An Bhruiséil,18.3.2021

COM(2021) 127 final

2021/0066(NLE)

Togra le haghaidh

CINNEADH ÓN gCOMHAIRLE

maidir leis an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais Eorpaigh san Eagraíocht Mhuirí Idirnáisiúnta le linn an 103ú seisiún den Choiste Muir-Shábháilteachta agus an 76ú seisiún den Choiste um Chaomhnú an Chomhshaoil Mhuirí maidir le leasuithe a ghlacadh ar an gCoinbhinsiún Idirnáisiúnta maidir le Caighdeáin Oiliúna, Deimhniúcháin agus Faire do Mharaithe, ar an gCód Idirnáisiúnta maidir le Clár Feabhsaithe na nIniúchtaí a dhéantar mar chuid de Shuirbhéanna ar Bhulc-iompróirí agus ar Thancaeir Ola, ar an gCód Idirnáisiúnta um Chórais le haghaidh Sábháilteacht ó Dhóiteáin agus ar an gCoinbhinsiún Idirnáisiúnta ar Chórais Dhíobhálacha Frithsmálaithe ar Longa a Rialú


MEABHRÁN MÍNIÚCHÁIN

1.Ábhar an togra

Baineann an togra seo leis an gcinneadh lena mbunaítear an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais ag an 103ú seisiún de Choiste Muir-Shábháilteachta na hEagraíochta Muirí Idirnáisiúnta (MSC 103) a reáchtálfar, trí bhíthin teileachomhdhála ón 5 go dtí an 14 Bealtaine 2021 agus ag an 76ú seisiún de Choiste um Chaomhnú an Chomhshaoil Mhuirí na hEagraíochta Muirí Idirnáisiúnta (MEPC 76) a reáchtálfar, trí bhíthin teileachomhdhála ón 7 go dtí an 17 Meitheamh 2021. Le linn MSC 103 tá sé beartaithe leasuithe a ghlacadh orthu seo a leanas:

an Coinbhinsiún Idirnáisiúnta maidir le Caighdeáin Oiliúna, Deimhniúcháin agus Faire do Mharaithe (Coinbhinsiún STCW),

an Cód Idirnáisiúnta maidir le Clár Feabhsaithe na nIniúchtaí a dhéantar mar chuid de Shuirbhéanna ar Bhulc-iompróirí agus ar Thancaeir Ola (Cód ESP),

an Cód Idirnáisiúnta um Chórais le haghaidh Sábháilteacht ó Dhóiteáin (Cód FSS)

Le linn MSC 76 tá sé beartaithe leasuithe a ghlacadh ar:

an gCoinbhinsiún ar Chórais Frithsmálaithe (Coinbhinsiún AFS)

2.COMHTHÉACS AN TOGRA

2.1.An Coinbhinsiún maidir leis an Eagraíocht Mhuirí Idirnáisiúnta

Is leis an gCoinbhinsiún maidir leis an Eagraíocht Mhuirí Idirnáisiúnta a bhunaítear an Eagraíocht Mhuirí Idirnáisiúnta (IMO). Is é is cuspóir don Eagraíocht Mhuirí Idirnáisiúnta fóram a chur ar fáil le haghaidh comhar i réimse na rialála agus na gcleachtas a bhaineann le hábhair theicniúla de gach cineál a dhéanann difear do loingeas atá ag gabháil do thrádáil idirnáisiúnta. Thairis sin, tá sé d’aidhm aici glacadh ginearálta na gcaighdeán is airde is féidir a chur chun cinn maidir le hábhair a bhaineann leis an tsábháilteacht mhuirí, le héifeachtúlacht na loingseoireachta agus le cosc agus rialú an truaillithe mhuirí ó longa, agus leis sin an cothrom iomaíochta a chur chun cinn. Bíonn sí ag plé freisin leis na hábhair riaracháin agus dlí a bhaineann leis an méid sin.

Tháinig an Coinbhinsiún i bhfeidhm an 17 Márta 1958.

Tá na Ballstáit uile ina bpáirtithe sa Choinbhinsiún.

Tá na Ballstáit uile ina bpáirtithe sa Choinbhinsiún Idirnáisiúnta um Thruailliú ó Longa a Chosc (‘MARPOL’), 1973, a tháinig i bhfeidhm an 2 Deireadh Fómhair 1983 agus tá siad ina bpáirtithe in Iarscríbhinn VI, a tháinig i bhfeidhm an 18 Bealtaine 2005. Níl an tAontas ina pháirtí i gCoinbhinsiún MARPOL.

Tá na Ballstáit uile ina bpáirtithe sa Choinbhinsiún Idirnáisiúnta um Shábháilteacht Anama ar Muir (‘SOLAS’), 1974, a tháinig i bhfeidhm an 25 Bealtaine 1980. Níl an tAontas ina pháirtí i gCoinbhinsiún SOLAS.

Faoin gCoinbhinsiún SOLAS, rinneadh cód sainordaitheach den Chód Idirnáisiúnta um Shábháilteacht Long a úsáideann Gáis nó Breoslaí Íseal-splancphointe Eile (Cód IGF). Is é is cuspóir dó cód idirnáisiúnta a chur ar fáil le haghaidh longa a úsáideann gáis nó leachtanna íseal-splancphointe mar bhreosla. Tugtar aghaidh sa Chód ar na réimsí uile ar gá aird ar leith a thabhairt orthu i dtaca le húsáid gáis nó leachtanna íseal-splancphointe mar bhreosla. Tá le fáil ann critéir le haghaidh socrú agus suiteáil innealra le haghaidh tiomána agus feidhmeanna cúnta, arb innealra é a úsáideann gás nádúrtha mar bhreosla, a mbeidh leibhéal sláine aige, ó thaobh na sábháilteachta agus na hiontaofachta de, a bheidh coibhéiseach leis an leibhéal is féidir a bhaint amach le príomhinnealra agus le hinnealra cúnta nua de chineál atá inchomparáide leis agus a oibrítear le breosla gnáthola.

