9.2.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 68/2


TUAIRIM ÓN MBANC CEANNAIS EORPACH

an 30 Samhain 2021

ar thogra le haghaidh rialachán chun ceanglais inrianaitheachta a leathnú chuig aistrithe criptea-shócmhainní

(CON/2021/37)

(2022/C 68/02)

Réamhrá agus bunús dlí

An 14 agus an 20 Deireadh Fómhair 2021 fuair an Banc Ceannais Eorpach (BCE) iarrataí ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an Aontais Eorpaigh, faoi seach, ar thuairim a fháil ar thogra le haghaidh rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le faisnéis a ghabhann le haistrithe cistí agus criptea-shócmhainní áirithe (athmhúnlú) (1) (dá ngairtear an “rialachán beartaithe” anseo feasta).

Is ar ar Airteagail 127(4) agus 282(5) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh atá inniúlacht BCE chun tuairim a thabhairt bunaithe, ós rud é go bhfuil ar áireamh sa rialachán beartaithe forálacha lena ndéantar difear do bhunchúraimí an Chórais Eorpaigh Banc Ceannais (CEBC) maidir le beartas airgeadaíochta an Aontais a chur chun feidhme agus oibriú rianúil córas íocaíochta a chur chun cinn de bhun na chéad fhleisce agus an cheathrú fleasc d’Airteagal 127(2) den Chonradh; an rannchuidiú a dhéanann CEBC le cobhsaíocht an chórais airgeadais de bhun Airteagal 127(5) den Chonradh, agus an stádas dlíthairisceana atá ag nótaí bainc euro de bhun Airteagal 128(1) den Chonradh. I gcomhréir leis an gcéad abairt d’Airteagal 17.5 de Rialacha Nós Imeachta an Bhainc Cheannais Eorpaigh, ghlac an Chomhairle Rialaithe an tuairim sin.

Barúlacha ginearálta

Is díol sásaimh do BCE an tionscnamh ón gCoimisiún Eorpach ceanglais inrianaitheachta a leathnú chuig criptea-shócmhainní trí bhíthin an rialacháin bheartaithe, ar cuid é den phacáiste maidir le Frithsciúradh Airgid/Comhrac in aghaidh Maoiniú Sceimhlitheoireachta (AML/CFT) (2) a ghlac an Coimisiún an 20 Iúil 2020.

Ós rud é go bhfuil aistrithe criptea-shócmhainní faoi réir rioscaí comhchosúla sciúrtha airgid agus maoinithe sceimhlitheoireachta agus atá ag baint le haistrithe cistí sreinge, ba cheart do sholáthraithe seirbhísí criptea-shócmhainní a bheith faoi réir an leibhéil chéanna de cheanglais AML/CFT agus atá eintitis eile faoi oibleagáid. Dá bhrí sin, is díol sásaimh do BCE an rialachán beartaithe mar bhealach chun cothroime iomaíochta a thabhairt do sholáthraithe seirbhísí criptea-shócmhainní.

Is díol sásaimh do BCE ailíniú beartaithe chreat dlíthiúil an Aontais leis na Moltaí ón Tascfhórsa um Ghníomhaíocht Airgeadais (Financial Action Task Force, FATF), go háirithe Moladh 16 (3), toisc go maolaítear leis rioscaí AML/CFT a bhaineann le haistrithe criptea-shócmhainní, agus ar an gcaoi sin go mbunófar cothroime iomaíochta idir aistrithe airgeadraí oifigiúla agus aistrithe criptea-shócmhainní chun mí-úsáid criptea-shócmhainní chun críocha sciúrtha airgid agus maoinithe sceimhlitheoireachta a chosc. Cé gur cheart cothroime iomaíochta a bhaint amach maidir le déine na gceanglas AML/CFT is infheidhme maidir le soláthraithe seirbhísí criptea-shócmhainní, ba cheart go ngabhfadh na ceanglais shonracha na rioscaí a bhaineann le gnéithe teicneolaíocha de chriptea-shócmhainní agus d’aistrithe criptea-shócmhainní. Mar shampla, sna ceanglais maidir le hinrianaitheacht aistrithe criptea-shócmhainní, ba cheart na gnéithe sonracha de na teicneolaíochtaí is bunús leis na haistrithe sin a chur san áireamh.

Chun rioscaí AML/CFT a mhaolú go héifeachtach, ba cheart an rialachán beartaithe a shoiléiriú chun aon amhras a sheachaint go gcumhdófaí idirbhearta idir tiachóga óstáilte agus tiachóga neamhóstáilte, agus gurb é an éifeacht atá leis sin go gcaithfear an fhaisnéis cheannann chéanna a bhaineann le haistrithe criptea-shócmhainní eile a bhailiú agus a stóráil. Ina theannta sin, ba cheart don Choimisiún agus do na húdaráis náisiúnta ábhartha dlúthfhaireachán a dhéanamh freisin ar fhorbairtí margaidh agus ar ghníomhaíochtaí sciúrtha airgid a bhaineann le criptea-shócmhainní gan úsáid a bhaint as soláthraithe seirbhísí nó i malartuithe díláraithe idir piaraí agus ba cheart bearta reachtacha breise a mholadh, i gcás inarb iomchuí, má fheictear ardú suntasach ar mhéideanna na n-idirbheart agus méadú ar úsáid na sócmhainní sin i gcás gníomhaíochtaí aindleathacha sa deighleog sin.

