Breithníodh roinnt roghanna beartais, idir reachtach agus neamhreachtach. Cuireadh roghanna áirithe as an áireamh go luath sa phróiseas. Dhá phacáiste de bhearta reachtacha agus neamhreachtacha a bhí sna roghanna a coinníodh le haghaidh an mheasúnaithe ghrinn – pacáiste de bhearta diana agus pacáiste de bhearta nach mbeadh chomh dian céanna.
Is é pacáiste na mbeart nach mbeadh chomh dian sin an rogha thosaíochta, ar bhonn na neilimintí seo a leanas:
•Sonraí dinimiciúla/APInna: Oibleagáid 'bhog' ar na Ballstáit sonraí dinimiciúla a chur ar fáil go prapúil agus APInna a thabhairt isteach. I gcás líon teoranta tacar sonraí bunúsach a mbaineann ardluach leo (a ghlacfar le Gníomh Tarmligthe), beidh oibleagáid 'chrua' ann chuige sin.
•Muirearú: Géarú ar na rialacha maidir le leas a bhaint as na heisceachtaí ar an riail ghinearálta, riail a fhágann nach féidir le comhlachtaí na hearnála poiblí muirear os cionn na gcostas imeallacha a ghearradh as scaipeadh. Liosta bunúsach de thacair sonraí ardluacha a chruthú a bheadh ar fáil saor in aisce sna Ballstáit uile (na tacair sonraí céanna a luaitear thuas, le glacadh trí Ghníomh Tarmligthe).
•Sonraí in earnálacha an iompair agus na bhfóntas: Ní chumhdófar ach gnóthais phoiblí, agus beidh feidhm ag líon teoranta oibleagáidí. Is féidir le gnóthais phoiblí praghsanna is airde ná na costais imeallacha a ghearradh as an scaipeadh agus ní bheidh aon oibleagáid orthu sonraí a scaoileadh. Má scaoileann siad sonraí, beidh siad cumhdaithe ag ceanglais trédhearcachta, neamh-idirdhealaithe agus neamheisiachais.
•Sonraí taighde: Beidh sé d'oibleagáid ar na Ballstáit beartais a cheapadh maidir le rochtain oscailte ar shonraí taighde a eascraíonn ó thaighde arb é an ciste poiblí a d'íoc as. Beidh saoirse acu féin a chinneadh, áfach, cén chaoi leis na beartais sin a chur chun feidhme. Leis an Treoir maidir le faisnéis ón earnáil phoiblí, cumhdófar freisin sonraí taighde a cuireadh ar fáil cheana féin de thoradh sainorduithe rochtana oscailte, ag díriú ar na gnéithe a bhaineann leis an in-athúsáidteacht.
•Neamheisiachais: Ceanglais trédhearcachta le haghaidh comhaontuithe poiblí-príobháideacha a bhfuil baint acu le faisnéis ón earnáil phoiblí (réamhsheiceáil, ag údaráis iomaíochta náisiúnta b'fhéidir, agus an comhaontú féin a bheith oscailte).
Mar aon leis na bearta sin, tabharfar cothrom le dáta an moladh maidir le rochtain ar fhaisnéis eolaíoch agus caomhnú na faisnéise sin, agus soiléireofar an tionchar atá ag an Treoir maidir le faisnéis ón earnáil phoiblí agus ag na Treoracha maidir le bunachair sonraí agus INSPIRE ar a chéile.
|