1.10.2020   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

1


Rún ó Choiste Eorpach na Réigiún – Creat Airgeadais Ilbhliantúil Athbhreithnithe agus Plean Infheistíochta d’Eoraip Inbhuanaithe

TÁ COISTE EORPACH NA RÉIGIÚN

Creat Airgeadais Ilbhliantúil Athbhreithnithe agus Ionstraim Théarnaimh an Aontais Eorpaigh

1.

á chur in iúl gur díol sásaimh dó an togra ón gCoimisiún don chéad Chreat Airgeadais Ilbhliantúil (CAI) eile dar luach EUR 1 100 billiún agus Ionstraim Théarnaimh an Aontais Eorpaigh (“Next Generation EU”), ar féidir léi an bealach a réiteach d’Aontas níos láidre, níos inbhuanaithe, níos comhtháite agus níos athléimní. Tugtar leis an togra seo an chéad fhreagairt chun dul i ngleic leis an iarmhairt láithreach a bheidh ag géarchéim COVID-19, agus chun aghaidh a thabhairt ar chuspóirí fadtéarmacha an Aontais;

2.

ag tabhairt aitheantais do na hiarrachtaí a rinne an Coimisiún chun aghaidh a thabhairt ar ábhair imní na mBallstát is mó atá buailte leis an ngéarchéim agus na mBallstát sin a bhfuil a réigiúin fós tite ar gcúl, agus é ag iarraidh ag an am céanna cothromaíocht a bhaint amach idir an gá atá le deontais agus éifeacht ghiarála na n-ionstraimí airgeadais;

3.

á chur in iúl, áfach, gur ábhar imní dó go bhfuil EUR 34.6 billiún níos lú sa togra athbhreithnithe don Chreat Airgeadais Ilbhliantúil dar luach EUR 1 000 billiún ná mar a bhí sa togra ón gCoimisiún in 2018, agus go bhfuil sé fiú níos ísle fós ná na seasaimh ó Choiste Eorpach na Réigiún (CnaR) agus ó Pharlaimint na hEorpa, rud a laghdaíonn cumas an Aontais Eorpaigh aghaidh a thabhairt ar chuspóirí fadtéarmacha an Aontais. Maidir leis sin go háirithe, ní mór do CnaR agus do Pharlaimint na hEorpa a bheith i bhfad níos rannpháirtí, de réir mar is iomchuí;

4.

á thabhairt dá aire go bhfágann an tsolúbthacht mhéadaithe i mbuiséad an Aontais trí uasteorainn na n-acmhainní dílse a mhéadú go sealadach faoi 0,6 % de OIN an Aontais, go gcuirtear buiséad níos leordhóthanaí ar fáil don Aontas chun tacú le téarnamh an Aontais agus chun bheith in ann freastal ar na huaillmhianta a leagtar amach i gclár oibre straitéiseach an Aontais;

5.

á thabhairt dá aire an fógra ón gCoimisiún maidir le tograí maidir le hacmhainní dílse nua a d’fhéadfadh a bheith ann agus atá nasctha le cuspóirí an phlean téarnaimh; á chur i bhfios go láidir, áfach, nár chuir an Coimisiún tograí reachtacha ar aghaidh fós maidir le fíoracmhainní dílse dhá bhliain tar éis a chéad togra maidir le CAI iar-2020; á athdhearbhú ina leith sin gur iarr sé ar an gCoimisiún tograí reachtacha nithiúla ar an ábhar a thíolacadh go práinneach, e.g. maidir le cáin ar phlaistigh agus trádáil astaíochtaí;

6.

á athdhearbhú nach mór do CAI agus don Phlean Téarnaimh araon díriú ar an gcomhtháthú mar bhunluach de chuid an Aontais Eorpaigh, chun tabhairt faoi mhórdhúshláin amhail téarnamh ó ghéarchéim iar-COVID-19, an Comhaontú Glas don Eoraip, na spriocanna forbartha inbhuanaithe, Colún Eorpach na gCeart Sóisialta chomh maith le hiomaíochas a spreagadh agus éagothromaíochtaí a shárú, maille leis an gclaochlú digiteach chun a áirithiú nach bhfágfar aon duine ná aon áit ar gcúl;

7.

á chur i bhfios go láidir gurb ionann caiteachas na n-údarás áitiúil agus réigiúnach agus trian den chaiteachas poiblí agus dhá thrian den infheistíocht phoiblí, agus gurb iad sin a chuireann chun feidhme 70 % de reachtaíocht uile an Aontais, 70 % de na bearta maidir le maolú ar an athrú aeráide agus 90 % de na beartais maidir le hoiriúnú don athrú aeráide; dá bhrí sin, ní mór cinneadh bunriachtanach a dhéanamh maidir leis an ngá – i dtaca le leagan amach, comhairliúchán, cur chun feidhme agus bainistiú cistí – go mbeidh na húdaráis áitiúla agus réigiúnacha uile páirteach, chomh maith le riail éigeantach a dhéanamh go gcaithfidh na Ballstáit a cheadú do na húdaráis áitiúla uile tairbhiú de na cistí le haghaidh infheistíochtaí, amhail an infheistíocht chríochach chomhtháite, agus dul ar iontaoibh na gcistí sin;

Comhtháthú i gcroílár an téarnaimh

8.

ag cur béim air go bhfágann tionchar neamhshiméadrach phaindéim COVID-19 ar chomhtháthú eacnamaíoch, sóisialta agus críochach an Aontais go bhfuil gá le freagairt beartais leormhaith;

9.

