An Bhruiséil,8.5.2020

COM(2020) 201 final

2020/0084(CNS)

Togra le haghaidh

RIALACHÁN ÓN gCOMHAIRLE

lena leasaítear Rialachán (AE) 2017/2454 a mhéid a bhaineann leis na dátaí cur i bhfeidhm de bharr ghéarchéim COVID-19



MEABHRÁN MÍNIÚCHÁIN

1.COMHTHÉACS AN TOGRA

Forais agus cuspóirí an togra

An 5 Nollaig 2017, ghlac an Chomhairle Rialachán (AE) 2017/2454 ón gComhairle 1 , atá ina chuid den phacáiste reachtaíochta maidir le CBL a nuachóiriú le haghaidh ríomhthráchtáil thrasteorann gnólacht le tomhaltóir (“pacáiste ríomhthráchtála CBL”). Leasaítear leis Rialachán (AE) Uimh. 904/2010 maidir le comhar riaracháin agus calaois i réimse na cánach breisluacha a chomhrac 2 , ar rialachán é a sholáthraíonn bonn do bhonneagar bunaidh TF agus an comhar is gá ó na Ballstáit chun a áirithiú go n‑éireoidh leis an síneadh ar an Mion-Ionad Ilfhreastail (MOSS).

1 Eanáir 2021 an dáta a socraíodh le haghaidh cur i bhfeidhm na leasuithe arna leagadh síos i Rialachán (AE) 2017/2454.

Chuir an Coimisiún staid na himeartha i láthair maidir le hullmhacht na mBallstát an 14 Feabhra 2020 agus dheimhnigh an chuid is mó de na Ballstáit go mbeadh siad in ann na rialacha a chur i bhfeidhm faoin dáta dlite. Chuir dhá Bhallstát imní in iúl agus d’iarr siad go gcuirfí siar an teacht i bhfeidhm go ceann bliana nó níos mó. Thairg an Coimisiún cúnamh do na Ballstáit a raibh deacrachtaí acu chun cabhrú leo na constaicí sin a shárú agus bhí sé muiníneach go mbeadh na Ballstáit réidh faoin 1 Eanáir 2021.

De dheasca ráig gan choinne ghéarchéim COVID-19 agus a tionchar ollmhór, áfach, bhí ar na Ballstáit a gcuid tosaíochtaí a athrú agus acmhainní a ath-leithdháileadh chun an phaindéim a chomhrac in áit an pacáiste ríomhthráchtála CBL a chur chun feidhme. Dá bhrí sin, ní féidir leis na Ballstáit eile a dhearbhú níos mó go mbeidh siad in ann bailchríoch a chur ar an obair ullmhúcháin chun na rialacha nua a chur i bhfeidhm faoin 1 Eanáir 2021, lena n‑áirítear na rialacha maidir le comhar riaracháin. Tá contúirt ann go mbeidh moill leis an gcóras TF ar an leibhéal náisiúnta, ar córas é a bhfuil gá leis chun na rialacha nua ríomhthráchtála CBL a chur chun feidhme, lena n‑áirítear na rialacha atá leagtha síos i Rialachán (AE) 2017/2454 agus dá dheasca sin cuirtear i gcontúirt ullmhacht roinnt Ballstát chun na rialacha nua a chur i bhfeidhm amhail ón 1 Eanáir 2021. Chuir príomhoibreoirí eacnamaíocha imní den chineál céanna in iúl, go háirithe oibreoirí cúiréara agus poist, a mhol go láidir don Choimisiún dáta chur i bhfeidhm an phacáiste ríomhthráchtála CBL a chur ar atráth go ceann 6 mhí de dheasca ghéarchéim COVID-19.

Thionóil an Coimisiún cruinniú leis na Ballstáit an 24 Aibreán 2020 chun measúnú a dhéanamh ar a n‑ullmhacht chun na rialacha nua a chur i bhfeidhm amhail ón 1 Eanáir 2021. Dheimhnigh formhór na mBallstát go bhfuil sé ar a gcumas fós na rialacha a chur i bhfeidhm in am, ach chuir siad i dtábhacht go bhfuil na forálacha ar fheidhmiú an phacáiste ríomhthráchtála CBL bunaithe ar an bprionsabal gur cheart go mbeadh sé ar chumas na mBallstát uile iad a chur i bhfeidhm i gceart, agus mar sin go mbeidís réidh chun tacú le cur i bhfeidhm na rialacha a chur ar atráth nach mairfeadh níos faide ná 6 mhí.

Is í príomhsprioc an togra seo dáta chur i bhfeidhm leasuithe an phacáiste ríomhthráchtála CBL le atá leagtha amach i Rialachán (AE) 2017/2454 a beartaíodh don 1 Eanáir 2021 a chur ar atráth go ceann 6 mhí. Dá dheasca sin, is é dáta nua an cur i bhfeidhm an 1 Iúil 2021. Moltar é a chur ar atráth go ceann 6 mhí, mar gur ceart an mhoill a choinneáil chomh gairid agus is féidir ar mhaithe le caillteanais bhuiséadacha bhreise do Bhallstáit a íoslaghdú.

Comhsheasmhacht le forálacha beartais atá sa réimse beartais cheana

Is é is cuspóir ginearálta don togra seo feidhmiú rianúil an mhargaidh inmheánaigh, iomaíochas ghnólachtaí an Aontais agus an gá atá le cánachas éifeachtach an gheilleagair dhigitigh a áirithiú. Tá an pacáiste ríomhthráchtála CBL ag teacht le cur i bhfeidhm phrionsabal an chinn scríbe maidir le CBL amach anseo, mar atá leagtha amach sa phlean gníomhaíochta maidir le CBL a dtacaíonn an Chomhairle leis 3 .

De bhreis ar an bplean gníomhaíochta maidir le CBL, aithnítear an pacáiste ríomhthráchtála CBL ina phríomhthionscnamh den Straitéis maidir le Margadh Aonair Digiteach 4 (“Straitéis DSM”) chomh maith leis an Straitéis maidir le Margadh Aonair 5 agus an Plean Gníomhaíochta Ríomhrialtais 6 .

2.BUNÚS DLÍ, COIMHDEACHT AGUS COMHRÉIREACHT

Bunús dlí

Tá an togra seo bunaithe ar Airteagal 113 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE). Foráiltear leis an airteagal sin go nglacfaidh an Chomhairle forálacha le haghaidh comhchuibhiú ar rialacha na mBallstát i réimse na cánach indírí agus ag gníomhú di d’aon toil i gcomhréir le nós imeachta reachtach speisialta agus tar éis di dul i gcomhairle le Parlaimint na hEorpa agus leis an gCoiste Eacnamaíoch agus Sóisialta.

Coimhdeacht (maidir le hinniúlacht neamheisiach)

Athraítear leis an togra seo dáta chur i bhfeidhm an phacáiste ríomhthráchtála CBL i ndáil le comhar riaracháin agus calaois i réimse na cánach breisluacha a chomhrac arna ghlacadh ag an gComhairle i mí na Nollag 2017. Tá dlúthbhaint aige seo leis an togra chun an 1 Eanáir 2021 a chur ar atráth mar an dáta le haghaidh cur i bhfeidhm an phacáiste ríomhthráchtála CBL lena n‑áirítear, dá bharr, na gníomhartha dlíthiúla ar fad lena mbaineann. Déantar an togra seo de dheasca ghéarchéim COVID-19 agus mar fhreagra air óir tugann sé dúshlán do na Ballstáit ar an leibhéal náisiúnta chun dul i ngleic leis an staid éigeandála atá ann faoi láthair agus dá dheasca sin, tá deacrachtaí ag cuid acu cur chun feidhme tráthúil a dhearbhú maidir leis na hathruithe is gá lena gcórais TF baile. Tá na forálacha maidir le feidhmiú an phacáiste ríomhthráchtála CBL bunaithe ar an bprionsabal gur cheart do gach Ballstát a bheith in ann iad a chur i bhfeidhm mar is ceart.

Ó tharla CBL a bheith ina cáin atá chomhchuibhithe ar leibhéal an Aontais, ní ceadmhach go socróidh na Ballstáit rialacha difriúla astu féin. Dá bhrí sin, aon tionscnamh chun rialacha CBL le haghaidh ríomhthráchtála a leasú, lena n‑áirítear an dáta chur i bhfeidhm a athrú, éilíonn sé togra ón gComhairle agus ní féidir é a bhaint amach trí bhíthin gníomhaíochtaí aontaobhacha ar an leibhéal náisiúnta.

Dá bhrí sin, tá an togra ag teacht le prionsabal na coimhdeachta.

Comhréireacht

Tá an togra ag teacht le prionsabal na comhréireachta, i.e. ní théann sé thar a bhfuil riachtanach chun cuspóirí CFAE a ghnóthú, go háirithe i leith fheidhmiú rianúil an mhargaidh aonair. A mhéid a bhaineann leis an tástáil coimhdeachta, ní féidir leis na Ballstáit aghaidh a thabhairt ar na saincheisteanna sin gan togra chun leasú a dhéanamh ar an Rialachán ón gComhairle maidir le comhar riaracháin.

An rogha ionstraime

Leasaítear leis an togra seo Rialachán (AE) Uimh. 2017/2454 ón gComhairle. Is é an t‑aon leasú a dhéantar leis an togra an dáta cur i bhfeidhm a chur ar atráth.

3.TORTHAÍ Ó MHEASTÓIREACHTAÍ EX POST, Ó CHOMHAIRLIÚCHÁIN LEIS NA PÁIRTITHE LEASMHARA AGUS Ó MHEASÚNUITHE TIONCHAIR

Comhairliúcháin leis na páirtithe leasmhara

Is léiriú é an togra seo ar an imní mhór atá ar roinnt Ballstát agus ar oibreoirí poist agus cúiréara, imní a chuir siad in iúl don Choimisiún, is í sin nach mbeidh sé ar a gcumas obair ullmhúcháin an phacáiste ríomhthráchtála CBL a chur i gcrích ar an leibhéal náisiúnta agus na rialacha a chur i bhfeidhm faoin 1 Eanáir 2021 de dheasca ghéarchéim COVID-19.

Thionóil an Coimisiún cruinniú leis na Ballstáit an 24 Aibreán 2020 chun measúnú a dhéanamh ar a n‑ullmhacht maidir leis na rialacha nua a chur i bhfeidhm amhail ón 1 Eanáir 2021. Dheimhnigh formhór na mBallstát go bhfuil sé ar a gcumas fós na rialacha a chur i bhfeidhm in am, ach chuir siad i dtábhacht go bhfuil na forálacha ar fheidhmiú an phacáiste ríomhthráchtála CBL bunaithe ar an bprionsabal gur cheart go mbeadh sé ar chumas na mBallstát uile iad a chur i bhfeidhm i gceart, agus mar sin go mbeidís réidh chun tacú le cur i bhfeidhm na rialacha a chur ar atráth nach mairfeadh níos faide ná 6 mhí.

Measúnú tionchair

Rinneadh measúnú tionchair ar an togra agus glacadh an Treoir um ríomhthráchtáil CBL 7 mar thoradh air sin, treoir arb í bunús leasú na rialacha a leagtar síos sa Rialachán maidir le comhar riaracháin. Ní leasaítear leis an togra reatha ach dáta chur i bhfeidhm na leasuithe sin.

Oiriúnacht rialála agus simpliú

Is í príomhsprioc an togra seo dáta chur i bhfeidhm an phacáiste ríomhthráchtála CBL a chur ar atráth go ceann 6 mhí. Ní athraítear substaint na rialacha leis an togra, ach déantar dáta a gcur i bhfeidhm a chur ar atráth leis.

4.IMPLEACHTAÍ BUISÉADACHA

Tá an togra seo mar chuid den tionscadal chun dáta chur i bhfeidhm an phacáiste ríomhthráchtála CBL a chur ar atráth.

A mhéid a bhaineann le himpleachtaí buiséadacha an phacáiste ríomhthráchtála CBL ina iomláine, pacáiste a glacadh cheana, leagtar amach na himpleachtaí sin go mionsonraithe i meabhrán míniúcháin an togra le haghaidh Threoir 2017/2455 ón gComhairle, doiciméad COM(2016)757 final 8 .

Meastar na caillteanais bhuiséadacha le haghaidh na mBallstát ag thart ar EUR 5-7 mbilliún in aghaidh na bliana mura ndéantar an pacáiste ríomhthráchtála CBL a chur chun feidhme mar is ceart. Dá bhrí sin, caillteanais thart ar EUR 2.5-3.5 billiún a bheadh mar thoradh ar mhoill 6 mhí. Mura bhfuil Ballstáit agus gnólachtaí réidh chun na rialacha ríomhthráchtála CBL nua a chur i bhfeidhm, áfach, d’fhéadfadh na caillteanais chéanna, nach mór, a bheith i gceist mura n‑oibríonn an córas i gceart.

