AN COIMISIÚN EORPACH
An Bhruiséil,6.9.2019
COM(2019) 411 final
2019/0192(COD)
Togra le haghaidh
CINNEADH Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE
maidir le cúnamh macra-airgeadais breise a sholáthar do Ríocht Haisimíteach na hIordáine
{SWD(2019) 324 final}
MEABHRÁN MÍNIÚCHÁIN
1.COMHTHÉACS AN TOGRA
•Forais agus cuspóirí an togra
Le blianta beaga anuas, tá geilleagar na hIordáine thíos go mór leis an gcorraíl sa réigiún, go háirithe sna tíortha comharsanacha, an Iaráic agus an tSiria. De thoradh na corraíola sin sa réigiún, tá laghdú mór tagtha ar an méid airgid atá ag teacht isteach ón gcoigríoch agus tá brú ar an airgeadas poiblí. Tá laghdú tagtha ar líon na dturasóirí agus ar mhéid na hinfheistíochta dírí coigríche, tá bac ar na bealaí trádála le hocht mbliana anuas, agus cuireadh isteach arís agus arís eile ar shreabhadh an gháis nádúrtha as an Éigipt, rud a d’fhág gur ghá don Iordáin dul i muinín breoslaí níos costasaí, in ionad allmhairí gáis ón Éigipt, chun leictreachas a ghiniúint, agus leis an méid sin go léir tá dochar déanta d’fhás na hIordáine agus do staid sheachtrach agus fhioscach na tíre.
Maidir leis an éifeacht atá ag an gcoinbhleacht sa tSiria ar an Iordáin, ní hamháin go gcuireann sí isteach ar an trádáil leis an tSiria agus tríd an tSiria, ach chomh maith leis sin, is í is cúis le 1.3 milliún dídeanaí as an tSiria (de réir mheastacháin údaráis na hIordáine) teacht isteach sa tír, agus 660 330 duine díobh sin cláraithe le hoifig Ard-Choimisinéir na Náisiún Aontaithe le haghaidh Dídeanaithe – UNHCR (sonraí amhail ón 4 Lúnasa 2019). Agus an oiread sin dídeanaithe ag teacht isteach san Iordáin as an tSiria, tá níos mó brú ar staid fhioscach, ar sheirbhísí poiblí agus ar bhonneagar na hIordáine.
Mar fhreagairt air sin, ceapadh beartais a bhí iomchuí ar an iomlán agus tugadh tacaíocht mhór idirnáisiúnta don tír agus, dá bhrí sin, bhíothas in ann an chobhsaíocht mhaicreacnamaíoch a chaomhnú agus cúlú eacnamaíoch a chosc. Mar sin féin, tá geilleagar na hIordáine fós neamhchosanta ar shuaitheadh ón taobh amuigh. Chúlaigh an fíorfhás go dtí 1.9 % in 2018, an ráta is ísle ó bhí 1996 ann. Tháinig méadú tobann ar an ráta dífhostaíochta go dtí 19 % i dtús 2019 agus chuaigh an infheistíocht dhíreach choigríche i laghad go mór. D’ainneoin na niarrachtaí, níor baineadh amach an comhdhlúthú fioscach ar an luas a rabhthas ag súil leis ar dtús toisc nach raibh an méid fáis a rabhthas ag súil leis ann, rud a d’fhág go raibh níos lú ioncam ó chánacha ann, agus toisc gur bhain cailleanna don chuideachta leictreachais mar gheall ar tharaifí nár léiriú ar an gcostas iad. Is ar éigean atá laghdú tagtha ar an bhfiachas náisiúnta agus tá an Iordáin fós ag brath ar chabhair eachtrach. Ar an ábhar sin, tá riachtanais mhóra ag an Iordáin ó thaobh maoiniú seachtrach de, mar shampla, tá oibleagáidí orthu íocaíochtaí a dhéanamh ar Eorabhannaí agus ar iasachtaí ón margadh seachtrach a bheidh le híoc in 2020-22. Sa chomhthéacs sin, an tacaíocht a fhaigheann an Iordáin óna comhpháirtithe idirnáisiúnta, tá sé fíorthábhachtach di an tacaíocht sin a choinneáil.
I mí Lúnasa 2016, tháinig an Iordáin agus an Ciste Airgeadaíochta Idirnáisiúnta (CAI) ar chomhaontú maidir le Saoráid Fhadaithe Chistiúcháin (SFC), socrú trí bliana arbh fhiú USD 723 mhilliún (150 % den chuóta) é, agus cuireadh síneadh leis an socrú sin ó chianaibh go dtí Márta 2020. Roimhe sin, rinneadh socrú teannta trí bliana arbh fhiú USD 2 bhilliún (800 % den chuóta) é; is i mí Lúnasa 2012 a socraíodh air sin agus is i mí Lúnasa 2015 a tugadh i gcrích é. Rinneadh na cláir de chuid CAI a chomhlánú freisin nuair a cuireadh dhá chlár cúnaimh macra-airgeadais (MFA) ar bun: MFA-I, inar tugadh iasachtaí arbh fhiú EUR 180 milliún iad, is i mí na Nollag 2013 a ghlac na comhreachtóirí é agus is i mí Dheireadh Fómhair 2015 a tugadh i gcrích é; agus MFA-II, inar tugadh iasachtaí arbh fhiú EUR 200 milliún iad, is i mí na Nollag 2016 a ghlac na comhreachtóirí é agus is i mí Iúil 2019 a tugadh i gcrích é.
Bhí na cláir MFA ina gcuid d’iarracht níos leithne ag an Aontas agus ag deontóirí idirnáisiúnta eile, a comhaontaíodhag an gcomhdháil i Londain dar teideal “Tacú leis an tSiria agus leis an réigiún” i mí Feabhra 2016, chun cuidiú leis an Iordáin agus le tíortha eile sa réigiún maolú a dhéanamh ar na hiarmhairtí eacnamaíocha agus sóisialta a eascraíonn as na coinbhleachtaí sa réigiún agus as líon mór dídeanaithe as an tSiria a bheith sa tír. Dearbhaíodh tiomantas an phobail idirnáisiúnta don Iordáin go minic ina dhiaidh sin, go háirithe, ag Comhdháil na Bruiséile maidir le “Tacaíocht do Thodhchaí na Siria” i mí Aibreáin 2017, ag an gComhairle Comhlachais idir an tAontas agus an Iordáin i mí Iúil 2017 agus ag Comhdháil na Bruiséile II maidir le “Tacaíocht do Thodhchaí na Siria” i mí Aibreáin 2018. Ag an gcomhdháil “Tionscnamh Londan” i mí Feabhra 2019, agus ag Comhdháil na Bruiséile III i mí an Mhárta 2019, d’athdheimhnigh pobal na ndeontóirí idirnáisiúnta agus réigiúnacha, an tAontas Eorpach san áireamh, go raibh sé beartaithe acu tacaíocht a thabhairt d’iarrachtaí na hIordáine an chobhsaíocht mhaicreacnamaíoch a chaomhnú agus na hionchais fáis a fheabhsú.
An 11 Iúil 2019, chuir an Iordáin faoi bhráid an Choimisiúin Eorpaigh iarraidh oifigiúil ar chúnamh macra-airgeadais ón Aontas arbh fhiú EUR 500 milliún é ina thrí thráthchuid, mar a tuaradh ag an gcruinniú den Chomhairle Comhlachais idir an tAontas agus an Iordáin a tionóladh i Lucsamburg an 26 Meitheamh 2019. Rannchuideódh an cúnamh sin le riachtanais maoinithe sheachtraigh na tíre a shásamh agus athchóirithe a chur chun feidhme.
I bhfianaise na hiarrata sin agus riocht eacnamaíoch na hIordáine, go háirithe agus riachtanais maoinithe sheachtraigh bhreise ag teacht chun cinn, tá an Coimisiún Eorpach ag cur togra faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle le haghaidh cinneadh uathu cúnamh macra-airgeadais (MFA) breise a sholáthar don Iordáin, ar bhonn Airteagal 212 de CFAE, ar luach suas le EUR 500 milliún a sholáthrófar mar iasachtaí meántéarmacha go fadtéarmacha ina dtrí thráthchuid.
Is é is cuspóir don chúnamh macra-airgeadais atá beartaithe cuidiú leis an Iordáin cuid dá riachtanais maoinithe sheachtraigh a shásamh in 2020-2021 agus, ar an gcaoi sin, na fadhbanna gearrthéarmacha atá ina geilleagar ó thaobh comhardú íocaíochtaí agus leochaileachtaí fioscacha de a laghdú, agus cur lena cumas an fiachas a sheasamh. Lena chois sin, thabharfadh an cúnamh ón Aontas dreasachtaí chun dlús a chur le hiarrachtaí na hIordáine athchóirithe a chur i bhfeidhm trí Mheabhrán Tuisceana a chomhaontú le húdaráis na hIordáine ina leagfaí amach pacáiste iomchuí beart a thacódh leis an gcoigeartú eacnamaíoch agus le hathchóirithe struchtúracha. Bheadh na coinníollacha beartais sin i gcomhréir leis na gealltanais athchóirithe atá tugtha ag an Iordáin i gcomhthéacs Thosaíochtaí Comhpháirtíochta an Aontais agus na hIordáine agus ionstraimí tacaíochta eile de chuid an Aontais, na gclár coigeartaithe a comhaontaíodh le CAI agus leis an mBanc Domhanda, agus an Chreata Athchóirithe agus Fáis Cúig Bliana a cuireadh i láthair ag an gcomhdháil “Tionscnamh Londan” i mí Feabhra 2019.
Mar atá mionsonraithe sa doiciméad inmheánach oibre de chuid an Choimisiúin a ghabhann leis an togra seo agus i bhfianaise an mheasúnaithe a rinne an Coimisiún agus an tSeirbhís Eorpach Gníomhaíochta Seachtraí i gcomhpháirt ar an staid pholaitiúil, i measc rudaí eile, measann an Coimisiún go bhfuil gá le hoibríocht MFA ón taobh eacnamaíoch de mar gheall ar an mbearna atá sa mhaoiniú seachtrach san Iordáin mar aon le comhar na tíre le CAI faoi chlár eisíoca, agus measann sé freisin gur comhlíonadh na réamhchoinníollacha polaitiúla maidir leis an oibríocht MFA atá beartaithe.
Comhthéacs ginearálta
Ó thosaigh an choinbhleacht sa tSiria in 2011, tá dochar mór déanta do gheilleagar na hIordáine. Bhain an Iordáin amach fás 6.2 % ar an meán le linn 2001-2010, ach ó shin i leith, tá laghdú tagtha ar fhás OTI na tíre go dtí 2.4 % ar an meán sa tréimhse 2011-2018. Is fíor go raibh laigí maicreacnamaíocha agus struchtúracha i ngeilleagar na hIordáine ar feadh i bhfad, ach is mar gheall ar shuaitheadh ón taobh amuigh go príomha a chúlaigh sé, mar shampla, an cur isteach ar bhealaí agus ar mhargaí onnmhairíochta ríthábhachtacha, an laghdú mór ar an infheistíocht dhíreach choigríche, an líon mór dídeanaithe a tháinig isteach sa tír ón tSiria (1.3 milliún duine de réir mheastacháin údaráis na hIordáine, agus 660 330 duine díobh sin cláraithe le UNHCR), agus an tardú ar rátaí an Chúlchiste Fheidearálaigh a bheith á léiriú i méaduithe ar phraghsanna na hola agus ar chostais na hiasachtaíochta.
Tháinig tuilleadh meatha fós ar an ngníomhaíocht eacnamaíoch in 2018, agus an fíorfhás OTI thíos ag 1.9 % in 2018 (le hais 2.1 % in 2017), an ráta is ísle ó bhí 1996 ann. Tháinig feabhas éigin, áfach, ar chúrsaí turasóireachta agus onnmhairíochta, agus athosclaíodh dhá thrasnú teorann leis an Iaráic agus leis an tSiria in 2018. Ina theannta sin, cuireadh na hallmhairí gáis ar chostas íseal sa siúl arís sa cheathrú ráithe de 2018. Níl na forbairtí sin le sonrú sna figiúirí fáis go fóill, áfach: sa chéad ráithe de 2019, tháinig méadú 2 % ar an bhfíorfhás OTI, agus is beag an tathrú é sin i ndáiríre i gcomparáid leis an ráta fáis a bhí ann le blianta beaga anuas.
Sa chomhthéacs sin, tháinig méadú ar an ráta dífhostaíochta ó 18.4 % sa chéad ráithe de 2018 go dtí 19 % an bhliain dár gcionn, sin téarnamh eacnamaíoch mór ó bhí 2014 ann nuair a bhí sé ag 12.9 %. Tá an dífhostaíocht i measc na hóige (38.5 %) agus i measc na mban (28.9 %) fós ard i gcomparáid le dífhostaíocht na bhfear (16.4 %).
Mhéadaigh ar an mboilsciú go dtí 4.5 % in 2018 (le hais 3.3 % i ndeireadh 2017), rud a léirigh an méadú ar phraghsanna ola le linn cuid mhór de 2018 agus an méadú a rinneadh i mí Eanáir ar an gcáin ghinearálta ar dhíolacháin i gcás táirgí bunúsacha éagsúla. Mar sin féin, sna chéad cheithre mhí de 2019, mhaolaigh an boilsciú go dtí 0.6 % agus éifeacht na méaduithe ar cháin ag dul i laghad. Mhéadaigh Banc Ceannais na hIordáine an ráta athlascaine i seacht gcéim ó 3.75 % go dtí 5.75 % idir mí Feabhra 2017 agus mí na Nollag 2018. Is ionann sin a bheag nó a mhór agus na méaduithe ar ráta an Státchiste Fheidearálaigh ó tharla gur pionnáladh dinar na hIordáine le dollar na Stát Aontaithe. Bhí an timthriall géaraithe ar siúl i gcomhthráth le méadú ar an mboilsciú, méadú a tháinig de réir a chéile ach a bhí measartha, mar a luadh cheana. I mí an Mheithimh 2019, bhí an ráta athlascaine fós mar a bhí (5.75 %) agus laghdú ag teacht ar an mboilsciú agus ar an mbrú mór a bhí ann in 2018 ó thaobh malairte eachtraí de. Dá ainneoin sin, i gcomhthéacs an dara hathbhreithniú ar an gclár CAI, dhearbhaigh na húdaráis go raibh siad réidh leis an mbeartas airgeadaíochta a ghéarú, dá mba ghá, chun a áirithiú go gcomhlíonfaí na spriocanna cúlchiste.
Rinne an Iordáin dul chun cinn mór maidir leis an airgeadas poiblí a chomhdhlúthú le blianta beaga anuas, ach mar gheall ar an bhfás íseal agus ar an easpa dul chun cinn maidir le haghaidh a thabhairt ar na cailleanna a bhain do na soláthraithe poiblí leictreachais agus uisce, ní fhéadfaí leanúint den dul chun cinn sin in 2018. Mhéadaigh ar an easnamh fioscach foriomlán (deontais san áireamh) ó 2.2 % de OTI in 2017 go dtí 3.3 % de OTI in 2018. Mhéadaigh ar an easnamh iomlán san earnáil phoiblí – méadrach fioscach a chuireann san áireamh iarmhéid NEPCO (an soláthraí poiblí leictreachais) agus WAJ (Water Authority of Jordan) – ó 2.9 % de OTI in 2017 go dtí 4.3 % de OTI in 2018, rud a léirigh an méadú ar chostas na hola agus na táillí nár léiriú ar an gcostas iad sna hearnálacha leictreachais agus uisce, rud is cúis le ró-úsáid na nacmhainní sin. Meastar leis an gclár CAI go go laghdóidh ar an easnamh fioscach go dtí 2.3 % agus ar an easnamh iomlán san earnáil phoiblí go dtí 2.6 %. Sna chéad cheithre mhí de 2019, laghdaigh ar an easnamh fioscach ó 3.8 % de OTI sa tréimhse chéanna in 2018 go dtí 3 % de OTI. Mar sin féin, tháinig meath 1.4 % ar an teacht isteach ó chánacha le hais fhigiúirí na bliana roimhe, rud a d’fhág go raibh imní ann faoi chur chun feidhme an bhuiséid go dtí deireadh 2019.
