An Bhruiséil,23.9.2020

COM(2020) 611 final

2016/0224(COD)

Togra leasaithe le haghaidh

RIALACHÁN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

lena mbunaítear nós imeachta coiteann le haghaidh cosaint idirnáisiúnta san Aontas agus lena n-aisghairtear Treoir 2013/32/AE


MEABHRÁN MÍNIÚCHÁIN

1.COMHTHÉACS AN TOGRA

An comhthéacs agus na cúiseanna atá leis an togra

I Meán Fómhair 2019, d’fhógair Ursula von der Leyen, Uachtarán an Choimisiúin Eorpaigh, Comhaontú Nua maidir le hImirce agus Tearmann, comhaontú lena mbaineann cur chuige cuimsitheach maidir le teorainneacha seachtracha, le córais um thearmann agus filleadh, le limistéar saorghluaiseachta Schengen agus leis an ngné sheachtrach.

An Teachtaireacht i ndáil le Comhshocrú Nua maidir le hImirce agus Tearmann, teachtaireacht a cuireadh i láthair i dteannta sraith tograí reachtacha, lena n‑áirítear an togra seo lena leasaítear togra 2016 le haghaidh Rialachán athmhúnlaithe maidir le Nósanna Imeachta um Thearmann, is éard atá sa teachtaireacht sin tús nua ó thaobh na himirce de. Is é an aidhm atá ann creat leathan a chur i bhfeidhm a bheidh bunaithe ar chur chuige cuimsitheach maidir le bainistiú imirce, agus muinín fhrithpháirteach idir na Ballstáit a chur chun cinn agus sin á dhéanamh. Leis an gComhaontú nua, atá bunaithe ar phrionsabail uileghabhálacha na dlúthpháirtíochta agus chomhroinnt chothrom na freagrachta, moltar go ndéanfar beartais ar bhealach comhtháite, sa chaoi go dtabharfar le chéile beartais sna réimsí éagsúla seo a leanas – an tearmann, an imirce, an filleadh, cosaint teorainneacha seachtracha agus caidreamh le tríú tíortha tábhachtacha.

Na dúshláin a bhaineann leis an imirce a bhainistiú, lena n‑áirítear na dúshláin atá ann maidir le himircigh neamhrialta agus leis an bhfilleadh, níor cheart gur ar na Ballstáit aonair astu féin a bheadh sé dul i ngleic leis na dúshláin sin, ach ar an Aontas ina iomláine. Tá gá le creat Eorpach lena mbeifear in ann an t‑idirspleáchas idir beartais agus cinntí na mBallstát éagsúla a bhainistiú. Na cúinsí atá ann maidir leis an imirce, is dual dóibh a bheith ag athrú de shíor, agus tá cúinsí tagtha i gceist an tráth seo den saol a bhfuil breis castachta ag baint leo ná leis na cúinsí a bhí, rud a fhágann go bhfuil gá níos mó ann le comhordú. An líon imirceach neamhrialta a thagann chuig an Aontas, cé gur tháinig laghdú suntasach 92 % air ó bhí 2015 ann, tá roinnt dúshlán struchtúrach ag baint leis fós, dúshláin a chuireann brú ar chórais na mBallstát um thearmann, um ghlacadh agus um fhilleadh. Is dúshláin díobh sin na nithe seo a leanas – mhéadaigh ar an gcion de na hiarratasóirí ar chosaint idirnáisiúnta nach dócha go bhfaighidh siad cosaint san Aontas, rud ba chúis le hualach riaracháin méadaithe agus le moill dá réir maidir le cosaint a dheonú dóibh siúd a bhfuil fíorghá acu léi, agus tá fadhb leanúnach ann go mbíonn imircigh ag gluaiseacht ar aghaidh laistigh den Aontas. Thairis sin, na dúshláin atá le sárú ag údaráis na mBallstát chun sábháilteacht iarratasóirí chomh maith le sábháilteacht a bhfoirne a áirithiú le linn ghéarchéim COVID‑19, ní mór na dúshláin sin a aithint freisin.

Cé gur laghdaigh ar líon na n‑imirceach neamhrialta ó bhí 2015 ann, maidir le cion na n‑imirceach a thagann ó thíortha dar lú ná 20 % an ráta aitheantais, mhéadaigh an cion sin ó 13 % in 2015 go dtí 55 % in 2018. San am céanna, mhéadaigh freisin ar chion na gcásanna casta, cásanna a raibh a bpróiseáil ní b’ídithí ar acmhainní, de bharr gur tháinig meascán daoine isteach a raibh rátaí aitheantais éagsúla acu san áit ar náisiúnaithe tríú tír iad a raibh riachtanais shoiléire acu maidir le cosaint idirnáisiúnta a tháinig isteach in 2015‑2016. Thairis sin, d’ainneoin gur laghdaigh ar fud an Aontais ar an líon imirceach neamhrialta, leanadh den mhéadú ar an líon iarratas ar chosaint idirnáisiúnta, rud a d’éirigh chomh mór agus gurbh é an ceathrú cuid den líon imirceach neamhrialta é. Is léir ón méid sin go raibh iarratasóirí ann nach ndearna iarratas sa chéad Bhallstát ar tháinig siad isteach ann, iarratasóirí a rinne roinnt iarratas ar chosaint idirnáisiúnta laistigh den Aontas, agus gur gá córas Bhaile Átha Cliath mar atá faoi láthair a athchóiriú. Ar deireadh, leath na n‑imirceach neamhrialta ar muir a bhí in ann in 2019, díbhordáladh iad tar éis oibríochtaí cuardaigh agus tarrthála, rud a chuir brú ar leith ar Bhallstáit áirithe de bharr an tsuímh gheografaigh ina bhfuil siad.

De thoradh an mhéadaithe ar chion na n‑iarratasóirí ar thearmann nach dócha go bhfaighidh siad cosaint idirnáisiúnta san Aontas, tá ualach méadaithe ann ní hamháin i ndáil le hiarratais ar thearmann a phróiseáil go ginearálta ach ina theannta sin i ndáil le filleadh na n‑imirceach sin nach bhfuil cosaint idirnáisiúnta de dhíth orthu. 370,000 náisiúnach tríú tír ar an meán in aghaidh na bliana, diúltaítear a n‑iarratas ar chosaint idirnáisiúnta agus is gá iad a chur i dtreo an nós imeachta um fhilleadh, is é sin thart ar 80 % de na cinntí um fhilleadh a eisítear sa bhliain. Dá bhrí sin tá gá le nasc gan uaim idir nósanna imeachta um thearmann agus nósanna imeachta um fhilleadh ionas go méadófar éifeachtúlacht foriomlán agus comhleanúnachas foriomlán an chórais tearmainn agus imirce. Imircigh neamhrialta nach bhfuil aon riachtanas cosanta acu, ná nach bhfuil aon rún acu iarratas a dhéanamh ar chosaint idirnáisiúnta, ba cheart iad a chur i dtreo an nós imeachta um fhilleadh go tapa. Is gá aghaidh a thabhairt ar lúba ar lár atá ann maidir leis na nósanna imeachta reatha, cuir i gcás na nithe seo a leanas: eisítear cinntí um thearmann agus cinntí um fhilleadh i ngníomhartha ar leith agus is tamall níos déanaí a eisítear an cinneadh um fhilleadh, bíonn leighis ar leith i gceist agus bíonn iarratasóirí ag moilliú nósanna imeachta ar mhaithe le bac a chur ar a bhfilleadh ón Aontas agus chun na críche sin amháin, sa chaoi go mbaineann siad mí‑úsáid as an gcosaint a chuirtear ar fáil leis an gcóras tearmainn, agus tá an deis ann a cheadú d’iarratasóirí fanacht i gcríoch na mBallstát le linn achomharc ar an dara leibhéal nó ar leibhéal eile dá éis sin.

Tá sé chomh tábhachtach céanna oibriú i dtreo córas níos Eorpaí um fhilleadh. In 2018 thíolaic an Coimisiún togra le haghaidh na Treorach um Fhilleadh a athmhúnlú chun feabhas a chur ar bhainistiú agus éifeachtúlacht an fhillidh. Leis an togra sin dírítear ar an éalú agus an ghluaiseacht neamhúdaraithe a chosc agus a laghdú, ar threisiú na nasc atá ann le nósanna imeachta um thearmann, ar bhorradh a chur faoin úsáid a bhaintear as cláir um fhilleadh cuidithe deonach, agus ar fheabhas a chur ar fhaireachán agus ar chur chun feidhme, rud a dhéanfaí le tacaíocht ó chórais náisiúnta bainistithe cáis. De bhreis ar na saincheisteanna nós imeachta a chumhdaítear leis an togra seo le haghaidh Rialacháin agus leis an togra le haghaidh Treoir athmhúnlaithe um Fhilleadh, saincheist eile nach mór aghaidh a thabhairt uirthi chun córas níos Eorpaí um fhilleadh a bhaint amach is ea an Rialacháin maidir leis an nGarda Teorann agus Cósta Eorpach a chur chun feidhme go hiomlán, cur chun feidhme ina mbeidh Frontex ina eite oibríochtúil ag an Aontas maidir le fillteacha, ina mbeidh uirlis oibríochtúil chuimsitheach ann chun feabhas a chur ar bhainistiú cáis maidir le filleadh, ina mbeidh straitéis inbhuanaithe ann um fhilleadh agus ath‑lánpháirtiú, rud lena rachfar i gcomhar le tríú tíortha maidir le hathligean isteach, agus ina mbeidh ardleibhéal comhair struchtúrtha ann agus comhordaitheoir fillidh de chuid an Aontais ina bhun.

Mar an gcéanna, leis an gcóras bainistithe imirce atá ann faoi láthair leantar d’ualach trom a chur ar na Ballstáit a dtagann imircigh isteach iontu ar dtús agus chomh maith leis sin ar na córais um thearmann i mBallstáit eile, rud atá i gceist de bharr gluaiseacht neamhúdaraithe. An córas atá ann faoi láthair, níl sé éifeachtach go leor chun aghaidh a thabhairt ar na cúinsí sin. Go háirithe, níl aon sásra éifeachtach dlúthpháirtíochta i bhfeidhm faoi láthair ná níl aon rialacha soiléire ann chun gluaiseachtaí neamhúdaraithe a dhíspreagadh agus chun dul i ngleic leo.

Leis an gComhaontú Nua déantar forbairt ar na tograí a rinne an Coimisiún in 2016 agus 2018 chun an Chomhchórais Eorpaigh Tearmainn a athchóiriú, agus déantar gnéithe nua breise a chur leis an ábhar sin chun a áirithiú go mbeidh an chothromaíocht is gá ann chun go mbeidh creat coiteann ann lena dtabharfar le chéile na gnéithe ar fad den bheartas tearmainn agus den bheartas imirce.

An creat reachtach lena gcuirfear an cur chuige cuimsitheach sin maidir le bainistiú tearmainn agus imirce i bhfeidhm, bunaítear é leis an togra seo lena leasaítear togra 2016 le haghaidh Rialachán maidir leis an Nós Imeachta Tearmainn 1 , i dteannta togra nua le haghaidh Rialachán maidir le Bainistiú Tearmainn agus Imirce, an togra lena dtugtar scagadh isteach 2 , an togra lena leasaítear togra Eurodac, agus an togra lena mbunaítear nósanna imeachta agus sásraí um aghaidh a thabhairt ar ghéarchéimeanna.

Leis an togra seo, i dteannta an togra le haghaidh Rialachán lena dtabharfar isteach scagadh, áiritheofar go mbeidh nasc gan uaim idir gach céim den nós imeachta um imirce, ó chéim nua réamh‑dhul isteach go dtí toradh iarratais ar thearmann, i.e. na daoine sin a n‑aithnítear go bhfuil cosaint de dhíth orthu a lánpháirtiú, nó iarratasóirí nach bhfuil an ceart acu fanacht san Aontas a chur ar ais. Is éard a bheidh sa chéim thosaigh scagadh ina ndéanfar seiceálacha céannachta, sláinte agus slándála ar theacht isteach do na himircigh, d’fhonn a gcur isteach go mear sa nós imeachta um iarratas ar chosaint idirnáisiúnta a scrúdú nó sa nós imeachta um fhilleadh, nó cead isteach a dhiúltú dóibh go mear.

Leis an togra lena leasaítear togra 2016 le haghaidh Rialachán Eurodac athmhúnlaithe, cuirfear i bhfeidhm nasc soiléir comhsheasmhach idir daoine sonracha aonair agus na nósanna imeachta a bhfuil siad faoina réir, rud a dhéanfar chun cabhrú níos fearr le rialú na himirce neamhrialta agus le brath gluaiseachtaí neamhúdaraithe. Ina theannta sin tabharfar tacaíocht leis do chur chun feidhme an tsásra nua dlúthpháirtíochta a bhunaítear leis an Rialachán maidir le Bainistiú Tearmainn agus Imirce, soláthraítear leis na leasuithe iarmhartacha is gá ionas go mbeidh Eurodac in ann feidhmiú laistigh den chreat idir-inoibritheachta, agus tabharfar tacaíocht leis do na Ballstáit agus iad ag déanamh faireachán ar dheonú cúnaimh le haghaidh filleadh agus ath‑lánpháirtiú deonach.

Ar deireadh, i dteannta na dtograí sin, tá an Coimisiún le togra a chur i láthair le haghaidh Rialachán maidir le bainistiú géarchéimeanna, rud a dhéanfaidh sé ar mhaithe leis na huirlisí a leagan amach is gá chun dul i ngleic le géarchéim. Leis an uirlis ghéarchéime sin, cumhdaítear cásanna eisceachtúla ina mbeadh mórphlódú i mBallstát de náisiúnaigh tríú tír nó daoine gan stát a tháinig isteach ina n‑imircigh neamhrialta, agus ina mbeadh córas an Bhallstáit um thearmann, glacadh nó filleadh neamh‑fheidhmiúil de bharr mhéid agus chineál an mhórphlódaithe, agus cumhdaítear freisin cásanna ina mbeadh gar-riosca mórphlódaithe den chineál sin, rud lena mbainfeadh iarmhairtí tromchúiseacha maidir le feidhmiú an Chomhchórais Eorpaigh Tearmainn agus chóras bainistithe imirce an Aontais, agus arbh fhéidir dá bharr go mbeadh sé dodhéanta na córais chéanna a chur i bhfeidhm. Leis an Rialachán bunaítear nósanna imeachta um dhul i ngleic le géarchéimeanna agus le cásanna force majeure i réimse na himirce agus an tearmainn laistigh den Aontas, bunaítear maoluithe a d’fhéadfaí a dhéanamh ar an gcuid sin de acquis an Aontais is infheidhme maidir le tearmann agus imirce, agus leagtar amach rialacha sonracha maidir leis an sásra dlúthpháirtíochta arna leagan amach sa Rialachán maidir le Bainistiú Tearmainn agus Imirce, maidir leis sin a chur i bhfeidhm i gcásanna géarchéime.

Cé gur mhéadaigh go suntasach ar an gcomhar atá ann ar leibhéal an Aontais, lena n‑áirítear comhar maidir le tacaíocht ó ghníomhaireachtaí de chuid an Aontais, den chuid is mó níor comhchuibhíodh fós córais na mBallstát um thearmann, glacadh agus filleadh, agus tá sé d’aidhm ag an athchóiriú dul i ngleic leis sin. Tá neamhéifeachtúlachtaí ann de bharr na heaspa comhchuibhithe sin, agus tá an toradh neamhbheartaithe uirthi nach bhfuil an chóir chothrom chéanna ann d’iarrthóirí tearmainn ar fud na hEorpa, rud a dhreasaíonn cuid mór imirceach chun gluaiseacht trasna na hEorpa ar mhaithe leis na dálaí agus na deiseanna is fearr a lorg maidir lena dtréimhse fanachta. Sa chomhthéacs sin, tacaíonn an Coimisiún leis na comhaontuithe polaitiúla sealadacha ar thángthas orthu cheana maidir leis an Rialachán Cáilitheachta, leis an Treoir maidir le Coinníollacha Glactha, leis an Rialachán maidir le Creat Athlonnaithe an Aontais, agus le Rialachán Ghníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Thearmann. Ba cheart iad sin a ghlacadh go críochnaitheach a luaithe is féidir. Ba cheart freisin an chaibidlíocht maidir leis an Treoir um Fhilleadh a thabhairt chun críche go pras, i dteannta leis an athchóiriú ar an gComhchóras Eorpach Tearmainn, chun a áirithiú go gcoiscfear an an t‑éalú le rialacha an Aontais, go soláthrófar cúnamh leo le haghaidh fillteacha deonacha, agus go gcuíchóireofar leo nósanna imeachta riaracháin agus breithiúnacha, rud a threiseoidh le feidhmiú éifeachtach an chórais imirce agus tearmainn.

·Cuspóirí an togra

Na cuspóirí a bhí le togra 2016 le haghaidh Rialachán maidir leis an Nós Imeachta Tearmainn, tá siad ábhartha fós agus ní mór tabhairt faoina mbaint amach. Is gá nós imeachta coiteann um thearmann a bhunú a thiocfaidh in áit na nósanna imeachta éagsúla nach bhfuil ag teacht le chéile sna Ballstáit agus a bheidh infheidhme maidir leis na hiarratais ar fad a dhéanfar sna Ballstáit. Chun próiseas cinnteoireachta éifeachtach ardchaighdeáin a áirithiú, is gá freisin nósanna imeachta níos simplí, níos soiléire agus níos giorra a chur i bhfeidhm i dteannta le coimircí agus uirlisí nós imeachta leordhóthanacha chun freagairt do mhí‑úsáid nósanna imeachta um thearmann agus chun gluaiseachtaí neamhúdaraithe a chosc. Dá thoradh sin úsáidfear acmhainní lena gcuirfear le cearta iarratasóirí ar bhealach níos éifeachtúla, beidh daoine a bhfuil cosaint idirnáisiúnta de dhíth orthu in ann í a fháil níos tapúla, agus áiritheofar go gcuirfear ar ais go tapa iarratasóirí a diúltaíodh agus nach bhfuil cead acu fanacht san Aontas.

Ba cheart ráthaíochtaí nós imeachta do na hiarratasóirí a chosaint, agus a áirithiú go háirithe go mbeidh an ceart acu eolas a fháil faoina gcearta, faoina n‑oibleagáidí, agus faoi na hiarmhairtí a bheidh ann mura gcomhlíonfaidh siad na hoibleagáidí sin, agus go mbeidh na cearta seo a leanas acu chomh maith – éisteacht a fháil in agallamh pearsanta, ateangaireacht a fháil, cúnamh dlí a fháil saor in aisce, agus ionadaíocht dhlíthiúil a fháil saor in aisce. Na gnéithe riachtanacha sin ar fad le haghaidh nós imeachta cothrom um thearmann, gnéithe atá ina gcuid de thogra 2016 ón gCoimisiún, tá siad bailí i gcónaí agus is gá do na comhreachtóirí iad a chomhaontú.

Thairis sin, tá gá freisin le rialacha cuíchóirithe comhchuibhithe maidir le tíortha tionscnaimh sábháilte agus tríú tíortha sábháilte. Féadfaidh an Oifig Eorpach Tacaíochta do Chúrsaí Tearmainn tacú le comhreachtóirí trí anailís a dhéanamh ionas go mbeidh eolas nuashonraithe ann faoin gcás atá ann faoi láthair sna tíortha lena mbaineann.

Ina fhianaise sin, ní mheasann an Coimisiún gur gá leasuithe forleathana a dhéanamh ar thogra 2016, togra a ndearna na comhreachtóirí dul chun cinn suntasach ina leith cheana. Mar sin féin, sa chaibidlíocht a rinneadh go dtí seo ní rabhthas in ann teacht ar chomhaontú idir na Ballstáit maidir leis na coinníollacha a bhainfeadh leis an nós imeachta teorann a úsáid, ná leis an méid ba cheart sin a bheith ina oibleagáid ar na Ballstáit. Thug formhór na mBallstát le fios sna comhairliúcháin gur gné ríthábhachtach í an tsaincheist sin maidir le teacht ar chomhréiteach foriomlán i ndáil leis an bpacáiste tograí ina iomláine. Anuas air sin, chuir cuid mhór Ballstát i bhfios na dúshláin atá ann de bharr iarratas a dhéanann daoine dá éis sin nach bhfuil cosaint idirnáisiúnta de dhíth orthu agus na dúshláin atá ann de bharr nósanna imeachta achomhairc neamhéifeachtacha, rudaí a chuireann an‑bhac ar iarrachtaí ar fhilleadh. Dá bhrí sin leis an togra seo déantar leasuithe spriocdhírithe ar thogra 2016 ar mhaithe le dul i ngleic leis na dúshláin shonracha sin, rud lena gcuirfear na cuspóirí chun cinn agus lena ndéanfar freisin, i dteannta an togra le haghaidh Rialachán lena dtabharfar scagadh isteach, nasc gan uaim a chur i bhfeidhm idir gach céim den nós imeachta imirce, ón teacht isteach go dtí iarratas ar thearmann a phróiseáil agus, i gcás inarb infheidhme, go dtí an filleadh.

An brú méadaithe atá ann de bharr go bhfuil imircigh ag teacht isteach nach bhfuil ach caolseans ann go bhfaighidh siad cosaint, is gá dul i ngleic leis trí uirlisí nua bainistithe imirce, lena n‑áirítear nósanna imeachta níos comhchuibhithe, go háirithe ag an teorainn sheachtrach. Chun na críche sin, bunófar céim réamh‑dhul isteach arb éard a bheidh inti scagadh agus nós imeachta teorann um thearmann agus filleadh. Le linn an scagtha, déanfar imircigh a chlárú agus a scagadh chun céannacht agus rioscaí sláinte agus slándála a dhéanamh amach. Dá éis sin cuirfear imircigh i dtreo an nós imeachta is iomchuí, cibé acu is é an tearmann, an diúltú iontrála nó an filleadh atá i gceist. Ar deireadh, cinnfear ar cheart iarratas ar thearmann a mheasúnú gan an t‑iarratasóir a údarú dul isteach i gcríoch an Bhallstáit trí nós imeachta teorann um thearmann nó trí ghnáthnós imeachta um thearmann . I gcás ina n‑úsáidfear nós imeachta teorann um thearmann agus ina gcinnfear tríd sin nach bhfuil cosaint de dhíth ar an duine, leanfar nós imeachta teorann um fhilleadh dá éis sin.

Is é an cuspóir atá ag an nós imeachta comhpháirteach um thearmann agus filleadh, measúnú a dhéanamh go tapa ar iarratais mhí‑úsáideacha ar thearmann nó ar iarratais ar thearmann a dhéanfaidh iarratasóirí a tháinig ó thíortha a bhfuil ráta aitheantais íseal acu ag an teorainn sheachtrach, agus úsáidfear é chun daoine nach bhfuil ceart acu fanacht san Aontas a chur ar ais go pras. Tá an nós imeachta comhpháirteach um thearmann agus filleadh ina uirlis thábhachtach maidir le bainistiú imirce agus tá sé ceaptha chun teacht isteach agus gluaiseachtaí neamhúdaraithe a chosc, go háirithe ar an ábhar go mbíonn cion suntasach d'iarratasóirí as tíortha a bhfuil ráta aitheantais íseal acu sna sreabha measctha. San am céanna, ionas go gcomhlíonfaidh sé an cuspóir atá aige, ní mór é a bheith furasta a chur i bhfeidhm agus an tsolúbthacht is gá a bheith ann do na Ballstáit agus iad á chur i bhfeidhm, agus, san am céanna, lánurraim do na cearta bunúsacha a bheith léirithe ann.

San am céanna, bheadh sé tairbheach don chóras tearmainn i gcoitinne an nós imeachta teorann a úsáid, de bhrí gurbh fhéidir caitheamh níos éifeachtúla le fíorchásanna in ionaid intíre nuair a dhéanfaí bainistiú níos fearr ar iarratais mhí‑úsáideacha nó dhoghlactha ar thearmann ag an teorainn.

Comhsheasmhacht le forálacha beartais atá sa réimse beartais cheana

Tá an togra seo iomlán comhsheasmhach leis na tionscnaimh a ghabhann leis an gComhaontú, go sonrach an togra le haghaidh Rialachán maidir le Bainistiú Tearmainn agus Imirce, an togra le haghaidh Rialachán lena dtabharfar scagadh isteach, agus an togra leasaithe le haghaidh Rialachán Eurodac athmhúnlaithe.

Áirithíodh go bhfuil nasc dlúth idir an togra seo agus an togra le haghaidh Rialachán lena dtabharfar scagadh isteach. Tar éis scagadh den chineál sin, déanfar náisiúnaigh tríú a chur i dtreo nósanna imeachta um thearmann nó nósanna imeachta um fhilleadh, agus i gcás inarb infheidhme, cuirfear i dtreo an nós imeachta teorann iad. Bíodh an nós imeachta teorann i gceist ansin nó na nósanna imeachta eile, i ngach cás cuirfear an fhaisnéis a bailíodh le linn an scagtha san áireamh nuair a bheifear ag scrúdú iarratas ar thearmann, nó ag cur tús nósanna imeachta um fhilleadh.

Tá an togra comhsheasmhach freisin leis an Treoir um Fhilleadh, treoir a chomhlánaíonn, agus inar cuireadh chun cinn cheana bearta sonracha lena ndírítear ar nósanna imeachta um thearmann agus nósanna imeachta um fhilleadh a nascadh níos fearr, go sonrach maidir le cinneadh um fhilleadh a eisiúint tar éis deireadh a chur leis an tréimhse dhleathach fanachta, le hachomharc a dhéanamh i gcoinne cinneadh um fhilleadh tar éis cinneadh críochnaitheach lenar diúltaíodh iarratas ar chosaint idirnáisiúnta, agus le nós imeachta teorann um fhilleadh. Leis na forálacha atá sa togra seo le haghaidh Rialacháin, threiseofaí an nasc gan uaim idir nósanna imeachta um thearmann agus nósanna imeachta um fhilleadh, rud a dhéanfaí trí lúba ar lár atá ann a chur ar ceal agus na deiseanna atá ann mí‑úsáid a bhaint as an gcóras tearmainn a laghdú a thuilleadh. De thoradh na leasuithe sin atá beartaithe, is i gcomhthéacs an Rialacháin seo ba cheart caibidlíocht a reáchtáil maidir leis an nós imeachta teorann.

Maidir leis an togra le haghaidh Rialachán maidir le Bainistiú Tearmainn agus Imirce, áiritheofar na nithe seo a leanas leis an togra seo, agus leis an togra le haghaidh Rialachán lena dtabharfar scagadh isteach i dteannta leis: go bhféadfaidh imircigh a thiocfaidh isteach sa chéim réamh‑dhul isteach, go bhféadfaidh siad a bheith faoi réir urraíocht maidir le hathshocrú nó filleadh mar chuid den sásra nua dlúthpháirtíochta tráth ar bith, nó, i gcás inarb infheidhme, féadfar a n‑aistriú tráth ar bith go dtí an Ballstát atá freagrach as iarratas ar chosaint idirnáisiúnta a scrúdú ar bhonn na gcritéar oibiachtúla a leagtar amach sa reachtaíocht. An Ballstát ina n‑athshocrófar nó chuig a n‑aistreofar amhlaidh, áiritheofar leis an togra seo freisin go bhféadfaidh sé leanúint den nós imeachta teorann ina críoch féin. An córas speisialta maidir leis an gcóir a fhaigheann imircigh a díbhordáladh tar éis oibríocht chuardaigh agus tarrthála, rud a bheartaítear sa Rialachán maidir le Bainistiú Tearmainn agus Imirce agus sa togra leasaithe le haghaidh Rialachán Eurodac athmhúnlaithe, áiritheofar leis an togra seo freisin go mbeidh comhsheasmhacht ann leis an gcóras sin, go sonrach maidir leis an gcaoi a saineofar na catagóirí daoine atá incháilithe le haghaidh a n‑athshocraithe agus catagóir nua tugtha isteach in Eurodac maidir leis na himircigh sin.

Ar deireadh, áiritheofar freisin go mbeidh comhsheasmhacht ann leis na comhaontuithe polaitiúla sealadacha ar thángthas orthu cheana maidir leis an Rialachán Cáilitheachta, leis an Treoir maidir le Coinníollacha Glactha, leis an Rialachán maidir le Creat Athlonnaithe an Aontais, agus le Rialachán Ghníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Thearmann.

Comhsheasmhacht le beartais eile de chuid an Aontais

Tá an togra seo comhsheasmhach leis an gcur chuige cuimsitheach fadtéarmach maidir le bainistiú imirce a leagtar amach sa Chomhaontú Nua maidir le hImirce agus Tearmann, agus áirítear ann an beartas imirce a chur i gcroílár an chaidrimh le comhpháirtithe tríú tíortha; conairí dlíthiúla éifeachtacha chuig an Aontas a chruthú; bainistiú na dteorainneacha seachtracha a chomhtháthú i mbeartas bainistithe imirce an Aontais ar bhonn níos leithne; nósanna imeachta cothroma éifeachtúla gan uaim a thógáil maidir le tearmann agus filleadh; limistéar saorghluaiseachta Schengen a threisiú trí mhuinín na mBallstát as a chéile a chur chun cinn; agus beartais thiomnaithe a fhorbairt chun cabhrú le lánpháirtiú náisiúnach tríú tír i bpobail na hEorpa.

Cuirtear an Comhaontú Nua chun feidhme leis an togra agus go háirithe an cuspóir an t‑athchóiriú tearmainn a mhol an Coimisiún in 2016 a athlainseáil, rud a dhéanfar inter alia trí fhéachaint ar bhealaí chun córas gan uaim um thearmann agus fillidh a chur i bhfeidhm. I ndáil leis sin, leis an gcéim réamh‑dhul isteach – a bheidh ann sula n‑údarófar an duine dul isteach sa chríoch, agus arb éard a bheidh ann an scagadh agus an nós imeachta teorann – rachfar i ngleic le roinnt dúshláin éagsúla atá ann maidir leis an nós imeachta um imirce ina iomláine, arb iad is tús agus deireadh dó faoi seach teacht isteach na n‑imirceach i dtosach, agus a gcur isteach sa nós imeachta um thearmann nó sa nós imeachta um fhilleadh is iomchuí. Ar na dúshláin sin tá na nithe seo a leanas – an brú atá ann ó imircigh neamhrialta a laghdú feasta, na teorainneacha seachtracha a choinneáil láidir, gluaiseachtaí ar aghaidh a laghdú feasta, agus córas pras éifeachtach um fhilleadh agus athligean isteach a chur i bhfeidhm.

2.BUNÚS DLÍ, COIMHDEACHT AGUS COMHRÉIREACHT

Bunús dlí

Is iad Airteagail 78(2)(d) agus 79(2)(c) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh is bunús dlí don togra. Déantar foráil iontu sin maidir le bearta a ghlacadh i ndáil le nósanna imeachta coiteanna um stádas aonfhoirmeach tearmainn nó cosanta coimhdí a dheonú agus a tharraingt siar agus um imirce neamhdhlíthiúil agus cónaí neamhúdaraithe, lena n‑áirítear daoine atá ina gcónaí i stát gan údarú a aistriú agus a aisdúichiú faoi seach. Baineadh úsáid as an gcéad bhunús dlí díobh sin i dtogra 2016 ón gCoimisiún le haghaidh Rialachán maidir leis an Nós Imeachta Tearmainn freisin. Is gá an dara bunús dlí a chur leis chun foráil a dhéanamh maidir le forálacha sonracha lena rialálfar filleadh iarratasóirí tearmainn a diúltaíodh, go sonrach i ndáil le cinneadh um fhilleadh a eisiúint go comhpháirteach tar éis cinneadh diúltach maidir le hiarratas, le leigheas comhpháirteach i gcoinne na gcinntí sin, agus leis na nósanna imeachta gan uaim um thearmann agus imirce.

·Geoiméadracht athraitheach

I gcomhréir le Prótacal Uimh. 21 maidir le seasamh na hÉireann i ndáil leis an limistéar saoirse, slándála agus ceartais, atá i gceangal leis an gConradh ar an Aontas Eorpach (CAE) agus le CFAE, féadfaidh Éire a chinneadh a bheith rannpháirteach i nglacadh agus cur i bhfeidhm beart lena mbunaítear Comhchóras Eorpach Tearmainn.

I ndáil leis sin, tá fógra tugtha ag Éirinn gur mian léi a bheith rannpháirteach i nglacadh agus cur i bhfeidhm Threoir 2005/85/CE agus gur chinn sí gan a bheith rannpháirteach i nglacadh Threoir 2013/32/AE. Dá thoradh sin, tá feidhm ag forálacha Threoir 2005/85/CE maidir le hÉirinn, agus níl feidhm ag forálacha na Treorach atá ann faoi láthair maidir le hÉirinn. Níl fógra tugtha ag Éirinn gur mian léi a bheith rannpháirteach i nglacadh an Rialacháin nua maidir leis an Nós Imeachta Tearmainn. Ní dhéanfaidh seasamh na hÉireann maidir leis na nithe sin difear, áfach, don rannpháirtíocht a d’fhéadfadh a bheith aici i gcur i bhfeidhm an Rialacháin nua i gcomhréir le Prótacal Uimh. 21.

I gcomhréir le Prótacal Uimh. 22 maidir le seasamh na Danmhairge, atá i gceangal le CAE agus le CFAE, níl Treoir 2005/85/CE ná Treoir 2013/32/AE ina gceangal ar an Danmhairg ná níl an Danmhairg faoi réir a gcur i bhfeidhm. Níl an Danmhairg rannpháirteach i nglacadh an Rialacháin ach oiread agus níl sí faoi cheangal aige ná faoi réir a chur i bhfeidhm.

·Coimhdeacht

Tá sé de chuspóir ag an togra seo leasuithe spriocdhírithe a dhéanamh ar thogra 2016 le haghaidh Rialachán maidir leis an Nós Imeachta Tearmainn agus, i dteannta an togra le haghaidh Rialachán lena dtabharfar scagadh isteach, nasc gan uaim a chur i bhfeidhm idir gach céim den nós imeachta imirce, ón teacht isteach go dtí iarratas ar thearmann a phróiseáil agus, i gcás inarb infheidhme, go dtí an filleadh. Chun na críche sin, tá gá le nósanna imeachta níos comhchuibhithe, go háirithe céim nua réamh‑dhul isteach arb éard a bheidh inti scagadh agus nósanna imeachta teorann um thearmann agus um fhilleadh a bheidh nasctha le chéile.

An nós imeachta coiteann um chosaint idirnáisiúnta a dheonú agus a tharraingt siar, tá sé de chuspóir freisin ag an togra seo breis comhchuibhithe a thabhairt isteach sa nós imeachta sin, is é sin breis comhchuibhithe maidir le cinntí um thearmann agus um fhilleadh a eisiúint sa ghníomh céanna nó, i gcás inar bearta ar leith iad, maidir lena n‑eisiúint san am céanna agus i dteannta a chéile, agus lena bheith faoi réir an leighis éifeachtaigh chéanna agus faoi réir na deise cead a thabhairt d’imircigh fanacht i gcríoch na mBallstát le linn achomharc ar an dara leibhéal nó achomharc ar leibhéal eile dá éis sin. Leis an nós imeachta sin táthar ag féachaint le bac níos mó a chur ar imircigh nósanna imeachta a mhoilliú chun críoch a n‑aistrithe ón Aontas a chosc agus an córas tearmainn a mhí‑úsáid, agus chun na críche sin amháin.

Cibé Ballstát a bheidh ag cur na nósanna imeachta nua i bhfeidhm, ba cheart iad a rialú leis na rialacha céanna, ionas go n‑áiritheofar cothromas maidir leis an gcóir a gheobhaidh na hiarratasóirí, na náisiúnaigh tríú tír nó na daoine gan stát a bheidh faoi réir na nósanna imeachta céanna agus ionas go mbeidh soiléireacht agus deimhneacht dhlíthiúil ann don duine aonair. Ina theannta sin, ní féidir leis na Ballstáit rialacha coiteanna a bhunú ar bhonn aonair ar bhealach a laghdódh dreasachtaí maidir le siopadóireacht tearmainn agus le gluaiseachtaí neamhúdaraithe idir na Ballstáit. Dá bhrí sin, ní féidir leis na Ballstáit cuspóirí an togra seo a bhaint amach go leordhóthanach as a stuaim féin, agus de thoradh scála agus thionchar an Rialacháin seo, is ar leibhéal an Aontais is fearr is féidir na cuspóirí sin a bhaint amach. Dá bhrí sin ní mór don Aontas gníomhú, agus féadfaidh sé bearta a ghlacadh i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta a leagtar amach in Airteagal 5 den Chonradh ar an Aontas Eorpach.

Comhréireacht

De réir phrionsabal na comhréireachta, mar atá leagtha amach in Airteagal 5 den Chonradh ar an Aontas Eorpach, ní théann an Rialachán seo thar a bhfuil gá leis chun a chuspóirí a bhaint amach.

Maidir leis an gcuspóir nósanna imeachta nua a bhunú, go háirithe céim nua réamh‑dhul isteach arb éard a bheidh inti scagadh agus an nós imeachta teorann gan uaim um thearmann agus filleadh, tá gnéithe uile an togra teoranta don mhéid is gá chun nós imeachta coiteann den chineál sin a chur ar bun agus a chumasú, chun é a chuíchóiriú agus a shimpliú, chun cóir chomhionann a áirithiú ó thaobh cearta agus ráthaíochtaí d'iarratasóirí, agus chun nach mbeidh neamhréitigh ann idir nósanna imeachta náisiúnta, rud a as a dtiocfadh an drochiarmhairt go spreagfaí gluaiseachtaí neamhúdaraithe dá bharr.

Maidir leis an gcuspóir breis comhchuibhithe a thabhairt isteach sa nós imeachta coiteann um chosaint idirnáisiúnta a dheonú agus a tharraingt siar, is é sin breis comhchuibhithe maidir le cinntí um thearmann agus um fhilleadh a eisiúint sa ghníomh céanna nó maidir lena n‑eisiúint san am céanna agus i dteannta a chéile i gcás inar bearta ar leith iad, agus maidir le deiseanna achomhairc a theorannú ionas nach rachfar thar leibhéal amháin leighis éifeachtaigh i ndáil le cinntí a rinneadh sa nós imeachta teorann, tá gá leis an gcomhchuibhiú céanna chun na nósanna imeachta lena mbaineann a chuíchóiriú agus chun cur lena n‑éifeachtacht. Is é is aidhm do na hathruithe sin an chothromaíocht cheart a bhaint amach idir ceart na n‑iarratasóirí chun leighis éifeachtaigh agus an gá atá lena áirithiú nach mbainfidh iarratasóirí, náisiúnaigh tríú tír ná daoine gan stát nach bhfuil aon chuspóir acu ach a n‑aistriú as an Aontas a chosc, nach mbainfidh siad mí‑úsáid as córais tearmainn na mBallstát. Tá na coimircí ar fad is gá i bhfeidhm, áfach, chun a áirithiú nach dtitfidh éinne idir dhá stól agus go ráthófar an ceart chun tearmainn i gcónaí.

An rogha ionstraime

Ní athraítear leis an togra leasaithe an rogha ionstraime atá i dtogra 2016 le haghaidh Rialachán maidir leis an Nós Imeachta Tearmainn. I ndáil leis sin, méid an chomhchuibhithe maidir le nósanna imeachta náisiúnta um chosaint idirnáisiúnta a dheonú agus a tharraingt siar a baineadh amach trí Threoir 2013/32/AE, ní raibh sé leordhóthanach chun dul i ngleic le difríochtaí ó thaobh na nithe seo a leanas – na cineálacha nósanna imeachta a úsáidtear, na teorainneacha ama atá ann le haghaidh na nósanna imeachta, chomh maith leis na cearta agus na ráthaíochtaí nós imeachta atá ann do na hiarratasóirí. Rialachán lena mbunaítear nós imeachta coiteann um thearmann san Aontas, a mbeidh na forálacha ann infheidhme go díreach, is leis sin amháin is féidir an méid aonfhoirmeachta agus éifeachtachta a sholáthar a bhfuil gá leis chun rialacha nós imeachta atá i ndlí an Aontais maidir le tearmann a chur i bhfeidhm.

