An Bhruiséil,18.12.2020

COM(2020) 749 final

2020/0331(CNS)

Togra le haghaidh

TREOIR ÓN gCOMHAIRLE

lena leasaítear Treoir 2006/112/CE a mhéid a bhaineann le tabhairt cumhachtaí cur chun feidhme don Choimisiún chun brí na dtéarmaí a úsáidtear i bhforálacha áirithe den Treoir sin a chinneadh


MEABHRÁN MÍNIÚCHÁIN

1.COMHTHÉACS AN TOGRA

Forais agus cuspóirí an togra

Níl aon chumhachtaí cur chun feidhme i leith na Treorach CBL ag an gCoimisiún faoi láthair 1 . Is é an ‘Coiste um CBL’, Coiste comhairleach arna bhunú faoi Airteagal 398 den Treoir CBL, an t‑aon uirlis amháin atá ag an gCoimisiún faoi láthair chun cur i bhfeidhm aonfhoirmeach a chur chun cinn maidir le rialacha CBL an Aontais Eorpaigh.

Ionadaithe ó na Ballstáit agus ón gCoimisiún atá ar an gCoiste um CBL, agus scrúdaíonn an Coiste ceisteanna arna n‑ardú ag an gCoimisiún nó ag ceann de na Ballstáit, ceisteanna a bhaineann le cur i bhfeidhm fhorálacha CBL an Aontais Eorpaigh. De bharr gur coiste comhairleach é an Coiste um CBL, ní féidir dó a aontú faoi láthair ach treoirlínte neamhcheangailteacha maidir le cur i bhfeidhm na Treorach CBL, agus is í an Chomhairle amháin ar féidir léi bearta cur chun feidhme ceangailteacha a ghlacadh agus iad sin bunaithe ar thogra ón gCoimisiún (Airteagal 397 den Treoir CBL).

Is léir ón taithí a fuarthas nach n‑áirithítear i gcónaí leis na treoirlínte sin go gcuirfear reachtaíocht CBL an Aontais Eorpaigh i bhfeidhm go haonfhoirmeach. Mar shampla, theip ar an gCoiste um CBL le déanaí aontú d’aon toil faoi threoirlínte maidir le roinnt saincheisteanna a bhaineann le cur i bhfeidhm praiticiúil d’fhorálacha Threoir (AE) 2018/1910 ón gComhairle (Treoir ‘na Réiteach Tapa’) 2 . Dá thoradh sin, bíonn cineálacha éagsúla cur chuige ag na Ballstáit maidir le saincheisteanna mar na saincheisteanna seo a leanas:

cé acu atá trádstóras ina bhuanbhunaíocht ghnó ag duine inchánach nó nach bhfuil (i gcás inar faoi úinéireacht an duine inchánach a bhfuil na hearraí á n‑aistriú aige, nó ar cíos ag an duine sin, atá an trádstóras a bhfuil na hearraí á n‑aistriú chuige faoi chuimsiú an chreata maidir le socruithe stoc ar glao),

cad atá i gceist le ‘caillteanais bheaga’, nó cén chaoi a láimhseálfar na caillteanais bheaga sin chun críocha na socruithe stoc ar glao;

an bhrí atá leis na téarmaí ‘soláthróir... a sheolann nó a iompraíonn na hearraí é féin nó trí thríú páirtí atá ag gníomhú thar a cheann’ (Airteagal 36a(3) den Treoir CBL).

Theip ar an gCoiste um CBL freisin aontú d’aon toil faoi threoirlíne maidir leis na nithe seo a leanas:

cén dóigh ar cheart suíomh seirbhíse a aithint chun críocha CBL i gcás inarb é a bhíonn sa tseirbhís sin imeacht a bhíonn ar siúl i roinnt Ballstát;

i dtaca le soláthar earraí nó seirbhísí idir ceannoifig cuideachta atá bunaithe i mBallstát amháin agus grúpa CBL i mBallstát eile a bhfuil brainse den chuideachta chéanna mar chuid de, cé acu is idirbheart inchánach chun críocha CBL é an soláthar sin nó nach ea.

Maidir leis na neamhréireachtaí sin, is dócha go dtiocfaidh cásanna cánachais dhúbailte dá dtoradh agus beidh éiginnteacht dhlíthiúil agus costais bhreise ag gabháil leo do ghnólachtaí, arb é a bhíonn iontu de ghnáth éiginnteacht agus costais nach dtagann deireadh leo go ceann tréimhse fhada, le rialú ó Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh (CBAE), rud a fhágann, uaireanta, go dtagann léirmhíniú nua chun cinn nach raibh ag tromlach na mBallstát cheana (mar a tharla maidir le cur i bhfeidhm na ‘rialacha maidir le comhroinnt costais’, mar shampla) 3 . D’fhéadfadh sé tarlú, fiú, nach réiteodh an rialú ó Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh na héiginnteachtaí uile, ós rud é gur do chás nithiúil fíorasach a thagródh sé. Is é sin a tharla maidir leis an láimhseáil CBL i leith soláthairtí idir ceannoifig agus brainse dá cuid (i dteannta grúpaí CBL): cé gur réitíodh roinnt fadhbanna de dheasca an rialaithe a thug Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh i gcás Skandia America 4 , tá amhras ann fós maidir le láimhseáil CBL i gcásanna nach ionann go díreach na fíorais agus fíorais an cháis a cuireadh faoi bhráid na Cúirte Breithiúnais sin.

I bhfianaise a bhfuil thuas, agus mar a fógraíodh sa Teachtaireacht i dtaca le Plean Gníomhaíochta maidir le Cánachas Cothrom agus Simplí mar thaca leis an Straitéis Téarnaimh 5 , táthar ag beartú leasú a dhéanamh ar an Treoir CBL chun coiste a bhunú a dhéanfadh maoirseacht ar ghlacadh gníomhartha cur chun feidhme ag an gCoimisiún i réimsí áirithe CBL. Tá trí ghné le cur i dtábhacht maidir leis seo:

‑Ar an gcéad dul síos, ní chuirfí nósanna imeachta coiste i bhfeidhm ach amháin i ndáil le tacar teoranta rialacha lena gcuirtear chun feidhme forálacha na Treorach CBL, agus tá gá le léirmhíniú coiteann sa chás sin. Beidh gá le comhaontú d’aon toil ón gComhairle, faoi mar atá i láthair na huaire, le haghaidh aon athrú ar an Treoir CBL.

-Ar an dara dul síos, is chun leas na gcóras riaracháin cánach agus na ngnólachtaí araon glacadh na léirmhínithe coiteanna ar fhorálacha na Treorach CBL a éascú, ós rud é gur dócha, mar thoradh ar neamhréireachtaí sa réimse seo, go dtiocfadh cásanna de chánachas dúbailte agus de shaobhadh iomaíochta chun cinn agus costais bhreise do ghnólachtaí. Maidir leis sin, is é an nós imeachta coiste an cur chuige caighdeánach seanbhunaithe a úsáidtear i nDlí an Aontais Eorpaigh chun eascairt na léirmhínithe coiteanna úd a éascú. Is fiú a thabhairt faoi deara go n‑úsáidtear nósanna imeachta caighdeánacha coiste cheana féin, i réimse na cánach indírí, le haghaidh comhar riaracháin CBL agus le haghaidh dleachtanna máil.

-Ar an tríú dul síos, coinneoidh an Chomhairle a cumhachtaí cur chun feidhme a mhéid nach dtagann siad faoi raon feidhme chumhachtaí an Choimisiúin, agus an raon feidhme sin arna shainiú go docht, go háirithe i dtaca le hábhair shubstaintiúla a bhfuil íogaireacht ar leith ag baint leo do na Ballstáit.

2.BUNÚS DLÍ, COIMHDEACHT AGUS COMHRÉIREACHT

Bunús dlí

Tá an togra bunaithe ar Airteagal 113 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh. Foráiltear leis an airteagal sin go nglacfaidh an Chomhairle, ag gníomhú di d’aon toil i gcomhréir le nós imeachta reachtach speisialta agus tar éis di dul i gcomhairle le Parlaimint na hEorpa agus leis an gCoiste Eacnamaíoch agus Sóisialta, go nglacfaidh sí forálacha le haghaidh comhchuibhiú ar rialacha na mBallstát i réimse na cánach indírí.

Coimhdeacht (maidir le hinniúlacht neamheisiach)

Tá an togra comhsheasmhach le prionsabal na coimhdeachta óir is é príomhfhadhb a aithníodh, agus a aithníodh go beacht, nach bhfuil na Ballstáit ag cur na gcoincheap atá le fáil sa Treoir CBL i bhfeidhm ar mhodh comhchuibhithe, agus d’fhéadfadh sé go mbeadh sin ina chúis le cásanna de chánachas dúbailte nó de neamhchánachas, go háirithe i ndáil le cásanna trasteorann. Ní féidir leis na Ballstáit aghaidh a thabhairt ar na fadhbanna seo leo féin. Ós rud é go dtugtar cumhachtaí cur chun feidhme don Choimisiún, beifear in ann aghaidh a thabhairt, ar dhóigh níos tapúla agus níos éifeachtúla, ar chásanna arb é is cúis leo difríochtaí sa léirmhíniú agus a chruthaíonn fadhbanna do thrádálaithe. Beidh coiste ag tabhairt cúnaimh don Choimisiún leis an méid sin, coiste a mbeidh saineolaithe CBL air ó chórais riaracháin chánach na mBallstát agus a bheidh, dá bhrí sin, breá ábalta déileáil leis na fadhbanna go tapa agus go comhsheasmhach.

Comhréireacht

Tá an togra comhsheasmhach le prionsabal na comhréireachta ós rud é nach dtéann sé thar a bhfuil riachtanach chun cuspóirí na gConarthaí a chomhlíonadh, go háirithe i dtaca le dea‑fheidhmiú an mhargaidh aonair a bhfuil bac á chur air faoi láthair de bharr na coincheapa CBL a bheith á léirmhíniú agus á gcur i bhfeidhm ag na Ballstáit i mbealaí éagsúla.

An rogha ionstraime

Is Treoir a bheartaítear d’fhonn leasú a dhéanamh ar an Treoir CBL.

3.IMPLEACHTAÍ BUISÉADACHA

Níl aon tionchar diúltach ag an togra seo ar bhuiséad an Aontais Eorpaigh.

4.EILIMINTÍ EILE

Míniúchán mionsonraithe ar fhorálacha sonracha an togra

An ról atá beartaithe don Choimisiún, don Choimisiún agus coiste a tabhairt cúnaimh dó, ba cheart é a bheith dírithe ar réimsí áirithe inar gá na coincheapa atá i reachtaíocht an Aontais Eorpaigh maidir le CBL a chur i bhfeidhm ar mhodh aonfhoirmeach. Gan an cur i bhfeidhm aonfhoirmeach sin, ní réiteofar fadhbanna ar nós cánachas dúbailte nó neamhchánachas.

