29.4.2020 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
39 |
Tuairim ó Choiste Eorpach na Réigiún – An Cultúr in Aontas a fhéachann le níos mó a dhéanamh: Ról na Réigiún agus na gCathracha
|
MOLTAÍ BEARTAIS
TÁ COISTE EORPACH NA RÉIGIÚN
1. |
den tuairim gur gá tuiscint leathan a thabhairt ar an gcultúr agus ar éagsúlacht chultúrtha na hEorpa a théann níos faide ná caomhnú agus cosaint na hoidhreachta inláimhsithe amháin agus a chuidíonn le tuiscint a fháil ar na hathruithe sóisialta agus cultúrtha atá ag tarlú ar fud shochaí na hEorpa; |
2. |
á chur in iúl go bhfuil sé ar an eolas faoin ról a d’fhéadfadh a bheith ag cathracha agus ag réigiúin, a bhfuil fís iolraíoch agus nuálach den chultúr acu, ina mbeadh páirt níos gníomhaí ag na saoránaigh i bpróisis fáis chultúrtha agus ina gcuirfí na huirlisí ar fáil dóibh chun páirt ghníomhach a ghlacadh. Tá an Coiste á chur i bhfios chuige sin gur gá saoirse an léirithe ealaíonta a chosaint, rud atá ina réamhriachtanas le haghaidh an daonlathais, agus cosaint a thabhairt freisin do cheart na saoránach uile rochtain a bheith acu ar léirithe cultúrtha éagsúla, rud atá bunriachtanach le haghaidh dhea-bhail na sochaí (1). Agus é ar an eolas faoin méid sin, tá sé den tuairim nach mór do ghníomhaíochtaí i réimse an chultúir dlús a chur le cumas na healaíne agus an chultúir a bheith ina bhfórsa gan laincis agus neamhspleách sa tsochaí; tá sé ag iarraidh ar gach leibhéal rialtais agus ar na hinstitiúidí Eorpacha tacú le hiarrachtaí cur le cumas na n-ealaíontóirí freagairt do na bagairtí agus don fhuath a d’fhéadfadh a bheith rompu sa réimse poiblí; |
3. |
ag iarraidh ar an gCoimisiún an cultúr a chur san áireamh mar cheann de na tosaíochtaí polaitiúla atá le saothrú sa téarma nua, agus ag iarraidh ar an gComhairle tacaíocht a thabhairt, faoi chuimsiú an chéad CAI eile, do leithdháileadh acmhainní leordhóthanacha atá dírithe ar chur chun cinn, bainistiú, úsáid agus forbairt na hoidhreachta cultúrtha a chothú ar an leibhéal réigiúnach agus áitiúil; |
4. |
ag iarraidh ar an gCoimisiún leas a bhaint as acmhainní cultúrtha agus úsáid acmhainní cultúrtha a chur chun cinn, go háirithe i measc daoine óga, d’fhonn forbairtí sa tsochaí, sa gheilleagar agus i bpoist a dhaingniú; |
Comhthéacs: gealltanas an Aontais maidir leis an gcultúr a chur chun cinn ar an leibhéal áitiúil agus réigiúnach
5. |
á chur i bhfáth go gcumhdaítear leis na Conarthaí gealltanas an Aontais maidir le “saibhreas a éagsúlachta cultúrtha agus teanga” a urramú agus go gcuirtear an tAontas faoi cheangal an comhar idir na Ballstáit a spreagadh, lena bhforlíontar a ngníomhaíocht i dtaca le “feabhsú ar eolas agus ar leathadh chultúr agus stair na bpobal Eorpach, caomhnú agus … cruthú ealaíonta agus liteartha, go fiú in earnáil an chlosamhairc”, agus lena dtugtar na cumhachtaí don Aontas chun tacú le gníomhaíocht na mBallstát i réimsí an chultúir, na turasóireachta, an oideachais, na gairmoiliúna, na hóige agus an spóirt, agus prionsabal na coimhdeachta á urramú acu; |
6. |
á chur in iúl gur díol sásaimh dó an cinneadh ón gCoimisiún leanúint ar aghaidh le clár reatha Eoraip na Cruthaitheachta mar chlár neamhspleách, lena gcuirfear creat airgeadais neamhspleách ar fáil i réimse an chultúir chun an leanúnachas maidir le torthaí thréimhse 2014-2020 a áirithiú; |
7. |
á chur i bhfáth go ndéantar an fhéiniúlacht Eorpach a fhorlíonadh agus a threisiú leis an gClár Oibre Eorpach nua don Chultúr, trí éagsúlacht chultúir na hEorpa a aithint, na hearnálacha cruthaitheacha agus cultúrtha Eorpacha a threisiú mar aon lena gcaidreamh le comhpháirtithe lasmuigh den Eoraip; |
8. |
á chur i bhfios go láidir go bhfuil rannpháirtíocht shuntasach le brath ar an láthair mar gheall ar Bhliain Eorpach na hOidhreachta Cultúrtha 2018, agus go bhfuil na mílte gníomhaíochtaí ar siúl ar fud na hEorpa, lena spreagtar comhroinnt agus tuiscint oidhreacht chultúrtha na hEorpa mar acmhainn chomhroinnte, lena músclaítear feasacht ar an stair agus ar luachanna coiteanna Eorpacha, lena neartaítear féiniúlacht Eorpach agus braistint chómhuintearais i spás Eorpach coiteann, lena gcuirtear an cuimsiú chun cinn; |
9. |
den tuairim, i gcomhréir leis an gCoinbhinsiún um Thírdhreacha na hEorpa agus leis an gClár Oibre Eorpach Nua don Chultúr, go bhféadfaí cuspóirí ginearálta Bhliain Eorpach na hOidhreachta Cultúrtha 2018 a fheabhsú trí ghné shuntasach maidir le forbairt chríochach a chur san áireamh i bhfoirm straitéisí cultúrtha réigiúnacha agus áitiúla lena mbaineann an turasóireacht chultúrtha inbhuanaithe a chur chun cinn; |
10. |
á chur in iúl gur mór aige an Creat Eorpach um Ghníomhaíocht maidir leis an Oidhreacht Chultúrtha a cuireadh i láthair i mí na Nollag 2018, ina bhfuil cúig ghné a bhfuil sé mar aidhm leo fíorathrú a dhéanamh ar an gcaoi a ndéanaimid oidhreacht chultúrtha na hEorpa a thuiscint, a chaomhnú agus a chur chun cinn; |
11. |
á thabhairt dá aire, de bhreis ar an gclár Cultúir agus ar an gclár tacaíochta don earnáil chlosamhairc Eorpach (MEDIA) a bhí ann roimhe seo, gur thacaigh an Coimisiún leis an earnáil chultúrtha trí chistiú beartais comhtháthaithe, tríd an gclár um Iomaíochas na bhFiontar agus um fhiontair bheaga agus mheánmhéide (COSME) agus tríd an gclár ar a dtugtar Fís 2020, agus go n-áirítear ionstraimí breise tacaíochta in “Erasmus +”, i gCiste Sóisialta na hEorpa agus i gCiste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa; |
12. |
ag iarraidh ar an gCoimisiún a áirithiú go ndéanfar an prionsabal maidir le hinfheistíochtaí sa chultúr a phríomhshruthú i mbeartais éagsúla an Aontais a chur i bhfeidhm freisin agus cistí Eorpacha á gclársceidealú, ionas nach bhféachfar ar an gcultúr mar bheartas earnáil-sonrach amháin agus go n-aithneofar an ról atá aige maidir le gach gné den chomhtháthú (eacnamaíoch, sóisialta agus críochach). Chuige sin, tá an Coiste ag leagan béim ar an tábhacht a bhaineann le sineirgí a neartú idir an cultúr agus beartais eile amhail an turasóireacht, an beartas réigiúnach, an t-oideachas, an óige agus an taighde agus an fhorbairt (R&D); |
13. |
ag iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit agus ar a n-údaráis bhainistíochta méadú a dhéanamh, i gclársceidealú nua na gcistí Eorpacha do réimsí atá tite ar gcúl, ar infheistíocht sa chultúr, lena n-áirítear tacaíocht do bhearta chun oidhreacht fhairsing a “athbhunú don phobal” trí chomhpháirtíochtaí príobháideacha poiblí neamhbhrabúsacha agus trí bhuntáirgí cultúrtha a fhorbairt (go háirithe seirbhísí leabharlainne poiblí); |
14. |
den tuairim go bhfuil sé tábhachtach dlús a chur leis an infheistíocht sa chultúr mar atá beartaithe cheana do chlár Eoraip na Cruthaitheachta agus do chlár Erasmus +. Ní mór dúinn aird a tharraingt ar ról tábhachtach na réigiún agus na gcathracha sna próisis lánpháirtíochta trí thacú le comhpháirtíochtaí príobháideacha poiblí neamhbhrabúsacha, d’fhonn dea-chleachtais bhainistíochta a spreagadh; |
15. |
á thabhairt dá aire gur túsphointe soiléir gan débhrí í an chaibidlíocht maidir leis an mbeartas comhtháthaithe tar éis 2020 chun straitéis úsáideach a chur le chéile chun spriocanna uaillmhianacha a bhaint amach, lena ndéantar foráil maidir le dúbailt na gclár mór Eorpach a bhfuil tionchar díreach acu ar bheartais chultúrtha amhail Eoraip na Cruthaitheachta agus Erasmus; |
Ról na n-údarás réigiúnach agus áitiúil
16. |
á chur i bhfáth go bhfuil ceantair i ngach Ballstát den Aontas atá aitheanta mar Láithreáin Oidhreachta Domhanda ag UNESCO – láithreáin a bhfuil tábhacht eisceachtúil chultúrtha agus nádúrtha ar leith ag baint leo – agus, ar an iomlán, go bhfuil 381 Láithreán Oidhreachta Domhanda in 27 mBallstát an Aontais, as iomlán 1 121 suíomh ar fud an domhain; |
17. |
á chur i bhfáth go bhfuil oidhreacht chultúrtha na mBallstát scaipthe go forleathan agus go bhfuil sé deacair rochtain a fháil uirthi i mórán cásanna, agus go mbíonn deacrachtaí suntasacha ann ó thaobh í a chaomhnú agus a úsáid; |
18. |
ag iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit agus ar a n-údaráis bhainistíochta tacú le coimirciú agus cosaint fhisiciúil na hoidhreachta cultúrtha, go háirithe chun go gcaomhnófar go gníomhach an oidhreacht fhorleathan atá lonnaithe sna réigiúin laistigh nó sna réigiúin fhorimeallacha ar deacair rochtain a fháil uirthi; |
19. |
ag cur i bhfáth a thábhachtaí atá an turasóireacht chultúrtha, lena gcuirtear chun cinn luach intreach an chultúir agus lena gcuirtear le forbairt chríochach ar an mórgóir. Tá an Coiste ag tabhairt le fios chuige sin an gá atá le cur chuige comhtháite maidir leis an turasóireacht chultúrtha, mar chuid de straitéisí speisialtóireachta cliste freisin, chun a tionchar ar cheantair áitiúla a réasúnú agus chun a áirithiú go leanfaidh sí de bheith inbhuanaithe. Chuige sin, tá an Coiste ag tagairt don Chóras Eorpach de Tháscairí Turasóireachta (ETIS) ón gCoimisiúin Eorpach, lenar féidir cabhrú le feidhmíocht chinn scríbe na turasóireachta cultúrtha a thomhas i ndáil leis an inbhuanaitheacht, agus iarrann sé go ndéanfaí é a thabhairt cothrom le dáta go rialta; |
20. |
á chur in iúl gur mór aige an spéis mhéadaitheach atá ag údaráis áitiúla agus réigiúnacha ar fud na hEorpa i bhfíseanna agus gníomhaíochtaí comhroinnte a chur chun cinn sna Ballstáit agus na hiarrachtaí atá á ndéanamh acu chuige sin. Tá an Coiste ag súil gur féidir tionscnaimh atá cosúil leo sin a cuireadh chun feidhme faoi Chairt Agrigento, arna síniú ag na céadta méaraí agus ag uachtaráin réigiúin na hIodáile agus a bhfuil tacaíocht faighte acu ó chomhlachais thar a bheith ionadaíoch, a atáirgeadh i dtíortha eile; |
21. |
