29.4.2020 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
29 |
Tuairim ó Choiste Eorpach na Réigiún – I dtreo Comharsanachtaí agus Pobail Bheaga Inbhuanaithe – An Beartas Comhshaoil faoi bhun Leibhéal an Bhardais
|
MOLTAÍ BEARTAIS
TÁ COISTE EORPACH NA RÉIGIÚN
A. Comharsanachtaí agus pobail bheaga inbhuanaithe a thuiscint
1. |
ag cur in iúl gur mór aige nádúr comhtháiteach Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe na Náisiún Aontaithe (SDGanna) agus, go háirithe, Sprioc 11 maidir le “Cathracha agus Pobail Inbhuanaithe”, lena n-éilítear lonnaíochtaí daonna atá “cuimsitheach, sábháilte, seasmhach agus inbhuanaithe”; |
2. |
ag iarraidh aird a tharraingt ar an ról lárnach atá ag an rialachas il-leibhéil daonlathach agus cuimsitheach sa chomhpháirtíocht idir gach leibhéal den rialtas, lena n-áirítear, i gcás inarb iomchuí, na leibhéil atá faoi bhun leibhéal an bhardais ina bhfuil samhlacha agus eintitis éagsúla ag a bhfuil struchtúir, inniúlachtaí agus acmhainní atá curtha ar bhonn foirmiúil, a bheag nó a mhór. D’fhéadfadh sé a bheith an-chabhrach dá mbeidís páirteach sa rialachas il-leibhéil ó thaobh beartais a fhorbairt agus a chur chun feidhme go héifeachtach agus ó thaobh dhlisteanacht an chórais dhaonlathaigh féin de; ag tabhairt dá aire gur fíor sin go háirithe maidir le beartais i réimsí ina dtugtar aghaidh ar údair imní thromchúiseacha na saoránach agus i réimsí ina mbíonn tionchar láidir ag na dúshláin agus ag na freagairtí beartais ar shaol na saoránach, amhail cúrsaí comhshaoil agus an t-athrú aeráide; |
3. |
á mheabhrú go bhfuil iarrachtaí iomadúla á ndéanamh cheana atá dírithe ar phobail inbhuanaithe a chur chun cinn, lena n-iarrtar an tsochaí a athrú chun aghaidh a thabhairt ar chineálacha nua éagothromaíochtaí sóisialta, eacnamaíocha agus comhshaoil. Áirítear ar na hiarrachtaí sin an Clár Oibre Uirbeach don Aontas Eorpach agus na comhpháirtíochtaí a bhaineann leis, Cairt Leipzig um Chathracha Eorpacha Inbhuanaithe, Cairt agus Gealltanais Aalborg, an Dearbhú Bascach, an Clár Oibre Uirbeach nua, agus go leor eile; |
4. |
ag iarraidh, i gcomhréir le Tosaíocht 1 de chuid Choiste Eorpach na Réigiún don téarma oifige 2015-2020 maidir le “Poist agus fás inbhuanaithe a chruthú i gcathracha agus i réigiúin chun cáilíocht saoil níos fearr a thabhairt do na saoránaigh”, coincheap na bpobal inbhuanaithe, a bhaineann le gach ceantar a bheith páirteach sna pobail sin, a chur chun cinn agus lena n-áirithítear freisin gur féidir le limistéir nach bhfuil chomh maith sin as teacht ar na deiseanna is gá chun réitigh inbhuanaithe a fhorbairt; |
5. |
den tuairim gur cheart coincheap na bpobal inbhuanaithe a bheith dírithe ar limistéir bhochta nó leochaileacha a athbheochan trí chuspóirí sóisialta agus cuspóirí comhshaoil a chomhcheangal, i gcomhréir leis an tuairim ó Choiste Eorpach na Réigiún maidir leis an Seachtú Clár Gníomhaíochta don Chomhshaol agus an chathair inbhuanaithe; |
6. |
ag tagairt don tuairim ó Choiste Eorpach na Réigiún “I dTreo an 8ú Clár Gníomhaíochta don Chomhshaol”, a bhfuil sé mar aidhm léi a áirithiú go gcuirfear riachtanais gach cineáil pobail san áireamh i mbeartais chomhshaoil de chuid an Aontais; |
7. |
den bharúil go mbraitheann cur chun feidhme rathúil roinnt mhaith beartais chomhshaoil AE agus náisiúnta ar úinéireacht a bheith ag pobail fho-bhardasacha ar na beartais sin agus ar an rannchuidiú a thugann siad do na beartais sin; |
8. |
á thabhairt le fios gur léir go bhfuil sainiúlachtaí comhshaoil tábhachtacha ann ag leibhéal an bhardais agus faoina bhun. Is féidir tionchair shonracha a bheith ag dúshláin chomhshaoil ar aonaid fho-bhardasacha éagsúla; ag léiriú a thábhachtaí atá sé, dá bhrí sin, modhanna cur chuige iomlánaíocha a fhorbairt ar gach leibhéal ina dtabharfar aird chuí ar chúinsí logánta/difreáilte ina bhféadfadh bearta sonracha agus ionchur a bheith ag teastáil; |
9. |
á aithint gurb iad na leibhéil rialachais sna Ballstáit atá freagrach as an leibhéal fo-bhardasach atá freagrach as pobail fho-bhardasacha agus a rannpháirtíocht. Tá freagracht thábhachtach ar na húdaráis inniúla áitiúla agus réigiúnacha maidir lena gcríoch iomlán agus ní mór aird cheart a thabhairt air sin; ag iarraidh orthu páirt ghníomhach a thabhairt do na leibhéil fho-bhardasacha i gcur chun feidhme an bheartais comhshaoil agus tacú leo é sin a dhéanamh, agus áitritheoirí áitiúla a chumhachtú chun a gcuid pobal a dhéanamh níos inbhuanaithe; |
10. |
á aithint go n-úsáidtear téarmaíocht éagsúil i ndáil leis na cineálacha pobail sin, lena n-áirítear, inter alia, gráigeanna, comharsanachtaí, ceantair, bardaí, earnálacha, sráidbhailte, paróistí, buirgí. D’fhéadfadh na téarmaí sin tagairt a dhéanamh d’aonaid riaracháin, nó do phobail nach bhfuil ról riaracháin acu. Is ar an gcuma chéanna a bhaintear úsáid sa tuairim seo as na nathanna “faoi bhun leibhéal an bhardais” agus “fo-bhardasach”; |
11. |
á aithint go mbíonn cuma an-difriúil ar na pobail bheaga éagsúla: limistéir uirbeacha agus limistéir thuaithe, limistéir a bhfuil daonra mór iontu agus limistéir ar bheagán daonra, limistéir shaibhre agus limistéir dhíothacha; |
12. |
ag cur i bhfáth, go háirithe, gur gá aird a thabhairt ar chúinsí sonracha i limistéir a mbíonn dúshláin chomhshaoil ar leith rompu. De bharr iargúltacht na limistéar sin, tarlaíonn sé in amanna gurb iad na gnéithe nádúrtha uathúla a bhaineann leo is cúis lena dtábhacht éiceolaíoch dhíréireach:
|
13. |
á aithint a thábhachtaí atá bardais bheaga ach á chur i bhfios go láidir go ndírítear sa tuairim seo ar phobail bheaga faoi bhun leibhéal an bhardais a bhfuil dúshláin éagsúla rompu. D’fhéadfadh sé nach mbeadh an méid seo a leanas i bpobail fho-bhardasacha: (i) ionadaithe tofa a dhéanann faireachán ar an tionchar a bhíonn ag tionscadail ar an gcomhshaol chun a áirithiú go gcomhlíonfar reachtaíocht chomhshaoil an Aontais, (ii) spásanna poiblí chun plé a dhéanamh ar rannpháirtíocht i dtionscadail nó i ngníomhaíochtaí de chuid an Aontais nó ar an gcaoi chun beartas de chuid an Aontais a chur chun feidhme ar an leibhéal áitiúil, agus (iii) buiséid chun fiú na costais is lú is féidir nó saineolas teicniúil a chumhdach chun fios gnó a chur ar fáil maidir leis an gcaoi chun rochtain a fháil ar chistí AE; |
