An Bhruiséil,17.3.2021

COM(2021) 130 final

2021/0068(COD)

Togra le haghaidh

RIALACHÁN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

maidir le creat le haghaidh eisiúint, fíorú agus glacadh deimhnithe idir-inoibritheacha i ndáil le vacsaíniú, tástáil agus téarnamh ar mhaithe leis an tsaorghluaiseacht a éascú le linn phaindéim COVID-19 (Deimhniú Glas Digiteach)

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)


MEABHRÁN MÍNIÚCHÁIN

1.COMHTHÉACS AN TOGRA

Forais agus cuspóirí an togra

Tá an ceart atá ag saoránaigh den Aontas gluaiseacht agus cónaí faoi shaoirse laistigh den Aontas Eorpach ar cheann de na héachtaí is mó dá bhfuil bainte amach ag an Aontas, agus is spreagadh tábhachtach dá gheilleagar é.

De bhun Airteagal 21 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE), tá an ceart ag gach saoránach den Aontas gluaiseacht agus cónaí faoi shaoirse ar chríoch na mBallstát, faoi réir na dteorainneacha agus na gcoinníollacha dá bhforáiltear sna Conarthaí agus sna forálacha arna nglacadh lena gcur chun feidhme. Bhí tionchar ag roinnt de na srianta a ghlac na Ballstáit, áfach, chun leathadh choróinvíreas géarshiondróm trom riospráide 2 (‘SARS-CoV-2’) a theorannú, arb é is cúis le galar an choróinvíris 2019 (‘COVID‑19’), ar cheart na saoránach chun saorgluaiseachta. Is éard a bhí sna bearta sin go minic srianta ar dhul isteach nó ceanglais shonracha eile is infheidhme maidir le taistealaithe trasteorann, amhail dul faoi choraintín nó féinleithlisiú a dhéanamh nó atá le tástáil d’ionfhabhtú SARS-CoV-2 roimh theacht agus/nó ina dhiaidh. Ba iad na daoine a raibh tionchar ar leith orthu na daoine a raibh cónaí orthu i réigiúin teorann agus a thrasnaíonn teorainneacha mar chuid dá saol laethúil, bíodh sin ar chúiseanna oibre, oideachais, cúraim sláinte, teaghlaigh nó eile.

Chun cur chuige dea-chomhordaithe, intuartha agus trédhearcach a áirithiú maidir le srianta ar shaoirse gluaiseachta a ghlacadh, ghlac an Chomhairle, an 13 Deireadh Fómhair 2020, Moladh (AE) 2020/1475 ón gComhairle maidir le cur chuige comhordaithe i leith shaorghluaiseacht a shrianadh mar fhreagairt ar phaindéim COVID‑19 1 . Leis an Moladh ón gComhairle, bunaíodh cur chuige comhordaithe maidir leis na príomhphointí seo a leanas: cur i bhfeidhm critéir agus tairseacha coiteanna agus cinneadh á dhéanamh an dtabharfar isteach srianta ar shaorghluaiseacht, mapáil ar an riosca a bhaineann le tarchur COVID‑19, arna fhoilsiú ag an Lárionad Eorpach um Ghalair a Chosc agus a Rialú (ECDC) 2 , bunaithe ar chód comhaontaithe datha, agus cur chuige comhordaithe maidir leis na bearta, más ann dóibh, a d’fhéadfaí a chur i bhfeidhm go hiomchuí maidir le daoine atá ag aistriú idir limistéir, ag brath ar leibhéal an riosca tarchuir sna réimsí sin.

Le Moladh (AE) 2020/1475 ón gComhairle, féachtar le comhordú méadaithe a áirithiú i measc na mBallstát i bhfianaise bearta a ghlacadh lena gcuirtear srian ar shaorghluaiseacht ar fhorais na sláinte poiblí i gcomhthéacs na paindéime. Agus srianta ar shaorghluaiseacht á nglacadh agus á gcur i bhfeidhm acu, ba cheart do na Ballstáit dlí an Aontais a urramú, go háirithe prionsabail na comhréireachta agus an neamh‑idirdhealaithe. Leasaíodh Moladh (AE) 2020/1475 ón gComhairle ina dhiaidh sin i bhfianaise leibhéal an‑ard tarchuir chomhphobail ar fud an Aontais, tarchur a d’fhéadfadh a bheith nasctha le hin‑tarchurthacht mhéadaithe na n‑athraitheach nua SARS-CoV-2 ar díol imní iad 3 .

I gcomhréir le pointe 17 de Mholadh (AE) 2020/1475 ón gComhairle, d’fhéadfadh na Ballstáit ceangal a chur ar dhaoine atá ag taisteal ó limistéir riosca i mBallstát eile dul faoi choraintín/féinleithlisiú a dhéanamh agus/nó dul faoi thástáil d’ionfhabhtú SARS-CoV-2 roimh theacht isteach agus/nó ina dhiaidh. Maidir le taistealaithe a thagann ó limistéir a bhfuil ‘dúdhearg’ marcáilte orthu, ba cheart dóibh, de réir phointe 17 den Mholadh ón gComhairle, a bheith faoi réir bearta sláinte poiblí atreisithe.

Chun comhlíonadh na gceanglas éagsúil a thaispeáint, iarradh ar thaistealaithe cineálacha éagsúla fianaise dhoiciméadach a chur ar fáil, amhail deimhnithe leighis, torthaí tástála, nó dearbhuithe. In éagmais formáidí caighdeánaithe agus daingnithe, tá fadhbanna ag taistealaithe maidir le glacadh a ndoiciméid, agus tá tuarascálacha ann maidir le doiciméid chalaoiseacha nó bhrionnaithe á dtíolacadh 4 .

Is dócha go mbeidh na saincheisteanna sin, saincheisteanna a bhféadfadh moilleanna agus bacainní nach bhfuil gá leo eascairt astu, níos feiceálaí fós mar go bhfuil níos mó agus níos mó de mhuintir na hEorpa á tástáil agus á vacsaíniú i gcoinne COVID‑19 agus mar go bhfaighidh siad cruthúnas doiciméadach chuige sin. Is ábhar imní é sin atá ag dul i méid don Chomhairle Eorpach. Ina ráiteas uaithi, ráiteas a glacadh tar éis na bhfíschomhdhálacha neamhfhoirmiúla an 25 agus an 26 Feabhra 2021 5 , d’iarr comhaltaí na Comhairle Eorpaí go leanfaí den obair ar chur chuige comhchoiteann i leith deimhnithe vacsaínithe.

Tá comhdhearcadh i measc na mBallstát maidir le deimhnithe den sórt sin a úsáid chun críocha leighis, amhail obair leantach chuí a áirithiú idir an chéad agus an dara dáileog, chomh maith le haon theanndáileog is gá ina dhiaidh sin. Tá obair ar siúl ag na Ballstáit chun deimhnithe vacsaínithe a fhorbairt, agus is minic a úsáideann siad faisnéis atá ar fáil i gclárlanna imdhíonta.

Tá obair ar siúl ag an gCoimisiún in éineacht leis na Ballstáit sa Líonra ríomhShláinte, líonra deonach lena nasctar na húdaráis náisiúnta atá freagrach as ríomhShláinte, maidir le hidir-inoibritheacht deimhnithe vacsaínithe a ullmhú. An 27 Eanáir 2021, ghlac an Líonra ríomhShláinte Treoirlínte maidir le cruthúnas maidir le vacsaíniú chun críocha leighis, treoirlínte ar thug sé cothrom le dáta an 12 Márta 2021 6 . Sainmhínítear leis na treoirlínte seo na gnéithe lárnacha idir-inoibritheachta, eadhon tacar sonraí íosta le haghaidh deimhnithe vacsaínithe, agus aitheantóir uathúil. Tá obair ar siúl freisin ag an Líonra ríomhShláinte agus ag an gCoiste Slándála Sláinte arna bhunú le hAirteagal 17 de Chinneadh Uimh. 1082/2013/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 7 ar thacar coiteann caighdeánaithe sonraí le haghaidh deimhnithe toradh tástála COVID‑19 8 , treoirlínte maidir le deimhnithe téarnaimh agus tacair sonraí sonracha, agus achoimre ar idir-inoibritheacht deimhnithe sláinte 9 .

Bunaithe ar an obair theicniúil a rinneadh go dtí seo, tá sé beartaithe ag an gCoimisiún creat uile-Aontais a bhunú chun deimhnithe vacsaínithe a eisiúint, a fhíorú agus a ghlacadh laistigh den Aontas mar chuid de ‘Dheimhniú Glas Digiteach’. Ag an am céanna, ba cheart go gcumhdófaí leis an gcreat sin freisin deimhnithe eile arna n‑eisiúint le linn phaindéim COVID‑19, eadhon doiciméid a dheimhníonn toradh diúltach tástála d’ionfhabhtú SARS-CoV-2 chomh maith le doiciméid a dheimhníonn gur tháinig an duine lena mbaineann chuige féin i ndiaidh ionfhabhtú SARS-CoV-2 a tharla dó roimhe sin. Leis sin, tá daoine nach bhfuil vacsaínithe nó nach raibh an deis acu fós a bheith vacsaínithe in ann leas a bhaint as creat idir-inoibritheach den sórt sin chomh maith lena n‑éascaítear saorghluaiseacht na ndaoine sin. Cé nach féidir le leanaí, mar shampla, tairbhe a bhaint as vacsaíniú in aghaidh COVID‑19 i láthair na huaire, ba cheart go mbeidís in ann deimhniú tástála nó téarnaimh a fháil, deimhnithe a d’fhéadfadh a dtuismitheoirí a fháil thar a gceann freisin.

Ina theannta sin, ba cheart a shoiléiriú gurb é cuspóir na ndeimhnithe a áirítear sa ‘Deimhniú Glas Digiteach’ feidhmiú na saorghluaiseachta a éascú. Níor cheart ‘Deimhniú Glas Digiteach’, go háirithe deimhniú vacsaínithe, a bheith ina réamhchoinníoll d’fheidhmiú na saorghluaiseachta. Ní mór do dhaoine nach bhfuil vacsaínithe, mar shampla ar chúiseanna leighis, toisc nach bhfuil siad mar chuid den spriocghrúpa dá moltar an vacsaín faoi láthair, amhail leanaí, nó toisc nach raibh an deis acu fós nó nach mian leo a bheith vacsaínithe, a bheith in ann leanúint dá gceart bunúsach saorghluaiseachta a fheidhmiú, nuair is gá faoi réir teorainneacha amhail tástáil éigeantach agus coraintín/féinleithlisiú. Ní féidir an Rialachán seo go háirithe a léirmhíniú mar oibleagáid nó ceart vacsaínithe a bhunú.

Chun idir-inoibritheacht a áirithiú idir na réitigh theicniúla éagsúla atá á bhforbairt ag na Ballstáit, tá roinnt acu tar éis glacadh le cruthúnais vacsaínithe chun taistealaithe a dhíolmhú ó shrianta áirithe, tá gá le coinníollacha aonfhoirmeacha maidir le deimhnithe a eisiúint, a fhíorú agus a ghlacadh maidir le vacsaíniú in aghaidh COVID‑19, tástálacha COVID‑19 agus téarnamh ó COVID‑19.

Ba cheart go leagfaí amach sa chreat ‘Deimhniú Glas Digiteach’ atá le bunú formáid agus ábhar na ndeimhnithe maidir le vacsaíniú in aghaidh COVID‑19, tástáil COVID‑19 agus téarnamh ó COVID‑19. Molann an Coimisiún freisin gur cheart go n‑áiritheofaí le creat an ‘Deimhnithe Ghlais Dhigitigh’ gur féidir na deimhnithe sin a eisiúint i bhformáid idir-inoibritheach agus gur féidir iad a fhíorú go hiontaofa nuair a thíolacfaidh an sealbhóir iad i mBallstáit eile, agus sa chaoi sin éascófar saorghluaiseacht laistigh den Aontas.

Níor cheart ach sonraí pearsanta den sórt is gá a bheith sna deimhnithe. Ós rud é go n‑áirítear sonraí íogaire leighis sna sonraí pearsanta, ba cheart leibhéal an‑ard cosanta sonraí a áirithiú agus ba cheart prionsabail íoslaghdaithe sonraí a chaomhnú. Go háirithe, níor cheart go n‑éileofaí le creat an ‘Deimhnithe Ghlais Dhigitigh’ bunachar sonraí a bhunú agus é a chothabháil ar leibhéal an Aontais, ach ba cheart go gceadófaí leis fíorú díláraithe ar dheimhnithe idir-inoibritheacha arna síniú go digiteach.

Comhsheasmhacht le forálacha beartais atá sa réimse beartais cheana

Comhlánaíonn an togra tionscnaimh bheartais eile a glacadh i réimse na saorghluaiseachta le linn phaindéim COVID‑19, amhail Moladh 2020/1475 agus Moladh 2021/119 ón gComhairle, agus cuireann sé leo. Go háirithe, déantar tuairisc i Moladh 2020/1475 ón gComhairle ar na prionsabail ghinearálta ar orthu ba cheart do na Ballstáit a ngníomhaíochtaí a chomhordú a bheith bunaithe agus bearta á nglacadh agus á gcur i bhfeidhm acu i réimse na saorghluaiseachta chun an tsláinte phoiblí a chosaint mar fhreagairt ar phaindéim COVID‑19.

Leagtar síos le Treoir 2004/38/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 10 na coinníollacha maidir le feidhmiú na gceart chun saorghluaiseachta agus cónaithe (idir shealadach agus bhuan) san Aontas atá ag saoránaigh an Aontais agus ag baill dá dteaghlaigh. Foráiltear le Treoir 2004/38/CE go bhféadfaidh na Ballstáit saorghluaiseacht agus cónaí saoránach an Aontais agus baill a dteaghlaigh a shrianadh, beag beann ar náisiúntacht, ar fhorais an bheartais phoiblí, na slándála poiblí nó na sláinte poiblí.

Níl forálacha i reachtaíocht an Aontais atá ann cheana maidir le deimhnithe a eisiúint, a fhíorú agus a ghlacadh lena ndéantar doiciméadú ar stádas sláinte an tsealbhóra, fiú más rud é go bhféadfadh sé go mbeadh gá le deimhnithe den sórt sin a thíolacadh chun srianta áirithe ar an gceart chun saorghluaiseachta a fhorchuirtear le linn paindéime a tharscaoileadh. Is gá, dá bhrí sin, forálacha a bhunú chun idir-inoibritheacht agus slándáil na ndeimhnithe sin a áirithiú.

Comhsheasmhacht le beartais eile de chuid an Aontais

Is cuid de phacáiste bhearta an Aontais é an togra seo chun freagairt do phaindéim COVID‑19. Cuireann sé, go háirithe, leis an obair theicniúil a rinneadh roimhe seo sa Choiste Slándála Sláinte agus sa Líonra ríomhShláinte.

Comhlánaítear an togra seo le togra COM(2021)/xxx, togra a bhfuil sé mar chuspóir aige a áirithiú go mbeidh feidhm ag na rialacha a leagtar amach sa togra seo maidir le náisiúnaigh tríú tír nach gcumhdaítear leis an togra seo agus atá ag fanacht nó atá ina gcónaí go dleathach ar chríoch Stáit a bhfuil feidhm ag an Rialachán atá beartaithe maidir leis agus atá i dteideal taisteal chuig Stáit eile i gcomhréir le dlí an Aontais.

Tá an togra seo gan dochar do rialacha Schengen maidir leis na coinníollacha teacht isteach do náisiúnaigh tríú tír. Níor cheart go dtuigfí leis an Rialachán atá beartaithe go spreagtar athbhunú rialuithe teorann nó go n‑éascaítear iad, rud ar rogha dheiridh é i gcónaí faoi réir choinníollacha Chód Teorainneacha Schengen.

Cuirtear san áireamh sa togra seo iarrachtaí leanúnacha ar an leibhéal idirnáisiúnta, amhail faoi choimirce ghníomhaireachtaí speisialaithe na Náisiún Aontaithe lena n‑áirítear an Eagraíocht Dhomhanda Sláinte (‘EDS’), ar bhonn na Rialachán Sláinte Idirnáisiúnta, chun sonraíochtaí agus treoir a bhunú maidir le húsáid teicneolaíochtaí digiteacha le haghaidh stádas vacsaínithe a dhoiciméadú. Ba cheart tríú tíortha a spreagadh chun aitheantas a thabhairt don ‘Deimhniú Glas Digiteach’ agus srianta ar thaisteal neamhriachtanach a tharscaoileadh.

Leis an togra seo, urramaítear freisin inniúlachtaí na mBallstát go hiomlán maidir lena mbeartas sláinte a shainiú (Airteagal 168 CFAE).

2.BUNÚS DLÍ, COIMHDEACHT AGUS COMHRÉIREACHT

Bunús dlí

Le hAirteagal 21(1) CFAE tugtar an ceart do shaoránaigh an Aontais aistriú agus cur fúthu gan bhac ar chríoch na mBallstát. Déantar foráil le hAirteagal 21(2) gur féidir leis an Aontas gníomhú agus forálacha a ghlacadh d’fhonn an ceart chun aistriú agus cur fúthu gan bhac ar chríoch na mBallstát a éascú más gá gníomhú chun an cuspóir sin a bhaint amach chun feidhmiú an chirt sin a éascú. Tá feidhm ag an ngnáthnós imeachta reachtach.

Is é is aidhm don togra feidhmiú an chirt chun saorghluaiseachta a éascú laistigh den Aontas le linn phaindéim COVID‑19 trí chreat coiteann a bhunú chun deimhnithe idir-inoibritheacha maidir le vacsaíniú in aghaidh COVID‑19, tástáil COVID‑19 agus téarnamh ó COVID‑19 a eisiúint, a fhíorú agus a ghlacadh. Ba cheart go ligfeadh sé sin do shaoránaigh an Aontais agus do bhaill dá dteaghlaigh a fheidhmíonn a gceart chun saorghluaiseachta a léiriú go gcomhlíonann siad na ceanglais sláinte poiblí arna bhforchur ag an mBallstát cinn scríbe, i gcomhréir le dlí an Aontais. Tá sé mar aidhm ag an togra freisin a áirithiú go bhféadfar deireadh a chur, ar bhealach comhordaithe, leis na srianta ar shaorghluaiseacht atá i bhfeidhm faoi láthair chun leathadh COVID‑19 a theorannú de réir mar a bheidh tuilleadh fianaise eolaíche ar fáil.

Coimhdeacht

Ní féidir leis na Ballstáit cuspóirí an togra seo, eadhon saorghluaiseacht a éascú laistigh den Aontas le linn phaindéim COVID‑19 trí dheimhnithe slána agus idir-inoibritheacha a bhunú maidir le stádas vacsaínithe, stádas tástála agus stádas téarnaimh an tsealbhóra, a bhaint amach go leordhóthanach agus iad ag gníomhú go neamhspleách agus, de bharr fhairsinge agus éifeachtaí na gníomhaíochta, is fearr is féidir iad a bhaint amach ar leibhéal an Aontais. Dá bhrí sin, tá gá le gníomhaíocht ar leibhéal an Aontais.

Mura ngníomhaíonn siad ar leibhéal an Aontais, is dócha go nglacfadh Ballstáit córais éagsúla, rud a d’fhágfadh go mbeadh fadhbanna ag saoránaigh a gcearta chun saorghluaiseacht a fheidhmiú agus a ndoiciméid á nglacadh i mBallstáit eile. Go háirithe, is gá teacht ar chomhaontú maidir leis na caighdeáin theicniúla atá le húsáid chun idir-inoibritheacht, slándáil agus infhíoraitheacht na ndeimhnithe atá á n‑eisiúint a áirithiú.