A] Cumhachtaí cur chun feidhme a shanntar don Choimisiún agus don Chomhairle: an t-airteagal nua, Airteagal 397a,den Treoir CBL, i gcomhar leis an Airteagal 397 nua atá inti

(i) an chéad fhomhír de mhír 1 d’Airteagal 397a, i gcomhar leis an dara fomhír den fhoráil sin agus le hAirteagal 397

Foráiltear le hAirteagal 291 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, mar riail ghinearálta, ‘i gcás inar gá coinníollacha aonfhoirmeacha chun gníomhartha de chuid an Aontais atá ceangailteach ó thaobh dlí a chur chun feidhme’, go dtabharfar leis na gníomhartha sin, mar riail ghinearálta, cumhachtaí cur chun feidhme don Choimisiún nó i gcásanna sonracha a bhfuil údar cuí leo, don Chomhairle. Is é atá á dhearbhú riamh go comhsheasmhach ag Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh gurb é atá sna héirimí agus sna coincheapa a úsáidtear sa Treoir CBL, seachas i bhfíorbheagán cásanna ina bhfágtar go sainráite, sa Treoir féin, sainmhíniú na n-éirimí agus na gcoincheap faoi na Ballstáit, gurb é atá iontu éirimí agus coincheapa de Dhlí an Aontais, ar gá iad a léirmhíniú agus a chur i bhfeidhm go haonfhoirmeach 6 .

Is gann iad na téarmaí den Treoir CBL lena ndéantar sa Treoir ‘tagairt shonrach do dhlí na mBallstát chun críche brí agus raon feidhme (na dtéarmaí) a chinneadh’. Féadfar a lua, mar shamplaí, na coincheapa ‘talamh tógála’ agus ‘talamh a bhfuil foirgneamh air’ (Airteagal 12) agus ‘cistí infheistíochta speisialta’ (Airteagal 135(1)(g) agus ‘soláthar cóiríochta’ (Airteagal 135(2)(a)). De réir Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh, i dtaca le formhór na dtéarmaí agus na gcoincheap eile a úsáidtear sa Treoir agus, mar a bhunaítear le hAirteagal 291 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, ba cheart an léirmhíniú agus an cur i bhfeidhm aonfhoirmeach sin a leagan síos trí bhíthin bearta cur chun feidhme.

Sannadh na gcumhachtaí cur chun feidhme don Choimisiún, tá sé teoranta do chinneadh na brí a bhaineann le forálacha áirithe den Treoir CBL. I dtaca leis an gComhairle de, dá réir sin, coinneoidh sí na cumhachtaí cur chun feidhme atá aici lasmuigh de na cumhachtaí sainithe sin a shanntar don Choimisiún. Go háirithe, i dtaca le haon bhearta cur chun feidhme nach bhfuil sé d’aidhm acu brí na dtéarmaí dá dtagraítear sa chéad fhomhír d’Airteagal 397a(1) a shainmhíniú, thiocfadh na bearta sin faoi inniúlacht na Comhairle. Thairis sin, i dtaca le haon bhearta cur chun feidhme maidir leis na forálacha i dTeideal I (‘Ábhar agus raon feidhme’), i dTeideal VIII (‘Rátaí’) agus i dTeideal XIII (‘Maoluithe’) den Treoir CBL, cinn a bhfuil íogaireacht ar leith ag baint leo uile do Bhallstáit, thiocfadh na bearta cur chun feidhme sin díreach faoi chumhachtaí cur chun feidhme na Comhairle. Ar deireadh, is faoi na Ballstáit a bheadh sé na rialacha ábhartha a ghlacadh maidir leis na nithe atá eisiata go sainráite ó chumhachtaí cur chun feidhme an Choimisiúin sa dara fomhír d’Airteagal 397a(1).

(ii) mír 1, an chéad fhomhír, pointe (a), i gcomhar leis an dara fomhír

I dTeideal III den Treoir CBL tagraítear do dhaoine inchánach. Bheadh gá le léirmhíniú aonfhoirmeach i gcás roinnt forálacha sa Teideal sin ós rud é, leis an Treoir CBL, nár sannadh brí na dtéarmaí a úsáidtear sa Teideal do reachtaíocht náisiúnta na mBallstát: is amhlaidh a bheadh, mar shampla, maidir leis an gcoincheap ‘bonn ócáideach’ (mír 2 d’Airteagal 9) agus maidir leis an gcoincheap ‘aontaí agus taispeántais thrádála’ (catagóir (8) in Iarscríbhinn I).

Os a choinne sin, níor cheart an Coimisiún a chumhachtú trí ghníomhartha cur chun feidhme chun an méid seo a leanas a dhéanamh:

i dtaca leis na roghanna a shanntar, leis an Treoir CBL, do na Ballstáit maidir le grúpaí um CBL (Airteagal 11), na roghanna sin a fheidhmiú thar ceann Ballstáit nó cosc a chur ar Bhallstát a bheith á bhfeidhmiú; sainmhíniú a dhéanamh ar dhaoine inchánach ar bhonn ócáideach, critéir eile de mhalairt ar chéadáitíocht i gcás foirgneamh agus an bhrí atá le ‘talamh a bhfuil foirgneamh air’ (Airteagal 12) agus gníomhaíochtaí díolmhaithe a bhfuiltear le caitheamh leo mar ghníomhaíochtaí údaráis phoiblí (mír 2 d’Airteagal 13);

sainmhíniú ar ‘talamh tógála’ a leagan síos, ós rud é go ndéantar tagairt shonrach sa Treoir dá sainmhíniú trí bhíthin an dlí náisiúnta (mír 3 d’Airteagal 12).

