An Bhruiséil,23.9.2020

COM(2020) 614 final

2016/0132(SYN)

Togra leasaithe le haghaidh

RIALACHÁN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

maidir le bunú ‘Eurodac’ chun sonraí bithmhéadracha a chur i gcomparáid le chéile ar mhaithe le cur i bhfeidhm éifeachtach Rialachán (AE) XXX/XXX [an Rialachán maidir le Bainistiú Tearmainn agus Imirce] agus Rialachán (AE) XXX/XXX [an Rialachán maidir le hAthlonnú] agus ar mhaithe le náisiúnach tríú tír nó duine gan stát atá ag fanacht go neamhdhleathach sa stát a shainaithint, agus maidir le hiarrataí ó údaráis forfheidhmithe dlí na mBallstát agus iarrataí ó Europol ar chomparáidí a dhéanamh le sonraí Eurodac chun críocha fhorfheidhmiú an dlí, agus lena leasaítear Rialacháin (AE) 2018/1240 agus (AE) 2019/818


MEABHRÁN MÍNIÚCHÁIN

1.COMHTHÉACS AN TOGRA

Comhthéacs an togra agus na cúiseanna atá leis

I mí Iúil 2019, chun muinín fhrithpháirteach a chur chun cinn i measc na mBallstát fógraíodh Comhaontú Nua maidir le hImirce agus Tearmann sna treoirlínte polaitiúla ó Uachtarán an Choimisiúin Eorpaigh, Ursula von der Leyen, comhaontú atá bunaithe ar chur chuige cuimsitheach maidir le teorainneacha seachtracha, córais tearmainn agus fillte, limistéar saorghluaiseachta Schengen, gné sheachtrach na himirce, imirce dhleathach agus lánpháirtiú.

Tús nua i leith na himirce atá sa Teachtaireacht maidir leis an gComhaontú Nua maidir le hImirce agus Tearmann, atá á cur i láthair in éineacht le sraith tograí reachtacha, lena n‑áirítear an togra seo lena leasaítear togra 2016 le haghaidh athmhúnlú ar Rialachán Eurodac. Is ar phrionsabail uileghabhálacha na dlúthpháirtíochta agus na comhroinnte córa freagrachta atá an Comhaontú nua bunaithe, comhaontú lena moltar an ceapadh beartas comhtháite trí bheartais a bhaineann le réimsí éagsúla a thabhairt le chéile, mar atá réimsí an tearmainn, na himirce, an fhillte, na cosanta teorann seachtraí agus an chaidrimh le tríú tíortha a bhfuil tábhacht ar leith leo.

Na dúshláin a bhaineann leis an imirce a bhainistiú, lena n‑áirítear na dúshláin sin a bhaineann le himircigh neamhrialta agus filleadh, níor cheart gur ar na Ballstáit aonair astu féin a bheadh sé dul i ngleic leo, ach ar an Aontas ina iomláine. Tá gá le creat Eorpach lena mbeifear in ann an t‑idirspleáchas idir beartais agus cinntí na mBallstát éagsúil a bhainistiú. Ní mór na cúinsí atá ann maidir leis an imirce a chur san áireamh sa chreat, cúinsí gur dual dóibh a bheith ag athrú de shíor, agus de bhíthin na gcúinsí athraitheacha sin is mó an chastacht atá ann anois agus is géire a theastaíonn comhordú. Cé gur tháinig laghdú 92 % ó bhí 2015 ann ar líon na n‑imirceach neamhrialta a thagann go dtí an tAontas, tá roinnt dúshláin struchtúracha ann go fóill a chuireann brú ar chórais tearmainn, glactha agus fillte na mBallstát.

Cé gur laghdaigh ar líon na n‑imirceach neamhrialta le himeacht ama, maidir le cion na n‑imirceach a thagann ó thíortha dar lú ná 25 % an ráta glactha, mhéadaigh an cion sin ó 14 % in 2015 go dtí 57 % in 2018. Ina theannta sin, tá an cion de na cásanna atá casta ag méadú óir is mó dibhéirseacht, i dtaca le rátaí glactha de, a bhaineann leis na daoine atá ag teacht anois ná a bhain leis na daoine a tháinig in 2015-2016, ar dhaoine iad arbh fhollas go raibh gá acu le cosaint idirnáisiúnta. Thairis sin, d’ainneoin gur laghdaigh ar fud an Aontais ar líon na n‑imirceach neamhrialta ó bhí 2015 ann, leanadh den mhéadú ar líon na n‑iarratas ar chosaint idirnáisiúnta, go dtí gur mhéadaigh faoi cheathair air i gcomparáid le líon na n‑imirceach. Léiríonn na treochtaí sin go mbíonn imircigh ag gluaiseacht ar aghaidh go leanúnach laistigh den Aontas agus go mbíonn an iliomad iarratas ar chosaint idirnáisiúnta á ndéanamh acu. Ar deireadh, teastaíonn freagairt shonrach mar chuid den chóras bainistithe imirce foriomlán mar gheall ar chineál an teacht isteach tar éis oibríochtaí cuardaigh agus tarrthála, lena n‑aithneofar go dtugann Ballstáit a bhíonn ag déileáil leis na hiarmhairtí le teacht isteach tar éis oibríochtaí cuardaigh agus tarrthála aghaidh ar dhúshláin shonracha.

Mar gheall ar sciar méadaitheach na n‑iarratasóirí ar thearmann nach dócha go bhfaighidh siad cosaint idirnáisiúnta san Aontas, tá méadú tagtha ar an ualach a ghabhann le próiseáil iarratas ar thearmann, ach freisin ar an bpróiseáil i dtaca le filleadh na n‑inimirceach nár glacadh lena gcuid iarratas, lena n‑áirítear na hiarratais dár diúltaíodh toisc iad a bheith doghlactha. Cuireann filleadh imircigh neamhrialta nach ndéanann iarratas in aon chor ar chosaint idirnáisiúnta leis sin. Dá bhrí sin, is tábhachtaí ná riamh nasc rianúil a bheith idir nósanna imeachta tearmainn agus fillte. Tá sé chomh tábhachtach céanna oibriú i dtreo córas fillte níos Eorpaí. Imircigh neamhrialta nach bhfuil sé beartaithe acu iarratas a dhéanamh go deo ar chosaint idirnáisiúnta, ba cheart iad a threorú láithreach bonn go dtí an nós imeachta fillte seachas iad a theacht, trí réamhshocrú, faoin nós imeachta tearmainn..

Ar an gcaoi chéanna, leis an mbrú ar chórais tearmainn na mBallstát leantar d’ualach trom a chur ar na Ballstáit ina dtagann imircigh isteach ar dtús, agus chomh maith leis sin ar chórais tearmainn na mBallstát eile de bharr gluaiseachtaí neamhúdaraithe. Níl an córas atá ann faoi láthair leormhaith chun aghaidh a thabhairt ar na tosca sin. Go háirithe, níl aon sásra dlúthpháirtíochta éifeachtach i bhfeidhm faoi láthair.

Is forbairt é an Comhaontú Nua ar thograí 2016 ón gCoimisiún le haghaidh athchóiriú an Chomhchórais Eorpaigh Tearmainn agus ar thogra 2018 le haghaidh athmhúnlú ar an Treoir um Fhilleadh, chomh maith le heilimintí nua breise a chur san áireamh chun an chothroime a áirithiú atá ag teastáil le haghaidh creat coiteann lena dtabharfar gach gné den bheartas tearmainn agus imirce le chéile. Leis an togra lena leasaítear togra 2016 le haghaidh athmhúnlú ar Rialachán Eurodac 1 , cuirtear nasc soiléir comhsheasmhach i bhfeidhm idir daoine aonair sonracha agus na nósanna imeachta a bhfuil siad faoina réir, rud a dhéantar chun cabhrú níos fearr le rialú na himirce neamhrialta agus le brath na ngluaiseachtaí neamhúdaraithe. Leis an togra sin, tacaítear freisin leis an sásra dlúthpháirtíochta agus tá leasuithe iarmhartacha ann lena gcuirfear ar chumas Eurodac feidhmiú laistigh den chreat idir-inoibritheachta idir córais faisnéise an Aontais.

In éineacht leis an togra seo, tá togra á chur i láthair ag an gCoimisiún le haghaidh Rialachán nua maidir le Bainistiú Tearmainn agus Imirce 2 lena gcuirfear creat coiteann ar bun i dtaca le bainistiú tearmainn agus imirce ar leibhéal an Aontais mar chuid de chur chuige cuimsitheach.

Ina theannta sin, leis an togra lena leasaítear togra 2016 le haghaidh Rialachán maidir leis an Nós Imeachta Tearmainn 3 agus leis an togra le haghaidh Rialachán lena mbunaítear scagadh 4 , áiritheofar nasc rianúil idir na céimeanna uile sa nós imeachta imirce, ó nós imeachta réamhiontrála nua go filleadh náisiúnach tríú tír agus daoine gan stát nach bhfuil sé de cheart acu fanacht san Aontas. Is é a bheadh i gceist leis an scagadh sin seiceálacha céannachta, sláinte agus slándála ar theacht d’imircigh, d’fhonn an duine lena mbaineann a mhearsheoladh chuig an nós imeachta is infheidhme, i.e. filleadh, diúltú iontrála nó scrúdú ar iarratas ar chosaint idirnáisiúnta.

Cuspóirí an togra

Méadaíodh cheana féin ar raon feidhme Eurodac le togra 2016 ón gCoimisiún, lenar cuireadh isteach catagóirí nua daoine ar cheart sonraí a stóráil ina leith, lenar ceadaíodh é a úsáid chun imircigh neamhrialta a shainaithint, lenar íslíodh an aois íosta maidir le méarloirg a thógáil, lenar ceadaíodh faisnéis chéannachta a bhailiú i dteannta na sonraí bithmhéadracha, agus lenar cuireadh síneadh leis an tréimhse a stóráiltear sonraí.

Leis an togra lena leasaítear togra 2016, cuirtear leis an gcomhaontú sealadach idir comhreachtóirí, comhlánaítear na hathruithe seo agus dírítear ar Eurodac a athrú ina bhunachar sonraí Eorpach coiteann chun tacú le beartais de chuid an Aontais maidir le tearmann, athlonnú agus imirce neamhrialta. Dá bhrí sin, ba cheart dó a bheith ina thaca le cur i bhfeidhm na mbeart éagsúil agus na rialacha éagsúla atá beartaithe sa togra le haghaidh Rialachán nua maidir le Bainistiú Tearmainn agus Imirce (e.g. athshocrú, aistriú freagrachta) agus ba cheart comhsheasmhacht leis an togra le haghaidh Rialacháin Scagtha a áirithiú leis. Thairis sin, is aidhm dó sonraí níos cruinne agus níos iomláine a bhailiú chun eolas a chur ar fáil maidir le ceapadh beartas agus, ar an gcaoi sin, is aidhm dó cúnamh níos fearr a thabhairt maidir le rialú na himirce neamhrialta agus maidir le gluaiseachtaí neamhúdaraithe a bhrath trí iarratasóirí aonair a áireamh chomh maith le hiarratais. Is aidhm dó freisin tacaíocht a thabhairt agus réitigh beartas iomchuí á sainaithint sa réimse seo trí chóras a chur ar fáil lenarbh fhéidir staidreamh a dhréachtú ina gcomhcheanglaítear sonraí ó roinnt bunachair sonraí. Ceann eile dá chuspóirí tacaíocht bhreise a thabhairt d’údaráis náisiúnta atá ag déileáil le hiarratasóirí ar thearmann ar diúltaíodh a n‑iarratas cheana i mBallstát eile, agus an tacaíocht sin a thabhairt trí iarratais a diúltaíodh a mharcáil. Ar deireadh, áirítear Eurodac i raon feidhme na Rialachán lena mbunaítear creat idir-inoibritheachta idir córais faisnéise an Aontais, agus i raon feidhme Rialachán 2019/818 go háirithe. Ní fhéadfaí leasuithe a eascraíonn as an gcreat idir-inoibritheachta agus a bhaineann le rochtain ar shonraí Eurodac a dhéanamh tráth a glacadh na Rialacháin maidir le hIdir-Inoibritheacht, ó tharla nach bhfuil aon sonraí céannachta alfa-uimhriúla sa bhunachar sonraí Eurodac atá ann faoi láthair. Mar iarmhairt air sin, áirítear roinnt leasuithe sa togra seo lena bhféachtar lena áirithiú go bhfeidhmeoidh Eurodac go hiomchuí laistigh den chreat nua idir-inoibritheachta agus, leis an gcuspóir céanna, cuirtear leasuithe riachtanacha breise ar dhá ionstraim dlí eile i láthair, eadhon Rialachán VIS agus Rialachán ETIAS.

Comhsheasmhacht le forálacha beartais atá sa réimse beartais cheana

Tá an togra seo lán‑chomhsheasmhach leis an Teachtaireacht maidir leis an gComhaontú Nua maidir le hImirce agus Tearmann agus le Treochlár na dtionscnamh a ghabhann léi, lena n‑áirítear an togra le haghaidh Rialachán maidir le Bainistiú Tearmainn agus Imirce, an togra le haghaidh Rialacháin Scagtha agus an togra leasaithe le haghaidh Rialachán maidir leis an Nós Imeachta Tearmainn.

Leis an togra seo, bunaítear teorainneacha ama ar féidir sonraí bithmhéadracha a thógáil laistigh díobh ó iarratasóirí ar chosaint idirnáisiúnta agus iad a tharchur. Agus an pointe a gcuirtear tús leis an tréimhse theoranta sin á shocrú, cuireadh san áireamh na céimeanna réamhiontrála dá bhforáiltear sa togra le haghaidh Rialachán Scagtha. Maidir leis an togra le haghaidh Rialachán maidir le Bainistiú Tearmainn agus Imirce, áirithítear leis an togra seo go mbeidh an fhaisnéis ar fad is gá ar fáil, i gcás inarb infheidhme, le haghaidh athshocrú nó aistriú faoin sásra lena gcinntear cé acu Ballstát atá freagrach as scrúdú a dhéanamh ar iarratas ar chosaint idirnáisiúnta. Leis an togra seo freisin, áirithítear comhsheasmhacht leis an réimeas speisialta atá beartaithe sa Rialachán maidir le Bainistiú Tearmainn agus Imirce chun déileáil le daoine a dhíbhordálfaí tar éis oibríocht chuardaigh agus tarrthála.

Maidir leis an togra le haghaidh athmhúnlú ar an Treoir um Fhilleadh, leis an togra seo cuirtear an fhaisnéis is gá in Eurodac chun éascú a dhéanamh ar fhilleadh na ndaoine ar diúltaíodh a n‑iarratas ar chosaint idirnáisiúnta.

I Rialacháin (AE) 2019/817 5 agus (AE) 2019/818 6 maidir le hIdir-Inoibritheacht, áirítear Eurodac go sainráite ar na bunachair sonraí a dhéanann cumarsáid le chéile tríd an idir-inoibritheacht. Is follasach an méid sin ó Eurodac a bheith san áireamh sa raon feidhme idir-inoibritheachta faoi mar a leagtar amach é sa dá Rialachán maidir le hIdir-Inoibritheacht, ón iliomad tagairtí dó sna haithrisí mar rannpháirtí ar an ardán idir-inoibritheachta, agus ón iliomad tagairtí dó sna hairteagail oibríochtúla faoi réir cuardach sa stóras coiteann sonraí céannachta chun críoch cionta sceimhlitheoireachta nó cionta coiriúla tromchúiseacha eile a chosc, a bhrath nó a imscrúdú. Go háirithe, leagtar amach in Airteagal 69 de Rialachán 2019/817 go mbeidh Eurodac ar cheann de na ceithre chóras de chuid an Aontais a bhfuil na sonraí atá iontu le nascadh le chéile le linn idirthréimhse an bhraite ilchéannachta agus roimh thús oibríochtaí an bhrathadóra ilchéannachta. Is soiléir freisin, áfach, i dtéacs an dá Rialachán Idir-Inoibritheachta nach mbeidh feidhm ag formhór na bpróiseas a chuirfear i bhfeidhm leo i ndáil le Eurodac roimh an dáta a mbeidh an t‑athmhúnlú ar Rialachán (AE) Uimh. 603/2013 atá ann faoi láthair infheidhme 7 . Le go dtiocfadh cur chun feidhme iomlán na hidir-inoibritheachta in éifeacht, áfach, teastaíonn roinnt leasuithe ar Rialachán (AE) 2019/818 agus ar Rialachán Eurodac féin. Ní fhéadfaí na hathruithe sin, a bhfuil baint acu go sonrach le rochtain ar shonraí Eurodac, a dhéanamh go fóill tráth a glacadh na Rialacháin maidir le hIdir-Inoibritheacht, ó tharla nach bhfuil aon sonraí céannachta alfa-uimhriúla sa bhunachar sonraí Eurodac atá ann faoi láthair. Leis na leasuithe a dhéanfar ar Eurodac leis an togra seo, go háirithe gach catagóir sonraí pearsanta a thaifeadfar nuair a thiocfaidh na leasuithe sin i bhfeidhm, cuirfear rannpháirtíocht iomlán Eurodac ar an ardán idir-inoibritheachta i ngníomh agus déanfar éifeachtach í.

Ar deireadh, áirithítear comhsheasmhacht freisin leis na comhaontuithe polaitiúla sealadacha a dtángthas orthu cheana féin maidir leis an Rialachán Cáilitheachta, an Treoir maidir le Coinníollacha Glactha, an Rialachán maidir le Creat Athlonnaithe an Aontais, agus Rialachán Ghníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Thearmann toisc nár modhnaíodh leis an togra leasaithe eilimintí de thogra Eurodac 2016 a bhaineann leis na tograí sin.

Comhsheasmhacht le beartais eile de chuid an Aontais

Tá dlúthcheangal ag an togra seo le beartais eile de chuid an Aontais agus comhlánaítear leis iad, eadhon na beartais seo a leanas:

(a)Idir-Inoibritheacht, sa mhéid gur gá a áirithiú, leis an togra seo, go bhfeidhmeoidh Eurodac sa chreat seo, le haghaidh idir-inoibritheachta idir córais faisnéise an Aontais.

(b)Cosaint Sonraí, sa mhéid gur gá a áirithiú, leis an togra seo, cosaint ceart bunúsach, d’fhonn saol príobháideach na ndaoine sin a bhfuil a sonraí pearsanta á bpróiseáil in Eurodac a urramú.

(c)Slándáil, sa mhéid go gcuirtear san áireamh, leis an togra seo, an chéim réamhiontrála atá beartaithe sa togra le haghaidh Rialachán Scagtha lena bhforáiltear do sheiceáil slándála.

2.BUNÚS DLÍ, COIMHDEACHT AGUS COMHRÉIREACHT

Bunús dlí

An togra atá ann faoi láthair, baintear leas ann as Airteagal 78(2)(d) den Conradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE) mar bhunús dlí maidir le tógáil sonraí bithmhéadracha a bheith ina céim shainordaitheach faoi chuimsiú an nóis imeachta cosanta idirnáisiúnta. Baintear leas ann as Airteagal 78(2)(e) mar bhunús dlí maidir le critéir agus sásraí chun a chinneadh cé acu Ballstát atá freagrach as iarratas ar thearmann nó ar chosaint choimhdeach a mheas. Baintear leas ann freisin as Airteagal 78(2)(g) mar bhunús dlí maidir le forálacha a bhaineann le hathlonnú. Ina theannta sin, baintear leas ann as Airteagal 79(2)(c) mar bhunús dlí maidir leis na heilimintí chun náisiúnach neamhrialta tríú tír nó duine gan stát a shainaithint a mhéid a bhaineann le himirce neamhrialta agus cónaí neamhúdaraithe, lena n‑áirítear daoine atá ina gcónaí gan údarú a aistriú agus a aisdúichiú, baintear leas ann as Airteagal 87(2)(a) mar bhunús dlí maidir leis na heilimintí chun faisnéis ábhartha a bhailiú, a stóráil, a phróiseáil, a anailísiú agus a mhalartú chun críoch forfheidhmithe dlí; agus baintear leas ann as Airteagal 88(2)(a) mar bhunús dlí maidir le réimse gníomhaíochta Europol agus le cúraimí lena n‑áirítear bailiú, stóráil, próiseáil, anailís agus malartú faisnéise.

Geoiméadracht Athraitheach

Tá Éire faoi cheangal ag Rialachán (AE) Uimh. 603/2013 tar éis di a fhógairt gur mian léi a bheith rannpháirteach i nglacadh agus i gcur i bhfeidhm an Rialacháin sin ar bhonn an Phrótacail thuasluaite.

I gcomhréir le Prótacal 21 maidir le seasamh na hÉireann, féadfaidh an Ballstát sin a chinneadh gur mian leis a bheith rannpháirteach i nglacadh an Rialacháin seo. Beidh an rogha sin ag Éirinn freisin tar éis ghlacadh an togra.

Faoin bPrótacal ar sheasamh na Danmhairge, atá i gceangal leis an gConradh ar an Aontas Eorpach agus le CFAE, ní bhíonn an Danmhairg rannpháirteach i nglacadh na mbeart de bhun Theideal V de CFAE a dhéanann an Chomhairle (ach is eisceacht uaidh sin “bearta ag cinneadh na dtríú tíortha a mbeidh ar a náisiúnaigh víosa a bheith ina seilbh acu nuair a bheidh teorainneacha seachtracha na mBallstát á dtrasnú acu, [agus bearta] maidir le formáid chomhionann do víosaí”). Dá bhrí sin, níl an Danmhairg rannpháirteach i nglacadh an Rialacháin seo agus níl sí faoi cheangal aige ná faoi réir a chur i bhfeidhm. Mar sin féin, ós rud é go gcuireann an Danmhairg Rialachán reatha Eurodac i bhfeidhm, tar éis di comhaontú idirnáisiúnta a thabhairt i gcrích leis an Aontas Eorpach in 2006, tabharfaidh sí, i gcomhréir le hAirteagal 3 den chomhaontú sin 8 , fógra don Choimisiún faoina cinneadh cé acu a chuirfidh sí ábhar an Rialacháin leasaithe i bhfeidhm nó nach gcuirfidh.

Tionchar an togra ar an Danmhairg agus ar Bhallstáit nach bhfuil san Aontas Eorpach ach atá comhlachaithe le córas Bhaile Átha Cliath (an córas a bhí ann tráth)

I gcomhthráth le comhlachú roinnt tíortha nach Ballstáit de chuid an Aontais Eorpaigh iad le acquis Schengen, thug an Comhphobal roinnt comhaontuithe i gcrích lena ndéantar na tíortha sin a chomhlachú le acquis chóras Bhaile Átha Cliath/Eurodac (an córas a bhí ann tráth) freisin, mar a leanas:

an Comhaontú lena ndearnadh an Íoslainn agus an Iorua a chomhlachú, a tugadh chun críche in 2001 9 ;

an Comhaontú lena ndearnadh an Eilvéis a chomhlachú, a tugadh i gcrích an 28 Feabhra 2008 10 ;

an prótacal lena ndearnadh Lichtinstéin a chomhlachú, a tugadh i gcrích an 18 Meitheamh 2011 11 .

Chun cearta agus oibleagáidí a chruthú idir an Danmhairg – atá comhlachaithe le acquis Bhaile Átha Cliath/Eurodac (an córas a bhí ann tráth) trí chomhaontú idirnáisiúnta, mar a mhínítear thuas – agus na tíortha comhlachaithe a luaitear thuas, tugadh dhá ionstraim eile i gcrích idir an Comhphobal agus na tíortha comhlachaithe 12 .

I gcomhréir leis na trí chomhaontú thuasluaite, glacfaidh na tíortha comhlachaithe le acquis Bhaile Átha Cliath/Eurodac (an córas a bhí ann tráth) agus lena fhorbairt gan eisceacht. Ní bhíonn siad rannpháirteach i nglacadh aon ghnímh lena leasaítear ná lena gcuirtear le acquis Bhaile Átha Cliath (an córas a bhí ann tráth, lena n‑áirítear, dá bhrí sin, an togra seo) ach ní mór dóibh fógra a thabhairt don Choimisiún laistigh de thréimhse shonrach maidir lena gcinneadh glacadh le hábhar an ghnímh sin nó gan glacadh leis, arna fhormheas ag an gComhairle agus ag Parlaimint na hEorpa. I gcás nach nglacfaidh an Iorua, an Íoslainn, an Eilvéis nó Lichtinstéin le gníomh lena leasaítear acquis Bhaile Átha Cliath/Eurodac (an acquis a bhí ann tráth) nó lena gcuirtear leis, cuirfear an clásal “gilitín” i bhfeidhm agus déanfar foirceannadh ar na comhaontuithe ar leith, faoi seach, mura gcinnfear an Comhchoiste/Coiste Measctha arna bhunú leis na comhaontuithe a mhalairt d’aon toil.

Ní chumhdaíonn raon feidhme na gcomhaontuithe comhlachais thuasluaite leis an Íoslainn, an Iorua, an Eilvéis agus Lichtinstéin ná raon feidhme an chomhaontaithe chomhthreomhair leis an Danmhairg rochtain ar Eurodac a bheith ag lucht forfheidhmithe dlí. Chuige sin, tá comhaontuithe comhlántacha leis na Stáit Chomhlachaithe sin ar shlí a ndaingnithe.

Coimhdeacht

Leagtar síos sa togra seo nach bhféadfar comparáid a dhéanamh idir sonraí méarlorg le Eurodac ach amháin i gcás ina dtagann toradh diúltach ar ais ó chuardach sna bunachair sonraí méarlorg náisiúnta agus sna Bunachair Sonraí Uathoibrithe atá ag Ballstáit eile faoi Chinneadh 2008/615/CGB ón gComhairle (Comhaontuithe Prüm). De bharr na rialach sin, aon Bhallstát nár chuir chun feidhme an Cinneadh thuasluaite ón gComhairle agus nach féidir leis seiceáil Prüm a dhéanamh, ní bheidh cead aige seiceáil Eurodac a dhéanamh ach oireadh chun críoch forfheidhmithe dlí. Mar an gcéanna, ní bheidh cead ag aon Stát comhlachaithe nár chuir Comhaontuithe Prüm i bhfeidhm, nó nach bhfuil rannpháirteach iontu, seiceáil Eurodac den saghas sin a dhéanamh.

Forbairt bhreise é an togra atá beartaithe ar an Rialachán maidir le Bainistiú Tearmainn agus Imirce agus ar bheartas imirce an Aontais chun a áirithiú go gcuirfear i bhfeidhm sa tslí chéanna i ngach Ballstát rialacha coiteanna maidir le sonraí méarlorg agus íomhá den aghaidh a thógáil ó náisiúnaigh tríú tír chun críocha Eurodac. Cruthófar ionstraim leis an togra lena soláthrófar faisnéis don Aontas Eorpach i dtaobh líon na náisiúnach tríú tír a thagann isteach san Aontas go neamhrialta nó tar éis oibríochtaí cuardaigh agus tarrthála (SAR) agus a dhéanann iarratas ar chosaint idirnáisiúnta, rud atá ríthábhachtach agus beartais inbhuanaithe fianaise-bhunaithe á gceapadh i réimse na himirce agus an bheartais víosaí.

Beidh an togra seo ina chuidiú freisin ag na Ballstáit náisiúnaigh tríú tír atá ag fanacht go neamhdhleathach iontu agus iad siúd a tháinig isteach san Aontas Eorpach go neamhrialta thar na teorainneacha seachtracha a shainaithint, d’fhonn an fhaisnéis sin a úsáid chun cuidiú le Ballstát náisiúnach tríú tír a athdhoiciméadú chun críoch fillte.

De dheasca chineál trasnáisiúnta na bhfadhbanna a bhaineann le tearmann agus cosaint dídeanaithe, is maith mar atá an tAontas Eorpach in ann réitigh a mholadh faoi chuimsiú an Chomhchórais Eorpaigh Tearmainn (CET) i dtaca leis na saincheisteanna a bhfuil cur síos orthu thuas mar fhadhbanna a bhaineann le Rialachán Eurodac.

Is gá freisin Rialachán Eurodac a leasú chun cuspóir breise a chur leis, eadhon chun an imirce neamhrialta chuig an Aontas agus chun gluaiseachtaí neamhúdaraithe a dhéanann imircigh neamhrialta laistigh den Aontas a rialú, agus i ndáil leis seo leasú lena gceadófaí áireamh na n‑iarratasóirí chomh maith le hiarratais. Ní féidir leis na Ballstáit an cuspóir sin a bhaint amach mar is ceart astu féin. Ar an gcaoi chéanna, ní féidir leis na Ballstáit na forais eisiaimh faoi Rialachán (AE) XXX/XXX [an Rialachán maidir le hAthlonnú] a chur i bhfeidhm go héifeachtúil más ag gníomhú astu féin atá siad. Ar deireadh, is é an Coimisiún amháin, seachas Ballstáit ag gníomhú astu féin, a fhéadfaidh na modhnuithe is gá le haghaidh chur chun feidhme éifeachtach an chreata idir-inoibritheachta a mholadh agus a chur i bhfeidhm ar leibhéal an Aontais.

Comhréireacht

Dearbhaítear in Airteagal 5 den Chonradh ar an Aontas Eorpach nach rachaidh gníomhaíocht de chuid an Aontais thar a bhfuil riachtanach chun cuspóirí an Chonartha a bhaint amach. Maidir leis an bhfoirm a roghnófar le haghaidh na gníomhaíochta seo de chuid an Aontais, ní mór foirm a roghnú a fhágfaidh go bhféadfar cuspóirí an togra a ghnóthú agus a chur chun feidhme ar shlí chomh héifeachtach agus is féidir.

