An Bhruiséil,5.5.2021

COM(2021) 223 final

2021/0114(COD)

Togra le haghaidh

RIALACHÁN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

maidir le fóirdheontais eachtracha a shaobhann an margadh inmheánach

{SEC(2021) 182 final} - {SWD(2021) 99 final} - {SWD(2021) 100 final}


MEABHRÁN MÍNIÚCHÁIN

1.COMHTHÉACS AN TOGRA

Forais agus cuspóirí an togra

Tá an tAontas Eorpach (AE) fite fuaite ina chéile leis an ngeilleagar domhanda. Agus trádáil earraí agus seirbhísí dar luach EUR 5 984 billiún aige in 2019 1 , is ionann é agus 16.4 % den trádáil fhoriomlán dhomhanda. Dá thoradh sin, is ionann trádáil agus beagnach 35 % d’olltáirgeacht intíre (OTI) an Aontais, agus 35 mhilliún post san Aontas ag brath ar onnmhairí. Cuireann sreabhadh táirgí, seirbhísí agus caipitil isteach san Aontas agus amach lena fhás trí iomaíochas a fheabhsú, poist a chruthú, nuálaíocht a spreagadh agus margaí nua a oscailt 2 .

In 2017 ba é AE28 an ceann scríbe do thrian de stoic infheistíochta an domhain agus ina bhfuil thart ar 100 000 cuideachta faoi úinéireacht eintitis eachtracha 3 . Is foinse fáilte fostaíochta (16 mhilliún post 4 ), fás agus iomaíochas í an infheistíocht dhíreach eachtrach (IDE).

Le margadh aonair atá láidir, oscailte agus iomaíoch, cuirtear ar chumas cuideachtaí Eorpacha agus eachtracha araon dul san iomaíocht ar bhonn fiúntais a mhéid a áirithítear cothrom iomaíochta sa mhargadh inmheánach. Dá réir sin, an 10 Márta 2020, thíolaic an Coimisiún straitéis thionsclaíoch nua don Eoraip 5 , straitéis ina ndearnadh conair a leagan amach faoina bhféadfadh tionscal an Aontais na haistrithe glasa agus digiteacha a threorú ar bhonn iomaíochta, margaí oscailte, taighde agus teicneolaíochtaí ceannródaíocha domhanda, agus margadh aonair láidir. Tá múnla de neamhspleáchas straitéiseach oscailte á shaothrú ag an Aontas 6 trí chóras an rialachais eacnamaíoch dhomhanda a mhúnlú agus trí chaidreamh déthaobhach a fhorbairt a rachaidh chun tairbhe an dá thaobh, agus ag an am céanna a mhargadh inmheánach a chosaint ó chleachtais éagóracha agus drochúsáide. Leis an Teachtaireacht maidir leis an athbhreithniú ar an mbeartas trádála a glacadh an 18 Feabhra 2021, leagadh amach an treo do bheartas trádála oscailte, inbhuanaithe agus teanntásach, ag cur leis an oscailteacht mar rogha straitéiseach agus ag an am céanna tá na huirlisí ann chun cleachtais éagóracha trádála a chomhrac 7 .

Le blianta beaga anuas, is cosúil, i gcásanna áirithe, go raibh tionchar saofa ag fóirdheontais eachtracha ar mhargadh inmheánach an Aontais, rud a chruthaigh éagothroime iomaíochta. Cé go bhfuil easpa ghinearálta sonraí iontaofa fós ann maidir le fóirdheontais arna ndeonú ag tríú tíortha, tá líon na gcásanna ag dul i méid a bhfuil an chosúlacht orthu gur éascaigh fóirdheontais eachtracha éadáil ghnóthais an Aontais, go raibh tionchar acu ar chinntí infheistíochta, gur saobhadh trádáil seirbhísí nó gur imríodh tionchar ar shlí eile ar iompar a dtairbhithe i margadh an Aontais, chun aimhleasa na hiomaíochta córa 8 .

Sa chomhthéacs sin, is féidir fóirdheontais eachtracha a bheith i bhfoirmeacha éagsúla, e.g. iasachtaí atá saor ó ús, ráthaíochtaí Stáit neamhtheoranta, díolúintí cánach nó laghduithe cánach i ndáil le hinfheistíochtaí coigríche nó trádáil nó cistiú tiomnaithe Stáit. I mórchuid cásanna, bheadh fadhbanna ag baint leo dá ndeonódh na Ballstáit iad agus dá ndéanfaí measúnú orthu faoi rialacha an Aontais maidir leis an státchabhair.

Ó 2017 i leith, tá an tAontas i mbun cainteanna tríthaobhacha leis na Stáit Aontaithe agus leis an tSeapáin chun feabhas a chur ar an gcomhar iltaobhach i roinnt príomhréimsí. I mí an Mheithimh 2018, thug an Chomhairle Eorpach sainordú don Choimisiún ‘chun nuachóiriú EDT a shaothrú d’fhonn cuspóirí an EDT a dhéanamh níos ábhartha agus níos oiriúnaí do dhomhan atá ag athrú, agus éifeachtacht an EDT a neartú’ 9 . I mí Eanáir 2020 10 , chomhaontaigh ionadaithe sinsearacha trádála an Aontais, na Stát Aontaithe agus na Seapáine gur gá rialacha na hEagraíochta Domhanda Trádála (EDT) maidir le fóirdheontais thionsclaíocha a neartú. Sa chomhthéacs sin, tá sé beartaithe ag an Aontas tús a chur leis an obair chun rialacha an EDT a fhorbairt chun aghaidh a thabhairt ar réimse saobhadh iomaíoch mar gheall ar idirghabháil an stáit sa gheilleagar, lena n‑áirítear fóirdheontais thionsclaíocha, mar a leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann leis an Teachtaireacht maidir leis an Athbhreithniú ar an mBeartas Trádála 11 .

I bhfianaise an dúshláin atá ann teacht ar réiteach iltaobhach ar fhóirdheontais laistigh de thréimhse ama réasúnach, gheall an Coimisiún (mar chuid den straitéis thionsclaíoch nua don Eoraip) féachaint ar an mbealach is fearr le sásraí agus uirlisí frith‑fhóirdheontais an Aontais a neartú 12 . An 17 Meitheamh 2020, ghlac an Coimisiún páipéar bán maidir le fóirdheontais eachtracha 13 chun an tsaincheist a fhiosrú, chun díospóireacht phoiblí a sheoladh agus chun réitigh fhéideartha a mholadh. Déantar tuairisc sa pháipéar bán agus, ar bhealach níos mionsonraithe, i Roinn 2 den tuarascáil ar an measúnú tionchair a ghabhann leis an togra reatha seo ar bhearna reachtaíochta i rialacha an Aontais maidir le hiomaíocht, trádáil agus soláthar poiblí, rud a chuireann cosc éifeachtach ar an Aontas beart a dhéanamh i gcás ina mbíonn fóirdheontais eachtracha ina gcúis le saobhadh sa mhargadh inmheánach, lena n‑áirítear trí chomhchruinnithe nó tairiscintí soláthair a mhaoiniú.

Tugtar ar aird sa pháipéar bán, cé go bhfuil deonú tacaíochta ó údaráis na mBallstát faoi réir rialú Státchabhrach an Aontais, nach bhfuil aon chóras inchomparáide i bhfeidhm maidir le tacaíocht arna deonú ag tíortha nach Ballstát den Aontas iad. Fágann sé sin go mbíonn gnóthais atá ag gabháil do ghníomhaíocht eacnamaíoch san Aontas gan fóirdheontais faoi mhíbhuntáiste vis‑à‑vis tairbhithe fóirdheontas eachtrach.

Sainaithníodh a thuilleadh sa pháipéar bán fadhbanna a bhaineann le rochtain ar chistiú ón Aontas ag oibreoirí a fhaigheann fóirdheontais eachtracha, rud a d’fhéadfadh an iomaíocht do chistí an Aontais a shaobhadh. Tugtar ar aird sa mheasúnú tionchair a ghabhann leis an togra seo go mbeidh feidhm ag aon bhearta de chuid an Aontais a thugann aghaidh ar éifeachtaí saofa fóirdheontas eachtrach i soláthar poiblí maidir le caiteachas buiséid an Aontais faoi bhainistíocht chomhroinnte arna dháileadh trí sholáthar poiblí. Tá bainistíocht dhíreach chistí an Aontais faoi réir Rialachán Airgeadais an Aontais Eorpaigh. Féachfaidh an Coimisiún an bhféadfaí leasuithe ar an Rialachán Airgeadais a mholadh do na comhreachtóirí le linn an chéad athbhreithnithe eile, chun tionchar na bhfóirdheontas eachtrach a chur san áireamh. A mhéid a dháiltear cistiú ón Aontas trí sholáthar poiblí faoi bhainistíocht chomhroinnte, thabharfaí aghaidh ar shaobhadh a d’fhéadfadh a bheith ann trí fhorálacha soláthair phoiblí an togra seo.

Tá moltaí déanta le déanaí ag roinnt Ballstát maidir le gníomhaíocht arb é is aidhm dóibh aghaidh a thabhairt ar an saobhadh a d’fhéadfadh a bheith ann ó fhóirdheontais eachtracha 14 . Ina theannta sin, mhol Coimisiún Mhonaplachtaí na Gearmáine ionstraim Státchabhrach eachtraí chun aghaidh a thabhairt ar na héifeachtaí diúltacha a bhíonn ag fóirdheontais eachtracha ar an margadh inmheánach 15 .

D’ardaigh na comhreachtóirí ceist na bhfóirdheontas eachtrach roinnt uaireanta freisin. Rinne an Chomhairle tagairt do pháipéar bán an Choimisiúin ina conclúidí an 11 Meán Fómhair 2020 16 agus, ina conclúidí an 1‑2 Deireadh Fómhair 2020 17 , d’iarr an Chomhairle Eorpach go mbeadh ‘ionstraimí breise ann chun aghaidh a thabhairt ar na hiarmhairtí saobhacha a bhíonn ag fóirdheontais eachtracha sa mhargadh aonair’. Ina tuarascáil maidir le beartas iomaíochta i mí Feabhra 2020 18 , d’iarr Parlaimint na hEorpa ar an gCoimisiún ‘imscrúdú a dhéanamh ar an rogha colún a chur le dlí iomaíochta an Aontais lena dtugtar uirlisí imscrúdaitheacha iomchuí don Choimisiún i gcásanna ina meastar go bhfuil iompraíocht shaobhach ag cuideachta mar gheall ar fhóirdheontais rialtais nó go ndearna sí brabús iomarcach bunaithe ar cheannasacht sa mhargadh ina tír dhúchais’. I litir chomhpháirteach chuig Leas‑Uachtaráin Feidhmiúcháin an Choimisiúin Vestager agus Dombrovskis agus an Coimisinéir Breton 19 , chuir grúpa de 41 Fheisire de Pharlaimint na hEorpa in iúl go dtacaíonn siad go láidir le hionstraim chun dul i ngleic le ‘cuideachtaí ó thríú tíortha a bhfuil tacaíocht shuntasach stáit faighte acu’.

Mar a fógraíodh i gclár oibre an Choimisiúin do 2020‑2021, leagtar amach sa togra seo le haghaidh rialacháin gnéithe na huirlise nua chun aghaidh a thabhairt ar an mbearna rialála agus chun cothroime iomaíochta a áirithiú sa mhargadh inmheánach. Luaitear freisin faoi phointe 3.2.6 den Teachtaireacht maidir leis an athbhreithniú ar an mbeartas trádála an fócas ar chur chun feidhme agus ar fhorfheidhmiú a neartú agus cothroime iomaíochta a áirithiú.

Comhsheasmhacht le forálacha beartais atá sa réimse beartais cheana

Faoi láthair, níl aon riail shonrach AE ann chun aghaidh a thabhairt ar na hiarmhairtí saobhacha a d’fhéadfadh a bheith ag fóirdheontais eachtracha ar an margadh inmheánach. Cé go bhfuil córas rialaithe Státchabhrach ag an Aontas, córas atá cumhdaithe in Airteagal 107 agus Airteagal 108 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE), níl feidhm aige ach amháin i gcás ina dtugann Ballstát an Aontais tacaíocht airgeadais do ghnóthas nó do ghrúpa gnóthas, rud as a dtagann buntáiste a shaobhann an iomaíocht agus a dhéanann difear don trádáil idir na Ballstáit. Le rialacha an Aontais in aghaidh trustaí 20 , cuirtear cosc ar chomhaontuithe nó ar chleachtais chomhbheartaithe gnóthas a bhfuil sé mar chuspóir nó d’éifeacht acu iomaíocht sa mhargadh inmheánach a shaobhadh, agus ar mhí‑úsáid ceannasachta ag gnóthais beag beann ar a bhfoirmeacha nó ar an gcaoi a maoinítear iad. Foráiltear le rialacha cumaisc an Aontais 21 do chóras fógra agus formheas roimh ré do chomhchruinnithe lena mbaineann buanathruithe ar rialú gnóthas os cionn thairseacha áirithe láimhdeachais an Aontais, is cuma cé acu an bhféadfar nó nach bhféadfar comhchruinnithe den sórt sin a mhaoiniú trí fhóirdheontais eachtracha a dheonú.

Leis an togra seo, tugtar aghaidh ar shaobhadh sa mhargadh inmheánach de bharr fóirdheontas eachtrach atá lasmuigh de na rialacha maidir le státchabhair an Aontais, rialú cumaisc agus rialacha in aghaidh trustaí. Comhlánaíonn sé na rialacha iomaíochta atá ann cheana agus tá sé go hiomlán comhleanúnach leo. Tugtar aghaidh ann ar na héifeachtaí díobhálacha a bheadh ag fóirdheontais eachtracha shaobhacha i gcás comhchruinnithe agus soláthair phoiblí ex ante, gan teorainn a chur le cumas an Aontais idirghabháil ex post a dhéanamh i staideanna eile margaidh, lena n‑áirítear i gcomhchruinnithe níos lú agus i nósanna imeachta soláthair phoiblí.

Tá an togra ag teacht go hiomlán le rialacha soláthair phoiblí an Aontais. Le Treoracha an Aontais maidir le soláthar poiblí 22 , cumhdaítear tairiscintí ar fiú níos mó ná suim áirithe iad. Ceapadh iad chun margadh soláthair iomaíoch, oscailte agus dea‑rialáilte a áirithiú. Cinntíonn siad freisin go mbíonn rochtain ag cuideachtaí an Aontais ar athbhreithniú tapa éifeachtach. Baineann an togra seo go sonrach le saobhadh a d’fhéadfadh a bheith ina chúis le fóirdheontais eachtracha do nósanna imeachta soláthair phoiblí laistigh den Aontas. Dá bhrí sin, comhlánaíonn sé na rialacha atá ann cheana.

Comhsheasmhacht le beartais eile de chuid an Aontais

Tá an togra comhleanúnach leis an straitéis thionsclaíoch nua agus leis an athbhreithniú ar an mbeartas trádála ó thaobh a mhéid a rannchuidíonn sé le hiomaíochas agus neamhspleáchas straitéiseach oscailte an Aontais a áirithiú, trína shásraí agus uirlisí frith‑fhóirdheontais a neartú. Cuirtear cuspóirí Chomhaontú Glas don Eoraip san áireamh sa togra freisin. Beidh sé ina chreat comhleanúnach, éifeachtach agus comhréireach chun aghaidh a thabhairt ar shaobhadh sa mhargadh inmheánach nach féidir dul i ngleic leis faoi láthair.

Comhlánaíonn an togra seo an togra leasaithe le haghaidh na hIonstraime Soláthair Phoiblí Idirnáisiúnta 23 arb é is aidhm dó comhpháirtithe trádála a spreagadh chun caibidlíocht a dhéanamh leis an Aontas maidir lena margaí soláthair phoiblí a oscailt do ghnólachtaí an Aontais. Is é is aidhm do thogra na hIonstraime Soláthair Phoiblí Idirnáisiúnta, mar a thíolaic an Coimisiún é, feabhas a chur ar an rochtain ar mhargaí soláthair phoiblí lasmuigh den Aontas. Mar sin féin, ní rachaidh sé i ngleic le saobhadh ar phróisis soláthair phoiblí sa mhargadh inmheánach a eascraíonn as fóirdheontais eachtracha a dheonaítear do ghnóthais atá rannpháirteach i margaí soláthair phoiblí an Aontais 24 .

Tá an togra comhleanúnach le beartas trádála an Aontais agus comhlánaíonn sé na hionstraimí trádála atá ann cheana. Le Comhaontú EDT maidir le Fóirdheontais agus le Bearta Frithchúitimh (ar leibhéal ilthaobhach), le comhaontuithe déthaobhacha saorthrádála agus le Rialachán frith‑fhóirdheontais an Aontais 25 , déantar úsáid fóirdheontas ina raon feidhme a rialú agus rialaítear leis gníomhaíochtaí is féidir a dhéanamh chun éifeacht na bhfóirdheontas sin a chomhrac. Is iondúil gur i bhfoirm dleachtanna allmhairiúcháin breise a bhíonn bearta chun gníomhú in aghaidh cleachtais éagóracha chun deireadh a chur le díobháil an fhóirdheonaithe arna dheonú ag tíortha eile de chuid na hEagraíochta Domhanda Trádála. Mar sin féin, ní théann rialacha frith‑fhóirdheontais an Aontais i ngleic ach leis an díobháil a rinneadh mar thoradh ar allmhairiú earraí isteach san Aontas, earraí a bhain tairbhe as fóirdheontas eachtrach. Ar an leibhéal idirnáisiúnta, is féidir leis an Aontas dlíthíocht i gcoinne comhalta den EDT a thabhairt isteach mar gheall ar shárú ar Chomhaontú SCM, ach tá raon feidhme an Chomhaontaithe teoranta freisin do thrádáil in earraí. I gComhaontú Ginearálta na hEagraíochta Domhanda Trádála maidir le Trádáil Seirbhísí (GATS) tá sainordú ionsuite chun rialacha a fhorbairt d’fhóirdheontais i réimse na trádála seirbhísí, ach níor forbraíodh aon rialacha den sórt sin go dtí seo.

Comhlánaíonn an togra seo an Rialachán maidir le Scagadh IDE 26 , arb é is aidhm dó an tionchar is dócha a bheidh ag IDE ar an tslándáil agus ar an ord poiblí a chinneadh trína éifeachtaí ar bhonneagar criticiúil, ar theicneolaíochtaí agus ar ionchuir, i measc nithe eile, a mheas. Os a choinne sin, téann an togra seo i ngleic go sonrach leis an saobhadh ar an gcothrom iomaíochta de bharr infheistíochtaí fóirdheonaithe eachtracha sa mhargadh inmheánach, lena n‑áirítear tionscail straitéiseacha, sócmhainní agus teicneolaíochtaí ríthábhachtacha.

Tá an togra ailínithe le hionstraimí eile de chuid an Aontais, lena n‑áirítear Cairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh.

Tá an togra comhleanúnach freisin le rialáil spriocdhírithe saincheaptha earnálacha sonracha, lena n‑áirítear earnáil na teicneolaíochta muirí agus earnáil na heitlíochta 27 .

2.BUNÚS DLÍ, COIMHDEACHT AGUS COMHRÉIREACHT

Bunús dlí

Leis an rialachán atá beartaithe, d’fhorchuirfí disciplíní maidir le fóirdheontais eachtracha a mbeadh tionchar saofa acu ar an margadh inmheánach, lena n‑áirítear cásanna ina mbeadh sé beartaithe ag infheisteoirí fóirdheonaithe sprioc de chuid an Aontais a fháil nó páirt a ghlacadh i nós imeachta soláthair phoiblí an Aontais. In Airteagal 207(1) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE), sainítear raon feidhme chomhbheartas tráchtála an Aontais a chuimsíonn inter alia bearta atá le glacadh ‘i gcás fóirdheontas’, ‘infheistíocht dhíreach eachtrach’ agus trádáil in earraí agus seirbhísí. Dá bhrí sin, tagann an rialachán atá beartaithe faoi raon feidhme Airteagal 207(2) CFAE den chuid is mó, rialachán ina ndéantar foráil maidir le bearta a ghlacadh lena sainítear an creat chun an comhbheartas tráchtála a chur chun feidhme.

Ag an am céanna, féadfaidh feidhm a bheith ag an rialachán atá beartaithe maidir le gníomhaíochtaí áirithe arna ndéanamh ag eintiteas atá bunaithe cheana féin i mBallstát amháin i mBallstát eile, amhail eintiteas eile a éadáil i mBallstát eile nó rannpháirtíocht i dtairiscint phoiblí i mBallstát eile. Sa mhéid sin, d’fhéadfadh an rialachán atá beartaithe difear a dhéanamh don cheart bunaíochta agus do shaorghluaiseacht earraí agus seirbhísí laistigh den Aontas. I bhfianaise an mhéid sin, ba cheart go mbeadh an togra bunaithe chomh maith ar Airteagal 114 CFAE, lena bhforáiltear do bhearta a ghlacadh maidir le comhfhogasú bhearta na mBallstát arb é is cuspóir dóibh an margadh inmheánach a bhunú nó a fheidhmiú. Cé nach bhfuil aon rialacha náisiúnta ann go dtí seo lena ndéileáiltear le fóirdheontais eachtracha, tá sé curtha in iúl ag roinnt Ballstát 28 gur gá, dar leo, aghaidh a thabhairt ar an saobhadh atá mar thoradh ar fhóirdheontais eachtracha. Ní féidir é a chur as an áireamh go bhféadfadh roinnt Ballstát, ar a laghad, cinneadh a dhéanamh reachtaíocht náisiúnta a ghlacadh in éagmais gníomhaíocht AE. Dá bhrí sin, agus d‘fhonn constaicí neamhriachtanacha a d’fhéadfadh teacht as éagsúlacht na ndlíthe náisiúnta a sheachaint, ba cheart don Choimisiún reachtaíocht uile‑Aontais a mholadh maidir le fóirdheontais eachtracha shaobhacha.

Dá bhrí sin, tá sé beartaithe an togra a bhunú ar Airteagal 207 agus Airteagal 114 den CFAE.

Coimhdeacht (i gcás inniúlacht neamheisiach)

Is inniúlacht eisiach de chuid an Aontais é an beartas trádála. Dá bhrí sin, dá mbeadh an togra bunaithe ar Airteagal 207 CFAE amháin, d’fhéadfadh institiúidí an Aontais, seachas rialtais na mBallstát, reachtaíocht nua a chur i bhfeidhm maidir le fóirdheontais eachtracha shaobhacha.

Ar an taobh eile, is réimse inniúlachta comhroinnte é an margadh inmheánach. Dá bhrí sin, i gcás togra atá bunaithe ar Airteagal 114 CFAE, is féidir leis na Ballstáit reachtaíocht a rith agus gníomhartha atá ceangailteach ó thaobh dlí a ghlacadh, ach amháin dá bhféadfaí cuspóirí an togra a bhaint amach ar bhealach níos fearr ar leibhéal an Aontais. Go dtí seo, níor ghlac aon Bhallstát reachtaíocht náisiúnta chun aghaidh a thabhairt ar na hiarmhairtí saobhacha a d’fhéadfadh a bheith ag fóirdheontais eachtracha. Thairis sin, d’iarr roinnt Ballstát ar an gCoimisiún dréachtreachtaíocht a mholadh sa réimse sin 29 .

Ní féidir leis na Ballstáit cuspóirí an togra a bhaint amach agus iad ag gníomhú ina n‑aonar. Bíonn fóirdheontais eachtracha ina gcúis le saobhadh sa mhargadh inmheánach, lena n‑áirítear i gcomhthéacs éadálacha spriocanna an Aontais agus soláthair phoiblí. Tá an cás inchomparáide le státchabhair arna deonú ag Ballstáit an Aontais, a bhfuil tionchar aici, de bharr an chineáil, ar níos mó ná Ballstát amháin. Mar an gcéanna, d’fhéadfadh gné Aontais a bheith ag baint le saobhadh atá mar thoradh ar fhóirdheontais eachtracha, agus tionchar a bheith acu ar roinnt Ballstát.

Agus aghaidh a thabhairt ar fhóirdheontais eachtracha shaobhacha ar leibhéal an Aontais, is féidir le tairbhithe féideartha fóirdheontas eachtrach a bheith ar an eolas roimh ré faoi na rialacha a úsáidfidh an Coimisiún chun measúnú a dhéanamh ar fhóirdheontais eachtracha a bheith ann agus ar aon saobhadh a d’fhéadfadh a bheith ann mar gheall orthu. Áirithítear leis sin intuarthacht agus feabhsaítear deimhneacht dhlíthiúil an chórais ar fud na mBallstát.

Comhréireacht

Is é is aidhm don togra cothrom iomaíochta sa mhargadh inmheánach a chosaint ionas nach saobhtar é le fóirdheontais eachtracha. Dá bhrí sin, díríonn sé ar dhá shaincheist: fóirdheontais eachtracha shaobhacha a shainaithint agus an saobhadh a bheidh á chruthú acu a leigheas.

Maidir le comhchruinnithe agus soláthar poiblí, tá córas fógartha ex ante i gceist leis an togra maidir leis na cásanna is mó a d’fhéadfadh a bheith saofa. Áirithítear leis an gcur chuige ex ante go ndéanfar fóirdheontais eachtracha shaobhacha a shainaithint go córasach i gcásanna ina bhfuil an luach eacnamaíoch is airde i gceist. I ngach cás eile sa mhargadh, lena n‑áirítear comhchruinnithe níos lú agus nósanna imeachta soláthair phoiblí níos lú, tá fóirdheontais den sórt sin faoi réir nós imeachta ex officio a chuireann ar chumas an Choimisiúin díriú ar na cásanna is ábhartha. Bunaithe ar fhaisnéis ábhartha faoin margadh, déanfaidh an t‑údarás maoirseachta measúnú ansin ar mhéid an tsaofa. Ar aon chuma, ní dócha go mbeidh fóirdheontais eachtracha faoi bhun EUR 5 milliún saofa.

Tá na bearta sásaimh atá sa togra bunaithe ar bhearta a chuirtear i bhfeidhm i rialú Státchabhrach an Aontais chun deireadh a chur le hiarmhairt shaobhach na Státchabhrach. Ós rud é go bhfuil an tionchar saobhach a d’fhéadfadh a bheith ag fóirdheontais eachtracha ar an margadh inmheánach cosúil le tionchar Státchabhrach, cuireann an bosca uirlisí um státchabhair tacar éifeachtúil beart ar fáil chun saobhadh atá mar thoradh ar fhóirdheontais eachtracha a leigheas. I gcás comhchruinnithe móra agus nósanna imeachta móra soláthair phoiblí, áirithítear leis an gcur chuige ex ante gur féidir bearta a chinneadh sula ndúntar na hidirbhearta, rud a thugann deimhneacht dhlíthiúil do na gnóthais lena mbaineann.

Tá na bearta sa togra comhréireach, ós rud é go mbaineann siad amach a gcuspóir trí ualach a fhorchur, ar bhealach spriocdhírithe, ar ghnóthais atá i mbun gníomhaíochta eacnamaíche sa mhargadh inmheánach a fhaigheann fóirdheontais eachtracha, agus orthu sin amháin. Éilíonn an togra go gcomhoibreoidh na cuideachtaí atá faoi imscrúdú, ach beidh na costais riaracháin réasúnta agus comhréireach. I ngeall ar na costais, beidh roinnt acmhainní ann chun fógraí a ullmhú maidir le comhchruinnithe móra ar tugadh fóirdheontas ina leith nó maidir le nósanna imeachta soláthair phoiblí, cumarsáid a dhéanamh leis an gCoimisiún agus freagairt d’iarrataí ar fhaisnéis.

Rogha ionstraime

Ní fhéadfaidh ach ionstraim reachtach aghaidh a thabhairt go héifeachtach ar na fadhbanna a sainaithníodh. Tá gá le rialachán, toisc go bhfuil sé infheidhme go díreach sna Ballstáit, go mbunaítear leis an leibhéal céanna ceart agus oibleagáidí do pháirtithe príobháideacha, agus gur féidir rialacha a chur i bhfeidhm go comhleanúnach agus go héifeachtach ar fud an Aontais. Is é sin an ionstraim is oiriúnaí chun aghaidh a thabhairt ar an saobhadh a d’fhéadfadh a bheith ann ar an margadh inmheánach trí fhóirdheontais eachtracha.

3.TORTHAÍ Ó MHEASTÓIREACHTAÍ EX POST, Ó CHOMHAIRLIÚCHÁIN LEIS NA PÁIRTITHE LEASMHARA AGUS Ó MHEASÚNUITHE TIONCHAIR

Comhairliúcháin leis na páirtithe leasmhara

Chuathas i gcomhairle go forleathan 30 leis an gCoimisiún maidir leis an togra:

an 17 Meitheamh 2020, ghlac sé páipéar bán agus d’fhoilsigh sé an páipéar sin maidir le fóirdheontais eachtracha , a sheol comhairliúchán poiblí 14 seachtaine a chríochnaigh an 23 Meán Fómhair 2020 31 ;

an 6 Deireadh Fómhair 2020, d’oscail sé comhairliúchán le páirtithe leasmhara maidir le measúnú tionchair tosaigh ina leagtar amach na roghanna beartais a d‘fhéadfadh a bheith ann, na tionchair a d’fhéadfadh a bheith acu agus gnéithe eile a mbeadh measúnú le déanamh orthu i dtuarascáil mhionsonraithe ar an measúnú tionchair;

idir Deireadh Fómhair 2020 agus Eanáir 2021, d’eagraigh sé roinnt comhairliúchán déthaobhach spriocdhírithe leis na hionadaithe geallsealbhóirí is ábhartha 32 ; agus

rinne sí idirphlé struchtúrtha leis na Ballstáit, go háirithe trí mheithleacha na Comhairle, trí mheitheal an tsoláthair phoiblí, agus trí mhalartuithe agus comhdhálacha déthaobhacha agus iltaobhacha agus trí chomhdhálacha maidir le roghanna beartais a dhearadh.

I gcoitinne, léirigh na comhairliúcháin phoiblí tacaíocht láidir d’idirghabháil chun dul i ngleic le fóirdheontais eachtracha shaobhacha sa mhargadh inmheánach. Thacaigh beagnach gach freagróir a chuir aiseolas ar fáil ar an measúnú tionchair tosaigh le gníomhaíocht reachtach ar leibhéal an Aontais, agus d’fhéadfaí rialacha idirnáisiúnta á comhlánú.

Bhí na freagraí a fuarthas sa chomhairliúchán ar an bpáipéar bán an‑ábhartha le haghaidh dréachtú an togra. Ba dhíol sásaimh do bheagnach gach páirtí leasmhar de chuid an Aontais, lena n‑áirítear na Ballstáit, an tionscnamh agus chomhaontaigh siad go bhfuil gá le gníomhaíocht. D’aontaigh an tromlach le raon feidhme an chur chuige a leagtar amach sa pháipéar bán, ach leag siad béim ar an ngá atá le beart comhréireach ionas nach gcuirfear srian ar an infheistíocht eachtrach, ábhar imní a bhí ag geallsealbhóirí lasmuigh den Aontas freisin. Chuir go leor freagróirí béim ar an ngá atá ann déileáil leis an easpa trédhearcachta a bhaineann le fóirdheontais eachtracha.

