AN COIMISIÚN EORPACH
An Bhruiséil,30.4.2020
COM(2020) 186 final
2020/0075(COD)
Togra le haghaidh
RIALACHÁN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE
lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 1305/2013 a mhéid a bhaineann le bearta sonracha chun tacaíocht eisceachtúil shealadach a chur ar fáil faoi CEFT mar fhreagairt ar ráig COVID-19.
MEABHRÚCHÁN MÍNIÚCHÁIN
1.COMHTHÉACS AN TOGRA
•Forais agus cuspóirí an togra
Tá éifeachtaí díreacha agus indíreacha ráig COVID-19 ag méadú fós sna Ballstáit uile. Níor tharla a leithéid riamh roimhe agus tá bearta eisceachtúla ag teastáil, bearta a bheidh oiriúnach don staid ina bhfuilimid agus a bheidh le cur i bhfeidhm i gcás ina mbíonn imthosca den sórt sin ann.
Tuairiscíodh a lán deacrachtaí sna hearnálacha talmhaíochta agus bia, a tháinig chun cinn de bharr na mórshrianta gluaiseachta a cuireadh i bhfeidhm sna Ballstáit, chomh maith le siopaí, margaí faoin aer, bialanna agus gnólachtaí fáilteachais eile a bheith á ndúnadh go héigeantach. An mhíshocracht eacnamaíoch ar an earnáil talmhaíochta agus ar na pobail tuaithe, d'fhág sé go bhfuil fadhbanna leachtacha agus sreafa airgid ag feirmeoirí agus ag gnólachtaí beaga tuaithe a dhéanann próiseáil ar tháirgí talmhaíochta.
Dá dheasca sin, tá géarghá le tacaíocht éigeandála le haghaidh gnólachtaí beaga áirithe agus feirmeoirí chun a gcuid gníomhaíochtaí a choinneáil ar bun.
I bhfianaise na ndeacrachtaí atá ann do na rialtais chomh maith, deacrachtaí a fhágann go bhfuil sé mí‑iomchuí do chomhairleoirí bheith i láthair go fisiciúil chun tacú le tairbhithe féideartha, nó do rialaitheoirí rialuithe ex-ante nó in situ a dhéanamh, tá sé ríthábhachtach go gcuirfidh na Ballstáit réitithe soláimhsithe i bhfeidhm, a thabharfaidh tacaíocht do chásanna éagsúla ar an talamh agus a mbeidh rochtain réidh ag tairbhithe orthu.
Ní mór don tacaíocht a bheith i bhfoirm cabhair shealadach, le haghaidh cuspóir an‑spriocdhírithe in imthosca nach bhfacthas a leithéid riamh roimhe. Chun na spriocanna sin a bhaint amach, beidh an tacaíocht i bhfoirm íocaíochta cnapshuime aonuaire d'fheirmeoirí agus d'fhiontair bheaga agus mheánmhéide (FBManna) a dhéanann próiseáil, margaíocht agus/nó forbairt ar tháirgí talmhaíochta. Déanfar na híocaíochtaí ón gCoimisiún i gcomhréir le leithreasuithe buiséadacha agus faoi réir chistithe atá ar fáil.
D'fhonn a áirithiú go ndéanfar na hacmhainní atá ar fáil faoi na cláir limistéar tuaithe atá ann cheana a úsáid ar an gcaoi is éifeachtúla, beidh sé de cheangal ar na Ballstáit cúis a thabhairt leis an tacaíocht a dhíriú orthu siúd is mó atá buailte, bunaithe ar chritéir oibiachtúla agus neamh‑idirdhealaitheacha. Bheadh ar na Ballstáit an beart a chur san áireamh sna Pleananna Forbraíochta Tuaithe (RDPs) trí mhodhnú a dhéanamh, cé go mbeadh an caiteachas incháilithe ó thús an teagmhais thurraingigh (ráig Covid‑19).
•Comhsheasmhacht le forálacha beartais atá sa réimse beartais cheana
Tá an togra i gcomhréir leis an gcreat foriomlán dlíthiúil a bunaíodh le haghaidh an Chomhbheartais Talmhaíochta agus Cistí Struchtúrtha agus Infheistíochta na hEorpa (CSIE) agus níl de raon ag an togra ach leasú spriocdhírithe ar Rialachán (AE) Uimh. 1305/2013. Comhlánaíonn an togra gach beart eile a ghlac an tAontas atá dírithe ar dhul i ngleic leis an staid reatha nach bhfacthas a leithéid riamh roimhe, go háirithe na bearta sin atá dírithe ar thacaíocht a chur ar fáil do na margaí. Tá an togra gan dochar do na ceanglais íosta caiteachais arna sainmhíniú i míreanna 5 agus 6 d'Airteagal 59 de Rialachán (AE) 1305/2013.
•Comhsheasmhacht le beartais eile de chuid an Aontais
Níl de raon ag an togra ach leasuithe spriocdhírithe ar Rialachán (AE) 1305/2013, agus tá sé comhsheasmhach le beartais eile de chuid an Aontais.
2.BUNÚS DLÍ, COIMHDEACHT AGUS COMHRÉIREACHT
•Bunús dlí
Tá an togra seo bunaithe ar Airteagail 42 agus 43 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh.
•Coimhdeacht (maidir le hinniúlacht neamheisiach)
Foráiltear sa Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh gur rud le roinnt idir an tAontas agus na Ballstáit atá san inniúlacht talmhaíochta, fad atá comhbheartas talmhaíochta á bhunú a bhfuil cuspóirí coiteanna agus cur chun feidhme coiteann ag dul leis. Tá sé d'aidhm ag an togra cuspóirí coiteanna agus cur chun feidhme coiteann beart nua Forbartha Tuaithe a áirithiú.
•Comhréireacht
Cuimsítear leis an togra leasuithe teoranta agus spriocdhírithe nach dtéann thar an méid atá riachtanach chun an cuspóir a bhaint amach, i.e. faoiseamh eisceachtúil agus sealadach a chur ar fáil d'fheirmeoirí agus d'fhiontair bheaga agus mheánmhéide (FBManna) a dhéanann próiseáil, margaíocht agus/nó forbairt ar tháirgí talmhaíochta, atá buailte go háirithe ag géarchéim COVID-19
•An rogha ionstraime
Is é Rialachán an ionstraim iomchuí chun an beart breise atá ag teastáil a thabhairt isteach chun dul i ngleic leis na himthosca seo nach bhfacthas a leithéid riamh roimhe.
3.TORTHAÍ Ó MHEASTÓIREACHTAÍ EX POST, Ó CHOMHAIRLIÚCHÁIN LEIS NA PÁIRTITHE LEASMHARA AGUS Ó MHEASÚNUITHE TIONCHAIR
•Meastóireachtaí ex post/seiceálacha oiriúnachta ar an reachtaíocht atá ann cheana
•Comhairliúcháin leis na páirtithe leasmhara
Ní dheachthas i mbun comhairliúcháin le páirtithe leasmhara seachtracha. Mar sin féin, tá an togra ag teacht as comhairliúcháin leis na Ballstáit agus le Feisirí Pharlaimint na hEorpa le cúpla seachtain anuas.
•Bailiú agus úsáid saineolais
Neamhbhainteach
•Measúnú tionchair
Rinneadh measúnú tionchair mar chuid den ullmhúchán le haghaidh Rialachán (AE) Uimh. 1305/2013. Ní theastaíonn measúnú tionchair ar leithligh i gcás na leasuithe beartaithe teoranta seo.
•Oiriúnacht rialála agus simpliú
Neamhbhainteach
•Cearta bunúsacha
Neamhbhainteach
4.IMPLEACHTAÍ BUISÉADACHA
Chun an modhnú atá beartaithe a dhéanamh, ní gá aon athrú a dhéanamh ar uasteorainneacha bliantúla an Chreata Airgeadais Ilbhliantúil d'oibleagáidí agus íocaíochtaí de réir mar atá siad leagtha síos in Iarscríbhinn I de Rialachán (AE) Uimh. 1311/2013. Ní gá aon athrú a dhéanamh ar mhiondealú iomlán bliantúil na leithreasuithe faoi chomhair gealltanas don Chiste Eorpach Talmhaíochta um Fhorbairt Tuaithe (CETFT). I bhfianaise an mhéid ama a theastaíonn chun an beart nua sin a chur i bhfeidhm, glactar leis go ndéanfar íocaíochtaí le tairbhithe sa cheathrú ráithe den bhliain 2020, agus dá bhrí sin go ndéanfar é a mhaoiniú faoi bhuiséad 2021. Ní mór freastal ar na leithreasuithe íocaíochtaí a theastaíonn chun an beart sin a mhaoiniú laistigh de na leithreasuithe le haghaidh CETFT atá le háireamh i nDréachtbhuiséad An Choimisiúin 2021 atá le teacht agus déanfar iad a fhritháireamh trí laghdú comhfhreagrach ar na híocaíochtaí sna blianta ina dhiaidh sin.
5.EILIMINTÍ EILE
•Pleananna cur chun feidhme, agus socruithe faireacháin, meastóireachta agus tuairiscithe
Déanfar faireachán agus tuairisciú ar chur chun feidhme na mbeart faoi chuimsiú na sásraí tuairiscithe ginearálta a bunaíodh le Rialacháin (AE) Uimh. 1303/2013 agus 1305/2013.
•Doiciméid mhíniúcháin (le haghaidh treoracha)
•Míniúchán mionsonraithe ar fhorálacha sonracha an togra
Moltar leasú a dhéanamh ar Rialachán (AE) Uimh. 1305/2013
2020/0075 (COD)
Togra le haghaidh
RIALACHÁN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE
lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 1305/2013 a mhéid a bhaineann le bearta sonracha chun tacaíocht eisceachtúil shealadach a chur ar fáil faoi CEFT mar fhreagairt ar ráig COVID-19.
TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagail 42 agus 43(2) de,
Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,
Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,
Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa,
Ag féachaint don tuairim ó Choiste na Réigiún,
Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach,
De bharr an mhéid seo a leanas:
(1)Tá feirmeoirí agus gnólachtaí tuaithe buailte go trom le hiarmhairtí ghéarchéim ráig COVID-19 ar bhealach nach bhfacthas a leithéid riamh roimhe. Na mórshrianta gluaiseachta a cuireadh i bhfeidhm sna Ballstáit, chomh maith le siopaí, margaí faoin aer, bialanna agus gnólachtaí fáilteachais eile a bheith á ndúnadh ar bhonn riachtanach, chruthaigh siad mícshocracht eacnamaíoch san earnáil talmhaíochta agus sna pobail tuaithe agus fadhbanna leachtacha agus sreafa airgid d'fheirmeoirí agus do ghnólachtaí beaga tuaithe a dhéanann próiseáil, margaíocht agus/nó forbairt ar tháirgí talmhaíochta. Mar gheall air sin cruthaíodh staid eisceachtúil nach mór aghaidh a thabhairt uirthi.
