An Bhruiséil,13.3.2020

COM(2020) 113 final

2020/0043(COD)

Togra le haghaidh

RIALACHÁN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 1303/2013, Rialachán (AE) Uimh. 1301/2013 agus Rialachán (AE) Uimh. 508/2014 maidir le bearta sonracha chun infheistíochtaí a shlógadh i gcórais cúraim sláinte na mBallstát agus in earnálacha eile dá ngeilleagair mar fhreagairt ar ráig COVID-19

[An Tionscnamh Infheistíochta mar Fhreagairt ar an gCoróinvíreas]


MEABHRÁN MÍNIÚCHÁIN

1.COMHTHÉACS AN TOGRA

Tá géarchéim an choróinvíris, nó ráig COVID-19, tar éis dul i bhfeidhm ar na Ballstáit ar bhealach tobann tromchúiseach, agus d’fhéadfadh sí tionchar ollmhór a imirt ar shochaí agus ar gheilleagar na mBallstát. Cuireann sí bac ar fhás sna Ballstáit de réir mar a thagann laghdú géar ar an ngníomhaíocht eacnamaíoch. D’fhéadfadh srianta leachtachta é sin a dhéanamh níos measa de réir mar a bhíonn gnólachtaí ag streachailt lena gcuid soláthróirí agus fostaithe a íoc. Ag an am céanna, tá acmhainní poiblí breise ag teastáil chun tacú le córais chúraim sláinte agus le gníomhaíochtaí eile a bhfuil nasc díreach acu le ráig an ghalair.

Chruthaigh sé sin staid eisceachtúil nach mór aghaidh a thabhairt uirthi le bearta sonracha chun tacaíocht agus cosaint a thabhairt do gheilleagair, cuideachtaí agus oibrithe na mBallstát. Tá idirghníomhuithe móra tapa ag teastáil ó chórais chúraim sláinte chun go bhféadfadh siad a bheith ag feidhmiú faoi bhrú mór, agus ó fhiontair bheaga agus mheánmhéide, ag a mbíonn corrlaigh níos ísle go minic, agus tá na hidirghníomhuithe sin ag teastáil freisin chun na margaí saothair agus codanna leochaileacha eile de gheilleagar na mBallstát a chosaint ó iarmhairtí diúltacha. Is ceist í seo a bhaineann leis an Aontas Eorpach uile, agus gá le gach acmhainn atá ar fáil, ar leibhéal an Aontais agus ar leibhéal na mBallstát, a shlógadh chun dul i ngleic léi agus chun na dúshláin gan fasach a bhaineann le ráig COVID-19 a shárú.

Dá bharr sin, molann an Coimisiún “An Tionscnamh Infheistíochta mar Fhreagairt ar an gCoróinvíreas” a bheidh dírithe ar infheistíochtaí a chur chun cinn trí chúlchistí airgid atá ar fáil i gCistí Struchtúracha agus Infheistíochta na hEorpa a shlógadh chun dul i ngleic leis an ngéarchéim láithreach. Infheistíocht nach beag a bheidh inti agus ní fada go mbeidh os cionn EUR 37 mbilliún i gceist léi. Chun é sin a bhaint amach, molann an Coimisiún do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle thart ar EUR 8 mbilliún de leachtacht infheistíochta a scaoileadh.

D’fhonn EUR 37 mbilliún d’infheistíocht phoiblí na hEorpa a spriocdhíriú go tapa chun aghaidh a thabhairt ar iarmhairtí ghéarchéim an choróinvíris, beartaíonn an Coimisiún scor d’oibleagáid na bliana seo maidir leis an iarraidh go n‑aisíocfaí aon réamh-mhaoiniú, nár caitheadh, le haghaidh Chiste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa (CFRE), Chiste Sóisialta na hEorpa (CSE), an Chiste Chomhtháthaithe (CC) agus an Chiste Eorpaigh Muirí agus Iascaigh (CEMI) go dtí tráth dúnta an chláir.

Úsáidfidh na Ballstáit na méideanna nár aisghabhadh in 2020 chun infheistíochtaí a bhaineann le ráig COVID-19 a luasghéarú faoi CFRE, CSE, CC agus CEMI. I bhfianaise na meánrátaí cómhaoinithe ar fud na mBallstát, beidh an EUR 8 mbilliún in ann ligean do scaoileadh agus úsáid thart ar EUR 29 mbilliún de chistiú struchtúrach ar fud an Aontais.

Moltar go bhféadfaidh CRFE tacú le maoiniú caipitil oibre i bhfiontair bheaga agus mheánmhéide i gcás inar gá, mar bheart sealadach, chun freagairt éifeachtach a thabhairt ar ghéarchéim sláinte poiblí. Ba cheart tacaíocht a chur ar fáil freisin leis na hionstraimí airgeadais arna maoiniú ag na Cistí i bhfoirm caipitil oibre le haghaidh fiontair bheaga agus mheánmhéide, más gá, mar bheart sealadach. Modhnaítear tosaíocht infheistíochta CFRE chun taighde, forbairt teicneolaíochta agus nuálaíocht a neartú chun infheistíocht a chumhdach sna táirgí agus sna seirbhísí a bhfuil gá leo chun acmhainneachtaí freagartha ar an ngéarchéim a chothú i seirbhísí sláinte poiblí. Ba cheart caiteachais le haghaidh oibríochtaí chun acmhainneachtaí freagartha ar ghéarchéimeanna a chothú a bheith incháilithe amhail an 1 Feabhra 2020.

I gcás ina mbeidh gá le cláir a mhodhnú dá bharr sin, sainaithnítear sa togra modhnuithe neamhshubstaintiúla nach gá iad a fhormheas le cinneadh ón gCoimisiún. Soiléirítear sa togra freisin go mbeidh caiteachas chun acmhainneachtaí freagartha ar ghéarchéimeanna a chothú incháilithe in aon chás amhail an 1 Feabhra 2020. Ba cheart féidearthachtaí chun dlús a chur leis an dearbhú caiteachais trí úsáid a bhaint as foirmeacha nua tacaíochta mar atá ar fáil faoi Airteagal 67 de Rialachán na bhForálacha Coiteanna a tugadh isteach ó 2018 i leith, e.g. roghanna costais simplithe, a úsáid a mhéid is féidir.

Cuireadh Tascfhórsa ar bun chun an obair leis na Ballstáit a chomhordú, a riachtanais bheachta a shainaithint agus cúnamh a thabhairt dóibh chun a áirithiú go gcuirfear an t‑airgead ar fáil a luaithe is féidir.

2.BUNÚS DLÍ, COIMHDEACHT AGUS COMHRÉIREACHT

Tá sé beartaithe:

Rialachán CFRE (AE) Uimh. 1301/2013 a leasú mar a leanas:

(1)In Airteagal 3(1), cuirtear fomhír leis lena shoiléiriú go bhféadfaidh CRFE tacú le maoiniú caipitil oibre i bhfiontair bheaga agus mheánmhéide i gcás inar gá, mar bheart sealadach, chun freagairt éifeachtach a thabhairt ar ghéarchéim sláinte poiblí;

(2)Modhnaítear Airteagal 5(1)(b) den Rialachán céanna chun go bhféadfaidh tosaíocht infheistíochta CFRE chun taighde, forbairt teicneolaíochta agus nuálaíocht a neartú an infheistíocht a chumhdach sna táirgí agus sna seirbhísí a bhfuil gá leo chun acmhainneachtaí freagartha ar an ngéarchéim a chothú i seirbhísí sláinte;

Rialachán (AE) Uimh. 1303/2013 (Rialachán na bhForálacha Coiteanna) a leasú mar a leanas:

(3)In Airteagal 30 maidir le leasuithe ar chláir, cuirtear mír 5 nua leis ina leagtar amach leasuithe áirithe nach gá a fhormheas trí chinneadh ón gCoimisiún; Leasaítear Airteagal 96(10) chun é sin a léiriú;

(4)In Airteagal 37(4) maidir le hionstraimí airgeadais, cuirtear foráil bhreise leis, go bhféadfaidh ionstraimí airgeadais tacaíocht a chur ar fáil i bhfoirm caipitil oibre d’fhiontair bheaga agus mheánmhéide más gá, mar bheart sealadach, chun freagairt éifeachtach a thabhairt ar ghéarchéim sláinte poiblí;

(5)In Airteagal 65(10), cuirtear fomhír leis lena shoiléiriú go mbeidh caiteachas ar oibríochtaí chun acmhainneachtaí freagartha do ghéarchéimeanna a chothú incháilithe amhail ón 1 Feabhra 2020;