Chun aghaidh a thabhairt ar fhóirdheontais eachtracha shaobhacha agus an t‑ualach riaracháin ar chuideachtaí agus ar údaráis phoiblí á íoslaghdú ag an am céanna, tá sé beartaithe na tairseacha fógartha le haghaidh comhchruinnithe fóirdheontais agus nósanna imeachta soláthair phoiblí a shocrú sách ard, chun na fóirdheontais is mó a d’fhéadfadh a bheith saofa a ghabháil. Is féidir leis an gCoimisiún cásanna atá faoi bhun na dtairseach ar a thionscnamh féin a shaothrú. Ar an gcaoi chéanna, chun deimhneacht dhlíthiúil a mhéadú do chuideachtaí atá i mbun gníomhaíochta eacnamaíche san Aontas, tá sé beartaithe leibhéal íosta a shocrú nach dócha go ndéanfaidh fóirdheontais eachtracha saobhadh ar an margadh inmheánach faoina bhun. Beidh tionchar dearfach aige sin, go háirithe ar FBManna. I bhfianaise líon mór na n‑iarrataí ar chomhsheasmhacht i gcur i bhfeidhm na hionstraime, tá sé beartaithe go mbeidh an Coimisiún freagrach as an rialachán a fhorfheidhmiú.

Ina theannta sin, úsáideadh an t‑aiseolas sna comhairliúcháin spriocdhírithe chun samplaí de chineálacha fóirdheontais, d’earnálacha a ndearnadh difear dóibh agus d’iarmhairtí nithiúla saobhacha a ghiniúint. Pléadh iad sin sa mheasúnú tionchair agus úsáideadh iad chun an togra a mhúnlú.

Bailiú agus úsáid saineolais

Tá measúnú tionchair ina thaca ag an tionscnamh seo. Ina theannta sin, reáchtáil an Coimisiún roinnt comhairliúchán in 2020 (féach thuas). Chuir taighde eacnamaíoch inmheánach an Airmheáin Chomhpháirtigh Taighde tuilleadh faisnéise ar fáil maidir leis an measúnú tionchair. Chuathas i gcomhairle leis na Ballstáit i roinnt cruinnithe de chuid mheithleacha na Comhairle maidir le hiomaíocht agus soláthar poiblí, agus i gcruinnithe grúpa saineolaithe. Ar deireadh, chuir roinnt páipéar seasaimh de chuid na mBallstát maidir le déileáil le fóirdheontais eachtracha 33 agus roinnt tuarascálacha agus staidéar 34 le dearadh na hionstraime.

Measúnú tionchair

Rinne Bord um Ghrinnscrúdú Rialála an Choimisiúin breithniú ar an measúnú tionchair atá mar thaca leis an togra, agus d’eisigh sé tuairim dhearfach a raibh forchoimeádais inti an 5 Márta 2021. Tá tuairim an Bhoird, a moltaí agus míniú ar an mbealach ar cuireadh san áireamh iad in Iarscríbhinn 1 den mheasúnú tionchair atá ag gabháil leis an togra seo. In Iarscríbhinn 3 a ghabhann leis an measúnú tionchair tugtar forléargas ar na daoine a mbeidh tionchar ag an togra seo orthu agus ar an gcaoi a ndéanfaidh sé difear dóibh.

Scrúdaigh an Coimisiún roghanna beartais éagsúla chun cuspóir ginearálta an tionscnaimh a bhaint amach, i.e. chun cothrom iomaíochta a áirithiú sa mhargadh inmheánach do chuideachtaí a fhaigheann fóirdheontais eachtracha agus do chuideachtaí nach bhfaigheann:

Rogha 1 —    rud ar bith a dhéanamh (status quo);

Rogha 2 —    treoir a eisiúint maidir le cén fhaisnéis maidir le tacaíocht phoiblí atá le cur isteach nuair a fhógraítear éadáil;

Rogha 3 —    reachtaíocht atá ann cheana a leasú; agus

Rogha 4 —    ionstraim dlí nua AE a fhorbairt, ionstraim ina bhfuil roghanna malartacha le haghaidh paraiméadair éagsúla.

Moladh sa tuarascáil ar an measúnú tionchair tosaigh an cúigiú rogha, rogha a d’fhág go raibh rialacha idirnáisiúnta le hathrú. Níor tíolacadh an cúigiú rogha sin a thuilleadh sa tuarascáil ar an measúnú tionchair agus, ina ionad sin, cuireadh a heilimintí substainteacha san áireamh sa chás bunlíne, toisc go saothróidh an Coimisiún an tionscnamh beartais sin ar aon chuma, eadhon é a bheith mar aidhm aige forbairt rialacha idirnáisiúnta a chur chun cinn chun aghaidh a thabhairt ar thionchair dhiúltacha fóirdheontas. Cuireadh Rogha 2 agus Rogha 3 i leataobh ag céim thosaigh, toisc nach dócha go mbeidh siad éifeachtach. Dá bhrí sin, níor breithníodh ach rogha 4 ar bhealach níos mionsonraithe.

Moladh i Rogha 4 roinnt roghanna malartacha a ndearnadh anailís orthu. Bhain na roghanna malartacha sin leis na paraiméadair seo a leanas:

i) cur chuige imscrúdaitheach;

ii) leibhéal inniúlachta;

iii) an tairseach faoina bun nach measfaí fóirdheontais eachtracha a bheith saofa;

iv) critéir mheasúnaithe;

v) tástáil chothromaíochta, lenar féidir éifeachtaí diúltacha agus deaéifeachtaí a chur san áireamh; agus

vi) bearta sásaimh.

Bunaithe ar an measúnú ar thionchair rogha 4, cumascadh na foroghanna a bhaineann leis na paraiméadair thuas chun pacáistí beartais a d’fhéadfadh a bheith ann a chruthú do gach ceann de na trí réimse inar féidir fóirdheontais shaofa a aimsiú, i.e. comhchruinnithe, nósanna imeachta soláthair phoiblí agus cásanna eile margaidh.

Is féidir rogha thosaíochta le haghaidh gach ceann de na réimsí a chur i láthair mar uirlis imscrúdaitheach trí shraith ina bhfuil na comhpháirteanna seo a leanas:

·Comhpháirt 1: Uirlis imscrúdaitheach atá bunaithe ar fhógra le haghaidh comhchruinnithe i gcás ina sáraíonn láimhdeachas sprioc an Aontais EUR 500 milliún agus ina sáraíonn na ranníocaíochtaí eachtracha airgeadais EUR 50 milliún;

·Comhpháirt 2: Uirlis imscrúdaitheach atá bunaithe ar fhógra le haghaidh tairiscintí i dtairiscintí poiblí ar mó a luach conartha ná EUR 250 milliún; agus

·Comhpháirt 3: Uirlis imscrúdaitheach ex officio le haghaidh gach cás eile sa mhargadh agus do chomhchruinnithe agus do nósanna imeachta soláthair phoiblí atá faoi bhun na dtairseach do chomhpháirt 1 agus do chomhpháirt 2.

Tá sé beartaithe gurb é an Coimisiún an t‑údarás a chuireann an rialachán i bhfeidhm. Meastar nach dócha go mbeidh fóirdheontais eachtracha faoi bhun EUR 5 milliún saofa.

Comhfhreagraíonn an rogha thosaíochta den chuid is mó don chur chuige a chuirtear i láthair sa pháipéar bán, ach dhá phríomheisceacht a bheith ann 35 :

·cé go raibh sé beartaithe sa pháipéar bán ról a bheith ag na Ballstáit maidir le grinnscrúdú a dhéanamh ar na nósanna imeachta soláthair phoiblí, is é atá i gceist leis an togra gach comhpháirt a fhorfheidhmiú ar leibhéal an Aontais. Freagraíonn sé sin d’imní forleathana na bpáirtithe leasmhara go gcuirfí ionstraim nua maidir le fóirdheontais eachtracha i bhfeidhm go neamh‑chomhsheasmhach ar fud na mBallstát agus go mbeadh ró‑ualach ar na húdaráis náisiúnta  36 ; agus

·tá níos mó mionsonraí sa rogha thosaíochta ná an páipéar bán, go háirithe maidir le tairseacha fógartha agus an tairseach ar faoina mbun a mheasfaí nach ndéanfadh fóirdheontais eachtracha saobhadh ar an margadh inmheánach. Freagraíonn na tairseacha sin freisin d’ábhair imní fhorleathana na bpáirtithe leasmhara maidir leis an ualach riaracháin agus tá siad i gcomhréir le haiseolas ó roinnt páirtithe leasmhara 37 gur cheart go mbeadh an tairseach faoina meastar fóirdheontais neamhshaofa a bheith níos airde ná EUR 200 000 thar thréimhse 3 bliana, mar a moladh ar dtús.

Áiritheofar leis an bhfógra ex ante do na cásanna is mó a d’fhéadfadh a bheith saofa go ndéanfar fóirdheontais eachtracha shaobhacha a shainaithint go córasach i gcásanna ina bhfuil an luach eacnamaíoch is airde. I gcás gach cás eile sa mhargadh (lena n‑áirítear comhchruinnithe níos lú agus nósanna imeachta soláthair phoiblí níos lú), dhéanfaí fóirdheontais eachtracha shaobhacha a shainaithint i nós imeachta ex officio. Cuireann an cur chuige sin ar chumas an údaráis mhaoirseachta a aird a dhíriú ar na cásanna is ábhartha. Foráiltear leis an rogha thosaíochta freisin do bhosca uirlisí éifeachtach de bhearta sásaimh chun an saobhadh atá mar thoradh ar fhóirdheontais eachtracha a leigheas.

Táthar ag súil go n‑áireofar cothrom iomaíochta sa mhargadh inmheánach idir cuideachtaí a fhaigheann fóirdheontais eachtracha agus na cuideachtaí sin nach bhfaigheann fóirdheontais eachtracha i dtairbhí na rogha tosaíochta. Cuirfidh sé sin feabhas ar iomaíochas na gcuideachtaí nach bhfaigheann fóirdheontais eachtracha. Féadfaidh gnólachtaí, go háirithe na cinn a fhaigheann fóirdheontais mhóra eachtracha, costais riaracháin áirithe a thabhú agus fógraí á n‑ullmhú acu nó iarrataí ar fhaisnéis á gcomhlíonadh acu. Mar sin féin, tá na costais sin réasúnta agus comhréireach.

Mínítear tionchair na roghanna beartais ar chatagóirí éagsúla geallsealbhóirí go mion in Iarscríbhinn 3 a ghabhann leis an measúnú tionchair. A mhéid is féidir, is measúnú cáilíochtúil agus cainníochtúil a bheidh sa mheasúnú. I bhfianaise na tairsí airde ar faoina bun a mheasfaí nach ndéanfadh saobhadh ar an margadh inmheánach agus na tairseacha fógartha arda atá beartaithe le haghaidh comhchruinnithe fóirdheontais agus d’idirbhearta soláthair phoiblí, ní chuirfidh an tionscnamh seo ualach breise ar FBManna. Is réasúnta an t‑ualach ar an gCoimisiún maidir leis an tionscnamh seo a chur chun feidhme (ath‑imlonnú nó cruthú post go príomha) i bhfianaise na buntáistí le haghaidh an gheilleagair.

Oiriúnacht rialála agus simpliú

Níl aon bhaint ag an togra le clár um Oiriúnacht agus Feidhmíocht Rialála (REFIT), toisc go mbaineann sé le réimse nach ann do reachtaíocht AE (ná náisiúnta) ina leith faoi láthair.

I bhfianaise na dtairseach ard fógartha le haghaidh comhchruinnithe fóirdheontais agus idirbhearta soláthair phoiblí, leagtar síos sa togra seo bearta a mbeidh feidhm acu go príomha maidir le faighteoirí fóirdheontas mór eachtrach, ar dócha gurb iad na bearta sin is mó a shaobhfaidh. Cuirfidh sé sin teorainn leis an ualach riaracháin ar ghnóthais agus ar údaráis phoiblí. Ina theannta sin, mar gheall ar na tairseacha arda fógartha atá beartaithe, ní bheidh aon ualach riaracháin breise ar FBManna mar thoradh ar fhógraí a chur isteach.

Trí na hiarmhairtí saobhacha a bhaineann le fóirdheontais eachtracha sa mhargadh inmheánach a leigheas, cruthóidh an togra cothrom iomaíochta do chuideachtaí a fhaigheann fóirdheontais eachtracha agus dóibh nach bhfaigheann, rud a fheabhsóidh iomaíochas cuideachtaí san Aontas. I bhfianaise an ualaigh riaracháin theoranta ar ghnóthais agus an chreata shoiléir a bhunaítear leis an togra seo, meastar gur beag an baol a bheidh ann go mbeidh tionchar diúltach ag an ionstraim nua ar shreafaí trádála agus infheistíochta. Seachas an riosca mar gheall ar an ualach riaracháin, d’fhéadfadh an ionstraim nua líon na gcomhchruinnithe a laghdú trí chomhchruinnithe fóirdheontais a chosc. Is í sin an éifeacht bheartaithe, áfach, agus ba cheart gur mhó na buntáistí a thiocfadh as comharthaí praghsála neamhshaofa agus luachálacha cuideachtaí a athshlánú, agus comhchruinnithe a raibh bac curtha orthu roimhe sin a éascú.

Tá an togra faoi réir don Idirlíon agus tá sé oiriúnach do thimpeallachtaí fisiciúla agus digiteacha araon.

Cearta bunúsacha

Tá an togra ailínithe le Cairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh agus urramaíonn sé an tsaoirse gnó a dhéanamh. Tá ionstraim nua reachtach a thabhairt isteach chun dul i ngleic le fóirdheontais eachtracha shaobhacha faoi réir meas iomlán a áirithiú ar chearta bunúsacha i leith imeachtaí cothroma agus dea‑riarachán.

Bheadh cumhachtaí imscrúdaithe an Choimisiúin agus é ag gníomhú faoin ionstraim reachtach faoi réir raon feidhme iomlán na gceart a bhaineann le próiseas cothrom amhail an ceart chun cinneadh réasúnaithe a fháil agus an ceart chun rochtain a fháil ar athbhreithniú breithiúnach, lena n‑áirítear an fhéidearthacht bearta forfheidhmithe agus forchurtha smachtbhannaí a cheistiú. Tá feidhm ag na cearta sin i gcás imeachtaí riaracháin.

4.IMPLEACHTAÍ BUISÉADACHA

Chun cuspóirí an tionscnaimh seo a bhaint amach ar an mbealach is éifeachtaí, is gá roinnt gníomhaíochtaí a mhaoiniú ar leibhéal an Choimisiúin, lena mbaineann ath‑imlonnú nó cruthú post arb ionann iad agus thart ar 145 choibhéis lánaimseartha 38 . Is ionann an caiteachas ar acmhainní daonna in 2021‑2027 agus thart ar EUR 80 490 milliún. Meastar go mbeidh costais riaracháin eile cothrom le EUR 0. 800 milliún thar an tréimhse sin. Is é EUR 7 825 milliún an caiteachas oibríochtúil a úsáidfear chun an bonneagar TF, na staidéir agus na comhairliúcháin is gá a mhaoiniú chun forfheidhmiú éifeachtach na hionstraime a áirithiú. Beidh roghanna forbartha agus soláthair TF faoi réir réamhcheadaithe an Bhoird an Choimisiúin Eorpaigh um Theicneolaíocht Faisnéise agus um Chibearshlándáil. Tá buiséad thart ar EUR 1 225 milliún ag leithreasuithe eile de chineál riaracháin arna maoiniú as an imchlúdach le haghaidh cláir shonracha.

Dá bhrí sin, is EUR 90 340 milliún a bheidh sa chaiteachas iomlán riaracháin ar chur chun feidhme an togra in 2021‑2027, agus tiocfaidh cuid den chaiteachas sin ó chlár an mhargaidh aonair. Tacóidh an maoiniú le gníomhaíochtaí imscrúdaitheacha agus forfheidhmithe, le gníomhaíochtaí faireacháin agus le himscrúduithe margaidh. Tacóidh sé freisin le hathbhreithniú rialta ar fhorálacha sonracha, le meastóireacht ar an rialachán agus le meastóireacht leanúnach ar éifeachtacht agus éifeachtúlacht na mbeart a rinneadh. Tá forléargas mionsonraithe ar na costais atá i gceist ar fáil sa ráiteas airgeadais atá nasctha leis an tionscnamh seo.

5.EILIMINTÍ EILE

Pleananna cur chun feidhme agus socruithe faireacháin, meastóireachta agus tuairiscithe

Cuid thábhachtach den togra is ea faireachán agus meastóireacht. Déanfar faireachán leanúnach agus beidh sé bunaithe ar chuspóirí oibríochtúla agus ar tháscairí sonracha. Cumhdófar na príomhghnéithe seo a leanas i bhfaireachán tráthrialta leanúnach:

i) an líon fóirdheontas eachtracha shaobhacha (bunaithe ar chásanna); agus

ii) éifeachtacht na mbeart sásaimh a forchuireadh.

Ina theannta sin, féadfaidh an Coimisiún faireachán a dhéanamh ar fhorbairtí a bhaineann le fóirdheontais eachtracha shaobhacha i gcomhthéacs imscrúdaithe mhargaidh.

Déanfar faireachán ar éifeachtacht agus éifeachtúlacht an togra trí úsáid a bhaint as táscairí réamhshainithe chun a dhéanamh amach an gá rialacha breise (e.g. rialacha maidir le forfheidhmiú) chun a áirithiú nach ndéanfaidh fóirdheontais eachtracha an margadh inmheánach a shaobhadh a thuilleadh. Dá bharr sin, déanfar tionchar na hidirghabhála a mheas i gcomhthéacs cleachtadh meastóireachta agus déanfar clásal athbhreithnithe a ghníomhachtú, más gá go ndéanfar amhlaidh, clásal faoina bhféadfaidh an Coimisiún bearta iomchuí a ghlacadh, lena n‑áirítear tograí reachtacha.

Míniúchán mionsonraithe ar fhorálacha sonracha an togra

I gCaibidil 1, leagtar amach forálacha ginearálta, lena n‑áirítear ábhar agus raon feidhme an rialacháin (Airteagal 1). Leagtar amach leis, tráth a mheastar go bhfuil fóirdheontas eachtrach ann (Airteagal 2), céard iad na coinníollacha faoina meastar go ndéantar saobhadh ar an margadh inmheánach (Airteagal 3) agus céard iad na cineálacha fóirdheontais is dóichí a mbeidh iarmhairt shaobhach acu (Airteagal 4). Déantar tuairisc ann ar an gcothromaíocht a dhéanann an Coimisiún (Airteagal 5) sula bhforchuirtear aon bhearta sásaimh, agus na cineálacha beart sásaimh agus gealltanais a d’fhéadfadh a bheith ann (Airteagal 6).

Rialaíonn Caibidil 2 an t‑athbhreithniú ex officio ar fhóirdheontais. Go sonrach, leagtar síos leis go bhféadfaidh an Coimisiún, ar a thionscnamh féin, scrúdú a dhéanamh ar fhaisnéis ó aon fhoinse maidir le fóirdheontais eachtracha a líomhnaítear a bheith saobhach (Airteagal 7) faoi réamh‑athbhreithniú (Airteagal 8) nó i gcomhthéacs imscrúdú cuimsitheach (Airteagal 9). Leagtar síos leis ansin rialacha i ndáil le huirlisí éagsúla is féidir a úsáid i gcomhthéacs nósanna imeachta faoin rialachán, lena n‑áirítear bearta eatramhacha ón gCoimisiún (Airteagal 10) agus iarrataí ar fhaisnéis (Airteagal 11). Ina theannta sin, beidh an Coimisiún in ann cigireachtaí ar an láthair a dhéanamh laistigh den Aontas (Airteagal 12) agus in áiteanna eile (Airteagal 13). I gcás neamh‑chomhoibriú an ghnóthais lena mbaineann, féadfaidh an Coimisiún cinneadh a dhéanamh ar bhonn na bhfíoras atá ar fáil (Airteagal 14). Is féidir leis fíneálacha agus íocaíochtaí pionósacha tréimhsiúla a ghearradh (Airteagal 15) i leith sáruithe nós imeachta, amhail faisnéis mhícheart, neamhiomlán nó mhíthreorach a sholáthar i gcomhthéacs imscrúdaithe, agus i gcás neamhchomhlíonadh cinntí ón gCoimisiún lena bhforchuirtear bearta sásaimh nó eatramhacha, nó gealltanais. Féadfaidh sé cinneadh roimhe sin a chúlghairm agus cinneadh nua a dhéanamh freisin(Airteagal 16) i gcás ina ngníomhaíonn an gnóthas lena mbaineann ar neamhréir lena ghealltanais nó ina ndealraíonn sé go raibh an cinneadh roimhe sin bunaithe ar fhaisnéis neamhiomlán, mhícheart nó mhíthreorach.

I gCaibidil 3, tá rialacha sonracha maidir le comhchruinnithe. Go háirithe, leagtar síos ann na coinníollacha faoina meastar go ndéantar saobhadh ar an margadh inmheánach le fóirdheontas eachtrach i gcomhchruinniú (Airteagal 17), sainítear cad is comhchruinniú ann (Airteagal 18) agus forordaítear ann cathain ba cheart fógra comhchruinnithe a thabhairt (Airteagal 19). Tugtar níos mó sonraí ann maidir leis an oibleagáid fógra a thabhairt trí choincheap an rialaithe a shainmhíniú (Airteagal 20) agus trí mhíniú a thabhairt ar conas láimhdeachas a ríomh (Airteagal 21) agus ar leibhéal na ranníocaíochta airgeadais (Airteagal 22). Leagtar amach ann cathain ba cheart comhchruinniú a chur ar fionraí agus na teorainneacha ama comhfhreagracha (Airteagal 23). Sonraítear ann cé na rialacha nós imeachta ó Chaibidil 2 a bhfuil feidhm acu maidir le comhchruinnithe ar tugadh fógra fúthu le linn an réamh‑athbhreithnithe agus an imscrúdaithe dhomhain, arna n‑oiriúnú do shainiúlachtaí córais fógartha (Airteagal 24). Tá feidhm ag na fíneálacha agus na híocaíochtaí pionósacha tréimhsiúla (Airteagal 25) atá leagtha amach i gCaibidil 2 freisin maidir le comhchruinnithe ar tugadh fógra ina leith, mar aon leis an bhféidearthacht iad a fhorchur i gcás fógra ina dtugtar faisnéis mhícheart nó mhíthreorach, nó i gcás nach dtugtar fógra faoin oibleagáid fionraí nó i gcás nach gcomhlíontar an oibleagáid fionraí nó cinneadh lena gcuirtear toirmeasc ar chomhchruinniú.

Tá forálacha sonracha i gCaibidil 4 maidir le nósanna imeachta soláthair phoiblí. Go háirithe, leagtar síos ann na coinníollacha faoina meastar go ndéantar saobhadh ar an margadh inmheánach le fóirdheontas eachtrach i nós imeachta soláthair phoiblí (Airteagal 26), leagtar síos na tairseacha fógartha (Airteagal 27) agus forordaítear ann nuair atá fógra i gcomhthéacs nós imeachta den sórt sin éigeantach (Airteagal 28). Sonraítear ann cé na rialacha nós imeachta ó Chaibidil 2 a bhfuil feidhm acu maidir le ranníocaíochtaí airgeadais dá dtugtar fógra i nósanna imeachta soláthair phoiblí agus na teorainneacha ama chun imscrúdú domhain a thionscnamh agus a chríochnú (Airteagal 29). Déantar tuairisc ann ar na cineálacha cinntí is féidir leis an gCoimisiún a ghlacadh (Airteagal 30) agus nuair ba cheart dámhachtain conartha phoiblí do thairgeoirí a bhféadfaí fóirdheontas a bheith faighte acu i nósanna imeachta soláthair phoiblí a chur ar fionraí (Airteagal 31). Ar deireadh, foráiltear ann gur féidir fíneálacha agus íocaíochtaí pionósacha tréimhsiúla a fhorchur mar atá leagtha amach i gCaibidil 2, agus comhlánaithe leis an bhféidearthacht sin a dhéanamh i gcás fógra ina dtugtar faisnéis mhícheart nó mhíthreorach, nó i gcás mainneachtain fógra a thabhairt (Airteagal 32).

Tá forálacha nós imeachta coiteanna i gCaibidil 5. Tuairiscítear ann an gaol idir athbhreithniú ex officio, fógra a thabhairt faoi chomhchruinniú agus fógra a thabhairt maidir le soláthar poiblí (Airteagal 33). Déantar foráil ann maidir leis an bhféidearthacht imscrúdú margaidh a oscailt (Airteagal 34) agus forordaítear leis tréimhsí teorann (Airteagal 35). Tá oibleagáid ann freisin cinntí a ghlactar faoin rialachán (Airteagal 36) a fhoilsiú agus sonraítear ann cé chuige ar cheart na cinntí sin a dhíriú (Airteagal 37). Leagtar síos i roinnt forálacha na ráthaíochtaí nós imeachta os comhair an Choimisiúin, go háirithe na cearta chun cosanta (Airteagal 38) agus cosaint na rúndachta gairmiúla (Airteagal 39).

I gCaibidil 6, tugtar tuairisc ar an ngaol idir an rialachán agus ionstraimí dlíthiúla eile (Airteagal 40).

I gCaibidil 7, tá tuilleadh forálacha ginearálta, amhail an nós imeachta coiste le haghaidh cinntí (Airteagal 41), chomh maith leis an bhféidearthacht forálacha cur chun feidhme (Airteagal 42, Airteagal 43) agus gníomhartha tarmligthe a ghlacadh (Airteagal 44), i gcomhréir le rialacha sonracha maidir le tarmligean cumhachtaí (Airteagal 45). Ina theannta sin, tá foráil ann le haghaidh athbhreithniú ar an rialachán (Airteagal 46). Ar deireadh, tá forálacha idirthréimhseacha áirithe sa rialachán (Airteagal 47) agus luaitear ann cathain a thiocfaidh sé i bhfeidhm agus cathain a chuirfear i bhfeidhm é (Airteagal 48).

2021/0114 (COD)

Togra le haghaidh

RIALACHÁN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

maidir le fóirdheontais eachtracha a shaobhann an margadh inmheánach

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagail 114 agus 207 de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa 39 ,

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)Cuireann margadh inmheánach atá láidir, oscailte agus iomaíoch ar chumas gnóthas Eorpach agus eachtrach araon dul san iomaíocht ar bhonn tuillteanas. Tairbhíonn an tAontas de chóras rialaithe státchabhrach atá sofaisticiúil agus éifeachtach, arb é is aidhm dó dálaí cothroma a áirithiú do gach gnóthas atá ag gabháil do ghníomhaíocht eacnamaíoch sa mhargadh inmheánach. Cuireann an córas rialaithe státchabhrach sin cosc ar na Ballstáit státchabhair a dheonú lena ndéantar an iomaíocht sa mhargadh inmheánach a shaobhadh go míchuí.

(2)Ag an am céanna, d’fhéadfadh gnóthais fóirdheontais a fháil ó thríú tíortha lena gcuirtear cistí poiblí ar fáil a úsáidtear ansin, mar shampla, chun gníomhaíochtaí eacnamaíocha a mhaoiniú sa mhargadh inmheánach in aon earnáil den gheilleagar, amhail rannpháirtíocht i dtairiscintí soláthair phoiblí, nó éadálacha gnóthas, lena náirítear gnóthais a bhfuil sócmhainní straitéiseacha acu amhail bonneagar criticiúil agus teicneolaíochtaí nuálacha. Níl na fóirdheontais sin faoi réir rialacha an Aontais maidir leis an státchabhair faoi láthair.

(3)Is féidir le fóirdheontais eachtracha an margadh inmheánach a shaobhadh agus an bonn a bhaint den chothrom iomaíochta do ghníomhaíochtaí eacnamaíocha éagsúla san Aontas. D’fhéadfadh sé sin tarlú go háirithe i gcomhthéacs comhchruinnithe lena mbaineann athrú ar rialú ghnóthais an Aontais, i gcás ina ndéantar na comhchruinnithe sin a mhaoiniú ina niomláine nó i bpáirt trí fhóirdheontais eachtracha, nó i gcás ina ndámhtar conarthaí poiblí san Aontas do ghnóthais a bhaineann tairbhe as fóirdheontais eachtracha.

(4)Ní thugtar aghaidh in aon ionstraim de chuid an Aontais atá ann cheana ar shaobhadh atá mar thoradh ar fhóirdheontais eachtracha. Cuireann ionstraimí cosanta trádála ar chumas an Choimisiúin gníomhú nuair a allmhairítear earraí fóirdheonaithe isteach san Aontas, ach ní i gcás ina bhfuil fóirdheontais eachtracha i bhfoirm infheistíochtaí fóirdheonaithe, ná i gcás ina bhfuil seirbhísí agus sreafaí airgeadais i gceist. Faoi Chomhaontú EDT maidir le Fóirdheontais agus Bearta Frithchúitimh, is féidir leis an Aontas réiteach díospóidí idir Stáit a thionscnamh i gcoinne fóirdheontais eachtracha áirithe a dheonaigh baill EDT agus atá teoranta d’earraí.

(5)Dá bhrí sin, is gá ionstraimí an Aontais atá ann cheana a chomhlánú le huirlis nua chun déileáil go héifeachtach le saobhadh sa mhargadh inmheánach atá mar thoradh ar fhóirdheontais eachtracha agus chun cothrom iomaíochta a áirithiú. Go háirithe, comhlánaíonn an uirlis nua rialacha an Aontais maidir leis an Státchabhair, rialacha a dhéileálann le saobhadh sa mhargadh inmheánach atá mar thoradh ar fhóirdheontais Ballstáit.

(6)Ba cheart rialacha agus nósanna imeachta a leagan síos chun imscrúdú a dhéanamh ar fhóirdheontais eachtracha a bhfuil saobhadh iarbhír nó féideartha á dhéanamh acu sa mhargadh inmheánach agus, i gcás inarb ábhartha, ba cheart an saobhadh sin a cheartú. D’fhéadfadh fóirdheontais eachtracha an margadh inmheánach a shaobhadh más rud é go mbíonn an gnóthas a bhaineann tairbhe as an bhfóirdheontas eachtrach ag gabháil do ghníomhaíocht eacnamaíoch san Aontas. Dá bhrí sin, ba cheart rialacha a bhunú leis an Rialachán seo maidir le gach gnóthas atá ag gabháil do ghníomhaíocht eacnamaíoch san Aontas. I bhfianaise thábhacht na ngníomhaíochtaí eacnamaíocha a shaothraíonn FBManna, agus an méid a rannchuidíonn siad le príomhspriocanna beartais an Aontais a chomhlíonadh, tugtar aird ar leith ar thionchar an Rialacháin seo orthu.

