AN COIMISIÚN EORPACH
An Bhruiséil,8.7.2021
COM(2021) 377 final
2021/0188(NLE)
Togra le haghaidh
RIALACHÁN ÓN gCOMHAIRLE
lena leasaítear Rialachán (AE) 2019/440 ón gComhairle maidir le deiseanna iascaireachta a chionroinnt faoin gComhaontú Comhpháirtíochta maidir le hIascaigh Inbhuanaithe idir an tAontas Eorpach agus Ríocht Mharacó agus faoin bPrótacal Cur Chun Feidhme a ghabhann leis
MEABHRÁN MÍNIÚCHÁIN
1.COMHTHÉACS AN TOGRA
•Forais agus cuspóirí an togra
Leis an gComhaontú Comhpháirtíochta maidir le hIascaigh Inbhuanaithe idir an tAontas Eorpach agus Ríocht Mharacó, bunaítear creat le haghaidh rialachas dlíthiúil, comhshaoil, eacnamaíoch agus sóisialta ar ghníomhaíochtaí iascaireachta a dhéanann soithí an Aontais sa limistéar iascaireachta a shainítear in Airteagal 1(h) den Chomhaontú. Sa Phrótacal maidir le cur chun feidhme an Chomhaontaithe déantar foráil maidir le deiseanna iascaireachta le haghaidh soithí de chuid an Aontais i sé chatagóir.
Faoi láthair tá Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann (an Ríocht Aontaithe) fós san áireamh i Rialachán (AE) 2019/440 ón gComhairle, Rialachán lena ndéantar na deiseanna iascaireachta faoin gComhaontú idir Ballstáit an Aontais a chionroinnt. Sa Rialachán sin, tá deiseanna iascaireachta ag an Ríocht Aontaithe i gcatagóir a sé.
An 31 Eanáir 2020, tharraing an Ríocht Aontaithe siar as an Aontas Eorpach ar bhonn Airteagal 50 den Chonradh ar an Aontas Eorpach. Sa Chomhaontú um Tharraingt Siar, cinneadh idirthréimhse ar tháinig deireadh léi an 31 Nollaig 2020. Dá bhrí sin, níl dlí an Aontais infheidhme maidir leis an Ríocht Aontaithe ón 1 Eanáir 2021.
Dá bhrí sin, ba cheart na deiseanna iascaireachta a sannadh don Ríocht Aontaithe a bhaint de Rialachán (AE) 2019/440 agus ba cheart iad a ath-chionroinnt amhail ón 1 Eanáir 2021. Leis an togra seo leasaítear an Rialachán chun deiseanna iascaireachta na Ríochta Aontaithe a athdháileadh i measc na mBallstát a thairbhíonn de dheiseanna iascaireachta sa chatagóir chéanna i gcomhréir le cearta na mBallstát. Ní dhéantar réamhbhreithiúnas sa mhéid sin ar chionrannta a dhéanfar amach anseo faoin gcéad Phrótacal eile.
Molann an Coimisiún go nglacfaidh an Chomhairle an togra atá i gceangal leis seo, togra le haghaidh Rialachán lena leasaítear Rialachán (AE) 2019/440 ón gComhairle.
•Comhsheasmhacht le forálacha beartais atá sa réimse beartais cheana
Ní dhéanann an leasú seo difear do chomhsheasmhacht an Rialacháin le reachtaíocht iascaigh atá ann cheana.
•Comhsheasmhacht le beartais eile de chuid an Aontais
Ní dhéanann an leasú seo difear do chomhsheasmhacht an Rialacháin le reachtaíocht eile de chuid an Aontais.
2.BUNÚS DLÍ, COIMHDEACHT AGUS COMHRÉIREACHT
•Bunús dlí
Is é Airteagal 43(3) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE) an bunús dlí, lena bhforáiltear go bhfuil an Chomhairle, ar thogra ón gCoimisiún, le bearta a ghlacadh maidir le deiseanna iascaireachta a chionroinnt.
Baineann an leasú seo le reachtaíocht atá ann cheana agus comhlíonann sé na prionsabail dlí chéanna leis an Rialachán atá i gceist.
•Coimhdeacht (i gcás inniúlacht neamheisiach)
Is réimse inniúlachta eisiach de chuid an Aontais é an réimse beartais.