(6)In Airteagal 139(7) cuirtear fomhír bhreise leis chun foráil a dhéanamh maidir leis na méideanna nach naisghabhfar a bhíonn dlite de ghnáth in 2020 i ndáil le cláir oibriúcháin bheartas comhtháthaithe 2014-2020 faoi Sprioc na hInfheistíochta le haghaidh Fáis agus Post agus i ndáil le cláir a fhaigheann maoiniú ó CEMI;

Rialachán CEMI (AE) Uimh. 508/2014 a leasú mar a leanas:

(7)Modhnaítear Airteagal 35 chun go bhféadfaidh CEMI rannchuidiú leis na cistí frithpháirteacha a íocann cúiteamh airgeadais le hiascairí i gcomhair caillteanas eacnamaíoch a tharlaíonn mar thoradh ar ghéarchéim sláinte poiblí, agus

(8)modhnaítear Airteagal 57 chun go bhféadfaidh CEMI ioncaim táirgeoirí dobharshaothraithe a chosaint trí ranníocaíochtaí a dhéanamh le scéim árachais do stoic dhobharshaothraithe lena gcumhdaítear caillteanais eacnamaíocha a tharlaíonn mar thoradh ar ghéarchéim sláinte poiblí.

3.TORTHAÍ Ó MHEASTÓIREACHTAÍ EX POST, Ó CHOMHAIRLIÚCHÁIN LEIS NA PÁIRTITHE LEASMHARA AGUS Ó MHEASÚNUITHE TIONCHAIR

Ní raibh aon chomhairliúchán ann le páirtithe leasmhara seachtracha.

4.IMPLEACHTAÍ BUISÉADACHA

Chun an modhnú atá beartaithe a dhéanamh, ní gá aon athrú a dhéanamh ar uasteorainneacha bliantúla an Chreata Airgeadais Ilbhliantúil maidir le gealltanais agus íocaíochtaí de réir Iarscríbhinn I de Rialachán (AE) Uimh. 1311/2013. Ní gá aon athrú a dhéanamh ar mhiondealú bliantúil na leithreasuithe faoi chomhair gealltanas do Chiste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa, do Chiste Sóisialta na hEorpa ná don Chiste Comhtháthaithe.

Éascóidh an togra cur chun feidhme níos tapa an chláir, a bheidh tús-ualú na leithreasuithe íocaíochta mar thoradh air.

Déanfaidh an Coimisiún faireachán cúramach ar thionchar an mhodhnaithe bheartaithe ar leithreasuithe íocaíochta in 2020, agus cur chur chun feidhme an bhuiséid agus réamhaisnéisí atá leasaithe ag na Ballstáit araon á gcur san áireamh.

Déanfar na méideanna nár aisghabhadh in 2020 a imréiteach tráth dhúnadh an chláir.

2020/0043 (COD)

Togra le haghaidh

RIALACHÁN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 1303/2013, Rialachán (AE) Uimh. 1301/2013 agus Rialachán (AE) Uimh. 508/2014 maidir le bearta sonracha chun infheistíochtaí a shlógadh i gcórais cúraim sláinte na mBallstát agus in earnálacha eile dá ngeilleagair mar fhreagairt ar ráig COVID-19

[An Tionscnamh Infheistíochta mar Fhreagairt ar an gCoróinvíreas]

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagail 43(2), 177 agus 178 de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa 1 ,

Ag féachaint don tuairim ó Choiste na Réigiún 2 ,

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)Tá iarmhairtí ghéarchéim ráig COVID-19 dulta i bhfeidhm ar na Ballstáit ar shlí ar leith. Tá an ghéarchéim ag cur bac ar fhás sna Ballstáit agus, mar thoradh air sin, tá an easpa leachtachta thromchúiseach ag dul in olcas, easpa arb é is cúis léi an tardú tobann agus suntasach atá tagtha ar na hinfheistíochtaí poiblí is gá a dhéanamh i gcórais cúraim sláinte na mBallstát agus in earnálacha eile dá ngeilleagair. Tháinig de sin staid eisceachtúil nach mór aghaidh a thabhairt uirthi le bearta sonracha.

(2)Tá sé ríthábhachtach nach mbeidh an easpa leachtachta agus an easpa cistí poiblí sna Ballstáit ina bac ar na hinfheistíochtaí is gá a dhéanamh faoi chláir a fhaigheann tacaíocht ó Chiste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa (CFRE), ó Chiste Sóisialta na hEorpa (CSE) agus ón gCiste Comhtháthaithe (na Cistí) agus ón gCiste Eorpach Muirí agus Iascaigh (CEMI) chun ráig COVID-19 a chomhrac.

(3)Chun freagairt a thabhairt ar thionchar na géarchéime, ba cheart do CFRE tacú le maoiniú caipitil oibre i bhfiontair bheaga agus mheánmhéide, i gcás inar gá, mar bheart sealadach chun freagairt éifeachtach a thabhairt ar ghéarchéim sláinte poiblí.

(4)Chun freagairt a thabhairt ar thionchar na géarchéime, ba cheart do thosaíocht infheistíochta CFRE, eadhon taighde, forbairt teicneolaíochta agus nuálaíocht a neartú, infheistíocht a chumhdach sna táirgí agus sna seirbhísí a bhfuil gá leo chun acmhainneachtaí freagartha ar ghéarchéimeanna sna seirbhísí sláinte poiblí a chothú.

(5)Chun tuilleadh solúbthachta a sholáthar chun aghaidh a thabhairt ar ráig COVID-19, ba cheart tuilleadh solúbthachta a thabhairt do na Ballstáit chun cláir a chur chun feidhme agus ba cheart nós imeachta simplithe nach néilíonn cinneadh ón gCoimisiún a chur ar fáil maidir le hathruithe ar chláir oibríochtúla. Ba cheart an fhaisnéis a chuirfear faoi bhráid an Choimisiúin maidir le hathruithe den sórt sin a shoiléiriú.

(6)Chun freagairt a thabhairt ar thionchar na géarchéime, ba cheart d’ionstraimí airgeadais arna maoiniú ag na Cistí tacaíocht a chur ar fáil i bhfoirm caipitil oibre d’fhiontair bheaga agus mheánmhéide, i gcás inar gá, mar bheart sealadach chun freagairt éifeachtach a thabhairt ar ghéarchéim sláinte poiblí.

(7)Chun freagairt láithreach a thabhairt ar thionchar na géarchéime, ba cheart an caiteachas ar oibríochtaí chun acmhainneachtaí freagartha ar ghéarchéimeanna a chothú a bheith incháilithe amhail ón 1 Feabhra 2020.

(8)    Chun a áirithiú go mbeidh na hacmhainní leordhóthanacha airgeadais ag na Ballstáit chun na hinfheistíochtaí a bhfuil gá leo a dhéanamh gan mhoill, is iomchuí don Choimisiún gan orduithe aisghabhála a eisiúint maidir leis na méideanna is in‑aisghabhála ó na Ballstáit le haghaidh na gcuntas bliantúil arna gcur isteach in 2020. Ba cheart do na Ballstáit na méideanna nár aisghabhadh a úsáid chun dlús a chur le hinfheistíochtaí a bhaineann le géarchéim ráig COVID-19 agus atá incháilithe faoi Rialachán (AE) Uimh. 1303/2013 3 agus faoi na rialacha ciste-shonracha.

(9)    Chun freagairt ar thionchar na géarchéime, ba cheart do CEMI tacaíocht a thabhairt do chistí frithpháirteacha agus d’árachas stoc chun ioncam iascairí agus feirmeoirí dobharshaothraithe a ndéanann géarchéim sláinte poiblí difear dóibh a choimirciú.

(10)Ní mór na méideanna nár aisghabhadh in 2020 a imréiteach nó iad a bheith faoi réir orduithe aisghabhála tráth dúnta na gclár.

(11)I bhfianaise na práinne atá leis an tacaíocht atá ag teastáil, ba cheart don Rialachán seo a theacht i bhfeidhm mar ábhar práinne.

(12)Ba cheart, dá bhrí sin, Rialachán (AE) Uimh. 1301/2013, 4 (AE) Uimh. 1303/2013 agus Rialachán (AE) Uimh. 508/2014 5 a leasú dá réir,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasuithe ar Rialachán (AE) Uimh. 1301/2013

Leasaítear Rialachán (AE) 1301/2013 mar a leanas:

(1)In Airteagal 3(1) cuirtear an mhír seo a leanas leis:

“Ina theannta sin, féadfaidh CRFE tacú le maoiniú caipitil oibre i bhfiontair bheaga agus mheánmhéide i gcás inar gá, mar bheart sealadach, chun freagairt éifeachtach a thabhairt ar ghéarchéim sláinte poiblí.”

(2)Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 5(1)(b):

“(b) infheistíocht ghnó a chur chun cinn i réimse na teicneolaíochta agus na nuálaíochta, agus naisc agus sineirgí a fhorbairt idir fiontair, ionaid taighde agus forbartha agus earnáil an ardoideachais, go háirithe trí infheistíocht a chur chun cinn i bhforbairt táirgí agus seirbhísí, aistriú teicneolaíochta, nuálaíocht shóisialta, éiceanuálaíocht, feidhmchláir don tseirbhís phoiblí, cothú éilimh, líonrú, braislí agus nuálaíocht oscailte trí speisialtóireacht chliste, agus trí thacú le taighde teicneolaíochta agus feidhmeach, línte píolótacha, bearta luathbhailíochtaithe táirge, ardchumas monaraíochta agus céadtáirgeadh, go háirithe in eochairtheicneolaíochtaí cumasúcháin agus scaipeadh teicneolaíochtaí ilfheidhmeacha, chomh maith leis an infheistíocht is gá a chothú chun acmhainneachtaí freagartha ar ghéarchéimeanna sna seirbhísí sláinte a neartú”

Airteagal 2

Leasuithe ar Rialachán (AE) Uimh. 1303/2013

Leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1303/2013 mar a leanas:

(1)In Airteagal 30, cuirtear an mhír 5 seo a leanas leis:

   5.    De mhaolú ar mhíreanna 1 agus 2, i gcás na gclár a fhaigheann tacaíocht ó CFRE, ón gCiste Comhtháthaithe agus ó CSE, féadfaidh an Ballstát suas le 8 % de leithdháileadh de thosaíocht amhail ón 1 Feabhra 2020 agus nach mó ná 4 % de bhuiséad an chláir a aistriú le linn na clárthréimhse chuig tosaíocht eile de chuid an Chiste chéanna den chlár céanna.

Ní dhéanfaidh na haistrithe sin difear do bhlianta roimhe sin. Measfar nach aistrithe substaintiúla iad agus ní bheidh gá le cinneadh ón gCoimisiún lena leasaítear an clár. Mar sin féin, beidh siad i gcomhréir leis na ceanglais rialála uile agus déanfaidh an coiste faireacháin iad a fhormheas roimh ré . Tabharfaidh an Ballstát fógra don Choimisiún maidir leis na táblaí airgeadais athbhreithnithe.”

(2)In Airteagal 37(4), cuirtear an fhomhír seo a leanas leis:

   Féadfaidh ionstraimí airgeadais tacaíocht a chur ar fáil i bhfoirm caipitil oibre d’fhiontair bheaga agus mheánmhéide más gá, mar bheart sealadach, chun freagairt éifeachtach a thabhairt ar ghéarchéim sláinte poiblí.”

(3)In Airteagal 65(10), cuirtear an fhomhír seo a leanas leis:

   De mhaolú ar mhír 9, beidh caiteachas ar oibríochtaí chun acmhainneachtaí freagartha ar ghéarchéimeanna a chothú i gcomhthéacs ráig COVID-19 incháilithe amhail ón 1 Feabhra 2020.”

(4)Cuirtear an méid a leanas in ionad Airteagal 96(10):

“10. Gan dochar d’Airteagal 30(5), glacfaidh an Coimisiún cinneadh, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, lena bhformheasfar gnéithe uile an chláir oibríochtúil, lena n‑áirítear aon leasú a dhéanfar air amach anseo, a thagann faoin Airteagal seo, ach amháin na gnéithe sin a thagann faoi phointe (b)(vi), faoi phointe (c)(v) agus faoi phointe (e) den chéad fhomhír de mhír 2, faoi mhír 4 agus faoi mhír 5, faoi phointe (a) agus faoi phointe (c) de mhír 6 agus faoi mhír 7, arb iad na Ballstáit a bheidh freagrach astu i gcónaí.”

(5)In Airteagal 139(7), cuirtear na fomhíreanna seo a leanas leis:

“De mhaolú ar an gcéad fhomhír, ní eiseoidh an Coimisiún ordú aisghabhála i leith méideanna is inghnóthaithe ón mBallstát le haghaidh na gcuntas arna dtíolacadh in 2020. Bainfear úsáid as méideanna nár aisghabhadh chun dlús a chur le hinfheistíochtaí a bhaineann leis ráig COVID-19 agus atá incháilithe faoin Rialachán seo agus faoi rialacha a bhaineann go sonrach leis na Cistí.

