An Bhruiséil,17.1.2020

COM(2020) 28 final

2020/0012(NLE)

Togra le haghaidh

CINNEADH ÓN gCOMHAIRLE

lena leasaítear Cinneadh (AE) 2019/274 maidir le síniú, thar ceann an Aontais Eorpaigh agus an Chomhphobail Eorpaigh do Fhuinneamh Adamhach, an Chomhaontaithe maidir le Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann a bheith ag tarraingt siar as an Aontas Eorpach agus as an gComhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)


MEABHRÁN MÍNIÚCHÁIN

An 29 Márta 2017, thug an Ríocht Aontaithe fógra don Chomhairle Eorpach de bhun Airteagal 50 den Chonradh ar an Aontas Eorpach (CAE) go raibh rún aici tarraingt siar as an Aontas Eorpach agus as an gComhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach. I gcomhréir leis an bhforáil sin, tháinig an tAontas Eorpach agus an Ríocht Aontaithe ar chomhaontú trí idirbheartaíocht ina leagtar amach na socruithe maidir le tarraingt siar na Ríochta Aontaithe (dá ngairfear “an Comhaontú um Tharraingt Siar” anseo feasta), ag féachaint don chreat le haghaidh an chaidrimh a bheidh aici leis an Aontas sa todhchaí.

An 11 Eanáir 2019, ghlac an Chomhairle Cinneadh (AE) 2019/274 lena n‑údaraítear síniú an Chomhaontaithe um Tharraingt Siar 1 agus tharchuir sí an Dréacht-Chinneadh ón gComhairle maidir le tabhairt i gcrích an Chomhaontaithe um Tharraingt Siar chuig Parlaimint na hEorpa chun a toiliú a fháil.

Mar sin féin, ní bhfuair Rialtas na Ríochta Aontaithe an tacaíocht ba ghá óna Pharlaimint chun leanúint le síniú agus daingniú an Chomhaontaithe um Tharraingt Siar agus d’iarr sé ar an gComhairle Eorpach síneadh a chur leis an tréimhse dá bhforáiltear in Airteagal 50(3) CAE. Thug an Chomhairle Eorpach síneadh ar dtús go dtí an 12 Aibreán 2019 2 . Cuireadh síneadh breise leis an tréimhse sin go dtí an 31 Deireadh Fómhair 2019 3 agus go dtí an 31 Eanáir 2020 4 ina dhiaidh sin.

Sa tríú mír d’Airteagal 185 den Chomhaontú um Tharraingt Siar, foráiltear go bhféadfaidh an tAontas, agus an fógra i scríbhinn faoi na nósanna imeachta inmheánacha is gá a bheith curtha i gcrích á thabhairt, i ndáil le haon Bhallstát a rinne cúiseanna a bhaineann le prionsabail bhunúsacha dhlí náisiúnta an Bhallstáit sin a thabhairt ar aird, a dhearbhú gurb amhlaidh, le linn na hidirthréimhse, i dteannta na bhforas maidir le neamh-fhorghníomhú barántais gabhála Eorpaigh dá dtagraítear i gCinneadh Réime 2002/584/CGB ón gComhairle 5 , go bhféadfaidh údaráis bhreithiúnacha fhorghníomhaitheacha an Bhallstáit sin diúltú a náisiúnaigh a thabhairt suas don Ríocht Aontaithe de bhun barántas gabhála Eorpach.. Foráiltear in Airteagal 4 de Chinneadh (AE) 2019/274 go gcuirfidh na Ballstáit sin, a bhfuil sé ar intinn acu leas a bhaint as an bhféidearthacht dá bhforáiltear sa dara mír d’Airteagal 185 den Chomhaontú, in iúl don Choimisiún agus d’Ardrúnaíocht na Comhairle go bhfuil sé ar intinn acu déanamh amhlaidh roimh an 15 Feabhra 2019 6 .

I bhfianaise na síntí éagsúla a cuireadh leis an tréimhse faoi Airteagal 50(3) CAE, is iomchuí teorainn ama nua a shocrú faoina ceann ar cheart do na Ballstáit sin, a bhfuil sé ar intinn acu leas a bhaint as an bhféidearthacht sin, a chur in iúl don Choimisiún agus d’Ardrúnaíocht na Comhairle go bhfuil sé ar intinn acu déanamh amhlaidh.

Is gá, dá bhrí sin, Cinneadh (AE) 2019/274 maidir le síniú an Chomhaontaithe um Tharraingt Siar a leasú dá réir.