3.TORTHAÍ AR MHEASTÓIREACHTAÍ EX POST, AR CHOMHAIRLIÚCHÁIN LEIS NA PÁIRTITHE LEASMHARA AGUS AR MHEASÚNUITHE TIONCHAIR
•Meastóireachtaí ex post/seiceálacha oiriúnachta ar an reachtaíocht atá ann cheana
Leis an leasú ní dhéantar athrú ar na coinníollacha maidir le hiascaireacht a leagtar síos sa Chomhaontú agus sa Phrótacal Cur Chun Feidhme. Dá bhrí sin, níl aon ghá le meastóireacht ex post, le comhairliúchán le páirtithe leasmhara ná le measúnú tionchair.
4.IMPLEACHTAÍ BUISÉADACHA
Níl aon tionchar ag an Dréachtrialachán ar bhuiséad an Aontais.
5.EILIMINTÍ EILE
Leis an leasú ní dhéantar athrú ar na coinníollacha a leagtar síos sa Chomhaontú agus sa Phrótacal Cur Chun Feidhme.
2021/0188 (NLE)
Togra le haghaidh
RIALACHÁN ÓN gCOMHAIRLE
lena leasaítear Rialachán (AE) 2019/440 ón gComhairle maidir le deiseanna iascaireachta a chionroinnt faoin gComhaontú Comhpháirtíochta maidir le hIascaigh Inbhuanaithe idir an tAontas Eorpach agus Ríocht Mharacó agus faoin bPrótacal Cur Chun Feidhme a ghabhann leis
TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 43(3) de,
Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,
De bharr an mhéid seo a leanas:
(1)An 4 Márta 2019, ghlac an Chomhairle Cinneadh (AE) 2019/441 maidir le tabhairt i gcrích an Chomhaontaithe Comhpháirtíochta maidir le hIascaigh Inbhuanaithe idir an tAontas Eorpach agus Ríocht Mharacó (‘an Comhaontú maidir le hIascaigh’) agus an Prótacal Cur Chun Feidhme a ghabhann leis (‘an Prótacal’),
(2)An 29 Samhain 2018, ghlac an Chomhairle Rialachán (AE) Uimh. 2019/440 maidir le deiseanna iascaireachta a chionroinnt faoin gComhaontú maidir le hIascaigh (‘Rialachán (AE) 2019/440 ón gComhairle’ anseo feasta),
(3)Le hAirteagal 1 de Rialachán (AE) 2019/440 ón gComhairle déantar deiseanna iascaireachta a chionroinnt ar na Ballstáit i.a. i gcatagóir 6 — Iascaireacht thionsclaíoch speiceas peiligeach, lena n‑áirítear Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann.
(4)De bhun an Chomhaontaithe maidir le tarraingt siar Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann as an Aontas Eorpach agus as an gComhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach, ní Ballstát den Aontas í an Ríocht Aontaithe a thuilleadh ón 1 Feabhra 2020 agus tháinig deireadh leis an idirthréimhse dá bhforáiltear sa Chomhaontú sin an 31 Nollaig 2020. Dá bhrí sin, ba cheart na deiseanna iascaireachta a chionroinntear ar an Ríocht Aontaithe a ath-chionroinnt ar na Ballstáit amhail ón 1 Eanáir 2021.
(5)Ba cheart an ath-chionroinnt sin a bheith trédhearcach agus comhréireach le cionroinnt bhunaidh na gcuótaí.
(6)Dá bhrí sin, ba cheart Rialachán (AE) 2019/440 ón gComhairle a leasú dá réir.
(7)Mar gheall ar an tionchar a bheidh aige ar ghníomhaíochtaí iascaigh in 2021, ba cheart feidhm a bheith ag an Rialachán seo ón 1 Eanáir 2021.