Déanfar na méideanna nár aisghabhadh a imréiteach nó a aisghabháil tráth an dúnta.”

Airteagal 3

Leasuithe ar Rialachán (AE) Uimh. 508/2014

Leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 508/2014 mar a leanas:

(1)Cuirtear an méid seo a leanas in ionad míreanna 1, 5, 6 agus 8 d’Airteagal 35:

“1. Féadfaidh CEMI rannchuidiú leis na cistí frithpháirteacha a íocann cúiteamh airgeadais le hiascairí i gcomhair caillteanas eacnamaíoch a tharlaíonn mar thoradh ar ghéarchéim sláinte poiblí, ar theagmhais dhíobhálacha aeráide, ar theagmhais chomhshaoil nó ar na costais tarrthála i gcás iascairí nó soithí iascaireachta ar éirigh tionóiscí dóibh le linn a ngníomhaíochtaí iascaireachta.”

“5. Saineoidh na Ballstáit na rialacha maidir le bunú agus bainistíocht na gcistí frithpháirteacha, go háirithe maidir le deonú íocaíochtaí cúitimh agus le hincháilitheacht iascairí an cúiteamh sin a fháil i gcás géarchéim sláinte poiblí, teagmhais dhíobhálacha aeráide, teagmhais chomhshaoil nó tionóiscí ar muir dá dtagraítear i mír 1, agus maidir le riarachán agus faireachán a dhéanamh ar chomhlíonadh na rialacha sin. Áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfar foráil i socruithe na gcistí do phionóis i gcás mórfhaillí ó thaobh an iascaire de.”

“6. Is iad na géarchéimeanna sláinte poiblí, na teagmhais dhíobhálacha aeráide, na teagmhais chomhshaoil nó na tionóiscí ar muir dá dtagraítear i mír 1 na cinn sin a aithníonn údarás inniúil an Bhallstáit lena mbaineann go foirmiúil a tharla.”

“8. Ní dheonófar rannchuidithe faoi mhír 1 ach amháin chun caillteanas a tharla trí ghéarchéimeanna sláinte poiblí, trí theagmhais dhíobhálacha aeráide, trí theagmhais chomhshaoil nó trí thionóiscí ar muir a chúiteamh, ar caillteanas é ar fiú níos mó ná 30 % de láimhdeachas bliantúil an ghnóthais lena mbaineann é agus a ríomhfar ar bhonn mheánláimhdeachas an ghnóthais sin sna 3 bliana féilire roimhe sin.”

(2)In Airteagal 57(1) cuirtear an phointe (e) seo a leanas leis:

“(e) géarchéim sláinte poiblí.”

Airteagal 4

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil,

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa    Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán    An tUachtarán

(1)    IO C, , lch. .
(2)    IO C, , lch. .
(3)    Rialachán (AE) Uimh. 1303/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Nollaig 2013 lena leagtar síos forálacha coiteanna maidir le Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa, le Ciste Sóisialta na hEorpa, leis an gCiste Comhtháthaithe, leis an gCiste Eorpach Talmhaíochta um Fhorbairt Tuaithe agus leis an gCiste Eorpach Muirí agus Iascaigh agus lena leagtar síos forálacha ginearálta maidir le Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa, le Ciste Sóisialta na hEorpa, leis an gCiste Comhtháthaithe agus leis an gCiste Eorpach Muirí agus Iascaigh agus lena n‑aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1083/2006 ón gComhairle (IO L 347, 20.12.2013, lch. 320).
(4)    Rialachán (AE) Uimh. 1301/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Nollaig 2013 maidir le Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa agus maidir le forálacha sonracha a bhaineann le sprioc na hInfheistíochta le haghaidh fáis agus post agus lena n‑aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1080/2006 (IO L 347, 20.12.2013, lch 289)
(5)    Rialachán (AE) Uimh. 508/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Bealtaine 2014 maidir leis an gCiste Eorpach Muirí agus Iascaigh agus lena n‑aisghairtear Rialachán (CE) 2328/2003 ón gComhairle, Rialachán (CE) Uimh. 861/2006 ón gComhairle, Rialachán (CE) Uimh. 1198/2006 ón gComhairle, Rialachán (CE) Uimh. 791/2007 ón gComhairle agus Rialachán (AE) Uimh. 1255/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle