An Bhruiséil,24.9.2020

COM(2020) 593 final

2020/0265(COD)

Togra le haghaidh

RIALACHÁN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

maidir le Margaí i gcriptea-shócmhainní, agus lena leasaítear Treoir (AE) 2019/1937

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

{SEC(2020) 306 final} - {SWD(2020) 380 final} - {SWD(2020) 381 final}


MEABHRÁN MÍNIÚCHÁIN

1.COMHTHÉACS AN TOGRA

Forais agus cuspóirí an togra

Is cuid den phacáiste Airgeadais Dhigitigh é an togra seo, pacáiste beart chun acmhainn an airgeadais dhigitigh a chumasú agus tacú sa bhreis leis i dtéarmaí nuálaíochta agus iomaíochta agus na rioscaí a mhaolú ag an am céanna. Tá sé i gcomhréir le tosaíochtaí an Choimisiúin chun an Eoraip a oiriúnú don ré dhigiteach agus geilleagar atá réidh don todhchaí a thógáil a oibríonn don phobal. Áirítear leis an bpacáiste airgeadais dhigitigh Straitéis nua maidir le hairgeadas digiteach d’earnáil 1 airgeadais an Aontais Eorpaigh arb é is aidhm di a áirithiú go bhfáiltíonn an tAontas roimh an réabhlóid dhigiteach agus go spreagann sé í le gnóthais nuálacha as an Eoraip atá chun tosaigh, rud a chuireann buntáistí an airgeadais dhigitigh ar fáil do thomhaltóirí agus do ghnólachtaí na hEorpa. Anuas ar an togra seo, áirítear leis an bpacáiste freisin togra le haghaidh córas trialach maidir le bonneagair mhargaidh den teicneolaíocht mórleabhar dáilte (DLT) 2 , togra le haghaidh athléimneacht oibríochta digití 3 , agus togra chun rialacha seirbhísí airgeadais gaolmhara áirithe an Aontais a shoiléiriú nó a leasú 4 .

Ar cheann de réimsí tosaíochta sainaitheanta na straitéise tá a áirithiú go mbeidh creat rialála seirbhísí airgeadais an Aontais fabhrach don nuálaíocht agus nach gcruthaíonn sé bacainní ar theicneolaíochtaí nua a chur i bhfeidhm. Léiríonn an togra seo, mar aon leis an togra maidir le córas trialach DLT, an chéad ghníomh nithiúil laistigh den réimse seo.

Tá criptea-shócmhainní ar cheann de mhórfheidhmeanna na teicneolaíochta blocshlabhra san airgeadas. Ó foilsíodh Plean Gníomhaíochta Fintech (Teicneolaíocht Airgeadais) an Choimisiúin 5 , i mí an Mhárta 2018, tá an Coimisiún ag gabháil d’imscrúdú ar na deiseanna agus ar na dúshláin a chruthaítear le criptea-shócmhainní. Tar éis borradh mór ar chaipitliú margaidh na criptea-shócmhainní le linn 2017, i mí na Nollag 2017, sheol an Leas‑Uachtarán Feidhmiúcháin Dombrovskis litir chuig an Údarás Baincéireachta Eorpach (ÚBE) agus chuig an Údarás Eorpach um Urrúis agus Margaí (ESMA), inar áitíodh orthu rabhaidh a thabhairt arís eile d’infheisteoirí. I bPlean Gníomhaíochta FinTech 2018, d’ordaigh an Coimisiún do ÚBE agus do ESMA measúnú a dhéanamh ar infheidhmeacht agus ar oiriúnacht an chreata rialála seirbhísí airgeadais reatha san Aontas i dtaca le criptea-shócmhainní. Rinneadh an argóint sa chomhairle 6 , a eisíodh i mí Eanáir 2019, cé go bhféadfadh roinnt criptea-shócmhainní a bheith laistigh de raon feidhme reachtaíocht an Aontais, nach mbíonn sé éasca i gcónaí í a chur i bhfeidhm go héifeachtach ar na sócmhainní sin. Thairis sin, tugadh ar aird sa chomhairle go bhféadfadh forálacha i reachtaíocht reatha an Aontais bac a chur ar an úsáid a bhaintear as teicneolaíocht mórleabhar dáilte. Ag an am céanna, chuir ÚBE agus ESMA béim air – cé is moite de reachtaíocht an Aontais arb é is aidhm di sciúradh airgid agus maoiniú sceimhlitheoireachta a chomhrac – go bhfuil formhór na gcriptea-shócmhainní lasmuigh de raon feidhme reachtaíocht seirbhísí airgeadais an Aontais agus dá bhrí sin nach bhfuil siad faoi réir na bhforálacha maidir le cosaint tomhaltóirí agus infheisteoirí agus sláine an mhargaidh, i measc nithe eile, cé go n‑eascraíonn na rioscaí sin astu. Ina theannta sin, rith roinnt Ballstát reachtaíocht le déanaí maidir le saincheisteanna a bhaineann le criptea-shócmhainní a mbíonn deighilt mhargaidh mar thoradh orthu.

Tháinig fothacar sách nua criptea-shócmhainní – ‘cripteamhonaí cobhsaí’ mar a thugtar orthu – chun cinn le déanaí agus tharraing siad aird an phobail agus aird rialtóirí ar fud na cruinne. Cé go bhfuil an margadh criptea-shócmhainní fós measartha ó thaobh méide de agus nach gcruthaíonn sé bagairt i láthair na huaire don chobhsaíocht airgeadais 7 , d’fhéadfadh sé sin athrú le teacht chun cinn na ‘gcripteamhonaí cobhsaí domhanda’, ina bhféachtar go mbeadh glacadh níos leithne leo trí ghnéithe a bhfuil sé d'aidhm acu a luach a chobhsú agus na héifeachtaí líonraithe a thagann ó na gnóthais a bhíonn ag cur na sócmhainní sin chun cinn a shaothrú 8 .

I bhfianaise na bhforbairtí sin agus mar chuid de chlár oibre digiteach níos leithne an Choimisiúin, leag an tUachtarán Ursula von der Leyen béim ar an ngá atá le “cur chuige coiteann in éineacht leis na Ballstáit maidir le criptea‑airgeadraí lena áirithiú go dtuigimid conas an leas is fearr a bhaint as na deiseanna a chruthaítear leo agus go dtéimid i ngleic leis na rioscaí nua a d’fhéadfaidís a chruthú” 9 . Cé go n‑aithnítear na rioscaí a d’fhéadfaí a chruthú leo, dhearbhaigh an Coimisiún agus an Chomhairle go comhpháirteach i mí na Nollag 2019 go bhfuil siad “tiomanta do chreat a chur i bhfeidhm a chothóidh na deiseanna a d’fhéadfaí a thairiscint le roinnt criptea-shócmhainní 10 . Le déanaí anuas, tá Parlaimint na hEorpa ag obair ar thuarascáil maidir le hairgeadas digiteach, ina ndírítear go háirithe ar chriptea-shócmhainní 11 .

D’fhonn freagairt do an saincheisteanna sin go léir agus creat de chuid an Aontais a chruthú a chumasaíonn margaí i gcriptea-shócmhainní chomh maith le hionchomharthú sócmhainní airgeadais traidisiúnta agus úsáid níos forleithne as DLT i seirbhísí airgeadais, beidh tograí reachtacha eile ag gabháil leis an Rialachán seo: tá an Coimisiún ag beartú soiléiriú a thabhairt freisin go n‑áirítear leis an sainmhíniú reatha ar ‘ionstraimí airgeadais’ – ina sainítear raon feidhme na Treorach maidir le Margaí in Ionstraimí Airgeadais (MiFID II) 12 – ionstraimí airgeadais atá bunaithe ar DLT, 13 chomh maith le córas trialach de bhonneagair mhargaidh DLT le haghaidh na n‑ionstraimí sin 14 . Leis an gcóras trialach beifear in ann tástáil a dhéanamh i dtimpeallacht shábháilte agus fianaise a sholáthar le haghaidh leasuithe breise a fhéadfar a dhéanamh amach anseo.

Tá ceithre chuspóir ghinearálta a bhaineann lena chéile sa togra seo, ina gcumhdaítear criptea-shócmhainní nach dtagann faoi reachtaíocht seirbhísí airgeadais reatha an Aontais, chomh maith le comharthaí ríomh‑airgid. Baineann an chéad chuspóir le deimhneacht dhlíthiúil. Ionas go bhforbrófar margaí criptea-shócmhainní laistigh den Aontas, tá gá le creat dlíthiúil fónta, ina sainítear go soiléir an láimhseáil rialála a dhéanfar ar gach criptea-shócmhainn nach gcumhdaítear leis an reachtaíocht seirbhísí airgeadais reatha. Is é tacú leis an nuálaíocht an dara cuspóir. D’fhonn forbairt criptea-shócmhainní agus an úsáid níos leithne a bhaintear as DLT a chur chun cinn, is gá creat sábháilte comhréireach a chur i bhfeidhm chun tacú leis an nuálaíocht agus le hiomaíocht chóir. Baineann an tríú cuspóir le leibhéil chosanta iomchuí do thomhaltóirí agus d’infheisteoirí agus sláine an mhargaidh a chothú toisc go gcuirtear go leor de na rioscaí céanna i láthair le criptea-shócmhainní nach gcumhdaítear leis an reachtaíocht seirbhísí airgeadais reatha agus a chuirtear i láthair le hionstraimí airgeadais atá níos aitheanta. Is é cobhsaíocht airgeadais a áirithiú an ceathrú cuspóir. Bíonn forbairt leanúnach á déanamh ar chriptea-shócmhainní. Cé go bhfuil raon feidhme agus úsáid sách teoranta ag roinnt criptea-shócmhainní, tá an cumas ag cinn eile, amhail an chatagóir ‘cripteamhonaí cobhsaí’ atá ag teacht chun cinn, glacadh forleathan a bheith leo agus iad a bheith sistéamach seans. Áirítear coimircí leis an togra seo chun dul i ngleic le rioscaí féideartha don chobhsaíocht airgeadais agus beartas airgeadaíochta ordúil a d’fhéadfadh teacht as ‘cripteamhonaí cobhsaí’.

Comhsheasmhacht le forálacha beartais atá sa réimse beartais cheana

Is cuid de chreat níos leithne maidir le criptea-shócmhainní agus teicneolaíocht mórleabhar dáilte (DLT) é an togra seo, toisc go ngabhann tograí leis a áirithíonn nach gcuireann an reachtaíocht reatha bacainní ar an nglacadh a bheidh le teicneolaíochtaí nua ach go mbainfear na cuspóirí rialála ábhartha amach ag an am céanna.

Tógann an togra ar fhaireachán forleathan agus seanbhunaithe ar an margadh agus ar rannpháirtíocht in obair bheartais idirnáisiúnta, mar shampla, i bhfóraim mar an Bord um Chobhsaíocht Airgeadais, an Tascfhórsa um Ghníomhaíocht Airgeadais agus G7.

Mar chuid de phlean Gníomhaíochta FinTech a glacadh i mí an Mhárta 2018 15 , d’ordaigh an Coimisiún do na hÚdaráis Mhaoirseachta Eorpacha comhairle a chur ar fáil maidir le hinfheidhmeacht agus oiriúnacht chreat rialála seirbhísí airgeadais reatha an Aontais Eorpaigh maidir le criptea-shócmhainní. Tógann an togra seo ar an gcomhairle a fuarthas ó ÚBE agus ó ESMA 16 .

Comhsheasmhacht le beartais eile de chuid an Aontais

Mar a luaigh an tUachtarán von der Leyen ina Treoirlínte Polaitiúla, 17 agus mar a leagtar amach sa Teachtaireacht ‘Todhchaí dhigiteach na hEorpa a mhúnlú’, 18 tá sé ríthábhachtach don Eoraip na buntáistí go léir a bhaint as an ré dhigiteach agus a cáil thionsclaíoch agus nuálaíochta a neartú laistigh de theorainneacha sábháilte agus eiticiúla. Ina theannta sin, iarrtar sa litir misin a soláthraíodh don Leas‑Uachtarán Feidhmiúcháin Dombrovskis go mbeadh cur chuige coiteann ann in éineacht leis na Ballstáit maidir le criptea‑airgeadraí lena áirithiú gur féidir leis an Eoraip an leas is mó a bhaint as na deiseanna a chruthaíonn siad agus dul i ngleic leis na rioscaí nua a d’fhéadfaí a chruthú leo 19 .

Tá dlúthcheangal idir an togra seo agus beartais níos leithne an Choimisiúin maidir le teicneolaíocht bhlocshlabhra, ó tharla go bhfuil criptea-shócmhainní, mar phríomhfheidhm na dteicneolaíochtaí blocshlabhra, fite fuaite go dlúth le cur chun cinn na teicneolaíochta blocshlabhra ar fud na hEorpa. Tacaíonn an togra seo le cur chuige iomlánaíoch maidir le blocshlabhra agus DLT, arb é is aidhm dóibh an Eoraip a shuí chun tosaigh sa nuálaíocht bhlocshlabhra agus sa ghlacadh atá leis an nuálaíocht sin. Mar chuid den obair bheartais a rinneadh sa réimse seo cruthaíodh Faireachlann Bhlocshlabhra agus Fóram Blocshlabhra an Aontais Eorpaigh, agus an Chomhpháirtíocht Bhlocshlabhra Eorpach, ina n‑aontaítear gach Ballstát ar leibhéal polaitiúil, chomh maith leis na comhpháirtíochtaí poiblí príobháideacha atá beartaithe leis an gCumann Idirnáisiúnta d’Fheidhmeanna Blocshlabhra Iontaofa 20 . 

Tá an togra seo comhsheasmhach freisin le beartais an Aontais atá dírithe ar Aontas na Margaí Caipitil a chruthú. Freagraíonn sé go speisialta do thuarascáil deiridh an Fhóraim Ardleibhéil, inar cuireadh béim ar chumas tearcúsáidte na gcriptea-shócmhainní agus inar iarradh ar an gCoimisiún deimhneacht dhlíthiúil a thabhairt agus rialacha soiléire a bhunú maidir leis an úsáid a bhaintear as criptea-shócmhainní 21 . Tá an togra seo comhsheasmhach leis an straitéis FBM a glacadh an 10 Márta 2020, ina dtarraingítear aird freisin ar DLT agus criptea-shócmhainní mar nuálaíochtaí atá in ann cur ar chumas na bhFiontar Beag agus Meánmhéide oibriú go díreach le hinfheisteoirí 22 .

Ar deireadh, tá an togra ag teacht go hiomlán leis an moladh sa Straitéis um Aontas Slándála maidir le creat reachtach i gcriptea-shócmhainní a fhorbairt i bhfianaise éifeacht mhéadaithe na dteicneolaíochtaí nua sin ar an gcaoi a ndéantar sócmhainní airgeadais a eisiúint, a mhalartú, a chomhroinnt agus a rochtain 23 .

2.BUNÚS DLÍ, COIMHDEACHT AGUS COMHRÉIREACHT

Bunús dlí

Tá an togra bunaithe ar Airteagal 114 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE), a thugann an inniúlacht d’institiúidí na hEorpa chun forálacha iomchuí a leagan síos maidir le comhfhogasú dhlíthe na mBallstát a bhfuil sé mar chuspóir acu an margadh inmheánach a bhunú agus a fheidhmiú. Is é is aidhm don togra na bacainní ar bhunú an mhargaidh inmheánaigh i gcomhair seirbhísí airgeadais a bhaint agus feidhmiú an mhargaidh a fheabhsú trína áirithiú go ndéantar comhchuibhiú iomlán ar na rialacha is infheidhme.

Sa lá atá inniu ann, ní féidir le heisitheoirí criptea-shócmhainní ná le soláthraithe seirbhíse leas iomlán a bhaint as buntáistí an mhargaidh inmheánaigh, i ngeall ar easpa deimhneacht dhlíthiúil maidir le láimhseáil rialála na gcriptea-shócmhainní chomh maith le heaspa córas rialála agus maoirseachta tiomanta agus seasmhach ar leibhéal an Aontais Eorpaigh. Cé gur chuir cúpla Ballstát córas saincheaptha chun feidhme cheana féin chun roinnt soláthraithe seirbhísí criptea-shócmhainní nó codanna dá gcuid gníomhaíochta a chumhdach, feidhmíonn siad i bhformhór na mBallstát lasmuigh d’aon chóras rialála. Ina theannta sin, tá líon méadaithe Ballstát ag smaoineamh ar chreataí náisiúnta saincheaptha chun freastal go sonrach ar chriptea-shócmhainní agus soláthraithe seirbhísí criptea-shócmhainní.

Cuireann na creataí, na rialacha agus na léirmhínithe éagsúla ar chriptea-shócmhainní agus ar sheirbhísí criptea-shócmhainní araon ar fud an Aontais bac ar chumas na soláthraithe seirbhíse a gcuid gníomhaíochta a mhéadú ó scála ar leibhéal an Aontais Eorpaigh. Ciallaíonn sé sin go gcuirtear iallach ar sholáthraithe seirbhíse na dtáirgí agus seirbhísí seo a fheidhmíonn ar bhonn trasteorann go bunúsach eolas a chur ar reachtaíochtaí roinnt Ballstát, roinnt údaruithe nó clárúcháin náisiúnta a fháil agus dlíthe náisiúnta éagsúla eile a chomhlíonadh, agus a samhail ghnó a choigeartú uaireanta ar fud an Aontais. Cruthaítear costais arda dá bharr sin, agus casacht agus éiginnteacht ó thaobh dlí de do sholáthraithe seirbhíse atá ag feidhmiú sa spás criptea-shócmhainní, a chuireann teorainn le forbairt agus le méadú ó scála na ngníomhaíochtaí criptea-shócmhainní san Aontas. Ina theannta sin, toisc nach bhfuil córais infheidhmithe ann do sholáthraithe seirbhísí criptea-shócmhainní i gcuid mhaith Ballstát cuirtear teorainn leis an bhfáil a bhíonn ar chistiú agus uaireanta fiú ar an rochtain níos leithne a bhíonn ar sheirbhísí airgeadais riachtanacha, amhail seirbhísí baincéireachta, i ngeall ar an éiginnteacht rialála atá bainteach le criptea-shócmhainní agus dá bhrí sin le soláthraithe seirbhísí criptea-shócmhainní.

Cruthaíonn na héagsúlachtaí sin deis mhíchothrom iomaíochta do sholáthraithe seirbhísí criptea-shócmhainní freisin ag brath ar a suíomh, rud a chruthaíonn bacainní breise ar fheidhmiú réidh an mhargaidh inmheánaigh. Ar deireadh, cuireann sé sin leis an easpa deimhneacht dhlíthiúil, rud a fhágann, i dteannta creat coiteann a bheith in easnamh san Aontas, go mbíonn tomhaltóirí agus infheisteoirí i mbaol rioscaí substaintiúla.

Ach creat coiteann a thabhairt isteach san Aontas, is féidir coinníollacha uilíocha oibríochta a leagan síos le haghaidh na ngnóthas laistigh den Aontas, rud a gheobhaidh an ceann is fearr ar na difríochtaí i gcreataí náisiúnta, atá ag cruthú deighilte sa mhargadh, agus a laghdóidh an chastacht agus na costais a bhíonn ar ghnóthais a fheidhmíonn sa spás seo. Ag an am céanna, tairgfidh sé rochtain iomlán do ghnóthais ar an margadh inmheánach agus soláthróidh sé an deimhneacht dhlíthiúil is gá chun an nuálaíocht a chur chun cinn laistigh den mhargadh criptea-shócmhainní. Ar deireadh, freastalóidh sé ar shláine an mhargaidh agus soláthróidh sé leibhéil chosanta iomchuí do thomhaltóirí agus d’infheisteoirí agus tuiscint shoiléir ar a gcuid ceart chomh maith le cobhsaíocht airgeadais a áirithiú.

Coimhdeacht 

Fágann na cuir chuige dhifriúla a ghlacann na Ballstáit go mbíonn sé deacair soláthar trasteorann a dhéanamh ar sheirbhísí i ndáil le criptea-shócmhainní. Cruthaíonn leathadh na gcur chuige náisiúnta rioscaí freisin don chothroime iomaíochta sa mhargadh aonair i dtéarmaí na cosanta do thomhaltóirí agus d’infheisteoirí, shláine an mhargaidh agus iomaíochas. Ina theannta sin, cé go maolaítear roinnt rioscaí sna Ballstáit inar tugadh córais shaincheaptha isteach maidir le criptea-shócmhainní, níl aon chosaint fós ag tomhaltóirí, ag infheisteoirí ná ag rannpháirtithe an mhargaidh i mBallstáit eile i gcoinne roinnt de na rioscaí is suntasaí a chruthaítear de bharr criptea-shócmhainní (e.g. calaois, cibirionsuithe, cúbláil mhargaidh).

Chruthódh gníomh ar leibhéal an Aontais Eorpaigh, amhail an togra seo le haghaidh Rialacháin, timpeallacht ina bhféadfaí margadh mór trasteorann le haghaidh criptea-shócmhainní agus soláthraithe seirbhísí criptea-shócmhainní a fhorbairt, rud a bhainfeadh leas iomlán dá bharr sin as an margadh inmheánach. Laghdódh creat an Aontais Eorpaigh go suntasach an chasacht chomh maith leis na hualaí airgeadais agus riaracháin a bheadh ar gach páirtí leasmhar, amhail soláthraithe seirbhíse, eisitheoirí agus tomhaltóirí agus infheisteoirí. Ach na ceanglais oibríochta do sholáthraithe seirbhíse chomh maith leis na ceanglais maidir le nochtadh a fhorchuirtear ar eisitheoirí a chomhchuibhiú d’fhéadfaí buntáistí soiléire a chruthú freisin i dtéarmaí na cosanta do thomhaltóirí agus d’infheisteoirí agus i dtéarmaí cobhsaíocht airgeadais.

Comhréireacht

Faoi phrionsabal na comhréireachta, níor cheart d’inneachar agus d’fhoirm ghníomhaíocht an Aontais dul thar a bhfuil riachtanach chun cuspóirí na gConarthaí a bhaint amach. Ní rachaidh na rialacha beartaithe thar a bhfuil riachtanach chun cuspóirí an togra a bhaint amach. Ní chumhdófar iontu ach amháin na gnéithe nach féidir leis na Ballstáit a bhaint amach as a stuaim féin agus i gcás ina bhfuil an t‑ualach riaracháin agus na costais riaracháin i gcomhréir leis na cuspóirí sonracha agus na cuspóirí ginearálta atá le baint amach.

Áiritheoidh an Rialachán atá beartaithe an chomhréireacht de réir a dhearaidh, agus déanfar idirdhealú soiléir idir gach cineál seirbhíse agus gníomhaíochta i gcomhréir leis na rioscaí gaolmhara, ionas go mbeidh an t‑ualach riaracháin is infheidhme i gcomhréir leis na rioscaí atá i gceist. Tá na ceanglais a leagtar amach sa rialachán seo i gcomhréir go háirithe leis na rioscaí teoranta gaolmhara, i bhfianaise go raibh an margadh sách beag go dtí seo. Ag an am céanna, gearrann an togra ceanglais níos déine ar ‘chripteamhonaí cobhsaí’, a bhfuil níos mó seans ann go bhfásfaidh siad go tapa agus go mbeidh leibhéil riosca níos airde ann d’infheisteoirí, do chontrapháirtithe agus don chóras airgeadais dá mbarr.

An rogha ionstraime

Ceadaítear le hAirteagal 114 CFAE go nglacfaí gníomhartha i bhfoirm Rialacháin nó Treorach. I gcás an togra seo, roghnaíodh Rialachán d’fhonn tacar aonair rialacha atá infheidhmithe láithreach a leagan síos ar fud an Mhargaidh Aonair.

Bunaítear ceanglais chomhchuibhithe sa Rialachán atá beartaithe d’eisitheoirí a fhéachann lena gcriptea-shócmhainní a thairiscint ar fud an Aontais agus do sholáthraithe seirbhísí criptea-shócmhainní ar mian leo iarratas a dhéanamh ar údarú chun a gcuid seirbhísí a sholáthar sa Mhargadh Aonair. Ní féidir leis na heisitheoirí agus na soláthraithe seirbhíse sin a bheith faoi réir rialacha sonracha náisiúnta. Dá bhrí sin, tá Rialachán níos iomchuí ná Treoir.

3.TORTHAÍ Ó MHEASTÓIREACHTAÍ EX POST, Ó CHOMHAIRLIÚCHÁIN LEIS NA PÁIRTITHE LEASMHARA AGUS Ó MHEASÚNUITHE TIONCHAIR

Meastóireachtaí ex post/seiceálacha oiriúnachta ar an reachtaíocht atá ann cheana

Neamhbhainteach

Comhairliúcháin leis na páirtithe leasmhara

Chuaigh an Coimisiún i gcomhairle le páirtithe leasmhara ar feadh an phróisis a bhain leis an togra seo a ullmhú. Go háirithe:

i)Chuir an Coimisiún comhairliúchán poiblí oscailte tiomnaithe i gcrích (19 Nollaig 2019 – 19 Márta 2020) 24

ii)Chuaigh an Coimisiún i gcomhairle leis an bpobal maidir le measúnú tionchair tosaigh (19 Nollaig 2019 – 16 Eanáir 2020) 25

iii)Chuaigh seirbhísí an Choimisiúin i gcomhairle le saineolaithe as na Ballstáit sa Sainghrúpa maidir le Baincéireacht, Íocaíochtaí agus Árachas ar dhá ócáid (an 18 Bealtaine 2020 agus an 16 Iúil 2020) 26 .

iv)Bhí seimineár gréasáin tiomnaithe ag seirbhísí an Choimisiúin maidir le creat an Aontais Eorpaigh le haghaidh criptea-shócmhainní, mar chuid den tsraith imeachtaí For‑Rochtain Airgeadais Dhigitigh 2020 (an 19 Bealtaine 2020)

Ba é an aidhm a bhí leis an gcomhairliúchán poiblí an Coimisiún a chur ar an eolas maidir le creat ionchais an Aontais a fhorbairt le haghaidh criptea-shócmhainní. Cumhdaíodh ceisteanna ann a bhain le criptea-shócmhainní nach gcumhdaítear le reachtaíocht seirbhísí airgeadais reatha an Aontais, criptea-shócmhainní a chumhdaítear le reachtaíocht seirbhísí airgeadais reatha an Aontais (e.g. a cháilíonn mar urrúis inaistrithe nó mar ríomh‑airgead/ríomh‑airgead), cumhdaíodh ceisteanna sonracha ar ‘chripteamhonaí cobhsaí’ mar a thugtar orthu chomh maith le ceisteanna níos ginearálta maidir le DLT a chur i bhfeidhm i seirbhísí airgeadais.

Chuir formhór na bhfreagróirí béim air go mbainfeadh tairbhe le córas saincheaptha le haghaidh criptea-shócmhainní a chruthú nach bhfuil cumhdaithe ag reachtaíocht seirbhísí airgeadais an Aontais i láthair na huaire, lena n‑áirítear ‘cripteamhonaí cobhsaí’ neamhrialáilte, ó thaobh éiceachóras criptea-shócmhainní inbhuanaithe a bhunú san Aontas. Dheimhnigh formhór na bhfreagróirí go bhfuil gá le deimhneacht dhlíthiúil agus le comhchuibhiú sna reachtaíochtaí náisiúnta, agus bhí go leor páirtithe leasmhara i bhfabhar formhór mhacasamhail na gceanglas a d’fhéadfaí a leagan síos le haghaidh soláthraithe seirbhísí criptea-shócmhainní.

Chuir ionadaithe na mBallstát sa Sainghrúpa maidir le Baincéireacht, Íocaíochtaí agus Árachas a dtacaíocht trí chéile in iúl don chur chuige a roghnaíodh, chun creat rialála saincheaptha iomchuí a chruthú le haghaidh criptea-shócmhainní neamhrialáilte. Tharraing siad aird ar an ngá atá le harbatráiste rialála a sheachaint, agus nach mbeadh eisitheoirí criptea-shócmhainne ag dul timpeall ar na rialacha, agus a áirithiú go bhfuil na rialacha ábhartha go léir ón reachtaíocht reatha maidir le híocaíochtaí agus ríomh‑airgead le feiceáil freisin i gcóras saincheaptha do na ‘cripteamhonaí cobhsaí’ mar a thugtar orthu. Luadh an gá atá ann ceart fuascailte a chur ar fáil maidir le ‘cripteamhonaí cobhsaí’ freisin ach bhí tuairimí difriúla ann maidir leis an réiteach tosaíochta maidir le maoirseacht.

Mar chuid de shraith imeachtaí for‑rochtana, d’óstáil an Coimisiún seimineár gréasáin a bhain go sonrach le criptea-shócmhainní. Bhí raon leathan páirtithe leasmhara as an tionscal agus údaráis phoiblí rannpháirteach sa seimineár gréasáin, agus chuir siad ionchur breise ar fáil ón earnáil maidir leis an idirghníomhaíocht leis an reachtaíocht seirbhísí airgeadais.

Tógann an togra freisin ar aiseolas a fhaightear trí chruinnithe le páirtithe leasmhara agus le húdaráis an Aontais agus comhtháthaítear an t‑aiseolas sin. Thug formhór na bpáirtithe leasmhara, lena n‑áirítear soláthraithe seirbhísí criptea-shócmhainní, a dtacaíocht tríd is tríd, agus leag siad béim arís eile nach bhfuil aon amhras faoi ach go bhfuil an earnáil ar thóir deimhneacht dhlíthiúil d’fhonn forbairt bhreise a dhéanamh.

Bailiú agus úsáid saineolais

Agus an togra seo á ullmhú aige, bhí an Coimisiún ag brath ar fhianaise cháilíochtúil agus chainníochtúil a bailíodh ó fhoinsí aitheanta, lena n‑áirítear an dá thuarascáil ó ÚBE agus ó ESMA. Comhlánaíodh an obair sin le tuarascálacha a bhí ar fáil go poiblí ó údaráis mhaoirseachta, ó chomhlachtaí idirnáisiúnta a leagann caighdeáin síos agus ó phríomhinstitiúidí taighde, chomh maith le hionchur cainníochtúil agus cáilíochtúil ó pháirtithe leasmhara aitheanta ón earnáil airgeadais ar fud na cruinne.

Measúnú tionchair

Tá measúnú tionchair ag gabháil leis an togra seo, rud a cuireadh isteach chuig an mBord um Ghrinnscrúdú Rialála an 29 Aibreán 2020 agus a faomhadh an 29 Bealtaine 2020 27 . Mhol an Bord um Ghrinnscrúdú Rialála feabhsuithe i roinnt réimsí d’fhonn: (i) an tionscnamh a chur i gcomhthéacs iarrachtaí leanúnacha rialála san Aontas Eorpach agus go hidirnáisiúnta; (ii) tuilleadh soiléireachta a chur ar fáil maidir leis an gcaoi a maolóidh an tionscnamh na rioscaí calaoise, haiceála agus drochúsáide margaidh agus d’fhonn míniú a thabhairt freisin ar an gcomhleanúnachas leis an athbhreithniú ar an reachtaíocht frithsciúradh airgid atá ar na bacáin; agus (iii) míniú níos fearr a thabhairt ar an imní maidir le cobhsaíocht airgeadais a bhaineann le ‘cripteamhonaí cobhsaí’ agus soiléiriú a thabhairt ar conas a áiritheoidh comhlachtaí maoirseachta go gcosnófar infheisteoirí agus tomhaltóirí. Leasaíodh an measúnú tionchair dá réir sin, agus chuathas i ngleic freisin leis na tráchtanna níos mionsonraithe a rinne an Bord.

Ar dtús báire, bhreithnigh an Coimisiún dhá rogha bheartais chun creat criptea-shócmhainne a fhorbairt le haghaidh criptea-shócmhainní nach gcumhdaítear le reachtaíocht seirbhísí airgeadais reatha an Aontais (seachas ‘cripteamhonaí cobhsaí’ dar breithníodh tacar difriúil roghanna – féach thíos):

·Rogha 1 – córas liostála le haghaidh criptea-shócmhainní neamhrialáilte

Faoi Rogha 1, bhainfeadh eisitheoirí agus soláthraithe seirbhíse a liostálann le córas an Aontais tairbhe as pas an Aontais Eorpaigh chun a gcuid gníomhaíochtaí a leathnú thar theorainneacha. Bheadh soláthraithe seirbhíse, a chinneann gan liostáil, fós neamhrialáilte nó bheidís faoi réir córas náisiúnta saincheaptha gan pas an Aontais Eorpaigh a dheonú dóibh.

·Rogha 2 – Comhchuibhiú iomlán

Faoi Rogha 2, bheadh gach eisitheoir (seachas iad siúd a dhéanann tairiscintí beaga) agus soláthraithe seirbhíse faoi réir dhlí an Aontais agus bhainfidís tairbhe as pas AE. Ní bheadh feidhm a thuilleadh leis na córais náisiúnta shaincheaptha maidir le criptea-shócmhainní.

Cé nach mbeadh an oiread ualaigh ag baint le Rogha 1 d’eisitheoirí agus do sholáthraithe seirbhíse beaga atá in ann cinneadh a dhéanamh gan liostáil, d’áiritheodh Rogha 2 leibhéal níos airde deimhneachta dlíthiúla, cosanta infheisteoirí, sláine an mhargaidh agus cobhsaíochta airgeadais, agus laghdófaí deighilt mhargaidh leis ar fud an Mhargaidh Aonair. Léiríonn comhchuibhiú iomlán cur chuige níos comhtháite i gcomparáid le córas liostála. Dá bhrí sin, ba í Rogha 2 an rogha thosaíochta.

Ina theannta sin, rinne an Coimisiún measúnú freisin ar roghanna sonracha le haghaidh na ‘gcripteamhonaí cobhsaí’ mar a thugtar orthu i gcás ina bhféadfaí iad sin a mheas freisin mar chriptea-shócmhainní nach gcumhdaítear le reachtaíocht seirbhísí airgeadais reatha an Aontais:

·Rogha 1 – córas reachtach saincheaptha dírithe ar dhul i ngleic leis na rioscaí a chruthaíonn ‘cripteamhonaí cobhsaí’ agus ‘cripteamhonaí cobhsaí domhanda’

Ach cur chuige riosca‑bhunaithe dian a leanúint agus tógáil ar mholtaí atá á bhforbairt i láthair na huaire ag leithéidí, mar shampla, an Bhoird um Chobhsaíocht Airgeadais, rachadh an rogha sin i ngleic le leochaileachtaí don chobhsaíocht airgeadais a chruthaítear le ‘cripteamhonaí cobhsaí’, agus bheifí in ann leis freisin cineálacha difriúla samhlacha gnó den ‘chripteamhona cobhsaí’ a fhorbairt. D’áireofaí leo sin ceanglais shonracha maidir le nochtadh le haghaidh eisitheoirí ‘cripteamhonaí cobhsaí’ chomh maith le ceanglais a fhorchuirtear ar an gcúlchiste atá mar thaca don ‘chripteamhona cobhsaí’.

·Rogha 2 – ‘cripteamhonaí cobhsaí’ a rialáil faoin Treoir um Airgead Leictreonach

Tá ‘cripteamhonaí cobhsaí’ aon airgeadra amháin ar dlíthairiscint é mar thaca dá luach gar don sainmhíniú ar ríomh‑airgead faoin Treoir um Airgead Leictreonach. Is é is aidhm do lear mór ‘cripteamhonaí cobhsaí’ “modhanna íocaíochtaí” a chruthú agus, nuair atá cúlchiste sócmhainní mar thaca dóibh, d’fhéadfadh roinnt ‘cripteamhonaí cobhsaí’ a bheith ina modh inchreidte malartaithe agus stórála luacha. Sa chiall sin, is cinnte go bhféadfadh gnéithe comónta a bheith idir ‘cripteamhonaí cobhsaí’ agus ríomh‑airgead. Mar sin féin, d’éileodh an rogha sin ar eisitheoirí ‘cripteamhona cobhsaí’ an reachtaíocht reatha a chomhlíonadh agus d’fhéadfadh nach mbeadh an reachtaíocht sin oiriúnach dá feidhm. Cé go bhféadfadh an Treoir um Airgead Leictreonach agus, ag teacht as sin an Treoir maidir le Seirbhísí Íocaíochta, roinnt soláthraithe seirbhísí ‘cripteamhonaí cobhsaí’ a chumhdach, b’fhéidir nach maolódh sé go leordhóthanach na rioscaí is suntasaí do chosaint tomhaltóirí, mar shampla, iad sin a d’ardaigh soláthraithe tiachóige. Ina theannta sin, ní leagtar síos forálacha sonracha sa Treoir um Airgead Leictreonach d’aonán a bheadh sistéamach, rud a d’fhéadfadh tarlú do ‘chripteamhonaí cobhsaí’.

·Rogha 3 – bearta arb é is aidhm dóibh teorainn a chur leis an úsáid a bhaintear as cripteamhonaí cobhsaí laistigh den Aontas Eorpach’

Chuirfeadh Rogha 3 srian ar eisiúint ‘cripteamhonaí cobhsaí’ agus ar sholáthar seirbhísí a bhaineann leis an gcineál sin criptea-shócmhainne. D’fhéadfadh údar cuí a bheith leis an gcur chuige sin, toisc gur mhó na rioscaí a chruthófaí le ‘cripteamhonaí cobhsaí’ agus go háirithe iad sin a d’fhéadfadh scála domhanda a shroicheadh (lena n‑áirítear rioscaí don chobhsaíocht airgeadais, beartas airgeadaíochta agus ceannasacht airgeadaíochta) ná na buntáistí a thairgfí do thomhaltóirí an Aontais i dtéarmaí modhanna íocaíochta atá tapa, saor, éifeachtúil agus uilechuimsitheach. Mar sin féin, ní hamháin go gcruthófaí costais do ‘chripteamhonaí cobhsaí’ atá ag feidhmiú cheana féin le Rogha 3, ach chuirfeadh sé cosc freisin ar leas a bhaint as aon bhuntáistí a bhaineann leis an gcineál nua seo criptea-shócmhainní. Ní bheadh Rogha 3 comhsheasmhach leis na cuspóirí a leagtar amach ar leibhéal an Aontais Eorpaigh chun nuálaíocht a chur chun cinn san earnáil airgeadais. Anuas air sin, d’fhéadfadh sé tarlú le Rogha 3 nach ngabhfaí i ngleic le roinnt rioscaí don chobhsaíocht airgeadais, i gcás go mbainfeadh tomhaltóirí as an Aontas úsáid fhorleathan as ‘cripteamhonaí cobhsaí’ a eisíodh i dtríú tíortha.

Mheas an Coimisiún gurbh é Rogha 1 an rogha thosaíochta le haghaidh ‘cripteamhonaí cobhsaí’ i gcomhar le Rogha 2, chun arbatráiste rialála a sheachaint idir ‘cripteamhonaí cobhsaí’ nach féidir a idirdhealú ó ríomh‑airgead agus an láimhseáil a dhéantar ar ríomh‑airgead a eisítear ar mhórleabhar dáilte. In éineacht le Rogha 2 (comhchuibhiú iomlán faoi mar a bhfuil tuairisc air thuas) le haghaidh na gcineálacha eile criptea-shócmhainní nach gcumhdaítear leis an reachtaíocht seirbhísí airgeadais reatha san Aontas, chruthóidís creat cuimsitheach agus iomlánaíoch san Aontas maidir le ‘cripteamhonaí cobhsaí’, a bheadh ábalta na rioscaí a shainaithin an Bord um Chobhsaíocht Airgeadais a mhaolú 28 , go háirithe rioscaí don chobhsaíocht airgeadais. Tá struchtúr na ‘gcripteamhonaí cobhsaí’ casta agus cuimsítear go leor feidhmeanna idirspleácha agus eintitis dhlítheanacha leo. Chumhdódh an cur chuige rialála faoi Rogha 1 (i gcomhar le Rogha 2 le haghaidh criptea-shócmhainní neamhrialáilte go dtí seo) na feidhmeanna difriúla a bhíonn i láthair de ghnáth i struchtúir ‘cripteamhonaí cobhsaí’ (comhlacht rialachais, bainistiú sócmhainní, feidhmeanna íocaíochta agus comhéadan custaiméirí) agus ghabhfaí leis freisin na hidirghníomhaíochtaí sin idir eintitis atá in ann cur leis an riosca don chobhsaíocht airgeadais.

Oiriúnacht rialála agus simpliú

Forchuireann an Rialachán seo oibleagáid ar eisitheoirí criptea-shócmhainní doiciméad faisnéise a fhoilsiú (ar a dtugtar páipéar bán) lena ngabhann ceanglais éigeantacha maidir le nochtadh. Ionas nach gcruthófar ualach riaracháin, beidh díolúine ag fiontair bheaga agus mheánmhéide (FBManna) ó dhoiciméad faisnéise den sórt sin a fhoilsiú i gcás ina bhfuil an chomaoin iomlán de thairiscint criptea-shócmhainní níos lú ná EUR 1 000 000 thar thréimhse 12 mhí. Ní bheidh eisitheoirí ‘cripteamhonaí cobhsaí’ faoi réir údarú údaráis náisiúnta inniúil má tá méid na ‘gcripteamhonaí cobhsaí’ atá le híoc faoi bhun EUR 5 000 000. Ina theannta sin, tá na ceanglais a fhorchuirtear ar sholáthraithe seirbhísí criptea-shócmhainní i gcomhréir leis na rioscaí a chruthaítear leis na seirbhísí a chuirtear ar fáil.

Cearta bunúsacha

Tá an tAontas Eorpach tiomanta do chaighdeáin arda cosanta a thabhairt do chearta bunúsacha agus é mar shínitheoir le tacar leathan coinbhinsiún maidir le cearta an duine. Sa chomhthéacs sin, ní dóigh go mbeidh tionchar díreach ag an togra ar na cearta sin, mar a liostaítear i bpríomhchoinbhinsiúin na Náisiún Aontaithe maidir le cearta an duine, an Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh, ar cuid lárnach é de Chonarthaí an Aontais, agus an Coinbhinsiún Eorpach um Chearta an Duine.

4.IMPLEACHTAÍ BUISÉADACHA

Beidh impleachtaí ag an togra seo i dtéarmaí na gcostas agus an ualaigh riaracháin d’údaráis náisiúnta inniúla, ÚBE agus ESMA. Beidh méid agus dáileadh na gcostas sin ag brath ar na ceanglais bheachta a leagfar ar eisitheoirí criptea-shócmhainní agus ar sholáthraithe seirbhíse criptea-shócmhainní agus na cúraimí maoirseachta agus faireacháin gaolmhara.

Is féidir leis na costais mhaoirseachta mheasta le haghaidh gach Ballstáit (lena n‑áirítear foireann, oiliúint, bonneagar TF agus uirlisí imscrúdaithe tiomnaithe) a bheith idir EUR 350 000 agus EUR 500 000 in aghaidh na bliana, agus meastar na costais aonuaire ag EUR 140 000. Mar sin féin, dhéanfaí é sin a sheach‑chur i bpáirt leis na táillí maoirseachta a ghearrfadh údaráis náisiúnta inniúla ar sholáthraithe agus eisitheoirí seirbhísí criptea-shócmhainní.

I gcás ÚBE, beidh 18 bhfostaí lánaimseartha (FTE) ar an iomlán ag teastáil thar am chun glacadh leis an maoirseacht a dhéanfaí ar eisitheoirí comharthaí sócmhainn‑tagartha suntasacha nó comharthaí ríomh‑airgid suntasacha. Tabhóidh ÚBE costais bhreise TF freisin, speansais mhisin le haghaidh na gcigireachtaí ar an láthair agus costais aistriúcháin. Mar sin féin, bheadh na costais sin go léir cumhdaithe go hiomlán ag na táillí a ghearrfaí ar eisitheoirí na comharthaí sócmhainn‑tagartha suntasacha agus ar eisitheoirí na gcomharthaí ríomh‑airgid suntasacha.

I gcás ESMA, déanfar na costais mheasta a bhainfidh le clár de na soláthraithe seirbhísí criptea-shócmhainní go léir a bhunú agus é a chothabháil leis an bhfaisnéis a fhaightear ó údaráis náisiúnta inniúla agus ó ÚBE a chumhdach laistigh dá mbuiséad oibriúcháin.

Mínítear tionchar airgeadais agus buiséadach an togra seo go mionsonraithe sa ráiteas airgeadais reachtach atá i gceangal leis an togra seo.

5.EILIMINTÍ EILE

Pleananna cur chun feidhme, agus socruithe faireacháin, meastóireachta agus tuairiscithe

Tá sé ríthábhachtach foráil a dhéanamh do shásra láidir faireacháin agus meastóireachta lena áirithiú go mbeidh na gníomhaíochtaí rialála a chuirfear i gcrích éifeachtach maidir lena gcuspóirí faoi seach a bhaint amach. Bhunaigh an Coimisiún clár dá bhrí sin chun faireachán a dhéanamh ar aischuir agus ar thionchar an Rialacháin seo. Beidh an Coimisiún i gceannas ar fhaireachán a dhéanamh ar éifeachtaí na roghanna beartais tosaíochta ar bhonn an liosta neamh‑uileghabhálaigh de tháscairí a tugadh le fios sa mheasúnú tionchair (lgh. 64–65). Beidh an Coimisiún i gceannas freisin ar mheasúnú a dhéanamh ar thionchar an Rialacháin seo agus beidh sé de chúram air tuarascáil a ullmhú don Chomhairle agus don Pharlaimint (Airteagal 122 den togra).    

Míniúchán mionsonraithe ar fhorálacha sonracha an togra

Féachann an togra seo le deimhneacht dhlíthiúil a chur ar fáil maidir le criptea-shócmhainní nach gcumhdaítear le reachtaíocht seirbhísí airgeadais reatha an Aontais Eorpaigh agus rialacha aonfhoirmeacha a bhunú le haghaidh soláthraithe agus eisitheoirí seirbhísí criptea-shócmhainní ar leibhéal an Aontais Eorpaigh. Tiocfaidh an Rialachán beartaithe in ionad creataí náisiúnta reatha is infheidhme maidir le criptea-shócmhainní nach gcumhdaítear le reachtaíocht seirbhísí airgeadais reatha an Aontais agus bunófar rialacha sonracha freisin le haghaidh ‘cripteamhonaí cobhsaí’ mar a thugtar orthu, lena n‑áirítear nuair is ríomh‑airgead a bhíonn i gceist leo. Roinntear an Rialachán beartaithe ina naoi dTeideal.

Leagtar síos an t‑ábhar, an raon feidhme agus na sainmhínithe i dTeideal I. Leagtar amach in Airteagal 1 go gcuirfear an Rialachán i bhfeidhm maidir le soláthraithe agus eisitheoirí seirbhísí criptea-shócmhainní, agus bunaítear ceanglais aonfhoirmeacha maidir le trédhearcacht agus nochtadh i ndáil le heisiúint, oibriú, eagrú agus rialachas soláthraithe seirbhísí criptea-shócmhainní, agus bunaítear chomh maith rialacha agus bearta cosanta tomhaltóirí chun drochúsáid mhargaidh a chosc. Cuirtear teorainn in Airteagal 2 le raon feidhme an Rialacháin i dtaca le criptea-shócmhainní nach gcáilíonn mar ionstraimí airgeadais, taiscí ná taiscí struchtúrtha faoi reachtaíocht seirbhísí airgeadais an Aontais. Leagtar síos in Airteagal 3 na téarmaí agus na sainmhínithe a úsáidtear chun críocha an Rialacháin seo, lena n‑áirítear ‘criptea-shócmhainn’, ‘eisitheoir criptea-shócmhainní’, ‘comhartha sócmhainn‑tagartha’ (a ndéantar cur síos air go minic mar ‘chripteamhona cobhsaí’), ‘comhartha ríomh‑airgid’ (a ndéantar cur síos air go minic mar ‘chripteamhona cobhsaí’), ‘soláthraí seirbhísí criptea-shócmhainní’, ‘comhartha fóntais’ agus nithe eile. Sainítear na seirbhísí criptea-shócmhainne éagsúla in Airteagal 3. Rud tábhachtach, ná go bhféadfaidh an Coimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh chun eilimintí teicniúla áirithe de na sainmhínithe a shonrú, d’fhonn iad a oiriúnú d’fhorbairtí an mhargaidh agus d’fhorbairtí teicneolaíochta.

Rialaítear le Teideal II na tairiscintí agus an mhargaíocht don phobal ar shócmhainní criptea-shócmhainne seachas comharthaí sócmhainn‑tagartha agus comharthaí ríomh‑airgid. Tugann sé le fios go mbeidh eisitheoir i dteideal criptea-shócmhainní den sórt sin a thairiscint don phobal san Aontas nó a iarraidh go ligfí isteach iad chun a dtrádála ar ardán trádála le haghaidh criptea-shócmhainní den sórt sin má chomhlíonann sé ceanglais Airteagal 4, amhail an oibleagáid lena bhunú i bhfoirm duine dhlítheanaigh nó an oibleagáid maidir le páipéar bán maidir le criptea-shócmhainní a dhréachtú i gcomhréir le hAirteagal 5 (le hIarscríbhinn I) agus páipéar bán maidir le criptea-shócmhainní den sórt sin a fhógairt do na húdaráis inniúla (Airteagal 7) agus a fhoilsiú (Airteagal 8). A luaithe agus a bheidh páipéar bán foilsithe, féadfaidh eisitheoir criptea-shócmhainní a chuid criptea-shócmhainní a thairiscint san Aontas nó lorgóidh sé cead chun criptea-shócmhainní den sórt sin a thrádáil ar ardán trádála (Airteagal 10). Áirítear roinnt díolúintí ó fhoilsiú an pháipéir bháin freisin in Airteagal 4, lena n‑áirítear i gcás tairiscintí beaga criptea-shócmhainní (faoi bhun EUR 1 mhilliún laistigh de thréimhse 12 mhí) agus tairiscintí a bhíonn dírithe ar infheisteoirí cáilithe atá sainithe ag an Rialachán Réamheolaire (Rialachán AE 2017/1129). Leagtar amach in Airteagal 5 agus in Iarscríbhinn I den togra na ceanglais faisnéise maidir leis an bpáipéar bán maidir le criptea-shócmhainní a ghabhann le tairiscint don phobal ar chriptea-shócmhainní nó criptea-shócmhainní a ligean isteach ar ardán trádála le haghaidh criptea-shócmhainní, agus forchuirtear roinnt ceanglas in Airteagal 6 a bhaineann leis na hábhair margaíochta a tháirgeann na heisitheoirí criptea-shócmhainní, seachas comharthaí sócmhainn‑tagartha nó comharthaí ríomh‑airgid. Ní bheidh an páipéar bán maidir le criptea-shócmhainní faoi réir próiseas réamhcheadaithe ag na húdaráis náisiúnta inniúla (Airteagal 7). Tabharfar fógra maidir leis do na húdaráis náisiúnta inniúla le measúnú cibé an ionann an chriptea-shócmhainn atá i ngeall agus ionstraim airgeadais faoin Treoir maidir le Margaí in Ionstraimí Airgeadais (Treoir 2014/65/AE), go háirithe. Tar éis fógra a thabhairt maidir leis an bpáipéar bán maidir le criptea-shócmhainní, beidh sé de chumhacht ag na húdaráis inniúla an tairiscint a chur ar fionraí nó a thoirmeasc, éileamh a dhéanamh maidir le faisnéis bhreise a chur sa pháipéar bán maidir le criptea-shócmhainní nó a chur in iúl go poiblí nach bhfuil an t‑eisitheoir ag comhlíonadh an Rialacháin (Airteagal 7). Áirítear i dTeideal II freisin forálacha sonracha maidir leis na tairiscintí ar chriptea-shócmhainní atá teoranta in am (Airteagal 9), na leasuithe ar pháipéar bán tosaigh maidir le criptea-shócmhainní (Airteagal 11), an ceart maidir le tarraingt siar a dheonaítear d’fhaighteoirí criptea-shócmhainní (Airteagal 12), na hoibleagáidí a fhorchuirtear ar gach eisitheoir criptea-shócmhainne (Airteagal 13) agus dliteanas na n‑eisitheoirí a ghabhann leis an bpáipéar bán maidir le criptea-shócmhainní (Airteagal 14).

Tugtar tuairisc i dTeideal III, Caibidil 1 ar an nós imeachta maidir le heisitheoirí comharthaí sócmhainn‑tagartha a údarú agus maidir le húdaráis náisiúnta inniúla a bheith ag faomhadh a bpáipéir bháin maidir le criptea-shócmhainní (Airteagal 16 go dtí Airteagal 19 agus Iarscríbhinní I agus II). D’fhonn a bheith údaraithe le feidhmiú san Aontas, déanfar eisitheoirí comharthaí sócmhainn‑tagartha a ionchorprú i bhfoirm eintitis dhlítheanaigh atá bunaithe san Aontas Eorpach (Airteagal 15). Tugtar le fios freisin in Airteagal 15 nach féidir aon chomharthaí sócmhainn‑tagartha a thairiscint don phobal san Aontas ná a ligean isteach i gcomhair trádála ar ardán trádála le haghaidh criptea-shócmhainní mura bhfuil an t‑eisitheoir údaraithe san Aontas agus mura bhfoilsíonn sé páipéar bán maidir le criptea-shócmhainní a bheidh faofa ag a údarás inniúil. Áirítear díolúintí freisin in Airteagal 15 le haghaidh comharthaí sócmhainn‑tagartha ar scála beag agus le haghaidh comharthaí sócmhainn‑tagartha a dhéantar a mhargú, a dháileadh agus atá i seilbh eisiach infheisteoirí cáilithe. Tugtar mionsonraí ar aistarraingt údaraithe in Airteagal 20 agus leagtar amach in Airteagal 21 an nós imeachta maidir leis an bpáipéar bán maidir le criptea-shócmhainní a mhodhnú.

Leagtar amach i dTeideal III, Caibidil 2 na hoibleagáidí d’eisitheoirí comharthaí sócmhainn‑tagartha. Luaitear ann go ngníomhóidh siad ar bhealach macánta, cothrom agus gairmiúil (Airteagal 23). Leagtar síos ann na rialacha maidir leis an bpáipéar bán maidir le criptea-shócmhainní a fhoilsiú agus an chumarsáid mhargaíochta ionchais (Airteagal 24) agus na ceanglais maidir leis an gcumarsáid sin (Airteagal 25). Ina theannta sin, beidh eisitheoirí faoi réir oibleagáidí faisnéise leanúnacha (Airteagal 26) agus iarrfar orthu nós imeachta láimhseála gearán a bhunú (Airteagal 27).

Comhlíonfaidh siad ceanglais eile freisin, amhail na rialacha maidir le coinbhleachtaí leasa (Airteagal 28), fógra dá n‑údarás inniúil maidir le hathruithe ar a gcomhlacht bainistíochta (Airteagal 29), socruithe rialachais (Airteagal 30), cistí dílse (Airteagal 31), na rialacha maidir le cúlchiste sócmhainní atá mar thaca do na comharthaí sócmhainn‑tagartha (Airteagal 32) agus na ceanglais maidir le cumhdach cúlsócmhainní (Airteagal 33). Mínítear in Airteagal 34 nach n‑infheisteoidh an t‑eisitheoir na cúlsócmhainní ach i sócmhainní slána, lena ngabhann riosca íseal. Forchuireann Airteagal 35 freisin ar eisitheoirí comharthaí sócmhainn‑tagartha na cearta atá i gceangal leis na comharthaí sócmhainn‑tagartha a nochtadh, lena n‑áirítear aon éileamh díreach ar an eisitheoir nó ar an gcúlchiste sócmhainní. I gcás nach dtairgeann eisitheoir comharthaí sócmhainn‑tagartha cearta fuascailte dírí nó éilimh ar an eisitheoir nó ar chúlsócmhainní sealbhóirí uile comharthaí sócmhainn‑tagartha, cuireann Airteagal 35 cearta íosta ar fáil do shealbhóirí comharthaí sócmhainn‑tagartha. Cuirtear cosc in Airteagal 36 ar eisitheoirí comharthaí sócmhainn‑tagartha agus ar sholáthraithe seirbhísí criptea-shócmhainní ó aon leas a dheonú do shealbhóirí comharthaí sócmhainn‑tagartha.

Leagtar amach i dTeideal III, Caibidil 4, na rialacha maidir le héadáil eisitheoirí comharthaí sócmhainn‑tagartha, agus mionsonraítear in Airteagal 37 an measúnú ar éadáil bheartaithe, agus mionsonraítear in Airteagal 38 inneachar measúnaithe den sórt sin.

Leagtar amach i dTeideal III, Caibidil 5, Airteagal 39 na critéir a úsáidfidh ÚBE nuair a chinnfear cibé an bhfuil comhartha sócmhainn‑tagartha suntasach nó nach bhfuil. Is iad seo a leanas na critéir sin: méid bhonn custaiméirí thionscnóirí na gcomharthaí sócmhainn‑tagartha, luach na gcomharthaí sócmhainn‑tagartha nó a gcaipitlithe margaidh, an líon idirbheart agus luach na n‑idirbheart, méid chúlchiste na sócmhainní, tábhacht ghníomhaíochtaí trasteorann na n‑eisitheoirí agus an idirnascacht leis an gcóras airgeadais. Áirítear in Airteagal 39 freisin cumhachtú don Choimisiún chun gníomh tarmligthe a ghlacadh d’fhonn na himthosca faoina measfar go bhfuil eisitheoir comharthaí sócmhainn‑tagartha suntasach agus na tairseacha ag a measfar iad suntasach. Áirítear in Airteagal 39 roinnt tairseacha íosta a mbeidh urraim ag an ngníomh tarmligthe dóibh in aon chás. Mionsonraítear in Airteagal 40 an fhéidearthacht d’eisitheoir comhartha sócmhainn‑tagartha aicmiú mar cheann suntasach tráth a dhéanann sé iarratas ar údarú ar a thionscnamh féin. Liostaítear in Airteagal 41 na hoibleagáidí breise is infheidhme maidir le heisitheoirí comharthaí sócmhainn‑tagartha suntasacha, amhail ceanglais bhreise maidir le cistí dílse, beartas bainistíochta leachtachta agus idir‑inoibritheacht.

Cuireann Teideal III, Caibidil 6, Airteagal 42 oibleagáid ar an eisitheoir nós imeachta a bheith i bhfeidhm aige le haghaidh chlabhsúr ordúil a chuid gníomhaíochtaí.

Tugtar tuairisc i dTeideal IV, Caibidil 1 ar an nós imeachta i gcomhair údarú mar eisitheoir comharthaí ríomh‑airgid. Tuairiscítear in Airteagal 43 nach dtairgfear aon chomharthaí ríomh‑airgid don phobal san Aontas agus nach ligfear isteach chun trádála iad ar ardán trádála le haghaidh criptea-shócmhainní mura bhfuil an t‑eisitheoir údaraithe mar institiúid chreidmheasa nó mar ‘institiúid ríomh‑airgid’ de réir bhrí Airteagal 2(1) de Threoir 2009/110/CE. Luaitear freisin in Airteagal 43 go meastar gurb ríomh‑airgead iad na ‘comharthaí ríomh‑airgid’ chun críche Threoir 2009/110/CE.

Tugtar tuairisc in Airteagal 44 ar conas a chuirfear éileamh ar eisitheoir ar fáil do shealbhóirí comharthaí ríomh‑airgid: eiseofar comharthaí ríomh‑airgid ag a bparluach agus ar chistí a fháil, agus ar iarraidh ón sealbhóir comharthaí ríomh‑airgid, ní mór do na heisitheoirí iad a fhuascailt ag aon tráth agus ag a bparluach. Cuirtear cosc in Airteagal 45 ar eisitheoirí comharthaí ríomh‑airgid agus ar sholáthraithe seirbhísí criptea-shócmhainní aon ús a dheonú do shealbhóirí comharthaí ríomh‑airgid. Leagtar amach in Airteagal 46 agus in Iarscríbhinn III na ceanglais don pháipéar bán maidir le criptea-shócmhainní a ghabhann le heisiúint na gcomharthaí ríomh‑airgid, mar shampla: tuairisc ar an eisitheoir, tuairisc mhionsonraithe ar thionscadal an eisitheora, léiriú ar cibé an mbaineann sé le tairiscint comharthaí ríomh‑airgid don phobal nó lena ligean isteach chuig ardán trádála, chomh maith le faisnéis maidir leis na rioscaí a bhaineann leis an eisitheoir ríomh‑airgid, na comharthaí ríomh‑airgid agus maidir le haon tionscadal ionchais a chur chun feidhme. Áirítear in Airteagal 47 foráil maidir leis an dliteanas a bhaineann le páipéar bán den sórt sin maidir le criptea-shócmhainní a bhaineann le comharthaí ríomh‑airgid. Leagtar amach in Airteagal 48 na ceanglais maidir le cumarsáid mhargaíochta ionchais a tháirgtear i ndáil le tairiscint ar chomharthaí ríomh‑airgid agus luaitear in Airteagal 49 go ndéanfar aon chistí a fhaigheann eisitheoir mar mhalairt ar chomharthaí ríomh‑airgid, a infheistiú i sócmhainní atá ainmnithe san airgeadra céanna leis an gceann atá faoi thagairt ag an gcomhartha ríomh‑airgid.

Luaitear i dTeideal IV, Caibidil 2, Airteagal 50 go n‑aicmeoidh ÚBE comharthaí ríomh‑airgid mar chomharthaí suntasacha ar bhonn na gcritéar a liostaítear in Airteagal 39. Mionsonraítear in Airteagal 51 an fhéidearthacht go n‑aicmeofar eisitheoir comhartha ríomh‑airgid mar cheann suntasach tráth a dhéanann sé iarratas ar údarú ar a thionscnamh féin. Tá na hoibleagáidí breise is infheidhme maidir le heisitheoirí comharthaí ríomh‑airgid suntasacha in Airteagal 52. Ní mór d’eisitheoirí comharthaí ríomh‑airgid suntasacha iad seo a leanas a chur i bhfeidhm: Airteagal 33 maidir le cumhdach cúlsócmhainní agus Airteagal 34 maidir le hinfheistíocht na sócmhainní sin in ionad Airteagal 7 de Threoir 2009/110/CE, Airteagal 41, míreanna 1, 2 agus 3 maidir le luach saothair, idir‑inoibritheacht agus bainistíocht leachtachta, Airteagal 41, mír 4 in ionad Airteagal 5 de Threoir 2009/110/CE agus Airteagal 42 maidir le clabhsúr ordúil a gcuid gníomhaíochtaí.

Leagtar amach i dTeideal V na forálacha maidir le húdarú agus dálaí oibriúcháin soláthraithe seirbhísí criptea-shócmhainní. Sainítear i gCaibidil 1 na forálacha maidir le húdarú (Airteagal 53), mionsonraítear an t‑inneachar a bhíonn in iarratas den sórt sin (Airteagal 54), an measúnú ar an iarratas (Airteagal 55) agus na cearta a dheonaítear d’údaráis inniúla chun údarú a tharraingt siar (Airteagal 56). Cuimsítear sa chaibidil seo freisin sainordú do ESMA clár de na soláthraithe seirbhísí criptea-shócmhainní go léir a bhunú (Airteagal 57), ina n‑áireofar freisin faisnéis maidir leis na páipéir bhána maidir le criptea-shócmhainní ar thug na húdaráis inniúla fógra maidir leo. I gcás soláthar trasteorann seirbhísí criptea-shócmhainní, leagtar amach in Airteagal 58 na sonraí agus an chaoi ar cheart faisnéis maidir le gníomhaíochtaí trasteorann criptea-shócmhainní a chur in iúl ó údarás inniúil an Bhallstáit baile chuig údarás an Bhallstáit óstaigh.

Forchuireann Caibidil 2 ceanglais ar gach soláthraí seirbhísí criptea-shócmhainní, amhail an oibleagáid gníomhú ar bhealach macánta, cothrom agus gairmiúil (Airteagal 59), coimircí stuamachta (Airteagal 60 agus Iarscríbhinn IV), ceanglais eagraíochtúla (Airteagal 61), rialacha maidir le cosaint criptea-shócmhainní agus cistí cliant (Airteagal 63), an oibleagáid maidir le nós imeachta láimhseála gearán a bhunú (Airteagal 64), rialacha maidir le coinbhleacht leasa (Airteagal 65) agus rialacha maidir le seachfhoinsiú (66). Leagtar amach i dTeideal V, Caibidil 3 na ceanglais le haghaidh seirbhísí sonracha: cumhdach criptea-shócmhainní (Airteagal 67), ardáin trádála le haghaidh criptea-shócmhainní (Airteagal 68), malartú criptea-shócmhainní ar airgeadra fiat nó ar chriptea-shócmhainní eile (Airteagal 69), orduithe a fhorghníomhú (Airteagal 70), criptea-shócmhainní a shocrú (Airteagal 71), fáil agus tarchur orduithe ar son tríú páirtithe (Airteagal 72) agus comhairle maidir le criptea-shócmhainní (Airteagal 73). Mionsonraítear i gCaibidil 4 na rialacha maidir le héadáil soláthraithe seirbhísí criptea-shócmhainní.

Cuirtear toirmisc agus ceanglais i bhfeidhm i dTeideal VI chun cosc a chur ar dhrochúsáid mhargaidh lena mbaineann criptea-shócmhainní. Sainítear raon feidhme na rialacha maidir le drochúsáid mhargaidh in Airteagal 76. Sainítear in Airteagal 77 an coincheap maidir le faisnéis ón taobh istigh agus tugann le fios go nochtfaidh eisitheoir a ligtear a chuid criptea-shócmhainní isteach chun a dtrádála ar ardán trádála le haghaidh criptea-shócmhainní faisnéis ón taobh istigh. Cuireann forálacha eile den teideal cosc ar dhéileáil chos istigh (Airteagal 78), nochtadh neamhdhleathach na faisnéise ón taobh istigh (Airteagal 79) agus cúbláil mhargaidh (Airteagal 80).

Cuirtear mionsonraí ar fáil i dTeideal VII maidir le cumhachtaí na n‑údarás náisiúnta inniúil, ÚBE agus ESMA. Forchuirtear oibleagáid i dTeideal VII, Caibidil 1 ar Bhallstáit chun údarás inniúil amháin nó cúpla údarás inniúil a ainmniú chun críche an rialacháin seo, lena n‑áirítear údarás inniúil amháin a bheidh ainmnithe mar phointe teagmhála aonair (Airteagal 81). Leagtar amach freisin i gCaibidil 1 forálacha mionsonraithe ar na cumhachtaí atá ag údaráis náisiúnta inniúla (Airteagal 82), an comhar idir údaráis inniúla (Airteagal 83), le ÚBE agus ESMA (Airteagal 84) nó le húdaráis eile (Airteagal 85). Mionsonraítear ann freisin dualgais na mBallstát maidir le fógra a thabhairt (Airteagal 86), rialacha ar rúndacht ghairmiúil (Airteagal 87), cosaint sonraí (Airteagal 88) agus ar bhearta réamhchúraim is féidir le húdaráis inniúla náisiúnta na mBallstát óstach a ghlacadh (Airteagal 89). Leagtar rialacha amach in Airteagal 90 maidir le comhar le tríú tíortha agus sonraítear in Airteagal 91 an chaoi a láimhseálann na húdaráis inniúla gearáin.

Mionsonraítear i dTeideal VII, Caibidil 2 na smachtbhannaí agus na bearta riaracháin is féidir le húdaráis inniúla a fhorchur (Airteagal 92), feidhmiú a gcumhachtaí maoirseachta agus cumhachtaí chun pionóis a fhorchur (Airteagal 93), ceart achomhairc (Airteagal 94), foilsiú cinntí (Airteagal 95), tuairisciú pionós do ÚBE agus ESMA (Airteagal 96), agus tuairisc a thabhairt ar sháruithe agus cosaint a thabhairt do dhaoine a thuairiscíonn sáruithe den sórt sin (Airteagal 97).

Leagtar amach forálacha mionsonraithe i dTeideal VII, Caibidil 3 maidir le cumhachtaí agus inniúlachtaí ÚBE a bhaineann le maoirseacht eisitheoirí comharthaí sócmhainn‑tagartha suntasacha agus comharthaí ríomh‑airgid suntasacha, lena n‑áirítear freagrachtaí maoirseachta (Airteagal 98) agus luaitear rialacha maidir le coláistí maoirseachta d’eisitheoirí comharthaí sócmhainn‑tagartha suntasacha in Airteagal 99. Cuimseofar leis an gcoláiste, i measc nithe eile, údarás inniúil an Bhallstáit baile i gcás ina bhfuil eisitheoir na gcomharthaí sócmhainn‑tagartha údaraithe, ÚBE, ESMA, na húdaráis inniúla le maoirseacht ar na hardáin trádála le haghaidh criptea-shócmhainní is ábhartha, coimeádaithe, institiúidí creidmheasa etc. a sholáthraíonn seirbhísí maidir leis an gcomhartha sócmhainn‑tagartha suntasach agus an Banc Ceannais Eorpach (BCE). I gcás ina bhfuil an eisitheoir comharthaí sócmhainn‑tagartha suntasacha bunaithe i mBallstát nach é an euro an t‑airgeadra atá aige, nó i gcás ina bhfuil airgeadra nach é an euro é áirithe sna cúlsócmhainní, is cuid den choláiste é banc ceannais náisiúnta an Bhallstáit sin. Féadfaidh na húdaráis inniúla nach bhfuil sa choláiste an fhaisnéis go léir atá ábhartha chun a gcuid dualgas maoirseachta a thabhairt i gcrích a iarraidh ar an gcoláiste. Tugtar tuairisc freisin in Airteagal 99 ar an gcaoi nach mór do ÚBE, i gcomhar le ESMA agus an Córas Eorpach Banc Ceannais, dréacht‑chaighdeáin rialála a fhorbairt chun na hardáin agus na coimeádaithe trádála is ábhartha a chinneadh agus sonraí maidir le socruithe praiticiúla an choláiste.

Tugtar cumhachtaí don choláiste in Airteagal 100 chun tuairimí neamhcheangailteacha a eisiúint. Is féidir na tuairimí sin a cheangal chun iarraidh ar eisitheoir méid níos airde de chistí dílse a shealbhú, páipéar bán leasaithe maidir le criptea-shócmhainní, údarú beartaithe a tharraingt siar, comhaontú beartaithe maidir le malartú faisnéise le húdarás maoirseachta tríú tír etc. Breithneoidh údaráis inniúla nó ÚBE tuairimí an choláiste go cuí agus i gcás nach n‑aontaíonn siad leis an tuairim, lena n‑áirítear aon mholadh, beidh mínithe ina gcinneadh críochnaitheach maidir le haon ócáid shuntasach ina n‑imíonn siad ón tuairim nó ó na moltaí.

Leagtar amach in Airteagal 101 na rialacha do choláistí maoirseachta maidir le heisitheoirí comharthaí ríomh‑airgid suntasacha, a fheidhmíonn ar an mbealach céanna leis na coláistí i gcás comharthaí sócmhainn‑tagartha (áirítear le rannpháirtithe breise údaráis inniúla na n‑institiúidí íocaíochta is ábhartha a chuireann seirbhísí íocaíochta ar fáil i ndáil leis na comharthaí ríomh‑airgid suntasacha) agus leagtar amach in Airteagal 102 na cumhachtaí chun tuairimí neamhcheangailteacha coláiste den sórt sin a eisiúint.

Sonraítear i gCaibidil 4 cumhachtaí agus inniúlachtaí ÚBE maidir le heisitheoirí comharthaí sócmhainn‑tagartha suntasacha agus maidir le heisitheoirí comharthaí ríomh‑airgid suntasacha. Pribhléid dhlíthiúil (Airteagal 103), iarraidh ar fhaisnéis (Airteagal 104), cumhachtaí imscrúdaitheacha ginearálta (Airteagal 105), cigireachtaí ar an láthair (Airteagal 106), malartú faisnéise (Airteagal 107), comhaontú maidir le malartú faisnéise le tríú tíortha (Airteagal 108), nochtadh faisnéise ó thríú tíortha (Airteagal 109) agus comhar le húdaráis eile (Airteagal 110). Luaitear an oibleagáid maidir le rúndacht ghairmiúil in Airteagal 111 agus luaitear bearta maoirseachta ÚBE in Airteagal 112. Mionsonraítear smachtbhannaí riaracháin agus bearta eile, go háirithe, fíneálacha in Airteagal 113, agus rialaítear sna hAirteagail ina dhiaidh sin íocaíochtaí pionóis tréimhsiúla (Airteagal 114), nochtadh, cineál agus forghníomhú fíneálacha (Airteagal 115) agus na rialacha nós imeachta comhfhreagracha chun bearta maoirseachta a ghlacadh agus chun fíneálacha a fhorchur (Airteagal 116). Leagtar amach in Airteagal 117 agus in Airteagal 118 na ceanglais maidir le héisteacht daoine lena mbaineann agus dlínse neamhtheoranta na Cúirte Breithiúnais maidir le cinntí ÚBE, faoi seach. I gcomhréir le hAirteagal 119, ba cheart do ÚBE a bheith in ann táillí a ghearradh ar eisitheoirí comharthaí sócmhainn‑tagartha suntasacha agus ar eisitheoirí comharthaí ríomh‑airgid suntasacha bunaithe ar ghníomh tarmligthe a ghlacfar de bhun an Rialacháin. Tugtar cumhachtaí in Airteagal 120 do ÚBE chun cúraimí maoirseachta sonracha a tharmligean ar údaráis inniúla i gcás inar gá d’fhonn maoirseacht cheart a dhéanamh ar eisitheoir comhartha sócmhainn‑tagartha shuntasaigh nó ar eisitheoir comhartha ríomh‑airgid shuntasaigh.

Cumhdaítear feidhmiú an tarmligin d’fhonn gníomhartha tarmligthe an Choimisiúin a ghlacadh i dTeideal VIII. Tá cumhachtuithe sa togra le haghaidh Rialacháin don Choimisiún chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh ina sonraítear mionsonraí, ceanglais agus socruithe áirithe mar a leagtar amach iad sa Rialachán (Airteagal 121).

Áirítear na forálacha idirthréimhseacha agus críochnaitheacha i dTeideal IX, lena n‑áirítear an oibleagáid atá ar an gCoimisiún tuarascáil a chur i dtoll a chéile ina ndéantar meastóireacht ar thionchar an Rialacháin (Airteagal 122). Áirítear clásal marthanachta leis na bearta idirthréimhseacha i gcás criptea-shócmhainní a eisíodh sular tháinig an Rialachán seo i bhfeidhm, cé is moite de comharthaí sócmhainn‑tagartha agus comharthaí ríomh‑airgid, agus liostaítear iad in Airteagal 123. Leasaítear in Airteagal 124 an treoir maidir le cosaint do dhaoine a thuairiscíonn sáruithe ar dhlí an Aontais (Treoir (AE) 2019/1937 29 ) tríd an Rialachán seo a chur leis agus sonraítear in Airteagal 125 go gcaithfear an leasú sin a thrasuí sa dlí náisiúnta 12 mhí tar éis don Rialachán seo teacht i bhfeidhm. Tugtar le fios in Airteagal 126 go gcuirfear an Rialachán seo i bhfeidhm 18 mí tar éis dó teacht i bhfeidhm, ach amháin na forálacha a bhaineann le comharthaí ríomh‑airgid agus comharthaí sócmhainn‑tagartha a chuirfear i bhfeidhm ar an dáta ar a dtiocfaidh an Rialacháin seo i bhfeidhm.

2020/0265 (COD)

Togra le haghaidh

RIALACHÁN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

maidir le Margaí i gcriptea-shócmhainní, agus lena leasaítear Treoir (AE) 2019/1937

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 114 de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Ag féachaint don tuairim ón mBanc Ceannais Eorpach 30 ,

Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa 31 ,

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)Is é is aidhm do theachtaireacht an Choimisiúin maidir le Straitéis Airgeadais Dhigitigh 32 a áirithiú go mbeidh reachtaíocht seirbhísí airgeadais an Aontais oiriúnach don ré dhigiteach, agus go rannchuideoidh sí le geilleagar atá ullamh don todhchaí agus a oibríonn don phobal, lena náirítear trí úsáid teicneolaíochtaí nuálacha a chumasú. Tá leas beartais luaite agus deimhnithe ag an Aontas chun an glacadh atá le teicneolaíochtaí claochlaitheacha san earnáil airgeadais a fhorbairt agus a chur chun cinn, lena náirítear an teicneolaíocht bhlocshlabhra agus teicneolaíocht mórleabhar dáilte (DLT).

(2)Tá criptea-shócmhainní ar cheann de mhórfheidhmeanna DLT i réimse an airgeadais. Is léirithe digiteacha ar luach nó ar chearta iad criptea-shócmhainní a bhfuil sé de chumas acu buntáistí suntasacha a thabhairt do rannpháirtithe agus do thomhaltóirí margaidh araon. Ach próisis tiomsaithe caipitil a phríomhshruthú agus iomaíocht a fheabhsú, féadfaidh eisiúintí criptea-shócmhainní bealach níos saoire, nach bhfuil an oiread ualaigh ag baint leis agus bealach níos uilechuimsithí a chruthú chun fiontair bheaga agus mheánmhéide a mhaoiniú. Nuair a úsáidtear mar mhodh íocaíochta iad, is féidir le comharthaí íocaíochta deiseanna a chur ar fáil i dtéarmaí íocaíochtaí níos saoire, níos tapúla agus níos éifeachtúla, go háirithe ar bhonn trasteorann, trí theorainn a chur le líon na nidirghabhálaithe.

(3)Cáilíonn roinnt criptea-shócmhainní mar ionstraimí airgeadais mar a shainmhínítear in Airteagal 4(1), pointe (15), de Threoir 2014/65/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 33 . Ní thagann formhór na gcriptea-shócmhainní, áfach, faoi raon feidhme reachtaíocht an Aontais maidir le seirbhísí airgeadais. Níl aon rialacha ann le haghaidh seirbhísí a bhaineann le criptea-shócmhainní, lena náirítear chun ardáin trádála a oibriú le haghaidh criptea-shócmhainní, an tseirbhís chun criptea-shócmhainní a mhalartú ar airgeadra fiat nó criptea-shócmhainní eile, nó cumhdach criptea-shócmhainní. Toisc nach bhfuil rialacha den sórt sin ann fágtar sealbhóirí criptea-shócmhainní neamhchosanta ar rioscaí, go háirithe i réimsí nach gcumhdaítear le rialacha cosanta tomhaltóirí. Tarlaíonn sé freisin nuair nach mbíonn rialacha den sórt sin ann go mbíonn rioscaí substaintiúla ann do shláine an mhargaidh i margadh tánaisteach na gcriptea-shócmhainní, lena náirítear cúbláil mhargaidh. Chun dul i ngleic leis na rioscaí sin, tá rialacha sonracha curtha i bhfeidhm ag roinnt Ballstát le haghaidh gach criptea-shócmhainne – nó fothacar de na criptea-shócmhainní – nach dtagann faoi reachtaíocht seirbhísí airgeadais an Aontais. Tá Ballstáit eile ag smaoineamh ar reachtaíocht a rith sa réimse seo.

(4)Nuair a tharlaíonn sé nach mbíonn creat foriomlán le haghaidh criptea-shócmhainní san Aontas cailleann úsáideoirí muinín sna sócmhainní sin, agus cuirfidh sé sin cosc ansin ar fhorbairt margaidh sna sócmhainní sin agus as sin cailltear deiseanna i dtéarmaí seirbhísí digiteacha nuálacha, ionstraimí íocaíochta eile nó foinsí nua cistiúcháin do chuideachtaí an Aontais. Ina theannta sin, ní bheidh aon deimhneacht dhlíthiúil ag cuideachtaí a úsáideann criptea-shócmhainní maidir leis an gcaoi a láimhseálfar a gcuid criptea-shócmhainní sna Ballstáit dhifriúla, agus bainfidh sé sin an bonn ansin dá gcuid iarrachtaí criptea-shócmhainní a úsáid i gcomhair na nuálaíochta digití. D’fhéadfadh deighilt rialála tarlú freisin nuair nach mbíonn creat foriomlán san Aontas maidir le criptea-shócmhainní, rud a dhéanfaidh iomaíocht sa Mhargadh Aonair a shaobhadh, rud a fhágfaidh go mbeidh sé níos deacra do sholáthraithe seirbhísí criptea-shócmhainní a gcuid gníomhaíochtaí a mhéadú ó scála ar bhonn trasteorann agus rud a spreagfaidh arbatráiste rialála. Tá an margadh criptea-shócmhainní fós measartha ó thaobh méide de agus ní bagairt é don chobhsaíocht airgeadais, go fóill ar aon nós. Is dóigh, áfach, go bhféadfadh tomhaltóirí glacadh go forleathan le fothacar de chriptea-shócmhainní arb é is aidhm dóibh a bpraghas a chobhsú trína luach a nascadh le sócmhainn shonrach nó le linn sócmhainní. D’fhéadfadh forbairt den sórt sin dúshláin bhreise a chruthú don chobhsaíocht airgeadais, do tharchur beartais airgeadaíochta nó do cheannasacht airgeadaíochta.

(5)Tá creat tiomnaithe comhchuibhithe riachtanach dá bhrí sin ar leibhéal an Aontais chun rialacha sonracha a chur ar fáil le haghaidh criptea-shócmhainní agus gníomhaíochtaí agus seirbhísí gaolmhara agus chun an creat dlíthiúil is infheidhme a shoiléiriú. Ba cheart don chreat comhchuibhithe sin seirbhísí a bhaineann le criptea-shócmhainní a chumhdach freisin i gcás nach bhfuil na seirbhísí sin cumhdaithe go fóill ag reachtaíocht seirbhísí airgeadais an Aontais. Ba cheart don chreat sin tacú leis an nuálaíocht agus le hiomaíocht chothrom, agus cosaint ardleibhéil don tomhaltóir agus sláine an mhargaidh i margaí criptea-shócmhainní a áirithiú ag an am céanna. Ach creat soiléir a bheith ann, ba cheart go gcuirfí ar chumas soláthraithe seirbhísí criptea-shócmhainní a gcuid gnó a mhéadú ó scála ar bhonn trasteorann agus ba cheart dó a gcuid rochtana ar sheirbhísí baincéireachta a éascú ionas go mbeidh siad in ann a gcuid gníomhaíochtaí a thabhairt i gcrích gan stró. Ba cheart dó cobhsaíocht airgeadais a áirithiú freisin agus ba cheart dó dul i ngleic le rioscaí beartais airgeadaíochta a d’fhéadfadh eascairt as criptea-shócmhainní arb é is aidhm dóibh a bpraghas a chobhsú ach tagairt d’airgeadra, do shócmhainn nó do linn airgeadra nó sócmhainne den sórt sin. Cé gur féidir leis cosaint tomhaltóirí, sláine an mhargaidh agus cobhsaíocht airgeadais a mhéadú trí thairiscintí don phobal ar chriptea-shócmhainní nó seirbhísí a bhaineann le criptea-shócmhainní den sórt sin a rialú, níor cheart do chreat Aontais maidir le margaí i gcriptea-shócmhainní an teicneolaíocht bhunúsach a rialú agus ba cheart deis a bheith ann leis chun úsáid a bhaint as mórleabhair dáilte gan chead agus mórleabhair dáilte bunaithe ar chead.

(6)Níor cheart do reachtaíocht seirbhísí airgeadais an Aontais a bheith i bhfabhar teicneolaíocht amháin ar leith. Ba cheart do chriptea-shócmhainní a cháilíonn mar ‘ionstraimí airgeadais’ mar a shainmhínítear in Airteagal 4(1), pointe (15), de Threoir 2014/65/AE a bheith fós á rialáil dá bhrí sin faoi reachtaíocht ghinearálta reatha an Aontais, lena náirítear Treoir 2014/65/AE, beag beann ar an teicneolaíocht a úsáidfear dá neisiúint nó dá naistriú.

(7)Níor cheart do chriptea-shócmhainní a eisíonn bainc cheannais ag gníomhú dóibh ina gcáil mar údarás airgeadaíochta nó a eisíonn údaráis phoiblí eile a bheith faoi réir chreat an Aontais ina gcumhdaítear criptea-shócmhainní, agus níor cheart do sheirbhísí a bhaineann le criptea-shócmhainní a sholáthraíonn bainc cheannais nó údaráis phoiblí eile den sórt sin a bheith faoina réir ach an oiread.

(8)Ba cheart d’aon reachtaíocht a ghlactar sa réimse criptea-shócmhainní a bheith sonrach, oiriúnaithe don todhchaí agus a bheith in ann luas a choimeád le forbairtí nuálaíochta agus teicneolaíochta. Ba cheart ‘criptea-shócmhainní’ agus ‘teicneolaíocht mórleabhar dáilte’ a shainiú dá bhrí sin chomh forleathan agus is féidir chun gach cineál criptea-shócmhainne nach bhfuil faoi raon feidhme reachtaíocht seirbhísí airgeadais an Aontais faoi láthair a chumhdach. Ba cheart don reachtaíocht sin rannchuidiú freisin leis an gcuspóir maidir le sciúradh airgid agus maoiniú na sceimhlitheoireachta a chomhrac. Ba cheart d’aon sainmhíniú ar ‘chriptea-shócmhainní’ a bheith ag comhfhreagairt dá bhrí sin don sainmhíniú ar ‘shócmhainní fíorúla’ a leagtar amach i moltaí an Tascfhórsa um Ghníomhaíocht Airgeadais (FATF) 34 . Ar an gcúis chéanna, ba cheart go gcuimseofaí in aon liosta seirbhísí criptea-shócmhainne seirbhísí sócmhainní fíorúla is dóigh a ardóidh ábhar imní maidir le sciúradh airgid agus atá sainaitheanta mar sin ag FATF.

(9)Ba cheart idirdhealú a dhéanamh idir trí fhochatagóir criptea-shócmhainní, ar cheart dóibh a bheith faoi réir ceanglais níos sonraithe. Cuimsítear sa chéad fhochatagóir cineál criptea-shócmhainne atá beartaithe chun rochtain dhigiteach a chur ar fáil ar earra nó ar sheirbhís, a bheadh ar fáil ar DLT, agus nach nglacann ach amháin eisitheoir an chomhartha sin (‘comharthaí fóntais’) leis. Níl aon chuspóirí airgeadais ag ‘comharthaí fóntais’ den sórt sin a bhaineann le hoibriú ardáin dhigitigh agus seirbhísí digiteacha agus ba cheart iad a mheas mar chineál sonrach criptea-shócmhainní. An dara fochatagóir de na criptea-shócmhainní is ea ‘comharthaí sócmhainntagartha’. Is é is aidhm do chomharthaí sócmhainntagartha den sórt sin luach cobhsaí a chothú ach tagairt d’airgeadraí éagsúla ar dlíthairiscintí iad, tráchtearra amháin nó roinnt tráchtearraí, criptea-shócmhainn amháin nó roinnt criptea-shócmhainní, nó linn sócmhainní den sórt sin. Ach a luach a chobhsú, bíonn sé d'aidhm go minic ag na comharthaí sócmhainntagartha sin iad a bheith in úsáid ag a gcuid sealbhóirí mar mhodh íocaíochta chun earraí agus seirbhísí a cheannach agus mar stór luacha. An tríú fochatagóir de chriptea-shócmhainní is ea criptea-shócmhainní atá beartaithe go príomha mar mhodh íocaíochta agus arb é is aidhm dóibh a luach a chobhsú trí thagairt d’aon airgeadra fiat amháin. Tá feidhm ag criptea-shócmhainní den sórt sin atá anchosúil leis an bhfeidhm atá ag ríomhairgead, mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe 2, de Threoir 2009/110/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 35 . Ach an oiread le ríomhairgead, is ionadaithe leictreonacha iad criptea-shócmhainní den sórt sin le haghaidh bonn agus nótaí bainc agus úsáidtear iad chun íocaíochtaí a dhéanamh. Sainítear na criptea-shócmhainní sin mar ‘chomharthaí ríomhairgid’ nó ‘chomharthaí ríomhairgid’.