á chur in iúl gur mór aige an togra ón gCoimisiún Eorpach chun ról an Bheartais Comhtháthaithe a áirithiú mar bheartas láidir infheistíochta fadtéarmach de chuid an Aontais, chomh maith leis na hinfheistíochtaí breise tríd an tionscnamh nua tacaíochta breisithe dar teideal REACT-EU agus gur mór aige an cur chuige lena n-áirithítear leibhéal tacaíochta atá i gcomhréir le tionchar na géarchéime. Ar an gcaoi sin, tá an leanúnachas fíor-riachtanach do na húdaráis áitiúla agus réigiúnacha agus iad ag bogadh chuig céimeanna téarnaimh agus ag cur tacaíochta ar fáil do na daoine agus do na háiteanna is mó a bhfuil gá acu léi. I dteannta a chéile, is freagairt éifeachtach láithreach atá sna tograí sin ar phaindéim COVID-19 mar aon lena hiarmhairtí sóisialta agus eacnamaíocha; tá sé á chur i bhfios, áfach, nár cheart na solúbthachtaí sa chlár nua seo a bhainistiú go lárnach agus gur cheart iad a chur chun feidhme faoi phrionsabal na bainistíochta comhpháirtí, agus sainchumais na n-údarás áitiúil agus réigiúnach á n-urramú;

10.

á iarraidh go mbeidh tuilleadh soiléireachta ann maidir leis an idirghníomhaíocht idir sásraí nua éagsúla, amhail React EU, an Ciste um Aistriú Cóir, agus an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta chun tuilleadh castachta a sheachaint agus le nach mbeidh srianta náisiúnta níos troime á dtabhairt isteach ag na Ballstáit;

11.

á thabhairt dá aire gur cheart go bhfágfadh an síneadh beartaithe ar na cláir oibríochtúla reatha gurbh fhéidir infheistíocht ríthábhachtach a chur chun feidhme go tapa; ag iarraidh go ndéanfar tograí a fhormheas go pras, ar tograí iad atá dírithe ar sholúbthacht a mhéadú agus raon feidhme na réimsí a leathnú chun tacú, i measc nithe eile, le seirbhísí sláinte, turasóireacht, talmhaíocht, oideachas, cultúr agus FBManna a chabhródh le cathracha agus réigiúin airgead a infheistiú sna háiteanna is mó a bhfuil gá leis i gcomhréir le prionsabail an Bheartais Comhtháthaithe;

12.

á thabhairt le fios gur ábhar imní dó cineál sealadach athneartuithe áirithe, go háirithe maidir leis an mBeartas Comhtháthaithe agus forbairt tuaithe, nach bhfreagraíonn do riachtanais fhadtéarmacha forbartha agus do na ciorruithe tosaigh a rinne an Coimisiún i dtograí 2018; á thabhairt le fios gur mór aige dá bhrí sin, an togra ón gCoimisiún athbhreithniú a dhéanamh ar na leithdháiltí náisiúnta don Bheartas Comhtháthaithe in 2024 chun EUR 10 mbilliún eile a chur le himchlúdach an Bheartais Comhtháthaithe, b’fhéidir, gan codanna dá leithdháiltí a bheith á gcailleadh ag aon Bhallstát;

13.

á chur in iúl gurb oth leis nár aisiompaigh an Coimisiún a chinneadh an Ciste Eorpach Talmhaíochta um Fhorbairt Tuaithe (CETFT) a dheighilt ó Rialachán na bhForálacha Coiteanna, rud a chuireann isteach ar fhorbairt chomhtháite limistéar uirbeach agus tuaithe (a bhfuil géarghá léi);

14.

á chur in iúl gurb oth leis gur ar leibhéal na mBallstát seachas ar an leibhéal áitiúil agus réigiúnach atá an cion d’acmhainní airgeadais dírithe, cé gur ar an leibhéal áitiúil agus/nó réigiúnach atá roinnt mhaith inniúlachtaí maidir le cúram sláinte, bearta sóisialta agus athléimneacht, agus dá bhrí sin tá sé ag cur i bhfios an gá atá leis na prionsabail díláraithe comhpháirtíochta agus rialachais il-leibhéil a urramú;

15.