2.2.An Eagraíocht Mhuirí Idirnáisiúnta

Is sainghníomhaireacht de chuid na Náisiún Aontaithe í an Eagraíocht Mhuirí Idirnáisiúnta (IMO) a bhfuil freagracht uirthi maidir le sábháilteacht agus slándáil loingis agus maidir le truailliú muirí ó longa a chosc. Is é IMO an t‑údarás domhanda ó thaobh caighdeáin a leagan síos maidir le sábháilteacht, slándáil agus feidhmíocht chomhshaoil an loingis idirnáisiúnta. Is é an príomhról atá aige creat rialála cóir éifeachtach a chruthú le haghaidh an tionscail loingis, creat a ghlacfar go huilíoch agus a chuirfear chun feidhme go huilíoch.

Is féidir le gach Stát a bheith ina bhall de IMO agus tá Ballstáit uile an Aontais ina mbaill de IMO. An Socrú le haghaidh Comhoibriú agus Comhar idir an Eagraíocht Chomhairleach Mhuirí Idir-rialtasach (IMCO) agus Coimisiún na gComhphobal Eorpach in 1974, is air go háirithe atá caidreamh an Aontais le IMO bunaithe.

Tá Baill uile IMO ar Choiste Muir-Shábháilteachta IMO agus bíonn cruinniú aige uair amháin sa bhliain ar a laghad. Pléann sé le haon ábhar atá faoi raon feidhme na hEagraíochta a bhaineann le háiseanna loingseoireachta, déanmhas agus trealamh soithí, foireannú ó thaobh na sábháilteachta de, rialacha le haghaidh imbhuailtí a chosc, láimhseáil lastaí contúirteacha, nósanna imeachta agus ceanglais i ndáil leis an tsábháilteacht mhuirí, faisnéis hidreagrafach, logleabhair agus taifid loingseoireachta, imscrúdú ar thaismigh mhuirí, tarrthálas agus tarrtháil, agus aon ábhar eile a dhéanann difear díreach don tsábháilteacht mhuirí.

Tá baill uile IMO ar Choiste um Chaomhnú an Chomhshaoil Mhuirí IMO freisin agus bíonn cruinniú aige sin uair amháin sa bhliain ar a laghad. Tugann sé aghaidh ar shaincheisteanna comhshaoil atá faoi raon feidhme na hEagraíochta a mhéid a bhaineann le rialú agus cosc truaillithe ó longa a chumhdaítear faoi choinbhinsiún MARPOL, lena n‑áirítear truailliú ó ola, ó cheimiceáin a iompraítear i mbulc, ó shéarachas, ó dhramhaíl agus ó astaíochtaí ó longa isteach san aer, lena n‑áirítear truailleáin aeir agus astaíochtaí gás ceaptha teasa. Ar na hábhair eile a chumhdaítear tá bainistíocht uisce ballasta, córais frithsmálaithe, athchúrsáil long, ullmhacht agus freagairt i dtaca le truailliú, agus aithint limistéar speisialta agus limistéar farraige lena mbaineann íogaireacht ar leith.

Soláthraíonn Coiste Muir-Shábháilteachta IMO agus Coiste um Chaomhnú an Chomhshaoil Mhuirí IMO an t‑innealra chun aon dualgas a shanntar dóibh faoi Choinbhinsiún IMO, faoi Chomhthionól IMO nó faoi Chomhairle IMO a chur i gcrích, nó aon dualgas faoin raon feidhme thuasluaite a d’fhéadfaí a shannadh dóibh le haon ionstraim idirnáisiúnta eile nó faoi aon ionstraim idirnáisiúnta eile agus a ghlacfadh IMO. Is trí thromlach na mBall a ghlactar cinntí an Choiste um Chaomhnú an Chomhshaoil Mhuirí agus an Choiste Muir-Shábháilteachta agus a bhfochomhlachtaí.

2.3.Na gníomhartha atá beartaithe ag Coiste Muir-Shábháilteachta IMO

An 5 go dtí an 14 Bealtaine 2021 tá MSC 103 le leasuithe ar Choinbhinsiún agus Cód STCW, Cód ESP, Cód FSS, Caibidil III SOLAS agus Cód LSA a ghlacadh.

Na leasuithe atá beartaithe ar rialachán 1/1 de Choinbhinsiún STCW, is é is cuspóir dóibh sainmhíniú ar ‘ardvoltas’ a áireamh agus na leasuithe atá beartaithe ar roinn A-1/1 de Chód STCW, is é is cuspóir dóibh an sainmhíniú ar ‘leibhéal oibríochtúil’ a leasú chun an inniúlacht ‘oifigeach leictriteicniúil’ a áireamh.

Na leasuithe atá beartaithe ar Iarscríbhinn 2 de Chuid A d’Iarscríbhinn B de Chód ESP 2011, is é is cuspóir dóibh glacadh toisí tiúis i dtancaeir ola cabhlach dúbailte a theorannú do limistéir a bhfuil amhras fúthu mar chuid den chéad suirbhé athnuachana.

Na leasuithe atá beartaithe ar Chaibidil 9 den Chód um Chórais le haghaidh Sábháilteacht ó Dhóiteáin (FSS), is é is cuspóir dóibh a shoiléiriú maidir le haonrú lochtanna trí shainaithint de réir na roinne le haghaidh brathadóirí dóiteáin is féidir a shainaithint go leithleach atá suiteáilte ar lastlonga agus ar bhalcóiní na gcábán i longa paisinéirí, rud (i.e. an t‑aonrú lochtanna) nach bhfuil chomh casta ná chomh costasach agus atá inghlactha.

