8.5.2020   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

1


SEASAMH (AE) Uimh. 7/2020 ÓN gCOMHAIRLE AR AN gCÉAD LÉAMH

chun go nglacfaí Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le faisnéis leictreonach faoi iompar lastais

Arna ghlacadh ag an gComhairle an 7 Aibreán 2020

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

2020/C 157/01

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 91, agus Airteagal 100(2) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Ag féachaint do thuairim Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (1),

Tar éis dul i gcomhairle le Coiste na Réigiún,

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach (2),

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Tá éifeachtacht an iompair agus na lóistíochta lastais ríthábhachtach d’iomaíochas gheilleagar an Aontais agus don fhás a thiocfaidh air, d’fheidhmiú an mhargaidh inmheánaigh agus do chomhtháthú sóisialta agus eacnamaíoch gach réigiúin de chuid an Aontais.

(2)

Is é is aidhm don Rialachán seo digitiú iompair agus lóistíochta lastais a spreagadh chun costais riaracháin a laghdú, cumas forfheidhmiúcháin na n-údarás inniúil a fheabhsú, agus éifeachtúlacht agus inbhuanaitheacht an iompair a fheabhsú.

(3)

Maidir le gluaiseacht earraí, lena n-áirítear dramhaíl, déantar méid mór faisnéise a mhalartú, agus é sin ar pháipéar go fóill, i measc gnólachtaí, agus idir gnólachtaí agus údaráis inniúla. Is ualach suntasach riaracháin ar oibreoirí lóistíochta doiciméid pháipéir a úsáid agus is costas breise é ar oibreoirí lóistíochta agus tionscail ghaolmhara (amhail trádáil agus monarú), go háirithe ar FBManna, agus bíonn tionchar diúltach aige ar an gcomhshaol.

(4)

Meastar gur de bharr gan aon chreat dlíthiúil aonfhoirmeach a bheith ann ar leibhéal an Aontais lena gceanglófaí ar údaráis inniúla glacadh le faisnéis ábhartha iompair lastais, arna ceangal leis an reachtaíocht, i bhfoirm leictreonach, an phríomhchúis leis an easpa dul chun cinn i dtreo an tsimplithe agus na héifeachtachta níos mó a bheadh ann dá mbeadh modh leictreonach ar fáil. Dá nglacfadh údaráis inniúla le faisnéis i bhfoirm leictreonach lena raibh sonraíochtaí comhchoiteanna, ní hamháin gurbh fhusa an chumarsáid idir na húdaráis inniúla agus na hoibreoirí eacnamaíocha ach, go hindíreach, b’fhusa freisin cumarsáid leictreonach aonfhoirmeach shimplithe gnólacht le gnólacht a fhorbairt ar fud an Aontais. Bheadh coigilteas suntasach ar chostais riaracháin ann freisin d’oibreoirí eacnamaíocha, agus go háirithe do FBManna, a dhéanann suas tromlach mór na gcuideachtaí iompair agus lóistíochta laistigh den Aontas.

(5)

I roinnt réimsí de dhlí iompair an Aontais, ceanglaítear ar údaráis inniúla glacadh le faisnéis dhigitithe, ach ní bhaineann sé sin le gníomhartha dlí ábhartha uile an Aontais ná baol air. Ba cheart go bhféadfaí úsáid a bhaint as modh leictreonach chun faisnéis rialála faoi iompar earraí a chur ar fáil d’údaráis inniúla ar fud chríoch an Aontais maidir le gach céim ábhartha d’oibríochtaí iompair a dhéantar laistigh den Aontas. Lena chois sin, ba cheart feidhm a bheith ag an bhféidearthacht sin maidir leis an bhfaisnéis rialála ar fad, agus maidir le gach modh iompair.

(6)

Dá bhrí sin, ba cheart a cheangal ar údaráis inniúla glacadh le faisnéis a chuirtear ar fáil go leictreonach i gcás ina mbíonn oibleagáid ar oibreoirí eacnamaíocha faisnéis a chur ar fáil mar fhianaise go bhfuil na ceanglais a leagtar síos i ngníomhartha dlí de chuid an Aontais arna gcumhdach ag an Rialachán seo, á gcomhlíonadh. Ina theannta sin, ba cheart a chumhdach leis an gceanglas sin faisnéis a iarrann na húdaráis mar fhaisnéis bhreise i gcomhréir le forálacha na ngníomhartha dlí sin de chuid an Aontais, mar shampla, nuair atá faisnéis áirithe ar iarraidh. Ba cheart feidhm a bheith ag an méid sin freisin i gcás ina gceanglaítear le dlí náisiúnta go soláthraítear faisnéis rialála arb ionann í, go hiomlán nó i bpáirt, agus an fhaisnéis atá le cur ar fáil de bhun na gníomhartha dlí sin de chuid an Aontais a thagann faoi raon feidhme an Rialacháin seo. Ba cheart d’údaráis iarracht a dhéanamh freisin cumarsáid leictreonach a dhéanamh leis na hoibreoirí eacnamaíocha lena mbaineann maidir leis an bhfaisnéis sin. Ba cheart cumarsáid den sórt sin a bheith gan dochar do na forálacha ábhartha de ghníomhartha dlí de chuid an Aontais agus den dlí náisiúnta a bhaineann le bearta leantacha le linn seiceálacha faisnéise rialála nó ina ndiaidh. Maidir leis an oibleagáid atá ar údaráis inniúla glacadh le faisnéis a chuireann oibreoirí eacnamaíocha ar fáil go leictreonach, ba cheart feidhm a bheith ag an oibleagáid sin freisin aon uair a cheanglaítear le forálacha de ghníomhartha dlí de chuid an Aontais nó dlí náisiúnta a thagann faoi raon feidhme an Rialacháin seo faisnéis dá dtagraítear freisin i gcoinbhinsiúin idirnáisiúnta ábhartha amhail na coinbhinsiúin lena rialaítear na conarthaí idirnáisiúnta iompair sna modhanna éagsúla iompair, mar shampla Coinbhinsiún na Náisiún Aontaithe maidir leis an gConradh maidir le hIompar Idirnáisiúnta Earraí de Bhóthar, an Coinbhinsiún maidir le hIompar Idirnáisiúnta d’Iarnród, Rún 672 an Comhlachas Aeriompair Idirnáisiúnta maidir le R-bhille Aeriompair, an Coinbhinsiún maidir le hAontú Rialacha Áirithe i dtaca le hIompar Idirnáisiúnta d’Aer (Coinbhinsiún Montréal) agus Coinbhinsiún Bhúdaipeist maidir leis an gConradh um Iompar Earraí ar Uiscebhealaí Intíre.

(7)

Ós rud é nach bhfuil sé beartaithe leis an Rialachán seo ach an soláthar faisnéise idir na hoibreoirí eacnamaíocha agus na húdaráis inniúla a éascú agus a spreagadh trí mhodh leictreonach, ba cheart é a bheith gan dochar d’fhorálacha de ghníomhartha dlí de chuid an Aontais ná den dlí náisiúnta lena gcinntear ábhar na faisnéise rialála agus níor cheart, go háirithe, aon cheanglas breise um fhaisnéis rialála nó ceanglas breise teanga a fhorchur leis. Cé go bhfuil sé beartaithe leis an Rialachán seo go bhféadfar an ceanglas um fhaisnéis rialála a chomhlíonadh trí mhodh leictreonach seachas trí bhíthin doiciméid pháipéir, tá sé gan dochar don fhéidearthacht atá ag na hoibreoirí eacnamaíocha lena mbaineann an fhaisnéis sin a chur i láthair i bhformáid páipéir, mar a fhoráiltear dó i bhforálacha ábhartha de ghníomhartha dlí de chuid an Aontais nó sa dlí náisiúnta, agus ba cheart é a bheith gan dochar do cheanglais ábhartha de chuid an Aontais i ndáil leis na doiciméid is gá a úsáid chun an fhaisnéis a chur i láthair ar bhealach struchtúrtha. Ba cheart don Rialachán seo a bheith gan dochar, freisin, d’fhorálacha Rialacháin (CE) Uimh. 1013/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (3) maidir le nós imeachta maidir le loingsithe dramhaíola agus do na forálacha a thagraíonn do rialuithe atá le déanamh ag oifigí custaim. Lena chois sin, ba cheart don Rialachán seo a bheith gan dochar do na forálacha maidir le hoibleagáidí tuairiscithe, lena n-áirítear i ndáil le hinniúlachtaí custaim nó le hinniúlachtaí údarás eile, mar a leagtar amach i Rialachán (AE) Uimh. 952/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (4) nó i ngníomhartha cur chun feidhme nó tarmligthe a glacadh faoin Rialacháin sin nó i Rialachán (AE) Uimh. 2019/1239 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (5).

(8)

Is féidir costais riaracháin ar oibreoirí eacnamaíocha a laghdú agus éifeachtúlacht údarás inniúil a fheabhsú trí mhodh leictreonach a úsáid chun faisnéis rialála a mhalartú. Bheadh ar oibreoirí eacnamaíocha agus ar údaráis inniúla araon na bearta is gá a dhéanamh, le go bhféadfaí malartuithe leictreonacha a dhéanamh ar fhaisnéis rialála faoi iompar lastais (eFTI) i bhformáid atá meaisín-inléite trí ardáin atá bunaithe ar fhaisnéis agus cumarsáid (ardáin eFTI (faisnéis leictreonach faoi iompar lastais)) lena n-áirítear an trealamh is gá a fháil. Ba cheart d’oibreoirí eacnamaíocha lena mbaineann, áfach, leanúint de bheith freagrach as faisnéis a sholáthar i bhformáid atá inléite ag an duine nuair a iarrann údaráis inniúla orthu go sonrach sin a dhéanamh chun go bhféadfadh údaráis inniúla a ndualgais a chomhlíonadh i gcásanna nach bhfuil rochtain ar ardán eFTI ar fáil.

(9)

Chun gur féidir le hoibreoirí eacnamaíocha faisnéis ábhartha a chur ar fáil i bhfoirm leictreonach ar an dóigh chéanna i ngach Ballstát, is gá brath ar shonraíochtaí comhchoiteanna, ba cheart don Choimisiún na sonraíochtaí comhchoiteanna sin a ghlacadh trí bhíthin gníomhartha tarmligthe agus gníomhartha cur chun feidhme, faoi seach, dá dtagraítear sa Rialachán seo.

(10)

Le sonraíochtaí comhchoiteanna, maidir le sainiú agus tréithe teicniúla na n-eilimintí sonraí, ba cheart idir-inoibritheacht sonraí a áirithiú trí thacar cuimsitheach amháin sonraí a bhunú a d’úsáidfí chun an fhaisnéis a chur in iúl go leictreonach. Ba cheart na heilimintí sonraí uile a chomhfhreagraíonn do na ceanglais faisnéise atá sna forálacha ábhartha de ghníomhartha dlí de chuid an Aontais agus dlí náisiúnta a bheith sa tacar cuimsitheach sonraí sin, i gcás nach n-áirítear gach eilimint sonraí atá coiteann do cheann amháin nó níos mó fothacar ach an t-aon uair amháin.

(11)

Le sonraíochtaí comhchoiteanna, ba cheart nósanna imeachta comhchoiteanna agus rialacha mionsonraithe a leagan síos maidir le rochtain ag údaráis inniúla ar an bhfaisnéis sin agus an phróiseáil a dhéanann siad uirthi, lena n-áirítear aon chumarsáid ghaolmhar idir údaráis inniúla agus na hoibreoirí eacnamaíocha lena mbaineann, amhail iarrataí ar fhaisnéis bhreise, atá riachtanach chun gur féidir le húdaráis inniúla a n-inniúlachtaí forfheidhmithe rialála faoi seach a fhorchur i gcomhréir leis na forálacha ábhartha de ghníomhartha de chuid an Aontais agus an dlí náisiúnta.

(12)

Agus na sonraíochtaí comhchoiteanna sin á leagan síos, ba cheart aird chuí a thabhairt ar na sonraíochtaí ábhartha um malartú sonraí a leagtar síos i ngníomhartha dlí ábhartha de chuid an Aontais, agus atá sna caighdeáin ábhartha Eorpacha agus idirnáisiúnta maidir le malartú sonraí, lena n-áirítear caighdeáin ilmhódacha na bprionsabal agus na moltaí a leagtar amach sa Teachtaireacht ón gCoimisiún an 23 Márta 2017 dár teideal “An Creat Eorpach Idir-Inoibritheachta - Straitéis um Chur chun Feidhme”, ina soláthraítear cur chuige maidir le seachadadh seirbhísí poiblí digiteacha Eorpacha arna chomhaontú go comhchoiteann ag na Ballstáit. Ina theannta sin, ba cheart cúram cuí a dhéanamh go mbeadh na sonraíochtaí seo i gcónaí neodrach ó thaobh na teicneolaíochta de agus oscailte do theicneolaíochtaí nuálacha.

(13)

D’fhonn costais a íoslaghdú ar údaráis inniúla agus oibreoirí eacnamaíocha araon, d’fhéadfaí bunú pointí rochtana do na húdaráis inniúla a mheas. Is mar idirghabhálaithe idir na hardáin eFTI agus údaráis inniúla, agus mar sin amháin, a d’fheidhmeodh na pointí rochtana sin agus, dá bhrí sin, na sonraí eFTI a mbíonn an rochtain orthu á láimhseáil ag na pointí rochtana sin, níor cheart dóibh na sonraí sin a stóráil ná a phróiseáil ach amháin i gcás meiteashonraí a bhaineann le próiseáil sonraí eFTI, amhail logaí oibriúcháin atá riachtanach chun críoch faireacháin nó staidrimh. D’fhéadfadh Ballstáit a chomhaontú pointí rochtana comhpháirteacha a bhunú dá gcuid údarás inniúil faoi seach freisin.

(14)

Ba cheart, leis an Rialachán seo, na ceanglais fheidhmiúla is infheidhme a bhunú maidir le hardáin eFTI ar cheart d’oibreoirí eacnamaíocha úsáid a bhaint astu chun an fhaisnéis rialála faoi iompar lastais a chur ar fáil d’údaráis inniúla i bhfoirm leictreonach chun na coinníollacha a chomhlíonadh le go mbeadh ceangal ar údaráis inniúla glacadh leis an bhfaisnéis sin, mar a leagtar síos sa Rialachán seo. Ba cheart ceanglais a bhunú chomh maith do sholáthraithe seirbhísí ardáin tríú páirtí (soláthraithe seirbhíse eFTI). Leis na ceanglais sin, ba cheart a áirithiú, go sonrach, nach féidir sonraí eFTI ar fad a phróiseáil ach amháin i gcomhréir le córas cuimsitheach cearta-bhunaithe um rialú rochtana lena sanntar feidhmiúlachtaí, gur féidir rochtain láithreach a bheith ag gach údarás inniúil uile ar na sonraí sin i gcomhréir lena n-inniúlachtaí forfheidhmithe rialála faoi seach, gur cheart próiseáil sonraí pearsanta trí mhodh leictreonach, ar sonraí iad a éilítear mar chuid den fhaisnéis rialála faoi iompar lastais, a dhéanamh i gcomhréir le Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (6), agus nuair a bhíonn faisnéis tráchtála íogair á próiseáil, go ndéantar an phróiseáil sin ar bhealach ina n-urramaítear rúndacht na faisnéise sin.

(15)

Ba cheart don Choimisiún sonraíochtaí a ghlacadh maidir leis na ceanglais fheidhmiúla maidir le hardáin eFTI. Agus na sonraíochtaí sin á nglacadh ag an gCoimisiún, ba cheart dó féachaint le hidir-inoibritheacht ardáin eFTI a áirithiú, chun malartú sonraí idir na hardáin sin a éascú agus chun deis a thabhairt d’oibreoirí eacnamaíocha an t-ardán eFTI is rogha leo a úsáid. Chun cur chun feidhme a éascú agus na costais a íoslaghdú, ba cheart don Choimisiún na réitigh theicniúla ábhartha agus na caighdeáin arna n-úsáid ag córais TFC atá ann cheana a chur san áireamh freisin. Ag an am céanna, ba cheart don Choimisiún a áirithiú go mbeidh na sonraíochtaí sin fós neodrach ó thaobh na teicneolaíochta de a mhéid is féidir, chun nuálaíocht leanúnach a spreagadh agus chun gaibhniú teicneolaíochta a sheachaint.

(16)

Chun muinín na n-oibreoirí eacnamaíocha agus na n-údarás inniúil araon a fhorbairt maidir le comhlíonadh na gceanglas feidhmiúil sin ag ardáin eFTI agus ag soláthraithe seirbhíse eFTI, ba cheart do na Ballstáit córas deimhniúcháin a chur i bhfeidhm a mbeadh taca curtha faoi ag creidiúnú i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 765/2008 (7) ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle. Chun leas a bhaint as na tairbhí deimhnithe, moltar do sholáthraithe córas TFC atá in úsáid cheana a áirithiú go gcomhlíonann na córas sin na ceanglais maidir le hardáin eFTI a leagtar síos sa Rialachán seo a lorg, agus iarratas a dhéanamh ar dheimhniú. Ba cheart go ndéanfaí an deimhniú ar chórais TFC gan mhoill.

(17)

A bhuí le hardáin eFTI a úsáid, tugtar ráthaíochtaí d’oibreoirí eacnamaíocha go nglacfar le faisnéis rialála agus tugtar rochtain iontaofa shlán ar an bhfaisnéis sin d’údaráis inniúla. Mar sin féin, d’ainneoin na hoibleagáide ar gach údarás inniúil glacadh leis an bhfaisnéis a chuirtear ar fáil trí ardán eFTI deimhnithe i gcomhréir leis an Rialachán seo, ba cheart go bhféadfaí úsáid a bhaint as córais TFC eile má roghnaíonn an Ballstát déanamh amhlaidh. Ag an am céanna, níor cheart de thoradh an Rialacháin seo cosc a chur ar úsáid ardáin eFTI idir gnólachtaí, nó cosc a chur ar fheidhmiúlachtaí breise ar ardáin eFTI, ar choinníoll nach ndéanann sé sin difear dochrach do phróiseáil na faisnéise rialála a thagann faoi raon feidhme an Rialacháin seo i gcomhréir le ceanglais an Rialacháin seo.

(18)

Chun coinníollacha aonfhoirmeacha i dtaca le cur chun feidhme na hoibleagáide glacadh le faisnéis rialála a chuirtear ar fáil i bhfoirm leictreonach de bhun an Rialacháin seo a áirithiú, ba cheart cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt don Choimisiún. Go sonrach, ba cheart cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt don Choimisiún chun nósanna imeachta comhchoiteanna agus rialacha mionsonraithe a bhunú d’údaráis inniúla maidir le rochtain a fháil agus próiseáil a dhéanamh ar an bhfaisnéis rialála sin i gcás ina gcuirfidh na hoibreoirí eacnamaíocha lena mbaineann an fhaisnéis sin ar fáil go leictreonach, lena n-áirítear rialacha mionsonraithe agus sonraíochtaí teicniúla, chun rialacha sonraíochtaí mionsonraithe a bhunú le haghaidh chur chun feidhme na gceanglas maidir le hardáin eFTI agus soláthraithe seirbhíse eFTI. Ba cheart na cumhachtaí sin a fheidhmiú i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (8).