(10)Cé go bhfuil siad cosúil le chéile, tá difríochtaí tábhachtacha idir ríomhairgead agus criptea-shócmhainní a thagraíonn d’airgeadra fiat amháin. I gcás sealbhóirí ríomhairgid mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe 2, de Threoir 2009/110/CE tugtar éileamh dóibh i gcónaí ar an institiúid ríomhairgid agus bíonn ceart conarthach acu a gcuid ríomhairgid a fhuascailt aon tráth i gcoinne airgeadra fiat ar dlíthairiscint é ar pharluach leis an airgeadra sin. I gcodarsnacht leis sin, ní thugann roinnt de na criptea-shócmhainní a thagraíonn d’airgeadra fiat amháin ar dlíthairiscint é éileamh den sórt sin dá gcuid sealbhóirí ar eisitheoirí sócmhainní den sórt sin agus d’fhéadfaidís a bheith lasmuigh de raon feidhme Threoir 2009/110/CE dá bharr. Ní thugann criptea-shócmhainní eile a thagraíonn d’airgeadra fiat amháin éileamh ar par leis an airgeadra dá dtagraíonn siad ná ní chuireann siad teorainn leis an tréimhse fuascailte. Ós rud é nach bhfuil éileamh ag sealbhóirí criptea-shócmhainní den sórt sin ar eisitheoirí sócmhainní den sórt sin, nó nach bhfuil éileamh den sórt sin ar par leis an airgeadra dá dtagraíonn na criptea-shócmhainní sin, d’fhéadfaí an bonn a bhaint de mhuinín úsáideoirí na gcriptea-shócmhainní sin. Ionas nach mbeifear ag dul timpeall ar na rialacha a leagtar síos i dTreoir 2009/110/CE, ba cheart d’aon sainmhíniú ar ‘chomharthaí ríomhairgid’ a bheith chomh forleathan agus is féidir chun na cineálacha criptea-shócmhainní uile a áireamh a thagraíonn d’airgeadra fiat amháin ar dlíthairiscint é. D’fhonn arbatráiste rialála a sheachaint, ba cheart coinníollacha diana a leagan síos maidir le heisiúint comharthaí ríomhairgid, lena náirítear an oibleagáid go neiseodh institiúid chreidmheasa mar a shainmhínítear i Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 36 comharthaí ríomhairgid den sórt sin, nó go neiseodh institiúid ríomhairgid é a údaraítear faoi Threoir 2009/110/CE. Ar an gcúis chéanna, ba cheart d’eisitheoirí comharthaí ríomhairgid den sórt sin éileamh a dheonú d’úsáideoirí comharthaí den sórt sin chun a gcuid comharthaí a fhuascailt ag aon tráth agus ar pharluach i gcoinne an airgeadra dá dtagraíonn na comharthaí sin. Toisc gur criptea-shócmhainní iad comharthaí ríomhairgid freisin agus gur féidir leo dúshláin nua a chruthú i dtéarmaí na cosanta tomhaltóirí agus shláine an mhargaidh a bhaineann go sonrach le criptea-shócmhainní, ba cheart dóibh a bheith faoi réir rialacha freisin a leagtar síos sa Rialachán seo chun dul i ngleic leis na dúshláin sin do chosaint tomhaltóirí agus do shláine an mhargaidh.

(11)I bhfianaise na rioscaí agus na ndeiseanna difriúla a chruthaíonn criptea-shócmhainní, is gá rialacha a leagan síos le haghaidh eisitheoirí criptea-shócmhainní a chuimseodh aon duine dlíthiúil a thairgeann aon chineál criptea-shócmhainne don phobal nó a fhéachann le criptea-shócmhainní den sórt sin a ligean isteach ar ardán trádála le haghaidh criptea-shócmhainní.

(12)Is gá rialacha sonracha a leagan síos d’eintitis a sholáthraíonn seirbhísí a bhaineann le criptea-shócmhainní. Cuimsítear sa chéad chatagóir de sheirbhísí den sórt sin a áirithiú go bhfeidhmítear ardán trádála le haghaidh criptea-shócmhainní, agus criptea-shócmhainní á malartú ar airgeadraí fiat ar dlíthairiscintí iad nó criptea-shócmhainní eile trí dhéileáil ar a chuntas féin, agus an tseirbhís, ar son tríú páirtithe, chun a áirithiú go ndéantar criptea-shócmhainní a chumhdach agus a riar nó a áirithiú go rialaítear na bealaí a dhéanfar criptea-shócmhainní den sórt sin a rochtain. An dara catagóir de sheirbhísí den sórt sin is ea criptea-shócmhainní a shocrú, orduithe i gcomhair criptea-shócmhainní a fháil nó a tharchur, orduithe i gcomhair criptea-shócmhainní a fhorghníomhú ar son tríú páirtithe agus comhairle a sholáthar maidir le criptea-shócmhainní. Ba cheart aon duine a sholáthraíonn na seirbhísí criptea-shócmhainní sin ar bhonn gairmiúil a mheas mar ‘sholáthraí seirbhísí criptea-shócmhainní’.

(13)D’fhonn a áirithiú go ndéanfaidh údaráis inniúla gach tairiscint don phobal ar chriptea-shócmhainní, seachas comharthaí sócmhainntagartha nó comharthaí ríomhairgid, san Aontas, nó gach criptea-shócmhainn a ligfear isteach chun trádála ar ardán trádála le haghaidh criptea-shócmhainní a fhaire agus a mhaoirsiú i gceart, ba cheart d’eisitheoirí uile criptea-shócmhainní a bheith ina neintitis dhlítheanacha.

(14)Chun cosaint tomhaltóirí a áirithiú, ba cheart ceannaitheoirí ionchais criptea-shócmhainní a chur ar an eolas maidir leis na saintréithe, na feidhmeanna agus na rioscaí a bhaineann leis na criptea-shócmhainní atá beartaithe acu a cheannach. Nuair a bheidh tairiscint phoiblí á déanamh ar chriptea-shócmhainní san Aontas nó nuair a bheifear ag iarraidh criptea-shócmhainní a ligean isteach i gcomhair trádála ar ardán trádála le haghaidh criptea-shócmhainní, ba cheart d’eisitheoirí criptea-shócmhainní fógra a thabhairt dá núdarás inniúil agus doiciméad faisnéise a fhoilsiú (‘páipéar bán maidir le criptea-shócmhainní’) ina mbeidh nochtuithe éigeantacha. Sa pháipéar bán sin maidir le criptea-shócmhainní ba cheart go mbeadh an fhaisnéis ghinearálta maidir leis an eisitheoir, maidir leis an tionscadal a bheidh le cur i gcrích leis an gcaipiteal a thiomsófar, maidir leis an tairiscint phoiblí criptea-shócmhainní nó a niarraidh go ligfí isteach iad chun a dtrádála ar ardán trádála le haghaidh criptea-shócmhainní, maidir leis na cearta agus na hoibleagáidí a ghabhann leis na criptea-shócmhainní, maidir leis an teicneolaíocht bhunúsach a úsáideadh le haghaidh sócmhainní den sórt sin agus maidir leis na rioscaí gaolmhara. Ionas go gcaithfear ar bhealach cothrom agus neamhidirdhealaitheach le sealbhóirí criptea-shócmhainní, beidh an fhaisnéis sa pháipéar bán maidir le criptea-shócmhainní, agus i gcás inarb infheidhme in aon chumarsáid mhargaíochta a bhainfidh leis an tairiscint phoiblí, cothrom, soiléir agus ní bheidh sí míthreorach.

(15)D’fhonn cur chuige comhréireach a áirithiú, níor cheart go mbeadh feidhm ag na ceanglais maidir le páipéar bán maidir le criptea-shócmhainní a dhréachtú agus a fhoilsiú i gcás tairiscintí criptea-shócmhainní, seachas comharthaí sócmhainntagartha nó comharthaí ríomhairgid, a thairgtear saor in aisce, nó tairiscintí criptea-shócmhainní a thairgtear go heisiach d’infheisteoirí cáilithe mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (e), de Rialachán (AE) 2017/1129 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 37 agus ar féidir leo a bheith i seilbh eisiach infheisteoirí cáilithe den sórt sin, nó a dhéantar, in aghaidh an Bhallstáit, le líon beag daoine, nó atá sainiúil agus nach bhfuil idirmhalartach le criptea-shócmhainní eile.

(16)Níor cheart d’fhiontair bheaga agus mheánmhéide agus do chuideachtaí nuathionscanta a bheith faoi réir ualaí riaracháin iomarcacha. Ba cheart tairiscintí don phobal ar chriptea-shócmhainní san Aontas nach mó iad ná tairseach comhiomlán leordhóthanach thar thréimhse 12 mhí a dhíolmhú dá bhrí sin ón oibleagáid maidir le páipéar bán maidir le criptea-shócmhainní a dhréachtú. Mar sin féin, beidh reachtaíocht chothrománach an Aontais Eorpaigh lena náiritheofar cosaint tomhaltóirí, amhail Treoir 2011/83/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 38 , Treoir 2005/29/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 39 nó Treoir 93/13/CEE ón gComhairle an 5 Aibreán 1993 maidir le téamaí éagothroma i gconarthaí tomhaltóra 40 , lena náirítear aon oibleagáidí faisnéise atá iontu, fós infheidhme maidir leis na tairiscintí sin don phobal ar chriptea-shócmhainní nuair is caidrimh idir gnólachtaí agus tomhaltóirí a bheidh i gceist.

(17)I gcás ina mbaineann tairiscint don phobal le comharthaí fóntais i gcomhair seirbhíse nach bhfuil i mbun oibre go fóill, ní bheidh fad na tairisceana poiblí mar a thugtar tuairisc air sa pháipéar bán maidir le criptea-shócmhainní níos faide ná 12 mhí. Ní bhaineann an teorainn sin ar fhad na tairisceana poiblí leis an bpointe nuair a d’éirigh an táirge nó an tseirbhís feidhmiúil ar bhonn fíorasach agus féadfaidh sealbhóir an chomhartha fóntais iad a úsáid tar éis dheireadh na tairisceana poiblí.

(18)D’fhonn maoirseacht a chumasú, ba cheart d’eisitheoirí criptea-shócmhainní, roimh aon tairiscint phoiblí ar chriptea-shócmhainní san Aontas nó sula ligtear na criptea-shócmhainní sin isteach i gcomhair trádála ar ardán trádála le haghaidh criptea-shócmhainní, fógra a thabhairt maidir lena bpáipéar bán maidir le criptea-shócmhainní agus, i gcás inarb infheidhme, maidir lena gcumarsáid mhargaíochta, d’údarás inniúil an Bhallstáit ina bhfuil a noifig chláraithe nó brainse. Ba cheart d’eisitheoirí atá bunaithe i dtríú tír fógra a thabhairt maidir lena bpáipéar bán maidir le criptea-shócmhainní, agus, i gcás inarb infheidhme, maidir lena gcumarsáid mhargaíochta, d’údarás inniúil an Bhallstáit ina bhfuil sé beartaithe na criptea-shócmhainní a thairiscint nó ina niarrtar go ligfí isteach iad chun a dtrádála ar ardán trádála le haghaidh criptea-shócmhainní ar an gcéad dul síos.

(19)Ba cheart ualaí riaracháin mhíchuí a sheachaint. Níor cheart go néileofaí dá bhrí sin ar údaráis inniúla páipéar bán maidir le criptea-shócmhainní a cheadú sula ndéantar é a fhoilsiú. Ba cheart go mbeadh sé de chumhacht ag údaráis inniúla, áfach, tar éis a fhoilsithe, a iarraidh go náireofaí faisnéis bhreise sa pháipéar bán maidir le criptea-shócmhainní, agus, i gcás inarb infheidhme, sa chumarsáid mhargaíochta.

(20)Ba cheart go mbeadh údaráis inniúla in ann tairiscint phoiblí ar chriptea-shócmhainní nó ligean isteach criptea-shócmhainní den sórt sin i gcomhair trádála ar ardán trádála le haghaidh criptea-shócmhainní a chur ar fionraí nó a chosc i gcás nach gcomhlíonann tairiscint den sórt sin don phobal nó cead trádála na ceanglais is infheidhme. Ba cheart go mbeadh sé de chumhacht freisin ag údaráis inniúla rabhadh a fhoilsiú gur mhainnigh ar eisitheoir na ceanglais sin a chomhlíonadh, agus é sin a dhéanamh ar a shuíomh gréasáin nó trí phreaseisiúint.

(21)Ba cheart páipéir bhána maidir le criptea-shócmhainní agus, i gcás inarb infheidhme, cumarsáid mhargaíochta ar tugadh fógra cuí maidir leo d’údarás inniúil a fhoilsiú, agus tar éis iad a fhoilsiú ba cheart ligean d’eisitheoirí criptea-shócmhainní a gcriptea-shócmhainní a thairiscint ar fud an Aontais agus cead trádála a lorg chun criptea-shócmhainní den sórt sin a thrádáil ar ardán trádála le haghaidh criptea-shócmhainní.

(22)Chun cosaint bhreise a áirithiú don tomhaltóir, maidir leis na tomhaltóirí sin atá ag fáil criptea-shócmhainní, seachas comharthaí sócmhainntagartha nó comharthaí ríomhairgid, go díreach ón eisitheoir nó ó sholáthraí seirbhísí criptea-shócmhainní a bheidh ag tairiscint na gcriptea-shócmhainní ar son an eisitheora, ba cheart ceart a thabhairt dóibh chun tarraingt siar i rith tréimhse ama theoranta tar éis iad a fháil. Ionas go gcuirfear tairiscint don phobal ar chriptea-shócmhainní dar leag an teisitheoir teorainn ama síos i gcrích go rianúil, níor cheart don tomhaltóir an ceart sin ar tharraingt siar a fheidhmiú tar éis dheireadh na tréimhse suibscríbhinne. Ina theannta sin, níor cheart feidhm a bheith leis an gceart tarraingt siar i gcás ina ligtear na criptea-shócmhainní, seachas na comharthaí sócmhainntagartha nó na comharthaí ríomhairgid, isteach i gcomhair trádála ar ardán trádála le haghaidh criptea-shócmhainní, toisc, i gcás den sórt sin, go mbeadh praghas criptea-shócmhainní den sórt sin ag brath ar luaineachtaí na margaí criptea-shócmhainní.

(23)Fiú nuair a bheadh díolúine acu ón oibleagáid páipéar bán maidir le criptea-shócmhainní a fhoilsiú, ba cheart do gach eisitheoir criptea-shócmhainne, seachas comharthaí sócmhainntagartha nó comharthaí ríomhairgid, gníomhú go hionraic, go cothrom agus go gairmiúil, ba cheart dóibh labhairt le sealbhóirí criptea-shócmhainní ar bhealach cothrom, soiléir agus fírinneach, ba cheart dóibh coinbhleachtaí leasa a shainaithint, a chosc, a bhainistiú agus a nochtadh, ba cheart dóibh socruithe éifeachtacha riaracháin a bheith acu lena áirithiú go gcomhlíonann a gcuid córais agus a bprótacail slándála caighdeáin an Aontais. D’fhonn cabhrú le húdaráis inniúla lena gcuid cúraimí maoirseachta, ba cheart sainordú a thabhairt don Údarás Eorpach um Urrúis agus Margaí (ESMA), i ndlúthchomhar leis an Údarás Baincéireachta Eorpach (ÚBE) chun treoirlínte a fhoilsiú maidir leis na córais agus na prótacail slándála sin d’fhonn caighdeáin an Aontais a shonrú a thuilleadh.

(24)D’fhonn cosaint bhreise a thabhairt do shealbhóirí criptea-shócmhainní, ba cheart go mbeadh feidhm ag rialacha maidir le dliteanas sibhialta i dtaca le heisitheoirí criptea-shócmhainne agus a gcomhlacht bainistíochta i gcás na faisnéise a chuirtear ar fáil don phobal tríd an bpáipéar bán maidir le criptea-shócmhainní.

(25)Is é is aidhm do chomharthaí sócmhainntagartha a luach a chobhsú trí thagairt a dhéanamh do roinnt airgeadraí fiat, do thráchtearra amháin nó níos mó, do chriptea-shócmhainn amháin nó níos mó, nó do linn sócmhainní den sórt sin. D’fhéadfadh úsáideoirí glacadh go forleathan leo dá bhrí sin chun luach a aistriú nó mar mhodh íocaíochta, rud a chruthódh rioscaí méadaithe i dtéarmaí na cosanta tomhaltóirí agus shláine an mhargaidh i gcomparáid le criptea-shócmhainní eile. Ba cheart d’eisitheoirí comharthaí sócmhainntagartha a bheith faoi réir ceanglais níos déine dá bhrí sin le hais mar atá eisitheoirí criptea-shócmhainní eile.

(26)Níor cheart ‘cripteamhonaí cobhsaí’ algartamacha mar a thugtar orthu arb é is aidhm dóibh luach cobhsaí a choimeád, trí phrótacail, ina bhforáiltear do mhéadú nó do laghdú ar sholáthar criptea-shócmhainní den sórt sin mar fhreagairt ar athruithe ar an éileamh, a mheas mar chomharthaí sócmhainntagartha, ar choinníoll nach mbíonn sé d'aidhm acu a luach a chobhsú trí thagairt do shócmhainní amháin nó do chúpla sócmhainn eile.

(27)D’fhonn maoirseacht agus faireachán ceart tairiscintí don phobal ar chomharthaí sócmhainntagartha a áirithiú, ba cheart d’eisitheoirí na gcomharthaí sócmhainntagartha oifig chláraithe a bheith acu san Aontas.

(28)Níor cheart tairiscintí don phobal ar chomharthaí sócmhainntagartha san Aontas nó tairiscintí ina lorgaítear criptea-shócmhainní den sórt sin a ligean isteach i gcomhair trádála ar ardán trádála le haghaidh criptea-shócmhainní a cheadú ach amháin i gcás gur údaraigh an túdarás inniúil eisitheoir na gcriptea-shócmhainní sin agus gur cheadaigh sé an páipéar bán maidir le criptea-shócmhainní i dtaca leis na criptea-shócmhainní sin. Níor cheart feidhm a bheith leis an gceanglas maidir le húdarú áfach i gcás nach dtairgtear na comharthaí sócmhainntagartha ach amháin d’infheisteoirí cáilithe, nó i gcás ina bhfuil an tairiscint don phobal ar chomharthaí sócmhainntagartha faoi thairseach áirithe. Níor cheart go dteastódh údarú eile ó institiúidí creidmheasa a údaraítear faoi Threoir 2013/36/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 41 faoin Rialachán seo d’fhonn comharthaí sócmhainntagartha a eisiúint. San cásanna sin, ba cheart go néileofaí fós ar eisitheoir na gcomharthaí sócmhainntagartha sin páipéar bán maidir le criptea-shócmhainní a chur ar fáil chun ceannaitheoirí a chur ar an eolas faoi na saintréithe agus na rioscaí a bhainfeadh leis na comharthaí sócmhainntagartha sin agus chun fógra a thabhairt maidir leis don údarás inniúil ábhartha, sula bhfoilseofaí é.

(29)Ba cheart d’údarás inniúil údarú a dhiúltú i gcás go bhféadfadh samhail ghnó eisitheoir ionchais na gcomharthaí sócmhainntagartha bagairt go tromchúiseach ar an gcobhsaíocht airgeadais, ar tharchur beartais airgeadaíochta agus ar cheannasacht airgeadaíochta. Ba cheart don údarás inniúil dul i gcomhairle le ÚBE agus ESMA agus, i gcás ina bhfuil comharthaí sócmhainntagartha ag tagairt d’airgeadraí an Aontais, leis an mBanc Ceannais Eorpach (BCE) agus leis an mbanc ceannais náisiúnta inar eisíodh airgeadaí den sórt sin sula ndeonaítear údarú nó sula ndiúltaítear d’údarú. Ba cheart do ÚBE, ESMA, agus, i gcás inarb infheidhme, do BCE agus do na bainc cheannais náisiúnta tuairim neamhcheangailteach a chur ar fáil don údarás inniúil maidir le hiarratas an eisitheora ionchais. I gcás ina mbíonn eisitheoir ionchais comharthaí sócmhainntagartha á údarú, ba cheart don údarás inniúil an páipéar bán maidir le criptea-shócmhainní a sholáthair an teintiteas sin a cheadú freisin. Ba cheart don údarú a thugann an túdarás inniúil a bheith bailí ar fud an Aontais agus ba cheart go dtabharfaí deis leis don eisitheoir comharthaí sócmhainntagartha criptea-shócmhainní den sórt sin a thairiscint sa Mhargadh Aonair agus a iarraidh go ligfí isteach iad chun a dtrádála ar ardán trádála le haghaidh criptea-shócmhainní. Ar an mbealach céanna, ba cheart don pháipéar bán maidir le criptea-shócmhainní a bheith bailí don Aontas ar fad, agus nach mbeadh Ballstáit ábalta ceanglais bhreise a fhorchur.

(30)Chun cosaint tomhaltóirí a áirithiú, ba cheart d’eisitheoirí comharthaí sócmhainntagartha faisnéis shoiléir, chothrom nach mbeidh míthreorach a chur ar fáil i gcónaí do shealbhóirí comharthaí sócmhainntagartha. Ba cheart go gcuimseofaí leis an bpáipéar bán maidir le criptea-shócmhainní maidir le comharthaí sócmhainntagartha faisnéis maidir leis an sásra cobhsaíochta, maidir le beartas infheistíochta na cúlsócmhainní, maidir leis na socruithe chun na cúlsócmhainní a chumhdach, agus maidir leis na cearta a chuirtear ar fáil do shealbhóirí. I gcás nach dtairgeann eisitheoirí comharthaí sócmhainntagartha éileamh díreach nó ceart fuascailte maidir leis na cúlsócmhainní do shealbhóirí uile comharthaí sócmhainntagartha den sórt sin, ba cheart go mbeadh rabhadh soiléir gan débhrí chuige sin sa pháipéar bán maidir le criptea-shócmhainní a bhaineann le comharthaí sócmhainntagartha. Ba cheart go gcuimseofaí an ráiteas céanna i gcumarsáid mhargaíochta ó eisitheoir comharthaí sócmhainntagartha, i gcás nach dtairgeann na heisitheoirí cearta díreacha den sórt sin do shealbhóirí uile na gcomharthaí sócmhainntagartha.

(31)Anuas ar an bhfaisnéis a áirítear sa pháipéar bán maidir le criptea-shócmhainní, ba cheart d’eisitheoirí comharthaí sócmhainntagartha faisnéis a chur ar fáil ar bhonn leanúnach do shealbhóirí na gcomharthaí sin. Go háirithe, ba cheart dóibh méid na gcomharthaí sócmhainntagartha atá i gcúrsaíocht a nochtadh agus luach agus comhdhéanamh na gcúlsócmhainní, ar bhonn míosúil ar a laghad, ar a suíomh gréasáin. Ba cheart d’eisitheoirí comharthaí sócmhainntagartha aon teagmhas a bhféadfadh tionchar suntasach a bheith aige ar luach na gcomharthaí sócmhainntagartha nó ar na cúlsócmhainní a nochtadh freisin, is cuma cibé an ligtear na criptea-shócmhainní sin isteach i gcomhair trádála ar ardán trádála le haghaidh criptea-shócmhainní nó nach ligtear.

(32)Chun cosaint tomhaltóirí a áirithiú, ba cheart d’eisitheoirí comharthaí sócmhainntagartha gníomhú ar bhealach macánta, cothrom agus gairmiúil i gcónaí agus chun leas na sealbhóirí comharthaí sócmhainntagartha. Ba cheart d’eisitheoirí comharthaí sócmhainntagartha nós imeachta soiléir a chur i bhfeidhm freisin maidir leis na gearáin a fhaightear ó shealbhóirí criptea-shócmhainní a láimhseáil.

(33)Ba cheart d’eisitheoirí comharthaí sócmhainntagartha beartas a chur i bhfeidhm chun coinbhleachtaí leasa a shainaithint, a bhainistiú agus b’fhéidir a nochtadh atá in ann éirí as a gcaidrimh lena mbainisteoirí, scairshealbhóirí, cliaint nó soláthraithe seirbhísí tríú páirtí.

(34)Ba cheart d’eisitheoirí comharthaí sócmhainntagartha socruithe láidre rialachais a bheith acu, lena náirítear struchtúr soiléir eagraíochtúil a mbeidh freagrachtaí deashainithe, trédhearcacha agus comhsheasmhacha ann, próisis éifeachtacha chun rioscaí a bhfuil sé neamhchosanta orthu nó a bhféadfadh sé a bheith neamhchosanta orthu a shainaithint, a bhainistiú, a thuairisciú agus faireachán a dhéanamh orthu. Ba cheart go mbeadh deachlú ar chomhlacht bainistíochta eisitheoirí den sórt sin agus ar a gcuid scairshealbhóirí agus ba cheart go mbeadh dóthain saineolais acu agus ba cheart dóibh a bheith cuí oiriúnach chun críche frithsciúradh airgid agus chun maoiniú sceimhlitheoireachta a chomhrac. Ba cheart d’eisitheoirí comharthaí sócmhainntagartha acmhainní a chur ag obair a bheidh i gcomhréir le scála a gcuid gníomhaíochtaí agus ba cheart dóibh leanúnachas agus rialtacht a áirithiú i gcónaí le linn dóibh a gcuid gníomhaíochtaí a thabhairt i gcrích. Chun na críche sin, ba cheart d’eisitheoirí comharthaí sócmhainntagartha beartas leanúnachais gnó a bhunú arb é is aidhm dó a áirithiú, i gcás go gcuirtear isteach ar a gcórais agus ar a nósanna imeachta, go gcuirfear a bpríomhghníomhaíochtaí íocaíochta i bhfeidhm. Ba cheart d’eisitheoirí comharthaí sócmhainntagartha sásra láidir a bheith acu freisin i dtaca leis an rialú inmheánach agus i dtaca le measúnú riosca, mar aon le córas lena ráthaítear sláine agus rúndacht na faisnéise a fhaightear.

(35)Is gnách le heisitheoirí comharthaí sócmhainntagartha a bheith i lár líonra eintiteas a áirithíonn go ndéanfar criptea-shócmhainní den sórt sin a eisiúint, a aistriú agus a dháileadh chuig sealbhóirí. Ba cheart go néileofaí ar eisitheoirí comharthaí sócmhainntagartha dá bhrí sin socruithe conarthacha iomchuí a bhunú agus a choimeád ar bun leis na heintitis tríú páirtí sin a áirithíonn an sásra cobhsaíochta agus go ndéantar infheistíocht ar na cúlsócmhainní atá mar thaca do luach na gcomharthaí, le cumhdach cúlsócmhainní den sórt sin, agus, i gcás inarb infheidhme, dáileadh na gcomharthaí sócmhainntagartha don phobal.

(36)Chun dul i ngleic leis na rioscaí do chobhsaíocht airgeadais an chórais airgeadais i gcoitinne, ba cheart d’eisitheoirí comharthaí sócmhainntagartha a bheith faoi réir ceanglais chaipitil. Ba cheart do na ceanglais chaipitil sin a bheith i gcomhréir le méid eisiúna na gcomharthaí sócmhainntagartha agus ba cheart dá bhrí sin go ríomhfaí iad mar chéatadán den chúlchiste sócmhainní atá mar thaca do luach na gcomharthaí sócmhainntagartha. Ba cheart go mbeadh údaráis inniúla ábalta áfach méid na gceanglas ciste dhílis atá riachtanach a mhéadú nó a laghdú ar bhonn, inter alia, na meastóireachta ar shásra measúnaithe riosca an eisitheora, ar cháilíocht agus ar luaineacht na sócmhainní sa chúlchiste atá mar thaca do na comharthaí sócmhainntagartha nó luach comhiomlán agus líon na gcomharthaí sócmhainntagartha.

(37)D’fhonn luach a gcuid comharthaí sócmhainntagartha a chobhsú, ba cheart d’eisitheoirí comharthaí sócmhainntagartha cúlchiste sócmhainní a bheidh mar thaca do na criptea-shócmhainní sin ag gach tráth a chuimsiú agus a chothabháil. Ba cheart d’eisitheoirí comharthaí sócmhainntagartha a áirithiú go ndéantar bainistiú stuama ar chúlchiste sócmhainní den sórt sin agus ba cheart dóibh a áirithiú go háirithe go ndéantar cruthú agus scriosadh comharthaí sócmhainntagartha a mheaitseáil le méadú nó laghdú comhfhreagrach ar na cúlsócmhainní agus go ndéantar an méadú nó laghdú sin a bhainistiú go leordhóthanach d’fhonn tionchar tromchúiseach ar mhargadh na gcúlsócmhainní a sheachaint. Ba cheart d’eisitheoirí criptea-shócmhainní sócmhainnbhunaithe dá bhrí sin beartais a bhunú, a chothú agus a mhionsonrú ina dtugtar tuairisc, inter alia, ar chomhdhéanamh na gcúlsócmhainní, dáileadh na sócmhainní, an measúnú cuimsitheach ar na rioscaí a chruthaítear de bharr na gcúlsócmhainní, an nós imeachta chun na comharthaí sócmhainntagartha a chruthú agus a scriosadh, an nós imeachta chun na comharthaí sócmhainntagartha a cheannach agus a fhuascailt i gcoinne na gcúlsócmhainní agus, i gcás ina ndéantar na cúlsócmhainní a infheistiú, an beartas infheistíochta a úsáideann an teisitheoir.

(38)Chun cosc a chur ar an mbaol caillteanais do chomharthaí sócmhainntagartha agus chun luach na sócmhainní sin a chaomhnú ba cheart d’eisitheoirí na gcomharthaí sócmhainntagartha beartas cumhdaigh leordhóthanach a bheith acu le haghaidh cúlsócmhainní. Ba cheart go náiritheofaí leis an mbeartas sin go ndéantar na cúlsócmhainní a dheighilt go hiomlán ó shócmhainní an eisitheora féin ag gach tráth, nach gcuirtear bac ar na cúlsócmhainní nó nach ngealltar mar chomhthaobhacht iad, agus go mbeidh rochtain phras ag an eisitheoir comharthaí sócmhainntagartha ar na cúlsócmhainní sin. Ba cheart d’institiúid chreidmheasa de réir bhrí Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 nó do soláthraí seirbhísí criptea-shócmhainní údaraithe na cúlsócmhainní a chumhdach, ag brath ar na cúlsócmhainní atá i gceist. Ba cheart d’institiúidí creidmheasa nó do sholáthraithe seirbhísí criptea-shócmhainní a chumhdaíonn na cúlsócmhainní atá mar thaca do na comharthaí sócmhainntagartha a bheith freagrach as caillteanas cúlsócmhainní den sórt sin visàvis eisitheoir nó sealbhóirí na gcomharthaí sócmhainntagartha, mura gcruthaíonn siad gur tharla an caillteanas sin mar gheall ar theagmhas seachtrach a tharla nach raibh aon smacht réasúnach air.

(39)D’fhonn sealbhóirí comharthaí sócmhainntagartha a chosaint i gcoinne laghdú ar luach na sócmhainní atá mar thaca do luach na gcomharthaí, ba cheart d’eisitheoirí na gcomharthaí sócmhainntagartha na cúlsócmhainní a infheistiú i sócmhainní slána, lena ngabhann rioscaí ísle lena laghad riosca agus is féidir don mhargadh agus a laghad riosca creidmheasa agus is féidir. Toisc gur féidir na comharthaí sócmhainntagartha a úsáid mar mhodh íocaíochta, is é eisitheoir na gcomharthaí sócmhainntagartha a iompróidh an brabús nó an caillteanas uile a thiocfaidh chun cinn mar thoradh ar infheistiú na gcúlsócmhainní.

(40)Féadfaidh roinnt comharthaí sócmhainntagartha cearta a thairiscint dá sealbhóirí uile, amhail cearta fuascailte nó éilimh ar chúlsócmhainní nó ar an eisitheoir, agus féadfaidh comharthaí sócmhainntagartha eile gan cearta den sórt sin a dheonú dá gcuid sealbhóirí uile agus féadfaidh siad teorainn a chur leis an gceart fuascailte do shealbhóirí sonracha. Ba cheart aon rialacha maidir le comharthaí sócmhainntagartha a bheith sách solúbtha chun na cásanna sin go léir a chur san áireamh. Ba cheart d’eisitheoirí comharthaí sócmhainntagartha sealbhóirí na gcomharthaí sócmhainntagartha a chur ar an eolas dá bhrí sin maidir le cibé an gcuireann siad éileamh díreach ar fáil ar an eisitheoir nó cearta fuascailte. I gcás ina ndeonaíonn eisitheoirí comharthaí sócmhainntagartha cearta díreacha ar an eisitheoir nó ar na cúlsócmhainní do na sealbhóirí uile, ba cheart do na heisitheoirí na coinníollacha faoina bhféadfar cearta den sórt sin a fheidhmiú a leagan amach go beacht. I gcás ina gcuireann eisitheoirí comharthaí sócmhainntagartha srian ar chearta díreacha den sórt sin ar an eisitheoir nó ar na cúlsócmhainní chuig líon teoranta comharthaí sócmhainntagartha, ba cheart do na heisitheoirí cearta íosta a thairiscint fós do shealbhóirí uile na gcomharthaí sócmhainntagartha. Ba cheart d’eisitheoirí na gcomharthaí sócmhainntagartha leachtacht na gcomharthaí sin a áirithiú trí shocruithe leachtachta leordhóthanacha a thabhairt i gcrích agus a chothabháil le soláthraithe seirbhísí criptea-shócmhainní atá i gceannas ar luachana daingne a phostáil ar bhonn intuartha chun na comharthaí sócmhainntagartha a cheannach agus a dhíol i gcoinne airgeadra fiat. I gcás go bhfuil éagsúlacht shuntasach idir luach na gcomharthaí sócmhainntagartha agus luach na gcúlsócmhainní, ba cheart go mbeadh sé de cheart ag sealbhóirí na gcomharthaí sócmhainntagartha iarraidh go bhfuasclófaí a gcomharthaí sócmhainntagartha i gcoinne cúlsócmhainní díreach ón eisitheoir. Ba cheart d’eisitheoirí comharthaí sócmhainntagartha a stopann a gcuid oibríochtaí go saorálach nó a dhéantar a fhoirceannadh go hordúil socruithe conarthacha a bheith i bhfeidhm acu lena áirithiú go níoctar fáltais na gcúlsócmhainní le sealbhóirí na gcomharthaí sócmhainntagartha.

(41)D’fhonn a áirithiú go núsáidtear comharthaí sócmhainntagartha mar mhodh malairte den chuid is mó agus ní mar stór luacha, níor cheart d’eisitheoirí comharthaí sócmhainntagartha, ná d’aon soláthraithe seirbhísí criptea-shócmhainne, ús a dheonú d’úsáideoirí comharthaí sócmhainntagartha as an tréimhse ama atá na comharthaí sócmhainntagartha sin á sealbhú ag na húsáideoirí sin. Ba cheart roinnt comharthaí sócmhainntagartha agus comharthaí ríomhairgid a mheas mar chomharthaí suntasacha i ngeall ar an mbonn mór custaiméirí a d’fhéadfadh a bheith ag a gcuid tionscnóirí agus ag a gcuid scairshealbhóirí, an caipitliú ard margaidh a d’fhéadfadh a bheith acu, méid ionchais an chúlchiste sócmhainní atá mar thaca do luach comharthaí sócmhainntagartha nó comharthaí ríomhairgid den sórt sin, an líon ard idirbheart a d’fhéadfadh a bheith ann, an idirnascacht a d’fhéadfadh a bheith ann leis an gcóras airgeadais nó an úsáid trasteorann a d’fhéadfaí a bhaint as criptea-shócmhainní den sórt sin. Ba cheart do chomharthaí sócmhainntagartha suntasacha nó do chomharthaí ríomhairgid suntasacha, a bhféadfadh líon ard sealbhóirí iad a úsáid agus a d’fhéadfadh dúshláin shonracha a chruthú i dtéarmaí na cobhsaíochta airgeadais, tarchur beartais airgeadaíochta nó ceannasacht airgeadaíochta, a bheith faoi réir ceanglais níos déine ná comharthaí sócmhainntagartha nó comharthaí ríomhairgid eile.

(42)I ngeall ar a scála mór, is féidir le comharthaí sócmhainntagartha suntasacha rioscaí níos mó a chruthú don chobhsaíocht airgeadais i gcomparáid le criptea-shócmhainní agus comharthaí sócmhainntagartha eile a eiseofar ar bhonn níos teoranta. Ba cheart d’eisitheoirí comharthaí sócmhainntagartha suntasacha a bheith faoi réir ceanglais níos déine dá bhrí sin ná eisitheoirí criptea-shócmhainní nó comharthaí sócmhainntagartha eile le heisiúint níos teoranta. Ba cheart dóibh go háirithe a bheith faoi réir ceanglais chaipitil níos airde, ceanglais idiroibritheachta agus ba cheart dóibh beartas bainistíochta leachtachta a bhunú.

(43)Ba cheart d’eisitheoirí comharthaí sócmhainntagartha plean foirceanta ordúil a bheith acu lena áirithiú go dtugtar cosaint do chearta na sealbhóirí comharthaí sócmhainntagartha sa chás go stopann eisitheoirí comharthaí sócmhainntagartha a gcuid oibríochtaí nó le linn dóibh a bheith ag foirceannadh a gcuid gníomhaíochtaí go hordúil de réir na ndlíthe sócmhainneachta náisiúnta.

(44)Ba cheart d’eisitheoirí comharthaí ríomhairgid a bheith údaraithe mar institiúid chreidmheasa faoi Threoir 2013/36/AE nó mar institiúid ríomhairgid faoi Threoir 2009/110/CE agus ba cheart dóibh na ceanglais oibríochta ábhartha i dTreoir 2009/110/CE a chomhlíonadh, mura sonraítear a mhalairt sa Rialachán seo. Ba cheart d’eisitheoirí comharthaí ríomhairgid páipéar bán maidir le criptea-shócmhainní a chur ar fáil agus fógra a thabhairt ina leith dá núdarás inniúil. I gcás ina bhfuil eisiúint comharthaí ríomhairgid faoi thairseach áirithe nó i gcás gur féidir le hinfheisteoirí cáilithe comharthaí ríomhairgid a shealbhú go heisiach, níor cheart d’eisitheoirí comharthaí ríomhairgid den sórt sin a bheith faoi réir na gceanglas maidir le húdarú. Mar sin féin, ba cheart d’eisitheoirí páipéar bán maidir le criptea-shócmhainní a dhréachtú i gcónaí agus fógra a thabhairt ina leith dá núdarás inniúil.

(45)Ba cheart éileamh ar eisitheoir na gcomharthaí ríomhairgid lena mbaineann a chur ar fáil do shealbhóirí comharthaí ríomhairgid. Ba cheart ceart fuascailte a dheonú i gcónaí do shealbhóirí comharthaí ríomhairgid ag a bparluach leis an airgeadra fiat dá dtagraíonn an comhartha ríomhairgid agus ag aon tráth. Ba cheart go gceadófaí d’eisitheoirí comharthaí ríomhairgid táille a chur i bhfeidhm, i gcás go mbíonn sealbhóirí comharthaí ríomhairgid ag iarraidh fuascailtí a gcuid comharthaí ar airgeadra fiat. Ba cheart do tháille den sórt sin a bheith i gcomhréir leis na costais iarbhír a thabhódh an teisitheoir comharthaí ríomhairgid.

(46)Níor cheart d’eisitheoirí comharthaí ríomhairgid, ná d’aon soláthraithe seirbhísí criptea-shócmhainní, ús a dheonú d’úsáideoirí comharthaí ríomhairgid as an tréimhse ama atá na comharthaí ríomhairgid sin á sealbhú ag na húsáideoirí sin.

(47)Ba cheart go gcuimseofaí sa pháipéar bán maidir le criptea-shócmhainní a chuireann eisitheoir comharthaí ríomhairgid ar fáil an fhaisnéis ábhartha ar fad a bhaineann leis an eisitheoir sin agus an tairiscint ar chomharthaí ríomhairgid nó iarraidh go ligfí isteach iad chun a dtrádála ar ardán trádála le haghaidh criptea-shócmhainní atá riachtanach chun cur ar chumas ceannaitheoirí ionchais cinneadh eolasach a dhéanamh maidir le ceannach agus na rioscaí a bhaineann leis an tairiscint ar chomharthaí ríomhairgid a thuiscint. Ba cheart go dtabharfaí le fios go sainráite freisin sa pháipéar bán maidir le criptea-shócmhainní go dtugtar éileamh do shealbhóirí comharthaí ríomhairgid i bhfoirm cirt chun a gcuid comharthaí ríomhairgid a fhuascailt i gcoinne airgeadra fiat ag parluach agus ag aon tráth.

(48)I gcás go ndéanann eisitheoir comharthaí ríomhairgid na cistí a fhaightear mar mhalairt ar chomharthaí ríomhairgid a infheistiú, ba cheart na cistí sin a infheistiú i sócmhainní atá ainmnithe san airgeadra céanna leis an gceann dá dtagraíonn an comharthaí ríomhairgid d’fhonn rioscaí trasairgeadra a sheachaint.

(49)Is féidir le comharthaí ríomhairgid suntasacha rioscaí níos mó a chruthú don chobhsaíocht airgeadais ná mar a dhéanann comharthaí ríomhairgid neamhshuntasacha agus ríomhairgead traidisiúnta. Ba cheart d’eisitheoirí comharthaí ríomhairgid suntasacha den sórt sin a bheith faoi réir ceanglais bhreise dá bhrí sin. Ba cheart d’eisitheoirí comharthaí ríomhairgid go háirithe a bheith faoi réir ceanglais chaipitil níos airde ná eisitheoirí comharthaí ríomhairgid eile, ceanglais idiroibritheachta agus ba cheart dóibh beartas bainistíochta leachtachta a bhunú. Ba cheart d’eisitheoirí comharthaí ríomhairgid ceanglais áirithe atá i bhfeidhm maidir le heisitheoirí comharthaí sócmhainntagartha a chomhlíonadh freisin, amhail ceanglais chumhdaigh le haghaidh na gcúlsócmhainní, rialacha infheistíochta le haghaidh na gcúlsócmhainní agus an oibleagáid maidir le plean foirceanta ordúil a bhunú.

(50)Níor cheart ach amháin d’eintitis dhlítheanacha a bhfuil oifig chláraithe acu i mBallstát, agus a údaraítear mar sholáthraí seirbhísí criptea-shócmhainní ag údarás inniúil an Bhallstáit ina bhfuil a oifig chláraithe suite, seirbhísí criptea-shócmhainní a sholáthar.

(51)Níor cheart don Rialachán seo difear a dhéanamh don fhéidearthacht a bheidh ag daoine atá bunaithe san Aontas seirbhísí criptea-shócmhainní a fháil ó ghnólacht tríú tír ar a dtionscnamh féin. I gcás ina soláthraíonn gnólacht tríú tír seirbhísí criptea-shócmhainní ag gníomhú dó ar thionscnamh duine atá bunaithe san Aontas, níor cheart na seirbhísí criptea-shócmhainní a mheas mar sheirbhís a soláthraíodh san Aontas. I gcás ina ndéanann gnólacht tríú tír cliaint nó cliaint ionchasacha san Aontas a shireadh nó go ndéanann sé seirbhísí nó gníomhaíochtaí criptea-shócmhainní a chur chun cinn san Aontas, nó fógraíocht a dhéanamh orthu san Aontas, níor cheart a mheas gur seirbhís criptea-shócmhainne í sin a soláthraíodh ar thionscnamh an chliaint. I gcás den sórt sin, ba cheart don ghnólacht tríú tír a bheith údaraithe mar sholáthraí seirbhísí criptea-shócmhainní.

(52)I bhfianaise an scála sách beag de sholáthraithe seirbhísí criptea-shócmhainní go nuige seo, tabharfar an chumhacht maidir le soláthraithe seirbhíse den sórt sin a údarú agus a mhaoirsiú d’údaráis náisiúnta inniúla. Ba cheart d’údarás inniúil an Bhallstáit ina bhfuil a oifig chláraithe ag an eintiteas an túdarú a dheonú, a dhiúltú nó a tharraingt siar. Ba cheart go dtabharfaí le fios in údarú den sórt sin na seirbhísí criptea-shócmhainní dá bhfuil an soláthraí seirbhísí criptea-shócmhainní údaraithe agus ba cheart dó a bheith bailí don Aontas ar fad.

(53)D’fhonn trédhearcacht a éascú do shealbhóirí criptea-shócmhainní i dtaca le soláthar seirbhísí criptea-shócmhainní, ba cheart do ESMA clár soláthraithe seirbhísí criptea-shócmhainní a bhunú, inar cheart go gcuimseofaí faisnéis maidir leis na heintitis a údaraítear chun na seirbhísí sin a sholáthar ar fud an Aontais. Ba cheart go gcuimseofaí sa chlár sin freisin na páipéir bhána maidir le criptea-shócmhainní ar tugadh fógra ina leith d’údaráis inniúla agus na páipéir bhána a d’fhoilsigh eisitheoirí criptea-shócmhainní.

(54)Ba cheart cead a thabhairt do roinnt gnólachtaí atá faoi réir reachtaíocht seirbhísí airgeadais an Aontais seirbhísí criptea-shócmhainní a sholáthar gan réamhúdarú a fháil. Níor cheart go dteastódh údarú eile ó institiúidí creidmheasa a údaraítear faoi Threoir 2013/36/AE chun seirbhísí criptea-shócmhainní a sholáthar. Maidir le gnólachtaí infheistíochta a údaraítear faoi Threoir 2014/65/AE chun seirbhís infheistíochta amháin nó cúpla seirbhís infheistíochta a sholáthar mar atá sainithe faoin Treoir sin atá cosúil leis na seirbhísí criptea-shócmhainne atá beartaithe acu a sholáthar, ba cheart ligean do na gnólachtaí sin seirbhísí criptea-shócmhainní a sholáthar freisin ar fud an Aontais gan gá dóibh údarú eile a fháil.

(55)Chun cosaint tomhaltóirí, sláine an mhargaidh agus cobhsaíocht airgeadais a áirithiú, ba cheart do sholáthraithe seirbhísí criptea-shócmhainní gníomhú ar bhealach macánta, cothrom agus gairmiúil i gcónaí chun leas a gcuid cliant. Ba cheart seirbhísí criptea-shócmhainní a mheas mar ‘sheirbhísí airgeadais’ mar a shainmhínítear i dTreoir 2002/65/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 42 . I gcás ina ndéantar margaíocht chianda orthu, ba cheart do na conarthaí idir soláthraithe seirbhísí criptea-shócmhainní agus tomhaltóirí a bheith faoi réir na Treorach sin. Ba cheart do sholáthraithe seirbhísí criptea-shócmhainní faisnéis shoiléir, chothrom nach bhfuil míthreorach a sholáthar dá gcuid cliant agus ba cheart dóibh rabhadh a thabhairt dá gcuid cliant maidir leis na rioscaí a bhaineann le criptea-shócmhainní. Ba cheart do sholáthraithe seirbhísí criptea-shócmhainní a gcuid beartais praghsála a chur ar fáil go poiblí, nós imeachta láimhseála gearán a bhunú agus ba cheart dóibh beartas láidir a bheith acu chun coinbhleachtaí leasa a shainaithint, a chosc, a bhainistiú agus a nochtadh.

(56)Chun cosaint tomhaltóirí a áirithiú, ba cheart do sholáthraithe seirbhísí criptea-shócmhainní roinnt ceanglais stuamachta a chomhlíonadh. Ba cheart na ceanglais stuamachta sin a leagan síos mar mhéid shocraithe nó mar mhéid a bheidh i gcomhréir lena bhforchostais sheasta sa bhliain roimhe sin, ag brath ar na cineálacha seirbhísí a sholáthraíonn siad.

(57)Ba cheart do sholáthraithe seirbhísí criptea-shócmhainní a bheith faoi réir ceanglais láidre eagraíochtúla. Ba cheart dá mbainisteoirí agus dá bpríomhscairshealbhóirí a bheith cuí oiriúnach chun críche frithsciúradh airgid agus chun maoiniú sceimhlitheoireachta a chomhrac. Ba cheart do sholáthraithe seirbhísí criptea-shócmhainní bainistíocht agus foireann a fhostú a bhfuil na scileanna, an teolas agus an saineolas cuí acu agus ba cheart dóibh gach céim réasúnach a ghlacadh chun a gcuid feidhmeanna a thabhairt i gcrích, lena náirítear trí phlean leanúnachais gnó a ullmhú. Ba cheart dóibh sásraí fónta rialaithe inmheánaigh agus measúnaithe riosca a bheith acu chomh maith le córais agus nósanna imeachta leordhóthanacha chun sláine agus rúndacht na faisnéise a fhaightear a áirithiú. Ba cheart do sholáthraithe seirbhísí criptea-shócmhainní socruithe iomchuí a bheith acu chun taifid a choimeád ar gach idirbheart, ordú agus seirbhís a bhaineann le criptea-shócmhainní a sholáthraíonn siad. Ba cheart dóibh córais a bheith acu chun drochúsáid a d’fhéadfadh cliaint a bhaint as an margadh a bhrath.

(58)Chun cosaint tomhaltóirí a áirithiú, ba cheart do sholáthraithe seirbhísí criptea-shócmhainní socruithe cuí a bheith acu chun cearta úinéireachta shealúchais criptea-shócmhainní na gcliant a chosaint. I gcás ina néilíonn a samhail ghnó orthu cistí a shealbhú mar a shainmhínítear in Airteagal 4, pointe (25), de Threoir (AE) 2015/2366 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 43 i bhfoirm nótaí bainc, bonn, airgead taisce nó ríomhairgead lena gcuid cliant, ba cheart do sholáthraithe seirbhísí criptea-shócmhainní na cistí sin a chur in institiúid chreidmheasa nó i mbanc ceannais. Níor cheart do sholáthraithe seirbhísí criptea-shócmhainní a bheith údaraithe chun idirbhearta íocaíochta a dhéanamh maidir leis na seirbhísí criptea-shócmhainní a thairgeann siad, ach amháin i gcás ina bhfuil siad údaraithe mar fhorais íocaíochta i gcomhréir le Treoir (AE) 2015/2366.

(59)Ag brath ar na seirbhísí a sholáthraíonn siad agus i ngeall ar na rioscaí sonracha a bhaineann le gach cineál seirbhíse, ba cheart do sholáthraithe seirbhísí criptea-shócmhainní a bheith faoi réir ceanglas a bhaineann go sonrach leis na seirbhísí sin. Ba cheart do sholáthraithe seirbhísí criptea-shócmhainní a sholáthraíonn an tseirbhís maidir le criptea-shócmhainní a chumhdach agus a riar ar son tríú páirtithe caidreamh conarthach a bheith acu lena gcuid cliant lena ngabhann forálacha conarthacha éigeantacha agus ba cheart dóibh beartas cumhdaigh a bhunú agus a chur chun feidhme. Ba cheart do na soláthraithe seirbhísí criptea-shócmhainní sin a bheith faoi dhliteanas freisin as aon damáistí a tharlaíonn mar thoradh ar theagmhas a bhaineann le TFC, lena náirítear teagmhas a tharlaíonn mar thoradh ar chibirionsaí, gadaíocht nó aon mhífheidhm.

(60)D’fhonn feidhmiú ordúil margaí criptea-shócmhainní a áirithiú, ba cheart rialacha oibriúcháin mionsonraithe a bheith ag soláthraithe seirbhísí criptea-shócmhainní a fheidhmíonn ardán trádála le haghaidh criptea-shócmhainní , ba cheart dóibh a áirithiú go bhfuil a gcuid córas agus a gcuid nósanna imeachta sách athléimneach agus ba cheart dóibh a bheith faoi réir ceanglais trédhearcachta réamhthrádála agus iarthrádála atá curtha in oiriúint don mhargadh criptea-shócmhainní. Ba cheart do sholáthraithe seirbhísí criptea-shócmhainní a áirithiú go bhfuil na trádálacha a fhorghníomhaítear ar a nardán trádála le haghaidh criptea-shócmhainní socraithe agus taifeadta ar an DLT go tapa. Ba cheart do sholáthraithe seirbhísí criptea-shócmhainní a fheidhmíonn ardán trádála le haghaidh criptea-shócmhainní struchtúr táillí trédhearcach a bheith acu freisin le haghaidh na seirbhísí a sholáthraítear ionas nach ndéanfar orduithe a d’fhéadfadh cuidiú le drochúsáid mhargaidh nó le coinníollacha trádála míordúla.

(61)Chun cosaint tomhaltóirí a áirithiú, ba cheart do sholáthraithe seirbhísí criptea-shócmhainní a mhalartaíonn criptea-shócmhainní ar airgeadraí fiat nó criptea-shócmhainní eile trína gcaipiteal féin a úsáid beartas tráchtála neamhidirdhealaitheach a bhunú. Ba cheart dóibh luachana daingne a fhoilsiú nó an modh atá in úsáid acu chun praghas na gcriptea-shócmhainní is mian leo a cheannach nó a dhíol a chinneadh. Ba cheart dóibh a bheith faoi réir ceanglais trédhearcachta iarthrádála freisin. Ba cheart do sholáthraithe seirbhísí criptea-shócmhainní a fhorghníomhaíonn orduithe ar son tríú páirtithe beartas forfheidhmithe a bhunú agus ba cheart dóibh díriú i gcónaí ar an toradh is fearr agus is féidir a bhaint amach dá gcuid cliant. Ba cheart dóibh na céimeanna riachtanacha go léir a ghlacadh chun míúsáid a d'fhéadfadh fostaithe a bhaint as faisnéis a bhaineann le horduithe cliant a sheachaint. Ba cheart do sholáthraithe seirbhísí criptea-shócmhainní a fhaigheann orduithe agus a tharchuireann na horduithe sin chuig soláthraithe seirbhísí criptea-shócmhainní eile nósanna imeachta a chur chun feidhme ionas go seolfar na horduithe sin go pras agus i gceart. Níor cheart do sholáthraithe seirbhísí criptea-shócmhainní aon bhuntáistí airgeadaíochta nó neamhairgeadaíochta a fháil de bharr na norduithe sin a tharchur chuig aon ardán trádála ar leith le haghaidh criptea-shócmhainní nó chuig aon soláthraithe seirbhísí criptea-shócmhainní eile.

(62)Ba cheart do sholáthraithe seirbhísí criptea-shócmhainní a chuireann criptea-shócmhainní ar fáil d’úsáideoirí ionchasacha faisnéis a thabhairt do na daoine sin maidir leis an gcaoi a bhfuil sé beartaithe acu a seirbhís a fheidhmiú sula dtugtar conradh chun críche. Ba cheart dóibh bearta sonracha a chur i bhfeidhm freisin chun coinbhleachtaí leasa a eascraíonn as an ngníomhaíocht sin a chosc.

(63)Chun cosaint tomhaltóirí a áirithiú, ba cheart do sholáthraithe seirbhísí criptea-shócmhainní a sholáthraíonn comhairle maidir le criptea-shócmhainní, ar iarraidh tríú páirtí nó ar a dtionscnamh féin, réamhmheasúnú a dhéanamh ar thaithí, eolas, cuspóirí a gcuid cliant agus a gcumas caillteanais a iompar. I gcás nach soláthraíonn na cliaint faisnéis do na soláthraithe seirbhísí criptea-shócmhainní maidir lena dtaithí, a neolas, a gcuspóirí agus a gcumas caillteanais a iompar, nó gur léir nach bhfuil dóthain taithí nó eolais ag na cliaint sin chun na rioscaí atá i gceist a thuiscint, nó nach bhfuil sé de chumas acu caillteanais a iompar, ba cheart do sholáthraithe seirbhísí criptea-shócmhainní rabhadh a thabhairt do na cliaint sin go bhféadfadh sé nach bhfuil an chriptea-shócmhainn nó na seirbhísí criptea-shócmhainní oiriúnach dóibh. Le linn dóibh comhairle a sholáthar, ba cheart do na soláthraithe seirbhísí criptea-shócmhainní tuarascáil a scríobh, ina mbeidh achoimre ar riachtanais agus éilimh na gcliant agus an chomhairle a tugadh.

(64)Caithfear muinín úsáideoirí i margaí criptea-shócmhainní agus i sláine an mhargaidh a áirithiú. Is gá dá bhrí sin rialacha a leagan síos chun drochúsáid mhargaidh a dhíspreagadh le haghaidh criptea-shócmhainní a ligtear isteach chun trádála ar ardán trádála le haghaidh criptea-shócmhainní. Mar sin féin, ós rud é gur FBManna a bhíonn i gceist le heisitheoirí criptea-shócmhainní agus le soláthraithe seirbhísí criptea-shócmhainní go minic, bheadh sé díréireach forálacha uile Rialachán (AE) Uimh. 596/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a chur i bhfeidhm 44  orthu. Is gá, dá bhrí sin, rialacha sonracha a leagan síos ina gcuirtear cosc ar iompraíochtaí áirithe is dóigh a bhainfeadh an bonn de mhuinín úsáideoirí i margaí criptea-shócmhainní agus sláine na margaí criptea-shócmhainní, lena náirítear déileálacha cos istigh, nochtadh neamhdhleathach faisnéise ón taobh istigh agus cúbláil mhargaidh a bhaineann le criptea-shócmhainní. Ba cheart na rialacha saincheaptha sin maidir le drochúsáid mhargaidh a dhéantar i ndáil le criptea-shócmhainní a chur i bhfeidhm, i gcás ina ligtear criptea-shócmhainní isteach chun a dtrádála ar ardán trádála le haghaidh criptea-shócmhainní.

(65)Ba cheart dóthain cumhachtaí a thabhairt d’údaráis inniúla chun eisiúint criptea-shócmhainní a mhaoirsiú, lena náirítear comharthaí sócmhainntagartha nó comharthaí ríomhairgid, chomh maith le soláthraithe seirbhísí criptea-shócmhainní, lena náirítear an chumhacht chun eisiúint criptea-shócmhainní nó soláthar seirbhísí criptea-shócmhainní a chur ar fionraí nó a thoirmeasc, agus chun sáruithe ar na rialacha maidir le drochúsáid mhargaidh a imscrúdú. I bhfianaise go mbíonn na margaí criptea-shócmhainne ar bun ar bhonn trasteorann, ba cheart d’údaráis inniúla oibriú i gcomhar le chéile chun aon sáruithe ar an gcreat dlíthiúil lena rialaítear criptea-shócmhainní agus na margaí le haghaidh criptea-shócmhainní a bhrath agus a dhíspreagadh. Ba cheart go mbeadh sé de chumhacht freisin ag údaráis inniúla chun smachtbhannaí a fhorchur ar eisitheoirí criptea-shócmhainní, lena náirítear comharthaí sócmhainntagartha nó comharthaí ríomhairgid agus soláthraithe seirbhísí criptea-shócmhainní.

(66)Is féidir comharthaí sócmhainntagartha suntasacha a úsáid mar mhodh malartaithe agus chun líon mór idirbhearta íocaíochta a dhéanamh ar bhonn trasteorann. D’fhonn arbatráiste maoirseachta a sheachaint ar fud na mBallstát, is iomchuí é an cúram a shannadh do ÚBE chun maoirseacht a dhéanamh ar eisitheoirí comharthaí sócmhainntagartha suntasacha, a luaithe agus a bhíonn comharthaí sócmhainntagartha den sórt sin aicmithe mar comharthaí suntasacha.

(67)Ba cheart do ÚBE coláiste maoirseoirí a bhunú le haghaidh eisitheoirí comharthaí sócmhainntagartha suntasacha. Is gnách leis na heisitheoirí sin a bheith i lár líonra eintiteas a áirithíonn go ndéanfar criptea-shócmhainní den sórt sin a eisiúint, a aistriú agus a dháileadh chuig sealbhóirí. Ba cheart do bhaill an choláiste maoirseoirí dá bhrí sin údaráis inniúla uile na neintiteas ábhartha agus na soláthraithe seirbhísí criptea-shócmhainní a chuimsiú, rud lena náirithítear, i measc nithe eile, go gcumhdófar na cúlsócmhainní, go bhfeidhmeofar ardáin trádála le haghaidh criptea-shócmhainní i gcás ina ligtear na comharthaí sócmhainntagartha suntasacha isteach chun a dtrádála agus i gcás ina náirithíonn na soláthraithe seirbhísí criptea-shócmhainní go ndéanfar na comharthaí sócmhainntagartha suntasacha a choimeád agus a riar ar son sealbhóirí. Ba cheart don choláiste maoirseoirí an comhar agus an malartú faisnéise a éascú i measc a chuid ball agus ba cheart dó tuairimí neamhcheangailteacha a eisiúint maidir le bearta maoirseachta nó athruithe ar údarú maidir le heisitheoirí comharthaí sócmhainntagartha suntasacha nó na heintitis ábhartha a sholáthraíonn seirbhísí nó gníomhaíochtaí i ndáil leis na comharthaí sócmhainntagartha suntasacha.

(68)Ba cheart d’údaráis inniúla atá i gceannas ar mhaoirseacht faoi Threoir 2009/110/CE eisitheoirí comharthaí ríomhairgid a mhaoirsiú. Mar sin féin, i bhfianaise an úsáid fhorleathan a d’fhéadfaí a bhaint as comharthaí ríomhairgid suntasacha mar mhodh íocaíochta agus na rioscaí is féidir leo a chruthú don chobhsaíocht airgeadais, is gá do na húdaráis inniúla agus do ÚBE araon démhaoirseacht a dhéanamh ar eisitheoirí comharthaí ríomhairgid suntasacha. Ba cheart do ÚBE maoirsiú a dhéanamh ar eisitheoirí comharthaí ríomhairgid suntasacha féachaint an gcomhlíonann siad na ceanglais shonracha bhreise a leagtar amach sa Rialachán seo le haghaidh comharthaí ríomhairgid suntasacha.

(69)Ba cheart do ÚBE coláiste maoirseoirí a bhunú d’eisitheoirí comharthaí ríomhairgid suntasacha. Is gnách le heisitheoirí comharthaí ríomhairgid suntasacha a bheith i lár líonra eintiteas a áirithíonn go ndéanfar criptea-shócmhainní den sórt sin a eisiúint, a aistriú agus a dháileadh chuig sealbhóirí. Ba cheart dá bhrí sin do bhaill an choláiste maoirseoirí d’eisitheoirí comharthaí ríomhairgid suntasacha údaráis inniúla uile na neintiteas ábhartha agus na soláthraithe seirbhísí criptea-shócmhainní a chuimsiú, a áirithíonn, i measc nithe eile, go bhfeidhmeoidh ardáin trádála le haghaidh criptea-shócmhainní i gcás ina ligtear na comharthaí ríomhairgid suntasacha isteach chun a dtrádála agus na soláthraithe seirbhísí criptea-shócmhainní a áirithíonn go ndéanfar na comharthaí ríomhairgid suntasacha a chumhdach agus a riar ar son na sealbhóirí. Ba cheart don choláiste maoirseoirí d’eisitheoirí comharthaí ríomhairgid suntasacha an comhar agus an malartú faisnéise a éascú i measc a chuid ball agus ba cheart dó tuairimí neamhcheangailteacha a eisiúint maidir le hathruithe ar bhearta údaraithe nó maoirseachta maidir le heisitheoirí comharthaí ríomhairgid suntasacha nó na heintitis ábhartha a sholáthraíonn seirbhísí nó gníomhaíochtaí i ndáil leis na comharthaí ríomhairgid suntasacha sin.

(70)D’fhonn eisitheoirí comharthaí sócmhainntagartha suntasacha a mhaoirsiú, ba cheart do ÚBE na cumhachtaí a bheith aige, i measc nithe eile, chun cigireachtaí ar an láthair a dhéanamh, bearta maoirseachta a ghlacadh agus fíneálacha a ghearradh. Ba cheart cumhachtaí a bheith ag ÚBE freisin chun maoirsiú a dhéanamh ar eisitheoirí comharthaí ríomhairgid suntasacha féachaint an gcomhlíonann siad na ceanglais bhreise a leagtar amach sa Rialachán seo.

(71)Ba cheart do ÚBE táillí a fhorchur ar eisitheoirí comharthaí sócmhainntagartha suntasacha agus ar eisitheoirí comharthaí ríomhairgid suntasacha chun a chuid costas a chumhdach, lena náirítear forchostais. I gcás eisitheoirí comharthaí sócmhainntagartha suntasacha, ba cheart an táille a bheidh i gcomhréir le méid a gcuid cúlsócmhainní féin. I gcás eisitheoirí comharthaí ríomhairgid suntasacha, ba cheart an táille a bheith i gcomhréir le méid na gcistí a fuarthas mar mhalairt ar na comharthaí ríomhairgid suntasacha.

(72)D’fhonn a áirithiú go gcuirfear an Rialachán seo i bhfeidhm ar bhonn aonfhoirmeach, ba cheart an chumhacht chun gníomhartha a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE) a tharmligean chuig an gCoimisiún i dtaca leis na modhnuithe ar na sainmhínithe a leagtar amach sa Rialachán seo d’fhonn iad a chur in oiriúint d’fhorbairtí sa mhargadh agus d’fhorbairtí teicneolaíochta, chun na critéir agus na tairseacha a shonrú chun a chinneadh cibé ar cheart comhartha sócmhainntagartha nó comhartha ríomhairgid a aicmiú mar chomhartha suntasach agus chun cineál agus méid na dtáillí is féidir le ÚBE a ghearradh as maoirsiú a dhéanamh ar eisitheoirí comharthaí sócmhainntagartha suntasacha nó comharthaí ríomhairgid suntasacha a shonrú. Tá sé tábhachtach, go háirithe, go rachaidh an Coimisiún i mbun comhairliúcháin iomchuí le linn a chuid oibre ullmhúcháin, lena náirítear ar leibhéal na saineolaithe, agus go ndéanfaí na comhairliúcháin sin i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos i gComhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr 45 . Go sonrach, chun rannpháirtíocht chomhionann in ullmhú na ngníomhartha tarmligthe a áirithiú, ba cheart do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle na doiciméid uile a fháil ag an am céanna leis na saineolaithe sna Ballstáit, agus bíonn rochtain chórasach ag a gcuid saineolaithe ar chruinnithe ghrúpaí saineolaithe an Choimisiúin a bhíonn ag déileáil le hullmhú na ngníomhartha tarmligthe.

(73)D’fhonn cur i bhfeidhm comhsheasmhach an Rialacháin seo a chur chun cinn, lena náirítear cosaint leordhóthanach infheisteoirí agus tomhaltóirí ar fud an Aontais, ba cheart caighdeáin theicniúla a fhorbairt. Bheadh sé éifeachtúil agus iomchuí forbairt na ndréachtchaighdeán teicniúil rialála, nach mbeadh roghanna beartais ag baint leo, a chur ar iontaoibh ÚBE agus ESMA, mar chomhlachtaí a bhfuil saineolas anspeisialaithe acu, lena gcur faoi bhráid an Choimisiúin.

(74)Ba cheart a thabhairt de chumhacht don Choimisiún caighdeáin theicniúla rialála a fhorbróidh ÚBE agus ESMA a ghlacadh i dtaca leis an nós imeachta chun páipéir bhána maidir le criptea-shócmhainní a cheadú, ar páipéir bhána iad a thairgeann institiúidí creidmheasa le linn dóibh comharthaí sócmhainntagartha a eisiúint, an fhaisnéis a chuirfear ar fáil in iarratas ar údarú mar eisitheoir comharthaí sócmhainntagartha, an modheolaíocht lena ríomhfar ceanglais chaipitil d’eisitheoirí comharthaí sócmhainntagartha, socruithe rialachais d’eisitheoirí comharthaí sócmhainntagartha, an fhaisnéis is gá chun measúnú a dhéanamh ar shealúchais cháilithe i gcaipiteal an eisitheora comhartha sócmhainntagartha, an nós imeachta maidir le coinbhleachtaí leasa a bhunaíonn eisitheoirí comharthaí sócmhainntagartha, na cineálacha sócmhainní ar féidir le heisitheoirí comhartha sócmhainntagartha infheistiú iontu, na hoibleagáidí a fhorchuirtear ar sholáthraithe seirbhísí criptea-shócmhainní lena náirithítear leachtacht na gcomharthaí sócmhainntagartha, an nós imeachta láimhseála gearán d’eisitheoirí comharthaí sócmhainntagartha, feidhmiú an choláiste maoirseoirí d’eisitheoirí comharthaí sócmhainntagartha suntasacha agus d’eisitheoirí comharthaí ríomhairgid suntasacha, an fhaisnéis is gá chun measúnú a dhéanamh ar shealúchais cháilithe i gcaipiteal an tsoláthraí seirbhísí criptea-shócmhainní, an malartú faisnéise idir údaráis inniúla, ÚBE agus ESMA faoin Rialachán seo agus an comhar idir na húdaráis inniúla agus tríú tíortha. Ba cheart don Choimisiún na caighdeáin theicniúla rialála sin a ghlacadh trí bhíthin gníomhartha tarmligthe de bhun Airteagal 290 CFAE agus i gcomhréir le hAirteagail 10 go 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 46 agus Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 47 .

(75)Ba cheart a thabhairt de chumhacht don Choimisiún caighdeáin theicniúla cur chun feidhme arna bhforbairt ag ÚBE agus ag ESMA a ghlacadh, i dtaca le formáidí atá meaisíninléite le haghaidh páipéir bhána maidir le criptea-shócmhainní, na foirmeacha, teimpléid agus nósanna imeachta caighdeánacha le haghaidh an iarratais ar údarú mar eisitheoir comharthaí sócmhainntagartha, na foirmeacha agus an teimpléad caighdeánach chun faisnéis a mhalartú idir údaráis inniúla agus idir údaráis inniúla, ÚBE agus ESMA. Ba cheart don Choimisiún na caighdeáin theicniúla cur chun feidhme sin a ghlacadh trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme de bhun Airteagal 291 CFAE agus i gcomhréir le hAirteagal 15 de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010 agus le hAirteagal 15 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.

(76)Ós rud é nach féidir leis na Ballstáit cuspóirí an Rialacháin seo a ghnóthú go leordhóthanach, eadhon dul i ngleic le deighilt an chreata dhlíthiúil a bhaineann le heisitheoirí criptea-shócmhainní agus soláthraithe seirbhísí criptea-shócmhainní agus a áirithiú go bhfeidhmeoidh margaí criptea-shócmhainní i gceart agus cosaint infheisteoirí, sláine an mhargaidh agus cobhsaíocht airgeadais á náirithiú ag an am céanna, agus, de bharr gur fearr is féidir iad a ghnóthú ar leibhéal an Aontais trí chreat a chruthú ar a bhféadfaí margadh trasteorann níos mó le haghaidh criptea-shócmhainní agus soláthraithe seirbhísí criptea-shócmhainní a fhorbairt, féadfaidh an tAontas bearta a ghlacadh, i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta a leagtar amach in Airteagal 5 den Chonradh ar an Aontas Eorpach. I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta a leagtar amach san Airteagal sin, ní théann an Rialachán seo thar a bhfuil riachtanach chun na cuspóirí sin a ghnóthú.

(77)Ionas nach gcuirfear isteach ar rannpháirtithe sa mhargadh a sholáthraíonn seirbhísí agus gníomhaíochtaí maidir le criptea-shócmhainní a eisíodh sular tháinig an Rialachán seo i bhfeidhm, ba cheart d’eisitheoirí na gcriptea-shócmhainní sin díolúine a fháil ón oibleagáid páipéar bán maidir le criptea-shócmhainní a fhoilsiú agus ó cheanglais eile is infheidhme. Mar sin féin, níor cheart feidhm a bheith ag na forálacha idirthréimhseacha sin maidir le heisitheoirí comharthaí sócmhainntagartha, eisitheoirí comharthaí ríomhairgid ná maidir le soláthraithe seirbhísí criptea-shócmhainní ar cheart dóibh, in aon chás, údarú a fháil a luaithe agus a thagann an Rialachán seo i bhfeidhm.

(78)Is féidir le sceithirí eolais faisnéis nua a chur faoi bhráid na núdarás inniúil a chabhraíonn leo chun sáruithe ar an Rialachán seo a bhrath agus pionóis a ghearradh. Ba cheart go náiritheodh an Rialachán seo dá bhrí sin go bhfuil socruithe leordhóthanacha ann chun cur ar chumas sceithirí eolais rabhadh a thabhairt do na húdaráis inniúla maidir le sáruithe iarbhír nó sáruithe ionchasacha ar an Rialachán seo agus chun iad a chosaint ar fhrithbheart. Ba cheart é sin a dhéanamh trí Threoir (AE) 2019/1937 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a leasú 48 ionas go mbeidh sí infheidhme maidir le sáruithe ar an Rialachán seo.

(79)Ba cheart cur i bhfeidhm an Rialacháin seo a chur siar 18 mí ionas go mbeifear in ann na caighdeáin theicniúla rialála, na caighdeáin theicniúla cur chun feidhme agus na gníomhartha tarmligthe is gá a ghlacadh chun eilimintí áirithe den Rialachán seo a shonrú,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

TEIDEAL I Ábhar, Raon Feidhme agus Sainmhínithe

Airteagal 1
Ábhar

Sa Rialachán seo leagtar síos rialacha aonfhoirmeacha maidir leis an méid seo a leanas:

(a)ceanglais maidir le trédhearcacht agus nochtadh chun criptea-shócmhainní a eisiúint agus a ligean isteach i gcomhair trádála;

(b)soláthraithe seirbhísí criptea-shócmhainní agus eisitheoirí comharthaí sócmhainntagartha agus eisitheoirí comharthaí ríomhairgid a údarú agus a mhaoirsiú;

(c)oibriú, eagrú agus rialachas eisitheoirí comharthaí sócmhainntagartha, eisitheoirí comharthaí ríomhairgid agus soláthraithe seirbhísí criptea-shócmhainní;

(d)rialacha maidir le cosaint tomhaltóirí maidir le criptea-shócmhainní a eisiúint, a thrádáil, a mhalartú agus a chumhdach;

(e)bearta chun cosc a chur ar dhrochúsáid mhargaidh d’fhonn sláine na margaí criptea-shócmhainní a áirithiú.

Airteagal 2
Raon feidhme

1.Tá feidhm ag an Rialachán seo maidir le daoine atá ag gabháil d’eisiúint criptea-shócmhainní nó do sholáthar seirbhísí a bhaineann le criptea-shócmhainní san Aontas.

2.Mar sin féin, níl feidhm ag an Rialachán seo maidir le criptea-shócmhainní a cháilíonn mar:

(a)ionstraimí airgeadais mar a shainmhínítear in Airteagal 4(1), pointe (15), de Threoir 2014/65/AE;

(b)ríomhairgead mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (2), de Threoir 2009/110/CE, ach amháin i gcás go gcáilíonn siad mar chomharthaí ríomhairgid faoin Rialachán seo;

(c)taiscí mar a shainmhínítear in Airteagal 2(1), pointe (3), de Threoir 2014/49/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 49 ;

(d)taiscí struchtúrtha mar a shainmhínítear in Airteagal 4(1), pointe (43) de Threoir 2014/65/AE;

(e)urrúsú mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (1), de Rialachán (AE) 2017/2402 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 50 .

3.Níl feidhm ag an Rialachán seo maidir leis na heintitis agus na daoine seo a leanas:

(a)an Banc Ceannais Eorpach, bainc cheannais náisiúnta na mBallstát ag gníomhú dóibh ina gcáil mar údarás airgeadaíochta nó údaráis phoiblí eile;

(b)gnóthais árachais nó gnóthais a dhéanann gníomhaíochtaí athárachais agus aisghéillte mar a shainmhínítear i dTreoir 2009/138/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 51 le linn dóibh na gníomhaíochtaí dá dtagraítear sa Treoir sin a thabhairt i gcrích;

(c)leachtaitheoir nó riarthóir ag gníomhú dóibh i rith nós imeachta dócmhainneachta, ach amháin chun críche Airteagal 42;

(d)daoine a sholáthraíonn seirbhísí criptea-shócmhainní go heisiach dá máthairchuideachtaí, dá bhfochuideachtaí nó d’fhochuideachtaí eile de chuid a máthairchuideachtaí;

(e)an Banc Eorpach Infheistíochta;

(f)an tSaoráid Eorpach um Chobhsaíocht Airgeadais agus an Sásra Cobhsaíochta Eorpach;

(g)eagraíochtaí idirnáisiúnta poiblí.

4.I gcás ina mbeidh comharthaí sócmhainntagartha, lena náirítear comharthaí sócmhainntagartha suntasacha, á neisiúint ag institiúidí creidmheasa a údaraítear faoi Threoir 2013/36/AE ní bheidh siad faoi réir:

(a)forálacha chaibidil I de Theideal III, ach amháin Airteagail 21 agus 22;

(b)Airteagal 31.

5.I gcás ina mbeidh seirbhís criptea-shócmhainne amháin nó níos mó á soláthar ag institiúidí creidmheasa a údaraítear faoi Threoir 2013/36/AE ní bheidh siad faoi réir fhorálacha chaibidil I de Theideal V, ach amháin Airteagail 57 agus 58.

6.Ní bheidh gnólachtaí infheistíochta a údaraítear faoi Threoir 2014/65/AE faoi réir fhorálacha chaibidil I de Theideal V, ach amháin Airteagail 57, 58, 60 agus 61, i gcás nach soláthraíonn siad ach seirbhís criptea-shócmhainne amháin nó níos mó i gcoibhéis leis na seirbhísí agus na gníomhaíochtaí infheistíochta dá bhfuil siad údaraithe faoi Threoir 2014/65/AE. Chun na críche sin:

(a)meastar go bhfuil na seirbhísí criptea-shócmhainne a shainmhínítear in Airteagal 3(1), pointe (11), den Rialachán seo coibhéiseach leis na gníomhaíochtaí infheistíochta dá dtagraítear i bpointe (8) agus i bpointe (9) de Roinn A d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir 2014/65/AE;

(b)meastar go bhfuil na seirbhísí criptea-shócmhainne a shainmhínítear in Airteagal 3(1), pointe (12) agus pointe (13), den Rialachán seo coibhéiseach leis na seirbhísí infheistíochta dá dtagraítear i bpointe (3) de Roinn A d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir 2014/65/AE;

(c)meastar go bhfuil na seirbhísí criptea-shócmhainne a shainmhínítear in Airteagal 3(1), pointe (14), den Rialachán seo coibhéiseach leis na seirbhísí infheistíochta dá dtagraítear i bpointe (2) de Roinn A d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir 2014/65/AE;

(d)meastar go bhfuil na seirbhísí criptea-shócmhainne a shainmhínítear in Airteagal 3(1), pointe (15), den Rialachán seo coibhéiseach leis na seirbhísí infheistíochta dá dtagraítear i bpointe (6) agus i bpointe (7) de Roinn A d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir 2014/65/AE;

(e)meastar go bhfuil na seirbhísí criptea-shócmhainne a shainmhínítear in Airteagal 3(1), pointe (16), den Rialachán seo coibhéiseach leis na seirbhísí infheistíochta dá dtagraítear i bpointe (1) de Roinn A d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir 2014/65/AE.

(f)meastar go bhfuil na seirbhísí criptea-shócmhainne a shainmhínítear in Airteagal 3(1), pointe (17), den Rialachán seo coibhéiseach leis na seirbhísí infheistíochta dá dtagraítear i bpointe (5) de Roinn A d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir 2014/65/AE.

Airteagal 3
Sainmhínithe

1.Chun críocha an Rialacháin seo, tá feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:

(1)ciallaíonn ‘teicneolaíocht mórleabhar dáilte’ nó ‘DLT’ cineál teicneolaíochta a thacaíonn le taifeadadh dáilte sonraí criptithe;

(2)ciallaíonn ‘criptea-shócmhainn’ léiriú ar luach nó ar chearta a fhéadtar a aistriú agus a stóráil go leictreonach, ag úsáid teicneolaíocht mórleabhar dáilte nó teicneolaíocht den chineál céanna;

(3)ciallaíonn ‘comharthaí sócmhainntagartha’ cineál criptea-shócmhainne a airbheartaíonn go gcoinneoidh sí luach cobhsaí trí thagairt do luach roinnt airgeadraí fiat ar dlíthairiscintí iad, nó do thráchtearra amháin nó roinnt tráchtearraí nó criptea-shócmhainn amháin nó roinnt criptea-shócmhainní, nó teaglaim de shócmhainní den sórt sin;

(4)ciallaíonn ‘comhartha ríomhairgid’ nó ‘comhartha ríomhairgid’ cineál criptea-shócmhainne arb é is príomhaidhm dó é a úsáid mar mhodh malartaithe agus a airbheartaíonn go gcoinneoidh sé luach cobhsaí trí thagairt a dhéanamh do luach airgeadra fiat ar dlíthairiscint é;

(5)ciallaíonn ‘comhartha fóntais’ cineál criptea-shócmhainne atá beartaithe chun rochtain dhigiteach a sholáthar ar earra nó seirbhís, atá ar fáil ar DLT, agus nach nglacann ach eisitheoir an comhartha sin leis;

(6)ciallaíonn ‘eisitheoir criptea-shócmhainní’ duine dlítheanach a thairgeann aon chineál criptea-shócmhainní don phobal nó a fhéachann le criptea-shócmhainní den sórt sin a ligean isteach ar ardán trádála le haghaidh criptea-shócmhainní;

(7)ciallaíonn ‘tairiscint don phobal’ tairiscint do thríú páirtithe chun criptea-shócmhainn a fháil mar mhalairt ar airgeadra fiat nó criptea-shócmhainní eile;

(8)ciallaíonn ‘soláthraí seirbhísí criptea-shócmhainní’ aon duine arb é an tslí bheatha nó an gnó atá aige seirbhís criptea-shócmhainne amháin nó níos mó a sholáthar do thríú páirtithe ar bhonn gairmiúil;

(9)ciallaíonn ‘seirbhís criptea-shócmhainní’ aon cheann de na seirbhísí agus gníomhaíochtaí a liostaítear thíos a bhaineann le haon chriptea-shócmhainn:

(a)criptea-shócmhainní a chumhdach agus a riar ar son tríú páirtithe;

(b)ardán trádála le haghaidh criptea-shócmhainní a oibriú;

(c)criptea-shócmhainní a mhalartú ar airgeadra fiat ar dlíthairiscint é;

(d)criptea-shócmhainní a mhalartú ar chriptea-shócmhainní eile;

(e)orduithe le haghaidh criptea-shócmhainní a fhorghníomhú ar son tríú páirtithe;

(f)criptea-shócmhainní a shocrú;

(g)orduithe le haghaidh criptea-shócmhainní a ghlacadh agus a tharchur ar son tríú páirtithe

(h)comhairle a thabhairt maidir le criptea-shócmhainní;

(10)ciallaíonn ‘criptea-shócmhainní a chumhdach agus a riar ar son tríú páirtithe’ criptea-shócmhainní a choimeád slán nó a rialú ar son tríú páirtithe nó na bealaí rochtana chuig criptea-shócmhainní den sórt sin, i gcás inarb infheidhme i bhfoirm eochracha cripteagrafacha príobháideacha;

(11)ciallaíonn ‘ardán trádála le haghaidh criptea-shócmhainní a oibriú’ ardán trádála amháin nó níos mó le haghaidh criptea-shócmhainní a bhainistiú, inar féidir le roinnt leasanna ceannacháin agus díolacháin tríú páirtí i gcomhair criptea-shócmhainní idirghníomhú ar bhealach a mbíonn conradh ann dá bharr, trí chriptea-shócmhainn amháin a mhalartú ar cheann eile nó criptea-shócmhainn a mhalartú ar airgeadra fiat ar dlíthairiscint é;

(12)ciallaíonn ‘criptea-shócmhainní a mhalartú ar airgeadra fiat’ conarthaí ceannacháin nó díolacháin a bhaineann le criptea-shócmhainní a thabhairt i gcrích le tríú páirtithe i gcoinne airgeadra fiat ar dlíthairiscint é trí úsáid a bhaint as caipiteal dílsithe;

(13)ciallaíonn ‘criptea-shócmhainní a mhalartú ar chriptea-shócmhainní eile’ conarthaí ceannacháin nó díolacháin a bhaineann le criptea-shócmhainní a thabhairt i gcrích le tríú páirtithe i gcoinne criptea-shócmhainní eile trí úsáid a bhaint as caipiteal dílsithe;

(14)ciallaíonn ‘ordú a fhorghníomhú le haghaidh criptea-shócmhainní ar son tríú páirtithe’ comhaontuithe a thabhairt i gcrích chun criptea-shócmhainn amháin nó níos mó a cheannach nó a dhíol nó chun suibscríobh le haghaidh criptea-shócmhainn amháin nó níos mó ar son tríú páirtithe;

(15)ciallaíonn ‘criptea-shócmhainní a shocrú’ margaíocht a dhéanamh ar chriptea-shócmhainní nuaeisithe nó ar chriptea-shócmhainní a eisíodh cheana féin ach nach bhfuil ligthe isteach chun trádála ar ardán trádála le haghaidh criptea-shócmhainní, chuig ceannaitheoirí sonraithe agus nach bhfuil tairiscint don phobal nó tairiscint do shealbhóirí reatha de chriptea-shócmhainní an eisitheora i gceist leo;

(16)ciallaíonn ‘orduithe le haghaidh criptea-shócmhainní a ghlacadh agus a tharchur ar son tríú páirtithe’ ordú a fháil ó dhuine chun criptea-shócmhainn amháin nó níos mó a cheannach nó a dhíol nó chun suibscríobh le haghaidh criptea-shócmhainn amháin nó níos mó agus an tordú sin a tharchur chuig tríú páirtí lena fhorghníomhú;

(17)ciallaíonn ‘comhairle a thabhairt maidir le criptea-shócmhainní’ moltaí pearsantaithe nó moltaí sonracha a thairiscint nó a thabhairt do thríú páirtí, nó comhaontú ar mholtaí pearsantaithe nó moltaí sonracha a thabhairt do thríú páirtí, ar iarraidh an tríú páirtí nó ar thionscnamh an tsoláthraí seirbhísí criptea-shócmhainní a sholáthraíonn an chomhairle, maidir le criptea-shócmhainn amháin nó níos mó a fháil nó a dhíol, nó seirbhísí criptea-shócmhainní a úsáid;

(18)ciallaíonn ‘comhlacht bainistíochta’ comhlacht eisitheora criptea-shócmhainní, nó soláthraí criptea-shócmhainní, a cheaptar i gcomhréir leis an dlí náisiúnta, agus a chumhachtaítear straitéis, cuspóirí agus treo foriomlán an eintitis eile a shocrú, agus a dhéanann formhaoirseacht agus faireachán ar chinnteoireacht bhainistíochta agus a náirítear iontu na daoine a stiúrann gnó an eintitis;

(19)ciallaíonn ‘institiúid creidmheasa’ institiúid creidmheasa mar a shainmhínítear in Airteagal 4(1), pointe (1), de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013;

(20)ciallaíonn ‘infheisteoir cáilithe’ ‘infheisteoirí cáilithe’ mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (e) de Rialachán (AE) 2017/1129;

(21)ciallaíonn ‘cúlsócmhainní’ an linn airgeadaí fiat ar dlíthairiscintí, tráchtearraí nó criptea-shócmhainní iad, atá mar thaca do luach comharthaí sócmhainntagartha, nó infheistíocht sócmhainní den sórt sin;

(22)ciallaíonn ‘Ballstát baile’:

(a)i gcás ina bhfuil a oifig chláraithe nó a bhrainse san Aontas ag an eisitheoir criptea-shócmhainní, seachas comharthaí sócmhainntagartha nó comharthaí ríomhairgid, an Ballstát ina bhfuil a oifig chláraithe nó brainse ag eisitheoir na gcriptea-shócmhainní;

(b)i gcás nach bhfuil aon oifig chláraithe san Aontas ag eisitheoir na gcriptea-shócmhainní, seachas comharthaí sócmhainntagartha nó comharthaí ríomhairgid, ach go bhfuil dhá bhrainse nó níos mó aige san Aontas, is é an Ballstát baile an Ballstát a roghnaigh an teisitheoir i measc na mBallstát sin ina bhfuil brainsí ag an eisitheoir;

(c)i gcás ina bhfuil eisitheoir na gcriptea-shócmhainní, seachas comharthaí sócmhainntagartha nó comharthaí ríomhairgid, bunaithe i dtríú tír agus nach bhfuil aon bhrainse aige san Aontas, ar rogha an eisitheora sin, is é an Ballstát baile an Ballstát ina bhfuil sé beartaithe na criptea-shócmhainní a thairiscint don phobal den chéad uair nó an Ballstát ina ndéantar an chéad iarraidh go ligfí isteach iad chun a dtrádála ar ardán trádála le haghaidh criptea-shócmhainní;

(d)i gcás eisitheoir comharthaí sócmhainntagartha, is é an Ballstát baile an Ballstát ina bhfuil a oifig chláraithe ag an eisitheoir comharthaí sócmhainntagartha;

(e)i gcás eisitheoirí comharthaí ríomhairgid, is é an Ballstát baile na Ballstáit ina bhfuil an teisitheoir comharthaí ríomhairgid údaraithe mar institiúid chreidmheasa faoi Threoir 2013/36/AE nó mar institiúid ríomhairgid faoi Threoir 2009/110/CE;

(f)i gcás soláthraithe seirbhísí criptea-shócmhainní, is é an Ballstát baile an Ballstát ina bhfuil a oifig chláraithe ag an soláthraí seirbhísí criptea-shócmhainní;

(23)ciallaíonn ‘Ballstát óstach’ an Ballstát ina ndearna eisitheoir criptea-shócmhainní tairiscint criptea-shócmhainní don phobal nó ina bhfuil sé ag iarraidh go ligfí isteach iad chun a dtrádála ar ardán trádála le haghaidh criptea-shócmhainní, nó ina soláthraíonn soláthraí seirbhísí criptea-shócmhainní seirbhísí criptea-shócmhainní, nuair atá sé sin difriúil leis an mBallstát baile;

(24)ciallaíonn ‘údarás inniúil’:

(a) an túdarás, arna ainmniú ag gach Ballstát i gcomhréir le hAirteagal 81 i gcás eisitheoirí criptea-shócmhainní, eisitheoirí comharthaí sócmhainntagartha agus soláthraithe seirbhísí criptea-shócmhainní;

(b)an túdarás, arna ainmniú ag gach Ballstát, chun Treoir 2009/110/CE a chur i bhfeidhm maidir le heisitheoirí comharthaí ríomhairgid;

(25) ciallaíonn ‘tráchtearra’ ‘tráchtearra’ faoi Airteagal 2(6) de Rialachán Tarmligthe (AE) 2017/565 ón gCoimisiún 52 ;

(26)ciallaíonn ‘sealúchas cáilitheach’ sealúchas díreach nó indíreach ar bith ag eisitheoir comharthaí sócmhainntagartha nó ag soláthraí seirbhísí criptea-shócmhainní ina bhfuil 10 % ar a laghad den chaipiteal nó de na cearta vótála i gceist, mar a leagtar amach in Airteagail 9 agus 10 de Threoir 2004/109/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 53 , agus na coinníollacha maidir le comhiomlánú de a leagtar amach i míreanna 4 agus 5 d’Airteagal 12 den Treoir sin á gcur san áireamh, nó a chiallaíonn gur féidir tionchar suntasach a imirt ar bhainistiú an ghnólachta infheistíochta ina bhfuil an sealúchas sin ar marthain.

