An Bhruiséil,7.8.2020

COM(2020) 361 final

2020/0166(NLE)

Togra le haghaidh

CINNEADH ÓN gCOMHAIRLE

maidir leis an seasamh a ghlacfar thar ceann an Aontais Eorpaigh sa Choiste Riaracháin um an gCoinbhinsiún Custaim um Iompar Idirnáisiúnta Earraí faoi Carnets TIR maidir leis an togra chun an Coinbhinsiún a leasú


MEABHRÁN MÍNIÚCHÁIN

1.Ábhar an togra

Baineann an togra seo leis an gcinneadh lena mbunaítear an seasamh a ghlacfar thar ceann an Aontais sa Choiste Riaracháin a bunaíodh leis an gCoinbhinsiún Custaim um Iompar Idirnáisiúnta Earraí faoi carnets TIR 1 (“Coinbhinsiún TIR”) i ndáil le roinnt leasuithe atáthar a bheartú a ghlacadh ar Choinbhinsiún TIR.

2.Comhthéacs an togra

2.1.An Coinbhinsiún Custaim um Iompar Idirnáisiúnta Earraí faoi carnets TIR

Is é is aidhm don Choinbhinsiún Custaim um Iompar Idirnáisiúnta Earraí faoi carnets TIR an 14 Samhain 1975 (“Coinbhinsiún TIR”) iompar idirnáisiúnta earraí a éascú ó oifigí custaim imeachta go hoifigí custaim chinn scríbe agus tríd an oiread tíortha agus is gá. Tháinig an Comhaontú i bhfeidhm in 1978. Ó Shamhain 2019 amach, tá 76 pháirtí sa Choinbhinsiún, lena n‑áirítear 75 stát agus an tAontas Eorpach. Tá an tAontas Eorpach ina pháirtí conarthach i gCoinbhinsiún TIR 2 ón 20 Meitheamh 1983 i leith, agus tá na Ballstáit uile ina bpáirtithe conarthacha i gCoinbhinsiún TIR freisin.

2.2.An Coiste Riaracháin

an Coiste Riaracháin ag gníomhú faoi chuimsiú an Choinbhinsiúin Chustaim um Iompar Idirnáisiúnta Earraí faoi carnets TIR. Is é ról an Choiste Riaracháin leasuithe ar Choinbhinsiún TIR a bhreithniú agus a ghlacadh. Is amhlaidh a chuirtear tograí chun vóta agus tá vóta amháin ag gach Stát ar páirtí é agus ar a ndéantar ionadaíocht ag seisiún den Choiste Riaracháin. Tá inniúlacht eisiach ag an Aontas i réimse an chustaim a rialaítear le Coinbhinsiún TIR. Mar aontas custaim agus eacnamaíoch, áfach, níl cearta vótála ag an Aontas sa bhreis ar chearta vótála a Bhallstát, i gcomhréir le hAirteagal 52(3) den Choinbhinsiún. Páirtithe is ea iad na Ballstáit go léir agus tá cearta vótála acu.

Is le tromlach dhá thrian de na páirtithe a bheidh i láthair agus a chaithfidh vóta a ghlacfar leasuithe ar Choinbhinsiún TIR. Chun cinneadh a dhéanamh, tá gá le córam a mbeidh líon nach lú ná aon trian de na Stáit is páirtithe ann.

2.3.Gníomh beartaithe an Choiste Riaracháin

I mí Dheireadh Fómhair 2020, le linn a 73ú seisiúin, déanfaidh an Coiste Riaracháin cinneadh maidir leis na leasuithe atá beartaithe a dhéanamh ar an gCoinbhinsiún Custaim um Iompar Idirnáisiúnta Earraí faoi carnets TIR a ghlacadh (“an gníomh atá beartaithe”).

Is iad cuspóirí don ghníomh atá beartaithe:

Go mbainfeadh na húdaráis inniúla úsáid éigeantach as an mBanc Idirnáisiúnta Sonraí TIR leictreonach (ITDB) in ionad Fhoirm Eiseamláireach Údaraithe (MAF) páipéir chun údarú shealbhóra nó aistarraingt an údaraithe chun Carnets TIR a úsáid a tharchur chuig Bord Feidhmiúcháin TIR (TIRexB).

Foilsiú éigeantach liosta na n‑oifigí Custaim arna fhormheas chun oibríochtaí TIR a chur i gcrích in ITDB a bhaint amach.