14. |
ag tarraingt aird ar na cineálacha éagsúla institiúidí atá ann ar an leibhéal fo-bhardasach, lena n-áirítear, ach gan a bheith teoranta dóibh, comhlachtaí poiblí oifigiúla, cineálacha eile rannpháirtíochta atá eagraithe ag údaráis phoiblí nó i gcomhar leo, coistí áitiúla agus grúpaí gníomhaithe; |
15. |
ag cur i bhfáth go bhfuil, toisc go leor cineálacha eagrúcháin éagsúla a bheith ann ar fud chríocha na mBallstát agus nach mbíonn an t-eagrúchán sin curtha ar bhonn foirmiúil go minic, an-acmhainneacht trialacha rannpháirtíochta agus daonlathacha sa leibhéal fo-bhardasach chun cineálacha nua rannpháirtíochta agus cumarsáide a fhorbairt (amhail pobail chomharsanachta, coistí sráidbhailte, saotharlanna rannpháirtíochta agus fóraim); á mheabhrú, i dtaca leis sin go háirithe, go bhfuil deiseanna slógaidh ollmhóra do na saoránaigh ag baint le gníomhaíochtaí maidir leis an gcomhshaol agus leis an athrú aeráide; |
16. |
ag aithint dó an ról atá ag eagraíochtaí pobail deonacha de shaoránaigh pobal beag i gcomhlachais agus i gcoistí áitiúla a bhfuil sé d’aidhm acu díriú ar shaincheist amháin a bhaineann leis an gcomhshaol nó, go ginearálta, gníomhaíochtaí inbhuanaithe a chur chun cinn. Cé gur féidir leis na grúpaí sin acmhainní, scileanna, fuinneamh agus spreagadh a thabhairt le chéile, is féidir ról ríthábhachtach a bheith ag údaráis áitiúla agus réigiúnacha chun na grúpaí a chumhachtú trí thacaíocht theicniúil agus airgeadais a thabhairt dóibh agus trí chomhairliúcháin rialta freisin. |
B. Conairí chun an beartas comhshaoil a neartú faoi bhun leibhéal an bhardais
Réimsí éagsúla cur i bhfeidhm
Forbairt le hastaíochtaí ísle
17. |
ag cur in iúl gur minic gurb iad na pobail fho-bhardasacha is mó a dtéann saincheisteanna comhshaoil amhail cáilíocht an aeir nó torann i bhfeidhm orthu láithreach agus gur minic nach mbíonn mórán smachta acu ar chinntí a bhaineann leis an iompar agus leis an tsoghluaisteacht; á thabhairt dá aire nach bhfuil na saincheisteanna comhshaoil sin le brath go cothrom sna críocha éagsúla. Tá sé ríthábhachtach go ndéanfadh sásraí faireacháin comhshaoil sonraí a dhí-chomhiomlánú faoi bhun leibhéal an bhardais chun go bhféadfadh bearta agus réitigh spriocdhírithe a bheith ann; |
18. |
ag tacú le treoirchreat comhleanúnach a fhorbairt maidir le maolú an athraithe aeráide do na pobail atá faoi bhun leibhéal an bhardais agus go háirithe do na hoileáin, rud a éascóidh dóibh aistriú chuig fuinneamh glan in-athnuaite. D’fhéadfaí breathnú ar an gcaoi ar comhtháthaíodh Comhaontú na nOileán (the Pact of Islands) i gCúnant na Méaraí um Aeráid agus Fuinneamh agus inspioráid a fháil uaidh sin agus d’fhéadfaí tionscnaimh atá ann cheana a áireamh, amhail Fuinneamh Glan d’Oileáin an Aontais agus tionscadal Interreg maidir le Comharsanachtaí atá Gníomhach ar son na hAeráide. |
