An Bhruiséil,12.9.2018

COM(2018) 634 final

2018/0329(COD)

Togra le haghaidh

TREOIR Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

maidir le caighdeáin choiteanna agus nósanna imeachta coiteanna sna Ballstáit i ndáil le náisiúnaigh tríú tír atá ag fanacht go neamhdhleathach a fhilleadh (athmhúnlú)




FMT:ItalicIonchur an Choimisiúin Eorpaigh i gCruinniú na gCeannairí in Salzburg, 19-20 Meán Fómhair 2018


MEABHRÁN MÍNIÚCHÁIN

1.COMHTHÉACS AN TOGRA

Forais agus cuspóirí an togra

Is cuid é an togra seo de phacáiste beart a mhol an Coimisiún mar obair leantach ar Chomhairle Eorpach an 28 Meitheamh 2018 1 a leag béim ar an ngá le dlús suntasach a chur le filleadh éifeachtach imirceach neamhrialta, agus ar dhíol sásaimh di é go raibh rún ag an gCoimisiún tograí reachtacha a ullmhú chun go mbeidh beartas an Aontais Eorpaigh um fhilleadh níos éifeachtaí agus níos comhleanúnaí. Sna príomhphrionsabail a aontaíodh sna conclúidí ón gComhairle Eorpach agus a bhfuil a dtacaíocht tugtha ag na Ballstáit dóibh i bhfóraim éagsúla, 2 leagadh béim ar an ngá leis na huirlisí le haghaidh dlúthpháirtíocht san Aontas a threisiú, go háirithe an gá leis an nGarda Teorann agus Cósta Eorpach a neartú, d’fhonn bainistiú éifeachtach na dteorainneacha seachtracha agus na himirce a áirithiú agus d’fhonn beartas an Aontais um fhilleadh atá níos éifeachtaí agus níos comhleanúnaí a chur ar bun.

Cuid riachtanach den Chlár Oibre Eorpach maidir leis an Imirce 3 is ea filleadh éifeachtach na náisiúnach tríú tír nach bhfuil ceart fanachta san Aontas acu. Ar leibhéal an Aontais, rialaítear an beartas um fhilleadh le Treoir 2008/115/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 4 (an “Treoir um Fhilleadh”), lena leagtar síos caighdeáin choiteanna agus nósanna imeachta coiteanna atá le cur i bhfeidhm sna Ballstáit i ndáil le náisiúnaigh tríú tír atá ag fanacht go neamhdhleathach a fhilleadh, agus lánurraim á tabhairt do phrionsabal an nonrefoulement. Ó tháinig an Treoir um Fhilleadh i bhfeidhm in 2010, tá méadú tar éis teacht ar an mbrú imirce ar na Ballstáit agus ar an Aontas trí chéile. Dá thoradh sin, ní mór aghaidh a thabhairt, anois níos mó ná riamh, ar na dúshláin a bhaineann le filleadh éifeachtach na nimirceach neamhrialta.

Tá dhá phríomhdhúshlán ann is féidir a shainaithint.

Ar an gcéad dul síos, tagann na Ballstáit ar bhacainní le linn na nósanna imeachta um fhilleadh a fhágann gur deacair dóibh cinntí um fhilleadh a fhorfheidhmiú go rathúil. Ní hionann na cleachtais náisiúnta lena gcuirtear creat an Aontais chun feidhme i ngach Ballstát agus níl siad chomh héifeachtach agus ba cheart iad a bheith. Eascraíonn éalú imirceach neamhrialta agus gluaiseachtaí tánaisteacha ón neamhréir atá ann idir na sainmhínithe agus na léirmhínithe ar an riosca éalaithe agus ar úsáid na coinneála, i measc nithe eile. Chomh maith leis sin, fágann an easpa comhair ó thaobh na náisiúnach tríú tír de go gcuirtear bac ar nósanna imeachta um fhilleadh. Ní leor na hacmhainní atá ag na Ballstáit chun gur féidir leis na húdaráis inniúla an fhaisnéis is gá a mhalartú go pras d’fhonn fillteacha a chur i gcrích.

Ar an dara dul síos, tá éifeachtúlacht bheartas an Aontais um fhilleadh ag brath freisin ar chomhar na dtíortha tionscnaimh. Le trí bliana anuas, tá iarrachtaí leanúnacha á ndéanamh ag an Aontas teagmháil a chothú leis na príomhthíortha tionscnaimh i dtaca le comhar i mbainistiú na himirce agus, dá thoradh sin, rinneadh dul chun cinn fiúntach agus cuireadh roinnt socruithe nach bhfuil ceangailteach ó thaobh an dlí de ar bun i dtaca le filleadh agus le hathligean isteach. Tá tús curtha le cur chun feidhme na socruithe sin agus tá sé tábhachtach anois go mbainfeadh gach Ballstát tairbhe as na torthaí sin agus go mbainfidís an leas is mó is féidir as na socruithe chun líon na ndaoine a fhilltear chuig na tíortha lena mbaineann a mhéadú. Sa bhreis air sin, mhol an Coimisiún go neartófaí an úsáid a bhaintear as beartas víosa an Aontais mar uirlis chun dul chun cinn a dhéanamh maidir leis an gcomhar le tríú tíortha i ndáil le filleadh agus le hathligean isteach. Nuair a bheidh sé ina dhlí, tiocfaidh méadú suntasach ar an tionchar atá ag an Aontas sna caidrimh atá aige le tíortha tionscnaimh.

Tosaíocht le roinnt blianta anuas is ea cur lena éifeachtaí a dhéantar fillteacha. In 2016, mhol an Coimisiún go ndéanfaí athbhreithniú ar shainordú an Gharda Teorann agus Cósta Eorpaigh, rud ar cuireadh feabhas mór air ó thaobh filleadh de. Faoin sainordú nua, tá an Ghníomhaireacht Eorpach um an nGarda Teorann agus Cósta ag forbairt uirlisí nua chun cabhrú agus tacú leis na Ballstáit i dtaca lena niarrachtaí agus lena nósanna imeachta um fhilleadh. Sa Phlean Gníomhaíochta athnuaite maidir le Filleadh a foilsíodh in 2017 5 , léirigh an Coimisiún a mhéid atá na heasnaimh sna nósanna imeachta agus sna cleachtais um fhilleadh de chuid na mBallstát ina mbac ar éifeachtacht chóras an Aontais um fhilleadh. Dá bhrí sin, ghlac an Coimisiún Moladh in 2017 ina moltar tacar beart a chuirfidh na Ballstáit i bhfeidhm chun cur lena éifeachtaí a dhéantar fillteacha 6 , lena náirítear trí leas iomlán a bhaint as an tsolúbthacht a thugtar faoin Treoir um Fhilleadh. An tráth sin, léirigh an Coimisiún freisin go raibh sé ullamh le hathbhreithniú ar an Treoir um Fhilleadh a sheoladh, bunaithe ar an taithí a fuarthas i gcur chun feidhme an Mholta agus ag brath ar an ngá le tuilleadh gníomhaíochtaí a dhéanamh chun rátaí fillte a mhéadú go suntasach.

In ainneoin na niarrachtaí sin, is beag dul chun cinn atá déanta maidir le héifeachtacht na bhfillteacha a fheabhsú. Os a choinne sin, tháinig laghdú ar an ráta fillte ar fud an Aontais, ó 45.8% in 2016 agus ní raibh ach 36.6% i gceist leis in 2017. Chun aghaidh a thabhairt ar na príomhdhúshláin d'fhonn fillteacha éifeachtacha a áirithiú, tá gá le hathbhreithniú spriocdhírithe a dhéanamh ar an Treoir um Fhilleadh, chun fad na nósanna imeachta um fhilleadh a laghdú go mór, chun nasc feabhsaithe a chinntiú idir na nósanna imeachta tearmainn agus na nósanna imeachta um fhilleadh, agus lena áirithiú go mbainfear úsáid níos éifeachtaí as bearta chun éalú a chosc. Chun cur lena éifeachtaí agus lena chomhleanúnaí atá beartas an Aontais um fhilleadh, i gcomhréir leis na cearta bunúsacha mar a chumhdaítear i gCairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh iad, ní mór athmhúnlú spriocdhírithe den Treoir um Fhilleadh a ghlacadh go práinneach.

Leis an athmhúnlú spriocdhírithe sin, ba cheart:

nós imeachta teorann nua a bhunú chun iarratasóirí ar chosaintí idirnáisiúnta, ar diúltaíodh dá niarratas tar éis nós imeachta tearmainn ag teorainneacha, a fhilleadh go gasta;

rialacha níos soiléire agus níos éifeachtaí a sholáthar maidir le cinntí um fhilleadh a eisiúint agus maidir le hachomhairc in aghaidh na gcinntí sin;

creat um chomhar idir imircigh neamhrialta agus údaráis náisiúnta inniúla a sholáthar, cuíchóiriú a dhéanamh ar na rialacha maidir le tréimhse le haghaidh imeacht deonach a cheadú, agus creat a bhunú le haghaidh cúnamh airgeadais, ábhartha agus comhchineáil a thabhairt d’imircigh neamhrialta atá toilteanach filleadh go deonach;

ionstraimí níos éifeachtúla a bhunú chun bainistíocht agus éascaíocht a dhéanamh ar phróiseáil riaracháin na bhfillteacha, ar mhalartú faisnéise idir údaráis inniúla agus ar fhillteacha a chur i ngníomh d’fhonn daoine a chur ón imirce neamhdhleathach a dhéanamh;

comhtháthú agus sineirgíochtaí le nósanna imeachta tearmainn a áirithiú;

úsáid coinneála níos éifeachtaí a áirithiú chun tacú le fillteacha a fhorfheidhmiú.

Leis na hathruithe spriocdhírithe atá molta, ní athraítear raon feidhme na Treorach agus ní dhéantar difear do chosaint na gceart atá ag imircigh faoi láthair, lena náirítear i ndáil le leas an linbh, le saol an teaghlaigh agus leis an staid sláinte. Leis an Treoir, áirithítear fós go dtabharfar lánurraim do chearta bunúsacha na nimirceach, go háirithe prionsabal an nonrefoulement.

Comhsheasmhacht le forálacha beartais atá sa réimse beartais cheana

Leis an togra seo, déantar tuilleadh forbartha ar na forálacha atá ann cheana féin sa Treoir um Fhilleadh maidir le caighdeáin choiteanna agus nósanna imeachta coiteanna le haghaidh filleadh éifeachtach imirceach neamhrialta, agus urraim á tabhairt, san am céanna, dá gcearta bunúsacha agus do phrionsabal an nonrefoulement.

Tá an togra bunaithe ar chur chun feidhme Phlean Gníomhaíochta athnuaite an Choimisiúin agus ar chur chun feidhme an Mholta um Fhilleadh ó mhí an Mhárta 2017, chomh maith leis an Lámhleabhar athbhreithnithe maidir le Filleadh a glacadh i mí na Samhna 2017 7 , agus comhlánaíonn sé an togra maidir le ról na Gníomhaireachta Eorpaí um an nGarda Teorann agus Cósta a neartú a thuilleadh, d’fhonn rialú éifeachtach ar theorainneacha seachtracha an Aontais a áirithiú agus d’fhonn dlús suntasach a chur le filleadh éifeachtach imirceach neamhrialta.

Thairis sin, chun gur fearr is féidir filleadh deonach a chur chun cinn, ba cheart do na Ballstáit cláir oibríochtúla a chur ar bun chun cúnamh agus comhairleoireacht níos fearr a sholáthar i leith fillteacha, cláir ar féidir tacaíocht le haghaidh athlánpháirtiú i dtríú tíortha a mbeifear ag filleadh orthu a áireamh iontu, agus caighdeáin choiteanna maidir le Cláir um Fhilleadh Cuidithe Deonach agus Athlánpháirtíocht 8 á gcur san áireamh ar mhaithe le cláir den sórt sin a chomhchuibhiú a thuilleadh.

Comhsheasmhacht le beartais eile de chuid an Aontais

Tá an togra seo comhsheasmhach leis an gClár Oibre Eorpach maidir leis an Imirce, ina ndearnadh de Threoirlínte Polaitiúla an Uachtaráin Juncker sraith de thionscnaimh chomhleanúnacha lena ndéantar treisiú ar bhonn frithpháirteach agus atá bunaithe ar cheithre cholún. Is éard atá sna colúin sin an dreasacht don imirce neamhrialta a laghdú, teorainneacha seachtracha a dhaingniú agus beatha daoine a shábháil, beartas láidir maidir le tearmann agus beartas nua maidir leis an imirce dhleathach.

Is freagairt é an togra freisin do Chomhairle Eorpach an 28 Meitheamh 2018 inar iarradh dlús suntasach a chur le filleadh éifeachtach imirceach neamhrialta, agus ar dhíol sásaimh di é go raibh rún ag an gCoimisiún tograí reachtacha a ullmhú chun go mbeidh beartas an Aontais um fhilleadh níos éifeachtaí agus níos comhleanúnaí.

Tá an togra seo comhsheasmhach le beartais eile de chuid an Aontais, agus treisíonn sé iad, lena náirítear:

·An Comhchóras Eorpach Tearmainn, faoina bhfuil méadú ag teacht ar na sineirgíochtaí idir na nósanna imeachta tearmainn agus na nósanna imeachta um fhilleadh, go háirithe i gcomhthéacs nósanna imeachta teorann;

·An Rialachán maidir leis an nGarda Teorann agus Cósta Eorpach, lena ndéantar sainordú na Gníomhaireachta Eorpaí um an nGarda Teorann agus Cósta i réimse an fhillidh a neartú a thuilleadh. Sa bhreis air sin, ceanglaítear leis an togra seo go mbunófar córais náisiúnta chun filleadh a bhainistiú, córais ar cheart dóibh cumarsáid a dhéanamh le córas lárnach arna bhunú ag an nGníomhaireacht sin, i gcomhréir leis an togra nua i dtaca le Rialachán maidir leis an nGarda Teorann agus Cósta Eorpach atá ina chuid den phacáiste reachtaíochta seo.

2.BUNÚS DLÍ, COIMHDEACHT AGUS COMHRÉIREACHT

Bunús dlí

Leis an togra seo, déantar an Treoir um Fhilleadh a athmhúnlú agus, dá réir sin, ba cheart é a bheith bunaithe ar Airteagal 79(2)(c) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, lena dtugtar de chumhacht don Aontas bearta a ghlacadh i réimse na hinimirce neamhdhleathaí agus an chónaithe neamhúdaraithe, lena náirítear daoine a chónaíonn gan údarú a aistriú agus a aisdúichiú.

Geoiméadracht athraitheach

Maidir leis an ngeoiméadracht athraitheach, tá réim an togra seo inchomparáide le réim na Treorach um Fhilleadh atá ann faoi láthair.

De réir Airteagal 4 de Phrótacal 22 maidir le seasamh na Danmhairge atá i gceangal leis na Conarthaí, cinnfidh an Danmhairg, laistigh de thréimhse sé mhí tar éis don Chomhairle cinneadh a dhéanamh maidir leis an Treoir seo, an gcuirfidh sí an togra seo chun feidhme, ar togra é a chuireann le acquis Schengen, ina dlí náisiúnta.

Maidir leis an Ríocht Aontaithe agus le hÉirinn, baineann gné hibride leis an Treoir um Fhilleadh, mar a léirítear in aithris (48) agus aithris (49) di. Dá réir sin, maidir leis an togra seo, tá feidhm ag Prótacal 19 maidir le acquis Schengen arna chomhtháthú i gcreat an Aontais Eorpaigh atá i gceangal leis na Conarthaí, agus ag Prótacal 21 maidir le seasamh na Ríochta Aontaithe agus na hÉireann i ndáil leis an limistéar saoirse, slándála agus ceartais atá i gceangal leis na Conarthaí.

De bhonn na gcomhaontuithe lena ndéantar an Íoslainn, an Iorua, an Eilvéis agus Lichtinstéin faoi seach a chomhlachú le cur chun feidhme, le cur i bhfeidhm agus le forbairt acquis Schengen, ba cheart na tíortha a bheith faoi cheangal ag an Treoir atá molta.

Coimhdeacht

Is é is cuspóir leis an togra seo aghaidh a thabhairt ar na príomheasnaimh a dtagann na Ballstáit orthu agus ar na príomhbhacainní a bhíonn rompu agus fillteacha á gcur i gcrích acu. Is leas coiteann de chuid na mBallstát uile é an inimirce neamhdhleathach a chosc agus cur ina coinne, agus daoine nach bhfuil aon cheart fanachta dleathach acu a fhilleadh, agus is leas coiteann é sin nach féidir leis na Ballstáit a bhaint amach leo féin. Tá gá, dá bhrí sin, le gníomhaíocht bhreise ón Aontas chun éifeachtacht bheartas an Aontais um fhilleadh a fheabhsú, agus lánurraim á tabhairt do phrionsabal na coimhdeachta mar a leagtar amach in Airteagal 5(3) den Chonradh ar an Aontas Eorpach.

Comhréireacht

I dteannta an togra maidir le sainordú sínte don Ghníomhaireacht Eorpach um an nGarda Teorann agus Cósta, beartaítear leis an togra seo go dtabharfar aghaidh ar na dúshláin atá roimh an Aontas i dtaca le bainistiú imirce agus le náisiúnaigh tríú tír atá ag fanacht go neamhdhleathach a fhilleadh. Tá an togra ina chuid den chreat beartais ginearálta um fhilleadh atá ann cheana, agus treisíonn sé an creat sin, ina náirítear freisin uirlisí agus cláir tacaíochta oibríochtúla, chomh maith le sásraí cistiúcháin a chuirtear ar fáil d’údaráis agus d'eagraíochtaí na mBallstát atá páirteach i bhfilleadh. Tá na hathruithe ar an Treoir um Fhilleadh teoranta spriocdhírithe, agus is é is aidhm dóibh aghaidh a thabhairt ar phríomheasnaimh na nósanna imeachta um fhilleadh ar bhealach éifeachtach agus laghdú a dhéanamh ar na bacainní a bhíonn roimh na Ballstáit agus fillteacha á gcur i gcrích acu, agus lánurraim á tabhairt do chearta bunúsacha na náisiúnach tríú tír lena mbaineann. Ní théann an togra thar a bhfuil riachtanach chun na cuspóirí sonraithe a ghnóthú.

An rogha ionstraime

Áirítear cheana féin sa Treoir um Fhilleadh sraith láidir norm maidir le filleadh éifeachtach díniteach na náisiúnach tríú tír atá ag fanacht go neamhdhleathach. Beartaítear leis an togra seo go ndéanfar foráil maidir le hathruithe spriocdhírithe ar an Treoir sin, athruithe atá beartaithe chun aghaidh a thabhairt ar easnaimh áirithe shainaitheanta agus ar bhacainní a bhíonn roimh na Ballstáit agus fillteacha á gcur i gcrích acu. Toisc gur athmhúnlú é an togra seo ar an Treoir um Fhilleadh, is í an ionstraim dlí chéanna an ionstraim is iomchuí.

3.TORTHAÍ Ó MHEASTÓIREACHTAÍ EX POST, Ó CHOMHAIRLIÚCHÁIN LEIS NA PÁIRTITHE LEASMHARA AGUS Ó MHEASÚNUITHE TIONCHAIR

Meastóireachtaí ex post/seiceálacha oiriúnachta ar an reachtaíocht atá ann cheana

Leis an sásra meastóireachta agus faireacháin a úsáidtear chun fíorú a dhéanamh ar chur i bhfeidhm acquis Schengen 9 agus ar an bhfaisnéis a bhailíonn Grúpa Saineolaithe Fillte Ghréasán Imirce na hEorpa (EMN REG) agus an Ghníomhaireacht Eorpach um an nGarda Teorann agus Cósta, bhíothas in ann measúnú cuimsitheach a dhéanamh ar an gcaoi a gcuireann na Ballstáit beartas an Aontais um fhilleadh chun feidhme.

Ó bhí 2015 ann, nuair a rinneadh an chéad mheastóireacht i réimse an fhillidh, sainaithníodh roinnt eilimintí trasearnálacha atá mar an gcéanna sna cásanna agus sna córais fillidh náisiúnta sin a ndearnadh measúnú orthu go dtí seo (in 21 Bhallstát agus tír atá comhlachaithe le Schengen).

Comhairliúcháin leis na páirtithe leasmhara

Sna conclúidí ón gComhairle Eorpach ó mhí Dheireadh Fómhair 2016, iarradh go dtreiseofaí na próisis riaracháin náisiúnta um fhilleadh. I nDearbhú Mhálta ó Chinn Stáit nó Rialtais i mí Feabhra 2017, cuireadh béim ar an ngá le hathbhreithniú a dhéanamh ar bheartas an Aontais um fhilleadh bunaithe ar anailís oibiachtúil ar an gcaoi a gcuirtear i bhfeidhm na huirlisí dlíthiúla, oibríochtúla, airgeadais agus praiticiúla atá ar fáil ar leibhéal an Aontais agus ar an leibhéal náisiúnta. Ba dhíol sásaimh é go raibh rún ag an gCoimisiún leagan nuashonraithe de Phlean Gníomhaíochta an Aontais Eorpaigh maidir le Filleadh a chur i láthair go pras agus treoir a thabhairt maidir le fillteacha níos oibríochtúla arna ndéanamh ag an Aontas agus ag na Ballstáit agus maidir le hathligean isteach níos éifeachtaí bunaithe ar an acquis atá ann cheana féin. I bPlean Gníomhaíochta an Aontais Eorpaigh maidir le Filleadh ó 2015 agus ina dhiaidh sin sa Teachtaireacht ó 2017 maidir le beartas um fhilleadh níos éifeachtaí agus sa Mholadh a ghabhann léi, chuir an Coimisiún béim ar an ngá le rialacha an Aontais maidir le filleadh a fhorfheidhmiú ar bhealach níos láidre d’fhonn éifeachtacht ghinearálta bheartas an Aontais um fhilleadh a fheabhsú. Sna Conclúidí ón gComhairle Eorpach ó mhí an Mheithimh 2018, ba dhíol sásaimh di go raibh rún ag an gCoimisiún tograí reachtacha a ullmhú chun go mbeidh beartas an Aontais um fhilleadh níos éifeachtaí agus níos comhleanúnaí.

Le dhá bhliain anuas, rannchuidigh Gréasán Imirce na hEorpa leis an obair i bhfoirm staidéir speisialaithe, cuardaigh ad hoc agus faisnéis maidir le héifeachtacht an fhillidh i mBallstáit an Aontais, roghanna malartacha ar choinneáil, scéimeanna um fhilleadh cuidithe deonach agus athlánpháirtiú, dálaí coinneála agus dálaí coinneála ábhartha, cúnamh dlíthiúil i saoráidí coinneála agus ábhair eile.

Bailiú agus úsáid saineolais

Rinneadh malartuithe faisnéise, i gcomhar leis na Ballstáit, ar an leibhéal teicniúil maidir leis na dúshláin chur chun feidhme reatha i gcomhthéacs an Ghrúpa Teagmhála don Treoir um Fhilleadh, EMN REG agus na Gníomhaireachta Eorpaí um an nGarda Teorann agus Cósta, malartuithe ónar eascair go háirithe athbhreithniú ar an Lámhleabhar maidir le Filleadh agus ar an staidéar a rinne Gréasán Imirce na hEorpa ar éifeachtacht an fhillidh i mBallstáit an Aontais Eorpaigh. Ba é ab aidhm don staidéar anailís a dhéanamh ar an tionchar atá ag rialacha an Aontais um fhilleadh – lena náirítear an Treoir um Fhilleadh agus an cásdlí ábhartha ó Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh – ar bheartais agus ar chleachtais na mBallstát um fhilleadh agus, dá réir sin, ar éifeachtacht an nós imeachta um fhilleadh ar fud an Aontais.

Measúnú tionchair

Tosaíocht de chuid an Choimisiúin le roinnt blianta anuas is ea cur lena éifeachtaí a dhéantar fillteacha. Chuige sin, leis an Rialachán maidir leis an nGarda Teorann agus Cósta Eorpach agus le sainordú nua na Gníomhaireachta a d'eascair uaidh sin, rinneadh feabhsuithe suntasacha i réimse na bhfillteacha. Thairis sin, sa Phlean Gníomhaíochta athnuaite maidir le Filleadh agus sa Mholadh maidir le cur lena éifeachtaí atá filleadh, a foilsíodh i mí an Mhárta 2017, léiríodh a mhéid atá na heasnaimh sna nósanna imeachta agus sna cleachtais um fhilleadh de chuid na mBallstát ina mbac ar éifeachtacht an chórais um fhilleadh. Sa chomhthéacs sin, rinne an Coimisiún agus na Ballstáit comhairliúcháin theicniúla chun anailís a dhéanamh ar na dúshláin reatha a bhaineann le filleadh agus chun easnaimh a shainaithint, agus d’aithin siad go raibh gá le hathbhreithniú spriocdhírithe a dhéanamh ar an reachtaíocht atá ann faoi láthair. De bharr na gcomhairliúchán sin agus na hanailíse ar na príomhshaincheisteanna a d’eascair uathu, rinneadh athbhreithniú ar an Lámhleabhar maidir le Filleadh i mí na Samhna 2017. Chuathas i gcomhairle leis an tsochaí shibhialta freisin agus, leis an obair a rinneadh faoi Shásra Meastóireachta Schengen, tugadh forléargas cuimsitheach ar na saincheisteanna a bhfuiltear le haghaidh a thabhairt orthu i réimse an fhillidh. Trí na próisis thuasluaite, bhí na páirtithe leasmhara in ann na baic dhlíthiúla agus phraiticiúla ar chur chun feidhme éifeachtach fillteacha i gcomhthéacs na Treorach um Fhilleadh a shainaithint agus bhíodar in ann a chinntiú go raibh gá le hathbhreithniú spriocdhírithe a dhéanamh ar an Treoir.

Sna Conclúidí ón gComhairle Eorpach ó mhí an Mheithimh 2018, ba dhíol sásaimh di go raibh rún ag an gCoimisiún tograí reachtacha a ullmhú chun go mbeidh beartas an Aontais um fhilleadh níos éifeachtaí agus níos comhleanúnaí. Agus é á chur san áireamh go ndearnadh measúnú cuimsitheach ar na príomhshaincheisteanna i réimse an fhillidh, go bhfuil práinn leis na tograí reachtacha a chur síos agus gurb é an rogha is iomchuí ó thaobh substainte agus tráthúlachta de athbhreithniú a dhéanamh ar an Treoir atá ann cheana féin, ní mheastar go bhfuil gá le Measúnú Tionchair ar an togra seo.

Cearta bunúsacha

Sa togra seo, urramaítear na cearta bunúsacha agus cloítear leis na prionsabail a aithnítear in Airteagal 2 agus in Airteagal 6 den Chonradh ar an Aontas Eorpach agus a léirítear i gCairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh.

Dínit an duine, an ceart chun beatha, toirmeasc ar chéastóireacht agus ar íde nó pionós atá táireach nó mídhaonna, an ceart chun saoirse agus slándála, an ceart chun sonraí pearsanta a chosaint, an ceart chun tearmainn agus cosanta i gcás aistriú agus díbeartha, prionsabal an nonrefoulement agus prionsabal an neamhidirdhealaithe, an ceart chun leighis éifeachtaigh, agus cearta an linbh, urramaítear iad ina niomláine sa togra seo go háirithe.

4.IMPLEACHTAÍ BUISÉADACHA

Leis an togra seo, ní chuirfear aon ualach airgeadais ná riaracháin ar an Aontas. Dá bhrí sin, ní bheidh aon tionchar aige ar bhuiséad an Aontais.

5.EILIMINTÍ EILE

Pleananna cur chun feidhme, agus socruithe faireacháin, meastóireachta agus tuairiscithe

Tabharfaidh an Coimisiún tuairisc ar chur i bhfeidhm na Treorach seo do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle laistigh de thrí bliana ó dháta an teacht i bhfeidhm agus gach trí bliana ina dhiaidh sin; an tráth sin, féadfaidh an Coimisiún aon leasú a mheastar a bheith riachtanach a mholadh.

Míniúchán mionsonraithe ar fhorálacha sonracha an togra

Is é is aidhm d’athruithe spriocdhírithe an togra seo éifeachtúlacht an nós imeachta um fhilleadh a fheabhsú, lena náirítear a ghaol le foirceannadh na nósanna imeachta tearmainn. Leis na hathruithe spriocdhírithe, ní leasaítear coimircí ná cearta náisiúnach tríú tír agus urramaítear a gcearta bunúsacha, go háirithe prionsabal an nonrefoulement.

Tugtar míniúcháin ar na hathruithe a thugtar isteach maidir leis an méid seo a leanas:

1) Riosca Éalaithe (Airteagal 6): tá géarghá le critéir oibiachtúla uile-Aontais a bhunú chun a mheas cé acu atá riosca éalaithe ann nó nach bhfuil, lena náirítear gluaiseachtaí tánaisteacha neamhúdaraithe. Chun léirmhínithe éagsúla nó neamhéifeachtacha a sheachaint, leagtar amach sa togra liosta coiteann neamhuileghabhálach de chritéir oibiachtúla chun a mheas an bhfuil riosca éalaithe ann, liosta atá ina chuid de mheasúnú iomlán ar imthosca sonracha an cháis aonair.

2) Oibleagáid maidir le comhar (Airteagal 7): tá sé á thabhairt faoi deara níos minice ná a mhalairt nach gcomhoibríonn gach náisiúnach tríú tír leis na húdaráis le linn na nósanna imeachta um fhilleadh, rud a chuireann bac ar an bhfilleadh. Tá sé riachtanach, dá bhrí sin, go dtabharfar isteach oibleagáid, oibleagáid shainráite a chuirfear ar náisiúnaigh tríú tír comhoibriú le húdaráis náisiúnta i ngach céim de na nósanna imeachta um fhilleadh, go háirithe i dtaca lena gcéannacht a shuí agus a fhíorú d’fhonn doiciméad taistil bailí a fháil agus d’fhonn a áirithiú go ndéanfar an cinneadh um fhilleadh a fhorfheidhmiú go rathúil. Tá sé sin ar aon dul le hoibleagáid den chineál céanna atá ann cheana ó thaobh comhoibriú le húdaráis inniúla de agus a bhfuil feidhm aici i gcomhthéacs nósanna imeachta tearmainn.

3) Eisiúint cinnidh um fhilleadh a bhaineann le fanacht dleathach a fhoirceannadh (Airteagal 8): ós rud é nach neisíonn na Ballstáit, ar bhonn córasach, cinntí um fhilleadh a bhaineann le fanacht dleathach a fhoirceannadh, soiléirítear leis an togra seo an gá le cinneadh um fhilleadh a eisiúint a luaithe a ghlacfar cinneadh an fanacht dleathach a dhiúltú nó a fhoirceannadh. Nuair a eisítear cinneadh um fhilleadh díreach tar éis cinneadh lena ndiúltaítear iarratas ar chosaint idirnáisiúnta, nó sa ghníomh céanna leis an gcinneadh sin, cuirfear forfheidhmiú an chinnidh um fhilleadh ar fionraí go dtí go mbeidh éifeacht leis an diúltú, i gcomhréir le cásdlí Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh.

4) Imeacht deonach (Airteagal 9): tá gá le hoiriúnú a dhéanamh ar na rialacha maidir le tréimhse le haghaidh imeacht deonach a cheadú. Níor cheart an tréimhse sin a bheith níos faide ná 30 lá, mar a fhoráiltear cheana sa Treoir um Fhilleadh atá i bhfeidhm faoi láthair. Mar sin féin, faoin togra seo, agus cinneadh á dhéanamh i dtaca le fad na tréimhse le haghaidh imeacht deonach, níl sé éigeantach a thuilleadh íosmhéid seacht lá a cheadú. Sa chaoi sin, féadfaidh na Ballstáit cinneadh a dhéanamh i dtaobh tréimhse níos giorra ná sin. Leagtar síos sa togra freisin roinnt cásanna ina mbeidh sé éigeantach gan tréimhse le haghaidh imeacht deonach a cheadú.

5) Toirmisc ar dhul isteach a eisítear ag seiceálacha teorann le linn imeachta (Airteagal 13): nuair a dhéantar fanacht neamhdhleathach náisiúnaigh tríú tír a bhrath den chéad uair ar fhágáil an Aontais don duine sin, féadfaidh sé a bheith oiriúnach, in imthosca áirithe, toirmeasc ar dhul isteach a fhorchur chun cosc a chur ar an náisiúnach tríú tír sin dul isteach san Aontas arís amach anseo agus chun rioscaí na hinimirce neamhdhleathaí a laghdú. Mar sin féin, níor cheart, leis sin, go gcuirfí moill ar imeacht an náisiúnaigh tríú tír sin, ó tharla gurb amhlaidh go bhfuil an duine sin ar tí críoch na mBallstát a fhágáil. Leis an togra seo, tugtar féidearthacht do na Ballstáit toirmeasc ar dhul isteach a fhorchur gan cinneadh um fhilleadh a eisiúint tar éis dóibh measúnú de réir an cháis a dhéanamh agus prionsabal na comhréireachta á chur san áireamh acu.

6) Filleadh a Bhainistiú (Airteagal 14): chun go mbeidh nósanna imeachta um fhilleadh éifeachtúil, tá gá le hionstraimí lena bhféadtar faisnéis a chur ar fáil go pras do na húdaráis inniúla agus tá gá le scéimeanna oibríochtúla lena soláthraítear cúnamh agus comhairleoireacht fheabhsaithe d'fhillithe i leith fillteacha, i gcomhar le tacaíocht oibríochtúil agus airgeadais iomchuí ón Aontas. Leagtar síos leis an togra oibleagáid maidir le córais bainistíochta náisiúnta um fhilleadh a chur ar bun lena soláthraítear faisnéis thráthúil maidir le céannacht agus staid dhlíthiúil na náisiúnach tríú tír, faisnéis atá ábhartha i dtaca le faireachán a dhéanamh ar chásanna aonair agus le hobair leantach a dhéanamh ar na cásanna sin. Beidh na córais sin nasctha le córas lárnach a mbunóidh an Ghníomhaireacht Eorpach um an nGarda Teorann agus Cósta é, i gcomhréir leis an Rialachán nua atá ina chuid den phacáiste seo.

Leagtar síos sa togra freisin oibleagáid a chur ar na Ballstáit cláir um fhilleadh deonach a bhunadh a bhféadfaidh tacaíocht athlánpháirtíochta a bheith san áireamh iontu freisin.

7) Leigheasanna agus achomhairc (Airteagal 16): ní mór éifeachtacht agus luas na nósanna imeachta um fhilleadh a chomhlánú le coimircí leordhóthanacha. Tá na sprioc-amanna sna Ballstáit chun achomhairc a thaisceadh i gcoinne cinntí um fhilleadh anéagsúil le chéile, ó roinnt laethanta go mí amháin nó tréimhse níos faide ná sin. I gcomhréir le cearta bunúsacha, ní mór go leor ama a bheith ann roimh an sprioc-am chun rochtain ar leigheas éifeachtach a áirithiú, gan moill a chur ar na nósanna imeachta um fhilleadh.

Déantar foráil sa togra maidir le teorainn ama shonrach (cúig lá) chun achomhairc a thaisceadh i gcoinne cinntí um fhilleadh a eisítear i gcásanna ina ndéantar an cinneadh um fhilleadh de thoradh cinneadh, ar cinneadh críochnaitheach é sa deireadh, lena ndiúltaítear iarratas ar chosaint idirnáisiúnta.

Mura mbeidh measúnú déanta cheana féin ag údarás breithiúnach i nósanna imeachta tearmainn ar an riosca go sárófar prionsabal an nonrefoulement, ní mór éifeacht fionraíochta uathoibríoch a cheadú i leith an achomhairc i gcoinne cinneadh um fhilleadh. Is é sin an taon chás amháin ina mbeidh sé éigeantach éifeacht fionraíochta uathoibríoch a cheadú faoin togra seo, gan dochar don oibleagáid atá ar údaráis náisiúnta inniúla nó comhlachtaí na mBallstát an fhéidearthacht a bheith acu forfheidhmiú cinnidh um fhilleadh a chur ar fionraí go sealadach i gcásanna aonair ina meastar gur gá sin ar chúiseanna eile. Cinntí den sórt sin maidir le fionraí shealadach, déanfar iad go gasta, laistigh de 48 nuair an chloig mar riail.

Leagtar síos leis an togra freisin nár cheart ach leibhéal amháin de leigheas breithiúnach a bheith ar fáil chun achomharc a dhéanamh i gcoinne cinneadh um fhilleadh a dhéantar de thoradh cinneadh diúltach a rinneadh cheana maidir le hiarratas ar chosaint idirnáisiúnta, a bhí faoi réir leigheas breithiúnach cheana.

Ar deireadh, déantar tuilleadh comhchuibhithe ar na rialacha maidir le cúnamh dlíthiúil agus/nó maidir le hionadaíocht dhlíthiúil a sholáthar saor in aisce, arna iarraidh nó arna hiarraidh sin, i gcomhréir leis na coinníollacha a leagtar síos faoin acquis maidir le tearmann.

8) Coinneáil (Airteagal 18): tá gá le hathruithe spriocdhírithe ar na rialacha maidir le coinneáil. Ar an gcéad dul síos, tháinig rioscaí nua chun cinn le blianta beaga anuas a fhágann go bhfuil sé riachtanach go bhféadfar náisiúnaigh tríú tír, atá ag fanacht go neamhdhleathach agus a chuireann an tord poiblí nó an tslándáil náisiúnta i mbaol, a choinneáil má mheastar gur gá sin. Cé gur foras nua le haghaidh coinneála é sin i gcomhthéacs nósanna imeachta um fhilleadh, tá an foras sin le haghaidh coinneála ann cheana féin san acquis maidir le tearmann.

Ar an dara dul síos, tá an uastréimhse choinneála atá leagtha síos ag roinnt Ballstát faoi láthair i bhfad níos giorra ná an uastréimhse a cheadaítear faoin Treoir um Fhilleadh, agus is bac ar aistrithe éifeachtacha í. Cé nár modhnaíodh an uastréimhse choinneála sé mhí ná an fhéidearthacht atá ann síneadh a chur leis an uastréimhse sin in imthosca sonracha, ceanglaítear leis an togra seo go bhforálfar sa reachtaíocht náisiúnta nach mbeidh an íostréimhse tosaigh choinneála níos giorra ná trí mhí, ionas gur fearr a léireofar an tréimhse ama is gá chun nósanna imeachta um fhilleadh agus athligean isteach a chur i gcrích go rathúil le tríú tíortha. Mar sin féin, is gá go mbeidh tréimhse choinneála chomh gearr agus is féidir agus ní choimeádfar tréimhse choinneála ach fad atá socruithe um aistriú idir lámha agus á gcur i ngníomh le dícheall cuí.