Comhréireacht

Is féidir le gníomhaíocht an Aontais luach suntasach a chur le haghaidh a thabhairt ar na dúshláin a shainaithnítear thuas agus is é sin an t‑aon bhealach amháin inar féidir creat aonair atá cuíchóirithe agus a bhfuil glacadh leis a bhaint amach agus a choinneáil ar bun.

Má ghlactar bearta aontaobhacha nó neamhchomhordaithe maidir le deimhnithe COVID‑19 maidir le vacsaíniú in aghaidh COVID‑19, tástáil COVID‑19 agus téarnamh ó COVID‑19, is dócha go mbeidh srianta ar shaorghluaiseacht atá neamhréireach agus ilroinnte, rud a fhágann go mbeidh éiginnteacht ann do shaoránaigh an Aontais agus a gcearta AE á bhfeidhmiú acu.

Déanann an togra próiseáil sonraí pearsanta a theorannú don mhéid is lú is gá, trí thacar teoranta sonraí pearsanta a chur san áireamh ar na deimhnithe atá le heisiúint, trína leagan amach nár cheart na sonraí a fhaightear agus na deimhnithe á bhfíorú a choinneáil, agus trí chreat a bhunú nach gá bunachar sonraí lárnach a chur ar bun agus é a choinneáil ar bun.

Ba cheart forálacha an Rialacháin atá beartaithe maidir le deimhnithe vacsaínithe, tástála nó téarnaimh a eisiúint mar aon leis an gcreat iontaoibhe a chur ar fionraí a luaithe a shárófar paindéim COVID‑19, ós rud é nach bhfuil aon údar ann, ón bpointe sin, a chur de cheangal ar shaoránaigh doiciméid sláinte a thíolacadh agus a gceart chun saorghluaiseachta á fheidhmiú acu. Ag an am céanna, ba cheart go n‑atosófaí a gcur i bhfeidhm má dhearbhaíonn an Eagraíocht Dhomhanda Sláinte paindéim eile de bharr ráig SARS-CoV-2, athraitheach de SARS-CoV-2, nó galair thógálacha chomhchosúla a mbaineann baol eipidéime leo.

An rogha ionstraime

Is é an rialachán an t‑aon ionstraim dhlíthiúil lena n‑áirithítear cur chun feidhme díreach, láithreach agus coiteann dhlí an Aontais sna Ballstáit uile.

3.TORTHAÍ AR MHEASTÓIREACHTAÍ EX POST, AR CHOMHAIRLIÚCHÁIN LEIS NA PÁIRTITHE LEASMHARA AGUS AR MHEASÚNUITHE TIONCHAIR

Comhairliúcháin leis na páirtithe leasmhara

Cuirtear san áireamh sa togra an plé a rinneadh go tráthrialta leis na Ballstáit i bhfóraim éagsúla.

Bailiú agus úsáid saineolais

Cuireann an togra leis na malartuithe teicniúla a dhéantar laistigh den Choiste Slándála Sláinte agus den Líonra ríomhShláinte, leis an bhfaisnéis atá foilsithe ag ECDC maidir leis an staid eipidéimeolaíoch a bhaineann le paindéim COVID‑19, agus leis an bhfianaise eolaíoch ábhartha atá ar fáil.

Measúnú tionchair

I bhfianaise na práinne, ní dhearna an Coimisiún measúnú tionchair.

Cearta bunúsacha

Déanann an togra seo difear dearfach don cheart bunúsach chun saorghluaiseachta agus cónaithe faoi Airteagal 45 de Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh (an Chairt). Déanann sí amhlaidh trí dheimhnithe idir-inoibritheacha a ghlactar go frithpháirteach leo a chur ar fáil do shaoránaigh maidir le vacsaíniú in aghaidh COVID‑19, tástáil COVID‑19 agus téarnamh ó COVID‑19 ar féidir leo iad a úsáid agus iad ag taisteal. I gcás ina dtarscaoilfidh na Ballstáit srianta áirithe ar shaorghluaiseacht le haghaidh daoine a bhfuil cruthúnas ar vacsaíniú, ar thástáil nó ar théarnamh ina seilbh acu, ceadóidh na deimhnithe arna mbunú leis an togra seo do shaoránaigh leas a bhaint as na díolúintí sin. De réir mar a bhíonn tuilleadh sonraí eolaíocha ar fáil, go háirithe maidir le héifeachtaí an vacsaínithe in aghaidh ionfhabhtú SARS-CoV-2, ba cheart go gcuirfeadh creat idir-inoibritheach deimhnithe sláinte ar chumas na mBallstát deireadh a chur le srianta ar bhealach comhordaithe.

Níor cheart go dtuigfí leis an Rialachán seo go n‑éascaítear glacadh srianta ar shaorghluaiseacht le linn na paindéime nó go spreagtar a nglactha. Ina ionad sin, féachann sé le creat comhchuibhithe a chur ar fáil chun aitheantas a thabhairt do dheimhnithe sláinte COVID‑19 i gcás ina gcuirfidh Ballstát srianta den sórt sin i bhfeidhm. Ní mór d’aon teorainn ar an tsaorgluaiseacht laistigh den Aontas a bhfuil bonn cirt leo ar fhorais an bheartais phoiblí, na slándála poiblí nó na sláinte poiblí a bheith riachtanach, comhréireach agus bunaithe ar chritéir oibiachtúla agus neamh‑idirdhealaitheacha. Is ar na Ballstáit atá an fhreagracht i gcónaí an cinneadh maidir le srianta ar shaorghluaiseacht a thabhairt isteach, agus ní mór dóibh gníomhú i gcomhréir le dlí an Aontais Eorpaigh. Ar an gcuma chéanna, coinníonn na Ballstáit an tsolúbthacht gan srianta ar shaorghluaiseacht a thabhairt isteach.

Tá próiseáil sonraí pearsanta, lena n‑áirítear sonraí sláinte, intuigthe leis an togra seo. Tá tionchair ionchasacha ann ar chearta bunúsacha daoine aonair, eadhon Airteagal 7 den Chairt maidir le hurraim ar an saol príobháideach agus Airteagal 8 maidir leis an gceart chun sonraí pearsanta a chosaint. Bíonn éifeacht ag próiseáil sonraí pearsanta daoine aonair, lena n‑áirítear bailiú, rochtain agus úsáid sonraí pearsanta, ar an gceart chun príobháideachta agus ar an gceart chun sonraí pearsanta a chosaint faoin gCairt. Ní mór údar cuí a thabhairt le cur isteach ar na cearta bunúsacha sin.

Maidir leis an gceart go ndéanfar sonraí pearsanta a chosaint, lena n‑áirítear slándáil sonraí, tá feidhm ag Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 11 . Níl aon mhaolú ar chóras cosanta sonraí an Aontais beartaithe agus cuirfidh na Ballstáit rialacha soiléire, coinníollacha agus coimircí daingne chun feidhme i gcomhréir le rialacha cosanta sonraí an Aontais. Ní bhunaítear leis an Rialachán atá beartaithe bunachar sonraí Eorpach maidir le vacsaíniú in aghaidh COVID‑19, tástáil COVID‑19 nó téarnamh ó COVID‑19. Chun críocha an Rialacháin atá beartaithe, ní gá sonraí pearsanta a chur san áireamh ach amháin sa deimhniú a eisíodh, deimhniú ar cheart é a chosaint ar fhalsú nó ar chrioscaíl.

4.IMPLEACHTAÍ BUISÉADACHA

Úsáidfidh an Coimisiún cistí ón Ionstraim Tacaíochta Éigeandála chun tacú leis na bearta is práinní faoin tionscnamh ar dtús agus fiosróidh sé, a luaithe a thiocfaidh bunús dlí an Chláir don Eoraip Dhigiteach i bhfeidhm, conas a d’fhéadfaí cuid den chaiteachas a chur i gcrích faoin gclár sin. D’fhéadfadh sé go n‑éileodh an tionscnamh úsáid ionstraime speisialta amháin nó níos mó ná ionstraim speisialta amháin mar a shainmhínítear i Rialachán (AE, Euratom) 2020/2093 ón gComhairle 12 . Cuirtear isteach Ráiteas Airgeadais Reachtach leis an togra seo.

I bhfianaise na héigeandála sláinte, déanfar an chuid is mó den chaiteachas ullmhúcháin faoin Ionstraim Tacaíochta Éigeandála sula dtiocfaidh an Rialachán atá beartaithe i bhfeidhm. Ní dhéanfar aon chóras tacaíochta ar leibhéal an Aontais a ghníomhachtú go dtí go dtiocfaidh an Rialachán atá beartaithe i bhfeidhm.

5.EILIMINTÍ EILE

Pleananna cur chun feidhme agus socruithe faireacháin, meastóireachta agus tuairiscithe

Bliain amháin tar éis don Eagraíocht Dhomhanda Sláinte a dhearbhú go bhfuil deireadh tagtha le paindéim COVID‑19, ullmhóidh an Coimisiún tuarascáil maidir le cur i bhfeidhm an Rialacháin seo.

Míniúchán mionsonraithe ar fhorálacha sonracha an togra

In Airteagal 1 agus in Airteagal 2 den togra déantar tuairisc ar ábhar an Rialacháin atá beartaithe agus bunaítear roinnt sainmhínithe. Bunaítear leis an Rialachán atá beartaithe an Deimhniú Glas Digiteach, deimhniú ar creat é chun deimhnithe sláinte idir-inoibritheacha a eisiúint, a fhíorú agus a ghlacadh chun saorghluaiseacht a éascú le linn phaindéim COVID‑19.

Sonraítear in Airteagal 3 na trí chineál deimhnithe atá san áireamh i gcreat an Deimhnithe Ghlais Dhigitigh, eadhon an deimhniú vacsaínithe, an deimhniú tástála, agus an deimhniú téarnaimh. Leagtar amach ann freisin na ceanglais ghinearálta nach mór do na deimhnithe sin a chomhlíonadh, amhail barrachód idir-inoibritheach a áireamh, agus foráiltear ann maidir leis an mbonneagar teicniúil is gá a bhunú. Ba cheart glacadh le deimhnithe arna n‑eisiúint ag Stáit LEE, an Íoslainn, Lichtinstéin agus an Iorua i gcomhréir leis an Rialachán seo tríd an ionstraim seo a chomhtháthú i gcreat LEE. Maidir le deimhnithe arna n‑eisiúint ag an Eilvéis ar bhonn an Rialacháin seo do dhaoine a thairbhíonn de chearta saorghluaiseachta, ba cheart iad a ghlacadh tar éis don Choimisiún cinneadh cur chun feidhme a ghlacadh más deimhin leis go nglactar leo ar bhonn cómhalartach.

Bunaítear le hAirteagal 4 creat iontaoibhe an Deimhnithe Ghlais Dhigitigh ar cheart dó idir-inoibritheacht le córais theicneolaíocha arna mbunú ar an leibhéal idirnáisiúnta a áirithiú, nuair is féidir. Foráiltear leis freisin go nglacfar le deimhnithe slána infhíoraithe arna n‑eisiúint ag tríú tíortha do shaoránaigh an Aontais Eorpaigh agus do bhaill teaghlaigh de réir caighdeáin idirnáisiúnta atá idir-inoibritheach leis an gcreat iontaoibhe a bhunaítear leis an Rialachán seo agus ina bhfuil na sonraí pearsanta is gá, tar éis cinneadh cur chun feidhme ón gCoimisiún.

Tugtar sonraí breise in Airteagal 5 go hAirteagal 7 maidir le heisiúint, le hábhair agus le glacadh an deimhnithe vacsaínithe, an deimhnithe tástála, agus an deimhnithe téarnaimh.

Le hAirteagal 8 tugtar de chumhacht don Choimisiún na sonraíochtaí teicniúla is gá a ghlacadh le haghaidh an chreata iontaoibhe, trí nós imeachta brostaithe i gcás inar gá sin.

Tá rialacha maidir le cosaint sonraí in Airteagal 9.

Bunaítear le hAirteagal 10 nós imeachta um fhógra a thabhairt lena bhféachtar lena áirithiú go gcuirfear Ballstáit eile agus an Coimisiún ar an eolas faoi shrianta ar an gceart chun saorghluaiseachta a bhfuil gá leo de dheasca na paindéime.

In Airteagal 11 agus Airteagal 12 tá rialacha maidir le tarmligean á fheidhmiú ag an gCoimisiún, trí nós imeachta práinne i gcás inar gá sin.

In Airteagal 13 tá rialacha maidir leis an gcoiste ar cuireadh de chúram air cabhrú leis an gCoimisiún an Rialachán a chur chun feidhme.

Leagtar amach in Airteagal 14 gur cheart don Choimisiún tuarascáil a thíolacadh maidir le cur i bhfeidhm an Rialacháin bliain tar éis don Eagraíocht Dhomhanda Sláinte a dhearbhú go bhfuil deireadh tagtha le paindéim SARS-CoV-2, tuarascáil ina leagtar amach, go háirithe, a thionchar ar shaorghluaiseacht agus ar chosaint sonraí.

Foráiltear in Airteagal 15 maidir le teacht i bhfeidhm brostaithe an Rialacháin seo. Luaitear ann freisin gur cheart Airteagail 3, 4, 5, 6, 7 agus 10 a chur ar fionraí trí bhíthin gníomh tarmligthe nuair a dhearbhaíonn an Eagraíocht Dhomhanda Sláinte go bhfuil deireadh tagtha le paindéim COVID‑19. Ag an am céanna, ba cheart a gcur i bhfeidhm a atosú trí bhíthin gníomh tarmligthe má dhearbhaíonn an Eagraíocht Dhomhanda Sláinte paindéim eile de bharr ráig SARS-CoV-2, athraitheach de SARS-CoV-2, nó galair thógálacha chomhchosúla a mbaineann baol eipidéime leo.

San Iarscríbhinn tá na sonraí pearsanta atá le cur san áireamh sna deimhnithe a chumhdaítear leis an Rialachán.

2021/0068 (COD)

Togra le haghaidh

RIALACHÁN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

maidir le creat le haghaidh eisiúint, fíorú agus glacadh deimhnithe idir-inoibritheacha i ndáil le vacsaíniú, tástáil agus téarnamh ar mhaithe leis an tsaorghluaiseacht a éascú le linn phaindéim COVID-19 (Deimhniú Glas Digiteach)

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 21(2) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)Tá an ceart ag gach saoránach den Aontas gluaiseacht agus cónaí faoi shaoirse ar chríoch na mBallstát, faoi réir na dteorainneacha agus na gcoinníollacha dá bhforáiltear sna Conarthaí agus sna forálacha arna nglacadh lena gcur chun feidhme. Le Treoir 2004/38/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 13 , leagtar síos rialacha mionsonraithe maidir le feidhmiú an chirt sin.

(2)An 30 Eanáir 2020, d’fhógair ArdStiúrthóir na hEagraíochta Domhanda Sláinte (EDS) éigeandáil sláinte poiblí arb ábhar imní idirnáisiúnta í i ngeall ar an ráig domhanda de choróinvíreas géarshiondróim throm riospráide 2 (SARS-CoV-2), arb é is cúis le coróinvíreas 2019 (COVID19). An 11 Márta 2020, rinne EDS an measúnú gur féidir COVID19 a shaintréithriú mar phaindéim.

(3)Chun srian a chur le scaipeadh an víris, tá bearta éagsúla glactha ag na Ballstáit, ina measc bearta a raibh tionchar díreach acu ar cheart shaoránaigh an Aontais gluaiseacht agus cónaí faoi shaoirse laistigh de chríoch na mBallstát, amhail srianta ar dhul isteach nó ceanglais ar thaistealaithe trasteorann coraintín/féinleithlisiú a dhéanamh nó tástáil ionfhabhtú SARS-CoV-2 a dhéanamh.

(4)An 13 Deireadh Fómhair 2020, ghlac an Chomhairle Moladh (AE) 2020/1475 ón gComhairle maidir le cur chuige comhordaithe i leith srianta ar an tsaorghluaiseacht mar fhreagairt ar phaindéim COVID19 14 . Bunaítear cur chuige comhordaithe maidir leis na príomhphointí seo a leanas sa Moladh sin: critéir agus tairseacha coiteanna a chur i bhfeidhm agus cinneadh á dhéanamh ar cheart srianta ar an tsaorghluaiseacht a thabhairt isteach, an riosca i dtaobh tharchur COVID19 a mhapáil de réir cód dathanna comhaontaithe, agus cur chuige comhordaithe i leith na mbeart más ann dóibh a d’fhéadfaí a chur i bhfeidhm go hiomchuí maidir le daoine atá ag gluaiseacht idir limistéir, ag brath ar leibhéal an riosca tarchuir sna limistéir sin. Taistealaithe ar riachtanach a dtaisteal, mar a liostaítear iad i bpointe 19 den Mholadh, agus comaitéirí trasteorann, ar daoine iad a mbíonn tionchar ar leith ag srianta den sórt sin ar a saol, go háirithe iad siúd a fheidhmíonn feidhmeanna criticiúla nó a bhfuil ról fíor-riachtanach acu a bhaineann le bonneagar criticiúil, i bhfianaise chás sonrach na ndaoine sin, cuirtear i dtábhacht sa Mholadh gur cheart i bprionsabal iad a dhíolmhú ó shrianta taistil COVID19.

(5)Agus na critéir agus na tairseacha a bunaíodh i Moladh (AE) 2020/1475 á núsáid, bíonn an Lárionad Eorpach um Ghalair a Chosc agus a Rialú (ECDC) ag foilsiú léarscáil de na Ballstáit uair sa tseachtain atá miondealaithe de réir réigiún, chun tacú le cinnteoireacht na mBallstát 15 .

(6)Mar a cuireadh i dtábhacht i Moladh (AE) 2020/1475, aon srianta ar shaorghluaiseacht daoine laistigh den Aontas a chuirtear i bhfeidhm chun leathadh COVID19 a theorannú, ba cheart iad a bheith bunaithe ar fhorais shonracha theoranta leasa phoiblí, eadhon an tsláinte phoiblí a chosaint. Is gá srianta den sórt sin a chur i bhfeidhm i gcomhréir le prionsabail ghinearálta dhlí an Aontais, go háirithe prionsabal na comhréireachta agus prionsabal an neamhidirdhealaithe. Níor cheart, dá bhrí sin, go rachadh aon bheart a dhéanfar thar a bhfuil fíor-riachtanach chun an tsláinte phoiblí a chosaint. Thairis sin, ba cheart do na bearta a dhéanfar a bheith i gcomhréir le bearta arna ndéanamh ag an Aontas chun saorghluaiseacht earraí agus seirbhísí riachtanacha atá mín réidh a áirithiú ar fud an Mhargaidh Aonair, lena náirítear soláthairtí agus pearsanra leighis trí thrasnuithe teorann ‘Lána Glas’, mar a thugtar orthu, dá dtagraítear sa Teachtaireacht ón gCoimisiún maidir le cur chun feidhme na Lánaí Glasa faoi na Treoirlínte maidir le bearta bainistithe teorainneacha chun an tsláinte a chosaint agus chun a áirithiú go mbeidh fáil ar earraí agus seirbhísí riachtanacha 16 .

(7)Níor cheart srian a chur le saorghluaiseacht daoine nach baol don tsláinte phoiblí iad, cuir i gcás daoine atá imdhíonach ar SARS-CoV-2 agus nach féidir leo é a tharchur, mar ní bheadh gá leis na srianta sin chun an cuspóir inmhianaithe a ghnóthú.

(8)Tá tionscnaimh seolta ag roinnt mhaith Ballstát nó tá sé beartaithe acu tionscnaimh a sheoladh chun deimhnithe vacsaínithe a eisiúint. Ní mór na deimhnithe sin a bheith go hiomlán idir-inoibritheach, slán agus infhíoraithe, áfach, chun an leas is éifeachtaí is féidir a bhaint astu i gcomhthéacs trasteorann nuair a fheidhmeoidh saoránaigh a gceart chun saorghluaiseachta. Teastaíonn cur chuige atá comhaontaithe go coiteann maidir le hábhar, formáid, prionsabail agus caighdeáin theicniúla na ndeimhnithe sin.