(8)Agus an phráinn a bhaineann le cur i bhfeidhm cúlghabhálach an Rialacháin seo á cur san áireamh, ba cheart dó teacht i bhfeidhm an chéad lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Cuirtear an méid seo a leanas isteach in ionad Airteagal 1, mír 1 de Rialachán (AE) 2019/440 ón gComhairle:
1. Na deiseanna iascaireachta a bhunaítear de bhun an Phrótacail Cur Chun Feidhme a ghabhann leis an gComhaontú Comhpháirtíochta maidir le hIascaigh Inbhuanaithe idir an tAontas Eorpach agus Ríocht Mharacó (‘an Comhaontú maidir le hIascaigh’), déanfar iad a chionroinnt ar na Ballstáit mar seo a leanas:
Catagóir iascaireachta
|
An cineál soithigh
|
Ballstát
|
Ceadúnais nó cuóta
|
1/ Iascaireacht ar mhionscála sa tuaisceart, speicis pheiligeacha
|
Báid saighne le holltonnáiste < 150 (GT)
|
An Spáinn
|
22
|
2/ Iascaireacht ar mhionscála sa tuaisceart
|
Báid spiléir grinnill < 40 GT
|
An Spáinn
|
25
|
|
|
An Phortaingéil
|
7
|
|
Báid spiléir grinnill ≥ 40 GT < 150 GT
|
An Phortaingéil
|
3
|
3/ Iascaireacht ar mhionscála sa deisceart
|
Báid le cuaillí agus línte < 150 GT in aghaidh an tsoithigh
Iomlán ≤ 800 GT
|
An Spáinn
|
10
|
4/ Iascaireacht ghrinnill
|
Báid spiléir grinnill ≤ 150 GT
|
An Spáinn
|
7
|
|
|
An Phortaingéil
|
4
|
|
Trálaeir ≤ 750 GT
Iomlán ≤ 3 000 GT
|
An Spáinn
|
5
|
|
|
An Iodáil
|
0
|
5/ Iascaireacht tuinníní
|
Soithigh le cuaillí agus línte
|
An Spáinn
|
23
|
|
|
An Fhrainc
|
4
|
6/ Iascaireacht thionsclaíoch speiceas peiligeach
|
85 000 tona (t) in 2019
90 000 t in 2020
100 000 t sa bhliain in 2021 agus 2022
Dáileadh soithí atá údaraithe chun iascaireachta:
|
10 soitheach ≥ 3 000 GT agus < 7 765 GT
|
|
4 shoitheach ≥ 150 agus < 3 000 GT
|
|
4 shoitheach < 150 GT
|
|
2019: 85 000 t
|
|
|
|
An Ghearmáin
|
6 871.2 t
|
|
|
An Liotuáin
|
21 986.3 t
|
|
|
An Laitvia
|
12 367.5 t
|
|
|
An Ísiltír
|
26 102.4 t
|
|
|
Éire
|
3 099.3 t
|
|
|
An Pholainn
|
4 807.8 t
|
|
|
An Ríocht Aontaithe
|
4 807.8 t
|
|
|
An Spáinn
|
496.2 t
|
|
|
An Phortaingéil
|
1 652.2 t
|
|
|
An Fhrainc
|
2 809.3 t
|
|
|
2020: 90 000 t
|
|
|
|
An Ghearmáin
|
7 275.4 t
|
|
|
An Liotuáin
|
23 279.6 t
|
|
|
An Laitvia
|
13 095.0 t
|
|
|
An Ísiltír
|
27 637.9 t
|
|
|
Éire
|
3 281.6 t
|
|
|
An Pholainn
|
5 090.6 t
|
|
|
An Ríocht Aontaithe
|
5 090,6 t
|
|
|
An Spáinn
|
525.4 t
|
|
|
An Phortaingéil
|
1 749.4 t
|
|
|
An Fhrainc
|
2 974.5 t
|
|
|
2021 agus 2022: 100 000 t sa bhliain
|
|
|
|
An Ghearmáin
|
8 568.4 t
|
|
|
An Liotuáin
|
27 417 t
|
|
|
An Laitvia
|
15 422.3 t
|
|
|
An Ísiltír
|
32 549.8 t
|
|
|
Éire
|
3 864.9 t
|
|
|
An Pholainn
|
5 995.4 t
|
|
|
An Spáinn
|
618.8 t
|
|
|
An Phortaingéil
|
2 060.3 t
|
|
|
An Fhrainc
|
3 503.1 t
|
Airteagal 2
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an chéad lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh feidhm ag an Rialachán seo ón 1 Eanáir 2021.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil,
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán