An Bhruiséil,14.1.2020

COM(2020) 22 final

2020/0006(COD)

Togra le haghaidh

RIALACHÁN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

lena mbunaítear an Ciste um Aistriú Cóir


MEABHRÁN MÍNIÚCHÁIN

1.COMHTHÉACS AN TOGRA

An 2 Bealtaine 2018, ghlac an Coimisiún togra le haghaidh an chéad chreata airgeadais ilbhliantúil eile don tréimhse 2021-2027 1 . Léiríodh sa togra uaillmhian mhéadaithe an Choimisiúin maidir le gníomhaíochtaí a bhaineann leis an aeráid agus tá molta aige 25 % dá chaiteachas a chaitheamh ar na gníomhaíochtaí sin, ar ionann é sin agus suim EUR 320 billiún, le slógadh trí bhuiséad an Aontais.

Ghlac an Coimisiún, ina dhiaidh sin, an 29 agus an 30 Bealtaine 2018, a thograí reachtacha lena rialaítear úsáid chistiú an bheartais chomhtháthaithe don tréimhse chéanna. Ar cheann de na príomhchuspóirí lena dtreorófar infheistíochtaí an Aontais in 2021-2027 beidh “Eoraip ísealcharbóin níos glaise trí aistriú fuinnimh glan agus cóir, infheistíocht ghlas agus ghorm, an geilleagar ciorclach, an t‑oiriúnú aeráide agus cosc agus bainistiú rioscaí a chur chun cinn” 2 trína gcuirfear Comhaontú Pháras chun feidhme. I gcomhréir le togra an Choimisiúin, díreofar sciar suntasach den chistiú comhtháthaithe ar an tosaíocht sin. Beidh sé ríthábhachtach an sciar sin a dhearbhú sa phróiseas reachtúil leanúnach.

An 11 Nollaig 2019, ghlac an Coimisiún Teachtaireacht maidir leis an gComhaontú Glas don Eoraip, inar leagadh amach a threochlár i dtreo beartas fáis nua don Eoraip. Tá an beartas fáis sin bunaithe ar chuspóirí uaillmhianacha aeráide agus comhshaoil agus ar phróisis rannpháirtíochta a thabharfaidh saoránaigh, cathracha agus réigiúin le chéile sa chomhrac i gcoinne an athraithe aeráide agus chun an comhshaol a chosaint. I gcomhréir leis an gcuspóir neodracht aeráide a bhaint amach san Aontas faoi 2050 ar dhóigh éifeachtach agus chóir, moladh sa Chomhaontú Glas don Eoraip go mbeadh Sásra um Aistriú Cóir ann, lena n‑áireofaí Ciste um Aistriú Cóir ionas nach bhfágfaí aon duine chun deiridh. Is iad na daoine is leochailí is mó a bhíonn neamhchosanta ar thionchar díobhálach an athraithe aeráide agus ar dhíghrádú an chomhshaoil. San am céanna, eascróidh athruithe suntasacha struchtúracha as bainistiú an aistrithe. Imreofar tionchar ar shaoránaigh agus ar oibrithe ar bhealaí éagsúla agus ní chuirfidh gach Ballstát, réigiún agus cathair tús leis an aistriú ón bpointe céanna ná ní bheidh an cumas céanna acu aghaidh a thabhairt air.

Faoi mar a mhionsonraítear a thuilleadh sa teachtaireacht maidir leis an bplean infheistíochta don Eoraip inbhuanaithe 3 , díreofar sa Sásra um Aistriú Cóir ar na réigiúin agus ar na hearnálacha ina n‑imreoidh an t‑aistriú an tionchar is mó mar gheall ar a spleáchas ar bhreoslaí iontaise, lena n‑áirítear gual, móin agus scealla ola nó próisis thionsclaíocha atá dian ó thaobh gáis cheaptha teasa de. Beidh roinnt earnálacha ag dul i léig, agus tiocfaidh meath nach féidir dul siar uaidh ar aschur eacnamaíoch agus ar leibhéil fostaíochta i gcás gníomhaíochtaí eacnamaíocha lena mbaineann ardleibhéil déine astaíochtaí gás ceaptha teasa, nó i gcás gníomhaíochtaí eacnamaíocha atá bunaithe ar tháirgeadh agus ar úsáid breoslaí iontaise, go háirithe gual, lignít, móin agus sceall ola. Beidh ar earnálacha eile athrú ó bhonn, .i. Earnálacha lena mbaineann ardleibhéil déine astaíochtaí gás ceaptha teasa, ar féidir malairtí teicneolaíocha ar phróisis ar mór a lorg carbóin de a fháil ina leith chun aschur eacnamaíoch a chothabháil agus fostaíocht a mhéadú. Ar an iomlán, tá bonneagar guail ann in 108 réigiún Eorpacha agus tá beagnach 237 000 duine fostaithe i ngníomhaíochtaí gual-bhainteacha, agus thart ar 10 000 duine fostaithe i ngníomhaíochtaí bainte móna agus thart ar 6 000 duine fostaithe sa tionscal scealla ola. Ní mór aird ar leith a thabhairt ar thionscal an scealla ola mar gheall ar ard‑astaíochtaí dé-ocsaíde carbóin a bhaineann leis an mbreosla sin. Braitheann go leor poist indíreacha bhreise ar shlabhra luacha na mbreoslaí iontaise agus ar phróisis thionsclaíocha atá dian ó thaobh gáis cheaptha teasa de.

Anuas ar an Sásra um Aistriú Cóir beidh ranníocaíocht shuntasach ó bhuiséad an Aontais trí na hionstraimí go léir a bhaineann go díreach leis an aistriú, go háirithe Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa (“CFRE”) agus Ciste Sóisialta na hEorpa Plus (“CSE+”).

Trí cholún a bheidh sa Sásra: (1) Ciste um Aistriú Cóir arna chur chun feidhme faoi bhainistíocht chomhroinnte, (2) scéim thiomnaithe faoi InvestEU, agus (3) saoráid iasachta don earnáil phoiblí le Grúpa BEI chun infheistíochtaí breise a shlógadh sna réigiúin lena mbaineann. Úsáidfear an Ciste um Aistriú Cóir go príomha chun deontais a chur ar fáil; déanfaidh an scéim thiomnaithe um aistriú de chuid InvestEU infheistíochtaí príobháideacha a shlua-chistiú, agus déanfaidh an chomhpháirtíocht le BEI maoiniú poiblí a ghiaráil.

Is ar éagsúlú eacnamaíoch na gcríoch is mó a mbíonn tionchar ag aistriú aeráide agus ar athsciliú agus ar chuimsiú gníomhach oibreoirí agus cuardaitheoirí poist na gcríoch sin a bheidh an Ciste um Aistriú Cóir dírithe. Beidh incháilitheacht infheistíochtaí faoin dá cholún eile de chuid an tSásra um Aistriú Cóir níos leithne chun tacú le gníomhaíochtaí a bhaineann leis an aistriú fuinnimh. Clúdóidh scéim thiomnaithe InvestEU tionscadail le haghaidh bonneagar fuinnimh agus iompair, lena n‑áireofar bonneagar gáis agus téamh dúiche, mar aon le tionscadail dhícharbónaithe. Faoin tsaoráid iasachta poiblí leis an BEI, cuirfear ar chumas na n‑údarás poiblí bearta a chur chun feidhme chun an t‑aistriú go neodracht aeráide a éascú. Bonneagar fuinnimh agus iompair, líonraí téimh ceantair agus bearta éifeachtúlachta fuinnimh, lena n‑áireofar athchóiriú foirgneamh, i measc tionscadal eile, a bheidh i gceist.

Déanfar acmhainní poiblí agus príobháideacha breise a dhíghlasáil trí chreat rialála comhsheasmhach, go háirithe rialacha earnála maidir le Státchabhair, trína gcruthófar deiseanna chun úsáid cistí náisiúnta a éascú do thionscadail a thagann le cuspóirí an aistrithe chóir. Beidh tacaíocht chomhairleach agus cúnamh teicniúil do na réigiúin ina dhlúthchuid den Sásra um Aistriú Cóir.

Ag féachaint don fhaisnéis eolaíoch is déanaí dá bhfuil ar fáil agus don ghá an ghníomhaíocht i leith an athraithe aeráide a neartú, d'fhormhuinigh an Chomhairle Eorpach, an 12 Nollaig 2019, an cuspóir go mbainfear Aontas a bheidh neodrach ó thaobh na haeráide de amach faoi 2050, i gcomhréir le cuspóirí Chomhaontú Pháras agus ba dhíol sásaimh di an fógra ón gCoimisiún ina moltar EUR 100 billiún d’infheistíocht a chur ar fáil tríd an Sásra um Aistriú Cóir chun baint amach na gcuspóirí sin a éascú. Cuirfear acmhainní an tSásra, lena n‑áirítear an Ciste um Aistriú Cóir, ar fáil chun tacú le gealltanais na mBallstát an cuspóir Aontas atá neodrach ó thaobh na haeráide de a bhaint amach faoi 2050.

An Ciste um Aistriú Cóir

Beidh an Ciste um Aistriú Cóir ina phríomhuirlis chun tacú leis na críocha ina n‑imreoidh an t‑aistriú i dtreo neodracht aeráide an tionchar is mó agus chun géarú ar éagothromaíochtaí réigiúnacha a sheachaint. Bunófar an Ciste um Aistriú Cóir dá réir sin i gcomhthéacs an bheartais chomhtháthaithe, atá ar an bpríomhionstraim bheartais atá ag an Aontas chun éagothromaíochtaí réigiúnacha a laghdú agus chun aghaidh ar thabhairt ar athrú struchtúrach ar réigiúin na hEorpa — ag roinnt chuspóirí an bheartais chomhtháthaithe i gcomhthéacs sonrach an aistrithe i dtreo neodracht aeráide. Déanfar é a chur chun feidhme trí bhainistíocht chomhroinnte i ndlúthchomhar le húdaráis agus le páirtithe leasmhara náisiúnta, réigiúnacha agus áitiúla. Áiritheofar leis sin úinéireacht na straitéise um aistriú agus cuirfear leis na huirlisí agus na struchtúir ar fáil le haghaidh creat bainistíochta éifeachtúil.

Cuirfidh an Ciste um Aistriú Cóir tacaíocht ar fáil do na Ballstáit go léir. Beidh dáileadh a acmhainní airgeadais i gcomhréir le cumas na mBallstát na hinfheistíochtaí is gá chun déileáil leis an aistriú i dtreo neodracht aeráide.

Déanfar breithniú leis an modh leithdháilte dá réir sin ar scála dhúshlán aistrithe na réigiún is mó astaíochtaí gás ceaptha teasa (trí na hastaíochtaí tionsclaíocha CO2 comhfhreagracha), ar na dúshláin shóisialta ag féachaint do na caillteanais post a d'fhéadfadh a bheith ann san earnáil tionsclaíochta, i mianadóireacht ghuail agus ligníte agus i mbaint móna agus i dtáirgeadh scealla ola. Tabharfar leibhéal forbartha eacnamaíche na mBallstát agus an acmhainn infheistíochta a bhaineann leis sin san áireamh leis an modh freisin.

Comhlánfaidh na Ballstáit a leithdháileadh ón gCiste um Aistriú Cóir óna gcuid acmhainní faoi CFRE agus CSE+ trí shásra aistrithe sonrach cinntitheach. Cuirfidh na Ballstáit acmhainní náisiúnta ar fáil freisin chun acmhainní an Aontais a chomhlánú. Socrófar leibhéal an chómhaoinithe ón Aontas i gcomhréir leis an gcatagóir réigiúin ina bhfuil na críocha sainaitheanta suite. Ós rud é go gcomhfhreagróidh na haistrithe acmhainní ó CFRE agus CSE+ le chéile ar a laghad do 1,5 agus ar a mhéad do 3 oiread leithdháileadh an Chiste um Aistriú Cóir agus ag tabhairt san áireamh go mbeidh cómhaoiniú náisiúnta acmhainneacht mhaoiniúcháin fhoriomlán an chiste sin níos mó ná EUR 30 billiún agus go bhféadfadh EUR 50 billiún a bheith i gceist. Chun a áirithiú go bhfanfaidh tionchar leanúnach an bheartais chomhtháthaithe mar sin, ní cheart go soláthródh aon Bhallstát níos mó ná 20 % dá leithdháileadh tosaigh do CFRE agus do CSE+ (arna ríomh in aghaidh an Chiste) mar thacaíocht chomhlántach arna haistriú chuig an gCiste um Aistriú Cóir.

An Ciste um Aistriú Cóir a chlársceidealú

Comhaontófar an próiseas clársceidealaithe, lena n‑áiritheofar sainaithint na gcríoch le haghaidh idirghabhála agus na gníomhaíochtaí comhfhreagracha in idirphlé idir an Coimisiún agus gach Ballstát. Déanfar é a stiúradh le próiseas an tSeimeastair Eorpaigh. Ní foláir nó gurb iad na críocha sin na cinn ina n‑imreofar an tionchar is diúltaí bunaithe ar na tionchair eacnamaíocha agus shóisialta a eascraíonn as an aistriú, go háirithe maidir leis na caillteanais post lena bhfuiltear ag súil leo agus maidir leis an athrú ó bhonn ar phróisis thionsclaíocha na saoráidí tionsclaíocha lena mbaineann an déine astaíochtaí gás ceaptha teasa is mó.

Ullmhóidh na Ballstáit, agus anailís an Choimisiúin sa chleachtadh sin á tabhairt san áireamh, aon phlean críochach um aistriú cóir amháin nó níos mó, ina mbeidh achoimre ar an bpróiseas aistrithe sin go dtí 2030, i gcomhréir leis na Pleananna Náisiúnta Fuinnimh agus Aeráide agus leis an aistriú go geilleagar a bheidh neodrach ó thaobh na haeráide de agus ina sainaithneofar ina dhiaidh sin na críocha is mó a n‑imreofar tionchar orthu ar cheart tacaíocht a thabhairt dóibh. Le haghaidh gach ceann de na críocha sin, leagfar amach sna pleananna críochacha um aistriú cóir na dúshláin shóisialta, eacnamaíocha agus chomhshaoil agus tabharfar sonraí i dtaobh na riachtanas maidir le héagsúlú eacnamaíoch, athsciliú agus athshlánú comhshaoil de réir mar is iomchuí.

Chun éifeachtacht an Chiste um Aistriú Cóir a áirithiú, ní mór an tacaíocht arna cur ar fáil a chomhdhíriú. Comhfhreagróidh na críocha arna sainaithint dá réir sin le réigiúin NUTS leibhéal 3 nó le codanna díobh.

Beidh an tacaíocht ón gCiste um Aistriú Cóir bunaithe ar na pleananna críochacha um aistriú cóir agus clársceidealófar í faoi cheann de na tosaíochtaí nó faoi níos mó ná ceann amháin acu, i gceachtar de chláir arna dtacú freisin ó CFRE, ó CSE+ nó ón gCiste Comhtháthaithe nó i gclár tiomnaithe an Chiste um Aistriú Cóir. Beidh na pleananna críochacha um aistriú cóir mar chuid de na cláir agus glacfar iad leis an gcinneadh céanna ón gCoimisiún lena nglacfar an clár. Beidh tacaíocht ón gCiste um Aistriú Cóir coinníollach ar fhaomhadh na bpleananna críochacha um aistriú cóir, agus é riachtanach go n‑áireofar leo, cur síos ar thiomantas an Bhallstáit maidir le próiseas an aistrithe a bheidh comhsheasmhach lena gcuid Pleananna Fuinnimh agus Aeráide Náisiúnta agus le cuspóir an Aontais go mbeadh sé neodrach ó thaobh na haeráide de faoi 2050. Ba cheart go mbeadh réasúnú sna pleananna críochacha um aistriú cóir le haghaidh acmhainní comhlántacha CFRE agus CSE+ arna n‑aistriú agus le haghaidh aon tacaíocht d’infheistíochtaí táirgiúla i bhfiontair seachas i bhfiontair bheaga agus mheánmhéide má mheastar gur gá sin. Cumasóidh formheas na bpleananna críochacha um aistriú cóir tacaíocht ní hamháin ón gCiste um Aistriú Cóir, ach ón scéim thiomnaithe um aistriú cóir faoi InvestEU freisin (an dara colún den Sásra um Aistriú Cóir) agus ón tsaoráid iasachta don earnáil phoiblí arna cur chun feidhme i gcomhpháirtíocht le BEI (an tríú colún), lena dtabharfar tacaíocht d'infheistíocht le haghaidh na gcríoch lena mbaineann. Ba cheart go ndéanfar na pleananna críochacha um aistriú cóir a nuashonrú agus a athghlacadh de réir mar is gá, go háirithe i gcás go ndéanfaí na Pleananna Náisiúnta Fuinnimh agus Aeráide a nuashonrú. Chomh fada agus a bhaineann sé le cláir uile an bheartais chomhtháthaithe, beidh cláir arna dtacú ag an gCiste um Aistriú Cóir faoi réir ag an athbhreithniú meántéarma. De réir na dtorthaí sin, d'fhéadfaí acmhainní an Chiste um Aistriú Cóir a ath‑leithdháileadh laistigh den Bhallstát in 2025 mar chuid den athbhreithniú meántéarma. Soláthróidh an t‑athbhreithniú meántéarma an deis an maoiniú le haghaidh na mblianta 2026 agus 2027 a leithdháileadh, maoiniú a chuirfear ar leataobh ag tús na chéad tréimhse eile.