Is iad prionsabail na príobháideachta trí réamhshocrú agus trí dhearadh is bonn leis an togra seo, prionsabail lena n‑éilítear go ndéanfaí próisis gnólachta Eurodac a dhearadh ón tús ar dhóigh go gcloífeadh siad le prionsabail cosanta sonraí, agus tá sé comhréireach, i dtaca leis an gceart go ndéanfaí sonraí pearsanta a chosaint, sa mhéid nach n‑éilítear ann tuilleadh faisnéise a bhailiú agus a stóráil ar feadh tréimhse is faide ná mar is gá chun go mbeadh an córas in ann feidhmiú agus a chuspóirí a bhaint amach. Ina theannta sin, déanfar foráil maidir leis na coimircí agus na sásraí uile is gá chun cearta bunúsacha náisiúnach tríú tír agus daoine gan stát a chumhdaítear le raon feidhme Eurodac a chosaint go héifeachtach, agus, go háirithe, chun a saol príobháideach agus a sonraí pearsanta a chosaint, agus cuirfear na coimircí agus na sásraí sin chun feidhme.

Ní bheidh gá le haon phróiseas ná comhchuibhiú eile ar leibhéal an Aontais chun go n‑oibreoidh an córas. Tá an beart atá beartaithe comhréireach sa mhéid nach bhfuil aon ní ann thar a bhfuil riachtanach ó thaobh gníomhaíochta de ar leibhéal an Aontais chun na cuspóirí sainithe a bhaint amach.

An rogha ionstraime agus an teicníc reachtach

Leis an togra seo leasaítear togra 2016 le haghaidh athmhúnlú ar Rialachán Eurodac. Cé go dtacaíonn an Coimisiún le heilimintí uile an chomhaontaithe shealadaigh idir comhreachtóirí maidir le togra 2016 le haghaidh athmhúnlú ar Rialachán Eurodac, is iad na hairteagail ón gcomhaontú sealadach sin a bhfuil sé beartaithe modhnú nach beag a dhéanamh orthu, agus na hairteagail sin amháin, a áirítear sa togra leasaithe seo. Dá bhrí sin, ní áirítear airteagail áirithe a comhaontaíodh go sealadach idir comhreachtóirí (e.g. na hairteagail maidir le daoine i nós imeachta um chead isteach agus maidir le daoine athlonnaithe). Dá réir sin, maidir le trí cinn de na hairteagail sa togra leasaithe seo (Airteagal 9 maidir le Staidreamh, Airteagal 19 maidir le Sonraí a mharcáil agus a bhlocáil agus Airteagal 40a lena dtugtar isteach leasuithe ar Rialachán (AE) Uimh. 2019/818), ní fhéadfaí cuid d’eilimintí an chomhaontaithe shealadaigh (eadhon na codanna a thagraíonn do dhaoine i nós imeachta um chead isteach agus daoine athlonnaithe) a áireamh óir ní raibh sé indéanta crostagairt a dhéanamh do na hairteagail ábhartha. Thairis sin, beidh gá le roinnt coigeartuithe teicniúla breise a dhéanamh ar airteagail eile a chumhdaítear leis an gcomhaontú sealadach chun na hathruithe a tugadh isteach leis an togra leasaithe seo a léiriú.

3.TORTHAÍ Ó MHEASTÓIREACHTAÍ EX POST, Ó CHOMHAIRLIÚCHÁIN LEIS NA PÁIRTITHE LEASMHARA AGUS Ó MHEASÚNUITHE TIONCHAIR

Meastóireachtaí ex post/seiceálacha oiriúnachta ar an reachtaíocht atá ann cheana

Leasaítear togra atá ann cheana leis an togra seo agus, dá bhrí sin, níl aon mheastóireacht ex post/seiceáil oiriúnachta ar an reachtaíocht atá ann cheana ar fáil. Tá fianaise ar fáil trí fhoinsí eile, áfach, a léiríonn an gá atá leis na leasuithe sin. Dá réir sin, i ndáil le sonraí a bailíodh i réimse an tearmainn, cuireadh i dtábhacht roinnt eilimintí a dhéanann difear d’éifeachtúlacht na freagartha ceaptha beartais de bharr pléití a tharla idir na Ballstáit (e.g. i gcomhlachtaí ullmhúcháin na Comhairle) ó bhí 2016 ann. Sa chiall sin, léiríodh an brú a chuireann gluaiseachtaí neamhúdaraithe ar chórais tearmainn na mBallstát sna seasaimh a cuireadh in iúl le linn na caibidlíochta maidir le pacáiste 2016 CET, le linn pléití a tharla i bhfóraim éagsúla eile, bíodh sin ar leibhéal teicniúil nó polaitiúil, agus i rannchuidiú na mBallstát éagsúil leis an gComhaontú nua. Leo sin freisin léiríodh na teorainneacha atá leis an anailís atá ann faoi láthair 13 sa réimse seo, teorainneacha a fhágann nach dtugtar léargas cruinn ar an bhfeiniméan. Baineann sé sin leis an bhfíric go dtagraíonn na sonraí atá ar fáil chun na gcríoch sin do nósanna imeachta riaracháin seachas do dhaoine. Toisc nach bhfuil uimhreacha cruinne ann faoi láthair maidir le líon na n‑iarratasóirí (céaduaire) atá san Aontas ná leis an méid acu a aistríonn ó Bhallstát amháin go ceann eile, bheadh aon iarracht eile ar anailís a dhéanamh ar an bhfeiniméan (e.g. na cúiseanna leis na haistrithe sin, próifílí, rogha thosaíochta maidir le ceann scríbe) tuairimeach, de thoradh a cineáil. Dá réir sin, tá idir fhócas agus éifeachtúlacht in easnamh ar iarrachtaí freagairtí iomchuí beartais a shainaithint chun dul i ngleic leis na gluaiseachtaí sin.

Ar an dóigh chéanna, cuireadh i dtábhacht, de bharr pléití, an gá leis an nasc idir tearmann agus filleadh a neartú, lena n‑áirítear é a neartú tríd an bhfaisnéis riachtanach a chur ar fáil láithreach do na húdaráis ábhartha.

Comhairliúcháin leis na páirtithe leasmhara

Roimh sheoladh an Chomhaontaithe Nua maidir le hImirce agus Tearmann, chuaigh an Coimisiún i gcomhairle leis na Ballstáit, le Parlaimint na hEorpa agus leis na páirtithe leasmhara roinnt uaireanta idir mí na Nollaig 2019 agus mí Iúil 2020 chun a dtuairimí a fháil faoin gComhshocrú maidir le hImirce agus Tearmann atá beartaithe. I gcomhthráth, thionóil Uachtaránachtaí na Rómáine, na Fionlainne agus na Cróite malartuithe a bhí straitéiseach agus teicniúil araon maidir le gnéithe ar leith den bheartas imirce amach anseo, lena n‑áirítear tearmann, filleadh agus an caidreamh le tríú tíortha i dtaobh athligean isteach agus ath‑lánpháirtiú. Sna comhairliúcháin agus sna malartuithe sin léiríodh tacaíocht do thús nua maidir le beartas tearmainn agus imirce an Aontais chun dul i ngleic mar ábhar práinne leis na fabhtanna atá sa Chomhchóras Eorpach Tearmainn, chun feabhas a chur ar éifeachtacht an chórais fillte, chun struchtúr níos fearr a chur lenár gcaidreamh le tríú tíortha i dtaobh athligean isteach agus chun an caidreamh sin a dhéanamh níos inniúla, agus chun díriú ar ath‑lánpháirtiú inbhuanaithe a bhaint amach le haghaidh na n‑imirceach atá ag filleadh.

Eagraíodh roinnt ceardlann agus pléití i bhfóraim éagsúla de chuid na Comhairle le linn Uachtaránacht na Fionlainne, lena n‑áirítear comhdháil Tampere 2.0 a tionóladh an 24-25 Deireadh Fómhair 2019 i Heilsincí agus Fóram Salzburg a tionóladh an 6-7 Samhain 2019 i Vín, inar fháiltigh na Ballstáit roimh rún an Choimisiúin Eorpaigh athchóiriú Bhaile Átha Cliath a athsheoladh chun teacht ar chineálacha nua dlúthpháirtíochta a mbeadh ceanglas ar na Ballstáit uile rannchuidiú leo. Chuir na Ballstáit i dtábhacht gur cheart bearta dlúthpháirtíochta a bheith ag gabháil bonn ar bhonn le bearta freagrachta. Thairis sin, chuir siad i dtreis an géarghá atá ann dul i ngleic le gluaiseachtaí neamhúdaraithe laistigh den Aontas chomh maith le filleadh a fhorfheidhmiú dóibh sin nach bhfuil cosaint idirnáisiúnta de dhíth orthu.

Roinnt uaireanta thionóil an Coimisinéir Johansson agus seirbhísí an Choimisiúin comhairliúcháin spriocdhírithe le heagraíochtaí sochaí sibhialta (ESSanna), le hionadaithe an Tionscnaimh maidir le hImircigh ar Leanaí iad, agus le heagraíochtaí neamhrialtasacha áitiúla sna Ballstáit. Sa phróiseas comhairliúcháin sin, bhí moltaí sonracha lenar díríodh ar chur chuige coiteann maidir le caighdeáin a bhaineann go sonrach le leanaí mar thoradh ar Theachtaireacht 2017 maidir le hImircigh ar Leanaí iad 14 . Ina theannta sin, chuathas i gcomhairle leis an tsochaí shibhialta maidir le topaicí ar nós na gcéimeanna tosaigh sa nós imeachta tearmainn (2019), rud a rinneadh trí phróiseas an Fhóraim Chomhchomhairligh a chuir EASO ar bun.

Chuir an Coimisiún go leor moltaí san áireamh freisin ó údaráis náisiúnta agus áitiúla 15 , ó eagraíochtaí neamhrialtasacha agus idirnáisiúnta, mar shampla Oifig Ard‑Choimisinéir na Náisiún Aontaithe le haghaidh Dídeanaithe (UNHCR) 16 agus an Eagraíocht Idirnáisiúnta um Imirce (IOM) 17 , agus ó mheithleacha machnaimh agus lucht acadúil chomh maith, maidir leis an gcaoi le tosú as an nua agus aghaidh a thabhairt ar na dúshláin atá ann faoi láthair i leith na himirce i gcomhréir le caighdeáin um chearta an duine. Ina dtuairim siúd, le tús nua ar an athchóiriú ba cheart athbhreithniú a dhéanamh ar rialacha áirithe maidir le freagracht a chinneadh agus foráil a dhéanamh maidir le sásra éigeantach dlúthpháirtíochta, lena n‑áirítear le haghaidh daoine a dhíbhordáladh i ndiaidh oibríocht chuardaigh agus tarrthála. Molann eagraíochtaí neamhrialtasacha tuiscint choiteann ar an bhfreagracht i measc na mBallstát freisin agus d’iarr siad go gcuirfí sásra le haghaidh athshocrú níos buaine san áireamh i rialacha athbhreithnithe Bhaile Átha Cliath 18 . Faoi chuimsiú thionscadal MEDAM, mar shampla, mhol an Lárionad Beartas Imirce scórchlár beartas imirce a leabú arb é is aidhm dó faireachán a dhéanamh ar dhul chun cinn maidir le tearmann agus imirce ar leibhéal an Aontais 19 .

Chuir an Coimisiún rannchuidiú agus staidéir Ghréasán Imirce na hEorpa 20 san áireamh freisin, ar seoladh ar a thionscnamh féin iad agus as a d’eascair roinnt staidéar speisialaithe agus ceisteanna ad hoc le blianta beaga anuas.

Ceapadh beartas atá bunaithe ar fhianaise

Tá an Coimisiún i bhfách le ceapadh beartas atá bunaithe ar fhianaise, agus tagraíonn sé don doiciméad ar leithligh (XXX) ina mionsonraítear na sonraí agus na heilimintí a thacaíonn leis an gcur chuige atá beartaithe i leith na ndúshlán éagsúil, dúshláin a bhaineann le hathchóiriú CET a thabhairt chun críche ar sainaithníodh iad ó bhí 2016 ann.

I ndáil le Eurodac, tagraíonn siad sin go príomha do na féidearthachtaí teoranta atá ann faoi láthair le hanailísiú a dhéanamh ar ghluaiseachtaí neamhúdaraithe de bharr na dteorainneacha a eascraíonn as na sonraí atá ar fáil (sonraí a thagraíonn d’iarratais seachas do dhaoine), don ghá leis na rialacha nua a léiriú a tugadh isteach sa togra le haghaidh Rialachán maidir le Bainistiú Tearmainn agus Imirce, agus don ghá le leasuithe ar Rialachán Eurodac a thabhairt isteach lena ligfí don chóras sa chreat idir-inoibritheachta feidhmiú.

Cearta bunúsacha

Na míniúcháin ar chearta bunúsacha atá nasctha leis an Rialachán athmhúnlaithe a beartaíodh in 2016, leanann siad de bheith bailí.

I measc na n‑eilimintí nua a tugadh isteach leis an togra leasaithe, ní mhodhnófar an bealach a ndéantar sonraí bithmhéadracha a bhailiú agus a phróiseáil de bharr nascadh na dtacar sonraí uile a bhaineann le duine amháin in aon seicheamh amháin ionas go bhféadfar iarratasóirí a áireamh chomh maith le hiarratais. Ní chruthófar aon chomhad nua. Coimeádfaidh na Ballstáit úinéireacht ar an tacar sonraí a tharchuirfear, agus beidh feidhm ag na coimircí uile, an stóráil sonraí agus na rialacha maidir le slándáil sonraí a beartaíodh sa togra bunaidh ó 2016. Thairis sin, bheartófaí coimircí iomchuí i dtaca leis an nós imeachta nasctha óir ní dhéanfaí tacair sonraí a nascadh sa seicheamh go dtí go ndéanfadh Ballstáit an t‑amas a dheimhniú (le fíorú ó shaineolaí méarlorg más gá). A mhéid a bhaineann leis an gcatagóir nua daoine a dhíbhordáltar tar éis oibríochtaí cuardaigh agus tarrthála, tá na daoine sin cláraithe cheana in Eurodac faoin gcatagóir daoine a gabhadh i ndáil leis an teorainn sheachtrach a thrasnú go neamhrialta. Leis an gcatagóir ar leith nua, thabharfaí léargas níos cruinne ar na sreabha imirce agus d’éascófaí cur i bhfeidhm fhorálacha ábhartha an Rialacháin maidir le Bainistiú Tearmainn agus Imirce. Rachadh na rialacha sin chun tairbhe do na daoine sin a thabharfaí i dtír tar éis oibríochtaí cuardaigh agus tarrthála mar go bhféadfaí léargas níos cruinne a thabhairt ar a stádas toisc nach mbeadh siad cláraithe mar dhaoine a thrasnaigh an teorainn go neamhrialta. Bhaileofaí na sonraí céanna agus a bhailítear i gcás na gcatagóirí eile, agus bheadh na rialacha agus na coimircí céanna ann maidir le tarchur, próiseáil agus stóráil.

4.IMPLEACHTAÍ BUISÉADACHA

Mar chuid den togra reatha, déanfar leasú teicniúil ar lárchóras Eurodac chun foráil a dhéanamh maidir leis an bhféidearthacht comparáidí a dhéanamh le haghaidh na gcatagóirí uile agus stóráil a dhéanamh le haghaidh gach ceann de na trí chatagóir sonraí. I gcás feidhmiúlachtaí breise cosúil le sonraí beathaisnéiseacha a stóráil in éineacht le híomhá den aghaidh, ní mór tuilleadh leasuithe a dhéanamh ar an Lárchóras.

EUR 29.872 milliún atá sa mheastachán ar chostas, lena n‑áirítear an costas a bhainfidh leis an uasghrádú teicniúil ar an Lárchóras agus leis an méadú ar stóráil agus tréchur. Áirítear seirbhísí a bhaineann le TF, bogearraí agus crua-earraí ann freisin, agus chumhdófaí an t‑uasghrádú agus an t‑oiriúnú lena n‑éascófaí cuardaigh i ngach catagóir sonraí chun críocha tearmainn agus imirce neamhrialta araon. Léirítear na costais bhreise foirne ann freisin a bhainfidh le eu-LISA.

Léirítear na heilimintí sin sa ráiteas airgeadais a ghabhann leis an togra seo. Léirítear na costais ann freisin a bhaineann leis na hathruithe a thug na comhreachtóirí isteach (cruthú dhá chatagóir nua, eadhon daoine a cláraíodh chun críoch nós imeachta um chead isteach a dhéanamh agus daoine a athlonnaíodh i gcomhréir le scéim náisiúnta athlonnaithe, stóráil cóipeanna daite de dhoiciméid céannachta nó taistil agus an deis a bheith ag lucht forfheidhmithe dlí Eurodac a chuardach agus iad ag baint úsáide as sonraí alfa-uimhriúla) chomh maith leis an staidéar maidir le haghaidh‑aithint dá bhforáiltear i dtogra athmhúnlaithe 2016 (EUR 7 milliún).

Na leasuithe a bhaineann le hidir-inoibritheacht agus a tugadh isteach leis an togra leasaithe seo, tá siad cumhdaithe ag ráiteas airgeadais an chreata idir-inoibritheachta (EUR 15 mhilliún).

5.EILIMINTÍ EILE

Socruithe faireacháin, meastóireachta agus tuairiscithe 

In Airteagal 42 de théacs thogra 2016, faoi mar a bhí comhaontaithe go sealadach ag na comhreachtóirí, tá trí chineál oibleagáid tuairiscithe beartaithe mar a leanas:

Uair sa bhliain, cuirfidh eu-LISA tuarascáil ar ghníomhaíochtaí an Lárchórais faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa, na Comhairle, an Choimisiúin agus an Mhaoirseora Eorpaigh ar Chosaint Sonraí (ar bhonn na faisnéise a chuirfidh na Ballstáit ar fáil dó);

Seacht mbliana tar éis a ghlactha agus gach ceithre bliana ina dhiaidh sin, déanfaidh an Coimisiún meastóireacht fhoriomlán ar Eurodac, ina mbeidh scrúdú ar na torthaí a baineadh amach de réir na gcuspóirí a bhí ann agus ar an tionchar ar chearta bunúsacha (ar bhonn na faisnéise arna soláthar ag eu-LISA, ag na Ballstáit agus ag Europol);

Gach re bliain, déanfaidh gach Ballstát agus Europol tuarascálacha a ullmhú maidir le cé chomh héifeachtach agus atá sé comparáid a dhéanamh idir sonraí bithmhéadracha agus sonraí Eurodac chun críoch forfheidhmithe dlí. Tarchuirfear na tuarascálacha sin chuig an gCoimisiún roimh an 30 Meitheamh den bhliain ina dhiaidh sin. Gach re bliain, déanfaidh an Coimisiún na tuarascálacha sin a thiomsú i dtuarascáil ar rochtain lucht forfheidhmithe dlí ar Eurodac a dhéanfar a tharchur chuig Parlaimint na hEorpa, an Chomhairle agus an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí. Tá an tuarascáil sin éagsúil leis an tuarascáil a dtugtar tuairisc uirthi faoin bpointe roimhe seo.

Sa tuarascáil bhliantúil a bheidh ar eu-LISA a ullmhú maidir le gníomhaíochtaí an Lárchórais, áireofar faisnéis faoi bhainistiú agus feidhmíocht Eurodac de réir táscairí cainníochtúla réamhshainithe (e.g. líon iomlán na dtacar sonraí agus an líon in aghaidh na catagóire, líon na n‑amas, an bealach a gcuireann na Ballstáit chun feidhme na sprioc-amanna maidir le sonraí bithmhéadracha a tharchur chuig Eurodac, lena n‑áirítear moilleanna etc.).

Sa tuarascáil ina mbeidh an mheastóireacht fhoriomlán ar Eurodac a bheidh ar an gCoimisiún a ullmhú, déanfar faireachán ar na torthaí a baineadh amach de réir na gcuspóirí a leagtar síos sa rialachán agus tomhaisfear an tionchar ar chearta bunúsacha, go háirithe cosaint sonraí agus cearta príobháideachta, lena n‑áirítear a fhiafraí an ndearnadh idirdhealú indíreach ar dhaoine a bhí cumhdaithe ag Rialachán Eurodac mar thoradh ar rochtain a bheith ag lucht forfheidhmithe dlí ar Eurodac.

Sna tuarascálacha a ullmhóidh Europol agus gach Ballstát maidir le cé chomh héifeachtach agus atá sé comparáid a dhéanamh idir sonraí bithmhéadracha agus sonraí Eurodac, déanfar measúnú ar chuspóir baileach na comparáide, na forais a luadh le hamhras réasúnach agus líon agus cineál na gcásanna a raibh sainaithint rathúil mar thoradh orthu, i measc rudaí eile.

Míniúchán mionsonraithe ar fhorálacha sonracha an togra

Is gá an togra leasaithe seo a mheas i gcomhthéacs na caibidlíochta idirinstitiúidí maidir le togra 2016 ón gCoimisiún le haghaidh athmhúnlú ar Rialachán Eurodac agus ba cheart féachaint air mar chomhlánú ar na pléití sin. D’eascair comhaontú sealadach idir comhreachtóirí as an gcaibidlíocht sin, comhaontú lena dtacaíonn an Coimisiún agus ar dóigh leis go gcuirfeadh sé feabhas nach beag ar fheidhmiú Eurodac.

An téacs faoina ndearna na comhreachtóirí caibidlíocht agus atá sa togra seo, tá an téacs sin i gcló trom i gcomparáid le togra 2016 ón gCoimisiún le go mbeadh sé níos éascú tagairt a dhéanamh dó. Tá na leasuithe spriocdhírithe nua i gcló trom agus líne fúthu.

1.Iarratasóirí a áireamh chomh maith le hiarratais

I bpléití le déanaí i bhfóraim éagsúla (comhlachtaí ullmhúcháin na Comhairle, Grúpaí Comhairleacha) agus i rannchuidiú na mBallstát leis an gComhaontú nua le linn an chomhairliúcháin, léiríodh go soiléir sraith bearnaí i mbailiú agus anailís faisnéise ar leibhéal an Aontais i réimse an tearmainn agus na himirce. Tá sé sin ábhartha go háirithe agus anailís á déanamh ar ghluaiseachtaí neamhúdaraithe sa réimse seo: faoi láthair, ní féidir a bheith ar an eolas faoi líon na n‑iarratasóirí atá san Aontas mar go dtagraíonn na huimhreacha d’iarratais agus, dá bhrí sin, d’fhéadfadh roinnt iarratas a bheith ag an duine céanna. I bhfianaise an mhéid sin, ní mór córas Eurodac a athrú ó bhunachar sonraí chun iarratais a áireamh go bunachar sonraí chun iarratasóirí a áireamh. Is féidir é sin a dhéanamh trí gach tacar sonraí in Eurodac ar le duine amháin é, gan beann ar a chatagóir, a nascadh in aon seicheamh amháin, rud a dhéanfadh áireamh daoine indéanta. Thairis sin, le foráil shonrach chuirfí ar chumas eu-LISA staidreamh a chur ar fáil maidir le líon na n‑iarratasóirí ar thearmann agus na n‑iarratasóirí céaduaire, rud a thabharfadh léargas cruinn ar líon na náisiúnach tríú tír agus na ndaoine gan stát a dhéanann iarratas ar thearmann san Aontas. Comhiomlánú na sonraí sin le cineálacha eile sonraí, cosúil leo siúd a bhaineann le haistriú faoin Rialachán maidir le Bainistiú Tearmainn agus Imirce, soláthrófar an t‑ionchur iomchuí leis le go mbeidh an cineál ceart freagartha beartais ann i ndáil le gluaiseachtaí neamhúdaraithe.

2.Staidreamh traschórais

Le foráil nua a chuirfidh le forálacha ábhartha na Rialachán Idir-Inoibritheachta 21 (Airteagal 39), beidh eu-LISA ábalta staidreamh traschórais a tharraingt suas agus úsáid á baint as sonraí ó Eurodac, ón gCóras Dul Isteach/Imeachta (EES), ó ETIAS agus ón gCóras Faisnéise Víosaí (VIS). Aidhm amháin a bheadh ann a bheith ar an eolas, mar shampla, faoi líon na náisiúnach tríú tír dár eisigh Ballstát ar leith nó tríú tír ar leith víosa ghearrfhanachta a tháinig isteach go dleathach ina dhiaidh sin (agus faoin áit a dtángadar isteach) agus a rinne iarratas ar chosaint idirnáisiúnta ina dhiaidh sin (agus faoin áit a ndearnadar é). Chuirfí ar fáil ar an gcaoi sin an fhaisnéis chúlra is gá chun measúnú a dhéanamh ar na feiniméin sin agus freagairt bheartais iomchuí a thabhairt. Leis an bhforáil, d’fhéachfaí chuige freisin nach amháin don Choimisiún agus do na Ballstáit a dtabharfaí rochtain ar an staidreamh sin ach do Ghníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Thearmann agus do Frontex freisin, óir cuireann an dá ghníomhaireacht anailís luachmhar ar fáil i réimse na himirce agus an tearmainn faoi chuimsiú a sainordú sonrach féin.

3.Catagóir nua a chruthú le haghaidh daoine a dhíbhordálfar tar éis oibríocht chuardaigh agus tarrthála (SAR)

Leis an togra nua le haghaidh Rialachán maidir le Bainistiú Tearmainn agus Imirce, soláthraítear critéar freagrachta maidir le scrúdú a dhéanamh ar iarratas ar chosaint idirnáisiúnta i gcás ina gclárófar an t‑iarratas tar éis don duine lena mbaineann díbhordáil i ndiaidh oibríocht chuardaigh agus tarrthála (faoi na rialacha atá ann faoi láthair, cumhdaítear daoine den sórt sin leis an gcritéar um iontráil neamhrialta). Tugann sé sin léargas níos fearr san acquis tearmainn ar na hoibleagáidí a eascraíonn as an gCoinbhinsiún Idirnáisiúnta maidir le Cuardach agus Tarrtháil ar Muir 22 . Cé gurb ionann na rialacha maidir le freagracht sa chatagóir nua seo agus na rialacha a bhaineann le daoine a thagann isteach go neamhrialta, tá an t‑idirdhealú ábhartha de bharr na ndúshlán sonrach ar a dtugann Ballstát na díbhordála aghaidh toisc nach féidir leis na huirlisí céanna a chur i bhfeidhm orthu siúd a dhíbhordáiltear i ndiaidh oibríocht chuardaigh agus tarrthála agus a úsáidtear i gcás trasnú neamhrialta ar tír nó san aer. Mar shampla, níl aon seiceáil teorann oifigiúil le haghaidh imircigh a thagann isteach i ndiaidh oibríocht chuardaigh agus tarrthála, rud a chiallaíonn nach amháin go mbíonn sé níos deacra pointí iontrála a shainmhíniú ach nach mbíonn aon phointe ag náisiúnaigh tríú tír ar féidir leo cead isteach a lorg go hoifigiúil ann. Dá bhrí sin, is gá catagóir ar leithligh a bheith ann le haghaidh na ndaoine sin in Eurodac seachas iad a chlárú mar dhaoine a thrasnaigh an teorainn go neamhrialta (mar atá faoi láthair). Thairis sin, tabharfar léargas níos cruinne ar chomhdhéanamh na sreabh imirce san Aontas mar thoradh air sin.

4.Comhsheasmhacht iomlán leis an togra le haghaidh Rialachán maidir le Tearmann agus Imirce a áirithiú

Chomh maith leis an gcatagóir nua a chruthú le haghaidh daoine a díbhordáladh i ndiaidh oibríocht chuardaigh agus tarrthála, leis an togra leasaithe seo bunaítear tacar forálacha lena dtugtar léargas ar gach gné ábhartha maidir le freagracht an Bhallstáit (na critéir éagsúla chun freagracht a shuí, a aistriú agus a scor). Cuireann na forálacha sin leo siúd a áiríodh cheana i dtogra bunaidh 2016. Ar deireadh, tá forálacha sa togra leasaithe seo maidir le thairbhithe de chosaint idirnáisiúnta a athshocrú, agus tá sé ar aon dul dá bhrí sin leis na cásanna éagsúla atá sa togra le haghaidh Rialachán maidir le Tearmann agus Imirce.

5.Comhsheasmhacht le scagadh a áirithiú

Bhí líon teoranta athruithe ag teastáil chun comhsheasmhacht leis an togra le haghaidh Rialachán Scagtha a áirithiú. Sa chiall sin, chun freastal ar na cásanna féideartha éagsúla a bhí beartaithe sa togra sin chun sreabhadh an nóis imeachta tearmainn a áirithiú ba ghá oiriúnú a dhéanamh ar an tráth a gcuirtear tús leis an teorainn ama inar féidir sonraí bithmhéadracha a thógáil ó iarratasóirí agus iad a tharchur.

6.Iarratais a diúltaíodh a shonrú

Chruthófaí réimse nua ina léireodh na Ballstáit nuair a diúltaíodh d’iarratas agus nach bhfuil cead ag iarratasóir fanacht agus nár ceadaíodh dó fanacht i gcomhréir leis an Rialachán maidir le Nósanna Imeachta Tearmainn. Ní athrófaí aon ní dá bharr sin i dtéarmaí na rialacha is infheidhme agus chearta an duine aonair, ach neartófaí an nasc le nósanna imeachta um fhilleadh agus thabharfaí tacaíocht bhreise d’údaráis náisiúnta a bhíonn ag déileáil le hiarratasóir ar chosaint idirnáisiúnta ar diúltaíodh dá iarratas i mBallstát eile mar go gceadófaí dóibh an cineál ceart nós imeachta is infheidhme a roghnú (e.g. iarratas iardain), agus dhéanfaí an próiseas iomlán a chuíchóiriú dá bhrí sin.

7.Ina gcuirtear in iúl má deonaíodh cúnamh um an bhfilleadh deonach agus um an athlánpháirtiú

Chruthófaí réimse nua chun a léiriú ar deonaíodh riamh cúnamh um an bhfilleadh deonach agus um an ath‑lánpháirtiú (AVRR). Tá sé sin riachtanach toisc go gcuirfí feabhas ar chumas faireacháin na mBallstát sa réimse seo dá bharr agus ní ligfí do dhaoine tairbhe mhímhacánta a bhaint as ciste AVRR.