Is ar éigean a tháinig athrú ar an ollfhiachas náisiúnta iomlán idir deireadh 2018 agus deireadh mhí an Mhárta 2019, tráth ab ionann an figiúr sin agus 94.4 % de OTI. Ba ionann figiúr an fhiachais phoiblí sheachtraigh agus 39.4 % de OTI, agus 72 % de sin ainmnithe in USD, an tairgeadra a bhfuil dinar na hIordáine pionnáilte leis. Cé gur cúis leochaileachta é an fiachas poiblí a bheith ardaithe chomh mór sin, measann CAI gur féidir é a sheasamh ar choinníoll go leanfaidh an tír de na hathchóirithe coigeartaithe fhioscaigh agus feabhsaithe fáis a chur chun feidhme agus go leanfaidh pobal na ndeontóirí idirnáisiúnta agus réigiúnacha de thacaíocht mhór a thabhairt don Iordáin, go háirithe i bhfoirm deontas agus maoiniú lamháltais.
Maidir leis an earnáil sheachtrach, tháinig laghdú ar an easnamh i gcuntas reatha na hIordáine in 2018 ó 10.5 % de OTI in 2017 go dtí USD 2.9 billiún nó 7 % de OTI (10.3 % gan deontais a áireamh) sa tréimhse chéanna de 2018. Ba léiriú é sin ar an méadú measartha a tháinig ar onnmhairiú earraí (rud ar tháinig méadú 3.4 % air ó thaobh luacha de), agus tháinig laghdú (1.3 % ó thaobh luacha de) ar allmhairiú earraí. Sa chéad ráithe de 2019, d’éirigh níos fearr fós le honnmhairiú earraí, agus méadú 9.3 % air ó thaobh luacha de, agus tháinig laghdú 3.2 % ar allmhairiú earraí ó thaobh luacha de. Sa tréimhse chéanna, tháinig méadú 6.1 % ar an teacht isteach ón turasóireacht le hais fhigiúirí na bliana roimhe, agus is beag an méadú a tháinig ar na híocaíochtaí.
Chuaigh na hinfheistíochtaí díreacha coigríche (IDC) i laghad go mór go dtí USD 959 milliún in 2018 (2.2 % de OTI), sin laghdú 52 % in USD le hais fhigiúirí 2017. B’in an figiúr IDC is ísle ó bhí 2003 ann. Is léiriú í an treocht laghdaithe sin ar an lagú fadtéarmach IDC (mar chion de OTI) ó thosaigh an choinbhleacht sa tSiria: ó 12.7 % ar an meán in 2005-2010 go dtí 4.5 % in 2011-2018. Mar gheall ar an gcoinbhleacht sa réigiún, arbh í ba chúis le bac ar na bealaí trádála ar feadh ocht mbliana, agus mar gheall ar an moilliú ar an ngeilleagar i stáit na Murascaille, stáit ar mhórinfheisteoirí iad san Iordáin, ach mar gheall ar laigí struchtúracha na tíre freisin, mar shampla, margaí saothair righne, baic ar infheisteoirí coigríche agus costais arda ghnó, is mar gheall ar na cúinsí sin, i measc cúinsí eile, a tháinig laghdú ar mhéid na hinfheistíochta dírí coigríche.
Bhí níos mó brú ar an gcuntas caipitil agus airgeadais mar gheall ar an laghdú sin ar IDC, agus mar gheall ar an laghdú ar iasachtaí poiblí ó thart ar USD 1 bhilliún in 2017 go dtí níos lú ná USD 500 milliún in 2018. Mar gheall ar an mbrú sin, tháinig laghdú mór (tuairim is USD 900 milliún) ar ghlansócmhainní eachtracha na mbanc tráchtála in 2018, agus cuid den chúis a bhí leis sin ba ea an beartas airgeadaíochta níos déine i dtíortha comharsanacha agus an éagobhsaíocht pholaitiúil san Iordáin i lár 2018 (nuair a d’éirigh an Príomh-Aire Mulki as oifig mar gheall ar an míshástacht i measc an phobail, go háirithe le pleananna athchóirithe cánach). Os a choinne sin, ba thacaíocht don chuntas caipitil agus airgeadais in 2018 an glan-insreabhadh beag infheistíochtaí punainne príobháidí in 2018 arbh fhiú USD 41 mhilliún iad (i gcomparáid leis an nglan-eis-sreabhadh mór in 2017), agus an méadú mór, tuairim is USD 600 milliún, ar infheistíochtaí eile.
Ba cheart an leibhéal reatha cúlchistí – sin USD 13.2 billiún (nó allmhairí 7.1 mí) i ndeireadh mhí Aibreáin 2019 – a mhéadú chun gur fearr is féidir leis an tír na cúinsí thuas a sheasamh. Tá tábhacht ar leith ag baint leis sin i bhfianaise na leochaileachta maidir le cúrsaí seachtracha, na rioscaí atá géaraithe de dheasca na gcoinbhleachtaí sa réigiún nó an teannais gheopholaitiúil, agus phionnáil an ráta malairte agus na neamhchosanta ar shuaitheadh maidir le praghsanna ola.
D’ainneoin na bhforbairtí dearfacha ó thaobh na honnmhairíochta agus na turasóireachta de, is ann fós do chuid mhór leochaileacht mhaicreacnamaíoch. Tá an tír fós ag feidhmiú i dtimpeallacht eacnamaíoch dhúshlánach, agus tá tionchar ag roinnt cúinsí ar an timpeallacht sin, mar shampla, an choinbhleacht atá ar siúl le fada sa réigiún, na dídeanaithe as an tSiria a bheith ann, an cur isteach ar mhargaí onnmhairíochta ríthábhachtacha nó malltriall théarnamh na margaí sin, agus an laghdú mór ar an infheistíocht dhíreach choigríche. Dá thoradh sin, tá an fás eacnamaíoch fós an-íseal, ró-íseal leis an ráta ard dífhostaíochta a laghdú. De réir mar a tharla in 2018, féadfaidh sé go mbainfear an coigeartú fioscach amach sa todhchaí ach ar bhonnh níos fadálaí ná mar a bhíothas ag súil leis más rud é go dtiocfaidh meath ar an bhfás agus nach néireoidh leis an Iordáin níos mó teacht isteach a fháil ó chánacha trí imghabháil cánach a chomhrac agus inniúlacht an údaráis fhioscaigh a mhéadú. D’fhéadfadh an rud céanna tarlú mura néireodh leis an Iordáin athstruchtúrú éifeachtach a dhéanamh ar na cuideachtaí stáit caillteacha (sna hearnálacha leictreachais agus uisce), cuideachtaí a chuireann leis an easnamh poiblí. Mar aon leis na rioscaí thuas, is airde costais iasachtóireachta na nEorabhannaí ná costas na nEorabhannaí sin de chuid na hIordáine a thiocfaidh in aibíocht sna blianta atá le teacht (agus bannaí a bhí ráthaithe ag na Stáit Aontaithe ba ea cuid mhór díobh), rud a fhágann go mbeidh costas mór ag baint leis na bannaí a thar-rolladh. Ar na cúiseanna thuas, an réamh-mheastachán reatha maidir le laghdú an fhiachais phoiblí go dtí 83.7 % faoi 2024, tá sé fós soghonta agus ag brath ar cibé acu a éireoidh nó nach néireoidh leis na hathchóirithe coigeartaithe fhioscaigh agus feabhsaithe fáis atá geallta ag na húdaráis a chur chun feidhme, agus ar a mhéid is féidir maoiniú mór a fháil ó dheontóirí agus ón margadh ar bhonn na nathchóirithe sin. Tá na cúlchistí fós faoi bhun chaighdeáin leormhaitheasa CAI agus d’fhéadfadh brú a bheith ar na cúlchistí arís in 2020-2021 nuair a bheidh súil leis go mbeidh ar an tír tuairim is USD 3.1 billiún a íoc (ús agus bunairgead) i leith an fhiachais náisiúnta agus an fhiachais sheachtraigh ó Eorabhannaí. Sa chomhthéacs sin, dealraíonn sé gur gá cúlchistí idirnáisiúnta na hIordáine a shlánú tuilleadh, agus d’fhéadfadh an cúnamh macra-airgeadais breise ón Aontas Eorpach a bheith ina thacaíocht don iarracht sin, sin go díreach (trí na híocaíochtaí) agus go hindíreach (chun insreabhadh caipitil phríobháidigh a spreagadh agus níos mó muiníne a chothú as an airgeadra áitiúil).
Mar fhocal scoir, tá geilleagar na hIordáine soghonta go fóill, tá gá aige le cuid mhór maoiniú seachtrach, agus tá roinnt leochaileachtaí ann. Sa chomhthéacs sin, an tacaíocht a fhaigheann an Iordáin ó CAI agus óna comhpháirtithe idirnáisiúnta, an tAontas Eorpach san áireamh, tá sé fíorthábhachtach di an tacaíocht sin a choinneáil.
•Comhsheasmhacht le forálacha beartais atá sa réimse beartais cheana
Soláthraíodh cúnamh macra-airgeadais don Iordáin faoi dhá chinneadh ar leith:
–Cinneadh Uimh. 1351/2013/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2013 maidir le cúnamh macra-airgeadais a sholáthar do Ríocht Haisimíteach na hIordáine
–Cinneadh Uimh. 2371/2016/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Nollaig 2016 maidir le cúnamh macra-airgeadais breise a sholáthar do Ríocht Haisimíteach na hIordáine
De bharr an dá oibríocht sin a bheith iomlán eisíoctha, is gá Cinneadh nua a ghlacadh sular féidir leanúint den tacaíocht MFA ón Aontas Eorpach don Iordáin.
•Comhsheasmhacht le beartais eile de chuid an Aontais
Tá an cúnamh macra-airgeadais atá beartaithe i gcomhréir le gealltanas an Aontais Eorpaigh tacú le staid eacnamaíoch agus pholaitiúil na hIordáine. Tá sé i gcomhréir leis na prionsabail faoina rialaítear úsáid an chúnaimh macra-airgeadais, lena náirítear an ghné eisceachtúil atá leis, réamhchoinníollacha polaitiúla, comhlántacht, coinníollacht agus smacht airgeadais.
Tá an cúnamh macra-airgeadais atá beartaithe i gcomhréir le cuspóirí Bheartas Comharsanachta na hEorpa (BCE). Bíonn sé ina thacaíocht do chuspóirí an Aontais Eorpaigh maidir le cobhsaíocht eacnamaíoch agus forbairt san Iordáin a chur chun cinn agus, níos ginearálta fós, an teacht aniar a chur chun cinn i gcomharsanacht Dheisceart na hEorpa. Trí thacaíocht a thabhairt d’iarrachtaí na núdarás creat maicreacnamaíoch láidir a bhunú agus athchóirithe struchtúracha uaillmhianacha a chur chun feidhme, cuirfidh an cúnamh macra-airgeadais atá beartaithe leis an mbreisluach a bhaineann leis an ról atá ag an Aontas Eorpach san Iordáin. Cuirfidh sé freisin le héifeachtacht cineálacha eile cúnaimh airgeadais ón Aontas, lena náirítear oibríochtaí tacaíochta buiséid agus deontais atá ar fáil trí ionstraimí airgeadais seachtracha faoin gcreat airgeadais ilbhliantúil reatha don tréimhse 2014-2020. An cúnamh macra-airgeadais atá beartaithe, beidh sé ina dhlúthchuid freisin den tacaíocht idirnáisiúnta iomlán don Iordáin, lena náirítear mar fhreagairt ar an ngéarchéim sa tSiria, agus leanfaidh sé de bheith ag comhlánú an chúnaimh a thugann deontóirí iltaobhacha agus déthaobhacha eile.
Comhpháirtí ríthábhachtach don Aontas is ea an Iordáin mar gheall ar an bpáirt ghníomhach a ghlacann sí maidir le cur chun cinn na cobhsaíochta agus na caoinfhulaingthe idirchreidmhí sa Mheán-Oirthear, ach mar gheall freisin ar an aíocht atá sí fós a sholáthar do 1.3 milliún Siriach (agus 660 330 duine díobh sin cláraithe le UNHCR). Tá comhpháirtíocht láidir idir an tAontas agus an Iordáin i gcuid mhór earnálacha agus tá ceangal eatarthu leis an gComhaontú Comhlachais a tháinig i bhfeidhm i mí na Bealtaine 2002. In 2016, i gcomhréir leis an leagan athbhreithnithe de Bheartas Comharsanachta na hEorpa, ghlac an tAontas agus an Iordáin na Tosaíochtaí Comhpháirtíochta idir an tAontas agus an Iordáin (agus Comhshocrú AE-na hIordáine i gceangal leo san am). I mí na Nollag 2018, cuireadh síneadh dhá bhliain leis na Tosaíochtaí Comhpháirtíochta sin chun an tréimhse 2016-2020 a chumhdach.
Mar bhonn leis an gcomhar faoi na Tosaíochtaí Comhpháirtíochta tá trí chuspóir a threisíonn a chéile: i) an chobhsaíocht mhaicreacnamaíoch agus fás inbhuanaithe atá bunaithe ar eolas; ii) an rialachas daonlathach, an smacht reachta agus cearta an duine a neartú; agus iii) an chobhsaíocht agus an tslándáil réigiúnach, an fhrithsceimhlitheoireacht san áireamh. Tá comhar á chothú maidir le ceisteanna trasearnála freisin, mar shampla, an imirce agus an tsoghluaisteacht mar aon le heisiamh eacnamaíoch, sóisialta agus polaitiúil grúpaí leochaileacha, an óige agus na mná san áireamh.
Déantar an caidreamh trádála idir an tAontas agus an Iordáin a rialú faoin gComhaontú Comhlachais. Leis an gcomhaontú sin bunaíodh limistéar saorthrádála, rud a chuir trádáil dhéthreoch earraí sa siúl idir an tAontas agus an Iordáin. I mí Iúil 2016, shocraigh an tAontas agus an Iordáin ar mhaolú a dhéanamh ar na rialacha tionscnaimh a bhíonn i bhfeidhm maidir le honnmhairí as an Iordáin a thrádáil leis an Aontas. Rinne an dá thaobh athbhreithniú, agus chuir siad feabhas, ar an tionscnamh sin i mí na Nollag 2018. Is é an tAontas Eorpach an chéad chomhpháirtí trádála atá ag an Iordáin, agus is leis an Aontas a rinneadh 17.1 % (ó thaobh luacha de) de thrádáil iomlán na hIordáine in 2018. B’fhiú EUR 300 milliún na honnmhairí as an Iordáin isteach san Aontas in 2018, agus b’fhiú EUR 3.6 billiún (ó thaobh luacha de) na hallmhairí as an Aontas.
2.BUNÚS DLÍ, COIMHDEACHT AGUS COMHRÉIREACHT
•Bunús dlí
Is é Airteagal 212 CFAE bunús dlí an togra seo.
•Coimhdeacht (maidir le hinniúlacht neamheisiach)
Urramaítear prionsabal na coimhdeachta ós rud é nach féidir leis na Ballstáit féin na cuspóirí a ghnóthú go leordhóthanach maidir le cobhsaíocht mhaicreacnamaíoch ghearrthéarmach a chur ar ais san Iordáin agus gur fearr, dá bhrí sin, is féidir leis an Aontas Eorpach iad a ghnóthú. Is iad na príomhchúiseanna atá leis sin na srianta buiséadacha atá ann ar an leibhéal náisiúnta agus an gá atá le comhordú maith idir na deontóirí chun gur féidir cur le scála agus le héifeachtacht an chúnaimh.
•Comhréireacht
Comhlíonann an togra prionsabal na comhréireachta: ní théann sé thar an méid is gá chun na cuspóirí maidir le cobhsaíocht mhaicreacnamaíoch ghearrthéarmach a ghnóthú.
Mar a shainaithin an Coimisiún ar bhonn mheastacháin CAI i gcomhthéacs na Saoráide Fadaithe Cistiúcháin, tá méid an chúnaimh cothrom le thart ar 9.7 % den easnamh maoinithe a mheastar a bheidh fós ann sa tréimhse 2020-2021. Tá údar maith leis an ngealltanas tábhachtach sin: ar an gcéad dul síos, tábhacht pholaitiúil na hIordáine do chobhsaíocht Chomharsanacht na hEorpa; ar an dara dul síos, an comhlachas polaitiúil agus an comhtháthú eacnamaíoch idir an tAontas agus an Iordáin mar a léirítear sa Chomhaontú Comhlachais idir an dá thaobh a tháinig i bhfeidhm an 1 Bealtaine 2002; agus, ar an tríú dul síos, an riocht eacnamaíoch dúshlánach ina bhfuil an Iordáin, go háirithe mar thoradh ar na coinbhleachtaí sa tSiria agus san Iaráic agus ar an líon mór dídeanaithe as an tSiria a bheith sa tír.