Bainfidh críocha a gheobhaidh tacaíocht ón gCiste um Aistriú Cóir tairbhe freisin as saoráid thiomnaithe um chúnamh teicniúil. Is é cuspóir na saoráide seo pacáiste saincheaptha beart a dhearadh a chuimseoidh iomlán na tacaíochta atá ar fáil ón gCoimisiún, ó BEI agus ó eagraíochtaí idirnáisiúnta eile ar bhealach simplí comhtháite. Tabharfaidh an Coimisiún cúnamh in 2020 féin do Bhallstáit a gcuid pleananna críochacha um aistriú cóir a ullmhú. Ina theannta sin, cuirfidh Mol Comhairleach InvestEU, lena n‑áireofar Jaspers (tionscnamh comhpháirteach idir an Coimisiún agus BEI maidir le forbairt tionscadail faoi na Cistí Struchtúracha) tacaíocht ar fáil chun píblíne na dtionscadal a ullmhú. Faoi dheoidh, cuirfidh an Coimisiún Ardán um Aistriú Cóir ar bun chun malartuithe taithí déthaobhacha agus iltaobhacha a chumasú i dtaobh na gceachtanna arna bhfoghlaim agus na gcleachtas is fearr ar fud na n‑earnálacha go léir ar a n‑imrítear tionchar, ag cur leis an ardán atá ann cheana féin le haghaidh réigiúin ghuail i mbun aistrithe.

Comhlántacht le scéim InvestEU um aistriú cóir agus leis an tsaoráid iasachta don earnáil phoiblí le BEI

Áireofar leis an Sásra um Aistriú Cóir creat láidir rialachais a bheidh bunaithe ar phleananna críochacha um aistriú.

Sa chomhthéacs sin, comhlánófar an tacaíocht arna cur ar fáil tríd an gCiste um Aistriú Cóir le scéim thiomnaithe um aistriú cóir faoi InvestEU. Tacóidh sí le raon níos leithne infheistíochtaí, go háirithe trí rannchuidiú leis an aistriú trí thacaíocht do ghníomhaíochtaí ísealcharbóin agus do ghníomhaíochtaí atá athléimneach ó thaobh na haeráide de, ar nós infheistíochtaí in‑athnuaite agus scéimeanna éifeachtúlachta fuinnimh. Beidh an scéim sin in ann maoiniú a chur ar fáil don bhonneagar fuinnimh agus iompair, lena n‑áirítear bonneagar gáis agus téamh dúiche, mar aon le tionscadail dhícharbónaithe, éagsúlú eacnamaíoch na réigiún agus bonneagar sóisialta. Ina theannta sin, cuirfidh saoráid iasachta nua don earnáil phoiblí arna cur ar bun i gcomhpháirt le BEI maoiniú fóirdheonaithe ar fáil do na húdaráis áitiúla chun tairbhe na réigiún lena mbaineann. D’fhéadfadh fóirdheontas ar ráta úis nó deontas infheistíochta, a bheadh maoinithe ó bhuiséad an Aontais, inter alia, a bheith i gceist le tacaíocht AE, déanfar an tacaíocht a chumasc le hiasachtaí arna dtabhairt ó BEI d'údaráis bhardasacha, réigiúnacha agus d'údaráis phoiblí eile.

Beidh raon feidhme geografach níos leithne ag an dá cholún eile de chuid an tSásra um Aistriú Cóir ná raon feidhme an Chiste um Aistriú Cóir é féin, ag tacú ní hamháin le hinfheistíocht i dtionscadail i gcríocha lena mbaineann an t‑aistriú cóir, ach lasmuigh de na críocha sin freisin, ar an gcoinníoll go mbeadh na tionscadail sin riachtanach don aistriú laistigh de na críocha lena mbaineann an t‑aistriú cóir.

Foráiltear leis togra seo gurb é an 1 Eanáir 2021 an dáta chur i bhfeidhm agus tá sé á thíolacadh d’Aontas ina mbeidh 27 mBallstát, i gcomhréir leis an bhfógra a fuair an Chomhairle Eorpach an 29 Márta 2017 ón Ríocht Aontaithe go bhfuil sé beartaithe ag an Ríocht Aontaithe tarraingt siar ón Aontas Eorpach agus ó Euratom bunaithe ar Airteagal 50 den Chonradh ar an Aontas Eorpach.

2.BUNÚS DLÍ, COIMHDEACHT AGUS COMHRÉIREACHT

Bunús dlí

Tá bonn cirt le gníomhaíocht AE i gcomhréir le hAirteagal 174, mír 1, CFAE: “Déanfaidh an tAontas a chuid gníomhaíochtaí a fhorbairt agus a shaothrú ar mhaithe lena chomhtháthú eacnamaíoch, sóisialta agus críochach a neartú. Féachfaidh an tAontas go háirithe leis na héagothromaíochtaí idir leibhéil forbartha na réigiún éagsúil agus cúlmhaireacht na réigiún is mídheisiúla a laghdú”.

Chun foráil a dhéanamh maidir le bunú an Chiste um Aistriú Cóir, tá sé riachtanach an togra a bhunú ar Airteagal 175 CFAE, ina n‑iarrtar go sainráite ar an Aontas tacú le baint amach na gcuspóirí a leagtar amach in Airteagal 174 tríd an ngníomhaíocht a dhéanann sé trí bhíthin na gCistí Struchtúracha, BEI agus na nIonstraimí Airgeadais eile atá ann cheana.

Foráiltear le hAirteagal 175 (an tríú mír) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh freisin “más léir gur gá gníomhaíochtaí sonracha lasmuigh de na Cistí agus gan dochar do na bearta arna gcinneadh faoi chuimsiú bheartais eile an Aontais, féadfaidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle na gníomhaíochtaí sin a ghlacadh, ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach agus tar éis dul i gcomhairle le Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus le Coiste na Réigiún”.

Coimhdeacht agus comhréireacht

I gcomhréir le hAirteagal 4(2) CFAE, tá inniúlacht chomhroinnte ag an Aontas leis na Ballstáit i réimse an chomhtháthaithe eacnamaíoch, shóisialta agus chríochaigh chomh maith le gnéithe áirithe den bheartas sóisialta. Tá inniúlacht aige freisin gníomhaíochtaí a chur i gcrích chun gníomhaíochtaí na mBallstát a thacú, a chomhordú nó a fhorlíonadh sa réimse maidir le hoideachas agus gairmoiliúint agus i réimse na tionsclaíochta freisin (Airteagal 6 CFAE).

Is é prionsabal na coimhdeachta atá mar bhonn faoi chur chun feidhme an Chiste um Aistriú Cóir faoi bhainistíocht chomhroinnte. Faoi bhainistíocht chomhroinnte, tarmligeann an Coimisiún cúraimí clársceidealúcháin agus cur chun feidhme straitéiseacha chuig na Ballstáit agus chuig na réigiúin. Dá réir sin tá gníomhaíocht an Aontais teoranta dá bhfuil riachtanach chun na cuspóirí a leagtar síos dó sna Conarthaí a bhaint amach.

Tá sé d'aidhm ag bainistíocht chomhroinnte a áirithiú go ndéantar cinntí ar leibhéal chomh gar don saoránach agus is féidir agus go bhfuil údar cuí le gníomhaíocht a dhéanamh ar leibhéal an Aontais, agus na féidearthachtaí agus na saintréithe atá ann ar an leibhéal náisiúnta, réigiúnach nó áitiúil á gcur san áireamh. Le bainistíocht chomhroinnte tugtar an tAontas Eorpach níos gaire don saoránach agus nasctar riachtanais áitiúla le cuspóirí Eorpacha. Ina theannta sin, cuireann sé le comhfhreagracht as cuspóirí AE, ar an ábhar go gcomhroinneann na Ballstáit agus an Coimisiún cumhacht agus freagracht cinnteoireachta agus go ndéanann siad na cláir a chómhaoiniú.

An rogha ionstraime

Tá an beartas comhtháthaithe ina chreat iomchuí don Chiste um Aistriú Cóir, ar an ábhar gurb é an príomhbheartas atá ag an Aontas chun aghaidh a thabhairt ar athruithe struchtúracha i réigiúin na hEorpa. Soláthraítear leis tacaíocht airgeadais le haghaidh infheistíochtaí i raon leathan réimsí a chuireann le poist agus le fás, ag obair i gcomhpháirtíocht le gníomhaithe ar an láthair.

Foráiltear leis freisin maidir le cur chuige comhtháite áit‑bhunaithe lena n‑áirithítear sineirgí agus comhleanúnachas idir infheistíochtaí arna dtacú faoin gCiste um Aistriú Cóir agus na cinn arna dtacú faoi chláir beartais chomhtháthaithe phríomhshrutha. Cuirfidh sé seo dlús le forbairt eacnamaíoch agus le hath‑thiontú na réigiún lena mbaineann.

Ina theannta sin, áirítear leis comhfhreagracht faoi sheilbh na mBallstát agus na réigiún. Tá sé seo ríthábhachtach i gcomhthéacs an Chiste um Aistriú Cóir, ar ghá dó a bheith bunaithe ar straitéisí saincheaptha don aistriú críochach, ina gcuimsítear ar bhealach cuimsitheach an t‑iliomad dúshlán sóisialta, comhshaoil agus eacnamaíoch a ghabhann leis an aistriú.

Faoin mbeartas comhtháthaithe, is é atá sa rogha ionstraime Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach de réir mar a leagtar amach in Airteagal 175, mír 3, den Chonradh.

3.TORTHAÍ Ó MHEASTÓIREACHTAÍ EX-POST, Ó CHOMHAIRLIÚCHÁIN LEIS NA PÁIRTITHE LEASMHARA AGUS ÓN MEASÚNÚ TIONCHAIR

   Comhairliúcháin leis na páirtithe leasmhara

I mí Bealtaine agus i mí an Mheithimh 2018, ghlac an Coimisiún a thograí don bhuiséad fadtéarmach i ndiaidh 2020 agus le haghaidh an chéad ghlúin eile de chláir agus de chistí. Mar dhlúthchuid den phróiseas seo, rinne an Coimisiún sraith comhairliúchán poiblí a chlúdaigh príomhréimsí caiteachais chun tuairimí a fháil ó na páirtithe leasmhara go léir faoin dóigh ar cheart an leas is fearr a bhaint as gach euro de chuid bhuiséad an Aontais.

Bhí an comhairliúchán poiblí faoi bhuiséad fadtéarmach an Aontais Eorpaigh i réimse an chomhtháthaithe ón 10 Eanáir 2018 go dtí an 9 Márta 2018 agus fuarthas 4 395 fhreagra. Mheas 85 % de na freagróirí gur dúshlán tábhachtach é an t‑aistriú go dtí geilleagar ciorclach ísealcharbóin, lena n‑áiritheofar cosaint an chomhshaoil agus athléimneacht i gcoinne an athraithe aeráide. Níor mheas ach 42 % de na freagróirí áfach go bhfuil aghaidh á tabhairt go leormhaith ar an dúshlán sin leis na cláir/cistí atá ann faoi láthair 4 .

I gcomhthéacs na caibidlíochta ar bhuiséad fadtéarmach i ndiaidh 2020, d'iarr Parlaimint na hEorpa ina tuarascáil eatramhach an 7 Samhain 2018 go ndéanfar leithdháileadh sonrach (EUR 4,8 billiún) a thabhairt isteach le haghaidh “Ciste um Aistriú Fuinnimh Cóir” nua chun aghaidh a thabhairt ar na tionchair shochaíocha, shocheacnamaíocha agus chomhshaoil ar oibreoirí agus ar phobail atá thíos de dheasca an aistrithe ó spleáchas guail agus carbóin.

Rinne Coiste na Réigiún an iarraidh chéanna nuair a d'eisigh sé tuairim 5  maidir leis an athrú struchtúrach socheacnamaíoch ar réigiúin ghuail na hEorpa, ag iarraidh go gcuirfear tuilleadh cistí ar fáil chun cabhrú le haghaidh a thabhairt ar shainriachtanais na réigiún guail. Moladh sa tuairim EUR 4,8 billiún a leithdháileadh le haghaidh “Ciste um Aistriú Fuinnimh Cóir”, le go ndéanfaí tionchar sóisialta, socheacnamaíoch agus comhshaoil an aistrithe sna réigiúin sin a mhaolú.

Ina cuid conclúidí an 18 Deireadh Fómhair 2019, leag an Chomhairle Eorpach béim ar a rún go leanfaidh an tAontas de bheith ar thús cadhnaíochta maidir le haistriú glas, a bheidh ceart agus cóir go sóisialta, agus Comhaontú Pháras á chur chun feidhme. D'fhormhuinigh an Chomhairle Eorpach freisin, trína conclúidí an 12 Nollaig 2019, an cuspóir go mbainfear Aontas a bheidh neodrach ó thaobh na haeráide de amach faoi 2050, i gcomhréir le cuspóirí Chomhaontú Pháras. Ina theannta sin, d'fhormhuinigh sí an prionsabal a bhaineann le tacaíocht shaincheaptha a chur ar fáil do na réigiúin agus do na hearnálacha ar a mbeidh an tionchar is mó de dheasca an aistrithe trí Shásra um Aistriú Cóir.

Measúnú tionchair

Ghabh measúnú tionchair 6 leis an togra le haghaidh Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa agus maidir leis an gCiste Comhtháthaithe 7 . Bailíochtaíodh leis an measúnú tionchair an córas seachadta arna mholadh i leith na gCistí sin, a rialaítear leis an togra le haghaidh Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leagtar síos forálacha coiteanna maidir le Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa, Ciste Sóisialta na hEorpa Plus, an Ciste Comhtháthaithe agus an Ciste Eorpach Muirí agus Iascaigh agus rialacha airgeadais maidir leis an gCiste Tearmainn agus Imirce, an Ciste Slándála Inmheánaí agus an Ionstraim um Bainistiú Teorainneacha agus um Víosaí 8 agus a rialóidh freisin clársceidealú agus cur chun feidhme an Chiste um Aistriú Cóir (féach Caibidil 4).

Rinneadh iniúchadh sa mheasúnú tionchair freisin ar na dúshláin ar ghá aghaidh a thabhairt orthu faoin gcéad chreat airgeadais ilbhliantúil eile agus faoin gcéad bheartas comhtháthaithe eile. Dearbhaíodh an gá, a thagann le toradh an chomhairliúcháin phoiblí, tacú le haistriú fuinnimh glan agus cóir, trí chuspóir beartais tiomanta agus trí shásra um chomhdhíriú téamach comhfhreagrach (féach Caibidlí 2.2 agus 3.2).

Dá réir sin, tá bonn cirt le cuspóir an Chiste um Aistriú Cóir, ós é is aidhm leis aistriú cóir ó thaobh fuinnimh de a áirithiú trí chostais eacnamaíocha agus shóisialta an aistrithe go geilleagar a bheidh neodrach ó thaobh na haeráide de a mhaolú. Tacóidh an Ciste um Aistriú Cóir, chuige sin, leis an athrú ó bhonn ar na próisis thionsclaíocha is gá le go mbeadh rath ar an aistriú fuinnimh agus cuirfidh sé éagsúlú eacnamaíoch na gcríoch sin ina n‑imreofar an tionchar is mó chun cinn, i gcomhréir le conclúidí an mheasúnaithe tionchair maidir leis an ngá tacú le hathrú tionsclaíoch ó bhonn cliste (féach Caibidil 2.2).

Luadh dáileadh míchothrom an tionchair a bhaineann leis an aistriú fuinnimh sa mheasúnú tionchair freisin (féach Caibidil 3.3). Go háirithe, tugadh chun suntais ann na dúshláin atá os comhair na réigiún ina n‑imreofar an tionchar is mó de dheasca a spleáchas ar tháirgeadh breosla sholadaigh agus de dheasca sciar ard na mbreoslaí soladacha ina meascán giniúna leictreachais. Is bonn cirt é an measúnú sin leis an gCiste um Aistriú Cóir a dhíriú ar na críocha ina mbeidh an tionchar is diúltaí, mar atá molta, agus le haghaidh dháileadh molta na leithdháiltí náisiúnta.

Tacaíonn na hanailísí agus na gnéithe measúnaithe tionchair thuas le cuspóirí agus príomhghnéithe an Chiste um Aistriú Cóir. Ní dhearnadh measúnú tionchair neamhspleách, ós rud é go mbeadh moill curtha ar ghlacadh an togra reachtaigh agus riosca ann go gcuirfí moill ar an gcaibidlíocht a bhíonn ar siúl go leanúnach faoin gcéad chreat airgeadais ilbhliantúil eile.

Ceachtanna ó chur chun feidhme tionscnamh aistrithe roghnaithe

Tugann raon feidhme agus cuspóir an Chiste um Aistriú Cóir aghaidh ar thionchar an aistrithe i dtreo neodracht aeráide agus dá réir sin téann sé i ngleic le staid na ngníomhaíochtaí asbhainte breoslaí iontaise sholadaigh (gual, lignít, móin agus sceall ola) agus ar an athrú ó bhonn ar na próisis thionsclaíocha dianfhuinnimh a bhíonn riachtanach don aistriú sin, chomh fada agus a bhaineann sé lena dtionchair shóisialta agus eacnamaíocha, sna críocha lena mbaineann.

Maidir leis sin, rinneadh gníomhaíochtaí cheana féin i gcás na réigiún guail i dtionscnaimh um aistriú anuas ar an ngníomhaíocht phíolótach le haghaidh réigiúin lena mbaineann aistriú tionsclaíoch. Cé go n‑úsáidfear an Ciste um Aistriú Cóir chun cromadh ar chuspóirí níos mó agus go n‑éascóidh sé cur chuige níos comhtháite, rachaidh ceachtanna de dhroim na dtionscnaimh sin chun tairbhe dó, agus tógfaidh sé ar na modhanna agus na struchtúir oibre atá ann cheana nuair is ábhartha, le haghaidh an Ciste um Aistriú Cóir a chlársceidealú agus a chur chun feidhme.

Ar an gcéad dul síos, faoi thionscnamh na réigiún guail atá i mbun aistrithe, tá an beartas comhtháthaithe ag tacú le haistriú in 21 réigiún phíolótacha (amhail ó mhí Eanáir 2020) a bhfuil a ngeilleagair ag brath go mór ar ghual. Tugtar aghaidh ar athruithe struchtúracha trí chur chuige iomlánaíoch lena gcuimsítear gnéithe eacnamaíocha, tionsclaíocha, teicneolaíocha agus sóisialta phróiseas an athraithe ó bhonn, le rannpháirtíocht,na ngníomhaithe áitiúla, lena n‑áirítear comhpháirtithe sóisialta, an earnáil tionsclaíochta agus eagraíochtaí neamhrialtasacha, agus i ndlúthpháirtíocht leo.

Tá léirithe go raibh idirphlé agus comhroinnt eolais ilpháirtithe leasmhara riachtanach le go n‑áiritheofaí dul chun cinn comhchoiteann, trédhearcacht agus leas a bhaint as na modhanna is éifeachtaí chun aghaidh a thabhairt ar thionchair shocheacnamaíocha an aistrithe.

Beidh an tacaíocht dírithe ar athrú eacnamaíoch ó bhonn i gcomhréir le straitéisí um speisialtóireacht chliste (mar shampla tacaíocht do FBManna, gorlanna gnó, nuálaíocht agus comhar tionsclaíoch agus taighdeoirí), athsciliú oibrithe a bhí fostaithe go traidisiúnta roimhe sin in earnálacha a bhain le gual agus cur chun cinn éifeachtúlacht fuinnimh agus foinsí fuinnimh malartacha in‑athnuaite.

Beidh rathúlacht an tionscnaimh ag brath ar úinéireacht na mBallstát, na réigiún, agus na ngníomhaithe áitiúla lena mbaineann, lena n‑áirítear comhpháirtithe sóisialta. Déanfar giaráil air seo trí cheanglais chómhaoinithe náisiúnta faoi bhainistíocht chomhroinnte agus le rannpháirtíocht na gcomhpháirtithe sa straitéis forbartha.

Ar an dara dul síos, ar an gcaoi chéanna, chun cuidiú le réigiúin an Aontais an t‑aistriú go geilleagar ísealcharbóin níos inbhuanaithe, agus an t‑athrú tionsclaíoch a spreagadh de dhroim an aistrithe fuinnimh agus an athraithe aeráide, a bhainistiú, tairgeadh tacaíocht shonrach chun nuálaíocht a threisiú, bacainní ar infheistíocht a bhaint agus na scileanna cearta a thabhairt do shaoránaigh. Soláthraíonn an ghníomhaíocht phíolótach do na réigiúin atá i mbun aistrithe tacaíocht ó shaineolaithe an Choimisiúin mar aon le cúnamh teicniúil ón CFRE. Roghnaíodh 12 réigiún chun tacaíocht a fháil ón Aontas.

4.IMPLEACHTAÍ BUISÉADACHA

Teastaíonn ón gCoimisiún a chuid tosaíochtaí a shaothrú faoi mar a leagtar amach sna treoirlínte polaitiúla mar chuid d'uaillmhian níos leithne do bhuiséad an Aontais. Sa chomhthéacs sin is tosaíocht é go mbeadh an Ciste um Aistriú Cóir uaillmhianach. Is é sin an chúis go ndearna an Coimisiún an togra reachtach seo a chur síos go han‑luath ina shainordú, togra atá comhlántach do thograí eile atá ann cheana agus é ag cur leo don chéad Chreat Airgeadais Ilbhliantúil (CAI) eile. Beidh an togra san áireamh leis an gcaibidlíocht faoin gcéad CAI eile agus dá réir sin déanfar é a chomhtháthú i gcreat comhaontaithe fhoriomláin maidir leis an gcéad CAI eile.

Ba cheart go mbeadh EUR 7,5 billiún (i bpraghsanna 2018) i gceist leis na hacmhainní buiséadacha don Chiste um Aistriú Cóir agus féidearthacht ann cur leis an méid uaillmhéine sin, más iomchuí, tráth níos déanaí.

5.EILIMINTÍ EILE

Míniúchán mionsonraithe ar fhorálacha sonracha an togra

Cuimsíonn creat dlí de thogra tiomnaithe le haghaidh Rialachán lena mbunaítear an Ciste um Aistriú Cóir mar aon leis na leasuithe iarmhartacha is gá ar thogra an Choimisiúin le haghaidh Rialachán na bhForálacha Coiteanna chun an Ciste um Aistriú Cóir a bhunú mar chiste nua faoin Rialachán, i dteannta CFRE, an Chiste Chomhtháthaithe agus CSE+. Rialófar seachadadh agus cur chun feidhme an Chiste um Aistriú Cóir le Rialachán na bhForálacha Coiteanna.

Díríonn an togra le haghaidh Rialacháin lena mbunaítear an Ciste um Aistriú Cóir ar na gnéithe a leanas:

·ábhar an Chiste um Aistriú Cóir a leagan amach;

·sainmhíniú an tsainchuspóra chomhfhreagraigh a shocrú, a ndéanfar é a úsáid le haghaidh acmhainní an Chiste um Aistriú Cóir a chlársceidealú mar thosaíocht thiomanta nó mar chlár tiomanta mar chuid de sprioc na hInfheistíochta le haghaidh fáis agus post den bheartas comhtháthaithe;

·an clúdach geografach lena mbaineann mar aon leis an modheolaíocht maidir le leithdháileadh acmhainní airgeadais don Chiste um Aistriú Cóir a leagan amach;

·raon feidhme thacaíocht an Chiste um Aistriú Cóir a shainiú;

·ábhar na bpleananna críochacha um aistriú cóir a shonrú, lena n‑áirítear an gá go sainaithneofaí na críocha is mó a mbeidh tionchar orthu ag an aistriú go geilleagar lena mbainfidh neodracht aeráide agus ina ndíreofar an tacaíocht ón gCiste um Aistriú Cóir;

·creat a bhunú chun an méid atá bainte amach aige a thomhas trí tháscairí comhfhreagracha agus sásra a bhunú chun tacaíocht a choigeartú i gcás nach mbainfear na spriocanna amach.

2020/0006 (COD)

Togra le haghaidh

RIALACHÁN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

lena mbunaítear an Ciste um Aistriú Cóir

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe an tríú mír d'Airteagal 175 de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa 9 ,

Ag féachaint don tuairim ó Choiste na Réigiún 10 ,

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)Leis an gcreat rialála lena rialaítear beartas comhtháthaithe an Aontais don tréimhse ó 2021 go 2027, i gcomhthéacs an chéad chreat airgeadais ilbhliantúil eile, rannchuidítear le comhlíonadh ghealltanais an Aontais Comhaontú Pháras agus Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe na Náisiún Aontaithe a chur chun feidhme trí chistiú an Aontais a dhíriú ar chuspóirí glasa. Leis an Rialachán seo, cuirtear chun feidhme ceann de na tosaíochtaí a leagtar amach sa Teachtaireacht maidir leis an gComhaontú Glas don Eoraip (“An Comhaontú Glas don Eoraip”) 11 agus is cuid é den Phlean Infheistíochta d'Eoraip Inbhuanaithe 12 lena gcuirtear maoiniú tiomnaithe ar fáil faoin Sásra um Aistriú Cóir i gcomhthéacs an bheartais chomhtháthaithe chun aghaidh a thabhairt ar na costais eacnamaíocha agus shóisialta a bhaineann leis an aistriú chuig geilleagar ciorclach atá neodrach ó thaobh na haeráide de, ina ndéantar aon astaíochtaí gás ceaptha teasa atá fágtha a chúiteamh le hionsúcháin choibhéiseacha.

(2)Tá an taistriú chuig geilleagar ciorclach atá neodrach ó thaobh na aeráide de ar cheann de na cuspóirí beartais is tábhachtaí atá ag an Aontas. An 12 Nollaig 2019, d’fhormhuinigh an Chomhairle Eorpach an cuspóir Aontas a bheidh neodrach ó thaobh na haeráide de a bhaint amach faoi 2050, i gcomhréir le cuspóirí Chomhaontú Pháras. Cé go mbainfidh gach réigiún agus gach Ballstát leas as an gcomhrac i gcoinne an athraithe aeráide agus an díghrádaithe comhshaoil san fhadtéarma agus go gcuirfidh sin deiseanna agus dúshláin ar fáil do chách sa mheántéarma, ní thosaíonn gach ceann acu ar a naistriú ón bpointe céanna agus níl an cumas freagartha céanna acu. Tá roinnt acu sin níos forbartha ná cinn eile, ach bíonn tionchar sóisialta agus eacnamaíoch níos leithne ag an aistriú ar na réigiúin sin a bhíonn ag brath go mór ar bhreoslaí iontaise, go háirithe gual, lignít, móin agus sceall ola, nó ar thionscail atá dian ar gháis cheaptha teasa. I gcás den sórt sin, cruthaítear an baol go mbeidh aistriú ar luasanna éagsúla san Aontas i dtaca leis an ngníomhú ar son na haeráide, ach an baol freisin go dtiocfadh méadú ar na bearnaí idir na réigiúin, rud a dhéanfadh dochar do chuspóirí an chomhtháthaithe shóisialta, eacnamaíoch agus chríochaigh.

(3)Chun go néireoidh leis an aistriú, ní mór dó a bheith cothrom agus inghlactha go sóisialta ag cách. Dá bhrí sin, ní mór don Aontas agus do na Ballstáit araon na himpleachtaí eacnamaíocha agus sóisialta a bheidh aige a chur san áireamh ón tús, agus leas a bhaint as gach ionstraim a d’fhéadfadh a bheith ann chun drochiarmhairtí a mhaolú. Tá ról tábhachtach ag buiséad an Aontais i ndáil leis sin.

(4)Mar a leagtar amach sa Chomhaontú Glas don Eoraip agus sa Phlean Infheistíochta d'Eoraip Inbhuanaithe, ba cheart go mbeadh Sásra um Aistriú Cóir comhlántach do na gníomhaíochtaí eile faoin gcéad chreat airgeadais ilbhliantúil eile don tréimhse ó 2021 go 2027. Ba cheart dó rannchuidiú le dul i ngleic leis na hiarmhairtí sóisialta agus eacnamaíoch a bhainfeadh leis an aistriú chuig neodracht ó thaobh na haeráide de san Aontas Eorpach tríd an gcaiteachas ó bhuiséad an Aontais ar chuspóirí aeráide agus sóisialta a thabhairt le chéile ar an leibhéal réigiúnach.

(5)Bunaítear leis an Rialachán seo an Ciste um Aistriú Cóir (CUAC) atá ar cheann de cholúin an tSásra um Aistriú Cóir a chuirtear chun feidhme faoin mbeartas comhtháthaithe. Is é an aidhm atá le CUAC maolú a dhéanamh ar dhrochiarmhairtí an aistrithe aeráide trí thacaíocht a thabhairt sna críocha is mó a nimríonn siad tionchar orthu agus do na hoibrithe lena mbaineann. I gcomhréir le cuspóir sonrach CUAC, ba cheart do na gníomhaíochtaí a fhaigheann tacaíocht ó CUAC rannchuidiú go díreach chun laghdú a dhéanamh ar thionchar an aistrithe trí mhaoiniú a dhéanamh ar éagsúlú agus nuachóiriú an gheilleagair áitiúil agus trí mhaolú a dhéanamh ar na iarmhairtí diúltacha ar an bhfostaíocht. Léirítear sin i gcuspóir sonrach CUAC, a bhunaítear ar an leibhéal céanna agus a liostaítear in éineacht leis na cuspóirí beartais a leagtar amach in Airteagal [4] de Rialachán AE [RFC nua].

(6)I bhfianaise a thábhachtaí atá sé dul i ngleic leis an athrú aeráide i gcomhréir le gealltanais an Aontais Comhaontú Pháras a chur chun feidhme, an gealltanas maidir le Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe na Náisiún Aontaithe agus an méadú ar uaillmhian an Aontais mar atá beartaithe sa Chomhaontú Glas don Eoraip, ba cheart do CUAC a bheith ina rannchuidiú tábhachtach chun gníomhaíochtaí aeráide a phríomhshruthú. Is acmhainní breise iad na hacmhainní ó imchlúdach airgeadais CUAC féin a chuirtear leis na hinfheistíochtaí is gá chun an sprioc foriomlán go mbeadh 25 % den chaiteachas as buiséad an Aontais ag rannchuidiú le cuspóirí aeráide a bhaint amach. Rannchuideoidh acmhainní arna naistriú ó CFRE agus ó CSE+ go hiomlán chun an sprioc sin a bhaint amach.

(7)Ba cheart do na hacmhainní ó CUAC comhlánú a dhéanamh ar na hacmhainní a bheidh ar fáil faoin mbeartas comhtháthaithe.

(8)Dúshlán do gach Ballstát is ea an taistriú chuig geilleagar atá neodrach ó thaobh na haeráide de. Beidh sé ina dhúshlán ar leith do na Ballstáit sin a bhíonn ag brath go mór ar bhreoslaí iontaise nó ar ghníomhaíochtaí tionsclaíocha atá dian ar gháis cheaptha teasa ar gá deireadh a chur leo go céimnitheach nó ar gá iad a oiriúnú i ngeall ar an aistriú agus nach bhfuil na hacmhainní airgeadais acu chun é sin a dhéanamh. Dá bhrí sin ba cheart go gcumhdódh CUAC gach Ballstát, ach ba cheart go léireodh dáileadh a acmhainní airgeadais cumas na mBallstát na hinfheistíochtaí atá riachtanach chun déileáil leis an aistriú i dtreo neodracht ó thaobh na haeráide de a mhaoiniú.

(9)Chun creat airgeadais iomchuí a leagan amach le haghaidh CUAC, ba cheart don Choimisiún miondealú bliantúil a leagan amach de na leithdháiltí atá le fáil in aghaidh an Bhallstáit faoi sprioc na hInfheistíochta le haghaidh fáis agus post, bunaithe ar chritéir oibiachtúla.