3.TORTHAÍ Ó MHEASTÓIREACHTAÍ EX POST, Ó CHOMHAIRLIÚCHÁIN LEIS NA PÁIRTITHE LEASMHARA AGUS Ó MHEASÚNUITHE TIONCHAIR

Faisnéis a bhailiú maidir le cur chun feidhme agus cur i bhfeidhm reachtaíochta atá ann cheana

In 2016, choimisiúnaigh an Coimisiún staidéar chun a dhéanamh amach ar léiríodh forálacha na Treorach maidir le Nósanna Imeachta Tearmainn (2013/32/AE) i gceart i gcreat dlíthiúil gach Ballstáit. Measadh sa staidéar ar tugadh na hoibleagáidí atá sa Treoir isteach sna dlíchórais náisiúnta, ar chomhlíon na Ballstáit an dualgas a bhí orthu freagra a thabhairt (seiceáil trasuí), agus an raibh na bearta náisiúnta cur chun feidhme comhoiriúnach le forálacha na Treorach (seiceáil comhréireachta). Chun críoch an mheasúnaithe, tugadh cuntas uileghabhálach ar reachtaíocht náisiúnta gach Ballstáit ionas gur cuimsíodh gach gníomh náisiúnta ábhartha a rannchuidigh le cur chun feidhme na Treorach, rud nach raibh teoranta do bhearta trasuí díreacha.

De réir an staidéir, ar an iomlán rinne formhór na mBallstát an Treoir a thrasuí ar bhealach a bhí i gcomhréir leis na forálacha inti. Mar sin féin, braitheadh sa staidéar cásanna inar cuireadh na forálacha i bhfeidhm ar bhealach neamhiomlán nó mícheart i ngach Ballstáit, beagnach, rud a tharla i ndáil le rudaí ar nós na gceanglas atá ann maidir le hagallamh pearsanta a dhéanamh, na ráthaíochtaí atá ann do mhionaoisigh neamhthionlactha, agus an nós imeachta scrúdúcháin. Thug an Coimisiún aghaidh ar na hábhair imní sin maidir leis na Ballstáit, agus chuige sin d’oscail sé nósanna imeachta um shárú, i measc rudaí eile.

In 2019, d’fhoilsigh an Oifig Tacaíochta Eorpach do Chúrsaí Tearmainn (EASO) a Treoir maidir le caighdeáin oibríochtúla agus táscairí i ndáil leis an nós imeachta um tearmann, treoir arb é an cuspóir foriomlán atá aici tacú leis na Ballstáit i gcur chun feidhme praiticiúil forálacha ríthábhachtacha de chuid na Treorach maidir le Nósanna Imeachta Tearmainn (2013/32/AE). Is rannchuidiú tábhachtach atá sa Treoir maidir le caighdeáin oibríochtúla coiteanna agus táscairí a fhoirmliú a bheidh réalaíoch agus indéanta ar fud na mBallstát, agus is tiomsú dea-chleachtas atá inti freisin. Roimh an Treoir a réiteach do EASO, bhailigh siad fianaise maidir le hachomhairc agus nósanna imeachta um thearmainn speisialta go sonrach. D’eisigh EASO dhá threoirleabhar phraiticiúla freisin: An Treoirleabhar praiticiúil maidir le measúnú aoise (2018) agus an Treoirleabhar praiticiúil maidir le sárleasanna an linbh i nósanna imeachta tearmainn (2019). Thairis sin, d’eisigh EASO tuarascáil maidir le nósanna imeachta um thearmann le haghaidh leanaí, tuarascáil ina leagtar béim ar dhea-chleachtais agus ina soláthraítear moltaí maidir le saincheisteanna ar nós phrionsabal sárleasanna an linbh, coimircí agus coinníollacha speisialta i ndáil le leanaí, sásraí atreoraithe agus oiliúint foirne.

Ina theannta sin bailíodh faisnéis thábhachtach maidir le córais tearmainn na mBallstát agus le seasaimh na mBallstát agus Pharlaimint na hEorpa le linn na caibidlíocht a mhair beagnach ceithre bliana i ndáil le togra an Choimisiúin le haghaidh Rialachán maidir leis an Nós Imeachta um Thearmann, togra a tíolacadh an 13 Iúil 2016. Ghlac Parlaimint na hEorpa a seasamh maidir leis an togra ar an 22 Bealtaine 2018. In ainneoin go ndearnadh dul chun cinn suntasach i leith an téacs, ní raibh an Chomhairle in ann cur chuige coiteann a ghlacadh fós, agus is í an chúis is mó a bhí leis sin go raibh easaontais ann i ndáil leis an nós imeachta teorann. Anuas air sin, níor tháinig an Chomhairle ar sheasamh maidir leis an liosta Eorpach de tíortha tionscnaimh sábháilte a mhol an Coimisiún. Ábhar eile ar ar mhachnaigh an Chomhairle gan teacht ar sheasamh ina leith ab ea an cheist ar cheart liosta Eorpach de thríú tíortha sábháilte a chuimsiú freisin sa Rialachán atá beartaithe.

Maidir le nósanna imeachta brostaithe agus nósanna imeachta teorann a úsáid, mhol an Coimisiún in 2016 gur cheart an nós imeachta um scrúdúchán brostaithe a bheith oibleagáideach feasta i gcásanna áirithe, cásanna ina mbeadh rialacha sonracha ann i ndáil leis an bhféidearthacht é a chur i bhfeidhm maidir le mionaoisigh neamhthionlactha. Bheartaigh an Coimisiún nós imeachta teorann roghnach in 2016. Chomhaontaigh Parlaimint na hEorpa gur cheart gurbh oibleagáid é an nós imeachta brostaithe i gcásanna áirithe feasta, ach sin a bheith i gceist i gcásanna níos teoranta le hais an togra ón gCoimisiún, agus nach mbeadh sé ann maidir le mionaoisigh neamhthionlactha go háirithe. Rinne Parlaimint na hEorpa mionaoisigh neamhthionlactha a eisiamh ón nós imeachta teorann freisin. Thaobhaigh an Chomhairle leis na cásanna ina bhféadfar an nós imeachta brostaithe a úsáid, lena n‑áirítear maidir le mionaoisigh neamhthionlactha, leis na cásanna sin a leathnú. Maidir leis an nós imeachta teorann, bhí tuairimí éagsúla ann sa Chomhairle maidir leis an nós imeachta teorann a dhéanamh éigeantach go pointe áirithe ar a laghad. Ballstáit atá i bhfabhar oibleagáid a bheith ann an nós imeachta teorann a chur i bhfeidhm, tharraing siad aird ar a thábhachtaí atá sé mar uirlis bhainistithe imirce, go háirithe i gcás inarb ó thíortha a bhfuil ráta íseal aitheantais acu a thiocfadh cion mór de na hiarratasóirí ar thearmann. Leis an nós imeachta teorann, féadfar an seans a mhéadú feasta go gcuirfear fillteacha i gcrích go rathúil go díreach ón teorainn sheachtrach laistigh de thréimhse ghearr ama tar éis an teacht isteach, a bhuí go háirithe leis an nós imeachta níos tapúla um fhilleadh agus na naisc níos láidre idir tearmann agus filleadh, agus féadfar an riosca a laghdú feasta go n‑éalódh iarratasóirí nó go ndéanfaidís gluaiseachtaí neamhúdaraithe. Ballstáit a bhí amhrasach le linn na caibidlíochta maidir le hoibleagáid an nós imeachta teorann a chur i bhfeidhm, tharraing siad aird ar roinnt dúshlán a bhaineann le nósanna imeachta den chineál sin a chur i bhfeidhm go córasach, mar shampla: deacrachtaí maidir lena mheas go tapa an bhféadfadh iarratasóir cáiliú le haghaidh scrúdú tríd an nós imeachta teorann, agus an gá a bheadh ann an t‑iarratasóir a choinneáil ag an teorainn idir an dá linn; nósanna imeachta achomhairc a thógann an iomarca ama, rud a fhágann go dtéann an sprioc-am le haghaidh an nós imeachta teorann a thabhairt chun críche, go dtéann sé in éag sular féidir cinneadh a dhéanamh maidir leis an iarratas; an gá a bheadh le hinfheistíochtaí agus acmhainní tábhachtacha (bonneagar, foireann agus trealamh); agus an ábharthacht theoranta a bhainfeadh leis an nós imeachta teorann a chur i bhfeidhm i gcás nach mbeadh aon deis an t‑iarratasóir a diúltaíodh a chur ar ais.

I dtogra 2018 le haghaidh Treoir athmhúnlaithe um Fhilleadh, mhol an Coimisiún gur cheart do na Ballstáit cinneadh um fhilleadh a eisiúint láithreach tar éis cinneadh lena gcuireadh deireadh le tréimhse dhlíthiúil fanachta náisiúnaigh tríú tír, go sonrach tar éis cinneadh lenar diúltaíodh iarratas ar chosaint idirnáisiúnta. Leis an togra céanna bunaíodh nós imeachta teorann ab infheidhme maidir le náisiúnaigh tríú tír ar diúltaíodh a n‑iarratas ar chosaint idirnáisiúnta i gcomhthéacs an nós imeachta teorann um thearmann. Cé nár ghlac Parlaimint na hEorpa seasamh maidir leis an togra ón gCoimisiún fós, tháinig an Chomhairle ar chur chuige ginearálta páirteach i mBealtaine 2019, cur chuige ina gcumhdaítear gach gné den togra seachas an nós imeachta teorann um fhilleadh, rud nach gcumhdaítear go sonrach de bharr na nasc atá aige leis an nós imeachta teorann um thearmann atá i dtogra 2016 le haghaidh Rialachán maidir leis an Nós Imeachta Tearmainn, rud nárbh fhéidir teacht ar chomhaontú ina thaobh.

Maidir leis an gceart chun leighis éifeachtaigh, chun deiseanna an córas tearmainn a mhí‑úsáid a laghdú, mhol an Coimisiún in 2016 nár cheart éifeacht fionraíochta uathoibríoch a bheith ag achomhairc ar an dara leibhéal nó ar leibhéal eile dá éis sin, seachas i gcás ina gcinnfeadh cúirt nó binse a mhalairt, ag gníomhú dó ex officio nó arna iarraidh sin ag an iarratasóir. Thacaigh Parlaimint na hEorpa ina tuarascáil leis an bhforáil sin, agus mheas an Chomhairle gur tar éis an chinnidh a dhéanann cúirt achomhairc céadchéime ba cheart deireadh a theacht leis an gcóras tearmainn a rialaítear le dlí an Aontais. Bheartaigh an Coimisiún freisin teorainneacha ama comhchuibhithe a shocrú maidir le hiarratasóirí achomhairc a thaisceadh os comhair cúirteanna nó binsí céadchéime, chomh maith le teorainneacha ama a shocrú maidir leis na cúirteanna cinneadh a dhéanamh i ndáil le hachomhairc. Chomhaontaigh Parlaimint na hEorpa ar theorainneacha ama maidir le hiarratasóirí achomhairc a thaisceadh ach níorbh fhéidir léi tacú le hamlínte a thabhairt isteach maidir leis na cúirteanna nó na binsí rialú a dhéanamh. Bhí an Chomhairle i bhfabhar raonta ama a shainiú sa dlí náisiúnta maidir le hiarratasóirí achomhairc a thaisceadh seachas teorainneacha ama comhchuibhithe a shocrú i ndáil leis sin ar an leibhéal Eorpach, ach níorbh fhéidir léi tacú le hamlínte a thabhairt isteach nár mhór do na cúirteanna nó na binsí rialú a dhéanamh laistigh díobh. Mar sin féin, bhí an Chomhairle in ann glacadh leis go socrófaí teorainneacha ama den chineál sin ar an leibhéal náisiúnta.

Comhairliúcháin leis na páirtithe leasmhara

Chuaigh an Coimisiún i gcomhairle leis na Ballstáit, le Parlaimint na hEorpa agus leis na páirtithe leasmhara roinnt uaireanta chun a dtuairimí siúd a fháil faoin gComhaontú Nua maidir le hImirce agus Tearmann. Thionóil Uachtaránachtaí na Rómáine, na Fionlainne, agus na Cróite malartuithe straitéiseacha agus teicniúla araon i gcomhthráth, malartuithe darbh ábhar an cruth ina mbeidh gnéithe ar leith den bheartas imirce sa todhchaí, lena n‑áirítear an tearmann, an filleadh, agus an caidreamh le tríú tíortha maidir le hathligean isteach agus ath‑lánpháirtiú. Sna comhairliúcháin sin léiríodh tacaíocht do thús nua maidir le beartas tearmainn agus imirce an Aontais chun na nithe seo a leanas a dhéanamh: dul i ngleic mar ábhar práinne leis na fabhtanna atá sa Chomhchóras Eorpach Tearmainn (CET), cur le héifeachtúlacht na bhfillteacha agus fíorchóras Eorpach um fhilleadh a bhunú, ár gcaidreamh le tríú tíortha a threisiú maidir le hathligean isteach, agus a áirithiú go ndéanfar imircigh a ath‑lánpháirtiú go hoiriúnach tar éis dóibh filleadh ar a dtíortha tionscnaimh.

Tá an Coimisiún tar éis dul i mbun dianchomhairliúcháin leanúnacha le Parlaimint na hEorpa roimh lainseáil an Chomhaontaithe Nua maidir le hImirce agus Tearmann. Ina theannta sin reáchtáil an Coimisiún dhá bhabhta de dhianchuairteanna agus comhairliúcháin dhéthaobhacha le gach Ballstát ar bhonn aonair, rud a rinne sé laistigh den chéad 100 lá in oifig dó agus a rinne sé arís, le déanaí, roimh chur i láthair an Chomhaontaithe. Thacaigh na Ballstáit agus Parlaimint na hEorpa leis na nithe a leanas: an gá atá le dul chun cinn a dhéanamh maidir le laigí an chórais reatha a leigheas, an gá atá le córas nua um chomhroinnt chóir freagrachta, córas a mbeidh gach Ballstát in ann rannchuidiú leis, an gá atá le cosaint láidir teorann, an gá atá le cearta bunúsacha a urramú i ngach gné de bheartas imirce an Aontais, agus an tábhacht atá le gné sheachtrach na himirce, lena n‑áirítear cosáin dhlíthiúla shábháilte agus fillteacha níos fearr.

Eagraíodh roinnt ceardlann agus pléití le linn Uachtaránacht na Fionlainne, lena n‑áirítear comhdháil Tampere 2.0 a tionóladh an 24‑25 Deireadh Fómhair 2019 i Heilsincí agus Fóram Salzburg a tionóladh an 6‑7 Samhain 2019 i Vín, inar fháiltigh na Ballstáit roimh rún an Choimisiúin Eorpaigh athchóiriú Bhaile Átha Cliath a athsheoladh chun teacht ar chineálacha nua dlúthpháirtíochta a mbeadh ceanglas ar na Ballstáit uile rannchuidiú leo. Chuir na Ballstáit i dtreis nach mór bearta dlúthpháirtíochta a bheith ina gcuid den chóras athchóirithe ach gur cheart iad a bheith a bheith fite fuaite i mbearta freagrachta. Thairis sin, chuir siad i dtreis an géarghá atá le dul i ngleic le gluaiseachtaí neamhúdaraithe laistigh den Aontas agus le filleadh a fhorfheidhmiú maidir leo sin nach bhfuil cosaint idirnáisiúnta de dhíth orthu. Leag Parlaimint na hEorpa béim roinnt uaireanta ar an ngá atá le teaghlaigh a bhfuil leanaí acu a chosaint go leordhóthanach agus le bheith an‑chúramach maidir le mionaoisigh neamhthionlactha. Thionóil an Coimisinéir Johansson comhairliúcháin spriocdhírithe roinnt uaireanta le heagraíochtaí idirnáisiúnta, le heagraíochtaí de chuid na sochaí sibhialta, le heagraíochtaí neamhrialtasacha áitiúla ábhartha sna Ballstáit, agus le comhpháirtithe sóisialta agus eacnamaíocha. Sa phróiseas comhairliúcháin sin, cuireadh moltaí sonracha i láthair maidir leis an ngá atá ann cur chuige coiteann a fhorbairt a thuilleadh i ndáil le caighdeáin a bhaineann go sonrach le leanaí, rud atá i gcomhréir le Teachtaireacht 2017 maidir le himircigh ar leanaí iad 3 . Ina theannta sin, chuathas i gcomhairle leis an tsochaí shibhialta maidir le hábhair ar nós na gcéimeanna tosaigh sa nós imeachta tearmainn (2019), rud a rinneadh trí phróiseas an fhóraim chomhchomhairligh a chuir EASO ar bun.

Chuir an Coimisiún san áireamh freisin moltaí sonracha ó údaráis náisiúnta agus áitiúla 4 , ó eagraíochtaí neamhrialtasacha, agus ó eagraíochtaí idirnáisiúnta, mar shampla Oifig Ard‑Choimisinéir na Náisiún Aontaithe le haghaidh Dídeanaithe (UNHCR) 5 , an Eagraíocht Idirnáisiúnta um Imirce (IOM) 6 , agus meithleacha machnaimh agus lucht acadúil, dreamanna ar bhain na moltaí uathu le cén chaoi tús nua a shamhlú ó thaobh na himirce de agus dul i ngleic leis na dúshláin imirce atá ann faoi láthair agus san am céanna leis sin caighdeáin idirnáisiúnta a choimirciú maidir le cearta an duine. Ina dtuairim siúd, le tús nua ar an athchóiriú ba cheart athbhreithniú a dhéanamh ar rialacha áirithe maidir le freagracht a dhéanamh amach, agus foráil a dhéanamh maidir le sásra dlúthpháirtíochta éigeantaí, lena n‑áirítear le haghaidh daoine a díbhordáladh tar éis oibríocht chuardaigh agus tarrthála. Molann eagraíochtaí neamhrialtasacha freisin tuiscint choiteann ar an bhfreagracht idir na Ballstáit agus d’iarr siad go gcuirfí san áireamh i rialacha athbhreithnithe Bhaile Átha Cliath sásra le haghaidh athshocrú níos buaine 7 .

Chuir an Coimisiún san áireamh freisin rannchuidiú agus staidéir Ghréasán Imirce na hEorpa 8 , a lainseáladh ar thionscnamh an Choimisiúin agus a rinne roinnt staidéir speisialaithe agus cuardaigh ad hoc le blianta beaga anuas.    

Ceapadh beartas atá bunaithe ar fhianaise

Tá an Coimisiún i bhfách le ceapadh beartas atá bunaithe ar fhianaise, agus tagraíonn sé don doiciméad ar leith (XXX) ina gcuimsítear na sonraí agus na gnéithe ábhartha a thacaíonn leis an gcur chuige atá beartaithe i leith na ndúshlán éagsúil, dúshláin ar sainaithníodh iad ó bhí 2016 ann, a bhaineann le hathchóiriú CEAS a thabhairt chun críche agus an creat dlíthiúil Eorpach um fhilleadh a neartú.

Cearta bunúsacha 

Urramaítear cearta bunúsacha sa togra seo agus cloítear ann leis na prionsabail a aithnítear, go háirithe, sa Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh, chomh maith leis na hoibleagáidí a eascraíonn ón dlí idirnáisiúnta, go háirithe ó Choinbhinsiún na Ginéive maidir le Stádas Dídeanaithe, ón gCoinbhinsiún Eorpach chun Cearta an Duine agus Saoirsí Bunúsacha a Chosaint, ón gCúnant Idirnáisiúnta ar Chearta Sibhialta agus Polaitiúla, ó Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe in aghaidh Céastóireachta, agus ó Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe um Chearta an Linbh.

Tá an ceart chun saoirse agus saorghluaiseachta faoi chosaint ós rud é, de bhun na Treorach maidir le Coinníollacha Glactha agus na Treorach um Fhilleadh, nach n‑úsáidfí an choinneáil i gcomhthéacs an nós imeachta teorann ach i gcás ina mbeadh bonn cirt léi ar fhorais shonracha a shainítear go soiléir sna Treoracha sin, ina mbeadh sí riachtanach agus comhréireach, rud a dhéanfaí amach ar bhonn measúnú aonair ar gach cás atá ar a mbeifí ag déanamh athbhreithniú breithiúnach, agus ina mbeadh sí ina rogha dheiridh nuair nárbh fhéidir bearta eile nach bhfuil chomh comhéigneach le coinneáil a chur i bhfeidhm go héifeachtach.

Ráthaítear leis an togra go gcosnófar sárleasanna an linbh i gcónaí, go sonrach tríd an riail a eisiamh go gcuirfí an nós imeachta teorann i bhfeidhm i gcás mionaoisigh neamhthionlactha agus teaghlaigh a bhfuil leanaí faoi bhun 12 bhliain d’aois acu, seachas i gcás ina measfar gur baol iad don tslándáil náisiúnta nó d’ord poiblí Ballstáit, nó inar díbríodh an t‑iarratasóir go héigeantach faoin dlí náisiúnta ar thromchúiseanna maidir leis an tslándáil phoiblí nó leis an ord poiblí.

Áirithítear go leordhóthanach an ceart chun leighis éifeachtaigh, ós rud é gur sna cásanna teoranta a leagtar amach sa Rialachán seo, inar dócha go bhfuil iarratais gan bhunús, gur sna cásanna sin amháin nár cheart ceart fanachta uathoibríoch a bheith ag an iarratasóir chun críoch an achomhairc.

Áirithítear go ndéanfar prionsabal an non‑refoulement a urramú, ós rud é go leagtar síos leis an togra go gcuirfear ar fionraí na héifeachtaí ar fad a ghabhann le cinneadh um fhilleadh fad a bheidh ceart fanachta ag an iarratasóir nó cead aige fanacht chun críche iarratais ar chosaint idirnáisiúnta. Anuas air sin, de bhua fhorálacha na Treorach um Fhilleadh, ní mór prionsabal an non‑refoulement a urramú le linn gach céime de nósanna imeachta um fhilleadh, agus achomhairc i gcoinne cinntí um fhilleadh, cuirfear ar fionraí go huathoibríoch leo sin forfheidhmiú cinntí lena mbaineann riosca go sárófar an prionsabal sin.

4.IMPLEACHTAÍ BUISÉADACHA

Ní chuireann an togra seo aon ualach airgeadais ná riaracháin ar an Aontas. Níl aon tionchar aige, dá bhrí sin, ar bhuiséad an Aontais. Na cistí a leithdháileadh faoi chláir náisiúnta na mBallstát faoin gCiste um Thearmann, Imirce agus Lánpháirtíocht atá ann cheana agus faoin gCiste Tearmainn agus Imirce nua, féadfaidh na Ballstáit úsáid a bhaint astu sin chun tacú le haon infheistíocht is gá a dhéanamh sa bhonneagar a úsáidfear agus an nós imeachta teorann á chur i bhfeidhm. Féadfaidh EASO agus Frontex tacú leis na Ballstáit, laistigh dá sainorduithe faoi seach, trí bhaill foirne a chur ar fáil a mbeidh gá leo agus an nós imeachta teorann á chur i bhfeidhm.

Socruithe faireacháin, meastóireachta agus tuairiscithe

Tuairisceoidh an Coimisiún ar chur i bhfeidhm an Rialacháin maidir leis an Nós Imeachta Tearmainn chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle laistigh de dhá bhliain ó thiocfaidh sé i bhfeidhm agus gach cúig bliana ina dhiaidh sin. Beidh ar na Ballstáit faisnéis chuí maidir leis an tuarascáil a dhréachtú a chur ar aghaidh chuig an gCoimisiún agus chuig Gníomhaireacht an Aontaigh Eorpaigh um Thearmann. Ina theannta sin déanfaidh an Ghníomhaireacht faireachán ar chomhlíontacht an Bhallstáit leis an Rialacháin tríd an sásra faireacháin, ar bheartaigh an Coimisiún é a bhunú san athbhreithniú a rinne sé ar shainordú na Gníomhaireachta 9 .

Míniúchán mionsonraithe ar fhorálacha sonracha an togra

Is é is aidhm don togra seo leasuithe spriocdhírithe a dhéanamh ar thogra 2016 ón gCoimisiún le haghaidh Rialachán maidir leis an Nós Imeachta Tearmainn agus, i dteannta an togra le haghaidh Rialachán lena dtabharfar scagadh isteach agus an togra lena leasaítear an Treoir um Fhilleadh, nasc gan uaim a chur i bhfeidhm idir gach céim den nós imeachta imirce, ón teacht isteach go dtí iarratais ar thearmann a próiseáil agus cosaint idirnáisiúnta a dheonú nó, i gcás inarb infheidhme, na daoine sin nach bhfuil cosaint idirnáisiúnta de dhíth orthu a chur ar ais.

1.Céim nua réamh-dhul isteach

An brú méadaithe atá ann de bharr go bhfuil imircigh ag teacht isteach nach bhfuil ach caolseans ann go bhfaighidh siad cosaint, is gá dul i ngleic leis trí uirlisí nua bainistithe imirce, lena n‑áirítear nósanna imeachta níos comhchuibhithe, go háirithe ag an teorainn sheachtrach, chun a áirithiú gur tapa a shainaithneofar imircigh, a chuirfear iad i dtreo an nós imeachta is ceart, agus a scrúdófar na héilimh a bheidh acu. Chun na críche sin, bunaítear in [COM (2020)xxx final] céim nua réamh‑dhul isteach arb éard a bheidh inti scagadh, nós imeachta brostaithe níos forbartha agus nós imeachta teorann um thearmann agus filleadh.

Maidir leis an nós imeachta teorann, ar thaobh amháin tá an togra seo dírithe ar é a dhéanamh níos solúbtha, ach san am céanna, faoi mar a míníodh thuas, níos éifeachtaí do na Ballstáit agus iad á chur i bhfeidhm, trína choigeartú de réir taithí phraiticiúil agus an tsreafa iarbhír atá ann ar na príomhbhealaí imirce. Sa choigeartú sin déantar forais bhreise a sholáthar chun an nós imeachta teorann a úsáid, agus cuirtear síneadh le fad uasta an nós imeachta sin. Le nós imeachta teorann níos éifeachtaí den chineál sin, fágfar go mbeidh údaráis tearmainn agus imirce in ann measúnú a dhéanamh níos éifeachtúla ar fhíoréilimh in ionaid intíre, cinntí a sheachadadh níos tapúla, agus dá bhrí sin rannchuidiú le feidhmiú níos fearr agus níos inchreidte maidir le beartais tearmainn agus imirce, feidhmiú ina dtabharfar lánurraim do cearta bunúsacha. Ar an lámh eile, is gá féachaint ar cheangailteacht nós imeachta teorann ar chatagóirí áirithe iarratasóirí i gcomhthéacs níos leithne an tacair beart fhoriomláin a chuir an Coimisiún i láthair sa Chomhaontú agus sna tograí a ghabhann leis, chomh maith leis na tograí atá ar feitheamh. I ndáil leis sin, is gá freisin taithí phraiticiúil a chur san áireamh. Go háirithe, na critéir chun measúnú a dhéanamh an bhfuil iarratas le meas trí nós imeachta teorann, is gá a gcur i bhfeidhm a bheith éasca tapúil sa chleachtas. Ar deireadh, is gá a chuimhneamh freisin go mbeidh líon áirithe daoine ann ar diúltaíodh a n‑iarratas ar thearmann agus nach gcuirfear ar ais, sa ghearrthéarma ar a laghad, de bharr easpa comhair ó thríú tíortha.

Is fusa nós imeachta teorann a úsáid más féidir a dheimhniú ón tús – le linn an scagtha a dhéantar ar theacht isteach do dhaoine – más féidir a dhéanamh amach ansin ar bhonn critéir oibiachtúla ar cheart do dhuine a bheith faoina réir.

Ina theannta sin tá sé tábhachtach a shoiléiriú cén tráth a bheidh tús le feidhm an nós imeachta teorann. Is ar an gcúis sin ar modhnaíodh Airteagail 26 agus 27, is é sin chun a shoiléiriú go mbeidh ar na Ballstáit an t‑iarratas ar thearmann a chlárú a luaithe a bheidh deireadh leis an scagadh. . Ní dhéanann an méid sin difear do cheart an duine iarratas ar thearmann a dhéanamh láithreach agus é ag teacht isteach i gcríoch Ballstáit, ní chiallaíonn sé ach go gclárófar a iarratas a luaithe a bheidh deireadh leis an scagadh agus a bheidh an fhaisnéis is gá ar fáil chun a chinneadh ar cheart an nós imeachta teorann a úsáid.

2.Raon feidhme an nós imeachta teorann um thearmann: a chinneadh cé air a bhféadfar an nós imeachta teorann a chur i bhfeidhm, agus cé air ar cheart a chur i bhfeidhm :

Ar an gcéad dul síos, in Airteagal 41 (1) agus (2) nua, soiléirítear nach bhféadfar ach iarratais den chineál sin a mheasúnú trí nós imeachta teorann, agus sin i gcás nár údaraíodh iarratasóirí fós dul isteach i gcríoch an Bhallstáit agus nach gcomhlíonfaidh siad na coinníollacha iontrála faoi Chód Teorainneacha Schengen. Cuirfear i bhfeidhm an nós imeachta teorann tar éis an scagtha a dhéanfar i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. XXX/XXX [an Rialachán um Scagadh], i gcás ina ndearnadh iarratais ag pointe trasnaithe teorann seachtraí nó i gcrios idirthurais, tar éis gabháil i ndáil le trasnú mírialta teorann seachtraí nó tar éis díbhordáil tar éis oibríocht chuardaigh agus tarrthála.

Ní fhéadfar cinntí a dhéanamh i nós imeachta teorann maidir le hinghlacthacht an iarratais nó le fiúntas an iarratais ach i gcás ina scrúdófar an t‑iarratas trí nós imeachta brostaithe. Cuimsítear ann sin an fhéidearthacht an nós imeachta teorann a chur i bhfeidhm maidir leis na cásanna ina bhféadfaidh Ballstát a mheas gur ‘tír thionscnaimh shábháilte’ nó ‘tríú tír shábháilte’ don iarratasóir atá i dtríú tír, rud a d’éileodh measúnú níos doimhne ar chás an iarratasóra. Dá bhrí sin cuirtear foras nua brostaithe isteach atá bunaithe ar chritéir níos oibiachtúla ar fusa a n‑úsáid, a gcuirfidh na Ballstáit dlús dá réir le scrúdú iarratas a rinne iarratasóirí a tháinig ó thríú tíortha dar lú ná 20 % de líon iomlán na gcinntí um thearmann an cion de na cinntí sin atá dearfach, de réir na sonraí bliantúla is déanaí atá le fáil ó Eurostat. Tá údar leis an gcéatadán sin de bharr an mhéadaithe shuntasaigh atá ar an líon iarratas a rinne iarratasóirí a tháinig ó thíortha a bhfuil ráta aitheantais acu is ísle ná 20%, agus an ghá atá ann dá réir le nósanna imeachta éifeachtúla a chur i bhfeidhm chun déileáil leis na hiarratais sin, ar dócha go bhfuil siad gan bhunús.

De réir Airteagal 41 (7) nua, agus an nós imeachta teorann um thearmann á chur i bhfeidhm, féadfaidh na Ballstáit freisin an nós imeachta a chur i bhfeidhm um a chinneadh cén Ballstát atá freagrach as an iarratas a scrúdú.

Iarratasóirí atá faoi réir an nós imeachta teorann um thearmann, soiléirítear in Airteagal 41 (6) nua nach n‑údarófar iad dul isteach i gcríoch an Bhallstáit.

Oibleagáid ar na Ballstáit an nós imeachta teorann um thearmann a chur i bhfeidhm i gcásanna áirithe: Le hAirteagal 41(3) nua, cuirtear d’oibleagáid ar na Ballstáit an nós imeachta teorann a chur i bhfeidhm i gcásanna imirce neamhrialta ag an teorainn sheachtrach nó tar éis díbhordáil tar éis oibríocht chuardaigh agus tarrthála, agus feidhm ag ceann de na forais seo a leanas: 1, is baol don tslándáil náisiúnta nó don ord poiblí atá san iarratasóir 2, chuir an t‑iarratasóir na húdaráis ar míthreoir trí fhaisnéis nó doiciméid bhréagacha a chur i láthair nó trí fhaisnéis nó doiciméid ábhartha a choinneáil siar i ndáil lena chéannacht nó lena náisiúntacht a bhféadfadh tionchar diúltach a bheith acu ar an gcinneadh 3, an tír arb as don iarrthóir, is tír í ar lú ná 20 % de líon iomlán na gcinntí um thearmann lena haghaidh an cion sin ar cinntí dearfacha um thearmann iad.

Eisceachtaí ón gceanglas an nós imeachta teorann um thearmann a chur i bhfeidhm: De réir an léimh a dhéantar in Airteagal 41 (3) agus (5) nua i dteannta a chéile, mionaoisigh neamhthionlactha agus mionaoisigh faoi bhun 12 bhliain d’aois agus a mbaill teaghlaigh, ní bheidh siad faoi réir an nós imeachta teorann ach i gcás ina measfar gur contúirt atá iontu do shlándáil náisiúnta nó d’ord poiblí an Bhallstáit. Ina theannta sin, le hAirteagal 41(4) nua, ceadaítear do na Ballstáit eisceachtaí a dhéanamh ón oibleagáid an nós imeachta teorann um thearmann a chur i bhfeidhm i gcásanna inar léir ón tús nach dócha go n‑éireodh le hathligean isteach na ndaoine dá ndéanfaí cinneadh diúltach maidir lena n‑iarratas ar thearmann. Beidh an eisceacht infheidhme maidir le náisiúnaigh tríú tír ar chuir an Ballstát sin fógra lena haghaidh faoi bhráid an Choimisiúin i gcomhréir le mír 3 d’Airteagal 25a den Chód Víosaí. Féadfar fógra mar sin a dhéanamh i gcás ina raibh fadhbanna praiticiúla suntasacha leanúnacha ann don Bhallstát maidir le comhoibriú leis an tríú tír lena mbaineann i ndáil le himircigh neamhrialta a athligean isteach. In Airteagal 41(4), tugtar breis soiléirithe maidir leis na cásanna agus na nósanna imeachta infheidhme atá i gceist i ndáil leis na nithe a leanas – cén uair a fhéadfaidh na Ballstáit leanúint den eisceacht sin a chur i bhfeidhm, nó cén uair a scoirfidh siad dá cur i bhfeidhm agus dá bhrí sin a chuirfidh siad an nós imeachta teorann i bhfeidhm maidir le náisiúnaigh an tríú tír lena mbaineann.

Fad an nós imeachta teorann um thearmann: In Airteagal 41 (11) nua, sonraítear gur ar feadh uastréimhse 12 sheachtain ó cláraíodh an t‑iarratas ar dtús a mhairfidh an nós imeachta teorann. De mhaolú ar an sprioc-am 10 lá a bhíonn ann de ghnáth le haghaidh taisceadh, ní thaiscfear an t‑iarratas tráth níos déanaí ná cúig lá tar éis a chláraithe ar dtús nó, i gcas inar athshocraíodh an t‑iarratas i gcomhréir le hAirteagal [x] den Rialachán maidir le Bainistiú Imirce agus Tearmainn, ní thaiscfear é tráth níos déanaí ná cúig lá ó chuir an t‑iarratasóir a chéannacht in iúl do na húdaráis inniúla sa Bhallstát atá freagrach (Airteagal 41(10) nua). Tá údar leis an maolú sin de bharr nach mbeadh an t‑iarratasóir údaraithe sna cásanna sin dul isteach sa chríoch, agus níor cheart go ligfí do thaisceadh moillithe moill a chur ar an nós imeachta teorann agus an sprioc-am 12 sheachtain a ghabhann leis.

Ráthaíochtaí faoin nós imeachta teorann um thearmann: Airteagal 41 (5) agus (9) nua, sonraítear iontu na cásanna nach gcuirfear i bhfeidhm an nósanna imeachta teorann um thearmann. Mionaoisigh neamhthionlactha agus teaghlaigh a bhfuil leanaí faoi bhun 12 bhliain d’aois acu, ní fhéadfaidh siad a bheith faoi réir nós imeachta teorann ach ar chúiseanna a bhaineann leis an tslándáil náisiúnta nó leis an ord poiblí, mar atá nuair a mheastar gur baol do shlándáil náisiúnta nó d’ord poiblí an Bhallstáit atá sa mhionaoiseach neamhthionlactha, nó atá in aon bhall den teaghlach i gcás teaghlach, nó nuair a díbríodh an t‑iarratasóir go héigeantach faoin dlí náisiúnta ar thromchúiseanna maidir leis an tslándáil phoiblí nó an t‑ord poiblí. De réir Airteagal 41(9), ní chuirfidh na Ballstáit an nós imeachta teorann i bhfeidhm nó scoirfidh siad dá chur i bhfeidhm i gcásanna áirithe, lena n‑áirítear i gcás nach gcomhlíonfar na forais maidir leis an nós imeachta teorann a chur i bhfeidhm nó nuair nach mbeidh siad á gcomhlíonadh a thuilleadh, i gcás nach bhféadfar an tacaíocht is gá a sholáthar d’iarratasóirí a bhfuil riachtanais nós imeachta speisialta acu, i gcás ina mbeidh cúiseanna leighis ann gan an nós imeachta teorann a chur i bhfeidhm, agus i gcás nárbh fhéidir na coinníollacha coinneála a chomhlíonadh i gcomhréir leis an Treoir maidir le Coinníollacha Glactha, agus nárbh fhéidir an nós imeachta teorann a chur i bhfeidhm d’uireasa na coinneála. I gcás nach gcuirfear an nós imeachta teorann i bhfeidhm nó nach mbeidh sé á chur i bhfeidhm a thuilleadh, tabharfar cead don iarratasóir dul isteach i gcríoch an Bhallstáit agus scrúdófar a iarratas tríd an nós imeachta um thearmann is infheidhme (lena n‑airítear trí nós imeachta brostaithe más ábhartha).

An áit ina socrófar iarratasóirí atá faoi réir an nós imeachta teorann um thearmann: Le hAirteagal 41(15) nua, iarratasóirí atá faoi réir an nós imeachta teorann um thearmann, fágtar gur féidir iad a chur i gcóiríocht in ionaid ag teorainneacha seachtracha nó i gcriosanna idirthurais, agus in ionaid atá gar do na háiteanna sin.

Mar sin féin, na saoráidí is gá chun an nós imeachta teorann a chur i bhfeidhm, ní gá do na Ballstáit foráil a dhéanamh maidir leo ag gach pointe trasnaithe teorann nó i ngach cuid den teorainn sheachtrach ina bhféadfaí imircigh a ghabháil nó a dhíbhordáil. Maidir le cé na hionaid ina gcuirfear ar bun na saoráidí is gá, féadfaidh na Ballstáit ionaid a roghnú chun na críche sin in aon áit ag an teorainn sheachtrach nó gar don teorainn sheachtrach, agus na hiarratais a chumhdaítear faoin nós imeachta teorann a aistriú chuig na hionaid sin cibé áit a ndearnadh an t‑iarratas ar thearmann ar dtús. Mar sin féin, chun nach mbeidh an iomarca aistrithe le déanamh chun na críche sin, rud a bheadh rófhadálach, ba cheart do na Ballstáit díriú ar na saoráidí is gá a chur ar bun san áit a bhfuil siad ag súil leis an líon is mó iarratas a fháil a bheadh faoi raon an nós imeachta teorann.

I gcás ina sárófar acmhainn oibríochtúil na n‑ionad sin chun críoch na n‑iarratasóirí ar a gcuirtear an nós imeachta teorann i bhfeidhm a phróiseáil, féadfaidh na Ballstáit iarratasóirí a chur i gcóiríocht in ionaid eile laistigh de chríoch an Bhallstáit, ar bhonn sealadach agus ar feadh na tréimhse is giorra is gá. Níor cheart an eisceacht sin a bheith infheidhme ach nuair a shárófar go sealadach an acmhainn oibríochtúil atá sna hionaid sin, ós rud é gur cheart do na Ballstáit díriú ar líon áiteanna leordhóthanach a sholáthar sna hionaid sin ag féachaint don líon cásanna iarratas a bhfuil súil leis.