á chur in iúl gur eol dó gur gá ról níos mó a thabhairt d’Eorpaigh i bhfás an chultúir trí na huirlisí a theastaíonn uathu le bheith gníomhach a chur ar fáil dóibh. Tá an Coiste ar an eolas freisin faoin méid is féidir leis an gcultúr agus leis an éagsúlacht chultúrtha cur leis an bhforbairt inbhuanaithe, mar a aithnítear i gClár Oibre 2030 don Fhorbairt Inbhuanaithe (2), agus geallann sé go n-oibreoidh sé chun príomhchumasóirí na forbartha sin a dhéanamh astu ar an leibhéal áitiúil agus réigiúnach; |
Cuspóirí tosaíochta na n-údarás réigiúnach agus áitiúil
22. |
ag iarraidh ar réigiúin agus ar chathracha san Eoraip, chomh maith le heagraíochtaí agus líonraí réigiúnacha oidhreachta cultúrtha, inspioráid a fháil ón gCreat chun gníomhaíochtaí agus pleananna straitéiseacha fadréimseacha agus éifeachtacha a fhorbairt maidir leis an oidhreacht chultúrtha a chur chun cinn agus leas a bhaint aisti; |
23. |
á thabhairt le fios gurb iad na húdaráis áitiúla agus réigiúnacha na leibhéil rialtais iomchuí chun tionscnaimh a sheoladh chun eolas a chur ar dhaoine atá in aois scoile agus ar dhaoine fásta araon faoi oidhreacht chultúrtha na hEorpa, lena n-áirítear iad siúd a bhfuil sé ar intinn acu cur fúthu i mBallstát den Aontas Eorpach; |
24. |
ag féachaint ar an eolas atá ar oidhreacht chultúrtha na hEorpa agus ar an úsáid a bhaintear aisti, mar chumasc de léirithe, oidhreacht agus leagáidí éagsúla cultúrtha, sóisialta agus cruthaitheacha de chuid na nglúnta a bhí ann romhainn, agus de chuid thraidisiúin agus nósanna phobail na hEorpa, mar mhodh chun an tsaoránacht Eorpach a chomhtháthú mar aon lena cumas chun dlús a chur leis an lánpháirtíocht agus leis an gcuimsiú sóisialta; |
25. |
den tuairim gur gá, ar an leibhéal Eorpach, tionscnaimh a neartú lena gcothófar eolas agus rochtain ar oidhreacht chultúrtha na hEorpa, mar chuid ríthábhachtach de shaoránacht na hEorpa a chomhdhlúthú agus de bhraistint daoine aonair go mbaineann siad leis an Eoraip a chur chun cinn; |
26. |
ag leagan béim ar an méid a fhéadfaidh nascadh bailte, an phiarfhoghlaim agus líonraí cathracha a dhéanamh maidir le feasacht ar shaincheisteanna saoránachta a chur chun cinn agus a mhúscailt, mar mhodh rannpháirtíochta sa saol sibhialta agus mar mhodh lánpháirtíochta, go háirithe i ndáil leis na Ballstáit nua; |
27. |
á iarraidh go ndéanfaí tuilleadh infheistíochta sa chultúr agus i bpleananna chun úsáid a bhaint as gnéithe den oidhreacht chultúrtha, lena n-áirítear na gnéithe sin a ndearnadh faillí iontu nó a tréigeadh, faoi bhainistíocht idirghníomhach agus inbhuanaithe laistigh de Chlár Oibre Uirbeach nua 2030. Is éard a bheidh i gceist leis sin tairbhe a bhaint as tionscnaimh nuálacha arna gcur chun cinn ag na bardais agus tionscnaimh chomhair arna gcur chun cinn ag geallsealbhóirí réigiúnacha; |
28. |
á mholadh go ndéanfaí tuilleadh neartaithe ar thagairtí do phríomhról na n-údarás áitiúil agus réigiúnach maidir le saol ealaíonta agus cultúrtha a gcuid pobal a chur chun cinn agus leas a bhaint astu agus iarrann sé go mbeadh páirt níos mó ag údaráis réigiúnacha agus áitiúla sa chlár. Sa chomhthéacs sin, tá sé ag cur i bhfáth an ghá atá ann an chothromaíocht cheart a bhaint amach idir leithdháileadh acmhainní do thionscadail mhórscála agus bearta agus gníomhaíochtaí cistiúcháin áitiúla agus réigiúnacha, lena n-áirítear fiontair bheaga agus mheánmhéide; |
29. |
