An Bhruiséil,24.9.2020

COM(2020) 598 final

2020/0276(NLE)

Togra le haghaidh

CINNEADH ÓN gCOMHAIRLE

maidir le síniú an Chomhaontaithe, thar ceann an Aontais Eorpaigh, agus maidir lena a chur i bhfeidhm go sealadach i bhfoirm malartaithe litreacha idir an tAontas Eorpach agus Rialtas Oileáin Cook maidir le síneadh a chur leis an bPrótacal i ndáil leis an gComhaontú Comhpháirtíochta Iascaigh Inbhuanaithe a chur chun feidhme idir an tAontas Eorpach agus Rialtas Oileáin Cook


MEABHRÁN MÍNIÚCHÁIN

1.COMHTHÉACS AN TOGRA

Forais agus cuspóirí an togra

An 7 Iúil 2020, ghlac an Chomhairle sainordú 1 lenar údaraíodh don Choimisiún Eorpach tús a chur le caibidlíocht le haghaidh prótacal nua maidir le Comhaontú Comhpháirtíochta Iascaigh Inbhuanaithe idir an tAontas Eorpach agus Rialtas Oileáin Cook agus le haghaidh an fhadaithe a d’fhéadfaí a chur leis an bprótacal atá ann faoi láthair maidir leis an gComhaontú sin a rachaidh in éag an 13 Deireadh Fómhair 2020.

I gcás ina dtógfadh an chaibidlíocht le haghaidh Prótacal nua a ghabhann leis an gComhaontú Comhpháirtíochta Iascaigh Inbhuanaithe idir an tAontas agus Rialtas Oileáin Cook níos mó ama ná mar a bheifí ag súil leis 2 , agus chun tréimhse shuntasach de chur isteach ar ghníomhaíochtaí iascaireachta a sheachaint, leagtar síos leis an sainordú gur cheart don Choimisiún féachaint le teacht ar chomhaontú le Rialtas Oileáin Cook maidir le fadú a chur leis an bPrótacal atá ann faoi láthair 3 , ar feadh tréimhse teoranta nach faide ná bliain amháin más féidir, a fhad is a leantar d’iarracht a dhéanamh teacht ar chomhaontú le haghaidh prótacal nua i gcomhréir leis na cuspóirí a leagtar amach sa sainordú.

Le linn an chéad bhabhta caibidlíochta (16 Iúil 2020), chomhaontaigh idirbheartaithe ón Aontas agus ó Oileáin Cook go mbeadh, mar gheall ar chineál casta na caibidlíochta, roinnt babhtaí ag teastáil chun an chaibidlíocht a chur i gcrích. Dá bhrí sin, chomhaontaigh an dá pháirtí síneadh a chur leis an bPrótacal atá ann faoi láthair ar feadh uastréimhse bliana, i gcomhréir leis an sainordú ón gComhairle. Socraíodh an síneadh trí bhíthin Comhaontaithe i bhfoirm malartaithe litreacha ar cuireadh inisealacha leis an 29 Iúil 2020 sa Bhruiséil agus i Rarotonga (Oileáin Cook).

Ionas nach gcuirfear isteach ar ghníomhaíocht iascaireachta chabhlach an Aontais atá ag oibriú in uiscí Oileáin Cook, ní mór an Cinneadh ón gComhairle lena bhformhuinítear an Comhaontú i bhfoirm malartaithe litreacha a ghlacadh in am chun gur féidir leis an dá pháirtí é a shíniú sula rachaidh an Prótacal atá ann faoi láthair in éag an 13 Deireadh Fómhair 2020.

Dá bhrí sin, molann an Coimisiún don Chomhairle údarú a thabhairt do shíniú agus do chur chun feidhme sealadach an mhalartaithe litreacha lena bhféadfaí síneadh a chur leis an bPrótacal atá ann faoi láthair go ceann uasteorainn bliana.

Tá sé d’aidhm ag an bPrótacal deiseanna iascaireachta a thabhairt do shoithí an Aontais Eorpaigh in uiscí Oileáin Cook i gcomhréir leis an gcomhairle eolaíoch agus le moltaí ón gCoimisiúin Iascaigh don Aigéan Ciúin Iartharach agus don Aigéan Ciúin Láir (WCPFC), laistigh de theorainneacha an bharrachais atá ar fáil. Tá sé d’aidhm aige freisin comhar idir an tAontas Eorpach agus Oileáin Cook a neartú, agus ar an gcaoi sin creat comhpháirtíochta a chruthú trínar féidir beartas iascaigh inbhuanaithe a fhorbairt agus saothrú fónta a dhéanamh ar acmhainní iascaigh i limistéar iascaireachta Oileáin Cook, chun leasa an dá pháirtí.

Leis an bprótacal atá ann faoi láthair idir Oileáin Cook agus an tAontas, is féidir le cabhlach an Aontais iascaireacht a dhéanamh in uiscí Oileáin Cook le haghaidh speiceas tuinníní, le haghaidh deiseanna táscacha bliantúla iascaireachta de 7 000 tona.

Comhsheasmhacht le forálacha beartais atá sa réimse beartais cheana

I gcomhréir le tosaíochtaí athchóiriú an bheartais iascaigh 4 , tugann an Prótacal nua deiseanna iascaireachta do shoithí an Aontais in uiscí Oileáin Cook, bunaithe ar an gcomhairle eolaíoch is fearr dá bhfuil ar fáil agus ag leanúint na moltaí ón gCoimisiún Idirnáisiúnta um Chaomhnú Thuinníní an Atlantaigh (ICCAT). Ina theannta sin, leis an bPrótacal nua cuirtear ar a gcumas don Aontas Eorpach agus d’Oileáin Cook oibriú níos dlúithe le chéile maidir le saothrú fónta na n‑acmhainní iascaigh in uiscí Oileáin Cook a chur chun cinn agus tacú le hiarrachtaí ó Rialtas Oileáin Cook a n‑earnáil iascaigh a fhorbairt, chun leasa an dá pháirtí.

Comhsheasmhacht le beartais eile de chuid an Aontais

Tá caibidliú Prótacal nua lena gcuirtear chun feidhme an Comhaontú Comhpháirtíochta Iascaigh Inbhuanaithe - a mbaineann cuid de leis an síneadh beartaithe seo - ina chuid de ghníomh seachtrach an Aontais i dtaca le tíortha an Aigéin Chiúin (ACC) agus cuirtear san áireamh, go háirithe, cuspóirí an Aontais maidir le prionsabail dhaonlathacha agus cearta an duine a urramú.

2.BUNÚS DLÍ, COIMHDEACHT AGUS COMHRÉIREACHT

Bunús dlí

Is é an bunús dlí a roghnaíodh an an Conradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh , a mbunaíonn Airteagal 43(2) de an Comhbheartas Iascaigh agus Airteagal 218(5) a bhaineann leis an nós imeachta chun comhaontaithe idir tíortha an Aontais agus tríú tíortha a shíniú.

Coimhdeacht (maidir le hinniúlacht neamheisiach)

Tá an togra faoi chuimsiú inniúlacht eisiach an Aontais Eorpaigh.

Comhréireacht

Tá an togra comhréireach leis an gcuspóir maidir le creat rialachais dhlíthiúil, chomhshaoil, eacnamaíoch agus shóisialta a bhunú le haghaidh gníomhaíochtaí iascaireachta atá á ndéanamh ag soithí an Aontais in uiscí tríú tíortha, mar a leagtar amach in Airteagal 31 den Rialachán lena mbunaítear an Comhbheartas Iascaigh. Comhlíontar na forálacha sin chomh maith leis na forálacha sin maidir le cúnamh airgeadais do thríú tíortha a leagtar síos in Airteagal 32 den Rialachán sin.