(7)Chun cothrom iomaíochta ar fud an mhargaidh inmheánaigh agus comhsheasmhacht i gcur i bhfeidhm an Rialacháin seo a áirithiú, ba cheart gurb é an Coimisiún an taon údarás atá inniúil chun an Rialachán seo a chur i bhfeidhm. Ba cheart an chumhacht a bheith ag an gCoimisiún scrúdú a dhéanamh ar aon fhóirdheontas eachtrach a mhéid atá sé faoi raon feidhme an Rialacháin seo in aon earnáil den gheilleagar, ar a thionscnamh féin, agus é ag brath ar fhaisnéis ó gach foinse atá ar fáil. Chun rialú éifeachtach a áirithiú, i gcás sonrach comhchruinnithe móra (cumaisc agus éadálacha) agus nósanna imeachta soláthair phoiblí os cionn tairseacha áirithe, ba cheart an chumhacht a bheith ag an gCoimisiún athbhreithniú a dhéanamh ar fhóirdheontais eachtracha bunaithe ar réamhfhógra ón ngnóthas chuig an gCoimisiún.

(8)Ba cheart fóirdheontas eachtrach a thuiscint i gcomhthéacs an Rialacháin seo mar idirghabháil a chomhlíonann trí choinníoll charnacha.

(9)Ba cheart d’údaráis phoiblí tríú tír ranníocaíocht airgeadais a chur ar fáil, go díreach nó go hindíreach. Féadfar an ranníocaíocht airgeadais a dheonú trí eintitis phoiblí nó eintitis phríobháideacha. Cibé acu a sholáthraíonn nó nach soláthraíonn eintiteas poiblí ranníocaíocht airgeadais, ba cheart é sin a chinneadh ar bhonn cás ar chás agus aird chuí á tabhairt ar eilimintí amhail saintréithe an eintitis ábhartha agus an timpeallacht dhlíthiúil agus eacnamaíoch atá i réim sa tír ina bhfeidhmíonn an teintiteas, lena náirítear ról an rialtais sa gheilleagar. Féadfar ranníocaíochtaí airgeadais a dheonú freisin trí eintiteas príobháideach más rud é gur féidir a chuid gníomhaíochtaí a shannadh don tríú tír.

(10)Ba cheart go dtabharfadh an ranníocaíocht airgeadais sin tairbhe do ghnóthas atá ag gabháil do ghníomhaíocht eacnamaíoch sa mhargadh inmheánach. Ní fóirdheontas eachtrach atá i ranníocaíocht airgeadais a thairbhíonn d’eintiteas atá ag gabháil do ghníomhaíochtaí neamheacnamaíocha. Ba cheart a chinneadh gurb ann do thairbhe ar bhonn tagarmharcanna comparáideacha, amhail cleachtas infheistíochta infheisteoirí príobháideacha, rátaí maoinithe a d’fhéadfaí a fháil ar an margadh, cóireáil chánach inchomparáide, nó luach saothair leordhóthanach ar earra nó ar sheirbhís ar leith. Mura bhfuil tagarmharcanna ar fáil atá inchomparáide go díreach, d‘fhéadfaí tagarmharcanna atá ann cheana a choigeartú nó d’fhéadfaí tagarmharcanna malartacha a bhunú bunaithe ar mhodhanna measúnaithe a nglactar leo go ginearálta.

(11)Ba cheart an tairbhe a thabhairt do ghnóthas aonair nó do thionscal aonair nó do roinnt gnóthas nó tionscal. D’fhéadfaí an tairbhe a bhunú le dlí nó le gníomh.

(12)A luaithe a bhunófar fóirdheontas eachtrach, ba cheart don Choimisiún measúnú a dhéanamh féachaint an bhfuil saobhadh sa mhargadh inmheánach mar thoradh ar an bhfóirdheontas eachtrach. Murab ionann agus státchabhair a dheonaíonn Ballstát, ní dhéantar fóirdheontais eachtracha a thoirmeasc go ginearálta. Maidir le fóirdheontais i bhfoirm maoinithe onnmhairiúcháin, d’fhéadfadh siad a bheith ina gcúis imní ar leith mar gheall ar a niarmhairtí saobhacha. Ní hamhlaidh an cás má chuirtear an maoiniú sin ar fáil i gcomhréir le Socrú ECFE maidir leis na creidmheasanna onnmhairiúcháin arna dtacú go hoifigiúil. Ba cheart don Choimisiún measúnú a dhéanamh ar bhonn cás ar chás i dtaobh an bhfuil saobhadh sa mhargadh inmheánach mar thoradh ar fhóirdheontas eachtrach.

(13)De bharr easpa trédhearcachta maidir le go leor fóirdheontas eachtrach agus castacht shaol na tráchtála, d’fhéadfadh sé a bheith deacair tionchar fóirdheontais eachtraigh ar leith ar an margadh inmheánach a shainaithint nó a chainníochtú go hiomlán. Chun an saobhadh a chinneadh, dealraíonn sé, dá bhrí sin, gur gá tacar neamhuileghabhálach táscairí a úsáid. Agus measúnú á dhéanamh ar a mhéid is féidir le fóirdheontas eachtrach staid iomaíochta an ghnóthais lena mbaineann a fheabhsú agus, ar an gcaoi sin, tionchar diúltach iarbhír nó féideartha a bheith aige ar iomaíocht sa mhargadh inmheánach, d’fhéadfadh an Coimisiún aird a thabhairt ar tháscairí áirithe, lena náirítear méid agus cineál an fhóirdheontais, an cuspóir agus na coinníollacha a ghabhann leis an bhfóirdheontas eachtrach chomh maith lena úsáid sa mhargadh inmheánach ach gan a bheith teoranta dóibh.

(14)Agus na táscairí sin á gcur i bhfeidhm, d’fhéadfadh an Coimisiún eilimintí éagsúla a chur san áireamh amhail méid an fhóirdheontais i ndearbhthéarmaí nó i ndáil le méid an mhargaidh nó le luach na hinfheistíochta. Mar shampla, maidir le comhchruinniú, agus i gcomhthéacs an chomhchruinnithe sin go gcumhdaíonn fóirdheontas eachtrach cuid mhór de phraghas ceannaigh na sprice, is dócha go mbeidh saobhadh ag baint leis. Ar an gcaoi chéanna, is dócha go mbeidh saobhadh ann mar thoradh ar fhóirdheontais eachtracha lena gcumhdaítear cuid mhór de luach measta conartha a dhámhfar i nós imeachta soláthair phoiblí. Más rud é go ndeonaítear fóirdheontas eachtrach do chostais oibriúcháin, dealraíonn sé gur mó an dóchúlacht go mbeadh sé ina chúis le saobhadh ná mar a mbeadh dá ndeonófaí é do chostais infheistíochta. Féadfar a mheas gur lú an dóchúlacht go mbeadh fóirdheontais eachtracha a thugtar do ghnóthais bheaga agus mheánmhéide ina gcúis le saobhadh ná fóirdheontais eachtracha a thugtar do ghnóthais mhóra. Ina theannta sin, ba cheart saintréithe an mhargaidh, agus go háirithe na coinníollacha iomaíochta sa mhargadh, amhail bacainní iontrála, a chur san áireamh. Maidir le fóirdheontais eachtracha as a dtagann róacmhainn trí shócmhainní neamheacnamaíocha a chothú nó trí infheistíocht a spreagadh i méaduithe acmhainní nach mbeadh tógtha murach sin, is dócha go mbeidh siad ina gcúis le saobhadh. Maidir le fóirdheontas eachtrach a thugtar do thairbhí a léiríonn leibhéal íseal gníomhaíochta sa mhargadh inmheánach, a thomhaistear mar shampla ó thaobh an láimhdeachais a bhaintear amach san Aontas, is lú an dóchúlacht go mbeadh saobhadh ann i gcomparáid le fóirdheontas eachtrach a thugtar do thairbhí a bhfuil leibhéal níos suntasaí gníomhaíochta aige sa mhargadh inmheánach. Ar deireadh, ba cheart a mheas, mar riail ghinearálta, nach dócha go ndéanfaidh fóirdheontais eachtracha nach mó ná EUR 5 milliún an margadh inmheánach a shaobhadh de réir bhrí an Rialacháin seo.

(15)Dála cineálacha áirithe Státchabhrach, is dócha go gcruthóidh catagóirí áirithe fóirdheontas eachtrach, amhail ráthaíochtaí neamhtheoranta, saobhadh sa mhargadh inmheánach freisin de bharr a gcineáil. Níor cheart go néileodh na catagóirí sin measúnú mionsonraithe bunaithe ar tháscairí. D’fhéadfadh gnóthas a thaispeáint in aon chás nach ndéanfadh an fóirdheontas eachtrach atá i gceist an margadh inmheánach a shaobhadh in imthosca sonracha an cháis.

(16)Ba cheart don Choimisiún éifeachtaí dearfacha an fhóirdheontais eachtraigh ar fhorbairt na gníomhaíochta eacnamaíche fóirdheontais ábhartha a chur san áireamh. Ba cheart don Choimisiún na héifeachtaí dearfacha sin a chur i gcomparáid le héifeachtaí diúltacha fóirdheontais eachtraigh ó thaobh saobhadh sa mhargadh inmheánach d’fhonn an beart sásaimh cuí a chinneadh, más infheidhme, nó glacadh le gealltanais. D’fhéadfadh sé go mbainfí de thátal as an gcothromaíocht freisin nár cheart aon bheart sásaimh a fhorchur. Is lú seans gur mó na héifeachtaí dearfacha ná diúltacha ag na catagóirí d’fhóirdheontais eachtracha a mheastar gur dócha go ndéanfaidh siad saobhadh sa mhargadh inmheánach.

(17)I gcás ina ndéanann an Coimisiún scrúdú ar fhóirdheontas eachtrach ar a thionscnamh féin, ba cheart an chumhacht a bheith aige bearta sásaimh a fhorchur ar ghnóthas chun aon saobhadh atá mar thoradh ar fhóirdheontas eachtrach sa mhargadh inmheánach a leigheas. Ba cheart do na bearta sásaimh a bheith comhréireach agus oiriúnach chun an saobhadh atá i gceist a leigheas. Ba cheart go náireofaí orthu leigheasanna iompraíochta nó struchtúracha nó aisíocaíocht an fhóirdheontais eachtraigh.

(18)Ba cheart an deis a bheith ag an ngnóthas lena mbaineann gealltanais a thairiscint chun an saobhadh atá mar thoradh ar an bhfóirdheontas eachtrach a leigheas. Má mheasann an Coimisiún go leigheasann na gealltanais sin an saobhadh go hiomlán agus go héifeachtach, d’fhéadfadh sé glacadh leo agus iad a dhéanamh ceangailteach trí chinneadh.

(19)D’fhéadfadh an gnóthas lena mbaineann tairiscint a dhéanamh an fóirdheontas a aisíoc, mar aon leis an ús cuí. Ba cheart don Choimisiún glacadh le haisíocaíocht a thairgtear mar ghealltanas más féidir leis a fháil amach an leigheasann an aisíocaíocht an saobhadh go hiomlán, go gcuirtear i gcrích í ar bhealach trédhearcach agus go bhfuil sí éifeachtach sa chleachtas, agus an riosca go rachfar timpeall ar chuspóirí an Rialacháin seo á chur san áireamh.

(20)Mura dtairgfidh na gnóthais ;ena mbaineann gealltanais lena ndéanfaí an saobhadh a sainaithníodh a leigheas go hiomlán agus go héifeachtach, ba cheart an chumhacht a bheith ag an gCoimisiún comhchruinniú nó dámhachtain conartha poiblí a thoirmeasc sula dtarlaíonn sé. I gcás inar cuireadh an comhchruinniú chun feidhme cheana féin, go háirithe i gcásanna nach raibh gá le fógra a thabhairt roimh ré toisc nár baineadh amach na tairseacha fógartha, d’fhéadfadh an saobhadh a bheith chomh substaintiúil sin nach féidir é a leigheas trí bhearta iompraíochta nó struchtúracha ná trí aisíocaíocht an fhóirdheontais. Sna cásanna sin, d’fhéadfadh an Coimisiún cinneadh a dhéanamh an saobhadh a leigheas trí ordú a thabhairt do na gnóthais atá i gceist an comhchruinniú a dhíscaoileadh.

(21)Ba cheart an chumhacht a bheith ag an gCoimisiún, ar a thionscnamh féin, scrúdú a dhéanamh ar aon fhaisnéis maidir le fóirdheontais eachtracha. Chuige sin, is gá nós imeachta a bhunú ina mbeidh dhá chéim, eadhon athbhreithniú tosaigh agus imscrúdú domhain.

(22)Ba cheart cumhachtaí imscrúdaitheacha leordhóthanacha a thabhairt don Choimisiún chun an fhaisnéis uile is gá a bhailiú. Dá bhrí sin, ba cheart go mbeadh sé de chumhacht aige faisnéis a iarraidh ar aon ghnóthas nó ar aon chomhlachas gnóthas le linn an nós imeachta iomláin. Chomh maith leis sin, ba cheart an chumhacht a bheith ag an gCoimisiún fíneálacha agus íocaíochtaí pionósacha tréimhsiúla a fhorchur mar gheall ar mhainneachtain an fhaisnéis a iarrtar a chur ar fáil go tráthúil nó as faisnéis neamhiomlán, mhícheart nó mhíthreorach a sholáthar. D’fhéadfadh an Coimisiún ceisteanna a chur ar na Ballstáit nó ar thríú tíortha freisin. Thairis sin, ba cheart an chumhacht a bheith ag an gCoimisiún cuairteanna aimsithe faisnéise a thabhairt ar áitreabh Aontais an ghnóthais, nó, faoi réir é a bheith comhaontaithe ag an gnóthas agus an tríú tír lena mbaineann, ar áitreabh an ghnóthais sa tríú tír. Ba cheart go mbeadh sé de chumhacht ag an gCoimisiún freisin cinntí a dhéanamh ar bhonn na bhfíoras atá ar fáil mura gcomhoibríonn an gnóthas atá i gceist.

(23)Thairis sin, i gcás inar gá sin chun an iomaíocht a athbhunú sa mhargadh inmheánach láithreach agus chun dochar doleasaithe a chosc, ba cheart an chumhacht a bheith ag an gCoimisiún bearta eatramhacha a ghlacadh.

(24)I ngach cás ina bhfuil tásca leordhóthanacha ag an gCoimisiún, mar thoradh ar an athbhreithniú tosaigh, go bhfuil fóirdheontas eachtrach ann a bhfuil an margadh inmheánach á shaobhadh aige, ba cheart an chumhacht a bheith ag an gCoimisiún imscrúdú cuimsitheach a sheoladh ar mhaithe le faisnéis ábhartha bhreise a bhailiú chun measúnú a dhéanamh ar an bhfóirdheontas eachtrach, agus chun ligean do na páirtithe leasmhara a gcearta cosanta a fheidhmiú.

(25)Ba cheart don Choimisiún an timscrúdú domhain a dhúnadh trí chinneadh a ghlacadh.

(26)Ba cheart ionstraimí iomchuí a bheith ag an gCoimisiún chun éifeachtacht na ngealltanas agus na mbeart sásaimh a áirithiú. Mura gcomhlíonann an gnóthas lena mbaineann cinneadh lena ngabhann gealltanais, cinneadh lena bhforchuirtear bearta sásaimh, nó cinneadh lena nordaítear bearta eatramhacha, ba cheart an chumhacht a bheith ag an gCoimisiún fíneálacha agus íocaíochtaí pionósacha tréimhsiúla a fhorchur.

(27)Chun cur i bhfeidhm ceart agus éifeachtach an Rialacháin seo a áirithiú, ba cheart an chumhacht a bheith ag an gCoimisiún cinneadh a chúlghairm agus cinneadh nua a ghlacadh, i gcás ina raibh an cinneadh bunaithe ar fhaisnéis neamhiomlán, mhícheart nó mhíthreorach, nó i gcás ina ngníomhaíonn gnóthas ar neamhréir lena ghealltanais nó leis na bearta sásaimh a forchuireadh.

(28)I bhfianaise an tionchair shuntasaigh a d’fhéadfadh a bheith ag comhchruinnithe ar an margadh inmheánach, ba cheart an chumhacht a bheith ag an gCoimisiún, ar fhógra a fháil, faisnéis maidir le ranníocaíochtaí eachtracha airgeadais a scrúdú i gcomhthéacs comhchruinniú atá beartaithe. Níor cheart cead a bheith ag gnóthais an comhchruinniú a chur chun feidhme sula dtabharfar an tathbhreithniú ón gCoimisiún chun críche.

(29)Ba cheart go leanfadh an scrúdú sin a dhéanfaidh an Coimisiún an nós imeachta céanna leis an nós imeachta ina ndéantar athbhreithniú ar fhóirdheontas eachtrach ar thionscnamh an Choimisiúin, faoi réir coigeartuithe chun sainiúlachtaí comhchruinnithe a léiriú.

(30)Is gá cothromaíocht a bhaint amach idir cosaint éifeachtach an mhargaidh inmheánaigh agus an gá atá ann an tualach riaracháin ar ghnóthais atá faoi réir an Rialacháin seo a theorannú. Dá bhrí sin, níor cheart ach comhchruinnithe a chomhlíonann tairseacha comhcheangailte mar a shainmhínítear sa Rialachán seo bunaithe ar mhéid an láimhdeachais san Aontas agus méid an fhóirdheontais a bheith faoi réir fógra éigeantach roimh ré.

(31)Faoi bhun na dtairseach fógartha, d’fhéadfadh an Coimisiún a éileamh go dtabharfaí fógra faoi chomhchruinnithe a d’fhéadfadh a bheith fóirdheonaithe agus nár cuireadh chun feidhme fós nó go dtabharfaí fógra faoi thairiscintí a d’fhéadfadh a bheith fóirdheonaithe sula ndámhfar conradh poiblí, má mheasann sé go mbeadh athbhreithniú exante tuillte ag an gcomhchruinniú nó ag an tairiscint de bharr an tionchair a bheadh acu san Aontas. Ba cheart an deis a bheith ag an gCoimisiún freisin athbhreithniú a dhéanamh, ar a thionscnamh féin, ar chomhchruinnithe atá curtha chun feidhme cheana nó ar chonarthaí poiblí a bronnadh.

(32)Agus athbhreithniú á dhéanamh ar chomhchruinniú, ba cheart an measúnú i dtaobh an bhfuil saobhadh sa mhargadh inmheánach a theorannú don chomhchruinniú atá i gceist, agus níor cheart ach fóirdheontais eachtracha a deonaíodh sna trí bliana roimh an gcomhchruinniú a mheas sa mheasúnú.

(33)Tá an gá atá le haghaidh a thabhairt ar fhóirdheontais eachtracha shaobhacha thar a bheith tábhachtach sa soláthar poiblí, i bhfianaise a thábhachtaí atá sé ó thaobh an gheilleagair de sa mhargadh inmheánach agus ós rud é gur le cistí cáiníocóirí a mhaoinítear é. Ba cheart an chumhacht a bheith ag an gCoimisiún, ar fhógra a fháil sula ndámhfar conradh poiblí nó lamháltas poiblí, scrúdú a dhéanamh ar fhaisnéis maidir le ranníocaíochtaí eachtracha airgeadais leis na gnóthais rannpháirteacha i gcomhthéacs nós imeachta soláthair phoiblí. Ba cheart réamhfhógraí a bheith éigeantach os cionn na tairsí a leagtar síos sa Rialachán seo chun cásanna atá suntasach ó thaobh an gheilleagair de a chumhdach agus ag an am céanna an tualach riaracháin a íoslaghdú agus gan bac a chur ar rannpháirtíocht FBManna sa soláthar poiblí. Ba cheart feidhm a bheith ag an oibleagáid réamhfhógra a thabhairt thar thairseach freisin maidir le grúpaí oibreoirí eacnamaíocha dá dtagraítear in Airteagal 26(2) de Threoir 2014/23/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 40 , Airteagal 19(2) de Threoir 2014/24/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 41 agus Airteagal 37(2) de Threoir 2014/25/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 42 . Ba cheart feidhm a bheith aici freisin maidir le príomhfhochonraitheoirí agus príomhsholáthraithe an ghnóthais.

(34)I gcás ina dtugtar fógra faoi ranníocaíocht eachtrach airgeadais i gcomhthéacs nós imeachta soláthair phoiblí, ba cheart an measúnú a theorannú don nós imeachta sin.

(35)Ba cheart a áirithiú go nurramófar na prionsabail lena rialaítear soláthar poiblí, go háirithe an chomhréireacht, an neamhidirdhealú, an chóir chomhionann agus an trédhearcacht, i ndáil le gach gnóthas atá rannpháirteach sa nós imeachta soláthair phoiblí, beag beann ar imscrúduithe a thionscnaítear agus atá ar feitheamh de bhun an Rialacháin seo.

(36)Maidir le fóirdheontais eachtracha lena gcumasaítear do ghnóthas tairiscint a chur isteach, ar tairiscint í a bhfuil buntáiste míchuí ag baint léi, i ndáil leis na hoibreacha, na soláthairtí nó na seirbhísí lena mbaineann, ba cheart a mheas go gcruthaíonn siad saobhadh iarbhír nó féideartha i nós imeachta soláthair phoiblí. Dá bhrí sin, ba cheart an saobhadh sin a mheasúnú ar bhonn na sraithe táscairí neamhuileghabhálaí a thuairiscítear in aithrisí 13 agus 14 agus ar bhonn choincheap na tairisceana a bhfuil buntáiste míchuí ag baint léi. Leis na táscairí, ba cheart go mbeifí in ann a chinneadh conas a dhéanann an fóirdheontas eachtrach an iomaíocht a shaobhadh trí staid iomaíochta gnóthais a fheabhsú agus trína chur ar a chumas tairiscint a chur isteach a bhfuil buntáiste míchuí ag baint léi. Ba cheart an deis a thabhairt do ghnóthais bonn cirt a thabhairt nach bhfuil buntáiste míchuí ag baint leis an tairiscint, lena náirítear trí na heilimintí dá dtagraítear in Airteagal 69(2) de Threoir 2014/24/AE a thabhairt ar aird. Níor cheart an toirmeasc ar dhámhachtain a chur i bhfeidhm ach amháin i gcás nach féidir bonn cirt a thabhairt do chineál buntáisteach na tairisceana a thairbhíonn d’fhóirdheontais eachtracha, dá ndámhfaí an conradh don tairiscint agus nár thairg an gnóthas a chuir an tairiscint isteach gealltanais iomchuí agus leordhóthanach chun an saobhadh a bhaint go hiomlán agus go héifeachtach.

(37)Agus cineál an tsásra athbhreithnithe ex ante le haghaidh chomhchruinnithe agus dámhachtainí soláthair phoiblí á gcur san áireamh, agus an gá atá le deimhneacht dhlíthiúil maidir leis na hidirbhearta sonracha sin, ní féidir leis an gCoimisiún athbhreithniú a dhéanamh arís ar a thionscnamh féin ar chomhchruinniú nó ar thairiscint soláthair phoiblí ar tugadh fógra ina leith agus a measúnaíodh faoi na nósanna imeachta. Maidir le ranníocaíochtaí airgeadais ar cuireadh an Coimisiún ar an eolas fúthu tríd an nós imeachta um fhógra a thabhairt, d’fhéadfadh sé, áfach, go mbeadh siad ábhartha lasmuigh den chomhchruinniú nó den nós imeachta soláthair. Chun faisnéis a bhailiú faoi fhóirdheontais eachtracha, ba cheart an deis a bheith ag an gCoimisiún imscrúduithe a sheoladh ar earnálacha sonracha den gheilleagar, ar chineálacha áirithe gníomhaíochta eacnamaíche nó ar úsáid ionstraimí áirithe fóirdheontais eachtracha.

(38)Ar na cúiseanna céanna, is iomchuí foráil a dhéanamh maidir le tréimhsí teorann le haghaidh forchur agus forfheidhmiú fíneálacha agus íocaíochtaí pionósacha tréimhsiúla.

(39)Ar mhaithe le trédhearcacht agus deimhneacht dhlíthiúil, is iomchuí na cinntí ar fad a ghlacann an Coimisiún a fhoilsiú ina niomláine nó i bhfoirm achoimre.

(40)Ba cheart don Choimisiún, agus é i mbun a chinntí a fhoilsiú, na rialacha maidir le rúndacht ghairmiúil a urramú, lena náirítear cosaint faisnéise rúnda, rúin ghnó agus sonraí pearsanta, i gcomhréir le hAirteagal 339 den Chonradh.

(41)I gcásanna inar dealraitheach nach bhfuil faisnéis atá marcáilte ag an ngnóthas mar fhaisnéis rúnda nó rún gnó cumhdaithe ag oibleagáid na rúndachta gairmiúla, is iomchuí sásra a bheith ann lena bhféadfadh an Coimisiún cinneadh a dhéanamh maidir lena mhéid is féidir an fhaisnéis sin a nochtadh. Ba cheart tréimhse a lua in aon chinneadh lena ndiúltaítear go bhfuil faisnéis rúnda, tréimhse a bhféadfar an fhaisnéis a nochtadh ag a deireadh, ionas gur féidir leis an bhfreagróir úsáid a bhaint as aon chosaint bhreithiúnach atá ar fáil dó, lena náirítear aon bheart eatramhach.

(42)Ba cheart an deis a bheith ag na gnóthais nó ag na comhlachais gnóthas lena mbaineann imscrúdú faoin Rialachán seo a gcuid barúlacha a chur isteach. Agus caomhnú chearta cosanta na ngnóthas lena mbaineann á áirithiú ag an am céanna, tá sé fíorriachtanach go ndéanfar rúin ghnó a chosaint.

(43)Ba cheart don Aontas an Rialachán seo a chur chun feidhme i gcomhréir le dlí an Aontais agus le Comhaontú EDT agus ba cheart dó a bheith comhsheasmhach leis na gealltanais a tugadh faoi chomhaontuithe eile trádála agus infheistíochta ar páirtithe iontu an tAontas nó na Ballstáit.

(44)Is féidir bonn cirt a thabhairt le srianta ar Airteagail 34, 49, 56 agus 63 den Chonradh tríd an ngá iomaíocht éagórach a sheachaint, ar choinníoll go gcomhlíonann na srianta sin, amhail srianta eile ar shaoirsí bunúsacha, prionsabail ghinearálta dhlí an Aontais, amhail comhréireacht, deimhneacht dhlíthiúil, agus cearta bunúsacha.

(45)D’fhéadfadh cur chun feidhme an Rialacháin seo agus rialacha earnálacha a bheith ar forluí, go háirithe i réimse an iompair mhuirí agus an aeriompair. Dá bhrí sin, is gá soiléiriú a dhéanamh ar an ngaol idir an Rialachán seo agus na hionstraimí earnála a dhéileálann le fóirdheontais eachtracha, eadhon Rialachán (AE) 2016/1035 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 43 ; Rialachán (CEE) 4057/86 ón gComhairle 44 ; agus Rialachán (AE) 2019/712 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 45 .

(46)I gcás ina nglacfaidh an Coimisiún cinneadh ag deireadh an imscrúdaithe dhomhain, ba cheart do na Ballstáit a bheith rannpháirteach go leordhóthanach sula ndéanfar an cinneadh i nós imeachta comhairleach de bhun Airteagal 4 de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 46 . Tá bonn cirt leis an nós imeachta sin a roghnú agus ról na mBallstát in ionstraimí iomaíochta agus Státchabhrach á chur san áireamh, ionstraimí a bhfuil sé d’aidhm acu freisin cothrom iomaíochta a thabhairt i gcrích sa mhargadh inmheánach.

(47)Chun coinníollacha aonfhoirmeacha a áirithiú maidir le cur chun feidhme an Rialacháin seo, ba cheart cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt don Choimisiún i gcomhréir le hAirteagal 291 den Chonradh. Ba cheart na cumhachtaí sin a fheidhmiú chun foirm agus inneachar na bhfógraí maidir le comhchruinnithe agus na ranníocaíochtaí airgeadais a leagan amach i gcomhthéacs nósanna imeachta soláthair phoiblí, sonraí maidir le nochtadh, foirm agus inneachar na gceanglas trédhearcachta, ríomh na dteorainneacha ama, coinníollacha agus teorainneacha ama le haghaidh gealltanais agus rialacha mionsonraithe maidir leis na céimeanna nós imeachta a bhaineann le himscrúduithe i ndáil le nósanna imeachta soláthair phoiblí. Ba cheart na cumhachtaí sin a fheidhmiú i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

(48)Chun cothrom iomaíochta a áirithiú sa mhargadh inmheánach san fhadtéarma, d’fhonn a áirithiú go gcumhdófar go leordhóthanach cásanna a imscrúdaítear trí fhógraí agus ex officio araon, ba cheart an chumhacht chun gníomhartha a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 den Chonradh a tharmligean chuig an gCoimisiún i ndáil le leasú a dhéanamh ar na tairseacha fógartha maidir le comhchruinnithe agus nósanna imeachta soláthair phoiblí, catagóirí áirithe gnóthas a dhíolmhú ó na hoibleagáidí maidir le fógra a thabhairt faoin Rialachán seo, chomh maith le léasú a dhéanamh ar na teorainneacha ama maidir leis an athbhreithniú tosaigh agus na himscrúduithe doimhne ar chomhchruinnithe ar tugadh fógra ina leith nó ranníocaíochtaí poiblí ar tugadh fógra ina leith. Maidir le ranníocaíochtaí airgeadais i gcomhthéacs nós imeachta soláthair phoiblí, ba cheart an chumhacht chun na gníomhartha sin a ghlacadh a fheidhmiú ar bhealach lena gcuirtear leasanna FBManna san áireamh. Tá sé tábhachtach, go háirithe, go rachadh an Coimisiún i mbun comhairliúcháin iomchuí agus na gníomhartha sin á nullmhú, lena náirítear ar leibhéal na saineolaithe, agus go ndéanfaí na comhairliúcháin sin i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos i gComhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr 47 . Go sonrach, chun rannpháirtíocht chomhionann in ullmhú na ngníomhartha tarmligthe a áirithiú, ba cheart do Pharlaimint na hEorpa agus an Chomhairle na doiciméid uile a fháil ag an am céanna leis na saineolaithe sna Ballstáit, agus ba cheart rochtain chórasach a bheith ag a gcuid saineolaithe ar chruinnithe ghrúpaí saineolaithe an Choimisiúin a bhíonn ag déileáil le hullmhú na ngníomhartha tarmligthe.

(49)I gcás ina bhfuil comhchruinniú infhógartha de bhun an Rialacháin seo, ba cheart ranníocaíochtaí airgeadais le haon cheann de na páirtithe sa chomhchruinniú a deonaíodh sna trí bliana roimh dháta chur i bhfeidhm an Rialacháin seo a theacht faoi raon feidhme an Rialacháin seo. I gcomhthéacs nós imeachta soláthair phoiblí, ba cheart feidhm a bheith ag an Rialachán seo freisin maidir le ranníocaíocht airgeadais a deonaíodh do ghnóthas sna trí bliana roimh dháta chur i bhfeidhm an Rialacháin seo,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Caibidil 1: Forálacha Ginearálta

Airteagal 1

Ábhar agus raon feidhme

(1)Leis an Rialachán seo, leagtar síos rialacha agus nósanna imeachta maidir le himscrúdú a dhéanamh ar fhóirdheontais eachtracha a bhfuil an margadh inmheánach á shaobhadh acu agus maidir leis an saobhadh sin a cheartú. D’fhéadfadh an saobhadh sin teacht chun cinn i ndáil le haon gníomhaíocht eacnamaíoch, agus go háirithe i gcomhchruinnithe agus i nósanna imeachta soláthair phoiblí.