(2)Chun freagairt a thabhairt ar thionchar na géarchéime, ba cheart go dtabharfadh beart nua eisceachtúil sealadach aghaidh ar na fadhbanna leachtacha a chuireann gníomhaíochtaí feirmeoireachta agus ghnólachtaí beaga i mbaol, gnólachtaí a dhéanann próiseáil, margaíocht agus/nó forbairt ar tháirgí talmhaíochta.
(3)An tacaíocht, a bhfuil sé d'aidhm aici iomaíochas na ngnólachtaí talmhaíochta agus inmharthanacht feirmeacha a chosaint, d'fhonn na hacmhainní atá ar fáil a dhíriú ar na tairbhithe is mó atá ag fulaingt de bharr na géarchéime, ba cheart iad a dheonú ar bhonn critéir oibiachtúla, neamh‑idirdhealaitheacha. I gcás na bhfeirmeoirí, ar na critéir a d'fhéadfaí a chur san áireamh, tá cineálacha feirmeoireachta, struchtúir feirme, an cineál margaíochta a dhéantar ar tháirgí feirmeoireachta, líon na n‑oibrithe séasúracha a fhostaítear agus, i gcás FBManna, earnálacha, cineálacha gníomhaíochta, cineál réigiún agus srianta sonracha eile.
(4)De dheasca na práinne agus toisc go bhfuil gné eisceachtúil ag an mbeart sin, ba cheart íocaíocht aonuaire agus dáta uasta le haghaidh chur i bhfeidhm an bhirt a shocrú, agus i dtaca leis an bprionsabal lena ndéantar íocaíochtaí ón gCoimisiún i gcomhréir le leithreasuithe buiséadacha agus faoi réir chistithe atá ar fáil, ba cheart é a tharraingt siar.
(5)Chun tacaíocht níos airde a thabhairt do na feirmeoirí agus do na fiontair bheaga agus mheánmhéide is mó atá buailte, is iomchuí a cheadú do Bhallstáit coigeartú a dhéanamh ar leibhéal na gcnapshuimeanna le haghaidh catagóirí áirithe de thairbhithe incháilithe, bunaithe ar chritéir oibiachtúla, neamh‑idirdhealaitheacha.
(6)Chun a áirithiú go ndéanfar an beart nua a mhaoiniú go leordhóthanach gan cuspóirí eile na gclár Forbartha Tuaithe a chur i mbaol, ba cheart ranníocaíocht an Aontais leis an mbeart sin a shocrú.
(7)Ba cheart, dá bhrí sin, Rialachán (AE) Uimh. 1305/2013 a leasú dá réir.
(8)I bhfianaise ráig COVID-19 agus na práinne atá le haghaidh a thabhairt ar an ngéarchéim sláinte poiblí a bhaineann leis, measadh gurbh iomchuí leas a bhaint as an eisceacht ar an tréimhse ocht seachtaine dá dtagraítear in Airteagal 4 de Phrótacal Uimh. 1 maidir le ról na bparlaimintí náisiúnta san Aontas Eorpach, atá i gceangal leis an gConradh ar an Aontas Eorpach, leis an gConradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh agus leis an gConradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh do Fhuinneamh Adamhach.
(9)I bhfianaise na práinne atá leis an staid a bhaineann le ráig COVID-19, is iomchuí go dtiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm dáta a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh,
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Leasú ar Rialachán (AE) Uimh. 1305/2013
Leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 1305/2013 mar a leanas:
(1)cuirtear an tAirteagal 39b seo a leanas isteach:
“Airteagal 39b
Faoiseamh eisceachtúil sealadach d'fheirmeoirí agus d'fhiontair bheaga agus mheánmhéide (FBManna) a dhéanann margaíocht agus/nó forbairt ar tháirgí talmhaíochta, atá buailte go trom ag géarchéim COVID-19
1.Leis an tacaíocht faoin mbeart sin, cuirfear cabhair éigeandála ar fáil d'fheirmeoirí agus d'fhiontair bheaga agus mheánmhéide FBManna atá buailte go trom ag géarchéim COVID-19, dírithe ar leanúnachas i leith a ghníomhaíochta gnó, faoi réir na gcoinníollacha a leagtar amach san Airteagal seo.
2.Deonófar tacaíocht d'fheirmeoirí agus do FBManna a dhéanann próiseáil, margaíocht agus/nó forbairt ar tháirgí talmhaíochta arna gcumhdach le hIarscríbhinn I a ghabhann le CFAE nó cadás, seachas táirgí iascaigh; d'fhéadfadh sé gur táirge nach gcumhdaítear leis an Iarscríbhinn sin a bheadh in aschur an phróisis táirgeachta.
3.Déanfaidh na Ballstáit an tacaíocht a dhíriú ar na tairbhithe is mó atá buailte leis an ngéarchéim, trí choinníollacha incháilitheachta agus b'fhéidir critéir roghnúcháin a shainmhíniú, a bheidh oibiachtúil agus neamh‑idirdhealaitheach, bunaithe ar an bhfianaise atá ar fáil.