2.4.An gníomh atá beartaithe ag Coiste um Chaomhnú an Chomhshaoil Mhuirí IMO

An 10 go dtí an 17 Meitheamh 2021 tá MEPC 76 le leasuithe ar Choinbhinsiún AFS a ghlacadh. Is é is cuspóir dó na leasuithe atá beartaithe ciobúitrín a chur ar liosta na substaintí frithsmálaithe a bhfuil toirmeasc orthu. Is toradh é sin ar thionscnamh de chuid an Aontais Eorpaigh.

3.An seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais

3.1.Leasuithe ar an gCoinbhinsiún Idirnáisiúnta maidir le Caighdeáin Oiliúna, Deimhniúcháin agus Faire do Mharaithe

Le linn an séú seisiún den Fhochoiste um an nGné Dhaonna, um Oiliúint agus um Fhaire (HTW 6), a bhí ar siúl i Londain ón 29 Aibreán go dtí an 3 Bealtaine 2019, ghlac an Fochoiste le hiarraidh ó ITF inar moladh leibhéal oibríochtúil fheidhmeanna an ‘oifigigh leictriteicniúil’ a shoiléiriú maidir leis an sainmhíniú ar ‘leibhéal oibríochtúil’ i roinn A-I/1 de Chód STCW (Sainmhínithe agus soiléirithe) agus sainmhíniú nua ar ‘ardvoltas’ a áireamh sa roinn sin.

Ina dhiaidh sin, tháinig an Fochoiste ar chomhaontú maidir leis an dréacht-sainmhíniú ar ‘ardvoltas’ atá le háireamh i rialachán I/1 STCW, mar a leagtar amach in iarscríbhinn 7 de HTW6/13 le cur faoi bhráid MSC 102 lena fhormheas d’fhonn é a ghlacadh. Chomhaontaigh an Fochoiste freisin ar an dréachtleasú ar roinn A-I/1 de Chód STCW maidir leis an inniúlacht ‘oifigeach leictriteicniúil’ a áireamh sa sainmhíniú ar ‘leibhéal oibríochtúil’, mar leasú iarmhartach ar thabhairt isteach na hinniúlachta sin mar chuid de Leasuithe Mhainile 2010, mar a leagtar amach in iarscríbhinn 8 de HTW 6/13 le cur faoi bhráid MSC 102 lena fhormheas d’fhonn é a ghlacadh.

D’fhormheas MSC 102 na leasuithe agus léirítear le míreanna 13.9 agus 13.10 de thuarascáil MSC 102 (MSC 102/24) go bhforáiltear go nglacfar na leasuithe ag MSC 103.

Ba cheart don Aontas tacú leis na leasuithe sin, ós rud é go soiléirítear leo leibhéal oibríochtúil fheidhmeanna an ‘oifigigh leictriteicniúil’ agus ós rud é go dtugann siad isteach sainmhíniú comónta ar an téarma ‘ardvoltas’

3.2.Leasuithe ar an gCód Idirnáisiúnta maidir le Clár Feabhsaithe na nIniúchtaí a dhéantar mar chuid de Shuirbhéanna ar Bhulc-iompróirí agus ar Thancaeir Ola (Cód ESP)

Le linn a seachtú seisiún mheas an Fochoiste um Dhearadh agus Déanmhas Long togra ó IACS, arna thacú le staidéar, chun iarscríbhinn 2 de chuid A d’iarscríbhinn B de Chód ESP 2011 a leasú, arna leasú le rún MSC.461(101), lenar leor limistéir a bhfuil amhras fúthu amháin a bhreithniú maidir le toisí tiúis a ghlacadh i dtancaeir ola cabhlach dúbailte mar chuid den chéad suirbhé athnuachana. Tar éis plé gearr a dhéanamh, chomhaontaigh an Fochoiste ar na dréachtleasuithe ar Chód ESP 2011, mar a leagtar amach in iarscríbhinn 7, le cur faoi bhráid MSC 102 d’fhonn iad a fhormheas agus ina dhiaidh sin iad a ghlacadh.

D’fhormheas MSC 102 na leasuithe agus léirítear le mír 17.24 de thuarascáil MSC (MSC 102/24) go bhforáiltear go nglacfar na leasuithe ag MSC 103. Áiríodh an t‑ábhar seo cheana féin i bpáipéar leathoifigiúil an Aontais Eorpaigh maidir le MSC 102.

Ba cheart don Aontas tacú leis na leasuithe sin ós rud é go gceadaíonn siad do IACS díriú ar limistéir a bhfuil amhras fúthu maidir le toisí tiúis a ghlacadh i dtancaeir ola cabhlach dúbailte.

3.3.Leasuithe ar an gCód Idirnáisiúnta um Chórais le haghaidh Sábháilteacht ó Dhóiteáin (Cód FSS).

I MSC 98 áiríodh ítim nua maidir le ‘Leasuithe ar chaibidil 9 de Chód FSS i dtaca le ceanglais aonrú lochtanna le haghaidh lastlonga agus balcóiní na gcábán i longa paisinéirí atá feistithe le córais um brath dóiteáin is féidir a shainaithint go leithleach’ ar chlár oibre débhliantúil 2018-2019 an Fhochoiste agus ar chlár oibre sealadach le haghaidh SSE 6, arb é 2020 an spriocbhliain ina leith (MSC 98/23, mír 20.34).

Le linn an seachtú seisiún den Fhochoiste um Chórais agus Trealamh ar Longa (SSE), chomhaontaigh an Fochoiste ar na dréachtleasuithe ar chaibidil 9 den Chód Idirnáisiúnta um Chórais le haghaidh Sábháilteacht ó Dhóiteáin (Cód FSS) agus ar na rúin MSC comhlachaithe, mar a leagtar amach in iarscríbhinn 3 dá thuairisc SSE 7/21 d’fhonn é a fhormheas ag MSC 102.

