An Bhruiséil,8.12.2021

COM(2021) 774 final

TEACHTAIREACHT ÓN gCOIMISIÚN CHUIG PARLAIMINT NA hEORPA AGUS CHUIG AN gCOMHAIRLE

maidir le bearta laistigh de chumhachtaí an Choimsiúin a fhéadfaidh an Coimisiún a ghlacadh nuair a chinneann sé, de bhun an Rialacháin ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle i dtaca le cosaint an Aontais agus a Bhallstát ar an gcomhéigean eacnamaíoch a dhéanfadh tríú tíortha, go ndéanfaidh an tAontas bearta freagartha le cur in aghaidh beart comhéigean eacnamaíoch tríú tír.


Ionas nach bhféadfaidh tríú tíortha iallach a chur ar an Aontas nó ar Bhallstát rogha beartais ar leith a dhéanamh, foráiltear le Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir leis an Aontas agus a Bhallstáit a chosaint ar chomhéigean eacnamaíoch ó thríú tíortha do shraith freagraí a d'fhéadfadh a bheith ag an Aontas ar bheartas comhéigin eacnamaíoch triú tíre. 1  

Sula nglacann an Coimisiún frithbheart, bunaítear nós imeachta ilchéime leis an Rialachán chun an tríú tír lena mbaineann a dhíspreagadh ó bheart an chomhéigin eacnamaíoch a chaomhnú. Cuirtear tús leis an nós imeachta le scrúdú ar an mbeart tríú tíortha, agus ina dhiaidh sin cinntear go bhfuil comhéigean eacnamaíoch ann agus cinntear go ndéantar iarracht ar rannpháirtíocht chomhoibríoch leis an tríú tír atá i gceist. Nuair atá cinneadh déanta ag an gCoimisiún ach nach raibh de thoradh ar an rannpháirtíocht leis an tríú tír go bhfuil deireadh leis an mbeart comhéigin eacnamaíoch agus ná cúitimh eacnamaíoch aon díobhála don Aontas nó do Bhallstát, féadfaidh an Coimisiún freagairt trí ghníomh cur chun feidhme a ghlacadh, lena gcinntear gur gá beart freagartha Aontais a dhéanamh. Sainaithnítear roinnt beart freagartha de chuid an Aontais sa Rialachán. Mar sin féin, d'fhonn a áirithiú go mbeidh raon beart freagartha ar fáil don Aontas a mhéid is féidir chun cur i gcoinne bearta comhéigin eacnamaíoch ó thríú tíortha, féadfaidh an Coimisiún bearta a dhéanamh freisin nach liostaítear sa Rialachán a thagann faoi chumhachtaí an Choimisiúin. Ba cheart aon ghníomhaíocht den saghas sin de chuid an Choimisiúin a shioncrónú agus ba cheart é a bheith comhsheasmhach le gníomhaíocht faoin Rialachán.

Tá cumhachtaí sonracha ag an gCoimisiún maidir le cistiú an Aontais a dheonú. Dá bhrí sin, tá sé de chumas ag an gCoimisiún gníomhú maidir le cistiú ón Aontas do thríú tíortha, cistiú a chuireann bearta comhéigean eacnamaíoch i bhfeidhm nó maidir le daoine a ainmnítear de bhun an Rialacháin. Chuige sin, féadfaidh an Coimisiún, i gcomhréir leis na rialacha agus na nósanna imeachta faoi ionstraimí maoinithe ábhartha an Aontais, mar aon leis na bearta freagartha a d'fhéadfadh a bheith ag an Aontas a liostaítear sa Rialachán, breithniú a dhéanamh ar aon cheann de na gníomhaíochtaí seo a leanas i gcás ina mbeidís éifeachtach chun bearta comhéigin eacnamaíoch a spreagadh, nuair a chinnfear, de bhun an Rialacháin, gur cheart bearta freagartha den Aontas a ghlacadh:

·Déanfaidh an Coimisiún a mhachnamh ar cheart gan páirt a ghlacadh i ngealltanais airgeadais nua de chuid an Aontais maidir le cláir nó cistí faoi théarmaí an nóis imeachta an chuir chun feidhme bhuiséadaigh ábhartha;

·Breithneoidh an Coimisiún cur i gcoinne oibríochtaí nua maoiniúcháin, a mhéid atá incheadaithe i gcomhréir leis an gcomhaontú idir an tAontas, a ndéanann an Coimisiún ionadaíocht air, agus eintiteas a bhfuil sé de chúram air clár a bhainistiú go hindíreach;

·Breithneoidh an Coimisiún staonadh ó chúnamh macra-airgeadais nua a mholadh don tríú tír lena mbaineann de bhun Airteagail 209, 212 agus 213 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus eisíocaíochtaí in oibríochtaí reatha a chur ar fionraí nó a chealú i gcomhréir leis na comhaontuithe infheidhme;

·Breithneoidh an Coimisiún aon ranníocaíocht nó aon chomhaontú ráthaíochta idir an Coimisiún thar ceann an Aontais agus eintitis ar cuireadh cúram orthu a bhaineann le tríú tír lena mbaineann nó le duine ainmnithe a chur ar fionraí nó a fhoirceannadh;

·Breithneoidh an Coimisiún aon bhearta iomchuí, lena náirítear gníomhaíochtaí arna maoiniú faoi Rialachán (AE) 2021/947 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Meitheamh 2021 lena mbunaítear an Ionstraim um Chomharsanacht, Forbairt agus Comhar Idirnáisiúnta – An Eoraip Dhomhanda 2 nó faoi Rialachán (AE) 2021/1529 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Meán Fómhair 2021 lena mbunaítear an Ionstraim um Chúnamh Réamhaontachais (IPA III) nó a nionstraimí comharba 3 .

De réir na dtéarmaí céanna, féadfaidh an Coimisiún na bearta seo a leanas a dhéanamh maidir le maoiniú ón mBanc Eorpach Infheistíochta nó ón mBanc Eorpach Athfhoirgníochta agus Forbartha:

·Ar bhonn Airteagal 19 de Reacht an Bhainc Eorpaigh Infheistíochta, atá i gceangal leis an gConradh ar an Aontas Eorpach agus leis an gConradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (Prótacal Uimh. 5), breithneoidh an Coimisiún tuairimí neamhfhabhracha a ghlacadh maidir le hiarratais ar mhaoiniú chuig an mBanc Eorpach Infheistíochta.

·Breithneoidh an Coimisiún moladh a thabhairt do Stiúrthóir an Bhainc Eorpaigh Athfhoirgníochta agus Forbartha a dhéanann ionadaíocht ar an Aontas vótáil i gcoinne cistiú a fhormheas.

(1)

COM(2021) 775 an 8 Nollaig 2021.

(2)

Rialachán (AE) 2021/947 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Meitheamh 2021 lena mbunaítear an Ionstraim um Chomharsanacht, Forbairt agus Comhar Idirnáisiúnta – an Eoraip Dhomhanda, agus lena leasaítear agus lena n‑aisghairtear Cinneadh Uimh. 466/2014/AE agus lena n‑aisghairtear Rialachán (AE) 2017/1601 agus Rialachán (CE, Euratom) Uimh. 480/2009 ón gComhairle IO L 209, 14.6.2021, lch. 1).

(3)

Rialachán (AE) 2021/1529 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Meán Fómhair 2021 lena mbunaítear Ionstraim um Chúnamh Réamhaontachais (IPA III) (IO L 330, 20.9.2021, lch. 1).