Maidir leis an síneadh bliana leis an gcreat a leagtar síos leis an bPrótacal agus a rachaidh in éag an 13 Deireadh Fómhair 2020, tá ról aige sa phróiseas caibidlíochta arb é is aidhm dó leanúnachas na gníomhaíochta iascaireachta a áirithiú i gcás chabhlach an Aontais atá ag oibriú in uiscí Oileáin Cook.

3.TORTHAÍ Ó MHEASTÓIREACHTAÍ EX POST, Ó CHOMHAIRLIÚCHÁIN LEIS NA PÁIRTITHE LEASMHARA AGUS Ó MHEASÚNUITHE TIONCHAIR

Meastóireachtaí ex post/seiceálacha oiriúnachta ar an reachtaíocht atá ann cheana

Chuathas i gcomhairle le páirtithe leasmhara le linn mheastóireacht an Phrótacail le haghaidh na tréimhse 2016-20. Chuathas i gcomhairle le saineolaithe ó na Ballstáit sna cruinnithe teicniúla freisin. De thoradh na gcomhairliúchán sin, thángthas ar an gconclúid go mbeadh sé tairbhiúil an Prótacal a athnuachan le hOileáin Cook. An síneadh beartaithe sin leis an bPrótacal, is céim é sa phróiseas caibidlíochta maidir leis an bPrótacal a athnuachan.

Comhairliúcháin leis na páirtithe leasmhara

Chuathas i gcomhairle leis na Ballstáit, le hionadaithe tionscail, le heagraíochtaí idirnáisiúnta na sochaí sibhialta, chomh maith le córas riaracháin iascaigh agus ionadaithe ó shochaí shibhialta Oileáin Cook, mar chuid den mheastóireacht. Reáchtáladh comhairliúchán freisin faoi chuimsiú na Comhairle Comhairlí Fadraoin.

Bailiú agus úsáid saineolais

D’úsáid an Coimisiún comhairleoir neamhspleách le haghaidh na meastóireachtaí ex post agus ex ante, i gcomhréir le hAirteagal 31 (10) den Rialachán lena mbunaítear an Comhbheartas Iascaigh.

4.IMPLEACHTAÍ BUISÉADACHA

Is é EUR 700 000 ranníocaíocht airgeadais bhliantúil an Aontais, bunaithe orthu seo a leanas:

(a)a) méid bliantúil le haghaidh rochtain ar acmhainní iascaigh i gcás na gcatagóirí dá bhforáiltear sa Phrótacal, arna shocrú ag EUR 350 000 go ceann an tsínidh ama seo leis an bPrótacal;

(b)b) tacaíocht do bheartas iascaigh earnála Oileáin Cook a fhorbairt, arb é atá ann EUR 350 000 go ceann an tsínidh leis an bPrótacal. Tá an tacaíocht sin ag comhlíonadh chuspóirí bheartas náisiúnta Oileáin Cook maidir le bainistiú inbhuanaithe a gcuid acmhainní muirí iascaigh ó thús go deireadh an Phrótacail.

Bunaítear an méid bliantúil maidir le leithreasuithe faoi chomhair oibleagáidí agus leithreasuithe íocaíochta le linn an nós imeachta bhuiséadaigh bhliantúil, lena n‑áirítear an líne chúltaca le haghaidh prótacal nár tháinig i bhfeidhm go fóill ag tús na bliana 5 .

Sa mhalartú litreacha a bhaineann leis an síneadh, leagtar síos freisin clásal pro-rata sa chás go síneofar na litreacha de thoradh an caibidlíochta chun an Prótacal a athnuachan agus go dtiocfaidh siad i bhfeidhm ina dhiaidh sin sula rachaidh an síneadh bliantúil a bhfuil feidhm ag an malartú litreacha maidir leis in éag.

5.EILIMINTÍ EILE

Pleananna cur chun feidhme, agus socruithe faireacháin, meastóireachta agus tuairiscithe

Déantar foráil maidir leis na socruithe faireacháin sa Phrótacal a bhfuil síneadh curtha leis mar gheall ar an malartú litreacha.

2020/0276 (NLE)

Togra le haghaidh

CINNEADH ÓN gCOMHAIRLE

maidir le síniú an Chomhaontaithe, thar ceann an Aontais Eorpaigh, agus maidir lena a chur i bhfeidhm go sealadach i bhfoirm malartaithe litreacha idir an tAontas Eorpach agus Rialtas Oileáin Cook maidir le síneadh a chur leis an bPrótacal i ndáil leis an gComhaontú Comhpháirtíochta Iascaigh Inbhuanaithe a chur chun feidhme idir an tAontas Eorpach agus Rialtas Oileáin Cook

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 43(2) de, i dteannta Airteagal 218(5) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)An Comhaontú Comhpháirtíochta Iascaigh Inbhuanaithe idir an tAontas agus Rialtas Oileáin Cook 6 (‘an Comhaontú’), arna fhormheas ag an gCinneadh ón gComhairle (AE) Uimh. 2017/418 7 a tháinig i bhfeidhm an 10 Bealtaine 2017. An Prótacal maidir leis an gComhaontú a chur chun feidhme (‘an Prótacal’), cuireadh é i bhfeidhm go sealadach ón 14 Deireadh Fómhair 2016 8 , ar feadh tréimhse ceithre bliana.

(2)Rachaidh an Prótacal sin in éag an 13 Deireadh Fómhair 2020.

(3)An 7 Iúil 2020, thug an Chomhairle údarú don Choimisiún tús a chur le caibidlíocht le hOileáin Cook chun Prótacal nua a thabhairt i gcrích lena gcuirtear chun feidhme an Comhaontú Comhpháirtíochta Iascaigh Inbhuanaithe.

(4)Go dtí gur tugadh an chaibidlíocht maidir le hathnuachan an Phrótacail i gcrích, rinne an Coimisiún caibidlíocht ar Chomhaontú, thar ceann an Aontais, i bhfoirm malartaithe litreacha maidir le síneadh go ceann uasteorainn bliana a chur leis an bPrótacal maidir leis an gComhaontú Comhpháirtíochta Iascaigh Inbhuanaithe idir an tAontas agus Oileáin Cook a chur chun feidhme. Tugadh an chaibidlíocht i gcrích go rathúil agus cuireadh inisealacha leis an malartú litreacha an 29 Iúil 2020.

(5)Tá sé d’aidhm ag an gComhaontú i bhfoirm malartaithe litreacha é a chur ar a chumas don Aontas agus do Rialtas Oileáin Cook leanúint de chomhoibriú le chéile chun beartas iascaigh inbhuanaithe a chur chun cinn, saothrú fónta na nacmhainní iascaigh in uiscí Oileáin Cook a dhéanamh agus ligean do shoithí an Aontais iascaireacht a dhéanamh sna huiscí sin.

(6)(5)Dá bhrí sin, ba cheart an Comhaontú i bhfoirm malartaithe litreacha a shíniú thar ceann an Aontais, faoi réir a thabhairt i gcrích ar dháta níos déanaí.

(7)Chun leanúnachas na gníomhaíochta iascaigh a dhéanann soithí an Aontais in uiscí Oileáin Cook a áirithiú, ba cheart an Comhaontú i bhfoirm malartaithe litreacha a chur i bhfeidhm go sealadach,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Síniú an Chomhaontaithe i bhfoirm malartaithe litreacha idir an tAontas Eorpach agus Rialtas Oileáin Cook maidir le síneadh a chur leis an bPrótacal maidir leis an gComhaontú Comhpháirtíochta Iascaigh Inbhuanaithe a chur chun feidhme idir an tAontas Eorpach agus Rialtas Oileáin Cook, a rachaidh in éag an 13 Deireadh Fómhair 2020 (‘Comhaontú i bhfoirm malartaithe litreacha’), formheastar é thar ceann an Aontais faoi réir thabhairt i gcrích an Chomhaontaithe thuasluaite.