8.Ina gcuirtear in iúl cibé an ndealraíonn sé, tar éis an scagtha, go bhféadfadh an duine a bheith ina bhagairt ar an tslándáil inmheánach

Chruthófaí réimse nua lena chur in iúl, tar éis an scagtha, má dhealraíonn sé go bhféadfadh an duine a bheith ina bhagairt ar an tslándáil inmheánach. Tá gá leis sin óir d’éascófaí cur chun feidhme an athshocraithe leis mar go ndéanfaí na daoine sin a eisiamh ón athshocrú i gcomhréir leis na rialacha sa Rialacháin maidir le Bainistiú Tearmainn agus Imirce. Thairis sin, chuirfí dlús le próiseáil na n‑iarratas ar chosaint idirnáisiúnta. Sa chiall sin, maidir leis na hiarratasóirí ar aithníodh fadhb slándála ina leith agus ar marcáladh é sin in Eurodac, sa mheasúnú ar an iarratas d’fhéadfaí díriú ar dtús ar cé acu atá nó nach bhfuil sé sin tromchúiseach go leor ionas go mbeadh sé ina fhoras eisiaimh/diúltaithe.

9.Lena sonraítear ar eisíodh víosa

Chruthófaí réimse chun a léiriú cén Ballstát a d’eisigh víosa don iarratasóir nó a chuir síneadh le ceann nó cén Ballstát ar eisíodh an víosa agus uimhir an iarratais ar víosa thar a cheann. Tá gá leis sin óir d’éascófaí na critéir freagrachta leis le haghaidh na mBallstát nó na dTíortha Comhlachaithe sin nach bhfuil faoi cheangal ag Rialachán VIS 23 ach a ndéanann eisiúint víosa difear dóibh mar sin féin.

10.Leasuithe iarmhartacha idir-inoibritheachta agus leasuithe a bhaineann leis an Rialachán maidir le hIdir-Inoibritheacht, Rialachán ETIAS 24 agus Rialachán VIS

Tá gá leis chun tacar leasuithe iarmhartacha teicniúla a eascraíonn as an Rialachán maidir le hIdir-Inoibritheacht a thabhairt isteach (e.g. tagairtí don stóras coiteann sonraí céannachta agus sainiú orthu agus ar shonraí céannachta nó soiléiriú maidir leis an gcaoi a roinnfear na sonraí stóráilte idir an stóras coiteann sonraí céannachta agus an Lárchóras). Sonraíodh an gá leis na hathruithe sin a thabhairt isteach i Rialachán Eurodac cheana nuair a cuireadh an dá thogra le haghaidh na Rialacháin maidir le hIdir-Inoibritheacht i láthair. Leis na leasuithe seo áiritheofar an bunús dlí cuí le feidhmiú Eurodac laistigh den chreat nua idir-inoibritheachta. Ar an gcaoi chéanna, is gá leasuithe ar an Rialachán maidir le hIdir-Inoibritheacht a thabhairt isteach chun na tagairtí ábhartha éagsúla do Eurodac a chur san áireamh. Ar deireadh, is gá sraith leasuithe iarmhartacha a thabhairt isteach freisin a eascraíonn as Rialachán ETIAS agus as Rialachán VIS agus lena rialófar rochtain Aonaid Náisiúnta ETIAS agus na n‑údarás inniúil víosaí faoi seach ar Eurodac, óir leanann saincheist na gceart rochtana ar na bunachair sonraí éagsúla de bheith ina gné nach mór dul i ngleic léi sa ghníomh reachtach lena rialaítear na bunachair sonraí ar leith.

2016/0132 (COD)

Togra leasaithe le haghaidh

RIALACHÁN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

maidir le bunú ‘Eurodac’ chun sonraí bithmhéadracha a chur i gcomparáid le chéile ar mhaithe le cur i bhfeidhm éifeachtach Rialachán (AE) XXX/XXX [an Rialachán maidir le Bainistiú Tearmainn agus Imirce] agus Rialachán (AE) XXX/XXX [an Rialachán maidir le hAthlonnú] agus ar mhaithe le náisiúnach tríú tír nó duine gan stát atá ag fanacht go neamhdhleathach sa stát a shainaithint, agus maidir le hiarrataí ó údaráis forfheidhmithe dlí na mBallstát agus iarrataí ó Europol ar chomparáidí a dhéanamh le sonraí Eurodac chun críocha fhorfheidhmiú an dlí, agus lena leasaítear Rialacháin (AE) 2018/1240 agus (AE) 2019/818

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 78(2)(d), (e) agus (g), Airteagal 79(2)(c), Airteagal 87(2)(c) agus Airteagal 88(2)(a) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach,

De bharr an mhéid seo a leanas:

cuirtear na haithrisí seo a leanas isteach i ndiaidh aithris (4):

‘(4a) Thairis sin, chun Rialachán (AE) XXX/XXX [an Rialachán maidir le Bainistiú Tearmainn agus Imirce] a chur i bhfeidhm go héifeachtach agus i gcomhréir leis na rialacha a leagtar síos sa Rialachán sin, is gá a shonrú go soiléir in Eurodac go bhfuiltear tar éis aistriú freagrachta a dhéanamh idir na Ballstáit, lena n‑áirítear an fhreagracht i gcásanna athshocrúcháin. Ina theannta sin, chun léiriú cruinn a thabhairt ar na hoibleagáidí atá ar na Ballstáit oibríochtaí cuardaigh agus tarrthála a dhéanamh agus chun cuidiú leis na Ballstáit sin i dtaca leis na dúshláin shonracha atá rompu toisc nach féidir leo na huirlisí sin, eadhon na huirlisí a chuirtear i bhfeidhm maidir le trasnú neamhrialta teorann ar tír nó san aer, a chur i bhfeidhm maidir le daoine a dhíbhordálfar tar éis na n‑oibríochtaí sin, is gá freisin náisiúnaigh tríú tír nó daoine gan stát a dhíbhordálfar tar éis oibríochtaí cuardaigh agus tarrthála a chlárú i gcatagóir ar leithligh in Eurodac.

(4b) Ina theannta sin, chun Rialachán (AE) XXX/XXX [an Rialachán maidir le Bainistiú Tearmainn agus Imirce] a chur i bhfeidhm, is gá, tar éis seiceálacha slándála le linn an phróisis scagtha, tásc a thabhairt an dealraitheach go bhféadfadh duine a bheith ina bhagairt ar an tslándáil inmheánach.’;

cuirtear na haithrisí seo a leanas isteach i ndiaidh aithris (5):

‘(5a) Is gá freisin forálacha a thabhairt isteach lena n‑áiritheofaí go bhfeidhmeodh an córas sin laistigh den chreat idir-inoibritheachta a bunaíodh le Rialacháin (AE) 2019/817 25 agus 2019/818 26 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle.

(5b) Ina theannta sin, is gá forálacha a thabhairt isteach a shaineodh an rochtain atá ag aonaid náisiúnta an Chórais Eorpaigh um Fhaisnéis agus Údarú Taistil (ETIAS) agus ag údaráis inniúla víosaí ar Eurodac i gcomhréir le Rialacháin (AE) 2018/1240 27 agus (CE) 767/2008 28 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle.

(5c) Ar an gcaoi chéanna, chun imirce neamhrialta a bhainistiú, is gá a chur ar chumas eu-LISA staidreamh traschórais a tháirgeadh trí shonraí a úsáid ó Eurodac, ón gCóras Faisnéise Víosaí, ó ETIAS agus ón gCóras Dul Isteach/Imeachta. Chun ábhar an staidrimh traschórais sin a shonrú, ba cheart cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt don Choimisiún. Ba cheart na cumhachtaí sin a fheidhmiú i gcomhréir le Rialachán (AE) 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Feabhra 2011 lena leagtar síos na rialacha agus na prionsabail ghinearálta i ndáil leis na sásraí maidir le rialú ag na Ballstáit ar fheidhmiú cumhachtaí cur chun feidhme ag an gCoimisiún.’; 

cuirtear an méid seo a leanas in ionad aithris 6:

‘(6) Chuige sin, is gá córas a bhunú ar a dtabharfar ‘Eurodac’, ina mbeidh Lárchóras agus an Stóras Coiteann Sonraí Céannachta a bunaíodh le Rialachán (AE) 2019/818, córas a fheidhmeoidh bunachar sonraí lárnach ríomhairithe ina mbeidh sonraí bithmhéadracha de shonraí méarlorg agus íomhá aghaidhe, agus is gá freisin córas leictreonach a bhunú lena ndéanfar an tarchur idir na córais sin [an Lárchóras agus an Stóras Coiteann Sonraí Céannachta] agus na Ballstáit, córas dá ngairtear an ‘Bonneagar Cumarsáide’ anseo feasta.’;

cuirtear na haithrisí seo a leanas isteach i ndiaidh aithris 11:

‘(11a) Chun na críche sin, is gá freisin a shonrú go soiléir in Eurodac gur diúltaíodh iarratas ar chosaint idirnáisiúnta i gcás nach bhfuil aon cheart ag an náisiúnach tríú tír nó ag an duine gan stát fanacht agus nár ceadaíodh don duine sin fanacht i gcomhréir le Rialachán (AE) XXX/XXX [Rialachán maidir leis an Nós Imeachta Tearmainn].”;

cuirtear an méid seo a leanas in ionad aithris 14:

‘(14) Thairis sin, ionas go mbeidh Eurodac ina chúnamh éifeachtach le rialú imirce neamhrialta agus le gluaiseachtaí tánaisteacha a bhrath laistigh den Aontas, is gá a chur ar chumas an chórais sin iarrthóirí a áireamh chomh maith le hiarratais trí na tacair sonraí uile a bhaineann leis an aon duine amháin, gan beann ar an gcatagóir lena mbaineann an duine sin, a nascadh le chéile in aon seicheamh amháin.”;

cuirtear na haithrisí seo a leanas isteach i ndiaidh aithris 24:

‘(24a) Chun críocha an Rialacháin seo, meabhraítear gur cheart a mheas go bhfuil duine ag fanacht go neamhdhleathach i gcríoch Bhallstát an athshocraithe mura ndéana an duine sin iarratas ar chosaint idirnáisiúnta tar éis an athshocraithe, nó más rud é nach gcomhlíonfaidh sé ar bhealach eile na coinníollacha iontrála mar a leagtar amach iad in Airteagal 6 de Rialachán (AE) 2016/399 nó coinníollacha eile maidir le dul isteach, fanacht nó cónaí i mBallstát an athshocraithe, nó más rud é nach gcomhlíonfaidh sé na coinníollacha sin a thuilleadh.”;

cuirtear na haithrisí seo a leanas isteach i ndiaidh aithris 60:

‘(60a) Ba cheart an Rialachán seo a bheith gan dochar do chur i bhfeidhm Threoir 2004/38/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 29 .’;

scriostar Airteagal 63.

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

(9) Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 1:

Airteagal 1

Cuspóir ‘Eurodac’

1. Bunaítear leis seo córas ar a dtabharfar ‘Eurodac’ a mbeidh sé mar chuspóir aige:

a bheith ina chúnamh nuair a chinnfear an Ballstát atá freagrach, de bhun Rialachán (AE) Uimh. XXX/XXX [an Rialachán maidir le Bainistiú Tearmainn agus Imirce], as scrúdú a dhéanamh ar iarratas ar chosaint idirnáisiúnta arna thaisceadh chlárú i mBallstát ag náisiúnach tríú tír nó ag duine gan stát agus a mbeidh sé mar chuspóir aige cur i bhfeidhm Rialachán (AE) Uimh. XXX/XXX [an Rialachán maidir le Bainistiú Tearmainn agus Imirce] a éascú ar bhealaí eile faoi na coinníollacha a leagtar amach sa Rialachán seo;

a bheith ina chúnamh le cur i bhfeidhm Rialachán (AE) XXX/X XX [an Rialachán maidir le hAthlonnú] faoi na coinníollacha a leagtar amach sa Rialachán seo;

a bheith ina chúnamh le hinimirce neamhdhleathach neamhrialta chuig an Aontas Eorpach a rialú, le gluaiseachtaí tánaisteacha san Aontas a bhrath agus le náisiúnaigh tríú tír agus daoine gan stát atá ag fanacht go neamhdhleathach a shainaithint, chun a chinneadh cé na beart is iomchuí do na Ballstáit a dhéanamh lena n‑airítear daoine atá ina gcónaí i stát gan údarú a aistriú agus a aisdúichiú;

a leagan síos cé na coinníollacha faoina bhféadfaidh údaráis ainmnithe na mBallstát agus an Oifig Eorpach Póilíní (Europol) a iarraidh go ndéanfaí comparáid idir sonraí méarlorg agus íomhá aghaidhe bithmhéadracha nó alfa-uimhriúla agus na sonraí atá stóráilte sa Lárchóras chun críocha fhorfheidhmiú an dlí chun cionta sceimhlitheoireachta nó cionta coiriúla eile a chosc, a bhrath nó a imscrúdú;

a bheith ina chúnamh le daoine atá cláraithe in Eurodac a shainaithint i gceart faoi na coinníollacha agus le haghaidh na gcuspóirí dá dtagraítear in Airteagal 20 de Rialachán (AE) 2019/818, trí shonraí céannachta, sonraí doiciméid taistil agus sonraí bithmhéadracha a stóráil sa stóras coiteann sonraí céannachta (CIR) a bunaíodh leis an Rialachán sin;

tacú le cuspóirí Chóras an Aontais Eorpaigh um Fhaisnéis agus Údarú Taistil (ETIAS) a bunaíodh le Rialachán (AE) 2018/1240;

tacú le cuspóirí an Chórais Faisnéise Víosaí (VIS) dá dtagraítear i Rialachán (CE) Uimh. 767/2008.

2. Gan dochar don phróiseáil a dhéanann an Ballstát tionscnaimh ar shonraí, ar sonraí iad atá beartaithe do Eurodac agus a choimeádann sé i mbunachair sonraí arna mbunú faoi dhlí náisiúnta an Bhallstáit sin, ní fhéadfar sonraí méarlorg bithmhéadracha agus sonraí pearsanta eile a phróiseáil in Eurodac ach amháin chun na gcríoch a leagtar amach sa Rialachán seo,  agus i Rialachán (AE) Uimh. XXX/XXX [an Rialachán maidir le Bainistiú Tearmainn agus Imirce] agus i Rialachán (AE) XXX/XXX [an Rialachán maidir le hAthlonnú] [Airteagal 34(1) de Rialachán (AE) Uimh. 604/2013].’;

(10) Leasaítear Airteagal 3 mar a leanas:

(a) i bpointe (b) de mhír 1, cuirtear an pointe (iv) seo a leanas leis:

‘(iv)    i ndáil le duine a chumhdaítear le hAirteagal 14a(1), an Ballstát a tharchuireann na sonraí pearsanta chuig an Lárchóras agus chuig an Stóras Coiteann Sonraí Céannachta agus a fhaigheann torthaí na comparáide;’;

(b) i mír 1, cuirtear na pointí (p), (q) agus (r) seo a leanas leis:

‘(p)    ciallaíonn ‘CIR’ an stóras coiteann sonraí céannachta a shainmhínítear in Airteagal 17 de Rialachán (AE) 2019/818;

(q)    ciallaíonn ‘sonraí céannachta’ na sonraí dá dtagraítear in Airteagal 12(c) go (f) agus (h), Airteagal 13(2) (c) go (f) agus (h), Airteagal 14(2) (c) go (f) agus (h) agus Airteagal 14a(c) go (f) agus (h);

(r)    ciallaíonn ‘tacar sonraí’ an tacar faisnéise arna thaifeadadh in Eurodac ar bhonn Airteagail 12, 13, 14 nó 14a, tacar a chomhfhreagraíonn d’aon tacar méarlorg amháin ón duine is ábhar do na sonraí agus ina bhfuil sonraí bithmhéadracha, sonraí alfa-uimhriúla agus cóip dhaite scanta de dhoiciméad céannachta nó taistil, ach an chóip sin a bheith le fáil.’;

(11) Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 4:

‘Airteagal 4

Struchtúr an Lárchórais agus bunphrionsabail 

1. Is éard a bheidh in Eurodac:

(a)    Lárchóras ina mbeidh:

(i)    Aonad Lárnach,

(ii)    Plean agus Córas Leanúnachais Gnó;

(b)    bonneagar cumarsáide idir an Lárchóras agus na Ballstáit a sholáthróidh bealach cumarsáide a bheidh slán agus criptithe le haghaidh shonraí Eurodac (‘Bonneagar Cumarsáide’);

(c)    an stóras coiteann sonraí céannachta (CIR) dá dtagraítear in Airteagal 17(2) de Rialachán 2019/818;

(d)    bonneagar cumarsáide slán idir an Lárchóras agus bonneagair láir na tairsí cuardaigh Eorpaí, an tseirbhís chomhroinnte meaitseála sonraí bithmhéadracha, CIR agus an brathadóir ilchéannachtaí a bunaíodh le Rialachán 2019/818.

2. Beidh in CIR na sonraí dá dtagraítear in Airteagal 12, pointí (a) go (f), pointe (h) agus pointe (i), Airteagal 13(2) pointí (a) go (f), pointe (h) agus pointe (i), Airteagal 14(2) pointí (a) go (f), pointe (h) agus pointe (i) agus Airteagal 14a pointí (a) go (f), pointe (h) agus pointe (i). An chuid eile de shonraí Eurodac, stórálfar sa Lárchóras iad.

23. Úsáidfidh Bonneagar Cumarsáide Eurodac an líonra ‘Seirbhísí Tras‑Eorpacha le haghaidh Teileamaitic idir Córais Riaracháin’ (TESTA), líonra atá ann cheana. Bunófar líonra príobháideach fíorúil ar leithligh a bheidh tiomnaithe do Eurodac ar líonra fíorúil príobháideach TESTA atá ann faoi láthair chun a áirithiú go gcoimeádfar sonraí Eurodac agus sonraí eile scartha ó chéile ar bhonn loighciúil. Sonraí pearsanta a tharchuirfear chuig Eurodac nó a tharchuirfear uaidh, déanfar iad a chriptiú chun rúndacht a áirithiú. 

34. Beidh Pointe Rochtana Náisiúnta aonair ag gach Ballstát. Beidh pointe rochtana aonair Europol ag Europol.

45. Sonraí faoi dhaoine a chumhdaítear le hAirteagal 10(1), Airteagal 13(1), Airteagal 14(1) agus Airteagal 14a(1) a phróiseáiltear sa Lárchóras, déanfar na sonraí sin a phróiseáil thar ceann an Bhallstáit tionscnaimh faoi na coinníollacha a leagtar amach sa Rialachán seo agus déanfar iad a scaradh trí mhodhanna teicniúla iomchuí.

6. Na tacair sonraí uile atá cláraithe in Eurodac a chomhfhreagraíonn don aon duine amháin, bíodh sé ina náisiúnach tríú tír nó ina dhuine gan stát, déanfar iad a nascadh le chéile i seicheamh. I gcás ina ndéanfar cuardach le méarloirg atá i dtacar sonraí a bhaineann le náisiúnach tríú tír nó le duine gan stát agus go bhfaighfear amas ar thacar méarlorg amháin eile ar a laghad a chomhfhreagraíonn don náisiúnach tríú tír nó don duine gan stát céanna sin, déanfaidh Eurodac na tacair sonraí sin a nascadh le chéile go huathoibríoch ar bhonn na comparáide sin idir na méarloirg. Más gá, seiceálfaidh saineolaí méarlorg torthaí na comparáide idir méarloirg i gcomhréir le hAirteagal 26. Nuair a dhearbhóidh an Ballstát glactha an t‑amas, seolfaidh sé fógra chuig eu-LISA a dhéanfaidh an nascadh a dhearbhú.

57. Beidh feidhm ag na rialacha a rialaíonn Eurodac freisin maidir le hoibríochtaí a dhéanfaidh na Ballstáit ón uair a tharchuirfear sonraí chuig an Lárchóras go dtí go mbainfear úsáid as torthaí na comparáide.’;

(12) cuirtear isteach na hAirteagail 8a, 8b, 8c agus 8d seo a leanas:

‘Airteagal 8a

Idir-inoibritheacht le ETIAS 

1. Ón [dáta chur i bhfeidhm an Rialacháin seo], beidh Lárchóras Eurodac nasctha leis an tairseach chuardaigh Eorpach dá dtagraítear in Airteagal 6 de Rialachán (AE) 2019/818 chun an uathphróiseáil dá dtagraítear in Airteagal 11 de Rialachán (AE) 2018/1240 a chumasú.

2. Leis an uathphróiseáil dá dtagraítear in Airteagal 11 de Rialachán (AE) 2018/1240, cumasófar na fíoruithe dá bhforáiltear in Airteagal 20 agus na fíoruithe a dhéanfar dá éis sin dá dtagraítear in Airteagail 22 agus 26 den Rialachán sin.

Chun na fíoruithe dá dtagraítear in Airteagal 20(2)(k) de Rialachán (AE) 2018/1240 a dhéanamh, úsáidfidh Lárchóras ETIAS an tairseach chuardaigh Eorpach chun na sonraí in ETIAS a chur i gcomparáid leis na sonraí sin in Eurodac arb é a bheidh iontu sonraí a bailíodh ar bhonn Airteagail 12, 13, 14 agus 14a den Rialachán seo agus a chomhfhreagraíonn do dhaoine aonair a d’fhág críoch na mBallstát nó ar aistríodh as an gcríoch sin iad i gcomhréir le cinneadh um fhilleadh nó le hordú aistrithe agus déanfar é sin de réir na gcomhfhreagrachtaí a liostaítear sa tábla in Iarscríbhinn II a ghabhann leis an Rialachán seo.

Beidh na fíoruithe gan dochar do na rialacha sonracha dá bhforáiltear in Airteagal 24(3) de Rialachán (AE) 2018/1240.

Airteagal 8b

Coinníollacha rochtana ar Eurodac maidir le próiseáil de láimh ag Aonaid Náisiúnta ETIAS 

1. Déanfaidh Aonaid Náisiúnta ETIAS córas Eurodac a cheadú trí bhíthin na sonraí alfa-uimhriúla sin a úsáidtear le haghaidh na próiseála uathoibríche dá dtagraítear in Airteagal 8a.

2. Chun críocha Airteagal 1(1)(f), beidh rochtain ag Aonaid Náisiúnta ETIAS ar Eurodac agus féadfaidh siad é a cheadú, i bhformáid inléite amháin, chun scrúdú a dhéanamh ar iarratais ar údarú taistil. Go háirithe, féadfaidh Aonaid Náisiúnta ETIAS na sonraí dá dtagraítear in Airteagail 12, 13, 14 agus 14a a cheadú.

3. Tar éis Eurodac a cheadú agus rochtain a fháil air de bhun mhíreanna 1 agus 2 den Airteagal seo, is i gcomhaid iarratais ETIAS, agus iontu sin amháin, a dhéanfar toradh an mheasúnaithe a thaifeadadh.

Airteagal 8c

Rochtain ar Eurodac ag na húdaráis inniúla víosaí 

Chun fíorú de láimh a dhéanamh ar amais a fhaightear le linn cuardaigh uathoibrithe a dhéanfaidh an Córas Faisnéise Víosaí i gcomhréir le hAirteagail [9a agus 9c] de Rialachán (CE) Uimh. 767/2008, agus chun iarratais ar víosa a scrúdú agus cinneadh a dhéanamh ina leith i gcomhréir le hAirteagal 21 de Rialachán (CE) Uimh. 810/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 30 , beidh rochtain ag na húdaráis inniúla víosaí ar Eurodac chun sonraí a cheadú i bhformáid inléite amháin.

Airteagal 8d

Idir-inoibritheacht leis an gCóras Faisnéise Víosaí 

Ón [dáta chur i bhfeidhm Rialachán (AE) XXX/XXX lena leasaítear Rialachán VIS], mar a fhoráiltear in Airteagal [9] den Rialachán sin, nascfar Eurodac leis an tairseach chuardaigh Eorpach dá dtagraítear in Airteagal 6 de Rialachán (AE) 2019/817 chun go mbeifear in ann an uathphróiseáil dá dtagraítear in Airteagal [9a] de Rialachán (CE) 767/2008 a chumasú agus chun cuardach a dhéanamh in Eurodac agus na sonraí ábhartha sa Chóras Faisnéise Víosaí a chur i gcomparáid leis na sonraí ábhartha in Eurodac. Beidh na fíoruithe gan dochar do na rialacha sonracha dá bhforáiltear in Airteagal 9(b) de Rialachán 767/2008.’;

(13) Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 9:

‘Airteagal 9

Staidreamh

1. Gach mí, déanfaidh eu-LISA staidreamh maidir le hobair an Lárchórais a ullmhú ina léireofar an méid seo a leanas go háirithe:

(a)    líon na n‑iarratasóirí agus líon na n‑iarratasóirí céaduaire a aimsíodh leis an bpróiseas um nascadh dá dtagraítear in Airteagal 4(6);

(b)    líon na n‑iarratasóirí diúltaithe a aimsíodh leis an bpróiseas um nascadh dá dtagraítear in Airteagal 4(6) agus de bhun Airteagal 12(za);

(ac)    líon na dtacar sonraí a tarchuireadh i dtaobh na ndaoine dá dtagraítear in Airteagal 10(1), Airteagal 13(1), agus Airteagal 14(1) agus Airteagal 14a(1);

(bd)    líon na n‑amas le haghaidh daoine dá dtagraítear in Airteagal 10(1) lena mbaineann na cásanna seo a leanas:

(i)    daoine ar cláraíodh iarratas ar chosaint idirnáisiúnta ina leith a thaisc iarratas ina dhiaidh sin ar chosaint idirnáisiúnta i mBallstát eile,

(ii)    daoine a gabhadh i dtaca le trasnú neamhrialta teorann seachtraí, agus

(iii)    daoine a bhfuarthas amach go raibh siad bhí ag fanacht go neamhdhleathach i mBallstát,

(iv)    daoine a díbhordáladh tar éis oibríocht chuardaigh agus tarrthála;

(ce)    líon na n‑amas le haghaidh daoine dá dtagraítear in Airteagal 13(1) lena mbaineann na cásanna seo a leanas:

(i)    daoine ar cláraíodh iarratas ar chosaint idirnáisiúnta ina leith a thaisc iarratas ina dhiaidh sin ar chosaint idirnáisiúnta,

(ii)    daoine a gabhadh i dtaca le trasnú neamhrialta teorann seachtraí, agus 

(iii)    daoine a bhfuarthas amach go raibh siad bhí ag fanacht go neamhdhleathach i mBallstát;

(iv)    daoine a díbhordáladh tar éis oibríocht chuardaigh agus tarrthála;

(df)    líon na n‑amas le haghaidh daoine dá dtagraítear in Airteagal 14(1) lena mbaineann na cásanna seo a leanas:

(i)    daoine ar cláraíodh iarratas ar chosaint idirnáisiúnta ina leith a thaisc iarratas ina dhiaidh sin ar chosaint idirnáisiúnta i mBallstát eile,

(ii)    daoine a gabhadh i dtaca le trasnú neamhrialta teorann seachtraí, agus 

(iii)    daoine a bhfuarthas amach go raibh siad bhí ag fanacht go neamhdhleathach i mBallstát,

(iv)    daoine a díbhordáladh tar éis oibríocht chuardaigh agus tarrthála;

(g)    líon na n‑amas le haghaidh daoine dá dtagraítear in Airteagal 14a(1) lena mbaineann na cásanna seo a leanas:

(i)    daoine ar cláraíodh iarratas ar chosaint idirnáisiúnta ina leith,

(ii)    daoine a gabhadh i dtaca le trasnú neamhrialta teorann seachtraí,

(iii)    daoine a bhí ag fanacht go neamhdhleathach i mBallstát,

(iv)    daoine a díbhordáladh tar éis oibríocht chuardaigh agus tarrthála;

(eh)    líon na sonraí méarlorg bithmhéadracha ab éigean don Lárchóras a iarraidh níos mó ná uair amháin ar na Ballstáit tionscnaimh toisc go raibh na sonraí méarlorg bithmhéadracha a tarchuireadh ar an gcéad iarraidh, go raibh siad sa dóigh nárbh fhéidir iad a úsáid le haghaidh comparáid tríd an gcóras tríd na córais ríomhairithe um aithint méarlorg agus íomhá den aghaidhe;

(fi)    líon na dtacar sonraí a marcáladh agus a dímharcáladh arna mblocáil agus arna ndíbhlocáil i gcomhréir le hAirteagal 19(1), agus 17 (2), (3) agus (4);

(gj)    líon na n‑amas le haghaidh daoine dá dtagraítear in Airteagal 19(1) agus (4) ar taifeadadh amais ina leith faoi phointí (b), (c) agus (d) go (g) den Airteagal seo;

(hk)    líon na n‑iarrataí agus na n‑amas dá dtagraítear in Airteagal 21(1);

(il)    líon na n‑iarrataí agus na n‑amas dá dtagraítear in Airteagal 22(1);

(jm)    líon na n‑iarrataí a rinneadh i leith na ndaoine dá dtagraítear in Airteagal 31;

(hn)    líon na n‑amas a fuarthas ón Lárchóras dá dtagraítear in Airteagal 26(6).

2. Déanfar na sonraí staidrimh míosúla i ndáil le daoine dá dtagraítear i mír 1(a) go (h) (n) a fhoilsiú gach mí. Ag deireadh gach bliana, déanfaidh eu-LISA na sonraí staidrimh bliantúla i ndáil le daoine dá dtagraítear i mír 1(a) go (h) (n) a fhoilsiú. Beidh miondealú ar shonraí gach Ballstáit Déanfar miondealú de réir an Bhallstáit ar na sonraí staidrimh. I gcásanna inar féidir, déanfar miondealú ar na sonraí staidrimh i ndáil le daoine dá dtagraítear i mír 1 (c) de réir bliain bhreithe agus inscne.

3. Chun tacú leis an gcuspóir dá dtagraítear in Airteagal 1(c), cuirfidh eu-LISA staidreamh traschórais míosúil ar fáil. Beidh an staidreamh sin sa dóigh nach mbeifear in ann daoine aonair a shainaithint agus bainfear úsáid sa staidreamh sin as sonraí ó Euradac, ón gCóras Faisnéise Víosaí, ó ETIAS agus ón gCóras Dul Isteach/Imeachta.