(2)Leis an Rialachán seo tugtar aghaidh ar fhóirdheontais eachtracha a dheonaíodh do ghnóthas atá ag gabháil do ghníomhaíocht eacnamaíoch sa mhargadh inmheánach. Maidir le gnóthas a bhfuil rialú á fháil aige nó a bhfuil cumasc á dhéanamh aige le gnóthas atá bunaithe san Aontas nó le gnóthas atá rannpháirteach i nós imeachta soláthair phoiblí, meastar go bhfuil sé ag gabháil do ghníomhaíocht eacnamaíoch sa mhargadh inmheánach.

Airteagal 2

Fóirdheontas eachtrach a bheith ann

(1)Chun críche an Rialacháin seo, measfar fóirdheontas eachtrach a bheith ann i gcás ina soláthraíonn tríú tír ranníocaíocht airgeadais a thugann tairbhe do ghnóthas atá ag gabháil do ghníomhaíocht eacnamaíoch sa mhargadh inmheánach agus atá teoranta, sa dlí nó i bhfíoras, do ghnóthas aonair nó do thionscal aonair nó do roinnt gnóthas nó tionscal.

(2)Chun críche an Rialacháin seo,

(a)áireofar an méid seo a leanas i ranníocaíocht:

(i) aistriú cistí nó dliteanas, amhail instealltaí caipitil, deontais, iasachtaí, ráthaíochtaí iasachta, dreasachtaí fioscacha, fritháireamh caillteanas oibriúcháin, cúiteamh ar ualaí airgeadais a d’fhorchuir údaráis phoiblí, maitheamh fiachais, babhtálacha fiachais ar chothromas nó athsceidealú;

(ii) ioncam leanúnach atá dlite thairis sin; nó

(iii) soláthar earraí nó seirbhísí nó ceannach earraí agus seirbhísí;

(b)áireofar sa ranníocaíocht airgeadais a chuireann an tríú tír ar fáil an ranníocaíocht airgeadais a chuireann na daoine seo a leanas ar fáil:

(i) an rialtas láir agus na húdaráis rialtais ar gach leibhéal eile;

‑‑‑(ii) eintitis phoiblí eachtracha ar féidir a ngníomhaíochtaí a chur i leith an tríú tír, agus eilimintí amhail saintréithe an eintitis agus an timpeallacht dhlíthiúil agus eacnamaíoch atá ann sa Stát ina noibríonn an teintiteas á gcur san áireamh, lena náirítear ról an rialtais sa gheilleagar; nó

(iii) aon eintiteas príobháideach ar féidir a ghníomhaíochtaí a chur i leith an tríú tír, agus na himthosca iomchuí ar fad á gcur san áireamh.

Airteagal 3

Saobhadh sa mhargadh inmheánach

(1)Measfar saobhadh sa mhargadh inmheánach a bheith ann i gcás inar dócha go bhfeabhsódh fóirdheontas eachtrach staid iomaíochta an ghnóthais lena mbaineann sa mhargadh inmheánach agus, ar an gcaoi sin, go mbeadh tionchar diúltach iarbhír nó féideartha á imirt aige ar an iomaíocht sa mhargadh inmheánach. Cinnfear cibé acu an ann do shaobhadh sa mhargadh inmheánach ar bhonn táscairí, lena bhféadfar an méid seo a leanas a áireamh:

(a)méid an fhóirdheontais;

(b)cineál an fhóirdheontais;

(c)staid an ghnóthais agus na margaí lena mbaineann;

(d)leibhéal ghníomhaíocht eacnamaíoch an ghnóthais lena mbaineann sa mhargadh inmheánach;

(e)an cuspóir agus na coinníollacha a bhaineann leis an bhfóirdheontas eachtrach chomh maith lena úsáid sa mhargadh inmheánach.

(2)Ní dócha go ndéanfaidh fóirdheontas eachtrach saobhadh sa mhargadh inmheánach más rud é gur faoi bhun EUR 5 mhilliún é ina iomláine thar aon tréimhse leantach trí bliana fhioscacha.

Airteagal 4

Catagóirí fóirdheontas eachtrach is dóichí a dhéanfadh saobhadh sa mhargadh inmheánach

Maidir le fóirdheontas eachtrach a thagann faoi aon cheann de na catagóirí seo a leanas, measfar gurb é is dóichí a dhéanfadh saobhadh sa mhargadh inmheánach:

(1)fóirdheontas eachtrach a dheonaítear do ghnóthas anásta, is é sin le rá gnóthas ar dócha a rachadh as gnó sa ghearrthéarma nó sa mheántéarma in éagmais aon fhóirdheontais, mura bhfuil plean athstruchtúraithe ann a d’fhéadfadh inmharthanacht fhadtéarmach an ghnóthais sin a bheith mar thoradh air agus lena náirítear ranníocaíocht shuntasach ón ngnóthas;

(2)fóirdheontas eachtrach i bhfoirm ráthaíochta neamhtheoranta ar fhiacha nó dliteanais an ghnóthais, is é sin le rá gan aon teorainn maidir le méid ná fad na ráthaíochta sin;

(3)fóirdheontas eachtrach a éascaíonn comhchruinniú go díreach;

(4)fóirdheontas eachtrach lena gcuirtear ar chumas gnóthais tairiscint a chur isteach a bhfuil buntáiste míchuí ag baint léi, agus ar a mbonn sin go ndámhfaí an conradh poiblí don ghnóthas.

Airteagal 5

Cothromú

(1)Déanfaidh an Coimisiún, má tá údar leis, éifeachtaí diúltacha an fhóirdheontais eachtraigh maidir le saobhadh sa mhargadh inmheánach a chúiteamh le héifeachtaí dearfacha ar fhorbairt na gníomhaíochta eacnamaíche ábhartha.

(2)Cuirfidh an Coimisiún san áireamh an comhardú idir na héifeachtaí diúltacha agus éifeachtaí dearfacha agus cinneadh á dhéanamh aige an ndéanfar bearta sásaimh a fhorchur nó an nglacfar le gealltanais, agus cineál agus leibhéal na mbeart sásaimh nó na ngealltanas sásaimh sin.

Airteagal 6

Gealltanais agus bearta sásaimh

(1)Chun an saobhadh sa mhargadh inmheánach a leigheas, ar saobhadh iarbhír nó féideartha é mar thoradh ar fhóirdheontas eachtrach, féadfaidh an Coimisiún bearta sásaimh a fhorchur. Féadfaidh an gnóthas lena mbaineann gealltanais a thairiscint freisin.

(2)Le gealltanais nó bearta sásaimh déanfar an saobhadh sa mhargadh inmheánach atá mar thoradh ar fhóirdheontais eachtracha a leigheas go hiomlán agus go héifeachtach.

(3)Féadfaidh an méid seo a leanas a bheith i gceist le gealltanais nó bearta sásaimh:

(a)rochtain a thairiscint faoi choinníollacha córa neamhidirdhealaitheacha ar bhonneagar a fuair fóirdheontais eachtracha shaobhacha nó ar thacaigh na fóirdheontais sin leis ach amháin má fhoráiltear don rochtain chóir neamhidirdhealaitheacha sin cheana féin le reachtaíochta atá i bhfeidhm san Aontas;

(b)acmhainneacht nó láithreacht sa mhargadh a laghdú;

(c)staonadh ó infheistíochtaí áirithe;

(d)sócmhainní arna bhfáil nó arna bhforbairt le cúnamh ó fhóirdheontais eachtracha a cheadúnú ar théarmaí córa, réasúnta agus neamhidirdhealaitheacha;

(e)torthaí taighde agus forbartha a fhoilsiú;

(f)sócmhainní áirithe a dhífheistiú;

(g)a cheangal ar na gnóthais atá i gceist an comhchruinniú a dhíscaoileadh;

(h)an fóirdheontas eachtrach a aisíoc, lena náirítear ráta iomchuí úis.

(4)Féadfaidh an Coimisiún ceanglais maidir le tuairisciú agus trédhearcacht a fhorchur.

(5)Má thairgeann gnóthas gealltanais a leigheasann an saobhadh sa mhargadh inmheánach go hiomlán agus go héifeachtach, féadfaidh an Coimisiún glacadh leo agus iad a cheangal ar an ngnóthas i gcinneadh lena ngabhann gealltanais i gcomhréir le hAirteagal 9(3).

(6)I gcás ina mbeartaíonn an gnóthas atá i gceist an fóirdheontas eachtrach a aisíoc, lena náirítear ráta úis iomchuí, glacfaidh an Coimisiún leis an aisíocaíocht sin mar ghealltanas más féidir leis a fháil amach an bhfuil an aisíocaíocht trédhearcach agus éifeachtach, agus an riosca go dtiocfaí thart air á chur san áireamh.

Caibidil 2: Athbhreithniú ex‑officio ar fhóirdheontais eachtracha

Airteagal 7

Athbhreithniú ex‑officio ar fhóirdheontais eachtracha

Féadfaidh an Coimisiún, ar a thionscnamh féin, scrúdú a dhéanamh ar fhaisnéis ó aon fhoinse maidir le fóirdheontais eachtracha a líomhnaítear a bheith saobhach.

Airteagal 8

Athbhreithniú tosaigh

(1)Lorgóidh an Coimisiún an fhaisnéis uile a mheasann sé is gá chun measúnú a dhéanamh, ar bhonn tosaigh, cibé acu an fóirdheontas eachtrach atá sa ranníocaíocht airgeadais faoi scrúdú agus cibé acu an bhfuil an margadh inmheánach á shaobhadh aige. Chuige sin, féadfaidh an Coimisiún an méid seo a leanas a dhéanamh go háirithe:

(a)faisnéis a iarraidh i gcomhréir le hAirteagal 11;

(b)cigireachtaí a dhéanamh laistigh agus lasmuigh den Aontas i gcomhréir le hAirteagal 12 nó le hAirteagal 13.

(2)I gcás ina measann an Coimisiún, bunaithe ar an athbhreithniú tosaigh, go bhfuil tásca leordhóthanacha ann gur deonaíodh fóirdheontas eachtrach do ghnóthas, ar fhóirdheontas dhéanann saobhadh sa mhargadh inmheánach, déanfaidh sé an méid seo a leanas:

(a)cinneadh a ghlacadh chun imscrúdú domhain a thionscnamh (‘cinneadh chun imscrúdú domhain a thionscnamh’), ina ndéanfar achoimre ar na saincheisteanna ábhartha fíorais agus dlí agus lena náireofar measúnú tosaigh ar fhóirdheontas eachtrach a bheith ann agus ar an saobhadh iarbhír nó féideartha sa mhargadh inmheánach;

(b)an gnóthas lena mbaineann a chur ar an eolas; agus

(c)fógra a fhoilsiú in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh, ina niarrfar ar pháirtithe leasmhara, ar na Ballstáit agus ar an tríú tír lena mbaineann a dtuairimí a chur in iúl i scríbhinn laistigh de thréimhse ama fhorordaithe.

(3)I gcás ina gcinnfidh an Coimisiún, tar éis measúnú tosaigh a dhéanamh, nach bhfuil aon fhoras leordhóthanach ann chun an timscrúdú domhain a thionscnamh, toisc nach bhfuil fóirdheontas eachtrach ann nó toisc nach bhfuil aon tásc ann go bhfuil saobhadh iarbhír nó féideartha sa mhargadh inmheánach, dúnfaidh sé an tathbhreithniú tosaigh agus cuirfidh sé an gnóthas lena mbaineann ar an eolas.

Airteagal 9

Imscrúdú domhain

(1)Le linn an imscrúdaithe dhomhain, déanfaidh an Coimisiún measúnú breise ar an bhfóirdheontas eachtrach a bhfuil an margadh inmheánach á shaobhadh aige, ar fóirdheontas é a sainaithníodh sa chinneadh chun an timscrúdú domhain a thionscnamh, agus lorgóidh sé an fhaisnéise uile a mheasann sé a bheith riachtanach i gcomhréir le hAirteagail 11, 12 agus 13.

(2)I gcás ina gcinnfidh an Coimisiún go bhfuil an margadh inmheánach á shaobhadh ag fóirdheontas eachtrach de bhun Airteagail 3 go 5, féadfaidh sé bearta sásaimh a fhorchur (‘cinneadh le bearta sásaimh’).

(3)I gcás ina gcinnfidh an Coimisiún go bhfuil an margadh inmheánach á shaobhadh ag fóirdheontas eachtrach de bhun Airteagal 3 go 5 agus go bhfuil gealltanais á dtairiscint ag an gnóthas lena mbaineann, ar gealltanais iad a mheasann an Coimisiún a bheith iomchuí agus leordhóthanach chun an saobhadh a leigheas go hiomlán agus go héifeachtach, féadfaidh sé, trí chinneadh, na gealltanais sin a dhéanamh ceangailteach ar an ngnóthas (‘cinneadh lena ngabhann gealltanais’). Maidir le cinneadh lena nglactar le haisíocaíocht fóirdheontais eachtraigh i gcomhréir le hAirteagal 6(6), déanfar é a mheas mar chinneadh lena ngabhann gealltanais.

(4)Glacfaidh an Coimisiún cinneadh gan agóid i gcás ina gcinnfidh sé an méid seo a leanas:

(a)nach ndeimhnítear an measúnú tosaigh a leagtar amach ina chinneadh chun imscrúdú domhain a thionscnamh; nó

(b)gur mó na héifeachtaí dearfacha a bheidh ag saobhadh sa mhargadh inmheánach de réir bhrí Airteagal 5.

Airteagal 10

Bearta eatramhacha

Féadfaidh an Coimisiún bearta eatramhacha a dhéanamh, sna cásanna seo a leanas:

(1)go bhfuil tásca ann gur fóirdheontas eachtrach atá i ranníocaíocht airgeadais agus go bhfuil an margadh inmheánach á shaobhadh aici; agus

(2)go bhfuil baol tromchúiseach ann go ndéanfar dochar suntasach doleasaithe don iomaíocht sa mhargadh inmheánach.

Airteagal 11

Iarratais ar fhaisnéis

(1)Féadfaidh an Coimisiún a cheangal ar ghnóthas lena mbaineann an fhaisnéis uile is gá a chur ar fáil.

(2)Féadfaidh an Coimisiún an fhaisnéis sin a iarraidh ar ghnóthais eile nó ar chomhlachais gnóthas eile.

(3)Maidir le faisnéis a iarraidh ar ghnóthas nó ar chomhlachas gnóthas:

(a)luafar ann an bunús dlí agus an cuspóir, sonraítear an fhaisnéis a éilítear agus leagtar síos teorainn ama iomchuí ar laistigh di nach mór an fhaisnéis a sholáthar;

(b)beidh ráiteas ann, más rud é go bhfuil an fhaisnéis a sholáthraítear mícheart, neamhiomlán nó míthreorach agus d’fhéadfaí na híocaíochtaí pionósacha tréimhsiúla dá bhforáiltear in Airteagal 15 a fhorchur;

(c)beidh ráiteas ann, de bhun Airteagal 14, ina ndeirtear go mbeidh cead ag an gCoimisiún cinneadh a dhéanamh ar bhonn na bhfíoras atá ar fáil, más rud é go bhfuil easpa comhair ón ngnóthas lena mbaineann.

(4)Arna iarraidh sin don Choimisiún, soláthróidh na Ballstáit gach faisnéis is gá dó chun na dualgais a shanntar dó leis an Rialachán seo a chur i gcrích.

(5)Féadfaidh an Coimisiún a iarraidh ar an tríú tír lena mbaineann an fhaisnéis uile is gá a chur ar fáil chomh maith.

Airteagal 12

Cigireachtaí laistigh den Aontas

(1)Féadfaidh an Coimisiún na cigireachtaí is gá a dhéanamh ar ghnóthais.

(2)I gcás ina ndéanfaidh an Coimisiún an chigireacht sin, tabharfar de chumhacht do na hoifigigh a údaróidh an Coimisiún an chigireacht a dhéanamh an méid seo a leanas a dhéanamh:

(a)dul isteach in aon áitreabh nó talamh de chuid an ghnóthais lena mbaineann;

(b)leabhair agus taifid ghnó eile a scrúdú agus cóipeanna díobh a bhreith leo nó a iarraidh;

(c)míniú ar fhíricí nó doiciméid a bhaineann leis an ábhar agus le cuspóir na cigireachta a iarraidh ar aon ionadaí nó ar aon bhall foirne de chuid an ghnóthais agus na freagraí a thaifeadadh;

(d)aon áitreabh gnó agus leabhair agus taifid a shéalú don tréimhse agus don mhéid atá riachtanach le haghaidh na cigireachta.

(3)Géillfidh an gnóthas lena mbaineann do chigireachtaí a ordófar le cinneadh ón gCoimisiún. Déanfaidh na hoifigigh agus na daoine tionlacain eile a bheidh údaraithe ag an gCoimisiún chun cigireacht a dhéanamh a gcumhachtaí a fheidhmiú ar chinneadh ón gCoimisiún a sholáthar:

(a)ina sonrófar ábhar agus cuspóir na cigireachta;

(b)ina mbeidh ráiteas, de bhun Airteagal 14, ina ndéarfar go mbeidh cead ag an gCoimisiún cinneadh a dhéanamh ar bhonn na bhfíoras atá ar fáil, más rud é go bhfuil easpa comhair ón ngnóthas lena mbaineann;

(c)ina ndéanfar tagairt don fhéidearthacht fíneálacha agus pionóis dá bhforáiltear in Airteagal 15 a fhorchur.

(4)In am trátha roimh an gcigireacht, tabharfaidh an Coimisiún fógra faoin gcigireacht don Bhallstát ar ar a chríoch a dhéanfar an chigireacht.

(5)Arna iarraidh sin don Bhallstát nó don Choimisiún, déanfaidh oifigigh de chuid an Choimisiúin chomh maith le hoifigigh a údaróidh nó a cheapfaidh an Ballstát ar ar a chríoch a dhéanfar an chigireacht cúnamh gníomhach a thabhairt do na hoifigigh agus do dhaoine tionlacain eile a bheidh údaraithe ag an gCoimisiún. Chun na críche sin, beidh na cumhachtaí a shonraítear i mír 2 acu.

(6)I gcás ina gcinnfidh oifigigh nó daoine tionlacain eile, a bheidh údaraithe ag an gCoimisiún, go bhfuil gnóthas ag cur i gcoinne cigireachta de réir bhrí an Airteagail seo, tabharfaidh an Ballstát lena mbaineann gach cúnamh is gá dóibh agus, i gcás inarb iomchuí, iarrfaidh sé cúnamh na bpóilíní nó cúnamh údaráis choibhéisigh forfheidhmiúcháin, ionas go mbeidh sé ar a gcumas a gcigireacht a dhéanamh.

(7)Arna iarraidh sin don Choimisiún, déanfaidh Ballstát ina chríoch féin aon chigireacht nó aon bheart bailithe fíoras eile faoina dhlí náisiúnta chun a shuí an bhfuil fóirdheontas eachtrach ann a dhéanann saobhadh sa mhargadh inmheánach.

Airteagal 13

Cigireacht lasmuigh den Aontas

Chun na dualgais a shanntar dó leis an Rialachán seo a chomhlíonadh, féadfaidh an Coimisiún cigireachtaí a dhéanamh i gcríoch tríú tír, ar choinníoll go bhfuil a thoiliú tugtha ag an ngnóthas lena mbaineann agus go bhfuil fógra oifigiúil tugtha do rialtas an tríú tír agus gur aontaigh sé leis an gcigireacht. Beidh feidhm de réir analaí ag Airteagal 12(1), (2) agus (3), pointí (a) agus (b).

Airteagal 14

Neamh‑chomhoibriú

(1)Féadfaidh an Coimisiún cinneadh a dhéanamh de bhun Airteagal 8 nó Airteagal 9 ar bhonn na bhfíoras atá ar fáil, más rud é go ndéanann gnóthas lena mbaineann nó tríú tír an méid seo a leanas:

(a)go cuireann siad faisnéis neamhiomlán, mhícheart nó mhíthreorach ar fáil mar fhreagairt ar iarraidh ar fhaisnéis faoi Airteagal 11;

(b)mura néiríonn leo an fhaisnéis a iarradh a chur ar fáil laistigh den teorainn ama atá forordaithe ag an gCoimisiún;

(c)go ndiúltaíonn siad géilleadh do chigireacht an Choimisiúin laistigh nó lasmuigh den Aontas a ordaíodh faoi Airteagal 12 nó Airteagal 13; nó

(d)go gcuireann sé bac ar an athbhreithniú tosaigh nó ar an imscrúdú domhain.

(2)I gcás inar thug gnóthas nó comhlachas gnóthas, Ballstát nó an tríú tír faisnéis mhícheart nó mhíthreorach don Choimisiún, déanfar neamhaird ar an bhfaisnéis sin.

(3)I gcás nach gcuireann gnóthas lena mbaineann, lena náirítear gnóthas poiblí atá á rialú go díreach nó go neamhdhíreach ag an Stát, an fhaisnéis is gá ar fáil chun a chinneadh an dtugann ranníocaíocht airgeadais tairbhe dó, féadfar a mheas go bhfuair an gnóthas sin an tairbhe sin.

(4)Agus na fíorais atá ar fáil á gcur i bhfeidhm, d’fhéadfadh sé nach mbeadh toradh an nós imeachta chomh fabhrach don ghnóthas lena mbaineann agus a bheadh dá gcomhoibreodh sé.

Airteagal 15

Fíneálacha agus íocaíochtaí pionósacha tréimhsiúla

(1)Féadfaidh an Coimisiún, trí chinneadh, fíneálacha agus íocaíochtaí pionósacha tréimhsiúla a fhorchur i gcás ina ndéanann gnóthas lena mbaineann nó comhlachas gnóthas, d’aon ghnó nó le faillí, an méid seo a leanas:

(a)faisnéis mhícheart, neamhiomlán nó mhíthreorach a thabhairt mar fhreagairt ar iarraidh a rinneadh de bhun Airteagal 11 nó gan an fhaisnéis a thabhairt laistigh den teorainn ama fhorordaithe;

(b)na leabhair a éilítear nó taifid eile a bhaineann leis an ngnó a chur ar fáil i bhfoirm neamhiomlán le linn cigireachtaí faoi Airteagal 12;

(c)mar fhreagairt ar cheist a cuireadh i gcomhréir le hAirteagal 12(2), pointe (c),

(i) go dtugann siad freagra mícheart nó míthreorach,

(ii) go dteipeann orthu freagra mícheart, neamhiomlán nó míthreorach a thug ball foirne a cheartú laistigh de theorainn ama atá socraithe ag an gCoimisiún, nó

(iii) go dteipeann orthu freagra iomlán a sholáthar maidir le fíorais a bhaineann le hábhar agus le cuspóir cigireachta a ordaíodh trí chinneadh a glacadh de bhun Airteagal 12(3), nó go ndiúltaíonn siad freagra a thabhairt;

(d)go ndiúltaíonn siad géilleadh do chigireachtaí a ordaíodh faoi Airteagal 12 nó go bhfuil séalaí briste greamaithe i gcomhréir le hAirteagal 12(2)(d).

(2)Na fíneálacha a ghearrfar sna cásanna dá dtagraítear i mír 1, ní bheidh siad níos mó ná 1 % de láimhdeachas comhiomlán an ghnóthais nó an chomhlachais ghnóthas lena mbaineann sa bhliain ghnó roimhe sin.

(3)Maidir leis na híocaíochtaí pionósacha tréimhsiúla a fhorchuirtear sna cásanna dá dtagraítear i mír 1, ní rachaidh na híocaíochtaí thar 5 % de mheánláimhdeachas comhiomlán laethúil an ghnóthais nó an chomhlachais ghnóthas lena mbaineann sa bhliain ghnó roimhe sin in aghaidh gach lae moille ar lá oibre é, a ríomhfar ón dáta a bhunaítear leis an gcinneadh, go dtí go gcuirfidh sé faisnéis iomlán agus cruinn arna hiarraidh ag an gCoimisiún.

(4)Sula nglacfaidh sé aon chinneadh i gcomhréir le mír 1, socróidh an Coimisiún teorainn ama deiridh dhá sheachtain chun an fhaisnéis atá in easnamh a fháil ón ngnóthas nó ón gcomhlachas gnóthas lena mbaineann.

(5)I gcás nach gcomhlíonann gnóthas lena mbaineann cinneadh lena ngabhann gealltanais de bhun Airteagal 9(3), cinneadh lena nordaítear bearta eatramhacha de bhun Airteagal 10 nó cinneadh lena bhforchuirtear bearta sásaimh de bhun Airteagal 9(2), féadfaidh an Coimisiún, trí chinneadh, na nithe seo a leanas a fhorchur:

(a)fíneálacha nach mó ná 10 % de láimhdeachas comhiomlán an ghnóthais lena mbaineann sa bhliain ghnó roimhe sin; agus

(b)íocaíochtaí pionósacha tréimhsiúla nach mó ná 5 % de mheánláimhdeachas comhiomlán laethúil an ghnóthais lena mbaineann sa bhliain ghnó roimhe sin in aghaidh gach lae a bheidh neamhchomhlíonadh i gceist, ag tosú ón lá a dhéanfaidh an Coimisiún cinneadh lena bhforchuirfear na híocaíochtaí pionósacha sin, go dtí go gcinnfidh an Coimisiún go gcomhlíonann an gnóthas lena mbaineann an cinneadh.

(6)Agus méid na fíneála nó na híocaíochta pionósaí tréimhsiúla á shocrú, tabharfar aird ar chineál, tromchúis agus fad an tsáraithe, agus aird chuí á tabhairt ar phrionsabail na comhréireachta agus na hoiriúnachta.

Airteagal 16

Cúlghairm

Féadfaidh an Coimisiún cinneadh a glacadh de bhun Airteagal 9(2), (3) nó (4) a chúlghairm agus cinneadh nua a ghlacadh in aon cheann de na cásanna seo a leanas:

(1)i gcás ina ngníomhaíonn an gnóthas lena mbaineann ar neamhréir lena ghealltanais nó leis na bearta sásaimh a forchuireadh;

(2)i gcás ina raibh an cinneadh bunaithe ar fhaisnéis neamhiomlán, mhícheart nó mhíthreorach.

Caibidil 3: Comhchruinnithe

Airteagal 17

Saobhadh sa mhargadh inmheánach mar thoradh ar fhóirdheontais eachtracha i gcomhchruinnithe

Maidir le comhchruinniú, beidh an measúnú ar cibé acu atá saobhadh sa mhargadh inmheánach de réir bhrí Airteagail 3 nó 4 teoranta don chomhchruinniú atá i gceist. Ní bhreithneofar sa mheasúnú ach fóirdheontais eachtracha a deonaíodh sna trí bliana féilire roimh chur i gcrích an chomhaontaithe, fógairt na tairisceana poiblí, nó sealbhú leasa rialaithe.

Airteagal 18

Sainmhíniú ar chomhchruinnithe agus tairseacha fógartha ina leith

(1)Chun críocha an Rialacháin seo, measfar comhchruinniú a bheith ann i gcás ina dtiocfaidh athrú ar rialú ar bhonn marthanach mar thoradh ar aon cheann díobh seo a leanas:

(a)cumasc dhá ghnóthas nó níos mó a bhí neamhspleách roimhe seo nó codanna de na gnóthais sin;

(b)rialú díreach nó indíreach ar ghnóthas iomlán amháin nó níos mó nó ar chodanna de na gnóthais sin a bheith faighte ag duine amháin nó níos mó a bhfuil aon ghnóthas amháin ar a laghad á rialú aige nó acu, nó a bheith faighte ag aon ghnóthas amháin nó níos mó, cibé acu trí cheannach urrús nó sócmhainní, trí chonradh nó trí aon mhodh eile.

(2)Má chruthaítear comhfhiontar a dhéanann feidhmeanna uile eintitis eacnamaíoch neamhspleách a fheidhmiú ar bhonn buan, beidh an comhfhiontar sin ina chomhchruinniú de réir bhrí mhír 1.

(3)Chun críocha Airteagal 19, measfar ‘comhchruinniú infhógartha’ a bheith ann más rud é go ndéanfar na nithe seo a leanas i gcomhchruinniú,

(a)go bhfuil an gnóthas a fuarthas nó ceann amháin ar a laghad de na gnóthais atá i mbun cumaisc bunaithe san Aontas agus go ngineann sé láimhdeachas comhiomlán EUR 500 milliún ar a laghad san Aontas; agus

(b)go bhfuair na gnóthais lena mbaineann ranníocaíocht chomhiomlán airgeadais de níos mó ná EUR 50 milliún ó thríú tíortha sna trí bliana féilire sular tugadh fógra.

(4)Agus comhfhiontar dá dtagraítear i mír 2 á chruthú, measfar go bhfuil‘comhchruinniú infhógartha’ ann sna cásanna seo a leanas:

(a)go bhfuil an comhfhiontar féin nó ceann dá mháthairghnóthais bunaithe san Aontas agus go ngineann sé láimhdeachas comhiomlán EUR 500 milliún ar a laghad san Aontas; agus

(b)go bhfuair an comhfhiontar féin agus a mháthairghnóthais ranníocaíocht airgeadais chomhiomlán ó thríú tíortha arbh fhiú níos mó ná EUR 50 milliún iad sna trí bliana féilire sular tugadh fógra.

Airteagal 19

Réamhfhógra a thabhairt maidir le comhchruinnithe

(1)Tabharfar fógra faoi chomhchruinnithe infhógartha don Choimisiún sula gcuirfear chun feidhme é agus i ndiaidh an comhaontú a chur i gcrích, i ndiaidh an tairiscint phoiblí a fhógairt, nó i ndiaidh leas urlámhais a fháil.

(2)Féadfaidh na gnóthais lena mbaineann fógra a thabhairt freisin don chomhchruinniú atá beartaithe nuair a thaispeánann siad rún de mheon macánta don Choimisiún comhaontú a thabhairt i gcrích nó, i gcás tairiscint phoiblí, nuair atá rún chun tairiscint den sórt sin a dhéanamh fógartha go poiblí acu, ar choinníoll go mbeadh comhchruinniú infhógartha mar thoradh ar an gcomhaontú nó ar an tairiscint atá beartaithe faoi mhír 1.

(3)Comhchruinniú lena gcuimsítear cumasc de réir bhrí Airteagal 18(1), pointe (a), nó le linn comhrialú a fháil de réir bhrí Airteagal 18(1), pointe (b), déanfaidh na páirtithe sa chumasc nó na páirtithe a bhfuil comhrialú á fháil acu, de réir an cháis, fógra a thabhairt ina leith ar bhonn comhpháirteach. I ngach cás eile, is é an duine nó an gnóthas a bhfuil rialú á fháil acu ar iomlán nó ar chodanna de ghnóthas amháin nó níos mó a dhéanfaidh an fógra.

(4)Mura néiríonn leis na gnóthais lena mbaineann a noibleagáid maidir le fógra a thabhairt a chomhlíonadh, féadfaidh an Coimisiún athbhreithniú a dhéanamh ar chomhchruinniú infhógartha i gcomhréir leis an Rialachán seo trí fhógra faoin gcomhchruinniú sin a iarraidh. Sa chás sin, ní bheidh an Coimisiún faoi cheangal ag na teorainneacha ama dá dtagraítear in Airteagal 23(1) agus (4).