ag iarraidh ar an gCoimisiún rochtain níos éasca ar an gcultúr agus ar áiteanna cuimhneacháin a thabhairt do na hEorpaigh trí thomhaltachas cultúrtha a spreagadh, go háirithe i measc na nglúnta óga, trí bheartais chomhtháite oideachais agus oiliúna ar feadh an tsaoil a fhorbairt agus trí phobail áitiúla a spreagadh chun páirt a ghlacadh i dtionscnaimh chultúrtha; |
30. |
den tuairim gur cheart tacaíocht a thabhairt do na tionscail chultúrtha agus chruthaitheacha, go háirithe tionscnaimh a bhaineann le heolas ar an oidhreacht agus lena húsáid, ar tionscnaimh iad a d’fhéadfadh torthaí a bhaint amach i dtéarmaí na cáilíochta, na fostaíochta, na nuálaíochta digití agus an chuimsithe shóisialta, agus tionscnaimh a bhaineann le forbairt, i gcomhthéacs Eorpach, na n-amharc-ealaíon agus na dtaibhealaíon; |
31. |
á chur in iúl go bhfuil sé ar an eolas faoin tábhacht a bhaineann le leas a bhaint as deiseanna digiteacha chun an cultúr a chur chun cinn ar bhealach idirghníomhach agus chun grúpaí uile na sochaí a mhealladh, go háirithe daoine óga, mar choimeádaithe agus tionscnóirí na hoidhreachta cultúrtha amach anseo; |
32. |
ag iarraidh ar an gCoimisiún tacú le forbairt an chaidrimh chultúrtha idir tíortha na Meánmhara, lena n-áirítear maidir le tionscnaimh taidhleoireachta cultúrtha; |
33. |
ag tabhairt le fios a thábhachtaí atá an comhar trasteorann agus idir-réigiúnach i réimse an chultúir ó théann an oidhreacht chultúrtha thar theorainneacha (3). Chuige sin tá an Coiste ag cur béim ar an ról lárnach atá ag na húdaráis áitiúla agus réigiúnacha, lena n-áirítear i gcur chun feidhme na comhpháirte cultúrtha de straitéisí macrairéigiúnacha; |
34. |
á chur i bhfáth, d’fhonn eolas ar oidhreacht chultúrtha na hEorpa agus an úsáid a bhaintear aisti a éascú, gur gá feabhas a chur ar mhalartú sonraí agus faisnéise idir údaráis riaracháin phoiblí, atá ag feidhmiú i dtíortha an Aontais, agus ar an gcumarsáid a dhéanann siad leis an bpobal chomh maith; |
35. |
ag iarraidh ar an gCoimisiún bearta sonracha a ghlacadh chun rannpháirtíocht éifeachtach shaoránaigh na hEorpa agus an úsáid a bhaineann siad as an oidhreachta chultúrtha fhairsinge ar fud na mBallstát a chur chun cinn, go háirithe trí rochtain iomlán ar fhaisnéis a éascú mar réamhriachtanas dá rannpháirtíocht ghníomhach agus trí thacú le hardán faisnéise sonrach a chur ar bun; |
36. |
ag cur chathracha agus réigiúin na hEorpa faoi cheangal, ina gcáil riaracháin, a bheith ar thús cadhnaíochta ó thaobh eiseamláirí den nuálaíocht shóisialta agus eacnamaíoch atá dírithe ar an gcultúr a fhiosrú agus tionscnaimh a chur chun cinn atá oscailte don tsochaí shibhialta agus do chomhlachais, agus ag an am céanna na hEorpaigh a chur san áireamh i bhforbairt an chultúir agus in oidhreacht chultúrtha inláimhsithe agus dholáimhsithe a chosaint agus a chur chun cinn. |
An Bhruiséil, an 12 Feabhra 2020
Uachtarán Choiste Eorpach na Réigiún
Apostolos TZITZIKOSTAS
(1) https://en.unesco.org/creativity/sites/creativity/files/artistic_freedom_pdf_web.pdf
(2) https://sustainabledevelopment.un.org/post2015/transformingourworld
(3) Mar shampla Bealaí Cultúrtha Chomhairle na hEorpa, (https://www.coe.int/en/web/cultural-routes/about) nó Laethanta Oidhreachta Domhanda UNESCO – an Eoraip (https://visitworldheritage.com/en/eu)