Cur ar chumas na bPáirtithe Conarthacha saoráidí a dheonú do dhaoine cuí-údaraithe, i gcomhréir leis an reachtaíocht náisiúnta, maidir le cur i bhfeidhm fhorálacha an Choinbhinsiúin.

Téacs Choinbhinsiún TIR maidir le húsáid chúrsa taistil fhorordaithe laistigh d’Aontas custaim a shoiléiriú agus an méid uasta ráthaíochta a thabhairt cothrom le dáta le haghaidh alcóil/Tabac carnet TIR.

Beidh an gníomh atá beartaithe ina cheangal ar na páirtithe i gcomhréir le hAirteagail 59 agus 60 de Choinbhinsiún TIR.

Baineann Airteagal 59 le leasuithe ar phríomhchomhlacht Choinbhinsiún TIR agus foráiltear an méid seo a leanas ann: “Ach amháin mar a fhoráiltear faoi Airteagal 60, tiocfaidh aon leasú beartaithe arna chur i bhfios de réir na míre sin roimhe seo, tiocfaidh sé i bhfeidhm maidir leis na Páirtithe Conarthacha go léir trí mhí tar éis tréimhse dhá mhí dhéag a bheith caite ón dáta a cuireadh an leasú beartaithe in iúl, ar tréimhse í nach mbeidh aon agóid in aghaidh an leasaithe bheartaithe curtha in iúl d’Ard-Rúnaí na Náisiún Aontaithe ag Stát is Páirtí Conarthach lena linn. I gcás ina mbeidh agóid curtha in iúl i gcoinne an leasaithe atá beartaithe i gcomhréir le mír 3 den Airteagal seo, measfar nár glacadh leis an leasú agus ní bheidh aon éifeacht aige beag ná mór.”

Baineann Airteagal 60 le leasuithe ar na hIarscríbhinní a ghabhann le Coinbhinsiún TIR agus foráiltear ann: “Aon leasú a bheartófar a dhéanamh ar Iarscríbhinní 1, 2, 3, 4, 5, 6, 7, 8, 9 agus 10 a bhreithneofar i gcomhréir le mír 1 agus mír 2 d’Airteagal 59, tiocfaidh sé i bhfeidhm ar dháta a chinnfidh an Coiste Riaracháin tráth a ghlactha, mura rud é, faoi dháta roimhe sin arna chinneadh ag an gCoiste Riaracháin an tráth céanna, go gcuirfidh aon chúigiú de na Stáit is páirtithe Conarthacha nó cúig Stát díobh, cibé líon acu is lú, go gcuirfidh siad a n‑agóid in aghaidh an leasaithe in iúl d’Ard-Rúnaí na Náisiún Aontaithe. Is le tromlach dhá thrian díobh sin a bheidh i láthair agus a chaithfidh vóta a chinnfidh an Coiste Riaracháin an dáta dá dtagraítear sa mhír seo”.

3.An seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais

Leis an bpacáiste leasuithe seo cuirfear feabhas ar nuachóiriú Choinbhinsiún TIR, atá cheana féin i mbun chreat dlíthiúil córais Idirnáisiúnta eTIR a bheidh ann amach anseo a ghlacadh ag an 72ú seisiún den Choiste Riaracháin i mí Feabhra 2020. Soiléireofar leis freisin gnéithe teicniúla i dtéacs Choinbhinsiún TIR.

Sa chéad dul síos, trí úsáid éigeantach iarratais ITDB a thabhairt isteach chun sonraí sealbhóirí TIRanna údaraithe a tharchur chuig TIRExB agus trí bhunachar sonraí idirnáisiúnta iontaofa ar líne d’oifigí custaim a chruthú a bheidh oscailte do TIR, éascaíonn na páirtithe conarthacha i gCoinbhinsiún TIR na coinníollacha a bhaineann le digitiú Carnet TIR amach anseo agus neartaíonn siad iontaofacht shonraí TIR.