(iii) mír 1, an chéad fhomhír, pointe (b), i gcomhar leis an dara fomhír

Baineann Teideal IV den Treoir CBL leis na hidirbhearta inchánach. Is léir go bhfuil gá le cur i bhfeidhm aonfhoirmeach i dtaca leis na coincheapa a úsáidtear i bhforálacha an Teidil sin: is amhlaidh atá, mar shampla, maidir leis na coincheapa ‘maoin inláimhsithe’ (mír 1 d’Airteagal 14), ‘sócmhainní gnó’ (mír 1 d’Airteagal 17) nó ‘teacht isteach’ (mír 4 d’Airteagal 17a). Mar sin féin, níor cheart an Coimisiún a bheith i dteideal, trí bhearta cur chun feidhme, aon cheann de na roghanna a shanntar do Bhallstáit sa Teideal sin a fheidhmiú thar ceann Ballstáit nó cosc a chur ar Bhallstát a bheith á bhfeidhmiú. Sna roghanna sin tagraítear don choincheap ‘soláthar earraí’ (mír 3 d’Airteagal 14, mír 2 d’Airteagal 15, Airteagail 18 agus 19) agus don choincheap ‘soláthar seirbhísí’ (mír 2 d’Airteagal 26 agus Airteagail 27 agus 29).

(iv) mír 1, an chéad fhomhír, pointe (c), i gcomhar leis an dara fomhír

I dTeideal V den Treoir CBL, tagraítear d’áit idirbheart inchánach. Maidir leis sin, is léir gur gá na forálacha a chur i bhfeidhm go haonfhoirmeach, ós rud é gur dhóiche, dá ndéanfadh na Ballstáit léirmhínithe éagsúla ar na téarmaí a úsáidtear ann, go dtiocfadh cásanna de chánachas dúbailte nó de neamhchánachas chun cinn dá thoradh sin. Dá réir sin, mar shampla, is gá cur i bhfeidhm aonfhoirmeach ar fud an Aontais a bheith ann i dtaca leis na coincheapa ‘seoladh nó iompar...é féin... nó... thar a cheann’ i gcás soláthróra (Airteagail 32 agus 33), ‘cóimeáil nó suiteáil’ (Airteagal 36), ‘an chéad soláthróir’ agus ‘an custaiméir deireanach’ (Airteagal 36a), ‘maoin dochorraithe’ (Airteagal 47) agus ‘seirbhísí bialainne agus lónadóireachta’ (Airteagal 55).

Os a choinne sin, níor cheart an Coimisiún a chumhachtú trí bhearta cur chun feidhme, na roghanna a sannadh do Bhallstáit sa Teideal sin a fheidhmiú thar ceann Ballstáit nó cosc a chur ar Bhallstát a bheith á bhfeidhmiú (cuir i gcás, na roghanna a bhaineann le ‘húsáid agus saothrú éifeachtach’ maidir le háit soláthair de sheirbhísí áirithe).

(v) mír 1, an chéad fhomhír, pointe (d), i gcomhar leis an dara fomhír

Baineann Teideal VI leis an teagmhas inmhuirearaithe agus inmhuirireacht CBL. Tá gá le cur i bhfeidhm aonfhoirmeach i dtaca leis na forálacha a úsáidtear sa Teideal sin: mar shampla, na coincheapa ‘ráitis chomhleanúnacha chuntais’, ‘íocaíochtaí comhleanúnacha’ nó ‘soláthairtí leanúnacha earraí’ (Airteagal 64) agus na coincheapa ‘íocaíocht ar chuntas’ agus ‘íocaíocht a fháil’ (Airteagal 65). Níor cheart an Coimisiún a chumhachtú, áfach, an rogha a bhaineann le hinmhuirireacht CBL le haghaidh soláthairtí leanúnacha earraí (an tríú fomhír de mhír 2 d’Airteagal 64) a fheidhmiú thar ceann Ballstáit nó cosc a chur ar Bhallstát a bheith á feidhmiú. Bheadh an méid céanna i bhfeidhm maidir leis na maoluithe a ceadaíodh do Bhallstáit maidir le hinmhuirireacht CBL le haghaidh idirbhearta áirithe nó catagóirí áirithe de dhaoine inchánach (Airteagal 66).

(vi) mír 1, an chéad fhomhír, pointe (e), i gcomhar leis an dara fomhír

I dTeideal VII den Treoir CBL tagraítear don mhéid inchánach CBL. Tá gá le cur i bhfeidhm aonfhoirmeach i dtaca leis na forálacha a úsáidtear sa Teideal sin: mar shampla, na coincheapa ‘céim na margaíochta’, ‘praghas ceannaigh’ agus ‘bunphraghas’ (Airteagal 72); ‘comaoin’ agus ‘fóirdheontais a bhfuil nasc díreach acu le praghas an tsoláthair’ (Airteagal 73); ‘cánacha, dleachtanna, tobhaigh agus muirir’ agus ‘caiteachais theagmhasacha’ (Airteagal 78) agus ‘lascainí praghais agus aisíocaíochtaí’ nó ‘cuntas fionraí’ (Airteagal 79). Os a choinne sin, níor cheart an Coimisiún a chumhachtú trí bhearta cur chun feidhme chun aon cheann de na roghanna a sannadh do Bhallstáit sa Teideal sin a fheidhmiú thar ceann Ballstáit nó cosc a chur ar Bhallstát a bheith á bhfeidhmiú. Nó ní bheidh sé de chumhacht ag an gCoimisiún coinníollacha agus rialacha a leagan síos i leith mhodhnú an mhéid inchánaigh (mír 1 d’Airteagal 90) nó an ráta malairte (mír 2 d’Airteagal 91).

