin, mar thoradh ar easpa maoirseachta nó rialaithe ag duine dá dtagraítear i mír 5 den Airteagal seo 

7.    Feidhmeoidh údaráis inniúla as a gcuid cumhachtaí chun smachtbhannaí riaracháin agus bearta riaracháin a fhorchur i gcomhréir leis an Rialachán seo, ar aon cheann de na bealaí seo a leanas:

(a)trí fheidhm dhíreach;

(b)i gcomhar le húdaráis eile;

(c)trína bhfreagracht a tharmligean d’údaráis eile den sórt sin;

(d)trí iarratas a chur isteach chuig na húdaráis bhreithiúnacha inniúla.

Maidir le feidhmiú a gcumhachtaí chun smachtbhannaí riaracháin agus bearta riaracháin a fhorchur, rachaidh na húdaráis inniúla i ndlúthchomhar le chéile d’fhonn a áirithiú go mbeidh an toradh inmhianaithe ar na smachtbhannaí riaracháin sin nó ar na bearta riaracháin sin agus déanfaidh siad a ngníomhaíocht a chomhordú agus iad ag déileáil le cásanna trasteorann.

Airteagal 2318

Forálacha sonracha

Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh ar a smachtbhannaí riaracháin agus ar a mbearta riaracháin ar a laghad na cinn sin a leagtar síos le hAirteagal 40(2), Airteagal 40(3) agus Airteagal 41(1)59(2) agus (3) de Threoir (AE) 2015/849 [cuir isteach tagairt – togra le haghaidh Treoir maidir leis na sásraí atá le cur i bhfeidhm ag na Ballstáit chun úsáid an chórais airgeadais chun críoch sciúrtha airgid nó maoinithe sceimhlitheoireachta a chosc agus lena n‑aisghairtear Treoir (AE) 2015/849] i gcás na sáruithe seo a leanas ar an Rialachán seo:

(a)mainneachtain arís is arís eile, nó mainneachtain chórasach, de chuid soláthraí seirbhíse íocaíochta chun an fhaisnéis a cheanglaítear faoin íocóir nó faoin íocaí a áireamh, de shárú ar Airteagal 4, 5 nó 6 nó de chuid soláthraí seirbhíse criptea-shócmhainní chun an fhaisnéis a cheanglaítear faoin tionscnóir agus faoin tairbhí a áireamh, de shárú ar Airteagail 14 agus 15. ;

(b)mainneachtain arís is arís eile, mainneachtain chórasach nó mainneachtain thromchúiseach de chuid soláthraí seirbhíse íocaíochta nó soláthraí seirbhíse criptea-shócmhainní taifid a choinneáil, de shárú ar Airteagal 2116;

(c)mainneachtain de chuid soláthraí seirbhíse íocaíochta nósanna imeachta éifeachtacha riosca-bhunaithe a chur chun feidhme, de shárú ar Airteagal 8 nó Airteagal 12 nó de chuid soláthraí seirbhíse criptea-shócmhainní nósanna imeachta éifeachtacha riosca-bhunaithe a chur chun feidhme, de shárú ar Airteagal 17 ;

(d)mainneachtain thromchúiseach de chuid soláthraí seirbhíse íocaíochta idirghabhálach Airteagal 11 nó Airteagal 12 a chomhlíonadh.

Airteagal 2419

Smachtbhannaí agus bearta a fhoilsiú

I gcomhréir le hAirteagal 4260(1), (2) agus (3) de Threoir (AE) 2015/849 [cuir isteach tagairt – togra le haghaidh Treoir maidir leis na sásraí atá le cur i bhfeidhm ag na Ballstáit chun úsáid an chórais airgeadais chun críoch sciúrtha airgid nó maoinithe sceimhlitheoireachta a chosc agus lena n‑aisghairtear Treoir (AE) 2015/849], déanfaidh na húdaráis inniúla na smachtbhannaí riaracháin agus na bearta riaracháin a fhorchuirtear sna cásanna dá dtagraítear in Airteagal 2217 agus 2318 den Rialachán seo a fhoilsiú gan mhoill mhíchuí, lena n‑áirítear faisnéis i ndáil le saghas agus le cineál an tsáraithe agus le céannacht na ndaoine atá freagrach as, más rud é gur gá agus gur comhréireach déanamh amhlaidh tar éis meastóireacht de réir an cháis.