Chun an cuspóir seo a bhaint amach, leasófar Airteagal 38, na nótaí Míniúcháin a bhaineann leis agus Iarscríbhinn 9 chun ceangal a chur ar chomhlachas ráthaíochta sonraí uile na ndaoine a údaraítear chun an nós imeachta TIR a úsáid a tharchur láithreach chuig TIRExB. Ina theannta sin, sonrófar i nóta Míniúcháin nua a ghabhann le hAirteagal 45 nach mór liosta na n‑oifigí Custaim imeachta, oifigí Custaim ar an mbealach agus oifigí Custaim ceann scríbe atá formheasta chun oibríochtaí TIR a chur i gcrích a fhoilsiú trí iarratas leictreonach faoi mhaoirseacht TIRExB (ITDB).

Baineann an tAontas úsáid as ITDB cheana féin agus tacaíonn sé le húsáid éigeantach ITDB ag Páirtithe Conarthacha TIR uile mar go rannchuideoidh sé leis an sprioc ghinearálta, i gcomhréir le beartas custaim an Aontais, maidir le digitiú is leithne a dhéanamh ar nós imeachta TIR tríd an malartú sonraí fíor-ama idir Páirtithe Conarthacha, comhlachais agus eagraíochtaí idirnáisiúnta a éascú a thuilleadh.

Sa dara dul síos, trí nóta Míniúcháin nua a chruthú a ghabhann le hAirteagal 49 in Iarscríbhinn 6, beidh ar chumas na bPáirtithe Conarthacha, ar bhonn deonach, níos mó saoráidí a thabhairt isteach maidir le cur i bhfeidhm fhorálacha an Choinbhinsiúin.

Ní dheonófaí na saoráidí sin ach amháin i gcás ina mbeadh cur i bhfeidhm teicneolaíochtaí san áireamh leo chun dea-iompar nós imeachta TIR a áirithiú, treoracha soiléire do dhaoine údaraithe chun dualgais shonracha a chur i gcrích, dualgais a chuirtear de chúram ar údaráis chustaim de ghnáth de bhun Choinbhinsiún TIR agus córas le haghaidh taifid a choinneáil a úsáid, córas a chuirfidh ar chumas na n‑údarás custam rialú custaim a dhéanamh agus maoirseacht a dhéanamh ar an nós imeachta.

Tacaíonn an tAontas leis an deis nua do Pháirtithe Conarthacha níos mó saoráidí a mholadh do shealbhóirí údaraithe TIR chun spéis oibreoirí eacnamaíocha a choinneáil ar bun.

Ar deireadh, d’fhéadfaí leasuithe ar Airteagal 20 agus ar an Nóta Míniúcháin a ghabhann le hAirteagal 8 a mheas mar leasuithe teicniúla toisc go soiléiríonn gach ceann díobh úsáid an bhealaigh fhorordaithe laistigh d’aontas custaim agus nuashonrófar leo an tsuim uasta in aghaidh na gcarnet TIR tobac/alcól a fhéadfar a éileamh ón gcomhlachas ráthaíochta.

Rinneadh comhairliúcháin leis na Ballstáit laistigh den Sainghrúpa Custaim maidir le TIR (comhordú na Ginéive) i dtaca leis na leasuithe atá beartaithe. Chuathas i mbun comhairliúchán breise le linn sheisiúin na Meithle um Cheisteanna Custaim a bhfuil Tionchar acu ar Earnáil Iompar Choimisiún Eacnamaíochta na Náisiún Aontaithe don Eoraip (UNECE).

A bhuí le comhordú inmheánach, chomh maith leis an bplé comhpháirteach leis na Ballstáit faoi chuimsiú an tSainghrúpa Custaim TIR, léiríodh go soiléir go bhfuil tacaíocht mhór ann le haghaidh na leasuithe atá beartaithe. Chuathas i gcomhairle leis an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí i litir dar dáta 23 Márta 2020 agus níor thug sé freagra faoin 11 Meitheamh 2020 in ainneoin meabhrúcháin.

4.Bunús dlí

4.1.Bunús dlí nós imeachta

4.1.1.Na prionsabail

In Airteagal 218(9) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE) déantar foráil maidir le cinntí lena leagtar síos “na seasaimh a ghlacfar thar ceann an Aontais i gcomhlacht arna chur ar bun le comhaontú nuair a iarrtar ar an gcomhlacht sin gníomhartha a ghlacadh a bhfuil éifeachtaí dlíthiúla leo, seachas gníomhartha lena bhforlíonfar nó lena leasófar creat institiúideach an chomhaontaithe.”

Áirítear ar na gníomhartha a bhfuil éifeachtaí dlíthiúla leo gníomhartha a bhfuil éifeachtaí dlíthiúla leo de bhua rialacha an dlí idirnáisiúnta lena rialaítear an comhlacht atá i gceist. Áirítear air freisin ionstraimí nach bhfuil éifeacht cheangailteach leo faoin dlí idirnáisiúnta, ach a bhfhéadfadh tionchar cinntitheach a bheith acu ar ábhar na reachtaíochta a ghlacfaidh reachtas an Aontais Eorpaigh 3 .

4.1.2.Feidhm maidir leis an gcás seo

Is comhlacht é an Coiste Riaracháin arna chur ar bun le comhaontú, eadhon an Coinbhinsiún Custaim um Iompar Idirnáisiúnta Earraí faoi carnets TIR.

An gníomh a iarrtar ar an gCoiste Riaracháin a ghlacadh, is gníomh é a bhfuil éifeachtaí dlíthiúla leis. Beidh an gníomh atá beartaithe ina cheangal faoin dlí idirnáisiúnta i gcomhréir le hAirteagal 59 agus 60 den Choinbhinsiún Custaim um Iompar Idirnáisiúnta Earraí faoi carnets TIR.

Leis an ngníomh atá beartaithe, ní fhorlíontar creat institiúideach an Chomhaontaithe ná ní leasaítear é.

Dá bhrí sin, is é Airteagal 218(9) CFAE an bunús dlí nós imeachta le haghaidh an chinnidh atá beartaithe.

4.2.Bunús dlí substainteach

4.2.1.Na prionsabail

An bunús dlí substainteach le haghaidh cinneadh faoi Airteagal 218(9) CFAE, braitheann sé go príomha ar chuspóir agus ábhar an ghnímh atá beartaithe agus a bhfuiltear ag glacadh seasamh thar ceann an Aontais ina leith. Má tá dhá aidhm ag an ngníomh atá beartaithe nó má tá dhá chomhpháirt ann agus más féidir ceann de na haidhmeanna nó de na comhpháirteanna sin a shainaithint mar phríomhaidhm nó mar phríomh-chomhpháirt agus an ceann eile mar aidhm nó comhpháirt theagmhasach, ní mór an cinneadh faoi Airteagal 218(9) CFAE a bhunú ar bhunús dlí substainteach aonair, eadhon an bunús dlí a éilítear de réir na príomhaidhme nó na príomh-chomhpháirte.

4.2.2.Feidhm maidir leis an gcás seo

Baineann príomhchuspóir agus ábhar an ghnímh atá beartaithe leis an gcomhbheartas tráchtála.

Dá bhrí sin, is é an chéad fhomhír d’Airteagal 207(4) CFAE an bunús substainteach dlí atá leis an gcinneadh atá beartaithe.

4.3.Conclúid

Ba cheart an chéad fhomhír d’Airteagal 207(4) de CFAE, i gcomhar leis an gcéad fhomhír d’Airteagal 218(9) de CFAE, a bheith ina mbunús dlí leis an gCinneadh atá beartaithe.

5.Foilsiú an ghnímh atá beartaithe

Ós rud é go ndéanfaidh gníomh an Choiste Riaracháin leasú ar an gCoinbhinsiún Custaim um Iompar Idirnáisiúnta Earraí faoi carnets TIR agus ar na hIarscríbhinní a ghabhann leis, is iomchuí é a fhoilsiú in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh tar éis a ghlactha.

2020/0166 (NLE)

Togra le haghaidh

CINNEADH ÓN gCOMHAIRLE

maidir leis an seasamh a ghlacfar thar ceann an Aontais Eorpaigh sa Choiste Riaracháin um an gCoinbhinsiún Custaim um Iompar Idirnáisiúnta Earraí faoi Carnets TIR maidir leis an togra chun an Coinbhinsiún a leasú

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe an chéad fhomhír d’Airteagal 207(4) CFAE de, i gcomhar le hAirteagal 218(9) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)Rinne an Coinbhinsiún Custaim um Iompar Idirnáisiúnta Earraí faoi carnets TIR an 14 Samhain 1975 (“Coinbhinsiún TIR”) a fhormheas thar ceann Chomhphobal Eacnamaíochta na hEorpa le Cinneadh (CEE) Uimh. 2112/78 4 ón gComhairle agus tháinig sé i bhfeidhm sa Chomhphobal an 20 Meitheamh 1983 5 .