(5)Féadfaidh an Coimisiún fógra a iarraidh roimh ré maidir le haon chomhchruinniú nach bhfuil ina chomhchruinniú infhógartha de réir bhrí Airteagal 18 tráth ar bith sula gcuirfear chun feidhme é i gcás ina measann an Coimisiún gur bhain na gnóthais lena mbaineann tairbhe as fóirdheontais eachtracha sna trí bliana roimh an gcomhchruinniú. Measfar gur comhchruinniú infhógartha an comhchruinniú sin chun críocha an Rialacháin seo.

Airteagal 20

Sainmhíniú ar rialú

(1)Chun críocha Airteagal 18, is é a bheidh sa rialú cearta, conarthaí nó modh ar bith eile lena dtugtar an fhéidearthacht, go leithleach nó i gcomhcheangal agus ag féachaint do bhreithnithe fíorais nó dlí lena mbaineann, tionchar cinntitheach a imirt ar ghnóthas, go háirithe trí na nithe seo a leanas:

(a)trí úinéireacht nó tríd an gceart chun na sócmhainní uile de chuid gnóthais, nó cuid díobh, a úsáid;

(b)trí chearta nó conarthaí a mbíonn tionchar cinntitheach acu ar chomhdhéanamh, vótáil nó cinntí na gcomhlachtaí de chuid gnóthais.

(2)Is iad na daoine nó na gnóthais a gheobhaidh an rialú na daoine nó na gnóthais sin:

(a)ar sealbhóirí iad ar na cearta nó atá i dteideal cearta faoi na conarthaí lena mbaineann; nó

(b)nach sealbhóirí iad ar na cearta sin nó nach bhfuil i dteideal na gceart sin, ach a bhfuil an chumhacht acu na cearta a eascraíonn uathu sin a fheidhmiú.

Airteagal 21

An láimhdeachas a ríomh

(1)Cuimseofar le láimhdeachas comhiomlán na méideanna arna ndíorthú ag na gnóthais lena mbaineann sa bhliain airgeadais roimhe sin ó dhíol táirgí agus ó sholáthar seirbhísí a thagann faoi chuimsiú ghnáthghníomhaíochtaí na ngnóthas tar éis lacáistí díolacháin agus cáin bhreisluacha agus cánacha eile a bhaineann go díreach le láimhdeachas a asbhaint. Ní bheidh díol táirgí nó soláthar seirbhísí idir na gnóthais dá dtagraítear i mír 4 san áireamh le láimhdeachas comhiomlán gnóthais lena mbaineann.

Is éard a bheidh sa láimhdeachas sa mhargadh inmheánach táirgí a dhíoltar le gnóthais nó le tomhaltóirí agus seirbhísí a sholáthraítear do ghnóthais nó do thomhaltóirí sa mhargadh inmheánach.

(2)De mhaolú ar mhír 1, más fáil codanna, is cuma an eintitis dhlíthiúla iad nó nach ea, de chuid gnóthais amháin nó níos mó atá sa chomhchruinniú, ní chuirfear san áireamh maidir leis an díoltóir nó na díoltóirí ach an láimhdeachas a bhaineann leis na codanna atá ina nábhar den chomhchruinniú.

Mar sin féin, maidir le dhá idirbheart nó níos mó de réir bhrí na chéad fhomhíre a tharlaíonn laistigh de thréimhse dhá bhliain idir na daoine céanna nó na gnóthais chéanna, caithfear leo mar an comhchruinniú ceannann céanna a eascraíonn ar dháta an idirbhirt dheiridh.

(3)Seachas láimhdeachas, úsáidfear an méid seo a leanas maidir leis na catagóirí gnóthas seo a leanas:

(a)maidir le hinstitiúidí creidmheasa agus institiúidí airgeadais eile, suim na nítimí ioncaim a leanas de réir mar a shainmhínítear i dTreoir 86/635/CEE ón gComhairle 48 , tar éis cáin bhreisluacha agus cánacha eile a bhaineann go díreach leis na hítimí sin a asbhaint, nuair is iomchuí:

(i) ioncam ó ús agus ioncam dá samhail;

(ii) ioncam ó urrúis:

ioncam ó scaireanna agus ó urrúis toraidh athraithigh eile,

ioncam ó leasanna rannpháirteachais,

ioncam ó scaireanna i ngnóthais ghaolmhara;

(iii) coimisiúin infhaighte;

(iv) glanbhrabús as oibríochtaí airgeadais;

(v) ioncam oibriúcháin eile;

(b)maidir le gnóthais árachais, luach na bpréimheanna comhlána scríofa lena gcuimseofar méideanna uile arna bhfáil agus atá infhaighte maidir le conarthaí árachais arna neisiúint ag na gnóthais árachais nó ar a son, lena náirítear freisin préimheanna athárachais amach, agus tar éis cánacha agus ranníocaíochtaí nó tobhaigh leathfhioscacha arna ngearradh trí thagairt do mhéideanna na bpréimheanna aonair nó do mhéid iomlán na bpréimheanna a asbhaint;

Chun críocha phointe (a), maidir le hinstitiúid chreidmheasa nó airgeadais sa mhargadh inmheánach, cuimseofar leis an láimhdeachas ítimí ioncaim, mar a shainmhínítear sa phointe sin, a fhaigheann brainse nó rannán na hinstitiúide sin atá bunaithe sa mhargadh inmheánach.

(4)Gan dochar do mhír 2, déanfar láimhdeachas comhiomlán gnóthais lena mbaineann a ríomh tríd na láimhdeachas seo a leanas a chur le chéile:

(a)an gnóthas lena mbaineann;

(b)na gnóthais sin ina mbaineann an méid a leanas leis an ngnóthas lena mbaineann, go díreach nó go hindíreach:

(i) is leis an ngnóthas sin níos mó ná leath de shócmhainní caipitil nó de shócmhainní an ghnólachta,

(ii) tá an chumhacht aige níos mó ná leath de na cearta vótála a fheidhmiú,

(iii) tá an chumhacht aige níos mó ná leath na gcomhaltaí den bhord maoirseachta, den bhord riaracháin nó de na comhlachtaí a ionadaíonn na gnóthais de réir an dlí a cheapadh,

(iv) tá an ceart aige gnóthaí an ghnóthais a bhainistiú;

(c)na gnóthais sin ina bhfuil aon cheann de na cearta nó de na cumhachtaí dá dtagraítear i bpointe (b) sna gnóthas lena mbaineann;

(d)na gnóthais sin ina bhfuil aon cheann de na cearta nó na cumhachtaí dá dtagraítear i bpointe (b) ag gnóthas amhail dá dtagraítear i bpointe (c);

(e)na gnóthais sin ina bhfuil aon cheann de na cearta nó na cumhachtaí dá dtagraítear i bpointe (b) go comhpháirteach ag dhá ghnóthas nó níos mó dá dtagraítear i bpointe (a) go pointe (d).

(5)I gcás ina mbeidh na cearta nó na cumhachtaí a liostaítear i mír 4, pointe (b), ag na gnóthais lena mbaineann go comhpháirteach chun láimhdeachas comhiomlán na ngnóthas lena mbaineann a ríomh,

(a)cuirfear san áireamh an láimhdeachas atá ina thoradh ar dhíol táirgí nó ar sholáthar seirbhísí idir an comhghnóthas agus aon tríú gnóthais, agus déanfar an láimhdeachas sin a chionroinnt go cothrom ar na gnóthais lena mbaineann;

(b)ní chuirfear san áireamh an láimhdeachas atá ina thoradh ar dhíol táirgí nó ar sholáthar seirbhísí idir an comhghnóthas agus gach ceann de na gnóthais lena mbaineann nó aon ghnóthas eile atá bainteach le haon cheann acu, de réir mar a leagtar amach i mír 4, pointí (b) go (e).

Airteagal 22

Comhbhailiú na ranníocaíochtaí airgeadais

Ríomhfar an ranníocaíocht airgeadais chomhiomlán le gnóthas lena mbaineann trí na ranníocaíochtaí airgeadais a fuair na gnóthais uile dá dtagraítear i bpointe (a) go pointe (e) d’Airteagal 21(4) ó thríú tíortha a chur le chéile.

Airteagal 23

Fionraí ar chomhchruinnithe agus teorainneacha ama

(1)Ní chuirfear comhchruinniú infhógartha chun feidhme sula dtabharfar fógra ina leith.

Sa bhreis air sin, beidh feidhm ag na teorainneacha ama seo a leanas:

(a)i gcás ina bhfaighidh an Coimisiún an fógra iomlán, ní chuirfear an comhchruinniú chun feidhme ar feadh tréimhse 25 lá oibre tar éis an fógra sin a fháil;

(b)i gcás ina dtionscnóidh an Coimisiún imscrúdú cuimsitheach tráth nach déanaí ná 25 lá oibre tar éis dó an fógra iomlán a fháil, ní chuirfear an comhchruinniú chun feidhme ar feadh tréimhse 90 lá oibre tar éis thionscnamh an imscrúdaithe dhomhain; cuirfear 15 lá oibre leis an tréimhse sin i gcás ina dtairgfidh na gnóthais lena mbaineann gealltanais de bhun Airteagal 6 d’fhonn an saobhadh sa mhargadh inmheánach a leigheas;

(c)i gcás inar dearbhaíodh nach ndearna an comhchruinniú saobhadh sa mhargadh inmheánach de bhun cinneadh faoi Airteagal 24(3), pointe (a) nó pointe (b), féadfar é a chur chun feidhme ina dhiaidh sin.

Tosóidh gach tréimhse ar an lá oibre tar éis an fógra iomlán a fháil nó tar éis an chinnidh ábhartha ón gCoimisiún a ghlacadh, faoi seach.

(2)Ní chuirfidh mír 1 cosc ar chur chun feidhme tairisceana poiblí nó sraithe idirbheart urrús lena náirítear iad siúd atá inchomhshóite go hurrúis eile agus a nglactar leo chun a dtrádála ar mhargadh amhail stocmhalartán, trína bhfaightear rialú ó dhíoltóirí éagsúla, ar na coinníollacha seo a leanas:

(a)tabharfar fógra i leith an chomhchruinnithe don Choimisiún de bhun Airteagal 19 gan mhoill; agus

(b)ní fheidhmíonn an faighteoir na cearta vótála atá ceangailte leis na hurrúis atá i gceist nó déanann sé amhlaidh chun críocha luach iomlán na ninfheistíochtaí dá chuid a choimeád bunaithe ar mhaolú a dheonaigh an Coimisiún faoi mhír 3.

(3)Féadfaidh an Coimisiún, arna iarraidh sin, maolú a dheonú i leith na noibleagáidí a leagtar síos i míreanna 1 nó 2. Luafar san iarraidh ar mhaolú a dheonú foras an mhaolaithe. Agus cinneadh á dhéanamh maidir leis an iarraidh, cuirfidh an Coimisiún san áireamh, go háirithe, iarmhairtí na fionraí ar ghnóthas amháin nó níos mó a mbaineann an comhchruinniú leo nó ar thríú páirtí, mar aon leis an riosca go ndéanfaidh an comhchruinniú saobhadh sa mhargadh inmheánach. Féadfar an maolú sin a dheonú faoi réir coinníollacha agus oibleagáidí áirithe chun a áirithiú nach mbeidh aon saobhadh sa mhargadh inmheánach. Is féidir iarratas a dhéanamh ar mhaolú agus maolú a dheonú ag am ar bith, roimh an bhfógra nó tar éis an idirbhirt.

(4)Cuirfear síneadh leis na teorainneacha ama dá bhforáiltear i bpointe (b) de mhír 1 má dhéanann na gnóthais lena mbaineann iarraidh chuige sin tráth nach déanaí ná 15 lá oibre tar éis thionscnamh an imscrúdaithe dhomhain de bhun Airteagal 8. Ní fhéadfaidh na gnóthais lena mbaineann ach iarratas amháin den sórt sin a dhéanamh. Ar an gcaoi chéanna, tráth ar bith tar éis thionscnamh an imscrúdaithe dhomhain, féadfaidh an Coimisiún, le comhaontú na ngnóthas lena mbaineann, síneadh a chur leis na teorainneacha ama dá bhforáiltear i mír 1, pointe (b). Ní bheidh tréimhse iomlán aon sínidh nó síntí de bhun na míre seo níos mó ná 20 lá oibre.

(5)Féadfar na teorainneacha ama dá bhforáiltear i mír 1 a chur ar fionraí go heisceachtúil i gcás nár sholáthair na gnóthais an fhaisnéis iomlán a d’iarr an Coimisiún de bhun Airteagal 11 nó gur dhiúltaigh siad géilleadh do chigireacht a ordaítear le cinneadh de bhun Airteagal 12.

(6)Féadfaidh an Coimisiún cinneadh a ghlacadh de bhun Airteagal 24(3) gan ceangal a bheith air ag na teorainneacha ama dá dtagraítear i míreanna 1 agus 4, sna cásanna a leanas:

(a)go gcinneann sé gur cuireadh comhchruinniú chun feidhme de shárú ar na gealltanais a ghabhann le cinneadh a rinneadh faoi Airteagal 24(3), pointe (a), lena bhfuarthas amach, in éagmais na ngealltanas, go ndéanfadh an comhchruinniú saobhadh sa mhargadh inmheánach; nó

(b)go ndearnadh cinneadh a chúlghairm de bhun Airteagal 24(1).

(7)Ní mheasfar aon idirbheart a dhéantar de shárú ar mhír 1 a bheith bailí ach amháin tar éis cinneadh de bhun Airteagal 24(3) a bheith glactha.

(8)Ní bheidh feidhm ag an Airteagal seo maidir le bailíocht idirbheart urrús lena náirítear iad siúd atá inchomhshóite go hurrúis eile agus a nglactar leo chun a dtrádála ar mhargadh amhail stocmhalartán, mura raibh an ceannaitheoir agus an díoltóir ar an eolas nó ar cheart iad a bheith ar an eolas go ndearnadh an tidirbheart a chur chun feidhme de shárú ar mhír 1.

Airteagal 24

Rialacha nós imeachta is infheidhme maidir leis an athbhreithniú tosaigh agus an t‑imscrúdú domhain ar chomhchruinnithe ar tugadh fógra ina leith

(1)Beidh feidhm ag Airteagail 8, 9(1), (3) agus (4), 10, 11, 12, 13, 14 agus 16 maidir le comhchruinnithe ar tugadh fógra ina leith.

(2)Féadfaidh an Coimisiún imscrúdú domhain a thionscnamh faoi Airteagal 8(2) tráth nach déanaí ná 25 lá oibre tar éis dó an fógra iomlán a fháil.

(3)Tar éis an imscrúdaithe dhomhain, glacfaidh an Coimisiún ceann de na cinntí seo a leanas:

(a)cinneadh lena ngabhann gealltanais de bhun Airteagal 9(3);

(b)cinneadh gan agóid de bhun Airteagal 9(4);

(c)cinneadh lena gcuirtear toirmeasc ar chomhchruinniú, i gcás ina gcinnfidh an Coimisiún go bhfuil fóirdheontas eachtrach a bhfuil an margadh inmheánach á shaobhadh aige de bhun Airteagail 3 go 5.

(4)Déanfar cinntí de bhun mhír 3 a ghlacadh laistigh de 90 lá oibre tar éis thionscnamh an imscrúdaithe dhomhain ar a dhéanaí, agus cuirfear síneadh leo, de réir mar a bheidh, de bhun Airteagal 23(1), pointe (b), (4) agus (5). Mura nglacfaidh an Coimisiún cinneadh laistigh den teorainn ama sin, ceadófar do na gnóthais lena mbaineann an comhchruinniú a chur chun feidhme.

(5)In aon iarraidh ar fhaisnéis chuig gnóthas, sonróidh an Coimisiún an gcuirfear teorainneacha ama ar fionraí de bhun Airteagal 23(5), i gcás go dteipfidh ar an ngnóthas faisnéis iomlán a chur ar fáil laistigh den teorainn ama fhorordaithe.

(6)I gcás ina gcinnfidh sé gur cuireadh comhchruinniú chun feidhme cheana agus go ndearna an comhchruinniú sin an margadh inmheánach a shaobhadh de bhun Airteagail 3 go 5, feadfaidh an Coimisiún ceann de na bearta seo a leanas a ghlacadh:

(a)é a éileamh ar na gnóthais lena mbaineann an comhchruinniú a dhíscaoileadh, go háirithe trí dhíscaoileadh an chumaisc nó trí dhiúscairt na scaireanna nó na sócmhainní uile arna bhfáil, ionas go ndéanfar an cás a bhí i réim roimh chur chun feidhme an chomhchruinnithe a athbhunú; in imthosca nuair nach féidir an cás a bhí i réim roimh chur chun feidhme an chomhchruinnithe a athbhunú trí dhíscaoileadh an chomhchruinnithe, féadfaidh an Coimisiún aon bheart eile a ghlacadh atá iomchuí chun a leithéid d’athbhunú a bhaint amach a mhéid is féidir;

(b)aon bheart iomchuí eile a ordú d’fhonn a áirithiú go ndéanfaidh na gnóthais lena mbaineann an comhchruinniú a dhíscaoileadh nó go nglacfaidh siad bearta athbhunaithe eile de réir mar atá riachtanach ina chinneadh.

Féadfar na bearta dá dtagraítear i bpointí (a) agus (b) a fhorchur i gcinneadh de bhun mhír 3, pointe (c), nó trí chinneadh ar leithligh

Féadfaidh an Coimisiún aon cheann de na bearta dá dtagraítear i bpointí (a) nó (b) a ghlacadh i gcás ina gcinnfidh sé gur cuireadh comhchruinniú chun feidhme de shárú ar chinneadh a glacadh de bhun mhír (3), pointe (a), lena bhfuarthas amach, in éagmais na ngealltanas, go gcomhlíonfadh an comhchruinniú an critéar a leagtar síos i mír 3, pointe (c).

(7)Féadfaidh an Coimisiún bearta eatramhacha dá dtagraítear in Airteagal 10 a ordú freisin sna cásanna seo a leanas:

(a)cuireadh comhchruinniú chun feidhme de shárú ar Airteagal 19;

(b)cuireadh comhchruinniú chun feidhme de shárú ar chinneadh lena ngabhann gealltanais faoin Airteagal seo, mír 3, pointe (a).

Airteagal 25

Fíneálacha agus íocaíochtaí pionósacha tréimhsiúla a bhfuil feidhm acu maidir le comhchruinnithe

(1)Féadfaidh an Coimisiún fíneálacha agus íocaíochtaí pionósacha tréimhsiúla a fhorchur mar a leagtar amach in Airteagal 15.

(2)Ina theannta sin, féadfaidh an Coimisiún, trí chinneadh, fíneálacha nach mó ná 1 % dá láimhdeachas comhiomlán sa bhliain ghnó roimhe sin a fhorchur ar na gnóthais lena mbaineann i gcás ina ndéanfaidh siad, d’aon ghnó nó le faillí, faisnéis mhícheart nó mhíthreorach a sholáthar i bhfógra de bhun Airteagal 19 nó i bhforlíonadh leis sin.

(3)Féadfaidh an Coimisiún, trí chinneadh, fíneálacha nach mó ná 10 % dá láimhdeachas comhiomlán sa bhliain ghnó roimhe sin a fhorchur ar na gnóthais lena mbaineann má dhéanann siad na nithe seo a leanas, d’aon ghnó nó le faillí:

(a)go dteipeann orthu fógra a thabhairt faoi chomhchruinniú infhógartha i gcomhréir le hAirteagal 19 sula gcuirfear chun feidhme é, ach amháin má údaraítear go sainráite dóibh é sin a dhéanamh le hAirteagal 23;

(b)go gcuireann siad comhchruinniú ar tugadh fógra ina leith chun feidhme de shárú ar Airteagal 23;

(c)comhchruinniú ar tugadh fógra ina leith a chur chun feidhme i gcomhréir le hAirteagal 24(3), pointe (c).

Caibidil 4: Nósanna imeachta soláthair phoiblí

Airteagal 26

Saobhadh sa mhargadh inmheánach mar thoradh ar fhóirdheontais eachtracha i nósanna imeachta soláthair phoiblí

Maidir le fóirdheontais eachtracha arb iad is cúis le saobhadh sa nós imeachta soláthair phoiblí, nó a bhfuil baol ann go ndéanfaidh siad saobhadh sa nós imeachta soláthair phoiblí, tuigfear iad mar fhóirdheontais eachtracha lena gcumasaítear do ghnóthas tairiscint a chur isteach a bhfuil buntáiste míchuí ag baint léi i ndáil leis na hoibreacha, na soláthairtí nó na seirbhísí lena mbaineann. Beidh an measúnú i dtaobh an bhfuil saobhadh sa mhargadh inmheánach de bhun Airteagal 3 agus i dtaobh an bhfuil buntáiste míchuí ag baint le tairiscint i ndáil leis na hoibreacha, na soláthairtí nó na seirbhísí lena mbaineann teoranta don nós imeachta soláthair phoiblí atá i gceist. Ní chuirfear san áireamh sa mheasúnú ach fóirdheontais eachtracha a deonaíodh le linn na dtrí bliana roimh an bhfógra.

Airteagal 27

Sainiú agus tairseach fógartha maidir le nósanna imeachta soláthair phoiblí

(1)Chun críocha Airteagal 28, ciallaíonn nós imeachta soláthair phoiblí an méid seo a leanas:

(a)aon chineál nós imeachta dámhachtana a leagtar síos i dTreoir 2014/24/AE agus i dTreoir 2014/25/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le conradh poiblí a thabhairt i gcrích mar a shainmhínítear in Airteagal 2(1), pointe (5) de Threoir 2014/24/AE nó conradh soláthair, oibreacha agus seirbhíse mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (1) de Threoir 2014/25/AE;

(b)nós imeachta maidir le lamháltas oibreacha nó seirbhíse a dhámhachtain mar a shainmhínítear in Airteagal 5, pointe (1) de Threoir 2014/23/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle;

(c)nósanna imeachta maidir le conarthaí a dhámhachtain dá dtagraítear in Airteagal 10(4), pointe (a) de Threoir 2014/23/AE, Airteagal 9(1), pointe (a) de Threoir 2014/24/AE agus Airteagal 20(1), pointe (a) de Threoir 2014/25/AE.

(2)Chun críche Airteagal 28, measfar ranníocaíocht eachtracha airgeadais infhógartha i nós imeachta soláthair phoiblí de chuid an Aontais a bheith ann i gcás ina mbeidh luach measta an tsoláthair phoiblí sin cothrom le nó níos mó ná EUR 250 milliún.

(3)Na nósanna imeachta maidir le conarthaí a dhámhachtain a thagann faoi raon feidhme Threoir 2009/81/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 49 , ní thagann siad faoin gCaibidil seo.

(4)Chun críocha na Caibidle seo, beidh feidhm ag sainmhínithe na dtéarmaí “údarás conarthach” in Airteagal 6 de Threoir 2014/23/AE Airteagal 2(1) de Threoir 2014/24/AE, Airteagal 3 de Threoir 2014/25/AE, agus ag “eintiteas conarthach” in Airteagal 7 de Threoir 2014/23/AE agus in Airteagal 4 de Threoir 2014/25/AE.

Airteagal 28

Réamhfhógra a thabhairt maidir le ranníocaíochtaí eachtracha airgeadais i gcomhthéacs nósanna imeachta soláthair phoiblí

(1)Nuair a bheidh tairiscint nó iarraidh ar rannpháirtíocht i nós imeachta soláthair phoiblí á cur isteach, déanfaidh gnóthais fógra a thabhairt don údarás conarthach nó don eintiteas conarthach maidir leis na ranníocaíochtaí eachtracha airgeadais uile a fuarthas sna trí bliana roimh an bhfógra sin nó deimhneoidh siad i ndearbhú nach bhfuair siad aon ranníocaíocht eachtrach airgeadais le linn na dtrí bliana deireanacha. Ní dhámhfar an conradh ar ghnóthais nach dtíolacann an fhaisnéis nó an dearbhú sin.

(2)An oibleagáid fógra a thabhairt faoi ranníocaíochtaí eachtracha airgeadais faoin mír seo, cuimseoidh sí oibreoirí eacnamaíocha, grúpaí oibreoirí eacnamaíocha dá dtagraítear in Airteagal 26(2) de Threoir 2014/23/AE, Airteagal 19(2) de Threoir 2014/24/AE agus Airteagal 37(2) de Threoir 2014/25/AE, príomhfhochonraitheoirí agus príomhsholáthróirí. Measfar gur príomhfhochonraitheoirí nó príomhsholáthróirí é fochonraitheoir nó soláthróir i gcás ina náirithítear lena rannpháirtíocht príomhghnéithe de chomhlíonadh an chonartha agus in aon chás inar mó sciar eacnamaíoch a ranníocaíochta ná 30 % de luach measta an chonartha.

(3)I gcás grúpaí oibreoirí eacnamaíocha, príomhfhochonraitheoirí agus príomhsholáthróirí, áiritheoidh an príomhoibreoir eacnamaíoch fógra a thabhairt.

(4)Aistreoidh an túdarás conarthach nó an teintiteas conarthach an fógra chuig an gCoimisiún gan mhoill.

(5)I gcás nach dtugann an gnóthas, na hoibreoirí eacnamaíocha nó na grúpaí oibreoirí eacnamaíocha dá dtagraítear i mír 1 fógra maidir le ranníocaíocht eachtrach airgeadais, nó i gcás nach naistrítear an fógra sin chuig an gCoimisiún, féadfaidh an Coimisiún athbhreithniú a thionscnamh.

(6)I gcás ina measann an Coimisiún go bhféadfadh sé gur bhain gnóthas tairbhe as fóirdheontais eachtracha sna trí bliana roimh thíolacadh na tairisceana nó an iarraidh ar rannpháirtíocht sa nós imeachta soláthair phoiblí, féadfaidh sé fógra a iarraidh faoi na ranníocaíochtaí eachtracha airgeadais a fuair an gnóthas sin in aon nós imeachta soláthair phoiblí nach bhfuil infhógartha faoi Airteagal 27(2) nó a thagann faoi raon feidhme mhír 5 den Airteagal seo, tráth ar bith roimh dhámhachtain an chonartha. A luaithe a iarrann an Coimisiún fógra faoin ranníocaíocht airgeadais sin, meastar gur ranníocaíocht eachtrach airgeadais infhógartha í i nós imeachta soláthair phoiblí.

Airteagal 29

Rialacha nós imeachta is infheidhme maidir leis an athbhreithniú tosaigh agus an t‑imscrúdú domhain ar ranníocaíochtaí airgeadais i nósanna imeachtaí soláthair phoiblí ar tugadh fógra ina leith

(1)Beidh feidhm ag Airteagail 8, 9(1), (3) agus (4), 11, 12, 13, 14, 16 agus 22 maidir le ranníocaíochtaí airgeadais ar tugadh fógra ina leith i nósanna imeachta soláthair phoiblí.

(2)Déanfaidh an Coimisiún athbhreithniú tosaigh tráth nach déanaí ná 60 lá tar éis dó an fógra a fháil.

(3)Cinnfidh an Coimisiún an dtionscnófar imscrúdú domhain laistigh den teorainn ama chun an athbhreithniú tosaigh a thabhairt chun críche agus cuirfidh sé an gnóthas lena mbaineann agus an túdarás conarthach nó an teintiteas conarthach ar an eolas gan mhoill.

(4)Féadfaidh an Coimisiún cinneadh lena ndúntar an timscrúdú domhain a ghlacadh tráth nach déanaí ná 200 lá tar éis dó an fógra a fháil. In imthosca eisceachtúla, féadfar síneadh a chur leis an teorainn ama sin tar éis dul i gcomhairle leis an údarás conarthach nó leis an eintiteas conarthach lena mbaineann.

Airteagal 30

Cinntí ón gCoimisiún

(1)I gcás ina gcinnfidh an Coimisiún, tar éis imscrúdú domhain a dhéanamh, go dtairbhíonn gnóthas d’fhóirdheontas eachtrach a bhfuil an margadh inmheánach á shaobhadh aige de bhun Airteagail 3 go 5, agus i gcás ina dtairgfidh an gnóthas lena mbaineann gealltanais lena mbainfear an saobhadh sa mhargadh inmheánach go hiomlán agus go héifeachtach, glacfaidh sé cinneadh lena ngabhann gealltanais de bhun Airteagal 9(3). Ní bheidh aon mhodhnú ar an tairiscint tosaigh a thíolaic an gnóthas nach bhfuil ag luí le dlí an Aontais de thoradh an mheasúnaithe faoi Airteagal 5.

(2)I gcás nach dtairgfidh an gnóthas lena mbaineann gealltanais nó i gcás ina measfaidh an Coimisiún nach bhfuil na gealltanais dá dtagraítear i mír 1 iomchuí ná leordhóthanach chun an saobhadh a bhaint go hiomlán agus go héifeachtach, glacfaidh sé cinneadh lena gcuirfear toirmeasc ar an gconradh a dhámhachtain don ghnóthas lena mbaineann (‘cinneadh lena gcuirtear toirmeasc ar dheonú an chonartha’).

(3)I gcás ina gcinnfidh an Coimisiún, tar éis imscrúdú domhain a dhéanamh, go dtairbhíonn gnóthas d’fhóirdheontas eachtrach a bhfuil an margadh inmheánach á shaobhadh aige, glacfaidh sé cinneadh de bhun Airteagal 9(4).

Airteagal 31

Meastóireachtaí i nósanna imeachta soláthair poiblí lena mbaineann fógra agus fionraí dámhachtana

(1)Le linn an athbhreithnithe tosaigh agus an imscrúdaithe dhomhain, féadfar leanúint den mheastóireacht ar thairiscintí i nós imeachta soláthair phoiblí. Ní dhámhfar an conradh sula rachaidh an teorainn ama a leagtar síos in Airteagal 29(2) in éag.

(2)Má chinntear imscrúdú domhain a thionscnamh de bhun Airteagal 29(3), ní dhámhfar an conradh ar ghnóthas a mbeidh an fógra á chur isteach aige faoi Airteagal 28 go dtí go dtiocfaidh an Coimisiún ar chinneadh faoi Airteagal 30(3) nó go dtí go rachaidh an teorainn ama a leagtar síos in Airteagal 29(4) in éag. Más rud é nár ghlac an Coimisiún cinneadh laistigh den teorainn ama sin, féadfar an conradh a dhámhachtain ar aon ghnóthas, lena náirítear an gnóthas a mbeidh an fógra á chur isteach aige.

(3)Ní fhéadfar an conradh a dhámhachtain ar ghnóthas a mbeidh dearbhú á chur isteach aige faoi Airteagal 28 sula nglacfaidh an Coimisiún aon cheann de na cinntí dá dtagraítear in Airteagal 30 nó sula rachaidh an teorainn ama a leagtar síos in Airteagal 29(4) in éag ach amháin má shuitear sa mheastóireacht a dhéantar ar thairiscintí gur chuir an gnóthas atá i gceist an tairiscint is buntáistí go heacnamaíoch isteach.

(4)I gcás ina neisíonn an Coimisiún cinneadh faoi Airteagal 30(2) maidir leis an tairiscint is buntáistí go heacnamaíoch, féadfar an conradh a dhámhachtain ar an ngnóthas a chuir isteach an chéad tairiscint eile is fearr nach bhfuil faoi réir cinneadh faoi Airteagal 30(2).