Nós imeachta teorann nua um fhilleadh a chur i bhfeidhm: Le hAirteagal 41a nua, tugtar isteach nós imeachta teorann um fhilleadh a chur i bhfeidhm a thagann in ionad an nós imeachta teorann um fhilleadh a chuimsítear i dtogra 2018 le haghaidh Treoir athmhúnlaithe um Fhilleadh. An nós imeachta teorann nua um fhilleadh a chur i bhfeidhm, tá feidhm aige maidir le hiarratasóirí, náisiúnaigh tríú tír nó daoine gan stát ar diúltaíodh a n‑iarratas i gcomhthéacs an nós imeachta teorann um thearmann. Daoine atá faoi réir an nós imeachta sin, ní údaraítear iad dul isteach i gcríoch an Bhallstáit agus ba cheart a gcoimeád ag na teorainneacha seachtracha, nó gar dóibh, nó sna criosanna idirthurais; i gcás ina mbeidh na Ballstáit in ann iad a choimeád sna háiteanna sin, féadfaidh na Ballstáit ionaid eile a úsáid laistigh dá gcríoch. Náisiúnaigh tríú tír agus daoine gan stát atá faoi réir an nós imeachta, féadfar tréimhse le haghaidh imeacht deonach a dheonú dóibh nach faide ná 15 lá, gan dochar don fhéidearthacht an oibleagáid um fhilleadh a chomhlíonadh tráth ar bith, filleadh ina n‑imeofaí as limistéar teorann nó as crios idirthurais. Leis an tréimhse sin laghdófaí an riosca go ndéanfadh náisiúnaigh tríú tír atá ag fanacht go neamhdhleathach agus atá faoi réir an nós imeachta teorann um fhilleadh a chur i bhfeidhm dul isteach nó gluaiseacht neamhdhleathach, agus ní chuirfí cosc ar an deis a bheadh acu filleadh go deonach agus, más ceadmhach faoin dlí náisiúnta, cúnamh lóistíochta, airgeadais nó eile a fháil. Ní fhéadfaidh an nós imeachta teorann um fhilleadh a chur i bhfeidhm dul thar 12 sheachtain, tréimhse a thosóidh an tráth nach mbeidh ceart fanachta a thuilleadh ag an duine lena mbaineann agus nach mbeidh cead aige fanacht a thuilleadh, i.e. nuair a bheidh iarratas ón iarratasóir ar cheart fanachta a fháil diúltaithe ag cúirt. Is tréimhse í sin atá de bhreis ar an tréimhse atá socraithe chun an nós imeachta teorann um iarratais ar chosaint idirnáisiúnta a scrúdú. Le linn na tréimhse sin nó le linn cuid di, féadfar náisiúnaigh tríú tír atá ag fanacht go neamhdhleathach a choinneáil i gcásanna aonair ar mhaithe le filleadh a éascú agus a áirithiú; beidh feidhm ag na coimircí agus na ráthaíochtaí atá shocraithe leis an Treoir um Fhilleadh. Náisiúnaigh tríú tír a coinníodh cheana (agus na coimircí infheidhme go léir i gceist dá bhforáiltear leis an Treoir maidir le Coinníollacha Glactha) le linn scrúdú ar iarratas ar chosaint idirnáisiúnta mar chuid den nós imeachta teorann um thearmann, féadfar iad a choimeád faoi choinneáil chun dul isteach neamhúdaraithe a chosc agus filleadh a chur i bhfeidhm. I gcásanna eile, agus go háirithe nuair nár coinníodh náisiúnaigh tríú tír le linn an nós imeachta teorann um thearmann, féadfar coinneáil a úsáid, laistigh den uastréimhse chéanna, má chomhlíontar na forais le haghaidh coinneála a leagtar síos sa Treoir athmhúnlaithe um Fhilleadh (má tá riosca éalaithe ann, má sheachnaíonn an duine lena mbaineann an t‑ullmhúchán don fhilleadh nó don phróiseas aistrithe, má chuireann siad bac ar an ullmhúchán céanna, nó más baol don bheartas poiblí, don tslándáil phoiblí nó don tslándáil náisiúnta atá sa duine). Mar sin féin, an uastréimhse choinneála a leagtar síos le hAirteagal 15(5) agus (6) den Treoir um Fhilleadh (6 mhí ar a mhéad, tréimhse as féidir tréimhse bhreise 12 mhí a cur léi i gcásanna áirithe), níor athraíodh í sin, agus dá bhrí sin beidh tréimhse na coinneála a fhéadfar a dhéanamh le linn an nós imeachta teorann um fhilleadh a chur i bhfeidhm cuimsithe sa teorainn ama sin.

An nós imeachta teorann a fhoircheannadh agus an ceart dul isteach sa chríoch: I gcás ina mbeidh an nós imeachta um thearmann fós ag dul ar aghaidh ag deireadh an sprioc-ama maidir leis an nós imeachta teorann a chur i bhfeidhm, údarófar an t‑iarratasóir dul isteach i gcríoch an Bhallstáit le haghaidh an nós imeachta um thearmann a chur i bhfeidhm. Ní údarófar dul isteach i gcás nach mbeidh ceart fanachta aige a thuilleadh agus nach bhfuil cead aige fanacht. I gcás inar eisíodh cinneadh um fhilleadh don iarratasóir cheana, beidh iarratasóir, ina ionad sin, faoi réir an nós imeachta teorann um fhilleadh nach féidir maireachtáil níos faide ná 12 sheachtain; a luaithe a thiocfadh deireadh leis an tréimhse sin, bheadh an náisiúnach tríú tír atá ag fanacht go neamhdhleathach faoi réir an nós imeachta um fhilleadh a bhunaítear leis an Treoir um Fhilleadh.

Inaistritheacht an nós imeachta teorann um imirce agus tearmann: An nós imeachta teorann um imirce agus tearmann, féadfar é a chur i bhfeidhm i mBallstát seachas an Ballstát ina ndearnadh an t‑iarratas. De réir Airteagal 41(8) nua, i gcás ina gcomhlíonfar na coinníollacha maidir leis an nós imeachta teorann a chur i bhfeidhm sa Bhallstát ina ndearnadh an t‑iarratas, féadfaidh an Ballstát inar athshocraíodh an t‑iarratasóir i gcomhréir le hAirteagal [x] de Rialachán (AE) Uimh XXX/XXX [An Rialachán maidir le Bainistiú Tearmainn agus Imirce] na nósanna imeachta teorann um thearmann agus filleadh a chur i bhfeidhm. Féadfaidh an Ballstát inar athshocraíodh an t‑iarratasóir na nósanna imeachta teorann um thearmann agus filleadh a chur i bhfeidhm freisin i gcás nach ndearnadh iarratas ar chosaint roimh an athshocrú, agus inar sa Bhallstát sin a rinneadh é agus an t‑athshocrú curtha i gcrích (Airteagal 41(1)(d) nua).

Go hachomair, ba cheart nósanna imeachta teorann um thearmann a chur i bhfeidhm maidir le hiarratais ar thearmann ar léir go bhfuil siad mí‑úsáideach, nó i gcás inar bagairt don tslándáil atá san iarratasóir, nó i gcás ina bhfágfaidh ráta aitheantais na náisiúntachta ar de an t‑iarratasóir nach dócha go bhfuil cosaint idirnáisiúnta de dhíth air. Anuas air sin, féadfaidh na Ballstáit nós imeachta teorann um thearmann a roghnú ar bhonn inghlacthacht an iarratais nó fhiúntas an iarratais, i gcás inar cheart an t‑iarratas a scrúdú trí nós imeachta brostaithe. Ar deireadh, i gcásanna nach dócha ón tús go n‑éireoidh le hathligean isteach na ndaoine sin má dhéantar cinneadh diúltach maidir lena n‑iarratas ar thearmann, féadfaidh na Ballstáit a chinneadh gan an nós imeachta teorann um thearmann a úsáid agus an gnáthnós imeachta um thearmann a úsáid ina áit. Bheadh feidhm ag an ngnáthnós imeachta tearmainn maidir le gach iarratas eile ar thearmann. Leanaí gan tionlacan agus leanaí faoi bhun 12 bhliain d’aois agus a mbaill teaghlaigh, beidh siad díolmhaithe ón nós imeachta teorann mura mbeidh ábhair imní ann ó thaobh na slándála de.

3.Nós imeachta cuimsitheach um thearmann agus filleadh

Ar a bharr sin, ní mór nasc gan uaim a bhunú idir gach céim den phróiseas imirce le haghaidh imircigh a chuaigh timpeall ar an scagadh nó a údaraíodh dul isteach i gcríoch an Bhallstáit ionas go bpróiseálfaí a n‑iarratas ar thearmann tríd an ngnáthnós imeachta tearmainn. Chun na críche sin, tá gá le hathruithe spriocdhírithe ar thogra 2016 ón gCoimisiún chun cosc a chur ar imircigh nósanna imeachta a mhoilliú chun a n‑aistriú ón Aontas a chosc agus chun na críche sin amháin, agus cosc a chur orthu an córas tearmainn a mhí‑úsáid. Baineann sin go háirithe le héifeachtúlacht an nós imeachta achomhairc, go speisialta i ndáil leis an nós imeachta teorann, agus leis an gceart fanachta (éifeacht fionraíochta) atá ann don iarratasóir agus achomharc á dhéanamh aige, go sonrach i ndáil le hiarratais a rinneadh dá éis sin; saincheist an chirt fanachta sin, thóg roinnt Ballstát í le linn na gcomhairliúchán maidir leis an gComhaontú nua.

Nósanna imeachta um thearmann agus um fhilleadh, lena n-áirítear achomhairc, a chuíchóiriú

Leis an Airteagal 35a nua, cuirtear de cheangal ar na Ballstáit an cinneadh um thearmann agus an cinneadh um fhilleadh a eisiúint sa ghníomh céanna nó, má eisítear i ngníomhartha ar leith iad, iad a eisiúint ag an am céanna agus i dteannta a chéile. Leis an Airteagal 53(1) nua, cuíchóirítear nósanna imeachta achomhairc um thearmann agus um fhilleadh trína áirithiú maidir le cinntí um thearmann agus cinntí araon go mbeidh ceart chun leighis éifeachtaigh ann os comhair na cúirte nó an bhinse chéanna agus laistigh de na himeachtaí breithiúnacha agus na teorainneacha ama céanna. Leis na rialacha sin, áirithítear nach gcuirfear moill nach mbeidh gá léi ar an nós imeachta um fhilleadh, agus laghdaítear an riosca go n‑éalóidh an t‑iarratasóir ar thearmann a diúltaíodh nó go gcoiscfidh sé a aistriú agus áirithítear san am céanna go n‑urramófar an ceart bunúsach chun leighis éifeachtaigh os comhair cúirte nó binse.

·I dtogra 2016 mhol an Coimisiún go bhféadfaidh a bheith ann do na Ballstáit ar an gceart fanacht ina gcríoch i gcás iarratais a rinneadh dá éis sin a dhiúltaigh an t‑údarás cinntitheach mar go raibh sé doghlactha nó gur léir go raibh sé gan bhunús, nó i gcás an dara hiarratas a rinneadh dá éis sin. Agus na comhairliúcháin leis na Ballstáit á gcur san áireamh aige, measann an Coimisiún gur féidir foráil a dhéanamh maidir le tuilleadh eisceachtaí ar an gceart fanachta i gcás iarratais a rinneadh dá éis sin, ar choinníoll go leagfar amach na heisceachtaí sin go cúramach. Dá bhrí sin, de réir an phointe (a) nua de mhír 1 d’Airteagal 43, níor cheart iarratasóir a thaisceann iarratas dá éis sin a údarú fanacht go dtí go dtabharfar chun críche an cinneadh lena ndearbhófar go bhfuil an t‑iarratas doghlactha i gcás ina gcomhlíonfar na coinníollacha carnacha a leanas: tá an t‑aistriú ar tí a dhéanta; ní mór é a bheith soiléir nach ndearnadh an t‑iarratas ach chun an t‑aistriú a mhoilliú nó a chur ó rath; ní mór é a bheith soiléir láithreach don údarás cinntitheach nár cuireadh gnéithe nua ar bith i láthair; níl aon riosca refoulement ann; agus cuireadh an t‑iarratas a rinneadh dá éis sin i láthair laistigh de bhliain tar éis an chinnidh ón údarás cinntitheach maidir leis an iarratas tosaigh. Chun gur féidir leo an riail sin a chur i bhfeidhm, beidh ar na Ballstáit nósanna imeachta a eagrú sa chaoi gur féidir leis an údarás cinntitheach an cinneadh sin a dhéanamh, lena measfar ar comhlíonadh na critéir thuasluaite go léir, a luaithe is féidir ó rinneadh an t‑iarratas a rinneadh dá éis sin, ós rud é, mura ndéanfar sin, go mbeidh feidhm ag an bpríomhriail go bhfuil cearta fanachta ag an iarratasóir agus an t‑iarratas a rinneadh dá éis sin á scrúdú.

·Ar mhaithe le soiléireacht, cuimsítear Airteagail 53 agus 54 ina n‑iomláine sa togra seo. Ní mholtar aon athrú suntasach ar thogra 2016 maidir leis na forálacha i ndáil leis na nithe seo a leanas – prionsabal bunúsach an leighis éifeachtaigh, ateangaireacht agus aistriúchán ag céim an achomhairc, agus an nós imeachta maidir le ceart fanachta a dheonú.

·Tá coinnithe san Airteagal 53(2) nua an fhéidearthacht a mheas i gcomhréir leis an dlí náisiúnta gur achomharc doghlactha atá in achomharc in aghaidh cinneadh lenar ndiúltaíodh iarratas ós rud é go bhfuil sé gan bhunús maidir le stádas dídeanaí, féidearthacht atá ann faoi faoin Treoir maidir le Nósanna Imeachta Tearmainn i gcás ina mbronnfar na cearta agus na tairbhí céanna le stádas cosanta coimhdí a dheonaíonn Ballstát agus a bhronntar le stádas dídeanaí faoi dhlí an Aontais agus faoin dlí náisiúnta.

·Foráiltear san Airteagal 53(7) nua maidir le teorainneacha ama uasta agus íosta nach mór d'iarratasóirí achomhairc ar an gcéad leibhéal a thaisceadh laistigh díobh seachas teorainneacha ama beachta mar a foráladh in 2016 agus tá sin déanta chun a áirithiú go mbeidh méid áirithe comhchuibhiúcháin ann agus tuairimí Ballstát mar a cuireadh in iúl le linn caibidlíocht faoi thogra 2016 á gcur san áireamh. Chun na críche sin, déantar idirdhealú idir cinntí a dhéantar sa nós imeachta brostaithe agus cinntí a dhéantar sa nós imeachta teorann, cinntí a bhféadfaidh na sprioc-amanna le hachomharc a dhéanamh ina gcoinne a bheith níos giorra, lena n‑áirítear achomhairc maidir le hiarratais a rinneadh dá éis sin, déantar idirdhealú idir iad agus cinntí eile.

·I gcomhréir le hAirteagal 53(9) nua, nuair is i gcoinne cinneadh a rinneadh sa nós imeachta teorann atáthar ag déanamh achomhairc, ní dheonóidh na Ballstáit féidearthacht d’iarratasóirí achomharc eile a thaisceadh i gcoinne an chéad chinnidh achomhairc.

·Na héifeachtaí dlíthiúla ar fad a ghabhann le cinneadh um fhilleadh a eisíodh i dteannta cinneadh lenar diúltaíodh iarratas ar chosaint idirnáisiúnta, soiléirítear san Airteagal 54(1) nua go gcuirfear iad ar fionraí fad a bheidh ceart fanachta ag an iarratasóir nó cead aige fanacht i gcomhréir leis an Rialachán. Tá sé sin i gcomhréir leis an mbreithiúnas ó Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpach i gcás C-181/16, Gnandi, breithiúnas a shoiléirigh gur gá na héifeachtaí dlíthiúla a ghabhann le cinneadh um fhilleadh a chur ar fionraí nuair atá achomharc i gcoinne diúltú iarratais ar chosaint idirnáisiúnta fós ag dul ar aghaidh agus má tá ceart fanachta ag an náisiúnach tríú tír i gcomhréir leis an Rialachán maidir leis an Nós Imeachta Tearmainn.

·San Airteagal 54(3) nua, leathnaítear na cásanna nach mbeidh ceart fanachta uathoibríoch ag an iarratasóir chun críche achomhairc, ionas go gcuimsítear cinntí lena ndiúltaítear iarratas a rinneadh dá éis sin agus cinntí lena ndéantar cosaint idirnáisiúnta a tharraingt siar sna cásanna sonracha ina bhfuil feidhm ag foras eisiaimh, nó i gcás ina meastar gur baol do shlándáil Bhallstáit atá san iarratasóir, nó i gcás inar cúisíodh é i gcoir thromchúiseach.

·Maidir leis na cásanna thuasluaite, coinnítear leis an togra an prionsabal ginearálta go mbeidh ceart ag na hiarratasóirí fanacht i gcríoch an Bhallstáit go dtí go rachaidh an teorainn ama in éag i leith cúirt nó binse a iarraidh chun cead fanachta a fháil, i gcás ina ndearna an t‑iarratasóir iarraidh den chineál sin, go dtí go ndéanfaidh an chúirt nó an binse cinneadh an dtabharfar cead fanachta dó. D'eisceacht air sin, áfach, leis an Airteagal 54(7) nua déantar foráil maidir leis an bhféidearthacht gan an ceart sin a dheonú i gcás achomharc i gcoinne cinneadh lenar ndiúltaíodh iarratas a rinneadh dá éis sin, gan dochar d’urramú phrionsabal an non‑refoulement. Sna cásanna sin, rinneadh measúnú ar iarratais an iarratasóra ar bhonn a bhfiúntais trí huaire ar a laghad cheana – mheas an t‑údarás cinntitheach an t‑iarratas tosaigh, bhí leibhéal achomhairc amháin ann ar a laghad, agus rinneadh measúnú eile fós ar fhiúntas a iarratais nó a hiarratais uaidh a rinneadh dá éis sin. Dá bhrí sin tá sé comhréireach sna cásanna céanna a cheadú go mbeidh an cinneadh um fhilleadh infheidhme láithreach. Níor cheart féidearthacht mar sin a chur ar fáil, áfach, ach nuair a chomhlíonfar na coinníollacha céanna agus a leagtar amach in Airteagal 43 (féach thuas), ach amháin i gcás ina mbeidh an riail bliana amháin i gceist, toisc an t‑achomharc i gcoinne an chinnidh maidir leis an iarratas a rinneadh dá éis sin, is gá in aon chás é a dhéanamh laistigh de na sprioc-amanna a socraíodh roimhe.

Iarratais a rinneadh dá éis sin: Chun iarratais a rinneadh dá éis sin atá mí‑úsáideach nó a rinneadh an tráth is déanaí is féidir a dhíspreagadh, beartaítear rialacha níos láidre maidir le cén uair a fhéadfaidh na Ballstáit iarratasóirí a údarú fanacht i gcás iarratas a rinneadh dá éis sin.

·I bhfochair a chéile, fágfaidh na rialacha a mhínítear thuas go mbeidh feidhm ag na nithe seo a leanas maidir le hiarratais a rinneadh dá éis sin:

·Mar riail ghinearálta, beidh éifeacht fionraíochta uathoibríoch ag iarratas a rinneadh dá éis sin ag an gcéim riaracháin.