Tá téacs an Chomhaontaithe i bhfoirm malartaithe litreacha i gceangal leis an gCinneadh seo.

Airteagal 2

Bunóidh Ardrúnaíocht na Comhairle an ionstraim lánchumhachtaí le haghaidh an duine/ le haghaidh na ndaoine a shonróidh idirbheartaí an Chomhaontaithe i bhfoirm malartaithe litreacha chun an Comhaontú thuasluaite a shíniú, faoi réir é a thabhairt i gcrích.

Airteagal 3

Cuirfear an Comhaontú i bhfoirm malartaithe litreacha i bhfeidhm go sealadach, i gcomhréir le mír 6 de, amhail ón 14 Deireadh Fómhair 2020 nó aon dáta ina dhiaidh sin ón lá a shíneofar é, go dtí go dtiocfaidh sé i bhfeidhm.

Airteagal 4

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil,

   Thar ceann na Comhairle

   An tUachtarán

RÁITEAS AIRGEADAIS REACHTACH

1.    LEAGAN AMACH AN TOGRA/TIONSCNAIMH

1.1.    Teideal an togra/tionscnaimh

Togra le haghaidh Cinneadh ón gComhairle thar ceann an Aontais maidir le síniú an Chomhaontaithe i bhfoirm malartaithe litreacha go sealadach i dtaca le síneadh a chur leis an bPrótacal maidir leis an gComhaontú Comhpháirtíochta Iascaigh Inbhuanaithe a chur chun feidhme idir an tAontas Eorpach agus Rialtas Oileáin Cook agus an Comhaontú a chur i bhfeidhm go sealadach, a rachaidh in éag an 13 Deireadh Fómhair 2020.

1.2.    Réimsí beartais lena mbaineann

11 - Gnóthaí muirí agus iascach

11.03 – Ranníocaíochtaí éigeantacha le heagraíochtaí réigiúnacha bainistithe iascaigh (ERBI) agus le heagraíochtaí idirnáisiúnta eile agus le comhaontuithe iascaigh inbhuanaithe eile (SFPAanna)

11.03.01 – Creat rialachais a bhunú le haghaidh gníomhaíochtaí iascaireachta shoithí iascaireachta an Aontais in uiscí tríú tíortha

1.3.    Baineann an togra/tionscnamh le

 beart nua 

 beart nua a leanann treoirthionscadal/réamhbheart 9  

X síneadh ar bheart atá ann cheana 

 beart nó bearta a chumasc nó a atreorú i dtreo beart eile/beart nua 

1.4.    Cuspóirí

1.4.1.    Cuspóirí ginearálta

Trí chaibidlíocht a dhéanamh ar na Comhaontuithe Comhpháirtíochta Iascaigh Inbhuanaithe (SFPA) le tríú tíortha agus iad a thabhairt i gcrích, comhlíontar an cuspóir ginearálta maidir le rochtain a thabhairt do shoithí iascaireachta an Aontais ar limistéir iascaireachta tríú tíortha agus comhpháirtíocht a fhorbairt leis na tíortha sin d’fhonn saothrú inbhuanaithe acmhainní iascaigh a neartú lasmuigh d’uiscí an Aontais Eorpaigh.

Leis na SFPAnna, áirítear freisin comhsheasmhacht idir na prionsabail lena rialaítear an Comhbheartas Iascaigh agus na gealltanais a rinneadh faoi bheartais Eorpacha eile (úsáid inbhuanaithe acmhainní tríú tíortha, an comhrac i gcoinne iascaireacht neamhdhleathach, neamhthuairiscithe agus neamhrialaithe (NNN), comhtháthú na dtíortha comhpháirtíochta sa gheilleagar domhanda, agus rialachas polaitiúil agus airgeadais níos fearr ar an iascach).

1.4.2.    Cuspóirí sonracha

Cuspóir sonrach

Cur le hiascaireacht inbhuanaithe in uiscí nach bhfuil san Aontas, láithreacht an Aontais a chothabháil in iascaigh i bhfarraigí i bhfad i gcéin agus leasanna earnáil iascaigh an Aontais agus tomhaltóirí a chosaint trí chaibidlíocht agus SFPAnna a thabhairt i gcrích le stáit chósta, i gcomhréir le beartais eile de chuid an Aontais.

Gníomhaíochtaí ABM/ABB lena mbaineann

Gnóthaí muirí agus iascach, chun creat rialachais le haghaidh gníomhaíochtaí iascaireachta arna ndéanamh ag soithí iascaireachta an Aontais in uiscí tríú tíortha (SFAanna) a bhunú (líne bhuiséid 11.03.01).

1.4.3.    An toradh agus an tionchar a mheastar a bheidh ann

Sonraigh an tionchar a bheadh ag an togra/tionscnamh ar na tairbhithe/grúpaí ar a bhfuil sé dírithe.

Tríd an bPrótacal a leathnú chun an SFPA atá ann faoi láthair a chumhdach, cuirfear cosc ar chur isteach ar ghníomhaíocht iascaireachta na soithí Eorpacha nuair a rachaidh an Prótacal in éag an 13 Deireadh Fómhair 2020. Beidh feidhm leis an síneadh ar feadh uastréimhse nach faide ná aon bhliain amháin, go dtí go dtabharfar an chaibidlíocht maidir le hathnuachan an Phrótacail i gcrích.

A bhuí leis an bPrótacal, beifear in ann comhpháirtíocht iascaigh straitéiseach idir an tAontas agus Rialtas Oileáin Cook a bhunú. Leis an bPrótacal, is fearr a dhéanfar na hacmhainní iascaigh a bhainistiú agus a chaomhnú freisin, trí thacaíocht airgeadais (tacaíocht earnála) a chur ar fáil chun cláir arna nglacadh ar an leibhéal náisiúnta ag an tír chomhpháirtíochta a chur chun feidhme, go háirithe maidir le faireachán a dhéanamh ar an iascaireacht neamhdhleathach agus comhrac ina coinne, agus tacaíocht a thabhairt don earnáil iascaigh ar scála beag.

1.4.4.    Táscairí feidhmíochta

Sonraigh na táscairí chun faireachán a dhéanamh ar dhul chun cinn agus ar ghnóthachain.

Rátaí úsáide deiseanna iascaireachta (glacadh bliantúil na n‑údaruithe iascaireachta mar chéatadán den infhaighteacht faoin bPrótacal).

Sonraí maidir le gabhálacha (bailiú agus anailísiú) agus luach tráchtála an Chomhaontaithe.

Ranníocaíocht le fostaíocht agus le breisluach san Aontas agus le margadh an Aontais a chobhsú (go comhiomlán le SFPAnna eile).

Cuidiú le feabhas a chur ar thaighde, faireachas agus rialú ar ghníomhaíocht iascaireachta a dhéanann an tír chomhpháirtíochta agus ar fhorbairt a hearnála iascaigh, go háirithe an earnáil a bhaineann le hiascach ar scála beag.

1.5.    Forais an togra/tionscnaimh

1.5.1.    An ceanglas/ na ceanglais is gá a chomhlíonadh sa ghearrthéarma nó san fhadtéarma, lena n‑áirítear amlíne mhionsonraithe maidir le cur chun feidhme céimneach an tionscnaimh

Tá sé i gceist go mbeidh feidhm shealadach ag an malartú litreacha lena gcuirfear síneadh leis an bPrótacal ón dáta a shíneofar é, amhail ón 14 Deireadh Fómhair 2020 nó ó aon dáta ina dhiaidh sin tar éis a shínithe, chun aon chur isteach ar oibríochtaí iascaireachta arna ndéanamh faoin bPrótacal atá ann faoi láthair a chosc.

