An Bhruiséil,7.1.2019

COM(2019) 4 final

2019/0002(COD)

Togra le haghaidh

RIALACHÁN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

lena mbunaítear na coinníollacha a bhaineann le rochtain a fháil ar chórais faisnéise eile de chuid an Aontais Eorpaigh chun críocha ETIAS agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 2018/1240, Rialachán (CE) Uimh. 767/2008, Rialachán (AE) Uimh. 2017/2226 agus Rialachán (AE) 2018/1861


MEABHRÁN MÍNIÚCHÁIN

1.    COMHTHÉACS AN TOGRA

Forais agus cuspóirí an togra

I Meán Fómhair 2018, ghlac an Chomhairle agus Parlaimint na hEorpa dhá ghníomh reachtacha, Rialachán lena mbunaítear an Córas Eorpach um Fhaisnéis agus Údarú Taistil (‘ETIAS’) 1 agus leasú ar Rialachán Europol chun ETIAS a bhunú 2 .

Bunaítear ETIAS as measc iarrachtaí a rinneadh le blianta beaga anuas ar leibhéal an Aontais Eorpaigh chun slándáil na saoránach a fheabhsú agus chun imirce neamhrialta san Eoraip oscailte a chosc, trí bhainistiú na dteorainneacha seachtracha a dhaingniú agus leanúint den bhainistiú sin a neartú 3 , 4 . Is san óráid ar Staid an Aontais 2016 a fógraíodh comhthéacs an chórais agus fógraíodh inti freisin go rabhthas leis an gcóras a bhunú. Seo mar a labhair an tUachtarán Juncker: ‘Cosnóimid teorainneacha an Aontais […] le grinnrialuithe orthu siúd a thrasnaíonn na teorainneacha sin. Aon uair a thiocfaidh duine isteach nó amach as an Aontas Eorpach, beidh taifead ann maidir le huair, áit agus fáth a theachta nó a imeachta. I mí na Samhna [2016], beidh molta againn córas Eorpach um fhaisnéis taistil – córas uathoibrithe lena gcinnfear cé aige a mbeidh cead taisteal go dtí an Eoraip. Ar an gcaoi sin, beidh a fhios againn – sula leaga siad cos ar úir Eorpa – cé atá chugainn”.

Faoi ETIAS, líonfar an bhearna faisnéise maidir le taistealaithe atá díolmhaithe ón gceanglas a bheith i seilbh víosa agus iad ag trasnú na dteorainneacha seachtracha. Faoi ETIAS, cinnfear incháilitheacht náisiúnach tríú tír atá díolmhaithe ó cheanglas víosa sula dtaistealóidh siad chuig Limistéar Schengen, agus cinnfear an mbeadh riosca slándála nó riosca imirce neamhrialta nó ardriosca eipidéime i gceist leis an taisteal sin. A bhuí le ETIAS freisin, is féidir muinín a bheith ag taistealaithe go bhféadfaidh siad na teorainneacha a thrasnú gan deacracht. I gcás inar gá, d’fhéadfadh Aonaid Náisiúnta ETIAS údarú taistil de chuid ETIAS a dhiúltú.

Mar chuid den mheasúnú ar rioscaí den sórt sin déanfar uathphróiseáil ar shonraí pearsanta a thugtar sna hiarratais ar údarú taistil. Bunaítear le Rialachán ETIAS go gcuirfear na sonraí pearsanta sna hiarratais i gcomparáid leis na sonraí atá i dtaifid, i gcomhaid nó i bhfoláirimh atá cláraithe i gcórais faisnéise an Aontais Eorpaigh nó i mbunachair sonraí an Aontais Eorpaigh (Lárchóras ETIAS, Córas Faisnéise Schengen (‘SIS’), an Córas Faisnéise Víosaí (‘VIS’), an Córas Dul Isteach/Imeachta ‘(EES’) nó Eurodac), i sonraí Europol nó i mbunachair sonraí Interpol (bunachar sonraí Interpol faoi Dhoiciméid Taistil a Goideadh agus a Cailleadh (‘DTGC’) nó bunachar sonraí Interpol faoi Dhoiciméid Taistil a mBaineann Fógraí leo (‘TDAWN’)) 5 .

Cé go sainítear in Airteagal 20 den Rialachán cén grúpa sonraí ó chomhaid iarratais ETIAS is féidir a úsáid chun na córais eile a cheadú, ní bhailítear ná ní thaifeadtar na sonraí uile sin ar an gcaoi chéanna le córais faisnéise eile an Aontais Eorpaigh agus le sonraí Europol. Mar shampla, i gceann amháin de na córais, bailítear ‘tír eisiúna an doiciméid taistil’ agus i gcóras eile is amhlaidh a thaifeadtar na sonraí céanna ar chaoi eile, e.g. mar ‘chód trí litir thír eisiúna an doiciméid taistil’. I gcásanna eile, bailítear catagóir sonraí i gcóras amháin ach ní bhailítear iad sa chóras eile. Mar shampla, bailítear ‘céadainmneacha thuismitheoirí na niarratasóirí’ faoi ETIAS, ach ní bhailítear iad sa chuid is mó de na córais eile atá le ceadú ag ETIAS.

Chomh maith leis sin, níorbh ionann, tráth a glacadh togra ETIAS 6 , an staid maidir le córais faisnéise éagsúla an Aontais Eorpaigh a bhí le ceadú ag ETIAS agus an staid atá ann anois. Tráth a glacadh togra ETIAS, beartaíodh dhá chóras teicneolaíochta faisnéise eile de chuid an Aontais a bhunú: bhí plé ar siúl maidir le Rialachán EES 7 agus bhí togra ón gCoimisiún maidir le Córas Faisnéise Eorpach um Thaifid Choiriúla – Náisiúnaigh Tríú Tír (‘ECRIS-TCN’) 8 ar tí a bheartaithe. Maidir le córais faisnéise atá ann cheana, bhí téacsanna dlí SIS ag athrú mar gheall ar na hathbhreithnithe a beartaíodh ar chreat dlíthiúil SIS i mí na Nollag 2016, creat a ghlac comhreachtóirí i mí na Samhna 2018 faoi dheireadh 9 . Bhí an Coimisiún tar éis an tathmhúnlú ar Rialachán Eurodac 10 a bheartú freisin mar chuid den athchóiriú ar Chomhchóras Eorpach Tearmainn, ach ní raibh an tathmhúnlú sin glactha ag na comhreachtóirí fós 11 . Tá an tathmhúnlú ar Rialachán Eurodac fós gan glacadh ag na comhreachtóirí.

Bunaithe ar an méid sin, sonraítear in Airteagal 11(2) de Rialachán ETIAS an méid seo a leanas: “Na leasuithe ar na gníomhartha dlíthiúla lena mbunaítear córais faisnéise an Aontais Eorpaigh is gá iad lena nidir-inoibritheacht le ETIAS a bhunú, chomh maith leis na forálacha comhfhreagracha a chur leis an Rialachán seo, déanfar iad in ionstraim dhlíthiúil faoi leith.”

Dá réir sin, is é is aidhm don togra seo na leasuithe teicniúla a leagan amach, ar leasuithe iad is gá chun córas ETIAS a bhunú ina iomláine trí leasú a dhéanamh ar na gníomhartha dlíthiúla de chuid chórais teicneolaíochta faisnéise an Aontais a cheadaítear faoi ETIAS. Leagtar amach leis an togra seo freisin na forálacha comhfhreagracha agus leasaítear leis Rialachán ETIAS dá réir sin.

Ar an gcéad dul síos, leagtar amach leis an tionscnamh seo leasuithe ar Rialachán ECRIS-TCN, agus tháinig na comhreachtóirí ar ‘chomhaontú i bprionsabal’ ina leith le déanaí. Dá réir sin, i gcomhréir leis an rún a luaigh comhreachtóirí i Rialachán ETIAS 12 , is féidir na forálacha is gá maidir leis an gcaidreamh idir ETIAS agus ECRIS-TCN a chur san áireamh anois in ETIAS agus is féidir ECRIS-TCN a leasú dá réir sin.

Ar an dara dul síos, is é is aidhm don tionscnamh seo na caidrimh idir ETIAS agus SIS a bhunú. An creat dlí SIS athbhreithnithe, glacadh i mí na Samhna 2018 é. Áirítear sa togra seo leasuithe iarmhartacha a eascraíonn ó Rialacháin nua SIS a ghlacadh. I gcomhréir le creat dlíthiúil nua SIS tá sé beartaithe an chatagóir nua foláirimh maidir le seiceálacha fiosrúcháin 13 a áireamh le haghaidh iarratais a mheasúnú. Níl sé beartaithe an chatagóir foláirimh a áireamh i gcinntí um fhilleadh toisc go scriostar foláirimh den sórt sin ach a gcuirtear cinneadh um fhilleadh chun feidhme. Ciallaíonn sin, i dtaca leis na daoine a dhéanann iarratas i gcomhair údarú ETIAS tar éis dóibh an tAontas a fhágáil – de réir sainmhínithe – nach mbeidh taifead um fhilleadh ag na daoine sin i SIS. Ar an tríú dul síos, féachann an tionscnamh seo le Rialachán EES a leasú chun a chaidreamh le ETIAS a bhunú ar bhonn teicniúil.

Ar an gceathrú dul síos, féachann an tionscnamh seo le Rialachán VIS a leasú chun go bhféadfaidh VIS iarratais ETIAS a fháil, a phróiseáil agus a fhreagairt. Cé gur thíolaic an Coimisiún togra i mí na Bealtaine 2018 chun Rialachán VIS a leasú chun an bunachar sonraí sin a uasghrádú, cuirtear ar aghaidh leis an tionscnamh seo leasuithe ar Rialachán VIS atá i bhfeidhm faoi láthair mar nach leor an dul chun cinn atá déanta sa chaibidlíocht ar an togra maidir le VIS uasghrádaithe. Mar sin féin, dá nglacfaí ar dtús an togra chun Rialachán VIS a leasú, d’fhéadfadh sé go mbeadh sé riachtanach roinnt athruithe teicniúla a thabhairt isteach sa togra seo chun é a chur i gcomhréir leis an leagan leasaithe de Rialachán VIS. Má ghlactar an togra seo ar dtús, d’fhéadfadh gá a bheith le roinnt athruithe teicniúla sa togra lena leasaítear Rialachán VIS sula nglactar é.

De bhreis air sin, tar éis Rialachán EES agus Rialachán ETIAS a ghlacadh, is gá anois an chaoi a noibríonn EES agus ETIAS le chéile a ailíniú i gcomhréir leis an gcaoi a ndéantar EES agus VIS a chomhtháthú chun críche an phróisis rialaithe teorann agus chun trasnuithe teorann a chlárú in EES. Leis sin déanfar obair na ngardaí teorann a chuíchóiriú agus a shimpliú trí phróiseas rialaithe teorann níos aonfhoirmí a chur chun feidhme do gach náisiúnach tríú tír a thagann isteach ar feadh tréimhse ghearrfhanachta.

Ní áirítear sa tionscnamh seo, áfach, na leasuithe a bhaineann le Eurodac, le bunachar sonraí na niarrthóirí tearmainn agus imirce neamhrialta san Aontas, ó tharla nár tugadh plé i gcrích fós ar thogra reachtach i mí na Bealtaine 2016 chun Eurodac a neartú 14 . Ina theannta sin, ní leor na sonraí atá ar fáil sa Eurodac reatha chun críocha ETIAS, ó tharla nach stóráiltear sa Eurodac atá i bhfeidhm faoi láthair ach sonraí bithmhéadracha agus uimhir thagartha, ach ní stóráiltear sonraí pearsanta ar bith eile ann (e.g. ainm(neacha), aois, dáta breithe) lena mbeifí in ann cur le cuspóirí ETIAS. Féachtar leis an togra reachtach i mí na Bealtaine 2016 maidir le hathmhúnlú ar Rialachán Eurodac cuspóir an bhunachair sonraí a leathnú chun náisiúnaigh tríú tír atá ag fanacht go neamhdhleathach i mBallstát agus iad siúd a tháinig isteach san Aontas Eorpach go neamhrialta a shainaithint. Go háirithe, foráiltear leis sonraí pearsanta a stóráil amhail ainm(neacha), aois, dáta breithe, náisiúntacht agus doiciméid chéannachta. Tá na sonraí céannachta sin ríthábhachtach chun a áirithiú gur féidir le Eurodac cuidiú le cuspóirí ETIAS.

A luaithe a thiocfaidh na comhreachtóirí ar chomhaontú polaitiúil maidir le Rialachán Eurodac athmhúnlaithe, beidh gá le Rialachán Eurodac athmhúnlaithe a fhorlíonadh leis na leasuithe is gá chun Eurodac a nascadh le ETIAS. Chomh maith leis sin, a luaithe a ghlacfaidh na comhreachtóirí na tograí reachtacha ón gCoimisiún 15 maidir le hidir-inoibritheacht na gcóras faisnéise um shlándáil, theorainneacha agus bainistiú imirce, agus tar éis dóibh teacht ar chomhaontú polaitiúil maidir leis an togra ar Rialachán Eurodac athmhúnlaithe, déanfaidh an Coimisiún an cur chuige céanna a chur i bhfeidhm maidir leis na leasuithe is gá chun go mbeidh Eurodac mar chuid d’idir-inoibritheacht na gcóras faisnéise.

