An Bhruiséil,2.4.2020

COM(2020) 171 final

Togra le haghaidh

CINNEADH Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

lena leasaítear Cinneadh (AE) 2020/265 a mhéid a bhaineann le coigeartuithe ar na méideanna arna bhforscaoileadh ón Ionstraim Sholúbthachta le haghaidh 2020 chun úsáide i gcomhair imirce, insreabhadh dídeanaithe agus bagairtí slándála, le haghaidh bearta láithreacha i gcomhthéacs ráig COVID-19 agus le haghaidh athneartú ar Oifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh


MEABHRÁN MÍNIÚCHÁIN

Chinn Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle an 27 Samhain 2019 ar an Ionstraim Sholúbthachta a úsáid chun EUR 778,1 milliún a fhorscaoileadh le haghaidh ceannteideal 3 Slandáil agus Saorántacht mar atá molta ag an gCoimisiún (Cinneadh (AE) 2020/265 1 ).

An 27 Márta chuir an Coimisiún isteach dréachtbhuiséad leasaitheach Uimh. 1/2020 2 . Cuimsíodh leis sin, inter alia, méadú foriomlán EUR 423,3 milliún ar leibhéal na leithreasuithe faoi chomhair oibleagáidí le haghaidh ceannteideal 3 chun riar do na riachtanais a d’eascair as an méadú ar bhrú imirce sa Ghréig, chun maoiniú a dhéanamh ar bhearta láithreacha atá ag teastáil i gcomhthéacs ráig COVID-19 (an chéad stoc-charn de threalamh leighis faoi rescEU) agus chun méadú ar bhuiséad Oifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh (OIPE) a chumhdach. Mhol an Coimisiún i nDréachtbhuiséad Leasaitheach Uimh. 1/2020 EUR 350,0 milliún atá ar fáil ó 2018 a fháil ón gCorrlach Foriomlán le haghaidh Gealltanas chun an chuid den mhéadú sin a bhaineann leis an imirce a chumhdach. Mhol an Coimisiún go ndéanfadh sé an chuid den mhéadú atá fágtha (EUR 73,3 milliún) a mhaoiniú trí choigeartú a dhéanamh dá réir sin ar an méid a forscaoileadh ón Ionstraim Sholúbthachta agus go ndéanfadh sé cuspóir Chinneadh 2020/265 a leathnú 3 .

Cuireann an Coimisiún isteach inniu dréachtbhuiséad leasaitheach Uimh. 2/2020 4 , lena n‑áirítear méadú breise ar leithreasaithe faoi chomhair oibleagáidí faoi cheannteideal 3 le haghaidh méid EUR 3 000,0 milliún chun athghníomhachtú Ionstraim Tacaíochta Éigeandála laistigh den Aontas a chumhdach chun cuidiú leis na Ballstáit aghaidh a thabhairt ar iarmhairtí ráig COVID-19 agus chun an Sásra Aontais um Chosaint Shibhialta/rescEU a dhaingniú tuilleadh chun éascú a dhéanamh ar stoc-charnadh níos forleithne agus ar chomhordú ar dháileadh acmhainní riachtanacha ar fud na hEorpa. I bhfianaise go bhfuil easpa spáis ann le haghaidh ath-imlonnuithe faoi cheannteideal 3 agus i gcomhréir leis an togra, a cuireadh isteach inniu freisin, leasú a dhéanamh ar Rialachán CAI lena mbaintear na srianta i raon feidhme na hionstraime sin 5 , molann an Coimisiún i nDréachtbhuiséad Uimh. 2/2020 go n‑úsáidfí an Ionstraim Corrlaigh Aonair le haghaidh an méid iomlán atá ar fáil faoin ionstraim speisialta sin de EUR 2 042,4 milliún 6 chun an méadú sin a chumhdach.

Thairis sin, déanann cinneadh forscaoilte molta sin na hIonstraime Solúbthachta leasú ar Chinneadh (AE) 2020/265 an 27 Samhain 2019 agus glacann sé ionad an leasaithe a cuireadh síos in éineacht le Dréachtbhuiséad Leasaitheach Uimh. 1/2020. Cumhdaítear sa togra nua sin, dá bhrí sin, na méaduithe comhcheangailte ar leithreasuithe faoi chomhair oibleagáidí le haghaidh ceannteideal 3 a chuimsítear i nDréachtbhuiséid Uimh. 1 agus 2/2020, méadaítear ann an méid iomlán atá le forscaoileadh go EUR 1 094,4 milliún 7 agus ídítear ann an méid iomlán atá ar fáil faoin ionstraim sin le haghaidh 2020.

Ós rud é nach dóthanach úsáid a bhaint as an Ionstraim Corrlaigh Aonair i nDréachtbhuiséad Uimh. 2/2020 agus as an gcinneadh forscaoilte molta chun riachtanais airgeadais na hIonstraime Tacaíochta Éigeandála a chumhdach, déanann an Coimisiún togra ar leith freisin 8 , in éineacht le Dréachtbhuiséad Uimh. 2/2020, chun an Corrlach Teagmhais a fhorscaoileadh le haghaidh 2020 le haghaidh méid EUR 714,6 milliún.

Tugtar, sa tábla thíos, na leithreasuithe táscacha i gcomhair íocaíochta a chomhfhreagraíonn don fhorscaoileadh atá tugtha ón Ionstraim Sholúbthachta:

(in EUR milliúin, ag praghsanna reatha)

Bliain

Leithreasuithe íocaíochta a bhaineann le húsáid na hionstraime solúbthachta in 2020

2020

574,6

2021

413,7

2022

66,2

2023

39,9

Iomlán

1 094,4

Togra le haghaidh

CINNEADH Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

lena leasaítear Cinneadh (AE) 2020/265 a mhéid a bhaineann le coigeartuithe ar na méideanna arna bhforscaoileadh ón Ionstraim Sholúbthachta le haghaidh 2020 chun úsáide i gcomhair imirce, insreabhadh dídeanaithe agus bagairtí slándála, le haghaidh bearta láithreacha i gcomhthéacs ráig COVID-19 agus le haghaidh athneartú ar Oifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Chomhaontú Idirinstitiúideach an 2 Nollaig 2013 idir Parlaimint na hEorpa, an Chomhairle agus an Coimisiún maidir le smacht buiséadach, le comhar i dtaca le hábhair bhuiséadacha agus le bainistíocht fhónta airgeadais 9 , agus go háirithe pointe 12 de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)Tá sé beartaithe leis an Ionstraim Sholúbthachta go mbeifear in ann caiteachas a mhaoiniú, ar caiteachas é a shainaithnítear go soiléir agus nach bhféadfaí a mhaoiniú faoi na huasteorainneacha a bheadh le fáil le haghaidh ceann amháin nó níos mó de cheannteidil eile bhuiséad ginearálta an Aontais.

(2)Is é EUR 600 000 000 (praghsanna 2011), mar a leagtar síos in Airteagal 11 de Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 1311/2013 10 ón gComhairle é, an uasteorainn leis an méid bliantúil a bheidh ar fáil don Ionstraim Sholúbthachta, arna méadú, i gcás inarb infheidhme ag méideanna atá dulta i léig agus curtha ar fáil i gcomhréir leis an dara fomhír de mhír 1 den Airteagal sin.

(3)An 27 Samhain 2019 ghlac Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle Cinneadh (AE) 2020/265 11 maidir leis an Ionstraim Sholúbthachta a fhorscaoileadh chun méid EUR 778 074 489 a sholáthar i leithreasuithe faoi chomhair oibleagáidí faoi cheannteideal 3 (Slandáil agus Saoránacht) don bhliain airgeadais 2020 chun bearta a mhaoiniú i réimse na himirce, na ndídeanaithe agus na slándála.

(4)Maidir leis an dréachtbhuiséad leasaitheach Uimh. 1/2020 12 lena gcuimsítear méadú 423 300 000 milliún ar leithreasuithe faoi chomhair oibleagáidí le haghaidh ceannteideal 3 chun riar do na riachtanais a d’eascair as an méadú ar bhrú imirce sa Ghréig, chun maoiniú a dhéanamh ar bhearta láithreacha i gcomhthéacs ráig COVID-19 agus chun méadú ar bhuiséad Oifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh a chumhdach. As an méadú iomlán sin, cumhdaítear EUR 350 000 000 trí leas a bhaint as an gCorrlach Foriomlán le haghaidh Gealltanas a leagtar síos in Airteagal 14 de Rialachán ón gComhairle (AE, Euratom) Uimh. 1311/2013 agus cumhdaítear EUR 73 300 000 le forscaoileadh breise ar an Ionstraim Sholúbthachta le haghaidh 2020. Is gá freisin coigeartú a dhéanamh ar an bpróifíl táscach íocaíochta.