(vii) mír 1, an chéad fhomhír, pointe (f), i gcomhar leis an dara fomhír

I dTeideal IX den Treoir CBL tagraítear do dhíolúintí. Níor cheart an Coimisiún a chumhachtú trí bhearta cur chun feidhme chun:

na sainmhínithe, aitheantais nó údaruithe a leagan síos a cuireadh de chúram ar Bhallstáit i mír 1 d’Airteagal 132 (mar shampla an sainmhíniú ar ‘ghairmeacha míochaine agus paraimhíochaine’ i bpointe (c) de mhír 1 d’Airteagal 132 nó aitheantas a thabhairt do chumann ‘carthanachta’ i bpointe (g) den fhoráil chéanna sin);

sainmhíniú a dhéanamh ar an gcoincheap ‘cistí infheistíochta speisialta’ (pointe (g) de mhír 1 d’Airteagal 135) agus na coinníollacha agus teorainneacha le haghaidh na díolúine a bhaineann le geallchur, crannchuir agus cineálacha cearrbhachais eile (pointe (i) de mhír 1 den fhoráil chéanna sin);

na teorainneacha a leagan síos maidir le díolúintí a bhaineann le hidirbhearta áirithe a gcaitear leo mar onnmhairí, rud atá de chúram na mBallstát ósta de réir na Treorach (Airteagal 151).

Thairis sin, ní thabharfar de chumhacht don Choimisiún aon cheann de na roghanna a sannadh do na Ballstáit sa Teideal sin a fheidhmiú thar ceann Ballstáit nó cosc a chur ar Bhallstát a bheith á bhfeidhmiú. Mar shampla, is féidir linn na roghanna a lua anseo maidir leis na díolúintí le haghaidh seirbhísí spóirt agus cultúrtha (an dara mír d’Airteagal 133); eisiaimh ón díolúine i dtaca le léasú nó ligean na maoine dochorraithe (an dara fomhír de mhír 2 d’Airteagal 135) agus an ceart chun rogha ar chánachas (Airteagal 137) nó an cinneadh aon cheann de na díolúintí atá ann le haghaidh idirbheart a chur i bhfeidhm maidir le trádáil idirnáisiúnta (Caibidil 10 den Teideal sin).

(viii) mír 1, an chéad fhomhír, pointe (g), i gcomhar leis an dara fomhír

I dTeideal X den Treoir CBL tagraítear d’asbhaintí. Níor cheart an Coimisiún a chumhachtú chun na roghanna a sannadh do Bhallstáit sa Teideal sin a fheidhmiú thar ceann Ballstáit nó cosc a chur ar Bhallstát a bheith á bhfeidhmiú: cuir i gcás, na roghanna maidir le hasbhaint chomhréireach (mír 2 d’Airteagal 173); na srianta maidir leis an gceart asbhainte (in Airteagail 176 agus 177) nó na rialacha lena rialaítear feidhmiú an chirt asbhainte (in Airteagail 180 agus 181).

(ix) mír 1, an chéad fhomhír, pointe (h), i gcomhar leis an dara fomhír

I dTeideal XI agus Iarscríbhinn VI den Treoir CBL tagraítear do na hoibleagáidí CBL Bheadh sé de chumhacht ag an gCoimisiún, mar shampla, trí bhíthin bearta cur chun feidhme, an coincheap ‘idirghníomhú’ (Airteagal 192a), na coincheapa ‘obair thógála’ nó ‘seirbhísí scartála’ (Airteagal 199) nó an coincheap ‘ionadaí cánach’ (Airteagal 204) a chinneadh. Os a choinne sin, ní bheadh sé de chumhacht ag an gCoimisiún na roghanna sna forálacha sin a fheidhmiú thar ceann Bhallstáit nó cosc a chur ar Bhallstáit a bheith á bhfeidhmiú, eadhon an rogha chun táille aistrithe a chur i bhfeidhm (Airteagail 194 nó 199) nó an rogha chun ceadú don duine inchánach ionadaí cánach a cheapadh. Thairis sin, níorbh fhéidir leis an gCoimisiún sainmhíniú a dhéanamh ar an ‘uimhir thagartha cánach’ (Airteagal 239), ós rud é gur cuireadh an sainmhíniú sin de chúram na mBallstát de réir na Treorach CBL.

(x) mír 1, an chéad fhomhír, pointe (i), i gcomhar leis an dara fomhír

I dTeideal XII den Treoir CBL tagraítear do scéimeanna cánach speisialta. Níor cheart an Coimisiún a chumhachtú chun aon cheann de na roghanna a sannadh do Bhallstáit sa Teideal sin a fheidhmiú thar ceann Ballstáit nó cosc a chur ar Bhallstát a bheith á bhfeidhmiú, eadhon in Airteagail (281, 284, 285, 286, 287, 296, 301, 303, 318, 326, 330, 333, 342, 344, 349, 352, 366, 367, 369d, 369h agus 369i. Nó níor cheart an Coimisiún a chumhachtú chun nósanna imeachta maidir le hasbhaint nó aisíoc CBL a chinneadh, rud a cuireadh de chúram ar na Ballstáit in Airteagal 303 maidir leis an scéim speisialta d’fheirmeoirí. Thairis sin, níor cheart an Coimisiún a chumhachtú chun na rialacha a leagan síos dá dtagraítear i gcomhar le feidhmiú na roghanna in Airteagal 316 agus 324 maidir leis na socruithe speisialta do dhéileálaithe inchánach.

(xi) mír 1, an tríú fomhír

De réir mhír 3 d’Airteagal 291 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, ‘leagfaidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle síos, ag gníomhú dóibh trí bhíthin rialachán i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach, leagfaidh siad síos na rialacha agus na prionsabail ghinearálta roimh ré, a bhaineann leis na sásraí maidir le rialú ag na Ballstáit ar fheidhmiú cumhachtaí cur chun feidhme ag an gCoimisiún. Tá sé seo déanta ag Parlaimint na hEorpa agus ag an gComhairle tríd an ‘Rialachán maidir le Nós Imeachta Coiste’, arna glacadh i Feabhra 2011 7 .