D’fhormheas MSC 102 na dréachtleasuithe ar chaibidil 9 de Chód FSS agus léirítear le mír 19.8 de thuarascáil MSC (MSC 102/24) go bhforáiltear go nglacfar na leasuithe ag MSC 103.

Ba cheart don Aontas tacú leis na leasuithe sin ós rud é go bhfreastalaíonn siad ar chórais ina gcomhcheanglaítear an tsábháilteacht fheabhsaithe a ghabhann le brathadóirí dóiteáin is féidir a shainaithint go leithleach agus a leagtar de cheanglas iad a bheith i longa paisinéirí, agus an tsábháilteacht a ghabhann le haonrú lochtanna trí shainaithint de réir na roinne, rud (i.e. an t‑aonrú lochtanna) nach bhfuil chomh casta ná chomh costasach agus atá inghlactha maidir le lastlonga agus maidir le balcóiní na gcábán i longa paisinéirí, agus maidir leo siúd amháin.

3.4.Leasuithe ar an gCoinbhinsiún ar Chórais Frithsmálaithe

Ghlac MEPC 71 le hiarraidh an Aontais Eorpaigh lena moladh ítim nua chun Iarscríbhinn 1 a ghabhann leis an gCoinbhinsiún Idirnáisiúnta ar Chórais Dhíobhálacha Frithsmálaithe ar Longa a Rialú (AFS) Coinbhinsiún, 2001, a leasú chun rialuithe ar chiobúitrín a áireamh agus cuireadh an iarraidh ar aghaidh chuig an gcúigiú seisiún den Fhochoiste um Chosc agus Rialú Truaillithe (PPR 5) chun go ndéanfaí iad a mheas.

Thug MEPC 73 dá aire gur chomhaontaigh PPR 5 go raibh gá le hathbhreithniú níos mionsonraithe ar chiobúitrín, tar éis do PPR 5 teacht ar chomhaontú i dtús báire i dtaca leis an gcéad togra maidir le hiarscríbhinn 1 a ghabhann le Coinbhinsiún AFS a leasú chun rialuithe ar chiobúitrín a áireamh, arna gcur isteach thar ceann an Aontais i ndoiciméad PPR 5/19 in éineacht leis an bhfaisnéis a bhí i ndoiciméad PPR 5/INF.9, gur chomhlíon sé ceanglais iarscríbhinn 2 a ghabhann le Coinbhinsiún AFS.

Tar éis an phlé ag PPR 7, chomhaontaigh an Fochoiste ar (1) an dréachtleasú ar Iarscríbhinn 1 (Rialuithe ar chórais frithsmálaithe) a ghabhann le Coinbhinsiún AFS chun rialuithe ar chiobúitrín a áireamh, mar a leagtar amach in iarscríbhinní 1 go 6, chun go ndéanfadh MEPC 75 iad a mheas, d’fhonn na dátaí éifeachtacha atá idir lúibíní cearnacha faoi láthair a réiteach agus ina dhiaidh sin a fhormheas; agus (2) na dréachtleasuithe ar Iarscríbhinn 4 (Suirbhéanna agus ceanglais deimhniúcháin maidir le córais frithsmálaithe) a ghabhann le Coinbhinsiún AFS, lena n‑áirítear na dréachtleasuithe ar fhoirm shamplach an Deimhnithe Idirnáisiúnta um Chórais Frithsmálaithe, chun go ndéanfadh MEPC 75 iad a mheas, d’fhonn iad a fhormheas.

Bhailchríochnaigh MSC 75 téacs na ndréachtleasuithe ar Choinbhinsiún AFS agus léirítear le mír 10.17 de thuarascáil MEPC (MEPC 75/18) go bhforáiltear go nglacfar na leasuithe ag MEPC 76. Áiríodh an seasamh chun tacú leis na leasuithe sin i bpáipéar leathoifigiúil an Aontais Eorpaigh maidir le MEPC 75.

Is é an tAontas a thionscain an glao ar thoirmeasc domhanda maidir leis an substaint frithsmálaithe sin, substaint a bhfuil sé toirmiscthe í a dhíol laistigh den Aontas Eorpach anois. Dá bhrí sin, ba cheart don Aontas tacú leis na leasuithe sin, ós rud é go dtabharfar isteach toirmeasc domhanda mar thoradh orthu, agus ar an gcaoi sin bainfear amach sprioc an Aontais.

3.5.Reachtaíocht ábhartha an Aontais Eorpaigh agus inniúlacht an Aontais Eorpaigh

3.5.1.Leasuithe ar an gCoinbhinsiún Idirnáisiúnta maidir le Caighdeáin Oiliúna, Deimhniúcháin agus Faire do Mharaithe

Le Treoir 2008/106/CE 1 , ceanglaítear ar na Ballstáit a áirithiú go gcuirtear oiliúint ar mharaithe atá ar a laghad i gcomhréir le ceanglais Choinbhinsiún STCW agus go gcuirtear an chuid shainordaitheach de Chód STCW, Cuid A, i bhfeidhm. Sa chás faoi chaibidil, tá ábharthacht faoi leith ag baint le hAirteagal 1, míreanna 6 agus 7 den Treoir, lena léirítear freagrachtaí na n‑oifigeach loinge sonrach i dtaca le saincheisteanna a bhaineann le leictreachas, agus Rialachán III/5 de Chaibidil I d’Iarscríbhinn I, lena dtagraítear d’fheidhm shonrach na hinnealtóireachta leictrí, leictreonaí agus rialaithe, dá sanntar na cumais a shonraítear sna caighdeáin inniúlachta. Na leasuithe sin lena dtabharfar isteach athruithe ar Chuid A de Chód STCW agus a bhfuiltear lena nglacadh le linn MEPC 103, dhéanfaidís difear do cheanglais na Treorach.

3.5.2.Leasuithe ar an gCód Idirnáisiúnta maidir le Clár Feabhsaithe na nIniúchtaí a dhéantar mar chuid de Shuirbhéanna ar Bhulc-iompróirí agus ar Thancaeir Ola

Le hAirteagail 5 agus 6 de Rialachán (AE) Uimh. 530/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 2 , tá cur i bhfeidhm Scéim um Bailmheasúnú (CAS) IMO sainordaitheach i dtaca le tancaeir ola aonchabhlach os cionn 15 bliana d’aois. Le Clár Feabhsaithe na nIniúchtaí a dhéantar mar chuid de Shuirbhéanna ar Bhulc-iompróirí agus ar Thancaeir Ola, sonraítear conas an measúnú níos dlúithe sin a dhéanamh. Ós rud é go mbaineann CAS úsáid as ESP chun a aidhm a bhaint amach, trí Rialachán (AE) Uimh. 530/2012 beidh feidhm go huathoibríoch ag aon athrú ar iniúchtaí ESP, ar nós na leasuithe atá ann faoi láthair chun suirbhéanna a dhíriú ar limistéir a bhfuil amhras fúthu maidir le toisí tiúis a ghlacadh i dtancaeir ola cabhlach dúbailte mar chuid den chéad suirbhé athnuachana.

3.5.3.Leasuithe ar an gCód Idirnáisiúnta um Chórais le haghaidh Sábháilteacht ó Dhóiteáin (Cód FSS)

Le hAirteagal 6(2)(a)(i) de Threoir 2009/45/CE maidir le rialacha agus caighdeáin sábháilteachta le haghaidh longa paisinéirí 3 , cuirtear Coinbhinsiún SOLAS, arna leasú, i bhfeidhm i dtaca le longa paisinéirí d’Aicme A. Le Coinbhinsiún SOLAS, déantar cód sainordaitheach de Chód FSS i dtaca le longa paisinéirí.

Dá bhrí sin, na leasuithe sin ar Chód FSS a bhfuiltear lena nglacadh le linn MSC 103, dhéanfaidís difear do na ceanglais is infheidhme trí Threoir 2009/45/CE.

3.5.4.Leasuithe ar an gCoinbhinsiún ar Chórais Frithsmálaithe

Le Rialachán (AE) Uimh. 528/2012 ón Aontas Eorpach maidir le Táirgí Bithicídeacha 4 , rialaítear táirgí ar nós táirgí frithsmálaithe a mhéid a bhaineann le iad a chur ar fáil ar an margadh agus a úsáid. I ndiaidh thorthaí an athbhreithnithe piaraí agus roinnt staidéar eolaíochta a rinneadh ar leibhéal an Aontais Eorpaigh, ghlac an Coimisiún Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2016/107 an 27 Eanáir 2016 5 , lena gcuirtear toirmeasc éifeachtach ar phéinteanna frithsmálaithe ina bhfuil ciobúitrín a chur ar an margadh agus a úsáid i mBallstát uile an Aontais agus i dtíortha LEE. Dá bhrí sin, déanfaidh na leasuithe ar an gCoinbhinsiún ar Chórais Frithsmálaithe difear do Rialachán (AE) 528/2012.

3.5.5.Inniúlacht an Aontais Eorpaigh

Dhéanfadh na leasuithe ar Chuid A de Chód STCW difear do dhlí an Aontais Eorpaigh trí chur i bhfeidhm Threoir 2008/106/CE.

Dhéanfadh na leasuithe ar Chód ESP difear do dhlí an Aontais Eorpaigh trí chur i bhfeidhm Rialachán (AE) 530/2012.

Dhéanfadh na leasuithe ar an gCód Idirnáisiúnta um Chórais le haghaidh Sábháilteacht ó Dhóiteáin (Cód FSS) difear do dhlí an Aontais Eorpaigh trí chur i bhfeidhm Airteagal 6(2)(a)(i) de Threoir 2009/45/CE.

Dhéanfadh na leasuithe ar an gCoinbhinsiún Idirnáisiúnta ar Chórais Dhíobhálacha Frithsmálaithe ar Longa a Rialú difear do dhlí an Aontais Eorpaigh trí chur i bhfeidhm Rialachán (AE) 528/2012.

Dá bhrí sin, tá inniúlacht eisiach ag an Aontas de bhua an choir dheireanaigh d’Airteagal 3(2) CFAE agus, ar an ábhar sin, is gá seasamh an Aontais a bhunú maidir leis na gníomhartha lena nglactar na leasuithe thuasluaite.

4.Bunús dlí

4.1.Bunús dlí don nós imeachta

4.1.1.Prionsabail

In Airteagal 218(9) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE) déantar foráil maidir le cinntí lena leagtar síos ‘na seasaimh a ghlacfar thar ceann an Aontais i gcomhlacht arna chur ar bun le comhaontú nuair a iarrtar ar an gcomhlacht sin gníomhartha a ghlacadh a bhfuil éifeachtaí dlíthiúla leo, seachas gníomhartha lena bhforlíonfar nó lena leasófar creat institiúideach an chomhaontaithe.’

Tá feidhm ag Airteagal 218(9) CFAE gan beann ar cé acu atá an tAontas ina bhall den chomhlacht nó ina pháirtí sa chomhaontú 6 .

Áirítear ar na ‘gníomhartha a bhfuil éifeachtaí dlíthiúla leo’ gníomhartha a bhfuil éifeachtaí dlíthiúla leo de bhua rialacha an dlí idirnáisiúnta lena rialaítear an comhlacht atá i gceist. Áirítear air freisin ionstraimí nach bhfuil éifeacht cheangailteach leo faoin dlí idirnáisiúnta, ach ‘a d’fhéadfadh tionchar cinntitheach a imirt ar ábhar na reachtaíochta a ghlacfaidh reachtóir an Aontais Eorpaigh 7 .