Forbairt dhúlrabhunaithe
19. |
ag moladh pobail bheaga (go háirithe pobail oileánacha, sléibhe nó thuaithe) a bheith rannpháirteach i mbainistiú limistéar nádúrtha, limistéir nach leanann teorainneacha na mbardas go minic. Le rannpháirtíocht den chineál sin, d’fhéadfaí cur leis an úinéireacht atá ag an bpobal áitiúil ar roghanna beartais comhshaoil a dhéantar agus laghdú a dhéanamh ar choinbhleachtaí a bhaineann le saincheisteanna amhail úsáid talún. Ina theannta sin, d’fhéadfaí tuilleadh feasachta a ardú maidir leis na tairbhí socheacnamaíocha a bhaineann le limistéir nádúrtha faoi chosaint, bídís ina limistéir Natura 2000 nó ina limistéir eile; |
20. |
ag cur chun cinn an róil atá ag pobail atá faoi bhun leibhéal an bhardais i gcur chun feidhme réiteach dúlrabhunaithe, lena n-áirítear conairí agus criosanna glasa, crainn uirbeacha, mar aon le limistéir fiadhúlra pheirea-uirbeacha. Leis na hiarrachtaí sin, ba cheart go mbeifí in ann rochtain chothrom ar an dúlra a chur ar fáil, mar aon leis na tairbhí a bhaineann leis ó thaobh shláinte an duine, ó thaobh an t-athrú aeráide a mhaolú agus ó thaobh níos mó athléimneachta i gcoinne guaiseacha saorga agus guaiseacha nádúrtha. |
Forbairt chiorclach
21. |
ag iarraidh go dtabharfadh na leibhéil inniúla rialtais tacaíocht theicniúil shaincheaptha do phobail bheaga ionas gur féidir leo cleachtais maidir le bainistiú inbhuanaithe fuíolluisce agus le bainistiú dramhaíola a chur chun feidhme agus dul i ngleic leis an truailliú muirí agus cósta trí straitéisí a bhaineann le bheith saor ó dhramhaíl; ag iarraidh tionscnaimh atá ann cheana a chur chun cinn, mar shampla, an tionscadal de chuid ECFE lena dtugtar tacaíocht do chathracha agus do réigiúin sa gheilleagar ciorclach; |
22. |
ag moladh bearta a fhorbairt a bheadh ina dtaca le cleachtais atá nuálach go sóisialta ar an leibhéal fo-bhardasach, lena n-áirítear grúpaí a roinnfeadh rudaí agus uirlisí le chéile go háitiúil agus grúpaí a ligfeadh dá mbaill earraí a dheisiú a chaithfí amach murach sin. |
Forbairt athléimneach
23. |
ag cur chun cinn scaipeadh na mbeart a bhaineann leis an micraeráid chun oiriúnú don athrú aeráide, go háirithe i gcomharsanachtaí uirbeacha ina bhfuil go leor tógála déanta. D’fhéadfaí réitigh ar chostas íseal a áireamh leo sin, mar aon le réitigh níos casta ar leibhéal na gcomharsanachtaí, amhail foirgnimh a dhícheangal ó shéaraigh ar mhaithe le bainistiú níos fearr uisce stoirme. D’fhéadfadh bearta den chineál sin cur leis an athléimneacht i limistéir fho-bhardasacha a gcuireann guaiseacha nádúrtha isteach orthu tríd an mbrú ar bhonneagar ríthábhachtach a laghdú; |
24. |
ag moladh do chomhaltaí an Choiste córais bhia athghiniúnacha a chothú, ar córais iad a ghinneann tairbhí éiceolaíocha, eacnamaíocha agus sóisialta ar an leibhéal fo-bhardasach agus thairis (e.g. gairdíní áitiúla do scoileanna agus do phobail, talmhaíocht a fhaigheann tacaíocht ón bpobal nó modhanna feirmeoireachta nuálacha); |
25. |
ag tarraingt aird ar an turasóireacht inbhuanaithe mar dheis le haghaidh fáis i bpobail bheaga, mar a leagtar amach san fhaisnéisiú ó Sheirbhís Taighde Pharlaimint na hEorpa maidir le “limistéir ar bheagán daonra nó atá tearc i ndaonra” agus i dtuairimí eile a d’eisigh Coiste Eorpach na Réigiún maidir leis an turasóireacht (1) agus an oidhreacht chultúrtha (2). |
Forbairt chothrom dhuineláraithe
26. |
ag tathant ar an Aontas an ról atá ag na cineálacha éagsúla nuálacha den daonlathas rannpháirtíochta a aithint i ndáil le pobail inbhuanaithe a chur chun cinn, go háirithe ar an leibhéal fo-bhardasach. D'fhéadfaí an acmhainneacht sin a neartú tuilleadh tríd an nuálaíocht dhaonlathach a chur san áireamh go follasach i réimsí ábhartha de bheartais chomhshaoil an Aontais nó mar ghné den tacaíocht a thugann an tAontas do thionscadail; |
27. |
ag tagairt d’iarrachtaí rathúla seanbhunaithe a dhéantar faoi chuimsiú Chlár Oibre Áitiúil 21 (Local Agenda 21) mar thúsphointe do leibhéal an bhardais a áireamh sa bheartas comhshaoil. Le breis agus scór bliain anuas, bhí tionscnaimh Chlár Oibre Áitiúil 21 ina dtaca ag údaráis áitiúla i gcur chun feidhme straitéisí agus gníomhaíochtaí a bhaineann leis an inbhuanaitheacht áitiúil, trí mhodhanna, uirlisí agus dea-chleachtais a chomhroinnt. |
Réimsí beartais éagsúla
Aitheantas
28. |
go mór den tuairim gur cheart don Aontas, agus a bheartais chomhshaoil á gceapadh agus á gcur chun feidhme aige, aird a thabhairt ar riachtanais shonracha agus rannchuidiú na bpobal beag agus fo-bhardasach; |
29. |
ag moladh sásraí a shainaithint lena gcuirfear saincheisteanna fo-bhardasacha san áireamh agus tuairimí Choiste Eorpach na Réigiún á gceapadh agus aird institiúidí agus chomhlachtaí an Aontais á tabhairt orthu, mar aon le comhar níos dlúithe a fhorbairt leis na heagraíochtaí agus na líonraí cuí a bhíonn ag plé le struchtúir fho-bhardasacha ar leibhéal an Aontais nó a dhéanann ionadaíocht orthu; |
30. |
ag moladh do chomhaltaí an Choiste idirghníomhú go pearsanta le pobail fho-bhardasacha ina gcríoch féin, an taithí a fhaigheann siad a roinnt agus a phlé sa Choiste agus an taithí sin a chuimsiú san obair a dhéanann siad, go háirithe i dtuairimí Choiste Eorpach na Réigiún, i malartuithe idir piaraí agus b’fhéidir san Ardán Teicniúil um Chomhar i ndáil leis an gComhshaol (Ard-Stiúrthóireacht an Chomhshaoil agus Coiste Eorpach na Réigiún); |
31. |
tiomanta do thagairt shoiléir a dhéanamh do phobail faoi bhun leibhéal an bhardais i dtosaíochtaí an Choiste don tréimhse i ndiaidh 2020; |
32. |
ag meabhrú an ghealltanais iomláin a thug an tAontas maidir leis an gcomhtháthú sóisialta, eacnamaíoch agus comhshaoil a chur chun cinn, go háirithe chun laghdú a dhéanamh ar éagothromaíochtaí idir leibhéil forbartha na réigiún éagsúil (oileáin agus an mhórthír araon), i gcomhréir le hAirteagal 174 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh; á chur i bhfáth a thábhachtaí atá ról na leibhéal fo-bhardasach rialachais i ndáil leis sin; |
33. |
ag moladh measúnú a dhéanamh ar an bhféidearthacht an tairseach a bhaineann le roinnt na gcumhachtaí a leathnú, trí rannán breise a chur leis le haghaidh gach Ballstáit lena mbaineann, i gcás inarb ábhartha, ag cumhdach eintitis faoi bhun an leibhéil áitiúil agus ag tosú le hanailís a dhéanamh ar an ról atá acu i ndáil leis an mbeartas a bhaineann leis an gcomhshaol agus leis an athrú aeráide; |
34. |
ag iarraidh ar an gCoimisiún Eorpach a mheas an bhféadfaí duais a bhunú do chomharsanachtaí inbhuanaithe, d’fhonn pobail áitiúla a spreagadh chun páirt a ghlacadh i mbainistiú a gceantar féin agus an bhféadfaí imeacht aon uaire nó imeacht athfhillteach a eagrú chun idirghníomhaíocht le pobail bheaga a chur chun cinn amhail Lá Eorpach bliantúil um Shráidbhailte agus Chomharsanachtaí Inbhuanaithe. |
Ardú feasachta
35. |
ag tairiscint aitheantas níos leithne maidir leis an tábhacht a bhaineann leis an leibhéal fo-bhardasach i dtaca leis an mbeartas comhshaoil áitiúil a chur chun cinn i measc institiúidí agus comhlachtaí eile de chuid an Aontais. Mar chuid de sin, d’fhéadfaí a mholadh go gcuirfí an leibhéal fo-bhardasach san áireamh sna doiciméid bheartais as seo amach agus in athbhreithnithe a dhéanfaí ar straitéisí atá ann cheana de chuid institiúidí agus chomhlachtaí an Aontais; |
36. |
ag moladh feasacht a ardú faoin leibhéal fo-bhardasach trí thionscadail taighde agus nuálaíochta an Aontais (Fís 2020 agus Fís Eorpach) agus, chomh maith leis sin, trí oibriú i gcomhar leis an nGníomhaireacht Eorpach Chomhshaoil (EEA) agus seirbhísí taighde an Aontais; |
37. |
tiomanta dul i mbun idirphlé leis an gCoimisiún Eorpach, lena n-áirítear faoi chuimsiú an Ardáin Theicniúil um Chomhar i ndáil leis an gComhshaol, chun a áirithiú go dtabharfar aird leormhaith ar phobail bheaga faoi bhun leibhéal an bhardais agus beartais chomhshaoil shonracha de chuid an Aontais á gcur chun feidhme. A bhuí leis sin, d’fhéadfaí cur leis na hiarrachtaí atá á ndéanamh cheana ag Ard-Stiúrthóireacht an Chomhshaoil (DG ENV) agus na hArd-Stiúrthóireachtaí eile chun treoirdhoiciméid agus uirlisí a sholáthar atá dírithe ar phobail bheaga agus ar chomharsanachtaí. |
Cumarsáid agus scaipeadh faisnéise
38. |
sásta measúnú a dhéanamh ar an bhféidearthacht ábhar a chur ar fáil ar shuíomh gréasáin an Choiste maidir le líonraí an Aontais agus le gníomhaíochtaí a bhfuil spéis faoi leith ag pobail bheaga iontu, trí fhaisnéis a chur ar fáil faoi líonraí, cláir agus imeachtaí agus trí aiseolas ábhartha a bhailiú; |
39. |
ag gealladh go ndéanfaidh sé measúnú ar dhóigheanna chun aitheantas ar éachtaí comhshaoil a chur chun cinn ar leibhéal na bpobal beag, trí aird a tharraingt ar dhea-chleachtais agus trí mhacasamhlú réiteach inbhuanaithe a spreagadh. Áirítear leis sin iniúchadh a dhéanamh an bhféadfaí an méid sin a chomhcheangal le córais aitheantais agus le duaiseanna AE atá ann cheana, i gcomhréir le cleachtais a bhaineann leis na duaiseanna seo a leanas: an duais um Phríomhchathair Ghlas na hEorpa agus duais na Duilleoige Glaise Eorpaí, duais Natura 2000, an duais um Ghníomhaíocht Bhunathraitheach, agus na duaiseanna don tSeachtain Eorpach faoi choinne Laghdú Dramhaíola; |
40. |
ag léiriú a thábhachtaí atá sé cur chun feidhme an bheartais comhshaoil i bpobail bheaga faoi bhun leibhéal an bhardais a áireamh mar chuid den téama nó den chlár bliantúil de na himeachtaí athfhillteacha ar leibhéal an Aontais a bhaineann leis an gcomhshaol, amhail an tSeachtain Ghlas, an tSeachtain Eorpach faoi choinne Laghdú Dramhaíola nó Seachtain Eorpach na Réigiún agus na gCathracha; |
41. |
i bhfabhar úsáid athchóirithe a bhaint as an teicneolaíocht faisnéise agus cumarsáide (TFC) chun pobail fho-bhardasacha a nascadh le chéile agus lena rialtais áitiúla féin ar bhealach níos fearr chun rannpháirtíocht agus cinnteoireacht dhaonlathach a chothú. |
Cistiú
42. |
ag cur béim ar a thábhachtaí atá sé deis a thabhairt do na gníomhaithe fo-bhardasacha rochtain a fháil ar chláir chistiúcháin an Aontais. Tá roinnt gníomhaithe ann a dhíríonn ar leibhéal na gcomharsanachtaí cheana, amhail an clár um Líonrú maidir le Forbairt Uirbeach (URBACT) lena gcothaítear malartú agus foghlaim Eorpach ar mhaithe le forbairt uirbeach inbhuanaithe. I ndáil leis sin, tá an Coiste ag iarraidh go gcuirfí oiliúint chuí ar fáil do na baill foirne i bpobail fho-bhardasacha chun úsáid éifeachtach a bhaint as cistí ón Aontas; |
43. |
den tuairim gur uirlisí sonracha iad an Fhorbairt Áitiúil faoi Stiúir an Phobail agus grúpaí gníomhaíochta LEADER chun an leibhéal fo-bhardasach a spreagadh ar bhealach níos fearr agus páirt a thabhairt dó ionas go bhféadfaí forbairt fhadtéarmach agus na spriocanna don straitéis Eoraip 2020 a bhaint amach; |
44. |
ag tathant ar an gCoimisiún Eorpach measúnú a dhéanamh ar an mbealach is fearr chun a áirithiú gur féidir le pobail bheaga rannchuidiú le tionscadail atá á gcistiú ag an Aontas agus leas a bhaint astu, ar tionscadail iad a chuireann an inbhuanaitheacht chun cinn faoi bhun leibhéal an bhardais. Is féidir é sin a bhaint amach tríd an méid seo a leanas a dhéanamh: (i) tagairtí sonracha a dhéanamh do phobail bheaga i dtreoirdhoiciméid agus i lámhleabhair, (ii) glaonna ar léiriú spéise agus/nó cláir oibre a dhíríonn go sonrach ar phobail faoi bhun leibhéal an bhardais a ullmhú agus a fhoilsiú, agus (iii) rialacha airgeadais agus incháilitheachta a shimpliú agus a chuíchóiriú chun rannpháirtíocht na bpobal sin a spreagadh agus a éascú (e.g. athdháileadh deontas) d’fhonn forbairt chomhchuí iomlán an Aontais a chur chun cinn (Airteagal 174 CFAE). |
An Bhruiséil, an 12 Feabhra 2020
Uachtarán Choiste Eorpach na Réigiún
Apostolos TZITZIKOSTAS
(1) NAT-VI/009 (IO C 185, 9.6.2017, lch. 15)
(2) SEDEC/VI-035 (IO C 361, 5.10.2018, lch. 31)