4.Beidh an tacaíocht i bhfoirm íocaíochta cnapshuime a íocfar faoin [31/12/2020] agus déanfar an aisíocaíocht ina dhiaidh sin ón gCoimisiún i gcomhréir le leithreasuithe buiséid agus faoi réir an chistithe atá ar fáil. Féadfar leibhéal na híocaíochta a idirdhealú de réir catagóirí tairbhithe, de réir critéir oibiachtúla neamh‑idirdhealaitheacha.
5.Ní rachaidh uasmhéid na tacaíochta thar EUR 5 000 in aghaidh an fheirmeora agus EUR 50 000 an FBM.
6.Agus tacaíocht a dheonú faoin Airteagal seo, áireoidh na Ballstáit an tacaíocht a dheonaítear faoi ionstraimí tacaíochta náisiúnta eile nó de chuid an Aontais nó faoi scéimeanna príobháideacha chun freagairt do thionchar ghéarchéim COVID-19.”
(2)in Airteagal 59, cuirtear an mhír 6a seo a leanas isteach:
“6a. Beidh tacaíocht CETFT arna soláthar faoin mbeart dá dtagraítear in Airteagal 39b teoranta d'uasmhéid 1 % de ranníocaíocht iomlán CETFT leis an gclár forbartha tuaithe.”
(3) In Airteagal 49, leasaítear mír 2 mar a leanas:
“2. Áiritheoidh údarás an Bhallstáit atá freagrach as roghnú na n‑oibríochtaí, cé is moite de na hoibríochtaí faoi phointe (b) d'Airteagal 18(1), faoi phointe (d) d'Airteagal 24(1) agus Airteagail 28 go 31, 33 go 34 agus 36 go 39b, go roghnófar oibríochtaí i gcomhréir leis na critéir roghnúcháin dá dtagraítear i mír 1 agus de réir nós imeachta trédhearcach a mbeidh doiciméadú maith ann ina leith.
Airteagal 2
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil,
Thar ceann Pharlaimint na hEorpa
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán
An tUachtarán
RÁITEAS AIRGEADAIS REACHTACH
1.LEAGAN AMACH AN TOGRA/TIONSCNAIMH
1.1.Teideal an togra/tionscnaimh
Togra le haghaidh Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 1305/2013 maidir le bearta sonracha chun tacaíocht eisceachtúil shealadach a chur ar fáil faoi CEFT mar fhreagairt ar ráig COVID-19
1.2.Baineann an togra/tionscnamh le
◻ beart nua
◻ beart nua a leanann treoirthionscadal/réamhbheart
◻ síneadh ar bheart atá ann cheana
X beart nó bearta a chumasc nó a atreorú i dtreo beart eile/beart nua
1.3.Cuspóirí
1.3.1.Cuspóirí ginearálta
Foráil a dhéanamh maidir le beart nua eisceachtúil sealadach chun dul i ngleic leis na fadhbanna leachtacha a chuireann leanúnachas na ngníomhaíochtaí feirmeoireachta agus ghníomhaíochtaí na bhfiontar beag a dhéanann próiseáil ar tháirgí talmhaíochta, i mbaol.
1.3.2.Cuspóirí sonracha
Cuspóir sonrach Uimh.
Neamhbhainteach
1.3.3.An toradh agus an tionchar a mheastar a bheidh ann
Sonraigh an tionchar a bheadh ag an togra/tionscnamh ar na tairbhithe/grúpaí ar a bhfuil sé dírithe.
1.3.4.Táscairí feidhmíochta
Sonraigh na táscairí chun faireachán a dhéanamh ar dhul chun cinn agus ar ghnóthachain.
1.4.Forais an togra/tionscnaimh
1.4.1.Na ceanglais is gá a chomhlíonadh sa ghearrthéarma nó san fhadtéarma, lena n‑áirítear amlíne mhionsonraithe maidir le cur chun feidhme céimneach an tionscnaimh.
1.4.2.Breisluach a bhaineann le rannpháirteachas AE (d’fhéadfadh an breisluach a bheith ann mar thoradh ar fhachtóirí éagsúla, e.g. deimhneacht dhlíthiúil, breis éifeachtachta, comhlántachtaí, nó gnóthachain de thoradh comhordú). Chun críocha an phointe seo, is é a chiallaíonn “breisluach a bhaineann le rannpháirteachas AE” an luach a thagann as idirghabháil an Aontais ar luach é atá sa bhreis ar an luach a bheadh ann dá mbeadh na Ballstáit ag feidhmiú leo féin.
1.4.3.Ceachtanna a foghlaimíodh ó thaithí eile den sórt sin san am a chuaigh thart
1.4.4.Comhoiriúnacht don Chreat Airgeadais Ilbhliantúil agus sineirgíochtaí a d’fhéadfadh a bheith ann le hionstraimí iomchuí eile
1.4.5.Measúnú ar na roghanna éagsúla maoinithe atá ar fáil, lena n‑áirítear na féidearthachtaí athshannadh a dhéanamh
1.5.Fad an togra/tionscnaimh agus an tionchar airgeadais a mheastar a bheidh aige
X tréimhse theoranta
–◻
i bhfeidhm ón [LL/MM]BBBB go dtí an [LL/MM]BBBB
–X
Níl aon tionchar airgeadais foriomlán ann maidir le leithreasuithe faoi chomhair gealltanas agus faoi chomhair íocaíochtaí.
◻ tréimhse neamhtheoranta
–Cuirfear chun feidhme é le linn na tréimhse tosaigh BBBB go BBBB,
–agus cuirfear ag feidhmiú go hiomlán ina dhiaidh sin é.
1.6.Modhanna bainistíochta atá beartaithe
◻ Bainistíocht dhíreach a dhéanann an Coimisiún
–◻ ina ranna, lena n‑áirítear an chuid sin den fhoireann atá i dtoscaireachtaí an Aontais;
–◻
trí na gníomhaireachtaí feidhmiúcháin;
X Bainistíocht atá comhroinnte leis na Ballstáit
◻ Bainistíocht indíreach trí chúraimí a bhaineann le cur chun feidhme an bhuiséid a shannadh dóibh seo a leanas:
–◻ tríú tíortha nó na comhlachtaí a d'ainmnigh siad;
–◻ eagraíochtaí idirnáisiúnta agus a ngníomhaireachtaí (tabhair sonraí);
–◻ BEI agus an Ciste Eorpach Infheistíochta;
–◻ comhlachtaí dá dtagraítear in Airteagal 70 agus Airteagal 71 den Rialachán Airgeadais;
–◻ comhlachtaí dlí phoiblí;
–◻ comhlachtaí arna rialú ag an dlí príobháideach agus a bhfuil misean seirbhíse poiblí acu sa mhéid go gcuireann siad ráthaíochtaí leordhóthanacha airgeadais ar fáil;
–◻ comhlachtaí arna rialú ag dlí príobháideach Ballstáit, a gcuirtear de chúram orthu comhpháirtíochtaí príobháideacha poiblí a chur chun feidhme, agus a sholáthraíonn ráthaíochtaí leordhóthanacha airgeadais;
–◻ daoine a gcuirtear de chúram orthu bearta sonracha a chur chun feidhme in CBES de bhun Theideal V de CAE, ar daoine iad a aithnítear sa bhunghníomh ábhartha.
–I gcás ina sonraítear níos mó ná modh bainistíochta amháin, tabhair sonraí sa roinn "Nótaí" le do thoil.
Nótaí
Chun an modhnú nua sin atá beartaithe a dhéanamh, ní gá aon athrú a dhéanamh ar uasteorainneacha bliantúla an Chreata Airgeadais Ilbhliantúil d'oibleagáidí agus íocaíochtaí de réir mar a leagtar síos iad in Iarscríbhinn I de Rialachán (AE) Uimh. 1311/2013. Ní gá aon athrú a dhéanamh ar mhiondealú iomlán bliantúil na leithreasuithe faoi chomhair gealltanas don Chiste Eorpach Talmhaíochta um Fhorbairt Tuaithe.
Ar an iomlán, ní thugtar le tuiscint leis an mbeart sin go bhfuil gá le leithreasuithe íocaíochtaí breise. Déanfar na leithreasuithe íocaíochtaí a theastaíonn chun an beart sin a mhaoiniú a fhritháireamh in 2021 trí riachtanais íocaíochta laghdaithe sna blianta ina dhiaidh sin.
2.BEARTA BAINISTÍOCHTA
2.1.Rialacha faireacháin agus tuairiscithe
Sonraigh minicíocht na mbeart agus na coinníollacha atá leo
2.2.Córas bainistíochta agus rialaithe
2.2.1.An bonn cirt atá leis na modhanna bainistíochta, le sásraí cur chun feidhme an mhaoinithe, leis na coinníollacha íocaíochta agus leis an straitéis rialaithe atá beartaithe
2.2.2.Faisnéis faoi na rioscaí a aithníodh agus na córais rialaithe inmheánacha a cuireadh ar bun chun na rioscaí a mhaolú
2.2.3.Meastachán ar chost‑éifeachtúlacht na rialuithe agus an bonn cirt atá leis sin (cóimheas “costais rialaithe ÷ luach na gcistí gaolmhara arna mbainistiú”) agus measúnú ar an leibhéal riosca earráide a mheastar a bheidh ann (tráth an íocaíocht a dhéanamh agus tráth an clár a dhúnadh)
2.3.Bearta chun calaois agus neamhrialtachtaí a chosc
Sonraigh na bearta coisctheacha agus cosanta atá ann cheana nó atá beartaithe, e.g. ón Straitéis Frithchalaoise.
3.AN TIONCHAR AIRGEADAIS A MHEASTAR A BHEIDH AG AN TOGRA/TIONSCNAMH
3.1.Ceannteidil an chreata airgeadais ilbhliantúil agus na línte buiséid ar a n‑imreofar tionchar
·Línte buiséid atá ann cheana
In ord cheannteidil agus línte buiséid an chreata airgeadais ilbhliantúil.
Ceannteideal an chreata airgeadais ilbhliantúil
|
Líne bhuiséid
|
Type of
caiteachas
|
Ranníocaíocht
|
|
Uimhir
|
LD/LN
|
ó thíortha de chuid CSTE
|
ó thíortha is iarrthóirí
|
ó thríú tíortha
|
de réir bhrí Airteagal 21(2)(b) den Rialachán Airgeadais
|
|
05.046001
|
LD
|
Líon
|
Líon
|
Líon
|
Líon
|
·Línte nua buiséid atá á n‑iarraidh
In ord cheannteidil agus línte buiséid an chreata airgeadais ilbhliantúil.