Cuirfear an staidreamh ar fáil don Choimisiún, do [Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Thearmann], don Ghníomhaireacht Eorpach um an nGarda Teorann agus Cósta agus do na Ballstáit. Déanfaidh an Coimisiún ábhar an staidrimh traschórais mhíosúil a shonrú, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 41a(2).

34. Arna iarraidh sin don Choimisiún, tabharfaidh eu-LISA staidreamh dó i ndáil le gnéithe sonracha chun críocha taighde agus anailísithe gan ligean go bhféadfar daoine aonair a shainaithint chomh maith leis an deis staidreamh rialta a chur ar fáil de bhun mhír 1. Roinnfear an staidreamh sin le Gníomhaireachtaí eile um Cheartas agus um Ghnóthaí Baile má bhíonn siad ábhartha maidir le cur chun feidhme a gcúraimí a bhaineann le cur i bhfeidhm an Rialacháin seo agus tabharfaidh sé freisin an staidreamh de bhun mhír 1 agus cuirfidh sé na sonraí staidrimh sin ar fáil do Bhallstáit agus do [Ghníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Thearmann], arna iarraidh sin dóibh. 

5. Déanfaidh eu-LISA na sonraí dá dtagraítear i míreanna 1 go 4 den Airteagal seo a stóráil, ar bhealach nach bhféadfar daoine aonair a shainaithint, chun críoch taighde agus anailísithe, agus ar an gcaoi sin cuirfear ar chumas na n‑údarás dá dtagraítear i mír 3 den Airteagal seo tuarascálacha agus staidreamh in‑saincheaptha a fháil sa lárstóras um thuairisciú agus staidreamh dá dtagraítear in Airteagal 39 de Rialachán (AE) 2019/818.

6. Tabharfar rochtain ar an lárstóras um thuairisciú agus staidreamh dá dtagraítear in Airteagal 39 de Rialachán (AE) 2019/818 do eu-LISA, don Choimisiún, do [Ghníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Thearmann] agus do na húdaráis arna n‑ainmniú ag gach Ballstát i gcomhréir le hAirteagal 28(2). Féadfar rochtain a thabhairt freisin d’úsáideoirí údaraithe ó Ghníomhaireachtaí eile um Cheartas agus um Ghnóthaí Baile más ábhartha an rochtain sin i dtaca le cur chun feidhme a gcuid cúraimí.’;

(14) Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 10:

‘Airteagal 10

Sonraí bithmhéadracha a bhailiú agus a tharchur 

1. Tógfaidh gach Ballstát go pras méarloirg ó mhéara uile sonraí bithmhéadracha gach iarratasóra ar chosaint idirnáisiúnta atá sé bliana d’aois ar a laghad agus a íomhá aghaidhe le linn an phróisis scagtha dá dtagraítear i Rialachán (AE) XXX/XXX [an Rialachán um Scagadh] nó, i gcás nach bhféadfar na sonraí bithmhéadracha a thógáil le linn an phróisis scagtha nó i gcás nach mbeidh an t‑iarratasóir faoi réir scagtha nuair a chlárófar an t‑iarratas ar chosaint idirnáisiúnta dá dtagraítear in Airteagal 27 de Rialachán (AE) Uimh. XXX/XXX [an Rialachán maidir leis an Nós Imeachta Tearmainn] agus tarchuirfidh an Ballstát na sonraí sin mar aon leis na sonraí dá dtagraítear in Airteagal 12 (c) go (p) den Rialachán seo chuig an Lárchóras agus chuig CIR de réir mar is iomchuí i gcomhréir le hAirteagal 4(2), a luaithe is féidir agus tráth nach déanaí ná 72 uair an chloig tar éis na sonraí bithmhéadracha a thógáil tar éis an t‑iarratas ar chosaint idirnáisiúnta arna shainmhíniú in Airteagal [21(2)]de Rialachán (CE) Uimh. a thaisceadh.

I gcás ina mbeidh feidhm ag Airteagal 3(1) de Rialachán (AE) XXX/XXX [an Rialachán um Scagadh] agus i gcás ina ndéanfaidh an duine iarratas ar chosaint idirnáisiúnta le linn an phróisis scagtha, le haghaidh gach iarratasóra ar chosaint idirnáisiúnta atá sé bliana d’aois ar a laghad, úsáidfidh gach Ballstát na sonraí bithmhéadracha a tógadh le linn an phróisis scagtha agus tarchuirfidh sé iad mar aon leis na sonraí dá dtagraítear in Airteagal 12(c) go (p) den Rialachán seo chuig an Lárchóras agus chuig CIR de réir mar is iomchuí i gcomhréir le hAirteagal 4(2), tráth nach déanaí ná 72 uair an chloig ó chlárú an iarratais dá dtagraítear in Airteagal 27 de Rialachán (AE) XXX/XXX [an Rialachán maidir leis an Nós Imeachta Tearmainn].

Fiú amháin mura gcomhlíonfar an teorainn ama 72 uair an chloig, beidh an oibleagáid fós ar na Ballstáit na méarloirg sonraí bithmhéadracha a thógáil agus a tharchur chuig an Lárchóras CIR. I gcás ina bhfágfaidh an bhail atá ar bharra na méar nach féidir méarloirg a thógáil ar chaighdeán atá oiriúnach chun comparáid iomchuí a dhéanamh faoi Airteagal 26, déanfaidh an Ballstát tionscnaimh méarloirg an iarratasóra a thógáil arís agus cuirfidh sé ar aghaidh arís iad a luaithe is féidir agus tráth nach déanaí ná 48 n‑uair an chloig tar éis tógáil na méarlorg a chur i gcrích go sásúil.

2. De mhaolú ar mhír 1, mura féidir méarloirg agus íomhá aghaidhe sonraí bithmhéadracha iarratasóra ar chosaint idirnáisiúnta a thógáil de bharr bearta a rinneadh ar mhaithe le sláinte an iarratasóra nó ar mhaithe le cosaint na sláinte poiblí, tógfaidh na Ballstáit na méarloirg sin agus an íomhá aghaidhe sin sonraí bithmhéadracha sin agus cuirfidh siad ar aghaidh iad a luaithe is féidir agus tráth nach déanaí ná 48 n‑uair an chloig tar éis deireadh a theacht leis na forais sláinte sin.

I gcás fadhbanna teicniúla tromchúiseacha, féadfaidh na Ballstáit uasmhéid 48 n‑uair an chloig a chur leis an teorainn ama 72 uair an chloig dá dtagraítear i mír 1 chun na pleananna leanúnachais náisiúnta a chur i bhfeidhm.

3. Lena chois sin, i gcás ina n‑iarrfaidh an Ballstát lena mbaineann é, féadfaidh baill d’Fhoirne an Gharda Teorann agus Cósta Eorpaigh nó saineolaithe tearmainn Ballstát ó na foirne tacaíochta do chúrsaí tearmainn sonraí méarloirg na sonraí bithmhéadracha a thógáil agus a tharchur thar ceann an Bhallstáit sin má bhíonn siad i mbun a gcúraimí agus ag feidhmiú cumhachtaí i gcomhréir leis an Rialachán maidir leis an nGarda Teorann [agus Cósta] Eorpach lena n‑aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 2007/2004, Rialachán (CE) Uimh. 863/2007 agus [Cinneadh 2005/267/CE ón gComhairle] agus [Rialachán (AE) Uimh. 439/2010] le Rialachán (AE) 2019/1896 agus Rialachán (AE) XXX/XXX [an Rialachán maidir le Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Thearmann].

4. Gach tacar sonraí a bhaileofar agus a tharchuirfear i gcomhréir le mír 1, déanfar é a nascadh i seicheamh le tacair sonraí eile a chomhfhreagraíonn don aon duine amháin, bíodh sé ina náisiúnach tríú tír nó ina dhuine gan stát mar a leagtar amach in Airteagal 4(6).’;

(15) Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 11:

‘Airteagal 11

Faisnéis maidir le stádas an duine is ábhar do na sonraí 

1. A luaithe a chinnfear an Ballstát freagrach i gcomhréir le Rialachán (AE)XXX/XXX [an Rialachán maidir le Bainistiú Tearmainn agus Imirce], déanfaidh an Ballstát a sheolann na nósanna imeachta chun a chinneadh cé acu Ballstát atá freagrach, déanfaidh sé an tacar sonraí arna thaifeadadh de bhun Airteagal 12 den Rialachán seo a nuashonrú i ndáil leis an duine lena mbaineann, tríd an mBallstát atá freagrach a chur leis an tacar sonraí.

I gcás ina mbeidh Ballstát freagrach toisc go bhfuil forais réasúnacha ann chun a mheas go bhfuil an t‑iarratasóir ina chontúirt do shlándáil náisiúnta nó d’ord poiblí an Bhallstáit sin i gcomhréir le hAirteagal 8(4) de Rialachán (AE) Uimh. XXX/XXX [an Rialachán maidir le Bainistiú Tearmainn agus Imirce], nuashonróidh an Ballstát sin a thacar sonraí arna thaifeadadh de bhun Airteagal 12 den Rialachán seo i ndáil leis an duine lena mbaineann, tríd an mBallstát atá freagrach a chur leis.

12. Cuirfear an fhaisnéis seo a leanas ar aghaidh chuig an Lárchóras chun í a stóráil i gcomhréir le hAirteagal 17 (1) chun críche tarchurtha faoi Airteagail 15 agus 16:

(a)    nuair a shroichfidh iarratasóir ar chosaint idirnáisiúnta nó duine eile dá dtagraítear in Airteagal 21(1) 26 (1), pointí (b), (c) nó (d) nó (e) de Rialachán (AE) Uimh. XXX/XXX [Rialachán maidir le Bainistiú Tearmainn agus Imirce] an Ballstát freagrach tar éis aistriú de bhun fógra faoi ghabháil ar ais mar a thagraítear dó sin in Airteagal 26 31 de den Rialachán sin, nuashonróidh an Ballstát freagrach a thacar sonraí arna thaifeadadh i gcomhréir le hAirteagal 12 den Rialachán seo i ndáil leis an duine lena mbaineann, trí dháta teachta an duine sin a chur leis an tacar;

(b)    nuair a shroichfidh iarratasóir ar chosaint idirnáisiúnta an Ballstát freagrach tar éis aistriú de bhun cinneadh lena glacadh le hiarraidh ar ghabháil ar láimh i gcomhréir le hAirteagal 24 30 de Rialachán (AE) Uimh. XXX/XXX [Rialachán maidir le Bainistiú Tearmainn agus Imirce], seolfaidh an Ballstát freagrach, i gcomhréir le hAirteagal 12 den Rialachán seo, tacar sonraí i ndáil leis an duine lena mbaineann agus beidh sa tacar sin dáta teachta an duine sin;

(c)    má shroicheann iarratasóir ar chosaint idirnáisiúnta Ballstát an leithdháilte de bhun Airteagal 34 de Rialachán (AE) Uimh. […/…], cuirfidh an Ballstát sin, i gcomhréir le hAirteagal 12 den Rialachán seo, tacar sonraí ar aghaidh i ndáil leis an duine lena mbaineann; beidh dáta teachta an duine sin sa tacar agus luafaidh sé mar chuid den taifead gurb é Ballstát an leithdháilte é;

(dc)    a luaithe a dhearbhóidh an Ballstát tionscnaimh gur fhág an duine lena mbaineann, ar taifeadadh a chuid sonraí in Eurodac i gcomhréir le hAirteagal 12 den Rialachán seo, gur fhág an duine sin críoch na mBallstát i gcomhréir le cinneadh um fhilleadh nó le hordú aistrithe a eisíodh tar éis aistarraingt nó dhiúltú an iarratais ar chosaint idirnáisiúnta, nuashonróidh sé an tacar sonraí arna thaifeadadh i gcomhréir le hAirteagal 12 den Rialachán seo i ndáil leis an duine lena mbaineann, tríd an dáta a aistríodh an duine sin nó an dáta a d’fhág sé an chríoch a chur leis an tacar;

(e)    nuashonróidh an Ballstát a thagann chun bheith freagrach i gcomhréir le hAirteagal 19(1) de Rialachán (AE) Uimh. […/…] an tacar sonraí arna thaifeadadh i gcomhréir le hAirteagal 12 den Rialachán seo i ndáil leis an iarratasóir ar chosaint idirnáisiúnta, trína léiriú gurb é féin an Ballstát freagrach anois agus tríd an dáta a cinneadh an t‑iarratas a scrúdú a chur leis an tacar.

3. I gcás ina n‑aistreoidh freagracht chuig Ballstát eile, de bhun Airteagal 27(1) agus Airteagal 58(3) de Rialachán (AE) XXX/XXX [an Rialachán maidir le Bainistiú Tearmainn agus Imirce], cuirfidh an Ballstát a leagann síos go bhfuil an fhreagracht sin aistrithe, cuirfidh sé in iúl cad é an Ballstát atá freagrach, nó cuirfidh Ballstát an athshocraithe in iúl cad é an Ballstát atá freagrach.

4. I gcás ina mbeidh feidhm ag míreanna 1 nó 3 den Airteagal seo nó d’Airteagal 19(6), cuirfidh an Lárchóras gach Ballstát tionscnaimh ar an eolas gur tharchuir Ballstát tionscnaimh eile sonraí den sórt sin, a luaithe is féidir agus tráth nach déanaí ná 72 uair an chloig, tar éis don Lárchóras amas a fháil ar shonraí a tharchuir na Ballstáit tionscnaimh i ndáil le daoine dá dtagraítear in Airteagal 10(1), Airteagal 13(1), Airteagal 14(1) nó Airteagal 14a(1). De bhreis air sin, déanfaidh na Ballstáit tionscnaimh sin an Ballstát freagrach a nuashonrú sna tacair sonraí chomhfhreagracha.’;

(16) Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 12:

‘Airteagal 12

Sonraí a thaifeadadh 

Is iad na sonraí seo, agus na sonraí seo amháin, a thaifeadfar sa Lárchóras agus in CIR de réir mar is iomchuí:

(a)    sonraí méarlorg;

(b)     íomhá aghaidhe;

(c)    sloinneadh (sloinnte), ainm(neacha), ainm(neacha) breithe, ainmneacha a úsáideadh roimhe agus aon ailias, agus féadfaidh sé go ndéanfar iad sin a iontráil ar leithligh;

(d)    náisiúntacht(aí)

(e)    áit bhreithe agus dáta breithe;

(f)    áit bhreithe;

(fg)    an Ballstát tionscnaimh, ionad agus dáta an iarratais ar chosaint idirnáisiúnta; sna cásanna dá dtagraítear in Airteagal 112(b), is é an dáta cur i bhfeidhm an dáta arna chur isteach ag an mBallstát a d’aistrigh an t‑iarratasóir;

(gh)    inscne;

(hi)    cineál agus uimhir an doiciméid céannachta nó taistil, ach iad sin a bheith le fáil;  cód trí litir na tíre eisiúna agus an dáta éaga bailíochta;

(j)    cóip dhaite scanta de dhoiciméad céannachta nó taistil maille le léiriú ar a barántúlacht, ach an chóip sin a bheith le fáil, nó, i gcás nach mbeidh fáil uirthi, doiciméad eile a éascaíonn sainaithint an náisiúnaigh tríú tír nó an duine gan stát maille le léiriú ar a bharántúlacht;

(ik)    an uimhir thagartha a d’úsáid an Ballstát tionscnaimh;

(j)    uimhir iarratais uathúil an iarratais ar chosaint idirnáisiúnta de bhun Airteagal 22(2) de Rialachán (AE) Uimh. […/…];

(l)    an Ballstát freagrach sna cásanna dá dtagraítear in Airteagal 11(1), (2) nó (3);

(km)    Ballstát an leithdháilte athshocraithe i gcomhréir le hAirteagal 14b(1) 11(c);

(ln)    an dáta a tógadh na méarloirg agus/nó an íomhá aghaidhe sonraí bithmhéadracha;

(mo)    an dáta a tarchuireadh na sonraí chuig an Lárchóras agus chuig CIR de réir mar is iomchuí;

(np)    aitheantas úsáideora an oibreora;

(oq)    i gcás inarb infheidhme i gcomhréir le hAirteagal sna cásanna dá dtagraítear in Airteagal11(2)(a), dáta teachta an duine lena mbaineann tar éis aistriú rathúil;

(pr)    i gcás inarb infheidhme i gcomhréir le hAirteagal sna cásanna dá dtagraítear in Airteagal 11(2)(b), dáta teachta an duine lena mbaineann tar éis aistriú rathúil;

(q)    i gcás inarb infheidhme, i gcomhréir le hAirteagal 11(c), dáta teachta an duine lena mbaineann tar éis aistriú rathúil;

(rs)    i gcás inarb infheidhme i gcomhréir le hAirteagal sna cásanna dá dtagraítear in Airteagal 11(2)(dc), an dáta a d’fhág an duine lena mbaineann críoch na mBallstát nó an dáta a aistríodh as an gcríoch é;

(t)    i gcás inarb infheidhme, i gcomhréir leis na cásanna dá dtagraítear in Airteagal 14b(2), dáta teachta an duine lena mbaineann tar éis aistriú rathúil;

(s)    i gcás inarb infheidhme i gcomhréir le hAirteagal 11(e), an dáta a cinneadh an t‑iarratas a scrúdú;

(u)    i gcás ina mbeidh tásca ann gur eisíodh víosa don iarratasóir, an Ballstát a d’eisigh nó a chuir síneadh leis an víosa nó ar eisíodh an víosa thar a cheann, maille le huimhir an iarratais ar víosa;

(v)    tásc, bunaithe ar an scagadh dá dtagraítear i Rialachán (AE) Uimh. XXX/XXX [an Rialachán um Scagadh] a rinneadh ar an duine nó bunaithe ar scrúdú de bhun Airteagal 8(4) de Rialachán (AE) Uimh. XXX/XXX [an Rialachán maidir le Bainistiú Tearmainn agus Imirce], lena gcuirfí in iúl go bhféadfadh an duine a bheith ina bhagairt ar an tslándáil inmheánach;

(x)    i gcás inarb infheidhme, tásc lena gcuirfí in iúl gur diúltaíodh don iarratas ar chosaint idirnáisiúnta i gcás nach bhfuil ceart fanachta ag an iarratasóir agus nár ceadaíodh dó fanacht i mBallstát de bhun Rialachán (AE) XXX/XXX [an Rialachán maidir leis an Nós Imeachta Tearmainn];

(z)    i gcás inarb infheidhme, tásc lena gcuirfí in iúl gur deonaíodh cúnamh um an bhfilleadh deonach agus um an ath‑lánpháirtiú (AVRR).

2. Measfar tacar sonraí de bhun mhír 1 a bheith cruthaithe chun críoch Airteagal 27(1) de Rialachán (AE) 818/2019 nuair a bheidh na sonraí uile i bpointí (a) go (f) agus i bpointe (h) taifeadta.”;

(17) Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 13:

‘Airteagal 13

Sonraí bithmhéadracha a bhailiú agus a tharchur 

1. Tógfaidh gach Ballstát go pras íomhá aghaidhe agus méarloirg ó mhéara uile sonraí bithmhéadracha gach náisiúnaigh tríú tír nó gach duine gan stát atá sé bliana d’aois ar a laghad a ghabhann na húdaráis rialaithe inniúla i dtaca le trasnú neamhrialta a dhéanamh ar thalamh, ar muir nó san aer ar theorainn an Bhallstáit sin, ar duine é atá tagtha as tríú tír agus nár seoladh ar ais é nó atá fós i láthair go fisiciúil ar chríoch na mBallstát agus nach bhfuil faoi choimeád, faoi ghaibhniú nó faoi choinneáil ar feadh na tréimhse ar fad idir an t‑am a ghabhtar é agus an t‑am a aistrítear as an gcríoch é ar bhonn an chinnidh é a chur ar ais.

2. Tarchuirfidh an Ballstát lena mbaineann a luaithe agus is féidir agus tráth nach déanaí ná 72 uair an chloig tar éis an dáta gabhála na sonraí seo a leanas chuig an Lárchóras agus chuig CIR de réir mar is iomchuí i ndáil le haon náisiúnach tríú tír nó duine gan stát dá dtagraítear i mír 1, nach gcuirtear ar ais:

(a)    sonraí méarlorg;

(b)    íomhá aghaidhe;

(c)    sloinneadh (sloinnte), ainm(neacha), ainm(neacha) breithe, ainmneacha a úsáideadh roimhe agus aon ailias, ar féidir iad a chur in iontráil ar leith;

(d)    náisiúntacht(aí);

(e)    áit bhreithe agus dáta breithe;

(f)    áit bhreithe;

(fg)    an Ballstát tionscnaimh, ionad agus dáta na gabhála;

(gh)    inscne;

(hi)    cineál agus uimhir an doiciméid céannachta nó taistil, ach iad sin a bheith le fáil; cód trí litir na tíre eisiúna agus an dáta éaga bailíochta;

(j)    cóip dhaite scanta de dhoiciméad céannachta nó taistil maille le léiriú ar a barántúlacht ach an chóip sin a bheith le fáil, nó, i gcás nach mbeidh fáil uirthi, doiciméad eile a éascaíonn an náisiúnach tríú tír nó an duine gan stát a shainaithint maille le léiriú ar a bharántúlacht;

(ik)    an uimhir thagartha arna húsáid ag an mBallstát tionscnaimh;

(jl)    an dáta a tógadh na méarloirg agus/nó an íomhá aghaidhe sonraí bithmhéadracha;

(km)    an dáta a tarchuireadh na sonraí chuig an Lárchóras agus chuig CIR de réir mar is iomchuí;

(ln)    aitheantas úsáideora an oibreora;

(mo)    i gcás inarb infheidhme i gcomhréir le mír 6, an dáta a d’fhág an duine lena mbaineann críoch na mBallstát nó an dáta a aistríodh as an gcríoch sin é;

(p)    Ballstát an athshocraithe i gcomhréir le hAirteagal 14b(1);

(q)    i gcás inarb infheidhme, gur deonaíodh cúnamh maidir le filleadh deonach agus ath‑imeascadh (AVRR);

(r)    go bhféadfadh an duine a bheith ina bhagairt ar an tslándáil inmheánach tar éis an phróisis scagtha dá dtagraítear i Rialachán (AE) XXX/XXX [an Rialachán um Scagadh].

3. De mhaolú ar mhír 2, maidir leis na sonraí arna sonrú i mír 2 i ndáil le daoine a gabhadh mar a luaitear i mír 1 agus atá fós i láthair go fisiciúil ar chríoch na mBallstát ach atá faoi choimeád, faoi ghaibhniú nó faoi choinneáil tar éis a ngabhála ar feadh tréimhse níos faide ná 72 uair an chloig, tarchuirfear na sonraí sin sula scaoilfear na daoine sin ó choimeád, ó ghaibhniú nó ó choinneáil.

4. Fiú amháin mura gcomhlíonfar an teorainn ama 72 uair an chloig dá dtagraítear i mír 2 den Airteagal seo, beidh an oibleagáid fós ar na Ballstáit na méarloirg sonraí bithmhéadracha a thógáil agus a tharchur chuig an Lárchóras CIR. I gcás ina bhfágfaidh an bhail atá ar bharra na méar nach féidir méarloirg a thógáil ar chaighdeán atá oiriúnach chun comparáid iomchuí a dhéanamh faoi Airteagal 26, déanfaidh an Ballstát tionscnaimh méarloirg na ndaoine a gabhadh a thógáil arís mar a thuairiscítear i mír 1 den Airteagal seo agus cuirfidh sé ar aghaidh arís iad a luaithe is féidir agus tráth nach déanaí ná 48 n‑uair an chloig tar éis tógáil na méarlorg a chur i gcrích go sásúil.

5. De mhaolú ar mhír 1, mura féidir méarloirg agus íomhá aghaidhe sonraí bithmhéadracha an duine a gabhadh a thógáil de bharr bearta a rinneadh ar mhaithe le sláinte an duine sin nó ar mhaithe le cosaint na sláinte poiblí, tógfaidh na Ballstáit na méarloirg sin agus an íomhá aghaidhe sin sonraí bithmhéadracha sin agus cuirfidh siad ar aghaidh iad a luaithe is féidir agus tráth nach déanaí ná 48 n‑uair an chloig tar éis deireadh a theacht leis na forais sláinte sin.

I gcás fadhbanna teicniúla tromchúiseacha, féadfaidh na Ballstáit uasmhéid 48 n‑uair an chloig a chur leis an teorainn ama 72 uair an chloig dá dtagraítear i mír 2 chun na pleananna leanúnachais náisiúnta a chur i bhfeidhm.

6. A luaithe a dhearbhóidh an Ballstát tionscnaimh gur fhág an duine lena mbaineann, ar taifeadadh na sonraí i ndáil leis in Eurodac i gcomhréir le mír 1, gur fhág an duine sin críoch na mBallstát i gcomhréir le cinneadh um fhilleadh nó le hordú aistrithe, déanfaidh sé an tacar sonraí arna thaifeadadh i gcomhréir le mír 2 a nuashonrú i ndáil leis an duine lena mbaineann, tríd an dáta a aistríodh an duine sin nó an dáta a d’fhág sé an chríoch a chur leis.

7. Féadfaidh baill d’Fhoirne an Gharda Teorann agus Cósta Eorpaigh nó saineolaithe ó na foirne tacaíochta do chúrsaí tearmainn, i gcás ina bhfaighidh siad iarraidh ón mBallstát lena mbaineann, sonraí méarloirg na sonraí bithmhéadracha a thógáil agus a tharchur thar ceann an Bhallstáit sin má bhíonn siad i mbun a gcúraimí agus ag feidhmiú cumhachtaí i gcomhréir leis an Rialachán maidir leis an nGarda Teorann [agus Cósta] Eorpach lena n‑aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 2007/2004, Rialachán (CE) Uimh. 863/2007 agus Cinneadh 2005/267/CE ón gComhairle le Rialachán (AE) 2019/1896 agus Rialachán (AE) XXX/XXX [an Rialachán maidir le Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Thearmann].

8. Gach tacar sonraí a bhaileofar agus a tharchuirfear i gcomhréir le mír 1, déanfar é a nascadh i seicheamh le tacair sonraí eile a chomhfhreagraíonn don náisiúnach tríú tír nó don duine gan stát céanna mar a leagtar amach in Airteagal 4(6).

9. Measfar tacar sonraí de bhun mhír 2 a bheith cruthaithe chun críoch Airteagal 27(1) de Rialachán (AE) 818/2019 nuair a bheidh na sonraí uile i bpointí (a) go (f) agus i bpointe (h) taifeadta.’;

(18) Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 14:

‘Airteagal 14

Sonraí bithmhéadracha a bhailiú agus a tharchur 

1. Tógfaidh gach Ballstát go pras méarlorg gach méire agus íomhá aghaidhe sonraí bithmhéadracha gach náisiúnaigh tríú tír nó duine gan stát atá sé bliana d’aois ar a laghad agus a fhaightear amach go bhfuil sé atá ag fanacht go neamhdhleathach laistigh de chríoch an Bhallstáit sin.

2. Tarchuirfidh an Ballstát lena mbaineann a luaithe agus is féidir agus tráth nach déanaí ná 72 uair an chloig tar éis an dáta gabhála a chinnfear go bhfuil an náisiúnach tríú tír nó an duine gan stát ag fanacht go neamhdhleathach, tarchuirfidh sé na sonraí seo a leanas chuig an Lárchóras agus chuig CIR de réir mar is iomchuí i ndáil le haon náisiúnach tríú tír nó duine gan stát, dá dtagraítear i mír 1:

(a)    sonraí méarlorg;

(b)    íomhá aghaidhe;

(c)    sloinneadh (sloinnte), ainm(neacha), ainm(neacha) breithe, ainmneacha a úsáideadh roimhe agus aon ailias, ar féidir iad a chur in iontráil ar leith;

(d)    náisiúntacht(aí);

(e)    áit bhreithe agus dáta breithe;

(f)    áit bhreithe;

(fg)    an Ballstát tionscnaimh, ionad agus dáta na gabhála;

(gh)    inscne;

(hi)    cineál agus uimhir an doiciméid céannachta nó taistil, ach iad sin a bheith le fáil; cód trí litir na tíre eisiúna agus an dáta éaga bailíochta;

(j)    cóip dhaite scanta de dhoiciméad céannachta nó taistil maille le léiriú ar a barántúlacht, ach an chóip sin le bheith le fáil, nó, i gcás nach mbeidh fáil uirthi, doiciméad eile a éascaíonn an náisiúnach tríú tír nó an duine gan stát a shainaithint maille le léiriú ar a bharántúlacht;

(ik)    an uimhir thagartha arna húsáid ag an mBallstát tionscnaimh;    

(jl)    an dáta a tógadh na méarloirg agus/nó an íomhá aghaidhe sonraí bithmhéadracha;

(km)    an dáta a tarchuireadh na sonraí chuig an Lárchóras agus chuig CIR de réir mar is iomchuí;

(ln)    aitheantas úsáideora an oibreora;

(mo)    i gcás inarb infheidhme i gcomhréir le mír 6 5, an dáta a d’fhág an duine lena mbaineann críoch na mBallstát nó an dáta a aistríodh as an gcríoch sin é;

(p)    Ballstát an athshocraithe i gcomhréir le hAirteagal 14b(1);

(q)    i gcás inarb infheidhme, i gcomhréir leis na cásanna dá dtagraítear in Airteagal 14b(2), dáta teachta an duine lena mbaineann tar éis aistriú rathúil;

(r)    i gcás inarb infheidhme, gur deonaíodh cúnamh maidir le filleadh deonach agus ath‑imeascadh (AVRR);

(s)    i gcás inarb infheidhme, go bhféadfadh an duine a bheith ina bhagairt ar an tslándáil inmheánach tar éis an phróisis scagtha dá dtagraítear i Rialachán (AE) XXX/XXX [an Rialachán um Scagadh].