4.1.2.Cur i bhfeidhm maidir leis an gcás seo

Is comhlachtaí iad an Coiste um Chaomhnú an Chomhshaoil Mhuirí agus an Coiste Muir-Shábháilteachta a cuireadh ar bun le comhaontú, is é sin an Coinbhinsiún maidir leis an Eagraíocht Mhuirí Idirnáisiúnta.

Is gníomhartha a bhfuil éifeachtaí dlíthiúla acu iad na gníomhartha a iarrtar ar an dá choiste IMO a ghlacadh. D’fhéadfadh na gníomhartha atá beartaithe tionchar cinntitheach a bheith acu ar a bhfuil sa reachtaíocht seo a leanas de chuid an Aontais Eorpaigh, eadhon:

Treoir (AE) 2008/106 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 19 Samhain 2008 maidir leis an íosleibhéal oiliúna ar mharaithe. Is amhlaidh atá toisc go gcuireann an Treoir Cuid A de Chód STCW i bhfeidhm.

Rialachán (AE) Uimh. 530/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Meitheamh 2012 maidir le ceanglais cabhlach dúbailte nó ceanglais deartha choibhéiseacha a chéimniú isteach ar mhodh luathaithe do thancaeir ola aonchabhlach. Is amhlaidh atá toisc go leagtar síos leis an Rialachán go bhfuil cur i bhfeidhm Scéim um Bailmheasúnú (CAS) IMO sainordaitheach i dtaca le tancaeir ola aonchabhlach os cionn 15 bliana d’aois. Le Clár Feabhsaithe na nIniúchtaí a dhéantar mar chuid de Shuirbhéanna ar Bhulc-iompróirí agus ar Thancaeir Ola (ESP), sonraítear conas an measúnú níos dlúithe sin a dhéanamh. Ós rud é go mbaineann CAS úsáid as ESP chun a aidhm a bhaint amach, trí Rialachán (AE) Uimh. 530/2012 beidh feidhm go huathoibríoch ag aon athrú ar iniúchtaí ESP.

Treoir 2009/45/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le rialacha agus caighdeáin sábháilteachta le haghaidh longa paisinéirí. Is amhlaidh atá toisc go leagtar síos le Treoir 2009/45 nach mór do longa paisinéirí d’Aicme A ceanglais Choinbhinsiún SOLAS, arna leasú, a chomhlíonadh go hiomlán. Le Coinbhinsiún SOLAS, déantar cód sainordaitheach de Chód FSS.

Rialachán (AE) Uimh. 528/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 22 Bealtaine 2012 maidir le táirgí bithicídeacha a chur ar fáil ar an margadh agus a úsáid. Is amhlaidh atá toisc go leagtar síos leis an Rialachán go gcuirtear toirmeasc ar phéinteanna frithsmálaithe ina bhfuil ciobúitrín a chur ar an margadh agus a úsáid i mBallstát uile an Aontais agus i dtíortha LEE.

Dá bhrí sin, dhéanfadh na leasuithe ar

an gCoinbhinsiún Idirnáisiúnta maidir le Caighdeáin Oiliúna, Deimhniúcháin agus Faire do Mharaithe

an gCód Idirnáisiúnta maidir le Clár Feabhsaithe na nIniúchtaí a dhéantar mar chuid de Shuirbhéanna ar Bhulc-iompróirí agus ar Thancaeir Ola

an gCód Idirnáisiúnta um Chórais le haghaidh Sábháilteacht ó Dhóiteáin (Cód FSS),

an gCoinbhinsiún Idirnáisiúnta ar Chórais Dhíobhálacha Frithsmálaithe ar Longa a Rialú

difear do dhlí an Aontais Eorpaigh trí chur i bhfeidhm Threoir (AE) 2008/106 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 19 Samhain 2008 maidir leis an íosleibhéal oiliúna ar mharaithe; Rialachán (AE) Uimh. 530/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Meitheamh 2012 maidir le ceanglais cabhlach dúbailte nó ceanglais deartha choibhéiseacha a chéimniú isteach ar mhodh luathaithe do thancaeir ola aonchabhlach; Threoir 2009/45/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 6 Bealtaine 2009 maidir le rialacha sábháilteachta agus caighdeáin le haghaidh longa paisinéirí; agus Rialachán (AE) Uimh. 528/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 22 Bealtaine 2012 maidir le táirgí bithicídeacha a chur ar fáil ar an margadh agus a úsáid, faoi seach.

Ní dhéantar creat institiúideach an Chomhaontaithe a fhorlíonadh ná a leasú de thoradh na ngníomhartha atá beartaithe.

Dá bhrí sin, is é Airteagal 218(9) CFAE an bunús dlí don nós imeachta le haghaidh an chinnidh atá beartaithe.

4.2.Bunús dlí substainteach

4.2.1.Prionsabail

Maidir leis an mbunús dlí substainteach i dtaca le cinneadh faoi Airteagal 218(9) CFAE, braitheann sé go príomha ar chuspóir agus ábhar an ghnímh atá beartaithe agus a bhfuiltear ag glacadh seasamh thar ceann an Aontais ina leith. Má tá dhá aidhm ag an ngníomh atá beartaithe nó má tá dhá chomhpháirt ann agus más féidir ceann de na haidhmeanna nó de na comhpháirteanna sin a shainaithint mar phríomhaidhm nó mar phríomh-chomhpháirt agus an ceann eile mar aidhm nó comhpháirt theagmhasach, ní mór an cinneadh faoi Airteagal 218(9) CFAE a bhunú ar bhunús dlí substainteach aonair, is é sin an bunús dlí a éilítear de réir na príomhaidhme nó na príomh-chomhpháirte.

4.2.2.Cur i bhfeidhm maidir leis an gcás seo

Is leis an muiriompar a bhaineann príomhchuspóir agus príomhábhar an ghnímh atá beartaithe. Dá bhrí sin, is é Airteagal 100(2) CFAE an bunús dlí substainteach le haghaidh an chinnidh atá beartaithe.

4.3.Conclúid

Ba cheart Airteagal 100(2) CFAE, i gcomhar le hAirteagal 218(9) CFAE, a bheith ina mbunús dlí le haghaidh an chinnidh atá beartaithe.

2021/0066 (NLE)

Togra le haghaidh

CINNEADH ÓN gCOMHAIRLE

maidir leis an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais Eorpaigh san Eagraíocht Mhuirí Idirnáisiúnta le linn an 103ú seisiún den Choiste Muir-Shábháilteachta agus an 76ú seisiún den Choiste um Chaomhnú an Chomhshaoil Mhuirí maidir le leasuithe a ghlacadh ar an gCoinbhinsiún Idirnáisiúnta maidir le Caighdeáin Oiliúna, Deimhniúcháin agus Faire do Mharaithe, ar an gCód Idirnáisiúnta maidir le Clár Feabhsaithe na nIniúchtaí a dhéantar mar chuid de Shuirbhéanna ar Bhulc-iompróirí agus ar Thancaeir Ola, ar an gCód Idirnáisiúnta um Chórais le haghaidh Sábháilteacht ó Dhóiteáin agus ar an gCoinbhinsiún Idirnáisiúnta ar Chórais Dhíobhálacha Frithsmálaithe ar Longa a Rialú

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 100(2) de, i gcomhar le hAirteagal 218(9) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)Tháinig an Coinbhinsiún maidir leis an Eagraíocht Mhuirí Idirnáisiúnta (‘IMO’) i bhfeidhm an 17 Márta 1958.

(2)Is sainghníomhaireacht de chuid na Náisiún Aontaithe é IMO a bhfuil freagracht uirthi maidir le sábháilteacht agus slándáil loingis agus maidir le truailliú muirí agus truailliú atmaisféarach ó longa a chosc. Tá Ballstáit uile an Aontais ina mbaill de IMO. Níl an tAontas ina bhall de IMO.

(3)De bhun Airteagal 28(b) den Choinbhinsiún maidir le IMO, féadfaidh an Coiste Muir-Shábháilteachta leasuithe a ghlacadh ar an gCoinbhinsiún Idirnáisiúnta maidir le Caighdeáin Oiliúna, Deimhniúcháin agus Faire do Mharaithe (Coinbhinsiún STCW) 8 agus ar an gCoinbhinsiún Idirnáisiúnta um Shábháilteacht Anama ar Muir (‘Coinbhinsiún SOLAS’) 9 .

(4)De bhun Airteagal 38(a) den Choinbhinsiún maidir le IMO, féadfaidh an Coiste um Chaomhnú an Chomhshaoil Mhuirí leasuithe a ghlacadh ar an gCoinbhinsiún Idirnáisiúnta ar Chórais Dhíobhálacha Frithsmálaithe ar Longa a Rialú (‘Coinbhinsiún AFS’) 10 .

(5)Tá an Coiste Muir-Shábháilteachta, le linn a 103ú seisiún ón 5 go dtí an 14 Bealtaine 2021, le leasuithe a ghlacadh ar Choinbhinsiún STCW, ar an gCód Idirnáisiúnta maidir le Clár Feabhsaithe na nIniúchtaí a dhéantar mar chuid de Shuirbhéanna ar Bhulc-iompróirí agus ar Thancaeir Ola (Cód ESP) agus ar an gCód Idirnáisiúnta um Chórais le haghaidh Sábháilteacht ó Dhóiteáin (Cód FSS).

(6)Tá an Coiste um Chaomhnú an Chomhshaoil Mhuirí, le linn a 76ú seisiún ón 10 go dtí an 17 Meitheamh 2021, le leasuithe ar Choinbhinsiún AFS a ghlacadh.

(7)Is iomchuí an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais le linn an 103ú seisiún den Choiste Muir-Shábháilteachta a bhunú, toisc go bhféadfadh na leasuithe ar STCW, ar an gCód ESP agus ar an gCód FSS tionchar cinntitheach a imirt ar a bhfuil i reachtaíocht an Aontais, eadhon i dTreoir 2008/106/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 11 , i Rialachán (AE) 530/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 12 agus i dTreoir 2009/45/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 13 , faoi seach.

(8)Leis na leasuithe ar Chuid A de Chód STCW de Choinbhinsiún STCW, shoiléireofaí leibhéal oibríochtúil fheidhmeanna an ‘oifigigh leictriteicniúil’ agus thabharfaidís isteach sainmhíniú comónta ar an téarma ‘ardvoltas’. Dá bhrí sin, ba cheart don Aontas tacú leis na leasuithe sin ós rud é go soiléirítear leo feidhmeanna na ndaoine atá ag obair ar bord, agus go dtugann siad, leis sin, breis soiléireachta maidir leis na freagrachtaí agus na cúraimí éagsúla.

(9)Leis na leasuithe ar Iarscríbhinn 2 de chuid A d’Iarscríbhinn B de Chód ESP, bheadh suirbhéirí in ann díriú ar limistéir a bhfuil amhras fúthu agus iad ag glacadh toisí tiúis i dtancaeir ola cabhlach dúbailte. Dá bhrí sin, ba cheart don Aontas tacú leis na leasuithe sin toisc go neartóidh siad an tsábháilteacht ar muir agus go laghdóidh siad an riosca go dtarlódh doirtí tráth a tharlódh tionóiscí.