Ar deireadh, i bhfianaise luas tapa na bhforbairtí teicneolaíocha i réimse na gcriptea-shócmhainní, is den tábhacht é dlúthfhaireachán a dhéanamh ar chur chun feidhme an chreata i gcomhar leis na húdaráis ábhartha agus, i gcás inarb iomchuí, leis an earnáil phríobháideach.

1.   Sainmhíniú ar chriptea-shócmhainní agus raon feidhme an rialacháin bheartaithe

1.1

Bainfear úsáid sa rialachán beartaithe as an sainmhíniú ar “criptea-shócmhainní” a leagtar síos sa togra ón gCoimisiún le haghaidh Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le Margaí Criptea-shócmhainní, agus lena leasaítear Treoir (AE) 2019/1937 (4) (an “rialachán beartaithe Markets in Crypto-assets (MiCA)” anseo feasta). Mar a thug BCE dá aire cheana féin (5), tá sainmhíniú leathan ar chriptea-shócmhainní sa rialachán beartaithe MiCA. Tuigeann BCE go bhfuil sé beartaithe a bheith ina shainmhíniú leathan uileghabhálach, agus, dá bhrí sin, go bhfuil sé i gceist leis an rialachán beartaithe ceanglais inrianaitheachta a leathnú chuig gach criptea-shócmhainn, beag beann ar an mbunteicneolaíocht (teicneolaíocht mórleabhar dáilte nó eile) a úsáidtear chun iad a eisiúint.

1.2

Maidir le raon feidhme an rialacháin bheartaithe, tuigeann BCE gurb amhlaidh, mar atá sa rialachán beartaithe MiCA, nach bhfuil sé i gceist go gcumhdófaí leis criptea-shócmhainní arna n-eisiúint ag bainc cheannais ag gníomhú dóibh ina gcáil mar údarás airgeadaíochta. Mar sin féin, ar mhaithe le deimhneacht dhlíthiúil agus chun raon feidhme an rialacháin bheartaithe a ailíniú go hiomlán le raon feidhme an rialacháin bheartaithe MiCA, molann BCE é sin a léiriú go sainráite in aithrisí agus i bhforálacha an rialacháin bheartaithe.

2.   Tagairt d’airgeadraí oifigiúla

Tá tagairtí sa rialachán beartaithe don téarma “airgeadraí fiat” (6). I gcomhréir leis na Conarthaí agus le dlí airgeadaíochta an Aontais, is é an euro airgeadra aonair an limistéir euro, i.e. na Ballstáit sin a bhfuil an euro glactha acu mar airgeadra. A mhéid a bhaineann leis na Ballstáit nach bhfuil an euro glactha acu mar airgeadra, tagraítear sna Conarthaí go rialta d’airgeadraí na mBallstát sin. Ní thagraítear in aon áit sna Conarthaí don euro nó d’airgeadraí na mBallstát mar airgeadraí “fiat”. Sa chomhthéacs sin, ní iomchuí tagairt a dhéanamh i dtéacs dlíthiúil de chuid an Aontais do “airgeadraí fiat”. Ina ionad sin, ba cheart tagairt a dhéanamh sa rialachán atá beartaithe do “airgeadraí oifigiúla” (7).

3.   Dáta chur i bhfeidhm an rialacháin bheartaithe

Dá ndéanfaí dáta chur i bhfeidhm an rialacháin bheartaithe a ailíniú le dáta chur i bhfeidhm an rialacháin bheartaithe MiCA, bheadh sé ina chuidiú ó thaobh na cobhsaíochta sistéamaí agus na cobhsaíochta airgeadais de, chun a áirithiú go mbeidh feidhm ag an rialachán beartaithe maidir le haistrithe criptea-shócmhainní gan mhoill, seachas fanacht go dtiocfaidh an chuid eile den phacáiste AML i bhfeidhm. Mar a thug an Coimisiún dá aire, go dtí seo, d’fhan aistrithe sócmhainní fíorúla lasmuigh de raon feidhme reachtaíocht an Aontais maidir le seirbhísí airgeadais, agus rioscaí ó thaobh sciúradh airgid agus maoiniú rioscaí sceimhlitheoireachta ann dá bharr sin do shealbhóirí criptea-shócmhainní, ós rud é gur féidir sreafaí airgid aindleathaigh a dhéanamh trí chriptea-shócmhainní a aistriú agus dochar á dhéanamh dá dheasca sin do shláine, do chobhsaíocht agus do chlú na hearnála airgeadais (8). Tá roinnt Ballstát tar éis reachtaíocht a rith maidir leis an bpointe sin cheana féin (9).