3. Tarchuirfear sonraí méarlorg náisiúnaigh tríú tír nó duine gan stát dá dtagraítear i mír 1 chuig an Lárchóras chun críche comparáid a dhéanamh agus chun na críche sin amháin, agus déanfar comparáid idir na sonraí sin agus sonraí méarlorg daoine ar tógadh a méarloirg chun críocha Airteagal 10(1), Airteagal 13(1) agus Airteagal 14(1) arna dtarchur ag Ballstáit eile agus atá taifeadta cheana féin sa Lárchóras.

43. Fiú amháin mura gcomhlíonfar an teorainn ama 72 uair an chloig dá dtagraítear i mír 3 2 den Airteagal seo, beidh an oibleagáid fós ar na Ballstáit na méarloirg sonraí bithmhéadracha a thógáil agus a tharchur chuig an Lárchóras CIR. I gcás ina bhfágfaidh an bhail atá ar bharra na méar nach féidir méarloirg a thógáil ar chaighdeán atá oiriúnach chun comparáid iomchuí a dhéanamh faoi Airteagal 26, déanfaidh an Ballstát tionscnaimh méarloirg na ndaoine a gabhadh a thógáil arís mar a thuairiscítear i mír 1 den Airteagal seo agus cuirfidh sé ar aghaidh arís iad a luaithe is féidir agus tráth nach déanaí ná 48 n‑uair an chloig tar éis tógáil na méarlorg a chur i gcrích go sásúil.

54. De mhaolú ar mhír 1, mura féidir méarloirg agus íomhá aghaidhe sonraí bithmhéadracha an duine a gabhadh a thógáil de bharr bearta a rinneadh ar mhaithe le sláinte an duine sin nó ar mhaithe le cosaint na sláinte poiblí, tógfaidh na Ballstáit na méarloirg sin agus an íomhá aghaidhe sin sonraí bithmhéadracha sin agus cuirfidh siad ar aghaidh iad a luaithe is féidir agus tráth nach déanaí ná 48 n‑uair an chloig tar éis deireadh a theacht leis na forais sláinte sin.

I gcás fadhbanna teicniúla tromchúiseacha, féadfaidh na Ballstáit uasmhéid 48 n‑uair an chloig a chur leis an teorainn ama 72 uair an chloig dá dtagraítear i mír 2 chun na pleananna leanúnachais náisiúnta a chur i bhfeidhm.

65. A luaithe a dhearbhóidh an Ballstát tionscnaimh gur fhág an duine lena mbaineann, ar taifeadadh na sonraí i ndáil leis in Eurodac i gcomhréir le hAirteagal 13(1) den Rialachán seo mír 1, gur fhág an duine sin críoch na mBallstát i gcomhréir le cinneadh um fhilleadh nó le hordú aistrithe, nuashonróidh sé an tacar sonraí, arna thaifeadadh i gcomhréir le mír 2 den Airteagal seo i ndáil leis an duine lena mbaineann, tríd an dáta a aistríodh an duine nó an dáta a d’fhág sé an chríoch a chur leis an tacar sin.

6. Gach tacar sonraí a bhaileofar agus a tharchuirfear i gcomhréir le mír 1, déanfar é a nascadh i seicheamh le tacair sonraí eile a chomhfhreagraíonn don náisiúnach tríú tír nó don duine gan stát céanna mar a leagtar amach in Airteagal 4(6).

7. Meastar gur cruthaíodh tacar sonraí de bhun mhír 2 chun críoch Airteagal 27(1) de Rialachán (AE) 818/2019 nuair a dhéantar na sonraí uile i bpointí (a) go (f) agus i bpointe (h) a thaifeadadh.’;

(19) cuirtear an Chaibidil seo a leanas isteach i ndiaidh Airteagal 14:

caibidil iv a

náisiúnaigh tríú tír nó daoine gan stát a díbhordáladh tar éis oibríocht chuardaigh agus tarrthála

Airteagal 14a

Sonraí bithmhéadracha a bhailiú agus a tharchur 

1. Tógfaidh gach Ballstát go pras sonraí bithmhéadracha gach náisiúnaigh tríú tír nó duine gan stát atá sé bliana d’aois ar a laghad agus a dhíbhordálfar tar éis oibríocht chuardaigh agus tarrthála mar a shainmhínítear i Rialachán (AE) XXX/XXX [an Rialachán maidir le Bainistiú Tearmainn agus Imirce].

2. Tarchuirfidh an Ballstát lena mbaineann, a luaithe is féidir agus tráth nach déanaí ná 72 uair an chloig tar éis an dáta díbhordála, tarchuirfidh sé na sonraí seo a leanas chuig an Lárchóras agus chuig CIR de réir mar is iomchuí i ndáil le haon náisiúnach tríú tír nó duine gan stát, mar a thagraítear dó sin i mír 1:

(a)    sonraí méarlorg;

(b)    íomhá aghaidhe;

(c)    sloinneadh (sloinnte), ainm(neacha), ainm(neacha) breithe, ainmneacha a úsáideadh roimhe agus aon ailias, ar féidir iad a chur in iontráil ar leith;

(d)    náisiúntacht(aí);

(e)    dáta breithe;

(f)    áit bhreithe;

(g)    an Ballstát tionscnaimh, ionad agus dáta na gabhála;

(h)    inscne;

(i)    cineál agus uimhir an doiciméid céannachta nó taistil, ach iad sin a bheith le fáil; cód trí litir na tíre eisiúna agus an dáta éaga;

(j)    cóip dhaite scanta de dhoiciméad céannachta nó taistil maille le léiriú ar a barántúlacht, ach an chóip sin a bheith le fáil, nó, i gcás nach mbeidh fáil uirthi, doiciméad eile a éascaíonn an náisiúnach tríú tír nó an duine gan stát a shainaithint maille le léiriú ar a bharántúlacht;

(k)    an uimhir thagartha arna húsáid ag an mBallstát tionscnaimh;

(l)    an dáta ar tógadh na sonraí bithmhéadracha;

(m)    an dáta a tarchuireadh na sonraí chuig an Lárchóras agus chuig CIR de réir mar is iomchuí;

(n)    aitheantas úsáideora an oibreora;

(o)    i gcás inarb infheidhme i gcomhréir le mír 6, an dáta a d’fhág an duine lena mbaineann críoch na mBallstát nó an dáta a aistríodh as an gcríoch sin é;

(p)    Ballstát an athshocraithe i gcomhréir le hAirteagal 14b(1);

(q)    i gcás inarb infheidhme, gur deonaíodh cúnamh maidir le filleadh deonach agus ath‑imeascadh (AVRR);

(r)    go bhféadfadh an duine a bheith ina bhagairt ar an tslándáil inmheánach tar éis an phróisis scagtha dá dtagraítear i Rialachán (AE) XXX/XXX [an Rialachán um Scagadh].

4. Fiú amháin mura gcomhlíonfar an teorainn ama 72 uair an chloig dá dtagraítear i mír 2 den Airteagal seo, beidh an oibleagáid fós ar na Ballstáit na sonraí bithmhéadracha a thógáil agus a tharchur chuig CIR. I gcás ina bhfágfaidh an bhail atá ar bharra na méar nach féidir méarloirg a thógáil ar chaighdeán atá oiriúnach chun comparáid iomchuí a dhéanamh faoi Airteagal 26, déanfaidh an Ballstát tionscnaimh méarloirg na ndaoine a díbhordáladh a thógáil arís mar a thuairiscítear i mír 1 den Airteagal seo agus cuirfidh sé ar aghaidh arís iad a luaithe is féidir agus tráth nach déanaí ná 48 n‑‑uair an chloig tar éis tógáil na méarlorg a chur i gcrích go sásúil.

5. De mhaolú ar mhír 1, mura féidir sonraí bithmhéadracha an duine a díbhordáladh a thógáil de bharr bearta a rinneadh ar mhaithe le sláinte an duine sin nó ar mhaithe le cosaint na sláinte poiblí, tógfaidh na Ballstáit na sonraí bithmhéadracha sin agus cuirfidh siad ar aghaidh iad a luaithe is féidir agus tráth nach déanaí ná 48 n‑uair an chloig tar éis deireadh a theacht leis na forais sláinte sin.

I gcás fadhbanna teicniúla tromchúiseacha, féadfaidh na Ballstáit uasmhéid 48 n‑uair an chloig a chur leis an teorainn ama 72 uair an chloig dá dtagraítear i mír 2 chun na pleananna leanúnachais náisiúnta a chur i bhfeidhm.

6. A luaithe a dhearbhóidh an Ballstát tionscnaimh gur fhág an duine lena mbaineann, ar taifeadadh na sonraí i ndáil leis in Eurodac i gcomhréir le mír 1, gur fhág an duine sin críoch na mBallstát i gcomhréir le cinneadh um fhilleadh nó le hordú aistrithe, déanfaidh sé an tacar sonraí arna thaifeadadh i gcomhréir le mír 2 a nuashonrú i ndáil leis an duine lena mbaineann, tríd an dáta a aistríodh an duine sin nó an dáta a d’fhág sé an chríoch a chur leis.

7. Lena chois sin, i gcás ina n‑iarrfaidh an Ballstát lena mbaineann é, féadfaidh baill d’Fhoirne an Gharda Teorann agus Cósta Eorpaigh nó saineolaithe ó na foirne tacaíochta do chúrsaí tearmainn na sonraí bithmhéadracha a thógáil agus a tharchur thar ceann an Bhallstáit sin má bhíonn siad i mbun a gcúraimí agus ag feidhmiú cumhachtaí i gcomhréir leis an Rialachán (AE) 2019/1896 agus Rialachán (AE) XXX/XXX [an Rialachán maidir le Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Thearmann].

8. Gach tacar sonraí a bhaileofar agus a tharchuirfear i gcomhréir le mír 1, déanfar é a nascadh i seicheamh le tacair sonraí eile a chomhfhreagraíonn don náisiúnach tríú tír nó don duine gan stát céanna mar a leagtar amach in Airteagal 4(6).

9. Meastar gur cruthaíodh tacar sonraí de bhun mhír 1 chun críoch Airteagal 27(1) de Rialachán (AE) 818/2019 nuair a dhéantar na sonraí uile i bpointí (a) go (f) agus i bpointe (h) a thaifeadadh.’;

(20) cuirtear an Chaibidil seo a leanas isteach i ndiaidh Airteagal 14a:

caibidil iv a

faisnéis maidir le hathshocrú

 Airteagal 14b

Faisnéis maidir le stádas phróiseas athshocraithe an duine is ábhar do na sonraí

1. A luaithe a thitfidh oibleagáid ar Bhallstát an athshocraithe an duine lena mbaineann a athshocrú de bhun Airteagal 57(7) de Rialachán (AE) XXX/XXX [an Rialachán maidir le Bainistiú Tearmainn agus Imirce], nuashonróidh an Ballstát is tairbhí an tacar sonraí arna thaifeadadh de bhun Airteagail 12, 13, 14 nó 14a den Rialachán seo i ndáil leis an duine lena mbaineann, trí Bhallstát an athshocraithe a chur leis.

2. Nuair a shroichfidh duine Ballstát an athshocraithe tar éis do Bhallstát an athshocraithe a dhearbhú go bhfuil an duine lena mbaineann le hathshocrú i gcomhréir le hAirteagal 57(7) de Rialachán (AE) XXX/XXX [Rialachán maidir le Bainistiú Tearmainn agus Imirce], seolfaidh an Ballstát sin, i gcomhréir le hAirteagail 12 nó 14 den Rialachán seo, tacar sonraí i ndáil leis an duine lena mbaineann agus beidh sa tacar sin dáta teachta an duine sin. Déanfar an tacar sonraí a stóráil i gcomhréir le hAirteagal 17 (1) chun críche tarchurtha faoi Airteagail 15 agus 16.’;

(21) Leasaítear Airteagal 17 mar a leanas:

(a) cuirtear an mhír 3a seo a leanas isteach:

3a. Chun na gcríoch a leagtar síos in Airteagal 14a(1), stórálfar gach tacar sonraí i ndáil le náisiúnach tríú tír nó duine gan stát dá dtagraítear in Airteagal 14a(2) sa Lárchóras agus in CIR de réir mar is iomchuí go ceann cúig bliana ón dáta a tógadh a chuid sonraí bithmhéadracha.’;

(b) cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 4:

‘(4). A luaithe a rachaidh na tréimhsí stórála sonraí in éag, is é sin na tréimhsí dá dtagraítear i míreanna 1 go (3a) den Airteagal seo, scriosfaidh an Lárchóras scriosfar sonraí na ndaoine is ábhar do na sonraí go huathoibríoch ón Lárchóras agus ó CIR de réir mar is iomchuí.’;

(22) Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 19:

‘Airteagal 19

Sonraí a mharcáil agus a bhlocáil 

1. Chun na gcríoch a leagtar síos in Airteagal 1(1)(a), déanfaidh an Ballstát tionscnaimh a dheonaigh cosaint idirnáisiúnta d’iarratasóir ar chosaint idirnáisiúnta do dhuine a raibh a chuid sonraí ar taifead roimhe sa Lárchóras agus in CIR de réir mar is iomchuí de bhun Airteagal 12, déanfaidh sé na sonraí ábhartha a mharcáil i gcomhréir leis na ceanglais maidir le cumarsáid leictreonach leis an Lárchóras arna bhunú ag eu-LISA. Stórálfar an marc sin sa Lárchóras i gcomhréir le hAirteagal 17(1) chun críche tarchurtha faoi Airteagail 15 agus 16. Cuirfidh an Lárchóras gach Ballstát tionscnaimh ar an eolas, a luaithe is féidir agus tráth nach déanaí ná 72 uair an chloig, go bhfuil sonraí marcáilte ag Ballstát tionscnaimh eile tar éis don Lárchóras amas a fháil ar shonraí a tharchuir na Ballstáit tionscnaimh i ndáil le daoine dá dtagraítear in Airteagal 10(1), Airteagal 13(1), Airteagal 14(1), nó Airteagal 14a(1). Déanfaidh na Ballstáit tionscnaimh sin na tacair sonraí chomhfhreagracha a mharcáil freisin.

2. Déanfar sonraí de chuid tairbhithe cosanta idirnáisiúnta atá stóráilte sa Lárchóras agus in CIR de réir mar is iomchuí agus marcáilte de bhun mhír 1 den Airteagal seo a chur ar fáil le haghaidh comparáid chun na gcríoch a leagtar síos in Airteagal 1(1)(d) ar feadh tréimhse trí bliana tar éis an dáta a deonaíodh cosaint idirnáisiúnta don duine is ábhar do na sonraí go dtí go scriosfar sonraí den sórt sin go huathoibríoch ón Lárchóras agus ó CIR de réir mar is iomchuí i gcomhréir le hAirteagal 17(4).

I gcás amas a bheith ann, tarchuirfidh an Lárchóras na sonraí dá dtagraítear in Airteagal 12 (b) go (s) i gcás gach tacar sonraí a chomhfhreagraíonn don amas. Ní tharchuirfidh an Lárchóras an marc dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo. Ar dhul in éag don tréimhse trí bliana, déanfaidh an Lárchóras go huathoibríoch sonraí den sórt sin a bhlocáil ó bheith tarchurtha i gcás iarrata ar chomparáid chun na gcríoch a leagtar síos in Airteagal 1(1)(c), ach coinneoidh sé na sonraí sin ar fáil le haghaidh comparáid chun na gcríoch a leagtar síos in Airteagal 1(1)(a) go dtí an pointe a scriosfar iad. Ní dhéanfar sonraí blocáilte a tharchur agus cuirfidh an Lárchóras toradh diúltach ar ais chun an Bhallstáit a rinne an iarraidh i gcás amais.

3. Bainfidh an Ballstát tionscnaimh an marc nó an bhlocáil de shonraí a bhaineann le náisiúnach tríú tír nó le duine gan stát ar marcáladh nó ar blocáladh a chuid sonraí roimhe i gcomhréir le míreanna 1 nó 2 den Airteagal seo má dhéantar a stádas a aisghairm nó má chuirtear deireadh lena stádas nó má dhiúltaítear a stádas a athnuachan faoi [Airteagail 14 nó 19 de Threoir 2011/95/AE] a tharraingt siar faoi Airteagail 14 nó 20 de Rialachán (AE) Uimh. XXX/XXX [an Rialachán Cáilitheachta].

4. Chun na gcríoch a leagtar síos in Airteagal 1(1)(a) agus (c), déanfaidh an Ballstát tionscnaimh a d’eisigh thug doiciméad cónaí do náisiúnach tríú tír nó do dhuine gan stát a raibh a chuid sonraí ar taifead roimhe sa Lárchóras agus in CIR de réir mar is iomchuí de bhun Airteagal 13(2) agus Airteagal 14(2), nó a d’eisigh doiciméad cónaí do náisiúnach tríú tír nó duine gan stát a díbhordáladh tar éis oibríocht chuardaigh agus tarrthála a raibh a chuid sonraí ar taifead sa Lárchóras agus in CIR de réir mar is iomchuí i gcomhréir le hAirteagal 14a(2), déanfaidh sé na sonraí ábhartha a mharcáil i gcomhréir leis na ceanglais maidir le cumarsáid leictreonach leis an Lárchóras arna bhunú ag eu-LISA. Stórálfar an marc sin sa Lárchóras i gcomhréir le hAirteagal 17(2) agus (3) agus (3a) chun críche tarchurtha faoi Airteagail 15 agus 16. Cuirfidh an Lárchóras gach Ballstát tionscnaimh ar an eolas, a luaithe is féidir agus tráth nach déanaí ná 72 uair an chloig, go bhfuil sonraí marcáilte ag Ballstát tionscnaimh eile tar éis don Lárchóras amas a fháil ar shonraí a tharchuir na Ballstáit tionscnaimh i ndáil le daoine dá dtagraítear in Airteagal 10(1), Airteagal 13(1), Airteagal 14(1), nó Airteagal 14a(1). Déanfaidh na Ballstáit tionscnaimh sin na tacair sonraí chomhfhreagracha a mharcáil freisin.

5. Déanfar na sonraí de chuid náisiúnach tríú tír nó daoine gan stát atá stóráilte sa Lárchóras agus in CIR agus atá marcáilte de bhun mhír 4 den Airteagal seo a chur ar fáil le haghaidh comparáid chun na gcríoch a leagtar síos in Airteagal 1(1)(d) agus beidh siad le fáil go dtí go scriosfar na sonraí sin go huathoibríoch sa Lárchóras agus in CIR i gcomhréir le hAirteagal 17(4).

6. Chun críocha Airteagal 58(4) de Rialachán (AE) XXX/XXX [an Rialachán maidir le Bainistiú Tearmainn agus Imirce], cláróidh Ballstát an athshocraithe, tar éis na sonraí a chlárú de bhun Airteagal 14b(2), cláróidh sé é féin mar an Ballstát freagrach agus déanfaidh sé na sonraí sin a mharcáil leis an marcáil a thug isteach an Ballstát a dheonaigh an chosaint.”;

(23) in Airteagal 21, cuirtear an mhír seo a leanas isteach:

1a. I gcás ina gceadóidh na húdaráis ainmnithe stóras CIR i gcomhréir le hAirteagal 22(1) de Rialachán 2019/818, féadfaidh siad rochtain a fháil ar Eurodac chun é a cheadú faoi na coinníollacha dá bhforáiltear san Airteagal seo i gcás ina léireoidh an freagra a bhfaighfear de bhun Airteagal 22(2) de Rialachán (AE) 2019/818 go bhfuil na sonraí stóráilte in Eurodac.”;

(24) in Airteagal 22, cuirtear an mhír 1a seo a leanas isteach:

1a. I gcás ina gceadóidh Europol stóras CIR i gcomhréir le hAirteagal 22(1) de Rialachán 2019/818, féadfaidh sé rochtain a fháil ar Eurodac lena cheadú faoi na coinníollacha dá bhforáiltear san Airteagal seo i gcás ina léireoidh an freagra a bhfaighfear de bhun Airteagal 22(2) de Rialachán (AE) 2019/818 go bhfuil na sonraí stóráilte in Eurodac.”;

(25) in Airteagal 28, cuirtear an mhír seo a leanas isteach:

3a. Maidir le rochtain chun na sonraí Eurodac arna stóráil in CIR a cheadú, deonófar an rochtain sin d’fhoireann chuí‑údaraithe údaráis náisiúnta gach Ballstáit agus d’fhoireann chuí‑údaraithe ghníomhaireachtaí an Aontais atá inniúil chun na gcríoch a leagtar síos in Airteagail 20 agus 21 de Rialachán (AE) 2019/818. Beidh an rochtain sin teoranta don mhéid is gá chun cúraimí na n‑údarás náisiúnta sin agus cúraimí ghníomhaireachtaí sin an Aontais a chomhlíonadh i gcomhréir leis na cuspóirí sin, agus beidh sí comhréireach leis na cuspóirí atá le baint amach.’;

(26) Leasaítear Airteagal 29 mar a leanas:

(a) cuirtear isteach na míreanna 1a agus 1b seo a leanas:

‘1a. Chun críocha Airteagal 8a, coinneoidh eu-LISA taifid ar gach oibríocht próiseála sonraí a dhéanfar laistigh de Eurodac. Áireofar sna taifid ar oibríochtaí den chineál sin na gnéithe dá bhforáiltear sa chéad mhír agus na hamais a spreagfar agus an uathphróiseáil á cur i gcrích, uathphróiseáil a leagtar síos in Airteagal 20 de Rialachán (AE) 2018/1240.

1b. Chun críoch Airteagal 8c, coinneoidh na Ballstáit agus eu-LISA taifid ar gach oibríocht próiseála sonraí a dhéanfar laistigh de Eurodac agus den Chóras Faisnéise Víosaí i gcomhréir leis an Airteagal seo agus le hAirteagal 34 de Rialachán (CE) 767/2008.”;

(b) cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 3:

‘3. Chun na gcríoch a leagtar síos in Airteagal 1(1)(a), agus (b), (bc), (f) agus (g), déanfaidh gach Ballstát na bearta is gá chun na cuspóirí a leagtar amach i mír 1, mír 1a, mír 1b agus mír 2 den Airteagal seo a bhaint amach maidir lena chóras náisiúnta. Chomh maith leis sin, coimeádfaidh gach Ballstát taifead den fhoireann atá cuí‑údaraithe chun sonraí a chur isteach nó a aisghabháil.’;

(27) in Airteagal 39(2), cuirtear isteach an pointe (i) seo a leanas:

(i)    tagairt d’úsáid na tairsí cuardaigh Eorpaí chun cuardach a dhéanamh in Eurodac mar a thagraítear dó sin in Airteagal 7(2) de Rialachán (AE) 2019/818, i gcás inarb ábhartha.’;

(28) cuirtear an Chaibidil VIIa seo a leanas isteach i ndiaidh Airteagal 40:

CAIBIDIL VIIIa

LEASUITHE AR RIALACHÁIN (AE) 2018/1240 AGUS (AE) 2019/818

Airteagal 40a

Leasuithe ar Rialachán (AE) 2018/1240 

Leasaítear Rialachán (AE) 2018/1240 mar a leanas:

(1) in Airteagal 11, cuirtear an mhír 6a seo a leanas isteach:

‘6a. Chun na fíoruithe a dhéanamh dá dtagraítear i bpointe (k) d’Airteagal 20(2), cuirfidh an uathphróiseáil dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo ar chumas Lárchóras ETIAS cuardach a dhéanamh in Eurodac arna bhunú le Rialachán (AE) XXX/XXX leis na sonraí dá dtagraítear in Airteagal 17(2)(a) go (d) den Rialachán seo:

(a) sloinne (ainm teaghlaigh), sloinne breithe, céadainm nó céadainmneacha (ainm baiste nó ainmneacha baiste), dáta breithe, áit bhreithe, inscne, náisiúntacht reatha;

(b) ainmneacha eile (ailias nó ailiasanna, ainm ealaíontóra nó ainmneacha ealaíontóra, gnáthainm nó gnáthainmneacha), más ann dóibh;

(c) náisiúntachtaí eile (más ann dóibh);

(d) cineál, uimhir agus tír eisiúna an doiciméid taistil;

(2) in Airteagal 25a(1), cuirtear isteach an pointe (e) seo a leanas:

‘(e) Airteagail 12, 13, 14 agus 14a de Rialachán (EU) XXX/XXX [Rialachán Eurodac].’;

(3) in Airteagal 88, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 6:

‘6. Tosófar ar oibríochtaí ETIAS cibé acu a bheidh nó nach mbeidh an idir-inoibritheacht le Eurodac nó le ECRIS-TCN curtha ar bun.’;

Airteagal 40b

Leasuithe ar Rialachán (AE) 2019/818

Leasaítear Rialachán (AE) 2019/818 mar a leanas:

(1) in Airteagal 4, cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (20):

‘(20). ciallaíonn ‘údaráis ainmnithe’ údaráis ainmnithe sna Ballstáit mar a shainmhínítear in Airteagal 6 de Rialachán (AE) XXX/XXX [Rialachán Eurodac], i bpointe (26) d’Airteagal 3(1) de Rialachán (AE) 2017/2226 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, i bpointe (3a) d’Airteagal 4 de Chinneadh (CE) 767/2008, agus i bpointe (21) d’Airteagal 3(1) de Rialachán (AE) 2018/1240 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle;’;

(2) In Airteagal 10, mír 1, cuirtear an méid seo a leanas in ionad na foclaíochta réamhráití:

‘Gan dochar d’Airteagal 39 de Rialachán (AE) XXX/XXX [Rialachán Eurodac], d’Airteagail 12 agus 18 de Rialachán (AE) 2018/1862, d’Airteagal 29 de Rialachán (AE) 2019/816 ná d’Airteagal 40 de Rialachán (AE) 2016/794, coimeádfaidh eu-LISA logaí de na hoibríochtaí próiseála sonraí uile laistigh den tairseach chuardaigh Eorpach (ESP). Áireofar sna logaí sin an méid seo a leanas go háirithe:’;

(3) leasaítear Airteagal 13, mír 1 mar a leanas:

(a) cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (b):

‘(b) na sonraí dá dtagraítear in Airteagal 5(1), pointe (b) agus in Airteagal 5(2) de Rialachán (AE) 2019/816;’;

(b) cuirtear an pointe (c) seo a leanas leis:

‘(c) na sonraí dá dtagraítear in Airteagal 12, pointí (a) agus (b), Airteagal 13(2), pointí (a) agus (b), Airteagal 14(2), pointí (a) agus (b) agus Airteagal 14a(2), pointí (a) agus (b) de Rialachán (AE) XXX/XXX [Rialachán Eurodac].”;

(4). Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 14:

‘Airteagal 14

Sonraí bithmhéadracha a chuardach leis an tseirbhís chomhroinnte meaitseála sonraí bithmhéadracha

Chun na sonraí bithmhéadracha a stóráiltear in CIR agus in SIS a chuardach, úsáidfidh CIR agus SIS na teimpléid bhithmhéadracha a stóráiltear in BMS comhroinnte. Déanfar cuardaigh le sonraí bithmhéadracha i gcomhréir leis na cuspóirí dá bhforáiltear sa Rialachán seo agus i Rialacháin (CE) Uimh. 767/2008, (AE) 2017/2226, Rialachán (AE) XXX/XXX [Rialachán Eurodac], Rialacháin (AE) 2018/1860, (AE) 2018/1861, (AE) 2018/1862 agus (AE) 2019/816.’;

(5) In Airteagal 16, cuirtear an méid seo a leanas in ionad na foclaíochta réamhráití i mír 1:

‘Gan dochar d’Airteagal 39 de Rialachán (AE) XXX/XXX [Rialachán Eurodac], d’Airteagail 12 agus 18 de Rialachán (AE) 2018/1862 ná d’Airteagal 29 de Rialachán (AE) 2019/816, coimeádfaidh eu-LISA logaí de na hoibríochtaí próiseála sonraí uile laistigh de BMS comhroinnte.’;

(6) In Airteagal 18, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1:

‘1. Stórálfar in CIR na sonraí seo a leanas, arna scaradh go loighciúil de réir an chórais faisnéise ónár tháinig na sonraí:

a) na sonraí dá dtagraítear in Airteagal 12, pointí (a) go (f), pointe (h) agus pointe (i), in Airteagal 13(2) pointí (a) go (f), pointe (h) agus pointe (i), in Airteagal 14(2) pointí (a) go (f), pointe (h) agus pointe (i) agus in Airteagal 14a pointí (a) go (f), pointe (h) agus pointe (i) de Rialachán (AE) XXX/XXX [Rialachán Eurodac];

b) na sonraí dá dtagraítear in Airteagal 5(1), pointe (b) agus (2) agus na sonraí seo a leanas a liostaítear in Airteagal 5(1), pointe (a) de Rialachán (AE) 2019/816: sloinne (ainm teaghlaigh), céadainmneacha (ainmneacha baiste), dáta breithe; áit bhreithe (baile agus tír), náisiúntacht nó náisiúntachtaí; inscne, ainmneacha roimhe sin, i gcás inarb infheidhme, ainmneacha bréige nó ailiasanna ach iad sin a bheith le fáil, mar aon le faisnéis i dtaobh doiciméid taistil ach an fhaisnéis sin a bheith le fáil.’;

(7) In Airteagal 23, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1:

‘1. Déanfar na sonraí dá dtagraítear in Airteagal 18(1), (2) agus (2a) a scriosadh ó CIR ar mhodh uathoibrithe i gcomhréir leis na forálacha maidir le coinneáil sonraí atá i Rialachán (AE) XXX/XXX [Rialachán Eurodac] agus i Rialachán (AE) 2019/816.’;

(8) Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 24:

‘Airteagal 24

Logaí a choimeád

Gan dochar d’Airteagal 39 de Rialachán (AE) XXX/XXX [Rialachán Eurodac] ná d’Airteagal 29 de Rialachán (AE) 2019/816, coimeádfaidh eu-LISA logaí de na hoibríochtaí próiseála sonraí uile laistigh de CIR i gcomhréir le míreanna 2, 3 agus 4 den Airteagal seo.’;

(9) In Airteagal 26(1), cuirtear isteach pointí (aa), (ab), (ac) agus (ad):

‘(aa)    na húdaráis is inniúil chun iarratas ar chosaint idirnáisiúnta a mheasúnú, nuair a bheidh iarratas nua ar chosaint idirnáisiúnta á mheasúnú acu;

(ab)    na húdaráis is inniúil chun na sonraí dá bhforáiltear i gCaibidil III de Rialachán (AE) XXX/XXX [Rialachán Eurodac] a bhailiú, nuair a bheidh siad ag tarchur sonraí chuig Eurodac;

(ac)    na húdaráis is inniúil chun na sonraí dá bhforáiltear i gCaibidil IV de Rialachán (AE) XXX/XXX [Rialachán Eurodac] a bhailiú, nuair a bheidh siad ag tarchur sonraí chuig Eurodac;

(ad)    na húdaráis is inniúil chun na sonraí dá bhforáiltear i gCaibidil IVA de Rialachán (AE) XXX/XXX [Rialachán Eurodac] a bhailiú, nuair a bheidh siad ag tarchur sonraí chuig Eurodac;’;

(10) Leasaítear Airteagal 27 mar a leanas:

(a) cuirtear isteach an pointe (aa) seo a leanas i mír 1:

‘(aa) déantar tacar sonraí a tharchur chuig Eurodac i gcomhréir le hAirteagail 10, 13, 14 agus 14a de Rialachán (AE) XXX/XXX [Rialachán Eurodac];”;

(b) cuirtear isteach an pointe (aa) seo a leanas i mír 3:

‘(aa) sloinne nó sloinnte; céadainm nó céadainmneacha; ainm nó ainmneacha breithe, ainmneacha a úsáideadh roimhe sin agus aon ailias; dáta breithe, áit bhreithe, náisiúntacht nó náisiúntachtaí agus inscne dá dtagraítear in Airteagail 12 go 14a de Rialachán (AE) XXX/XXX [Rialachán Eurodac];”;

(11) in Airteagal 29(1), cuirtear isteach an pointe (aa) seo a leanas:

‘(aa) an t‑údarás a dhéanann iarratas ar chosaint idirnáisiúnta a mheasúnú, iarratas dá bhforáiltear i Rialachán (AE) XXX/XXX [Rialachán Eurodac], i leith amais a fuarthas nuair a bhí an t‑iarratas sin á mheasúnú;”;

(12) in Airteagal 39, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 2:

‘2. Déanfaidh eu-LISA an lárstóras um thuairisciú agus staidreamh (CRRS) a bhunú, é a chur chun feidhme agus é a óstáil ar a shuíomhanna teicniúla, lárstóras ina mbeidh na sonraí agus an staidreamh dá dtagraítear in Airteagal 42(8) de Rialachán (AE) XXX/XXX [Rialachán Eurodac], Airteagal 74 de Rialachán (AE) 2018/1862 agus Airteagal 32 de Rialachán (AE) 2019/816, arna scaradh go loighciúil de réir an chórais faisnéise AE. Is trí bhíthin slánrochtain rialaithe agus próifílí úsáideoirí sonracha a thabharfar rochtain do na húdaráis dá dtagraítear in Airteagal 42(8) de Rialachán (AE) XXX/XXX [Rialachán Eurodac], in Airteagal 74 de Rialachán (AE) 2018/1862 agus in Airteagal 32 de Rialachán (AE) 2019/816 ar stóras CRRS, chun críche tuairiscithe agus staidrimh, agus chun na críche sin amháin.’;

(13) in Airteagal 47, cuirtear isteach an fhleasc nua seo a leanas i mír 3:

‘Daoine a bhfuil a gcuid sonraí ar taifead in Eurodac, cuirfear ar an eolas iad maidir le próiseáil sonraí pearsanta chun críocha an Rialacháin seo i gcomhréir le mír 1 nuair a tharchuirfear tacar sonraí nua chuig Eurodac i gcomhréir le hAirteagail 10, 12, 13, 14 agus 14a de Rialachán (AE) XXX/XXX [Rialachán Eurodac].”;

(14) Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 50:

‘Airteagal 50

Sonraí a chur in iúl do thríú tíortha, d’eagraíochtaí idirnáisiúnta agus

do pháirtithe príobháideacha

Gan dochar d’Airteagal 31 de Rialachán (CE) Uimh. 767/2008, d’Airteagail 25 agus 26 de Rialachán (AE) 2016/794, d’Airteagail 37 agus 38 de Rialachán (AE) XXX/XXX [Rialachán Eurodac], d’Airteagal 41 de Rialachán (AE) 2017/2226, d’Airteagal 65 de Rialachán (AE) 2018/1240 ná do chuardach a dhéanamh i mbunachair sonraí Interpol trí ESP, i gcomhréir le hAirteagal 9(5) den Rialachán seo a chomhlíonann forálacha Chaibidil V de Rialachán (AE) 2018/1725 agus Chaibidil V de Rialachán (AE) 2016/679, ní dhéanfar sonraí pearsanta a stóráiltear nó a phróiseáiltear sna comhchodanna idir-inoibritheachta ná a bhfaigheann na comhchodanna idir-inoibritheachta rochtain orthu, ní dhéanfar na sonraí sin a aistriú chuig aon tríú tír, chuig aon eagraíocht idirnáisiúnta, ná chuig aon pháirtí príobháideach ná ní chuirfear na sonraí sin ar fáil dóibh.’;

(29) cuirtear an tAirteagal 41a seo a leanas isteach:

Airteagal 41a

Nós Imeachta Coiste

1. Tabharfaidh coiste cúnamh don Choimisiún. Beidh an coiste sin ina choiste de réir bhrí Rialachán (AE) 182/2011.

2. I gcás ina ndéanfar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5 de Rialachán (AE) 182/2011.

3. I gcás nach dtabharfaidh an Coiste aon tuairim, ní dhéanfaidh an Coimisiún an dréachtghníomh cur chun feidhme a ghlacadh agus beidh feidhm ag an tríú fomhír d’Airteagal 5(4) de Rialachán (AE) 182/2011.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach sna Ballstáit i gcomhréir leis na Conarthaí.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil,

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa    Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán    An tUachtarán

RÁITEAS AIRGEADAIS REACHTACH

1.LEAGAN AMACH AN TOGRA/TIONSCNAIMH 

1.1.Teideal an togra/tionscnaimh 

Togra leasaithe le haghaidh RIALACHÁN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE maidir le bunú ‘Eurodac’ chun sonraí bithmhéadracha a chur i gcomparáid le chéile ar mhaithe le cur i bhfeidhm éifeachtach Rialachán (AE) XXX/XXX [Rialachán maidir le Bainistiú Tearmainn agus Imirce] agus Rialachán (AE) XXX/XXX [an Rialachán maidir le hAthlonnú], chun náisiúnach tríú tír nó duine gan stát atá ag fanacht go neamhdhleathach a shainaithint, maidir le hiarrataí ó údaráis forghníomhaithe dlí na mBallstát agus ó Europol ar chomparáid le sonraí Eurodac chun críocha fhorfheidhmiú an dlí agus lena leasaítear Rialacháin (AE) 2018/1240 agus (AE) 2019/818

1.2.Réimsí beartais lena mbaineann (Cnuasach clár)

11 – Bainistiú teorainneacha

1.3.Baineann an togra/tionscnamh le: 

 beart nua 

 beart nua a leanann treoirthionscadal/réamhbheart 31  

 síneadh ar bheart atá ann cheana 

 beart nó bearta a chumasc nó a atreorú i dtreo beart eile/beart nua 

1.4.Cuspóirí

1.4.1.Cuspóirí straitéiseacha ilbhliantúla an Choimisiúin ar a bhfuil an togra/tionscnamh dírithe 

Mar a fógraíodh i dtreoirlínte polaitiúla an Uachtaráin von der Leyen, cuirtear cur chuige nua i leith na himirce i láthair sa Teachtaireacht ar Chomhaontú Nua maidir le hImirce agus Tearmann (COM(2020)XXX final) chun cothromaíocht chóir a bhaint amach idir an fhreagracht i ndáil le hiarratasóirí ar chosaint idirnáisiúnta san Eoraip agus an dlúthpháirtíocht idir na Ballstáit chun déileáil le bainistiú imirce agus tearmainn. Sa chomhthéacs sin, tá sé beartaithe freisin ag an gCoimisiún tuilleadh feabhais a chur ar Eurodac.

In éineacht leis an Teachtaireacht ar Chomhaontú Nua maidir le hImirce agus Tearmann (COM(2020) XXX final), tá togra leasaithe á thíolacadh ag an gCoimisiún le haghaidh Rialachán maidir le bunú ‘Eurodac’ chun sonraí bithmhéadracha a chur i gcomparáid le chéile ar mhaithe le cur i bhfeidhm éifeachtach Rialachán (AE) XXX/XXX [Rialachán maidir le Bainistiú Tearmainn agus Imirce] agus Rialachán (AE) XXX/XXX [an Rialachán maidir le hAthlonnú], chun náisiúnach tríú tír nó duine gan stát atá ag fanacht go neamhdhleathach a shainaithint, maidir le hiarrataí ó údaráis forfheidhmithe dlí na mBallstát agus ó Europol ar chomparáidí le sonraí Eurodac chun críocha fhorfheidhmiú an dlí agus lena leasaítear Rialacháin (AE) 2018/1240 agus (AE) 2019/818. Tá an togra seo bunaithe ar théacs an chomhaontaithe shealadaigh a shocraigh na comhreachtóirí maidir le togra 2016 arbh é a bhí beartaithe leis Rialachán Eurodac a athmhúnlú agus cuireann an togra seo tacar nua feidhmiúlachtaí leis an mbunachar sonraí.

Leis na feidhmiúlachtaí nua sin, d’fhéadfaí na nithe seo a leanas a dhéanamh: iarratasóirí a áireamh chomh maith le hiarratais ar chosaint idirnáisiúnta, an creat idir-inoibritheachta mar a bunaíodh go háirithe le Rialachán (AE) 2019/818 a chur chun feidhme i ceart, an tacaíocht iomchuí a thabhairt don togra nua le haghaidh Rialachán maidir le Bainistiú Tearmainn agus Imirce (a dhéanann seanchóras Bhaile Átha Cliath a athchóiriú), nasc níos rianúla maidir le filleadh a bhunú agus an comh‑altadh néata idir an togra le haghaidh Rialachán maidir le Scagadh agus an chuid eile den chóras a éascú.

1.4.2.Cuspóirí sonracha agus na gníomhaíochtaí ABM/ABB lena mbaineann 

Plean Bainistíochta Bliantúil AS HOME Cuspóir sonrach Uimh. 1: Gach gné den Chomhchóras Eorpach Tearmainn a neartú agus a fhorbairt, lena n‑áirítear a ghné sheachtrach.

Gníomhaíochtaí ABM/ABB lena mbaineann: Gníomhaíocht 11: Bainistiú teorainneacha.

Cuspóir sonrach Uimh. 1: Córas feidhmiúil Eurodac a fhorbairt

Cuspóir sonrach Uimh. 2: Acmhainn bhunachar sonraí Eurodac a uasghrádú

1.4.3.Na torthaí agus an tionchar a mheastar a bheidh ann

Sonraigh an tionchar ba cheart a bheith ag an togra/tionscnamh ar na tairbhithe/grúpaí ar a bhfuil sé dírithe.

Cuirfidh an togra leis an gcomhaontú sealadach a shocraigh na comhreachtóirí maidir le togra 2016 ón gCoimisiún arbh é a bhí beartaithe leis Rialachán Eurodac a athmhúnlú.

Ba é ab aidhm don togra a tíolacadh in 2016 cuidiú leis na Ballstáit a áirithiú gur Ballstát aonair a dhéanfadh iarratas ó iarratasóir ar chosaint idirnáisiúnta a scrúdú agus go laghdófaí leis sin raon na mí‑úsáide a bhaintear as an gcóras tearmainn trí chosc a chur ar an ‘tsiopadóireacht tearmainn’ laistigh den Aontas. Bhí sé d’aidhm aige freisin a chur ar chumas na mBallstát náisiúnaigh tríú tír neamhrialta atá ag fanacht go neamhdhleathach san Aontas a shainaithint trína gcuid sonraí a stóráil. Thabharfadh sé sin cúnamh do na Ballstáit náisiúnaigh tríú tír a athdhoiciméadú d’fhonn iad a fhilleadh ar a dtír thionscnaimh. Bhí sé d’aidhm ag an togra, tríd an aois ag a dtógtar méarloirg a ísliú go sé bliana, tacú le mionaoisigh a shainaithint agus, i gcás inar ghá, cuidiú leis an rianú teaghlaigh i gcásanna ina mbeidh mionaoiseach scartha óna theaghlach trína chur ar chumas an Bhallstáit fiosrú níos doimhne a dhéanamh i gcás ina léireoidh meaitseáil méarlorg gur i mBallstát eile atá an teaghlach. Bhí sé d’aidhm aige freisin an chosaint atá le fáil ag mionaoisigh gan tionlacan a neartú, óir ní i gcónaí a iarrann mionaoisigh cosaint idirnáisiúnta go foirmiúil agus éalaíonn cuid acu as na hinstitiúidí cúraim nó ó na seirbhísí sóisialta do leanaí ar faoina gcúram a cuireadh iad. Dá bhrí sin, dá ndéanfaí mionaoisigh ó thríú tíortha a chlárú in Eurodac, bheadh sin ina chúnamh chun a lorg a leanúint agus chun iad a chosaint ar thitim i ndol an dúshaothraithe.

Le linn na caibidlíochta, thug comhreachtóirí roinnt modhnuithe isteach. Dá bhrí sin, cuireadh dhá chatagóir nua daoine le Eurodac, eadhon daoine atá cláraithe chun nós imeachta um chead isteach a riar faoi Rialachán (AE) XXX/XXX [an Rialachán maidir le hAthlonnú] agus daoine a ligtear isteach i gcomhréir le scéim náisiúnta athlonnaithe. Is é is cuspóir do na leasuithe sin cuidiú leis na Ballstáit an Rialachán Athlonnaithe a chur chun feidhme i gceart. I gcomhréir le hAirteagal 6 de Rialachán (AE) XXX/XXX [an Rialachán Athlonnaithe], tá siad sin ar dhá cheann de na forais eisiaimh maidir le cead isteach faoin Rialachán seo; mura ndéanfaí na sonraí sin a thaifeadadh in Eurodac, bheadh ar an mBallstát a bheadh ag riar nós imeachta um chead isteach le haghaidh athlonnaithe, bheadh air seiceáil déthaobhach a dhéanamh leis na Ballstáit uile eile féachaint ar bhain ceann den dá chás sin leis an duine i gceist. Lena chois sin, thug na comhreachtóirí isteach athruithe lena n‑éascófaí an rochtain atá ag údaráis forfheidhmithe dlí ar Eurodac trí dheis a thabhairt dóibh cuardaigh a dhéanamh ar bhonn sonraí alfa-uimhriúla. Tugadh isteach leo freisin na forálacha is gá chun cóipeanna daite scanta de dhoiciméid aitheantais nó taistil a stóráil in Eurodac. Bhí sé d’aidhm ag na forálacha sin an filleadh a éascú.

Agus an méid thuas á chur san áireamh agus tuilleadh á chur leis an mbonn sin, athróidh an togra seo an córas go hiomlán chun go bhféadfar iarratasóirí (céaduaire) ar chosaint idirnáisiúnta a áireamh. Bainfidh na Ballstáit agus an tAontas tairbhe as an méid sin mar chéad chéim chun gluaiseachtaí neamhúdaraithe a mhapáil agus chun a áirithiú go dtabharfar freagairt bheartais iomchuí chun dul i ngleic leis an bhfeiniméan sin. Ina theannta sin, tá forálacha nua ann lena n‑áiritheofar comhleanúnachas leis an togra le haghaidh Rialachán maidir le Bainistiú Tearmainn agus Imirce (lena n‑athchóirítear seanchóras Bhaile Átha Cliath). Soláthraítear leis an togra seo critéar freagrachta maidir le hiarratas ar chosaint idirnáisiúnta a scrúdú i gcás ina gclárófar an t‑iarratas tar éis an duine lena mbaineann a dhíbhordáil mar chuid d’oibríocht chuardaigh agus tarrthála (faoi na rialacha atá ann faoi láthair, cumhdaítear daoine den sórt sin leis an gcritéar um iontráil neamhrialta). Cé gurb ionann na rialacha maidir le freagracht i gcás na catagóire nua seo agus na rialacha i gcás daoine a thagann isteach go neamhrialta, tá an t‑idirdhealú ábhartha ós rud é go bhfuil dúshláin shonracha le sárú ag Ballstáit na díbhordála toisc nach féidir leo na huirlisí sin a úsáidtear i gcás trasnuithe neamhrialta ar tír nó san aer a chur i bhfeidhm maidir le díbhordáil SAR. Dá bhrí sin, is gá catagóir ar leithligh a bheith ann do na daoine sin in Eurodac seachas iad a chlárú mar dhaoine a thrasnaigh an teorainn go neamhrialta (mar atá faoi láthair). Léireofar go soiléir in Eurodac an t‑aistriú freagrachta idir na Ballstáit, rud a chuirfidh dlús leis na nósanna imeachta tearmainn. Tríd an bhfoláireamh slándála a mharcáil tar éis an nóis imeachta nua um scagadh, éascófar freisin cur i bhfeidhm na rialacha maidir le hathshocrú, arae eisiafar ón athshocrú na daoine ar bagairt iad ar an tslándáil. Ar an gcaoi chéanna, ach réimse a thabhairt isteach ina dtabharfaí tásc ar an mBallstát a d’eisigh víosa don iarratasóir nó a chuir síneadh leis an víosa nó a bhfuil víosa eisithe thar a cheann maille le huimhir an iarratais ar víosa, d’éascófaí cur i bhfeidhm na gcritéar freagrachta i leith na mBallstát/na dTíortha Comhlachaithe sin nach bhfuil faoi cheangal ag Rialachán VIS ach a ndéanann eisiúint víosa difear dóibh ina ainneoin sin. Dá bhrí sin, trí na heilimintí sin go léir a mharcáil go soiléir in Eurodac, bainfidh na Ballstáit tairbhe as próiseas tearmainn níos tapúla sa chiall is leithne de sin. Ar deireadh, leis an togra nua, áiritheofar, trí chuí‑oiriúnú sprioc-amanna, go mbeidh comh‑altadh néata idir an próiseas scagtha agus an chuid eile den chóras, agus áiritheofar go mbeidh nasc níos rianúla leis an bhfilleadh trí mharcáil a dhéanamh lena léireofar an cás inar diúltaíodh iarratas agus nach bhfuil, dá réir sin, aon cheart ag an duine fanacht agus trí mharcáil a dhéanamh lena léireofar ar deonaíodh cúnamh um an bhfilleadh deonach agus um an ath‑lánpháirtiú (AVVR).

Lena chois sin, tabharfar isteach leis an togra seo sraith leasuithe iarmhartacha atá nasctha leis an gcreat idir-inoibritheachta, lena n‑áirítear leasuithe ar an Rialachán maidir le hIdir-inoibritheacht. I dtaca leis na boinn chirt dhlíthiúla agus airgeadais is gá maidir leo sin, déantar foráil maidir leis na boinn chirt sin sa ráiteas dlí agus airgeadais maidir le hidir-inoibritheacht agus ní chumhdófar sa doiciméad seo iad.

1.4.4.Táscairí lena léireofar torthaí agus tionchar 

Sonraigh na táscairí lena léireofar an faireachán ar chur chun feidhme an togra/tionscnaimh.

Fad agus atá an Lárchóras á uasghrádú, lena n‑áirítear d’fhonn an creat idir-inoibritheachta a chur chun feidhme

Tar éis an dréacht‑togra a fhormheas agus na sonraíochtaí teicniúla a ghlacadh, déanfar Lárchóras Eurodac a uasghrádú ó thaobh acmhainne agus tréchuir le haghaidh tarchur ó Phointí Rochtana Náisiúnta na mBallstát. Comhordóidh eu-LISA an bhainistíocht tionscadail ar uasghrádú an Lárchórais agus na gcóras náisiúnta ar leibhéal an Aontais agus comhordóidh sé comhtháthú an Chomhéadain Aonfhoirmigh Náisiúnta (NUI) ar an leibhéal náisiúnta.

Cuspóir sonrach: É a bheith réidh le tosú ag feidhmiú nuair a thiocfaidh an Rialachán nua maidir le Bainistiú Tearmainn agus Imirce i bhfeidhm (lena n‑athchóirítear seanchóras Bhaile Átha Cliath).

Táscaire: Mar réiteach don chur i bhfeidhm, tá fógra tugtha ag eu-LISA á chur in iúl go bhfuil tástáil chuimsitheach ar Lárchóras Eurodac tugtha chun críche go rathúil ag an nGníomhaireacht i gcomhar leis na Ballstáit.

A luaithe a bheidh an Lárchóras nua ag feidhmiú (Airteagal 42 de thogra bunaidh 2016 arna chomhaontú go sealadach ag na comhreachtóirí)

A luaithe a bheidh córas Eurodac ag feidhmiú, áiritheoidh eu-LISA go mbeidh córais i bhfeidhm chun faireachán a dhéanamh ar fheidhmiú an chórais i bhfianaise na gcuspóirí atá leagtha síos. Ag deireadh gach bliana, ba cheart do eu-LISA tuarascáil ar ghníomhaíochtaí an Lárchórais a chur faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa, na Comhairle agus an Choimisiúin, tuarascáil lena n‑áirítear slándáil agus feidhmiú teicniúil an Lárchórais. Beidh faisnéis sa tuarascáil bhliantúil maidir le bainistíocht agus feidhmíocht Eurodac i gcomhréir le táscairí cainníochtúla réamhshainithe i ndáil lena chuspóirí.

Laistigh de trí bliana ón dáta glactha, ba cheart do eu-LISA staidéar a dhéanamh ar a indéanta atá sé bogearraí aghaidh‑aitheanta a chur leis an Lárchóras lena n‑áiritheofaí torthaí iontaofa cruinne tar éis sonraí íomhá den aghaidh a chur i gcomparáid le chéile.

Laistigh de seacht mbliana ón dáta glactha agus gach ceithre bliana ina dhiaidh sin, cuirfidh an Coimisiún meastóireacht fhoriomlán ar Eurodac le chéile ina mbeidh scrúdú ar na torthaí a baineadh amach de réir na gcuspóirí a bhí ann agus ar an tionchar ar chearta bunúsacha, lena n‑áirítear má bhíonn idirdhealú indíreach in aghaidh daoine a chumhdaítear leis an Rialachán seo mar thoradh ar rochtain a bheith ag lucht fhorfheidhmiú an dlí, agus ina mbeidh measúnú ar bhailíocht leanúnach na bunréasúnaíochta agus ar aon impleacht d’oibríochtaí amach anseo; agus déanfaidh an Coimisiún aon mholadh is gá de réir an mhéid sin. Tarchuirfidh an Coimisiún an mheastóireacht chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle.

Déanfaidh gach Ballstát agus Europol tuarascálacha bliantúla a ullmhú maidir le héifeachtacht chomparáid na sonraí méarlorg le sonraí Eurodac chun críocha fhorfheidhmiú an dlí, tuarascálacha ina mbeidh staidreamh maidir le líon na n‑iarrataí a rinneadh agus líon na n‑amas a fuarthas.

1.5.Forais an togra/tionscnaimh 

1.5.1.Na ceanglais is gá a chomhlíonadh sa ghearrthéarma nó san fhadtéarma, lena náirítear amlíne mhionsonraithe maidir le cur chun feidhme céimneach an tionscnaimh

(1) A chinneadh cé acu Ballstát atá freagrach as scrúdú a dhéanamh ar iarratas ar chosaint idirnáisiúnta faoin togra nua le haghaidh Rialachán maidir le Bainistiú Tearmainn agus Imirce.

(2) Seiceáil a dhéanamh, chun críocha athdhoiciméadaithe agus fillte, ar chéannacht náisiúnach tríú tír neamhrialta atá ag teacht chuig an Aontas nó atá laistigh den Aontas cheana.

(3) Cuidiú a thabhairt i ndáil le sainaithint náisiúnach tríú tír leochaileach, mionaoisigh cuir i gcás, arae is minic a dhéantar mionaoisigh a smuigleáil.

(4) An comhrac i gcoinne na coireachta idirnáisiúnta, na sceimhlitheoireachta agus bagairtí slándála eile a neartú.

(4) Cúnamh a thabhairt chun Rialachán (AE) XXX/XXX [an Rialachán maidir le hAthlonnú] a chur i bhfeidhm trí chur i bhfeidhm na bhforas eisiaimh a éascú (mar a mhínítear faoi phointe 1.4.3).

(5) Cúnamh a thabhairt chun gluaiseachtaí neamhúdaraithe a mhapáil trí iarratasóirí (céaduaire) a áireamh.

(6) Tacú le cur chun feidhme éifeachtach an chreata idir-inoibritheachta (lena n‑áirítear leasuithe ar an Rialachán maidir le hIdir-inoibritheacht) agus, sa chomhthéacs sin, tacú le cuspóirí an Chórais Faisnéise Víosaí (VIS) agus an Chórais Eorpaigh um Fhaisnéis agus Údarú Taistil (ETIAS). Maidir le VIS, beidh rochtain ag na húdaráis inniúla víosaí ar Eurodac chun sonraí a cheadú i bhformáid inléite amháin; cuirfidh an méid sin ionchur ar fáil le haghaidh an phróisis chun iarratais ar víosaí a scrúdú agus chun cinneadh a dhéanamh ina leith. Maidir le ETIAS, beifear in ann, le forálacha sonracha atá i Rialachán Eurodac, comparáid a dhéanamh idir na sonraí atá in ETIAS agus na sonraí atá in Eurodac ionas gur féidir na fíoruithe dá bhforáiltear in Airteagal 20 de Rialachán ETIAS a dhéanamh. Thairis sin, beidh rochtain ag aonaid náisiúnta ETIAS ar Eurodac agus féadfaidh siad é a cheadú, i bhformáid inléite amháin, chun scrúdú a dhéanamh ar iarratais ar údarú taistil.

1.5.2.Breisluach a bhaineann le rannpháirteachas an Aontais (d’fhéadfadh sé gur fachtóirí éagsúla a thabharfadh an breisluach, e.g. gnóthachain de thoradh comhordú, deimhneacht dhlíthiúil, éifeachtacht mhéadaithe nó comhlántachtaí). Chun críocha an phointe seo, is é a chiallaíonn ‘breisluach a bhaineann le rannpháirteachas an Aontais’ an luach a thagann as idirghabháil an Aontais ar luach é atá sa bhreis ar an luach a bheadh ann dá mbeadh na Ballstáit ag feidhmiú leo féin.

Cúiseanna le beart a dhéanamh ar an leibhéal Eorpach (ex ante)

Ní féidir le haon Bhallstát amháin leis féin aghaidh a thabhairt ar an inimirce neamhrialta agus ar ghluaiseachtaí neamhúdaraithe ná déileáil leis na hiarratais ar thearmann uile a dhéantar laistigh den Aontas. Mar atá tugtha faoi deara san Aontas le blianta fada, is féidir le duine teacht isteach san Aontas trí na teorainneacha seachtracha, ach gan é féin a chur faoi bhráid pointe trasnaithe teorann ainmnithe. Is amhlaidh a bhí go háirithe in 2014 agus 2015 nuair a tháinig breis agus milliún imirceach neamhrialta isteach san Aontas trí bhealaí na Meánmhara Láir agus Theas. Ar an gcaoi chéanna, ó 2015 i leith, chonacthas gluaiseachtaí ar aghaidh chuig Ballstáit eile ó Bhallstáit a bhfuil teorainn náisiúnta acu ar theorainn sheachtrach de chuid chríoch an Aontais. Ní féidir leis na Ballstáit, dá bhrí sin, faireachán a dhéanamh ar chomhlíonadh rialacha de chuid an Aontais agus nósanna imeachta amhail an nós imeachta lena suitear an Ballstát atá freagrach as iarratas ar thearmann a scrúdú, más ag gníomhú leo féin atá siad. I gcás limistéar gan teorainneacha inmheánacha, ba cheart comhghníomhaíocht a dhéanamh i gcoinne na hinimirce neamhrialta. Nuair a chuirtear na nithe sin uile san áireamh, is fearr atá an tAontas ná na Ballstáit in ann na bearta iomchuí a dhéanamh.

Ar an gcaoi chéanna, ní féidir leis na Ballstáit na forais eisiaimh faoi Rialachán (AE) XXX/XXX [an Rialachán maidir le hAthlonnú] a chur i bhfeidhm go héifeachtúil agus iad ag gníomhú leo féin.

Is fearrde an bainistiú teorainneacha úsáid a bhaint as na trí chóras TF ar mhórscála de chuid an Aontais (SIS, VIS agus Eurodac) atá ann cheana. Ach faisnéis níos fearr a bheith ar fáil ar ghluaiseachtaí trasteorann na náisiúnach tríú tír ar leibhéal an Aontais, chuideodh sin le bonn fíorasach a leagan síos ar a bhféadfaí beartas imirce an Aontais a fhorbairt agus a chur in oiriúint. Dá bhrí sin, níor mhór Rialachán Eurodac a leasú freisin chun cuspóir breise a chur leis, eadhon rochtain a cheadú chun an imirce neamhrialta chuig an Aontas agus gluaiseachtaí neamhúdaraithe a dhéanann imircigh neamhrialta laistigh den Aontas a rialú (togra 2016). Ní féidir leis na Ballstáit leo féin an cuspóir seo a bhaint amach go leormhaith, toisc nach féidir ach leis an gCoimisiún a leithéid de leasú a mholadh. Ar an gcaoi chéanna, ní féidir ach leis an gCoimisiún na modhnuithe is gá i ndáil le cur chun feidhme éifeachtach an chreata idir-inoibritheachta a mholadh.