(19)

Chun cur i bhfeidhm cuí an Rialacháin seo a áirithiú, ba cheart an chumhacht chun gníomhartha a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh a tharmligean chuig an gCoimisiún i ndáil le Cuid A d’Iarscríbhinn I a leasú, chun aon ghníomhartha tarmligthe nó cur chun feidhme arna nglacadh ag an gCoimisiún agus lena mbunaítear ceanglais nua an Aontais um fhaisnéis rialála i dtaca le hiompar earraí a chur san áireamh; agus i ndáil le Cuid B d’Iarscríbhinn I a leasú, chun liostaí na gceanglas um fhaisnéis rialála i ndlí náisiúnta dar thug na Ballstáit fógra don Choimisiún ina leith i gcomhréir leis an Rialachán seo a chur san áireamh, agus chun aon fhoráil nua den dlí náisiúnta ábhartha a chur san áireamh lena dtugtar isteach athruithe ar na ceanglais náisiúnta um fhaisnéis rialála, nó lena leagtar síos ceanglais nua ábhartha um fhaisnéis rialála a thagann faoi raon feidhme an Rialacháin seo agus dar thug na Ballstáit fógra don Choimisiún ina leith i gcomhréir leis an Rialachán seo; agus i dtaca leis an Rialachán seo a fhorlíonadh trí thacar comhchoiteann sonraí agus fothacair chomhchoiteanna sonraí a bhunú agus a leasú i ndáil leis na ceanglais ábhartha um fhaisnéis rialála a chumhdaítear leis an Rialachán seo; agus trí ghnéithe teicniúla áirithe den Rialachán seo a chomhlánú, is é sin maidir leis na rialacha i ndáil le deimhniú agus úsáid mharc deimhniúcháin na n-ardán eFTI agus i ndáil le deimhniú agus úsáid mharc deimhniúcháin na soláthraithe seirbhíse eFTI. Tá sé tábhachtach, go háirithe, go rachadh an Coimisiún i mbun comhairliúcháin iomchuí le linn a chuid oibre ullmhúcháin, lena n-áirítear ar leibhéal na saineolaithe, agus go ndéanfar na comhairliúcháin sin i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos i gComhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr (9).

Go sonrach, chun rannpháirtíocht chomhionann in ullmhú na ngníomhartha tarmligthe a áirithiú, faigheann Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle na doiciméid uile ag an am céanna leis na saineolaithe sna Ballstáit, agus bíonn rochtain chórasach ag a gcuid saineolaithe ar chruinnithe ghrúpaí saineolaithe an Choimisiúin a bhíonn ag déileáil le hullmhú na ngníomhartha tarmligthe. Ina theannta sin, tá sé tábhachtach maidir le forbairt agus ullmhú na ngníomhartha sin go mbeidh na geallsealbhóirí ábhartha uile rannpháirteach sna fóraim iomchuí, amhail an grúpa saineolaithe a bunaíodh le Cinneadh ón gCoimisiún an 13 Meán Fómhair 2018 ina gcuirtear ar bun “an Fóram Digiteach Iompair agus Lóistíochta”.

(20)

Ós rud é nach féidir leis na Ballstáit cuspóirí an Rialacháin seo a ghnóthú go leordhóthanach, eadhon cur chuige aonfhoirmeach a áirithiú maidir le glacadh ag údaráis inniúla le faisnéis faoi iompair lastais a chuirtear ar fáil go leictreonach agus, de bharr an ghá atá le ceanglais chomhchoiteanna a bhunú, gur fearr is féidir iad a ghnóthú ar leibhéal an Aontais, féadfaidh an tAontas bearta a ghlacadh, i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta a leagtar amach in Airteagal 5 den Chonradh ar an Aontas Eorpach. I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta a leagtar amach san Airteagal sin, ní théann an Rialachán seo thar a bhfuil riachtanach chun an cuspóir sin a ghnóthú.

(21)

Ba cheart an próiseáil sonraí pearsanta trí mhodhanna leictreonacha a bhfuil gá leis mar chuid den fhaisnéis rialála maidir le hiompair lasta a dhéanamh i gcomhréir le Rialachán (AE) 2016/679.

(22)

Ba cheart don Choimisiún meastóireacht a dhéanamh ar an Rialachán seo. Ba cheart faisnéis a bhailiú chun bonn eolais a chur faoin meastóireacht sin, agus chun measúnú a dhéanamh ar fheidhmíocht an Rialacháin seo i gcoinne an cuspóir atá á shaothrú léi.

(23)

Ar mhaithe le forfheidhmiú éifeachtach agus éifeachtúil, ní mór rochtain dhíreach agus fíor-ama a bheith ag gach údarás inniúil ar fhaisnéis rialála ábhartha i bhfoirm leictreonach. Chuige sin, agus i gcomhréir leis an bprionsabal “digiteach mar réamhshocrú”, mar a luadh sa Teachtaireacht ón gCoimisiún an 19 Aibreán 2016 dar teideal “Plean Gníomhaíochta Ríomhrialtais an Aontais Eorpaigh 2016-2020 – Dlús a chur le claochlú digiteach rialtais”, ba cheart tús áite a thabhairt d’úsáid an mhodha leictreonaigh chun faisnéis rialála a mhalartú idir na hoibreoirí eacnamaíocha agus údaráis inniúla. Dá bhrí sin, ba cheart don Choimisiún measúnú a dhéanamh ar thionscnaimh a d’fhéadfadh a bheith ann d’fhonn oibleagáid a bhunú ar oibreoirí eacnamaíocha modh leictreonach a úsáid chun faisnéis rialála a chur ar fáil d’údaráis inniúla. Ba cheart don Choimisiún tionscnaimh chomhfhreagracha a mholadh, i gcás inarb iomchuí, lena n-áirítear leasuithe a d’fhéadfaí a dhéanamh ar an Rialachán seo agus ar ghníomhartha dlí eile de chuid an Aontais. D’fhonn feabhas a chur ar chumas forfheidhmiúcháin na n-údarás inniúla agus d’fhonn costais a íoslaghdú ar na húdaráis inniúla agus ar na hoibreoirí eacnamaíocha araon, ba cheart don Choimisiún breithniú a dhéanamh freisin ar bhearta breise amhail idir-inoibritheacht fheabhsaithe chórais agus ardáin TFC agus pointe rochtana comhchoiteann ar na córais agus na hardáin sin a úsáidtear chun faisnéis rialála a thaifeadadh agus a phróiseáil dá bhforáiltear i ndlí éagsúil iompair de chuid an Aontais.

(24)

Ní féidir an Rialachán seo a chur i bhfeidhm go héifeachtúil go dtí go gcuirfear na gníomhartha tarmligthe agus cur chun feidhme dá bhforáiltear ann i bhfeidhm. Ar an gcúis sin, tá oibleagáid dhlíthiúil ar an gCoimisiún na gníomhartha tarmligthe agus cur chun feidhme sin a ghlacadh agus ba cheart dó tosú láithreach ag obair orthu chun a áirithiú go nglacfar na sonraíochtaí ábhartha go tráthúil, i gcás inar féidir, roimh na spriocdhátaí faoi seach a leagtar síos sa Rialachán seo. Is den riachtanas é na gníomhartha tarmligthe agus cur chun feidhme sin a ghlacadh go tráthúil chun go mbeidh go leor ama ag na Ballstáit agus ag na hoibreoirí eacnamaíocha na bearta is gá a dhéanamh i gcomhréir leis an Rialachán seo. Dá bhrí sin, ba cheart tréimhsí cur i bhfeidhm éagsúla sa Rialachán seo a leagan amach dá réir.

(25)

Ar an gcaoi chéanna, ba cheart oibleagáid na mBallstát fógra a thabhairt, faoin Rialachán seo, a dhéanamh laistigh de bhliain amháin ón dáta a dtiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm, chun gur féidir leis an gCoimisiún an chéad ghníomh tarmligthe de bhun an Rialacháin seo, a ghlacadh go tráthúil.

(26)

Chuathas i gcomhairle leis an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí i gcomhréir le hAirteagal 28(2) de Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (10),

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

CAIBIDIL I

Forálacha ginearálta

Airteagal 1

Ábhar

Bunaítear leis an Rialachán seo creat dlíthiúil maidir le faisnéis rialála a chur in iúl go leictreonach idir oibreoirí eacnamaíocha lena mbaineann agus údaráis inniúla i ndáil le hiompar earraí ar chríoch an Aontais.

Chun na críche sin, déantar an méid seo a leanas leis an Rialachán:

(a)

leagtar síos leis na coinníollacha ar bunaithe orthu go gceanglaítear ar údaráis inniúla glacadh le faisnéis rialála nuair a chuireann na hoibreoirí eacnamaíocha lena mbaineann an fhaisnéis sin ar fáil go leictreonach;

(b)

leagtar síos leis na rialacha le haghaidh soláthar seirbhísí a bhaineann le faisnéis rialála a chur ar fáil go leictreonach d’údaráis inniúla ag na hoibreoirí eacnamaíocha lena mbaineann.