(10)Leis an Rialachán seo sainaithnítear na cineálacha infheistíochtaí lenar féidir tacú le caiteachas ina leith le CUAC. Ba cheart tosaíochtaí aeráide agus comhshaoil an Aontais a urramú go hiomlán agus gach gníomhaíocht dá dtugtar tacaíocht á saothrú. Ba cheart d’infheistíochtaí a thacaíonn le geilleagair áitiúla agus atá inbhuanaithe san fhadtéarma, agus cuspóirí uile an Chomhaontaithe Ghlais á gcur san áireamh, a bheith san áireamh sa liosta infheistíochtaí. Ba cheart do na tionscadail a dtugtar maoiniú dóibh rannchuidiú le haistriú go geilleagar ciorclach atá neodrach ó thaobh na haeráide de. I gcás earnálacha atá ag dul i léig, cosúil le táirgeadh fuinnimh atá bunaithe ar ghual, lignít, móin agus sceall ola nó gníomhaíochtaí eastósctha le haghaidh na mbreoslaí iontaise soladacha sin, ba cheart an tacaíocht a nascadh le céimniú amach na gníomhaíochta agus an laghdú comhfhreagrach ar leibhéal na fostaíochta. I dtaca le hearnálacha ina bhfuil athrú ó bhonn ar siúl a bhfuil leibhéil arda astaíochtaí gás ceaptha teasa acu, ba cheart gníomhaíochtaí nua a chur chun cinn leis an tacaíocht trí theicneolaíochtaí nua, próisis nua nó táirgí nua a chur in úsáid, a mbeidh laghdú suntasach ar astaíochtaí mar thoradh leo, i gcomhréir le cuspóirí aeráide AE 2030 agus neodracht ó thaobh na haeráide de san Aontas Eorpach faoi 2050 13 fad agus a dhéantar fostaíocht a choinneáil ar bun agus a fheabhsú agus díghrádú an chomhshaoil a sheachaint ag an am céanna. Ba cheart aird ar leith a thabhairt freisin ar ghníomhaíochtaí lena ndéantar nuálaíocht agus taighde in ardteicneolaíochtaí agus i dteicneolaíochtaí inbhuanaithe a fheabhsú, agus i réimsí an digitithe agus na nascachta chomh maith, ar choinníoll go gcabhraíonn bearta den sórt sin chun na fo-iarmhairtí diúltacha a bhaineann le haistriú i dtreo geilleagar ciorclach atá neodrach ó thaobh na haeráide de a mhaolú, agus go rannchuidíonn siad leis.

(11)Chun na saoránaigh is leochailí ó thaobh an aistrithe aeráide de a chosaint, ba cheart go gcumhdódh CUAC uassciliú agus athsciliú na noibrithe a nimrítear tionchar orthu freisin, agus é mar aidhm leis cabhrú leo iad féin a chur in oiriúint do dheiseanna nua fostaíochta, chomh maith le cúnamh chun post a chuardach a sholáthair do chuardaitheoirí poist agus iad a chuimsiú go gníomhach sa mhargadh saothair.

(12)Chun feabhas a chur ar éagsúlú eacnamaíoch na gcríoch a nimríonn an taistriú tionchar orthu, ba cheart do CUAC tacaíocht a thabhairt don infheistiú táirgiúil i FBManna. Ba cheart infheistíocht tháirgiúil a thuiscint mar infheistíocht i gcaipiteal seasta nó sócmhainní neamhábhartha fiontar, i bhfianaise earraí agus seirbhísí a tháirgeadh, rud a chuirfidh, dá bhrí sin, leis an oll-infheistíocht agus le fostaíocht. I gcás fiontair eile nach FBManna iad, níor cheart tacú le hinfheistíochtaí táirgiúla ach amháin má tá siad riachtanach chun caillteanais post a bhíonn ann mar thoradh ar an aistriú a mhaolú, trí líon suntasach post a chruthú nó a chosaint, agus nach mbeidh athlonnú ann mar thoradh orthu ná dá mbarr. Ba cheart infheistíochtaí i saoráidí tionsclaíocha atá ann cheana, lena náirítear iad sin a chumhdaítear faoi Chóras Trádála Astaíochtaí an Aontais Eorpaigh, a cheadú má rannchuidíonn siad leis an aistriú chuig geilleagar atá neodrach ó thaobh na haeráide de faoi 2050 agus má théann siad cuid mhaith faoi bhun na dtagarmharcanna ábhartha a bhunaítear don leithdháileadh saor in aisce faoi Threoir 2003/87/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 14 agus má dhéantar líon suntasach post a chosaint mar thoradh orthu. Ba cheart réasúnú a thabhairt le haon infheistíocht den sórt sin dá réir sa phlean críochach um aistriú cóir ábhartha. Chun sláine an mhargaidh inmheánaigh agus an bheartais chomhtháthaithe a chosaint, ba cheart don tacaíocht do ghnóthais rialacha an Aontais maidir le státchabhair mar a leagtar amach in Airteagal 107 agus in Airteagal 108 CFAE a chomhlíonadh agus, go háirithe, ba cheart tacaíocht d’infheistíochtaí táirgiúla de chuid fiontar nach FBManna iad a bheith teoranta d’fhiontair atá lonnaithe i limistéir atá ainmnithe mar limistéir fhóirithinte chun críocha phointí (a) agus (c) d’Airteagal 107(3) CFAE.

(13)Chun solúbthacht a sholáthar le haghaidh clársceidealú acmhainní CUAC faoi sprioc na hInfheistíochta le haghaidh fáis agus post, ba cheart go mbeadh sé indéanta clár neamhspleách CUAC a ullmhú nó acmhainní CUAC a chlársceidealú i dtosaíocht thiomnaithe amháin nó níos mó laistigh de chlár a fhaigheann tacaíocht ó Chiste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa (CFRE), ó Chiste Sóisialta na hEorpa Plus (CSE+) nó ón gCiste Comhtháthaithe. I gcomhréir le hAirteagal 21a de Rialachán (AE) [CFR nua], ba cheart acmhainní CUAC a threisiú le maoiniú comhlántach ó CFRE agus ó CSE+. Ba cheart do na méideanna faoi seach a aistrítear ó CFRE agus ó CSE+ a bheith ag teacht leis na cineálacha oibríochtaí a leagtar amach sna pleananna críochacha um aistriú cóir.

(14)Ba cheart cur chun feidhme éifeachtach ar phróiseas aistrithe i gcríoch sonrach chun geilleagar atá neodrach ó thaobh na haeráide de a bhaint amach a bheith ina choinníoll le haghaidh tacaíocht CUAC. Ar an ábhar sin, ba cheart do na Ballstáit pleananna críochacha um aistriú cóir a ullmhú, i gcomhar leis na páirtithe leasmhara ábhartha agus le tacaíocht ón gCoimisiún, ina mbeidh mionsonraí an phróisis aistrithe, ag teacht lena bPleananna Náisiúnta Fuinnimh agus Aeráide. Chuige sin, ba cheart don Choimisiún Ardán um Aistriú Cóir a chur ar bun, a thógfadh ar an ardán atá ann cheana féin le haghaidh na réigiún guail atá i mbun aistrithe le gur féidir malartuithe taithí déthaobhacha agus iltaobhacha a dhéanamh ar na ceachtanna a foghlaimíodh agus ar na dea-chleachtais, thar gach earnáil a ndéantar difear di.

(15)Sna pleananna críochacha um aistriú cóir, ba cheart na críocha ina mbeidh an tionchar is diúltaí a shainaithint, críocha is ceart tacaíocht CUAC a dhíriú orthu agus tuairisc a thabhairt ar ghníomhaíochtaí sonracha atá le déanamh chun geilleagar atá neodrach ó thaobh na haeráide de a bhaint amach, go háirithe i ndáil le saoráidí ina bhfuil táirgeadh breoslaí iontaise nó gníomhaíochtaí eile atá dian ar gháis cheaptha teasa ar siúl a thiontú nó a dhúnadh. Ba cheart do na críocha sin a bheith sainmhínithe go beacht agus ag freagairt do réigiúin NUTS leibhéal 3 nó a bheith ina gcodanna díobh. Ba cheart mionsonraí a bheith sna pleananna ar dhúshláin agus riachtanais na gcríoch sin agus na cineálacha oibríochtaí atá de dhíth a shainaithint ar dhóigh a áiritheoidh go ndéanfaí gníomhaíochtaí eacnamaíocha a fhorbairt ar bhonn comhleanúnach atá ag teacht leis an aistriú chuig neodracht ó thaobh na haeráide de agus cuspóirí an Chomhaontaithe Ghlais freisin. Níor cheart ach d’infheistíochtaí atá i gcomhréir leis na pleananna um aistriú tacaíocht airgeadais a fháil ó CUAC. Ba cheart do na pleananna críochacha um aistriú cóir a bheith mar chuid de na cláir (a fhaigheann tacaíocht ó CFRE, ó CSE+, ón gCiste Comhtháthaithe nó ó CUAC, de réir an cháis) atá formheasta ag an gCoimisiún.

(16)Chun feabhas a chur ar úsáid acmhainní JTF a bheith dírithe ar thorthaí, ba cheart don Choimisiún, i gcomhréir le prionsabal na comhréireachta, a bheith in ann ceartúcháin airgeadais a chur i bhfeidhm i gcás drochfheidhmíocht thromchúiseach ó thaobh na spriocanna arna mbunú le haghaidh chuspóir sonrach CUAC a chomhlíonadh.

(17)Chun eilimintí neamhriachtanacha áirithe den Rialachán seo a fhorlíonadh agus a leasú, ba cheart an chumhacht chun gníomhartha a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 CFAE a tharmligean chuig an gCoimisiún i ndáil le heilimintí atá in Iarscríbhinn III a ghabhann leis an Rialachán seo a leasú i ndáil leis na comhtháscairí aschuir agus toraidh. Tá sé tábhachtach, go háirithe, go rachadh an Coimisiún i mbun comhairliúcháin iomchuí le linn a chuid oibre ullmhúcháin, lena náirítear ar leibhéal na saineolaithe, agus go ndéanfar na comhairliúcháin sin i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos i gComhaontú Idirinstitiúideach maidir le Reachtóireacht Níos Fearr an 13 Aibreán 2016 15 . Go sonrach, chun rannpháirtíocht chomhionann in ullmhú na ngníomhartha tarmligthe a áirithiú, gheobhaidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle na doiciméid uile ag an am céanna leis na saineolaithe sna Ballstáit; beidh rochtain chórasach ag na saineolaithe sin ar chruinnithe ghrúpaí saineolaithe an Choimisiúin a bheidh ag déileáil le hullmhú na ngníomhartha tarmligthe.

(18)Chun creat airgeadais iomchuí a leagan amach le haghaidh CUAC, ba cheart cumhachtaí cur chun feidhme a bhronnadh ar an gCoimisiún chun an miondealú bliantúil de na leithdháiltí atá le fáil in aghaidh an Bhallstáit a leagan amach i gcomhréir le hIarscríbhinn I.

(19)Ní féidir leis na Ballstáit cuspóirí an Rialacháin seo, eadhon tacaíocht a thabhairt do chríocha a bhfuil athrú eacnamaíoch agus sóisialta ó bhonn rompu chun aistriú go geilleagar atá neodrach ó thaobh na haeráide, a ghnóthú go leordhóthanach ina naonar. Is iad na príomhchúiseanna leis sin ná, ar thaobh amháin, méid na néagothromaíochtaí idir leibhéil forbartha na réigiún éagsúil agus chúlmhaireacht na réigiún is mídheisiúla, chomh maith leis an teorainn le hacmhainní airgeadais na mBallstát agus na gcríoch agus, ar an taobh eile, an gá le creat cur chun feidhme comhsheasmhach lena gcumhdaítear roinnt cistí de chuid an Aontais atá faoi bhainistíocht chomhroinnte. Ós rud é gur fearr is féidir na cuspóirí sin a ghnóthú ar leibhéal an Aontais, féadfaidh an tAontas bearta a ghlacadh, i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta a leagtar amach in Airteagal 5 CAE. I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta a leagtar amach san Airteagal sin, ní théann an Rialachán seo thar a bhfuil riachtanach chun na cuspóirí sin a ghnóthú,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1
Ábhar agus raon feidhme

1.Bunaítear leis an Rialachán seo an Ciste um Aistriú Cóir (“CUAC”) chun tacaíocht a chur ar fáil do chríocha a bhfuil dúshláin shocheacnamaíocha thromchúiseacha acu a thagann ón bpróiseas aistrithe i dtreo geilleagar atá neodrach ó thaobh na haeráide de san Aontas faoi 2050.

2.Leagtar síos leis cuspóir sonrach CUAC, an cumhdach geografach agus na hacmhainní a bhaineann leis, raon feidhme na tacaíochta a thugann sé maidir le sprioc na hInfheistíochta le haghaidh fáis agus post dá dtagraítear i [bpointe (a) d'Airteagal 4(2)] den Rialachán (AE) [RFC nua] chomh maith le forálacha sonracha maidir le clársceidealú agus na táscairí is gá chun faireachán a dhéanamh.

Airteagal 2
Cuspóir sonrach

I gcomhréir leis an dara fomhír d'Airteagal [4(1)] de Rialachán (AE) [RFC nua], rannchuideoidh CUAC leis an gcuspóir sonrach aonair maidir le “réigiúin agus daoine a chumasú chun aghaidh a thabhairt ar thionchair shóisialta eacnamaíocha agus chomhshaoil an aistrithe chuig geilleagar atá neodrach ó thaobh na haeráide de”.

Airteagal 3
Cumhdach geografach agus acmhainní do CUAC faoi sprioc na hInfheistíochta le haghaidh fáis agus post

1.Tacóidh CUAC le sprioc na hInfheistíochta le haghaidh fáis agus post sna Ballstáit uile.

2.EUR 7.5 billiún i bpraghsanna 2018 a d'fhéadfaí méadú teacht orthu, a bheidh ar fáil sa ghealltanas buiséadach don tréimhse 2021-2027 sna hacmhainní do CUAC faoi sprioc na hInfheistíochta le haghaidh fáis agus post, agus méadófar é, de réir mar a bheidh, le hacmhainní breise a leithdháilfear i mbuiséad an Aontais, agus le hacmhainní eile i gcomhréir leis an mbunghníomh is infheidhme.

Chun críocha an chlársceidealaithe agus an chuimsithe ina dhiaidh sin i mbuiséad an Aontais, beidh an méid dá dtagraítear sa chéad fhomhír innéacsaithe ag 2 % in aghaidh na bliana.

0,35 % den méid dá dtagraítear sa chéad fhomhír, a leithdháilfear ar chúnamh teicniúil, ar thionscnamh an Choimisiúin.

3.Glacfaidh an Coimisiún cinneadh trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, ina leagfar síos an miondealú bliantúil ar acmhainní, lena náirítear aon acmhainní breise dá dtagraítear i mír 2, de réir an Bhallstáit i gcomhréir leis an modheolaíocht a leagtar amach in Iarscríbhinn I.

4.De mhaolú ar Airteagal [21a] de Rialachán (AE) [RFC nua], i gcás aon acmhainní breise dá dtagraítear i mír 2, a leithdháilfear do CUAC i mbuiséad an Aontais nó a soláthraítear trí acmhainní eile ní bheidh ceanglas tacaíocht chomhlántach a thabhairt ó CFRE ná ó CSE+.

Airteagal 4
Raon feidhme na tacaíochta

1.Ní thabharfaidh CUAC tacaíocht ach do ghníomhaíochtaí atá nasctha go díreach lena chuspóir sonrach faoi mar a leagtar amach in Airteagal 2, agus gníomhaíochtaí a chuireann le cur chun feidhme na bpleananna críochacha um aistriú cóir arna mbunú i gcomhréir le hAirteagal 7.

2.I gcomhréir le mír 1, tabharfaidh CUAC tacaíocht eisiach do na gníomhaíochtaí seo a leanas:

(a)infheistíochtaí táirgiúla i bhfiontair bheaga agus mheánmhéide (FBManna), lena náirítear gnólachtaí nuathionscanta, a mbeidh éagsúlú eacnamaíoch agus aththiontú mar thoradh orthu;

(b)infheistíochtaí i ngnólachtaí nua a chruthú, lena náirítear trí ghorlanna gnó agus seirbhísí comhairliúcháin;

(c)infheistíochtaí i ngníomhaíochtaí taighde agus nuálaíochta agus chun aistriú teicneolaíochtaí nua a chothú;

(d)infheistíochtaí i dteicneolaíochtaí agus bonneagar le haghaidh fuinneamh glan inacmhainne, le hastaíochtaí gáis ceaptha teasa a laghdú, agus don éifeachtúlacht fuinnimh agus don fhuinneamh inathnuaite a úsáid;

(e)infheistíochtaí i ndigitiú agus i nascacht dhigiteach;

(f)infheistíochtaí in athghiniúint agus i ndíéilliú láithreán, in athchóiriú talún agus i dtionscadail athrú cuspóra;

(g)infheistíochtaí i bhfeabhsú an gheilleagair chiorclaigh, lena náirítear trí dhramhaíl a chosc, laghdú, éifeachtúlacht acmhainní, deisiú, athúsáid agus athchúrsáil;

(h)uassciliú agus athsciliú oibrithe;

(i)cúnamh i gcuardach poist do chuardaitheoirí poist;

(j)cuimsiú gníomhach na gcuardaitheoirí poist;

(k)cúnamh teicniúil.