5.EILIMINTÍ EILE

Míniúchán mionsonraithe ar fhorálacha sonracha an togra

Ní bhaineann an togra seo ach le dáta chur i bhfeidhm na bhforálacha a glacadh cheana i ndáil le comhar riaracháin an phacáiste ríomhthráchtála CBL a leagtar amach i Rialachán (AE) 2017/2454. Cuirfear dáta chur i bhfeidhm na rialacha nua seo ar atráth go ceann 6 mhí. Ciallaíonn sé sin go ndéanfar na forálacha a chur i bhfeidhm amhail ón 1 Iúil 2021 seachas ón 1 Eanáir 2021 agus go mbeidh feidhm ag na rialacha atá i bhfeidhm faoi láthair maidir leis an Mion-Ionad Ilfhreastail (Caibidil XI, Roinn 2, Airteagail 43-47) go dtí an 30 Meitheamh 2021.

Is éard is cúis leis an togra seo géarchéim COVID-19, géarchéim a chuireann brú ar na Ballstáit gníomhú láithreach agus bearta a ghlacadh go práinneach ar an leibhéal náisiúnta chun na hiarmhairtí do ghnólachtaí agus don phobal i gcoitinne a laghdú. De dheasca na n‑imthosca eisceachtúla sin nach bhfacthas a leithéid riamh, ní bheidh sé ar chumas roinnt Ballstát an obair ullmhúcháin a chur i gcrích chun rialacha nua an phacáiste ríomhthráchtála CBL a chur i bhfeidhm ar an leibhéal náisiúnta amhail ón 1 Eanáir 2021.

2020/0084 (CNS)

Togra le haghaidh

RIALACHÁN ÓN gCOMHAIRLE

lena leasaítear Rialachán (AE) 2017/2454 a mhéid a bhaineann leis na dátaí cur i bhfeidhm de bharr ghéarchéim COVID-19


TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 113 de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Ag féachaint don tuairim ó Pharlaimint na hEorpa 9 ,

Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa 10 ,

Ag gníomhú di i gcomhréir le nós imeachta reachtach speisialta,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)Leagtar síos le Rialachán (AE) Uimh. 904/2010 ón gComhairle 11 rialacha maidir le malartú agus stóráil faisnéise ag na Ballstáit chun na scéimeanna speisialta dá bhforáiltear i gCaibidil 6 de Theideal XII de Threoir 2006/112/CE ón gComhairle 12 a bhunú.

(2)Le Rialachán (AE) 2017/2454 ón gComhairle 13 déantar na forálacha sin a leasú i gcomhréir le leathnú raon feidhme na scéimeanna speisialta sin agus le tabhairt isteach scéime nua. Tá na leasuithe sin le cur i bhfeidhm ón 1 Eanáir 2021.

(3)An 30 Eanáir 2020, dhearbhaigh an Eagraíocht Dhomhanda Sláinte (EDS) gur éigeandáil sláinte poiblí arb ábhar imní ar leibhéal idirnáisiúnta í ráig COVID-19. An 11 Márta 2020, dhearbhaigh EDS gur paindéim ráig COVID-19. Is cúis le hionfhabhtuithe sna Ballstáit ar fad COVID-19. De bharr an mhéadaithe scáfair ar an líon cásanna agus an easpa modhanna éifeachtacha atá ar fáil láithreach chun dul i ngleic le ráig COVID-19, tá staid éigeandála náisiúnta fógartha ag roinnt mhaith Ballstát.

(4)Éigeandáil nach raibh coinne léi agus nach bhfacthas a leithéid cheana atá i ráig COVID-19, ráig atá ag imirt tionchar tromchúiseach ar na Ballstáit ar fad agus a fhágann go bhfuil orthu gníomhú láithreach ar an leibhéal náisiúnta chun déileáil mar thosaíocht leis an ngéarchéim atá ar siúl trí acmhainní a athleithdháileadh chuig saincheisteanna eile. De dheasca na géarchéime seo, tá deacrachtaí ag roinnt Ballstát le críochnú na gcóras TF atá riachtanach chun na rialacha a leagtar síos le Rialachán (AE) 2017/2454 a chur i bhfeidhm ón 1 Eanáir 2021. Dá bhrí sin d’iarr roinnt Ballstát go gcuirfí siar dátaí cur i bhfeidhm Rialachán (AE) 2017/2454.