(27)ciallaíonn ‘faisnéis ón taobh istigh’ faisnéis ar bith ar de chineál cruinn í nár cuireadh ar fáil go poiblí, a bhaineann, go díreach nó go hindíreach, le heisitheoir criptea-shócmhainní amháin nó níos mó nó le criptea-shócmhainn amháin nó níos mó, agus ar dóigh, i gcás go gcuirfí ar fáil go poiblí í, go mbeadh éifeacht shuntasach aici ar phraghsanna na gcriptea-shócmhainní sin;

(28)ciallaíonn ‘tomhaltóir’ aon duine nádúrtha atá ag gníomhú chun críoch atá lasmuigh de thrádáil, gnó, ceird nó gairm an duine sin.

2.Tugtar an chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 121 chun eilimintí teicniúla de na sainmhínithe a leagtar síos i mír 1 a shonrú, agus na sainmhínithe sin a oiriúnú d’fhorbairtí an mhargaidh agus d’fhorbairtí teicneolaíochta.

TEIDEAL II
Criptea-shócmhainní, seachas comharthaí sócmhainn‑tagartha nó comharthaí ríomh‑airgid

Airteagal 4
Tairiscintí criptea-shócmhainní, seachas comharthaí sócmhainn‑tagartha nó comharthaí ríomh‑airgid, don phobal, agus criptea-shócmhainní den sórt sin a ligean isteach chun trádála ar ardán trádála le haghaidh criptea-shócmhainní

1.Ní dhéanfaidh aon eisitheoir criptea-shócmhainní, seachas comharthaí sócmhainntagartha nó comharthaí ríomhairgid, san Aontas, criptea-shócmhainní den sórt sin a thairiscint don phobal, nó féachaint le criptea-shócmhainní den sórt sin a ligean isteach chun trádála ar ardán trádála le haghaidh criptea-shócmhainní, mura bhfuil na nithe seo a leanas fíor i gcás an eisitheora sin:

(a)is eintiteas dlítheanach é;

(b)dhréachtaigh sé páipéar bán maidir le criptea-shócmhainní i dtaca leis na criptea-shócmhainní sin i gcomhréir le hAirteagal 5;

(c)d’fhógair sé an páipéar bán maidir le criptea-shócmhainní i gcomhréir le hAirteagal 7;

(d)d’fhoilsigh sé an páipéar bán maidir le criptea-shócmhainní i gcomhréir le hAirteagal 8;

(e)comhlíonann sé na ceanglais a leagtar síos in Airteagal 13.

2.Ní bheidh feidhm ag mír 1, pointí (b) go (d) sna cásanna seo a leanas:

(a)tairgtear na criptea-shócmhainní saor in aisce;

(b)cruthaítear na criptea-shócmhainní go huathoibríoch trí mhianadóireacht mar luach saothair ar chothabháil DLT nó bailíochtú idirbheart;

(c)tá na criptea-shócmhainní sainiúil agus níl siad idirmhalartach le criptea-shócmhainní eile;

(d)tairgtear na criptea-shócmhainní do níos lú ná 150 duine nádúrtha nó duine dlítheanach in aghaidh an Bhallstáit i gcás ina bhfuil na daoine sin ag gníomhú ar a gcuntas féin;

(e)thar thréimhse 12 mhí, nuair nach mó comaoin iomlán tairisceana criptea-shócmhainní don phobal san Aontas agus EUR 1 000 000, nó an méid choibhéiseach in airgeadra eile nó i gcriptea-shócmhainní;

(f)is chuig infheisteoirí cáilithe amháin a dhíreofar tairiscint na gcriptea-shócmhainní don phobal agus ní féidir ach leis na hinfheisteoirí cáilithe sin na criptea-shócmhainn a shealbhú.

Chun críche phointe (a), ní mheasfar go mbeidh criptea-shócmhainní á dtairiscint saor in aisce i gcás ina n‑éilítear ar cheannaitheoirí sonraí pearsanta a sholáthar don eisitheoir nó go ngeallann ceannaitheoirí go soláthróidh siad sonraí pearsanta don eisitheoir mar mhalairt ar na criptea-shócmhainní sin, nó i gcás go bhfaigheann eisitheoir na gcriptea-shócmhainní sin ó shealbhóirí ionchasacha na gcriptea-shócmhainní sin aon táillí tríú páirtí, coimisiúin, sochair airgeadaíochta nó sochair neamhairgeadaíochta mar mhalairt ar na criptea-shócmhainní sin.

3.I gcás ina mbaineann an tairiscint don phobal ar chriptea-shócmhainní, seachas comharthaí sócmhainntagartha nó comharthaí ríomhairgid, le comharthaí fóntais i gcomhair seirbhíse nach bhfuil i mbun oibre go fóill, ní bheidh fad na tairisceana poiblí mar a thugtar tuairisc air sa pháipéar bán maidir le criptea-shócmhainní níos faide ná 12 mhí.

Airteagal 5
Inneachar agus foirm an pháipéir bháin maidir le criptea-shócmhainní

1.Beidh an fhaisnéis seo a leanas go léir sa pháipéar bán maidir le criptea-shócmhainní dá dtagraítear in Airteagal 4(1), pointe (b):

(a)tuairisc mhionsonraithe ar an eisitheoir agus cur i láthair ar na príomhrannpháirtithe atá páirteach i ndearadh agus i bhforbairt an tionscadail;

(b)tuairisc mhionsonraithe ar thionscadal an eisitheora, an cineál criptea-shócmhainne a thairgfear don phobal nó dá bhfuiltear ag iarraidh é a ligean isteach chun a dtrádála, na cúiseanna a dtairgfear na criptea-shócmhainní don phobal nó a bhfuil cead trádála á lorg agus úsáid bheartaithe an airgeadra fiat nó criptea-shócmhainní eile a bhaileofar trí bhíthin na tairisceana don phobal;

(c)tuairisc mhionsonraithe ar shaintréithe na tairisceana don phobal, go háirithe an líon criptea-shócmhainní a eiseofar nó dá bhfuil cead trádála á lorg, praghas eisiúna na gcriptea-shócmhainní agus téarmaí agus coinníollacha an tsuibscríofa;

(d)tuairisc mhionsonraithe ar na cearta agus na hoibleagáidí a ghabhann leis na criptea-shócmhainní agus na nósanna imeachta agus na coinníollacha chun na cearta sin a fheidhmiú;

(e)faisnéis maidir leis an teicneolaíocht agus na caighdeáin bhunúsacha atá i bhfeidhm ag eisitheoir na gcriptea-shócmhainní ionas gur féidir na criptea-shócmhainní sin a shealbhú, a stóráil agus a aistriú;

(f)tuairisc mhionsonraithe ar na rioscaí a bhaineann le heisitheoir na gcriptea-shócmhainní, na criptea-shócmhainní, an tairiscint don phobal ar an gcriptea-shócmhainn agus cur chun feidhme an tionscadail;

(g)na míreanna nochta a shonraítear in Iarscríbhinn I.

2.Beidh an fhaisnéis uile dá dtagraítear i mír 1 cothrom, soiléir agus ní bheidh sí míthreorach. Ní bheidh aon easnaimh ábhartha sa pháipéar bán maidir le criptea-shócmhainní agus cuirfear é i láthair i bhfoirm atá gonta agus sothuigthe.

3.Beidh an ráiteas seo a leanas sa pháipéar bán maidir le criptea-shócmhainní: “Tá eisitheoir na gcriptea-shócmhainní freagrach go huile agus go hiomlán as inneachar an pháipéir bháin seo maidir le criptea-shócmhainní. Ní dhearna aon údarás inniúil athbhreithniú ar an bpáipéar bán seo maidir le criptea-shócmhainní in aon Bhallstát den Aontas Eorpach ná níor fhaomh sé é”.

4.Ní bheidh aon dearbhú sa pháipéar bán maidir le criptea-shócmhainní maidir le luach na gcriptea-shócmhainní sa todhchaí, seachas an ráiteas dá dtagraítear i mír 5, mura féidir le heisitheoir na gcriptea-shócmhainní sin luach todhchaí den sórt sin a ráthú.

5.Beidh ráiteas soiléir gan débhrí maidir leis na nithe seo a leanas sa pháipéar bán maidir le criptea-shócmhainní:

(a)féadfaidh n criptea-shócmhainní a luach a chailleadh i bpáirt nó go hiomlán;

(b)féadfaidh sé nach mbeidh na criptea-shócmhainní inaistrithe i gcónaí;

(c)féadfaidh sé nach criptea-shócmhainní leachtacha iad na criptea-shócmhainní;

(d)i gcás ina mbaineann an tairiscint don phobal le comharthaí fóntais, féadfaidh sé nach mbeifear in ann na comharthaí fóntais sin a mhalartú ar an earra nó an tseirbhís a ghealltar sa pháipéar bán maidir le criptea-shócmhainní, go háirithe i gcás go gcliseann ar an tionscadal nó nach leantar de a thuilleadh.

6.Beidh ráiteas ó chomhlacht bainistíochta eisitheoir na gcriptea-shócmhainní i ngach páipéar bán maidir le criptea-shócmhainní. Deimhneofar sa ráiteas sin go gcomhlíonann an páipéar bán maidir le criptea-shócmhainní ceanglais an Teidil seo agus go bhfuil an fhaisnéis a chuirtear i láthair sa pháipéar bán maidir le criptea-shócmhainní ceart agus nach bhfuil aon easnamh suntasach inti, chomh fada agus is eol don chomhlacht bainistíochta.

7.Beidh achoimre, i dteanga ghonta agus neamhtheicniúil mar chuid den pháipéar bán maidir le criptea-shócmhainní ina dtabharfar faisnéis riachtanach maidir leis na criptea-shócmhainní a thairiscint don phobal nó faisnéis faoi go bhfuil sé beartaithe criptea-shócmhainní a ligean isteach chun a dtrádála ar ardán trádála le haghaidh criptea-shócmhainní, agus go háirithe faisnéis faoi eilimintí riachtanacha na gcriptea-shócmhainní lena mbaineann. Soláthrófar le formáid agus inneachar na hachoimre ar an bpáipéar bán maidir le criptea-shócmhainní, i gcomhar leis an bpáipéar bán maidir le criptea-shócmhainní, faisnéis iomchuí faoi eilimintí riachtanacha na gcriptea-shócmhainní lena mbaineann d’fhonn cabhrú le ceannaitheoirí ionchasacha na gcriptea-shócmhainní cinneadh eolasach a dhéanamh. Beidh rabhadh maidir leis na nithe seo a leanas san achoimre:

(a)ba cheart í a léamh mar réamhrá don pháipéar bán maidir le criptea-shócmhainní;

(b)ba cheart don cheannaitheoir ionchasach aon chinneadh chun criptea-shócmhainn a cheannach a bhunú ar inneachar an pháipéir bháin maidir le criptea-shócmhainní ina iomláine;

(c)ní tairiscint ná sirtheoireacht chun ionstraimí airgeadais a dhíol é má thairgtear criptea-shócmhainní don phobal agus ní féidir tairiscint ná sirtheoireacht den sórt sin chun ionstraimí airgeadais a dhíol a dhéanamh ach amháin trí réamheolaire nó doiciméid eile tairisceana de bhun dlíthe náisiúnta;

(d)ní réamheolaire é an páipéar bán maidir le criptea-shócmhainní dá dtagraítear i Rialachán (AE) 2017/1129 nó doiciméad eile tairisceana de bhun reachtaíocht an Aontais nó dlíthe náisiúnta.

8.Beidh dáta ar gach páipéar bán maidir le criptea-shócmhainní.

9.Tarraingeofar an páipéar bán maidir le criptea-shócmhainní suas i dteanga oifigiúil amháin de chuid an Bhallstáit baile ar a laghad nó i dteanga is gnách a úsáid i réimse an airgeadais idirnáisiúnta.

10.Cuirfear an páipéar bán maidir le criptea-shócmhainní ar fáil i bhformáidí atá meaisíninléite.

11.Déanfaidh ESMA, tar éis dó dul i gcomhairle le ÚBE, dréachtchaighdeáin theicniúla cur chun feidhme a fhorbairt chun foirmeacha, formáidí agus teimpléid a bhunú chun críocha mhír 10.

Cuirfidh ESMA na dréachtchaighdeáin theicniúla cur chun feidhme sin faoi bhráid an Choimisiúin faoin [cuir isteach dáta atá cothrom le 12 mí i ndiaidh a theacht i bhfeidhm].

Tugtar cumhacht don Choimisiún na caighdeáin theicniúla cur chun feidhme dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 15 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.

Airteagal 6
Cumarsáid mhargaíochta

Déanfaidh aon chumarsáid mhargaíochta a bhaineann le criptea-shócmhainní, seachas comharthaí sócmhainn‑tagartha nó comharthaí ríomh‑airgid, a thairiscint don phobal nó a bhaineann le criptea-shócmhainní den sórt sin a ligean isteach chun a dtrádála ar ardán trádála le haghaidh criptea-shócmhainní, na nithe seo a leanas a chomhlíonadh:

(a)beifear in ann a aithint go soiléir gur cumarsáid mhargaíochta atá ann;

(b)beidh an fhaisnéis sa chumarsáid mhargaíochta cothrom, soiléir agus ní bheidh sí míthreorach;

(c)beidh an fhaisnéis sa chumarsáid mhargaíochta comhsheasmhach leis an bhfaisnéis sa pháipéar bán maidir le criptea-shócmhainní, i gcás ina néilítear páipéar bán maidir le criptea-shócmhainní den sórt sin i gcomhréir le hAirteagal 4;

(d)luafar go soiléir sa chumarsáid mhargaíochta gur foilsíodh páipéar bán maidir le criptea-shócmhainní agus tabharfar seoladh shuíomh gréasáin eisitheoir na gcriptea-shócmhainní lena mbaineann.

Airteagal 7
Fógra faoin bpáipéar bán maidir le criptea-shócmhainní, agus, más infheidhme, faoin gcumarsáid mhargaíochta

1.Ní éileoidh údaráis inniúla ceadú ex ante ar pháipéar bán maidir le criptea-shócmhainní, ná ar aon chumarsáid mhargaíochta a bhaineann leis sula bhfoilseofar iad.

2.Tabharfaidh eisitheoirí criptea-shócmhainní, seachas comharthaí sócmhainntagartha nó comharthaí ríomhairgid, fógra faoina bpáipéar bán maidir le criptea-shócmhainní, agus i gcás cumarsáid mhargaíochta dá dtagraítear in Airteagal 6, faoina gcumarsáid mhargaíochta den sórt sin, d’údarás inniúil a mBallstáit baile 20 lá oibre ar a laghad sula bhfoilseofar an páipéar bán maidir le criptea-shócmhainní. Féadfaidh an túdarás inniúil sin na cumhachtaí a leagtar síos in Airteagal 82(1) a fheidhmiú.

3.Míneofar san fhógra faoin bpáipéar bán maidir le criptea-shócmhainní cén fáth nach bhfuil an chriptea-shócmhainn a dtugtar tuairisc uirthi sa pháipéar bán maidir le criptea-shócmhainní le meas mar seo a leanas:

(a)ionstraim airgeadais mar a shainmhínítear in Airteagal 4(1), pointe (15) de Threoir 2014/65/AE;

(b)ríomhairgead mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe 2, de Threoir 2009/110/CE;

(c)taisce mar a shainmhínítear in Airteagal 2(1), pointe (3) de Threoir 2014/49/AE;

(d)taisce struchtúraithe mar a shainmhínítear in Airteagal 4(1), pointe (43) de Threoir 2014/65/AE.

4.Soláthróidh eisitheoirí criptea-shócmhainní, seachas comharthaí sócmhainntagartha nó comharthaí ríomhairgid, liosta de na Ballstáit óstacha, más ann dóibh, d’údarás inniúil a mBallstát baile mar aon leis an bhfógra dá dtagraítear i míreanna 2 agus 3, i gcás ina bhfuil sé beartaithe acu na criptea-shócmhainní a thairiscint don phobal nó má tá sé i gceist acu a iarraidh go ligfí criptea-shócmhainn isteach chun a dtrádála ar ardán trádála le haghaidh criptea-shócmhainní. Cuirfidh siad a mBallstát baile ar an eolas freisin faoi dháta tosaigh na tairisceana beartaithe don phobal nó an dáta atá beartaithe chun criptea-shócmhainní a ligean isteach chun a dtrádála ar ardán trádála den sórt sin le haghaidh criptea-shócmhainní.

Tabharfaidh údarás inniúil an Bhallstáit baile fógra d’údarás inniúil an Bhallstáit óstaigh faoin tairiscint bheartaithe don phobal nó go bhfuil sé beartaithe go ligfear criptea-shócmhainní isteach chun a dtrádála ar ardán trádála le haghaidh criptea-shócmhainní agus déanfar sin taobh istigh de 2 lá oibre tar éis dó an liosta dá dtagraítear sa chéad fhomhír a fháil.

5.Cuirfidh údaráis inniúla na páipéir bhána maidir le criptea-shócmhainní ar tugadh fógra dóibh ina leith agus an dáta ar tugadh fógra dóibh ina leith in iúl do ESMA. Déanfaidh ESMA na páipéir bhána maidir le criptea-shócmhainní a dtugtar fógra dó ina leith a chur ar fáil sa chlár dá dtagraítear in Airteagal 57.

Airteagal 8
Páipéar bán maidir le criptea-shócmhainní a fhoilsiú, agus, i gcás inarb infheidhme, cumarsáid mhargaíochta a fhoilsiú

1.Foilseoidh eisitheoirí criptea-shócmhainní, seachas comharthaí sócmhainntagartha nó comharthaí ríomhairgid, a bpáipéar bán maidir le criptea-shócmhainní, agus, i gcás inarb infheidhme, a gcumarsáid mhargaíochta, ar a suíomh gréasáin, a mbeidh rochtain ag an bpobal air, tráth nach déanaí ná an dáta tosaigh a thairgfear na criptea-shócmhainní sin don phobal nó an dáta a ligfear na criptea-shócmhainní sin isteach chun a dtrádála ar ardán trádála le haghaidh criptea-shócmhainní. Beidh an páipéar bán maidir le criptea-shócmhainní, agus, i gcás inarb infheidhme, an chumarsáid mhargaíochta, ar fáil ar shuíomh gréasáin an eisitheora chomh fada agus a bheidh na criptea-shócmhainní ag an bpobal.

2.Beidh an páipéar bán a fhoilsítear maidir le criptea-shócmhainn, agus i gcás inarb infheidhme, an chumarsáid mhargaíochta, comhionann leis an leagan a dtugtar fógra ina leith don údarás inniúil ábhartha i gcomhréir le hAirteagal 7, nó, i gcás inarb infheidhme, modhnófar i gcomhréir le hAirteagal 11 é.

Airteagal 9
criptea-shócmhainní, seachas comharthaí sócmhainn‑tagartha nó comharthaí ríomh‑airgid, a bhfuil teorainn ama ag baint leo a thairiscint don phobal

1.Foilseoidh eisitheoirí criptea-shócmhainní, seachas comharthaí sócmhainntagartha nó comharthaí ríomhairgid, a leagann teorainn ama síos i dtaobh thairiscint na gcriptea-shócmhainní sin don phobal toradh na tairisceana laistigh de 16 lá oibre ó dheireadh na tréimhse suibscríbhinne.

2.Beidh socruithe éifeachtacha i bhfeidhm ag eisitheoirí criptea-shócmhainní, seachas comharthaí sócmhainntagartha nó comharthaí ríomhairgid, a leagann teorainn ama síos i dtaobh thairiscint na gcriptea-shócmhainní sin don phobal, chun faireachán a dhéanamh ar na cistí nó ar chriptea-shócmhainní eile a chruinnítear le linn na tairisceana sin, agus chun cosaint a thabhairt dóibh. Chun na críche sin, áiritheoidh eisitheoirí den sórt sin go gcumhdóidh ceann díobh seo a leanas na cistí nó criptea-shócmhainní eile a chruinnítear le linn na tairisceana don phobal:

(a)institiúid creidmheasa, mar a bhfuil na cistí a chruinnítear le linn na tairisceana don phobal i bhfoirm airgeadra fiat;

(b)soláthraí seirbhíse criptea-shócmhainne a údaraítear chun criptea-shócmhainní a chumhdach agus a riar ar son tríú páirtithe.

Airteagal 10
Cead chun criptea-shócmhainní, seachas comharthaí sócmhainn‑tagartha nó comharthaí ríomh‑airgid, a thairiscint don phobal nó chun a iarraidh go ligfí criptea-shócmhainní isteach lena dtrádála ar ardán trádála le haghaidh criptea-shócmhainní

1.Tar éis an pháipéir bháin maidir le criptea-shócmhainní a fhoilsiú i gcomhréir le hAirteagal 8, agus, i gcás inarb infheidhme, le hAirteagal 11, féadfaidh eisitheoirí criptea-shócmhainní a gcriptea-shócmhainní, seachas comharthaí sócmhainntagartha nó comharthaí ríomhairgid, a thairiscint ar fud an Aontais agus féadfaidh siad a iarraidh go ligfí na criptea-shócmhainní sin isteach chun a dtrádála ar ardán trádála le haghaidh criptea-shócmhainní.

2.I gcás eisitheoirí criptea-shócmhainní, seachas comharthaí sócmhainntagartha nó comharthaí ríomhairgid, a d’fhoilsigh páipéar bán maidir le criptea-shócmhainní i gcomhréir le hAirteagal 8, agus, i gcás inarb infheidhme, le hAirteagal 11, ní bheidh siad faoi réir aon cheanglais bhreise faisnéise, maidir leis na criptea-shócmhainní sin a thairiscint nó a ligean isteach chun a dtrádála ar ardán trádála le haghaidh criptea-shócmhainní.

Airteagal 11
Páipéir bhána maidir le criptea-shócmhainní, agus, i gcás inarb infheidhme, cumarsáid mhargaíochta a foilsíodh a mhodhnú tar éis a bhfoilsithe

1.Déanfaidh eisitheoirí criptea-shócmhainní, seachas comharthaí sócmhainntagartha nó comharthaí ríomhairgid, a bpáipéir bhána fhoilsithe maidir le criptea-shócmhainn a mhodhnú, agus, i gcás inarb infheidhme, cumarsáid fhoilsithe mhargaíochta a mhodhnú, chun cur síos a dhéanamh ar aon athrú nó fíric nua ar dóigh dó tionchar suntasach a bheith aige ar chinneadh ceannaigh aon cheannaitheora ionchasaigh de na criptea-shócmhainní sin, nó ar chinneadh shealbhóirí na gcriptea-shócmhainní sin na criptea-shócmhainní sin a dhíol nó a mhalartú.

2.Cuirfidh an teisitheoir an pobal ar an eolas láithreach ar a shuíomh gréasáin faoi fhógra faoi pháipéar bán modhnaithe maidir le criptea-shócmhainn a tugadh d’údarás inniúil a Bhallstáit baile agus soláthróidh sé achoimre ar na cúiseanna ar thug sé fógra faoi pháipéar bán modhnaithe maidir le criptea-shócmhainn.

3.Beidh ord na faisnéise i bpáipéar bán modhnaithe maidir le criptea-shócmhainn, agus i gcás inarb infheidhme, i gcumarsáid mhodhnaithe mhargaíochta comhsheasmhach leis an bhfaisnéis sa pháipéar bán maidir le criptea-shócmhainní nó sa chumarsáid mhargaíochta a foilsíodh i gcomhréir le hAirteagal 8.

4.Tabharfaidh eisitheoirí criptea-shócmhainní, seachas comharthaí sócmhainntagartha nó comharthaí ríomhairgid, fógra faoin bpáipéar bán modhnaithe maidir le criptea-shócmhainn, agus i gcás inarb infheidhme, faoi chumarsáid mhodhnaithe mhargaíochta, d’údarás inniúil a mBallstáit baile, lena náirítear na cúiseanna leis an modhnú sin, 7 lá oibre ar a laghad sula bhfoilseofar iad. Féadfaidh an túdarás inniúil sin na cumhachtaí a leagtar síos in Airteagal 82(1) a fheidhmiú.

5.Taobh istigh de 2 lá oibre tar éis dréachtpháipéar bán modhnaithe maidir le criptea-shócmhainn a fháil, agus, i gcás inarb infheidhme, an chumarsáid mhodhnaithe mhargaíochta a fháil, tabharfaidh údarás inniúil an Bhallstáit baile fógra faoin bpáipéar bán modhnaithe maidir le criptea-shócmhainní, agus i gcás inarb infheidhme, faoin gcumarsáid mhodhnaithe mhargaíochta d’údarás inniúil an Bhallstáit óstaigh dá dtagraítear in Airteagal 7(4).

6.Foilseoidh eisitheoirí criptea-shócmhainní, seachas comharthaí sócmhainntagartha nó comharthaí ríomhairgid, an páipéar bán modhnaithe maidir le criptea-shócmhainn, agus i gcás inarb infheidhme, an chumarsáid mhodhnaithe mhargaíochta, lena náirítear na cúiseanna leis an modhnú sin, ar a suíomh gréasáin i gcomhréir le hAirteagal 8.

7.Beidh stampa ama ar an bpáipéar bán modhnaithe maidir le criptea-shócmhainn, agus, i gcás inarb infheidhme, ar an gcumarsáid mhodhnaithe mhargaíochta. Marcáiltear an páipéar bán modhnaithe maidir le criptea-shócmhainn, agus, i gcás inarb infheidhme, an chumarsáid mhodhnaithe mhargaíochta, mar an leagan is infheidhme. Beidh na páipéir bhána mhodhnaithe maidir le criptea-shócmhainn, agus, i gcás inarb infheidhme, an chumarsáid mhodhnaithe mhargaíochta, ar fáil ar shuíomh gréasáin an eisitheora chomh fada agus a bheidh na criptea-shócmhainní ag an bpobal.

8.Mar a mbaineann an tairiscint don phobal le comharthaí fóntais, ní fhadófar an teorainn ama de 12 mhí dá dtagraítear in Airteagal 4(3) leis na hathruithe a dhéantar sa pháipéar bán modhnaithe maidir le criptea-shócmhainn, agus, i gcás inarb infheidhme, sa chumarsáid mhargaíochta.

Airteagal 12
Ceart chun tarraingt siar

1.Tairgfidh eisitheoirí criptea-shócmhainní, seachas comharthaí sócmhainntagartha nó comharthaí ríomhairgid, ceart chun tarraingt siar d’aon tomhaltóir a cheannaíonn criptea-shócmhainní den sórt sin go díreach ón eisitheoir nó ó sholáthraí seirbhísí criptea-shócmhainne a shocraíonn criptea-shócmhainní ar son an eisitheora sin.

Beidh tréimhse 14 lá féilire ag tomhaltóirí chun a gcomhaontú chun na criptea-shócmhainní sin a cheannach a tharraingt siar gan aon chostas a thabhú agus gan cúiseanna a thabhairt. Tosóidh an tréimhse chun aistarraingt a dhéanamh ón lá a chomhaontaíonn na tomhaltóirí na criptea-shócmhainní sin a cheannach.

2.Aisíocfar gach íocaíocht a fuarthas ó thomhaltóir, lena náirítear, más infheidhme, aon mhuirir, gan moill mhíchuí agus in aon chás tráth nach déanaí ná 14 lá ón lá a chuirtear eisitheoir criptea-shócmhainní nó soláthraí seirbhíse criptea-shócmhainne a chuireann criptea-shócmhainní ar son an eisitheora sin ar an eolas faoi chinneadh an tomhaltóra tarraingt siar ón gcomhaontú.

Déanfar an aisíocaíocht leis na modhanna íocaíochta céanna a d’úsáid an tomhaltóir don idirbheart tosaigh, ach amháin má chomhaontaíonn an tomhaltóir a mhalairt go sainráite agus ar choinníoll nach dtabhóidh an tomhaltóir aon táillí mar thoradh ar an aisíocaíocht sin.

3.Soláthróidh eisitheoirí criptea-shócmhainn faisnéis faoin gceart chun tarraingt siar dá dtagraítear i mír 1 ina bpáipéar bán maidir le criptea-shócmhainní.

4.Ní bheidh feidhm ag an gceart chun tarraingt siar i gcás go ligtear na criptea-shócmhainní isteach chun a dtrádála ar ardán trádála le haghaidh criptea-shócmhainní.

5.Sa chás go socraíonn eisitheoirí criptea-shócmhainní teorainn ama maidir lena dtairiscint de na criptea-shócmhainní sin don phobal i gcomhréir le hAirteagal 9, ní fheidhmeofar an ceart chun tarraingt siar tar éis dheireadh na tréimhse suibscríbhinne.

Airteagal 13
Oibleagáidí eisitheoirí criptea-shócmhainní, seachas comharthaí sócmhainn‑tagartha nó comharthaí ríomh‑airgid

1.Déanfaidh eisitheoirí criptea-shócmhainní, seachas comharthaí sócmhainntagartha nó comharthaí ríomhairgid, na nithe seo a leanas:

(a)gníomhóidh siad go hionraic, go cothrom agus go gairmiúil;

(b)déanfaidh siad cumarsáid le sealbhóirí criptea-shócmhainní ar bhealach cothrom, soiléir agus ar bhealach nach bhfuil míthreorach;

(c)déanfaidh siad coinbhleachtaí leasa a d’fhéadfadh teacht chun cinn a chosc, a shainaithint, a bhainistiú agus a nochtadh;

(d)coimeádfaidh siad a gcórais agus a bprótacail rochtana slándála uile ar bun de réir chaighdeáin iomchuí an Aontais.

Chun críocha phointe (d), forbróidh ESMA, i gcomhar le ÚBE, treoirlínte de bhun Airteagal 16 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010 chun caighdeáin an Aontais a shonrú.

2.Gníomhóidh eisitheoirí criptea-shócmhainní, seachas comharthaí sócmhainntagartha nó comharthaí ríomhairgid, ar mhaithe le leas na sealbhóirí criptea-shócmhainní sin agus caithfidh siad mar an gcéanna leo ar fad, mura nochtar aon chóir fhabhrach sa pháipéar bán maidir le criptea-shócmhainní, agus, i gcás inarb infheidhme, sa chumarsáid mhargaíochta.

3.I gcás ina gcuirtear tairiscint criptea-shócmhainní, seachas comharthaí sócmhainntagartha nó comharthaí ríomhairgid, don phobal ar ceal ar chúis ar bith, áiritheoidh eisitheoirí na gcriptea-shócmhainní sin go dtugtar ar ais go cuí aon chistí a bhailítear ó cheannaitheoirí nó ó cheannaitheoirí ionchasacha a luaithe is féidir.

Airteagal 14
Dliteanas eisitheoirí criptea-shócmhainní, seachas comharthaí sócmhainn‑tagartha nó comharthaí ríomh‑airgid, i leith na faisnéise a thugtar i bpáipéar bán maidir le criptea-shócmhainní

1.I gcás ina sáraíonn eisitheoir criptea-shócmhainní, seachas comharthaí ríomhairgid nó comharthaí ríomhairgid, nó a chomhlacht bainistíochta Airteagal 5, ach páipéar bán maidir le criptea-shócmhainní nó páipéar bán modhnaithe maidir le criptea-shócmhainn a sholáthar nach bhfuil iomlán, cothrom nó soiléir nó faisnéis atá míthreorach a sholáthar, féadfaidh sealbhóir na gcriptea-shócmhainní damáistí a éileamh ar an eisitheoir criptea-shócmhainní, seachas comharthaí sócmhainntagartha nó comharthaí ríomhairgid, nó óna chomhlacht bainistíochta i leith an damáiste a rinneadh dó mar thoradh ar an sárú sin.

Maidir le heisiamh aon dliteanais shibhialta, ní bheidh aon éifeacht dhlíthiúil aige.

2.Beidh sé de fhreagracht ar shealbhóirí criptea-shócmhainní fianaise a thíolacadh a thabharfaidh le fios gur sháraigh an teisitheoir criptea-shócmhainní, seachas comharthaí sócmhainntagartha nó comharthaí ríomhairgid, Airteagal 5 agus go raibh tionchar ag an sárú sin ar a gcinneadh maidir leis na criptea-shócmhainní sin a cheannach, a dhíol nó a mhalartú.

3.Ní fhéadfaidh sealbhóir criptea-shócmhainní damáistí a éileamh i leith na faisnéise a sholáthraítear in achoimre dá dtagraítear in Airteagal 5(7), lena náirítear an taistriúchán uirthi, ach amháin sna cásanna seo a leanas:

(a)má tá an achoimre míthreorach, míchruinn nó neamhréireach nuair a léitear in éineacht leis na codanna eile den pháipéar bán maidir le criptea-shócmhainní í;

(b)mura soláthraítear san achoimre, nuair a léitear in éineacht le codanna eile den pháipéar bán maidir le criptea-shócmhainní í, faisnéis atá tábhachtach chun cabhrú le tomhaltóirí agus le hinfheisteoirí cinneadh a dhéanamh maidir le criptea-shócmhainní den sórt sin a cheannach.

4.Ní eisiafar leis an Airteagal seo éilimh bhreise maidir le dliteanas sibhialta i gcomhréir leis an dlí náisiúnta.     

TEIDEAL III

comharthaí sócmhainn‑tagartha

Caibidil 1

Údarú chun criptea-shócmhainní a thairiscint don phobal nó a iarraidh go ligfí isteach chun a dtrádála ar ardán trádála le haghaidh criptea-shócmhainní iad

Airteagal 15
Údarú

1.Ní thairgfidh aon eisitheoir comhartha sócmhainntagartha comharthaí den sórt sin taobh istigh den Aontas agus ní iarrfaidh sé go ligfí sócmhainní den sórt sin isteach chun a dtrádála ar ardán trádála le haghaidh criptea-shócmhainní, ach amháin má údaraíonn an túdarás inniúil ina mBallstát baile na heisitheoirí sin chun déanamh amhlaidh i gcomhréir le hAirteagal 19.

2.Ní thabharfar údarú ach d’eintitis dhlítheanacha atá bunaithe san Aontas dá dtagraítear i mír 1.

3.Ní bheidh feidhm ag mír 1 sna cásanna seo a leanas:

(a)ní mó meánmhéid na gcomharthaí sócmhainntagartha atá gan íoc ná EUR 5 000 000, nó an méid comhionann in airgeadra eile, thar thréimhse 12 mhí, á ríomh ag deireadh gach lá féilire;

(b)is chuig infheisteoirí cáilithe amháin a dhíreofar tairiscint na gcomharthaí sócmhainntagartha don phobal agus ní féidir ach leis na hinfheisteoirí cáilithe sin na comharthaí sócmhainntagartha a shealbhú.

Táirgfidh eisitheoirí comharthaí sócmhainn‑tagartha den sórt sin páipéar bán maidir le criptea-shócmhainní dá dtagraítear in Airteagal 17 áfach agus tabharfaidh siad fógra faoin bpáipéar bán sin maidir le criptea-shócmhainn, agus i gcás inarb infheidhme, faoina gcumarsáid mhargaíochta, don údarás inniúil ina mBallstát baile, i gcomhréir le hAirteagal 7.

4.Ní bheidh feidhm ag mír 1 i gcás ina núdaraítear eisitheoirí comharthaí sócmhainntagartha mar institiúid chreidmheasa i gcomhréir le hAirteagal 8 de Threoir 2013/36/AE.

Táirgfidh eisitheoirí den sórt sin páipéar bán maidir le criptea-shócmhainní dá dtagraítear in Airteagal 17 áfach agus cuirfidh siad an páipéar bán sin maidir le criptea-shócmhainn faoi bhráid an údaráis inniúil ina mBallstát baile i gcomhréir le mír 7.

5.Beidh an túdarú a thugann an túdarás inniúil bailí ar fud an Aontais agus ligfidh sé d’eisitheoir na gcomharthaí sócmhainntagartha dár údaraíodh é a thairiscint ar fud an Aontais nó a iarraidh go ligfí na comharthaí sócmhainntagartha sin isteach chun a dtrádála ar ardán trádála le haghaidh criptea-shócmhainní.

6.Beidh an ceadú a thabharfaidh an túdarás inniúil do pháipéar bán maidir le criptea-shócmhainní na neisitheoirí faoi Airteagal 19 nó do pháipéar bán modhnaithe maidir le criptea-shócmhainn faoi Airteagal 21 bailí ar fud an Aontais.

7.Forbróidh ÚBE, i ndlúthchomhar le ESMA, dréachtchaighdeáin theicniúla rialála chun sonrú a dhéanamh ar an nós imeachta chun páipéar bán maidir le criptea-shócmhainní a fhormheas dá dtagraítear i mír 4.

Cuirfidh ÚBE na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála sin faoi bhráid an Choimisiúin faoi [cuir isteach dáta atá cothrom le 12 mí i ndiaidh a theacht i bhfeidhm].

Déantar an chumhacht a tharmligean chuig an gCoimisiún chun na caighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagail 10 go 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010.

Airteagal 16
Iarratas a dhéanamh ar údarú

1.Cuirfidh eisitheoirí comharthaí sócmhainntagartha an tiarratas ar údarú dá dtagraítear in Airteagal 15 faoi bhráid an údaráis inniúil ina mBallstát baile.

2.Beidh an fhaisnéis seo a leanas san iarratas dá dtagraítear i mír 1:

(a)seoladh an eisitheora is iarratasóir;

(b)airteagail chomhlachais an eisitheora is iarratasóir;

(c)clár oibríochtaí, ina leagtar amach an tsamhail ghnó a bhfuil sé beartaithe ag an eisitheoir is iarratasóir a leanúint;

(d)tuairim dhlíthiúil nach gcáilíonn na comharthaí sócmhainntagartha mar ionstraimí airgeadais, ríomhairgead, taiscí ná taiscí struchtúrtha;

(e)tuairisc mhionsonraithe ar shocruithe rialachais an eisitheora is iarratasóir;

(f)céannacht chomhaltaí chomhlacht bainistíochta an eisitheora is iarratasóir;

(g)cruthúnas go bhfuil deacháil ar na daoine dá dtagraítear i bpointe (f) agus go bhfuil an teolas agus an taithí chuí acu chun an teisitheoir is iarratasóir a bhainistiú;

(h)nuair is infheidhme, cruthúnas go bhfuil deacháil ar dhaoine nádúrtha agus inniúlacht i ndaoine nádúrtha ar leo, go díreach nó go hindíreach, níos mó ná 20 % de scairchaipiteal nó cearta vótála an eisitheora is iarratasóir, nó a fheidhmíonn, ar aon bhealach eile, rialú ar an eisitheoir is iarratasóir;

(i)páipéar bán maidir le criptea-shócmhainní dá dtagraítear in Airteagal 17;

(j)na beartais agus na nósanna imeachta dá dtagraítear in Airteagal 30(5), pointí (a) go (k);

(k)tuairisc ar na socruithe conarthacha leis na tríú páirtithe dá dtagraítear san fhomhír dheireanach d’Airteagal 30(5);

(l)tuairisc ar bheartas leanúnachais gnó an eisitheora is iarratasóir dá dtagraítear in Airteagal 30(8);

(m)tuairisc ar shásraí rialaithe inmheánaigh agus nósanna imeachta um bainistíocht riosca dá dtagraítear in Airteagal 30(9);

(n)tuairisc ar na nósanna imeachta agus ar na córais chun cosaint a thabhairt don tslándáil, lena náirítear an chibearshlándáil, sláine agus rúndacht na faisnéise dá dtagraítear in Airteagal 30(10);

(o)tuairisc ar nósanna imeachta láimhseála gearán an eisitheora is iarratasóir dá dtagraítear in Airteagal 27.

3.Chun críocha mhír 2, pointí (g) agus (h), soláthróidh eisitheoirí comharthaí sócmhainntagartha is iarratasóirí cruthúnas ar gach ceann díobh seo a leanas:

(a)i gcás na ndaoine go léir a bhfuil baint acu le bainistíocht a dhéanamh ar an eisitheoir comharthaí sócmhainntagartha is iarratasóir, caithfear cruthúnas a sholáthar ar éagmais taifid choiriúil nach bhfuil taifead coiriúil i leith ciontuithe nó pionós faoi rialacha náisiúnta atá i bhfeidhm i réimsí an dlí tráchtála, an dlí dócmhainneachta, na reachtaíochta seirbhísí airgeadais, na reachtaíochta i gcoinne sciúradh airgid, na reachtaíochta frithsceimhlitheoireachta, na calaoise nó an dliteanais ghairmiúil;

(b)go bhfuil dóthain eolais, scileanna agus taithí ag comhaltaí chomhlacht bainistíochta an eisitheora comharthaí sócmhainntagartha is iarratasóir chun an teisitheoir comharthaí sócmhainntagartha a bhainistiú agus go gceanglaítear ar na daoine sin dóthain ama a thiomnú dá ndualgais a chomhlíonadh.

4.Forbróidh ÚBE, i ndlúthchomhar le ESMA, dréachtchaighdeáin theicniúla rialála chun an fhaisnéis a bheidh in iarratas a shonrú, de bhreis ar an bhfaisnéis dá dtagraítear i mír 2.

Cuirfidh ÚBE na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála sin faoi bhráid an Choimisiúin faoin [cuir isteach dáta atá cothrom le 12 mí i ndiaidh a theacht i bhfeidhm].

Déantar an chumhacht a tharmligean chuig an gCoimisiún chun na caighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagail 10 go 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010.

5.Forbróidh ÚBE, i ndlúthchomhar le ESMA, dréachtchaighdeáin theicniúla cur chun feidhme chun foirmeacha, teimpléid agus nósanna imeachta a bhunú maidir le hiarratas a dhéanamh ar údarú.

Cuirfidh ÚBE na dréachtchaighdeáin theicniúla cur chun feidhme sin faoi bhráid an Choimisiúin faoin [cuir isteach dáta atá cothrom le 12 mí i ndiaidh a theacht i bhfeidhm].

Tugtar cumhacht don Choimisiún na caighdeáin theicniúla cur chun feidhme dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 15 de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010.

Airteagal 17
Inneachar agus foirm an pháipéir bháin maidir le criptea-shócmhainní le haghaidh comharthaí sócmhainn‑tagartha

1.Comhlíonfaidh an páipéar bán maidir le criptea-shócmhainní dá dtagraítear in Airteagal 16(2), pointe (i), na ceanglais go léir a leagtar síos in Airteagal 4. De bhreis ar an bhfaisnéis dá dtagraítear in Airteagal 4, áfach, beidh an fhaisnéis seo a leanas go léir sa pháipéar bán maidir le criptea-shócmhainní:

(a)tuairisc mhionsonraithe ar shocruithe rialachais an eisitheora, lena náirítear tuairisc ar ról, ar fhreagrachtaí agus ar chuntasacht na neintiteas tríú páirtí dá dtagraítear in Airteagal 30(5), pointe (h);

(b)tuairisc mhionsonraithe ar an gcúlchiste sócmhainní dá dtagraítear in Airteagal 32;

(c)tuairisc mhionsonraithe ar na socruithe maidir le cumhdach le haghaidh na gcúlsócmhainní, lena náirítear leithscaradh na sócmhainní, dá dtagraítear in Airteagal 33;

(d)i gcás infheistíocht na gcúlsócmhainní dá dtagraítear in Airteagal 34, tuairisc mhionsonraithe ar an mbeartas infheistíochta le haghaidh na gcúlsócmhainní sin;

(e)faisnéis mhionsonraithe faoi chineál agus infhorfheidhmitheacht na gceart, lena náirítear aon cheart fuascailte dírí nó aon éilimh a d’fhéadfadh sealbhóirí comharthaí sócmhainntagartha agus aon duine dlítheanach nó duine nádúrtha dá dtagraítear in Airteagal 35(3) a dhéanamh ar na cúlsócmhainní nó i gcoinne an eisitheora, lena náirítear faisnéis faoin gcaoi a láimhseálfaí na cearta sin i nósanna imeachta dócmhainneachta.

(f)i gcás nach dtairgeann an teisitheoir ceart díreach ar na cúlsócmhainní, faisnéis mhionsonraithe faoi na sásraí dá dtagraítear in Airteagal 35 (4) chun leachtacht na gcomharthaí sócmhainntagartha a áirithiú;

(g)tuairisc mhionsonraithe ar an nós imeachta láimhseála gearán dá dtagraítear in Airteagal 27;

(h)na míreanna nochta a shonraítear in Iarscríbhinní I agus II.

Chun críocha phointe (e), i gcás nach dtugtar aon éileamh díreach ná ceart fuascailte do shealbhóirí uile na gcomharthaí sócmhainn‑tagartha, beidh ráiteas soiléir gan débhrí sa pháipéar bán maidir le criptea-shócmhainní lena gcuirtear in iúl nach bhfuil aon éileamh ag sealbhóirí na gcriptea-shócmhainní ar chúlsócmhainní, nó nach féidir leo na cúlsócmhainní sin a fhuascailt leis an eisitheoir ag am ar bith.

2.Beidh achoimre, i dteanga ghonta agus neamhtheicniúil, mar chuid den pháipéar bán maidir le criptea-shócmhainní ina thabharfar faisnéis riachtanach maidir leis na comharthaí sócmhainntagartha a thairiscint don phobal nó faisnéis faoi go bhfuil sé beartaithe comharthaí sócmhainntagartha a ligean isteach chun a dtrádála ar ardán trádála le haghaidh criptea-shócmhainní, agus go háirithe faisnéis faoi eilimintí riachtanacha na gcomharthaí sócmhainntagartha lena mbaineann. Soláthrófar le formáid agus inneachar na hachoimre ar an bpáipéar bán maidir le criptea-shócmhainní, i gcomhar leis an bpáipéar bán maidir le criptea-shócmhainní, faisnéis iomchuí faoi eilimintí riachtanacha de na comharthaí sócmhainntagartha lena mbaineann chun cabhrú le ceannaitheoirí ionchasacha na gcomharthaí sócmhainntagartha cinneadh eolasach a dhéanamh. Beidh rabhadh maidir leis na nithe seo a leanas san achoimre:

(i)ba cheart í a léamh mar réamhrá don pháipéar bán maidir le criptea-shócmhainní;

(j)ba cheart don cheannaitheoir ionchasach aon chinneadh chun comharthaí sócmhainntagartha a cheannach a bhunú ar inneachar an pháipéir bháin maidir le criptea-shócmhainní ina iomláine;

(k)ní tairiscint ná sirtheoireacht chun ionstraimí airgeadais a dhíol é má thairgtear comharthaí sócmhainntagartha don phobal agus ní féidir tairiscint ná sirtheoireacht den sórt sin chun ionstraimí airgeadais a dhíol a dhéanamh ach amháin trí réamheolaire nó doiciméid eile tairisceana de bhun dlíthe náisiúnta;

(l)ní réamheolaire é an páipéar bán maidir le criptea-shócmhainní dá dtagraítear i Rialachán (AE) 2017/1129 nó doiciméad eile tairisceana de bhun reachtaíocht an Aontais nó dlíthe náisiúnta.

3.Beidh dáta ar gach páipéar bán maidir le criptea-shócmhainní.

4.Tarraingeofar an páipéar bán maidir le criptea-shócmhainní suas i dteanga oifigiúil amháin de chuid an Bhallstáit baile ar a laghad nó i dteanga is gnách a úsáid i réimse an airgeadais idirnáisiúnta.

5.Cuirfear an páipéar bán maidir le criptea-shócmhainní ar fáil i bhformáidí atá meaisíninléite.

6.Déanfaidh ESMA, tar éis dó dul i gcomhairle le ÚBE, dréachtchaighdeáin theicniúla cur chun feidhme a fhorbairt chun foirmeacha, formáidí agus teimpléid a bhunú chun críocha mhír 10.

Cuirfidh ESMA na dréachtchaighdeáin theicniúla cur chun feidhme sin faoi bhráid an Choimisiúin faoin [cuir isteach dáta atá cothrom le 12 mí i ndiaidh a theacht i bhfeidhm].

Tugtar cumhacht don Choimisiún na caighdeáin theicniúla cur chun feidhme dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 15 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.

Airteagal 18
An t‑iarratas ar údarú a mheasúnú

1.Déanfaidh údaráis inniúla a fhaigheann iarratas ar údarú dá dtagraítear in Airteagal 16 a mheas cibé atá an tiarratas sin, lena náirítear an páipéar bán maidir le criptea-shócmhainní dá dtagraítear in Airteagal 16(2), pointe (i), críochnaithe nó nach bhfuil, laistigh de 20 lá oibre ón iarratas sin a fháil. Tabharfaidh siad fógra láithreach don eisitheoir is iarratasóir cibé atá an tiarratas, lena náirítear an páipéar bán maidir le criptea-shócmhainní, críochnaithe nó nach bhfuil. I gcás nach bhfuil an tiarratas, lena náirítear an páipéar bán maidir le criptea-shócmhainní, críochnaithe, leagfar síos spriocdháta faoina mbeidh ar an eisitheoir is iarratasóir aon fhaisnéis atá in easnamh a sholáthar.

2.Déanfaidh na húdaráis inniúla, laistigh de 3 mhí ó iarratas críochnaithe a fháil, a mheas cibé a chomhlíonann an teisitheoir is iarratasóir na ceanglais a leagtar amach sa Teideal seo nó nach gcomhlíonann agus glacfaidh siad dréachtchinneadh lánréasúnaithe lena ndeonaítear nó lena ndiúltaítear údarú. Laistigh de na 3 mhí sin, féadfaidh údaráis inniúla aon fhaisnéis faoin iarratas a iarraidh ar an eisitheoir is iarratasóir, lena náirítear faoin bpáipéar bán maidir le criptea-shócmhainní dá dtagraítear in Airteagal 16(2), pointe (i).

3.Déanfaidh údaráis inniúla, tar éis na 3 mhí dá dtagraítear i mír 2, an dréachtchinneadh a tharchur chuig an eisitheoir is iarratasóir, agus an dréachtchinneadh agus an comhad iarratais a tharchur chuig ÚBE, ESMA agus BCE. I gcás ina bhfuil an teisitheoir is iarratasóir bunaithe i mBallstát nach é an euro an tairgeadra atá acu, nó i gcás ina bhfuil airgeadra nach é an euro é áirithe sna cúlsócmhainní, rachaidh na húdaráis inniúla i gcomhairle le banc ceannais an Bhallstáit sin. Beidh sé de cheart ag eisitheoirí is iarratasóirí barúlacha a thabhairt dá núdarás inniúil ar a ndréachtchinntí.

4.Déanfaidh ÚBE, ESMA, BCE agus, i gcás inarb infheidhme, banc ceannais dá dtagraítear i mír 3, laistigh de 2 mhí tar éis dóibh an dréachtchinneadh agus an comhad iarratais a fháil, tuairim neamhcheangailteach a eisiúint ar an iarratas agus tarchuirfidh siad a dtuairimí neamhcheangailteacha chuig an údarás inniúil lena mbaineann. Déanfaidh an túdarás inniúil na tuairimí neamhcheangailteacha sin agus barúlacha agus tráchtanna an eisitheora is iarratasóir a bhreithniú go cuí.

Airteagal 19
An t‑údarú a dheonú nó a dhiúltú

1.Déanfaidh údaráis inniúla, laistigh de mhí amháin tar éis dóibh an tuairim neamhcheangailteach dá dtagraítear in Airteagal 18(4) a fháil, cinneadh lánréasúnaithe a dhéanamh lena ndeonaítear nó lena ndiúltaítear údarú d’eisitheoir is iarratasóir agus, , laistigh de 5 lá oibre, tabharfaidh siad fógra faoin gcinneadh sin d’eisitheoirí is iarratasóirí. I gcás go núdaraítear eisitheoir is iarratasóir, measfar go bhfuil an páipéar bán maidir le criptea-shócmhainní formheasta.

2.Diúltóidh údaráis inniúla údarú i gcás go bhfuil forais oibiachtúla agus inléirithe ann chun na nithe seo a leanas a chreidiúint:

(a)féadfaidh comhlacht bainistíochta an eisitheora is iarratasóir bagairt a dhéanamh ar a bhainistíocht éifeachtach fhónta stuama agus ar leanúnachas gnó agus ar aird leordhóthanach a thabhairt ar leas a chliant agus ar shláine an mhargaidh;

(b)mainníonn an teisitheoir is iarratasóir aon cheann de cheanglais an Teidil seo a chomhlíonadh nó is dóigh go mainneoidh sé aon cheann de na ceanglais a chomhlíonadh;

(c)féadfaidh samhail ghnó an eisitheora is iarratasóir bagairt thromchúiseach a dhéanamh ar an gcobhsaíocht airgeadais, ar tharchur beartais airgeadaíochta nó ar cheannasacht airgeadaíochta.

3.Cuirfidh údaráis inniúla ÚBE, ESMA, BCE agus, i gcás inarb infheidhme, na bainc cheannais dá dtagraítear in Airteagal 18(3), ar an eolas faoi na húdaruithe ar fad a dheonaítear. Áireoidh ESMA an fhaisnéis seo a leanas i gclár na gcriptea-shócmhainní agus na soláthraithe seirbhísí criptea-shócmhainní dá dtagraítear in Airteagal 57:

(a)ainm, foirm dhlíthiúil agus aitheantóir eintitis dhlítheanaigh an eisitheora comharthaí sócmhainntagartha;

(b)ainm tráchtála, seoladh fisiciúil agus suíomh gréasáin an eisitheora comharthaí sócmhainntagartha;

(c)na páipéir bhána maidir le criptea-shócmhainní nó na páipéir bhána mhodhnaithe maidir le criptea-shócmhainní;

(d)aon seirbhísí eile a sholáthraíonn an teisitheoir comharthaí sócmhainntagartha nach gcumhdaítear leis an Rialachán seo, mar aon le tagairt don dlí ábhartha náisiúnta nó de chuid an Aontais.

Airteagal 20
Údarú a tharraingt siar

1.Déanfaidh údaráis inniúla údarú eisitheoirí comharthaí sócmhainntagartha a tharraingt siar sna cásanna seo a leanas:

(a)níor úsáid an teisitheoir an túdarú laistigh de 6 mhí tar éis an túdarú a dheonú;

(b)níor úsáid an teisitheoir an túdarú ar feadh 6 mhí as a chéile;

(c)fuair an teisitheoir an túdarú ar mhodh neamhrialta, lena náirítear ráitis bhréige a dhéanamh san iarratas ar údarú dá dtagraítear in Airteagal 16 nó i bpáipéar bán maidir le criptea-shócmhainní a modhnaíodh i gcomhréir le hAirteagal 21;

(d)ní chomhlíonann an teisitheoir na coinníollacha faoinar deonaíodh an túdarú a thuilleadh;

(e)sháraigh an teisitheoir forálacha an Teidil seo go tromchúiseach;

(f)cuireadh faoi phlean clabhsúir ordúil é, i gcomhréir leis na dlíthe náisiúnta dócmhainneachta is infheidhme;

(g)thréig sé an túdarú go sainráite nó chinn sé stop a chur lena oibríochtaí.

Tabharfaidh eisitheoirí comharthaí sócmhainn‑tagartha fógra dá n‑údarás inniúil faoi aon cheann de na cásanna dá dtagraítear i bpointí (f) agus (g).

2.Tabharfaidh údaráis inniúla fógra d’údarás inniúil an eisitheora comharthaí sócmhainntagartha faoi na nithe seo a leanas gan mhoill:

(a)gur chaill eintiteas tríú páirtí dá dtagraítear in Airteagal 30(5), pointe (h), údarú mar institiúid chreidmheasa dá dtagraítear in Airteagal 8 de Threoir 2013/36/AE, mar sholáthraí seirbhísí criptea-shócmhainní dá dtagraítear in Airteagal 53 den Rialachán seo, mar institiúid íocaíochta dá dtagraítear in Airteagal 11 de Threoir (AE) 2015/2366 nó mar institiúid ríomhairgid dá dtagraítear in Airteagal 3 de Threoir 2009/110/CE;

(b)gur sháraigh eisitheoir comharthaí sócmhainntagartha nó comhaltaí a chomhlachta bainistíochta forálacha náisiúnta lena dtrasuitear Treoir (AE) 2015/849 54 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le sciúradh airgid nó maoiniú sceimhlitheoireachta.

3.Déanfaidh údaráis inniúla údarú eisitheora comharthaí sócmhainntagartha a tharraingt siar i gcás go bhfuil siad den tuairim go ndéanann na fíorais dá dtagraítear i mír 2, pointí (a) agus (b) difear do dheacháil chomhlacht bainistíochta an eisitheora sin, nó go léiríonn siad cliseadh sna socruithe rialachais nó sna sásraí rialaithe inmheánaigh dá dtagraítear in Airteagal 30.

Nuair a tharraingítear an t‑údarú siar, cuirfidh an t‑eisitheoir comharthaí sócmhainn‑tagartha an nós imeachta faoi Airteagal 42 chun feidhme.

Airteagal 21
Páipéir bhána maidir le criptea-shócmhainní le haghaidh comharthaí sócmhainn‑tagartha a mhodhnú

1.Tabharfaidh eisitheoirí comharthaí sócmhainntagartha fógra don údarás inniúil ina mBallstát baile maidir le haon athrú atá beartaithe a dhéanamh ar shamhail ghnó an eisitheora ar dócha go mbeidh tionchar suntasach aige ar chinneadh ceannaigh aon sealbhóra iarbhír nó aon sealbhóra ionchasaigh de comharthaí sócmhainntagartha, a tharlaíonn tar éis an údaraithe a luaitear in Airteagal 19. Áirítear leis na hathruithe den sórt sin, i measc nithe eile, aon mhodhnuithe ábhartha ar na nithe seo a leanas:

(a)na socruithe rialachais;

(b)na cúlsócmhainní agus cumhdach na gcúlsócmhainní;

(c)na cearta a thugtar do shealbhóirí na gcomharthaí sócmhainntagartha;

(d)an sásra trína ndéantar comharthaí sócmhainntagartha a eisiúint, a chruthú agus a scriosadh;

(e)na prótacail chun na hidirbhearta i gcomharthaí sócmhainntagartha a bhailíochtú;

(f)feidhmiú DLT dílsithe an eisitheora, mar a ndéantar na comharthaí sócmhainntagartha a eisiúint, a aistriú agus a stóráil ar DLT den sórt sin;

(g)na sásraí chun fuascailt na gcomharthaí sócmhainntagartha a áirithiú nó chun a leachtacht a áirithiú;

(h)na socruithe le tríú páirtithe, lena náirítear chun na cúlsócmhainní a bhainistiú agus an cúlchiste a infheistiú, na cúlsócmhainní a chumhdach, agus, i gcás inarb infheidhme, na comharthaí sócmhainntagartha a dháileadh ar an bpobal;

(i)an beartas bainistíochta leachtachta le haghaidh eisitheoirí comharthaí sócmhainntagartha suntasacha;

(j)an nós imeachta láimhseála gearán.

2.I gcás go dtugtar fógra don údarás inniúil maidir le haon athrú atá beartaithe dá dtagraítear i mír 1, táirgfidh an teisitheoir comharthaí sócmhainntagartha dréachtpháipéar bán modhnaithe maidir le criptea-shócmhainní agus áiritheoidh sé go bhfuil ord na faisnéise ann comhsheasmhach lena bhfuil sa bhunpháipéar bán maidir le criptea-shócmhainní.

Admhóidh an t‑údarás inniúil go leictreonach go bhfuarthas an dréachtpháipéar bán modhnaithe maidir le criptea-shócmhainní a luaithe is féidir, agus laistigh de 2 lá oibre tar éis é a fháil.

Deonóidh an t‑údarás inniúil ceadú nó diúltú don dréachtpháipéar bán modhnaithe maidir le criptea-shócmhainní laistigh de 20 lá oibre tar éis a admháil go bhfuarthas an t‑iarratas. Le linn an scrúdaithe ar an dréachtpháipéar bán leasaithe maidir le criptea-shócmhainní, féadfaidh an t‑údarás inniúil aon fhaisnéis bhreise, míniúcháin nó údair a iarraidh faoin dréachtpháipéar bán leasaithe maidir le criptea-shócmhainní. Nuair a iarrann an t‑údarás inniúil faisnéis bhreise den sórt sin, ní thosóidh an teorainn ama 20 lá oibre ach nuair a gheobhaidh an t‑údarás inniúil an fhaisnéis bhreise a iarrtar.

Féadfaidh an t‑údarás inniúil dul i gcomhairle le ÚBE, ESMA, BCE agus, i gcás inarb infheidhme, bainc cheannais na mBallstát nach é an euro an t‑airgeadra iontu.

3.Mar a bhformheastar an páipéar bán modhnaithe maidir le criptea-shócmhainní, féadfaidh an túdarás inniúil iarraidh ar an eisitheoir comharthaí sócmhainntagartha na nithe seo a leanas a dhéanamh:

(a)sásraí a chur i bhfeidhm chun cosaint sealbhóirí comharthaí sócmhainntagartha a áirithiú, nuair a d’fhéadfadh modhnú féideartha ar oibríochtaí an eisitheora éifeacht ábhartha a bheith aige ar luach, ar chobhsaíocht nó ar rioscaí na gcomharthaí sócmhainntagartha nó na gcúlsócmhainní;

(b)aon bhearta ceartaitheacha iomchuí a dhéanamh chun cobhsaíocht airgeadais a áirithiú.

Airteagal 22
Dliteanas eisitheoirí comharthaí sócmhainn‑tagartha i leith na faisnéise a thugtar i bpáipéar bán maidir le criptea-shócmhainní

1.I gcás ina sáraíonn eisitheoir comharthaí sócmhainntagartha nó a chomhlacht bainistíochta Airteagal 17, ach páipéar bán maidir le criptea-shócmhainní nó páipéar bán modhnaithe maidir le criptea-shócmhainní a sholáthar nach bhfuil iomlán, cothrom nó soiléir nó faisnéis a sholáthar atá míthreorach, féadfaidh sealbhóir comharthaí sócmhainntagartha den sórt sin damáistí a éileamh ar an eisitheoir comharthaí sócmhainntagartha sin nó óna chomhlacht bainistíochta i leith an damáiste a rinneadh dó mar thoradh ar an sárú sin.

Maidir le heisiamh aon dliteanais shibhialta, ní bheidh aon éifeacht dhlíthiúil aige.

2.Beidh sé de fhreagracht ar shealbhóirí comharthaí sócmhainntagartha fianaise a thíolacadh a thabharfaidh le fios gur sháraigh an teisitheoir comharthaí sócmhainntagartha Airteagal 17 agus go raibh tionchar ag an sárú sin ar a gcinneadh maidir leis na comharthaí sócmhainntagartha sin a cheannach, a dhíol nó a mhalartú.

3.Ní fhéadfaidh sealbhóir comharthaí sócmhainntagartha damáistí a éileamh i leith na faisnéise a sholáthraítear in achoimre dá dtagraítear in Airteagal 17(2), lena náirítear an taistriúchán uirthi, ach amháin sna cásanna seo a leanas:

(a)má tá an achoimre míthreorach, míchruinn nó neamhréireach nuair a léitear in éineacht leis na codanna eile den pháipéar bán maidir le criptea-shócmhainní í;

(b)mura soláthraítear san achoimre, nuair a léitear in éineacht le codanna eile den pháipéar bán maidir le criptea-shócmhainní í, faisnéis atá tábhachtach chun cabhrú le tomhaltóirí agus le hinfheisteoirí cinneadh a dhéanamh maidir le comharthaí sócmhainntagartha den sórt sin a cheannach.

4.Ní eisiafar leis an Airteagal seo éilimh bhreise maidir le dliteanas sibhialta i gcomhréir leis an dlí náisiúnta.   

Caibidil 2

Oibleagáidí na n‑eisitheoirí comharthaí sócmhainn‑tagartha uile

Airteagal 23
Oibleagáid gníomhú ar bhealach macánta, cothrom agus gairmiúil chun leas na sealbhóirí comharthaí sócmhainn‑tagartha 

1.Déanfaidh eisitheoirí comharthaí sócmhainntagartha na nithe seo a leanas:

(a)gníomhóidh siad go hionraic, go cothrom agus go gairmiúil;

(b)déanfaidh siad cumarsáid le sealbhóirí comharthaí sócmhainntagartha ar bhealach cothrom, soiléir agus ar bhealach nach bhfuil míthreorach.

2.Gníomhóidh eisitheoirí comharthaí sócmhainntagartha ar mhaithe le leas na sealbhóirí comharthaí sin agus caithfidh siad mar an gcéanna leo ar fad, mura nochtar aon chóir fhabhrach sa pháipéar bán maidir le criptea-shócmhainní, agus, i gcás inarb infheidhme, sa chumarsáid mhargaíochta.

Airteagal 24
Páipéar bán maidir le criptea-shócmhainní a fhoilsiú, agus, i gcás inarb infheidhme, cumarsáid mhargaíochta a fhoilsiú

Foilseoidh eisitheoirí comharthaí sócmhainn‑tagartha a bpáipéar bán maidir le criptea-shócmhainní dá dtagraítear in Airteagal 19(1) ar a suíomh gréasáin agus, i gcás inarb infheidhme, a bpáipéar bán modhnaithe maidir le criptea-shócmhainní dá dtagraítear in Airteagal 21 agus a gcumarsáid mhargaíochta dá dtagraítear in Airteagal 25. Beidh rochtain ag an bpobal ar na páipéir bhána faoi thráth nach déanaí ná an dáta tosaigh a thairgfear na comharthaí sócmhainn‑tagartha suntasacha don phobal nó an dáta a ligfear na comharthaí sin isteach chun a dtrádála ar ardán trádála le haghaidh criptea-shócmhainní. Beidh an páipéar bán formheasta maidir le criptea-shócmhainní, agus, i gcás inarb infheidhme, an páipéar bán modhnaithe maidir le criptea-shócmhainní agus an chumarsáid mhargaíochta, ar fáil ar shuíomh gréasáin an eisitheora chomh fada agus a bheidh na criptea-shócmhainní ag an bpobal.

Airteagal 25
Cumarsáid mhargaíochta    

1.Déanfaidh aon chumarsáid mhargaíochta a bhaineann le comharthaí sócmhainntagartha a thairiscint don phobal, nó a bhaineann le comharthaí sócmhainntagartha den sórt sin a ligean isteach chun a dtrádála ar ardán trádála le haghaidh criptea-shócmhainní, na nithe seo a leanas a chomhlíonadh:

(a)beifear in ann a aithint go soiléir gur cumarsáid mhargaíochta atá ann;

(b)beidh an fhaisnéis sa chumarsáid mhargaíochta cothrom, soiléir agus ní bheidh sí míthreorach;

(c)beidh an fhaisnéis sa chumarsáid mhargaíochta comhsheasmhach leis an bhfaisnéis sa pháipéar bán maidir le criptea-shócmhainní;

(d)luafar go soiléir sa chumarsáid mhargaíochta gur foilsíodh páipéar bán maidir le criptea-shócmhainní agus tabharfar seoladh shuíomh gréasáin eisitheoir na gcriptea-shócmhainní.

2.I gcás nach dtugtar aon éileamh díreach nó ceart fuascailte do shealbhóirí uile na gcomharthaí sócmhainntagartha, beidh ráiteas soiléir gan débhrí sa chumarsáid mhargaíochta lena gcuirtear in iúl nach bhfuil aon éileamh ag sealbhóirí na gcomharthaí sócmhainntagartha ar chúlsócmhainní, nó nach féidir leo na cúlsócmhainní sin a fhuascailt leis an eisitheoir ag am ar bith.

Airteagal 26
Faisnéis leanúnach do shealbhóirí comharthaí sócmhainn‑tagartha

1.Déanfaidh eisitheoirí comharthaí sócmhainntagartha líon na gcomharthaí sócmhainntagartha atá i gcúrsaíocht agus luach agus comhdhéanamh na gcúlsócmhainní dá dtagraítear in Airteagal 32 a nochtadh ar bhealach soiléir, cruinn agus trédhearcach gach mí ar a laghad ar a suíomh gréasáin.

2.Nochtfaidh eisitheoirí comharthaí sócmhainntagartha toradh an iniúchta ar na cúlsócmhainní dá dtagraítear in Airteagal 32 ar a suíomh gréasáin a luaithe is féidir ar bhealach atá soiléir, cruinn agus trédhearcach.

3.Gan dochar d’Airteagal 77, déanfaidh eisitheoirí comharthaí sócmhainntagartha aon imeacht a raibh tionchar suntasach aige ar luach na gcomharthaí sócmhainntagartha nó ar na cúlsócmhainní dá dtagraítear in Airteagal 32, nó ar dócha go mbeidh tionchar suntasach aige orthu, a nochtadh ar an suíomh gréasáin a luaithe is féidir agus ar bhealach soiléir, cruinn, trédhearcach.

Airteagal 27
An nós imeachta láimhseála gearán

1.Bunóidh eisitheoirí comharthaí sócmhainntagartha nósanna imeachta éifeachtacha trédhearcacha chun gearáin a fhaightear ó shealbhóirí comharthaí sócmhainntagartha a láimhseáil go pras, go cothrom agus go comhsheasmhach agus déanfaidh siad na nósanna sin a choimeád ar bun. Mar a ndéanann eintitis tríú páirtí dá dtagraítear in Airteagal 30(5) pointe (h) na comharthaí sócmhainntagartha a dháileadh, go hiomlán nó i bpáirt, bunóidh eisitheoirí comharthaí sócmhainntagartha nósanna imeachta chun éascú a dhéanamh ar ghearáin den sórt sin a láimhseáil idir sealbhóirí comharthaí sócmhainntagartha agus eintitis tríú páirtí den sórt sin.

2.Beidh sealbhóirí comharthaí sócmhainntagartha in ann gearáin a chomhdú le heisitheoirí a gcomharthaí sócmhainntagartha saor in aisce.

3.Déanfaidh eisitheoirí comharthaí sócmhainntagartha teimpléad chun gearáin a chomhdú a fhorbairt agus a chur ar fáil do chliaint agus coinneoidh siad taifead ar na gearáin go léir a fhaightear agus aon bhearta a dhéantar mar fhreagairt orthu.

4.Imscrúdóidh eisitheoirí comharthaí sócmhainntagartha gach gearán ar bhealach tráthúil cothrom agus cuirfidh siad torthaí aon imscrúduithe den sórt sin in iúl do shealbhóirí a gcomharthaí sócmhainntagartha laistigh de thréimhse réasúnta ama.

5.Forbróidh ÚBE, i ndlúthchomhar le ESMA, dréachtchaighdeáin theicniúla rialála ina sonrófar na ceanglais, na teimpléid agus na nósanna imeachta láimhseála gearán.

Cuirfidh ÚBE na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála sin faoi bhráid an Choimisiúin faoi ... [cuir isteach dáta atá cothrom le 12 mhí i ndiaidh an dáta ar a dtiocfaidh an Rialacháin seo i bhfeidhm].

Déantar an chumhacht a tharmligean chuig an gCoimisiún chun na caighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagail 10 go 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010.

Airteagal 28
Coinbhleachtaí leasa a chosc, a shainaithint, a bhainistiú agus a nochtadh

1.Déanfaidh eisitheoirí comharthaí sócmhainntagartha beartais agus nósanna imeachta a choimeád ar bun agus a chur chun feidhme chun coinbhleachtaí leasa idir iad féin agus na daoine seo a leanas a chosc, a shainaithint, a bhainistiú agus a nochtadh:

(a)a scairshealbhóirí;

(b)comhaltaí a gcomhlachta bainistíochta;

(c)a bhfostaithe;

(d)aon daoine nádúrtha ar leo, go díreach nó go hindíreach, níos mó ná 20 % de scairchaipiteal nó cearta vótála an eisitheora criptea-shócmhainní sócmhainnbhunaithe, nó a fheidhmíonn, ar aon bhealach eile, rialú ar an eisitheoir sin;

(e)sealbhóirí na gcomharthaí sócmhainntagartha;

(f)aon tríú páirtí a sholáthraíonn aon cheann de na feidhmeanna dá dtagraítear in Airteagal 30(5), pointe (h);

(g)i gcás inarb infheidhme, aon duine dlítheanach nó aon duine nádúrtha dá dtagraítear in Airteagal 35(3).

Déanfaidh eisitheoirí comharthaí sócmhainn‑tagartha, go háirithe, bearta iomchuí chun coinbhleachtaí leasa a eascraíonn as bainistiú agus infheistiú na gcúlsócmhainní dá dtagraítear in Airteagal 32 a chosc, a shainaithint, a bhainistiú agus a nochtadh.

2.Nochtfaidh eisitheoirí comharthaí sócmhainntagartha do shealbhóirí comharthaí sócmhainntagartha cineál ginearálta agus foinsí na gcoinbhleachtaí leasa agus na bearta a rinneadh chun iad a mhaolú.

3.Déanfar an nochtadh sin in áit fheiceálach ar shuíomh gréasáin an eisitheora comharthaí sócmhainntagartha.

4.Beidh an nochtadh dá dtagraítear i mír 3 beacht go leor le go bhféadfaidh sealbhóirí a gcomharthaí sócmhainntagartha cinneadh eolasach ceannaigh a dhéanamh faoi na comharthaí sócmhainntagartha.

5.Forbróidh ÚBE dréachtchaighdeáin theicniúla rialála chun na nithe seo a leanas a shonrú:

(a)na ceanglais maidir leis na beartais agus na nósanna imeachta dá dtagraítear i mír 1;

(b)na socruithe maidir le nochtadh dá dtagraítear i mír 3.

Cuirfidh ÚBE na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála sin faoi bhráid an Choimisiúin faoi ... [cuir isteach dáta atá cothrom le 12 mhí i ndiaidh an dáta ar a dtiocfaidh an Rialacháin seo i bhfeidhm].

Déantar an chumhacht a tharmligean chuig an gCoimisiún chun na caighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír den mhír seo a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagail 10 go 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010.

Airteagal 29
Faisnéis a sholáthar do na húdaráis inniúla

Tabharfaidh eisitheoirí comharthaí sócmhainn‑tagartha fógra dá n‑údarás inniúil faoi aon athrú ar a gcomhlacht bainistíochta.

Airteagal 30
Socruithe rialachais

1.Beidh socruithe daingne rialachais ag eisitheoirí comharthaí sócmhainntagartha, lena náirítear struchtúr soiléir eagraíochtúil ina mbeidh freagrachtaí deashainithe, trédhearcacha agus comhsheasmhacha, próisis éifeachtacha chun rioscaí a bhfuil sé neamhchosanta orthu nó a bhféadfadh sé a bheith neamhchosanta orthu a shainaithint, a bhainistiú, a thuairisciú agus faireachán a dhéanamh orthu, mar aon le sásraí leordhóthanacha um rialú inmheánach, lena náirítear nósanna imeachta fónta ó thaobh an riaracháin agus na cuntasaíochta.

2.Maidir le comhaltaí chomhlacht bainistíochta na neisitheoirí comharthaí sócmhainntagartha, beidh deacháil orthu agus beidh siad inniúil ó thaobh cáilíochtaí, taithí agus scileanna de, chun a ndualgas a chomhlíonadh agus chun bainistíocht fhónta agus stuama na neisitheoirí sin a áirithiú. Léireoidh siad freisin go bhfuil siad in ann dóthain ama a thiomnú dá bhfeidhmeanna a chomhlíonadh go héifeachtach.

3.Maidir le daoine nádúrtha ar leo, go díreach nó go hindíreach, níos mó ná 20 % de scairchaipiteal nó cearta vótála eisitheoirí criptea-shócmhainní, nó a fheidhmíonn, ar aon bhealach eile, rialú ar eisitheoirí den sórt sin, beidh deacháil orthu agus beidh inniúlacht iontu.

4.Ní chiontófar aon duine de na daoine dá dtagraítear i míreanna 2 ná 3 i gcionta a bhaineann le sciúradh airgid ná sceimhlitheoireacht a mhaoiniú ná coireanna eile airgeadais.

5.Glacfaidh eisitheoirí comharthaí sócmhainntagartha beartais agus nósanna imeachta atá éifeachtach a ndóthain chun comhlíonadh an Rialacháin seo a áirithiú, lena náirítear forálacha uile an Teidil seo a bheith á gcomhlíonadh ag a mbainisteoirí agus a bhfostaithe. Déanfaidh eisitheoirí comharthaí sócmhainntagartha beartas agus nósanna imeachta um na nithe seo a leanas a bhunú, a choimeád ar bun agus a chur chun feidhme go háirithe:

(a)an cúlchiste sócmhainní dá dtagraítear in Airteagal 32;

(b)na cúlsócmhainní a chumhdach, mar a shonraítear in Airteagal 33;

(c)na cearta nó an easpa ceart a dheonaítear do shealbhóirí comharthaí sócmhainntagartha, mar a shonraítear in Airteagal 35;

(d)an sásra trína ndéantar comharthaí sócmhainntagartha a eisiúint, a chruthú agus a scriosadh;

(e)na prótacail chun idirbhearta i gcomharthaí sócmhainntagartha a bhailíochtú;

(f)feidhmiú DLT dílsithe an eisitheora, mar a ndéantar na comharthaí sócmhainntagartha a eisiúint, a aistriú agus a stóráil ar DLT den sórt sin nó ar theicneolaíocht chomhchosúil atá á hoibriú ag an eisitheoir nó ag tríú páirtí atá ag feidhmiú ar a shon;

(g)na sásraí chun fuascailt na gcomharthaí sócmhainntagartha a áirithiú nó chun a leachtacht a áirithiú, mar a shonraítear in Airteagal 35(4);

(h)socruithe le heintitis tríú páirtí chun an cúlchiste sócmhainní a fheidhmiú, agus le haghaidh infheistiú na gcúlsócmhainní, chun na cúlsócmhainní a chumhdach, agus, i gcás inarb infheidhme, na comharthaí sócmhainntagartha a dháileadh ar an bpobal;

(i)gearáin a láimhseáil, mar a shonraítear in Airteagal 27;

(j)coinbhleachtaí leasanna, mar a shonraítear in Airteagal 28;

(k)beartas bainistíochta leachtachta le haghaidh eisitheoirí comharthaí sócmhainntagartha, mar a shonraítear in Airteagal 41(3).

Maidir le heisitheoirí comharthaí sócmhainn‑tagartha a úsáideann eintitis tríú páirtí chun na feidhmeanna a leagtar amach i bpointe (h) a dhéanamh, déanfaidh siad socruithe conarthacha a bhunú agus a choimeád ar bun leis na heintitis tríú páirtí sin ina leagtar amach róil, freagrachtaí, cearta agus oibleagáidí eisitheoirí na gcomharthaí sócmhainn‑tagartha agus gach ceann de na heintitis tríú páirtí sin. Déanfar foráil i socrú conarthach lena mbainfidh impleachtaí trasdlínse le rogha shoiléir dlí.

6.Murar thionscain siad plean dá dtagraítear in Airteagal 42, cuirfidh eisitheoirí comharthaí sócmhainntagartha córais, acmhainní agus nósanna imeachta iomchuí agus comhréireacha i bhfeidhm chun feidhmiú leanúnach agus rialta a gcuid seirbhísí agus gníomhaíochtaí a áirithiú. Chuige sin, coinneoidh eisitheoirí comharthaí sócmhainntagartha a gcórais agus a bprótacail rochtana slándála uile ar bun de réir chaighdeáin iomchuí an Aontais.

7.Sainaithneoidh eisitheoirí comharthaí sócmhainntagartha foinsí riosca oibriúcháin agus déanfaidh siad iad a íoslaghdú ach córais, rialtáin agus nósanna imeachta atá iomchuí a fhorbairt.

8.Bunóidh eisitheoirí comharthaí sócmhainntagartha beartas leanúnachais gnó lena náirithítear i gcás go gcuirtear isteach ar a gcórais agus a nósanna imeachta, go gcaomhnaítear sonraí agus feidhmeanna riachtanacha agus go gcoimeádtar a ngníomhaíochtaí ar bun, nó, i gcás nach féidir é sin a dhéanamh, go nathshlánaítear na sonraí agus na feidhmeanna sin go tráthúil agus go natosaítear a ngníomhaíochtaí go tráthúil.

9.Beidh sásraí rialaithe inmheánaigh agus nósanna imeachta éifeachtacha ag eisitheoirí comharthaí sócmhainntagartha maidir le measúnú riosca agus bainistíocht riosca, lena náirítear socruithe éifeachtacha rialaithe agus cosanta chun córais TFC a bhainistiú mar a cheanglaítear le Rialachán (AE) 2021/xx ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 55 . Déanfar foráil leis na nósanna imeachta do mheasúnú cuimsitheach maidir le spleáchas ar eintitis tríú páirtí dá dtagraítear i mír 5, pointe (h). Déanfaidh eisitheoirí comharthaí sócmhainntagartha faireachán agus measúnú ar bhonn rialta ar leordhóthanacht agus éifeachtúlacht na sásraí rialaithe inmheánaigh agus na nósanna imeachta um measúnú riosca agus déanfaidh siad bearta cuí chun dul i ngleic le haon easnaimh.

10.Beidh córais agus nósanna imeachta i bhfeidhm ag eisitheoirí criptea-shócmhainní sócmhainnbhunaithe atá leordhóthanach chun slándáil, sláine agus rúndacht faisnéise a chosaint mar a cheanglaítear le Rialachán (AE) 2021/xx ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 56 . Déanfaidh na córais sin sonraí agus faisnéis ábhartha a bhailítear agus a tháirgtear le linn ghníomhaíochtaí na neisitheoirí a thaifeadadh agus a chosaint.

11.Áiritheoidh eisitheoirí comharthaí sócmhainntagartha go ndéanann iniúchóirí neamhspleácha iniúchóireacht orthu go tráthrialta. Cuirfear torthaí na niniúchtaí sin in iúl do chomhlacht bainistíochta an eisitheora lena mbaineann agus cuirfear ar fáil don údarás inniúil iad.

12.Forbróidh ÚBE, i ndlúthchomhar le ESMA, dréachtchaighdeáin theicniúla rialála ina sonrófar an tíosmhéid inneachair a bheidh sna socruithe rialachais maidir leis na nithe seo a leanas:

(a)na huirlisí faireacháin do na rioscaí dá dtagraítear i míreanna 1 agus 7;

(b)an sásra rialaithe inmheánaigh dá dtagraítear i míreanna 1 agus 9;

(c)an plean leanúnachais gnó dá dtagraítear i mír 8;

(d)na hiniúchtaí dá dtagraítear i mír 11;

Cuirfidh ÚBE na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála sin faoi bhráid an Choimisiúin faoi [cuir isteach dáta atá cothrom le 12 mhí i ndiaidh a theacht i bhfeidhm]. 

Déantar an chumhacht a tharmligean chuig an gCoimisiún chun na caighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagail 10 go 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010.

Airteagal 31
Ceanglais maidir le cistí dílse

1.Beidh cistí dílse arb ionann iad agus an ceann is mó de na nithe seo a leanas ar a laghad ag eisitheoirí comharthaí sócmhainntagartha i gcónaí:

(a)EUR 350 000;

(b)2 % de mheánmhéid na gcúlsócmhainní dá dtagraítear in Airteagal 32.

Chun críoch phointe (b), ciallóidh meánmhéid na gcúlsócmhainní meánmhéid na gcúlsócmhainní ag deireadh gach lae féilire, arna ríomh thar na 6 mhí roimhe sin.

I gcás ina dtairgeann eisitheoir níos mó ná catagóir amháin comharthaí sócmhainn‑tagartha, is é an méid dá dtagraítear i bpointe (b) suim mheánmhéid na gcúlsócmhainní atá mar thaca do gach catagóir comharthaí sócmhainn‑tagartha.

2.Is éard a bheidh sna cistí dílse dá dtagraítear i mír 1 ítimí agus ionstraimí Ghnáthchothromas Leibhéal 1 dá dtagraítear in Airteagail 26 go 30 de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 tar éis na nasbhaintí go léir, de bhun Airteagal 36 den Rialachán sin, gan díolúintí tairsí dá dtagraítear in Airteagail 46 agus 48 den Rialachán sin a chur i bhfeidhm.

3.Féadfaidh údaráis inniúla na mBallstát baile a cheangal ar eisitheoirí comharthaí sócmhainntagartha cistí dílse a choimeád atá suas le 20 % níos airde ná an méid atá ann mar thoradh ar mhír 1, pointe (b) a chur i bhfeidhm, nó cead a thabhairt d’eisitheoirí den sórt sin cistí dílse a choimeád atá suas le 20 % níos ísle ná an méid atá mar thoradh ar mhír 1, pointe (b) a chur i bhfeidhm, i gcás ina léiríonn measúnú ar an méid seo a leanas leibhéal níos airde nó níos ísle riosca:

(a)an mheastóireacht ar phróisis bainistithe riosca agus sásraí rialaithe inmheánaigh an eisitheora comharthaí sócmhainntagartha dá dtagraítear in Airteagal 30, míreanna 1, 7 agus 9;

(b)cáilíocht agus luaineacht na gcúlsócmhainní dá dtagraítear in Airteagal 32;

(c)na cineálacha ceart a dheonaíonn an teisitheoir comharthaí sócmhainntagartha do shealbhóirí comharthaí sócmhainntagartha i gcomhréir le hAirteagal 35;

(d)mar a ndéantar na cúlsócmhainní a infheistiú, na rioscaí i leith na gcúlsócmhainní a bhaineann leis an mbeartas infheistíochta;

(e)an luach comhiomlán agus an líon idirbheart a dhéantar i gcomharthaí sócmhainntagartha;

(f)tábhacht na margaí ar a dtairgtear agus ar a ndéantar na comharthaí sócmhainntagartha a mhargú;

(g)i gcás inarb infheidhme, caipitliú margaidh na gcomharthaí sócmhainntagartha.

4.Forbróidh ÚBE, i ndlúthchomhar le ESMA, dréachtchaighdeáin theicniúla rialála ina sonrófar a thuilleadh an méid seo a leanas:

(a)an mhodheolaíocht chun cistí dílse a ríomh a leagtar amach i mír 1;

(b)an nós imeachta agus an tréimhse ama a bheidh ag eisitheoir comharthaí sócmhainntagartha suntasacha le dul in oiriúint do cheanglais maidir le cistí dílse níos airde mar a leagtar amach i mír 3;

(c)na critéir chun cistí dílse níos airde a éileamh nó chun cistí dílse níos ísle a cheadú, mar a leagtar amach i mír 3.

Cuirfidh ÚBE na dréachtchaighdeáin rialála sin faoi bhráid an Choimisiúin faoin [cuir isteach dáta 12 mhí i ndiaidh an dáta thiocfaidh sé i bhfeidhm]. 

Déantar an chumhacht a tharmligean chuig an gCoimisiún chun na caighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagail 10 go 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010.

Caibidil 3

Cúlchiste sócmhainní

Airteagal 32
Oibleagáid cúlchiste sócmhainní a bheith acu, agus comhdhéanamh agus bainistíocht na gcúlsócmhainní sin

1.Déanfaidh eisitheoirí comharthaí sócmhainntagartha cúlchiste sócmhainní a bhunú agus a choimeád ar bun i gcónaí.

2.Déanfaidh eisitheoirí a thairgeann dhá chatagóir comharthaí sócmhainntagartha nó níos mó don phobal cúlchiste sócmhainní ar leithligh a oibriú agus a choimeád ar bun do gach catagóir de comharthaí sócmhainntagartha agus bainisteofar astu féin iad.

Déanfaidh eisitheoirí comharthaí sócmhainn‑tagartha a thairgeann na comharthaí sócmhainn‑tagartha céanna don phobal cúlchiste sócmhainní amháin a oibriú agus a choimeád ar bun don chatagóir sin de chomharthaí sócmhainn‑tagartha.

3.Áiritheoidh comhlachtaí bainistíochta eisitheoirí comharthaí sócmhainntagartha go ndéantar na cúlsócmhainní a bhainistiú ar bhealach éifeachtach agus stuama. Áiritheoidh na heisitheoirí go ndéantar cruthú agus scriosadh comharthaí sócmhainntagartha suntasacha a mheaitseáil le méadú nó laghdú comhfhreagrach ar an gcúlchiste sócmhainní i gcónaí agus go ndéantar an méadú nó laghdú sin a bhainistiú go leordhóthanach d’fhonn drochthionchar ar mhargadh na gcúlsócmhainní a sheachaint.

4.Beidh beartas soiléir mionsonraithe ag eisitheoirí comharthaí sócmhainntagartha ina dtugtar tuairisc ar shásra cobhsaíochta na gcomharthaí sin. Déanfaidh an beartas agus an nós imeachta sin na nithe seo a leanas go háirithe:

(a)liostálfar na sócmhainní tagartha a bhfuil sé d’aidhm ag na comharthaí sócmhainntagartha a luach a chobhsú agus comhdhéanamh na sócmhainní tagartha sin;

(b)tabharfar tuairisc ar an gcineál sócmhainní agus ar leithdháileadh beacht na sócmhainní a áirítear leis an gcúlchiste sócmhainní;

(c)beidh measúnú mionsonraithe ann ar na rioscaí atá ann, lena náirítear riosca creidmheasa, riosca margaidh agus riosca leachtachta mar thoradh ar na cúlsócmhainní;

(d)tabharfar tuairisc ar an nós imeachta trína ndéantar na comharthaí sócmhainntagartha a chruthú agus a scriosadh, agus iarmhairt an chruthaithe nó an scriosta sin ar mhéadú agus ar laghdú na gcúlsócmhainní;

(e)luafar ann cibé a infheistíodh na cúlsócmhainní nó nár infheistíodh;

(f)i gcás ina ninfheistíonn eisitheoirí comharthaí sócmhainntagartha cuid de na cúlsócmhainní, tabharfar tuairisc mhionsonraithe ar an mbeartas infheistíochta agus beidh measúnú ann ar an gcaoi ar féidir leis an mbeartas infheistíochta sin dul i bhfeidhm ar luach na gcúlsócmhainní;

(g)tabharfar tuairisc ar an nós imeachta chun comharthaí sócmhainntagartha a cheannach agus chun comharthaí sócmhainntagartha den sórt sin a fhuascailt i gcoinne na gcúlsócmhainní, agus liostálfar na daoine nó na catagóirí daoine atá i dteideal déanamh amhlaidh.

5.Gan dochar d’Airteagal 30(11), sainordóidh eisitheoirí comharthaí sócmhainntagartha go ndéanfar iniúchóireacht neamhspleách ar na cúlsócmhainní gach 6 mhí, ó dháta a údaraithe dá dtagraítear in Airteagal 19.

Airteagal 33
Na cúlsócmhainní a chumhdach

1.Déanfaidh eisitheoirí comharthaí sócmhainntagartha beartais cumhdaigh, nósanna imeachta agus socruithe conarthacha a bhunú, a choimeád ar bun, agus a chur chun feidhme chun na nithe seo a leanas a áirithiú i gcónaí:

(a)déantar na cúlsócmhainní a dheighilt ó shócmhainní na neisitheoirí féin;

(b)ní ualaítear cúlsócmhainní agus ní cuirtear cúlsócmhainní i ngeall mar ‘shocrú comhthaobhachta airgeadais’, mar ‘shocrú comhthaobhachta airgeadais aistrithe teidil’ nó mar ‘shocrú comhthaobhachta airgeadais urrúis’ de réir bhrí Airteagal 2(1), pointí (a), (b) agus (c) de Threoir 2002/47/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 57 ;

(c)cumhdaítear na cúlsócmhainní i gcomhréir le mír 4;

(d)tá rochtain phras ag eisitheoirí comharthaí sócmhainntagartha ar na cúlsócmhainní chun aon iarrataí fuascailte ó shealbhóirí comharthaí sócmhainntagartha a chomhlíonadh.

Beidh beartas cumhdaigh do gach cúlchiste sócmhainní ag eisitheoirí comharthaí sócmhainn‑tagartha a eisíonn dhá chatagóir comharthaí sócmhainn‑tagartha nó níos mó san Aontas. Déanfaidh eisitheoirí comharthaí sócmhainn‑tagartha a thairgeann na comharthaí sócmhainn‑tagartha céanna don phobal beartas cumhdaigh amháin a oibriú agus a choimeád ar bun.

2.Beidh na cúlsócmhainní a fhaightear mar mhalairt ar chomharthaí sócmhainntagartha á gcumhdach tráth nach déanaí ná 5 lá gnó tar éis do na daoine seo a leanas na comharthaí sócmhainntagartha a eisiúint:

(a)soláthraí seirbhísí criptea-shócmhainní a údaraítear faoi Airteagal 53 le haghaidh na seirbhíse a luaitear in Airteagal 3(1), pointe (10), mar a bhfuil na cúlsócmhainní i bhfoirm criptea-shócmhainní;

(b)institiúid chreidmheasa le haghaidh gach cineáil eile cúlsócmhainní.

3.Feidhmíonn eisitheoirí comharthaí sócmhainntagartha gach scil, cúram, dícheall cuí agus institiúidí creidmheasa agus soláthraithe seirbhísí criptea-shócmhainní á roghnú, á gceapadh agus á nathbhreithniú mar choimeádaithe na gcúlsócmhainní i gcomhréir le mír 2.

Áiritheoidh eisitheoirí comharthaí sócmhainn‑tagartha go bhfuil an saineolas agus an clú margaidh is gá ag na hinstitiúidí creidmheasa agus ag na soláthraithe seirbhísí criptea-shócmhainní a cheaptar mar choimeádaithe na gcúlsócmhainní sin chun gníomhú mar choimeádaithe na gcúlsócmhainní sin agus cuirfidh siad cleachtais chuntasaíochta, nósanna imeachta um choimeád slán agus sásraí rialaithe inmheánaigh na n‑institiúidí creidmheasa agus na soláthraithe seirbhísí criptea-shócmhainní sin san áireamh. Áiritheofar le socruithe conarthacha a dhéanfar idir eisitheoirí comharthaí sócmhainn‑tagartha agus na coimeádaithe go gcosnófar na cúlsócmhainní arna gcumhdach i gcoinne éilimh ó chreidiúnaithe na gcoimeádaithe.

Leagfar amach leis na beartais agus nósanna imeachta cumhdaigh dá dtagraítear i mír 1 na critéir roghnúcháin maidir le hinstitiúidí creidmheasa nó soláthraithe seirbhísí criptea-shócmhainní a cheapadh mar choimeádaithe na gcúlsócmhainní agus an nós imeachta atá ann chun athbhreithniú a dhéanamh ar cheapacháin den sórt sin.

Déanfaidh eisitheoirí comharthaí sócmhainn‑tagartha athbhreithniú ar cheapachán institiúidí creidmheasa nó soláthraithe seirbhísí criptea-shócmhainní mar choimeádaithe na gcúlsócmhainní ar bhonn rialta. Chun na críche sin, déanfaidh an t‑eisitheoir comharthaí sócmhainn‑tagartha meastóireacht ar a nochtadh ar choimeádaithe den sórt sin agus cuirfear raon iomlán a chaidrimh leo san áireamh, agus déanfaidh an t‑eisitheoir faireachán ar dhálaí airgeadais na gcoimeádaithe sin ar bhonn leanúnach.

4.Cuirfear na cúlsócmhainní a choimeádtar ar son eisitheoirí comharthaí sócmhainntagartha ar iontaoibh institiúidí creidmheasa nó soláthraithe seirbhísí criptea-shócmhainní a cheapfar i gcomhréir le mír 3 ar an mbealach seo a leanas:

(a)cumhdóidh institiúidí creidmheasa airgeadraí fiat faoi choimeád i gcuntas a osclaíodh i leabhair na ninstitiúidí creidmheasa;

(b)maidir le hionstraimí airgeadais is féidir a chumhdach, coimeádfaidh institiúidí creidmheasa gach ionstraim airgeadais is féidir a chlárú i gcuntas ionstraimí airgeadais a osclaítear i leabhair na ninstitiúidí creidmheasa agus gach ionstraim airgeadais is féidir a sheachadadh go fisiciúil chuig na hinstitiúidí creidmheasa sin;

(c)maidir le criptea-shócmhainní is féidir a chumhdach, coimeádfaidh na soláthraithe seirbhísí criptea-shócmhainní na criptea-shócmhainní a áirítear sna cúlsócmhainní nó na bealaí rochtana chuig criptea-shócmhainní den sórt sin, i gcás inarb infheidhme i bhfoirm eochracha cripteagrafacha príobháideacha;

(d)maidir le sócmhainní eile, fíoróidh na hinstitiúidí creidmheasa úinéireacht na neisitheoirí comharthaí sócmhainntagartha agus coimeádfaidh siad taifead ar na cúlsócmhainní sin ar deimhin leo ina leith gur leis na heisitheoirí comharthaí sócmhainntagartha na cúlsócmhainní sin.

Chun críche phointe (a), áiritheoidh institiúidí creidmheasa go gclárófar airgeadraí fiat i leabhair na n‑institiúidí creidmheasa laistigh de chuntas deighilte i gcomhréir leis na forálacha náisiúnta lena dtrasuitear Airteagal 16 de Threoir 2006/73/CE 58 ón gCoimisiún i ndlíchóras na mBallstát. Osclófar an cuntas in ainm na n‑eisitheoirí comharthaí sócmhainn‑tagartha chun críche na cúlsócmhainní a bhainistiú, ionas gur féidir a shainaithint go soiléir go mbaineann na hairgeadraí fiat a chumhdaítear leis an gcúlchiste sócmhainní.

Chun críocha phointe (b), áiritheoidh institiúidí creidmheasa go gcláraítear i leabhair na hinstitiúide creidmheasa na hionstraimí airgeadais sin go léir is féidir a chlárú i gcuntas ionstraimí airgeadais a osclaítear i leabhair na n‑institiúidí creidmheasa taobh istigh de chuntais dheighilte i gcomhréir le forálacha náisiúnta lena dtrasuitear Airteagal 16 de Threoir 2006/73/CE 59 ón gCoimisiún i ndlíchóras na mBallstát. Osclófar an cuntas ionstraimí airgeadais in ainm na n‑eisitheoirí comharthaí sócmhainn‑tagartha chun críche na cúlsócmhainní a bhainistiú, ionas gur féidir a shainaithint go soiléir go mbaineann na hionstraimí airgeadais a chumhdaítear leis an gcúlchiste sócmhainní.

Chun críocha phointe (c), osclóidh soláthraithe seirbhísí criptea-shócmhainní clár suíomhanna in ainm na n‑eisitheoirí comharthaí sócmhainn‑tagartha chun críche na cúlsócmhainní a bhainistiú, ionas gur féidir a shainaithint go soiléir go mbaineann na criptea-shócmhainní a chumhdaítear leis an gcúlchiste sócmhainní.

Chun críocha phointe (d), bunófar an measúnú ar cibé acu is leis na heisitheoirí comharthaí sócmhainn‑tagartha na cúlsócmhainní nó nach leo ar fhaisnéis nó ar dhoiciméid a sholáthraíonn na heisitheoirí comharthaí sócmhainn‑tagartha, agus, i gcás ina mbeidh fáil uirthi, ar fhianaise sheachtrach.

5.Tabharfar fianaise ar institiúid chreidmheasa nó soláthraí seirbhísí criptea-shócmhainní a cheapadh mar choimeádaí na gcúlsócmhainní i gcomhréir le mír 3 le conradh i scríbhinn dá dtagraítear in Airteagal 30(5), an dara fomhír. Déanfaidh na conarthaí sin, i measc conarthaí eile, rialú ar an sreabhadh faisnéise a mheastar a bhfuil gá leis chun go mbeidh sé ar chumas na neisitheoirí comharthaí sócmhainntagartha, na ninstitiúidí creidmheasa agus na soláthraithe seirbhísí criptea-shócmhainní a bhfeidhmeanna a chomhlíonadh.

6.Gníomhóidh na hinstitiúidí creidmheasa agus na soláthraithe seirbhísí criptea-shócmhainní a ceapadh mar choimeádaithe i gcomhréir le mír 3 go hionraic, go cothrom, go gairmiúil, go neamhspleách agus ar mhaithe le leas an eisitheora comharthaí sócmhainntagartha agus leas shealbhóirí na gcomharthaí sin.

7.Ní dhéanfaidh na hinstitiúidí creidmheasa agus na soláthraithe seirbhísí criptea-shócmhainní a ceapadh mar choimeádaithe i gcomhréir le mír 3 gníomhaíochtaí maidir le heisitheoirí comharthaí sócmhainntagartha a d’fhéadfadh coinbhleachtaí leasa a chruthú idir na heisitheoirí sin, sealbhóirí na comharthaí sócmhainntagartha agus iad féin ach amháin má chomhlíontar na coinníollacha seo a leanas:

(a)déanann na hinstitiúidí creidmheasa nó na soláthraithe seirbhísí criptea-shócmhainní feidhmiú a gcúraimí cumhdaigh a scaradh go feidhmiúil agus go hordúil óna gcúraimí a d’fhéadfadh coinbhleacht leasa a bheith ag baint leo;

(b)déanann an teisitheoir comharthaí sócmhainntagartha na coinbhleachtaí leasa a d’fhéadfadh a bheith ann a shainaithint agus a bhainistiú, déanann sé faireachán orthu agus nochtann sé do na sealbhóirí comharthaí sócmhainntagartha iad, i gcomhréir le hAirteagal 28.

8.I gcás go gcailltear ionstraim airgeadais nó criptea-shócmhainn á cumhdach dá dtagraítear i mír 4, tabharfaidh an institiúid chreidmheasa nó an soláthraí seirbhísí criptea-shócmhainní a chaill an ionstraim airgeadais nó an chriptea-shócmhainn sin ionstraim airgeadais nó criptea-shócmhainn de chineál comhionann nó an luach comhfhreagrach don eisitheoir comharthaí sócmhainntagartha sin gan moill mhíchuí. Ní bheidh an institiúid chreidmheasa ná an soláthraí seirbhísí criptea-shócmhainní lena mbaineann faoi dhliteanas nuair is féidir leo a chruthú gur tharla an caillteanas mar thoradh ar eachtra sheachtrach nach raibh faoina smacht réasúnach, a raibh iarmhairtí dosheachanta ag baint léi in ainneoin gach iarrachta réasúnaí a rinneadh chun a chosc.

Airteagal 34
Infheistíocht na gcúlsócmhainní

1.Ní infheisteoidh eisitheoirí comharthaí sócmhainntagartha a infheistíonn cuid de na cúlsócmhainní na cúlsócmhainní sin ach in ionstraimí airgeadais fíorleachtach lena mbaineann riosca íosta margaidh agus creidmheasa amháin. Beifear in ann na hinfheistíochtaí a leachtú go tapa gan ach éifeacht dhíobhálach anbheag a imirt ar phraghsanna.

2.Cumhdófar na hionstraimí airgeadais ina ninfheistítear na cúlsócmhainní i gcomhréir le hAirteagal 33.

3.Is é eisitheoir na gcomharthaí sócmhainntagartha a iompróidh an brabús nó an caillteanas uile, lena náirítear luaineacht i luach na nionstraimí airgeadais dá dtagraítear i mír 1, agus aon phriacal contrapháirtí nó oibríochta a thagann chun cinn mar thoradh ar infheistíocht na gcúlsócmhainní.

4.Forbróidh ÚBE, tar éis dó dul i gcomhairle le ESMA agus leis an gCóras Eorpach Banc Ceannais, dréachtchaighdeáin theicniúla rialála ag sonrú na nionstraimí airgeadais is féidir a mheas a bheith fíorleachtach, lena mbaineann riosca íosta creidmheasa agus margaidh dá dtagraítear i mír 1. Cuirfidh ÚBE an méid seo a leanas san áireamh nuair atáthar ag sonrú na nionstraimí airgeadais dá dtagraítear i mír 1:

(a)na cineálacha éagsúla cúlsócmhainní is féidir a bheith mar thaca do chomhartha sócmhainntagartha;

(b)an comhghaol idir na cúlsócmhainní sin agus na hionstraimí airgeadais fíorleachtach ina bhféadfaidh na heisitheoirí infheistiú;

(c)na coinníollacha le haghaidh aitheantais mar shócmhainní leachtachta ardchaighdeáin faoi Airteagal 412 de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 agus faoi Rialachán Tarmligthe (AE) 2015/61 60 .

Cuirfidh ÚBE na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála sin faoi bhráid an Choimisiúin faoi [cuir isteach dáta atá cothrom le 12 mhí i ndiaidh a theacht i bhfeidhm].

Déantar an chumhacht a tharmligean chuig an gCoimisiún chun na caighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagail 10 go 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010.

Airteagal 35
Cearta ar eisitheoirí comharthaí sócmhainn‑tagartha nó ar na cúlsócmhainní

1.Déanfaidh eisitheoirí comharthaí sócmhainntagartha bearta agus nósanna imeachta soiléire agus mionsonraithe ar na cearta a dheonaítear do shealbhóirí comharthaí sócmhainntagartha, lena náirítear aon éileamh díreach nó aon cheart fuascailte ar eisitheoir na gcomharthaí sócmhainntagartha sin nó ar na cúlsócmhainní, a bhunú, a chothabháil agus a chur chun feidhme.

2.I gcás ina ndeonaítear cearta do shealbhóirí comharthaí sócmhainntagartha dá dtagraítear i mír 1, bunóidh eisitheoirí na gcomharthaí sócmhainntagartha beartas ina leagtar an méid seo a leanas amach:

(a)na coinníollacha, lena náirítear na tairseacha, na tréimhsí agus na hachair ama atá ag sealbhóirí comharthaí sócmhainntagartha na cearta sin a fheidhmiú;

(b)na sásraí agus na nósanna imeachta chun fuascailt na gcomharthaí sócmhainntagartha a áirithiú, lena náirítear le linn dálaí struis sa mhargadh, i gcás ina ndéanfaí clabhsúr ordúil ar eisitheoir comharthaí sócmhainntagartha dá dtagraítear in Airteagal 42, nó i gcás go scoirfeadh eisitheoir mar sin na gníomhaíochtaí;

(c)luacháil, nó prionsabail luachála, na gcomharthaí sócmhainntagartha agus na gcúlsócmhainní nuair a fheidhmíonn an sealbhóir comharthaí sócmhainntagartha na cearta sin;

(d)na coinníollacha socraíochta nuair a fheidhmítear na cearta sin;

(e)na táillí a ghearrfaidh eisitheoirí na gcomharthaí sócmhainntagartha nuair a fheidhmíonn na sealbhóirí na cearta sin.

Beidh na táillí dá dtagraítear i bpointe (e) comhréireach agus i gcomhréir leis na costais iarbhír a thabhóidh eisitheoirí na gcomharthaí sócmhainn‑tagartha.

3.I gcás nach ndeonaíonn eisitheoirí comharthaí sócmhainntagartha cearta dá dtagraítear i mír 1 do gach duine de shealbhóirí na gcomharthaí sócmhainntagartha, sonrófar sna beartais agus nósanna imeachta mionsonraithe na daoine nádúrtha nó daoine dlítheanacha ar a soláthraítear na cearta sin. Sonrófar sna beartais agus nósanna imeachta mionsonraithe na coinníollacha chun na cearta sin a fheidhmiú agus na hoibleagáidí a fhorchuirtear ar na daoine sin.

Déanfaidh eisitheoirí comharthaí sócmhainn‑tagartha socruithe conarthacha iomchuí a bhunú agus a choimeád ar bun leis na daoine nádúrtha nó daoine dlítheanacha sin dá ndeonaítear na cearta sin. Leagfar amach róil, freagrachtaí, cearta agus oibleagáidí eisitheoirí na gcomharthaí sócmhainn‑tagartha agus gach duine de na daoine nádúrtha nó dlítheanacha sin sna socruithe conarthacha sin. Déanfar foráil i socrú conarthach lena mbainfidh impleachtaí trasdlínse le rogha shoiléir dlí.

4.Cuirfidh eisitheoirí comharthaí sócmhainntagartha nach ndeonaíonn cearta dá dtagraítear i mír 1 do gach duine de shealbhóirí na gcomharthaí sócmhainntagartha sásraí i bhfeidhm chun leachtacht na gcomharthaí sócmhainntagartha a áirithiú. Chun na críche sin, déanfaidh siad comhaontuithe scríofa le soláthraithe seirbhísí criptea-shócmhainní a údaraítear don tseirbhís criptea-shócmhainní dá dtagraítear in Airteagal 3(1) pointe (12) a bhunú agus a choimeád ar bun. Áireoidh an eisitheoir comharthaí sócmhainntagartha go gceanglaítear líon leordhóthanach soláthraithe seirbhísí criptea-shócmhainní chun luachana daingne a phostáil ag praghsanna iomaíocha ar bhonn rialta agus intuartha.

I gcás go bhfuil éagsúlacht shuntasach idir luach margaidh na gcomharthaí sócmhainn‑tagartha agus luach na n‑acmhainní tagartha nó na gcúlsócmhainní, beidh an ceart ag sealbhóirí comharthaí sócmhainn‑tagartha na criptea-shócmhainní a fhuascailt go díreach ón eisitheoir comharthaí sócmhainn‑tagartha. I gcás mar sin, beidh aon táille a ghearrfar ar an bhfuascailt sin comhréireach agus i gcomhréir leis na costais iarbhír a thabhóidh an eisitheoir comharthaí sócmhainn‑tagartha.

Déanfaidh an t‑eisitheoir socruithe conarthacha a bhunú agus a choimeád ar bun le háirithiú go n‑íocfar fáltais na gcúlsócmhainní le sealbhóirí na gcomharthaí sócmhainn‑tagartha, i gcás go gcinneann an t‑eisitheoir an t‑oibriúchán a scor nó i gcás gur cuireadh é faoi chlabhsúr ordúil, nó i gcás go baineadh a údarú.

5.Forbróidh ÚBE, i ndlúthchomhar le ESMA, dréachtchaighdeáin theicniúla rialála ina sonrófar an méid seo a leanas:

(a)na hoibleagáidí a fhorchuirtear ar na soláthraithe seirbhísí criptea-shócmhainní le leachtacht comharthaí sócmhainntagartha mar a leagtar amach sa chéad fhomhír de mhír 4 a áirithiú;

(b)na héagsúlachtaí i luach a spreagann ceart díreach fuascailte ón eisitheoir comharthaí sócmhainntagartha mar a leagtar amach sa dara fomhír de mhír 4, agus na coinníollacha chun ceart mar sin a feidhmiú.

Cuirfidh ÚBE na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála sin faoi bhráid an Choimisiúin faoin ... [cuir isteach dáta atá cothrom le 12 mhí i ndiaidh an dáta ar a dtiocfaidh an Rialacháin seo i bhfeidhm].

Déantar an chumhacht a tharmligean chuig an gCoimisiún chun na caighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír den mhír seo a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagail 10 go 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010.

Airteagal 36
Toirmeasc ar ús

Ní dhéanfaidh eisitheoirí comharthaí sócmhainn‑tagartha ná soláthraithe seirbhísí criptea-shócmhainní foráil maidir le hús nó aon tairbhe eile a bhaineann leis an achar ama a bhfuil na sócmhainní sócmhainn‑tagartha i seilbh ag sealbhóir comharthaí sócmhainn‑tagartha.

Caibidil 4

Éadálacha eisitheoirí comharthaí sócmhainn‑tagartha

Airteagal 37
Measúnú éadálacha beartaithe na n‑eisitheoirí comharthaí sócmhainn‑tagartha

1.Aon duine nádúrtha nó duine dlítheanach nó aon duine den sórt sin ag gníomhú de chomhbheart dóibh (‘an faighteoir beartaithe’), a bheartaíonn sealúchas cáilitheach in eisitheoir comharthaí sócmhainntagartha a fháil, go díreach nó go hindíreach, nó sealúchas cáilitheach den sórt sin a mhéadú tuilleadh, go díreach nó go hindíreach, a fhágfadh go sroichfeadh nó go sáródh sciar na gceart vótála nó an chaipitil atá ar teachtadh 10 %, 20 %, 30 % nó 50 % nó chun go mbeadh an teisitheoir comharthaí sócmhainntagartha ina fhochuideachta aige (‘an éadáil bheartaithe’), tabharfaidh sé fógra i scríbhinn d’údarás inniúil an eisitheora, ag cur in iúl méid an tsealúchais atá beartaithe agus an fhaisnéis a cheanglaítear sna caighdeáin theicniúla rialála a nglacann an Coimisiún leo i gcomhréir le hAirteagal 38(4).

2.Aon duine nádúrtha nó dlítheanach a bhfuil cinneadh déanta aige sealúchas cáilitheach in eisitheoir comharthaí sócmhainntagartha a dhiúscairt go díreach nó go hindíreach (‘an díoltóir beartaithe’), tabharfaidh sé fógra i scríbhinn don údarás inniúil ar dtús ina thaobh sin, agus ag cur méid an tsealúchais atá beartaithe in iúl. Tabharfaidh duine den sórt sin fógra don údarás inniúil ar an mbealach céanna i gcás ina bhfuil cinneadh déanta aige sealúchas cáilitheach a laghdú ionas go dtitfeadh sciar na gceart vótála nó an chaipitil atá ar teachtadh faoi bhun 10 %, 20 %, 30 % nó 50 % nó ionas go scoirfeadh an teisitheoir comharthaí sócmhainntagartha de bheith mar fhochuideachta an duine sin.

3.Ar shlí phras agus in aon chás laistigh de 2 lá oibre ón bhfógra a cheanglaítear faoi mhír 1 seo a fháil admhóidh na údaráis inniúla i scríbhinn go bhfuil sé faighte acu.

4.Déanfaidh na húdaráis inniúla éadáil bheartaithe dá dtagraítear i mír 1 agus an fhaisnéis a cheanglaítear faoi na caighdeáin theicniúla rialála lena nglacann an Coimisiún i gcomhréir le hAirteagal 38(4) a mheasúnú, laistigh de 60 lá oibre ón dáta a admhófar i scríbhinn go bhfuil an fógra dá dtagraítear i mír 3 faighte acu.

Nuair a admhóidh siad go bhfuair siad an fógra, cuirfidh na húdaráis inniúla na daoine dá dtagraítear i mír 1 ar an eolas maidir leis an dáta a thabharfar an measúnú i gcrích.

5.Le linn dóibh an measúnú a dhéanamh dá dtagraítear i mír 4, an chéad fhomhír, féadfaidh údaráis inniúla aon fhaisnéis bhreise is gá chun an measúnú sin a thabhairt i gcrích a iarraidh ó na daoine dá dtagraítear i mír 1. Déanfar iarraidh den sórt sin sula gcuirfear an measúnú chun críche, agus tráth nach déanaí ná an 50ú lá oibre ón dáta a admhófar i scríbhinn go bhfuil an fógra dá dtagraítear i mír 3 faighte acu. Déanfar iarrataí mar sin i scríbhinn agus sonrófar an fhaisnéis bhreise is gá iontu.

Cuirfidh na húdaráis inniúla stad leis an measúnú dá dtagraítear i mír 4, an chéad fhomhír, go dtí go bhfaighidh siad an fhaisnéis bhreise dá dtagraítear sa chéad fhomhír den mhír seo, ach ar feadh tréimhse nach faide ná 20 lá oibre. Maidir le haon iarrataí ó údaráis inniúla ina dhiaidh sin ar fhaisnéis bhreise nó ar shoiléiriú ar fhaisnéis a fuarthas, ní bheidh aon bhriseadh breise ar thréimhse an mheasúnaithe mar thoradh ar na hiarrataí sin.

Féadfaidh an t‑údarás inniúil an briseadh dá dtagraítear sa dara fomhír den mhír seo a fhadú suas le 30 lá oibre ar a mhéad i gcás ina bhfuil na daoine dá dtagraítear i mír 1 lonnaithe lasmuigh den Aontas nó i gcás ina rialaítear iad lasmuigh den Aontas.

6.Tabharfaidh na húdaráis inniúla a chinneann, ar an measúnú a thabhairt i gcrích, cur in aghaidh na héadála beartaithe dá dtagraítear i mír 1, fógra faoin méid sin do na daoine dá dtagraítear i mír 1 laistigh de 2 lá oibre, ach roimh an dáta dá dtagraítear i mír 4, an dara fomhír, á fhadú, i gcás inarb infheidhme, i gcomhréir le mír 5, an dara agus an tríú fomhír. Cuirfear na cúiseanna leis an gcinneadh sin ar fáil san fhógra sin.

7.I gcás nach gcuireann na húdaráis inniúla in aghaidh na héadála beartaithe dá dtagraítear i mír 1 fógra roimh an dáta dá dtagraítear i mír 4, an dara fomhír, an dara fomhír, á fhadú, i gcás inarb infheidhme, i gcomhréir le mír 5, an dara agus an tríú fomhír, measfar an éadáil bheartaithe nó an diúscairt bheartaithe a bheith faofa.

8.Féadfaidh an túdarás inniúil uastréimhse a shocrú chun an éadáil bheartaithe dá dtagraítear i mír 1 a thabhairt chun críche, agus í a fhadú nuair is iomchuí.

Airteagal 38
Inneachar an mheasúnaithe ar éadálacha beartaithe eisitheoirí na gcomharthaí sócmhainn‑tagartha

1.Le linn an measúnú dá dtagraítear in Airteagal 37(4) a dhéanamh, tabharfaidh na húdaráis inniúla breithmheas ar oiriúnacht na ndaoine dá dtagraítear in Airteagal 37(1) agus fóntacht airgeadais na héadála beartaithe i gcoinne gach ceann de na critéir seo a leanas:

(a)clú na ndaoine dá dtagraítear in Airteagal 37(1);

(b)clú agus taithí aon duine a stiúrfaidh gnó an eisitheora comharthaí sócmhainntagartha mar thoradh ar an éadáil nó an diúscairt bheartaithe;

(c)fóntacht airgeadais na ndaoine dá dtagraítear in Airteagal 37(1), go háirithe i ndáil leis an gcineál gnó a dhéantar agus atáthar ag brath a dhéanamh san eisitheoir comharthaí sócmhainntagartha ina bhfuil an éadáil beartaithe;

(d)an mbeidh an teisitheoir comharthaí sócmhainntagartha in ann forálacha an Teidil seo a chomhlíonadh agus leanúint dá gcomhlíonadh;

(e)cibé an bhfuil forais réasúnacha ann le bheith in amhras go bhfuil sciúradh airgid nó maoiniú sceimhlitheoirí ar bun, nó go ndearnadh é, nó go bhfuil iarracht air á déanamh, de réir bhrí Airteagal 1 de Threoir (AE) 2015/849/CE, nó go bhféadfadh an éadáil bheartaithe an riosca ina leith a mhéadú.

2.Ní fhéadfaidh na húdaráis inniúla cur i gcoinne na héadála beartaithe, ach amháin i gcás ina bhfuil forais réasúnta ann lena dhéanamh ar bhonn na gcritéar a leagtar amach i mír 1 nó i gcás ina bhfuil an fhaisnéis a cuireadh ar fáil i gcomhréir le hAirteagal 37(4) neamhiomlán nó bréagach.

3.Ní fhorchuirfidh na Ballstáit aon choinníollacha roimh ré maidir le leibhéal an tsealúchais is gá a fháil ná ní cheadóidh siad dá núdaráis inniúla an éadáil bheartaithe a scrúdú i dtéarmaí riachtanais eacnamaíocha an mhargaidh.

4.Forbróidh ÚBE, i ndlúthchomhar le ESMA, dréachtchaighdeáin theicniúla rialála chun liosta uileghabhálach a bhunú den fhaisnéis atá de dhíth chun an measúnú dá dtagraítear in Airteagal 37(4), an chéad fhomhír, a dhéanamh, agus ar liosta é a dhéanfar a sholáthar do na húdaráis inniúla tráth an fhógra dá dtagraítear i mír 37(1) a thabhairt. Beidh an fhaisnéis atá de dhíth ábhartha chun measúnú stuamachta a dhéanamh, agus comhréireach agus beidh sí oiriúnaithe do nádúr na ndaoine agus na héadála beartaithe dá dtagraítear in Airteagal 37(1).

Cuirfidh ÚBE na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála sin faoi bhráid an Choimisiúin faoi [cuir isteach dáta atá cothrom le 12 mhí i ndiaidh a theacht i bhfeidhm].

Déantar an chumhacht a tharmligean chuig an gCoimisiún chun na caighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagail 10 go 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010.

Caibidil 5

comharthaí sócmhainn‑tagartha suntasacha

Airteagal 39
Aicmiú comharthaí sócmhainn‑tagartha mar chomharthaí sócmhainn‑tagartha suntasacha

1.Déanfaidh ÚBE na comharthaí sócmhainntagartha a aicmiú mar chomharthaí sócmhainntagartha suntasacha bunaithe ar na critéir seo a leanas, mar a shonraítear i gcomhréir le mír 6 agus i gcás go gcomhlíontar trí cinn ar a laghad de na critéir seo a leanas:

(a)méid bhonn custaiméirí thionscnóirí na gcomharthaí sócmhainntagartha, scairshealbhóirí eisitheora comharthaí sócmhainntagartha nó aon eintitis tríú páirtí dá dtagraítear in Airteagal 30(5), pointe (h);

(b)luach na gcomharthaí sócmhainntagartha a eisíodh, nó, i gcás inarb infheidhme, a gcaipitliú margaidh;

(c)líon agus luach na nidirbheart sna comharthaí sócmhainntagartha sin;

(d)méid chúlsócmhainní eisitheoir na gcomharthaí sócmhainntagartha;

(e)tábhacht ghníomhaíochtaí trasteorann eisitheoir na gcomharthaí sócmhainntagartha, lena náirítear líon na mBallstát ina núsáidtear na comharthaí sócmhainntagartha, úsáid na gcomharthaí sócmhainntagartha le haghaidh íocaíochtaí agus seoltáin trasteorann agus líon na mBallstát ina bhfuil na heintitis tríú páirtí dá dtagraítear in Airteagal 30(5), pointe (h), bunaithe;

(f)an idirnascacht leis an gcóras airgeadais.

2.Cuirfidh údaráis inniúla a d’údaraigh eisitheoir comharthaí sócmhainntagartha i gcomhréir le hAirteagal 19 faisnéis maidir leis na critéir dá dtagraítear i mír 1 agus de réir mar a shonraítear i gcomhréir le mír 6 ar fáil do ÚBE ar bhonn bliantúil ar a laghad.

3.I gcás ina bhfuil ÚBE den tuairim go gcomhlíonann comharthaí sócmhainntagartha na critéir dá dtagraítear i mír 1, de réir mar a shonraítear i gcomhréir le mír 6, ullmhódh ÚBE dréachtchinneadh chuige sin agus tabharfaidh sé fógra faoin dréachtchinneadh sin d'eisitheoirí na gcomharthaí sócmhainntagartha sin agus don údarás inniúil i mBallstát baile an eisitheora. Tabharfaidh ÚBE deis d’eisitheoirí na gcomharthaí sócmhainntagartha sin agus dá núdaráis inniúla chun barúlacha agus tráchtanna a chur ar fáil i scríbhinn sula nglacfar lena chinneadh críochnaitheach. Déanfaidh ÚBE breithniú cuí ar na barúlacha agus na tráchtanna sin.

4.Déanfaidh ÚBE a chinneadh críochnaitheach a ghlacadh cibé an bhfuil comhartha sócmhainntagartha ina chomhartha sócmhainntagartha suntasach laistigh de 3 mhí i ndiaidh an fhógra dá dtagraítear i mír 3 agus cuirfidh sé eisitheoirí na gcomharthaí sócmhainntagartha sin agus a núdaráis inniúla ar an eolas faoin méid sin láithreach.

5.Aistreofar na freagrachtaí maoirseachta atá ag eisitheoirí comharthaí sócmhainntagartha suntasacha chuig ÚBE mí amháin i ndiaidh an fhógra faoin gcinneadh dá dtagraítear i mír 4.

Oibreoidh ÚBE agus an t‑údarás inniúil lena mbaineann i gcomhar le chéile chun aistriú rianúil na n‑inniúlachtaí maoirseachta a áirithiú.

6.Cumhachtófar don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 121 chun na critéir a leagtar amach i mír 1 maidir le comhartha sócmhainntagartha a mheas mar chomhartha sócmhainntagartha suntasach a shonrú a thuilleadh agus an méid seo a leanas a chinneadh:

(a)na tairseacha do na critéir dá dtagraítear i bpointí (a) go (e) de mhír 1, faoi réir na nithe seo a leanas:

i) ní bheidh an tairseach don bhonn custaiméirí níos lú ná dhá mhilliún duine nádúrtha nó duine dlítheanach;

ii) ní bheidh an tairseach do luach an comhartha sócmhainn‑tagartha eisithe nó, i gcás inarb infheidhme, caipitliú margaidh an comhartha sócmhainn‑tagartha sin níos lú ná EUR 1 bhilliún;

iii) ní bheidh an tairseach do líon agus luach na n‑idirbheart sna comharthaí sócmhainn‑tagartha sin níos lú ná 500 000 idirbheart ina aghaidh an lae ná EUR 100 milliún in aghaidh an lae faoi seach;

iv)ní bheidh an tairseach do mhéid na gcúlsócmhainní dá dtagraítear i bpointe (d) níos lú ná EUR 1 bhilliún;

v) ní bheidh an tairseach don líon Ballstát ina n‑úsáidtear na comharthaí sócmhainn‑tagartha, lena n‑áirítear le haghaidh íocaíochtaí agus seoltáin trasteorann, nó ina bhfuil na tríú páirtithe dá dtagraítear in Airteagal 30(5), pointe (h), bunaithe níos lú ná seacht;

(b)na himthosca faoina measfar na comharthaí sócmhainntagartha agus a neisitheoirí a bheith idirnasctha leis an gcóras airgeadais;

(c)inneachar agus formáid na faisnéise a chuireann na húdaráis inniúla ar fáil do ÚBE faoi mhír 2.

(d)an nós imeachta agus an tréimhse ama maidir leis na cinntí a dhéanann ÚBE faoi mhíreanna 3 go 5.

Airteagal 40
Aicmiú roghnach comharthaí sócmhainn‑tagartha mar chomharthaí sócmhainn‑tagartha suntasacha

1.Féadfaidh eisitheoirí comharthaí sócmhainntagartha is iarratasóir atá ag cur isteach ar údarú dá dtagraítear in Airteagal 16, a chur in iúl ina niarratas ar údarú gur mian leo a gcomharthaí sócmhainntagartha a aicmiú mar chomharthaí sócmhainntagartha suntasacha. I gcás mar sin, tabharfaidh an túdarás inniúil fógra faoin iarraidh seo ón eisitheoir ionchasach do ÚBE láithreach.

D’fhonn na comharthaí sócmhainn‑tagartha a aicmiú mar chomharthaí sócmhainn‑tagartha suntasacha tráth an údaraithe, ní mór don eisitheoir comharthaí sócmhainn‑tagartha is iarratasóir a thaispeáint, trína chlár oibríochtaí dá dtagraítear in Airteagal 16(2), pointe (c), gur dóigh go gcomhlíonfaidh sé trí chritéar ar a laghad de na critéir dá dtagraítear in Airteagal 39(1), de réir mar a shonraítear i gcomhréir le hAirteagal 39(6).

2.I gcás, ar bhonn an chláir oibríochta, ina bhfuil ÚBE den tuairim go gcomhlíonann comharthaí sócmhainntagartha na critéir dá dtagraítear in Airteagal 39(1), de réir mar a shonraítear i gcomhréir le hAirteagal 39(6), ullmhódh ÚBE dréachtchinneadh chuige sin agus tabharfaidh sé fógra faoin dréachtchinneadh sin don údarás inniúil i mBallstát baile an eisitheora is iarratasóir.

Tabharfaidh ÚBE deis don údarás inniúil i mBallstát baile an eisitheora is iarratasóir chun barúlacha agus tráchtanna a chur ar fáil i scríbhinn sula nglacfar lena chinneadh críochnaitheach. Déanfaidh ÚBE breithniú cuí ar na barúlacha agus na tráchtanna sin.

3.I gcás, ar bhonn an chláir oibríochta, ina bhfuil ÚBE den tuairim nach gcomhlíonann comharthaí sócmhainntagartha na critéir dá dtagraítear in Airteagal 39(1), de réir mar a shonraítear i gcomhréir le hAirteagal 39(6), ullmhódh ÚBE dréachtchinneadh chuige sin agus tabharfaidh sé fógra faoin dréachtchinneadh sin don eisitheoir is iarratasóir agus don údarás inniúil i mBallstát baile an eisitheora is iarratasóir.

Tabharfaidh ÚBE deis don eisitheoir is iarratasóir agus don údarás inniúil ina Bhallstát baile barúlacha agus tráchtanna a chur ar fáil i scríbhinn sula nglacfar lena chinneadh críochnaitheach. Déanfaidh ÚBE breithniú cuí ar na barúlacha agus na tráchtanna sin.

4.Déanfaidh ÚBE a chinneadh críochnaitheach a ghlacadh cibé an bhfuil comhartha sócmhainntagartha ina chomhartha sócmhainntagartha suntasach laistigh de 3 mhí i ndiaidh an fhógra dá dtagraítear i mír 1 agus cuirfidh sé eisitheoirí na gcomharthaí sócmhainntagartha sin agus a núdaráis inniúla ar an eolas faoin méid sin láithreach.

5.I gcás ina ndearnadh comharthaí sócmhainntagartha a aicmiú mar chomharthaí sócmhainntagartha suntasacha i gcomhréir le cinneadh dá dtagraítear i mír 4, aistreofar na freagrachtaí maoirseachta chuig ÚBE ar dháta an chinnidh faoina ndeonaíonn an túdarás inniúil an túdarú dá dtagraítear in Airteagal 19(1).

Airteagal 41
Dualgais bhreise shonracha d’eisitheoirí comharthaí sócmhainn‑tagartha suntasacha

1.Déanfaidh eisitheoirí comharthaí sócmhainntagartha beartas luach saothair a ghlacadh, a chur chun feidhme agus a chothabháil, beartas ina gcuirfear bainistiú riosca fónta agus éifeachtach eisitheoirí mar sin chun cinn agus nach gcruthóidh dreasachtaí chun caighdeáin riosca a mhaolú.

2.Áiritheoidh eisitheoirí comharthaí sócmhainntagartha suntasacha gur féidir le soláthraithe seirbhísí criptea-shócmhainne éagsúla a údaraítear don tseirbhís dá dtagraítear in Airteagal 3(1), pointe (10), lena náirítear soláthraithe seirbhísí criptea-shócmhainne nach bhfuil sa ghrúpa céanna, mar a shainmhínítear in Airteagal 2(11) de Threoir 2013/34/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 61 , na comharthaí sin a chumhdach ar bhonn cothrom, réasúnach agus neamhidirdhealaitheach.

3.Déanfaidh eisitheoirí comharthaí sócmhainntagartha suntasacha measúnú agus faireachán ar na riachtanais leachtacha chun freastal ar iarrachtaí fuascailte nó ar fheidhmiú ceart, dá dtagraítear in Airteagal 34, na sealbhóirí comharthaí sócmhainntagartha. Chun na críche sin, déanfaidh eisitheoirí comharthaí sócmhainntagartha suntasacha beartas agus nósanna imeachta um bhainistiú leachtachta a bhunú, a chothabháil agus a chur chun feidhme. Áiritheofar leis an mbeartas agus leis na nósanna imeachta sin go mbeidh próifíl leachtachta athléimneach ag na cúlsócmhainní sin a chuireann ar chumas eisitheoir comharthaí sócmhainntagartha suntasacha leanúint ar aghaidh ag feidhmiú mar is gnáth, lena náirítear i gcásanna ina bhfuil an leachtacht faoi strus.

4.Socrófar an céatadán dá dtagraítear in Airteagal 31(1), pointe (b), ag 3 % faoi mheánmhéid na gcúlsócmhainní d’eisitheoirí comharthaí sócmhainntagartha suntasacha.

5.I gcás ina dtairgeann roinnt eisitheoirí an comhartha sócmhainntagartha céanna a aicmíodh mar chomhartha suntasach, beidh gach ceann de heisitheoirí sin faoi réir na gceanglas a leagtar amach i míreanna 1 go 4.

I gcás ina dtairgeann eisitheoir dhá chatagóir comharthaí sócmhainn‑tagartha nó níos mó san Aontas agus ina n‑aicmítear ceann amháin ar a laghad de na comharthaí sin mar chomhartha suntasach, bheidh an t‑eisitheoir sin faoi réir na gceanglas a leagtar amach i míreanna 1 go 4.

6.Forbróidh ÚBE, i ndlúthchomhar le ESMA, dréachtchaighdeáin theicniúla rialála ina sonrófar an méid seo a leanas:

(a)an tíosmhéid inneachair a bheidh sna socruithe rialachais maidir leis an mbeartas luacha saothair dá dtagraítear i mír 1;

(b)an nós imeachta agus an tréimhse ama a bheidh ag eisitheoir comharthaí sócmhainntagartha suntasacha le dul in oiriúint do cheanglais cistí dílse níos airde mar a leagtar amach i mír 4.

Cuirfidh ÚBE na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála sin faoi bhráid an Choimisiúin faoi [cuir isteach dáta atá cothrom le 12 mhí i ndiaidh a theacht i bhfeidhm]. 

Déantar an chumhacht a tharmligean chuig an gCoimisiún chun na caighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagail 10 go 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010.

Caibidil 6

Clabhsúr ordúil

Airteagal 42
Clabhsúr ordúil

1.Beidh plean i bhfeidhm ag eisitheoirí comharthaí sócmhainntagartha atá oiriúnach chun tacú le clabhsúr ordúil a ngníomhaíochtaí faoin dlí náisiúnta is infheidhme, lena náirítear leanúnachas nó luaineacht aon ghníomhaíochtaí riachtanacha a dhéanann na heisitheoirí sin nó aon eintiteas tríú páirtí dá dtagraítear in Airteagal 30(5), pointe (h). Léireofar cumas eisitheora comharthaí sócmhainntagartha tabhairt faoi chlabhsúr ordúil gan díobháil eacnamaíoch mhíchuí ar shealbhóirí na gcomharthaí sócmhainntagartha nó ar chobhsaíocht mhargaidh na gcúlsócmhainní a bheith mar thoradh ar an gclabhsúr sin.

2.Cuirfear socruithe conarthacha, nósanna imeachta agus córais le háirithiú go níocfar fáltais ó dhíolachán na gcúlsócmhainní atá fágtha le sealbhóirí na gcomharthaí sócmhainntagartha san áireamh sa phlean dá dtagraítear i mír 1.

3.Déanfar an plean dá dtagraítear i mír 1 a athbhreithniú agus a nuashonrú go tráthrialta.

TEIDEAL IV: comharthaí ríomh‑airgid

Caibidil 1

Na ceanglais atá le comhlíonadh ag gach eisitheoir comharthaí ríomh‑airgid

Airteagal 43
Údarú

1.Ní thairgfear comharthaí ríomhairgid don phobal san Aontas ná ní ligfear isteach chun a dtrádála iad ar ardán trádála le haghaidh criptea-shócmhainní ach amháin má tá na ráitis seo a leanas fíor maidir le heisitheoir comharthaí ríomhairgid:

(a)tá sé údaraithe mar institiúid chreidmheasa nó mar ‘institiúid ríomhairgid’ de réir bhrí Airteagal 2(1) de Threoir 2009/110/CE;

(b)comhlíonann sé na ceanglais a bhaineann le hinstitiúid ríomhairgid a leagtar amach i dTeidil II agus III de Threoir 2009/110/CE, mura luaitear a mhalairt sa Teideal seo;

(c)foilsíonn sé páipéar bán maidir le criptea-shócmhainní a chuirfear faoi bhráid an údaráis inniúil, i gcomhréir le hAirteagal 46.

Chun críche phointe (a), beidh ‘institiúid ríomh‑airgid’ mar a shainmhínítear in Airteagal 2(1) de Threoir 2009/110/CE údaraithe chun ‘comharthaí ríomh‑airgid’ a eisiúint agus measfar gur ‘ríomh‑airgead’ mar a shainmhínítear in Airteagal 2(2) de Threoir 2009/110/CE iad comharthaí ríomh‑airgid.

Measfar aon chomhartha ríomh‑airgid a dhéanann tagairt d’airgeadra de chuid an Aontais a bheith á thairiscint don phobal san Aontas.

2.Ní bheidh feidhm ag mír 1 maidir leis an méid seo a leanas:

(a)comharthaí ríomhairgid a dhéantar a mhargú, a dháileadh agus atá i seilbh infheisteoirí cáilithe agus ar féidir a bheith i seilbh infheisteoirí cáilithe amháin;

(b)ní mó meánmhéid na gcomharthaí ríomhairgid atá gan íoc ná EUR 5 000 000, nó an tsuim choibhéiseach in airgeadra eile, thar thréimhse 12 mhí, á ríomh ag deireadh gach lá féilire.

Chun críche phointe (b), i gcás inar shocraigh an Ballstát go mbeidh tairseach níos lú ná EUR 5 000 000 ann i gcomhréir le hAirteagal 9(1)(a) de Threoir 2009/110/CE, beidh feidhm ag an tairseach sin.

I gcás mar sin dá dtagraítear i bpointí (a) agus (b), táirgfidh eisitheoirí na gcomharthaí ríomh‑airgid páipéar bán maidir le criptea-shócmhainní agus cuirfidh siad an páipéar bán sin maidir le criptea-shócmhainn faoi bhráid an údaráis inniúil, i gcomhréir le hAirteagal 46.

Airteagal 44
Eisiúint agus fuascailt comharthaí ríomh‑airgid

1.De mhaolú ar Airteagal 11 de Threoir 2009/110/CE, ní bheidh feidhm ach ag na ceanglais seo a leanas maidir le heisiúint agus fuascailt comharthaí ríomhairgid ar eisitheoirí comharthaí ríomhairgid.

2.Soláthrófar éileamh do shealbhóirí comharthaí ríomhairgid ar eisitheoirí na gcomharthaí ríomhairgid sin. Toirmiscfear aon chomhartha ríomhairgid nach soláthraíonn éileamh do gach sealbhóir.

3.Eiseoidh eisitheoirí comharthaí ríomhairgid den sórt sin comharthaí ríomhairgid ag parluach agus ar chistí a fháil de réir bhrí Airteagal 4(25) de Threoir 2015/2366.

4.Arna iarraidh sin ag an sealbhóir comharthaí ríomhairgid, ní mór don eisitheoir faoi seach luach airgid na gcomharthaí ríomhairgid atá i seilbh na sealbhóirí comharthaí ríomhairgid a fhuascailt, am ar bith agus ag parluach, in airgead nó trí aistriú creidmheasa.

5.Sonróidh eisitheoirí comharthaí ríomhairgid coinníollacha na fuascailte go feiceálach, lena náirítear aon táillí a bhaineann leis an méid sin, sa pháipéar bán maidir le criptea-shócmhainní dá dtagraítear in Airteagal 46.

6.Ní bheidh an fhuascailt faoi réir táille ach amháin má shonraítear an méid sin sa pháipéar bán maidir le criptea-shócmhainní. Beidh aon táille den sórt sin comhréireach agus i gcomhréir leis na costais iarbhír a thabhóidh eisitheoirí comharthaí ríomhairgid.

7.I gcás ina gcliseann ar eisitheoirí comharthaí ríomhairgid iarrataí fuascailte dlisteanacha ó shealbhóirí comharthaí ríomhairgid a chomhlíonadh laistigh den tréimhse ama a shonraítear sa pháipéar bán maidir le criptea-shócmhainní agus nach mbeidh níos faide ná 30 lá, tá feidhm ag an oibleagáid a leagtar amach i mír 3 ar aon cheann de na heintitis tríú páirtí seo a leanas a raibh socruithe conarthacha acu le heisitheoirí na gcomharthaí ríomhairgid:

(a)eintitis a áirithíonn go gcosnófar na cistí a fhaigheann eisitheoirí comharthaí ríomhairgid mar mhalairt ar chomharthaí ríomhairgid i gcomhréir le hAirteagal 7 de Threoir 2009/110/CE;

(b)aon duine nádúrtha nó duine dlítheanach a bhfuil mar chúram air comharthaí ríomhairgid a dháileadh ar son eisitheoir comharthaí ríomhairgid.

Airteagal 45
Toirmeasc ar ús

De mhaolú ar Airteagal 12 de Threoir 2009/110/CE, ní dheonóidh aon eisitheoir comharthaí ríomh‑airgid ná soláthraí seirbhísí criptea-shócmhainne ús ná aon tairbhe eile a bhaineann leis an achar ama ina bhfuil na gcomharthaí ríomh‑airgid den sórt sin i seilbh ag sealbhóir na comharthaí ríomh‑airgid.

Airteagal 46
Inneachar agus foirm an pháipéir bháin maidir le criptea-shócmhainní le haghaidh comharthaí ríomh‑airgid

1.Foilseoidh an teisitheoir comharthaí ríomhairgid páipéar bán maidir le criptea-shócmhainní ar a shuíomh gréasáin, sula dtáirgfidh sé aon chomharthaí ríomhairgid don phobal san Aontas nó sula ndéanfaidh sé iarratas chun go ligfear comharthaí ríomhairgid den sórt sin isteach chun a dtrádála ar ardán trádála.

2.Maidir leis an bpáipéar bán maidir le criptea-shócmhainní dá dtagraítear i mír 1 beidh an fhaisnéis ábhartha seo a leanas ann:

(a)tuairisc ar an eisitheoir comharthaí ríomhairgid;

(b)tuairisc mhionsonraithe ar thionscadal an eisitheora, agus cur i láthair ar na príomhrannpháirtithe atá páirteach i ndearadh agus i bhforbairt an tionscadail;

(c)léiriú ar cibé acu an mbaineann an páipéar bán maidir le criptea-shócmhainní le comharthaí ríomhairgid atá á dtairiscint don phobal agus/nó le comharthaí ríomhairgid den sórt sin a ligean isteach chun a dtrádála ar ardán trádála le haghaidh criptea-shócmhainní, nó leis an dá rud;

(d)tuairisc mhionsonraithe ar na cearta agus na hoibleagáidí a ghabhann leis na comharthaí ríomhairgid, lena náirítear an ceart fuascailte ag parluach dá dtagraítear in Airteagal 44 agus na nósanna imeachta agus na coinníollacha chun na cearta sin a fheidhmiú;

(e)an fhaisnéis ar an teicneolaíocht is bunús leis na comharthaí ríomhairgid agus na caighdeáin a chomhlíonann an teisitheoir comharthaí ríomhairgid chun na comharthaí ríomhairgid den sórt sin a shealbhú, a stóráil agus a aistriú;

(f)na rioscaí a bhaineann leis an eisitheoir ríomhairgid, na comharthaí ríomhairgid agus cur chun feidhme an tionscadail, lena náirítear an teicneolaíocht;

(g)na míreanna nochta a shonraítear in Iarscríbhinn III.

3.Beidh an fhaisnéis uile den sórt sin dá dtagraítear i mír 2 cothrom, soiléir agus ní bheidh sí míthreorach. Ní bheidh aon easnaimh ábhartha sa pháipéar bán maidir le criptea-shócmhainní agus cuirfear é i láthair i bhfoirm atá gonta agus sothuigthe.

4.Beidh ráiteas ó chomhlacht bainistíochta an eisitheora ríomhairgid i ngach páipéar bán maidir le criptea-shócmhainní ag deimhniú go gcomhlíonann an páipéar bán maidir le criptea-shócmhainn ceanglais uile an Teidil seo agus ag sonrú go bhfuil an fhaisnéis a chuirtear i láthair sa pháipéar bán maidir le criptea-shócmhainn ceart agus nach bhfuil aon easnamh suntasach inti, chomh fada agus is eol don chomhlacht bainistíochta.

5.Beidh achoimre, i dteanga ghonta agus neamhtheicniúil, mar chuid den pháipéar bán maidir le criptea-shócmhainní ina thabharfar faisnéis riachtanach maidir le tairiscint na gcomharthaí ríomhairgid don phobal nó ligean isteach comharthaí ríomhairgid den sórt sin chun a dtrádála, agus go háirithe faisnéis faoi eilimintí riachtanacha na gcomharthaí ríomhairgid. Cuirfear an méid seo a leanas in iúl san achoimre:

(a)tá ceart fuascailte ag sealbhóirí comharthaí ríomhairgid, am ar bith agus ag parluach;

(b)coinníollacha na fuascailte, lena náirítear aon táillí a bhaineann leis an méid sin.

6.Beidh dáta ar gach páipéar bán maidir le criptea-shócmhainní.

7.Tarraingeofar an páipéar bán maidir le criptea-shócmhainní suas i dteanga oifigiúil amháin de chuid an Bhallstáit baile ar a laghad nó i dteanga is gnách a úsáid i réimse an airgeadais idirnáisiúnta.

8.Cuirfear an páipéar bán maidir le criptea-shócmhainní ar fáil i bhformáidí atá meaisíninléite, i gcomhréir le hAirteagal 5.

9.Tabharfaidh eisitheoirí comharthaí ríomhairgid fógra faoina bpáipéar bán maidir le criptea-shócmhainní, agus i gcás inarb infheidhme a gcumarsáid mhargaíochta, don údarás inniúil dá dtagraítear in Airteagal 3(1) pointe (24)(b) 20 lá oibre ar a laghad roimh an dáta ar a fhoilseofar é.

Féadfaidh an t‑údarás inniúil sa Bhallstát baile na cumhachtaí a leagtar síos in Airteagal 82(1) den Rialachán seo a fheidhmiú i ndiaidh an fógra a fháil agus gan dochar de na cumhachtaí a leagtar síos i dTreoir 2009/110/CE.

10.Tabharfar tuairisc ar aon athrú nó fíric nua ar dóigh dó tionchar suntasach a bheith aige ar chinneadh ceannaigh aon cheannaitheora ionchasaigh nó ar chinneadh sealbhóirí comharthaí ríomhairgid den sórt sin na comharthaí ríomhairgid sin a dhíol nó a mhalartú leis an eisitheoir a tharlaíonn i ndiaidh fhoilsiú an pháipéir bháin maidir le criptea-shócmhainní i bpáipéar bán modhnaithe maidir le criptea-shócmhainní a ullmhóidh an teisitheoir agus tabharfar fógra ina leith don údarás inniúil, i gcomhréir le mír 9.

Airteagal 47
Dliteanas eisitheoirí comharthaí ríomh‑airgid i leith na faisnéise a thugtar i bpáipéar bán maidir le criptea-shócmhainní

1.I gcás ina sáraíonn eisitheoir comharthaí ríomhairgid nó a chomhlacht bainistíochta Airteagal 46, ach páipéar bán maidir le criptea-shócmhainní nó páipéar bán modhnaithe maidir le criptea-shócmhainní a sholáthar nach bhfuil iomlán, cothrom nó soiléir nó faisnéis a sholáthar atá míthreorach, féadfaidh sealbhóir comharthaí ríomhairgid den sórt sin damáistí a éileamh ar an eisitheoir comharthaí ríomhairgid sin nó óna chomhlacht bainistíochta i leith an damáiste a rinneadh dó mar thoradh ar an sárú sin.

Maidir le heisiamh aon dliteanais shibhialta, ní bheidh aon éifeacht dhlíthiúil aige.

2.Beidh sé de fhreagracht ar shealbhóirí comharthaí ríomhairgid fianaise a thíolacadh a thabharfaidh le fios gur sháraigh an teisitheoir comharthaí ríomhairgid Airteagal 46 agus go raibh tionchar ag an sárú sin ar a chinneadh maidir leis na comharthaí ríomhairgid sin a cheannach, a dhíol nó a mhalartú.

3.Ní fhéadfaidh sealbhóir comharthaí ríomhairgid damáistí a éileamh i leith na faisnéise a sholáthraítear in achoimre dá dtagraítear in Airteagal 46(5), lena náirítear an taistriúchán uirthi, ach amháin sna cásanna seo a leanas:

(a)má tá an achoimre míthreorach, míchruinn nó neamhréireach nuair a léitear in éineacht leis na codanna eile den pháipéar bán maidir le criptea-shócmhainní í;

(b)mura soláthraítear san achoimre, nuair a léitear in éineacht le codanna eile den pháipéar bán maidir le criptea-shócmhainní í, faisnéis atá tábhachtach chun cabhrú le tomhaltóirí agus le hinfheisteoirí cinneadh a dhéanamh maidir le comharthaí ríomhairgid den sórt sin a cheannach.

4.Ní eisiafar leis an Airteagal seo éilimh bhreise maidir le dliteanas sibhialta i gcomhréir leis an dlí náisiúnta.   

Airteagal 48
Cumarsáid mhargaíochta    

1.Déanfaidh aon chumarsáid mhargaíochta a bhaineann le comharthaí ríomhairgid a thairiscint don phobal, nó a bhaineann le comharthaí ríomhairgid den sórt sin a ligean isteach chun a dtrádála ar ardán trádála le haghaidh criptea-shócmhainní, na nithe seo a leanas a chomhlíonadh:

(a)beifear in ann a aithint go soiléir gur cumarsáid mhargaíochta atá ann;

(b)beidh an fhaisnéis sa chumarsáid mhargaíochta cothrom, soiléir agus ní bheidh sí míthreorach;

(c)beidh an fhaisnéis sa chumarsáid mhargaíochta comhsheasmhach leis an bhfaisnéis sa pháipéar bán maidir le criptea-shócmhainní;

(d)luafar go soiléir sa chumarsáid mhargaíochta gur foilsíodh páipéar bán maidir le criptea-shócmhainní agus tabharfar seoladh shuíomh gréasáin eisitheoir na gcomharthaí ríomhairgid lena mbaineann.

2.Beidh ráiteas soiléir agus gan athbhrí go bhfuil ceart fuascailte ag gach sealbhóir comharthaí ríomhairgid, am ar bith agus ag parluach ar an eisitheoir mar chuid den chumarsáid mhargaíochta.

Airteagal 49
Infheistíocht cistí a fhaightear mar mhalartú ar eisitheoirí comhartha ríomh‑airgid

Infheisteofar cistí a fhaigheann eisitheoirí comharthaí ríomh‑airgid mar mhalartú ar chomharthaí ríomh‑airgid agus a infheistíodh i sócmhainní seasmhacha agus ísealriosca i gcomhréir le hAirteagal 7(2) de Threoir 2009/110/CE i sócmhainní atá ainmnithe san airgeadra céanna leis an gceann atá faoi thagairt ag an gcomhartha ríomh‑airgid.

Caibidil 2

comharthaí ríomh‑airgid suntasacha

Airteagal 50
Aicmiú comharthaí ríomh‑airgid mar chomharthaí ríomh‑airgid suntasacha

1.Déanfaidh ÚBE na comharthaí ríomhairgid a aicmiú mar chomharthaí ríomhairgid suntasach bunaithe ar na critéir dá dtagraítear in Airteagal 39(1), mar a shonraítear i gcomhréir le hAirteagal 39(6), agus i gcás go gcomhlíontar trí cinn ar a laghad de na critéir sin.

2.Cuirfidh na húdaráis inniúla i mBallstát baile an eisitheora faisnéis faoi na critéir dá dtagraítear in Airteagal 39(1) den Airteagal seo agus a shonraítear i gcomhréir le hAirteagal 39(6) ar fáil do ÚBE ar bhonn bliantúil ar a laghad.

3.I gcás ina bhfuil ÚBE den tuairim go gcomhlíonann comharthaí ríomhairgid na critéir dá dtagraítear in Airteagal 39(1), de réir mar a shonraítear i gcomhréir le hAirteagal 39(6), ullmhódh ÚBE dréachtchinneadh chuige sin agus tabharfaidh sé fógra faoin dréachtchinneadh sin d'eisitheoirí na gcomharthaí ríomhairgid sin agus don údarás inniúil i mBallstát baile an eisitheora. Tabharfaidh ÚBE deis d’eisitheoirí na gcomharthaí ríomhairgid sin agus dá núdaráis inniúla chun barúlacha agus tráchtanna a chur ar fáil i scríbhinn sula nglacfar lena chinneadh críochnaitheach. Déanfaidh ÚBE breithniú cuí ar na barúlacha agus na tráchtanna sin.

4.Déanfaidh ÚBE a chinneadh críochnaitheach a ghlacadh cibé an bhfuil comhartha ríomhairgid ina chomhartha ríomhairgid suntasach laistigh de 3 mhí i ndiaidh an fhógra dá dtagraítear i mír 3 agus cuirfidh sé eisitheoirí na comharthaí ríomhairgid sin agus a núdaráis inniúla ar an eolas faoin méid sin láithreach.

Airteagal 51
Aicmiú roghnach comharthaí ríomh‑airgid mar chomharthaí ríomh‑airgid suntasacha

1.Féadfaidh eisitheoir comharthaí ríomhairgid, a údaraítear mar institiúid chreidmheasa nó mar ‘institiúid ríomhairgid’ mar a shainmhínítear in Airteagal 2(1) de Threoir 2009/110/CE nó eisitheoir atá ag déanamh iarratas ar údarú den sórt sin, a chur in iúl gur mian leis a chomharthaí ríomhairgid a aicmiú mar chomharthaí ríomhairgid suntasacha. I gcás mar sin, tabharfaidh an túdarás inniúil fógra faoin iarraidh seo ón eisitheoir nó ón eisitheoir is iarratasóir do ÚBE láithreach.

D’fhonn na comharthaí ríomh‑airgid a aicmiú mar chomharthaí ríomh‑airgid suntasacha, ní mór d'eisitheoir nó d'eisitheoir is iarratasóir na gcomharthaí ríomh‑airgid a thaispeáint, trína chlár oibríochtaí, gur dóigh go gcomhlíonfaidh sé trí chritéar ar a laghad de na critéir dá dtagraítear in Airteagal 39(1), de réir mar a shonraítear i gcomhréir le hAirteagal 39(6).

2.I gcás, ar bhonn an chláir oibríochta, ina bhfuil ÚBE den tuairim go gcomhlíonann comharthaí ríomhairgid na critéir dá dtagraítear in Airteagal 39(1), de réir mar a shonraítear i gcomhréir le hAirteagal 39(6), ullmhódh ÚBE dréachtchinneadh chuige sin agus tabharfaidh sé fógra faoin dréachtchinneadh sin don údarás inniúil i mBallstát baile an eisitheora nó an eisitheora is iarratasóir.

Tabharfaidh ÚBE deis don údarás inniúil i mBallstát baile an eisitheora nó an eisitheora is iarratasóir chun barúlacha agus tráchtanna a chur ar fáil i scríbhinn sula nglacfar lena chinneadh críochnaitheach. Déanfaidh ÚBE breithniú cuí ar na barúlacha agus na tráchtanna sin.

3.I gcás, ar bhonn an chláir oibríochta, ina bhfuil ÚBE den tuairim nach gcomhlíonann comharthaí ríomhairgid na critéir dá dtagraítear in Airteagal 39(1), de réir mar a shonraítear i gcomhréir le hAirteagal 39(6), ullmhódh ÚBE dréachtchinneadh chuige sin agus tabharfaidh sé fógra faoin dréachtchinneadh sin don eisitheoir nó don eisitheoir is iarratasóir agus don údarás inniúil i mBallstát baile an eisitheora nó an eisitheora is iarratasóir.

Tabharfaidh ÚBE deis don eisitheoir nó don eisitheoir is iarratasóir agus don údarás inniúil ina Bhallstát baile chun barúlacha agus tráchtanna a chur ar fáil i scríbhinn sula nglacfar lena chinneadh críochnaitheach. Déanfaidh ÚBE breithniú cuí ar na barúlacha agus na tráchtanna sin.

4.Déanfaidh ÚBE a chinneadh críochnaitheach a ghlacadh cibé an bhfuil comhartha ríomhairgid ina chomhartha ríomhairgid suntasach laistigh de 3 mhí i ndiaidh an fhógra dá dtagraítear i mír 1 agus cuirfidh sé eisitheoirí nó eisitheoir is iarratasóir na gcomharthaí ríomhairgid sin agus a núdaráis inniúla ar an eolas faoin méid sin láithreach. Tabharfar fógra faoin gcinneadh don eisitheoir nó don eisitheoir is iarratasóir comharthaí ríomhairgid agus don údarás inniúil ina Bhallstát baile láithreach.

Airteagal 52
Dualgais bhreise shonracha d’eisitheoirí comharthaí ríomh‑airgid suntasacha

Déanfaidh eisitheoirí a eisíonn catagóir amháin ar a laghad de comharthaí ríomh‑airgid na ceanglais seo a leanas a bhfuil feidhm leo ar eisitheoirí comharthaí sócmhainn‑tagartha nó comharthaí sócmhainn‑tagartha suntasacha a chur i bhfeidhm:

(a)Airteagail 33 agus 34 den Rialachán seo, in ionad Airteagal 7 de Threoir 2009/110/CE;

(b)Airteagal 41, míreanna 1, 2 agus 3 de Rialachán seo;

(c)Airteagal 41, mír 4 den Rialachán seo, in ionad Airteagal 5 de Threoir 2009/110/CE;

(d)Airteagal 42 den Rialachán seo.

TEIDEAL V: Dálaí údaraithe agus oibríochta le haghaidh soláthraithe Seirbhísí criptea-shócmhainní

Caibidil 1: Údarú soláthraithe seirbhísí criptea-shócmhainní

Airteagal 53
Údarú

1.Ní sholáthróidh ach eintitis dhlíthiúla a bhfuil oifig chláraithe acu i mBallstát den Aontas seirbhísí criptea-shócmhainní, agus a údaraítear mar sholáthraí seirbhísí criptea-shócmhainní i gcomhréir le hAirteagal 55

Comhlíonfaidh soláthraithe seirbhísí criptea-shócmhainní coinníollacha a n‑údaraithe i gcónaí.

Ní úsáidfidh aon duine nach soláthraí seirbhísí criptea-shócmhainní é ainm, ná ainm corparáideach, ní eiseoidh sé cumarsáid mhargaíochta ná ní úsáidfidh sé aon phróiseas eile a thabharfadh le fios go bhfuil sé údaraithe mar sholáthraí seirbhísí criptea-shócmhainní nó eile is dóigh a chruthódh mearbhall chuige sin.

2.Áiritheoidh údaráis inniúla a dheonaíonn údarú faoi Airteagal 55 go sonraítear na seirbhísí criptea-shócmhainní atá na soláthraithe seirbhísí criptea-shócmhainní údaraithe le soláthar san údarú sin.

3.Beidh údarú mar sholáthraí seirbhísí criptea-shócmhainní bailí san Aontas ar fad agus ceadóidh sé do na soláthraithe seirbhísí criptea-shócmhainní na seirbhísí dá bhfuil siad údaraithe a sholáthar ar fud an Aontais, trí cheart bunaíochta, lena náirítear trí bhrainse, nó tríd an tsaoirse chun seirbhísí a sholáthar.

Ní chuirfear de cheangal ar sholáthraithe seirbhísí criptea-shócmhainní a sholáthraíonn seirbhísí criptea-shócmhainní ar bhonn trasteorann láithreacht fhisiciúil a bheith aige i gcríoch Ballstáit óstaigh.

4.Maidir le soláthraithe seirbhísí criptea-shócmhainní ar mian leo seirbhísí criptea-shócmhainní a chur lena núdarú iarrfaidh siad síneadh ar a núdarú ar na húdaráis inniúla a dheonaigh an túdarú tríd an bhfaisnéis dá dtagraítear in Airteagal 54 a chomhlánú agus a nuashonrú. Déanfar an iarraidh ar shíneadh a phróiseáil i gcomhréir le hAirteagal 55.

Airteagal 54
Iarratas a dhéanamh ar údarú

1.Déanfaidh daoine dlítheanacha a bhfuil sé beartaithe acu seirbhísí criptea-shócmhainní a sholáthar iarratas leis an údarás inniúil sa Bhallstát ina bhfuil a noifig chláraithe chun údarú a fháil mar sholáthraí seirbhísí criptea-shócmhainní.

2.Beidh an fhaisnéis seo a leanas san iarratas dá dtagraítear i mír 1:

(a)an tainm, lena náirítear an tainm dlíthiúil agus aon ainm tráchtála eile a úsáidfear, aitheantóir eintitis dhlítheanaigh an tsoláthraí seirbhísí criptea-shócmhainní is iarratasóir, an suíomh gréasáin atá á oibriú ag an soláthraí agus a sheoladh fisiciúil;

(b)tuairisc ar stádas dlíthiúil an tsoláthraí seirbhísí criptea-shócmhainní is iarratasóir;

(c)airteagail chomhlachais an tsoláthraí seirbhísí criptea-shócmhainní is iarratasóir;

(d)clár oibríochtaí ina leagtar amach na cineálacha seirbhísí criptea-shócmhainní is mian leis an soláthraí seirbhísí criptea-shócmhainní a sholáthar, lena náirítear cá háit agus cén chaoi a ndéanfaí na seirbhísí sin a mhargú;

(e)tuairisc ar shocruithe rialachais an tsoláthraí seirbhísí criptea-shócmhainní is iarratasóir;

(f)i gcás na ndaoine nádúrtha go léir a bhfuil baint acu le comhlacht bainistíochta an tsoláthraí seirbhísí criptea-shócmhainní is iarratasóir, agus i gcás na ndaoine nádúrtha go léir a bhfuil sciar 20 % nó níos mó den chaipiteal i seilbh acu, go díreach nó go hindíreach, ní mór cruthúnas a sholáthar ar éagmais taifid choiriúil i ndáil le sáruithe rialacha náisiúnta i réimsí an dlí tráchtála, an dlí dócmhainneachta, an dlí seirbhísí airgeadais, an dlí i gcoinne sciúradh airgid, na reachtaíochta frithsceimhlitheoireachta agus oibleagáidí dliteanais ghairmiúil;

(g)cruthúnas go bhfuil eolas, scileanna agus taithí leordhóthanach ag na daoine nádúrtha atá páirteach i gcomhlacht bainistíochta an tsoláthraí seirbhísí criptea-shócmhainní is iarratasóir chun an soláthraí sin a bhainistiú agus go gceanglaítear ar na daoine nádúrtha sin dóthain ama a thiomnú dá gcuid dualgas a chomhlíonadh;

(h)tuairisc ar shásra rialaithe inmheánaigh, nós imeachta um measúnú riosca agus plean leanúnachais gnó an tsoláthraí seirbhísí criptea-shócmhainní is iarratasóir;

(i)tuairiscí ar córais TF agus socruithe slándála an tsoláthraí seirbhísí criptea-shócmhainní is iarratasóir i dteanga theicniúil agus i dteanga neamhtheicniúil;

(j)cruthúnas go gcomhlíonann an soláthraí seirbhísí criptea-shócmhainní is iarratasóir na coimircí stuamachta i gcomhréir le hAirteagal 60;

(k)tuairisc ar nósanna imeachta an tsoláthraí seirbhísí criptea-shócmhainní is iarratasóir chun gearáin ó chliaint a láimhseáil;

(l)tuairisc ar an nós imeachta le haghaidh leithscaradh criptea-shócmhainní agus cistí na gcliant;

(m)tuairisc ar an nós imeachta agus ar an gcóras chun drochúsáid margaidh a bhrath.

(n)i gcás ina mbeartaíonn an soláthraí seirbhísí criptea-shócmhainní is iarratasóir criptea-shócmhainní a chumhdach agus a riar ar son tríú páirtithe, tuairisc ar an mbeartas coimeádta;

(o)i gcás ina mbeartaíonn an soláthraí seirbhísí criptea-shócmhainní is iarratasóir ardán trádála le haghaidh criptea-shócmhainní a oibriú, tuairisc ar rialacha oibriúcháin an ardáin trádála;

(p)i gcás ina mbeartaíonn an soláthraí seirbhísí criptea-shócmhainní is iarratasóir criptea-shócmhainní a mhalartú ar airgeadra fiat nó criptea-shócmhainní a mhalartú ar chriptea-shócmhainní eile, tuairisc ar an mbeartas tráchtála neamhidirdhealaitheach;

(q)i gcás ina mbeartaíonn an soláthraí seirbhíse criptea-shócmhainne is iarratasóir orduithe le haghaidh criptea-shócmhainní a fhorghníomhú ar son tríú páirtithe, tuairisc ar an mbeartas forghníomhaithe;

(r)i gcás inar mian leis an iarratasóir orduithe le haghaidh criptea-shócmhainní a fháil agus a tharchur ar son tríú páirtithe, cruthúnas go bhfuil an teolas agus an saineolas cuí ag na daoine nádúrtha a chuireann comhairle ar fáil ar son an tsoláthraí seirbhísí criptea-shócmhainní is iarratasóir chun noibleagáidí a chomhlíonadh.

3.Ní éileoidh údaráis inniúla ar sholáthraí seirbhísí criptea-shócmhainní is iarratasóir aon fhaisnéis a fuair siad cheana féin de bhun Threoir 2009/110/CE, Threoir 2014/65/AE, Threoir 2015/2366/AE nó an dlí náisiúnta is infheidhme maidir le seirbhísí criptea-shócmhainní roimh theacht i bhfeidhm don Rialachán seo, a sholáthar ar choinníoll go bhfuil an fhaisnéis nó na cáipéisí sin fós cothrom le dáta agus go bhfuil rochtain ag na húdaráis inniúla orthu. 

Airteagal 55
An t‑iarratas ar údarú a mheasúnú agus an t‑údarú a ghéilleadh nó a dhiúltú

1.Déanfaidh údaráis inniúla measúnú, laistigh de 25 lá oibre ón iarratas dá dtagraítear in Airteagal 54(1) a fháil, i dtaobh an bhfuil an tiarratas comhlánaithe ina iomláine ag seiceáil gur cuireadh isteach an fhaisnéis a liostaítear in Airteagal 54(2). I gcás nach bhfuil an tiarratas comhlánaithe ina iomláine, socróidh na húdaráis spriocdháta faoina gcaithfidh na soláthraithe seirbhísí criptea-shócmhainní is iarratasóir an fhaisnéis atá ar iarraidh a sholáthar.

2.Féadfaidh údaráis inniúla diúltú athbhreithniú a dhéanamh ar iarratais i gcás ina bhfuil na hiarratais den sórt sin fós neamhiomlán i ndiaidh an spriocdháta dá dtagraítear i mír 1.

3.Tabharfaidh údaráis inniúla fógra do sholáthraithe seirbhísí criptea-shócmhainní láithreach go bhfuil an tiarratas comhlánaithe ina iomláine.

4.Rachaidh an túdarás inniúil i gcomhairle leis na húdaráis inniúla i mBallstáit eile in aon cheann de na cásanna seo a leanas sula ndéanfaidh sé údarú mar sholáthraí seirbhísí criptea-shócmhainní a dheonú nó a dhiúltú:

(a)nuair is fochuideachta de sholáthraí seirbhísí criptea-shócmhainní a údaraítear sa Bhallstát eile sin é an soláthraí seirbhísí criptea-shócmhainní is iarratasóir;

(b)nuair is fochuideachta de mháthairghnóthas soláthraí seirbhísí criptea-shócmhainní a údaraítear sa Bhallstát eile sin é an soláthraí seirbhísí criptea-shócmhainní is iarratasóir;

(c)nuair is fochuideachta de sholáthraí seirbhísí criptea-shócmhainní atá faoi rialú na ndaoine nádúrtha nó dlítheanach céanna a rialaíonn soláthraí seirbhísí criptea-shócmhainní a údaraítear sa Bhallstát eile sin é an soláthraí seirbhísí criptea-shócmhainní is iarratasóir.

5.Déanfaidh údaráis inniúla, laistigh de 3 mhí ón dáta a fhaightear iarratas críochnaithe, a mheas cibé an gcomhlíonann an soláthraí seirbhísí criptea-shócmhainní is iarratasóir ceanglais an Teidil seo nó nach gcomhlíonann agus glacfaidh siad cinneadh lánréasúnaithe lena ndeonaítear nó lena ndiúltaítear údarú mar sholáthraí seirbhísí criptea-shócmhainní. Cuirfear cineál, scála agus castacht na seirbhísí criptea-shócmhainní a bheartaíonn an soláthraí seirbhísí criptea-shócmhainní a sholáthar san áireamh sa mheasúnú sin.

Féadfaidh údaráis inniúla údarú a dhiúltú i gcás go bhfuil forais oibiachtúla agus inléirithe ann chun na nithe seo a leanas a chreidiúint:

(a)is baol é comhlacht bainistíochta an tsoláthraí seirbhísí criptea-shócmhainní is iarratasóir ar bhainistíocht éifeachtach fhónta stuama agus ar leanúnachas gnó agus ar aird leordhóthanach a thabhairt ar leas a chliant agus ar shláine an mhargaidh;

(b)ní chomhlíonann an tiarratasóir nó is dóigh nach gcomhlíonfaidh an tiarratasóir aon cheann de na cheanglais sa Teideal seo.

6.Cuirfidh údaráis inniúla ESMA ar an eolas faoi na húdaruithe uile a dheonaítear faoin Airteagal seo. Cuirfidh ESMA an fhaisnéis uile a chuirtear isteach in iarratais rathúla leis an gclár de soláthraithe seirbhísí criptea-shócmhainní údaraithe dá bhforáiltear in Airteagal 57. Féadfaidh ESMA faisnéis a éileamh d’fhonn a áirithiú go ndeonaíonn na húdaráis inniúla údaruithe faoin Airteagal seo ar bhealach comhsheasmhach.

7.Tabharfaidh údaráis inniúla fógra do sholáthraithe seirbhísí criptea-shócmhainní faoina gcinneadh le húdarú a dheonú nó a dhiúltú laistigh de 3 lá oibre ó dháta an chinnidh sin.

Airteagal 56
Údarú a tharraingt siar

1.Déanfaidh údaráis inniúla na húdaruithe a tharraingt siar in aon cheann de na cásanna seo a leanas maidir leis an soláthraí seirbhísí criptea-shócmhainní:

(a)níor úsáid sé a údarú laistigh de 18 mí ón dáta a deonaíodh an túdarú;

(b)tá sé tar éis a údarú a thréigean go sainráite;

(c)níor sholáthraigh sé seirbhísí criptea-shócmhainní ar feadh 9 mí as a chéile;

(d)fuair sé a údarú trí mhodh neamhrialta, lena náirítear ráitis bhréige a dhéanamh ina iarratas ar údarú;

(e)níl na coinníollacha faoinar deonaíodh an túdarú á gcomhlíonadh a thuilleadh aige agus níl na gníomhaíochtaí leasúcháin atá iarrtha ag údarás inniúil déanta aige laistigh de thréimhse ama shocraithe;

(f)tá sé tar éis sárú tromchúiseach a dhéanamh ar an Rialachán seo.

2.Beidh sé de chumhacht freisin ag údaráis inniúla údaruithe a tharraingt siar in aon cheann de na cásanna seo a leanas:

(a)sháraigh an soláthraí seirbhísí criptea-shócmhainní nó baill a chomhlachta bainistíochta dlí náisiúnta a chuireann Treoir (AE) 2015/849 62 maidir le sciúradh airgid nó maoiniú sceimhlitheoireachta chun feidhme;

(b)chaill an soláthraí seirbhísí criptea-shócmhainní a údarú mar institiúid íocaíochta i gcomhréir le hAirteagal 13 de Threoir (AE) 2015/2366 nó a údarú mar institiúid ríomhairgid a deonaíodh i gcomhréir le Teideal II de Threoir 2009/110/CE agus níor éirigh leis an soláthraí seirbhísí criptea-shócmhainní an cás a leigheas laistigh de 40 lá féilire.

3.I gcás ina naistarraingíonn údarás inniúil údarú, tabharfaidh an túdarás inniúil a ainmníodh mar phointe teagmhála aonair sa Bhallstát sin i gcomhréir le hAirteagal 81 fógra do ESMA agus d’údaráis inniúla sna Ballstáit óstacha faoin méid sin gan moill mhíchuí. Déanfaidh ESMA an fhaisnéis faoi aistarraingt an údaraithe a chlárú sa chlár dá dtagraítear in Airteagal 57.

4.Féadfaidh údaráis inniúla aistarraingt údaraithe a theorannú ionas nach mbainfidh sé ach le seirbhís ar leith.