Ceannteideal an chreata airgeadais ilbhliantúil
|
Líne bhuiséid
|
Type of
caiteachas
|
Ranníocaíocht
|
|
Uimhir
|
LD/LN
|
ó thíortha de chuid CSTE
|
ó thíortha is iarrthóirí
|
ó thríú tíortha
|
de réir bhrí Airteagal 21(2)(b) den Rialachán Airgeadais
|
|
Neamhbhainteach
|
|
TÁ/NÍL
|
TÁ/NÍL
|
TÁ/NÍL
|
TÁ/NÍL
|
3.2.An tionchar airgeadais a mheastar a bheidh ag an togra ar leithreasuithe
3.2.1.Achoimre ar an tionchar a mheastar a bheidh aige ar leithreasuithe faoi chomhair oibríochtaí
–◻
Ní éilíonn an togra/tionscnamh go n‑úsáidfear leithreasuithe faoi chomhair oibríochtaí
–X
Éilíonn an togra/tionscnamh go n‑úsáidfear leithreasuithe faoi chomhair oibríochtaí mar a mhínítear thíos:
EUR milliúin (go dtí an tríú deachúil)
Ceannteideal an chreata airgeadais
ilbhliantúil:
|
Uimhir
2
|
Fás Inbhuanaithe: acmhainní nádúrtha
|
Níl aon tionchar ar na leithreasuithe faoi chomhair gealltanas. Ós rud é go ndéanfar an modhnú seo a mhaoiniú trí leasuithe ar chláir forbartha tuaithe de chuid na mBallstát laistigh de na himchlúdaigh chomhaontaithe, ní theastóidh aon leithreasuithe íocaíochtaí sa bhreis ar an iomlán, toisc go ndéanfar aon íocaíochtaí a bhaineann leis an mbeart seo a chúiteamh trí íocaíochtaí laghdaithe le haghaidh bearta eile forbartha tuaithe.
Glactar leis nach mbeidh aon tionchar ag an togra ar leithreasuithe íocaíochtaí CEFT ar bhuiséad 2020. Ag cur san áireamh an t‑am a theastaíonn ó Bhallstáit an beart nua seo a chur chun feidhme, táthar ag súil go ndéanfar an caiteachas lena mbaineann a dhearbhú sa cheathrú ráithe de 2020, agus ar an gcaoi sin go mbeidh tionchar aige ar bhuiséad 2021. Déanfar freastal ar an tionchar comhfhreagrach ar leithreasuithe íocaíochtaí, a mheastar a bheith thart ar EUR 650 milliún, laistigh de leibhéal na leithreasuithe íocaíochtaí a bheidh a iarraidh le haghaidh Dréachtbhuiséad 2021 agus déanfar é a fritháireamh trí laghdú comhfhreagrach ar riachtanais íocaíochtaí sna blianta ina dhiaidh sin, faoi mar a mheastar thíos iad.
AS AGRI
|
|
|
Year
2020
|
Year
2021
|
Year
2022
|
Bliain
2023
|
Iontráil na blianta ar fad a theastaíonn le fad an tionchair a thaispeáint (féach pointe 1.6)
|
IOMLÁN
|
• Leithreasuithe faoi chomhair oibríochtaí
|
|
|
|
|
|
|
|
|
05.046001
|
Gealltanais
|
(1a)
|
0
|
0
|
0
|
0
|
|
|
|
0
|
|
Íocaíochtaí
|
(2a)
|
0
|
+ 650
|
-325
|
-325
|
|
|
|
0
|
Leithreasuithe de chineál riaracháin arna maoiniú as imchlúdach na gclár sonrach
|
|
|
|
|
|
|
|
|
Neamhbhainteach
|
|
(3)
|
|
|
|
|
|
|
|
|
IOMLÁN leithreasuithe
do AS AGRI
|
Gealltanais
|
=1a+1b +3
|
0
|
0
|
0
|
0
|
|
|
|
0
|
|
Íocaíochtaí
|
=2a+2b
+3
|
0
|
+650
|
-325
|
-325
|
|
|
|
0
|
• IOMLÁN leithreasuithe faoi chomhair oibríochtaí
|
Gealltanais
|
(4)
|
0
|
0
|
0
|
0
|
|
|
|
0
|
|
Íocaíochtaí
|
(5)
|
0
|
+650
|
-325
|
-325
|
|
|
|
0
|
• IOMLÁN leithreasuithe de chineál riaracháin arna maoiniú as imchlúdach na gclár sonrach
|
(6)
|
|
|
|
|
|
|
|
|
IOMLÁN leithreasuithe
faoi CHEANNTEIDEAL 2
den chreat airgeadais ilbhliantúil
|
Gealltanais
|
=4+ 6
|
0
|
0
|
0
|
0
|
|
|
|
0
|
|
Íocaíochtaí
|
=5+ 6
|
0
|
+650
|
-325
|
-325
|
|
|
|
0
|
Ceannteideal an chreata airgeadais
ilbhliantúil:
|
5
|
"Caiteachas riaracháin"
|
Chun an chuid seo a líonadh isteach, ba cheart leas a bhaint as na “sonraí buiséid de chineál riaracháin” a iontráladh ar dtús san
Iarscríbhinn a ghabhann leis an Ráiteas Airgeadais Reachtach
(Iarscríbhinn V a ghabhann leis na rialacha inmheánacha) agus a uaslódáladh ar an gcóras DECIDE chun críoch comhairliúcháin idirsheirbhíse.