9) Nós imeachta teorann (Airteagal 22): agus an fhéidearthacht fós ag an Ballstáit maolú ar chur i bhfeidhm na rialacha maidir leis an Treoir um Fhilleadh le haghaidh cásanna teorann a chumhdaítear faoi Airteagal 2(2)(a), déanfar foráil sa togra maidir leis na rialacha sonracha simplithe seo a leanas is infheidhme maidir le náisiúnaigh tríú tír a bhí faoi réir nósanna imeachta tearmainn ag teorainneacha: cinneadh a eisiúint trí bhíthin foirm shimplithe, gan tréimhse le haghaidh filleadh deonach a cheadú mar riail (ach amháin má bhíonn doiciméad taistil bailí ag an náisiúnach tríú tír agus má chomhoibríonn sé leis na húdaráis náisiúnta), teorainn ama níos giorra chun achomharc a thaisceadh, foras tiomnaithe le haghaidh coinneála. Leanfaidh an nós imeachta teorann sin um fhilleadh an nós imeachta tearmainn ag teorainneacha. Chun filleadh a éascú tá sé beartaithe a áirithiú go bhféadfar náisiúnach tríú tír, a coinníodh cheana féin le linn scrúdú a dhéanamh ar iarratas ar chosaint idirnáisiúnta an náisiúnaigh sin mar chuid den nós imeachta tearmainn ag teorainneacha, a choinneáil ar feadh uastréimhse ceithre mhí faoin nós imeachta teorann um fhilleadh. Mura ndéantar an cinneadh um fhilleadh a fhorfheidhmiú le linn na tréimhse sin, féadfar cur le tréimhse choinneála an náisiúnaigh tríú tír má chomhlíontar ceann amháin de na coinníollacha a leagtar amach sna forálacha a bhaineann leis na rialacha ginearálta maidir le coinneáil agus ar feadh na tréimhse coinneála a leagtar síos i gcomhréir le hAirteagal 18.

ê 2008/115/CE (oiriúnaithe)

2018/0329 (COD)

Togra le haghaidh

TREOIR Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

maidir le caighdeáin choiteanna agus nósanna imeachta coiteanna sna Ballstáit i ndáil le náisiúnaigh tríú tír atá ag fanacht go neamhdhleathach a fhilleadh (athmhúnlú)




Ionchur an Choimisiúin Eorpaigh i gCruinniú na gCeannairí in Salzburg, 19-20 Meán Fómhair 2018

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh Ö ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh Õ, agus go háirithe Airteagal 63(3)(b) Ö 79(2)(c) Õ de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach,

De bharr an méid seo a leanas:

ò nua

(1)Tá roinnt athruithe le déanamh ar Threoir 2008/115/(CE) ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 10 . Ar mhaithe le soiléireacht, ba cheart an Treoir sin a athmhúnlú.

(2)Cuid riachtanach de chur chuige an Aontais maidir le bainistiú feabhsaithe a dhéanamh ar gach gné den imirce is ea beartas cothrom éifeachtach um fhilleadh, mar a léirítear sa Chlár Oibre Eorpach maidir leis an Imirce ó mhí na Bealtaine 2015 11 .

(3)Sna conclúidí a thug an Chomhairle Eorpach an 28 Meitheamh 2018, chuir sí béim ar an ngá le dlús suntasach a chur le filleadh éifeachtach imirceach neamhrialta, agus ba dhíol sásaimh di é go raibh rún ag an gCoimisiún tograí reachtacha a ullmhú chun go mbeidh beartas an Aontais um fhilleadh níos éifeachtaí agus níos comhleanúnaí.

ê 2008/115/CE aithris 1 (oiriúnaithe)

Bhunaigh an Chomhairle Eorpach in Tampere an 15 agus 16 Deireadh Fómhair 1999 cur chuige comhleanúnach i réimse na hinimirce agus an tearmainn, lena gcumhdaítear cruthú comhchórais tearmainn, beartas um inimirce dhleathach agus an comhrac i gcoinne na hinimirce neamhdhleathaí.

ê 2008/115/CE aithris 2 (oiriúnaithe)

D’iarr an Chomhairle Eorpach sa Bhruiséil an 4 agus 5 Samhain 2004, go mbunófaí beartas éifeachtach um aistriú agus athdhúichiú, bunaithe ar chaighdeáin choiteanna, i ndáil le daoine a fhilleadh ar shlí dhaonnachtúil agus lánurraim a thabhairt dá gcearta bunúsacha agus dá ndínit.

ê 2008/115/CE aithris 3 (oiriúnaithe)

An 4 Bealtaine 2005, ghlac Coiste Airí Chomhairle na hEorpa ‘Fiche treoirlíne maidir le filleadh éigeantach’.

ê 2008/115/CE aithris 4 (oiriúnaithe)

ð nua

(4)ÖBa cheart beartas sin an Aontais um fhilleadh a bheith bunaithe ar chaighdeáin choiteanna, i ndáil le daoine a fhilleadh ar shlí dhaonnachtúil agus lánurraim a thabhairt dá gcearta bunúsacha agus dá ndínit Õ ð, agus don dlí idirnáisiúnta, lena n-áirítear cosaint dídeanaithe agus oibleagáidí maidir le cearta daonna. ïIs gá rialacha soiléire trédhearcacha cothroma Öa leagan síosÕ a shocrú chun foráil a dhéanamh maidir le beartas éifeachtach um fhilleadh mar ghné riachtanach de bheartas dea-bhainistithe imirce ða bheidh ina bhac ar an imirce neamhrialta agus lena n-áirithítear comhleanúnachas agus rannchuidiú le sláine an Chomhchórais Eorpaigh Tearmainn agus le córas na himirce dleathaíï.

ê 2008/115/CE aithris 5

(5)Leis an Treoir seo, ba cheart sraith chothrománach rialacha a bhunú a bheidh infheidhme maidir le gach náisiúnach tríú tír nach gcomhlíonann nó nach gcomhlíonann a thuilleadh na coinníollacha maidir le dul isteach, fanacht nó cónaí i mBallstát.

ê 2008/115/CE aithris 6

(6)Ba cheart do na Ballstáit a áirithiú gur trí nós imeachta cothrom trédhearcach a chuirfear deireadh le fanacht neamhdhleathach náisiúnach tríú tír. De réir phrionsabail ghinearálta dhlí an Aontais, ba cheart cinntí a dhéantar faoin Treoir seo a ghlacadh de réir an cháis agus iad bunaithe ar chritéir oibiachtúla, lena dtugtar le fios gur cheart breithniú a dhéanamh ar bhonn níos leithne ná an fanacht neamhdhleathach féin. Nuair a bhíonn foirmeacha caighdeánacha in úsáid le haghaidh cinntí a bhaineann le filleadh, eadhon, cinntí um fhilleadh agus, má eisítear iad, cinntí um thoirmeasc ar dhul isteach agus cinntí um aistriú, ba cheart do na Ballstáit an prionsabal sin a urramú agus gach foráil is infheidhme sa Treoir seo a chomhlíonadh.

ò nua

(7)An nasc idir an cinneadh lena gcuirtear deireadh le fanacht dleathach náisiúnaigh tríú tír agus eisiúint cinnidh um fhilleadh, ba cheart é a threisiú chun go laghdófaí an riosca éalaithe agus an dóchúlacht go ndéanfaí gluaiseachtaí tánaisteacha neamhúdaraithe. Is gá a áirithiú go neiseofar cinneadh um fhilleadh díreach tar éis an cinneadh lena ndéantar an fanacht dleathach a dhiúltú nó a fhoirceannadh, nó, go hidéalach, sa ghníomh nó sa chinneadh céanna. Ba cheart feidhm a bheith ag an gceanglas sin go háirithe maidir le cásanna ina ndiúltaítear iarratas ar chosaint idirnáisiúnta, ar choinníoll go gcuirtear an nós imeachta um fhilleadh ar fionraí go dtí go mbeidh éifeacht leis an diúltú sin agus go dtí go mbeidh toradh achomhairc in aghaidh an diúltaithe sin ar fáil.

ê 2008/115/CE aithris 7 (oiriúnaithe)

(8)Leagtar béim ar an ngá le comhaontuithe Comhphobail Ö Aontais Õ agus comhaontuithe déthaobhacha um athligean isteach chun an próiseas um fhilleadh a éascú. Is réamhriachtanas é an comhar idirnáisiúnta le tíortha tionscnaimh ag gach céim den phróiseas um fhilleadh chun filleadh inbhuanaithe a bhaint amach.

ê 2008/115/CE aithris 8

(9)Aithnítear go bhfuil sé dlisteanach go ndéanfadh na Ballstáit náisiúnaigh tríú tír atá ag fanacht go neamhdhleathach a fhilleadh, ar choinníoll go bhfuil córais tearmainn chothroma éifeachtúla i bhfeidhm lena dtugtar lánurraim do phrionsabal an nonrefoulement.

ê 2008/115/CE aithris 9

(10)I gcomhréir le Treoir 2005/85/CE ón gComhairle an 1 Nollaig 2005 maidir le caighdeáin íosta i ndáil le nósanna imeachta i mBallstáit chun stádas dídeanaí a dheonú nó a aistarraingt 12 , níor cheart breathnú ar náisiúnach tríú tír a rinne iarratas ar thearmann i mBallstát mar dhuine atá ag fanacht go neamhdhleathach ar chríoch an Bhallstáit sin go dtí go mbeidh cinneadh diúltach déanta ar an iarratas, nó go dtí go mbeidh cinneadh lena gcuirtear deireadh le ceart fanachta an duine sin mar iarrthóir tearmainn tagtha i bhfeidhm.

ò nua

(11)Chun rialacha níos soiléire agus níos éifeachtaí a áirithiú maidir le tréimhse le haghaidh imeacht deonach a cheadú agus maidir le náisiúnach tríú tír a choinneáil, is de réir critéir oibiachtúla uile-Aontais ba cheart a chinneadh cé acu atá riosca éalaithe ann nó nach bhfuil. Thairis sin, leis an Treoir seo, ba cheart critéir shonracha a leagan síos lena mbunaítear foras le haghaidh toimhde infhrisnéise gurb ann do riosca éalaithe.

(12)Chun éifeachtacht an nós imeachta um fhilleadh a threisiú, ba cheart na freagrachtaí ar náisiúnaigh tríú tír a leagan síos go soiléir, go háirithe an oibleagáid comhoibriú leis na húdaráis ag gach céim den nós imeachta um fhilleadh, lena náirítear an fhaisnéis agus na heilimintí is gá a sholáthar chun a gcás aonair a mheas. Ag an am céanna, is gá a áirithiú go gcuirfear na náisiúnaigh tríú tír ar an eolas faoi na hiarmhairtí a bhaineann le neamhchomhlíonadh na noibleagáidí sin, i ndáil leis an riosca éalaithe a chinneadh, le tréimhse le haghaidh imeacht deonach a cheadú agus leis an bhféidearthacht atá ann coinneáil a fhorchur, agus i ndáil le rochtain a fháil ar chláir lena soláthraítear cúnamh lóistíochtúil, airgeadais agus ábhartha nó comhchineáil eile.

ê 2008/115/CE aithris 10 (oiriúnaithe)

ð nua

(13)I gcás nach ann d'aon chúis lena chreidiúint go mbainfeadh Ö ceadú tréimhse le haghaidh imeacht deonach Õ sé seo an bonn den chuspóir atá ag nós imeachta um fhilleadh, ba cheart filleadh deonach a chur chun cinn de rogha ar fhilleadh éigeantach agus ba cheart tréimhse ðiomchuíï le haghaidh imeacht deonach ðar feadh suas le 30 lá, ag brath go háirithe ar an ionchas fillte, ï a cheadú. ð Níor cheart tréimhse le haghaidh imeacht deonach a cheadú i gcás ina measfar go mbaineann riosca éalaithe le náisiúnaigh tríú tír, i gcás ina ndearnadh iarratas ar fhanacht dleathach dá gcuid a dhíbhe roimhe sin toisc gur iarratas calaoiseach é nó toisc gur léir gur iarratas gan bhunús ab ea é, nó i gcás ina mbaineann riosca don bheartas poiblí, don tslándáil phoiblí nó don tslándáil náisiúnta leo ïBa cheart foráil a dhéanamh maidir le síneadh a chur leis an tréimhse le haghaidh imeacht deonach má mheastar gur gá de bharr imthosca sonracha cáis aonair. D’fhonn filleadh deonach a chur chun cinn, ba cheart do na Ballstáit foráil a dhéanamh maidir le cúnamh feabhsaithe um fhilleadh agus maidir le comhairleoireacht agus an leas is fearr a bhaint as na féidearthachtaí maoinithe ábhartha a thairgtear faoin gCiste Eorpach um Fhilleadh.

ò nua

(14)Chun filleadh deonach a chur chun cinn, ba cheart do na Ballstáit cláir oibríochtúla a bheith acu chun cúnamh agus comhairleoireacht fheabhsaithe a sholáthar i leith fillteacha, cláir ar féidir tacaíocht le haghaidh athlánpháirtiú i dtríú tíortha a mbeifear ag filleadh orthu a áireamh iontu, agus na caighdeáin choiteanna maidir le Cláir um Fhilleadh Cuidithe Deonach agus Athlánpháirtíocht, a d’fhorbair an Coimisiún i gcomhar leis na Ballstáit agus a d'fhormhuinigh an Chomhairle, á gcur san áireamh.

ê 2008/115/CE aithris 11

(15)Ba cheart sraith íosta choiteann de choimircí dlíthiúla maidir le cinntí a bhaineann le filleadh a bhunú chun cosaint éifeachtach do leasanna na ndaoine aonair lena mbaineann a ráthú.

ò nua

(16)Leis an sprioc-am le haghaidh achomharc a thaisceadh in aghaidh cinntí maidir le filleadh, ba cheart go leor ama a bheith ann chun rochtain ar leigheas éifeachtach a áirithiú, agus an tionchar díobhálach a fhéadfaidh a bheith ag sprioc-amanna fada ar nósanna imeachta um fhilleadh á chur san áireamh. Ionas nach bhféadfaí míúsáid a bhaint as cearta agus nósanna imeachta, ba cheart uastréimhse nach faide ná cúig lá a cheadú chun achomharc a dhéanamh in aghaidh cinneadh um fhilleadh. Níor cheart feidhm a bheith ag an bhforáil sin ach amháin tar éis cinneadh lena ndiúltaítear iarratas ar chosaint idirnáisiúnta a bhfuil éifeacht leis, lena náirítear tar éis athbhreithniú breithiúnach féideartha.

(17)Achomharc in aghaidh cinneadh um fhilleadh atá bunaithe ar chinneadh lena ndiúltaítear iarratas ar chosaint idirnáisiúnta a bhí faoi réir leigheas éifeachtach breithiúnach cheana féin, ba cheart é a bheith teoranta do dhlínse ar aon leibhéal amháin, ós rud é go mbeadh scrúdú déanta cheana féin ag údarás breithiúnach ar chás aonair an náisiúnaigh tríú tír lena mbaineann agus go mbeadh cinneadh déanta ag an údarás ina leith i gcomhthéacs an nós imeachta tearmainn.

(18)Níor cheart éifeacht fionraíochta uathoibríoch a bheith ag achomharc in aghaidh cinneadh um fhilleadh ach amháin i gcás ina mbeidh riosca go sárófar prionsabal an nonrefoulement.

(19)I gcás nach mbeidh prionsabal an nonrefoulement i mbaol, níor cheart éifeacht fionraíochta uathoibríoch a bheith ag achomharc in aghaidh cinneadh um fhilleadh. Ba cheart an cumas a bheith ag údaráis bhreithiúnacha forfheidhmiú cinnidh um fhilleadh a chur ar fionraí go sealadach i gcásanna aonair ar chúiseanna eile, arna iarraidh sin ag an náisiúnach tríú tír lena mbaineann nó ag gníomhú ex officio dóibh, i gcás ina meastar gur gá. Ba cheart cinntí den sórt sin a dhéanamh, mar riail, laistigh de 48 nuair an chloig. I gcás ina mbeidh údar cuí leis de bharr chastacht an cháis, ba cheart do na húdaráis bhreithiúnacha an cinneadh sin a dhéanamh gan moill mhíchuí.

(20)Chun éifeachtacht nósanna imeachta um fhilleadh a fheabhsú agus chun moilleanna neamhriachtanacha a sheachaint, gan drochthionchar a imirt ar chearta na náisiúnach tríú tír lena mbaineann, níor cheart forfheidhmiú an chinnidh um fhilleadh a chur ar fionraí go huathoibríoch i gcásanna ina ndearnadh an riosca go sárófaí prionsabal an nonrefoulement a mheas cheana féin agus inar feidhmíodh leigheas breithiúnach go héifeachtach mar chuid den nós imeachta tearmainn a cuireadh i gcrích sular eisíodh an cinneadh um fhilleadh lena mbaineann ar taisceadh an tachomharc ina aghaidh, ach amháin i gcás athrú suntasach a bheith tagtha ar chás an náisiúnaigh tríú tír lena mbaineann.

ê 2008/115/CE aithris 11 (oiriúnaithe)

ð nua

(21)Ba cheart an cúnamh dlíthiúil is gá a chur ar fáilð, arna iarraidh sin,ï dóibh siúd nach bhfuil acmhainní leordhóthanacha acu. Ba cheart do na Ballstáit foráil a dhéanamh nSa reachtaíocht náisiúnta Ö ba cheart liosta cásanna ina Õ do na cásanna sin dá meastar cúnamh dlíthiúil a bheith riachtanach a bhunú.

ê 2008/115/CE aithris 12

(22)Ba cheart aghaidh a thabhairt ar staid náisiúnach tríú tír atá ag fanacht go neamhdhleathach ach nach féidir iad a aistriú go fóill. Ba cheart a ndálaí bunúsacha cothaithe a shainiú i gcomhréir leis an reachtaíocht náisiúnta. Chun go mbeidh siad in ann a staid shonrach a léiriú i gcás rialuithe nó seiceálacha riaracháin, ba cheart dearbhú i scríbhinn ar a staid a sholáthar do na daoine sin. Ba cheart rogha leathan a bheith ag na Ballstáit maidir le cineál agus formáid an dearbhaithe i scríbhinn agus ba cheart go mbeidís in ann é a áireamh freisin i gcinntí maidir le filleadh a ghlactar faoin Treoir seo.

ê 2008/115/CE aithris 13

(23)Ba cheart úsáid beart comhéigneach a bheith faoi réir phrionsabail na comhréireachta agus na héifeachtachta go sainráite maidir leis na modhanna a úsáidtear agus leis na cuspóirí a shaothraítear. Ba cheart coimircí íosta a bhunú maidir le filleadh éigeantach a stiúradh, agus Cinneadh 2004/573/CE ón gComhairle á chur san áireamh an 29 Aibreán 2004 maidir le heitiltí comhpháirteacha a eagrú chun náisiúnaigh thríú tíortha, atá ina nábhair d’orduithe leithleacha díbeartha, a dhíbirt ó chríoch dhá cheann nó níos mó de na Ballstáit. 13 . Ba cheart do na Ballstáit a bheith in ann brath ar fhéidearthachtaí éagsúla chun faireachán a dhéanamh ar fhilleadh éigeantach.