Airteagal 2

Raon Feidhme

1.   Tá feidhm ag an Rialachán seo maidir leis an méid seo a leanas:

(a)

na ceanglais um fhaisnéis rialála a leagtar amach i:

(i)

Airteagal 6(1) de Rialachán CEE ón gComhairle Uimh. 11 (11);

(ii)

Airteagal 3 de Threoir 92/106/CEE ón gComhairle (12);

(iii)

Airteagal 8(3) de Rialachán (CE) Uimh. 1072/2009 (13) ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle;

(iv)

pointe (c) d’Airteagal 16 agus Airteagal 18(1) de Rialachán (CE) Uimh. 1013/2006; ó thaobh Rialachán (CE) Uimh. 1013/2006 de, tá an Rialachán seo gan dochar do rialuithe ag oifigí custaim, dá bhforáiltear sna forálacha ábhartha de ghníomhartha dlí an Aontais;

(v)

Caibidil 5.4 de Chuid 5 d’Iarscríbhinn A leis an gComhaontú Eorpach maidir le hIompar Idirnáisiúnta Earraí Contúirteacha de Bhóthar (ADR) a cuireadh i gcrích sa Ghinéiv an 30 Meán Fómhair 1957, dá dtagraítear i Roinn I.1 d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir 2008/68/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (14); Caibidil 5.4 de Chuid 5 de na Rialacháin maidir le hIompar Idirnáisiúnta Earraí Contúirteacha d’Iarnród (RID), atá mar Aguisín C le COTIF a cuireadh i gcrích ag Vilnius an 3 Meitheamh 1999, dá dtagraítear i Roinn II.1 d’Iarscríbhinn II a ghabhann leis an Treoir sin; agus Caibidil 5.4 de Pháirt 5 de na Rialacháin atá i gceangal leis an gComhaontú Eorpach maidir le hIompar Idirnáisiúnta Earraí Contúirteacha d’Uiscebhealaí Intíre (ADN), a cuireadh i gcrích sa Ghinéiv an 26 Bealtaine 2000, dá dtagraítear i Roinn III.1 d’Iarscríbhinn III a ghabhann leis an Treoir sin;

(b)

na ceanglais um fhaisnéis rialála a leagtar síos i ngníomh tarmligthe nó i ngníomhartha cur chun feidhme arna ghlacadh ag an gCoimisiún de bhun gníomh dlí de chuid an Aontais dá dtagraítear i bpointe (a) den mhír seo nó de bhun Threoir (AE) 2016/797/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (15) nó de bhun Rialachán (CE) Uimh. 300/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (16). Liostófar na gníomhartha tarmligthe nó na gníomhartha cur chun feidhme i gcuid A d’Iarscríbhinn I den Rialachán seo;

(c)

na ceanglais um fhaisnéis rialála a leagtar amach sna forálacha den dlí náisiúnta a liostaítear i gCuid B d’Iarscríbhinn I den Rialachán seo.

2.   Faoin …[cuir isteach an dáta bliain amháin tar éis dháta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo], tabharfaidh na Ballstáit fógra don Choimisiún faoi fhorálacha an dlí náisiúnta agus na ceanglais chomhfhreagracha um fhaisnéis rialála ina gceanglaítear go soláthraítear faisnéis atá comhionann, go hiomlán nó i bpáirt, leis an bhfaisnéis atá le cur ar fáil de bhun na gceanglas um fhaisnéis rialála dá dtagraítear i bpointí (a) agus (b) de mhír 1.

De bhun an fhógra sin, tabharfaidh na Ballstáit fógra don Choimisiún maidir le haon fhorálacha sa dlí náisiúnta:

(a)

lena dtugtar isteach athruithe ar na ceanglais um fhaisnéis mar a leagtar amach i bhforálacha an dlí náisiúnta a liostaítear i gCuid B d’Iarscríbhinn I; nó

(b)

lena leagtar síos ceanglais nua ábhartha um fhaisnéis rialála lena gceanglaítear soláthar faisnéise atá comhionann, go hiomlán nó i bpáirt, leis an bhfaisnéis atá le cur ar fáil de bhun na gceanglas um fhaisnéis rialála dá dtagraítear i bpointe (a) agus (b) de mhír 1.

Cuirfidh na Ballstáit na fógraí sin in iúl laistigh de mhí amháin ó ghlacadh na bhforálacha sin.

3.   Déanfaidh an Coimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 14, lena leasaítear:

(a)

Cuid A d’Iarscríbhinn I d’fhonn tagairtí a ionchorprú d’aon cheanglais um fhaisnéis rialála dá dtagraítear i bpointe (b) de mhír 1 den Airteagal seo;

(b)

Cuid B d’Iarscríbhinn I d’fhonn tagairtí a chuimsiú nó a scriosadh do dhlí náisiúnta agus do cheanglais um fhaisnéis rialála i gcomhréir leis na fógraí a dhéantar de bhun mhír 2 den Airteagal seo.

Airteagal 3

Sainmhínithe

Chun críocha an Rialacháin seo, tá feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:

(1)

ciallaíonn “faisnéis rialála” faisnéis, bíodh sí curtha i láthair i bhfoirm doiciméid nó ná bíodh, a bhaineann le hiompar earraí ar chríoch an Aontais, lena n-áirítear earraí ar idirthuras, nach mór d’oibreoir eacnamaíoch lena mbaineann a chur ar fáil i gcomhréir leis na forálacha dá dtagraítear in Airteagal 2(1) chun comhlíonadh cheanglais ábhartha na ngníomhartha lena leagtar síos na forálacha sin;

(2)

ciallaíonn “ceanglas um fhaisnéis rialála” ceanglas faisnéis rialála a chur ar fáil;

(3)

ciallaíonn “údarás inniúil” údarás poiblí, gníomhaireacht nó comhlacht eile atá inniúil chun cúraimí a chomhlíonadh, amhail comhlíonadh ar chríoch Ballstáit a sheiceáil, a fhorfheidhmiú, a bhailíochtú nó faireachán a dhéanamh air, de bhun na ngníomhartha dlí dá dtagraítear in Airteagal 2(1) agus ag a bhfuil rochtain ar an bhfaisnéis rialála ag teastáil maidir leis na cúraimí sin a dhéanamh;

(4)

ciallaíonn “faisnéis leictreonach faoi iompar lastais” nó “eFTI” tacar eilimintí sonraí a phróiseáiltear trí mhodh leictreonach chun críocha faisnéis rialála a mhalartú i measc na n-oibreoirí eacnamaíocha lena mbaineann agus idir na hoibreoirí eacnamaíocha lena mbaineann agus na húdaráis inniúla;

(5)

ciallaíonn “fothacar sonraí eFTI” tacar eilimintí sonraí struchtúrtha a chomhfhreagraíonn don fhaisnéis rialála a cheanglaítear de bhun ghníomh dlí sonrach de chuid an Aontais nó de bhun dlí náisiúnta, dá dtagraítear in Airteagal 2(1);

(6)

ciallaíonn “tacar comhchoiteann sonraí eFTI” tacar cuimsitheach na n-eilimintí sonraí struchtúrtha a chomhfhreagraíonn do gach fothacar sonraí eFTI, i gcás nach gcuimseofar ach aon uair amháin na heilimintí sonraí is coiteann d’fhothacair éagsúla eFTI;

(7)

ciallaíonn “eilimint sonraí” an t-aonad faisnéise is lú a bhfuil sainiú uathúil agus tréithe teicniúla beachta aige ar nós formáide, faid agus cineáil saintréithe;

(8)

ciallaíonn “próiseáil” oibríocht nó sraith oibríochtaí a fheidhmítear ar eFTI, trí mhodhanna uathoibrithe nó modhanna eile, amhail bailiú, taifeadadh, eagrú, struchtúrú, stóráil, oiriúnú nó mionathrú, aisghabháil, ceadú, úsáid, nochtadh trí tharchur, scaipeadh nó trí eFTI a chur ar fáil ar shlí eile, ailíniú nó comhcheangal, srianadh, glanadh nó scriosadh;

(9)

ciallaíonn “loga oibriúcháin” taifead uathoibrithe an phróiseáil leictreonach eFTI;

(10)

ciallaíonn “ardán eFTI” réiteach bunaithe ar an teicneolaíocht faisnéise agus cumarsáide (TFC), amhail córas oibriúcháin, timpeallacht oibriúcháin, nó bunachar sonraí, a bheartaítear a úsáid chun eFTI a phróiseáil;

(11)

ciallaíonn “forbróir ardán eFTI” duine nádúrtha nó dlítheanach a bhfuil ardán eFTI forbartha nó faighte acu chun críocha faisnéis rialála a bhaineann lena ghníomhaíocht eacnamaíoch féin a phróiseáil nó chun an t-ardán sin a chur ar an margadh;

(12)

ciallaíonn “seirbhís eFTI” seirbhís lena ndéantar próiseáil eFTI trí ardán eFTI, as féin nó i gcomhcheangal le réitigh TFC eile, lena n-áirítear ardáin eFTI eile;

(13)

ciallaíonn “soláthraí seirbhíse eFTI” aon duine nádúrtha nó dlítheanach a sholáthraíonn seirbhís eFTI do na hoibreoirí eacnamaíocha lena mbaineann ar bhonn conartha;

(14)

ciallaíonn “oibreoir eacnamaíoch lena mbaineann” oibreoir iompair nó lóistíochta, nó aon duine nádúrtha nó dlítheanach eile, atá freagrach as faisnéis rialála a chur ar fáil d’údaráis inniúla lena mbaineann i gcomhréir leis na ceanglais ábhartha um fhaisnéis rialála;

(15)

ciallaíonn “formáid atá inléite ag an duine” bealach chun na sonraí a léiriú i bhfoirm leictreonach is féidir le duine nádúrtha a úsáid mar fhaisnéis gan tuilleadh próiseála a bheith de dhíth;

(16)

ciallaíonn “formáid atá meaisín-inléite” bealach chun na sonraí a léiriú i bhfoirm leictreonach is féidir a úsáid le haghaidh uathphróiseáil ag meaisín;

(17)

ciallaíonn “comhlacht um measúnú comhréireachta” comhlacht um measúnú comhréireachta laistigh de bhrí Rialacháin (CE) Uimh. 765/2008, atá creidiúnaithe i gcomhréir leis an Rialachán sin chun an measúnú comhréireachta a dhéanamh ar ardáin eFTI nó ar sholáthraí seirbhíse eFTI;

(18)

ciallaíonn “loingsiú” tacar socraithe earraí, lena n-áirítear, dramhaíl, a iompar idir an chéad áit bailithe agus an áit deiridh seachadta faoi théarmaí conartha aonair iompair nó faoi théarmaí conarthaí iomadúla iompair as a chéile lena n-áirítear, i gcás inarb infheidhme, an t-aistriú idir modhanna éagsúla iompair, gan beann ar chainníocht ná ar líon na gcoimeádán, na bpacáistí, nó na bpíosaí a n-iompraítear lena mbaineann.

