Laghdaíonn an easpa cosanta éifeachtaí do sceithirí laistigh den AE forfheidhmiú éifeachtach dhlí an Aontais. Cé go bhfuil meicníochtaí faireacháin agus comhlachtaí forfheidhmithe AE agus náisiúnta á dtreisiú trí ghníomhaíocht shonrach AE (i.e. cruthú gníomhaireachtaí AE, tacaíocht do chórais bhreithiúnacha náisiúnta, etc.), is dúshlán fós é sáruithe ar dhlí an Aontais a bhrath, a imscrúdú agus a ionchúiseamh. I gcásanna áirithe, tá sé deacair sáruithe ar dhlí an Aontais a d'fhéadfadh dochar a dhéanamh don leas poiblí a thabhairt chun solais ós rud é go bhfuil sé deacair fianaise a bhailiú. D'fhéadfadh sé go mbeadh tuairiscí ag sceithirí ríthábhachtach sna cásanna a bhfuil rochtain acu ar fhianaise den sórt sin ón taobh istigh. Dá bhrí sin, trína áirithiú go mbraitheann sceithirí go bhfuil siad sásta tuairisc a thabhairt ar sháruithe féadfar cur le gníomhaíocht forfheidhmithe agus a héifeachtúlacht a fheabhsú. Le blianta beaga anuas, thug an reachtóir AE aitheantas don ghá atá le cosaint do sceithirí mar chuid d'fhorfheidhmiú dhlí AE agus tá roinnt eilimintí de bhealaí cosanta agus tuairiscithe tugtha isteach i roinnt gníomhartha earnáilsonracha an Aontais. Tá cosaint fós an-teoranta agus earnálach, áfach, agus ní chuimsítear leis na príomhréimsí uile i gcásanna a mbíonn tearcthuairisciú ar sháruithe ar dhlí an Aontais a d'fhéadfadh díobháil thromchúiseach a dhéanamh don leas poiblí i gceist mar thoradh ar easpa cosanta a bheith ann do sceithirí. Ar an gcuma chéanna, cuireann formhór na mBallstáit cosaint ar fáil ach ar bhonn treallach agus athraíonn an leibhéal cosanta. Mar thoradh ar an easpa cosanta leordhóthanaí agus comhsheasmhaí ar leibhéal AE agus náisiúnta bíonn tearcthuairisciú sceithirí agus ionann sin agus 'deiseanna caillte’ chun sáruithe ar dhlí an Aontais a bhrath agus a chosc agus déantar éifeachtacht a fhorfheidhmithe a lagú.
|
Is é an cuspóir ginearálta aghaidh a thabhairt ar thearcthuairisciú ar shárú ar dhlí an Aontais a fhágann díobháil thromchúiseach don leas poiblí i réimsí ina bhféadfaidh cosaint láidir do sceithirí cur go mór leis an díobháil sin a nochtadh, a chosc agus a dhíspreagadh.
Is iad a leanas na cuspóirí sonracha: (i) Cosaint sceithirí a neartú agus frithbheart ina gcoinne a sheachaint; (ii) soiléireacht agus deimhneacht dhlíthiúil a sholáthar; agus (iii) tacú le feasacht a ardú agus aghaidh a thabhairt ar thosca soch-chultúrtha a bhfuil an tearcthuairisciú mar thoradh air.
|
Tá gá le gníomhaíocht AE chun cosaint do sceithirí a thabhairt isteach sna réimsí sin i) ina bhfuil gá le forfheidhmiú a neartú, ii) ina bhfuil tearcthuairisciú ag sceithirí mar ghné thábhachtach a dhéanann difear d'fhorfheidhmiú, agus iii) ina bhféadfaidh sáruithe ar dhlí an Aontais díobháil thromchúiseach a dhéanamh don leas poiblí. Bunaithe ar na critéir seo, tá gá le cosaint do sceithirí chun forfheidhmiú na rialacha a neartú maidir le: (i) soláthar poiblí; (ii) seirbhísí airgeadais, cosc ar sciúradh airgid agus maoiniú sceimhlitheoireachta; (iii) sábháilteacht táirgí; (iv) sábháilteacht iompair; (v) cosaint an chomhshaoil; (vi) sábháilteacht núicléach; (vii) sábháilteacht bia agus beatha, sláinte agus leas ainmhithe; (viii) sláinte phoiblí; (ix) cosaint tomhaltóirí; (x) cosaint príobháideachais agus sonraí pearsanta agus slándáil na gcóras gréasán agus faisnéise. Baineann sé freisin le sáruithe maidir le rialacha iomaíochta an Aontais, sáruithe a dhéanann díobháil do leasanna airgeadais an Aontais agus, i bhfianaise a n-iarmhairt dhiúltach ar fheidhmiú ceart an mhargaidh inmheánaigh, agus ar sheachaint cánach corparáidí. Is féidir go mbeidh drochthionchar ag easpa cosanta a sholáthar do sceithirí i mBallstát ar leith, ní hamháin ar fheidhmiú bheartais AE sa Bhallstát sin, ach freisin ar éifeachtaí iarmharta i mBallstáit eile agus san AE ina iomláine. Déanann cosaint neamh-chomhionann do sceithirí ar fud an Aontais dochar don gcothroime iomaíochta mar aon leis an bpáirc imeartha atá ag teastáil chun an margadh aonair a fheidhmiú i gceart agus chun gnó a oibriú i dtimpeallacht shláintiúil iomaíoch. Go háirithe, méadaíonn éilliú agus calaois sa soláthar poiblí nach ndéantar a bhrath na costais chun gnó a dhéanamh, déanann sé an iomaíocht a shaobhadh agus baineann sé de tharraingteacht na hinfheistíochta. Déanann scéimeanna pleanála ionsaithí cánach gan bhrath ag cuideachtaí a n-éiríonn leo gan a gcion cothrom de chánacha a íoc an chothroime iomaíochta a shaobhadh agus mar thoradh air sin bíonn cailliúint ann san ioncam cánach do Bhallstáit aonair agus don AE ina iomláine (e.g. "Luxleaks"). Bíonn tuilleadh éifeachtaí iarmharta ann i rioscaí trasteorann a eascraíonn as bearta a dhéanann an iomaíocht a shaobhadh, táirgí neamhshábháilte, táirgí bia agus beatha, a chuirtear ar an margadh aonair, truailliú an chomhshaoil nó rioscaí don tsábháilteacht núicléach, sláinte phoiblí, sláinte agus leas ainmhithe, cosaint tomhaltóirí, cosaint príobháideachais agus sonraí pearsanta, slándáil na gcóras gréasán agus faisnéise agus sábháilteacht an iompair i mBallstát amháin a mbíonn éifeachtaí iarmharta eile aige ar Bhallstáit eile, agus bearnaí maidir leis an gcosaint do sceithirí i gcásanna trasteorann, a bhfuil an baol ann ‘go dtitfidh siad trí na scoilteanna'. Ní fhéadfaidh ach gníomhaíocht AE aghaidh a thabhairt ar an éagothroime i leibhéal na cosanta, chun a áirithiú go mbeidh leibhéal cosanta ard comhsheasmhach ar fud AE, trí chaighdeáin íosta comhchuibhithe a sholáthar. Thairis sin, is le gníomhaíocht AE amháin is féidir na rialacha atá ann faoi láthair maidir le cosaint do sceithirí a ailíniú i ngníomhartha earnáilsonracha an Aontais.
|