AN COIMISIÚN EORPACH
An Bhruiséil,21.4.2021
COM(2021) 202 final
2021/0105(COD)
Togra le haghaidh
RIALACHÁN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE
Maidir le táirgí innealra
(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
{SEC(2021) 165 final} - {SWD(2021) 82 final} - {SWD(2021) 83 final}
MEABHRÁN MÍNIÚCHÁIN
1.COMHTHÉACS AN TOGRA
1.1.Forais agus cuspóirí an togra
Bunaítear leis an Treoir maidir le hInnealra (‘MD’ anseo feasta)creat rialála chun innealra a chur ar an Margadh Aonair, bunaithe ar Airteagal 114 CFAE (comhfhogasú dlíthe. Is iad seo a leanas cuspóirí ginearálta na Treorach maidir le hInnealra: i) saorghluaiseacht innealra laistigh den mhargadh inmheánach a áirithiú; agus ii) ardleibhéal cosanta a áirithiú le haghaidh úsáideoirí agus daoine eile atá neamhchosanta. Leantar prionsabail ‘cur chuige nua’ reachtaíocht an Aontais sa Treoir maidir le hInnealra. Tá sé scríofa d’aon ghnó sa chaoi go mbeidh sé neodrach ó thaobh na teicneolaíochta de, rud a chiallaíonn go leagtar síos ann na ceanglais riachtanacha sláinte agus sábháilteachta (dá ngairfear ‘ceanglais sábháilteachta’ anseo feasta) atá le comhlíonadh, gan aon réiteach teicniúil sonrach a leagan síos chun na ceanglais sin a chomhlíonadh. Is saincheart atá ag monaróirí é an réiteach teicniúil a roghnú, rud a fhágann spás le haghaidh nuálaíochta agus le haghaidh forbairt dearaidh nua.
Le linn mheastóireacht REFIT ar an treoir, dhearbhaigh na páirtithe leasmhara uile gur píosa riachtanach reachtaíochta é cé go sainaithnítear ann gur gá an Treoir a fheabhsú, a shimpliú agus a chur in oiriúint do riachtanais an mhargaidh. Chuir roinnt Feisirí de Pharlaimint na hEorpa in iúl go dtacaíonn siad leis an athbhreithniú ar an Treoir maidir le hInnealra. Go háirithe, tríd an ‘reachtaíocht a thabhairt isteach’ go dtí an 21ú haois agus nuálaíocht a chur chun cinn le haghaidh gheilleagar an Aontais.
Mar chuid de Chlár Oibre 2020 an Choimisiúin faoin tosaíocht ‘Eoraip atá oiriúnach don Aois Dhigiteach’, an t‑athbhreithniú ar Threoir 2006/42/CE maidir le hInnealra ar treoir i dtaca le sábháilteacht táirgí atá inti, is rud é a chuireann leis an aistriú digiteach agus le neartú an Mhargaidh Aonair. Go deimhin, maidir le teicneolaíochtaí nua agus a dtionchar ar reachtaíocht sábháilteachta, d’fhoilsigh an Coimisiún Páipéar Bán ar an Intleacht Shaorga i mí Feabhra 2020 agus ‘Tuarascáil ar na himpleachtaí sábháilteachta agus dliteanais a bhaineann leis an intleacht shaorga, idirlíon na rudaí nithiúla agus an róbataic’ ag gabháil leis. Is tuarascáil í ina ndearnadh anailís ar thionchar na dteicneolaíochtaí nua agus ar na dúshláin a chuireann siad faoi reachtaíocht sábháilteachta an Aontais, agus is é an chonclúid ar ar thángthas inti go bhfuil roinnt bearnaí sa reachtaíocht reatha maidir le sábháilteacht táirgí, bearnaí ar gá aghaidh a thabhairt orthu, go háirithe, sa Treoir maidir le hInnealra, i measc bearnaí eile. Tá sé sin níos ábhartha fós i gcás téarnamh inbhuanaithe ó phaindéim COVID, ós rud é gur cuid riachtanach de thionscal na hinnealtóireachta í earnáil an innealra agus go bhfuil sí ar cheann de phríomhréimsí tionsclaíocha gheilleagar an Aontais.
D’fhonn déileáil leis na gnéithe ar leagadh béim orthu sa mheastóireacht agus a forbraíodh sa tuarascáil measúnaithe tionchair a bhaineann leis an treoir maidir le hinnealra, agus d’fhonn freagairt do chuspóirí beartais an Choimisiúin maidir leis an digitiú, tá sé d’aidhm ag an togra seo dul i ngleic leis na fadhbanna seo a leanas:
Fadhb 1: Sa Treoir maidir le hInnealra, ní leor a mhéid a chumhdaítear rioscaí nua a eascraíonn as teicneolaíochtaí atá ag teacht chun cinn.
Chun cur leis an muinín a chuirtear i dteicneolaíochtaí digiteacha, ní mór don Treoir maidir hInnealra deimhneacht dhlíthiúil a sholáthar a mhéid a bhaineann leis na teicneolaíochtaí sin, toisc go bhféadfadh na bearnaí atá ann faoi láthair bac a chur ar chothrom iomaíochta le haghaidh monaróirí, rud a mbeadh tionchar aige ar éifeachtúlacht na Treorach maidir le hInnealra.
Tá roinnt gnéithe ag baint leis an bhfadhb seo nach mór aghaidh a thabhairt orthu. Baineann an chéad fhadhb leis na rioscaí a d’fhéadfadh eascairt as comhar díreach idir an duine daonna agus róbait toisc go bhfuil méadú as cuimse ag teacht ar róbait chomhoibritheacha (cóbait) atá deartha chun oibriú taobh le daoine agus le fostaithe. An dara foinse riosca a d'fhéadfadh a bheith ann, is ón innealra nasctha a eascraíonn sí. Baineann an tríú hábhar imní leis an gcaoi a ndéanann nuashonruithe bogearraí difear ‘d’iompraíocht’ an innealra tar éis é a chur ar an margadh. Baineann an ceathrú hábhar imní le cumas na monaróirí measúnú riosca iomlán a dhéanamh ar fheidhmchláir mheaisínfhoghlama sula gcuirtear an táirge ar an margadh. Ar deireadh, a mhéid a bhaineann leis na meaisíní uathrialacha agus leis na stáisiúin chian‑mhaoirseachta, déantar foráil leis an Treoir reatha maidir le hInnealra i ndáil le tiománaí nó oibreoir atá freagrach as gluaiseacht meaisín. Féadfaidh an tiománaí a bheith ar iompar ag an innealra nó féadfaidh sé an t‑innealra a thionlacan, nó féadfaidh sé an t‑innealra a threorú trí chianrialú, ach ní chuirtear san áireamh sa Treoir nach mbeadh aon tiománaí ann, agus ní leagtar amach aon cheanglas inti maidir le meaisíní uathrialacha.
Fadhb 2: (i) Neamhdheimhneacht dhlíthiúil mar gheall ar easpa soiléireachta maidir leis an raon feidhme agus na sainmhínithe; agus (ii) bearnaí sábháilteachta a d’fhéadfadh a bheith i dteicneolaíochtaí traidisiúnta.
Teastaíonn deimhneacht dhlíthiúil níos fearr a bheith sa Treoir maidir le hInnealra ó thaobh raon feidhme agus sainmhínithe de, rud a d’fhág go raibh roinnt deacrachtaí ag monaróirí maidir le tuiscint a fháil ar an gcreat ceart dlíthiúil ba cheart dóibh a chur i bhfeidhm. Aithníodh roinnt forluí nó míréireachtaí idir an Treoir agus reachtaíocht shonrach eile de chuid an Aontais. Maidir leis na sainmhínithe a leagtar síos sa Treoir, tháinig roinnt ábhar imní chun cinn de bharr an tsainmhínithe ar ‘innealra páirtchríochnaithe’, ábhair imní a bhain go háirithe leis an teorainn leis an sainmhíniú ar ‘innealra’, agus soiléiríodh an sainmhíniú ar ‘innealra’. Thairis sin, is gá eisiamh modhanna iompair a shoiléiriú agus cur leis an gcomhleanúnachas maidir le heisiamh táirgí áirithe a chumhdaítear faoin Treoir maidir le hÍsealvoltas 2014/35/AE nuair a bhíonn feidhm Wi-Fi ag na táirgí sin.
Ina theannta sin, is cleachtas coiteann é go modhnaítear meaisíní a chuirtear ar an margadh chun feidhm a chur leo nó feidhmíocht a fheabhsú, mar shampla. Is í an fhadhb atá ann, má dhéantar modhnú substaintiúil ar an meaisín gan comhaontú an mhonaróra, go mb'fhéidir nach mbeadh sí i gcomhréir a thuilleadh leis na ceanglais riachtanacha sláinte agus sábháilteachta. Ní thugtar aghaidh ar an gcás sin sa Treoir reatha maidir le hInnealra.
Tá roinnt ceanglas maidir le teicneolaíochtaí traidisiúnta nach mbaineann le teicneolaíochtaí nua ar sainaithníodh nach bhfuil siad soiléir nó sábháilte go leor, nó go bhfuil siad ró‑shaintreorach agus go bhféadfaidís bac a chur ar an nuálaíocht. Baineann na ceanglais sin le suiteáil na nithe seo a leanas – fearais ardaithe, ardaitheoirí luais mhall, suíocháin, cosaint ar shubstaintí guaiseacha, línte cumhachta lastuas agus creathadh ó innealra láimhe iniompartha agus faoi threoir láimhe.
Fadhb 3: Forálacha neamhdhóthanacha le haghaidh meaisíní ardriosca.
Measann roinnt Ballstát agus páirtithe leasmhara an measúnú comhréireachta tríú páirtí a bheith níos oiriúnaí chun aghaidh a thabhairt ar na rioscaí arda a eascraíonn as grúpaí áirithe meaisíní.
Fadhb eile is ea gur 15 bliana ó shin a dréachtaíodh an liosta reatha de mheaisíní ardriosca in Iarscríbhinn I, agus tá an margadh forbartha go mór ó shin. Meaisíní nach meastar a bheith ina meaisíní ardriosca a thuilleadh, is gá iad a bhaint agus/nó cinn nua a thabhairt isteach (amhail innealra um chórais IS a leabú lena gcomhlíontar feidhm sábháilteachta).
Fadhb 4: Costais airgeadaíochta agus chomhshaoil mar gheall ar dhoiciméid fhairsinge pháipéarbhunaithe.
Leis an Treoir maidir le hInnealra, ceanglaítear ar mhonaróirí an fhaisnéis innealra is gá a chur ar fáil, amhail treoracha. Chun a áirithiú go bhfuil rochtain ag gach úsáideoir meaisín ar na treoracha, measadh gurb é soláthar leagan clóite an rogha is inmharthana. Ó shin i leith, áfach, tá méadú tagtha ar úsáid an idirlín agus na dteicneolaíochtaí digiteacha. An ceanglas leaganacha clóite a sholáthar, is rud é a mhéadaíonn na costais agus na hualaí riaracháin atá ar oibreoirí eacnamaíocha, agus a mbíonn tionchar diúltach aige ar an gcomhshaol. Mar sin féin, ní mór cuimhneamh freisin go bhfuil roinnt úsáideoirí ann nach bhfuil chomh heolach sin ar chúrsaí digiteacha, go mbíonn easpa rochtana ann ar an idirlíon i dtimpeallachtaí áirithe agus go bhféadfadh sé nach mbeadh an lámhleabhar digiteach ag teacht leis an leagan den táirge.
Fadhb 5: Míréireachtaí le píosaí eile de reachtaíocht an Aontais maidir le sábháilteacht táirgí.
Pacáiste beart is ea an Creat Reachtach Nua a bhfuil sé d’aidhm aige na gnéithe go léir is gá a thabhairt le chéile chun go bhfeidhmeoidh creat rialála cuimsitheach go héifeachtach ar mhaithe le sábháilteacht táirgí tionsclaíocha agus ionas go gcomhlíonfaidh na táirgí sin na ceanglais a glacadh chun leasanna éagsúla an phobail a chosaint agus ionas go bhfeidhmeoidh an margadh aonair mar is cuí. Is príomhchuspóir de chuid an Choimisiúin é reachtaíocht comhchuibhithe táirgí a chur i gcomhréir le forálacha tagartha Chinneadh 768/2008/CE. Cé gur treoir um Chur Chuige Nua cheana í an Treoir maidir le hInnealra, níl sí ailínithe go fóill leis an gCreat Nua Reachtach (CNR).
Toisc nach bhfuil an Treoir maidir le hInnealra ailínithe leis an gCreat Nua Reachtach, tá míréireachtaí ann idir í agus reachtaíocht eile an Aontais maidir le táirgí.
Fadhb 6: Éagsúlachtaí sa léirmhíniú mar gheall ar thrasuíomh.
An reachtaíocht atá ann faoi láthair maidir le hinnealra, ós rud é gur Treoir í lena dtugtar an deis do na Ballstáit na modhanna a roghnú chun na cuspóirí reachtacha a chomhlíonadh, tá léirmhínithe éagsúla déanta ar fhorálacha na Treorach maidir le feistí leighis, rud a chruthaíonn éiginnteacht dhlíthiúil agus easpa comhsheasmhachta ar fud an mhargaidh aonair. Ina theannta sin, bhí moilleanna ar thrasuí na Treorach i roinnt Ballstát.
1.2.Comhsheasmhacht le forálacha beartais atá sa réimse beartais cheana
Tá an togra seo ar aon dul leis an nGníomh um an Margadh Aonair, gníomh inar cuireadh béim ar an ngá atá le muinín tomhaltóirí a athbhunú maidir le cáilíocht táirgí ar an margadh, agus ar an tábhacht atá le faireachas margaidh a threisiú. Chun na críche sin, déantar an rialachán maidir le táirgí innealra a ailíniú le forálacha Chinneadh Uimh. 768/2008/CE.
Thairis sin, cuireann sé leis an comhleanúnachas le Treoir 2014/35/AE maidir le hísealvoltas trína chur san áireamh ann go ndéanfar táirgí leictreacha agus leictreonacha atá eisiata ón Rialachán seo a eisiamh freisin ó Treoir 2014/53/AE maidir le trealamh raidió nuair a ionchorpraíonn siad wi-fi.
1.3.Comhsheasmhacht le beartais eile de chuid an Aontais
Tá an togra seo comhleanúnach le beartas an Aontais maidir le hintleacht shaorga (IS) agus leis an Rialachán atá le teacht maidir le hintleacht shaorga, rud lena dtabharfar aghaidh ar na rioscaí a mbeidh tionchar acu ar an tsábháilteacht i gcás córais intleachta saorga ardriosca atá leabaithe in innealra nó ar comhpháirteanna sábháilteachta iad faoin rialachán a bheidh ann amach anseo maidir le hinnealra.
Ina theannta sin, tá an togra seo comhleanúnach le beartas an Aontais maidir leis an gcibearshlándáil, rud lena ndéantar nasc leis na scéimeanna cibearshlándála a bheidh ann amach anseo de bhun Rialachán (AE) 2019/881 chun a léiriú go bhfuil an rialachán a bheidh ann amach anseo maidir le táirgí innealra á chomhlíonadh.
Thairis sin, cuireann sé le simpliú na timpeallachta rialála.
2.BUNÚS DLÍ, COIMHDEACHT AGUS COMHRÉIREACHT
2.1.Bunús dlí
Tá an togra bunaithe ar Airteagal 114 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh toisc go bhfuil sé de chuspóir ag an Rialachán ceanglais sláinte agus sábháilteachta maidir le hinnealra i ngach Ballstát a chomhchuibhiú agus bacainní ar thrádáil innealra idir na Ballstáit a bhaint.
2.2.Coimhdeacht (i gcás inniúlacht neamheisiach)
Tagann prionsabal na coimhdeachta i gceist go háirithe maidir leis na forálacha nua a cuireadh isteach a bhfuil sé d’aidhm acu feabhas a chur ar fhorfheidhmiú éifeachtach Threoir 2006/42/CE agus ar chomhleanúnachas le beartas IS an Aontais. Gan rialachán lena gcuimseofaí an tAontas ar fad, d’fhéadfadh na Ballstáit ceanglais sábháilteachta éagsúla a fhorchur, rud a d’fhágfadh difríochtaí i sábháilteacht na dtáirgí le haghaidh úsáideoirí agus monaróirí nuair atá siad ag trádáil innealra i dtíortha éagsúla. Mar shampla, na nuashonruithe bogearraí nach ndéantar foráil maidir leo i measúnú rioscaí tosaigh an mhonaróra agus a bhfuil tionchar acu ar shábháilteacht, chinn cuid de na húdaráis faireachais margaidh a ndeachthas i gcomhairle leo gur ghá a áirithiú go mbeadh ceanglas ann de bharr na nuashonruithe sin an meaisín a chur trí nós imeachta um measúnú comhréireachta as a dtiocfaidh marcáil CE nua. Ina theannta sin, leis an rialachán a bheidh ann amach anseo maidir le táirgí innealra, leagtar síos ceanglais ar fud an Aontais arb é is bonn taca dóibh na réitigh a chuirtear ar fáil sna caighdeáin Eorpacha. I bhfianaise leibhéal na ngníomhaíochtaí caighdeánaithe ar fud an Aontais, ní mór aon athrú ar raon feidhme nó ar cheanglais an rialacháin a bheidh ann amach anseo maidir le táirgí innealra a dhéanamh ar leibhéal an Aontais ionas go seachnófar saobhadh an mhargaidh, rud a chruthóidh bacainní ar shaorghluaiseacht táirgí agus a bhainfidh an bonn de chosaint shláinte agus fholláine an duine. Ina theannta sin, leis na forálacha nua a cuireadh isteach ailíneofar oibleagáidí na n‑oibreoirí eacnamaíocha, na forálacha maidir le hinrianaitheacht, na forálacha maidir le measúnú agus fógra a thabhairt do chomhlachtaí um measúnú comhréireachta, agus maidir le faireachas margaidh.
Maidir leis an mbreisluach a bhaineann le gníomhaíocht ar leibhéal an Aontais, le gníomhaíocht rialála ar leibhéal an Aontais rannchuidítear le forbairt an Mhargaidh Aonair Inmheánaigh (agus Dhigitigh), soláthraítear deimhneacht dhlíthiúil agus cothrom iomaíochta don tionscal, agus bunaítear ardleibhéal muiníne i measc úsáideoirí innealra.
2.3.Comhréireacht
Is í rogha 3 an rogha beartais tosaíochta - Íoslaghdú ualaí agus sábháilteacht fheabhsaithe.
Leis an rogha bheartais seo, tugtar aghaidh ar na fadhbanna sainaitheanta go léir ar an mbealach is éifeachtaí agus is éifeachtúla, agus moltar Treoir maidir le hInnealra athbhreithnithe ann atá oiriúnach dá feidhm ní hamháin anois, ach sna blianta atá le teacht freisin, agus áirithítear comhleanúnachas leis an reachtaíocht atá ann cheana maidir le sábháilteacht táirgí agus leis an gcreat IS a bheidh ann amach anseo.
I rogha bheartais 3, cuirtear ceanglais nua leis na ceanglais atá ann agus soiléirítear iad sin atá ann cheana, ar bhealach spriocdhírithe agus comhréireach, i gcás inar gá agus inar minic is infheidhme maidir le cineálacha áirithe innealra, agus sa chás sin amháin. Cuirtear soiléireacht dhlíthiúil leis an ngníomh atá ann faoi láthair maidir lena raon feidhme, lena chuid shainmhínithe agus a chuid ceanglas, lena n‑áirítear iad siúd lena gcumhdaítear riosca a eascraíonn as teicneolaíochtaí nua agus lena spreagtar na gníomhaíochtaí caighdeánaithe sa réimse seo, rud a fheabhsaíonn sábháilteacht agus a áirithíonn leibhéal níos airde iontaoibhe agus iomaíochais tionsclaíochta sa mhargadh (digiteach). Nithe eile a dhéantar leis is ea na meaisíní a bhfuil rioscaí móra ag baint leo a oiriúnú don úrscothacht, an rogha seiceála inmheánaí le haghaidh measúnú comhréireachta na meaisíní ardriosca a bhaint, agus comhleanúnachas iomlán a áirithiú leis an togra le haghaidh Rialachán IS. Moltar beart laghdaithe ualaigh ann , rud a bhfuil an‑iarraidh air ag an tionscal, rud lena gceadaítear doiciméadacht dhigiteach agus lena n‑áirithítear ag an am céanna gur féidir le húsáideoirí deiridh agus tomhaltóirí leagan clóite saor in aisce a bheith acu má iarrann siad sin'. Ar deireadh, is mó comhleanúnachas agus deimhneacht dhlíthiúil a bheidh ag baint leis an Treoir athbhreithnithe maidir le hInnealra má ailínítear é le CNR agus má dhéantar Rialachán de. Chun comhréireacht a áirithiú, déantar an próiseas caighdeánaithe a chuimsiú leis an rogha bheartais sin trí Iarratas nua ar Chaighdeánú a eiseoidh an Coimisiún maidir le réitigh theicniúla mhionsonraithe atá le forbairt ag na comhlachtaí caighdeánaithe, agus tríd an Treoirleabhar maidir le hInnealra le haghaidh soiléiriú agus samplaí mionsonraithe.
Mar a mhínítear sa Mheasúnú Tionchair, cloíonn an rogha bheartais tosaíochta le prionsabal na comhréireachta. Na hathruithe atá beartaithe ar na ceanglais sábháilteachta spriocdhírithe, tá siad spriocdhírithe agus teoranta do chineálacha áirithe innealra: innealra lena n‑áirítear teicneolaíochtaí nua, innealra sonrach, agus innealra ardriosca. Os a choinne sin, is ar gach cineál innealra atá na bearta laghdaithe ualaí dírithe (amhail soiléiriú ar mhodhnú substaintiúil, doiciméadacht dhigiteach, ailíniú leis an CNR, tiontú go rialachán). Áirithítear comhréireacht freisin tríd an Treoir maidir le hInnealra a bheith neodrach ó thaobh na teicneolaíochta de. Maidir le soiléirithe nó breiseanna i ndáil leis na ceanglais sábháilteachta, ní bheartaítear sa togra ach a laghad is féidir, agus tá siad le comhlánú ag Iarratas nua ar Chaighdeánú a eiseoidh an Coimisiún chun cumhacht a thabhairt do na comhlachtaí um chaighdeánú le réitigh theicniúla dheonacha a fhorbairt.
2.4.An rogha ionstraime
Is bhfoirm Rialacháin atá an togra. San athrú atá beartaithe ó Threoir go Rialachán cuirtear san áireamh cuspóir ginearálta an Choimisiúin an timpeallacht rialála a shimpliú agus an gá atá le cur chun feidhme aonfhoirmeach na reachtaíochta atá beartaithe ar fud an Aontais a áirithiú.
Ina theannta sin, is treoir chomhchuibhithe iomlán í an treoir maidir le hinnealra, rud a chiallaíonn go mbunaítear ardleibhéal sábháilteachta léi, agus nach gceadaítear do na Ballstáit oibleagáidí níos srianta a fhorchur. I ndáil leis sin, d’áiritheofaí le Rialachán, mar gheall ar a chineál dlíthiúil, nach bhforchuirfidh na Ballstáit ceanglais theicniúla náisiúnta a théann níos faide ná na ceanglais sábháilteachta a leagtar síos in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Treoir reatha agus/nó a thagann salach ar na ceanglais sábháilteachta sin.
Ní bheidh aon athrú ar an gcur chuige reachtach de thoradh an athraithe ó Threoir go Rialachán. Caomhnófar tréithe an Chur Chuige Nua go hiomlán, go háirithe an tsolúbthacht a thugtar do mhonaróirí maidir leis an dóigh a roghnaítear chun na ceanglais riachtanacha a chomhlíonadh (caighdeáin chomhchuibhithe nó sonraíochtaí teicniúla eile) agus maidir leis an nós imeachta a roghnaítear a úsáid chun comhlíonadh a léiriú as measc na nósanna imeachta um measúnú comhréireachta atá ar fáil. Ní dhéanfaidh cineál na hionstraime reachtaí difear do na sásraí atá ann cheana a thacaíonn le cur chun feidhme na reachtaíochta (próiseas caighdeánaithe, meithleacha, faireachas margaidh, comhar riaracháin na mBallstát, agus cur le chéile treoirdhoiciméid) agus beidh an fheidhm chéanna acu faoin Rialachán agus atá acu faoin Treoir faoi láthair.
Ar deireadh, le húsáid Rialachán i réimse na reachtaíochta maidir leis an margadh inmheánach, i gcomhréir freisin leis an tosaíocht atá curtha in iúl ag na páirtithe leasmhara, seachnaítear an baol go mbeadh ‘rórialáil’ ann. Ina theannta sin, fágann úsáid Rialachán gur féidir le monaróirí oibriú go díreach le téacs na Reachtaíochta freisin seachas ceangal a bheith orthu 27 ndlí maidir le trasuí a shainaithint agus a scrúdú. Ar an mbonn sin, meastar gurb í rogha an Rialacháin an réiteach is oiriúnaí le haghaidh gach páirtí lena mbaineann mar fágfaidh sí gur féidir an reachtaíocht atá beartaithe a chur i bhfeidhm ar bhealach níos tapa agus níos comhtháite agus bunófar timpeallacht rialála níos soiléire léi le haghaidh oibreoirí eacnamaíocha.
3.TORTHAÍ AR MHEASTÓIREACHTAÍ EX POST, AR CHOMHAIRLIÚCHÁIN LEIS NA PÁIRTITHE LEASMHARA AGUS AR MHEASÚNUITHE TIONCHAIR
3.1.Meastóireachtaí ex post/seiceálacha oiriúnachta ar an reachtaíocht atá ann cheana
Is é an chonclúid ar ar thángthas sa mheastóireacht ar an treoir gur cheart é a bheith d’aidhm ag an athbhreithniú an méid seo a leanas a dhéanamh: i) aghaidh a thabhairt ar na rioscaí a eascraíonn as teicneolaíochtaí nua agus dul chun cinn teicniúil a cheadú ag an am céanna; ii) feabhas a chur ar shoiléireacht dhlíthiúil roinnt mórchoincheap agus sainmhínithe i dtéacs reatha na Treorach maidir le hInnealra; iii) na ceanglais maidir le doiciméadacht a shimpliú trí fhormáidí digiteacha a cheadú, agus dá réir sin an t‑ualach riaracháin ar oibreoirí eacnamaíocha a laghdú, agus tionchar dearfach breise a imirt ar chostais chomhshaoil; iv) comhleanúnachas le Treoracha agus Rialacháin eile a áirithiú i gcás táirgí agus forfheidhmiú na reachtaíochta a fheabhsú tríd an ailíniú leis an gCreat Nua Reachtach, v) na costais a bhaineann le trasuí a laghdú tríd an Treoir a thiontú ina Rialachán.
Tá torthaí na meastóireachta curtha san áireamh sa togra.
3.2.Comhairliúcháin leis na páirtithe leasmhara
Agus an t‑athbhreithniú ar an Treoir maidir le hInnealra á ullmhú, chuathas i gcomhairle le páirtithe leasmhara lena n‑áirítear na Ballstáit, cónaidhmeanna monaróirí, comhlachais tomhaltóirí agus oibrithe, comhlachtaí dá dtugtar fógra agus ionadaithe ó eagraíochtaí um chaighdeánú.
Is é a bhí sa chomhairliúchán cruinnithe le haghaidh grúpa roghnaithe saineolaithe chomh maith le comhairliúchán leis an Meitheal maidir le hInnealra agus le Grúpa Comhair Riaracháin um innealra na n‑údarás um fhaireachas margaidh.
Tháinig forbairt ar thuairimí roinnt páirtithe leasmhara tar éis plé sa Mheitheal um innealra agus cruinnithe déthaobhacha, go háirithe maidir leis an ngá atá ann aghaidh a thabhairt go sainráite ar na rioscaí nua a eascraíonn as teicneolaíochtaí digiteacha atá ag teacht chun cinn.
·Sainchuspóir 1: Rioscaí nua a bhaineann le teicneolaíochtaí digiteacha atá ag teacht chun cinn a chumhdach
Cé go measann formhór na bpáirtithe leasmhara go gcuirtear nuálaíochtaí san áireamh go leordhóthanach sa Treoir maidir le hInnealra, chuir roinnt acu in iúl go raibh imní orthu faoi na tionchair a d’fhéadfadh a bheith ag teicneolaíochtaí digiteacha atá ag teacht chun cinn ar an tsábháilteacht.
·Sainchuspóir 2: Léirmhíniú comhleanúnach ar an raon feidhme agus ar na sainmhínithe a áirithiú agus sábháilteacht le haghaidh teicneolaíochtaí traidisiúnta a fheabhsú
Maidir leis an raon feidhme agus na sainmhínithe, d’aontaigh formhór na bpáirtithe leasmhara an t‑eisiamh reatha maidir le táirgí ísealvoltais a chumhdaítear leis an Treoir Ísealvoltais (LVD) in Airt. 1.2(k) den Treoir maidir le hInnealra a chur in oiriúint do na táirgí a bhfuil feidhm Wi-Fi acu agus an sainmhíniú ar innealra páirtchríochnaithe a shoiléiriú. Maidir le hoibleagáidí measúnaithe comhréireachta a thabhairt isteach a bhaineann le modhnú substaintiúil a dhéanamh ar innealra a chuirtear ar an margadh nó a chuirtear i seirbhís, ní hionann tuairimí na bpáirtithe leasmhara éagsúla. Maidir le hoiriúnú na gceanglas riachtanach sláinte agus sábháilteachta le haghaidh innealra traidisiúnta, aontaíonn formhór na bpáirtithe leasmhara leis a bheag nó a mhór, ach amháin i gcásanna sonracha áirithe ina measann siad nach bhfuil gá le hoiriúnú toisc go gcumhdaítear na rioscaí le reachtaíocht eile de chuid an Aontais cheana féin.
·Sainchuspóir 3: Athmheasúnú a dhéanamh ar mheaisíní a mheastar a bhfuil ardriosca ag baint leo agus ar nósanna imeachta comhréireachta gaolmhara
An cheist i dtaobh an mbíonn ábhair imní sábháilteachta ann mar gheall ar rogha seiceálacha inmheánacha an mhonaróra in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Treoir maidir le hInnealra, is ceist í ar tugadh meascán freagraí uirthi sa chomhairliúchán poiblí. Is minic a tagraíodh sna freagraí agallaimh, ar an láimh eile, d’oiriúnú agus do nuashonruithe rialta ar Iarscríbhinn I mar rudaí a bhféadfadh tairbhí a bheith ag baint leo.
·Sainchuspóir 4: Ceanglais pháipéir a laghdú maidir le doiciméadacht
Maidir le formáidí digiteacha doiciméadachta a cheadú, chuir beagnach gach grúpa páirtithe leasmhara a dhéanann ionadaíocht ar an tionscal in iúl go bhfuil siad ar a shon sin. Tá formhór na mBallstát agus na n‑eagraíochtaí tomhaltóirí ar son formáid pháipéir a áirithiú freisin.
·Sainchuspóir 5: Comhleanúnachas a áirithiú le reachtaíocht eile maidir le sábháilteacht táirgí
Tugadh tacaíocht beagnach uilíoch d’ailíniú leis an gCreat Reachtach Nua.
·Sainchuspóir 6: Seachaint éagsúlachtaí sa léirmhíniú a eascraíonn as trasuí
Na héagsúlachtaí i ndáil le léirmhíniú na treorach maidir le hinnealra a d’fhéadfadh eascairt as trasuí, is mian le formhór na bpáirtithe leasmhara iad a laghdú agus luaigh siad buntáistí a d’fhéadfadh a bheith ag baint leis an Treoir a thiontú ina Rialachán. I gcás monaróirí, d’fhéadfadh sé gurb é an toradh a bheadh ar an tiontú sin laghdú ar chostais bhreise a bhaineann le difríochtaí sa léirmhíniú ar fud na mBallstát.
3.3.Saineolas a bhailiú agus a úsáid - Measúnú tionchair
Rinne an Coimisiún measúnú tionchair ar an athbhreithniú ar an Treoir maidir le hinnealra. D’eisigh an Bord um Ghrinnscrúdú Rialála (RSB) tuairim ar an dréachtmheasúnú tionchair an 5 Feabhra 2021. Tuairim an Bhoird chomh maith leis an Measúnú Tionchair deiridh agus achoimre feidhmiúcháin an Bhoird, tá siad á bhfoilsiú in éineacht leis an togra seo.
Bunaithe ar an bhfaisnéis a bailíodh, rinneadh ceithre rogha a scrúdú agus a chur i gcomparáid le chéile sa mheasúnú tionchair chun aghaidh a thabhairt ar fhadhbanna agus ar shaincheisteanna a bhaineann leis an Treoir maidir le hInnealra.
Rogha 0 Bunlíne – ‘gan athrú’
Ligfeadh an rogha sin don phróiseas caighdeánaithe forbairt mar is gnách, gan rioscaí béime ar leith a bheith ann a eascraíonn as teicneolaíochtaí nua, agus gan aon bhéim ar leith a bheith ar réimsí ina dteastaíonn feabhsú a bhaineann le teicneolaíochtaí traidisiúnta. Ina theannta sin is rogha í lena ndéanfaí athbhreithniú ar an ‘Treoirleabhar i dtaca leis an Treoir maidir le hInnealra a chur i bhfeidhm’ tríd an ngnáthphróiseas, rud lena mbainfeadh uaillmhian theoranta agus nach mbeadh brú ar leith dá bharr teacht ar comhdhearcaidh.
Rogha 1 Féinrialáil de réir tionscail agus athruithe ar an Treoirleabhar
Ní dhéanfadh an rogha seo aon athrú ar an ngníomh reatha. Thabharfaí isteach soiléirithe sa ‘Treoirleabhar i dtaca leis an Treoir maidir le hInnealra a chur i bhfeidhm’ agus bheadh brú ann teacht ar chomhdhearcadh chun na príomhfhadhbanna mar a thuairiscítear iad i roinn 1.1 a shoiléiriú, nuair is féidir. Thabharfaí aghaidh ar rioscaí nua a eascraíonn as teicneolaíochtaí nua (chomh maith le rioscaí áirithe a eascraíonn as teicneolaíochtaí traidisiúnta) trí iarraidh nua ar chaighdeánú ón gcoimisiún a eisiúint chun an gnáthphróiseas caighdeánaithe a spreagadh.
Rogha 2 Íoslaghdú ualaigh
Is í an réasúnaíocht is bun leis an rogha seo ualach na n‑oibreoirí eacnamaíocha a laghdú. Chun an cuspóir sin a bhaint amach, tá sé d’aidhm ag an rogha seo soiléireacht dhlíthiúil roinnt forálacha a mhéadú agus roinnt oibleagáidí riaracháin a shimpliú.
Mar sin féin, chun ualach na n‑oibreoirí eacnamaíocha a íoslaghdú, ní bheadh aon oiriúnú ar na ceanglais sábháilteachta le haghaidh táirgí, agus dá bhrí sin ní bheadh aon athrú ar oibleagáidí na monaróirí maidir leis an innealra a dhearadh agus a mhonarú. Thabharfaí aghaidh ar na rioscaí nua a eascraíonn as teicneolaíochtaí nua (chomh maith le rioscaí áirithe a eascraíonn as teicneolaíochtaí traidisiúnta) trí iarraidh thiomnaithe ar chaighdeánú ón gcoimisiún a eisiúint chun an gnáthphróiseas caighdeánaithe a chur chun cinn a mhéid is féidir.
Rogha 3 Íoslaghdú ualaigh agus sábháilteacht fheabhsaithe
Tá sé d’aidhm ag an rogha seo freisin soiléireacht dhlíthiúil roinnt forálacha a mhéadú agus roinnt oibleagáidí riaracháin a shimpliú. Ina theannta sin, féachtar leis an rogha seo leis an tsábháilteacht a fheabhsú trí na ceanglais sábháilteachta a oiriúnú agus an measúnú comhréireachta a chur in oiriúint don riosca a bhaineann leis an táirge innealra, lena n‑áirítear teicneolaíochtaí nua.
Cinneadh gurb í rogha 3 an rogha is fearr ar na cúiseanna seo a leanas:
Ciallaíonn rogha 0 nach ndéanfaí aon ghníomh agus nach dtabharfaí aghaidh ar na fadhbanna agus ar na saincheisteanna a sainaithníodh, agus an baol ann nach dtabharfaí aghaidh ar na fadhbanna ná ar na cuspóirí.
Le rogha 1, baintear torthaí teoranta amach. Ní rogha í lena gcinntítear freagairt éifeachtach ar na fadhbanna.
Le rogha 2, cuirtear borradh faoin iomaíochas tríd an ualach ar mhonaróirí a íoslaghdú, gan líon na dtáirgí neamhshábháilte sa mhargadh a laghdú.
Os a choinne sin, le rogha 3 cuirtear leis an iomaíochas tríd an ualach atá ar mhonaróirí a íoslaghdú, agus ina theannta sin cuirtear leis an tsábháilteacht trí cheanglais a shoiléiriú nó ceanglais nua a chur leis an méid atá ann cheana. Tá costais bhreise ag baint leis sin maidir le comhlíonadh, ach tá tairbhí ag baint leis freisin i ndáil le táirgí nach bhfuil chomh contúirteach sin sa mhargadh. Is í sin an rogha is oiriúnaí don todhchaí freisin mar go dtugtar aghaidh léi ar na rioscaí a eascraíonn as teicneolaíochtaí nua.
3.4.Oiriúnacht rialála agus simpliú
Is éard atá i gceist le hailíniú le CNR an treoir a fheidhmiú agus a fhorfheidhmiú ar bhealach níos fearr, sin agus simpliú ualaigh freisin le haghaidh monaróirí a dhéileálann le roinnt gníomhartha sábháilteachta táirgí a bhfuil feidhm acu maidir lena gcuid táirgí (e.g. innealra a bhfuil feidhm ag an dá threoir a leanas maidir leis – treoir maidir le hinnealra, agus an treoir maidir le trealamh raidió. ). Déantar próiseas na nósanna imeachta cosanta a chuíchóiriú leis, trí ligean do na monaróirí agus do na Ballstáit a bheith páirteach sula dtugtar fógra don Choimisiún, agus trí chinneadh ón gCoimisiún a spreagadh sa chás ina mbeidh easaontas idir na Ballstáit agus sa chás sin amháin.
Gné eile a bhaineann leis an simpliú is ea an chomhlántacht idir na tograí dlí IS agus na tograí dlí maidir le hinnealra, tograí ina dtarmligeann an rialachán IS an measúnú comhréireachta chuig an innealra, ionas nach ndéanfar an measúnú riosca le córais IS le haghaidh an innealra ina iomláine ach amháin tríd an rialachán a bheidh ann amach anseo maidir le táirgí innealra.
Ar deireadh, leis an athrú ó threoir go rialachán, seachnófar trasuí na mBallstát agus áiritheofar comhleanúnachas maidir le léirmhíniú an ghnímh dhlíthiúil agus maidir lena chur chun feidhme.
4.IMPLEACHTAÍ BUISÉADACHA
Ní dhéanfaidh an togra aon difear do bhuiséad an Aontais.
5.GNÉITHE EILE
5.1.Pleananna cur chun feidhme agus socruithe faireacháin, meastóireachta agus tuairiscithe
Déanfaidh an Coimisiún faireachán ar chur chun feidhme, ar chur i bhfeidhm agus ar chomhlíonadh na bhforálacha nua sin d’fhonn a n‑éifeachtacht a mheas. Leis an rialachán, iarrfar ar an gCoimisiún meastóireacht agus athbhreithniú rialta a dhéanamh agus tuarascáil phoiblí ina leith sin a chur faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle.
5.2.Míniúchán mionsonraithe ar fhorálacha sonracha an togra
Raon feidhme agus sainmhínithe
Tá raon feidhme an Rialacháin atá beartaithe mar an gcéanna ach soiléirítear é tríd an ábhar a chur isteach in Airteagal 1, foclaíocht an raoin feidhme a oiriúnú agus fleasc nua a chur isteach sa sainmhíniú ar innealra lena n‑áirítear cóimeáil nach bhfuil in easnamh uirthi ach uaslódáil bogearra atá beartaithe a chur i bhfeidhm san innealra sin go sonrach, ionas go mbeidh cosc ar mhonaróirí an t‑innealra sin a aicmiú mar innealra nach bhfuil ach páirtchríochnaithe. Thairis sin, soiléiríodh an sainmhíniú ar chomhpháirt sábháilteachta freisin chun comhpháirteanna neamhfhisiciúla amhail bogearraí a chur san áireamh.
Tá sainmhíniú nua ar mhodhnú substaintiúil ann lena áirithiú go bhfuil innealra, a chuirtear ar an margadh agus/nó a chuirtear i seirbhís, agus a bhfuil modhnuithe substaintiúla déanta air, go bhfuil sé i gcomhréir leis na ceanglais riachtanacha sláinte agus sábháilteachta atá in Iarscríbhinn III.
Ina theannta sin, cuireadh na sainmhínithe ginearálta ar Chinneadh CNR 768/2008/CE isteach.
Soiléirítear leis an Rialachán freisin cur i bhfeidhm reachtaíocht shonrach chomhchuibhithe eile de chuid an Aontais nuair nach ndéantar na rioscaí a bhfuil aghaidh le tabhairt orthu san innealra a bheartú in Iarscríbhinn III.
Eisiaimh
An díolúine maidir le modhanna iompair de bhóthar, leathnaítear é ionas go gcumhdaítear nithe eile leis chomh maith le reachtaíocht chineálcheadaithe an Aontais, rud a dhéantar chun an deimhneacht dhlíthiúil a mhéadú. Déantar sin ar mhaithe le cosc a chur ar fheithiclí nach gcumhdaítear leis an reachtaíocht sin a chumhdach mar réamhshocrú leis an reachtaíocht maidir le hinnealra, toisc nach bhfuil sé i gceist leis an reachtaíocht sin rioscaí a rialú seachas na rioscaí a eascraíonn as feidhm an innealra (amhail sábhadh, tochailt, etc.), agus nach rialaítear léi na rioscaí a bhaineann go heisiach lena feidhm daoine ná earraí a iompar. Ina theannta sin, maidir leis an díolúine ar an liosta táirgí leictreacha agus leictreonacha a rialaítear leis an Treoir maidir le hÍsealvoltas, ós rud é go bhfuil feidhmeanna Wi-Fi á n‑ionchorprú de réir a chéile i gcuid de na táirgí sin, e.g. meaisíní níocháin, agus go gcumhdaítear iad, dá bhrí sin, mar threalamh raidió le Treoir 2014/53/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle , ba cheart na táirgí sin a eisiamh ó raon feidhme an Rialacháin seo freisin.
Innealra ardriosca
Bunaítear leis an togra rialacha aicmithe le haghaidh innealra ardriosca ar rialacha iad lena dtugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh chun an liosta innealra ardriosca in Iarscríbhinn I a oiriúnú. Tá an liosta sin imithe as feidhm agus is gá é a oiriúnú don dul chun cinn teicniúil agus don chineál nua innealra a mbaineann ardriosca leis, amhail innealra lena mbaineann feidhmeanna sábháilteachta lena n‑áirithítear IS.
Oibleagáidí na n‑oibreoirí eacnamaíocha
Ionchorpraítear sa togra oibleagáidí le haghaidh monaróirí, allmhaireoirí agus dáileoirí atá le hailíniú le Cinneadh 768/2008/CE faoi CNR. Soiléireofar leis sin na hoibleagáidí éagsúla, oibleagáidí atá comhréireach le freagrachtaí na n‑oibreoirí eacnamaíocha. Ina theannta sin, nuair a dhéantar innealra a mhodhnú go substaintiúil de réir an tsainmhínithe, déantar monaróir den té a mhodhnaíonn an t‑innealra agus ní mór dó na hoibleagáidí ábhartha a chomhlíonadh. Ós rud é go bhfuil slabhra soláthair an innealra ag dul i gcastacht, tá oibleagáid ghinearálta ann maidir le comhar tríú páirtithe a bhfuil baint acu le slabhra soláthair an innealra, chomh maith le cuid na n‑oibreoirí eacnamaíocha de na hoibleagáidí.
Toimhde comhréireachta innealra
Is rud é atá ann i gcónaí go nglactar le comhréireacht innealra nuair a dhéanann monaróirí na caighdeáin chomhchuibhithe ábhartha atá foilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh nó codanna de na caighdeáin sin a chur i bhfeidhm. Mar sin féin, chun an toimhde comhréireachta a áirithiú i gcás nach bhfuil caighdeáin chomhchuibhithe ann, tabharfar de chumhacht don Choimisiún sonraíochtaí teicniúla a ghlacadh. Rogha chúltaca a bheidh ann sin nach n‑úsáidfear ach amháin i gcásanna nach mbeidh na comhlachtaí um chaighdeánú in ann caighdeáin a sholáthar nó caighdeáin a sholáthar nach bhfreagraíonn don iarraidh ón gCoimisiún ar chaighdeánú ná do na ceanglais riachtanacha sláinte agus sábháilteachta atá in Iarscríbhinn III.
Measúnú comhréireachta
Rogha seiceála inmheánaí an mhonaróra, is rud í a choimeádtar sa togra i dtaca le hinnealra nach bhfuil aicmithe mar innealra ardriosca. I gcás innealra ardriosca, áfach, ós rud é go gcuirfear Iarscríbhinn I in oiriúint don dul chun cinn teicneolaíoch nuair is gá agus d’ailíniú an CNF, ní ghlacfar ach le deimhniúchán tríú páirtí, fiú nuair a chuireann monaróirí na caighdeáin chomhchuibhithe ábhartha i bhfeidhm.
Déanann an togra na modúil chomhfhreagracha a thabhairt cothrom le dáta i gcomhréir le Cinneadh CNR 768/2008/CE.
Comhlachtaí dá dtugtar fógra
Tá sé ríthábhachtach go bhfeidhmeodh comhlachtaí dá dtugtar fógra i gceart ionas go n‑áiritheofar ardleibhéal cosanta sláinte agus sábháilteachta agus ar mhaithe le muinín gach páirtí leasmhair as córas an Chur Chuige Nua. Dá bhrí sin, de réir an Chinnidh CNR, leagtar amach sa togra ceanglais d’údaráis náisiúnta atá freagrach as comhlachtaí um measúnú comhréireachta (comhlachtaí dá dtugtar fógra). Cuirtear an fhreagracht deiridh ar an mBallstát féin maidir le comhlachtaí dá dtugtar fógra a ainmniú agus faireachán a dhéanamh orthu.
Faireachas margaidh an Aontais, rialú ar innealra a thagann isteach i margadh an Aontais agus nós imeachta cosanta an Aontais
Comhtháthaítear sa togra forálacha Chinneadh CNR 768/2008/CE. Neartófar leis sin an faireachas margaidh agus soiléireofar an nós imeachta clabhsúir cosanta. Ní bheidh gá le cinntí ón gCoimisiún maidir le bearta a dhéanfaidh na Ballstáit i leith táirgí a chuirtear ar mhargadh an Aontais ach amháin mura n‑aontaíonn Ballstáit eile leis an mbeart sin, rud a dhéanfaidh obair an Choimisiúin a shimpliú.
Ceanglais riachtanacha sláinte agus sábháilteachta (EHSRanna) le haghaidh an innealra thraidisiúnta:
Leis an Rialachán atá beartaithe, déantar na EHSRanna seo a leanas a chur in oiriúint nó a chur isteach chun aghaidh a thabhairt ar rioscaí sonracha innealra:
1.1.2. Cuireadh prionsabail an chomhtháthaithe sábháilteachta in oiriúint le go mbeadh úsáideoirí an innealra in ann feidhmeanna sábháilteachta an innealra a thástáil.
Rinneadh 1.6.1 maidir le cothabháil a chur in oiriúint chun tarrtháil thráthúil agus shábháilte a éascú nuair a bhíonn oibreoirí sáinnithe sa mheaisín.
Doiciméadacht dhigiteach: Le EHSR 1.7.4 maidir le treoracha agus Iarscríbhinn V maidir le dearbhú comhréireachta an mhonaróra is féidir le monaróirí treoracha digiteacha agus an dearbhú comhréireachta a chur ar fáil. Mar sin féin, tá formáid pháipéir éigeantach má iarrtar sin.
Táthar tar éis EHSR 1.7.4 maidir le treoracha a chur in oiriúint tuilleadh chun faisnéis a iarraidh faoi astaíochtaí substaintí guaiseacha ón innealra agus EHSRanna 2.2.1.1 agus 3.6.3.1 maidir le creathadh ó innealra láimhe iniompartha agus innealra lámhthreoraithe a chur in oiriúint tuilleadh chun na treoracha maidir le creathadh a chur in oiriúint ionas go laghdófar a mhéid a tharlaíonn díobháil cheirde.
Cuireadh EHSR 2.2 maidir le hinnealra láimhe iniompartha agus/nó innealra lámhthreoraithe in oiriúint chun astaíochtaí substaintí guaiseacha a ghabháil nó a laghdú.
Roinn 3 maidir le rioscaí i ngeall ar shoghluaisteacht innealra a chúiteamh, cuireadh in oiriúint í chun aghaidh a thabhairt ar na rioscaí maidir le meaisíní uathrialacha agus stáisiúin chianmhaoirseachta.
EHSR 3.2.2 maidir le suíocháin le haghaidh innealra soghluaiste cuireadh in oiriúint é chun cur le sábháilteacht an tiománaí.
EHSR 3.5.4 maidir le rioscaí teagmhála le línte cumhachta beo lastuas, cuireadh isteach é chun tionóiscí a sheachaint nuair a dhéanann innealra teagmháil le línte lastuas.
EHSR 6.2 maidir le gléasanna rialaithe, cuireadh in oiriúint é sa chaoi go gceadaítear, nuair is féidir, úsáid a bhaint as gléasanna rialaithe eile seachas gléasanna 'brúigh go mbí tú ag bogadh' ar ardaitheoirí ar luas mall, rud a fhágann gur féidir a bheith i mbun nuálaíochta.
Fearais ardúcháin a shuiteáil: d’fhonn gníomhaíochtaí faireachais margaidh a éascú, ní chuirfear le dearbhú comhréireachta an mhonaróra seoladh na háite ina bhfuil an meaisín suiteáilte go buan ach le haghaidh innealra ardúcháin atá suiteáilte i bhfoirgneamh nó i struchtúr.
Ceanglais riachtanacha sláinte agus sábháilteachta le haghaidh innealra a bhfuil teicneolaíochtaí digiteacha nua ag baint leis:
Sa mheasúnú riosca nach mór do mhonaróirí a dhéanamh sula gcuirtear an t‑innealra ar an margadh/sula gcuirtear i seirbhís é, ní mór a áireamh freisin na rioscaí a thiocfaidh chun cinn tar éis an t‑innealra a chur ar an margadh mar gheall ar a iompraíocht neamhspleách a bhíonn ag síorathrú.
Cibearshlándáil a mbíonn tionchar aici ar an tsábháilteacht
Chun aghaidh a thabhairt ar na rioscaí a eascraíonn as gníomhaíochtaí mailíseacha tríú páirtí agus a bhfuil tionchar acu ar shábháilteacht an innealra, cuireann an togra EHSR 1.1.9 nua leis na EHSRanna agus soiléiríonn séEHSR1.2.1 maidir le sábháilteacht agus iontaofacht na gcóras rialaithe.
Idirghníomhaíocht idir an duine agus innealra
Tá meaisíní ag éirí níos cumhachtaí agus níos uathrialaithí, agus is í cuma an duine dhaonna, nó geall léi, atá ar chuid acu, rud fhágann gur gá na EHSRanna a bhaineann leis an teagmháil idir an duine agus an t‑innealra a chur in oiriúint, i.e. EHSR 1.1.6 maidir leis an eirgeanamaíocht agus EHSR 1.3.7 maidir le rioscaí a bhaineann le páirteanna gluaisteacha agus an strus síceolaíoch.
Innealra lena mbaineann acmhainneacht a bhíonn ag síorathrú
Cé go rialófar rioscaí an chórais IS le reachtaíocht an Aontais maidir le IS, ní mór a áirithiú leis an togra go mbeidh an t‑innealra uile sábháilte, agus a chur san áireamh chuige sin na hidirghníomhaíochtaí idir na comhpháirteanna innealra, lena n‑áirítear na córais IS. Maidir leis sin, cuireadh na EHSRanna seo a leanas in oiriúint: prionsabail ghinearálta 1.1.6 maidir leis an eirgeanamaíocht, 1.2.1 maidir le sábháilteacht agus iontaofacht na gcóras rialaithe agus 1.3.7 maidir le rioscaí a bhaineann le páirteanna gluaisteacha agus an strus síceolaíoch.
Inrianaitheacht sábháilteachta innealra
A luaithe a chuirtear an t‑innealra ar an margadh, braitheann sábháilteacht innealra níos mó de réir a chéile ar iompraíocht na mbogearraí. D’fhonn tacú leis an bpróiseas measúnaithe comhréireachta agus leis an bhfaireachas margaidh, cuireadh roinnt ceanglas nua le EHSR 1.2.1 maidir le sábháilteacht agus iontaofacht na gcóras rialaithe agus leis an bhfaisnéis a cheanglaítear sa chomhad teicniúil in Iarscríbhinn IV.
Gníomhartha cur chun feidhme
Tugtar de chumhacht don Choimisiún leis an togra gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh, i gcás inarb iomchuí, chun cur i bhfeidhm aonfhoirmeach an Rialacháin seo a áirithiú. Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme sin i gcomhréir leis na forálacha maidir le gníomhartha cur chun feidhme a leagtar síos i Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Feabhra 2011 lena leagtar síos na rialacha agus na prionsabail ghinearálta a bhaineann le sásraí maidir le rialú na mBallstát ar fheidhmiú chumhachtaí chur chun feidhme an Choimisiúin.