2020/0012 (NLE)

Togra le haghaidh

CINNEADH ÓN gCOMHAIRLE

lena leasaítear Cinneadh (AE) 2019/274 maidir le síniú, thar ceann an Aontais Eorpaigh agus an Chomhphobail Eorpaigh do Fhuinneamh Adamhach, an Chomhaontaithe maidir le Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann a bheith ag tarraingt siar as an Aontas Eorpach agus as an gComhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar an Aontas Eorpach, agus go háirithe Airteagal 50 de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)An 11 Eanáir 2019, ghlac an Chomhairle Cinneadh (AE) 2019/274 7 maidir le síniú an Chomhaontaithe um Tharraingt Siar.

(2)Le Cinneadh (AE) 2019/476 8 , chuir an Chomhairle Eorpach síneadh ar dtús, i gcomhaontú leis an Ríocht Aontaithe, leis an tréimhse faoi Airteagal 50(3) CAE go dtí an 12 Aibreán 2019. Cuireadh síneadh breise leis an tréimhse sin go dtí an 31 Deireadh Fómhair 2019 le Cinneadh (AE) 2019/584 ón gComhairle Eorpach 9 , arna dhéanamh i gcomhaontú leis an Ríocht Aontaithe, agus go dtí an 31 Eanáir 2020 ina dhiaidh sin le Cinneadh (AE) 2019/1810 ón gComhairle Eorpach 10 , arna dhéanamh i gcomhaontú leis an Ríocht Aontaithe.

(3)Sa tríú mír d’Airteagal 185 den Chomhaontú um Tharraingt Siar, arna oiriúnú 11 , foráiltear go bhféadfaidh an tAontas, agus an fógra i scríbhinn faoi na nósanna imeachta inmheánacha is gá a bheith curtha i gcrích á thabhairt, i ndáil le haon Bhallstát a rinne cúiseanna a bhaineann le prionsabail bhunúsacha dhlí náisiúnta an Bhallstáit sin a thabhairt ar aird, a dhearbhú gurb amhlaidh, le linn na hidirthréimhse, i dteannta na bhforas maidir le neamh-fhorghníomhú barántais gabhála Eorpaigh dá dtagraítear i gCinneadh Réime 2002/584/CGB ón gComhairle 12 , go bhféadfaidh údaráis bhreithiúnacha fhorghníomhaitheacha an Bhallstáit sin diúltú a náisiúnaigh a thabhairt suas don Ríocht Aontaithe de bhun barántas gabhála Eorpach.. De bhun Airteagal 4 de Chinneadh (AE) 2019/274, tá na Ballstáit sin a bhfuil sé ar intinn acu leas a bhaint as an bhféidearthacht dá bhforáiltear sa tríú mír d’Airteagal 185 den Chomhaontú le sin a chur in iúl don Choimisiún agus d’Ardrúnaíocht na Comhairle go bhfuil sé ar intinn acu déanamh amhlaidh roimh an 15 Feabhra 2019.

(4)I bhfianaise na síntí éagsúla a cuireadh leis an tréimhse faoi Airteagal 50(3) CAE, is iomchuí Cinneadh (AE) 2019/274 a leasú chun teorainn ama nua a shocrú faoina ceann ar cheart do na Ballstáit sin a bhfuil sé ar intinn acu leas a bhaint as an bhféidearthacht dá bhforáiltear sa tríú mír d’Airteagal 185 den Chomhaontú a chur in iúl don Choimisiún agus d’Ardrúnaíocht na Comhairle go bhfuil sé ar intinn acu déanamh amhlaidh. Ag an tráth seo, is iomchuí an tagairt don mhír ábhartha d’Airteagal 185 den Chomhaontú um Tharraingt siar a oiriúnú.

(5)Ba cheart, dá bhrí sin, Cinneadh (AE) 2019/274 a leasú dá réir.