á chur i bhfios a thábhachtaí atá an comhar críochach Eorpach chun cabhrú le daoine, le pobail agus le gnólachtaí comhar a dhéanamh thar theorainneacha, éifeachtaí díobhálacha na géarchéime a shárú, agus dlús a chur leis an téarnamh eacnamaíoch. Beidh comhar ríthábhachtach don téarnamh, agus cuirfidh an sásra nua um Infheistíochtaí Nuálaíochta Idir-réigiúnacha tacaíocht ríthábhachtach ar fáil chun slabhraí luacha tionsclaíocha agus nuálaíochta Eorpacha a fhorbairt, i gcomhréir leis na straitéisí um speisialtóireacht chliste;

16.

á chur in iúl gur díol sásaimh dó go ndearnadh measúnú tionchair chríochaigh cuí ar na tionchair neamhshiméadracha ar an leibhéal réigiúnach sa Doiciméad Inmheánach Oibre a ghabhann leis seo;

17.

á chur in iúl gur mór aige go bhfuil an nasc láidir le cuspóirí beartais straitéiseacha an Aontais (an Comhaontú Glas, an digiteáil) á choinneáil agus go bhfuil an Coimisiún á gcur chun cinn mar uirlisí chun téarnamh Eorpach a bhaint amach; á chur in iúl gur cúis áifeála dó, áfach, nach bhfuil Colún Eorpach na gCeart Sóisialta i gcroílár straitéis téarnaimh an Aontais;

18.

den tuairim go bhfuil sé tábhachtach téarnamh, i gcomhréir le Beartas Comhtháthaithe láidir, a chur i bhfeidhm ar bhealach ina n-áirítear prionsabail na coimhdeachta gníomhaí;

Plean Téarnaimh agus an Seimeastar Eorpach

19.

á chur in iúl gur mór aige an togra uaillmhianach ón gCoimisiún maidir le Saoráid Téarnaimh agus Athléimneachta lena gceadófar tacaíocht airgeadais ar mhórscála don infheistíocht agus do na hathchóirithe is gá; ag meabhrú go bhfuil na húdaráis áitiúla agus réigiúnacha freagrach as breis is leath na hinfheistíochta poiblí agus, dá bhrí sin, nach mór dóibh a bheith in ann tacaíocht leordhóthanach a fháil ón tionscnamh seo; á chur i bhfios ina leith sin an riosca a bhaineann le cur i bhfeidhm na Saoráide Téarnaimh agus Athléimneachta trí chláir náisiúnta, is é sin an riosca go mbeidh ganntanas faisnéise iomchuí agus cumarsáide ann faoi idirghabháil an Aontais thar ceann a shaoránach;

20.

á iarraidh ar an gCoimisiún Eorpach comhleanúnachas na bpleananna téarnaimh a áirithiú, dúbailt infheistíochta agus rómhaorlathas nó ualaí riaracháin a sheachaint d’fhonn a bheith éifeachtúil agus chun an sprioc choiteann a bhaint amach maidir le géarchéim na haeráide, an ghéarchéim eacnamaíoch agus an ghéarchéim shóisialta a shárú a luaithe is féidir;

21.

á chur in iúl go láidir go bhfágann an nasc láidir idir an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta agus an Seimeastar Eorpach go méadaítear an phráinn atá le hathchóiriú domhain a dhéanamh ar an Seimeastar Eorpach agus ar rialachas eacnamaíoch an Aontais i dtreo próiseas trédhearcach, cuimsitheach agus daonlathach. Mura n-athchóirítear an Seimeastar Eorpach, tá baol ann go bhfágfaidh an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta go mbeidh tuilleadh láraithe ann, cur chuige ón mbarr anuas maidir leis na pleananna téarnaimh agus filleadh ar bheartais nach gcuireann san áireamh an comhtháthú eacnamaíoch, sóisialta agus críochach i measc na mBallstát agus laistigh díobh agus a chuireann bac ar an infheistíocht phoiblí a bhfuil géarghá léi chun téarnamh inbhuanaithe an Aontais a bhaint amach;

22.

den tuairim, dá bhrí sin, gur cheart a chomhtháthú sa Seimeastar Eorpach prionsabail na comhpháirtíochta agus an rialachais il-leibhéil agus gné chríochach, má tá sé le bheith ina shásra seachadta dlisteanach éifeachtúil. Dá bhrí sin, tá sé níos práinní ná riamh an togra ón gCoiste le haghaidh Cód Iompair maidir le rannpháirtíocht na n-údarás áitiúil agus réigiúnach ar an leibhéal náisiúnta sa Seimeastar, agus rannpháirtíocht Choiste Eorpach na Réigiún ar an leibhéal Eorpach sa Seimeastar, a chur chun feidhme;

23.

ag tacú le huaillmhian an Choimisiúin téarnamh an Aontais a neartú chomh maith lena athléimneacht agus lena neamhspleáchas straitéiseach trí InvestEU a uasghrádú agus tríd an tSaoráid Infheistíochta Straitéisí a chruthú;

24.

