An Bhruiséil,9.2.2021

COM(2021) 64 final

2021/0034(NLE)

Togra le haghaidh

CINNEADH ÓN gCOMHAIRLE

maidir leis an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais Eorpaigh sa Chomhairle Comhpháirtíochta a bunaíodh leis an gComhaontú Trádála agus Comhair idir an tAontas Eorpach agus an Comhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach, de pháirt, agus Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann, den pháirt eile, maidir leis an dáta ar a scoirfear de chur i bhfeidhm sealadach an Chomhaontaithe Trádála agus Comhair


MEABHRÁN MÍNIÚCHÁIN

1.Ábhar an togra

Molann an Coimisiún go mbunóidh an Chomhairle an seasamh a bheidh le glacadh thar ceann an Aontais sa Chomhairle Comhpháirtíochta a bunaíodh leis an gComhaontú Trádála agus Comhair idir an tAontas Eorpach agus an Comhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach, de pháirt amháin, agus Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann, den pháirt eile (an ‘Comhaontú Trádála agus Comhair’), a mhéid a bhaineann leis an dáta ar a scoirfear de chur i bhfeidhm sealadach an Chomhaontaithe Trádála agus Comhair.

2.Comhthéacs an togra

2.1.An Comhaontú Trádála agus Comhair

An 29 Nollaig 2020, ghlac an Chomhairle Cinneadh (AE) Uimh. 2020/2252 1 maidir le síniú, thar ceann an Aontais Eorpaigh, agus cur i bhfeidhm sealadach an Chomhaontaithe Trádála agus Comhair idir an tAontas Eorpach agus an Comhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach, de pháirt, agus Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann, den pháirt eile, agus an Chomhaontaithe idir an tAontas Eorpach agus Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann a bhaineann le nósanna imeachta slándála le haghaidh malartú agus cosaint faisnéise rúnaicmithe.

Leis an gComhaontú Trádála agus Comhair bunaítear an bonn le haghaidh caidreamh leathan idir an tAontas agus an Ríocht Aontaithe lena mbaineann cearta agus oibleagáidí cómhalartacha, comhghníomhaíochtaí agus nósanna imeachta speisialta.

Is comhaontú forlíontach ar an gComhaontú Trádála agus Comhair é an Comhaontú maidir le Slándáil Faisnéise agus tá dlúthcheangal idir é agus an comhaontú sin, go háirithe maidir leis na dátaí cur i bhfeidhm agus foirceanta.

De bhun Airteagal 12(1) de Chinneadh (AE) Uimh. 2020/2252 ón gComhairle, mar a chomhaontaigh na Páirtithe in Airteagal FINPROV.11(2) den Chomhaontú Trádála agus Comhair é, beidh feidhm ag na Comhaontuithe ar bhonn sealadach amhail ón 1 Eanáir 2021, go dtí go gcomhlíonfar na nósanna imeachta is gá chun go dtiocfaidh siad i bhfeidhm.

2.2.An cinneadh atá beartaithe ag an gComhairle Comhpháirteachta

De bhun Airteagal FINPROV.11(2) den Chomhaontú Trádála agus Comhair, tiocfaidh deireadh leis an gcur i bhfeidhm sealadach ar cheann de na dátaí seo a leanas, cibé acu is luaithe:

(a) an 28 Feabhra 2021 nó dáta eile arna chinneadh ag an gComhairle Comhpháirtíochta a bunaíodh faoi Airteagal INST.1 den Chomhaontú; nó

(b) ar an gcéad lá den mhí tar éis na míosa inar chuir an dá Pháirtí in iúl dá chéile go bhfuil a gceanglais inmheánacha agus a nósanna imeachta inmheánacha féin comhlíonta acu maidir lena dtoiliú a bheith faoi cheangal a bhunú.

De bharr an ama a theastaíonn ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle chun grinnscrúdú iomchuí a dhéanamh ar na Comhaontuithe i ngach ceann de na 24 theanga bharántúla, ní bheidh an tAontas in ann an Comhaontú Trádála agus Comhair a thabhairt i gcrích roimh an 28 Feabhra 2021.

Dá bhrí sin, ba cheart don Chomhairle Comhpháirtíochta dáta is déanaí ná an 28 Feabhra 2021 a shocrú le haghaidh dheireadh an chur i bhfeidhm shealadaigh, agus an t‑am is gá chun an t‑athbhreithniú dlítheangeolaíoch a chur i gcrích agus chun leaganacha teanga uile an Chomhaontaithe a fhíordheimhniú á chur san áireamh.

An dáta sin a shocrú, sin é cuspóir an chinnidh atá beartaithe ag an gComhairle Comhpháirtíochta, arb é an cinneadh é ar cheart seasamh an Aontais ina leith a bhunú.

3.An seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais

I bhfianaise an dáta atá beartaithe maidir leis na Comhaontuithe a bheith ar fáil i ngach ceann de na 24 theanga bharántúla, is é an 30 Aibreán 2021 an dáta ba cheart a bheith ann.

Dá bhrí sin, ba cheart gurbh é a bheadh i seasamh an Aontais tacaíocht a thabhairt do ghlacadh an chinnidh ón gComhairle Comhpháirtíochta de bhun phointe (a) d'Airteagal FINPROV.11(2) den Chomhaontú Trádála agus Comhair lena mbunófar an 30 Aibreán 2021 mar dháta deiridh nua an chur i bhfeidhm shealadaigh, i gcomhréir leis an dréachtchinneadh atá ceangailte leis an togra seo.

4.Bunús dlí

In Airteagal 218(9) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE) déantar foráil maidir le cinntí ón gComhairle lena leagtar síos ‘na seasaimh atá le glacadh thar ceann an Aontais i gcomhlacht arna chur ar bun le comhaontú nuair a iarrtar ar an gcomhlacht sin gníomhartha a ghlacadh a bhfuil éifeachtaí dlíthiúla leo, seachas gníomhartha lena bhforlíonfar nó lena leasófar creat institiúideach an chomhaontaithe.’

Is gníomh a bhfuil éifeachtaí dlíthiúla aige atá sa chinneadh a iarrtar ar an gComhairle Comhpháirtíochta a ghlacadh.

Leis an ngníomh atá beartaithe, ní fhorlíontar ná ní leasaítear creat institiúideach an Chomhaontaithe Trádála agus Comhair.

Dá bhrí sin, is é Airteagal 218(9) CFAE an bunús dlí don nós imeachta maidir leis an gcinneadh atá beartaithe.

A bhfuil de chuspóir leis an ngníomh atá beartaithe agus a bhfuil d'ábhar ann, baineann siad le seasamh an Aontais a bhunú maidir leis an dáta a scoirfear den chur i bhfeidhm sealadach. Bhí síniú an Chomhaontaithe Trádála agus Comhair bunaithe ar Airteagal 217 CFAE.

Ba cheart Airteagal 217 CFAE a bheith ina bhunús dlí don chinneadh atá beartaithe, i gcomhar le hAirteagal 218(9).

5.Foilsiú an ghnímh atá beartaithe

Ós rud é gurb é cuspóir chinneadh na Comhairle Comhpháirtíochta an dáta ar a scoirfear den chur i bhfeidhm sealadach a chur ar atráth, is iomchuí cinneadh na Comhairle Comhpháirtíochta a fhoilsiú in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh tar éis a ghlactha.

2021/0034 (NLE)

Togra le haghaidh

CINNEADH ÓN gCOMHAIRLE

maidir leis an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais Eorpaigh sa Chomhairle Comhpháirtíochta a bunaíodh leis an gComhaontú Trádála agus Comhair idir an tAontas Eorpach agus an Comhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach, de pháirt, agus Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann, den pháirt eile, maidir leis an dáta ar a scoirfear de chur i bhfeidhm sealadach an Chomhaontaithe Trádála agus Comhair

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 217 de, i gcomhar le hAirteagal 218(9) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)An 29 Nollaig 2020, ghlac an Chomhairle Cinneadh (AE) Uimh. 2020/2252 2 maidir le síniú, thar ceann an Aontais agus maidir le cur i bhfeidhm sealadach an Chomhaontaithe Trádála agus Comhair, idir an tAontas Eorpach agus an Comhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach, de pháirt, agus Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann, den pháirt eile, (an ‘Cinneadh Trádála agus Comhair’) agus an Chomhaontaithe idir an tAontas Eorpach agus Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann a bhaineann le nósanna imeachta slándála le haghaidh malartú agus cosaint faisnéise rúnaicmithe (an ‘Comhaontú maidir le Slándáil Faisnéise’) (dá ngairtear, orthu uile le chéile, na 'Comhaontuithe’).

(2)Is comhaontú forlíontach ar an gComhaontú Trádála agus Comhair é an Comhaontú maidir le Slándáil Faisnéise agus tá dlúthcheangal idir é agus an comhaontú sin, go háirithe maidir leis na dátaí cur i bhfeidhm agus foirceanta.

(3)De bhun Airteagal 12(1) de Chinneadh (AE) Uimh. 2020/2252, mar a chomhaontaigh na Páirtithe in Airteagal FINPROV.11(2) den Chomhaontú Trádála agus Comhair é, beidh feidhm ag na Comhaontuithe ar bhonn sealadach amhail ón 1 Eanáir 2021, go dtí go gcríochnófar na nósanna imeachta is gá chun go dtiocfaidh siad i bhfeidhm.

(4)De bhun Airteagal FINPROV.11(2) den Chomhaontú Trádála agus Comhair, tiocfaidh deireadh leis an gcur i bhfeidhm sealadach ar cheann de na dátaí seo a leanas, cibé acu is luaithe: (a) an 28 Feabhra 2021 nó dáta eile arna chinneadh ag an gComhairle Comhpháirtíochta a bhunaítear le hAirteagal INST.1 den Chomhaontú Trádála agus Comhair; nó (b) ar an gcéad lá den mhí tar éis na míosa inar thug an dá Pháirtí fógra dá chéile go bhfuil a gceanglais inmheánacha agus a nósanna imeachta inmheánacha féin comhlíonta acu maidir lena dtoiliú a bheith faoi cheangal a bhunú.

(5)De bharr an ama a theastaíonn ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle chun grinnscrúdú iomchuí a dhéanamh ar na Comhaontuithe i ngach ceann de na 24 theanga bharántúla, ní bheidh an tAontas in ann an Comhaontú Trádála agus Comhair a thabhairt i gcrích roimh an 28 Feabhra 2021.

(6)Dá bhrí sin, ba cheart don Chomhairle Comhpháirtíochta dáta níos déanaí a shocrú chun deireadh a chur leis an gcur i bhfeidhm sealadach, ag cur san áireamh an tráth a ndéanfar na leaganacha uile teanga a athbhreithniú agus a fhíordheimhniú. I bhfianaise an dáta atá beartaithe maidir leis na Comhaontuithe a bheith ar fáil i ngach ceann de na 24 theanga bharántúla, ba cheart don Chomhairle Comhpháirtíochta an 30 Aibreán 2021 a shocrú mar an dáta sin.

(7)Is iomchuí, dá bhrí sin, an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais sa Chomhairle Comhpháirtíochta a bhunú.

(8)Ionas go mbeifear in ann na bearta dá bhforáiltear sa Chinneadh seo a chur i bhfeidhm go pras, ba cheart an Cinneadh a theacht i bhfeidhm an dáta a ghlacfar é,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Is ar an dréachtchinneadh ón gComhairle Comhpháirtíochta atá i gceangal leis an gCinneadh seo a bhunófar an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais sa Chomhairle Comhpháirtíochta arna bunú le hAirteagal INST.1 den Chomhaontú Trádála agus Comhair, maidir le cinneadh atá le glacadh i gcomhréir le pointe (a) d’Airteagal FINPROV.11(2) de.

Airteagal 2

Foilseofar an Cinneadh ón gComhairle Comhpháirtíochta in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh. 

Airteagal 3

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar dháta a ghlactha.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil,

   Thar ceann na Comhairle

   An tUachtarán

(1)    IO L 444, 31.12.2020, lch. 2.
(2)    Cinneadh (AE) 2020/2252 ón gComhairle an 29 Nollaig 2020 maidir le síniú, thar ceann an Aontais Eorpaigh, agus cur i bhfeidhm sealadach an Chomhaontaithe Trádála agus Comhair idir an tAontas Eorpach agus an Comhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach, de pháirt, agus Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann, den pháirt eile, agus an Chomhaontaithe idir an tAontas Eorpach agus Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann a bhaineann le nósanna imeachta slándála le haghaidh malartú agus cosaint faisnéise rúnaicmithe (IO L 444, 31.12.2020, lch. 2).

An Bhruiséil,9.2.2021

COM(2021) 64 final

IARSCRÍBHINN

a ghabhann leis an

Togra le haghaidh Cinneadh ón gComhairle

maidir leis an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais Eorpaigh sa Chomhairle Comhpháirtíochta a bunaíodh leis an gComhaontú Trádála agus Comhair idir an tAontas Eorpach agus an Comhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach, de pháirt, agus Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann, den pháirt eile, maidir leis an dáta ar a scoirfear de chur i bhfeidhm sealadach an Chomhaontaithe Trádála agus Comhair












































IARSCRÍBHINN

Cinneadh Uimh. 1/2021 ón gComhairle Comhpháirtíochta arna bhunú leis an gComhaontú Trádála agus Comhair idir an tAontas Eorpach agus an Comhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach, de pháirt, agus Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann, den pháirt eile,

an …

a mhéid a bhaineann leis an dáta a scoirfidh an Comhaontú Trádála agus Comhair d’fheidhm shealadach a bheith aige

TÁ AN CHOMHAIRLE COMHPHÁIRTÍOCHTA,

Ag féachaint don Chomhaontú Trádála agus Comhair idir an tAontas Eorpach agus an Comhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach, de pháirt, agus Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann, den pháirt eile 1 (an ‘Comhaontú Trádála agus Comhair’), agus go háirithe pointe (a) d'Airteagal FINPROV.11(2) de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)De bhun Airteagal FINPROV.11(2) den Chomhaontú Trádála agus Comhair, chomhaontaigh na Páirtithe an Comhaontú sin a chur i bhfeidhm go sealadach ón 1 Eanáir 2021 ar choinníoll, roimh an dáta sin, go mbeadh fógra tugtha acu dá chéile go raibh a gceanglais inmheánacha agus a nósanna imeachta inmheánacha faoi seach is gá don chur i bhfeidhm sealadach comhlíonta acu. Scoirfear den chur i bhfeidhm sealadach ar cheann de na dátaí seo a leanas, cibé acu is luaithe: (a) an 28 Feabhra 2021, nó dáta eile arna chinneadh ag an gComhairle Comhpháirtíochta; nó (b) ar an gcéad lá den mhí tar éis na míosa inar thug an dá Pháirtí fógra dá chéile go bhfuil a gceanglais inmheánacha agus a nósanna imeachta inmheánacha faoi seach comhlíonta acu maidir lena dtoiliú a bheith faoi cheangal a bhunú.

(2)Ós rud é nach mbeidh an tAontas Eorpach in ann, i ngeall ar cheanglais inmheánacha nós imeachta, an Comhaontú Trádála agus Comhair a thabhairt i gcrích faoin 28 Feabhra 2021, ba cheart don Chomhairle Comhpháirtíochta an 30 Aibreán 2021 a shocrú mar an dáta ar a scoirfear den chur i bhfeidhm sealadach de bhun phointe (a) d’Airteagal FINPROV.11(2).

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Is é an 30 Aibreán 2021 an dáta ar a scoirfear den chur i bhfeidhm sealadach de bhun phointe (a) d’Airteagal FINPROV.11(2) den Chomhaontú Trádála agus Comhair. 

Airteagal 2

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar dháta a ghlactha.

Arna dhéanamh [sa/in] ...,

Thar ceann na Comhairle Comhpháirtíochta 

Na Comhchathaoirligh

(1)    IO L 444, 31.12.2020, lch. 14.