Ar deireadh, i gcomhréir leis an gCumarsáid ó mhí Aibreáin 2016 “Córais Faisnéise níos Cliste do Theorainneacha agus don tSlándáil”, tá ETIAS le tógáil ar chomhpháirteanna crua-earra agus bogearra a athúsáid arna bhforbairt le haghaidh EES 16 . Is é sin an cur chuige freisin a leantar sna tograí reachtacha maidir le hidir-inoibritheacht na gcóras faisnéise 17 . Maidir le forbairt theicniúil an stórais choitinn sonraí céannachta agus na tairsí cuardaigh Eorpaí dá bhforáiltear le tograí reachtacha maidir le hidir-inoibritheacht na gcóras faisnéise dhéanfaí an fhorbairt sin a fhorbairt ar bhonn chomhpháirteanna EES/ETIAS.

Tíolactar leis an togra seo, dá bhrí sin, leasuithe ar Rialachán ETIAS chun a shainiú go gcuirfeadh Lárchóras ETIAS le comhpháirteanna crua-earra agus bogearra Lárchóras EES chun stóras comhroinnte sonraí céannachta a bhunú chun sonraí alfa-uimhriúla céannachta de chuid iarrthóirí ETIAS agus náisiúnaigh tríú tír a chláraítear in EES a stóráil. An stóras comhroinnte sonraí céannachta sin, beidh sé mar bhonn don stóras coiteann sonraí céannachta a chur chun feidhme a luaithe a ghlacfaidh na comhreachtóirí na tograí reachtacha maidir le hidir-inoibritheacht na gcóras faisnéise. Ina theannta sin, le linn idirthréimhse, sula mbeidh an tairseach cuardaigh Eorpach ar fáil, bheadh uathphróiseáil iarratais ETIAS ag brath ar uirlis, uirlis a d’úsáidfí mar bhonn don tairseach cuardaigh Eorpach a fhorbairt agus a chur chun feidhme.

De bharr a éagsúla atá leibhéal rannpháirtíochta na mBallstát i mbeartais an Aontais Eorpaigh i réimse na saoirse, na slándála agus an cheartais, is gá dhá ionstraim dhlíthiúla ar leithligh a ghlacadh, ionstraimí a oibreoidh le chéile, mar sin féin, gan deacracht chun gur féidir an córas a oibriú agus a úsáid go cuimsitheach.

Forálacha atá ann faoi láthair a bhaineann leis an togra

Bunaíodh ETIAS le Rialachán (CE) Uimh. 2018/1240 18 . Sonraítear leis an Rialachán cuspóirí ETIAS, sainítear leis a ailtireacht theicniúil agus eagraíochtúil, leagtar síos leis rialacha maidir le hoibriú agus le húsáid na sonraí a chuirfidh an tiarratasóir isteach sa chóras agus leagtar síos leis rialacha maidir le heisiúint nó diúltú na núdaruithe taistil, leagtar síos leis na cuspóirí dá mbeidh na sonraí le próiseáil, sainaithnítear leis na húdaráis a bheidh údaraithe chun na sonraí a rochtain agus sonraítear leis rialacha chun cosaint sonraí pearsanta a áirithiú.

I gcomhréir le Rialachán ETIAS, tugtar isteach leis an togra seo leasuithe ar na gníomhartha dlíthiúla lena mbunaítear córais faisnéise an Aontais Eorpaigh is gá chun a nasc le ETIAS a bhunú. A bhuí leis an togra seo freisin cuirtear forálacha comhfhreagracha i Rialachán ETIAS féin.

Tá an togra seo gan dochar do Threoir 2004/38/CE 19 . Ní leasaítear Treoir 2004/38/CE ar bhealach ar bith leis an togra seo.

Comhsheasmhacht le beartais eile de chuid an Aontais

Tá an togra seo comhsheasmhach leis an gClár Oibre Eorpach maidir leis an Imirce agus teachtaireachtaí dá éis sin, lena náirítear Teachtaireacht an 14 Meán Fómhair 2016 ‘Enhancing security in a world of mobility: improved information exchange in the fight against terrorism and stronger external borders’ (‘An tslándáil a fheabhsú i ré na soghluaisteachta: malartú faisnéise feabhsaithe chun an sceimhlitheoireacht a chomhrac agus na teorainneacha seachtracha a neartú’), chomh maith leis an gClár Oibre Eorpach maidir leis an tSlándáil 20 agus obair an Choimisiúin agus na tuarascálacha ar dhul chun cinn dá chuid i dtreo aontas slándála éifeachtach dílis 21 .

2.BUNÚS DLÍ, COIMHDEACHT AGUS COMHRÉIREACHT

Bunús dlí

Is é Airteagal 77(2)(a), (b) agus (d) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE) bunús dlí an togra seo.

Faoi Airteagal 77(2), (a), (b) agus (d) CFAE, is féidir le Parlaimint na hEorpa agus leis an gComhairle bearta a ghlacadh a bhaineann leis an gcomhbheartas maidir le víosaí agus maidir le ceadanna cónaithe gearrfhanachta eile, na seiceálacha a mbeidh daoine faoina réir agus iad ag trasnú teorainneacha seachtracha, agus aon bheart is gá chun córas comhtháite bainistíochta do theorainneacha seachtracha a bhunú de réir a chéile. Forálacha an Chonartha sin (nó a réamhtheachtaí, i gcás Airteagail 77(2)(a) CFAE), bhí siad ina mbunús dlí le haghaidh glacadh na rialachán lena mbunaítear an Córas Faisnéise Víosaí (Airteagal 62(2)(b)(ii) Chonradh ar an gComhphobal Eorpach, ar tháinig Airteagal 77(2)(a) CFAE i gcomharbacht air), an Córas Dul Isteach/Imeachta (Airteagal 77(2) (b) agus (d) CFAE), an Córas Eorpach um Fhaisnéis agus Údarú Taistil (Airteagal 77(2) CFAE) agus Córas Faisnéise Schengen maidir le teorainneacha (Airteagal 77(2)(b) agus (d) CFAE). Is é is cuspóir don togra seo na rialacháin sin a leasú agus tá sé ag brath ar Airteagal 77(2)(a), (b) agus (d) CFAE chuige sin.

Coimhdeacht

Sa Togra, tá leasuithe ar Rialacháin lena mbunaítear córais faisnéise ar fud an Aontais Eorpaigh d’fhonn teorainneacha seachtracha agus slándáil i limistéar gan rialuithe ag teorainneacha inmheánacha a bhainistiú. Is ar leibhéal an Aontais Eorpaigh amháin is féidir córais theicneolaíocht faisnéise a bhunú, agus ní féidir leis na Ballstáit amhlaidh a dhéanamh agus iad ag gníomhú ina naonar.

Comhréireacht

Mionléiríonn an togra seo na prionsabail atá leagtha amach ag an reachtóir cheana féin sa Rialachán ETIAS.

Is léir an méid seo ó na heilimintí seo a leanas.

Maidir le malartuithe sonraí idir ETIAS agus gach ceann de chórais faisnéise eile an Aontais Eorpaigh, tá na sonraíochtaí i gcomhréir leis na malartuithe sonraí dá bhforáiltear in Airteagail 20 agus 23 de Rialachán ETIAS.

I dtaca le cearta rochtana maidir le sonraí aitheantais a dheonú i Lárionad ETIAS i gcórais faisnéise an Aontais Eorpaigh (EES, VIS, SIS, ECRIS-TCN), tagann sé faoi raon feidhme na bhfreagrachtaí atá sannta do Láraonad ETIAS de bhun Airteagal 7, Airteagal 22 agus Airteagal 75 de Rialachán ETIAS.

I dtaca le cearta rochtana ar chórais faisnéise eile an Aontais Eorpaigh a dheonú le go ndéanfaidh Láraonaid ETIAS uathphróiseáil láimhe ar iarratais, tagann sé faoi raon feidhme na bhfreagrachtaí atá sannta do Láraonad ETIAS de bhun Airteagal 8 agus de bhun Chaibidil IV de Rialachán ETIAS.

San áireamh sa togra seo, tá foláirimh a bhaineann le seiceáil fiosrúcháin, rud atá comhleanúnach leis na forálacha maidir le tacaíocht a thabhairt do chuspóirí SIS in Airteagal 23 de Rialachán ETIAS.

Tá an togra seo comhréireach sa mhéid nach sáraíonn sé a bhfuil riachtanach ó thaobh gníomhaíochta de ar leibhéal an Aontais Eorpaigh chun na cuspóirí a bhaint amach.

An rogha ionstraime

Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle atá beartaithe. Tugtar aghaidh sa reachtaíocht atá beartaithe ar oibriú lárchóras faisnéise an Aontais le haghaidh teorainneacha agus slándála, ar córais iad uile a bunaíodh - nó a bhfuil sé beartaithe iad a bhunú - le rialacháin ar leithligh. Dá dhroim sin, is é rialachán an taon ionstraim dlí is féidir a roghnú.

3.TORTHAÍ Ó MHEASTÓIREACHTAÍ EX POST, Ó CHOMHAIRLIÚCHÁIN LEIS NA PÁIRTITHE LEASMHARA AGUS Ó MHEASÚNUITHE TIONCHAIR

Comhairliúcháin leis na páirtithe leasmhara

Forbraíodh togra ETIAS ar bhonn staidéar féidearthachta. Mar chuid den staidéar seo, bhailigh an Coimisiún tuairimí ó shaineolaithe de chuid na mBallstát maidir le rialú agus slándáil teorann. Ina theannta sin, pléadh príomheilimintí thogra ETIAS faoi chuimsiú an tSainghrúpa Ardleibhéil um Idir-inoibritheacht a bunaíodh mar bheart leantach i dtaobh na Teachtaireachta maidir le Teorainneacha Níos Láidre agus Níos Cliste an 6 Aibreán 2016. Chuathas i mbun comhairliúcháin freisin le hionadaithe na naeriompróirí, na niompróirí ar muir agus na niompróirí iarnróid, chomh maith le hionadaithe Bhallstáit an Aontais ag a bhfuil teorainneacha seachtracha talún. Mar chuid den staidéar féidearthachta, chuathas i gcomhairle freisin leis an nGníomhaireacht um Chearta Bunúsacha.

Ní thugann an togra seo ach athruithe teoranta teicniúla isteach, athruithe atá ar aon dul leis na forálacha atá bunaithe cheana féin i Rialachán ETIAS. Na hathruithe theoranta teicniúla seo, ní thugann siad údar maith le comhairliúchán faoi leith a bheith á dhéanamh le páirtithe leasmhara.

Measúnú tionchair

Níl aon mheasúnú tionchair ag gabháil leis an togra seo. Tá an togra comhleanúnach le Rialachán ETIAS, rialachán a raibh a thogra bunaithe ar thorthaí an staidéir fhéidearthachta a rinneadh idir mí Mheitheamh agus Deireadh Fómhair 2016.

Toisc nach bhfuil aon eilimintí nua polaitíochta sa togra seo, agus nach dtugann sé ach athruithe teoranta teicniúla isteach, athruithe atá ar aon dul leis na forálacha atá bunaithe cheana féin i Rialachán ETIAS, ní ghá measúnú tionchair a dhéanamh.

Cearta bunúsacha

I gcomparáid le Rialachán ETIAS, ní dhéantar sa togra seo ach tuilleadh mionsonraí a thabhairt ar na sonraí sin atá le cur i gcomparáid le sonraí i gcórais eile faisnéise an Aontais Eorpaigh, agus tugann sé na leasuithe is gá maidir le cearta rochtana a dheonú do na córais eile sin do Láraonaid agus d’Aonaid Náisiúnta ETIAS. Dá bhrí sin, déanann an togra seo Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh a chomhlíonadh, go háirithe i dtaca leis an gceart chun sonraí pearsanta a chosaint, agus tá sé i gcomhréir le hAirteagal 16 CFAE, a thugann ráthaíocht do gach duine maidir leis an gceart chun sonraí pearsanta a bhaineann leo a chosaint.

4.IMPLEACHTAÍ BUISÉADACHA

Níl aon impleachtaí buiséadacha ag an togra.

5.EILIMINTÍ EILE

Rannpháirtíocht

Cuireann an togra seo le acquis acquis Schengen maidir le trasnú teorainneacha seachtracha agus le víosaí.

Dá bhrí sin, ní mór na hiarmhairtí seo a leanas a chur san áireamh i ndáil leis na prótacail agus leis na comhaontuithe éagsúla le tíortha comhlachais:

An Danmhairg: I gcomhréir le hAirteagal 1 agus le hAirteagal 2 de Phrótacal (Uimh. 22) maidir le seasamh na Danmhairge, atá i gceangal leis an gConradh ar an Aontas Eorpach (CAE) agus leis an gConradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE), níl an Danmhairg rannpháirteach i nglacadh na mbeart ag an gComhairle de bhun Theideal V de chuid a trí de CFAE. Ós rud é go gcuireann an Rialachán seo le acquis Schengen, cinnfidh an Danmhairg, i gcomhréir le hAirteagal 4 den Phrótacal sin, laistigh de thréimhse 6 mhí tar éis don Chomhairle cinneadh a dhéanamh maidir leis an Rialachán seo, an gcuirfidh sí chun feidhme ina dlí náisiúnta é.

An Ríocht Aontaithe agus Éire: I gcomhréir le hAirteagal 4 agus le hAirteagal 5 den Phrótacal lena gcomhtháthaítear acquis Schengen isteach i gcreat an Aontais Eorpaigh agus le Cinneadh 2000/365/CE ón gComhairle an 29 Bealtaine 2000 maidir le hiarraidh ó Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann, agus Cinneadh ón gComhairle 2002/192/CE an 28 Feabhra 2002 maidir le hiarraidh na hÉireann bheith rannpháirteach i gcuid d’fhorálacha acquis Schengen, níl an Ríocht Aontaithe ná Éire rannpháirteach in ionstraimí lena neagraítear agus lena dtacaítear le díothú rialuithe ag na teorainneacha inmheánacha agus leis na bearta tionlacain maidir le rialuithe ag teorainneacha seachtracha agus ag víosaí.

Is é atá sa Rialachán seo forbairt ar fhorálacha an acquis seo, agus dá bhrí sin, níl an Ríocht Aontaithe ná Éire rannpháirteach i nglacadh an Rialacháin seo ná níl siad faoi cheangal aige ná faoi réir a chur i bhfeidhm.

An Íoslainn agus an Iorua: Tá feidhm leis na nósanna imeachta a leagtar síos sa Chomhaontú Comhlachais arna thabhairt i gcrích ag an gComhairle agus Poblacht na hÍoslainne agus Ríocht na hIorua maidir le comhlachas Ríocht na hIorua le acquis Schengen a chur chun feidhme, a chur i bhfeidhm agus a fhorbairt, ós rud é go gcuireann an togra seo leacquis Schengen mar a shainmhínítear in Iarscríbhinn A den Chomhaontú sin. 22

An Eilvéis: Is é atá sa Rialachán seo forbairt ar fhorálacha acquis Schengen, mar dá bhforáiltear leis an gComhaontú idir an tAontas Eorpach, an Comhphobal Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise maidir le comhlachas na tíre sin le acquis Schengen a chur chun feidhme, a chur i bhfeidhm agus a fhorbairt. 23

Lichtinstéin: Is é atá sa Rialachán seo forbairt ar fhorálacha acquis Schengen, dá bhforáiltear leis an bPrótacal idir an tAontas Eorpach, an Comhphobal Eorpach, Cónaidhm na hEilvéise agus Prionsacht Lichtinstéin i ndáil le haontachas Phrionsacht Lichtinstéin leis an gComhaontú idir an tAontas Eorpach, an Comhphobal Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise maidir le comhlachas Chónaidhm na hEilvéise le acquis Schengen a chur chun feidhme, a chur i bhfeidhm agus a fhorbairt. 24

An Chróit, an Chipir, an Bhulgáir agus an Rómáin: Sa mhéid go leasaíonn sé an Rialachán lena mbunaítear an ETIAS, cuireann an togra seo leis na coinníollacha iontrála mar a luaitear in Airteagal 6 de Rialachán (AE) 2016/399, a bhí le cur i bhfeidhm ag na Ballstáit sin tráth a naontachais leis an Aontas Eorpach. Sa mhéid go leasaíonn an togra seo na Rialacháin lena mbunaítear VIS, SIS agus EES, tá cur i bhfeidhm iomlán ag an gceithre Bhallstát ag brath ar chinneadh aontola ón gComhairle deireadh a chur leis na rialuithe teorann ag teorainneacha inmheánacha in éineacht leo; idir an dá linn, ní mór Cinneadh 2010/365/AE 25 ón gComhairle, Cinneadh (AE) 2017/733 26 ón gComhairle, Cinneadh (AE) 2017/1908 27 agus Cinneadh (AE) 2018/934 28 ón gComhairle a chur san áireamh.

2019/0002 (COD)

Togra le haghaidh

RIALACHÁN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

lena mbunaítear na coinníollacha a bhaineann le rochtain a fháil ar chórais faisnéise eile de chuid an Aontais Eorpaigh chun críocha ETIAS agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 2018/1240, Rialachán (CE) Uimh. 767/2008, Rialachán (AE) Uimh. 2017/2226 agus Rialachán (AE) 2018/1861

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 77(2)(a), (b) agus (d) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa 29 ,

Ag féachaint don tuairim ó Choiste na Réigiún 30 ,

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach

De bharr an méid seo a leanas:

(1)Le Rialachán (AE) Uimh. 2018/1240 ó Pharlaimint n a hEorpa agus ón gComhairle 31 , bunaíodh an Córas Eorpach um Fhaisnéis agus Údarú Taistil (‘ETIAS’) le haghaidh náisiúnaigh tríú tír atá díolmhaithe ón gceanglas víosa a bheith ina seilbh acu nuair a thrasnaíonn siad na teorainneacha seachtracha. Leagadh síos ann na coinníollacha agus na nósanna imeachta i dtaobh eisiúint údaraithe taistil nó a dhiúltaithe.

(2)Le ETIAS is féidir a mheas an mbeadh riosca slándála, riosca inimirce neamhdhlíthiúla nó ardriosca eipidéime ann de dheasca na náisiúnaigh tríú tír sin a bheith ar chríoch na mBallstát.

(3)Le go mbeifear in ann an fíorú dá dtagraítear in Airteagal 20 de Rialachán (AE) Uimh. 2018/1240 a dhéanamh, is gá an idir-oibritheacht dá dtagraítear in Airteagal 11 den Rialachán sin a bhunú. Gan an idir-oibritheacht sin, níl ETIAS in ann tús a chur lena oibríochtaí.

(4)Leagtar síos sa Rialachán seo an chaoi a bhfuiltear leis an idir-oibritheacht sin agus na coinníollacha a chur chun feidhme, lena mbeidh próiseas uathoibrithe ETIAS in ann sonraí a cheadú a stóráiltear i gcórais faisnéise eile de chuid an Aontais Eorpaigh agus faisnéis de chuid Europol chun amais a aithint. Dá thoradh sin, is gá Rialachán (AE) Uimh. 2018/1240, Rialachán (CE) Uimh. 767/2008 32 , Rialachán (AE) 2017/2226 33 , Rialachán (AE) 2018/1861 (teorainn SIS) 34 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, chun Lárchóras ETIAS a nascadh le córais faisnéise eile de chuid an Aontais Eorpaigh agus le sonraí de chuid Europol agus chun a shonrú cé na sonraí a chuirfear anonn agus anall idir na córais faisnéise sin de chuid an Aontais Eorpaigh agus sonraí de chuid Europol.

(5)Ar mhaithe le héifeachtúlacht agus chun costais a laghdú, ba cheart do ETIAS, mar a fhoráiltear in Airteagal 6(3) de Rialachán (AE) Uimh. 2018/1240, comhpháirteanna crua-earraí agus bogearraí arna bhforbairt le haghaidh an chórais dul isteach/imeachta (‘EES’) a athúsáid chun stóras sonraí céannachta comhroinnte a fhorbairt. An stóras sin a úsáidtear chun shonraí alfa-uimhriúla céannachta iarrthóirí ETIAS agus náisiúnach tríú tír a stóráil agus a cláraítear in EES, ba cheart é a fhorbairt ionas go mbeifear in ann é a shíneadh amach chun an Stóras Coiteann Sonraí Céannachta a chlumhdach a bheidh ann amach anseo. Ar an téad céanna, an uirlís a bhunófar le go mbeidh ETIAS in ann a chuid sonraí a chur i gcomparáid le sonraí gach córais eile a cheadaítear trí aon iarratas amháin, ba cheart í a fhorbairt ionas gurb í an Tairseach Cuardaigh Eorpach an toradh nádúrtha a thiocfaidh as amach anseo.

(6)Ba cheart módúlachtaí teicniúla a shainiú le go mbeidh ETIAS in ann a fhíorú, go rialta agus go huathoibríoch, an bhfuil na coinníollacha maidir leis na comhaid iarratais a choinneáil, a leagtar síos i Rialachán (AE) Uimh. 2018/1240, á gcomhlíonadh fós.

(7)Chun gnóthú iomlán cuspóirí ETIAS a áirithiú, chomh maith le cuspóirí Chóras Faisnéise Schengen (‘SIS’) a chur chun cinn, is gá catagóir rabhadh nua a chur san áireamh i raon feidhme na bhfíoruithe uathoibríocha, catagóir a tugadh isteach leis an athbhreithniú a rinneadh le déanaí ar SIS, is é sin le rá an foláireamh maidir le daoine atá faoi réir seiceálacha iarratais.

(8)Féadfar údarú taistil de chuid ETIAS a chúlghairm tar éis foláirimh nua in SIS a chlárú maidir le cead isteach agus fanacht a dhiúltú, nó maidir le doiciméad taistil ar tuairiscíodh gur cailleadh, gur goideadh, gur mí-leithghabháladh nó gur neamhbhailíodh é. Le go gcuirfidh SIS Lárchóras ETIAS ar an eolas go huathoibríoch maidir leis na foláirimh nua sin, ba cheart próiseas uathoibrithe a bhunú idir SIS agus ETIAS.

(9)D’fhonn obair na ngardaí teorann a chuíchóiriú agus a shimpliú trí phróiseas rialaithe teorann níos aonfhoirmí a chur chun feidhme do gach náisiúnach tríú tír a thiocfaidh isteach ar feadh tréimhse gearrfhanachta, tar éis Rialachán (AE) Uimh. 2017/2226 agus Rialachán (AE) Uimh. 2018/1240 a ghlacadh, tá sé inmhianaithe anois an chaoi a noibríonn EES agus ETIAS le chéile a chur i gcomhréir leis an gcaoi a ndéantar EES agus VIS a chomhtháthú chun críocha an phróisis rialaithe teorann agus clárúcháin trasnuithe teorann in EES.

(10)Na coinníollacha faoina bhféadfaidh Láraonad ETIAS agus Aonaid Náisiúnta ETIAS na sonraí a stóráiltear i gcórais faisnéise eile de chuid an Aontais Eorpaigh chun críocha EITAS a cheadú, ba cheart iad a choimirciú le rialacha soiléire cruinne i dtaca leis an rochtain atá ag Láraonad ETIAS agus ag Aonaid Náisiúnta ETIAS ar na sonraí a stóráiltear i gcórais faisnéise eile de chuid an Aontais Eorpaigh, na cineálacha iarratas agus na catagóirí sonraí, agus ba cheart iad sin ar fad a theorannú don mhéid atá riachtanach, agus dó sin amháin chun a gcuid dualgas a fheidhmiú. Ar an dul céanna, na sonraí atá stóráilte i gcomhad iarratais ETIAS, níor cheart iad a bheith le feiceáil ach ag na Ballstáit sin atá ag oibriú sna córais faisnéise a bhaineann leis i gcomhréir le modúlachtaí a rannpháirtíochta. Mar shampla, forálacha an Rialacháin seo a bhaineann le Córas Faisnéise Schengen agus leis an gCóras Faisnéise Víosaí, is forálacha iad a chuireann le forálacha uile acquis Schengen, agus tá Cinntí ón gComhairle 35 ábhartha maidir le cur i bhfeidhm fhorálacha acquis Schengen a bhaineann le Córas Faisnéise Schengen agus leis an gCóras Faisnéise Víosaí.

(11)De réir Airteagal 73 de Rialachán (AE) Uimh. 2018/1240, an ghníomhaireacht Eorpach chun bainistiú oibríochtúil a dhéanamh ar chórais mhórscála faisnéise sa limistéar saoirse, slándála agus ceartais (‘eu-LISA’), a bunaíodh le Rialachán (AE) Uimh. 2018/1726 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 36 , ba cheart céim deartha agus forbartha Chóras Faisnéise ETIAS a bheith de chúram uirthi.

(12)Tá an Rialachán seo gan dochar do chur i bhfeidhm Threoir 2004/38/CE 37 .

(13)I gcomhréir le hAirteagal 1 agus le hAirteagal 2 de Phrótacal Uimh. 22 maidir le seasamh na Danmhairge, atá i gceangal le CAE agus le CFAE, níl an Danmhairg rannpháirteach i nglacadh an Rialacháin seo agus níl sí faoi cheangal aige ná faoi réir a chur i bhfeidhm, Ós rud é go gcuireann an Rialachán seo le acquis Schengen, cinnfidh an Danmhairg, i gcomhréir le hAirteagal 4 den Phrótacal sin, faoi cheann tréimhse sé mhí tar éis don Chomhairle cinneadh a dhéanamh ar an Rialachán seo, an gcuirfidh sí chun feidhme ina dlí náisiúnta é.