1.5.2.    Breisluach a bhaineann le rannpháirteachas an Aontais (d’fhéadfadh an breisluach a bheith ann de thoradh fachtóirí éagsúla, e.g. gnóthachain de thoradh comhordú, deimhneacht dhlíthiúil, breis éifeachtachta nó comhlántachta). Chun críocha an phointe seo, is é a chiallaíonn ‘breisluach a bhaineann le rannpháirteachas an Aontais’ an luach a thagann as idirghabháil an Aontais ar luach é atá sa bhreis ar an luach a bheadh ann dá mbeadh na Ballstáit ag feidhmiú leo féin.

Mura dtugann an tAontas Prótacal nua i gcrích, cuirfear isteach ar ghníomhaíocht iascaireachta shoithí an Aontais toisc go bhfuil clásal sa Chomhaontú lena n‑eisiatar gníomhaíochtaí iascaireachta nach bhfuil sa chreat a shainítear leis an bPrótacal a ghabhann leis an gComhaontú. Dá bhrí sin, tá an luach breise le haghaidh chabhlach fadraoin an Aontais an‑soiléir. Leis an bPrótacal cuirtear creat ar fáil freisin maidir le comhar neartaithe idir an tAontas agus Oileáin Cook.

1.5.3.    Ceachtanna a foghlaimíodh ó thaithí eile den sórt sin roimhe seo

De thoradh na hanailíse ar ghabhálacha a d’fhéadfaí a fháil i limistéar iascaireachta Oileáin Cook, agus ar na measúnuithe agus ar an gcomhairle eolaíoch atá ar fáil, tá na Páirtithe in ann tonnáiste tagartha a shocrú do thuinníní agus do speicis cosúil le tuinníní arb é 7 000 tona in aghaidh na bliana é agus deiseanna iascaireachta ann do 4 shoitheach saighne tuinníní. Leis an tacaíocht earnála, tugtar san áireamh riachtanais maidir le fothú acmhainneachta laistigh d’údaráis iascaigh Oileáin Cook agus tosaíochtaí na straitéise iascaigh náisiúnta lena n‑áirítear, go háirithe, taighde eolaíoch agus tionscnaimh maidir le tionscnaimh rialaithe agus faireacháin iascaireachta.

1.5.4.    Comhoiriúnacht leis an gcreat airgeadais ilbhliantúil agus sineirgíochtaí a d’fhéadfadh a bheith ann le hionstraimí iomchuí eile

Is ionann cistí a sholáthraítear mar chúiteamh airgeadais le haghaidh rochtana faoi SFPA agus ioncam inmhalartaithe i mbuiséad náisiúnta Oileáin Cook. Mar sin féin, leithdháiltear cistí atá beartaithe le haghaidh tacaíocht earnála (de ghnáth trína chur san áireamh sa dlí buiséadach bliantúil) ar an Aireacht atá freagrach as an iascach, ar choinníoll go dtabharfaí na SFPAnna i gcrích agus go ndéanfaí faireachán orthu. Tá na hacmhainní airgeadais seo comhoiriúnach le foinsí maoinithe eile ó sholáthraithe eile maoinithe idirnáisiúnta chun tionscadail agus/nó cláir a chur i gcrích ar an leibhéal náisiúnta san earnáil iascaigh.

1.5.5.    Measúnú ar na roghanna éagsúla maoinithe atá ar fáil, lena n‑áirítear na féidearthachtaí athshannadh a dhéanamh

Neamhbhainteach

Fad an togra/tionscnaimh agus an tionchar airgeadais a mheastar a bheidh aige

X tréimhse theoranta

   I bhfeidhm ó 2020 go 2022

X    Tionchar airgeadais in 2020 maidir le leithreasuithe faoi chomhair gealltanas agus ó 2020 go 2022 maidir le leithreasuithe faoi chomhair íocaíochtaí.

 tréimhse neamhtheoranta

Cuirfear chun feidhme é le linn na tréimhse tosaigh BBBB go BBBB,

agus cuirfear ag feidhmiú go hiomlán ina dhiaidh sin é.

Modhanna bainistíochta atá beartaithe 10  

X.Bainistíocht dhíreach a dhéanann an Coimisiún

X ina ranna, lena n‑áirítear an chuid sin den fhoireann atá i dtoscaireachtaí an Aontais;

   trí na gníomhaireachtaí feidhmiúcháin;

 Bainistíocht atá comhroinnte leis na Ballstáit

 Bainistíocht indíreach trí chúraimí a bhaineann le cur chun feidhme an bhuiséid a shannadh dóibh seo a leanas:

◻ tríú tíortha nó na comhlachtaí a d’ainmnigh siad;

◻ eagraíochtaí idirnáisiúnta agus a ngníomhaireachtaí (tabhair sonraí);

◻ BEI agus an Ciste Eorpach Infheistíochta;

◻ comhlachtaí dá dtagraítear in Airteagal 70 agus Airteagal 71 den Rialachán Airgeadais;

◻ comhlachtaí dlí phoiblí;

◻ comhlachtaí arna rialú ag an dlí príobháideach agus a bhfuil misean seirbhíse poiblí acu sa mhéid go gcuireann siad ráthaíochtaí leordhóthanacha airgeadais ar fáil;

◻ comhlachtaí arna rialú ag dlí príobháideach Ballstáit, a gcuirtear de chúram orthu comhpháirtíochtaí príobháideacha poiblí a chur chun feidhme, agus a sholáthraíonn ráthaíochtaí leordhóthanacha airgeadais;

◻ daoine a gcuirtear de chúram orthu bearta sonracha a chur chun feidhme in CBES de bhun Theideal V de CAE, ar daoine iad a aithnítear sa bhunghníomh ábhartha.

I gcás ina sonraítear níos mó ná modh bainistíochta amháin, tabhair sonraí sa roinn “Nótaí” le do thoil.

Nótaí

2.    BEARTA BAINISTÍOCHTA

2.1.    Rialacha faireacháin agus tuairiscithe

Sonraigh minicíocht na mbeart agus na coinníollacha atá leo

Déanfaidh an Coimisiún (DG MARE, i gcomhar lena attaché iascaigh, bunaithe sa réigiún (Fidsí)), faireachán rialta a áirithiú ar chur chun feidhme an Phrótacail maidir le húsáid deiseanna iascaireachta ag oibreoirí, sonraí gabhálacha agus comhlíonadh na gcoinníollacha maidir le tacaíocht earnála.

Foráiltear sa SFPA maidir le cruinniú le haghaidh an Chomhchoiste, cruinniú a reáchtálfar uair amháin ar a laghad sa bhliain agus ina ndéanfaidh an Coimisiún agus Rialtas Oileáin Cook athbhreithniú ar chur chun feidhme an Chomhaontaithe agus an Phrótacail agus, más gá, na cláir agus an ranníocaíocht airgeadais a choigeartú.

2.2.    Córas bainistíochta agus rialaithe

2.2.1.    An bonn cirt atá leis na modhanna bainistíochta, le sásraí cur chun feidhme an mhaoinithe, leis na coinníollacha íocaíochta agus leis an straitéis rialaithe atá beartaithe

Is é an riosca a aithníodh tearc-úsáid na ndeiseanna iascaireachta ag úinéirí shoithí an Aontais agus tearc-úsáid nó úsáid mhoillithe ag Oileáin Cook as cistí atá beartaithe chun an beartas iascaigh earnála a mhaoiniú.

2.2.2.    Faisnéis faoi na rioscaí a aithníodh agus na córais rialaithe inmheánacha a cuireadh ar bun chun na rioscaí a mhaolú

Tá idirphlé forleathan beartaithe maidir le clárú agus cur i bhfeidhm an bheartais earnála a leagtar síos sa Chomhaontú agus sa Phrótacal. Tá anailís chomhpháirteach ar thorthaí mar chuid de na modhanna rialaithe seo freisin.