5.Sula naistarraingeofar údarú, rachaidh an túdarás inniúil i gcomhairle leis na húdaráis inniúla i mBallstát eile i gcás ina mbaineann an méid seo a leanas leis an soláthraí seirbhísí criptea-shócmhainní lena mbaineann:

(a)is fochuideachta de sholáthraí seirbhísí criptea-shócmhainní a údaraítear sa Bhallstát eile sin é;

(b)is fochuideachta de mháthairghnóthais soláthraí seirbhísí criptea-shócmhainní a údaraítear sa Bhallstát eile sin é;

(c)is fochuideachta de sholáthraí seirbhísí criptea-shócmhainní atá faoi rialú na ndaoine nádúrtha nó dlítheanacha céanna a rialaíonn soláthraí seirbhísí criptea-shócmhainní a údaraítear sa Bhallstát eile sin é.

6.Féadfaidh ÚBE, ESMA agus aon údarás inniúil de Bhallstát a iarraidh tráth ar bith go scrúdódh údarás inniúil an Bhallstáit baile an gcomhlíonann an soláthraí seirbhísí criptea-shócmhainní na coinníollacha faoinar deonaíodh an túdarú fós.

7.Déanfaidh soláthraithe seirbhísí criptea-shócmhainní nósanna imeachta leordhóthanacha a bhunú, a chur chun feidhme agus a chothabháil lena náiritheofar go ndéanfar criptea-shócmhainní agus cistí na gcliant a aistriú go tráthúil agus go hordúil chuig soláthraí seirbhísí criptea-shócmhainní eile i gcás ina naistarraingeofar an túdarú.

Airteagal 57
Clár de sholáthraithe seirbhísí criptea-shócmhainní

1.Bunóidh ESMA clár de gach soláthraí seirbhísí criptea-shócmhainní. Beidh an clár sin ar fáil go poiblí ar a shuíomh gréasáin agus déanfar é a nuashonrú ar bhonn rialta.

2.Beidh an fhaisnéis seo a leanas san iarratas dá dtagraítear i mír 1:

(a)ainm, foirm dhlíthiúil agus aitheantóir eintitis dhlítheanaigh agus brainsí an tsoláthraí seirbhísí criptea-shócmhainní;

(b)ainm tráchtála, seoladh fisiciúil agus suíomh gréasáin an tsoláthraí seirbhísí criptea-shócmhainní nó an ardáin trádála le haghaidh criptea-shócmhainní atá á oibriú ag an soláthraí seirbhísí criptea-shócmhainní;

(c)ainm agus seoladh an údaráis inniúil a dheonaigh an túdarú agus na sonraí teagmhála a ghabhann leis;;

(d)an liosta de sheirbhísí criptea-shócmhainní ar a bhfuil an soláthraí seirbhísí criptea-shócmhainní údaraithe ar a son;

(e)an liosta de na Ballstáit inar thug an soláthraí seirbhísí criptea-shócmhainní fógra go mbeartaíonn sé seirbhísí criptea-shócmhainní a sholáthar i gcomhréir le hAirteagal 58;

(f)aon seirbhísí eile a sholáthraíonn an soláthraí seirbhísí criptea-shócmhainní nach gcumhdaítear leis an Rialachán seo, mar aon le tagairt don dlí ábhartha náisiúnta nó de chuid an Aontais.

3.Leanfaidh aon aistarraingt a dhéanfar ar údarú soláthraí seirbhísí criptea-shócmhainní i gcomhréir le hAirteagal 56 a bheith foilsithe sa chlár ar feadh tréimhse 5 bliana.

Airteagal 58
Soláthar trasteorann seirbhísí criptea-shócmhainne

1.Cuirfidh soláthraithe seirbhísí criptea-shócmhainní a bheartaíonn seirbhísí criptea-shócmhainní a sholáthar i níos mó ná Ballstát amháin an fhaisnéis seo a leanas faoi bhráid an údaráis inniúil atá ainmnithe mar phointe teagmhála aonair i gcomhréir le hAirteagal 81.

(a)an liosta de na Ballstáit ina mbeartaíonn an soláthraí seirbhísí criptea-shócmhainní seirbhísí criptea-shócmhainní a sholáthar;

(b)dáta tosaigh beartaithe don soláthar seirbhísí criptea-shócmhainní;

(c)liosta de gach gníomhaíocht eile a sholáthraíonn an soláthraí seirbhísí criptea-shócmhainní nach gcumhdaítear leis an Rialachán seo.

2.Cuirfidh an pointe teagmhála aonair sa Bhallstát inar deonaíodh an túdarú, laistigh de 10 lá oibre ón bhfaisnéis dá dtagraítear i mír 1 a fháil, an fhaisnéis sin in iúl d’údarás inniúil na mBallstát óstach, do ESMA agus do ÚBE. Cláróidh ESMA an fhaisnéis sin ar an gclár dá dtagraítear in Airteagal 57.

3.Cuirfidh an pointe teagmhála aonair sa Bhallstát inar deonaíodh an túdarú an chumarsáid dá dtagraítear i mír 2 in iúl don soláthraí seirbhísí criptea-shócmhainní gan mhoill.

4.Féadfaidh soláthraithe seirbhísí criptea-shócmhainní tosú ag soláthar seirbhísí criptea-shócmhainní i mBallstát nach é a mBallstát baile féin é ón dáta a fhaightear an chumarsáid dá dtagraítear i mír 3 nó ar a dhéanaí 15 lá féilire i ndiaidh an fhaisnéis dá dtagraítear i mír 1 a chur isteach.

Caibidil 2: Oibleagáid le haghaidh gach soláthraí seirbhíse criptea-shócmhainne

Airteagal 59
Oibleagáid gníomhú ar bhealach macánta, cothrom agus gairmiúil chun leas na gcliant agus faisnéise do chliaint

1.Gníomhóidh soláthraithe seirbhísí criptea-shócmhainní ar bhealach macánta, cothrom agus gairmiúil i gcomhréir le leas a gcuid cliant agus a gcuid cliant ionchasach.

2.Cuirfidh soláthraithe seirbhísí criptea-shócmhainní faisnéis chothrom, shoiléir agus nach bhfuil míthreorach ar fáil dá gcuid cliant, go háirithe i gcumarsáid mhargaíochta, agus déanfar cumarsáid den sórt sin a aithint mar chumarsáid mhargaíochta. Ní chuirfidh soláthraithe seirbhísí criptea-shócmhainní cliant ar míthreoir, d’aon ghnó ná le faillí, maidir leis na fíorbhuntáistí ná na buntáistí braite a bhaineann le haon chriptea-shócmhainn.

3.Tabharfaidh soláthraithe seirbhísí criptea-shócmhainní rabhadh do chliaint maidir leis na rioscaí a bhaineann le criptea-shócmhainní a cheannach.

4.Cuirfidh soláthraithe seirbhísí criptea-shócmhainní a mbeartais phraghsála ar fáil go poiblí, trína bpostáil ar líne in áit fheiceálach ar a suíomh gréasáin.

Airteagal 60
Ceanglais stuamachta

1.Beidh coimircí stuamachta atá cothrom leis an méid seo a leanas ar a laghad i bhfeidhm i gcónaí ag soláthraithe seirbhísí criptea-shócmhainní:

(a)na buancheanglais íosta chaipitil a shonraítear in Iarscríbhinn IV, ag brath ar nádúr na seirbhísí criptea-shócmhainní a sholáthraítear;

(b)aon cheathrú d'fhorchostais sheasta na bliana roimhe sin, agus athbhreithniú á dhéanamh ar na costais sin go bliantúil;

2.Beidh na coimircí stuamachta dá dtagraítear i mír 1 i gceann de na foirmeacha seo a leanas:

(a)cistí dílse, arb éard atá iontu míreanna Ghnáthchothromas Leibhéal 1 dá dtagraítear in Airteagail 26 go 30 de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 tar éis na hasbhaintí go léir, de bhun Airteagal 36 den Rialachán sin, gan díolúintí tairsí de bhun Airteagail 46 agus 48 den Rialachán sin a chur i bhfeidhm;

(b)polasaí árachais a chumhdaíonn críocha an Aontais ina soláthraítear seirbhísí criptea-shócmhainní go gníomhach nó ráthaíocht inchomparáide.

3.Úsáidfidh soláthraithe seirbhísí criptea-shócmhainní nach raibh ag gabháil do ghnó le haghaidh bliain amháin ón dáta a thosaigh siad ag soláthar seirbhísí na forchostais sheasta réamhmheasta a áiríodh ina réamhmheastacháin don soláthar ina chéad 12 mhí seirbhíse, mar a cuireadh isteach lena niarratas le haghaidh údarú, don ríomh dá dtagraítear i mír 1, pointe (b).

4.Beidh na gnéithe seo a leanas ar a laghad ag an bpolasaí árachais dá dtagraítear i mír 2:

(a)tá téarma tosaigh nach lú ná bliain amháin aige;

(b)tá íostréimhse fógartha 90 lá aige chun é a chealú;

(c)glacadh é ó ghnóthas a údaraítear chun árachas a sholáthar, i gcomhréir le dlí an Aontais nó le dlí náisiúnta;

(d)cuireann eintiteas tríú páirtí an tárachas ar fáil.

5.Áireofar cumhdach in aghaidh na rioscaí seo a leanas sa pholasaí árachais dá dtagraítear i mír 2:

(a)caillteanas cáipéisí;

(b)mífhaisnéis nó ráitis mhíthreoracha a rinneadh;

(c)gníomhartha, earráidí nó easnaimh a mbíonn sárú ar an méid seo a leanas mar thoradh orthu:

i) oibleagáidí dlíthiúla agus rialála;

ii) an dualgas gníomhú ar bhealach macánta, cothrom agus gairmiúil le cliaint;

iii) oibleagáidí rúndachta;

(d)mainneachtain nósanna imeachta cuí chun coinbhleachtaí leasa a chosc a bhunú, a chur chun feidhme agus a chothabháil;

(e)caillteanas a eascraíonn as briseadh sa ghníomhaíocht ghnó nó as clistí córas;

(f)i gcás inarb infheidhme don tsamhail ghnó, mórfhaillí i gcosaint chriptea-shócmhainní agus chistí na gcliant.

6.Chun críocha mhír 1, pointe (b), ríomhfaidh soláthraithe seirbhísí criptea-shócmhainní a bhforchostais sheasta sa bhliain roimhe sin, ag úsáid figiúirí atá mar thoradh ar an gcreat cuntasaíochta is infheidhme, trí na míreanna seo a leanas a asbhaint ó na costais iomlána i ndiaidh dáileadh brabús ar scairshealbhóirí ina ráitis airgeadais bhliantúla iniúchta is déanaí nó, i gcás nach bhfuil ráitis iniúchta ar fáil, i ráitis airgeadais bhliantúla atá fíoraithe ag maoirseoirí náisiúnta:

(a)bónais foirne agus luach saothair eile, a mhéid go bhfuil na bónais agus an luach saothair sin ag brath ar ghlanbhrabús na soláthraithe seirbhísí criptea-shócmhainní sa bhliain ábhartha;

(b)scaireanna fostaithe, stiúrthóirí agus páirtithe i mbrabúis;

(c)leithreasuithe brabúis eile agus luach saothair inathraithe eile, a mhéid is atá siad go hiomlán lánroghnach;

(d)costais neamhathfhillteacha ó ghníomhaíochtaí eisceachtúla.

Airteagal 61
Ceanglais eagraíochtúla

1.Maidir le comhaltaí chomhlacht bainistíochta na soláthraithe seirbhísí criptea-shócmhainní, beidh deacháil orthu agus beidh siad inniúil ó thaobh cáilíochtaí, taithí agus scileanna de chun a ndualgas a chomhlíonadh. Léireoidh siad go bhfuil siad in ann dóthain ama a thiomnú dá bhfeidhmeanna a chomhlíonadh go héifeachtach.

2.Maidir le daoine nádúrtha ar leo, go díreach nó go hindíreach, níos mó ná 20 % de scairchaipiteal nó cearta vótála an tsoláthraí seirbhísí criptea-shócmhainní, nó a fheidhmíonn, ar aon bhealach eile, rialú ar an soláthraí seirbhísí criptea-shócmhainní sin, soláthróidh siad cruthúnas go bhfuil deacháil orthu agus inniúlacht iontu.

3.Ní chiontófar aon duine de na daoine dá dtagraítear i míreanna 1 ná 2 i gcionta a bhaineann le sciúradh airgid ná sceimhlitheoireacht a mhaoiniú ná coireanna eile airgeadais.

4.Fostóidh soláthraithe seirbhísí criptea-shócmhainní pearsanra leis na scileanna, an teolas agus an saineolas atá riachtanach chun na freagrachtaí a leithdháiltear orthu a chomhlíonadh, agus ag cur scála, nádúr agus raon na seirbhísí criptea-shócmhainní a sholáthraítear san áireamh.

5.Déanfaidh an comhlacht bainistíochta measúnú agus athbhreithniú go tráthrialta ar éifeachtúlacht na mbeartas, na socruithe agus na nósanna imeachta a cuireadh i bhfeidhm chun na hoibleagáidí a leagtar amach i gCaibidlí 2 agus 3 den Teideal seo a chomhlíonadh agus déanfaidh siad bearta cuí chun dul i ngleic le haon easnaimh.

6.Déanfaidh soláthraithe seirbhísí criptea-shócmhainní gach beart réasúnach chun leanúnachas agus rialtacht a áirithiú maidir le feidhmíocht a seirbhísí criptea-shócmhainní. Chuige sin, bainfidh soláthraithe seirbhísí criptea-shócmhainní leas as nósanna imeachta atá iomchuí agus comhréireach, lena náirítear córais TFC atá athléimneach agus slán i gcomhréir le Rialachán (AE) 2021/xx ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 63 .

Bunóidh siad beartas leanúnachais gnó, lena n‑áireofar leanúnachas gnó TFC mar aon le leagan amach pleananna athshlánaithe i gcomhréir le Rialachán (AE) 2021/xx ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 64 a bhfuil sé d'aidhm aige caomhnú sonraí agus feidhmeanna riachtanacha agus cothabháil seirbhísí criptea-shócmhainní a áirithiú i gcás briseadh ina gcórais agus nósanna imeachta TFC, nó murar féidir sin, athshlánú tráthúil sonraí agus feidhmeanna den sórt sin agus atosú tráthúil a ngníomhaíochtaí.

7.Beidh sásraí rialaithe inmheánaigh agus nósanna imeachta éifeachtacha ag soláthraithe seirbhísí criptea-shócmhainní maidir le measúnú riosca, lena náirítear socruithe éifeachtacha rialaithe agus cosanta chun córais TFC a bhainistiú i gcomhréir le Rialachán (AE) 2021/xx ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 65 . Déanfaidh siad faireachán agus measúnú ar bhonn rialta ar leordhóthanacht agus éifeachtúlacht na sásraí rialaithe inmheánaigh agus na nósanna imeachta um measúnú riosca agus déanfaidh siad bearta cuí chun dul i ngleic le haon easnaimh.

Beidh córais agus nósanna imeachta i bhfeidhm ag soláthraithe seirbhísí criptea-shócmhainní chun slándáil, sláine agus rúndacht faisnéise a chosaint i gcomhréir le Rialachán (AE) 2021/xx ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 66 .

8.Déanfaidh soláthraithe seirbhísí criptea-shócmhainní socrú chun taifead a choinneáil ar na seirbhísí, orduithe agus idirbhearta criptea-shócmhainní faoina dtugann siad. Beidh na taifid sin leordhóthanach chun na húdaráis inniúla a chumasú lena gcúraimí maoirseachta a chomhlíonadh agus chun gníomhaíochtaí forfheidhmiúcháin a dhéanamh, agus go háirithe d’fhonn a fhionnadh ar chomhlíon an soláthraí seirbhísí criptea-shócmhainní na hoibleagáidí uile lena náirítear na hoibleagáidí a bhaineann le cliaint nó cliaint ionchasacha agus le sláine an mhargaidh.

9.Beidh córais, nósanna imeachta agus socruithe i bhfeidhm ag soláthraithe seirbhísí criptea-shócmhainní chun faireachán a dhéanamh ar dhrochúsáid mhargaidh dá dtagraítear i dTeideal VI agus chun drochúsáid mhargaidh a bhrath.  Tuairisceoidh siad dá núdarás inniúil láithreach maidir le haon amhras go bhféadfadh go bhfuil imthosca ann a léiríonn gur tharla drochúsáid mhargaidh, go bhfuil drochúsáid mhargaidh ag tarlú nó gur dóigh go dtarlóidh drochúsáid mhargaidh.

Airteagal 62
Faisnéis a sholáthar do na húdaráis inniúla

Tabharfaidh soláthraithe seirbhísí criptea-shócmhainní fógra dá n‑údarás inniúil faoi aon athrú ar an gcomhlacht bainistíochta agus cuirfidh siad ar fáil dá n‑údarás inniúil an fhaisnéis uile atá riachtanach chun comhlíonadh Airteagal 61 a mheas.

Airteagal 63
Cosaint chriptea-shócmhainní agus chistí na gcliant

1.Déanfaidh soláthraithe seirbhísí criptea-shócmhainní a bhfuil criptea-shócmhainní a gcliant ina seilbh acu nó a bhfuil na bealaí rochtana acu ar chriptea-shócmhainní den sórt sin socruithe chun cearta úinéireachta na gcliant a chosaint, go háirithe i gcás dhócmhainneacht an tsoláthraí seirbhísí criptea-shócmhainní, agus chun úsáid criptea-shócmhainní ar chuntas criptea-shócmhainní an chliaint féin a chosc ach amháin le toiliú sainráite an chliaint.

2.I gcás ina bhfuil ceangal ar sholáthraithe seirbhísí criptea-shócmhainní cistí a choinneáil de cheangal ar a samhalacha gnó nó na seirbhísí criptea-shócmhainní, beidh socruithe atá leordhóthanach i bhfeidhm ag na soláthraithe seirbhísí criptea-shócmhainní chun cearta na gcliant a chosaint agus chun úsáid chistí na gcliant, mar a shainmhínítear faoi Airteagal 4(25) de Threoir (AE) 2015/2366 67 , ar a gcuntas féin a chosc.

3.Cuirfidh soláthraithe seirbhísí criptea-shócmhainní cistí uile na gcliant i mbanc ceannais nó in institiúid chreidmheasa.

Déanfaidh soláthraithe seirbhísí criptea-shócmhainní gach beart is gá le háirithiú go ndéanfar na cistí cliaint atá á gcoimeád ag banc ceannais nó institiúid chreidmheasa a choimeád i gcuntas nó i gcuntais is féidir a aithint go leithleach ó aon chuntais a úsáidtear chun cistí ar leis an soláthraí seirbhísí criptea-shócmhainní iad a choimeád.

4.Féadfaidh soláthraithe seirbhísí criptea-shócmhainní seirbhísí íocaíochta a bhaineann leis an tseirbhís criptea-shócmhainní a tháirgeann siad a sholáthar iad féin, nó trí thríú páirtí, ar choinníoll gur institiúid íocaíochta mar a shainmhínítear in Airteagal 4, pointe (4), de Threoir (AE) 2015/2366, é an soláthraí seirbhísí criptea-shócmhainní féin, nó an tríú páirtí.

5.Ní bheidh feidhm ag míreanna 2 ná 3 den Airteagal seo maidir le soláthraithe seirbhísí criptea-shócmhainní más institiúidí ríomhairgid mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe 1 de Threoir 2009/110/CE nó institiúidí íocaíochta mar a shainmhínítear in Airteagal 4, pointe (4), de Threoir (AE) 2015/2366 iad.

Airteagal 64
An nós imeachta láimhseála gearán

1.Bunóidh soláthraithe seirbhísí criptea-shócmhainní nósanna imeachta éifeachtacha trédhearcacha chun gearáin a fhaightear ó chliaint a láimhseáil go pras, go cothrom agus go comhsheasmhach agus déanfaidh siad na nósanna sin a choimeád ar bun.

2.Beidh cliaint in ann gearáin a chomhdú le soláthraithe seirbhísí criptea-shócmhainní saor in aisce.

3.Déanfaidh soláthraithe seirbhísí criptea-shócmhainní teimpléad le haghaidh géarán a fhorbairt agus a chur ar fáil do chliaint agus coinneoidh siad taifead ar na gearáin go léir a fhaightear agus aon bhearta a dhéantar mar fhreagairt orthu.

4.Imscrúdóidh soláthraithe seirbhísí criptea-shócmhainní gach gearán ar bhealach tráthúil cothrom agus cuirfidh siad torthaí aon imscrúduithe den sórt sin in iúl dá gcuid cliant laistigh de thréimhse réasúnta ama.

Airteagal 65
Coinbhleachtaí leasa a chosc, a shainaithint, a bhainistiú agus a nochtadh

1.Déanfaidh soláthraithe seirbhísí criptea-shócmhainní beartas a chothabháil agus a oibriú chun coinbhleachtaí leasa idir iad féin agus na daoine seo a leanas a chosc, a shainaithint, a bhainistiú agus a nochtadh:

(a)a scairshealbhóirí nó aon duine a bhfuil nasc díreach nó indíreach aige leo trí rialú;

(b)a mbainisteoirí agus a bhfostaithe,

(c)a gcuid cliant, nó idir cliant amháin agus cliant eile.

2.Nochtfaidh soláthraithe seirbhísí criptea-shócmhainní dá gcuid cliant agus dá gcuid cliant ionchasacha cineál ginearálta agus foinsí na gcoinbhleachtaí leasa agus na bearta a rinneadh chun iad a mhaolú.

Cuirfidh soláthraithe seirbhísí criptea-shócmhainní nochtadh den sórt sin in iúl in áit fheiceálach ar a suíomh gréasáin.

3.Beidh an nochtadh dá dtagraítear i mír 2 cruinn a dhóthain, ag cur nádúr gach cliaint san áireamh agus cuirfidh sé ar chumas gach cliaint cinneadh feasach a dhéanamh faoin tseirbhís i gcomhthéacs na gcoinbhleachtaí leasa a thagann chun cinn.

4.Déanfaidh soláthraithe seirbhísí criptea-shócmhainní measúnú ar a mbeartas maidir le coinbhleachtaí leasa agus déanfaidh siad iad a athbhreithniú go bliantúil ar a laghad, agus déanfaidh siad gach beart iomchuí chun dul i ngleic le haon easnaimh.

Airteagal 66
Seachfhoinsiú

1.Déanfaidh soláthraithe seirbhísí criptea-shócmhainní atá ag brath ar thríú páirtithe chun feidhmeanna oibríochta a fheidhmiú, gach beart réasúnach chun riosca oibriúcháin breise a sheachaint. Leanfaidh siad de bheith freagrach go hiomlán as a noibleagáidí go léir a chomhlíonadh faoin Teideal seo agus áiritheoidh siad go gcomhlíonfar na coinníollacha seo a leanas i gcónaí:

(a)ní bheidh tarmligean fhreagrachtaí na soláthraithe seirbhísí criptea-shócmhainní mar thoradh ar sheachfhoinsiú;

(b)ní athróidh seachfhoinsiú an caidreamh idir na soláthraithe seirbhísí criptea-shócmhainní agus a gcuid cliant, ná oibleagáidí na soláthraithe seirbhísí criptea-shócmhainní i leith a gcliant;

(c)ní athróidh seachfhoinsiú na coinníollacha d’údarú na soláthraithe seirbhísí criptea-shócmhainní;

(d)oibreoidh tríú páirtithe a bhfuil baint acu leis an seachfhoinsiú i gcomhar leis an údarás inniúil i mBallstát baile an tsoláthraí seirbhísí criptea-shócmhainní agus ní choiscfidh an seachfhoinsiú feidhmiú feidhmeanna maoirseachta na núdarás inniúil sin, lena náirítear rochtain ar an láithreán a bheith ar fáil ar fhaisnéis atá ag teastáil chun na feidhmeanna sin a chomhlíonadh;

(e)coinníonn na soláthraithe seirbhísí criptea-shócmhainní an saineolas agus na hacmhainní is gá chun meastóireacht a dhéanamh ar cháilíocht na seirbhísí a sholáthraítear, chun maoirseacht éifeachtach a dhéanamh ar na seirbhísí seachfhoinsithe agus na rioscaí a bhaineann le seachfhoinsiú a bhainistiú ar bhonn leanúnach;

(f)bíonn rochtain dhíreach ag soláthraithe seirbhísí criptea-shócmhainní ar fhaisnéis ábhartha na seirbhísí seachfhoinsithe;

(g)áirithíonn soláthraithe seirbhísí criptea-shócmhainní go gcomhlíonann tríú páirtithe a bhfuil baint acu leis an seachfhoinsiú na caighdeáin a leagtar síos leis an dlí ábhartha um chosaint sonraí a mbeadh feidhm aici dá mbeadh na soláthraithe seirbhísí bunaithe san Aontas.

Chun críocha phointe (g), tá soláthraithe seirbhísí criptea-shócmhainní freagrach as a áirithiú go leagtar síos na caighdeáin a leagtar amach sa reachtaíocht um chosaint sonraí ábhartha sa chonradh dá dtagraítear i mír 3.

2.Beidh beartas ag soláthraithe seirbhísí criptea-shócmhainní maidir lena seachfhoinsiú, lena náirítear pleananna teagmhais agus straitéisí scoir.

3.Déanfaidh soláthraithe seirbhísí criptea-shócmhainní comhaontú i scríbhinn le haon tríú páirtithe a bhfuil baint acu le seachfhoinsiú. Sonrófar cearta agus oibleagáidí na soláthraithe seirbhísí criptea-shócmhainní agus na dtríú páirtithe lena mbaineann sa chomhaontú sin i scríbhinn, agus ceadófar na soláthraithe seirbhísí criptea-shócmhainní lena mbaineann deireadh a chur leis an gcomhaontú sin.

4.Cuirfidh soláthraithe seirbhísí criptea-shócmhainní agus tríú páirtithe ar fáil, arna iarraidh sin, an fhaisnéis uile atá riachtanach do na húdaráis inniúla agus do na húdaráis lena mbaineann chun na húdaráis sin a chumasú le comhlíonadh na ngníomhaíochtaí seachfhoinsithe le ceanglais an Teidil seo a mheas.

Caibidil 3: Oibleagáidí le haghaidh soláthar seirbhísí criptea-shócmhainní

Airteagal 67
criptea-shócmhainní a chumhdach agus a riar ar son tríú páirtithe

1.Déanfaidh soláthraithe seirbhísí criptea-shócmhainní a údaraítear do chumhdach agus riar ar son tríú páirtithe comhaontú lena gcuid cliant chun a ndualgais agus a bhfreagrachtaí a shonrú. Beidh an fhaisnéis seo a leanas ar a laghad i gcomhaontú den sórt sin:

(a)aitheantas na bpáirtithe sa chomhaontú;

(b)nádúr na seirbhíse a sholáthraítear agus tuairisc ar an tseirbhís sin;

(c)na modhanna cumarsáide idir an soláthraí seirbhísí criptea-shócmhainní agus an cliant, lena náirítear córas deimhnithe an chliaint;

(d)tuairisc ar na córais slándála a úsáideann an tsoláthraí seirbhísí criptea-shócmhainní;

(e)na táillí a ghearrann an soláthraí seirbhísí criptea-shócmhainní;

(f)an dlí is infheidhme maidir leis an gcomhaontú.

2.Coinneoidh soláthraí seirbhísí criptea-shócmhainní a údaraítear chun criptea-shócmhainní a chumhdach agus a riar ar son tríú páirtithe clár staideanna a osclófar in ainm gach cliaint, a fhreagraíonn do chearta gach cliaint ar na criptea-shócmhainní. Déanfaidh soláthraithe seirbhísí criptea-shócmhainní aon ghluaiseachtaí de réir treoracha óna gcuid cliant a thaifeadadh sa chlár sin a luaithe is féidir. Áireofar lena nósanna imeachta inmheánacha go léireofar aon ghluaiseacht a mbeidh tionchar aici ar chlárú na gcriptea-shócmhainní le hidirbheart a chláraítear go tráthrialta i gclár staid an chliaint.

3.Bunóidh soláthraithe seirbhísí criptea-shócmhainní a údaraítear chun criptea-shócmhainní a chumhdach agus a riar ar son tríú páirtithe beartas coimeádta le rialacha agus nósanna imeachta inmheánacha chun cosaint nó rialú criptea-shócmhainní den sórt sin a áirithiú, nó na bealaí rochtana ar na criptea-shócmhainní, amhail eochracha cripteagrafacha.

Áireofar leis na rialacha agus na nósanna imeachta sin nach féidir leis an soláthraí seirbhísí criptea-shócmhainní criptea-shócmhainní a gcliaint ná na cearta a bhaineann leis na criptea-shócmhainní sin a chailleadh mar thoradh ar chalaoisí, cibearbhagairtí nó faillí. 

4.I gcás inarb infheidhme, déanfaidh soláthraithe seirbhísí criptea-shócmhainní a údaraítear chun criptea-shócmhainní a chumhdach agus a riar ar son tríú páirtithe feidhmiú na gceart a ghabhann leis na criptea-shócmhainní a éascú. Déanfar aon imthosca is dócha a chruthóidh nó a leasóidh cearta an chliaint a thaifeadadh i gclár staid an chliaint a luaithe is féidir.

5.Cuirfidh soláthraithe criptea-shócmhainní a údaraítear chun criptea-shócmhainní a chumhdach agus a riar ar son tríú páirtithe ráiteas staid na gcriptea-shócmhainní atá taifeadta in ainm na gcliant sin ar fáil dá gcuid cliant uair amháin gach 3 mhí ar a laghad agus ar gach iarraidh ón gcliant lena mbaineann. Is ar mheán marthanach a dhéanfar an ráiteas staid sin. Luafar na criptea-shócmhainní lena mbaineann, a niarmhéid, a luach agus an taistriú criptea-shócmhainní a rinneadh le linn na tréimhse lena mbaineann sa ráiteas staid.

Cuirfidh soláthraithe seirbhísí criptea-shócmhainní a údaraítear chun criptea-shócmhainní a chumhdach agus a riar ar son tríú páirtithe aon fhaisnéis ar fáil a luaithe is féidir dá gcuid cliant maidir le hoibríochtaí ar chriptea-shócmhainní a dteastaíonn freagairt ó na cliaint sin ina leith.

6.Áiritheoidh soláthraithe seirbhísí criptea-shócmhainní a údaraítear chun criptea-shócmhainní a chumhdach agus a riar ar son tríú páirtithe go dtabharfar na criptea-shócmhainní a coimeádadh ar son a gcuid cliant nó na bealaí rochtana ar na criptea-shócmhainní sin ar ais do na cliaint sin a luaithe is féidir.

7.Déanfaidh soláthraithe seirbhísí criptea-shócmhainní a údaraítear chun criptea-shócmhainní a chumhdach agus a riar ar son tríú páirtithe sealúchais ar son a gcuid cliant a leithscaradh óna sealúchais féin. Áiritheoidh siad go gcoimeádtar criptea-shócmhainní a gcuid cliant ar sheoltaí ar leithligh ó na seoltaí ar a gcoimeádtar a criptea-shócmhainní féin ar DLT.

8.Beidh soláthraithe seirbhísí criptea-shócmhainní a údaraítear chun criptea-shócmhainní a chumhdach agus a riar ar son tríú páirtithe faoi dhliteanas dá gcuid cliant i leith caillteanais criptea-shócmhainní atá mar thoradh ar mhífheidhmiú nó haiceáil suas go luach margaidh na gcriptea-shócmhainní a cailleadh.

Airteagal 68
Ardán trádála le haghaidh criptea-shócmhainní a oibriú  

1.Leagfaidh soláthraithe seirbhísí criptea-shócmhainní a údaraítear chun ardán trádála le haghaidh criptea-shócmhainní a oibriú síos rialacha oibriúcháin don ardán trádála. Déanfar an méid seo a leanas ar a laghad sna rialacha oibriúcháin seo:

(a)socrófar na ceanglais, an dícheall cuí agus na próisis ceadaithe a chuirfear i bhfeidhm sula ligfear criptea-shócmhainní isteach ar an ardán trádála;

(b)déanfar catagóirí eisiaimh, más ann dóibh, a shainmhíniú, is iad sin na cineálacha criptea-shócmhainní nach ligfear isteach chun a dtrádála ar an ardán trádála, más ann dóibh.

(c)leagfar amach na beartais, na nósanna imeachta agus na leibhéil táillí, más ann dóibh, a bhaineann le cead chun criptea-shócmhainní a thrádáil ar an ardán trádála;

(d)leagfar amach critéir maidir le rannpháirtíocht sna gníomhaíochtaí trádála atá oibiachtúil agus comhréireach agus a chuireann rochtain chothrom agus oscailte ar an ardán chun cinn le haghaidh cliaint ar mian leo trádáil;

(e)socrófar ceanglais chun trádáil chothrom agus ordúil a áirithiú;

(f)socrófar coinníollacha ionas go bhfanfaidh criptea-shócmhainní inrochtana le haghaidh trádála, lena náirítear tairseacha leachtachta agus ceanglais maidir le nochtadh tréimhsiúil;

(g)socrófar coinníollacha faoinar féidir trádáil na gcriptea-shócmhainní a chur ar fionraí;

(h)socrófar nósanna imeachta chun socrú idirbhearta criptea-shócmhainní agus airgeadra fiat a áirithiú.

Chun críocha phointe (g), sonrófar go sonrach sna rialacha oibríochta nach gceadófar criptea-shócmhainn ar an ardán trádála i gcás inar foilsíodh páipéar bán maidir le criptea-shócmhainní, mura mbainfeadh criptea-shócmhainn den sórt sin tairbhe as an díolúine a leagtar amach in Airteagal 4(2).

Sula ligtear isteach criptea-shócmhainn chun a trádála, áiritheoidh soláthraithe seirbhísí criptea-shócmhainní a údaraítear chun ardán trádála le haghaidh criptea-shócmhainní a oibriú go gcomhlíonann an chriptea-shócmhainn rialacha oibríochta an ardáin trádála agus déanfaidh siad cáilíocht na criptea-shócmhainne lena mbaineann a mheas. Cuirfidh an t‑ardán trádála taithí, cuntas teiste agus cáil an eisitheora agus a fhoireann forbartha san áireamh nuair atá cáilíocht criptea-shócmhainne á mheas. Déanfaidh an t‑ardán trádála cáilíocht na gcriptea-shócmhainní a bhaineann tairbhe as an díolúine a leagtar amach in Airteagal 4(2) a mheas.

Coiscfidh rialacha oibríochta an ardáin trádála le haghaidh criptea-shócmhainní criptea-shócmhainní a ligean isteach chun a dtrádála i gcás ina bhfuil feidhm anaithnidithe ionsuite ag na criptea-shócmhainní ach amháin i gcás inar féidir le soláthraithe seirbhísí criptea-shócmhainní a údaraítear chun ardán trádála le haghaidh criptea-shócmhainní a oibriú nó údaráis inniúla sealbhóirí na gcriptea-shócmhainní agus a stair idirbhearta a aithint.

2.Déanfar na rialacha oibríochta sin dá dtagraítear i mír 1 a dhréachtú i dteanga oifigiúil amháin de chuid na mBallstát baile nó i dteanga eile is gnách a úsáid i réimse an airgeadais. Poibleofar na rialacha oibríochta sin ar shuíomh gréasáin an tsoláthraí seirbhísí criptea-shócmhainní lena mbaineann.

3.Ní dhéanfaidh soláthraithe seirbhísí criptea-shócmhainní a údaraítear chun ardán trádála le haghaidh criptea-shócmhainní a oibriú aon déileáil ar a gcuntas féin ar an ardán trádála a oibríonn siad, fiú nuair atá siad údaraithe chun criptea-shócmhainní a mhalartú ar airgeadra fiat nó chun criptea-shócmhainní a mhalartú ar chriptea-shócmhainní eile.

4.Beidh córais, nósanna imeachta agus socruithe éifeachta i bhfeidhm ag soláthraithe seirbhísí criptea-shócmhainní a údaraítear chun ardán trádála le haghaidh criptea-shócmhainní a oibriú chun an méid seo a leanas a áirithiú faoina gcórais trádála:

(a)tá siad athléimneach;

(b)tá siad sách acmhainneach le trádáil ordúil a áirithiú faoi choinníollacha ina bhfuil an margadh faoi strus mór;

(c)is féidir leo orduithe a sháraíonn na tairseacha réamhchinntithe maidir le líon agus praghas a dhiúltú nó i gcás inar léir go bhfuil siad earráideach;

(d)rinneadh iad a thástáil go hiomlán le háirithiú go gcomhlíontar na coinníollacha faoi phointí (a), (b) agus (c);

(e)tá siad faoi réir socruithe leanúnachais gnó le leanúnachas a seirbhísí a áirithiú i gcás go gclisfeadh ar an gcóras trádála.

5.Poibleoidh soláthraithe seirbhísí criptea-shócmhainní a údaraítear chun ardán trádála le haghaidh criptea-shócmhainní a oibriú aon tairiscint agus iarrfaidh siad praghsanna agus leibhéal an leasa trádála ag na praghsanna sin le haghaidh criptea-shócmhainní a ndéantar fógraíocht orthu trí chórais an ardáin trádála le haghaidh criptea-shócmhainní. Cuirfidh soláthraithe seirbhísí criptea-shócmhainní an fhaisnéis sin ar fáil don phobal le linn gnáthuaireanta trádála ar bhonn leanúnach.

6.Poibleoidh soláthraithe seirbhísí criptea-shócmhainní a údaraítear chun ardán trádála le haghaidh criptea-shócmhainní a oibriú praghas, líon agus am na nidirbheart a fhorghníomhaíodh i leith criptea-shócmhainní a trádáladh ar a nardáin trádála. Déanfaidh siad mionsonraí gach idirbhirt den sórt sin a phoibliú chomh gar d’fhíoram agus is féidir go teicniúil.

7.Cuirfidh soláthraithe seirbhísí criptea-shócmhainní a údaraítear chun ardán trádála le haghaidh criptea-shócmhainní a oibriú an fhaisnéis a fhoilsítear i gcomhréir le míreanna 5 agus 6 ar fáil don phobal ar bhonn tráchtála agus réasúnta agus áiritheoidh siad go bhfuil rochtain neamhidirdhealaitheach ar an bhfaisnéis sin. Cuirfear an fhaisnéis ar fáil saor in aisce 15 nóiméad tar éis foilsiú i bhformáid atá meaisíninléite agus beidh sé foilsithe ar feadh 2 bhliain ar a laghad.

8.Cuirfidh soláthraithe seirbhísí criptea-shócmhainní a údaraítear chun ardán trádála le haghaidh criptea-shócmhainní a oibriú socraíocht chríochnaitheach idirbheart criptea-shócmhainní i gcrích ar DLT ar an dáta céanna leis an dáta a fhorghníomhaíodh na hidirbhearta ar an ardán trádála.

9.Áiritheoidh soláthraithe seirbhísí criptea-shócmhainní a údaraítear chun ardán trádála le haghaidh criptea-shócmhainní a oibriú go bhfuil a struchtúir maidir le táillí trédhearcach, cothrom agus neamhidirdhealaitheach agus nach gcruthaíonn siad dreasachtaí chun orduithe a chur, a mhodhnú nó a chealú nó chun idirbhearta a fhorghníomhú ar bhealach a gcuireann le coinníollacha trádála míordúla nó le drochúsáid mhargaidh dá dtagraítear i dTeideal VI.

10.Déanfaidh soláthraithe seirbhísí criptea-shócmhainní a údaraítear chun ardán trádála le haghaidh criptea-shócmhainní a oibriú acmhainní a chothabháil agus beidh saoráidí cúltaca i bhfeidhm acu chun bheith in ann tuairisciú dá núdarás inniúil i gcónaí.

Airteagal 69
Malartú criptea-shócmhainní ar airgeadra fiat nó malartú criptea-shócmhainní ar chriptea-shócmhainní eile

1.Bunóidh soláthraithe seirbhísí criptea-shócmhainní a údaraítear chun criptea-shócmhainní a mhalartú ar airgeadra fiat nó ar chriptea-shócmhainní eile beartas tráchtála neamhidirdhealaitheach lena léirítear, go háirithe, an cineál cliant a cheadaíonn siad le malartú leo agus na coinníollacha a chomhlíonfaidh a gcliaint.

2.Foilseoidh soláthraithe seirbhísí criptea-shócmhainní a údaraítear chun criptea-shócmhainní a mhalartú ar airgeadra fiat nó ar chriptea-shócmhainní eile praghas seasta na gcriptea-shócmhainní nó modh chun praghas na gcriptea-shócmhainní a bheartaíonn siad malartú ar a son ar airgead fiat nó ar chriptea-shócmhainní eile a shocrú.

3.Déanfaidh soláthraithe seirbhísí criptea-shócmhainní a údaraítear chun criptea-shócmhainní a mhalartú ar airgeadra fiat nó ar chriptea-shócmhainní eile orduithe na gcliant a fhorghníomhú ag na praghsanna a taispeánadh an tráth a fuarthas iad.

4.Déanfaidh soláthraithe seirbhísí criptea-shócmhainní a údaraítear chun criptea-shócmhainní a mhalartú ar airgeadra fiat nó ar chriptea-shócmhainní eile sonraí na norduithe agus na nidirbheart a thug siad i gcrích, lena náirítear líonta agus praghsanna na nidirbhearta.

Airteagal 70
Forghníomhú orduithe le haghaidh criptea-shócmhainní ar son tríú páirtithe

1.Déanfaidh soláthraithe seirbhísí criptea-shócmhainní a údaraítear chun orduithe le haghaidh criptea-shócmhainní a fhorghníomhú ar son tríú páirtithe gach beart is gá chun an toradh is fearr a fháil dá gcuid cliant, nuair atá orduithe á bhforghníomhú acu, ag cur na tosca maidir leis an bhforghníomhú is fearr, is iad sin, praghas, costais, luas, dóchúlacht an fhorghníomhaithe agus an tsocraithe, méid, nádúr nó aon chúinse eile a bhaineann le forghníomhú an ordaithe, mura rud é go bhforghníomhaíonn an soláthraí seirbhísí criptea-shócmhainní lena mbaineann orduithe le haghaidh criptea-shócmhainní ag leanúint treoracha sonracha a thug a chliant dó.

2.D’fhonn comhlíonadh mhír 2 a áirithiú, déanfaidh soláthraí seirbhísí criptea-shócmhainní a údaraítear chun orduithe le haghaidh criptea-shócmhainní a fhorghníomhú ar son tríú páirtithe socruithe feidhmiúcháin éifeachtacha a bhunú agus a chur chun feidhme. Go háirithe, déanfaidh siad beartas forghníomhaithe a bhunú agus a chur chun feidhme chun a chur ar a gcumas an toradh is fearr a fháil ar orduithe a gcuid cliant. Go háirithe, déanfar foráil sa bheartas forghníomhaithe sin maidir le forghníomhú pras, cothrom agus sciobtha orduithe na gcliant agus maidir le míúsáid a d’fhéadfadh fostaithe na soláthraithe seirbhísí criptea-shócmhainní a bhaint as aon fhaisnéis a bhaineann le horduithe na gcliant a chosc sa bheartas forghníomhaithe orduithe seo.

3.Cuirfidh soláthraithe seirbhísí criptea-shócmhainní a údaraítear chun orduithe le haghaidh criptea-shócmhainní a fhorghníomhú ar son tríú páirtithe faisnéis iomchuí agus shoiléir ar fáil dá gcuid cliant maidir lena mbeartas forghníomhaithe agus aon athrú suntasach a chuirtear i bhfeidhm air.

Airteagal 71
criptea-shócmhainní a shocrú

1.Cuirfidh soláthraithe seirbhísí criptea-shócmhainní a údaraítear chun criptea-shócmhainní a shocrú an fhaisnéis seo a leanas in iúl don eisitheoir nó d’aon tríú páirtí a ghníomhaíonn thar a gceann, sula gcuirfidh siad deireadh le conradh leo:

(a)an cineál socraithe beartaithe, lena náirítear cibé an ráthaítear íosmhéid ceannaigh;

(b)léiriú faoi mhéid na dtáillí idirbheart a bhaineann leis an tseirbhís don oibríocht bheartaithe;

(c)an tuainiú, próiseas agus praghas a breithníodh don oibríocht bheartaithe;

(d)faisnéis faoi na ceannaitheoirí spriocdhírithe.

Gheobhaidh soláthraithe seirbhísí criptea-shócmhainní a údaraítear chun criptea-shócmhainní a shocrú comhaontú na n‑eisitheoirí nó aon tríú páirtí a ghníomhaíonn thar a gceann a mhéid a bhaineann le pointí (a) go (d).

2.Beidh nósanna imeachta sonracha agus leordhóthanacha ann sna rialacha maidir le coinbhleacht leasa dá dtagraítear in Airteagal 65 chun aon choinbhleacht leasa a chosc arna heascairt as na cásanna seo a leanas:

(a)má láithríonn soláthraithe seirbhísí criptea-shócmhainní na criptea-shócmhainní lena gcliaint féin;

(b)má dhéantar rómheastachán nó gannmheastachán ar an bpraghas beartaithe do láithriú na gcriptea-shócmhainní.

Airteagal 72
Orduithe a ghlacadh agus a tharchur ar son tríú páirtithe

1.Na soláthraithe seirbhísí criptea-shócmhainní a údaraítear glacadh agus tarchur orduithe ar son tríú páirtithe a sholáthar, déanfaidh siad nósanna imeachta agus socruithe a bhunú agus a chur chun feidhme lena bhforáiltear do tharchur pras agus ceart orduithe an chliaint lena bhforghníomhú ar ardán trádála le haghaidh criptea-shócmhainní nó chuig soláthraí seirbhísí criptea-shócmhainní eile.

2.Na soláthraithe seirbhísí criptea-shócmhainní a údaraítear glacadh agus tarchur orduithe ar son tríú páirtithe a sholáthar, ní bhfaighidh siad aon luach saothair, aon lascaine nó aon tairbhe neamhairgeadaíochta as orduithe cliant arna nglacadh ó chliaint a ródú chuig ardán trádála ar leith le haghaidh criptea-shócmhainní nó chuig soláthraí eile seirbhísí criptea-shócmhainní.

3.Na soláthraithe seirbhísí criptea-shócmhainní a údaraítear glacadh agus tarchur orduithe ar son tríú páirtithe a sholáthar, ní bhainfidh siad míúsáid as faisnéis a bhaineann le horduithe cliant atá ar feitheamh, agus déanfaidh siad gach beart réasúnach chun nach mbainfidh aon duine dá bhfostaithe míúsáid as an bhfaisnéis sin.

Airteagal 73
Comhairle maidir le criptea-shócmhainní

1.Na soláthraithe seirbhísí criptea-shócmhainní a údaraítear comhairle a thabhairt faoi chriptea-shócmhainní, déanfaidh siad measúnú ar chomhoiriúnacht na gcriptea-shócmhainní sin le riachtanais an gcliant, agus ní dhéanfaidh siad na criptea-shócmhainní sin a mholadh ach amháin nuair is chun leasa a gcliaint é.

2.Na soláthraithe seirbhísí criptea-shócmhainní a údaraítear comhairle a thabhairt faoi chriptea-shócmhainní, áiritheoidh siad go bhfuil an teolas agus an taithí is gá ag na daoine nádúrtha a chuireann comhairle faoi chriptea-shócmhainn nó faoi sheirbhís criptea-shócmhainní ar fáil ar a son chun a noibleagáidí a chomhlíonadh.

3.Chun críocha an mheasúnaithe dá dtagraítear i mír 1, déanfaidh soláthraí seirbhísí criptea-shócmhainní a údaraítear comhairle a thabhairt faoi chriptea-shócmhainní faisnéis a iarraidh faoin eolas atá ag an gcliant nó ag an gcliant ionchasach maidir le criptea-shócmhainní, faoin taithí atá ag an gcliant leo, faoi chuspóirí agus staid airgeadais an chliaint, lena náirítear cumas caillteanais a iompar, agus faoi thuiscint bhunúsach an chliaint sin ar na rioscaí a bhaineann le criptea-shócmhainní a cheannach.

Na soláthraithe seirbhísí criptea-shócmhainní a údaraítear comhairle a thabhairt faoi chriptea-shócmhainní, tabharfaidh siad rabhadh do chliaint go bhféadfaidh luach na gcriptea-shócmhainní luainiú, de bharr a intrádála is atá siad.

4.Na soláthraithe seirbhísí criptea-shócmhainní a údaraítear comhairle a thabhairt faoi chriptea-shócmhainní, déanfaidh siad beartais agus nósanna imeachta a bhunú, a choimeád agus a chur chun feidhme lena gcuirfear ar a gcumas an fhaisnéis uile is gá a bhailiú agus a mheas chun an measúnú seo a dhéanamh do gach cliant. Déanfaidh siad bearta réasúnacha chun a áirithiú gur faisnéis iontaofa í an fhaisnéis arna bailiú faoina gcuid cliant nó faoina gcuid cliant ionchasacha.

5.I gcás nach gcuireann cliaint an fhaisnéis is gá ar fáil de bhun mhír 4, nó i gcás ina measann soláthraithe seirbhísí criptea-shócmhainní a údaraítear comhairle a thabhairt faoi chriptea-shócmhainní, ar bhonn na faisnéise arna fáil faoi mhír 4, nach bhfuil eolas leordhóthanach ag an gcliant ionchasach nó ag na cliaint ionchasacha, déanfaidh na soláthraithe seirbhísí criptea-shócmhainní a údaraítear comhairle a thabhairt faoi chriptea-shócmhainní na cliaint nó na cliaint ionchasacha sin a chur ar an eolas go bhféadfadh go mbeadh na criptea-shócmhainní nó na seirbhísí criptea-shócmhainní sin míchuí dóibh agus tabharfaidh na soláthraithe sin rabhadh dóibh maidir leis na rioscaí a bhaineann le criptea-shócmhainní. Luafar go soiléir sa rabhadh riosca sin an riosca go gcaillfí iomlán an airgid arna infheistiú nó arna thiontú go criptea-shócmhainní. Admhóidh cliaint go sainráite go bhfuil an rabhadh arna eisiúint ag an soláthraí seirbhísí criptea-shócmhainní lena mbaineann faighte acu agus go dtuigeann siad é.

6.Na soláthraithe seirbhísí criptea-shócmhainní a údaraítear comhairle a thabhairt faoi chriptea-shócmhainní, déanfaidh siad athbhreithniú, i leith gach cliaint, ar an measúnú dá dtagraítear i mír 1 gach 2 bhliain tar éis an mheasúnaithe tosaigh arna dhéanamh i gcomhréir leis an mír sin.

7.A luaithe a dhéanfar an measúnú dá dtagraítear i mír 1, déanfaidh na soláthraithe a údaraítear comhairle a thabhairt faoi chriptea-shócmhainní tuairisc a chur ar fáil do chliaint ina ndéanfar achoimre ar an gcomhairle a tugadh do na cliaint sin. Is ar mheán marthanach a dhéanfar an tuairisc agus a chuirfear in iúl í do na cliaint. Beidh sa tuairisc sin, ar a laghad:

(a)éilimh agus riachtanais na gcliant;

(b)achoimre ar an gcomhairle arna tabhairt.

Caibidil 4: Éadáil soláthraithe seirbhísí criptea-shócmhainní

Airteagal 74
Measúnú ar éadálacha beartaithe soláthraithe seirbhísí criptea-shócmhainní

1.Aon duine nádúrtha nó duine dlítheanach nó daoine den sórt sin ag gníomhú de chomhbheart dóibh (‘an faighteoir beartaithe’), a chinneann sealúchas cáilitheach i soláthraí seirbhísí criptea-shócmhainní a fháil, go díreach nó go hindíreach, nó sealúchas cáilitheach den sórt sin a mhéadú tuilleadh, go díreach nó go hindíreach, a fhágfadh go mbainfeadh céatadán na gceart vótála nó an chaipitil atá ar teachtadh 10 %, 20 %, 30 % nó 50 % amach nó go sáródh sé an céatadán sin nó chun go mbeadh an soláthraí seirbhísí criptea-shócmhainní ina fhochuideachta dá chuid (‘an éadáil bheartaithe’), tabharfaidh na daoine sin fógra i scríbhinn d’údarás inniúil an tsoláthraí seirbhísí criptea-shócmhainní sin, ina léireofar méid an tsealúchais atá beartaithe agus an fhaisnéis a cheanglaítear sna caighdeáin theicniúla rialála arna nglacadh ag an gCoimisiún i gcomhréir le hAirteagal 75(4).

2.Aon duine nádúrtha nó dlítheanach a bhfuil cinneadh déanta aige sealúchas cáilitheach i soláthraí seirbhísí criptea-shócmhainní (an ‘díoltóir beartaithe’) a dhiúscairt go díreach nó go hindíreach, tabharfaidh an duine sin fógra i scríbhinn don údarás inniúil ar dtús ina thaobh sin, ina dtabharfar méid an tsealúchais sin le fios. Tabharfaidh duine den sórt sin fógra don údarás inniúil ar an mbealach céanna i gcás ina bhfuil cinneadh déanta aige sealúchas cáilitheach a laghdú ionas go dtitfeadh céatadán na gceart vótála nó an chaipitil atá ar teachtadh faoi bhun 10 %, 20 %, 30 % nó 50 % nó ionas go scoirfeadh an soláthraí seirbhísí criptea-shócmhainní de bheith ina fhochuideachta de chuid an duine sin.

3.Admhóidh na húdaráis inniúla, go pras agus in aon chás laistigh de 2 lá oibre ón bhfógra a cheanglaítear faoi mhír 1 seo a fháil, don fhaighteoir beartaithe i scríbhinn go bhfuil an fógra sin faighte acu.

4.Déanfaidh na húdaráis inniúla measúnú ar an éadáil bheartaithe dá dtagraítear i mír 1 agus ar an bhfaisnéis a cheanglaítear faoi na caighdeáin theicniúla rialála arna nglacadh ag an gCoimisiún i gcomhréir le hAirteagal 75(4), laistigh de 60 lá oibre ón dáta a admhófar i scríbhinn go bhfuarthas an fógra dá dtagraítear i mír 3.

Nuair a admhóidh siad go bhfuair siad an fógra, cuirfidh na húdaráis inniúla na daoine dá dtagraítear i mír 1 ar an eolas maidir leis an dáta a thabharfar an measúnú i gcrích.

5.Le linn dóibh an measúnú a dhéanamh dá dtagraítear i mír 4, an chéad fhomhír, féadfaidh údaráis inniúla aon fhaisnéis bhreise is gá chun an measúnú sin a thabhairt i gcrích a iarraidh ó na daoine dá dtagraítear i mír 1. Déanfar iarraidh den sórt sin sula gcuirfear an measúnú chun críche, agus tráth nach déanaí ná an 50ú lá oibre ón dáta a admhófar i scríbhinn go bhfuil an fógra dá dtagraítear i mír 3 faighte acu. Déanfar iarrataí mar sin i scríbhinn agus sonrófar an fhaisnéis bhreise is gá iontu.

Cuirfidh na húdaráis inniúla stad leis an measúnú dá dtagraítear i mír 4, an chéad fhomhír, go dtí go bhfaighidh siad an fhaisnéis bhreise dá dtagraítear sa chéad fhomhír den mhír seo, ach ar feadh tréimhse nach faide ná 20 lá oibre. Maidir le haon iarrataí ó údaráis inniúla ina dhiaidh sin ar fhaisnéis bhreise nó ar shoiléiriú ar fhaisnéis a fuarthas, ní bheidh aon bhriseadh breise ar thréimhse an mheasúnaithe mar thoradh ar na hiarrataí sin.

Féadfaidh an t‑údarás inniúil an briseadh dá dtagraítear sa dara fomhír den mhír seo a fhadú suas le 30 lá oibre ar a mhéad i gcás ina bhfuil na daoine dá dtagraítear i mír 1 lonnaithe lasmuigh den Aontas nó i gcás ina rialaítear iad lasmuigh den Aontas.

6.Tabharfaidh na húdaráis inniúla a chinneann, ar an measúnú a thabhairt i gcrích, cur in aghaidh na héadála beartaithe dá dtagraítear i mír 1, fógra faoin méid sin do na daoine dá dtagraítear i mír 1 laistigh de 2 lá oibre, ach roimh an dáta dá dtagraítear i mír 4, an dara fomhír, á fhadú, i gcás inarb infheidhme, i gcomhréir le mír 5, an dara agus an tríú fomhír. Cuirfear na cúiseanna leis an gcinneadh sin ar fáil san fhógra sin.

7.I gcás nach gcuireann na húdaráis inniúla in aghaidh na héadála beartaithe dá dtagraítear i mír 1 fógra roimh an dáta dá dtagraítear i mír 4, an dara fomhír, an dara fomhír, á fhadú, i gcás inarb infheidhme, i gcomhréir le mír 5, an dara agus an tríú fomhír, measfar an éadáil bheartaithe nó an diúscairt bheartaithe a bheith faofa.

8.Féadfaidh an túdarás inniúil uastréimhse a shocrú chun an éadáil bheartaithe dá dtagraítear i mír 1 a thabhairt chun críche, agus í a fhadú nuair is iomchuí.

Airteagal 75
Inneachar an mheasúnaithe ar éadálacha beartaithe soláthraithe seirbhísí criptea-shócmhainní

1.Le linn dóibh an measúnú dá dtagraítear in Airteagal 74(4) a dhéanamh, tabharfaidh na húdaráis inniúla breithmheas ar oiriúnacht na ndaoine dá dtagraítear in Airteagal 74(1) agus ar fhóntacht airgeadais na héadála beartaithe i bhfianaise na gcritéar uile seo a leanas:

(a)clú na ndaoine dá dtagraítear in Airteagal 74(1);

(b)clú agus taithí aon duine a stiúrfaidh gnó an tsoláthraí seirbhísí criptea-shócmhainní de thoradh na héadála beartaithe nó na diúscartha beartaithe;

(c)fóntacht airgeadais na ndaoine dá dtagraítear in Airteagal 74(1), go háirithe i ndáil leis an gcineál gnó a dhéantar agus atáthar ag brath a dhéanamh sa soláthraí seirbhísí criptea-shócmhainní ina bhfuil an éadáil beartaithe;

(d)cibé acu a bheidh nó nach mbeidh an soláthraí seirbhísí criptea-shócmhainní in ann forálacha an Teidil seo a chomhlíonadh agus leanúint dá gcomhlíonadh;

(e)cibé acu atá nó nach bhfuil forais réasúnacha amhrais ann go bhfuil nó go raibh sciúradh airgid nó maoiniú sceimhlitheoirí de réir bhrí Airteagal 1 de Threoir (AE) 2015/849/CE á déanamh, nó gur féachadh nó go bhfuiltear ag féachaint lena dhéanamh, nó go bhféadfadh an éadáil bheartaithe an riosca ina leith a mhéadú.

2.Ní fhéadfaidh na húdaráis inniúla cur i gcoinne na héadála beartaithe, ach amháin i gcás ina bhfuil forais réasúnta ann déanamh amhlaidh ar bhonn na gcritéar a leagtar amach i mír 1 nó i gcás ina bhfuil an fhaisnéis a cuireadh ar fáil i gcomhréir le hAirteagal 74(4) neamhiomlán nó bréagach.

3.Ní fhorchuirfidh na Ballstáit aon choinníollacha roimh ré maidir le leibhéal an tsealúchais is gá a fháil ná ní cheadóidh siad dá núdaráis inniúla an éadáil bheartaithe a scrúdú i dtéarmaí riachtanais eacnamaíocha an mhargaidh.

4.Forbróidh ESMA, i ndlúthchomhar le ÚBE, dréachtchaighdeáin theicniúla rialála chun liosta uileghabhálach a bhunú den fhaisnéis a bhfuil gá léi chun an measúnú a dhéanamh dá dtagraítear in Airteagal 74(4), an chéad fhomhír, ar liosta é a sholáthrófar do na húdaráis inniúla tráth a thabharfar an fógra dá dtagraítear in Airteagal 74(1). Maidir leis an bhfaisnéis a éilítear, beidh sí ábhartha chun measúnú stuamachta a dhéanamh, beidh sí comhréireach agus cuirfear in oiriúint í do chineál na ndaoine agus na héadála beartaithe dá dtagraítear in Airteagal 74(1).

Cuirfidh ESMA na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála sin faoi bhráid an Choimisiúin faoi [cuir isteach dáta atá cothrom le 12 mhí i ndiaidh an dáta ar a dtiocfaidh an Rialacháin seo i bhfeidhm]. 

Déantar cumhacht a tharmligean don Choimisiún chun na caighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 10 go hAirteagal 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.

TEIDEAL VI: Drochúsáid Mhargaidh a bhfuil baint ag criptea-shócmhainní léi a chosc

Airteagal 76
Raon feidhme na rialacha maidir le drochúsáid mhargaidh

Beidh feidhm ag na toirmisc agus ag na ceanglais a leagtar síos sa Teideal seo maidir le gníomhartha arna ndéanamh ag aon duine agus ar gníomhartha iad a bhaineann le criptea-shócmhainní a ligtear isteach chun a dtrádála ar ardán trádála le haghaidh criptea-shócmhainní, arb ardán é arna oibriú ag soláthraí seirbhísí criptea-shócmhainní údaraithe, nó ar gníomhartha iad a bhaineann le criptea-shócmhainní a bhfuil iarraidh déanta ina leith iad a ligean isteach chun a dtrádála ar ardán den sórt sin.

Airteagal 77
Nochtadh faisnéise ón taobh istigh

1.Déanfaidh eisitheoirí criptea-shócmhainní an pobal a chur ar an eolas a luaithe is féidir faoi fhaisnéis ón taobh istigh a bhaineann leo, ar bhealach ina gcuirfear ar chumas an phobail an fhaisnéis sin a rochtain ar bhealach éasca agus ina gcuirfear ar chumas an phobail an fhaisnéis sin a mheas ar bhealach iomlán, ceart agus pras.

2.Féadfaidh eisitheoirí criptea-shócmhainní, ar a bhfreagracht féin, moill a chur ar nochtadh faisnéise ón taobh istigh don phobal ar choinníoll go gcomhlíontar na coinníollacha uile seo a leanas:

(a)gur dócha go ndéanfar dochar do leasanna dlisteanacha na neisitheoirí le nochtadh láithreach;

(b)nach dócha go gcuirfear an pobal ar míthreoir le moilliú an nochta;

(c)go bhfuil na heisitheoirí ábalta rúndacht na faisnéise sin a áirithiú.

Airteagal 78
Toirmeasc ar dhéileáil chos istigh

1.Ní úsáidfidh aon duine faisnéis ón taobh istigh maidir le criptea-shócmhainní chun na criptea-shócmhainní sin a fháil, nó chun na criptea-shócmhainní sin a dhiúscairt, go díreach ná go hindíreach ná dá chuntas féin ná do chuntas tríú páirtí.

2.Maidir le haon duine ag a bhfuil faisnéis ón taobh istigh faoi chriptea-shócmhainní:

(a)ní mholfaidh sé ar bhonn na faisnéise cos istigh sin do dhuine eile na criptea-shócmhainní sin lena mbaineann an fhaisnéis a fháil ná a dhiúscairt, ná ní spreagfaidh sé duine eile le fáltas ná diúscairt den sórt sin a dhéanamh;

(b)ní mholfaidh sé ar bhonn na faisnéise chos istigh sin do dhuine eile ordú a chealú nó a leasú a bhaineann leis na criptea-shócmhainní sin, ná ní spreagfaidh sé duine eile le cealú ná leasú den sórt sin a dhéanamh.

Airteagal 79
Toirmeasc ar nochtadh neamhdhleathach faisnéise ón taobh istigh

Ní dhéanfaidh aon duine ag a bhfuil faisnéis ón taobh istigh an fhaisnéis sin a nochtadh d’aon duine eile, ach amháin i gcás ina ndéantar an nochtadh sin i ngnáthfheidhmiú fostaíochta, gairme nó dualgas.

Airteagal 80
Toirmeasc ar chúbláil mhargaidh

1.Ní ghabhfaidh aon duine do chúbláil mhargaidh ina mbeidh aon cheann de na gníomhaíochtaí seo a leanas:

(a)mura rud é go suíonn an duine atá ag dul i mbun idirbhirt, atá ag déanamh ordú chun trádála nó atá ag gabháil d’aon iompraíocht eile, go ndearnadh an tidirbheart, an tordú nó an iompraíocht sin ar chúiseanna dlisteanacha, ordú chun trádála a dhéanamh nó aon iompraíocht eile:

i) lena dtugtar, nó lenar dócha go dtabharfar, comharthaí bréagacha nó míthreoracha maidir le soláthar, éileamh nó praghas criptea-shócmhainne;

ii) lena socraítear, nó lenar dócha go socrófar, praghas criptea-shócmhainne amháin nó níos mó ar leibhéal neamhghnách nó saorga.

(b)dul i mbun idirbhirt, ordú chun trádála a dhéanamh nó aon ghníomhaíocht eile nó aon iompraíocht eile lena nimrítear tionchar, nó lenar dócha go nimreofar tionchar, ar phraghas criptea-shócmhainn amháin nó níos mó, ina núsáidtear gléas bréige nó aon fhoirm eile de dhallamullóg nó d’acra;

(c)faisnéis a scaipeadh trí na meáin, lena náirítear an tidirlíon, nó ar aon bhealach eile, lena dtugtar, nó lenar dócha go dtabharfar, comharthaí bréagacha nó míthreoracha maidir le soláthar, éileamh nó praghas criptea-shócmhainne, nó lenar dócha go socrófar praghas criptea-shócmhainne amháin nó níos mó ar leibhéal neamhghnách nó saorga, lena náirítear ráflaí a scaipeadh i gcás ina raibh a fhios ag an duine a scaip an fhaisnéis, nó inar cheart go mbeadh a fhios ag an duine sin, gur faisnéis bhréagach nó mhíthreorach a bhí inti.

2.Measfar gur cúbláil mhargaidh í an iompraíocht seo a leanas, inter alia:

(a)ceannasacht a fháil ar sholáthar criptea-shócmhainne nó ar an éileamh atá uirthi, a mbeidh nó ar dócha go mbeidh éifeacht aige sin, go díreach nó go hindíreach, praghsanna ceannaigh nó díola a shocrú nó ar dócha go gcruthófar dálaí míchóra trádála leis;

(b)orduithe a chur chuig ardán trádála le haghaidh criptea-shócmhainní, lena náirítear aon chealú nó aon mhodhnú ar na horduithe sin, trí mheán aon mhodh trádála atá ar fáil, agus a bhfuil ceann de ha héifeachtaí dá dtagraítear i mír 1(a) leis:

i) trí chur isteach ar fheidhmiú an ardáin trádála le haghaidh criptea-shócmhainní nó moill a chur ar a fheidhmiú nó gabháil d’aon ghníomhaíochtaí ar dócha go mbeidh an éifeacht sin acu;

ii) trí é a dhéanamh níos deacra do dhaoine eile fíor‑orduithe a aithint ar an ardán trádála, nó trí pháirt a ghlacadh in aon ghníomhaíochtaí ar dócha go mbeidh an éifeacht sin acu; lena n‑áirítear orduithe a chur isteach arb é an toradh a bheidh orthu gnáthfheidhmiú an ardáin trádála le haghaidh criptea-shócmhainní a dhíchobhsú;

iii) trí chomhartha bréagach nó míthreorach a chruthú faoi sholáthar nó praghas criptea-shócmhainne nó faoin éileamh atá uirthi, go háirithe trí orduithe a chur isteach chun treocht a thosú nó a ghéarú, nó trí pháirt a ghlacadh in aon ghníomhaíochtaí ar dócha go mbeidh an éifeacht sin acu;

(c)trí leas a bhaint as rochtain ócáideach nó rochtain rialta ar na meáin thraidisiúnta nó na meáin leictreonacha trí thuairim a chur in iúl maidir le criptea-shócmhainn, agus staideanna a bheith glactha ag an duine sin roimhe sin maidir leis an gcriptea-shócmhainn sin, agus é nó í tar éis brabús a dhéanamh de bharr thionchar na dtuairimí a cuireadh in iúl maidir leis an gcriptea-shócmhainn sin, gan an choinbhleacht leasa sin a nochtadh don phobal ag an am céanna ar bhealach ceart agus éifeachtach.

TEIDEAL VII: Údaráis Inniúla, ÚBE agus ESMA

Caibidil 1: Cumhachtaí na n‑údarás inniúil agus comhar idir údaráis inniúla, ÚBE agus ESMA

Airteagal 81
Údaráis Inniúla

1.Ainmneoidh na Ballstáit na húdaráis inniúla atá freagrach as na feidhmeanna agus na dualgais dá bhforáiltear sa Rialachán seo a thabhairt i gcrích agus cuirfidh siad ÚBE agus ESMA ar an eolas maidir leis sin.

2.I gcás ina nainmníonn Ballstáit níos mó ná údarás inniúil amháin de bhun mhír 1, cinnfidh siad a gcúraimí faoi seach agus ainmneoidh siad ceann amháin acu le bheith ina phointe aonair teagmhála do chomhar riaracháin trasteorann idir údaráis inniúla agus do chomhar le ÚBE agus le ESMA freisin.

3.Foilseoidh ESMA ar a suíomh gréasáin liosta de na húdaráis inniúla arna nainmniú i gcomhréir le mír 1.

Airteagal 82
Cumhachtaí na n‑údarás inniúil

1.D’fhonn a gcuid dualgas a chomhlíonadh faoi Theidil II, III, IV agus V den Rialachán seo, beidh na cumhachtaí maoirseachta agus imscrúdaitheacha seo a leanas ar a laghad ag údaráis inniúla, i gcomhréir leis an dlí náisiúnta:

(a)a chur de cheangal ar sholáthraithe seirbhísí criptea-shócmhainní agus ar na daoine nádúrtha nó na daoine dlítheanacha a rialaíonn iad nó atá arna rialú ag na soláthraithe sin, faisnéis agus doiciméid a chur ar fáil;

(b)a chur de cheangal ar chomhaltaí de chomhlacht bainistíochta an tsoláthraí seirbhísí criptea-shócmhainní faisnéis a chur ar fáil;

(c)soláthar seirbhíse criptea-shócmhainní a chur ar fionraí, nó a cheangal ar sholáthraí seirbhísí criptea-shócmhainní an soláthar a chur ar fionraí, go ceann tréimhse nach faide na 10 lá oibre as a chéile ar aon ócáid ar leithligh i gcás ina bhfuil forais réasúnacha ann lena cheapadh go ndearnadh sárú ar an Rialachán seo;

(d)toirmeasc a chur ar sholáthar seirbhísí criptea-shócmhainní i gcás ina gcinneann siad go ndearnadh sárú ar an Rialachán seo;

(e)an fhaisnéis ábhartha uile a nochtadh, nó a chur de cheangal ar sholáthraí seirbhísí criptea-shócmhainní í a nochtadh, ar faisnéis í ar féidir éifeacht a bheith aici ar sholáthar na seirbhísí criptea-shócmhainní, chun cosaint tomhaltóirí nó oibriú rianúil an mhargaidh a áirithiú;

(f)a phoibliú nach bhfuil soláthraí seirbhísí criptea-shócmhainní ag comhlíonadh a chuid oibleagáidí;

(g)soláthar seirbhísí criptea-shócmhainní a chur ar fionraí, nó a cheangal ar sholáthraí seirbhísí criptea-shócmhainní an soláthar a chur ar fionraí i gcás ina measann na húdaráis inniúla go bhfuil staid an tsoláthraí seirbhísí criptea-shócmhainní de chineál a fhágann go ndéanfar dochar do leas tomhaltóirí le soláthar na seirbhíse criptea-shócmhainní sin;

(h)conarthaí atá ann cheana a aistriú chuig soláthraí eile seirbhísí criptea-shócmhainní i gcásanna ina dtarraingítear siar údarú soláthraí seirbhísí criptea-shócmhainní i gcomhréir le hAirteagal 56, faoi réir comhaontú a fháil ó na cliaint agus ón soláthraí seirbhísí criptea-shócmhainní is faighteoir;

(i)i gcás ina bhfuil cúis lena cheapadh go bhfuil duine ag soláthar seirbhís criptea-shócmhainní gan údarú, faisnéis agus doiciméid a éileamh ar an duine sin;

(j)i gcás ina bhfuil cúis lena cheapadh go bhfuil duine ag eisiúint comharthaí sócmhainntagartha nó comharthaí ríomhairgid gan údarú, faisnéis agus doiciméid a éileamh ar an duine sin;

(k)i gcásanna práinneacha ina bhfuil cúis lena cheapadh go bhfuil duine ag soláthar seirbhísí criptea-shócmhainní gan údarú, scor láithreach den ghníomhaíocht a ordú gan réamhrabhadh a thabhairt nó spriocam a fhorchur;

(l)a chur de cheangal ar eisitheoirí criptea-shócmhainní, lena náirítear comharthaí sócmhainntagartha agus comharthaí ríomhairgid, nó ar dhaoine atá ag iarraidh go ligfí isteach chun trádála iad ar ardán trádála le haghaidh criptea-shócmhainní, agus ar na daoine a rialaíonn iad nó atá arna rialú ag na soláthraithe sin, faisnéis agus doiciméid a chur ar fáil;

(m)a chur de cheangal ar bhaill de chomhlacht bainistíochta an eisitheora criptea-shócmhainní, lena náirítear comharthaí sócmhainntagartha agus comharthaí ríomhairgid, nó ar dhuine atá ag iarraidh go ligfí isteach criptea-shócmhainní den sórt sin chun a dtrádála ar ardán trádála le haghaidh criptea-shócmhainní, faisnéis a chur ar fáil;

(n)a chur de cheangal ar eisitheoirí criptea-shócmhainní, lena náirítear comharthaí sócmhainntagartha agus comharthaí ríomhairgid, faisnéis bhreise a chur ar fáil ina bpáipéir bhána maidir le criptea-shócmhainní i gcás inar gá le haghaidh cosaint tomhaltóirí nó cobhsaíocht airgeadais;

(o)tairiscint don phobal do chriptea-shócmhainní, lena náirítear comharthaí sócmhainntagartha nó comharthaí ríomhairgid, nó ligean isteach chun trádála ar ardán trádála le haghaidh criptea-shócmhainní a chur ar fionraí go ceann tréimhse nach faide na 10 lá oibre as a chéile ar aon ócáid ar leithligh i gcás ina bhfuil forais réasúnacha amhrais ann go ndearnadh sárú ar an Rialachán seo;

(p)toirmeasc a chur ar thairiscint criptea-shócmhainní don phobal, lena náirítear comharthaí sócmhainntagartha nó comharthaí ríomhairgid, nó ar ligean isteach chun trádála ar ardán trádála le haghaidh criptea-shócmhainní i gcás ina gcinneann siad go ndearnadh sárú ar an Rialachán seo nó i gcás ina bhfuil forais réasúnacha amhrais ann go ndéanfaí sárú air;

(q)trádáil na gcriptea-shócmhainní a chur ar fionraí, nó a cheangal ar ardán trádála le haghaidh criptea-shócmhainní trádáil na gcriptea-shócmhainní a chur ar fionraí, lena náirítear comharthaí sócmhainntagartha nó comharthaí ríomhairgid, go ceann tréimhse nach faide ná 10 lá oibre as a chéile ar aon ócáid ar leithligh i gcás ina bhfuil forais réasúnacha ann a cheapadh go ndearnadh sárú ar an Rialachán seo;

(r)toirmeasc a chur ar thrádáil criptea-shócmhainní, lena náirítear comharthaí sócmhainntagartha nó comharthaí ríomhairgid, ar ardán trádála le haghaidh criptea-shócmhainní i gcás ina gcinneann siad go ndearnadh sárú ar an Rialachán seo;

(s)a phoibliú nach bhfuil eisitheoir criptea-shócmhainní, lena náirítear eisitheoir comharthaí sócmhainntagartha nó comharthaí ríomhairgid, nó duine atá ag iarraidh go ligfí isteach é ar ardán trádála le haghaidh criptea-shócmhainní ag comhlíonadh a oibleagáidí;

(t)an fhaisnéis ábhartha uile a nochtadh, nó a cheangal ar an eisitheoir criptea-shócmhainní, lena náirítear eisitheoir comharthaí sócmhainntagartha nó comharthaí ríomhairgid, an fhaisnéis sin a nochtadh, ar faisnéis í ar féidir éifeacht a bheith aici ar an measúnú ar na criptea-shócmhainní a thairgtear don phobal nó a ligtear isteach chun a dtrádála ar ardán trádála le haghaidh criptea-shócmhainní, chun cosaint tomhaltóirí nó oibriú rianúil an mhargaidh a áirithiú;

(u)trádáil na gcriptea-shócmhainní a chur ar fionraí, lena náirítear comharthaí sócmhainntagartha nó comharthaí ríomhairgid, nó a cheangal ar sholáthraí seirbhísí criptea-shócmhainní an trádáil sin a chur ar fionraí, i gcás ina measann an túdarás inniúil go bhfuil staid an eisitheora de chineál a fhágann go ndéanfar dochar do leas tomhaltóirí leis an trádáil sin;

(v)i gcásanna práinneacha ina bhfuil cúis lena cheapadh go bhfuil duine ag eisiúint comharthaí sócmhainntagartha nó comharthaí ríomhairgid gan údarú nó go bhfuil duine ag eisiúint criptea-shócmhainní gan fógra arna thabhairt faoi pháipéar bán maidir le criptea-shócmhainní i gcomhréir le hAirteagal 7, scor láithreach den ghníomhaíocht a ordú gan réamhrabhadh a thabhairt ná spriocam a fhorchur;

(w)scor sealadach d'aon chleachtas a ordú ar cleachtas é a mheasann an túdarás a bheith contrártha don Rialachán seo;

(x)cigireachtaí nó imscrúduithe ar an láthair a dhéanamh ar láithreacha seachas áiteanna cónaithe príobháideacha daoine nádúrtha, agus chun na críche sin, dul isteach in aon áitreabh chun doiciméid agus sonraí eile in aon fhormáid a rochtain, i gcás ina bhfuil amhras réasúnta ann go bhféadfaidh doiciméid agus sonraí eile a bhaineann le hábhar na cigireachta nó an imscrúdaithe a bheith ábhartha chun sárú ar an Rialachán seo a chruthú.

Tá cumhachtaí maoirseachta agus imscrúdaithe arna bhfeidhmiú i ndáil le heisitheoirí comharthaí ríomh‑airgid gan dochar do chumhachtaí arna ndeonú d’údaráis inniúla náisiúnta faoi dhlíthe náisiúnta lena ndéantar Treoir 2009/110/CE a thrasuí.

2.D’fhonn a gcuid dualgas a chomhlíonadh faoi Theideal VI den Rialachán seo, beidh, i gcomhréir leis an dlí náisiúnta, na cumhachtaí maoirseachta agus imscrúdaitheacha seo a leanas ar a laghad, sa bhreis ar na cumhachtaí dá dtagraítear i mír 1 ag údaráis inniúla:

(a)aon doiciméad agus aon sonra a rochtain in aon fhormáid, agus cóip de a fháil nó a thógáil;

(b)faisnéis a iarraidh ar aon duine nó a éileamh ar aon duine, lena náirítear iad siúd a bhfuil baint acu go comhleanúnach le tarchur na norduithe nó le seoladh na noibríochtaí lena mbaineann, chomh maith lena bpríomhaithe, agus más gá, aon duine den sórt sin a thoghairm nó a cheistiú d’fhonn faisnéis a fháil;

(c)dul isteach in áitribh daoine nádúrtha agus daoine dlítheanacha chun doiciméid agus sonraí eile in aon fhormáid a urghabháil, i gcás ina bhfuil amhras réasúnta ann go mbeidh doiciméid agus sonraí eile a bhaineann le hábhar na cigireachta nó an imscrúdaithe ábhartha chun cás de dhéileáil chos istigh nó de chúbláil margaidh a chruthú, ar cás é lena sáraítear an Rialachán seo;

(d) ábhair a tharchur le haghaidh imscrúdú coiriúil;

(e)a mhéid a cheadaítear é faoin dlí náisiúnta, taifid atá ann cheana de thrácht sonraí atá i seilbh oibreora teileachumarsáide a éileamh i gcás ina bhfuil amhras réasúnach ann maidir le sárú agus i gcás ina bhféadfadh na taifid sin a bheith ábhartha maidir leis an imscrúdú ar shárú ar Airteagail 77, 78, 79 agus 80;

(f)calcadh nó forlámhú sócmhainní, nó an dá rud, a iarraidh;

(g)toirmeasc sealadach a fhorchur ar ghníomhaíocht ghairmiúil a chleachtadh;

(h) na bearta uile is gá a dhéanamh chun a áirithiú go bhfuil an teolas ceart ag an bpobal, inter alia, trí fhaisnéis nochta atá bréagach nó míthreorach a cheartú, lena náirítear trína chur de cheangal ar eisitheoir criptea-shócmhainní nó ar dhuine eile a d’fhoilsigh nó a scaip faisnéis bhréagach nó mhíthreorach ráiteas ceartaitheach a fhoilsiú.

3.I gcás inar gá faoin dlí náisiúnta, féadfaidh an túdarás inniúil a iarraidh ar an údarás breithiúnach cinneadh a dhéanamh maidir le húsáid na gcumhachtaí dá dtagraítear i míreanna 1 agus 2.

4.Feidhmeoidh údaráis inniúla a bhfeidhmeanna agus a gcumhachtaí dá dtagraítear i míreanna 1 agus 2 ar aon cheann de na bealaí seo leanas:

(a)go díreach;

(b)i gcomhar le húdaráis eile;

(c)faoina bhfreagracht trí tharmligean d’údaráis den sórt sin;

(d)trí iarratas a dhéanamh chuig na húdaráis bhreithiúnacha inniúla.

5.Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh bearta iomchuí i bhfeidhm ionas go mbeidh na cumhachtaí maoirseachta agus imscrúdaitheacha ar fad is gá ag údaráis inniúla chun a gcuid dualgas a chomhlíonadh.

6.Duine a chuireann faisnéis ar fáil don údarás inniúil i gcomhréir leis an Rialachán seo, ní mheasfar go bhfuil sé ag sárú aon srian maidir le nochtadh faisnéise a fhorchuirtear le haon chonradh nó le haon fhoráil reachtach, rialála nó riaracháin, agus ní bheidh an duine sin faoi aon dliteanas d’aon chineál maidir leis an bhfógra sin.

Airteagal 83
Comhar idir na húdaráis inniúla

1.Oibreoidh údaráis inniúla i gcomhar le chéile chun críocha an Rialacháin seo. Déanfaidh siad faisnéis a mhalartú gan moill mhíchuí agus oibreoidh siad i gcomhar le chéile i ngníomhaíochtaí imscrúdaithe, maoirseachta agus forfheidhmiúcháin.

I gcás inar chinn Ballstáit, i gcomhréir le hAirteagal 92(1), pionóis choiriúla a leagan síos as sárú ar an Rialachán seo, áiritheoidh siad go bhfuil bearta iomchuí i bhfeidhm ionas go mbeidh na cumhachtaí uile is gá ag na húdaráis inniúla chun idirchaidreamh a dhéanamh le húdaráis bhreithiúnacha, le húdaráis ionchúisimh, nó le húdaráis um cheartas coiriúil laistigh dá ndlínse chun faisnéis shonrach a fháil maidir le himscrúduithe nó imeachtaí coiriúla arna dtionscnamh de dheasca sáruithe ar an Rialachán seo agus chun an fhaisnéis chéanna a sholáthar d’údaráis inniúla eile agus do ÚBE agus do ESMA freisin chun a gcuid dualgas a chomhlíonadh maidir le hoibriú i gcomhar chun críocha an Rialacháin seo.

2.Féadfaidh údarás inniúil diúltú gníomhú de bhun iarraidh ar fhaisnéis nó de bhun iarraidh comhoibriú in imscrúdú, in aon cheann de na himthosca eisceachtúla seo a leanas agus sna himthosca sin amháin:

(a)i gcás inar dócha go mbeidh éifeacht dhiúltach ar a ghníomhaíochtaí imscrúdaithe nó forfheidhmiúcháin féin nó ar imscrúdú coiriúil má chomhlíonann sé iarraidh;

(b)i gcás ina ndearnadh imeachtaí breithiúnacha a thionscnamh cheana féin i ndáil leis na gníomhaíochtaí céanna agus i gcoinne na ndaoine nádúrtha céanna nó i gcoinne na ndaoine dlítheanacha céanna os comhair údaráis an Bhallstáit ar díríodh an iarraidh sin chucu;

(c)i gcás inar tugadh breithiúnas críochnaitheach maidir leis na daoine nádúrtha nó na daoine dlítheanacha sin de dheasca na ngníomhaíochtaí céanna sin sa Bhallstát ar díríodh an iarraidh sin chuige.

3.Soláthróidh údaráis inniúla aon fhaisnéis is gá chun críocha an Rialacháin seo gan moill mhíchuí arna iarraidh sin dóibh.

4.Féadfaidh údarás inniúil cúnamh a iarraidh ar údarás inniúil de chuid Ballstáit eile maidir le cigireachtaí nó imscrúduithe ar an láthair.

I gcás ina bhfaigheann údarás inniúil iarraidh ó údarás inniúil de chuid Ballstáit eile cigireacht nó imscrúdú ar an láthair a dhéanamh, féadfaidh sé aon cheann de na bearta seo a leanas a dhéanamh:

(a)an chigireacht nó an timscrúdú ar an láthair a dhéanamh é féin;

(b)cead a thabhairt don údarás inniúil a rinne an iarraidh a tharchur páirt a ghlacadh sa chigireacht nó san imscrúdú ar an láthair;

(c)cead a thabhairt don údarás inniúil a rinne an iarraidh a tharchur an chigireacht nó an timscrúdú ar an láthair a dhéanamh é féin;

(d)cúraimí ar leith a bhaineann le gníomhaíochtaí maoirseachta a roinnt leis na húdaráis inniúla eile.

5.Féadfaidh na húdaráis inniúla an cás a tharchur chuig ESMA i gcás inar diúltaíodh d’iarraidh ar chomhar, go háirithe maidir le malartú faisnéise, nó murar gníomhaíodh de bhun na hiarrata sin laistigh de thréimhse réasúnta ama.

Gan dochar d'Airteagal 258 CFAE, féadfaidh ESMA gníomhú, i gcásanna den sórt sin, i gcomhréir leis an gcumhacht a thugtar dó faoi Airteagal 19 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.

6.De mhaolú ar mhír 5, féadfaidh na húdaráis inniúla an cás a tharchur chuig ÚBE i gcás inar diúltaíodh d’iarraidh ar chomhar, go háirithe maidir le malartú faisnéise, nó murar gníomhaíodh de bhun na hiarrata sin laistigh de thréimhse réasúnta ama, arb iarraidh í sin maidir le heisitheoir comharthaí sócmhainntagartha nó comharthaí ríomhairgid, nó maidir le heisitheoir seirbhísí criptea-shócmhainní a bhaineann le comharthaí sócmhainntagartha nó le comharthaí ríomhairgid.

Gan dochar d'Airteagal 258 CFAE, féadfaidh ÚBE gníomhú, i gcásanna den sórt sin, i gcomhréir leis an gcumhacht a thugtar dó faoi Airteagal 19 de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010.

7.Déanfaidh na húdaráis inniúla a maoirseacht a chomhordú go dlúth chun sáruithe ar an Rialachán seo a shainaithint agus a leigheas, chun deachleachtais a fhorbairt agus a chur chun cinn, chun comhar a éascú, chun comhsheasmhacht maidir le léiriú a chothú agus chun measúnuithe trasdlínse a chur ar fáil i gcás aon easaontaithe.