(14)Is é atá sa Rialachán seo forbairt ar fhorálacha acquis Schengen nach bhfuil an Ríocht Aontaithe rannpháirteach iontu, i gcomhréir le Cinneadh 2000/365/CE ón gComhairle 38 ; dá bhrí sin, níl an Ríocht Aontaithe rannpháirteach i nglacadh an Rialacháin seo ná níl sí faoi cheangal aige ná faoi réir a chur i bhfeidhm.

(15)Is é atá sa Rialachán seo forbairt ar fhorálacha de chuid acquis Schengen nach bhfuil Éire rannpháirteach iontu, i gcomhréir le Cinneadh 2002/192/CE ón gComhairle 39 ; dá bhrí sin, níl Éire rannpháirteach i nglacadh an Rialacháin seo agus níl sí faoi cheangal aige ná faoi réir a chur i bhfeidhm.

(16)Maidir leis an Íoslainn agus leis an Iorua, is é atá sa Rialachán seo forbairt ar fhorálacha acquis Schengen de réir bhrí an Chomhaontaithe arna thabhairt i gcrích ag Comhairle an Aontais Eorpaigh agus Poblacht na hÍoslainne agus Ríocht na hIorua maidir le comhlachas an dá thír sin le acquis 40 Schengen a chur chun feidhme, a chur i bhfeidhm agus a fhorbairt, ar forálacha iad a thagann faoin réimse dá dtagraítear in Airteagal 1, pointe A agus pointe B de Chinneadh 1999/437/CE ón gComhairle 41 .

(17)Maidir leis an Eilvéis, is é atá sa Rialachán seo forbairt ar fhorálacha acquis Schengen de réir bhrí an Chomhaontaithe arna thabhairt i gcrích idir an tAontas Eorpach, an Comhphobal Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise maidir le comhlachas Chónaidhm na hEilvéise le acquis 42 Schengen a chur chun feidhme, a chur i bhfeidhm agus a fhorbairt, ar forálacha iad a thagann faoi réim an réimse dá dtagraítear in Airteagal 1, pointe A agus pointe B de Chinneadh 1999/437/CE 43 , arna léamh in éineacht le hAirteagal 3 de Chinneadh 2008/146/CE ón gComhairle agus le hAirteagal 3 de Chinneadh 2008/149/CGB 44 ón gComhairle.

(18)Maidir le Lichtinstéin, is é atá sa Rialachán seo forbairt ar fhorálacha acquis Schengen de réir bhrí an Phrótacail idir an tAontas Eorpach, an Comhphobal Eorpach, Cónaidhm na hEilvéise agus Prionsacht Lichtinstéin i ndáil le haontachas Phrionsacht Lichtinstéin leis an gComhaontú idir an tAontas Eorpach, an Comhphobal Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise maidir le comhlachas Chónaidhm na hEilvéise le acquis 45 Schengen a chur chun feidhme, a chur i bhfeidhm agus a fhorbairt, ar forálacha iad a thagann faoin réimse dá dtagraítear in Airteagal 1 de Chinneadh 1999/437/CE arna léamh in éineacht le hAirteagal 3 de Chinneadh 2011/350/AE 46 ón gComhairle agus le hAirteagal 3 den Chinneadh 2011/349/AE 47 ón gComhairle.

(19)Maidir leis an gCipir, leis an mBulgáir, leis an Rómáin agus leis an gCróit, is éard atá i bhforálacha an Rialacháin seo lena leasaítear an Rialachán lena mbunaítear ETIAS, is forálacha iad atá bunaithe ar acquis Schengen, nó a bhfuil baint ar shlí eile acu le acquis Schengen, de réir bhrí Airteagal 3(1) d’Ionstraim Aontachais 2003, de réir bhrí Airteagal 4(1) d’Ionstraim Aontachais 2005 agus de réir bhrí Airteagal 4(1) d’Ionstraim Aontachais 2011 faoi seach.

(20)Maidir leis an gCipir, leis an mBulgáir, leis an Rómáin agus leis an gCróit, is éard atá i bhforálacha an Rialacháin seo a bhaineann le VIS, le SIS agus le EES forálacha atá bunaithe ar acquis Schengen, nó a bhfuil baint ar shlí eile acu le acquis Schengen, de réir bhrí Airteagal 3(2) d’Ionstraim Aontachais 2003, de réir bhrí Airteagal 4(2) d’Ionstraim Aontachais 2005 agus de réir bhrí Airteagal 4(2) d’Ionstraim Aontachais 2011 faoi seach, arna léamh in éineacht le Cinneadh 2010/365/AE ón gComhairle 48 , Cinneadh (AE) 2017/733 ón gComhairle 49 agus Cinneadh (AE) 2017/1908 ón gComhairle 50  agus Cinneadh (AE) 2018/934 ón gComhairle 51 .

(21)Dá bhrí sin, ba cheart Rialachán (AE) Uimh. 2018/1240, Rialachán (EC) Uimh. 767/2008, Rialachán (AE) Uimh. 2017/2226, agus Rialachán(AE) Uimh. 2018/1861 (teorainn SIS) ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a leasú.

(22)Chuathas i gcomhairle leis an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí i gcomhréir le hAirteagal 41(2) de Rialachán (AE) Uimh. 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 52 ,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

CAIBIDIL I: LEASUITHE AR RIALACHÁN (AE) UIMH. 2018/1240

Airteagal 1

Leasuithe ar Rialachán (AE) Uimh. 2018/1240 [ETIAS]

(1)in Airteagal 3(1), cuirtear an pointe seo a leanas isteach:

“(23) ciallaíonn ‘córais faisnéise eile de chuid an Aontais Eorpaigh’ an córas dul isteach/imeachta (EES), an Córas Faisnéise Víosaí (“VIS”), agus an Córas Faisnéise Eorpach um Thaifid Choiriúla — náisiúnaigh tríú tíortha (“ECRIS-TCN”).”;

(2)in Airteagal 4, cuirtear an pointe seo a leanas isteach:

53 “tacaíonn (h) le cuspóirí EES.”;

_____________

* Cuirtear san áireamh san uimhriú an leasú ar an Rialachán seo arna dhéanamh leis an Togra le haghaidh Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le creat a bhunú le haghaidh idir-inoibritheacht idir córais faisnéise an Aontais Eorpaigh (teorainneacha agus víosaí), COM(2018) 478 final.

(3)in Airteagal 6(3), cuirtear na fomhíreanna seo a leanas isteach:

“Go háirithe, oibreoidh Lárchóras ETIAS ar bhonn comhpháirteanna chrua-earraí agus bhogearraí Lárchóras EES chun stóras comhroinnte sonraí céannachta a bhunú chun sonraí alfa-uimhriúla céannachta de chuid iarrthóirí ETIAS agus náisiúnaigh tríú tír atá cláraithe in EES a stóráil. Beidh na sonraí alfa-uimhriúla i ndáil le hiarratasóirí atá stóráilte sa stóras comhroinnte sonraí céannachta ina gcuid de Lárchóras ETIAS. [Beidh an stóras comhroinnte sonraí céannachta sin ina bhonn ag cur chun feidhme an Stóras Coitianta Sonraí Céannachta (‘CIR’) a bunaíodh leis an Rialachán maidir le hIdir-inoibritheacht.]

Tá sin gan dochar do shonraí EES agus ETIAS a bheith scartha ó thaobh na loighce de agus rochtain a bheith orthu mar a shainmhínítear sna rialacháin lena mbunaítear na córais faisnéise lena mbaineann.”;

(4)Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 11:

“Airteagal 11

Idir-inoibritheacht le córais faisnéise eile de chuid an Aontais Eorpaigh agus le sonraí Europol”;

1. Bunófar idir-inoibritheacht idir Córas Faisnéise ETIAS, córais faisnéise eile de chuid an Aontais Eorpaigh agus sonraí Europol chun gur féidir an uathphróiseáil dá dtagraítear in Airteagal 20, 23, Airteagal 24(6)(c)(ii), Airteagal 41 agus Airteagal 54(1)(b) a dhéanamh.

[Beidh an Idir-inoibritheacht ag brath ar an Tairseach Cuardaigh Eorpach (‘ESP’) a bunaíodh le hAirteagal 6 de Rialachán (AE) 2018/XXX (idir-inoibritheacht). Le linn idirthréimhse, sula mbeidh an tairseach cuardaigh Eorpach ar fáil, beidh an uathphróiseáil ag brath ar uirlis a cheap eu-LISA chun críche na míre seo. Úsáidfear an uirlis sin mar bhonn ag forbairt agus cur chun feidhme ESP, i gcomhréir le hAirteagal 52 den Rialachán sin].

54 2. Chun na fíoruithe a dhéanamh dá dtagraítear in Airteagal 20(2)(i), cuirfidh an uathphróiseáil dá dtagraítear in Airteagal 11(1) ar chumas Lárchóras ETIAS VIS a chuardach , rud a bunaíodh le Rialachán (CE) Uimh. 767/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle*, i leith na sonraí seo a leanas dá dtagraítear in Airteagal 17(2)(a), (ab),(c) agus (d) den Rialachán seo:

(a)sloinne (ainm teaghlaigh);

(b)sloinne breithe;

(c)ainm(eacha) (ainm(neacha) baiste)

(d)dáta breithe;

(e)áit bhreithe;

(f)tír bhreithe;

(g)gnéas;

(h)náisiúntacht i láthair na huaire;

(i)náisiúntachtaí eile (más ann dóibh);

(j)cineál, uimhir agus tír eisiúna an doiciméid taistil.

3. Chun na fiosruithe a dhéanamh dá dtagraítear in Airteagal 20(2)(g) agus (h), cuirfidh an uathphróiseáil dá dtagraítear in Airteagal 11(1) ar chumas Lárchóras ETIAS EES, a bunaíodh le Rialachán (AE) Uimh. 2017/2226, a chuardach i leith na sonraí seo a leanas dá dtagraítear in Airteagal 17(2)(a) go (d) den Rialachán seo:

(a)sloinne (ainm teaghlaigh);

(b)sloinne breithe;

(c)ainm(neacha) ainm(eacha) baiste);

(d)dáta breithe;

(e)gnéas;

(f)náisiúntacht i láthair na huaire;

(g)ainmneacha eile (ailia(i)s);

(h)ainm(neacha) ealaíona;

(i)gnáthainm(neacha);

(j)náisiúntachtaí eile (más ann dóibh);

(k)cineál, uimhir agus tír eisiúna an doiciméid taistil.

4.Chun na fíoruithe a dhéanamh dá dtagraítear in Airteagal 20(2)(c), (m)(ii) agus (o) agus Airteagal 23(1), cuirfidh an uathphróiseáil dá dtagraítear in Airteagal 11(1) ar chumas Lárchóras ETIAS SIS, a bunaíodh le Rialachán (AE) 2018/1860 (seiceálacha teorann), a chuardach i leith na sonraí seo a leanas dá dtagraítear in Airteagal 17(2)(a) go (d) agus Airteagal 17(2)(k) den Rialachán seo:

(a)sloinne (ainm teaghlaigh);

(b)sloinne breithe;

(c)ainm(neacha) ainm(eacha) baiste;

(d)dáta breithe;

(e)áit bhreithe;

(f)gnéas;

(g)náisiúntacht i láthair na huaire;

(h)ainmneacha eile (ailia(i)s);

(i)ainm(neacha) ealaíona;

(j)gnáthainm(neacha);

(k)náisiúntachtaí eile (más ann dóibh);

(l)cineál, uimhir agus tír eisiúna an doiciméid taistil;

(m)i gcás mionaoiseach, sloinne agus ainm(neacha) údarás tuismitheora nó chaomhnóir dlí an iarratasóra.

5. Chun gur na fíoruithe a dhéanamh dá dtagraítear in Airteagal 20(2)(a), (d) agus (m) agus Airteagal 23(1), cuirfidh an uathphróiseáil dá dtagraítear in Airteagal 11(1) ar chumas Lárchóras ETIAS SIS, a bunaíodh le Rialachán (AE) Uimh. 2018/1860 (póilíneacht), a chuardach i leith na sonraí seo a leanas dá dtagraítear in Airteagal 17(2)(a) go (d) agus Airteagal 17(2)(k) den Rialachán seo:

(a)sloinne (ainm teaghlaigh);

(b)sloinne breithe;

(c)ainm(neacha) ainm(eacha) baiste;

(d)dáta breithe;

(e)áit bhreithe;

(f)gnéas;

(g)náisiúntacht i láthair na huaire;

(h)ainmneacha eile (ailia(i)s);

(i)ainm(neacha) ealaíona;

(j)gnáthainm(neacha);

(k)náisiúntachtaí eile (más ann dóibh);

(l)cineál, uimhir agus tír eisiúna an doiciméid taistil;

(m)i gcás mionaoiseach, sloinne agus ainm(neacha) údarás tuismitheora nó chaomhnóir dlí an iarratasóra.

6. Chun na fíoruithe a dhéanamh dá dtagraítear in Airteagal 20(2)(n), cuirfidh an uathphróiseáil dá dtagraítear in Airteagal 11(1) ar chumas Lárchóras ETIAS sonraí ECRIS-TCN [in CIR] a chuardach, a bunaíodh le Rialachán (AE) Uimh. 2018/XXXX, i leith na sonraí seo a leanas dá dtagraítear in Airteagal 17(2)(a) go (d) den Rialachán seo:

(a)sloinne (ainm teaghlaigh);

(b)sloinne breithe;

(c)ainm(neacha) ainm(eacha) baiste;

(d)dáta breithe;

(e)áit bhreithe;

(f)gnéas;

(g)náisiúntacht i láthair na huaire;

(h)ainmneacha eile (ailia(i)s);

(i)ainm(neacha) ealaíona;

(j)gnáthainm(neacha);

(k)náisiúntachtaí eile (más ann dóibh);

(l)cineál, uimhir agus tír eisiúna an doiciméid taistil;

7.Chun na fíoruithe a dhéanamh dá dtagraítear in Airteagal 20(2)(j), cuirfidh an uathphróiseáil dá dtagraítear in Airteagal 11(1) ar chumas Lárchóras ETIAS sonraí Europol a chuardach i leith na faisnéise in Airteagal 17(2) de réir mar a liostaítear in Airteagal 20(2) den Rialachán seo.

8.Is gcás ina naimseofar amais, cuirfidh an uirlis dá dtagraítear in Airteagal 11 na torthaí sa chomhad iarratais ar fáil go sealadach do Láraonad ETIAS go deireadh an phróisis láimhe de bhun Airteagal 22(2) agus Airteagal 23(2). Is gcás ina gcomhfhreagraíonn na sonraí a cuireadh ar fáil do shonraí an iarratasóra nó ina mbeidh amhras ann fós, coinneofar sa chomhad iarratais cód aitheantais uathúil na sonraí a ghníomhaíochtaigh amas.

I gcás ina naimseofar amas, de bhun na míre seo, gheobhaidh an uathphróiseáil an fógra is iomchuí i gcomhréir le hAirteagal 21(1a) de Rialachán (AE) Uimh. 2016/794.

9.Gníomhachtófar amas i gcás ina gcomhfhreagraíonn na sonraí uile as an gcomhad iarratais ETIAS a úsáidfear le haghaidh an chuardaigh go hiomlán nó i bpáirt do na sonraí atá i dtaifead, foláireamh nó comhad sna córais eile de chuid an Aontais Eorpaigh a cuardaíodh. Déanfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomh cur chun feidhme, an comhfhreagras i bpáirt a shainmhíniú, lena náirítear leibhéal dóchúlachta.

10. Chun críche mhír 1, déanfaidh an Coimisiún trí bhíthin gníomh cur chun feidhme, na módúlachtaí teicniúla le haghaidh chur chun feidhme Airteagal 24(6)(c)(ii) agus Airteagal 54(1)(b) a bhaineann le sonraí a choinneáil.

11. Chun críche Airteagal 25(2), Airteagal 28(8) agus Airteagal 29(9), nuair a bheifear ag clárú na sonraí a bhaineann le hamais i gcomhad iarratas ETIAS, léireofar tionscnamh na sonraí. Ina gcuid de sin beidh an cineál foláirimh, cé is moite d’fholáirimh dá dtagraítear in Airteagal 23(1), foinse na sonraí (cé na córais faisnéis eile de chuid an Aontais Eorpaigh nó cé na sonraí ó Europol), an uimhir aitheantais uathúil a úsáidtear i bhfoinse na sonraí a ghníomhaíochtaigh an tamas agus an Ballstát a d’iontráil nó a sholáthair na sonraí a ghníomhaíochtaigh an tamas agus, má bhíonn siad ar fáil, an dáta agus an tam a iontráladh na sonraí i gcórais faisnéise eile de chuid an Aontais Eorpaigh nó sna sonraí ó Europol.

____________

*Rialachán (CE) Uimh. 767/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Iúil 2008 maidir leis an gCóras Faisnéise Víosaí (VIS) agus maidir le sonraí ar víosaí gearrfhanachta a mhalartú idir na Ballstáit (Rialachán VIS) (IO L 218, 13.8.2008, lch. 60).

(5)cuirtear isteach an tairteagal seo a leanas:

“Airteagal 11a
Tacú le cuspóirí EES

Chun críche Airteagal 6, Airteagal 14 agus Airteagal 17 de Rialachán (AE) Uimh. 2017/2226, cuardófar agus iompórtálfar le próiseas uathoibríoch, agus bonneagar cumarsáide sláine Airteagal 6(2)(d) den Rialachán seo á úsáid, an fhaisnéis dá dtagraítear in Airteagal 47(2) den Rialachán seo chomh maith le huimhir an iarratais agus deireadh na tréimhse bailíochta atá ag údarú taistil ó ETIAS as Lárchóras ETIAS agus nuashonrófar an taifid isteach/amach in EES dá réir.”;

(6)in Airteagal 12, athuimhrítear an taon mhír amháin atá ann mar mhír1 agus cuirtear an mhír seo a leanas léi:

“2. Chun críche mhír 1, tá comhaontú comhoibrithe le déanamh idir an tAontas Eorpach agus INTERPOL. Leis an gcomhaontú comhoibrithe sin forálfar maidir leis na módúlachtaí a bhainfidh le sonraí a mhalartú agus coimircí chun sonraí pearsanta a chosaint.

(7)in Airteagal 20(2), cuirtear an pointe seo a leanas isteach:

“(n)an gcomhfhreagraíonn an tiarratasóir do dhuine a bhfuil a shonraí ar taifead in ECRIS-TCN de bharr coireanna sceimhlitheoireachta nó coireanna coiriúla tromchúiseacha eile.

(8)in Airteagal 22, cuirtear isteach an mhír seo a leanas:

“7. I gCóras Faisnéise ETIAS coinneofar taifid ar na hoibríochtaí próiseála sonraí uile a rinne Láraonad ETIAS le haghaidh measúnuithe faoi mhíreanna 1 go dtí 6 Cruthófar agus iontrálfar na taifid sin go huathoibríoch sa chomhad iarratais. Léireofar iontu dáta agus am gach oibríochta, na sonraí a bhaineann leis an amas a fuarthas, an ball foirne a rinne an phróiseáil láimhe faoi mhíreanna 1 go dtí 6 agus toradh an fhíoraithe agus an túdar a bhaineann leis.

(9)leasaítear Airteagal 23 mar a leanas:

(a)cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (c) de mhír 1:

“(c) foláireamh maidir le daoine i ndáil le seiceálacha discréideacha, seiceálacha fiosrúcháin nó seiceálacha sonracha”;

(b)cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 2:

“2. I gcás ina dtuairisceofar leis an gcomparáid dá dtagraítear i mír 1 amas amháin nó roinnt amas, cuirfidh Lárchóras ETIAS fógra uathoibrithe chuig Láraonad ETIAS. Nuair a gheobhaidh sé fógra beidh rochtain ag Láraonad ETIAS ar an gcomhad iarratais agus aon chomhaid iarratais atá nasctha leis chun a fhíorú an gcomhfhreagraíonn sonraí pearsanta an iarratasóra do na sonraí pearsanta atá san fholáireamh a ghníomhaíochtaigh an tamas sin agus, i gcás ina ndeimhneofar go bhfuil comhfhreagras ann, cuirfidh Lárchóras ETIAS fógra uathoibríoch chuig Biúró SIRENE an Bhallstáit sin a chuir an foláireamh isteach. Fíoróidh Biúró SIRENE lena mbaineann arís eile an gcomhfhreagraíonn sonraí pearsanta an iarratasóra do na sonraí pearsanta atá san fholáireamh a ghníomhaíochtaigh an tamas agus déanfaidh sé aon ghníomhaíocht leantach is iomchuí.

(c)cuirtear an mhír seo a leanas isteach:

“5. I gCóras Faisnéise ETIAS coinneofar taifid ar na hoibríochtaí próiseála sonraí uile a rinne Láraonad ETIAS le haghaidh measúnuithe faoi mhíreanna 1 go dtí 4 Cruthófar agus iontrálfar na taifid sin go huathoibríoch sa chomhad iarratais. Léireofar iontu dáta agus am gach oibríochta, na sonraí a bhaineann leis an amas a fuarthas, an ball foirne den Láraonad a rinne an phróiseáil láimhe faoi mhíreanna 1 go dtí 4 agus toradh an fhíoraithe agus an túdar a bhaineann leis.”;

(10)cuirtear isteach an tairteagal seo a leanas:

“Airteagal 25 a
Córais faisnéise eile de chuid an Aontais Eorpaigh a úsáid chun próiseáil láimhe a dhéanamh ar iarratas ó Aonaid Náisiúnta ETIAS

1.Gan dochar d’Airteagal 13(1) den Rialachán seo, beidh rochtain dhíreach ag Aonaid Náisiúnta ETIAS ar chórais faisnéise eile de chuid an Aontais Eorpaigh agus féadfaidh siad iad a cheadú, i bhformáid inléite amháin, chun iarratais ar údarú taistil a scrúdú agus chun cinntí a ghlacadh a bhaineann leis na hiarratais sin i gcomhréir le hAirteagal 26 den Rialachán seo. Féadfaidh Aonaid Náisiúnta ETIAS na sonraí a cheadú dá dtagraítear sna forálacha seo a leanas:

(a)Airteagail 16 go 18 de Rialachán (AE) Uimh. 2017/2226;

(b)Airteagail 9 go dtí 14 de Rialachán (CE) Uimh. 767/2008.

(c)Airteagal 24 agus Airteagal 25 de Rialachán (CE) Uimh. 2018/1861 (seiceálacha teorann);

(d)Airteagail 26, 32, 34, 36 agus Airteagal 38(2)(k) agus (l) de Rialachán (AE) Uimh. 2018/1862 (Póilíneacht);

2.Lena chois sin, beidh rochtain ag Aonaid Náisiúnta ETIAS ar na cláir taifead choireachta náisiúnta chun an fhaisnéis a fháil faoi na náisiúnaigh tríú tír agus na daoine gan stát atá ciontaithe i gcoir sceimhlitheoireachta nó i gcion choireachta thromchúiseach eile chun na gcríoch dá dtagraítear i mír 1.

(11)in Airteagal 26(3), cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (b):

“(b) measúnú ar an riosca slándála nó an riosca inimirce neamhdhlíthiúla agus a chinneadh cé acu údarú taistil a eisiúint nó é a dhiúltú i gcás ina gcomhfhreagróidh an tamas d’aon fhíoraithe dá dtagraítear i bpointe (b) agus pointí (d) go (m) d’Airteagal 20(2).”;

(12)In Airteagal 41, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 3:

“3. Gan dochar do mhír 2, i gcás ina neiseofar foláireamh nua in SIS a bhaineann le diúltú cead isteach agus fanachta nó a bhaineann le doiciméad taistil ar tuairiscíodh gur cailleadh, gur goideadh, gur mí-leithghabháladh nó gur neamhbhailíodh é, cuirfidh SIS é sin in iúl do Lárchóras ETIAS. Fíoróidh Lárchóras ETIAS an gcomhfhreagraíonn an foláireamh nua sin d’údarú bailí taistil. Más amhlaidh an cás, aistreoidh Lárchóras ETIAS an comhad iarratais chuig Aonad Náisiúnta ETIAS an Bhallstáit a d’iontráil an foláireamh. I gcás inar eisíodh foláireamh nua um dhiúltú cead isteach agus fanachta, déanfaidh Aonad Náisiúnta ETIAS an túdarú taistil a chúlghairm. I gcás ina mbeidh an túdarú taistil nasctha le doiciméad taistil ar tuairiscíodh gur cailleadh, gur goideadh, gur mí-leithghabháladh nó gur neamhbhailíodh é in SIS nó in DTGC, déanfaidh Aonad Náisiúnta ETIAS an comhad iarratais a phróiseáil de láimh.”;

(13)leasaítear Airteagal 88 mar a leanas:

(a)i mír 1, cuirfear an méid seo a leanas in ionad phointe (a):

“(a) leasuithe ba ghá a chur ar na gníomhartha dlíthiúla lena mbunaítear na córais faisnéise sin de chuid an Aontais Eorpaigh da dtagraítear in Airteagal 11 lena mbunófar an idir-inoibritheacht, de réir bhrí Airteagal 11 den Rialachán seo, le Córas Faisnéise ETIAS, tá na leasuithe sin tagtha i bhfeidhm, cé is moite den athmhúnlú ar Eurodac;”

(b)cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (d):

“(d) tá na bearta glactha dá dtagraítear in Airteagal 11(8), Airteagal, 11(9),Airteagal 15(5), Airteagal 17(3), (5) agus (6), Airteagal 18(4), Airteagal 27(3) agus (5), Airteagal 33(2) agus (3), Airteagal 36(3), Airteagal 38(3), Airteagal 39(2), Airteagal 45(3), Airteagal 46(4), Airteagal 48(4), Airteagal 59(4), Airteagal 73(3)(b), Airteagal 83(1), (3), agus (4) agus Airteagal 85(3);”;

(c)cuirtear na míreanna seo a leanas isteach:

“6. Tosófar ar an idir-inoibritheacht dá dtagraítear in Airteagal 11 le ECRIS-TCN nuair a chuirfear [CIR] ar obair agus tá sin sceidealaithe do 2022. Tosófar ar oibríochtaí ETIAS cibé acu a bheidh nó nach mbeidh an idir-inoibritheacht sin le ECRIS-TCN curtha ar bun.

7. Tosóidh ETIAS ar a oibríochtaí cibé acu a bheidh nó nach mbeidh comhaontú comhoibrithe idir an tAontas Eorpach agus INTERPOL, dá dtagraítear in Airteagal 12(2) tugtha i gcrích agus cibé acu is féidir nó nach féidir bunachair sonraí Interpol a chuardach.”.

(14)Leasaítear an dara mír d’Airteagal 96 mar seo a leanas:

“Beidh feidhm ag an Rialachán seo ón dáta a leagfaidh an Coimisiún síos i gcomhréir le hAirteagal 88, cé is moite d’Airteagal 6, 11, 11a, 12, 33, 34, 35, 59, 71, 72, 73, Airteagal 75 go dtí Airteagal 79, Airteagail 82, 85, 87, 89, 90, 91, Airteagal 92(1) agus (2), Airteagal 93 agus Airteagal 95, agus de na forálacha a bhaineann leis na bearta dá dtagraítear i bpointe (d) d’Airteagal 88(1) chomh maith, a mbeidh feidhm acu ón 9 Deireadh Fómhair 2018.”

CAIBIDIL II LEASUITHE AR IONSTRAIMÍ EILE AN AONTAIS

Airteagal 2

Leasuithe ar Rialachán (CE) Uimh. 767/2008 [VIS]

Leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 767/2008 mar a leanas:

(1)In Airteagal 6, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 2:

“2. Is ag foireann chuí-údaraithe údarás gach Ballstáit atá inniúil chun na gcríoch a leagtar síos in Airteagail 15 go 22, agus ag foireann chuí-údaraithe údaráis náisiúnta gach Ballstáit, lena náirítear baill foirne chuí-údaraithe Aonaid Náisiúnta ETIAS, arna nainmniú de bhun Airteagal 8 de Rialachán (AE) Uimh. 2018/1240 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle*, agus chomhlachtaí an Aontais atá inniúil chun na gcríoch a leagtar síos in [Airteagal 20 agus Airteagal 21 de Rialachán 2018/xx maidir le hidir-inoibritheacht] agus acusan amháin, a bheidh rochtain ar VIS chun na sonraí a cheadú, agus é teoranta dá mhéid a bheidh na sonraí de dhíth chun a dtascanna a fheidhmiú de réir na gcríoch sin, agus i gcomhréir leis na cuspóirí a bheidh le baint amach.”;

_____________

*Rialachán (AE) Uimh. 2018/1240 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Meán Fómhair 2018 lena mbunaítear Córas Eorpach um Fhaisnéis agus Údarú Taistil (ETIAS) agus lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1077/2011, (AE) Uimh. 515/2014, (AE) Uimh. 2016/399, (AE) Uimh. 2016/1624 agus (AE) Uimh. 2017/2226 (IO L 236, 19.9.2018, lch. 1).”;

(2)cuirtear isteach na hairteagail seo a leanas:

“Airteagal 18b
Idir-inoibritheacht le ETIAS de réir bhrí Airteagal 11 de Rialachán (AE) Uimh. 2018/1240

1.Ó thús oibríochtaí ETIAS, dá bhforáiltear in Airteagal 88(1) de Rialachán (AE) Uimh. 2018/1240, beidh CS-VIS’ nasctha leis an uirlis dá dtagraítear in Airteagal 11 de Rialachán (AE) Uimh. 2018/1240 chun an uathphróiseáil dá dtagraítear san Airteagal sin a chumasú.

2.Leis an uathphróiseáil dá dtagraítear in Airteagal 11 de Rialachán (AE) Uimh. 2018/1240 cumasófar na fíoruithe dá bhforáiltear in Airteagal 20 den Rialachán sin agus na fíoruithe a dhéanfar dá éis sin dá dtagraítear in Airteagal 22 agus Airteagal 26 den Rialachán sin.

Chun na fíoruithe a dhéanamh dá dtagraítear i bpointe (i) d’Airteagal 20(2)de Rialachán (AE) Uimh. 2018/1240, úsáidfidh Lárchóras ETIAS an uirlis dá dtagraítear in Airteagal 11 den Rialachán sin chun na sonraí in ETIAS a chur i gcomparáid leis na sonraí in VIS, i gcomhréir le hAirteagal 11(8) den Rialachán sin, agus na comhfhreagrachtaí a liostaítear sa tábla in Iarscríbhinn II á núsáid aige.

Airteagal 18c
Rochtain ar shonraí in VIS ag Láraonad ETIAS

1.Beidh an ceart ag Láraonad ETIAS, arna bhunú laistigh den Ghníomhaireacht Eorpach um an nGarda Teorann agus Cósta i gcomhréir le hAirteagal 7 de Rialachán (AE) Uimh. 2018/1240, chun críche na gcúraimí a thugtar dó le Rialachán (AE) Uimh. 2018/1240 a chur i gcrích, sonraí ábhartha in VIS a rochtain agus a chuardach i gcomhréir le hAirteagal 11(8) den Rialachán sin.

2.I gcás ina ndeimhneofar le fíorú arna dhéanamh ag Láraonad ETIAS go bhfuil comhfhreagras ann idir sonraí ar taifead sa chomhad iarratais ETIAS agus sonraí in EES nó ina mbeidh amhras ann fós, beidh feidhm ag an nós imeachta a leagtar síos in Airteagal 26 de Rialachán (AE) Uimh. 2018/1240, gan dochar d’Airteagal 24 de Rialachán (AE) Uimh. 2018/1240.

Airteagal 18d
Aonaid Náisiúnta ETIAS VIS a úsáid chun próiseáil láimhe a dhéanamh

1.Déanfaidh Aonaid Náisiúnta ETIAS VIS a cheadú leis na sonraí alfa-uimhriúil céanna a úsáidtear le haghaidh na próiseála uathoibríoch dá dtagraítear in Airteagal 18b(2).

2.Beidh rochtain ag Aonaid Náisiúnta ETIAS, arna nainmniú de bhun Airteagal 8(1) de Rialachán (AE) Uimh. 2018/1240, ar VIS agus agus féadfaidh siad é a cheadú, i bhformáid inléite amháin, chun iarratais a scrúdú ar údarú taistil de bhun Airteagal 8(2) den Rialachán sin. Féadfaidh Aonaid Náisiúnta ETIAS na sonraí a cheadú dá dtagraítear in Airteagail 9 go dtí 14 den Rialachán seo.

3.Tar éis dóibh rochtain a fháil de bhun mhír 1, ní thaifeadfaidh baill foirne chuí-údaraithe Aonaid Náisiúnta ETIAS ach toradh an mheasúnaithe, agus sin amháin, agus is i gcomhaid iarratais ETIAS a thaifeadfaidh siad an toradh sin.”;

(3)cuirtear isteach an tairteagal seo a leanas:

“Airteagal 34a
Logaí a choinneáil

I dtaca leis na ceaduithe a liostaítear in Airteagal 18b den Rialachán seo, coinneofar log ar gach oibríocht próiseála sonraí a rinneadh laistigh de VIS agus ETIAS i gcomhréir le hAirteagal 34 den Rialachán seo agus Airteagal 69 de Rialachán (AE) 2018/1240.”;

(4)uimhrítear an iarscríbhinn mar Iarscríbhinn I agus cuirtear an iarscríbhinn seo isteach:

“Iarscríbhinn II

Tábla de na comhfhreagrais dá dtagraítear in Airteagal 18b

Sonraí Airteagal 17(2) de Rialachán 2018/1240 arna seoladh ag Lárchóras ETIAS

Na sonraí VIS atá comhfhreagrach agus dá dtagraítear in Airteagal 9(4) den Rialachán seo ar cheart ETIAS a sheiceáil i gcomparáid leo

sloinne (ainm teaghlaigh)

sloinnte

sloinne breithe

sloinnte breithe (sloinne(-te) roimhe sin);

ainm(neacha) (ainm(neacha) baiste)

ainm(neacha)

dáta breithe

dáta breithe

áit bhreithe;

áit bhreithe;

tír bhreithe

tír bhreithe

gnéas

Gnéas

náisiúntacht i láthair na huaire

náisiúntacht faoi láthair agus náisiúntacht bhreithe

náisiúntachtaí eile (más ann dóibh)

náisiúntacht faoi láthair agus náisiúntacht bhreithe

cineál an doiciméid taistil

cineál an doiciméid taistil

uimhir an doiciméid taistil

uimhir an doiciméid taistil

tír eisiúna an doiciméid taistil

an túdarás a deisigh an doiciméad taistil

Airteagal 3

Leasú ar Rialachán (AE) Uimh. 2017/2226 [ETIAS]

Leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 2017/2226 mar seo a leanas:

(1)in Airteagal 6(1), cuirtear an pointe seo a leanas isteach:

55 “(k) tacú le cuspóirí ETIAS a leagtar síos i Rialachán (AE) 2018/1240 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle*.

_____________

* Rialachán (AE) 2018/1240 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Meán Fómhair 2018 lena mbunaítear Córas Eorpach um Fhaisnéis agus Údarú Taistil (ETIAS) agus lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1077/2011, (AE) Uimh. 515/2014, (AE) Uimh. 2016/399, (AE) Uimh. 2016/1624 agus (AE) Uimh. 2017/2226 (IO L 236, 19.9.2018, lch. 1).”;

(2)cuirtear isteach na hairteagail seo a leanas:

“Airteagal 8a
Uathphróiseas le ETIAS

Le huathphróiseas, ina núsáidfear bonneagar cumarsáide sláine Airteagal 6(2)(d) de Rialachán (AE) Uimh. 2018/1240, is féidir le EES an taifead isteach/amach nó an taifead diúltú teacht isteach atá ag náisiúnach tríú tír atá díolmhaithe ón gceanglas víosa in EES i gcomhréir le hAirteagal 14 agus Airteagal 17a chruthú nó a nuashonrú den Rialachán seo.

I gcás ina gcruthófar taifead isteach/amach le haghaidh náisiúnach atá díolmhaithe ón gceanglas víosa, is féidir le Lárchóras EES an méid seo a leanas a dhéanamh leis an uathphróiseas:

(a)an fhaisnéis dá dtagraítear in Airteagal 47(2) de Rialachán (AE) Uimh. 2018/1240, uimhir iarratais agus tréimhse deiridh bailíochta údaraithe taistil ETIAS a chuardach i Lárchóras ETIAS agus a iompórtáil as;

(b)an taifead isteach/amach in EES a nuashonrú i gcomhréir le hAirteagal 17(2) den Rialachán seo.

Airteagal 8b
Idir-inoibritheacht le ETIAS de réir bhrí Airteagal 11 de Rialachán (AE) Uimh. 2018/1240

1.Ó thús oibríochtaí ETIAS, dá bhforáiltear in Airteagal 88(1) de Rialachán (AE) Uimh. 2018/1240, beidh Lárchóras EES nasctha leis an uirlis dá dtagraítear in Airteagal 11 de Rialachán (AE) Uimh. 2018/1240 chun an uathphróiseáil dá dtagraítear san Airteagal sin a chumasú.

2.Gan dochar d’Airteagal 24 de Rialachán (AE) Uimh. 2018/1240, leis an uathphróiseáil dá dtagraítear in Airteagal 11 de Rialachán (AE) Uimh. 2018/1240 cumasófar na fíoruithe dá bhforáiltear in Airteagal 20 den Rialachán sin agus na fíoruithe a dhéanfar dá éis sin dá dtagraítear in Airteagal 22 agus Airteagal 26 den Rialachán sin.

Chun na fíoruithe a dhéanamh dá dtagraítear i bpointe (g) agus pointe (h) d’Airteagal 20(2) de Rialachán (AE) Uimh. 2018/1240, úsáidfidh Lárchóras ETIAS an uirlis dá dtagraítear in Airteagal 11 den Rialachán sin chun na sonraí in ETIAS a chur i gcomparáid leis na sonraí in VIS, i gcomhréir le hAirteagal 11(8) den Rialachán sin, agus na comhfhreagrachtaí a liostaítear sa tábla in Iarscríbhinn III á núsáid aige.

Beidh na fíoruithe gan dochar do na rialacha sonracha dá bhforáiltear in Airteagal 24(3) de Rialachán (AE) Uimh. 2018/1240.”