Ina theannta sin, féadfaidh CUAC tacú le hinfheistíochtaí táirgiúla i bhfiontair nach FBManna iad, i limistéir atá ainmnithe mar limistéir fóirithinte i gcomhréir le pointí (a) agus (c) d'Airteagal 107(3) CFAE, ar choinníoll go bhfuil na hinfheistíochtaí sin formheasta mar chuid den phlean críochach um aistriú cóir bunaithe ar an bhfaisnéis atá riachtanach faoi phointe (h) d'Airteagal 7(2). Ní bheidh na hinfheistíochtaí sin incháilithe ach amháin má tá gá leo chun an phlean críochach um aistriú cóir a chur chun feidhme.

Féadfaidh CUAC tacú freisin le hinfheistíochtaí chun astaíochtaí gáis ceaptha teasa a laghdú i ngníomhaíochtaí a liostaítear in Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir 2003/87/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ar choinníoll go bhfuil na hinfheistíochtaí sin formheasta mar chuid den phlean críochach um aistriú cóir bunaithe ar an bhfaisnéis a cheanglaítear faoi phointe (i) d'Airteagal 7(2). Ní bheidh na hinfheistíochtaí sin incháilithe ach amháin má tá gá leo chun an phlean críochach um aistriú cóir a chur chun feidhme.

Airteagal 5
Eisiamh ón raon feidhme tacaíochta

Ní thacóidh CUAC leis an méid seo a leanas:

(a)díchoimisiúnú nó tógáil cumhachtstáisiún núicléach;

(b)monarú, próiseáil agus margú tobac agus táirgí tobac;

(c)gnóthais atá i gcruachás faoi mar a shainmhínítear in Airteagal 2 (18) de Rialachán (AE) Uimh. 651/2014 ón gCoimisiún 16 ;

(d)infheistíocht a bhaineann le táirgeadh, próiseáil, dáileadh, stóráil nó dóchán na mbreoslaí iontaise;

(e)infheistíocht sa bhonneagar leathanbhanda i gceantair ina bhfuil ar a laghad dhá líonra leathanbhanda i gcatagóir coibhéiseach.

Airteagal 6
Clársceidealú acmhainní CUAC

1.Déanfar acmhainní CUAC a chlársceidealú i gcomhair na gcatagóirí réigiún ina bhfuil na críocha lena mbaineann, ar bhonn na bpleananna críochacha um aistriú cóir arna mbunú i gcomhréir le hAirteagal 7 agus arna bhformheas ag an gCoimisiún mar chuid de chlár nó de leasú ar chlár. Beidh na hacmhainní arna gclársceidealú i bhfoirm cláir shonraigh amháin nó níos mó nó i bhfoirm tosaíochta amháin nó níos mó laistigh de chlár.

Ní dhéanfaidh an Coimisiún clár a fhormheas ach i gcás ina bhfuil réasúnú cuí le sainaithint na gcríoch is mó atá faoi thionchar diúltach ag próiseas an aistrithe, atá sa phlean críochach um an aistriú cóir ábhartha, agus go bhfuil an plean críochach um aistriú cóir ag teacht leis an bPlean Náisiúnta Fuinnimh agus Aeráide sa Bhallstát lena mbaineann.

2.Is éard a bheidh i dtosaíocht nó i dtosaíochtaí CUAC cuid nó iomlán acmhainní CUAC a leithdháiltear do na Ballstáit agus na hacmhainní a aistrítear i gcomhréir le hAirteagal [21a] de Rialachán (AE) [RFC nua]. Beidh iomlán acmhainní CFRE agus CSE+ a aistrítear chuig tosaíocht CUAC cothrom ar a laghad le hoiread go leith de mhéid na tacaíochta ó CUAC chuig an tosaíocht sin ach ní rachaidh sé thar trí oiread den mhéid sin.

Airteagal 7
Plean críochach um aistriú cóir

1.In éineacht le húdaráis ábhartha na gcríoch is infheidhme, ullmhóidh na Ballstáit plean críochach um aistriú cóir amháin nó níos mó a chumhdaíonn críoch amháin nó níos mó a ndéanann sé difear dóibh, críoch a chomhfhreagraíonn do leibhéal 3 d'aicmiú comhchoiteann na naonad críche maidir le staidreamh (“réigiúin NUTS leibhéal 3”) a bunaíodh le Rialachán (CE) Uimh. 1059/2003 arna leasú ag Rialachán (CE) Uimh. 868/2014 17 ón gCoimisiún nó codanna díobh, i gcomhréir leis an teimpléad a leagtar amach in Iarscríbhinn II. Beidh na críocha sin ar na cinn is mó a bheidh faoi thionchar diúltach bunaithe ar na torthaí eacnamaíocha agus sóisialta de dheasca an aistrithe, go háirithe maidir le caillteanas post a d'fhéadfadh bheith ann i dtáirgeadh agus úsáid breoslaí iontaise agus na riachtanais maidir le hathrú ó bhonn ar phróisis táirgthe na saoráidí tionsclaíocha sin a bhfuil an déine gás ceaptha teasa is airde acu.

2.Beidh na gnéithe seo a leanas in aon phlean críochach um aistriú cóir:

(a)tuairisc ar an bpróiseas aistrithe i dtreo geilleagar atá neodrach ó thaobh na haeráide de ar an leibhéal náisiúnta, lena náirítear amlíne le haghaidh céimeanna aistrithe tábhachtacha atá comhsheasmhach leis an leagan is déanaí den Phlean Náisiúnta Fuinnimh agus Aeráide (“NECP”);

(b)réasúnú le críocha a shainaithint a bheith faoin tionchar is diúltaí de dheasca an phróisis aistrithe dá dtagraítear i bpointe (a) agus atá le tacaíocht a fháil ó CUAC, i gcomhréir le mír 1;

(c)measúnú ar dhúshláin an aistrithe atá ann do na críocha is mó a bheidh faoi thionchar diúltach, lena náirítear tionchar sóisialta, eacnamaíoch agus comhshaoil an aistrithe i dtreo geilleagar atá neodrach ó thaobh na haeráide de, ina sainaithnítear líon na bpost a ndéanfar difear dóibh agus na gcaillteanas post a d'fhéadfadh bheith ann, na riachtanais agus na cuspóirí forbartha atá le baint amach faoi 2030, nasctha le hathrú ó bhonn nó le dúnadh na ngníomhaíochtaí a bhfuil lorg mór astaíochtaí gás ceaptha teasa ag baint leo sna críocha sin;

(d)tuairisc ar rannchuidiú measta na tacaíochta CUAC maidir le dul i ngleic le tionchair shóisialta, eacnamaíocha agus chomhshaoil an aistrithe i dtreo geilleagar atá neodrach ó thaobh na haeráide de;

(e)measúnú ar a chomhsheasmhacht le straitéisí agus pleananna náisiúnta, réigiúnacha nó críochacha eile;

(f)tuairisc ar shásraí rialachais ina bhfuil socruithe comhpháirtíochta, na bearta faireacháin agus meastóireachta atá pleanáilte agus na comhlachtaí freagracha;

(g)tuairisc ar na cineálacha oibríochtaí atá beartaithe agus an rannchuidiú a bhfuiltear ag súil leis uathu chun tionchar an aistrithe a laghdú;

(h)i gcás ina gcuirtear tacaíocht ar fáil d'infheistíochtaí táirgiúla d'fhiontair nach FBManna iad, liosta uileghabhálach na noibríochtaí agus na bhfiontar den sórt sin agus réasúnú ar an ngá atá le tacaíocht den sórt sin trí anailís ar bhearnaí ina léirítear go rachadh na caillteanais post a d'fhéadadh a bheith ann thar líon na bpost a chruthófaí in éagmais na hinfheistíochta sin;

(i)i gcás ina gcuirtear tacaíocht ar fáil d'infheistíochtaí chun laghdú a dhéanamh ar astaíochtaí gáis ceaptha teasa ó ghníomhaíochtaí a liostaítear in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Treoir 2003/87/CE, liosta uileghabhálach de na hoibríochtaí a bhfuiltear chun tacú leo agus réasúnú go gcuirfeadh siad leis an aistriú i dtreo geilleagar atá neodrach ó thaobh na haeráide de agus go mbeadh laghdú suntasach ar astaíochtaí gás ceaptha teasa a rachadh i bhfad faoi na tagarmharcanna ábhartha a bhunaítear don saor-leithdháileadh faoi Threoir 2003/87/CE mar thoradh orthu agus ar choinníoll go bhfuil gá leo chun líon suntasach post a chosaint;

(j)sineirgí agus comhlántacht le cláir eile an Aontais agus le colúin an tSásra um Aistriú Cóir chun dul i ngleic le riachtanais forbartha shainaitheanta.

3.Beidh na páirtithe ábhartha i gcomhréir le hAirteagal [6] den Rialachán (AE) [RCF nua] rannpháirteach in ullmhúchán agus cur chun feidhme na bpleananna críochacha um aistriú cóir.

4.Beidh na pleananna críochacha um aistriú cóir comhsheasmhach leis na straitéisí críochacha dá dtagraítear in Airteagal [23] de Rialachán (AE) [RFC nua], le straitéisí ábhartha um speisialtóireacht chliste, leis na NECPanna agus le Colún Eorpach na gCeart Sóisialta.

I gcás ina mbeidh gá le hathbhreithniú ar phlean críochach um aistriú cóir, de bharr athbhreithniú a dhéantar ar Phlean Náisiúnta don Fhuinneamh agus don Aeráid de bhun Airteagal 14 de Rialachán (AE) 2018/1999, déanfar an t‑athbhreithniú mar chuid den athbhreithniú meántéarma i gcomhréir le hAirteagal 14 de Rialachán (AE) [RFC nua].

Airteagal 8
Táscairí

1.Cruthófar comhtháscairí aschuir agus toraidh, mar a leagtar amach in Iarscríbhinn III, agus i gcásanna cuíréasúnaithe sa phlean críochach um aistriú cóir, táscairí aschuir agus toraidh atá clár-shonrach, i gcomhréir le [pointe (a) den dara fomhír d'Airteagal 12(1)], [pointe (d)(ii) d'Airteagal 17(3)] agus [pointe (b) d'Airteagal 37(2)] de Rialachán (AE) [RFC nua].

2.Maidir le táscairí aschuir, socrófar na bonnlínte ag náid. Beidh na garspriocanna a shocraítear do 2024 agus na spriocanna a shocraítear do 2029 carnach. Ní dhéanfar athbhreithniú ar na spriocanna tar éis don iarraidh ar an leasú ar chlár a chur isteach de bhun Airteagal [14(2)] den Rialachán (AE) [RFC nua] a bheith formheasta ag an gCoimisiún.

3.I gcás ina dtacaíonn CUAC leis na gníomhaíochtaí dá dtagraítear i bpointí (h), (i) nó (j) d'Airteagal 4(2), ní dhéanfar sonraí na dtáscairí a tharchur ach amháin má bhíonn na sonraí uile a bhaineann leis an rannpháirtí sin, a cheanglaítear i gcomhréir le hIarscríbhinn III, ar fáil.

4.Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 10 chun Iarscríbhinn III a leasú chun na coigeartuithe is gá a dhéanamh ar liosta na dtáscairí atá le húsáid.

Airteagal 9
Ceartúcháin airgeadais

I gcás ina gcinnfidh an Coimisiún, bunaithe ar thuarascáil deiridh ar fheidhmíocht an chláir, nár baineadh amach ar a laghad [65 %] den sprioc a leagtar síos maidir le ceann amháin nó níos mó de tháscairí aschuir nó toraidh d'acmhainní CUAC, féadfaidh sé ceartúcháin airgeadais a dhéanamh de bhun Airteagal [98] den Rialachán (AE) [RFC nua] trí thacaíocht ó CUAC don tosaíocht sin a laghdú i gcoibhéis leis an méid atá bainte amach.

Airteagal 10
An tarmligean a fheidhmiú

1.Is faoi réir na gcoinníollacha a leagtar síos san Airteagal seo a thugtar an chumhacht don Choimisiún chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh.

2.Déanfar an chumhacht chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh dá dtagraítear in Airteagal 8(4) a thabhairt don Choimisiún go ceann tréimhse neamhchinntithe ama amhail ó [dháta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo].

3.Féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle tarmligean na cumhachta dá dtagraítear in Airteagal 8(4) a chúlghairm aon tráth. Déanfaidh cinneadh chun cúlghairm a dhéanamh deireadh a chur le tarmligean na cumhachta atá sonraithe sa chinneadh sin. Gabhfaidh éifeacht leis an lá tar éis fhoilsiú an chinnidh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh nó ar dháta is déanaí a shonrófar sa chinneadh. Ní dhéanfaidh sé difear do bhailíocht aon ghnímh tharmligthe atá i bhfeidhm cheana.

4.Roimh dó gníomh tarmligthe a ghlacadh, rachaidh an Coimisiún i mbun comhairliúchán le saineolaithe arna nainmniú ag gach Ballstát i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos i gComhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr.

5.A luaithe a ghlacfaidh sé gníomh tarmligthe, tabharfaidh an Coimisiún fógra, an tráth céanna, do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle faoi.

6.Ní thiocfaidh gníomh tarmligthe a ghlactar de bhun Airteagal 8 (4) i bhfeidhm ach amháin mura mbeidh aon agóid curtha in iúl ag Parlaimint na hEorpa ná ag an gComhairle laistigh de thréimhse dhá mhí tar éis fógra faoin ngníomh sin a thabhairt do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle nó más rud é, roimh dhul in éag na tréimhse sin, go mbeidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle araon tar éis a chur in iúl don Choimisiún nach ndéanfaidh siad aon agóid. Déanfar an tréimhse sin a fhadú dhá mhí ar thionscnamh Pharlaimint na hEorpa nó na Comhairle.

Airteagal 11
Teacht i bhfeidhm

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm ar an [fichiú] lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil,

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa    Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán    An tUachtarán

RÁITEAS AIRGEADAIS REACHTACH

1.LEAGAN AMACH AN TOGRA/TIONSCNAIMH

1.1.Teideal an togra/tionscnaimh

Togra le haghaidh Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena mbunaítear an Ciste um Aistriú Cóir

1.2.Réimsí beartais lena mbaineann (Cnuasach clár)

An Comhshaol agus Gníomhú ar son na hAeráide ag fanacht ar fhormheas ar thograí CAI

1.3.Baineann an togra/tionscnamh le:

X beart nua 

 beart nua a leanann treoirthionscadal/réamhbheart 18  

 síneadh ar bheart atá ann cheana 

 beart nó bearta a chumasc nó a atreorú i dtreo beart eile/beart nua 

1.4.Forais an togra/tionscnaimh

1.4.1.Na ceanglais is gá a chomhlíonadh sa ghearrthéarma nó san fhadtéarma, lena náirítear amlíne mhionsonraithe maidir le cur chun feidhme céimneach an tionscnaimh

An dara leath de 2020 – Glacadh an Rialacháin

Ag tosú ó 2020 – Na pleananna críochacha um aistriú cóir a ullmhú sna Ballstáit

Le linn 2021 – Glacadh an chláir agus tosú chur chun feidhme

1.4.2.Breisluach a bhaineann le rannpháirteachas AE (d'fhéadfadh an breisluach a bheith ann mar thoradh ar fhachtóirí éagsúla, e.g. gnóthachain de thoradh comhordú, deimhneacht dhlíthiúil, breis éifeachtachta, nó comhlántacht). Chun críocha an phointe seo, is é a chiallaíonn “breisluach a bhaineann le rannpháirteachas AE” an luach a thagann as idirghabháil an Aontais ar luach é atá sa bhreis ar an luach a bheadh ann dá mbeadh na Ballstáit ag feidhmiú leo féin.

Tá réasúnú le gníomhaíocht ón Aontas maidir leis an gCiste um Aistriú Cóir ar fhorais na gcuspóirí a leagtar amach in Airteagal 174 CFAE ina sonraítear go dtabharfar aird faoi leith ar limistéir a bhfuil an t‑aistriú tionsclaíoch ag dul dóibh, agus réigiúin a bhfuil míbhuntáistí móra buana acu.

Is dúshlán le haghaidh na mBallstát uile é an t‑aistriú chuig geilleagar atá neodrach ó thaobh na haeráide de. Beidh sé níos dúshlánaí fós do na Ballstáit sin atá ag brath go mór ar bhreoslaí iontaise nó ar thionscail a bhfuil astaíochtaí gás ceaptha teasa diana ag baint leo, a bheidh céimnithe amach nó a mbeidh tionchar an‑mhór ag an aistriú orthu agus nach bhfuil na hacmhainní airgeadais acu chun iad féin a oiriúnú chun neodracht ó thaobh na haeráide de a bhaint amach. Cabhraíonn CUAC leis an dúshlán aistrithe a shárú agus méadaíonn sé acmhainn bhuiséadach na mBallstát chun na hinfheistíochtaí agus na gníomhaíochaí is gá a dhéanamh.

1.4.3.Ceachtanna a foghlaimíodh ó thaithí chosúil eile den sórt sin san am a chuaigh thart

Táthar i mbun gníomhaíochta cheana ar leibhéal an Aontais, faoi thionscnaimh aistrithe na réigiún guail agus faoin ngníomhaíocht phíolótach le haghaidh réigiúin ina bhfuil aistriú tionsclaíoch, chun aistriú fuinnimh agus aeráide a chur chun cinn. Cé go bhfuil cuspóirí níos leithne ag an gCiste um Aistriú Cóir agus go soláthraíonn sé cur chuige níos comhtháite, d'fhéadfaí ceachtanna úsáideacha a fhoghlaim ó na tionscnaimh sin le haghaidh chlársceidealú agus chur chun feidhme an Chiste.

Ar an gcéad dul síos, tacaíonn an tionscnamh maidir leis na réigiúin ghuail atá i mbun aistrithe, leis an aistriú i 21 réigiún píolótacha a bhfuil a ngeilleagair ag brath go mór ar ghual. Tugtar aghaidh ar athruithe struchtúracha trí chur chuige iomlánaíoch a chuimsíonn gnéithe eacnamaíocha, tionsclaíocha, teicneolaíochta agus sóisialta den athrú ó bhonn, ina bhfuil rannpháirtíocht agus dlúthpháirtíocht le gníomhaithe áitiúla.

Beidh an tacaíocht dírithe ar athrú eacnamaíoch ó bhonn i gcomhréir le straitéisí um speisialtóireacht chliste (mar shampla tacaíocht do FBManna, gorlanna gnó, nuálaíocht agus comhar tionsclaíoch agus taighdeoirí), athsciliú oibrithe a bhí fostaithe go traidisiúnta in earnálacha a bhain le gual agus cur chun cinn éifeachtúlacht fuinnimh agus foinsí fuinnimh malartacha in‑athnuaite.

Beidh rathúlacht an tionscnaimh ag brath ar úinéireacht na mBallstát agus na réigiún lena mbaineann. Déanfar giaráil air seo trí cheanglais chómhaoinithe náisiúnta faoi bhainistíocht chomhroinnte agus le rannpháirtíocht na gcomhpháirtithe sa straitéis forbartha.

Ar an gcaoi céanna, chun cuidiú le réigiúin AE atá ag bainistiú an aistrithe chuig geilleagar ísealcharbóin atá níos inbhuanaithe, tairgeadh tacaíocht shonrach dóibh chun nuálaíocht a threisiú, bacainní infheistíochta a bhaint, agus na scileanna cuí a thabhairt do shaoránaigh agus aistriú tionsclaíoch a thagann ón aistriú fuinnimh agus aistriú maidir le hathrú aeráide, a bhainistiú. Soláthraíonn an ghníomhaíocht phíolótach tacaíocht ó shaineolaithe ón gCoimisiún chomh maith le cúnamh teicniúil ó Chiste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa. Roghnaíodh 12 réigiún le haghaidh tacaíocht AE.

1.4.4.Comhoiriúnacht agus sineirgíocht fhéideartha le hionstraimí iomchuí eile

Beidh cur i gcrích agus cur chun feidhme an Chiste um Aistriú Cóir á rialú ag Rialachán na bhForálacha Coiteanna a rialaíonn inter alia Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa agus Ciste Sóisialta na hEorpa Plus. Ar an ábhar sin, beidh an chomhlántacht agus na sineirgí leis na cistí sin an‑láidir, lena n‑airítear trí haistrithe ar leith ón dá chiste den bheartas comhtháthaithe. Beidh an Ciste um Aistriú Cóir á chomhordú go dlúth le colúin eile den Sásra um Aistriú Cóir freisin. Táthar ag súil go dtiocfaidh torthaí ón gCiste faoi chuimsiú an Chomhaontuithe Nua Glas don Eoraip agus an Phlean Infheistíochta d'Eoraip Inbhuanaithe. Beidh naisc láidre aige freisin leis na tionscnaimh faoi phointe 1.4.3.

1.5.Fad agus tionchar airgeadais

X tréimhse theoranta

   i bhfeidhm ón [LL/MM]BBBB go dtí an [LL/MM]BBBB

X    Tionchar airgeadais ó 2021 go 2027 le haghaidh leithreasuithe faoi chomhair gealltanas agus ó 2021 go tar éis 2027 le haghaidh leithreasuithe faoi chomhair íocaíochtaí.

  tréimhse neamhtheoranta

Cuirfear chun feidhme é le linn na tréimhse tosaigh BBBB go BBBB,

agus cuirfear ag feidhmiú go hiomlán ina dhiaidh sin é.

1.6.Modhanna bainistíochta atá beartaithe 19

 Bainistíocht dhíreach a dhéanann an Coimisiún

ina ranna, lena n‑áirítear an chuid sin den fhoireann atá i dtoscaireachtaí an Aontais;

   trí na gníomhaireachtaí feidhmiúcháin

X  Bainistíocht atá comhroinnte leis na Ballstáit

 Bainistíocht indíreach trí chúraimí a bhaineann le cur chun feidhme an bhuiséid a shannadh dóibh seo a leanas:

tríú tíortha nó na comhlachtaí a d'ainmnigh siad;

eagraíochtaí idirnáisiúnta agus a ngníomhaireachtaí (tabhair sonraí);

BEI agus an Ciste Eorpach Infheistíochta;

comhlachtaí dá dtagraítear in Airteagail 70 agus 71 den Rialachán Airgeadais;

comhlachtaí dlí phoiblí;

comhlachtaí arna rialú ag an dlí príobháideach agus a bhfuil misean seirbhíse poiblí acu sa mhéid go soláthraíonn siad ráthaíochtaí leordhóthanacha airgeadais;

comhlachtaí arna rialú ag dlí príobháideach Ballstáit, a gcuirtear de chúram orthu comhpháirtíochtaí príobháideacha poiblí a chur chun feidhme, agus a sholáthraíonn ráthaíochtaí leordhóthanacha airgeadais;

daoine a gcuirtear de chúram orthu bearta sonracha a chur chun feidhme in CBES de bhun Theideal V de CAE, ar daoine iad a aithnítear sa bhunghníomh ábhartha.

I gcás ina sonraítear níos mó ná modh bainistíochta amháin, tabhair sonraí sa roinn "Nótaí" le do thoil.

2.BEARTA BAINISTÍOCHTA

2.1.Rialacha faireacháin agus tuairiscithe

Sonraigh minicíocht na mbeart agus na coinníollacha atá leo.

Beidh an córas faireacháin agus na rialacha tuairiscithe á rialú ag Rialachán na bhForálacha Coiteanna (RFC) agus beidh sé mar an gcéanna leis na seacht gciste bainistíochta comhroinnte eile faoi RFC.

Is forbairt ar dhea-chleachtas na tréimhse 2014-2020 iad na rialacha RFC agus beidh siad fós bunaithe ar chóras bainistíochta comhroinnte. Tabharfar ról níos lárnaí do na coistí faireacháin a chuirfear ar bun le haghaidh gach cláir, i ndáil le maoirsiú fheidhmíocht an chláir agus na dtosca uile a imríonn tionchar air. Ar mhaithe leis an trédhearcacht, beidh sé ina cheangal na doiciméid a chuirfear faoi bhráid na gcoistí faireacháin a chur ar fáil go poiblí. Cuirfidh cruinnithe bliantúla faoi athbhreithniú feidhmíochta idir an Coimisiún agus na Ballstát leis an gcóras. Beidh ceanglas i bhfeidhm maidir le tuarascáil deiridh ar fheidhmíocht.

Leis an sainiú ar tháscairí is infheidhme i gcoitinne, cuirfear le hinfhaighteacht faisnéise faireacháin is féidir a chomhthiomsú ar leibhéal an Aontais. Leagtar amach na táscairí sin ar leithligh don Chiste um Aistriú Cóir ach i gcreat atá comhleanúnach leis na táscairí a moltar le haghaidh Chiste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa.

Éascaíonn sonraí leictreonacha an simpliú agus an trédhearcacht araon. Sa tréimhse 2014-2020, bhí ceanglas ann córas malartaithe sonraí leictreonacha a bhunú idir tairbhithe agus údaráis bhainistíochta, agus idir údaráis éagsúla an chórais bhainistíochta agus rialaithe. Cuireann an Rialachán seo leis sin agus déantar gnéithe áirithe a fhorbairt a thuilleadh ann ó thaobh sonraí a bhailiú de. Déanfar na sonraí uile is gá le haghaidh faireachán a dhéanamh ar an dul chun cinn, lena n‑áirítear torthaí agus feidhmiú na gclár, a tharchur go leictreonach anois.

2.2.Córas bainistíochta agus rialaithe

2.2.1.An bonn cirt atá leis na modhanna bainistíochta, le sásraí cur chun feidhme an mhaoinithe, leis na coinníollacha íocaíochta agus leis an straitéis rialaithe atá beartaithe

Beidh an córas bainistíochta agus rialaithe faoi réir RFC agus beidh sé mar an gcéanna leis na seacht gciste bainistíochta comhroinnte eile faoi RFC.

I bhfianaise na dtorthaí dearfacha ar an laghdú ar rátaí earráidí arna thuairisciú ag Cúirt Iniúchóirí na hEorpa (mar aon leis an éiginnteacht atá ann toisc nach raibh sé i bhfeidhm ar feadh thimthriall cur chun feidhme iomlán na gclár, sa dóigh nach féidir teacht ar chonclúidí críochnaitheacha maidir le gach gné de) is gá bunphrionsabail an chórais bainistithe agus rialaithe agus na rialacha maidir le bainistíocht airgeadais a tugadh isteach le haghaidh na tréimhse 2014-2020, a choinneáil i bhfeidhm.

Ina theannta sin, áfach, is gá a aithint freisin gur cuireadh moill ar thosú an chur chun feidhme sa tréimhse 2014-2020 agus go raibh ualach riaracháin neamhriachtanach ann, uaireanta, de dheasca cuid de na ceanglais a tugadh isteach. Dá bhrí sin, táthar ag beartú cúraimí agus freagrachtaí na gcomhlachtaí éagsúla sa chóras bainistithe agus rialaithe a leagan amach ar bhealach níos soiléire, go háirithe i ndáil le roghnú oibríochtaí agus ceanglais lena áirithiú go gcomhlíonfar prionsabail na bainistíochta fónta airgeadais.

Na mionsonraithe agus na rialacha tánaisteacha uile a bhí leagtha amach sa reachtaíocht thánaisteach roimhe seo, tá siad ar áireamh sa téacs reachtach anois chun intuarthacht a áirithiú. Níl aon cheanglas ann maidir leis an bpróiseas ainmniúcháin a dhéanamh; cuirtear chun cinn leis na forálacha leanúint d'úsáid na gcóras atá ann cheana. Beartaítear níos mó simplithe le haghaidh cláir a bhfuil córas bainistíochta agus rialaithe a fheidhmíonn go maith acu agus a bhfuil dea-theist orthu. Ina theannta sin, soiléirítear na ceanglais maidir le fíoruithe bainistíochta bunaithe ar riosca, socruithe an iniúchta aonair, agus i réimse na gceanglas íosta ar chláir bheaga ina gcásanna ina bhféadfadh sé gur ghá modhanna samplála neamhstaidrimh a úsáid.

2.2.2.Faisnéis faoi na rioscaí a aithníodh agus na córais rialaithe inmheánacha a cuireadh ar bun chun na rioscaí a mhaolú

Na hathruithe agus na roghanna simpliúcháin arna meas ag an gCoimisiún tar éis 2020, cuirtear san áireamh iontu moltaí éagsúla ón gCúirt Iniúchóirí maidir le hullmhú na reachtaíochta tar éis 2020, go háirithe na moltaí sin ina n‑iarrtar athmhachnamh a dhéanamh ar cheapadh an tsásra seachadta le haghaidh na gCistí (Moladh 1 ó iniúchadh 2015/AUD/0195) ag cur san áireamh mholtaí an Ghrúpa Ardleibhéil.

Ba mhinic san am a chuaigh thart go raibh na rátaí earráidí arda nasctha le heaspa deimhneacht dhlíthiúil agus léirthuiscintí éagsúla ar na rialacha céanna, i réimse an tsoláthair phoiblí mar shampla. Tá an Coimisiún ag tabhairt isteach roinnt eilimintí nua sa togra nua le haghaidh Rialachán na bhForálacha Coiteanna, amhail fíoruithe bainistíochta bunaithe ar riosca, straitéis iniúchóireachta bunaithe ar riosca, rialacha maidir le riachtanas comhréireach le sampláil staidrimh agus forálacha sonracha maidir le comhréireacht rialuithe agus spleáchas ar chórais náisiúnta bhainistíochta agus rialúcháin.

Tá na hIarscríbhinní mionsonraithe maidir le gnéithe ábhartha de chórais bhainistithe agus rialaithe dírithe ar dheimhneacht dhlíthiúil a chur ar fáil gan gá a bheith leis na gníomhartha reachtacha tánaisteacha ná leis na nótaí fada treorach a leanann glacadh Rialachán na bhForálacha Coiteanna de ghnáth.

2.2.3.Meastachán ar chostéifeachtúlacht na rialuithe agus an bonn cirt atá leis sin (cóimheas “costais rialaithe ÷ luach na gcistí gaolmhara arna mbainistiú”) agus measúnú ar an leibhéal riosca earráide a mheastar a bheidh ann (tráth an íocaíocht a dhéanamh agus tráth an clár a dhúnadh)

Uaireanta, déantar an sásra seachadta faoi bhainistíocht chomhroinnte atá ann faoi láthair a cháineadh, lena n‑áirítear cáineadh na Cúirte Iniúchóirí, as a bheith róchasta agus botúnach, agus as costas ard a bheith ag baint leis ar gach leibhéal rialaithe. Tá na heilimintí cáinte sin uile measta go cúramach ag an gCoimisiún d'fhonn an chothromaíocht cheart a aimsiú idir cuntasacht, simpliú agus feidhmíocht.

Tá simpliú tugtha isteach chun cosc a chur leis an riosca go mbeadh forluí idir rialuithe arna ndéanamh ar na leibhéil éagsúla ar thairbhithe, agus leis an riosca go mbeadh forluí idir feidhmeanna éagsúla de na socruithe bainistíochta agus rialaithe. Mar shampla, le haghaidh na tréimhse tar éis 2020, is gá feidhm chuntasaíochta a chur in áit na nÚdarás Deimhniúcháin (a bhfuil breis is 210 acu ann faoi láthair) a fhágfaidh nach féidir rialuithe a dhúbailt amach anseo. Ina theannta sin, táthar ag beartú na gníomhaíochtaí iniúchóireachta a chuíchóiriú, sa dóigh go ndéanfar níos lú iniúchtaí ar oibríochtaí a dhéantar ar leibhéal na dtairbhithe. Go deimhin, tá foráil déanta maidir le forálacha sonracha maidir le socruithe comhréireacha feabhsaithe, ag cur san áireamh feidhmiú éifeachtach (dea-theist) chóras bainistíochta agus rialaithe an chláir san am a chuaigh thart.

Ó thaobh an spriocleibhéil dearbhaithe de, ag céim na dtograí reachtacha is é an aidhm an ráta earráidí a choinneáil faoi bhun an leibhéil ábharthachta 2 %. Ní fhéadfaí tairseach ábharthachta eile a phlé ach ar bhonn cás ar chás i bhfianaise na díospóireachta reachtaí, go háirithe ós rud é nach dtacódh an tÚdarás Reachtach (go hiomlán) leis na simplithe a mholtar do chláir agus/nó go gcuirfeadh sé uasteorainn leis na rialuithe, rud a d'imreodh tionchar ar an ráta earráidí a bheifí ag súil leis.

2.3.Bearta chun calaois agus neamhrialtachtaí a chosc

Sonraigh na bearta coisctheacha agus cosanta atá ann cheana nó atá beartaithe, e.g. ón Straitéis Frithchalaoise.

Tá an Coimisiún fós ag fiosrú cén chaoi le tuilleadh neartaithe a dhéanamh ar na bearta uile a chuirfidh na húdaráis bhainistíochta i bhfeidhm chun calaois agus neamhrialtachtaí a chosc tar éis 2020.

Beidh ar na húdaráis bhainistíochta bearta agus nósanna imeachta frithchalaoise a bheith acu atá éifeachtach agus comhréireach, agus lena gcuirfear san áireamh go sonrach rioscaí sainaitheanta calaoise.

Beidh an ríomh‑chomhtháthú agus córais TF idirghníomhacha fós ina mór-riachtanais amach anseo. Cuirfear ar a gcumas do na húdaráis bhainistíochta leanúint de bheith ag úsáid na gcóras coiscthe neamhrialtachtaí agus calaoise atá i bhfeidhm acu.

3.AN TIONCHAR AIRGEADAIS A MHEASTAR A BHEIDH AG AN TOGRA/TIONSCNAMH

3.1.Ceannteidil an chreata airgeadais ilbhliantúil agus na línte buiséid nua atá beartaithe

Ceannteideal an chreata airgeadais ilbhliantúil

Líne buiséid

Type of
caiteachas

Ranníocaíocht

Uimhir

LD/LN 20 .

ó thíortha de chuid CSTE 21

ó thíortha is iarrthóirí 22

ó thríú tíortha

de réir bhrí Airteagal [21(2)(b)] den Rialachán Airgeadais

03. Acmhainní nádúrtha agus an comhshaol


XX.XX An Ciste um Aistriú Cóir (CUAC)

LD

Níl

Níl

Níl

Níl

3.2.An tionchar a mheastar a bheidh ar chaiteachas

3.2.1.Achoimre ar an tionchar a mheastar a bheidh aige ar chaiteachas

EUR milliúin de réir praghsanna 2018 (go dtí an tríú deachúil)

Ceannteideal an chreata airgeadais
ilbhliantúil

03.

Acmhainní Nádúrtha agus an Comhshaol

2021

2022

2023

2024

2025

2026

2027

Tar éis 2027

IOMLÁN

XX.XX An Ciste um Aistriú Cóir (CUAC)

Gealltanais

(1)

1,036.000

1,047.000

1,059.000

1,071.000

1,083.000

1,095.000

1,109.000

7,500.000

Íocaíochtaí

(2)

43.051

48.460

436.016

539.405

944.231

1,221.051

1,194.277

3,073.509

7,500.000

Leithreasuithe de chineál riaracháin arna maoiniú as imchlúdach an chláir 23  

Gealltanais = Íocaíochtaí

(3)

IOMLÁN leithreasuithe d'imchlúdach an chláir

Gealltanais

=1+3

1,036.000

1,047.000

1,059.000

1,071.000

1,083.000

1,095.000

1,109.000

7,500.000

Íocaíochtaí

=2+3

43.051

48.460

436.016

539.405

944.231

1,221.051

1,194.277

3,073.509

7,500.000



Ceannteideal an chreata airgeadais
ilbhliantúil

7

"Caiteachas riaracháin"

Chun an chuid seo a líonadh isteach, ba cheart leas a bhaint as na “sonraí buiséid de chineál riaracháin” a iontráladh ar dtús san Iarscríbhinn a ghabhann leis an Ráiteas Airgeadais Reachtach agus a uaslódáladh ar an gcóras DECIDE chun críocha comhairliúcháin idirsheirbhíse.



EUR milliúin (go dtí an tríú deachúil)

2021

2022

2023

2024

2025

2026

2027

Tar éis 2027

IOMLÁN

Acmhainní daonna

3,300

3,300

3,300

3,300

3,300

3,300

3,300

23,100

Caiteachas riaracháin eile

IOMLÁN na leithreasuithe faoi CHEANNTEIDEAL 7 den chreat airgeadais ilbhliantúil

(Iomlán gealltanas = Iomlán íocaíochtaí)

3,300

3,300

3,300

3,300

3,300

3,300

3,300

23,100

EUR milliúin (go dtí an tríú deachúil)

2021

2022

2023

2024

2025

2026

2027

Tar éis 2027

IOMLÁN

IOMLÁN na leithreasuithe
ar fud na gCEANNTEIDEAL
den chreat airgeadais ilbhliantúil
 

Gealltanais

1,039.300

1,050.300

1,062.300

1,074.300

1,086.300

1,098.300

1,112.300

7,523.100

Íocaíochtaí

46.351

51.760

439.316

542.705

947.531

1,224.351

1,197.577

3,076.809

7,523.100

3.2.2.Achoimre ar an tionchar a mheastar a bheidh ag an togra/tionscnamh ar leithreasuithe de chineál riaracháin

Ní éilíonn an togra/tionscnamh go n‑úsáidfear leithreasuithe de chineál riaracháin

X    Éilíonn an togra/tionscnamh go n‑úsáidfear leithreasuithe de chineál riaracháin mar a mhínítear thíos:

EUR milliúin (go dtí an tríú deachúil)

Blianta

2021

2022

2023

2024

2025

2026

2027

IOMLÁN

CEANNTEIDEAL 7
den chreat airgeadais ilbhliantúil

Acmhainní daonna

3,300

3,300

3,300

3,300

3,300

3,300

3,300

23,100

Caiteachas riaracháin eile

Fo-iomlán CHEANNTEIDEAL 7
den chreat airgeadais ilbhliantúil

3,300

3,300

3,300

3,300

3,300

3,300

3,300

23,100

Lasmuigh de CHEANNTEIDEAL 7 24
den chreat airgeadais ilbhliantúil

Acmhainní daonna

Other expenditure
de chineál riaracháin

Fo-iomlán 
lasmuigh de CHEANNTEIDEAL 7 den chreat airgeadais ilbhliantúil

IOMLÁN

3,300

3,300

3,300

3,300

3,300

3,300

3,300

23,100

Soláthrófar na leithreasuithe is gá le haghaidh na n‑acmhainní daonna agus caiteachas eile de chineál riaracháin le leithreasuithe ón Ard‑Stiúrthóireacht a bhfuil bainistíocht an bhirt faoina gcúram cheana agus/nó ar athshannadh a gcúraimí laistigh den Ard‑Stiúrthóireacht, mar aon le haon leithdháileadh breise a d'fhéadfaí a thabhairt don Ard‑Stiúrthóireacht atá i mbun bainistíochta faoi chuimsiú an nós imeachta maidir le leithdháileadh bliantúil i bhfianaise na srianta buiséadacha.



3.2.2.1.Na hacmhainní daonna a mheastar a bheidh riachtanach

   Ní éilíonn an togra/tionscnamh go n‑úsáidfear acmhainní daonna.

X    Éilíonn an togra/tionscnamh go n‑úsáidfear acmhainní daonna mar a mhínítear thíos:

Sloinnfear an meastachán in aonaid de choibhéis lánaimseartha

Blianta

2021

2022

2023

2024

2025

2026

2027

• Poist don phlean bunaíochta (oifigigh agus foireann shealadach)

Ceanncheathrú agus Oifigí Ionadaíocht an Choimisiúin

22

22

22

22

22

22

22

Toscaireachtaí

Taighde

Foireann sheachtrach (i gcoibhéis lánaimseartha: FTE) - CA, LA, SNE, INT agus JED  25

Ceannteideal 7

Arna maoiniú as CEANNTEIDEAL 7 den chreat airgeadais ilbhliantúil 

– sa Cheanncheathrú

– i dToscaireachtaí

Arna maoiniú as imchlúdach an chláir  26

– sa Cheanncheathrú

– i dToscaireachtaí

Taighde

Eile (sonraigh)

IOMLÁN

22

22

22

22

22

22

22

Soláthrófar na hacmhainní daonna is gá le baill foirne ón Ard‑Stiúrthóireacht a bhfuil bainistíocht an bhirt faoina gcúram cheana agus/nó ar athshannadh a gcúraimí laistigh den Ard‑Stiúrthóireacht, mar aon le haon leithdháileadh breise a d'fhéadfaí a thabhairt don Ard‑Stiúrthóireacht atá i mbun bainistíochta faoi chuimsiú an nós imeachta maidir le leithdháileadh bliantúil i bhfianaise na srianta buiséadacha.

Cur síos ar na cúraimí a bheidh le déanamh:

Oifigigh agus pearsanra sealadach

·Chun rannchuidiú le hanailís, caibidlíocht, modhnú agus/nó ullmhúchán le haghaidh tograí formheasa maidir le cláir agus/nó tionscadail sna Ballstáit.

·Chun rannchuidiú le bainistíocht, faireachán agus meastóireacht a dhéanamh ar chur chun feidhme na gclár/na dtionscadal arna bhformheas.

·Chun comhlíonadh na rialacha lena rialaítear cláir a áirithiú.

Foireann sheachtrach

3.2.3.Ranníocaíochtaí ó thríú páirtithe

I gcás an togra/tionscnaimh seo:

X    ní dhéantar foráil maidir le cómhaoiniú le tríú páirtithe

   déantar foráil maidir leis an gcómhaoiniú le tríú páirtithe atá réamh‑mheasta thíos:

Leithreasuithe in EUR milliúin (go dtí an tríú deachúil)

Blianta

2021

2022

2023

2024

2025

2026

2027

IOMLÁN

Sonraigh an comhlacht cómhaoinithe 

IOMLÁN na leithreasuithe cómhaoinithe

3.3.An tionchar a mheastar a bheidh ar ioncam

X    Ní bheidh tionchar airgeadais ar bith ag an togra ar ioncam.

   Beidh an tionchar airgeadais seo a leanas ag an togra/tionscnamh:

   ar acmhainní dílse

   ar ioncam eile

má tá an t‑ioncam sannta do línte caiteachais, sonraigh sin    

EUR milliúin (go dtí an tríú deachúil)

Líne buiséid ioncaim:

Tionchar an togra/tionscnaimh 27

2021

2022

2023

2024

2025

2026

2027

Airteagal ….

I gcás ioncam atá sannta, sonraigh na línte buiséid a n‑imrítear tionchar orthu.

Aon rud eile (e.g. an modh nó an fhoirmle a úsáideadh chun an tionchar ar ioncam a ríomh nó aon fhaisnéis eile).

(1)    COM(2018) 322 final.
(2)    COM(2018) 375 – Airteagal 4.
(3)    COM(2020) 21, 14.1.2020.
(4)    Comhairliúchán poiblí maidir le cistí an Aontais i réimse an chomhtháthaithe    
https://ec.europa.eu/info/consultations/public-consultation
‑eu-funds‑area-cohesion_ga
(5)    Coiste Eorpach na Réigiún, Tuairim maidir le hathrú struchtúrtha socheacnamaíoch ar réigiúin ghuail na hEorpa, 136ú seisiún iomlánaíoch, 7-9 Deireadh Fómhair 2019, ECON-VI/041.
(6)    COM(2018) 372 final.
(7)    SWD(2018) 282 final.
(8)    COM(2018) 375 final.
(9)    IO C , , lch. .
(10)    IO C , , lch. .
(11)    COM(2019) 640 final, 11.12.2019.
(12)    COM(2020) 21, 14.1.2020.
(13)    Mar a leagtar amach in “A Clean Planet for all A European strategic long-term vision for a prosperous, modern, competitive and climate neutral economy” [Pláinéad Glan do Chách Fís straitéiseach fhadtéarmach Eorpach chun geilleagar rachmasach, nua-aimseartha, iomaíoch agus neodrach ó thaobh na haeráide de a bhaint amach], Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle Eorpach, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa, chuig Coiste na Réigiún, agus chuig an mBanc Eorpach Infheistíochta - COM(2018) 773 final.
(14)    Treoir 2003/87/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Deireadh Fómhair 2003 lena mbunaítear scéim i ndáil le trádáil ar lamháltais i gcomhair astaíochtaí gás ceaptha teasa laistigh den Chomhphobal agus lena leasaítear Treoir 96/61/CE ón gComhairle (IO L 275, 25.10.2003, lch. 32).
(15)    IO L 123, 12.5.2016, lch. 13.
(16)    Rialachán (AE) Uimh. 651/2014 ón gCoimisiún an 17 Meitheamh 2014 lena ndearbhaítear go bhfuil catagóirí áirithe cabhrach comhoiriúnach leis an margadh inmheánach i gcur i bhfeidhm Airteagal 107 agus Airteagal 108 den Chonradh (IO L 187, 26.6.2014, lch. 1).
(17)    Rialachán (CE) Uimh. 1059/2003 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Bealtaine 2003 maidir le haicmiú comhchoiteann aonad críche le haghaidh staidrimh (NUTS) a bhunú (IO L 154, 21.6.2003, lch. 1).
(18)    Mar a thagraítear dó in Airteagal 58(2)(a) nó (b) den Rialachán Airgeadais.
(19)    Is féidir mionsonraí faoi na modhanna bainistíochta agus tagairtí don Rialachán Airgeadais a cheadú ar shuíomh gréasáin Ard‑Stiúrthóireacht an Bhuiséid: https://myintracomm.ec.europa.eu/budgweb/EN/man/budgmanag/Pages/budgmanag.aspx  
(20)    LD = Leithreasuithe difreáilte / LN = Leithreasuithe neamhdhifreáilte.
(21)    CSTE: Comhlachas Saorthrádála na hEorpa.
(22)    Tíortha is iarrthóirí agus, nuair is iomchuí, tíortha ó na Balcáin Thiar a d'fhéadfadh a bheith ina n‑iarrthóirí.
(23)    Cúnamh agus caiteachas teicniúil agus/nó riaracháin ar mhaithe le cláir agus/nó bearta de chuid AE (seanlínte “BA”) a chur chun feidhme, taighde indíreach, taighde díreach.
(24)    Cúnamh agus caiteachas teicniúil agus/nó riaracháin ar mhaithe le cláir agus/nó bearta de chuid AE (seanlínte “BA”) a chur chun feidhme, taighde indíreach, taighde díreach.
(25)    CA = Ball Foirne ar Conradh; LA= Ball foirne áitiúil; END = Saineolaí náisiúnta ar iasacht; INT= Ball foirne gníomhaireachta; JPD = Saineolaithe Sóisearacha i dToscaireachtaí.
(26)    Fo-uasteorainn d'fhoireann sheachtrach arna cumhdach ag leithreasuithe faoi chomhair oibríochtaí (na seanlínte "BA").
(27)    A fhad a bhaineann le hacmhainní dílse traidisiúnta (dleachtanna talmhaíochta, tobhaigh siúcra), ní mór na méideanna a luaitear a bheith ina nglanmhéideanna, i.e. méideanna comhlána agus 20 % de na costais bhailiúcháin a bheith bainte astu.

An Bhruiséil,14.1.2020

COM(2020) 22 final

IARSCRÍBHINNÍ

a ghabhann leis an

Togra le haghaidh

RIALACHÁN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

lena mbunaítear an Ciste um Aistriú Cóir


IARSCRÍBHINN I

 

An modh leithdháilte le haghaidh acmhainní an Chiste um Aistriú Cóir

I gcás gach Ballstáit, cinnfear an t-imchlúdach airgeadais i gcomhréir leis na céimeanna seo a leanas:

(a)    déanfar scair gach Ballstáit a ríomh mar shuim ualaithe na sciaranna arna gcinneadh ar bhonn na gcritéar seo a leanas, agus iad ualaithe mar atá léirithe:

(i)    astaíochtaí gás ceaptha teasa na saoráidí tionsclaíocha i réigiúin NUTS leibhéal 2 ar mó faoi fhachtóir a dó an déine carbóin, arna sainmhíniú ag cóimheas astaíochtaí gás ceaptha teasa na saoráidí tionsclaíocha arna thuairisciú ag na Ballstáit i gcomhréir le hAirteagal 7 de Rialachán (CE) Uimh. 166/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 1 i gcomparáid le breisluach comhlán an tionscail, ná an meán atá na Ballstáit AE-27. I gcás nach sáraítear an leibhéal sin in aon réigiún NUTS leibhéal 2 i mBallstát tugtha, cuirfear astaíochtaí gás ceaptha teasa na saoráidí tionsclaíocha sa réigiún NUTS leibhéal 2 ina bhfuil an déine carbóin is airde san áireamh (ualú 49 %),

(ii)    an fhostaíocht i mianadóireacht ghuail agus ligníte (ualú 25 %),

(iii)    an fhostaíocht san earnáil tionsclaíochta sna réigiúin NUTS leibhéal 2 arna cur san áireamh chun críocha phointe (i) (ualú 25 %),

(iv)    baint móna (ualú 0,95 %),

(v)    táirgeadh scealla ola (ualú 0,05 %);

(b)    déanfar na leithdháiltí a eascraíonn as pointe (a) a chur i bhfeidhm a choigeartú lena áirithiú nach bhfaighidh aon Bhallstát méid atá níos mó ná EUR 2 bhilliún. Déanfar na méideanna os cionn EUR 2 bhilliún a athdháileadh go comhréireach chuig leithdháiltí na mBallstát uile eile. Déanfar sciaranna na mBallstát a athríomh dá réir;

(c)    déanfar sciaranna na mBallstát a eascraíonn as pointe (b) a chur i bhfeidhm a choigeartú go diúltach nó go deimhneach ag comhéifeacht de 1,5 uair den difríocht faoina sáraíonn OIN per capita an Bhallstáit sin (arna thomhas i bpaireachtaí cumhachta ceannaigh) le haghaidh na tréimhse 2015-2017 meán-OIN per capita na mBallstát AE-27 (an meán arna shloinneadh mar 100 %), nó faoina dtiteann sé faoi sin;

Ní bheidh feidhm ag an gcoigeartú sin maidir le Ballstáit ar cuireadh uasteorainn lena leithdháileadh i gcomhréir le pointe (b).