(9)D’fhéadfadh bearta aontaobhacha sa réimse sin cur isteach go mór ar fheidhmiú cearta saorghluaiseachta, agus údaráis náisiúnta agus seirbhísí iompair paisinéirí amhail aerlínte, traenacha, cóistí agus báid farantóireachta ag dul i ngleic le réimse leathan formáidí doiciméid éagsúla, ní hamháin maidir le stádas vacsaínithe an duine ach maidir le tástálacha COVID19 agus téarnamh féideartha ó COVID19.

(10)Chun feidhmiú an chirt chun gluaiseacht agus cónaí faoi shaoirse ar chríoch na mBallstát a éascú, ba cheart comhchreat a bhunú maidir le deimhnithe idir-inoibritheacha a eisiúint, a fhíorú agus a ghlacadh i ndáil le vacsaíniú in aghaidh COVID19, tástáil COVID19 agus téarnamh ó COVID19, dar teideal ‘Deimhniú Glas Digiteach’.

(11)Níor cheart an tuiscint a bhaint as an Rialachán seo go néascaítear nó go spreagtar srianta ar an tsaorghluaiseacht nó ar chearta bunúsacha eile a ghlacadh mar fhreagairt ar an bpaindéim. Na díolúintí ón srian ar an tsaorghluaiseacht mar fhreagairt ar phaindéim COVID19 dá dtagraítear i Moladh (AE) 2020/1475, ba cheart feidhm a bheith ag na díolúintí sin fós go háirithe. Ag an am céanna, áiritheofar le creat an Deimhnithe Ghlais Dhigitigh go mbeidh deimhnithe idir-inoibritheacha ar fáil freisin do thaistealaithe riachtanacha.

(12)Is ag brath ar iontaoibh atá cur chuige coiteann maidir leis na deimhnithe idir-inoibritheacha sin a eisiúint, a fhíorú agus a ghlacadh. D’fhéadfadh riosca suntasach don tsláinte phoiblí a bheith ag baint le deimhnithe bréagacha COVID19. Teastaíonn dearbhú ó údaráis i mBallstát áirithe go bhfuil an fhaisnéis a áirítear i ndeimhniú arna eisiúint i mBallstát eile iontaofa, nár brionnaíodh í, gur leis an duine a chuireann i láthair í, agus nach mbeidh rochtain ag an duine a fhíoróidh an fhaisnéis sin ach ar an íosmhéid faisnéise is gá.

(13)Is fíor an riosca a bhaineann le deimhnithe bréagacha COVID19. An 1 Feabhra 2021, d’eisigh Europol Fógra Luathrabhaidh maidir le deimhnithe bréagacha thástáil COVID19 a thugann le fios go bhfuair an sealbhóir toradh diúltach a bheith á ndíol go haindleathach 17 . Tá calaoiseoirí in ann deimhnithe brionnaithe, falsaithe nó góchumtha ar ardchaighdeán a tháirgeadh, mar gheall ar na modhanna teicneolaíocha atá ar fáil agus atá inrochtana go héasca, amhail printéirí ardtaifigh agus bogearraí eagarthóireachta grafaicí éagsúla. Tuairiscíodh cásanna de dheimhnithe tástála calaoiseacha a bheith á ndíol go haindleathach, cásanna a mbíonn dronga brionnaithe eagraithe agus caimiléirí aonair ar brabúsaithe iad bainteach leo, daoine a dhíolann deimhnithe bréagacha as líne agus ar líne.

(14)Chun idir-inoibritheacht agus rochtain chomhionann a áirithiú, ba cheart do na Ballstáit na deimhnithe a bhaineann leis an Deimhniú Glas Digiteach a eisiúint i bhformáid dhigiteach nó i bhformáid pháipéarbhunaithe, nó sa dá cheann. Ba cheart go gcuirfeadh sé sin ar chumas an tsealbhóra ionchasaigh cóip pháipéir den deimhniú a iarraidh agus a fháil nó an deimhniú a stóráil agus a thaispeáint ar ghléas móibíleach. Ba cheart barrachód a bheith sna deimhnithe, barrachód atá idir-inoibritheach agus inléite go digiteach ina mbeidh na sonraí ábhartha a bhaineann leis na deimhnithe. Ba cheart do na Ballstáit barántúlacht, bailíocht agus sláine na ndeimhnithe a ráthú trí ríomhshéalaí nó trí mhodhanna comhchosúla. Ba cheart freisin an fhaisnéis ar an deimhniú a bheith i bhformáid atá inléite ag an duine, bíodh sin priontáilte nó ar taispeáint mar théacs simplí. Ba cheart leagan amach na ndeimhnithe a bheith éasca le tuiscint agus ba cheart simplíocht agus fusacht úsáide a áirithiú. Chun bacainní ar an tsaorghluaiseacht a sheachaint, ba cheart na deimhnithe a eisiúint saor in aisce, agus ba cheart é a bheith de cheart ag saoránaigh go neiseofaí iad. Ba cheart do na Ballstáit na deimhnithe a bhaineann leis an Deimhniú Glas Digiteach a eisiúint go huathoibríoch nó arna iarraidh sin orthu, agus é á áirithiú acu gur féidir iad a fháil go héasca agus an tacaíocht is gá á cur ar fáil acu, i gcás inar gá, ionas go mbeidh rochtain chomhionann ag gach saoránach ar na deimhnithe.

(15)Slándáil, barántúlacht, sláine agus bailíocht na ndeimhnithe a bhaineann leis an Deimhniú Glas Digiteach agus a gcomhlíontacht le reachtaíocht an Aontais maidir le cosaint sonraí, tá na nithe sin ríthábhachtach chun go nglacfar leis na deimhnithe i ngach Ballstát. Is gá, dá bhrí sin, creat iontaoibhe a bhunú lena leagtar amach na rialacha maidir le deimhnithe a eisiúint agus a fhíorú ar bhealach iontaofa slán agus an bonneagar ina leith sin. An achoimre ar idir-inoibritheacht na ndeimhnithe sláinte 18 a ghlac an Líonra ríomhShláinte an 12 Márta 2021, Líonra a bunaíodh faoi Airteagal 14 de Threoir 2011/24/AE 19 , ba cheart an achoimre sin a bheith mar bhonn leis an gcreat iontaoibhe.

(16)De bhun an Rialacháin seo, ba cheart na deimhnithe a bhaineann leis an Deimhniú Glas Digiteach a eisiúint do thairbhithe dá dtagraítear in Airteagal 3 de Threoir 2004/38/CE, eadhon saoránaigh an Aontais agus baill dá dteaghlach, is cuma cén náisiúntacht atá acu, ag Ballstát an vacsaínithe nó na tástála, agus ba cheart do Bhallstát an vacsaínithe nó na tástála na deimhnithe sin a eisiúint, nó an Ballstát ina bhfuil an duine téarnaithe suite. I gcás inarb ábhartha nó inarb iomchuí, ba cheart na deimhnithe a eisiúint thar ceann an duine atá vacsaínithe, tástáilte nó téarnaithe, cuir i gcás thar ceann daoine atá faoi éagumas dlíthiúil nó do thuismitheoirí thar ceann a leanaí. Níor cheart dlisteanú ná foirmiúlachtaí comhchosúla eile a bheith ag teastáil i dtaobh na ndeimhnithe.

(17)D’fhéadfaí na teastais a bhaineann leis an Deimhniú Glas Digiteach a eisiúint do náisiúnaigh nó cónaitheoirí Andóra, Mhonacó, Shan Mairíne agus na Vatacáine /an tSuí Naofa freisin, go háirithe i gcás ina bhfuil siad vacsaínithe ag Ballstát.

(18)Is gá a chur san áireamh go bhforáiltear leis na comhaontuithe maidir le saorghluaiseacht daoine arna dtabhairt i gcrích ag an Aontas agus a Bhallstáit, de pháirt, agus tríú tíortha áirithe, den pháirt eile, go bhféadfaí an tsaorghluaiseacht a shrianadh ar chúiseanna sláinte poiblí. I gcás nach mbeidh sásra ionchorpraithe i gcomhaontú den sórt sin maidir le gníomhartha de chuid an Aontais Eorpaigh, ba cheart glacadh le deimhnithe a eisítear do thairbhithe comhaontuithe den sórt sin faoi na coinníollacha a leagtar síos sa Rialachán seo. Ba cheart é sin a bheith ar choinníoll gnímh cur chun feidhme a ghlacfaidh an Coimisiún lena mbunófar go bhfuil na deimhnithe a eisíonn tríú tír áirithe i gcomhréir leis an Rialachán seo agus go bhfuil dearbhuithe foirmiúla curtha ar fáil ag an tír sin go nglacfaidh sí le deimhnithe a eisíonn na Ballstáit.

(19)Tá feidhm ag Rialachán (AE) 2021/XXXX maidir le náisiúnaigh tríú tír nach dtagann faoi raon feidhme an Rialacháin seo, náisiúnaigh tríú tír a bhfuil cónaí orthu nó atá ag fanacht go dleathach ar chríoch Stáit a bhfuil feidhm ag an Rialachán sin maidir leis agus atá i dteideal taisteal chuig Stáit eile i gcomhréir le dlí an Aontais.

(20)Leis an gcreat a bhunófar chun críoch an Rialacháin seo, ba cheart féachaint le comhleanúnachas le tionscnaimh dhomhanda a áirithiú, go háirithe tionscnaimh a bhfuil baint ag EDS leo. Ba cheart a áireamh air sin, i gcás inar féidir, idir-inoibritheacht idir córais teicneolaíochta arna mbunú ar an leibhéal domhanda agus na córais arna mbunú chun críoch an Rialacháin seo chun an tsaorghluaiseacht a éascú laistigh den Aontas, lena náirítear trí rannpháirtíocht i mbonneagar eochrach poiblí nó i malartú déthaobhach eochracha poiblí. Saoránaigh an Aontais a fuair an vacsaín i dtríú tír, chun na cearta saorghluaiseachta atá ag na saoránaigh sin a éascú, ba cheart foráil a dhéanamh sa Rialachán seo maidir le glacadh le deimhnithe arna neisiúint ag tríú tíortha do shaoránaigh an Aontais agus baill dá dteaghlach i gcás ina gcinnfidh an Coimisiún gur de réir caighdeáin atá coibhéiseach leis na caighdeáin arna mbunú de bhun an Rialacháin seo a eisítear na deimhnithe sin.

(21)Ar mhaithe leis an tsaorghluaiseacht a éascú agus lena áirithiú go bhféadfar deireadh a chur leis na srianta ar an tsaorghluaiseacht atá i bhfeidhm faoi láthair le linn phaindéim COVID19 ar bhealach comhordaithe, bunaithe ar an bhfianaise eolaíoch is déanaí atá ar fáil, ba cheart deimhniú vacsaínithe idir-inoibritheach a bhunú. Ba cheart don deimhniú vacsaínithe sin a dheimhniú go bhfuil vacsaín in aghaidh COVID19 faighte ag an sealbhóir i mBallstát. Níor cheart a bheith sa deimhniú ach an fhaisnéis is gá chun an sealbhóir a shainaithint go soiléir mar aon leis an vacsaín in aghaidh COVID19, uimhir thagartha, dáta agus áit an vacsaínithe. Ba cheart do na Ballstáit deimhnithe vacsaínithe a eisiúint i gcás daoine a fhaigheann vacsaíní ar deonaíodh údarú margaíochta dóibh de bhun Rialachán (CE) Uimh. 726/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 20 , i gcás vacsaíní ar deonaíodh údarú margaíochta dóibh de bhun Threoir 2001/83/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 21 , nó i gcás vacsaíní ar ceadaíodh iad a dháileadh go sealadach de bhun Airteagal 5(2) de Threoir 2001/83/CE.

(22)Ba cheart an deis a bheith ag daoine a bhfuil vacsaín faighte acu roimh dháta chur i bhfeidhm an Rialacháin seo deimhniú a fháil maidir le vacsaíniú in aghaidh COVID19, deimhniú a chomhlíonann an Rialachán seo, lena náirítear daoine a bhfuil vacsaín faighte acu mar chuid de thriail chliniciúil. An tráth céanna, ba cheart é a bheith de shaoirse ag na Ballstáit cruthúnais ar vacsaíniú a eisiúint i bhformáidí eile chun críoch eile, go háirithe chun críoch míochaine.

(23)Ba cheart do na Ballstáit freisin deimhnithe vacsaínithe a eisiúint freisin do shaoránaigh an Aontais agus do bhaill dá dteaghlach a bhfuil an vacsaín faighte acu i dtríú tír agus a chuireann cruthúnas iontaofa ar fáil chuige sin.

(24)An 27 Eanáir 2021, ghlac an Líonra ríomhShláinte treoirlínte maidir le cruthúnas ar vacsaíniú chun críoch míochaine, treoirlínte a nuashonraíodh an 12 Márta 2021 22 . Na treoirlínte sin, go háirithe na caighdeáin chóid tosaíochta, ba cheart iad a bheith mar bhonn leis na sonraíochtaí teicniúla a ghlacfar chun críoch an Rialacháin seo.

(25)Cheana féin, tá roinnt Ballstát ann a dhíolmhaíonn daoine vacsaínithe ó shrianta áirithe ar an tsaorghluaiseacht laistigh den Aontas. I gcás ina nglacfaidh Ballstáit le cruthúnas ar vacsaíniú chun srianta ar an tsaorghluaiseacht a tharscaoileadh, i gcomhréir le dlí an Aontais agus ar mhaithe le teorainn a chur le leathadh COVID19, amhail ceanglais chun coraintín/féinleithlisiú a dhéanamh nó chun tástáil ionfhabhtú SARS-CoV-2 a dhéanamh, ba cheart a cheangal orthu glacadh le deimhnithe vacsaínithe bailí arna neisiúint ag Ballstáit eile i gcomhréir leis an Rialachán seo faoi na coinníollacha céanna. Ba cheart an glacadh sin a dhéanamh faoi na coinníollacha céanna, rud a chiallaíonn, mar shampla, i gcás ina measfaidh Ballstát gur leor dáileog aonair vacsaíne a thabhairt, ba cheart dó a dhéanamh amhlaidh i gcás sealbhóirí deimhnithe vacsaínithe a léiríonn dáileog aonair den vacsaín chéanna. Ar fhorais a bhaineann leis an tsláinte phoiblí, ba cheart an oibleagáid sin a theorannú do dhaoine a bhfuil vacsaín in aghaidh COVID19 faighte acu ar deonaíodh údarú margaíochta dó de bhun Rialachán (CE) Uimh. 726/2004. Níor cheart don mhéid sin cosc a chur ar na Ballstáit cinneadh a dhéanamh glacadh le deimhnithe vacsaínithe arna neisiúint le haghaidh vacsaíní eile in aghaidh COVID19, amhail vacsaíní ar dheonaigh údarás inniúil Ballstáit údarú margaíochta dóibh de bhun Threoir 2001/83/CE, vacsaíní ar ceadaíodh iad a dháileadh go sealadach de bhun Airteagal 5(2) de Threoir 2001/83/CE, nó vacsaíní dár tugadh liostáil úsáide éigeandála EDS.

(26)Is gá cosc a chur ar idirdhealú in aghaidh daoine nach bhfuil vacsaínithe, mar shampla ar chúiseanna leighis, toisc nach bhfuil siad mar chuid den spriocghrúpa a bhfuil an vacsaín á mholadh ina leith faoi láthair, toisc nach raibh an deis acu vacsaín a fháil go fóill nó toisc gur roghnaigh siad gan vacsaín a fháil. Dá bhrí sin, deimhniú vacsaínithe nó deimhniú vacsaínithe lena léirítear táirge íocshláinte vacsaíne sonraí, níor cheart seilbh deimhnithe den sórt sin a bheith ina réamhchoinníoll chun cearta saorghluaiseachta a fheidhmiú, go háirithe i gcás ina mbeidh na daoine sin in ann a thaispeáint ar bhealaí eile go bhfuil ceanglais dhleathacha a bhaineann leis an tsláinte phoiblí á gcomhlíonadh acu, agus nach féidir le seilbh deimhnithe den sórt sin a bheith ina réamhchoinníoll chun seirbhísí iompair paisinéirí trasteorann a úsáid amhail aerlínte, traenacha, cóistí nó báid farantóireachta.

(27)Tá roinnt mhaith Ballstát ag éileamh ar dhaoine atá ag taisteal go dtí a gcríoch tástáil ionfhabhtú SARS-CoV-2 a dhéanamh roimh theacht dóibh nó ina dhiaidh. Ag tús phaindéim COVID19, is iondúil go mbíodh na Ballstáit ag brath ar imoibriú slabhrúil polaiméaráise cúl-trascrioptáise (RT-PCR), ar tástáil aimpliúcháin aigéid núicléasaigh (NAAT) é le haghaidh dhiagnóisic COVID19 a measann EDS agus ECDC gurb é ‘an caighdeán óir’ é, eadhon, an mhodheolaíocht is iontaofa chun cásanna agus teagmhálacha a thástáil 23 . Agus an paindéim ag dul ar aghaidh, tá glúin nua tástálacha níos tapúla agus níos saoire ar fáil ar an margadh Eorpach, eadhon na tástálacha meara antaiginí, mar a thugtar orthu, tástálacha a dhéanann láithreacht próitéiní víreasacha (antaiginí) a bhrath ionas gur féidir ionfhabhtú leanúnach a bhrath. An 18 Samhain 2020, ghlac an Coimisiún Moladh (AE) 2020/1743 ón gCoimisiún maidir le tástálacha meara antaiginí a úsáid chun ionfhabhtú SARS-CoV-2 a dhiagnóisiú 24 .

(28)An 22 Eanáir 2021, ghlac an Chomhairle Moladh 2021/C 24/01 ón gComhairle maidir le comhchreat chun tástálacha meara antaiginí a úsáid agus a bhailíochtú agus chun aitheantas frithpháirteach a thabhairt do thorthaí tástála COVID19 san Aontas 25 , lena bhforáiltear do liosta coiteann de thástálacha meara antaiginí COVID19 a fhorbairt. An 18 Feabhra 2021, tháinig an Coiste Slándála Sláinte ar chomhaontú maidir le liosta coiteann de thástálacha meara antaiginí COVID19, rogha de thástálacha meara antaiginí a dtabharfaidh na Ballstáit aitheantas frithpháirteach dá dtorthaí, agus tacar sonraí coiteann caighdeánaithe atá le háireamh i ndeimhnithe torthaí na dtástálacha COVID19 26 .

(29)D’ainneoin na gcomhiarrachtaí sin, tá fadhbanna ann fós do shaoránaigh den Aontas agus do bhaill dá dteaghlach atá ag feidhmiú a gceart chun saorghluaiseachta agus iad ag iarraidh toradh tástála a fuarthas i mBallstát amháin a úsáid i mBallstát eile. Is minic a bhaineann na fadhbanna sin leis an teanga ina neisítear an toradh tástála, nó le heaspa iontaoibhe i mbarántúlacht an doiciméid a thaispeántar.

(30)Chun feabhas a chur ar ghlacadh na dtorthaí tástála a dhéantar i mBallstát eile agus na torthaí sin á gcur i láthair chun saorghluaiseacht a dhéanamh, ba cheart deimhniú tástála idir-inoibritheach a bhunú ina mbeadh an fhaisnéis is gá chun an sealbhóir a shainaithint go soiléir, mar aon le cineál, dáta agus toradh na tástála le haghaidh ionfhabhtú SARS-CoV-2. Torthaí thástálacha NAAT agus torthaí tástálacha meara antaiginí atá sa liosta arna bunú ar bhonn Mholadh 2021/C 24/01 ón gComhairle, níor cheart ach torthaí na dtástálacha sin a bheith incháilithe do dheimhniú tástála a eiseofaí ar bhonn an Rialacháin seo, ar mhaithe le hiontaofacht thoradh na tástála a áirithiú. An tacar sonraí coiteann caighdeánaithe atá le háireamh i ndeimhnithe torthaí na dtástálacha COVID19 arna chomhaontú ag an gCoiste Slándála Sláinte ar bhonn Mholadh 2021/C 24/01 ón gComhairle, agus go háirithe na caighdeáin chóid tosaíochta, ba cheart an tacar sin a bheith mar bhonn leis na sonraíochtaí teicniúla a ghlacfar chun críoch an Rialacháin seo.