CAIBIDIL II

Faisnéis rialála a chuirtear ar fáil go leictreonach

Airteagal 4

Ceanglais ar oibreoirí eacnamaíocha lena mbaineann

1.   Chun críocha Airteagal 5(1), (2) agus (3) comhlíonfaidh na hoibreoirí eacnamaíocha lena mbaineann na ceanglais a leagtar amach san Airteagal seo.

2.   I gcás ina gcuirfidh na hoibreoirí eacnamaíocha lena mbaineann faisnéis rialála ar fáil go leictreonach d’údarás inniúil, déanfaidh siad amhlaidh ar bhonn sonraí arna bpróiseáil ar ardán eFTI deimhnithe agus, más infheidhme, is soláthraí seirbhíse eFTI deimhnithe a dhéanfaidh sin. Cuirfidh na hoibreoirí eacnamaíocha an fhaisnéis rialála sin ar fáil i bhformáid atá meaisín-inléite agus, má iarrann an t-údarás inniúil é, i bhformáid atá inléite ag an duine.

3.   Cuirfear faisnéis san fhormáid atá meaisín-inléite ar fáil trí nasc fíordheimhnithe agus slán le foinse sonraí ardáin eFTI. Cuirfidh na hoibreoirí eacnamaíocha lena mbaineann in iúl an nasc leictreonach uathúil sainaitheanta dá dtagraítear i bpointe (e) d’Airteagal 9(1) lenar féidir don údarás inniúil an fhaisnéis rialála a bhaineann leis an loingsiú a shainaithint go uathúil.

4.   Cuirfear faisnéis i bhformáid atá inléite ag an duine, arna iarraidh sin ag údaráis inniúla, ar fáil láithreach lom, ar scáileán ghléas leictreonach ar leis an oibreoir eacnamaíoch lena mbaineann an gléas leictreonach sin.

Airteagal 5

Ceanglais d’údaráis inniúla

1.   Amhail ó 30 mí tar éis dháta theacht i bhfeidhm na chéad ghníomhartha tarmligthe agus gníomhartha cur chun feidhme dá dtagraítear in Airteagail 7 agus 8, glacfaidh na húdaráis inniúla le faisnéis rialála a chuirfidh na hoibreoirí eacnamaíocha lena mbaineann ar fáil go leictreonach i gcomhréir le hAirteagal 4, lena n-áirítear i gcás ina n-iarrfaidh údaráis inniúla an fhaisnéis rialála sin mar fhaisnéis bhreise.

2.   I gcás ina mbeidh faisnéis rialála curtha ar fáil go leictreonach ag an oibreoir eacnamaíoch lena mbaineann, i gcomhréir le hAirteagal 4 den Rialacháin seo, ar faisnéis í a cheanglaítear faoi Rialachán (CE) Uimh. 1013/2006, glacfaidh na húdaráis inniúla lena mbaineann an fhaisnéis rialála sin freisin gan an comhaontú dá dtagraítear in Airteagail 26(3) agus (4) de Rialachán (CE) Uimh. 1013/2006.

3.   I gcás ina n-áireofar bailíochtú oifigiúil, amhail stampaí nó deimhnithe, i bhfaisnéis rialála a éilítear de bhun ghníomh dlí sonrach de chuid an Aontais nó ghníomh dlí náisiúnta dá dtagraítear in Airteagal 2(1) den Rialachán seo, cuirfidh an t-údarás faoi seach an bailíochtú sin ar fáil go leictreonach, i gcomhréir leis na ceanglais a bhunaítear leis na gníomhartha tarmligthe agus cur chun feidhme dá dtagraítear in Airteagail 7 agus 8.

4.   Chun go gcomhlíonfar na ceanglais a leagtar amach i míreanna 1 go 3 den Airteagal seo, déanfaidh na Ballstáit bearta chun go bhféadfaidh a n-údaráis inniúla uile an fhaisnéis rialála a chuireann na hoibreoirí eacnamaíocha lena mbaineann ar fáil i gcomhréir le hAirteagal 4 a rochtain agus a phróiseáil. Comhlíonfaidh na bearta sin na gníomhartha tarmligthe agus cur chun feidhme dá dtagraítear in Airteagail 7 agus 8.

Airteagal 6

Faisnéis tráchtála rúnda

Údaráis inniúla, soláthraithe seirbhísí eFTI agus na hoibreoirí eacnamaíocha lena mbaineann, déanfaidh siad bearta chun go n-áiritheofar an rúndacht faisnéise tráchtála a phróiseáiltear agus a mhalartaítear i gcomhréir leis an Rialachán seo agus áiritheoidh siad nach bhféadfar an fhaisnéis sin a rochtain agus a phróiseáil ach amháin nuair a údaraítear sin.

Airteagal 7

Tacar comhchoiteann sonraí eFTI agus fothacair sonraí eFTI

1.   Glacfaidh an Coimisiún gníomhartha tarmligthe i gcomhréir le hAirteagal 14 chun an Rialachán seo a fhorlíonadh tríd an tacar comhchoiteann eFTI agus fothacair chomhchoiteanna sonraí eFTI a bhunú agus a leasú i ndáil leis na ceanglais um fhaisnéis rialála faoi seach, dá dtagraítear in Airteagal 2(1), lena n-áirítear sonraíochtaí comhfhreagracha maidir le sainiú agus tréithe teicniúla le haghaidh gach eilimint sonraí a áirítear sa tacar comhchoiteann sonraí eFTI agus sna fothacair chomhchoiteanna sonraí eFTI.

2.   Agus na gníomhartha tarmligthe dá dtagraítear i mír 1 á nglacadh, déanfaidh an Coimisiún an méid seo a leanas:

(a)

coinbhinsiúin idirnáisiúnta ábhartha agus dlí an Aontais a chur san áireamh; agus

(b)

féachaint lena áirithiú go mbeidh tacar comhchoiteann sonraí eFTI agus fothacair chomhchoiteanna sonraí eFTI idir-inoibritheach le samhlacha ábhartha sonraí a nglactar leo go hidirnáisiúnta nó ar leibhéal an Aontais, lena n-áirítear samhlacha sonraí ilmhódacha.

3.   Cumhdóidh an chéad ghníomh tarmligthe den sórt sin na heilimintí go léir dá dtagraítear i mír 1 agus déanfar é a ghlacadh tráth nach déanaí ná …[30 mí tar éis dháta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo].

Airteagal 8

Nósanna imeachta comhchoiteanna agus rialacha maidir le rochtain

1.   Déanfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh lena leagtar síos nósanna imeachta comhchoiteanna agus rialacha mionsonraithe lena n-áirítear sonraíochtaí teicniúla comhchoiteanna, maidir le rochtain na n-údarás inniúil ar ardáin eFTI, lena n-áirítear nósanna imeachta chun faisnéis rialála a phróiseáil agus maidir le cumarsáid idir údaráis inniúla agus na hoibreoirí eacnamaíocha lena mbaineann i ndáil leis an bhfaisnéis sin.

2.   Agus na gníomhartha cur chun feidhme, dá dtagraítear i mír 1, á nglacadh, féachfaidh an Coimisiún le héifeachtúlacht na nósanna imeachta riaracháin a fheabhsú agus le costais an chomhlíonta a íoslaghdú i gcás na n-oibreoirí eacnamaíocha lena mbaineann agus na n-údarás inniúil araon.

3.   Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 15(2). Cumhdóidh an chéad ghníomh cur chun feidhme den sórt sin na heilimintí go léir dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo agus déanfar é a ghlacadh tráth nach déanaí ná … [30 mí tar éis dháta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo].