Airteagal 2520

Na húdaráis inniúla do chur smachtbhannaí nó bearta i bhfeidhm

1.    Agus cineál na smachtbhannaí riaracháin nó na mbeart riaracháin agus leibhéal na smachtbhannaí riaracháin airgid á gcinneadh acu, cuirfidh na húdaráis inniúla na cúinsí ábhartha ar fad san áireamh, lena n‑áirítear na cinn sin a liostaítear in Airteagal 39(5)60(4) de Threoir (AE) 2015/849 […].

2.    Maidir le smachtbhannaí riaracháin agus bearta riaracháin a fhorchuirtear i gcomhréir leis an Rialachán seo, beidh feidhm ag Airteagal 6(6) agus Airteagal 44 [...]62 de [...]Threoir (AE) 2015/849 [cuir isteach tagairt – togra le haghaidh Treoir maidir leis na sásraí atá le cur i bhfeidhm ag na Ballstáit chun úsáid an chórais airgeadais chun críoch sciúrtha airgid nó maoinithe sceimhlitheoireachta a chosc agus lena n‑aisghairtear Treoir (AE) 2015/849] 

Airteagal 2621

Sáruithe a thuairisciú

1.    Bunóidh na Ballstáit sásraí éifeachtacha chun go ndéanfaí tuairisciú sáruithe ar an Rialachán seo chuig na húdaráis inniúla a spreagadh.

Maidir leis na sásraí sin, áireofar orthu ar a laghad na cinn dá dtagraítear in Airteagal 4361(2) de Threoir (AE) 2015/849 [cuir isteach tagairt – togra le haghaidh Treoir maidir leis na sásraí atá le cur i bhfeidhm ag na Ballstáit chun úsáid an chórais airgeadais chun críoch sciúrtha airgid nó maoinithe sceimhlitheoireachta a chosc agus lena n‑aisghairtear Treoir Treoir (AE) 2015/849];

2.    Déanfaidh na soláthraithe seirbhíse íocaíochta  agus na soláthraithe seirbhíse criptea-shócmhainní  , i gcomhar leis na húdaráis inniúla, nósanna imeachta inmheánacha iomchuí a bhunú dá gcuid fostaithe, nó do dhaoine a bhfuil post inchomparáide acu, chun sáruithe a thuairisciú go hinmheánach trí bhealach slán, neamhspleách, sonrach agus anaithnid, ar bealach é a bheidh comhréireach le cineál agus méid an tsoláthraí seirbhíse íocaíochta  nó an tsoláthraí seirbhíse criptea-shócmhainní  lena mbaineann.

Airteagal 2722

Faireachán

1.    Ceanglóidh na Ballstáit ar na húdaráis inniúla faireachán éifeachtach a dhéanamh ar chomhlíonadh an Rialacháin seo, agus na bearta is gá a dhéanamh d’fhonn an comhlíonadh sin a áirithiú agus spreagfaidh siad tuairisciú chuig na húdaráis inniúla, trí shásraí éifeachtacha, ar sháruithe ar fhorálacha an Rialachán seo.

🡻 2019/2175 Airteagal 6.3

 nua

2.     2 bhliain tar éis theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo agus gach 3 bliana ina dhiaidh sin  Tar éis fógra i gcomhréir le Airteagal 17(3), cuirfidh an Coimisiún tuarascáil faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle maidir le cur i bhfeidhm Chaibidil IV, agus aird ar leith ann ar chásanna trasteorann.

🡻 2015/847 (oiriúnaithe)

CAIBIDIL VI

CUMHACHTAÍ CUR CHUN FEIDHME

Airteagal 2823

Nós imeachta coiste

1.    Tabharfaidh an Coiste um Chosc ar Sciúradh Airgid agus ar Mhaoiniú Sceimhlitheoireachta (the ‘Committee’) cúnamh don Choimisiún. Beidh an Coiste the  sin  ina choiste de réir bhrí Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

2.    I gcás ina ndéanfar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5 de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

CAIBIDIL VII

MAOLUITHE

Airteagal 2924

Comhaontuithe le tíortha agus le críocha nach cuid de chríoch an Aontais iad

1.    Féadfaidh an Coimisiún údarás a thabhairt d’aon Bhallstát comhaontú a thabhairt i gcrích le tríú tír nó le críoch atá lasmuigh de réim feidhme críochach CAE agus CFAE dá dtagraítear in Airteagal 355 CFAE (an ‘tír nó an chríoch lena mbaineann’), ar comhaontú é ina bhfuil maoluithe ón Rialachán seo, ionas gur féidir déileáil le haistrithe cistí idir an tír nó an chríoch sin agus an Ballstát lena mbaineann amhail is gur aistrithe cistí iad laistigh den Bhallstát sin.

Ní fhéadfar comhaontuithe den sórt sin a údarú ach amháin i gcás ina gcomhlíontar na coinníollacha seo ar fad a leanas:

(a)go roinneann an tír nó an chríoch lena mbaineann aontas airgeadaíochta leis an mBallstát lena mbaineann, go bhfuil sí mar chuid de limistéar airgeadra an Bhallstáit sin nó go bhfuil coinbhinsiún airgeadaíochta sínithe aici leis an Aontas a ndéanann Ballstát ionadaíocht air;

(b)go bhfuil na soláthraithe seirbhíse íocaíochta sa tír nó sa chríoch lena mbaineann rannpháirteach go díreach nó go hindíreach i gcórais íocaíochta agus socraíochta sa Bhallstát sin; agus

(c)go gceanglaíonn an tír nó an chríoch lena mbaineann ar sholáthraithe seirbhíse íocaíochta atá faoina dlínse na rialacha céanna leis na rialacha a bhunaítear faoin Rialachán seo a chur i bhfeidhm.

2.    Ballstát ar mian leis comhaontú dá dtagraítear i mír 1 a thabhairt i gcrích, seolfaidh sé iarraidh chuig an gCoimisiún agus cuirfidh sé an fhaisnéis ar fad is gá chun breithmheas a dhéanamh ar an iarraidh ar fáil dó.

3.    Ar an gCoimisiún iarraidh den sórt sin a fháil, déileálfar go sealadach le haistrithe cistí idir an Ballstát sin agus an tír nó an chríoch lena mbaineann amhail is gur aistrithe cistí iad laistigh den Bhallstát sin, go dtí go dtiocfar ar chinneadh i gcomhréir leis an Airteagal seo.

4.    Más rud é, laistigh de 2 mhí ón iarraidh a fháil, go measann an Coimisiún nach bhfuil an fhaisnéis ar fad is gá chun breithmheas a dhéanamh ar an iarraidh aige, rachaidh sé i dteagmháil leis an mBallstát lena mbaineann agus sonróidh sé an fhaisnéis bhreise a cheanglaítear.

5.    Laistigh de mhí amháin tar éis don Choimisiún an fhaisnéis ar fad a fháil a mheasann sé is gá chun breithmheas a dhéanamh ar an iarraidh, tabharfaidh an Coimisiún fógra don Bhallstát iarrthach dá réir sin agus tarchuirfidh sé cóipeanna den iarraidh chuig na Ballstáit eile.

6.    Laistigh de 3 mhí ón bhfógra dá dtagraítear i mír 5 den Airteagal seo a thabhairt, cinnfidh an Coimisiún, i gcomhréir le hAirteagal 23(2), an údaróidh sé don Bhallstát lena mbaineann an comhaontú is ábhar don iarraidh a thabhairt i gcrích. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 28(2).

Déanfaidh an Coimisiún, in aon chás, cinneadh dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh laistigh de 18 mí ón iarraidh a fháil.

7.    Faoin 26 Márta 2017, na Ballstáit ar údaraíodh dóibh comhaontuithe a thabhairt i gcrích le tír nó le críoch lena mbaineann de bhun Chinneadh Cur Chun Feidhme 2012/43/AE ón gCoimisiún 64 , Chinneadh 2010/259/CE ón gCoimisiún 65 , Chinneadh 2009/853/CE ón gCoimisiún 66 nó Chinneadh 2008/982/CE ón gCoimisiún 67 , cuirfidh siad an fhaisnéis uasdátaithe ar fáil don Choimisiún is gá chun breithmheas a dhéanamh faoi phointe (c) den dara fomhír de mhír 1.

Laistigh de thrí mhí ón bhfaisnéis sin a fháil, scrúdóidh an Coimisiún an fhaisnéis a chuirfear ar fáil chun a áirithiú go ndéanann an tír nó an chríoch lena mbaineann ceangal a chur ar sholáthraithe seirbhíse íocaíochta faoina dhlínse na rialacha céanna agus na rialacha sin a bhunaítear faoin Rialachán seo a chur i bhfeidhm. Má mheasann an Coimisiún, tar éis an scrúdú sin, nach bhfuil an coinníoll a leagtar síos i bpointe (c) den dara fomhír de mhír 1 á chomhlíonadh a thuilleadh, déanfaidh sé an Cinneadh ábhartha ón gCoimisiún nó an Cinneadh ábhartha Cur Chun Feidhme ón gCoimisiún a aisghairm.

🡻 2019/2175 Airteagal 6.4

Airteagal 3025

Treoirlínte

Faoin 26 Meitheamh 2017, Ddéanfaidh na ÚMEnna, treoirlínte a eisiúint a bheidh dírithe ar na húdaráis inniúla agus ar na soláthraithe seirbhíse íocaíochta i gcomhréir le hAirteagal 16 de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010 maidir le bearta a bheidh le déanamh i gcomhréir leis an Rialachán seo, go háirithe maidir le hAirteagal 7, Airteagal 8, Airteagal 11 agus Airteagal 12 de a chur chun feidhme. Ón 1 Eanáir 2020, eiseoidh ÚBE, nuair is iomchuí, treoirlínte den chineál sin.

🡻 2015/847 (oiriúnaithe)

CAIBIDIL VIII

FORÁLACHA CRÍOCHNAITHEACHA

Airteagal 3126

Rialachán (CE) Uimh. 1781/2006 aAisghairm

Aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1781/2006  (AE) 2015/847 .

Déanfar tagairtí don Rialachán aisghairthe a fhorléiriú mar thagairtí don Rialachán seo agus léifear iad i gcomhréir leis an tábla comhghaoil atá san in Iarscríbhinn II.

Airteagal 3227

Teacht i bhfeidhm

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh feidhm aige ón 26 Meitheamh 2017.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil,

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa    Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán    An tUachtarán

(1)    Europol, ‘Ó amhras go gníomhaíocht: Tionchar oibríochtúil níos fearr a bhaint as faisnéis airgeadais’, 2017.
(2)    Teachtaireacht ón gCoimisiún – I dtreo chur chun feidhme feabhsaithe chreat an Aontais maidir le frithsciúradh airgid agus maoiniú sceimhlitheoireachta a chomhrac (COM/2019/360 final), Tuarascáil ón gCoimisiún maidir le measúnú a dhéanamh ar chásanna sciúrtha airgid a líomhnaíodh le déanaí lena mbaineann institiúidí creidmheasa ón Aontas, (COM/2019/373 final), Tuarascáil maidir le comhar idir AFAnna (COM/2019/371).
(3)    COM(2020) 605 final.
(4)    C(2020)2800 final, ‘an Plean Gníomhaíochta’ anseo feasta.
(5)    C(2021)420 final.
(6)    C(2021)423 final.
(7)    Treoir 2015/849/AE maidir le cosc a chur le húsáid an chórais airgeadais chun críoch sciúrtha airgid nó maoinithe sceimhlitheoireachta, arna leasú le Treoir (AE) 2018/843 (IO L 141, 5.6.2015, lch. 73).
(8)    C(2021)421 final.
(9)    C(2021)420 final.
(10)    Rún ó Pharlaimint na hEorpa an 10 Iúil 2020 maidir le beartas cuimsitheach ón Aontas i ndáil le sciúradh airgid agus maoiniú sceimhlitheoireachta a chosc – Plean Gníomhaíochta an Choimisiúin agus forbairtí eile a rinneadh le déanaí (2020/2686(RSP)), P9_TA(2020)0204
(11)    Conclúidí ón gComhairle maidir le frithsciúradh airgid agus maoiniú sceimhlitheoireachta a chomhrac, 12608/20
(12)    Treoir (AE) 2015/849/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Bealtaine 2015 maidir le cosc a chur le húsáid an chórais airgeadais chun críoch sciúrtha airgid nó maoinithe sceimhlitheoireachta, lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n‑aisghairtear Treoir 2005/60/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Treoir 2006/70/CE ón gCoimisiún (IO L 141, 5.6.2015, lch. 73).
(13)    Rialachán (AE) 2015/847 maidir le faisnéis a ghabhann le haistrithe cistí (IO L 141, 5.6.2015, lch. 1).
(14)    Treoir (AE) 2015/2366 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Samhain 2015 maidir le seirbhísí íocaíochta sa mhargadh inmheánach, lena leasaítear Treoir 2002/65/CE, Treoir 2009/110/CE agus Treoir 2013/36/AE agus Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010 agus lena n‑aisghairtear Treoir 2007/64/CE (IO L 337, 23.12.2015, lch. 35).
(15)    Rialachán (AE) 2015/847 maidir le faisnéis a ghabhann le haistrithe cistí (IO L 141, 5.6.2015, lch. 1 agus IO L 334, 27.12.2019, lch.1).
(16)    Féach go háirithe Moladh 15 an Tascfhórsa um Ghníomhaíocht Airgeadais (FATF) maidir le teicneolaíochtaí nua mar a modhnaíodh i mí an Mheithimh 2019.
(17)    COM(2020)593 final.
(18)    Treoir (AE) 2015/2366, Treoir (AE) 2014/92 agus Treoir (AE) 2009/110 faoi seach.
(19)    Áirítear sa phacáiste sin togra le haghaidh Treoir maidir le Margaí Criptea-Shócmhainní agus togra le haghaidh creat rialála de chuid an Aontais maidir le hathléimneacht dhigiteach oibríochtúil.
(20)    Breithiúnas Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh an 3 Nollaig 2019, Poblacht na Seice v Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle, C-482/17, EU:C:2019:1035, mír 42
(21)    Treoir (AE) 2015/849 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Bealtaine 2015 maidir le cosc a chur le húsáid an chórais airgeadais chun críoch sciúrtha airgid nó maoinithe sceimhlitheoireachta.
(22)    Breithiúnas Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh an 21 Nollaig 2016, AGET Iraklis, C-201/15, EU:C:2016:972, mír 78
(23)    Breithiúnas Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh an 8 Nollaig 2020, an Ungáir v Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle, EU C.2020:1001 míreanna 41 agus 42
(24)    Féach fonóta 2.
(25)    Tuairim Chomhpháirteach ó na hÚdaráis Mhaoirseachta Eorpacha an 4 Deireadh Fómhair 2019 maidir le rioscaí an sciúrtha airgid agus an mhaoinithe sceimhlitheoireachta a dhéanann difear d’earnáil airgeadais an Aontais Eorpaigh (JC2019 59)
(26)    Caighdeáin Idirnáisiúnta maidir le Sciúradh Airgid agus maidir le Maoiniú Sceimhlitheoireachta a Chomhrac FATF (mar a leasaíodh i mí Dheireadh Fómhair 2020): ( http://www.fatf-gafi.org/media/fatf/documents/recommendations/pdfs/FATF%20Recommendations%202012.pdf )
(27)    D’ardaigh an Mheitheal um Airgeadraí Blocshlabhra agus Fíorúla an tsaincheist sin go háirithe.
(28)    ÚBE, Tuarascáil le comhairle don Choimisiún maidir le criptea-shócmhainní an 9 Eanáir 2019, https://www.eba.europa.eu/eba-reports-on-crypto-assets
(29)    Doiciméad Inmheánach Oibre de chuid an Choimisiúin - Tuarascáil ar an Measúnú Tionchair a ghabhann leis an bpacáiste de thograí reachtacha ón gCoimisiún maidir le frithsciúradh airgid agus maoiniú sceimhlitheoireachta a chomhrac (AML/CFT), agus forfheidhmiú an dlí, lena n‑áirítear:
(30)    Cuirfear an ceanglas seo maidir leis an ‘riail taistil’ a chur chun feidhme trí leasú ar Rialachán 2015/847 maidir le faisnéis a ghabhann le haistrithe cistí. Féach Iarscríbhinn 6, roinn 8. Eascraíonn sé as Moladh 15 de chuid FAFT (a bhfuil nóta léirithe ag gabháil leis).
(31)    Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Aibreán 2016 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n‑aisghairtear Treoir 95/46/CE (Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí) (IO L 119, 4.5.2016, lch. 1).
(32)    Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2018 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil ag institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n‑aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 agus Cinneadh Uimh. 1247/2002/CE (IO L 295, 21.11.2018, lch. 39).
(33)    Rialachán (AE) 2016/679
(34)    Nóta léirithe de chuid FATF a ghabhann le moladh 15: ‘Ba cheart do na tíortha a áirithiú go ndéanfaidh soláthraithe seirbhísí sócmhainní fíorúla an fhaisnéis atá cruinn faoin tionscnóir agus an fhaisnéis is gá faoi aistrithe sócmhainní fíorúla an tairbhí a fháil agus a shealbhú, an fhaisnéis thuasluaite a chur faoi bhráid sholáthraí seirbhísí sócmhainní fíorúla an tairbhí nó na hinstitiúide airgeadais (más ann dóibh) go láithreach agus ar bhealach slán, agus ba cheart dóibh an fhaisnéis sin a chur ar fáil ar iarraidh ó na húdaráis iomchuí agus ‘go ndéanfaidh soláthraithe seirbhísí sócmhainní fíorúla an tairbhí an fhaisnéis is gá faoin tionscnóir agus an fhaisnéis is gá agus atá cruinn faoi aistrithe sócmhainní fíorúla an tairbhí a fháil agus a shealbhú agus í a chur ar fáil agus ba cheart dóibh an fhaisnéis sin a chur ar fáil ar iarraidh ó na húdaráis iomchuí.’
(35)    IO C […], […], lch. […].
(36)    IO C […], […], lch. […].
(37)    Rialachán (AE) 2015/847 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Bealtaine 2015 maidir le faisnéis a ghabhann le haistrithe cistí, agus lena n‑aisghairtear Rialachán (CE) 1781/2006 (IO L 141, 5.6.2015, lch. 1).
(38)    Féach Iarscríbhinn I.
(39)    Treoir (AE) 2018/843 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Bealtaine 2018 lena leasaítear Treoir (AE) 2015/849 maidir le cosc a chur le húsáid an chórais airgeadais chun críocha sciúrtha airgid nó maoinithe sceimhlitheoireachta, agus lena leasaítear Treoracha 2009/138/CE agus 2013/36/AE (IO L 156, 19.6.2018, lch. 43).
(40)    Tá tagairtí do MiCA le cur isteach nuair a ghlacfar an téacs
(41)    Teachtaireacht ón gCoimisiún maidir le Plean Gníomhaíochta le haghaidh beartas cuimsitheach de chuid an Aontais maidir le sciúradh airgid agus maoiniú sceimhlitheoireachta a chosc (C(2020) 2800 final).
(42)    Rialachán (CE) Uimh. 2580/2001 ón gComhairle an 27 Nollaig 2001 maidir le bearta sriantacha sonracha atá dírithe i gcoinne daoine agus eintitis áirithe d’fhonn an sceimhlitheoireacht a chomhrac (IO L 344, 28.12.2001, lch. 70).
(43)    Rialachán (CE) Uimh. 881/2002 ón gComhairle an 27 Bealtaine 2002 lena bhforchuirtear bearta sriantacha sonracha atá dírithe i gcoinne daoine agus eintitis áirithe atá bainteach le gréasán agus eintitis áirithe atá bainteach leis na heagraíochtaí ISIL (Da'esh) agus Al-Qaida (IO L 139, 29.5.2002, lch. 9).
(44)    Rialachán (AE) Uimh. 356/2010 ón gComhairle an 26 Aibreán 2010 maidir le bearta sriantacha sonracha a fhorchur, ar bearta iad atá dírithe i gcoinne daoine nádúrtha nó dlíthiúla áirithe, eintitis áirithe nó comhlachtaí áirithe i bhfianaise na staide sa tSomáil (IO L 105, 27.4.2010, lch. 1).
(45)    Treoir (AE) 2015/849 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Bealtaine 2015 chun cosc a chur ar úsáid an chórais airgeadais chun críocha sciúrtha airgid agus maoiniú sceimhlitheoireachta, lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n‑aisghairtear Treoir 2005/60/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Treoir 2006/70/CE ón gCoimisiún (féach leathanach 73 den Iris Oifigiúil seo)
(46)    Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Aibreán 2016 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n‑aisghairtear Treoir 95/46/CE (Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí) (IO L 119, 4.5.2016, lch. 1).
(47)    Treoir 95/46/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Deireadh Fómhair 1995 maidir le daoine aonair a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin (IO L 281, 23.11.1995, lch. 31).
(48)    Treoir 2007/64/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Samhain 2007 maidir le seirbhísí íocaíochta sa mhargadh inmheánach lena leasaítear Treoracha 97/7/CE, 2002/65/CE, 2005/60/CE agus 2006/48/CE agus lena n‑aisghairtear Treoir 97/5/CE (IO L 319, 5.12.2007, lch. 1).
(49)    Treoir (AE) 2015/2366 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Samhain 2015 maidir le seirbhísí íocaíochta sa mhargadh inmheánach, lena leasaítear Treoir 2002/65/CE, Treoir 2009/110/CE agus Treoir 2013/36/AE agus Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010 agus lena n‑aisghairtear Treoir 2007/64/CE (IO L 337, 23.12.2015, lch. 35).
(50)    Rialachán (CE) Uimh. 924/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Meán Fómhair 2009 maidir le híocaíochtaí trasteorann sa Chomhphobal agus lena n‑aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 2560/2001 (IO L 266, 9.10.2009, lch. 11).