(2)Foilsíodh leagan comhdhlúite de Choinbhinsiún TIR mar Iarscríbhinn a ghabhann le Cinneadh 2009/477/CE, agus dá réir sin foilseoidh an Coimisiún leasuithe a dhéanfar amach anseo ar Choinbhinsiún TIR in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh agus léireofar dáta a dteacht i bhfeidhm.

(3)De bhun Airteagai59 agus 60 de Choinbhinsiún TIR, féadfaidh an Coiste Riaracháin Choinbhinsiún TIR (an “Coiste Riaracháin”) leasuithe ar Choinbhinsiún TIR agus ar na hIarscríbhinní a ghabhann leis a ghlacadh trí thromlach dhá thrian de na páirtithe conarthacha a bheidh i láthair agus i mbun vótála.

(4)An Coiste Riaracháin, le linn a 73ú seisiún an 15 Deireadh Fómhair 2020 nó ag seisiún níos faide anonn, tá sé chun roinnt leasuithe a ghlacadh ar Choinbhinsiún TIR agus ar na hIarscríbhinní a ghabhann leis.

(5)Is iomchuí an seasamh a ghlacfar thar ceann an Aontais a leagan síos sa Choiste Riaracháin, mar go mbeidh na leasuithe ceangailteach ar an Aontas.

(6)Chun dlús a chur le nuachóiriú chóras TIR, is gá traschur leictreonach éigeantach sonraí a dhéanann na húdaráis inniúla chuig Bord Feidhmiúcháin TIR maidir le húdaruithe shealbhóirí Carnet TIR agus tarraingt siar údaruithe den sórt sin a thabhairt isteach agus chun bunachar sonraí iontaofa idirnáisiúnta ar líne d’oifigí custaim a chruthú a ghlacann le gluaiseachtaí TIR trí Airteagal 38 de Choinbhinsiún TIR agus Iarscríbhinn 9 a ghabhann le Coinbhinsiún TIR a leasú agus trí Nóta Míniúcháin nua a chruthú a ghabhann le hAirteagal 45 de Choinbhinsiún TIR.

(7)Chun tarraingteacht Choinbhinisún TIR a fheabhsú d’oibreoirí eacnamaíocha agus d’údaráis chustaim, is gá an deis a chruthú go bhféadfaidh na páirtithe conarthacha saoráidí níos mó a dheonú do dhaoine cuí-údaraithe maidir le cur i bhfeidhm fhorálacha Choinbhinsiún TIR trí Nóta Míniúcháin nua a chruthú a ghabhann le hAirteagal 49 de Choinbhinsiún TIR.

(8)Chun forálacha Choinbhinsiún TIR a shoiléiriú, is gá bealaigh fhorordaithe laistigh de na ceardchumainn chustaim a shonrú trí Airteagal 20 de Choinbhinsiún TIR a leasú agus an tuasmhéid molta a mhéadú a bhféadfar a éileamh ó na comhlachais ráthaithe le haghaidh carnets TIR tobac agus alcóil tríd an Nóta Míniúcháin a ghabhann le hAirteagal 8 de Choinbhinsiún TIR a leasú.

(9)Dá bhrí sin, an seasamh a ghlacfar thar ceann an Aontais sa Choiste Riaracháin, ba cheart é a bheith bunaithe ar na dréachtleasuithe atá curtha i gceangal leis an gCinneadh seo. Tá an méid sin gan dochar don fhéidearthacht mionathruithe neamhshubstaintiúla a dhéanamh do na dréachtleasuithe, a dhéanfaidh ionadaithe an Aontais a chomhaontú sa Choiste Riaracháin do Choinbhinsiún TIR gan aon cinneadh eile ón gComhairle.

(10)Ba cheart don Choimisiún seasamh an Aontais a chur in iúl. Ba cheart do Bhallstáit an Aontais seasamh an Aontais a chur in iúl nuair a dhéanfar vótáil fhoirmiúil sa Choiste Riaracháin, ag gníomhú go comhpháirteach dóibh chun leasa an Aontais,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

An seasamh a ghlacfar thar ceann an Aontais sa 73ú seisiún nó i gceann de sheisiúin an Choiste Riaracháin um an gCoinbhinsiún Custaim um Iompar Idirnáisiúnta Earraí faoi carnets TIR (“Coinbhinsiún TIR”) a bheidh ann lá níos faide anonn, beidh sé bunaithe ar na dréachtleasuithe a ghabhann leis an gCinneadh seo.