Cé go bhféadfadh an reachtóir ar bhonn dlíthiúil cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt don Choimisiún gan aon rialú ag na Ballstáit 8 , níor roghnaíodh an rogha seo sa togra. Os a choinne sin, tá sásra rialaithe de chúram coiste curtha i bhfeidhm. Ciallaíonn sé sin nach féidir leis an gCoimisiún gníomhú as féin i dtaca le feidhmiú a chumhachtaí cur chun cinn, ós rud é go mbeadh gá le tuairim dhearfach an choiste i gcás ar bith maidir leis an bhfeidhmiú sin. Beidh feidhm ag rialacha an Rialacháin maidir le Nós Imeachta Coiste i dtaca leis an nós imeachta scrúdúcháin sa chreat seo.

(xii) mír 2

Tá na rialacha a ghlac an Chomhairle agus atá sa Rialachán Cur Chun Feidhme um CBL faoi láthair fós i bhfeidhm d’ainneoin gur tugadh cumhachtaí áirithe cur chun feidhme don Choimisiún. Tá sin amhlaidh d’ainneoin go mbeidh an Coimisiún, agus cúnamh aige ó choiste, agus é ag feidhmiú i gcónaí laistigh den raon feidhme atá sainithe dá chumhachtaí, go mbeidh sé in ann rialacha a ghlacadh amach anseo a bhféadfadh sé gurbh ionann an raon feidhme a bheadh acu agus an raon feidhme atá ag na forálacha atá ann faoi láthair sa Rialachán Cur Chun Feidhme um CBL, cás ina mbeadh ar an gComhairle na forálacha comhionanna sin dá cuid féin a scriosadh.

B] An coiste nua: Airteagal 398a den Treoir CBL

Níl easpa rialaithe ag na Ballstáit ar fheidhmiú cumhachtaí cur chun feidhme ag an gCoimisiún i gceist ar dhóigh ar bith le sannadh na gcumhachtaí cur chun feidhme don Choimisiún sa togra seo. Leagtar síos na rialacha agus na prionsabail ghinearálta a bhaineann leis na sásraí maidir le rialú ag na Ballstáit ar fheidhmiú cumhachtaí cur chun feidhme ag an gCoimisiún i reachtaíocht thánaisteach, i.e. an Rialachán maidir le Nós Imeachta Coiste. I dtaca le hábhair chánachais, áirithítear leis an ‘nós imeachta scrúdúcháin’ a leagtar síos in Airteagal 5 den Rialachán maidir le Nós Imeachta Coiste (ní féidir an ‘nós imeachta comhairliúcháin’ dá dtagraítear in Airteagal 4 a chur i bhfeidhm i réimse na cánach) nach féidir leis an gCoimisiún aon rud a dhéanamh gan comhaontú na mBallstát ar an gcoiste nua. Ní bheidh an Coimisiún i dteideal an bhirt cur chun feidhme a ghlacadh ach amháin i gcás thuairim dhearfach na Comhairle; os a choinne sin, i gcás thuairim dhiúltach na Comhairle nó i gcás nach bhfuil aon tuairim ón gComhairle ní bheidh de chumhacht ag an gCoimisiún an gníomh cur chun feidhme ábhartha a ghlacadh.

Leagtar síos na forálacha i dtaca le comhdhéanamh agus cathaoirleach an choiste in Airteagal 3 den Rialachán maidir le Nós Imeachta Coiste. Coimeádfaidh an Coiste um CBL ról an chomhlachta atá i gceannas ar scrúdú na gcomhairliúchán dá bhforáiltear faoin Treoir CBL. Déantar tagairt do na comhairliúcháin sin in Airteagail 11, 27, 102, 155, 164, 167, 177, 191, 238, 281, 318 agus 352. Thairis sin, ba cheart go mbeadh an Coiste um CBL in ann aon ábhair eile a bhaineann le cur i bhfeidhm fhorálacha an Aontais maidir le CBL a scrúdú, ach sna réimsí sin ní bheidh de chumhacht ag an gCoiste ach treoirlínte neamhcheangailteacha a eisiúint, faoi mar atá i láthair na huaire.

2020/0331 (CNS)

Togra le haghaidh

TREOIR ÓN gCOMHAIRLE

lena leasaítear Treoir 2006/112/CE a mhéid a bhaineann le tabhairt cumhachtaí cur chun feidhme don Choimisiún chun brí na dtéarmaí a úsáidtear i bhforálacha áirithe den Treoir sin a chinneadh

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 113 de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis di an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Ag féachaint don tuairim ó Pharlaimint na hEorpa 9 ,

Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa 10 ,

Ag gníomhú di i gcomhréir le nós imeachta reachtach speisialta,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)Chun cur i bhfeidhm aonfhoirmeach dhlí an Aontais a áirithiú agus chun prionsabal an chomhionannais a chomhlíonadh, is gá, i dtaca leis na téarmaí a úsáidtear i bhforálacha Threoir 2006/112/CE 11 ón gComhairle, forálacha nach gceadaíonn go sainráite do Bhallstáit brí agus raon feidhme na dtéarmaí a chinneadh, is gá léirmhíniú aonfhoirmeach a bheith a dhéanamh ar an téarmaí sin ar fud an Aontais.

(2)Is dócha gurb é an toradh a bheadh ar léirmhínithe éagsúla a bheith á ndéanamh ar na téarmaí a úsáidtear i dTreoir 2006/112/CE go dtiocfadh cásanna de chánachas dúbailte chun cinn, go mbeadh sé ina chúis le héiginnteacht dhlíthiúil, le costais bhreise do ghnólachtaí agus le saobhadh iomaíochta. Tá gá le léirmhíniú aonfhoirmeach ar na téarmaí sin ar leibhéal an Aontais freisin chun cur i bhfeidhm Threoir 2006/112/CE ag na córais riaracháin chánach agus ag gnólachtaí a éascú.

(3)Foráiltear in Airteagal 291 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, i dtaca leis an gcás inar gá coinníollacha aonfhoirmeacha chun gníomhartha de chuid an Aontais atá ceangailteach ó thaobh dlí a chur chun feidhme, go dtabharfar, sna gníomhartha sin, cumhachtaí cur chun feidhme don Choimisiún nó, i gcásanna sonracha a mbeidh údar cuí leo, don Chomhairle.

(4)Chun éifeachtúlacht an phróisis cinnteoireachta i réimse na cánach breisluacha (CBL) a fheabhsú agus chun cuidiú le cur i bhfeidhm reachtaíocht an Aontais maidir le CBL ar bhealach níos aonfhoirmí, ba cheart cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt don Choimisiún chun brí téarmaí áirithe a úsáidtear i dTreoir 2006/112/CE a chinneadh.

(5)Níor cheart na cumhachtaí cur chun feidhme a thugtar don Choimisiún a bheith ina ndochar don discréid a fhágtar ag na Ballstáit i dtaca le bearta dlí náisiúnta a ghlacadh is gá chun roinnt d’fhorálacha Threoir 2006/112/CE a chur chun feidhme. Dá bhrí sin, is gá raon feidhme na gcumhachtaí cur chun feidhme a thugtar don Choimisiún a shoiléiriú dá réir sin.

(6)Ba cheart na cumhachtaí cur chun feidhme i gcásanna sonracha a mbeidh údar cuí leo, maidir le hábhair shubstaintiúla a bhfuil íogaireacht ar leith ag baint leo do na Ballstáit, a shannadh don Chomhairle. B’amhlaidh an cás, go háirithe, maidir le haon bhearta cur chun feidhme a bhféadfadh sé go mbeadh gá leo i dtaca leis na forálacha i dTeideal I (‘Ábhar agus raon feidhme’), Teideal VIII (‘Rátaí’) agus Teideal XIII (‘Maoluithe’) den Treoir CBL.

(7)Chun dálaí aonfhoirmeacha a áirithiú le haghaidh chur chun feidhme na bhforálacha ábhartha de Threoir 2006/112/CE, ba cheart cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt don Choimisiún a mhéid a bhaineann le brí na dtéarmaí a úsáidtear i bhforálacha áirithe den Treoir sin a chinneadh. Ba cheart na cumhachtaí sin a fheidhmiú i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 12 .

(8)Ós rud é nach féidir leis na Ballstáit cuspóir na Treorach seo, eadhon cur i bhfeidhm níos aonfhoirmí a áirithiú i dtaca le reachtaíocht an Aontais maidir le CBL, a ghnóthú go leordhóthanach ach gur fearr is féidir é a ghnóthú ar leibhéal an Aontais, féadfaidh an tAontas bearta a ghlacadh, i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta a leagtar amach in Airteagal 5 den Chonradh ar an Aontas Eorpach. I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta a leagtar amach san Airteagal sin, ní théann an Treoir seo thar a bhfuil riachtanach chun na cuspóirí sin a ghnóthú.

(9)Dá bhrí sin, ba cheart Treoir 2006/112/CE a leasú dá réir sin,

TAR ÉIS AN TREOIR SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasaítear Treoir 2006/112/CE mar a leanas:

(1)Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 397:

‘Airteagal 397

Féadfaidh an Chomhairle, ag gníomhú di d’aon toil ar thogra ón gCoimisiún, iad seo a leanas a ghlacadh:

(a) aon bhearta is gá chun na forálacha i dTeidil I, VIII, XIII, agus in Iarscríbhinní III, IV, V agus X den Treoir seo a chur chun feidhme;

(b) aon bhearta is gá chun na forálacha i dTeidil agus in Iarscríbhinní na Treorach seo nach luaitear i bpointe (a) a chur chun feidhme, a mhéid nach dtagann de na bearta sin aon chinneadh ar bhrí na dtéarmaí a úsáidtear iontu.

(2)i gCaibidil 1 de Theideal XIV, cuirtear an tAirteagal 397a seo a leanas isteach:

‘Airteagal 397a

1.    Féadfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, brí na dtéarmaí a úsáidtear sna forálacha seo a leanas a chinneadh:

(a)a mhéid a bhaineann le daoine inchánach chun críocha CBL, na forálacha i dTeideal III agus in Iarscríbhinn I;

(b)a mhéid a bhaineann leis na hidirbhearta atá inchánach chun críocha CBL, na forálacha i dTeideal IV;

(c)a mhéid a bhaineann le háit na n-idirbheart inchánach, na forálacha i dTeideal V agus in Iarscríbhinn II;

(d)a mhéid a bhaineann leis an teagmhas inmhuirearaithe agus le hinmhuirireacht CBL, na forálacha i dTeideal VI;

(e)a mhéid a bhaineann leis an méid inchánach CBL, na forálacha i dTeideal VII;

(f)a mhéid a bhaineann leis na díolúintí ó CBL, na forálacha i dTeideal IX;

(g)a mhéid a bhaineann leis na hasbhaintí as CBL, na forálacha i dTeideal X;

(h)a mhéid a bhaineann le hoibleagáidí daoine inchánach agus daoine neamh-inchánach áirithe, na forálacha i dTeideal XI agus in Iarscríbhinn VI;

(i)a mhéid a bhaineann le scéimeanna speisialta na cánach, na forálacha i dTeideal XII agus in Iarscríbhinní VII, VIII agus IX.

Ní bheidh feidhm ag an gcéad fhomhír maidir leis na forálacha seo a leanas:

(a)forálacha a chuireann ar chumas na mBallstát rogha a fheidhmiú, a mhéid a bhaineann leis an gcinneadh an rogha sin a fheidhmiú;

(b)forálacha ina bhfuil tagairt shonrach do théarmaí arb iad na Ballstáit atá lena sainmhíniú, a mhéid a bhaineann le sainmhíniú bhrí na dtéarmaí sin;

(c)forálacha lena bhforáiltear go bhfuil coinníollacha, nósanna imeachta agus rialacha le cinneadh ag na Ballstáit, a mhéid is a bhaineann sé leis na coinníollacha, nósanna imeachta agus rialacha sin;

(d)forálacha maidir le nósanna imeachta um aitheantais agus um údaruithe atá le tabhairt ag na Ballstáit, a mhéid is a bhaineann sé leis na nósanna imeachta sin;

(e)forálacha maidir leis an uimhir thagartha cánach in Airteagal 239.

Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 398a(2).

2. I gcás inarb ionann raon feidhme fhorálacha ghníomhartha cur chun feidhme an Choimisiúin arna nglacadh i gcomhréir le mír 1 den Airteagal seo agus raon feidhme fhorálacha na mbeart cur chun feidhme arna nglacadh ag an gComhairle i gcomhréir le hAirteagal 397 den Treoir seo arna leasú le Treoir (AE) 2020/285* ón gComhairle, scriosfaidh an Chomhairle na forálacha ábhartha ina bearta cur chun feidhme.

_______________________________

* Treoir ón gComhairle (AE) 2020/285 an 18 Feabhra 2020 lena leasaítear Treoir 2006/112/CE maidir leis an gcomhchóras cánach breisluacha a mhéid a bhaineann leis an scéim speisialta d’fhiontair bheaga agus Rialachán (AE) Uimh. 904/2010 a mhéid a bhaineann leis an gcomhar riaracháin agus leis an malartú faisnéise chun faireachán a dhéanamh ar chur i bhfeidhm ceart na scéime speisialta d’fhiontair bheaga (IO L 62, 2.3.2020, lch. 13).

(3)i dTeideal XIV, cuirtear an méid seo a leanas in ionad theideal Chaibidil 2:

‘CAIBIDIL 2

Coistí’;

(4)i gCaibidil 2 de Theideal XIV, cuirtear an tAirteagal 398a seo a leanas isteach:

‘Airteagal 398a

1.    Tabharfaidh coiste cúnamh don Choimisiún. Beidh an coiste sin ina choiste de réir bhrí Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

2.    I gcás ina ndéantar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5 de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011. ’

Airteagal 2

Tiocfaidh an Treoir seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a foilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Airteagal 3

Dírítear an Treoir seo chuig na Ballstáit.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil,

   Thar ceann na Comhairle

   An tUachtarán

(1)    Treoir 2006/112/CE ón gComhairle an 28 Samhain 2006 maidir leis an gcóras comhchoiteann cánach breisluacha (IO L 347 an 11.12.2006).
(2)    Treoir (AE) 2018/1910 ón gComhairle an 4 Nollaig 2018 lena leasaítear Treoir 2006/112/CE maidir le rialacha áirithe sa chóras cánach breisluacha a chomhchuibhiú agus a shimpliú chun cáin a ghearradh ar thrádáil idir na Ballstáit (IO L 311, 7.12.2018, lch. 3-7).
(3)    Breithiúnais an 4 Bealtaine 2017, An Coimisiún v Lucsamburg, C-274/15, EU:C:2017:333; an 21 Meán Fómhair 2017, DNB Banka, C-326/15, EU:C:2017:719; an 21 Meán Fómhair 2017, Aviva, C-605/15, EU:C:2017:718; agus an 21 Meán Fómhair 2017, An Coimisiún v An Ghearmáin, C-616/15, EU:C:2017:721.
(4)    Breithiúnas ó Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh an 17 Meán Fómhair 2014, Skandia America, C-7/13, ECLI:EU:C:2014:2225.
(5)    Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle – Plean gníomhaíochtaí maidir le cánachas cothrom agus simplí mar thaca leis an straitéis téarnaimh, COM(2020) 312 final, 15.7.2020.
(6)    Féach, inter alia, breithiúnas an 27 Samhain 2003, Zita Modes, C-497/01, ECLI:EU:C:2003:644, míreanna 34 go 36.
(7)    Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Feabhra 2011 lena leagtar síos na rialacha agus na prionsabail ghinearálta a bhaineann leis na sásraí maidir le rialú ag na Ballstáit ar fheidhmiú cumhachtaí cur chun feidhme ag an gCoimisiún (IO L 55, 28.2.2011, lch. 13).
(8)    Féach aithris (6) agus Airteagal 1 den Rialachán Nós Imeachta Coiste.
(9)    IO C , , lch. .
(10)    IO C , , lch. .
(11)    Treoir 2006/112/CE ón gComhairle an 28 Samhain 2006 maidir leis an gcóras comhchoiteann cánach breisluacha (IO L 347 an 11.12. 2006, lch. 1.).
(12)    Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Feabhra 2011 lena leagtar síos na rialacha agus na prionsabail ghinearálta a bhaineann leis na sásraí maidir le rialú ag na Ballstáit ar fheidhmiú cumhachtaí cur chun feidhme ag an gCoimisiún (IO L 55, 28.2.2011, lch. 13).