EUR milliúin (go dtí an tríú deachúil)
|
|
|
Year
N
|
Year
N+1
|
Year
N+2
|
Year
N+3
|
Iontráil na blianta ar fad a theastaíonn le fad an tionchair a thaispeáint (féach pointe 1.6)
|
IOMLÁN
|
Ard‑Stiúrthóireacht: <…….>
|
• Acmhainní daonna
|
|
|
|
|
|
|
|
|
• Caiteachas riaracháin eile
|
|
|
|
|
|
|
|
|
IOMLÁN ARD-STIÚRTHÓIREACHT <…….>
|
Leithreasuithe
|
|
|
|
|
|
|
|
|
IOMLÁN leithreasuithe
faoi CHEANNTEIDEAL 5
den chreat airgeadais ilbhliantúil
|
(Iomlán gealltanas = Iomlán íocaíochtaí)
|
|
|
|
|
|
|
|
|
EUR milliúin (go dtí an tríú deachúil)
|
|
|
Year
2020
|
Year
2021
|
Year
2022
|
Year
2023
|
Iontráil na blianta ar fad a theastaíonn le fad an tionchair a thaispeáint (féach pointe 1.6)
|
IOMLÁN
|
IOMLÁN leithreasuithe
faoi CHEANNTEIDIL 1 go 5
den chreat airgeadais ilbhliantúil
|
Gealltanais
|
0
|
0
|
0
|
0
|
|
|
|
|
|
Íocaíochtaí
|
0
|
+ 650
|
-325
|
-325
|
|
|
|
|
3.2.2.An t‑aschur a mheastar a mhaoineofar le leithreasuithe faoi chomhair oibríochtaí
Leithreasuithe faoi chomhair gealltanas in EUR milliúin (go dtí an tríú deachúil)
Sonraigh cuspóirí agus aschuir
⇩
|
|
|
Year
N
|
Year
N+1
|
Year
N+2
|
Year
N+3
|
Iontráil na blianta ar fad a theastaíonn le fad an tionchair a thaispeáint (féach pointe 1.6)
|
IOMLÁN
|
|
ASCHUIR
|
|
Saghas
|
Meánchostas
|
Líon
|
Costas
|
Líon
|
Costas
|
Líon
|
Costas
|
Líon
|
Costas
|
Líon
|
Costas
|
Líon
|
Costas
|
Líon
|
Costas
|
Líon iomlán
|
Costas iomlán
|
CUSPÓIR SONRACH Uimh. 1...
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
- Aschur 0
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
- Aschur 0
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
- Aschur 0
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
Fo-iomlán do chuspóir sonrach Uimh. 1
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
CUSPÓIR SONRACH Uimh. 2...
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
- Aschur 0
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
Fo-iomlán do chuspóir sonrach Uimh. 2
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
IOMLÁN
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
3.2.3.Achoimre ar an tionchar a mheastar a bheidh aige ar leithreasuithe de chineál riaracháin
–X
Ní éilíonn an togra/tionscnamh go n‑úsáidfear leithreasuithe de chineál riaracháin
–◻
Éilíonn an togra/tionscnamh go n‑úsáidfear leithreasuithe de chineál riaracháin mar a mhínítear thíos:
EUR milliúin (go dtí an tríú deachúil)
|
Year
N
|
Year
N+1
|
Year
N+2
|
Year
N+3
|
Iontráil na blianta ar fad a theastaíonn le fad an tionchair a thaispeáint (féach pointe 1.6)
|
IOMLÁN
|
HEADING 5
den chreat airgeadais ilbhliantúil
|
|
|
|
|
|
|
|
|
Acmhainní daonna
|
|
|
|
|
|
|
|
|
Caiteachas riaracháin eile
|
|
|
|
|
|
|
|
|
Subtotal HEADING 5
den chreat airgeadais ilbhliantúil
|
|
|
|
|
|
|
|
|
Outside HEADING 5
den chreat airgeadais ilbhliantúil
|
|
|
|
|
|
|
|
|
Acmhainní daonna
|
|
|
|
|
|
|
|
|
Other expenditure
de chineál riaracháin
|
|
|
|
|
|
|
|
|
Subtotal
Lasmuigh de CHEANNTEIDEAL 5
of the multiannual financial framework
|
|
|
|
|
|
|
|
|
Na leithreasuithe is gá le haghaidh acmhainní daonna agus caiteachas eile de chineál riaracháin, cumhdófar iad leis na leithreasuithe sin san Ard‑Stiúrthóireacht atá sannta cheana do bhainistíocht an bhirt agus/nó atá athshannta laistigh den Ard‑Stiúrthóireacht, mar aon le haon leithdháileadh breise a d'fhéadfaí a thabhairt don Ard‑Stiúrthóireacht atá i mbun bainistíochta faoi chuimsiú an nós imeachta maidir le leithdháileadh bliantúil i bhfianaise na srianta buiséadacha.
3.2.3.1.Na hacmhainní daonna a mheastar a bheidh riachtanach
–X
Ní éilíonn an togra/tionscnamh go n‑úsáidfear acmhainní daonna.
–◻
Éilíonn an togra/tionscnamh go n‑úsáidfear acmhainní daonna mar a mhínítear thíos:
Sloinnfear an meastachán in aonaid de choibhéis lánaimseartha
|
Year
N
|
Year
N+1
|
Bliain N+2
|
Bliain N+3
|
Iontráil na blianta ar fad a theastaíonn le fad an tionchair a thaispeáint (féach pointe 1.6)
|
• Poist don phlean bunaíochta (oifigigh agus foireann shealadach)
|
XX 01 01 01 (Ceanncheathrú agus Oifigí Ionadaíocht an Choimisiúin)
|
|
|
|
|
|
|
|
XX 01 01 02 (Toscaireachtaí)
|
|
|
|
|
|
|
|
XX 01 05 01/11/21 (Taighde indíreach)
|
|
|
|
|
|
|
|
10 01 05 01/11 (Taighde díreach)
|
|
|
|
|
|
|
|
• Foireann sheachtrach (i gcoibhéis lánaimseartha: FTE)
|
XX 01 02 01 (AC, END, INT ón “imchlúdach iomlánaíoch”)
|
|
|
|
|
|
|
|
XX 01 02 02 (AC, AL, END, INT agus JPD sna toscaireachtaí)
|
|
|
|
|
|
|
|
XX 01 04 bb
|
0- sa Cheanncheathrú
|
|
|
|
|
|
|
|
|
0 - i dToscaireachtaí
|
|
|
|
|
|
|
|
XX 01 05 02/12/22 (CA, SNE, INT 0 Taighde indíreach)
|
|
|
|
|
|
|
|
10 01 05 02/12 (CA, INT, SNE 0 Taighde díreach)
|
|
|
|
|
|
|
|
Línte buiséid eile (sonraigh)
|
|
|
|
|
|
|
|
IOMLÁN
|
|
|
|
|
|
|
|
Is é XX an réimse beartais nó an teideal buiséid lena mbaineann.
Soláthrófar na hacmhainní daonna is gá le baill foirne ón Ard‑Stiúrthóireacht a bhfuil bainistíocht an bhirt faoina gcúram cheana agus/nó ar athshannadh a gcúraimí laistigh den Ard‑Stiúrthóireacht, mar aon le haon leithdháileadh breise a d'fhéadfaí a thabhairt don Ard‑Stiúrthóireacht atá i mbun bainistíochta faoi chuimsiú an nós imeachta maidir le leithdháileadh bliantúil i bhfianaise na srianta buiséadacha.
Cur síos ar na cúraimí a bheidh le déanamh:
Oifigigh agus pearsanra sealadach
|
|
Pearsanra seachtrach
|
|
3.2.4.Comhoiriúnacht don chreat airgeadais ilbhliantúil reatha
I gcás an togra/tionscnaimh seo:
–X
is féidir é a mhaoiniú ina iomláine trí athshannadh laistigh den cheannteideal ábhartha den Chreat Airgeadais Ilbhliantúil (CAI).
Mínigh cén t‑athshannadh a bhfuil gá leis, agus sonraigh na línte buiséid lena mbaineann agus na méideanna comhfhreagracha. Cuir tábla excel ar fáil i gcás mór-athshannadh.
–◻
is gá an corrlach gan leithdháileadh faoin gceannteideal ábhartha de CAI a úsáid agus/nó na hionstraimí speisialta a shainítear sa Rialachán maidir le CAI a úsáid.
Mínigh an méid a bhfuil gá leis, agus sonraigh na ceannteidil agus na línte buiséid lena mbaineann, na méideanna comhfhreagracha agus na hionstraimí atá beartaithe a úsáid.
–◻
is gá athbhreithniú ar CAI.
Mínigh an méid a bhfuil gá leis, agus sonraigh na ceannteidil agus na línte buiséid lena mbaineann agus na méideanna comhfhreagracha.
3.2.5.Ranníocaíochtaí tríú páirtí
I gcás an togra/tionscnaimh seo:
–◻
ní dhéantar foráil maidir le cómhaoiniú ó thríú páirtithe
–◻
déantar foráil maidir leis an gcómhaoiniú ó thríú páirtithe atá réamh‑mheasta thíos:
Leithreasuithe in EUR milliúin (go dtí an tríú deachúil)
|
Year
N
|
Year
N+1
|
Year
N+2
|
Year
N+3
|
Iontráil na blianta ar fad a theastaíonn le fad an tionchair a thaispeáint (féach pointe 1.6)
|
Iomlán
|
Sonraigh an comhlacht cómhaoinithe
|
|
|
|
|
|
|
|
|
IOMLÁN leithreasuithe arna gcómhaoiniú
|
|
|
|
|
|
|
|
|
3.3.An tionchar a mheastar a bheidh ar ioncam
–X
Ní bheidh tionchar airgeadais ar bith ag an togra ar ioncam.
–◻
Beidh an tionchar airgeadais seo a leanas ag an togra/tionscnamh:
–◻
ar acmhainní dílse
–◻
ar ioncam eile
–◻
má tá an t‑ioncam sannta do línte caiteachais, sonraigh sin
EUR milliúin (go dtí an tríú deachúil)
Líne buiséid ioncaim:
|
Leithreasuithe atá ar fáil don bhliain airgeadais reatha
|
Tionchar an togra/tionscnaimh
|
|
|
Year
N
|
Year
N+1
|
Year
N+2
|
Year
N+3
|
Iontráil na blianta ar fad a theastaíonn le fad an tionchair a thaispeáint (féach pointe 1.6)
|
Airteagal ………….
|
|
|
|
|
|
|
|
|
I gcás ioncam ilghnéitheach atá 'sannta', sonraigh na línte buiséid a n‑imrítear tionchar orthu.
Aon rud eile (e.g. an modh nó an fhoirmle a úsáideadh chun an tionchar ar ioncam a ríomh nó aon fhaisnéis eile).