Airteagal 2

Is é an Coimisiún a chuirfidh in iúl an seasamh dá dtagraítear in Airteagal 1. Ba cheart do Bhallstáit an Aontais seasamh an Aontais a chur in iúl nuair a dhéanfar vótáil fhoirmiúil sa Choiste Riaracháin do Choinbhinsiún TIR, ag gníomhú go comhpháirteach dóibh chun leas an Aontais.

Airteagal 3

Is ar na Ballstáit agus ar an gCoimisiún a dhírítear an Cinneadh seo.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil,

   Thar ceann na Comhairle

   An tUachtarán

(1)    Seasann TIR do “Transports Internationaux Routier” nó “Iompar Idirnáisiúnta Earraí de Bhóthar”.
(2)    Rialachán (CEE) Uimh. 2112/78 ón gComhairle an 25 Iúil 1978 maidir leis an gCoinbhinsiún Custaim ar iompar idirnáisiúnta earraí a thabhairt i gcrích faoi carnets TIR (Coinbhinsiún TIR) an 14 Samhain 1975 sa Ghinéiv IO L 252/1.
(3)    Breithiúnas ón gCúirt Bhreithiúnais an 7 Deireadh Fómhair 2014, An Ghearmáin v An Chomhairle, C-399/12, ECLI:EU:C:2014:2258, míreanna 61 go 64.
(4)    Rialachán (CEE) Uimh. 2112/78 ón gComhairle an 25 Iúil 1978 maidir le tabhairt i gcrích an Choinbhinsiúin Custaim um Iompar Idirnáisiúnta Earraí faoi carnets TIR (Coinbhinsiún TIR) an 14 Samhain 1975 sa Ghinéiv (IO L 252, 14.9.1978, lch. 1).
(5)    IO L 31, 2.2.1983, lch. 13.

An Bhruiséil,7.8.2020

COM(2020) 361 final

IARSCRÍBHINN

a ghabhann leis an

Togra le haghaidh Cinneadh ón gComhairle

maidir leis an seasamh a ghlacfar thar ceann an Aontais Eorpaigh sa Choiste Riaracháin um an gCoinbhinsiún Custaim um Iompar Idirnáisiúnta Earraí faoi Carnets TIR maidir leis an togra chun an Coinbhinsiún a leasú



CEANGALTÁN

LEASUITHE AR CHOINBHINSIÚN TIR

Leasuithe ar úsáid éigeantach an Bhainc Idirnáisiúnta Sonraí TIR (ITDB)

1. Airteagal 38, mír 2, an chéad líne

In áit laistigh de sheachtain amháin cuir isteach gan mhoill

2. Iarscríbhinn 6, Nóta Míniúcháin a ghabhann le hAirteagal 38, mír 2, an tríú líne

In áit a mheastar cuir isteach measfar

3. Iarscríbhinn 6, Nóta Míniúcháin a ghabhann le hAirteagal 9, Cuid II, mír 4

In áit Comhlíonfar na ceanglais dhlíthiúla do thíolacadh sonraí, mar a leagtar amach iad i mír 4 cuir isteach Tarchuirfear sonraí, mar a leagtar amach i mír 4

4. Iarscríbhinn 9, Cuid II, mír 4, an chéad líne

In áit laistigh de sheachtain amháin cuir isteach gan mhoill

5. Iarscríbhinn 9, Cuid II, mír 4, deireadh na míre

In áit i gcomhréir leis an údarú eiseamail ceangailte (MAF). cuir isteach

, áirítear orthu sin:

(a) Uimhir aitheantais aonair agus uathúil (ID) arna sannadh don duine ag an gcomhlachas ráthaíochta, i gcomhar leis an eagraíocht idirnáisiúnta lena bhfuil sí cleamhnaithe, i gcomhréir leis an bhformáid chomhchuibhithe arna cinneadh ag an gCoiste Riaracháin;

(b) Ainm (ainmneacha) agus seoladh (seoltaí) an duine (na ndaoine) nó an fhiontair, i gcás comhlachais gnó; ainmneacha na mbainisteoirí freagracha freisin;

(c) Ainm an teagmhálaí agus sonraí iomlán teagmhála; agus

(d) Cláruimhir thrádála nó uimhir cheadúnais iompair idirnáisiúnta nó uimhir eile (más ann di).

6. Iarscríbhinn 9, Cuid II, mír 5

In áit an téacs atá ann cheana cuir isteach Tarchuirfidh na comhlachais aon athrú ar shonraí na ndaoine údaraithe gan mhoill an uair bheacht a chuirtear sin ar a súile dóibh, chuig na húdaráis inniúla agus chuig Bord Feidhmiúcháin TIR.

7. Iarscríbhinn 9, Cuid II, Foirm Eiseamláireach Údaraithe (MAF)

Bain amach MAF atá i gceangal le hIarscríbhinn 9 Cuid II agus an téacs a ghabhann léi

Leasuithe maidir le foilsiú éigeantach liosta oifigí custaim arna fhormheas chun oibríochtaí TIR a chur i gcrích in ITDB

1. Iarscríbhinn 6, Nóta Míniúcháin nua 0.45

Cuir leis Nóta Míniúcháin nua 0.45-1 a ghabhann le hAirteagal 45 de Choinbhinsiún TIR a léifear mar a leanas:

“0.45-1 An fhoráil dhlíthiúil chun liosta na n‑oifigí Custaim imeachta, oifigí custaim ar an mbealach agus oifigí Custaim chinn scríbe arna fhormheas chun oibríochtaí TIR a chur i gcrích, measfar é a bheith comhlíonta freisin trí úsáid chuí a bhaint as feidhmchláir leictreonacha arna bhforbairt chuige sin ag rúnaíocht TIR faoi mhaoirseacht Bhord Feidhmiúcháin TIR.”

2. Iarscríbhinn 6, Nóta Míniúcháin 0.45

Athuimhriú Nóta Míniúcháin atá ann cheana, 0.45 athrófar sin go dtí 0.45-2.

Leasú maidir le saoráidí níos mó a bhféadfaidh páirtithe conarthacha a dheonú d’oibreoirí iompair

Cuir leis Nóta Míniúcháin nua a ghabhann le hAirteagal 49 a léifear mar a leanas:

0.49    Féadfaidh Páirtithe Conarthacha saoráidí níos mó a dheonú do dhaoine cuí-údaraithe, i gcomhréir leis an reachtaíocht náisiúnta, maidir le gcur i bhfeidhm fhorálacha an Choinbhinsiúin. Ba cheart go n‑áireofar ar na coinníollacha a d’fhorordaigh na húdaráis inniúla ar dheonú na saoráidí sin, ar a laghad, cur i bhfeidhm na teicneolaíochta faisnéise agus cumarsáide chun dea-iompar an nós imeachta TIR a áirithiú chomh maith leis an díolúine chun earraí a tháirgeadh, feithicil bhóthair, an comhdhéanamh na bhfeithiclí nó an coimeádán, leis an Carnet TIR ag oifigí Custaim imeachta nó oifigí Custaim, chinn scríbe, chomh maith le treoracha le haghaidh daoine cuí-údaraithe chun dualgais faoi leith a chomhlíonadh arna gcur de chúram ar údaráis chustaim de bhun Choinbhinsiún TIR, amhail, go háirithe, Carnet TIR a líonadh isteach agus a stampáil agus séala custaim a ghreamú nó a sheiceáil. Na daoine cuí-údaraithe a bhfuil aon tsaoráid níos mó deonaithe dóibh, ba cheart dóibh córas le haghaidh taifid a choinneáil a chur i bhfeidhm, córas a chuirfidh ar chumas na n‑údarás custam rialú custaim éifeachtach a dhéanamh chomh maith le maoirseacht a dhéanamh ar an nós imeachta agus rialuithe randamacha a chur i gcrích. Ba cheart saoráidí níos mó a dheonú gan dochar do dhliteanas shealbhóirí Carnet TIR mar atá sonraithe in Airteagal 11, mír 2 den Choinbhinsiún.

Leasuithe eile

1. Airteagal 20, líne 1

In áit an téacs atá ann cheana cuir isteach I gcás turais i gcríoch Pháirtí Chonarthaigh nó roinnt Páirtithe Conarthacha lena gcomhdhéantar aontas custaim nó eacnamaíoch, sonraigh na húdaráis inniúla chustaim

2. Iarscríbhinn 6, Nóta Míniúcháin a ghabhann le hAirteagal 8, mír 3, deireadh an chéad mhír

In áit $US 200,000 cuir isteach 400.000 euro