Ina theannta sin, tá clásail shonracha sa Chomhaontú agus sa Phrótacal lena bhfionraí, faoi choinníollacha áirithe agus in imthosca áirithe.


2.2.3.    Meastachán ar chost‑éifeachtúlacht na rialuithe agus an bonn cirt atá leis sin (cóimheas ‘costais rialaithe ÷ luach na gcistí gaolmhara arna mbainistiú’) agus measúnú ar an leibhéal riosca earráide a mheastar a bheidh ann (tráth an íocaíocht a dhéanamh agus tráth an clár a dhúnadh)

2.3.    Bearta chun calaois agus neamhrialtachtaí a chosc

Sonraigh na bearta coisctheacha agus cosanta atá ann cheana nó atá beartaithe, e.g. ón Straitéis Frithchalaoise.

Gabhann an Coimisiún air féin idirphlé polaitiúil agus comhordú rialta a bhunú le Rialtas Oileáin Cook d’fhonn bainistíocht an Chomhaontaithe agus an Phrótacail a fheabhsú, agus rannchuidiú an Aontais le bainistíocht acmhainní inbhuanaithe a neartú. Aon íocaíocht a dhéanann an Coimisiún faoi SFPA, is faoi réir rialacha caighdeánacha agus nósanna imeachta buiséid agus airgeadais an Choimisiúin a dhéantar iad. Go háirithe, aithnítear cuntais bhainc na dtríú tíortha a n‑íoctar an ranníocaíocht airgeadais iontu. Foráiltear leis an bPrótacal go n‑íocfar an ranníocaíocht airgeadais isteach i gcuntas bainc Rialtais ainmnithe in Oileáin Cook.

3.    AN TIONCHAR AIRGEADAIS A MHEASTAR A BHEIDH AG AN TOGRA/TIONSCNAMH

3.1.    Ceannteidil an chreata airgeadais ilbhliantúil agus na línte buiséid ar a n‑imreofar tionchar

Línte buiséid atá ann cheana

In ord cheannteidil agus línte buiséid an chreata airgeadais ilbhliantúil.

Ceannteideal an chreata airgeadais ilbhliantúil

Líne bhuiséid

An cineál caiteachais

Ranníocaíocht

Uimhir

LD/LN 11 .

ó thíortha de chuid CSTE 12

ó thíortha is iarrthóirí 13

ó thríú tíortha

de réir bhrí Airteagal 21(2)(b) den Rialachán Airgeadais

11/03/2001

Creat rialachais a bhunú le haghaidh gníomhaíochtaí iascaireachta shoithí iascaireachta an Aontais in uiscí tríú tíortha (SFAnna)

Difreáilte

Líon

Líon

Líon

Líon

Línte nua buiséid atá á n‑iarraidh

In ord cheannteidil agus línte buiséid an chreata airgeadais ilbhliantúil.

Ceannteideal an chreata airgeadais ilbhliantúil

Líne bhuiséid

An cineál caiteachais

Ranníocaíocht

Uimhir

LD/LN

ó thíortha de chuid CSTE

ó thíortha is iarrthóirí

ó thríú tíortha

de réir bhrí Airteagal 21(2)(b) den Rialachán Airgeadais

[XX.YY.YY.YY]

TÁ/NÍL

TÁ/NÍL

TÁ/NÍL

TÁ/NÍL

3.2.    An tionchar airgeadais a mheastar a bheidh ag an togra ar leithreasuithe

3.2.1.    Achoimre ar an tionchar a mheastar a bheidh aige ar leithreasuithe faoi chomhair oibríochtaí

   Ní éilíonn an togra/tionscnamh go n‑úsáidfear leithreasuithe faoi chomhair oibríochtaí

X    Éilíonn an togra/tionscnamh go n‑úsáidfear leithreasuithe faoi chomhair oibríochtaí mar a mhínítear thíos:

EUR milliúin (go dtí an tríú deachúil)

Ceannteideal an chreata airgeadais
ilbhliantúil

Uimhir

2

Fás inbhuanaithe: acmhainní nádúrtha

Ard-Stiúrthóireacht: MARE

2020

2021

IOMLÁN

•Leithreasuithe faoi chomhair oibríochtaí

Líne bhuiséid 14 11.0301

Gealltanais

(1a)

0.700

0.700

Íocaíochtaí

(2a)

0.350

0.350

0.700

Líne bhuiséid

Gealltanais

(1b)

Íocaíochtaí

(2b)

Leithreasuithe de chineál riaracháin arna maoiniú as imchlúdach na gclár sonrach 15  

Líne bhuiséid

(3)

IOMLÁN leithreasuithe 
le haghaidh DG MARE

Gealltanais

=1a+1b +3

Íocaíochtaí

=2a+2b

+3

 



IOMLÁN leithreasuithe faoi chomhair oibríochtaí

Gealltanais

(4)

0.700

0.700

Íocaíochtaí

(5)

0.350

0.350

0.700

•IOMLÁN leithreasuithe de chineál riaracháin arna maoiniú as imchlúdach na gclár sonrach

(6)

IOMLÁN leithreasuithe
faoi CHEANNTEIDEAL 2 
den chreat airgeadais ilbhliantúil

Gealltanais

=4+ 6

0.700

0.700

Íocaíochtaí

=5+ 6

0.350

0.350

0.700

Má tá tionchar ag an togra/tionscnamh ar níos mó ná ceannteideal oibríochta amháin, líon isteach an chuid thuas arís i gcás gach ceann de na ceannteidil sin:

• IOMLÁN leithreasuithe faoi chomhair oibríochtaí (gach ceannteideal oibríochta)

Gealltanais

(4)

Íocaíochtaí

(5)

IOMLÁN leithreasuithe de chineál riaracháin arna maoiniú as imchlúdach na gclár sonrach (gach ceannteideal oibríochta)

(6)

IOMLÁN leithreasuithe
faoi CHEANNTEIDIL 1 go 4 
den chreat airgeadais ilbhliantúil 
(Méid tagartha)

Gealltanais

=4+ 6

0.700

0.700

Íocaíochtaí

=5+ 6

0.350

0.350

0.700





Ceannteideal an chreata airgeadais
ilbhliantúil

5

“Caiteachas riaracháin”

Chun an chuid seo a líonadh isteach, ba cheart leas a bhaint as na ‘sonraí buiséid de chineál riaracháin’ a iontráladh ar dtús san Iarscríbhinn a ghabhann leis an ráiteas airgeadais seo (Iarscríbhinn V a ghabhann leis na rialacha inmheánacha) agus a uaslódáladh ar an gcóras DECIDE chun críocha comhairliúcháin idirsheirbhíse.

EUR milliúin (go dtí an tríú deachúil)

2020

2021

IOMLÁN

Ard-Stiúrthóireacht: MARE

• Acmhainní daonna

• Caiteachas riaracháin eile

IOMLÁN DG MARE

Leithreasuithe

IOMLÁN leithreasuithe 
faoi CHEANNTEIDEAL 5 
den chreat airgeadais ilbhliantúil 

(Iomlán gealltanas = Iomlán íocaíochtaí)

EUR milliúin (go dtí an tríú deachúil)

2020

2021

IOMLÁN

IOMLÁN leithreasuithe
faoi CHEANNTEIDIL 1 go 5 
den chreat airgeadais ilbhliantúil 

Gealltanais

0.700

0.700

Íocaíochtaí

0.350

0.350

0.700

3.2.2.    An t‑aschur a mheastar a mhaoineofar le leithreasuithe faoi chomhair oibríochtaí

Leithreasuithe faoi chomhair gealltanas in EUR milliúin (go dtí an tríú deachúil)

Sonraigh cuspóirí agus aschuir

2019

2020

2021

IOMLÁN

Saghas 16

Meánchostas

Uimhir

Costas

Uimhir

Costas

Uimhir

Costas

Uimhir

Líon iomlán

Costas iomlán

CUSPÓIR SONRACH Uimh. 1 17

- Rochtain

Bliantúil

0.350

0.350

4.125

61.625

- Earnála

Bliantúil

0.350

0.350

- Aschur

Fo-iomlán do chuspóir sonrach Uimh. 1

0.700

0.700

CUSPÓIR SONRACH Uimh. 2...

- Aschur

Fo-iomlán do chuspóir sonrach Uimh. 2

IOMLÁN

0.700

0.700

3.2.3.    Achoimre ar an tionchar a mheastar a bheidh aige ar leithreasuithe de chineál riaracháin

X    Ní éilíonn an togra/tionscnamh go n‑úsáidfear leithreasuithe de chineál riaracháin.

   Éilíonn an togra/tionscnamh go n‑úsáidfear leithreasuithe de chineál riaracháin mar a mhínítear thíos:

EUR milliúin (go dtí an tríú deachúil)

Bliain 
N 18

Bliain 
N+1

Bliain 
N+2

Bliain 
N+3

Iontráil na blianta ar fad a theastaíonn le fad an tionchair a thaispeáint (féach pointe 1.6)

IOMLÁN

CEANNTEIDEAL 5 
den chreat airgeadais ilbhliantúil

Acmhainní daonna

Caiteachas riaracháin eile

Fo-iomlán CHEANNTEIDEAL 5 
den chreat airgeadais ilbhliantúil

lasmuigh de CHEANNTEIDEAL 5 19  
of the multiannual financial framework

Acmhainní daonna

Caiteachas eile
de chineál riaracháin

Fo-iomlán
lasmuigh de CHEANNTEIDEAL 5 
den chreat airgeadais ilbhliantúil

IOMLÁN

Na leithreasuithe is gá le haghaidh acmhainní daonna agus caiteachas eile de chineál riaracháin, cumhdófar iad leis na leithreasuithe sin san Ard-Stiúrthóireacht atá sannta cheana do bhainistíocht an bhirt agus/nó atá athshannta laistigh den Ard-Stiúrthóireacht, mar aon le haon leithdháileadh breise a d’fhéadfaí a thabhairt don Ard-Stiúrthóireacht atá i mbun bainistíochta faoi chuimsiú an nós imeachta maidir le leithdháileadh bliantúil i bhfianaise na srianta buiséadacha.

3.2.3.1.    Na hacmhainní daonna a mheastar a bheidh riachtanach

X    Ní éilíonn an togra/tionscnamh go n‑úsáidfear acmhainní daonna.

   Éilíonn an togra/tionscnamh go n‑úsáidfear acmhainní daonna mar a mhínítear thíos:

Sloinnfear an meastachán in aonaid de choibhéis lánaimseartha

Bliain 
N

Bliain 
N+1

Bliain N+2

Bliain N+3

Iontráil na blianta ar fad a theastaíonn le fad an tionchair a thaispeáint (féach pointe 1.6)

• Poist le haghaidh an phlean bunaíochta (oifigigh agus foireann shealadach)

XX 01 01 01 (Ceanncheathrú agus Oifigí Ionadaíocht an Choimisiúin)

XX 01 01 02 (Toscaireachtaí)

XX 01 05 01/11/21 (Taighde indíreach)

10 01 05 01/11 (Taighde díreach)

Foireann sheachtrach (i gcoibhéis lánaimseartha: FTE) 20

XX 01 02 01 (AC, END, INT ón “imchlúdach iomlánaíoch”)

XX 01 02 02 (AC, AL, END, INT agus JPD sna toscaireachtaí)

XX 01 04 bb  21

- sa cheanncheathrú

- i dtoscaireachtaí

XX 01 05 02/12/22 (CA, SNE, INT – Taighde indíreach)

10 01 05 02/12 (CA, INT, SNE – Taighde díreach)

Línte buiséid eile (sonraigh)

IOMLÁN

Is é XX an réimse beartais nó an teideal buiséid lena mbaineann.

Soláthrófar na hacmhainní daonna is gá le baill foirne ón Ard-Stiúrthóireacht a bhfuil bainistíocht an bhirt faoina gcúram cheana agus/nó ar athshannadh a gcúraimí laistigh den Ard-Stiúrthóireacht, mar aon le haon leithdháileadh breise a d’fhéadfaí a thabhairt don Ard-Stiúrthóireacht atá i mbun bainistíochta faoi chuimsiú an nós imeachta maidir le leithdháileadh bliantúil i bhfianaise na srianta buiséadacha.

Cur síos ar na cúraimí a bheidh le déanamh:

Oifigigh agus pearsanra sealadach

Cur chun feidhme an Phrótacail (íocaíochtaí, rochtain ar uiscí Oileáin Cook ag soithí an Aontais, údaruithe iascaireachta a phróiseáil), ullmhúchán agus obair leantach na gComhchoistí, ullmhúchán le haghaidh athnuachan an Phrótacail, meastóireacht sheachtrach, nósanna imeachta reachtacha, caibidlíocht.

Pearsanra seachtrach

Cur chun feidhme an Phrótacail: teagmháil le húdaráis Oileáin Cook maidir le rochtain ag soithí an Aontais ar Oileáin Cook, próiseáil na n‑údaruithe iascaireachta, ullmhúchán agus obair leantach na gComhchoistí, go háirithe cur chun feidhme na tacaíochta earnála.

3.2.4.    Comhoiriúnacht don chreat airgeadais ilbhliantúil reatha

I gcás an togra/tionscnaimh seo:

X    is féidir é a mhaoiniú ina iomláine trí athshannadh laistigh den cheannteideal ábhartha den Chreat Airgeadais Ilbhliantúil (CAI).

Baineann sé seo le húsáid na líne cúltaca (Caibidil 40).

   is gá an corrlach gan leithdháileadh faoin gceannteideal ábhartha de CAI a úsáid agus/nó na hionstraimí speisialta a shainítear sa Rialachán maidir le CAI a úsáid.

Mínigh an méid a bhfuil gá leis, agus sonraigh na ceannteidil agus na línte buiséid lena mbaineann, na méideanna comhfhreagracha agus na hionstraimí atá beartaithe a úsáid.

   is gá athbhreithniú ar CAI.

Mínigh an méid a bhfuil gá leis, agus sonraigh na ceannteidil agus na línte buiséid lena mbaineann agus na méideanna comhfhreagracha.

3.2.5.    Ranníocaíochtaí ó thríú páirtithe

I gcás an togra/tionscnaimh seo:

X    ní dhéantar foráil maidir le cómhaoiniú le tríú páirtithe

   déantar foráil maidir leis an gcómhaoiniú le tríú páirtithe atá réamh‑mheasta thíos:

Leithreasuithe faoi chomhair gealltanas in EUR milliúin (go dtí an tríú deachúil)

Bliain 
N 22

Bliain 
N+1

Bliain 
N+2

Bliain 
N+3

Iontráil na blianta ar fad a theastaíonn le fad an tionchair a thaispeáint (féach pointe 1.6)

Iomlán

Sonraigh an comhlacht cómhaoinithe 

IOMLÁN leithreasuithe cómhaoinithe

 



3.3.    An tionchar a mheastar a bheidh ar ioncam

X    Ní bheidh tionchar airgeadais ar bith ag an togra ar ioncam.

   Beidh an tionchar airgeadais seo a leanas ag an togra/tionscnamh:

   ar acmhainní dílse

   ar ioncam eile

má tá an t‑ioncam sannta do línte caiteachais, sonraigh sin    

EUR milliúin (go dtí an tríú deachúil)

Líne buiséid ioncaim:

Leithreasuithe atá ar fáil don bhliain airgeadais reatha

Tionchar an togra/tionscnaimh 23

Bliain 
N

Bliain 
N+1

Bliain 
N+2

Bliain 
N+3

Iontráil na blianta ar fad a theastaíonn le fad an tionchair a thaispeáint (féach pointe 1.6)

Airteagal ………….

I gcás ioncam ilghnéitheach atá ‘sannta’, sonraigh na línte buiséid a n‑imrítear tionchar orthu.

Aon rud eile (e.g. an modh nó an fhoirmle a úsáideadh chun an tionchar ar ioncam a ríomh nó aon fhaisnéis eile).

(1)    CINNEADH ÓN gCOMHAIRLE lena n‑údaraítear tús a chur le caibidlíocht le haghaidh prótacal nua maidir le Comhaontú Comhpháirtíochta Iascaigh Inbhuanaithe idir an tAontas Eorpach agus rialtas Oileáin Cook agus le haghaidh an fhadaithe a d’fhéadfaí a chur leis an bprótacal atá ann faoi láthair a ghabhann leis an gComhaontú sin (ST 8848/20).
(2)    Go háirithe mar gheall ar iarmhairtí a bhaineann leis an staid shláintíoch dhomhanda atá ann faoi láthair a eascraíonn ó phaindéim COVID-19.
(3)    An Prótacal maidir le cur chun feidhme an Chomhaontaithe Comhpháirtíochta Iascaigh Inbhuanaithe idir an tAontas Eorpach agus Rialtas Oileáin Cook (IO L 131, 20.05.2016, lch. 10).
(4)    IO L 354, 28.12.2013, lch. 22.
(5)    I gcomhréir leis an gComhaontú Idirinstitiúideach maidir le comhar in ábhair bhuiséadacha (2013/C 373/01).
(6)    IO L 131, 20.05.2016, lch. 3.
(7)    CINNEADH (AE) 2017/418 ÓN GCOMHAIRLE an 28 Feabhra 2017 thar ceann an Aontais Eorpaigh, maidir leis an gComhaontú Comhpháirtíochta Iascaigh Inbhuanaithe idir an tAontas Eorpach agus Rialtas Oileáin Cook, agus an Prótacal Cur Chun Feidhme a ghabhann leis, a thabhairt i gcrích (IO L 64, 10.03.2017, lch. 1).
(8)    IO L 289, 25.10.2016, lch. 1.
(9)    Mar a thagraítear dó in Airteagal 58(2)(a) nó (b) den Rialachán Airgeadais.
(10)    Is féidir mionsonraí ar na modhanna bainistíochta agus tagairtí don Rialachán Airgeadais a fheiceáil ar shuíomh gréasáin Ard-Stiúrthóireacht an Bhuiséid: https://myintracomm.ec.europa.eu/budgweb/EN/man/budgmanag/Pages/budgmanag.aspx  
(11)    LD = Leithreasuithe difreáilte / LN = Leithreasuithe neamhdhifreáilte.
(12)    CSTE: Comhlachas Saorthrádála na hEorpa.
(13)    Tíortha is iarrthóirí agus, nuair is iomchuí, tíortha ó na Balcáin Thiar a d’fhéadfadh a bheith ina n‑iarrthóirí.
(14)    De réir ainmníocht oifigiúil an bhuiséid.
(15)    Cúnamh agus caiteachas teicniúil agus/nó riaracháin ar mhaithe le cláir agus/nó bearta de chuid AE (seanlínte “BA”) a chur chun feidhme, taighde indíreach, taighde díreach.
(16)    Is ionann aschuir agus táirgí agus seirbhísí le soláthar (e.g.: líon na malartuithe mac léinn a maoiníodh, iomlán km de bhóithre a tógadh, etc.).
(17)    Mar a thuairiscítear i bpointe 1.4.2. ‘Cuspóirí sonracha...’
(18)    Is í bliain N an bhliain a chuirfear tús le cur chun feidhme an togra/tionscnaimh. Is gá an chéad bhliain cur chun feidhme a mheastar a bheidh ann a chur in ionad “N” (mar shampla: 2021). Is gá an rud céanna a dhéanamh i gcás na mblianta eile.
(19)    Cúnamh agus caiteachas teicniúil agus/nó riaracháin ar mhaithe le cláir agus/nó bearta de chuid AE (seanlínte “BA”) a chur chun feidhme, taighde indíreach, taighde díreach.
(20)    AC= Ball foirne ar conradh; AL = Ball foirne áitiúil; END = Saineolaí náisiúnta ar iasacht; INT= Ball foirne gníomhaireachta; JPD = Saineolaithe sóisearacha i dtoscaireachtaí.
(21)    Fo-uasteorainn d’fhoireann sheachtrach arna cumhdach ag leithreasuithe faoi chomhair oibríochtaí (na seanlínte “BA”).
(22)    Is í bliain N an bhliain a chuirfear tús le cur chun feidhme an togra/tionscnaimh. Is gá an chéad bhliain cur chun feidhme a mheastar a bheidh ann a chur in ionad ‘N’ (mar shampla: 2021). Is gá an rud céanna a dhéanamh i gcás na mblianta eile.
(23)    A fhad a bhaineann le hacmhainní dílse traidisiúnta (dleachtanna talmhaíochta, tobhaigh siúcra), ní mór na méideanna a luaitear a bheith ina nglanmhéideanna, i.e. méideanna comhlána agus 20 % de na costais bhailiúcháin a bheith bainte astu.

An Bhruiséil,24.9.2020

COM(2020) 598 final

IARSCRÍBHINN

a ghabhann leis an

Togra le haghaidh CINNEADH ÓN gCOMHAIRLE

maidir le síniú an Chomhaontaithe, thar ceann an Aontais Eorpaigh, agus maidir lena a chur i bhfeidhm go sealadach i bhfoirm malartaithe litreacha idir an tAontas Eorpach agus Rialtas Oileáin Cook maidir le síneadh a chur leis an bPrótacal i ndáil leis an gComhaontú Comhpháirtíochta Iascaigh Inbhuanaithe a chur chun feidhme idir an tAontas Eorpach agus Rialtas Oileáin Cook






Comhaontú i bhfoirm malartaithe litreacha idir an tAontas Eorpach agus Rialtas Oileáin Cook i dtaca le síneadh a chur leis an bPrótacal maidir le cur chun feidhme an Chomhaontaithe Comhpháirtíochta Iascaigh Inbhuanaithe idir an tAontas Eorpach agus Rialtas Oileáin Cook

Litir ón Aontas Eorpach 

A Dhaoine Uaisle,

Is díol sásaimh dom a dhearbhú go bhfuilimid i gcomhaontú maidir leis na socruithe eatramhacha chun síneadh a chur leis an bPrótacal atá i bhfeidhm faoi láthair (an 14 Deireadh Fómhair 2016 - an 13 Deireadh Fómhair 2020), dá ngairtear ‘an Prótacal’ anseo feasta, lena leagtar amach na deiseanna iascaireachta agus an ranníocaíocht airgeadais dá bhforáiltear sa Chomhaontú Comhpháirtíochta Iascaigh Inbhuanaithe idir an tAontas Eorpach agus Rialtas Oileáin Cook, go dtí go gcuirfear an chaibidlíocht i gcrích maidir le hathnuachan an Phrótacail.

I dtaca leis sin, tá an méid seo a leanas comhaontaithe ag an Aontas Eorpach agus Rialtas Oileáin Cook, dá bhrí sin:

(1)Amhail ón 14 Deireadh Fómhair 2020, nó ó aon dáta eile ina dhiaidh sin a shíneofar an malartú litreacha seo, déanfar na socruithe a bheidh i bhfeidhm le linn bhliain dheireanach an Phrótacail a athnuachan faoi na coinníollacha céanna ar feadh uastréimhse nach faide ná aon bhliain amháin.

(2)Beidh ranníocaíocht airgeadais an Aontais, chun rochtain a thabhairt do shoithí ar uiscí Oileáin Cook faoin síneadh, comhfhreagrach don mhéid bliantúil dá bhforáiltear faoi Airteagal 2 den Phrótacal. Déanfar an íocaíocht sin in aon tráthchuid amháin tráth nach déanaí ná trí mhí ón dáta a chuirfear an malartú litreacha seo i bhfeidhm go sealadach.

(3)Faoin gcomhaontú seo um shíneadh, EUR 350 000 atá sa tacaíocht earnála. Déanfaidh an Comhchoiste dá bhforáiltear faoi Airteagal 6 den Chomhaontú Comhpháirtíochta Iascaigh Inbhuanaithe an clársceidealú a fhormheas le haghaidh an mhéid sin de réir na bhforálacha a leagtar amach in Airteagal 3 den Phrótacal tráth nach déanaí ná ceithre mhí ón dáta a chuirfear an malartú litreacha seo i bhfeidhm. Beidh feidhm mutatis mutandis ag na coinníollacha dá dtagraítear in Airteagal 3 den Phrótacal maidir le tacaíocht earnála a chur chun feidhme agus a íoc.

(4)I gcás go síneofar an Prótacal de thoradh na caibidlíochta chun é a athnuachan agus go dtiocfaidh sé i bhfeidhm ina dhiaidh sin sula rachaidh an tréimhse bliana dá bhforáiltear faoi phointe 1 thuas in éag, déanfar íocaíocht na ranníocaíochta airgeadais dá dtagraítear i bpointí 2 agus 3 thuas a laghdú pro rata temporis. Déanfar an méid comhfhreagrach a íocadh cheana a asbhaint ón gcéad ranníocaíocht airgeadais atá dlite faoin bPrótacal nua.

(5)Le linn na tréimhse ina mbeidh an comhaontú um shíneadh seo á chur i bhfeidhm, leithdháilfear údaruithe iascaireachta laistigh de na teorainneacha arna socrú faoin bPrótacal trí bhíthin táillí nó airleacan atá i gcomhréir leo sin a shocraítear i Roinn 5 d’Iarscríbhinn 1 a ghabhann leis an bPrótacal, le haghaidh na bliana deireanaí ina gcuirfear é i bhfeidhm.

(6)Beidh feidhm shealadach ag an malartú litreacha sin amhail ón 14 Deireadh Fómhair 2020, nó ó aon dáta eile ina dhiaidh a shíneofar é, go dtí go dtiocfaidh sé i bhfeidhm. Tiocfaidh sé i bhfeidhm ar an dáta a thabharfaidh na Páirtithe fógra dá chéile go bhfuil na nósanna imeachta is gá chun na críche sin curtha i gcrích acu.

Bheinn faoi chomaoin agat ach a chur in iúl go bhfuair tú an litir seo agus a dhearbhú go bhfuil tú i gcomhaontú leis na téarmaí ann.

Mise le dúthracht duit,

                   …………………………

Thar ceann an Aontais Eorpaigh

Litir ó Rialtas Oileáin Cook 

A Dhaoine Uaisle,

Tá sé d'onóir agam a chur in iúl duit go bhfuarthas do litir dar dáta an lae inniu, atá mar seo a leanas:

‘A Dhaoine Uaisle,

Is díol sásaimh dom a dhearbhú go bhfuilimid i gcomhaontú maidir leis na socruithe eatramhacha chun síneadh a chur leis an bPrótacal atá i bhfeidhm faoi láthair (an 14 Deireadh Fómhair 2016 - an 13 Deireadh Fómhair 2020), dá ngairtear ‘an Prótacal’ anseo feasta, lena leagtar amach na deiseanna iascaireachta agus an ranníocaíocht airgeadais dá bhforáiltear sa Chomhaontú Comhpháirtíochta Iascaigh Inbhuanaithe idir an tAontas Eorpach agus Rialtas Oileáin Cook, go dtí go gcuirfear an chaibidlíocht i gcrích maidir le hathnuachan an Phrótacail.

I dtaca leis sin, tá an méid seo a leanas comhaontaithe ag an Aontas Eorpach agus Rialtas Oileáin Cook, dá bhrí sin: 

(1)Amhail ón 14 Deireadh Fómhair 2020, nó ó aon dáta eile ina dhiaidh sin a shíneofar an malartú litreacha seo, déanfar na socruithe a bheidh i bhfeidhm le linn bhliain dheireanach an Phrótacail a athnuachan faoi na coinníollacha céanna ar feadh uastréimhse nach faide ná aon bhliain amháin.

(2)Beidh ranníocaíocht airgeadais an Aontais, chun rochtain a thabhairt do shoithí ar uiscí Oileáin Cook faoin síneadh, comhfhreagrach don mhéid bliantúil dá bhforáiltear faoi Airteagal 2 den Phrótacal. Déanfar an íocaíocht sin in aon tráthchuid amháin tráth nach déanaí ná trí mhí ón dáta a chuirfear an malartú litreacha seo i bhfeidhm go sealadach.

(3)Faoin gcomhaontú seo um shíneadh, EUR 350 000 atá sa tacaíocht earnála. Déanfaidh an Comhchoiste dá bhforáiltear faoi Airteagal 6 den Chomhaontú Comhpháirtíochta Iascaigh Inbhuanaithe an clársceidealú a fhormheas le haghaidh an mhéid sin de réir na bhforálacha a leagtar amach in Airteagal 3 den Phrótacal tráth nach déanaí ná ceithre mhí ón dáta a chuirfear an malartú litreacha seo i bhfeidhm. Beidh feidhm mutatis mutandis ag na coinníollacha dá dtagraítear in Airteagal 3 den Phrótacal maidir le tacaíocht earnála a chur chun feidhme agus a íoc.

(4)I gcás go síneofar an Prótacal de thoradh na caibidlíochta chun é a athnuachan agus go dtiocfaidh sé i bhfeidhm ina dhiaidh sin sula rachaidh an tréimhse bliana dá bhforáiltear faoi phointe 1 thuas in éag, déanfar íocaíocht na ranníocaíochta airgeadais dá dtagraítear i bpointí 2 agus 3 thuas a laghdú pro rata temporis. Déanfar an méid comhfhreagrach a íocadh cheana a bhaint ón gcéad ranníocaíocht airgeadais atá dlite faoin bPrótacal nua.

(5)Le linn na tréimhse ina mbeidh an comhaontú um shíneadh seo á chur i bhfeidhm, leithdháilfear údaruithe iascaireachta laistigh de na teorainneacha arna socrú faoin bPrótacal trí bhíthin táillí nó airleacan atá i gcomhréir leo sin a shocraítear i Roinn 5 d’Iarscríbhinn 1 a ghabhann leis an bPrótacal, le haghaidh na bliana deireanaí ina gcuirfear é i bhfeidhm.

(6)Beidh feidhm shealadach ag an malartú litreacha sin amhail ón 14 Deireadh Fómhair 2020, nó ó aon dáta eile ina dhiaidh a shíneofar é, go dtí go dtiocfaidh sé i bhfeidhm. Tiocfaidh sé i bhfeidhm ar an dáta a thabharfaidh na Páirtithe fógra dá chéile go bhfuil na nósanna imeachta is gá chun na críche sin curtha i gcrích acu.

Bheinn faoi chomaoin agat ach a chur in iúl go bhfuair tú an litir seo agus a dhearbhú go bhfuil tú i gcomhaontú leis na téarmaí ann.”

Is féidir liom a dhearbhú go bhfuil an méid sin thuas inghlactha ag mo Rialtas.

Is é atá i do litir agus sa litir seo, i dteannta a chéile, comhaontú i gcomhréir le do thogra.

Mise le dúthracht duit,

Thar ceann Rialtas Oileáin Cook.