á chur i bhfios gur mór aige an togra le haghaidh Ionstraim nua um Thacaíocht Sócmhainneachta, lena gcuirfear borradh faoi gheilleagar an Aontais trí infheistíochtaí príobháideacha a dhreasú agus trí chuideachtaí a ullmhú ó gach cearn den gheilleagar ar mhaithe le todhchaí a bheidh neodrach ó thaobh carbóin de agus a bheidh cumasaithe go digiteach. Ní mór í a chur i bhfeidhm go tapa agus chuirfí fáilte roimh threoirlínte lena ndéanfaí infheistíochtaí a ailíniú go soiléir le tosaíochtaí an Aontais, chun a chuspóir a bhaint amach, mar atá, cabhrú le gnólachtaí a bheadh inmharthana faoi ghnáthchúinsí teacht slán as an ngéarchéim atá ann faoi láthair; á chur i bhfios nach mór an tacaíocht sin a dheonú de réir critéir thrédhearcacha lena gcuirtear san áireamh ní hamháin an tionchar sonrach ar an earnáil agus ar an réigiún ach an tacaíocht airgeadais phoiblí a fuarthas ar bhealaí eile chomh maith.

Aontas níos athléimní agus níos glaise

25.

á chur i bhfios gur mór aige an méadú suntasach ar imchlúdach an Chiste um Aistriú Cóir do réigiúin a bhfuil dúshláin mhóra rompu leis an aistriú fuinnimh, rud a fhágfaidh méid iomlán an Chiste um Aistriú Cóir ag EUR 40 billiún; ag éileamh, áfach, gur cheart réigiúin a chur san áireamh, a raibh súil acu le bearta rialála éifeachtacha maidir le cosaint aeráide agus dá bharr sin a rinne infheistíocht go luath agus go fairsing san fhuinneamh inathnuaite agus i dteicneolaíochtaí an fhuinnimh inathnuaite, agus a leanfaidh orthu leis sin; ag tarraingt aird ar chomhthéacs speisialta na réigiún atá ag brath ar bhreoslaí iontaise agus a bhfuil córais fuinnimh iargúlta acu, faoi mar atá i gcás oileán agus na réigiún is forimeallaí; ag cur i bhfios a mhór-imní, áfach, go bhfuil acmhainní airgeadais i bhfad níos mó ná mar atá beartaithe ag an gCoimisiúin Eorpach de dhíth má táthar chur geilleagar an Aontais a dhícharbónú.

26.

á chur in iúl gur mór aige an clár neamhspleách EU4Health ar fiú EUR 7,7 billiún é ó thaobh acmhainní breise de, rud a fhágann go bhfuil a imchlúdach iomlán EUR 9,4 billiún mar chuid den tríú colún den Phlean Téarnaimh don Eoraip i gcomhréir le héilimh pholaitiúla CnaR le déanaí; teann air nach mór an ionstraim a bheith mar thiomantas leanúnach don tsláinte i gcónaí i mbuiséad an Aontais seachas mar ionstraim shealadach laistigh de CAI 2021-2017;

27.

á iarraidh go neartófar tuilleadh fós gnéithe réigiúnacha agus áitiúla na mbeart a bhaineann le sláinte, go háirithe maidir le cúram sláinte trasteorann agus cúram sláinte sna réigiúin is forimeallaí, agus tugann sé dá aire nach mór do na Ballstáit agus don Choimisiún Eorpach, i ngeall ar nádúr díláraithe na gcóras sláinte i gcásanna áirithe, na rialtais áitiúla a dhéanamh níos rannpháirtí i bhfreagairtí éigeandála sláinte agus a gcomhairle a leanúint maidir le leithdháileadh cistí.

28.

á chur in iúl gur mór aige an t-atreisiú EUR 2 billiún ar rescEU chun acmhainneacht bhuan a fhorbairt chun gach cineál géarchéime a bhainistiú, go háirithe trí bhonneagar práinnfhreagartha, acmhainneacht iompair agus foirne tacaíochta éigeandála a bhunú; teann air nach leor ionstraim shealadach aonuaire agus go bhfuil gá le gealltanas fadtéarmach mar aon le buiséad atreisithe; á chur in iúl gur mór aige an gealltanas ón gCoimisiún, de mheon ullmhachta, ceachtanna a fhoghlaim ón bpaindéim reatha agus cláir a atreisiú, lena n-áirítear rescEU agus Fís Eorpach ach gan a bheith teoranta dóibh;

29.

ag aontú leis an ngá le hacmhainneachtaí freagartha éigeandála agus tubaiste an Aontais a fhorbairt tuilleadh agus ag tacú leis an togra ón gCoimisiún maidir lena uirlisí éigeandála a threisiú, amhail Ciste Dlúthpháirtíochta an Aontais Eorpaigh agus an Cúlchiste um Dhlúthpháirtíocht agus Cabhair Éigeandála, agus iad a dhéanamh níos solúbtha; á chur i bhfáth, áfach, nach mór, leis na huirlisí agus na bearta atá molta, riachtanais agus cúinsí ar an leibhéal áitiúil agus réigiúnach a chur san áireamh freisin go airithe i limistéir atá an-leochaileach ar nós na réigiún is forimeallaí;

