An Bhruiséil,28.5.2020

COM(2020) 443 final

2018/0166(APP)

Togra leasaithe le haghaidh

RIALACHÁN ÓN gCOMHAIRLE

lena leagtar síos an creat airgeadais ilbhliantúil do na blianta 2021 go 2027


MEABHRÁN MÍNIÚCHÁIN

1.COMHTHÉACS AN TOGRA

1.1Buiséad uaillmhianach agus nuálach an Aontais Eorpaigh um théarnamh Eorpach

Ghníomhaigh an tAontas Eorpach go tapa chun freagairt chomhpháirteach chomhordaithe agus chumhachtach a thabhairt ar iarmhairtí sóisialta agus eacnamaíocha na géarchéime, laistigh de theorainneacha an Chreata Airgeadais Ilbhliantúil reatha a rachaidh in éag in 2020. Comhlánaítear leis an bhfreagairt sin bearta lánroghnacha eacnamaíocha agus airgeadais arna ndéanamh ag na Ballstáit.

Chuaigh paindéim an choróinvíris i gcion ar gach cearn den Eoraip agus den domhan. Tá an‑neamhchinnteacht ann maidir le doimhneacht an tionchair shocheacnamaíoch atá aige. Cheana féin ag an gcéim seo, is cinnte go bhfuil dúshláin mhóra nach bhfacthas a leithéid riamh ag baint leis an bpaindéim maidir le córais airgeadais agus eacnamaíocha na mBallstát. Meastar i réamhaisnéis an earraigh 2020 1 ón gCoimisiún go dtiocfaidh crapadh 7.75 % ar gheilleagar an limistéir euro in 2020 agus go dtiocfaidh crapadh 7.5 % ar gheilleagar an Aontais Eorpaigh in 2020. Na réamh‑mheastacháin fáis don Aontas Eorpach agus don limistéar euro, rinneadh iad a leasú síos thart ar naoi bpointe céatadáin i gcomparáid le Réamhaisnéis Eacnamaíoch Fhómhar 2019. Tá an suaitheadh a baineadh as geilleagar an Aontais Eorpaigh siméadrach sa chaoi gur bhuail an phaindéim na Ballstáit uile, ach beidh difear mór sa laghdú ar an aschur in 2020. Mar sin féin, mar gheall ar thoimhdí faoi éabhlóid phaindéim an choróinvíris agus na bearta imshrianta gaolmhara, tá leibhéal éiginnteachta agus riosca níos airde ann a atá ag dul i bhfeidhm ar Réamhaisnéis an Earraigh. Leis an measúnú cuimsitheach ar riachtanais 2 , dearbhaítear an cur síos ginearálta sin freisin.

Ionas go mbeidh an tAontas níos láidre tar éis na géarchéime, ar géarchéim í atá ar scála agus ar raon feidhme nach bhfacthas a leithéid riamh, ní mór don fhreagairt a bheith tapa, uaillmhianach agus comhordaithe. Fágann fairsinge na ndúshlán agus idirnascadh gheilleagair na hEorpa nach n‑éireoidh le haon Bhallstát amháin ina aonar. Sin é an fáth nach mór buiséad an Aontais Eorpaigh atá cumhachtach agus nuachóirithe a bheith i gcroílár phlean téarnaimh na hEorpa.

Tá plean cuimsitheach um théarnamh na hEorpa leagtha amach ag an gCoimisiún ina Theachtaireacht ‘Buiséad an Aontais Eorpaigh chun an plean téarnaimh don Eoraip a chumhachtú’ 3 , plean atá fréamhaithe sa dlúthpháirtíocht agus atá bunaithe ar phrionsabail agus luachanna coiteanna an Aontais. Is é buiséad fadtéarmach an Aontais, arna neartú leis an gcistiú a údaraítear leis an gCinneadh maidir le hAcmhainní Dílse 4 i bhfabhar Ionstraim Théarnaimh an Aontais Eorpaigh, a bheidh mar phríomhuirlis.

Leis na tograí sin, beifear in ann leas a bhaint as cumhacht iomlán bhuiséad an Aontais chun infheistíocht a shlógadh agus infheistíocht agus cúnamh airgeadais a thús‑ualú sna chéad bhlianta ríthábhachtacha téarnaimh, rud a réiteoidh an bealach chuig aistriú cóir cuimsitheach chuig todhchaí ghlas dhigiteach, lena dtacófar le huathriail straitéiseach níos fadtéarmaí an Aontais agus lena mbeidh teacht aniar ann in aghaidh suaití amach anseo.