CAIBIDIL III

Ardáin eFTI agus soláthraithe seirbhísí eFTI

Roinn 1

Ceanglais maidir le hardáin agus soláthraithe seirbhísí eFTI

Airteagal 9

Ceanglais fheidhmiúla maidir le hardáin eFTI

1.   Leis na hardáin eFTI a úsáidtear chun faisnéis rialála a phróiseáil, soláthrófar feidhmiúlachtaí lena n-áirithítear an méid seo a leanas:

(a)

gur féidir sonraí pearsanta a phróiseáil i gcomhréir le Rialachán (AE) 2016/679;

(b)

gur féidir sonraí tráchtála a phróiseáil i gcomhréir le hAirteagal 6;

(c)

go bhféadfaidh údaráis inniúla sonraí a rochtain agus a phróiseáil i gcomhréir leis na sonraíochtaí a ghlactar trí bhíthin gníomhartha tarmligthe nó cur chun feidhme dá dtagraítear in Airteagail 7 agus 8;

(d)

go bhféadfaidh oibreoirí eacnamaíocha lena mbaineann faisnéis a chur ar fáil d’údaráis inniúla i gcomhréir le hAirteagal 4;

(e)

gur féidir nasc leictreonach uathúil sainaitheanta a bhunú idir loingsiú agus na gnéithe gaolmhara sonraí, lena n-áirítear tagairt struchtúrtha don ardán eFTI ar a gcuirtear na sonraí ar fáil, amhail aitheantóir tagartha uathúil;

(f)

nach féidir sonraí a phróiseáil ach ar bhonn rochtain údaraithe agus fhíordheimhnithe amháin;

(g)

go dtaifeadfar gach próiseáil sonraí go cuí trí logaí oibriúcháin chun go bhféadfar, ar a laghad, gach oibríocht phróiseála ar leith, an duine nádúrtha nó dlítheanach a rinne an oibríocht agus seicheamhú na n-oibríochtaí ar gach eilimint sonraí aonair a shainaithint; má bhaineann oibríocht leis an eilimint sonraí atá ann cheana a mhionathrú nó a ghlanadh, caomhnófar an bhuneilimint sonraí;

(h)

gur féidir sonraí a chur i gcartlann agus go mbeidh siad inrochtana ag údaráis inniúla i gcomhréir le gníomhartha dlí ábhartha de chuid an Aontais agus leis an dlí náisiúnta lena leagtar síos na ceanglais um fhaisnéis rialála ábhartha;

(i)

go ndéanfar na logaí oibriúcháin dá dtagraítear i bpointe (g) den mhír seo a chur i gcartlann agus go mbeidh siad inrochtana ag údaráis inniúla, chun críoch iniúchóireachta ar feadh na tréimhse ama a shonraítear i ngíomhartha dlí ábhartha de chuid an Aontais agus sa dlí náisiúnta ábhartha lena leagtar síos na ceanglais um fhaisnéis rialála faoi seach agus, chun críoch faireacháin, ar feadh na dtréimhsí ama dá dtagraítear in Airteagal 17.

(j)

go bhfuil na sonraí cosanta ar éillitheacht agus ar ghadaíocht;

(k)

go bhfreagraíonn na heilimintí sonraí a phróiseáiltear do thacar comhchoiteann sonraí eFTI agus d’fhothacair chomhchoiteanna sonraí eFTI a bhunaítear leis na gníomhartha tarmligthe dá dtagraítear in Airteagal 7 agus gur féidir iad a phróiseáil in aon cheann de theangacha oifigiúla an Aontais mar a fhoráiltear le gníomhartha dlí ábhartha de chuid an Aontais, agus leis an dlí náisiúnta ábhartha, lena leagtar síos na ceanglais um fhaisnéis rialála faoi seach.

2.   Glacfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme lena leagtar síos mionsonraíochtaí maidir leis na ceanglais a leagtar amach i mír 1 den Airteagal seo. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 15(2). Agus na sonraíochtaí á nglacadh, déanfaidh an Coimisiún an méid a leanas:

(a)

féachaint le hidir-inoibritheacht ardáin eFTI a áirithiú;

(b)

na réitigh agus na caighdeáin theicniúla ábhartha atá ann cheana a chur san áireamh;

(c)

a áirithiú go mbeidh na sonraíochtaí sin fós neodrach ó thaobh na teicneolaíochta de, a oiread is mó is féidir.

Cumhdóidh an chéad ghníomh cur chun feidhme den sórt sin na heilimintí go léir dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo agus déanfar é a ghlacadh tráth nach déanaí ná … [trí bliana tar éis dháta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo.]

Airteagal 10

Ceanglais maidir le soláthraithe seirbhíse eFTI

1.   Áiritheoidh soláthraithe seirbhíse eFTI an méid seo a leanas:

(a)

nach ndéanann ach úsáideoirí údaraithe próiseáil ar na sonraí agus go ndéanann siad amhlaidh i gcomhréir le cearta próiseála a bheidh sainithe agus sannta go soiléir laistigh den ardán eFTI, i gcomhréir leis na gceanglais ábhartha um fhaisnéis rialála;

(b)

go stórálfar na sonraí agus go mbeidh siad inrochtana i gcomhréir le gníomhartha dlí de chuid an Aontais agus leis an dlí náisiúnta lena leagtar síos na ceanglais um fhaisnéis rialála faoi seach;

(c)

go bhfuil rochtain láithreach ag údaráis inniúla ar fhaisnéis rialála maidir le hoibríocht iompair lastais a phróiseáiltear trína n-ardáin eFTI, saor ó aon mhuirir nó táillí;

(d)

go bhfuil sonraí slánaithe go hiomchuí, lena n-áirítear i gcoinne próiseáil neamhúdaraithe nó neamhdhleathach agus i gcoinne caillteanais de thimpiste, i gcoinne scriosta nó i gcoinne damáiste.

2.   Glacfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme, lena leagtar síos rialacha mionsonraithe maidir leis na ceanglais a leagtar amach i mír 1 den Airteagal seo. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 15(2). Déanfar an chéad ghníomh cur chun feidhme den sórt sin lena gcumhdaítear na heilimintí go léir dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo a ghlacadh tráth nach déanaí ná … [trí bliana tar éis dháta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo].

Roinn 2

Deimhniú

Airteagal 11

Comhlachtaí um measúnú comhréireachta

1.   Beidh comhlachtaí um measúnú comhréireachta creidiúnaithe i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 765/2008 chun deimhniú ardáin eFTI agus soláthraithe seirbhíse eFTI a fheidhmiú faoi mar a leagtar amach in Airteagail 12 agus 13 den Rialachán seo.

2.   Chun críoch creidiúnaithe, comhlíonfaidh comhlachtaí um measúnú comhréireachta na ceanglais a leagtar síos in Iarscríbhinn II. Déanfaidh comhlachtaí creidiúnaithe náisiúnta seoladh an suímh gréasáin ar a gcuireann siad an fhaisnéis ar fáil don phobal faoi na comhlachtaí um measúnú comhréireachta atá creidiúnaithe a chur in iúl don údarás náisiúnta a ainmnítear i gcomhréir le mír 3 den Airteagal seo, lena n-áirítear liosta de na comhlachtaí sin agus é cothrom le dáta.

3.   Ainmneoidh gach Ballstát údarás a choimeádfaidh liosta cothrom le dáta de na comhlachtaí um measúnú comhréireachta atá creidiúnaithe, de na hardáin eFTI agus de na soláthraithe seirbhíse eFTI ag a mbeidh deimhniú bailí ar bhonn na faisnéise arna soláthar de bhun mhír (2) den Airteagal seo agus d’Airteagal 12(2) agus d’Airteagal 13(2), ar liosta é a bheidh cothrom le dáta. Cuirfidh na húdaráis náisiúnta ainmnithe sin an liosta sin ar fáil go poiblí ar shuíomh gréasáin oifigiúil an rialtais.

4.   Faoin 31 Márta gach bliain, déanfaidh na húdaráis náisiúnta ainmnithe an liosta dá dtagraítear i mír 3 a thabhairt don Choimisiún mar aon le seoladh an tsuímh gréasáin ar a bhfuil an liosta sin ar fáil don phobal. Foilseoidh an Coimisiún seoltaí na suíomhanna gréasáin sin ar a shuíomh gréasáin oifigiúil.

Airteagal 12

Deimhniú ardáin eFTI

1.   Ar iarratas ó fhorbróir ardáin eFTI, déanfaidh comhlacht um measúnú comhréireachta measúnú ar chomhlíontacht an ardáin eFTI leis na ceanglais a leagtar síos in Airteagal 9(1). I gcás measúnú dearfach, eiseoidh an comhlacht um measúnú comhréireachta deimhniú um chomhlíonadh don ardán eFTI sin. I gcás measúnú diúltach, cuirfidh an comhlacht um measúnú comhréireachta na cúiseanna lena mheasúnú diúltach ar fáil don iarratasóir.

2.   Coimeádfaidh gach comhlacht um measúnú comhréireachta liosta cothrom le dáta de na hardáin eFTI a bheidh deimhnithe aige agus díobh sin a ndearna sé an deimhniú ina leith a tharraingt siar nó a chur ar fionraí. Cuirfidh sé an liosta sin ar fáil go poiblí ar a shuíomh gréasáin agus cuirfidh sé an nasc chuig seoladh an tsuímh gréasáin sin in iúl don údarás náisiúnta ainmnithe dá dtagraítear in Airteagal 11(3).

3.   Beidh marc deimhniúcháin ag gabháil le faisnéis a chuirtear ar fáil d’údaráis inniúla trí ardán eFTI deimhnithe.

4.   Déanfaidh forbróir an ardáin eFTI iarratas ar athmheasúnú ar a dheimhniú má athbhreithnítear na sonraíochtaí teicniúla arna leagtar síos sna gníomhartha cur chun feidhme dá dtagraítear in Airteagal 9(2).

5.   Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 14 chun an Rialachán seo a fhorlíonadh trí rialacha a leagadh síos maidir le deimhniú na n-ardán eFTI agus maidir le húsáid an mhairc deimhniúcháin, lena n-áirítear rialacha maidir le hathnuachan, fionraí agus tarraingt siar dheimhniú.

Airteagal 13

Deimhniú soláthraithe seirbhíse eFTI

1.   Ar iarratas ó sholáthraí seirbhíse eFTI, déanfaidh comhlacht um measúnú comhréireachta measúnú ar chomhlíontacht an tsoláthraí seirbhíse eFTI leis na ceanglais a leagtar síos in Airteagal 10(1). I gcás measúnú dearfach, eiseoidh an comhlacht um measúnú comhréireachta deimhniú um chomhlíonadh. I gcás measúnú diúltach, cuirfidh an comhlacht um measúnú comhréireachta na cúiseanna lena mheasúnú diúltach ar fáil don iarratasóir.