Chun críoch na chéad fhomhíre, déanfaidh ÚBE agus ESMA ról comhordúcháin idir na húdaráis inniúla agus ar fud na gcoláistí a chomhlíonadh dá dtagraítear in Airteagail 99 agus 101, d'fhonn cultúr maoirseachta comhchoiteann agus cleachtais mhaoirseachta chomhleanúnacha a fhorbairt, d'fhonn nósanna imeachta aonfhoirmeacha agus cur chuige comhleanúnach a áirithiú, agus d'fhonn comhleanúnachas a neartú i dtorthaí maoirseachta, go háirithe i dtaca le réimsí maoirseachta a bhfuil gné thrasteorann leo nó a bhféadfadh tionchar trasteorann a bheith acu.

8.I gcás ina gcinneann údarás inniúil nár comhlíonadh ceann de na ceanglais faoin Rialachán seo nó ina bhfuil cúis aige é sin a cheapadh, cuirfidh sé údarás inniúil an eintitis nó na neintiteas atá faoi amhras maidir leis an sárú sin ar an eolas maidir lena thorthaí ar bhealach a bheidh mionsonraithe go leordhóthanach.

9.Déanfaidh ESMA, tar éis dó dul i gcomhairle le ÚBE, dréachtchaighdeáin theicniúla rialála a fhorbairt chun an fhaisnéis a bheidh le malartú idir údaráis inniúla i gcomhréir le mír 1 a shonrú.

Déantar an chumhacht a tharmligean chuig an gCoimisiún chun na caighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír den mhír seo a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 10 go hAirteagal 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.

Cuirfidh ESMA na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála sin faoi bhráid an Choimisiúin faoi [cuir isteach dáta atá cothrom le 12 mhí i ndiaidh a theacht i bhfeidhm].

10.Déanfaidh ESMA, tar éis dó dul i gcomhairle le ÚBE, dréachtchaighdeáin theicniúla cur chun feidhme a fhorbairt chun foirmeacha, teimpléid agus nósanna imeachta caighdeánacha a bhunú don chomhar agus don mhalartú faisnéise idir údaráis inniúla.

Tugtar cumhacht don Choimisiún na caighdeáin theicniúla cur chun feidhme dá dtagraítear sa chéad fhomhír den mhír seo a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 15 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.

Cuirfidh ESMA na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála cur chun feidhme sin faoi bhráid an Choimisiúin faoi [cuir isteach dáta atá cothrom le 12 mhí i ndiaidh a theacht i bhfeidhm].

Airteagal 84
Comhar le ÚBE agus le ESMA

1.Chun críocha an Rialacháin seo, oibreoidh na húdaráis inniúla i ndlúthchomhar le ESMA i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010 agus le ÚBE i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010. Déanfaidh siad faisnéis a mhalartú chun a ndualgas a dhéanamh faoin gCaibidil seo agus faoi Chaibidil 2 den Teideal seo.

2.Cuirfidh údarás inniúil iarrthach ÚBE agus ESMA ar an eolas maidir le haon iarraidh dá dtagraítear in Airteagal 83(4).

I gcás aon chigireacht nó aon imscrúdú ag a bhfuil éifeacht trasteorann, déanfaidh ESMA, i gcás ina n‑iarrann ceann de na húdaráis inniúla é, an chigireacht nó an t‑imscrúdú a chomhordú. I gcás ina mbaineann an chigireacht nó an t‑imscrúdú ag a bhfuil éifeacht trasteorann le heisitheoir comharthaí sócmhainn‑tagartha nó comharthaí ríomh‑airgid, nó le heisitheoir seirbhísí criptea-shócmhainní a bhaineann le comharthaí sócmhainn‑tagartha nó le comharthaí ríomh‑airgid, déanfaidh ÚBE, i gcás ina n‑iarrann ceann de na húdaráis inniúla é, an chigireacht nó an t‑imscrúdú a chomhordú.

3.Cuirfidh na húdaráis inniúla, gan mhoill, an fhaisnéis uile is gá ar fáil do ÚBE agus do ESMA chun a ndualgas a dhéanamh, i gcomhréir le hAirteagal 35 de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010 agus i gcomhréir le hAirteagal 35 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010 faoi seach.

4.Chun coinníollacha aonfhoirmeacha a áirithiú maidir le cur i bhfeidhm an Airteagail seo, déanfaidh ESMA, i ndlúthchomhar le ÚBE, dréachtchaighdeáin theicniúla rialála cur chun feidhme a fhorbairt chun foirmeacha, teimpléid agus nósanna imeachta caighdeánacha a bhunú don chomhar agus don mhalartú faisnéise idir údaráis inniúla agus le ÚBE agus le ESMA.

Cuirfidh ESMA na dréachtchaighdeáin theicniúla cur chun feidhme sin faoi bhráid an Choimisiúin faoin ... [cuir isteach dáta atá cothrom le 12 mhí i ndiaidh a theacht i bhfeidhm]..

Tugtar cumhacht don Choimisiún na caighdeáin theicniúla cur chun feidhme dá dtagraítear sa chéad fhomhír den mhír seo a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 15 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.

Airteagal 85
Comhar le húdaráis eile

I gcás ina ngabhann eisitheoir criptea-shócmhainní, lena n‑áirítear comharthaí sócmhainn‑tagartha nó comharthaí ríomh‑airgid, do ghníomhaíochtaí seachas na cinn a chumhdaítear faoin Rialachán seo, oibreoidh na húdaráis inniúla i gcomhar leis na húdaráis atá freagrach as maoirseacht nó fomhaoirseacht na ngníomhaíochtaí eile den sórt sin dá bhforáiltear i ndlí ábhartha an Aontais nó sa dlí ábhartha náisiúnta, lena n‑áirítear údaráis chánach.

Airteagal 86
Dualgais fógartha

Tabharfaidh na Ballstáit fógra i dtaobh na ndlíthe, na rialachán agus na bhforálacha riaracháin lena gcuirtear an Teideal seo chun feidhme, lena n‑áirítear aon fhorálacha ábhartha den dlí coiriúil, don Choimisiún, do ÚBE agus do ESMA faoi… [cuir isteach dáta atá cothrom le 12 mhí i ndiaidh an dáta ar a dtiocfaidh sé i bhfeidhm]. Tabharfaidh na Ballstáit fógra gan moill mhíchuí don Choimisiún agus do ESMA faoi aon leasú a dhéanfar ina dhiaidh sin orthu.

Airteagal 87
Rúndacht phroifisiúnta

1.Maidir leis an bhfaisnéis a dhéantar a mhalartú idir na húdaráis inniúla faoin Rialachán seo agus a bhaineann le dálaí gnó nó oibríochtúla agus le gnóthaí eacnamaíochta nó pearsanta, measfar gur faisnéis rúnda í agus beidh sí faoi réir cheanglais na rúndachta gairmiúla, ach amháin sa chás ina sonraíonn an túdarás inniúil tráth na cumarsáide go bhféadfar faisnéis den sórt sin a nochtadh nó go bhfuil nochtadh don sórt sin riachtanach i gcomhair imeachtaí dlíthiúla.

2.Beidh feidhm ag oibleagáid na rúndachta gairmiúla maidir leis na daoine nádúrtha agus na daoine dlítheanacha uile a oibríonn nó a d’oibrigh do na húdaráis inniúla. Ní fhéadfar faisnéis atá cumhdaithe ag rúndacht ghairmiúil a nochtadh d’aon duine nádúrtha nó dlítheanach eile nó d’aon údarás eile ach amháin de bhua forálacha a leagtar síos le dlí na Aontais nó leis an dlí náisiúnta.

Airteagal 88
Cosaint sonraí

I ndáil le próiseáil sonraí pearsanta laistigh de raon feidhme an Rialacháin seo, déanfaidh na húdaráis inniúla a gcúraimí chun críocha an Rialacháin seo i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 2016/679 68 .

I ndáil le próiseáil sonraí pearsanta arna déanamh ag ÚBE agus ag ESMA laistigh de raon feidhme an Rialacháin seo, comhlíonfar an phróiseáil sin le Rialachán (AE) 2018/1725 69 .

Airteagal 89
Bearta réamhchúraim

1.I gcás ina bhfuil forais shoiléire agus inléirithe ag údarás inniúil an Bhallstáit óstaigh a chreidiúint go bhfuil neamhrialtachtaí déanta ag soláthraí seirbhísí criptea-shócmhainní nó ag eisitheoir criptea-shócmhainní, lena náirítear comharthaí sócmhainntagartha nó comharthaí ríomhairgid, cuirfidh sé é sin in iúl go pras d’údarás inniúil an Bhallstáit baile agus do ESMA.

I gcás ina mbaineann na neamhrialtachtaí le heisitheoir comharthaí sócmhainn‑tagartha nó comharthaí ríomh‑airgid nó le heisitheoir seirbhísí criptea-shócmhainní atá gaolta le comharthaí sócmhainn‑tagartha nó comharthaí ríomh‑airgid, cuirfidh údaráis inniúla na mBallstát óstach ÚBE ar an eolas freisin.

2.Más rud é, d'ainneoin na mbeart arna ndéanamh ag údarás inniúil an Bhallstáit baile, go leanann an soláthraí seirbhísí criptea-shócmhainní nó an teisitheoir criptea-shócmhainní ag sárú an Rialacháin seo, déanfaidh údarás inniúil an Bhallstáit óstaigh, tar éis dó údarás inniúil an Bhallstáit baile, ESMA agus, i gcás inarb iomchuí, ÚBE a chur ar an eolas, gach beart iomchuí chun tomhaltóirí a chosaint agus cuirfidh sé an Coimisiún agus ESMA ar an eolas faoi sin gan moill mhíchuí.

3.I gcás ina neasaontaíonn údarás inniúil le haon cheann de na bearta arna ndéanamh ag údarás inniúil eile de bhun mhír 2 den Airteagal seo, féadfaidh sé ESMA a chur ar an eolas faoi. Féadfaidh ESMA gníomhú i gcomhréir leis na cumhachtaí a thugtar dó faoi Airteagal 19 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.

De mhaolú ar an gcéad fhomhír, i gcás ina mbaineann na bearta le heisitheoir comharthaí sócmhainn‑tagartha nó le heisitheoir comharthaí ríomh‑airgid, nó le seirbhís criptea-shócmhainní a bhfuil baint aici le comharthaí sócmhainn‑tagartha nó le comharthaí ríomh‑airgid, féadfaidh an t‑údarás inniúil ÚBE a chur ar an eolas faoi. Féadfaidh ÚBE gníomhú i gcomhréir leis na cumhachtaí a thugtar dó faoi Airteagal 19 de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010.

Airteagal 90
Comhar le tríú tíortha

1.Déanfaidh údaráis inniúla na mBallstáit, i gcás inar gá, socruithe comhair a thabhairt i gcrích le húdaráis mhaoirseachta tríú tíortha maidir le malartú faisnéise le húdaráis mhaoirseachta i dtríú tíortha agus maidir le forfheidhmiú oibleagáidí a eascraíonn as an Rialachán seo i dtríú tíortha. Áiritheofar leis na socruithe comhair sin malartú éifeachtach faisnéise ar a laghad a áirithiú lenar féidir leis na húdaráis inniúla a ndualgas a dhéanamh faoin Rialachán seo.

Cuirfidh údarás inniúil ÚBE agus ESMA agus na húdaráis inniúla eile ar an eolas i gcás ina mbeartaíonn sé dul i mbun socrú den sórt sin.

2.Déanfaidh ESMA, i gcás inar féidir, agus i ndlúthchomhar le ÚBE, éascaíocht agus comhordú ar fhorbairt socruithe comhair idir na húdaráis inniúla agus na húdaráis mhaoirseachta ábhartha de chuid tríú tíortha.

Déanfaidh ESMA, i ndlúthchomhar le ÚBE, dréachtchaighdeáin theicniúla rialála a fhorbairt, ina mbeidh doiciméad ar teimpléad é do shocruithe comhair, a bheidh le húsáid ag údaráis inniúla na mBallstát i gcás inar féidir.

Cuirfidh ESMA na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála sin faoi bhráid an Choimisiúin faoi [cuir isteach dáta atá cothrom le 12 mhí i ndiaidh a theacht i bhfeidhm].

Tarmligtear an chumhacht chuig an gCoimisiún chun na caighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa dara fomhír a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 10 go hAirteagal 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.

3.Déanfaidh ESMA freisin, i ndlúthchomhar le ÚBE, sa chás inar féidir, éascaíocht agus comhordú ar an malartú faisnéise idir údaráis inniúla ar faisnéis í arna fáil ó údaráis mhaoirseachta de chuid tríú tíortha a d’fhéadfadh a bheith ábhartha maidir le bearta a dhéanamh faoi Chaibidil 2.

4.Déanfaidh na húdaráis inniúla comhaontuithe comhair a thabhairt i gcrích maidir le faisnéis a mhalartú le húdaráis mhaoirseachta de chuid tríú tíortha ach amháin i gcás ina bhfuil an fhaisnéis arna nochtadh faoi réir ráthaíochtaí rúndachta gairmiúla atá coibhéiseach ar a laghad leo siúd a leagtar amach in Airteagal 87. Beidh malartú faisnéise den sórt sin ann ar mhaithe le feidhmiú chúraimí na núdarás inniúil sin.

Airteagal 91
Láimhseáil gearán ag údaráis inniúla

1.Cuirfidh na húdaráis inniúla nósanna imeachta ar bun a ligfidh do chliaint agus do pháirtithe leasmhara eile, lena náirítear comhlachais tomhaltóirí, gearáin a chur faoi bhráid na núdaráis inniúil maidir le heisitheoir criptea-shócmhainní, lena náirítear comharthaí sócmhainntagartha nó comharthaí ríomhairgid, agus maidir le sáruithe a líomhnaítear a bheith déanta ag soláthraithe seirbhísí criptea-shócmhainní ar an Rialachán seo. I ngach cás, ba cheart glacadh le gearáin i bhformáid scríofa nó i bhformáid leictreonach agus iad i dteanga oifigiúil de chuid an Bhallstáit ina ndéantar an gearán a tharchur nó i dteanga a nglacann údaráis inniúla an Bhallstáit sin léi.

2.Cuirfear faisnéis maidir leis na nósanna imeachta gearáin dá dtagraítear i mír 1 ar fáil ar shuíomh gréasáin gach údaráis inniúil agus déanfar í a chur in iúl do ÚBE agus do ESMA. Na ranna sin de shuíomh gréasáin na núdarás inniúil a bhaineann leis na nósanna imeachta gearáin, foilseoidh ESMA tagairtí dóibh sin ina chlár criptea-shócmhainní dá dtagraítear in Airteagal 57.

Caibidil 2: bearta riaracháin agus smachtbhannaí riaracháin na n‑údarás inniúil

Airteagal 92
Smachtbhannaí riaracháin agus bearta riaracháin eile

1.Gan dochar d’aon smachtbhannaí coiriúla agus do na ceanglais a chumhachtaí maoirseachta na núdarás inniúil faoi Airteagal 82, déanfaidh na Ballstáit, i gcomhréir leis an dlí náisiúnta, foráil maidir le cumhacht a bheith ag na húdaráis inniúla chun smachtbhannaí riaracháin iomchuí agus bearta riaracháin eile a dhéanamh maidir leis na sáruithe seo a leanas ar a laghad:

(a)sáruithe ar Airteagal 4 go hAirteagal 14;

(b)sáruithe ar Airteagal 17 agus Airteagal 21, ar Airteagal 23 go hAirteagal 36 agus ar Airteagal 42;

(c)sáruithe ar Airteagal 43 go hAirteagal 49, seachas Airteagal 47;

(d)sáruithe ar Airteagal 56 agus ar Airteagal 58 go hAirteagal 73;

(e)sáruithe ar Airteagal 76 go hAirteagal 80;

(f)easpa comhair nó neamhchomhlíonadh i ndáil le himscrúdú, cigireacht nó iarraidh dá dtagraítear in Airteagal 82(2).

Féadfaidh Ballstáit a chinneadh gan rialacha a leagan síos do smachtbhannaí riaracháin dá dtagraítear sa chéad fhomhír i gcás ina bhfuil na sáruithe dá dtagraítear i bpointí (a), (b), (c), (d) nó (e) den fhomhír sin faoi réir smachtbhannaí coiriúla ina ndlí náisiúnta faoi [cuir isteach dáta atá cothrom le 12 mhí i ndiaidh a theacht i bhfeidhm]. I gcás ina gcinneann siad amhlaidh, tabharfaidh na Ballstáit fógra mionsonraithe don Choimisiún, do ESMA agus do ÚBE i dtaobh na gcodanna ábhartha dá ndlí coiriúil.

Faoi [cuir isteach dáta atá cothrom le 12 mhí i ndiaidh a theacht i bhfeidhm], tabharfaidh na Ballstáit fógra mionsonraithe i dtaobh na rialacha dá dtagraítear sa chéad fhomhír agus sa dara fomhír don Choimisiún, do ÚBE agus do ESMA. Tabharfaidh siad fógra don Choimisiún gan mhoill i dtaobh aon leasú ina dhiaidh sin orthu.

2.Áiritheoidh na Ballstáit, i gcomhréir leis an dlí náisiúnta, go mbeidh sé de chumhacht ag údaráis inniúla na smachtbhannaí riaracháin seo a leanas ar a laghad agus bearta riaracháin eile a fhorchur i ndáil leis na sáruithe a liostaítear i bpointe (a) d’fhomhír 1:

(a)ráiteas poiblí, ina léirítear an duine nádúrtha nó an teintiteas dlítheanach atá freagrach as an sárú agus cineál an tsáraithe i gcomhréir le hAirteagal 82;

(b)ordú lena gceanglaítear ar an duine nádúrtha nó an teintiteas dlítheanach atá freagrach as an sárú scor den iompraíocht arb ionann í agus an sárú;

(c)smachtbhannaí riaracháin airgid uasta de dhá oiread mhéid na mbrabús arna ngnóthú nó de dhá mhéid na gcaillteanas arna seachaint de dheasca an tsáraithe, ar a laghad, i gcás inar féidir na nithe sin a chinneadh;

(d)i gcás duine dlítheanach, smachtbhannaí riaracháin airgid uasta de EUR 5 000 000 ar a laghad, nó sna Ballstáit nach é an euro an tairgeadra atá acu, an luach comhfhreagrach san airgeadra náisiúnta ar [cuir isteach an dáta ar a dtiocfaidh an Rialacháin seo i bhfeidhm], nó 3 % de láimhdeachas bliantúil iomlán an duine dhlítheanaigh sin de réir na ráiteas airgeadais deiridh atá ar fáil atá formheasta ag an gcomhlacht bainistíochta. I gcás inar máthairghnóthas nó fochuideachta de chuid an mháthairghnóthais é an duine dlítheanach a bhfuil ceangal air cuntais chomhdhlúite airgeadais a ullmhú i gcomhréir le Treoir 2013/34/AE 70 , is é an láimhdeachas bliantúil iomlán nó an cineál ioncaim comhfhreagrach a bheidh sa láimhdeachas bliantúil ábhartha iomlán, i gcomhréir le dlí an Aontais is ábhartha i réimse na cuntasaíochta, de réir na gcuntas comhdhlúite deiridh atá ar fáil agus atá formheasta ag comhlacht bainistíochta an mháthairghnóthais deiridh.

(e)i gcás duine nádúrtha, smachtbhannaí riaracháin airgid uasta de EUR 700 000 ar a laghad nó, sna Ballstáit nach é an euro an tairgeadra atá acu, an luach comhfhreagrach san airgeadra náisiúnta ar [cuir isteach an dáta ar a dtiocfaidh an Rialacháin seo i bhfeidhm].

3.Áiritheoidh na Ballstáit, i gcomhréir leis an dlí náisiúnta, go mbeidh sé de chumhacht ag údaráis inniúla na smachtbhannaí riaracháin seo a leanas ar a laghad agus bearta riaracháin eile a fhorchur i ndáil leis na sáruithe a liostaítear i bpointe (b) de mhír 1:

(a)ráiteas poiblí ina léirítear an duine nádúrtha nó an teintiteas dlítheanach atá freagrach as an sárú agus cineál an tsáraithe;

(b)ordú lena gceanglaítear ar an duine nádúrtha nó an teintiteas dlítheanach atá freagrach as an sárú scor den iompraíocht arb ionann í agus an sárú;

(c)smachtbhannaí riaracháin airgid uasta de dhá oiread mhéid na mbrabús arna ngnóthú nó de dhá mhéid na gcaillteanas arna seachaint de dheasca an tsáraithe, ar a laghad, i gcás inar féidir na nithe sin a chinneadh;

(d)i gcás duine dhlítheanaigh, smachtbhannaí riaracháin airgid uasta de 15 % de láimhdeachas bliantúil iomlán an duine dhlítheanaigh sin de réir na ráiteas airgeadais deiridh atá ar fáil atá formheasta ag an gcomhlacht bainistíochta.

4.Áiritheoidh na Ballstáit, i gcomhréir leis an dlí náisiúnta, go mbeidh sé de chumhacht ag údaráis inniúla na smachtbhannaí riaracháin seo a leanas ar a laghad agus bearta riaracháin eile a fhorchur i ndáil leis na sáruithe a liostaítear i bpointe (c) de mhír 1:

(a)ráiteas poiblí ina léirítear an duine nádúrtha nó an teintiteas dlítheanach atá freagrach as an sárú agus cineál an tsáraithe;

(b)ordú lena gceanglaítear ar an duine nádúrtha nó an teintiteas dlítheanach atá freagrach as an sárú scor den iompraíocht arb ionann í agus an sárú;

(c)smachtbhannaí riaracháin airgid uasta de dhá oiread mhéid na mbrabús arna ngnóthú nó de dhá mhéid na gcaillteanas arna seachaint de dheasca an tsáraithe, ar a laghad, i gcás inar féidir na nithe sin a chinneadh;

(d)i gcás duine dhlítheanaigh, smachtbhannaí riaracháin airgid uasta de 15 % de láimhdeachas bliantúil iomlán an duine dhlítheanaigh sin de réir na ráiteas airgeadais deiridh atá ar fáil atá formheasta ag an gcomhlacht bainistíochta.

5.Áiritheoidh na Ballstáit, i gcomhréir lena ndlí náisiúnta, go mbeidh sé de chumhacht ag údaráis inniúla na pionóis riaracháin seo a leanas ar a laghad agus bearta riaracháin eile a fhorchur i ndáil leis na sáruithe a liostaítear i bpointe (d) den chéad fhomhír de mhír 1:

(a)ráiteas poiblí ina léireofar an duine nádúrtha nó an duine dlítheanach atá freagrach as an sárú agus cineál an tsáraithe;

(b)ordú lena gceanglaítear ar an duine nádúrtha nó ar an duine dlítheanach scor den iompraíocht arb ionann í agus an sárú agus gan gabháil don iompraíocht sin arís;

(c)toirmeasc ar aon chomhalta de chomhlacht bainistíochta an duine dlíthiúil atá freagrach as an sárú, nó ar aon duine nádúrtha a chinntear a bheith freagrach as an sárú, ó fheidhmeanna bainistíochta a fheidhmiú i ngnóthais den sórt sin;

(d)fíneálacha riaracháin uasta de dhá oiread mhéid an tsochair arna dhíorthú ón sárú ar a laghad i gcás inar féidir an sochar sin a chinneadh, fiú más mó é sin ná na huasmhéideanna a leagtar amach i bpointe (e);

(e)i gcás duine dhlítheanaigh, fíneálacha riaracháin uasta de EUR 500 000 ar a laghad nó, sna Ballstáit nach é an euro an tairgeadra atá acu, an luach comhfhreagrach san airgeadra náisiúnta ar ... [cuir isteach an dáta ar a dtiocfaidh an Rialacháin seo i bhfeidhm] nó 5 % de láimhdeachas bliantúil iomlán an duine dhlítheanaigh sin de réir na ráiteas airgeadais deiridh atá ar fáil atá formheasta ag an gcomhlacht bainistíochta. Nuair is máthairghnóthas nó fochuideachta an mháthairghnóthais é an duine dlítheanach ar gá dó ráitis chomhdhlúite airgeadais a ullmhú i gcomhréir le Treoir 2013/34/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, is é an láimhdeachas bliantúil iomlán nó an cineál comhfhreagrach ioncaim a bheidh sa láimhdeachas bliantúil ábhartha iomlán, i gcomhréir le dlí an Aontais is ábhartha i ndáil le cuntasaíocht, de réir na gcuntas comhdhlúite is deireanaí atá ar fáil agus sin formheasta ag comhlacht bainistíochta an mháthairghnóthais deiridh;

(f)i gcás duine nádúrtha, fíneálacha riaracháin uasta de EUR 500 000 ar a laghad, nó, i gcás na mBallstát nach bhfuil an euro mar airgeadra acu, an luach comhfhreagrach san airgeadra náisiúnta an ... [cuir isteach an dáta ar a dtiocfaidh an Rialacháin seo i bhfeidhm].

6.Áiritheoidh na Ballstáit, i gcomhréir leis an dlí náisiúnta, go mbeidh sé de chumhacht ag údaráis inniúla na smachtbhannaí riaracháin seo a leanas ar a laghad a fhorchur agus na bearta riaracháin seo a leanas ar a laghad a ghlacadh i gcás na sáruithe dá dtagraítear i bpointe (e) den chéad fhomhír de mhír 1:

(a)ordú lena gceanglaítear ar an duine atá freagrach as an sárú scor den iompraíocht agus gan gabháil don iompraíocht sin arís;

(b)aon bhrabús a gnóthaíodh nó aon chaillteanas a seachnaíodh mar gheall ar an sárú a fhorghéilleadh a mhéid is féidir iad a chinneadh;

(c)rabhadh poiblí lena gcuirtear an duine atá freagrach as an sárú in iúl agus cineál an tsáraithe freisin;

(d)údarú soláthraí seirbhísí criptea-shócmhainní a tharraingt siar nó a fhionraí;

(e)toirmeasc sealadach ar aon chomhalta de chomhlacht bainistíochta an tsoláthraí seirbhíse criptea-shócmhainní nó ar aon duine nádúrtha eile, a chinntear a bheith freagrach as an sárú, ó fheidhmeanna bainistíochta a fheidhmiú sa soláthraí seirbhísí criptea-shócmhainní;

(f)i gcás sáruithe leantacha ar Airteagail 78, 79 nó 80, toirmeasc buan ar aon chomhalta de chomhlacht bainistíochta soláthraí seirbhísí criptea-shócmhainní nó ar aon duine nádúrtha eile a chinntear a bheith freagrach as an sárú, ó fheidhmeanna bainistíochta a fheidhmiú sa soláthraí seirbhísí criptea-shócmhainní;

(g)toirmeasc sealadach ar aon chomhalta de chomhlacht bainistíochta an tsoláthraí seirbhísí criptea-shócmhainní nó ar aon duine nádúrtha eile a chinntear a bheith freagrach as an sárú, ó dhéileáil ar a chuntas féin;

(h)smachtbhannaí riaracháin airgid uasta de thrí oiread mhéid na mbrabús a gnóthaíodh nó na gcaillteanas a seachnaíodh mar gheall ar an sárú, ar a laghad, i gcás inar féidir na nithe sin a chinneadh;

(i)i leith duine nádúrtha, smachtbhannaí riaracháin airgid uasta de EUR 5 000 000 ar a laghad nó sna Ballstáit nach bhfuil an euro mar airgeadra iontu, an luach comhfhreagrach san airgeadra náisiúnta ar [cuir isteach an dáta ar a dtiocfaidh an Rialacháin seo i bhfeidhm];

(j)i leith daoine dlítheanacha, smachtbhannaí riaracháin airgid uasta de EUR 15 000 000 ar a laghad nó suas le 15 % de láimhdeachas bliantúil iomlán an duine dhlítheanaigh de réir na gcuntas is deireanaí atá ar fáil atá formheasta ag an gcomhlacht bainistíochta, nó sna Ballstáit nach bhfuil an euro mar airgeadra acu, an luach comhfhreagrach san airgeadra náisiúnta ar [cuir isteach an dáta ar a dtiocfaidh an Rialacháin seo i bhfeidhm]. Nuair is máthairghnóthas nó fochuideachta an mháthairghnóthais é an duine dlítheanach ar gá dó ráitis chomhdhlúite airgeadais a ullmhú i gcomhréir le Treoir 2013/34/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, is é an láimhdeachas bliantúil iomlán nó an cineál comhfhreagrach ioncaim a bheidh sa láimhdeachas bliantúil ábhartha iomlán, i gcomhréir le dlí an Aontais is ábhartha i ndáil le cuntasaíocht, de réir na gcuntas comhdhlúite is deireanaí atá ar fáil agus sin formheasta ag comhlacht bainistíochta an mháthairghnóthais deiridh.

7.Féadfaidh na Ballstáit a fhoráil go mbeidh cumhachtaí eile ag údaráis inniúla i dteannta na gcumhachtaí dá dtagraítear i mír 2 go mír 6 agus féadfaidh siad foráil a dhéanamh maidir le leibhéil níos airde smachtbhannaí ná iad siúd atá bunaithe sna míreanna sin, i leith daoine nádúrtha agus dlítheanacha araon atá freagrach as an sárú.

Airteagal 93
Cumhachtaí maoirseachta a fheidhmiú agus cumhachtaí chun smachtbhannaí a fhorchur

1.Agus cineál agus leibhéal an phionóis riaracháin nó bearta riaracháin eile a fhorchuirfear i gcomhréir le hAirteagal 92 á gcinneadh acu, cuirfidh údaráis inniúla san áireamh an d’aon ghnó nó de thoradh ar fhaillí a dhéantar an sárú maille leis na cúinsí ábhartha eile go léir, lena náirítear, nuair is iomchuí, iad seo a leanas:

(a)tromchúis agus fad an tsáraithe;

(b)leibhéal freagrachta an duine nádúrtha nó an duine dhlítheanaigh atá freagrach as an sárú;

(c)láidreacht airgeadais an duine nádúrtha nó an duine dhlítheanaigh atá freagrach as an sárú, arna léiriú le láimhdeachas iomlán an duine dhlítheanaigh atá freagrach nó le hioncam bliantúil agus glansócmhainní an duine nádúrtha atá freagrach;

(d)tábhacht na mbrabús a ghnóthaigh an duine nádúrtha nó an duine dlítheanach atá freagrach as an sárú, nó méid na gcaillteanas a sheachain sé, a mhéid agus is féidir iad sin a chinneadh;

(e)caillteanais tríú páirtithe de dheasca an tsáraithe, a mhéid agus is féidir iad sin a chinneadh;

(f)leibhéal comhair an duine nádúrtha nó an duine dhlítheanaigh atá freagrach as an sárú leis an údarás inniúil, gan dochar don ghá maidir le haisíoc na mbrabús a ghnóthaigh an duine sin, nó aisíoc na gcaillteanas a sheachain sé a áirithiú;

(g)sáruithe arna ndéanamh roimhe sin ag an duine nádúrtha nó ag an duine dlítheanach atá freagrach as an sárú;

(h)bearta a rinne an duine atá freagrach as an sárú chun athdhéanamh an tsáraithe a chosc;

(i)an tionchar atá ag an sárú ar thomhaltóirí nó ar leasanna infheisteoirí.

2.Agus a gcuid cumhachtaí á bhfeidhmiú acu pionóis riaracháin agus bearta riaracháin eile a fhorchur faoi Airteagal 92, gníomhóidh údaráis inniúla i ndlúthchomhar le chéile chun a áirithiú go mbeidh feidhmiú na gcumhachtaí maoirseachta agus imscrúdaitheacha, agus na pionóis riaracháin agus bearta riaracháin eile a fhorchuirfidh siad, éifeachtach agus iomchuí faoin Rialachán seo. Comhordóidh siad a ngníomhaíocht chun dúbláil agus forluí a sheachaint le linn dóibh a gcumhachtaí maoirseachta agus imscrúdaitheacha a fheidhmiú agus le linn dóibh pionóis riaracháin agus bearta riaracháin eile a fhorchur i leith cásanna trasteorann.

Airteagal 94
Ceart achomhairc

Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh aon chinneadh a dhéanfar faoin Rialachán seo réasúnaithe mar is ceart agus go mbeidh sé faoi réir an chirt achomharc a dhéanamh os comhair binse. Beidh feidhm ag an gceart achomharc a dhéanamh os comhair binse freisin i gcás nach nglacfar aon chinneadh laistigh de 6 mhí tar éis a thíolactha, i ndáil le hiarratas le haghaidh údarú mar sholáthraí seirbhísí criptea-shócmhainní ina soláthraítear an fhaisnéis ar fad a cheanglaítear.

Airteagal 95
Foilsiú cinntí

1.Déanfaidh údaráis inniúla cinneadh lena bhforchuirtear pionóis riaracháin agus bearta riaracháin eile le haghaidh sáruithe ar an Rialachán seo a fhoilsiú ar a suíomhanna gréasáin oifigiúla díreach tar éis don fhógra faoin gcinneadh sin a bheith tugtha don duine nádúrtha nó duine dlítheanach is ábhar don chinneadh sin. Áireofar san fhoilsiú sin, ar a laghad, faisnéis maidir le cineál agus nádúr an tsáraithe, mar aon le céannacht na ndaoine nádúrtha nó na ndaoine dlítheanacha atá freagrach. Ní bheidh feidhm ag an oibleagáid sin maidir le cinntí lena gcuirtear chun feidhme bearta de nádúr imscrúdaitheach.

2.Nuair a mheasann an túdarás inniúil go bhfuil foilsiú chéannacht na neintiteas dlítheanach nó chéannacht nó sonraí pearsanta daoine nádúrtha míréireach agus sin mar gheall ar mheasúnú cás ar chás a rinneadh maidir le comhréireacht fhoilsiú na sonraí sin, nó nuair a chuirfeadh foilsiú den sórt sin imscrúdú atá ar siúl ag an am sin i mbaol, déanfaidh na húdaráis inniúla ceann de na gníomhaíochtaí seo a leanas:

(a)cuirfidh siad foilsiú an chinnidh chun pionós nó beart a ghearradh siar go dtí go dtagann deireadh le cúiseanna a neamhfhoilsithe;

(b)foilseoidh siad an cinneadh maidir le pionós nó beart a ghearradh gan ainm ar bhealach a bheidh i gcomhréir leis an dlí náisiúnta, i gcás ina náirithítear, leis an bhfoilsiú gan ainm sin, cosaint éifeachtach do na sonraí pearsanta lena mbaineann;

(c)ní fhoilseoidh siad an cinneadh maidir le pionós nó beart a fhorchur i gcás ina meastar nach leor iad na roghanna a leagtar síos i bpointe (a) agus i bpointe (b) chun an méid seo a leanas a áirithiú:

i) nach gcuirtear cobhsaíocht na margaí airgeadais i mbaol;

ii) comhréireacht i dtaca le cinneadh mar sin a fhoilsiú ag féachaint do bhearta a meastar gur mionbhearta iad.

Má dhéantar cinneadh pionós nó beart den chineál sin a fhoilsiú gan ainm, dá dtagraítear i bpointe (b) den chéad fhomhír, féadfar foilsiú na sonraí ábhartha a chur siar go ceann tréimhse réasúnaí i gcás ina dtuartar go mbeidh deireadh laistigh den tréimhse sin leis na cúiseanna a bheidh ann don fhoilsiú sin gan ainm.

3.Nuair atá an cinneadh chun pionós nó beart a fhorchur faoi réir achomhairc os comhair údarás breithiúnach nó eile, déanfaidh údaráis inniúla an fhaisnéis sin, agus aon fhaisnéis eile maidir leis an toradh ar an achomharc sin, a fhoilsiú láithreach, ar a suíomh gréasáin oifigiúil. Thairis sin, foilseofar freisin aon chinneadh lena gcuirtear cinneadh roimhe sin maidir le pionós nó beart a fhorchur ar neamhní.

4.Áiritheoidh na húdaráis inniúla go bhfanann aon fhoilseachán i gcomhréir leis an Airteagal seo ar a suíomh gréasáin ar feadh tréimhse nach giorra ná 5 bliana i ndiaidh a fhoilsithe. Ní choimeádfar sonraí pearsanta atá san fhoilseachán ar shuíomh gréasáin oifigiúil an údaráis inniúil ach don tréimhse atá riachtanach i gcomhréir leis na rialacha infheidhme um chosaint sonraí.

Airteagal 96
Tuairisciú ar phionóis agus ar bhearta riaracháin do ESMA agus ÚBE

1.Soláthróidh an túdarás inniúil, ar bhonn bliantúil, faisnéis chomhiomlán do ESMA agus do ÚBE maidir leis na pionóis riaracháin agus na bearta riaracháin eile atá forchurtha acu i gcomhréir le hAirteagal 92. Foilseoidh ESMA an fhaisnéis sin i dtuarascáil bhliantúil.

I gcás inar roghnaigh na Ballstáit, i gcomhréir le hAirteagal 92(1), pionóis choiriúla a leagan síos do na sáruithe ar na forálacha dá dtagraítear sa mhír sin, déanfaidh a n‑údaráis inniúla sonraí comhiomlánaithe agus i ndíth ainm maidir leis na himscrúduithe coiriúla uile a rinneadh agus na pionóis choiriúla uile a forchuireadh a chur ar fáil do ÚBE agus do ESMA ar bhonn bliantúil. Déanfaidh ESMA sonraí i dtaobh pionóis choiriúla arna bhforchur a fhoilsiú i dtuarascáil bhliantúil.

2.I gcás inar nocht an túdarás inniúil pionóis riaracháin, bearta riaracháin nó pionóis choiriúla eile don phobal, déanfaidh sé iad sin a thuairisciú do ESMA an tráth céanna.

3.Cuirfidh na húdaráis inniúla ÚBE agus ESMA ar an eolas maidir le gach pionós riaracháin nó beart riaracháin eile a forchuireadh ach nár foilsíodh, lena náirítear aon achomharc ina leith agus an toradh a bhí air. Áiritheoidh na Ballstáit go bhfaighidh údaráis inniúla faisnéis agus an breithiúnas deiridh i ndáil le haon phionós coiriúil a forchuireadh agus go gcuirfear faoi bhráid ÚBE agus ESMA iad. Coinneoidh ESMA bunachar sonraí lárnach de na pionóis agus na bearta riaracháin a chuirtear in iúl dó chun críocha faisnéis a mhalartú idir údaráis inniúla. Ní bheidh an bunachar sonraí sin inrochtana ach amháin ag ÚBE agus ESMA, agus ag na húdaráis inniúla agus déanfar é a nuashonrú ar bhonn na faisnéise a chuirfidh na húdaráis inniúla ar fáil.

Airteagal 97

Sáruithe a thuairisciú agus cosaint na ndaoine a dhéanann an tuairisciú

Beidh feidhm ag Treoir (AE) 2019/1937 71 maidir le sáruithe ar an Rialachán seo a thuairisciú agus na daoine a thuairiscíonn na sáruithe sin a chosaint.

Caibidil 3: Freagrachtaí maoirseachta ÚBE as eisitheoirí comharthaí sócmhainn‑tagartha suntasacha agus comharthaí ríomh‑airgid suntasacha agus coláistí maoirseoirí

Airteagal 98
Freagrachtaí maoirseachta ÚBE as eisitheoirí comharthaí sócmhainn‑tagartha suntasacha agus as eisitheoirí comharthaí ríomh‑airgid suntasacha

1.I gcás inar aicmíodh comhartha sócmhainntagartha a bheith suntasach i gcomhréir le hAirteagal 39 nó le hAirteagal 40, déanfaidh eisitheoir na gcomharthaí sócmhainntagartha sin a chuid gníomhaíochtaí faoi mhaoirseacht ÚBE.

Feidhmeoidh ÚBE cumhachtaí na n‑údarás inniúil a thugtar le hAirteagal 21, Airteagal 37 agus Airteagal 38 maidir le heisitheoirí comharthaí sócmhainn‑tagartha suntasacha.

2.I gcás ina soláthraíonn eisitheoir comharthaí sócmhainntagartha suntasacha seirbhísí criptea-shócmhainne nó go neisíonn sé criptea-shócmhainní nach comharthaí sócmhainntagartha suntasacha iad, fanfaidh na seirbhísí agus na gníomhaíochtaí sin faoi mhaoirseacht údarás inniúil an Bhallstáit baile.

3.I gcás inar aicmíodh comhartha sócmhainntagartha a bheith suntasach i gcomhréir le hAirteagal 39, déanfaidh ÚBE athmheasúnú maoirseachta chun a áirithiú go gcomhlíonann eisitheoirí comharthaí sócmhainntagartha suntasacha na ceanglais faoi Theideal III.

4.I gcás inar aicmíodh comhartha ríomhairgid a bheith suntasach i gcomhréir le hAirteagal 50 nó le hAirteagal 51, beidh ÚBE freagrach as comhlíonadh eisitheoir na gcomharthaí ríomhairgid sócmhainnsuntasacha sin leis na ceanglais a leagtar síos in Airteagal 52.

Airteagal 99
Coláistí d’eisitheoirí comharthaí sócmhainn‑tagartha suntasacha

1.Laistigh de 30 lá féilire ó chinneadh chun comhartha sócmhainntagartha a aicmiú a bheith suntasach, déanfaidh ÚBE coláiste maoirseachta comhairleach a bhunú agus a bhainistiú, agus déanfaidh sé cathaoirleacht air, do gach eisitheoir comharthaí sócmhainntagartha suntasacha chun feidhmiú a gcúraimí maoirseachta faoin Rialachán seo a éascú.

2.Is éard a bheidh sa choláiste:

(a)ÚBE, mar chathaoirleach an choláiste;

(b)ESMA;

(c)údarás inniúil an Bhallstáit baile ina bhfuil eisitheoir na gcomharthaí sócmhainntagartha suntasacha bunaithe;

(d) údaráis inniúla na ninstitiúidí creidmheasa nó soláthraithe seirbhísí criptea-shócmhainní is ábhartha a áirithíonn cumhdach na gcúlsócmhainní i gcomhréir le hAirteagal 33;

(e)i gcás inarb infheidhme, údaráis inniúla na nardán trádála le haghaidh criptea-shócmhainní is ábhartha ina ligtear isteach na comharthaí sócmhainntagartha suntasacha chun a dtrádála;

(f)i gcás inarb infheidhme, údaráis inniúla na soláthraithe seirbhísí criptea-shócmhainní is ábhartha a bhfuil sé mar chúram orthu leachtacht na gcomharthaí sócmhainntagartha suntasacha i gcomhréir leis an gcéad mhír d’Airteagal 35(4) a áirithiú;

(g)i gcás inarb infheidhme, údaráis inniúla na neintiteas a áirithíonn na feidhmeanna dá dtagraítear in Airteagal 30(5), pointe (h);

(h)i gcás inarb infheidhme, údaráis inniúla na soláthraithe seirbhísí criptea-shócmhainní is ábhartha a sholáthraíonn an tseirbhís criptea-shócmhainní dá dtagraítear in Airteagal 3(1) pointe (10) i ndáil le comharthaí sócmhainntagartha suntasacha;

(i)BCE;

(j)i gcás ina bhfuil eisitheoir comharthaí sócmhainntagartha suntasacha bunaithe i mBallstát nach bhfuil an euro mar airgeadra aige, nó ina bhfuil airgeadra nach é an euro é san áireamh sna cúlsócmhainní, banc ceannais náisiúnta an Bhallstáit sin;

(k)údaráis mhaoirseachta ábhartha tríú tíortha lena bhfuil comhaontú riaracháin tugtha i gcrích ag ÚBE i gcomhréir le hAirteagal 108.

3.Féadfaidh an túdarás inniúil de chuid Ballstáit nach comhalta den choláiste é aon fhaisnéis a iarraidh ón gcoláiste a bheidh ábhartha maidir lena dhualgais mhaoirseachta a chomhlíonadh.

4.Déanfaidh an coláiste, gan dochar do fhreagrachtaí údarás inniúil faoin Rialachán seo, an méid seo a leanas a áirithiú:

(a)ullmhú na tuairime neamhcheangailtí dá dtagraítear in Airteagal 100;

(b)an malartú faisnéise i gcomhréir le hAirteagal 107;

(c)comhaontú maidir le cúraimí a chur ar iontaoibh na gcomhaltaí ar bhonn deonach, lena náirítear tarmligean cúraimí faoi Airteagal 120;

(d)comhordú ar chláir scrúdaithe maoirseachta bunaithe ar an measúnú riosca a rinne an teisitheoir comharthaí sócmhainntagartha suntasacha i gcomhréir le hAirteagal 30(9).

D’fhonn na cúraimí a shanntar ar choláistí de bhun na chéad fhomhíre a chomhlíonadh, beidh comhaltaí an choláiste dá dtagraítear i mír 2 i dteideal rannchuidiú le clár oibre chruinnithe an choláiste a shocrú, go háirithe trí phointí a chur le clár oibre cruinnithe.

5.Beidh bunú agus feidhmiú an choláiste bunaithe ar chomhaontú i scríbhinn idir a chomhaltaí uile.

Sa chomhaontú sin, cinnfear na socruithe praiticiúla maidir le feidhmiú an choláiste, lena n‑áirítear rialacha mionsonraithe maidir le:

(a)nósanna imeachta vótála amhail dá dtagraítear in Airteagal 100(4);

(b)na nósanna imeachta chun clár oibre chruinnithe an choláiste a shocrú;

(c)minicíocht chruinnithe an choláiste;

(d)formáid agus raon feidhme na faisnéise atá le soláthar ag ÚBE do chomhaltaí an choláiste, go háirithe i ndáil leis an bhfaisnéis don mheasúnú riosca dá dtagraítear in Airteagal 30(9);

(e)achair ama íosta iomchuí le haghaidh an mheasúnaithe ar an doiciméadacht ábhartha ag comhaltaí an choláiste;

(f)módúlachtaí cumarsáide idir comhaltaí an choláiste.

Féadfaidh an comhaontú cúraimí a chinneadh atá le cur ar iontaoibh ÚBE nó ar chomhalta eile an choláiste.

6.Chun feidhmiú comhsheasmhach agus comhleanúnach na gcoláistí a áirithiú, déanfaidh ÚBE, i gcomhar le ESMA agus an Córas Eorpach Banc Ceannais, dréachtchaighdeáin rialála a fhorbairt ina sonrófar na coinníollacha faoina ndéanfar na heintitis dá dtagraítear i bpointe (d) go pointe (h) de mhír 2 a mheas mar na heintitis is ábhartha agus ina sonraítear mionsonraí na socruithe praiticiúla dá dtagraítear i mír 5.

Cuirfidh ÚBE na dréachtchaighdeáin rialála sin faoi bhráid an Choimisiúin faoin [cuir isteach dáta 12 mhí i ndiaidh an dáta ar a dtiocfaidh sé i bhfeidhm].

Déantar an chumhacht a tharmligean chuig an gCoimisiún chun na caighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagail 10 go 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010.

Airteagal 100
Tuairimí neamhcheangailteacha na gcoláistí d’eisitheoirí comharthaí sócmhainn‑tagartha suntasacha

1.Féadfaidh an coláiste d’eisitheoirí comharthaí sócmhainntagartha suntasacha tuairim neamhcheangailteach a eisiúint ar an méid seo a leanas: 

(a)an tathmheasúnú maoirseachta dá dtagraítear in Airteagal 98(3);

(b)aon chinneadh chun a cheangal ar eisitheoir comharthaí sócmhainntagartha suntasacha méid níos airde de chistí dílse a bheith aige nó chun a cheadú don eisitheoir sin méid níos ísle de chistí dílse a bheith aige i gcomhréir le hAirteagal 41(4);

(c)aon nuashonrú ar phlean clabhsúir ordúil an eisitheora de comharthaí sócmhainntagartha suntasacha de bhun Airteagal 42;

(d)aon athrú ar mhúnla gnó an eisitheora de comharthaí sócmhainntagartha suntasacha de bhun Airteagal 21(1);

(e)dréachtpháipéar bán leasaithe maidir le criptea-shócmhainní i gcomhréir le hAirteagal 21(2);

(f)aon bhearta atá beartaithe i gcomhréir le hAirteagal 21(3);

(g)aon bhearta maoirseachta atá beartaithe de bhun Airteagal 112;

(h)aon chomhaontú maidir le faisnéis a mhalartú le húdarás maoirseachta tríú tír atá beartaithe le hAirteagal 108;

(i)aon tarmligean de chúraimí maoirseachta ó ÚBE chuig údarás inniúil de bhun Airteagal 120;

(j)aon athrú atá beartaithe maidir le húdarú eintiteas agus soláthraithe seirbhíse criptea-shócmhainní, nó aon bheart maoirseachta atá beartaithe orthu, dá dtagraítear in Airteagal 99(2), pointe (d) go pointe (h).

2.I gcás ina neisíonn an coláiste tuairim i gcomhréir le mír 1, arna iarraidh sin ag aon chomhalta den choláiste agus ar a ghlacadh ag tromlach den choláiste i gcomhréir le mír 4, féadfaidh aon mholadh a bheith san áireamh sa tuairim a bhfuil sé d’aidhm aige aghaidh a thabhairt ar easnaimh na gníomhaíochta nó an bhirt atá beartaithe ag ÚBE nó ag na húdaráis inniúla.

3.Déanfaidh ÚBE glacadh na tuairime a éascú i gcomhréir lena fheidhm chomhordaithe ghinearálta faoi Airteagal 31 de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010.

4.Bunófar tuairim thromlaigh ón gcoláiste ar bhonn thromlach simplí a chomhaltaí.

Maidir le coláistí ina bhfuil suas le 12 chomhalta agus iad sin san áireamh, beidh vóta ag beirt ar a mhéad de chomhaltaí an choláiste a thagann ón mBallstát céanna agus is vóta amháin a bheidh ag gach comhalta vótála. Maidir le coláistí ina bhfuil níos mó ná 12 chomhalta, beidh vóta ag triúr ar a mhéad de chomhaltaí a thagann ón mBallstát céanna, agus is vóta amháin a bheidh ag gach comhalta vótála.

I gcás gur comhalta an choláiste é BCE de bhun Airteagal 99(2), pointe (i), beidh dhá vóta aige.

Ní bheidh aon chearta vótála ag údaráis mhaoirseachta tríú tíortha dá dtagraítear in Airteagal 99(2), pointe (k), maidir le tuairim ón gcoláiste.

5.Déanfaidh ÚBE agus na húdaráis inniúla tuairim ón gcoláiste a bhreithniú go cuí, ar tuairim í ar thángthas uirthi i gcomhréir le mír 1, lena náirítear aon mholadh a bhfuil sé d’aidhm aige aghaidh a thabhairt ar easnaimh na gníomhaíochta atá beartaithe nó beart maoirseachta atá beartaithe ar eisitheoir comharthaí sócmhainntagartha suntasacha nó ar na heintitis agus na soláthraithe seirbhíse criptea-shócmhainní dá dtagraítear i bpointe (d) go pointe (h) d’Airteagal 99(2). I gcás nach naontaíonn ÚBE nó údarás inniúil le tuairim ón gcoláiste, lena náirítear aon mholadh a bhfuil sé d’aidhm aige aghaidh a thabhairt ar easnaimh na gníomhaíochta atá beartaithe nó beart maoirseachta atá beartaithe, beidh cúiseanna iomlána agus míniú sa chinneadh ar aon imeacht suntasach ón tuairim nó ó na moltaí sin.

Airteagal 101
Coláiste d’eisitheoirí comharthaí ríomh‑airgid suntasacha

1.Laistigh de 30 lá féilire ó chinneadh chun comhartha ríomhairgid a aicmiú a bheith suntasach, déanfaidh ÚBE coláiste maoirseachta comhairleach a bhunú agus a bhainistiú, agus déanfaidh siad cathaoirleacht air, do gach eisitheoir comharthaí ríomhairgid suntasacha chun feidhmiú na gcúraimí maoirseachta faoin Rialachán seo a éascú.

2.Is éard a bheidh sa choláiste:

(a)ÚBE, mar Chathaoirleach;

(b)údarás inniúil an Bhallstáit baile inar údaraíodh eisitheoir an comhartha ríomhairgid mar institiúid chreidmheasa nó mar institiúid ríomhairgid;

(c)ESMA;

(d)údaráis inniúla na ninstitiúidí creidmheasa is ábhartha a áirithíonn cumhdach na gcistí a fhaightear mar mhalairt ar chomharthaí ríomhairgid suntasacha;

(e)údaráis inniúla na ninstitiúidí íocaíochta is ábhartha a údaraítear i gcomhréir le hAirteagal 11 de Threoir (AE) 2015/2366 agus a chuireann seirbhísí íocaíochta ar fáil i ndáil leis na comharthaí ríomhairgid suntasacha;

(f)i gcás inarb infheidhme, údaráis inniúla na nardán trádála is ábhartha le haghaidh criptea-shócmhainní nuair a ligtear isteach na comharthaí ríomhairgid suntasacha chun a dtrádála;

(g)i gcás inarb infheidhme, údaráis inniúla na soláthraithe seirbhísí criptea-shócmhainní is ábhartha a chuireann an tseirbhís criptea-shócmhainne dá dtagraítear in Airteagal 3(1) pointe (10) ar fáil i ndáil le comharthaí ríomhairgid suntasacha;

(h)i gcás ina bhfuil an teisitheoir comharthaí ríomhairgid suntasacha bunaithe i mBallstát ina bhfuil an euro mar airgeadra ann, nó ina bhfuil an comhartha ríomhairgid suntasach ag tagairt don euro, BCE;

(i)i gcás ina bhfuil an teisitheoir comharthaí ríomhairgid suntasacha bunaithe i mBallstát nach bhfuil an euro mar airgeadra ann, nó ina bhfuil an comhartha ríomhairgid suntasach ag tagairt d’airgeadra nach an euro é, banc ceannais náisiúnta an Bhallstáit sin;

(j)údaráis mhaoirseachta ábhartha tríú tíortha lena bhfuil comhaontú riaracháin tugtha i gcrích ag ÚBE i gcomhréir le hAirteagal 108.

3.Féadfaidh an túdarás inniúil de chuid Ballstáit nach comhalta den choláiste é aon fhaisnéis a iarraidh ar an gcoláiste a bheidh ábhartha maidir lena chuid dualgas maoirseachta a chomhlíonadh.

4.Déanfaidh an coláiste, gan dochar d'fhreagrachtaí údarás inniúil faoin Rialachán seo, an méid seo a leanas a áirithiú:

(a)ullmhú na tuairime neamhcheangailtí dá dtagraítear in Airteagal 102;

(b)malartú faisnéise i gcomhréir leis an Rialachán seo;

(c)comhaontú maidir le cúraimí a chur ar iontaoibh na gcomhaltaí ar bhonn deonach, lena náirítear cúraimí a tharmligean faoi Airteagal 120.

D’fhonn na cúraimí a shanntar do choláistí de bhun na chéad fhomhíre a chomhlíonadh, beidh comhaltaí an choláiste dá dtagraítear i mír 2 i dteideal rannchuidiú le clár oibre chruinnithe an choláiste a shocrú, go háirithe trí phointí a chur le clár oibre cruinnithe.

5.Beidh bunú agus feidhmiú an choláiste bunaithe ar chomhaontú i scríbhinn idir a chomhaltaí uile.

Sa chomhaontú sin, cinnfear na socruithe praiticiúla maidir le feidhmiú an choláiste, lena n‑áirítear rialacha mionsonraithe maidir leis an méid seo a leanas:

(a)nósanna imeachta vótála dá dtagraítear in Airteagal 102;

(b)na nósanna imeachta chun clár oibre chruinnithe an choláiste a shocrú;

(c)minicíocht chruinnithe an choláiste;

(d)formáid agus raon feidhme na faisnéise atá le cur ar fáil ag údarás inniúil an eisitheora comharthaí ríomhairgid suntasacha do chomhaltaí an choláiste;

(e)achair ama íosta iomchuí i ndáil leis an measúnú a dhéanfaidh comhaltaí an choláiste ar an doiciméadacht ábhartha;

(f)módúlachtaí cumarsáide idir comhaltaí an choláiste.

Féadfaidh an comhaontú a chinneadh freisin na cúraimí atá le cur ar iontaoibh údarás inniúil an eisitheora comharthaí ríomh‑airgid suntasacha nó ar chomhalta eile an choláiste.

6.D’fhonn feidhmiú comhréireach comhtháite na gcoláistí a áirithiú, déanfaidh ÚBE, i gcomhar le ESMA agus leis an gCóras Eorpach Banc Ceannais, dréachtchaighdeáin rialála a fhorbairt ina sonrófar na coinníollacha faoina ndéanfar na heintitis dá dtagraítear i bpointe (d) go pointe (g) de mhír 2 a mheas mar na heintitis is ábhartha agus ina sonraítear mionsonraí na socruithe praiticiúla dá dtagraítear i mír 5.

Cuirfidh ÚBE na dréachtchaighdeáin rialála sin faoi bhráid an Choimisiúin faoin [cuir isteach dáta 12 mhí i ndiaidh an dáta thiocfaidh sé i bhfeidhm].

Déantar an chumhacht a tharmligean chuig an gCoimisiún chun na caighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagail 10 go 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010.

Airteagal 102
Tuairimí neamhcheangailteacha ón gcoláiste d’eisitheoirí comharthaí ríomh‑airgid suntasacha

1.Féadfaidh an coláiste d’eisitheoirí comharthaí ríomhairgid suntasacha tuairim neamhcheangailteach a eisiúint ar an méid seo a leanas:

(a)aon chinneadh lena gcuirfear de cheangal ar eisitheoir comharthaí ríomhairgid suntasacha suim níos airde cistí dílse a bheith ina sheilbh nó chun a cheadú don eisitheoir sin suim níos ísle cistí dílse a bheith ina sheilbh i gcomhréir le hAirteagal 31 agus le hAirteagal 41(4);

(b)aon nuashonrú ar phlean clabhsúir ordúil eisitheoir comharthaí ríomhairgid suntasacha de bhun Airteagal 42;

(c)dréachtpháipéar bán leasaithe maidir le criptea-shócmhainní i gcomhréir le hAirteagal 46(10);

(d)aon tarraingt siar atá beartaithe ar údarú d’eisitheoir comharthaí ríomhairgid suntasacha mar institiúid chreidmheasa nó de bhun Threoir 2009/110/CE;

(e)aon bheart maoirseachta atá beartaithe de bhun Airteagal 112;

(f)aon chomhaontú maidir le faisnéis a mhalartú le húdarás maoirseachta tríú tír atá beartaithe;

(g)aon tarmligean de chúraimí maoirseachta ó údarás inniúil an eisitheora comharthaí ríomhairgid suntasacha chuig ÚBE nó chuig údarás inniúil eile, nó ó ÚBE chuig an údarás inniúil i gcomhréir le hAirteagal 120;

(h)aon athrú atá beartaithe maidir le húdarú eintiteas agus soláthraithe seirbhísí criptea-shócmhainní, nó aon bheart maoirseachta atá beartaithe orthu, dá dtagraítear i bpointe (d) go pointe (g) d’Airteagal 101(2).

2.I gcás ina neisíonn an coláiste tuairim i gcomhréir le mír 1, arna iarraidh sin ag aon chomhalta den choláiste agus ar a ghlacadh ag tromlach den choláiste i gcomhréir le mír 4, féadfaidh aon mholadh a bheith san áireamh sa tuairim a bhfuil sé d’aidhm acu aghaidh a thabhairt ar easnaimh na gníomhaíochta nó an bhirt atá beartaithe ag na húdaráis inniúla nó ag ÚBE.

3.Déanfaidh ÚBE glacadh na tuairime a éascú i gcomhréir lena fheidhm chomhordaithe ghinearálta faoi Airteagal 31 de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010.

4.Bunófar tuairim thromlaigh ón gcoláiste ar bhonn thromlach simplí a chomhaltaí.

Maidir le coláistí ina bhfuil suas le 12 chomhalta agus iad sin san áireamh, beidh vóta ag beirt ar a mhéad de chomhaltaí an choláiste a thagann ón mBallstát céanna agus is vóta amháin a bheidh ag gach comhalta vótála. Maidir le coláistí ina bhfuil níos mó ná 12 chomhalta, beidh vóta ag triúr ar a mhéad de chomhaltaí a thagann ón mBallstát céanna, agus is vóta amháin a bheidh ag gach comhalta vótála.

I gcás gur comhalta é BCE den choláiste de bhun phointe (h) d’Airteagal 101(2), beidh dhá vóta aige.

Ní bheidh aon cheart vótála ag údaráis mhaoirseachta tríú tíortha dá dtagraítear in Airteagal 101(2) pointe (j) maidir le tuairim ón gcoláiste.

5.Déanfaidh údarás inniúil an eisitheora comharthaí ríomhairgid suntasacha, ÚBE nó aon údarás inniúil de na heintitis agus soláthraithe seirbhísí criptea-shócmhainní dá dtagraítear i bpointe (d) go pointe (g) d’Airteagal 101(2) breithniú cuí ar thuairim ón gcoláiste, ar tuairim í ar thángthas uirthi i gcomhréir le mír 1, lena náirítear aon mholadh a bhfuil sé d’aidhm aige aghaidh a thabhairt ar easnaimh aon ghníomhaíochta nó aon bhirt maoirseachta atá beartaithe. I gcás nach gcomhaontaíonn ÚBE nó údarás inniúil le tuairim ón gcoláiste, lena náirítear aon mholadh a bhfuil sé d’aidhm aige aghaidh a thabhairt ar easnaimh na gníomhaíochta nó beart maoirseachta atá beartaithe, beidh cúiseanna iomlána agus míniú sa chinneadh ar aon imeacht suntasach ón tuairim nó ó na moltaí sin.

Caibidil 4: cumhachtaí agus inniúlachtaí ÚBE maidir le heisitheoirí comharthaí sócmhainn‑tagartha suntasacha agus maidir le heisitheoirí comharthaí ríomh‑airgid suntasacha

Airteagal 103
Feidhmiú cumhachtaí dá dtagraítear in Airteagal 104 go hAirteagal 107

Maidir leis na cumhachtaí a thugtar do ÚBE le hAirteagal 104 go hAirteagal 107, nó d’aon oifigeach nó d’aon duine eile a údaraítear ag ÚBE, ní úsáidfear iad chun a éileamh go nochtfaí faisnéis atá faoi réir pribhléide dlíthiúla.

Airteagal 104
Iarraidh ar fhaisnéis

1.D’fhonn a dhualgais faoi Airteagal 98 a chomhlíonadh, féadfaidh ÚBE trí iarraidh shimplí nó trí chinneadh a cheangal ar na daoine seo a leanas an fhaisnéis ar fad atá de dhíth ionas gur féidir le ÚBE a dhualgais a chomhlíonadh faoin Rialachán seo a chur ar fáil:

(a)eisitheoir comharthaí sócmhainntagartha suntasacha nó duine a rialaíonn eisitheoir comharthaí sócmhainntagartha suntasacha, nó duine atá faoi rialú díreach nó indíreach eisitheoir comharthaí sócmhainntagartha suntasacha;

(b)aon tríú páirtithe dá dtagraítear in Airteagal 30(5), pointe (h) lena bhfuil socrú conarthach acu le heisitheoirí comharthaí sócmhainntagartha suntasacha;

(c)aon soláthraí seirbhísí criptea-shócmhainní dá dtagraítear in Airteagal 35(4) a chuireann leachtacht ar fáil le haghaidh comharthaí sócmhainntagartha suntasacha;

(d)institiúidí creidmheasa nó soláthraithe seirbhísí criptea-shócmhainní a áirithíonn cumhdach na gcúlsócmhainní i gcomhréir le hAirteagal 33;

(e)eisitheoir comharthaí ríomhairgid suntasacha nó duine a rialaíonn eisitheoir comharthaí ríomhairgid suntasacha, nó duine atá faoi rialú díreach nó indíreach eisitheoir comharthaí ríomhairgid suntasacha;

(f)aon institiúid íocaíochta a údaraítear i gcomhréir le hAirteagal 11 de Threoir (AE) 2015/2366 agus a chuireann seirbhísí íocaíochta ar fáil i ndáil le comharthaí ríomhairgid suntasacha;

(g)aon duine nádúrtha nó duine dlítheanach a bhfuil mar chúram air comharthaí ríomhairgid suntasacha a dháileadh ar son an eisitheora comharthaí ríomhairgid suntasacha;

(h)aon soláthraí seirbhísí criptea-shócmhainní a sholáthraíonn an tseirbhís criptea-shócmhainní dá dtagraítear in Airteagal 3(1) pointe (10) i ndáil le comharthaí sócmhainntagartha suntasacha nó comharthaí ríomhairgid suntasacha;

(i)aon ardán trádála le haghaidh criptea-shócmhainní a lig isteach comhartha sócmhainntagartha suntasach nó comhartha ríomhairgid chun a thrádála;

(j)comhlacht bainistíochta na ndaoine dá dtagraítear i bpointe (a) go pointe (i).

2.Maidir le haon iarraidh shimplí ar fhaisnéis dá dtagraítear i mír 1:

(a)déanfaidh sé tagairt don Airteagal seo mar bhunús dlí na hiarrata sin;

(b)luafaidh sé cuspóir na hiarrata;

(c)sonróidh sé an fhaisnéis atá ag teastáil;

(d)áireoidh sé teorainn ama nach mór an fhaisnéis a chur ar fáil laistigh de;

(e)sonróidh sé méid na fíneála atá le heisiúint i gcomhréir le hAirteagal 113 i gcás ina mbeidh an fhaisnéis a chuirfear ar fáil mícheart nó míthreorach.

3.Agus é á chur de cheangal faisnéis a sholáthar faoi mhír 1 trí chinneadh, déanfaidh ÚBE an méid seo a leanas:

(a)déanfaidh sé tagairt don Airteagal seo mar bhunús dlí na hiarrata sin;

(b)luafaidh sé cuspóir na hiarrata;

(c)sonróidh sé an fhaisnéis atá ag teastáil;

(d)socróidh sé teorainn ama nach mór an fhaisnéis a chur ar fáil laistigh de;

(e)na híocaíochtaí pionósacha tréimhsiúla dá bhforáiltear in Airteagal 114 a léiriú i gcás ina mbeidh faisnéis ag teastáil.

(f)an fhíneáil dá bhforáiltear in Airteagal 113 a léiriú, i gcás ina bhfuil na freagraí ar na ceisteanna a cuireadh mícheart nó míthreorach;

(g)an ceart chun achomharc a dhéanamh i gcoinne an chinnidh os comhair Bhord Achomhairc ÚBE agus chun an cinneadh a chur faoi bhráid Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh (‘An Chúirt Bhreithiúnais’) lena athbhreithniú i gcomhréir le hAirteagal 60 agus le hAirteagal 61 de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010 a léiriú.

4.Maidir leis na daoine dá dtagraítear i mír 1 nó a nionadaithe nó, i gcás daoine dlítheanacha nó comhlachais nach bhfuil aon phearsantacht dhlítheanach acu, déanfaidh na daoine a údaraítear chun ionadaíocht a dhéanamh thar a gceann de réir dlí nó de réir a mbunreachta an fhaisnéis a iarrtar a sholáthar thar a gceann. Féadfaidh dlíodóirí arna núdarú go cuí chun gníomhú an fhaisnéis a sholáthar ar son a gcuid cliant. Leanfaidh na cliaint sin de bheith freagrach go hiomlán má tá an fhaisnéis a sholáthraítear neamhiomlán, mícheart nó míthreorach.

5.I gcás daoine dá dtagraítear i mír 1 lena mbaineann an iarraidh ar fhaisnéis, déanfaidh ÚBE, gan mhoill, cóip den iarraidh shimplí nó dá chinneadh a sheoladh chuig údarás inniúil an Bhallstáit ina bhfuil siad lonnaithe nó bunaithe.

Airteagal 105
Cumhachtaí ginearálta imscrúdaitheacha

1.Chun a dhualgais a chomhlíonadh faoi Airteagal 98 den Rialachán seo, féadfaidh ÚBE imscrúduithe a dhéanamh maidir le heisitheoirí comharthaí sócmhainntagartha suntasacha agus maidir le heisitheoirí comharthaí ríomhairgid suntasacha. Chuige sin, cumhachtófar do na hoifigigh agus do na daoine eile a údaróidh ÚBE an méid seo a leanas a dhéanamh:

(a)scrúdú a dhéanamh ar aon taifid, ar aon sonraí, ar aon nósanna imeachta agus ar aon ábhar eile atá ábhartha i ndáil le forghníomhú a chúraimí, beag beann ar an meán ar a bhfuil siad stóráilte;

(b)cóipeanna cleamhnaithe a dhéanamh nó cóipeanna deimhnithe a fháil de na taifid sin, de na sonraí sin, de na nósanna imeachta sin agus den ábhar eile sin, nó sleachta astu a thógáil nó a fháil;

(c)aon eisitheoir comharthaí sócmhainntagartha suntasacha nó eisitheoir comharthaí ríomhairgid suntasacha, nó a comhlacht bainistíochta nó a fhoireann, a thoghairm agus a iarraidh orthu mínithe ó bhéal nó i scríbhinn a thabhairt ar fhíorais nó ar dhoiciméid a bhaineann le hábhar agus le cuspóir na cigireachta, agus na freagraí a thaifeadadh;

(d)agallamh a chur ar aon duine nádúrtha nó duine dlítheanach eile a thoilíonn go gcuirfí agallamh air chun faisnéis a bhailiú i ndáil le hábhar imscrúdaithe;

(e)taifid a iarraidh de thrácht teileafóin agus sonraí.

Cuirfear an coláiste d’eisitheoirí comharthaí sócmhainn‑tagartha suntasacha dá dtagraítear in Airteagal 99 nó an coláiste d’eisitheoirí comharthaí ríomh‑airgid suntasacha dá dtagraítear in Airteagal 101 ar an eolas gan moill mhíchuí faoi aon torthaí a d’fhéadfadh a bheith ábhartha i ndáil lena chúraimí a fhorghníomhú.

2.Déanfaidh na hoifigigh agus na daoine eile a bheidh údaraithe ag ÚBE chun críocha na nimscrúduithe dá dtagraítear i mír 1 a gcumhachtaí a fheidhmiú ar údarú i scríbhinn a sholáthar ina sonraítear ábhar agus cuspóir an imscrúdaithe. Sonróidh an túdarú sin freisin na híocaíochtaí pionósacha tréimhsiúla dá bhforáiltear in Airteagal 114 i gcás nach soláthrófar na taifid, na sonraí, na nósanna imeachta, ná aon ábhar eile a éilítear ná freagraí ar na ceisteanna a cuireadh ar eisitheoirí comharthaí sócmhainntagartha suntasacha nó ar eisitheoirí comharthaí ríomhairgid suntasacha nó i gcás ina mbeidh na nithe sin neamhiomlán, agus sonróidh sé na fíneálacha dá bhforáiltear in Airteagal 113, i gcás ina bhfuil na freagraí ar na ceisteanna a cuireadh ar eisitheoirí comharthaí sócmhainntagartha suntasacha nó ar eisitheoirí comharthaí ríomhairgid suntasacha mícheart nó míthreorach.

3.Rachaidh eisitheoirí na gcomharthaí sócmhainntagartha suntasacha agus eisitheoirí na gcomharthaí ríomhairgid suntasacha faoi imscrúduithe arna seoladh ar bhonn cinnidh ó ÚBE. Sonrófar sa chinneadh ábhar agus cuspóir an imscrúdaithe, na híocaíochtaí pionósacha tréimhsiúla dá bhforáiltear in Airteagal 114, na réitigh dhlí atá ar fáil faoi Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010 chomh maith leis an gceart an cinneadh a chur faoi bhráid na Cúirte Breithiúnais lena athbhreithniú.

4.In am trátha roimh imscrúdú dá dtagraítear i mír 1, déanfaidh ÚBE údarás inniúil an Bhallstáit ina mbeidh an timscrúdú le déanamh a chur ar an eolas faoin imscrúdú agus faoi chéannacht na ndaoine údaraithe. Ar iarraidh a fháil ó ÚBE, tabharfaidh oifigigh de chuid údaráis inniúil cúnamh do na daoine údaraithe sin le linn dóibh a ndualgas a thabhairt i gcrích. Féadfaidh oifigigh de chuid an údaráis inniúil lena mbaineann freastal ar na himscrúduithe freisin arna iarraidh sin.

5.Más rud é, maidir le hiarraidh ar thaifid ar thrácht teileafóin nó ar thrácht sonraí dá dtagraítear i bpointe (e) de mhír 1, go gceanglaítear údarú a fháil ina leith ó údarás breithiúnach de réir dlí náisiúnta is infheidhme, déanfar iarratas ar an údarú sin. Féadfar iarratas a dhéanamh ar an údarú sin freisin mar bheart réamhchúraim.

6.I gcás ina bhfaigheann údarás breithiúnach náisiúnta iarratas ar údarú maidir le hiarraidh ar thaifid ar thrácht teileafóin nó ar thrácht sonraí dá dtagraítear i bpointe (e) de mhír 1, déanfaidh an túdarás an méid seo a leanas a fhíorú:

(a)gur cinneadh barántúil é an cinneadh a ghlac ÚBE dá dtagraítear i mír 3;

(b)go bhfuil aon bhearta atá le déanamh comhréireach agus nach bhfuil siad aondeonach ná iomarcach.

7.Chun críocha phointe (b) mír 6, féadfaidh an túdarás breithiúnach náisiúnta a iarraidh ar ÚBE mínithe mionsonraithe a thabhairt, go háirithe maidir leis na forais atá ag ESMA chun drochamhras a bheith air go ndearnadh sárú ar an Rialachán seo agus maidir le tromchúis an tsáraithe a bhfuil drochamhras ann ina leith agus maidir le cineál na rannpháirtíochta ar thaobh an duine atá faoi réir na mbeart comhéigneach. Ní dhéanfaidh an túdarás breithiúnach náisiúnta athbhreithniú, áfach, ar an ngá atá leis an imscrúdú ná ní éileoidh sé go ndéanfar an fhaisnéis atá ar chomhad ÚBE a sholáthar dó. Ní bheidh dlíthiúlacht chinneadh ÚBE faoi réir a athbhreithnithe ach amháin ag an gCúirt Bhreithiúnais agus i gcomhréir leis an nós imeachta a leagtar amach i Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010.

Airteagal 106
Cigireachtaí ar an láthair

1.Chun a dhualgais a chomhlíonadh faoi Airteagal 98 den Rialachán seo, féadfaidh ÚBE na cigireachtaí ar an láthair ar fad atá ag teastáil a dhéanamh ag áitreabh gnó ar bith de chuid na neisitheoirí comharthaí sócmhainntagartha suntasacha agus na neisitheoirí comharthaí ríomhairgid suntasacha.

Cuirfear an coláiste d’eisitheoirí comharthaí sócmhainn‑tagartha suntasacha dá dtagraítear in Airteagal 99 nó an coláiste d’eisitheoirí comharthaí ríomh‑airgid suntasacha dá dtagraítear in Airteagal 101 ar an eolas gan moill mhíchuí faoi aon torthaí a d’fhéadfadh a bheith ábhartha i ndáil lena chúraimí a fhorghníomhú.

2.Féadfaidh na hoifigigh agus na daoine eile a údaróidh ÚBE chun cigireachtaí ar an láthair a dhéanamh dul isteach in áitreabh gnó ar bith de chuid na ndaoine atá faoi réir an chinnidh maidir le himscrúdú a ghlacfaidh ÚBE agus beidh na cumhachtaí go léir a shonraítear in Airteagal 105(1) acu. Beidh sé de chumhacht acu freisin aon áitreabh gnó nó aon leabhair nó aon taifid a shéalú ar feadh thréimhse na cigireachta agus a mhéid is gá don chigireacht.

3.In am trátha roimh an gcigireacht, tabharfaidh ÚBE fógra faoin gcigireacht d'údarás inniúil an Bhallstáit ina bhfuil an chigireacht le déanamh. Féadfaidh ÚBE, tar éis an túdarás inniúil ábhartha a chur ar an eolas, an chigireacht ar an láthair a dhéanamh gan fógra a thabhairt roimh ré don eisitheoir comharthaí sócmhainntagartha suntasacha nó don eisitheoir comharthaí ríomhairgid suntasacha más gá sin ar mhaithe leis na cigireachtaí a dhéanamh go cuí agus go héifeachtúil.

4.Déanfaidh na hoifigigh agus na daoine eile a bheidh údaraithe ag ÚBE chun cigireacht ar an láthair a dhéanamh a gcumhachtaí a fheidhmiú ar údarú i scríbhinn a thabhairt ar aird ina sonraítear ábhar agus cuspóir na cigireachta agus na híocaíochtaí pionósacha tréimhsiúla dá bhforáiltear in Airteagal 114 i gcás nach dtéann na daoine lena mbaineann faoin gcigireacht.

5.Rachaidh an teisitheoir comharthaí sócmhainntagartha suntasacha nó an teisitheoir comharthaí ríomhairgid suntasacha faoi chigireachtaí ar an láthair arna nordú le cinneadh ÚBE. Sonrófar sa chinneadh ábhar agus cuspóir na cigireachta, an dáta a mbeidh sé le tosú, na híocaíochtaí pionósacha tréimhsiúla dá bhforáiltear in Airteagal 114, na réitigh dhlí atá ar fáil faoi Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010 chomh maith leis an gceart an cinneadh a chur faoi bhráid na Cúirte Breithiúnais lena athbhreithniú.

6.Arna iarraidh sin ag ÚBE, déanfaidh oifigigh údarás inniúil an Bhallstáit ina bhfuil an chigireacht le déanamh, chomh maith leis na daoine sin a bheidh údaraithe nó ceaptha ag údarás inniúil an Bhallstáit sin, cúnamh gníomhach a thabhairt do na hoifigigh agus do na daoine eile a bheidh údaraithe ag ÚBE. Féadfaidh oifigigh de chuid údarás inniúil an Bhallstáit lena mbaineann freastal ar na cigireachtaí ar an láthair freisin.

7.Féadfaidh ÚBE freisin a cheangal ar údaráis inniúla cúraimí sonracha imscrúdaithe agus cigireachtaí ar an láthair dá bhforáiltear san Airteagal seo agus in Airteagal 105(1) a thabhairt i gcrích thar a cheann.

8.I gcás ina naimsíonn na hoifigigh agus daoine eile a bheidh á dtionlacan, a bheidh údaraithe ag ÚBE, go bhfuil duine ag cur i gcoinne cigireachta a ordaíodh de bhun an Airteagail seo, tabharfaidh údarás inniúil an Bhallstáit lena mbaineann gach cúnamh is gá dóibh agus, i gcás inarb iomchuí, iarrfaidh sé cúnamh na bpóilíní nó cúnamh údaráis choibhéisigh forfheidhmiúcháin, ionas go mbeidh sé ar a gcumas a gcigireacht ar an láthair a dhéanamh.

9.Más rud é, maidir leis an gcigireacht ar an láthair dá bhforáiltear i mír 1 nó maidir leis an gcúnamh dá bhforáiltear i mír 7, go gceanglaítear údarú a fháil ó údarás breithiúnach de réir dlí náisiúnta, déanfar iarratas ar an údarú sin. Féadfar iarratas a dhéanamh ar an údarú sin freisin mar bheart réamhchúraim.

10.I gcás ina bhfaigheann údarás breithiúnach náisiúnta iarratas ar údarú le haghaidh cigireachta ar an láthair dá bhforáiltear i mír 1 nó le haghaidh an chúnaimh dá bhforáiltear i mír 7, déanfaidh an túdarás sin an méid seo a leanas a fhíorú:

(a)gur cinneadh barántúil é an cinneadh a ghlac ÚBE dá dtagraítear i mír 4;

(b)go bhfuil aon bhearta atá le déanamh comhréireach agus nach bhfuil siad aondeonach ná iomarcach.

11.Chun críocha mhír 10, pointe (b), féadfaidh an túdarás breithiúnach náisiúnta a iarraidh ar ÚBE mínithe mionsonraithe a thabhairt, go háirithe maidir leis na forais atá ag ÚBE chun drochamhras a bheith air go ndearnadh sárú ar an Rialachán seo agus maidir le tromchúis an tsáraithe a bhfuil drochamhras ann ina leith agus maidir le cineál na rannpháirtíochta ar thaobh an duine atá faoi réir na mbeart comhéigneach. Ní dhéanfaidh an túdarás breithiúnach náisiúnta athbhreithniú, áfach, ar an ngá atá leis an imscrúdú ná ní éileoidh sé go ndéanfar an fhaisnéis atá ar chomhad ÚBE a sholáthar dó. Ní bheidh dlíthiúlacht chinneadh ÚBE faoi réir a athbhreithnithe ach amháin ag an gCúirt Bhreithiúnais agus i gcomhréir leis an nós imeachta a leagtar amach i Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010.

Airteagal 107
Malartú faisnéise

Chun a gcuid dualgas faoi Airteagal 98 a thabhairt i gcrích agus gan dochar d’Airteagal 84, déanfaidh ÚBE agus na húdaráis inniúla an fhaisnéis is gá chun a gcuid dualgas a thabhairt i gcrích faoin Rialachán seo a sholáthar dá chéile gan moill mhíchuí. Chun na críche sin, déanfaidh údaráis inniúla aon fhaisnéis a mhalartú le ÚBE a bhaineann leis an méid seo a leanas:

(a)eisitheoir comharthaí sócmhainntagartha suntasacha nó duine a rialaíonn eisitheoir comharthaí sócmhainntagartha suntasacha, nó duine atá faoi rialú díreach nó indíreach eisitheoir comharthaí sócmhainntagartha suntasacha;

(b)aon tríú páirtithe dá dtagraítear in Airteagal 30(5), pointe (h) lena bhfuil socrú conarthach acu le heisitheoirí comharthaí sócmhainntagartha suntasacha;

(c)aon soláthraí seirbhísí criptea-shócmhainní dá dtagraítear in Airteagal 35(4) a chuireann leachtacht ar fáil le haghaidh comharthaí sócmhainntagartha suntasacha;

(d)institiúidí creidmheasa nó soláthraithe seirbhísí criptea-shócmhainní a áirithíonn cumhdach na gcúlsócmhainní i gcomhréir le hAirteagal 33;

(e)eisitheoir comharthaí ríomhairgid suntasacha nó duine a rialaíonn eisitheoir comharthaí ríomhairgid suntasacha, nó duine atá faoi rialú díreach nó indíreach eisitheoir comharthaí ríomhairgid suntasacha;

(f)aon institiúid íocaíochta a údaraítear i gcomhréir le hAirteagal 11 de Threoir (AE) 2015/2366 agus a chuireann seirbhísí íocaíochta ar fáil i ndáil le comharthaí ríomhairgid suntasacha;

(g)aon duine nádúrtha nó duine dlítheanach a bhfuil mar chúram air comharthaí ríomhairgid suntasacha a dháileadh ar son an eisitheora comharthaí ríomhairgid suntasacha;

(h)aon soláthraí seirbhíse criptea-shócmhainní a sholáthraíonn an tseirbhís criptea-shócmhainní dá dtagraítear in Airteagal 3(1), pointe (10), i ndáil le comharthaí sócmhainntagartha suntasacha nó comharthaí ríomhairgid suntasacha;

(i)aon ardán trádála le haghaidh criptea-shócmhainní a lig isteach comhartha sócmhainntagartha suntasach nó comhartha ríomhairgid chun a thrádála;

(j)comhlacht bainistíochta na ndaoine dá dtagraítear i bpointe (a) go pointe (i).

Airteagal 108
Comhaontú riaracháin maidir le faisnéis a mhalartú idir ÚBE agus tríú tíortha

1.D’fhonn a chuid dualgas a thabhairt i gcrích faoi Airteagal 98, ní fhéadfaidh ÚBE comhaontuithe riaracháin a thabhairt chun críche maidir le faisnéis a mhalartú le húdaráis inniúla de chuid tríú tíortha ach amháin má tá an fhaisnéis arna nochtadh faoi réir ráthaíochtaí rúndachta gairmiúla atá coibhéiseach ar a laghad leo siúd a leagtar amach in Airteagal 111.

2.Beidh malartú faisnéise dá dtagraítear i mír 1 ann ar mhaithe le comhlíonadh chúraimí ÚBE nó chúraimí na núdarás maoirseachta sin.

3.Maidir le sonraí pearsanta a aistriú chuig tríú tír, cuirfidh ÚBE Rialachán (AE) Uimh. 2018/1725 i bhfeidhm.

Airteagal 109
Faisnéis ó thríú tíortha a nochtadh

Ní fhéadfaidh ÚBE an fhaisnéis a fhaightear ó údaráis mhaoirseachta tríú tíortha a nochtadh ach amháin más rud é go bhfuil comhaontú sainráite faighte ag ÚBE nó ag údarás inniúil ón údarás maoirseachta a tharchuir an fhaisnéis agus, i gcás inarb infheidhme, gur chun na gcríoch dár thug an t‑údarás maoirseachta sin a chomhaontú amháin a nochtfar an fhaisnéis nó i gcás ina bhfuil nochtadh den sórt sin riachtanach i gcomhair imeachtaí dlíthiúla.

Airteagal 110
Comhar le húdaráis eile

I gcás ina ngabhann eisitheoir comharthaí sócmhainn‑tagartha suntasacha nó eisitheoir comharthaí ríomh‑airgid suntasacha do ghníomhaíochtaí seachas na cinn a chumhdaítear faoin Rialachán seo, oibreoidh ÚBE i gcomhar leis na húdaráis atá freagrach as maoirseacht nó formhaoirseacht na ngníomhaíochtaí eile den sórt sin dá bhforáiltear i ndlí ábhartha an Aontais nó sa dlí ábhartha náisiúnta, lena n‑áirítear údaráis chánach.

Airteagal 111
Rúndacht phroifisiúnta

Beidh feidhm ag oibleagáid na rúndachta gairmiúla maidir le ÚBE agus maidir leis na daoine go léir a oibríonn nó a d’oibrigh do ÚBE nó d'aon duine eile a ndearna ÚBE cúraimí a tharmligean chucu, lena n‑áirítear iniúchóirí agus saineolaithe atá ar conradh ag ÚBE.

Airteagal 112
Bearta maoirseachta á ndéanamh ag ÚBE

1.Más rud é go bhfaighidh ÚBE go ndearna eisitheoir comharthaí sócmhainntagartha suntasacha ceann de na sáruithe a liostaítear in Iarscríbhinn V, féadfaidh sé ceann amháin nó níos mó de na bearta seo a leanas a dhéanamh:

(a)cinneadh a ghlacadh a cheanglaíonn ar eisitheoir na comharthaí sócmhainntagartha suntasacha deireadh a chur leis an sárú;

(b)cinneadh a ghlacadh a ghearrann fíneálacha nó íocaíochtaí pionósacha tréimhsiúla de bhun Airteagal 113 agus Airteagal 114;

(c)cinneadh a ghlacadh a cheanglaíonn ar an eisitheoir comharthaí sócmhainntagartha suntasacha faisnéis bhreise a chur ar fáil, i gcás inar gá chun tomhaltóirí a chosaint;

(d)cinneadh a ghlacadh a cheanglaíonn ar an eisitheoir comharthaí sócmhainntagartha suntasacha tairiscint de chriptea-shócmhainní don phobal a chur ar fionraí go ceann tréimhse nach faide ná 10 lá oibre as a chéile ar aon ócáid ar leithligh i gcás ina bhfuil forais réasúnacha amhrais ann go ndearnadh sárú ar an Rialachán seo;

(e)cinneadh a ghlacadh lena dtoirmisctear comharthaí sócmhainntagartha suntasacha a thairiscint don phobal i gcás ina bhfaightear gur sáraíodh an Rialachán seo nó i gcás ina bhfuil forais réasúnacha amhrais ann go ndéanfaí sárú air;

(f)cinneadh a ghlacadh a cheanglaíonn ar an ardán trádála ábhartha le haghaidh criptea-shócmhainní a lig comharthaí sócmhainntagartha suntasacha chun a dtrádála, go ceann tréimhse nach faide ná 10 lá oibre as a chéile ar aon ócáid ar leithligh i gcás ina bhfuil forais réasúnacha amhrais ann go ndearnadh sárú ar an Rialachán seo;

(g)cinneadh a ghlacadh lena dtoirmisctear trádáil comharthaí sócmhainntagartha suntasacha, ar ardán trádála le haghaidh criptea-shócmhainní i gcás ina gcinneann siad go ndearnadh sárú ar an Rialachán seo;

(h)cinneadh a ghlacadh a cheanglaíonn ar an eisitheoir comharthaí sócmhainntagartha suntasacha an fhaisnéis ábhartha uile a nochtadh, ar faisnéis í ar féidir éifeacht a bheith aici ar mheasúnú na gcomharthaí sócmhainntagartha suntasacha a thairgtear don phobal nó a ligtear chun a dtrádála ar ardán trádála le haghaidh criptea-shócmhainní chun cosaint tomhaltóirí nó oibriú rianúil an mhargaidh a áirithiú;

(i)rabhaidh a eisiúint ar an mbonn go bhfuil ag cliseadh ar eisitheoir comharthaí sócmhainntagartha suntasacha a chuid oibleagáidí a chomhlíonadh;

(j)údarú an eisitheora comharthaí sócmhainntagartha suntasacha a tharraingt siar.