(6)Mar a fhoráiltear in Airteagal 50(4) CAE, níor ghlac an Ríocht Aontaithe páirt i bplé na Comhairle faoin gcinneadh seo ná faoina ghlacadh,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 4 de Chinneadh (AE) 2019/274:

Airteagal 4

Na Ballstáit sin a bhfuil sé ar intinn acu leas a bhaint as an bhféidearthacht dá bhforáiltear sa tríú mír d’Airteagal 185 den Chomhaontú, cuirfidh siad in iúl don Choimisiún agus d’Ardrúnaíocht na Comhairle go bhfuil sé ar intinn acu déanamh amhlaidh roimh an 28 Eanáir 2020.”.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm an dáta a ghlacfar é.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil,

   Thar ceann na Comhairle

   An tUachtarán

(1)    Cinneadh (AE) 2019/274 ón gComhairle an 11 Eanáir 2019 maidir le síniú, thar ceann an Aontais Eorpaigh agus an Chomhphobail Eorpaigh do Fhuinneamh Adamhach, an Chomhaontaithe maidir le Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann a bheith ag tarraingt siar as an Aontas Eorpach agus as an gComhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach (IO L 47I, 19.2.2019, lch. 1). Foilsíodh téacs an Chomhaontaithe um Tharraingt Siar atá i gceangal le Cinneadh (AE) 2019/274 in IO C 66 I, 19.2.2019, lch. 1.
(2)    Cinneadh (AE) 2019/476 ón gComhairle Eorpach arna dhéanamh i gcomhaontú leis an Ríocht Aontaithe an 22 Márta 2019 lena gcuirtear síneadh leis an tréimhse faoi Airteagal 50(3) CAE (IO L 80 I, 22.3.2019, lch. 1).
(3)    Cinneadh (AE) 2019/584 ón gComhairle Eorpach arna dhéanamh i gcomhaontú leis an Ríocht Aontaithe an 11 Aibreán 2019 lena gcuirtear síneadh leis an tréimhse faoi Airteagal 50(3) CAE (IO L 101, 11.4.2019, lch. 1).
(4)    Cinneadh (AE) 2019/1810 ón gComhairle Eorpach arna dhéanamh i gcomhaontú leis an Ríocht Aontaithe an 29 Deireadh Fómhair 2019 lena gcuirtear síneadh leis an tréimhse faoi Airteagal 50(3) CAE (IO L 278I, 30.10.2019, lch. 1).
(5)    Cinneadh Réime 2002/584/CGB ón gComhairle an 13 Meitheamh 2002 maidir leis an mbarántas gabhála Eorpach agus na nósanna imeachta um thabhairt suas idir na Ballstáit (IO L 190, 18.7.2002, lch. 1).
(6)    Tá tagairt i gCinneadh (AE) 2019/274 don dara mír d’Airteagal 185 den Chomhaontú um Tharraingt Siar mar a foilsíodh in IO C 66 I, 19.2.2019, lch. 1 é. Sa Chomhaontú um Tharraingt Siar oiriúnaithe, mar a foilsíodh in IO C 384 I, 12.11.2019, lch. 1 é, áfach, is é an tríú mír atá sa dara mír anois.
(7)    Cinneadh (AE) 2019/274 ón gComhairle an 11 Eanáir 2019 maidir le síniú, thar ceann an Aontais Eorpaigh agus an Chomhphobail Eorpaigh do Fhuinneamh Adamhach, an Chomhaontaithe maidir le Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann a bheith ag tarraingt siar as an Aontas Eorpach agus as an gComhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach (IO L 47I, 19.2.2019, lch. 1).
(8)    Cinneadh (AE) 2019/476 ón gComhairle Eorpach arna dhéanamh i gcomhaontú leis an Ríocht Aontaithe an 22 Márta 2019 lena gcuirtear síneadh leis an tréimhse faoi Airteagal 50(3) CAE (IO L 80 I, 22.3.2019, lch. 1).
(9)    Cinneadh (AE) 2019/584 ón gComhairle Eorpach arna dhéanamh i gcomhaontú leis an Ríocht Aontaithe an 11 Aibreán 2019 lena gcuirtear síneadh leis an tréimhse faoi Airteagal 50(3) CAE (IO L 101, 11.4.2019, lch. 1).
(10)    Cinneadh (AE) 2019/1810 ón gComhairle Eorpach arna dhéanamh i gcomhaontú leis an Ríocht Aontaithe an 29 Deireadh Fómhair 2019 lena gcuirtear síneadh leis an tréimhse faoi Airteagal 50(3) CAE (IO L 278 I, 30.10.2019, lch. 1).
(11)    Foilsíodh an leagan oiriúnaithe den Chomhaontú um Tharraingt Siar in IO C 384 I, 12.11.2019, lch. 1.
(12)    Cinneadh Réime 2002/584/CGB ón gComhairle an 13 Meitheamh 2002 maidir leis an mbarántas gabhála Eorpach agus na nósanna imeachta um thabhairt suas idir na Ballstáit (IO L 190, 18.7.2002, lch. 1).