(3)In Airteagal 9, cuirtear an mhír 2a seo a leanas isteach:

“2 a. Beidh rochtain ag baill foirne chuí-údaraithe Aonaid Náisiúnta ETIAS, arna nainmniú de bhun Airteagal 8 de Rialachán (AE) Uimh. 2018/1240, ar EES chun sonraí a cheadú i bhformáid inléite amháin.”;

(4)cuirtear an dara fomhír seo a leanas le hAirteagal 17(2):

“Iontrálfar na sonraí seo a leanas freisin sa taifead isteach/amach:

(a)uimhir an iarratais;

(b)deireadh tréimhse bhailíochta údarú taistil ó ETIAS;

(c)i gcás údarú taistil ag a bhfuil bailíocht chríochach theoranta, an Ballstát/na Ballstáit a bhfuil sé bailí lena naghaidh.”;

(5)cuirtear isteach na hairteagail seo a leanas:

“Airteagal 25a
Rochtain ar shonraí in EES ag Láraonad ETIAS

1.Beidh an ceart ag Láraonad ETIAS, arna bhunú laistigh den Ghníomhaireacht Eorpach um an nGarda Teorann agus Cósta i gcomhréir le hAirteagal 7 de Rialachán (AE) Uimh. 2018/1240, chun críche na gcúraimí a thugtar dó le Rialachán (AE) Uimh. 2018/1240 a chur i gcrích, sonraí in EES a rochtain agus a chuardach i gcomhréir le hAirteagal 11(8) den Rialachán sin.

2.I gcás ina ndeimhneofar le fíorú arna dhéanamh ag Láraonad ETIAS go bhfuil comhfhreagras ann idir sonraí ar taifead sa chomhad iarratais ETIAS agus sonraí in EES nó ina mbeidh amhras ann fós, beidh feidhm ag an nós imeachta a leagtar síos in Airteagal 26 de Rialachán (AE) Uimh. 2018/1240.

Airteagal 25b
EES á úsáid ag Aonaid Náisiúnta ETIAS chun próiseáil láimhe a dhéanamh

1.Déanfaidh Aonaid Náisiúnta ETIAS dá dtagraítear in Airteagal 8(1) de Rialachán (AE) Uimh. 2018/1240 EES a cheadú leis na sonraí alfa-uimhriúil céanna a úsáidtear le haghaidh na próiseála uathoibríoch dá dtagraítear in Airteagal 8b(2) den Rialachán seo.

2.Beidh rochtain ag Aonaid Náisiúnta ETIAS ar EES agus féadfaidh siad é a cheadú, i bhformáid inléite amháin, chun iarratais a scrúdú ar údarú taistil de bhun Airteagal 8(2) den Rialachán sin. Féadfaidh Aonaid Náisiúnta ETIAS na sonraí a cheadú dá dtagraítear in Airteagail 16 go dtí 18 den Rialachán seo, gan dochar d’Airteagal 24 de Rialachán (AE) Uimh. 2018/1240.

3.Tar éis dóibh rochtain a fháil de bhun mhír 1, ní thaifeadfaidh baill foirne chuí-údaraithe Aonaid Náisiúnta ETIAS ach toradh an mheasúnaithe, agus sin amháin, agus is i gcomhaid iarratais ETIAS a thaifeadfaidh siad an toradh sin.”;

(6)Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 28:

“Airteagal 28
Sonraí arna naisghabháil ó EES a choinneáil

Ní fhéadfar sonraí arna naisghabháil as EES de bhun Airteagail 24, 25, 26 agus 27 a choinneáil i gcomhaid náisiúnta ná ní fheadfar comhaid agus sonraí arna naisghabháil as EES de bhun Airteagal 25a a choinneáil in iarratas ó ETIAS ach amháin nuair is gá sin i gcás aonair, i gcomhréir leis an gcuspóir lenar aisghabhadh iad agus i gcomhréir le dlí ábhartha an Aontais, go háirithe an dlí maidir le cosaint sonraí, agus ní fhéadfar iad a choinneáil níos faide ná mar is gá sa chás aonair sin.”;

(7)In Airteagal 46(2), cuirtear an dara fomhír seo a leanas isteach:

“ I dtaca leis na ceaduithe a liostaítear in Airteagal 8A, Airteagal 8b agus Airteagal 25a den Rialachán seo, coinneofar log ar gach oibríocht próiseála sonraí a rinneadh laistigh de EES agus ETIAS i gcomhréir leis an Airteagal seo agus le hAirteagal 69 de Rialachán (AE) Uimh. 2018/1240.”;

(8)Cuirtear an iarscríbhinn seo a leanas isteach:

“Iarscríbhinn III:

Tábla de na comhfhreagrais dá dtagraítear in Airteagal 8b

Sonraí Airteagal 17(2) de Rialachán 2018/1240 arna seoladh ag Lárchóras ETIAS

Na sonraí EES atá comhfhreagrach agus dá dtagraítear in Airteagal 17(1) den Rialachán seo ar cheart ETIAS a sheiceáil i gcomparáid leo

sloinne (ainm teaghlaigh)

sloinnte

sloinne breithe

sloinnte

ainm(neacha) (ainm(neacha) baiste)

ainm(neacha) (ainmneacha baiste);

ainmneacha eile (ainm(neacha) bréige, ainm(neacha ealaíona, gnáthainm(neacha))

ainm(neacha) (ainmneacha baiste);

dáta breithe

dáta breithe

gnéas

gnéas

náisiúntacht i láthair na huaire

náisiúntacht(aí)

náisiúntachtaí eile (más ann dóibh)

náisiúntacht(aí)

cineál an doiciméid taistil

cineál an doiciméid taistil

uimhir an doiciméid taistil

uimhir an doiciméid taistil

tír eisiúna an doiciméid taistil

cód trí litir thír eisiúna an doiciméid taistil

Airteagal 4

Leasuithe ar Rialachán (AE) Uimh. 2018/1861 [Teorainn SIS]

Leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 2018/1861 mar a leanas:

(1)i gCaibidil III, cuirtear isteach an tAirteagal seo a leanas:

“Airteagal 18a
Logaí a choinneáil le ETIAS de réir bhrí Airteagal 11 de Rialachán (AE) Uimh. 2018/1240

Coinneofar logaí ar gach oibríocht próiseála sonraí a dhéanfar in SIS agus in ETIAS de bhun Airteagal 36a agus 36b i gcomhréir le hAirteagal 18 den Rialachán seo agus Airteagal 69 de Rialachán (AE) Uimh. 2018/1240 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle*.

_____________

* Rialachán (AE) Uimh. 2018/1240 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Meán Fómhair 2018 lena mbunaítear Córas Eorpach um Fhaisnéis agus Údarú Taistil (ETIAS) agus lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1077/2011, (AE) Uimh. 515/2014, (AE) Uimh. 2016/399, (AE) Uimh. 2016/1624 agus (AE) Uimh. 2017/2226 (IO L 236, 19.9.2018, lch. 1).”;

(2)in Airteagal 34(1), cuirtear an pointe seo a leanas isteach:

“(g) próiseáil láimhe ar iarratais ETIAS ag Aonad Náisiúnta ETIAS, de bhun Airteagal 8 de Rialachán (AE) Uimh. 2018/1240.”;

(3)cuirtear isteach na hairteagail seo a leanas:

“Airteagal 36a
Rochtain ar shonraí SIS ag Láraonad ETIAS

1.Beidh an ceart ag Láraonad ETIAS, arna bhunú laistigh den Ghníomhaireacht Eorpach um an nGarda Teorann agus Cósta i gcomhréir le hAirteagal 7 de Rialachán (AE) Uimh. 2018/1240, chun críche na gcúraimí a thugtar dó le Rialachán (AE) Uimh. 2018/1240 a chur i gcrích, sonraí ábhartha arna niontráil in SIS a rochtain agus a chuardach. Beidh feidhm ag forálacha Airteagal 36(4)-(8) maidir leis an rochtain sin agus an chuardaigh sin.

2.Gan dochar d’Airteagal 24 de Rialachán (AE) Uimh. 2018/1240, i gcás ina ndearbhaítear le fíorú arna dhéanamh ag Láraonad ETIAS go bhfuil comhfhreagras idir na sonraí a thaifeadtar i gcomhad iarratais ETIAS agus foláireamh in SIS, beidh feidhm ag an nós imeachta a leagtar amach in Airteagal 26 de Rialachán (AE) Uimh. 2018/1240.

Airteagal 36b
Idir-inoibritheacht le ETIAS de réir bhrí Airteagal 11 de Rialachán (AE) Uimh. 2018/1240

1.Ó thús oibríochtaí ETIAS, dá bhforáiltear in Airteagal 88(1) de Rialachán (AE) Uimh. 2018/1240, beidh Lárchóras SIS nasctha leis an uirlis dá dtagraítear in Airteagal 11 de Rialachán (AE) Uimh. 2018/1240 chun an uathphróiseáil dá dtagraítear san Airteagal sin a chumasú.

2.Chun fíoruithe a dhéanamh dá dtagraítear in Airteagal 20(2)(c), (m)(ii) agus (o) de Rialachán (AE) 2018/1240, úsáidfidh Lárchóras ETIAS an uirlis dá dtagraítear in Airteagal 11 den Rialachán sin chun na sonraí dá dtagraítear in Airteagal 11(4) de Rialachán (AE) Uimh. 2018/1240 a chur i gcomparáid le sonraí in SIS, i gcomhréir le hAirteagal 11(8) den Rialachán sin.

3.I gcás ina niontrálfar foláireamh nua dá dtagraítear in Airteagal 41(3) de Rialachán (AE) Uimh. 2018/1240 isteach in SIS, déanfaidh an Lárchóras an fhaisnéis faoin bhfoláireamh sin a tharchur, agus an uathphróiseáil agus an uirlis dá dtagraítear in Airteagal 11 den Rialachán sin á núsáid aige, chuig Lárchóras ETIAS chun a fhíorú an bhfuil an foláireamh nua sin ag comhfhreagairt d’údarú taistil atá ann cheana.”.

CAIBIDIL III FORÁLACHA CRÍOCHNAITHEACHA

Airteagal 5

Teacht i bhfeidhm

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh feidhm aige ón dáta a socraíodh i gcomhréir le dara fomhír Airteagal 96 de Rialachán (AE) Uimh. 2018/1240.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach sna Ballstáit i gcomhréir leis na Conarthaí.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil,

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa    Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán    An tUachtarán

(1)    Rialachán (AE) Uimh. 2018/1240 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Meán Fómhair 2018 lena mbunaítear Córas Eorpach um Fhaisnéis agus Údarú Taistil (ETIAS) agus lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1077/2011, (AE) Uimh. 515/2014, (AE) Uimh. 2016/399, (AE) Uimh. 2016/1624 agus (AE) Uimh. 2017/2226 (IO L 236, 19.9.2018, lch. 1).
(2)    Rialachán (AE) Uimh. 2018/1241 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Meán Fómhair 2018 lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 2016/794 chun Córas Eorpach um Fhaisnéis agus Údarú Taistil (ETIAS) a bhunú (IO L 236, 19.9.2018, lch. 72).
(3)    COM(2016) 602, final.
(4)    COM(2016) 205, final.
(5)    Airteagal 20(2) agus Airteagal 23(1) de Rialachán (AE) Uimh. 2018/1240 dá dtagraítear i bhfonóta (1).
(6)    COM(2016) 731, final.
(7)    Rialachán (AE) Uimh. 2017/2226 lena mbunaítear Córas Dul Isteach/Imeachta (EES) an 9 Nollaig 2017, IO L 327, lch. 20.
(8)    COM(2017) 344, final.
(9)    COM(2016) 883, final, COM(2016) 882, final agus COM(2016) 881, final.
(10)    Rialachán (AE) Uimh. 603/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Meitheamh 2013 maidir le bunú ‘Eurodac’ chun méarloirg a chur i gcomparáid le chéile ar mhaithe le cur i bhfeidhm éifeachtach Rialachán (AE) Uimh. 604/2013 lena mbunaítear na critéir agus na sásraí lena gcinntear cé acu Ballstát atá freagrach as scrúdú a dhéanamh ar iarratas ar chosaint idirnáisiúnta arna thaisceadh i gceann de na Ballstáit ag náisiúnach tríú tír nó ag duine gan stát agus maidir le hiarrataí ó údaráis forghníomhaithe dlí na mBallstát agus ó Europol ar chomparáidí le sonraí Eurodac chun críocha forghníomhaithe dlí, agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 1077/2011 lena mbunaítear Gníomhaireacht Eorpach chun bainistiú oibríochtúil a dhéanamh ar chórais mhórscála TF sa limistéar saoirse, slándála agus ceartais (IO L 180, 29.6.2013, lch. 1).
(11)    Le Rialachán ETIAS coimeádtar tagairtí do Eurodac ar tagairtí iad a bhí mar chuid de thogra ETIAS ón gCoimisiún, agus sainítear leis, in Airteagal 97 de Rialachán (AE) Uimh. 2018/1240 ETIAS, nach mbeidh feidhm ag forálacha a bhaineann le comhairliúchán Eurodac ach amháin nuair a bheidh feidhm ag an athmhúnlú ar Eurodac.
(12)    Aithris (58) de Rialachán (AE) Uimh. 2018/1240 dá dtagraítear i bhfonóta (1).
(13)    Rialachán (AE) Uimh. 2018/1862 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 28 Samhain 2018 maidir le Córas Faisnéise Schengen (SIS) a bhunú, a oibriú agus a úsáid i réimse an chomhair phóilíneachta agus an chomhair bhreithiúnaigh in ábhair choiriúla, lena leasaítear agus lena naisghairtear Cinneadh 2007/533/JHA ón gComhairle agus lena naisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1986/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Cinneadh 2010/261/AE ón gCoimisiún.
(14)    COM(2016) 272, final.
(15)    COM(2018) 478, final agus COM(2018) 480, final.
(16)    Rialachán (AE) Uimh. 2226/2017 lena mbunaítear Córas Dul Isteach/Imeachta (EES) an 9 Nollaig 2017, IO L 327, lch. 20.
(17)    COM(2018) 478, final agus COM(2018) 480, final.
(18)    Féach fonóta (1).
(19)    Treoir 2004/38/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 29 Aibreán 2004 maidir le ceart shaoránaigh an Aontais agus bhaill a dteaghlaigh gluaiseacht agus cónaí faoi shaoirse ar chríoch na mBallstát, lena leasaítear Rialachán (CEE) Uimh. 1612/68 agus lena naisghairtear Treoracha 64/221/CEE, 68/360/CEE, 72/194/CEE, 73/148/CEE, 75/34/CEE, 75/35/CEE, 90/364/CEE, 90/365/CEE agus 93/96/CEE (IO L 158, 30.4.2004, lch. 77).
(20)    COM(2015) 185, final.
(21)    COM(2018) 470, final.
(22)    IO L 176, 10.7.1999, lch. 36.
(23)    IO L 53, 27.2.2008, lch. 52.
(24)    IO L 160, 18.6.2011, lch. 19.
(25)    Cinneadh 2010/365/AE ón gComhairle an 29 Meitheamh 2010 i ndáil leis na forálacha sin de chuid acquis Schengen a bhaineann le Córas Faisnéise Schengen a chur i bhfeidhm i bPoblacht na Bulgáire agus sa Rómáin (IO L 166, 1.7.2010, lch. 17).
(26)    Cinneadh (AE) 2017/733 ón gComhairle an 25 Aibreán 2017 i ndáil leis na forálacha sin de chuid acquis Schengen a bhaineann le Córas Faisnéise Schengen a chur i bhfeidhm i bPoblacht na Cróite (IO L 108, 26.4.2017, lch. 31).
(27)    Cinneadh (AE) 2017/1908 ón gComhairle an 12 Deireadh Fómhair 2017 maidir le forálacha áirithe d’acquis Schengen a bhaineann leis an gCóras Faisnéise Víosaí i bPoblacht na Bulgáire agus sa Rómáin a chur i bhfeidhm (IO L 269, 19.10.2017, lch. 39–43).
(28)    Cinneadh (AE) 2018/934 ón gComhairle an 25 Meitheamh 2018 maidir le cur i bhfeidhm na bhforálacha atá fágtha den acquis Schengen maidir le Córas Faisnéise Schengen i bPoblacht na Bulgáire agus sa Rómáin (IO L 165, 2.7.2018, lch. 37).
(29)    IO C , , p. .
(30)    IO C , , p. .
(31)    Rialachán (AE) Uimh. 2018/1240 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Meán Fómhair 2018 lena mbunaítear Córas Eorpach um Fhaisnéis agus Údarú Taistil (ETIAS) agus lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1077/2011, (AE) Uimh. 515/2014, (AE) Uimh. 2016/399, (AE) Uimh. 2016/1624 agus (AE) Uimh. 2017/2226 (IO L 236, 19.9.2018, lch. 1).
(32)    Rialachán (CE) Uimh. 767/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Iúil 2008 maidir leis an gCóras Faisnéise Víosaí (VIS) agus maidir le sonraí i ndáil le víosaí gearrfhanachta a mhalartú idir na Ballstáit (Rialachán VIS) (IO L 218, 13.8.2008, lch. 60).
(33)    Rialachán (AE) Uimh. 2017/2226 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Samhain 2017 lena mbunaítear Córas Dul Isteach/Imeachta (EES) chun sonraí faoi dhul isteach agus imeacht agus sonraí faoi dhiúltú cead isteach náisiúnach tríú tír a chlárú agus iad ag trasnú theorainneacha seachtracha na mBallstát agus lena gcinntear na coinníollacha ar a dtabharfar rochtain ar EES chun críocha fhorghníomhú an dlí, agus lena leasaítear an Coinbhinsiún lena ndéantar Comhaontú Schengen a chur chun feidhme agus Rialachán (CE) Uimh. 767/2008 agus Rialachán (AE) Uimh. 1077/2011 (IO L 327, 9.12.2017, lch. 20).
(34)    Rialachán (AE) Uimh. 2018/1861 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 28 Samhain 2018 maidir le Córas Faisnéise Schengen (SIS) a bhunú, a oibriú agus a úsáid i réimse na seiceálacha teorann, lena leasaítear an Coinbhinsiún lena gcuirtear Comhaontú Schengen chun feidhme, agus lena leasaítear agus lena naisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1987/2006 (IO L 312, 7.12.2018, lch. 14).
(35)    Cinneadh 2010/365/AE ón gComhairle an 29 Meitheamh 2010 i ndáil leis na forálacha sin de chuid acquis Schengen a bhaineann le Córas Faisnéise Schengen a chur i bhfeidhm i bPoblacht na Bulgáire agus sa Rómáin (IO L 166, 1.7.2010, lch. 17); Cinneadh (AE) 2017/733 ón gComhairle an 25 Aibreán 2017 i ndáil leis na forálacha sin de chuid acquis Schengen a bhaineann le Córas Faisnéise Schengen a chur i bhfeidhm i bPoblacht na Cróite, IO L 108, 26.4.2017, lch. 31; Cinneadh (AE) 2017/1908 ón gComhairle an 12 Deireadh Fómhair 2017 maidir le forálacha áirithe d’acquis Schengen a bhaineann leis an gCóras Faisnéise Víosaí i bPoblacht na Bulgáire agus sa Rómáin a chur i bhfeidhm (IO L 269, 19.10.2017, lgh. 39-43); Cinneadh (AE) 2018/934 ón gComhairle an 25 Meitheamh 2018 maidir le forálacha áirithe d’acquis Schengen a bhaineann leis an gCóras Faisnéise Víosaí i bPoblacht na Bulgáire agus sa Rómáin a chur i bhfeidhm (IO L 165, 2.7.2018, lch. 37).
(36)    Rialachán (AE) Uimh. 2018/1726 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Samhain 2018 maidir le Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh chun Bainistiú Oibríochtúil a dhéanamh ar Chórais Mhórscála TF sa Limistéar Saoirse, Slándála agus Ceartais (eu-LISA), agus lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1987/2006 agus Cinneadh 2007/533/CGB ón gComhairle agus lena naisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 1077/2011 (IO L 295, 21.11.2018, lch. 99).
(37)    IO L 158, 30.4.2004, lch. 77.
(38)    Cinneadh 2000/365/CE ón gComhairle an 29 Bealtaine 2000 maidir leis an iarraidh ó Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann a bheith rannpháirteach i roinnt forálacha de acquis Schengen (IO L 131, 1.6.2000, lch. 43).
(39)    Cinneadh 2002/192/CE ón gComhairle an 28 Feabhra 2002 maidir leis an iarraidh ó Éirinn a bheith rannpháirteach i roinnt forálacha de chuid acquis Schengen (IO L 64, 7.3.2002, lch. 20).
(40)    IO L 176, 10.7.1999, lch. 36.
(41)    Cinneadh 1999/437/CE ón gComhairle an 17 Bealtaine 1999 maidir le socruithe áirithe i dtaca le cur i bhfeidhm an Chomhaontaithe arna thabhairt i gcrích ag Comhairle an Aontais Eorpaigh agus Poblacht na hÍoslainne agus Ríocht na hIorua maidir le comhlachas an dá thír sin le acquis Schengen a chur chun feidhme, a chur i bhfeidhm agus a fhorbairt (IO L 176, 10.7.1999, lch. 31).
(42)    IO L 53, 27.2.2008, lch. 52.
(43)    Cinneadh 2008/146/CE ón gComhairle an 28 Eanáir 2008 maidir le tabhairt i gcrích an Chomhaontaithe, ar son an Chomhphobail Eorpaigh, idir an tAontas Eorpach, an Comhphobal Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise maidir le comhlachas Chónaidhm na hEilvéise le acquis Schengen a chur chun feidhme, a chur i bhfeidhm agus a fhorbairt (IO L 53, 27.2.2008 lch. 1).
(44)    Cinneadh 2008/149/CGB ón gComhairle an 28 Eanáir 2008 maidir le tabhairt i gcrích an Chomhaontaithe, ar son an Aontais Eorpaigh, idir an tAontas Eorpach, an Comhphobal Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise maidir le comhlachas Chónaidhm na hEilvéise le acquis Schengen a chur chun feidhme, a chur i bhfeidhm agus a fhorbairt (IO L 53, 27.2.2008, lch. 50).
(45)    IO L 160, 18.6.2011, lch. 21.
(46)    Cinneadh 2011/350/AE ón gComhairle an 7 Márta 2011 maidir le tabhairt i gcrích an Phrótacail, ar son an Aontais Eorpaigh, idir an tAontas Eorpach, an Comhphobal Eorpach, Cónaidhm na hEilvéise agus Prionsacht Lichtinstéin i ndáil le haontachas Phrionsacht Lichtinstéin leis an gComhaontú idir an tAontas Eorpach, an Comhphobal Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise maidir le comhlachas Chónaidhm na hEilvéise le acquis Schengen a chur chun feidhme, a chur i bhfeidhm agus a fhorbairt, a bhaineann le seiceálacha ag na teorainneacha inmheánacha a dhíothú agus le gluaiseacht daoine (IO L 160, 18.6.2011, lch. 19).
(47)    Cinneadh 2011/349/AE ón gComhairle an 7 Márta 2011 maidir le tabhairt i gcrích an Phrótacail, ar son an Aontais Eorpaigh, idir an tAontas Eorpach, an Comhphobal Eorpach, Cónaidhm na hEilvéise agus Prionsacht Lichtinstéin i ndáil le haontachas Phrionsacht Lichtinstéin leis an gComhaontú idir an tAontas Eorpach, an Comhphobal Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise maidir le comhlachas Chónaidhm na hEilvéise le acquis Schengen a chur chun feidhme, a chur i bhfeidhm agus a fhorbairt, go háirithe a mhéid a bhaineann leis an gcomhar breithiúnach in ábhair choiriúla agus leis an gcomhar póilíneachta (IO L 160, 18.6.2011, lch. 1).
(48)    Cinneadh 2010/365/AE ón gComhairle an 29 Meitheamh 2010 i ndáil leis na forálacha sin de chuid acquis Schengen a bhaineann le Córas Faisnéise Schengen a chur i bhfeidhm i bPoblacht na Bulgáire agus sa Rómáin (IO L 166, 1.7.2010, lch. 17).
(49)    Cinneadh (AE) 2017/733 ón gComhairle an 25 Aibreán 2017 i ndáil leis na forálacha sin de chuid acquis Schengen a bhaineann le Córas Faisnéise Schengen a chur i bhfeidhm i bPoblacht na Cróite (IO L 108, 26.4.2017, lch. 31).
(50)    Cinneadh(AE) 2017/1908 ón gComhairle an 12 Deireadh Fómhair 2017 maidir le forálacha áirithe d’acquis Schengen a bhaineann leis an gCóras Faisnéise Víosaí i bPoblacht na Bulgáire agus sa Rómáin a chur i bhfeidhm (IO L 269, 19.10.2017, lgh. 39–43).
(51)    Cinneadh (AE) 2018/934 ón gComhairle an 25 Meitheamh 2018 maidir le forálacha áirithe d’acquis Schengen a bhaineann leis an gCóras Faisnéise Víosaí i bPoblacht na Bulgáire agus sa Rómáin a chur i bhfeidhm (IO L 165, 2.7.2018, lch. 37).
(52)    Rialachán (AE) Uimh. 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2018 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil ag institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena naisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 agus Cinneadh Uimh. 1247/2002/CE (OJ L 295, 21.11.2018, p. 39).
(53)    Cuirtear san áireamh san uimhriú an leasú ar an Rialachán seo arna dhéanamh leis an Togra le haghaidh Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le creat a bhunú le haghaidh idir-inoibritheacht idir córais faisnéise an Aontais Eorpaigh (teorainneacha agus víosaí), COM(2018) 478 final.
(54)    Cuirtear san áireamh san uimhriú an leasú ar an Rialachán seo arna dhéanamh leis an Togra le haghaidh Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le creat a bhunú le haghaidh idir-inoibritheacht idir córais faisnéise an Aontais Eorpaigh (teorainneacha agus víosaí), COM(2018) 478 final.
(55)    Cuirtear san áireamh san uimhriú an leasú ar an Rialachán seo arna dhéanamh leis an Togra le haghaidh Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le creat a bhunú le haghaidh idir-inoibritheacht idir córais faisnéise an Aontais Eorpaigh (teorainneacha agus víosaí), COM(2018) 478 final.