(5)I gcás ina nglacann an Coimisiún cinneadh i gcomhréir le hAirteagal 30(1) nó (3), féadfar an conradh a dhámhachtain ar aon ghnóthas a chuir isteach an tairiscint is buntáistí go heacnamaíoch, lena náirítear, de réir mar a bheidh, an gnóthas nó na gnóthais a chuir an fógra isteach faoi Airteagal 28.

(6)I ngach cás, cuirfidh an túdarás conarthach nó an teintiteas conarthach an Coimisiún ar an eolas faoi aon chinneadh a bhaineann le toradh an nós imeachta soláthair phoiblí.

(7)Déanfar na prionsabail lena rialaítear soláthar poiblí, lena náirítear comhréireacht, neamhidirdhealú, cóir chomhionann, agus trédhearcacht, a urramú a mhéid a bhaineann le gach gnóthas a bhfuil baint aige leis an nós imeachta soláthair phoiblí. Ní bheidh de thoradh ar an imscrúdú ar fhóirdheontais eachtracha de bhun an Rialacháin seo go ndéileálfaidh an túdarás conarthach nó an teintiteas conarthach leis an ngnóthas lena mbaineann ar bhealach atá contrártha do na prionsabail sin.

(8)Tosóidh gach teorainn ama ar an lá oibre tar éis an fógra a fháil nó tar éis an chinnidh ábhartha ón gCoimisiún a ghlacadh.

Airteagal 32

Fíneálacha agus íocaíochtaí pionósacha tréimhsiúla is infheidhme maidir le ranníocaíochtaí airgeadais i gcomhthéacs nósanna imeachta soláthair phoiblí

(1)Féadfaidh an Coimisiún fíneálacha agus íocaíochtaí pionósacha tréimhsiúla a fhorchur mar a leagtar amach in Airteagal 15.

(2)Ina theannta sin, féadfaidh an Coimisiún, trí chinneadh, fíneálacha nach mó ná 1 % dá láimhdeachas comhiomlán sa bhliain ghnó roimhe sin a fhorchur ar na gnóthais lena mbaineann i gcás ina ndéanfaidh siad, d’aon ghnó nó le faillí, faisnéis mhícheart nó mhíthreorach a sholáthar i bhfógra de bhun Airteagal 28 nó i bhforlíonadh leis sin;

(3)Féadfaidh an Coimisiún, trí chinneadh, fíneálacha nach mó ná 10 % dá láimhdeachas comhiomlán sa bhliain ghnó roimhe sin a fhorchur ar na gnóthais lena mbaineann i gcás nach néireoidh leo, d’aon ghnó nó le faillí, fógra a thabhairt d’fhóirdheontas i gcomhréir le hAirteagal 28 le linn an nós imeachta soláthair phoiblí.

Caibidil 5: Forálacha nós imeachta coiteanna

Airteagal 33

Gaol idir nósanna imeachta

(1)Féadfaidh ranníocaíocht airgeadais ar tugadh fógra ina leith i gcomhthéacs comhchruinnithe faoi Airteagal 19 a bheith ábhartha agus féadfar measúnú a dhéanamh uirthi arís i ndáil le gníomhaíocht eacnamaíoch eile.

(2)Féadfaidh ranníocaíocht airgeadais ar tugadh fógra ina leith i gcomhthéacs nós imeachta soláthair phoiblí faoi Airteagal 28 a bheith ábhartha agus féadfar measúnú a dhéanamh uirthi arís i ndáil le gníomhaíocht eacnamaíoch eile.

Airteagal 34

Imscrúdú margaidh

(1)I gcás ina dtugann an fhaisnéis atá ar fáil bunús le hamhras réasúnach go bhféadfadh fóirdheontais eachtracha in earnáil áirithe, maidir le cineál áirithe gníomhaíochta eacnamaíche nó bunaithe ar ionstraim fhóirdheontais áirithe, an margadh inmheánach a shaobhadh, féadfaidh an Coimisiún imscrúdú margaidh a dhéanamh ar an earnáil áirithe, ar an gcineál áirithe gníomhaíochta eacnamaíche nó ar úsáid na hionstraime fóirdheontais lena mbaineann. Le linn an imscrúdaithe margaidh sin, féadfaidh an Coimisiún a iarraidh ar na gnóthais nó ar na comhlachais gnóthas lena mbaineann an fhaisnéis is gá a sholáthar agus féadfaidh sé na cigireachtaí is gá a dhéanamh. Féadfaidh an Coimisiún iarraidh ar an mBallstát nó ar an tríú tír lena mbaineann faisnéis a sholáthar freisin.

(2)Féadfaidh an Coimisiún tuarascáil a fhoilsiú ar thorthaí a imscrúdaithe margaidh ar earnálacha áirithe, ar chineálacha áirithe gníomhaíochta eacnamaíche nó ar ionstraimí fóirdheontais áirithe agus barúlacha a iarraidh ó pháirtithe leasmhara.

(3)Féadfaidh an Coimisiún an fhaisnéis a fuarthas ó na himscrúduithe margaidh sin a úsáid sa chreat nósanna imeachta faoin Rialachán seo.

(4)Beidh feidhm ag Airteagail 11, 12, 13 agus 15 den Rialachán seo.

Airteagal 35

Tréimhsí teorann

(1)Maidir le cumhachtaí an Choimisiúin faoi Airteagal 9, beidh siad faoi réir tréimhse teorann deich mbliana, ag tosú ar an lá a dheonaítear fóirdheontas eachtrach don ghnóthas lena mbaineann. Aon ghníomhaíocht a dhéanfaidh an Coimisiún faoi Airteagail 8, 11, 12 nó 13 maidir le fóirdheontas eachtrach, brisfidh sí an tréimhse teorann. I ndiaidh gach briste, cuirfear tús athuair leis an tréimhse teorann.

(2)Maidir le cumhachtaí an Choimisiúin chun fíneálacha agus íocaíochtaí pionósacha tréimhsiúla a fhorchur faoi Airteagail 15, 25 agus 32, beidh siad faoi réir tréimhse teorann trí bliana, ag tosú ar an lá a tharla an sárú dá dtagraítear in Airteagail 15, 25 nó 32. I gcás sáruithe leanúnacha nó sáruithe a dhéantar arís agus arís eile, is ar an lá a thiocfaidh deireadh leis an sárú a thosóidh an tréimhse teorann. Aon ghníomhaíocht a dhéanfaidh an Coimisiún i ndáil le sárú dá dtagraítear in Airteagail 15, 25 nó 32, brisfidh sí an tréimhse teorann le haghaidh fíneálacha nó íocaíochtaí pionósacha tréimhsiúla a fhorchur. I ndiaidh gach briste, cuirfear tús athuair leis an tréimhse teorann.

(3)Maidir le cumhachtaí an Choimisiúin chun cinntí lena bhforchuirtear fíneálacha agus íocaíochtaí pionósacha tréimhsiúla faoi Airteagail 15, 25 agus 32 a fhorfheidhmiú, beidh siad faoi réir tréimhse teorann cúig bliana, ag tosú ar an lá a ndearnadh an cinneadh ón gCoimisiún lena bhforchuirtear fíneálacha nó íocaíochtaí pionósacha tréimhsiúla. Aon ghníomhaíocht a dhéanfaidh an Coimisiún, nó Ballstát atá ag gníomhú arna iarraidh sin don Choimisiún, gníomhaíocht a bhfuil sé d’aidhm aici íocaíocht na fíneála nó na híocaíochta pionósaí tréimhsiúla a fhorfheidhmiú, brisfidh sí an tréimhse teorann sin. I ndiaidh gach briste, cuirfear tús athuair leis an tréimhse teorann.

Airteagal 36

Cinntí a fhoilsiú

(1)Foilseoidh an Coimisiún fógra achomair de na cinntí a ghlactar de bhun Airteagal 8(2).

(2)Foilseoidh an Coimisiún na cinntí a ghlactar de bhun Airteagal 9(2), (3) agus (4), Airteagal 24(3), agus Airteagal 30(1), (2) agus (3) in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

(3)Agus fógraí achomair agus cinntí á bhfoilsiú aige, ba cheart don Choimisiún aird chuí a thabhairt ar leasanna dlisteanacha na ngnóthas maidir lena rúin ghnó agus faisnéis rúnda eile a chosaint.

Airteagal 37

Seolaithe cinntí

(1)Na cinntí a ghlactar de bhun Airteagail 8, 9, 15, 24(3), 25, 30(1) agus 32, díreofar iad chuig na gnóthais nó chuig an gcomhlachas gnóthas lena mbaineann. Tabharfaidh an Coimisiún fógra faoin gcinneadh don seolaí gan mhoill agus tabharfaidh sé deis don seolaí a chur in iúl don Choimisiún cén fhaisnéis a mheasann sé a bheith rúnda. Cuirfidh an Coimisiún cóip d’aon chinneadh ón gCoimisiún a bheidh dírithe ar ghnóthas atá rannpháirteach i nós imeachta soláthair phoiblí ar fáil don údarás conarthach nó don eintiteas conarthach lena mbaineann.

(2)Na cinntí a ghlactar de bhun Airteagail 30(2) agus (3), díreofar iad chuig an údarás conarthach nó chuig an eintiteas conarthach lena mbaineann. Tabharfaidh an Coimisiún cóip den chinneadh sin don ghnóthas a bhfuil dámhachtain an chonartha phoiblí toirmiscthe dó.

Airteagal 38

Nochtadh agus cearta cosanta

(1)Sula nglacfaidh an Coimisiún cinneadh de bhun Airteagail 9, 15, 24(3) pointe (c), 25, 30(2) nó 32, tabharfaidh sé deis don ghnóthas lena mbaineann barúlacha a chur isteach maidir leis an bhforas ar a mbeartaíonn an Coimisiún a chinneadh a ghlacadh.

(2)Is ar an bhforas ar ar tugadh deis do na gnóthais lena mbaineann a mbarúlacha a chur isteach, agus ar an bhforas sin amháin, a bhunóidh an Coimisiún a chinneadh.

Airteagal 39

Rúndacht ghairmiúil

(1)Ní úsáidfear faisnéis a fhaightear faoin Rialacháin seo ach amháin chun na críocha ar iarradh í.

(2)Ní nochtfaidh an Coimisiún, a oifigigh ná daoine eile atá ag obair faoina mhaoirseacht faisnéis a chumhdaítear le hoibleagáid na rúndachta gairmiúla atá faighte acu faoin Rialachán seo.

(3)Ní chuirfidh míreanna 1 agus 2 cosc ar fhoilsiú staidrimh agus tuarascálacha nach bhfuil faisnéis iontu lena bhféadfar gnóthais áirithe nó comhlachais ghnóthas áirithe a shainaithint.

Caibidil 6: An gaol le hionstraimí eile

Airteagal 40

An gaol le hionstraimí eile

(1)Tá an Rialachán seo gan dochar do chur i bhfeidhm Airteagail 101, 102, 106, 107 agus 108 den Chonradh agus Rialachán (CE) Uimh. 1/2003 ón gComhairle 50 agus Rialachán (CE) Uimh. 139/2004 ón gComhairle 51 .

(2)Tá an Rialachán seo gan dochar do chur i bhfeidhm Rialachán (AE) 2016/1037 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 8 Meitheamh 2016 52 .

(3)Tá an Rialachán seo gan dochar do chur i bhfeidhm Rialachán (AE) 2019/452 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 53 .

(4)Tá tosaíocht ag an Rialachán seo ar Rialachán (AE) 2016/1035 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle go dtí go dtiocfaidh an Rialachán sin chun bheith infheidhme de bhun Airteagal 18 de. I gcás ina dtagann fóirdheontas eachtrach faoi raon feidhme chur i bhfeidhm Rialachán (AE) 2016/1035 agus an Rialacháin seo araon, tar éis an dáta sin, beidh tosaíocht ag Rialachán (AE) 2016/1035. Mar sin féin, tá tosaíocht ag na forálacha is infheidhme maidir le soláthar poiblí agus comhchruinnithe an Rialacháin seo ar Rialachán (AE) 2016/1035.

(5)Tá tosaíocht ag an Rialachán seo ar Rialachán (CEE) Uimh. 4057/86 ón gComhairle.

(6)Tá an Rialachán seo gan dochar do chur i bhfeidhm Rialachán (AE) 2019/712 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle. Maidir le comhchruinnithe infhógartha, mar a shainmhínítear in Airteagal 18 den Rialachán seo, a bhaineann le haeriompróirí, beidh siad faoi réir fhorálacha Chaibidil 3. Maidir le nósanna imeachta soláthair phoiblí, mar a shainmhínítear in Airteagal 27 den Rialachán seo, a bhaineann le haeriompróirí, beidh siad faoi réir fhorálacha Chaibidil 4.

(7)Ní dhéanfar imscrúdú de bhun an Rialacháin seo agus ní dhéanfar bearta a fhorchur ná a choinneáil ar bun i gcás ina mbeadh imscrúdú nó bearta den sórt sin ag teacht salach ar oibleagáidí an Aontais atá mar thoradh ar aon chomhaontú idirnáisiúnta ábhartha a rinne sé. Go háirithe, ní dhéanfar aon ghníomhaíocht faoin Rialachán seo a bheadh ina gníomhaíocht sonrach in aghaidh fóirdheontais de réir bhrí Airteagal 32.1 den Chomhaontú maidir le Fóirdheontais agus Bearta Frithchúitimh. Ní chuirfidh an Rialachán seo cosc ar an Aontas a chearta a fheidhmiú ná a oibleagáidí faoi chomhaontuithe idirnáisiúnta a chomhlíonadh.

Caibidil 7: Forálacha idirthréimhseacha agus críochnaitheacha

Airteagal 41

Nós imeachta coiste maidir le cinntí

Glacfar cinntí de bhun Airteagail 9, 24(3) agus 30 i gcomhréir leis an nós imeachta comhairleach dá dtagraítear in Airteagal 43(2).

Airteagal 42

Nós imeachta coiste maidir le gníomhartha cur chun feidhme

(1)Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh maidir leis na nithe seo a leanas:

(a)foirm, ábhar agus sonraí nós imeachta fógraí maidir le comhchruinnithe de bhun Airteagal 19;

(b)foirm, ábhar agus sonraí nós imeachta fógraí maidir le ranníocaíochtaí eachtracha airgeadais i nósanna imeachta soláthair phoiblí de bhun Airteagal 28;

(c)sonraí an nochta de bhun Airteagal 38;

(d)foirm, ábhar agus sonraí nós imeachta na gceanglas trédhearcachta;

(e)rialacha mionsonraithe maidir le teorainneacha ama a ríomh;

(f)na coinníollacha agus na teorainneacha ama maidir le gealltanais a mholadh faoi Airteagal 30;

(g)rialacha mionsonraithe maidir leis na céimeanna nós imeachta dá dtagraítear in Airteagail 28, 29, 30 agus 31 maidir le himscrúduithe i ndáil le nósanna imeachta soláthair phoiblí.

(2)Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme dá dtagraítear i mír 1 i gcomhréir leis an nós imeachta comhairleach dá dtagraítear in Airteagal 43(2).

Airteagal 43

An coiste

(1)Tabharfaidh coiste cúnamh don Choimisiún. Beidh an coiste sin ina choiste de réir bhrí Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

(2)I gcás ina ndéantar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 4 de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

Airteagal 44

Gníomhartha tarmligthe

(1)Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh chun na gcríoch seo a leanas:

(a)lena leasaítear na tairseacha d’fhógraí mar a leagtar amach in Airteagail 18 agus 27, i bhfianaise chleachtas an Choimisiúin le linn na chéad chúig bliana de chur i bhfeidhm an Rialacháin seo, agus éifeachtacht an chur i bhfeidhm á cur san áireamh;

(b)catagóirí áirithe gnóthas lena mbaineann a dhíolmhú ón oibleagáid fógra a thabhairt de bhun Airteagail 19 agus 28, i bhfianaise chleachtas an Choimisiúin le linn na chéad chúig bliana de chur i bhfeidhm an Rialacháin seo, i gcás inar féidir, leis an gcleachtas sin, gníomhaíochtaí eacnamaíocha a shainaithint nuair nach dócha go ndéanfaidh fóirdheontais eachtracha saobhadh sa mhargadh inmheánach;

(c)na hamlínte maidir le hathbhreithniú agus imscrúduithe doimhne a leagtar amach in Airteagail 24 agus 29 a leasú.

(2)Glacfar na gníomhartha tarmligthe dá dtagraítear i mír 1 i gcomhréir le hAirteagal 45.

Airteagal 45

An tarmligean a fheidhmiú

(1)Is faoi réir na gcoinníollacha a leagtar síos san Airteagal seo a thugtar an chumhacht don Choimisiún chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh.

(2)Déanfar an chumhacht chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh dá dtagraítear in Airteagal 44 a thabhairt don Choimisiún go ceann tréimhse neamhchinntithe ama, tréimhse a thosóidh dhá bhliain tar éis dháta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo.

(3)Féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle tarmligean na cumhachta dá dtagraítear in Airteagal 44 a chúlghairm aon tráth. Le cinneadh chun cúlghairm a dhéanamh, cuirfear deireadh le tarmligean na cumhachta atá sonraithe sa chinneadh sin. Gabhfaidh éifeacht leis an lá tar éis fhoilsiú an chinnidh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh nó ar dháta is déanaí a shonrófar sa chinneadh. Ní dhéanfaidh sé difear do bhailíocht aon ghnímh tharmligthe atá i bhfeidhm cheana.

(4)Sula nglacfaidh sé gníomh tarmligthe, rachaidh an Coimisiún i mbun comhairliúchán le saineolaithe arna nainmniú ag gach Ballstát i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos i gComhaontú Idirinstitiúideach maidir le Reachtóireacht Níos Fearr an 13 Aibreán 2016.

(5)A luaithe a ghlacfaidh sé gníomh tarmligthe, tabharfaidh an Coimisiún fógra, an tráth céanna, do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle faoi.

(6)Ní thiocfaidh gníomh tarmligthe a ghlactar de bhun Airteagal 44 i bhfeidhm ach amháin mura mbeidh aon agóid curtha in iúl ag Parlaimint na hEorpa nó ag an gComhairle laistigh de thréimhse dhá mhí tar éis fógra faoin ngníomh sin a thabhairt do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle nó más rud é, roimh dhul in éag na tréimhse sin, go mbeidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle araon tar éis a chur in iúl don Choimisiún nach ndéanfaidh siad aon agóid. Déanfar an tréimhse sin a fhadú dhá mhí ar thionscnamh Pharlaimint na hEorpa nó na Comhairle.

Airteagal 46

Athbhreithniú

Laistigh de chúig bliana ar a dhéanaí tar éis theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo, cuirfidh an Coimisiún tuarascáil faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle maidir le cur i bhfeidhm an Rialacháin seo, tuarascáil a mbeidh tograí reachtacha ábhartha ag gabháil léi, i gcás ina mheasann an Coimisiún gurb iomchuí sin.

Airteagal 47

Forálacha idirthréimhseacha

(1)Beidh feidhm ag an Rialachán seo maidir le fóirdheontais eachtracha a deonaíodh le linn na ndeich mbliana roimh dháta chur i bhfeidhm an Rialacháin seo i gcás ina ndéanfaidh na fóirdheontais eachtracha sin saobhadh sa mhargadh inmheánach tar éis thús chur i bhfeidhm an Rialacháin seo.

(2)Beidh feidhm ag an Rialachán seo maidir le ranníocaíochtaí airgeadais eachtracha a deonaíodh sna trí bliana roimh dháta chur i bhfeidhm an Rialacháin seo i gcás inar deonaíodh na ranníocaíochtaí eachtracha airgeadais sin do ghnóthas a thugann fógra faoi chomhchruinniú nó a thugann fógra faoi ranníocaíochtaí airgeadais i gcomhthéacs nós imeachta soláthair phoiblí de bhun an Rialacháin seo.

(3)Ní bheidh feidhm ag an Rialachán seo maidir le comhchruinnithe ar cuireadh an comhaontú i gcrích ina leith, a fógraíodh an tairiscint phoiblí ina leith, nó a bhfuarthas leas rialaithe ina leith roimh dháta chur i bhfeidhm an Rialacháin.

(4)Ní bheidh feidhm ag an Rialachán seo maidir le nósanna imeachta soláthair phoiblí a tionscnaíodh roimh dháta chur i bhfeidhm an Rialacháin.

Airteagal 48

Teacht i bhfeidhm agus dáta cur i bhfeidhm

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh feidhm aige ón [dáta: sé mhí tar éis dó teacht i bhfeidhm].

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil,

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa    Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán    An tUachtarán

RÁITEAS AIRGEADAIS REACHTACH

1.LEAGAN AMACH AN TOGRA/TIONSCNAIMH 

1.1.Teideal an togra/tionscnaimh

Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le fóirdheontais eachtracha a shaobhann an margadh inmheánach

1.2.Réimsí beartais lena mbaineann 

Réimse beartais:    Iomaíocht/Margadh Aonair

Baineann an tionchar buiséadach leis na cúraimí nua a thugtar don Choimisiún, lena n‑áirítear na cúraimí maidir le maoirseacht dhíreach.

1.3.Baineann an togra/tionscnamh le: 

 beart nua 

 beart nua a leanann treoirthionscadal/réamhbheart 54  

 síneadh ar bheart atá ann cheana 

 beart nó bearta a chumasc nó a atreorú i dtreo beart eile/beart nua 

1.4.Cuspóirí

1.4.1.Cuspóirí ginearálta

Tá sé d’aidhm ghinearálta ag an tionscnamh cothrom iomaíochta a athbhunú i margadh an Aontais ionas nach saobhtar é le fóirdheontais eachtracha.

1.4.2.Cuspóirí sonracha

Tá dhá thionscnamh shonracha ag an tionscnamh seo.

1.    Na fóirdheontais is saobhaí a shainaithint: Tugann an cuspóir sonrach sin aghaidh ar an tsaincheist go bhfuil easpa faisnéise ginearálta ann faoi fhóirdheontais ar an leibhéal idirnáisiúnta agus nach bhfuil aon chritéir ná nósanna imeachta ann chun an saobhadh a d’fhéadfadh a bheith ar mhargadh inmheánach an Aontais mar thoradh ar fhóirdheontais eachtracha a mheas.

2.    Saobhadh atá mar thoradh ar fhóirdheontais eachtracha a leigheas: Leis an gcuspóir sin, tugtar aghaidh ar an tsaincheist nach bhfuil aon uirlis ann chun saobhadh atá mar thoradh ar fhóirdheontais eachtracha a leigheas, nuair a shainaithnítear an saobhadh sin.

1.4.3.An toradh agus an tionchar a bhfuil coinne leo

Sonraigh an tionchar a bheadh ag an togra/tionscnamh ar na tairbhithe/grúpaí ar a bhfuil sé dírithe.

Grúpa Geallsealbhóirí

Impleachtaí praiticiúla

Gnólachtaí

Ar an gcéad dul síos, is iad na gnólachtaí a d’fhéadfadh tairbhe a bhaint as fóirdheontais eachtracha na geallsealbhóirí is mó a ndéanann an tionscnamh difear dóibh. D’fhéadfadh baint a bheith aige sin le haon ghnóthas, eadhon gnóthais atá faoi úinéireacht náisiúnach eachtrach agus, ar deireadh, náisiúnach de chuid an Aontais. De thoradh na hoibleagáide fógra a thabhairt, a tugadh isteach le haghaidh comhchruinnithe agus tairiscintí soláthair phoiblí a sháraíonn tairseacha áirithe, beidh ualach riaracháin ar na gnólachtaí sin. Thairis sin, má thionscnaíonn an Coimisiún imscrúdú ex‑officio i ngach staid mhargaidh eile, beidh ar na gnóthais lena mbaineann an fhaisnéis a iarradh a thíolacadh. Má fhaightear go bhfuil gnóthais tar éis tairbhiú d’fhóirdheontais eachtracha shaobhacha, beidh siad faoi réir bearta sásaimh amhail aisíocaíocht an fhóirdheontais.

Ar an dara dul síos, gnólachtaí nach dtairbhíonn d’fhóirdheontais eachtracha shaobhacha, tairbheoidh siad den Rialachán toisc go ndéanfaidh sé cothrom iomaíochta sa mhargadh inmheánach a athbhunú agus a chaomhnú.

Ar an tríú dul síos, ní dhéanfaidh an Rialachán difear do mhórán FBManna. Is dócha go mbeidh na tairseacha fógartha ró‑ard chun difear a dhéanamh dóibh. Ina theannta sin, maidir leis an tairseach ard ar faoina bhun nach dócha go mbeidh siad saobhach – atá 25 huaire níos airde ná an tairseach de minimis le haghaidh na Státchabhrach – is dócha go mbeidh an tairseach sin ró‑ard freisin chun difear a dhéanamh don chuid is mó de FBManna.

Tomhaltóirí

Cé nach ndéanfaidh an reachtaíocht nua difear do thomhaltóirí, is féidir go mbeidh tionchar eacnamaíoch beagán diúltach ag an Rialachán ar thomhaltóirí sa ghearrthéarma ós rud é go bhféadfadh méadú ar phraghsanna teacht as, cé nach meastar go mbeidh sé sin suntasach. San fhadtéarma, áfach, tairbheoidh tomhaltóirí de rialú ex‑ante ar chomhchruinnithe a d’fhéadfadh a bheith fóirdheonaithe. Go háirithe, le rialú ar chomhchruinnithe fóirdheonaithe, is féidir nuálaíocht agus éifeachtúlachtaí a spreagadh ós rud é go mbeidh seans níos fearr ansin ag gnóthais neamhfhóirdheonaithe barainneachtaí scála a bhaint amach. Ina theannta sin, má théitear i ngleic le fóirdheontais eachtracha shaobhacha atá lasmuigh de chomhchruinnithe freisin, cuirfear feabhas ar an iomaíocht sa mhargadh inmheánach, rud a rachaidh chun tairbhe do thomhaltóirí ar deireadh thiar, trí phraghsanna níos ísle agus táirgí níos fearr.

Tríú tíortha

Ní dhéanfaidh an Rialachán difear díreach d’údaráis phoiblí ó thríú tíortha. Féadfaidh an Coimisiún, mar fhorghníomhaitheoir, dul i gcomhairle leo, áfach, maidir le hiarrataí ar fhaisnéis nó ar bhonn níos ginearálta, i gcomhairliúcháin le linn an nós imeachta.

Go ginearálta, d’fhéadfadh an ionstraim seo tríú tíortha a spreagadh cur lena n‑iarrachtaí réitigh iltaobhacha a lorg agus athmheasúnú a dhéanamh ar úsáid fóirdheontas ina mbeartais infheistíochta.

Údaráis phoiblí

Is é an Coimisiún an t‑údarás poiblí is mó a ndéanfaidh an Rialachán difear dó, ós rud é gurb é an Coimisiún amháin a dhéanfaidh na huirlisí imscrúdaitheacha a fhorfheidhmiú. Féadfaidh thart ar 40 FTE a bheith ag teastáil chun rialú ex‑ante a dhéanamh ar chomhchruinnithe fóirdheonaithe; féadfaidh thart ar 45 FTE a bheith ag teastáil chun rialú ex‑ante a dhéanamh ar thairiscintí fóirdheonaithe sa soláthar poiblí agus thart ar 60 FTE chun rialú ex‑officio a dhéanamh ar gach staid mhargaidh eile lena mbaineann fóirdheontais eachtracha shaobhacha. Ar bhonn i bhfad níos lú, is dócha go ndéanfaidh an Rialachán difear d’údaráis náisiúnta agus d’údaráis chonarthacha sa mheántéarma agus san fhadtéarma toisc gur dócha go lorgóidh an Coimisiún sásraí comhordaithe bunaithe le húdaráis náisiúnta chun gur fearr a dhéanfar an ionstraim imscrúdaitheach a fhorfheidhmiú.


1.4.4.Táscairí feidhmíochta

Braitheann na táscairí atá beartaithe go príomha ar fhoinsí sonraí inmheánacha an Choimisiúin nó ar chomhairliúcháin a dhéanfaidh an Coimisiún. Tá sé beartaithe meastóireacht a dhéanamh ar an tionscnamh laistigh de 5 bliana tar éis dó teacht i bhfeidhm. Déanfar scrúdú sa mheastóireacht, go háirithe, má cuireadh feabhas ar fheidhmiú an mhargaidh inmheánaigh a bhuí leis an Rialachán, agus cén feabhas a cuireadh air sin. Leagtar amach thíos na táscairí atá beartaithe chun faireachán a dhéanamh ar ghnóthú na gcuspóirí beartais atá á saothrú leis an Rialachán seo.

Cuspóirí Sonracha

Táscairí faireacháin

Foinsí sonraí agus/nó modhanna bailithe sonraí

Sonraí a bailíodh cheana féin?

Na gníomhaithe atá freagrach as sonraí a bhailiú

Na fóirdheontais is saobhaí a shainaithint

An líon bliantúil cásanna d’fhóirdheontais eachtracha a líomhnaítear a bheith saobhach lena ndéileálann an t‑údarás maoirseachta

Foinsí faisnéise

-Fógraí

-Aighneachtaí ó thríú páirtithe maidir le faisnéis mhargaidh

-Cásanna ex officio

Uimhir

Coimisiún

An sciar cásanna d’fhóirdheontais eachtracha inar léiríodh iad a bheith saobhach i gcomparáid leis an líon iomlán cásanna

Taifead de na cinntí críochnaitheacha uile ina léirítear saobhadh atá mar thoradh ar fhóirdheontais eachtracha.

Uimhir

Coimisiún

An líon iomlán cásanna a imréitítear a bhuí leis an scrúdú cothromaithe i gcomparáid leis an líon iomlán cásanna.

Taifead de na cinntí críochnaitheacha uile inar léiríodh gur mó na dea‑éifeachtaí ná an saobhadh.

Uimhir

Coimisiún

Saobhadh atá mar thoradh ar fhóirdheontais eachtracha a bhaint

Braistintí na ngeallsealbhóirí maidir le tionchar na mbeart sásaimh arna bhforchur

Comhairliúchán le geallsealbhóirí an Aontais maidir lena mbraistintí ar an tionchar a bhíonn ag bearta sásaimh

Uimhir

Coimisiún

1.5.Forais an togra/tionscnaimh 

1.5.1.Na ceanglais is gá a chomhlíonadh sa ghearrthéarma nó san fhadtéarma, lena náirítear amlíne mhionsonraithe maidir le cur chun feidhme céimneach an tionscnaimh

Ba cheart an Rialachán a bheith infheidhme go díreach. Faoin uair a ghlacfar an Rialachán agus a thiocfaidh sé i bhfeidhm, ba cheart don Choimisiún nósanna imeachta éifeachtacha a chur i bhfeidhm chun an Rialachán a fhorfheidhmiú, go háirithe, maidir le feidhmiú na gcóras fógartha ex‑ante maidir le comhchruinnithe a d’fhéadfadh a bheith fóirdheonaithe agus tairiscintí soláthair phoiblí, ach freisin chun imscrúduithe margaidh a dhéanamh agus aon chumhachtaí imscrúdaithe, forfheidhmithe agus faireacháin eile a chur i gcrích.