ê 2008/115/CE aithris 14

(24)Ba cheart gné Eorpach a thabhairt d’éifeachtaí beart náisiúnta um fhilleadh trí thoirmeasc ar dhul isteach a bhunú lena dtoirmiscfear dul isteach agus fanacht ar chríocha na mBallstát uile. Ba cheart fad an toirmisc ar dhul isteach a chinneadh, agus aird chuí á tabhairt ar na himthosca ábhartha uile a bhaineann le cás aonair, agus, tríd is tríd, níor cheart tréimhse is faide ná cúig bliana a bheith i gceist leis sin. Sa chomhthéacs sin, ba cheart, go háirithe, a chur san áireamh go raibh an náisiúnach tríú tír lena mbaineann faoi réir níos mó ná cinneadh um fhilleadh nó ordú aistrithe amháin cheana nó go ndeachaigh sé isteach i gcríoch Ballstáit le linn toirmeasc ar dhul isteach.

ò nua

(25)Nuair a dhéantar fanacht neamhdhleathach náisiúnaigh tríú tír a bhrath le linn seiceálacha imeachta ag na teorainneacha seachtracha, féadfaidh sé a bheith oiriúnach toirmeasc ar dhul isteach a fhorchur chun cosc a chur ar an náisiúnach tríú tír sin dul isteach san Aontas arís amach anseo agus chun rioscaí na hinimirce neamhdhleathaí a laghdú. I gcás ina mbeidh údar cuí leis, tar éis measúnú aonair a dhéanamh agus prionsabal na comhréireachta á chur i bhfeidhm, féadfaidh an túdarás inniúil toirmeasc ar dhul isteach a fhorchur gan cinneadh um fhilleadh a eisiúint ionas nach gcuirfear siar imeacht an náisiúnaigh tríú tír lena mbaineann.

ê 2008/115/CE aithris 15

(26)Ba cheart gur faoi na Ballstáit atá sé cinneadh a dhéanamh i dtaobh cé acu an dtugtar le fios leis an athbhreithniú ar chinntí a bhaineann le filleadh go bhfuil an chumhacht ag an údarás athbhreithnithe nó ag an gcomhlacht athbhreithnithe a chinneadh féin maidir leis an bhfilleadh a chur in ionad an chinnidh a rinneadh ní ba luaithe.

ê 2008/115/CE aithris 16

(27)Ba cheart teorainn a bheith ar úsáid na coinneála chun críocha duine a aistriú agus a bheith faoi réir phrionsabal na comhréireachta maidir leis na modhanna a úsáidtear agus na cuspóirí a shaothraítear. Níl údar cuí leis an gcoinneáil ach amháin chun an filleadh a ullmhú nó chun an próiseas aistrithe a chur i gcrích agus mura mbeadh cur i bhfeidhm beart nach bhfuil chomh comhéigneach céanna leordhóthanach.

ò nua

(28)Ba cheart coinneáil a fhorchur, tar éis measúnú aonair a dhéanamh ar gach cás, i gcás ina mbeidh riosca éalaithe ann, i gcás ina seachnóidh an náisiúnach tríú tír céimeanna ullmhúcháin an fhillidh nó an próiseas aistrithe nó ina gcuirfidh sé bac orthu, nó i gcás ina bhfuil riosca ag baint leis an náisiúnach tríú tír lena mbaineann ó thaobh an bheartais phoiblí, na slándála poiblí nó na slándála náisiúnta de.

(29)Ós rud é nach leor na huastréimhsí coinneála i roinnt Ballstát chun a áirithiú go gcuirfear filleadh i bhfeidhm, ba cheart uastréimhse choinneála idir trí agus sé mhí, a bhféadfaí cur léi, a bhunú chun foráil a dhéanamh maidir le tréimhse ama leordhóthanach chun na nósanna imeachta um fhilleadh a chur i gcrích go rathúil, gan dochar do na coimircí bunaithe lena náirithítear nach gcuirtear coinneáil i bhfeidhm ach amháin nuair is gá agus is comhréireach agus fad atá socruithe um aistriú idir lámha.

(30)Leis an Treoir seo, níor cheart cosc a chur ar na Ballstáit pionóis éifeachtacha chomhréireacha athchomhairleacha agus pionóis choiriúla a leagan síos, lena náirítear príosúnacht, i ndáil le sáruithe ar rialacha imirce, ar choinníoll go bhfuil na pionóis sin i gcomhréir le cuspóirí na Treorach, nach ndéantar dochar do chur i bhfeidhm na Treorach seo leis na pionóis agus go dtugtar lánurraim do chearta bunúsacha leo.

ê 2008/115/CE aithris 17

(31)Ba cheart caitheamh le náisiúnaigh tríú tír atá faoi choinneáil ar shlí dhaonnachtúil agus le dínit, le lánurraim a thabhairt dá gcearta bunúsacha agus i gcomhréir leis an dlí idirnáisiúnta agus náisiúnta. Gan dochar don ghabháil tosaigh arna déanamh ag údaráis forfheidhmithe dlí, arna rialáil leis an reachtaíocht náisiúnta, ba cheart an duine a choinneáil, mar riail, i saoráidí speisialaithe coinneála.

ò nua

(32)Gan dochar don fhéidearthacht atá ag na Ballstáit gan an Treoir seo a chur i bhfeidhm maidir leis na cásanna dá dtagraítear in Airteagal 2(2)(a), nuair a chuirtear nós imeachta teorann i bhfeidhm i gcomhréir le Rialachán (AE) .../... [an Rialachán maidir leis an Nós Imeachta Tearmainn], ba cheart nós imeachta teorann sonrach a bheith ann maidir le filleadh náisiúnach tríú tír ar diúltaíodh a niarratas ar chosaint idirnáisiúnta faoin nós imeachta tearmainn sin ag teorainneacha chun comhlántacht dhíreach a áirithiú idir na nósanna imeachta tearmainn ag teorainneacha agus na nósanna imeachta um fhilleadh ag teorainneacha, agus chun bearnaí idir na nósanna imeachta a sheachaint. I gcásanna den sórt sin, is gá rialacha sonracha a bhunú lena náirithítear comhleanúnachas agus sineirgíocht idir an dá nós imeachta agus lena gcaomhnaítear sláine agus éifeachtacht an phróisis iomláin.

(33)Chun filleadh éifeachtach a áirithiú i gcomhthéacs an nós imeachta teorann, níor cheart tréimhse le haghaidh imeacht deonach a cheadú. Mar sin féin, ba cheart tréimhse le haghaidh imeacht deonach a cheadú do na náisiúnaigh tríú tír a bhfuil doiciméad taistil bailí acu agus a chomhoibríonn le húdaráis inniúla na mBallstát ag gach céim de na nósanna imeachta um fhilleadh. I gcásanna den sórt sin, chun cosc a chur ar éalú, ba cheart do na náisiúnaigh tríú tír an doiciméad taistil a thabhairt ar láimh don údarás inniúil go tráth a nimeachta.

(34)Chun go láimhseálfar an cás go gasta, deonófar uasteorainn ama chun achomharc a dhéanamh in aghaidh cinneadh um fhilleadh tar éis cinneadh lena ndiúltaítear iarratas ar chosaint idirnáisiúnta a glacadh faoin nós imeachta teorann agus a bhfuil éifeacht leis.

(35)Achomharc in aghaidh cinneadh um fhilleadh a glacadh i gcomhthéacs an nós imeachta teorann, ba cheart éifeacht fionraíochta uathoibríoch a bheith leis i gcásanna ina bhfuil riosca suntasach ann go sárófar prionsabal an nonrefoulement, i gcás ina bhfuil athrú suntasach tagtha ar chás an náisiúnaigh tríú tír lena mbaineann ón uair a glacadh, faoin nós imeachta tearmann, an cinneadh lena ndiúltaítear iarratas ar chosaint idirnáisiúnta an náisiúnaigh sin, nó i gcás nár feidhmíodh aon leigheas breithiúnach go héifeachtach i gcoinne an chinnidh lena ndiúltaítear iarratas ar chosaint idirnáisiúnta an náisiúnaigh sin a glacadh faoin nós imeachta tearmann.

(36)Is gá agus is comhréireach a áirithiú go bhféadfar náisiúnach tríú tír, a coinníodh cheana féin le linn scrúdú a dhéanamh ar iarratas ar chosaint idirnáisiúnta an náisiúnaigh sin mar chuid den nós imeachta tearmainn ag teorainneacha, a choinneáil chun an filleadh a ullmhú agus/nó chun an próiseas aistrithe a chur i gcrích, tar éis iarratas an náisiúnaigh sin a dhiúltú. Ionas nach scaoilfear náisiúnach tríú tír go huathoibríoch ó choinneáil agus go gceadófar don náisiúnach sin dul isteach ar chríoch an Bhallstáit in ainneoin gur diúltaíodh ceart fanachta, tá gá le tréimhse ama theoranta a leagan síos chun féachaint leis an gcinneadh um fhilleadh a fhorfheidhmiú ag an teorainn. Féadfar an náisiúnach tríú tír lena mbaineann a choinneáil i gcomhthéacs an nós imeachta teorann ar feadh uastréimhse ceithre mhí agus fad atá socruithe um aistriú idir lámha agus á gcur i ngníomh le dícheall cuí. Ba cheart an tréimhse choinneála sin a bheith gan dochar do thréimhsí coinneála eile arna mbunú leis an Treoir seo. I gcás nach indéanta filleadh a fhorfheidhmiú faoi dheireadh na chéad tréimhse, féadfar a ordú go ndéanfar an náisiúnach tríú tír a choinneáil ar feadh tréimhse níos faide ná sin faoi fhoráil eile de chuid na Treorach seo agus don fhad dá bhforáiltear inti.

ê 2008/115/CE aithris 18 (oiriúnaithe)

ð nua

(37)Ba cheart rochtain thapa a bheith ag na Ballstáit ar fhaisnéis faoi ðchinntí um fhilleadh agus faoiï thoirmisc ar dhul isteach arna neisiúint ag Ballstáit eile. Ba cheart go ndéanfaí an fhaisnéis seo a chomhroinnt Ö an rochtain sin a bheith Õ i gcomhréir le ðRialachán (AE) .../... 14 [an Rialachán maidir le Córas Faisnéise Schengen a úsáid chun náisiúnaigh tríú tír atá ag fanacht go neamhdhleathach a fhilleadh] agusï Rialachán (CE) Uimh. 1987/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Nollaig 2006 maidir leis an dara glúin de Chóras Faisnéise Schengen (SIS II) a bhunú, a fheidhmiú agus a úsáid 15 ð, lena n-áirítear chun aitheantas frithpháirteach na gcinntí sin a éascú idir údaráis inniúla, de bhua Threoir 2001/40/CE ón gComhairle 16 agus Chinneadh 2004/191/CE ón gComhairle 17 ï.

ò nua

(38)Trí chórais um bainistiú ar fhilleadh a bhunú sna Ballstáit, cuirtear le héifeachtúlacht an phróisis um fhilleadh. Ba cheart do gach córas náisiúnta faisnéis thráthúil a sholáthar maidir le céannacht agus staid dhlíthiúil an náisiúnaigh tríú tír, ar faisnéis í atá ábhartha chun faireachán a dhéanamh ar chásanna aonair agus chun obair leantach a dhéanamh orthu sin. Chun go noibreodh na córais náisiúnta um fhilleadh go héifeachtúil agus chun an tualach riaracháin a laghdú go mór, ba cheart iad a bheith nasctha le Córas Faisnéise Schengen chun iontráil na faisnéise a bhaineann le filleadh a éascú agus chun dlús a chur léi, agus ba cheart iad a bheith nasctha leis an gcóras lárnach arna bhunú ag an nGníomhaireacht Eorpach um an nGarda Teorann agus Cósta i gcomhréir le Rialachán (AE) .../... [an Rialachán maidir leis an nGníomhaireacht Eorpach um an nGarda Teorann agus Cósta].

ê 2008/115/CE aithris 19

ð nua

(39)An comhar idir na hinstitiúidí atá rannpháirteach ar gach leibhéal den phróiseas um fhilleadh agus malartú agus cur chun cinn dea-chleachtasð, lena n-áirítear tríd an Lámhleabhar maidir le Filleadh a chur san áireamh agus trína nuashonrú go rialta chun forbairtí dlíthiúla agus beartais a léiriú,ï ba cheart iad a bheith ag gabháil le cur chun feidhme na Treorach seo agus ba cheart luach breise Eorpach a bheith leo.

ò nua

(40)Cuireann an tAontas tacaíocht airgeadais agus oibríochtúil ar fáil chun go gcuirfear an Treoir seo chun feidhme go héifeachtach. Ba cheart do na Ballstáit an úsáid is fearr is féidir a bhaint as na hionstraimí, cláir agus tionscadail airgeadais atá ar fáil ón Aontas i réimse an fhillidh, go háirithe faoi Rialachán (AE) .../.... [an Rialachán lena mbunaítear an Ciste Tearmainn agus Imirce], agus as an gcúnamh oibríochtúil ón nGníomhaireacht Eorpach um an nGarda Teorann agus Cósta de réir Rialachán (AE) .../... [an Rialachán maidir leis an nGníomhaireacht Eorpach um an nGarda Teorann agus Cósta]. Ba cheart cláir den sórt sin a úsáid go háirithe chun córais agus cláir um bainistiú ar fhilleadh a bhunú chun cúnamh lóistíochtúil, airgeadais agus ábhartha nó comhchineáil eile a sholáthar d’fhonn tacú le filleadh – agus, i gcás inarb ábhartha, le hathlánpháirtiú – náisiúnach tríú tír atá ag fanacht go neamhdhleathach.

ê 2008/115/CE aithris 20 (oiriúnaithe)

(41)Ós rud é nach féidir leis na Ballstáit cuspóir na Treorach seo, eadhon rialacha coiteanna a bhunú maidir le filleadh, aistriú, úsáid beart comhéigneach, coinneáil agus toirmisc ar dhul isteach, a ghnóthú go leordhóthanach ar leibhéal na mBallstát agus gur fearr, dá bhrí sin, de bharr a fhairsinge agus a éifeachtaí, is féidir é a ghnóthú ar leibhéal an Chomhphobail Ö an Aontais Õ, féadfaidh an Comhphobal Ö an tAontas Õ bearta a ghlacadh, i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta mar a leagtar amach in Airteagal 5 den Chonradh Ö ar an Aontas Eorpach Õ. I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta, a leagtar amach san Airteagal sin, ní théann an Treoir seo thar a bhfuil riachtanach chun an cuspóir sin a ghnóthú.

ê 2008/115/CE aithris 21

(42)Ba cheart do na Ballstáit an Treoir seo a chur chun feidhme gan idirdhealú atá bunaithe ar inscne, cine, dath, bunús eitneach nó sóisialta, airíonna géiniteacha, teanga, reiligiún nó creideamh, tuairim pholaitiúil nó aon tuairim eile, ballraíocht de mhionlach náisiúnta, maoin, breith, míchumas, aois nó claonadh gnéasach.

ê 2008/115/CE aithris 22

(43)I gcomhréir le Coinbhinsiún na Náisiún Aontaithe um Chearta an Linbh 1989, ba cheart do na Ballstáit tús áite a thabhairt do ‘leas an linbh' agus an Treoir seo á cur chun feidhme acu. I gcomhréir leis an gCoinbhinsiún Eorpach chun Cearta an Duine agus Saoirsí Bunúsacha a Chosaint, ba cheart do na Ballstáit tús áite a thabhairt d’urramú shaol an teaghlaigh agus an Treoir seo á cur chun feidhme acu.

ê 2008/115/CE aithris 23

(44)Déantar an Treoir seo a chur i bhfeidhm gan dochar do na hoibleagáidí a eascraíonn as Coinbhinsiún na Ginéive i dtaobh Stádas Dídeanaithe an 28 Iúil 1951, arna leasú le Prótacal Nua-Eabhrac an 31 Eanáir 1967.

ê 2008/115/CE aithris 24

(45)Sa Treoir seo, urramaítear na cearta bunúsacha agus comhlíontar na prionsabail a aithnítear go háirithe i gCairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh.

ò nua

(46)Cur chun feidhme éifeachtach fhilleadh na náisiúnach tríú tír nach gcomhlíonann nó nach gcomhlíonann a thuilleadh na coinníollacha maidir le dul isteach, fanacht nó cónaí sna Ballstáit, i gcomhréir leis an Treoir seo, is cuspóir é sin atá ina chuid riachtanach de na hiarrachtaí cuimsitheacha atá á ndéanamh chun dul i ngleic leis an imirce neamhrialta agus, dá bharr sin, is mórchúis é a bhaineann go mór le leas an phobail.

(47)Is gá do na húdaráis um fhilleadh sonraí pearsanta a phróiseáil chun cur chun feidhme cuí nósanna imeachta um fhilleadh agus forfheidhmiú rathúil cinntí um fhilleadh a áirithiú. Is minic nach mbíonn na tríú tíortha a mbeifear ag filleadh orthu faoi réir cinntí leordhóthanachta arna nglacadh ag an gCoimisiún faoi Airteagal 45 de Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 18 , nó faoi Airteagal 36 de Threoir (AE) 2016/680 19 , agus nach bhfuil comhaontú um athligean isteach tugtha i gcrích acu leis an Aontas nó nach bhfuil sé beartaithe acu comhaontú den sórt sin a thabhairt i gcrích ná foráil a dhéanamh ar shlí eile maidir le coimircí iomchuí de réir bhrí Airteagal 46 de Rialachán (AE) 2016/679 nó de réir bhrí na bhforálacha náisiúnta lena dtrasuitear Airteagal 37 de Threoir (AE) 2016/680. In ainneoin na ndianiarrachtaí atá an tAontas a dhéanamh i gcomhar le príomhthíortha tionscnaimh na náisiúnach tríú tír atá ag fanacht go neamhdhleathach faoi réir oibleagáid um fhilleadh, ní féidir a áirithiú i gcónaí go gcomhlíonann na tríú tíortha sin oibleagáid ar bhealach córasach, oibleagáid arna bunú leis an dlí idirnáisiúnta a bhaineann lena náisiúnaigh féin a athligean isteach. Maidir le comhaontuithe um athligean isteach arna dtabhairt i gcrích nó atá faoi chaibidlíocht ag an Aontas nó ag na Ballstáit agus lena ndéantar foráil maidir le coimircí iomchuí chun sonraí a aistriú chuig tríú tíortha de bhun Airteagal 46 de Rialachán (AE) 2016/679 nó de bhun na bhforálacha náisiúnta lena dtrasuitear Airteagal 36 de Threoir (AE) 2016/680, cumhdaítear líon teoranta de na tríú tíortha sin. I gcás nach ann do na comhaontuithe sin, ba cheart d’údaráis inniúla na mBallstát sonraí pearsanta a aistriú chun críocha na hoibríochtaí um fhilleadh de chuid an Aontais a chur chun feidhme, i gcomhréir leis na coinníollacha a leagtar síos in Airteagal 49(1)(d) de Rialachán (AE) 2016/679 nó sna forálacha náisiúnta lena dtrasuitear Airteagal 38 de Threoir (AE) 2016/680.

ê 2008/115/CE aithris 25 (oiriúnaithe)

(48)I gcomhréir le hAirteagal 1 agus le hAirteagal 2 den Phrótacal ÖUimh. 22Õ maidir le seasamh na Danmhairge atá i gceangal leis an gConradh ar an Aontas Eorpach agus leis an gConradh Ö ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh Õ ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh, níl an Danmhairg rannpháirteach i nglacadh na Treorach seo agus níl sí faoi cheangal aici ná faoi réir a cur i bhfeidhm. Ós rud é go gcuireann an Treoir seo — a mhéid atá feidhm aici maidir le náisiúnaigh tríú tír nach gcomhlíonann nó nach gcomhlíonann a thuilleadh na coinníollacha maidir le dul isteach i gcomhréir le Cód Teorainneacha Schengen 20  Ö Rialachán (AE) 2016/399 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 21  Õ — le acquis Schengen faoi fhorálacha Theideal IV de Chuid a Trí den Chonradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh, cinnfidh an Danmhairg, i gcomhréir le hAirteagal 5 Ö 4 Õ den Phrótacal sin, laistigh de thréimhse sé mhí i ndiaidh ghlacadh na Treorach seo Ö don Chomhairle cinneadh a dhéanamh ar an Treoir seoÕ, an gcuirfidh sí chun feidhme ina dlí náisiúnta í.

ê 2008/115/CE aithris 26 (oiriúnaithe)

(49)A mhéid atá feidhm aici maidir le náisiúnaigh tríú tír nach gcomhlíonann nó nach gcomhlíonann a thuilleadh na coinníollacha maidir le dul isteach i gcomhréir le Ö Rialachán (AE) 2016/399 Õ Cód Teorainneacha Schengen, is é atá sa Treoir seo forbairt ar fhorálacha acquis Schengen nach bhfuil an Ríocht Aontaithe rannpháirteach iontu, i gcomhréir le Cinneadh 2000/365/CE ón gComhairle.an 29 Bealtaine 2000 maidir leis an iarraidh ó Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann a bheith rannpháirteach i roinnt forálacha de acquis Schengen 22 ; Tmhairis sin, i gcomhréir le hAirteagal 1 agus le hAirteagal 2 den Phrótacal ÖUimh. 21Õ maidir le seasamh na Ríochta Aontaithe agus na hÉireann Ö i dtaca leis an limistéar saoirse, slándála agus ceartais, Õ atá i gceangal leis an gConradh ar an Aontas Eorpach agus leis an gConradh Ö ar Fheidhmiú an Aontais EorpaighÕag bunú an Chomhphobail Eorpaigh, agus gan dochar d'Airteagal 4 den Phrótacal sin, níl an Ríocht Aontaithe rannpháirteach i nglacadh na Treorach seo agus níl sí dá réir sin faoi cheangal aici go huile agus go hiomlán ná faoi réir a cur i bhfeidhm.

ê 2008/115/CE aithris 27 (oiriúnaithe)

(50)A mhéid atá feidhm aici maidir le náisiúnaigh tríú tír nach gcomhlíonann nó nach gcomhlíonann a thuilleadh na coinníollacha maidir le dul isteach i gcomhréir le ÖRialachán (AE) 2016/399Õ Cód Teorainneacha Schengen, is é atá sa Treoir seo forbairt ar fhorálacha acquis Schengen nach bhfuil Éire rannpháirteach iontu, i gcomhréir le Cinneadh 2002/192/CE ón gComhairle an 28 Feabhra 2002 maidir leis an iarraidh ó Éirinn a bheith rannpháirteach i roinnt forálacha de acquis Schengen 23 ;. Tmhairis sin, i gcomhréir le hAirteagal 1 agus le hAirteagal 2 de Phrótacal ÖUimh. 21Õ maidir le seasamh na Ríochta Aontaithe agus na hÉireann Ö i dtaca leis an limistéar saoirse, slándála agus ceartais, Õ atá i gceangal leis an gConradh ar an Aontas Eorpach agus leis an gConradh Ö ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh Õag bunú an Chomhphobail Eorpaigh, agus gan dochar d'Airteagal 4 den Phrótacal sin, níl Éire rannpháirteach i nglacadh na Treorach seo agus níl sí dá réir sin faoi cheangal aici go huile agus go hiomlán ná faoi réir a cur i bhfeidhm.

ê 2008/115/CE aithris 28 (oiriúnaithe)

(51)Maidir leis an Íoslainn agus an Iorua, is é atá sa Treoir seo — a mhéid atá feidhm aici maidir le náisiúnaigh tríú tír nach gcomhlíonann nó nach gcomhlíonann a thuilleadh na coinníollacha maidir le dul isteach i gcomhréir le Ö Rialachán (AE) 2016/399 Õ Cód Teorainneacha Schengen — forbairt ar fhorálacha acquis Schengen de réir bhrí an Chomhaontaithe arna thabhairt i gcrích ag Comhairle an Aontais Eorpaigh agus Poblacht na hÍoslainne agus Ríocht na hIorua maidir le comhlachas an dá Stát sin le acquis Schengen a chur chun feidhme, a chur i bhfeidhm agus a fhorbairt, ar forálacha iad a thagann faoi réim an réimse dá dtagraítear i bpointe C d’Airteagal 1 de Chinneadh 1999/437/CE ón gComhairle 24  maidir le socruithe áirithe i dtaca le cur i bhfeidhm an Chomhaontaithe sin.

ê 2008/115/CE aithris 29 (oiriúnaithe)

(52)Maidir leis an Eilvéis, is é atá sa Treoir seo — a mhéid atá feidhm aici maidir le náisiúnaigh tríú tír nach gcomhlíonann nó nach gcomhlíonann a thuilleadh na coinníollacha maidir le dul isteach i gcomhréir le Ö Rialachán (AE) 2016/399 Õ Cód Teorainneacha Schengen — forbairt ar fhorálacha acquis Schengen de réir bhrí an Chomhaontaithe arna thabhairt i gcrích idir an tAontas Eorpach, an Comhphobal Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise maidir le comhlachas Chónaidhm na hEilvéise le acquis 25 Schengen a chur chun feidhme, a chur i bhfeidhm agus a fhorbairt, ar forálacha iad a thagann faoin réim an réimse dá dtagraítear i bpointe C d’Airteagal 1 de Chinneadh 1999/437/CE ón gComhairle arna léamh i gcomhar le hAirteagal 3 de Chinneadh 2008/146/CE ón gComhairle 26 ar thabhairt i gcrích, thar ceann an Chomhphobail Eorpaigh, an Chomhaontaithe sin.

ê 2008/115/CE aithris 30 (oiriúnaithe)

(53)Maidir le Lichtinstéin, is é atá sa Treoir seo — a mhéid atá feidhm aici maidir le náisiúnaigh tríú tír nach gcomhlíonann nó nach gcomhlíonann a thuilleadh na coinníollacha maidir le dul isteach i gcomhréir le Ö Rialachán (AE) 2016/399 Õ Cód Teorainneacha Schengen — forbairt ar fhorálacha acquis Schengen de réir bhrí an Phrótacail idir an tAontas Eorpach, an Comhphobal Eorpach, Cónaidhm na hEilvéise agus Prionsacht Lichtinstéin i ndáil le haontachas Phrionsacht Lichtinstéin leis an gComhaontú idir an tAontas Eorpach, an Comhphobal Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise maidir le comhlachas Chónaidhm na hEilvéise le acquis 27 Schengen a chur chun feidhme, a chur i bhfeidhm agus a fhorbairt, ar forálacha iad a thagann faoi réim an réimse dá dtagraítear i bpointe C d’Airteagal 1 de Chinneadh 1999/437/CE arna léamh i gcomhar le hAirteagal 3 de Chinneadh 2011/350/CE 28  2008/261/CE 29  ón gComhairlear shíniú, thar ceann an Chomhphobail Eorpaigh, agus ar chur i bhfeidhm sealadach, forálacha áirithe den Phrótacal sin.

ò nua

(54)Ba cheart an oibleagáid chun an Treoir seo a thrasuí sa dlí náisiúnta a theorannú do na forálacha sin ar leasú substainteach iad i gcomparáid leis an Treoir a bhí ann roimhe seo. Eascraíonn an oibleagáid chun na forálacha nach bhfuil athraithe a thrasuí ón Treoir a bhí ann roimhe seo.

(55)Ba cheart an Treoir seo a bheith gan dochar d'oibleagáidí na mBallstát maidir leis na teorainneacha ama chun an Treoir a leagtar amach in Iarscríbhinn I a thrasuí sa dlí náisiúnta,

ê 2008/115/CE (oiriúnaithe)

TAR ÉIS AN TREOIR SEO A GHLACADH:

CAIBIDIL I
FORÁLACHA GINEARÁLTA

Airteagal 1

Ábhar

Leagtar amach leis an Treoir seo na caighdeáin choiteanna agus na nósanna imeachta coiteanna atá le cur i bhfeidhm sna Ballstáit i ndáil le náisiúnaigh tríú tír atá ag fanacht go neamhdhleathach a fhilleadh, i gcomhréir le cearta bunúsacha mar phrionsabail ghinearálta de dhlí an Chomhphobail Ö Aontais Õ agus den dlí idirnáisiúnta, lena náirítear cosaint dídeanaithe agus oibleagáidí maidir le cearta an duine.

Airteagal 2

Raon feidhme

1.Baineann an Treoir seo le náisiúnaigh tríú tír atá ag fanacht go neamhdhleathach ar chríoch Ballstáit.

2.Féadfaidh na Ballstáit cinneadh a dhéanamh gan an Treoir seo a chur i bhfeidhm maidir le náisiúnaigh tríú tír atá:

(a)faoi réir diúltú cead isteach i gcomhréir le hAirteagal 1413 de Ö Rialachán (AE) 2016/399 ÕChód Teorainneacha Schengen, nó náisiúnaigh tríú tír a ndéanann na húdaráis inniúla iad a ghabháil nó a dtagann siad rompu i dtaca le trasnú neamhrialta a dhéanamh ar talamh, ar muir nó san aer ar theorainn sheachtrach Ballstáit agus nach bhfuil údarú ná ceart faighte acu fanacht sa Bhallstát sin ina dhiaidh sin;

(b)faoi réir filleadh mar smachtbhanna dlí choiriúil nó de thoradh smachtbhanna dlí choiriúil, de réir an dlí náisiúnta, nó maidir le náisiúnaigh tríú tír atá faoi réir nósanna imeachta eiseachadta.

3.Ní bheidh feidhm ag an Treoir seo maidir le daoine a bhfuil ceart an Chomhphobail chun saorghluaiseachta acu Ö faoi dhlí an Aontais Õ mar a shainmhínítear in Airteagal 2(5) de Ö Rialachán (AE) 2016/399 Õ Chód Teorainneacha Schengen.

Airteagal 3

Sainmhínithe

Chun críche na Treorach seo beidh feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:

1.ciallaíonn ‘náisiúnach tríú tír’ aon duine nach saoránach de chuid an Aontais é de réir bhrí Airteagal Ö 20 Õ 17(1) den Chonradh Ö ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh Õ agus nach duine é a bhfuil ceart an Chomhphobail chun saorghluaiseachta aige Ö faoi dhlí an Aontais Õ, mar a shainmhínítear i bpointe 5 d' Airteagal 2(5) de Ö Rialachán (AE) 2016/399 ÕChód Teorainneacha Schengen;

2.ciallaíonn ‘fanacht neamhdhleathach’ náisiúnach tríú tír a bheith i láthair ar chríoch Ballstáit, ar náisiúnach tríú tír é nach gcomhlíonann, nó nach gcomhlíonann a thuilleadh, na coinníollacha maidir le dul isteach a leagtar amach in Airteagal 65 de Ö Rialachán (AE) 2016/399 Õ Chód Teorainneacha Schengen ná coinníollacha eile a bhaineann le dul isteach, fanacht nó cónaí sa Bhallstát sin;

3.ciallaíonn ‘filleadh’ an próiseas ina dtéann náisiúnach tríú tír ar ais — bíodh sé dá dheoin féin chun oibleagáid um fhilleadh a chomhlíonadh, nó go héigeantach — chuig:

(a)- tír thionscnaimh an náisiúnaigh sin, nó

(b)- tír idirthurais i gcomhréir le comhaontuithe an Chomhphobail Ö Aontais Õ nó comhaontuithe déthaobhacha um athligean isteach, nó socruithe eile, nó

(c)- tríú tír eile, a bhfuil cinneadh déanta ag an náisiúnach tríú tír lena mbaineann filleadh dá dheoin féin uirthi agus ina nglacfar leis an duine sin;

4.ciallaíonn ‘cinneadh um fhilleadh’ cinneadh nó gníomh riaracháin nó breithiúnach, ina luaitear nó ina ndearbhaítear go bhfuil fanacht náisiúnaigh tríú tír neamhdhleathach agus lena bhforchuirtear oibleagáid ar an duine sin filleadh nó ina luaitear go bhfuil oibleagáid ar an duine sin filleadh;

5.ciallaíonn ‘aistriú’ an oibleagáid um fhilleadh a fhorfheidhmiú, eadhon daoine a iompar go fisiciúil amach as an mBallstát;

6.ciallaíonn ‘toirmeasc ar dhul isteach’ cinneadh nó gníomh riaracháin nó breithiúnach lena gcuirtear toirmeasc ar dhul isteach agus ar fhanacht ar chríoch Ballstáit ar feadh tréimhse shonraithe agus a ghabhann le cinneadh um fhilleadh;

7.ciallaíonn ‘riosca éalaithe’ go bhfuil cúiseanna ann i gcás aonair, atá bunaithe ar chritéir oibiachtúla a shainítear sa dlí, chun a chreidiúint go bhféadfadh náisiúnach tríú tír atá faoi réir nósanna imeachta um fhilleadh éalú;

8.ciallaíonn ‘imeacht deonach’ an oibleagáid um fhilleadh a chomhlíonadh laistigh den teorainn ama a socraíodh chuige sin sa chinneadh um fhilleadh;

9.ciallaíonn ‘daoine leochaileacha’ mionaoisigh, mionaoisigh neamhthionlactha, daoine faoi mhíchumas, daoine scothaosta, mná torracha, tuismitheoirí aonair ag a bhfuil leanaí mionaoiseacha agus daoine a d’fhulaing céastóireacht, éigniú nó cineálacha tromchúiseacha eile foréigin shíceolaíoch, fhisicigh nó gnéis.

Airteagal 4

Forálacha níos fabhraí

1.Beidh an Treoir seo gan dochar d’fhorálacha níos fabhraí sna comhaontuithe seo a leanas:

(c)comhaontuithe déthaobhacha nó iltaobhacha idir an Comhphobal Ö tAontas Õ nó idir an Comhphobal Ö tAontas Õ agus a Bhallstáit agus tríú tír amháin nó níos mó;

(d)comhaontuithe déthaobhacha nó iltaobhacha idir Ballstát amháin nó níos mó agus tríú tír amháin nó níos mó.

2.Beidh an Treoir seo gan dochar d’aon fhoráil a d’fhéadfadh a bheith níos fabhraí don náisiúnach tríú tír, a leagtar amach in acquis an Chomhphobail Ö Aontais Õ maidir le hinimirce agus tearmann.

3.Beidh an Treoir seo gan dochar do cheart na mBallstát chun forálacha a ghlacadh nó a choinneáil atá níos fabhraí do na daoine a bhfuil feidhm aici maidir leo, ar choinníoll go mbeidh na forálacha sin comhoiriúnach leis an Treoir seo.

4.Maidir le náisiúnaigh tríú tír a eisiatar ó raon feidhme na Treorach seo i gcomhréir le hAirteagal 2(2)(a), déanfaidh na Ballstáit an méid seo a leanas:

(e)maidir le cóir na náisiúnach sin agus maidir leis an leibhéal cosanta a thugtar dóibh, áiritheoidh siad nach lú fabhar an méid sin ná mar a leagtar amach in Airteagal 108(4) agus (5) (teorainneacha ar úsáid beart comhéigneach), Airteagal 119(2)(a) (aistriú a chur ar atráth), Airteagal 1714(1)(b) agus (d) (cúram leighis éigeandála agus riachtanais daoine leochaileacha a chur san áireamh), agus Airteagal 1916 agus Airteagal 2017 (coinníollacha coinneála) agus

(f)urramóidh siad prionsabal an nonrefoulement.

Airteagal 5

Nonrefoulement, leas an linbh, saol an teaghlaigh agus an staid sláinte

Agus an Treoir seo á cur chun feidhme, ba cheart do na Ballstáit an méid seo a leanas a chur san áireamh:

(g)leas an linbh;

(h)an saol teaghlaigh;

(i)sláinte an náisiúnaigh tríú tír lena mbaineann,

agus prionsabal an nonrefoulement a urramú.

ò nua

Airteagal 6

Riosca éalaithe

1.Sna critéir oibiachtúla dá dtagraítear i bpointe 7 d'Airteagal 3, cuirfear na critéir seo a leanas ar a laghad san áireamh:

(j)easpa doiciméadachta lena gcruthaítear an chéannacht;

(k)easpa áit chónaithe, easpa áit chónaithe sheasta nó easpa seoladh iontaofa;

(l)easpa acmhainní airgeadais;

(m)dul isteach neamhdhleathach i gcríoch na mBallstát;

(n)gluaiseacht neamhúdaraithe chuig críoch Ballstáit eile;

(o)léiriú follasach á rá nach bhfuil sé i gceist na bearta a bhaineann le filleadh a chuirtear i bhfeidhm de bhua na Treorach seo a chomhlíonadh;

(p)a bheith faoi réir cinneadh um fhilleadh arna eisiúint ag Ballstát eile;

(q)neamhchomhlíonadh cinnidh um fhilleadh, lena náirítear neamhchomhlíonadh oibleagáide um fhilleadh laistigh den tréimhse le haghaidh imeacht deonach;

(r)neamhchomhlíonadh cheanglas Airteagal 8(2) dul láithreach chuig críoch Ballstáit eile a dheonaigh cead cónaithe bailí nó údarú eile lena dtairgtear ceart fanachta;

(s)gan oibleagáid a bhaineann le comhoibriú le húdaráis inniúla na mBallstát eile a chomhlíonadh ag gach céim de na nósanna imeachta um fhilleadh, dá dtagraítear in Airteagal 7;

(t)ciontú i gcion coiriúil a bheith ann, lena náirítear ciontú i gcion coiriúil tromchúiseach i mBallstát eile;

(u)imscrúduithe agus imeachtaí coiriúla leanúnacha;

(v)doiciméid chéannachta bhréagacha nó bhrionnaithe a úsáid, doiciméid atá ann cheana a scriosadh nó a chur de láimh ar bhealach eile, nó diúltú méarloirg a sholáthar mar a cheanglaítear le dlí an Aontais nó leis an dlí náisiúnta;

(w)cur i gcoinne na nósanna imeachta um fhilleadh go fíochmhar nó go calaoiseach;

(x)gan beart a chomhlíonadh, ar beart é a bhfuil sé mar aidhm leis an riosca éalaithe dá dtagraítear in Airteagal 9(3) a chosc;

(y)gan toirmeasc ar dhul isteach atá ann cheana a chomhlíonadh.

2.Cinnfear an ann do riosca éalaithe ar bhonn measúnú foriomlán ar imthosca sonracha an cháis aonair, agus na critéir oibiachtúla dá dtagraítear i mír 1 á gcur san áireamh.

Mar sin féin, suífidh na Ballstáit go dtoimhdeofar go bhfuil riosca éalaithe ann i gcás aonair, mura gcruthaítear a mhalairt, más rud é go gcomhlíontar ceann de na critéir oibiachtúla dá dtagraítear i bpointí (m), (n), (o) agus (p) de mhír 1.