•An rogha ionstraime
Ní bheadh maoiniú tionscadail ná cúnamh teicniúil oiriúnach chun aghaidh a thabhairt ar na cuspóirí maicreacnamaíocha. Is é an breisluach is mó a bhaineann le cúnamh macra-airgeadais thar aon ionstraim eile atá ag an Aontas Eorpach go laghdaítear srian an mhaoinithe sheachtraigh go pras agus go gcruthaítear creat maicreacnamaíoch láidir, lena náirítear trí chomhardú íocaíochtaí agus cás buiséadach atá inbhuanaithe a chur chun cinn, mar aon le le creat iomchuí le haghaidh athchóirithe struchtúracha. Trí chreat iomchuí a chur ar bun le haghaidh beartais mhaicreacnamaíocha agus struchtúracha, tá sé de bhua ag an gcúnamh macra-airgeadais go gcuireann sí le héifeachtacht na mbeart a mhaoinítear cheana féin san Iordáin faoi na hionstraimí airgeadais eile sin de chuid an Aontais atá níos spriocdhírithe.
3.TORTHAÍ Ó MHEASTÓIREACHTAÍ EX POST, Ó CHOMHAIRLIÚCHÁIN LEIS NA PÁIRTITHE LEASMHARA AGUS Ó MHEASÚNUITHE TIONCHAIR
•Meastóireachtaí ex post/seiceálacha oiriúnachta ar an reachtaíocht atá ann cheana
Cuirtear san áireamh sa togra MFA ón gCoimisiún ceachtanna a foghlaimíodh ó mheastóireachtaí ex post a rinneadh ar oibríochtaí roimhe i gcomharsanacht an Aontais, go háirithe an mheastóireacht ex post ar an oibríocht MFA-I a soláthraíodh don Iordáin in 2015 agus a rialaíodh faoi Chinneadh 1351/2013/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2013.
Baineadh de chonclúid as an meastóireacht ex post sin gur chomhlíon an clár MFA-I na cuspóirí a bhí leis. Ceapadh é ar bhealach a bhí oiriúnach le dul i ngleic le dúshláin eacnamaíocha na hIordáine, agus chuir sé go mór le cobhsú éifeachtach staid sheachtrach agus fhioscach na hIordáine. Bhí breisluach mór ag baint leis an gclár don Aontas toisc gur thacaigh sé leis an gcobhsaíocht mhaicreacnamaíoch i dtír chomhpháirtíochta chomharsanach agus gur maolaíodh tionchar ghéarchéim na ndídeanaithe dá bharr. Ceapadh agus cuireadh chun feidhme é ar bhealach atá comhsheasmhach le beartais agus ionstraimí eile de chuid an Aontais. Bhí tionchar dearfach sóisialta ag an gclár chomh maith agus cuireadh le cumas na tíre an fiachas náisiúnta a sheasamh de bharr na ndálaí fíorfhabhracha maoiniúcháin.
•Comhairliúcháin leis na páirtithe leasmhara
Agus an togra seo le haghaidh cúnamh macra-airgeadais á ullmhú, bhí seirbhísí an Choimisiúin i dteagmháil go tráthrialta le húdaráis na hIordáine chun úinéireacht ar an gclár a chothú san Iordáin. Thairis sin, ós rud é go soláthraítear cúnamh macra-airgeadais mar chuid lárnach den tacaíocht idirnáisiúnta ar mhaithe le cobhsú eacnamaíoch na hIordáine, chuaigh an Coimisiún i gcomhairle le páirtithe idirnáisiúnta na hIordáine, mar shampla, an Ciste Airgeadaíochta Idirnáisiúnta agus an Banc Domhanda, agus tá siad sin ag tacú leis an tír le cláir thábhachtacha mhaoiniúcháin.
•Bailiú agus úsáid saineolais
Rinne an Coimisiún, i gcomhar le saineolaithe seachtracha, Measúnú Oibríochtaí inar fíoraíodh cáilíocht agus iontaofacht scagchuarda airgeadais agus nósanna imeachta riaracháin na hIordáine, agus ullmhaíodh an tuarascáil deiridh i mí Mheán Fómhair 2016. Tá súil Measúnú Oibríochtaí nua a dhéanamh sa chéad ráithe de 2020 d’fhonn an dul chun cinn is déanaí a chur san áireamh.
•Measúnú tionchair
Is ionstraim éigeandála eisceachtúil é cúnamh macra-airgeadais an Aontais Eorpaigh agus is é is cuspóir dó aghaidh a thabhairt ar mhórdheacrachtaí comhardaithe íocaíochtaí i dtríú tíortha. Mar sin, ní gá, mar chuid den togra seo maidir le cúnamh macra-airgeadais, Measúnú Tionchair a dhéanamh i gcomhréir le Treoirlínte an Choimisiúin maidir le Rialáil Níos Fearr (SWD (2015) 111 leagan deireanach) mar go bhfuil riachtanas polaitiúil ann gníomhú go pras sa chás éigeandála seo a dteastaíonn mearfhreagairt ina leith.
Beidh an MFA ina chuidiú le riachtanais maoinithe ghearrthéarmaigh na hIordáine a mhaolú. An clár um choigeartú eacnamaíoch agus athchóiriú struchtúrach a ghabhann leis an MFA, déanann sé comhlánú ar chreat athchóirithe agus fáis cúig bliana na hIordáine, agus beidh sé ina chuidiú le creat maicreacnamaíoch láidira chruthú agus le hathchóirithe struchtúracha uaillmhianacha a chur chun feidhme chun na hionchais fáis agus cruthaithe post a fheabhsú. Beidh an maoiniú ón MFA ina chuidiú freisin leis an tír is tairbhí an coigeartú eacnamaíoch is gá a dhéanamh ar bhealach nach mbeidh chomh géar ná chomh tobann céanna agus a bheadh sé murach cúnamh airgeadais seachtrach. Ar an gcaoi sin, tugann sé cosaint ar thionchar sóisialta an choigeartaithe agus ar dhrochthionchar ghéarchéim na tíre. Soláthrófar maoiniú fadtéarmach de réir téarmaí an-fhabhrach agus tacófar le hathchóirithe tríd an gclár MFA agus, ar an gcaoi sin, cuirfidh an clár leis an gcoigeartú fioscach, cuirfidh sé feabhas ar chumas na hIordáine an fiachas a sheasamh agus beidh sé ina chuidiú leis an spás fioscach is gá a chruthú chun leanúint den chaiteachas sóisialta is gá d’ainneoin an bhrú eacnamaíoch agus shóisialta a bhíonn ann i gcónaí mar gheall ar na dúshláin atá sa réigiún, mar shampla, 1.3 milliún Siriach a bheith sa tír de réir mheastacháin údaráis na hIordáine (agus 660 330 duine díobh sin cláraithe le UNHCR i mí Lúnasa 2019). Thairis sin, leis an gcoinníollacht bheartais spriocdhírithe, is cuidiú é an MFA leis na dálaí cearta a chruthú chun go mbeidh fás níos cothroime, níos inbhuanaithe agus níos cuimsithí ann.
4.IMPLEACHTAÍ BUISÉADACHA
Is i bhfoirm iasachtaí a sholáthrófaí an cúnamh agus mhaoineofaí í le hoibríochtaí iasachtaíochta a dhéanfadh an Coimisiún thar ceann an Aontais. Beidh costais bhuiséadacha an chúnaimh comhfhreagrach do sholáthar na méideanna a eisíocfar leis an gciste ráthaíochta le haghaidh bearta seachtracha ón Aontas Eorpach, de réir ráta 9 %, as líne bhuiséid 01 03 06 (“Soláthar don Chiste Ráthaíochta”).
Má ghlactar leis go neisíocfar an chéad dá iasacht, ar fiú EUR 300 milliún iad san iomlán, in 2020 agus an tríú hiasacht, ar fiú EUR 200 milliún iad san iomlán, in 2021, agus de réir na rialacha lena rialaítear sásra an chiste ráthaíochta, déanfar méideanna an tsoláthair chomhfhreagraigh a chur isteach i mbuiséid 2022 (EUR 27 milliún) agus 2023 (EUR 18 milliún).
Measann an Coimisiún gur féidir tionchar buiséadach an MFA atá beartaithe don Iordáin a chumhdach ina thogra don chéad chreat airgeadais ilbhliantúil eile.
5.EILIMINTÍ EILE
•Pleananna cur chun feidhme, agus socruithe faireacháin, meastóireachta agus tuairiscithe
Cuirfidh an tAontas Eorpach cúnamh macra-airgeadais suas le EUR 500 milliún ar fáil don Iordáin. Is i bhfoirm iasachtaí meántéarmacha go fadtéarmacha a chuirfear ar fáil é, agus beidh sé ina chuidiú leis na riachtanais maoinithe sheachtraigh a bheidh fós ag an Iordáin in 2020-21 a chumhdach. Tá sé beartaithe an cúnamh a eisíoc ina thrí thráthchodanna. Táthar ag súil gur i dtreo mhí an Mheithimh 2020 a eisíocfar an chéad tráthchuid. D’fhéadfaí an dara tráthchuid a eisíoc sa cheathrú ráithe de 2020 agus d’fhéadfaí an tríú ceann a eisíoc sa dara ráithe de 2021 ar choinníoll go mbeidh na bearta beartais a ghabhann le gach tráthchuid curtha chun feidhme go tráthúil.
Is é an Coimisiún a bhainisteoidh an cúnamh. Beidh forálacha sonracha maidir le cosc ar chalaois agus ar neamhrialtachtaí eile i bhfeidhm, forálacha a bheidh i gcomhréir leis an Rialachán Airgeadais.
Shocródh an Coimisiún agus údaráis na hIordáine ar Mheabhrán Tuisceana ina leagfaí amach na bearta le haghaidh athchóiriú struchtúrach a bhaineann leis an gcúnamh macra-airgeadais atá beartaithe, lena náirítear uainiú agus seicheamhú an chúnaimh. Thairis sin, de réir mar is gnách i gcás cúnamh macra-airgeadais, dhéanfaí na heisíocaíochtaí ar choinníoll go mbeadh, inter alia, toradh sásúil ar na hathbhreithnithe a dhéanfaí faoin gclár CAI agus go leanfadh an Iordáin de bheith ag tarraingt as cistí CAI.
Tá clásal éagtha sa togra seo. Chuirfí an tacaíocht mhacra-airgeadais atá beartaithe ar fáil ar feadh tréimhse dhá bhliain go leith, tréimhse a thosódh an chéad lá tar éis theacht i bhfeidhm an Mheabhráin Tuisceana.
Gach bliain, déanfaidh an Coimisiún tuarascáil ar chur chun feidhme an Chinnidh seo sa bhliain roimhe sin a chur faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle. Thairis sin, déanfaidh an Coimisiún measúnú ar chomhlíonadh chuspóirí an chúnaimh, lena náirítear i gcomhthéacs meastóireacht ex post a chuirfidh an Coimisiún faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle tráth nach déanaí ná dhá bhliain tar éis dul in éag don tréimhse ina mbeidh an cúnamh ar fáil.
Tá téacs an togra seo comhsheasmhach leis an téacs atá i gCinntí MFA roimhe mar a d’fhormheas Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle iad le blianta beaga anuas.
2019/0192 (COD)
Togra le haghaidh
CINNEADH Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE
maidir le cúnamh macra-airgeadais breise a sholáthar do Ríocht Haisimíteach na hIordáine
TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 212 (2) de,
Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,
Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,
Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach,
De bharr an méid seo a leanas:
(1)Tá forbairt á déanamh i rith an ama i dtaca leis an gcaidreamh idir an tAontas Eorpach (“an tAontas”) agus Ríocht Haisimíteach na hIordáine (an Iordáin) faoi chuimsiú Bheartas Comharsanachta na hEorpa (BCE). Shínigh an Iordáin Comhaontú Comhlachais leis an Aontas an 24 Samhain 1997, comhaontú a tháinig i bhfeidhm an 1 Bealtaine 2002. Faoin gComhaontú Comhlachais sin, bhunaigh an tAontas agus an Iordáin Limistéar Saorthrádála de réir a chéile le linn idirthréimhse 12 bhliain. Ina theannta sin, tháinig comhaontú maidir le léirscaoileadh breise táirgí talmhaíochta i bhfeidhm in 2007. In 2010, thángthas ar chomhaontú idir an tAontas agus an Iordáin maidir le comhpháirtíocht Ardstádais, comhpháirtíocht arb é atá i gceist leis réimsí comhair a leathnú. Tháinig prótacal i bhfeidhm an 1 Iúil 2011 maidir le Sásraí um Réiteach Díospóidí le haghaidh trádála idir an tAontas Eorpach agus an Iordáin, prótacal a síníodh i mí na Nollag 2009. Rinneadh idirphlé polaitiúil agus comhar eacnamaíoch a fhorbairt tuilleadh faoi chuimsiú an Chomhaontaithe Comhlachais, na dTosaíochtaí Comhpháirtíochta idir an tAontas agus an Iordáin agus an Chreata Tacaíochta Aonair, 2017-2020.
(2)Ó 2011 i leith, thug an Iordáin faoi líon áirithe athchóirithe polaitiúla chun an daonlathas parlaiminteach agus an smacht reachta a neartú. Bunaíodh Cúirt Bhunreachta agus Coimisiún Toghchán Neamhspleách agus rith Parlaimint na hIordáine líon áirithe dlíthe tábhachtacha, lena náirítear an tAcht Toghcháin agus an tAcht um Páirtithe Polaitiúla chomh maith le dlíthe maidir le dílárú agus bardasachtaí. Glacadh feabhsuithe reachtacha i dtaca le neamhspleáchas na mbreithiúna agus cearta na mban.
(3)Is mór a d’fhulaing geilleagar na hIordáine mar gheall ar na coinbhleachtaí fada, go háirithe sna tíortha comharsanacha, an Iaráic agus an tSiria. De thoradh na corraíola sin sa réigiún, tá laghdú mór tagtha ar an méid airgid atá ag teacht isteach ón gcoigríoch agus tá brú ar an airgeadas poiblí. Tá turasóireacht agus infheistíocht dhíreach choigríche thíos leis sin, agus cuireadh bac ar bhealaí trádála ar feadh tréimhsí fada. I gcás ar leithligh, bhí briseadh i sreabhadh an gháis nádúrtha a bhí ag teacht as an Éigipt ar feadh blianta fada, rud ba chúis leis an ngá fuinneamh a aimsiú ó fhoinsí malartacha ar chostas níos airde. Ina theannta sin, de dheasca sreabhadh mór dídenaithe a bheith ag teacht isteach as an tSiria, imríodh tionchair ar gheilleagar na hIordáine, rud a chuir brú breise ar a staid fhioscach, ar a seirbhísí poiblí agus ar a bonneagar.
(4)I mí Lúnasa 2016, tháinig CAI agus údaráis na hIordáine ar chomhaontú maidir leis an dara clár coigeartaithe eacnamaíoch, clár a fhaigheann tacaíocht ó Shaoráid Fhadaithe Chistiúcháin (SFC) ar luach USD 723 mhilliún, méid a tháinig sna sála ar Shocrú Teannta trí bliana ar luach USD 2 bhilliún idir 2012 agus 2015. I mí na Bealtaine 2019, cuireadh síneadh leis an gclár SFC go dtí mí an Mhárta 2020.
(5)I mí na Nollag 2016, ghlac an tAontas an dara clár de chúnamh macra-airgeadais (MFA-II) ar luach EUR 200 milliún i bhfoirm iasachtaí, mar fhreagra ar iarraidh a fuarthas ón Iordáin i mí an Mhárta 2016 agus tar éis an chéad chláir MFA a thabhairt i gcrích, clár arbh fhiú EUR 180 milliún é agus a cuireadh chun feidhme in 2015. Beart leantach ba ea MFA-II ar an ngealltanas a tugadh ag an gcomhdháil dar teideal “Tacú leis an tSiria agus leis an Réigiún” a reáchtáladh i Londain an 4 Feabhra 2016, áit ar chuir an tAontas EUR 2.39 billiún i ngeall sna blianta 2016-2017 mar thacaíocht airgeadais do na tíortha is mó a ndearna géarchéim na ndídeanaithe difear dóibh, an Iordáin san áireamh. An Meabhrán Tuisceana ina sainmhínítear na coinníollacha beartais maidir le MFA-II, tháinig siad i bhfeidhm an 19 Meán Fómhair 2017. An 17 Deireadh Fómhair 2017, scaoileadh an chéad tráthchuid de MFA-II, agus scaoileadh an dara tráthchuid an 21 Meitheamh 2019, tar éis chur chun feidhme na mbeart beartais a comhaontaíodh.
(6)Sa Chinneadh maidir le MFA-II, faoi mar a ghlac na comhreachtóirí é i mí na Nollag 2016, bhí Ráiteas Comhpháirteach ó Pharlaimint na hEorpa, ón gComhairle agus ón gCoimisiún ina ndearna an Coimisiún, i bhfianaise na ndúshlán fioscach agus na nimthosca urghnácha atá roimh an Iordáin mar thoradh ar aíocht a sholáthar do líon mór Siriach (1.3 milliún de réir údaráis na hIordáine), gealltanas a thabhairt togra nua a bheartú, más iomchuí, le haghaidh síneadh a chur le cúnamh macra-airgeadais don Iordáin agus chun é a mhéadú, nuair a thabharfar an dara MFA chun críche agus ar choinníoll go ndéanfar na réamhchoinníollacha a bhíonn ann de ghnáth i dtaca leis an gcineál sin cúnaimh a chomhlíonadh, lena náirítear go ndéanfaidh an Coimisiún measúnú nuashonraithe ar riachtanais maoinithe sheachtraigh na hIordáine.
(7)In 2017-2019, an éagobhsaíocht fhada réigiúnach, neamhchosaint mhór an réigiúin ar luaineacht praghsanna ola agus an méadú ar chostais iasachtaí le haghaidh margaí i mbéal forbartha ar bhonn domhanda, chuaigh sin ar fad crua ar gheilleagar na hIordáine. Dá thoradh sin, tháinig moill ar fhás eacnamaíoch athuair, tháinig méadú mór ar dhífhostaíocht, thit ioncam ó chánacha agus tháinig riachtanais nua maoinithe fhioscaigh agus sheachtraigh chun cinn.
(8)Sa chomhthéacs dúshlánach sin, dhearbhaigh an tAontas agus an pobal idirnáisiúnta a dtiomantas athuair tacú leis an Iordáin go minic ina dhiaidh sin, mar shampla, ag Comhdháil na Bruiséile maidir le “Tacaíocht do Thodhchaí na Siria” i mí Aibreáin 2017, ag an gComhairle Comhlachais idir an tAontas agus an Iordáin i mí Iúil 2017 agus ag Comhdháil na Bruiséile II maidir le “Tacaíocht do Thodhchaí na Siria” i mí Aibreáin 2018. Ag an gcomhdháil “Tionscnamh Londan” i mí Feabhra 2019, agus ag Comhdháil na Bruiséile III i mí an Mhárta 2019, d’athdheimhnigh pobal na ndeontóirí idirnáisiúnta agus réigiúnacha, an tAontas Eorpach san áireamh, go raibh sé beartaithe acu tacaíocht a thabhairt d’iarrachtaí na hIordáine an chobhsaíocht mhaicreacnamaíoch a chaomhnú agus na hionchais fáis a fheabhsú.
(9)Ó bhí tús ghéarchéim na Siria ann in 2011, tá breis agus EUR 2.1 billiún curtha ar fáil don Iordáin ag an Aontas faoi ionstraimí éagsúla (lena náirítear EUR 380 milliún faoin dá chlár Cúnaimh Macra-Airgeadais a bhí ann roimhe) chun cuidiú leis an tír an chobhsaíocht eacnamaíoch a chaomhnú, an tathchóiriú polaitiúil agus eacnamaíoch a chothabháil agus aghaidh a thabhairt ar a cuid riachtanas daonnúil, forbartha agus slándála. Ina theannta sin, tá isteach agus amach le EUR 486 mhilliún leithdháilte mar iasachtaí tionscadail ar an Iordáin.
(10)I mí Iúil 2019, i bhfianaise na staide eacnamaíche atá deacair go fóill agus an ionchais ina leith, d’iarr an Iordáin cúnamh macra-airgeadais breise ar an Aontas.
(11)Tar éis gur tugadh an tathbhreithniú ar an dara clár CAI i gcrích go sásúil an 6 Bealtaine 2019, chuir CAI agus an Iordáin tús le plé maidir le clár CAI a thiocfaidh i gcomharba ar an gceann reatha ó mhí an Mhárta 2020 ar aghaidh, tráth a thabharfar an socrú faoin tSaoráid Fhadaithe Chistiúcháin i gcrích, faoi mar atá tuartha.
(12)Ós rud é gur tír í an Iordáin a chumhdaítear faoi BCE, ba cheart a mheas go bhfuil sí incháilithe chun cúnamh macra-airgeadais a fháil ón Aontas.
(13)Is é ba cheart a bheith i gcúnamh macra-airgeadais an Aontais ionstraim airgeadais eisceachtúil lena dtugtar tacaíocht neamhcheangailte agus neamhshannta ar mhaithe le comhardú na níocaíochtaí, agus é d’aidhm aici aghaidh a thabhairt ar riachtanais phráinneacha maoinithe sheachtraigh an tairbhí, agus ba cheart an cúnamh sin a úsáid mar bhonn le clár beartais a chur chun feidhme faoina gcuirfí bearta láidre práinneacha i bhfeidhm maidir le coigeartú agus leis an athchóiriú struchtúrach, bearta a bheadh ceaptha an staid i dtaca le comhardú na níocaíochtaí a fheabhsú sa ghearrthéarma.
(14)Ós rud é go bhfuil easnamh maoinithe fós ann maidir le comhardú íocaíochtaí na hIordáine, ar mó é ná na hacmhainní atá á soláthar ag CAI agus ag institiúidí iltaobhacha eile, meastar, sna himthosca eisceachtúla reatha, gur freagairt iomchuí ar iarraidh na hIordáine ar an Aontas tacaíocht a thabhairt do chobhsú a geilleagair cúnamh macra-airgeadais a sholáthar, i gcomhar le clár CAI. Thacódh cúnamh macra-airgeadais an Aontais le cobhsú eacnamaíoch agus le clár um athchóiriú struchtúrach na hIordáine, agus na hacmhainní a cuireadh ar fáil faoi shocrú airgeadais CAI á bhforlíonadh.
(15)Ba cheart é a bheith d’aidhm ag cúnamh macra-airgeadais an Aontais staid inbhuanaithe maidir le maoiniú seachtrach a athbhunú san Iordáin, rud a thacódh le forbairt eacnamaíoch agus shóisialta na tíre.
(16)Déantar méid an chúnaimh macra-airgeadais ón Aontas a chinneadh ar bhonn measúnú cainníochtúil iomlán ar na riachtanais maoinithe sheachtraigh atá fós ag an Iordáin, agus cuirtear san áireamh inniúlacht na tíre sin a hacmhainní dílse, go háirithe na cúlchistí idirnáisiúnta atá ar fáil di, a úsáid chun í féin a mhaoiniú. Ba cheart go gcomhlánódh cúnamh macra-airgeadais an Aontais na cláir agus na hacmhainní atá á soláthar ag CAI agus ag an mBanc Domhanda. Agus méid an chúnaimh á chinneadh, cuirtear san áireamh, freisin, na ranníocaíochtaí airgeadais a bhfuiltear ag súil leo ó dheontóirí déthaobhacha agus iltaobhacha agus an gá atá leis an ualach a roinnt go cothrom idir an tAontas agus deontóirí eile, maille leis an úsáid atá á baint cheana as ionstraimí maoinithe sheachtraigh eile san Iordáin agus an breisluach a bhaineann le rannpháirtíocht an Aontais ina hiomláine.
(17)Ba cheart don Choimisiún a áirithiú go bhfuil cúnamh macra-airgeadais an Aontais i gcomhréir, ó thaobh dlí agus substainte de, le príomhphrionsabail agus príomhchuspóirí réimsí éagsúla na gníomhaíochta seachtraí, agus leis na bearta a ghlactar laistigh díobh, agus le beartais ábhartha eile de chuid an Aontais.
(18)Ba cheart cúnamh macra-airgeadais an Aontais tacú le beartas seachtrach an Aontais i dtaca leis an Iordáin. Ba cheart do sheirbhísí an Choimisiúin agus don tSeirbhís Eorpach Gníomhaíochta Seachtraí a bheith ag obair i ndlúthchomhar le chéile agus an cúnamh macra-airgeadais á oibriú chun beartas seachtrach an Aontais a chomhordú agus chun comhsheasmhacht an bheartais sin a áirithiú.
(19)Ba cheart cúnamh macra-airgeadais an Aontais tacú leis an ngealltanas atá tugtha ag an Iordáin luachanna atá i gcoiteann aici leis an Aontas a urramú, amhail an daonlathas, an smacht reachta, an dea-rialachas, urramú chearta an duine, an fhorbairt inbhuanaithe agus laghdú na bochtaineachta, agus leis an ngealltanas atá tugtha aici maidir le prionsabail na trádála oscailte cothroime atá bunaithe ar rialacha a urramú.
(20)Ba cheart é a bheith ina réamhchoinníoll i dtaca le cúnamh macra-airgeadais an Aontais a dheonú don Iordáin nach mór don Iordáin sásraí éifeachtacha daonlathacha a urramú — lena náirítear córas parlaiminteach ilpháirtí — maille leis an smacht reachta, agus a ráthú go nurramófar cearta an duine. Ina theannta sin, ba cheart na cuspóirí sonracha atá le cúnamh macra-airgeadais an Aontais éifeachtúlacht, trédhearcacht agus cuntasacht na gcóras bainistíochta airgeadais phoiblí san Iordáin a neartú agus athchóirithe struchtúracha a chur chun cinn a bhfuil sé d’aidhm acu tacú le fás inbhuanaithe cuimsitheach, cruthú post agus comhdhlúthú fioscach. Ba cheart don tSeirbhís Eorpach Gníomhaíochta Seachtraí agus don Choimisiún faireachán a dhéanamh go tráthrialta ar chomhlíonadh na réamhchoinníollacha sin agus ar bhaint amach na gcuspóirí sin araon.
(21)Chun a áirithiú go gcosnaítear ar bhealach éifeachtúil na leasanna airgeadais sin de chuid an Aontais atá nasctha le cúnamh macra-airgeadais an Aontais, ba cheart don Iordáin na bearta iomchuí a dhéanamh a bhaineann le calaois, éilliú agus aon neamhrialtachtaí eile i dtaca le cúnamh macra-airgeadais an Aontais a chosc agus a chomhrac. Ina theannta sin, ba cheart foráil a dhéanamh maidir leis an gCoimisiún seiceálacha a dhéanamh agus maidir leis an gCúirt Iniúchóirí iniúchtaí a dhéanamh.
(22)Ní dochar eisíoc chúnamh macra-airgeadais an Aontais do chumhachtaí Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle (ina gcáil mar an túdarás buiséadach).
(23)Ba cheart méideanna an tsoláthair a theastaíonn do chúnamh macra-airgeadais an Aontais a bheith comhsheasmhach leis na leithreasuithe buiséadacha dá bhforáiltear sa chreat airgeadais ilbhliantúil.
(24)Is é an Coimisiún ar cheart dó cúnamh macra-airgeadais an Aontais a bhainistiú. Chun a áirithiú go mbeidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle in ann cur chun feidhme an Chinnidh seo a leanúint, ba cheart don Choimisiún iad a chur ar an eolas go rialta faoi aon fhorbairtí a bhaineann leis an gcúnamh agus na doiciméid ábhartha a sholáthar dóibh.
(25)Chun coinníollacha aonfhoirmeacha a áirithiú maidir leis an gCinneadh seo a chur chun feidhme, ba cheart cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt don Choimisiún. Ba cheart na cumhachtaí sin a fheidhmiú i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle.
(26)Ba cheart cúnamh macra-airgeadais an Aontais a bheith faoi réir coinníollacha beartais eacnamaíoch a bheidh le leagan síos i Meabhrán Tuisceana. Chun coinníollacha aonfhoirmeacha a áirithiú i dtaca leis an gcur chun feidhme agus ar chúiseanna a bhaineann le héifeachtúlacht, ba cheart a thabhairt de chumhacht don Choimisiún na coinníollacha sin a chaibidliú le húdaráis na hIordáine faoi mhaoirseacht choiste ionadaithe na mBallstát i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 182/2011. Faoin Rialachán sin, ba cheart feidhm a bheith leis an nós imeachta comhairliúcháin, mar riail ghinearálta, i ngach cás seachas na cásanna dá bhforáiltear sa Rialachán sin. I bhfianaise an tionchair thábhachtaigh a d’fhéadfadh a bheith ag cúnamh de bhreis agus EUR 90 milliún, is iomchuí an nós imeachta scrúdúcháin a úsáid le haghaidh oibríochtaí os cionn na tairsí sin. I bhfianaise mhéid an chúnaimh macra-airgeadais atá an tAontas a thabhairt don Iordáin, ba cheart feidhm a bheith ag an nós imeachta scrúdúcháin maidir le glacadh an Mheabhráin Tuisceana, agus maidir le haon chás ina ndéanfaí an cúnamh a laghdú, a chur ar fionraí nó a chur ar ceal,
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
1.Cuirfidh an tAontas cúnamh macra-airgeadais EUR 500 milliún ar a mhéid ar fáil don Iordáin (“cúnamh macra-airgeadais an Aontais”), d’fhonn tacú le cobhsú eacnamaíoch na hIordáine agus le clár substainteach um athchóiriú. Beidh an cúnamh sin ina chuidiú chun riachtanais na hIordáine maidir le comhardú na níocaíochtaí, mar a aithníodh iad i gclár CAI, a chumhdach.
2.Is i bhfoirm iasachtaí a sholáthrófar méid iomlán an chúnaimh macra-airgeadais don Iordáin. Tabharfar de chumhacht don Choimisiún, thar ceann an Aontais, an tairgead is gá a fháil ar iasacht ar na margaí caipitil nó ó institiúidí airgeadais agus an tairgead sin a thabhairt ar iasacht don Iordáin. Cúig bliana déag an uastréimhse aibíochta ar an meán a bheidh ag na hiasachtaí sin.
3.Bainisteoidh an Coimisiún eisíoc chúnamh macra-airgeadais an Aontais ar bhealach atá comhsheasmhach leis na comhaontuithe nó na comhthuiscintí arna dtabhairt i gcrích idir an Ciste Airgeadaíochta Idirnáisiúnta (CAI) agus an Iordáin, agus le príomhphrionsabail agus príomhchuspóirí na nathchóirithe eacnamaíocha a leagtar amach sa Chomhaontú Comhlachais idir an tAontas agus an Iordáin.
Cuirfidh an Coimisiún Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle ar an eolas go tráthrialta faoi aon fhorbairtí maidir le cúnamh macra-airgeadais an Aontais, lena náirítear eisíocaíochtaí an chúnaimh sin, agus soláthróidh sé na doiciméid ábhartha do na hinstitiúidí sin in am trátha.
4.Cuirfear cúnamh macra-airgeadais an Aontais ar fáil ar feadh tréimhse 2 bhliain go leith, tréimhse a thosóidh an chéad lá tar éis theacht i bhfeidhm an Mheabhráin Tuisceana dá dtagraítear in Airteagal 3(1).
5.Más rud é, le linn na tréimhse ina mbeidh cúnamh macra-airgeadais an Aontais á eisíoc, go dtiocfaidh laghdú suntasach ar riachtanais mhaoinithe na hIordáine i gcomparáid leis na réamh-mheastacháin tosaigh, déanfaidh an Coimisiún, ag gníomhú dó i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 7(2), méid an chúnaimh a laghdú nó cuirfidh sé an cúnamh ar fionraí nó ar ceal.
Airteagal 2
1.Beidh sé ina réamhchoinníoll i dtaca le cúnamh macra-airgeadais an Aontais a dheonú don Iordáin nach mór don Iordáin sásraí éifeachtacha daonlathacha a urramú — lena náirítear córas parlaiminteach ilpháirtí — maille leis an smacht reachta, agus a ráthú go nurramófar cearta an duine.
2.Déanfaidh an Coimisiún agus an tSeirbhís Eorpach Gníomhaíochta Seachtraí faireachán ar chomhlíonadh an réamhchoinníll sin le linn shaolré chúnamh macra-airgeadais an Aontais.
3.Cuirfear míreanna 1 agus 2 den Airteagal seo i bhfeidhm i gcomhréir le Cinneadh 2010/427/AE ón gComhairle.
Airteagal 3
1.I gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 7(2), socróidh an Coimisiún agus údaráis na hIordáine ar choinníollacha beartais eacnamaíoch agus airgeadais, a bheidh sainithe go soiléir agus ina mbeidh an bhéim ar athchóirithe struchtúracha agus ar airgeadas poiblí fónta agus a mbeidh cúnamh macra-airgeadais an Aontais faoina réir, agus leagfar na coinníollacha sin síos i meabhrán tuisceana (“an Meabhrán Tuisceana”) ina mbeidh tráthchlár ar dá réir nach mór na coinníollacha sin a chomhlíonadh. Beidh na coinníollacha beartais eacnamaíoch agus airgeadais a leagfar amach sa Mheabhrán Tuisceana comhsheasmhach leis na comhaontuithe nó na comhthuiscintí dá dtagraítear in Airteagal 1(3), lena náirítear an coigeartú macra-eacnamaíoch agus na cláir um athchóiriú struchtúrach arna gcur chun feidhme ag an Iordáin le tacaíocht ó CAI.
2.Leis na coinníollacha dá dtagraítear i mír 1, féachfar, go háirithe, le héifeachtúlacht, trédhearcacht agus cuntasacht na gcóras bainistíochta airgeadais phoiblí san Iordáin a fheabhsú, lena náirítear i dtaca le cúnamh macra-airgeadais an Aontais a úsáid. Aon dul chun cinn atá déanta i dtaca le margaí na hIordáine agus an Aontais a oscailt dá chéile, trádáil chothrom atá bunaithe ar rialacha a fhorbairt, agus tosaíochtaí eile i gcomhthéacs bheartas seachtrach an Aontais, cuirfear san áireamh go cuí é freisin uair a cheapfar na bearta beartais. Déanfaidh an Coimisiún faireachán go tráthrialta ar an dul chun cinn atá á dhéanamh maidir leis na cuspóirí sin a bhaint amach.
3.I gcomhaontú iasachta atá le tabhairt i gcrích idir an Coimisiún agus údaráis na hIordáine, leagfar síos na téarmaí mionsonraithe airgeadais a ghabhann le cúnamh macra-airgeadais an Aontais.
4.Fíoróidh an Coimisiún go tráthrialta go bhfuiltear ag leanúint de na coinníollacha dá dtagraítear in Airteagal 4(3) a chomhlíonadh, lena náirítear cibé acu atá nó nach bhfuil beartais eacnamaíocha na hIordáine i gcomhréir leis na cuspóirí atá le cúnamh macra-airgeadais an Aontais. Á dhéanamh sin dó, beidh an Coimisiún ag comhordú go dlúth le CAI agus leis an mBanc Domhanda agus, i gcás inar gá, le Parlaimint na hEorpa agus leis an gComhairle.
Airteagal 4
1.Faoi réir na gcoinníollacha dá dtagraítear i mír 3, cuirfidh an Coimisiún cúnamh macra-airgeadais an Aontais ar fáil ina dtrí thráthchuid. Leagfar síos méid gach tráthchoda sa Mheabhrán Tuisceana dá dtagraítear in Airteagal 3.
2.Déanfar foráil maidir leis na méideanna de chúnamh macra-airgeadais an Aontais, i gcás inar gá, i gcomhréir le Rialachán (CE, Euratom) Uimh. 480/2009 ón gComhairle.
3.Déanfaidh an Coimisiún cinneadh maidir le heisíoc na dtráthchodanna faoi réir gach ceann de na coinníollacha seo a leanas a bheith comhlíonta:
(a)an réamhchoinníoll a leagtar amach in Airteagal 2;
(b)teist shásúil leanúnach maidir le clár beartais a chur chun feidhme ina bhfuil bearta láidre maidir le coigeartú agus athchóiriú struchtúrach, clár beartais a fhaigheann tacaíocht ó shocrú creidmheasa le CAI nach socrú réamhchúraim é; agus
(c)na coinníollacha beartais eacnamaíoch agus airgeadais a socrófar orthu sa Mheabhrán Tuisceana a chur chun feidhme go sásúil.
Ní dhéanfar an dara tráthchuid a eisíoc, i bprionsabal, tráth is luaithe ná trí mhí tar éis an chéad tráthchuid a eisíoc. Ní dhéanfar an dara tráthchuid a eisíoc, i bprionsabal, tráth is luaithe ná trí mhí tar éis an dara tráthchuid a eisíoc.
4.I gcás nach gcomhlíontar na coinníollacha dá dtagraítear sa chéad fhomhír de mhír 3, déanfaidh an Coimisiún eisíoc chúnamh macra-airgeadais an Aontais a chur ar fionraí go sealadach nó a chur ar ceal. I gcásanna den sórt sin, cuirfidh sé Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle ar an eolas faoi na cúiseanna a bhaineann leis an gcur ar fionraí nó leis an gcur ar ceal sin.
5.Is le Banc Ceannais na hIordáine a eisíocfar cúnamh macra-airgeadais an Aontais. Faoi réir na bhforálacha a socrófar orthu sa Mheabhrán Tuisceana, lena náirítear deimhniú na riachtanas maoinithe sheachtraigh atá fós ann, féadfar cistí an Aontais a aistriú chuig Aireacht Airgeadais na hIordáine ina cáil mar an tairbhí deireanach.
Airteagal 5
1.Na hoibríochtaí iasachtaí a fháil agus iasachtaí a thabhairt a bhaineann le cúnamh macra-airgeadais an Aontais, is in euro a dhéanfar iad agus beidh an dáta luacha céanna orthu agus ní bhéarfaidh siad go mbeidh aon bhaint ag an Aontas leis an gclaochlú aibíochta, ná ní chuirfidh siad an tAontas i mbaol aon riosca ó thaobh ráta malairte nó ráta úis de, ná aon riosca tráchtála eile.
2.I gcás inar féidir é sna himthosca, agus má iarann an Iordáin amhlaidh, féadfaidh an Coimisiún na bearta is gá a dhéanamh chun a áirithiú go náireofar clásal luath-aisíocaíochta i dtéarmaí agus coinníollacha na hiasachta agus go mbeidh clásal comhfhreagrach i dtéarmaí agus coinníollacha na noibríochtaí iasachtaíochta.
3.I gcás inar féidir ráta úis níos fabhraí i leith na hiasachta a bheith ann sna himthosca agus má iarrann an Iordáin amhlaidh, féadfaidh an Coimisiún a chinneadh iomlán a iasachtaí tosaigh, nó páirt díobh, a athmhaoiniú, nó féadfaidh sé na coinníollacha airgeadais comhfhreagracha a athstruchtúrú. Déanfar oibríochtaí athmhaoiniúcháin nó athstruchtúrúcháin i gcomhréir le míreanna 1 agus 4 agus ní hé is éifeacht leo síneadh a chur le haibíocht na niasachtaí lena mbaineann ná méid an chaipitil atá gan íoc ar dháta an athmhaoiniúcháin nó an athstruchtúrúcháin a mhéadú.
4.Is ar an Iordáin a bheidh aon chostas a thabhóidh an tAontas i dtaca leis na hoibríochtaí iasachtaíochta agus iasachtóireachta faoin gCinneadh seo.
5.Cuirfidh an Coimisiún Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle ar an eolas faoi aon fhorbairtí i dtaca leis na hoibríochtaí dá dtagraítear i míreanna 2 agus 3.
Airteagal 6
1.Cuirfear cúnamh macra-airgeadais an Aontais chun feidhme i gcomhréir le Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 1046/2018 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle.
2.Is faoi bhainistiú díreach a dhéanfar cúnamh macra-airgeadais an Aontais a chur chun feidhme.
3.Beidh sa Chomhaontú Iasachta dá dtagraítear in Airteagal 3(3):
(a)forálacha lena náirithítear go ndearbhóidh an Iordáin go tráthrialta gur baineadh úsáid cheart as an maoiniú arna sholáthar ó bhuiséad an Aontais, go ndéanfaidh sí bearta iomchuí chun neamhrialtachtaí agus calaois a chosc agus, más gá, go dtabharfaidh sí caingean dlí chun aon chistí míleithreasaithe a soláthraíodh faoin gCinneadh seo a aisghabháil;
(b)forálacha lena náirithítear cosaint leasanna airgeadais an Aontais, agus foráil á déanamh go háirithe maidir le bearta sonracha i dtaca le calaois, éilliú agus aon neamhrialtachtaí eile a dhéanann dochar do chúnamh macra-airgeadais an Aontais a chosc agus a chomhrac, i gcomhréir le Rialacháin (CE, Euratom) Uimh. 2988/95 agus (CE, Euratom) Uimh. 2185/96 ón gComhairle, agus Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 883/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle. Go sonrach, chuige sin, údarófar go sainráite don Oifig Eorpach Frith-Chalaoise imscrúduithe a dhéanamh, lena náirítear, go háirithe, seiceálacha agus cigireachtaí ar an láthair, lena náirítear oibríochtaí agus agallaimh fóiréinsice digití;
(c)forálacha lena núdaraítear go sainráite don Choimisiún (OLAF), nó dá ionadaithe, seiceálacha a dhéanamh, lena náirítear seiceálacha agus cigireachtaí ar an láthair;
(d)forálacha lena núdaraítear go sainráite don Choimisiún agus don Chúirt Iniúchóirí iniúchtaí a dhéanamh le linn agus i ndiaidh na tréimhse ina mbeidh cúnamh macra-airgeadais an Aontais ar fáil, lena náirítear iniúchtaí ar dhoiciméid agus iniúchtaí ar an láthair, ar nós measúnuithe oibríochtúla;
(e)forálacha lena náirithítear go bhfuil an tAontas i dteideal luath-aisíoc na hiasachta i gcás inar suíodh, i ndáil le bainistiú chúnamh macra-airgeadais an Aontais, go raibh baint ag an Iordáin le haon ghníomh calaoise nó éillithe nó le haon ghníomhaíocht neamhdhleathach eile a dhéanfadh dochar do leasanna airgeadais an Aontais.
(f)forálacha lena náirithítear gur ar an Iordáin a bheidh aon chostas a thabhóidh an tAontas i dtaca le cúnamh airgeadais.
4.Sula gcuirfear cúnamh macra-airgeadais an Aontais chun feidhme, déanfaidh an Coimisiún measúnú, trí bhíthin measúnú oibríochtúil, ar a fhónta atá socruithe airgeadais na hIordáine, na nósanna imeachta riaracháin, agus na sásraí rialaithe inmheánaigh agus sheachtraigh is ábhartha maidir leis an gcúnamh.
Airteagal 7
1.Tabharfaidh coiste cúnamh don Choimisiún. Beidh an coiste sin ina choiste de réir bhrí Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.
2.I gcás ina ndéanfar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5 de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.
Airteagal 8
1.Faoin 30 Meitheamh gach bliain, cuirfidh an Coimisiún tuarascáil faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle maidir le cur chun feidhme an Chinnidh seo sa bhliain roimhe sin, lena náirítear meastóireacht ar an gcur chun feidhme sin. Sa tuarascáil, déanfar an méid seo a leanas:
(a)scrúdófar an dul chun cinn atá déanta i dtaca le cúnamh macra-airgeadais an Aontais a chur chun feidhme;
(b)déanfar staid eacnamaíoch agus ionchais na hIordáine a mheasúnú, mar aon leis an dul chun cinn atá déanta i dtaca leis na bearta beartais dá dtagraítear in Airteagal 3(1) a chur chun feidhme;
(c)sonrófar an chomhbhaint idir na coinníollacha beartais eacnamaíoch a leagtar síos sa Mheabhrán Tuisceana, feidhmíocht leanúnach eacnamaíoch agus fhioscach na hIordáine agus cinntí an Choimisiúin maidir le heisíoc na dtráthchodanna atá i gcúnamh macra-airgeadais an Aontais.
2.Tráth nach déanaí ná dhá bhliain tar éis dul in éag don tréimhse ina mbeidh cúnamh macra-airgeadais an Aontais ar fáil, mar a thagraítear di in Airteagal 1(4), cuirfidh an Coimisiún faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle tuarascáil meastóireachta ex-post, ina ndéanfar measúnú ar thorthaí agus éifeachtúlacht an chúnaimh macra-airgeadais ón Aontas agus ar a mhéid a rannchuidigh sé i dtaca leis na cuspóirí a bhí leis an gcúnamh sin a bhaint amach.
Airteagal 9
Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm an tríú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh
Arna dhéanamh sa Bhruiséil,
Thar ceann Pharlaimint na hEorpa
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán
An tUachtarán
RÁITEAS AIRGEADAIS REACHTACH
1.LEAGAN AMACH AN TOGRA/TIONSCNAIMH
1.1.Teideal an togra/tionscnaimh
1.2.Réimsí beartais lena mbaineann
1.3.Baineann an togra/tionscnamh le
1.4.Cuspóirí
1.4.1.Cuspóirí ginearálta
1.4.2.Cuspóirí sonracha
1.4.3.An toradh agus an tionchar a mheastar a bheidh ann
1.4.4.Táscairí feidhmíochta
1.5.Forais an togra/tionscnaimh
1.5.1.Na ceanglais is gá a chomhlíonadh sa ghearrthéarma nó san fhadtéarma, lena náirítear amlíne mhionsonraithe maidir le cur chun feidhme céimneach an tionscnaimh
1.5.2.Breisluach a bhaineann le rannpháirteachas AE (d’fhéadfadh an breisluach a bheith ann mar thoradh ar fhachtóirí éagsúla, e.g. deimhneacht dhlíthiúil, breis éifeachtachta, comhlántachtaí, nó gnóthachain de thoradh comhordú). Chun críocha an phointe seo, is é a chiallaíonn “breisluach a bhaineann le rannpháirteachas AE” an luach a thagann as idirghabháil an Aontais ar luach é atá sa bhreis ar an luach a bheadh ann dá mbeadh na Ballstáit ag feidhmiú leo féin.
1.5.3.Ceachtanna a foghlaimíodh ó thaithí eile den sórt sin san am a chuaigh thart
1.5.4.Comhoiriúnacht don Chreat Airgeadais Ilbhliantúil agus sineirgíochtaí a d’fhéadfadh a bheith ann le hionstraimí iomchuí eile
1.5.5.Measúnú ar na roghanna éagsúla maoinithe atá ar fáil, lena náirítear na féidearthachtaí athshannadh a dhéanamh
1.6.Fad an togra/tionscnaimh agus an tionchar airgeadais a mheastar a bheidh aige
1.7.Modhanna bainistíochta atá beartaithe
2.BEARTA BAINISTÍOCHTA
2.1.Rialacha faireacháin agus tuairiscithe
2.2.Córas bainistíochta agus rialaithe
2.2.1.An bonn cirt atá leis na modhanna bainistíochta, le sásraí cur chun feidhme an mhaoinithe, leis na coinníollacha íocaíochta agus leis an straitéis rialaithe atá beartaithe
2.2.2.Faisnéis faoi na rioscaí a aithníodh agus na córais rialaithe inmheánaigh a cuireadh ar bun chun na rioscaí a mhaolú
2.2.3.Meastachán ar chost-éifeachtúlacht na rialuithe agus an bonn cirt atá leis sin (cóimheas “costais rialaithe ÷ luach na gcistí gaolmhara arna mbainistiú”) agus measúnú ar an leibhéal riosca earráide a mheastar a bheidh ann (tráth an íocaíocht a dhéanamh agus tráth an clár a dhúnadh)
2.3.Bearta chun calaois agus neamhrialtachtaí a chosc
3.AN TIONCHAR AIRGEADAIS A MHEASTAR A BHEIDH AG AN TOGRA/TIONSCNAMH
3.1.Ceannteidil an chreata airgeadais ilbhliantúil agus na línte buiséid ar a nimreofar tionchar
3.2.An tionchar airgeadais a mheastar a bheidh ag an togra ar leithreasuithe
3.2.1.Achoimre ar an tionchar a mheastar a bheidh aige ar leithreasuithe faoi chomhair oibríochtaí
3.2.2.An taschur a mheastar a mhaoineofar le leithreasuithe faoi chomhair oibríochtaí
3.2.3.Achoimre ar an tionchar a mheastar a bheidh aige ar leithreasuithe de chineál riaracháin
3.2.4.Comhoiriúnacht don chreat airgeadais ilbhliantúil reatha
3.2.5.Ranníocaíochtaí ó thríú páirtithe
3.3.An tionchar a mheastar a bheidh ar ioncam
RÁITEAS AIRGEADAIS REACHTACH
1.LEAGAN AMACH AN TOGRA/TIONSCNAIMH
1.1.Teideal an togra/tionscnaimh
Cúnamh macra-airgeadais do Ríocht Haisimíteach na hIordáine
1.2.Réimsí beartais lena mbaineann
Réimse beartais:
Gnóthaí Eacnamaíocha agus Airgeadais
Gníomhaíocht:
Gnóthaí idirnáisiúnta eacnamaíocha agus airgeadais
1.3.Baineann an togra/tionscnamh le beart nua
1.4.Cuspóirí
1.4.1.Cuspóirí ginearálta
“Borradh nua a chur faoi phoist, fás agus infheistíocht: an rathúnas a chothú taobh amuigh den Aontas Eorpach”
1.4.2.Cuspóirí sonracha
“An rathúnas a chur chun cinn taobh amuigh den Aontas Eorpach”
Na gníomhaíochtaí a bhaineann le DG ECFIN, tá baint acu leis an méid seo a leanas:
(d)Tacaíocht a thabhairt don chobhsaíocht mhacra-airgeadais agus athchóirithe spreagtha fáis a chur chun cinn taobh amuigh den Aontas Eorpach ar bhealaí éagsúla lena náirítear dul i mbun comhphlé eacnamaíoch go tráthrialta le comhpháirtithe tábhachtacha agus tacaíocht mhacra-airgeadais a sholáthar; agus
(e)Tacaíocht a thabhairt don phróiseas maidir le méadú, do chur chun feidhme Bheartas Comharsanachta an Aontais Eorpaigh agus do thosaíochtaí an Aontais i dtríú tíortha eile trí anailís eacnamaíoch a dhéanamh agus trí mheasúnuithe ar bheartais agus comhairle a chur ar fáil.
1.4.3.An toradh agus an tionchar a mheastar a bheidh ann
Is éard atá sa tacaíocht atá beartaithe iasacht suas le EUR 500 milliún a thabharfaidh an tAontas Eorpach don Iordáin, d’fhonn dálaí níos inbhuanaithe a chothú maidir le comhardú na níocaíochtaí. An cúnamh sin, a eisíocfar ina thrí thráthchuid, ba cheart go gcabhródh sé sin leis an tír teacht slán as na deacrachtaí atá aici maidir leis an ngeilleagar agus le comhardú na níocaíochtaí. Ina theannta sin, cuirfidh an cúnamh sin athchóirithe struchtúracha chun cinn arb é is aidhm leo fás eacnamaíoch inbhuanaithe a mhéadú agus bainistíocht airgeadais phoiblí a fheabhsú. Thairis sin, trí mhaoiniú fadtéarmach a sholáthar de réir téarmaí an-fhabhrach, cuirfidh an clár Cúnaimh Macra-Airgeadais le cumas na hIordáine an fiachas a sheasamh, agus, san am céanna, cuideoidh sé leis an tír leanúint den chaiteachas sóisialta is gá d’ainneoin an bhrú eacnamaíoch agus shóisialta a bhíonn ann i gcónaí mar gheall ar na dúshláin atá sa réigiún, lena náirítear líon mór Siriach a bheith sa tír (measann rialtas na hIordáine go bhfuil 1.3 milliún díobh ann, agus 660 330 den líon sin cláraithe in Oifig Ard-Choimisinéir na Náisiún Aontaithe le haghaidh Dídeanaithe (UNHCR), sonraí ón 4 Lúnasa 2019). Cuirfidh an clár Cúnaimh Macra-Airgeadais i dtábhacht dlúthpháirtíocht an Aontais Eorpaigh leis an Iordáin agus an muinín atá aige as an tír sin, chomh maith le tábhacht gheopholaitiúil na hIordáine don Aontas Eorpach i gcomhthéacs ghéarchéim na Siria.
1.4.4.Táscairí feidhmíochta
Beidh ceangal ar na húdaráis tuairisc a thabhairt go tráthrialta do sheirbhísí an Choimisiúin faoi thacar táscairí eacnamaíocha agus tuarascáil chuimsitheach a sholáthar faoi chomhlíonadh na gcoinníollacha beartais a comhaontaíodh sula neisíocfar tráthchodanna an chúnaimh.
Leanfaidh an Coimisiún d’fhaireachán a dhéanamh ar bhainistíocht airgeadais phoiblí, tar éis an mheasúnaithe oibríochtaí ar na scagchuarda airgeadais agus na nósanna imeachta riaracháin san Iordáin, measúnú a dhéanfaí sa chéad ráithe de 2020. Soláthróidh Toscaireacht an Aontais san Iordáin tuairiscí go tráthrialta faoi shaincheisteanna a bhaineann le faireachán ar an gcúnamh. Fanfaidh seirbhísí an Choimisiúin i ndlúth-theagmháil leis an gCiste Airgeadaíochta Idirnáisiúnta (CAI) agus leis an mBanc Domhanda chun tairbhe a bhaint as an tuiscint atá acu de thoradh a ngníomhaíochtaí reatha san Iordáin.
Leis an gcinneadh reachtach atá beartaithe, táthar ag beartú tuarascáil bhliantúil a chur faoi bhráid na Comhairle agus Pharlaimint na hEorpa, tuarascáil ina mbeidh measúnú ar chur chun feidhme na hoibríochta freisin. Déanfar meastóireacht ex post neamhspleách ar an gcúnamh laistigh de dhá bhliain tar éis don tréimhse cur chun feidhme dul in éag.
1.5.Forais an togra/tionscnaimh
1.5.1.Na ceanglais is gá a chomhlíonadh sa ghearrthéarma nó san fhadtéarma, lena náirítear amlíne mhionsonraithe maidir le cur chun feidhme céimneach an tionscnaimh.
Eisíocfar an cúnamh ar choinníoll go gcomhlíonfar an réamhchoinníoll polaitiúil agus go mbeidh teist shásúil ar chur chun feidhme socraithe airgeadais idir an Iordáin agus CAI. Ina theannta sin, tiocfaidh an Coimisiún ar chomhaontú le húdaráis na hIordáine maidir le coinníollacha sonracha beartais, arna liostú i Meabhrán Tuisceana.
Tá sé beartaithe an cúnamh a eisíoc ina thrí thráthchodanna. Táthar ag súil go neisíocfar an chéad tráthchuid faoi Mheitheamh 2020. D’fhéadfaí an dara agus an tríú tráthchuid a eisíoc sa cheathrú ráithe in 2020 agus sa dara ráithe in 2021, ar choinníoll go gcuirfear na bearta beartais a ghabhann le gach tráthchuid chun feidhme go tráthúil.
1.5.2.Breisluach a bhaineann le rannpháirteachas AE (d’fhéadfadh an breisluach a bheith ann mar thoradh ar fhachtóirí éagsúla, e.g. deimhneacht dhlíthiúil, breis éifeachtachta, comhlántachtaí, nó gnóthachain de thoradh comhordú). Chun críocha an phointe seo, is é a chiallaíonn “breisluach a bhaineann le rannpháirteachas AE” an luach a thagann as idirghabháil an Aontais ar luach é atá sa bhreis ar an luach a bheadh ann dá mbeadh na Ballstáit ag feidhmiú leo féin.
An cúnamh macra-airgeadais leis an Iordáin, is léiriú é ar thábhacht straitéiseach na tíre sin don Aontas Eorpach, agus tá sé i gcomhréir le cuspóirí Bheartas Comharsanachta na hEorpa (BCE). Ionstraim bunaithe ar bheartais is ea ionstraim an chúnaimh macra-airgeadais arb é is aidhm léi riachtanais airgeadais sheachtracha a mhaolú sa ghearrthéarma agus san fhadtéarma. Mar chuid de phacáiste cúnaimh foriomlán an Aontais Eorpaigh, rannchuideodh sé le tacaíocht a thabhairt do chuspóirí an Aontais maidir le cobhsaíocht, forbairt eacnamaíoch agus athléimneacht san Iordáin agus, níos ginearálta fós, i gcomharsanacht Dheisceart na hEorpa.
Cuirfidh an clár Cúnaimh Macra-Airgeadais i dtábhacht dlúthpháirtíocht an Aontais Eorpaigh leis an Iordáin agus an muinín atá aige as an tír sin, chomh maith le tábhacht gheopholaitiúil na hIordáine don Aontas Eorpach i gcomhthéacs ghéarchéim na Siria. Tá na méid sin i gcomhsheasmhacht le gealltanas an Aontais Eorpaigh i dtaca leis an Iordáin mar a cuireadh in iúl ar uairibh le blianta beaga anuas ag an gcomhdháil Tionscnamh Londain i mí Feabhra 2019 agus ag comhdháil na Bruiséile III i mí an Mhárta 2019.
Trí thacaíocht a thabhairt do dhícheall údaráis na hIordáine creat cobhsaí maicreacnamaíoch a bhunú agus athchóirithe struchtúracha uaillmhianacha a chur chun feidhme, cuirfidh an cúnamh macra-airgeadais atá beartaithe leis an mbreisluach a bhaineann leis an ról atá ag an Aontas Eorpach san Iordáin agus le héifeachtacht cineálacha eile cúnaimh airgeadais ón Aontas, lena náirítear oibríochtaí tacaíochta buiséid agus deontais atá ar fáil trí ionstraimí airgeadais seachtracha faoin gcreat airgeadais ilbhliantúil reatha don tréimhse 2014-2020.
Anuas ar thionchar airgeadais an chúnaimh macra-airgeadais, déanfaidh an clár atá beartaithe gealltanas an rialtas a neartú maidir le hathchóiriú na tíre, agus cothóidh sé an ardaidhm atá aici i dtaca le caidreamh níos dlúithe leis an Aontas Eorpach, faoi mar a léirítear sa Chomhaontú Comhlachais a tháinig i bhfeidhm i mí na Bealtaine 2002 agus sna Tosaíochtaí Comhpháirtíochta leis an Aontas Eorpach atá i bhfeidhm ó bhí 2016 ann. Bainfear an toradh sin amach, inter alia, trí choinníollacht iomchuí maidir le heisíocaíocht na tacaíochta. I gcomhthéacs níos leithne maidir leis an gclár, tabharfar le fios do thíortha eile sa réigiún go bhfuil an tAontas réidh chun tacaíocht a thabhairt do thíortha atá ag tabhairt bhóthar an athchóirithe eacnamaíoch orthu féin ach an bóthar sin a bheith leagtha amach go soiléir.
An cúnamh macra-airgeadais atá beartaithe, is dlúthchuid é freisin den tacaíocht idirnáisiúnta iomlán don Iordáin agus leanfaidh sé air ag comhlánú an chúnaimh a sholáthraíonn deontóirí iltaobhacha agus déthaobhacha eile. Trí na hacmhainní a chuireann institiúidí idirnáisiúnta airgeadais agus deontóirí eile ar fáil a chomhlánú, rannchuidíonn cúnamh macrairgeadais ón Aontas Eorpach le héifeachtacht iomlán na tacaíochta airgeadais a chomhaontaigh an pobal idirnáisiúnta deontóirí. Thairis sin,trí mhaoiniú fadtéarmach a sholáthar ar théarmaí lamháltais an-mhaithe, téarmaí a bhíonn níos ísle ná na deontóirí iltaobhacha nó déthaobhacha eile de ghnáth, leanfaidh an clár cúnaimh macra-airgeadais leis ag feabhsú inbhuanaitheacht fiachais na hIordáine, agus san am céanna ag cuidiú leis an tír an caiteachas poiblí atá riachtanach a chaomhnú, fad agus is ann fós don síorbhrú eacnamaíocha agus sóisialta atá ag eascairt as an gcomhthéacs réigiúnach dúshlánach. Cuideoidh coinníollacha an chúnaimh macra-airgeadais le comhardú inbhuanaithe na níocaíochtaí agus riocht buiséadach inbhuanaithe a chothú, acmhainneacht fáis a ardú, comhtháthú agus cóineasú rialála leis an Aontas Eorpach a chur chun cinn agus bainistíocht airgeadais phoiblí a neartú.
1.5.3.Ceachtanna a foghlaimíodh ó thaithí eile den sórt sin san am a chuaigh thart
Ó 2004 i leith, rinneadh meastóireacht ex-post ocht nuaire déag ar oibríochtaí tacaíochta macra-airgeadais. Is í an chonclúid a baineadh as na meastóireachtaí sin gurb amhlaidh a bhíonn an cúnamh mhacra-airgeadais ina chuidiú, bíodh is gur cuidiú ar leibhéal íseal nó indíreach a bhíonn ann uaireanta, le feabhas a chur ar an inbhuanaitheacht sheachtrach agus ar an gcobhsaíocht mhaicreacnamaíoch sa tír is faighteoir, agus go gcabhraíonn sí le hathchóirithe struchtúracha a bhaint amach. I bhformhór na gcásanna, is chun sochair a chuaigh an cúnamh macra-airgeadais do chomhardú íocaíochtaí na tíre is faighteoir agus chuidigh sé léi a srianta buiséadacha a mhaolú. Is toradh eile ar an gcúnamh an méadú beag a tháinig ar an bhfás eacnamaíoch freisin.
Le linn meastóireachta neamhspleáiche in 2017, rinneadh scrúdú ar luach breise, tionchar, dearadh agus cur chun feidhme oibríocht cúnamh macra-airgeadais amháin a rinneadh roimhe sin san Iordáin (Cúnamh Macra-Airgeadais I inar eisíocadh EUR 180 billiún in 2015), agus measadh iad a bheith ábhartha, éifeachtach agus curtha i bhfeidhm go héifeachtúil. Is iad na príomhchonclúidí a d’eascair as an meastóireacht gur imir an cúnamh macra-airgeadais tionchar dearfach ar gheilleagar na hIordáine, rud a chuidigh leis an tír a seasamh seachtrach a chobhsú agus rannchuidiú leis na hiarrachtaí athchóirithe. Anuas air sin, a bhuí lena théarmaí maoinithe an-fhabhracha, rannchuidigh an cúnamh macra-airgeadais le hinbhuanaitheacht fiachais na hIordáine rud a d’fhág go rabhthas in ann comhdhlúthú fioscach a dhéanamh ar bhonn níos réidhe, agus mar gheall air sin bhíothas in ann tionchair dhiúltacha shóisialta thromchúiseacha a sheachaint (giorrúcháin bhreise ar an gcaiteachas poiblí mar shampla).
1.5.4.Comhoiriúnacht don Chreat Airgeadais Ilbhliantúil agus sineirgíochtaí a d’fhéadfadh a bheith ann le hionstraimí iomchuí eile
Comhoiriúnacht don Chreat Airgeadais Ilbhliantúil
Mar chuid d’athbhreithniú meántéarmach an chreata airgeadais ilbhliantúil 2014-2020, méadaíodh acmhainn iasachtaithe bhliantúil an chúnaimh macra-airgeadais go dtí EUR 2 000 milliún. Is leor an méid sin chun an oibríocht seo a chumhdach chomh maith le hoibríochtaí eile de chuid an chúnaimh mhacra-airgeadais a bheith á gcur chun feidhme.
Sineirgíochtaí a d’fhéadfadh a bheith ann le hionstraimí eile:
Tá an tAontas Eorpach ar cheann de na príomhdheontóirí atá ag an Iordáin, agus tugann sé tacaíocht d’athchóirithe eacnamaíocha, struchtúracha agus institiúideacha na tíre maille le tacaíocht dá sochaí shibhialta. Sa chomhthéacs sin, déanann an cúnamh macra-airgeadais bearta seachtracha eile nó ionstraimí eile an Aontais Eorpaigha chomhlánú, bearta agus ionstraimí a úsáidtear chun tacú leis an Iordáin. Na bearta beartais a ghabhann le cúnamh macra-airgeadais, cumhdaíonn siad forálacha roghnaithe a bhaineann leis an gComhaontú Comhlachais agus le Tosaíochtaí Comhpháirtíochta idir an Iordáin agus an tAontas Eorpach. Tá sé i gcomhréir leis an gCreat Tacaíochta Aonair lena sainítear réimsí fócais ó thaobh cúnamh déthaobhach de faoin Ionstraim Eorpach Chomharsanachta le haghaidh 2014-2020.
I gcomparáid le hionstraimí eile de chuid an Aontais, ba é an breisluach ba thábhachtaí a bhainfeadh le cúnamh macra-airgeadais creat maicreacnamaíoch cobhsaí a thógáil trí bhealaí éagsúla, lena náirítear comhardú íocaíochtaí agus staid bhuiséadach inbhuanaithe a chur chun cinn, mar aon le creat iomchuí chun athchóirithe struchtúracha a chur chun cinn. Ní sholáthraíonn an cúnamh macra-airgeadais tacaíocht airgeadais rialta agus cuirfear deireadh leis a luaithe agus a chuirfear staid sheachtrach airgeadais na tíre ar ais ar bhealach na hinbhuanaitheachta.
Ina theannta sin bheadh an tacaíocht mhacra-airgeadais i gcomhsheasmhacht le hidirghabhálacha atá beartaithe ag an bpobal idirnáisiúnta airgeadais, go háirithe na cláir um choigeartú agus athchóiriú a dtugann an CAI agus an Banc Domhanda tacaíocht dóibh.
1.5.5.Measúnú ar na roghanna éagsúla maoinithe atá ar fáil, lena náirítear na féidearthachtaí athshannadh a dhéanamh
Trí iasachtaí a úsáid, déanann an oibríocht seo, an cúnamh macra-airgeadais, éifeachtúlacht bhuiséad an Aontais Eorpaigh a mhéadú tríd an éifeacht giarála agus déanann sé foráil don rogha is cost-éifeachtúlaí.
Tugtar de chumhacht don Choimisiún cistí a fháil ar iasacht ó mhargaí caipitil thar ceann an Aontais Eorpaigh agus Euratom araon, trí bhuiséid an Aontais Eorpaigh a úsáid mar ráthaíocht. Is é is aidhm leis sin cistí a fháil ón margadh ar na rátaí is fearr is féidir a bhuí leis an stádas creidmheasa is airde a bheith ag an Aontas Eorpach/ Euratom (AAA-arna naicmiú ag Fitch, Moody’s agus DBRS, AA arna naicmiú ag S&P, agus ionchas cobhsaí acu ar fad) agus dá éis sin, iad a chur ar fáil ar iasacht d’iasachtaithe incháilithe i gcomhthéacs iasachtaí a thabhairt faoi ESFM, comhardú íocaíochtaí, CSI agus do thionscadail Eorpacha. Déantar iasachtaí a fháil agus a thabhairt mar oibríocht creidmheasa ‘droim le droim’, chun a áirithiú nach nglacann buiséad an Aontais Eorpaigh riosca an ráta úis nó riosca malairte eachtraí air féin. An sprioc chun cistí a fháil ar na rátaí is fearr is féidir le haghaidh gníomhaíochtaí iasachtaíochta agus iasachta, baineadh amach é ar an ábhar go bhfuil na rátaí sin i gcomhréir le hinstitiúidí piaraí (BEI, EFSM, agus SCE), mar a dheimhnigh CIE in 2016.
1.6.Fad an togra/tionscnaimh agus an tionchar airgeadais a mheastar a bheidh aige
◻ tréimhse theoranta
–Tá sé i bhfeidhm ar feadh 2.5 bliana ón uair a tháinig an Meabhrán Tuisceana, mar a luaitear in Airteagal (1.4) den Chinneadh, i bhfeidhm.
–Tionchar airgeadais ó 2020 go 2023 le haghaidh leithreasuithe faoi chomhair gealltanas agus ó 2020 go 2023 le haghaidh leithreasuithe faoi chomhair íocaíochtaí.
1.7.Modhanna bainistíochta atá beartaithe
◻ Bainistíocht dhíreach a dheanann an Coimisiún
–◻ ina ranna, lena náirítear an chuid sin den fhoireann atá i dtoscaireachtaí an Aontais;
2.BEARTA BAINISTÍOCHTA
2.1.Rialacha faireacháin agus tuairiscithe
Den chineál maicreacnamaíoch is ea an cúnamh seo agus ceapadh í i gcomhréir leis an gclár eacnamaíoch a bhfuil tacaíocht CAI leis. Déanfar faireachán ar an mbeart atá á chur i gcrích ag seirbhísí an Choimisiúin ar bhonn an dul chun cinn atá á dhéanamh maidir le cur i bhfeidhm an tsocraithe CAI agus de réir bhearta athchóirithe sonracha atá le comhaontú le húdaráis na hIordáine i Meabhrán Tuisceana (féach freisin pointe 1.4.4), ar mhinicíocht atá comhsheasmhach le líon na dtráthchodanna.
2.2.Córas bainistíochta agus rialaithe
2.2.1.An bonn cirt atá leis na modhanna bainistíochta, le sásraí cur chun feidhme an mhaoinithe, leis na coinníollacha íocaíochta agus leis an straitéis rialaithe atá beartaithe
Na bearta a maoineofar faoin gCinneadh seo, cuirfear chun feidhme iad faoi Bhainistíocht dhíreach a dhéanann an Coimisiún óna cheanncheathrú agus le tacaíocht ó thoscaireachtaí an Aontais.
Tá eisíocaíochtaí cúnaimh mhacra-airgeadais ag brath ar athbhreithnithe rathúla, agus tá siad ceangailte de chomhlíonadh na coinníollachta, rud a ghabhann le gach oibríocht. Déanann an Coimisiún dlúthfhaireachán ar chur chun feidhme coinníollacha, agus sin i ndlúthchomhar le Toscaireachtaí an Aontais.
2.2.2.Faisnéis faoi na rioscaí a aithníodh agus na córais rialaithe inmheánaigh a cuireadh ar bun chun na rioscaí a mhaolú
Na rioscaí a aithníodh
Tá rioscaí ó thaobh muiníne, polaitíochta agus beartas de ag an gcúnamh macra-airgeadais atá beartaithe.
Tá baol ann go núsáidfí an cúnamh macra-airgeadais ar bhealach calaoiseach. Toisc nach bhfuil an cúnamh macra-airgeadais sannta ag an Iordáin do chostais shonracha (murab ionann agus an maoiniú do thionscadail, mar shampla), tá baint ag an riosca sin le tosca ar nós caighdeán ginearálta na gcóras bainistíochta i mBanc Ceannais na hIordáine agus san Aireacht Airgeadais, nósanna imeachta riaracháin, feidhmeanna rialaithe agus maoirseachta, slándáil córas TF agus oiriúnacht na ninniúlachtaí iniúchóireachta inmheánaí agus seachtraí.
Tá riosca eile ann, is é sin go mb’fhéidir nach néireodh leis an Iordáin ús a íoc ar a cuid dliteanas airgeadais i leith an Aontais, dliteanais a bheadh ceangailte leis na hiasachtaí macra-airgeadais atá beartaithe (riosca mainneachtana nó creidmheasa), rud a d’fhéadfadh titim amach, mar shampla, dá rachadh comhordú íocaíochtaí agus staid fhioscach na tíre in olcas.
An staid gheopholaitiúil réigiúnach is cúis le riosca tábhachtach eile don oibríocht, go háirithe an choinbhleacht atá fós gan réiteach sa tSiria, rud mór a chuireann ó dhoras mórán insreabhadh caipitil phríobháidigh agus a chuir bac ar thrádáil le tíortha comharsanacha mar atá an tSiria agus an Iaráic. Dá rachadh an staid gheopholaitiúil réigiúnach in olcas, d’fhéadfadh sé sin tionchar diúltach a imirt ar chobhsaíocht mhaicreacnamaíoch na hIordáine, rud a chuirfeadh isteach ar éifeachtacht chlár CAI agus ar eisíocaíocht agus/nó aisíocaíocht an chúnaimh mhacra-airgeadais atá beartaithe. Ina theannta sin, ba cheart a thabhairt dá aire go bhfuil an Iordáin neamhchosanta ar ghéarchéimeanna ola a d’fhéadfadh a bheith ann mar go bhfuil sé ag brath go mór ar ola allmhairithe le haghaidh a cuid riachtanas fuinnimh. Thairis sin, an méadú atá ag teacht ar rátaí úis an USD, a bhfuil Dinar na hIordáine pionnáilte leis, méadaíonn sé costas na niasachtaí seachtracha. Ar deireadh, tháinig méadú ar spleáchas na hIordáine ar chúnamh ón gcoigríoch. Cé go bhfuil gealltanas tugtha ag an bpobal idirnáisiúnta chun tacú leis an Iordáin, ní mór don tír leanúint de bheith ag mealladh méideanna nach beag cúnaimh ón gcoigríoch chun a riachtanais mhaoinithe a chumhdach sna blianta beaga atá romhainn.
Laistigh den Aontas, is ó mhíshástacht na saoránach a thagann na príomhrioscaí i dtaca leis an staid eacnamaíoch a bheith ag dul in olcas agus an méadú ag teacht ar an dífhostaíocht. D’fhágfadh sé sin nach gcuirfí an tathchóiriú i bhfeidhm i gceart nó go mbeidh míshuaimhneas ann i measc an phobail, faoi mar a tharla nuair a bhí rialtas nua ag teacht isteach i lár 2018 agus, dá bhrí sin, chuir sé bac ar chur chun feidhme an chúnaimh mhacra-airgeadais a bhí beartaithe, lena náirítear trí thionchar a imirt ar dhul an cinn chlár CAI.
Modhanna rialaithe atá beartaithe
Ar deireadh, beidh an cúnamh macra-airgeadais faoi réir nósanna imeachta fíorúcháin, rialaithe agus iniúchóireachta faoi fhreagracht an Choimisiúin, lena náirítear an Oifig Eorpach Frithchalaoise (OLAF) agus Cúirt Iniúchóirí na hEorpa dá bhforáiltear in Airteagal 129 den Rialachán Airgeadais.
Ex-ante: Measúnú an Choimisiún ar chórais bhainistíochta agus rialaithe sna tíortha is tairbhithe. Maidir le gach tír is tairbhí, déanann an Coimisiún measúnú oibríochtúil ex-ante ar na scagchuarda airgeadais agus ar an timpeallacht rialaithe i gcomhar le tacaíocht theicniúil ó chomhairleoirí. Déantar anailís ar nósanna imeachta cuntasaíochta, dualgais a leithscaradh agus iniúchóireacht inmheánach/sheachtrach an Bhainc Cheannais agus an Aireacht Airgeadais chun leibhéal réasúnta cinnteachta a áirithiú maidir le bainistíocht fhónta airgeadais. I gcás go sainaithnítear aon laige, déantar iad a aistriú ina gcoinníollacha nár mhór a chur chun feidhme sula ndéantar an cúnamh a eisíoc. Chomh maith leis sin, nuair is gá, leagtar síos socruithe sonracha le haghaidh íocaíochtaí (e.g. cuntais imfhálaithe).
Le linn cur chun feidhme: Déanann an Coimisiún seiceálacha ar dhearbhuithe tréimhsiúla na dtíortha is tairbhithe. Tá an íocaíocht faoi réir (1) faireacháin a dhéanann baill foirne AS ECFIN, i ndlúthchomhar le toscaireachtaí an Aontais Eorpaigh agus le toscaireachtaí seachtracha, mar atá CAI, ar chur chun feidhme na gcoinníollachtaí arna gcomhaontú, agus (2) an gnáthnós imeachta maidir le rialú dá bhforáiltear ag an scagchuaird airgeadais (samhail 2) a úsáidtear in AS ECFIN, lena náirítear fíorúchán a dhéanann an taonad airgeadais ar na coinníollacha a ghabhann le heisíocíocht an chúnaimh atá luaite thuas. An eisíocaíocht a bhaineann le hoibríochtaí cúnaimh mhacra-airgeadais, d’fhéadfadh sí a bheith faoi réir fíorúcháin bhreise neamhspleácha ex-post (doiciméadacha agus/nó ar an láthair) a dhéanann oifigigh na foirne rialaithe ex-post ón Ard-Stiúrthóireacht. Féadfar fíorúcháin den sórt sin a thionscnamh freisin ar iarraidh ón oifigeach údarúcháin trí fhotharmligean atá freagrach as. Is féidir bristí íocaíochtaí agus íocaíochtaí ar fionraí, ceartúcháin airgeadais agus aisghabhálacha a chleachtadh (arna gcur chun feidhme ag an gCoimisiún) i gcás inar gá (níor tharla sé go dtí seo), agus foráiltear go sainráite dóibh sna comhaontuithe maoinithe leis na tíortha is tairbhithe.
2.2.3.Meastachán ar chost-éifeachtúlacht na rialuithe agus an bonn cirt atá leis sin (cóimheas “costais rialaithe ÷ luach na gcistí gaolmhara arna mbainistiú”) agus measúnú ar an leibhéal riosca earráide a mheastar a bheidh ann (tráth an íocaíocht a dhéanamh agus tráth an clár a dhúnadh)
Na córais rialaithe atá ann, mar atá na measúnuithe oibríochtúla ex-ante nó na measúnuithe ex-post, d’áirithigh siad ráta earráide éifeachtach 0 % maidir leis na híocaíochtaí cúnaimh mhacra-airgeadais. Ar feadh a bhfuil ar eolas againn, ní ann d’aon chás calaoise, éilithe nó gníomhaíochta mídhleathaí. Tá loighic shoiléir idirghabhála ag oibríochtaí cúnaimh mhacra-airgeadais, loighic a fhágann go bhfuil an Coimisiún in ann meastóireacht a dhéanamh ar a dtionchar. A bhuí leis na rialuithe, táthar in ann cinnteacht a dheimhniú agus cuspóirí beartais agus tosaíochtaí a bhaint amach.
2.3.Bearta chun calaois agus neamhrialtachtaí a chosc
Chun na rioscaí a bhaineann le mí-úsáid chalaoiseach a mhaolú, tá roinnt beart déanta cheana agus déanfar bearta eile amach anseo:
I dtús báire, is éard a bheidh sa Chomhaontú Iasachta tacar forálacha maidir le cigireacht, calaois a chosc, iniúchtaí agus aisghabháil cistí i gcás calaoise nó caimiléireachta. Anuas air sin, tá sé beartaithe go gceanglófar roinnt coinníollacha beartais sonracha leis an gcúnamh, lena náirítear coinníollacha a bhaineann le réimse na bainistíochta airgeadais phoiblí, agus é sin d’fhonn éifeachtúlacht, trédhearcacht agus cuntasacht a threisiú. Ina theannta sin, déanfar an tairgead a lóisteáil i gcuntas ar leith de chuid Bhanc Ceannais na hIordáine.
Thairis sin, i gcomhréir le ceanglais an Rialacháin Airgeadais, déanfaidh seirbhísí an Choimisiúin Measúnú Oibríochtúil ar scagchuarda airgeadais agus nósanna imeachta riaracháin na hIordáine chun a fháil amach an bhfuil ráthaíochtaí leordhóthanacha á dtabhairt ag na nósanna imeachta atá ann maidir le bainistíocht tacaíochta cláir, cúnamh macra-airgeadais san áireamh. Cumhdaítear leis an measúnú saincheisteanna ar nós ullmhúchán agus feidhmiú an bhuiséid, rialú airgeadais inmheánach poiblí, iniúchtaí inmheánacha agus seachtracha, soláthar poiblí, bainistíocht airgid thirim agus fiachais phoiblí, chomh maith le neamhspleáchas an bhainc ceannais. Táthar ag súil go ndéanfar an Measúnú Oibríochtúil faoi dheireadh na céad ráithe 2020. Déanfaidh toscaireacht an Aontais Eorpaigh in Amman grinnfhaireachán breise ar fhorbairtí sa réimse sin. Ina theannta sin, tá tacaíocht bhuiséadach á úsáid ag an gCoimisiún chun cabhrú le húdaráis na hIordáine a gcórais bainistithe airgeadais phoiblí a fheabhsú, agus tacaíonn deontóirí eile go mór leis na hiarrachtaí sin.
Ar deireadh, beidh an tacaíocht mhacra-airgeadais faoi réir nósanna imeachta fíorúcháin, rialaithe agus iniúchóireachta faoi fhreagracht an Choimisiúin, lena náirítear an Oifig Eorpach Frithchalaoise (OLAF) agus Cúirt Iniúchóirí na hEorpa dá bhforáiltear in Airteagal 129 den Rialachán Airgeadais.
3.AN TIONCHAR AIRGEADAIS A MHEASTAR A BHEIDH AG AN TOGRA/TIONSCNAMH
3.1.Ceannteidil an chreata airgeadais ilbhliantúil agus na línte buiséid ar a nimreofar tionchar
·Línte buiséid atá ann cheana
In ord cheannteidil agus línte buiséid an chreata airgeadais ilbhliantúil.
Ceannteideal an chreata airgeadais ilbhliantúil
|
Líne buiséid
|
Type of
caiteachas
|
Ranníocaíocht
|
|
Uimhir
|
LD/LN.
|
ó thíortha de chuid CSTE
|
ó thíortha is iarrthóirí
|
ó thríú tíortha
|
de réir bhrí Airteagal 21(2)(a) den Rialachán Airgeadais
|
4
|
01 03 02
Cúnamh macra-airgeadais
|
Difreáilte
|
Líon
|
Líon
|
Líon
|
Líon
|
4
|
01 03 06
Soláthar don Chiste Ráthaíochta
|
Neamhdhif.
|
Líon
|
Líon
|
Líon
|
Líon
|
01 03 06 – De réir an togra ón gCoimisiún, déanfar soláthar don Chiste Ráthaíochta do ghníomhaíochtaí seachtracha i gcomhréir leis an Rialachán maidir leis an gciste, ag úsáid na leithreasuithe faoi líne buiséid 01 03 06 (“Soláthar don Chiste Ráthaíochta”), agus ag ráta 9 % den na dliteanais iomlána gan íoc. Ríomhfar méid an tsoláthair ag tús na bliana “n” mar an difríocht idir an spriocmhéid agus glansócmhainní an Chiste ag deireadh na bliana “n-1”. Déanfar an méid sin a iontráil le linn na bliana “n” sa dréachtbhuiséad do “n+1” agus íocfar go héifeachtach é in aon idirbheart amháin i dtús na bliana “n+1” as an líne buiséid “Soláthar don Chiste Ráthaíochta” (líne buiséid 01 03 06). Mar thoradh air sin, déanfar 9 % den mhéid a bheidh eisíoctha go héifeachtach a chur san áireamh sa spriocmhéid ag deireadh bhliain “n-1” chun an soláthar don Chiste a ríomh.
N.B. Faoin gCreat Airgeadais Ilbhliantúil nua, beidh ainmníocht na buiséadach ann nach bhfuil glactha fós. Mar sin, is ar na línte buiséid a thiocfaidh i gcomharba air seo tar éis 2020 a bheith an tionchar buiséadach le brath.
3.2.An tionchar airgeadais a mheastar a bheidh ag an togra ar leithreasuithe
3.2.1.Achoimre ar an tionchar a mheastar a bheidh aige ar leithreasuithe faoi chomhair oibríochtaí
–◻
Éilíonn an togra/tionscnamh go núsáidfear leithreasuithe faoi chomhair oibríochtaí mar a mhínítear thíos:
EUR milliúin (go dtí an tríú deachúil)
Ceannteideal an chreata airgeadais
ilbhliantúil:
|
4
|
An tAontas ina chomhpháirtí domhanda]
|
Ard-Stiúrthóireacht: ECFIN
|
|
|
2019
|
2020
|
2021
|
2022
|
2023
|
IOMLÁN
|
• Leithreasuithe faoi chomhair oibríochtaí
|
|
|
|
|
|
|
Líne buiséid 01 03 06 Soláthar don Chiste Ráthaíochta
|
Gealltanais
|
(1)
|
|
|
|
27
|
18
|
45
|
|
Íocaíochtaí
|
(2)
|
|
|
|
27
|
18
|
45
|
Líne buiséid 01 03 02 Cúnamh macra-airgeadais (measúnú oibríochtúil agus meastóireacht ex-post )
|
Gealltanais
|
(3)
|
|
0.07
|
|
|
0.15
|
0.22
|
|
Íocaíochtaí
|
(4)
|
|
0.07
|
|
|
0.15
|
0.22
|
Leithreasuithe de chineál riaracháin arna maoiniú ó chlúdach clár sonrach Uimhir na líne buiséid
|
Gealltanais = Íocaíochtaí
|
(5)
|
|
|
|
|
|
-
|
IOMLÁN leithreasuithe
faoi CHEANNTEIDEAL 4
den chreat airgeadais ilbhliantúil
|
Gealltanais
|
=1+3
|
|
0.07
|
|
27
|
18.15
|
45.22
|
|
Íocaíochtaí
|
=2+4
|
|
0.07
|
|
27
|
18.15
|
45.22
|
Ceannteideal an chreata airgeadais
ilbhliantúil:
|
5
|
“Caiteachas riaracháin”
|
EUR milliúin (go dtí an tríú deachúil)
|
|
|
2019
|
2020
|
2021
|
2022
|
2023
|
IOMLÁN
|
Ard-Stiúrthóireacht: ECFIN
|
|
• Acmhainní daonna
|
0.030
|
0.064
|
0.038
|
0.002
|
0.023
|
0.157
|
• Caiteachas riaracháin eile
|
0.010
|
0.020
|
0.010
|
|
|
0.040
|
IOMLÁN Ard Stiúrthóireacht ECFIN
|
Leithreasuithe
|
0.040
|
0.084
|
0.048
|
0.002
|
0.023
|
0.197
|
IOMLÁN leithreasuithe
faoi CHEANNTEIDEAL 5
den chreat airgeadais ilbhliantúil
|
(Iomlán gealltanas = Iomlán íocaíochtaí)
|
0.040
|
0.084
|
0.048
|
0.002
|
0.023
|
0.197
|
EUR milliúin (go dtí an tríú deachúil)
|
|
|
2019
|
2020
|
2021
|
2022
|
2023
|
IOMLÁN
|
IOMLÁN leithreasuithe
faoi CHEANNTEIDIL 1 go 5
den chreat airgeadais ilbhliantúil
|
Gealltanais
|
0.040
|
0.154
|
0.048
|
27.002
|
18.173
|
45.417
|
|
Íocaíochtaí
|
0.040
|
0.154
|
0.048
|
27.002
|
18.173
|
45.417
|
3.2.2.An taschur a mheastar a mhaoineofar le leithreasuithe faoi chomhair oibríochtaí
Leithreasuithe faoi chomhair gealltanas in EUR milliúin (go dtí an tríú deachúil)
Sonraigh cuspóirí agus aschuir
⇩
|
|
|
Year
2019
|
Year
2020
|
Year
2021
|
Year
2022
|
Bliain
2023
|
IOMLÁN
|
|
|
|
ASCHUIR
|
|
Cineál
|
Meánchostas
|
Líon
|
Costas
|
Líon
|
Costas
|
Líon
|
Costas
|
Líon
|
Costas
|
Líon
|
Costas
|
Líon iomlán
|
Costas iomlán
|
CUSPÓIR SONRACH Uimh. 1...
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
- Aschur
|
Measúnú Oibríochtúil
|
|
|
|
1
|
0.070
|
|
|
|
|
|
|
1
|
0.070
|
- Aschur
|
Soláthar don Chiste Ráthaíochta
|
|
|
|
|
|
|
|
2
|
27
|
1
|
18
|
3
|
45
|
- Aschur
|
Meastóireacht ex post
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
1
|
0.150
|
1
|
0.150
|
Fo-iomlán do chuspóir sonrach Uimh. 1
|
|
|
1
|
0.070
|
|
|
2
|
27
|
2
|
18.150
|
5
|
45.22
|
IOMLÁN
|
|
|
1
|
0.070
|
|
|
2
|
27
|
2
|
18.150
|
5
|
45.22
|
3.2.3.Achoimre ar an tionchar a mheastar a bheidh aige ar leithreasuithe de chineál riaracháin
–◻
Éilíonn an togra/tionscnamh go núsáidfear leithreasuithe de chineál riaracháin mar a mhínítear thíos:
EUR milliúin (go dtí an tríú deachúil)
|
Year
2019
|
Year
2020
|
Year
2021
|
Year
2022
|
Bliain
2023
|
IOMLÁN
|
HEADING 5
den chreat airgeadais ilbhliantúil
|
|
|
|
|
|
|
Acmhainní daonna
|
0.030
|
0.064
|
0.038
|
0.002
|
0.023
|
0.157
|
Caiteachas riaracháin eile
|
0.010
|
0.020
|
0.010
|
|
|
0.040
|
Subtotal HEADING 5
den chreat airgeadais ilbhliantúil
|
0.040
|
0.084
|
0.048
|
0.002
|
0.023
|
0.197
|
Outside HEADING 5
den chreat airgeadais ilbhliantúil
|
|
|
|
|
|
|
Acmhainní daonna
|
|
|
|
|
|
|
Other expenditure
de chineál riaracháin
|
|
|
|
|
|
|
Subtotal
lasmuigh de CHEANNTEIDEAL 5
of the multiannual financial framework
|
|
|
|
|
|
|
IOMLÁN
|
0.040
|
0.084
|
0.048
|
0.002
|
0.023
|
0.197
|
Na leithreasuithe is gá le haghaidh acmhainní daonna agus caiteachas eile de chineál an riaracháin, cumhdófar iad leis na leithreasuithe sin san Ard-Stiúrthóireacht atá sannta cheana do bhainistíocht an bhirt agus/nó atá athshannta laistigh den Ard-Stiúrthóireacht, mar aon le haon leithdháileadh breise a d’fhéadfaí a thabhairt don Ard-Stiúrthóireacht atá i mbun bainistíochta faoi chuimsiú an nós imeachta maidir le leithdháileadh bliantúil i bhfianaise na srianta buiséadacha.
3.2.3.1.Na hacmhainní daonna a mheastar a bheidh riachtanach
–◻
Éilíonn an togra/tionscnamh go núsáidfear acmhainní daonna mar a mhínítear thíos:
Sloinnfear an meastachán in aonaid de choibhéis lánaimseartha
·
|
Bliain
2019
|
Bliain
2020
|
Bliain 2021
|
Bliain 2022
|
Bliain 2023
|
•Poist don phlean bunaíochta (oifigigh agus foireann shealadach)
|
XX 01 01 01 (Ceanncheathrú agus Oifigí Ionadaíocht an Choimisiúin)
|
0.10
|
0.25
|
0.15
|
0.01
|
0.01
|
XX 01 01 02 (Toscaireachtaí)
|
|
|
|
|
|
XX 01 05 01/11/21 (Taighde indíreach)
|
|
|
|
|
|
10 01 05 01/11 (Taighde díreach)
|
|
|
|
|
|
• Foireann sheachtrach (in aonad Coibhéis Lánaimseartha: Coibhéis Lánaimseartha)
|
XX 01 02 01 (AC, END, INT ón “imchlúdach iomlánaíoch”)
|
0.20
|
0.35
|
0.20
|
0.01
|
0.01
|
XX 01 02 02 (AC, AL, END, INT agus JPD sna toscaireachtaí)
|
|
|
|
|
|
XX 01 04 yy
|
·- sa cheanncheathrú
·
|
|
|
|
|
|
·
|
·- i dtoscaireachtaí
|
|
|
|
|
|
XX 01 05 02/12/22 (CA, SNE, INT – Taighde indíreach)
|
|
|
|
|
|
10 01 05 02/12 (CA, INT, SNE – Taighde díreach)
|
|
|
|
|
|
Línte buiséid eile (sonraigh)
|
|
|
|
|
|
IOMLÁN
|
0.30
|
0.60
|
0.35
|
0.02
|
0.20
|
Is é XX an réimse beartais nó an teideal buiséid lena mbaineann.
Soláthrófar na hacmhainní daonna is gá le baill foirne ón Ard-Stiúrthóireacht a bhfuil bainistíocht an bhirt faoina gcúram cheana agus/nó ar athshannadh a gcúraimí laistigh den Ard-Stiúrthóireacht, mar aon le haon leithdháileadh breise a d’fhéadfaí a thabhairt don Ard-Stiúrthóireacht atá i mbun bainistíochta faoi chuimsiú an nós imeachta maidir le leithdháileadh bliantúil i bhfianaise na srianta buiséadacha.
Cur síos ar na cúraimí a bheidh le déanamh:
Oifigigh agus pearsanra sealadach
|
Stiúrthóir Stiúrthóireacht D: An oibríocht a mhaoirsiú agus a bhainistiú, dul i gcomhairle leis an gComhairle agus leis an bParlaimint maidir le glacadh an Chinnidh agus maidir le faomhadh an Mheabhráin Tuisceana (MT), an MT a chaibidliú le húdaráis na tíre is tairbhí, tuarascálacha a athbhreithniú, misin a stiúradh agus an dul chun cinn i dtaobh comhlíonadh na coinníollachta a mheasúnú.
Ceann aonaid/Leascheann aonaid Stiúrthóireacht D: Cúnamh a thabhairt don Stiúrthóir maidir leis an méid seo a leanas: an oibríocht a bhainistiú, dul i gcomhairle leis an gComhairle agus leis an bParlaimint maidir le glacadh an Chinnidh agus maidir le faomhadh an MT, an MT agus (in éineacht le Stiúrthóireacht D) an Comhaontú Saoráide Iasachta a chaibidliú le húdaráis na tíre is tairbhí, tuarascálacha a athbhreithniú agus an dul chun cinn i dtaobh comhlíonadh na coinníollachta a mheasúnú.
Eacnamaithe, Earnáil TMA (Stiúrthóireacht D): An Cinneadh agus an MT a ullmhú, dul i gcomhairle leis na húdaráis agus leis na hinstitiúidí airgeadais idirnáisiúnta, misin athbhreithnithe a sheoladh, tuarascálacha fhoireann an Choimisiúin a ullmhú mar aon le nósanna imeachta an Choimisiúin maidir le bainistiú an chúnaimh, dul i gcomhairle le saineolaithe seachtracha maidir leis an measúnú oibríochtúil agus maidir leis an meastóireacht ex post.
Stiúrthóireacht L (Aonaid L1, L2 agus L3 faoi mhaoirseacht an Stiúrthóra): An Comhaontú Saoráide Iasachta a ullmhú, é a chaibidliú le húdaráis na tíre is tairbhí agus é a chur á fhaomhadh ag seirbhísí de chuid an Choimisiúin a bhfuil an cúram sin orthu, agus é a chur á shíniú ag an dá pháirtí. Teacht i bhfeidhm an Chomhaontuithe Saoráide Iasachta a leanúint. Cinneadh nó cinntí an Choimisiúin a ullmhú maidir leis na hidirbhearta iasachta, cur isteach na nIarratas ar Chistí a leanúint, na bainc a roghnú, na hidirbhearta iasachta a ullmhú agus a chur i gcrích agus na cistí a eisíoc leis an tír is tairbhí. Na gníomhaíochtaí cúloifige a dhéanamh lena leantar aisíocaíocht na hiasachta/na niasachtaí. Na tuarascálacha comhfhreagracha a ullmhú maidir leis na gníomhaíochtaí sin.
|
Pearsanra seachtrach
|
|
3.2.4.Comhoiriúnacht don chreat airgeadais ilbhliantúil reatha
I gcás an togra/tionscnaimh seo:
–◻
is féidir é a mhaoiniú ina iomláine trí athshannadh laistigh den cheannteideal ábhartha den Chreat Airgeadais Ilbhliantúil (CAI).
3.2.5.Ranníocaíochtaí ó thríú páirtithe
I gcás an togra/tionscnaimh seo:
–◻
ní dhéantar foráil maidir le cómhaoiniú le tríú páirtithe
3.3.An tionchar a mheastar a bheidh ar ioncam
–◻
Ní bheidh tionchar airgeadais ar bith ag an togra ar ioncam.