(51)    Rialachán (AE) Uimh. 260/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Márta 2012 lena mbunaítear ceanglais theicniúla agus ghnó le haghaidh aistrithe creidmheasa agus dochair dhíreacha in euro agus lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 924/2009 (IO L 94, 30.3.2012, lch. 22).
(52)    Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Samhain 2010 lena mbunaítear Údarás Maoirseachta Eorpach (An tÚdarás Baincéireachta Eorpach), lena leasaítear Cinneadh Uimh. 716/2009/CE agus lena n‑aisghairtear Cinneadh 2009/78/CE ón gCoimisiún (IO L 331, 15.12.2010, lch. 12).
(53)    Rialachán (AE) Uimh. 1094/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Samhain 2010 lena mbunaítear Údarás Maoirseachta Eorpach (An tÚdarás Eorpach um Árachas agus Pinsin Cheirde), lena leasaítear Cinneadh Uimh. 716/2009/CE agus lena n‑aisghairtear Cinneadh 2009/79/CE ón gCoimisiún (IO L 331, 15.12.2010, lch. 48).
(54)    Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Samhain 2010 lena mbunaítear Údarás Maoirseachta Eorpach (An tÚdarás Eorpach um Urrúis agus Margaí), lena leasaítear Cinneadh Uimh. 716/2009/CE agus lena n‑aisghairtear Cinneadh 2009/77/CE ón gCoimisiún (IO L 331, 15.12.2010, lch. 84).
(55)    Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Feabhra 2011 lena leagtar síos na rialacha agus na prionsabail ghinearálta a bhaineann leis na sásraí maidir le rialú ag na Ballstáit ar fheidhmiú cumhachtaí cur chun feidhme ag an gCoimisiún (IO L 55, 28.2.2011, lch. 13).
(56)    Rialachán (CE) Uimh. 1781/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Samhain 2006 maidir le faisnéis faoin íocóir a ghabhann le haistrithe cistí (IO L 345, 8.12.2006, lch. 1).
(57)    Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2018 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil ag institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n‑aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 agus Cinneadh Uimh. 1247/2002/CE (IO L 295, 21.11.2018, lch. 39).
(58)    Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Nollaig 2000 maidir le daoine aonair a chosaint i ndáil le próiseáil sonraí pearsanta ag institiúidí agus comhlachtaí an Chomhphobail agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin (IO L 8, 12.1.2001, lch. 1).
(59)    [Tagairt IO na tuairime sin]
(60)    IO C 32, 4.2.2014, lch. 9.
(61)    Treoir 2009/110/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Meán Fómhair 2009 maidir le dul i mbun an ghnó a ghabhann le hinstitiúidí airgid leictreonaigh agus leanúint den ghnó sin agus maoirseoireacht stuamachta a dhéanamh air, lena leasaítear Treoir 2005/60/CE agus Treoir 2006/48/CE agus lena n‑aisghairtear Treoir 2000/46/CE (IO L 267, 10.10.2009, lch. 7).
(62)    Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Aibreán 2016 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n‑aisghairtear Treoir 95/46/CE (Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí) (IO L 119, 4.5.2016, lch. 1).
(63)    Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2018 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil ag institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n‑aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 agus Cinneadh Uimh. 1247/2002/CE (IO L 295, 21.11.2018, lch. 39).
(64)    Cinneadh Cur Chun Feidhme 2012/43/AE ón gCoimisiún an 25 Eanáir 2012 lena n‑údaraítear do Ríocht na Danmhairge comhaontuithe a thabhairt i gcrích leis an nGraonlainn agus le hOileáin Fharó chun go ndéileálfaí le haistrithe cistí idir gach ceann de na críocha sin mar aistrithe laistigh den Danmhairg, de bhun Rialachán (CE) Uimh. 1781/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 24, 27.1.2012, lch. 12).
(65)    Cinneadh 2010/259/CE ón gCoimisiún an 4 Bealtaine 2010 lena n‑údaraítear do Phoblacht na Fraince comhaontuithe a thabhairt i gcrích le Prionsacht Mhonacó chun go ndéileálfaí le haistrithe cistí idir Phoblacht na Fraince agus Prionsacht Mhonacó mar aistrithe laistigh de Phoblacht na Fraince, de bhun Rialachán (CE) Uimh. 1781/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle. (IO L 112, 5.5.2010, lch. 23).
(66)    Cinneadh 2009/853/CE ón gCoimisiún an 26 Samhain 2009 lena n‑údaraítear do Phoblacht na Fraince comhaontú a thabhairt i gcrích le San Pierre agus Miquelon, Mayotte, An Nua-Chaladóin, Polainéis na Fraince agus Oileáin Wallis agus Futuna, faoi seach, chun go ndéileálfaí le haistrithe cistí idir an Fhrainc agus gach ceann de na críocha sin mar aistrithe laistigh den Fhrainc, de bhun Rialachán (CE) Uimh. 1781/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 312, 27.11.2009, lch. 71).
(67)    Cinneadh 2008/982/CE ón gCoimisiún an 8 Nollaig 2008 lena n‑údaraítear don Ríocht Aontaithe comhaontú a thabhairt i gcrích le Báillcheantar Gheirsí, Báillcheantar Gheansaí agus Oileán Mhanann chun go ndéileálfaí le haistrithe cistí idir an Ríocht Aontaithe agus na críocha sin mar aistrithe laistigh den Ríocht Aontaithe, de bhun Rialachán (CE) Uimh. 1781/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 352, 31.12.2008, lch. 34).

