An Bhruiséil,1.7.2020

COM(2020) 273 final

2020/0131(NLE)

Togra le haghaidh

CINNEADH ÓN gCOMHAIRLE

maidir leis an seasamh atá le glacadh thar cheann an Aontais, sa Choiste Trádála a bunaíodh faoin gComhaontú Comhpháirtíochta Eatramhach idir an Comhphobal Eorpach, de pháirt amháin agus na Stáit san Aigéan Ciúin, den pháirt eile, maidir leis an leasú atá le déanamh ar an gComhaontú chun aontachas Stáit Neamhspleách Shamó a thabhairt san áireamh


MEABHRÁN MÍNIÚCHÁIN

1.Ábhar an togra

Baineann an Togra seo leis an gcinneadh lena leagtar amach an seasamh a ghlacfar thar ceann an Aontais ag an gCoiste Trádála arna bhunú faoin gComhaontú Comhpháirtíochta Eatramhach idir an Comhphobal Eorpach, de pháirt, agus Stáit an Aigéin Chiúin den pháirt eile, maidir le leasú ar an gComhaontú chun aontachas Stáit Neamhspleách Shamó le Comhaontú a thabhairt san áireamh.

2.Comhthéacs an togra

2.1.Forais agus cuspóirí an togra

An 12 Meitheamh 2002, thug an Chomhairle údarás don Choimisiún caibidlíocht a thosú maidir le Comhaontuithe Comhpháirtíochta Eacnamaíche (EPAnna) le stáit san Afraic, i Muir Chairib agus san Aigéan Ciúin (ACP).

An 30 Iúil 2009 shínigh an t‑Aontas an Comhaontú Comhpháirtíochta Eatramhach idir an Comhphobal Eorpach, de pháirt amháin, agus na Stáit san Aigéan Ciúin, den pháirt eile (an ‘Comhaontú’), lena mbunaítear creat do Chomhaontú Comhpháirtíochta Eacnamaíche 1 . Is é atá mar aidhm leis an gComhaontú:

(a)a chur ar a gcumas do Stáit san Aigéan Ciúin tairbhiú den rochtain níos fearr ar an margadh a chuireann an tAontas ar fáil;

(b)forbairt inbhuanaithe a chur chun cinn agus na Stáit san Aigéan Ciúin a chomhtháthú sa gheilleagar domhanda de réir a chéile;

(c)limistéir shaorthrádála a bhunú idir an tAontas Eorpach agus na Stáit san Aigéan Ciúin atá bunaithe ar an leas coiteann, trí léirscaoileadh forchéimnitheach trádála ar bhealach atá i gcomhréir le rialacha na hEagraíochta Domhanda Trádála (EDT) is infheidhme agus le prionsabal na neamhshiméadrachta, lena gcuirtear san áireamh riachtanais speisialta agus srianta acmhainneachta na Stát san Aigéan Ciúin maidir le leibhéil agus uainiú gealltanas;

(d)chun socruithe iomchuí um réiteach díospóide a bhunú; agus

(e)na socruithe institiúideacha iomchuí a bhunú.

Tá an Comhaontú á chur i bhfeidhm go sealadach ag Nua-Ghuine Phapua agus ag Poblacht Fhidsí ó bhí an 20 Nollaig 2009 agus an 28 Iúil 2014 ann, faoi seach.

Foráiltear le hAirteagal 80 den Chomhaontú go bhféadfaidh Oileáin eile san Aigéan Ciúin aontú don Chomhaontú ar bhonn tairiscint i leith rochtain ar an margadh lena gcomhlíontar Airteagal XXIV de GATT 1994. Dá réir sin, d’aontaigh Stát Neamhspleách Shamó don Chomhaontú an 21 Nollaig 2018 2 agus tá sé á chur i bhfeidhm aige go sealadach ó bhí an 31 Nollaig 2018 ann. Tá nósanna imeachta na bPáirtithe ar siúl le haghaidh aontachas Oileáin Sholomón agus Ríocht Thonga a bhfuil suim léirithe acu in aontú don Chomhaontú.

Tar éis aontachas Stáit Neamhspleách Shamó don Chomhaontú, is gá modhnuithe teicniúla a thabhairt isteach sa Comhaontú chun a thairiscint i leith rochtain ar an margadh a chur le hIarscríbhinn II a ghabhann leis an gComhaontú.

2.2.Coiste Trádála CCE

Bunaítear le hAirteagal 68 de CCE Coiste Trádála atá comhdhéanta d'ionadaithe de chuid gach Páirtí (an tAontas agus na Stáit san Aigéan Ciúin).

Déileálfaidh an Coiste Trádála le gach ábhar is gá le haghaidh cur chun feidhme an Chomhaontaithe. D’fhéadfadh an Coiste Trádála an méid seo a leanas a dhéanamh agus a chuid feidhmeanna á gcomhlíonadh aige:

(f)coistí agus comhlachtaí speisialta a bhunú agus a mhaoirsiú ar ghá le haghaidh cur chun feidhme an Chomhaontaithe;

(g)teacht le chéile tráth ar bith arna chomhaontú ag na páirtithe;

(h)aon saincheisteanna faoin gComhaontú a bhreithniú agus aon bheart iomchuí a dhéanamh i bhfeidhmiú a chuid feidhmeanna; agus

(i)cinntí nó moltaí a dhéanamh sna cásanna sin dá bhforáiltear sa Chomhaontú.

2.3.An cinneadh atá beartaithe ag Coiste Trádála CCE

An 3-4 Deireadh Fómhair 2019, le linn an tseachtú cruinniú de chuid an Choiste Trádála CCE, ghlac sé moladh do Pháirtithe an Chomhaontaithe, i measc cinn eile, lena moltar an Comhaontú a leasú chun aontachas Stáit Neamhspleách Shamó a thabhairt san áireamh. San áireamh leis na hathruithe is gá a dhéanamh tá tairiscint Shamó i leith rochtain ar an margadh a chur le hIarscríbhinn II a ghabhann leis an gComhaontú.

Foráiltear le hAirteagal 13 den Chomhaontú go bhféadfadh an Coiste Trádála, le comhaontú, Iarscríbhinn II a ghabhann leis an gComhaontú a mhodhnú ar aon bhealach a mheastar gurb iomchuí.

Dá réir sin, an XX XX XX, le linn an ochtú cruinniú de chuid an Choiste Trádála CCE glacfar a chinneadh chun an leasú teicniúil is gá a dhéanamh ar an gComhaontú chun aontachas Stáit Neamhspleách Shamó a thabhairt san áireamh.

3.An seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais

Bunaítear le cinneadh ón gComhairle atá beartaithe an seasamh a ghlacfar thar ceann an Aontais maidir le glacadh leasú an Chomhaontaithe a mholtar, chun aontachas Stáit Neamhspleách Shamó le déanaí a thabhairt san áireamh.

Bunófar seasamh mar sin ar dhréachtchinneadh ón gCoiste Trádála maidir le leasú ar an gComhaontú i gceangal le dréacht‑Chinneadh ón gComhairle.

Baineann ábhar an mholta a bheartaítear le beartas trádála, réimse a bhfuil inniúlacht sheachtrach eisiach ag an Aontais de bhua Airteagal 3(2) an CFAE.

4.Bunús dlí

4.1.Bunús dlí nós imeachta

4.1.1.Prionsabail

Foráiltear le hAirteagal 218(9) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE) maidir le cinntí lena leagtar síos ‘na seasaimh a ghlacfar thar ceann an Aontais i gcomhlacht arna chur ar bun le comhaontú nuair a iarrtar ar an gcomhlacht sin gníomhartha a ghlacadh a bhfuil éifeachtaí dlíthiúla leo, seachas gníomhartha lena bhforlíonfar nó lena leasófar creat institiúideach an chomhaontaithe.’

Áirítear ar na ‘gníomhartha a bhfuil éifeachtaí dlíthiúla leo’ gníomhartha a bhfuil éifeachtaí dlíthiúla leo de bhua rialacha an dlí idirnáisiúnta lena rialaítear an comhlacht i gceist. Áirítear air freisin ionstraimí nach bhfuil éifeacht cheangailteach leo faoin dlí idirnáisiúnta, ach a d'fhéadfadh ‘tionchar cinntitheach a bheith acu ar ábhar na reachtaíochta a ghlacfaidh reachtas an Aontais Eorpaigh’.

4.1.2.Feidhm maidir leis an gcás seo

Is comhlacht é an Coiste Trádála a bunaíodh leis an gComhaontú Comhpháirtíochta Eacnamaíche.

Beidh éifeachtaí dlí ag an leasú atá le glacadh ag an Coiste Trádála. A luaithe a ghlacfar é, beidh an leasú atá beartaithe ceangailteach faoin dlí idirnáisiúnta i gcomhréir le hAirteagal 13 den Chomhaontú.

Ní dhéantar creat institiúideach an Chomhaontaithe a fhorlíonadh ná a leasú de thoradh an leasaithe atá beartaithe.

Dá bhrí sin, is é Airteagal 218(9) CFAE bunús dlí nós imeachta an chinnidh atá beartaithe.

4.2.Bunús substainteach dlí

4.2.1.Prionsabail

Braitheann an bunús substainteach dlí maidir le cinneadh faoi Airteagal 218(9) CFAE go príomha ar chuspóir agus inneachar an mholta bheartaithe a bhfuiltear ag glacadh seasamh thar ceann an Aontais ina leith. Má tá dhá aidhm ag an moladh atá beartaithe nó má tá dhá chomhpháirt ann agus más féidir ceann de na haidhmeanna nó de na comhpháirteanna sin a shainaithint mar phríomhaidhm nó mar phríomh‑chomhpháirt agus an ceann eile mar aidhm nó comhpháirt theagmhasach, ní mór an cinneadh faoi Airteagal 218(9) CFAE a bhunú ar bhunús substainteach dlí aonair, is é sin an bunús dlí a éilítear de réir na príomhaidhme nó na príomh‑chomhpháirte.

4.2.2.Feidhm maidir leis an gcás seo

Baineann cuspóir agus ábhar an mholta atá beartaithe leis an gcomhbheartas tráchtála.

Dá bhrí sin, is é an chéad fhomhír d'Airteagal 207(4) CFAE an bunús substainteach dlí atá leis an gcinneadh atá beartaithe.

4.3.Conclúid

Is é an chéad fhomhír d'Airteagal 207(4) ba cheart a bheith ina bhunús dlí le haghaidh an chinnidh atá beartaithe, i gcomhar le hAirteagal 218(9) CFAE.

5.Foilsiú an mholta atá beartaithe

Ós rud é go ndéanfar, le cinneadh an Choiste Trádála, Comhaontú Comhpháirtíochta Eacnamaíche a leasú, is iomchuí é a fhoilsiú in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh tar éis a ghlactha.

2020/0131 (NLE)

Togra le haghaidh

CINNEADH ÓN gCOMHAIRLE

maidir leis an seasamh atá le glacadh thar cheann an Aontais, sa Choiste Trádála a bunaíodh faoin gComhaontú Comhpháirtíochta Eatramhach idir an Comhphobal Eorpach, de pháirt amháin agus na Stáit san Aigéan Ciúin, den pháirt eile, maidir leis an leasú atá le déanamh ar an gComhaontú chun aontachas Stáit Neamhspleách Shamó a thabhairt san áireamh

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe an chéad fhomhír d’Airteagal 207(4) de, i gcomhar le hAirteagal 218(9) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)An 30 Iúil 2009, shínigh an tAontas an Comhaontú Comhpháirtíochta Eatramhach idir an Comhphobal Eorpach, de pháirt amháin, agus na Stáit san Aigéan Ciúin, den pháirt eile 3 (an ‘Comhaontú’), lena mbunaítear creat do Chomhaontú Comhpháirtíochta Eacnamaíche. Tá an Comhaontú á chur i bhfeidhm go sealadach ag Nua-Ghuine Phapua agus an Phoblacht Fhidsí ó bhí an 20 Nollaig 2009 agus an 28 Iúil 2014 ann, faoi seach.

(2)Foráiltear le hAirteagal 80 den Chomhaontú go bhféadfaidh Oileáin eile san Aigéan Ciúin aontú don Chomhaontú ar bhonn tairiscint i leith rochtain ar an margadh lena gcomhlíontar Airteagal XXIV de GATT 1994. Dá réir sin, d’aontaigh Stát Neamhspleách Shamó don Chomhaontú an 21 Nollaig 2018 4 agus tá sé á chur i bhfeidhm go sealadach ó bhí an 31 Nollaig 2018 ann.

(3)Foráiltear le hAirteagal 68 den Chomhaontú gurb é an Coiste Trádála atá chun déileáil le gach ábhar is gá le haghaidh cur chun feidhme an Chomhaontaithe.

(4)An 3-4 Deireadh Fómhair 2019, le linn an tseachtú cruinniú de chuid Choiste Trádála CCE, ghlac sé moladh do Pháirtithe an Chomhaontaithe, i measc cinn eile, lena moltar an Comhaontú a leasú chun aontachas Stáit Neamhspleách Shamó a thabhairt san áireamh. San áireamh leis na hathruithe is gá a dhéanamh tá tairiscint Shamó i leith rochtain ar an margadh a chur le hIarscríbhinn II a ghabhann leis an gComhaontú.

(5)Foráiltear le hAirteagal 13 den Chomhaontú go bhféadfaidh an Coiste Trádála trí chomhaontú, Iarscríbhinn II a ghabhann leis an gComhaontú a mhodhnú ar aon bhealach a mheastar a bheith iomchuí.

(6)Reáchtálfar an tochtú cruinniú de chuid an Choiste Trádála an XX XX 2020, cruinniú ag a mbeidh an Coiste Trádála in ann, de bhun Airteagal 13 den Chomhaontú leasú teicniúil ar an gComhaontú a thabhairt isteach chun aontachas Stáit Neamhspleách Shamó a thabhairt san áireamh.

(7)Ba cheart don Aontas an seasamh a ghlacfar laistigh den ochtú cruinniú de chuid an Choiste Trádála a chinneadh maidir leis an gcinneadh beartaithe.

(8)Dá bhrí sin is ar an dréachtchinneadh atá i gceangal leis seo ba cheart seasamh an Aontais laistigh den ochtú cruinniú de chuid an Choiste Trádála a bhunú,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Is ar dhréachtchinneadh ón gCoiste Trádála atá i gceangal leis an gCinneadh seo a bhunófar an seasamh atá le glacadh, thar ceann an Aontais, sa Choiste Trádála laistigh den ochtú cruinniú dá chuid maidir le leasú ar an gComhaontú Comhpháirtíochta Eatramhach idir an Comhphobal Eorpach, de pháirt amháin agus na Stáit san Aigéan Ciúin de pháirt eile chun aontachas Stáit Neamhspleách Shamó a thabhairt san áireamh.

Airteagal 2

Tar éis a ghlactha, foilseofar cinneadh an Choiste Trádála in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Airteagal 3

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar dháta a ghlactha.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil,

   Thar ceann na Comhairle

   An tUachtarán

(1)    Cinneadh ón gComhairle an 13 Iúil 2009 maidir le síniú agus cur i bhfeidhm sealadach an Chomhaontaithe Comhpháirtíochta Eatramhaigh idir an Comhphobal Eorpach, de pháirt amháin, agus na Stáit san Aigéan Ciúin, den pháirt eile (IO L 272, 16.10.2009, lch. 1).
(2)    IOAE L333, 28.12.2018, lch. 1.
(3)    Cinneadh 2009/729/CE ón gComhairle an 13 Iúil 2009 maidir le síniú agus cur i bhfeidhm sealadach an Chomhaontaithe Comhpháirtíochta Eatramhaigh idir an Comhphobal Eorpach, de pháirt amháin, agus na Stáit san Aigéan Ciúin, den pháirt eile (IO L 272, 16.10.2009, lch. 1).
(4)    IO L 333, 28.12.2018, lch. 1.