(d)    déanfar na leithdháiltí a eascraíonn as pointe (c) a chur i bhfeidhm a choigeartú lena áirithiú gurb é an toradh atá leis an leithdháileadh deiridh ó CUAC ná déine chabhrach per capita (arna tomhas ar bhonn dhaonra iomlán an Bhallstáit) de EUR 6 ar a laghad thar an tréimhse iomlán.

Bainfear na méideanna a theastaíonn chun an déine chabhrach íosta a áirithiú a bhaint go comhréireach ó leithdháiltí na mBallstát uile eile, ach amháin na cinn sin ar cuireadh uasteorainn lena leithdháileadh i gcomhréir le pointe (b).

Tá an leithdháileadh ón gCiste um Aistriú Cóir ann sa bhreis ar an leithdháileadh a eascraíonn as míreanna 1 go 16 d’Iarscríbhinn XXII de [RFC nua] agus ní chuirtear san áireamh é sa bhonn le haghaidh an leithdháilte a gcuirtear pointí 10 go 15 d’Iarscríbhinn XXII de [RFC nua] i bhfeidhm ina leith.



IARSCRÍBHINN II

Teimpléad le haghaidh pleananna críochacha um aistriú cóir

1.Leagan amach an phróisis aistrithe agus sainaithint na gcríoch ina mbeidh an tionchar is diúltaí laistigh den Bhallstát

Réimse téacs [12000]

Tagairt: Airteagal 7(2)(a)

1.1. Leagan amach an phróisis aistrithe a bhfuiltear ag súil leis i dtreo geilleagar atá neodrach ó thaobh na haeráide de, i gcomhréir le cuspóirí na bPleananna Náisiúnta Fuinnimh agus Aeráide agus pleananna aistrithe eile atá ann cheana maille le hamlíne chun deireadh a chur le gníomhaíochtaí amhail mianadóireacht ghuail agus ligníte nó táirgeadh leictreachais gualbhreoslaithe nó na gníomhaíochtaí sin a laghdú

Tagairt: Airteagal 7(2)(b)

1.2. Sainaithint na gcríoch a bhfuiltear ag súil leis go mbeidh an tionchar is diúltaí iontu agus bonn cirt a thabhairt don rogha sin leis an meastachán comhfhreagrach ar na tionchair eacnamaíocha agus fostaíochta bunaithe ar an leagan amach i Roinn 1.1

2.Measúnú ar na dúshláin i dtaca leis an aistriú, le haghaidh gach ceann de na críocha arna sainaithint

2.1. Measúnú ar an tionchar eacnamaíoch, sóisialta agus críochach a bheidh ag an aistriú chuig geilleagar atá neodrach ó thaobh na haeráide de

Tagairt: Airteagal 7(2)(c)

Réimse téacs [12000]

Sainaithint na ngníomhaíochtaí eacnamaíocha agus na n-earnálacha tionsclaíocha a n-imreofar tionchar orthu, ina ndéantar idirdhealú idir:

- earnálacha atá ag dul i léig, a bhfuiltear ag súil leis go dtiocfaidh deireadh leo nó go dtiocfaidh laghdú suntasach ar a ngníomhaíochtaí de bharr an aistrithe, agus amlíne chomhfhreagrach san áireamh;

- earnálacha ina bhfuil athrú ó bhonn ag tarlú, a bhfuiltear ag súil leis go dtiocfaidh athrú ó bhonn ar a ngníomhaíochtaí, a bpróisis agus a n-aschuir.

I gcomhair gach ceann den dá earnáil:

- na caillteanais post agus na riachtanais i ndáil le hathcháiliú a bhfuiltear ag súil leo, agus réamhaisnéisí scileanna á gcur san áireamh;

- an cumas féideartha éagsúlaithe eacnamaíoch agus deiseanna forbartha.

2.2. Riachtanais forbartha agus cuspóirí faoi 2030 d’fhonn neodracht ó thaobh na haeráide a bhaint amach

Tagairt: Airteagal 7(2)(d)

Réimse téacs [6000]

- Riachtanais forbartha chun aghaidh a thabhairt ar dhúshláin an aistrithe;

- Cuspóirí agus torthaí a bhfuiltear ag súil leo trí thosaíocht CUAC a chur chun feidhme. 

2.3. Comhsheasmhacht le straitéisí agus pleananna náisiúnta, réigiúnacha nó críochacha eile

Tagairt: Airteagal 7(2)(e)

Réimse téacs [6000]

- Straitéisí um speisialtóireacht chliste;

- Straitéisí críochacha dá dtagraítear in Airteagal 23 de Rialachán (AE) [RFC nua];

- Pleananna forbartha réigiúnacha nó náisiúnta eile. 

2.4. Na cineálacha oibríochtaí atá beartaithe

Réimse téacs [12000]

Tagairt: Airteagal 7(2)(g)

– na cineálacha oibríochtaí atá beartaithe agus an méid a mheastar a rannchuideoidh siad chun tionchar an aistrithe aeráide a mhaolú

Tagairt: Airteagal 7(2)(h)

Le líonadh isteach má thugtar tacaíocht d’infheistíochtaí táirgiúla nach FBManna iad, agus sa chás sin amháin:

- liosta uileghabhálach de na hoibríochtaí agus fiontair den sórt sin agus i gcás gach ceann acu, bonn cirt leis an ngá atá le tacaíocht den sórt sin trí anailís ar bhearnaí a léiríonn go mbeadh líon na gcaillteanas post a bhfuiltear ag súil leo níos mó ná líon na bpost a bhfuiltear ag súil leis a chruthófaí in éagmais na hinfheistíochta sin

Tagairt: Airteagal 7(2)(i);

Le líonadh má thugtar tacaíocht d’infheistíochtaí chun an laghdú ar astaíochtaí gás ceaptha teasa ó na gníomhaíochtaí a liostaítear in Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir 2003/87/CE a bhaint amach, agus sa chás sin amháin:

- liosta uileghabhálach d’oibríochtaí a dtabharfar tacaíocht dóibh agus réasúnú go rannchuidíonn siad leis an aistriú chuig geilleagar a bheidh neodrach ó thaobh na haeráide de agus go mbeidh laghduithe suntasacha ar astaíochtaí gás ceaptha teasa mar thoradh leo a rachaidh faoi bhun na dtagarmharcanna ábhartha a úsáidtear don leithdháileadh saor in aisce faoi Threoir 2003/87/CE agus ar choinníoll go bhfuil siad riachtanach chun líon suntasach post a chosaint

Tagairt: Airteagal 7(2)(j)

- sineirgí agus comhlántachtaí na n-oibríochtaí atá beartaithe le cláir eile faoi sprioc na hInfheistíochta le haghaidh post agus fáis (a thacaíonn le próiseas an aistrithe), le hionstraimí maoiniúcháin eile (an Ciste um Nuachóiriú ar Thrádáil Astaíochtaí an Aontais) agus le colúin eile an tSásra um Aistriú Cóir (an scéim thiomnaithe faoi InvestEU agus saoráid iasachta na hearnála poiblí leis an mBanc Eorpach Infheistíochta) chun aghaidh a thabhairt ar riachtanais shainaitheanta infheistíochta

2.5. Táscairí aschuir nó toraidh atá clár-shonrach

Tagairt: Airteagal 8(1)

Le líonadh isteach má tá táscairí clár-shonracha beartaithe, agus sa chás sin amháin:

- réasúnú go bhfuil gá le táscairí aschuir nó toraidh clár-shonracha bunaithe ar na cineálacha oibríochtaí atá beartaithe

Tábla 1. Táscairí aschuir

Cuspóir sonrach

Aitheantóir [5]

Táscaire [255]

Aonad tomhais

Garsprioc (2024)

Sprioc (2029)

Tábla 2. Táscairí toraidh

Cuspóir sonrach

Aitheantóir [5]

Táscaire [255]

Aonad tomhais

Bonnlíne nó luach tagartha

Bliain tagartha

Sprioc (2029)

Foinse na sonraí [200]

Barúlacha [200]

3.Sásraí rialachais

Tagairt: Airteagal 7(2)(f)

Réimse téacs [5000]

3.1. Comhpháirtíocht

- Socruithe chun go mbeadh rannpháirtíocht ag comhpháirtithe in ullmhú, cur chun feidhme, faireachán agus meastóireacht a dhéanamh ar an bplean críochach um aistriú cóir;

– An toradh ar an gcomhairliúchán poiblí.

3.2. Faireachán agus meastóireacht 

- Bearta faireacháin agus meastóireachta atá beartaithe, lena n-áirítear táscairí chun cumas an phlean a chuspóirí a bhaint amach a thomhas

3.3. Comhlacht/comhlachtaí comhordaithe agus faireacháin

An comhlacht nó na comhlachtaí atá freagrach as comhordú agus faireachán a dhéanamh ar chur chun feidhme an phlean agus an ról atá acu

IARSCRÍBHINN III

Comhtháscairí Aischuir maidir leis an mBeartas Réigiúnach (‘RCO’) agus Comhtháscairí Toraidh maidir Leis an mBeartas Réigiúnach (‘RCR’) le haghaidh an Chiste um Aistriú Cóir 2

Aschuir

Torthaí

RCO 01 - Fiontair dá dtugtar tacaíocht (astu sin: micrifhiontair, fiontair bheaga, fiontair mheánmhéide agus fiontair mhóra)
RCO 02 - Fiontair dá dtugtar tacaíocht trí dheontais

RCO 03 - Fiontair dá dtugtar tacaíocht le hionstraimí airgeadais

RCO 04 - Fiontair dá dtugtar t
acaíocht neamhairgeadais
RCO 05 - Gnólachtaí nuathionscanta dá dtugtar tacaíocht


RCO 10 - Fiontair a chomhoibríonn le hinstitiúidí taighde

RCO 120 - Fiontair dá dtugtar tacaíocht chun an laghdú ar astaíochtaí gás ceaptha teasa ó na gníomhaíochtaí a liostaítear in Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir 2003/87/CE a bhaint amach

RCR 01 - Poist arna gcruthú in eintitis dá dtugtar tacaíocht
RCR 02 - Infheistíochtaí príobháideacha ar chomh-mhéid le tacaíocht phoiblí (astu sin: deontais, ionstraimí airgeadais)

RCR
03 – FBManna a thugann isteach nuálaíocht ó thaobh táirgí agus próiseas de
RCR 04 – FBManna a thugann nuálaíocht isteach ó thaobh margaíochta nó eagraíochta de

RCR 05 - FBManna atá i mbun nuálaíocht inmheánach

RCR 06 - Iarratais ar phaitinní arna gcur faoi
bhráid Oifig Eorpach na bPaitinní
RCR 29 – Astaíochtaí gás ceaptha teasa ó na gníomhaíochtaí a liostaítear in Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir 2003/87/CE i bhfiontair dá dtugtar tacaíocht


RCO 13 - Seirbhísí agus táirgí digiteacha arna bhforbairt le haghaidh fiontar

RCR 11 - Úsáideoirí seirbhísí agus feidhmchlár digiteach poiblí nua
RCR 12 - Úsáideoirí táirgí, seirbhísí agus feidhmchlár digiteach nua arna bhforbairt ag fiontair

RCO 15 - Acmhainneacht ghoir arna cruthú


RCR 17 - Fiontair trí bliana fós ar marthain sa mhargadh
RCR 18 - FBManna a úsáideann seirbhísí goir bliain amháin tar éis an ghorlann a chruthú

RCO 101 – FBManna a infheistíonn i bhforbairt scileanna

RCR 97 – Printíseachtaí dá dtugtar tacaíocht in FBManna

RCR 98 – Foireann FBManna a chuireann Gairmoiliúint agus Gairmoideachas Leanúnach i gcrích (de réir an chineáil scile: scil theicniúil, bhainistíochta, fiontraíochta, ghlas, eile)

RCO 22 - Acmhainneacht táirgeachta bhreise le haghaidh fuinneamh in-athnuaite (as sin: leictreachas, fuinneamh teirmeach)

RCR 31 - An fuinneamh in-athnuaite iomlán arna tháirgeadh (as sin: leictreachas, fuinneamh teirmeach)
RCR 32 – Fuinneamh in-athnuaite: An acmhainneacht nasctha leis an eangach (oibríochtúil)

RCO 34 - Acmhainneacht bhreise le haghaidh athchúrsáil uisce

RCR 46 - Áiseanna athchúrsála dramhaíola agus córais bainistithe uisce bheaga atá ar fáil don daonra
RCR 47 - Dramhaíl arna hathchúrsáil

RCR 48 - Dramhaíl arna hathchúrsáil arna húsáid mar amhá
bhair
RCR 49 - Dramhaíl arna gnóthú

RCO 38 - Achar dromchla na talún athshlánaithe dá dtugtar tacaíocht
RCO 39 - Córais chun faireachán a dhéanamh ar thruailliú aeir arna suiteáil

RCR 50 - An daonra a bhaineann tairbhe as bearta le haghaidh cháilíocht an aeir

RCR 52 - Talamh athshlánaithe arna úsáid le haghaidh limistéir ghlasa, tithíocht shóisialta, gníomhaíochtaí eacnamaíocha nó pobail

i gcás rannpháirtithe 3 4 :

RCO 200 - daoine dífhostaithe, lena n-áirítear daoine atá dífhostaithe go fadtéarmach,

RCO 201 - daoine atá dífhostaithe go fadtéarmach,

RCO 202 - daoine neamhghníomhacha,

RCO 203 - daoine fostaithe, lena n-áirítear daoine féinfhostaithe,

RCO 204 - daoine faoi bhun 30 bliain d’aois,

RCO 205 - daoine os cionn 54 bliana d’aois,

RCO 206 - daoine a bhfuil oideachas meánscoile íochtaraí nó níos lú ná sin (ISCED 0-2) acu,

RCO 207 - daoine a bhfuil oideachas meánscoile uachtaraí (ISCED 3) nó oideachas iar-mheánscoile (ISCED 4) acu,

RCO 208 - daoine a bhfuil oideachas treasach (ISCED 5 nó 8) acu,

RCO 209 - líon iomlán na rannpháirtithe 5  

i gcás rannpháirtithe 6 :

RCR 200 - rannpháirtithe atá ag lorg poist i ndiaidh na rannpháirtíochta,

RCR 201 - rannpháirtithe in oideachas/oiliúint i ndiaidh na rannpháirtíochta,

RCR 202 - rannpháirtithe a fuair cáilíocht ar fhágáil dóibh,

RCR 203 - rannpháirtithe i bhfostaíocht, lena n-áirítear féinfhostaíocht, ar fhágáil dóibh.

(1)      Rialachán (CE) Uimh. 166/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Eanáir 2006 maidir le bunú Clár Eorpach um Scaoileadh Amach agus Aistriú Truailleán agus lena leasaítear Treoir 91/689/CEE agus Treoir 96/61/CE ón gComhairle (IO L 33, 4.2.2006, lch. 1).
(2) Ar chúiseanna a bhaineann leis an gcur i láthair, déantar na táscairí a rangú le go mbeidh sé níos éasca iad a chur le chéile leis na táscairí atá san áireamh i rialacháin eile a bhaineann go sonrach le cistí an bheartais chomhtháthaithe.
(3) Tá gach táscaire aschuir agus toraidh a bhaineann le rannpháirtithe le tuairisciú.
(4)

 Déanfar na sonraí pearsanta ar fad a mhiondealú de réir inscne (fireann/baineann – neamh-dhénártha). I gcás nach bhfuil torthaí áirithe indéanta, níl sé riachtanach sonraí a bhailiú agus a thuairisciú le haghaidh na táscairí toraidh sin. Nuair a dhéantar sonraí a bhailiú ó chlárlanna, ní gá do na Ballstáit ailíniú a dhéanamh le sainmhínithe arna gcomhaontú go comhpháirteach agus féadfaidh siad sainmhínithe náisiúnta a úsáid.

(5) Le ríomh go huathoibríoch ar bhonn na gcomhtháscairí aschuir a bhaineann leis an stádas fostaíochta.
(6) Déanfar na sonraí pearsanta ar fad a mhiondealú de réir inscne. I gcás nach bhfuil torthaí áirithe indéanta, níl sé riachtanach sonraí a bhailiú agus a thuairisciú le haghaidh na táscairí toraidh sin. Nuair a dhéantar sonraí a bhailiú ó chlárlanna, ní gá do na Ballstáit ailíniú a dhéanamh le sainmhínithe arna gcomhaontú go comhpháirteach agus féadfaidh siad sainmhínithe náisiúnta a úsáid.