2.   Coimeádfaidh gach comhlacht um measúnú comhréireachta liosta cothrom le dáta de na soláthraithe seirbhíse eFTI a bheidh deimhnithe aige agus díobh sin a ndearna sé an deimhniú ina leith a tharraingt siar nó a chur ar fionraí. Cuirfidh sé an liosta sin ar fáil go poiblí ar a shuíomh gréasáin agus cuirfidh sé seoladh an tsuímh gréasáin sin in iúl don údarás náisiúnta ainmnithe dá dtagraítear in Airteagal 11(3).

3.   Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 14 chun an Rialachán seo a fhorlíonadh trí rialacha a leagan síos maidir le deimhniú na soláthraithe seirbhíse eFTI, lena n-áirítear rialacha maidir le hathnuachan, fionraí agus tarraingt siar deimhnithe.

CAIBIDIL IV

Tarmligean cumhachta agus forálacha cur chun feidhme

Airteagal 14

An tarmligean a fheidhmiú

1.   Is faoi réir na gcoinníollacha a leagtar síos san Airteagal seo a thugtar an chumhacht don Choimisiún chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh.

2.   Déanfar an chumhacht chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh dá dtagraítear in Airteagal 2(3), Airteagal 7, Airteagal 12(5) agus Airteagal 13(3) a thabhairt don Choimisiún go ceann tréimhse cúig bliana ó …[dáta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo]. Déanfaidh an Coimisiún, tráth nach déanaí ná naoi mí roimh dheireadh na tréimhse cúig bliana, tuarascáil a tharraingt suas maidir le tarmligean na cumhachta. Déanfar tarmligean na cumhachta a fhadú go hintuigthe go ceann tréimhsí comhfhaid, mura rud é go gcuireann Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle in aghaidh an fhadaithe sin tráth nach déanaí ná trí mhí roimh dheireadh gach tréimhse.

3.   Féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle tarmligean na cumhachta dá dtagraítear in Airteagal 2(3), Airteagal 7, Airteagal 12(5), Airteagal 13(3) a chúlghairm aon tráth. Déanfaidh cinneadh chun cúlghairm a dhéanamh deireadh a chur le tarmligean na cumhachta atá sonraithe sa chinneadh sin. Gabhfaidh éifeacht leis an lá tar éis fhoilsiú an chinnidh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh nó ar dháta is déanaí a shonrófar sa chinneadh. Ní dhéanfaidh sé difear do bhailíocht aon ghníomhartha tarmligthe atá i bhfeidhm cheana.

4.   Roimh dó gníomh tarmligthe a ghlacadh, rachaidh an Coimisiún i mbun comhairliúchán le saineolaithe arna n-ainmniú ag gach Ballstát i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos i gComhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr.

5.   A luaithe a ghlacfaidh sé gníomh tarmligthe, tabharfaidh an Coimisiún fógra, an tráth céanna, do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle faoi.

6.   Ní thiocfaidh gníomh tarmligthe a ghlactar de bhun Airteagal 2(3), Airteagal 7, Airteagal 12(5) agus Airteagal 13(3) i bhfeidhm ach amháin mura mbeidh aon agóid curtha in iúl ag Parlaimint na hEorpa ná ag an gComhairle laistigh de thréimhse dhá mhí tar éis fógra faoin ngníomh sin a thabhairt do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle nó más rud é, roimh dhul in éag na tréimhse sin, go mbeidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle araon tar éis a chur in iúl don Choimisiún nach ndéanfaidh siad aon agóid. Déanfar an tréimhse sin a fhadú dhá mhí ar thionscnamh Pharlaimint na hEorpa nó na Comhairle.

Airteagal 15

Nós imeachta coiste

1.   Tabharfaidh coiste cúnamh don Choimisiún. Beidh an coiste sin ina choiste de réir bhrí Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

2.   I gcás ina ndéanfar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5 de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

CAIBIDIL V

Forálacha Críochnaitheacha

Airteagal 16

Athbhreithniú

1.   Tráth nach déanaí ná …[102 mí ó dháta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo] déanfaidh an Coimisiún meastóireacht ar an Rialachán seo agus cuirfidh sé tuarascáil ar na príomhthorthaí faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa, na Comhairle agus Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa.

Déanfaidh an Coimisiún measúnú freisin ar thionscnaimh a d’fhéadfaí a dhéanamh d’fhonn an méid seo a leanas, go háirithe, a dhéanamh:

(a)

an oibleagáid ar oibreoirí eacnamaíocha a bhunú maidir le faisnéis rialála a chur ar fáil go leictreonach d’údaráis inniúla, i gcomhréir leis an Rialachán seo;

(b)

idir-inoibritheacht agus idirnascthacht bhreise a bhunú idir timpeallacht eFTI agus na córais agus ardáin TFC éagsúla a úsáidtear chun faisnéis rialála a thaifeadadh agus a phróiseáil mar a fhoráiltear i ndlíthe eile de chuid an Aontais a bhaineann le hiompar.

Cuimseofar sna measúnuithe sin, go háirithe, leasú ar an Rialachán seo agus leasú ar ghníomhartha dlí eile de chuid an Aontais agus beidh togra reachtach ag gabháil leis, i gcás inarb iomchuí.

2.   Déanfaidh na Ballstáit an fhaisnéis is gá a leagtar amach in Airteagal 17 chun an tuarascáil dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo, a thabhairt don Choimisiún.

Airteagal 17

Faireachán

Faoi … [seacht mbliana ó dháta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo], agus gach cúig bliana ina dhiaidh, cuirfidh na Ballstáit ar fáil don Choimisiún an méid uaireanta a ndearna údaráis inniúla rochtain agus próiseáil ar an bhfaisnéis rialála a chuir na hoibreoirí eacnamaíocha lena mbaineann ar fáil go leictreonach i gcomhréir le hAirteagal 4, agus déanfaidh siad an méid sin bunaithe ar na logaí oibriúcháin dá dtagraítear i bpointe (g) agus (i) d’Airteagal 9(1).

Soláthrófar an fhaisnéis sin maidir le gach bliain atá cumhdaithe faoin tréimhse tuairiscithe.

Airteagal 18

Teacht i bhfeidhm agus cur i bhfeidhm

1.   Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm ar an bhfichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

2.   Beidh sé i bhfeidhm ón ….[an dáta ceithre bliana tar éis dháta an teacht i bhfeidhm an Rialacháin seo].

3.   Beidh feidhm, áfach, ag Airteagail 2(2), Airteagal 5(4), Airteagal 7, Airteagal 8, Airteagal 9(2) agus Airteagal 10(2), ó dháta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh in/sa …..,

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa

An tUachtarán

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán


(1)  IO C 62, 15.2.2019, lch. 265.

(2)  Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 12 Márta 2019 (nár foilsíodh go fóill san Iris Oifigiúil) agus seasamh ón gComhairle ar an gcéad léamh an 7 Aibreán 2020. Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an … (nár foilsíodh go fóill san Iris Oifigiúil).

(3)  Rialachán (CE) Uimh. 1013/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Meitheamh 2006 maidir le loingsithe dramhaíola (IO L 190, 12.7.2006, lch. 1).

(4)  Rialachán (AE) Uimh. 952/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Deireadh Fómhair 2013 lena leagtar síos Cód Custaim an Aontais (IO L 269, 10.10.2013, lch. 1).

(5)  Rialachán (AE) 2019/1239 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Meitheamh 2019 lena mbunaítear timpeallacht Eorpach Ionaid Ilfhreastail Mhuirí agus lena n-aisghairtear Treoir 2010/65/AE (IO L 198, 25.7.2019, lch. 64).

(6)  Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Aibreán 2016 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Treoir 95/46/CE (An Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí) (IO L 119, 4.5.2016, lch. 1).

(7)  Rialachán (CE) Uimh. 765/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Iúil 2008 lena leagtar amach na ceanglais maidir le creidiúnú agus maidir le faireachas margaidh a bhaineann le táirgí a mhargú, agus lena n-aisghairtear Rialachán (CEE) Uimh. 339/93 (IO L 218, 13.8.2008, lch. 30).

(8)  Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Feabhra 2011 lena leagtar síos na rialacha agus na prionsabail ghinearálta a bhaineann leis na sásraí maidir le rialú ag na Ballstáit ar fheidhmiú cumhachtaí cur chun feidhme ag an gCoimisiún (OI L 55, 28.2.2011, lch. 13).

(9)  IO L 123, 12.5.2016, lch. 1.

(10)  Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Nollaig 2000 maidir le daoine aonair a chosaint i ndáil le próiseáil sonraí pearsanta ag institiúidí agus comhlachtaí an Chomhphobail agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin (IO L 8, 12.1.2001, lch. 1).

(11)  Comhairle CEE: Rialachán Uimh. 11 maidir le díothú idirdhealaithe i rátaí agus coinníollacha iompair, i gcur chun feidhme Airteagal 79 (3) den Chonradh ag bunú Chomhphobal Eacnamaíochta na hEorpa (IO, P 52, 16.8.1960, s. 1121).

(12)  Treoir 92/106/CEE ón gComhairle an 7 Nollaig 1992 maidir le rialacha comhchoiteanna a bhunú le haghaidh cineálacha áirithe iompair chomhcheangailte earraí idir na Ballstáit (IO L 368, 17.12.1992, lch. 38).