·D'eisceacht air sin,, ní bheidh aon éifeacht fionraíochta uathoibríoch ag an gcéim riaracháin ag iarratas a rinneadh dá éis sin le linn na gcéimeanna deiridh den nós imeachta um fhilleadh chun an t‑aistriú a chur ó rath agus más léir nár cuireadh aon gné nua i láthair. Ní bheidh an eisceacht sin infheidhme ach laistigh de bhliain ón tráth a rinneadh cinneadh maidir leis an gcéad iarratas

·Ní bheidh aon éifeacht fionraíochta uathoibríoch ag achomharc maidir le hiarratas a rinneadh dá éis sin, ach is féidir leis an iarratasóir sin a iarraidh, agus beidh ceart fanachta aige go dtí go bhfaighfear cinneadh maidir leis an iarraidh chéanna sa chúirt

·Féadfaidh na Ballstáit maolú ar an riail sin agus a fhoráil nach mbeidh aon éifeacht fionraíochta ann agus céim an achomhairc ar siúl, agus nach mbeidh aon cheart fanachta ag an iarratasóir go dtí go ndéanfar cinneadh maidir leis an gceart céanna a thabhairt i gcás ina gcomhlíonfar coinníollacha áirithe faoi mar a mhínítear thuas.

·Ní bheidh aon éifeacht fionraíochta uathoibríoch ag an dara hachomharc ná ag achomharc eile a dhéanfar dá éis sin.    

2016/0224 (COD)

Togra leasaithe le haghaidh

RIALACHÁN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

lena mbunaítear nós imeachta coiteann le haghaidh cosaint idirnáisiúnta san Aontas agus lena n-aisghairtear Treoir 2013/32/AE

Leasaítear mar a leanas togra COM (2016) 467 final le haghaidh Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena mbunaítear nós imeachta coiteann le haghaidh cosaint idirnáisiúnta san Aontas agus lena n‑aisghairtear Treoir 2013/32/AE:

(1)Cuirtear an méid seo a leanas in ionad an chéad lua:

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 78(2)(d) agus 79(2)(c) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(2)Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Aithris 31:

‘(31)Chun cearta an iarratasóra a áirithiú, ba cheart cinneadh i dtaca lena iarratas a thabhairt i scríbhinn. I gcás nach ndeonaítear cosaint idirnáisiúnta leis an gcinneadh, ba cheart na nithe a leanas a thabhairt don iarratasóir – na cúiseanna maidir le fíoras agus dlí atá leis an gcinneadh, faisnéis maidir le hiarmhairtí an chinnidh agus na módúlachtaí trínar féidir agóid a dhéanamh ina choinne.

(31a)Chun cur le héifeachtúlacht na nósanna imeachta agus chun an riosca éalaithe agus an dóchúlacht go dtarlóidh gluaiseachtaí neamhúdaraithe a laghdú, níor cheart aon bhearna nós imeachta a bheith idir cinneadh diúltach a eisiúint maidir le hiarratas ar chosaint idirnáisiúnta agus cinneadh um fhilleadh a eisiúint. Ba cheart cinneadh um fhilleadh a eisiúint láithreach d’iarratasóirí a ndiúltaítear a niarratas. Gan dochar don cheart chun leighis éifeachtaigh, ba cheart an cinneadh um fhilleadh a bheith ina chuid den chinneadh diúltach maidir le hiarratas ar chosaint idirnáisiúnta, nó, más gníomh ar leith é, é a eisiúint ag an am céanna leis an gcinneadh diúltach agus i dteannta leis.’

(3)Cuirtear an aithris seo a leanas isteach i ndiaidh aithris 39:

‘(39a)Ar mhaithe le nósanna imeachta tapa agus cothroma do gach iarratasóir, agus lena áirithiú san am céanna nach gcuirfear síneadh míchuí le tréimhse fanachta iarratasóirí nach bhfuil incháilithe le haghaidh cosaint idirnáisiúnta san Aontas, lena náirítear iad sin is náisiúnaigh tríú tír atá díolmhaithe ón gceanglas nach mór víosa a bheith ina seilbh acu de bhun Rialachán (AE) Uimh. 2018/1806, ba cheart do na Ballstáit dlús a chur le scrúdú iarratais iarratasóirí más tír í an tríú tír dar náisiúnaigh iad, nó an tríú tír ina raibh gnáthchónaí orthu roimhe seo i gcás daoine gan stát, más tír í sin ar lú ná 20 % de líon iomlán na gcinntí lena haghaidh an sciar de na cinntí lena ndeonaítear cosaint idirnáisiúnta. I gcás inar tharla athrú suntasach sa tríú tír lena mbaineann ó foilsíodh na sonraí Eurostat ábhartha, agus an nóta treorach á chur san áireamh de bhun Airteagal 10 de Rialachán XX/XX maidir leis an nGíomhaireacht Eorpach um Thearmann, nó i gcás ina mbaineann an tiarratasóir le catagóir shonrach daoine agus an ráta íseal aitheantais atá acu, ní féidir a mheas go bhfuil sé ionadaíoch ó thaobh a riachtanas cosanta de bhrí go bhfuil foras sonrach géarleanúna i gceist, níor cheart dlús a chur le scrúdú an iarratais. Cásanna inar féidir a mheas go bhfuil tríú tír ina tír thionscnaimh shábháilte nó ina tríú tír shábháilte don iarratasóir de réir bhrí an Rialacháin seo, ba cheart na cásanna sin a bheith infheidhme i gcónaí mar fhoras ar leith maidir leis an nós imeachta scrúdúcháin brostaithe nó leis an nós imeachta um iarratasóirí doghlactha faoi seach.

(4)Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Aithris 40:

‘(40)Déantar cuid mhór iarratas ar chosaint idirnáisiúnta ag teorainn sheachtrach Bhallstáit nó i gcrios idirthurais Ballstáit, agus na daoine a dhéanann iarratas ansin, is minic a gabhadh iad i ndáil leis an teorainn sheachtrach a thrasnú go neamhúdaraithe, nó a díbhordáladh iad tar éis oibríocht chuardaigh agus tarrthála. Ionas go ndéanfar na náisiúnaigh tríú tír agus na daoine gan stát lena mbaineann a dhíriú ar na nósanna imeachta ábhartha, is gá scagadh céannachta, slándála agus sláinte a dhéanamh ag an teorainn sheachtrach. Ba cheart naisc éifeachtúla agus gan uaim a bheith idir gach céim de na nósanna imeachta ábhartha le haghaidh gach inimircigh neamhrialta. Tar éis an scagtha, ba cheart náisiúnaigh tríú tír agus daoine gan stát a threorú chuig an nós imeachta um thearmann nó an nós imeachta um fhilleadh is iomchuí, nó cead isteach a dhiúltú dóibh. Dá bhrí sin, ba cheart céim réamhdhul isteach a bhunú arb éard a bheidh inti scagadh agus nósanna imeachta teorann um thearmann agus filleadh.’

(5)Cuirtear na haithrisí seo a leanas isteach i ndiaidh aithris (40):

‘(40a)Is é an cuspóir ba cheart a bheith ag an nós imeachta teorann um thearmann agus filleadh a mheas go tapa ag na teorainneacha seachtracha an bhfuil iarratais gan bhunús nó doghlactha agus daoine nach bhfuil aon cheart fanachta acu a chur ar ais go pras, agus a áirithiú san am céanna go ndéanfar daoine a bhfuil bunús maith lena néileamh a threorú chuig an nós imeachta rialta agus go gcuirfear rochtain thapa ar chosaint idirnáisiúnta ar fáil dóibh. Dá bhrí sin ba cheart na Ballstáit a bheith in ann a cheangal ar iarratasóirí ar chosaint idirnáisiúnta fanacht ag an teorainn sheachtrach nó i gcrios idirthurais ar mhaithe le hinghlacthacht na niarratas a mheas. I gcúinsí léirshainithe, ba cheart do na Ballstáit a bheith in ann foráil a dhéanamh ag na teorainneacha seachtracha maidir le fiúntas iarratais a scrúdú agus, i gcas ina ndiúltófar an tiarratas, foráil a dhéanamh maidir le filleadh na náisiúnach tríú tír agus na ndaoine gan stát lena mbaineann.

(40b)Ba cheart do na Ballstáit iarratais a mheas trí nós imeachta teorann i gcás inar contúirt é an tiarratasóir don tslándáil náisiúnta nó don ord poiblí, i gcás inar chuir an tiarratasóir na húdaráis ar míthreoir trí fhaisnéis bhréagach nó doiciméid bhréagacha a chur i láthair nó trí fhaisnéis nó doiciméid ábhartha a choinneáil siar i ndáil lena chéannacht nó lena náisiúntacht a bhféadfadh tionchar diúltach a bheith acu ar an gcinneadh, agus i gcás inar dócha go bhfuil an tiarratas gan bhunús de bhrí gur náisiúnach é an tiarratasóir de chuid tíre ar lú ná 20 % de líon iomlán na gcinntí lena haghaidh an sciar de na cinntí lena ndeonaítear cosaint idirnáisiúnta. I gcásanna eile, amhail cás inarb as tír thionscnaimh shábháilte nó tríú tír shábháilte don iarratasóir, ba cheart úsáid an nós imeachta teorainn a bheith roghnach do na Ballstáit.

(40c)Agus an nós imeachta teorann um iarratas ar chosaint idirnáisiúnta a scrúdú á chur i bhfeidhm, ba cheart do na Ballstáit a áirithiú go ndéanfar na socruithe is gá chun na hiarratasóirí a chur i gcóiríocht ag an teorainn sheachtrach nó na criosanna idirthurais nó gar dóibh, i gcomhréir le Treoir XXX/XXX/AE [An Treoir maidir le Coinníollacha Glactha]. Féadfaidh na Ballstáit na hiarratais a phróiseáil in ionad ag an teorainn sheachtrach seachas san áit ina ndearnadh an tiarratas ar thearmann, rud a dhéanfar trí iarratasóirí a aistriú chuig ionad sonrach ina bhfuil saoráidí iomchuí ag teorainn sheachtrach an Bhallstáit sin nó gar di. Ba cheart lánrogha a fhágáil ag na Ballstáit agus cinneadh á dhéanamh acu cé na hionaid shonracha ag na teorainneacha seachtracha inar cheart na saoráidí sin a chur ar bun. Ba cheart do na Ballstáit féachaint leis an ngá atá le hiarratasóirí a aistriú chun na críche sin a shrianadh, áfach, agus dá bhrí sin díriú ar na saoráidí sin a chur ar bun sa tslí go mbeidh líon leordhóthanach áiteanna iontu ag pointí trasnaithe teorann, nó ag codanna den teorainn sheachtrach, áit a ndéantar formhór na niarratas ar chosaint idirnáisiúnta, agus ba cheart dóibh a chur san áireamh freisin agus na saoráidí sin á gcur ar bun cá fhad atá an teorainn sheachtrach agus cén líon pointí trasnaithe teorann nó criosanna idirthurais atá ann. Ba cheart dóibh fógra a thabhairt don Choimisiún á chur in iúl cé na hionaid shonracha ag an teorainn sheachtrach, sna criosanna idirthurais nó gar don teorainn sheachtrach, cé na hionaid shonracha ansin ina gcuirfear i bhfeidhm na nósanna imeachta teorann.
 
I gcásanna ina gcuirfear an nós imeachta teorann i bhfeidhm agus ina sárófar go sealadach an líon áiteanna a d’fhógair Ballstát a bhí sna hionaid ag an teorainn sheachtrach nó gar di, féadfaidh na Ballstáit na hiarratais sin a phróiseáil in ionad eile laistigh dá gcríoch, ar feadh na tréimhse is giorra is féidir.

(40d)I gcás ina mbeidh an oibleagáid ann an nós imeachta teorann a úsáid, mar eisceacht níor cheart a cheangal ar na Ballstáit é a chur i bhfeidhm le haghaidh scrúdú iarratas ar chosaint idirnáisiúnta ó náisiúnaigh tríú tír nach gcomhoibríonn go leordhóthanach maidir le hathligean isteach, ós rud é nach dócha go gcuirfear na daoine lena mbaineann ar ais go tapa, tar éis dhiúltú a niarratas, sa chás sin. An cinneadh an bhfuil tríú tír ag comhoibriú go leordhóthanach maidir le hathligean isteach, ba cheart é a bhunú ar na nósanna imeachta a leagtar amach in Airteagal 25a de Rialachán (CE) Uimh. 810/2009.

(40e)Fad an nós imeachta teorann um iarratais ar chosaint idirnáisiúnta a scrúdú, ba cheart dó a bheith chomh gearr agus is féidir agus scrúdú iomlán, cothrom ar na héilimh a áirithiú san am céanna. In aon chás, níor cheart é a bheith níos faide ná 12 sheachtain. Ba cheart an sprioc-am sin a thuiscint mar sprioc-am uilechuimsitheach maidir leis an nós imeachta teorainn um thearmann, ina gcuimsítear an cinneadh maidir le scrúdú an iarratais agus an cinneadh a dhéantar ar an gcéad leibhéal achomhairc araon, más infheidhme. Tá na Ballstáit i dteideal sprioc-am laistigh den tréimhse sin a leagan síos sa dlí náisiúnta le haghaidh chéim an riaracháin agus chéim an achomhairc, ach ba cheart dóibh iad a leagan síos sa chaoi go náiritheofar go gcuirfear an nós imeachta scrúdúcháin i gcrích, agus más ábhartha, go neiseofar an cinneadh arna dhéanamh ar an gcéad leibhéal achomhairc laistigh den uastréimhse 12 sheachtain sin. Tar éis na tréimhse sin, i gcás nár ghlac an Ballstát na cinntí ábhartha dá ainneoin sin, ba cheart i bprionsabal an tiarratasóir a údarú dul isteach i gcríoch an Bhallstáit. Níor cheart dul isteach i gcríoch an Bhallstáit a údarú, áfach, i gcás nach mbeidh aon cheart fanacht ag an iarratasóir, i gcas nár iarr sé cead fanachta chun críche nós imeachta achomhairc, nó i gcás inar chinn cúirt nó binse nár cheart a cheadú dó fanacht go dtí go bhfaighfear toradh an nós imeachta achomhairc. Sna cásanna sin, chun leanúnachas a áirithiú idir an nós imeachta um thearmann agus an nós imeachta um fhilleadh, ba cheart an nós imeachta um fhilleadh a chur i gcrích freisin i gcomhthéacs nós imeachta teorann a mhairfidh tréimhse nach faide ná 12 sheachtain. An comhaireamh a dhéanfar ar an tréimhse sin, ba cheart tús a chur leis tráth nach mbeidh ceart fanacht a thuilleadh nó nach bhfuil cead fanachta a thuilleadh ag an iarratasóir, an náisiúnach tríú tír nó an duine gan stát.

(40f)An nós imeachta teorann um iarratas ar chosaint idirnáisiúnta a scrúdú, cé gur féidir é a chur i bhfeidhm gan dul ar iontaoibh na coinneála, ba cheart do na Ballstáit mar sin féin a bheith in ann forais na coinneála a chur i bhfeidhm le linn an nós imeachta teorann i gcomhréir le forálacha Threoir (AE) XXX/XXX [maidir le Coinníollacha Glactha] chun cinneadh a dhéanamh maidir le ceart an iarratasóra dul isteach sa chríoch. I gcás ina núsáidfear an choinneáil le linn an nós imeachta sin, ba cheart feidhm a bheith ag forálacha coinneála Threoir (AE) XXX/XXX [maidir le Coinníollacha Glactha], lena náirítear na ráthaíochtaí le haghaidh iarratasóirí atá faoi choinneáil, an fíoras gur gá measúnú ar leith a dhéanamh ar gach cás, rialú breithiúnach agus na coinníollacha coinneála.

(40g)I gcás ina ndiúltaítear iarratas i gcomhthéacs an nós imeachta teorann, ba cheart an náisiúnach tríú tír nó an duine gan stát lena mbaineann a bheith faoi réir cinneadh um fhilleadh láithreach nó, i gcás ina gcomhlíonfar coinníollacha Airteagal 14 de Rialachán (AE) Uimh. 2016/399 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 10 , ba cheart dó a bheith faoi réir diúltú dul isteach láithreach. Chun cóir chomhionann gach náisiúnaigh tríú tír a ndiúltóar a niarratas i gcomhthéacs an nós imeachta teorann a ráthú, i gcás inar chinn Ballstát gan forálacha Threoir XXX/XXX/AE [An Treoir um Fhilleadh] a chur i bhfeidhm de bhua Airteagal 2(2), pointe (a) den Treoir sin agus nár eisigh sé cinneadh um fhilleadh don náisiúnach tríú tír lena mbaineann, ba cheart an chóir agus an leibhéal cosanta a thabharfar don iarratasóir, don náisiúnach tríú tír nó don duine gan stát lena mbaineann, ba cheart iad a bheith i gcomhréir le hAirteagal 4(4) de Threoir XXX/XXX/AE [An Treoir um Fhilleadh] agus a bheith comhionann leis an gcóir agus an leibhéal cosanta ab infheidhme i gcás daoine atá faoi réir cinneadh um fhilleadh.

(40h)Agus an nós imeachta teorann um fhilleadh a chur i gcrích á chur i bhfeidhm, ba cheart feidhm a bheith ag forálacha áirithe den [Treoir athmhúnlaithe um Fhilleadh] de bhrí go rialáiltear leo sin gnéithe den nós imeachta um fhilleadh nach bhfuil leagtha síos sa Rialachán seo, go háirithe na gnéithe a bhaineann le sainmhínithe, le forálacha níos fabhraí, nonrefoulement, le leas an linbh, le saol an teaghlaigh agus leis an staid sláinte, leis an riosca éalaithe, leis an oibleagáid maidir le comhar, leis an tréimhse fhorordaithe le himeacht deonach, leis an gcinneadh um fhilleadh, leis an aistriú, le haistriú a chur ar atráth, le toirmisc ar dhul isteach, le coimircí fad atá filleadh ar feitheamh, leis an gcoinneáil, le coinníollacha coinneála, le mionaoisigh agus teaghlaigh a choinneáil, agus le cásanna éigeandála. Náisiúnaigh tríú tír atá ag fanacht go neamhdhleathach agus atá faoi réir an nós imeachta teorann um fhilleadh a chur i gcrích, chun riosca an dul isteach nó na gluaiseachta neamhúdaraithe acu sin a laghdú, ní faide ná 15 lá an tréimhse fhorordaithe le himeacht deonach a fhéadfar a cheadú do náisiúnaigh tríú tír a bheidh ag fanacht go neamhdhleathach, agus an tréimhse chéanna gan dochar don fhéidearthacht an oibleagáid um fhilleadh a chomhlíonadh go deonach tráth ar bith.

(40i)I gcás nach mbeidh cead fanachta a thuilleadh ag iarratasóir, náisiúnach tríú tír nó duine gan stát a coinníodh le linn an nós imeachta teorann um a niarratas ar chosaint idirnáisiúnta a scrúdú, agus nár ceadaíodh don duine sin fanacht, ba cheart na Ballstáit a bheith in ann leanúint dá choinneáil chun cead isteach sa chríoch a chosc agus an nós imeachta um fhilleadh a chur i gcrích, agus na ráthaíochtaí agus na coinníollacha maidir leis an gcoinneáil a leagtar síos i dTreoir XXX/XXX/AE [An Treoir um Fhilleadh] á nurramú. Iarratasóir, náisiúnach tríú tír nó duine gan stát nár coinníodh le linn an nós imeachta teorann um iarratas ar chosaint idirnáisiúnta a scrúdú, agus nach bhfuil cead fanachta aige a thuilleadh ná nár ceadaíodh dó fanacht, féadfar an duine sin a choinneáil freisin má bhíonn riosca éalaithe ann, má sheachnaíonn sé an filleadh nó má chuireann sé bac air, nó más bagairt atá ann ar an mbeartas poiblí, ar an tslándáil phoiblí nó ar an tslándáil náisiúnta. Is ar feadh tréimhse chomh gearr agus is féidir ba cheart an choinneáil a dhéanamh, agus níor cheart í a bheith níos faide ná an uastréimhse le haghaidh an nós imeachta teorann um fhilleadh a chur i gcrích. I gcás nár fhill an náisiúnach tríú tír atá ag fanacht go neamhdhleathach ná nár aistríodh é laistigh den tréimhse sin, agus inar scoir an nós imeachta teorann um fhilleadh a chur i gcrích d’fheidhm a bheith aige, ba cheart feidhm a bheith ag forálacha na [Treorach athmhúnlaithe um Fhilleadh]. An uastréimhse choinneála a leagfar síos le hAirteagal 15 den Treoir sin, ba cheart tréimhse na coinneála a chuirfear i bhfeidhm le linn an nós imeachta teorann um fhilleadh a chur i gcrích a chuimsiú inti.