(31)Ballstáit a éilíonn cruthúnas ar thástáil ionfhabhtú SARS-CoV-2 i gcomhthéacs na srianta ar an tsaorghluaiseacht a cuireadh i bhfeidhm chun leathadh COVID19 a theorannú, ba cheart do na Ballstáit sin glacadh le deimhnithe tástála arna neisiúint ag Ballstáit i gcomhréir leis an Rialacháin seo.

(32)De réir fianaise atá ann cheana, is féidir le daoine atá téarnaithe ó COVID19 toradh dearfach a fháil ar thástáil SARS-CoV-2 ar feadh tréimhse áirithe tar éis do na comharthaí sóirt a theacht orthu 27 . I gcás ina mbeidh sé de cheangal ar na daoine sin tástáil a dhéanamh agus iad ag iarraidh saorghluaiseacht a dhéanamh, d’fhéadfaí, dá bhrí sin, cosc a chur orthu taisteal a dhéanamh d’ainneoin nach bhfuil siad ionfhabhtaíoch a thuilleadh. Ar mhaithe leis an tsaorghluaiseacht a éascú, agus lena áirithiú gur féidir na srianta ar an tsaorghluaiseacht atá i bhfeidhm faoi láthair le linn phaindéim COVID19 a bhaint ar bhealach comhordaithe, bunaithe ar an bhfianaise eolaíoch is déanaí atá ar fáil, ba cheart deimhniú téarnaimh idir-inoibritheach a bhunú ina mbeadh an fhaisnéis is gá chun an duine lena mbaineann a shainaithint go soiléir agus an dáta a bhfuarthas toradh dearfach ar thástáil ionfhabhtú SARS-CoV-2 roimhe sin. Ba cheart deimhniú téarnaimh a eisiúint ar a luaithe ón aonú lá déag tar éis na chéad tástála dearfaí agus ba cheart an deimhniú sin a bheith bailí ar feadh tréimhse nach faide ná 180 lá. De réir ECDC, tá sé léirithe san fhianaise is déanaí cé gur féidir SARS-CoV-2 inmharthana a scoitheadh idir an deichiú lá agus an fichiú lá tar éis do na comharthaí sóirt a theacht ar dhuine, tá teipthe ar staidéir eipidéimeolaíochta áititheacha a léiriú gur féidir an galar a tharchur tar éis a deichiú lá. Ba cheart an chumhacht a thabhairt don Choimisiún an tréimhse sin a athrú ar bhonn treorach ón gCoiste Slándála Sláinte nó ó ECDC, Lárionad a bhfuil dlúthstaidéar á dhéanamh aige ar an mbonn fianaise maidir leis an tréimhse imdhíonachta faighte tar éis téarnaimh.

(33)Cheana féin, tá roinnt Ballstát ann a dhíolmhaíonn daoine téarnaithe ó shrianta áirithe ar an tsaorghluaiseacht laistigh den Aontas. I gcás ina nglacfaidh Ballstáit le cruthúnas ar théarnamh chun srianta ar an tsaorghluaiseacht a tharscaoileadh, i gcomhréir le dlí an Aontais agus ar mhaithe le teorainn a chur le leathadh SARS-CoV-2, amhail ceanglais chun coraintín/féinleithlisiú a dhéanamh nó chun tástáil ionfhabhtú SARS-CoV-2 a dhéanamh, ba cheart a cheangal orthu glacadh le deimhnithe téarnaimh bailí arna neisiúint ag Ballstáit eile i gcomhréir leis an Rialachán seo faoi na coinníollacha céanna. Tá an Líonra ríomhShláinte, i gcomhar leis an gCoiste Slándála Sláinte, ag obair ar threoirlínte maidir le deimhnithe téarnaimh agus tacair sonraí ina leith sin freisin.

(34)Chun go mbeidh an Coimisiún in ann teacht ar chomhsheasamh go tapa, ba cheart dó a bheith in ann a iarraidh ar an gCoiste Slándála Sláinte arna bhunú le hAirteagal 17 de Chinneadh Uimh. 1082/2013/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 28 treoraíocht a eisiúint maidir leis an bhfianaise eolaíoch atá ar fáil i ndáil le hiarmhairtí teagmhas leighis atá doiciméadaithe sna deimhnithe arna mbunú i gcomhréir leis an Rialachán seo, lena náirítear an éifeachtacht agus fad na himdhíonachta arna dtabhairt le vacsaíní in aghaidh COVID19, cibé acu a chuireann vacsaíní cosc ar ionfhabhtú aisiomptómach agus tarchur an víris, staid na ndaoine atá téarnaithe ón víreas, agus tionchar na nathraitheach SARS-CoV-2 nua ar dhaoine atá vacsaínithe nó a bhí ionfhabhtaithe cheana.

(35)Chun coinníollacha aonfhoirmeacha a áirithiú maidir le cur chun feidhme dheimhnithe an chreata iontaoibhe arna mbunú leis an Rialachán seo, ba cheart cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt don Choimisiún. Ba cheart na cumhachtaí sin  a fheidhmiú i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 29 .

(36)Ba cheart don Choimisiún gníomhartha cur chun feidhme atá infheidhme láithreach a ghlacadh más rud é, i gcásanna a bhfuil cuí leo a bhaineann leis na sonraíochtaí teicniúla is gá chun deimhnithe idir-inoibritheacha a bhunú, go néilítear amhlaidh ar mhórfhorais práinne nó nuair a bheidh fianaise eolaíoch nua ar fáil.

(37)Tá feidhm ag Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 30 maidir le próiseáil sonraí pearsanta a dhéanfar agus an Rialachán seo á chur chun feidhme. Leis an Rialachán seo bunaítear an foras dlíthiúil le próiseáil sonraí pearsanta, de réir bhrí Airteagal 6(1)(c) agus Airteagal 9(2)(g) de Rialachán (AE) 2016/679, próiseáil atá riachtanach chun na deimhnithe idir-inoibritheacha dá bhforáiltear sa Rialachán seo a eisiúint agus a fhíorú. Ní rialaíonn an Rialachán próiseáil sonraí pearsanta a bhaineann le doiciméadú i ndáil le vacsaíniú, tástáil nó teagmhas téarnaimh chun críoch eile, amhail chun críoch faireachais cógas nó chun taifid sláinte phearsanta aonair a chothabháil. Tá foráil le déanamh sa dlí náisiúnta maidir leis an mbunús dlí atá le próiseáil chun críoch eile, agus ní mór dó sin reachtaíocht an Aontais maidir le cosaint sonraí a chomhlíonadh.

(38)I gcomhréir leis an bprionsabal maidir le híoslaghdú sonraí pearsanta, níor cheart a bheith sna deimhnithe ach na sonraí pearsanta is gá chun feidhmiú an chirt chun saorghluaiseachta laistigh den Aontas a éascú le linn phaindéim COVID19. Na catagóirí sonracha i ndáil le sonraí pearsanta agus réimsí sonraí atá le háireamh sna deimhnithe, ba cheart iad sin a leagan amach sa Rialachán seo.

(39)Chun críocha an Rialacháin seo, féadfar sonraí pearsanta a tharchur/a mhalartú thar theorainneacha chun an fhaisnéis is gá a fháil ar mhaith le stádas vacsaínithe, tástála nó téarnaimh an tsealbhóra a dheimhniú agus a fhíorú, agus chun na críche sin amháin. Go háirithe, ba cheart a bheith in ann barántúlacht an deimhnithe a fhíorú leis.

(40)Leis an Rialachán seo, ní chruthaítear bunús dlí maidir le coinneáil sonraí pearsanta arna bhfáil sa deimhniú ag an mBallstát cinn scríbe nó ag na hoibreoirí seirbhísí iompair paisinéirí trasteorann ar a gceanglaíonn an dlí náisiúnta bearta áirithe sláinte poiblí a chur chun feidhme le linn phaindéim COVID19.

(41)Chun an comhordú a áirithiú, ba cheart na Ballstáit agus an Coimisiún a chur ar an eolas nuair a chuireann Ballstát de cheangal ar shealbhóirí deimhnithe coraintín/féinleithlisiú a dhéanamh nó tástáil ionfhabhtú SARS-CoV-2 a dhéanamh, tar éis dóibh dul isteach ina chríoch, nó nuair a dhiúltaíonn sé cead dul isteach do na daoine sin.

(42)I gcomhréir le Moladh (AE) 2020/1475, ba cheart deireadh a chur le haon srianta ar shaorghluaiseacht daoine laistigh den Aontas a cuireadh i bhfeidhm chun leathadh SARS-CoV-2 a theorannú a luaithe a cheadóidh an staid eipidéimeolaíoch é. Tá feidhm aige sin freisin maidir le hoibleagáidí i ndáil le doiciméid a thíolacadh seachas na doiciméid a éilítear le dlí an Aontais, go háirithe Treoir 2004/38/CE, amhail na deimhnithe a chumhdaítear leis an Rialachán seo. Dá bhrí sin, forálacha an Rialacháin i leith chreat an Deimhnithe Ghlais Dhigitigh maidir le deimhnithe idir-inoibritheacha a eisiúint, a fhíorú agus a ghlacadh i ndáil le vacsaíniú in aghaidh COVID19, tástáil COVID19 agus téarnamh ó COVID19, ba cheart na forálacha sin a chur ar fionraí a luaithe a bheidh sé dearbhaithe ag ArdStiúrthóir EDS, i gcomhréir leis na Rialacháin Sláinte Idirnáisiúnta, go bhfuil deireadh tagtha leis an éigeandáil sláinte phoiblí arb ábhar imní idirnáisiúnta í agus is toradh ar SARS-CoV-2. Ag tráth céanna, ba cheart iad a chur i bhfeidhm arís má dhearbhaíonn ArdStiúrthóir EDS éigeandáil sláinte poiblí eile arb ábhar imní idirnáisiúnta í i ngeall ar ráig de SARS-CoV-2, ráig d’athraitheach de sin, nó ráig de ghalair thógálacha chomhchosúla a mbaineann riosca eipidéime leo. I gcás ina mbíonn sé sin amhlaidh, ba cheart na forálacha lena mbaineann a chur ar fionraí arís a luaithe a bheidh deireadh leis an éigeandáil sláinte phoiblí sin arb ábhar imní idirnáisiúnta í.

(43)Ba cheart don Choimisiún tuarascáil a fhoilsiú ar na ceachtanna a foghlaimíodh ó chur i bhfeidhm an Rialacháin seo, lena náirítear an tionchar a bhí aige ar éascú na saorghluaiseachta agus na cosanta sonraí, bliain amháin tar éis d’ArdStiúrthóir EDS a dhearbhú go bhfuil deireadh tagtha leis an éigeandáil sláinte phoiblí arb ábhar imní idirnáisiúnta í agus is toradh ar SARS-CoV-2.

(44)Ionas go bhféadfaí an staid eipidéimeolaíoch agus an dul chun cinn maidir le srian a chur ar mharthanacht phaindéim COVID19 a chur san áireamh agus chun idir-inoibritheacht le caighdeáin idirnáisiúnta a áirithiú, ba cheart an chumhacht chun gníomhartha a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh a tharmligean chuig an gCoimisiún i leith chur i bhfeidhm Airteagal áirithe den Rialachán seo agus i leith an liosta de shonraí pearsanta atá le háireamh sna deimhnithe a chumhdaítear leis an Rialachán seo. Tá sé tábhachtach, go háirithe, go rachadh an Coimisiún i mbun comhairliúcháin iomchuí le linn a chuid oibre ullmhúcháin, lena náirítear ar leibhéal na saineolaithe, agus go ndéanfaí na comhairliúcháin sin i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos i gComhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr 31 . Go sonrach, chun rannpháirtíocht chomhionann in ullmhú na ngníomhartha tarmligthe a áirithiú, faigheann Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle na doiciméid uile ag an tráth céanna leis na saineolaithe sna Ballstáit, agus bíonn rochtain chórasach ag a gcuid saineolaithe ar chruinnithe ghrúpaí saineolaithe an Choimisiúin a bhíonn ag déileáil le hullmhú na ngníomhartha tarmligthe.

(45)Ós rud é nach féidir leis na Ballstáit cuspóirí an Rialacháin seo a ghnóthú go leordhóthanach, eadhon an tsaorghluaiseacht laistigh den Aontas le linn phaindéim COVID19 a éascú trí dheimhnithe idir-inoibritheacha a bhunú maidir le stádas vacsaínithe, tástála agus téarnaimh an tsealbhóra, agus, de bharr fairsinge agus éifeachtaí na gníomhaíochta, gur fearr is féidir iad a ghnóthú ar leibhéal an Aontais, féadfaidh an tAontas bearta a ghlacadh, i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta a leagtar amach in Airteagal 5 den Chonradh ar an Aontas Eorpach. I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta a leagtar amach san Airteagal sin, ní théann an Rialachán seo thar a bhfuil riachtanach chun na cuspóirí sin a ghnóthú.

(46)Leis an Rialachán seo, urramaítear na cearta bunúsacha agus comhlíontar na prionsabail a aithnítear go háirithe sa Chairt um Chearta Bunúsacha (an Chairt), lena náirítear an ceart go ndéanfar an saol príobháideach agus saol an teaghlaigh a urramú, an ceart go ndéanfar sonraí pearsanta a chosaint, an ceart chun comhionannais os comhair an dlí agus chun neamhidirdhealú, an ceart chun saorghluaiseachta agus an ceart chun leigheas éifeachtach a fháil. Ba cheart do na Ballstáit cloí leis an gCairt agus an Rialachán seo á chur chun feidhme acu.

(47)Chuathas i gcomhairle leis an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí de bhun Airteagal 42(1) de Rialachán (AE) Uimh. 2018/1725 32 ,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1
Ábhar

Leis an Rialachán seo leagtar síos creat maidir le heisiúint, fíorú agus glacadh deimhnithe idir-inoibritheacha i ndáil le vacsaíniú in aghaidh COVID‑19, tástáil COVID‑19 agus téarnamh ó COVID‑19, agus an méid sin á dhéanamh ionas go n‑éascófar do na sealbhóirí a gceart chun saorghluaiseachta a fheidhmiú le linn phaindéim COVID‑19 (‘Deimhniú Glas Digiteach’).

Na sonraí pearsanta is gá chun deimhnithe den sórt sin a eisiúint, déantar foráil leis an Rialachán seo maidir leis an bhforas dlíthiúil chun iad a phróiseáil, iad sin agus an fhaisnéis is gá chun barántúlacht agus bailíocht deimhnithe den sórt sin a dheimhniú agus a fhíorú.

Airteagal 2
Sainmhínithe

Chun críocha an Rialacháin seo tá feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:

(1)Ciallaíonn ‘sealbhóir’ an saoránach den Aontas nó na baill de theaghlach saoránaigh den Aontas dár eisíodh deimhniú idir-inoibritheach ina bhfuil faisnéis faoina stádas vacsaínithe, a stádas tástála agus/nó a stádas téarnaimh i gcomhréir leis an Rialachán seo.

(2)Ciallaíonn ‘Deimhniú Glas Digiteach’ deimhnithe idir-inoibritheacha ina bhfuil faisnéis faoi stádas vacsaínithe, stádas tástála agus/nó stádas téarnaimh an tsealbhóra, deimhnithe arna neisiúint i gcomhthéacs phaindéim COVID19;

(3)ciallaíonn ‘vacsaín in aghaidh COVID19’ táirge íocshláinte imdhíoneolaíoch a bhfuil tásc ann maidir lena húsáid le haghaidh imdhíonadh gníomhach chun COVID19 a chosc;

(4)ciallaíonn ‘tástáil NAAT’ tástáil aimpliúcháin mhóilínigh aigéid núicléasaigh (NAAT), amhail teicnící um imoibriú slabhrúil polaiméaráise cúl-trascrioptáise (RT-PCR), um aimpliúchán isiteirmeach trí mheán lúibe (LAMP) agus um aimpliúchán trí mheán trasscríofa (TRA), tástáil a úsáidtear chun láithreacht aigéad ribeanúicléasach (RNA) SARS-CoV-2 a bhrath;

(5)ciallaíonn ‘tástáil mhear antaiginí’ modh tástála a bhraitheann ar phróitéiní víreasacha (antaiginí) a bhrath trí imdhíonmheasúnacht sreafa chliathánaigh a úsáid, agus a chuireann torthaí ar fáil i níos lú ná 30 nóiméad;

(6)ciallaíonn ‘idir-inoibritheacht’ an cumas atá i gcórais fíorúcháin i mBallstát úsáid a bhaint as sonraí a d’ionchódaigh Ballstát eile;

(7)ciallaíonn ‘barrachód’ modh chun sonraí a stóráil agus a léiriú i bhformáid amhairc atá inléite ag meaisín;

(8)ciallaíonn ‘ríomhshéala’ sonraí i bhfoirm leictreonach atá ceangailte de shonraí eile i bhfoirm leictreonach, nó a bhfuil baint loighciúil acu leo, chun foinse agus sláine na sonraí eile sin a áirithiú;

(9)ciallaíonn ‘aitheantóir uathúil deimhnithe’ aitheantóir uathúil a thugtar, i gcomhréir le comhstruchtúr, do gach deimhniú a eisítear i gcomhréir leis an Rialachán seo;

(10)ciallaíonn ‘creat iontaoibhe’ na rialacha, na beartais, na sonraíochtaí, na prótacail, na formáidí sonraí agus an bonneagar digiteach lena rialáiltear agus lena gcumasaítear eisiúint shlán iontaofa deimhnithe agus fíorú deimhnithe chun a niontaofacht a ráthú trína mbarántúlacht, a mbailíocht agus a nionracas a dheimhniú, rud ar féidir úsáid ríomhshéalaí a bheith ar áireamh ann.

Airteagal 3
Deimhniú Glas Digiteach

1.Leis an Deimhniú Glas Digiteach cumasófar eisiúint, fíorú trasteorann agus glacadh trasteorann aon cheann de na deimhnithe seo a leanas:

(a)deimhniú lena ndeimhnítear go bhfuair an sealbhóir vacsaín in aghaidh COVID19 sa Bhallstát a d’eisigh an deimhniú (‘deimhniú vacsaínithe’);

(b)deimhniú lena gcuirtear in iúl an toradh a fuair an sealbhóir agus dáta tástála NAAT nó tástála mire antaiginí a liostaítear sa liosta coiteann cothrom le dáta de thástálacha meara antaiginí COVID19 arna bhunú ar bhonn Mholadh 2021/C 24/01 ón gComhairle 33 (‘deimhniú tástála’);

(c)deimhniú lena ndeimhnítear gur théarnaigh an sealbhóir ó ionfhabhtú SARS-CoV-2 tar éis tástáil NAAT dhearfach nó tástáil mhear antaiginí dhearfach a liostaítear sa liosta coiteann cothrom le dáta de thástálacha meara antaiginí COVID19 arna bhunú ar bhonn Mholadh 2021/C 24/01 (‘deimhniú téarnaimh’).