30.

ag meabhrú an bhreisluacha atá ag críocha tuaithe le haghaidh rath an tionscadail Eorpaigh agus go háirithe i gcás géarstaideanna. Déanann na réigiúin agus na húdaráis áitiúla réitigh nuálacha a fhorbairt agus freastalaíonn siad ar bhunriachtanais na hEorpa maidir le sábháilteacht bia, lena n-áirítear don chuid eile de dhaonra na hEorpa. Fágann an éigeandáil atá ann faoi láthair gur gá athruithe a dhéanamh ar an bparaidím shóisialta, eacnamaíoch agus chríochach chun an bhearna a líonadh agus chun comhar idir limistéir uirbeacha agus tuaithe a nascadh agus a chothú ar bhealach níos fearr;

31.

á chur in iúl gurb oth leis an togra ón gCoimisiún buiséad CETFT a laghdú i gcomparáid leis an gclárthréimhse roimhe seo, rud atá bunoscionn le cuspóir an Aontais Eorpaigh maidir le comhtháthú críochach; á chur in iúl gur mór aige an tacaíocht bhreise EUR 15 bhilliún atá beartaithe don fhorbairt tuaithe; á chur i bhfios, áfach, nach gcúitíonn an méadú beag sin an laghdú buiséid 28 % a bheartaigh an Coimisiún in 2018 do CETFT; á chur in iúl gurb oth leis freisin gur laghdaigh an Coimisiún Eorpach, sa togra athbhreithnithe do CAI, an cistiú don chomhbheartas talmhaíochta faoi 9 % i gcomparáid le CAI 2014-2020;

32.

á iarraidh go ndéanfaí buiséad POSEI (Clár de roghanna a bhaineann go sonrach le hiargúltacht agus le hoileánacht), ina leagtar síos bearta sonracha don talmhaíocht sna réigiúin is forimeallaí san Aontas, a neartú, agus go ndéanfaí na ciorruithe a mhol an Coimisiún don tréimhse 2021-2027 a aisiompú;

33.

á chur i bhfios nach mór leis an gcistiú do CETFT riachtanais agus uaillmhianta Farm to Fork and Biodiversity Strategy [na Straitéise “Ón bhFeirm go dtí an Forc” agus Straitéis na Bithéagsúlachta], a foilsíodh le déanaí, a léiriú agus nach mór tacú le feirmeoirí agus le ceantair thuaithe na hathruithe struchtúracha is gá a dhéanamh chun aistriú chuig córais bhia níos inbhuanaithe; ní mor, áfach, uirlisí praiticiúla agus maoiniú láidir a bheith ag gabháil le Straitéis na Bithéagsúlachta agus ní mór í a fhorbairt i dteannta na réigiún agus na gcathracha, a mbeidh orthu í a chur chun feidhme freisin.

34.

ag cur béim air go ndiúltaíonn sé go láidir do na réitigh a mhol an Coimisiún Eorpach, réitigh a fhágfaidh go rachaidh staid na n-údarás áitiúil agus réigiúnach in olcas i gcomparáid leis an am i láthair ó thaobh na teorann ama chun leithdháiltí bliantúla ó chláir an Aontais a úsáid agus ó thaobh leibhéal an réamh-mhaoinithe agus, go háirithe cómhaoiniú tionscadal;

35.

á chur in iúl gur mór aige an méadú EUR 10,5 billiún ar an Ionstraim um Chomharsanacht, Forbairt agus Comhar Idirnáisiúnta (NDICI) i gcomparáid leis an togra is déanaí maidir le CAI, lena n-ardaítear leithdháileadh na hionstraime go EUR 86 bhilliún, a gcuirfear EUR 1 bhilliún de ar fáil cheana féin in 2020;

36.

ag tacú leis an rún fás a spreagadh tar éis na paindéime trí infheistíocht a dhéanamh i mbonneagar criticiúil iompair agus naisc trasteorann chun an t-aistriú glas i dtreo soghluaisteacht atá saor ó astaíochtaí a chur chun cinn, go háirithe trí aon mhilliún pointe luchtaithe a thógáil d’fheithiclí leictreacha; á thabhairt dá aire go bhfuil sé tábhachtach go mbeadh breoslaí glana ar fáil don chomhtháthú críochach agus sóisialta, agus gur cheart an t-éileamh níos ísle i gceantair thuaithe agus oileánacha a chúiteamh le scéim speisialta, cosúil leis an gclár WiFi4EU do cheantair thuaithe;

37.

á chur in iúl gurb oth leis nár méadaíodh bunús ginearálta an chláir nua um Chearta agus Luachanna, arb é is aidhm dó iarrachtaí a mhaoiniú chun cearta agus luachanna bunúsacha an Aontais a chosaint agus chun saoránacht ghníomhach Eorpach a spreagadh, chun go bhféadfaí aghaidh a thabhairt ar na dúshláin mhóra i ndáil leis sin i roinnt Ballstát;

38.

á mheabhrú gur ceapadh an Comhaontú Glas mar straitéis claochlaithe lena gcosnaítear an comhshaol, agus ar an gcaoi sin ár slí bheatha; á chur i bhfios gur deis iontach eacnamaíoch agus thionsclaíoch iad an fuinneamh inathnuaite, na teicneolaíochtaí glana, an geilleagar ciorclach agus an claochlú digiteach chun fás a thionscnamh agus poist a chur ar fáil agus chun samhail nua rathúnais a chruthú;

39.

á thabhairt le fios go dtacaíonn CnaR go hiomlán le cur chun feidhme an Chomhaontaithe Ghlais agus forbairt an Chomhshocraithe Aeráide trí bhearta agus tionscnaimh atá comhordaithe agus trasearnálach lena n-áirithítear go dtugtar aird chuí ar rialachas il-leibhéil agus ar éagsúlacht chríochach agus ar an bprionsabal nach bhfágfar aon duine ná réigiún ar gcúl; den tuairim gur maith is féidir le réigiúin agus cathracha dlús a chur leis an bpróiseas tríd an iliomad gníomhaíochtaí, lena n-áirítear soláthar poiblí, athchóiriú foirgneamh, iompar glan, bainistiú dramhaíola níos fearr agus uasghrádú digiteach agus claochlú inbhuanaithe turasóireachta;

40.

ag iarraidh, sa chomhthéacs sin, ionstraimí breise lena dtabharfar rochtain dhíreach ar chistí an Aontais d’údaráis áitiúla agus réigiúnacha le haghaidh a ngníomhaíochtaí inbhuanaithe faoin gCreat Airgeadais Ilbhliantúil nua, amhail an tSaoráid um Chathracha na hEorpa atá ann cheana faoin gClár Fís 2020;

41.

á iarraidh go mbainfí úsáid níos solúbtha as acmhainní nua de chuid CAI d’fhonn measúnú agus oiriúnú a dhéanamh ar na fíorchostais a bhaineann leis an aistriú chuig forbairt inbhuanaithe agus téarnamh glas, agus ag spreagadh tionscnaimh nuálaíochta ar tionscnaimh iad a dhéantar ar bhonn comhoibríoch idir na hearnálacha poiblí agus príobháideacha atá á stiúradh ag na cathracha agus na réigiúin;

42.

á éileamh go mbeidh an cistiú ón Aontas i gcónaí faoi réir measúnú ar thionchar an athraithe aeráide agus ar an inbhuanaitheacht. Ba cheart athbhreithniú a dhéanamh ar fhóirdheontais, ar chabhair agus ar chláir thacaíochta trína ndéantar díobháil dhíreach nó indíreach don chomhshaol i bhfianaise a gcomhsheasmhachta leis na spriocanna aeráide agus inbhuanaitheachta;

43.

á chur in iúl gur ábhar imní dó an bhearna infheistíochta sa chlaochlú glas, a mheastar a bheith cothrom le EUR 470 billiún in aghaidh na bliana; á chur i bhfios go bhfuil géarghá le plean mionsonraithe maidir leis gcaoi leis an mbearna ollmhór sin a mhaoiniú;

44.

á chur in iúl gur mór aige an “Rabharta Athchóiriúcháin” atá beartaithe agus ag iarraidh go gcuirfí maoiniú leordhóthanach ar fáil agus go mbeadh an slabhra luacha iomlán rannpháirteach d’fhonn dlús a chur leis an téarnamh. I bhfianaise na ndifríochtaí móra idir críocha, ba cheart neamhspleáchas a thabhairt do na réigiúin agus do na cathracha pleanáil a dhéanamh, go háirithe i gcéim cur chun feidhme a bpleananna, chomh maith le rochtain dhíreach ar Chistí Struchtúracha agus Infheistíochta na hEorpa. Ba cheart an oiliúint agus comhroinnt eolais a bheith mar chuid den chreat Eorpach chun sineirgí a chur chun cinn a bheidh le saothrú agus chun éifeachtúlacht in úsáid na gcistí a mhéadú;

Aontas atá dírithe ar an todhchaí

45.

á chur in iúl gur mór aige go neartófar Fís Eorpach le EUR 7,8 billiún, an Eoraip Dhigiteach le EUR 1,5 billiún agus Iompar CEF (Saoráid um Chónascadh na hEorpa) le EUR 1,5 billiún. Is ríshoiléir gur ar an leibhéal áitiúil a bhíonn tionchar ag an airgead breise do thaighde, go háirithe i gcás na sláinte, an gheilleagair ghlais agus na Comhairle Nuálaíochta Eorpaí; á chur i bhfios go bhfuil a lán údaráis réigiúnacha freagrach as ollscoileanna agus as institiúidí taighde agus go bhféadfaidh siad, dá bhrí sin, tairbhe a bhaint as na cláir sin go hindíreach; á thabhairt dá aire nach mór cistí taighde a dheonú ar bhonn iomaíoch lena áirithiú go dtiocfar slán i margadh domhanda an taighde agus na nuálaíochta agus chun cuibhreannais taighde Eorpacha a neartú;

46.