(40j)Ba cheart do Bhallstát ina nathshocrófar iarratasóir i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. XXX/XXX [an Rialachán maidir le Bainistiú Tearmainn agus Imirce] a bheith in ann an tiarratas a scrúdú trí nós imeachta teorann ar choinníoll nár údaraíodh an tiarratasóir fós dul isteach i gcríoch na mBallstát agus go gcomhlíontar na coinníollacha faoinar féidir leis an mBallstát ónar athshocraíodh an tiarratasóir nós imeachta den chineál sin a chur i bhfeidhm.’

(6)Cuirtear an aithris seo a leanas isteach i ndiaidh aithris 44:

‘(44a)Iarratasóir a thaiscfidh iarratas dá éis sin an tráth is déanaí is féidir nach bhfuil aon chuspóir aige seachas moill nó bac a chur ar an aistriú, níor cheart é a údarú fanacht go dtí go ndéanfar an cinneadh críochnaitheach lena ndearbhófar go bhfuil an tiarratas doghlactha i gcásanna inar léir láithreach don údarás cinntitheach nár cuireadh gnéithe nua ar bith i láthair agus nach bhfuil aon riosca refoulement i gceist, agus ar choinníoll go ndearnadh an tiarratas laistigh de bhliain tar éis chinneadh an údaráis chinntithigh maidir leis an gcéad iarratas. Eiseoidh an túdarás cinntitheach cinneadh faoin dlí náisiúnta lena ndearbhófar go bhfuil na critéir sin comhlíonta chun nach núdarófar an tiarratasóir fanacht. ’

(7)Cuirtear an méid seo a leanas in ionad aithrisí 65 agus 66:

‘(65)Ionas go mbeidh iarratasóir in ann a cheart chun leighis éifeachtaigh a fheidhmiú i gcoinne cinneadh lenar diúltaíodh iarratas ar chosaint idirnáisiúnta, ba cheart éifeachtaí uile an chinnidh um fhilleadh a chur ar fionraí go huathoibríoch fad a bheidh ceart ag an iarratasóir fanacht i gcríoch Bhallstáit nó ar feadh na tréimhse a ceadaíodh dó fanacht uirthi. Chun éifeachtúlacht na nósanna imeachta ag an teorainn sheachtrach a fheabhsú, agus chun a áirithiú san am céanna go nurramófar an ceart chun leighis éifeachtaigh, is os comhair dlínse ar aon leibhéal amháin, is é sin cúirt nó binse agus os a chomhair sin amháin ba cheart achomhairc a dhéanamh i gcoinne cinntí a rinneadh i gcomhthéacs an nós imeachta teorainn.

(66)Ba cheart, i bprionsabal, an ceart a bheith ag iarratasóirí fanacht i gcríoch Bhallstáit go dtí go rachaidh an teorainn ama chun achomharc a thaisceadh os comhair cúirt nó binse céadchéime in éag, agus, i gcás ina bhfeidhmeofar an ceart sin laistigh den teorainn ama shocraithe, ba cheart an ceart sin a bheith acu go dtí go bhfaighfear toradh an achomhairc. Na cásanna teoranta a leagtar amach sa Rialachán seo, inar dócha go bhfuil iarratais gan bhunús, is sna cásanna sin amháin nár cheart ceart fanacht uathoibríoch a bheith ag an iarratasóir chun críoch an achomhairc.

(8)Cuirtear na haithrisí seo a leanas isteach i ndiaidh aithris (66):

‘(66a)I gcásanna nach mbeidh aon cheart fanacht uathoibríoch ag an iarratasóir chun críoch an achomhairc, ba cheart do chúirt nó binse a bheith fós in ann a cheadú don iarratasóir fanacht i gcríoch an Bhallstáit go dtí go bhfaighfear toradh an achomhairc, arna iarraidh sin ag an iarratasóir nó ag gníomhú don dlínse sin as a stuaim féin. Sna cásanna sin, ba cheart ceart fanacht a bheith ag iarratasóirí go dtí go rachaidh an teorainn ama chun cúirt nó binse a iarraidh ar mhaithe le cead fanachta a fháil in éag agus, i gcás ina gcuirfidh an tiarratasóir iarraidh den chineál sin i láthair laistigh den teorainn ama shocraithe, ba cheart ceart fanacht a bheith aige go dtí go bhfaighfear cinneadh na cúirte nó an bhinse inniúil. Chun iarratais a dhéanfar dá éis sin a bheidh míúsáideach nó a dhéanfar an tráth is déanaí is féidir a dhíspreagadh, ba cheart na Ballstáit a bheith in ann a fhoráil sa dlí náisiúnta nár cheart aon cheart fanacht a bheith ag iarratasóirí le linn na tréimhse sin i gcás inar diúltaíodh iarratais a rinneadh dá éis sin cheana, d’fhonn tuilleadh iarratais a dhéanfar dá éis sin gan bhunús a chosc. I gcomhthéacs an nós imeachta um a chinneadh ar cheart a cheadú don iarratasóir fanacht go dtí go bhfaighfear toradh an achomhairc, ba cheart cearta cosanta an iarratasóra a ráthú go leormhaith tríd an gcúnamh ateangaireachta agus dlíthiúil is gá a chur ar fáil dó. Thairis sin, ba cheart an chúirt nó an binse inniúil a bheith in ann an cinneadh lena ndiúltófar cosaint idirnáisiúnta a dheonú a scrúdú i dtéarmaí fíoras agus pointí dlí.

(66b)Chun filleadh éifeachtach a áirithiú, níor cheart ceart a bheith ag iarratasóirí fanacht i gcríoch an Bhallstáit ag céim an dara leibhéal achomhairc nó leibhéal eile achomhairc ina dhiaidh sin roimh chúirt nó binse, is é sin achomharc i gcoinne cinneadh diúltach maidir leis an iarratas ar chosaint idirnáisiúnta, gan dochar don deis a bheith ag cúirt nó binse a cheadú don iarratasóir fanacht. Thairis sin, níor cheart do na Ballstáit an fhéidearthacht a dheonú d’iarratasóirí achomhairc eile a thaisceadh i gcoinne an chéad chinnidh achomhairc i ndáil le cinneadh a rinneadh mar chuid de nós imeachta teorann.

(66c)An tathbhreithniú dlíthiúil a rinne cúirt nó binse maidir le cinneadh lenar diúltaíodh iarratas ar chosaint idirnáisiúnta, chun a áirithiú go bhfuil sé sin comhsheasmhach leis an gcinneadh tionlacain um fhilleadh, agus d’fhonn dlús a chur le scrúdú an cháis agus an tualach atá ar na húdaráis bhreithiúnacha inniúla a laghdú, ba cheart na cinntí sin a bheith faoi réir imeachtaí coiteanna os comhair na cúirte nó an bhinse chéanna.

(66d)Chun cothroime agus oibiachtúlacht a áirithiú maidir le bainistiú iarratas agus éifeachtúlacht a áirithiú maidir leis an nós imeachta coiteann um chosaint idirnáisiúnta, ba cheart teorainneacha ama a shocrú le haghaidh an nós imeachta riaracháin.

(9)[An Ríocht Aontaithe – Aithris 77]

(10)In Airteagal 4, mír 1, cuirtear isteach an pointe seo a leanas

(i) ‘ball teaghlaigh’

(11)In Airteagal 26, cuirtear na míreanna seo a leanas leis:

‘3.    Maidir le náisiúnaigh tríú tír atá faoi réir an scagtha dá dtagraítear in Airteagal 3(1) de Rialachán (AE) XXX/XXX [an Rialachán um Scagadh], ní bheidh feidhm ag míreanna 1 agus 2 ach tar éis an scagadh a bheith críochnaithe.’

(12)In Airteagal 27, cuirtear na míreanna seo a leanas leis:

‘5.    Maidir le náisiúnaigh tríú tír atá faoi réir an scagtha dá dtagraítear in Airteagal 3(1) de Rialachán (AE) XXX/XXX [an Rialachán um Scagadh], ní bheidh feidhm ag míreanna 1 agus 4 ach tar éis an scagadh a bheith críochnaithe.’

6.    I gcás nárbh fhéidir sonraí bithmhéadracha a thógáil le linn an scagtha i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. XXX/XXX [Rialachán Eurodac] nó nach ndearnadh scagadh ar an iarratasóir, is é an tráth is déanaí a thógfaidh na húdaráis inniúla na sonraí bithmhéadracha nuair a chlárófar an t‑iarratas ar chosaint idirnáisiúnta, agus déanfaidh siad na sonraí sin a tharchur i dteannta na sonraí dá dtagraítear in Airteagal 12 (c) go (p) de Rialachán (AE) Uimh XXX/XXX [Rialachán Eurodac] go dtí an Córas Lárnach agus an Stóras Coiteann Sonraí Céannachta faoi seach i gcomhréir leis an Rialachán sin.’

(13)Cuirtear isteach an tAirteagal 35a nua seo a leanas:

‘Airteagal 35a

Iarratas a dhiúltú agus cinneadh um fhilleadh a eisiúint

I gcás ina ndéanfar iarratas a dhiúltú ós rud é go bhfuil sé doghlactha, go bhfuil sé gan bhunús nó gur léir go bhfuil sé gan bhunús maidir le stádas dídeanaí agus stádas cosanta coimhdí araon, nó ós rud é gur tarraingíodh siar go hintuigthe nó go follasach é, eiseoidh na Ballstáit cinneadh um fhilleadh lena n‑urramófar Treoir XXX/XXX/AE [an Treoir um Fhilleadh]. Eiseofar an cinneadh um fhilleadh mar chuid den chinneadh lena ndiúltófar an t‑iarratas ar chosaint idirnáisiúnta nó mar ghníomh ar leith. I gcás ina n‑eiseofar an cinneadh um fhilleadh mar ghníomh ar leith, eiseofar é ag an am céanna leis an gcinneadh lena ndiúltófar an t‑iarratas ar chosaint idirnáisiúnta agus i dteannta leis.’

(14)Leasaítear Airteagal 40 mar seo a leanas:

(a)i mír 1, cuirtear isteach an pointe seo a leanas léi:

‘(i)    an tír dar náisiúnach an t‑iarratasóir nó, i gcás daoine gan stát, an tír ina raibh gnáthchónaí ar an iarratasóir roimhe seo, is tír í arb é 20 % nó níos lú an cion de na cinntí ón údarás cinntitheach lena ndeonaítear cosaint idirnáisiúnta, de réir na sonraí bliantúla is déanaí a bheidh le fáil ó Eurostat, seachas i gcás inar tharla athrú suntasach sa tríú tír lena mbaineann ó foilsíodh na sonraí ábhartha ó Eurostat, nó ina mbainfidh an t‑iarratasóir le catagóir shonrach daoine agus an cion 20 % nó níos lú atá ann lena n‑aghaidh, ní féidir a mheas go bhfuil sé ionadaíoch ó thaobh a riachtanas cosanta;’

(b)i mír 5, cuirtear an pointe seo a leanas isteach:

(c)    an tír dar náisiúnach an t‑iarratasóir nó, i gcás daoine gan stát, an tír ina raibh gnáthchónaí ar an iarratasóir roimhe seo, is tír í arb é 20 % nó níos lú an cion de na cinntí ón údarás cinntitheach lenar ndeonaíodh cosaint idirnáisiúnta, de réir na sonraí bliantúla is déanaí a bheidh le fáil ó Eurostat, seachas i gcás inar tharla athrú suntasach sa tríú tír lena mbaineann ó foilsíodh na sonraí Eurostat ábhartha, nó ina mbainfidh an t‑iarratasóir le catagóir shonrach daoine agus an cion 20 % nó níos lú atá ann lena n‑aghaidh, ní féidir a mheas go bhfuil sé ionadaíoch ó thaobh a riachtanas cosanta;’

(15)Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 41:

‘Airteagal 41

Nós imeachta teorann um iarratais ar chosaint idirnáisiúnta a scrúdú

1.Tar éis an nós imeachta um scagadh a cuireadh i gcrích i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. XXX/XXX [an Rialachán um Scagadh], agus ar choinníoll nár údaraíodh an tiarratasóir fós dul isteach i gcríoch na mBallstát, féadfaidh Ballstát iarratas a scrúdú trí nós imeachta teorann i gcás inarb iarratas atá ann a rinne náisiúnach tríú tír nó duine gan stát nach gcomhlíonann na coinníollacha maidir le dul isteach i gcríoch Bhallstáit faoi mar a leagtar amach in Airteagal 6 de Rialachán (AE) 2016/399. Féadfar an nós imeachta teorann a chur i bhfeidhm:

(a)tar éis iarratas a rinneadh ag pointe trasnaithe teorann seachtraí nó i gcrios idirthurais;

(b)tar éis gabháil i ndáil leis an teorainn sheachtrach a thrasnú go neamhúdaraithe;

(c)tar éis díbhordáil i gcríoch Bhallstáit tar éis oibríocht chuardaigh agus tarrthála;

(d)tar éis athshocrú i gcomhréir le hAirteagal [X] de Rialachán (AE) Uimh. XXX/XXX [Ex Rialachán Bhaile Átha Cliath].

2.Agus nós imeachta teorann á chur i bhfeidhm, féadfar cinntí a dhéanamh maidir leis na nithe seo a leanas:

(a)doghlacthacht iarratais i gcomhréir le hAirteagal 36;

(b)fiúntas iarratais a bhfuiltear ag plé leis trí nós imeachta scrúdúcháin brostaithe sna cásanna dá dtagraítear in Airteagal 40(1).

3.Scrúdóidh Ballstát iarratas trí nós imeachta teorann sna cásanna dá dtagraítear i mír 1 nuair a bheidh feidhm ag na cúinsí dá dtagraítear in Airteagal (40)(1), pointe (c), (f) nó (i).

4.D’fhéadfadh Ballstát a chinneadh gan mír 3 a chur i bhfeidhm maidir le náisiúnaigh nó daoine gan stát a bhfuil gnáthchónaí orthu i dtríú tíortha ar chuir an Ballstát sin fógra lena naghaidh faoi bhráid an Choimisiúin i gcomhréir le hAirteagal 25a(3) de Rialachán (CE) Uimh. 810/2009.

I gcás ina measfaidh an Coimisiún, tar éis an scrúdú a bheith déanta i gcomhréir le hAirteagal 25a(4) de Rialachán (CE) Uimh. 810/2009, go bhfuil an tríú tír ag comhoibriú go leordhóthanach, cuirfidh an Ballstát forálacha mhír 3 i bhfeidhm arís.

I gcás ina measfaidh an Coimisiún nach bhfuil an tríú tír ag comhoibriú go leordhóthanach, féadfaidh an Ballstát nach bhfuil mír 3 á cur i bhfeidhm aige leanúint de sin:

(a)go dtí go naisghairfear nó go leasófar gníomh cur chun feidhme a ghlac an Chomhairle roimhe i gcomhréir le hAirteagal 25a(5) de Rialachán (CE) Uimh. 810/2009;

(b)i gcás ina measfaidh an Coimisiún nach bhfuil gá le gníomhaíocht i gcomhréir le hAirteagal 25a de Rialachán (CE) Uimh. 810/2009, go dtí go dtuairisceoidh an Coimisiún sa mheasúnú a dhéanfaidh sé i gcomhréir le mír 2 den Airteagal sin go bhfuil athruithe substainteacha ann maidir le comhoibriú an tríú tír lena mbaineann.

5.Mionaoisigh neamhthionlactha agus mionaoisigh faoi bhun 12 bhliain d’aois agus a mbaill teaghlaigh, ní fhéadfar an nós imeachta teorann a chur i bhfeidhm maidir leo ach sna cásanna dá dtagraítear in Airteagal 40(5) (b).

6.Iarratasóirí atá faoi réir an nós imeachta teorann, ní údarófar iad dul isteach i gcríoch an Bhallstáit, gan dochar do mhíreanna 9 agus 11.

7.Agus an nós imeachta teorann á chur i bhfeidhm, féadfaidh na Ballstáit an nós imeachta a chur i gcrích lena gcinntear cén Ballstát atá freagrach as an iarratas a scrúdú de réir mar a leagtar síos i Rialachán (AE) Uimh. XXX/XXX [an Rialachán maidir le Bainistiú Tearmainn agus Imirce], gan dochar do na sprioc-amanna a bhunaítear le mír 11.

8.I gcás ina gcomhlíonfar na coinníollacha maidir leis an nós imeachta teorann a chur i bhfeidhm sa Bhallstát óna nathshocrófar an tiarratasóir, an Ballstát ina nathshocrófar an tiarratasóir, féadfaidh sé nós imeachta teorann a chur i bhfeidhm i gcomhréir le hAirteagal [x] de Rialachán AE (Uimh.) XXX/XXX [an Rialachán maidir le Bainistiú Tearmainn agus Imirce], lena náirítear na cásanna dá dtagraítear i mír 1, pointe (d).

9.Ní chuirfidh na Ballstáit an nós imeachta teorann i bhfeidhm nó scoirfidh siad dá chur i bhfeidhm ag aon chéim den nós imeachta nuair:

(a)a mheasfaidh an túdarás cinntitheach nach infheidhme nó nach infheidhme a thuilleadh na forais maidir le hiarratas a dhiúltú de bhrí go bhfuil sé doghlactha nó leis an nós imeachta scrúdúcháin brostaithe a chur i bhfeidhm;

(b)nach féidir an tacaíocht is gá a chur ar fáil d’iarratasóirí a bhfuil sainriachtanais nós imeachta acu, an tacaíocht sin a chur ar fáil dóibh sna hionaid dá dtagraítear i mír 14;

(c)a bheidh cúiseanna leighis ann gan an nós imeachta teorann a chur i bhfeidhm,;

(d)a úsáidfear an choinneáil i gcásanna aonair, agus nuair nach sásófar nó nach sásófar a thuilleadh na ráthaíochtaí agus na coinníollacha coinneála dá bhforáiltear in Airteagail 8 go 11 de Threoir XXX/XXX/AE [an Treoir maidir le Coinníollacha Glactha], ná nach féidir an nós imeachta teorann a chur i bhfeidhm ar an iarratasóir d’uireasa na coinneála.

Sna cásanna sin, údaróidh an t‑údarás inniúil an t‑iarratasóir dul isteach i gcríoch an Bhallstáit.

10.De mhaolú ar Airteagal 28 den Rialachán seo, déanfar iarratais atá faoi réir nós imeachta teorann a thaisceadh tráth nach déanaí ná cúig lá tar éis clárú den chéad uair nó, tar éis athshocrú i gcomhréir le hAirteagal [x] de Rialachán AE (Uimh.) [an Rialachán maidir le Bainistiú Tearmainn agus Imirce], cúig lá ó shroich an tiarratasóir an Ballstát atá freagrach tar éis aistriú de bhun Airteagal 56(1), pointe (e), den Rialachán sin.

11.Beidh an nós imeachta teorann chomh gearr agus is féidir agus san am céanna fágfaidh sé go mbeifear in ann scrúdú iomlán, cothrom a dhéanamh ar na héilimh. Cuimseofar ann an cinneadh dá dtagraítear i mír 2 agus 3 i dteannta aon chinneadh maidir le hachomharc más infheidhme agus cuirfear i gcrích é laistigh de 12 sheachtain ó chláraítear an tiarratas. Tar éis na tréimhse sin, údarófar an tiarratasóir dul isteach i gcríoch an Bhallstáit seachas i gcás ina mbeidh Airteagal 41a(1) infheidhme.

De mhaolú ar na teorainneacha ama a leagtar síos in Airteagal 34, 40(2) agus 55, leagfaidh na Ballstáit forálacha síos maidir le fad an nós imeachta scrúdúcháin agus an nós imeachta achomhairc, forálacha lena n‑áiritheofar, i gcás achomharc i gcoinne cinneadh lenar ndiúltaíodh iarratas faoi chuimsiú an nós imeachta teorann, go n‑eiseofar an cinneadh maidir leis an achomharc sin laistigh de 12 sheachtain ó chláraítear an t‑iarratas.