A luaithe a thiocfaidh an Rialachán i bhfeidhm agus de réir mar a bheidh fáil ar fhaisnéis faoi fhóirdheontais eachtracha, cuirfidh an Coimisiún leis an saineolas atá aige maidir le héifeachtacht an phróisis. Má mheasann an Coimisiún, i bhfianaise na faisnéise sin, gur féidir na nósanna imeachta a fheabhsú, a chuíchóiriú nó a shimpliú, féadfaidh sé a chinneadh na tairseacha iomchuí a mhodhnú nó catagóirí áirithe de na gnóthais a dhíolmhú ón oibleagáid fógra a thabhairt trí ghníomh tarmligthe.

Tá sé beartaithe meastóireacht a dhéanamh ar an tionscnamh laistigh de 5 bliana tar éis dó teacht i bhfeidhm. Déanfar scrúdú sa mheastóireacht, go háirithe, má cuireadh feabhas ar fheidhmiú an mhargaidh inmheánaigh a bhuí leis an Rialachán, agus cén feabhas a cuireadh air sin.

1.5.2.Breisluach a bhaineann le rannpháirtíocht an Aontais (d’fhéadfadh an breisluach a bheith ann mar thoradh ar fhachtóirí éagsúla, e.g. gnóthachain de thoradh comhordú, deimhneacht dhlíthiúil, breis éifeachtachta nó comhlántachtaí). Chun críocha an phointe seo, is é ‘breisluach a bhaineann le rannpháirtíocht an Aontais’ an luach a bhíonn ann mar thoradh ar idirghabháil ón Aontas ar luach é atá sa bhreis ar an luach a bheadh ann dá mbeadh na Ballstáit ag feidhmiú astu féin.

Cúiseanna leis an ngníomhaíocht ar leibhéal an Aontais (ex ante):

Is í an bhunchúis leis an bhfadhb fóirdheontais eachtracha a bheith ann, rud is cúis le saobhadh i margadh inmheánach an Aontais, in éagmais aon sásra rialála chun saobhadh den sórt sin a chosc nó a leigheas. Cé go bhfuil roinnt rialacha sa bhosca uirlisí atá ag an Aontas faoi láthair chun déileáil le fóirdheontais eachtracha i gcúinsí margaidh áirithe, ní leor na rialacha sin, rud a fhágann go bhfuil ‘bearna rialála’ ann. Ós rud é go bhfuil inniúlacht eisiach ag an Aontas i réimsí na hiomaíochta agus an chomhbheartais tráchtála, ní féidir leis na Ballstáit an cheist a réiteach trí ghníomhaíochtaí beartais aonair. Tá tuairisc níos mionsonraithe ar an mbearna rialála i ranna 1.5.3. agus 1.5.4 thíos.

Is iondúil gur cuid de straitéisí tionsclaíocha níos leithne de chuid tríú tíortha iad fóirdheontais. Tá sé de cheart ag tíortha a mbeartais thionsclaíocha féin a fhorbairt agus a chur chun feidhme, lena n‑áirítear fóirdheontais a dheonú, rud a d’fhéadfadh margaí i dtíortha eile a shaobhadh, áfach. De réir na sonraí a taifeadadh leis an bhFoláireamh Trádála Domhanda (GTA), tá méadú seasta tagtha ar líon na mbeart fóirdheontais a cuireadh chun feidhme ar fud an domhain le blianta beaga anuas. Faoi dheireadh 2020, bhí 1724 bheart fóirdheontais curtha i bhfeidhm ag na cúig chomhpháirtí trádála is fearr de chuid an Aontais (an tSín: 205, Stáit Aontaithe Mheiriceá: 999, an Ríocht Aontaithe: 104, an Rúis: 414 agus an Eilvéis: 2). Tá trí cinn de na tíortha sin (Stáit Aontaithe Mheiriceá, an Eilvéis agus an tSín) ina bpríomh‑chomhpháirtithe freisin ó thaobh IDE úrnua ag teacht isteach san Aontas. Thuairiscigh na cúig thír chéanna don Eagraíocht Dhomhanda Trádála na méideanna fóirdheontais seo a leanas le haghaidh 2018: An tSín (EUR 520 billiún), Stáit Aontaithe Mheiriceá (EUR 17 mbilliún), an Rúis (EUR 3.8 billiún), an Ríocht Aontaithe (EUR 888 milliún), an Eilvéis (EUR 697 milliún). Tá an chuma ar an scéal ón bhfianaise go bhfuil na suimeanna fógartha sin á meas faoina luach. Mar gheall ar an méadú atá ag teacht ar fhóirdheonú, maille leis na leibhéil arda trádála agus infheistíochta idir an tAontas agus a chomhpháirtithe trádála, tá baol méadaitheach ann go mbeidh saobhadh i margadh inmheánach an Aontais.

An breisluach Eorpach a mheastar a ghinfear (ex post):

Dealraíonn sé go bhfuil breisluach le gníomhaíocht an Aontais. Go háirithe, is féidir cuspóirí agus breisluach rialaithe ar fhóirdheontais eachtracha a chur i gcomparáid le cuspóirí an rialaithe atá ann cheana ar státchabhair i.e. chun iomaíocht éifeachtach agus cothrom iomaíochta a áirithiú sa mhargadh inmheánach. Áirithítear leis na critéir chomhoiriúnachta maidir le státchabhair go gcoinnítear méid na cabhrach chomh híseal agus is féidir agus é comhréireach chun cuspóir leasa choitinn a bhaint amach. Dá thoradh sin, tá cosc ar na Ballstáit méideanna státchabhrach a chaitheamh atá iomarcach agus atá, dá bharr sin, saobhach, nó ‘rásaí fóirdheontais’ a dhéanamh le chéile. Leis an bhfaisnéis atá ar fáil go poiblí maidir le tacaíocht ó na Ballstáit, cothaítear smacht margaidh freisin. Ní fhéadfaí na tairbhí sin a bhaint amach ar leibhéal na mBallstát.

Ina theannta sin, le Rialachán ar leibhéal an Aontais is féidir le tairbhithe féideartha d’fhóirdheontais eachtracha a bheith ar an eolas ex ante faoi na rialacha a úsáidfidh an t‑údarás inniúil maoirseachta chun a mheasúnú an ann d’fhóirdheontais eachtracha agus an bhfuil saobhadh ann mar thoradh ar fhóirdheontais eachtracha. Ar an gcaoi sin, ráthaítear intuarthacht agus méadaítear deimhneacht dhlíthiúil an chórais ar fud na mBallstát éagsúil.

1.5.3.Ceachtanna a foghlaimíodh ó thaithí eile den sórt sin san am a chuaigh thart

Thíos (agus i roinn 1.5.4.), tugtar forléargas ar ionstraimí an Aontais agus idirnáisiúnta atá ann cheana i réimse na hiomaíochta, na trádála, an tsoláthair phoiblí agus i reachtaíocht earnáil‑shonrach áirithe, rud a léiríonn an bhearna rialála atá ann faoi láthair chun aghaidh a thabhairt ar shaobhadh i margadh inmheánach an Aontais mar thoradh ar fhóirdheontais eachtracha.

I dtaca le rialacha iomaíochta an Aontais, níl feidhm ag rialacha an Aontais maidir leis an státchabhair ach amháin i gcás tacaíocht airgeadais arna deonú ag Ballstáit an Aontais agus tá sé d’aidhm acu a chinntiú nach ndéanfaidh idirghabhálacha rialtais an Aontais an iomaíocht agus an trádáil laistigh den Aontas a shaobhadh. Níl aon sásra rialaithe den sórt sin ann maidir le fóirdheontais shaobhacha arna ndeonú ag tríú tíortha. Tá sé d’aidhm ag rialacha cumaisc an Aontais agus rialacha an Aontais in aghaidh trustaí cosc a chur ar shaobhadh suntasach ar an iomaíocht i ngeall ar chumaisc agus éadálacha a chruthódh ‘bac suntasach ar an iomaíocht éifeachtach’ nó i ngeall ar chleachtais fhrithiomaíocha gnóthas. Ní chuirtear san áireamh iontu go sonrach, maidir le hiompar gnóthais trí phraghsáil fhrithiomaíoch, mar shampla, cibé ar tháinig sé sin ó fhóirdheontais eachtracha nó an ndearnadh é a éascú le fóirdheontais eachtracha.

Ina theannta sin, leis an Rialachán maidir le Scagadh IDE, ceadaítear do na Ballstáit scagadh a dhéanamh ar infheistíochtaí eachtracha, ar dócha go mbeidh tionchar acu ar shlándáil agus ar ord poiblí Ballstáit trí éifeachtaí an Rialacháin ar shócmhainní criticiúla agus ar bhonneagar criticiúil a chur san áireamh. Mar sin féin, ní théann an Rialachán i ngleic go sonrach le saincheist an tsaofa atá mar thoradh ar fhóirdheontais eachtracha sa mhargadh inmheánach.

A mhéid a bhaineann le soláthar poiblí, ní théann creat dlíthiúil an Aontais atá ann cheana i ngleic go sonrach le saobhadh i margaí soláthair an Aontais mar thoradh ar fhóirdheontais eachtracha. Le Treoracha 2014/24/AE agus 2014/25/AE ceadaítear d’údaráis chonarthacha tairiscintí thar a bheith íseal a dhiúltú más féidir a shuíomh go bhfuil státchabhair neamh‑chomhoiriúnach faighte ag tairgeoir, ach níl aon fhoráil chomhfhreagrach maidir le fóirdheontais eachtracha sna Treoracha. Ina theannta sin, cé gur féidir deonú fóirdheontas eachtrach a chur san áireamh sa mheasúnú foriomlán ar thairiscint, is gá bonn cirt a bheith le haon diúltú do thairiscint mar thairiscint atá fíor‑íseal trína léiriú go gcuireann an fóirdheontas eachtrach bac ar inmharthanacht na tairisceana agus ar chumas an tairgeora an conradh a chur i gcrích ag an bpraghas (atá fíor‑íseal) a thairgtear.

Tá sé d’aidhm ag an Ionstraim um Sholáthar Idirnáisiúnta (IPI) comhpháirtithe trádála a dhreasú chun caibidlíocht a dhéanamh leis an Aontas maidir lena a margaí soláthair a oscailt do ghnólachtaí an Aontais. A luaithe a ghlacfaí í, chuirfeadh sí i bhfeidhm an prionsabal go mbeadh rochtain chothrom cómhalartacha ar mhargaí soláthair ag gnólachtaí an Aontais ar mhargaí soláthair tríú tíortha, ach ní bheidh sé in ann dul i ngleic le saobhadh atá mar thoradh ar fhóirdheontais eachtracha laistigh den Aontas.

Cuirtear comhaontuithe idir‑rialtasacha (IGAnna) i gcrích chun infheistíocht a éascú. Féadfar a chumhdach leo soláthairtí a eagrú atá ceaptha chun tionscadal a chur chun feidhme nó a shaothrú go comhpháirteach, go háirithe i mórbhonneagar. Tá na soláthairtí sin díolmhaithe ó reachtaíocht soláthair phoiblí an Aontais ar choinníoll go gcomhlíontar na coinníollacha a leagtar síos in Airteagal 9 de Threoir 2014/24/AE, cé nach mór dóibh a bheith i gcomhréir le Conarthaí an Aontais i gcónaí. Ní dhéantar iniúchadh sonrach faoi chomhaontuithe den sórt sin ar iarmhairtí saobhacha fóirdheontas eachtrach.

1.5.4.Comhoiriúnacht don Chreat Airgeadais Ilbhliantúil agus sineirgíochtaí a d’fhéadfadh a bheith ann le hionstraimí iomchuí eile

Is féidir an tionscnamh a mhaoiniú ina iomláine trí athshannadh laistigh den cheannteideal ábhartha den Chreat Airgeadais Ilbhliantúil (CAI). Cumhdófar an tionchar airgeadais ar leithreasuithe faoi chomhair oibríochtaí ina iomláine leis na leithdháiltí dá bhforáiltear in CAI 2021‑27 faoi na himchlúdaigh airgeadais de chuid Chlár an Mhargaidh Aonair.

Tairbheoidh an tionscnamh den saineolas atá ann cheana i réimsí na hiomaíochta, na cosanta trádála agus an tsoláthair phoiblí, rud a d’fhéadfadh sineirgí a chruthú idir na hionstraimí atá ann cheana agus na costais is gá a laghdú.

I réimse an bheartais trádála, le Comhaontú EDT SCM maidir le Trádáil Astaíochtaí agus leis na hionstraimí cosanta trádála (TDInna), cuirtear ar chumas an Aontais freagairt d’iomaíocht éagórach i dtaobh allmhairí díobhálacha earraí a bhfuil praghas éagórach orthu faoi bhun a ngnáthluacha (ionstraim frithdhumpála) nó atá fóirdheonaithe (ionstraim frith‑fhóirdheontais). Níl feidhm ag rialacha frithdhumpála agus frith‑fhóirdheontais an Aontais, áfach, ach amháin maidir le hallmhairiú earraí agus ní chumhdaítear leo seirbhísí, infheistíocht ná sreafaí airgeadais eile maidir le gnóthais atá ag oibriú san Aontas.

Ar an leibhéal idirnáisiúnta, is féidir leis an Aontas dlíthíocht i gcoinne comhalta den EDT a thabhairt os comhair phainéal EDT i gcás sáruithe ar Chomhaontú SCM. Mar sin féin, tá raon feidhme Chomhaontú SCM teoranta d’earraí a thrádáil freisin. Ní eisiatar fóirdheontais ó raon feidhme Chomhaontú Ginearálta EDT maidir le Trádáil Seirbhísí (GATS). Go deimhin, cuimsíonn GATS sainordú ionsuite chun idirbheartaíocht bhreise a dhéanamh ar dhisciplíní le haghaidh fóirdheontais seirbhísí.

Maidir le Comhaontuithe Saorthrádála déthaobhacha (CSTanna), tá difríochtaí móra ann a mhéid a bhaineann leis na forálacha maidir le fóirdheontais. Díríonn formhór CSTanna ar thrédhearcacht agus ar chomhairliúcháin i gcás fóirdheontais saobhacha. I roinnt acu tá forálacha lena dtoirmisctear fóirdheontais a mheastar a bheith an‑díobhálach (amhail ráthaíochtaí neamhtheoranta). I measc na gcomhaontuithe a síníodh le roinnt tíortha comharsanachta tá an gealltanas córas rialaithe fóirdheontais a chur i bhfeidhm atá bunaithe ar rialacha an Aontais maidir leis an státchabhair. Cé gurb é raon feidhme na gcomhaontuithe sin aghaidh a thabhairt ar fhóirdheontais a dhéanann difear don trádáil idir an tAontas agus an tríú tír faoi seach, meastar gur fearr a bheidh dlínsí a bhfuil córais rialaithe fóirdheontais den sórt sin i bhfeidhm acu in ann dul i ngleic le fóirdheontais a shaobhann margadh inmheánach an Aontais agus iad a shainaithint. Má thagann na cásanna sin chun cinn, ní hiondúil go bhforáiltear le CSTanna maidir le réitigh thráthúla chun aghaidh a thabhairt ar fhóirdheontais shaobhacha den sórt sin.

Le Rialachán 2019/712 maidir le hiomaíocht san aeriompar a chosaint, is féidir leis an gCoimisiún imscrúduithe a dhéanamh má aimsíonn sé fianaise ar chleachtas atá ina chúis le saobhadh ar an iomaíocht i measc aeriompróirí an Aontais agus i margaí na seirbhísí aeriompair. Cumhdaítear leis freisin fóirdheontais le haghaidh aeriompróirí tríú tíortha, ach ní fóirdheontais le haghaidh ghníomhaithe eile an tslabhra eitlíochta agus níl aon rialacha sonracha ann maidir le soláthar poiblí nó éadálacha fóirdheontais i leith spriocanna an Aontais.

Ar deireadh, dá mbeadh feidhm le Rialachán (AE) 2016/1035 maidir le cosaint i gcoinne praghsáil dhíobhálach soithí, chuirfí ar chumas an Aontais gníomhú i gcoinne díol soithí a dhíoltar faoi bhun an ghnáthluacha agus, dá bhrí sin, a dhéanann díobháil do thionscal an Aontais. Cé go bhfuil an Rialachán seo tagtha i bhfeidhm go foirmiúil, níl feidhm aige sula dtagann Comhaontú Longthógála ECFE, mar a leagtar amach é in Airteagal 18 den Rialachán sin. Ós rud é nár tháinig Comhaontú Longthógála ECFE i bhfeidhm riamh (agus nach measfar go dtiocfaidh) toisc gan é a bheith daingnithe a dhóthain, níl feidhm ag Rialachán (AE) 2016/1035.

1.5.5.Measúnú ar na roghanna éagsúla maoinithe atá ar fáil, lena náirítear na féidearthachtaí athshannadh a dhéanamh

Is féidir an tionscnamh a mhaoiniú ina iomláine trí athshannadh laistigh den cheannteideal ábhartha den Chreat Airgeadais Ilbhliantúil (CAI). Cumhdófar an tionchar airgeadais ar leithreasuithe faoi chomhair oibríochtaí ina iomláine leis na leithdháiltí dá bhforáiltear in CAI 2021‑27 faoi na himchlúdaigh airgeadais de chuid Chlár an Mhargaidh Aonair.

1.6.Fad agus tionchar airgeadais an togra/tionscnaimh

 tréimhse theoranta

   i bhfeidhm ón [LL/MM]BBBB go dtí an [LL/MM]BBBB

   Tionchar airgeadais ó BBBB go dtí BBBB i gcás leithreasuithe faoi chomhair gealltanas agus ó BBBB go dtí BBBB i gcás leithreasuithe faoi chomhair íocaíochtaí.

 tréimhse neamhtheoranta

Cuirfear chun feidhme é le linn na tréimhse tosaigh 2022 go dtí 2025,

agus cuirfear ag feidhmiú go hiomlán ina dhiaidh sin é.

1.7.Modh(anna) bainistíochta atá beartaithe 55  

 Bainistíocht dhíreach ón gCoimisiún

trína ranna, lena n‑áirítear an chuid sin den fhoireann atá i dtoscaireachtaí an Aontais;

   trí na gníomhaireachtaí feidhmiúcháin

 Bainistíocht chomhroinnte leis na Ballstáit

 Bainistíocht indíreach trí chúraimí a bhaineann le cur chun feidhme an bhuiséid a shannadh dóibh seo a leanas:

tríú tíortha nó na comhlachtaí atá ainmnithe acu;

eagraíochtaí idirnáisiúnta agus a ngníomhaireachtaí (le sonrú);

BEI agus an Ciste Eorpach Infheistíochta;

comhlachtaí dá dtagraítear in Airteagail 70 agus 71 den Rialachán Airgeadais;

comhlachtaí dlí phoiblí;

comhlachtaí arna rialú ag an dlí príobháideach agus a bhfuil misean seirbhíse poiblí acu sa mhéid a chuireann siad ráthaíochtaí leordhóthanacha airgeadais ar fáil;

comhlachtaí arna rialú ag dlí príobháideach Ballstáit, a gcuirtear de chúram orthu comhpháirtíochtaí príobháideacha poiblí a chur chun feidhme, agus a sholáthraíonn ráthaíochtaí leordhóthanacha airgeadais;

daoine a gcuirtear de chúram orthu bearta sonracha a chur chun feidhme in CBES de bhun Theideal V CAE, ar daoine iad a aithnítear sa bhunghníomh ábhartha.

I gcás ina sonraítear níos mó ná modh bainistíochta amháin, tabhair sonraí sa roinn ‘Nótaí’.

Nótaí

Is é an Coimisiún amháin a bheidh freagrach as an Rialachán a chur i bhfeidhm.

2.BEARTA BAINISTÍOCHTA 

2.1.Rialacha faireacháin agus tuairiscithe 

Sonraigh minicíocht na mbeart agus na coinníollacha atá leo.

Déanfar an Rialachán a mheas agus a athbhreithniú 5 bliana tar éis dó teacht i bhfeidhm. Déanfar scrúdú sa mheastóireacht, go háirithe, má cuireadh feabhas ar fheidhmiú an mhargaidh inmheánaigh a bhuí leis na cuspóirí sonracha, agus cén feabhas a cuireadh air sin. Tuairisceoidh an Coimisiún na cinntí do Pharlaimint na hEorpa, don Chomhairle agus do Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa.

Ina theannta sin, i gcomhthéacs fhorfheidhmiú na hionstraime nua, déanfaidh an Coimisiún faireachán leanúnach ar éifeachtacht agus éifeachtúlacht na mbeart a chuirtear i bhfeidhm. Sa Tuarascáil Bhliantúil Iomaíochta, tuairisceofar na gníomhaíochtaí a dhéanann an Coimisiún i ndáil leis an Rialachán nua.

Ina theannta sin, d’fhéadfadh sé go mbeadh gá le hathbhreithniú má chuirtear rialacha breise san áireamh chun iarmhairtí saobhacha fóirdheontas eachtrach i Margadh Inmheánach an Aontais a rialú, lena n‑áirítear ar an leibhéal idirnáisiúnta.

2.2.Córas bainistíochta agus rialaithe 

2.2.1.An bonn cirt atá leis na modhanna bainistíochta, le sásraí cur chun feidhme an chistithe, leis na módúlachtaí íocaíochta agus leis an straitéis rialaithe atá beartaithe

Maidir le cur chun feidhme an Rialacháin, is é an Coimisiún amháin a bheidh inniúil ar na hoibleagáidí a eascraíonn as an Rialachán a fhorfheidhmiú, lena n‑áirítear an measúnú ar fhógraí maidir le comhchruinnithe agus tairiscintí a d’fhéadfadh a bheith fóirdheonaithe i nósanna imeachta soláthair phoiblí an Aontais.

Má theipeann ar ghnóthas idirbheart a chur in iúl, ar idirbheart é a d’fhéadfaí a chur in iúl murach sin, féadfaidh an Coimisiún pionóis agus fíneálacha a ghearradh. Má thagann an Coimisiún ar an gconclúid go bhfuil fóirdheontas eachtrach ina chúis le saobhadh ar an margadh inmheánach, féadfaidh sé bearta sásaimh a fhorchur nó comhbheartais a ghlacadh, lena n‑áirítear aisíocaíocht fóirdheontais eachtraigh.

D’fhéadfaí go mbeadh idirphlé ag teastáil idir an Coimisiún agus gnóthais lena mbaineann cur i bhfeidhm an Rialacháin chun a áirithiú go gcomhlíonfaidh na gnóthais na bearta a chuirtear chun feidhme, lena n‑áirítear aisíocaíocht fhéideartha an fhóirdheontais, na bhfíneálacha nó na bpionós eile.

Tá an córas rialaithe inmheánaigh tógtha ar chur chun feidhme Phrionsabail Rialaithe Inmheánaigh an Choimisiúin. I gcomhréir le ceanglas an Rialacháin Airgeadais, cuspóir tábhachtach a bhaineann leis an ‘straitéis buiséid dírithe ar thorthaí’ ón gCoimisiún is ea cost‑éifeachtúlacht a áirithiú nuair atá córais bhainistíochta agus rialála a choisceann, a shainaithníonn agus a cheartaíonn earráidí á ndearadh agus á gcur chun feidhme.

Déanfar na gníomhaíochtaí a éilíonn acmhainní airgeadais a chur chun feidhme trí sholáthar poiblí faoi mhodh na bainistíochta dírí. Dá bhrí sin, meastar go bhfuil na rioscaí dlíthiúlachta agus rialtachta gaolmhara (an‑)íseal.

Beidh nasc leanúnach le hobair bheartais, rud a áiritheoidh an tsolúbthacht atá riachtanacha chun na hacmhainní a chur in oiriúint do na riachtanais bheartais iarbhír i réimse atá faoi réir athruithe go minic.

2.2.2.Faisnéis faoi na rioscaí a aithníodh agus na córais rialaithe inmheánacha a cuireadh ar bun chun na rioscaí a mhaolú

Sainaithníodh na rioscaí seo a leanas a bhaineann le cur chun feidhme an Rialacháin atá beartaithe:

1 ) Gníomh réasúnaithe dírithe ar chuideachtaí an AE

Le hionstraim reachtach nua, is féidir go mbeidh an baol a bheith ann go ndéanfaidh na tríú tíortha sin bearta frithbheartaíochta, ar tíortha iad a shíleann go gcuireann an rogha isteach ar a gcuideachtaí. Chun cur i gcoinne aon údar imní den sórt sin, tá an Rialachán bunaithe ar phrionsabail atá comhchosúil le rialacha an Aontais maidir leis an státchabhair, dúntar bearna dhlíthiúil leis atá ann faoi láthair agus athbhunaítear an cothrom iomaíochta sa mhargadh inmheánach. Maidir le cuideachtaí ó thríú tíortha nach dtairbhíonn de na fóirdheontais, tacaíonn siad leis an ionstraim. Beidh feidhm oibiachtúil agus neamh‑idirdhealaitheach ag an Rialachán maidir le gach gnóthas atá gníomhach san Aontas beag beann ar a n‑úinéireacht agus beidh sé comhsheasmhach, dá bhrí sin, le hoibleagáidí idirnáisiúnta an Aontais. Le glacadh an Rialacháin, is féidir go dtabharfar tuilleadh dreasachtaí do thíortha nach bhfuil san Aontas chun córas rialaithe maidir le státchabhair atá comhchosúil leis an gcóras atá ag an Aontas agus chun caibidlíocht a chur ar bun (arís) chun rialacha idirnáisiúnta maidir le fóirdheontais a chomhaontú, faoi EDT mar shampla. In aon chás, is dócha nach mbeadh na bearta frithbheartaíochta sin i gcomhréir le rialacha EDT toisc go mbeidís idirdhealaitheach mura bhfuil córas coibhéiseach i bhfeidhm ag tríú tír chun fóirdheontais inmheánacha a rialú.

2 ) Méadú gan choinne ar an ualach riaracháin le haghaidh cuideachtaí

Cuimsítear sa Rialachán an fhéidearthacht chun na tairseacha iomchuí a mhodhnú nó catagóirí áirithe de na gnóthais a a dhíolmhú ón oibleagáid fógra a thabhairt ina leith trí ghníomh tarmligthe má fhaightear go bhfuil idirbhearta fógartha ann nach bhfuil ina gcúis le saobhadh. D’fhéadfaí na rioscaí a bhaineann le hualach riaracháin nach bhfuil gá leis a íoslaghdú trí threoir maidir le cur i bhfeidhm an Rialacháin nua.

3) Méadú gan choinne ar an ualach riaracháin d'údaráis phoiblí

De thoradh an Rialachán atá beartaithe a fhorghníomhú, beidh ar an gCoimisiún déileáil le cásanna agus tiocfaidh méadú ar chostais riaracháin dá réir sin (costais lucht saothair, costas trealaimh agus ábhair, agus forchostais). Dá bhfaighfí líon mór fógraí nach raibh coinne leis, d'fhéadfadh easpa foirne a bheith ann, mar aon le deacrachtaí bainistíochta agus costais bhreise. Ach is féidir leis an gCoimisiún a chinneadh gan beart a dhéanamh más rud é nach n‑eascraíonn aon saincheist shistéamach as an gcás, agus mura bhfuil tionchar suntasach aige ar mhargadh inmheánach an Aontais.

2.2.3.Meastachán ar chostéifeachtúlacht na rialuithe agus an bonn cirt atá leis sin (cóimheas “costais rialaithe ÷ luach na gcistí gaolmhara arna mbainistiú”), agus measúnú ar an leibhéal riosca earráide a bhfuiltear ag súil leis (ar an íocaíocht a dhéanamh agus ar dhúnadh an chláir) 

Ní bhaineann le hábhar

2.3.Bearta chun calaois agus neamhrialtachtaí a chosc 

Sonraigh na bearta coisctheacha agus cosanta atá ann cheana nó atá beartaithe, e.g. ón Straitéis Frithchalaoise.

Dírítear sna bearta coisctheacha agus cosanta ar thrédhearcacht a mhéadú i gcruinnithe bainistíochta agus i dteagmhálacha le páirtithe leasmhara, agus dea‑chleachtais i dtaca le soláthar poiblí á leanúint, lena n‑áirítear feidhm a bhaint as uirlis ríomhsholáthair agus ríomhaighneachta. Déanfaidh na bearta coimhlintí leasa féideartha a chosc agus a bhrath freisin.

3.AN TIONCHAR AIRGEADAIS A MHEASTAR A BHEIDH AG AN TOGRA/TIONSCNAMH 

3.1.Ceannteidil an chreata airgeadais ilbhliantúil agus na línte buiséid ar a nimreofar tionchar 

·Línte buiséid atá ann cheana

In ord cheannteidil agus línte buiséid an chreata airgeadais ilbhliantúil.

Ceannteideal an chreata airgeadais ilbhliantúil

Líne bhuiséid

An cineál 
caiteachais

Ranníocaíocht

Uimhir

LD/LN 56 .