Is sásra éigeandála eisceachtúil é an ionstraim atáthar a mholadh, Ionstraim Théarnaimh an Aontais Eorpaigh (‘Ionstraim Téarnaimh Eorpach’) 5 , sásra lena gcuirtear chun feidhme bearta téarnaimh agus athléimneachta agus chuige sin lena seoltar maoiniú chuig cláir lárnacha de chuid an Aontais ar feadh tréimhse teoranta, agus lena ndírítear ar riachtanais infheistíochta phráinneacha a eascraíonn as an ngéarchéim. Léiriú cumhachtach a bheidh ann ar an dlúthpháirtíocht a nascann an tAontas le chéile. Ionstraim shealadach, spriocdhírithe a bheidh inti a bheidh i gcomhréir leis na dúshláin atá ann faoi láthair. Soláthrófar na hacmhainní, bunaithe ar chumhachtú sealadach agus eisceachtúil le haghaidh iasachta faoin gCinneadh maidir le hAcmhainní Dílse, trí iasachtaíocht a chonrú ar mhargaí caipitil nó ó institiúidí airgeadais. Tiocfaidh na Cistí a fuarthas ar iasacht i dteannta na leithreasuithe a údaraítear i mbuiséad an Aontais, agus dá bhrí sin, lasmuigh d'uasteorainneacha caiteachais an chreata airgeadais ilbhliantúil. Taispeánfar iad go sainiúil sa bhuiséad chun an ghné shealadach agus eisceachtúil atá leo a léiriú agus chun trédhearcacht iomlán a chur ar fáil .

Bunphrionsabail na dtograí ón gCoimisiún le haghaidh buiséad fadtéarmach nua-aimseartha agus solúbtha, atá dírithe go dlúth ar thosaíochtaí an Aontais, is bunphrionsabail iad atá fós bailí go hiomlán sa lá atá inniu ann. Seasann an Coimisiún leis na tograí sin, nach mór a neartú anois agus a chur in oiriúint do théarnamh na hEorpa, trí ionstraimí nua tiomnaithe agus trí na cláir is criticiúla don téarnamh a athneartú.

Tá sé ríthábhachtach go ndéanfar an Cinneadh maidir le hAcmhainní Dílse, an Ionstraim Téarnaimh Eorpach agus an creat nua fadtéarmach a chur i gcrích go tapa. Tá comhaontú maidir le Creat Airgeadais Ilbhliantúil 2021-2027 ríthábhachtach chun an borradh airgeadais agus an mhuinín is gá chun tacú le hinfheistíochtaí fadtéarmacha a chur ar fáil d'oibreoirí eacnamaíocha, do réigiúin, do FBManna, d'fheirmeoirí, do thaighdeoirí agus do thairbhithe eile chistí an Aontais . Ag tógáil ar an dul chun cinn suntasach atá déanta cheana i bParlaimint na hEorpa agus sa Chomhairle, cruthófar na coinníollacha is fearr is féidir chun teacht ar chomhaontú tráthúil.

Ina theannta sin, le tionchar eacnamaíoch phaindéim an choróinvíris, leagtar béim ar an tábhacht a bhaineann spás fioscach leordhóthanach a áirithiú don Aontas i gcás suaití eacnamaíocha as a dtagann laghdú mór tobann ar an ollioncam náisiúnta. D'fhonn corrlach leordhóthanach a chaomhnú don Aontas faoi uasteorainneacha an Chinnidh maidir le hAcmhainní Dílse chun a oibleagáidí airgeadais agus a dhliteanais theagmhasacha uile atá dlite i mbliain ar leith a chumhdach fiú amháin faoi na forbairtí eacnamaíocha is díobhálaí, tá sé beartaithe ag an gCoimisiún freisin uasteorainneacha an Chinnidh maidir le hAcmhainní Dílse do ghealltanais agus d'íocaíochtaí a mhéadú ar bhonn buan go 1.46 % agus 1.40 % d'ollioncam náisiúnta an Aontais Eorpaigh, faoi seach. Ina theannta sin, is gá méadú breise eisceachtúil, sealadach a dhéanamh ar uasteorainneacha an Chinnidh maidir le hAcmhainní Dílse chun go bhféadfar iasachtaí a fháil faoin Ionstraim Téarnaimh Eorpach.

1.2.Athruithe is gá a dhéanamh ar dhréachtRialachán CAI agus ar an dréachtChomhaontú Idirinstitiúideach

Leis an bpacáiste cuimsitheach téarnaimh, is gá neartú agus coigeartú a dhéanamh ar na tograí ón gCoimisiún ó mhí na Bealtaine 2018 maidir le creat ilbhliantúil 2021-2027, chun saoráidí agus cláir nua lena ndíreofar ar na riachtanais téarnaimh is práinní, athneartú suntasach ar chláir eile atá ríthábhachtach don fhreagairt agus níos mó solúbthachta a chur san áireamh.

Na huasteorainneacha caiteachais den chreat airgeadais ilbhliantúil 2021-2027 mar a leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann leis na tograí ón gCoimisiún le haghaidh dréachtrialachán ón gComhairle lena leagtar síos an creat airgeadais ilbhliantúil don tréimhse 2021 go 2027 6 ,is gá iad a oiriúnú chun an dul chun cinn a rinneadh sa chaibidlíocht a léiriú, chun maoiniú a sholáthar le haghaidh tionscnaimh nua, le haghaidh tosaíochtaí treisithe atá tugtha chun solais de dheasca na géarchéime reatha, agus le haghaidh dúshláin choiteanna atá tar éis méadú le déanaí 7 .

Maidir le hiasachtaí a fháil don phlean téarnaimh, a údaraítear faoin gCinneadh maidir le hAcmhainní Dílse agus a chuirtear i gcrích faoin Ionstraim Téarnaimh Eorpach, tá na leithreasuithe is gá chun íocaíochtaí cúpóin a d'fhéadfadh a bheith ann thar an tréimhse 2021-2027 comhoiriúnach leis an togra ón gCoimisiún maidir leis an gcreat airgeadais ilbhliantúil, agus go háirithe Ceannteideal 2 ‘Comhtháthú agus Luachanna’ (gan ‘Comhtháthú Eacnamaíoch, Sóisialta agus Críochach’ a chur san áireamh). Na leithreasuithe is gá chun íocaíochtaí cúpóin agus fuascailtí tráth a n‑aibíochta a chumhdach, ní mór iad a sholáthar i gcreataí airgeadais ilbhliantúla amach anseo.

Leis na coigeartuithe spriocdhírithe sin, beidh creat airgeadais fadtéarmach ag an Aontas a bheidh ailínithe ar bhealach níos fearr lena thosaíochtaí agus lena uaillmhianta, agus a bheidh oiriúnaithe chun athléimneacht agus uathriail straitéiseach an Aontais a fhorbairt sa mheántéarma agus san fhadtéarma.

Tá gá le coigeartuithe freisin ar an dréacht‑Rialachán CAI agus ar an dréacht‑Chomhaontú Idirinstitiúideach maidir le smacht buiséadach, maidir le comhar in ábhair bhuiséadacha agus maidir le bainistíocht fhónta airgeadais 8 . Cuirfidh na coigeartuithe sin solúbthacht bhreise ar fáil maidir le cur chun feidhme, rud a léireoidh an gá atá ann forálacha nua a chur i ngníomh i gcásanna éigeandála. Ina theannta sin, déanann siad nuálaíochtaí amhail an Ciste Aistrithe Cóir a chomhtháthú agus déanann siad foráil d'fhaisnéis thrédhearcach ón údarás buiséadach maidir le cur chun feidhme na hIonstraime Téarnaimh Eorpaigh.

Tá a thograí maidir le cláir an bheartais chomhtháthaithe amach anseo á gcoigeartú ag an gCoimisiún freisin chun, inter alia, tacaíocht níos láidre a thabhairt d'infheistíochtaí a bhaineann le géarchéimeanna, foráil a dhéanamh do sholúbthacht bhreise le haghaidh aistrithe idir cistí agus catagóirí réigiún, agus forálacha nua a thabhairt isteach a bheidh le cur i ngníomh i gcásanna éigeandála. Chun a áirithiú go dtabharfar tacaíocht leordhóthanach do na Ballstáit agus do na réigiúin is mó atá i ngátar, áireofar freisin sna tograí athbhreithnithe ón gCoimisiún athbhreithniú ar leithdháiltí náisiúnta comhtháthaithe, agus an staidreamh is déanaí atá ar fáil á chur san áireamh ansin, gan ach coigeartuithe suas go dtí leibhéal iomlán méadaithe de EUR 10 mbilliún (i bpraghsanna 2018). Chuige sin, beidh gá le coigeartuithe comhfhreagracha a dhéanamh ar uasteorainneacha caiteachais CAI sna blianta 2025-2027.

Léirítear le roinnt seachtainí anuas go n‑iarrtar ar an Aontas gníomhú laistigh de lá i gcás géarchéim thobann agus fhorleathan amhail paindéim COVID-19. Ní mór don Aontas tacaíocht thapa, sholúbtha agus dhíreach a chur ar fáil atá bunaithe ar phrionsabal na dlúthpháirtíochta chun aghaidh a thabhairt ar iarmhairtí tromchúiseacha na ráige laistigh den Aontas ó thaobh na sláinte poiblí de agus chun tacú le hiarrachtaí agus le hinniúlacht na mBallstát agus na réigiún is mó atá thíos leis an ráig.

Léiríonn na himeachtaí sin freisin go bhfuil forálacha solúbthachta, agus go háirithe na hionstraimí speisialta, ríthábhachtach don intuarthacht agus don chobhsaíocht a chuirtear ar fáil leis an gcreat ilbhliantúil. Dearbhaíonn sé freisin go bhfuil an struchtúr solúbthachta, mar a mhol an Coimisiún in 2018 do bhuiséad fadtéarmach 2021-2027, iomlán ábhartha agus go bhfuil údar cuí leis.

Mhol an Coimisiún in 2018 raon feidhme an Chúlchiste um Chabhair Éigeandála a leathnú chun go bhféadfaí é a chur i ngníomh i gcás éigeandálaí laistigh den Aontas. Molann an Coimisiún an t‑uasmhéid bliantúil atá ar fáil faoin ionstraim seo, a athainmníodh mar Chúlchiste Dlúthpháirtíochta agus Cúnaimh Éigeandála, a mhéadú go leibhéal EUR 3 bhilliún (i bpraghsanna 2018), ionas gur féidir maoiniú éigeandála a úsáid ar scála chun dul i ngleic le dúshláin gan choinne. Beidh an cúlchiste feabhsaithe in ann gníomhaíocht an Aontais a neartú go tapa, de réir mar is gá agus nuair is gá, trí ionstraimí an Aontais Eorpaigh lena bhforáiltear do shásraí éigeandála amhail an Ionstraim Tacaíochta Éigeandála, Cabhair Dhaonnúil, RescEU, clár sláinte, Clár an Mhargaidh Aonair (lena bhearta éigeandála tréidliachta agus fíteasláintíochta), nó an Ciste Tearmainn agus Imirce freisin.

Mar chuid den fhreagairt ar ghéarchéim COVID-19, ghlac Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle Rialachán (AE) 2020/461 an 31 Márta 2020 9 , lena leathnaítear raon feidhme Chiste Dlúthpháirtíochta an Aontais Eorpaigh chun mór-éigeandálaí sláinte poiblí laistigh de raon feidhme na dtubaistí ar féidir leis an gCiste idirghabháil a dhéanamh ina leith a chur san áireamh. Dá bhrí sin, molann an Coimisiún uasmhéid bliantúil na hionstraime speisialta sin a mhéadú go EUR 1 billiún (i bpraghsanna 2018).

Ar deireadh, molann an Coimisiún an t‑uasmhéid bliantúil atá ar fáil faoin gCiste Eorpach um Choigeartú don Domhandú a mhéadú go EUR 386 mhilliún (i bpraghsanna 2018), i gcomhréir leis an méadú dóchúil ar líon na n‑iarratas i ngeall ar éifeachtaí eacnamaíocha agus sóisialta ghéarchéim COVID.

2.EILIMINTÍ DLÍ AN TOGRA

Leagtar amach sa togra leasaithe atá i gceangal leis seo na leasuithe atá beartaithe ar aithrisí agus airteagail thograí an Choimisiúin an 2 Bealtaine 2018. Níl aon athrú déanta ar na haithrisí ná ar na forálacha eile ó na tograí bunaidh ón gCoimisiún COM(2018)322 agus COM(2018)323.

Tugtar mínithe sa roinn seo freisin ar leasuithe ar an dréacht‑Chomhaontú Idirinstitiúideach, a thíolactar i ndoiciméad COM(2020)444 10 .

2.1.Airteagal 2 agus aithris 3 den dréachtRialachán

Tráth an togra le haghaidh an rialacháin maidir leis an gcreat airgeadais ilbhliantúil i mí Bealtaine 2018, bhí athbhreithniú ar an Rialachán Airgeadais ina ábhar do chomhaontú polaitiúil cheana ach bhí tabhairt chun críche an téacs agus an próiseas glactha fós ar siúl. Dá bhrí sin, luadh tagairtí don Rialachán Airgeadais agus dá fhorálacha i Rialachán an CAI go sealadach idir lúibíní cearnacha.

Ní fhoráiltear leis na leasuithe ach d'ailíniú na dtagairtí don Rialachán Airgeadais mar a glacadh é i mí na Iúil 2018 11 .

2.2.Airteagal 6 agus Aithris 8 den dréachtRialachán

Foráiltear leis an leasú d'athbhreithniú ar leithdháiltí náisiúnta comhtháthaithe, a dhéanfar in 2024, agus an staidreamh is déanaí atá ar fáil á chur san áireamh. Ní bheidh san athbhreithniú sin ach coigeartuithe suas amháin, le huasmhéid foriomlán EUR 10 mbilliún (i bpraghsanna 2018). Le toradh an athbhreithnithe, beidh gá le coigeartuithe comhfhreagracha a dhéanamh ar uasteorainneacha caiteachais an CAI sna blianta 2025-2027 den Chreat Airgeadais Ilbhliantúil.

2.3. Airteagal 8 den dréachtRialachán

Leis an leasú, cuirtear an Ciste Aistrithe Cóir leis na cláir faoi bhainistíocht chomhroinnte a bhféadfar leithreasuithe faoi chomhair gealltanas i 2021 a athchlárú ina leith, agus ar cheart an coigeartú comhfhreagrach ar uasteorainneacha an Chreata Airgeadais Ilbhliantúil a bheith infheidhme ina leith thar na blianta 2022 go 2025.

2.4.Airteagal 9 den dréachtRialachán

Déantar foráil sa leasú maidir le huasmhéid bliantúil an Chiste Eorpaigh um Choigeartú don Domhandú a mhéadú go EUR 386 mhilliún (i bpraghsanna 2018).

2.5.Airteagal 10 den dréachtRialachán

Déantar foráil sa leasú maidir le huasmhéid bliantúil Chiste Dlúthpháirtíochta an Aontais Eorpaigh a mhéadú go EUR 1 000 milliún (i bpraghsanna 2018).

2.6.Airteagal 11, Airteagal 13 agus aithris 7 den dréachtRialachán, Pointe 11 den dréachtChomhaontú Idirinstitiúideach

Déantar foráil sa leasú maidir le hainm na hionstraime speisialta a athrú go ‘Cúlchiste um Dhlúthpháirtíocht agus um Chabhair Éigeandála’ agus maidir leis an uasmhéid bliantúil a mhéadú go EUR 3 000 milliún (i bpraghsanna 2018).

2.7.Iarscríbhinn a ghabhann leis an dréachtRialachán

Cuirtear tábla nua a leagtar amach san iarscríbhinn a ghabhann leis an togra leasaithe seo in ionad an tábla san Iarscríbhinn a ghabhann leis an dréachtrialachán.

2.8. Pointe 15a den dréachtChomhaontú Idirinstitiúideach

Tugann an leasú seo mír nua isteach sa Chomhaontú Idirinstitiúideach, faoina gcuirfidh an Coimisiún tuarascáil bhliantúil ar fáil do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle maidir le hIonstraim Théarnaimh an Aontais Eorpaigh. Áireofar sa tuarascáil faisnéis maidir le sócmhainní agus dliteanais a eascraíonn as oibríochtaí iasachtaíochta agus iasachtaithe a rinneadh faoin Ionstraim, maidir le méid comhiomlán na bhfáltas a sannadh do chláir an Aontais sa bhliain roimhe sin agus maidir leis an méid a chuir na méideanna sin le baint amach chuspóirí na gclár ábhartha.

2018/0166 (APP)

Togra leasaithe le haghaidh

RIALACHÁN ÓN gCOMHAIRLE

lena leagtar síos an creat airgeadais ilbhliantúil do na blianta 2021 go 2027

Leasaítear togra COM(2018)322 ón gCoimisiún mar a leanas:

(1)Cuirtear an Aithris (1a) seo a leanas isteach:

“(1a) Mar gheall ar thionchar eacnamaíoch ghéarchéim COVID-19, ceanglaítear ar an Aontas creat airgeadais fadtéarmach a sholáthar chun an bealach a réiteach le haghaidh aistriú cóir cuimsitheach chuig todhchaí ghlas dhigiteach, lena dtacófar le huathriail straitéiseach níos fadtéarmaí an Aontais agus lena mbeidh teacht aniar ann in aghaidh suaití amach anseo.

(2)Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Aithris 3:

“(3) Más gá na ráthaíochtaí a tugadh faoi bhuiséad ghinearálta an Aontais a shlógadh le haghaidh cúnamh airgeadais atá údaraithe do na Ballstáit i gcomhréir le hAirteagal 220(1) de Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 12 (‘an Rialachán Airgeadais’), ba cheart an méid riachtanach a shlógadh de bhreis ar uasteorainneacha leithreasuithe faoi chomhair gealltanas agus leithreasuithe faoi chomhair íocaíochtaí CAI, agus uasteorainn na n‑acmhainní dílse á n‑urramú ag an am céanna.”

(3)Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Aithris 7:

“(7) Tá gá leis na hionstraimí speisialta a leanas chun go bhféadfaidh an tAontas freagairt do chúinsí sonracha gan choinne, nó chun go bhféadfaí caiteachas a shainaithnítear go soiléir a mhaoiniú, ar caiteachas é nach féidir a mhaoiniú laistigh de na huasteorainneacha atá ar fáil do cheann amháin nó níos mó de na ceannteidil a leagtar síos i CAI chun go bhféadfar an nós imeachta buiséid a reáchtáil ar bhealach rianúil: an Ciste Eorpach um Choigeartú don Domhandú, Ciste Dlúthpháirtíochta an Aontais Eorpaigh, an Cúlchiste um Dhlúthpháirtíocht agus Cabhair Éigeandála, an Corrlach Foriomlán le haghaidh Gealltanas (Cúlchiste an Aontais), an Ionstraim Sholúbthachta agus an Corrlach Teagmhais. An Cúlchiste um Dhlúthpháirtíocht agus Cabhair Éigeandála, níl sé dírithe ar aghaidh a thabhairt ar iarmhairtí géarchéimeanna a bhfuil baint acu leis an margadh a dhéanfaidh difear don táirgeacht talmhaíochta nó dáileadh talmhaíochta. Ba cheart foráil shonrach a dhéanamh mar sin don fhéidearthacht na leithreasuithe faoi chomhair gealltanas agus na leithreasuithe comhfhreagracha faoi chomhair íocaíochtaí a chur sa bhuiséad os cionn na n‑uasteorainneacha a leagtar amach sa CAI i gcás inar gá leas a bhaint as ionstraimí speisialta.”

(4)In Aithris 8, cuirtear an abairt seo a leanas leis:

“Ina theannta sin, chun tacaíocht leordhóthanach a áirithiú do na Ballstáit uile tar éis ghéarchéim COVID-19, níor cheart foráil a dhéanamh ach le haghaidh coigeartuithe suas.”

(5)In Airteagal 2, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 3:

“3. I gcás inar gá ráthaíocht a shlógadh le haghaidh cúnamh airgeadais atá údaraithe do na Ballstáit i gcomhréir le hAirteagal 220(1) de Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 (‘an Rialachán Airgeadais’), déanfar an méid riachtanach a shlógadh os cionn na n‑uasteorainneacha a leagtar síos sa CAI.”

(6)Leasaítear Airteagal 6 mar a leanas:

(a)i mír 1, cuirtear an méid seo a leanas in ionad an dara habairt:

“Déanfaidh sé na leithdháiltí iomlána sin a choigeartú suas aon uair a bheidh éagsúlacht charnach níos mó ná + 5 % ann.”

(b)cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 3:

“3. Ní rachaidh éifeacht iomlán na gcoigeartuithe dá dtagraítear i mír 2 thar EUR 10 mbilliún (i bpraghsanna 2018).”

(7)Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 8:

Airteagal 8    
Coigeartú i ndiaidh rialacha nó cláir nua faoi bhainistíocht roinnte

I gcás ina nglacfaí rialacha nó cláir nua faoi bhainistíocht roinnte tar éis an 1 Eanáir 2014 i ndáil leis na Cistí Struchtúracha, leis an gCiste Comhtháthaithe, leis an gCiste um Aistriú Cóir, leis an gCiste Eorpach Talmhaíochta um Fhorbairt Tuaithe, leis an gCiste Eorpach Muirí agus Iascaigh, leis an gCiste Tearmainn agus Imirce, leis an gCiste Slándála Inmheánaí agus leis an ionstraim um bainistiú teorainneacha agus um víosaí faoin gCiste um Bainistiú Comhtháite Teorainneacha, aistreofar na méideanna a fhreagraíonn do na leithdháiltí nár úsáideadh in 2021 chuig na blianta 2022 go 2025 i gcionmhaireachtaí comhionanna, agus déanfar uasteorainneacha comhfhreagracha an CAI a choigeartú dá réir sin.”

(8)In Airteagal 9, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1:

“1. Ní rachaidh an Ciste Eorpach um Choigeartú don Domhandú, a leagtar amach na cuspóirí agus an raon feidhme atá leis i Rialachán (AE) XXXX/XX ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 13 ], thar uasmhéid bliantúil EUR 386 mhilliún (i bpraghsanna 2018).”

(9)In Airteagal 10 (1), cuirtear an méid seo a leanas in ionad na chéad abairte:

“Ní rachaidh Ciste Dlúthpháirtíochta an Aontais Eorpaigh, a leagtar amach na cuspóirí agus an raon feidhme atá leis i Rialachán (CE) Uimh. 2012/2002 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 14 , thar uasmhéid bliantúil EUR 1 000 milliún (i bpraghsanna 2018).”

(10)Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 11:

Airteagal 11    
Cúlchiste um Dhlúthpháirtíocht agus Cabhair Éigeandála

1. Féadfar úsáid a bhaint as an gCúlchiste um Dhlúthpháirtíocht agus Cabhair Éigeandála chun freagairt thapa a thabhairt ar riachtanais shonracha éigeandála laistigh den Aontas nó i dtríú tíortha ag eascairt as imeachtaí nach bhféadfaí a thuar nuair a bunaíodh an buiséad, go háirithe le haghaidh oibríochtaí práinnfhreagartha agus oibríochtaí tacaíochta tar éis tubaistí nádúrtha nó tubaistí de dhéanamh an duine, géarchéimeanna daonnúla, cásanna ina bhfuil bagairtí ar an tsláinte phoiblí agus bagairtí tréidliachta nó fíteashláintíochta ar mhórscála ann, chomh maith le cásanna a mbeidh brú faoi leith ag baint leo a eascróidh as sreafaí imirce ag teorainneacha seachtracha an Aontais i gcás ina n‑éileofar sin leis na himthosca.