12.De mhaolú ar mhír 11 den Airteagal seo, ní údarófar an tiarratasóir dul isteach i gcríoch an Bhallstáit i gcás:

(a)ina ndearnadh ceart fanacht an iarratasóra a chúlghairm i gcomhréir le hAirteagal 9(3), pointe (a);

(b)nach bhfuil aon cheart fanacht ag an iarratasóir i gcomhréir le hAirteagal 54 agus nár iarr sé cead fanacht chun críche nós imeachta achomhairc laistigh den teorainn ama is infheidhme;

(c)nach bhfuil aon cheart fanacht ag an iarratasóir i gcomhréir le hAirteagal 54 agus inar chinn cúirt nó binse nach bhfuil sé le ceadú don iarratasóir fanacht go dtí go bhfaighfear toradh nós imeachta achomhairc.

Sna cásanna sin, i gcás inar eisíodh cinneadh um fhilleadh don iarratasóir i gcomhréir le Treoir XXX/XXX/AE [an Treoir um Fhilleadh] nó inar diúltaíodh cead isteach i gcomhréir le hAirteagal 14 de Rialachán (AE) 2016/399, beidh feidhm ag Airteagal 41a.

13.Le linn scrúdú iarratas faoi réir nós imeachta teorann, coinneofar na hiarratasóirí ag an teorainn sheachtrach nó gar di, nó ag na criosanna idirthurais nó i ngaireacht dóibh. Tabharfaidh gach Ballstát fógra don Choimisiún, [dhá mhí tar éis dháta cur i bhfeidhm an Rialacháin seo] ar a dhéanaí, cé na hionaid ag na teorainneacha seachtracha, gar don teorainn sheachtrach nó do na criosanna idirthurais, cé na hionaid ansin ina gcuirfear i bhfeidhm an nós imeachta teorann, lena náirítear nuair a bheidh mír 3 á cur i bhfeidhm, agus áiritheoidh siad go mbeidh an líon áiteanna sna hionaid sin leordhóthanach chun na hiarratais a chumhdófar leis an mír sin a phróiseáil. Aon athrú maidir le cé na hionaid ina gcuirfear an nós imeachta teorann i bhfeidhm, tabharfar fógra don Choimisiún faoi dhá mhí sula mbeidh feidhm ag an athrú céanna.

14.An líon áiteanna d’iarratasóirí atá sna hionaid faoina dtabharfaidh na Ballstáit fógra de bhun mhír 14, i gcásanna ina mbeidh an líon sin neamhleordhóthanach go sealadach chun na hiarratasóirí a chumhdófar le mír 3 a phróiseáil, féadfaidh na Ballstáit ionaid eile a ainmniú atá laistigh de chríoch an Bhallstáit agus, ar fhógra a thabhairt don Choimisiún, féadfaidh siad iarratasóirí a chur i gcóiríocht ansin, ar bhonn sealadach agus ar feadh na tréimhse is giorra is gá.

(16)Cuirtear isteach an tAirteagal 41a nua seo a leanas:

‘Airteagal 41a

Nós imeachta teorann um fhilleadh a chur i gcrích

1.Náisiúnaigh tríú tír agus daoine gan stát a ndiúltófar niarratas i gcomhthéacs an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 41, ní údarófar iad dul isteach i gcríoch an Bhallstáit.

2.Daoine dá dtagraítear i mír 1, coinneofar iad ar feadh tréimhse nach faide ná 12 sheachtain in ionaid ag an teorainn sheachtrach nó gar di, nó ag na criosanna idirthurais nó gar dóibh. i gcás nach féidir le Ballstát iad a chur i gcóiríocht sna hionaid sin, féadfaidh sé ionaid eile laistigh dá chríoch a úsáid. Tosóidh an tréimhse 12 seachtain sin ón tráth nach mbeidh ceart fanacht a thuilleadh ag an iarratasóir, an náisiúnach tríú tír nó an duine gan stát agus nach mbeidh cead aige fanacht a thuilleadh.

3.Chun críocha an Airteagail seo, beidh feidhm ag Airteagal 3, Airteagal 4(1), Airteagail 5 go 7, Airteagal 8(1) go (5), Airteagal 9(2) go (4), Airteagail 10 go 13, Airteagal 15, Airteagal 17(1), Airteagal 18(2) go (4) agus Airteagail 19 go 21 de Threoir XXX/XXX/AE [an Treoir athmhúnlaithe um Fhilleadh].

4.Gan dochar don fhéidearthacht filleadh go deonach tráth ar bith, féadfar tréimhse fhorordaithe le himeacht deonach nach faide ná 15 lá a cheadú do na daoine dá dtagraítear i mír 1.

5.Daoine dá dtagraítear i mír 1 a coinníodh le linn an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 41 agus nach bhfuil ceart fanacht acu a thuilleadh ná nach bhfuil cead acu fanacht, féadfar leanúint dá gcoinneáil chun cosc a chur ar dhul isteach i gcríoch an Bhallstáit, ullmhúchán a dhéanamh don fhilleadh nó an próiseas aistrithe a chur i gcrích.

6.Daoine dá dtagraítear i mír 1 nach bhfuil ceart fanacht acu a thuilleadh ná nach bhfuil cead acu fanacht, agus nár coinníodh iad le linn an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 41, féadfar iad a choinneáil i gcás ina mbeidh riosca éalaithe ann de réir bhrí Threoir XXX/XXX/AE [an Treoir um Fhilleadh], ina seachnóidh siad nó ina gcuirfidh siad bac ar an ullmhúchán don fhilleadh nó ar phróiseas an aistrithe, nó inar bagairt atá iontu ar an mbeartas poiblí, ar an tslándáil phoiblí nó ar an tslándáil náisiúnta.

7.Coimeádfar an choinneáil ar bun ar feadh tréimhse chomh gearr agus is féidir, fad a bheidh socruithe um aistriú idir lámha agus á gcur i ngníomh le dícheall cuí. Ní rachaidh tréimhse na coinneála thar an tréimhse dá dtagraítear i mír 2, agus cuimseofar í sna huastréimhsí coinneála a shocrófar in Airteagal 15 (5) agus (6) de Threoir XXX/XXX/AE [an Treoir um Fhilleadh].

8.Ballstáit a eiseoidh diúltú dul isteach i gcomhréir le hAirteagal 14 de Rialachán (AE) 2016/399 tar éis iarratas a dhiúltú i gcomhthéacs an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 41, agus a chinn gan Treoir XXX/XXX/AE [an Treoir um Fhilleadh] a chur i bhfeidhm sna cásanna sin de bhun Airteagal 2(2), pointe (a), den Treoir chéanna, áiritheoidh siad go mbeidh cóireáil agus leibhéal cosanta na náisiúnach tríú tír agus na ndaoine gan stát atá faoi réir diúltú dul isteach, go mbeidh siad i gcomhréir le hAirteagal 4(4) de Threoir XXX/XXX/AE [an Treoir um Fhilleadh] agus comhionann leis an gcóireáil agus an leibhéal cosanta a leagtar amach i míreanna 2, 4 agus 7 den Airteagal sin.’

(17)Leasaítear Airteagal 43 mar a leanas:

‘Scriostar (a) pointe (a).

Cuirtear pointe (c) seo a leanas le hAirteagal 43:

(c) taisceadh an chéad iarratas iardain laistigh de bhliain tar éis chinneadh an údaráis chinntithigh maidir leis an gcéad iarratas, gan aon chuspóir ag an iarratas iardain sin seachas moill nó bac a chur ar fhorfheidhmiú cinnidh um fhilleadh arb é an toradh a bheadh air go n‑aistreofaí an t‑iarratasóir as an mBallstát láithreach, go dtí go ndéanfar an cinneadh críochnaitheach lena ndearbhaítear go bhfuil an t‑iarratas doghlactha i gcásanna inar léir láithreach don údarás cinntitheach nár cuireadh gnéithe nua ar bith i láthair i gcomhréir le hAirteagal 42(4)’

(18)Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagail 53 agus 54:

‘Airteagal 53

An ceart chun leighis éifeachtaigh

1.An ceart chun leighis éifeachtaigh os comhair cúirte nó binse, beidh an ceart sin ag iarratasóirí i gcoinne na nithe seo a leanas:

(a)cinneadh lenar diúltaíodh iarratas ó ba rud é go raibh sé doghlactha;

(b)cinneadh lenar diúltaíodh iarratas ó ba rud é go raibh sé gan bhunús maidir le stádas dídeanaí agus stádas cosanta coimhdí mar aon;

(c)cinneadh lenar diúltaíodh iarratas ó ba rud é gur tarraingíodh siar go hintuigthe é;

(d)cinneadh lena ndearnadh cosaint idirnáisiúnta a tharraingt siar;

(e)cinneadh um fhilleadh.

Déanfar cinntí um fhilleadh a achomharc os comhair na cúirte nó an bhinse chéanna agus laistigh de na himeachtaí breithiúnacha agus na teorainneacha ama céanna agus a bhaineann leis na cinntí dá dtagraítear i bpointí (a), (b), (c) agus (d).

2.Daoine a aithneofar a bheith incháilithe le haghaidh cosaint choimhdeach, beidh sé de cheart acu leigheas éifeachtach a fháil i gcoinne cinneadh lenar measadh go raibh a niarratas gan bhunús i dtaca le stádas dídeanaí. Ina gcás ina mbronnfar na cearta agus na tairbhí céanna le stádas cosanta coimhdí a dheonóidh Ballstát agus a bhronnfar le stádas dídeanaí faoi dhlí an Aontais agus faoin dlí náisiúnta, féadfar a mheas go bhfuil an tachomharc i gcoinne an chinnidh chéanna sa Bhallstát sin doghlactha i gcás ina ndéantar foráil maidir leis sin sa dlí náisiúnta.

3.Le leigheas éifeachtach de réir bhrí mhír 1, déanfar foráil maidir le scrúdú iomlán ex nunc ar fhíorais agus ar phointí dlí mar aon, os comhair cúirt nó binse céadchéime ar laghad, lena náirítear, i gcás inarb infheidhme, scrúdú ar na riachtanais cosanta idirnáisiúnta de bhun Rialachán (AE) Uimh. XXX/XXX [an Rialachán Cáilitheachta].

4.Cuirfear ateangaireacht ar fáil d’iarratasóirí chun críche éisteachta os comhair na cúirte nó an bhinse inniúil i gcas ina ndéanfar éisteacht den chineál sin agus nach féidir cumarsáid iomchuí a áirithiú mura ndéanfar sin.

5.I gcás ina measfaidh an chúirt nó an binse go bhfuil gá leis, áiritheoidh sé go naistreofar doiciméid ábhartha nár aistríodh cheana i gcomhréir le hAirteagal 33(4). De rogha air sin, féadfar aistriúcháin ar na doiciméid ábhartha sin a fháil ó eintitis eile agus íoc astu ó chistí poiblí i gcomhréir leis an dlí náisiúnta.

6.Mura gcuirfear na doiciméid isteach in am chun an chúirt nó an binse a áirithiú go naistreofar iad, féadfaidh an chúirt nó an binse diúltú na doiciméid sin a chur san áireamh mura mbeidh aistriúchán ina dteannta arna sholáthar ag an iarratasóir.

7.Leagfaidh na Ballstáit síos na teorainneacha ama seo a leanas ina ndlí náisiúnta maidir le hiarratasóirí achomharc a thaisceadh i gcoinne na gcinntí dá dtagraítear i mír 1:

(f)seachtain amháin ar a laghad i gcás cinneadh lenar diúltaíodh iarratas ó ba rud é go raibh sé doghlactha, gur tarraingíodh siar go hintuigthe é, nó go raibh sé gan bhunús, má tá feidhm ag aon cheann de na himthosca a liostaítear in Airteagal 40(1) nó (5) ag am an chinnidh;

(g)idir dhá sheachtain ar a laghad agus dhá mhí ar a mhéid i ngach cás eile.

8.Na teorainneacha ama dá dtagraítear i mír 7, tosóidh siad ón dáta a thabharfar fógra faoi chinneadh an údaráis chinntithigh don iarratasóir nó dá ionadaí nó dá chomhairleoir dlí. Leagfar síos sa dlí náisiúnta an nós imeachta maidir le fógra a thabhairt.

9.Ní dhéanfaidh na Ballstáit foráil ach maidir le leibhéal amháin achomhairc i ndáil le cinneadh a rinneadh i gcomhthéacs an nós imeachta teorann.

Airteagal 54

Éifeacht fionraíochta achomhairc

1.Cuirfear éifeachtaí cinnidh um fhilleadh ar fionraí go huathoibríoch fad a bheidh ceart fanacht ag iarratasóir nó a bheidh cead aige fanacht i gcomhréir leis an Airteagal seo.

2.Beidh an ceart ag iarratasóirí fanacht i gcríoch na mBallstát go dtí go nimeoidh an teorainn ama in éag ar laistigh di is féidir an ceart chun leighis éifeachtaigh os comhair cúirte nó binse a fheidhmiú agus, i gcás inar feidhmíodh amhlaidh laistigh den teorainn ama, beidh an ceart ag iarratasóirí fanacht i gcríoch na mBallstát go dtí go bhfaighfear toradh an leighis.

3.Ní bheidh an ceart fanacht de bhun mhír 2 ag an iarratasóir i gcás ina ndearna an túdarás inniúil ceann de na cinntí seo a leanas:

(a)cinneadh lenar diúltaíodh iarratas ó ba rud é go raibh sé gan bhunús gur léir go raibh sé gan bhunús má tá feidhm ag am an chinnidh ag aon cheann de na himthosca a liostaítear in Airteagal 40(1) nó (5) [lena náirítear tír thionscnaimh shábháilte] nó sna cásanna atá faoi réir an nós imeachta teorann;

(b)cinneadh lenar diúltaíodh iarratas ó ba rud é go raibh sé doghlactha de bhun Airteagal 36(1)(a) [tír an chéad tearmainn] nó (c) [iarratais a dhéanfar dá éis sin nach bhfuil gnéithe nua iontu];

(c)cinneadh lenar diúltaíodh iarratas ó ba rud é gur tarraingíodh siar go hintuigthe é;

(d)cinneadh lenar diúltaíodh iarratas iardain ó ba rud é go raibh sé gan bhunús nó gur léir go raibh sé gan bhunús;

(e)cinneadh cosaint idirnáisiúnta a tharraingt siar i gcomhréir le hAirteagal 14(1), pointe (b), (d) agus (e) agus Airteagal 20(1), pointe (b), de Rialachán Uimh. XXX/XXX (an Rialachán Cáilitheachta).

4.Sna cásanna dá dtagraítear i mír 3, beidh sé de chumhacht ag cúirt nó binse a chinneadh, tar éis scrúdú ar fhíorais agus ar phointí dlí mar aon, an gceadófar don iarratasóir fanacht i gcríoch na mBallstát go dtí go bhfaighfear toradh an leighis arna iarraidh sin ag an iarratasóir. D’fhéadfadh an chumhacht a bheith ag an gcúirt nó ag an mbinse inniúil faoin dlí náisiúnta cinneadh a dhéanamh ex officio.ar an ábhar sin.

5.Chun críoch mhír 4(c), beidh feidhm ag na forálacha seo a leanas:

(a)beidh teorainn ama 5 lá ar a laghad ag an iarratasóir ón dáta a thabharfar fógra faoin gcinneadh dó chun cead a iarraidh fanacht ar an gcríoch go dtí go bhfaighfear toradh an achomhairc;

(b)cuirfear ateangaireacht ar fáil don iarratasóir i gcás éisteacht os comhair na cúirte nó an bhinse inniúil, nuair nach féidir cumarsáid iomchuí a áirithiú mura ndéanfar sin;

(c)cuirfear cúnamh dlí agus ionadaíocht dlí shaor in aisce ar fáil don iarratasóir, arna iarraidh sin dó, i gcomhréir le hAirteagal 15(4) agus (5);

(d)beidh ceart fanacht ag an iarratasóir:

(i)go dtí go rachaidh an teorainn ama in éag chun cúirt nó binse a iarraidh ar mhaithe le cead fanacht a fháil;

(ii)i gcás inar iarr an tiarratasóir cead fanacht laistigh den teorainn ama shocraithe, go dtí go bhfaighfear cinneadh na cúirte nó an bhinse an gceadófar don iarratasóir fanacht ar an gcríoch.

6.I gcásanna ina ndéanfar iarratais dá éis sin, de mhaolú ar mhír 6, pointe (d) den Airteagal seo, féadfaidh na Ballstáit foráil a dhéanamh ina ndlí náisiúnta nach mbeidh ceart fanacht ag an iarratasóir, gan dochar d’urramú phrionsabal an nonrefoulement, má rinneadh an tachomharc agus gan aon chuspóir aige seachas moill nó bac a chur ar fhorfheidhmiú cinnidh um fhilleadh arb é an toradh a bheadh air go naistreofaí an tiarratasóir as an mBallstát láithreach, i gcásanna inar léir láithreach don údarás cinntitheach nár cuireadh gnéithe nua ar bith i láthair i gcomhréir le hAirteagal 42(4).

7.Iarratasóir a thaiscfidh achomharc eile i gcoinne an chéad chinnidh achomhairc nó an chinnidh achomhairc a rinneadh dá éis sin, ní bheidh ceart fanacht aige i gcríoch an Bhallstáit, gan dochar don fhéidearthacht cúirt nó binse a cheadú don iarratasóir fanacht arna iarraidh sin ag an iarratasóir nó agus an chúirt nó an binse ag gníomhú dó ex officio.’

(1)    IO L […], […], lch. […].
(2)    COM (2020)xxx, XX.09.2020, Togra le haghaidh Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena dtugtar isteach scagadh ar náisiúnaigh tríú tír a gabhadh i ndáil le teorainneacha seachtracha a thrasnú go neamhúdaraithe, a díbhordáladh tar éis oibríochtaí cuardaigh agus tarrthála, nó a d’iarr cosaint idirnáisiúnta ag pointí trasnaithe teorann, rialachán lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh 2019/817, Rialachán (AE) Uimh 2019/818, Rialachán (AE) 2017/2226, Rialachán (AE) 2018/1240, Rialachán (CE) Uimh. 767/2008 agus Rialachán (CE) Uimh. 2019/816
(3)    An Tionscnamh maidir le hImircigh ar Leanaí iad, d’iarr sé cur chuige coiteann chun aghaidh a thabhairt ar shaincheist na leanaí a chuaigh ar iarraidh (leanaí neamhthionlactha atá scartha óna dteaghlaigh) ionas go mbunófar sásraí éifeachtacha chun dul i ngleic le baol na gáinneála, agus d’iarr siad freisin caighdeáin a ghlacadh a bhaineann go sonrach le leanaí le haghaidh nósanna imeachta tearmainn.
(4)    Mar shampla, Plean Gníomhaíochta Bheirlín i ndáil le Beartas Eorpach nua maidir le tearmann, an 25 Samhain 2019, arna shíniú ag 33 cinn d'eagraíochtaí agus bardais.
(5)    Moltaí UNHCR faoi Chomhaontú beartaithe an Choimisiúin Eorpaigh maidir le hImirce agus Tearmann, Eanáir 2020.
(6)    Moltaí IOM faoi Chomhaontú nua an Aontais Eorpaigh maidir le hImirce agus Tearmann, Feabhra 2020.
(7)    Tuarascáil tionscadail an Lárionaid don Staidéar ar Bheartas na hEorpa (CEPS), socruithe cuardaigh agus tarrthála, díbhordála agus athshocraithe sa Mheánmhuir. Ar seachrán ón bhfreagracht?, Meitheamh 2019.
(8)    Tá gach staidéar agus tuarascáil ó Ghréasán Imirce na hEorpa le fáil ag: https://ec.europa.eu/home-affairs/what-we-do/networks/european_migration_network_en.
(9)    COM (2016) 271 final.
(10)    Rialachán (AE) 2016/399 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Márta 2016 maidir le Cód an Aontais i ndáil leis na rialacha lena rialaítear gluaiseacht daoine thar theorainneacha (Cód Teorainneacha Schengen) (IO L 077, 23.3.2016, lch. 1).