ó thíortha de chuid CSTE 57

ó thíortha is iarrthóirí 58

ó thríú tíortha

de réir bhrí Airteagal 21(2)(b) den Rialachán Airgeadais

1

03 01 Clár an Mhargaidh Aonair

LN

NÍL

NÍL

NÍL

1

03 02 01 01 Clár an Mhargaidh Aonair

LD

NÍL

NÍL

NÍL

1

03 02 01 05 Clár an Mhargaidh Aonair

LD

NÍL

NÍL

NÍL

7

20 02 06 Caiteachas bainistíochta eile

LN

NÍL

NÍL

NÍL

NÍL

3.2.An tionchar airgeadais a mheastar a bheidh ag an togra ar leithreasuithe 

3.2.1.Achoimre ar an tionchar a mheastar a bheidh aige ar leithreasuithe faoi chomhair oibríochtaí 

   Ní éilíonn an togra/tionscnamh go n‑úsáidfear leithreasuithe faoi chomhair oibríochtaí

   Éilíonn an togra/tionscnamh go n‑úsáidfear leithreasuithe faoi chomhair oibríochtaí mar a mhínítear thíos:

Ceannteideal an chreata airgeadais
ilbhliantúil

1

Nuálaíocht sa Mhargadh Aonair

EUR milliúin (go dtí an tríú deachúil)

2021

2022

2023

2024

2025

2026

2027

Tar éis 2027

IOMLÁN

Leithreasuithe faoi chomhair oibríochtaí

Leithreasuithe faoi chomhair oibríochtaí – 03 02 01 01 Clár An Mhargaidh Aonair

Gealltanais

(1a)

‑‑

0,725

0,775

0,450

0,450

0,450

0,450

3,300

Íocaíochtaí

(2a)

‑‑

0,363

0,750

0,613

0,450

0,450

0,450

0,225

3,300

Leithreasuithe faoi chomhair oibríochtaí – 03 02 01 05 Clár an Mhargaidh Aonair

Gealltanais

(1b)

‑‑

0,725

0,950

0,800

0,600

0,875

0,575

4,525

Íocaíochtaí

(2b)

‑‑

0,363

0,838

0,875

0,700

0,738

0,725

0,288

4,525

Leithreasuithe de chineál riaracháin arna maoiniú as imchlúdach na gclár sonrach 59  

Líne bhuiséid

03.010101.02

(3)

‑‑

‑‑

0,175

0,350

0,150

0,425

0,125

 

1,225



IOMLÁN leithreasuithe faoi chomhair oibríochtaí

Gealltanais

(4)

‑‑

1,450

1,725

1,250

1,050

1,325

1,025

 

7,825

Íocaíochtaí

(5)

‑‑

0,725

1,588

1,488

1,150

1,188

1,175

0,513

7,825

• IOMLÁN leithreasuithe de chineál riaracháin arna maoiniú as an imchlúdach le haghaidh cláir shonracha

(6)

‑‑

‑‑

0,175

0,350

0,150

0,425

0,125

 

1,225

IOMLÁN leithreasuithe 
faoi CHEANNTEIDIL 1 
den chreat airgeadais ilbhliantúil

Gealltanais

=4+6

‑‑

1,450

1,900

1,600

1,200

1,750

1,150

 

9,050

Íocaíochtaí

=5+6

‑‑

0,725

1,763

1,838

1,300

1,600

1,300

0,513

9,050



Ceannteideal an chreata airgeadais 
ilbhliantúil

7

‘Caiteachas riaracháin’

EUR milliúin (go dtí an tríú deachúil)

2021

2022

2023

2024

2025

2026

2027

Tar éis 2027

IOMLÁN

•Acmhainní daonna

‑‑

3,040

9,260

15,480

17,570

17,570

17,570

 

80,490

•Caiteachas Riaracháin

‑‑

0,050

0,150

0,150

0,150

0,150

0,150

 

0,800

IOMLÁN

Leithreasuithe

‑‑

3,090

9,410

15,630

17,720

17,720

17,720

81,290

IOMLÁN leithreasuithe 
faoi CHEANNTEIDEAL 7 
den chreat airgeadais ilbhliantúil 

(Iomlán gealltanas = Iomlán íocaíochtaí)

‑‑

3,090

9,410

15,630

17,720

17,720

17,720

81,290

EUR milliúin (go dtí an tríú deachúil)

2021

2022

2023

2024

2025

2026

2027

Tar éis 2027

IOMLÁN

IOMLÁN leithreasuithe 
faoi CHEANNTEIDIL 1 go dtí 7 
den chreat airgeadais ilbhliantúil 

Gealltanais

‑‑

4,540

11,310

17,230

18,920

19,470

18,870

0,000

90,340

Íocaíochtaí

‑‑

3,815

11,173

17,468

19,020

19,333

19,020

0,513

90,340


3.2.2.An taschur a mheastar a chisteofar le leithreasuithe faoi chomhair oibríochtaí 

Úsáidfear leithreasuithe faoi chomhair oibríochtaí chun an bonneagar TF, na staidéir agus na comhairliúcháin is gá a mhaoiniú chun cur chun feidhme agus forfheidhmiú éifeachtach na hionstraime a áirithiú.

Ní féidir liosta uileghabhálach de na haschuir atá le soláthar trí bhíthin idirghabhálacha airgeadais, meánchostas agus uimhreacha a sholáthar mar a iarrtar sa roinn seo mar gur tionscnamh nua é seo agus nach bhfuil aon sonraí staidrimh roimhe seo ar féidir leas a bhaint astu. Measadh sa mheasúnú tionchair a ghabhann leis an togra le haghaidh Rialacháin go bhféadfadh sé go mbeadh tuairim is 30 cás fógartha de chomhchruinniú fóirdheonaithe in aghaidh na bliana, thart ar 36 gcás fógartha maidir le tairiscintí fóirdheonaithe sa soláthar poiblí agus idir 30‑45 chás ex‑officio in aghaidh na bliana i ndálaí margaidh eile, lena n‑áirítear comhchruinnithe agus nósanna imeachta soláthair phoiblí atá faoi bhun na dtairseacha fógartha.

Tá sé d’aidhm ag an Rialachán aghaidh a thabhairt ar shaobhadh de bharr fóirdheontais eachtracha arb iad seo a leanas is cúis leis:

1. Na fóirdheontais is saobhaí a shainaithint; agus

2. Saobhadh atá mar thoradh ar fhóirdheontais eachtracha a leigheas.

Déanfar faireachán ar an dá chuspóir shonracha sin trí úsáid a bhaint as ceithre tháscaire faireacháin mar a thuairiscítear i roinn 1.4.4.:

   a. An líon bliantúil cásanna d’fhóirdheontais eachtracha a líomhnaítear a bheith saobhach lena ndéileálann an t‑údarás maoirseachta

b. Cion na gcásanna d’fhóirdheontais eachtracha inar léiríodh iad a bheith saobhach i gcomparáid leis an líon iomlán cásanna

c. An líon iomlán cásanna a imréitítear a bhuí leis an scrúdú cothromaithe i gcomparáid leis an líon iomlán cásanna.

d. Braistintí na bpáirtithe leasmhara maidir le tionchar na mbeart sásaimh arna bhforchur.

Ina theannta sin, déanfar faireachán ar éifeachtacht na hionstraime agus déanfar tuairisciú air chun cost‑éifeachtúlacht na n‑acmhainní a úsáidfear le haghaidh chur chun feidhme agus fhorfheidhmiú an Rialacháin a áirithiú.

3.2.3.Achoimre ar an tionchar a mheastar a bheidh aige ar leithreasuithe de chineál riaracháin 

   Ní éilíonn an togra/tionscnamh go n‑úsáidfear leithreasuithe de chineál riaracháin

   Éilíonn an togra/tionscnamh go n‑úsáidfear leithreasuithe de chineál riaracháin mar a mhínítear thíos:

EUR milliúin (go dtí an tríú deachúil)

2021

2022

2023

2024

2025

2026

2027

IOMLÁN

CEANNTEIDEAL 7 
den chreat airgeadais ilbhliantúil

Acmhainní daonna

‑‑

3,040

9,260

15,480

17,570

17,570

17,570

80,490

Caiteachas riaracháin eile

‑‑

0,050

0,150

0,150

0,150

0,150

0,150

0,800

Fo‑iomlán CHEANNTEIDEAL 7 
den chreat airgeadais ilbhliantúil

‑‑

3,090

9,410

15,630

17,720

17,720

17,720

81,290

Lasmuigh de CHEANNTEIDEAL 7 60  
of the multiannual financial framework

Acmhainní daonna

‑‑

‑‑

‑‑

‑‑

‑‑

‑‑

‑‑

‑‑

Caiteachas eile 
de chineál riaracháin

‑‑

‑‑

0,175

0,350

0,150

0,425

0,125

1,225

Fo‑iomlán 
lasmuigh de CHEANNTEIDEAL 7 
den chreat airgeadais ilbhliantúil

‑‑

‑‑

0,175

0,350

0,150

0,425

0,125

1,225

IOMLÁN

‑‑

3,090

9,585

15,980

17,870

18,145

17,845

82,515

Cumhdófar na hacmhainní daonna is gá agus caiteachas eile de chineál riaracháin le leithreasuithe ón Ard‑Stiúrthóireacht a bhfuil bainistíocht an bhirt faoina gcúram cheana agus/nó atá ath‑imlonnaithe laistigh den Ard‑Stiúrthóireacht, mar aon le haon leithdháileadh breise a d'fhéadfaí a thabhairt don Ard‑Stiúrthóireacht atá i mbun bainistíochta faoi chuimsiú an nós imeachta maidir le leithdháileadh bliantúil i bhfianaise na srianta buiséadacha.

3.2.3.1.Na hacmhainní daonna a mheastar a bheidh riachtanach

   Ní éilíonn an togra/tionscnamh go n‑úsáidfear acmhainní daonna.

   Éilíonn an togra/tionscnamh go n‑úsáidfear leithreasuithe de chineál riaracháin mar a mhínítear thíos:

Sloinnfear an meastachán in aonaid de choibhéis lánaimseartha

2021

2022

2023

2024

2025

2026

2027

tar éis 2027

•Poist le haghaidh plean bunaíochta (oifigigh agus foireann shealadach)

20 01 02 01 (Ceanncheathrú agus Oifigí Ionadaíocht an Choimisiúin)

20

50

80

80

80

80

80

20 01 02 03 (Toscaireachtaí)

01 01 01 01  (Taighde indíreach)

01 01 01 11 (Taighde díreach)

Línte buiséid eile (sonraigh)

Foireann sheachtrach (i gcoibhéis lánaimseartha: FTE) 61

20 02 01 (AC, END, INT ón ‘imchlúdach iomlánaíoch’)

20

40

65

65

65

65

20 02 03 (AC, AL, END, INT agus JPD sna toscaireachtaí)

XX 01 xx yy zz   62

‑ sa Cheanncheathrú

‑ i dToscaireachtaí

01 01 01 02 (AC, END, INT ‑ Taighde indíreach)

01 01 01 12 (CA, INT, SNE – taighde díreach)

Línte buiséid eile (sonraigh)

IOMLÁN

20

70

120

145

145

145

145

Is é XX an réimse beartais nó an teideal buiséid lena mbaineann.

Soláthrófar na hacmhainní daonna is gá le baill foirne ón Ard‑Stiúrthóireacht a bhfuil bainistíocht an bhirt faoina gcúram cheana agus/nó a ath‑imlonnófar laistigh den Ard‑Stiúrthóireacht, mar aon le haon leithdháileadh breise a d'fhéadfaí a thabhairt don Ard‑Stiúrthóireacht atá i mbun bainistíochta faoi chuimsiú an nós imeachta maidir le leithdháileadh bliantúil i bhfianaise na srianta buiséadacha.

Cur síos ar na cúraimí a bheidh le déanamh:

Oifigigh agus pearsanra sealadach

Faireachán a dhéanamh ar chomhlíonadh an Rialacháin nua, obair ábhartha a dhéanamh ar chásanna, cinntí a dhréachtú, imscrúduithe margaidh a dhéanamh.

Pearsanra seachtrach

Faireachán a dhéanamh ar chomhlíonadh an Rialacháin nua, cúnamh a thabhairt d’oifigigh agus do bhaill foirne shealadacha agus iad i mbun obair ábhartha a dhéanamh ar chásanna, cinntí a dhréachtú, imscrúduithe margaidh a dhéanamh.

Bainistiú thionscadal TF a láimhseáil, lena n‑áirítear an tairseach fógartha agus an córas bainistithe doiciméad. Tacaíocht chléireachais a chur ar fáil do na foirne cásanna lena mbaineann.

3.2.4.Comhoiriúnacht don chreat airgeadais ilbhliantúil reatha 

I gcás an togra/tionscnaimh seo:

   Is féidir an tionscnamh a mhaoiniú ina iomláine trí athshannadh laistigh den cheannteideal ábhartha den Chreat Airgeadais Ilbhliantúil (CAI).

Is féidir an tionscnamh a mhaoiniú ina iomláine trí athshannadh laistigh den cheannteideal ábhartha den Chreat Airgeadais Ilbhliantúil (CAI). Cumhdófar an tionchar airgeadais ar leithreasuithe faoi chomhair oibríochtaí ina iomláine leis na leithdháiltí dá bhforáiltear in CAI 2021‑27 faoi na himchlúdaigh airgeadais de chuid Chlár an Mhargaidh Aonair.

   is gá an corrlach gan leithdháileadh faoin gceannteideal ábhartha de CAI a úsáid agus/nó na hionstraimí speisialta a shainítear sa Rialachán maidir le CAI a úsáid.

   is gá athbhreithniú ar CAI.

3.2.5.Ranníocaíochtaí ó thríú páirtithe 

I gcás an togra/tionscnaimh seo:

   ní dhéantar foráil maidir le cómhaoiniú le tríú páirtithe

   déantar foráil maidir leis an gcómhaoiniú le tríú páirtithe atá réamh‑mheasta thíos:

Leithreasuithe in EUR milliúin (go dtí an 3ú deachúil)

Bliain 
N 63

Bliain 
N+1

Bliain 
N+2

Bliain 
N+3

Iontráil na blianta ar fad a theastaíonn le fad an tionchair a thaispeáint (féach pointe 1.6)

IOMLÁN

Sonraigh an comhlacht cómhaoinithe 

IOMLÁN leithreasuithe cómhaoinithe

3.3.An tionchar a mheastar a bheidh ar ioncam 

   Ní bheidh aon tionchar airgeadais ag an togra/tionscnamh ar ioncam.

   Beidh an tionchar airgeadais seo a leanas ag an togra/tionscnamh:

   ar acmhainní dílse

   ar ioncam eile

má tá an t‑ioncam sannta do línte caiteachais, sonraigh sin    

EUR milliúin (go dtí an tríú deachúil)

Líne buiséid ioncaim: Caibidil 42 – fíneálacha agus pionóis

Leithreasuithe atá ar fáil don bhliain airgeadais reatha

Tionchar an togra/tionscnaimh 64

Bliain 
N

Bliain 
N+1

Bliain 
N+2

Bliain 
N+3

Cuir isteach na blianta go léir a theastaíonn le fad an tionchair a thaispeáint (féach pointe 1.6)

Airteagal ………….

Aon rud eile (e.g. an modh nó an fhoirmle a úsáideadh chun an tionchar ar ioncam a ríomh nó aon fhaisnéis eile).

Ní féidir méid an ioncaim a mheas roimh ré mar go mbaineann sé le fíneálacha ar ghnóthas faoi gan oibleagáidí arna leagan síos sa Rialachán a chomhlíonadh. 

(1)    Treoir Staitistiúil Ard‑Stiúrthóireacht na Trádála, Lúnasa 2020, gan trádáil laistigh den Aontas san áireamh;    
https://trade.ec.europa.eu/doclib/docs/2013/may/tradoc_151348.pdf  
(2)    Tuarascáil ón gCoimisiún maidir le cur chun feidhme na straitéise beartais trádála – Trádáil do Chách: beartas trádála forásach a chur i gcrích chun leas a bhaint as an domhandú (COM(2017) 491 final).
(3)    Eurostat, Staidreamh i ndáil le Fiontair Chleamhnaithe Choigríche (FATS), rialú eachtrach fiontair trí ghníomhaíocht eacnamaíoch agus rogha tíortha rialaithe (ó 2008 ar aghaidh) [fats_g1a_08]. Tá an Ríocht Aontaithe mar chuid den AE28 san áireamh san fhigiúr 100 000. Léiríonn na réamhshonraí nach dócha go dtiocfaidh athrú ar an bhfigiúr sin don AE27. In 2018, meastar go raibh 84 000 fiontar san AE27 faoi úinéireacht eintitis eachtracha (gan an Ríocht Aontaithe a áireamh), agus in 2015‑2017 bhí thart ar 18 000 fiontar atá faoi úinéireacht na Ríochta Aontaithe i dtíortha éagsúla AE27.
(4)    Doiciméad inmheánach oibre de chuid an Choimisiúin maidir le hinfheistíocht dhíreach eachtrach san Aontas (SWD(2019) 108 final), obair leantach ar an Teachtaireacht ón gCoimisiún maidir le fáilte a chur roimh infheistíocht dhíreach eachtrach agus leasanna fíor‑riachtanacha á gcosaint san am céanna (13 Meán Fómhair 2017).
(5)    Teachtaireacht ón gCoimisiún, Straitéis Thionsclaíoch Nua don Eoraip (COM(2020) 102 final), mar a thugtar cothrom le dáta in 2021. Féach freisin an Teachtaireacht ón gCoimisiún, An Córas Eorpach Eacnamaíoch agus Airgeadais: oscailteacht, neart agus athléimneacht a chothú (COM(2021) 32).
(6)    Teachtaireacht ón gCoimisiún, deis na hEorpa: deisiú agus ullmhú don chéad ghlúin eile (COM(2020) 456 final). Féach freisin an Teachtaireacht ón gCoimisiún, An Córas Eorpach Eacnamaíoch agus Airgeadais: oscailteacht, neart agus athléimneacht a chothú (COM(2021) 32).
(7)    Teachtaireacht ón gCoimisiún, Athbhreithniú ar an mBeartas Trádála – Beartas Trádála atá Oscailte, Inbhuanaithe agus Teanntásach (COM(2021) 66 final).
(8)    I dtuarascáil a d’eisigh Cúirt Iniúchóirí na hEorpa le déanaí, meastar go mbeadh fóirdheontais áirithe arna ndeonú ag stát na Síne ina státchabhair dá ndeonódh Ballstát de chuid an Aontais iad, agus tugann sí dá haire ‘go bhféadfaí an iomaíocht i margadh inmheánach an Aontais a shaobhadh de bharr na difríochta sin maidir le cóir’; Cúirt Iniúchóirí na hEorpa, ‘Freagairt an Aontais Eorpaigh do straitéis infheistíochta na Síne faoi stiúir stáit’, Athbhreithniú 03 (2020);    
https://www.eca.europa.eu/Lists/ECADocuments/RW20_03/RW_EU_response_to_China_EN.pdf
(9)    An Coimisiún Eorpach, Páipéar Coincheapa: Nuachóiriú EDT (Meán Fómhair 2018).
(10)    Ráiteas Comhpháirteach ó Chruinniú Tríthaobhach Airí Trádála na Seapáine, na Stát Aontaithe agus an Aontais Eorpaigh (Washington, D.C., 14 Eanáir 2020).
(11)    Iarscríbhinn a ghabhann le Teachtaireacht ón gCoimisiún, Athbhreithniú ar an mBeartas Trádála – Beartas Trádála atá Oscailte, Inbhuanaithe agus Teanntásach (COM(2021) 66 final).
(12)    Straitéis Thionsclaíoch Nua don Eoraip (COM(2020) 102 final), mar a thugtar cothrom le dáta in 2021.
(13)    An Páipéar Bán maidir le cothrom na Féinne a thabhairt i gcrích i ndáil le fóirdheontais eachtracha (COM(2020) 253 final).
(14)    Mhol an Ísiltír díriú ar ghnóthais a fhaigheann fóirdheontais eachtracha nó a bhfuil ceannasacht neamhrialáilte acu i margadh lasmuigh den Aontas, chun iompar a d’fhéadfadh a bheith suaiteach a chosc;    
https://www.permanentrepresentations.nl/documents/publications/2019/12/09/non‑paper‑on‑level‑playing‑field .Tá iarrtha ag an bhFrainc, ag an nGearmáin, ag an Iodáil agus ag an bPolainn go ndéanfaí rialacha iomaíochta an Aontais a oiriúnú, go háirithe chun an saobhadh a d’fhéadfadh teacht as tacaíocht ón Stát eachtrach agus as margaí cosanta a chur san áireamh;    
https://g8fip1kplyr33r3krz5b97d1 ‑wpengine.netdna ‑ssl.com/wp ‑content/uploads/2020/02/Letter ‑to ‑Vestager.pdf.
(15)    Tuarascáil Dhébhliantúil XXIII ó Choimisiún na Monaplachtaí (‘Comórtas 2020’);    
https://www.monopolkommission.de/images/HG23/Main_Report_XXIII_Chinese_state_capitalism.pdf  
(16)    Comhairle an Aontais Eorpaigh, Conclúidí maidir le margadh aonair níos doimhne do théarnamh láidir agus d’Eoraip iomaíoch, inbhuanaithe (11 Meán Fómhair 2020);    
https://www.consilium.europa.eu/media/45641/council‑conclusions‑on‑a‑deepened‑single‑market‑for‑a‑strong‑recovery‑and‑a‑competitive‑sustainable‑europa.pdf  
(17)    Cruinniú urghnách den Chomhairle Eorpach (1 agus 2 Deireadh Fómhair 2020) – Conclúidí (2 Deireadh Fómhair 2020);    
https://www.consilium.europa.eu/media/45910/021020‑euco‑final‑conclusions.pdf  
(18)    Parlaimint na hEorpa, Tuarascáil ar an mbeartas iomaíochta – tuarascáil bhliantúil 2019 (A9‑0022/2020; 25.2.2020);    
https://www.europarl.europa.eu/doceo/document/A ‑9 ‑2020 ‑0022_EN.pdf  
(19)    Litir chuig airí teileachumarsáide agus trádála an Aontais agus chuig na Coimisinéirí Breton, Vestager agus Dombrovskis (14.10.2020);    
https://reinhardbuetikofer.eu/2020/10/14/letter‑to‑eu‑telecom‑and‑trade‑ministers‑and‑to‑european‑commissioners‑thierry‑breton‑margrethe‑vestager‑and‑valdis‑dombrovskis/
(20)    Airteagal 101 agus Airteagal 102, CFAE.
(21)    Rialachán (CE) Uimh. 139/2004 ón gComhairle an 20 Eanáir 2004 maidir le comhchruinnithe a rialú idir gnóthais (IO L 24, 29.1.2004, lch. 1).
(22)    Treoir 2014/24/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Feabhra 2014 maidir le soláthar poiblí agus lena n‑aisghairtear Treoir 2004/18/CE, IO L 94, 28.3.2014, lch. 65. Treoir 2014/25/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Feabhra 2014 ar sholáthar trí aonáin a oibríonn sna hearnálacha uisce, fuinnimh, iompair agus poist agus lena n‑aisghairtear Treoir 2004/17/CE, IO L 94, 28.3.2014, lch. 243Treoir 2014/23/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Feabhra 2014 maidir le conarthaí lamháltais a dhámhachtain, IO L 94, 28.3.2014, lch. 1
(23)

   Togra leasaithe le haghaidh Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le rochtain earraí agus seirbhísí tríú tíortha ar mhargadh inmheánach an Aontais maidir le soláthar poiblí agus maidir le nósanna imeachta a thacaíonn leis an gcaibidlíocht i leith rochtain earraí agus seirbhísí an Aontais ar mhargaí soláthair phoiblí tríú tíortha (COM(2016) 34 final, 29 Eanáir 2016). Tá an togra seo á phlé sa Chomhairle.

(24)    Tar éis don Choimisiún agus don Chomhairle Eorpach a iarraidh i mí an Mhárta 2019 tús a chur leis an bplé arís, tá na comhreachtóirí i mbun plé cuiditheach ar an na Ionstraim Soláthair Phoiblí Idirnáisiúnta faoi láthair, ar bhonn thogra reachtach leasaithe 2016 ón gCoimisiún.
(25)    Rialachán (AE) 2016/1037 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le cosaint i gcoinne allmhairí ar tugadh fóirdheontas ina leith, ar allmhairí iad ó thíortha nach baill den Aontas Eorpach iad (IO L 176, 30.6.2016, lch. 55).
(26)    Rialachán (AE) 2019/452 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 19 Márta 2019 lena gcuirtear ar bun creat maidir le hinfheistíochtaí díreacha eachtracha isteach san Aontas a scagadh (IO L 79I , 21.3.2019, lch. 1).
(27)    Mar a chumhdaítear le Rialachán (AE) 2016/1035 (nach bhfuil feidhm aige mar nach gcomhlíontar na coinníollacha in Airteagal 18), Rialachán (CE) 1008/2008 agus Rialachán (AE) 2019/712.
(28)    I measc eile, an Ísiltír, an Fhrainc, an Ghearmáin, an Pholainn agus an Iodáil
(29)    Féach, mar shampla, na ranníocaíochtaí thuasluaite ón Ísiltír, ón bhFrainc, ón nGearmáin, ón bPolainn agus ón Iodáil.
(30)    Cuirtear forléargas mionsonraithe ar thorthaí na gcomhairliúchán i láthair in Iarscríbhinn 2 agus Iarscríbhinn 6 a ghabhann leis an measúnú tionchair.
(31)     https://ec.europa.eu/info/law/better‑regulation/have‑your‑say/initiatives/12621‑Addressing‑distortions‑caused‑by‑foreign‑subsidies  
(32)     https://ec.europa.eu/competition/international/overview/foreign_subsidies.html
(33)    Féach fonóta 15.
(34)    Tuarascáil Dhébhliantúil XXIII ó Choimisiún na Monaplachtaí (‘Comórtas 2020’);    
https://www.monopolkommission.de/images/HG23/Main_Report_XXIII_Chinese_state_capitalism.pdf  Institiúid Mercator um Staidéir na Síne (MERICS), Made in China 2025: Déanamh sárchumhachta ardteicneolaíochta agus iarmhairtí ardteicneolaíochta le haghaidh tíortha tionsclaíocha, Páipéir MERICS maidir leis an tSín Uimh. 2 (Nollaig 2016);    
https://merics.org/sites/default/files/2020‑04/Made%20in%20China%202025.pdf
(35)    Cé gur léirigh roinnt páirtithe leasmhara amhras faoin gcur chuige a cuireadh i láthair sa pháipéar bán, tacaíonn formhór gheallsealbhóirí an Aontais (na Ballstáit agus páirtithe leasmhara eile) agus roinnt páirtithe leasmhara nach ón Aontas iad leis an tionscnamh (féach na haighneachtaí dá dtagraítear in Iarscríbhinn 2 agus in Iarscríbhinn 6 a ghabhann leis an measúnú tionchair).
(36)    Féach e.g. ranníocaíochtaí ón Ísiltír, Fóram Eorpach na Seirbhísí, Cumann Tionscail na hEorpa Leathsheoltóirí, Grúpa Saineolaithe an Rialtais um Sholáthar Poiblí agus páirtithe leasmhara eile in Iarscríbhinn 2 agus in Iarscríbhinn 6 a ghabhann leis an measúnú tionchair.
(37)    e.g. an tSeicia, an Pholainn, Cruinniú Comhchéime Eorpach don Tionscal, Cónaidhm Thionscal na Danmhairge, Bundesverband der Deutschen Industrie, Eurometaux.
(38)    Féach freisin measúnú tionchair (Iarscríbhinn III, pointe 2).
(39)    IO C , , lch. .
(40)    Treoir 2014/23/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Feabhra 2014 maidir le conarthaí lamháltais a dhámhachtain (IO L 94, 28.3.2014, lch. 1).
(41)    Treoir 2014/24/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Feabhra 2014 maidir le soláthar poiblí agus lena n‑aisghairtear Treoir 2004/18/CE, IO L 94, 28.3.2014, lch. 65.
(42)    Treoir 2014/25/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Feabhra 2014 maidir le soláthar arna dhéanamh ag eintitis a fheidhmíonn in earnáil an uisce, an fhuinnimh, an iompair agus na seirbhísí poist agus lena n‑aisghairtear Treoir 2004/17/CE (IO L 94, 28.3.2014, lch. 243).
(43)    Rialachán (AE) 2016/1035 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 8 Meitheamh 2016 maidir le cosaint i gcoinne praghsála díobhálaí soithí (IO L 176, 30.6.2016, lch. 1).
(44)    Rialachán (CEE) Uimh. 4057/86 ón gComhairle an 22 Nollaig 1986 maidir le cleachtais éagóracha praghsála sa mhuiriompar (IO L 378, 31.12.1986, lch. 14).
(45)    Rialachán (AE) 2019/712 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Aibreán 2019 maidir le hiomaíocht in earnáil an aeriompair a chosaint, agus lena n‑aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 868/2004 (IO L 123, 10.5.2019, lch. 4).
(46)    Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Feabhra 2011 lena leagtar síos na rialacha agus na prionsabail ghinearálta a bhaineann leis na sásraí maidir le rialú ag na Ballstáit ar fheidhmiú cumhachtaí cur chun feidhme ag an gCoimisiún (IO L 55, 28.2.2011, lch. 13).
(47)    Comhaontú Idirinstitiúideach idir Parlaimint na hEorpa, Comhairle an Aontais Eorpaigh agus an Coimisiún Eorpach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr (IO L 123, 12.5.2016, lch. 1).
(48)    Treoir 86/635/CEE ón gComhairle an 8 Nollaig 1986 maidir leis na cuntais bhliantúla agus na cuntais chomhdhlúite banc agus institiúidí airgeadais eile (IO L 372, 31.12.1986, lch. 1).
(49)    Treoir 2009/81/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Iúil 2009 maidir leis na nósanna imeachta um dhámhachtain conarthaí áirithe oibreacha, conarthaí soláthair agus conarthaí seirbhíse ag údaráis chonarthacha nó ag eintitis i réimsí na cosanta agus na slándála a chomhordú, agus lena leasaítear Treoracha 2004/17/CE agus 2004/18/CE (IO L 216, 20.8.2009, lch. 76).
(50)    Rialachán (CE) Uimh. 1/2003 ón gComhairle an 16 Nollaig 2002 maidir le cur chun feidhme na rialacha iomaíochta a leagtar síos in Airteagail 81 agus 82 den Chonradh (IO L 1, 4.1.2003, lch. 1).
(51)    Rialachán (CE) Uimh. 139/2004 ón gComhairle an 20 Eanáir 2004 maidir le comhchruinnithe a rialú idir gnóthais (Rialachán um Chumaisc CE) (IO L 24, 29.1.2004, lch. 1).
(52)    Rialachán (AE) 2016/1037 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le cosaint i gcoinne allmhairí ar tugadh fóirdheontas ina leith, ar allmhairí iad ó thíortha nach baill den Aontas Eorpach iad (IO L 176, 30.6.2016, lch. 55).
(53)    Rialachán (AE) 2019/452 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 19 Márta 2019 lena gcuirtear ar bun creat maidir le hinfheistíochtaí díreacha eachtracha isteach san Aontas a scagadh (IO L 79I , 21.3.2019, lch. 1).
(54)    Mar a thagraítear dó in Airteagal 58(2)(a) nó (b) den Rialachán Airgeadais.
(55)    Is féidir mionsonraí ar na modhanna bainistíochta agus tagairtí don Rialachán Airgeadais a fheiceáil ar shuíomh gréasáin Ard‑Stiúrthóireacht an Bhuiséid: https://myintracomm.ec.europa.eu/budgweb/EN/man/budgmanag/Pages/budgmanag.aspx  
(56)    LD = Leithreasuithe difreáilte / LN = Leithreasuithe neamhdhifreáilte.
(57)    CSTE: Comhlachas Saorthrádála na hEorpa.
(58)    Tíortha is iarrthóirí agus, nuair is iomchuí, tíortha ó na Balcáin Thiar a d'fhéadfadh a bheith ina n‑iarrthóirí.
(59)    Cúnamh agus caiteachas teicniúil agus/nó riaracháin ar mhaithe le cláir agus/nó bearta de chuid an Aontais (seanlínte ‘BA’) a chur chun feidhme, taighde indíreach, taighde díreach.
(60)    Cúnamh agus caiteachas teicniúil agus/nó riaracháin ar mhaithe le cláir agus/nó bearta de chuid an Aontais (seanlínte ‘BA’) a chur chun feidhme, taighde indíreach, taighde díreach.
(61)    AC = Ball foirne ar conradh; AL= Ball foirne áitiúil; END= Saineolaí náisiúnta ar iasacht; INT= Ball foirne gníomhaireachta; JPD = Saineolaithe sóisearacha i dtoscaireachtaí.
(62)    Fo‑uasteorainn d’fhoireann sheachtrach arna cumhdach ag leithreasuithe faoi chomhair oibríochtaí (na seanlínte ‘BA’).
(63)    Is í bliain N an bhliain ina gcuirfear tús le cur chun feidhme an togra/tionscnaimh. Is gá an chéad bhliain cur chun feidhme a mheastar a bheidh ann a chur in ionad ‘N’ (mar shampla: 2021). Is gá an rud céanna a dhéanamh i gcás na mblianta eile.
(64)    A mhéid a bhaineann le hacmhainní dílse traidisiúnta (dleachtanna talmhaíochta, tobhaigh siúcra), ní mór na méideanna a luaitear a bheith ina nglanmhéideanna, i.e. méideanna comhlána agus 20 % de na costais bhailiúcháin a bheith bainte astu.