2.Is i bhformáid dhigiteach nó i bhformáid pháipéarbhunaithe, nó sa dá fhormáid sin, a eiseoidh na Ballstáit na deimhnithe dá dtagraítear i mír 1. Na deimhnithe a eiseoidh na Ballstáit, beidh barrachód idir-inoibritheach iontu lena bhféadfar barántúlacht, bailíocht agus sláine an deimhnithe a fhíorú. Comhlíonfaidh an barrachód na sonraíochtaí teicniúla arna mbunú i gcomhréir le hAirteagal 8. An fhaisnéis a bheidh sna deimhnithe, déanfar í a thaispeáint freisin i bhfoirm atá inléite ag an duine, agus is sna teangacha seo a leanas a bheidh sí ar a laghad – teanga oifigiúil nó teangacha oifigiúla an Bhallstáit eisiúna agus an Béarla.

3.Eiseofar na deimhnithe dá dtagraítear i mír 1 saor in aisce. Beidh an sealbhóir i dteideal a iarraidh go neiseofar deimhniú nua mura bhfuil na sonraí pearsanta atá sa deimhniú cruinn nó cothrom le dáta nó mura bhfuil siad cruinn nó cothrom le dáta a thuilleadh, nó mura bhfuil an deimhniú ar fáil don sealbhóir a thuilleadh.

4.Eisiúint na ndeimhnithe dá dtagraítear i mír 1, ní dhéanfaidh sí difear do bhailíocht cineálacha eile cruthúnais vacsaínithe, cruthúnais tástála ná cruthúnais téarnaimh a eisíodh roimh theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo nó chun críoch eile, go háirithe chun críoch íocshláinte.

5.I gcás inar ghlac an Coimisiún gníomh cur chun feidhme de bhun an dara fomhír, glacfar faoi na coinníollacha dá dtagraítear in Airteagal 5(5) le teastais arna neisiúint i gcomhréir leis an Rialachán seo ag tríú tír a bhfuil comhaontú tugtha i gcrích ag an Aontas Eorpach agus a Bhallstáit léi maidir le saorghluaiseacht daoine, comhaontú lena gceadaítear do na páirtithe conarthacha srian a chur ar an tsaorghluaiseacht sin ar fhorais a bhaineann leis an tsláinte phoiblí ar bhealach neamhidirdhealaitheach, agus nach bhfuil sásra ionchorpraithe ann maidir le gníomhartha de chuid an Aontais.

Déanfaidh an Coimisiún measúnú féachaint an i gcomhréir leis an Rialachán seo a eisíonn an tríú tír sin deimhnithe, agus ar thug sí dearbhuithe foirmiúla go nglacfaidh sí le deimhnithe arna n‑eisiúint ag na Ballstáit. Má bhítear i gcomhréir leis an Rialachán agus má tugadh dearbhuithe foirmiúla, glacfaidh an Coimisiún gníomh cur chun feidhme i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 13(2).

6.An Coiste Slándála Sláinte arna bhunú le hAirteagal 17 de Chinneadh Uimh. 1082/2013/AE, féadfaidh an Coimisiún a iarraidh air treoir a eisiúint maidir leis an bhfianaise eolaíoch atá ar fáil i ndáil leis an toradh a bhíonn ar na teagmhais leighis a dhoiciméadaítear sna deimhnithe dá dtagraítear i mír 1.

Airteagal 4
Creat iontaoibhe an Deimhnithe Ghlais Dhigitigh

1.Déanfaidh an Coimisiún agus na Ballstáit bonneagar digiteach creata iontaoibhe a chur ar bun agus a choinneáil ar bun, rud a fhágfaidh gur féidir na deimhnithe dá dtagraítear in Airteagal 3 a eisiúint agus a fhíorú ar bhealach slán.

2.Idir-inoibritheacht le córais theicneolaíocha arna mbunú ar an leibhéal idirnáisiúnta, áiritheofar sin leis an gceart iontaoibhe nuair is féidir.

3.I gcás inar ghlac an Coimisiún gníomh cur chun feidhme de bhun an dara fomhír, deimhnithe arna neisiúint ag tríú tíortha do shaoránaigh den Aontas agus do bhaill dá dteaghlach de réir caighdeán idirnáisiúnta agus córas teicneolaíochta atá idir-inoibritheach leis an gcreat iontaoibhe arna bhunú ar bhonn an Rialacháin seo agus lena bhfágtar gur féidir barántúlacht, bailíocht agus sláine an deimhnithe a fhíorú, deimhnithe ina bhfuil na sonraí a leagtar amach san Iarscríbhinn, caithfear leis na deimhnithe sin de réir mar a chaitear le deimhnithe arna neisiúint ag na Ballstáit i gcomhréir leis an Rialachán seo, ionas go néascófar do na sealbhóirí a gceart chun saorghluaiseachta laistigh den Aontas Eorpach a fheidhmiú. Chun críocha na fomhíre seo, is faoi na coinníollacha dá dtagraítear in Airteagal 5(5) a ghlacfaidh na Ballstáit le deimhnithe vacsaínithe arna neisiúint ag tríú tíortha.

Déanfaidh an Coimisiún measúnú féachaint an gcomhlíonann deimhnithe arna n‑eisiúint ag tríú tír na coinníollacha a leagtar amach sa mhír seo. Má chomhlíonann, glacfaidh an Coimisiún gníomh cur chun feidhme i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 13(2).

Airteagal 5
Deimhniú vacsaínithe

1.An deimhniú vacsaínithe dá dtagraítear in Airteagal 3(1)(a), eiseoidh gach Ballstát sin don té ar tugadh vacsaín COVID19 dó, rud a dhéanfaidh sé go huathoibríoch nó arna iarraidh ag an té sin.

2.Beidh na catagóirí sonraí pearsanta seo a leanas sa deimhniú vacsaínithe:

(a)céannacht an tsealbhóra;

(b)faisnéis faoin táirge íocshláinte vacsaínithe a tugadh;

(c)meiteashonraí an deimhnithe, amhail eisitheoir an deimhnithe nó aitheantóir uathúil deimhnithe.

Na réimsí sonracha sonraí a leagtar amach i bpointe 1 den Iarscríbhinn, is i gcomhréir leo sin a chuimseofar na sonraí pearsanta sa deimhniú vacsaínithe.

Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 11 chun pointe 1 den Iarscríbhinn a leasú trí réimsí sonraí i ndáil leis na catagóirí sonraí pearsanta a luaitear sa mhír seo a chur isteach, a mhodhnú nó a bhaint.

3.Is i bhformáid shlán idir-inoibritheach dá bhforáiltear in Airteagal 3(2) a eiseofar an deimhniú vacsaínithe, agus léireofar go soiléir ann cé acu a cuireadh an cúrsa vacsaínithe i gcrích nó nár cuireadh.

4.An nós imeachta dá bhforáiltear in Airteagal 12, beidh feidhm aige maidir le gníomhartha tarmligthe arna nglacadh de bhun an Airteagail seo nuair is gá sin de bharr mórchúiseanna práinne i gcás ina dtiocfaidh fianaise eolaíoch nua chun cinn nó chun idir-inoibritheacht le caighdeáin agus córais teicneolaíochta idirnáisiúnta a áirithiú.

5.Srianta ar an tsaorghluaiseacht arna gcur i bhfeidhm i gcomhréir le dlí an Aontais chun leathadh COVID19 a theorannú, i gcás ina nglacfaidh na Ballstáit le cruthúnas vacsaínithe mar údar leis na srianta sin a tharscaoileadh, glacfaidh siad freisin, faoi na coinníollacha céanna, le deimhnithe bailí vacsaínithe arna neisiúint ag Ballstáit eile i gcomhréir leis an Rialachán seo i ndáil le vacsaín in aghaidh COVID19 ar deonaíodh údarú margaíochta di de bhun Rialachán (CE) Uimh. 726/2004.

Féadfaidh na Ballstáit glacadh, chun na críche céanna, le deimhnithe bailí vacsaínithe arna n‑eisiúint ag Ballstáit eile i gcomhréir leis an Rialachán seo i ndáil le vacsaín in aghaidh COVID‑19 ar dheonaigh údarás inniúil Ballstáit údarú margaíochta di de bhun Threoir 2001/83/CE, i ndáil le vacsaín in aghaidh COVID‑19 ar ceadaíodh í a dháileadh go sealadach ar bhonn Airteagal 5(2) de Threoir 2001/83/CE, nó i ndáil le vacsaín in aghaidh COVID‑19 dár tugadh liostáil úsáide éigeandála EDS.

6.I gcás ina ndearnadh saoránach den Aontas nó ball dá theaghlach saoránaigh den Aontas a vacsaíniú i dtríú tír le ceann de na cineálacha vacsaíní in aghaidh COVID19 dá dtagraítear i mír 5 den Airteagal seo, agus inar tugadh an fhaisnéis ar fad is gá d’údaráis Ballstáit, lena náirítear cruthúnas iontaofa vacsaínithe, eiseoidh siad deimhniú vacsaínithe dá dtagraítear in Airteagal 3(1)(a) don duine lena mbaineann.

Airteagal 6
Deimhniú Tástála

1.An deimhniú tástála dá dtagraítear in Airteagal 3(1)(b), déanfaidh gach Ballstát é a eisiúint do dhaoine a ndearnadh tástáil COVID19 orthu, rud a dhéanfaidh sé go huathoibríoch nó arna iarraidh ag na daoine sin.

2.Beidh na catagóirí sonraí pearsanta seo a leanas sa deimhniú tástála:

(a)céannacht an tsealbhóra;

(b)faisnéis faoin tástáil a rinneadh;

(c)meiteashonraí an deimhnithe, amhail eisitheoir an deimhnithe nó aitheantóir uathúil deimhnithe.

Na réimsí sonracha sonraí a leagtar amach i bpointe 2 den Iarscríbhinn, is i gcomhréir leo sin a chuimseofar na sonraí pearsanta sa deimhniú tástála.

Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 11 chun pointe 2 den Iarscríbhinn a leasú trí réimsí sonraí i ndáil leis na catagóirí sonraí pearsanta a luaitear sa mhír seo a chur isteach, a mhodhnú nó a bhaint.

3.Is i bhformáid shlán idir-inoibritheach dá bhforáiltear in Airteagal 3(2) a eiseofar an deimhniú tástála.

4.An nós imeachta dá bhforáiltear in Airteagal 12, beidh feidhm aige maidir le gníomhartha tarmligthe arna nglacadh de bhun an Airteagail seo nuair is gá sin de bharr mórchúiseanna práinne i gcás ina dtiocfaidh fianaise eolaíoch nua chun cinn nó chun idir-inoibritheacht le caighdeáin agus córais teicneolaíochta idirnáisiúnta a áirithiú.

5.Srianta ar an tsaorghluaiseacht arna gcur i bhfeidhm i gcomhréir le dlí an Aontais chun leathadh COVID19 a theorannú, i gcás ina néileoidh na Ballstáit cruthúnas ar thástáil maidir le hionfhabhtú SARS-CoV-2 mar chuid de na srianta sin, glacfaidh siad freisin le deimhnithe bailí tástála arna neisiúint ag Ballstáit eile i gcomhréir leis an Rialachán seo.

Airteagal 7
Deimhniú téarnaimh

1.An deimhniú téarnaimh dá dtagraítear in Airteagal 3(1)(c), eiseoidh gach Ballstát é, arna iarraidh sin orthu, ón aonú lá déag ar a luaithe tar éis do dhuine a chéad tástáil dhearfach a fháil maidir le hionfhabhtú SARS-CoV-2.

Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 11 chun an líon laethanta óna bhféadfar deimhniú téarnaimh a eisiúint, bunaithe ar threoir a gheofar ón gCoiste Slándála Sláinte i gcomhréir le hAirteagal 3(6) nó ar bhonn fianaise eolaíoch arna hathbhreithniú ag ECDC.

2.Beidh na catagóirí sonraí pearsanta seo a leanas sa deimhniú téarnaimh:

(a)céannacht an tsealbhóra;

(b)faisnéis faoi ionfhabhtú SARS-CoV-2 a tharla roimhe seo;

(c)meiteashonraí an deimhnithe, amhail eisitheoir an deimhnithe nó aitheantóir uathúil deimhnithe.

Na réimsí sonracha sonraí a leagtar amach i bpointe 3 den Iarscríbhinn, is i gcomhréir leo sin a chuimseofar na sonraí pearsanta sa deimhniú téarnaimh.

Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 11 chun pointe 3 den Iarscríbhinn a leasú trí réimsí sonraí, lena n‑áirítear a fhad a bheidh deimhniú téarnaimh bailí, réimsí sonraí i ndáil leis na catagóirí sonraí pearsanta a luaitear sa mhír seo a chur isteach, a mhodhnú nó a bhaint.

3.Is i bhformáid shlán idir-inoibritheach dá bhforáiltear in Airteagal 3(2) a eiseofar an deimhniú téarnaimh.

4.An nós imeachta dá bhforáiltear in Airteagal 12, beidh feidhm aige maidir le gníomhartha tarmligthe arna nglacadh de bhun an Airteagail seo nuair is gá sin de bharr mórchúiseanna práinne i gcás ina dtiocfaidh fianaise eolaíoch nua chun cinn nó chun idir-inoibritheacht le caighdeáin agus córais teicneolaíochta idirnáisiúnta a áirithiú.

5.Srianta ar an tsaorghluaiseacht arna gcur i bhfeidhm i gcomhréir le dlí an Aontais chun leathadh COVID19 a theorannú, i gcás ina nglacfaidh na Ballstáit le cruthúnas téarnaimh ó ionfhabhtú SARS-CoV-2 mar údar leis na srianta sin a tharscaoileadh, glacfaidh siad faoi na coinníollacha céanna le deimhnithe bailí téarnaimh arna neisiúint ag Ballstáit eile i gcomhréir leis an Rialachán seo.

Airteagal 8
Sonraíochtaí teicniúla

Chun coinníollacha aonfhoirmeacha a áirithiú maidir le cur chun feidhme an chreata iontaoibhe a bhunaítear leis an Rialachán seo, glacfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme ina mbeidh na sonraíochtaí teicniúla agus na rialacha maidir leis na nithe seo a leanas:

(a)na deimhnithe dá dtagraítear in Airteagal 3 a eisiúint agus a fhíorú ar bhealach slán;

(b)slándáil na sonraí pearsanta a áirithiú, agus cineál na sonraí á chur san áireamh;

(c)na deimhnithe dá dtagraítear in Airteagal 3 a líonadh isteach, lena náirítear an córas códúcháin agus aon eilimint ábhartha eile;

(d)comhstruchtúr an aitheantóra uathúil deimhnithe a leagan síos;

(e)barrachód bailí, slán agus idir-inoibritheach a eisiúint;

(f)idir-inoibritheacht le caighdeáin idirnáisiúnta agus/nó le córais theicneolaíocha idirnáisiúnta a áirithiú;

(g)freagrachtaí a leithdháileadh i measc rialaitheoirí agus maidir le próiseálaithe.

Is i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 13(2) a ghlacfar na gníomhartha cur chun feidhme sin.

De bharr mórchúiseanna práinne cuí‑réasúnaithe, go háirithe chun a áirithiú go gcuirfear an creat iontaoibhe chun feidhme go tráthúil, glacfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme a bheidh infheidhme láithreach i gcomhréir leis an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 13(3).

Airteagal 9
Cosaint sonraí pearsanta

1.Na sonraí pearsanta a bheidh sna deimhnithe a eiseofar i gcomhréir leis an Rialachán seo, próiseálfar iad chun an fhaisnéis a chuimsítear sa deimhniú a rochtain agus a fhíorú ionas go néascófar feidhmiú an chirt chun saorghluaiseachta laistigh den Aontas le linn phaindéim COVID19.

2.Údaráis inniúla an Bhallstáit is ceann scríbe, nó na seirbhísí iompair paisinéirí trasteorann ar a gceanglaíonn an dlí náisiúnta bearta áirithe sláinte poiblí a chur chun feidhme le linn phaindéim COVID19, próiseálfaidh siad na sonraí pearsanta a chuimsítear sna deimhnithe dá dtagraítear in Airteagal 3 chun stádas vacsaínithe, stádas tástála nó stádas téarnaimh an tsealbhóra a dheimhniú agus a fhíorú. Chun na críche sin, beidh na sonraí pearsanta teoranta don mhéid a bhfuil fíorghá leis. Ní choinneofar na sonraí pearsanta a dhéanfar a rochtain de bhun na míre seo.

3.Na sonraí pearsanta a phróiseálfar chun na deimhnithe dá dtagraítear in Airteagal 3 a eisiúint, lena náirítear chun deimhniú nua a eisiúint, ní choinneofar iad níos faide ná mar is gá chun an méid sin a dhéanamh agus ní choinneofar iad i gcás ar bith ar feadh am is faide ná an tréimhse a fhéadfar na deimhnithe a úsáid chun an ceart chun saorghluaiseachta a fheidhmiú.

4.Na húdaráis atá freagrach as na deimhnithe dá dtagraítear in Airteagal 3 a eisiúint, measfar gur rialaitheoirí iad dá dtagraítear in Airteagal 4(7) de Rialachán (AE) 2016/679.

Airteagal 10
Nós imeachta fógartha

1.Sealbhóirí deimhnithe dá dtagraítear in Airteagal 3, i gcás ina gceanglóidh Ballstát orthu tabhairt faoi choraintín, féinleithlisiú nó tástáil maidir le hionfhabhtú SARS-CoV-2 tar éis dul isteach ina chríoch, nó ina ndiúltóidh sé iontráil do na daoine sin, tabharfaidh sé fógra do na Ballstáit eile agus don Choimisiún roimh an am atá sé beartaithe na srianta sin a thabhairt isteach. Chuige sin, soláthróidh an Ballstát an fhaisnéis seo a leanas:

(a)na cúiseanna atá leis na srianta sin, lena náirítear na sonraí eipidéimeolaíocha ábhartha ar fad a thacaíonn leo;

(b)raon feidhme na srianta sin, rud lena sonrófar cé na taistealaithe a bheidh faoi réir na srianta nó a bheidh díolmhaithe uathu;

(c)dáta agus fad na srianta.

I gcás inar gá, féadfaidh an Coimisiún faisnéis bhreise a iarraidh ón mBallstát lena mbaineann.

Airteagal 11
An tarmligean a fheidhmiú

1.Is faoi réir na gcoinníollacha a leagtar síos san Airteagal seo a thugtar an chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh.

2.An chumhacht gníomhartha tarmligthe a ghlacadh dá dtagraítear in Airteagail 5(2), 6(2), 7(1), 7(2) agus 15, tabharfar an chumhacht sin don Choimisiún go ceann tréimhse neamhchinntithe ama ón [dáta teacht i bhfeidhm].

3.Féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle tarmligean na gcumhachtaí dá dtagraítear in Airteagail 5(2), 6(2), 7(1), 7(2) agus 15 a chúlghairm tráth ar bith. Le cinneadh chun cúlghairm a dhéanamh, cuirfear deireadh le tarmligean na cumhachta arna sonrú sa chinneadh sin. Gabhfaidh éifeacht leis an lá tar éis fhoilsiú an chinnidh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh nó ar dháta is déanaí arna shonrú sa chinneadh. Ní dhéanfaidh sé difear do bhailíocht aon ghnímh tharmligthe atá i bhfeidhm cheana féin.

4.Sula nglacfaidh an Coimisiún gníomh tarmligthe, rachaidh sé i mbun comhairliúchán le saineolaithe arna nainmniú ag gach Ballstát i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos i gComhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr.

5.A luaithe a ghlacfaidh an Coimisiún gníomh tarmligthe, tabharfaidh sé fógra ina leith go comhuaineach do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle.

6.Gníomh tarmligthe a ghlacfar de bhun Airteagail 5(2), 6(2), 7(1), 7(2) agus 15, ní thiocfaidh sé i bhfeidhm ach amháin mura gcuirfidh Parlaimint na hEorpa ná an Chomhairle aon agóid in iúl laistigh de thréimhse 2 mhí tar éis fógra faoin ngníomh sin a thabhairt do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle nó más rud é, roimh dhul in éag na tréimhse sin, go mbeidh sé curtha in iúl don Choimisiún ag Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle araon nach ndéanfaidh siad agóid. Déanfar an tréimhse sin a fhadú 2 mhí ar thionscnamh Pharlaimint na hEorpa nó na Comhairle.

Airteagal 12
Nós imeachta práinne

1.Gníomhartha tarmligthe a ghlactar faoin Airteagal seo, tiocfaidh siad i bhfeidhm gan mhoill agus beidh feidhm acu ar choinníoll nach ndéanfar agóid i gcomhréir le mír 2. Déanfar na cúiseanna le húsáid a bhaint as an nós imeachta práinne a lua san fhógra faoi ghníomh tarmligthe a thabharfar do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle.

2.Féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle agóid a dhéanamh in aghaidh gníomh tarmligthe i gcomhréir leis an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 11(6). I gcás den sórt sin, déanfaidh an Coimisiún an gníomh a aisghairm láithreach tar éis do Pharlaimint na hEorpa nó don Chomhairle fógra a thabhairt maidir leis an gcinneadh agóid a dhéanamh.

Airteagal 13
Nós imeachta coiste

1.Beidh coiste ann a thabharfaidh cúnamh don Choimisiún. Is coiste de réir bhrí Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 a bheidh sa choiste sin.

2.I gcás ina ndéanfar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5 de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

3.I gcás ina ndéanfar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 8 de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011, i gcomhar le hAirteagal 5 de.

Airteagal 14
Tuairisciú

Bliain tar éis d’Ard‑Stiúrthóir na hEagraíochta Domhanda Sláinte a dhearbhú, i gcomhréir leis na Rialacháin Sláinte Idirnáisiúnta, go bhfuil deireadh tagtha leis an éigeandáil sláinte poiblí arb ábhar imní idirnáisiúnta í agus is toradh ar SARS-CoV-2, cuirfidh an Coimisiún tuarascáil faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle maidir le cur i bhfeidhm an Rialacháin seo.

Cuimseofar sa tuarascáil, go háirithe, measúnú ar thionchar an Rialacháin seo maidir le saorghluaiseacht saoránach den Aontas agus ball dá dteaghlach a éascú agus le sonraí pearsanta a chosaint le linn phaindéim COVID‑19.

Airteagal 15
Teacht i bhfeidhm agus infheidhmeacht

1.Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an tríú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

2.Glacfaidh an Coimisiún gníomh tarmligthe i gcomhréir le hAirteagal 11 lena sonraítear an dáta óna gcuirfear cur i bhfeidhm Airteagail 3, 4, 5, 6, 7 agus 10 ar fionraí tar éis d’ArdStiúrthóir na hEagraíochta Domhanda Sláinte a dhearbhú, i gcomhréir leis na Rialacháin Sláinte Idirnáisiúnta, go bhfuil deireadh leis an éigeandáil sláinte poiblí arb ábhar imní idirnáisiúnta í agus is toradh ar SARS-CoV-2.

3.Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomh tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 11 lena sonraítear an dáta óna mbeidh feidhm ag Airteagail 3, 4, 5, 6, 7 agus 10 in athuair má tharlaíonn sé, tar éis na fionraí dá dtagraítear i mír 2 den Airteagal seo, go ndearbhóidh ArdStiúrthóir na hEagraíochta Domhanda Sláinte éigeandáil sláinte poiblí a bheith ann arb ábhar imní idirnáisiúnta í agus a bhaineann le SARS-CoV-2, le hathraitheach de, nó le galair thógálacha chomhchosúla a mbaineann riosca eipidéime leo. Tar éis gníomh tarmligthe den sórt sin a ghlacadh, beidh feidhm ag mír 2 den Airteagal seo.

4.I gcás forbairtí maidir le heigeandálaí sláinte poiblí arb ábhar imní idirnáisiúnta iad, an nós imeachta dá bhforáiltear in Airteagal 12, beidh feidhm aige maidir le gníomhartha tarmligthe arna nglacadh de bhun an Airteagail seo nuair is gá sin de bharr mórchúiseanna práinne.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil,

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa    Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán    An tUachtarán

1.LEAGAN AMACH AN TOGRA/TIONSCNAIMH

1.1.Teideal an togra/tionscnaimh

1.2.Réimsí beartais lena mbaineann

1.3.An cineál togra/tionscnaimh

1.4.Cuspóirí

1.4.1Cuspóirí ginearálta

1.4.2Cuspóirí sonracha

1.4.3Na torthaí agus an tionchar a bhfuil súil leo

1.4.4Táscairí feidhmíochta

1.5.Forais an togra/tionscnaimh

1.5.1Na ceanglais is gá a chomhlíonadh sa ghearrthéarma nó san fhadtéarma, lena náirítear amlíne mhionsonraithe maidir le cur chun feidhme céimneach an tionscnaimh

1.5.2Breisluach rannpháirtíocht an Aontais

1.5.3Ceachtanna a foghlaimíodh ó thaithí eile den sórt sin san am a chuaigh thart

1.5.4Comhoiriúnacht don Chreat Airgeadais Ilbhliantúil agus sineirgíochtaí a d’fhéadfadh a bheith ann le hionstraimí iomchuí eile

1.5.5Measúnú ar na roghanna éagsúla maoinithe atá ar fáil, lena n‑áirítear na féidearthachtaí athshannadh a dhéanamh

1.6.Fad an togra/tionscnaimh agus an tionchar airgeadais a mheastar a bheidh aige

1.7.Modhanna bainistíochta atá beartaithe

2.BEARTA BAINISTÍOCHTA

2.1.Rialacha faireacháin agus tuairiscithe

2.2.Córas bainistíochta agus rialaithe

2.2.1An bonn cirt atá leis na modhanna bainistíochta, le sásraí cur chun feidhme an mhaoinithe, leis na coinníollacha íocaíochta agus leis an straitéis rialaithe atá beartaithe

2.2.2Faisnéis faoi na rioscaí a aithníodh agus na córais rialaithe inmheánacha a cuireadh ar bun chun na rioscaí a mhaolú

2.2.3Meastachán ar chost‑éifeachtúlacht na rialuithe agus an bonn cirt atá leis sin

2.3.Bearta chun calaois agus neamhrialtachtaí a chosc

3.AN TIONCHAR AIRGEADAIS A MHEASTAR A BHEIDH AG AN TOGRA/TIONSCNAMH

3.1.Ceannteidil an chreata airgeadais ilbhliantúil agus na línte buiséid ar a nimreofar tionchar

3.2.An tionchar airgeadais a mheastar a bheidh ag an togra ar leithreasuithe 

3.2.1.Achoimre ar an tionchar a mheastar a bheidh aige ar chaiteachas

3.2.2.An t‑aschur a mheastar a mhaoineofar le leithreasuithe faoi chomhair oibríochtaí

3.2.3.Achoimre ar an tionchar a mheastar a bheidh aige ar leithreasuithe de chineál riaracháin

3.2.4.Comhoiriúnacht don chreat airgeadais ilbhliantúil reatha

3.2.5.Ranníocaíochtaí ó thríú páirtithe

3.3.

RÁITEAS AIRGEADAIS REACHTACH

1.LEAGAN AMACH AN TOGRA/TIONSCNAIMH

1.1.Teideal an togra/tionscnaimh

Togra le haghaidh Rialacháin ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le creat chun deimhnithe idir-inoibritheacha maidir le vacsaíniú, tástáil agus téarnamh a eisiúint, a fhíorú agus a ghlacadh chun an tsaorghluaiseacht a éascú le linn phaindéim COVID‑19 (Deimhniú Glas Digiteach).

1.2.Réimsí beartais lena mbaineann

Saorghluaiseacht daoine laistigh den Aontas Eorpach

Téarnamh agus Athléimneacht

1.3.An cineál togra/tionscnaimh

 beart nua 

 beart nua a leanann treoirthionscadal/réamhbheart 34  

 síneadh ar bheart atá ann cheana 

 beart nó bearta a chumasc nó a atreorú i dtreo beart eile/beart nua 

1.4.Cuspóirí

1.4.1.Cuspóir(í) ginearálta

Is é cuspóir ginearálta an Rialacháin seo eisiúint, fíorú agus glacadh deimhnithe idir-inoibritheacha maidir le vacsaíniú, tástáil agus téarnamh a áirithiú chun an tsaorghluaiseacht a éascú laistigh den Aontas le linn phaindéim COVID‑19.

1.4.2.Cuspóir(í) sonracha

Cuspóir Sonrach Uimh. 1

Formáid agus ábhar deimhnithe vacsaínithe, deimhnithe tástála agus deimhnithe téarnaimh arna n‑eisiúint ag na Ballstáit a leagan amach chun an tsaorghluaiseacht a éascú.

Cuspóir Sonrach Uimh. 2

Idir-inoibritheacht, slándáil agus infhíoraitheacht na ndeimhnithe atá á n‑eisiúint ag na Ballstáit a áirithiú.

Cuspóir Sonrach Uimh. 3

Na rialacha a leagan síos maidir le glacadh le deimhnithe vacsaínithe, deimhnithe tástála agus deimhnithe téarnaimh arna n‑eisiúint ag na Ballstáit chun an tsaorghluaiseacht a éascú.

1.4.3.Na torthaí agus an tionchar a bhfuil súil leo

Sonraigh an tionchar a bheadh ag an togra/tionscnamh ar na tairbhithe/grúpaí ar a bhfuil sé dírithe.

Is é is aidhm don togra feidhmiú an chirt chun saorghluaiseachta a éascú laistigh den Aontas le linn phaindéim COVID‑19 trí chreat coiteann a bhunú chun deimhnithe idir-inoibritheacha maidir le vacsaíniú in aghaidh COVID‑19, tástáil COVID‑19 agus téarnamh ó COVID‑19 a eisiúint, a fhíorú agus a ghlacadh. Ba cheart go ligfeadh sé sin do shaoránaigh an Aontais agus do bhaill dá dteaghlaigh a fheidhmíonn a gceart chun saorghluaiseachta a léiriú go gcomhlíonann siad na ceanglais sláinte poiblí arna bhforchur ag an mBallstát cinn scríbe, i gcomhréir le dlí an Aontais. Tá sé mar aidhm ag an togra freisin a áirithiú go bhféadfar deireadh a chur, ar bhealach comhordaithe, leis na srianta ar an tsaorghluaiseacht atá i bhfeidhm faoi láthair chun leathadh COVID‑19 a theorannú de réir mar a bheidh tuilleadh fianaise eolaíche ar fáil.

Tabharfar tacaíocht do na Ballstáit chun an bonneagar is gá a bhunú le haghaidh eisiúint agus fhíorú idir-inoibritheach na ndeimhnithe atá i gcreat an ‘Deimhnithe Ghlais Dhigitigh’. Ina theannta sin, bunóidh an Coimisiún agus na Ballstáit an bonneagar teicneolaíoch is gá do chreat an ‘Deimhnithe Ghlais Dhigitigh’ agus coinneoidh siad ar bun an bonneagar sin.

1.4.4.Táscairí feidhmíochta

Sonraigh na táscairí chun faireachán a dhéanamh ar dhul chun cinn agus ar ghnóthachain.

Ullmhúchán don fhorbairt

Tar éis an dréacht‑Rialachán a fhormheas agus sonraíochtaí teicniúla an chreata iontaoibhe a ghlacadh, ba cheart bonneagar digiteach slán leordhóthanach a cheapadh ar leibhéal an Aontais idir na córais náisiúnta, lena n‑áiritheofar fíorú iontaofa deimhnithe. I gcás inar féidir sin a dhéanamh go teicniúil, féadfaidh bonneagar den sórt sin dearadh na réiteach atá ann cheana agus atá ag feidhmiú ar leibhéal an Aontais a athúsáid, ar réitigh iad lena n‑éascaítear malartuithe faisnéise idir réitigh inneall sna Ballstáit.

Faoi réir le haghaidh oibríochtaí a luaithe is féidir in 2021

Chun go mbeidh bonneagar digiteach ar leibhéal an Aontais beo, ba cheart don Choimisiún agus do na Ballstáit tástálacha cuimsitheacha a dhéanamh chun an méid idirbheart a bhfuiltear ag súil leis a láimhseáil.

Córas atá i bhfeidhm

Ba cheart don Choimisiún a áirithiú go bhfuil an bonneagar digiteach tacaíochta ar leibhéal an Aontais i bhfeidhm, agus go n‑oibrítear é agus go ndéantar faireachán éifeachtach air.

1.5.Forais an togra/tionscnaimh 

1.5.1.Na ceanglais is gá a chomhlíonadh sa ghearrthéarma nó san fhadtéarma, lena náirítear amlíne mhionsonraithe maidir le cur chun feidhme céimneach an tionscnaimh

Chun idir-inoibritheacht a áirithiú idir na réitigh theicniúla éagsúla atá á bhforbairt ag na Ballstáit, tá roinnt acu tar éis glacadh le cruthúnais vacsaínithe chun taistealaithe a dhíolmhú ó shrianta áirithe, tá gá le coinníollacha aonfhoirmeacha maidir le deimhnithe a eisiúint, a fhíorú agus a ghlacadh maidir le vacsaíniú in aghaidh COVID‑19, tástálacha COVID‑19 agus téarnamh ó COVID‑19.

Leagtar amach i gcreat an ‘Deimhnithe Ghlais Dhigitigh’ formáid agus ábhar na ndeimhnithe maidir le vacsaíniú in aghaidh COVID‑19, tástáil COVID‑19 agus téarnamh ó COVID‑19. Ba cheart go n‑áiritheofaí le creat an ‘Deimhnithe Ghlais Dhigitigh’ gur féidir na deimhnithe sin a eisiúint i bhformáid idir-inoibritheach agus gur féidir iad a fhíorú go hiontaofa nuair a thíolacfaidh an sealbhóir iad i mBallstáit eile, agus sa chaoi sin éascófar an tsaorghluaiseacht laistigh den Aontas.

Tá sé mar aidhm ag an togra freisin tionscnaimh náisiúnta a chomhlánú chun deimhnithe vacsaínithe, deimhnithe tástála agus deimhnithe téarnaimh a bhunú ar bhealach comhordaithe, comhleanúnach agus idir-inoibritheach chun dúbailt na n‑iarrachtaí a sheachaint.

Beidh feidhm ag creat an ‘Deimhnithe Ghlais Dhigitigh’ fad a mhairfidh paindéim COVID‑19 mar bheart chun cearta saorghluaiseachta na saoránach a éascú agus cuirfear ar fionraí é nuair a dhearbhófar go bhfuil deireadh tagtha leis an bpaindéim. Féadfar é a atosú i gcás paindéimí amach anseo.

1.5.2.Breisluach a bhaineann le rannpháirteachas AE (d'fhéadfadh an breisluach a bheith ann mar thoradh ar fhachtóirí éagsúla, e.g. gnóthachain de thoradh comhordú, deimhneacht dhlíthiúil, breis éifeachtachta, nó comhlántachtaí). Chun críocha an phointe seo, is é a chiallaíonn “breisluach a bhaineann le rannpháirteachas AE” an luach a thagann as idirghabháil an Aontais ar luach é atá sa bhreis ar an luach a bheadh ann dá mbeadh na Ballstáit ag feidhmiú leo féin.

Cúiseanna leis an ngníomhaíocht ar leibhéal an Aontais (ex ante): Ní féidir leis na Ballstáit cuspóirí an togra seo, eadhon an tsaorghluaiseacht a éascú laistigh den Aontas le linn phaindéim COVID‑19 trí dheimhnithe slána agus idir-inoibritheacha a bhunú maidir le stádas vacsaínithe, stádas tástála agus stádas téarnaimh an tsealbhóra, a bhaint amach go leordhóthanach agus iad ag gníomhú go neamhspleách agus, de bharr fhairsinge agus éifeachtaí na gníomhaíochta, is fearr is féidir iad a bhaint amach ar leibhéal an Aontais. Dá bhrí sin, tá gá le gníomhaíocht ar leibhéal an Aontais.

Breisluach an Aontais a mheastar a ghinfear (ex post): Mura ngníomhaíonn siad ar leibhéal an Aontais, is dócha go nglacfadh Ballstáit córais éagsúla, rud a d’fhágfadh go mbeadh fadhbanna ag saoránaigh a gcearta chun saorghluaiseacht a fheidhmiú agus a ndoiciméid á nglacadh i mBallstáit eile. Go háirithe, is gá teacht ar chomhaontú maidir leis na caighdeáin theicniúla atá le húsáid chun idir-inoibritheacht, slándáil agus infhíoraitheacht na ndeimhnithe atá á n‑eisiúint a áirithiú.

1.5.3.Ceachtanna a foghlaimíodh ó thaithí eile den sórt sin san am a chuaigh thart

Cuirfidh an obair leis an taithí a fuarthas ó bhunú an bhonneagair dhigitigh ar a dtugtar ‘Cónaidhm Eorpach na Seirbhíse Tairsí’ le haghaidh malartú trasteorann sonraí idir teagmhálaithe náisiúnta agus feidhmchláir mhóibíleacha rabhaidh maidir le dul i ngleic le paindéim COVID‑19. Tá sé ríthábhachtach tacaíocht a thabhairt ar leibhéal an Aontais chun freastalaithe deiridh náisiúnta a nascadh mar aon le cúnamh chun réitigh a fhorbairt agus a chur in úsáid i ngach Ballstát chun a áirithiú go nglacfar go réidh agus go cothrom leis na réitigh atá beartaithe ar fud na mBallstát go léir.

1.5.4.Comhoiriúnacht don Chreat Airgeadais Ilbhliantúil agus sineirgíochtaí a d’fhéadfadh a bheith ann le hionstraimí iomchuí eile

Tá sé beartaithe ag an gCoimisiún tacú le bearta práinneacha tríd an Ionstraim Tacaíochta Éigeandála, agus fiosróidh sé conas a d’fhéadfaí cuid den tacaíocht airgeadais a bheith le tabhairt ag cláir eile amhail an Eoraip Dhigiteach ag céim níos déanaí. Beidh an maoiniú comhoiriúnach leis an gCreat Airgeadais Ilbhliantúil 2021-2027. D’fhéadfadh sé go n‑éileodh an tionscnamh úsáid ionstraime speisialta amháin nó níos mó ná ionstraim speisialta amháin mar a shainmhínítear i Rialachán CAI. Glacfaidh an Coimisiún an tionscnamh is iomchuí chun a áirithiú go slógfar acmhainní in am trátha.

1.5.5.Measúnú ar na roghanna éagsúla maoinithe atá ar fáil, lena náirítear na féidearthachtaí athshannadh a dhéanamh

Féadfar na gníomhaíochtaí seo a leanas a chumhdach le tacaíocht airgeadais ón Aontas:

1) Tacaíocht maidir le sonraíochtaí teicniúla an chreata 

a. sonraíochtaí a bhaineann le hailtireacht fhoriomlán eisiúint agus fhíorú an Deimhnithe Ghlais Dhigitigh agus le struchtúir sonraí (slándáil, deimhnithe digiteacha/séalaí digiteacha chun na deimhnithe atá i gcreat an ‘Deimhnithe Ghlais Dhigitigh’, údaráis iontaoibhe, etc. a shíniú go digiteach);

b. sonraíochtaí a bheidh le leanúint ag na Ballstáit chun na deimhnithe a bhaineann leis an ‘Deimhniú Glas Digiteach’ a eisiúint agus a fhíorú;

c. sonraíochtaí maidir leis an gcóras tacaíochta iomchuí ar fud na mBallstát, a fhéadfar a oibriú ar leibhéal an Aontais (cumarsáid thar chórais na mBallstát).

2) Cruthúnas coincheapa agus gníomhaíochtaí píolótacha, lena n‑áirítear seiceálacha slándála, pointe 1 thuas a chur chun feidhme mar réiteach tagartha

3) Cur in úsáid ar fud roinnt Ballstát píolótach

a. measúnú tionchair ar chosaint sonraí (más gá);

b. iniúchadh slándála;

c. cur in úsáid iarbhír an chórais agus an próiseas ionduchtúcháin a bhunú.