An Bhruiséil,20.7.2021

COM(2021) 422 final

IARSCRÍBHINNÍ

a ghabhann leis an

Togra le haghaidh
RIALACHÁN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

maidir le faisnéis a ghabhann le haistrithe cistí, agus le criptea-shócmhainní áirithe agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) 1781/2006 (athmhúnlú)




🡻 2015/847 (oiriúnaithe)

ANNEX

CORRELATION TABLE

Regulation (EC) No 1781/2006

This Regulation

Article 1

Article 1

Article 2

Article 3

Article 3

Article 2

Article 4

Article 4(1)

Article 5

Article 4

Article 6

Article 5

Article 7

Article 7

Article 8

Article 7

Article 9

Article 8

Article 10

Article 9

Article 11

Article 16

Article 12

Article 10

Article 11

Article 12

Article 13

Article 13

Article 14

Article 15

Article 15

Articles 17 to 22

Article 16

Article 23

Article 17

Article 24

Article 18

Article 19

Article 26

Article 20

Article 27

🡹

IARSCRÍBHINN I

Rialachán Aisghairthe agus an leasú a rinneadh air

Rialachán (AE) 2015/847
ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle

(IO L 141, 5.6.2015, lch. 1)

Rialachán (AE) 2019/2175
ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle

(IO L 334, 27.12.2019, lch. 1)

(Airteagal 6 agus an tAirteagal sin amháin)

_____________

IARSCRÍBHINN II

Tábla Comhghaoil

Rialachán (AE) 2015/847

An Rialachán seo

Airteagal 1

Airteagal 1

Airteagal 2(1), (2) agus (3)

Airteagal 2(1), (2) agus (3)

Airteagal 2(4), an chéad fhomhír agus an dara fomhír

Airteagal 2(4), an chéad fhomhír agus an dara fomhír

-

Airteagal 2(4), an tríú fomhír agus an ceathrú fomhír

Airteagal 2(5)

Airteagal 2(5)

Airteagal 3, an fhoclaíocht tosaigh

Airteagal 3, an fhoclaíocht tosaigh

Airteagal 3, pointí 1 go 9

Airteagal 3, pointí 1 go 9

-

Airteagal 3, pointe 10

Airteagal 3, pointe 10

Airteagal 3, pointe 11

Airteagal 3, pointe 11

Airteagal 3, pointe 12

Airteagal 3, pointe 12

Airteagal 3, pointe 13

-

Airteagal 3, pointí 14 go 21

Airteagal 4(1), an fhoclaíocht tosaigh

Airteagal 4(1), an fhoclaíocht tosaigh

Airteagal 4(1), pointí (a), (b) agus (c)

Airteagal 4(1), pointí (a), (b) agus (c)

-

Airteagal 4, pointe (d)

Airteagal 4(2), an fhoclaíocht tosaigh

Airteagal 4(2), an fhoclaíocht tosaigh

Airteagal 4(2), pointí (a) agus (b)

Airteagal 4(2), pointí (a) agus (b)

-

Airteagal 4(2), pointe (c)

Airteagal 4(3) go (6)

Airteagal 4(3) go (6)

Airteagail 5 go 13

Airteagail 5 go 13

-

Airteagail 14 go 18

Airteagal 14

Airteagal 19

Airteagal 15

Airteagal 20

Airteagal 16

Airteagal 21

Airteagal 17

Airteagal 22

Airteagal 18

Airteagal 23

Airteagal 19

Airteagal 24

Airteagal 20

Airteagal 25

Airteagal 21

Airteagal 26

Airteagal 22

Airteagal 27

Airteagal 23

Airteagal 28

Airteagal 24(1) go (6)

Airteagal 29(1) go (6)

Airteagal 24(7)

-

Airteagal 25

Airteagal 30

Airteagal 26

Airteagal 31

Airteagal 27

Airteagal 32

Iarscríbhinn

-

-

Iarscríbhinn I

-

Iarscríbhinn II

_____________