Airteagal 7

Oibleagáid maidir le comhoibriú

1.Forchuirfidh na Ballstáit an oibleagáid ar náisiúnaigh tríú tír comhoibriú le húdaráis inniúla na mBallstát ag gach céim de na nósanna imeachta um fhilleadh. Beidh an méid seo a leanas go háirithe san áireamh san oibleagáid sin:

(``)dualgas na heilimintí go léir is gá a sholáthar chun céannacht a shuí nó a fhíorú;

(aa)dualgas a bhaineann le faisnéis a sholáthar faoi na tríú tíortha idirthurais;

(bb)dualgas a bhaineann le bheith i láthair agus ar fáil le linn na nósanna imeachta;

(cc)dualgas a bhaineann le hiarraidh ar dhoiciméad taistil bailí a thaisceadh le húdaráis inniúla tríú tíortha.

2.Sna heilimintí dá dtagraítear i bpointe (a) de mhír 1, cuirfear san áireamh ráitis na náisiúnach tríú tír agus an doiciméadacht atá ina seilbh maidir le céannacht, náisiúntacht nó náisiúntachtaí, aois, tír nó tíortha agus áit chónaithe nó áiteanna cónaithe roimhe sin, bealaí taistil agus doiciméadacht taistil.

3.Cuirfidh na Ballstáit na náisiúnaigh tríú tír ar an eolas faoi na hiarmhairtí a bhaineann le neamhchomhlíonadh na hoibleagáide dá dtagraítear i mír 1.

ê 2008/115/CE (oiriúnaithe)

ð nua

CAIBIDIL II
FANACHT NEAMHDHLEATHACH A FHOIRCEANNADH

Airteagal 86

Cinneadh um fhilleadh

1.Eiseoidh na Ballstáit cinneadh um fhilleadh d’aon náisiúnach tríú tír atá ag fanacht go neamhdhleathach ar a gcríoch, gan dochar do na heisceachtaí dá dtagraítear i mír 2 go mír 5.

2.Náisiúnaigh tríú tír atá ag fanacht go neamhdhleathach ar chríoch Ballstáit agus a bhfuil cead cónaithe bailí nó údarú bailí eile acu lena dtugtar ceart fanachta dóibh, arna eisiúint ag Ballstát eile, ceanglófar orthu dul go críoch an Bhallstáit eile sin láithreach. I gcás nach gcomhlíonann an náisiúnach tríú tír lena mbaineann an ceanglas seo, nó i gcás inar gá don náisiúnach tríú tír imeacht láithreach ar chúiseanna a bhaineann leis an mbeartas poiblí nó leis an tslándáil náisiúnta, beidh feidhm ag mír 1.

3.Féadfaidh na Ballstáit gan cinneadh um fhilleadh a eisiúint do náisiúnach tríú tír atá ag fanacht go neamhdhleathach ar a gcríoch má thógann Ballstát eile an náisiúnach tríú tír lena mbaineann ar ais faoi chomhaontuithe déthaobhacha nó faoi shocruithe a bhí ann faoin Ö 13 Eanáir 2009 Õdháta theacht i bhfeidhm na Treorach seo. I gcás den sórt sin, cuirfidh an Ballstát a bhfuil an náisiúnach tríú tír lena mbaineann tógtha ar ais aige mír 1 i bhfeidhm.

4.Féadfaidh na Ballstáit cinneadh a dhéanamh tráth ar bith cead cónaithe uathrialach nó údarú eile a dheonú lena dtairgtear ceart fanachta do náisiúnach tríú tír atá ag fanacht go neamhdhleathach ar a gcríoch ar chúiseanna atruacha daonnúla nó eile. Sa chás sin ní eiseofar cinneadh um fhilleadh. I gcás inar eisíodh cinneadh um fhilleadh cheana, tarraingeofar siar é nó cuirfear ar fionraí é ar feadh thréimhse bailíochta an cheada cónaithe nó an údaraithe eile lena dtugtar ceart fanachta.

5.Más rud é go bhfuil náisiúnach tríú tír atá ag fanacht go neamhdhleathach ar chríoch Ballstáit faoi réir nós imeachta ar feitheamh chun a chead cónaithe a athnuachan nó má tá sé faoi réir údarú eile lena dtairgtear ceart fanachta, cuimhneoidh an Ballstát sin ar staonadh ó chinneadh um fhilleadh a eisiúint, go mbeidh deireadh leis an nós imeachta ar feitheamh, gan dochar do mhír 6.

6.ð Eiseoidh na Ballstáit cinneadh um fhilleadh díreach tar éis cinneadh a ghlacadh lena gcuirtear deireadh le fanacht dleathach náisiúnaigh tríú tír, lena náirítear cinneadh gan stádas dídeanaí ná stádas cosanta coimhdí a dheonú do náisiúnach tríú tír i gcomhréir le Rialachán (AE) …/… [an Rialachán maidir le Cáiliú]. ï

Leis an Treoir seo, ní chuirfear cosc ar na Ballstáit cinneadh Ö um fhilleadh Õ a ghlacadh maidir le deireadh a chur le fanacht dleathach in éineacht le cinneadh um fhilleadh agus/nó Ö cinneadh lena gcuirtear deireadh le fanacht dleathach náisiúnaigh tríú tír, Õ cinneadh um aistriú agus/nó toirmeasc ar dhul isteach mar chuid de chinneadh nó gníomh aonair riaracháin nó breithiúnach dá bhforáiltear sa reachtaíocht náisiúnta, gan dochar do na coimircí nós imeachta atá ar fáil faoi Chaibidil III agus faoi fhorálacha ábhartha eile de dhlí an Chomhphobail agus den dlí náisiúnta.

ò nua

Tá an chéad fhomhír agus an dara fomhír gan dochar do na coimircí faoi Chaibidil III agus faoi fhorálacha ábhartha eile de dhlí an Aontais agus den dlí náisiúnta.

ê 2008/115/CE

ð nua

Airteagal 97

Imeacht deonach

1.Foráiltear le cinneadh um fhilleadh tréimhse iomchuí idir seacht agus ð suas le ïtríocha lá le haghaidh imeacht deonach, gan dochar don eisceacht dá dtagraítear i mír 2 agus i mír 4. Féadfaidh na Ballstáit foráil a dhéanamh ina reachtaíocht náisiúnta nach ndeonófar tréimhse den sórt sin ach amháin tar éis don náisiúnach tríú tír lena mbaineann iarratas a dhéanamh. I gcás den sórt sin, cuirfidh na Ballstáit in iúl do na náisiúnaigh tríú tír lena mbaineann go bhféadfaí iarratas den sórt sin a chur isteach.

Leis an tréimhse ama dá bhforáiltear sa chéad fhomhír, ní eisiafar an fhéidearthacht go bhfágfadh na náisiúnaigh tríú tír lena mbaineann níos luaithe.

ò nua

Déanfar fad na tréimhse le haghaidh imeacht deonach a chinneadh agus aird chuí á tabhairt ar imthosca sonracha an cháis aonair, agus an tionchas maidir le filleadh á chur san áireamh go háirithe.

ê 2008/115/CE (oiriúnaithe)

ð nua

2.Déanfaidh na Ballstáit, i gcás inar gá, an tréimhse le haghaidh imeacht deonach a fhadú ar feadh tréimhse iomchuí, agus imthosca sonracha an cháis aonair á gcur san áireamh, amhail fad an fhanachta, leanaí a bheith ag freastal ar scoil agus naisc theaghlaigh agus shóisialta eile.

3.Féadfar oibleagáidí áirithe a bhfuil sé mar aidhm leo an riosca éalaithe a sheachaint, amhail tuairisciú rialta do na húdaráis, ráthaíocht airgeadais leordhóthanach a thaisceadh, doiciméid a chur isteach nó an oibleagáid maidir le fanacht in áit áirithe, a fhorchur ar feadh fhad na tréimhse le haghaidh imeacht deonach.

4.ð Ní cheadóidh na Ballstáit tréimhse le haghaidh imeacht deonach sna cásanna seo a leanas: ï

(a)Má tá Ö i gcás ina bhfuil Õ riosca éalaithe ann ð arna chinneadh i gcomhréir le hAirteagal 6 ï ;,

(b)nó má rinneadh Ö i gcás ina ndéantar Õ iarratas ar fhanacht dleathach a dhíbhe toisc gur léir gan bonn a bheith leis nó é a bheith calaoiseach;, 

(c)nó má táÖ i gcás ina bhfuil Õ riosca ag baint leis an duine Ö náisiúnach tríú tír Õ lena mbaineann ó thaobh an bheartais phoiblí, na slándála poiblí nó na slándála náisiúnta de , féadfaidh na Ballstáit staonadh ó thréimhse le haghaidh imeacht deonach a cheadú, nó féadfaidh siad tréimhse is giorra ná seacht lá a cheadú.

Airteagal 108

Aistriú

1.Glacfaidh na Ballstáit gach beart is gá chun an cinneadh um fhilleadh a fhorfheidhmiú murar ceadaíodh aon tréimhse le haghaidh imeacht deonach i gcomhréir le hAirteagal 97(4) nó murar comhlíonadh an oibleagáid um fhilleadh laistigh den tréimhse le haghaidh imeacht deonach a ceadaíodh i gcomhréir le hAirteagal 97. ð Áireofar sna bearta sin, gach beart is gá chun céannacht na náisiúnach tríú tír atá ag fanacht go neamhdhleathach nach bhfuil doiciméad taistil bailí ina seilbh acu a dheimhniú, agus chun doiciméad den sórt sin a fháil. ï

2.Má tá tréimhse le haghaidh imeacht deonach ceadaithe ag Ballstát i gcomhréir le hAirteagal 97, ní fhéadfar an cinneadh um fhilleadh a fhorfheidhmiú ach amháin tar éis don tréimhse dul in éag, mura néiríonn riosca dá dtagraítear in Airteagal 97(4) le linn na tréimhse sin.

3.Féadfaidh na Ballstáit cinneadh nó gníomh riaracháin nó breithiúnach ar leith a ghlacadh lena nordaítear an taistriú.

4.I gcás ina núsáideann na Ballstáit — mar an rogha dheiridh — bearta comhéigneacha chun aistriú náisiúnaigh tríú tír a dhéanamh, ar náisiúnach é atá ag cur in aghaidh aistriú, beidh na bearta sin comhréireach agus ní úsáidfear ach forneart réasúnach. Cuirfear chun feidhme iad amhail dá bhforáiltear sa reachtaíocht náisiúnta i gcomhréir le cearta bunúsacha agus le hurraim iomchuí do dhínit agus d’iomláine coirp an náisiúnaigh tríú tír lena mbaineann.

5.Agus aistrithe aeir á ndéanamh, cuirfidh na Ballstáit san áireamh na Treoirlínte Coiteanna maidir le forálacha slándála do chomhaistrithe aeir atá i gceangal le Cinneadh 2004/573/CE.

6.Déanfaidh na Ballstáit foráil maidir le córas faireacháin éifeachtach le haghaidh filleadh éigeantach.

Airteagal 119

Aistriú a chur siar

1.Cuirfidh na Ballstáit aistriú siar:

(a)i gcás ina sáródh sé prionsabal an nonrefoulement, nó

(b)fad agus atá éifeacht fionraíochta i bhfeidhm i gcomhréir le hAirteagal 1613(2).

2.Féadfaidh na Ballstáit aistriú a chur siar ar feadh tréimhse iomchuí agus imthosca sonracha an cháis aonair á gcur san áireamh. Cuirfidh na Ballstáit san áireamh go háirithe:

(a)staid fhisiceach nó cumas meabhrach an náisiúnaigh tríú tír;

(b)cúiseanna teicniúla, amhail easpa modh iompair, nó teip ar an aistriú de bharr easpa doiciméid taistil bhailí.

3.chuirtear aistriú siar dá bhforáiltear i mír 1 agus i mír 2, féadfar na hoibleagáidí a leagtar amach in Airteagal 97(3) a fhorchur ar an náisiúnach tríú tír lena mbaineann.

Airteagal 1210

Mionaoisigh neamhthionlactha a fhilleadh agus a aistriú

1.Sula ndéanfar cinneadh um fhilleadh a eisiúint i ndáil le mionaoiseach neamhthionlactha, deonófar cúnamh ó chomhlachtaí iomchuí cé is moite de na húdaráis a bheidh i mbun filleadh an mhionaoisigh sin a fhorfheidhmiú, agus tabharfar aird chuí ar leas an linbh.

2.Sula ndéanfar mionaoiseach neamhthionlactha a aistriú ó chríoch Ballstáit, beidh údaráis an Bhallstáit sin sásta go ndéanfar an mionaoiseach sin a fhilleadh chuig ball teaghlaigh de chuid an mhionaoisigh sin, chuig caomhnóir ainmnithe nó chuig saoráidí glactha leordhóthanacha sa Stát a mbeidh an mionaoiseach ag filleadh air.

Airteagal 1311

Toirmeasc ar dhul isteach

1.Gabhfaidh toirmeasc ar dhul isteach le cinntí um fhilleadh, más rud é:

(a)nár ceadaíodh tréimhse le haghaidh imeacht deonach, nó

(b)nár comhlíonadh an oibleagáid um fhilleadh.

I gcásanna eile féadfaidh toirmeasc ar dhul isteach a bheith ag gabháil le cinntí um fhilleadh.

ò nua

2. Féadfaidh na Ballstáit toirmeasc ar dhul isteach, nach bhfuil ag gabháil le cinneadh um fhilleadh, a fhorchur ar náisiúnach tríú tír a bhí ag fanacht go neamhdhleathach ar chríoch na mBallstát agus a dtugtar fanacht neamhdhleathach an duine sin faoi deara le linn seiceálacha teorann arna ndéanamh ar imeacht an duine sin i gcomhréir le hAirteagal 8 de Rialachán (AE) 2016/399, i gcás ina bhfuil údar cuí leis ar bhonn imthosca sonracha an cháis aonair agus prionsabal na comhréireachta á chur san áireamh.

ê 2008/115/CE

ð nua

32.Cinnfear fad thréimhse an toirmisc ar dhul isteach agus aird chuí á tabhairt ar imthosca ábhartha uile an cháis aonair agus ní bheidh tréimhse is faide ná cúig bliana i gceist i bprionsabal. D’fhéadfadh breis agus cúig bliana a bheith i gceist leis, áfach, más bagairt ar an mbeartas poiblí, ar an tslándáil phoiblí nó ar an tslándáil náisiúnta an náisiúnach tríú tír.

43.Déanfaidh na Ballstáit breithniú ar thoirmeasc ar dhul isteach a tharraingt siar nó a chur ar fionraí i gcás inar féidir le náisiúnach tríú tír atá faoi réir toirmeasc ar dhul isteach arna eisiúint i gcomhréir leis an dara fomhír de mhír 1 a léiriú gurb amhlaidh gur fhág an náisiúnach sin críoch Ballstáit i gcomhréir iomlán le cinneadh um fhilleadh.

Ní bheidh íospartaigh na gáinneála ar dhaoine ar deonaíodh cead cónaithe dóibh de bhun Threoir 2004/81/CE ón gComhairle an 29 Aibreán 2004 maidir leis an gcead cónaithe arna eisiúint do náisiúnaigh tríú tíortha ar íospartaigh na gáinneála ar dhaoine iad nó atá faoi réir gníomhaíocht chun inimirce neamhdhleathach a éascú, a chomhoibríonn leis na húdaráis inniúla 30 faoi réir toirmeasc ar dhul isteach gan dochar do phointe (b) den chéad fhomhír de mhír 1, agus fad nach bagairt ar an mbeartas poiblí, ar an tslándáil phoiblí ná ar an tslándáil náisiúnta é an náisiúnach tríú tír lena mbaineann.

Féadfaidh Ballstáit staonadh ó thoirmeasc ar dhul isteach a eisiúint nó toirmeasc ar dhul isteach a tharraingt siar nó a chur ar fionraí i gcásanna aonair ar chúiseanna daonnúla.

Féadfaidh na Ballstáit toirmeasc ar dhul isteach a tharraingt siar nó a chur ar fionraí i gcásanna aonair nó i gcatagóirí áirithe cásanna ar chúiseanna eile.

54.I gcás ina bhfuil breithniú á dhéanamh ag Ballstát ar cé acu a eiseoidh nó nach neiseoidh sé cead cónaithe nó údarú eile lena dtairgtear cead fanachta do náisiúnach tríú tír atá faoi réir toirmeasc ar dhul isteach arna eisiúint ag Ballstát eile, rachaidh sé i gcomhairle ar dtús leis an mBallstát tar éis an toirmeasc ar theacht isteach a eisiúint agus cuirfidh sé a leasanna san áireamh i gcomhréir le hAirteagal 25 den Choinbhinsiún lena gcuirtear Comhaontú Schengen chun feidhme 31  ð i gcomhréir le hAirteagal 27 de Rialachán (AE) 2018/XXX 32  ï.

65.Beidh feidhm ag mír 1 go 54 gan dochar don cheart chun cosaint idirnáisiúnta a fháil mar a shainmhínítear i bpointe (a) d' Airteagal 2(a) de Threoir 2011/95/AE Treoir 2004/83/CE ón gComhairle an 29 Aibreán 2004 maidir le caighdeáin íosta do cháiliú agus do stádas náisiúnach tríú tír nó daoine gan stát mar dhídeanaithe nó mar dhaoine a mbeadh cosaint idirnáisiúnta ar dhóigh eile de dhíth orthu agus maidir le hinneachar na cosanta a thugtar 33 , sna Ballstáit.

ò nua

Airteagal 14

Filleadh a bhainistiú

1.Déanfaidh gach Ballstát córas bainistíochta náisiúnta um fhilleadh a chur ar bun, a oibriú, a chothabháil agus a fhorbairt tuilleadh, lena bpróiseálfar an fhaisnéis go léir is gá chun an Treoir seo a chur chun feidhme, go háirithe maidir le bainistiú a dhéanamh ar chásanna aonair agus ar aon nós imeachta a bhaineann le filleadh.

2.Cuirfear an córas náisiúnta ar bun ar bhealach lena náirithítear comhoiriúnacht theicniúil trína bhféadfar cumarsáid a dhéanamh leis an lárchóras arna bhunú i gcomhréir le hAirteagal 50 de Rialachán (AE) …/… [An Rialachán maidir leis an nGarda Teorann agus Cósta Eorpach].

3.Bunóidh na Ballstáit cláir chun cúnamh lóistíochtúil, airgeadais agus ábhartha nó cúnamh comhchineáil eile a sholáthar, i gcomhréir leis an reachtaíocht náisiúnta, chun críche tacú le filleadh náisiúnach tríú tír atá ag fanacht go neamhdhleathach, agus ar náisiúnaigh de na tríú tíortha a liostaítear in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán 539/2001 ón gComhairle 34 iad.

Féadfaidh tacaíocht le haghaidh athlánpháirtiú sa tríú tír a mbeifear ag filleadh uirthi a bheith san áireamh sa chúnamh sin.

Beidh deonú an chúnaimh sin, lena náirítear cineál agus méid an chúnaimh, faoi réir comhar idir an náisiúnach tríú tír lena mbaineann agus údaráis inniúla na mBallstát dá bhforáiltear in Airteagal 7 den Treoir seo.

ê 2008/115/CE

CAIBIDIL III
COIM
IRCÍ NÓS IMEACHTA

Airteagal 1512

Foirm

1.Déanfar cinntí um fhilleadh agus, má eisítear iad, cinntí um thoirmeasc ar dhul isteach agus cinntí um aistriú a eisiúint i scríbhinn agus tabharfar cúiseanna maidir le fíoras agus dlí iontu chomh maith le faisnéis faoi leigheasanna dlíthiúla atá ar fáil.

D’fhéadfadh an fhaisnéis faoi chúiseanna i dtaca le fíoras a bheith teoranta i gcás ina gceadaítear, de réir an dlí náisiúnta, an ceart chun faisnéise a shrianadh, go háirithe d’fhonn an tslándáil náisiúnta, an chosaint agus an tslándáil phoiblí a chosaint agus d’fhonn cionta coiriúla a chosc, a imscrúdú, a bhrath agus a ionchúiseamh.

2.Soláthróidh na Ballstáit, arna iarraidh sin, aistriúchán i scríbhinn nó ó bhéal de phríomheilimintí cinntí a bhaineann le filleadh, dá dtagraítear i mír 1, lena náirítear faisnéis faoi na leigheasanna dlíthiúla atá ar fáil i dteanga a thuigeann an náisiúnach tríú tír nó arbh fhéidir glacadh go réasúnach leis go dtuigeann an náisiúnach tríú tír sin í.

3.Féadfaidh na Ballstáit cinneadh a dhéanamh gan mír 2 a chur i bhfeidhm maidir le náisiúnaigh tríú tír a chuaigh isteach go neamhdhleathach i gcríoch Ballstáit agus nach bhfuair údarú ná ceart fanachta sa Bhallstát sin ina dhiaidh sin.

I gcásanna den sórt sin, tabharfar cinntí a bhaineann le filleadh, dá dtagraítear i mír 1, trí bhíthin foirm chaighdeánach mar a leagtar amach faoin reachtaíocht náisiúnta.

Cuirfidh na Ballstáit bileoga faisnéise ginearálaithe ar fáil ar a míneofar príomheilimintí na foirme caighdeánaí i gcúig cinn ar a laghad de na teangacha sin is mó a úsáideann nó a thuigeann imircigh neamhdhleathacha a théann isteach sa Bhallstát lena mbaineann.

Airteagal 1613

Leigheasanna

1.Tabharfar leigheas éifeachtach don náisiúnach tríú tír lena mbaineann chun achomharc a dhéanamh i gcoinne cinntí maidir le filleadh nó chun athbhreithniú a lorg ar chinntí den sórt sin, dá dtagraítear in Airteagal 1512(1), os comhair údarás inniúil breithiúnach nó riaracháin nó comhlacht inniúil a bheidh comhdhéanta de chomhaltaí atá neamhchlaonta agus a bhfuil coimircí neamhspleáchais acu.

ò nua

Tabharfar an ceart don náisiúnach tríú tír lena mbaineann achomharc a dhéanamh os comhair dlínse aon leibhéal amháin i gcoinne an chinnidh um fhilleadh i gcás ina bhfuil an cinneadh sin bunaithe ar chinneadh lena ndiúltaítear iarratas ar chosaint idirnáisiúnta arna dhéanamh i gcomhréir le Rialachán (AE) …/… [an Rialachán maidir le Nósanna Imeachta Tearmainn], a bhí faoi réir athbhreithniú breithiúnach éifeachtach i gcomhréir le hAirteagal 53 den Rialachán sin.

ê 2008/115/CE

ð nua

2.Beidh an chumhacht ag an údarás ð breithiúnach ï nó ag an gcomhlacht a luaitear i mír 1 athbhreithniú a dhéanamh ar chinntí a bhaineann le filleadh, dá dtagraítear in Airteagal 1512(1), lena náirítear an fhéidearthacht go bhféadfaí forfheidhmiú na gcinntí sin a chur ar fionraí go sealadach mura bhfuil fionraí sealadach infheidhme cheana féin faoin reachtaíocht náisiúnta.

ò nua

3.Cuirfear forfheidhmiú an chinnidh um fhilleadh ar fionraí go huathoibríoch le linn na tréimhse a bhaineann leis an achomharc a thionscnamh ar an gcéad chéim agus, i gcás inar taisceadh an tachomharc sin laistigh den tréimhse a leagadh síos, le linn scrúdú a dhéanamh ar an achomharc, i gcás inarb ann do riosca go sárófar prionsabal an nonrefoulement. I gcás ina dtaisctear achomharc eile i gcoinne an chéad chinnidh achomhairc nó cinneadh achomhairc a dhéantar ina dhiaidh sin, agus i ngach cás eile, ní chuirfear forfheidhmiú an chinnidh um fhilleadh ar fionraí mura gcinneann cúirt nó binse a mhalairt agus aird chuí á tabhairt ar imthosca sonracha an cháis aonair arna iarraidh sin don iarratasóir, nó ag gníomhú ex officio di nó dó.

Maidir le cinneadh i dtaobh iarraidh arna fáil ó náisiúnach tríú tír i leith forfheidhmiú cinnidh um fhilleadh a chur ar fionraí go sealadach, áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfar é laistigh de 48 nuair an chloig ón tráth a thaisceann an náisiúnach tríú tír lena mbaineann iarraidh den sórt sin. I gcásanna aonair a mbaineann saincheisteanna casta fíorais nó dlí leo, féadfaidh an túdarás breithiúnach inniúil síneadh a chur leis na teorainneacha ama a leagtar amach sa mhír seo, de réir mar is iomchuí.

I gcás nach dtiocfaidh aon eilimintí nó torthaí ábhartha nua chun cinn ná nach gcuirfidh an náisiúnach tríú tír in iúl iad, ar eilimintí nó torthaí iad lena modhnófaí imthosca sonracha an cháis aonair, ní bheidh feidhm ag an gcéad fhomhír ná ag an dara fomhír den mhír seo más rud é:

(dd)go ndearnadh measúnú ar an gcúis a bhí leis an bhfionraí shealadach dá dtagraítear i gcomhthéacs nós imeachta arna chur i gcrích agus Rialachán (AE) …/… [an Rialachán maidir le Nósanna Imeachta Tearmainn] á chur i bhfeidhm agus go raibh an fhionraí sin faoi réir athbhreithniú breithiúnach éifeachtach i gcomhréir le hAirteagal 53 den Rialachán sin; 

(ee)go raibh an cinneadh um fhilleadh mar thoradh ar an gcinneadh maidir le deireadh a chur leis an bhfanacht dleathach a rinneadh tar éis na nósanna imeachta sin.

4. Leagfaidh na Ballstáit síos teorainneacha ama réasúnacha agus rialacha riachtanacha eile chun feidhmiú an chirt chun leighis éifeachtaigh a áirithiú de bhun an Airteagail seo.

Ceadóidh na Ballstáit tréimhse nach faide ná cúig lá chun achomharc a thaisceadh i gcoinne cinneadh um fhilleadh nuair a dhéantar cinneadh den sórt sin de thoradh cinneadh deiridh lena ndiúltaítear iarratas ar chosaint idirnáisiúnta arna dhéanamh i gcomhréir le Rialachán (AE) …/… [an Rialachán maidir le Nósanna Imeachta Tearmainn].

ê 2008/115/CE

53.Beidh an náisiúnach tríú tír lena mbaineann in ann comhairle dhlíthiúil, ionadaíocht dhlíthiúil agus, i gcás inar gá, cúnamh teanga a fháil.

64.Áiritheoidh na Ballstáit go dtabharfar an cúnamh dlíthiúil agus/nó an ionadaíocht dhlíthiúil is gá saor in aisce arna iarraidh sin agus/nó arna hiarraidh sin, i gcomhréir leis an reachtaíocht náisiúnta ábhartha nó le rialacha maidir le cúnamh dlíthiúil, agus féadfaidh siad foráil a dhéanamh go mbeidh an cúnamh dlíthiúil agus/nó an ionadaíocht dhlíthiúil sin faoi réir na gcoinníollacha a leagtar amach in Airteagal 15(3) go (6) de Threoir 2005/85/CE.

Airteagal 1714

Coimircí fad atá filleadh ar feitheamh

1.Áiritheoidh na Ballstáit, seachas na staideanna a chumhdaítear in Airteagal 1916 agus in Airteagal 20in Airteagal 17, go gcuirfear na prionsabail seo a leanas san áireamh a mhéid agus is féidir i ndáil le náisiúnaigh tríú tír le linn na tréimhse le haghaidh imeacht deonach a ceadaíodh i gcomhréir le hAirteagal 97 agus le linn tréimhsí inar cuireadh aistriú ar ceal i gcomhréir le hAirteagal 119:

(a)go gcoimeádfar aontacht an aonaid teaghlaigh atá i láthair ar a gcríoch;

(b)go gcuirfear cúram sláinte éigeandála agus cóireáil riachtanach le haghaidh breoiteachta ar fáil;

(c)go dtabharfar rochtain do mhionaoisigh ar chóras bunúsach oideachais faoi réir fhad a dtréimhse fanachta;

(d)go gcuirfear riachtanais speisialta daoine leochaileacha san áireamh.

2.Tabharfaidh na Ballstáit dearbhú i scríbhinn do na daoine dá dtagraítear i mír 1 i gcomhréir leis an reachtaíocht náisiúnta á rá gur cuireadh síneadh leis an tréimhse le haghaidh imeacht deonach i gcomhréir le hAirteagal 97(2), nó nach ndéanfar an cinneadh um fhilleadh a fhorfheidhmiú ar bhonn sealadach.

CAIBIDIL IV
COINNEÁIL CHUN CRÍCHE AISTRIÚ

ê 2008/115/CE (oiriúnaithe)

ð nua

Airteagal 1815

Coinneáil

1.Murar féidir bearta leordhóthanacha eile nach bhfuil chomh comhéigneach céanna a chur i bhfeidhm go héifeachtach i gcás sonrach, ní fhéadfaidhféadfaidh na Ballstáit náisiúnach tríú tír atá faoi réir nósanna imeachta um fhilleadh a choinneáil ach amháin chun an filleadh a ullmhú agus/nó an próiseas aistrithe a chur i gcrích, go háirithe más rud é:

(a)go bhfuil riosca éalaithe ann ð arna chinneadh i gcomhréir le hAirteagal 6; ï 

(b)go seachnaíonn an náisiúnach tríú tír lena mbaineann an tullmhúchán maidir le filleadh nó an próiseas aistrithe nó go gcuireann sé bac leo;. Ö nó Õ

ò nua

(c)go bhfuil riosca ag baint leis an náisiúnach tríú tír ó thaobh an bheartais phoiblí, na slándála poiblí nó na slándála náisiúnta de.

Leagfar na forais uile le haghaidh coinneála síos sa dlí náisiúnta.

ê 2008/115/CE

Beidh aon tréimhse choinneála chomh gearr agus is féidir agus ní mhairfidh sí ach fad atá socruithe um aistriú idir lámha agus á gcur i ngníomh le dícheall cuí.

2.Déanfaidh údaráis riaracháin nó údaráis bhreithiúnacha coinneáil a ordú.

Déanfar coinneáil a ordú i scríbhinn ina dtabharfar cúiseanna i dtaca le fíoras agus dlí.

Nuair atá an choinneáil ordaithe ag údaráis riaracháin, déanfaidh na Ballstáit an méid seo a leanas:

(a)déanfaidh siad foráil maidir le hathbhreithniú breithiúnach tapa ar dhlíthiúlacht na coinneála ar a ndéanfar cinneadh chomh tapa agus is féidir ó thús thréimhse na coinneála;

(b)nó deonóidh siad ceart don náisiúnach tríú tír lena mbaineann imeachtaí a thionscnamh trína mbeidh dlíthiúlacht na coinneála faoi réir athbhreithniú breithiúnach tapa ar a ndéanfar cinneadh chomh tapa agus is féidir tar éis sheoladh na nimeachtaí ábhartha. I gcás den sórt sin cuirfidh na Ballstáit in iúl láithreach don náisiúnach tríú tír lena mbaineann go bhféadfaí imeachtaí den sórt sin a thionscnamh.

Scaoilfear saor an náisiúnach tríú tír lena mbaineann láithreach mura bhfuil an choinneáil dleathach.

3.I ngach cás, déanfar athbhreithniú ar choinneáil ag eatraimh réasúnacha, ar iarratas a fháil ón náisiúnach tríú tír lena mbaineann nó ar bhonn ex officio. I gcás tréimhsí fada coinneála, beidh athbhreithnithe faoi réir maoirseacht údaráis bhreithiúnaigh.

4.Nuair a dhealraíonn sé nach bhfuil ionchas réasúnach aistrithe ann a thuilleadh ar chúiseanna dlíthiúla nó ar chúiseanna eile, nó nach ann a thuilleadh do na coinníollacha a leagtar síos i mír 1, níl údar leis an gcoinneáil a thuilleadh agus scaoilfear saor an duine lena mbaineann láithreach.

ê 2008/115/CE (oiriúnaithe)

ð nua

5.Mairfidh tréimhse na coinneála fad atá na coinníollacha a leagtar síos i mír 1 á gcomhlíonadh agus fad atá gá léi chun aistriú rathúil a chinntiú. Leagfaidh gach Ballstát síos tréimhse theoranta choinneála ð uasta ï , nach faide ná ð nach giorra ná trí mhí agus nach faide ná ï sé mhí.

ê 2008/115/CE

6.Ní fhéadfaidh na Ballstáit an tréimhse dá dtagraítear i mír 5 a shíneadh ach amháin go ceann tréimhse theoranta nach faide ná dhá mhí dhéag bhreise i gcomhréir leis an dlí náisiúnta i gcásanna inar dócha, beag beann ar a gcuid iarrachtaí réasúnacha uile, go mairfidh an oibríocht aistrithe tréimhse is faide de bharr an méid seo a leanas:

(a)easpa comhair ón náisiúnach tríú tír lena mbaineann, nó

(b)moilleanna maidir leis an doiciméadacht is gá a fháil ó thríú tíortha.

Airteagal 1916

Coinníollacha coinneála

1.Ar an mórgóir, is i saoráidí speisialaithe coinneála a dhéanfar daoine a choinneáil. Murar féidir le Ballstát cóiríocht a chur ar fáil i saoráid choinneála speisialaithe agus más gá dó dul i muinín cóiríocht phríosúin, coimeádfar na náisiúnaigh tríú tír atá faoi choinneáil scartha ó ghnáthphríosúnaigh.

2.Ceadófar do na náisiúnaigh tríú tír atá faoi choinneáil — arna iarraidh sin dóibh — teagmháil a dhéanamh in am trátha le hionadaithe dlíthiúla, le baill teaghlaigh agus leis na húdaráis chonsalacha inniúla.

3.Tabharfar aird faoi leith ar staid daoine leochaileacha. Cuirfear cúram sláinte éigeandála agus cóireáil riachtanach le haghaidh breoiteachta ar fáil.

4.Beidh deis ag eagraíochtaí agus comhlachtaí ábhartha agus inniúla náisiúnta, idirnáisiúnta agus neamhrialtais cuairt a thabhairt ar shaoráidí coinneála, dá dtagraítear i mír 1, a mhéid a úsáidtear iad chun náisiúnaigh tríú tír a choinneáil i gcomhréir leis an gCaibidil seo. Féadfaidh na cuairteanna sin a bheith faoi réir údarú.

5.Soláthrófar faisnéis go córasach do na náisiúnaigh tríú tír atá faoi choinneáil ina mínítear na rialacha a chuirtear i bhfeidhm sa tsaoráid agus ina leagtar amach a gcearta agus a noibleagáidí. Áireofar san fhaisnéis sin faisnéis maidir lena dteidlíocht faoin dlí náisiúnta teagmháil a dhéanamh leis na heagraíochtaí agus leis na comhlachtaí dá dtagraítear i mír 4.

Airteagal 2017

Mionaoisigh agus teaghlaigh a choinneáil

1.Ní choinneofar mionaoisigh neamhthionlactha ná teaghlaigh a bhfuil mionaoisigh acu ach mar rogha dheiridh agus ar feadh tréimhse iomchuí atá chomh gearr agus is féidir.

2.Tabharfar cóiríocht ar leith lena ráthaítear príobháideachas leordhóthanach do theaghlaigh atá faoi choinneáil go dtí go naistreofar iad.

3.Beidh deis ag mionaoisigh atá faoi choinneáil a bheith páirteach i ngníomhaíochtaí áineasa, lena náirítear gníomhaíochtaí súgartha agus caithimh aimsire atá oiriúnach don aois atá acu agus, ag brath ar fhad a bhfanachta, beidh rochtain acu ar oideachas.

4.Cuirfear cóiríocht ar fáil do mhionaoisigh neamhthionlactha a mhéid agus is féidir in institiúidí ina bhfuil pearsanra agus saoráidí a fhreastalaíonn ar riachtanais daoine atá ar comhaois leo.

5.I gcomhthéacs coinneáil mionaoiseach atá ar feitheamh aistriú, tabharfar tús áite do leas an linbh.

Airteagal 2118

Cásanna éigeandála

1.I gcásanna ina gcuireann líon as cuimse náisiúnach tríú tír atá le filleadh ualach trom nach rabhthas ag súil leis ar acmhainn saoráidí coinneála Ballstáit nó ar a fhoireann riaracháin nó bhreithiúnach, féadfaidh an Ballstát sin, fad a mhaireann an staid eisceachtúil, cinneadh a dhéanamh tréimhsí atá níos faide ná na tréimhsí dá bhforáiltear faoin tríú fomhír d'Airteagal 1815(2) a cheadú le haghaidh athbhreithniú breithiúnach, agus bearta práinneacha a dhéanamh i leith dhálaí na coinneála mar mhaolú orthu sin a leagtar amach in Airteagal 1916(1) agus in Airteagal 2017(2).

2.Nuair a théann Ballstát i muinín na mbeart eisceachtúil sin, cuirfidh sé an méid sin in iúl don Choimisiún. Cuirfidh sé an Coimisiún ar an eolas freisin a luaithe nach ann a thuilleadh do na cúiseanna leis na bearta eisceachtúla sin a chur i bhfeidhm.

3.Ní léireofar aon ní san Airteagal seo mar ní lena gceadaítear do na Ballstáit maolú ar a noibleagáid ghinearálta na bearta iomchuí uile a dhéanamh, cibé acu is bearta ginearálta nó bearta sonracha iad, lena áirithiú go gcomhlíonfar a noibleagáidí faoin Treoir seo.

ò nua

CAIBIDIL V
NÓS IMEACHTA AG TEORAINNEACHA

Airteagal 22

Nós imeachta ag teorainneacha

1.Bunóidh na Ballstáit nósanna imeachta um fhilleadh is infheidhme maidir le náisiúnaigh tríú tír atá ag fanacht go neamhdhleathach agus atá faoi réir oibleagáid um fhilleadh, tar éis cinneadh lena ndiúltaítear iarratas ar chosaint idirnáisiúnta arna dhéanamh de bhua Airteagal 41 de Rialachán (AE) …/… [an Rialachán maidir le Nósanna Imeachta Tearmainn].

2.Ach amháin i gcás ina bhforáiltear a mhalairt sa Chaibidil seo, tá feidhm ag forálacha Chaibidil II, Chaibidil III agus Chaibidil IV maidir le nósanna imeachta um fhilleadh arna gcur i gcrích i gcomhréir le mír 1.