(13)  Rialachán (CE) Uimh. 1072/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 21 Deireadh Fómhair 2009 maidir le rialacha comhchoiteanna le haghaidh rochtain ar an margadh idirnáisiúnta tarlaithe de bhóthar (IO L 300, 14.11.2009, lch. 72).

(14)  Treoir 2008/68/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Meán Fómhair 2008 maidir le hiompar intíre earraí contúirteacha (IO L 260, 30.9.2008, lch. 13).

(15)  Treoir (AE) 2016/797 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Bealtaine 2016 maidir le hidir-inoibritheacht an chórais iarnróid laistigh den Aontas Eorpach (IO L 138, 26.5.2016, lch. 44).

(16)  Rialachán (CE) Uimh. 300/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Márta 2008 maidir le rialacha comhchoiteanna i réimse slándála na heitlíochta sibhialta agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 2320/2002 (IO L 97, 9.4.2008, lch. 72).


IARSCRÍBHINN I

Faisnéis rialála a thagann faoi raon feidhme an Rialacháin seo

CUID A – Ceanglais um fhaisnéis rialála dá dtagraítear i bpointe (b) d’Airteagal 2(1)

Liosta na ngníomhartha tarmligthe agus cur chun feidhme dá dtagraítear i bpointe (b) d’Airteagal 2(1):

1.

Rialachán Cur chun Feidhme (AE) 2015/1998 (1) ón gCoimisiún lena leagtar síos bearta mionsonraithe le haghaidh chur chun feidhme na mbunchaighdeán comhchoiteann maidir le slándáil eitlíochta: Iarscríbhinn 6.3.2.6 (a), (b), (c), (d), (e), (f) agus (g).

CUID B – DLÍ NÁISIÚNTA

Na forálacha ábhartha den dlí náisiúnta lena gceanglaítear soláthar na faisnéise atá comhionann, go hiomlán nó i bpáirt, leis an bhfaisnéis a shonraítear i bpointí (a) agus (b) d’Airteagal 2(1), liostaítear thíos é.

[Ballstát]

1.

Gníomh dlí: [foráil]


(1)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2015/1998 ón gCoimisiún an 5 Samhain 2015 lena leagtar síos bearta mionsonraithe chun na caighdeáin bhunúsacha chomhchoiteanna maidir le slándáil eitlíochta a chur chun feidhme IO L 299, 14.11.2015, lch. 1).


IARSCRÍBHINN II

Ceanglais a bhaineann le comhlachtaí um measúnú comhréireachta

1.

Bunófar comhlacht um measúnú comhréireachta faoi dhlí náisiúnta agus beidh pearsantacht dhlítheanach aige.

2.

Beidh comhlacht um measúnú comhréireachta ina chomhlacht tríú páirtí a bheidh neamhspleách ar an eagraíocht nó ar an ardán eFTI nó ar an soláthraí seirbhíse eFTI ar a ndéanfaidh sé measúnú.

Comhlacht ar le cumann gnó nó cónaidhm ghairmiúil é a dhéanann ionadaíocht ar son gnóthas atá bainteach i ndearadh, monaraíocht, soláthar, cóimeáil, úsáid nó cothabháil ardán nó soláthraí seirbhíse eFTI ar a ndéanann sé measúnú, d’fhéadfaí a mheas, ar choinníoll go léireofar a neamhspleáchas agus nach bhfuil aon choinbhleacht leasa ag baint leis, gur comhlacht den sórt sin atá ann.

3.

Ní bheidh comhlacht um measúnú comhréireachta, a lucht bainistíochta barrleibhéil agus an pearsanra atá freagrach as na cúraimí measúnaithe comhréireachta a dhéanamh ina dhearthóir, ina mhonaróir, ina sholáthróir, ina shuiteálaí, ina cheannaitheoir, ina úinéir, ina úsáideoir ná ina chothabhálaí den ardán eFTI nó den soláthraí seirbhíse eFTI, nó ní bheidh sé ina ionadaí ar son aon cheann de na páirtithe sin.

Ní bheidh comhlacht um measúnú comhréireachta, a lucht bainistíochta barrleibhéil agus an pearsanra atá freagrach as na cúraimí measúnaithe comhréireachta a dhéanamh bainteach go díreach le dearadh, monarú nó tógáil, margaíocht, suiteáil, úsáid nó cothabháil an ardáin eFTI nó an tsoláthraí seirbhíse eFTI, nó ní dhéanfaidh sé ionadaíocht ar son na bpáirtithe a dhéanann na gníomhaíochtaí sin. Ní bheidh siad páirteach in aon ghníomhaíocht a d’fhéadfadh teacht salach ar a neamhspleáchas breithiúnais nó ionracais i ndáil le gníomhaíochtaí measúnaithe comhréireachta a dtugtar creidiúnaithe dóibh ina leith. Beidh feidhm ag an méid sin go háirithe maidir le seirbhísí sainchomhairleoireachta.

Áiritheoidh comhlachtaí um measúnú comhréireachta nach rachaidh gníomhaíochtaí a bhfochuideachtaí nó a bhfochonraitheoirí i gcion ar rúndacht, oibiacht nó neamhchlaontacht a ngníomhaíochtaí measúnaithe comhréireachta.

4.

Déanfaidh comhlachtaí um measúnú comhréireachta agus a bpearsanra na gníomhaíochtaí measúnaithe comhréireachta le hionracas gairmiúil den scoth agus leis an gcumas teicniúil riachtanach sa réimse sonrach agus beidh siad saor ó gach brú agus gach dreasacht, go háirithe ó thaobh airgeadais de, a d’fhéadfadh tionchar a imirt ar a mbreithiúnas nó ar thorthaí a ngníomhaíochtaí measúnaithe comhréireachta, go háirithe i ndáil le daoine nó grúpaí daoine a bhfuil leas acu i dtorthaí na ngníomhaíochtaí sin.

5.

Beidh ar chumas an chomhlachta um measúnú comhréireachta na cúraimí measúnaithe comhréireachta go léir a chur i gcrích a shanntar dó faoi Airteagail 12 agus 13 den Rialachán seo, cibé acu a dhéanann an comhlacht um measúnú comhréireachta féin na cúraimí sin a chur i gcrích nó a dhéantar thar a cheann agus faoina fhreagracht iad.

Beidh an méid seo a leanas ar fáil do chomhlacht um measúnú comhréireachta:

(a)

pearsanra ag a bhfuil eolas teicniúil agus taithí dhóthanach agus iomchuí chun na cúraimí measúnaithe comhréireachta a dhéanamh;

(b)

cur síos ar na nósanna imeachta a ndéantar an measúnú comhréireachta dá réir, rud a áirithíonn trédhearcacht agus an cumasna nósanna imeachta sin a atáirgeadh;

(c)

nósanna imeachta maidir le feidhmiú na ngníomhaíochtaí ina dtugtar aird chuí ar mhéid gnóthais, ar an earnáil ina n-oibríonn sé, ar a struchtúr agus ar a chasta atá an teicneolaíocht lena mbaineann.

Beidh an acmhainn ag an gcomhlacht um measúnú comhréireachta is gá chun na cúraimí teicniúla agus riaracháin a bhaineann leis na gníomhaíochtaí measúnaithe comhréireachta a dhéanamh ar mhodh iomchuí.

6.

Beidh an méid seo a leanas ag an bpearsanra atá freagrach as na cúraimí measúnaithe comhréireachta a dhéanamh:

(a)

oiliúint fhónta theicniúil agus ghairme a chumhdóidh na gníomhaíochtaí measúnaithe comhréireachta uile;

(b)

eolas sásúil faoi cheanglais na measúnuithe a dhéanann siad agus údarás leordhóthanach chun na measúnuithe sin a dhéanamh;

(c)

eolas agus tuiscint iomchuí ar na ceanglais a leagtar amach in Airteagail 9 agus 10 den Rialachán seo;

(d)

an cumas deimhnithe um chomhlíonadh, taifid agus tuarascálacha ina léirítear go ndearnadh na measúnuithe a dhréachtú.

7.

Ráthófar neamhchlaontacht na gcomhlachtaí um measúnú comhréireachta, a lucht bainistíochta barrleibhéil agus a bpearsanra atá freagrach as na cúraimí measúnaithe comhréireachta a dhéanamh.

Ní bhraithfidh luach saothair an lucht bainistíochta barrleibhéil agus an phearsanra atá freagrach as cúraimí measúnaithe comhréireachta de chuid comhlachta um measúnú comhréireachta a dhéanamh ar líon na measúnuithe a dhéantar ná ar thorthaí na measúnuithe sin.

8.

Glacfaidh na comhlachtaí um measúnú comhréireachta árachas dliteanais mura bhfuil dliteanas glactha ag an Stát i gcomhréir leis an dlí náisiúnta, nó más é an Ballstát féin atá freagrach go díreach as an measúnú comhréireachta.

9.

Cloífidh pearsanra an chomhlachta um measúnú comhréireachta le rúndacht ghairmiúil i ndáil leis an bhfaisnéis ar fad a gheofar agus a gcúraimí á gcur i gcrích acu faoi Airteagail 12 agus 13 den Rialachán seo nó faoi aon fhoráil den dlí náisiúnta lena dtugtar éifeacht dóibh, ach amháin i ndáil le húdaráis inniúla an Bhallstáit ina ndéantar na gníomhaíochtaí. Déanfar cearta dílseánaigh a chosaint.

10.

Beidh comhlachtaí um measúnú comhréireachta rannpháirteach sna gníomhaíochtaí caighdeánaithe ábhartha agus sna gníomhaíochtaí rialála ábhartha nó áiritheoidh siad go gcuirfear a bpearsanra atá freagrach as na cúraimí measúnaithe gníomhaíochtaí ar an eolas fúthu.