I gcás ina molann BCE go ndéanfaí an rialachán beartaithe a leasú, leagtar amach tograí sonracha maidir le dréachtú i ndoiciméad oibre teicniúil ar leithligh a mbeidh téacs míniúcháin chun na críche sin ag gabháil leis. Tá an doiciméad oibre teicniúil le fáil i mBéarla ar EUR-Lex.

Arna dhéanamh in Frankfurt am Main, 30 Samhain 2021.

Uachtarán an BCE

Christine LAGARDE


(1)  COM(2021) 422 final.

(2)  Áirítear ar an bpacáiste freisin: (a) togra le haghaidh rialachán maidir le cosc a chur le húsáid an chórais airgeadais chun críocha sciúrtha airgid (ML) nó maoiniú sceimhlitheoireachta (TF) (C(2021) 420 final); (b) togra le haghaidh treoir maidir leis na sásraí atá le cur i bhfeidhm ag na Ballstáit chun cosc a chur le húsáid an chórais airgeadais chun críocha sciúrtha airgid agus maoinithe sceimhlitheoirí agus lena n-aisghairtear Treoir (AE) 2015/849 (C(2021) 423 final); agus (c) togra le haghaidh rialachán lena mbunaítear an tÚdarás um Fhrithsciúradh Airgid agus um Chomhrac in aghaidh Maoiniú Sceimhlitheoireachta agus lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1093/2010, (AE) 1094/2010, (AE) 1095/2010 (C(2021) 421 final).

(3)  Féach na Moltaí ó FATF. Le fáil ar shuíomh gréasáin FATF ag https://www.fatf-gafi.org

(4)  COM(2020) 593 final.

(5)  Féach fonóta 12 a ghabhann le Tuairim CON/2021/4 ón mBanc Ceannais Eorpach an 19 Feabhra 2021 maidir le togra le haghaidh rialachán maidir le Margaí Criptea-shócmhainní, agus lena leasaítear Treoir (AE) 2019/1937 (IO C 152, 29.4.2021, lch. 1.). Tá gach tuairim ó BCE le fáil ar EUR-Lex.

(6)  Féach aithrisí 8 agus 27 den rialachán beartaithe.

(7)  Féach mír 2.1.5 de Thuairim CON/2021/4 agus mír 1.1.3 de Thuairim CON/2016/49 ón mBanc Ceannais Eorpach an 12 Deireadh Fómhair 2016 maidir le togra le haghaidh treoir ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leasaítear Treoir (AE) 2015/849 maidir le cosc a chur ar úsáid an chórais airgeadais chun críocha sciúrtha airgid nó maoinithe sceimhlitheoirí agus lena leasaítear Treoir 2009/101/CE (IO C 459, 9.12.2016, lch. 3).

(8)  Féach an t-ochtú mír den chéad phointe de Roinn 1 den mheabhrán míniúcháin a ghabhann leis an rialachán beartaithe.

(9)  Mar shampla, an 1 Deireadh Fómhair 2021 tháinig reacht ó Aireacht Airgeadais na Gearmáine maidir le ceanglais fheabhsaithe díchill chuí le haghaidh aistriú criptea-shócmhainní (Verordnung über verstärkte Sorgfaltspflichten bei dem Transfer von Kryptowerten vom 24. September 2021 (BGBl. I S. 4465)) i bhfeidhm. Faoin Reacht, soláthraithe seirbhísí criptea-shócmhainní a bhfuil criptea-shócmhainní á n-aistriú acu thar ceann glacadóir orduithe, ní mór dóibh ainm, seoladh agus uimhir chuntais (e.g. eochair phoiblí) an tabharthóra orduithe (e.g. an eochair phoiblí) a tharchur go comhuaineach agus go daingean chuig an soláthraí seirbhísí criptea-shócmhainní atá ag gníomhú thar ceann an tairbhí. Ní mór don soláthraí seirbhísí criptea-shócmhainní atá ag gníomhú thar ceann an tairbhí a áirithiú go bhfaigheann sé agus go stórálann sé faisnéis tionscnóra agus faisnéis tairbhí. Tá inrianaitheacht iomlán na bpáirtithe a bhfuil baint acu le haistriú criptea-shócmhainní ceaptha a bheith ina huirlis chun sciúradh airgid agus maoiniú sceimhlitheoireachta a chosc, a bhrath agus a imscrúdú, agus chun faireachán a dhéanamh ar imghabháil smachtbhannaí. Ceanglaítear leis an Reacht freisin ar eintitis faoi oibleagáid a áirithiú go mbailítear faisnéis faoi thairbhí nó faoi thionscnóir aistrithe i gcás ina ndéantar an t-aistriú ó thiachóg leictreonach nó chuig thiachóg leictreonach nach bhfuil á bhainistiú ag soláthraí seirbhísí criptea-shócmhainní, fiú mura bhfuil riosca ann go n-aistreofar sonraí.