2.Más rud é go bhfaighidh ÚBE go ndearna eisitheoir comharthaí ríomhairgid suntasacha ceann de na sáruithe a liostaítear in Iarscríbhinn VI, féadfaidh sé ceann amháin nó níos mó de na bearta seo a leanas a dhéanamh:

(a)cinneadh a ghlacadh a cheanglaíonn ar an eisitheoir comharthaí ríomhairgid suntasacha deireadh a chur leis an sárú;

(b)cinneadh a ghlacadh a ghearrann fíneálacha nó íocaíochtaí pionósacha tréimhsiúla de bhun Airteagal 113 agus Airteagal 114;

(c)rabhaidh a eisiúint ar an mbonn go bhfuil ag cliseadh ar eisitheoir comharthaí ríomhairgid suntasacha a chuid oibleagáidí a chomhlíonadh.

3.Agus na bearta dá dtagraítear i mír 1 agus i mír 2 á ndéanamh aige, déanfaidh ÚBE cineál agus tromchúis an tsáraithe a chur san áireamh, ag féachaint do na critéir seo a leanas:

(a)fad agus minicíocht an tsáraithe;

(b)a chinneadh cibé acu an bhfuil baint ag an gcoir airgeadais leis an sárú, an bhfuil sí éascaithe nó an bhfuil sí, ar bhealach eile, inchurtha ina leith;

(c)a chinneadh cibé acu ar nocht an sárú laigí tromchúiseacha nó sistéamacha i nósanna imeachta, beartais agus bearta bainistithe riosca an eisitheora comharthaí sócmhainntagartha suntasacha nó an eisitheora comharthaí ríomhairgid suntasacha;

(d)a chinneadh cibé acu d'aon ghnó nó le faillí a rinneadh an sárú;

(e)méid freagrachta an eisitheora comharthaí sócmhainntagartha suntasacha nó an eisitheora comharthaí ríomhairgid suntasacha atá freagrach as an sárú;

(f)láidreacht airgeadais an eisitheora comharthaí sócmhainntagartha suntasacha nó an eisitheora comharthaí ríomhairgid suntasacha, atá freagrach as an sárú, arna léiriú le láimhdeachas iomlán an duine dhlítheanaigh atá freagrach nó le hioncam bliantúil agus glansócmhainní an duine nádúrtha atá freagrach;

(g)tionchar an tsáraithe ar leasanna sealbhóirí na gcomharthaí sócmhainntagartha suntasacha nó na gcomharthaí ríomhairgid suntasacha;

(h)tábhacht na mbrabús a ghnóthaigh, nó na gcaillteanas a sheachain an teisitheoir comharthaí sócmhainntagartha suntasacha nó an teisitheoir comharthaí ríomhairgid suntasacha atá freagrach as an sárú nó na gcaillteanas do thríú páirtithe a d’eascair ón sárú, a mhéid is féidir iad a chinneadh;

(i)leibhéal comhair an eisitheora comharthaí sócmhainntagartha suntasacha, nó an eisitheora comharthaí ríomhairgid suntasacha, atá freagrach as an sárú le ÚBE, gan dochar don ghá faoi aisíoc na mbrabús a ghnóthaigh an duine sin nó aisíoc na gcaillteanas a sheachain sé a áirithiú;

(j)sáruithe roimhe sin ag an eisitheoir comharthaí sócmhainntagartha suntasacha nó ag an eisitheoir comharthaí ríomhairgid atá freagrach as an sárú;

(k)na bearta a ghlac an teisitheoir comharthaí sócmhainntagartha suntasacha nó an teisitheoir comharthaí ríomhairgid suntasacha tar éis an tsáraithe ionas nach dtarlóidh sárú den sórt sin arís.

4.Sula ndéantar na gníomhaíochtaí dá dtagraítear i bpointe (d) go pointe (g) agus i bpointe (j) de mhír 1, cuirfidh ÚBE ESMA ar an eolas agus, i gcás ina dtagraíonn na comharthaí sócmhainntagartha suntasacha d’airgeadraí an Aontais, bainc cheannais eisiúna na nairgeadraí sin.

5.Sula ndéantar na gníomhaíochtaí dá dtagraítear i bpointe (a) go pointe (c) de mhír 2, cuirfidh ÚBE údarás inniúil an eisitheora comharthaí ríomhairgid suntasacha agus banc ceannais eisiúna an airgeadra a bhfuil an comhartha ríomhairgid suntasach á thagairt ar an eolas.

6.Tabharfaidh ÚBE fógra faoi aon ghníomhaíocht a dhéantar de bhun mhír 1 agus mhír 2 don eisitheoir comharthaí sócmhainntagartha suntasacha nó don eisitheoir comharthaí ríomhairgid suntasacha atá freagrach as an sárú gan moill mhíchuí agus cuirfidh sé an ghníomhaíocht sin in iúl d’údaráis inniúla na mBallstát lena mbaineann agus don Choimisiún. Déanfaidh ÚBE aon chinneadh den sórt sin a nochtadh go poiblí ar a shuíomh gréasáin laistigh de 10 lá oibre ón dáta a nglacfar an cinneadh sin.

7.Áireofar an méid seo a leanas leis an nochtadh don phobal dá dtagraítear i mír 6:

(a)ráiteas lena ndearbhófar ceart an duine atá freagrach as an sárú chun achomharc a dhéanamh i gcoinne an chinnidh os comhair na Cúirte Breithiúnais;

(b)I gcás inarb ábhartha, ráiteas lena ndearbhófar gur taisceadh achomharc agus lena sonrófar nach bhfuil éifeacht fionraíochta ag an achomharc sin;

(c)ráiteas lena ndearbhófar go bhfuil Bord Achomhairc ÚBE ábalta cur i bhfeidhm an chinnidh a bhfuil conspóid ann ina leith a fhionraí i gcomhréir le hAirteagal 60(3) de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010.

Airteagal 113
Fíneálacha

1.Glacfaidh ÚBE cinneadh lena ngearrfar fíneáil i gcomhréir le mír 3 nó mír 4, i gcás, i gcomhréir le hAirteagal 116(8), ina gcinneann sé:

(a)go ndearna eisitheoir comharthaí sócmhainntagartha suntasacha, d’aon ghnó nó le faillí, ceann de na sáruithe a liostaítear in Iarscríbhinn V;

(b)go ndearna eisitheoir comharthaí ríomhairgid suntasacha, d’aon ghnó nó le faillí, ceann de na sáruithe a liostaítear in Iarscríbhinn VI.

Measfar go ndearnadh sárú d'aon ghnó má thagann ÚBE ar fhachtóirí oibiachtúla lena léirítear gur ghníomhaigh an t‑eisitheoir sin nó a chomhlacht bainistíochta d'aon turas chun an sárú a dhéanamh.

2.Agus na bearta dá dtagraítear i mír 1 á ndéanamh aige, déanfaidh ÚBE cineál agus tromchúis an tsáraithe a chur san áireamh, ag féachaint do na critéir seo a leanas:

(a)fad agus minicíocht an tsáraithe;

(b)a chinneadh cibé acu an bhfuil baint ag an gcoir airgeadais leis an sárú, an bhfuil sí éascaithe nó an bhfuil sí, ar bhealach eile, inchurtha ina leith;

(c)a chinneadh cibé acu ar nocht an sárú laigí tromchúiseacha nó sistéamacha i nósanna imeachta, beartais agus bearta bainistithe riosca an eisitheora comharthaí sócmhainntagartha suntasacha nó an eisitheora comharthaí ríomhairgid suntasacha;

(d)a chinneadh cibé acu d'aon ghnó nó le faillí a rinneadh an sárú;

(e)méid freagrachta an eisitheora comharthaí sócmhainntagartha suntasacha nó an eisitheora comharthaí ríomhairgid suntasacha atá freagrach as an sárú;

(f)láidreacht airgeadais an eisitheora comharthaí sócmhainntagartha suntasacha nó an eisitheora comharthaí ríomhairgid suntasacha, atá freagrach as an sárú, arna léiriú le láimhdeachas iomlán an duine dhlítheanaigh atá freagrach nó le hioncam bliantúil agus glansócmhainní an duine nádúrtha atá freagrach;

(g)tionchar an tsáraithe ar leasanna sealbhóirí na gcomharthaí sócmhainntagartha suntasacha nó na gcomharthaí ríomhairgid suntasacha;

(h)tábhacht na mbrabús a ghnóthaigh, nó na gcaillteanas a sheachain an teisitheoir comharthaí sócmhainntagartha suntasacha atá freagrach as an sárú nó na gcaillteanas do thríú páirtithe a d’eascair ón sárú, a mhéid is féidir iad a chinneadh;

(i)leibhéal comhair an eisitheora comharthaí sócmhainntagartha suntasacha, nó an eisitheora comharthaí ríomhairgid suntasacha, atá freagrach as an sárú le ÚBE, gan dochar don ghá faoi aisíoc na mbrabús a ghnóthaigh an duine sin nó aisíoc na gcaillteanas a sheachain sé a áirithiú;

(j)sáruithe roimhe sin ag an eisitheoir comharthaí sócmhainntagartha suntasacha nó ag an eisitheoir comharthaí ríomhairgid suntasacha atá freagrach as an sárú;

(k)na bearta a ghlac an teisitheoir comharthaí sócmhainntagartha suntasacha nó an teisitheoir comharthaí ríomhairgid suntasacha tar éis an tsáraithe ionas nach dtarlóidh sárú den sórt sin arís.

3.Maidir le heisitheoirí comharthaí sócmhainntagartha suntasacha, beidh uasmhéid na fíneála dá dtagraítear i mír 1 suas le 15 % den láimhdeachas bliantúil mar a shainmhínítear faoi dhlí ábhartha an Aontais é, sa bhliain gnó roimhe sin, nó dhá oiread de mhéid na mbrabús a gnóthaíodh nó na gcaillteanas a seachnaíodh mar gheall ar an sárú nuair is féidir sin a chinneadh.

4.Maidir le heisitheoirí comharthaí ríomhairgid suntasacha, beidh uasmhéid na fíneála dá dtagraítear i mír 1 suas le 5 % den láimhdeachas bliantúil mar a shainmhínítear faoi dhlí ábhartha an Aontais é, sa bhliain gnó roimhe sin, nó dhá oiread de mhéid na mbrabús a gnóthaíodh nó na gcaillteanas a seachnaíodh mar gheall ar an sárú nuair is féidir sin a chinneadh.

Airteagal 114
Íocaíochtaí pionósacha tréimhsiúla

1.Déanfaidh ÚBE, le cinneadh, íocaíochtaí pionósacha tréimhsiúla a fhorchur d'fhonn iallach a chur:

(a)ar dhuine chun deireadh a chur le sárú i gcomhréir le cinneadh arna ghlacadh de bhun Airteagal 112;

(b)ar dhuine dá dtagraítear in Airteagal 104(1):

i) chun faisnéis iomlán a sholáthar, ar faisnéis í a iarrfar le cinneadh de bhun Airteagal 104;

ii) chun dul faoi imscrúdú agus go háirithe taifid, sonraí, nósanna imeachta nó aon ábhar eile is gá a thabhairt, agus aon fhaisnéis eile a thugtar in imscrúdú arna sheoladh ag cinneadh de bhun Airteagal 105 a iomlánú agus a cheartú;

iii) chun dul faoi chigireacht ar an láthair arna ordú le cinneadh a ghlactar de bhun Airteagal 106.

2.Beidh íocaíocht phionósach thréimhsiúil éifeachtach agus comhréireach. Forchuirfear an íocaíocht phionósach thréimhsiúil de réir gach lae moille.

3.D'ainneoin mhír 2, is é a bheidh i méid na níocaíochtaí pionósacha tréimhsiúla 3 % den mheánláimhdeachas laethúil sa bhliain ghnó roimhe sin nó, i gcás daoine nádúrtha, 2 % den mheánioncam laethúil sa bhliain féilire roimhe sin. Déanfar é a ríomh ón dáta a shonraítear sa chinneadh lena ngearrtar an íocaíocht phionósach thréimhsiúil.

4.Déanfar íocaíocht phionósach thréimhsiúil a ghearradh ar feadh uastréimhse 6 mhí tar éis an fógra faoin gcinneadh ó ÚBE a fháil. Tar éis dheireadh na tréimhse, déanfaidh ÚBE an beart a athbhreithniú.

Airteagal 115
Fíneálacha agus íocaíochtaí pionósacha tréimhsiúla a nochtadh, a fhorfheidhmiú agus a leithdháileadh agus cineál na bhfíneálacha agus na n‑íocaíochtaí sin

1.Déanfaidh ÚBE gach fíneáil agus gach íocaíocht phionósach thréimhsiúil a ghearrtar de bhun Airteagal 113 agus Airteagal 114 a nochtadh don phobal, mura rud é go ndéanfadh an nochtadh sin don phobal dochar mór don chobhsaíocht airgeadais nó go mbeadh sé ina chúis le damáiste díréireach do na páirtithe lena mbaineann. Sa nochtadh sin, ní bheidh sonraí pearsanta de réir bhrí Rialachán (AE) 2016/6791 72 .

2.Is de chineál riaracháin iad na fíneálacha agus na híocaíochtaí pionósacha tréimhsiúla a fhorchuirtear de bhun Airteagal 113 agus Airteagal 114.

3.I gcás ina gcinnfidh ÚBE gan aon fhíneálacha ná íocaíochtaí pionósacha a fhorchur, cuirfidh sé Parlaimint na hEorpa, an Chomhairle, an Coimisiún agus údaráis inniúla an Bhallstáit lena mbaineann ar an eolas dá réir sin agus leagfaidh sé amach na cúiseanna dá chinneadh.

4.Beidh fíneálacha agus íocaíochtaí pionósacha tréimhsiúla a fhorchuirtear de bhun Airteagal 113 agus Airteagal 114 infhorfheidhmithe.

5.Déanfar forfheidhmiú a rialú leis na rialacha nós imeachta sibhialta atá i bhfeidhm sa Stát ar ina chríoch a dhéantar an forfheidhmiú.

6.Déanfar méideanna na bhfíneálacha agus na níocaíochtaí pionósacha tréimhsiúla a leithdháileadh chuig buiséad ginearálta an Aontais Eorpaigh.

Airteagal 116
Rialacha nós imeachta maidir le bearta maoirseachta a dhéanamh agus maidir le fíneálacha a fhorchur

1.Más rud é, le linn a dhualgais faoi Airteagal 98 a thabhairt i gcrích, go bhfaigheann ÚBE go bhfuil tásca tromchúiseacha ann a léiríonn go bhféadfadh sé gurbh ann d'fhíorais ar dóigh maidir leo gurb ionann iad agus ceann amháin nó níos mó de na sáruithe a liostaítear in Iarscríbhinn V nó in Iarscríbhinn VI, ceapfaidh ÚBE oifigeach neamhspleách imscrúdaithe laistigh de ÚBE chun an tábhar a imscrúdú. Ní bheidh an toifigeach imscrúdaithe rannpháirteach ná ní raibh sé rannpháirteach go díreach ná go hindíreach i maoirseacht eisitheoirí na gcomharthaí sócmhainntagartha suntasacha nó eisitheoirí na gcomharthaí ríomhairgid suntasacha agus comhlíonfaidh sé a chuid feidhmeanna go neamhspleách ar ÚBE.

2.Déanfaidh an toifigeach imscrúdaithe dá dtagraítear i mír 1 na sáruithe líomhnaithe a imscrúdú, agus aon bharúlacha a thíolacfaidh na daoine a bheidh faoi réir na nimscrúduithe á gcur san áireamh agus cuirfidh sé comhad iomlán, ina mbeidh a thorthaí, faoi bhráid ÚBE.

3.D’fhonn a chuid cúraimí a thabhairt i gcrích, féadfaidh an toifigeach imscrúdaithe an chumhacht a fheidhmiú chun faisnéis a iarraidh i gcomhréir le hAirteagal 104 agus chun imscrúduithe a sheoladh agus chun cigireachtaí ar an láthair a dhéanamh i gcomhréir le hAirteagal 105 agus le hAirteagal 106. Nuair a bheidh na cumhachtaí sin á núsáid aige, comhlíonfaidh an toifigeach imscrúdaithe Airteagal 103.

4.Nuair atá a chuid cúraimí á gcur i gcrích aige, beidh rochtain ag an oifigeach imscrúdaithe ar gach doiciméad agus ar an bhfaisnéis uile atá bailithe ag ÚBE trína ghníomhaíochtaí maoirseachta.

5.Tar éis don oifigeach imscrúdaithe a imscrúdú a chríochnú agus sula ndéanfaidh sé an comhad ina bhfuil a chuid torthaí a chur faoi bhráid ÚBE, tabharfaidh sé deis do na daoine a bheidh faoi réir na nimscrúduithe éisteacht a fháil maidir leis na hábhair atá á nimscrúdú. Ní bhunóidh an toifigeach imscrúdaithe a thorthaí ach ar na fíorais sin a raibh deis ag na páirtithe lena mbaineann a dtuairimí a thabhairt ina leith.

6.Déanfar cearta cosanta na ndaoine lena mbaineann a urramú go hiomlán le linn imscrúduithe faoin Airteagal seo.

7.Nuair a bheidh an comhad ina bhfuil a chuid torthaí á chur faoi bhráid ÚBE ag an oifigeach imscrúdaithe, tabharfaidh sé fógra do na daoine atá faoi réir na nimscrúduithe. Beidh na daoine atá faoi réir na nimscrúduithe i dteideal rochtain a bheith acu ar an gcomhad, faoi réir leas dlisteanach daoine eile maidir lena rúin ghnó a chosaint. Ní shínfidh an ceart rochtana ar an gcomhad chuig faisnéis rúnda a dhéanann difear do thríú páirtithe nó do dhoiciméid ullmhúcháin inmheánacha ÚBE.

8.Ar bhonn an chomhaid ina mbeidh torthaí an oifigigh imscrúdaithe agus, arna iarraidh sin do na daoine lena mbaineann, tar éis na daoine atá faoi réir na nimscrúduithe a éisteacht i gcomhréir le hAirteagal 117, cinnfidh ÚBE an bhfuil ceann amháin nó níos mó de na sáruithe a liostaítear in Iarscríbhinn V nó in Iarscríbhinn VI déanta ag an eisitheoir comharthaí sócmhainntagartha suntasacha nó ag an eisitheoir comharthaí ríomhairgid suntasacha atá faoi réir na nimscrúduithe agus, sa chás sin, déanfaidh sé beart maoirseachta i gcomhréir le hAirteagal 112 agus/nó déanfaidh sé fíneáil a fhorchur i gcomhréir le hAirteagal 113.

9.Ní bheidh an toifigeach imscrúdaithe rannpháirteach i bplé ÚBE ná ní chuirfidh sé isteach ar aon slí eile ar phróiseas cinnteoireachta ÚBE.

10.Glacfaidh an Coimisiún gníomhartha tarmligthe i gcomhréir le hAirteagal 121 faoin [cuir isteach dáta 12 mhí i ndiaidh an dáta ar a dtiocfaidh an Rialacháin seo i bhfeidhm] lena sonraítear tuilleadh rialacha nós imeachta maidir le feidhmiú na cumhachta chun fíneálacha nó íocaíochtaí pionósacha tréimhsiúla a fhorchur, lena náirítear forálacha maidir le cearta cosanta, forálacha ama, agus fíneálacha nó íocaíochtaí pionósacha tréimhsiúla a bhailiú, agus na tréimhsí teorann i dtaca le fíneálacha agus íocaíochtaí pionósacha tréimhsiúla a fhorchur agus a fhorfheidhmiú.

11.Déanfaidh ÚBE ábhair a tharchur chuig na húdaráis náisiúnta iomchuí lena nimscrúdú agus le haghaidh ionchúiseamh coiriúil féideartha más rud é, le linn a chuid dualgas faoin Rialachán seo a thabhairt i gcrích, go bhfaigheann sé go bhfuil tásca tromchúiseacha ann go bhféadfadh sé gurbh ann d'fhíorais ar dóigh ina leith gurb ionann iad agus cionta coiriúla. Ina theannta sin, staonfaidh ÚBE ó fhíneálacha nó íocaíochtaí pionósacha tréimhsiúla a fhorchur más rud é, maidir le héigiontú nó le ciontú roimhe sin a éiríonn as fíoras comhionann nó as fíorais chomhionanna atá comhionann lena chéile go substaintiúil, go bhfuil feidhm res judicata bainte amach aige cheana mar thoradh ar imeachtaí coiriúla faoin dlí náisiúnta.

Airteagal 117
Éisteacht na ndaoine lena mbaineann

1.Sula ndéanfar aon chinneadh de bhun Airteagal 112, Airteagal 113 agus Airteagal 114, tabharfaidh ÚBE deis do na daoine atá faoi réir na nimeachtaí éisteacht a fháil maidir lena thorthaí. Is ar na torthaí sin a raibh deis ag na daoine a bhí faoi réir na nimeachtaí a dtuairimí a thabhairt ina leith, agus orthu sin amháin, a bhunóidh ÚBE a chinntí.

2.Ní bheidh feidhm ag mír 1 má tá gá le gníomhaíocht phráinneach chun damáiste suntasach agus gardhamáiste don chobhsaíocht airgeadais nó do chosaint tomhaltóirí a chosc. Sa chás sin, féadfaidh ÚBE cinneadh eatramhach a ghlacadh agus tabharfaidh sé deis do na daoine lena mbaineann éisteacht a fháil a luaithe is féidir tar éis dó a chinneadh a dhéanamh.

3.Déanfar cearta cosanta na ndaoine atá faoi réir na nimscrúduithe a urramú go hiomlán le linn na nimeachtaí. Beidh siad i dteideal rochtain a bheith acu ar chomhad ÚBE, faoi réir leas dlisteanach daoine eile maidir lena rúin ghnó a chosaint. Ní shínfidh an ceart rochtana ar an gcomhad chuig faisnéis rúnda nó doiciméid ullmhúcháin inmheánacha ÚBE.

Airteagal 118
Athbhreithniú ag an gCúirt Bhreithiúnais

Beidh dlínse neamhtheoranta ag an gCúirt Bhreithiúnais athbhreithniú a dhéanamh ar chinntí lenar fhorchuir ÚBE fíneáil nó íocaíocht phionósach thréimhsiúil nó aon smachtbhanna nó beart riaracháin eile i gcomhréir leis an Rialachán seo. Féadfaidh sí an fhíneáil nó an íocaíocht phionósach thréimhsiúil a forchuireadh a neamhniú, a laghdú nó a mhéadú.

Airteagal 119
Táillí maoirseachta

1.Gearrfaidh ÚBE táillí ar eisitheoirí na gcomharthaí sócmhainntagartha suntasacha agus ar eisitheoirí na gcomharthaí ríomhairgid suntasacha i gcomhréir leis an Rialachán seo agus i gcomhréir leis na gníomhartha tarmligthe a ghlacfar de bhun mhír 3. Cumhdófar leis na táillí sin caiteachas ÚBE maidir le maoirseacht eisitheoirí na gcomharthaí sócmhainntagartha suntasacha agus eisitheoirí na gcomharthaí ríomhairgid suntasacha i gcomhréir le hAirteagal 98, chomh maith le haisíoc aon chostas a d'fhéadfadh na húdaráis inniúla a thabhú agus iad i mbun oibre de bhun an Rialacháin seo, go háirithe mar thoradh ar aon tarmligean cúraimí i gcomhréir le hAirteagal 120.

2.Beidh méid na táille a ghearrfar ar eisitheoir aonair comharthaí sócmhainntagartha suntasacha i gcomhréir le méid a chúlsócmhainní agus cumhdóidh sé na costais ar fad arna dtabhú ag ÚBE agus a chúraimí maoirseachta á gcomhlíonadh aige i gcomhréir leis an Rialachán seo.

Beidh méid na táille a ghearrfar ar eisitheoir aonair comharthaí ríomh‑airgid suntasacha i gcomhréir le méid an ríomh‑airgid a eisíodh mar mhalairt ar chistí agus cumhdóidh sé na costais ar fad arna dtabhú ag ÚBE agus a chúraimí maoirseachta á gcomhlíonadh aige i gcomhréir leis an Rialachán seo.

3.Glacfaidh an Coimisiún gníomh tarmligthe i gcomhréir le hAirteagal 121 faoin [cuir isteach dáta 12 mhí i ndiaidh an dáta ar a dtiocfaidh an Rialacháin seo i bhfeidhm] chun cineál na dtáillí, na nithe a mbeidh na táillí dlite ina leith, méid na dtáillí agus an tslí a níocfar iad agus an mhodheolaíocht chun an tuasmhéid in aghaidh an eintitis faoi mhír 2 gur féidir le ÚBE a ghearradh, a shonrú.

Airteagal 120
Tarmligean cúraimí ó ÚBE chuig údaráis inniúla

1.I gcás inar gá sin chun cúram maoirseachta a chomhlíonadh go cuí d’eisitheoirí comharthaí sócmhainntagartha suntasacha nó comharthaí ríomhairgid suntasacha, féadfaidh ÚBE cúraimí sonracha maoirseachta a tharmligean chuig údarás inniúil Ballstáit. Féadfaidh, go háirithe, an chumhacht chun faisnéis a iarraidh i gcomhréir le hAirteagal 104 agus chun imscrúduithe agus cigireachtaí ar an láthair a sheoladh i gcomhréir le hAirteagal 105 agus le hAirteagal 106 a bheith san áireamh sna cúraimí sonracha maoirseachta sin.

2.Sula ndéanfar cúram a tharmligean, rachaidh ÚBE i gcomhairle leis an údarás inniúil ábhartha faoin méid seo a leanas:

(a)raon feidhme an chúraim a bheidh le tarmligean;

(b)an tráthchlár chun an cúram a chomhlíonadh; agus

(c)an fhaisnéis atá riachtanach a bheith á tharchur ag ÚBE agus chuig ÚBE.

3.I gcomhréir leis an rialachán maidir le táillí atá le glacadh ag an gCoimisiún de bhun Airteagal 119(3), déanfaidh ÚBE údarás inniúil a chúiteamh i leith na gcostas arna dtabhú mar thoradh ar chúraimí tarmligthe a thabhairt i gcrích.

4.Déanfaidh ÚBE athbhreithniú ar an gcinneadh dá dtagraítear i mír 1 ag eatraimh iomchuí. Féadfar tarmligean a chúlghairm aon tráth.

Teideal VIII: Gníomhartha tarmligthe agus gníomhartha cur chun feidhme

Airteagal 121
An tarmligean a fheidhmiú

1.Is faoi réir na gcoinníollacha a leagtar síos san Airteagal seo a thugtar an chumhacht don Choimisiún chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh.

2.Déanfar an chumhacht chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh dá dtagraítear in Airteagal 3(2), Airteagal 39(6), Airteagal 116(10) agus in Airteagal 119(3) a thabhairt don Choimisiún go ceann tréimhse 36 mhí ón… [cuir isteach an dáta ar a dtiocfaidh an Rialacháin seo i bhfeidhm].

3.Féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle tarmligean na gcumhachtaí dá dtagraítear in Airteagal 3(2), Airteagal 39(6), Airteagal 116(10) agus in Airteagal 119(3) a chúlghairm aon tráth. Le cinneadh chun cúlghairm a dhéanamh, cuirfear deireadh le tarmligean na cumhachta atá sonraithe sa chinneadh sin. Gabhfaidh éifeacht leis an lá tar éis fhoilsiú an chinnidh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh nó ar dháta is déanaí a shonrófar sa chinneadh. Ní dhéanfaidh sé difear do bhailíocht aon ghnímh tharmligthe atá i bhfeidhm cheana.

4.Sula nglacfaidh sé gníomh tarmligthe, rachaidh an Coimisiún i mbun comhairliúchán le saineolaithe arna nainmniú ag gach Ballstát i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos i gComhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr.

5.A luaithe a ghlacfaidh sé gníomh tarmligthe, tabharfaidh an Coimisiún fógra, an tráth céanna, do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle faoi.

6.Ní thiocfaidh gníomh tarmligthe a ghlacfar de bhun Airteagal 3(2), Airteagal 39(6), Airteagal 116(10) agus Airteagal 119(3) i bhfeidhm ach amháin mura mbeidh aon agóid curtha in iúl ag Parlaimint na hEorpa nó ag an gComhairle laistigh de thréimhse 3 mhí tar éis fógra faoin ngnímh sin a thabhairt do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle nó, más rud é, roimh dheireadh na tréimhse sin, go mbeidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle araon tar éis a chur in iúl don Choimisiún nach ndéanfaidh siad agóid. Déanfar an tréimhse sin a fhadú 3 mhí ar thionscnamh Pharlaimint na hEorpa nó na Comhairle.

Teideal IX Forálacha idirthréimhseacha agus críochnaitheacha

Airteagal 122
Tuarascáil

1.Faoin… [36 mhí i ndiaidh an dáta ar a dtiocfaidh an Rialacháin seo i bhfeidhm] tar éis dul i gcomhairle le ÚBE agus ESMA, cuirfidh an Coimisiún tuarascáil faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle maidir le feidhmiú an Rialacháin seo, lena ngabhfaidh, más iomchuí, togra reachtach.

2.Is é a bheidh sa tuarascáil:

(a)an líon eisiúintí criptea-shócmhainní san Aontas Eorpach, an líon páipéar bán maidir le criptea-shócmhainní atá cláraithe leis na húdaráis inniúla, cineál na gcriptea-shócmhainní a eisíodh agus a gcaipitliú margaidh, an líon criptea-shócmhainní a ligeadh chun a dtrádála ar ardán trádála le haghaidh criptea-shócmhainní;

(b)meastachán ar líon áitritheoirí an Aontais a úsáideann nó a infheistíonn i gcriptea-shócmhainní a eisítear san Aontas Eorpach;

(c)líon agus luach na calaoise, na haiceála agus na gadaíochta criptea-shócmhainní a thuairiscítear san Aontas Eorpach, na cineálacha iompraíochta calaoisí, an líon gearán a fuair soláthraithe seirbhísí criptea-shócmhainní agus eisitheoirí comharthaí sócmhainntagartha, an líon gearán a fuair údaráis inniúla agus ábhair na ngearán a fuarthas;

(d)an líon eisitheoirí comharthaí sócmhainntagartha a údaraítear faoin Rialachán seo, agus anailís ar chatagóirí na sócmhainní a áirítear sna cúlchistí, méid na gcúlchistí agus an líon íocaíochtaí i gcomharthaí sócmhainntagartha;

(e)an líon eisitheoirí comharthaí sócmhainntagartha suntasacha a údaraítear faoin Rialachán seo, agus anailís ar chatagóirí na sócmhainní a áirítear sna cúlchistí, méid na gcúlchistí agus an líon íocaíochtaí i gcomharthaí sócmhainntagartha suntasacha;

(f)an líon eisitheoirí comharthaí ríomhairgid a údaraítear faoin Rialachán seo agus faoi Threoir 2009/110/CE, agus anailís ar na hairgeadraí atá mar thaca do na comharthaí ríomhairgid, méid na gcúlchistí agus an líon íocaíochtaí i gcomharthaí ríomhairgid;

(g)an líon eisitheoirí comharthaí ríomhairgid suntasacha a údaraítear faoin Rialachán seo agus faoi Threoir 2009/110/CE, agus anailís ar na hairgeadraí atá mar thaca do na comharthaí ríomhairgid suntasacha, méid na gcúlchistí agus an líon íocaíochtaí i gcomharthaí ríomhairgid suntasacha;

(h)measúnú ar fheidhmiú mhargadh na seirbhísí criptea-shócmhainní san Aontas, lena náirítear forbairt agus treochtaí an mhargaidh, taithí na núdarás maoirseachta, an líon soláthraithe seirbhísí criptea-shócmhainní a údaraítear agus a sciar faoi seach den mhargadh á cur san áireamh;

(i)measúnú ar leibhéal na cosanta do thomhaltóirí, lena náirítear ó thaobh athléimneacht oibriúcháin eisitheoirí criptea-shócmhainní agus soláthraithe seirbhísí criptea-shócmhainní, sláine an mhargaidh agus cobhsaíocht airgeadais de dá bhforáiltear leis an Rialachán seo;

(j)measúnú lena chinneadh an bhfuil raon feidhme na seirbhísí criptea-shócmhainní a chumhdaítear leis an Rialachán seo iomchuí agus an bhfuil gá le haon choigeartú ar na sainmhínithe a leagtar amach sa Rialachán seo;

(k)measúnú lena chinneadh ar cheart córas coibhéiseach a bhunú do sholáthraithe seirbhísí criptea-shócmhainní tríú tír, d’eisitheoirí comharthaí sócmhainntagartha nó d’eisitheoirí comharthaí ríomhairgid faoin Rialachán seo;

(l)measúnú lena chinneadh má tá na díolúintí faoi Airteagail 4 agus 15 iomchuí;

(m)measúnú ar thionchar an Rialacháin seo ar fheidhmiú cuí an mhargaidh inmheánaigh le haghaidh criptea-shócmhainní, lena náirítear aon tionchar ar rochtain na bhfiontar beag agus meánmhéide ar mhaoiniú agus ar fhorbairt modhanna nua ionstraimí íocaíochta;

(n)tuairisc ar fhorbairtí i múnlaí gnó agus i dteicneolaíochtaí sa mhargadh criptea-shócmhainní;

(o)breithmheas lena chinneadh an bhfuil gá le haon athrú ar na bearta a leagtar amach sa Rialachán seo chun cosaint tomhaltóirí, sláine an mhargaidh agus cobhsaíocht airgeadais a áirithiú;

(p)feidhmiú na bpionós riaracháin agus bearta riaracháin eile;

(q)meastóireacht ar an gcomhair idir na húdaráis inniúla, ÚBE agus ESMA, agus measúnú ar na buntáistí agus míbhuntáistí a bhaineann leis na húdaráis inniúla agus ÚBE a bheith freagrach as maoirseacht faoin Rialachán seo;

(r)na costais a bhaineann le comhlíonadh an Rialacháin seo d’eisitheoirí criptea-shócmhainní, seachas comharthaí sócmhainntagartha nó comharthaí ríomhairgid, mar chéatadán den mhéid a cruinníodh trí eisiúintí criptea-shócmhainní;

(s)na costais do na soláthraithe seirbhísí criptea-shócmhainní chun an Rialachán seo a chomhlíonadh mar chéatadán dá gcostais oibriúcháin;

(t)na costais d’eisitheoirí na gcomharthaí sócmhainntagartha agus d’eisitheoirí na gcomharthaí ríomhairgid chun an Rialachán seo a chomhlíonadh mar chéatadán dá gcostais oibriúcháin;

(u) líon agus méid na bhfíneálacha riaracháin agus na bpionós coiriúla a ghearrtar i leith sáruithe ar an Rialachán seo ag údaráis inniúla agus ag ÚBE.

Airteagal 123
Bearta idirthréimhseacha

1.Ní bheidh feidhm ag Airteagail 4 go 14 maidir le criptea-shócmhainní, seachas comharthaí sócmhainntagartha nó comharthaí ríomhairgid, a tairgeadh don phobal san Aontas nó a ligeadh chun a dtrádála ar ardán trádála le haghaidh criptea-shócmhainní roimh [cuir isteach dáta a theacht i bhfeidhm].

2.De mhaolú ar an Rialachán seo, féadfaidh soláthraithe seirbhísí criptea-shócmhainní a chuir a seirbhísí ar fáil i gcomhréir leis an dlí is infheidhme roimh [cuir isteach an dáta ar a dtiocfaidh sé i bhfeidhm], leanúint de sin a dhéanamh go dtí [cuir isteach dáta atá cothrom le 18 mí i ndiaidh a theacht i bhfeidhm] nó go dtí go mbronntar údarú orthu de bhun Airteagal 55, cibé acu is luaithe.

3.De mhaolú ar Airteagail 54 agus 55, féadfaidh Ballstáit nós imeacht simplithe a chur i bhfeidhm le haghaidh iarratas ar údarú a chuirtear isteach idir an [cuir isteach an dáta ar a dtiocfaidh an Rialacháin seo i bhfeidhm] agus [cuir isteach dáta atá cothrom le 18 mí i ndiaidh a theacht i bhfeidhm] ag eintitis a raibh údarú acu, ag am theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo, faoin dlí náisiúnta chun seirbhísí criptea-shócmhainní a chur ar fáil. Cinnteoidh na húdaráis inniúla go gcomhlíontar na ceanglais a leagtar síos i gCaibidil 2 agus i gCaibidil 3 de Theideal IV sula ndéantar údarú de bhun na nósanna imeachta simplithe sin a dheonú.

4.Déanfaidh ÚBE a fhreagrachtaí maoirseachta de bhun Airteagal 98 a fheidhmiú go dtí dáta theacht i bhfeidhm na ngníomhartha tarmligthe dá dtagraítear in Airteagal 39(6).

Airteagal 124
Leasú ar Threoir (AE) 2019/1937

I gCuid I.B den Iarscríbhinn a ghabhann le Treoir (AE) 2019/1937, cuirtear an pointe seo a leanas leis:

“(xxi) Rialachán (AE) .../... ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an ... maidir le Margaí criptea-shócmhainní (AE) 2021/XXX, agus lena leasaítear Treoir (AE) 2019/37 (IO L ...) 73 .”

Airteagal 125
Trasuí ar leasú ar Threoir (AE) 2019/1937

1.Déanfaidh na Ballstáit na dlíthe, rialacháin agus forálacha riaracháin is gá chun Airteagal 97 a chomhlíonadh a ghlacadh, a fhoilsiú agus a chur i bhfeidhm faoin… [12 mhí i ndiaidh an dáta ar a dtiocfaidh an Rialacháin seo i bhfeidhm]. Má thagann an dáta sin roimh an dáta trasuite dá dtagraítear in Airteagal 26(1) de Threoir (AE) 2019/1937, áfach, cuirfear feidhmiú na ndlíthe, na rialachán agus na bhforálacha riaracháin sin siar go dtí an dáta trasuite dá dtagraítear in Airteagal 26(1) de Threoir (AE) 2019/1937.

2.Déanfaidh na Ballstáit téacs phríomhfhorálacha an dlí náisiúnta a ghlacfaidh siad sa réimse a chumhdaítear le hAirteagal 97 a chur in iúl don Choimisiún, do ÚBE agus do ESMA.

Airteagal 126
Teacht i bhfeidhm agus cur i bhfeidhm

1.Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

2.Beidh feidhm ag an Rialachán seo ón [cuir isteach dáta atá cothrom le 18 mí i ndiaidh an dáta ar a dtiocfaidh an Rialacháin seo i bhfeidhm].

3.Beidh feidhm ag na forálacha a leagtar síos i dTeideal III agus i dTeideal IV ón [cuir isteach an dáta ar a dtiocfaidh sé i bhfeidhm], áfach. 

4.Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil,

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa    Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán    An tUachtarán

RÁITEAS AIRGEADAIS REACHTACH

Clár

1.LEAGAN AMACH AN TOGRA/TIONSCNAIMH

1.1.Teideal an togra/tionscnaimh

1.2.Réimsí beartais lena mbaineann

1.3.Baineann an togra le

1.4.Cuspóirí

1.4.1.Cuspóirí ginearálta

1.4.2.Cuspóirí sonracha

1.4.3.An toradh agus an tionchar a mheastar a bheidh ann

1.4.4.Táscairí feidhmíochta

1.5.Forais an togra/tionscnaimh

1.5.1.Na ceanglais is gá a chomhlíonadh sa ghearrthéarma nó san fhadtéarma, lena náirítear amlíne mhionsonraithe maidir le cur chun feidhme céimneach an tionscnaimh.

1.5.2.Breisluach a bhaineann le rannpháirteachas an Aontais (d’fhéadfadh an breisluach a bheith ann mar thoradh ar fhachtóirí éagsúla, e.g. deimhneacht dhlíthiúil, breis éifeachtachta, comhlántachtaí, nó gnóthachain de thoradh comhordú). Chun críocha an phointe seo, is é a chiallaíonn “breisluach a bhaineann le rannpháirteachas AE” an luach a thagann as idirghabháil an Aontais ar luach é atá sa bhreis ar an luach a bheadh ann dá mbeadh na Ballstáit ag feidhmiú leo féin.

1.5.3.Ceachtanna a foghlaimíodh ó thaithí eile den sórt sin san am a chuaigh thart

1.5.4.Comhoiriúnacht don Chreat Airgeadais Ilbhliantúil agus sineirgíochtaí a d’fhéadfadh a bheith ann le hionstraimí iomchuí eile

1.5.5.Measúnú ar na roghanna éagsúla maoinithe atá ar fáil, lena náirítear na féidearthachtaí athshannadh a dhéanamh

1.6.Fad an togra/tionscnaimh agus an tionchar airgeadais a mheastar a bheidh aige

1.7.Modhanna bainistíochta atá beartaithe

2.BEARTA BAINISTÍOCHTA

2.1.Rialacha faireacháin agus tuairiscithe

2.2.Córas bainistíochta agus rialaithe

2.2.1.An bonn cirt atá leis na modhanna bainistíochta, le sásraí cur chun feidhme an mhaoinithe, leis na coinníollacha íocaíochta agus leis an straitéis rialaithe atá beartaithe

2.2.2.Faisnéis faoi na rioscaí a aithníodh agus na córais rialaithe inmheánacha a cuireadh ar bun chun na rioscaí a mhaolú

2.2.3.Meastachán ar chostéifeachtúlacht na rialuithe agus an bonn cirt atá leis sin (cóimheas “costais rialaithe ÷ luach na gcistí gaolmhara arna mbainistiú”) agus measúnú ar an leibhéal riosca earráide a mheastar a bheidh ann (tráth an íocaíocht a dhéanamh agus tráth an clár a dhúnadh)

2.3.Bearta chun calaois agus neamhrialtachtaí a chosc

3.AN TIONCHAR AIRGEADAIS A MHEASTAR A BHEIDH AG AN TOGRA/TIONSCNAMH

3.1.Ceannteidil an chreata airgeadais ilbhliantúil agus na línte buiséid ar a nimreofar tionchar

3.2.An tionchar a mheastar a bheidh ag an togra/tionscnamh ar chaiteachas

3.2.1.Achoimre ar an tionchar a mheastar a bheidh ag an togra/tionscnamh ar chaiteachas

3.2.2.An tionchar a mheastar ar leithreasuithe [comhlachta]

3.2.3.An tionchar a mheastar ar acmhainní daonna ÚBE agus ESMA

3.2.4.Comhoiriúnacht don chreat airgeadais ilbhliantúil reatha

3.2.5.Ranníocaíochtaí ó thríú páirtithe

3.3.An tionchar a mheastar a bheidh ar ioncam

1.LEAGAN AMACH AN TOGRA/TIONSCNAIMH 

1.1.Teideal an togra/tionscnaimh

Creat an Aontais Eorpaigh le haghaidh criptea-shócmhainní

1.2.Réimsí beartais lena mbaineann

Réimse beartais: Margadh Inmheánach

Gníomhaíocht: Margaí airgeadais

1.3.Baineann an togra le 

 beart nua

 beart nua a leanann treoirthionscadal/réamhbheart 74  

 síneadh ar bheart atá ann cheana 

 beart nó bearta a chumasc i dtreo beart eile/beart nua 

1.4.Cuspóirí

1.4.1.Cuspóirí ginearálta 

Tá ceithre chuspóir ghinearálta ag an tionscnamh seo. Is é an chéad chuspóir soiléireacht agus cinnteacht a sholáthar chun forbairt shábháilte criptea-shócmhainní a chur chun cinn agus teicneolaíocht mórleabhar dáilte a úsáid i seirbhísí airgeadais. Ar an dara dul síos, ba cheart don tionscnamh tacú leis an nuálaíocht agus le hiomaíocht chóir trí chreat cumasúcháin a chruthú i gcomhair eisiúint agus soláthar na seirbhísí a bhaineann le criptea-shócmhainní. Is é an tríú cuspóir leibhéal ard cosanta do thomhaltóirí agus d’infheisteoirí agus sláine an mhargaidh a áirithiú, agus is é an ceathrú cuspóir dul i ngleic le rioscaí a d’fhéadfadh a bheith ann don chobhsaíocht airgeadais agus do bheartas airgeadaíochta a d’fhéadfadh teacht as úsáid mhéadaithe criptea-shócmhainní agus teicneolaíocht mórleabhar dáilte.

1.4.2.Cuspóirí sonracha 

Is iad seo a leanas cuspóirí sonracha an tionscnaimh seo:

Deireadh a chur le bacainní rialála ar eisiúint, trádáil agus ar iarthrádáil criptea-shócmhainní a cháilíonn mar ionstraimí airgeadais, agus prionsabal na neodrachta teicneolaíche á urramú ag an am céanna;

Na foinsí cistithe do chuideachtaí a mhéadú trí Thairiscintí agus Urrúis Tosaigh Boinn agus Tairiscintí comhartha a mhéadú;

An riosca calaoise agus cleachtais neamhcheadaithe a theorannú sna margaí criptea-shócmhainní;

Ligean do thomhaltóirí agus d’infheisteoirí an Aontais Eorpaigh rochtain a fháil ar dheiseanna infheistíochta nó ar chineálacha nua ionstraimí íocaíochta, go háirithe i gcásanna trasteorann. 

1.4.3.An toradh agus an tionchar a mheastar a bheidh ann

Sonraigh an tionchar a bheadh ag an togra/tionscnamh ar na tairbhithe/grúpaí ar a bhfuil sé dírithe.

Táthar ag súil go gcuirfidh na tograí creat ar fáil atá comhchuibhithe go hiomlán i gcomhair criptea-shócmhainní nach dtagann faoin reachtaíocht seirbhísí airgeadais atá ann faoi láthair agus go n‑éascófar an turgnamh maidir le húsáid DLT agus na n‑ionstraimí airgeadais i bhfoirm criptea-shócmhainne.

Leis an gcóras saincheaptha i gcomhair criptea-shócmhainní, áiritheofar leibhéal ard cosanta tomhaltóirí agus infheisteoirí agus sláine an mhargaidh, trí na príomhghníomhaíochtaí a bhaineann le criptea-shócmhainní (ar nós eisiúint criptea-shócmhainní, soláthar tiachóige, ardáin mhalartaithe agus trádála) a rialáil. Trí cheanglais (ar nós rialú, ceanglais oibriúcháin) a fhorchur ar na príomhsholáthraithe seirbhísí criptea-shócmhainní agus ar na príomheisitheoirí criptea-shócmhainní a fheidhmíonn san Aontas, is dócha go laghdófar an méid calaoise agus gadaíochta criptea-shócmhainní leis an togra.

Ina theannta sin, leis an gcóras saincheaptha, tabharfar isteach ceanglais shonracha maidir le comharthaí ríomh‑airgid, comharthaí ríomh‑airgid suntasacha, comharthaí sócmhainn‑tagartha agus maidir le comharthaí sócmhainn‑tagartha suntasacha d’fhonn na rioscaí a d’fhéadfadh a bheith ann mar thoradh orthu sin don chobhsaíocht airgeadais agus do tharchur beartais airgeadaíochta a sheachaint. Faoi dheireadh, rachaidh sé i ngleic leis na saincheisteanna ilroinnt margaí a eascraíonn as na cur chuige difriúla náisiúnta ar fud an Aontais Eorpaigh.

Leis an togra a ghabhann leis seo le haghaidh rialacháin maidir le córas trialach i gcomhair bonneagar margaidh le haghaidh teicneolaíocht mórleabhar dáilte, éascófar an turgnamh. Cumasófar leis forbairt an mhargaidh thánaistigh i gcomhair ionstraimí airgeadais i bhfoirm criptea-shócmhainne, rud a chiallódh go mbainfí tairbhe bhreise as an teicneolaíocht. Sa bhreis air sin, cruthófar tuilleadh taithí agus fianaise leis an turgnamh seo atá ag teastáil lena chinneadh an gá an reachtaíocht seirbhísí airgeadais atá ann anois a leasú chun a áirithiú go bhfuil sé neodrach ó thaobh na teicneolaíochta de, agus lena chinneadh conas é sin a dhéanamh.

1.4.4.Táscairí feidhmíochta 

Sonraigh na táscairí chun faireachán a dhéanamh ar dhul chun cinn agus ar ghnóthachain.

Liosta neamhchuimsitheach de tháscairí ionchasacha:

·Líon agus méid na n‑eisiúintí criptea-shócmhainne san Aontas Eorpach

·Líon na n‑eintiteas a údaraítear san Aontas mar sholáthraithe seirbhísí criptea-shócmhainní

·Líon na n‑eintiteas a údaraítear san Aontas mar eisitheoirí sócmhainn‑bhunaithe criptea-shócmhainne nó comharthaí sócmhainn‑tagartha suntasacha

·Líon agus luach na gcalaoisí agus na ngadaíochtaí criptea-shócmhainní san Aontas

·Líon na n‑eintiteas a údaraítear ag an údarás náisiúnta inniúil mar bhonneagar margaidh i dteicneolaíocht mórleabhar dáilte faoin gcóras trialach

·Méid na n‑idirbheart a trádáladh agus a socraíodh ag bonneagar margaidh sa teicneolaíocht mórleabhar dáilte

·Líon na gcásanna drochúsáide margaidh a bhain le criptea-shócmhainní a tuairiscíodh d’údaráis náisiúnta inniúla agus a d’imscrúdaigh údaráis náisiúnta inniúla

·Caipitliú margaidh criptea-shócmhainní sócmhainn‑bhunaithe agus comharthaí sócmhainn‑tagartha suntasacha

·Méid íocaíochtaí trí chomharthaí sócmhainn‑tagartha agus comharthaí sócmhainn‑tagartha suntasacha a úsáid

·Measúnú ar cibé an bhfuil leibhéal ábhartha córasach sroichte ag criptea-shócmhainní/bonneagair nó rannpháirtithe eile sa mhargadh a úsáideann teicneolaíocht mórleabhar dáilte agus/nó a dhéileálann le criptea-shócmhainní

·Líon agus méid na n‑ionstraimí airgeadais a eisíodh mar chriptea-shócmhainní san Aontas

·Líon réamheolairí ionstraimí airgeadais mar chriptea-shócmhainní arna gceadú ag údaráis náisiúnta inniúla

·Líon na n‑eintiteas arna n‑údarú ag údaráis iomaíochta airgeadais chun seirbhísí a sholáthar faoi reachtaíocht an Aontais Eorpaigh atá ann faoi láthair (e.g. Treoir maidir le margaí in ionstraimí airgeadais II/Rialachán maidir le margaí in ionstraimí airgeadais, Rialachán maidir le taisclanna lárnacha urrús, Treoir maidir le Críochnaitheacht Socraíochta) agus a úsáideann teicneolaíocht mórleabhar dáilte/ionstraimí airgeadais i bhfoirm criptea-shócmhainne

·Méid na n‑idirbheart a thrádáil agus a shocraigh soláthraithe seirbhíse a údaraíodh faoi reachtaíocht an Aontais atá ann faoi láthair (e.g. Treoir maidir le margaí in ionstraimí airgeadais II/Rialachán maidir le margaí in ionstraimí airgeadais, Rialachán maidir le taisclanna lárnacha urrús, Treoir maidir le Críochnaitheacht Socraíochta) agus a úsáideann teicneolaíocht mórleabhar dáilte/ionstraimí airgeadais i bhfoirm criptea-shócmhainne

1.5.Forais an togra/tionscnaimh 

1.5.1.Na ceanglais is gá a chomhlíonadh sa ghearrthéarma nó san fhadtéarma, lena náirítear amlíne mhionsonraithe maidir le cur chun feidhme céimneach an tionscnaimh.

Ba cheart go rachadh na tograí seo i ngleic leis na dúshláin a leanas:

1) Cosaint tomhaltóirí agus bacainní ar an nuálaíocht a bhaint: Tá criptea-shócmhainní ar cheann de mhórfheidhmeanna na teicneolaíochta blocshlabhra san airgeadas. Ó foilsíodh Plean Gníomhaíochta Fintech (Teicneolaíocht Airgeadais) an Choimisiúin, i mí an Mhárta 2018, tá an Coimisiún ag gabháil d’imscrúdú ar na deiseanna agus ar na dúshláin a chruthaítear le criptea-shócmhainní.

An 9 Eanáir 2019, d’fhoilsigh ÚBE agus ESMA tuarascálacha ina raibh comhairle don Choimisiún Eorpach maidir le hinfheidhmeacht agus oiriúnacht chreat rialála seirbhísí airgeadais an Aontais Eorpaigh maidir le criptea-shócmhainní. Bhí na tuarascálacha sin bunaithe ar an sainordú a tugadh dóibh faoi phlean gníomhaíochta FinTech an Choimisiúin, a foilsíodh i mí an Mhárta 2018.

Áitíonn ÚBE agus ESMA araon cé gurbh fhéidir le roinnt criptea-shócmhainní teacht faoi raon feidhme reachtaíocht seirbhísí airgeadais an Aontais Eorpaigh, nach dtagann an chuid is mó acu. Thairis sin, fiú nuair atá criptea-shócmhainní laistigh de raon feidhme na reachtaíochta seirbhísí airgeadais, ní bhíonn cur i bhfeidhm na reachtaíochta ar na sócmhainní sin díreach i gcónaí, agus d’fhéadfadh roinnt forálacha bac a chur ar úsáid na teicneolaíochta mórleabhar dáilte.

2) Ilroinnt: Tá breithniú á dhéanamh ag roinnt Ballstát nó tá bearta saincheaptha curtha chun feidhme acu cheana a bhaineann le criptea-shócmhainní, rud a chruthaíonn ilroinnt ar fud an Aontais.

3) Cobhsaíocht airgeadais: Tá mórán airde tarraingthe ar an gcatagóir atá ag teacht chun cinn ar a dtugtar ‘cripteamhonaí cobhsaí’ toisc go bhféadfadh sé go nglacfaí go forleathan leo. Amhail criptea-shócmhainní eile, is iomaí saghas atá ann, agus cuid acu a d’fhéadfadh teacht lasmuigh den chreat reatha rialála.

1.5.2.Breisluach a bhaineann le rannpháirteachas an Aontais (d’fhéadfadh an breisluach a bheith ann mar thoradh ar fhachtóirí éagsúla, e.g. deimhneacht dhlíthiúil, breis éifeachtachta, comhlántachtaí, nó gnóthachain de thoradh comhordú). Chun críocha an phointe seo, is é a chiallaíonn “breisluach a bhaineann le rannpháirteachas AE” an luach a thagann as idirghabháil an Aontais ar luach é atá sa bhreis ar an luach a bheadh ann dá mbeadh na Ballstáit ag feidhmiú leo féin.

Cúiseanna le beart a dhéanamh ar leibhéal na hEorpa (ex‑ante):

Easpa cinnteachta faoi cibé an bhfuil feidhm ag rialacha reatha an Aontais (i gcomhair criptea-shócmhainní a chumhdaítear le rialacha an Aontais agus bacainní maidir le DLT a chur i bhfeidhm i mbonneagair mhargaidh) agus conas a bhfuil feidhm acu

I gcás ina bhfuil criptea-shócmhainn cáilithe mar ionstraim airgeadais MiFID II tá easpa soiléireachta ann maidir leis an gcaoi a bhaineann an creat reatha rialála i gcomhair seirbhísí airgeadais lena leithéid de shócmhainní agus leis na seirbhísí a bhaineann leo. Toisc gur dearadh an creat rialála reatha gan criptea-shócmhainní agus teicneolaíocht mórleabhar dáilte á gcur san áireamh, tá dúshláin roimh údaráis náisiúnta inniúla maidir leis na ceanglais éagsúla faoi dhlí an Aontais, a d’fhéadfadh cur isteach ar an nuálaíocht, a léirmhíniú agus a chur i bhfeidhm. Dá bhrí sin, d’fhéadfadh na húdaráis iomaíochta náisiúnta sin imeacht ó na ceanglais agus rialacha an Aontais á léirmhíniú agus á gcur i bhfeidhm acu. Leis na cur chuige éagsúla sin ag údaráis náisiúnta inniúla, cruthaítear ilroinnt sa mhargadh.

Easpa rialacha ar leibhéal an Aontais Eorpaigh agus rialacha náisiúnta éagsúla maidir le criptea-shócmhainní nach gcumhdaítear ag rialacha an Aontais

I gcás criptea-shócmhainní nach gcumhdaítear le reachtaíocht seirbhísí airgeadais an Aontais, tá neamhchosaint ag tomhaltóirí agus ag infheisteoirí ar rioscaí substaintiúla in éagmais rialacha. In éagmais rialacha ar leibhéal an Aontais Eorpaigh, tá córais náisiúnta i bhfeidhm ag trí Bhallstát (an Fhrainc, an Ghearmáin agus Málta) cheana féin lena ndéantar gnéithe áirithe de chriptea-shócmhainní nach gcáilíonn mar ionstraimí airgeadais faoin Treoir maidir le margaí in ionstraimí airgeadais II ná mar ríomh‑airgead faoin Treoir um Airgead Leictreonach II a rialáil. Tá na córais sin difriúil óna chéile: (i) tá na rialacha roghnach sa Fhrainc agus tá siad éigeantach i Málta agus sa Ghearmáin; (ii) tá éagsúlacht ann maidir le raon feidhme na gcriptea-shócmhainní agus na ngníomhaíochtaí a chumhdaítear; (iii) ní hionann na ceanglais a fhorchuirtear ar eisitheoirí ná ar sholáthraithe seirbhíse; agus (iv) níl na bearta chun sláine an mhargaidh a áirithiú coibhéiseach.

Tá Ballstáit eile ag breithniú reachtaíocht a rith maidir le criptea-shócmhainní agus gníomhaíochtaí lena mbaineann.

An breisluach Eorpach a mheastar a ghinfear (ex post):

Chruthódh gníomhaíocht ar leibhéal an Aontais Eorpaigh níos mó buntáistí i gcomparáid le gníomhaíocht ar an leibhéal náisiúnta.

I gcás criptea-shócmhainní a chumhdaítear le reachtaíocht an Aontais (i.e. iad sin a d’fhéadfadh cáiliú mar ‘ionstraimí airgeadais’ faoi MiFID II), le gníomhaíocht rialála ar leibhéal an Aontais Eorpaigh i bhfoirm córais thrialaigh lena mbeadh bonneagair mhargaidh in ann cur i bhfeidhm DLT a thástáil maidir le heisiúint, trádáil agus socrú na n‑ionstraimí airgeadais, d’fhéadfadh sé go n‑éascófaí na margaí príomhúla agus na margaí tánaisteacha le dul i mbun criptea-shócmhainní a cháilíonn mar ionstraimí airgeadais sa mhargadh aonair, agus dhéanfaí an chobhsaíocht airgeadais agus leibhéal ard cosanta tomhaltóirí á áirithiú.

I gcás criptea-shócmhainní nach gcumhdaítear le reachtaíocht an Aontais faoi láthair, chruthódh gníomh ar leibhéal an Aontais Eorpaigh, ar nós creat rialála don Aontas a chruthú, timpeallacht ina bhféadfaí margadh mór trasteorann le haghaidh criptea-shócmhainní agus soláthraithe seirbhísí criptea-shócmhainní a fhorbairt, rud a bhainfeadh leas iomlán dá bharr sin as an margadh aonair. Laghdódh córas de chuid an Aontais Eorpaigh go suntasach an chasacht chomh maith leis na hualaí airgeadais agus riaracháin a bheadh ar gach páirtí leasmhar, amhail na soláthraithe seirbhíse, eisitheoirí agus infheisteoirí/úsáideoirí. Ach na ceanglais oibríochta ar sholáthraithe seirbhíse chomh maith leis na ceanglais nochta a fhorchuirtear ar eisitheoirí a chomhchuibhiú d’fhéadfaí buntáistí soiléire a chruthú freisin i dtéarmaí na cosanta d’infheisteoirí agus i dtéarmaí cobhsaíochta airgeadais.

1.5.3.Ceachtanna a foghlaimíodh ó thaithí eile den sórt sin san am a chuaigh thart

Neamhbhainteach

1.5.4.Comhoiriúnacht don Chreat Airgeadais Ilbhliantúil agus sineirgíochtaí a d’fhéadfadh a bheith ann le hionstraimí iomchuí eile

Tá cuspóirí an tionscnaimh comhsheasmhach le roinnt beartas agus tionscnamh eile de chuid an Aontais Eorpaigh.

Mar a leagtar amach sa Teachtaireacht ‘Todhchaí dhigiteach na hEorpa a mhúnlú’, tá sé ríthábhachtach don Eoraip na buntáistí go léir a bhaint as an ré dhigiteach agus a cáil tionsclaíoch agus nuálaíochta a neartú laistigh de theorainneacha sábháilte agus eiticiúla.

Leag an tUachtarán Ursula von der Leyen béim ar an ngá atá le “cur chuige coiteann in éineacht le Ballstáit maidir le criptea‑airgeadraí lena áirithiú go dtuigimid conas an leas is fearr a bhaint as na deiseanna a chruthaítear leo agus go dtéimid i ngleic leis na rioscaí nua a d’fhéadfaidís a chruthú”. Léirigh an Leas‑Uachtarán Feidhmiúcháin Valdis Dombrovskis freisin go bhfuil sé ar intinn aige reachtaíocht nua a bheartú i gcomhair cur chuige comhchoiteann san Aontas Eorpach maidir le criptea-shócmhainní, ‘cripteamhonaí cobhsaí’ san áireamh. Cé go n‑aithnítear na rioscaí a d’fhéadfaí a chur i láthair leo, dhearbhaigh an Coimisiún agus an Chomhairle go comhpháirteach i mí na Nollag 2019 go bhfuil siad “tiomanta maidir le creat a chur i bhfeidhm a chothóidh na deiseanna a d’fhéadfaí a thairiscint le roinnt criptea-shócmhainní”.

Tá dlúthcheangal idir an tionscnamh seo agus beartais níos leithne an Choimisiúin maidir le teicneolaíocht bhlocshlabhra, ó tharla go bhfuil criptea-shócmhainní, mar phríomhfheidhm na dteicneolaíochtaí blocshlabhra, fite fuaite go dlúth le cur chun cinn na teicneolaíochta blocshlabhra ar fud na hEorpa. Tacaíonn an togra seo le cur chuige iomlánaíoch maidir le blocshlabhra agus teicneolaíocht mórleabhar dáilte, arb é is aidhm dóibh an Eoraip a shuí chun tosaigh sa nuálaíocht bhlocshlabhra agus sa ghlacadh atá leis an nuálaíocht sin. Mar chuid den obair bheartais a rinneadh sa réimse seo cruthaíodh Faireachlann Bhlocshlabhra agus Fóram Blocshlabhra an Aontais Eorpaigh, agus an Chomhpháirtíocht Bhlocshlabhra Eorpach, ina n‑aontaítear gach Ballstát ar leibhéal polaitiúil, chomh maith leis na comhpháirtíochtaí poiblí príobháideacha atá beartaithe leis an gCumann Idirnáisiúnta d’Fheidhmeanna Blocshlabhra Iontaofa.

Tá sé comhsheasmhach freisin le beartais an Aontais atá dírithe ar Aontas na Margaí Caipitil a chruthú. Freagraíonn sé go speisialta do thuarascáil deiridh an Fhóraim Ardleibhéil, a chuir béim ar chumas tearcúsáidte na gcriptea-shócmhainní agus d’iarr ar an gCoimisiún deimhneacht dhlíthiúil a thabhairt agus rialacha soiléire a bhunú maidir leis an úsáid a bhaintear as criptea-shócmhainní. Ar deireadh, tá an tionscnamh seo comhsheasmhach leis an straitéis FBM a glacadh an 10 Márta 2020, ina n‑aibhsítear freisin teicneolaíocht mórleabhar dáilte agus criptea-shócmhainní mar nuálaíochtaí atá in ann cur ar chumas na bhfiontar beag agus meánmhéide oibriú go díreach le hinfheisteoirí.

Is beag tionchar a bheadh ag an togra ar an gcreat airgeadais ilbhliantúil (CAI), toisc go bhforáiltear ann do ranníocaíocht bhreise ón Aontas do ESMA a eascróidh as an dá FTE bhreise a gheobhadh an tÚdarás chun na cúraimí breise arna dtabhairt ag na reachtóirí a chur chun feidhme. Dhéanfaí na gníomhaíochtaí nua a bheidh le déanamh ag ÚBE a chistiú go hiomlán le táillí.

Beidh togra chun foireann údaraithe na gníomhaireachta a mhéadú le linn an nós imeachta bhuiséadaigh amach anseo mar thoradh air sin. Leanfaidh an ghníomhaireacht de bheith ag oibriú chun sineirgí agus gnóthachain éifeachtúlachta a uasmhéadú (inter alia trí chórais TF), agus faireachán géar a dhéanamh ar an ualach oibre breise a bhaineann leis an togra seo, a léireofaí i leibhéal na foirne údaraithe a d’iarr an ghníomhaireacht sa nós imeachta buiséadach bliantúil.

1.5.5.Measúnú ar na roghanna éagsúla maoinithe atá ar fáil, lena náirítear na féidearthachtaí athshannadh a dhéanamh

1.6.Fad an togra/tionscnaimh agus an tionchar airgeadais a mheastar a bheidh aige

 tréimhse theoranta

   Togra/tionscnamh a bheidh i bhfeidhm ón [DD/MM]YYYY go dtí an [DD/MM]YYYY

   Tionchar airgeadais ó BBBB go BBBB

 tréimhse neamhtheoranta

Cuirfear chun feidhme é le linn na tréimhse tosaigh BBBB go BBBB,

agus cuirfear ag feidhmiú go hiomlán ina dhiaidh sin é.

1.7.Modhanna bainistíochta atá beartaithe 75   

 Bainistíocht dhíreach a dhéanann an Coimisiún trí

   na gníomhaireachtaí feidhmiúcháin

 Bainistíocht atá comhroinnte leis na Ballstáit

 Bainistíocht indíreach trí chúraimí a bhaineann le cur chun feidhme an bhuiséid a shannadh dóibh seo a leanas:

◻ eagraíochtaí idirnáisiúnta agus a ngníomhaireachtaí (tabhair sonraí);

◻BEI agus an Ciste Eorpach Infheistíochta;

⌧ comhlachtaí dá dtagraítear in Airteagal 70 agus in Airteagal 71;

◻ comhlachtaí dlí phoiblí;

◻ comhlachtaí arna rialú ag an dlí príobháideach agus a bhfuil misean seirbhíse poiblí acu sa mhéid go gcuireann siad ráthaíochtaí leordhóthanacha airgeadais ar fáil;

◻ comhlachtaí arna rialú ag dlí príobháideach Ballstáit, a gcuirtear de chúram orthu comhpháirtíochtaí príobháideacha poiblí a chur chun feidhme, agus a sholáthraíonn ráthaíochtaí leordhóthanacha airgeadais;

◻ daoine a gcuirtear de chúram orthu bearta sonracha a chur chun feidhme in CBES de bhun Theideal V de CAE, ar daoine iad a aithnítear sa bhunghníomh ábhartha.

Nótaí

2.BEARTA BAINISTÍOCHTA 

2.1.Rialacha faireacháin agus tuairiscithe 

Sonraigh minicíocht na mbeart agus na coinníollacha atá leo

Tá sé ríthábhachtach foráil a dhéanamh do shásra láidir faireacháin agus meastóireachta lena áirithiú go mbeidh na gníomhaíochtaí rialála a chuirfear i gcrích éifeachtach maidir lena gcuspóirí faoi seach a bhaint amach. Bhunódh an Coimisiún clár mionsonraithe chun faireachán a dhéanamh ar aischuir agus ar thionchar an tionscnaimh seo. Beidh an Coimisiún i gceannas ar fhaireachán a dhéanamh ar éifeachtaí na gceanglas nua. Sa bhreis ar na táscairí sin, bheadh ar an gCoimisiún tuarascáil a ullmhú, i gcomhar le ESMA, ar an gclár trialach le haghaidh bonneagar margaidh DLT, tar éis tréimhse 3 bliana. Ar bhonn na tuarascála sin, chuirfeadh an Coimisiún an Pharlaimint agus an Chomhairle ar an eolas faoin mbealach iomchuí chun cinn (e.g. leanúint leis an turgnamh, a raon feidhme a leathnú, an reachtaíocht atá ann faoi láthair a mhodhnú…).

2.2.Córas bainistíochta agus rialaithe 

2.2.1.An bonn cirt atá leis na modhanna bainistíochta, le sásraí cur chun feidhme an mhaoinithe, leis na coinníollacha íocaíochta agus leis an straitéis rialaithe atá beartaithe

Déanfar an bainistiú trí na trí Údarás Maoirseachta Eorpacha.

Maidir leis an straitéis rialaithe, oibríonn na trí Údarás go dlúth le Seirbhís Iniúchóireachta Inmheánaí an Choimisiúin lena áirithiú go gcomhlíontar na caighdeáin iomchuí i ngach réimse de chreat rialaithe inmheánach. Beidh feidhm ag na socruithe sin freisin maidir le ról na nGníomhaireachtaí i ndáil leis an togra reatha.

Ina theannta sin, gach bliain airgeadais, déanann Parlaimint na hEorpa, tar éis moladh ón gComhairle, agus torthaí Chúirt Iniúchóirí na hEorpa á gcur san áireamh, a chinneadh faoi cibé an ndeonófar urscaoileadh ar na Gníomhaireachtaí as an mbuiséad a chur chun feidhme.

2.2.2.Faisnéis faoi na rioscaí a aithníodh agus na córais rialaithe inmheánacha a cuireadh ar bun chun na rioscaí a mhaolú

I ndáil le húsáid dhleathach, éifeachtúil agus éifeachtach na leithreasaí de dheasca na ngníomhaíochtaí atá le déanamh ag na hÚdaráis i gcomhthéacs an togra seo, ní bheidh rioscaí suntasacha nua mar thoradh ar an togra seo nach gcumhdófaí le creat rialaithe inmheánaigh atá ann cheana féin. Tosóidh na gníomhaíochtaí atá le déanamh i gcomhthéacs an togra seo in 2022, agus leanfar leo ina dhiaidh sin.

2.2.3.Meastachán ar chostéifeachtúlacht na rialuithe agus an bonn cirt atá leis sin (cóimheas “costais rialaithe ÷ luach na gcistí gaolmhara arna mbainistiú”) agus measúnú ar an leibhéal riosca earráide a mheastar a bheidh ann (tráth an íocaíocht a dhéanamh agus tráth an clár a dhúnadh) 

Soláthraítear córais bhainistithe agus rialaithe sna Rialacháin lena rialaítear feidhmiú na nÚdarás Maoirseachta Eorpach faoi láthair. Oibríonn na comhlachtaí sin go dlúth le Seirbhís Iniúchóireachta Inmheánaí an Choimisiúin lena áirithiú go gcloítear leis na caighdeáin iomchuí i ngach réimse den chreat rialaithe inmheánach.

Gach bliain, deonaíonn Parlaimint na hEorpa, tar éis moladh ón gComhairle, urscaoileadh ar gach Údarás Maoirseachta Eorpach chun a bhuiséad a chur chun feidhme

Costais na rialuithe – Maoirseacht na nÚdarás Maoirseachta Eorpach

Maidir leis an Údarás Maoirseachta Eorpach, measaimid go mbeidh gá le 18 gcoibhéis lánaimseartha (tá 24 comhartha sócmhainn‑tagartha i bhfeidhm faoi láthair, ach ní chumhdófaí ach roinnt acu le catagóir comharthaí sócmhainn‑tagartha suntasacha nó comharthaí ríomh‑airgid suntasacha atá faoi réir mhaoirseacht ÚBE). Cuirfear leis na hacmhainní foirne seo le himeacht aimsire.

Bheadh na costais sin go léir cumhdaithe ag na táillí arna ngearradh ar eisitheoirí na gcomharthaí sócmhainn‑tagartha nó comharthaí ríomh‑airgid suntasacha. Beidh ar ÚBE ullmhú chun na freagrachtaí sin a ghlacadh air féin.

Maidir le ról ESMA le haghaidh chóras trialach na mbonneagar margaidh DLT. Beidh ar ESMA céad tuairim a thabhairt maidir leis an gcead a thug an t‑údarás náisiúnta inniúil agus faireachán a dhéanamh ansin ar bhonn leanúnach. Dhéanfadh maoirseoirí náisiúnta an mhaoirseacht dhíreach ansin, áfach. Cumhdófar na gníomhaíochtaí sin ina n‑iomláine ina mbuiséad oibriúcháin, a mhéadófar dá réir sin.


2.3.Bearta chun calaois agus neamhrialtachtaí a chosc 

Sonraigh na bearta coisctheacha agus cosanta atá ann cheana nó atá beartaithe, e.g. ón Straitéis Frithchalaoise.

Chun calaois, éilliú agus aon ghníomhaíocht neamhdhlíthiúil eile a chomhrac, beidh feidhm gan srianta ag forálacha Rialachán (CE) Uimh. 1073/1999 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Bealtaine 1999 maidir le himscrúduithe arna gcur i gcrích ag an Oifig Eorpach Frith‑Chalaoise (OLAF) maidir le ESMA.

Aontóidh ESMA do Chomhaontú Idirinstitiúideach an 25 Bealtaine 1999 idir Parlaimint na hEorpa, Comhairle an Aontas Eorpaigh agus Coimisiún na gComhphobal Eorpach maidir le himscrúduithe inmheánacha arna seoladh ag an Oifig Eorpach Frith‑Chalaoise (OLAF) agus glacfaidh sí láithreach na forálacha iomchuí maidir le foireann uile ESMA.

Maidir leis na cinntí cistiúcháin agus na comhaontuithe agus na hionstraimí cur chun feidhme a eascraíonn astu, sonrófar go sainráite iontu go bhféadfaidh an Chúirt Iniúchóirí agus OLAF, más gá, seiceálacha ar an láthair a dhéanamh ar thairbhithe an airgid arna eisíoc ag ESMA agus, chomh maith leis sin, ar dhaoine den fhoireann atá freagrach as an airgead sin a leithdháileadh.

3.AN TIONCHAR AIRGEADAIS A MHEASTAR A BHEIDH AG AN TOGRA/TIONSCNAMH 

3.1.Ceannteidil an chreata airgeadais ilbhliantúil agus na línte buiséid ar a nimreofar tionchar 

·Línte buiséid atá ann cheana

In ord cheannteidil agus línte buiséid an chreata airgeadais ilbhliantúil.

Ceannteideal an chreata airgeadais ilbhliantúil

Líne buiséid

Saghas  
caiteachais

Ranníocaíocht

Uimhir  

LD/LN 76 .

ó thíortha de chuid CSTE 77

ó thíortha is iarrthóirí 78

ó thríú tíortha

de réir bhrí Airteagal 21(2)(b) den Rialachán Airgeadais

1

ESMA: <03.10.04>

Difreáilte

NÍL

NÍL

NÍL

NÍL

·Línte nua buiséid atá á n‑iarraidh

In ord cheannteidil agus línte buiséid an chreata airgeadais ilbhliantúil.

Ceannteideal an chreata airgeadais ilbhliantúil

Líne buiséid

Saghas 
caiteachais

Ranníocaíocht

Uimhir  

Difreáilte/neamhdhifreáilte

ó thíortha de chuid CSTE

ó thíortha is iarrthóirí

ó thríú tíortha

de réir bhrí Airteagal 21(2)(b) den Rialachán Airgeadais

[XX.YY.YY.YY]

TÁ/NÍL

TÁ/NÍL

TÁ/NÍL

TÁ/NÍL

3.2.An tionchar a mheastar a bheidh ag an togra/tionscnamh ar chaiteachas 

3.2.1.Achoimre ar an tionchar a mheastar a bheidh ag an togra/tionscnamh ar chaiteachas 

EUR milliúin (go dtí an tríú deachúil)

Ceannteideal an chreata airgeadais  
ilbhliantúil

Uimhir

Ceannteideal 1 : Margadh Aonair, Nuálaíocht & Digiteach

ESMA: <03.10.04>

2022 79

2023

2024

2025

2026

2027

IOMLÁN

Teideal 1:

Gealltanais

(1)

0,059

0,118

0,118

0,118

0,118

0,118

0,649

Íocaíochtaí

(2)

0,059

0,118

0,118

0,118

0,118

0,118

0,649

Teideal 2:

Gealltanais

(1a)

0,010

0,020

0,020

0,020

0,020

0,020

0,110

Íocaíochtaí

(2 a)

0,010

0,020

0,020

0,020

0,020

0,020

0,110

Teideal 3:

Gealltanais

(3a)

Íocaíochtaí

(3b)

IOMLÁN leithreasuithe i gcomhair ESMA: <03.10.04>

Gealltanais

=1+1a +3a

0,069

0,138

0,138

0,138

0,138

0,138

0,759

Íocaíochtaí

=2+2a

+3b

0,069

0,138

0,138

0,138

0,138

0,138

0,759

 





Ceannteideal an chreata airgeadais  
ilbhliantúil

7

‘Riarachán poiblí Eorpach’

EUR milliúin (go dtí an tríú deachúil)

Bliain 
N

Bliain 
N+1

Bliain 
N+2

Bliain 
N+3

Iontráil na blianta ar fad a theastaíonn le fad an tionchair a thaispeáint (féach pointe 1.6)

IOMLÁN

Ard‑Stiúrthóireacht: <…….>

• Acmhainní daonna

• Caiteachas riaracháin eile

IOMLÁN Ard‑Stiúrthóireacht <…….>

Leithreasuithe

IOMLÁN leithreasuithe 
faoi CHEANNTEIDEAL 7 
den chreat airgeadais ilbhliantúil 

(Iomlán gealltanas = Iomlán íocaíochtaí)

EUR milliúin (go dtí an tríú deachúil)

Bliain 
N 80

Bliain 
N+1

Bliain 
N+2

Bliain 
N+3

Iontráil na blianta ar fad a theastaíonn le fad an tionchair a thaispeáint (féach pointe 1.6)

IOMLÁN

IOMLÁN leithreasuithe  
faoi CHEANNTEIDIL 1 go 7 
den chreat airgeadais ilbhliantúil 

Gealltanais

Íocaíochtaí

3.2.2.An tionchar a mheastar ar leithreasuithe [comhlachta] 

   Ní éilíonn an togra/tionscnamh go n‑úsáidfear leithreasuithe faoi chomhair oibríochtaí

   Éilíonn an togra/tionscnamh go n‑úsáidfear leithreasuithe faoi chomhair oibríochtaí mar a mhínítear thíos:

Leithreasuithe faoi chomhair gealltanas in EUR milliúin (go dtí an tríú deachúil)

Sonraigh cuspóirí agus aschuir

Bliain 
N

Bliain 
N+1

Bliain 
N+2

Bliain 
N+3

Iontráil na blianta ar fad a theastaíonn le fad an tionchair a thaispeáint (féach pointe 1.6)

IOMLÁN

ASCHUIR

Saghas 81

Meánchostas

Uimh.

Costas

Uimh.

Costas

Uimh.

Costas

Uimh.

Costas

Uimh.

Costas

Uimh.

Costas

Uimh.

Costas

Líon iomlán

Costas iomlán

CUSPÓIR SONRACH Uimh. 1 82 ...

- Aschur

- Aschur

- Aschur

Fo-iomlán do chuspóir sonrach Uimh. 1

CUSPÓIR SONRACH Uimh. 2...

- Aschur

Fo-iomlán do chuspóir sonrach Uimh. 2

COSTAS IOMLÁN

3.2.3.An tionchar a mheastar ar acmhainní daonna ÚBE agus ESMA 

3.2.3.1.Achoimre

   Ní éilíonn an togra/tionscnamh go n‑úsáidfear leithreasuithe de chineál riaracháin

   Éilíonn an togra/tionscnamh go n‑úsáidfear leithreasuithe de chineál riaracháin mar a mhínítear thíos:

EUR milliúin (go dtí an tríú deachúil)

2022

2023

2024

2025

2026

2027

IOMLÁN

Gníomhairí sealadacha (Gráid AD) ÚBE agus ESMA 83

1 404

3 061

3 309

3 309

3 309

3 309

17 701

Gníomhairí sealadacha (gráid AST)

Baill foirne ar conradh

Saineolaithe Náisiúnta ar Iasacht

IOMLÁN

1 404

3 061

3 309

3 309

3 309

3 309

17 701

Riachtanais foirne (FTE):

2022

2023

2024

2025

2026

2027

IOMLÁN

Gníomhairí sealadacha (Gráid AD) ÚBE=15 i gcomhair 2022 agus 18 ó 2023, ESMA=2

17

20

20

20

20

20

20

Gníomhairí sealadacha (gráid AST)

Baill foirne ar conradh

Saineolaithe Náisiúnta ar Iasacht

IOMLÁN

17

20

20

20

20

20

20

Tuartar an méid seo a leanas:

·Earcófar tuairim is 50 % den fhoireann atá ag teastáil le haghaidh 2022 i rith na bliana sin, earcófar tuairim is 50 % de na trí phost bhreise atá ag teastáil le haghaidh 2023 i rith na bliana sin agus bainfear soláthar iomlán na foirne amach in 2024.

3.2.3.2.Na hacmhainní daonna a mheastar a bheidh riachtanach don mháthairArdStiúrthóireacht

   Ní éilíonn an togra/tionscnamh go n‑úsáidfear acmhainní daonna.

   Éilíonn an togra/tionscnamh go n‑úsáidfear acmhainní daonna mar a mhínítear thíos:

Sloinnfear an meastachán i méideanna iomlána (nó go dtí ionad deachúlach amháin ar a mhéad)

Bliain 
N

Bliain 
N+1

Bliain N+2

Bliain N+3

Iontráil na blianta ar fad a theastaíonn le fad an tionchair a thaispeáint (féach pointe 1.6)

·Poist don phlean bunaíochta (oifigigh agus foireann shealadach)

XX 01 01 01 (Ceanncheathrú agus Oifigí Ionadaíocht an Choimisiúin)

XX 01 01 02 (Toscaireachtaí)

XX 01 05 01 (Taighde indíreach)

10 01 05 01 (Taighde díreach)

Foireann sheachtrach (i gcoibhéis lánaimseartha: FTE) 84

XX 01 02 01 (AC, END, INT ón “imchlúdach iomlánaíoch”)

XX 01 02 02 (AC, AL, END, INT agus JPD sna toscaireachtaí)

XX 01 04 bb 85

- sa Cheanncheathrú 86  

- i dtoscaireachtaí

XX 01 05 02 (CA, SNE, INT – Taighde indíreach)

10 01 05 02 (CA, INT, SNE – Taighde díreach)

Línte buiséid eile (sonraigh)

IOMLÁN

Is é XX an réimse beartais nó an teideal buiséid lena mbaineann.

Soláthrófar na hacmhainní daonna is gá le baill foirne ón Ard‑Stiúrthóireacht a bhfuil bainistíocht an bhirt faoina gcúram cheana agus/nó ar athshannadh a gcúraimí laistigh den Ard‑Stiúrthóireacht, mar aon le haon leithdháileadh breise a d'fhéadfaí a thabhairt don Ard‑Stiúrthóireacht atá i mbun bainistíochta faoi chuimsiú an nós imeachta maidir le leithdháileadh bliantúil i bhfianaise na srianta buiséadacha.

Cur síos ar na cúraimí a bheidh le déanamh:

Oifigigh agus pearsanra sealadach

Pearsanra seachtrach

Ba cheart tuairisc ar ríomh na gcostas le haghaidh aonad FTE a áireamh in Iarscríbhinn V, alt 3.

3.2.4.Comhoiriúnacht don chreat airgeadais ilbhliantúil reatha 

    Tá an togra/tionscnamh comhoiriúnach don chreat airgeadais ilbhliantúil reatha.

   Beidh athchlárú an cheannteidil ábhartha sa chreat airgeadais ilbhliantúil ag gabháil leis an togra/tionscnamh seo.

Mínigh cén t‑athshannadh a bhfuil gá leis, agus sonraigh na línte buiséid lena mbaineann agus na méideanna comhfhreagracha.

   Éilíonn an togra/tionscnamh go gcuirfear an ionstraim sholúbthachta i bhfeidhm nó go ndéanfar athbhreithniú ar an gcreat airgeadais ilbhliantúil 87 .

Mínigh an méid a bhfuil gá leis, agus sonraigh na ceannteidil agus na línte buiséid lena mbaineann agus na méideanna comhfhreagracha.

3.2.5.Ranníocaíochtaí ó thríú páirtithe 

Ní dhéantar foráil sa togra/tionscnamh maidir le cómhaoiniú le tríú páirtithe.

Déantar foráil sa togra/tionscnamh maidir le cómhaoiniú atá réamh‑mheasta thíos:

EUR milliúin (go dtí an tríú deachúil)

2022

2023

2024

2025

2026

2027

Iomlán

Táillí tionscail 88 ÚBE

2 234

3 957

4 042

4 042

4 042

4 042

22 359

IOMLÁN leithreasuithe cómhaoinithe

2 234

3 957

4 042

4 042

4 042

4 042

22 359

EUR milliúin (go dtí an tríú deachúil)

2022

2023

2024

2025

2026

2027

Iomlán

Ranníocaíocht na nÚdarás Náisiúnta Inniúil le ESMA 89

0 115

0 230

0 230

0 230

0 230

0 230

1 265

IOMLÁN leithreasuithe cómhaoinithe

0 115

0 230

0 230

0 230

0 230

0 230

1 265

3.3.An tionchar a mheastar a bheidh ar ioncam 

   Ní bheidh tionchar airgeadais ar bith ag an togra ar ioncam.

   Beidh an tionchar airgeadais seo a leanas ag an togra/tionscnamh:

   ar acmhainní dílse

   ar ioncam eile

  má tá an t‑ioncam sannta do línte caiteachais, sonraigh sin

EUR milliúin (go dtí an tríú deachúil)

Líne buiséid ioncaim:

Leithreasuithe atá ar fáil don bhliain airgeadais reatha

Tionchar an togra/tionscnaimh 90

Bliain 
N

Bliain 
N+1

Bliain 
N+2

Bliain 
N+3

Iontráil na blianta ar fad a theastaíonn le fad an tionchair a thaispeáint (féach pointe 1.6)

Airteagal ………….

I gcás ioncam ilghnéitheach atá 'sannta', sonraigh na línte buiséid a n‑imreofar tionchar orthu.

Sonraigh an modh chun an tionchar ar ioncam a ríomh.

IARSCRÍBHINN

Toimhdí Ginearálta

Teideal I – Caiteachas Foirne

Cuireadh na toimhdí sonracha seo a leanas i bhfeidhm agus caiteachas foirne á ríomh bunaithe ar na riachtanais foirne sainaitheanta a mhínítear thíos:

·Costáiltear an fhoireann bhreise a earcófar in 2022 ar feadh 6 mhí, i bhfianaise an t‑am toimhdithe a bheidh ag teastáil chun an fhoireann bhreise a earcú. Costáiltear an triúr comhaltaí foirne breise a bheidh ag teastáil in 2023 (de bhreis agus de bharr ar an bhfoireann a bheidh ag teastáil le haghaidh 2022) ar feadh 6 mhí, i bhfianaise an t‑am toimhdithe a bheidh ag teastáil chun an fhoireann bhreise a earcú. Bainfear soláthar iomlán na foirne amach in 2024.