(10)Na leasuithe ar Chaibidil 9 de Chód FSS, d’fhreastalóidís ar chórais ina gcomhcheanglaítear an tsábháilteacht fheabhsaithe a ghabhann le brathadóirí dóiteáin is féidir a shainaithint go leithleach agus a leagtar de cheanglas iad a bheith i longa paisinéirí, agus an tsábháilteacht a ghabhann le haonrú lochtanna trí shainaithint de réir na roinne, rud (i.e. an taonrú lochtanna) nach bhfuil chomh casta ná chomh costasach agus atá inghlactha maidir le lastlonga agus maidir le balcóiní na gcábán i longa paisinéirí, agus maidir leo siúd amháin. Ba cheart don Aontas tacú leis na leasuithe mar is fearr an chosaint a bheidh ag daoine ar bord i gcás dóiteán, de thoradh na leasuithe sin.

(11)Is iomchuí an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais le linn an 76ú seisiún den Choiste um Chaomhnú an Chomhshaoil Mhuirí a bhunú, toisc go bhféadfadh na leasuithe ar Iarscríbhinní 1 agus 4 de Choinbhinsiún AFS tionchar cinntitheach a imirt ar a bhfuil i reachtaíocht an Aontais, eadhon Rialachán (AE) Uimh. 528/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 22 Bealtaine 2012 maidir le táirgí bithicídeacha a chur ar fáil ar an margadh agus a úsáid.

(12)Leis na leasuithe ar Iarscríbhinní 1 agus 4 de Choinbhinsiún AFS, d’áiritheofaí go mbeadh toirmeasc domhanda ar an tsubstaint frithsmálaithe, ciobúitrín, substaint a bhfuil sé toirmiscthe cheana féin í a dhíol laistigh den Aontas.

(13)Tá seasamh an Aontais le cur in iúl ag na Ballstáit sin den Aontas ar baill iad de Choiste Muir-Shábháilteachta IMO agus de Choiste um Chaomhnú an Chomhshaoil Mhuirí IMO, ag gníomhú dóibh go comhpháirteach,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Na seasaimh atá le glacadh thar ceann an Aontais le linn an 103ú seisiún de Choiste Muir-Shábháilteachta na hEagraíochta Muirí Idirnáisiúnta (‘IMO’), is é a bheidh iontu aontú leis an méid seo a leanas:

(a)glacadh na leasuithe ar an gCoinbhinsiún Idirnáisiúnta maidir le Caighdeáin Oiliúna, Deimhniúcháin agus Faire do Mharaithe a leagtar síos in Iarscríbhinní 7 agus 8 a ghabhann leis an doiciméad MSC 102/24, doiciméad de chuid IMO;

(b)glacadh na leasuithe ar an gCód Idirnáisiúnta maidir le Clár Feabhsaithe na nIniúchtaí a dhéantar mar chuid de Shuirbhéanna ar Bhulc-iompróirí agus ar Thancaeir Ola a leagtar síos in Iarscríbhinn 15 a ghabhann leis an doiciméad MSC 102/24, doiciméad de chuid IMO; agus

(c)glacadh na leasuithe ar an gCód Idirnáisiúnta um Chórais le haghaidh Sábháilteacht ó Dhóiteáin a leagtar síos in Iarscríbhinn 20 a ghabhann leis an doiciméad MSC 102/24, doiciméad de chuid IMO.

Airteagal 2

An seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais le linn an 76ú seisiún de Choiste um Chaomhnú an Chomhshaoil Mhuirí IMO, is é a bheidh ann aontú le glacadh na leasuithe ar an gCoinbhinsiún Idirnáisiúnta ar Chórais Dhíobhálacha Frithsmálaithe ar Longa a Rialú a leagtar síos in Iarscríbhinn 7 a ghabhann leis an doiciméad MEPC 75/18, doiciméad de chuid IMO.

Airteagal 3

1.Na Ballstáit sin den Aontas atá ina mbaill de Choiste Muir-Shábháilteachta IMO, cuirfidh siad an seasamh dá dtagraítear in Airteagal 1 in iúl, ag gníomhú dóibh go comhpháirteach.

2.Na Ballstáit sin den Aontas atá ina mbaill de Choiste um Chaomhnú an Chomhshaoil Mhuirí IMO, cuirfidh siad an seasamh dá dtagraítear in Airteagal 2 in iúl, ag gníomhú dóibh go comhpháirteach.

Airteagal 4

Is chuig na Ballstáit a dhírítear an Cinneadh seo.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil,

   Thar ceann na Comhairle

   An tUachtarán

(1)    IO L 323, 3.12.2008, lch. 33–61
(2)    IO L 172, 30.6.2012, lch. 3-9
(3)    IO L 163, 25.6.2009, lch. 1-140
(4)    IO L 167, 27.6.2012, lch. 1-123
(5)    IO L 21, 28.1.2016, lch. 81-82
(6)    Cás C-399/12 An Ghearmáin v an Chomhairle (OIV), ECLI:EU:C:2014:2258, mír 64.
(7)    Cás C-399/12 An Ghearmáin v an Chomhairle (OIV), ECLI:EU:C:2014:2258, míreanna 61–64.
(8)    Tháinig Coinbhinsiún SOLAS i bhfeidhm an 28 Aibreán 1984.
(9)    Tháinig Coinbhinsiún SOLAS i bhfeidhm an 25 Bealtaine 1980.
(10)    Tháinig Coinbhinsiún SOLAS i bhfeidhm an 17 Meán Fómhair 2008.
(11)    Treoir 2008/106/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 19 Samhain 2008 maidir leis an íosleibhéal oiliúna ar mharaithe (IO L 323, 3.12.2008, lch. 33).
(12)    Rialachán (AE) Uimh. 530/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Meitheamh 2012 maidir le ceanglais cabhlach dúbailte nó ceanglais deartha choibhéiseacha a chéimniú isteach ar mhodh luathaithe do thancaeir ola aonchabhlach (IO L 172, 30.6.2012, lch. 3).
(13)    Treoir 2009/45/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 6 Bealtaine 2009 maidir le rialacha agus caighdeáin sábháilteachta le haghaidh longa paisinéirí (IO L 163, 25.6.2009, lch. 1).