Gníomhartha tarmligthe
Tugtar de chumhacht don Choimisiún leis an togra gníomhartha tarmligthe a ghlacadh chun an liosta d’innealra ardriosca in Iarscríbhinn I a chur in oiriúint chun dul chun cinn an eolais theicniúil nó na fianaise eolaíche nua agus an liosta táscach comhpháirteanna sábháilteachta in Iarscríbhinn II a chur san áireamh.
Meastóireacht agus athbhreithniú
Déanfaidh an Coimisiún faireachán ar chur chun feidhme, ar chur i bhfeidhm agus ar chomhlíonadh na bhforálacha nua sin d’fhonn a n‑éifeachtacht a mheas. Leis an rialachán, iarrtar meastóireacht agus athbhreithniú rialta ar an gCoimisiún agus tuarascáil phoiblí ina leith sin a chur faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle.
Forálacha críochnaitheacha
Is 30 mí tar éis don Rialachán beartaithe teacht i bhfeidhm a bheidh sé inchurtha i bhfeidhm, rud a thabharfaidh a ndóthain ama do mhonaróirí, do chomhlachtaí dá dtugtar fógra agus do na Ballstáit dul in oiriúint do na ceanglais nua. Mar sin féin, ní mór an nós imeachta um chlásal cosanta a chur i bhfeidhm go gairid tar éis theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo chun an sásra a shimpliú. Tá forálacha idirthréimhseacha beartaithe maidir le táirgí a mhonaraítear agus leis na deimhnithe a eisíonn comhlachtaí dá dtugtar fógra faoi Threoir 2006/42/CE chun gur féidir stoic a shú isteach agus chun aistriú rianúil chuig na ceanglais nua a áirithiú. Déanfar Treoir 2006/42/CE a aisghairm agus cuirfear an Rialachán atá beartaithe ina hionad.
2021/0105 (COD)
Togra le haghaidh
RIALACHÁN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE
Maidir le táirgí innealra
(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 114 de,
Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,
Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,
Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa,
Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach,
De bharr an mhéid seo a leanas:
(1)Glacadh Treoir 2006/42/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle i gcomhthéacs bhunú an mhargaidh inmheánaigh chun ceanglais sláinte agus sábháilteachta le haghaidh innealra i ngach Ballstát a chomhchuibhiú agus chun bacainní ar thrádáil innealra idir na Ballstáit a bhaint.
(2)Is cuid thábhachtach de thionscal na hinnealtóireachta í earnáil an innealra agus tá sí ar cheann de phríomhréimsí tionsclaíocha gheilleagar an Aontais. An costas sóisialta a bhaineann leis an líon mór tionóiscí arb í úsáid an innealra is cúis dhíreach leo, is féidir é a laghdú ach an t‑innealra a dhearadh agus a thógáil ar shlí atá sábháilte inti féin, sin agus leis an tsuiteáil agus an chothabháil cheart.
(3)Is léir ón taithí a fuarthas de bharr chur chun feidhme Threoir 2006/42/CE go bhfuil easnaimh agus míréireachtaí ann maidir leis an gcumhdach táirgí agus na nósanna imeachta um measúnú comhréireachta. Is gá, dá bhrí sin, na forálacha a leagtar amach sa Treoir sin a fheabhsú, a shimpliú agus a chur in oiriúint do riachtanais an mhargaidh agus rialacha soiléire a sholáthar i ndáil leis an gcreat ina bhféadfar táirgí innealra a chur ar fáil ar an margadh.
(4)Na rialacha lena leagtar amach na ceanglais maidir le táirgí innealra, go háirithe na ceanglais riachtanacha sláinte agus sábháilteachta agus na nósanna imeachta um measúnú comhréireachta, ós rud é gur gá iad a chur i bhfeidhm go haonfhoirmeach i leith na n‑oibreoirí go léir ar fud an Aontais, agus gur gá nach mbeidh deis ag na Ballstáit iad a chur chun feidhme ar bhealaí éagsúla, ba cheart rialachán a chur in ionad Threoir 2006/42/CE.
(5)Is iad na Ballstáit atá freagrach as sláinte agus sábháilteacht daoine, go háirithe oibrithe agus tomhaltóirí agus, i gcás inarb iomchuí, ainmhithe clóis agus réadmhaoine, a chosaint ar a gcríoch féin, go háirithe i ndáil leis na rioscaí a eascraíonn as úsáid an innealra. Chun amhras a sheachaint, ba cheart a mheas gur ainmhithe de na hainmhithe clóis atá in ainmhithe feirme.
(6)Le Rialachán (CE) Uimh. 765/2008 ó Pharlaimint na hEorpa, leagtar síos rialacha maidir le creidiúnú comhlachtaí um measúnú comhréireachta, soláthraítear creat chun faireachas margaidh a dhéanamh ar tháirgí agus chun táirgí ó thríú tíortha a rialú, agus leagtar síos prionsabail ghinearálta na marcála CE. Ba cheart feidhm a bheith ag an Rialachán sin maidir le táirgí innealra a chumhdaítear leis an Rialachán seo chun a áirithiú go ndéanfaidh na táirgí sin, a thairbhíonn de shaorghluaiseacht earraí laistigh den Aontas, ceanglais a chomhlíonadh lena gcuirtear ardleibhéal cosanta ar fáil do leasanna an phobail amhail sláinte nó sábháilteacht daoine agus, más iomchuí, sábháilteacht ainmhithe clóis agus slándáil réadmhaoine agus, i gcás inarb infheidhme, cosaint an chomhshaoil.
(7)Leagtar síos i Rialachán (CE) Uimh. 2019/1020 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle na rialacha maidir le faireachas margaidh agus rialú táirgí a thagann isteach i margadh an Aontais. Tá feidhm ag an Rialachán sin cheana maidir le hinnealra, ós rud é go liostaítear Treoir 2006/42/CE in Iarscríbhinn I a ghabhann léi.
(8)Leagtar síos le Cinneadh Uimh. 768/2008/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle na prionsabail choiteanna agus forálacha tagartha coiteanna a bhfuil sé beartaithe feidhm a bheith acu síos tríd an reachtaíocht earnála. Chun comhsheasmhacht le reachtaíocht earnála táirgí eile a áirithiú, is iomchuí forálacha áirithe den Rialachán seo a ailíniú leis an gCinneadh sin, a mhéid nach n‑éilíonn sainiúlachtaí earnála réiteach éagsúil. Dá bhrí sin, ba cheart sainmhínithe áirithe, oibleagáidí ginearálta oibreoirí eacnamaíocha, na rialacha maidir le toimhde comhréireachta, na rialacha maidir le dearbhú comhréireachta an Aontais, na rialacha maidir le comhartha CE, na ceanglais maidir le comhlachtaí um measúnú comhréireachta, na rialacha maidir le nósanna imeachta i dtaobh fógra a thabhairt agus na nósanna imeachta um measúnú comhréireachta agus na rialacha maidir le nósanna imeachta chun déileáil le táirgí innealra a bhfuil riosca ag baint leo a chur in oiriúint do na forálacha tagartha a leagtar síos sa Chinneadh sin.
(9)Ba cheart go gcumhdófaí leis an Rialachán seo táirgí innealra atá nua do mhargadh an Aontais nuair a chuirtear ar an margadh iad, i.e. táirgí innealra nua a dhéanann monaróir atá bunaithe san Aontas nó táirgí innealra, bídís nua nó athláimhe, a allmhairítear ó thríú tír.
(10)I gcás ina bhféadfaidh tomhaltóir na táirgí innealra a úsáid, is é sin le rá, oibreoir neamhghairmiúil, ba cheart don mhonaróir a chur san áireamh nach bhfuil an t‑eolas agus an taithí chéanna ag an tomhaltóir maidir le táirgí innealra a láimhseáil i ndearadh agus i dtógáil na dtáirgí. Beidh feidhm leis an méid sin freisin i gcás ina mbainfear gnáth‑úsáid as táirge innealra chun seirbhís a sholáthar do thomhaltóir.
(11)Le déanaí, tugadh meaisíní níos forbartha isteach ar an margadh, meaisíní nach bhfuil chomh spleách sin ar oibreoirí daonna. Tá na meaisíní sin, ar a dtugtar róbait chomhoibritheacha nó cóbait, ag obair ar thascanna sainithe agus i dtimpeallachtaí struchtúrtha, ach fós féin is féidir leo foghlaim bearta nua a dhéanamh sa chomhthéacs seo agus a bheith níos uathrialaithí. Ar na mionchoigeartuithe breise ar mheaisíní, atá i bhfeidhm cheana féin nó a bhfuil coinne leo, tá próiseáil fíor-ama ar fhaisnéis, réiteach fadhbanna, soghluaisteacht, córais bhraiteoirí, foghlaim, inoiriúnaitheacht, agus an cumas oibriú i dtimpeallachtaí neamhstruchtúrtha (e.g. láithreáin tógála). Sa Tuarascáil ón gCoimisiún maidir leis na himpleachtaí sábháilteachta agus dliteanais a bhaineann leis an Intleacht Shaorga, Idirlíon na Rudaí Nithiúla agus an róbataic, luaitear go bhfuil dúshláin nua ann ó thaobh sábháilteacht táirgí de le teacht chun cinn teicneolaíochtaí digiteacha, amhail an intleacht shaorga, Idirlíon na rudaí nithiúla agus an róbataic. Is í an chonclúid ar ar thángthas sa tuarascáil go bhfuil roinnt bearnaí ina leith sin sa reachtaíocht atá ann faoi láthair maidir le sábháilteacht táirgí, lena n‑áirítear Treoir 2006/42/CE, bearnaí ar gá aghaidh a thabhairt orthu. Dá bhrí sin, ba cheart go gcumhdófaí leis an Rialachán seo na rioscaí sábháilteachta a eascraíonn as teicneolaíochtaí digiteacha nua.
(12)Chun cosaint sláinte agus sábháilteachta daoine agus ainmhithe clóis a áirithiú, maille le slándáil na réadmhaoine agus, i gcás inarb infheidhme, cosaint an chomhshaoil, ba cheart feidhm a bheith ag an Rialachán seo maidir le gach cineál soláthair táirgí innealra, lena n‑áirítear ciandíol, dá dtagraítear in Airteagal 6 de Rialachán (AE) 2019/1020.
(13)Chun deimhneacht dhlíthiúil a áirithiú le haghaidh gach úsáideora, ba cheart raon feidhme an Rialacháin seo a leagan amach ar bhealach soiléir agus ba cheart na coincheapa a bhaineann lena chur i bhfeidhm a shainiú chomh cruinn agus is féidir.
(14)Ionas nach ndéanfar reachtaíocht a rith i leith an táirge chéanna faoi dhó, is iomchuí airm, lena n‑áirítear airm thine, atá faoi réir Threoir
(AE) 2017/853
ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, a eisiamh ó raon feidhme an Rialacháin seo.
(15)Toisc go bhfuil sé de chuspóir ag an Rialachán seo aghaidh a thabhairt ar na rioscaí a eascraíonn as feidhm an innealra seachas as earraí nó daoine a iompar, níor cheart feidhm a bheith aige maidir le feithiclí nach bhfuil sé d’aidhm acu ach earraí nó daoine a iompar ar bhóithre, d’aer, ar uisce nó ar ghréasáin iarnróid, beag beann ar na teorainneacha luais. Mar sin féin, tá feidhm innealra ag innealra atá suite ar fheithiclí den sórt sin nó ag innealra soghluaiste atá ceaptha chun obair thógála a éascú, e.g. dumpairí agus forcardaitheoirí, agus ba cheart, dá bhrí sin, é a chumhdach faoin Rialachán seo. Toisc go dtagann feithiclí talmhaíochta agus foraoiseachta agus feithiclí dhá nó trí roth agus cuadrothair, mar aon le córais, comhpháirteanna, aonaid theicniúla ar leithligh, páirteanna agus trealamh a dheartar agus a thógtar le haghaidh feithiclí den sórt sin, faoi raon feidhme Rialachán (AE) Uimh. 167/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Rialachán (AE) Uimh. 168/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle faoi seach, ba cheart iad a eisiamh ó raon feidhme an Rialacháin seo.
(16)Fearais tí atá ceaptha le haghaidh úsáid tí, nach troscán a oibrítear go leictreach iad, clostrealamh agus fístrealamh, trealamh teicneolaíochta faisnéise, innealra oifige, giarlasc ísealvoltais agus trealamh rialaithe agus mótair leictreonacha, tagann siad faoi raon feidhme Threoir 2014/35/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus, dá bhrí sin, ba cheart iad a eisiamh ó raon feidhme an Rialacháin seo. Tá feidhmeanna Wi-Fi á n‑ionchorprú de réir a chéile ag roinnt de na táirgí sin, e.g. meaisíní níocháin, agus dá bhrí sin cumhdaítear iad le Treoir 2014/53/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairlemar threalamh raidió. Ba cheart na táirgí sin a eisiamh ó raon feidhme an Rialacháin seo freisin.
(17)De thoradh na forbartha atá tagtha ar earnáil an innealra, is mó an úsáid atá á baint as modhanna digiteacha agus is tábhachtaí an ról atá ag na bogearraí i ndearadh an innealra. Dá bhrí sin, ba cheart an sainmhíniú ar innealra a chur in oiriúint. Maidir leis sin, níor cheart ach innealra nach bhfuil in easnamh air ach bogearraí atá ceaptha le haghaidh chur i bhfeidhm sonrach an innealra a uaslódáil faoin sainmhíniú ar innealra seachas faoin sainmhíniú ar innealra páirtchríochnaithe. Ina theannta sin, ba cheart go gcumhdófaí leis an sainmhíniú ar chomhpháirteanna sábháilteachta, ní hamháin feistí fisiceacha ach feistí digiteacha freisin. Chun a chur san áireamh go bhfuil úsáid níos mó á baint as bogearraí mar chomhpháirt sábháilteachta, ba cheart a mheas gur comhpháirt sábháilteachta iad bogearraí a bhfuil feidhm sábháilteachta acu agus a chuirtear go neamhspleách ar an margadh.
(18)Is éard atá in innealra páirtchríochnaithe táirge innealra nach mór tuilleadh tógála a dhéanamh air chun go mbeidh sé in ann a fheidhm shonrach a chomhlíonadh, i.e. na hoibríochtaí dea-shainithe a bhfuil an táirge innealra deartha dóibh. Ní gá feidhm a bheith ag ceanglais uile an Rialacháin seo maidir le hinnealra páirtchríochnaithe ach chun sábháilteacht an táirge innealra ina iomláine a áirithiú, is tábhachtach mar sin féin go ráthófaí saorghluaiseacht innealra páirtchríochnaithe den sórt sin trí nós imeachta sonrach.
(19)I gcás ina mbainfidh rioscaí le táirgí innealra, rioscaí a dtugtar aghaidh orthu leis na ceanglais riachtanacha sláinte agus sábháilteachta a leagtar amach sa Rialachán seo ach a chumhdaítear freisin go hiomlán nó go páirteach le reachtaíocht níos sonraí eile de chuid an Aontais, níor cheart feidhm a bheith ag an Rialachán seo a mhéid a chumhdaítear na rioscaí sin leis an reachtaíocht eile sin de chuid an Aontais. I gcásanna eile, d’fhéadfadh rioscaí nach gcumhdaítear leis na ceanglais riachtanacha sláinte agus sábháilteachta a leagtar amach sa Rialachán seo a bheith ag baint le táirgí innealra. Mar shampla, d’fhéadfadh rioscaí a bheith ag baint le táirgí innealra ina n‑ionchorpraítear feidhm Wi-Fi nó córas intleachta saorga nach dtugtar aghaidh orthu sna ceanglais riachtanacha sláinte agus sábháilteachta a leagtar amach sa Rialachán seo, toisc nach ndéileáiltear sa Rialachán seo le rioscaí a bhaineann go sonrach le córais den sórt sin. I gcás córais intleachta saorga, ba cheart feidhm a bheith ag reachtaíocht shonrach an Aontais maidir le hintleacht shaorga, toisc go bhfuil ceanglais shonracha sábháilteachta inti le haghaidh córais intleachta saorga ardriosca. Chun neamhleanúnachas a sheachaint maidir leis an gcineál measúnaithe comhréireachta agus chun nach dtabharfar ceanglais isteach chun dhá mheasúnú comhréireachta a dhéanamh, ba cheart na ceanglais shonracha sábháilteachta sin a sheiceáil, áfach, mar chuid den nós imeachta um measúnú comhréireachta a leagtar amach sa Rialachán seo. Ba cheart na ceanglais riachtanacha sláinte agus sábháilteachta a leagtar amach sa Rialachán seo a chur i bhfeidhm ar aon chuma lena áirithiú, i gcás inarb infheidhme, go ndéanfar córas na hintleachta saorga a chomhtháthú go sábháilte leis an innealra iomlán, ionas nach gcuirfear sábháilteacht an innealra ina iomláine i mbaol.
(20)I gcás aontaí trádála, taispeántas agus imeachtaí comhchosúla, ba cheart a bheith in ann innealra táirgí nach gcomhlíonann ceanglais an Rialacháin seo a thaispeáint, ós rud é nach mbeadh aon riosca sábháilteachta ag baint leis sin. Mar sin féin, ar mhaithe le trédhearcacht, ba cheart páirtithe leasmhara a chur ar an eolas mar is ceart nach bhfuil na táirgí innealra comhlíontach agus nach féidir iad a cheannach.
(21)Bíonn tionchar ag forbairt na húrscothachta in earnáil an innealra ar aicmiú táirgí innealra ardriosca. D’fhonn léiriú ceart a thabhairt ar gach táirge innealra ardriosca, ba cheart critéir a bhunú le haghaidh an mheasúnaithe a dhéanann an Coimisiún maidir le cé na táirgí innealra ba cheart a áireamh ar liosta na dtáirgí innealra ardriosca.
(22)Is rioscaí eile a bhaineann le teicneolaíochtaí digiteacha nua iad na rioscaí sin a spreagann tríú páirtithe mailíseacha a mbíonn tionchar acu ar shábháilteacht táirgí innealra. Maidir leis sin, ba cheart do mhonaróirí bearta comhréireacha a ghlacadh atá teoranta do shábháilteacht an táirge innealra a chosaint. Ní chuireann sé sin bac ar reachtaíocht eile de chuid an Aontais lena dtugtar aghaidh go sonrach ar ghnéithe cibearshlándála a chur i bhfeidhm ar tháirgí innealra.
(23)Lena áirithiú nach mbeidh rioscaí sláinte agus sábháilteachta ag baint le táirgí innealra do dhaoine ná d’ainmhithe clóis nuair a chuirtear na táirgí sin ar an margadh nó nuair a chuirtear iad i seirbhís, agus lena áirithiú nach ndéanfaidh siad dochar do réadmhaoin agus, i gcás inarb infheidhme, don chomhshaol, ba cheart ceanglais riachtanacha sláinte agus sábháilteachta a leagan amach nach mór a chomhlíonadh sula gceadaítear na táirgí innealra a chur ar an margadh. Ba cheart go gcomhlíonfadh táirgí innealra na ceanglais riachtanacha sláinte agus sábháilteachta nuair a chuirtear ar an margadh iad nó nuair a chuirtear i seirbhís iad. I gcás ina ndéanfar na táirgí innealra sin a mhodhnú ina dhiaidh sin, ar mhodh fisiciúil nó digiteach, ar bhealach nach bhfuil beartaithe ag an monaróir agus a d’fhéadfadh a thabhairt le tuiscint nach gcomhlíonann sé na ceanglais riachtanacha sláinte agus sábháilteachta ábhartha a thuilleadh, ba cheart a mheas gur modhnú substaintiúil é an modhnú. Mar shampla, féadfaidh úsáideoirí bogearraí a uaslódáil i dtáirge innealra nach bhforálann an monaróir agus a d’fhéadfadh rioscaí nua a chruthú. Chun a áirithiú go gcomhlíonfaidh an táirge innealra sin na ceanglais riachtanacha sláinte agus sábháilteachta ábhartha, ba cheart a cheangal ar an duine a dhéanann an modhnú substaintiúil measúnú comhréireachta nua a dhéanamh sula gcuirfear an táirge innealra modhnaithe ar an margadh nó sula gcuirfear i seirbhís é. Níor cheart feidhm a bheith ag an gceanglas sin ach amháin maidir leis an gcuid mhodhnaithe den táirge innealra, ar choinníoll nach ndéanann an modhnú difear don táirge innealra ina iomláine. Chun ualach neamhriachtanach díréireach a sheachaint, níor cheart go gceanglófaí ar an duine a mbeidh an modhnú substaintiúil á dhéanamh aige tástálacha a dhéanamh arís agus doiciméadacht nua a tháirgeadh i ndáil le gnéithe den táirge innealra nach mbeidh tionchar ag an modhnú orthu. Ba chóir é a bheith faoin duine a dhéanann an modhnú substaintiúil a léiriú nach bhfuil tionchar ag an modhnú ar an táirge innealra ina iomláine.
(24)In earnáil an innealra, is fiontair bheaga nó mheánmhéide (FBManna) thart ar 98 % de na cuideachtaí. Chun an t‑ualach rialála ar FBManna dá dtugtar fógra a laghdú ba cheart dóibh na táillí le haghaidh measúnuithe comhréireachta a chur in oiriúint agus a laghdú i gcomhréir lena leasanna sonracha agus lena riachtanais shonracha.
(25)Ba cheart d’oibreoirí eacnamaíocha a bheith freagrach as na táirgí innealra a bheith ag comhlíonadh cheanglais an Rialacháin seo, maidir lena róil faoi seach sa slabhra soláthair, d’fhonn ardleibhéal cosanta a áirithiú le haghaidh leasanna an phobail, amhail sláinte nó sábháilteacht daoine agus, más iomchuí, sábháilteacht ainmhithe clóis agus slándáil réadmhaoine agus, i gcás inarb infheidhme, cosaint an chomhshaoil, mar aon le hiomaíocht chóir ar mhargadh an Aontais.
(26)Ba cheart do gach oibreoir eacnamaíoch a dhéanann idirghabháil sa slabhra soláthair agus dáilte bearta iomchuí a dhéanamh lena áirithiú nach gcuireann siad ar fáil ar an margadh ach táirgí innealra atá i gcomhréir leis an Rialachán seo. Ba cheart dáileadh soiléir, comhréireach oibleagáidí a fhreagraíonn do ról gach oibreora eacnamaíoch sa slabhra soláthair agus dáilte a chur ar fáil faoin Rialachán seo.
(27)Chun cumarsáid idir oibreoirí eacnamaíocha, údaráis náisiúnta faireachais margaidh agus úsáideoirí a éascú, ba cheart do na Ballstáit iarraidh ar na hoibreoirí eacnamaíocha seoladh suímh gréasáin a chur san áireamh chomh maith leis an seoladh poist.
(28)Is é an monaróir, a bhfuil eolas mionsonraithe aige ar an bpróiseas deartha agus táirgthe, an duine is fearr chun an nós imeachta um measúnú comhréireachta a chur i gcrích. Dá bhrí sin, is ar an monaróir amháin atá an oibleagáid measúnú comhréireachta a dhéanamh.
(29)Ba cheart don mhonaróir nó d’ionadaí údaraithe an mhonaróra a áirithiú go ndéantar measúnú riosca ar an táirge innealra is mian leis an monaróir a chur ar an margadh. Chun na críche sin, ba cheart don mhonaróir a chinneadh cé acu de na ceanglais riachtanacha sláinte agus sábháilteachta is infheidhme maidir leis an táirge innealra agus nach mór bearta a dhéanamh ina leith chun dul i ngleic leis na rioscaí a d’fhéadfadh a bheith ag baint leis an táirge innealra. I gcás ina gcomhtháthóidh an táirge innealra córas intleachta saorga, ar na rioscaí a aithníodh le linn an mheasúnaithe riosca ba cheart go n‑áireofaí na rioscaí sin a d’fhéadfadh a bheith ann le linn shaolré an táirge innealra mar gheall ar fhorbairt bheartaithe ar a iompraíocht chun oibriú de réir leibhéil éagsúla neamhspleáchais. I ndáil leis sin, i gcás ina gcomhtháthóidh an táirge innealra córas intleachta saorga, ba cheart go ndéanfaí an riosca don chóras intleachta saorga sin a mheas sa mheasúnú riosca a rinneadh de bhun Rialachán (AE).../... ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle
+.
(30)Braitheann sábháilteacht an táirge innealra chomhtháite ar na spleáchais agus ar na hidirghníomhaíochtaí idir a chomhpháirteanna agus innealra páirtchríochnaithe agus innealra aonair a ghlacann páirt i gcóimeáil chomhordaithe de chóras innealra. Dá bhrí sin, ba cheart a cheangal ar mhonaróirí measúnú a dhéanamh ar na hidirghníomhaíochtaí sin sa mheasúnú riosca. Sa mheasúnú riosca, ba cheart aghaidh a thabhairt freisin ar nuashonruithe a bheidh ann amach anseo nó ar fhorbairtí ar bhogearraí atá suiteáilte sa táirge innealra dá bhforáiltear nuair a chuirtear an táirge innealra ar an margadh.
(31)Tá sé fíor-riachtanach go n‑ullmhóidh an monaróir nó ionadaí údaraithe an mhonaróra atá bunaithe san Aontas comhad teicniúil tógála sula ndéanfaidh sé dearbhú comhréireachta de chuid Aontais a dhréachtú, agus ba cheart a cheangal orthu é a chur ar fáil do na húdaráis náisiúnta nó do na comhlachtaí dá dtugtar fógra ar iarraidh sin orthu. Níor cheart pleananna mionsonraithe fochóimeálacha a úsáidtear chun an táirge innealra a mhonarú a bheith ag teastáil ach amháin mar chuid den chomhad tógála teicniúil i gcás ina mbeidh eolas ar na pleananna sin riachtanach chun measúnú a dhéanamh ar chomhréireacht leis na ceanglais riachtanacha sláinte agus sábháilteachta a leagtar amach sa Rialachán seo.
(32)Is gá a áirithiú go gcomhlíonann táirgí innealra ó thríú tíortha a thagann isteach i margadh an Aontais ceanglais an Rialacháin seo agus nach mbaineann riosca leo do shláinte nó sábháilteacht daoine agus, más iomchuí, do shábháilteacht ainmhithe clóis agus do shlándáil réadmhaoine agus, i gcás inarb infheidhme, do chosaint an chomhshaoil, agus go háirithe, go bhfuil nósanna imeachta iomchuí um measúnú comhréireachta curtha i gcrích ag na monaróirí maidir leis na táirgí innealra sin. Ba cheart foráil a dhéanamh, dá bhrí sin, maidir le hallmhaireoirí chun a áirithiú go gcomhlíonann na táirgí innealra a chuireann siad ar an margadh ceanglais an Rialacháin seo agus nach bhfuil riosca ag baint leo do shláinte nó sábháilteacht daoine agus, más iomchuí, do shábháilteacht ainmhithe clóis agus do shlándáil réadmhaoine agus, i gcás inarb infheidhme, do chosaint an chomhshaoil. Ar an gcúis chéanna, ba cheart foráil a dhéanamh freisin maidir le hallmhaireoirí chun a áirithiú go bhfuil na nósanna imeachta um measúnú comhréireachta curtha i gcrích agus go bhfuil marcáil CE agus an doiciméadacht theicniúil a dhréachtaíonn monaróirí ar fáil do na húdaráis náisiúnta inniúla le haghaidh cigireachta.
(33)Ós rud é go gcuireann an dáileoir táirgí innealra ar fáil ar an margadh tar éis don mhonaróir nó don allmhaireoir iad a chur ar an margadh, ba cheart don dáileoir gníomhú leis an gcúram is iomchuí chun a áirithiú nach ndéanfaidh a láimhseáil ar an táirge innealra difear díobhálach do chomhlíonadh na gceanglas a leagtar amach sa Rialachán seo.
(34)Agus táirgí innealra á gcur ar an margadh, ba cheart do gach allmhaireoir a ainm, a thrádainm cláraithe nó a thrádmharc cláraithe agus an seoladh poist ag ar féidir dul i dteagmháil leis a chur in iúl ar an táirge innealra. Ba cheart foráil a dhéanamh maidir le heisceachtaí sna cásanna nach féidir é sin a dhéanamh de bharr mhéid nó chineál an táirge innealra. Áirítear leis sin cásanna ina mbeadh ar an allmhaireoir an phacáistíocht a oscailt chun a ainm agus a sheoladh a chur ar an táirge innealra.
(35)D’fhonn sláinte agus sábháilteacht úsáideoirí an innealra a áirithiú, ba cheart d’oibreoirí eacnamaíocha a áirithiú go bhfuil faisnéis bheacht intuigthe sa doiciméadacht ábhartha uile, amhail treoracha an úsáideora, agus ag an am céanna go bhfuil faisnéis bheacht intuigthe inti, go gcuirtear san áireamh inti forbairtí teicneolaíocha agus athruithe ar iompar an úsáideora deiridh, agus go bhfuil sí chomh cothrom le dáta is féidir. Nuair a chuirtear táirgí innealra ar fáil ar an margadh i bpacáistí ina bhfuil roinnt aonad, ba cheart go mbeadh na treoracha agus an fhaisnéis ag gabháil leis an aonad is lú atá ar fáil ar bhonn tráchtála.
(36)Ba cheart a mheas gurb é an monaróir aon oibreoir eacnamaíoch a chuireann táirge innealra ar an margadh faoina ainm nó faoina thrádmharc féin nó a mhodhnaíonn táirge innealra ar dhóigh ina bhféadfaí difear a dhéanamh do chomhlíonadh cheanglais an Rialacháin seo agus ba cheart dó oibleagáidí an mhonaróra a ghlacadh air féin.
(37)Ós rud é go bhfuil dáileoirí agus allmhaireoirí gar don mhargadh, ba cheart dóibh a bheith rannpháirteach i gcúraimí faireachais margaidh a dhéanann na húdaráis náisiúnta inniúla, agus ba cheart dóibh a bheith sásta a bheith rannpháirteach go gníomhach, tríd an eolas go léir is gá a bhaineann leis an táirge innealra lena mbaineann a thabhairt do na húdaráis sin.
(38)Trí inrianaitheacht táirgí innealra a áirithiú ar fud an tslabhra soláthair ina iomláine, is féidir faireachas margaidh níos simplí agus níos éifeachtúla a dhéanamh. Ba cheart go gceanglófaí ar oibreoirí eacnamaíocha, dá bhrí sin, an fhaisnéis faoina n‑idirbhearta táirgí innealra a choinneáil ar feadh tréimhse ama áirithe. Mar sin féin, ba cheart an oibleagáid sin a bheith comhréireach le ról gach oibreora eacnamaíoch sa slabhra soláthair agus níor cheart a cheangal ar na hoibreoirí eacnamaíocha faisnéis nár tháirg siad a thabhairt cothrom le dáta.
(39)Ba cheart an Rialachán seo a theorannú do na ceanglais riachtanacha sláinte agus sábháilteachta a leagan amach, a fhorlíontar le roinnt ceanglas níos sonraí le haghaidh catagóirí áirithe táirgí innealra. Chun measúnú comhréireachta leis na ceanglais sláinte agus sábháilteachta sin a éascú, is gá foráil a dhéanamh maidir le toimhde comhréireachta le haghaidh innealra atá i gcomhréir le caighdeáin chomhchuibhithe a fhorbraítear agus a bhfoilsítear tagairtí dóibh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 1025/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle chun críche sonraíochtaí teicniúla mionsonraithe na gceanglas sin a chur in iúl.
(40)In éagmais caighdeáin chomhchuibhithe ábhartha, ba cheart don Choimisiún a bheith in ann sonraíochtaí teicniúla a bhunú le haghaidh na gceanglas riachtanach sláinte agus sábháilteachta. Ba cheart úsáid a bhaint as sonraíochtaí teicniúla mar réiteach cúltaca chun oibleagáid an mhonaróra a éascú maidir leis na ceanglais sláinte agus sábháilteachta a chomhlíonadh, mar shampla nuair atá an próiseas caighdeánaithe blocáilte mar gheall ar easpa comhdhearcaidh idir páirtithe leasmhara nó i gcás ina bhfuil moill mhíchuí ar chaighdeán comhchuibhithe a bhunú. D’fhéadfadh na moilleanna sin a bheith ann, mar shampla, nuair nach mbaintear an cháilíocht riachtanach amach.
(41)Ba cheart comhlíonadh na gcaighdeán comhchuibhithe agus na sonraíochtaí teicniúla a bhunaíonn an Coimisiún a bheith deonach. Dá bhrí sin, ba cheart réitigh theicniúla mhalartacha a bheith inghlactha má chomhlíonann an t‑innealra na ceanglais riachtanacha sláinte agus sábháilteachta ábhartha sa chomhad teicniúil.
(42)Ba cheart -na ceanglais fhíor-riachtanacha a chomhlíonadh lena chinntiú go bhfuil táirge innealra sábháilte. Ba cheart na ceanglais sin a chur i bhfeidhm go céillí chun úrscothacht tráth na tógála agus na ceanglais theicniúla agus eacnamaíocha a thabhairt san áireamh.
(43)D’fhonn aghaidh a thabhairt ar na rioscaí a eascraíonn as gníomhaíochtaí mailíseacha tríú páirtí agus a bhfuil tionchar acu ar shábháilteacht na dtáirgí innealra, ba cheart a áirithiú sa Rialachán seo ceanglais riachtanacha sláinte agus sábháilteachta ar féidir toimhde comhréireachta a thabhairt ina leith a mhéid is iomchuí le deimhniú nó le ráiteas comhréireachta a eisítear faoi scéim ábhartha cibearshlándála a ghlactar de bhun agus i gcomhréir le hAirteagal 54, mír 3 de Rialachán (AE) 2019/881 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle.
(44)Déantar foráil i Rialachán (AE) Uimh. 1025/2012 maidir le nós imeachta chun agóidí a dhéanamh i gcoinne caighdeán comhchuibhithe i gcás nach gcomhlíonann na caighdeáin sin ceanglais an Rialacháin seo nó nach gcomhlíonann siad na ceanglais sin ina n‑iomláine.
(45)Go dtí seo, tá liosta an innealra ardriosca in Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir 2006/42/CE bunaithe ar an riosca a eascraíonn as an úsáid atá beartaithe nó aon mhí‑úsáid measartha intuartha a d’fhéadfaí a bhaint as an innealra sin. Mar sin féin, glacann earnáil an innealra le bealaí nua chun innealra a dhearadh agus a thógáil a bhféadfadh rioscaí arda a bheith ag baint leo, beag beann ar an úsáid bheartaithe sin nó ar aon mhí‑úsáid atá measartha intuartha. Mar shampla, bogearraí lena n‑áirithítear feidhmeanna sábháilteachta innealra atá bunaithe ar intleacht shaorga, bíodh sí leabaithe san innealra nó ná bíodh, ba cheart iad a aicmiú mar tháirge innealra ardriosca i ngeall ar shaintréithe na hintleachta saorga amhail spleáchas ar shonraí, teimhneacht, uathriail agus nascacht, rudaí a d’fhéadfadh dóchúlacht agus déine an dochair a mhéadú go mór agus dochar mór a dhéanamh do shábháilteacht an innealra. Ina theannta sin, an margadh le haghaidh bogearraí lena n‑áirithítear feidhmeanna sábháilteachta innealra atá bunaithe ar intleacht shaorga, tá sé an‑bheag go dtí seo, rud a fhágann go bhfuil easpa taithí agus sonraí ann. Dá bhrí sin, ba cheart do thríú páirtí measúnú comhréireachta a dhéanamh ar bhogearraí lena n‑áirithítear feidhmeanna sábháilteachta bunaithe ar intleacht shaorga.
(46)Ba cheart do mhonaróirí dearbhú comhréireachta Aontais a dhréachtú chun faisnéis a sholáthar maidir le comhréireacht táirgí innealra leis an Rialachán seo. Ina theannta sin, féadfar a cheangal ar mhonaróirí dearbhú comhréireachta de chuid an Aontais a dhréachtú le reachtaíocht eile de chuid an Aontais. Chun rochtain éifeachtach ar fhaisnéis a áirithiú chun críocha faireachais margaidh, ba cheart dearbhú comhréireachta aonair de chuid an Aontais a dhréachtú i ndáil le gach gníomh de chuid an Aontais. Chun an t‑ualach riaracháin ar oibreoirí eacnamaíocha a laghdú, ba cheart go bhféadfadh an dearbhú comhréireachta amháin sin de chuid an Aontais a bheith ina shainchomhad ina mbeidh na dearbhuithe comhréireachta aonair ábhartha.
(47)Is é marcáil CE, lena gcuirtear comhréireacht táirge in iúl, an toradh sofheicthe ar phróiseas iomlán a chuimsíonn measúnú comhréireachta sa chiall is leithne. Is i rialachán (CE) Uimh. 765/2008 a leagtar amach na prionsabail ghinearálta lena rialaítear marcáil CE. Ba cheart rialacha a leagan síos sa Rialachán seo lena rialófar feistiú mharcáil CE ar tháirgí innealra.
(48)Ba cheart gurb é an marc CE an t‑aon mharcáil amháin, lena ráthaítear go bhfuil an t‑innealra i gcomhréir le ceanglais an Rialacháin seo. Ba cheart do na Ballstáit, dá bhrí sin, gníomhaíocht iomchuí a dhéanamh maidir le marcálacha eile ar dócha go gcuirfidh siad tríú páirtithe ar míthreoir maidir le brí nó foirm an mhairc CE.
(49)Is gá foráil a dhéanamh maidir le nósanna imeachta um measúnú comhréireachta d’fhonn é a chur ar a gcumas d’oibreoirí eacnamaíocha a léiriú go gcomhlíonann innealra a chuirtear ar fáil ar an margadh na ceanglais fhíor-riachtanacha sláinte agus sábháilteachta agus d’fhonn é a chur ar a gcumas do na húdaráis inniúla é sin a áirithiú. Le Cinneadh Uimh. 768/2008/CE, bunaítear modúil le haghaidh nósanna imeachta um measúnú comhréireachta, lena gcuimsítear idir na nósanna imeachta is scaoilte agus na cinn is déine, i gcomhréir le leibhéal an riosca lena mbaineann agus leibhéal na sábháilteachta is gá. Chun comhleanúnachas idir earnálacha a áirithiú agus chun malairtí ad hoc a sheachaint, ba cheart na nósanna imeachta um measúnú comhréireachta a roghnú ó na modúil sin.
(50)Ba cheart do mhonaróirí a bheith freagrach as a dheimhniú go gcomhlíonann a n‑innealra an Rialachán seo. Mar sin féin, i gcás cineálacha áirithe innealra a bhfuil fachtóir riosca níos airde acu, ba cheart nós imeachta deimhniúcháin níos déine a cheangal lena gceanglaítear rannpháirtíocht comhlachta dá dtugtar fógra.
(51)Tá sé riachtanach do gach comhlacht dá dtugtar fógra a bhfeidhmeanna a dhéanamh ar an leibhéal céanna agus faoi dhálaí iomaíochta cothroma. Chuige sin is gá ceanglais éigeantacha a shocrú le haghaidh comhlachtaí um measúnú comhréireachta ar mian leo go dtabharfaí fógra dóibh chun seirbhísí um measúnú comhréireachta a chur ar fáil.
(52)Má léiríonn comhlacht um measúnú comhréireachta go bhfuil sé i gcomhréir leis na critéir a leagtar síos sna caighdeáin chomhchuibhithe, ba cheart glacadh leis go gcomhlíonann sé na ceanglais chomhfhreagracha a leagtar amach sa Rialachán seo.
(53)Chun leibhéal comhsheasmhach cáilíochta a áirithiú agus measúnú comhréireachta á dhéanamh ar tháirgí innealra, is gá ceanglais a shocrú freisin le haghaidh na n‑údarás a thugann fógra agus le haghaidh comhlachtaí eile atá bainteach leis an measúnú, le fógra a thabhairt agus le faireachán a dhéanamh ar chomhlachtaí dá dtugtar fógra.
(54)Ba cheart an córas a leagtar amach sa Rialachán seo a chomhlánú leis an gcóras creidiúnúcháin dá ndéantar foráil i Rialachán (CE) Uimh. 765/2008. Ós rud é gur modh riachtanach é creidiúnú chun inniúlacht comhlachtaí um measúnú comhréireachta a fhíorú, ba cheart é a úsáid chun fógra a thabhairt freisin.
(55)Ba cheart do na húdaráis phoiblí náisiúnta ar fud an Aontais creidiúnú trédhearcach amhail dá bhforáiltear i Rialachán (CE) Uimh. 765/2008, lena n‑áirithítear an leibhéal muiníne is gá i ndeimhnithe comhréireachta, a mheas mar an rogha modha chun inniúlacht theicniúil comhlachtaí um measúnú comhréireachta a léiriú. Féadfaidh na húdaráis náisiúnta, áfach, a mheas go bhfuil modhanna cuí acu chun an mheastóireacht sin a dhéanamh iad féin. I gcásanna den sórt sin, chun a áirithiú go mbeidh an leibhéal cuí creidiúnachta ag meastóireachtaí a dhéanfaidh údaráis náisiúnta eile, ba cheart dóibh an fhianaise dhoiciméadach is gá a léiríonn go gcomhlíonann na comhlachtaí um measúnú comhréireachta na ceanglais rialála iomchuí a chur ar fáil don Choimisiún agus do na Ballstáit eile.
(56)Is minic a dhéanann comhlachtaí um measúnú comhréireachta codanna dá gcuid oibre a bhaineann le measúnú comhréireachta a ligean ar fochonradh, sin nó téann siad in iontaoibh fochuideachta. Chun an leibhéal cosanta atá riachtanach chun an t‑innealra a chur ar an margadh a chosaint, ní mór go gcomhlíonfadh fochonraitheoirí agus fochuideachtaí um measúnú comhréireachta na ceanglais chéanna a chomhlíonann comhlachtaí dá dtugtar fógra i dtaca le cúraimí um measúnú comhréireachta a fheidhmiú. Dá bhrí sin, tá sé tábhachtach go gcuimseofaí sa mheasúnú ar inniúlacht agus ar fheidhmíocht comhlachtaí a bhfuil fógra le tabhairt dóibh, agus san fhaireachán ar chomhlachtaí a bhfuil fógra tugtha dóibh cheana féin, gníomhaíochtaí a dhéanann fochonraitheoirí agus fochuideachtaí.
(57)Ós rud é go bhféadfaidh comhlachtaí dá dtugtar fógra a seirbhísí a thairiscint ar fud an Aontais, is iomchuí an deis a thabhairt do na Ballstáit eile agus don Choimisiún agóidí a dhéanamh maidir le comhlacht dá dtugtar fógra. Tá sé tábhachtach, dá bhrí sin, foráil a dhéanamh maidir le tréimhse inar féidir amhras nó aon ábhar imní maidir le hinniúlacht comhlachtaí um measúnú comhréireachta a shoiléiriú sula dtosóidís ag feidhmiú mar chomhlachtaí dá dtugtar fógra.
(58)Ar mhaithe le hiomaíochas, tá sé ríthábhachtach go gcuirfidh na comhlachtaí dá dtugtar fógra na nósanna imeachta um measúnú comhréireachta i bhfeidhm gan ualaí míriachtanacha a chur ar na hoibreoirí eacnamaíocha. Ar an gcúis chéanna, agus d'fhonn a áirithiú go gcaithfear go cothrom le gach oibreoir eacnamaíoch, ní mór comhsheasmhacht i gcur i bhfeidhm teicniúil na nósanna imeachta um measúnú comhréireachta a áirithiú. Is fearr is féidir é sin a bhaint amach trí chomhordú agus comhar iomchuí idir comhlachtaí dá dtugtar fógra.
(59)Is ionstraim riachtanach é an faireachas margaidh sa mhéid go n‑áirithítear leis cur i bhfeidhm ceart agus aonfhoirmeach reachtaíocht de chuid an Aontais. Is iomchuí, dá bhrí sin, creat dlíthiúil a chur i bhfeidhm inar féidir faireachas margaidh a dhéanamh go comhchuí.
(60)Ba cheart do na Ballstáit gach beart iomchuí a dhéanamh chun a áirithiú nach bhféadfar táirgí innealra a chumhdaítear leis an Rialachán seo a chur ar an margadh ach amháin más rud é, nuair a shuiteáiltear é i gceart agus nuair a úsáidtear é le haghaidh na críche atá beartaithe dó, nó faoi choinníollacha úsáide is féidir a thuar go measartha, nach gcuirfear sláinte nó sábháilteacht daoine i mbaol agus, más iomchuí, nach gcuirfear sábháilteacht ainmhithe clóis agus slándáil réadmhaoine agus, i gcás inarb infheidhme, cosaint an chomhshaoil i mbaol. Táirgí innealra a chumhdaítear leis an Rialachán, níor cheart a mheas go bhfuil siad neamhchomhlíontach leis na ceanglais riachtanacha sláinte agus sábháilteachta a leagtar síos sa Rialachán seo ach amháin faoi choinníollacha úsáide a d’fhéadfadh eascairt as iompar daonna atá dleathach agus intuartha go héasca.
(61)I gcomhthéacs an fhaireachais mhargaidh, ba cheart idirdhealú soiléir a bhunú idir cur in aghaidh caighdeáin chomhchuibhithe lena dtugtar toimhde comhréireachta ar tháirgí innealra, agus an clásal coimirce a bhaineann le hinnealra.
(62)Le Treoir 2006/42/CE, déantar foráil freisin maidir le nós imeachta cosanta a bhfuil gá leis ionas go mbeifí in ann cur in aghaidh comhréireacht táirgí innealra. Chun cur leis an trédhearcacht agus chun am próiseála a laghdú, ní mór an nós imeachta cosanta atá ann cheana a fheabhsú d’fhonn é a dhéanamh níos éifeachtúla agus d’fhonn leas a bhaint as an saineolas atá ar fáil sna Ballstáit.
(63)Ba cheart an nós imeachta coimirce atá ann cheana a fhorlíonadh le nós imeachta faoina gcuirtear páirtithe leasmhara ar an eolas faoi bhearta a bheartaítear a dhéanamh i ndáil le táirgí innealra a chuireann sláinte nó sábháilteacht daoine i mbaol agus, más iomchuí, a chuireann sábháilteacht ainmhithe clóis agus slándáil réadmhaoine agus, i gcás inarb infheidhme, cosaint an chomhshaoil i mbaol. Ba cheart go gcuirfeadh sé ar a gcumas do na húdaráis um fhaireachas margaidh, i gcomhar leis na hoibreoirí eacnamaíocha ábhartha, gníomhú ag céim luath i dtaca le táirgí innealra den sórt sin.
(64)I gcás ina mbeidh na Ballstáit agus an Coimisiún ar aon intinn faoin údar atá le beart a ghlac Ballstát, níor cheart a cheangal ar an gCoimisiún aon ní eile a dhéanamh, ach amháin más rud é gur easnaimh i gcaighdeán comhchuibhithe is cúis leis an neamhchomhlíonadh.
(65)Chun an dul chun cinn teicniúil agus eolas nó fianaise nua eolaíoch a chur san áireamh, ba cheart an chumhacht chun gníomhartha a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh a tharmligean chuig an gCoimisiún i ndáil leis an liosta táirgí innealra ardriosca agus an liosta táscach de chomhpháirteanna sábháilteachta a leasú. Tá sé an‑tábhachtach don Choimisiún comhairliúchán iomchuí a dhéanamh le linn a chuid oibre ullmhúcháin, lena n‑áirítear ar leibhéal saineolaithe. Ba cheart don Choimisiún a áirithiú, agus gníomhartha tarmligthe á n‑ullmhú agus á ndréachtú aige, go ndéanfar na doiciméid ábhartha a tharchur go comhuaineach, go tráthúil agus go hiomchuí chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle.
(66)Chun coinníollacha aonfhoirmeacha a áirithiú maidir leis an Rialachán seo a chur chun feidhme, ba cheart cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt don Choimisiún lena mbunaítear sonraíochtaí teicniúla le haghaidh na gceanglas riachtanach sláinte agus sábháilteachta, ina n‑iarrtar ar an mBallstát a thugann fógra na bearta ceartaitheacha is gá a dhéanamh maidir le comhlacht dá dtugtar fógra nach gcomhlíonann na ceanglais maidir lena fhógra agus ina suitear an bhfuil bonn cirt le beart náisiúnta maidir le hinnealra comhlíontach a mheasann Ballstát a bheith ina riosca do shláinte agus do shábháilteacht daoine. Ba cheart na cumhachtaí sin a fheidhmiú i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle.
(67)Ba cheart don Choimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh a bheidh infheidhme láithreach lena gcinnfear cibé an bhfuil údar leis an mbeart náisiúnta maidir le táirgí innealra comhlíontacha lena ngabhann riosca, i gcásanna a bhfuil údar cuí leo agus a bhaineann le sláinte nó sábháilteacht daoine a chosaint, más gá sin de bharr mórfhorais phráinne.
(68)I gcomhréir leis an gcleachtas seanbhunaithe, féadfaidh an coiste a bhunaítear faoin Rialachán seo ról fónta a bheith aige maidir le hábhair a scrúdú a bhaineann le cur i bhfeidhm an Rialacháin seo, ar ábhair iad a tharraing cathaoirleach an choiste anuas nó a tharraing ionadaí ó Bhallstát anuas i gcomhréir lena rialacha nós imeachta.
(69)Nuair a bhíonn ábhair a bhaineann leis an Rialachán seo, seachas cur chun feidhme an Rialacháin nó sáruithe air, á scrúdú ag sainghrúpa de chuid an Choimisiúin, ba cheart an fhaisnéis agus an doiciméadacht uile a chur chuig Parlaimint na hEorpa, i gcomhréir leis an ngnáthchleachtas, agus nuair is iomchuí, ba cheart a iarraidh uirthi a bheith i láthair ag cruinnithe den sórt sin.
(70)Ba cheart don Choimisiún a chinneadh, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme agus, mar gheall ar an nádúr speisialta a bhaineann leo, ag gníomhú dó gan Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 a chur i bhfeidhm, cibé an bhfuil bonn cirt leis na bearta a rinne na Ballstáit i ndáil le táirgí innealra.
(71)Ní mór d’inrianaitheacht na sonraí innealra is gá le haghaidh an chomhaid theicniúil agus chun críocha fhaireachas an mhargaidh rialacha rúndachta a chomhlíonadh chun monaróirí a chosaint.
(72)Ba cheart do na Ballstáit rialacha a leagan síos i dtaca le pionóis is infheidhme maidir le sáruithe ar an Rialachán seo agus ba cheart dóibh a áirithiú go gcuirtear na rialacha sin chun feidhme. Ba cheart do na pionóis dá bhforáiltear a bheith éifeachtach, comhréireach agus athchomhairleach.
(73)Ó tharla nach féidir leis na Ballstáit cuspóir an Rialacháin seo, eadhon a áirithiú go gcomhlíonann na táirgí innealra a chuirtear ar an margadh na ceanglais lena ndéantar foráil maidir le hardleibhéal cosanta le haghaidh sláinte agus sábháilteacht daoine, agus, i gcás inarb iomchuí, ainmhithe clóis, mar aon le slándáil réadmhaoine agus, i gcás inarb infheidhme, cosaint an chomhshaoil, a bhaint amach go leordhóthanach ar leibhéal an Aontais, agus feidhmiú an mhargaidh inmheánaigh á ráthú, féadfaidh na Ballstáit bearta a ghlacadh, i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta a leagtar amach in Airteagal 5 den Chonradh ar an Aontas Eorpach. I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta, mar a leagtar amach san Airteagal sin, ní théann an Rialachán seo thar a bhfuil riachtanach chun an cuspóir sin a bhaint amach.
(74)Ba cheart Treoir 73/361/CEE ón gComhairle maidir le comhfhogasú dhlíthe, rialacháin agus fhorálacha riaracháin na mBallstát a bhaineann le deimhniúchán agus marcáil téad sreinge, slabhraí agus crúcaí a aisghairm toisc gur tháinig Treoir 2006/42/CE faoi raon feidhme na Treorach sin trí ghabhálais agus slabhraí agus rópaí a chur san áireamh.
(75)Leasaíodh Treoir 2006/42/CE roinnt uaireanta. Ós rud é go bhfuil gá le leasuithe substaintiúla breise agus chun cur chun feidhme aonfhoirmeach na rialacha maidir le táirgí innealra ar fud an Aontais a áirithiú, ba cheart Treoir 2006/42/CE a aisghairm.
(76)Is gá foráil a dhéanamh go mbeidh am leordhóthanach ag oibreoirí eacnamaíocha a n‑oibleagáidí faoin Rialachán seo a chomhlíonadh, agus ag na Ballstáit chun an bonneagar riaracháin is gá chun é a chur i bhfeidhm a chur ar bun. Ba cheart, dá bhrí sin, cur i bhfeidhm an Rialacháin seo a chur siar,
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
CAIBIDIL I
FORÁLACHA GINEARÁLTA
Airteagal 1
Ábhar
Leagtar síos leis an Rialachán seo ceanglais maidir le dearadh agus tógáil táirgí innealra ionas gur féidir táirgí innealra a chur ar fáil ar an margadh nó a chur i seirbhís, agus bunaítear rialacha maidir le saorghluaiseacht táirgí innealra san Aontas.
Airteagal 2
Raon feidhme
(1)Tá feidhm ag an Rialachán seo maidir leis na táirgí innealra seo a leanas
(a)innealra;
(b)trealamh idirmhalartaithe;
(c)comhpháirteanna sábháilteachta;
(d)codanna de na gabhálais ardaithe;
(e)slabhraí, rópaí, crocháin agus eangaigh;
(f)gléasanna traiseolta meicniúla inbhainte;
(g)innealra páirtchríochnaithe.
(2)Níl feidhm ag an Rialachán seo maidir leis na nithe seo a leanas:
(a)comhpháirteanna sábháilteachta atá beartaithe lena n‑úsáid mar pháirteanna spártha in ionad comhpháirteanna comhionanna agus atá á soláthar ag monaróir an táirge buninnealra;
(b)trealamh sonrach atá lena úsáid ar fhaichí aonaigh nó i bpáirceanna siamsaíochta;
(c)innealra saindeartha nó innealra a chuirtear i seirbhís chun cuspóirí núicléacha, cuspóirí as a bhféadfadh astú radaighníomhaíochta teacht i gcás cliseadh;
(d)airm, lena n‑áirítear airm lámhaigh;
(e)feithiclí arb é an t‑aon chuspóir atá acu earraí nó daoine a iompar de bhóthar, d’aer, d’uisce nó d’iarnród seachas i gcás innealra a shuiteáiltear ar na feithiclí sin;
(f)feithiclí dhá nó trí roth agus cuadrothair, mar aon le córais, comhpháirteanna, aonaid theicniúla ar leithligh, páirteanna agus trealamh a dheartar agus a mhonaraítear le haghaidh feithiclí den sórt sin, a thagann faoi raon feidhme Rialachán (AE) Uimh. 168/2013;
(g)feithiclí talmhaíochta agus foraoiseachta, mar aon le córais, comhpháirteanna, aonaid theicniúla ar leithligh, páirteanna agus trealamh a dheartar agus a mhonaraítear le haghaidh feithiclí den sórt sin, a thagann faoi raon feidhme Rialachán (AE) Uimh. 167/2013;
(h)soithí farraige agus aonaid shoghluaiste amach ón gcósta agus innealra a shuiteáiltear ar bord na soithí nó na n‑aonad sin;
(i)innealra atá saindeartha agus saindéanta chun críocha míleata nó póilíneachta;
(j)innealra atá saindeartha agus saindéanta chun críocha taighde lena úsáid go sealadach sna saotharlanna;
(k)giar tochráin lena úsáid sna mianaigh;
(l)innealra atá beartaithe chun taibheoirí a iompar le linn imeachtaí ealaíne;
(m)na táirgí leictreacha agus leictreonacha seo a leanas, a mhéid a thagann siad faoi raon feidhme Threoir 2014/35/AE nó Threoir 2014/53/AE:
(i)fearais tí atá ceaptha le haghaidh úsáid tí agus nach troscán leictreach iad;
(ii)clostrealamh agus fístrealamh;
(iii)trealamh faisnéise teicneolaíochta;
(iv)innealra oifige;
(v)trealamh lasc ísealvoltais agus trealamh rialaithe;
(vi)mótair leictreacha;
(n)na táirgí leictreacha ardvoltais seo a leanas:
(i)trealamh lasc agus trealamh rialaithe;
(ii)claochladáin.
Airteagal 3
Sainmhínithe
Chun críocha an Rialacháin seo, tá feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:
(1)ciallaíonn ‘innealra’:
(a)cóimeáil atá feistithe le córas tiomántáin nó a bhfuil sé beartaithe é a fheistiú le córas tiomántáin nach é dícheall díreach an duine nó ainmhí atá i gceist, córas ina bhfuil páirteanna nasctha nó comhpháirteanna, agus ceann amháin ar a laghad acu ina pháirt shoghluaiste agus ar páirteanna iad a cheanglaítear le chéile i gcomhair feidhm shonrach;
(b)cóimeáil dá dtagraítear i bpointe (a), nach bhfuil in easnamh uirthi ach na comhpháirteanna lena gceanglaítear ar an láthair í nó lena gceanglaítear í le foinsí fuinnimh agus gluaiseachta;
(c)cóimeáil dá dtagraítear i bpointí (a) agus (b) atá réidh le suiteáil agus nach bhfuil i riocht feidhmiú aisti féin ach amháin má shuiteáiltear ar mhodh iompair í, nó má shuiteáiltear í i bhfoirgneamh nó ar struchtúr;
(d)cóimeálacha déanta as innealra dá dtagraítear i bpointí (a), (b), (c) nó innealra páirtchríochnaithe dá dtagraítear i bpointe (7), a chumraítear agus a rialaítear chun na críche céanna, sa chaoi go bhfeidhmíonn siad mar aonad iomlán dílis;
(e)cóimeáil de pháirteanna nó comhpháirteanna nasctha, a bhfuil ceann amháin ar a laghad acu ina pháirt shoghluaiste, iad nasctha le chéile, iad ceaptha chun ualach a ardú, agus arb é dícheall an duine a chuirtear i bhfeidhm go díreach orthu an t‑aon fhoinse chumhachta atá acu;
(f)cóimeáil dá dtagraítear i bpointí (a), (b), (c), (d) agus (e) nach bhfuil in easnamh uirthi ach bogearraí a bheartaítear dá feidhmiú sonrach a uaslódáil.
(2)ciallaíonn ‘trealamh idirmhalartaithe’ gléas, tar éis innealra a chur i seirbhís, a chóimeálann an t‑oibreoir féin leis an táirge innealra sin chun a fheidhm a athrú nó feidhm nua a chur leis, a mhéid nach uirlis atá sa trealamh sin;
(3)ciallaíonn ‘comhpháirt sábháilteachta’ comhpháirt fhisiceach nó dhigiteach, lena n‑áirítear bogearraí, d’innealra a fheidhmíonn chun feidhm sábháilteachta a chomhlíonadh agus a chuirtear ar an margadh go neamhspleách, a gcuireann a teip nó a mífheidhm sábháilteacht daoine i mbaol ach nach bhfuil riachtanach le go bhfeidhmeoidh an t‑innealra nó a d’fhéadfaí gnáth‑chomhpháirteanna a chur ina hionad le go bhfeidhmeoidh an t‑innealra;
(4)ciallaíonn ‘ghabhálas ardaithe’ comhpháirt nó trealamh nó gléas nach bhfuil ceangailte leis an innealra ardaithe, lenar féidir an t‑ualach a choinneáil, agus a chuirtear idir an t‑innealra agus an t‑ualach nó ar an ualach féin, nó atá ceaptha le bheith ina páirt dhílis den ualach agus a chuirtear go neamhspleách ar an margadh, lena n‑áirítear crocháin agus a gcomhpháirteanna;
(5)ciallaíonn ‘slabhraí’ slabhraí atá deartha agus déanta chun críocha ardaithe mar chuid d’innealra ardaithe nó de ghabhálais ardaithe;
(6)ciallaíonn ‘rópaí’ rópaí atá deartha agus déanta chun críocha ardaithe mar chuid d’innealra tógála nó de ghabhálais ardaithe;
(7)ciallaíonn ‘crocháin’ crocháin atá deartha agus déanta chun críocha ardaithe mar chuid d’innealra ardaithe nó de ghabhálais ardaithe;
(8)ciallaíonn ‘físeáil’ gréasánú atá deartha agus déanta chun críocha ardaithe mar chuid d’innealra ardaithe nó de ghabhálais ardaithe;
(9)ciallaíonn ‘feiste traiseolta meicniúil inbhainte’ comhpháirt inbhainte chun cumhacht a tharchur idir innealra féinghluaiste nó tarracóir agus innealra eile ach iad a nascadh ag an gcéad imthaca fosaithe;
(10)ciallaíonn ‘innealra páirtchríochnaithe’ cóimeáil ar innealra é ach amháin sa chaoi nach féidir leis feidhmiú leis féin chun feidhm shonrach a chur i gcrích agus nach bhfuil sé beartaithe ach é a ionchorprú in innealra nó é a chóimeáil le hinnealra nó le hinnealra páirtchríochnaithe nó le trealamh eile agus ar an mbealach sin táirge innealra dhéanamh de;
(11)ciallaíonn ‘cur ar fáil ar an margadh’ aon soláthar de tháirge innealra lena dháileadh nó lena úsáid ar mhargadh an Aontais le linn gníomhaíocht tráchtála, bíodh sé ar íocaíocht nó saor in aisce;
(12)ciallaíonn ‘cur ar an margadh’ táirge innealra a chur ar mhargadh an Aontais den chéad uair;
(13)ciallaíonn ‘cur i seirbhís’ an chéad úsáid a bhaintear as táirge innealra san Aontas chun na críche dar ceapadh é;
(14)ciallaíonn ‘reachtaíocht an Aontais um chomhchuibhiú’ aon reachtaíocht de chuid an Aontais a dhéanann comhchuibhiú ar na dálaí chun táirgí a chur ar fáil ar an margadh;
(15)ciallaíonn ‘córas na hintleachta saorga’ intleacht shaorga mar a shainítear in Airteagal 3(1) de Rialachán (AE).../... ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle
(16)ciallaíonn ‘modhnú substaintiúil’ modhnú ar tháirge innealra, ar mhodh fisiciúil nó digiteach tar éis an táirge innealra sin a chur ar an margadh nó i seirbhís, modhnú nach bhfuil beartaithe ag an monaróir agus a d’fhéadfadh difear a dhéanamh do chomhlíonadh an táirge innealra leis na ceanglais sláinte agus sábháilteachta riachtanacha ábhartha dá dheasca;
(17)ciallaíonn ‘monaróir’ aon duine nádúrtha nó dlítheanach a mhonaraíonn táirgí innealra nó a chuireann táirgí innealra á ndearadh nó á monarú, agus a mhargaíonn na táirgí innealra sin faoina ainm nó faoina thrádmharc nó a dhearann agus a thógann táirgí innealra lena n‑úsáid aige féin;
(18)ciallaíonn ‘treoracha úsáide’ an fhaisnéis a sholáthraíonn an monaróir nuair a chuirtear an táirge innealra ar an margadh nó nuair a chuirtear i seirbhís é chun úsáideoir an táirge innealra a chur ar an eolas faoin gcuspóir beartaithe agus faoi úsáid chuí an táirge innealra sin chomh maith le faisnéis faoi aon réamhchúram a bheidh le glacadh le linn an táirge innealra a úsáid nó a shuiteáil, lena n‑áirítear faisnéis faoi na gnéithe sábháilteachta;
(19)ciallaíonn ‘ionadaí údaraithe’ duine nádúrtha nó dlítheanach atá bunaithe laistigh den Aontas a bhfuil sainordú i scríbhinn faighte aige ó mhonaróir gníomhú thar a cheann maidir le cúraimí sonraithe;
(20)ciallaíonn ‘allmhaireoir’ duine nádúrtha nó dlítheanach atá bunaithe laistigh den Aontas a chuireann táirgí innealra ó thríú tír ar mhargadh an Aontais;
(21)ciallaíonn ‘dáileoir’ duine nádúrtha nó dlítheanach sa slabhra soláthair, seachas an monaróir nó an t‑allmhaireoir, a chuireann táirgí innealra ar fáil ar an margadh;
(22)ciallaíonn ‘oibreoirí eacnamaíocha’ an monaróir, an t‑ionadaí údaraithe, an t‑allmhaireoir agus an dáileoir;
(23)ciallaíonn ‘sonraíocht theicniúil’ doiciméad ina leagtar síos na ceanglais theicniúla atá le comhlíonadh ag táirgí innealra;
(24)ciallaíonn ‘caighdeán comhchuibhithe’ caighdeán comhchuibhithe mar a shainítear in Airteagal 2(1), pointe (c) de Rialachán (AE) Uimh. 1025/2012;
(25)ciallaíonn ‘marcáil CE’ marcáil lena gcuireann an monaróir in iúl go bhfuil an táirge innealra sin i gcomhréir leis na ceanglais is infheidhme a leagtar amach i reachtaíocht chomhchuibhithe an Aontais ina ndéantar foráil maidir lena fheistiú;
(26)ciallaíonn ‘creidiúnú’ creidiúnú mar a shainítear i bpointe (10) d’Airteagal 2 de Rialachán (CE) Uimh. 765/2008;
(27)ciallaíonn ‘comhlacht creidiúnúcháin náisiúnta’ comhlacht creidiúnúcháin náisiúnta mar a shainítear in Airteagal 2(11) de Rialachán (CE) Uimh. 765/2008;
(28)ciallaíonn ‘measúnú comhréireachta’ an próiseas ina dtaispeántar an bhfuil ceanglais riachtanacha sláinte agus sábháilteachta an Rialacháin seo a bhaineann le táirgí innealra comhlíonta;
(29)ciallaíonn ‘comhlacht um measúnú comhréireachta’ comhlacht a dhéanann gníomhaíochtaí um measúnú comhréireachta, lena n‑áirítear calabrú, tástáil, deimhniú agus cigireacht;
(30)ciallaíonn ‘comhlacht dá dtugtar fógra’ comhlacht um measúnú comhréireachta dá dtugtar fógra i gcomhréir le hAirteagal 26 den Rialachán seo;
(31)Ciallaíonn ‘údarás um fhaireachas margaidh’ ‘údarás um fhaireachas margaidh’ mar a shainítear i bpointe (4) d’Airteagal 3 de Rialachán (AE) 2019/1020;
(32)ciallaíonn ‘aisghairm’ aon bheart a bhfuil sé d'aidhm aige táirge innealra atá curtha ar fáil cheana don úsáideoir deiridh a fháil ar ais;
(33)ciallaíonn ‘tarraingt siar’ aon bheart a bhfuil sé d’aidhm aige cosc a chur ar tháirge innealra sa slabhra soláthair a chur ar fáil ar an margadh.
Airteagal 4
Saorghluaiseacht
1.Ní chuirfidh na Ballstáit bac, ar chúiseanna a bhaineann leis na gnéithe a chumhdaítear leis an Rialachán seo, ar tháirgí innealra a chomhlíonann an Rialachán seo a chur ar fáil ar an margadh ná a chur i mbun seirbhíse.
2.Ag aontaí trádála, taispeántais agus léirithe nó imeachtaí comhchosúla, ní chuirfidh na Ballstáit cosc ar tháirge nach gcomhlíonann an Rialachán seo a chur ar taispeáint, ar choinníoll go gcuirtear in iúl ar chomhartha soléite nach gcomhlíonann sé an Rialachán seo agus nach gcuirfear ar fáil ar an margadh é go dtí go mbeidh sé tugtha chun comhréireachta.
Le linn léirithe, glacfar bearta leordhóthanacha chun cosaint daoine a áirithiú.
Airteagal 5
Táirgí innealra ardriosca
1.Beidh na táirgí innealra ardriosca a liostaítear in Iarscríbhinn I faoi réir nós imeachta sonrach um measúnú comhréireachta, dá dtagraítear in Airteagal 21(2).
2.Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 45 chun Iarscríbhinn I a leasú i bhfianaise an dul chun cinn theicniúil agus an eolais theicniúil nó na fianaise eolaíche nua trí tháirge innealra nua a áireamh ar an liosta táirgí innealra ardriosca nó trí tháirge innealra atá ann cheana a tharraingt siar ón liosta sin, de bhun na gcritéar a leagtar síos i míreanna 3 agus 4.
3.Cuirfear táirge innealra ar an liosta de tháirgí innealra ardriosca in Iarscríbhinn I má tá riosca ag baint leis do shláinte an duine, agus dearadh na dtáirgí sin agus an chríoch atá beartaithe dóibh á gcur san áireamh. Bainfear táirgí innealra den liosta táirgí innealra ardriosca atá in Iarscríbhinn I mura bhfuil an riosca sin ag baint leis a thuilleadh. Bunófar an riosca a bhaineann le táirge innealra áirithe ar bhonn meascán den dóchúlacht go ndéanfar díobháil do leas cosanta agus de dhéine an dochair sin.
Agus cinneadh á dhéanamh maidir le dóchúlacht agus déine an dochair, cuirfear an méid seo a leanas san áireamh:
(a)an méid tionchair a bheadh ag an díobháil ar gach duine dá ndéantar difear;
(b)an líon daoine dá bhféadfaí difear a dhéanamh;
(c)a mhéid atá na páirtithe dá bhféadfaí difear a dhéanamh ag brath ar thoradh an táirge innealra;
(d)a mhéid atá na páirtithe dá bhféadfaí difear a dhéanamh leochaileach i leith úsáideoir an táirge innealra;
(e)an méid inchúlaitheachta a rinneadh ar an díobháil a rinne an táirge innealra;
(f)a mhéid a úsáideadh an táirge innealra chun críche sonraí;
(g)tásca ar dhíobháil a rinne táirgí innealra san am atá caite a úsáideadh chun críche sonraí.
4.Déanfaidh an Coimisiún measúnú críochnúil ar na critéir a leagtar síos i mír 3 ar bhonn na faisnéise atá ar fáil. Go háirithe, cuirfidh na Ballstáit an fhaisnéis seo a leanas in iúl don Choimisiún nuair a bheidh sí ar fáil dóibh i ndáil le faireachas margaidh nó de thoradh na n‑ábhar imní dá dtagraítear sa chúigiú mír:
(a)measúnú ar na rioscaí dá dtagraítear i mír 3;
(b)anailís ar chost‑éifeachtúlacht;
(c)anailís ar thionóiscí innealra;
(d)staidreamh maidir le tionóiscí a tharla de bharr an táirge innealra le haghaidh na gceithre bliana roimhe sin bunaithe, go háirithe, ar fhaisnéis a fuarthas ón gCóras Faisnéise agus Cumarsáide maidir le Faireachas Margaidh (ICSMS), ar chlásail choimirce, ar an gCóras Mear-rabhaidh (RAPEX) agus ar thuairisciú ón nGrúpa Comhair Riaracháin innealra.
5.Ballstát a bhfuil imní air maidir le táirge innealra a bheith liostaithe nó gan bheith liostaithe in Iarscríbhinn I, cuirfidh sé an Coimisiún ar an eolas láithreach maidir lena ábhar imní agus tabharfaidh sé cúiseanna chun tacú leis sin.
Airteagal 6
Comhpháirteanna sábháilteachta
1.Leagtar amach liosta táscach de chomhpháirteanna sábháilteachta in Iarscríbhinn II.
2.Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 45 chun Iarscríbhinn II a leasú i bhfianaise an dul chun cinn theicniúil agus an eolais theicniúil nó na fianaise eolaíche nua trí chomhpháirt sábháilteachta nua a áireamh ar an liosta táscach de chomhpháirteanna sábháilteachta nó trí chomhpháirt sábháilteachta atá ann cheana a tharraingt siar ón liosta sin.
3.Déanfaidh an Coimisiún measúnú críochnúil ar na rioscaí a éilíonn comhpháirt sábháilteachta nua a chur ar an liosta comhpháirteanna sábháilteachta in Iarscríbhinn II nó comhpháirt sábháilteachta a bhaint den liosta sin.
4.Ballstát a bhfuil imní air faoi chomhpháirt sábháilteachta a bheith liostaithe nó gan bheith liostaithe in Iarscríbhinn II, cuirfidh sé an Coimisiún ar an eolas láithreach maidir leis an imní atá air agus tabharfaidh sé cúiseanna chun tacú leis sin.
Airteagal 7
Ceanglais maidir le táirgí innealra
Ní dhéanfar táirgí innealra a chur ar fáil ar an margadh ná a chur i seirbhís ach amháin má chomhlíonann siad na ceanglais riachtanacha sláinte agus sábháilteachta a leagtar amach in Iarscríbhinn III, i gcás ina ndéanfar iad a shuiteáil agus a chothabháil i gceart agus a úsáid chun na críche atá beartaithe dóibh nó faoi choinníollacha is féidir a thuar go measartha.
Airteagal 8
Reachtaíocht shonrach an Aontais um chomhchuibhiú
Más rud é, i gcás táirge áirithe innealra áirithe, go ndéantar na rioscaí a dtugtar aghaidh orthu leis na ceanglais riachtanacha sláinte agus sábháilteachta a leagtar amach in Iarscríbhinn III a chumhdach go hiomlán nó go páirteach le reachtaíocht chomhchuibhithe níos sonraí eile de chuid an Aontais, ní bheidh feidhm ag an Rialachán seo maidir leis an innealra sin a mhéid a chumhdófar na rioscaí sin leis an reachtaíocht shonrach sin de chuid an Aontais.
Airteagal 9
Rialachán (AE) 2016/425 .../... ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle
+
I gcás ina mbeidh córas intleachta saorga i dtáirgí innealra, a bhfuil feidhm ag ceanglais riachtanacha sláinte agus sábháilteachta Rialachán (AE).../... maidir leis, ní bheidh feidhm ag an Rialachán seo, i ndáil leis an gcóras intleachta saorga sin, ach amháin i ndáil lena chomhtháthú sábháilte san innealra foriomlán, ionas nach gcuirfear sábháilteacht an innealra ina iomláine i mbaol.
CAIBIDIL II
OIBLEAGÁIDÍ NA nOIBREOIRÍ EACNAMAÍOCHA
Airteagal 10
Oibleagáidí na monaróirí
1.Agus táirge innealra á chur ar an margadh ag monaróirí, áiritheoidh siad gur dearadh agus go ndearnadh agus gur tógadh é i gcomhréir leis na ceanglais riachtanacha sláinte agus sábháilteachta a leagtar amach in Iarscríbhinn III.
2.Sula gcuirfear táirge innealra ar an margadh, dréachtóidh monaróirí an doiciméadacht theicniúil dá dtagraítear in Iarscríbhinn IV (‘doiciméadacht theicniúil’) agus déanfaidh siad na nósanna imeachta ábhartha um measúnú comhréireachta dá dtagraítear in Airteagal 21 nó in Airteagal 22 nó socróidh siad go ndéanfar iad.
I gcás inar léiríodh leis an nós imeachta um measúnú comhréireachta go gcomhlíonann táirge innealra na ceanglais riachtanacha sláinte agus sábháilteachta a leagtar síos in Iarscríbhinn III, dréachtóidh monaróirí dearbhú comhréireachta de chuid an Aontais i gcomhréir le hAirteagal 18 agus greamóidh siad an comhartha CE de i gcomhréir le hAirteagal 20, ach amháin i gcás innealra nach bhfuil ach páirtchríochnaithe.
3.Déanfaidh monaróirí an doiciméadacht theicniúil agus an dearbhú comhréireachta de chuid an Aontais, más ábhartha, a choinneáil ar fáil do na húdaráis um fhaireachas margaidh go ceann deich mbliana tar éis an táirge innealra a chur ar an margadh. I gcás inarb ábhartha, déanfar an cód foinse nó an loighic chlársceidealaithe a áirítear sa doiciméadacht theicniúil a chur ar fáil ar iarraidh réasúnaithe ó na húdaráis náisiúnta inniúla ar choinníoll go bhfuil gá leis chun go mbeadh na húdaráis sin in ann a sheiceáil go bhfuil na ceanglais riachtanacha sláinte agus sábháilteachta a leagtar amach in Iarscríbhinn III á gcomhlíonadh.
4.Áiritheoidh monaróirí go mbeidh nósanna imeachta ann ionas go bhfanfaidh táirgí innealra an Aontais, ar cuid iad de tháirgeadh sraithe, i gcomhréir leis an Rialachán seo. Cuirfear san áireamh go leordhóthanach athruithe ar an bpróiseas táirgthe nó ar dhearadh nó ar shaintréithe an táirge innealra agus athruithe ar na caighdeáin chomhchuibhithe nó ar na sonraíochtaí teicniúla dá dtagraítear in Airteagal 17 ar faoina dtreoir a dhéantar comhréireacht an táirge innealra a dhearbhú nó trína bhfeidhmiú a fhíoraítear a chomhréireacht.
Nuair a mheastar é a bheith iomchuí maidir leis na rioscaí a bhaineann le táirgí innealra, déanfaidh monaróirí, chun sláinte agus sábháilteacht na n‑úsáideoirí deiridh a chosaint, tástáil shamplach ar tháirgí innealra atá curtha ar fáil ar an margadh nó atá curtha i seirbhís, gearáin a imscrúdú agus, más gá, clár gearán a choinneáil, maidir le táirgí innealra neamh‑chomhréireacha agus táirgí innealra a aisghaireadh, agus coimeádfaidh siad dáileoirí ar an eolas faoi fhaireachán den sórt sin.
5.Áiritheoidh monaróirí go bhfuil uimhir chineáil, baiscuimhir nó sraithuimhir nó eilimint eile lenar féidir é a shainaithint ar na táirgí innealra a chuireann siad ar an margadh, nó, i gcás nach féidir a leithéid a dhéanamh de bharr mhéid nó chineál an táirge innealra, go gcuirtear an fhaisnéis is gá ar an bpacáistíocht nó ar dhoiciméad a ghabhann leis an táirge innealra.
6.Déanfaidh monaróirí a n‑ainm, a dtrádainm cláraithe nó a dtrádmharc cláraithe, an seoladh poist agus an seoladh ríomhphoist ag ar féidir teagmháil a dhéanamh leo a chur in iúl ar an táirge innealra nó, i gcás nach bhfuil sé sin indéanta, ar phacáistíocht an táirge innealra nó ar dhoiciméad a ghabhann leis an táirge innealra. Luafar sa seoladh pointe aonair ag ar féidir dul i dteagmháil leis an monaróir. Ní mór na sonraí teagmhála a bheith i dteanga is féidir le húsáideoirí deiridh agus údaráis um fhaireachas margaidh a thuiscint gan stró.
7.Áiritheoidh monaróirí go bhfuil ag gabháil leis na táirge innealra na treoracha agus an fhaisnéis eile a leagtar amach i roinn 1.7 d’Iarscríbhinn III agus iad i dteanga is féidir le húsáideoirí deiridh eile a thuiscint gan stró, de réir mar a chinnfidh an Ballstát lena mbaineann. Beidh na treoracha agus an fhaisnéis sin soiléir, intuigthe, intuisceana agus inléite.
8.Cuirfidh monaróirí an dearbhú comhréireachta de chuid an Aontais ar fáil leis an táirge innealra nó áireoidh sé sna treoracha agus san fhaisnéis a leagtar amach i bpointe 1.7 d’Iarscríbhinn III an seoladh idirlín ar féidir rochtain a fháil ar an dearbhú comhréireachta de chuid Aontais.
9.Monaróirí a mheasann nó a bhfuil údar acu lena chreidiúint nach bhfuil an táirge innealra, atá curtha ar an margadh acu nó atá curtha i seirbhís acu, i gcomhréir leis na ceanglais riachtanacha sláinte agus sábháilteachta a leagtar amach in Iarscríbhinn III, déanfaidh siad láithreach na bearta ceartaitheacha is gá chun an t‑innealra sin a thabhairt chun comhréireachta, a tharraingt siar nó a aisghairm, de réir mar is iomchuí. Thairis sin, i gcás ina mbeidh riosca ag baint leis an táirge innealra, cuirfidh monaróirí é sin in iúl gan mhoill d’údaráis náisiúnta inniúla na mBallstát inar chuir siad an táirge innealra ar fáil ar an margadh, agus tabharfaidh siad sonraí, go háirithe, faoin neamh‑chomhréireacht agus faoi aon bheart ceartaitheach atá déanta.
10.Déanfaidh monaróirí, sa bhreis ar iarraidh réasúnaithe ó údarás inniúil náisiúnta, an fhaisnéis agus an doiciméadacht theicniúil uile is gá, i bhfoirm páipéir nó leictreonach, a sholáthar don údarás sin chun comhréireacht an táirge innealra leis na ceanglais riachtanacha sláinte agus sábháilteachta a leagtar amach in Iarscríbhinn III a léiriú, i dteanga is féidir leis an údarás sin a thuiscint gan stró. Comhoibreoidh siad i gcomhar leis an údarás sin, ar iarraidh uaidh, maidir le haon bheart a dhéanfar chun na rioscaí a chealú a bhaineann le táirge innealra atá curtha ar an margadh nó curtha i seirbhís acu.
Airteagal 11
Ionadaithe údaraithe
1.Féadfaidh an monaróir, trí bhíthin sainordú i scríbhinn, ionadaí údaraithe a cheapadh.
Ní bheidh na hoibleagáidí a leagtar síos in Airteagal 10(1) agus an oibleagáid maidir leis an doiciméadacht theicniúil a dhréachtú mar chuid de shainordú an ionadaí údaraithe.
2.Is ionadaí údaraithe a dhéanfaidh na cúraimí a shonrófar sa sainordú a gheofar ón monaróir. Ceadófar leis an sainordú don ionadaí údaraithe na nithe seo a leanas a dhéanamh ar a laghad:
(a)an dearbhú comhréireachta de chuid an Aontais agus an doiciméadacht theicniúil a choinneáil ar fáil do na húdaráis náisiúnta faireachais margaidh go ceann tréimhse deich mbliana tar éis an táirge innealra a chur ar an margadh;
(b)tar éis dó iarraidh réasúnaithe a fháil ó údarás náisiúnta inniúil, an fhaisnéis agus an doiciméadacht uile is gá a chur ar fáil don údarás sin chun comhréireacht an táirge innealra a léiriú;
(c)obair i gcomhar leis na húdaráis náisiúnta inniúla, ar iarraidh uathu, maidir le haon bheart atá le déanamh chun deireadh a chur leis na rioscaí a bhaineann le táirge innealra a chumhdaítear faoi shainordú an ionadaí údaraithe.
Airteagal 12
Oibleagáidí na n‑allmhaireoirí
1.Ní chuirfidh allmhaireoirí ar an margadh ach táirgí innealra a chomhlíonann na ceanglais riachtanacha sláinte agus sábháilteachta a leagtar amach in Iarscríbhinn III.
2.Sula gcuirfidh allmhaireoirí táirge innealra ar an margadh, áiritheoidh siad go bhfuil na nósanna imeachta iomchuí um measúnú comhréireachta dá dtagraítear in Airteagal 21 nó Airteagal 22 curtha i gcrích ag an monaróir. Áiritheoidh siad go bhfuil an doiciméadacht theicniúil dréachtaithe ag an monaróir, go bhfuil marcáil CE dá dtagraítear in Airteagal 19 ar an táirge innealra agus go bhfuil na doiciméid a cheanglaítear ag gabháil leis agus go bhfuil na ceanglais a leagtar amach in Airteagal 10(5) agus (6) comhlíonta ag an monaróir.
I gcás ina measfaidh allmhaireoir, nó má tá cúis aige lena chreidiúint nach bhfuil táirge innealra i gcomhréir leis na ceanglais riachtanacha sláinte agus sábháilteachta a leagtar amach in Iarscríbhinn III, ní chuirfidh an t‑allmhaireoir ar an margadh é go dtí go mbeidh sé tugtha i gcomhréireacht. Thairis sin, i gcás ina mbainfidh riosca leis na táirgí innealra a chuireann sláinte nó sábháilteacht daoine i mbaol agus, más iomchuí, a chuireann sábháilteacht ainmhithe clóis agus slándáil réadmhaoine agus, i gcás inarb infheidhme, cosaint an chomhshaoil i mbaol.
3.Déanfaidh monaróirí a n‑ainm, a dtrádainm cláraithe nó a dtrádmharc cláraithe, an seoladh poist agus an seoladh ríomhphoist ag ar féidir teagmháil a dhéanamh leo a chur in iúl ar an táirge innealra nó, i gcás nach mbeidh sé sin indéanta, ar phacáistíocht an táirge innealra nó ar dhoiciméad a ghabhann leis an táirge innealra. Ní mór na sonraí teagmhála a bheith i dteanga is féidir le húsáideoirí deiridh agus údaráis um fhaireachas margaidh a thuiscint gan stró.
4.Áiritheoidh allmhaireoirí go bhfuil ag gabháil leis an táirge innealra na treoracha agus an fhaisnéis a leagtar amach i roinn 1.7 d’Iarscríbhinn III agus iad i dteanga is féidir le húsáideoirí deiridh eile a thuiscint gan stró, de réir mar a chinnfidh an Ballstát lena mbaineann.
5.Áiritheoidh allmhaireoirí, fad atá an táirge innealra faoina gcúram, nach ndéanfaidh dálaí stórála ná iompair difear dá chomhréireacht leis na ceanglais riachtanacha sláinte agus sábháilteachta a leagtar amach in Iarscríbhinn III.
6.Nuair a mheastar é a bheith iomchuí maidir leis na rioscaí do shláinte agus sábháilteacht daoine agus, i gcás inarb iomchuí, do shábháilteacht ainmhithe clóis agus do shlándáil réadmhaoine agus, i gcás inarb infheidhme, do chosaint an chomhshaoil, ó tháirge innealra, déanfaidh allmhaireoirí tástáil shamplach ar na táirgí innealra a chuirfear ar fáil ar an margadh, imscrúdóidh siad gearáin agus, más gá, coimeádfaidh siad clár gearán maidir le táirgí innealra neamhchomhréireacha agus táirgí innealra a aisghaireadh, agus coimeádfaidh siad dáileoirí ar an eolas faoi aon fhaireachán den sórt sin.
7.I gcás allmhaireoirí a mheasann nó a bhfuil údar acu lena chreidiúint nach gcomhlíonann táirge innealra, atá curtha ar an margadh acu, na ceanglais riachtanacha sláinte agus sábháilteachta a leagtar amach in Iarscríbhinn III, déanfaidh siad na bearta ceartaitheacha is gá láithreach chun an táirge innealra sin a thabhairt chun comhréireachta, a tharraingt siar nó a aisghairm, de réir mar is iomchuí. Thairis sin, i gcás ina mbeidh an táirge innealra ina riosca do shláinte agus sábháilteacht daoine agus, i gcás inarb iomchuí, do shábháilteacht ainmhithe clóis agus do shlándáil réadmhaoine, agus i gcás inarb infheidhme, do chosaint an chomhshaoil, cuirfidh allmhaireoirí é sin in iúl láithreach d’údaráis náisiúnta inniúla na mBallstát inar chuir siad an táirge innealra ar fáil ar an margadh, agus tabharfaidh siad mionsonraí, go háirithe, faoin neamhchomhréireacht agus faoi aon bheart ceartaitheach a rinneadh.
8.Déanfaidh allmhaireoirí, go ceann deich mbliana ó cuireadh táirge innealra ar an margadh, cóip den dearbhú comhréireachta de chuid an Aontais a choinneáil ar fáil do na húdaráis faireachais margaidh agus áiritheoidh siad gur féidir an doiciméadacht theicniúil a chur ar fáil do na húdaráis sin. I gcás inarb ábhartha, déanfar an cód foinse nó an loighic chlársceidealaithe a áirítear sa doiciméadacht theicniúil a chur ar fáil ar iarraidh réasúnta ó na húdaráis náisiúnta inniúla ar choinníoll gur gá sin chun go mbeidh na húdaráis sin in ann a sheiceáil go bhfuil na ceanglais riachtanacha sláinte agus sábháilteachta a leagtar amach in Iarscríbhinn III á gcomhlíonadh.
9.Sa bhreis ar iarraidh réasúnaithe ó údarás náisiúnta inniúil, cuirfidh allmhaireoirí an fhaisnéis agus an doiciméadacht uile is gá, i bhfoirm páipéir nó leictreonach, ar fáil don údarás sin chun a léiriú go bhfuil an táirge innealra i gcomhréir leis na ceanglais riachtanacha sláinte agus sábháilteachta a leagtar amach in Iarscríbhinn III, i dteanga is féidir leis an údarás sin a thuiscint gan stró. Oibreoidh siad i gcomhar leis an údarás sin, ar iarraidh uaidh, maidir le haon bheart a dhéanfar chun deireadh a chur leis na rioscaí do shláinte agus sábháilteacht daoine agus, más iomchuí, do shábháilteacht ainmhithe clóis, do shlándáil réadmhaoine agus, más infheidhme, do chosaint an chomhshaoil a bhaineann le táirge innealra, atá curtha ar an margadh acu.
Airteagal 13
Oibleagáidí na ndáileoirí
1.Agus táirge innealra á chur ar fáil ar an margadh, gníomhóidh dáileoirí leis an gcúram is cuí maidir le ceanglais an Rialacháin seo.
2.Sula gcuirfidh dáileoirí táirge innealra ar fáil ar an margadh, fíoróidh siad an méid seo a leanas:
(a)go bhfuil an comhartha CE ar an táirge innealra;
(b)go bhfuil na doiciméid a cheanglaítear agus na treoracha agus an fhaisnéis a leagtar amach i roinn 1.7 d’Iarscríbhinn III ag gabháil leis an táirge innealra, i dteanga is féidir le húsáideoirí deiridh sa Bhallstát ina gcuirfear an táirge innealra ar fáil ar an margadh a thuiscint gan stró;
(c)gur chomhlíon an monaróir agus an t‑allmhaireoir na ceanglais a leagtar amach in Airteagal 10(5) agus (6) agus in Airteagal 12(3) faoi seach.
3.I gcás ina measfaidh táirge innealra, nó má tá cúis aige lena chreidiúint nach bhfuil táirge innealra i gcomhréir leis na ceanglais riachtanacha sláinte agus sábháilteachta a leagtar amach in Iarscríbhinn III, ní chuirfidh an dáileoir an táirge innealra ar fáil ar an margadh go dtí go mbeidh sé tugtha i gcomhréireacht. Thairis sin, i gcás ina mbeidh an táirge innealra ina riosca do shláinte agus sábháilteacht daoine agus, i gcás inarb iomchuí, do shábháilteacht ainmhithe clóis agus do shlándáil réadmhaoine agus, i gcás inarb infheidhme, do chosaint an chomhshaoil, cuirfidh an dáileoir an monaróir agus na húdaráis um fhaireachas margaidh ar an eolas faoi sin.
4.Áiritheoidh dáileoirí, fad atá an táirge innealra faoina gcúram, nach ndéanfaidh dálaí stórála ná iompair difear dá chomhréireacht leis na ceanglais riachtanacha sláinte agus sábháilteachta is infheidhme a leagtar amach in Iarscríbhinn III.
5.Dáileoirí a mheasann nó a bhfuil údar acu lena chreidiúint nach bhfuil táirge innealra, a chuir siad ar fáil ar an margadh, i gcomhréir leis na ceanglais riachtanacha sláinte agus sábháilteachta a leagtar amach in Iarscríbhinn III, áiritheoidh siad go ndéanfar na bearta ceartaitheacha is gá chun an táirge innealra sin a thabhairt chun comhréireachta, a tharraingt siar nó a aisghairm, de réir mar is iomchuí. Thairis sin, i gcás ina mbeidh an táirge innealra ina riosca do shláinte agus sábháilteacht daoine agus, i gcás inarb iomchuí, do shábháilteacht ainmhithe clóis agus do shlándáil réadmhaoine, agus i gcás inarb infheidhme, do chosaint an chomhshaoil, cuirfidh allmhaireoirí é sin in iúl láithreach d’údaráis náisiúnta inniúla na mBallstát inar chuir siad an táirge innealra ar fáil ar an margadh, agus tabharfaidh siad mionsonraí chuige sin faoin neamhchomhréireacht agus faoi aon bheart ceartaitheach a rinneadh.
6.Sa bhreis ar iarraidh réasúnaithe ó údarás náisiúnta inniúil, cuirfidh dáileoirí an fhaisnéis agus an doiciméadacht uile is gá, i bhfoirm páipéir nó leictreonach, ar fáil don údarás sin chun a léiriú go bhfuil an táirge innealra i gcomhréir leis na ceanglais riachtanacha sláinte agus sábháilteachta a leagtar amach in Iarscríbhinn III, i dteanga is féidir leis an údarás sin a thuiscint gan stró. Comhoibreoidh siad leis an údarás sin, ar iarraidh uaidh, maidir le haon bheart a dhéanfar chun deireadh a chur leis na rioscaí do shláinte agus do shábháilteacht daoine agus, más iomchuí, do shábháilteacht ainmhithe clóis, do shlándáil réadmhaoine agus, más infheidhme, do chosaint an chomhshaoil, a bhaineann le táirge innealra, atá curtha ar fáil ar an margadh acu.
Airteagal 14
Cásanna ina mbaineann oibleagáidí monaróirí le hallmhaireoirí agus le dáileoirí
Measfar allmhaireoir nó dáileoir a bheith ina mhonaróir chun críocha an Rialacháin seo agus beidh sé faoi réir oibleagáidí an mhonaróra a leagtar amach in Airteagal 10 i gcás ina gcuirfidh an t‑allmhaireoir nó an dáileoir sin táirge innealra ar an margadh faoina ainm nó faoina thrádmharc nó i gcás ina ndéanfaidh sé modhnú substaintiúil ar tháirge innealra a cuireadh ar an margadh nó a cuireadh i seirbhís cheana.
Airteagal 15
Cásanna eile ina bhfuil feidhm ag oibleagáidí monaróirí
Measfar duine nádúrtha nó dlítheanach, seachas an monaróir, an t‑allmhaireoir nó an dáileoir, a dhéanann modhnú substaintiúil ar an táirge innealra, a bheith ina mhonaróir chun críocha an Rialacháin seo agus beidh sé faoi réir oibleagáidí an mhonaróra a leagtar amach in Airteagal 10 i gcás na coda den táirge innealra dá ndéanann an modhnú difear nó, má tá tionchar ag an modhnú substaintiúil ar shábháilteacht an innealra ina iomláine, i gcás an táirge innealra ina iomláine.
Airteagal 16
Sainaithint oibreoirí eacnamaíocha
1.Déanfaidh oibreoirí eacnamaíocha, ar iarraidh sin, an méid seo a leanas a chur in iúl do na húdaráis faireachais margaidh:
(a)aon oibreoir eacnamaíoch a bhfuil táirge innealra soláthartha aige dóibh;
(b)aon oibreoir eacnamaíoch a bhfuil táirge innealra soláthartha acu dó.
2.Beidh oibreoirí eacnamaíocha in ann an fhaisnéis dá dtagraítear i mír 1 a chur i láthair go ceann deich mbliana tar éis an táirge innealra a sholáthar dóibh agus go ceann deich mbliana tar éis dóibh an táirge innealra a sholáthar.
CAIBIDIL III
COMHRÉIREACHT AN INNEALRA
Airteagal 17
Toimhde maidir le comhréireacht táirgí innealra
1.Toimhdeofar go bhfuil táirge innealra atá i gcomhréir leis na caighdeáin chomhchuibhithe nó codanna díobh, ar foilsíodh a thagairtí in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh, i gcomhréir leis na ceanglais riachtanacha sláinte agus sábháilteachta a leagtar amach in Iarscríbhinn III a chumhdaítear leis na caighdeáin sin nó ag codanna díobh.
2.Iarrfaidh an Coimisiún, mar a fhoráiltear in Airteagal 10(1) de Rialachán (AE) Uimh. 1025/2012, ar cheann amháin nó níos mó d’eagraíochtaí Eorpacha um chaighdeánú caighdeáin chomhchuibhithe a dhréachtú le haghaidh na gceanglas riachtanach sláinte agus sábháilteachta a leagtar amach in Iarscríbhinn III.
3.Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh lena mbunófar sonraíochtaí teicniúla le haghaidh na gceanglas riachtanach sláinte agus sábháilteachta a leagtar amach in Iarscríbhinn III i gcás ina gcomhlíonfar na coinníollacha seo a leanas:
(a)nach bhfuil aon tagairt do chaighdeáin chomhchuibhithe lena gcumhdaítear na ceanglais riachtanacha sláinte agus sábháilteachta ábhartha foilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 1025/2012;
(b)gur iarr an Coimisiún ar cheann amháin nó níos mó de na heagraíochtaí Eorpacha um chaighdeánú caighdeán comhchuibhithe a dhréachtú le haghaidh na gceanglas riachtanach sláinte agus sábháilteachta agus go bhfuil moill mhíchuí sa nós imeachta um chaighdeánú nó nár ghlac aon cheann de na heagraíochtaí Eorpacha um chaighdeánú leis an iarraidh.
Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 46(3).
4.Toimhdeofar go bhfuil táirge innealra atá i gcomhréir leis na sonraíochtaí teicniúla nó codanna díobh i gcomhréir leis na ceanglais riachtanacha sláinte agus sábháilteachta a leagtar amach in Iarscríbhinn III a chumhdaítear leis na sonraíochtaí teicniúla sin nó le codanna díobh.
5.Toimhdeofar go bhfuil na táirgí innealra a deimhníodh nó ar eisíodh ráiteas comhréireachta ina leith faoi scéim cibearshlándála a ghlactar i gcomhréir le Rialachán (AE) 2019/881 agus ar foilsíodh a dtagairtí in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh, i gcomhréir leis na ceanglais riachtanacha sláinte agus sábháilteachta 1.1.9 agus 1.2.1 a leagtar amach in Iarscríbhinn III maidir le cosaint i gcoinne éillithe agus sábháilteachta agus iontaofacht na gcóras rialaithe a mhéid a chumhdaítear go dtí seo leis an deimhniú cibearshlándála nó leis an ráiteas comhréireachta nó le codanna de na ceanglais sin.
Airteagal 18
Dearbhú comhréireachta de chuid an Aontais
1.Sonrófar sa dearbhú comhréireachta de chuid an Aontais gur léiríodh go bhfuil ceanglais riachtanacha sláinte agus sábháilteachta is infheidhme a leagtar amach in Iarscríbhinn III á gcomhlíonadh.
2.Leanfaidh an dearbhú comhréireachta de chuid an Aontais an struchtúr samplach a leagtar amach in Iarscríbhinn V, áireofar ann na gnéithe a shonraítear sna modúil ábhartha a leagtar amach in Iarscríbhinní VI, VII, VIII agus IX agus tabharfar é cothrom le dáta ar bhonn leanúnach. Aistreofar é go dtí an teanga nó go dtí na teangacha a éilíonn an Ballstát ina ndéantar an táirge innealra a chur ar an margadh nó a chur ar fáil ar an margadh.
3.I gcás ina mbeidh an táirge innealra faoi réir gníomh amháin nó níos mó de chuid an Aontais lena n‑éilítear dearbhú comhréireachta de chuid an Aontais, dréachtófar dearbhú comhréireachta aonair de chuid an Aontais maidir le gach gníomh den sórt sin de chuid an Aontais. Beidh sainaithint na ngníomhartha de chuid an Aontais lena mbaineann sa dearbhú, lena n‑áirítear a dtagairtí foilseacháin.
4.Le dréachtú dhearbhú comhréireachta an Aontais, gabhfaidh an monaróir freagracht chuige féin as an táirge innealra a bheith i gcomhréir leis na ceanglais a leagtar síos sa Rialachán seo.
Airteagal 19
Prionsabail ghinearálta mharcáil CE
Beidh marcáil CE faoi réir na bprionsabal ginearálta a leagtar amach in Airteagal 30 de Rialachán (CE) Uimh. 765/2008.
Airteagal 20
Rialacha maidir leis an gcomhartha CE a ghreamú
1.Greamófar an mharcáil CE go sofheicthe, go hinléite agus go doscriosta den táirge innealra. Mura féidir é sin a dhéanamh nó mura bhfuil gá leis mar gheall ar chineál an táirge innealra, greamófar den phacáistíocht é agus de na doiciméid a ghabhann leis an táirge innealra.
2.Greamófar an mharcáil CE sula gcuirfear an táirge innealra ar an margadh.
3.Maidir leis an táirge innealra a bhfuil comhlacht dá dtugtar fógra rannpháirteach ina mheasúnú comhréireachta i gcomhréir le hIarscríbhinn IX, cuirfear uimhir aitheantais an chomhlachta sin dá dtugtar fógra i ndiaidh an chomhartha CE.
Is é an comhlacht féin a ghreamóidh uimhir aitheantais an chomhlachta faoina dtugtar fógra, sin nó an monaróir nó ionadaí údaraithe an mhonaróra, ach treoir chuige sin a fháil ón gcomhlacht sin.
4.Féadfar picteagram nó marcáil eile lena léirítear riosca nó úsáid ar leith a chur i ndiaidh chomhartha CE agus, i gcás inarb infheidhme, uimhir aitheantais an chomhlachta dá dtugtar fógra.
5.Forbróidh na Ballstáit na sásraí atá ann cheana lena áirithiú go gcuirfear an córas lena rialaítear marcáil CE i bhfeidhm i gceart agus gníomhóidh siad go hiomchuí i gcás ina mbainfear úsáid mhíchuí as an marcáil sin.
CAIBIDIL IV
MEASÚNÚ COMHRÉIREACHTA
Airteagal 21
Nósanna imeachta um measúnú comhréireachta maidir le táirgí innealra seachas innealra páirtchríochnaithe
1.Chun a dheimhniú go gcomhlíonann táirge innealra an Rialachán seo, cuirfidh an monaróir nó a ionadaí údaraithe agus an duine a rinne modhnú substaintiúil ar an táirge innealra, ceann de na nósanna imeachta i bhfeidhm le haghaidh measúnú comhréireachta dá dtagraítear i míreanna 2 agus 3.
2.I gcás inar táirge innealra ardriosca a liostaítear in Iarscríbhinn I é táirge innealra ardriosca, déanfaidh monaróir nó ionadaí údaraithe an mhonaróra agus an duine a bhfuil modhnú substaintiúil déanta aige ar cheann de na nósanna imeachta ceann amháin de na nósanna imeachta seo a leanas a chur i bhfeidhm:
(a)cineálscrúdú de chuid an Aontais (modúl B) dá bhforáiltear in Iarscríbhinn VII de réir cineál-chomhréireacht bunaithe ar rialú táirgthe inmheánach (modúl C) a leagtar amach in Iarscríbhinn VIII;
(b)Comhréireacht bunaithe ar dhearbhú cáilíochta iomlán (modúl H), a leagtar amach in Iarscríbhinn IX.
3.I gcás nach táirge innealra ardriosca a liostaítear in Iarscríbhinn I é an táirge innealra, is é an monaróir nó ionadaí údaraithe an mhonaróra agus an duine a bhfuil modhnú substaintiúil déanta aige ar an táirge innealra a chuirfidh i bhfeidhm an nós imeachta rialaithe táirgthe (modúl A) a leagtar amach in Iarscríbhinn VI.
4.Comhlachtaí dá dtugtar fógra, cuirfidh siad leasanna agus riachtanais shonracha fiontair bheaga agus mheánmhéide san áireamh nuair a bheidh na táillí le haghaidh measúnú comhréireachta á socrú acu agus laghdóidh siad na táillí sin i gcomhréir lena leasanna agus lena riachtanais shonracha.
Airteagal 22
Nósanna imeachta um measúnú comhréireachta maidir le hinnealra atá páirtchríochnaithe
1.Is é monaróir an innealra páirtchríochnaithe nó ionadaí údaraithe an mhonaróra a áiritheoidh, sula gcuirfear innealra páirtchríochnaithe ar an margadh, go ndréachtófar na doiciméid seo a leanas:
(a)an doiciméadacht theicniúil ábhartha a chomhlíonann na ceanglais a leagtar síos i gcuid B d’Iarscríbhinn IV;
(b)treoracha cóimeála a chomhlíonann na ceanglais a leagtar síos in Iarscríbhinn X;
(c)dearbhú corpraithe an Aontais a bhfuil struchtúr na samhla a leagtar amach in Iarscríbhinn V aige.
2.I gcás inarb ábhartha, is é monaróir an innealra páirtchríochnaithe nó ionadaí údaraithe an mhonaróra a dhéanfaidh an cód foinse nó an loighic chlársceidealaithe a áirítear sa doiciméadacht theicniúil dá dtagraítear i mír 1, pointe (a) a chur ar fáil don údarás náisiúnta inniúil ar iarraidh réasúnta uaidh ar choinníoll gur gá sin chun go mbeidh an t‑údarás sin in ann a sheiceáil go bhfuil na ceanglais riachtanacha sláinte agus sábháilteachta a leagtar amach in Iarscríbhinn III á gcomhlíonadh. Beidh treoracha cóimeála dá dtagraítear i mír 1, pointe (b), agus an dearbhú ionchorpraithe dá dtagraítear i mír 1, pointe (c), ag gabháil leis an innealra páirtchríochnaithe go dtí go mbeidh sé ionchorpraithe sa táirge innealra deiridh agus beidh na treoracha sin ina gcuid de chomhad teicniúil le haghaidh an táirge innealra sin ina dhiaidh sin.
Airteagal 23
Daoine a chosaint agus innealra á shuiteáil agus á úsáid
Féadfaidh na Ballstáit ceanglais a leagan síos chun a áirithiú go gcosnófar daoine, lena n‑áirítear oibrithe, agus táirgí innealra á suiteáil agus á n‑úsáid acu, ar choinníoll nach gceadaítear leis na rialacha sin táirge innealra a mhodhnú ar bhealach nach bhfuil i gcomhréir leis an Rialachán seo.
CAIBIDIL V
FÓGRA A THABHAIRT MAIDIR LE COMHLACHTAÍ UM MEASÚNÚ COMHRÉIREACHTA
Airteagal 24
Fógra a thabhairt
Tabharfaidh na Ballstáit fógra don Choimisiún agus do na Ballstáit eile faoi chomhlachtaí um measúnú comhréireachta a údaraítear chun measúnú comhréireachta a dhéanamh i gcomhréir leis an Rialachán seo.
Airteagal 25
Na húdaráis a thugann fógra
1.Ainmneoidh na Ballstáit údarás a thugann fógra a bheidh freagrach as na nósanna imeachta is gá a bhunú agus a dhéanamh maidir le measúnú ar chomhlachtaí um measúnú comhréireachta agus a bheidh freagrach as fógra a thabhairt dóibh agus as faireachán a dhéanamh ar chomhlachtaí dá dtugtar fógra, lena n‑áirítear comhlíonadh Airteagal 32.
2.Féadfaidh na Ballstáit a chinneadh go ndéanfaidh comhlacht creidiúnúcháin náisiúnta, de réir bhrí Rialachán (CE) Uimh. 765/2008 agus i gcomhréir leis, an measúnú agus an faireachán dá dtagraítear i mír 1.
3.I gcás ina ndéanfaidh an t‑údarás a thugann fógra an measúnú, an fógra nó an faireachán dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo a tharmligean chuig comhlacht nó a chur ar iontaoibh comhlachta nach eintiteas rialtais é, beidh an comhlacht sin ina eintiteas dlíthiúil a chomhlíonfaidh, mutatis mutandis, na ceanglais a leagtar síos in Airteagal 26. Anuas air sin, beidh socruithe ag an gcomhlacht sin chun dliteanais a eascraíonn as a chuid gníomhaíochtaí a chumhdach.
4.Glacfaidh an t‑údarás a thugann fógra freagracht iomlán as na cúraimí a dhéanann an comhlacht dá dtagraítear i mír 3.
Airteagal 26
Na ceanglais i dtaca leis na húdaráis a thugann fógra
1.Bunófar údarás a thugann fógra ar dhóigh nach mbeidh aon choinbhleacht leasa ann leis na comhlachtaí um measúnú comhréireachta.
2.Déanfar an t‑údarás a bhfuil air fógra a thabhairt a eagrú agus a oibriú ar dhóigh a chaomhnóidh oibiachtúlacht agus neamhchlaontacht a chuid gníomhaíochtaí.
3.Eagrófar údarás a thugann fógra ar dhóigh a áiritheoidh go ndéanfaidh daoine inniúla, nach iad a rinne an measúnú, gach aon chinneadh a bhaineann le fógra a thabhairt do chomhlacht um measúnú comhréireachta.
4.Ní thairgfidh ná ní sholáthróidh údarás a thugann fógra aon ghníomhaíocht a dhéanann comhlachtaí um measúnú comhréireachta, ná aon seirbhís comhairleachta ar bhonn tráchtála ná ar bhonn iomaíoch.
5.Coimirceoidh údarás a thugann fógra rúndacht na faisnéise a fhaigheann sé.
6.Beidh a dhóthain ball foirne inniúil ar fáil don údarás a thugann fógra le go bhféadfaidh sé a chuid cúraimí a dhéanamh mar is cuí.
Airteagal 27
Oibleagáid faisnéise ar údaráis a thugann fógra
Cuirfidh na Ballstáit an Coimisiún ar an eolas faoina nósanna imeachta chun measúnú a dhéanamh ar chomhlachtaí um measúnú comhréireachta, maidir le fógra a thabhairt do na comhlachtaí sin agus maidir le faireachán a dhéanamh ar chomhlachtaí dá dtugtar fógra, agus faoi aon athrú ar aon cheann acu sin.
Cuirfidh an Coimisiún an fhaisnéis sin ar fáil go poiblí.
Airteagal 28
Ceanglais a bhaineann le comhlachtaí dá dtugtar fógra
1.Chun críocha fógra a thabhairt, comhlíonfaidh comhlacht um measúnú comhréireachta na ceanglais a leagtar síos i míreanna 2 go 11.
2.Bunófar comhlacht um measúnú comhréireachta faoi dhlí náisiúnta an Bhallstáit agus beidh pearsantacht dhlíthiúil aige.
3.Beidh comhlacht um measúnú comhréireachta ina chomhlacht tríú páirtí atá neamhspleách ar an eagraíocht nó ar an táirge innealra ar a ndéanann sé measúnú.
Féadfar a mheas gur comhlacht um measúnú comhréireachta é comhlacht a bhaineann le comhlachas gnó nó le cónaidhm ghairmiúil a dhéanann ionadaíocht ar ghnóthais a bhíonn ag plé le dearadh, monarú, soláthar, cóimeáil, úsáid nó cothabháil táirgí innealra a ndéanann sé measúnú orthu, ar an gcoinníoll go léirítear go bhfuil sé neamhspleách agus nach bhfuil aon choinbhleacht leasa ann.
4.Ní hé dearthóir, monaróir, soláthraí, suiteálaí, ceannaitheoir, úinéir, úsáideoir nó cothabhálaí an táirge innealra a bheidh á mheasúnú acu, ná ionadaí aon duine de na páirtithe sin, a bheidh i gceist leis an gcomhlacht um measúnú comhréireachta, lena lucht bainistíochta ardleibhéil ná leis an bpearsanra a bheidh freagrach as na cúraimí um measúnú comhréireachta a chomhlíonadh. Ní chuirfidh sin bac ar úsáid táirge innealra is gá le haghaidh oibríochtaí an chomhlachta um measúnú comhréireachta ná ar úsáid táirge innealra chun críocha pearsanta.
Ní bheidh baint dhíreach ag comhlacht um measúnú comhréireachta, ag a bhainisteoirí barrleibhéil agus ag an bpearsanra atá freagrach as cúraimí um measúnú comhréireachta a dhéanamh le táirgí innealra a dhearadh, a mhonarú, a mhargú, a úsáid ná a chothabháil, ná ní dhéanfaidh siad ionadaíocht ar aon cheann de na páirtithe sin atá i mbun na ngníomhaíochtaí sin. Ní ghabhfaidh siad d'aon ghníomhaíocht a d’fhéadfadh teacht salach ar neamhspleáchas a mbreithiúnais ná a n‑ionracais i ndáil le gníomhaíochtaí um measúnú comhréireachta dá dtugtar fógra ina leith. Beidh feidhm aige sin go háirithe maidir le seirbhísí comhairleachta.
Áiritheoidh comhlacht um measúnú comhréireachta nach ndéanfaidh gníomhaíochtaí a fhochuideachtaí ná a fhochonraitheoirí difear do rúndacht, d’oibiachtúlacht ná do neamhchlaontacht a ghníomhaíochtaí um measúnú comhréireachta.
5.Déanfaidh comhlacht um measúnú comhréireachta agus a phearsanra na gníomhaíochtaí um measúnú comhréireachta leis an ard‑ionracas gairmiúil agus leis an inniúlacht theicniúil a bhíonn riachtanach sa réimse sonrach agus beidh sé saor ó gach brú agus mealladh, go háirithe ó thaobh airgid de, a d’fhéadfadh tionchar a imirt ar a bhreithiúnas nó ar thorthaí a ghníomhaíochtaí um measúnú comhréireachta, go háirithe maidir le brú agus mealladh ó dhaoine nó ó ghrúpaí daoine a bhfuil leas acu i dtorthaí na ngníomhaíochtaí sin.
6.Beidh comhlacht um measúnú comhréireachta in acmhainn na gníomhaíochtaí uile um measúnú comhréireachta a dhéanamh a luaitear in Iarscríbhinní VII, VIII agus IX agus ar tugadh fógra dó i ndáil leo, cibé acu an é an comhlacht um measúnú comhréireachta féin a chomhlíonfaidh na cúraimí sin nó an ndéantar iad thar a cheann agus ar a fhreagracht féin.
Beidh na nithe seo a leanas is gá ag comhlacht um measúnú comhréireachta i gcónaí, agus le haghaidh gach nóis imeachta um measúnú comhréireachta agus gach cineál táirge innealra ar tugadh fógra dó i ndáil léi:
(a)pearsanra ag a bhfuil an t‑eolas teicniúil agus taithí leordhóthanach iomchuí chun na gníomhaíochtaí um measúnú comhréireachta a dhéanamh;
(b)tuairiscí ar nósanna imeachta a ndéantar measúnú comhréireachta i gcomhréir leo, lena n‑áiritheofar trédhearcacht na nósanna imeachta sin agus an cumas iad a atáirgeadh;
(c)beartais agus nósanna imeachta iomchuí chun idirdhealú a dhéanamh idir gníomhaíochtaí a dhéanann sé mar chomhlacht dá dtugtar fógra agus gníomhaíochtaí eile;
(d)na nósanna imeachta is gá maidir le feidhmiú na ngníomhaíochtaí ina dtugtar aird chuí ar mhéid gnóthais, ar an earnáil ina bhfuil sé, ar a struchtúr, ar a chasta atá an teicneolaíocht innealra atá i gceist agus mais an phróisis táirgeachta nó cineál srathach an phróisis sin.
Beidh na hacmhainní is gá ag comhlacht um measúnú comhréireachta chun na cúraimí teicniúla agus riaracháin a bhaineann leis na gníomhaíochtaí um measúnú comhréireachta a dhéanamh ar bhealach iomchuí agus beidh rochtain aige ar an trealamh nó ar na saoráidí uile is gá.
7.Beidh na hinniúlachtaí seo a leanas ag an bpearsanra atá freagrach as na cúraimí um measúnú comhréireachta a dhéanamh:
(a)oiliúint mhaith ghairme agus theicniúil ina gcumhdaítear na gníomhaíochtaí um measúnú comhréireachta uile a bhfuil fógra tugtha don chomhlacht um measúnú comhréireachta ina leith;
(b)eolas sásúil ar cheanglais na measúnuithe a dhéanann siad agus údarás leordhóthanach chun na measúnuithe sin a dhéanamh;
(c)eolas agus tuiscint iomchuí ar na ceanglais riachtanacha sláinte agus sábháilteachta a leagtar amach in Iarscríbhinn III, ar na caighdeáin chomhchuibhithe is infheidhme dá dtagraítear in Airteagal 17, agus ar fhorálacha ábhartha reachtaíocht chomhchuibhithe an Aontais agus ar reachtaíocht náisiúnta;
(d)an cumas deimhnithe, taifid agus tuarascálacha a dhréachtú lena léireofar go ndearnadh measúnuithe comhréireachta.
8.Ráthófar neamhchlaontacht comhlachta um measúnú comhréireachta, a lucht bainistíochta ardleibhéil agus an phearsanra a bheidh freagrach as na gníomhaíochtaí um measúnú comhréireachta a dhéanamh.
Ní bhraithfidh luach saothair an lucht bainistíochta ardleibhéil agus an phearsanra a bheidh freagrach as na gníomhaíochtaí um measúnú comhréireachta a dhéanamh ar an líon measúnuithe comhréireachta a dhéantar ná ar thorthaí na measúnuithe sin.
9.Beidh árachas dliteanais ag comhlacht um measúnú comhréireachta mura nglacann an Ballstát an dliteanas air féin i gcomhréir leis an dlí náisiúnta, nó mura bhfuil an Ballstát féin freagrach as an measúnú comhréireachta.
10.Déanfaidh pearsanra comhlachta um measúnú comhréireachta rúndacht ghairmiúil a urramú maidir leis an bhfaisnéis uile a fhaightear agus iad ag déanamh na ngníomhaíochtaí um measúnú comhréireachta i gcomhréir le hIarscríbhinní VII, VIII agus IX, ach amháin i ndáil le húdaráis inniúla an Bhallstáit ina ndéantar a ghníomhaíochtaí. Déanfar cearta dílseánaigh, cearta maoine intleachtúla agus rúin trádála a chosaint.
11.Glacfaidh comhlacht um measúnú comhréireachta páirt sna gníomhaíochtaí ábhartha um chaighdeánú agus i ngníomhaíochtaí ghrúpa comhordaithe an chomhlachta dá dtugtar fógra a bunaítear de bhun Airteagal 40, nó áiritheoidh comhlacht um measúnú comhréireachta go gcuirfear a phearsanra, a bheidh freagrach as na gníomhaíochtaí um measúnú comhréireachta a dhéanamh, ar an eolas faoi na gníomhaíochtaí ábhartha um chaighdeánú agus feidhmeoidh an comhlacht um measúnú comhréireachta mar threoir ghinearálta na cinntí riaracháin agus na doiciméid riaracháin a tháirgtear de thoradh obair an ghrúpa comhordaithe sin.
Airteagal 29
Toimhde comhréireachta comhlachtaí dá dtugtar fógra
I gcás ina ndéanfaidh comhlacht um measúnú comhréireachta a léiriú go gcomhlíonann sé na critéir a leagtar síos sna caighdeáin chomhchuibhithe ábhartha, nó i gcodanna díobh, nithe a bhfuil a gcuid tagairtí foilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh, toimhdeofar go mbeidh na ceanglais a leagtar amach in Airteagal 28 á gcomhlíonadh aige a mhéid a chumhdófar na ceanglais sin leis na caighdeáin chomhchuibhithe is infheidhme.
Airteagal 30
Fochuideachtaí agus fochonraitheoireacht comhlachtaí dá dtugtar fógra
1.I gcás ina ndéanfaidh comhlacht dá dtugtar fógra cúraimí sonracha i dtaca le measúnú comhréireachta a chur amach ar fochonradh nó i gcás ina bhféadfaidh an comhlacht dul ar iontaoibh fochuideachta, áiritheoidh sé go gcomhlíonann an fochonraitheoir nó an fhochuideachta na ceanglais a leagtar amach in Airteagal 28 agus cuirfidh sé an t‑údarás a thugann fógra ar an eolas faoi sin dá réir.
2.Glacfaidh comhlachtaí dá dtugtar fógra freagracht iomlán as na cúraimí a dhéanann fochonraitheoir nó fochuideachta cibé áit ina mbeidh siad bunaithe.
3.Ní fhéadfar gníomhaíochtaí a chur amach ar fochonradh ná ní fhéadfar fochuideachta dul ina mbun gan toiliú an chliaint.
4.Coinneoidh comhlachtaí dá dtugtar fógra ar fáil don údarás a thugann fógra na doiciméid ábhartha a bhaineann le measúnú ar cháilíochtaí an fhochonraitheora nó na fochuideachta agus leis an obair a dhéanann siad faoi Iarscríbhinní VII, VIII agus IX.
Airteagal 31
Iarratas ar fhógra
1.Déanfaidh comhlacht um measúnú comhréireachta iarratas ar fhógra a chur faoi bhráid an údaráis a thugann fógra sa Bhallstát ina bhfuil sé bunaithe.
2.Beidh tuairisc ar na gníomhaíochtaí um measúnú comhréireachta in éineacht leis an iarratas ar fhógra, agus tuairisc ar na modúil um measúnú comhréireachta a leagtar amach in Iarscríbhinní VII, VIII agus IX agus ar an táirge innealra dá maíonn an comhlacht um measúnú comhréireachta a bheith inniúil, chomh maith le deimhniú creidiúnaithe, más ann dó, a eisíonn comhlacht náisiúnta creidiúnaithe lena bhfianaítear go gcomhlíonann an comhlacht um measúnú comhréireachta na ceanglais a leagtar síos in Airteagal 28.
3.I gcás nach féidir leis an gcomhlacht um measúnú comhréireachta lena mbaineann deimhniú creidiúnúcháin dá dtagraítear i mír 2 a chur ar fáil, soláthróidh sé don údarás a thugann fógra an fhianaise dhoiciméadach uile is gá chun comhlíonadh na gceanglas a leagtar síos in Airteagal 28 a fhíorú, a aithint agus faireachán rialta a dhéanamh air.
Airteagal 32
Nós imeachta maidir le fógra a thabhairt
1.Ní fhéadfaidh údaráis a thugann fógra aon fhógra a thabhairt ach do chomhlachtaí um measúnú comhréireachta a mbeidh na ceanglais a leagtar síos in Airteagal 28 comhlíonta acu.
2.Seolfaidh an t‑údarás a thugann fógra chuig an gCoimisiún agus na Ballstáit eile faoi gach comhlacht um measúnú comhréireachta dá dtagraítear i mír 1 agus úsáid á baint as an uirlis leictreonach um fhógra a thabhairt, uirlis a fhorbraíonn agus a bhainistíonn an Coimisiún.
3.Áireofar an méid seo a leanas san fhógra dá dtagraítear i mír 2:
(a)sonraí iomlána na ngníomhaíochtaí um measúnú comhréireachta a bheidh le déanamh;
(b)léiriú ar an modúl nó ar na modúil um measúnú comhréireachta agus ar na cineálacha innealra lena mbaineann;
(c)fianú ábhartha na hinniúlachta.
4.I gcás nach mbeidh fógra bunaithe ar dheimhniú creidiúnúcháin dá dtagraítear in Airteagal 31(2), déanfaidh an t‑údarás a thugann fógra fianaise dhoiciméadach a sholáthar don Choimisiún agus do na Ballstáit eile lena ndearbhaítear inniúlacht an chomhlachta um measúnú comhréireachta mar aon leis na socruithe a bheidh i bhfeidhm lena áirithiú go ndéanfar faireachán rialta ar an gcomhlacht sin agus go leanfaidh sé de bheith ag comhlíonadh na gceanglas a leagtar síos in Airteagal 28.
5.Ní fhéadfaidh an comhlacht um measúnú comhréireachta lena mbaineann gníomhaíochtaí comhlachta dá dtugtar fógra a fheidhmiú ach amháin mura ndéanann an Coimisiún ná na Ballstáit eile aon agóidí ina choinne laistigh de 2 sheachtain ó thráth bailíochtaithe an fhógra i gcás deimhniú creidiúnaithe dá dtagraítear in Airteagal 31(2) a bheith ann nó laistigh de dhá mhí ó thráth déanta an fhógra i gcás fianaise dhoiciméadach dá dtagraítear in Airteagal 31(3) a bheith san fhógra.
Ní mheasfar gur comhlacht dá dtugtar fógra chun críocha an Rialacháin seo aon chomhlacht nach comhlacht den sórt sin é.
6.An t‑údarás a thugann fógra tabharfaidh sé fógra don Choimisiún agus do na Ballstáit eile faoi aon athrú ábhartha ar an bhfógra dá dtagraítear i mír 2 dá éis sin.
Airteagal 33
Uimhreacha aitheantais agus liosta na gcomhlachtaí dá dtugtar fógra
1.Sannfaidh an Coimisiún uimhir aitheantais do chomhlacht dá dtugtar fógra.
Sannfaidh sé aon uimhir aitheantais amháin fiú i gcás ina dtabharfar fógra don chomhlacht faoi roinnt gníomhartha de chuid an Aontais.
2.Cuirfidh an Coimisiún an liosta comhlachtaí dá dtugtar fógra ar fáil go poiblí, lena n‑áirítear na huimhreacha aitheantais atá sannta dóibh agus na gníomhaíochtaí um measúnú comhréireachta dár tugadh fógra dóibh.
Áiritheoidh an Coimisiún go gcoinneofar an liosta cothrom le dáta.
Airteagal 34
Athruithe ar na fógraí
1.I gcás ina bhfionnfaidh an t‑údarás a thugann fógra nach bhfuil comhlacht dá dtugtar fógra ag comhlíonadh na gceanglas a leagtar síos in Airteagal 28 a thuilleadh nó go bhfuil an comhlacht ag mainneachtain a oibleagáidí mar a leagtar amach in Airteagal 35 a chomhlíonadh nó i gcás ina gcuirfear é sin in iúl dó, déanfaidh an t‑údarás a thugann fógra an fógra a shrianadh, a chur ar fionraí nó a tharraingt siar, de réir mar is iomchuí, de réir thromchúis na mainneachtana na ceanglais sin a chomhlíonadh nó na hoibleagáidí sin a chomhlíonadh. Cuirfidh sé an Coimisiún agus na Ballstáit eile ar an eolas láithreach dá réir sin.
2.I gcás fógra a bheith srianta, curtha ar fionraí nó tarraingthe siar, nó i gcás deireadh a bheith curtha lena ghníomhaíocht ag an gcomhlacht dá dtugtar fógra, déanfaidh an t‑údarás a thugann fógra bearta iomchuí chun a áirithiú go bpróiseálfaidh comhlacht eile dá dtugtar fógra comhaid an chomhlachta sin nó go gcoinneofar na comhaid sin ar fáil do na húdaráis a thugann fógra agus do na húdaráis um fhaireachas margaidh a bheidh freagrach ar iarraidh uathu.
Airteagal 35
Agóid in aghaidh inniúlacht na gcomhlachtaí dá dtugtar fógra
1.Imscrúdóidh an Coimisiún gach cás a bhfuil amhras air ina leith, nó a gcuirtear amhras ina leith in iúl dó, maidir le hinniúlacht comhlachta dá dtugtar fógra nó maidir leis an gcaoi a bhfuil comhlacht dá dtugtar fógra ag leanúint de bheith ag comhlíonadh na gceanglas agus na bhfreagrachtaí a bhfuil sé faoina réir.
2.Soláthróidh an t‑údarás a thugann fógra, don Choimisiún, ar iarraidh uaidh, an fhaisnéis uile a bhaineann leis an mbonn leis an bhfógra nó le hinniúlacht an chomhlachta dá dtugtar fógra lena mbaineann a choinneáil ar bun.
3.Áiritheoidh an Coimisiún go bpléifear le gach faisnéis íogair a fhaightear le linn a chuid imscrúduithe mar fhaisnéis atá rúnda.
4.I gcás ina bhfionnann an Coimisiún nach gcomhlíonann comhlacht dá dtugtar fógra na ceanglais maidir le fógra a thabhairt ina leith nó nach gcomhlíonann sé iad níos mó, glacfaidh sé gníomh cur chun feidhme lena n‑iarrtar ar an mBallstát a thugann fógra na bearta ceartaitheacha is gá a dhéanamh, lena n‑áirítear an fógra a tharraingt siar más gá.
Glacfar an gníomh cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta comhairleach dá dtagraítear in Airteagal 46(2).
Airteagal 36
Oibleagáidí oibriúcháin na gcomhlachtaí dá dtugtar fógra
1.Déanfaidh comhlacht dá dtugtar fógra measúnuithe comhréireachta i gcomhréir leis na nósanna imeachta um measúnú comhréireachta a leagtar amach in Iarscríbhinní VII, VIII agus IX.
2.Feidhmeoidh comhlacht dá dtugtar fógra a ghníomhaíochtaí ar bhealach comhréireach, agus ualaí neamhriachtanacha d’oibreoirí eacnamaíocha á seachaint, agus aird chuí á tabhairt ar mhéid gnóthais, an earnáil ina bhfeidhmíonn an gnóthas, struchtúr an ghnóthais, a chasta atá an teicneolaíocht innealra atá i gceist, agus mais an phróisis táirgeachta nó cineál srathach an phróisis sin.
Ar an gcaoi sin, urramóidh an comhlacht dá dtugtar fógra mar sin féin an méid smachta agus an leibhéal cosanta a éilítear go gcomhlíonfaidh an táirge innealra le ceanglais an Rialacháin seo.
3.I gcás ina bhfionnfaidh comhlacht dá dtugtar fógra nach bhfuil na ceanglais sláinte agus sábháilteachta riachtanacha a leagtar amach in Iarscríbhinn III ná na caighdeáin chomhchuibhithe dá dtagraítear in Airteagal 17 ná sonraíochtaí teicniúla eile comhlíonta ag an monaróir, ceanglóidh sé ar an monaróir na bearta ceartaitheacha iomchuí a dhéanamh agus ní eiseoidh sé deimhniú comhréireacht ná ní ghlacfaidh sé cinneadh formheasa
4.I gcás ina bhfionnfaidh comhlacht dá dtugtar fógra, i gcúrsa an fhaireacháin ar chomhréireacht tar éis do dheimhniú comhréireachta a bheith eisithe nó cinneadh formheasa a bheith glactha, nach bhfuil táirge innealra comhlíontach a thuilleadh, éileoidh sé ar an monaróir beart ceartaitheach iomchuí a dhéanamh agus cuirfidh sé an deimhniú comhréireachta nó an cinneadh formheasa ar fionraí nó tarraingeoidh sé an deimhniú nó an cinneadh sin siar, más gá.
5.I gcás nach ndéanfar bearta ceartaitheacha nó i gcás nach mbeidh an éifeacht is gá leo, déanfaidh an comhlacht dá dtugtar fógra aon deimhniú comhréireachta nó aon chinneadh formheasa a shrianadh, a chur ar fionraí nó a tharraingt siar, de réir mar is iomchuí.
Airteagal 37
Achomharc in aghaidh chinntí na gcomhlachtaí dá dtugtar fógra
Áiritheoidh na comhlachtaí dá dtugtar fógra go mbeidh nós imeachta achomhairc trédhearcach agus inrochtana ar fáil in aghaidh a gcuid cinntí.
Airteagal 38
Oibleagáid faisnéise ar údaráis dá dtugtar fógra
1.Cuirfidh na comhlachtaí dá dtugtar fógra an méid seo a leanas in iúl don údarás a thugann fógra:
(a)aon diúltú, srianadh, fionraí nó tarraingt siar i dtaca le deimhniú nó cinneadh formheasa;
(b)aon toisc a dhéanann difríocht do raon feidhme nó do na coinníollacha maidir lena fhógra;
(c)aon iarraidh ar fhaisnéis a gheobhaidh sé ó údaráis um fhaireachas margaidh maidir lena ghníomhaíochtaí um measúnú comhréireachta;
(d)má iarrtar sin, aon ghníomhaíocht um measúnú comhréireachta a fheidhmítear laistigh de raon feidhme a fhógra agus aon ghníomhaíocht eile dá bhfeidhmítear, lena n‑áirítear gníomhaíochtaí trasteorann agus fochonraitheoireacht.
2.Soláthróidh comhlacht dá dtugtar fógra faisnéis ábhartha maidir le saincheisteanna a bhaineann le torthaí diúltacha, agus, má iarrtar sin, torthaí dearfacha um measúnú comhréireachta do chomhlachtaí eile dá dtugtar fógra a dhéanann gníomhaíochtaí comhchosúla um measúnú comhréireachta lena gcumhdaítear na cineálacha táirgí innealra céanna.
Airteagal 39
Malartú taithí
Déanfaidh an Coimisiún foráil maidir le malartú taithí a eagrú idir údaráis náisiúnta na mBallstát a bhíonn freagrach as beartas maidir le fógra a thabhairt.
Airteagal 40
Comhordú na gcomhlachtaí dá dtugtar fógra
Áiritheoidh an Coimisiún go gcuirfear comhordú agus comhar iomchuí i bhfeidhm idir comhlachtaí dá dtugtar fógra agus go bhfeidhmeofar an comhordú agus comhar sin i gceart i bhfoirm grúpa earnála comhlachtaí dá dtugtar fógra.
Beidh comhlachtaí dá dtugtar fógra rannpháirteach in obair an ghrúpa sin, go díreach nó trí bhíthin ionadaithe ainmnithe.
CAIBIDIL VI
FAIREACHAS AONTAIS AR MHARGAÍ, RIALÚ AR THÁIRGÍ INNEALLRA A THAGANN ISTEACH I MARGADH AN AONTAIS AGUS NÓS IMEACHTA COSANTA AN AONTAIS
Airteagal 41
Nós imeachta ar an leibhéal náisiúnta chun déileáil le táirgí innealra lena mbaineann riosca
1.I gcás ina mbeidh cúis leordhóthanach ag údaráis um fhaireachas margaidh Ballstáit amháin chun a chreidiúint go mbaineann riosca le táirge innealra a chumhdaítear leis an Rialachán seo do shláinte nó sábháilteacht daoine, agus i gcás inarb iomchuí, do shláinte agus sábháilteacht ainmhithe clóis nó do shlándáil réadmhaoine, agus i gcás inarb infheidhme, do chosaint an chomhshaoil, déanfaidh siad meastóireacht i ndáil leis an táirge innealra lena mbaineann lena gcumhdófar gach ceanglas ábhartha a leagtar síos sa Rialachán seo. De réir mar is gá, comhoibreoidh na hoibreoirí eacnamaíocha ábhartha leis na húdaráis faireachais margaidh chun na críche sin.
I gcás ina bhfionnfaidh na húdaráis um fhaireachas margaidh, le linn na meastóireachta dá dtagraítear sa chéad fhomhír, nach gcomhlíonann an táirge innealra na ceanglais a leagtar síos sa Rialachán seo, éileoidh siad gan mhoill ar an oibreoir eacnamaíoch ábhartha gach gníomhaíocht cheartaitheach iomchuí a dhéanamh chun an táirge innealra a thabhairt chun comhréireachta leis na ceanglais sin, an táirge innealra a tharraingt siar ón margadh, nó é a aisghairm laistigh d’am réasúnta, a bheidh i gcomhréir leis an gcineál riosca dá dtagraítear sa chéad fhomhír.
Cuirfidh na húdaráis um fhaireachas margaidh an comhlacht ábhartha dá dtugtar fógra ar an eolas dá réir sin.
2.I gcás ina measfaidh na húdaráis um fhaireachas margaidh nach bhfuil an neamhchomhlíonadh srianta dá gcríoch náisiúnta, cuirfidh siad an Coimisiún agus na Ballstáit eile ar an eolas faoi thorthaí na meastóireachta agus faoi na gníomhaíochtaí a d’éiligh siad ar an oibreoir eacnamaíoch a dhéanamh.
3.Áiritheoidh an t‑oibreoir eacnamaíoch go ndéanfar gach gníomhaíocht cheartaitheach iomchuí i dtaca leis na táirgí innealra uile lena mbaineann a chuir an t‑oibreoir eacnamaíoch ar fáil ar an margadh ar fud an Aontais.
4.I gcás nach nglacann an t‑oibreoir eacnamaíoch ábhartha beart ceartaitheach leordhóthanach laistigh den tréimhse dá dtagraítear sa dara fomhír de mhír 1, déanfaidh na húdaráis um fhaireachas margaidh gach beart sealadach iomchuí chun toirmeasc nó srian a chur ar an táirge innealra a chur ar fáil ar a margadh náisiúnta, chun an táirge innealra a tharraingt siar ón margadh nó é a aisghairm.
Cuirfidh na húdaráis um fhaireachas margaidh an Coimisiún agus na Ballstáit eile ar an eolas, gan mhoill, maidir leis na bearta sin.
5.Áireofar san fhaisnéis dá dtagraítear sa dara fomhír de mhír 4 na sonraí uile atá ar fáil, go háirithe na sonraí is gá chun táirge innealra neamhchomhlíontach a shainaithint, tionscnamh an táirge innealra sin, an cineál neamhchomhlíontachta a líomhnaítear agus an riosca a bhaineann leis, cineál agus fad na mbeart náisiúnta a rinneadh agus na hargóintí a chuir an t‑oibreoir eacnamaíoch ábhartha chun tosaigh. Tabharfaidh na húdaráis um fhaireachas margaidh le fios go háirithe cibé ar tharla an neamhchomhlíonadh i ngeall ar aon cheann de na nithe seo a leanas:
(a)tá ag mainneachtain ar an táirge innealra na ceanglais maidir leis na ceanglais riachtanacha sláinte agus sábháilteachta a leagtar amach in Iarscríbhinn III a chomhlíonadh;
(b)easnaimh sna caighdeáin chomhchuibhithe dá dtagraítear in Airteagal 17(1);
(c)easnaimh sna sonraíochtaí teicniúla dá dtagraítear in Airteagal 17(4).
6.Déanfaidh na Ballstáit, cé is moite den Bhallstát a thionscnaíonn an nós imeachta faoin Airteagal seo, an Coimisiún agus na Ballstáit eile a chur ar an eolas gan mhoill faoi aon bhearta atá glactha acu agus faoi aon fhaisnéis bhreise a bhfuil fáil acu uirthi maidir le neamhchomhlíonadh an táirge innealra lena mbaineann, agus, sa chás nach n‑aontóidh siad leis an mbeart náisiúnta a glacadh, cuirfidh siad ar an eolas iad faoina n‑agóidí.
7.Más rud é, laistigh de 3 mhí ón bhfaisnéis dá dtagraítear sa dara fomhír de mhír 4 a fháil, nach ndéanann Ballstát ná an Coimisiún agóid in aghaidh beart sealadach a dhéanann Ballstát, measfar go bhfuil údar leis an mbeart sin.
8.Áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfar bearta sriantacha iomchuí, amhail an táirge innealra a tharraingt siar ón margadh, i dtaca leis an táirge innealra lena mbaineann gan mhoill.
Airteagal 42
Nós imeachta cosanta an Aontais
1.Más rud é, tar éis an nós imeachta a leagtar amach in Airteagal 41(3) agus (4) a chur i gcrích, go ndéantar agóidí in aghaidh birt a ghlacann Ballstát, nó i gcás ina measfaidh an Coimisiún go bhfuil beart náisiúnta contrártha do reachtaíocht an Aontais, rachaidh an Coimisiún i gcomhairle gan mhoill leis na Ballstáit agus leis an oibreoir eacnamaíoch nó leis na hoibreoirí eacnamaíocha ábhartha agus déanfar meastóireacht ar an mbeart náisiúnta. Ar bhonn thorthaí na meastóireachta sin, glacfaidh an Coimisiún gníomh cur chun feidhme, i bhfoirm cinnidh, lena gcinnfear cé acu a bhfuil údar leis an mbeart náisiúnta nó nach bhfuil.
Díreoidh an Coimisiún a chinneadh chuig na Ballstáit uile agus cuirfidh sé é in iúl dóibh gan mhoill agus don oibreoir eacnamaíoch nó do na hoibreoirí eacnamaíocha ábhartha.
Glacfar an gníomh cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 46(3).
2.Má mheastar go bhfuil bonn cirt leis an mbeart náisiúnta, déanfaidh na Ballstáit eile na bearta is gá lena áirithiú go dtarraingítear an táirge innealra neamhchomhlíontach siar óna margadh, agus cuirfidh siad an Coimisiún ar an eolas dá réir sin.
Má mheastar nach bhfuil bonn cirt leis an mbeart náisiúnta, tarraingeoidh an Ballstát lena mbaineann an beart sin siar.
3.I gcás ina measfar go bhfuil bonn cirt leis an mbeart náisiúnta agus go gceanglaítear neamhchomhlíonadh an táirge innealra le heasnaimh sna caighdeáin chomhchuibhithe nó sna sonraíochtaí teicniúla dá dtagraítear i bpointí (b) agus (c) d’Airteagal 41(5) den Rialachán seo, cuirfidh an Coimisiún an nós imeachta dá bhforáiltear in Airteagal 11 de Rialachán (AE) Uimh. 1025/2012 i bhfeidhm.
Airteagal 43
Táirgí innealra comhlíontacha lena mbaineann riosca
1.I gcás ina bhfionnfaidh Ballstát, tar éis dó measúnú a dhéanamh faoi Airteagal 41(1), cé go bhfuil an táirge innealra i gcomhréir leis na ceanglais a leagtar amach in Iarscríbhinn III, go mbaineann riosca leis do shláinte agus sábháilteacht daoine agus, i gcás inarb iomchuí, do shábháilteacht ainmhithe clóis agus do shlándáil réadmhaoine agus, i gcás inarb iomchuí, do chosaint an chomhshaoil, ceanglóidh sé ar an oibreoir eacnamaíoch ábhartha gach beart iomchuí a dhéanamh chun a áirithiú nach mbainfidh an riosca sin a thuilleadh leis an táirge innealra lena mbaineann nuair a chuirtear ar an margadh é, an táirge innealra a tharraingt siar ón margadh nó é a aisghairm laistigh de thréimhse réasúnta atá i gcomhréir le cineál an riosca sin.
2.Áiritheoidh an t‑oibreoir eacnamaíoch go ndéanfar beart ceartaitheach maidir leis na táirgí innealra uile lena mbaineann atá curtha ar fáil ar an margadh ar fud an Aontais ag an oibreoir eacnamaíoch.
3.Cuirfidh an Ballstát an Coimisiún agus na Ballstáit eile ar an eolas láithreach. Áireofar san fhaisnéis sin na sonraí uile atá ar fáil, go háirithe na sonraí is gá chun go sainaithneofaí na táirgí innealra lena mbaineann, tionscnamh agus slabhra soláthair an táirge innealra, an cineál riosca a bhaineann leis agus cineál agus fad na mbeart náisiúnta a rinneadh.
4.Rachaidh an Coimisiún i gcomhairle leis na Ballstáit agus leis an oibreoir eacnamaíoch ábhartha nó leis na hoibreoirí eacnamaíocha ábhartha gan mhoill agus déanfaidh sé meastóireacht ar na bearta náisiúnta a rinneadh. Ar bhonn thorthaí na meastóireachta sin, déanfaidh an Coimisiún gníomh cur chun feidhme, i bhfoirm cinnidh, lena gcinnfear cé acu an bhfuil údar leis an mbeart náisiúnta nó nach bhfuil, agus lena n‑ordófar, más gá, bearta ceartaitheacha iomchuí.
Glacfar an gníomh cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 46(3).
Ar mhórfhorais phráinne a bhfuil bonn cirt leo agus a bhaineann le sláinte agus sábháilteacht daoine a chosaint, glacfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme atá infheidhme láithreach i gcomhréir leis an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 46(4).
5.Díreoidh an Coimisiún a chinneadh chuig na Ballstáit uile agus cuirfidh sé é in iúl láithreach dóibh agus don oibreoir eacnamaíoch nó do na hoibreoirí eacnamaíocha ábhartha.
Airteagal 44
Neamhchomhlíonadh foirmiúil
1.Gan dochar d'Airteagal 41, i gcás ina bhfaighidh Ballstát amach gur tharla ceann de na nithe seo a leanas i ndáil le táirge innealra, ceanglóidh sé ar an oibreoir eacnamaíoch ábhartha deireadh a chur leis an neamhchomhlíonadh lena mbaineann:
(a)greamaíodh an mharcáil CE de shárú ar Airteagal 30 de Rialachán (CE) Uimh. 765/2008 nó ar Airteagal 20 den Rialachán seo;
(b)nár feistíodh marcáil CE ar chor ar bith;
(c)tá uimhir aitheantais an chomhlachta dá dtugtar fógra a bhí ag gabháil don chéim rialaithe ar tháirgeacht greamaithe de shárú ar Airteagal 20(3) nó níor greamaíodh í;
(d)níor dréachtaíodh dearbhú comhréireachta an Aontais nó níor dréachtaíodh i gceart é;
(e)níl an doiciméadacht theicniúil ar fáil nó níl sí iomlán;
(f)maidir leis an bhfaisnéis dá dtagraítear in Airteagal 10(6) nó in Airteagal 12(3), níl sí ann, nó tá sí bréagach nó neamhiomlán;
(g)níor comhlíonadh aon cheanglas riaracháin eile dá bhforáiltear in Airteagail 10 nó 12.
2.I gcás ina leanfar den neamhchomhlíonadh dá dtagraítear i mír 1, déanfaidh na Ballstáit lena mbaineann gach beart iomchuí chun an táirge innealra a shrianadh nó a chosc óna chur ar an margadh nó lena áirithiú go ndéantar é a aisghairm nó a tharraingt siar ón margadh.
CAIBIDIL VII
CUMHACHTAÍ THARMLIGTHE, AGUS NÓS IMEACHTA COISTE
Airteagal 45
An tarmligean a fheidhmiú
1.Is faoi réir na gcoinníollacha a leagtar síos san Airteagal seo a thugtar an chumhacht don Choimisiún chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh.
2.Déanfar an chumhacht chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh dá dtagraítear in Airteagail 5(2) agus 6(2) a thabhairt don Choimisiún go ceann tréimhse cúig bliana amhail ó... [dáta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo]. Dréachtóidh an Coimisiún tuarascáil maidir le tarmligean na cumhachta tráth nach déanaí ná naoi mí roimh dheireadh na tréimhse cúig bliana sin. Déanfar tarmligean na cumhachta a fhadú go hintuigthe go ceann tréimhsí comhfhaid, mura rud é go gcuireann Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle in aghaidh an fhadaithe sin tráth nach déanaí ná 3 mhí roimh dheireadh gach tréimhse.
3.Sula nglacfaidh sé gníomh tarmligthe, rachaidh an Coimisiún i mbun comhairliúchán le saineolaithe a ainmníonn gach Ballstát i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos i gComhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr.
4.Féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle tarmligean na cumhachta dá dtagraítear in Airteagail 5(2) agus 6(2) a chúlghairm aon tráth. Le cinneadh chun cúlghairm a dhéanamh, cuirfear deireadh le tarmligean na cumhachta atá sonraithe sa chinneadh sin. Gabhfaidh éifeacht leis an lá tar éis fhoilsiú an chinnidh sin in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh nó ar dháta níos déanaí a shonraítear sa chinneadh sin. Ní dhéanfaidh sé difear do bhailíocht aon ghnímh tharmligthe atá i bhfeidhm cheana.
5.A luaithe a ghlacfaidh sé gníomh tarmligthe, tabharfaidh an Coimisiún fógra, an tráth céanna, do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle faoi.
6.Ní thiocfaidh gníomh tarmligthe a ghlactar de bhun Airteagail 5(2) agus 6(2) i bhfeidhm ach amháin mura mbeidh aon agóid curtha in iúl ag Parlaimint na hEorpa nó ag an gComhairle laistigh de thréimhse 2 mhí tar éis fógra faoin ngníomh sin a thabhairt do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle nó más rud é, roimh dhul in éag na tréimhse sin, go mbeidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle araon tar éis a chur in iúl don Choimisiún nach ndéanfaidh siad aon agóid. Déanfar an tréimhse sin a fhadú 2 mhí ar thionscnamh Pharlaimint na hEorpa nó na Comhairle.
Airteagal 46
Nós imeachta coiste
1.Beidh coiste de chúnamh ag an gCoimisiún. Beidh an coiste sin ina choiste de réir bhrí Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.
2.I gcás ina ndéanfar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 4 de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.
3.I gcás ina ndéanfar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5 de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.
4.I gcás ina ndéanfar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 8 de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011, i gcomhar le hAirteagal 5 de.
5.Rachaidh an Coimisiún i gcomhairle leis an gcoiste maidir le haon ábhar dá dteastaíonn comhairliúchán le saineolaithe earnálacha de réir Rialachán (AE) Uimh. 1025/2012 nó de réir aon reachtaíocht eile de chuid an Aontais.
Chomh maith leis sin, féadfaidh an coiste scrúdú a dhéanamh ar aon ábhar eile i ndáil le cur i bhfeidhm an Rialacháin seo ar tharraing an cathaoirleach nó ionadaí de chuid Ballstáit anuas é i gcomhréir lena rialacha nós imeachta.
CAIBIDIL VIII
RÚNDACHT AGUS PIONÓIS
Airteagal 47
Rúndacht
1.Urramóidh gach páirtí rúndacht na faisnéise agus na sonraí seo a leanas a fhaightear agus a gcúraimí á ndéanamh acu i gcomhréir leis an Rialachán seo:
(a)Sonraí pearsanta;
(b)faisnéis rúnda tráchtála agus rúin trádála atá ag duine nádúrtha nó ag duine dlítheanach, lena n‑áirítear cearta maoine intleachtúla; ach amháin más ar mhaithe le leas an phobail é go nochtfar iad.
2.Gan dochar do mhír 1, faisnéis a mhalartaítear ar bhonn rúnda idir na húdaráis náisiúnta inniúla agus idir na húdaráis náisiúnta inniúla agus an Coimisiún, ní nochtfar í gan réamhthoiliú ón údarás náisiúnta inniúil tionscnaimh.
3.Ní dhéanfaidh míreanna 1 ná 2 difear do chearta ná d'oibleagáidí an Choimisiúin, na mBallstát agus comhlachtaí dá dtugtar fógra maidir le malartú faisnéise agus scaipeadh rabhadh, ná d’oibleagáidí na ndaoine lena mbaineann faisnéis a thabhairt faoin dlí coiriúil.
4.Féadfaidh an Coimisiún agus na Ballstáit faisnéis rúnda a mhalartú le húdaráis rialála tríú tíortha a bhfuil socruithe rúndachta déthaobhacha nó iltaobhacha tugtha i gcrích acu leo.
Airteagal 48
Pionóis
1.Déanfaidh na Ballstáit na rialacha a bhaineann leis na pionóis is infheidhme maidir le sáruithe ar an Rialachán seo ag oibreoirí eacnamaíocha a leagan síos agus déanfaidh siad gach beart is gá lena áirithiú go bhforfheidhmeofar iad. Beidh na pionóis dá bhforáiltear éifeachtach, comhréireach agus athchomhairleach agus d’fhéadfadh pionóis choiriúla as sáruithe tromchúiseacha a bheith i gceist leo.
2.Tabharfaidh na Ballstáit fógra don Choimisiún faoi na rialacha agus bearta sin faoi ... [24 mhí tar éis dháta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo] agus tabharfaidh siad fógra dó faoi aon leasú ina dhiaidh sin a dhéanfaidh difear dóibh.
CAIBIDIL IX
FORÁLACHA IDIRTHRÉIMHSEACHA AGUS CRÍOCHNAITHEACHA
Airteagal 49
Aisghairmeacha
1.Aisghairtear Treoir 73/361/CEE.
Déanfar na tagairtí do Threoir Aisghairthe 73/361/CEE a fhorléiriú mar thagairtí don Rialachán seo.
2.Déantar Treoir 2006/42/CE a aisghairm le héifeacht ó ... [30 mí tar éis dháta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo].
Déanfar tagairtí do Threoir aisghairthe 2006/42/CE a fhorléiriú mar thagairtí don Rialachán seo agus léifear iad i gcomhréir leis an tábla comhghaoil atá in Iarscríbhinn XI.
Airteagal 50
Forálacha idirthréimhseacha
1.Ní chuirfidh na Ballstáit bac go dtí ... [42 mhí tar éis dháta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo] ar innealra a cuireadh ar an margadh i gcomhréir le Treoir 2006/42/CE roimh [dáta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo] a chur ar fáil ar an margadh. Beidh feidhm mutatis mutandis ag Caibidil VI den Rialachán seo, áfach, maidir leis an innealra sin in ionad Airteagal 11 den Treoir sin, lena n‑áirítear innealra a bhfuil nós imeachta tionscanta cheana féin ina leith faoi Airteagal 11 de Threoir 2006/42/CE amhail ón [dáta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo].
2.Leanfaidh deimhnithe ar scrúdú cineáil CE agus cinntí formheasa a eisítear i gcomhréir le hAirteagal 14 de Threoir 2006/42/CE de bheith bailí go dtí [42 mhí tar éis dháta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo], mura rachaidh siad in éag roimh an dáta sin.
Airteagal 51
Meastóireacht agus athbhreithniú
1.Faoin ... [54 mhí tar éis dháta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo] agus gach ceithre bliana ina dhiaidh sin, cuirfidh an Coimisiún tuarascáil ar mheastóireacht agus athbhreithniú an Rialacháin seo faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle. Cuirfear na tuarascálacha ar fáil go poiblí.
2.Agus dul chun cinn teicniúil agus taithí phraiticiúil a baineadh amach sna Ballstáit mar a léirítear in Airteagal 5 á gcur san áireamh, áireoidh an Coimisiún ina thuarascáil meastóireacht ar na gnéithe seo a leanas den Rialachán seo:
(a)na ceanglais riachtanacha sláinte agus sábháilteacht a leagtar amach in Iarscríbhinn III;
(b)an nós imeachta um measúnú comhréireachta is infheidhme maidir le táirgí innealra ardriosca a liostaítear in Iarscríbhinn I.
I gcás inarb iomchuí, beidh togra reachtach ag gabháil leis an tuarascáil d’fhonn na forálacha ábhartha den Rialachán seo a leasú.
Airteagal 52
Teacht i bhfeidhm agus cur i bhfeidhm
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh feidhm aige ... [30 mí tar éis theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo].
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil,
Thar ceann Pharlaimint na hEorpa
Thar ceann na Comhairle
AN COIMISIÚN EORPACH
An Bhruiséil,21.4.2021
COM(2021) 202 final
IARSCRÍBHINNÍ
a ghabhann leis an
Togra le haghaidh Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle
Maidir le táirgí innealra
{SEC(2021) 165 final} - {SWD(2021) 82 final} - {SWD(2021) 83 final}
IARSCRÍBHINN I
TÁIRGÍ INNEALRA ARDRIOSCA
1.Sábha ciorclacha (lann shingil nó il-lannach) chun adhmad agus ábhar a shaothrú le saintréithe fisiciúla comhchosúla nó chun saothrú leis an bhfeoil agus le hábhar le saintréithe fisiciúla comhchosúla, de na cineálacha seo a leanas:
1.1.innealra sáfa le lann(a) f(h)osaithe le linn gearradh, lena mbaineann leaba fhosaithe nó taca le fotha de láimh an phíosa saothair nó le fotha cumhachtaithe soscaoilte;
1.2.innealra sáfa le lann(a) f(h)osaithe le linn gearradh, lena mbaineann binse sábhadóireachta nó carráiste frithingeach a oibrítear de láimh;
1.3.innealra sáfa le lann(a) f(h)osaithe le linn gearradh, lena mbaineann feiste fothaithe mheicniúil iontógtha do phíosaí saothair, le luchtú agus/nó díluchtú láimhe;
1.4.innealra sáfa le lann(a) soghluaiste le linn gearradh, lena mbaineann gluaiseacht mheicniúil na lainne, le luchtú agus/nó díluchtú láimhe.
2.Innealra plánála lámhfhothaithe don adhmadóireacht.
3.Tiúsóirí do chóireáil ar thaobh amháin le feiste fothaithe mheicniúil iontógtha, le luchtú agus/nó díluchtú don adhmadóireacht.
4.Crios‑sábha le luchtú agus/nó díluchtú láimhe chun adhmad a shaothrú, agus ábhar le saintréithe fisiciúla comhchosúla nó chun saothrú le feoil agus le hábhar de shaintréithe fisiciúla comhchosúla, de na cineálacha seo a leanas:
4.1.innealra sábhadóireachta le lann(a) f(h)osaithe le linn gearradh, lena mbaineann leaba nó taca gluaiseachta frithingí don phíosa saothair;
4.2.innealra sábhadóireachta le lann(a) arna cóimeáil/gcóimeáil ar charráiste le gluaisne fhrithingeach.
5.Innealra teaglamaithe de na cineálacha dá dtagraítear i bpointe 1 go pointe 4 agus i bpointe 7 chun saothrú le hadhmad agus le hábhar de shaintréithe fisiciúla comhchosúla.
6.Innealra tionúraithe lámhfhothaithe le roinnt coinneálaithe uirlisí le haghaidh na hadhmadóireachta.
7.Innealra múnlaithe fearsaide ceartingearach lámhfhothaithe chun adhmad agus ábhar de shaintréithe fisiciúla comhchosúla a shaothrú.
8.Sábha slabhracha iniompartha don adhmadóireacht.
9.Fáisceáin, lena n‑áirítear coscáin fáisceán, le haghaidh fuarshaoirsiú miotal, le luchtú agus/nó díluchtú láimhe, a bhféadfadh a bpáirteanna inghluaiste oibre bogadh níos mó ná 6 mm agus luas is mó ná 30 mm/s a bheith acu.
10.Innealra insteallta nó comhbhrúite múnlaithe plaisteach le luchtú nó díluchtú láimhe.
11.Innealra instealla nó comhbhrúite múnlaithe rubair le luchtú nó díluchtú láimhe.
12.Innealra do shaothrú fo-thalún na gcineálacha seo a leanas:
12.1.innill féinghluaiste agus veaineanna coscáin;
12.2.tacaí dín cumhachtaithe le hiodrálaic.
13.Trucailí arna luchtú de láimh do bhailiú dramhaíola teaghlaigh lena n‑áirítear sásra comhbhrúite.
14.Feistí tras‑seolta meicniúla in‑asbhainte lena n‑áirítear a sciatha.
15.Sciatha le haghaidh feistí tras‑seolta meicniúla in‑asbhainte.
16.Ardaitheoirí seirbhísithe feithiclí.
17.Feistí chun daoine nó daoine agus earraí a ardú lena mbaineann titim d’airde cheartingearach níos mó ná trí mhéadar.
18.Innealra daingnithe iniompartha arna oibriú le cartús agus innealra imbhuailte eile.
19.Feistí cosanta a dheartar chun daoine atá i láthair a bhrath.
20.Sciatha inghluaiste comhghlasála faoi oibriú cumhachta atá ceaptha lena n‑úsáid mar fheistí cosanta san innealra dá dtagraítear i bpointí 9, 10 agus 11.
21.Aonaid loighce chun feidhmeanna sábháilteachta a áirithiú.
22.Déanmhais chosanta iompaithe (ROPS).
23.Déanmhais chosanta in aghaidh oibiachtaí ag titim (FOPS).
24.Bogearraí a áirithíonn feidhmeanna sábháilteachta, lena n‑áirítear córais IS.
25.Innealra lena leabaítear córais IS a áirithíonn feidhmeanna sábháilteachta.
IARSCRÍBHINN II
LIOSTA TÁSCACH NA gCOMHPHÁIRTEANNA SÁBHÁILTEACHTA
1.Sciatha le haghaidh feistí tras‑seolta meicniúla in‑asbhainte.
2.Feistí cosanta atá ceaptha chun láithreacht daoine a bhrath.
3.Sciatha inghluaiste comhghlasála faoi oibriú cumhachta atá ceaptha lena n‑úsáid mar fheistí cosanta san innealra dá dtagraítear i míreanna 9, 10 agus 11 d’Iarscríbhinn I.
4.Aonaid loighce chun feidhmeanna sábháilteachta a áirithiú.
5.Comhlaí le modhanna breise chun cliseadh a bhrath, comhlaí atá ceaptha le gluaiseachtaí contúirteacha a rialú san innealra.
6.Córais eastósctha d’astaíochtaí innealra.
7.Sciatha agus feistí cosanta atá ceaptha chun daoine a chosaint ar pháirteanna gluaisteacha le linn phróiseas an innealra.
8.Feistí faireacháin lena rialaítear luchtú agus gluaiseacht in innealra ardaithe.
9.Córais bhactha chun daoine a choinneáil ina gcuid suíochán.
10.Stopfheistí éigeandála.
11.Córais scaoilte chun carnadh luchtanna leictreastatacha contúirteacha féideartha a chosc.
12.Teorantóirí fuinnimh agus feistí faoisimh dá dtagraítear i míreanna 1.5.7, 3.4.7 agus 4.1.2.6 d’ Iarscríbhinn III.
13.Córais agus feistí chun astaíochtaí torainn agus creathanna a laghdú.
14.Déanmhais chosanta iompaithe (ROPS).
15.Déanmhais chosanta in aghaidh oibiachtaí ag titim (FOPS).
16.Feistí rialaithe dhá lámh.
17.Na comhpháirteacha d’innealra seo a leanas atá ceaptha chun daoine a ardú agus/nó a ísliú idir léibhinn éagsúla:
(a)feistí chun comhlaí doirse léibhinn a ghlasáil;
(b)feistí chun an t‑aonad iompair ualaigh a chosc ó thitim nó ó ghluaiseacht suas gan srianadh;
(c)feistí teorannaithe róluais;
(d)maolairí turrainge carntha fuinnimh, iad neamh‑líneach nó le maolú na gluaiseachta fillte;
(e)maolairí turrainge ídithe fuinnimh;
(f)feistí sábháilteachta a fheistítear le seaic de chiorcaid chumhachta hiodrálaí agus a úsáidtear chun titimí a chosc;
(g)lasca sábháilteachta ina bhfuil comhpháirteanna leictreonacha.
18. Bogearraí a áirithíonn feidhmeanna sábháilteachta, lena n‑áirítear córais IS.
19.
Córais scagacháin atá ceaptha lena gcomhtháthú i gcábáin innealra chun oibreoirí nó daoine eile a chosaint ar ábhair agus ar shubstaintí guaiseacha, lena n‑áirítear lotnaidicídí, agus scagairí le haghaidh córais scagacháin den sórt sin.
IARSCRÍBHINN III
BUNCHEANGLAIS SLÁINTE AGUS SÁBHÁILTEACHTA A BHAINEANN LE DEARADH AGUS LE MONARAÍOCHT TÁIRGÍ INNEALRA
PRIONSABAIL GHINEARÁLTA
1. Déanfaidh monaróir an táirge innealra nó a ionadaí údaraithe a áirithiú go ndéanfar measúnú riosca chun na ceanglais sláinte agus sábháilteachta a mbíonn feidhm acu maidir leis an táirge innealra a chinneadh. Déanfar an táirge innealra a dhearadh agus a thógáil ansin chun na rioscaí ábhartha go léir a chosc agus a íoslaghdú, agus torthaí an mheasúnaithe riosca á gcur san áireamh.
Is de bhun phróiseas atriallach an mheasúnaithe riosca agus an laghdaithe riosca dá dtagraítear sa chéad fomhír, a dhéanfaidh an monaróir nó an t‑ionadaí údaraithe an méid a leanas:
(a)teorainneacha an táirge innealra a chinneadh, lena n‑áirítear an úsáid bheartaithe agus aon mhí‑úsáid den innealra a mbeadh coinne léi go réasúnta;
(b)cinneadh na rioscaí is toradh ar idirghníomhaíochtaí idir meaisíní ar mhaithe leis an gcuspóir céanna a bhaint amach, meaisíní atá socraithe agus rialaithe ionas go bhfeidhmeoidh siad mar aon aonad amháin, agus gur táirge innealra atá iontu ar an gcaoi sin, de réir mar a shainmhínítear in Airteagal 3, pointe (1), pointe (d) a bhaint amach;
(c)na guaiseacha a d’fhéadfadh an táirge innealra a ghineadh agus na staideanna guaiseacha gaolmhara a shainaithint, lena n‑áirítear guaiseacha a d’fhéadfaí a ghiniúint le linn shaolré an táirge innealra ar féidir iad a thuar an tráth chuirtear an táirge innealra ar an margadh mar éabhlóid bheartaithe ar a iompraíocht nó ar a loighic atá ag athrú go hiomlán nó go páirteach, mar thoradh ar an táirge innealra atá ceaptha chun oibriú de réir leibhéil éagsúla neamhspleáchais. I ndáil leis sin, i gcás ina gcomhtháthófar córas intleachta saorga sa táirge innealra, sa mheasúnú riosca ar an táirge innealra, tabharfar aird ar an measúnú riosca le haghaidh an chórais intleachta saorga sin a rinneadh de bhun Rialachán … ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle+ maidir le cur chuige Eorpach i leith na hintleachta saorga+; .
(d)na rioscaí a mheas, agus aird á tabhairt ar ghéire na díobhála nó an damáiste fhéideartha don tsláinte, agus an dóchúlacht a bhaineann leo;
(e)meastóireacht ar na rioscaí, d’fhonn an gá le laghdú riosca a chinneadh, i gcomhréir le cuspóir an Rialacháin seo;
(f)na guaiseacha a dhíothú nó na rioscaí a laghdú i ndáil leis na guaiseacha sin ach bearta cosantacha a chur i bhfeidhm, de réir an oird tosaíochta a bunaíodh in alt 1.1.2(b).
2. Ní bheidh feidhm ag na hoibleagáidí a leagtar síos leis na buncheanglais sláinte agus sábháilteachta ach nuair is ann don ghuais chomhfhreagrach don innealra i gceist agus é in úsáid de réir na ndálaí a raibh coinne ag an monaróir nó ag an ionadaí údaraithe leo nó sna cásanna mínormálta a mbeadh coinne leo. Mar sin féin, beidh feidhm i ngach cás ag prionsabail an chomhtháthaithe sábháilteachta dá dtagraítear in alt 1.1.2 agus ag na hoibleagáidí maidir le táirgí innealra agus treoracha a mharcáil dá dtagraítear in alt 1.7.3 agus in alt 1.7.4.
3. Is éigeantach na buncheanglais sláinte agus sábháilteachta a leagtar síos san Iarscríbhinn seo; Mar sin féin, agus aird á tabhairt ar na nósanna is nua i gcleachtadh na ceirde, d’fhéadfadh sé nach mbeifear in ann na cuspóirí a leagtar síos leis na ceanglais sin a chomhlíonadh. Sa chás sin, déanfar an táirge innealra a dhearadh agus a thógáil a mhéid is féidir chun na cuspóirí sin a bhaint amach.
4. Tá sé chaibidil ag baint leis an Iarscríbhinn seo. Is leis an raon feidhme ginearálta a bhaineann an chéad cheann, agus tá feidhm aici le gach saghas táirge innealra. Baineann na caibidlí eile le cineálacha áirithe guaiseacha níos sonraí. Mar sin féin, is gá scrúdú a dhéanamh ar iomláine na hIarscríbhinne seo lena chinntiú go bhfuil gach buncheanglas á chomhlíonadh. Nuair atá táirge innealra á dhearadh, tabharfar aird ar na ceanglais sa chéad chaibidil agus ar na ceanglais atá i gceann amháin nó níos mó de na caibidlí eile, ag brath ar thorthaí an mheasúnaithe riosca a dhéantar i gcomhréir le pointe 1 de na Prionsabail Ghinearálta seo. Ní bheidh feidhm ag buncheanglais sláinte agus sábháilteachta maidir le cosaint an chomhshaoil ach amháin maidir leis an táirge innealra dá dtagraítear i mír 2.4.
1.BUNCHEANGLAIS SLÁINTE AGUS SÁBHÁILTEACHTA
1.1.NÓTAÍ TRÁCHTA GINEARÁLTA
1.1.1.Sainmhínithe
Chun críche na hIarscríbhinne seo:
(a)ciallaíonn ‘guais’ rud éigin lena nginfí díobháil nó damáiste don tsláinte;
(b)ciallaíonn ‘crios contúirte’ aon chrios laistigh d’innealra agus/nó timpeall air ina mbíonn duine faoi réir riosca dá shláinte nó dá shábháilteacht;
(c)ciallaíonn ‘duine atá i gcóngar’ aon duine atá go hiomlán laistigh de chrios contúirte, nó laistigh de chuid de;
(d)ciallaíonn ‘oibreoir’ an duine nó na daoine a dhéanann an táirge innealra a oibriú, a choigeartú, a chothabháil, a ghlanadh, a dheisiú nó a bhogadh;
(e)ciallaíonn ‘riosca’ meascán den dóchúlacht agus den ghéire díobhála nó damáiste don tsláinte a d’fhéadfadh tarlú i ndála contúirte áirithe;
(f)ciallaíonn ‘sciath’ cuid den táirge innealra a úsáidtear go sonrach chun cosaint a sholáthar trí bhíthin bacainn fhisiceach;
(g)ciallaíonn ‘feiste cosanta’ feiste éigin (seachas sciath) lena laghdaítear an riosca, bíodh sí ann aisti féin nó i gcomhar le sciath;
(h)ciallaíonn ‘úsáid bheartaithe’ úsáid an táirge innealra i gcomhréir leis an bhfaisnéis arna soláthar sna treoracha úsáide;
(i)ciallaíonn ‘mí‑úsáid a mbeadh coinne léi go réasúnta’ úsáid táirge innealra ar bhealach neamhbheartaithe de réir na dtreoracha úsáide, ach a d’fhéadfadh tarlú i ngeall ar iompraíocht shothuartha an duine.
1.1.2.Prionsabal an chomhtháthaithe sábháilteachta
(a)Déanfar an táirge innealra a dhearadh agus a thógáil sa chaoi go mbeidh sé oiriúnach don fheidhm atá leis, agus gur féidir é a oibriú, a choigeartú agus a chothabháil gan daoine a chur i mbaol nuair a dhéantar na hoibríochtaí sin faoi na coinníollacha dá bhforáiltear, agus aird á tabhairt san am céanna ar aon mhí‑úsáid de atá measartha intuartha. Is é a bheidh mar aidhm ag na bearta cosanta rioscaí a dhíothú ar feadh shaolré intuartha an táirge innealra, lena n‑áirítear le linn na gcéimeanna a bhaineann le hiompar, cóimeáil, díchóimeáil, díchumasú agus scriosadh an táirge innealra.
(b)Agus na modhanna is iomchuí á roghnú aige, ní mór don mhonaróir nó dá ionadaí údaraithe na prionsabail seo a leanas a chur i bhfeidhm de réir an oird tosaíochta seo:
– rioscaí a dhíothú nó a laghdú a mhéid is féidir (táirgí innealra atá sábháilte iontu féin a dhearadh agus a thógáil);
–na bearta cosanta is gá a ghlacadh i ndáil le rioscaí nach féidir a ndíothú;
– úsáideoirí a chur ar an eolas faoi na rioscaí iarmharacha de bharr aon easnamh atá sna bearta cosanta a glacadh, é a thabhairt le fios má theastaíonn aon oiliúint shonrach, agus aon ghá le soláthar trealaimh cosanta pearsanta a shonrú.
(c)Agus an táirge innealra á dhearadh agus á dhéanamh, agus na treoracha á ndréachtú, tabharfaidh an monaróir nó a ionadaí údaraithe aird ar úsáid bheartaithe an táirge innealra maille le haon mhí‑úsáid de atá measartha intuartha. Déanfar an táirge innealra a dhearadh agus a thógáil ar bhealach a dhéanfar úsáid mhínormálta a chosc más rud é go mbeidh riosca ag baint le húsáid den sórt sin. De réir mar is iomchuí, sna treoracha, díreofar aird an úsáideora ar bhealaí nár cheart úsáid a bhaint as an táirge innealra, i bhfianaise na taithí a fuarthas cheana.
(d)Déanfar táirge innealra a dhearadh agus a thógáil agus aird á tabhairt ar na srianta a bheidh ar an oibreoir i ngeall ar úsáid riachtanach nó úsáid intuartha an trealaimh cosanta pearsanta.
(e)Déanfar táirge innealra a dhearadh agus a thógáil sa chaoi go mbeidh an t‑úsáideoir in ann na feidhmeanna sábháilteachta a thástáil, agus soláthrófar don táirge innealra an trealamh speisialta agus na gabhálais speisialta go léir, agus i gcás inarb iomchuí, tuairisc ar nósanna imeachta sonracha um thástálacha feidhmiúla atá riachtanach chun go bhféadfar an táirge innealra a thástáil, a choigeartú, a chothabháil agus a úsáid go sábháilte.
1.1.3.Ábhair agus táirgí
Na hábhair a úsáidtear chun an táirge innealra a dhéanamh, nó na táirgí a úsáidtear nó a cruthaítear le linn a úsáide, ní chuirfidh siad sábháilteacht nó sláinte daoine i mbaol. Go háirithe, i gcás úsáid leachtanna, déanfar táirgí innealra a dhearadh agus a thógáil chun rioscaí a chosc de bharr líonta, úsáide, aisghabhála nó draenála.
1.1.4.Soilsiú
Déanfar an táirge innealra a fheistiú le soilsiú iomlán atá oiriúnach do na hoibríochtaí atá i gceist, i gcás inar dócha go nginfí riosca in éagmais an tsoilsithe sin, d’ainneoin soilsiú comhthimpeallach den ghnáthghile a bheith ann.
Déanfar an táirge innealra a dhearadh agus a thógáil ionas nach mbeidh scáth ná dorchadas ina ghaobhar a mbeadh baol dochair ann dá dheasca, ionas nach mbeidh solas rógheal ann a chuirfeadh as do dhuine, agus ionas nach mbeidh éifeachtaí stróbascópacha contúirteacha ar pháirteanna gluaisteacha de bharr an tsoilsithe.
Páirteanna inmheánacha ar gá iad a imscrúdú agus a choigeartú go minic, agus limistéir chothabhála, soláthrófar soilsiú iomchuí dóibh.
1.1.5.Táirge innealra a dhearadh chun a láimhseáil a éascú
Is mar seo a leanas is gá an táirge innealra nó gach comhpháirt de a bheith:
(a)inláimhsithe agus iniompartha go sábháilte;
(b)pacáistithe nó deartha sa chaoi gur féidir é a stóráil go sábháilte gan aon dochar a bheith ag baint dó.
Le linn iompar an táirge innealra agus/nó a chomhpháirteanna, ní bheidh aon bhaol ann go mbainfí gluaiseachtaí tobanna as nó go mbeidh aon ghuais ann de dheasca éagobhsaíochta fad agus atá an táirge innealra agus/nó a chomhpháirteanna á láimhseáil i gcomhréir leis na treoracha.
I gcás nach féidir an táirge innealra nó a chomhpháirteanna éagsúla a aistriú de láimh i ngeall ar mheáchan, méid nó cruth an táirge innealra, is mar seo a leanas a bheidh an táirge innealra nó gach comhpháirt de:
(a)é feistithe le forbhaill le haghaidh trealaimh ardaithe, nó
(b)é deartha sa chaoi gur féidir é a fheistiú leis na forbhaill sin, nó
(c)é deartha sa chaoi gur féidir trealamh ardaithe caighdeánach a cheangal go réidh leis.
I gcás ina mbeidh an táirge innealra nó ceann dá chuid chomhpháirteanna le haistriú de láimh, is mar seo a leanas a bheidh sé:
(a)é soghluaiste, nó
(b)É cóirithe lena phiocadh suas agus lena aistriú go sábháilte.
Déanfar socruithe speisialta i gcomhair láimhsiú na n‑uirlisí agus/nó na gcomhpháirteanna atá san innealra, páirteanna a bhféadfadh guais a bheith ag baint leo fiú más éadrom dóibh.
1.1.6.An eirgeanamaíocht
Faoi na coinníollacha úsáide atá beartaithe, laghdófar an míchompord, an tuirse agus an strus fisiceach agus síceolaíochta a bhíonn ar an oibreora a oiread agus is féidir, agus aird á tabhairt ar na bprionsabal eirgeanamaíochta, cuir i gcás:
(a)Aird á tabhairt ar an gcaoi nach ionann na tréithe fisiceacha agus na leibhéil nirt agus fuinnimh atá ag oibreoirí éagsúla;
(b)dóthain spáis a fhágáil don ghluaiseacht a bhainfidh an t‑oibreoir as na baill éagsúla dá cholainn;
(c)gan an ráta oibre a chinneadh de réir ráta oibre an mheaisín;
(d)faireachán a éilíonn aird fhadálach a sheachaint;
(e)an comhéadan idir an táirge innealra agus an duine a chur in oiriúint do ghnéithe intuartha na n‑oibreoirí, lena n‑áirítear i gcás táirge innealra, a bhfuil iompraíocht nó loighic aige a bhíonn ag forbairt go hiomlán nó i bpáirt, atá ceaptha le hoibriú le leibhéil éagsúla neamhspleáchais;
(f)táirge innealra, a bhfuil iompraíocht nó loighic aige a bhíonn ag forbairt go hiomlán nó i bpáirt, atá ceaptha le hoibriú le leibhéil éagsúla neamhspleáchais, an táirge sin a oiriúnú chun go bhfreagróidh sé daoine ar bhealach sásúil cuí (trí fhocail labhartha, sin agus ar bhealach neamhbhriathartha trí chomharthaí, dreacha aghaidhe nó gluaiseacht coirp) agus chun a ghníomhaíochtaí beartaithe a chur in iúl (an rud atá sé chun déanamh agus an fáth atá leis) do na hoibreoirí ar bhealach sothuigthe.
1.1.7.Suíomhanna oibriúcháin
Déanfar an suíomh oibriúcháin a dhearadh agus a thógáil sa chaoi go seachnófar gach riosca de bharr gás sceite agus/nó easpa ocsaigine.
Má tá an táirge innealra ceaptha lena úsáid i dtimpeallacht ghuaiseach lena mbaineann rioscaí do shláinte agus do shábháilteacht an oibreora, nó má bhíonn timpeallacht ghuaiseach ann de dheasca an táirge innealra féin, déanfar acmhainní leordhóthanacha a sholáthar chun a áirithiú go mbeidh dálaí maithe oibre ag an oibreoir agus go gcosnófar é ar aon ghuais intuartha.
I gcás inarb is iomchuí, feisteofar an suíomh oibriúcháin le cábán leormhaith a dhéanfar é a dhearadh, a dhéanamh agus/nó a fheistiú chun na ceanglais thuas a chomhlíonadh. Ní mór a bheith in ann éalú tríd an mbealach amach go tapa. Thairis sin, i gcás inarb infheidhme, cuirfear slí éalaithe éigeandála ar fáil i dtreo atá éagsúil leis an ngnáthbhealach amach.
1.1.8.Suíocháin
I gcás inarb iomchuí agus de réir mar a cheadaítear sna dálaí oibre, déanfar stáisiúin oibre ar cuid dhílis den táirge innealra iad a dhearadh sa chaoi gur féidir suíocháin a shuiteáil iontu.
Má tá sé beartaithe an t‑oibreoir a bheith ina shuí le linn oibriúcháin, agus más cuid dhílis den táirge innealra an suíomh oibriúcháin, soláthrófar an suíochán leis an táirge innealra.
Ní mór an t‑oibreoir a bheith in ann suí go socair ar an suíochán. Ina theannta sin, beifear in ann an suíochán, agus a fhad ó na gairis rialaithe, a chur in oiriúint don oibreoir.
Má bhaineann creathanna don innealra, déanfar an suíochán a dhearadh agus a thógáil sa chaoi go laghdófar na creathanna a sheoltar chuig an oibreoir go dtí an leibhéal is ísle is féidir go réasúnta. Beidh na gléasanna suíocháin in ann seasamh in aghaidh gach strus ar féidir teacht ina gcoinne. I gcás nach bhfuil urlár faoi chosa an oibreora, déanfar tacaí coise a sholáthar a mbeidh clúdach d’ábhar frithshleamhain orthu.
1.1.9.Cosaint ar éilliú
Déanfar an táirge innealra a dhearadh agus a thógáil sa chaoi nach gcruthófar dálaí contúirte má dhéantar é a cheangal le gaireas eile, trí aon ghné den ghaireas féin nó trí aon chianghaireas a dhéanann cumarsáid leis an táirge innealra.
Comhpháirt chrua-earraí lena ndéantar ceangal, ar comhpháirt é atá fíor-riachtanach chun go gcomhlíonfaidh an táirge innealra na ceanglais sláinte agus sábháilteachta ábhartha, déanfar í a dhearadh sa chaoi go mbeidh cosaint leordhóthanach aici ar éilliú a dhéantar de thaisme nó d’aon ghnó. Baileoidh an táirge innealra faisnéise maidir le hidirghabháil dhlisteanach nó neamhdhlisteanach sa chomhpháirt crua-earraí.
Bog-earraí agus sonraí atá fíor-riachtanach chun go gcomhlíonfaidh an táirge innealra na ceanglais sláinte agus sábháilteachta ábhartha, sainaithneofar mar bog-earraí agus sonraí fíor-riachtanacha iad agus déanfar iad a cosaint go leordhóthanach ar éilliú a dhéantar de thaisme nó d’aon ghnó.
Sainaithneoidh an táirge innealra na bog-earraí atá suiteáilte air, ar bog-earraí iad atá riachtanach chun gur féidir leis oibriú go sábháilte agus beidh sé in ann an fhaisnéis a chur ar fáil i gcónaí ar bhealach a bhfuil rochtain éasca uirthi.
Baileoidh an táirge innealra fianaise maidir le hidirghabháil dhlisteanach nó neamhdhlisteanach sna bogearraí nó maidir le modhnú ar na bogearraí atá suiteáilte ar an táirge innealra nó ar a gcumraíocht.
1.2.CÓRAIS RIALAITHE
1.2.1.Sábháilteacht agus iontaofacht na gcóras rialaithe
Déanfar córais rialaithe a dhearadh agus a thógáil sa chaoi go ndéanfar dálaí contúirte a chosc.
Is mar seo a leanas a dhéanfar na córais rialaithe a dhearadh agus a thógáil:
(a)ionas gur féidir leo a sheasamh, i gcás inarb iomchuí ó thaobh na ndálaí agus na rioscaí de, na struis oibriúcháin bheartaithe, sin agus na tionchair sheachtracha bheartaithe agus neamhbheartaithe, lena n‑áirítear iarrachtaí mailíseacha ó thríú páirtithe dála contúirte a chruthú;
(b)ionas nach gcruthófar dálaí contúirte i ngeall ar locht i gcrua-earraí nó i loighic an chórais rialaithe;
(c)ionas nach gcruthófar dálaí contúirte i ngeall ar earráidí i loighic an chórais rialaithe;
(d)ionas nach féidir na feidhmeanna sábháilteachta a athrú lasmuigh de na teorannacha a shainítear an monaróir sa mheasúnú riosca ar an táirge innealra. Teorainneacha na bhfeidhmeanna sábháilteachta a shocrú, is mar chuid den mheasúnú riosca a dhéanann an monaróir a bheidh sé, lena n‑áirítear aon mhodhnú ar na socruithe nó ar na rialacha arna nginiúint ag an táirge innealra nó ag na hoibreoirí, agus an chéim fhoghlama á cuimsiú freisin, nach féidir dul thar na teorainneacha arna sannadh sa mheasúnú riosca;
(e)nach gcruthófar dálaí contúirte i ngeall ar aon earráid dhaonna le linn an oibriúcháin atá measartha intuartha;
(f)loga rianaithe na sonraí arna nginiúint i ndáil le hidirghabháil sa bhogearraí sábháilteachta agus na leaganacha de a uaslódáladh tar éis an táirge innealra a chur ar an margadh nó a chur in úsáid, go mbeidh an log rianaithe i bhfeidhm ar feadh cúig bliana tar éis na huaslódála sin, chun comhréireacht an táirge innealra leis an Iarscríbhinn seo a léiriú, agus chuige sin amháin, arna iarraidh sin d’údarás inniúil náisiúnta go réasúnta;
(g)sonraí a thaifeadadh maidir leis an bpróiseas cinnteoireachta i dtaca le sábháilteacht tar éis don táirge innealra a bheith curtha ar an margadh nó curtha in úsáid, go mbeidh an taifeadadh sin i bhfeidhm agus go gcoimeádtar sonraí den sórt sin ar feadh bliain amháin i ndiaidh a mbailithe, chun comhréireacht an táirge innealra leis an Iarscríbhinn seo a léiriú, agus chuige sin amháin, arna iarraidh sin d’údarás inniúil náisiúnta go réasúnta.
Córais rialaithe na dtáirgí innealra ina bhfuil iompraíocht nó loighic a bhíonn ag athrú go hiomlán nó go páirteach agus atá deartha le hoibriú le leibhéil éagsúla neamhspleáchais, déanfar iad a dhearadh agus a thógáil sa chaoi seo a leanas:
(a)ní chuirfidh siad faoi deara don táirge innealra gníomhaíochtaí a dhéanamh thar an tasc agus an spás gluaiseachta a shainítear;
(b)féadfar an táirge innealra a cheartú i gcónaí d’fhonn a shábháilteacht bhunúsach a choimeád.
Tabharfar aird faoi leith ar na pointí seo a leanas:
(a)ní thosóidh an táirge innealra gan choinne;
(b)ní thiocfaidh athrú ar pharaiméadair an táirge innealra ar bhealach neamhrialaithe, i gcás ina bhféadfadh an t‑athrú sin dálaí contúirte a chruthú;
(c)coiscfear modhnuithe ar na socruithe nó ar na rialacha, arna nginiúint ag an táirge innealra nó ag na hoibreoirí, lena gcumhdaítear an chéim foghlama freisin, i gcás ina bhféadfadh dálaí contúirte a bheith mar thoradh ar na modhnuithe sin;
(d)ní chuirfear cosc ar an táirge innealra a stopadh má tugadh an t‑ordú stoptha cheana féin;
(e)ní thitfidh ná ní eisteilgfear aon pháirt ghluaisteach den táirge innealra nó de chomhpháirt den táirge innealra;
(f)ní chuirfear bac ar stopadh uathoibríoch nó stopadh de láimh na bpáirteanna gluaisteacha, cibé páirt iad féin;
(g)beidh na gairis chosanta lán‑éifeachtach i gcónaí, sin nó tabharfaidh siad ordú stoptha;
(h)beidh feidhm ag páirteanna sábháilteachta an chórais rialaithe ar bhealach comhleanúnach maidir leis an táirge innealra arna chóimeáil ina iomláine.
Maidir le rialú gan sreang, má chliseann ar an gcumarsáid nó ar an gceangal nó má bhíonn nasc lochtach ann, ní chruthófar dála contúirte dá bharr.
Maidir le táirgí innealra soghluaiste uathoibrithe, dearfar an córas rialaithe sa chaoi go bhfeidhmeoidh sé féin na feidhmeanna sábháilteachta mar a leagtar amach sa roinn seo iad, fiú nuair a ordaítear gníomhaíochtaí trí fheidhm chianmhaoirseachta a úsáid.
1.2.2.Feistí rialaithe
Is mar seo a leanas ba cheart na gairis rialaithe a bheith:
(a)iad sofheicthe agus so-aitheanta, ach picteagraim a úsáid i gcás inarb iomchuí;
(b)iad suite sa chaoi ar féidir iad a oibriú go sábháilte gan mhoilleadóireacht ná diomailt ama agus gan débhríocht;
(c)iad deartha sa chaoi go bhfuil gluaiseacht na feiste rialaithe i gcomhréir lena héifeacht;
(d)Iad suite lasmuigh de na criosanna contúirte, seachas i gcás inar gá i leith feiste rialaithe áirithe, amhail an stop éigeandála nó an rialaitheoir teagaisc;
(e)iad suite sa chaoi nach féidir riosca breise a bheith ann de bharr a n‑oibrithe;
(f)iad deartha nó cosanta sa chaoi nach féidir an éifeacht inmhianaithe a ghnóthú ach amháin le gníomh d’aon ghnó i gcás inarb ann do ghuais;
(g)iad déanta sa chaoi go mbeidh siad in ann fórsaí intuartha a sheasamh, agus aird ar leith á tabhairt ar feistí stoptha éigeandála a d’fhéadfadh a bheith faoi réir ag fórsaí láidre.
I gcás ina bhfuil feiste rialaithe deartha agus tógtha chun roinnt gníomhartha éagsúla a fheidhmiú, eadhon i gcás nach mbíonn comhfhreagras cruinn ann; déanfar an gníomh atá le feidhmiú a thaispeáint go soiléir agus a chur faoi réir deimhnithe, de réir mar is gá.
Déanfar na feistí rialaithe a eagrú sa chaoi go mbeidh a leagan amach, a mbogadh agus a bhfriotaíocht in aghaidh oibriúcháin comhoiriúnach leis an ngníomh atá le feidhmiú, agus aird á tabhairt ar na prionsabail eirgeanamaíocha.
Déanfar táirgí innealra a fheistiú le táscairí de réir mar a theastaíonn le go mbeidh oibriú sábháilte ann. Beidh an t‑oibreoir in ann iad a léamh ón suíomh rialaithe.
Beidh an t‑oibreoir in ann a áirithiú ó gach suíomh rialaithe nach bhfuil aon duine sna criosanna contúirte, nó déanfar an córas rialaithe a dhearadh agus a thógáil sa chaoi nach ligfear don táirge innealra tosú agus duine éigin sa chrios contúirte.
Mura féidir ceachtar den dá fhéidearthacht sin a chur i bhfeidhm, tabharfar comhartha rabhaidh fuaime agus/nó físe roimh don táirge innealra tosú. Beidh a ndóthain ama ag na daoine atá i gcóngar an crios contúirte a fhágáil nó tosú an táirge innealra a chosc.
Déanfar acmhainní a sholáthar más gá chun a áirithiú nach féidir an táirge innealra a rialú ach amháin ó na suíomhanna rialaithe atá suite i gcriosanna nó i suíomhanna réamhshocraithe amháin nó níos mó.
I gcás gurb ann do níos mó ná suíomh rialaithe amháin, déanfar an córas rialaithe a dhearadh sa chaoi go gcoiscfear le húsáid ceann amháin acu úsáid na gceann eile, seachas i gcás rialtán stoptha agus stopanna éigeandála.
Nuair atá dhá shuíomh oibriúcháin nó níos mó ag an táirge innealra, déanfar gach suíomh a fheistiú leis na feistí rialaithe is gá gan na hoibreoirí ag cur baic ar a chéile ná dála contúirte a thabhairt anuas ar a chéile.
1.2.3.Tosú
Ní bheifear in ann an táirge innealra a chur ar siúl ach amháin le gníomhú deonach de chuid feiste rialaithe a sholáthraítear chun na críche sin.
Bíonn feidhm ag an riachtanas céanna sna cásanna seo a leanas:
(a)nuair a atosaítear an táirge innealra tar éis stopadh, cibé cúis a bhaineann leis;
(b)nuair a dhéantar athrú suntasach sna coinníollacha oibriúcháin.
Mar sin féin, d’fhéadfadh atosú an táirge innealra nó athrú ar na dálaí oibriúcháin a bheith faoi réir gníomhú deonach de chuid feiste eile seachas an fheiste rialaithe a sholáthraítear chun na críche sin, ar choinníoll nach dtiocfaidh dála contúirte uaidh sin.
I gcás an táirge innealra a fheidhmíonn sa mhód uathoibríoch, d’fhéadfadh tosú an táirge innealra, atosú tar éis stopadh, nó athrú ar na dálaí oibriúcháin a bheith indéanta, gan idirghabháil a dhéanamh, ar choinníoll nach dtiocfaidh dála contúirte uaidh sin.
I gcás ina mbíonn roinnt feistí rialaithe tosaithe ag an táirge innealra, agus ina bhféadfadh na hoibreoirí oibreoirí eile a chur i mbaol dá bhrí sin, feisteofar feistí breise a fheistiú chun na rioscaí sin a chur as an áireamh. Más gá an tosú agus/nó an stopadh a fheidhmiú i seicheamh sonrach, beidh feistí ann chun a áirithiú go ndéanfar na hoibríochtaí sin san ord ceart.
1.2.4.Stopadh
1.2.4.1.An gnáthstopadh
Déanfar an táirge innealra a fheistiú le feiste rialaithe lenar féidir an táirge innealra a stopadh go hiomlán ar bhealach sábháilte.
Déanfar gach stáisiún oibre a fheistiú le feiste rialaithe chun roinnt feidhmeanna nó gach feidhm den innealra a stopadh, ag brath ar na guaiseacha reatha, chun an táirge innealra a dhéanamh sábháilte.
Tabharfar tosaíocht do rialtán stoptha an táirge innealra thar na rialtáin tosaithe.
Ach a stoptar an táirge innealra nó a fheidhmeanna guaiseacha, déanfar soláthar fuinnimh na ngníomhairí lena mbaineann a ghearradh.
1.2.4.2.Stopadh oibriúcháin
I gcás ina bhfuil gá, ar chúiseanna oibriúcháin, le rialtán stoptha nach ngearrann soláthar fuinnimh na ngníomhairí, déanfar faireachán agus cothabháil ar an dáil stoptha.
1.2.4.3.Stopadh éigeandála
Déanfar an táirge innealra a fheistiú le feiste stoptha éigeandála amháin nó níos mó chun gur féidir contúirt atá ann nó atá á thuar a sheachaint.
Bíonn éifeacht ag na heisceachtaí seo a leanas:
(a)an táirge innealra nach laghdófaí an riosca le feiste stoptha éigeandála ann, toisc nach laghdófaí an t‑achar stoptha, sin nó nach gcumasófaí na bearta speisialta a theastaíonn chun dul i ngleic leis an riosca a bheadh ann;
(b)táirge innealra láimhe iniompartha agus/nó táirge innealra lámhthreoraithe.
Maidir leis an bhfeiste:
(a)beidh feistí rialaithe aici atá so-aitheanta, sofheicthe agus inrochtana go mear;
(b)cuirfidh sí stop leis an próiseas guaiseach chomh tapa agus is féidir, gan rioscaí breise a chruthú;
(c)i gás inar gá, gluaiseachtaí cosanta a chur i bhfeidhm nó cead a thabhairt dá gcur i bhfeidhm.
Ach a scoireann oibriú gníomhach na feiste stoptha éigeandála tar éis ordú stoptha, leanfar den ordú sin agus an feiste stopadh éigeandála a oibriú nó go sárófar an t‑oibriú sin go sonrach; ní bheifear in ann an feiste a oibriú gan ordú stoptha a ghníomhú; ní fhéadfar an feiste a dhíscor ach amháin le hoibríocht iomchuí a dhéanamh, agus ní hé go n‑atosófar an táirge innealra uair a dhéanfar an feiste a dhíscor, ach ceadófar é a atosú.
Beidh an fheidhm stoptha éigeandála ar fáil agus oibríochtúil i gcónaí, beag beann ar an mód oibriúcháin atá ar siúl.
Beidh na feistí stoptha éigeandála ina gcúltaca le bearta coimirce eile, agus gan a bheith ina n‑ionadaí dóibh.
1.2.4.4.Cóimeáil táirgí innealra
I gcás táirge innealra nó páirteanna de tháirge innealra atá ceaptha le hoibriú le chéile, déanfar an táirge innealra a dhearadh agus a thógáil sa chaoi gur féidir leis na rialtáin stoptha, lena n‑áirítear na feistí stoptha éigeandála, an táirge innealra féin a stopadh maille leis an trealamh gaolmhar uile a ghabhann leis, dá mba rud é go mbeadh contúirt ann dá leanfaí ar aghaidh lena oibriúchán.
1.2.5.Roghnú mód rialaithe nó oibriúcháin
Déanfaidh an mód rialaithe nó oibriúcháin arna roghnú gach mód rialaithe nó oibriúcháin eile a shárú, cé is moite den stopadh éigeandála.
Má rinneadh an táirge innealra a dhearadh agus a thógáil chun gur féidir é a úsáid i roinnt móid rialaithe nó oibriúcháin a éilíonn bearta cosanta agus/nó nósanna imeachta éagsúla, déanfar é a fheistiú le roghnóir móid ar féidir é a ghlasáil i ngach suíomh. Beidh gach suíomh den roghnóir so-aitheanta, agus freagróidh sé do mhód oibriúcháin nó rialaithe aonair.
Is féidir an roghnóir a athsholáthar le modh roghnúcháin éigin eile lena sriantar úsáid feidhmeanna áirithe an táirge innealra chuig catagóirí oibreora faoi leith.
Más gá an táirge innealra a oibriú le sciath curtha ar leataobh nó bainte de agus/nó le feiste cosanta díchumasaithe le haghaidh oibríochtaí áirithe, déanfaidh an roghnóir rialaithe nó móid oibriúcháin an méid seo a leanas go comhuaineach:
(a)gach mód rialaithe nó oibriúcháin eile a dhíchumasú;
(b)oibriú feidhmeanna guaiseacha a cheadú le feistí rialaithe óna dteastaíonn gníomh leanúnach amháin;
(c)oibriú feidhmeanna guaiseacha a cheadú ach amháin i ndálaí riosca laghdaithe agus guaiseacha ó sheichimh nasctha a chosc;
(d)cosc a chur le haon oibriú feidhmeanna guaiseacha trí ghníomh deonach nó neamhdheonach ar bhraiteoirí an táirge innealra.
Mura féidir na ceithre choinníoll sin a chomhlíonadh go comhuaineach, déanfaidh an roghnóir móid oibriúcháin na bearta cosanta eile a chur ar siúl, bearta atá deartha agus déanta chun crios idirghabhála sábháilte a áirithiú.
Ina theannta sin, na páirteanna a bhfuil an t‑oibreoir i mbun oibre orthu, beidh sé in ann iad a rialú ón bpointe coigeartaithe.
1.2.6.Cliseadh ar an soláthar cumhachta nó ar cheangal an líonra cumarsáide
Ní chruthófar dálaí contúirte i ngeall ar chur isteach, an t‑athbhunú tar éis cur isteach, nó luaineacht d’aon saghas sa soláthar cumhachta nó i gceangal an líonra cumarsáide leis an táirge innealra.
Tabharfar aird ar leith ar an méid seo a leanas:
(a)ní thosóidh an táirge innealra gan choinne;
(b)ní athróidh paraiméadair an táirge innealra ar bhealach neamhrialaithe, i gcás ina gcruthófaí dálaí contúirte i ngeall ar an athrú sin;
(c)ní chuirfear cosc ar an táirge innealra a stopadh má tugadh an t‑ordú stoptha cheana féin;
(d)ní thitfidh ná ní eisteilgfear aon pháirt ghluaisteach den táirge innealra nó de chomhpháirt den táirge innealra;
(e)ní chuirfear bac ar stopadh uathoibríoch nó stopadh de láimh na bpáirteanna gluaisteacha, cibé páirt iad féin;
(f)beidh na feistí cosanta lán‑éifeachtach i gcónaí nó tabharfaidh siad ordú stoptha.
1.3.COSAINT AR RIOSCAÍ MEICNIÚLA
1.3.1.Riosca caillteanais chobhsaíochta
Beidh an táirge innealra maille lena chomhpháirteanna agus a fheistithe cobhsaí a ndóthain chun iompú bunoscionn, titim nó gluaiseachtaí neamhrialaithe a chosc le linn a iompair, a chóimeála, nó a dhíchóimeála nó le linn aon ghníomhaíocht eile a bhaineann leis.
Mura bhfuil a dhóthain cobhsaíochta ag baint le cruth an táirge innealra féin ná leis an tsuiteáil atá beartaithe dó, déanfar modhanna daingnithe iomchuí a áireamh agus a léiriú sna treoracha.
1.3.2.Riosca briste le linn oibriúcháin
Beidh na páirteanna éagsúla den innealra agus de na naisc atá iontu in ann seasamh i gcoinne na strus a chuirfear orthu agus iad á n‑úsáid.
Beidh inmharthanacht na n‑ábhar comhoiriúnach don timpeallacht oibre atá beartaithe ag an monaróir nó a ionadaí údaraithe, go háirithe maidir le feiniméin na strustuirse, an aosaithe, an chreimthe agus scríobtha.
Léireoidh na treoracha cineál agus minice na n‑iniúchtaí agus na cothabhála a theastaíonn ar chúiseanna sábháilteachta. Léireoidh siad, i gcás inarb is iomchuí, na páirteanna a ídeofar agus na critéir dá n‑athsholáthar.
I gcás ina mbíonn riosca réabtha nó díscaoilte ann d’ainneoin na mbeart a glacadh, déanfar na páirteanna lena mbaineann a fheistiú, a shuiteáil agus/nó a chosaint sa chaoi go gcoinneofar na bloghanna istigh iontu, rud a choiscfidh dálaí contúirte.
Píobáin dholúbtha agus sholúbtha trína ngabhann leachtanna, go háirithe iad siúd faoi ardbhrú, beidh siad in ann seasamh i gcoinne na strus intuartha inmheánach agus seachtrach agus beidh siad greamaithe go daingean agus/nó faoi chosaint lena áirithiú nach mbaineann riosca réabtha leo.
I gcás ina soláthrófar an t‑ábhar le próiseáil isteach san uirlis go huathoibríoch, déanfar na coinníollacha seo a leanas a chomhlíonadh chun rioscaí do dhaoine a sheachaint:
(a)nuair a bhuaileann an pháirt oibre leis an uirlis, beidh a gnáthdhála oibre ag an uirlis;
(b)nuair a thosaíonn agus/nó nuair a stopann an uirlis (d’aon ghnó nó de thaisme), is amhlaidh a dhéanfar an ghluaiseacht fothaithe agus an ghluaiseacht uirlise a chomhordú.
1.3.3.Rioscaí de bharr oibiachtaí a thiteann nó a theilgtear
Déanfar réamhchúraimí a ghlacadh chun rioscaí ó oibiachtaí atá ag titim nó oibiachtaí atá eisteilgthe a chosc.
1.3.4.Rioscaí de bharr dromchlaí, ciumhaiseanna nó uillinneacha
A mhéid a gceadaítear é leis an rud is cuspóir dóibh, ní bheidh imill ghéara, uillinneacha géara ná dromchlaí garbha a d’fhéadfadh díobháil a dhéanamh ag páirteanna inrochtana an táirge innealra.
1.3.5.Rioscaí a bhaineann le táirge innealra comhcheangailte
I gcás ina mbeartaítear roinnt oibríochtaí éagsúla a dhéanamh leis an táirge innealra agus an píosa a bhaint de láimh idir gach oibríocht (táirge innealra comhcheangailte), déanfar é a dhearadh agus a thógáil sa chaoi gur féidir gach eilimint ar leithligh a úsáid gan na heilimintí eile a bheith ag cruthú rioscaí do dhaoine atá i gcóngar.
Chuige sin, féadfar aon eilimint neamhchosanta a thosú agus a stopadh ar leithligh.
1.3.6.Rioscaí i ndáil le héagsúlachtaí i gcoinníollacha oibriúcháin
I gcás ina ndéanfar oibríochtaí leis an táirge innealra faoi choinníollacha úsáide éagsúla, déanfar é a dhearadh agus a thógáil sa chaoi gur féidir roghnú agus coigeartú na ndálaí sin a dhéanamh go sábháilte agus go hiontaofa.
1.3.7.Rioscaí a bhaineann le páirteanna gluaisteacha agus strus síceolaíoch
Déanfar na páirteanna gluaisteachta den táirge innealra a dhearadh agus a thógáil chun rioscaí teagmhála a chosc óna dtiocfadh tionóiscí, nó, i gcás ina mbeidh rioscaí fós ann, déanfar iad a fheistiú le sciatha nó le feistí cosanta.
Glacfar gach beart is gá chun calcadh na bpáirteanna gluaisteacha a chosc. Sna cásanna inar dócha go dtarlóidh calcadh éigin d’ainneoin na réamhchúraimí, is amhlaidh a dhéanfar na feistí cosanta agus na huirlisí sonracha is gá a sholáthar nuair is iomchuí chun díchalcadh sábháilte an trealaimh a chumasú.
Is leis na treoracha agus, i gcás inar féidir, le comhartha ar an táirge innealra a shainaithneofar na feistí cosanta sonracha sin agus an chaoi a n‑úsáidfear iad.
Maidir le cosc a chur ar rioscaí teagmhála a chruthaíonn dálaí contúirte, agus ar an strus síceolaíoch a d’fhéadfadh a bheith mar thoradh ar an idirghníomhaíocht leis an meaisín, déanfar iad a oiriúnú do na nithe seo a leanas:
(a)cómhaireachtáil idir an duine agus an meaisín i spás comhroinnte gan comhoibriú díreach;
(b)idirghníomhaíocht idir duine agus an meaisín.
An táirge innealra, a bhfuil iompraíocht nó loighic aige a bhíonn ag forbairt go hiomlán nó i bpáirt, atá ceaptha le hoibriú le leibhéil éagsúla neamhspleáchais, an táirge sin a oiriúnú chun go bhfreagróidh sé daoine ar bhealach sásúil cuí (trí fhocail labhartha, sin agus ar bhealach neamhbhriathartha trí chomharthaí, dreacha aghaidhe nó gluaiseacht coirp) agus chun a ghníomhaíochtaí beartaithe a chur in iúl (an rud atá sé chun déanamh agus an fáth atá leis) do na hoibreoirí ar bhealach sothuigthe.
1.3.8.Rogha cosanta ar rioscaí a bhaineann le páirteanna gluaisteacha
Na sciatha nó na feistí cosanta atá ceaptha le cosaint a sholáthar ar rioscaí a bhaineann le páirteanna gluaisteacha; is ar bhunús an chineáil riosca a dhéanfar iad a roghnú. Bainfear leas as na treoirlínte seo a leanas chun cuidiú leis an roghnú.
1.3.8.1.Páirteanna tras‑seolta gluaisteacha
Na sciatha atá ceaptha le daoine a chosaint ó na guaiseacha a chruthaíonn páirteanna tras‑seolta gluaisteacha, is mar seo a leanas a bheidh siad:
(a)sciatha daingne dá dtagraítear i roinn 1.4.2.1, sin nó
(b)sciatha inghluaiste comhghlasála dá dtagraítear i roinn 1.4.2.2.
Bainfear úsáid as sciatha inghluaiste comhghlasála nuair a bhíonn rochtain rialta beartaithe.
1.3.8.2.Páirteanna gluaisteacha atá páirteach sa phróiseas
Na sciatha nó na feistí cosanta atá ceaptha le daoine a chosaint ar na guaiseacha a chruthaítear le páirteanna gluaisteacha atá páirteach sa phróiseas, is mar seo a leanas a bheidh siad:
(a)iad ina sciatha daingne dá dtagraítear i roinn 1.4.2.1, nó
(b)iad ina sciatha inghluaiste comhghlasála dá dtagraítear in alt 1.4.2.2, nó
(c)iad ina bhfeistí cosanta dá dtagraítear i roinn 1.4.3, nó
(d)iad ina dteaglaim den mhéid thuas.
Mar sin féin, na páirteanna gluaisteacha a bhíonn páirteach go díreach sa phróiseas, nuair nach féidir leo a bheith dorochtana go hiomlán le linn an oibrithe de bharr oibríochtaí a éilíonn idirghabháil oibreora, feisteofar na páirteanna sin leis an méid seo a leanas:
(a)sciatha daingne nó sciatha inghluaiste comhghlasála lena gcoisctear rochtain ar na codáin sin de na páiteanna nach bhfuil in úsáid san obair, agus
(b)sciatha insocraithe dá dtagraítear i roinn 1.4.2.3 lena sriantar rochtain ar na codáin de na páirteanna gluaisteacha ar a mbíonn rochtain de dhíth.
1.3.9.Rioscaí na ngluaiseachtaí neamhrialaithe
Nuair a dhéantar páirt den innealra a stopadh, déanfar cosc a chur le gach sleamhnú ón áit ar tharla an stopadh ionas nach mbeidh guais ann dá dheasca, ar aon chúis seachas gníomh éigin ar na feistí rialaithe.
1.4.SAINTRÉITHE RIACHTANACHA NA SCIATH AGUS NA bhFEISTÍ COSANTA
1.4.1.Ceanglais ghinearálta
Maidir leis na sciatha agus na feistí cosanta, ní mór:
(a)iad a bheith déanta go téagartha;
(b)iad a bheith suiteáilte go daingean;
(c)gan iad a bheith ina gcúis le guais bhreise ar bith;
(d)é a bheith deacair gabháil tharstu ná a iad a chur as feidhm;
(e)iad bheith suite achar leordhóthanach ón gcrios contúirte;
(f)an bac is lú ar an radharc ar an bpróiseas táirgthe a chruthú leo, agus;
(g)obair riachtanach a chumasú leo ar shuiteáil agus/nó ar athsholáthar uirlisí, agus chun críoch cothabhála trí rochtain a theorannú go heisiach don limistéar inar gá an obair a dhéanamh, más féidir, gan gá a bheith ann an sciath nó an fheiste chosanta a dhíchumasú.
Ina theannta sin, beidh na sciatha ina gcosaint, de réir mar is féidir, i ar eisteilgean nó titim ábhar nó oibiachtaí, agus ar astaíochtaí a ghineann an táirge innealra.
1.4.2.Ceanglais speisialta maidir le sciatha
1.4.2.1.Sciatha daingne
Déanfar na sciatha daingne a dhaingniú le córais nach féidir a n‑oscailt nó a mbaint ó chéile ach amháin le huirlisí.
Beidh na córais dhaingnithe ceangailte i gcónaí leis na sciatha nó leis an táirge innealra nuair a bhaintear na sciatha de.
De réir mar is féidir, ní bheifear in ann na sciatha a choinneáil sa suíomh ina bhfuil siad nuair nach bhfuil na córais daingnithe leo.
1.4.2.2.Sciatha inghluaiste comhghlasála
Déanfaidh na sciatha inghluaiste chomhghlasála an méid seo leanas:
(a)fanacht ceangailte a mhéid is féidir leis an táirge innealra nuair atá siad ar oscailt;
(b)bheith deartha agus déanta sa chaoi nach féidir iad a athrú ach amháin trí ghníomh a dhéantar d’aon turas.
Beidh na sciatha inghluaiste ceangailte le feiste chomhghlasála a dhéanfaidh an méid seo a leanas:
(a)cosc a chur ar thosú fheidhmeanna guaiseacha an táirge innealra go dtí go ndúnfar iad agus
(b)ordú stoptha a thabhairt nuair nach bhfuil siad dúnta a thuilleadh.
I gcás inar féidir le hoibreoir teacht ar chrios contúirte sula n‑éagann an riosca de bharr feidhmeanna guaiseacha an táirge innealra, beidh na sciatha inghluaiste ceangailte le feiste ghlasála sciatha sa bhreis ar fheiste chomhghlasála a dhéanfaidh an méid seo a leanas:
(a)cosc a chur ar thosú feidhmeanna guaiseacha an táirge innealra go dtí go ndúnfar agus go nglasálfar an sciath, agus
(b)an sciath a choinneáil dúnta agus glasáilte go dtí go n‑éagann feidhmeanna guaiseacha an táirge innealra.
Déanfar na sciatha inghluaiste chomhghlasála a dhearadh sa chaoi nach féidir an táirge innealra a thosú nó sa chaoi go gcuirtear stop le feidhmeanna guaiseacha an táirgeadh innealra i gcás cliseadh nó easnamh ceann amháin de chomhpháirteanna na sciath.
1.4.2.3.Sciatha insocraithe lena sriantar rochtain
Na sciatha insocraithe lena sriantar rochtain ar na limistéir sin de pháirteanna gluaisteacha atá riachtanach le haghaidh na hoibre, ní mór dóibh a bheith:
(a)insocraithe de láimh nó go huathoibríoch, ag brath ar an gcineál oibre lena mbaineann; agus
(b)insocraithe go héasca gan uirlisí a úsáid.
1.4.3.Ceanglais speisialta le haghaidh feistí cosanta
Déanfar na feistí cosanta a dhearadh agus a chomhtháthú sa chóras rialaithe sa chaoi:
(a)nach féidir páirteanna gluaisteacha a chur ar siúl agus iad fad láimhe ón oibreoir;
(b)nach féidir le daoine síneadh chomh fada le páirteanna gluaisteacha agus na páirteanna ag gluaiseacht, agus
(c)go gcoisctear tosú nó go stoptar na páirteanna gluaisteacha i gcás easnamh nó cliseadh ar cheann de na comhpháirteanna.
Ní bheidh na feistí cosanta insocraithe ach amháin le gníomh a dhéantar d’aonghnó.
1.5.RIOSCAÍ AR GUAISEACHA EILE IS CÚIS LEO
1.5.1.Soláthar leictreachais
I gcás ina mbeidh soláthar leictreachais ag táirge innealra, déanfar é a dhearadh, a dhéanamh agus a fheistiú sa chaoi go gcoiscfear gach guais den chineál leictreach nó gur féidir na guaiseacha sin a chosc.
Beidh feidhm ag na cuspóirí sábháilteachta a leagtar amach i dTreoir 2014/35/AE maidir leis an táirge innealra. Mar sin féin, is leis an Rialachán seo amháin a rialaítear na hoibleagáidí ó thaobh rioscaí leictreachais a bhaineann le measúnú comhréireachta agus leis an táirge innealra a chur ar an margadh agus/nó a cur i mbun seirbhíse.
1.5.2.Leictreachas statach
Déanfar an táirge innealra a dhearadh agus a thógáil chun carnadh luchtanna leictreastatacha a d’fhéadfadh a bheith contúirteach a chosc nó a theorannú agus/nó feisteofar é le córas díluchtaithe.
1.5.3.Soláthar fuinnimh seachas an leictreachas
I gcás ina gcumhachtófar táirge innealra le foinse fuinnimh seachas an leictreachas, déanfar é a dhearadh, a dhéanamh agus a fheistiú chun gach riosca a d’fhéadfadh a bheith ag baint leis na foinsí fuinnimh sin a chosc.
1.5.4.Earráidí san fheistiú
Más amhlaidh atá earráidí ann is dócha a dhéanfar agus páirteanna áirithe á suiteáil nó á n‑athshuiteáil agus a d’fhéadfadh a bheith ina riosca, féachfar chuige, trí dhearadh agus déanamh páirteanna den sórt sin, nó mura féidir sin, trí fhaisnéis a lua ar na páirteanna féin agus/nó ar a gcásáil, nach bhféadfar na hearráidí sin a dhéanamh. Tabharfar an fhaisnéis chéanna maidir le páirteanna gluaisteacha agus/nó maidir lena gcásáil i gcás inar gá treo na gluaiseachta a bheith ar eolas chun riosca a sheachaint.
I gcás inar gá, tabharfar breis faisnéise sna treoracha maidir leis na rioscaí sin.
I gcás inar féidir le nasc lochtach a bheith ina fhoinse riosca, ní bheifear in ann naisc mhícheart a dhéanamh de réir an dearaidh, nó mura féidir sin, tabharfar faisnéis ar na heilimintí atá le nascadh agus, i gcás inarb iomchuí, ar na modhanna nasctha.
1.5.5.Teochtaí foircneacha
Déanfar bearta chun deireadh a chur le haon riosca díobhála a thagann as teagmháil le páirteanna an táirge innealra nó le hábhair atá faoi theocht ard nó fíor-íseal, nó as cóngar do pháirteanna nó d’ábhair den sórt sin.
Déanfar na bearta is gá freisin chun an baol go n‑éalófaí ábhar te nó fíorfhuar a sheachaint nó chun daoine a chosaint ar an mbaol sin.
1.5.6.Dóiteán
Déanfar táirge innealra a dhearadh agus a thógáil sa chaoi go seachnófar aon bhaol dóiteáin nó róthéimh a bhaineann leis an táirge innealra féin nó le gáis, leachtanna, deannach, gala nó substaintí eile a tháirgeann nó a úsáideann an táirge innealra.
1.5.7.Pléascadh
Déanfar an táirge innealra a dhearadh agus a thógáil sa chaoi go seachnófar aon riosca pléasctha a bhaineann leis an táirge innealra féin nó le gáis, leachtanna, deannach, gala nó le substaintí eile a tháirgeann nó a úsáideann an táirge innealra.
Déanfaidh an táirge innealra forálacha reachtaíocht shonrach chomhchuibhithe an Aontais a chomhlíonadh, a mhéid a bhaineann sé leis an riosca pléasctha de bharr a úsáide in atmaisféar pléascach.
1.5.8.Torann
Déanfar an táirge innealra a dhearadh agus a thógáil sa chaoi go laghdófar go dtí an leibhéal is ísle rioscaí a bhaineann le hastaíocht torainn tríd an aer, agus aird á tabhairt ar dhul chun cinn teicniúil agus ar na modhanna atá ar fáil chun torann a laghdú, go háirithe ag an bhfoinse.
Is féidir measúnú a dhéanamh ar leibhéal na n‑astaíochtaí torainn ach tagairt a dhéanamh do shonraí comparáideacha ar astaíochtaí i leith táirge innealra comhchosúil.
1.5.9.Creathadh
Déanfar an táirge innealra a dhearadh agus a thógáil sa chaoi go laghdófar go dtí an leibhéal is ísle rioscaí a thagann as creathanna a dhéanann an táirge innealra, agus aird á tabhairt ar dhul chun cinn teicniúil agus ar na modhanna atá ar fáil chun creathadh a laghdú, go háirithe ag an bhfoinse.
Is féidir measúnú a dhéanamh ar leibhéal na n‑astaíochtaí creatha ach tagairt do shonraí comparáideacha ar astaíochtaí i leith táirge innealra comhchosúil.
1.5.10.Radaíocht
Déanfar astaíochtaí radaíochta neamh‑inmhianaithe ón táirge innealra a dhíothú nó a laghdú go dtí leibhéil nach bhfuil tionchar diúltach acu ar dhaoine.
Déanfar aon astaíochtaí radaíochta ianúcháin feidhmeacha a theorannú don leibhéal is ísle chun bheith leordhóthanach d’fheidhmiú ceart an táirge innealra le linn socrú, oibriú agus glanadh. I gcás ina mbeidh riosca ann, glacfar na bearta cosanta is gá.
Déanfar aon astaíochtaí radaíochta neamh‑ianúcháin feidhmeacha le linn socrú, oibriú agus glanadh a theorannú do leibhéal nach bhfuil tionchar diúltach acu ar dhaoine.
1.5.11.Radaíocht sheachtrach
Déanfar an táirge innealra a dhearadh agus a thógáil sa chaoi nach gcuirfidh an radaíocht sheachtrach isteach ar an oibriú.
1.5.12.Radaíocht léasair
I gcás ina mbainfear leas as trealamh léasair, cuirfear na nithe seo a leanas san áireamh:
(a)déanfar an trealamh léasair ar innealra a dhearadh agus a thógáil sa chaoi go gcosnófar aon radaíocht thimpisteach;
(b)déanfar trealamh léasair ar tháirge innealra a chosaint sa chaoi nach ndéanfaidh radaíocht éifeachtach, an radaíocht a thagann as frithchaitheamh nó as idirleathadh agus an radaíocht thánaisteach díobháil don tsláinte;
(c)an trealamh optúil do bhreathnóireacht agus do choigeartú trealaimh léasair ar an táirge innealra, ní chruthófar aon riosca don tsláinte ó radaíocht léasair leis.
1.5.13.Astaíochtaí ó ábhair agus ó shubstaintí guaiseacha
Déanfar an táirge innealra a dhearadh agus a thógáil sa chaoi nach mbeidh riosca ag baint le hionanálú, ionghabháil, teagmháil leis an gcraiceann, leis na súile, agus leis na seicní múcasacha agus le treá trí chraiceann ábhar guaiseach agus substaintí a tháirgeann an táirge innealra.
I gcás nach féidir guais áirithe a dhíothú, déanfar an táirge innealra a fheistiú chun ábhair agus substaintí guaiseacha a choinneáil ann, a aslonnú, a chur i bhfrasaíocht le spraeáil uisce, a scagadh nó a chóireáil trí mhodh eile díreach chomh héifeachtach céanna.
I gcás nach mbíonn an próiseas lániata le linn ghnáthoibriú an táirge innealra, ní foláir na feistí do choinneáil agus/nó don aslonnú a bheith suite sa chaoi go mbainfear an éifeacht is mó astu.
1.5.14.Riosca a bhaineann le bheith i bhfostú laistigh de mheaisín
déanfar an táirge innealra a dhearadh, a dhéanamh nó a fheistiú le modh chun iniamh duine laistigh de a chosc, nó mura féidir é sin a dhéanamh, le modh chun cabhair a ghlaoch chucu.
1.5.15.Riosca sleamhnaithe, tuisle nó titime
Na páirteanna den táirge innealra, ar dócha go mbogfaidh daoine timpeall orthu nó go seasfaidh siad iontu, déanfar iad a dhearadh agus a thógáil sa chaoi go gcoiscfear sleamhnú, tuisle nó titim a bhainfí as duine ar na páirteanna sin nó anuas ó na páirteanna sin.
I gcás inarb iomchuí, déanfar na páirteanna sin a fheistiú le greamáin láimhe a shuífear i gcoibhneas leis an úsáideoir, agus a chuirfidh ar a gcumas dóibh cobhsaíocht a choinneáil.
1.5.16.Tintreach
Táirge innealra óna dteastaíonn cosaint ar éifeachtaí na tintrí agus é in úsáid, déanfar an táirge innealra sin a fheistiú le córas chun an lucht leictreach a bhíonn ann ina diaidh a sheoladh chun talún.
1.6.COTHABHÁIL
1.6.1.Cothabháil an táirge innealra
Beidh na pointí socraithe agus cothabhála suite lasmuigh de na criosanna contúirte. Féadfar oibríochtaí athraithe, cothabhála, deisithe, glanta agus seirbhísithe a dhéanamh agus an táirge innealra ar feitheamh.
Mura féidir ceann amháin nó níos mó de na coinníollacha thuas a shásamh ar chúiseanna teicniúla, glacfar bearta chun a áirithiú gur féidir na hoibríochtaí sin a dhéanamh go sábháilte (féach roinn 1.2.5).
I gcás innealra uathoibrithe agus, de réir mar is gá, táirge innealra eile, is amhlaidh a sholáthrófar gléas nasctha i gcomhair trealamh diagnóiseach um aimsiú fabhtanna.
Na comhpháirteanna innealra uathoibrithe is gá a athrú go minic, beifear in ann iad a bhaint agus a athsholáthar go héasca agus go sábháilte. Trí rochtain ar na comhpháirteanna sin, beifear in ann na tascanna sin a chur i bhfeidhm leis na modhanna teicniúla is gá i gcomhréir le modh oibriúcháin sonraithe.
1.6.2.Rochtain ar shuíomhanna oibriúcháin agus pointí seirbhísithe
Déanfar an t‑innealra a dhearadh agus a thógáil sa chaoi go ligfear do rochtain shábháilte ar gach limistéar mar a dteastaíonn idirghabháil le linn oibriú, athrú agus chothabháil an táirge innealra.
I gcás innealra a dtéann daoine isteach iontu le haghaidh oibriú, coigeartú, cothabhála nó glantacháin, déanfar bealaí isteach an innealra a thoisiú agus a chur in oiriúint do threalamh tarrthála sa chaoi go ráthófar tarrtháil thráthúil ar dhaoine.
1.6.3.Leithlisiú foinsí fuinnimh
Déanfar an táirge innealra a fheistiú le modhanna chun é a leithlisiú ó gach foinse fuinnimh. Beidh na haonraitheoirí sin so-aitheanta. Beifear in ann iad a ghlasáil dá gcuirfeadh an t‑athnascadh daoine i mbaol. Ina theannta sin, beifear in ann na haonraitheoirí a ghlasáil i gcás nach féidir le hoibreoir, ó aon cheann de na pointí rochtana atá aige, seiceáil go bhfuil an fuinneamh sin múchta de go fóill.
I gcás táirgí innealra ar féidir iad a phlugáil isteach sa soláthar leictreachais, is leor an phlocóid a bhaint de, ar choinníoll gur féidir leis an oibreoir seiceáil ó aon cheann de na pointí rochtana atá aige, go bhfuil an phlocóid fós bainte de.
Tar éis mhúchadh an fhuinnimh, beifear in ann an fuíoll fuinneamh atá stóráilte sna ciorcaid a scaipeadh go normálta gan daoine a chur i mbaol.
Mar eisceacht ar an gceanglas a leagadh síos sna míreanna roimhe seo, d’fhéadfadh ciorcaid áirithe fanacht i gceangal lena bhfoinsí fuinnimh chun, mar shampla, páirteanna a choinneáil, faisnéis a chosaint, taobh istigh a shoilsiú, etc. Sa chás sin, glacfar bearta speisialta chun sábháilteacht an oibreora a áirithiú.
1.6.4.Idirghabháil an oibreora
Déanfar an táirge innealra a dhearadh, a dhéanamh agus a fheistiú chun an gá le hidirghabháil oibreora a theorannú. Mura féidir idirghabháil an oibreora a sheachaint, beidh sé in ann í a dhéanamh go héasca agus go sábháilte.
1.6.5.Glanadh páirteanna inmheánacha
Déanfar an t‑innealra a dhearadh agus a thógáil sa chaoi gur féidir páirteanna inmheánacha a raibh substaintí nó ullmhóidí contúirteacha iontu a ghlanadh gan dul isteach iontu; beifear in ann aon díchalcadh riachtanach a dhéanamh ón taobh amuigh freisin. Mura bhfuil neart air ach dul isteach san innealra féin, déanfar an t‑innealra a dhearadh agus a thógáil sa chaoi gur féidir an glanadh a dhéanamh go sábháilte.
1.7.FAISNÉIS
1.7.1.Faisnéis agus rabhaidh ar an táirge innealra
Is fearr faisnéis agus rabhaidh faoin táirge innealra a sholáthar i bhfoirm siombailí nó picteagram sothuigthe.
1.7.1.1.Faisnéis agus feistí faisnéise
Cuirfear an fhaisnéis is gá le haghaidh rialú an táirge innealra ar fáil i bhfoirm gan débhríocht agus é sothuigthe. Ní bheidh an iomarca faisnéise ann ar fhaitíos go gcinnfeadh ar an oibreoir í a thuiscint.
Na haonaid fístaispeána nó aon mhodh idirghníomhach cumarsáide eile idir an t‑oibreoir agus an meaisín, beidh sé sothuigthe so-úsáidte.
1.7.1.2.Feistí rabhaidh
I gcás ina bhféadfaí sláinte agus sábháilteacht daoine a chur i mbaol de bharr fabht in oibriú innealra gan mhaoirseacht, beidh an táirge innealra a bheith feisithe sa chaoi go dtabharfar comhartha fuaime nó solais iomchuí mar fholáireamh.
I gcás ina mbeidh feiste rabhaidh ag an táirge innealra, beidh siad glan soiléir so-bhraite. Beidh áiseanna ag an oibreoir chun go mbeidh sé in ann oibriú na bhfeistí rabhaidh sin a sheiceáil tráth ar bith.
Cloífear le ceanglais reachtaíocht shonrach an Aontais maidir le dathanna agus le comharthaí sábháilteachta.
1.7.2.Rabhadh faoi rioscaí iarmharacha
I gcás ina mbíonn rioscaí fós ann d’ainneoin na mbeart um dhearadh sábháilte, na mbeart coimirce agus na mbeart comhlántach cosanta a glacadh, soláthrófar na rabhaidh is gá, lena n‑áirítear feistí rabhaidh.
1.7.3.Táirge innealra a mharcáil
Beidh gach innealra marcáilte go soiléir, go hinléite agus go doscriosta leis na sonraí íosta a leanas:
(a)ainm gnó agus seoladh iomlán an mhonaróra agus, de réir mar is infheidhme, a ionadaí údaraithe;
(b)ainmniú an táirge innealra;
(c)an comhartha CE;
(d)ainmniú na sraithe nó an chineáil;
(e)an tsraithuimhir, más ann di;
(f)an bhliain mhonaraíochta, is í sin an bhliain inar críochnaíodh an próiseas monaraíochta.
Toirmisctear réamhdhátú nó iardhátú an táirge innealra nuair a atá an marc CE á ghreamú de.
Ina theannta sin, an táirge innealra arna dhearadh agus arna dhéanamh lena úsáid in atmaisféar pléascach, déanfar é a mharcáil dá réir.
Ina theannta sin, cuirfear ar an táirge innealra an fhaisnéis uile is ábhartha dá chineál agus is gá le haghaidh úsáid shábháilte. Tiocfaidh an fhaisnéis sin faoi réir na gceanglas a leagtar amach i roinn 1.7.1.
Nuair a dhéantar páirt de mheaisín a láimhsiú le trealamh ardaithe le linn a úsáide, léireofar an mhais atá ann go hinléite, go doscriosta agus gan débhríocht.
1.7.4.Treoracha
Na treoracha a gabhann leis an táirge innealra, ‘Buntreoracha’ a bheidh iontu, sin nó ‘Aistriúchán ar na buntreoracha’, agus sa chás sin beidh na buntreoracha ag gabháil leis an aistriúchán ar na buntreoracha.
Go heisceachtúil, na treoracha cothabhála atá beartaithe lena n‑úsáid ag pearsanra speisialaithe arna shainordú ag an monaróir nó ag an ionadaí údaraithe, féadfar iad a sholáthar in aon teanga oifigiúil amháin den Aontas más teanga é a thuigfidh an pearsanra speisialaithe.
Féadfar na treoracha a chur ar fáil i bhformáid dhigiteach. Ach má iarrann an ceannaitheoir é an tráth a cheannófar an táirge innealra, cuirfear na treoracha ar fáil saor in aisce i bhformáid pháipéir.
Nuair a chuirfear na treoracha ar fáil i bhformáid dhigiteach, déanfaidh an monaróir an méid seo a leanas:
(a)é a mharcáil ar an táirge innealra agus i bpáipéar a ghabhann leis conas na treoracha digiteacha a rochtain;
(b)é a shonrú go soiléir cén leagan de na treoracha a chomhfhreagraíonn do shamhail an táirge innealra;
(c)Iad a chuirfear i láthair i bhformáid a fhágfaidh gur féidir leis an úsáideoir deiridh na treoracha a íoslódáil agus iad a shábháil ar ghaireas leictreonach ionas gur féidir leis rochtain a fháil orthu i gcónaí, go háirithe nuair a chliseann an meaisín. Tá feidhm ag an gceanglas seo freisin maidir le táirge innealra i gcás ina bhfuil an lámhleabhar treorach leabaithe i mbogearraí an táirge innealra. Prionsabail ghinearálta maidir le dréachtú treoracha
1.7.4.1.Prionsabail ghinearálta maidir le dréachtú treoracha
(a)Déanfar na treoracha a dhréachtú i gceann amháin nó níos mó de theangacha oifigiúla an Aontais. Beidh na focail ‘Buntreoracha’ le feiceáil sa leagan/sna leaganacha teanga arna bhfíorú ag an monaróir nó ag a ionadaí údaraithe;
(b)I gcás nach bhfuil aon ‘buntreoracha’ ann i dteanga oifigiúil nó i dteangacha oifigiúla an Bhallstáit ina n‑úsáidfear an táirge innealra, soláthróidh an monaróir nó a ionadaí údaraithe nó an duine a bheidh ag tabhairt an táirge innealra isteach sa limistéar teanga i gceist aistriúchán go dtí an teanga sin nó go dtí na teangacha sin. Beidh na focail ‘Aistriúchán na dtreoracha bunaidh’ ar na haistriúcháin;
(c)Cumhdóidh ábhar na dtreoracha ní hamháin úsáid bheartaithe an táirge innealra ach cuirfear san áireamh freisin aon mhí‑úsáid de atá measartha intuartha;
(d)I gcás táirge innealra atá beartaithe lena úsáid ag oibreoirí neamhghairmiúla, tabharfar aird sa bhfoclaíocht agus i leagan amach na dtreoracha úsáide leibhéal an oideachais ghinearálta agus an dreama a bhféadfaí a bheith ag súil leis go réasúnach ó na hoibreoirí sin.
1.7.4.2.Ábhar na dtreoracha
1. Beidh an fhaisnéis seo a leanas ar a laghad i ngach lámhleabhar treorach, i gcás inarb infheidhme:
(a)ainm gnó agus seoladh iomlán an mhonaróra agus, i gcás inarb infheidhme, a ionadaí údaraithe;
(b)ainmniú an táirge innealra arna mharcáil ar an táirge innealra féin, cé is moite den tsraithuimhir (féach roinn 1.7.3);
(c)dearbhú comhréireachta AE, nó doiciméad ina leagtar amach ábhar dhearbhú comhréireachta AE, ina léirítear sonraí an táirge innealra, gan an tsraithuimhir agus an síniú a bheith de dhíth, nó an seoladh idirlín ar a bhféadfar rochtain a fháil ar dhearbhú comhréireachta AE.
(d)sonraí ginearálta an táirge innealra;
(e)na líníochtaí, na léaráidí, na tuairiscí agus na mínithe is gá chun an táirge innealra a úsáid, a chothabháil agus a dheisiú agus chun a dhea-fheidhmiú a sheiceáil;
(f)tuairisc ar an stáisiún oibre nó na stáisiúin oibre is dóigh a bheidh á áitiú ag oibreoirí;
(g)tuairisc ar úsáid bheartaithe an táirge innealra;
(h)rabhaidh a bhaineann leis na bealaí toirmiscthe nach féidir an táirge innealra a úsáid, rud is fios de bharr taithí;
(i)treoracha cóimeála, suiteála agus nasctha, lena n‑áirítear líníochtaí, léaráidí agus modhanna daingnithe agus sainiú an fhonnaidh nó na suiteála ar a bhfuil an táirge innealra le feistiú;
(j)treoracha a bhaineann le suiteáil agus cóimeáil chun torann nó tonnchrith a laghdú;
(k)treoracha maidir leis an táirge innealra a chur i seirbhís agus a úsáid agus, más gá, treoracha maidir le hoiliúint oibreoirí;
(l)faisnéis faoi na rioscaí iarmharacha atá fós ann d’ainneoin na mbeart bunúsach um dhearadh sábháilte, na mbeart coimirce agus na mbeart cosanta comhlántacha a glacadh;
(m)treoracha maidir leis na bearta cosanta atá le déanamh ag an úsáideoir, lena n‑áirítear, i gcás inarb iomchuí, an trealamh cosanta pearsanta a bheidh le soláthar;
(n)saintréithe sár-riachtanacha uirlisí, a fhéadfar a fheistiú ar an táirge innealra;
(o)na coinníollacha ina gcomhlíonann an táirge innealra an ceanglas cobhsaíochta le linn úsáide, iompair, cóimeála, díchóimeála agus é as seirbhís, tástála nó cliseadh intuartha;
(p)treoracha d’fhonn a áirithiú gur féidir oibríochtaí iompair, láimhsithe agus stórála a dhéanamh go sábháilte, ina sonraítear mais an táirge innealra agus a chodanna éagsúla i gcás ina mbeidh siad le hiompar ar leithligh go rialta;
(q)an modh oibriúcháin ar gá cloí leis i gcás timpiste nó cliste; más dócha go dtarlóidh calcadh, an modh oibriúcháin ar gá cloí leis ionas go bhféadfar an trealamh a dhíchalcadh go sábháilte;
(r)an tuairisc ar na hoibríochtaí coigeartaithe agus cothabhála ar cheart don úsáideoir iad a dhéanamh agus na bearta coisctheacha cothabhála is ceart a chomhlíonadh agus dearadh agus úsáid an táirge innealra á gcur san áireamh;
(s)treoracha atá ceaptha chun coigeartú agus cothabháil a dhéanamh go sábháilte, lena n‑áirítear na bearta cosanta is gá a dhéanamh i rith na n‑oibríochtaí sin;
(t)sonraíochtaí na bpáirteanna spártha a bheidh le húsáid, i gcás ina mbeidh tionchar acu sin ar shláinte agus ar shábháilteacht na n‑oibreoirí;
(u)an fhaisnéis seo a leanas maidir le hastaíochtaí torainn aerbheirthe:
–an leibhéal astaíochta fuaimbhrú A-ualaithe i stáisiúin oibre, i gcás inar mó é sin ná 70 dB (A); i gcás nach sáraíonn an leibhéal sin 70 dB (A), sonrófar an méid sin;
–luach buaicbhrú fuaime láithrigh C-ualaithe i stáisiúin oibre, nuair is mó é sin ná 63 Pa (130 dB i ndáil le 20 µPa);
–an leibhéal fuaimbhrú A-ualaithe a astaíonn as an táirge innealra, i gcás inar mó ná 80 dB(A) leibhéal fuaimbhrú A-ualaithe i stáisiúin oibre.
Is éard a bheidh sna luachanna sin na luachanna sin a tomhaiseadh go hiarbhír don táirge innealra atá i gceist nó na luachanna sin arna mbunú ar bhonn tomhas a rinneadh i gcomhair táirge innealra atá inchomparáide go teicniúil, ar táirge innealra é atá ionadaíoch ar an táirge innealra atá le táirgeadh.
I gcás táirge innealra an‑mhór, in ionad an leibhéil fuaimbhrú A-ualaithe, féadfar leibhéil astaíochta fuaimbhrú A-ualaithe a léiriú ag suíomhanna sonraithe timpeall an táirge innealra.
I gcás nach féidir na caighdeáin chomhchuibhithe nó na sonraíochtaí teicniúla arna nglacadh ag an gCoimisiún i gcomhréir le hAirteagal 17(3) a chur i bhfeidhm, déanfar leibhéil fuaime a thomhas agus úsáid a bhaint as an modh is iomchuí don táirge innealra. Aon uair a léirítear luachanna astaíochta fuaime, sonrófar na héiginnteachtaí a bhaineann leis na luachanna sin. Sonrófar dálaí oibriúcháin an táirge innealra le linn tomhais agus ar na modhanna tomhais a úsáidtear.
I gcás nach sainítear an stáisiún oibre nó na stáisiúin oibre nó nach féidir iad a shainiú, déanfar leibhéil fuaimbhrú A-ualaithe a thomhas ag achar 1 mhéadar ó dhromchla tháirge an innealra agus ag airde 1.6 méadar ón urlár nó ón ardán rochtana. Sonrófar suíomh agus luach an uasbhrú fuaime.
Maidir le táirge innealra laghdaithe torainn, sonrófar sna treoracha, nuair is iomchuí, conas an trealamh sin a chóimeáil agus a shuiteáil i gceart (féach freisin roinn 1.7.4.2(1), pointe (j)).
I gcás ina leagtar síos ceanglais eile le reachtaíocht shonrach an Aontais maidir le leibhéil fuaimbhrú nó leibhéil chumhachta fuaime a thomhas, cuirfear na gníomhartha dlíthiúla sin i bhfeidhm agus ní bheidh feidhm ag forálacha comhfhreagracha na roinne seo;
(v)i gcás inar dócha go n‑astaíonn táirge innealra radaíocht neamhianúcháin a d’fhéadfadh dochar a dhéanamh do dhaoine, go háirithe daoine a bhfuil feistí leighis so-ionchlannaithe gníomhacha nó neamhghníomhacha acu, faisnéis faoin radaíocht a astaítear le haghaidh an oibreora agus na ndaoine atá i gcóngar.
(w)i gcás ina gceadóidh dearadh an táirge innealra astaíochtaí substaintí guaiseacha ón táirge innealra, saintréithe na feiste gabhála, scagacháin nó scaoilte amach mura soláthraítear an fheiste sin leis an táirge innealra, agus aon cheann díobh seo a leanas:
–an ráta sreafa d’astú ábhar guaiseach agus substaintí as an táirge innealra,
–an tiúchan d’ábhair ghuaiseacha nó de shubstaintí guaiseacha timpeall ar an táirge innealra a thagann as an táirge innealra nó as ábhair nó substaintí a úsáidtear leis an táirge innealra,
–éifeachtacht na feiste gabhála nó scagacháin agus na coinníollacha atá le comhlíonadh chun a héifeachtacht a choinneáil ar bun le himeacht ama.
Déanfar na luachanna dá dtagraítear sa chéad mhír a thomhas go hiarbhír le haghaidh an táirge innealra atá i gceist, sin nó bunófar iad ar bhonn na dtomhas i ndáil le táirge innealra atá inchomparáide go teicniúil agus atá ionadaíoch ar staid na teicneolaíochta.
1.7.4.3.Litríocht díolachán
Ní thiocfaidh litríocht díolacháin ina dtugtar tuairisc ar an táirge innealra salach ar na treoracha maidir le gnéithe sláinte agus sábháilteachta. I litríocht díolacháin ina ndéantar cur síos ar shaintréithe feidhmíochta an táirge innealra, beidh an fhaisnéis chéanna maidir le hastaíochtaí agus atá sna treoracha.
2.CEANGLAIS SLÁINTE AGUS SÁBHÁILTEACHTA RIACHTANACHA BHREISE MAIDIR LE CATAGÓIRÍ ÁIRITHE TÁIRGÍ INNEALRA
Innealra earraí bia, innealra do chosmaidí nó do tháirgí cógaisíochta, innealra láimhe agus/nó innealra faoi threoir láimhe, innealra feistithe iniompartha agus innealra eile imbhuailte, innealra chun adhmad agus ábhair bhfuil saintréithe fisiceacha comhchosúla acu a oibriú, agus innealra chun lotnaidicídí a chur i bhfeidhm, comhlíonfaidh siad na ceanglais riachtanacha sláinte agus sábháilteachta go léir a shonraítear sa chaibidil seo (féach na Prionsabail Ghinearálta, pointe 4).
2.1.INNEALRA ÁBHAIR BIA AGUS INNEALRA DO THÁIRGÍ COSMAIDÍ AGUS CÓGAISÍOCHTA
2.1.1.Ginearálta
Déanfar innealra atá ceaptha lena úsáid le hearraí bia nó le cosmaidí nó le táirgí cógaisíochta a dhearadh agus a thógáil ar bhealach a sheachnóidh aon bhaol ionfhabhtaithe, breoiteachta nó tógála.
Comhlíonfar na ceanglais seo a leanas:
(a)maidir le hábhair a bhíonn i dteagmháil le bia-ábhair nó le cosmaidí nó le táirgí cógaisíochta nó a bheartaítear a bheith i dteagmháil leo, comhlíonfaidh siad na coinníollacha a leagtar síos i ngníomhartha ábhartha dlí an Aontais. Déanfar an t‑innealra a dhearadh agus a thógáil sa chaoi gur féidir na hábhair sin a ghlanadh roimh gach úsáid. I gcás nach bhfuil sé sin indéanta, úsáidfear páirteanna indiúscartha;
(b)maidir leis na dromchlaí uile a bhíonn i dteagmháil le bia-ábhair nó le cosmaidí nó le táirgí cógaisíochta, seachas dromchlaí de pháirteanna indiúscartha, beidh an méid seo a leanas fíor ina leith:
–beidh siad réidh agus ní bheidh iomairí ná bearnaí iontu a d’fhéadfadh ábhair orgánacha a choimeád. Is amhlaidh a bheidh maidir lena n‑acomhail;
–beidh siad deartha agus déanta sa chaoi go laghdófar a laghad is féidir starrtha, imill agus cuasa na cóimeála;
–beidh siad soghlanta agus so-dhífhabhtaithe, i gcás inar gá, tar éis páirteanna so-dhíchóimeáilte a bhaint díobh; na dromchlaí atá ar an taobh istigh, beidh a ndóthain de chuar iontu lena nglanadh agus a sciúradh;
(c)leachtanna, gáis agus aerasóil ó ábhair bhia, sin agus cosmaidí nó táirgí cógaisíochta maille le táirgí glanta, dífhabhtaithe agus sruthlaithe leachtanna, beifear in ann a sceitheadh go hiomlán as an innealra (más féidir i suíomh ‘glantacháin’);
(d)déanfar an t‑innealra a dhearadh agus a thógáil sa chaoi go gcoiscfear aon substaintí nó créatúir bheo, go háirithe feithidí, ar dhul isteach i limistéir nach féidir a ghlanadh agus go gcoiscfear aon ábhar orgánach ar charnadh sna limistéir sin;
(e)déanfar an t‑innealra a dhearadh agus a thógáil sa chaoi nach bhféadfaidh aon substaint choimhdeach atá guaiseach don tsláinte, lena n‑áirítear na bealaí a úsáidtear, teacht i dteagmháil le hearraí bia, cosmaidí ná táirgí cógaisíochta. I gcás inar gá, déanfar innealra a dhearadh agus a thógáil sa chaoi gur féidir comhlíonadh leanúnach an cheanglais seo a sheiceáil.
2.1.2.Treoracha
Sna treoracha le haghaidh earraí bia, innealra agus innealra atá le húsáid le cosmaidí nó le táirgí cógaisíochta, léireofar táirgí molta agus modhanna glantacháin, díghalraithe agus sruthlaithe, ní hamháin do limistéir a bhfuil rochtain éasca orthu ach freisin do limistéir nach féidir rochtain a fháil orthu nó nach bhfuil sé inmholta rochtain a fháil orthu.
2.2.INNEALRA INIOMPARTHA LÁIMHE AGUS/NÓ INNEALRA A THREORAÍTEAR DE LÁIMH
2.2.1.Ginearálta
Innealra iniompartha láimhe agus/nó innealra faoi threoir láimhe, beidh an méid seo a leanas fíor ina leith:
(a)ag brath ar an gcineál innealra, beidh dromchla tacaíochta ar mhéid leordhóthanach aige agus líon leordhóthanach luamhán agus tacaíochtaí de mhéid iomchuí a bheith air, agus iad socraithe sa chaoi go n‑áiritheofar cobhsaíocht an innealra faoi na dálaí oibrithe beartaithe;
(b)seachas i gcás ina bhfuil sé dodhéanta go teicniúil, nó i gcás ina bhfuil feiste rialaithe neamhspleách ann, maidir le luamhán nach féidir a scaoileadh go hiomlán sábháilte, is amhlaidh a fheisteofar feistí rialaithe láimhe um thosú nó stopadh orthu sa chaoi gur féidir leis an oibreoir iad a oibriú gan na luamháin a ligean uaidh;
(c)ní bheidh aon bhaol ann go dtosóidh an t‑imeall de thaisme agus.nó go leanfaidh sé air ag oibriú tar éis don oibreoir na luamháin a ligean uaidh. Glacfar bearta coibhéiseacha mura mbeidh an ceanglas seo indéanta go teicniúil;
(d)ceadóidh sé, nuair is gá, amharcbhreathnóireacht ar an gcrios contúirte agus ar ghníomh na huirlise leis an ábhar atá á phróiseáil.
(e)beidh feiste nó sceithchóras ceangailte acu, le hasraon nasctha eastósctha nó córas coibhéiseach chun astaíochtaí substaintí guaiseacha a ghabháil nó a laghdú. Níl feidhm ag an gceanglas sin i gcás ina gcruthófaí riosca nua dá gcuirfí i bhfeidhm é, i gcás inarb é príomhfheidhm an innealra substaintí guaiseacha a spraeáil agus astaíochtaí inneall dócháin inmheánaigh. Déanfar hanlaí an innealra iniompartha a dhearadh agus a thógáil sa chaoi gur éasca an t‑innealra a thosú agus a stopadh.
2.2.1.1.Treoracha
Beidh an fhaisnéis seo a leanas sna treoracha maidir le creathanna, arna sloinneadh mar luasghéarú (m/s2), agus arna tarchur ag innealra láimhe iniompartha agus innealra faoi threoir láimhe:
(a)luach iomlán an chreathaidh ó chreathadh leanúnach a bhfuil an córas láimhe faoina réir;
(b)meánluach bhuaic-aimplitiúid an luasghéaraithe ó chreathadh turrainge athdhéanta, a bhfuil an córas láimhe faoina réir;
(c)neamhchinnteacht an dá thomhas.
Na luachanna dá dtagraítear sa chéad mhír, déanfar iad a thomhas go hiarbhír le haghaidh an táirge innealra atá i gceist, sin nó bunófar iad ar bhonn na dtomhas i ndáil le táirge innealra atá inchomparáide go teicniúil agus atá ionadaíoch ar staid na teicneolaíochta.
I gcás nach féidir na caighdeáin chomhchuibhithe nó na sonraíochtaí teicniúla arna nglacadh ag an gCoimisiún i gcomhréir le hAirteagal 17(3) a chur i bhfeidhm, déanfar na sonraí creathaidh a thomhas trí úsáid a bhaint as an gcód tomhais is iomchuí don innealra.
Sonrófar na dálaí oibriúcháin le linn tomhais agus na modhanna a úsáidtear i gcomhair tomhais, nó tagairt don chaighdeán comhchuibhithe arna chur i bhfeidhm.
2.2.2.Innealra iniompartha daingnithe agus innealra imbhuailte eile
2.2.2.1.Ginearálta
Déanfar innealra iniompartha daingnithe agus innealra imbhuailte eile a dhearadh agus a thógáil mar seo a leanas:
(a)déanfar fuinneamh a tharchur chuig an eilimint imbhuailte tríd an gcomhpháirt idirmheánach nach bhfágann an fheiste;
(b)cuirfidh feiste chumasúcháin cosc ar imbhualadh mura bhfuil an t‑innealra suite i gceart le brú leordhóthanach ar an mbunábhar;
(c)coiscfear spreagadh neamhdheonach; i gcás inar gá, beidh gá le seicheamh iomchuí gníomhaíochtaí ar an bhfeiste chumasúcháin agus ar an bhfeiste rialaithe chun imbhualadh a spreagadh;
(d)coisctear spreagadh de thaisme le linn a láimhseála nó i gcás turrainge;
(e)is féidir oibríochtaí luchtaithe agus díluchtaithe a dhéanamh go héasca agus go sábháilte.
Nuair is gá, beifear in ann an fheiste a fheistiú le sciath nó sciatha sceilpe agus cuirfidh monaróir an innealra na sciatha is iomchuí ar fáil.
2.2.2.2.Treoracha
Tabharfar an fhaisnéis riachtanach sna treoracha maidir leis na nithe seo a leanas:
(a)na gabhálais agus an trealamh idirmhalartaithe is féidir a úsáid leis an innealra;
(b)na heilimintí oiriúnacha daingnithe nó imbhuailte eile a bheidh le húsáid leis an innealra;
(c)i gcás inarb iomchuí, na cartúis oiriúnacha atá le húsáid.
2.3.INNEALRA LE hAGHAIDH SAOIRSIÚ ADHMAID AGUS ÁBHAR LE SAINTRÉITHE FISICICEACHA COMHCHOSÚLA
An t‑innealra le haghaidh saoirsiú adhmad agus ábhair a bhfuil saintréithe fisiceacha comhchosúla acu, comhlíonfaidh sé na ceanglais seo a leanas:
(a)déanfar an t‑innealra a dhearadh, a dhéanamh nó a fheistiú sa chaoi gur féidir an píosa atá á mheaisíniú a shuiteáil agus a threorú go sábháilte; i gcás píosa láimhe ar bhinse oibre, beidh an dara ceann díobh sách cobhsaí le linn na hoibre agus ní chuirfidh sé bac ar ghluaiseacht an phíosa;
(b)más dócha go n‑úsáidfear an t‑innealra i ndálaí a bhaineann le baol píosaí oibre nó páirteanna díobh a bheith eisteilgthe, déanfar é a dhearadh, a dhéanamh nó a fheistiú sa chaoi go gcoiscfear an t‑eisteilg sin, nó, mura féidir é sin a dhéanamh, ionas nach nginfidh an t‑eisteilg sin rioscaí don oibreoir agus/nó do na daoine atá i gcóngar;
(c)feisteofar an t‑innealra le coscán uathoibríoch a stopfaidh an uirlis in am sách gearr má tá baol ann go ndéanfar teagmháil leis an uirlis agus í ag imeacht síos;
(d)i gcás ina gcomhtháthófar an uirlis i meaisín nach bhfuil go hiomlán uathoibrithe, déanfar an uirlis sin a dhearadh agus a dhéanamh sa chaoi go ndíothófar nó go laghdófar an baol díobhála de thaisme.
2.4.INNEALRA LE hAGHAIDH TÁIRGÍ COSANTA PLANDAÍ
2.4.1.Sainmhíniú
Ciallaíonn ‘innealra le haghaidh táirgí lena gcosnaítear plandaí’ an t‑innealra atá ceaptha go sonrach le haghaidh táirgí cosanta a scaipeadh ar phlandaí de réir bhrí Airteagal 2, pointe (1) de Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle.
2.4.2.Ginearálta
Áiritheoidh monaróir an innealra le haghaidh leathadh lotnaidicídí nó a ionadaí údaraithe go ndéanfar measúnú ar na rioscaí a bhaineann le nochtadh neamhbheartaithe lotnaidicídí sa chomhshaol, i gcomhréir leis an bpróiseas measúnaithe riosca agus laghdaithe riosca dá dtagraítear sna Prionsabail Ghinearálta, pointe 1.
Déanfar innealra le haghaidh leathadh lotnaidicídí a dhearadh agus a thógáil agus aird á tabhairt ar thorthaí an mheasúnaithe riosca dá dtagraítear sa chéad fhomhír ionas gur féidir an t‑innealra a oibriú, a choigeartú agus a chothabháil gan scaoileadh neamhbheartaithe lotnaidicídí sa chomhshaol.
Déanfar sceitheadh a chosc i gcónaí.
2.4.3.Rialuithe agus faireachán
Beifear in ann leathadh an lotnaidicíd a rialú, faireachán a dhéanamh air, agus stop a chur leis láithreach go héasca agus go cruinn ó na suíomhanna oibriúcháin.
2.4.4.Líonadh agus folmhú
Déanfar an t‑innealra a dhearadh agus a thógáil chun líonadh beacht leis an méid lotnaidicíde is gá a éascú agus chun folmhú éasca agus iomlán a áirithiú, agus cosc á chur san am céanna ar dhoirteadh lotnaidicíde agus éilliú foinse an uisce a sheachaint le linn na n‑oibríochtaí sin.
2.4.5.Leathadh lotnaidicídí
2.4.5.1.An ráta leata
Feisteofar an t‑innealra le modh chun an ráta leata a choigeartú go héasca, go cruinn agus go hiontaofa.
2.4.5.2.Dáileadh, teascadh agus síobadh lotnaidicíde
Déanfar an t‑innealra a dhearadh agus a thógáil ar bhealach a áiritheoidh go gcuirfear lotnaidicíd i sprioclimistéir, go laghdófar a mhéid is féidir sileadh i limistéir eile agus go seachnófar síobadh lotnaidicídí sa chomhshaol. I gcás inarb iomchuí, áiritheofar dáileadh cothrom agus deascadh aonchineálach.
2.4.5.3.Tástálacha
Chun a fhíorú go gcomhlíonann páirteanna ábhartha an innealra na ceanglais a leagtar amach i roinn 2.4.5.1 agus roinn 2.4.5.2 déanfaidh an monaróir nó a ionadaí údaraithe tástálacha iomchuí nó cuirfidh sé tástálacha den sórt sin i gcrích maidir le gach cineál innealra lena mbaineann.
2.4.5.4.Sileadh le linn don inneall a bheith stoptha
Déanfar an t‑innealra a dhearadh agus a thógáil ar bhealach a choiscfear sileadh le linn don leathadh lotnaidicíde a bheith stoptha.
2.4.6.Cothabháil
2.4.6.1.Glanadh
Déanfar an táirge innealra a dhearadh agus a thógáil ionas gur féidir a ghlanadh agus a sciúradh gan dua agus gan éilliú an chomhshaoil.
2.4.6.2.Cothabháil
Déanfar an táirge innealra a dhearadh agus a thógáil chun go n‑éascófar athrú páirteanna caite gan éilliú an chomhshaoil.
2.4.7.Iniúchtaí
Beifear in ann na hionstraimí tomhais riachtanacha a cheangal go héasca leis an innealra le feidhmiú ceart an innealra a sheiceáil.
2.4.8.Buinní, síothláin agus scagairí a mharcáil
Déanfar buinní, síothláin agus scagairí a mharcáil ionas gur féidir a gcineál agus a méid a shainaithint go soiléir.
2.4.9.An lotnaidicíd atá in úsáid a léiriú
I gcás inarb iomchuí, feisteofar an t‑innealra le gléasadh ar leith ar féidir leis an oibreoir ainm na lotnaidicíde atá in úsáid a chur air.
2.4.10.Treoracha
Beidh an fhaisnéis seo a leanas le fáil sna treoracha:
(a)réamhchúraimí atá le glacadh le linn oibríochtaí measctha, luchtaithe, leata, folmhaithe, glantacháin, cothabhála agus iompair chun éilliú an chomhshaoil a sheachaint;
(b)coinníollacha úsáide mionsonraithe do na timpeallachtaí oibríochta éagsúla atá beartaithe, lena n‑áirítear an t‑ullmhúchán agus na coigeartuithe a bheidh ag teastáil chun a áirithiú go ndéanfar lotnaidicíd a dheascadh sna sprioclimistéir agus, san am céanna, sileadh i limistéir eile a íoslaghdú, chun síobadh isteach sa chomhshaol a chosc agus, i gcás inarb iomchuí, chun dáileadh cothrom agus deascadh aonchineálach lotnaidicídí a áirithiú;
(c)raon na gcineálacha agus na méideanna buinní, síothlán agus scagairí is féidir a úsáid leis an innealra;
(d)minicíocht seiceálacha agus na critéir agus an modh chun páirteanna a athsholáthar ar páirteanna iad atá faoi réir caithimh agus a mbíonn tionchar acu ar fheidhmiú ceart an innealra, amhail buinní, síothláin agus scagairí;
(e)sonrú maidir le calabrú, cothabháil laethúil, ullmhúchán geimhridh agus seiceálacha eile is gá chun dea-fheidhmiú an innealra a áirithiú;
(f)cineálacha lotnaidicídí a d’fhéadfadh a bheith ina gcúis le feidhmiú mícheart an innealra;
(g)léiriú gur cheart don oibreoir ainm na lotnaidicídí atá in úsáid a choinneáil cothrom le dáta ar an ngléasadh sonrach dá dtagraítear i roinn 2.4.9;
(h)ceangal agus úsáid aon trealaimh nó gabhálas speisialta, agus na réamhchúraimí is gá a ghlacadh;
(i)é a thabhairt le fios go bhféadfadh an t‑innealra teacht faoi réir ceanglais náisiúnta maidir le himscrúdú rialta ag comhlachtaí ainmnithe, faoi mar a fhoráiltear i dTreoir 2009/128/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle;
(j)gnéithe an innealra, a ndéanfar cigireacht orthu chun a áirithiú go bhfeidhmeoidh sé mar is ceart;
(k)treoracha maidir leis na hionstraimí tomhais is gá a cheangal.
3.BUNCHEANGLAIS SLÁINTE AGUS SÁBHÁILTEACHTA FHORLÍONTACHA CHUN RIOSCAÍ MAR GHEALL AR SHOGHLUAISTEACHT AN INNEALRA A FHRITHÁIREAMH
Maidir le hinnealra a bhfuil rioscaí ag baint leis mar gheall ar a shoghluaisteacht, comhlíonfaidh sé na buncheanglais sláinte agus sábháilteachta go léir a shonraítear sa chaibidil seo (féach Prionsabail Ghinearálta, pointe 4).
3.1.GINEARÁLTA
3.1.1.Sainmhínithe
(a)Ciallaíonn ‘innealra a bhfuil baol ag baint léi mar gheall ar a shoghluaisteacht’
–innealra a n‑éilíonn a oibriú soghluaisteacht le linn a oibrithe, nó gluaiseacht leanúnach nó gluaiseacht leathleanúnach idir sraith suíomhanna oibre seasta, nó
–innealra a oibrítear gan é a bhogadh, ach ar féidir é a fheistiú sa chaoi gur féidir é a aistriú níos éasca ó áit go háit.
(b)Ciallaíonn ‘tiománaí’ duine a bhfuil cúram ghluaiseacht meaisín air, a bhféadfaí é a iompar leis an innealra, nó a d’fhéadfadh a bheith ar cois, a ghabhann leis an innealra, nó a fhéadfaidh an t‑innealra a threorú trí chianrialtán nó féadfaidh sé cianmhaoirseacht a dhéanamh ar an táirge innealra soghluaiste uathrialaitheach beag beann ar an bhfad nó ar an modh cumarsáide rialaithe.
(c)Ciallaíonn ‘innealra soghluaiste uathrialaitheach’ innealra soghluaiste ag a bhfuil mód uathrialaitheach, lena n‑áirithítear feidhmeanna riachtanacha sábháilteachta uile an innealra shoghluaiste ina limistéar oibríochtaí agus ina limistéir bhogtha gan idirghníomhú buan ó oibreoir.
3.2.SUÍOMHANNA OIBRE
3.2.1.An suíomh tiomána
Fágfaidh infheictheacht an tsuímh tiomána gur féidir leis an tiománaí, le sábháilteacht iomlán dó féin agus do na daoine atá i gcóngar, an t‑innealra agus a uirlisí a oibriú faoi choinníollacha úsáide intuartha. I gcás inar gá, cuirfear feistí iomchuí ar fáil chun rioscaí a leigheas toisc radharc díreach neamhleor a bheith ann.
Déanfar innealra ar a n‑iomprófar an tiománaí a dhearadh agus a thógáil sa chaoi nach mbeidh aon bhaol don tiománaí, ó na suíomhanna tiomána, teagmháil a dhéanamh leis na rothaí agus na rianta de thaisme.
Déanfar suíomh tiomána na dtiománaithe marcaíochta a dhearadh agus a thógáil sa chaoi gur féidir cábán a fheistiú don tiománaí ar choinníoll nach méadófar an baol leis sin agus go mbeidh spás ann dó. Beidh áit sa chábán do na treoracha is gá don tiománaí.
3.2.2.Suíocháin
I gcás ina bhfuil riosca ann go bhféadfaí oibreoirí nó daoine eile atá á n‑iompar ag an innealra a bhascadh idir páirteanna den innealra agus an áit mórthimpeall air dá dtiontódh an t‑innealra nó dá n‑iompódh sé bunoscionn, go háirithe i gcás innealra atá feistithe le struchtúr cosanta dá dtagraítear i roinn 3.4.3 nó roinn 3.4.4, déanfar an t‑innealra a dhearadh nó a fheistiú le córas srianta ionas go gcoinneofaí na daoine ina suíocháin nó sa struchtúr cosanta, gan srian a chur ar na gluaiseachtaí is gá le haghaidh oibríochtaí nó gluaiseachtaí a bhaineann leis an struchtúr. Níor cheart córais srianta nó foráil den sórt sin a fheistiú má mhéadaíonn siad an riosca.
Déanfar comhartha amhairc nó comhartha inchloiste ag an suíomh tiomána chun foláireamh a thabhairt don tiománaí nuair nach bhfuil an córas srianta gníomhach.
3.2.3.Suíomhanna le haghaidh daoine eile
Má fhoráiltear leis na coinníollacha úsáide gur féidir daoine seachas an tiománaí a iompar ar an innealra nó gur féidir leo a bheith ag obair air ó am go ham nó go rialta, cuirfear suíomhanna iomchuí ar fáil dóibh ionas gur féidir leo a bheith á n‑iompar air nó a bheith ag obair air gan bhaol.
Beidh feidhm ag an dara mír agus ag an tríú mír de roinn 3.2.1 freisin maidir leis na háiteanna a chuirfear ar fáil do dhaoine seachas an tiománaí.
3.2.4.Feidhm rialaithe maoirseachta
Beidh feidhm rialaithe maoirseachta a bhaineann go sonrach leis an mód uathrialach ag táirgí innealra soghluaiste uathrialacha. Leis an bhfeidhm seo, beidh an t‑oibreoir in ann faisnéis a fháil go cianda ón meaisín. Ní cheadófar, leis an bhfeidhm rialaithe maoirseachta, ach gníomhaíochtaí a stopadh agus tosú go cianda leis an meaisín. Déanfar é a dhearadh agus a thógáil sa chaoi nach féidir na ngníomhaíochtaí sin a dhéanamh ach amháin más féidir leis an tiománaí gluaiseacht agus limistéar oibre an mheaisín a fheiceáil go díreach nó go hindíreach, agus nuair atá na feistí cosanta in úsáid.
Leis an bhfaisnéis a fhaigheann an tiománaí ón meaisín nuair atá an fheidhm rialaithe maoirseachta gníomhach, beidh sé in ann léargas iomlán cruinn a bheith aige ar oibriú, gluaiseacht agus suíomh sábháilte an mheaisín ina limistéar bhogtha agus oibre.
Cuirfidh an fhaisnéis an tiománaí ar a airdeall faoi chásanna gan choinne nó cásanna contúirteacha atá ann nó atá ar tí tarlú, ar gá idirghabháil an tiománaí ina leith.
Mura bhfuil an fheidhm rialaithe maoirseachta gníomhach, ní bheidh an t‑innealra in ann oibriú.
3.3.CÓRAIS RIALTÁN
Más gá, glacfar bearta úsáid neamhúdaraithe na rialtáin a chosc.
I gcás cianrialtán, sonrófar go soiléir ar gach aonad rialtán an t‑innealra atá le rialú ón aonad sin.
Déanfar an córas rialtán a dhearadh agus a thógáil sa chaoi nach mbeidh éifeacht aige ach amháin ar an méid seo a leanas:
(a)an t‑innealra i gceist;
(b)na feidhmeanna atá i gceist.
Déanfar innealra cianrialaithe a dhearadh agus a thógáil sa chaoi nach bhfreagróidh sé ach do chomharthaí ó na haonaid rialtán atá beartaithe dó.
3.3.1.Feistí rialtán
Beidh an tiománaí in ann gníomhú ar gach feiste rialtán is gá chun an t‑innealra a oibriú ón suíomh tiomána, seachas feidhmeanna, nach féidir a ghníomhú go sábháilte ach amháin trí úsáid a bhaint as feistí rialtán atá lonnaithe in áit eile. Áirítear ar na feidhmeanna sin, go háirithe, na feidhmeanna sin a bhfuil oibreoirí eile seachas an tiománaí freagrach astu nó ar gá an tiománaí an suíomh tiomána a fhágáil chun iad a rialú go sábháilte.
I gcás ina bhfuil troitheáin ann, déanfar iad a dhearadh, a thógáil agus a fheistiú sa chaoi go bhféadfaidh an tiománaí oibriú go sábháilte agus go mbeidh an baol is lú ann go n‑oibreoidh siad ar bhealach mícheart. Ní mór dromchla frithshleamhain a bheith orthu agus iad soghlanta.
I gcás ina bhféadfadh guaiseacha, go háirithe gluaiseachtaí contúirteacha, a bheith mar thoradh ar a n‑oibriú, fillfidh na feistí rialaithe ar an suíomh neodrach, seachas iad siúd a bhfuil suíomhanna réamhshocraithe acu, a luaithe a scaoileann an t‑oibreoir iad.
I gcás innealra ar rothaí, déanfar an córas stiúrtha a dhearadh agus a thógáil sa chaoi go laghdófar fórsa ghluaiseachtaí tobanna an rotha stiúrtha nó an luamháin stiúrtha de bharr suaití sna rothaí treoraithe.
Déanfar aon rialú a ghlasálann an difreálach a dhearadh agus a shocrú sa chaoi go bhféadfar an difreálach a dhíghlasáil nuair a bheidh an t‑innealra á bhogadh.
Ní bheidh feidhm ag an séú mír de roinn 1.2.2 a bhaineann le comharthaí rabhaidh fuaime agus/nó amhairc ach amháin i gcás cúlú.
3.3.2.Tosú/gluaiseacht
Ní féidir aon ghluaiseacht bhogtha de chuid innealra fhéinghluaiste le tiománaí marcaíochta a dhéanamh ach amháin má bhíonn an tiománaí i bhfeighil na rialtán.
I gcás ina bhfeistítear innealra, chun críocha oibriúcháin, le feistí a sháraíonn a ghnáthchrios glanspáis (e.g. cobhsaitheoirí, géag, etc.), cuirfear ar fáil don tiománaí an bealach chun seiceáil a dhéanamh go héasca, roimh an innealra a bhogadh, go bhfuil feistí den sórt sin in suíomh áirithe a ligean don ghluaiseacht go sábháilte.
Tá feidhm aige seo freisin maidir le gach cuid eile; chun go mbeidh gluaiseacht shábháilte ann, ní mór iad a bheith i suíomhanna áirithe, faoi ghlas más gá.
I gcás nach n‑eascróidh rioscaí eile as, beidh gluaiseacht an innealra ag brath ar shuí sábháilte na bpáirteanna thuasluaite.
Ní fhéadfar an t‑innealra a ghluaiseacht ar bhealach neamhbheartaithe le linn an t‑inneall a bheith á thosú.
Cuirfear san áireamh, le gluaisteacht an táirge innealra shoghluaiste uathrialaithigh, na rioscaí a bhaineann leis an limistéar ina bhfuil sé beartaithe bogadh agus oibriú.
3.3.3.Feidhm bhogtha
Gan dochar do rialacháin maidir le trácht ar bhóithre, comhlíonfaidh innealra féinghluaiste agus a leantóirí na ceanglais maidir le moilliú, stopadh, coscánú agus bac gluaiseachta chun sábháilteacht a áirithiú faoi na dálaí oibríochta, ualaigh, luais, talún agus grádáin uile a cheadaítear.
Beidh an tiománaí in ann an t‑innealra féinghluaiste a mhoilliú agus a stopadh trí bhíthin príomhfheiste. I gcás inar gá sin ó thaobh sábháilteachta de, i gcás ina gcliseann an phríomhfheiste, nó in éagmais an tsoláthair fuinnimh is gá chun an phríomhfheiste a ghníomhú, soláthrófar feiste éigeandála le feiste rialaithe atá go hiomlán neamhspleách agus a bhfuil rochtain éasca uirthi, chun moilliú agus stad a dhéanamh.
I gcás ina n‑éilíonn sábháilteacht amhlaidh, soláthrófar feiste loctha chun innealra nach bhfuil ag bogadh a dhéanamh do-aistrithe. Féadfar an fheiste sin a chomhcheangal le ceann de na feistí dá dtagraítear sa dara mír más feiste mheicniúil amháin í.
Déanfar innealra cianrialaithe a fheistiú le feistí chun oibriú a stopadh go huathoibríoch agus láithreach agus chun oibríochtaí a d’fhéadfadh a bheith contúirteach a chosc sna cásanna seo a leanas:
(a)má chailleann an tiománaí smacht;
(b)má fhaigheann sé comhartha stoptha;
(c)má bhraitear locht i gcuid den chóras a bhaineann le sábháilteacht;
(d)mura bhraitear aon chomhartha bailíochtaithe laistigh d’am sonraithe.
Níl feidhm ag Roinn 1.2.4 maidir leis an bhfeidhm bhogtha.
Comhlíonfaidh táirgí innealra soghluaiste uathoibríocha aon cheann de na coinníollacha seo a leanas:
(a)aistreoidh agus oibreoidh sé i gcrios iata a bheith feisithe le córas cosanta forimeallach ina mbeidh sciatha nó feistí cosanta;
(b)beidh sé feistithe le feistí atá ceaptha chun aon duine, aon ainmhí clóis nó aon bhac eile ina chomharsanacht a bhrath, i gcás ina bhféadfadh na constaicí sin a bheith ina gcúis le riosca do shláinte agus do shábháilteacht daoine nó ainmhithe clóis nó d’oibriú sábháilte an táirge innealra.
Maidir le gluaiseachtaí táirgí innealra shoghluaiste a bhaineann le leantóir nó trealamh ar tarraingt amháin nó níos mó, lena n‑áirítear táirgí innealra soghluaiste uathrialacha, atá nasctha le leantóir nó trealamh ar tarraingt amháin nó níos mó nó, ní bheidh siad ina gcúis le rioscaí do dhaoine, d’ainmhithe clóis ná d’aon bhac eile i gcrios contúirte na dtáirgí innealra, na leantóirí agus an trealaimh ar tarraingt sin.
3.3.4.Gluaiseacht innealra faoi rialú coisithe
Ní bheifear in ann innealra féinghluaiste faoi rialú coisithe a bhogadh ach amháin trí ghníomhaíocht leanúnach ar an bhfeiste rialaithe ábhartha ag an tiománaí. Go háirithe, ní bheidh gluaiseacht in ann tarlú agus an t‑inneall á adhaint. Déanfar na córais rialaithe le haghaidh innealra atá faoi rialú coisithe a dhearadh sa chaoi go n‑íoslaghdófar na rioscaí a eascraíonn as gluaiseacht neamhbheartaithe an mheaisín i dtreo an tiománaí, go háirithe:
(a)Bascadh;
(b)gortú ó uirlisí rothlacha.
Beidh luas taistil an innealra i gcomhréir le luas an tiománaí de shiúl na gcos.
I gcás innealra ar féidir uirlis rothlach a fheistiú air, ní fhéadfar an uirlis a ghníomhú nuair a bheidh an rialú cúlaithe á dhéanamh, ach amháin i gcás ina dtagann gluaiseacht an innealra mar thoradh ar ghluaiseacht na huirlise. Sa chás deireanach sin, níor cheart don luas cúlaithe an tiománaí a chur i mbaol.
3.3.5.Cliseadh an chiorcaid rialaithe
Má chliseann ar an soláthar cumhachta leis an stiúradh cumhachtchúnta, má bhíonn sé feistithe, ní choiscfidh sé innealra a stiúradh le linn an ama a bheidh ag teastáil chun é a stopadh.
I gcás innealra soghluaiste uathrialach, ní bheidh tionchar ag cliseadh sa chóras stiúrtha ar shábháilteacht an innealra.
3.4.COSAINT AR RIOSCAÍ MEICNIÚLA
3.4.1.Gluaiseachtaí neamhrialaithe
Déanfar táirge innealra a dhearadh, a thógáil agus, nuair is iomchuí, a chur ar a thaca soghluaiste sa chaoi go n‑áiritheofar, nuair a ghluaistear é, nach gcuirfidh ascaluithe a dhomhanláir isteach ar a chobhsaíocht nó nach gcuirfidh siad brú iomarcach ar a struchtúr.
3.4.2.Páirteanna tras‑seolta gluaisteacha
Mar eisceacht ar roinn 1.3.8.1, i gcás inneall, na sciatha inghluaiste a choisceann rochtain ar na páirteanna gluaisteacha in urrann an innill, ní gá do na sciatha sin feistí comhghlasála a bheith orthu más gá iad a oscailt le uirlis nó eochair, sin nó le rialtán atá suite sa suíomh tiomána, ar choinníoll go bhfuil an rialtán sin i gcábán lániata faoi ghlas chun rochtain neamhúdaraithe a chosc.
3.4.3.Iompú thart agus iompú bunoscionn
Más rud é, i gcás innealra féinghluaiste le tiománaí, oibreoir/oibreoirí nó duine/daoine eile ar bord, go bhfuil baol ann go n‑iompófar thart nó go n‑iompófar bunoscionn iad, feisteofar an t‑innealra le struchtúr cosanta iomchuí, mura méadóidh sé sin an riosca.
Beidh an struchtúr sin de chineál a fhágfaidh, i gcás iompú thart nó iompú bunoscionn, go mbeidh toirt leordhóthanach ann lena gciorraítear sraonadh le haghaidh na ndaoine ar bord.
Chun a fhíorú go gcomhlíonann an struchtúr an ceanglas a leagtar síos sa dara mír, ní mór don mhonaróir nó dá ionadaí údaraithe na tástálacha iomchuí a dhéanamh, nó na tástálacha sin a chur faoi deara a fheidhmiú.
3.4.4.Oibiachtaí ag titim
Más rud é, i gcás innealra féinghluaiste le tiománaí, oibreoir/oibreoirí nó duine/daoine eile ar bord, go bhfuil baol ann mar gheall ar rudaí nó ábhar atá ag titim, déanfar an t‑innealra a dhearadh agus a thógáil sa chaoi go gcuirfear an riosca sin san áireamh agus go bhfeisteofar struchtúr cosanta iomchuí air, más féidir é sin a dhéanamh de réir a mhéide.
Leis an struchtúr sin, i gcás ina dtiteann rudaí nó ábhar, ráthófar toirt leordhóthanach lena gciorraítear sraonadh le haghaidh na ndaoine ar bord.
Chun a fhíorú go gcomhlíonann an struchtúr an ceanglas a leagtar síos sa dara mír, ní mór don mhonaróir nó dá ionadaí údaraithe na tástálacha iomchuí a dhéanamh, nó na tástálacha sin a chur faoi deara a fheidhmiú.
3.4.5.Bealaí rochtana
Déanfar greamáin láimhe agus céimeanna a dhearadh, a thógáil agus a eagrú sa chaoi go mbainfidh na hoibreoirí úsáid astu go hinstinneach agus nach n‑úsáidfidh siad na feistí rialaithe chun cabhrú le rochtain.
3.4.6.Feistí tarraingthe
An t‑innealra go léir a úsáidfear le haghaidh tarraingthe nó a bheidh á tharraingt é féin, feisteofar é e feistí tarraingthe nó cúplála arna dhearadh, arna thógáil agus arna shocrú sa chaoi go n‑áiritheofar ceangal agus dícheangal atá éasca agus slán agus go gcoiscfear dínascadh tionóisceach a chosc le linn a n‑úsáide..
A mhéid a dteastaíonn ó ualach an bharra tarraingthe, feisteofar an t‑innealra sin le taca a bhfuil dromchla imthaca air a oireann don ualach agus don talamh.
3.4.7.Tras‑seoladh cumhachta idir innealra (nó tarracóir) féinghluaiste agus innealra faighteora
Feistí tras‑seolta meicniúla inbhainte a nascann innealra féinghluaiste (nó tarracóir) leis an chéad imthaca daingean den innealra faighteora , déanfar iad a dhearadh agus a dhéanamh sa chaoi go mbeidh aon pháirt a ghluaiseann le linn na hoibríochta cosanta thar a fhad iomlán.
Ar thaobh an innealra fhéinghluaiste (nó an tarracóra), an cumhachtdúiseacht lena nasctar an fheiste thras‑seolta mheicniúil inbhainte, déanfar é a chosaint le sciath dhaingean arna nascadh leis an innealra féinghluaiste (nó an tarracóir) nó le haon fheiste eile a chuireann cosaint choibhéiseach ar fáil.
Beifear in ann an sciath sin a oscailt chun rochtain a fháil ar an bhfeiste thras‑seolta inbhainte. Nuair a bheidh sé i bhfeidhm, beidh a dhóthain spás ann ionas nach ndéanfaidh an seafta tiomána damáiste don sciath nuair a bheidh an t‑innealra (nó an tarracóir) ag gluaiseacht.
Ar thaobh an innealra faighteora, beidh an seafta ionchuir dúnta i gcásáil chosanta atá daingnithe don innealra.
Ní fhéadfar teorantóirí casmhóiminte nó saor-rothaí a fheistiú ar traschuir chomhpháirteacha uilíocha ach amháin ar an taobh le hais an innealra faoi thiomáint. Marcálfar an fheiste thras‑seolta mheicniúil inbhainte dá réir.
Gach innealra faighteora, a n‑éilíonn a oibriú go mbeidh feiste thras‑seolta mheicniúil inbhainte aige chun é a cheangal le hinnealra féinghluaiste (nó tarracóir), beidh córas aige chun an feiste thras‑seolta meicniúla inbhainte a cheangal sa chaoi, nuair a bheidh an t‑innealra dícheangailte, nach ndéanfar damáiste don fheiste thras‑seolta mheicniúil inbhainte agus dá sciath trí theagmháil a dhéanamh leis an talamh nó le cuid den innealra.
Déanfar codanna seachtracha na scéithe a dhearadh, a thógáil agus a shocrú sa chaoi nach bhféadfaidh siad casadh leis an bhfeiste thras‑seolta mheicniúil inbhainte. Clúdóidh an sciath an tras‑seoladh go dtí foircinn na ngiall inmheánach i gcás ailt uilíocha simplí agus ar a laghad chuig lár an ailt nó na n‑alt seachtrach i gcás ailt uilíocha leathan.
Má sholáthraítear modhanna rochtana ar shuíomhanna oibre gar don fheiste thras‑seolta mheicniúil inbhainte, déanfar iad a dhearadh agus a thógáil iad sa chaoi nach féidir na sciatha seafta a úsáid mar chéimeanna, mura rud é go bhfuil siad deartha agus tógtha chun na críche sin.
3.5.COSAINT AR RIOSCAÍ EILE
3.5.1.Ceallraí
Déanfar tithíocht an cheallra a dhearadh agus a thógáil sa chaoi nach n‑eisteilgfear an leictrilíte anuas ar an oibreoir i gcás iompú thart nó iompú bunoscionn, agus chun carnadh gal a sheachaint sna háiteanna a mbíonn na hoibreoirí iontu.
Déanfar táirge innealra a dhearadh agus a thógáil sa chaoi go bhféadfar an ceallra a dhícheangal le cabhair ó fheiste sorochtana a cuireadh ar fáil chuige sin.
Na ceallraí a luchtaítear go huathoibríoch le haghaidh innealra soghluaiste, lena n‑áirítear táirgí innealra soghluaiste uathrialaitheach, déanfar iad a dhearadh sa chaoi go gcoiscfear na guaiseacha dá dtagraítear i roinn 1.3.8.2. agus i roinn 1.5.1., lena n‑áirítear na rioscaí a bhaineann le teagmháil nó imbhualadh an mheaisín le duine nó le meaisín eile nuair a bhogann an meaisín go neamhspleách chuig an stáisiún luchtaithe.
3.5.2.Dóiteán
Ag brath ar na guaiseacha a bhfuil coinne ag an monaróir leo, déanfaidh innealra, i gcás ina gceadóidh a mhéid é:
(a)ligean go réidh d’fheistiú múchtóirí dóiteáin sorochtana, nó
(b)iad a bheith feisithe le córais mhúchtóirí comhtháite.
3.5.3.Astaíochtaí substaintí guaiseacha
Ní bhíonn feidhm ag an dara mír agus an tríú mír de roinn 1.5.13 i gcás inarb í príomhfheidhm an innealra spraeáil a dhéanamh ar tháirgí. Déanfar an t‑oibreoir a chosaint, áfach, ar an riosca a bhaineann le nochtadh d’astaíochtaí guaiseacha den sórt sin.
Beidh cábáin scagacháin nó bearta sábháilteachta coibhéiseacha feistithe le hinnealra soghluaiste le tiománaí ar bord arb í spraeáil a dhéanamh ar tháirgí an phríomhaidhm atá aige.
3.5.4.Riosca teagmhála le línte cumhachta fuinnmhithe lasnairde
Ag brath ar airde na dtáirgí innealra, déanfar táirge innealra soghluaiste, i gcás inarb ábhartha, a dhearadh, a thógáil agus a fheistiú, chun an riosca go rachfar i dteagmháil le líne chumhachta bheo lasnairde a chosc nó chun an riosca go gcruthófar stua leictreach idir aon chuid den innealra nó oibreoir a bheidh ag tiomáint an innealra agus líne chumhachta fhuinnmhithe lasnairde.
Nuair nach féidir an riosca teagmhála nó stua leictreach le líne chumhachta lasnairde fhuinnmhithe a sheachaint go hiomlán, déanfar táirgí innealra soghluaiste a dhearadh, a thógáil agus a fheistiú sa chaoi go gcoiscfear gach guais de chineál leictreach nó gur féidir iad a chosc i gcás teagmhála nó stua leictreach le líne chumhachta fhuinnmhithe.
3.6.FAISNÉIS AGUS TÁSCA
3.6.1.Comharthaí, teachtaireachtaí agus rabhaidh
beidh comharthaí agus/nó plátaí treoracha ag gach táirge innealra maidir le húsáid, athrú agus cothabháil, cibé uair is gá, chun sláinte agus sábháilteacht na ndaoine a áirithiú. déanfar iad a roghnú, a dhearadh agus a thógáil ionas go mbeidh siad sofheicthe doscriosta.
Gan dochar d’fhorálacha na rialachán um thrácht ar bhóithre, beidh an trealamh seo a leanas ag an táirge innealra a mbíonn tiománaí ar bord air:
(a)feiste rabhaidh fuaime chun daoine a chur ar an airdeall;
(b)córas comharthaí soilse i gcomhair na gcoinníollacha úsáide atá beartaithe; ní bhíonn feidhm ag an dara ceanglas thuas maidir leis an táirge innealra nach bhfuil ceaptha ach amháin chun oibriú faoin talamh agus nach mbaineann cumhacht leictreach ar bith leis;
(c)i gcás inar gá, beidh ceangal iomchuí ann idir leantóir agus an táirge innealra i gcomhair oibriú na gcomharthaí.
Innealra cianrialaithe lena mbaineann riosca imbhuailte nó basctha daoine faoi na gnáthchoinníollacha úsáide a bhaineann leis, déanfar é a fheistiú le modhanna iomchuí chun a ghluaiseachtaí a léiriú nó le modhanna chun daoine a chosaint ar na rioscaí sin. Baineann an méid sin maidir le táirge innealra nuair a bhíonn sé ag gluaiseacht chun tosaigh agus ar gcúl ar acastóir amháin go leanúnach, agus é in úsáid, sa chás nach bhfuil an limistéar laistiar den mheaisín infheicthe go díreach ag an tiománaí.
Déanfar an táirge innealra a thógáil ionas nach féidir na feistí rabhaidh agus comharthaíochta a dhíchumasú de thaisme. I gcás ina mbeidh sé riachtanach don tsábháilteacht, beidh modhanna ag feistí den sórt sin lena sheiceáil go bhfuil siad in ord maith oibre agus lena chur in iúl don oibreoir má chliseann siad.
I gcás ina mbeidh guais ar leith ag baint le gluaiseacht innealra nó a chuid uirlisí, cuirfear comharthaí ar an innealra chun rabhadh a thabhairt do dhaoine gan teacht i gcóngar an innealra le linn dó a bheith ag obair; beidh na comharthaí inléite fada go leor ón innealra chun sábháilteacht na ndaoine a áirithiú nuair is gá dóibh a bheith i ngar dó.
3.6.2.Marcáil
Taispeánfar na nithe seo a leanas go soléite agus go doscriosta ar gach táirge innealra:
(a)cumhacht ainmniúil arna sloinneadh i gcileavatanna (kW);
(b)mais na cumraíochta is coitianta, i gcileagraim (kg);
agus, i gcás inarb iomchuí:
(a)tarraingt uasta an bharra tarraingthe dá bhforáiltear ar an gcrúca cúplála, i Niútain (N);
(b)an lód ingearach uasta dá bhforáiltear ar an gcrúca cúplála, i Niútain (N).
3.6.3.Treoracha
3.6.3.1.Creathanna
Gheofar an fhaisnéis seo a leanas sna treoracha maidir le creathanna, arna sloinneadh mar luasghéarú (m/s2), arna tarchur ag an innealra chuig an gcóras láimhe nó chuig an gcorp ar fad:
(a)luach iomlán na gcreathanna leanúnacha a bhfuil an córas láimhe faoina réir;
(b)meánluach bhuaic-aimplitiúid an luasghéaraithe ó chreathanna turrainge arís agus arís eile, a bhfuil an córas láimhe faoina réir;
(c)meánluach fhréamh na gcearnóg is airde luathú ualaithe a théann i gcion ar an gcolainn ar fad, má sháraíonn sé 0.5 m/s2. I gcás nach sáraíonn an luach sin 0.5 m/s2, déanfar é sin a lua;
(d)éiginnteacht na dtomhas.
Is éard a bheidh sna luachanna sin na luachanna a tomhaiseadh go hiarbhír don innealra atá i gceist nó na luachanna sin arna mbunú ar bhonn tomhas a rinneadh i gcomhair táirge innealra atá inchomparáide go teicniúil, ar táirge innealra é atá ionadaíoch don innealra atá le táirgeadh.
I gcás nach féidir na caighdeáin chomhchuibhithe nó na sonraíochtaí teicniúla arna nglacadh ag an gCoimisiún i gcomhréir le hAirteagal 17(3) a chur i bhfeidhm, déanfar an creathadh a thomhas trí úsáid a bhaint as an gcód tomhais is iomchuí don innealra lena mbaineann.
Sonrófar na dálaí oibre a bheidh ann le linn tomhas a dhéanamh mar aon leis na cóid tomhais a úsáidfear.
3.6.3.2.An ilúsáid
Na treoracha le haghaidh táirge innealra is féidir a úsáid ar bhealaí éagsúla, ag brath ar an trealamh atá in úsáid agus ar na treoracha le haghaidh trealaimh in‑idirmhalartaithe, beidh an fhaisnéis riachtanach sna treoracha sin maidir le cóimeáil agus úsáid shábháilte an bhuntáirge innealra, agus feistiú an trealaimh in‑idirmhalartaithe.
3.6.3.3.Táirgí innealra soghluaiste uathrialacha
Sna treoracha le haghaidh úsáid na dtáirgí innealra soghluaiste uathrialacha, sonrófar na tréithe a bhaineann leis an mbogadh beartaithe, na limistéir oibre agus na criosanna contúirte a ghabhann leis.
4.BUNCHEANGLAIS SLÁINTE AGUS SÁBHÁILTEACHTA FHORLÍONTACHA CHUN GUAISEACHA I nGEALL AR OIBRÍOCHTAÍ ARDAITHE A MHAOLÚ
An táirge innealra a bhfuil guaiseacha i ngeall ar oibríochtaí ardaithe ag baint leis, comhlíonfaidh sé gach buncheanglas sláinte agus sábháilteachta a shonraítear sa chaibidil seo (féach Prionsabail Ghinearálta, pointe 4).
4.1.GINEARÁLTA
4.1.1.Sainmhínithe
(a)Ciallaíonn ‘oibríocht ardaithe’ gluaiseachtaí ualaí aonaid ina mbíonn earraí agus/nó daoine ar gá a leibhéal a athrú ag am áirithe;
(b)Ciallaíonn ‘ualach treoraithe’ ualach i gcás ina ndéantar gluaiseacht iomlán thar threoracha dolúbtha nó solúbtha a gcinntítear a suíomh le pointí seasta;
(c)Ciallaíonn ‘comhéifeacht oibre’ an cóimheas uimhríochta idir an t‑ualach atá ráthaithe ag an monaróir nó ag an ionadaí údaraithe ar féidir le comhpháirt é a choinneáil leis, agus an t‑ualach oibre uasta a mharcáiltear ar an gcomhpháirt;
(d)Ciallaíonn ‘comhéifeacht tástála’ an cóimheas uimhríochta idir an lód a úsáidtear chun tabhairt faoi thástálacha statacha nó dinimiciúla ar an táirge innealra ardaithe nó comhghabhálas ardaithe agus an t‑ualach oibre uasta a mharcáiltear ar an táirge innealra ardaithe nó ar an gcomhghabhálas ardaithe;
(e)Ciallaíonn ‘tástáil statach’ an tástáil ina ndéantar an chéad imscrúdú ar an táirge innealra ardaithe nó comhghabhálas ardaithe, agus ina gcuirtear faoi fhórsa é a chomhfhreagraíonn don ualach oibre uasta arna iolrú faoin gcomhéifeacht tástála statach iomchuí agus a ndéantar ath‑imscrúdú air ansin ach a scaoiltear an lucht sin chun a áirithiú nár tharla aon díobháil;
(f)Ciallaíonn ‘tástáil dhinimiciúil’ an tástáil ina n‑oibrítear an táirge innealra ardaithe ina gcumraíochtaí féideartha go léir faoin ualach oibre uasta, arna iolrú faoin gcomhéifeacht tástála dhinimiciúil iomchuí, agus iompar dinimiciúil an táirge innealra ardaithe á thabhairt san áireamh d’fhonn a sheiceáil an bhfuil sé ag feidhmiú sé mar is ceart;
(g)Ciallaíonn ‘iompróir’ páirt den innealra ar a dtacaítear nó ina dtacaítear le daoine agus/nó le hearraí chun go n‑ardófar iad.
4.1.2.Cosaint ar rioscaí meicniúla
4.1.2.1.Rioscaí de bharr easpa cobhsaíochta
Déanfar an táirge innealra a dhearadh agus a thógáil ionas go gcoinneofar an chobhsaíocht a leagtar síos i mír 1.3.1 i mbun seirbhíse dó agus as seirbhís, lena n‑áirítear gach céim iompraíochta, cóimeála agus díchóimeála, le linn cliseadh comhpháirte intuartha agus i gcomhréir leis an lámhleabhar treoracha. Chuige sin, bainfidh an monaróir nó a ionadaí údaraithe úsáid as modhanna fíorúcháin iomchuí.
4.1.2.2.Innealra a ghluaiseann ar ráillí treorach agus ar rianta ráillí
Soláthrófar feistí don táirge innealra a fheidhmíonn ar na ráillí nó ar na rianta chun díráilliú a chosc.
Más rud é, d’ainneoin feistí den sórt sin, go mbeidh riosca ann go dtarlódh díráilliú nó go gclisfeadh ar rian nó ar chomhpháirt reatha, soláthrófar feistí a choisceann an trealamh, an chomhpháirt nó an t‑ualach ar thitim nó an t‑innealra ar iompú bunoscionn.
4.1.2.3.Neart meicniúil
Beidh innealra, gabhálais ardaithe agus a gcomhpháirteanna in ann seasamh leis an mbrú a chuirtear orthu le linn a saolré, le linn a n‑úsáide agus, i gcás inarb infheidhme, le linn dóibh a bheith as úsáid, faoi na dálaí suiteála agus oibriúcháin dá bhforáiltear agus sna cumraíochtaí ábhartha uile, agus aird chuí á tabhairt, i gcás inarb iomchuí, ar an éifeacht a bhíonn ag fachtóirí agus fórsaí atmaisféaracha a imríonn daoine. Comhlíonfar an ceanglas sin freisin le linn iompair, cóimeála agus díchóimeála.
Déanfar innealra agus gabhálais ardaithe a dhearadh agus a thógáil sa chaoi nach gclisfidh siad de barr strustuirse nó caithimh agus an úsáid atá beartaithe dóibh a chur san áireamh.
Roghnófar na hábhair a úsáidfear ar bhonn na dtimpeallachtaí oibre atá beartaithe, go háirithe maidir le creimeadh, scríobadh, imbhuailtí, teochtaí foircneacha, strustuirse, sobhristeacht, radaíocht agus aosú.
Déanfar innealra agus gabhálais ardaithe a dhearadh agus a thógáil i slí a sheasfaidh an ró‑ualach sna tástálacha statacha gan dífhoirmiú buan ná locht paitinne a bheith ann. Cuirfear san áireamh sna ríomhanna láidre luach na comhéifeachta tástála statacha a roghnófar chun leibhéal leordhóthanach sábháilteachta a ráthú. Baineann na luachanna seo a leanas leis an gcomhéifeacht sin, mar riail ghinearálta:
(a)innealra lámhoibrithe agus comhghabhálais ardaithe: 1, 5;
(b)innealra eile: 1,25.
Déanfar innealra a dhearadh agus a thógáil ar bhealach a rachaidh, gan chliseadh, faoi na tástálacha dinimiciúla a dhéanfar agus úsáid á baint as an ualach oibre uasta méadaithe faoin gcomhéifeacht tástála dinimiciúla. Roghnaítear an chomhéifeacht tástála dhinimiciúil sin chun leibhéal leordhóthanach sábháilteachta a ráthú: is é 1,1 an chomhéifeacht, mar riail ghinearálta. Mar riail ghinearálta, is ag na luasanna ainmniúla dá bhforáiltear a fheidhmeofar na tástálacha. Más féidir roinnt gluaiseachtaí comhuaineacha a dhéanamh le ciorcad rialaithe an táirge innealra, déanfar na tástálacha faoi na coinníollacha is mífhabhraí, mar riail ghinearálta, trí na gluaiseachtaí atá i gceist a chumasc.
4.1.2.4.Ulóga, drumaí, rothaí, téada agus slabhraí
Beidh trastomhas na n‑ulóg, na ndrumaí agus na rothaí ar aon tomhas le tiús na dtéad nó na slabhraí is féidir a fheistiú orthu.
Déanfar drumaí agus rothaí a dhearadh, a thógáil agus a shuiteáil ionas gur féidir na téada nó na slabhraí lena ngléastar iad a thochras gan iad a chur díobh.
Na téada a úsáidfear go díreach chun an t‑ualach a ardú nó chun tacú leis, ní dhéanfar aon spladhsáil orthu seachas ag a gceann. Glactar le spladhsáil ámh laistigh de shuiteálacha atá beartaithe de réir dearadh le hathrú go tráthrialta de réir na n‑éileamh úsáide.
Ní mór comhéifeacht oibre a bheith ag téada iomlána agus ag an dá cheann, agus iad a roghnú ionas go ráthófar leibhéal leordhóthanach sábháilteachta. Mar riail ghinearálta is é 5 an chomhéifeacht sin.
Beidh comhéifeacht oibre ag slabhraí ardaithe a roghnófar ionas go ráthófar leibhéal leordhóthanach sábháilteachta. Mar riail ghinearálta is é 4 an chomhéifeacht sin.
Chun a fhíorú gur gnóthaíodh comhéifeacht oibre leordhóthanach, déanfaidh an monaróir nó a ionadaí údaraithe, le haghaidh gach cineáil slabhra agus téide as a mbaintear leas díreach chun an t‑ualach a ardú agus i gcomhar dhá cheann na téide, na tástálacha iomchuí a dhéanamh nó iad a chur á ndéanamh.
4.1.2.5.Comhghabhálais ardaithe agus na comhpháirteanna a ghabhann leo
Déanfar na comhghabhálais ardaithe agus na comhpháirteanna a ghabhann leo a thomhas ag féachaint go cuí don strustuirse agus don aosú faoi chomhair timthriallta oibriúcháin ar comhsheasmhach iad lena saolré ionchasach, rud a shonraítear sna coinníollacha oibriúcháin atá ann i gcomhair feidhme faoi leith.
Thairis sin:
(a)déanfar comhéifeacht oibre na meascán sreinge-téide/téide-ceann na téide a roghnú sa chaoi go ndéanfar leibhéal leordhóthanach sábháilteachta a ráthú; is ionann an chomhéifeacht sin mar riail ghinearálta agus 5. Níor cheart aon spladhsáil ná lúb a bheith sna téada seachas ag an dá cheann;
(b)i gcás ina n‑úsáidfear slabhraí le naisc tháthaithe, gearrnaisc a bheidh iontu. roghnófar comhéifeacht oibre na slabhraí chun leibhéal leordhóthanach sábháilteachta a ráthú; is ionann an chomhéifeacht sin mar riail ghinearálta agus 4;
(c)braitheann an chomhéifeacht oibrithe le haghaidh téada teicstíle, crochán nó caolrabhaisce ar an ábhar, an modh monaraíochta, na toisí agus an úsáid. Déanfar an chomhéifeacht sin a roghnú chun leibhéal leordhóthanach sábháilteachta a ráthú; Is ionann í mar riail ghinearálta agus 7, ar choinníoll go léireofar caighdeán den chéad scoth leis na hábhair, agus gurb iomchuí an modh monaraíochta i gcomhair na húsáide atá beartaithe. Murarbh amhlaidh, is ag leibhéal is airde a shocraítear an chomhéifeacht mar riail ghinearálta d’fhonn leibhéal sábháilteachta coibhéiseach a ráthú. Ní bheidh aon snaidhm, nasc ná spladhsáil ar théada teicstíle, crocháin ná uige seachas ag cinn an chrocháin féin, ach amháin i gcás crocháin gan cheann gan chríoch;
(d)na comhpháirteanna miotalacha uile a bhaineann leis an gcrochán nó a úsáidtear leis, beidh comhéifeacht oibre acu a roghnófar sa chaoi go ráthófar leibhéal leordhóthanach sábháilteachta; is ionann an chomhéifeacht sin mar riail ghinearálta agus 4;
(e)cinntítear ualach oibre uasta le crochán ilchosach ar bhunús na comhéifeachta oibre leis an gcos is laige, líon na gcos agus fachtóir laghdaithe a bhraitheann ar an gcumraíocht chrocháin atá air;
(f)chun a fhíorú gur gnóthaíodh comhéifeacht oibre leordhóthanach, déanfaidh an monaróir nó a ionadaí údaraithe, le haghaidh gach cineáil dá dtagraítear in (a), (b), (c) agus (d), na tástálacha iomchuí a fheidhmiú nó chun na tástálacha sin a chur á bhfeidhmiú.
4.1.2.6.Rialú gluaiseachtaí
Maidir leis na feistí rialaithe gluaiseachtaí, feidhmeoidh siad ar chaoi go gcoinnítear an táirge innealra ar a suiteáiltear iad sábháilte.
(a)Déanfar an táirge innealra a dhearadh agus a thógáil nó a fheistiú le feistí sa chaoi go gcoinneofar aimplitiúid na gluaiseachta dá chomhpháirteanna laistigh de na teorainneacha sonraithe. Tabharfar rabhadh roimh oibriú na bhfeistí sin, i gcás inarb iomchuí.
(b)I gcás inar féidir roinnt táirgí innealra seasta nó ráille-shuite a ionramháil go comhuaineach sa láthair chéanna, le rioscaí imbhuailte, ar nós innealra; déanfar an táirge innealra sin a dhearadh agus a thógáil ionas gur féidir córais a fheistiú trínar féidir na rioscaí sin a sheachaint.
(c)Déanfar an táirge innealra a dhearadh agus a thógáil ionas nach féidir le hualaí bogadh go contúirteach nó titim gan srian agus gan choinne, fiú amháin i gcás leathchliseadh nó lánchliseadh an tsoláthair chumhachta nó nuair a éiríonn an t‑oibreoir as oibriú an mheaisín.
(d)Beidh sé dodhéanta, faoi ghnáthchoinníollacha oibriúcháin, an t‑ualach a ísliú leis an gcoscán frithchuimilte amháin, seachas i gcás innealra nach mór é a oibriú sa chaoi sin lena fheidhm.
(e)Déanfar feistí coinneála a dhearadh agus a thógáil sa chaoi go seachnaítear titim na n‑ualaí de thimpiste.
4.1.2.7.Gluaiseachtaí na n‑ualaí le linn ionramhála
Beidh suíomh oibriúcháin an táirge innealra suite chun an radharc is faide is féidir a áirithiú ar raon siúil na bpáirteanna gluaisteacha, d’fhonn imbhualadh féideartha le daoine, le trealamh nó le hinnealra eile a chosc, trealamh nó innealra a d’fhéadfadh a bheith ag gluaiseacht an tráth céanna agus a bheith ina ghuais.
Déanfar an t‑innealra le hualaí treoraithe a dhearadh agus a thógáil chun gortú na ndaoine a chosc de dheasca ghluaiseacht an ualaigh, an iompróra nó na bhfrithmheáchan, más ann dóibh.
4.1.2.8.Innealra a fhreastalaíonn ar léibhinn dhaingnithe
4.1.2.8.1. Gluaiseachtaí an iompróra
Déanfar gluaiseacht iompróir an táirge innealra i a fhreastalaíonn ar léibhinn dhaingnithe a threorú go docht chuig na léibhinn agus ag na léibhinn. Meastar gur treoir dhocht iad córais siosúr freisin.
4.1.2.8.2. Rochtain ar an iompróir
I gcás ina mbeidh rochtain ag daoine ar an iompróir, déanfar an t‑innealra a dhearadh agus a thógáil ar bhealach a áiritheoidh go bhfanfaidh an t‑iompróir ina stad le linn na rochtana, go háirithe fad a bheidh sé á luchtú nó á dhíluchtú.
Déanfar an t‑innealra a dhearadh agus a thógáil sa chaoi go n‑áiritheofar nach gcruthófar baol tuisle de bharr na difríochta idir leibhéal an iompróra agus leibhéal an léibhinn a bhfuiltear ag freastal air.
4.1.2.8.3. Rioscaí de bharr teagmhála leis an iompróir gluaisteach
I gcás inar gá chun an ceanglas a shonraítear i roinn 4.1.2.7, an dara mír, a chomhlíonadh, ní bheidh rochtain ar an crios taistil le linn an ghnáthoibriúcháin.
Nuair a bheidh baol ann, le linn cigireachta nó cothabhála, go bhféadfadh daoine atá suite faoin iompróir nó os cionn an iompróra a bheith brúite idir an t‑iompróir agus aon pháirteanna seasta, cuirfear dóthain spáis saor ar fáil trí bhíthin tearmainn fhisiceacha nó trí bhíthin feistí meicniúla lena gcuirfear bac ar ghluaiseacht an iompróra.
4.1.2.8.4. Riosca de bharr ualach ag titim den iompróir
I gcás baol a bheith ann go dtitfidh ualach ón iompróir, déanfar an t‑innealra a dhearadh agus a thógáil sa chaoi go gcoiscfear an riosca sin.
4.1.2.8.5. Léibhinn
Coiscfear rioscaí a bhaineann le teagmháil idir daoine ag na léibhinn agus an t‑iompróir atá ag gluaiseacht nó páirteanna gluaisteacha eile.
Má tá baol ann maidir le daoine ag titim isteach sa chrios taistil nuair nach mbeidh an t‑iompróir i láthair ag na léibhinn, feisteofar gardaí chun an riosca sin a chosc. Ní osclófar na gardaí sin i dtreo an chreasa taistil. Beidh siad feistithe le feiste comhghlasála a rialaítear ó shuíomh an iompróra chun cosc ar na nithe seo a leanas:
(a)gluaiseachtaí guaiseacha an iompróra go dtí go mbeidh na gardaí dúnta agus faoi ghlas;
(b)oscailt ghuaiseach garda go dtí go stopfaidh an t‑iompróir ag an léibheann comhfhreagrach.
4.1.3.Oiriúnacht don fheidhm
Nuair a chuirtear innealra nó gabhálais ardaithe ar an margadh nó nuair a chuirtear i seirbhís iad den chéad uair, áiritheoidh an monaróir nó a ionadaí údaraithe, trí bhearta iomchuí a ghlacadh nó iad a shainordú, go mbeidh an t‑innealra nó na gabhálais ardaithe atá réidh lena n‑úsáid – cibé acu an de láimh nó cumhacht‑oibrithe iad – in ann a sainfheidhmeanna a chomhlíonadh go sábháilte.
Déanfar na tástálacha statacha agus dinimiciúla dá dtagraítear i roinn 4.1.2.3 ar gach innealra ardaithe atá réidh le cur i seirbhís.
I gcás nach féidir an t‑innealra a chur le chéile in áitreabh an mhonaróra ná in áitreabh a ionadaí údaraithe, déanfar na bearta iomchuí ag an láthair úsáide ag an monaróir, nó ag a ionadaí údaraithe nó ag duine eile thar ceann na monaróirí. Seachas sin, is féidir na bearta a ghlacadh in áitreabh an mhonaróra nó ag an láthair úsáide.
4.2.CEANGLAIS MAIDIR LE TÁIRGÍ INNEALRA NACH É NEART NA LÁMH IS FOINSE CHUMHACHTA DÓIBH
4.2.1.Rialú gluaiseachtaí
Úsáidfear feistí rialaithe a bhrúitear lena n‑oibriú chun gluaiseachtaí an innealra nó a threalaimh a rialú. Mar sin féin, i gcás gluaiseachtaí páirteacha nó iomlána nach bhfuil aon riosca ann maidir le bualadh an ualaigh nó bualadh an innealra in aghaidh a chéile, féadfar feistí rialaithe a chur in ionad na bhfeistí sin lena n‑údaraítear stadanna uathoibríocha i suíomhanna réamhroghnaithe gan feiste rialaithe a bhrúitear lena oibriú a bheith i lámh an oibreora.
4.2.2.Rialú ualaithe
Maidir le hinnealra ag a bhfuil ualach oibre uasta nach lú ná 1 000 cileagram nó ag a bhfuil móimint iompaithe bunoscionn nach lú ná 40 000 Nm, feisteofar feistí air lena dtabharfar rabhadh don tiománaí chun gluaiseachtaí contúirteacha a chosc sna cásanna seo a leanas:
(a)an ró‑luchtú, mar thoradh ar an ualach uasta oibre nó an uas‑mheicphointe oibre de bharr an ualaigh a bheith sáraithe, nó
(b)an mhóimint iompaithe bunoscionn a bheith sáraithe.
4.2.3.Suiteálacha arna dtreorú ag rópaí
Coinneofar iompróirí rópaí, tarracóirí nó iompróirí tarracóra le frithmheáchain nó le feiste a cheadaíonn rialú buan ar an teannas.
4.3.FAISNÉIS AGUS MARCANNA
4.3.1.Slabhraí, téada agus caolrabhaisc
Beidh marc ar gach fad den slabhra tógála, den téad nó den chaolrabhaisc nach cuid de chóimeáil é nó, i gcás nach féidir é sin a dhéanamh, beidh pláta nó fáinne do-aistrithe ar a mbeidh ainm agus seoladh an mhonaróra nó a ionadaí údaraithe agus tagairt aitheantais an deimhnithe ábhartha.
Taispeánfar ar a laghad an fhaisnéis seo a leanas sa deimhniú a luaitear thuas:
(a)ainm agus seoladh an mhonaróra, agus i gcás inarb iomchuí, an ionadaí údaraithe atá aige;
(b)tuairisc ar an slabhra nó ar an téad lena n‑áirítear:
–a mhéid ainmniúil,
–an déanamh atá air,
–an t‑ábhar as a ndéantar é, agus
–aon chóireáil miotalóireachta speisialta a chuirtear ar an ábhar;
(c)an modh tástála as ar baineadh leas;
(d)an t‑ualach uasta ba cheart a chur ar an slabhra nó ar an téad agus é i mbun seirbhíse. Féadfar réimse luachanna a thabhairt ar bhonn na bhfeidhmeanna beartaithe.
4.3.2.Comhghabhálais ardaithe
Léireoidh gabhálais ardaithe na sonraí seo a leanas:
–sainaithint an ábhair i gcás ina dteastaíonn an fhaisnéis sin le haghaidh úsáide sábháilte;
–an t‑ualach oibre uasta.
I gcás gabhálas ardaithe a bhfuil sé dodhéanta go fisiceach an mharcáil a chur orthu, beidh na sonraí dá dtagraítear sa chéad mhír ar taispeáint ar phláta nó ar mhodh coibhéiseach eile agus greamaithe go daingean den ghabhálas.
Beidh na sonraí inléite agus suite in áit nach dócha go scriosfar iad i ngeall ar chaitheamh nó in áit nach gcuirfidís neart an ghabhálais i mbaol.
4.3.3.Innealra ardaithe
Beidh an t‑ualach uasta oibre marcáilte go feiceálach ar an innealra. Beidh an mharcáil sin inléite, doscriosta agus i bhfoirm neamhchódaithe.
I gcás ina mbeidh an t‑ualach uasta oibre ag brath ar chumraíocht an innealra, cuirfear pláta ualaigh ar fáil do gach suíomh oibriúcháin ina léireofar, i bhfoirm léaráide de nó trí bhíthin táblaí, an t‑ualach oibre atá ceadaithe do gach cumraíocht.
Maidir le hinnealra atá beartaithe le haghaidh earraí a ardú amháin, agus a bhfuil iompróir feistithe air, a cheadaíonn rochtain do dhaoine, beidh rabhadh soiléir doscriosta air a thoirmiscfidh daoine a ardú. Beidh an rabhadh sin infheicthe ag gach áit inar féidir rochtain a fháil.
4.4.TREORACHA
4.4.1.Comhghabhálais ardaithe
Beidh treoracha ag gabháil le gach gabhálas ardaithe nó le gach baisc de ghabhálas ardaithe atá doroinnte ó thaobh tráchtála de, ina leagfar amach, ar a laghad, na sonraí seo a leanas:
(a)an úsáid atá beartaithe dóibh;
(b)na teorainneacha úsáide (go háirithe maidir le comhghabhálais ardaithe ar nós pillíní folúis nach gcomhlíonann go hiomlán alt 4.1.2.6(e));
(c)treoracha don chóimeáil, don úsáid agus don chothabháil;
(d)an chomhéifeacht tástála statach a úsáidtear.
4.4.2.Innealra ardaithe
Beidh treoracha ag gabháil le hinnealra ardaithe ina mbeidh faisnéis faoi na nithe seo a leanas:
(a)saintréithe teicniúla an táirge innealra, agus go háirithe:
–an t‑ualach uasta oibre agus, más iomchuí, cóip den phláta ualaigh nó den tábla ualaigh a shonraítear í roinn 4.3.3, an dara mír,
–na frithghníomhartha ag na tacaí nó na hancairí agus, i gcás inarb iomchuí, tréithe na rianta,
–i gcás inarb iomchuí, sainmhíniú ar an mballasta agus modh suiteála an bhallasta;
(b)inneachar an logleabhair, mura soláthraítear an t‑innealra leis an logleabhar;
(c)Comhairle úsáide, go háirithe chun easpa radhairc dhírigh an oibreora ar an ualach a fhritháireamh;
(d)i gcás inarb iomchuí, tuarascáil tástála ina mbeidh tuairisc ar na tástálacha statacha agus dinimiciúla a rinne an monaróir nó a ionadaí údaraithe nó a rinneadh thar a cheann;
(e)maidir le hinnealra, nach cóimeáiltear in áitreabh an mhonaróra san fhoirm ina n‑úsáidfear é, na treoracha is gá chun na bearta dá dtagraítear i roinn 4.1.3 a chomhlíonadh sula gcuirtear i seirbhís é den chéad uair.
5.BUNCHEANGLAIS SLÁINTE AGUS SÁBHÁILTEACHTA FORLÍONTACHA MAIDIR LE TÁIRGÍ INNEALRA ATÁ BEARTAITHE DON OBAIR FAOIN TALAMH
Táirgí innealra atá beartaithe d’obair faoin talamh; caithfidh siad gach buncheanglas sláinte agus sábháilteachta a shonraítear sa chaibidil seo a chomhlíonadh (féach Prionsabail Ghinearálta, pointe 4).
5.1.RIOSCAÍ DE BHARR EASPA COBHSAÍOCHTA
Déanfar tacaí cumhachtaithe dín a dhearadh agus a thógáil sa chaoi go gcoinneofar iad ar threo áirithe le linn dóibh a bheith ag gluaiseacht agus gan sciorradh a dhéanamh roimh agus fad a bheidh siad faoin ualach agus tar éis an t‑ualach a aistriú. Beidh siad feistithe le hancaireachta le haghaidh phlátaí uachtair na bprópaí hiodrálacha aonair.
5.2.GLUAISEACHT
Fágfar áit faoi thacaí cumhachtaithe dín gluaiseacht chun gur féidir le daoine gluaiseacht fúthu gan srian.
5.3.FEISTÍ RIALAITHE
Déanfar an luasaire agus na rialuithe coscán le haghaidh gluaiseacht innealra a ghluaiseann ar ráillí a oibriú de láimh. Is féidir leis na feistí cumasúcháin a oibriú leis an gcos ámh.
Déanfar na feistí rialaithe ar a bhfuil tacaí cumhachtaithe dín a dhearadh agus a shuí sa chaoi go mbeidh tacaíocht ann d’oibreoirí, le linn oibríochtaí díláithriúcháin. Déanfar na feistí rialaithe a chosaint ar aon scaoileadh de thaisme.
5.4.STOPADH
Innealra féinghluaiste a ghluaiseann ar ráillí agus a úsáidtear in obair faoi thalamh, feisteofar é le feiste chumasúcháin a bheidh ag feidhmiú ar an gciorcad chun gluaiseacht an innealra a rialú sa chaoi go stopfar an ghluaiseacht mura bhfuil an ghluaiseacht faoi smacht an tiománaí a thuilleadh.
5.5.DÓITEÁN
Is éigeantach roinn 3.5.2 (b) i dtaca le hinnealra lena mbaineann páirteanna atá an‑inadhainte.
Córas coscánaithe an innealra atá ceaptha lena úsáid in oibreacha faoi thalamh, déanfar é a dhearadh agus a dhéanamh sa chaoi nach ngintear splanca ná dóiteáin leis.
An t‑innealra le hinnill dócháin inmheánaigh atá le húsáid in oibreacha faoi thalamh, ní fheisteofar é ach amháin le hinnill a úsáideann breosla le brú galaithe íseal agus nach n‑eascraíonn aon splanc leictreach as.
5.6.ASTAÍOCHTAÍ SCEITE
Ní dhéanfar astaíochtaí sceite ó innill dócháin inmheánaigh a scaoileadh suas.
6.BUNCHEANGLAIS SLÁINTE AGUS SÁBHÁILTEACHTA FHORLÍONTACHA MAIDIR LE TÁIRGÍ INNEALRA A mBAINEANN RIOSCA AR LEITH LEO MAR GHEALL AR OIBRÍOCHTAÍ ARDAITHE DAOINE
An táirge innealra a bhfuil rioscaí i ngeall ar oibríochtaí ardaithe daoine ag baint leis, comhlíonfaidh sé gach buncheanglas sláinte agus sábháilteachta a shonraítear sa chaibidil seo (féach Prionsabail Ghinearálta, pointe 4).
6.1.GINEARÁLTA
6.1.1.Neart meicniúil
Déanfar an t‑iompróir, lena n‑áirítear aon ghaiste, a dhearadh agus a thógáil sa chaoi go soláthrófar an spás agus an neart a fhreagraíonn don uaslíon daoine a cheadaítear ar an iompróir agus don ualach oibre uasta.
Ní leor na comhéifeachtaí oibre do chomhpháirteanna a leagtar amach i roinn 4.1.2.4 agus roinn 4.1.2.5 le haghaidh innealra atá beartaithe le haghaidh daoine a ardú agus déanfar iad a dhúbailt, mar riail ghinearálta. Innealra atá ceaptha le daoine nó le daoine agus earraí a ardú, feisteofar é le córas crochta nó tacaíochta don iompróir arna dhearadh agus arna thógáil a chaoi go n‑áiritheofar leibhéal foriomlán leordhóthanach sábháilteachta agus chun an baol go dtitfidh an t‑iompróir a chosc.
Má úsáidtear téada nó slabhraí chun an t‑iompróir a chrochadh, mar riail ghinearálta, beidh gá le dhá rópa nó dhá shlabhra neamhspleácha ar a laghad, agus a ancaireacht féin ag gach ceann acu.
6.1.2.Rialú luchtaithe d’innealra a ghluaistear le cumhacht seachas neart an duine
Tá feidhm ag ceanglais roinn 4.2.2 beag beann ar an ualach oibre uasta agus ar an móimint iompaithe bunoscionn uasta, ach amháin i gcás inar féidir leis an monaróir a léiriú nach bhfuil aon riosca ann go dtarlódh ró‑ualú nó iompú.
6.2.FEISTÍ RIALAITHE
I gcás nach bhforchuireann ceanglais sábháilteachta réitigh eile, déanfar, mar riail ghinearálta, an t‑iompróir a dhearadh agus a thógáil sa chaoi go mbeidh caoi ag daoine san iompróir gluaiseachtaí aníos agus síos a rialú agus, más iomchuí, gluaiseachtaí eile de chuid an iompróra a rialú.
Agus iad i mbun feidhme, sáróidh na feistí rialaithe sin aon fheistí eile a rialaíonn an ghluaiseacht chéanna cé is moite d’fheistí stad éigeandála.
Beidh na feistí rialaithe do na gluaiseachtaí dá dtagraítear sa chéad mhír den chineál ‘brúigh le hoibriú’ ach amháin i gcás ina mbeidh an t‑iompróir go hiomlán iata. Mura bhfuil aon riosca ann go mbuailfí daoine nó ábhair ar an iompróir in aghaidh a chéile nó go dtitfidís de, agus mura bhfuil aon rioscaí eile ann mar gheall ar ghluaiseachtaí suas agus síos an iompróra, féadfar feistí rialaithe lena n‑údaraítear stadanna uathoibríocha i suíomhanna réamhroghnaithe a úsáid in ionad feistí rialaithe de chineál ‘brúigh le hoibriú’.
6.3.RIOSCAÍ DO DHAOINE ISTIGH SAN IOMPRÓIR NÓ AR AN IOMPRÓIR
6.3.1.Rioscaí de bharr gluaiseachtaí an iompróra
Déanfar innealra lena n‑ardaítear daoine a dhearadh, a thógáil nó a fheistiú sa chaoi nach gcruthófaí rioscaí do dhaoine i ngeall ar luasghéarú nó luasmhoilliú an iompróra.
6.3.2.Riosca daoine ag titim den iompróir
Ní chlaonfaidh an t‑iompróir a mhéid is a chruthóidh baol go dtitfidh na daoine de, lena n‑áirítear nuair a bhíonn an t‑innealra agus an t‑iompróir ag gluaiseacht.
I gcás ina ndearfar an t‑iompróir mar stáisiún oibre, déanfar foráil d’fhonn cobhsaíocht a áirithiú agus gluaiseachtaí guaiseacha a chosc.
Mura leor na bearta dá dtagraítear i roinn 1.5.15, feisteofar an t‑iompróir le líon leordhóthanach pointí ancaireachta do líon na ndaoine a cheadaítear ar an iompróir. Beidh na pointí ancaireachta láidir go leor chun trealamh cosanta pearsanta a úsáid in aghaidh titim ó airde.
Déanfar aon chomhla thógála in urláir nó i síleála nó i dtaobh‑doirse a dhearadh agus a thógáil sa chaoi nach n‑osclóidh sí de thimpiste agus go n‑osclóidh sí i dtreo go seachnófar aon bhaol titime, i gcás go n‑osclófaí gan choinne í.
6.3.3.Riosca de bharr rudaí ag titim ar an iompróir
I gcás ina mbeidh baol ann go dtitfidh rudaí ar an iompróir agus go gcuirfear daoine i mbaol, beidh díon cosanta ar an iompróir.
6.4.INNEALRA A FHREASTALAÍONN AR LÉIBHINN DHAINGNITHE
6.4.1.Rioscaí do dhaoine istigh san iompróir nó ar an iompróir
Déanfar an t‑iompróir a dhearadh agus a thógáil ar bhealach a chuirfidh cosc ar rioscaí de dheasca teagmhála idir daoine agus/nó rudaí atá san iompróir nó ar an iompróir agus aon eilimintí daingnithe nó gluaisteacha. I gcás inar gá chun an ceanglas sin a chomhlíonadh, beidh an t‑iompróir féin go hiomlán dúnta le doirse ar a mbeidh gaireas comhghlasála feistithe agus a chuirfidh cosc ar ghluaiseachtaí guaiseacha an iompróra mura ndúntar na doirse. Fanfaidh na doirse dúnta má stopann an t‑iompróir idir léibhinn i gcás ina bhfuil baol ann go dtitfidh daoine den iompróir.
Déanfar an t‑innealra a dhearadh, a thógáil agus, más gá, a fheistiú le feistí sa chaoi go seachnófar gluaiseacht an iompróra suas nó síos gan smacht. Beidh na feistí sin in ann an t‑iompróir a stopadh ag a ualach oibre uasta agus ag an uasluas intuartha.