(5)Agus na dúshláin atá le sárú ag na Ballstáit chun dul i ngleic le géarchéim COVID-19 á gcur san áireamh, chomh maith lena chur san áireamh go bhfuil na forálacha nua bunaithe ar an bprionsabal go gcaithfidh na Ballstáit ar fad na córais TF atá acu a thabhairt cothrom le dáta chun go mbeidh siad in ann na forálacha a leagtar síos le Rialachán (AE) 2017/2454 a chur i bhfeidhm, ionas go náiritheofar bailiú agus tarchur faisnéise agus íocaíochtaí faoi na scéimeanna modhnaithe, tá sé riachtanach dátaí cur i bhfeidhm an Rialacháin sin a chur siar sé mhí. Is iomchuí iad a chur siar sé mhí, mar gur ceart an mhoill a choinneáil chomh gairid agus is féidir ar mhaithe le caillteanais bhuiséadacha bhreise do na Ballstáit a íoslaghdú.

(6)Ba cheart, dá bhrí sin, Rialachán (AE) 2017/2454 a leasú dá réir,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasaítear Rialachán (AE) 2017/2454 mar a leanas:

(1)in Airteagal 1, leasaítear pointe (7) mar a leanas:

(a)i bpointe (a), cuirtear an méid seo a leanas isteach in ionad cheannteideal Roinn 2:

Forálacha is infheidhme ón 1 Eanáir 2015 go dtí an 30 Meitheamh 2021”;

(b)leasaítear pointe (b) mar a leanas:

(i)cuirtear an méid seo a leanas isteach in ionad cheannteideal Roinn 3:

Forálacha is infheidhme ón 1 Iúil 2021”;

(ii)Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 47a:

“Airteagal 47a

Beidh feidhm ag forálacha na Roinne seo ón 1 Iúil 2021.”;

(2)in Airteagal 2, cuirtear an méid seo a leanas in ionad an dara mír:

“Beidh feidhm aige ón 1 Iúil 2021.”

Airteagal 2

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil,

   Thar ceann na Comhairle

   An tUachtarán

(1)    Rialachán (AE) 2017/2454 ón gComhairle an 5 Nollaig 2017 lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 904/2010 maidir le comhar riaracháin agus calaois i réimse na cánach breisluacha a chomhrac, IO L 348, 29.12.2017, lch. 1-6.
(2)    IO L 268, 12.10.2010, lch. 1.
(3)     http://www.consilium.europa.eu/ga/press/press-releases/2016/05/25-conclusions-vat-action-plan  
(4)    COM(2015) 192 final.
(5)    COM(2015) 550 final.
(6)    COM(2016) 179 final.
(7)    DOICIMÉAD INMHEÁNACH OIBRE DE CHUID AN CHOIMISIÚIN – MEASÚNÚ TIONCHAIR a ghabhann leis an doiciméid “Tograí le haghaidh Treoir ón gComhairle, Rialachán Cur Chun Feidhme ón gComhairle agus Rialachán ón gComhairle maidir le Nuachóiriú CBL le haghaidh Ríomhthráchtáil thrasteorann Gnólacht le Tomhaltóir”, https://eur-lex.europa.eu/legal-content/EN/TXT/?uri=SWD:2016:0379:FIN
(8)    Togra le haghaidh TREOIR ÓN gCOMHAIRLE lena leasaítear Treoir 2006/112/CE agus Treoir 2009/132/CE maidir le hoibleagáidí áirithe i ndáil le cáin bhreisluacha i gcás soláthairtí seirbhísí agus ciandíolacháin earraíCOM/2016/0757 final - 2016/0370 (CNS), https://eur-lex.europa.eu/legal-content/EN/TXT/?qid=1586260266830&uri=CELEX:52016PC0757
(9)    IO C , , lch. .
(10)    IO C , , lch. .
(11)    Rialachán (AE) Uimh. 904/2010 ón gComhairle an 7 Deireadh Fómhair 2010 maidir le comhar riaracháin agus maidir leis an gcomhrac in aghaidh na calaoise i réimse na cánach breisluacha (IO L 268, 12.10.2010, lch. 1).
(12)    Treoir 2006/112/CE ón gComhairle an 28 Samhain 2006 maidir leis an gcomhchóras cánach breisluacha (IO L 347, 11.12.2006, lch. 1).
(13)    Rialachán (AE) 2017/2454 ón gComhairle an 5 Nollaig 2017 lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 904/2010 maidir le comhar riaracháin agus maidir leis an gcomhrac in aghaidh na calaoise i réimse na cánach breisluacha, IO L 348, 29.12.2017, lch. 1–6.