(5)Cuimsítear i ndréachtbhuiséad leasaitheach 2/2020 13 méadú breise EUR 3 000 000 000 ar leithreasaithe faoi chomhair oibleagáidí le haghaidh ceannteideal 3 chun Ionstraim Tacaíochta Éigeandála laistigh den Aontas a chumhdach chun cuidiú tuilleadh leis na Ballstáit aghaidh a thabhairt ar iarmhairtí ráig COVID-19 agus chun an Sásra Aontais um Chosaint Shibhialta/rescEU a dhaingniú tuilleadh chun éascú a dhéanamh ar stoc-charnadh níos forleithne agus ar chomhordú ar dháileadh acmhainní riachtanacha ar fud na hEorpa. As an méadú sin, cumhdaítear EUR 2 042 402 163 trí leas a bhaint as an gCorrlach Foriomlán le haghaidh Gealltanas a leagtar síos in Airteagal 14 de Rialachán ón gComhairle (AE, Euratom) Uimh. 1311/2013 agus cumhdaítear EUR 243 039 699 le forscaoileadh breise ar an Ionstraim Sholúbthachta le haghaidh 2020. Is gá freisin coigeartú a dhéanamh ar an bpróifíl táscach íocaíochta.

(6)Ba cheart, dá bhrí sin, Treoir (AE) 2020/265 a leasú dá réir sin.

(7)Ba cheart an Cinneadh sin teacht i bhfeidhm an lá céanna leis an leasú ar bhuiséad 2020 arae ceadaítear leis an Ionstraim Sholúbthachta maoiniú a dhéanamh ar ghníomhaíochtaí áirithe agus an maoiniú sin os cionn uasteorainn a leagtar síos le haghaidh 2020 sa Chreat Airgeadais Ilbhliantúil.

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasaítear an chéad fhomhír de mhír 1 d’Airteagal 1 de Chinneadh (AE) 2020/265 mar a leanas: Cuirtear “EUR 1 094 414 188” in ionad “EUR 778 074 489”.

Cuirtear an méid seo a leanas in ionad an dara fomhír de mhír 1: “Déanfar na suimeanna dá dtagraítear sa chéad fhomhír a úsáid chun bearta a mhaoiniú chun aghaidh a thabhairt ar dhúshláin leanúnacha na himirce, insreabhadh na ndídeanaithe agus na mbagairtí slándála chomh maith leis an ngéarchéim shláinte atá ann faoi láthair san Aontas Eorpach de bharr ráig COVID-19 agus de bharr an mhéadaithe ar riachtanais Oifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh.”

Sa chéad fhomhír de mhír 2, cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointí (a) go (d):

“(a)    EUR 574 652 355 in 2020;

(b)    EUR 413 658 806 in 2021;

(c)    EUR 66 154 477 in 2022;

(d)    EUR 39 948 550 in 2023.”

Airteagal 2

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil,

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa    Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán    An tUachtarán

(1)    IO L 58, 27.2.2020, lch. 51.
(2)    COM(2020) 145, 27.3.2020.
(3)    COM(2020) 140, 27.3.2020.
(4)    COM(2020) 170, 2.4.2020.
(5)    COM(2020) 174, 2.4.2020.
(6)    Tugann an méid sin an corrlach, a bhí fágtha ó 2019 (EUR 1 316,9 milliún) arna chur ar fáil do 2020, isteach sa “Choigeartú teicniúil i dtaca le hionstraim speisialta” arna ghlacadh inniu ag an gCoimisiún (COM(2020) 173, 2.4.2020)
(7)    Cuirtear san áireamh leis an méid sin EUR 175 mhilliún a chuaigh i léig in 2019 ón gCiste Eorpach um Choigeartú don Domhandú agus chuir sé leis an Ionstraim Sholúbthachta sa “Choigeartú teicniúil maidir leis an ionstraim speisialta” arna ghlacadh inniu ag an gCoimisiún (COM(2020) 173, 2.4.2020).
(8)    COM(2020) 172, 2.4.2020.
(9)    IO C 373, 20.12.2013, lch. 1.
(10)    Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 1311/2013 ón gComhairle an 2 Nollaig 2013 lena leagtar síos an creat airgeadais ilbhliantúil do na blianta 2014-2020 (IO L 347, 20.12.2013, lch. 884).
(11)    Cinneadh (AE) 2020/265 Ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Samhain 2019 maidir le leas a bhaint as an Ionstraim Sholúbthachta chun bearta buiséadacha láithreacha a mhaoiniú chun aghaidh a thabhairt ar dhúshláin leanúnacha na himirce, insreabhadh na ndídeanaithe agus na mbagairtí slándála (IO L 058 27.02.2020, lch. 51)
(12)    COM(2020) 145, 27.3.2020.
(13)    COM(2020) 170, 2.4.2020.