á chur in iúl gur cúis imní dó, áfach, go bhfuil ciorruithe leanúnacha á ndéanamh ar shraitheanna Fuinnimh agus Digiteacha na Saoráide um Chónascadh na hEorpa;

47.

á chur in iúl gur mór aige na tograí ón gCoimisiún Eorpach maidir le Ciste Sóisialta na hEorpa Plus d’fhonn tacaíocht a atreisiú do bhearta lena dtugtar aghaidh ar dhífhostaíocht i measc na n-óg agus ar bhochtaineacht leanaí chomh maith le fócas breise ar thacaíocht a thabhairt don lucht saothair sna haistrithe glasa agus digiteacha agus ar dhúbailt an Chiste Eorpaigh um Choigeartú don Domhandú (CED);

48.

á chur in iúl gur mór aige an togra ón gCoimisiún chun neartú beag ar a laghad a dhéanamh ar an infheistíocht i ndaoine óga agus in earnálacha an chultúir agus na cruthaitheachta trí EUR + 3,4 billiún a chur leis an gclár ERASMUS agus EUR 150 milliún leis an gclár Eoraip na Cruthaitheachta; á chur in iúl gur ábhar imní dó, áfach, nach bhfuil na méaduithe sin fós chomh mór lenar leagadh síos sna tograí ón gCoimisiún ó mhí na Bealtaine 2018 agus go gcoinníonn sé a éileamh ar líon na rannpháirtithe sa chlár ERASMUS (1) a mhéadú faoi thrí agus ar EUR 2 bhilliún le haghaidh an chláir Eoraip na Cruthaitheachta (2);

49.

ag moladh na hairde ar leith a tugadh ar an gcultúr, ar an oidhreacht chultúrtha, ar an earnáil chlosamhairc agus ar earnáil na cruthaitheacha, a bhfuil tionchar mór ag an ngéarchéim orthu, rud is fíor faoin turasóireacht freisin, agus ag tacú leis go bhféadfaidís tairbhe a bhaint as an tionscnamh REACT-EU;

50.

á iarraidh go ndéanfaí creat iomchuí a chur ar fáil, mar chuid de phlean téarnaimh eacnamaíoch an Aontais, sa ghearrthéarma, sa mheántéarma agus san fhadtéarma do réigiúin nach bhfuil chomh héagsúlaithe sin ó thaobh an gheilleagair de, ar réigiúin iad ar sainréimsí dá gcuid na hearnálacha is mó atá thíos le tionchar ghéarchéim COVID-19;

51.

á chur i bhfios a thábhachtaí atá athbhreithniú a dhéanamh ar bheartais oideachais an Aontais Eorpaigh, chomh maith leis an ngá atá ann an Plean Gníomhaíochta don Oideachas Digiteach a thabhairt cothrom le dáta, rud atá de dhíth don tréimhse iar-COVID-19, chun cuidiú le réigiúin agus le réigiúin tearcfhorbartha a bheith ullmhaithe agus feistithe go maith don oideachas digiteach, rud a thacódh leis na ceantair atá thíos leis an mbearna dhigiteach ina leith seo.

Plean Infheistíochta d’Eoraip Inbhuanaithe (3)

52.

den tuairim nach féidir ligean do ghéarchéim COVID-19 cur isteach ar uaillmhianta na hEorpa na Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe a chur chun feidhme agus a bheith aeráidneodrach faoi 2050, uaillmhianta nach bhfuil réalaíoch ach amháin má bhíonn siad fite fuaite leis na hacmhainní airgeadais iomchuí agus le creat iomchuí fioscach agus rialála;

53.

á chur in iúl gur mór aige uaillmhian an Choimisiúin Eorpaigh EUR 1 trilliún d’infheistíochtaí inbhuanaithe príobháideacha agus poiblí a chur ar fáil sna deich mbliana amach romhainn, ach is ábhar imní dó an méid seo a leanas: (a) ní bheadh ansin ach sciar sách beag de na hinfheistíochtaí uile a bheadh de dhíth, a mheasann an Coimisiún Eorpach féin a bheith cothrom le thart ar EUR 260 billiún in aghaidh na bliana faoi 2030; (b) tá an meastachán sin teoranta d’infheistíocht a bhaineann le haeráid agus le fuinneamh amháin, agus bheadh suimeanna níos mó fós ag teastáil má táthar chun cuspóirí inbhuanaitheachta níos leithne, lena n-áirítear infheistíochtaí i gcaipiteal sóisialta agus daonna, a bhaint amach; (c) níl an príomhfhigiúr EUR 1 trilliún ag brath go mór ar chistí nó tionscnaimh nua “breise” ach ar bheartais agus ionstraimí AE atá ar siúl nó atá pleanáilte cheana;

54.