An breisluach AE a mheastar a ghinfear (ex post)

Meastar go mbeidh breisluach ag Rialachán Eurodac ar leibhéil éagsúla. Ar an gcéad dul síos, meastar go n‑áiritheofar leis an Rialachán go ndéanfar na rialacha dá bhforáiltear leis an togra le haghaidh Rialachán maidir le Bainistiú Tearmainn agus Imirce (seanchóras Bhaile Átha Cliath) a chur i bhfeidhm go héifeachtach agus go pras, tríd an bhfaisnéis is gá a mharcáil go soiléir, amhail an t‑aistriú freagrachta ó Bhallstát amháin go Ballstát eile, na sonraí le haghaidh athshocraithe nó sonraí ábhartha chun freagracht a shuí. Ar an dara dul síos, meastar go dtabharfaidh an Rialachán cúnamh níos fearr maidir le rialú na hinimirce neamhrialta agus gluaiseachtaí neamhúdaraithe a bhrath i measc daoine eile trí iarratasóirí ar chosaint idirnáisiúnta a áireamh chomh maith le hiarratais. Ar an tríú dul síos, meastar go n‑áiritheofar leis cur i bhfeidhm éifeachtach an Rialacháin maidir le hAthlonnú tríd an bhfaisnéis is gá a chur ar fáil don mheasúnú a dhéanfar ag céim an nóis imeachta um chead isteach. Mura bhfuil an fhaisnéis sin in Eurodac, bheadh ar an mBallstát a bheadh ag riar an nóis imeachta um chead isteach an fhaisnéis sin a fháil trí theagmháil dhéthaobhach a dhéanamh leis na Ballstáit uile eile. Ar an gceathrú dul síos, meastar go n‑áiritheofar leis an Rialachán feidhmiú Eurodac sa chreat idir-inoibritheachta ós rud é nach mór do roinnt forálacha sna Rialacháin maidir le hIdir-inoibritheacht na contrapháirteanna iomchuí a bheith sna gníomhartha dlí lena rialaítear na bunachair sonraí a chumhdaítear leis an idir-inoibritheacht. Ar deireadh, meastar go n‑éascófar leis an Rialachán daoine a fhilleadh agus go n‑áiritheofar altadh gan dua leis an bpróiseas scagtha.

1.5.3.Ceachtanna a foghlaimíodh ó thaithí eile den sórt sin san am a chuaigh thart

Ba iad na príomhcheachtanna a foghlaimíodh ó uasghrádú an Lárchórais tar éis Rialachán Eurodac 32 athmhúnlaithe a ghlacadh, an tábhacht a bhaineann le bainistíocht tionscadail luath ag na Ballstáit agus lena áirithiú go ndearnadh uasghrádú an naisc náisiúnta a bhainistiú de réir garspriocanna. D’ainneoin gur chuir eu-LISA sceideal bainistíochta tionscadail righin ar bun le haghaidh uasghrádú an Lárchórais agus uasghrádú nasc náisiúnta na mBallstát, theip ar roinnt Ballstát nó bhí baol ann go dteipfeadh orthu nascadh leis an Lárchóras faoin 20 Iúil 2015 (dhá bhliain tar éis an Rialachán a ghlacadh).

Ag an gceardlann ‘Ceachtanna a Foghlaimíodh’ a reáchtáladh tar éis an Lárchóras a uasghrádú in 2015, chuir Ballstáit in iúl freisin gur ghá céim forbartha a bheith sa chéad uasghrádú eile a dhéanfar ar an Lárchóras lena áirithiú go mbeadh na Ballstáit uile in ann nascadh leis an Lárchóras in am.

Thángthas ar réitigh mhalartacha in 2015 do na Ballstáit sin nach raibh in ann nascadh go tráthúil leis an Lárchóras. Áiríodh ar an méid sin go dtabharfadh eu-LISA réiteach i dtaca le Pointe Rochtana Náisiúnta/Tarchur Íomhánna Méarloirg ar iasacht do Bhallstát amháin, réiteach a bhí in úsáid ag an nGníomhaireacht chun tástáil a dhéanamh ar ionsamhlúcháin, toisc nár éirigh leis an mBallstát i gceist an maoiniú ba ghá a fháil chun an nós imeachta um sholáthar a thosú go gairid tar éis ghlacadh Rialachán Eurodac. Bhí ar dhá Bhallstát eile dul i muinín réiteach inmheánach a úsáid dá nascadh sular shuiteáil siad na réitigh i dtaca le Pointí Rochtana Náisiúnta/Tarchur Íomhánna Méarloirg a soláthraíodh dóibh.

Shínigh eu-LISA Creatchonradh le soláthraí seirbhíse chun feidhmiúlachtaí agus seirbhísí cothabhála a fhorbairt le haghaidh Eurodac. Bhain roinnt Ballstát úsáid as an gcreatchonradh seo chun réiteach i dtaca le Pointe Rochtana Náisiúnta/Tarchur Íomhánna Méarloirg caighdeánaithe a sholáthar, rud a d’fhág go ndearnadh airgead a shábháil agus gur seachnaíodh nósanna imeachta soláthair náisiúnta. Ba cheart creatchonradh den chineál sin a mheas lena úsáid arís le haghaidh an uasghrádaithe a dhéanfar amach anseo.

1.5.4.Comhoiriúnacht agus sineirgíocht fhéideartha le hionstraimí iomchuí eile

Ba cheart féachaint ar an togra seo mar chuid den fhorbairt leanúnach ar Rialachán Bhaile Átha Cliath 33 a bheartaítear Rialachán maidir le Bainistiú Tearmainn agus Imirce, an Teachtaireacht ón gCoimisiún ar Chomhaontú nua maidir le hImirce agus Tearmann (COM(2020) XXX final) agus an Teachtaireacht ón gCoimisiún maidir le Córais Faisnéise níos Láidre agus níos Cliste um Teorainneacha agus um Shlándáil 34 a chur ina ionad, agus i gcomhar leis an Rialachán maidir leis an gCiste Slándála Inmheánaí le haghaidh Teorainneacha 35 mar chuid den chreat airgeadais ilbhliantúil agus den Rialachán lena mbunaítear eu-LISA 36 .

Laistigh den Choimisiún, is í AS HOME an Ard‑Stiúrthóireacht atá freagrach as Eurodac a bhunú.

1.6.Fad agus tionchar airgeadais 

 tréimhse theoranta

   i bhfeidhm ón [LL/MM]BBBB go dtí an [LL/MM]BBBB

   Tionchar airgeadais ó BBBB go BBBB maidir le leithreasuithe faoi chomhair gealltanas agus ó BBBB go BBBB maidir le leithreasuithe faoi chomhair íocaíochtaí.

 tréimhse neamhtheoranta

Cur chun feidhme le céim forbartha le linn na chéad trí bliana tar éis a ghlactha,

agus teacht i ngníomh agus cothabháil ina dhiaidh sin.

1.7.Modhanna bainistíochta atá beartaithe 

 Bainistíocht dhíreach a dhéanann an Coimisiún

ina ranna, lena n‑áirítear an chuid sin den fhoireann atá i dtoscaireachtaí an Aontais;

   trí na gníomhaireachtaí feidhmiúcháin

 Bainistíocht atá comhroinnte leis na Ballstáit

 Bainistíocht indíreach trí chúraimí a bhaineann le cur chun feidhme an bhuiséid a shannadh dóibh seo a leanas:

tríú tíortha nó na comhlachtaí a d'ainmnigh siad;

eagraíochtaí idirnáisiúnta agus a ngníomhaireachtaí (tabhair sonraí);

BEI agus an Ciste Eorpach Infheistíochta;

comhlachtaí dá dtagraítear in Airteagail 70 agus 71 den Rialachán Airgeadais;

comhlachtaí dlí phoiblí;

comhlachtaí arna rialú ag an dlí príobháideach agus a bhfuil misean seirbhíse poiblí acu sa mhéid go gcuireann siad ráthaíochtaí leordhóthanacha airgeadais ar fáil;

comhlachtaí arna rialú ag dlí príobháideach Ballstáit, a gcuirtear de chúram orthu comhpháirtíochtaí príobháideacha poiblí a chur chun feidhme, agus a sholáthraíonn ráthaíochtaí leordhóthanacha airgeadais;

daoine a gcuirtear de chúram orthu bearta sonracha a chur chun feidhme in CBES de bhun Theideal V de CAE, ar daoine iad a aithnítear sa bhunghníomh ábhartha.

I gcás ina sonraítear níos mó ná modh bainistíochta amháin, tabhair sonraí sa roinn ‘Nótaí’ le do thoil.

Nótaí

Is é an Coimisiún a bheidh freagrach as bainistíocht fhoriomlán na gníomhaíochta agus is é eu-LISA a bheidh freagrach as an gcóras a fhorbairt, a fheidhmiú agus a chothabháil.

 

2.BEARTA BAINISTÍOCHTA 

2.1.Rialacha faireacháin agus tuairiscithe 

Sonraigh minicíocht na mbeart agus na coinníollacha atá leo.

Déantar foráil in Airteagal 42 den togra bunaidh ó 2016 maidir leis na rialacha i ndáil le faireachán agus meastóireacht a dhéanamh ar an gcóras Eurodac:

Tuarascáil bhliantúil: faireachán agus meastóireacht

1. Cuirfidh eu-LISA tuarascáil bhliantúil ar ghníomhaíochtaí an Lárchórais, lena n‑áirítear ar fheidhmiú teicniúil agus ar shlándáil an chéanna, faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa, faoi bhráid na Comhairle, faoi bhráid an Choimisiúin agus faoi bhráid an Mhaoirseora Eorpaigh ar Chosaint Sonraí. Beidh faisnéis sa tuarascáil bhliantúil maidir le bainistíocht agus feidhmíocht Eurodac de réir táscairí cainníochtúla réamhshainithe na gcuspóirí dá dtagraítear i mír 2.

2. Áiritheoidh eu-LISA go mbeidh nósanna imeachta ann chun faireachán a dhéanamh ar fheidhmiú an Lárchórais de réir cuspóirí maidir le haschur, costéifeachtacht agus caighdeán seirbhíse.

3. Chun críocha na cothabhála teicniúla, an tuairiscithe agus an staidrimh, beidh rochtain ag eu-LISA ar an bhfaisnéis is gá maidir leis na hoibríochtaí próiseála a dhéanfar sa Lárchóras.

3a.    Laistigh de trí bliana ón dáta glactha, déanfaidh eu-LISA staidéar ar indéantacht theicniúil bogearraí aghaidh‑aitheanta a chur isteach sa Lárchóras chun comparáid a dhéanamh idir íomhánna den aghaidh. Beidh meastóireacht sa staidéar sin ar a iontaofa agus a chruinne a bhíonn torthaí ó bhogearraí aghaidh‑aitheanta chun críocha Eurodac agus beidh na moltaí is gá ann faoina bhfuil le déanamh sula dtabharfar teicneolaíocht aghaidh‑aitheanta isteach sa Lárchóras.

4. Laistigh de seacht mbliana ón dáta glactha agus gach ceithre bliana ina dhiaidh sin, cuirfidh an Coimisiún meastóireacht fhoriomlán ar Eurodac le chéile ina mbeidh scrúdú ar na torthaí a baineadh amach de réir na gcuspóirí a bhí ann agus ar an tionchar ar chearta bunúsacha, lena n‑áirítear má bhíonn idirdhealú indíreach in aghaidh daoine a chumhdaítear leis an Rialachán seo mar thoradh ar rochtain a bheith ag lucht fhorfheidhmiú an dlí, agus ina mbeidh measúnú ar bhailíocht leanúnach na bunréasúnaíochta agus ar aon impleacht d’oibríochtaí amach anseo; agus déanfaidh an Coimisiún aon mholadh is gá de réir an mhéid sin. Tarchuirfidh an Coimisiún an mheastóireacht chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle.

5. An fhaisnéis is gá chun an tuarascáil dá dtagraítear i mír 1 a dhréachtú, cuirfidh na Ballstáit an fhaisnéis sin ar fáil do eu-LISA agus don Choimisiún.

6. An fhaisnéis is gá chun na tuarascálacha meastóireachta dá dtagraítear i mír 4 a dhréachtú, soláthróidh eu-LISA, na Ballstáit agus Europol an fhaisnéis sin don Choimisiún. Ní chuirfidh an fhaisnéis sin modhanna oibre i gcontúirt ná ní bheidh faisnéis ar áireamh ann a nochtfaidh foinsí, baill foirne ná imscrúduithe na n‑údarás ainmnithe.

7. Agus forálacha an dlí náisiúnta maidir le foilsiú faisnéise íogaire á n‑urramú, déanfaidh gach Ballstát agus Europol tuarascálacha bliantúla a ullmhú maidir le héifeachtacht chomparáid na sonraí méarlorg le sonraí Eurodac chun críocha fhorfheidhmiú an dlí, tuarascálacha ina mbeidh faisnéis agus staidreamh faoi:

   cad é go baileach is cuspóir don chomparáid, lena n‑áirítear an cineál ciona sceimhlitheoireachta nó an cineál ciona choiriúil thromchúisigh,

   na forais a luaitear le haghaidh amhras réasúnach,

   na forais réasúnacha a luaitear gan comparáid a dhéanamh le Ballstáit eile faoi Chinneadh 2008/615/JHA, i gcomhréir le hAirteagal 32(1) den Rialachán seo,

   líon na n‑iarrataí ar chomparáid a dhéanamh,

   líon agus cineál na gcásanna inar éirigh leis na húdaráis sainaithint a dhéanamh, agus

   eolas faoin ngá agus faoin úsáid a baineadh as an gcás práinne eisceachtúil, lena n‑áirítear na cásanna sin nár glacadh leis an bpráinn sin iontu san fhíorú ex-post a rinne an t‑údarás fíoraithe.

Tarchuirfidh na Ballstáit agus Europol a dtuarascálacha chuig an gCoimisiún roimh an 30 Meitheamh den bhliain ina dhiaidh sin.

8. Ar bhonn thuarascálacha bliantúla na mBallstát agus Europol dá bhforáiltear i mír 7 agus sa bhreis ar an meastóireacht fhoriomlán dá bhforáiltear i mír 4, tiomsóidh an Coimisiún tuarascáil bhliantúil ar rochtain lucht fhorfheidhmiú an dlí ar Eurodac agus tarchuirfidh sé í chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle agus chuig an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí.

2.2.Córais bainistíochta agus rialaithe 

2.2.1.An bonn cirt atá leis na modhanna bainistíochta, le sásraí cur chun feidhme an mhaoinithe, leis na coinníollacha íocaíochta agus leis an straitéis rialaithe atá beartaithe

Tá eu-LISA beartaithe ina ionad barr feabhais chun córais TF ar mhórscála a fhorbairt agus a bhainistiú. Déanfaidh sé na gníomhaíochtaí atá nasctha le forbairt/uasghrádú agus oibríochtaí Lárchóras Eurodac a chur i gcrích.

Glacadh ar bhonn dlíthiúil agus forbairt

Tar éis ghlacadh an dréacht‑togra/na nGníomhartha Cur Chun Feidhme agus tar éis ghlacadh na sonraíochtaí teicniúla, déanfar Lárchóras Eurodac a uasghrádú. Le linn na céime forbartha, is é eu-LISA a chuirfidh na gníomhaíochtaí forbartha uile i gcrích. Comhordóidh eu-LISA an bhainistíocht tionscadail ar uasghrádú an Lárchórais agus na gcóras náisiúnta ar leibhéal an Aontais agus ar chomhtháthú an Chomhéadain Aonfhoirmigh Náisiúnta a dhéanfaidh na Ballstáit ar an leibhéal náisiúnta.

Teacht i bhfeidhm

Ionas go dtiocfaidh sé i bhfeidhm, beidh fógra tugtha ag eu-LISA á chur in iúl go bhfuil tástáil chuimsitheach ar Lárchóras Eurodac tugtha chun críche go rathúil aige féin i gcomhar leis na Ballstáit.

Oibríochtaí

Le linn na céime oibríochtúla, déanfaidh eu-LISA an córas a chothabháil go teicniúil agus déanfaidh sé faireachán ar fheidhmiú an chórais de réir cuspóirí. Ag deireadh gach bliana, ba cheart do eu-LISA tuarascáil ar ghníomhaíochtaí an Lárchórais a chur faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa, na Comhairle agus an Choimisiúin, tuarascáil lena n‑áiritheofar torthaí iontaofa cruinne.

2.2.2.Faisnéis faoi na rioscaí a aithníodh agus na córais rialaithe inmheánacha a cuireadh ar bun chun na rioscaí a mhaolú

Sainaithnítear na rioscaí seo a leanas:

1) Deacrachtaí do eu-LISA forbairt agus comhtháthú an chórais sin a bhainistiú i gcomhthreo le forbairt a bhaineann le córais eile atá níos casta (Córas Dul isteach/Imeachta, córas aitheantais uathoibrithe méarlorg (AFIS) le haghaidh SIS II, VIS, ...) a bhíonn ar siúl le linn na tréimhse ama céanna.

2) Ní mór an Eurodac uasghrádaithe a chomhtháthú leis na córais náisiúnta TF agus ní mór iad sin a ailíniú go hiomlán leis na riachtanais lárnacha. An t‑idirphlé a dhéanfar leis na Ballstáit d’fhonn aonfhoirmeacht in úsáid an chórais a áirithiú, d’fhéadfadh sé moill a chur ar an bhforbairt.

Léiríonn na rioscaí a thuairiscítear thíos rioscaí tipiciúla a bhaineann le tionscadail:

1. An riosca nach dtabharfar an tionscadal chun críche in am;

2. An riosca nach dtabharfar an tionscadal chun críche de réir an bhuiséid;

3. An riosca nach gcuirfear raon iomlán an tionscadail i bhfeidhm.

Is é an chéad riosca an riosca is tábhachtaí toisc go mbeadh costais níos airde ann de dheasca an sceideal ama a shárú mar go mbíonn gaol ann idir formhór na gcostas agus an fad a mhaireann an tionscadal: costais foirne, costais cheadúnais a íoctar in aghaidh na bliana, etc.

Is féidir na rioscaí a mhaolú trí theicnící bainistíochta tionscadail a chur i bhfeidhm, lena n‑áirítear pleananna teagmhasacha a dhéanamh i gcás tionscadail forbartha agus ó thaobh líon foirne leordhóthanach de chun gur féidir an t‑ualach oibre a sheasamh an tráth is troime. Ar ndóigh, is iondúil a dhéantar meastachán ar an iarracht trí ghlacadh leis go mbeidh an t‑ualach oibre cothrom i rith an ama ach, os a choinne sin, is é an fhírinne i gcás tionscadal é go mbíonn ualach oibre éagothrom á mhaolú le leithdháiltí níos airde acmhainní.

Tá roinnt rioscaí a bhaineann le conraitheoir seachtrach a cheapadh don chineál oibre forbartha seo:

1. go háirithe, an riosca nach leithdháilfidh an conraitheoir go leor acmhainní don tionscadal nó go ndearfaidh agus go bhforbróidh sé córas nach córas úrscothach é;

2. an riosca nach n‑urramófar go hiomlán teicnící agus modhanna riaracháin chun tionscadail TF ar mhórscála á láimhseáil, toisc go bhfuil an conraitheoir ag iarraidh na costais a laghdú;

3. faoi dheireadh, ní féidir a chur as an áireamh go hiomlán an riosca go mbeidh deacrachtaí airgeadais ag an gconraitheoir, ar chúiseanna nach mbaineann leis an tionscadal.

Déanfar na rioscaí sin a mhaolú trí chonarthaí a bhronnadh ar bhonn critéir cháilíochta láidre, trí theistiméireachtaí do chonraitheoirí a sheiceáil agus trí chaidreamh láidir a chothabháil leo. Sa deireadh, mar rogha dheireanach, is féidir clásail phionóis agus foircinn thromchúiseacha a chur isteach ann agus a chur i bhfeidhm nuair is gá.

2.2.3.Meastachán ar chostéifeachtúlacht na rialuithe agus an bonn cirt atá leis sin (cóimheas ‘costais rialaithe ÷ luach na gcistí gaolmhara arna mbainistiú’) agus measúnú ar an leibhéal riosca earráide a mheastar a bheidh ann (tráth an íocaíocht a dhéanamh agus tráth an clár a dhúnadh) 

Tá eu-LISA beartaithe ina ionad barr feabhais chun córais TF ar mhórscála a fhorbairt agus a bhainistiú. Déanfaidh sé na gníomhaíochtaí atá nasctha le forbairt/uasghrádú agus oibríochtaí Lárchóras Eurodac a chur i gcrích.

Cuirtear cuntais na Gníomhaireachta faoi bhráid na Cúirte Iniúchóirí lena bhformheas, agus beidh siad faoi réir an nós imeachta um urscaoileadh. Déanfaidh Seirbhís um Iniúchóireacht Inmheánach an Choimisiúin iniúchtaí i gcomhar le hiniúchóir inmheánach na Gníomhaireachta.

Déanann an Coimisiún tuairisciú ar an gcóimheas idir ‘costais rialaithe/luach na gcistí gaolmhara arna mbainistiú’. Tuairiscítear sa tuarascáil bhliantúil ar ghníomhaíochtaí do 2018 ó AS HOME cóimheas 0.31 % i ndáil le hEintitis Iontaobhaithe Bainistíochta Indírí agus Gníomhaireachtaí Díláraithe, lena n‑áirítear eu-LISA. Ní dhéanann an Ghníomhaireacht tuairisciú ar leithligh ar an táscaire sin. Fuair eu-LISA tuairim iniúchóireachta glaine maidir lena chuntais bhliantúla 2017, rud a thugann le fios go bhfuil ráta earráide níos lú ná 2 % aige. Níl aon táscaire ann go rachaidh an ráta earráide in olcas sna blianta amach romhainn.

2.3.Bearta chun calaois agus neamhrialtachtaí a chosc 

Sonraigh na bearta coisctheacha agus cosanta atá ann cheana nó atá beartaithe, e.g. ón Straitéis Frithchalaoise.

Leagtar síos na bearta atá beartaithe chun calaois a chomhrac in Airteagal 50 de Rialachán (AE) 2018/1726, ina ndéantar foráil maidir leis an méid seo a leanas:

1. Beidh feidhm ag Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 883/2013 agus ag Rialachán (AE) 2017/1939 chun calaois, éilliú agus gníomhaíochtaí neamhdhleathacha eile a chomhrac.

2. Aontóidh an Ghníomhaireacht do Chomhaontú Idirinstitiúideach an 25 Bealtaine 1999 maidir le himscrúduithe inmheánacha arna ndéanamh ag OLAF agus glacfaidh sí, gan mhoill, na forálacha iomchuí is infheidhme maidir le foireann uile na Gníomhaireachta agus an teimpléad a leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann leis an gComhaontú á úsáid aici.

3. Beidh cumhacht ag an gCúirt Iniúchóirí iniúchtaí a dhéanamh, ar bhonn doiciméad agus cigireachtaí ar an láthair, ar gach tairbhí deontais, ar gach conraitheoir agus ar gach fochonraitheoir a fuair cistí Aontais ón nGníomhaireacht.

4. Féadfaidh OLAF imscrúduithe a dhéanamh, lena n‑áirítear seiceálacha agus cigireachtaí ar an láthair, i gcomhréir leis na forálacha agus na nósanna imeachta a leagtar síos i Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 883/2013 agus Rialachán (Euratom, CE) Uimh. 2185/96 (49) ón gComhairle, d’fhonn a shuí ar tharla calaois, éilliú nó aon ghníomhaíocht neamhdhleathach eile a dhéanann difear do leasanna airgeadais an Aontais i ndáil le deontas nó le conradh arna chistiú ag an nGníomhaireacht.

5. Gan dochar do mhíreanna 1, 2, 3 ná 4, beidh forálacha i gconarthaí, i gcomhaontuithe deontais agus i gcinntí deontais na Gníomhaireachta, ar forálacha iad lena dtabharfar an chumhacht go sainráite don Chúirt Iniúchóirí, do OLAF agus do OIPE iniúchtaí agus imscrúduithe den sórt sin a dhéanamh i gcomhréir lena gcuid inniúlachtaí faoi seach.

Beidh feidhm ag straitéis AS HOME maidir le calaois a chosc agus a bhrath.

3.AN TIONCHAR AIRGEADAIS A MHEASTAR A BHEIDH AG AN TOGRA/TIONSCNAMH 

3.1.Ceannteideal an chreata airgeadais ilbhliantúil agus na línte buiséid atá beartaithe 

Ceannteideal an chreata airgeadais ilbhliantúil

Líne buiséid

Cineál  
caiteachais

Ranníocaíocht

Ceannteideal 4: Imirce agus Bainistiú Teorainneacha

Caibidil 11: Bainistiú teorainneacha

LD/LN 37 .

ó thíortha de chuid CSTE 38

ó thíortha is iarrthóirí 39

ó thríú tíortha

de réir bhrí Airteagal [21(2)(b)] den Rialachán Airgeadais

4

11.1002 – an Ghníomhaireacht Eorpach chun Bainistiú Oibríochtúil a dhéanamh ar Chórais Mhórscála TF sa Limistéar Saoirse, Slándála agus Ceartais (‘eu-LISA’)

LD

NÍL

NÍL

TÁ*

NÍL

   *Faigheann eu-LISA ranníocaíochtaí ó na tíortha atá comhlachaithe le Comhaontú Schengen (NO, IS, CH, LI)

   

3.2.An tionchar a mheastar a bheidh ag an togra/tionscnamh ar chaiteachas 

3.2.1.Achoimre ar an tionchar a mheastar a bheidh ag an togra/tionscnamh ar chaiteachas 

EUR milliúin (go dtí an tríú deachúil)

Ceannteideal an chreata airgeadais  
ilbhliantúil

11

Bainistiú teorainneacha

eu-LISA

2021

2022

2023

2024

2025

2026

2027

IOMLÁN

Teideal 1: Caiteachas foirne

Gealltanais

(1a)

0.300

0.300

0.300

0.300

0.300

0.300

0.300

2.100

Íocaíochtaí

(1b)

0.300

0.300

0.300

0.300

0.300

0.300

0.300

2.100

Teideal 2: Caiteachas bonneagair agus oibríochta

Gealltanais

(2a)

Íocaíochtaí

(2b)

Teideal 3: Caiteachas oibríochta*

Gealltanais

(3a)

13.700

21.030

14.870

5.500

5.500

5.500

5.500

71.600

Íocaíochtaí

(3b)

13.700

21.030

14.870

5.500

5.500

5.500

5.500

71.600

IOMLÁN leithreasuithe 
faoi chomhair eu-LISA

Gealltanais

=1a+2a+3a

14.000

21.330

15.170

5.800

5.800

5.800

5.800

73.700

Íocaíochtaí

=1b+2b+3b

14.000

21.330

15.170

5.800

5.800

5.800

5.800

73.700



Ceannteideal an chreata airgeadais  
ilbhliantúil

7

An Riarachán Poiblí Eorpach

Chun an chuid seo a líonadh isteach, ba cheart leas a bhaint as na ‘sonraí buiséid de chineál riaracháin’ a iontráladh ar dtús san Iarscríbhinn a ghabhann leis an Ráiteas Airgeadais Reachtach a uaslódáiltear chuig DECIDE chun críocha comhairliúcháin idirsheirbhíse.

EUR milliúin (go dtí an tríú deachúil)

AS HOME

2021

2022

2023

2024

2025

2026

2027

IOMLÁN

Acmhainní daonna

0.450

0.450

0.450

0.450

0.450

0.450

0.450

3.150

Caiteachas riaracháin eile

IOMLÁN na leithreasuithe faoi CHEANNTEIDEAL 7 den chreat airgeadais ilbhliantúil

(Iomlán gealltanas = Iomlán íocaíochtaí)

0.450

0.450

0.450

0.450

0.450

0.450

0.450

3.150

EUR milliúin (go dtí an tríú deachúil)

2021

2022

2023

2024

2025

2026

2027

IOMLÁN

IOMLÁN na leithreasuithe 
ar fud na gCEANNTEIDEAL 
den chreat airgeadais ilbhliantúil 

Gealltanais

14.450

21.780

15.620

6.250

6.250

6.250

6.250

76.850

Íocaíochtaí

14.450

21.780

15.620

6.250

6.250

6.250

6.250

76.850

Ní bhaineann aon chostais le Europol ós rud é gurb é Europol a sheasfaidh na costais a bhaineann le Pointe Rochtana Europol.