4) tacaíocht airgeadais ón Aontas chun cúnamh a thabhairt do na Ballstáit agus réitigh náisiúnta eisiúna agus fíoraithe a fhorbairt lena mbeidh siad idir-inoibritheacht ar leibhéal an Aontais agus, i gcás inar féidir, le córais theicneolaíocha atá bunaithe ar an leibhéal idirnáisiúnta

5 ) Próiseas ionduchtúcháin na mBallstát

6) Córais an Aontais a thacaíonn le hidir-inoibritheacht a oibriú agus a chothabháil

Úsáidfidh an Coimisiún cistí ó leithreasú faoin Ionstraim Tacaíochta Éigeandála chun tacú leis na bearta is práinní faoin tionscnamh agus fiosróidh sé, a luaithe a thiocfaidh bunús dlí an Chláir don Eoraip Dhigiteach i bhfeidhm, conas a d’fhéadfaí cuid den chaiteachas a chur i gcrích faoin gclár sin.

I bhfianaise na héigeandála sláinte, déanfar an chuid is mó den chaiteachas ullmhúcháin faoin Ionstraim Tacaíochta Éigeandála sula dtiocfaidh an bunús dlí don ‘Deimhniú Glas Digiteach’ i bhfeidhm. Ní dhéanfar aon chóras ar leibhéal an Aontais a ghníomhachtú go dtí go dtiocfaidh an bunús dlí a ghabhann leis i bhfeidhm.

1.6.Fad agus tionchar airgeadais

 tréimhse theoranta

   i bhfeidhm ón dáta a nglacfar é go dtí go gcuirfear ar fionraí creat an ‘Deimhnithe Ghlais Dhigitigh’ chun deimhnithe idir-inoibritheacha maidir le vacsaíniú in aghaidh COVID‑19, tástáil COVID‑19 agus téarnamh ó COVID‑19 a eisiúint, a fhíorú agus a ghlacadh a luaithe a bheidh sé dearbhaithe ag Ard‑Stiúrthóir EDS, i gcomhréir leis na Rialacháin Sláinte Idirnáisiúnta, go bhfuil deireadh tagtha leis an éigeandáil sláinte poiblí ar ábhar imní idirnáisiúnta í atá mar thoradh ar SARS-CoV-2.

   Tionchar airgeadais ó 2021 maidir le leithreasuithe faoi chomhair gealltanas agus íocaíochtaí. Ní mór gealltanais Ionstraim Tacaíochta Éigeandála a thabhairt i gcrích faoin 31 Eanáir 2022.

 tréimhse neamhtheoranta

1.7.Modhanna bainistíochta atá beartaithe 35

 Bainistíocht dhíreach a dhéanann an Coimisiún

ina ranna, lena n‑áirítear an chuid sin den fhoireann atá i dtoscaireachtaí an Aontais;

   trí na gníomhaireachtaí feidhmiúcháin

 Bainistíocht atá comhroinnte leis na Ballstáit

 Bainistíocht indíreach trí chúraimí a bhaineann le cur chun feidhme an bhuiséid a shannadh dóibh seo a leanas:

tríú tíortha nó na comhlachtaí a d'ainmnigh siad;

eagraíochtaí idirnáisiúnta agus a ngníomhaireachtaí (tabhair sonraí);

BEI agus an Ciste Eorpach Infheistíochta;

comhlachtaí dá dtagraítear in Airteagal 70 agus Airteagal 71 den Rialachán Airgeadais;

comhlachtaí dlí phoiblí;

comhlachtaí arna rialú ag an dlí príobháideach agus a bhfuil misean seirbhíse poiblí acu sa mhéid go soláthraíonn siad ráthaíochtaí leordhóthanacha airgeadais;

comhlachtaí arna rialú ag dlí príobháideach Ballstáit, a gcuirtear de chúram orthu comhpháirtíochtaí príobháideacha poiblí a chur chun feidhme, agus a sholáthraíonn ráthaíochtaí leordhóthanacha airgeadais;

daoine a gcuirtear de chúram orthu bearta sonracha a chur chun feidhme in CBES de bhun Theideal V de CAE, ar daoine iad a aithnítear sa bhunghníomh ábhartha.

I gcás ina sonraítear níos mó ná modh bainistíochta amháin, tabhair sonraí sa roinn ‘Nótaí’ le do thoil.

Nótaí

Nóta ar bith.

2.BEARTA BAINISTÍOCHTA

2.1.Rialacha faireacháin agus tuairiscithe

Sonraigh minicíocht na mbeart agus na coinníollacha atá leo.

Déanfar monatóireacht rialta ar ghníomhaíochtaí a fhaigheann cúnamh airgeadais faoi scáth an togra seo.

Tíolacfaidh an Coimisiún tuarascáil maidir le cur i bhfeidhm an Rialacháin bliain tar éis don Eagraíocht Dhomhanda Sláinte a dhearbhú go bhfuil deireadh tagtha le paindéim SARS-CoV-2, tuarascáil ina leagtar amach, go háirithe, a thionchar ar an tsaorghluaiseacht agus ar chosaint sonraí.

2.2.Córas bainistíochta agus rialaithe

2.2.1.An bonn cirt atá leis na modhanna bainistíochta, le sásraí cur chun feidhme an mhaoinithe, leis na coinníollacha íocaíochta agus leis an straitéis rialaithe atá beartaithe 

Mód bainistíochta

Déanfar na gníomhaíochtaí a thacaíonn le haidhmeanna an Rialacháin a chur chun feidhme go díreach mar a fhoráiltear sa Rialachán Airgeadais.

Déanfaidh an Coimisiún, trí dheontais dhíreacha a thabhairt do na haireachtaí ábhartha nó do na comhlachtaí ábhartha arna n‑údarú agus arna gcumhachtú acu, nó forbairt agus oibríochtaí aon bhonneagair idir-inoibritheachta a bhfuil gá leis ar leibhéal an Aontais, a sholáthar, aon tacaíocht is gá agus aon tacaíocht a bhfuil bonn cirt cuí léi a thabhairt do na Ballstáit. Meastar gurb é an leagan amach sin an leagan amach is iomchuí chun cuspóirí an Rialacháin a bhaint amach trí phrionsabail na barainneachta, na héifeachtúlachta agus an luacha is fearr ar airgead a chur san áireamh go hiomlán.

Ionstraimí cistiúcháin

Bainfear leas as na gníomhaíochtaí a bheidh le cistiú chun aidhmeanna an Rialacháin a bhaint amach ón Ionstraim Tacaíochta Éigeandála. A luaithe a thiocfaidh bunús dlí an Chláir don Eoraip Dhigiteach i bhfeidhm, fiosróidh an Coimisiún an chaoi a bhféadfaí cuid den chaiteachas a mhaoiniú faoin gclár sin.

Úsáidfidh an Coimisiún deontais do na Ballstáit chun tacú le cur chun feidhme an bhonneagair theicniúil is gá chun idir-inoibritheacht a áirithiú i gcomhréir leis na forálacha sa Rialachán Airgeadais.

Straitéisí Rialaithe

Tabharfar san áireamh sna straitéisí rialaithe an riosca a bhaineann leis an sásra cur chun feidhme agus leis na huirlisí cistiúcháin faoi seach.

I dtaca le deontais, bunófar an straitéis rialaithe dá réir agus díreoidh an straitéis sin ar thrí chéim thábhachtacha de chur chun feidhme na ndeontas, i gcomhréir leis an Rialachán Airgeadais:

a. Glaonna a eagrú agus tograí a roghnú a oireann do chuspóirí beartais an Rialacháin,

b. Rialú oibríochtaí, faireacháin agus ex ante a chumhdaíonn cur chun feidhme tionscadal, soláthar poiblí, réamh‑mhaoiniú, íocaíochtaí eatramhacha, agus íocaíochtaí críochnaitheacha.

c. Rialú ex post ar thionscadail agus ar íocaíochtaí.

2.2.2.Faisnéis faoi na rioscaí a aithníodh agus na córais rialaithe inmheánacha a cuireadh ar bun chun na rioscaí a mhaolú

Aithníodh na rioscaí seo a leanas:

a. Moilleanna maidir le sonraíochtaí an chreata iontaobhais a sheachadadh;

b. Moilleanna i gcur chun feidhme bhonneagair idir-inoibritheachta na mBallstát agus/nó na tairsí arna hoibriú ag an Aontas;

c. Earráidí a d’fhéadfadh a bheith i gcistí an Aontais nó drochbhainistiú/drochúsáid na gcistí sin.

Bainfidh an cur chun feidhme úsáid as deontais, ar lú an seans go dtarlódh earráidí ina leith.

Ar na príomhfheidhmeanna rialaithe dá bhforáiltear, áirítear díriú ar na cuspóirí beartais agus, san am céanna, na cuspóirí rialaithe inmheánacha (dlíthiúlacht agus rialtacht, éifeachtacht rialaithe agus cost‑éifeachtúlacht) á gcur san áireamh. Is é is aidhm dóibh rannpháirtíocht na ngníomhaithe ar fad, an tsolúbthacht bhuiséadach iomchuí agus rialuithe ex-ante agus ex post comhsheasmhacha a áirithiú, agus féadfaidh sé go mbeidh siad difreáilte de réir riosca.

Tá feidhm ag córas rialaithe inmheánaigh an Choimisiúin atá ann cheana chun a áirithiú go n‑úsáidfear na cistí atá ar fáil faoin Ionstraim Tacaíochta Éigeandála (agus faoin gClár don Eoraip Dhigiteach, nuair a ghlacfar é,) go cuí agus i gcomhréir leis an reachtaíocht iomchuí.

Seo mar atá an córas atá i bhfeidhm faoi láthair:

a. Díríonn an fhoireann rialaithe inmheánaigh laistigh d’Ard‑Stiúrthóireacht CONNECT ar chomhlíonadh na nósanna imeachta riaracháin agus na reachtaíochta atá i bhfeidhm. Úsáidtear Creat Rialaithe Inmheánaigh an Choimisiúin chun na críche sin. Leanfaidh seirbhísí eile de chuid an Choimisiúin a bhfuil baint acu le cur chun feidhme na hIonstraime an Creat Rialaithe céanna.

b. Maidir leis na hiniúchtaí rialta a dhéanann iniúchóirí seachtracha ar dheontais agus ar chonarthaí, a dheonófar faoin Rialachán sin, déanfar é a ionchorprú ina iomláine i bpleananna iniúchóireachta bliantúla.

c. Meastóireacht meastóirí seachtracha ar ghníomhaíochtaí foriomlána.

Féadfaidh an Oifig Eorpach Frith‑Chalaoise (OLAF) agus an Chúirt Iniúchóirí na gníomhaíochtaí arna bhfeidhmiú a iniúchadh.

2.2.3.Meastachán ar chostéifeachtúlacht na rialuithe agus an bonn cirt atá leis sin (cóimheas “costais rialaithe ÷ luach na gcistí gaolmhara arna mbainistiú”) agus measúnú ar an leibhéal riosca earráide a mheastar a bheidh ann (tráth an íocaíocht a dhéanamh agus tráth an clár a dhúnadh) 

An leibhéal earráide a mheastar

Is é an aidhm atá ann ráta earráidí iarmharacha a choinneáil faoi bhun 2 % don chaiteachas ar fad a bhaineann le cur chun feidhme na mbeart chun aidhm an Rialacháin a bhaint amach, agus ag an am céanna teorainn a chur leis an ualach rialaithe ar na Ballstáit chun an chothromaíocht cheart a bhaint amach idir an cuspóir dlíthiúlachta agus rialtachta agus cuspóirí eile, amhail éifeachtacht chreat an Deimhnithe Ghlais Dhigitigh.

2.3.Bearta chun calaois agus neamhrialtachtaí a chosc

Sonraigh na bearta coisctheacha agus cosanta atá ann cheana nó atá beartaithe, e.g. ón Straitéis Frithchalaoise.

Tá rún daingean ag Ard‑Stiúrthóireacht CONNECT an chalaois a chomhrac ag gach céim den phróiseas bainistíochta. Tá straitéis chuimsitheach frithchalaoise, lena gcumhdaítear gach príomhghníomhaíocht gnó agus na rioscaí calaoise a bhaineann leo, forbartha agus á cur chun feidhme ag an AS. Áirítear air sin úsáid fheabhsaithe faisnéise trí leas a bhaint as arduirlisí teicneolaíochta faisnéise (go háirithe bainistiú deontais) agus oiliúint agus faisnéis leanúnach don fhoireann. Ar an iomlán, is é is aidhm don tacar iomlán beart rialaithe atá molta tionchar dearfach a imirt ar an troid i gcoinne na calaoise.

Áiritheofar leis an reachtaíocht go bhféadfaidh seirbhísí an Choimisiúin rialuithe barrthábhachtacha amhail iniúchóireachtaí agus/nó seiceálacha ar an láthair a chur i gcrích, lena náirítear an Oifig Eorpach Frith‑Chalaoise, agus iad ag úsáid forálacha caighdeánacha a mholann OLAF.

3.AN TIONCHAR AIRGEADAIS A MHEASTAR A BHEIDH AG AN TOGRA/TIONSCNAMH

3.1.Ceannteidil an chreata airgeadais ilbhliantúil agus na línte buiséid ar a nimreofar tionchar

·Línte buiséid atá ann cheana

In ord cheannteidil agus línte buiséid an chreata airgeadais ilbhliantúil.

Ceannteideal an chreata airgeadais ilbhliantúil

Líne bhuiséid

Cineál 
caiteachais

Ranníocaíocht

Uimhir  

LD/LN 36 .

ó thíortha de chuid CSTE 37

ó thíortha is iarrthóirí 38

ó thríú tíortha

de réir bhrí Airteagal 21(2)(b) den Rialachán Airgeadais

2b

06 07 01 Tacaíocht éigeandála laistigh den Aontas

LD

NÍL

NÍL

NÍL

NÍL

01

02 04 Clár don Eoraip Dhigiteach

LD

TÁ (más shonraítear é sa chlár oibre bliantúil)

Cuid den Chlár

NÍL

Úsáidfidh an Coimisiún cistí ón Ionstraim Tacaíochta Éigeandála chun tacú leis na bearta is práinní faoin tionscnamh ar dtús agus fiosróidh sé, a luaithe a thiocfaidh bunús dlí an Chláir don Eoraip Dhigiteach i bhfeidhm, conas a d’fhéadfaí cuid den chaiteachas a chur i gcrích faoin gclár sin.

3.2.An tionchar a mheastar a bheidh aige ar chaiteachas

3.2.1.Achoimre ar an tionchar a mheastar a bheidh aige ar chaiteachas

   Ní éilíonn an togra/tionscnamh go n‑úsáidfear leithreasuithe faoi chomhair oibríochtaí

   Éilíonn an togra/tionscnamh go n‑úsáidfear leithreasuithe faoi chomhair oibríochtaí mar a mhínítear thíos:

EUR milliúin (go dtí an tríú deachúil)

Ceannteideal an 
chreata airgeadais ilbhliantúil

02

Athléimneacht agus Luachanna

AS CONNECT

Bliain 
2021

Bliain 
2022

Bliain 
2023

Bliain 
2024

IOMLÁN

 Leithreasuithe faoi chomhair oibríochtaí

06 07 01 Tacaíocht éigeandála laistigh den Aontas

Gealltanais

(1a)

46,000

3,000

49,000

Íocaíochtaí

(2a)

37,900

11,100

49,000

IOMLÁN leithreasuithe 
Le haghaidh Ard-Stiúrthóireacht CONNECT faoi Cheannteideal 2b

Gealltanais

=1a

46,000

3,000

49,000

Íocaíochtaí

=2a

37,900

11,100

49,000



IOMLÁN leithreasuithe faoi chomhair oibríochtaí

Gealltanais

(4)

46,000

3,000

49,000

Íocaíochtaí

(5)

37,900

11,100

49,000

IOMLÁN leithreasuithe 
faoi CHEANNTEIDEAL 2b 
den chreat airgeadais ilbhliantúil

Gealltanais

=4

46,000

3,000

49,000

Íocaíochtaí

=5

37,900

11,100

49,000



Ceannteideal an 
chreata airgeadais ilbhliantúil

01

An Margadh Aonair, Nuálaíocht agus Inneachar Digiteach

AS CONNECT

Bliain 
2021

Bliain 
2022

Bliain 
2023

Bliain 
2024

IOMLÁN

• Leithreasuithe faoi chomhair oibríochtaí

02 04 Clár don Eoraip Dhigiteach

Gealltanais

(1b)

p.m

p.m

p.m

Íocaíochtaí

(2b)

p.m

p.m

p.m

IOMLÁN leithreasuithe 
le haghaidh Ard-Stiúrthóireacht CONNECT faoi Cheannteideal 01

Gealltanais

=1b

p.m

p.m

p.m

Íocaíochtaí

=2b

p.m

p.m

p.m



IOMLÁN leithreasuithe faoi chomhair oibríochtaí

Gealltanais

(4)

p.m

p.m

p.m

Íocaíochtaí

(5)

p.m

p.m

p.m

IOMLÁN leithreasuithe 
faoi CHEANNTEIDEAL 01 
den chreat airgeadais ilbhliantúil

Gealltanais

=4

p.m

p.m

p.m

Íocaíochtaí

=5

p.m

p.m

p.m





Ceannteideal an 
chreata airgeadais ilbhliantúil

7

‘Caiteachas riaracháin’

EUR milliúin (go dtí an tríú deachúil)

Bliain 
2021

Bliain 
2022

Bliain 
2023

Bliain 
2024

IOMLÁN

Ard-Stiúrthóireachtaí CONNECT + JUST + SANTE + DIGIT

• Acmhainní daonna

2,214

2,518

4,732

• Caiteachas Riaracháin eile

Iomlán Ard-Stiúrthóireachtaí CONNECT + JUST + SANTE + DIGIT

Leithreasuithe

2,214

2,518

4,732

IOMLÁN leithreasuithe 
faoi CHEANNTEIDEAL 7 
den chreat airgeadais ilbhliantúil 

(Iomlán gealltanas = Iomlán íocaíochtaí)

2,214

2,518

4,732

EUR milliúin (go dtí an tríú deachúil)

Bliain 
2021

Bliain 
2022

Bliain 
2023

Bliain 
2024

IOMLÁN

IOMLÁN leithreasuithe 
faoi CHEANNTEIDIL 1 go 7 
den chreat airgeadais ilbhliantúil 

Gealltanais

48,214

5,518

53,732

Íocaíochtaí

40,114

13,618

53,732



3.2.2.An taschur a mheastar a mhaoineofar le leithreasuithe faoi chomhair oibríochtaí

Leithreasuithe faoi chomhair gealltanas in EUR milliúin (go dtí an tríú deachúil).

Sonraigh cuspóirí agus aschuir

2021

2022

2023

2024

Iontráil na blianta ar fad a theastaíonn le fad an tionchair a thaispeáint (féach pointe 1.6)

IOMLÁN

ASCHUIR

Cineál 39

Meánchostas

Uimh.

Costas

Uimh.

Costas

Uimh.

Costas

Uimh.

Costas

Uimh.

Costas

Uimh.

Costas

Uimh.