á chur in iúl gurb oth leis go bhfuil rómheastachán á dhéanamh ar phríomhfhigiúr an Phlean, is cosúil, cé go ndealraítear go bhfuil an Plean féin tearcmhaoinithe agus teoranta ó thaobh raon feidhme de, agus go ndéantar faillí ann ar na gnéithe socheacnamaíocha ríthábhachtacha;

55.

á thabhairt le fios i gcás fuinnimh, iompair agus tithíochta, gur gníomhaithe ríthábhachtacha iad na húdaráis áitiúla agus réigiúnacha chun na hinfheistíochtaí is gá chun an t-aistriú chuig an inbhuanaitheacht a sholáthar; den tuairim, dá bhrí sin, nach féidir cuspóirí an Phlean a bhaint amach gan rannpháirtíocht éifeachtach na n-údarás áitiúil agus réigiúnach agus á chur in iúl gurb oth leis gur cosúil nach dtuigeann an Coimisiún an méid sin;

56.

den tuairim go bhfuil gá le córas airgeadais agus fioscach lena ndreasófar infheisteoirí chun infheistíochtaí inbhuanaithe a dhéanamh, má táthar chun infheistiú san aistriú chuig samhail eacnamaíoch inbhuanaithe; á chur in iúl gur mór aige, ina leith sin, obair leanúnach an Choimisiúin ar mhaoiniú inbhuanaithe ach á mheabhrú gur gá an creat rialála a leathnú go pras chun an inbhuanaitheacht shóisialta a chumhdach chomh maith (4);

57.

den tuairim láidir go bhfágfaidh cánachas, trí chomharthaí praghais iomchuí, go mbeidh iompar inbhuanaithe i measc táirgeoirí, úsáideoirí agus tomhaltóirí, agus ag tathant ar an gComhairle, dá bhrí sin, an reachtaíocht atá molta maidir le cáin bhreisluacha (CBL) a ghlacadh go tapa ionas gur féidir leis na Ballstáit úsáid níos spriocdhírithe a bhaint as rátaí breisluacha chun uaillmhianta comhshaoil méadaithe a léiriú;

58.

ag moladh go mbeifí cúramach i dtaca le pleananna an Choimisiúin reachtaíocht nua maidir le soláthar poiblí glas a thabhairt isteach; cé gur féidir leis a bheith ina uirlis úsáideach ina leith sin, tá roinnt mhaith údaráis phoiblí ag obair fós ar an gcreat reatha a oiriúnú tar éis athchóiriú 2014, mar sin ba cheart aon cheanglais reachtacha nua a choimeád simplí ach éifeachtach (5); á thabhairt le fios gur mór aige gur chuir an Coimisiún in iúl go gceadófar tuilleadh solúbthachta sna treoirlínte maidir le státchabhair ionas gur féidir leis na húdaráis phoiblí an t-aistriú chuig samhail eacnamaíoch inbhuanaithe a spreagadh agus a thionlacan;

59.

den tuairim láidir, agus na ceachtanna a foghlaimíodh óna gcur ar fionraí mar fhreagairt ar ghéarchéim COVID-19 á gcur san áireamh, gur cheart spriocanna fadtéarmacha an Aontais maidir le hinbhuanaitheacht a chomhtháthú i rialacha fioscacha an Aontais ar bhealach níos fearr;

60.

á chur i bhfios an gá atá le hiarrachtaí tiomanta chun deiseanna nua maidir le CAI a chur in iúl ar bhealach sorochtana do na saoránaigh agus freisin don mhilliún polaiteoirí tofa áitiúla agus réigiúnacha atá san Aontas i bhfoirm iarracht chomhbheartaithe ó institiúidí uile an Aontais.

An Bhruiséil, 2 Iúil 2020.

Uachtarán Choiste Eorpach na Réigiún

Apostolos TZITZIKOSTAS


(1)  Tuairim ó Choiste Eorpach na Réigiún – “Erasmus: clár an Aontais um oideachas, um oiliúint, um an óige agus um spórt” (IO C 168, 16.5.2019, lth. 49).

(2)  Tuairim ó Choiste Eorpach na Réigiún – “Eoraip na Cruthaitheachta agus an Clár Oibre Eorpach Nua le haghaidh an Chultúir” (IO C 168,16.5.2019, lth. 37).

(3)  Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún Sustainable Europe Investment Plan – European Green Deal Investment Plan.[Plean Infheistíochta d’Eoraip Inbhuanaithe – Plean Infheistíochta an Chomhaontaithe Ghlais don Eoraip] (COM(2020) 21 final).

(4)  Tuairim ó Choiste Eorpach na Réigiún – “Plean Gníomhaíochta:Fás inbhuanaithe a mhaoiniú” (IO C 86, 7.3.2019, lth. 24).

(5)  Tuairim ó Choiste Eorpach na Réigiún – “Tuarascáil cur chun feidhme ar sholáthar poiblí” (IO C 39, 5.2.2020, lth. 43).