Ní bheidh an gníomh stoptha ina chúis le luasmhoilliú a dhéanfadh díobháil do na daoine ar bord, is cuma cad iad na coinníollacha ualaigh.
6.4.2.Rialtáin ag na léibhinn
Na rialtáin ar léibhinn, seachas na rialuithe sin le haghaidh úsáide éigeandála, ní dhéanfaidh siad gluaiseachtaí an iompróra a thionscnamh sna cásanna seo a leanas:
(a)nuair atá na feistí rialuithe san iompróir á n‑oibriú,
(b)nuair nach bhfuil an t‑iompróir ag léibheann.
6.4.3.Rochtain ar an iompróir
Déanfar na gardaí ag na gabhálacha agus ar an iompróir a dhearadh agus a thógáil sa chaoi go n‑áiritheoidh go ndéanfar aistriú sábháilte chuig an iompróir agus uaidh, agus réimse intuartha na n‑earraí agus na ndaoine a bheidh le hardú á chur san áireamh.
6.5.MARCANNA
Cuirfear an fhaisnéis is gá chun sábháilteacht a áirithiú ar an iompróir, lena n‑áirítear:
(a)líon na ndaoine a cheadaítear ar an iompróir,
(b)an t‑ualach oibre uasta.
IARSCRÍBHINN IV
A. DOICIMÉADACHT THEICNIÚIL DO THÁIRGÍ INNEALRA
Sonrófar sa doiciméadacht theicniúil na modhanna a úsáidfidh an monaróir lena áirithiú go gcomhlíonann an táirge innealra na ceanglais sláinte agus sábháilteachta riachtanacha is infheidhme a leagtar amach in Iarscríbhinn III.
Beidh na heilimintí seo a leanas ar a laghad sa doiciméadacht theicniúil:
(a)tuairisc iomlán ar an táirge innealra agus ar an úsáid atá bheartaithe dó;
(b)measúnú ar na rioscaí a ndearadh agus a dtógadh an táirge innealra orthu;
(c)liosta de na ceanglais riachtanacha sláinte agus sábháilteachta is infheidhme maidir leis an táirge innealra;
(d)líníochtaí agus scéimeanna deartha agus monaraíochta maidir leis an táirge innealra agus maidir lena chomhpháirteanna, lena fhochóimeálacha agus lena chiorcaid;
(e)na tuairiscí agus na sainmhínithe is gá chun na líníochtaí agus na scéimeanna dá dtagraítear i bpointe (d) agus oibriú an táirge innealra a thuiscint;
(f)cóid thagartha na gcaighdeán comhchuibhithe nó na sonraíochtaí teicniúla arna nglacadh ag an gCoimisiún i gcomhréir le hAirteagal 17(3) ar cuireadh i bhfeidhm iad maidir le dearadh agus monarú an innealra. Más rud é nach bhfuil iomlán na gcaighdeán comhchuibhithe curtha i bhfeidhm, sonróidh an doiciméadacht na codanna a cuireadh i bhfeidhm;
(g)i gcás nár cuireadh caighdeáin chomhchuibhithe i bhfeidhm nó nár cuireadh i bhfeidhm go hiomlán iad, sonrófar na sonraíochtaí teicniúla eile a cuireadh i bhfeidhm chun na ceanglais riachtanacha sláinte agus sábháilteachta is infheidhme a chomhlíonadh;
(h)torthaí ríomhanna, cigireachtaí agus scrúduithe an deartha a rinneadh chun comhréireacht an innealra leis na ceanglais riachtanacha sláinte agus sábháilteachta is infheidhme a fhíorú;
(i)torthaí na dtástálacha a rinneadh chun comhréireacht an innealra leis na ceanglais riachtanacha sláinte agus sábháilteachta is infheidhme a fhíorú;
(j)tuairisc ar na modhanna a d’úsáid an monaróir le linn an t‑innealra a tháirgeadh lena áirithiú go mbeidh an t‑innealra arna tháirgeadh i gcomhréir leis na sonraíochtaí deartha;
(k)cóip de threoracha an mhonaróra agus den fhaisnéis a leagtar amach i roinn 1.7.4 d’Iarscríbhinn III;
(l)I gcás inarb iomchuí, an dearbhú corpraithe le haghaidh innealra nach bhfuil go hiomlán críochnaithe a leagtar amach in Iarscríbhinn V agus na treoracha cóimeála iomchuí le haghaidh innealra den sórt sin;
(m)i gcás táirgí innealra a tháirgtear i sraith, na bearta inmheánacha a chuirfear chun feidhme lena áirithiú go bhfanfaidh an táirge innealra i gcomhréir leis an Rialachán seo;
(n)cód foinseach nó loighic chláraithe na mbogearraí a bhaineann le sábháilteacht chun comhréireacht an táirge innealra leis an Rialachán seo a léiriú, de thoradh iarrata réasúnaithe ó údarás inniúil náisiúnta ar choinníoll go mbeidh sé riachtanach chun go mbeidh na húdaráis sin in ann a sheiceáil go gcomhlíontar na ceanglais riachtanacha sláinte agus sábháilteachta a leagtar amach in Iarscríbhinn III;
(o)Maidir le táirge innealra braiteora-thiomáinte, ciantiomáinte, nó uathrialaitheach, más le sonraí braiteora a rialaítear na hoibríochtaí sábháilteachta, tuairisc, más iomchuí, ar shaintréithe, ar chumais agus ar theorainneacha ginearálta an chórais, na sonraí, na forbartha, na tástála agus na bpróiseas bailíochtaithe a úsáidtear, gan dochar do na ceanglais maidir le córais intleachta saorga (IS) a leagtar amach i Rialachán (AE).../... ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle
+ má áirítear córas IS sna bogearraí a bhaineann le sábháilteacht;
(p)torthaí an taighde agus na dtástálacha ar chomhpháirteanna, ar fheistis nó ar an innealra críochnaithe a dhéanann an monaróir lena chinneadh cibé acu trína dhearadh nó trína thógáil is féidir é a chóimeáil agus a chur i seirbhís go sábháilte.
B. DOICIMÉADACHT THEICNIÚIL ÁBHARTHA MAIDIR LE hINNEALRA PÁIRTCHRÍOCHNAITHE
Sonrófar sa doiciméadacht theicniúil na modhanna a úsáidfidh an monaróir lena áirithiú go gcomhlíonann an táirge innealra páirtchríochnaithe na ceanglais sláinte agus sábháilteachta riachtanacha is infheidhme a leagtar amach in Iarscríbhinn III.
Beidh na heilimintí seo a leanas ar a laghad sa doiciméadacht theicniúil:
(a)tuairisc iomlán ar an innealra páirtchríochnaithe agus ar an úsáid atá bheartaithe dó;
(b)measúnú ar na rioscaí a ndearadh agus a dtógadh an t‑innealra páirtchríochnaithe orthu; liosta de na ceanglais riachtanacha sláinte agus sábháilteachta is infheidhme maidir leis an innealra páirtchríochnaithe;
(c)líníochtaí agus scéimeanna deartha agus monaraíochta maidir leis an innealra páirtchríochnaithe agus maidir lena chomhpháirteanna, lena fhochóimeálacha agus lena chiorcaid;
(d)na tuairiscí agus na sainmhínithe is gá chun na líníochtaí agus na scéimeanna dá dtagraítear i bpointe (d) agus oibriú an innealra pháirtchríochnaithe a thuiscint;
(e)cóid thagartha na gcaighdeán comhchuibhithe dá dtagraítear in Airteagal 18 ar cuireadh i bhfeidhm iad ar dhearadh agus ar mhonarú an innealra pháirtchríochnaithe. Más rud é nach bhfuil iomlán na gcaighdeán comhchuibhithe curtha i bhfeidhm, sonróidh an doiciméadacht na codanna a cuireadh i bhfeidhm;
(f)i gcás nár cuireadh caighdeáin chomhchuibhithe i bhfeidhm nó nár cuireadh i bhfeidhm go hiomlán iad, sonrófar na sonraíochtaí teicniúla eile a cuireadh i bhfeidhm chun na ceanglais riachtanacha sláinte agus sábháilteachta is infheidhme a chomhlíonadh;
(g)torthaí ríomhanna, cigireachtaí agus scrúduithe an deartha a rinneadh chun comhréireacht an innealra páirtchríochnaithe leis na ceanglais riachtanacha sláinte agus sábháilteachta is infheidhme a fhíorú;
(h)torthaí na dtástálacha a rinneadh chun comhréireacht an innealra páirtchríochnaithe leis na ceanglais riachtanacha sláinte agus sábháilteachta is infheidhme a fhíorú;
(i)tuairisc ar na modhanna a d’úsáid an monaróir le linn an t‑innealra páirtchríochnaithe a tháirgeadh lena áirithiú go mbeidh an t‑innealra páirtchríochnaithe arna tháirgeadh i gcomhréir leis na sonraíochtaí deartha;
(j)cóip de na treoracha cóimeála don innealra páirtchríochnaithe; agus a leagtar amach i roinn 1.7.4 d’Iarscríbhinn III;
(k)maidir le táirgí innealra páirtchríochnaithe a tháirgtear i sraith, na bearta inmheánacha a chuirfear chun feidhme chun a áirithiú gur comhréireach é an t‑innealra páirtchríochnaithe i gcónaí leis na ceanglais riachtanacha sláinte agus sábháilteachta;
(l)cód foinseach nó loighic chláraithe na mbogearraí a bhaineann le sábháilteacht, ar iarraidh réasúnaithe ó údarás inniúil náisiúnta ar choinníoll go mbeidh sé riachtanach chun go mbeidh na húdaráis sin in ann a sheiceáil go gcomhlíontar na ceanglais riachtanacha sláinte agus sábháilteachta a leagtar amach in Iarscríbhinn III:
(m)Maidir le hinnealra páirtchríochnaithe braiteora-thiomáinte, ciantiomáinte, nó uathrialaitheach, más le sonraí braiteora a rialaítear na hoibríochtaí sábháilteachta, tuairisc, más iomchuí, ar shaintréithe, ar chumais agus ar theorainneacha ginearálta an chórais, na sonraí, na forbartha, na tástála agus na bpróiseas bailíochtaithe a úsáidtear, gan dochar do na ceanglais maidir le córais intleachta saorga (IS) a leagtar amach i Rialachán (AE).../... ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle
+ maidir le cur chuige Eorpach um Intleacht Shaorga má áirítear córas IS sna bogearraí a bhaineann le sábháilteacht;
(n)torthaí an taighde agus na dtástálacha ar chomhpháirteanna, ar fheistis nó ar an innealra críochnaithe a dhéanann an monaróir lena chinneadh cibé acu trína dhearadh nó trína thógáil is féidir é a chóimeáil agus a chur i seirbhís go sábháilte.
IARSCRÍBHINN V
DEARBHÚ COMHRÉIREACHTA AN AONTAIS EORPAIGH MAIDIR LE TÁIRGÍ INNEALRA SEACHAS INNEALRA PÁIRTCHRÍOCHNAITHE Uimh…
Baineann an dearbhú seo go heisiach le táirgí innealra, seachas innealra páirtchríochnaithe, sa staid inar cuireadh ar an margadh iad, gan comhpháirteanna a chuirtear leo ná oibríochtaí a dhéanann an t‑úsáideoir deiridh ina dhiaidh sin a chur san áireamh, mura bhfuil modhnú substaintiúil ar an táirge innealra i gceist.
1.Beidh na sonraí seo a leanas i ndearbhú comhréireachta an Aontais: Táirge innealra (táirge, cineál, baiscuimhir nó sraithuimhir):
2.Ainm agus seoladh an mhonaróra agus, i gcás inarb infheidhme, a ionadaí údaraithe:
3.An seoladh ina bhfuil an táirge innealra suiteáilte go buan i gcás táirge innealra ardaithe atá suiteáilte i bhfoirgneamh nó i struchtúr:
4.Eisítear an dearbhú comhréireachta seo faoi fhreagracht an mhonaróra amháin:
5.Cuspóir an dearbhaithe (aitheantas an táirge innealra ar mhaithe le hinrianaitheacht; i gcás inar gá chun an táirge innealra a shainaithint, féadfar íomhá dhaite atá soiléir go leor a chur leis):
6.Tá aidhm an dearbhaithe a shonraítear i bpointe 4 i gcomhréir le reachtaíocht chomhchuibhithe ábhartha an Aontais:
7.Tagairtí do na caighdeáin chomhchuibhithe ábhartha a úsáideadh nó na sonraíochtaí teicniúla arna nglacadh ag an gCoimisiún i gcomhréir le hAirteagal 17(3), lena n‑áirítear dáta an chaighdeáin, nó tagairtí do na sonraíochtaí teicniúla eile, dáta na sonraíochta san áireamh, ar ina leith a dhearbhaítear an chomhréireacht:
8.I gcás inarb infheidhme, an comhlacht dá dtugtar fógra... (ainm, uimhir)... cineálscrúdú AE déanta aige (Modúl B) agus deimhniú ar chineálscrúdú AE eisithe aige... (tagairt don deimhniú sin), maille le cineál-chomhréireacht bunaithe ar rialú inmheánach táirgthe (modúl C):
9.I gcás inarb infheidhme, tá an táirge innealra faoi réir an nós imeachta um measúnú comhréireachta... (rialú inmheánach táirgthe (Modúl A) nó dearbhú cáilíochta iomlán (modúl H)... faoi fhaireachas an chomhlachta dá dtugtar fógra... (ainm, uimhir):
10.Faisnéis bhreise:
Arna shíniú le haghaidh agus thar ceann: …
(áit agus dáta eisiúna):
(ainm, feidhm) (síniú):
DEARBHÚ CORPRAITHE AE AN INNEALRA PHÁIRTCHRÍOCHNAITHE Uimh …
Beidh na sonraí seo a leanas sa dearbhú corpraithe:
1.Innealra Páirtchríochnaithe (táirge, cineál, baiscuimhir nó sraithuimhir):
2.Ainm agus seoladh an mhonaróra agus, i gcás inarb infheidhme, a ionadaí údaraithe:
3.Eisítear an dearbhú corpraithe seo faoi fhreagracht an mhonaróra amháin:
4.Cuspóir an dearbhaithe (aitheantas an innealra pháirtchríochnaithe ar mhaithe le hinrianaitheacht; i gcás inar gá chun an t‑innealra páirtchríochnaithe a shainaithint, féadfar íomhá dhaite atá soiléir go leor a chur leis):
5.Abairt a dhearbhaíonn cé na ceanglais riachtanacha i Rialachán (AE) …/…… ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle+ arna gcur i bhfeidhm agus arna gcomhlíonadh agus gur tarraingíodh suas an doiciméadacht theicniúil ábhartha i gcomhréir le cuid B d’Iarscríbhinn IV, agus, i gcás inarb iomchuí, abairt a dhearbhaíonn comhréireacht an innealra pháirtchríochnaithe le reachtaíocht chomhchuibhithe ábhartha eile an Aontais:
6.Tagairtí do na caighdeáin chomhchuibhithe ábhartha a úsáideadh nó an tsonraíocht theicniúil arna nglacadh ag an gCoimisiún i gcomhréir le hAirteagal 17(3), lena n‑áirítear dáta an chaighdeáin, nó tagairtí do na sonraíochtaí teicniúla eile, dáta na sonraíochta san áireamh, ar ina leith a dhearbhaítear an chomhréireacht:
7.gealltanas chun faisnéis ábhartha a thraschur de réir iarraidh réasúnta ó na húdaráis náisiúnta, faisnéis ábhartha maidir leis an táirge innealra páirtchríochnaithe. Áireofar leis sin an modh tras‑seolta, agus ní dhéanfar dochar do chearta maoine intleachtúla mhonaróir an táirge innealra páirtchríochnaithe:
8.Ráiteas á rá nach gcuirfear an t‑innealra páirtchríochnaithe i seirbhís go dtí go ndearbhófar go bhfuil an t‑innealra deiridh a mbeidh sé le corprú ann i gcomhréir leis an Rialachán seo, i gcás inarb iomchuí:
9.Faisnéis bhreise:
Arna shíniú le haghaidh agus thar ceann: …
(áit agus dáta eisiúna):
(ainm, feidhm) (síniú):
IARSCRÍBHINN VI
RIALÚ INMHEÁNACH TÁIRGTHE
(Modúl A)
1.Is éard atá i gceist le rialú inmheánach táirgthe an nós imeachta um measúnú comhréireachta ina gcomhlíonann an monaróir na hoibleagáidí a leagtar síos i bpointí 2, 3 agus 4, agus ina n‑áirithíonn agus ina ndearbhaíonn sé as féin agus é amháin freagrach, go gcomhlíonann an táirge innealra ceanglais infheidhme an Rialacháin seo.
2.Doiciméadacht theicniúil
Tarraingeoidh an monaróir suas an doiciméadacht theicniúil a shonraítear in Iarscríbhinn IV.
3.Monaraíocht
Déanfaidh an monaróir gach beart is gá ionas go n‑áiritheoidh an próiseas monaraíochta agus an faireachán air go gcomhlíonann an táirge innealra monaraithe an doiciméadacht theicniúil dá dtagraítear i bpointe 2 agus ceanglais infheidhme an Rialacháin seo.
4.Marcáil CE agus dearbhú comhréireachta AE
4.1.Greamóidh an monaróir an comhartha CE de gach táirge innealra aonair a chomhlíonann ceanglais infheidhme an Rialacháin seo.
4.2.Tarraingeoidh an monaróir suas dearbhú comhréireachta AE do gach múnla de tháirgí innealra i gcomhréir le hAirteagal 20 agus coinneoidh sé é, mar aon leis an doiciméadacht theicniúil, ar fáil do na húdaráis náisiúnta ar feadh deich mbliana tar éis an táirge innealra a chur ar an margadh nó a chur i seirbhís. Sainaithneofar le dearbhú comhréireachta AE an táirge innealra dár tarraingíodh suas é.
Cuirfear cóip den dearbhú comhréireachta AE ar fáil do na húdaráis ábhartha arna iarraidh sin.
5.Ionadaí údaraithe
Oibleagáidí an mhonaróra a leagtar amach i bpointe 4, féadfaidh a ionadaí údaraithe na hoibleagáidí a chomhlíonadh thar a cheann, agus faoina fhreagracht féin, ar choinníoll go sonrófar sa sainordú iad.
IARSCRÍBHINN VII
CINEÁLSCRÚDÚ AE
(Modúl B)
1.Is é is cineálscrúdú AE ann an chuid sin den nós imeachta um measúnú comhréireachta ina scrúdaíonn comhlacht dá dtugtar fógra dearadh teicniúil táirge innealra agus ina bhfíoraíonn agus ina bhfianaíonn sé go gcomhlíonann dearadh teicniúil an táirge innealra ceanglais an Rialacháin seo.
2.Déanfar cineálscrúdú AE trí mheasúnú a dhéanamh ar shásúlacht dhearadh teicniúil an táirge innealra trí scrúdú a dhéanamh ar an doiciméadacht theicniúil, mar aon le scrúdú a dhéanamh ar shampla an táirge innealra atá ionadaíoch don táirgeadh atá beartaithe (cineál an táirgthe).
3.Iarratas ar chineálscrúdú AE
Cuirfidh an monaróir iarratas ar chineálscrúdú AE faoi bhráid comhlacht amháin dá rogha féin dá dtugtar fógra.
Áireofar leis an iarratas:
(a)ainm agus seoladh an mhonaróra agus, más é an t‑ionadaí údaraithe a chuireann an t‑iarratas isteach, a ainm agus a sheoladh freisin;
(b)dearbhú i scríbhinn nár cuireadh an t‑iarratas céanna isteach chuig aon chomhlacht eile dá dtugtar fógra;
(c)an doiciméadacht theicniúil a shonraítear in Iarscríbhinn IV;
(d)samplaí den táirge innealra atá ionadaíoch don táirgeadh atá beartaithe. Féadfaidh an comhlacht dá dtugtar fógra samplaí breise a iarraidh más gá sin chun an clár tástála a chur i gcrích. Maidir le táirgí innealra a tháirgtear i sraith a bhfuil gach ítim curtha in oiriúint le go bhfeilfeadh sé d’úsáideoir aonair, cuirfear sampla ar fáil atá ionadaíoch do raon úsáideoirí éagsúla, agus i gcás táirgí innealra a tháirgtear mar aonad aonair chun freastal ar riachtanais speisialta úsáideora aonair, cuirfear bunmhúnla ar fáil.
4.Cineálscrúdú AE
Déanfaidh an comhlacht dá dtugtar fógra an méid seo a leanas:
(a)na doiciméid theicniúla a scrúdú chun measúnú a dhéanamh ar shásúlacht dhearadh teicniúil an táirge innealra. agus scrúdú den sórt sin á dhéanamh, ní gá Iarscríbhinn IV, an dara fomhír, pointe (j) a chur san áireamh;
(b)i gcás táirgí innealra a tháirgtear i sraith agus ar cuireadh gach ítim in oiriúint le go bhfeilfidh sé d’úsáideoir aonair, scrúdóidh sé an tuairisc ar na bearta chun a sásúlacht a mheas;
(c)fíoróidh sé gur monaraíodh an sampla/na samplaí i gcomhréir leis an doiciméadacht theicniúil, agus na heilimintí a shainaithint arna ndearadh i gcomhréir leis na forálacha is infheidhme maidir leis na caighdeáin chomhchuibhithe nó leis na sonraíochtaí teicniúla arna nglacadh ag an gCoimisiún i gcomhréir le hAirteagal 17(3), maille leis na heilimintí arna ndearadh i gcomhréir le sonraíochtaí teicniúla eile;
(d)déanfaidh sé scrúduithe agus tástálacha iomchuí, nó socróidh sé lena ndéanamh thar a cheann, chun a fháil amach ar cuireadh na réitigh sna caighdeáin chomhchuibhithe ábhartha i bhfeidhm mar is ceart, sa chás gur roghnaigh an monaróir iad a chur i bhfeidhm;
(e)déanfaidh sé scrúduithe agus tástálacha iomchuí, nó socróidh sé lena ndéanamh, lena sheiceáil, i gcás nár cuireadh i bhfeidhm na réitigh sna caighdeáin chomhchuibhithe ábhartha nó na sonraíochtaí teicniúla arna nglacadh ag an gCoimisiún i gcomhréir le hAirteagal 17(3), an gcomhlíonann na réitigh a ghlac an monaróir, lena n‑áirítear iad siúd i sonraíochtaí teicniúla eile a cuireadh i bhfeidhm, na ceanglais chomhfhreagracha sláinte agus sábháilteachta agus ar cuireadh i bhfeidhm i gceart iad.
5.Tuarascáil mheastóireachta
Dréachtóidh an comhlacht dá dtugtar fógra tuarascáil mheastóireachta ina ndéanfar taifead ar na gníomhaíochtaí atá déanta agus ar a dtorthaí i gcomhréir le pointe 4. Gan dochar dá oibleagáidí i leith na n‑údarás a thugann fógra, arna luadh in Airteagal 32, ní scaoilfidh an comhlacht dá dtugtar fógra ábhar na tuarascála sin, go hiomlán nó go páirteach, ach amháin le comhaontú an mhonaróra.
6.Deimhniú ar chineálscrúdú AE
6.1.Nuair a chomhlíonann an cineál táirge na ceanglais riachtanacha sláinte agus sábháilteachta is infheidhme, eiseoidh an comhlacht dá dtugtar fógra deimhniú ar chineálscrúdú AE don mhonaróir.
Tréimhse bhailíochta an deimhnithe nua arna eisiúint, agus i gcás inarb iomchuí, tréimhse bhailíochta deimhnithe athnuaite, ní rachaidh sí thar chúig bliana.
6.2.Is é a bheidh sa deimhniú ar chineálscrúdú AE an fhaisnéis seo a leanas ar a laghad:
(a)ainm agus uimhir aitheantais an chomhlachta dá dtugtar fógra;
(b)ainm agus seoladh an mhonaróra agus, más é an t‑ionadaí údaraithe a chuireann an t‑iarratas isteach, a ainm agus a sheoladh freisin;
(c)aitheantas an táirge innealra a chumhdaítear leis an deimhniú (uimhir an chineáil);
(d)ráiteas ina shonraítear go gcomhlíonann an cineál táirge innealra na ceanglais riachtanacha sláinte agus sábháilteachta is infheidhme;
(e)i gcás ina bhfuil caighdeáin chomhchuibhithe nó sonraíochtaí teicniúla arna nglacadh ag an gCoimisiún i gcomhréir le hAirteagal 17(3) curtha i bhfeidhm go hiomlán nó go páirteach, cóid thagartha na gcaighdeán sin nó codanna díobh;
(f)i gcás inar cuireadh sonraíochtaí teicniúla eile i bhfeidhm, cóid thagartha na sonraíochtaí teicniúla sin;
(g)i gcás inarb infheidhme, leibhéal nó leibhéil feidhmíochta nó aicme cosanta an táirge innealra;
(h)an dáta eisiúna, an dáta éaga agus, i gcás inarb iomchuí, an dáta/na dátaí athnuachana;
(i)aon choinníoll a bhaineann leis an deimhniúchán a eisiúint.
6.3.Féadfaidh iarscríbhinn amháin nó níos mó a bheith i gceangal leis an deimhniú ar chineálscrúdú AE.
6.4.Nuair nach gcomhlíonann an cineál táirge na ceanglais riachtanacha sláinte agus sábháilteachta is infheidhme, diúltóidh an comhlacht dá dtugtar fógra deimhniú ar chineálscrúdú AE a eisiúint agus cuirfidh sé é sin in iúl don iarratasóir dá réir, agus tabharfaidh sé cúiseanna mionsonraithe lena dhiúltú.
7.Athbhreithniú ar dheimhniú ar chineálscrúdú AE
7.1.Coinneoidh an comhlacht dá dtugtar fógra é féin ar an eolas maidir le hathruithe a bhaineann le staid na teicníochta atá aitheanta go ginearálta, a léiríonn go bhféadfadh sé nach gcomhlíonann an cineál formheasta na ceanglais riachtanacha sláinte agus sábháilteachta is infheidhme a thuilleadh, agus cinnfidh sé an bhfuil imscrúdú sa bhreis ag teastáil maidir le hathruithe den sórt sin. Más amhlaidh atá, cuirfidh an comhlacht dá dtugtar fógra an monaróir ar an eolas dá réir sin.
7.2.An comhlacht dá dtugtar fógra ag a bhfuil an doiciméadacht theicniúil a bhaineann le deimhniú ar chineálscrúdú AE, cuirfidh an monaróir an comhlacht sin ar an eolas maidir leis na modhnuithe ar fad ar an gcineál formheasta agus maidir leis na modhnuithe uile ar an doiciméadacht theicniúil a d’fhéadfadh difear a dhéanamh do chomhréireacht an táirge innealra leis na ceanglais riachtanacha sláinte agus sábháilteachta is infheidhme nó leis na coinníollacha le haghaidh bhailíocht an deimhnithe sin. Beidh formheas sa bhreis ag teastáil maidir le modhnuithe den sórt sin, is é sin le rá formheas breise a chuirfear isteach sa bhundeimhniú ar chineálscrúdú AE.
7.3.Áiritheoidh an monaróir go gcomhlíonfaidh an táirge innealra na ceanglais riachtanacha sláinte agus sábháilteachta is infheidhme i gcónaí de réir staid na teicneolaíochta.
7.4.Iarrfaidh an monaróir ar an gcomhlacht dá dtugtar fógra athbhreithniú a dhéanamh ar an deimhniú ar chineálscrúdú AE:
(a)i gcás modhnú ar an gcineál formheasta dá dtagraítear i bpointe 7.2;
(b)i gcás athrú ar staid na teicníochta dá dtagraítear i bpointe 7.3;
(c)ar a dhéanaí, roimh dheireadh dháta éaga an deimhnithe.
Ionas go bhféadfaidh an comhlacht dá dtugtar fógra a chúraimí a chomhlíonadh, cuirfidh an monaróir iarratas isteach tráth nach luaithe ná 12 mhí roimh dháta éaga an deimhnithe ar chineálscrúdú AE agus ar a dhéanaí 6 mhí roimhe.
7.5.Scrúdóidh an comhlacht dá dtugtar fógra an táirge innealra agus, i gcás inar gá i bhfianaise na n‑athruithe a rinneadh, déanfaidh sé na tástálacha ábhartha chun go n‑áiritheofar go gcomhlíonfaidh an cineál formheasta na ceanglais riachtanacha sláinte agus sábháilteachta is infheidhme i gcónaí. Más rud é go bhfuil an comhlacht dá dtugtar fógra sásta go gcomhlíonann an cineál formheasta na ceanglais sláinte agus sábháilteachta is infheidhme i gcónaí, déanfaidh sé an deimhniú ar chineálscrúdú AE a athnuachan. Áiritheoidh an comhlacht dá dtugtar fógra go dtabharfar an nós imeachta um athbhreithniú chun críche roimh dháta éaga an deimhnithe ar chineálscrúdú AE.
7.6.I gcás nach gcomhlíontar na coinníollacha dá dtagraítear i bpointe 7.4, pointí (a) agus (b), beidh feidhm ag nós imeachta simplithe um athbhreithniú. Cuirfidh an monaróir an méid a leanas ar fáil don chomhlacht dá dtugtar fógra:
(a)a ainm agus a sheoladh agus na sonraí lena sainaithnítear an deimhniú ar chineálscrúdú AE lena mbaineann;
(b)dearbhú nach ndearnadh aon mhodhnú ar an gcineál formheasta dá dtagraítear i bpointe 7.2, lena n‑áirítear ábhair, fo-chomhpháirteanna nó fochóimeálacha, ná ar na caighdeáin ábhartha chomhchuibhithe ná ar na sonraíochtaí teicniúla arna nglacadh ag an gCoimisiún i gcomhréir le hAirteagal 17(3) ná ar shonraíochtaí teicniúla eile a cuireadh i bhfeidhm;
(c)dearbhú nach ndearnadh aon athrú ar staid na teicníochta mar a thagraítear dó i bpointe 7.3; agus
(d)mura bhfuil siad curtha ar fáil cheana féin, cóipeanna de líníochtaí reatha agus de ghrianghraif reatha den táirge, marcáil táirge agus faisnéis;
I gcás inar dhearbhaigh an comhlacht dá dtugtar fógra nach ndearnadh aon mhodhnú ar an gcineál formheasta dá dtagraítear i bpointe 7.2 agus nach ndearnadh aon athrú ar staid na teicníochta dá dtagraítear i bpointe 7.3, cuirfear an nós imeachta simplithe um athbhreithniú i bhfeidhm agus ní dhéanfar na scrúduithe ná na tástálacha dá dtagraítear i bpointe 7.5. Sa chás sin, déanfaidh an comhlacht dá dtugtar fógra an deimhniú ar chineálscrúdú AE a athnuachan.
Beidh na costais a bhaineann leis an athnuachan sin comhréireach le hualach riaracháin an nós imeachta simplithe.
Má chinneann an comhlacht dá dtugtar fógra gur tháinig athrú ar staid na teicníochta dá dtagraítear i bpointe 7.3, beidh feidhm ag an nós imeachta a leagtar amach i bpointe 7.5.
7.7.Má chinneann an comhlacht dá dtugtar fógra, tar éis an athbhreithnithe, nach bhfuil an deimhniú ar chineálscrúdú AE bailí a thuilleadh, tarraingeoidh an comhlacht siar é agus scoirfidh an monaróir de bheith ag cur an táirge innealra lena mbaineann ar an margadh.
8.Cuirfidh gach comhlacht dá dtugtar fógra in iúl don údarás um fhógra maidir le deimhnithe ar chineálscrúdú AE agus/nó le breiseanna atá eisithe nó aistarraingthe aige, agus cuirfidh sé ar fáil don údarás um fhógra, ó am go chéile nó arna iarraidh sin dó, liosta de dheimhnithe den sórt sin agus/nó de bhreiseanna eile atá diúltaithe, atá curtha ar fionraí nó a bhfuil teorannú déanta ar shlí eile orthu.
Gach comhlacht dá dtugtar fógra, cuirfidh sé na comhlachtaí eile sin dá dtugtar fógra ar an eolas maidir le deimhnithe ar chineálscrúdú AE agus/nó maidir le breiseanna atá diúltaithe nó aistarraingthe nó curtha ar fionraí aige nó a bhfuil teorannú déanta ar shlí eile orthu agus, arna iarraidh sin air, maidir le deimhnithe ar chineálscrúdú AE agus/nó breiseanna atá eisithe aige.
Féadfaidh an Coimisiún, na Ballstáit agus na comhlachtaí eile dá dtugtar fógra, arna hiarraidh sin dóibh, cóip de dheimhniú ar chineálscrúdú AE agus/nó de bhreiseanna a cuireadh leis a fháil. Arna iarraidh sin, féadfaidh an Coimisiún agus na Ballstáit cóip den doiciméadacht theicniúil agus de thorthaí na scrúduithe a rinne an comhlacht dá dtugtar fógra a fháil.
Maidir le deimhniú ar chineálscrúdú AE, na hiarscríbhinní agus na breiseanna a ghabhann leis, chomh maith leis an gcomhad teicniúil ina n‑áirítear an doiciméadacht atá curtha isteach ag an monaróir, coinneoidh an comhlacht dá dtugtar fógra cóip díobh go ceann tréimhse cúig bliana tar éis do bhailíocht an deimhnithe sin dul in éag.
9.Maidir le deimhniú ar chineálscrúdú AE, na hiarscríbhinní agus na breiseanna a ghabhann leis, chomh maith leis an gcomhad teicniúil a cuireadh ar fáil do na húdarás náisiúnta, coinneoidh an monaróir cóip díobh go ceann 10 mbliana tar éis don táirge innealra a bheith curtha ar an margadh.
10.Féadfaidh ionadaí údaraithe an mhonaróra an t‑iarratas dá dtagraítear i bpointe 3 a chur isteach agus na hoibleagáidí a leagtar amach i bpointí 7.2, 7.4 agus 9 a chomhlíonadh, ar choinníoll go sonrófar sa sainordú iad.
IARSCRÍBHINN VIII
CINEÁL-CHOMHRÉIREACHT BUNAITHE AR RIALÚ INMHEÁNACH TÁIRGTHE (Modúl C)
1.Is é atá i gceist le cineál-chomhréireacht bunaithe ar rialú inmheánach táirgthe an chuid de nós imeachta um measúnú comhréireachta ina gcomhlíonann an monaróir na hoibleagáidí a leagtar síos i bpointí 2 agus 3, agus ina n‑áirithíonn agus ina ndearbhaíonn sé as féin agus é amháin freagrach, go bhfuil an táirge innealra lena mbaineann i gcomhréir leis an gcineál a shonraítear sa deimhniú ar chineálscrúdú AE agus go gcomhlíonann sé ceanglais infheidhme an Rialacháin seo.
2.Monaraíocht
Déanfaidh an monaróir na bearta uile is gá sa chaoi go n‑áiritheofar sa phróiseas táirgthe agus san faireachán air sin go gcomhlíonann an táirge innealra monaraithe an cineál a shonraítear sa deimhniú ar chineálscrúdú AE agus ceanglais infheidhme an Rialacháin seo.
3.Marcáil CE agus dearbhú comhréireachta AE
3.1.Feisteoidh an monaróir marcáil CE ar gach táirge innealra aonair atá i gcomhréir leis an gcineál a shonraítear sa deimhniú ar chineálscrúdú AE agus a chomhlíonann ceanglais infheidhme an Rialacháin seo.
3.2.Tarraingeoidh an monaróir suas dearbhú comhréireachta AE i scríbhinn do mhúnla táirge innealra agus coinneoidh sé ar fáil do na húdaráis náisiúnta é go ceann tréimhse 10 mbliana tar éis don táirge innealra a bheith curtha ar an margadh. Sainaithneofar le dearbhú comhréireachta AE an táirge innealra dár tarraingíodh suas é.
Cuirfear cóip den dearbhú comhréireachta AE ar fáil do na húdaráis ábhartha arna iarraidh sin.
4.Ionadaí údaraithe
Oibleagáidí an mhonaróra a leagtar amach i bpointe 3, féadfaidh a ionadaí údaraithe na hoibleagáidí a chomhlíonadh thar a cheann, agus faoina fhreagracht féin, ar choinníoll go sonrófar sa sainordú iad.
IARSCRÍBHINN IX
COMHRÉIREACHT BUNAITHE AR DHEARBHÚ CÁILÍOCHTA IOMLÁN
(Modúl H)
1.Is ionann comhréireacht a bhunaítear ar dhearbhú iomlán cáilíochta agus an nós imeachta um measúnú comhréireachta ina gcomhlíonann an monaróir na hoibleagáidí a leagtar síos i bpointí 2 agus 5, agus ina n‑áirithíonn agus ina ndearbhaíonn sé as féin agus é amháin freagrach, go gcomhlíonann an táirge innealra lena mbaineann ceanglais an Rialacháin seo a bhfuil feidhm acu maidir leis.
2.Monaraíocht
Oibreoidh an monaróir córas cáilíochta formheasta maidir le dearadh, monarú, agus cigireacht ar an táirge deiridh agus le tástáil an táirge innealra lena mbaineann, mar a shonraítear i bpointe 3, agus beidh sé faoi réir faireachais, mar a shonraítear i bpointe 4.
3.Córas cáilíochta
3.1.Cuirfidh an monaróir isteach iarratas ar mheasúnú a dhéanamh ar a chóras cáilíochta féin chuig a rogha féin de chomhlacht dá dtugtar fógra, i dtaca leis an táirge innealra lena mbaineann.
Áireofar leis an iarratas:
(a)ainm agus seoladh an mhonaróra agus, más é an t‑ionadaí údaraithe a chuireann an t‑iarratas isteach, ainm agus seoladh an ionadaí údaraithe sin freisin;
(b)an doiciméadacht theicniúil maidir le múnla amháin de gach cineál táirge a bheidh le monarú. Beidh ar a laghad ceann amháin de na heilimintí seo a leanas sa doiciméadacht theicniúil, i gcás inarb infheidhme:
(i)
sonraí ginearálta an táirge innealra;
(ii)
dearadh coincheapúil agus líníochtaí agus scéimeanna monaraíochta na gcomhpháirteanna, na bhfo-chóimeálacha, na gciorcad, etc.;
(iii)
na tuairiscí agus na mínithe is gá chun na líníochtaí agus na scéimeanna sin a thuiscint agus chun an táirge innealra a oibriú;
(iv)
Liosta de na caighdeáin chomhchuibhithe nó na sonraíochtaí teicniúla arna nglacadh ag an gCoimisiún i gcomhréir le hAirteagal 17(3) agus/nó sonraíochtaí teicniúla ábhartha eile ar foilsíodh a dtagairtí in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh, a cuireadh i bhfeidhm go hiomlán nó go páirteach, agus tuairiscí ar na réitigh arna nglacadh chun buncheanglais an Rialacháin seo a chomhlíonadh i gcás nár cuireadh na caighdeáin chomhchuibhithe sin i bhfeidhm. I gcás inar cuireadh na caighdeáin chomhchuibhithe i bhfeidhm i bpáirt, sonrófar sa doiciméadacht theicniúil na codanna díobh a cuireadh i bhfeidhm;
(v)
torthaí na ríomhanna deartha a rinneadh, na scrúduithe a rinneadh, etc.;
(vi)
tuarascálacha tástála;
(vii)
an doiciméadacht maidir leis an gcóras cáilíochta; agus
(viii)
dearbhú i scríbhinn nár cuireadh an t‑iarratas céanna isteach chuig aon chomhlacht eile dá dtugtar fógra.
3.2.Áiritheofar leis an gcóras cáilíochta go gcomhlíonfaidh na táirgí ceanglais an Rialacháin seo a bhfuil feidhm acu maidir leis.
Déanfar na heilimintí, na ceanglais agus na forálacha uile arna nglacadh ag an monaróir a dhoiciméadú ar bhealach córasach agus ordúil trí bhíthin beartais, nósanna imeachta agus treoracha scríofa. Ceadófar le doiciméadacht an chórais cáilíochta sin léirmhíniú comhsheasmhach a dhéanamh ar na cláir, pleananna, lámhleabhair agus taifid cháilíochta.
Sa doiciméadacht sin, beidh tuairisc leormhaith ar an méid seo a leanas go háirithe:
(a)cuspóirí cáilíochta agus struchtúr eagraíochtúil, freagrachtaí agus cumhachtaí an lucht bainistíochta ó thaobh dhearadh agus cháilíocht an táirge;
(b)na sonraíochtaí maidir leis an dearadh teicniúil, lena n‑áirítear na caighdeáin a chuirfear i bhfeidhm agus, i gcás nach ndéanfar na caighdeáin chomhchuibhithe nó an tsonraíocht theicniúil ábhartha arna nglacadh ag an gCoimisiún i gcomhréir le hAirteagal 17(3) agus/nó sonraíochtaí teicniúla a chur i bhfeidhm ina n‑iomláine, na modhanna a úsáidfear lena áirithiú go gcomhlíonfar ceanglais riachtanacha an Rialacháin seo a bhfuil feidhm acu maidir leis an táirge innealra;
(c)na teicnící, na próisis agus na gníomhaíochtaí córasacha um rialú deartha agus um fhíorú deartha a úsáidfear nuair a bheidh an táirge innealra a bhaineann leis an gcatagóir táirgí atá i gceist á dhearadh;
(d)na teicníochtaí, na próisis agus na gníomhaíochtaí córasacha comhfhreagracha monaraíochta, rialaithe cáilíochta agus dearbhaithe cáilíochta a mbainfear úsáid astu;
(e)na scrúduithe agus na tástálacha a dhéanfar roimh an mhonaraíocht, lena linn agus ina diaidh agus cé chomh minic is a dhéanfar iad;
(f)na taifid cháilíochta, amhail tuarascálacha cigireachta agus sonraí tástála, sonraí calabrúcháin, tuarascálacha maidir le cáilíocht an phearsanra lena mbaineann, etc.;
(g)an tslí ina ndéanfar faireachán ar cháilíocht riachtanach an deartha agus an táirge agus ar oibriú éifeachtúil an chórais cháilíochta.
3.3.Déanfaidh an comhlacht dá dtugtar fógra an córas cáilíochta a mheasúnú chun cinneadh a dhéanamh i dtaobh an gcomhlíonann sé na ceanglais dá dtagraítear i bpointe 3.2.
Toimhdeofar comhréireacht leis na ceanglais sin maidir le gnéithe an chórais cháilíochta a chomhlíonann sonraíochtaí comhfhreagracha an chaighdeáin náisiúnta lena gcuirtear an caighdeán comhchuibhithe ábhartha agus/nó an tsonraíocht theicniúil i bhfeidhm.
Chomh maith le taithí i gcórais bhainistíochta cáilíochta, ar an bhfoireann iniúchóireachta beidh ar a laghad ball amháin a bhfuil taithí aige mar mheasúnóir i réimse an táirge ábhartha agus i dteicneolaíocht an táirge lena mbaineann, agus eolas aige ar cheanglais infheidhme an Rialacháin seo. Mar chuid den iniúchóireacht, tabharfar cuairt ar áitreabh an mhonaróra chun measúnú a dhéanamh. Déanfaidh an fhoireann iniúchóireachta athbhreithniú ar an doiciméadacht theicniúil dá dtagraítear i bpointe 3.1(b), pointe (ii), chun fíorú a dhéanamh ar chumas an mhonaróra ceanglais infheidhme an Rialacháin seo a shainaithint agus na scrúduithe is gá a chur i gcrích d’fhonn a áirithiú go gcomhlíonfaidh an táirge innealra na ceanglais sin.
Tabharfar fógra don mhonaróir nó dá ionadaí údaraithe faoin gcinneadh sin.
Sonrófar conclúidí na hiniúchóireachta agus an cinneadh réasúnaithe faoin mheasúnú san fhógra sin.
3.4.Geallfaidh an monaróir go gcomhlíonfaidh sé na hoibleagáidí a bhaineann leis an gcóras cáilíochta mar atá formheasta agus go gcoinneoidh sé ar bun é ionas go mbeidh sé leormhaith agus éifeachtúil i gcónaí.
3.5.Coinneoidh an monaróir an comhlacht dá dtugtar fógra agus a bhfuil an córas cáilíochta formheasta aige ar an eolas maidir le haon athrú atá beartaithe maidir leis an gcóras cáilíochta.
Déanfaidh an comhlacht dá dtugtar fógra meastóireacht ar aon athrú atá beartaithe agus cinnfidh sé an gcomhlíonfaidh an córas cáilíochta modhnaithe na ceanglais dá dtagraítear i bpointe 3.2 i gcónaí nó an bhfuil gá le hathmheasúnú.
Tabharfaidh sé fógra don mhonaróir faoina chinneadh. Sonrófar conclúidí an scrúdaithe san fhógra mar aon leis an gcinneadh réasúnaithe faoin measúnú.
4.Faireachas faoi fhreagracht an chomhlachta dá dtugtar fógra
4.1.Is é is cuspóir don fhaireachas a áirithiú go gcomhlíonann an monaróir na hoibleagáidí a bhaineann leis an gcóras cáilíochta formheasta.
4.2.Tabharfaidh an monaróir, chun críocha measúnachta, cead don chomhlacht dá dtugtar fógra, rochtain a fháil ar na láithreáin deartha, mhonaraíochta, cigireachta, tástála agus stórála agus tabharfaidh sé an fhaisnéis go léir is gá dó, go háirithe:
(a)an doiciméadacht a bhaineann leis an gcóras cáilíochta;
(b)na taifid cháilíochta dá bhforáiltear sa chuid den chóras cáilíochta a bhaineann leis an dearadh amhail torthaí anailísí, ríomhanna, tástálacha, etc;
(c)na taifid cháilíochta dá bhforáiltear sa chuid den chóras cáilíochta a bhaineann leis an monaraíocht amhail tuairiscí cigireachta agus sonraí tástála, sonraí calabrúcháin, tuairiscí maidir le cáilíochtaí an phearsanra lena mbaineann, etc.
4.3.Déanfaidh an comhlacht dá dtugtar fógra iniúchtaí tréimhsiúla lena áirithiú go gcoinníonn an monaróir an córas cáilíochta ar bun agus go gcuireann sé i bhfeidhm é agus tabharfaidh sé tuarascáil iniúchóireachta don mhonaróir.
4.4.Ina theannta sin, féadfaidh an comhlacht dá dtugtar fógra cuairteanna gan choinne a thabhairt ar an monaróir. Le linn cuairteanna den sórt sin, féadfaidh an comhlacht dá dtugtar fógra, más gá, tástálacha a dhéanamh ar an táirge, nó socrú lena ndéanamh, d’fhonn feidhmiú cuí an chórais cháilíochta a sheiceáil. Tabharfaidh sé tuarascáil cuairte don mhonaróir agus, má rinneadh tástálacha, cuirfidh sé tuarascáil tástála ar fáil.
5.Marcáil chomhréireachta agus dearbhú comhréireachta
5.1.Greamóidh an monaróir an mharcáil comhréireachta is gá a leagtar amach sa Rialachán seo, agus, faoi fhreagracht an chomhlachta dá dtugtar fógra dá dtagraítear i bpointe 3.1, uimhir aitheantais an chomhlachta sin, de gach táirge aonair a chomhlíonann ceanglais infheidhme an Rialacháin seo.
5.2.Tarraingeoidh an monaróir suas dearbhú comhréireachta AE i scríbhinn le haghaidh gach múnla táirge innealra agus coinneoidh sé ar fáil do na húdaráis náisiúnta é go ceann tréimhse deich mbliana tar éis don táirge innealra a bheith curtha ar an margadh. Leis an dearbhú comhréireachta AE, sainaithneofar an múnla táirge ar tarraingíodh suas é ina leith.
Cuirfear cóip den dearbhú comhréireachta AE ar fáil do na húdaráis ábhartha arna iarraidh sin.
6.Ar feadh tréimhse dar críoch deich mbliana ar a laghad tar éis an táirge innealra a chur ar an margadh, coinneoidh an monaróir an méid seo a leanas ar fáil do na húdaráis náisiúnta:
(a)an doiciméadacht theicniúil dá dtagraítear i bpointe 3.1;
(b)an doiciméadacht a bhaineann leis an gcóras cáilíochta dá dtagraítear i bpointe 3.1;
(c)an t‑athrú dá dtagraítear i bpointe 3.5, arna fhormheas;
(d)cinntí agus tuarascálacha an chomhlachta dá dtugtar fógra dá dtagraítear i bpointí 3.5, 4.3 agus 4.4.
7.Gach comhlacht dá dtugtar fógra, cuirfidh sé na húdaráis um fhógra ar an eolas faoi cheaduithe córais cáilíochta a eisíodh nó a aistarraingíodh, agus cuirfidh sé ar fáil do na húdaráis um fhógra sin, go tréimhsiúil nó arna iarraidh sin, liosta de na ceaduithe córais cáilíochta a diúltaíodh, a cuireadh ar fionraí nó ar cuireadh srian leo ar shlí eile.
Cuirfidh gach comhlacht dá dtugtar fógra na comhlachtaí eile dá dtugtar fógra ar an eolas maidir le ceaduithe córais cáilíochta a rinne sé a dhiúltú, a chur ar fionraí nó a tharraingt siar, agus, arna iarraidh sin, ceaduithe córais cáilíochta, a d’eisigh sé.
8.Ionadaí údaraithe
Oibleagáidí an mhonaróra a leagtar amach i bpointí 3.1, 3.5, 5 agus 6, féadfaidh a ionadaí údaraithe na hoibleagáidí a chomhlíonadh thar a cheann, agus faoina fhreagracht féin, ar choinníoll go sonrófar sa sainordú iad.
IARSCRÍBHINN X
TREORACHA COIMÉALA LE hAGHAIDH INNEALRA PÁIRTCHRÍOCHNAITHE
Sna treoracha cóimeála le haghaidh innealra páirtchríochnaithe, beidh tuairisc ar na coinníollacha atá le comhlíonadh lena áirithiú go mbeidh an t‑innealra páirtchríochnaithe corpraithe i gceart sa táirge innealra deiridh, agus nach gcuireann an táirge innealra deiridh isteach ar shláinte agus sábháilteacht daoine agus, más iomchuí, ainmhithe clóis agus maoin agus, i gcás inarb infheidhme, an comhshaol.
Beidh na treoracha cóimeála scríofa i dteanga oifigiúil de chuid an Aontais a bheidh intuigthe do mhonaróir an táirge innealra ina mbeidh an t‑innealra páirtchríochnaithe le cur le chéile, nó d’ionadaí údaraithe an mhonaróra sin.
IARSCRÍBHINN XI
TÁBLA COMHGHAOIL
|
Treoir 2006/42/CE
|
An Rialachán seo
|
|
Airteagal 1
|
Airteagal 2
|
|
Airteagal 2
|
Airteagal 3
|
|
Airteagal 3
|
Airteagal 8 agus Airteagal 9
|
|
Airteagal 4
|
-
|
|
Airteagal 5
|
Airteagal 7
|
|
Airteagal 6
|
Airteagal 4
|
|
Airteagal 7
|
Airteagal 17 (1)
|
|
Airteagal 8 (1)
|
Airteagal 45
|
|
Airteagal 8 (2)
|
-
|
|
Airteagal 9
|
-
|
|
Airteagal 10
|
Airteagal 42 (3)
|
|
Airteagal 11
|
Airteagal 41 go dtí Airteagal 44
|
|
Airteagal 12
|
Airteagal 21
|
|
Airteagal 13
|
Airteagal 22
|
|
Airteagal 14
|
Airteagal 24 go dtí Airteagal 40
|
|
Airteagal 15
|
Airteagal 23
|
|
Airteagal 16
|
Airteagal 19
|
|
Airteagal 17
|
Airteagal 20
|
|
Airteagal 18
|
Airteagal 47
|
|
Airteagal 19
|
-
|
|
Treoir 2006/42/CE
|
An Rialachán seo
|
|
Airteagal 20
|
-
|
|
Airteagal 21
|
Airteagal 51
|
|
Airteagal 21 a
|
Airteagal 45
|
|
Airteagal 22
|
Airteagal 46
|
|
Airteagal 23
|
Airteagal 48
|
|
Airteagal 24
|
-
|
|
Airteagal 25
|
Airteagal 49
|
|
Airteagal 26
|
-
|
|
Airteagal 27
|
-
|
|
Airteagal 28
|
Airteagal 52
|
|
Airteagal 29
|
Airteagal 52
|
|
Iarscríbhinn I – Prionsabail ghinearálta
|
Iarscríbhinn III – Prionsabail ghinearálta
|
|
Iarscríbhinn I, Roinn 1
|
Iarscríbhinn III, Roinn 1
|
|
Iarscríbhinn I, Roinn 2
|
Iarscríbhinn III, Roinn 2
|
|
Iarscríbhinn I, Roinn 3
|
Iarscríbhinn III, Roinn 3
|
|
Iarscríbhinn I, Roinn 4
|
Iarscríbhinn III, Roinn 4
|
|
Iarscríbhinn I, Roinn 5
|
Iarscríbhinn III, Roinn 5
|
|
Iarscríbhinn I, Roinn 6
|
Iarscríbhinn III, Roinn 6
|
|
Iarscríbhinn II, Cuid A agus B
|
Iarscríbhinn V
|
|
Iarscríbhinn III
|
-
|
|
Iarscríbhinn IV
|
Iarscríbhinn I
|
|
Iarscríbhinn V
|
Iarscríbhinn II
|
|
Iarscríbhinn VI
|
Iarscríbhinn X
|
|
Iarscríbhinn VII, Cuid A agus Cuid B
|
Iarscríbhinn IV, Cuid A agus Cuid B
|
|
Treoir 2006/42/CE
|
An Rialachán seo
|
|
Iarscríbhinn VIII
|
Iarscríbhinn VI
|
|
Iarscríbhinn IX
|
Iarscríbhinn VII
|
|
Iarscríbhinn X
|
Iarscríbhinn VIII
|
|
Iarscríbhinn XI
|
Airteagal 28
|