·Is é an meánchostas bliantúil do Ghníomhaire Sealadach EUR 150 000, EUR 85 000 do Ghníomhaire ar Conradh agus EUR 80 000 do shaineolaí náisiúnta ar iasacht, agus EUR 25 000 de chostas ‘habillage’ (Foirgnimh, TF, etc.) san áireamh leo go léir;

·Is é 117.7 na comhéifeachtaí ceartúcháin atá infheidhme maidir le tuarastal na foirne i bPáras (ÚBE agus ESMA);

·Bunaíodh ranníocaíochtaí pinsin an fhostóra do Ghníomhairí Sealadacha ar na buntuarastail chaighdeánacha a áirítear sna meánchostais chaighdeánacha bhliantúla, i.e. EUR 95 660;

·Is AD5anna iad na Gníomhairí Sealadacha go léir.

Teideal II – Caiteachas bonneagair agus oibríochtúil

Bunaítear costais ach an líon ball foirne a iolrú faoi chomhréir na bliana a fhostaítear iad faoin gcostas caighdeánach i gcomhair ‘habillage’, i.e. EUR 25 000.

Teideal III – Caiteachas oibríochtúil

Meastar costais faoi réir na dtoimhdí seo a leanas:

·Tá an costas aistriúcháin socraithe ag EUR 350 000 in aghaidh na bliana do ÚBE.

·Glactar leis go bhfuil na costais TF aonuaire de EUR 500 000 curtha chun feidhme thar an 2 bhliain 2022 agus 2023 roinnte ar bhonn 50 % – 50 %. Meastar go bhfuil costais chothabhála bhliantúla do ÚBE cothrom le EUR 50 000.

·Meastar go bhfuil costais mhaoirseachta bhliantúla do ÚBE cothrom le EUR 200 000.

De thoradh na meastachán a léirítear anseo thuas, is iad seo a leanas na costais in aghaidh na bliana:

Ceannteideal an chreata airgeadais  
ilbhliantúil

Uimhir

ÚBE: <>

2022

2023

2024

2025

2026

2027

IOMLÁN

Teideal 1:

Gealltanais

(1)

1 246

2 744

2 992

2 992

2 992

2 992

15 958

Íocaíochtaí

(2)

1 246

2 744

2 992

2 992

2 992

2 992

15 958

Teideal 2:

Gealltanais

(1a)

0,188

0,413

0,450

0,450

0,450

0,450

2 401

Íocaíochtaí

(2 a)

0,188

0,413

0,450

0,450

0,450

0,450

2 401

Teideal 3:

Gealltanais

(3 a)

0,800

0,800

0,600

0,600

0,600

0,600

4 000

Íocaíochtaí

(3b)

0,800

0,800

0,600

0,600

0,600

0,600

4 000

IOMLÁN leithreasuithe 
do ÚBE

Gealltanais

=1+1a +3a

2 234

3 957

4 042

4 042

4 042

4 042

22 359

Íocaíochtaí

=2+2a

+3b

2 234

3 957

4 042

4 042

4 042

4 042

22 359

Praghsanna Tairiseacha

Éilíonn an togra go n‑úsáidfear leithreasuithe faoi chomhair oibríochtaí mar a mhínítear thíos:

Leithreasuithe faoi chomhair gealltanas in EUR milliúin (go dtí an tríú deachúil) i bpraghsanna tairiseacha

ÚBE

Sonraigh cuspóirí agus aschuir

2022

2023

2024

2025

2026

2027

ASCHUIR

Saghas 91

Meánchostas

Uimh.

Costas

Uimh.

Costas

Uimh.

Costas

Uimh.

Costas

Uimh.

Costas

Uimh.

Costas

Líon iomlán

Costas iomlán

CUSPÓIR SONRACH Uimh. 1 92 Maoirseacht dhíreach ar eisitheoirí criptea-shócmhainní sócmhainn‑bhunaithe suntasacha

- Aschur

0,800

0,800

0,600

0,600

0,600

0,600

4 000

Fo-iomlán do chuspóir sonrach Uimh. 1

CUSPÓIR SONRACH Uimh. 2 páipéar bán leasaithe maidir le criptea-shócmhainní a chuir eisitheoirí comhartha sócmhainn‑tagartha suntasach isteach a cheadú

- Aschur

Fo-iomlán do chuspóir sonrach Uimh. 2

COSTAS IOMLÁN

0,800

0,800

0,600

0,600

0,600

0,600

4,000

Déanfar gníomhaíochtaí maoirseachta díreacha ÚBE a chistiú go hiomlán le táillí a thoibheofar ó eintitis faoi mhaoirseacht mar a leanas:

ÚBE

2022

2023

2024

2025

2026

2027

Iomlán

Cumhdófar na costais 100 % le táillí a thoibheofar ó na heintitis faoi mhaoirseacht

2 234

3 957

4 042

4 042

4 042

4 042

22 359

IOMLÁN leithreasuithe cómhaoinithe

2 234

3 957

4 042

4 042

4 042

4 042

22 359

Déanfar na gníomhaíochtaí comhordaithe ESMA faoi chóras trialach DLT a leagtar amach sa Togra le haghaidh Rialacháin maidir le bonneagair mhargaidh DLT a chistiú lena mbuiséad oibriúcháin le ranníocaíochtaí an Aontais cothrom le 40 % (méideanna arna léiriú i dtábla 3.2.1 Achoimre ar an tionchar a mheastar ar chaiteachas) agus le hÚdaráis Náisiúnta Inniúla cothrom le 60 % (méideanna arna léiriú i dtábla 3.2.5 Ranníocaíocht tríú tíortha) den chostas iomlán.

FAISNÉIS SHONRACH

Cumhachtaí díreacha maoirseachta

Is comhlacht speisialta de chuid an Aontais é an tÚdarás Baincéireachta Eorpach (ÚBE), a bunaíodh chun leas an phobail a chosaint trí rannchuidiú a thabhairt maidir le cobhsaíocht agus éifeachtacht ghearrthéarmach, mheántéarmach agus fhadtéarmach an chórais airgeadais ar mhaithe le geilleagar an Aontais, lena shaoránaigh agus lena ghnóthaí.

Cé go mbeidh ar ÚBE pearsanra saineolach a earcú, tá na dualgais agus na feidhmeanna atá le déanamh chun an reachtaíocht atá beartaithe a chur chun feidhme i gcomhréir le sainchúram agus cúraimí ÚBE.

Go sonrach, beidh ar ÚBE oiliúint a chur ar speisialtóir agus é a fhostú chun dualgais na maoirseachta dírí a chomhlíonadh mar a shamhlaítear sa togra seo i gcomhair maoirseacht eisitheoirí comharthaí sócmhainn‑tagartha suntasacha.

Tograí eile a chumhdaítear faoin Ráiteas Airgeadais Reachtach seo

Cumhdaíonn an Ráiteas Airgeadais Reachtach seo an tionchar airgeadais a eascraíonn ón Togra le haghaidh Rialacháin maidir le bonneagair mhargaidh DLT freisin, arb é is cúis leis an méadú ar an gcistiú do ESMA.

(1)    Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, an Chomhairle Eorpach, an Chomhairle, an Banc Ceannais Eorpach, Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus Coiste na Réigiún i dtaca le Straitéis Airgeadais Dhigitigh don Aontas Eorpach, an 23 Meán Fómhair 2020, COM(2020)591.
(2)    Togra le haghaidh Rialacháin ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le Córas Trialach le haghaidh bonneagair mhargaidh bunaithe ar theicneolaíocht mórleabhar dáilte – COM(2020)594.
(3)    Togra le haghaidh Rialacháin ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le hathléimneacht oibríochta digití don earnáil airgeadais agus lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1060/2009, Rialachán (AE) Uimh. 648/2012, Rialachán (AE) Uimh. 600/2014 agus Rialachán (AE) Uimh. 909/2014 – COM(2020)595.
(4)    Togra le haghaidh Treorach ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leasaítear Treoracha 2006/43/CE, 2009/65/CE, Treoracha 2009/138/AE, 2011/61/AE, Treoir AE/2013/36, Treoir 2014/65/AE, Treoir (AE) 2015/2366 agus Treoir AE/2016/2341 – COM(2020)596.
(5)    An Coimisiún Eorpach, Plean Gníomhaíochta FinTech, COM/2018/109 final.
(6)    ESMA, Comhairle maidir le ‘Initial Coin Offerings and Crypto‑Assets’, 2019; Tuarascáil ÚBE le comhairle maidir le criptea-shócmhainní, 2019.
(7)    Litir Chathaoirleach an Bhoird um Chobhsaíocht Airgeadais d’Airí Airgeadais G20 agus do Ghobharnóirí an Bhainc Ceannais, 2018.
(8)    Meitheal G7 maidir le Cripteamhonaí Cobhsaí, Tuarascáil maidir le ‘Investigating the impact of global stablecoins’, 2019.
(9)    Litir misin an Uachtaráin toghaí Von der Leyen chuig an Leas‑Uachtarán Dombrovskis, an 10 Meán Fómhair 2019.
(10)    Ráiteas comhpháirteach an Choimisiúin Eorpaigh agus na Comhairle maidir le ‘cripteamhonaí cobhsaí’, an 5 Nollaig 2019.
(11)    “Tuarascáil ina bhfuil moltaí don Choimisiún maidir le hAirgeadas Digiteach: rioscaí atá ag teacht chun cinn i gcriptea-shócmhainní – dúshláin rialála agus mhaoirseachta i réimse na seirbhísí airgeadais, institiúidí agus margaí” (2020/2034(INL) https://oeil.secure.europarl.europa.eu/oeil/popups/ficheprocedure.do?reference=2020/2034(INL)&l=en .
(12)    Treoir 2014/65/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Bealtaine 2014 maidir le margaí in ionstraimí airgeadais agus lena leasaítear Treoir 2002/92/CE agus Treoir 2011/61/AE
(13)    Togra le haghaidh Treorach ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leasaítear Treoracha 2006/43/CE, 2009/65/CE, Treoir 2009/138/AE, Treoir 2011/61/AE, Treoir AE/2013/36, Treoir 2014/65/AE, Treoir (AE) 2015/2366 agus Treoir AE/2016/2341 – COM(2020)596
(14)    Togra le haghaidh Rialacháin ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le Córas Trialach le haghaidh bonneagair mhargaidh bunaithe ar theicneolaíocht mórleabhar dáilte – COM(2020)594
(15)    Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, an Chomhairle, Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus Coiste na Réigiún maidir le Plean Gníomhaíochta FinTech, COM(2018)109, 08.03.2018
(16)    ESMA, Comhairle maidir le ‘Initial Coin Offerings and Crypto‑Assets’, 2019; Tuarascáil ÚBE le comhairle maidir le criptea-shócmhainní, 2019.
(17)     https://ec.europa.eu/commission/sites/beta‑political/files/political‑guidelines‑next‑commission_en.pdf
(18)    Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, an Chomhairle, Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus Coiste na Réigiún, Todhchaí Dhigiteach na hEorpa a Mhúnlú, COM(2020)67, 19.02.2020
(19)    Litir misin an Uachtaráin toghaí Von der Leyen chuig an Leas‑Uachtarán Dombrovskis, an 10 Meán Fómhair 2019.
(20)     https://ec.europa.eu/digital‑single‑market/en/blockchain‑technologies
(21)    Moladh 7 den fhóram Ardleibhéil ar thuarascáil deiridh Aontas na Margaí Caipitil. ( https://ec.europa.eu/info/sites/info/files/business_economy_euro/growth_and_investment/documents/200610‑cmu‑high‑level‑forum‑final‑report_en.pdf ).
(22)    Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, an Chomhairle Eorpach, an Chomhairle, Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus Coiste na Réigiún maidir le Straitéis FBM le haghaidh Eoraip inbhuanaithe dhigiteach, COM(2020)203, 10.03.2020
(23)    Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, an Chomhairle Eorpach, an Chomhairle, Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus Coiste na Réigiún maidir le Straitéis um Aontas Slándála an Aontais Eorpaigh, COM(2020)605 final an 24.07.2020
(24)    https://ec.europa.eu/info/sites/info/files/business_economy_euro/banking_and_finance/documents/2019‑crypto‑assets‑consultation‑document_en.pdf
(25)    Measúnú Tionchair a ghabhann leis an doiciméad ina bhfuil an Togra le haghaidh Rialacháin ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le Margaí i gcriptea-shócmhainní (MiCA) SWD(2020)380
(26)    https://ec.europa.eu/info/publications/egbpi‑meetings‑2020_en
(27)    Measúnú Tionchair ag gabháil leis an doiciméad ina bhfuil Togra le haghaidh Rialacháin ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le Margaí i gcriptea-shócmhainní (MiCA) SWD(2020)380.
(28)    An Bord um Chobhsaíocht Airgeadais, ‘Addressing the regulatory, supervisory and oversight challenges raised by “global stablecoin” arrangements’.
(29)    Treoir (AE) 2019/1937 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2019 maidir le cosaint daoine a thuairiscíonn sáruithe ar dhlí an Aontais (IO L 305, 26.11.2019, lch. 17).
(30)    IO C […], […], lch. […].
(31)    IO C , , lch. .
(32)    Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, an Chomhairle Eorpach, an Chomhairle, Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus Coiste na Réigiún i dtaca le Straitéis Airgeadais Dhigitigh don Aontas COM(2020)591.
(33)    Treoir 2014/65/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Bealtaine 2014 maidir le margaí in ionstraimí airgeadais agus lena leasaítear Treoir 2002/92/CE agus Treoir 2011/61/AE (IO L 173, 12.6.2014, lch. 349).
(34)    FATF (2012–2019), Caighdeáin Idirnáisiúnta maidir le Sciúradh Airgid agus maidir le Maoiniú Sceimhlitheoireachta agus Maoiniú Leata a Chomhrac, FATF, Páras, an Fhrainc (www.fatf‑gafi.org/recommendations.html).
(35)    Treoir 2009/110/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Meán Fómhair 2009 maidir le dul i mbun gnó foras ríomh‑airgid, gnó den sórt sin a shaothrú nó maoirsiú stuamachta a dhéanamh air, lena leasaítear Treoracha 2005/60/CE agus 2006/48/CE agus lena n‑aisghairtear Treoir 2000/46/CE (IO L 267, 10.10.2009, lch. 7).
(36)    Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Meitheamh 2013 maidir le ceanglais stuamachta i gcomhair institiúidí creidmheasa agus gnólachtaí infheistíochta, agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 (IO L 176, 27.6.2013, lch. 1).
(37)    Rialachán (AE) 2017/1129 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Meitheamh 2017 maidir leis an réamheolaire atá le foilsiú nuair a thairgtear urrúis don phobal nó nuair a ligtear isteach iad chun a dtrádála ar mhargadh rialáilte, agus lena n‑aisghairtear Treoir 2003/71/CE (IO L 168, 30.6.2017, lch. 12).
(38)    Treoir 2011/83/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Deireadh Fómhair 2011 maidir le cearta tomhaltóirí, lena leasaítear Treoir 93/13/CEE ón gComhairle agus Treoir 1999/44/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n‑aisghairtear Treoir 85/577/CEE ón gComhairle agus Treoir 97/7/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 304, 22.11.2011, lch. 64).
(39)    Treoir 2005/29/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Bealtaine 2005 maidir le cleachtais tráchtála éagothroma idir gnólachtaí agus tomhaltóirí sa mhargadh inmheánach agus lena leasaítear Treoir 84/450/CEE ón gComhairle, Treoracha 97/7/CE, 98/27/CE agus 2002/65/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Rialachán (CE) Uimh. 2006/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (‘An Treoir maidir le Cleachtais Tráchtála Éagóracha’) (IO L 149, 11.6.2005, lch. 22)
(40)    Treoir 93/13/CEE ón gComhairle an 5 Aibreán 1993 maidir le téarmaí éagóracha i gconarthaí tomhaltóra (IO L 95, 21.4.1993, lch. 29).
(41)    Treoir 2013/36/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Meitheamh 2013 maidir le rochtain ar ghníomhaíochtaí institiúidí creidmheasa agus maoirseacht stuamachta ar institiúidí creidmheasa agus gnólachtaí infheistíochta, lena leasaítear Treoir 2002/87/CE agus lena n‑aisghairtear Treoracha 2006/48/CE agus 2006/49/CE (IO L 176, 27.6.2013, lch. 338).
(42)    Treoir 2002/65/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Meán Fómhair 2002 maidir le cianmhargú seirbhísí airgeadais tomhaltóirí agus lena leasaítear Treoir 90/619/CEE ón gComhairle agus Treoracha 97/7/CE agus 98/27/CE (IO L 271, 9.10.2002, lch. 16).
(43)    Treoir (AE) Uimh. 2015/2366 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Samhain 2015 maidir le seirbhísí íocaíochta sa mhargadh inmheánach, lena leasaítear Treoracha 2002/65/CE, 2009/110/CE agus Treoir 2013/36/AE agus Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010, agus lena n‑aisghairtear Treoir 2007/64/CE (IO L 337, 23.12.2015, lch. 35).
(44)    Rialachán (AE) Uimh. 596/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Aibreán 2014 maidir le drochúsáid mhargaidh (an rialachán maidir le drochúsáid mhargaidh) agus lena n‑aisghairtear Treoir 2003/6/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Treoracha 2003/124/CE, 2003/125/CE agus 2004/72/CE ón gCoimisiún (IO L 173, 12.6.2014, lch. 1).
(45)    IO L 123, 12.5.2016, lch. 1.
(46)    Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Samhain 2010 lena mbunaítear Údarás Maoirseachta Eorpach (An tÚdarás Baincéireachta Eorpach), lena leasaítear Cinneadh Uimh. 716/2009/CE agus lena n‑aisghairtear Cinneadh 2009/78/CE ón gCoimisiún (IO L 331, 15.12.2010, lch. 12).
(47)    Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Samhain 2010 lena mbunaítear Údarás Maoirseachta Eorpach (an tÚdarás Eorpach um Urrúis agus Margaí), lena leasaítear Cinneadh Uimh. 716/2009/CE agus lena n‑aisghairtear Cinneadh 2009/77/CE ón gCoimisiún (IO L 331, 15.12.2010, lch. 84).
(48)    Treoir (AE) 2019/1937 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2019 maidir le cosaint daoine a thuairiscíonn sáruithe ar dhlí an Aontais (IO L 305, 26.11.2019, lch. 17).
(49)    Treoir 2014/49/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Aibreán 2014 maidir le scéimeanna ráthaithe taiscí (IO L 173, 12.6.2014, lch. 149).
(50)    Rialachán (AE) 2017/2402 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Nollaig 2017 lena leagtar síos creat ginearálta maidir le hurrúsú agus lena gcruthaítear creat sonrach maidir le hurrúsú simplí trédhearcach caighdeánaithe, agus lena leasaítear Treoracha 2009/65/CE,  2009/138/CE agus Treoir 2011/61/AE, agus Rialachán (CE) 1060/2009 agus Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 (IO L 347, 28.12.2017, lch. 35).
(51)    Treoir 2009/138/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Samhain 2009 maidir le gabháil le gnó Árachais agus Athárachais agus an gnó sin a shaothrú (Dócmhainneacht II) (IO L 335, 17.12.2009, lch. 1).
(52)    Rialachán Tarmligthe (AE) 2017/565 ón gCoimisiún an 25 Aibreán 2016 lena bhforlíontar Treoir 2014/65/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir leis na ceanglais eagraíochtúla agus na coinníollacha oibriúcháin do ghnólachtaí infheistíochta agus téarmaí sainmhínithe chun críocha na Treorach sin (IO L 87, 31.3.2017, lch. 1).
(53)    Treoir 2004/109/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Nollaig 2004 maidir le comhchuibhiú ceanglas trédhearcachta i ndáil le faisnéis i dtaobh eisitheoirí a ligtear a n‑urrúis isteach chun a dtrádála ar mhargadh rialáilte agus lena leasaítear Treoir 2001/34/CE (IO L 390, 31.12.2004, lch. 38).
(54)    Treoir (AE) 2015/849 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Bealtaine 2015 maidir le cosc a chur ar úsáid an chórais airgeadais chun críocha sciúrtha airgid nó maoinithe sceimhlitheoirí, lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n‑aisghairtear Treoir 2005/60/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Treoir 2006/70/CE ón gCoimisiún (IO L 141, 5.6.2015, lch. 73).
(55)    Togra le haghaidh Rialacháin ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le hathléimneacht oibríochta digití don earnáil airgeadais agus lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1060/2009, Rialachán (AE) Uimh. 648/2012, Rialachán (AE) Uimh. 600/2014 agus Rialachán (AE) Uimh. 909/2014 – COM(2020)595
(56)    Togra le haghaidh Rialacháin ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le hathléimneacht oibríochta digití don earnáil airgeadais agus lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1060/2009, Rialachán (AE) Uimh. 648/2012, Rialachán (AE) Uimh. 600/2014 agus Rialachán (AE) Uimh. 909/2014 – COM(2020)595
(57)    Treoir 2002/47/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 6 Meitheamh 2002 maidir le socruithe comhthaobhachta airgeadais (IO L 168, 27.6.2002, lch. 43).
(58)    Treoir 2006/73/CE ón gCoimisiún an 10 Lúnasa 2006 lena gcuirtear i bhfeidhm Treoir 2004/39/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir leis na ceanglais eagraíochtúla agus na coinníollacha oibriúcháin do ghnólachtaí infheistíochta agus téarmaí sainmhínithe chun críocha na Treorach sin (IO L 241, 2.9.2006, lch. 26).
(59)    Treoir 2006/73/CE ón gCoimisiún an 10 Lúnasa 2006 lena gcuirtear i bhfeidhm Treoir 2004/39/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir leis na ceanglais eagraíochtúla agus na coinníollacha oibriúcháin do ghnólachtaí infheistíochta agus téarmaí sainmhínithe chun críocha na Treorach sin (IO L 241, 2.9.2006, lch. 26).
(60)    Rialachán Tarmligthe (AE) 2015/61 ón gCoimisiún an 10 Deireadh Fómhair 2014 chun forlíonadh a dhéanamh ar Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le ceanglas maidir le cumhdach leachtachta le haghaidh Institiúidí Creidmheasa (IO L 011, 17.1.2015, lch. 1).
(61)    Treoir 2013/34/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Meitheamh 2013 maidir leis na ráitis airgeadais bhliantúla, na ráitis airgeadais chomhdhlúite agus tuarascálacha gaolmhara maidir le cineálacha áirithe gnóthas, lena leasaítear Treoir 2006/43/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n‑aisghairtear Treoir 78/660/CE agus Treoir 83/349/CEE ón gComhairle (IO L 182, 29.6.2013, lch. 19).
(62)    Treoir (AE) 2015/849 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Bealtaine 2015 maidir le cosc a chur ar úsáid an chórais airgeadais chun críocha sciúrtha airgid nó maoinithe sceimhlitheoirí, lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n‑aisghairtear Treoir 2005/60/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Treoir 2006/70/CE ón gCoimisiún (IO L 141, 5.6.2015, lgh. 73–117)
(63)    Togra le haghaidh Rialacháin ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le hathléimneacht oibríochta digití don earnáil airgeadais agus lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1060/2009, Rialachán (AE) Uimh. 648/2012, Rialachán (AE) Uimh. 600/2014 agus Rialachán (AE) Uimh. 909/2014 – COM(2020)595.
(64)    Togra le haghaidh Rialacháin ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le hathléimneacht oibríochta digití don earnáil airgeadais agus lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1060/2009, Rialachán (AE) Uimh. 648/2012, Rialachán (AE) Uimh. 600/2014 agus Rialachán (AE) Uimh. 909/2014 – COM(2020)595.
(65)    Togra le haghaidh Rialacháin ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le hathléimneacht oibríochta digití don earnáil airgeadais agus lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1060/2009, Rialachán (AE) Uimh. 648/2012, Rialachán (AE) Uimh. 600/2014 agus Rialachán (AE) Uimh. 909/2014 – COM(2020)595.
(66)    Togra le haghaidh Rialacháin ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le hathléimneacht oibríochta digití don earnáil airgeadais agus lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1060/2009, Rialachán (AE) Uimh. 648/2012, Rialachán (AE) Uimh. 600/2014 agus Rialachán (AE) Uimh. 909/2014 – COM(2020)595.
(67)    Treoir (AE) Uimh. 2015/2366 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Samhain 2015 maidir le seirbhísí íocaíochta sa mhargadh inmheánach, lena leasaítear Treoracha 2002/65/CE, 2009/110/CE agus Treoir 2013/36/AE agus Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010, agus lena n‑aisghairtear Treoir 2007/64/CE (IO L 33, 23.12.2015, lch. 35)
(68)    Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Aibreán 2016 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n‑aisghairtear Treoir 95/46/CE (An Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí) (IO L 119, 4.5.2016, lch. 1)
(69)    Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2018 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil ag institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n‑aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 agus Cinneadh Uimh. 1247/2002/CE (Téacs atá ábhartha maidir le LEE) IO L 295, 21.11.2018, lch. 39–98
(70)    Treoir 2013/34/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Meitheamh 2013 maidir leis na ráitis airgeadais bhliantúla, na ráitis airgeadais chomhdhlúite agus tuarascálacha gaolmhara maidir le cineálacha áirithe gnóthas, lena leasaítear Treoir 2006/43/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n‑aisghairtear Treoracha 78/660/CEE agus 83/349/CEE ón gComhairle (IO L 182, 29.6.2013, lch. 19).
(71)    Treoir (AE) 2019/1937 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2019 maidir le cosaint daoine a thuairiscíonn sáruithe ar dhlí an Aontais IO L 305, 26.11.2019, lch. 17.
(72)    Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Aibreán 2016 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n‑aisghairtear Treoir 95/46/CE (An Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí) (IO L 119, 4.5.2016, lch. 1).
(73)    IO: Cuir isteach sa téacs uimhir, dáta agus tagairt IO an Rialacháin seo.
(74)    Mar a thagraítear dó in Airteagal 58(2)(a) nó (b) den Rialachán Airgeadais.
(75)    Is féidir mionsonraí ar na modhanna bainistíochta agus tagairtí don Rialachán Airgeadais a fheiceáil ar shuíomh gréasáin Ard‑Stiúrthóireacht an Bhuiséid: https://myintracomm.ec.europa.eu/budgweb/EN/man/budgmanag/Pages/budgmanag.aspx .
(76)    LD = Leithreasuithe difreáilte / LN = Leithreasuithe neamhdhifreáilte.
(77)    CSTE: Comhlachas Saorthrádála na hEorpa.
(78)    Tíortha is iarrthóirí agus, nuair is iomchuí, tíortha ó na Balcáin Thiar a d'fhéadfadh a bheith ina n‑iarrthóirí.
(79)    Is í bliain N an bhliain a chuirfear tús le cur chun feidhme an togra/tionscnaimh. Is gá an chéad bhliain cur chun feidhme a mheastar a bheidh ann a chur in ionad “N” (mar shampla: 2021). Is gá an rud céanna a dhéanamh i gcás na mblianta eile.
(80)    Is í bliain N an bhliain a chuirfear tús le cur chun feidhme an togra/tionscnaimh. Is gá an chéad bhliain cur chun feidhme a mheastar a bheidh ann a chur in ionad “N” (mar shampla: 2021). Is gá an rud céanna a dhéanamh i gcás na mblianta eile.
(81)    Is ionann aschuir agus táirgí agus seirbhísí le soláthar (e.g.: líon na malartuithe mac léinn a maoiníodh, iomlán km de bhóithre a rinneadh, etc.).
(82)    Mar a thuairiscítear i bpointe 1.4.2. 'Cuspóirí sonracha...'
(83)    Áirítear ar na costais ÚBE ranníocaíocht 100 % pinsin fostóra agus áirítear ar chostais ESMA ranníocaíocht pinsin a chomhfhreagraíonn do scair 60 % na nÚdarás Náisiúnta Inniúil.
(84)    AC= Ball foirne ar conradh; AL = Ball foirne áitiúil; END = Saineolaí náisiúnta ar iasacht; INT= Ball foirne gníomhaireachta; JPD = Saineolaithe sóisearacha i dtoscaireachtaí.
(85)    Fo-uasteorainn d'fhoireann sheachtrach arna cumhdach ag leithreasuithe faoi chomhair oibríochtaí (na seanlínte "BA").
(86)    Le haghaidh na gCistí Struchtúracha, an Ciste Eorpach Talmhaíochta um Fhorbairt Tuaithe (CETFT) agus an Ciste Eorpach Iascaigh (CEI) go príomha.
(87)    Féach Airteagail de Rialachán (AE, Euratom) Uimh. /2020 ón gComhairle ina leagtar síos an creat airgeadais ilbhliantúil i gcomhair na mblianta 2021–2027.
(88)    Cumhdófar 100 % den chostas a bhaineann leis an togra a chur chun feidhme le táillí.
(89)    60 % den chostas iomlán measta (agus ranníocaíocht an Aontais arna mheas ag 40 %) móide scair 60 % de ranníocaíochtaí pinsin an fhostóra
(90)    A fhad a bhaineann le hacmhainní dílse traidisiúnta (dleachtanna talmhaíochta, tobhaigh siúcra), ní mór na méideanna a luaitear a bheith ina nglanmhéideanna, i.e. méideanna comhlána agus 20 % de na costais bhailiúcháin a bheith bainte astu.
(91)    Is ionann aschuir agus táirgí agus seirbhísí le soláthar (e.g.: líon na malartuithe mac léinn a maoiníodh, iomlán km de bhóithre a rinneadh, etc.).
(92)    Mar a thuairiscítear i bpointe 1.4.2. 'Cuspóirí sonracha...'

An Bhruiséil,24.9.2020

COM(2020) 593 final

IARSCRÍBHINNÍ

a ghabhann leis an

Togra le haghaidh RIALACHÁN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

maidir le Margaí i gcriptea-shócmhainní, agus lena leasaítear Treoir (AE) 2019/1937


{SEC(2020) 306 final} - {SWD(2020) 380 final} - {SWD(2020) 381 final}


IARSCRÍBHINN I: Páipéar bán maidir le criptea-shócmhainní le haghaidh eisitheoirí criptea-shócmhainní – íosmhéid inneachair

Cuid A: Faisnéis ghinearálta maidir leis an eisitheoir

1.Ainm an eisitheora;

2.Seoladh poist cláraithe;

3.Dáta an chláraithe;

4.Aitheantóir an eintitis dhlítheanaigh;

5.I gcás inarb infheidhme, an grúpa gnóthas lena mbaineann an t‑eisitheoir;

6.Aitheantas, seoladh agus feidhmeanna na ndaoine a bhaineann le comhlacht bainistíochta an eisitheora;

7.An ráiteas dá dtagraítear in Airteagal 5(5);

8.Coinbhleachtaí leasa féideartha;

9.Sonraí faoi chuntas teiste airgeadais an eisitheora le 3 bliana anuas nó i gcás nach bhfuil an t‑eisitheoir bunaithe le 3 bliana anuas, cuntas teiste airgeadais an eisitheora ón dáta ar cláraíodh é. I gcás ina mbaineann an tairiscint le comharthaí fóntais ar féidir iad a mhalartú go héifeachtach le táirge nó seirbhís tráth a eisiúna, beidh díolúine ag an eisitheoir ón gceanglas sin.

Cuid B: Faisnéis maidir leis an tionscadal

1.Ainm an tionscadail nó na gcriptea-shócmhainní (más difriúil ó ainm an eisitheora);

2.Sonraí na ndaoine nádúrtha nó na ndaoine dlítheanacha go léir (lena n‑áirítear seoltaí agus/nó sainchónaí na cuideachta) a bhfuil baint acu le cur chun feidhme an tionscadail, cuir i gcás comhairleoirí, an fhoireann forbartha agus soláthraithe seirbhísí criptea-shócmhainní;

3.Tuairisc ar na cúiseanna le criptea-shócmhainní a eisiúint;

4.I gcás ina mbaineann tairiscint criptea-shócmhainní don phobal le comharthaí fóntais, príomhghnéithe na dtáirgí nó na seirbhísí a forbraíodh nó atá le forbairt;

5.Faisnéis faoi eagrú an tionscadail, lena n‑áirítear an tuairisc ar gharspriocanna an tionscadail a baineadh amach cheana féin agus atá le baint amach sa todhchaí agus, i gcás inarb infheidhme, na hacmhainní a leithdháileadh don tionscadal cheana féin;

6.I gcás inarb infheidhme, faisnéis faoi úsáid bheartaithe na gcistí;

7.Ach amháin comharthaí fóntais, na costais a bhaineann le criptea-shócmhainní a thairiscint don phobal.

Cuid C: Faisnéis faoi chriptea-shócmhainní a thairiscint don phobal nó faoina ligean isteach chun a dtrádála ar ardán trádála le haghaidh criptea-shócmhainní

1.Léiriú an mbaineann an páipéar bán maidir le criptea-shócmhainní a thairiscint don phobal nó le criptea-shócmhainní a ligean isteach chun a dtrádála ar ardán trádála le haghaidh criptea-shócmhainní, nó leis an dá rud;

2.I gcás inarb infheidhme, an méid atá beartaithe a thiomsú leis an tairiscint in airgeadra fiat nó in aon chriptea-shócmhainn eile. I gcás inarb infheidhme, aon chaidhp bhog (an t‑íosmhéid is gá chun an tionscadal a chur i gcrích) nó caidhp chrua (an t‑uasmhéid a thairgfear don phobal) arna socrú maidir le criptea-shócmhainní a thairiscint don phobal;

3.Praghas eisiúna na criptea-shócmhainne arna tairiscint (in airgeadra fiat nó in aon chriptea-shócmhainní eile);

4.I gcás inarb infheidhme, líon iomlán na gcriptea-shócmhainní a thairgfear agus/nó a ligfear isteach chun a dtrádála ar ardán trádála le haghaidh criptea-shócmhainní;

5.Léiriú ar na sealbhóirí/ceannaitheoirí ar a ndírítear trí na criptea-shócmhainní a thairiscint don phobal agus/nó trí na criptea-shócmhainní sin a ligean isteach chun a dtrádála, lena n‑áirítear aon teorainn maidir leis an gcineál ceannaitheoirí nó sealbhóirí i gcomhair criptea-shócmhainní den sórt sin;

6.Sainfhógra go mbeidh ceannaitheoirí a ghlacann páirt i dtairiscint criptea-shócmhainní don phobal ábalta a ranníocaíocht a fháil ar ais mura mbainfear amach an chaidhp bhog (an t‑íosmhéid is gá chun an tionscadal a chur i gcrích) faoi dheireadh thréimhse na tairisceana don phobal nó má chuirtear an tairiscint ar ceal, chomh maith le tuairisc mhionsonraithe ar an sásra aisíocaíochta, lena n‑áirítear an amlíne ionchais ina ndéanfar na haisíocaíochtaí sin;

7.Faisnéis faoi thréimhsí éagsúla na tairisceana le haghaidh criptea-shócmhainní, lena n‑áirítear faisnéis faoi phraghas ceannaigh lascainithe i gcomhair ceannaitheoirí luatha criptea-shócmhainní (díolacháin réamhphoiblí);

8.Le haghaidh tairiscintí lena mbaineann teorainn ama, an tréimhse suibscríbhinne a mbeidh an tairiscint oscailte don phobal lena linn agus na socruithe chun cistí nó criptea-shócmhainní eile dá dtagraítear in Airteagal 9 a chosaint;

9.Modhanna íocaíochta chun na criptea-shócmhainní arna dtairiscint a cheannach;

10.I gcás criptea-shócmhainní, seachas comharthaí sócmhainn‑tagartha nó comharthaí ríomh‑airgid, faisnéis faoin gceart chun tarraingt siar dá dtagraítear in Airteagal 12;

11.Faisnéis faoin modh agus faoin sceideal ama a úsáidfear chun na criptea-shócmhainní arna gceannach a aistriú chuig na sealbhóirí;

12.I gcás inarb infheidhme, ainm an tsoláthraí seirbhísí criptea-shócmhainní atá i gceannas ar shocrú criptea-shócmhainní agus ar an gcineál socrúcháin (ráthaithe nó neamh‑ráthaithe);

13.I gcás inarb infheidhme, ainm an ardáin trádála le haghaidh criptea-shócmhainní ina bhfuiltear ag iarraidh go ligfí isteach iad chun a dtrádála;

14.An dlí is infheidhme maidir le criptea-shócmhainní a thairiscint don phobal, chomh maith leis na cúirteanna inniúla.

Cuid D: Na cearta agus na hoibleagáidí a bhaineann le criptea-shócmhainní

1.An ráiteas dá dtagraítear in Airteagal 5(6);

2.Tuairisc ar thréithe agus feidhmiúlacht na gcriptea-shócmhainní arna dtairiscint nó arna ligean isteach chun a dtrádála ar ardán trádála le haghaidh criptea-shócmhainní, lena n‑áirítear faisnéis faoi cathain atá sé beartaithe na feidhmiúlachtaí a chur i bhfeidhm;

3.Tuairisc ar chearta agus oibleagáidí an cheannaitheora (más ann dóibh), agus an nós imeachta chun na cearta sin a fheidhmiú agus na coinníollacha lena mbaineann;

4.I gcás inarb infheidhme, faisnéis faoi thairiscintí criptea-shócmhainní amach anseo ag an eisitheoir agus ar líon na gcriptea-shócmhainní a choinneoidh an t‑eisitheoir féin;

5.I gcás ina mbaineann tairiscint criptea-shócmhainní nó ligean isteach chun a dtrádála ar ardán trádála le haghaidh criptea-shócmhainní le comharthaí fóntais, faisnéis faoi cháilíocht agus cainníocht na dtáirgí agus/nó na seirbhísí ar a dtugtar rochtain leis na comharthaí fóntais;

6.I gcás ina mbaineann tairiscintí criptea-shócmhainní don phobal nó ina n‑iarrtar go ligfí isteach iad chun a dtrádála ar ardán trádála le haghaidh criptea-shócmhainní le comharthaí fóntais, faisnéis faoin gcaoi ar féidir comharthaí fóntais a fhuascailt le haghaidh na dtáirgí nó na seirbhísí lena mbaineann siad;

7.I gcás nach bhfuiltear ag iarraidh go ligfí isteach criptea-shócmhainn chun a dtrádála ar ardán trádála le haghaidh criptea-shócmhainní, faisnéis faoin gcaoi ar féidir na criptea-shócmhainní a fháil nó a dhíol tar éis na tairisceana don phobal;

8.Aon srianta ar inaistritheacht shaor na gcriptea-shócmhainní arna dtairiscint nó arna ligean isteach chun a dtrádála ar ardán trádála le haghaidh criptea-shócmhainní;

9.I gcás ina n‑airbheartaítear go gcoinneodh na criptea-shócmhainní luach cobhsaí trí phrótacail chun an méid díobh a chuirtear ar fáil a laghdú nó a mhéadú mar fhreagairt ar athruithe san éileamh orthu, tuairisc ar fheidhmiú na bprótacal sin.

Cuid E: Faisnéis maidir leis an teicneolaíocht bhunúsach

1.Faisnéis maidir leis an teicneolaíocht a úsáidtear, lena n‑áirítear an teicneolaíocht mórleabhar dáilte, na prótacail agus na caighdeáin theicniúla atá in úsáid;

2.Tuairisc ar idir‑inoibritheacht an phrótacail fhorluitigh le prótacail eile;

3.An t‑algartam comhthola, i gcás inarb infheidhme;

4.Sásraí dreasachta chun idirbhearta a urrú agus aon táillí is infheidhme;

5.I gcás ina ndéantar na criptea-shócmhainní a eisiúint, a aistriú agus a stóráil ar mhórleabhar dáilte arna oibriú ag an eisitheoir nó ag tríú páirtí a ghníomhaíonn ar a shon, tuairisc mhionsonraithe ar fheidhmiú an mhórleabhair dháilte sin;

6.Faisnéis ar thoradh iniúchta na teicneolaíochta a úsáidtear (más ann di).

Cuid F: Rioscaí

1.Tuairisc ar na rioscaí a bhaineann le heisitheoir criptea-shócmhainní;

2.Tuairisc ar na rioscaí a bhaineann le criptea-shócmhainní a thairiscint agus/nó a ligean isteach iad chun a dtrádála in ionad trádála le haghaidh criptea-shócmhainní;

3.Tuairisc ar na rioscaí a bhaineann le criptea-shócmhainní;

4.Tuairisc ar na rioscaí a bhaineann leis an tionscadal a chur chun feidhme;

5.Tuairisc ar na rioscaí a bhaineann leis an teicneolaíocht a úsáidtear chomh maith le bearta maolaithe (más ann dóibh).



Iarscríbhinn II: Faisnéis bhreise i ndáil le páipéir bhána maidir le criptea-shócmhainní le haghaidh eisitheoirí comharthaí sócmhainn‑tagartha

Cuid A: Faisnéis ghinearálta maidir leis an eisitheoir

1.Tuairisc mhionsonraithe ar rialachas an eisitheora;

2.Ach amháin eisitheoirí comharthaí sócmhainn‑tagartha atá díolmhaithe ó údarú i gcomhréir le hAirteagal 15(3), sonraí faoin údarú mar eisitheoir comharthaí sócmhainn‑tagartha agus ainm an údaráis inniúil a thug an t‑údarú sin.

Cuid B: Faisnéis maidir leis an tionscadal

1.Tuairisc ar ról, freagrachtaí agus cuntasacht aon eintiteas tríú páirtí dá dtagraítear in Airteagal 30(5), pointe (h).

Cuid D: Na cearta agus na hoibleagáidí a bhaineann leis na criptea-shócmhainní

1.Faisnéis faoi chineál agus in‑fhorfheidhmitheacht na gceart, lena n‑áirítear ceart fuascailte dírí agus aon éilimh a d’fhéadfadh sealbhóirí agus aon duine dlítheanach nó duine nádúrtha dá dtagraítear in Airteagal 35(3) a dhéanamh ar na cúlsócmhainní nó i gcoinne an eisitheora, lena n‑áirítear faisnéis faoin gcaoi a bpléifí leis na cearta sin i gcás nósanna imeachta dócmhainneachta;

2.I gcás inarb infheidhme, an ráiteas dá dtagraítear san fho‑alt deireanach d’Airteagal 17(1);

3.I gcás inarb infheidhme, faisnéis faoi na socruithe arna gcur ar bun ag an eisitheoir chun leachtacht na gcomharthaí sócmhainn‑tagartha a áirithiú, lena n‑áirítear ainmneacha na n‑eintiteas atá i gceannas ar an leachtacht sin a áirithiú;

4.Tuairisc ar an nós imeachta láimhseála gearán agus aon sásra réitigh díospóide nó nós imeachta sásaimh arna chur ar bun ag an eisitheoir comharthaí sócmhainn‑tagartha.

Cuid F: Rioscaí

1.Rioscaí a bhaineann le luach na gcúlsócmhainní, lena n‑áirítear rioscaí leachtachta;

2.Rioscaí a bhaineann le cumhdach na gcúlsócmhainní;

3.Rioscaí a bhaineann leis na cúlsócmhainní a infheistiú.

Cuid G: Cúlchiste sócmhainní

1.Tuairisc mhionsonraithe ar an sásra atá dírithe ar luach na gcomharthaí sócmhainn‑tagartha a chobhsú, lena n‑áirítear gnéithe dlíthiúla agus teicniúla;

2.Tuairisc mhionsonraithe ar na cúlsócmhainní agus ar a gcomhdhéanamh;

3.Tuairisc ar na sásraí trína ndéantar comharthaí sócmhainn‑tagartha a eisiúint, a chruthú agus a scriosadh;

4.Faisnéis faoi cé acu a dhéantar cuid de na cúlsócmhainní a infheistiú nó nach ndéantar agus i gcás inarb infheidhme, tuairisc ar an mbeartas infheistíochta le haghaidh na gcúlsócmhainní;

5.Tuairisc ar na socruithe cumhdaigh maidir leis na cúlsócmhainní, lena n‑áirítear leithscaradh sócmhainní, ainmneacha na n‑institiúidí creidmheasa nó soláthraithe seirbhísí criptea-shócmhainní arna gceapadh mar choimeádaithe.


6.

Iarscríbhinn III: An páipéar bán is infheidhme maidir le heisitheoirí comharthaí ríomh‑airgid – íosmhéid inneachair

Cuid A: Faisnéis ghinearálta maidir leis an eisitheoir

1.Ainm an eisitheora;

2.Seoladh poist cláraithe;

3.Dáta an chláraithe;

4.Aitheantóir an eintitis dhlítheanaigh;

5.I gcás inarb infheidhme, an grúpa gnóthas lena mbaineann an t‑eisitheoir;

6.Aitheantas, seoladh agus feidhmeanna na ndaoine a bhaineann le comhlacht bainistíochta an eisitheora;

7.An ráiteas dá dtagraítear in Airteagal 46(4);

8.Coinbhleachtaí leasa féideartha;

9.Sonraí faoi chuntas teiste airgeadais an eisitheora le 3 bliana anuas nó i gcás nach bhfuil an t‑eisitheoir bunaithe le 3 bliana anuas, cuntas teiste airgeadais an eisitheora ón dáta a cláraíodh é.

10.Ach amháin eisitheoirí ríomh‑airgid a bhfuil díolúine acu ó údarú i gcomhréir le hAirteagal 43(2), sonraí faoin údarú mar eisitheoir comharthaí ríomh‑airgid agus ainm an údaráis inniúil a thug an t‑údarú sin.

Cuid B: Faisnéis maidir leis an tionscadal

1.Sonraí na ndaoine nádúrtha nó na ndaoine dlítheanacha go léir (lena n‑áirítear seoltaí agus/nó sainchónaí na cuideachta) a bhfuil baint acu le dearadh agus forbairt, amhail comhairleoirí, an fhoireann forbartha agus soláthraithe seirbhísí criptea-shócmhainní;

Cuid C: Faisnéis faoi chomharthaí ríomh‑airgid a thairiscint don phobal nó a iarraidh go ligfí isteach iad chun a dtrádála

1.Léiriú ar c acu a bhaineann an páipéar bán le comharthaí ríomh‑airgid a thairiscint don phobal i gcoitinne agus/nó iad a ligean isteach chun a dtrádála ar ardán trádála le haghaidh criptea-shócmhainní nó nach mbaineann;

2.I gcás inarb infheidhme, an líon iomlán comharthaí ríomh‑airgid a thairgfear don phobal agus/nó a ligfear isteach chun a dtrádála ar ardán trádála le haghaidh criptea-shócmhainní;

3.I gcás inarb infheidhme, ainm an ardáin trádála le haghaidh criptea-shócmhainní ina bhfuiltear ag iarraidh go ligfí isteach iad i dtrádáil comharthaí ríomh‑airgid.

4.An dlí is infheidhme maidir le comharthaí ríomh‑airgid a thairiscint don phobal, chomh maith leis na cúirteanna inniúla.

Cuid D: Na cearta agus na hoibleagáidí a bhaineann le comharthaí ríomh‑airgid

1.Tuairisc mhionsonraithe ar chearta agus ar oibleagáidí (más ann dóibh) shealbhóir an chomhartha ríomh‑airgid, lena n‑áirítear an ceart chun fuascailte ag parluach chomh maith leis an nós imeachta chun na cearta sin a fheidhmiú agus na coinníollacha lena mbaineann;

2.Aon táille ghaolmhar arna cur i bhfeidhm ag an eisitheoir comharthaí ríomh‑airgid i gcás ina bhfeidhmíonn an sealbhóir comharthaí ríomh‑airgid an ceart chun fuascailte ag parluach; 

Cuid E: Faisnéis maidir leis an teicneolaíocht bhunúsach

1.Faisnéis maidir leis an teicneolaíocht a úsáidtear, lena n‑áirítear an teicneolaíocht mórleabhar dáilte, na prótacail agus na caighdeáin theicniúla atá in úsáid, chun comharthaí ríomh‑airgid den sórt sin a choimeád i seilbh, a stóráil agus a aistriú;

2.Tuairisc ar idir‑inoibritheacht an phrótacail fhorluitigh le prótacail eile;

3.An t‑algartam comhthola, i gcás inarb infheidhme;

4.Sásraí dreasachta chun idirbhearta a urrú agus aon táille is infheidhme;

5.I gcás ina ndéantar na criptea-shócmhainní a eisiúint, a aistriú agus a stóráil ar mhórleabhar dáilte arna oibriú ag an eisitheoir nó ag tríú páirtí a ghníomhaíonn ar a shon, tuairisc mhionsonraithe ar fheidhmiú an mhórleabhair dháilte sin;

6.Faisnéis ar thoradh iniúchta na teicneolaíochta a úsáidtear (más ann di);

Cuid F: Rioscaí

1.Tuairisc ar na rioscaí a bhaineann le heisitheoir comharthaí ríomh‑airgid;

2.Tuairisc ar na rioscaí a bhaineann leis na comharthaí ríomh‑airgid;

3.Tuairisc ar na rioscaí a bhaineann leis an teicneolaíocht a úsáidtear chomh maith le bearta maolaithe (más ann dóibh).

Iarscríbhinn IV – Na híoscheanglais chaipitil do sholáthraithe seirbhísí criptea-shócmhainní

Soláthraithe seirbhísí criptea-shócmhainní

An cineál seirbhísí criptea-shócmhainne

Na híoscheanglais chaipitil faoi Airteagal (1)(a)

Aicme 1

Soláthraí seirbhísí criptea-shócmhainní atá údaraithe le haghaidh na seirbhísí criptea-shócmhainní seo a leanas:

orduithe thar ceann tríú páirtithe a ghlacadh agus a tharchur; agus/nó

comhairle a thabhairt maidir le criptea-shócmhainní; agus/nó

orduithe a fhorghníomhú thar ceann tríú páirtithe; agus/nó

criptea-shócmhainní a shocrú.

EUR 50 000

Aicme 2

Soláthraí seirbhísí criptea-shócmhainní atá údaraithe le haghaidh aon seirbhísí criptea-shócmhainní faoi aicme 1 agus:

criptea-shócmhainní a chumhdach agus a riar ar son tríú páirtithe.

EUR 125 000

Aicme 3

Soláthraí seirbhísí criptea-shócmhainní atá údaraithe le haghaidh aon seirbhísí criptea-shócmhainní faoi aicme 2 agus:

criptea-shócmhainní a mhalartú le haghaidh airgeadra fiat ar dlíthairiscint é;

criptea-shócmhainní a mhalartú le haghaidh criptea-shócmhainní eile;

ardán trádála le haghaidh criptea-shócmhainní a oibriú.

EUR 150 000

Iarscríbhinn V – Liosta de na sáruithe dá dtagraítear i dTeideal III agus Teideal VI le haghaidh eisitheoirí comharthaí sócmhainn‑tagartha suntasacha

1.Sáraíonn an t‑eisitheoir Airteagal 21 mura dtugann sé fógra do ÚBE faoi athrú ar bith ar a shamhail ghnó ar cosúil go mbeidh tionchar suntasach aici ar chinneadh ceannaigh aon sealbhóra iarbhír nó sealbhóra ionchais de chomharthaí sócmhainn‑tagartha suntasacha, nó mura dtugann sé/sí tuairisc ar athrú den sórt sin i bpáipéar bán maidir le criptea-shócmhainní.

2.Sáraíonn an t‑eisitheoir Airteagal 21 mura gcloíonn sé le beart arna iarraidh ag ÚBE i gcomhréir le hAirteagal 21(3).

3.Sáraíonn an t‑eisitheoir Airteagal 23(1), pointe (a) mura ngníomhaíonn sé ar bhealach macánta, cothrom agus gairmiúil.

4.Sáraíonn an t‑eisitheoir Airteagal 23(1), pointe (b) mura ndéanann sé cumarsáid le sealbhóirí comharthaí sócmhainn‑tagartha suntasacha ar bhealach cothrom agus soiléir, nach bhfuil míthreorach.

5.Sáraíonn an t‑eisitheoir Airteagal 23(2) mura ngníomhaíonn sé chun leasa sealbhóirí comharthaí sócmhainn‑tagartha suntasacha, nó más rud é go dtugann sé cóir fhabhrach do shealbhóirí sainiúla, nach nochtar i bpáipéar bán an eisitheora

6.Sáraíonn an t‑eisitheoir Airteagal 24, mura bhfoilsíonn sé ar a shuíomh gréasáin a pháipéar bán maidir le criptea-shócmhainní dá dtagraítear in Airteagal 19(1) agus, i gcás inarb infheidhme, a pháipéar bán modhnaithe maidir le criptea-shócmhainní dá dtagraítear in Airteagal 21 agus a chumarsáid mhargaíochta dá dtagraítear in Airteagal 25.

7.Sáraíonn an t‑eisitheoir Airteagal 24 mura gcuireann sé na páipéir bhána ar fáil don phobal roimh an dáta tosaigh a thairgfear na comharthaí sócmhainn‑tagartha suntasacha don phobal nó an dáta a ligfear na comharthaí sin isteach chun a dtrádála ar ardán trádála le haghaidh criptea-shócmhainní.

8.Sáraíonn an t‑eisitheoir Airteagal 24 mura gcuireann sé an páipéar bán maidir le criptea-shócmhainní agus an chumarsáid mhargaíochta ar fáil chomh fada agus a bheidh na comharthaí sócmhainn‑tagartha suntasacha i seilbh an phobail.

9.Sáraíonn an t‑eisitheoir Airteagal 25(1) trí chumarsáid mhargaíochta a fhoilsiú, ar cumarsáid í a bhaineann le comharthaí sócmhainn‑tagartha suntasacha a thairiscint don phobal, nó a bhaineann le comharthaí sócmhainn‑tagartha suntasacha den sórt sin a ligean isteach chun a dtrádála ar ardán trádála le haghaidh criptea-shócmhainní, ach nach gcomhlíontar na ceanglais a leagtar amach in Airteagal 25(1), pointí (a) go (d) léi;

10.Mura dtugtar éileamh díreach nó ceart fuascailte do shealbhóirí uile na gcomharthaí sócmhainn‑tagartha suntasacha, beidh Airteagal 25(2) á shárú ag an eisitheoir mura dtugann sé ráiteas soiléir gan athbhrí ina chuid cumarsáide margaíochta nach féidir le sealbhóirí comharthaí den sórt sin éileamh a dhéanamh ar na cúlsócmhainní ná na comharthaí sin a fhuascailt leis an eisitheoir ag aon tráth;

11.Sáraíonn an t‑eisitheoir Airteagal 26(1) mura ndéanann sé méid na gcomharthaí sócmhainn‑tagartha suntasacha atá i gcúrsaíocht agus luach agus comhdhéanamh na gcúlsócmhainní dá dtagraítear in Airteagal 32 a nochtadh, gach mí ar a laghad agus/nó ar bhealach soiléir, cruinn agus trédhearcach ar a shuíomh gréasáin.

12.Sáraíonn an t‑eisitheoir Airteagal 26(2) mura nochtann sé toradh an iniúchta ar na cúlsócmhainní dá dtagraítear in Airteagal 32 ar a shuíomh gréasáin a luaithe is féidir agus/nó ar bhealach atá soiléir, cruinn agus trédhearcach.

13.Sáraíonn an t‑eisitheoir Airteagal 26(3) mura nochtann sé eachtra ar bith a bhfuil tionchar suntasach aige, nó ar cosúil go mbeidh tionchar suntasach aige, ar luach na comharthaí sócmhainn‑tagartha suntasacha nó na gcúlsócmhainní, ar bhealach atá soiléir, cruinn agus trédhearcach a luaithe is féidir.

14.Sáraíonn an t‑eisitheoir Airteagal 27(1) mura mbunaíonn sé agus/nó nach gcoinníonn sé nósanna imeachta éifeachtacha agus trédhearcacha chun gearáin a fhaightear ó shealbhóirí comharthaí sócmhainn‑tagartha suntasacha a láimhseáil ar bhealach pras, cothrom agus comhsheasmhach, nó mura gcuireann sé nósanna imeachta ar bun chun láimhseáil gearán a éascú idir sealbhóirí agus eintitis tríú páirtí dá dtagraítear in Airteagal 30(5), pointe (h).

15.Sáraíonn an t‑eisitheoir Airteagal 27(2), mura gcuireann sé ar chumas sealbhóirí comharthaí sócmhainn‑tagartha suntasacha gearáin a dhéanamh saor in aisce.

16.Sáraíonn an t‑eisitheoir Airteagal 27(3), mura bhforbraíonn sé agus/nó nach soláthraíonn sé teimpléad chun gearáin a dhéanamh do shealbhóirí comharthaí sócmhainn‑tagartha suntasacha agus/nó mura gcoinníonn sé taifead ar na gearáin go léir a fuarthas agus aon bhearta a rinneadh mar fhreagairt ar na gearáin sin.

17.Sáraíonn an t‑eisitheoir Airteagal 27(4), mura ndéanann sé na gearáin go léir a imscrúdú ar bhealach tráthúil agus cothrom agus/nó mura gcuireann sé torthaí aon imscrúduithe den sórt sin in iúl do shealbhóirí a gcomharthaí sócmhainn‑tagartha suntasacha laistigh de thréimhse ama réasúnta.

18.Sáraíonn an t‑eisitheoir Airteagal 28(1), mura gcoinníonn agus nach bhfeidhmíonn sé beartais agus nósanna imeachta éifeachtacha chun coinbhleachtaí leasa a chosc, a aithint, a bhainistiú agus a nochtadh, idir an t‑eisitheoir féin agus a scairshealbhóirí, comhaltaí a chomhlachta bainistíochta, a fhostaithe, agus aon duine nádúrtha a bhfuil níos mó ná 20 % de scairchaipiteal nó cearta vótála an eisitheora faoina úinéireacht, go díreach nó go hindíreach, nó a fheidhmíonn, ar mhodh ar bith eile, cumhacht rialaithe ar an eisitheoir sin, na sealbhóirí comharthaí sócmhainn‑tagartha suntasacha, aon tríú páirtí a sholáthraíonn ceann de na feidhmeanna dá dtagraítear in Airteagal 30(5), pointe (h), nó aon duine nádúrtha nó duine dlítheanach ar tugadh éileamh díreach nó cearta fuascailte dó/di i gcomhréir le hAirteagal 35(3).

19.Sáraíonn an t‑eisitheoir Airteagal 28(1) mura nglacann sé na céimeanna iomchuí uile chun coinbhleachtaí leasa a eascraíonn as bainistiú agus infheistiú na gcúlsócmhainní a chosc, a aithint, a bhainistiú agus a nochtadh.

20.Sáraíonn an t‑eisitheoir Airteagal 28, ailt (2) go (4), mura nochtann sé do shealbhóirí comharthaí sócmhainn‑tagartha suntasacha cineál ginearálta agus foinsí na gcoinbhleachtaí leasa agus na céimeanna arna nglacadh chun na rioscaí sin a mhaolú, nó más rud é go ndéanann sé an nochtadh sin ar mheán marthanach, nó mura raibh sé beacht go leor agus an nochtadh á dhéanamh chun sealbhóirí comharthaí sócmhainn‑tagartha suntasacha a chumasú chun cinneadh ceannaigh eolach a dhéanamh maidir le comharthaí den sórt sin.

21.Sáraíonn an t‑eisitheoir Airteagal 29, mura dtugann sé fógra do ÚBE maidir le haon athrú ar a chomhlacht bainistíochta.

22.Sáraíonn an t‑eisitheoir Airteagal 30(1) mura bhfuil socruithe daingne rialachais aige, lena n‑áirítear struchtúr soiléir eagraíochtúil a mbeidh freagrachtaí dea‑shainithe, trédhearcacha agus comhsheasmhacha ann, próisis éifeachtacha chun rioscaí a bhfuil sé neamhchosanta orthu nó a bhféadfadh sé a bheith neamhchosanta orthu a shainaithint, a bhainistiú, a thuairisciú agus faireachán a dhéanamh orthu, mar aon le sásraí leordhóthanacha um rialú inmheánach, lena n‑áirítear nósanna imeachta fónta ó thaobh an riaracháin agus na cuntasaíochta de.

23.Sáraíonn an t‑eisitheoir Airteagal 30(2) más rud é go bhfuil comhaltaí dá chomhlacht bainistíochta nach bhfuil dea‑chlú orthu agus nach bhfuil inniúil, ó thaobh cáilíochtaí, taithí agus scileanna de, chun a gcuid dualgas a chomhlíonadh nó chun bainistiú fónta agus stuama an eisitheora a áirithiú.

24.Sáraíonn an t‑eisitheoir Airteagal 30(5) mura nglacann sé beartais agus beartais nós imeachta nach bhfuil éifeachtach a ndóthain chun comhlíonadh an Rialacháin seo a áirithiú, lena n‑áirítear forálacha uile an Teidil seo a bheith á gcomhlíonadh ag a bhainisteoirí agus a fhostaithe, lena n‑áirítear mura ndearnadh aon cheann de na beartais agus nósanna imeachta dá dtagraítear in Airteagal 30(5), pointí (a) go (k) a chur ar bun, a choinneáil agus a chur chun feidhme;

25.Sáraíonn an t‑eisitheoir Airteagal 30(5) mura gcuireann sé socruithe conarthacha ar bun, agus nach gcoinníonn sé ar bun iad, le heintitis tríú páirtí dá dtagraítear in Airteagal 30(5), pointe (h), lena leagtar síos go beacht róil, freagrachtaí, cearta agus oibleagáidí gach ceann de na heintitis tríú páirtí agus an eisitheora, nó trí fhoráil a dhéanamh do rogha dlí gan débhrí le haghaidh conarthaí den sórt sin a mbíonn impleachtaí trasdlínse acu.

26.Murar thionscain sé plean dá dtagraítear in Airteagal 42, tá Airteagal 30(6) á shárú ag an eisitheoir, mura bhfuil córais, acmhainní nó nósanna imeachta iomchuí agus comhréireacha i bhfeidhm aige chun feidhmiú leanúnach agus rialta a chuid seirbhísí agus gníomhaíochtaí a áirithiú, nó mura gcoinníonn sé a chórais agus a phrótacail rochtana slándála uile ar chaighdeáin iomchuí an Aontais.

27.Sáraíonn an t‑eisitheoir Airteagal 30(7) mura ndéanann sé foinsí riosca oibríochtúil a shainaithint nó nach ndéanann sé na rioscaí sin a íoslaghdú trí chórais, rialuithe agus nósanna imeachta iomchuí a fhorbairt.

28.Sáraíonn an t‑eisitheoir Airteagal 30(8) mura gcuireann sé beartas um leanúnachas gnó ar bun a áirithíonn, i gcás go gcuirtear isteach ar a chórais agus a nósanna imeachta, go gcaomhnaítear sonraí agus feidhmeanna riachtanacha agus go gcothaítear a chuid gníomhaíochtaí, nó, i gcás nach féidir é sin a dhéanamh, chun athshlánú tráthúil na sonraí agus na bhfeidhmeanna sin agus atosú tráthúil a ghníomhaíochtaí a áirithiú.

29.Murar tugadh cead dó méid níos lú cistí dílse a choimeád i gcomhréir le hAirteagal 31(3), sáraíonn an t‑eisitheoir Airteagal 31(1), pointe (a) nó Airteagal 41(4) mura gcloíonn sé, i gcónaí, leis an gceanglas maidir le cistí dílse.

30.Sáraíonn an t‑eisitheoir Airteagal 31(2) i gcás nach gcuimsítear ina chistí dílse ítimí agus ionstraimí Ghnáthchothromas Leibhéal 1 dá dtagraítear in Airteagail 26 go 30 de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 tar éis na n‑asbhaintí go léir, de bhun Airteagal 36 den Rialachán sin, gan díolúintí tairsí dá dtagraítear in Airteagail 46 agus 48 den Rialachán sin a chur i bhfeidhm.

31.Sáraíonn an t‑eisitheoir Airteagal 31(3) mura gcloíonn sé leis an gceanglas maidir le cistí dílse a éilíonn an t‑údarás inniúil, tar éis an mheasúnaithe arna dhéanamh i gcomhréir le hAirteagal 31(3).

32.Sáraíonn an t‑eisitheoir Airteagal 32(1) mura mbunaíonn sé agus mura gcothaíonn sé cúlchiste sócmhainní i gcónaí.

33.Sáraíonn an t‑eisitheoir Airteagal 32(3) mura n‑áirithíonn a chomhlacht bainistíochta go ndéantar na cúlsócmhainní a bhainistiú ar bhealach éifeachtach agus stuama.

34.Sáraíonn an t‑eisitheoir Airteagal 32(3) mura n‑áirithíonn sé go ndéantar cruthú agus scriosadh comharthaí sócmhainn‑tagartha suntasacha a mheaitseáil le méadú nó laghdú comhfhreagrach ar na cúlsócmhainní i gcónaí agus go ndéantar méadú nó laghdú den sórt sin a bhainistiú go leordhóthanach d’fhonn tionchar tromchúiseach ar mhargadh na gcúlsócmhainní a sheachaint.

35.Sáraíonn an t‑eisitheoir Airteagal 32(4), mura bhfuil beartais shoiléire agus/nó mhionsonraithe aige maidir le sásra cobhsaíochta comharthaí den sórt sin nach gcomhlíonann na coinníollacha a leagtar amach in Airteagal 32(4), pointí (a) go (g).

36.Sáraíonn an t‑eisitheoir Airteagal 32(5) mura dtugann sé sainordú chun iniúchóireacht neamhspleách a dhéanamh ar na cúlsócmhainní gach 6 mhí, ó dháta a údaraithe.

37.Sáraíonn an t‑eisitheoir Airteagal 33(1) mura ndéanann sé beartais cumhdaigh, nósanna imeachta agus socruithe conarthacha a chur ar bun, a choinneáil nó a chur chun feidhme chun a áirithiú i gcónaí go gcomhlíonfar na coinníollacha a liostaítear in Airteagal 33(1) pointí (a) go (d).

38.Sáraíonn an t‑eisitheoir Airteagal 33(1) mura bhfuil beartas cumhdaigh aige maidir le gach cúlchiste sócmhainní a bhainistíonn sé.

39.Sáraíonn an t‑eisitheoir Airteagal 33(2) i gcás nach bhfuil na cúlsócmhainní á gcumhdach ag soláthraí seirbhísí criptea-shócmhainní nó ag institiúid chreidmheasa tráth nach déanaí ná 5 lá gnó tar éis dháta eisiúna na gcomharthaí sócmhainn‑tagartha suntasacha sin.

40.Sáraíonn an t‑eisitheoir Airteagal 33(3) mura bhfeidhmíonn sé gach scil, cúram, dícheall is iomchuí agus institiúidí creidmheasa agus soláthraithe seirbhísí criptea-shócmhainní á roghnú, á gceapadh agus á n‑athbhreithniú aige ina gcáil mar choimeádaithe na gcúlsócmhainní.

41.Sáraíonn an t‑eisitheoir Airteagal 33(3) mura n‑áirithíonn sé go bhfuil an saineolas agus an clú margaidh is gá ag na hinstitiúidí creidmheasa agus soláthraithe seirbhísí criptea-shócmhainní arna gceapadh mar choimeádaithe na gcúlsócmhainní sin.

42.Sáraíonn an t‑eisitheoir Airteagal 33(3) mura bhfuil socruithe conarthacha déanta aige leis na coimeádaithe chun a áirithiú go gcosnófar na cúlsócmhainní atá á gcumhdach i gcoinne éilimh ó chreidiúnaithe na gcoimeádaithe.

43.Sáraíonn an t‑eisitheoir Airteagal 33(3) mura bhfuil beartais agus nósanna imeachta cumhdaigh curtha ar bun aige ina leagtar amach na critéir roghnúcháin maidir le hinstitiúidí creidmheasa nó soláthraithe seirbhísí criptea-shócmhainní a cheapadh mar choimeádaithe na gcúlsócmhainní agus/nó mura bhfuil nós imeachta curtha ar bun aige chun athbhreithniú a dhéanamh ar cheapacháin den sórt sin.

44.Sáraíonn an t‑eisitheoir Airteagal 33(3) mura ndéanann sé athbhreithniú ar cheapadh institiúidí creidmheasa nó soláthraithe seirbhísí criptea-shócmhainní mar choimeádaithe na gcúlsócmhainní ar bhonn rialta, agus/nó mura ndéanann sé a nochtadh do choimeádaithe den sórt sin a mheasúnú, agus/nó mura ndéanann sé faireachán ar dhálaí airgeadais na gcoimeádaithe sin ar bhonn leanúnach.

45.Sáraíonn an t‑eisitheoir Airteagal 33(4) i gcás nach gcuirtear na cúlsócmhainní ar iontaoibh institiúidí creidmheasa nó soláthraithe seirbhísí criptea-shócmhainní i gcomhréir le hAirteagal 33(4), pointí (a) go (d).

46.Sáraíonn an t‑eisitheoir Airteagal 33(5) i gcás nach dtugtar fianaise maidir le ceapadh coimeádaí le conradh i scríbhinn, nó i gcás nach rialaíonn conradh den sórt sin an sreabhadh faisnéise a mheastar a bhfuil gá leis ionas go mbeadh na heisitheoirí, na hinstitiúidí creidmheasa agus na soláthraithe seirbhísí criptea-shócmhainní ábalta a bhfeidhmeanna a chomhlíonadh.

47.Sáraíonn an t‑eisitheoir Airteagal 34(1) más rud é go n‑infheistíonn sé na cúlsócmhainní i dtáirgí nach ionstraimí airgeadais an‑leachtach iad lena mbaineann riosca íosta margaidh agus creidmheasa nó i gcás nach féidir infheistíochtaí den sórt sin a leachtú go tapa agus an tionchar is lú is féidir ar an bpraghas.

48.Sáraíonn an t‑eisitheoir Airteagal 34(2) mura bhfuil na hionstraimí airgeadais ina bhfuil na cúlsócmhainní á gcumhdach ina sheilbh aige.

49.Sáraíonn an t‑eisitheoir Airteagal 34(3) mura n‑iompraíonn sé na brabúis agus na caillteanais go léir a eascraíonn as infheistiú na gcúlsócmhainní.

50.Sáraíonn an t‑eisitheoir Airteagal 35(1), mura ndéanann sé beartais agus nósanna imeachta soiléire agus mionsonraithe a chur ar bun, a choinneáil agus a chur i bhfeidhm maidir leis na cearta a thugtar do shealbhóirí comharthaí sócmhainn‑tagartha suntasacha.

51.I gcás ina dtugtar na cearta dá dtagraítear in Airteagal 35(1) do shealbhóirí comharthaí sócmhainn‑tagartha suntasacha, sáraíonn an t‑eisitheoir Airteagal 35(2) mura gcuireann sé beartas ar bun lena gcomhlíontar na coinníollacha a liostaítear in Airteagal 35(2), pointí (a) go (e).

52.I gcás ina dtugtar na cearta dá dtagraítear in Airteagal 35(1) do shealbhóirí comharthaí sócmhainn‑tagartha suntasacha, sáraíonn an t‑eisitheoir Airteagal 35(2) mura ndéanann sé foráil do tháillí atá cionmhar agus i gcomhréir leis na costais iarbhír arna dtabhú ag eisitheoirí comharthaí sócmhainn‑tagartha suntasacha.

53.I gcás nach dtugann an t‑eisitheoir cearta dá dtagraítear in Airteagal 35(1) do shealbhóirí uile comharthaí sócmhainn‑tagartha suntasacha, sáraíonn an t‑eisitheoir sin Airteagal 35(3) mura gcuireann sé beartas ar bun ina sonraítear na daoine nádúrtha nó daoine dlítheanacha sin a dtugtar cearta den sórt sin dóibh, nó mura sonraíonn sé na coinníollacha a bhaineann leis na cearta sin a fheidhmiú, nó na hoibleagáidí arna bhforchur ar na daoine sin.

54.I gcás nach dtugann an t‑eisitheoir cearta dá dtagraítear in Airteagal 35(1) do shealbhóirí uile comharthaí sócmhainn‑tagartha suntasacha, sáraíonn an t‑eisitheoir sin Airteagal 35(3) mura gcuireann sé socruithe conarthacha iomchuí ar bun, nó nach gcoinníonn sé iad, leis na daoine nádúrtha nó daoine dlítheanacha sin a dtugtar cearta den sórt sin dóibh, nó mura ndéanann sé socruithe conarthacha ina leagtar amach róil, freagrachtaí, cearta agus oibleagáidí na n‑eisitheoirí agus gach duine de na daoine nádúrtha nó daoine dlítheanacha sin, nó mura soláthraíonn sé rogha dlí gan débhrí le haghaidh socruithe conarthacha den sórt sin a mbíonn impleachtaí trasteorann acu.

55.I gcás nach dtugann an t‑eisitheoir na cearta dá dtagraítear in Airteagal 35(1) do shealbhóirí uile na gcomharthaí sócmhainn‑tagartha suntasacha, sáraíonn an t‑eisitheoir sin Airteagal 35(4) mura gcuireann sé sásra ar bun chun leachtacht na gcomharthaí sócmhainn‑tagartha suntasacha a áirithiú.

56.I gcás nach dtugann an t‑eisitheoir na cearta dá dtagraítear in Airteagal 35(1) do shealbhóirí uile na gcomharthaí sócmhainn‑tagartha suntasacha, sáraíonn an t‑eisitheoir sin Airteagal 35(4) mura gcuireann sé socruithe i scríbhinn ar bun agus nach gcoinníonn sé iad, nó mura n‑áirithíonn sé go gceanglaítear ar líon leordhóthanach soláthraithe seirbhísí criptea-shócmhainní luachana daingne a chur ar fáil ar phraghas iomaíoch ar bhonn rialta agus intuartha.

57.I gcás nach dtugann an t‑eisitheoir na cearta dá dtagraítear in Airteagal 35(1) do shealbhóirí uile comharthaí sócmhainn‑tagartha suntasacha, sáraíonn an t‑eisitheoir sin Airteagal 35(4) mura n‑áirithíonn sé fuascailt dhíreach comharthaí sócmhainn‑tagartha suntasacha den sórt sin i gcás luaineacht shuntasach i luach na gcomharthaí sócmhainn‑tagartha suntasacha nó na gcúlsócmhainní, nó mura gcuireann sé táillí i bhfeidhm atá cionmhar agus i gcomhréir leis na costais iarbhír arna dtabhú i ndáil le fuascailt den sórt sin.

58.I gcás nach dtugann an t‑eisitheoir na cearta dá dtagraítear in Airteagal 35(1) do shealbhóirí uile comharthaí sócmhainn‑tagartha suntasacha, sáraíonn an t‑eisitheoir sin Airteagal 35(4) mura ndéanann sé socruithe conarthacha a chur ar bun agus a choinneáil ar bun chun a áirithiú go n‑íocfar fáltais na gcúlsócmhainní le sealbhóirí na gcomharthaí sócmhainn‑tagartha suntasacha, i gcás ina gcinneann an t‑eisitheoir an t‑oibriúchán a scor nó i gcás inar cuireadh é faoi chlabhsúr ordúil, nó i gcás gur baineadh a údarú.

59.Sáraíonn an t‑eisitheoir Airteagal 36 trí fhoráil a dhéanamh do leasanna nó aon tairbhiú eile a bhaineann leis an achar ama ina bhfuil na comharthaí sócmhainn‑tagartha suntasacha ina sheilbh ag sealbhóir comharthaí sócmhainn‑tagartha suntasacha den sórt sin.

60.Sáraíonn an t‑eisitheoir Airteagal 41(1) mura ndéanann sé beartas luacha saothair a ghlacadh, a chur chun feidhme agus a chothabháil, beartas ina gcuirtear bainistiú riosca fónta agus éifeachtach chun cinn i leith eisitheoirí den sórt sin agus nach gcruthaítear dreasachtaí leis chun caighdeáin riosca a mhaolú.

61.Sáraíonn an t‑eisitheoir Airteagal 41(2) mura n‑áirithíonn sé gur féidir le soláthraithe éagsúla seirbhísí criptea-shócmhainní atá údaraithe don tseirbhís dá dtagraítear in Airteagal 3(1), pointe (10) a chuid comharthaí sócmhainn‑tagartha suntasacha a chumhdach ar bhonn cothrom, réasúnach agus neamh‑idirdhealaitheach.

62.Sáraíonn an t‑eisitheoir Airteagal 41(2) mura ndéanann sé measúnú agus faireachán ar na riachtanais leachtacha chun freastal ar iarrachtaí fuascailte nó ar fheidhmiú ceart, dá dtagraítear in Airteagal 36, na sealbhóirí comharthaí sócmhainn‑tagartha suntasacha.

63.Sáraíonn an t‑eisitheoir Airteagal 41(3) mura ndéanann sé beartas agus nósanna imeachta maidir le bainistiú leachtachta a chur ar bun, a choinneáil nó a chur chun feidhme nó mura bhfuil beartas agus nósanna imeachta aige lena n‑áirithítear go bhfuil próifíl leachtachta athléimneach ag na cúlsócmhainní, lena gcuirtear ar chumas an eisitheora comharthaí sócmhainn‑tagartha suntasacha leanúint ar aghaidh ag feidhmiú mar is gnáth, lena n‑áirítear i gcásanna ina bhfuil an leachtacht faoi strus.

64.Sáraíonn an t‑eisitheoir Airteagal 42(1) mura bhfuil plean ar bun aige atá iomchuí chun tacú le clabhsúr ordúil a gcuid gníomhaíochtaí faoin dlí náisiúnta is infheidhme, nó mura bhfuil plean aige a léiríonn cumas an eisitheora comharthaí sócmhainn‑tagartha suntasacha chun tabhairt faoi chlabhsúr ordúil gan díobháil eacnamaíoch mhíchuí a dhéanamh do na sealbhóirí comharthaí sócmhainn‑tagartha suntasacha nó do chobhsaíocht mhargaidh na gcúlsócmhainní.

65.Sáraíonn an t‑eisitheoir Airteagal 42(2) mura bhfuil plean aige lena gcuimsítear socruithe conarthacha, nósanna imeachta agus córais chun a áirithiú go n‑íocfar fáltais ó dhíolachán na gcúlsócmhainní atá fágtha leis na sealbhóirí comharthaí sócmhainn‑tagartha suntasacha.

66.Sáraíonn an t‑eisitheoir Airteagal 42(2) mura ndéanann sé an plean a athbhreithniú nó a nuashonrú go rialta.

67.Mura gcomhlíontar coinníollacha Airteagal 77(2), sáraíonn an t‑eisitheoir Airteagal 77(1) mura gcuireann sé an pobal ar an eolas a luaithe is féidir faoi fhaisnéis ón taobh istigh, a bhaineann leis an eisitheoir sin, ar bhealach ina gcuirfear ar chumas an phobail an fhaisnéis sin a rochtain ar bhealach éasca agus ina gcuirfear ar chumas an phobail an fhaisnéis sin a mheas ar bhealach iomlán, ceart agus pras.



Iarscríbhinn VI: Liosta de na sáruithe dá dtagraítear i dTeideal III le haghaidh eisitheoirí comharthaí ríomh‑airgid suntasacha

1.Sáraíonn an t‑eisitheoir Airteagal 33(1) mura ndéanann sé beartais cumhdaigh, nósanna imeachta agus socruithe conarthacha a chur ar bun, a choinneáil nó a chur chun feidhme chun a áirithiú i gcónaí go gcomhlíonfar na coinníollacha a liostaítear in Airteagal 33(1), pointí (a) go (d).

2.Sáraíonn an t‑eisitheoir Airteagal 33(1) mura bhfuil beartas cumhdaigh aige maidir le gach cúlchiste sócmhainní a bhainistíonn sé.

3.Sáraíonn an t‑eisitheoir Airteagal 33(2) i gcás nach bhfuil na cúlsócmhainní á gcumhdach ag soláthraí seirbhísí criptea-shócmhainní nó ag institiúid chreidmheasa tráth nach déanaí ná 5 lá gnó tar éis dháta eisiúna na gcomharthaí ríomh‑airgid suntasacha sin.

4.Sáraíonn an t‑eisitheoir Airteagal 33(3) mura bhfeidhmíonn sé gach scil, cúram, dícheall is iomchuí agus institiúidí creidmheasa agus soláthraithe seirbhísí criptea-shócmhainní á roghnú, á gceapadh agus á n‑athbhreithniú aige mar choimeádaithe na gcúlsócmhainní.

5.Sáraíonn an t‑eisitheoir Airteagal 33(3) mura n‑áirithíonn sé go bhfuil an saineolas agus an clú margaidh is gá ag na hinstitiúidí creidmheasa agus soláthraithe seirbhísí criptea-shócmhainní arna gceapadh mar choimeádaithe na gcúlsócmhainní sin.

6.Sáraíonn an t‑eisitheoir Airteagal 33(3) mura bhfuil socruithe conarthacha déanta aige leis na coimeádaithe chun a áirithiú go gcosnófar na cúlsócmhainní atá á gcumhdach i gcoinne éilimh ó chreidiúnaithe na gcoimeádaithe.

7.Sáraíonn an t‑eisitheoir Airteagal 33(3) mura bhfuil beartais agus nósanna imeachta cumhdaigh curtha ar bun aige ina leagtar amach na critéir roghnúcháin maidir le hinstitiúidí creidmheasa nó soláthraithe seirbhísí criptea-shócmhainní a cheapadh mar choimeádaithe na gcúlsócmhainní agus/nó mura bhfuil nós imeachta curtha ar bun aige chun athbhreithniú a dhéanamh ar cheapacháin den sórt sin.

8.Sáraíonn an t‑eisitheoir Airteagal 33(3) mura ndéanann sé athbhreithniú ar cheapadh institiúidí creidmheasa nó soláthraithe seirbhísí criptea-shócmhainní mar choimeádaithe na gcúlsócmhainní ar bhonn rialta, agus/nó mura ndéanann sé a nochtadh do choimeádaithe den sórt sin a mheasúnú, agus/nó mura ndéanann sé faireachán ar dhálaí airgeadais na gcoimeádaithe sin ar bhonn leanúnach.

9.Sáraíonn an t‑eisitheoir Airteagal 33(4) i gcás nach gcuirtear na cúlsócmhainní ar iontaoibh institiúidí creidmheasa nó soláthraithe seirbhísí criptea-shócmhainní i gcomhréir le hAirteagal 33(4), pointí (a) go (d).

10.Sáraíonn an t‑eisitheoir Airteagal 33(5) i gcás nach dtugtar fianaise maidir le ceapadh coimeádaí le conradh i scríbhinn, nó i gcás nach rialaíonn conradh den sórt sin an sreabhadh faisnéise a mheastar a bhfuil gá leis ionas go mbeadh na heisitheoirí agus na hinstitiúidí creidmheasa agus na soláthraithe seirbhísí criptea-shócmhainní ábalta a bhfeidhmeanna a chomhlíonadh.

11.Sáraíonn an t‑eisitheoir Airteagal 34(1) más rud é go n‑infheistíonn sé na cúlsócmhainní i dtáirgí nach ionstraimí airgeadais an‑leachtacha iad lena mbaineann riosca íosta margaidh agus creidmheasa nó i gcás nach féidir infheistíochtaí den sórt sin a leachtú go tapa agus an tionchar is lú is féidir ar an bpraghas.

12.Sáraíonn an t‑eisitheoir Airteagal 34(2) mura bhfuil na hionstraimí airgeadais lena gcoinnítear na cúlsócmhainní atá á gcumhdach ina sheilbh aige, i gcomhréir le hAirteagal 33.

13.Sáraíonn an t‑eisitheoir Airteagal 34(3) mura n‑iompraíonn sé na brabúis agus na caillteanais go léir a eascraíonn as infheistiú na gcúlsócmhainní.

14.Sáraíonn an t‑eisitheoir Airteagal 41(1) mura ndéanann sé beartas luacha saothair a ghlacadh, a chur chun feidhme agus a chothabháil, beartas ina gcuirtear bainistiú riosca fónta agus éifeachtach chun cinn i leith eisitheoirí den sórt sin agus nach gcruthaítear dreasachtaí leis chun caighdeáin riosca a mhaolú.

15.Sáraíonn an t‑eisitheoir Airteagal 41(2) mura n‑áirithíonn sé gur féidir le soláthraithe éagsúla seirbhísí criptea-shócmhainní atá údaraithe don tseirbhís dá dtagraítear in Airteagal 3(1), pointe (10) a chuid comharthaí ríomh‑airgid suntasacha a chumhdach ar bhonn cothrom, réasúnach agus neamh‑idirdhealaitheach.

16.Sáraíonn an t‑eisitheoir Airteagal 41(3) mura ndéanann sé beartas agus nósanna imeachta maidir le bainistiú leachtachta a chur ar bun, a choinneáil nó a chur chun feidhme nó mura bhfuil beartas agus nósanna imeachta aige lena n‑áirithítear go bhfuil próifíl leachtachta athléimneach ag na cúlsócmhainní, lena gcuirtear ar chumas an eisitheora leanúint ar aghaidh ag feidhmiú mar is gnáth, lena n‑áirítear i gcásanna ina bhfuil an leachtacht faoi strus.

17.Murar tugadh cead dó méid níos lú cistí dílse a choimeád i gcomhréir le hAirteagal 31(3), sáraíonn an t‑eisitheoir Airteagal 41(4) mura gcloíonn sé, i gcónaí, leis an gceanglas maidir le cistí dílse.

18.Sáraíonn an t‑eisitheoir Airteagal 31(2) i gcás nach gcuimsítear ina chistí dílse ítimí agus ionstraimí Ghnáthchothromas Leibhéal 1 dá dtagraítear in Airteagal 26 go hAirteagal 30 de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 tar éis na n‑asbhaintí go léir, de bhun Airteagal 36 den Rialachán sin, gan díolúintí tairsí dá dtagraítear in Airteagail 46 agus 48 den Rialachán sin a chur i bhfeidhm.

19.Sáraíonn an t‑eisitheoir Airteagal 31(3) mura gcloíonn sé leis an gceanglas maidir le cistí dílse a éilíonn an t‑údarás inniúil, tar éis an mheasúnaithe arna dhéanamh i gcomhréir le hAirteagal 31(3).

20.Sáraíonn an t‑eisitheoir Airteagal 42(1) mura bhfuil plean ar bun aige atá iomchuí chun tacú le clabhsúr ordúil a gcuid gníomhaíochtaí faoin dlí náisiúnta is infheidhme, nó mura bhfuil plean aige a léiríonn cumas an eisitheora comharthaí ríomh‑airgid suntasacha chun tabhairt faoi chlabhsúr ordúil gan díobháil eacnamaíoch mhíchuí a dhéanamh do na sealbhóirí comharthaí ríomh‑airgid suntasacha nó do chobhsaíocht mhargaidh na gcúlsócmhainní.

21.Sáraíonn an t‑eisitheoir Airteagal 42(2) mura bhfuil plean aige lena gcuimsítear socruithe conarthacha, nósanna imeachta agus córais chun a áirithiú go n‑íocfar fáltais ó dhíolachán na gcúlsócmhainní atá fágtha le sealbhóirí na comharthaí ríomh‑airgid suntasacha.

22.Sáraíonn an t‑eisitheoir Airteagal 42(2) mura ndéanann sé an plean a athbhreithniú nó a nuashonrú go rialta.

23.Mura gcomhlíontar coinníollacha Airteagal 77(2), sáraíonn an t‑eisitheoir Airteagal 77(1) mura gcuireann sé an pobal ar an eolas a luaithe is féidir faoi fhaisnéis ón taobh istigh, a bhaineann leis an eisitheoir sin, ar bhealach ina gcuirfear ar chumas an phobail an fhaisnéis sin a rochtain ar bhealach éasca agus ina gcuirfear ar chumas an phobail an fhaisnéis sin a mheas ar bhealach iomlán, ceart agus pras.