3.2.2.An tionchar a mheastar a bheidh ag an togra/tionscnamh ar leithreasuithe faoi chomhair eu-LISA – tábla aschur

   Ní éilíonn an togra/tionscnamh go n‑úsáidfear leithreasuithe faoi chomhair oibríochtaí

   Éilíonn an togra/tionscnamh go n‑úsáidfear leithreasuithe faoi chomhair oibríochtaí mar a mhínítear thíos:

Leithreasuithe faoi chomhair gealltanas in EUR milliúin (go dtí an tríú deachúil)

Sonraigh cuspóirí agus aschuir

 

 

Bliain

Bliain

Bliain

Bliain

Bliain

Bliain

Bliain

IOMLÁN

2021

2022

2023

2024

2025

2026

2027

 

Saghas

Meánchostas

Uimhir

Costas

Uimhir

Costas

Uimhir

Costas

Uimhir

Costas

Uimhir

Costas

Uimhir

Costas

Uimhir

Costas

Uimhir

Costas

 

CUSPÓIR SONRACH UIMH. 1: Córas feidhmiúil Eurodac a fhorbairt

- Aschur

Conraitheoir 40

 

 

0.130

 

0.670

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

-

0.800

Fo-iomlán do chuspóir sonrach Uimh. 1

-

0.130

-

0.670

-

-

-

-

-

-

-

-

-

-

-

0.800

CUSPÓIR SONRACH UIMH. 2: Acmhainn bhunachar sonraí Eurodac a uasghrádú

- Aschur

Crua-earraí, bogearraí 41

 

 

7.870

 

11.260

 

8.870

 

 

 

 

 

 

 

 

-

28.000

- Aschur

Cothabháil

 

 

3.400

 

3.500

 

2.700

 

2.400

 

2.400

 

2.400

 

2.400

-

19.200

- Aschur

Tionscadail+forbairtí

 

 

0.800

 

0.800

 

0.800

 

1.000

 

1.000

 

1.000

 

1.000

-

6.400

- Aschur

Athlonnaithe

 

 

0.400

 

0.500

 

0.100

 

 

 

 

 

 

 

 

-

1.000

- Aschur

Cuardaigh alfa-uimhriúla

 

 

1.000

 

1.000

 

0.500

 

 

 

 

 

 

 

 

-

2.500

- Aschur

Cóipeanna pas

 

 

0.100

 

0.300

 

0.100

 

 

 

 

 

 

 

 

-

0.500

- Aschur

Aghaidh‑aitheantas EURODAC

 

 

 

 

3.000

 

 

 

 

 

 

 

 

 

-

3.000

- Aschur

Cothabháil bhreise EURODAC (Crua-earraí/Bogearraí/beo.beo)

 

 

 

 

 

 

1.800

 

2.100

 

2.100

 

2.100

 

2.100

-

10.200

Fo-iomlán do chuspóir sonrach Uimh. 2

 

 

 

20.360

 

14.870

 

5.500

 

5.500

 

5.500

 

5.500

-

70.800

IOMLÁN do chuspóirí 1 go 2

 

 

 

21.030

 

14.870

 

5.500

 

5.500

 

5.500

 

5.500

-

71.600

3.2.3.Achoimre ar an tionchar a mheastar a bheidh aige ar leithreasuithe de chineál riaracháin

(2)Ní éilíonn an togra/tionscnamh go núsáidfear leithreasuithe de chineál riaracháin

(3)Éilíonn an togra/tionscnamh go núsáidfear leithreasuithe de chineál riaracháin mar a mhínítear thíos:

EUR milliúin (go dtí an tríú deachúil)

Bliain

2021

2022

2023

2024

2025

2026

2027

IOMLÁN

CEANNTEIDEAL 7 
den chreat airgeadais ilbhliantúil

Acmhainní daonna

0.450

0.450

0.450

0.450

0.450

0.450

0.450

3.150

Caiteachas riaracháin eile

Fo-iomlán CHEANNTEIDEAL 7 
den chreat airgeadais ilbhliantúil

0.450

0.450

0.450

0.450

0.450

0.450

0.450

3.150

lasmuigh de CHEANNTEIDEAL 7 42  
of the multiannual financial framework

Acmhainní daonna

Caiteachas eile  
de chineál riaracháin

Fo-iomlán  
lasmuigh de CHEANNTEIDEAL 7 
den chreat airgeadais ilbhliantúil

IOMLÁN AS HOME

0.450

0.450

0.450

0.450

0.450

0.450

0.450

3.150

Na leithreasuithe is gá le haghaidh acmhainní daonna agus caiteachas eile de chineál riaracháin, cumhdófar iad leis na leithreasuithe sin san Ard‑Stiúrthóireacht atá sannta cheana do bhainistíocht an bhirt agus/nó atá athshannta laistigh den Ard‑Stiúrthóireacht, mar aon le haon leithdháileadh breise a d’fhéadfaí a thabhairt don Ard‑Stiúrthóireacht atá i mbun bainistíochta faoi chuimsiú an nós imeachta maidir le leithdháileadh bliantúil i bhfianaise na srianta buiséadacha.



3.2.3.1.Na hacmhainní daonna a mheastar a bheidh riachtanach

(4)Ní éilíonn an togra/tionscnamh go núsáidfear acmhainní daonna.

(5)Éilíonn an togra/tionscnamh go núsáidfear acmhainní daonna mar a mhínítear thíos:

Sloinnfear an meastachán in aonaid de choibhéis lánaimseartha

Bliain

2021

2022

2023

2024

2025

2026

2027

• Poist don phlean bunaíochta (oifigigh agus foireann shealadach)

Ceanncheathrú agus Oifigí Ionadaíocht an Choimisiúin

3

3

3

3

3

3

3

Toscaireachtaí

Taighde

Foireann sheachtrach (i gcoibhéis lánaimseartha: FTE) - AC, AL, END, INT agus JED  43

Ceannteideal 7

Arna mhaoiniú as CEANNTEIDEAL 7 den chreat airgeadais ilbhliantúil 

- sa cheanncheathrú

- i dtoscaireachtaí

Arna maoiniú as imchlúdach an chláir  44

- sa cheanncheathrú

- i dtoscaireachtaí

Taighde

Eile (sonraigh)

IOMLÁN AS HOME

3

3

3

3

3

3

3

Soláthrófar na hacmhainní daonna is gá le baill foirne ón Ard‑Stiúrthóireacht a bhfuil bainistíocht an bhirt faoina gcúram cheana agus/nó ar athshannadh a gcúraimí laistigh den Ard‑Stiúrthóireacht, mar aon le haon leithdháileadh breise a d’fhéadfaí a thabhairt don Ard‑Stiúrthóireacht atá i mbun bainistíochta faoi chuimsiú an nós imeachta maidir le leithdháileadh bliantúil agus i bhfianaise na srianta buiséadacha.

Cur síos ar na cúraimí a bheidh le déanamh:

Oifigigh agus foireann shealadach

Cúraimí éagsúla i dtaca le Eurodac e.g. i gcomhthéacs thuairim an Choimisiúin ar an gclár oibre bliantúil agus ar an bhfaireachán ar a chur chun feidhme, maoirseacht a dhéanamh ar bhuiséad na Gníomhaireachta a ullmhú agus faireachán a dhéanamh ar a chur chun feidhme, cuidiú leis an nGníomhaireacht a cuid gníomhaíochta a fhorbairt i gcomhréir le beartais an Aontais trí pháirt a ghlacadh i gcruinnithe saineolaithe etc.

Foireann sheachtrach

An tionchar a mheastar a bheidh ar an bhfoireann (FTE breise) – plean bunaíochta eu-LISA

Poist (plean bunaíochta)

2021

2022

2023

2024

2025

2026

2027

Poist bhreise

2

2

2

2

2

2

2

Tá sé beartaithe foireann a earcú in Eanáir 2021. Ní mór fáil a bheith ar gach ball foirne go luath in 2021 chun an fhorbairt a thosú in am trátha chun a áirithiú go dtiocfaidh Eurodac i bhfeidhm in 2021. Beidh an bheirt Ghníomhairí Shealadacha ag teastáil chun freastal ní amháin ar riachtanais chur chun feidhme an tionscadail ach le haghaidh tacaíocht agus cothabháil oibríochtúil tar éis tosú don táirgeadh. Úsáidfear na hacmhainní sin chun:

·Tacú le cur chun feidhme an tionscadail ina gcáil mar bhaill foirne, lena n‑áirítear gníomhaíochtaí amhail: riachtanais agus sonraíochtaí teicniúla a shainmhíniú, comhar agus tacú leis na Ballstáit le linn an chur chun feidhme, an Doiciméad um Rialáil Comhéadain a nuashonrú, obair leantach a dhéanamh ar sheachadtaí conarthacha, gníomhaíochtaí tástála tionscadail a dhéanamh (lena n‑áirítear tástáil sna Ballstáit a chomhordú), doiciméadacht a sheachadadh agus a nuashonrú etc.

·Tacú le gníomhaíochtaí aistrithe chun an córas a chur ag feidhmiú i gcomhar leis an gconraitheoir (athleanúint iar-eisiúna, próisis oibríochtúla a nuashonrú, gníomhaíochtaí oiliúna (lena n‑airítear gníomhaíochtaí oiliúna na mBallstát) etc.

·Tacú le gníomhaíochtaí fadtéarmacha, sonraíochtaí a shainmhíniú, ullmhúcháin chonarthacha i gcás inar gá an córas a athstruchtúrú (e.g. de bharr aithint íomhánna a thabhairt isteach) nó i gcás inar gá an Conradh um Eurodac a Choinneáil in Ord Oibre a leasú chun athruithe breise a chumhdach (ón taobh teicniúil agus buiséadach de)

·Chun an tacaíocht den dara leibhéal a fhorfheidhmiú tar éis teacht i bhfeidhm, le linn cothabháil leanúnach agus oibríochtaí leanúnacha.

Beidh na hacmhainní daonna (coibhéis bheirt ghníomhairí lánaimseartha) nua ag gníomhú de bhreis ar acmhainní na foirne inmheánaí, acmhainní a úsáidfear freisin le haghaidh na ngníomhaíochtaí tionscadail/conarthacha agus obair airgeadais leantach/gníomhaíochtaí oibríochtúla. Le húsáid na ngníomhairí sealadacha, forálfar do chonarthaí a bheidh fada agus leanúnach go leor chun leanúnachas gnó a áirithiú agus chun leas a bhaint as na speisialtóirí céanna le haghaidh gníomhaíochtaí tacaíochta oibríochtúla tar éis an tionscadal a thabhairt chun críche. De bhreis air sin, ní mór rochtain a chur ar fáil ar thimpeallacht táirgthe do ghníomhaíochtaí tacaíochta oibríochtúla de bhrí nach féidir na gníomhaíochtaí sin a shannadh do chonraitheoirí nó d’fhoireann sheachtrach.

3.2.4.Ranníocaíochtaí ó thríú páirtithe 

I gcás an togra/tionscnaimh seo:

(6)ní dhéantar foráil maidir le cómhaoiniú le tríú páirtithe

(7)déantar foráil maidir leis an gcómhaoiniú le tríú páirtithe atá réamhmheasta thíos:

Leithreasuithe in EUR milliúin (go dtí an tríú deachúil)

Bliain

2021

2022

2023

2024

2025

2026

2027

IOMLÁN

Sonraigh an comhlacht cómhaoinithe 

IOMLÁN leithreasuithe cómhaoinithe

3.3.An tionchar a mheastar a bheidh ar ioncam 

(8)Ní bheidh tionchar airgeadais ar bith ag an togra ar ioncam.

(9)Beidh an tionchar airgeadais seo a leanas ag an togra/tionscnamh:

   ar acmhainní dílse

   ar ioncam eile

má tá an t‑ioncam sannta do línte caiteachais, sonraigh sin    

⌧ Líne chaiteachais faoi seach i mbuiséad eu-LISA

EUR milliúin (go dtí an tríú deachúil)

Líne buiséid ioncaim:

Tionchar an togra/tionscnaimh 45

2021

2022

2023

2024

2025

2026

2027

Líne ioncaim faoi seach i mbuiséad eu-LISA

p.m.

p.m.

p.m.

p.m.

p.m.

p.m.

p.m.

I gcás ioncam atá sannta, sonraigh na línte buiséid a n‑imrítear tionchar orthu.

[…]

Aon rud eile (e.g. an modh nó an fhoirmle a úsáideadh chun an tionchar ar ioncam a ríomh nó aon fhaisnéis eile). 

Gheobhaidh eu-LISA ranníocaíochtaí ó thíortha atá comhlachaithe leis na bearta a bhaineann le Eurodac, mar atá leagtha síos sna comhaontuithe faoi seach*.

Bunófar an ríomh ar ríomhanna arna ndéanamh i ndáil le hioncam do chur chun feidhme chóras Eurodac ó na Stáit a ranníocann suim bhliantúil don bhliain airgeadais ábhartha faoi láthair isteach i mbuiséad ginearálta an Aontais Eorpaigh (íocaíochtaí atá caite), arna ríomh i gcomhréir le holltáirgeacht intíre Ballstáit amháin mar chéatadán d’olltáirgeacht intíre na Stát rannpháirteach uile. Ós rud é nach fios na híocaíochtaí atá caite ach a posteriori, ní fios méideanna do na blianta ábhartha ach a posteriori, dá bhrí sin cuirtear p.m. in ionad méideanna iarbhír. Ba cheart na méideanna iarbhír a bheith bunaithe ar shonraí EUROSTAT agus féadfaidh siad athrú de réir staid eacnamaíoch na Stát rannpháirteach.

*Comhaontú idir an Comhphobal Eorpach agus Poblacht na hÍoslainne agus Ríocht na hIorua maidir leis na critéir agus na meicníochtaí lena gcinntear cé an stát atá freagrach as iarraidh ar thearmann a scrúdú arna taisceadh i mBallstát nó san Íoslainn nó san Iorua, (IO L 93, 3.4.2001, lch. 40).

Comhaontú idir an Comhphobal Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise i ndáil leis na critéir agus na sásraí lena gcinntear cé an stát atá freagrach as iarraidh ar thearmann arna thaisceadh i mBallstát nó san Eilvéis a scrúdú, (IO L 53, 27.2.2008, lch. 5).

Prótacal idir an Comhphobal Eorpach, Cónaidhm na hEilvéise agus Prionsacht Lichtinstéin maidir le comhlachas Phrionsacht Lichtinstéin leis an gComhaontú idir an Comhphobal Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise i ndáil leis na critéir agus na sásraí lena gcinntear cé acu stát atá freagrach as iarraidh ar thearmainn arna taisceadh i mBallstát nó san Eilvéis a scrúdú (IO L 160 18.6.2011 lch. 39)

Prótacal idir an Comhphobal Eorpach, Cónaidhm na hEilvéise agus Prionsacht Lichtinstéin a ghabhann leis an gComhaontú idir an Comhphobal Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise maidir leis na critéir agus na meicníochtaí lena gcinntear cé acu stát atá freagrach as iarraidh thearmainn a scrúdú arna taisceadh i mBallstát nó san Eilvéis (2006/0257 CNS, arna chur i gcrích an 24.10.2008, foilsiú san IO ar feitheamh) agus Prótacal a ghabhann leis an gComhaontú idir an Comhphobal, Poblacht na hÍoslainne agus Ríocht na hIorua maidir leis na critéir agus na meicníochtaí lena gcinntear cé acu an stát atá freagrach as iarraidh thearmainn a scrúdú arna taisceadh i mBallstát, san Íoslainn nó san Iorua (IO L 93, 3.4.2001).

(1)    IO L […], […], lch. […].
(2)    IO L […], […], lch. […].
(3)    IO L […], […], lch. […].
(4)    IO L […], […], lch. […].
(5)    Rialachán (AE) 2019/817 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Bealtaine 2019 maidir le creat a bhunú le haghaidh idir-inoibritheacht idir córais faisnéise an Aontais i réimse teorainneacha agus víosaí agus lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 767/2008, (AE) 2016/399, (AE) 2017/2226, (AE) 2018/1240, (AE) 2018/1726 agus (AE) 2018/1861 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Cinntí 2004/512/CE agus 2008/633/CGB ón gComhairle, IO L 135, 22.5.2019, lgh. 27-84.
(6)    Rialachán (AE) 2019/818 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Bealtaine 2019 maidir le creat a bhunú le haghaidh idir-inoibritheacht idir córais faisnéise an Aontais i réimse an chomhair póilíneachta agus an chomhair bhreithiúnaigh, an tearmainn agus na himirce agus lena leasaítear Rialacháin (AE) 2018/1726, (AE) 2018/1862 agus (AE) 2019/816, IO L 135, 22.5.2019, lgh. 85-135.
(7)    An fhomhír dheiridh d’Airteagal 79 de Rialachán (AE) 2019/817, an fhomhír dheireanach d’Airteagal 75 de Rialachán (AE) 2019/818.
(8)    An Comhaontú idir an Comhphobal Eorpach agus Ríocht na Danmhairge i ndáil leis na critéir agus na sásraí lena mbunaítear cé acu Stát a bheidh freagrach as scrúdú a dhéanamh ar iarraidh ar thearmann arna taisceadh sa Danmhairg nó i mBallstát ar bith eile de chuid an Aontais Eorpaigh agus “Eurodac” chun méarloirg a chur i gcomparáid le chéile d’fhonn Coinbhinsiún Bhaile Átha Cliath a chur i bhfeidhm go héifeachtach, IO L 66, 8.3.2006, lch. 37.
(9)    An Comhaontú idir an Comhphobal Eorpach agus Poblacht na hÍoslainne agus Ríocht na hIorua i ndáil leis na critéir agus na sásraí lena mbunaítear cé acu Stát a bheidh freagrach as scrúdú a dhéanamh ar iarraidh ar thearmann arna taisceadh i mBallstát nó san Íoslainn nó san Iorua, IO L 93, 3.4.2001, lch. 40.
(10)    An Comhaontú idir an Comhphobal Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise i ndáil leis na critéir agus na sásraí lena mbunaítear cé acu Stát a bheidh freagrach as scrúdú a dhéanamh ar iarraidh ar thearmann arna taisceadh i mBallstát nó san Eilvéis, IO L 53, 27.2.2008, lch. 5.
(11)    An Prótacal idir an Comhphobal Eorpach, Cónaidhm na hEilvéise agus Prionsacht Lichtinstéin maidir le comhlachas Phrionsacht Lichtinstéin leis an gComhaontú idir an Comhphobal Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise i ndáil leis na critéir agus na sásraí lena mbunaítear cé acu Stát a bheidh freagrach as scrúdú a dhéanamh ar iarraidh ar thearmann arna taisceadh i mBallstát nó san Eilvéis, IO L 160 18.6.2011 lch. 39.
(12)    An Prótacal idir an Comhphobal Eorpach, Cónaidhm na hEilvéise agus Prionsacht Lichtinstéin a ghabhann leis an gComhaontú idir an Comhphobal Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise i ndáil leis na critéir agus na sásraí lena mbunaítear cé acu Stát a bheidh freagrach as scrúdú a dhéanamh ar iarraidh ar thearmann arna taisceadh i mBallstát nó san Eilvéis (2006/0257 CNS, arna chur i gcrích an 24.10.2008, IO L 161, 24.6.2009, lch. 8) agus an Prótacal a ghabhann leis an gComhaontú idir an Comhphobal, Poblacht na hÍoslainne agus Ríocht na hIorua i ndáil leis na critéir agus na sásraí lena mbunaítear cé acu Stát a bheidh freagrach as scrúdú a dhéanamh ar iarraidh ar thearmann arna taisceadh i mBallstát, nó san Íoslainn nó san Iorua (IO L 93, 3.4.2001).
(13)    Féach mar shampla an tuarascáil ó EASO ar ghluaiseachtaí tánaisteacha (neamhphoiblí).
(14)    Sa Tionscnamh maidir le hImircigh ar Leanaí iad iarradh cur chuige coiteann chun aghaidh a thabhairt ar shaincheist na leanaí ar iarraidh (leanaí neamhthionlactha agus leanaí ar scaradh iad lena dtuismitheoirí) ionas go mbunófar sásraí éifeachtacha chun dul i ngleic le baol na gáinneála, agus iarradh freisin caighdeáin maidir le nósanna imeachta tearmainn a ghlacadh a bhaineann go sonrach le leanaí.
(15)    Mar shampla, Plean Gníomhaíochta Bheirlín i ndáil le Beartas Eorpach nua maidir le Tearmann, an 25 Samhain 2019, arna shíniú ag 33 eagraíocht agus bhardas.
(16)    Moltaí UNHCR maidir le Comhaontú an Choimisiúin Eorpaigh maidir le hImirce agus Tearmann, mí Eanáir 2020.
(17)    Moltaí IOM maidir le Comhaontú nua an Aontais Eorpaigh maidir le hImirce agus Tearmann, mí Feabhra 2020.
(18)    Tuarascáil Tionscadail an Lárionaid don Staidéar ar Bheartas na hEorpa (CEPS), Socruithe cuardaigh agus tarrthála, díbhordála agus athshocraithe sa Mheánmhuir. Ar Seachrán ón bhFreagracht?, mí an Mheithimh 2019.
(19)    Nóta beartais ón Institiúid Ollscoile Eorpach, Scórchlár beartas imirce: Sásra Faireacháin ar Bheartas Tearmainn agus Imirce an Aontais, mí an Mhárta 2020.
(20)    Tá gach staidéar agus tuarascáil ó Ghréasán Imirce na hEorpa le fáil ag: https://ec.europa.eu/home-affairs/what‑we-do/networks/european_migration_network_en.
(21)    Rialachán (AE) 2019/817 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Bealtaine 2019 lena mbunaítear creat le haghaidh idir-inoibritheacht idir córais faisnéise an Aontais i réimse na dteorainneacha agus víosaí agus lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 767/2008, (AE) 2016/399, (AE) 2017/2226, (AE) 2018/1240, (AE) 2018/1726 agus (AE) 2018/1861 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Cinntí 2004/512/CE agus 2008/633/JHA ón gComhairle (IO L 135, 22.5.2019, lch. 27) agus Rialachán (AE) 2019/818 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Bealtaine 2019 lena mbunaítear creat le haghaidh idir-inoibritheacht idir córais faisnéise AE i réimse an chomhair phóilíneachta agus an chomhair bhreithiúnaigh, an tearmainn agus na himirce agus lena leasaítear Rialacháin (AE) 2018/1726, (AE) 2018/1862 agus (AE) 2019/816 (IO L 135, 22.5.2019, lch. 85).
(22)    Arna ghlacadh in Hamburg na Gearmáine an 27 Aibreán 1979.
(23)    Rialachán (CE) Uimh. 767/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Iúil 2008 maidir leis an gCóras Faisnéise Víosaí (VIS) agus maidir le sonraí ar víosaí gearrfhanachta a mhalartú idir Ballstáit (Rialachán VIS), IO L 218, 13.8.2008, lgh. 60-81.
(24)    Rialachán (AE) 2018/1240 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Meán Fómhair 2018 lena mbunaítear Córas Eorpach um Fhaisnéis agus Údarú Taistil (ETIAS) agus lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1077/2011, (AE) Uimh. 515/2014, (AE) 2016/399, (AE) 2016/1624 agus (AE) 2017/2226, IO L 236, 19.9.2018, lgh. 1-71.
(25)    Rialachán (AE) 2019/817 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Bealtaine 2019 maidir le creat a bhunú le haghaidh idir-inoibritheacht idir córais faisnéise an Aontais Eorpaigh i réimse teorainneacha agus víosaí agus lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. (CE) 767/2008, (AE) 2016/399, (AE) 2017/2226, (AE) 2018/1240, (AE) 2018/1726 agus (AE) 2018/1861 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Cinntí 2004/512/CE agus 2008/633/CGB ón gComhairle, IO L 135, 22.5.2019, lgh. 27-84
(26)    Rialachán (AE) 2019/818 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Bealtaine 2019 maidir le creat a bhunú le haghaidh idir-inoibritheacht idir córais faisnéise AE i réimse an chomhair póilíneachta agus an chomhair bhreithiúnaigh, an tearmainn agus na himirce agus lena leasaítear Rialacháin (AE) 2018/1726, (AE) 2018/1862 agus (AE) 2019/816, IO L 135, 22.5.2019, lgh. 85-135
(27)    Rialachán (AE) 2018/1240 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Meán Fómhair 2018 lena mbunaítear Córas Eorpach um Fhaisnéis agus Údarú Taistil (ETIAS) agus lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1077/2011, (AE) Uimh. 515/2014, (AE) 2016/399, (AE) 2016/1624 agus (AE) 2017/2226, IO L 236, 19.9.2018, lgh. 1-71
(28)    Rialachán (CE) Uimh. 767/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Iúil 2008 maidir leis an gCóras Faisnéise Víosaí (VIS) agus maidir le sonraí ar víosaí gearrfhanachta a mhalartú idir na Ballstáit (Rialachán VIS), IO L 218, 13.8.2008, lgh. 60-81
(29)    Treoir 2004/38/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 29 Aibreán 2004 maidir leis an gceart atá ag saoránaigh den Aontas agus ag baill dá dteaghlach gluaiseacht agus cónaí faoi shaoirse ar chríoch na mBallstát, lena leasaítear Rialachán (CEE) Uimh. 1612/68 agus lena n‑aisghairtear Treoracha 64/221/CEE, 68/360/CEE, 72/194/CEE, 73/148/CEE, 75/34/CEE, 75/35/CEE, 90/364/CEE, 90/365/CEE agus 93/96/CEE, IO L 158, 30.4.2004, lch. 77
(30)    Rialachán (CE) Uimh. 810/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Iúil 2009 lena mbunaítear Cód Comhphobail maidir le Víosaí (Cód Víosaí), IO L 243, 15.9.2009, lgh. 1-58
(31)    Mar a thagraítear dó in Airteagal 58(2)(a) nó (b) den Rialachán Airgeadais.
(32)    IO L 180, 29.6.2013, lch. 1
(33)    Rialachán (AE) Uimh. 604/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Meitheamh 2013 lena mbunaítear na critéir agus na sásraí lena gcinntear cé acu Ballstát atá freagrach as scrúdú a dhéanamh ar iarratas ar chosaint idirnáisiúnta arna thaisceadh i gceann de na Ballstáit ag náisiúnach tríú tír nó ag duine gan stát (athmhúnlú). IO L 180, 29.6.2013, lch. 31.
(34)    COM (2016) 205 final.
(35)    Rialachán (AE) Uimh. 515/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Aibreán 2014 lena mbunaítear, mar chuid den Chiste Slándála Inmheánaí, an ionstraim le haghaidh tacaíochta airgeadais do theorainneacha seachtracha agus do víosaí agus lena n‑aisghairtear Cinneadh Uimh. 574/2007/CE, IO L 150, 20.5.2014, lch. 143.
(36)

   Rialachán (AE) 2018/1726 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Samhain 2018 maidir le Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh chun Bainistiú Oibríochtúil a dhéanamh ar Chórais Mhórscála TF sa Limistéar Saoirse, Slándála agus Ceartais (eu-LISA), agus lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1987/2006 agus Cinneadh 2007/533/CGB ón gComhairle agus lena n‑aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 1077/2011. Airteagal 1.3 “Beidh an Ghníomhaireacht freagrach as bainistiú oibríochtúil a dhéanamh ar Chóras Faisnéise Schengen (SIS II), ar an gCóras Faisnéise Víosaí (VIS) agus ar Eurodac. ”, IO L 295, 21.11.2018, lgh. 99-137.

(37)    LD = Leithreasuithe difreáilte / LN = Leithreasuithe neamhdhifreáilte.
(38)    CSTE: Comhlachas Saorthrádála na hEorpa.
(39)    Tíortha is iarrthóirí agus, nuair is iomchuí, tíortha ó na Balcáin Thiar a d’fhéadfadh a bheith ina n‑iarrthóirí.
(40)    Roinntear costais chonarthacha uile na nuashonruithe feidhmeacha idir an chéad dhá bhliain agus íoctar an chuid is mó sa dara bliain (tar éis a nglactha).
(41)    Roinntear na híocaíochtaí acmhainne idir na trí bliana de réir an chóimheasa 40%, 40%, 20%
(42)    Cúnamh agus caiteachas teicniúil agus/nó riaracháin ar mhaithe le cláir agus/nó bearta de chuid an Aontais Eorpaigh (seanlínte ‘BA’) a chur chun feidhme, taighde indíreach, taighde díreach.
(43)    AC = Ball foirne ar conradh; AL = Ball foirne áitiúil; END = Saineolaí náisiúnta ar iasacht; INT= Ball foirne gníomhaireachta; JPD = Saineolaithe sóisearacha i dtoscaireachtaí.
(44)    Fo-uasteorainn d’fhoireann sheachtrach arna cumhdach ag leithreasuithe faoi chomhair oibríochtaí (na seanlínte ‘BA’).
(45)    A fhad a bhaineann le hacmhainní dílse traidisiúnta (dleachtanna talmhaíochta, tobhaigh siúcra), ní mór na méideanna a luaitear a bheith ina nglanmhéideanna, i.e. méideanna comhlána agus 20 % de na costais bhailiúcháin a bheith bainte astu.

An Bhruiséil,23.9.2020

COM(2020) 614 final

IARSCRÍBHINN

a ghabhann leis an

Togra leasaithe le haghaidh RIALACHÁN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

maidir le bunú ‘Eurodac’ chun sonraí bithmhéadracha a chur i gcomparáid le chéile ar mhaithe le cur i bhfeidhm éifeachtach Rialachán (AE) XXX/XXX [an Rialachán maidir le Bainistiú Tearmainn agus Imirce] agus Rialachán (AE) XXX/XXX [an Rialachán maidir le hAthlonnú] agus ar mhaithe le náisiúnach tríú tír nó duine gan stát atá ag fanacht go neamhdhleathach sa stát a shainaithint, agus maidir le hiarrataí ó údaráis forfheidhmithe dlí na mBallstát agus iarrataí ó Europol ar chomparáidí a dhéanamh le sonraí Eurodac chun críocha fhorfheidhmiú an dlí, agus lena leasaítear Rialacháin (AE) 2018/1240 agus (AE) 2019/818


IARSCRÍBHINN II

Tábla de na comhfhreagrachtaí dá dtagraítear in Airteagal 8a

Sonraí arna gcur ar fáil de bhun Airteagal 17(2) de Rialachán (AE) 2018/1240 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 1 a thaifeadann agus a stórálann an Lárchóras ETIAS

Na sonraí comhfhreagracha in Eurodac de bhun Airteagail 12, 13, 14 agus 14a den Rialachán seo, ar cheart sonraí ETIAS a sheiceáil i gcomparáid leo

an sloinne (ainm an teaghlaigh)

sloinne/sloinnte

sloinne breithe

sloinne breithe/sloinnte breithe

an céadainm nó na céadainmneacha (ainmneacha baiste)

céadainm/céadainmneacha

ainmneacha eile (ainm bréige/ainmneacha bréige, ainm ealaíonta/ainmneacha ealaíonta, gnáthainm/gnáthainmneacha)

ainmneacha agus ailiasanna a úsáideadh roimhe seo

dáta breithe

dáta breithe

áit bhreithe

áit bhreithe

inscne

gnéas

náisiúntacht reatha

náisiúntacht/náisiúntachtaí

náisiúntachtaí eile, más ann dóibh

náisiúntacht/náisiúntachtaí

cineál an doiciméid taistil

an cineál doiciméid taistil

uimhir an doiciméid taistil

uimhir an doiciméid taistil

tír eisiúna an doiciméid taistil

cód trí litir na tíre eisiúna

(1)    Rialachán (AE) Uimh. 2018/1240 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Meán Fómhair 2018 lena mbunaítear Córas Eorpach um Fhaisnéis agus Údarú Taistil (ETIAS) agus lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1077/2011, (AE) Uimh. 515/2014, (AE) Uimh. 2016/399, (AE) Uimh. 2016/1624 agus (AE) Uimh. 2017/2226 (IO L 236, 19.9.2018, lch. 1).