2. Socraítear méid bliantúil na Dlúthpháirtíochta agus na Cabhrach Éigeandála ag EUR 3 000 milliún (i bpraghsanna 2018) agus féadfar é a úsáid go dtí an bhliain n+1 i gcomhréir leis an Rialachán Airgeadais. Déanfar an Dlúthpháirtíocht agus an Cabhair Éigeandála a iontráil i mbuiséad ginearálta an Aontais mar fhoráil. Tarraingeofar ar an gcuid den mhéid bliantúil a eascróidh as an mbliain roimhe sin ar dtús. Rachaidh an chuid sin den mhéid bliantúil ó bhliain n nach mbainfear úsáid as sa bhliain n+1 in éag.

Faoin 1 Deireadh Fómhair gach bliain, beidh ar a laghad an ceathrú cuid den mhéid bliantúil do bhliain n fós ar fáil d'fhonn na riachtanais a thiocfaidh chun cinn i míonna deiridh na bliana sin a chumhdach.

Ní fhéadfar ach leath den mhéid atá ar fáil go dtí an 30 Meán Fómhair gach bliain ar a mhéid a shlógadh le haghaidh oibríochtaí inmheánacha nó seachtracha, faoi seach.

A mhail ón 1 Deireadh Fómhair, féadfar an chuid eile den mhéid a bheidh ar fáil a shlógadh le haghaidh oibríochtaí inmheánacha nó seachtracha chun na riachtanais a thiocfaidh chun cinn go dtí deireadh na bliana sin a chumhdach.”

(11)In airteagal 13(1), cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (c):

“(c) méid is ionann agus an chuid sin den mhéid bliantúil le haghaidh an Chúlchiste um Dhlúthpháirtíocht agus Cabhair Éigeandála a chuaigh i léig sa bhliain roimhe sin i gcomhréir le hAirteagal 11(2).”

(12)Cuirtear an Iarscríbhinn a ghabhann leis an togra leasaithe seo in ionad na hIarscríbhinne.

(1)    Cuir isteach tagairt
(2)    SWD(2020) 98
(3)    Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle Eorpach, chuig an gComhairle, chuig an gCoiste Eacnamaíoch agus Sóisialta agus chuig Coiste na Réigiún ‘Buiséad an Aontais Eorpaigh chun an plean téarnaimh don Eoraip a chumhachtú’, COM(2020)442, 27 Bealtaine 2020.
(4)    COM(2020)445 — Togra leasaithe le haghaidh Cinneadh ón gComhairle maidir le córas Acmhainní Dílse an Aontais Eorpaigh
(5)    COM(2020)441 – Togra le haghaidh Rialachán ón gComhairle lena mbunaítear Ionstraim Théarnaimh an Aontais Eorpaigh chun tacú leis an téarnamh i ndiaidh phaindéim COVID-19
(6)    Togra ón gCoimisiún le haghaidh Rialacháin ón gComhairle lena leagtar síos an creat airgeadais ilbhliantúil do na blianta 2021 go 2027, COM (2018) 322 final/2, nós imeachta 2018/0166 (APP)
(7)    Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle Eorpach, chuig an gComhairle, chuig an gCoiste Eacnamaíoch agus Sóisialta agus chuig Coiste na Réigiún ‘Buiséad an Aontais Eorpaigh chun an plean téarnaimh don Eoraip a chumhachtú’, COM(2020)442, 27 Bealtaine 2020.
(8)    Togra le haghaidh Comhaontú Idirinstitiúideach idir Parlaimint na hEorpa, an Chomhairle agus an Coimisiún maidir le smacht buiséadach, maidir le comhar in ábhair bhuiséadacha agus maidir le bainistíocht fhónta airgeadais, COM/2018/323 final an 2 Bealtaine 2018, nós imeachta 2018/2070 (ACI)
(9)    Rialachán (AE) 2020/461 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Márta 2020 lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 2012/2002 ón gComhairle chun cúnamh airgeadais a chur ar fáil do na Ballstáit agus do thíortha atá i mbun caibidlíochta maidir lena n‑aontachas leis an Aontas, ar tíortha iad a ndéanann móréigeandáil sláinte poiblí difear tromchúiseach dóibh, IO L 99, 31.3.2020.
(10)    Togra leasaithe le haghaidh Comhaontú Idirinstitiúideach idir Parlaimint na hEorpa, an Chomhairle agus an Coimisiún maidir le smacht buiséadach, maidir le comhar in ábhair bhuiséadacha agus maidir le bainistíocht fhónta airgeadais, COM(2020)444.
(11)    Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Iúil 2018 maidir leis na rialacha airgeadais is infheidhme maidir le buiséad ginearálta an Aontais, lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1296/2013, (AE) Uimh. 1301/2013, (AE) Uimh. 1303/2013, (AE) Uimh. 1304/2013, (AE) Uimh. 1309/2013, (AE) Uimh. 1316/2013, (AE) Uimh. 223/2014, (AE) Uimh. 283/2014, agus Cinneadh Uimh. 541/2014/AE agus lena n‑aisghairtear Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012, IO L 193, 30.7.2018.
(12)    Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Iúil 2018 maidir leis na rialacha airgeadais is infheidhme maidir le buiséad ginearálta an Aontais, lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1296/2013, (AE) Uimh. 1301/2013, (AE) Uimh. 1303/2013, (AE) Uimh. 1304/2013, (AE) Uimh. 1309/2013, (AE) Uimh. 1316/2013, (AE) Uimh. 223/2014, (AE) Uimh. 283/2014, agus Cinneadh Uimh. 541/2014/AE agus lena n‑aisghairtear Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012. (IO L 193, 30.7.2018, lch.1)
(13)    IO L, , lch. .
(14)    Rialachán (CE) Uimh. 2012/2002 ón gComhairle an 11 Samhain 2002 lena mbunaítear Ciste Dlúthpháirtíochta an Aontais Eorpaigh (IO L 311, 14.11.2002, lch. 3).