An Bhruiséil,1.7.2020

COM(2020) 273 final

IARSCRÍBHINN

a ghabhann leis an

Togra le haghaidh Cinneadh ón gComhairle

maidir leis an seasamh atá le glacadh thar cheann an Aontais, sa Choiste Trádála a bunaíodh faoin gComhaontú Comhpháirtíochta Eatramhach idir an Comhphobal Eorpach, de pháirt amháin agus na Stáit san Aigéan Ciúin, den pháirt eile, maidir leis an leasú atá le déanamh ar an gComhaontú chun aontachas Stáit Neamhspleách Shamó a thabhairt san áireamh


CEANGALTÁN

DRÉACHT

CINNEADH UIMH. XX/2020 ÓN gCOISTE TRÁDÁLA ARNA BHUNÚ AG AN gCOMHAONTÚ COMHPHÁIRTÍOCHTA EATRAMHACH IDIR AN COMHPHOBAL EORPACH, DE PHÁIRT AMHÁIN AGUS NA STÁIT SAN AIGÉAN CIÚIN DE PHÁIRT EILE

de ...

maidir leis an leasú atá le déanamh ar an gComhaontú chun aontachas Stáit Neamhspleách Shamó a thabhairt san áireamh

AN COISTE TRÁDÁLA,

Ag féachaint don Chomhaontú Comhpháirtíochta Eatramhach idir an Comhphobal Eorpach, de pháirt amháin, agus na Stáit san Aigéan Ciúin, den pháirt eile 1 (an ‘Comhaontú’) lena mbunaítear creat do Chomhaontú Comhpháirtíochta Eacnamaíche, arna shíniú i Londain an 30 Iúil 2009 agus go háirithe Airteagail 13 agus 68 de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)An 5 Feabhra 2018, chuir Stát Neamhspleách Shamó iarraidh ar aontachas chuig na Páirtithe Conarthacha mar aon le tairiscint i leith rochtain ar an margadh lena gcomhlíontar Airteagal XXIV de GATT 1994. D’aontaigh Stát Neamhspleách Shamó don Chomhaontú an 21 Nollaig 2018 agus tá sé á chur i bhfeidhm go sealadach ó bhí an 31 Nollaig 2018 ann.

(2)Foráiltear le hAirteagal 68 den Chomhaontú gurb é an Coiste Trádála a dhéileálfaidh le gach ábhar is gá le haghaidh cur chun feidhme an Chomhaontaithe.

(3)An 3‑4 Deireadh Fómhair 2019, le linn an tseachtú cruinniú de chuid an Choiste Trádála CCE, ghlac sé moladh do na Páirtithe sa Chomhaontú, i measc rudaí eile, lena moltar an Comhaontú a leasú chun aontachas Stáit Neamhspleách Shamó a chur san áireamh. San áireamh leis na hathruithe is gá a dhéanamh tá tairiscint Shamó i leith rochtain ar an margadh a chur le Iarscríbhinn II a ghabhann leis an gComhaontú.

(4)Foráiltear le hAirteagal 13 den Chomhaontú go bhféadfaidh an Coiste Trádála, trí chomhaontú, Iarscríbhinn II a ghabhann leis an gComhaontú a mhodhnú ar aon bhealach má mheastar é a bheith iomchuí.

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Cuirtear le hIarscríbhinn II a ghabhann leis an gComhaontú an téacs maidir le tairiscint comhaontaithe Stáit Neamhspleách Shamó i leith rochtain ar an margadh mar a leagtar amach é san Iarscríbhinn a ghabhann leis an gCinneadh seo.

Arna dhéanamh ag ...,

Thar ceann an Choiste Trádála

Thar ceann an Aontais

Thar ceann na Stáit san Aigéan Ciúin

IARSCRÍBHINN

DLEACHTANNA CUSTAIM IS INFHEIDHME AR ALLMHAIRÍ ISTEACH GO STÁT NEAMHSPLEÁCH SHAMÓ (IO L 333, 28.12.2018, lch. 1)

https://eur‑lex.europa.eu/legal‑content/EN/TXT/?uri=OJ:L:2018:333:TOC  

(1)    Cinneadh 2009/729/CE ón gComhairle an 13 Iúil 2009 ar an síniú agus ar chur i bhfeidhm sealadach an Chomhaontaithe Comhpháirtíochta Eatramhaigh idir an Comhphobal Eorpach, de pháirt amháin, agus na Stáit san Aigéan Ciúin de pháirt eile (IO L 272, 16.10.2009, lch. 1).