Costas

Líon iomlán

Costas iomlán

CUSPÓIR SONRACH Uimh. 1

Formáid agus ábhar deimhnithe vacsaínithe, deimhnithe tástála agus deimhnithe téarnaimh arna n-eisiúint ag na Ballstáit a leagan amach chun an tsaorghluaiseacht a éascú

Dearadh agus cur chun feidhme an chreata iontaoibhe

1

2,000

Fo-iomlán do chuspóir sonrach Uimh. 1

2,000

CUSPÓIR SONRACH Uimh. 2

Idir-inoibritheacht, slándáil agus infhíoraitheacht na ndeimhnithe atá á n-eisiúint ag na Ballstáit a áirithiú

Réitigh na mBallstát atá fágtha a chur in úsáid le tacaíocht ón Aontas

1

32,000

Ceangal le tairseach an Aontais agus oibriú leanúnach na tairsí sin

1

2,000

3,000

Fo-iomlán do chuspóir sonrach Uimh. 2

34,000

3,000

CUSPÓIR SONRACH Uimh. 3

Na rialacha a leagan síos maidir le glacadh le deimhnithe vacsaínithe, deimhnithe tástála agus deimhnithe téarnaimh arna n-eisiúint ag na Ballstáit chun an tsaorghluaiseacht a éascú

Tástáil phíolótach a thabhairt chun críche go rathúil

1

10,000

Fo-iomlán do chuspóir sonrach Uimh. 3

10,000

IOMLÁN

46,000

3,000

3.2.3.Achoimre ar an tionchar a mheastar a bheidh aige ar leithreasuithe de chineál riaracháin 

   Ní éilíonn an togra/tionscnamh go n‑úsáidfear leithreasuithe de chineál riaracháin

   Éilíonn an togra/tionscnamh go n‑úsáidfear leithreasuithe de chineál riaracháin mar a mhínítear thíos:

EUR milliúin (go dtí an tríú deachúil)

Bliain 
2021

Bliain 
2022

Bliain 
2023

Bliain 
2024

IOMLÁN

CEANNTEIDEAL 7 
den chreat airgeadais ilbhliantúil

Acmhainní daonna

2,214

2,518

4,732

Caiteachas riaracháin eile

Fo-iomlán CHEANNTEIDEAL 7 
den chreat airgeadais ilbhliantúil

2,214

2,518

4,732

Lasmuigh de CHEANNTEIDEAL 7 40  
of the multiannual financial framework

Acmhainní daonna

Caiteachas eile 
de chineál riaracháin

Fo-iomlán  
lasmuigh de CHEANNTEIDEAL 7 
den chreat airgeadais ilbhliantúil

IOMLÁN

2,214

2,518

4,732

Na leithreasuithe is gá le haghaidh acmhainní daonna agus caiteachas eile de chineál riaracháin, cumhdófar iad leis na leithreasuithe sin sna hArd‑Stiúrthóireachtaí a sannadh cheana féin do bhainistíocht an ghnímh agus/nó a ath‑imlonnaíodh laistigh de na hArd‑Stiúrthóireachtaí, mar aon le haon leithdháileadh breise a d'fhéadfaí a thabhairt do na hArd‑Stiúrthóireachtaí atá i mbun bainistíochta faoi chuimsiú an nós imeachta maidir le leithdháileadh bliantúil i bhfianaise na srianta buiséadacha.

3.2.3.1.Na hacmhainní daonna a mheastar a bheidh riachtanach

   Ní éilíonn an togra/tionscnamh go n‑úsáidfear acmhainní daonna.

   Éilíonn an togra/tionscnamh go n‑úsáidfear acmhainní daonna mar a mhínítear thíos:

Sloinnfear an meastachán in aonaid de choibhéis lánaimseartha

Bliain 
2021 41

Bliain 
2022

Bliain 
2023

Bliain 
2024

Iontráil na blianta ar fad a theastaíonn le fad an tionchair a thaispeáint (féach pointe 1.6)

• Poist don phlean bunaíochta (oifigigh agus foireann shealadach)

20 01 02 01 (Ceanncheathrú agus Oifigí Ionadaíocht an Choimisiúin)

14

16

20 01 02 03 (Toscaireachtaí)

01 01 01 01  (Taighde indíreach)

01 01 01 11 (Taighde díreach)

Línte buiséid eile (sonraigh)

Foireann sheachtrach (i gcoibhéis lánaimseartha: FTE) 42

20 02 01 (END)

1

1

20 02 03 (AC, AL, END, INT agus JPD sna toscaireachtaí)

XX 01 xx yy zz   43

- sa Cheanncheathrú

- i dToscaireachtaí

01 01 01 02 (AC, END, INT – Taighde indíreach)

01 01 01 12 (AC, END, INT - Taighde díreach)

Línte buiséid eile (sonraigh)

IOMLÁN

15

17

Is é XX an réimse beartais nó an teideal buiséid lena mbaineann.

Soláthrófar na hacmhainní daonna is gá le baill foirne ó na hArd‑Stiúrthóireachtaí a bhfuil bainistíocht an ghnímh faoina gcúram cheana féin agus/nó a ath‑imlonnaíodh laistigh de na hArd‑Stiúrthóireachtaí, mar aon le haon leithdháileadh breise a d'fhéadfaí a thabhairt do na hArd‑Stiúrthóireachtaí atá i mbun bainistíochta faoi chuimsiú an nós imeachta maidir le leithdháileadh bliantúil i bhfianaise na srianta buiséadacha.

Tuairisc ar na cúraimí a bheidh le déanamh:

Oifigigh agus pearsanra sealadach

Cuirfear de chúram ar an bhfoireann an Rialachán seo, na sonraíochtaí teicniúla arna nglacadh ar a bhonn, faireachán a dhéanamh ar an gcur chun feidhme teicniúil (trí chreatchonradh agus deontais) agus tacaíocht do na Ballstáit a n‑iarratais náisiúnta a fhorbairt, a fhorbairt, faireachán a dhéanamh ar an Rialachán seo agus é a chur chun feidhme.

Pearsanra seachtrach

3.2.4.Comhoiriúnacht don chreat airgeadais ilbhliantúil reatha 

I gcás an togra/tionscnaimh seo:

   is féidir é a mhaoiniú trí athshannadh laistigh de na ceannteidil ábhartha den Chreat Airgeadais Ilbhliantúil (CAI).

Úsáidfidh an Coimisiún cistí ón Ionstraim Tacaíochta Éigeandála chun tacú leis an tionscnamh agus fiosróidh sé, a luaithe a thiocfaidh bunús dlí an Chláir don Eoraip Dhigiteach i bhfeidhm, conas a d’fhéadfaí cuid den chaiteachas a chur i gcrích faoin gclár sin.

   is gá an corrlach gan leithdháileadh faoin gceannteideal ábhartha de CAI a úsáid agus/nó na hionstraimí speisialta a shainítear sa Rialachán CAI a úsáid.

D’fhéadfadh sé go n‑éileodh an tionscnamh úsáid ionstraime speisialta amháin nó níos mó ná ionstraim speisialta amháin mar a shainmhínítear i Rialachán CAI.

   is gá athbhreithniú ar CAI.

 

3.2.5.Ranníocaíochtaí ó thríú páirtithe 

I gcás an togra/tionscnaimh seo:

   ní dhéantar foráil maidir le cómhaoiniú le tríú páirtithe

   déantar foráil maidir leis an gcómhaoiniú le tríú páirtithe atá réamh‑mheasta thíos:

Leithreasuithe in EUR milliúin (go dtí an tríú deachúil)

Bliain 
N 44

Bliain 
N+1

Bliain 
N+2

Bliain 
N+3

Iontráil na blianta ar fad a theastaíonn le fad an tionchair a thaispeáint (féach pointe 1.6)

Iomlán

Sonraigh an comhlacht cómhaoinithe 

IOMLÁN leithreasuithe cómhaoinithe

3.3.An tionchar a mheastar a bheidh ar ioncam 

   Ní bheidh tionchar airgeadais ar bith ag an togra ar ioncam.

   Beidh an tionchar airgeadais seo a leanas ag an togra/tionscnamh:

ar acmhainní dílse

ar ioncam eile

má tá an t‑ioncam sannta do línte caiteachais, sonraigh sin

EUR milliúin (go dtí an tríú deachúil)

Líne buiséid ioncaim:

Leithreasuithe atá ar fáil don bhliain airgeadais reatha

Tionchar an togra/tionscnaimh 45

Bliain 
N

Bliain 
N+1

Bliain 
N+2

Bliain 
N+3

Iontráil na blianta ar fad a theastaíonn le fad an tionchair a thaispeáint (féach pointe 1.6)

Airteagal ………….

I gcás ioncam ilghnéitheach atá sannta, sonraigh na línte buiséid a n‑imrítear tionchar orthu.

Aon rud eile (e.g. an modh nó an fhoirmle a úsáideadh chun an tionchar ar ioncam a ríomh nó aon fhaisnéis eile).

(1)    IO L 337, 14.10.2020, lch. 3.
(2)     https://www.ecdc.europa.eu/en/covid‑19/situation‑updates/weekly-maps‑coordinated‑restriction‑free-movement  
(3)    Moladh (AE) 2021/119 ón gComhairle an 1 Feabhra 2021 lena leasaítear Moladh (AE) 2020/1475 maidir le cur chuige comhordaithe i leith saorghluaiseacht a shrianadh mar fhreagairt ar phaindéim COVID‑19 (IO L 36I, 2.2.2021, lch. 1).
(4)     https://www.europol.europa.eu/early-warning-notification‑illicit‑sales‑of-false-negative-covid‑19-test‑certificates  
(5)    SN 2/21.
(6)     https://ec.europa.eu/health/sites/health/files/ehealth/docs/vaccination‑proof_interoperability-guidelines_en.pdf  
(7)    Cinneadh Uimh. 1082/2013/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 22 Deireadh Fómhair 2013 maidir le bagairtí tromchúiseacha trasteorann ar an tsláinte agus lena n‐aisghairtear Cinneadh Uimh. 2119/98/CE (IO L 293, 5.11.2013, lch. 1).
(8)    Ar fáil ag: https://ec.europa.eu/health/sites/health/files/preparedness_response/docs/covid‑19_rat_common‑list_en.pdf  
(9)    Ar fáil ag: https://ec.europa.eu/health/sites/health/files/ehealth/docs/trust‑framework_interoperability_certificates_en.pdf  
(10)    Treoir 2004/38/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 29 Aibreán 2004 maidir le ceart shaoránaigh an Aontais agus bhaill a dteaghlaigh aistriú agus cur fúthu gan bhac laistigh de chríoch na mBallstát lena leasaítear Rialachán (CEE) Uimh. 1612/68 agus lena n‑aisghairtear Treoracha 64/221/CEE, 68/360/CEE, 72/194/CEE, 73/148/CEE, 75/34/CEE, 75/35/CEE, 90/364/CEE, 90/365/CEE agus 93/96/CEE (IO L 158, 30.4.2004, lch. 77).
(11)    Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Aibreán 2016 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n‑aisghairtear Treoir 95/46/CE (An Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí) (IO L 119, 4.5.2016, lch. 1).
(12)    Rialachán (AE, Euratom) 2020/2093 ón gComhairle an 17 Nollaig 2020 lena leagtar síos an creat airgeadais ilbhliantúil le haghaidh na mblianta 2021 go 2027 (IO L 433I, 22.12.2020, lch. 11).
(13)    Treoir 2004/38/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 29 Aibreán 2004 maidir leis an gceart atá ag saoránaigh den Aontas agus ag baill dá dteaghlach gluaiseacht agus cónaí faoi shaoirse ar chríoch na mBallstát lena leasaítear Rialachán (CEE) Uimh. 1612/68 agus lena n‑aisghairtear Treoracha 64/221/CEE, 68/360/CEE, 72/194/CEE, 73/148/CEE, 75/34/CEE, 75/35/CEE, 90/364/CEE, 90/365/CEE agus 93/96/CEE) (IO L 158, 30.4.2004, lch. 77).
(14)    IO L 337, 14.10.2020, lch. 3.
(15)    Le fáil ag: https://www.ecdc.europa.eu/en/covid‑19/situation‑updates/weekly-maps‑coordinated‑restriction‑free-movement  
(16)    IO C 96I, 24.3.2020, lch. 1.
(17)     https://www.europol.europa.eu/early-warning-notification‑illicit‑sales‑of-false-negative-covid‑19-test‑certificates  
(18)    Le fáil ag: https://ec.europa.eu/health/sites/health/files/ehealth/docs/trust‑framework_interoperability_certificates_en.pdf  
(19)    Treoir 2011/24/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Márta 2011 maidir le cearta othar i gcúram sláinte trasteorann a chur i bhfeidhm (IO L 88, 4.4.2011, lch. 45).
(20)    Rialachán (CE) Uimh. 726/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 31 Márta 2004 lena leagtar síos nósanna imeachta Comhphobail maidir le húdarú agus maoirseacht táirgí íocshláinte lena n‑úsáid ag an duine agus le haghaidh úsáid tréidliachta agus lena mbunaítear Gníomhaireacht Leigheasra Eorpach (IO L 136, 30.4.2004, lch. 1).
(21)    Treoir 2001/83/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 6 Samhain 2001 maidir leis an gcód Comhphobail a bhaineann le táirgí íocshláinte lena n‑úsáid ag an duine (IO L 311, 28.11.2001, lch. 67).
(22)    Le fáil ag: https://ec.europa.eu/health/sites/health/files/ehealth/docs/vaccination‑proof_interoperability-guidelines_en.pdf  
(23)     https://www.ecdc.europa.eu/sites/default/files/documents/TestingStrategy_Objective-Sept‑2020.pdf  
(24)    IO L 392, 23.11.2020, lch. 63.
(25)    IO C 24, 22.1.2021, lch. 1.
(26)     https://ec.europa.eu/health/sites/health/files/preparedness_response/docs/covid‑19_rat_common‑list_en.pdf  
(27)     https://www.ecdc.europa.eu/sites/default/files/documents/Guidance-for-discharge-and‑ending-of-isolation‑of-people-with‑COVID‑19.pdf  
(28)    Cinneadh Uimh. 1082/2013/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 22 Deireadh Fómhair 2013 maidir le bagairtí tromchúiseacha trasteorann ar an tsláinte agus lena n‐aisghairtear Cinneadh Uimh. 2119/98/CE (IO L 293, 5.11.2013, lch. 1).
(29)    IO L 55, 28.2.2011, lch. 13.
(30)    Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Aibreán 2016 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n‑aisghairtear Treoir 95/46/CE (An Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí) (IO L 119, 4.5.2016, lch. 1).
(31)    IO L 123, 12.5.2016, lch. 1.
(32)    Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2018 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil ag institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n‑aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 agus Cinneadh Uimh. 1247/2002/CE (IO L 295, 21.11.2018, lch. 39).
(33)    Moladh ón gComhairle le haghaidh comhchreat i ndáil le húsáid agus bailíochtú tástálacha meara antaiginí agus le haitheantas frithpháirteach a thabhairt do thorthaí tástála COVID‑19 san Aontas (2021/C 24/01) (IO C 24, 22.1.2021, lch. 1).
(34)    Mar a thagraítear dó in Airteagal 58(2)(a) nó (b) den Rialachán Airgeadais.
(35)    Is féidir mionsonraí ar na modhanna bainistíochta agus tagairtí don Rialachán Airgeadais a fheiceáil ar shuíomh gréasáin Ard‑Stiúrthóireacht an Bhuiséid: http://www.cc.cec/budg/man/budgmanag/budgmanag_en.html
(36)    LD = Leithreasuithe difreáilte / LN = Leithreasuithe neamhdhifreáilte.
(37)    CSTE: Comhlachas Saorthrádála na hEorpa.
(38)    Tíortha is iarrthóirí agus, nuair is iomchuí, tíortha ó na Balcáin Thiar a d'fhéadfadh a bheith ina n‑iarrthóirí.
(39)    Is ionann aschuir agus táirgí agus seirbhísí atá le soláthar (e.g.: líon na malartuithe mac léinn a fhaigheann maoiniú, iomlán km de bhóithre a rinneadh, etc.).
(40)    Cúnamh agus caiteachas teicniúil agus/nó riaracháin ar mhaithe le cláir agus/nó bearta de chuid AE (seanlínte ‘BA’) a chur chun feidhme, taighde indíreach, taighde díreach.
(41)    Ní chuirtear ach 10 mhí san áireamh sa ríomh le haghaidh 2021.
(42)    AC = Foireann ar Conradh; AL = Ball foirne áitiúil; END = Saineolaí náisiúnta ar iasacht; INT= Ball foirne gníomhaireachta; JPD = Gairmithe sóisearacha i dtoscaireachtaí.
(43)    Fo-uasteorainn d’fhoireann sheachtrach arna cumhdach ag leithreasuithe faoi chomhair oibríochtaí (na seanlínte ‘BA’).
(44)    Is í bliain N an bhliain ina gcuirfear tús le cur chun feidhme an togra/tionscnaimh. Is gá an chéad bhliain cur chun feidhme a mheastar a bheidh ann a chur in ionad “N” (mar shampla: 2021). Is gá an rud céanna a dhéanamh i gcás na mblianta eile.
(45)    A fhad a bhaineann le hacmhainní dílse traidisiúnta (dleachtanna talmhaíochta, tobhaigh shiúcra), ní mór na méideanna a luaitear a bheith ina nglanmhéideanna, i.e. méideanna comhlána agus 20 % de na costais bhailiúcháin a bheith bainte astu.

An Bhruiséil,17.3.2021

COM(2021) 130 final

IARSCRÍBHINN

a ghabhann leis an

Togra le haghaidh

Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle

maidir le creat le haghaidh eisiúint, fíorú agus glacadh deimhnithe idir-inoibritheacha i ndáil le vacsaíniú, tástáil agus téarnamh ar mhaithe leis an tsaorghluaiseacht a éascú le linn phaindéim COVID-19 (Deimhniú Glas Digiteach)


IARSCRÍBHINN
Tacair sonraí an deimhnithe

1.Réimsí sonraí atá le háireamh sa deimhniú vacsaínithe:

(a)ainm: sloinne (sloinnte) agus céadainm(neacha), san ord sin;

(b)dáta breithe;

(c)an galar nó an t‑oibreán ar ar díríodh;

(d)vacsaín/próifiolacsas;

(e)táirge íocshláinte vacsaíne;

(f)sealbhóir an údaraithe le haghaidh margú vacsaíne nó monaróir vacsaíne;

(g)uimhir i sraith vacsaínithe/dáileog;

(h)dáta an vacsaínithe, ag léiriú dháta na dáileoige is déanaí a fuarthas;

(i)Ballstát an vacsaínithe;

(j)eisitheoir an deimhnithe;

(k)aitheantóir uathúil de chuid an deimhnithe.

2.Réimsí sonraí atá le háireamh sa deimhniú tástála:

(a)ainm: sloinne (sloinnte) agus céadainm(neacha), san ord sin;

(b)dáta breithe;

(c)an galar nó an t‑oibreán ar ar díríodh;

(d)an cineál tástála;

(e)ainm na tástála (roghnach i gcás thástáil NAAT);

(f)monaróir tástála (roghnach i gcás thástáil NAAT);

(g)dáta agus am bhailiú an tsampla tástála;

(h)dáta agus am tháirgeadh an toraidh tástála (roghnach i gcás tástáil mhear antaiginí);

(i)toradh na tástála;

(j)an t‑ionad tástála nó an tsaoráid tástála;

(k)Ballstát na tástála;

(l)eisitheoir an deimhnithe;

(m)aitheantóir uathúil de chuid an deimhnithe.

3.Réimsí sonraí atá le háireamh sa deimhniú téarnaimh:

(a)ainm: sloinne (sloinnte) agus céadainm(neacha), san ord sin;

(b)dáta breithe;

(c)an galar nó an t‑oibreán ar théarnaigh an saoránaigh uaidh;

(d)dáta an chéad toraidh dhearfaigh ar thástáil;

(e)Ballstát na tástála;

(f)eisitheoir an deimhnithe;

(g)an deimhniú bailí ón;

(h)an deimhniú bailí go dtí an (gan dul thar 180 lá tar éis dháta an chéad toraidh dhearfaigh ar thástáil);

(i)aitheantóir uathúil de chuid an deimhnithe.