An Bhruiséil,28.5.2020

COM(2020) 443 final

IARSCRÍBHINN

a ghabhann leis an togra leasaithe le haghaidh

RIALACHÁN ÓN gCOMHAIRLE

lena leagtar síos an creat airgeadais ilbhliantúil do na blianta 2021 go 2027


IARSCRÍBHINN

Cuirtear an méid seo a leanas in ionad an tábla san Iarscríbhinn a ghabhann le COM(2018)322 ón gCoimisiún 1 :

AN CREAT AIRGEADAIS ILBHLIANTÚIL (AE-27)

(EUR milliún - i bpraghsanna 2018)

LEITHREASUITHE FAOI CHOMHAIR OIBLEAGÁIDÍ

2021

2022

2023

2024

2025

2026

2027

Iomlán 
2021-2027

1. An Margadh Aonair, Nuálaíocht agus Cúrsaí Digiteacha

20 547

20 526

20 420

19 856

19 741

19 869

19 697

140 656

2. Comhtháthú agus Luachanna

48 746

50 067

51 442

53 462

54 903

56 833

59 007

374 460

2a. Comhtháthú eacnamaíoch, sóisialta agus críochach

44 430

44 961

45 491

46 119

46 751

47 384

48 045

323 181

Acmhainní Nádúrtha agus an Comhshaol Infheistíocht a dhéanamh san iomaíochas, sna daoine agus sna luachanna

4 316

5 106

5 951

7 343

8 152

9 449

10 962

51 279

3. Acmhainní Nádúrtha agus an Comhshaol

55 272

52 280

51 571

50 716

49 827

49 059

48 307

357 032

ar a bhfuil: Caiteachas a bhaineann leis an margadh agus íocaíochtaí díreacha

38 571

38 026

37 528

36 919

36 319

35 730

35 154

258 247

4. Imirce agus Bainistiú Teorainneacha

3 097

3 751

4 381

4 543

5 112

5 090

5 148

31 122

5. Athléimneacht, Slándáil agus Cosaint

2 222

2 285

2 332

2 414

3 131

3 370

3 669

19 423

6. An Chomharsanacht agus an Domhan

15 245

15 051

14 857

14 665

14 471

14 280

14 136

102 705

7. An Riarachán Poiblí Eorpach

10 247

10 376

10 562

10 721

10 767

10 908

11 021

74 602

ar a bhfuil: Caiteachas riaracháin na n-institiúidí

7 978

8 050

8 178

8 280

8 259

8 339

8 396

57 480

IOMLÁN NA LEITHREASUITHE FAOI CHOMHAIR OIBLEAGÁIDÍ

155 376

154 336

155 565

156 377

157 952

159 409

160 985

1 100 000

 

 

 

 

 

 

 

 

 

IOMLÁN NA LEITHREASUITHE FAOI CHOMHAIR ÍOCAÍOCHTA

156 047

157 169

158 063

158 063

158 062

158 063

158 062

1 103.529

(1)    Togra ón gCoimisiún le haghaidh Rialachán ón gComhairle ina leagfar síos an creat airgeadais ilbhliantúil le haghaidh na mblianta 2021 go 2027, COM(2018) 322 final/2, nós imeachta 2018/0166(CCS)