3.Cinntí um fhilleadh arna neisiúint i nósanna imeachta um fhilleadh arna gcur i gcrích i gcomhréir le mír 1 den Airteagal seo, déanfar iad trí bhíthin foirm chaighdeánach mar a leagtar amach faoin reachtaíocht náisiúnta, i gcomhréir le hAirteagal 15(3).

4.Ní cheadófar tréimhse le haghaidh imeacht deonach. Mar sin féin, ceadóidh na Ballstáit tréimhse iomchuí le haghaidh imeacht deonach i gcomhréir le hAirteagal 9 do náisiúnaigh tríú tír a bhfuil doiciméad taistil bailí acu agus a chomhlíonann an oibleagáid maidir le comhoibriú le húdaráis inniúla na mBallstát ag gach céim de na nósanna imeachta um fhilleadh arna mbunú i gcomhréir le hAirteagal 7. Ceanglóidh na Ballstáit ar na náisiúnaigh tríú tír lena mbaineann an doiciméad taistil bailí a thabhairt don údarás inniúil go tráth an imeachta.

5.Ceadóidh na Ballstáit tréimhse nach faide ná 48 nuair an chloig chun achomharc a thaisceadh i gcoinne na gcinntí um fhilleadh ar bhonn cinneadh deiridh lena ndiúltaítear iarratas ar chosaint idirnáisiúnta arna dhéanamh de bhua Airteagal 41 de Rialachán (AE) …/… [an Rialachán maidir le Nósanna Imeachta Tearmainn] ag an teorainn nó i gcriosanna idirthurais na mBallstát.

6.Maidir le forfheidhmiú cinnidh um fhilleadh le linn na tréimhse a bhaineann leis an achomharc a thionscnamh ar an gcéad chéim agus, i gcás inar taisceadh an tachomharc sin laistigh den tréimhse a leagtar síos, le linn scrúdú a dhéanamh ar an achomharc, cuirfear ar fionraí go huathoibríoch é i gcás inarb ann do riosca go sárófar prionsabal an nonrefoulement agus ina mbeidh feidhm ag ceann den dá choinníoll seo a leanas:

(ff)tháinig eilimintí nó torthaí nua chun cinn nó chuir an náisiúnach tríú tír lena mbaineann i láthair iad tar éis cinneadh lena ndiúltaítear iarratas ar chosaint idirnáisiúnta arna dhéanamh de bhua Airteagal 41 de Rialachán (AE) …/… [an Rialachán maidir le Nósanna Imeachta Tearmainn], lena ndéantar imthosca sonracha an cháis aonair a mhodhnú go suntasach; nó

(gg)maidir leis an gcinneadh lena ndiúltaítear iarratas ar chosaint idirnáisiúnta arna dhéanamh de bhua Airteagal 41 de Rialachán (AE) …/… [an Rialachán maidir le Nósanna Imeachta Tearmainn], ní raibh sé faoi réir athbhreithniú breithiúnach éifeachtach i gcomhréir le hAirteagal 53 den Rialachán sin.

I gcás ina dtaisctear achomharc eile i gcoinne an chéad chinnidh achomhairc nó cinneadh achomhairc a dhéantar ina dhiaidh sin, agus i ngach cás eile, ní chuirfear forfheidhmiú an chinnidh um fhilleadh ar fionraí mura gcinneann cúirt nó binse a mhalairt agus aird á tabhairt ar imthosca sonracha an cháis aonair arna iarraidh sin don iarratasóir nó ag gníomhú ex officio di nó dó.

Maidir le cinneadh i dtaobh iarraidh arna fáil ón duine lena mbaineann i leith forfheidhmiú cinnidh um fhilleadh a chur ar fionraí go sealadach, déanfaidh na Ballstáit foráil go ndéanfar an cinneadh sin laistigh de 48 nuair an chloig ón tráth a thaisceann an náisiúnach tríú tír lena mbaineann iarraidh den sórt sin. I gcásanna aonair a mbaineann saincheisteanna casta maidir le fíoras nó dlí leo, féadfaidh an túdarás breithiúnach inniúil síneadh a chur leis na teorainneacha ama a leagtar amach sa mhír seo, de réir mar is iomchuí.

7.Chun an filleadh a ullmhú nó an próiseas aistrithe a chur i gcrích, nó chun na gcríoch sin araon, féadfaidh na Ballstáit leanúint de náisiúnach tríú tír a choinneáil, ar náisiúnach é a coinníodh i gcomhréir le pointe (d) d'Airteagal 8(3) de Threoir (AE) …/… [an Treoir athmhúnlaithe maidir le Coinníollacha Glactha] i gcomhthéacs nós imeachta arna chur i gcrích de bhua Airteagal 41 de Rialachán (AE) …/… [an Rialachán maidir le Nósanna Imeachta Tearmainn], agus atá faoi réir nósanna imeachta maidir le filleadh de bhun fhorálacha na Caibidle seo.

Tréimhse atá chomh gairid agus is féidir a bheidh i gceist le coinneáil, tréimhse nach faide ná ceithre mhí i gcás ar bith. Ní mhairfidh sí ach amháin fad atá socruithe aistrithe idir lámha agus á gcur i ngníomh le dícheall cuí.

Nuair nach féidir an cinneadh um fhilleadh a fhorfheidhmiú laistigh den uastréimhse dá dtagraítear sa mhír seo, féadfar cur le tréimhse choinneála an náisiúnaigh tríú tír i gcomhréir le hAirteagal 18.

ê 2008/115/CE (oiriúnaithe)

CAIBIDIL VIV
FORÁLACHA CRÍOCHNAITHEACHA

Airteagal 2319

Tuairisciú

Gach trí bliana, cuirfidh an Coimisiún tuarascáil faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle maidir le cur i bhfeidhm na Treorach seo sna Ballstáit agus, más iomchuí, molfaidh sé leasuithe.

Tuairisceoidh an Coimisiún den chéad uair faoin 24 Nollaig 2013 agus díreoidh sé go háirithe ar an ócáid sin ar chur i bhfeidhm Airteagal 11, Airteagal 13(4) agus Airteagal 15 sna Ballstáit. Maidir le hAirteagal 13(4) déanfaidh an Coimisiún measúnú go háirithe ar an tionchar airgeadais agus riaracháin breise sna Ballstáit.

Airteagal 20

Trasuí

1.    Na forálacha reachtaíochta, rialúcháin nó riaracháin is gá chun an Treoir seo a chomhlíonadh, déanfaidh na Ballstáit iad a thabhairt i bhfeidhm . Maidir le hAirteagal 13(4), déanfaidh Ballstáit na dlíthe, na rialacháin agus na forálacha riaracháin is gá chun an Treoir seo a chomhlíonadh a thabhairt i bhfeidhm faoin 24 Nollaig 2011. Cuirfidh siad téacs na mbeart sin in iúl don Choimisiún láithreach.

Nuair a ghlacfaidh na Ballstáit na bearta sin, beidh tagairt iontu don Treoir seo nó beidh tagairt den sórt sin ag gabháil leo tráth a bhfoilsithe oifigiúil. Is iad na Ballstáit a chinnfidh an tslí le tagairt den sórt sin a dhéanamh.

2.    Déanfaidh na Ballstáit téacs phríomhfhorálacha an dlí náisiúnta a ghlacfaidh siad sa réimse a chumhdaítear leis an Treoir seo a chur in iúl don Choimisiún.

Airteagal 2421

Gaol le Coinbhinsiún Schengen

Gabhann an Treoir seo ionad fhorálacha Airteagal 23 agus Airteagal 24 den Choinbhinsiún lena gcuirtear Comhaontú Schengen chun feidhme.

ê 

Airteagal 25

Trasuí

1.Na forálacha reachtaíochta, rialúcháin nó riaracháin is gá chun Airteagal 6 go hAirteagal 10, Airteagal 13 agus Airteagal 14(3), Airteagal 16, Airteagal 18 agus Airteagal 22 a chomhlíonadh, déanfaidh na Ballstáit iad a thabhairt i bhfeidhm faoin [sé mhí tar éis dháta an teacht i bhfeidhm] agus tabharfaidh siad na forálacha céanna is gá chun Airteagal 14(1) agus (2) a chomhlíonadh i bhfeidhm faoin [bliain amháin tar éis dháta an teacht i bhfeidhm]. Cuirfidh siad téacs na mbeart sin in iúl don Choimisiún láithreach.

Nuair a ghlacfaidh na Ballstáit na bearta sin, beidh tagairt iontu don Treoir seo nó beidh tagairt den sórt sin ag gabháil leo tráth a bhfoilsithe oifigiúil. Áireofar iontu chomh maith ráiteas go ndéanfar tagairtí i bhforálacha reachtaíochta, rialúcháin nó riaracháin atá ann cheana maidir leis an Treoir a aisghairtear leis an Treoir seo a fhorléiriú mar thagairtí don Treoir seo. Is iad na Ballstáit a chinnfidh an tslí le tagairt den sórt sin a dhéanamh agus an tslí a ndéanfar an ráiteas sin a leagan amach.

2.Déanfaidh na Ballstáit téacs phríomhfhorálacha an dlí náisiúnta a ghlacfaidh siad sa réimse a chumhdaítear leis an Treoir seo a chur in iúl don Choimisiún.

Airteagal 26

Aisghairm

Déantar Treoir 2008/115/CE a aisghairm le héifeacht ón […] [an lá tar éis an dara dáta dá dtagraítear sa chéad fhomhír d'Airteagal 25(1)], gan dochar d'oibleagáidí na mBallstát maidir leis na teorainneacha ama chun an Treoir a leagtar amach in Iarscríbhinn I a thrasuí sa dlí náisiúnta.

Déanfar tagairtí don Treoir aisghairthe a fhorléiriú mar thagairtí don Treoir seo agus léifear iad i gcomhréir leis an tábla comhghaoil atá in Iarscríbhinn II.

ê 2008/115/CE

Airteagal 2227

Teacht i bhfeidhm

Tiocfaidh an Treoir seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a foilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

ê 

Beidh feidhm ag Airteagail […] [airteagail nach bhfuil athraithe le hais na Treorach aisghairthe] ón […] [an lá tar éis an dara dáta dá dtagraítear sa chéad fhomhír d'Airteagal 25(1)].

ê 2008/115/CE (oiriúnaithe)

Airteagal 2823

Seolaithe

Dírítear an Treoir seo ar na Ballstáit i gcomhréir leis an gConradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh Ö na Conarthaí Õ.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil,

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa    Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán    An tUachtarán

(1)    Conclúidí ón gComhairle Eorpach an 28 Meitheamh 2018.
(2)    Dearbhú Meseberg na Gearmáine agus na Fraince dar teideal Renewing Europe’s promises of security and prosperity, [Gealltanais slándála agus rathúnais na hEorpa a athnuachan], an 19 Meitheamh 2018.
(3)    COM(2015) 240 final.
(4)    Treoir 2008/115/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Nollaig 2008 maidir le caighdeáin choiteanna agus nósanna imeachta coiteanna sna Ballstáit i ndáil le náisiúnaigh tríú tíortha atá ag fanacht go neamhdhleathach a fhilleadh, IO L 348, 24.12.2008, lch. 98.
(5)    COM(2017) 200 final.
(6)    C(2017) 1600 final.
(7)    C(2017) 6505.
(8)    Caighdeáin choiteanna neamhcheangailteacha maidir le Cláir um Fhilleadh Cuidithe Deonach (agus Athlánpháirtíocht) arna gcur chun feidhme ag na Ballstáit (8829/16).
(9)    Rialachán (AE) Uimh. 1053/2013 ón gComhairle an 7 Deireadh Fómhair 2013 lena mbunaítear sásra meastóireachta agus faireacháin chun cur i bhfeidhm acquis Schengen a fhíorú agus lena naisghairtear an Cinneadh ón gCoiste Feidhmiúcháin an 16 Meán Fómhair 1998 lena mbunaítear Buanchoiste um measúnú agus cur chun feidhme Schengen, IO L 295, 6.11.2013, lch. 27.
(10)    Treoir 2008/115/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Nollaig 2008 maidir le caighdeáin choiteanna agus nósanna imeachta coiteanna sna Ballstáit i ndáil le náisiúnaigh tríú tíortha atá ag fanacht go neamhdhleathach a fhilleadh (IO L 348, 24.12.2008, lch. 98).
(11)    COM(2015) 285 final.
(12)    Treoir 2005/85/CE ón gComhairle an 1 Nollaig 2005 maidir le caighdeáin íosta i ndáil le nósanna imeachta i mBallstáit chun stádas dídeanaí a dheonú nó a aistarraingt (IO L 326, 13.12.2005, lch. 13).
(13)    Cinneadh 2004/573/CE ón gComhairle an 29 Aibreán 2004 maidir le heitiltí comhpháirteacha a eagrú chun náisiúnaigh tríú tíortha, atá ina nábhair d’orduithe leithleacha díbeartha, a dhíbirt ó chríoch dhá cheann nó níos mó de na Ballstáit (OI L 261, 6.8.2004, lch. 28).
(14)

   [an Rialachán maidir le Córas Faisnéise Schengen a úsáid chun náisiúnaigh tríú tír atá ag fanacht go neamhdhleathach a fhilleadh] (IO L ...).

(15)    Rialachán (CE) Uimh. 1987/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Nollaig 2006 maidir leis an dara glúin de Chóras Faisnéise Schengen (SIS II) a bhunú, a oibriú agus a úsáid (IO L 381, 28.12.2006, lch. 4).
(16)

   Treoir 2001/40/CE ón gComhairle an 28 Bealtaine 2001 maidir le haitheantas frithpháirteach cinntí i dtaca le náisiúnaigh tríú tír a dhíbirt (IO L 149, 2.6.2001, lch 34).

(17)

   Treoir 2001/40/CE ón gComhairle an 28 Bealtaine 2001 maidir le haitheantas frithpháirteach cinntí i dtaca le náisiúnaigh tríú tír a dhíbirt, IO L 149, 2.6.2001, lch 34; agus Cinneadh 2004/191/CE ón gComhairle an 23 Feabhra 2004 lena leagtar amach na critéir agus na socruithe praiticiúla chun na míchothromaíochtaí airgeadais a chúiteamh ar toradh iad ar chur i bhfeidhm Threoir 2001/40/CE maidir le haitheantas frithpháirteach cinntí i dtaca le náisiúnaigh tríú tír a dhíbirt (IO L 60, 27.2.2004, lch. 55).

(18)    Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Aibreán 2016 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena naisghairtear Treoir 95/46/CE (an Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí) (IO L 119 4.5.2016, lch. 1).
(19)    Treoir (AE) 2016/680 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Aibreán 2016 i ndáil le cosaint daoine nádúrtha maidir le próiseáil sonraí pearsanta ag údaráis inniúla chun cionta coiriúla a chosc, a imscrúdú, a bhrath nó a ionchúiseamh nó chun pionóis choiriúla a fhorghníomhú, agus saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena naisghairtear Cinneadh Réime 2008/977/CGB ón gComhairle (IO L 119, 4.5.2016, lch. 89).
(20)    Rialachán (CE) Uimh. 562/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Márta 2006 lena mbunaítear Cód Comhphobail maidir leis na rialacha lena rialaítear gluaiseacht daoine thar theorainneacha (Cód Teorainneacha Schengen) (IO L 105, 13.4.2006, lch. 1).
(21)    Rialachán (AE) 2016/399 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Márta 2016 maidir le Cód an Aontais maidir leis na rialacha lena rialaítear gluaiseacht daoine thar theorainneacha (Cód Teorainneacha Schengen), IO L 77, 23.3.2016, lch. 1.
(22)    Cinneadh 2000/365/CE ón gComhairle an 29 Bealtaine 2000 maidir leis an iarraidh ó Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann a bheith rannpháirteach i roinnt forálacha de acquis Schengen (IO L 131, 1.6.2000, lch. 43).
(23)    Cinneadh 2002/192/CE ón gComhairle an 28 Feabhra 2002 maidir leis an iarraidh ó Éirinn a bheith rannpháirteach i roinnt forálacha de acquis Schengen (IO L 64, 7.3.2002, lch. 20).
(24)    Cinneadh 1999/437/CE ón gComhairle an 17 Bealtaine 1999 maidir le socruithe áirithe i dtaca le cur i bhfeidhm an Chomhaontaithe arna thabhairt i gcrích ag Comhairle an Aontais Eorpaigh agus Poblacht na hÍoslainne agus Ríocht na hIorua maidir le comhlachas an dá Stát sin le acquis Schengen a chur chun feidhme, a chur i bhfeidhm agus a fhorbairt (IO L 176, 10.7.1999, lch. 31).
(25)    IO L 53, 27.2.2008, lch. 52.
(26)    Cinneadh 2008/146/CE ón gComhairle an 28 Eanáir 2008 maidir le tabhairt i gcrích an Chomhaontaithe, ar son an Chomhphobail Eorpaigh, idir an tAontas Eorpach, an Comhphobal Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise maidir le comhlachas Chónaidhm na hEilvéise le acquis Schengen a chur chun feidhme, a chur i bhfeidhm agus a fhorbairt (IO L 53, 27.2.2008, lch. 1).
(27)    IO L 160, 18.6.2011, lch. 21
(28)    Cinneadh 2011/350/AE ón gComhairle an 7 Márta 2011 maidir le tabhairt i gcrích an Phrótacail, ar son an Aontais Eorpaigh, idir an tAontas Eorpach, an Comhphobal Eorpach, Cónaidhm na hEilvéise agus Prionsacht Lichtinstéin i ndáil le haontachas Phrionsacht Lichtinstéin leis an gComhaontú idir an tAontas Eorpach, an Comhphobal Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise maidir le comhlachas Chónaidhm na hEilvéise le acquis Schengen a chur chun feidhme, a chur i bhfeidhm agus a fhorbairt, a bhaineann le seiceálacha ag na teorainneacha inmheánacha a dhíothú agus le gluaiseacht daoine (IO L 160, 18.6.2011, lch. 19).
(29)    IO L 83, 26.3.2008, lch. 3.
(30)    Treoir 2004/81/CE ón gComhairle an 29 Aibreán 2004 maidir leis an gcead cónaithe arna eisiúint do náisiúnaigh tríú tíortha ar íospartaigh na gáinneála ar dhaoine iad nó atá faoi réir gníomhaíocht chun inimirce neamhdhleathach a éascú, a chomhoibríonn leis na húdaráis inniúla (OJ L 261, 6.8.2004, p. 19).
(31)    IO L 239, 22.9.2000, lch. 19.
(32)    Rialachán (AE) 2018/… ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an […] maidir le Córas Faisnéise Schengen (SIS) a bhunú, a oibriú agus a úsáid i réimse na seiceálacha teorann, agus lena leasaítear an Coinbhinsiún lena gcuirtear Comhaontú Schengen chun feidhme, agus lena leasaítear agus lena naisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1987/2006 [glacadh ar feitheamh].
(33)    Treoir 2004/83/CE ón gComhairle an 29 Aibreán 2004 maidir le caighdeáin íosta do cháiliú agus do stádas náisiúnach tríú tír nó daoine gan stát mar dhídeanaithe nó mar dhaoine a mbeadh cosaint idirnáisiúnta ar dhóigh eile de dhíth orthu agus maidir le hinneachar na cosanta a thugtar (IO L 304, 30.9.2004, lch. 12).
(34)    Rialachán (CE) Uimh. 539/2001 ón gComhairle an 15 Márta 2001 lena liostaítear na tríú tíortha a bhfuil ar a náisiúnaigh víosaí a bheith ina seilbh acu nuair atá na teorainneacha seachtracha á dtrasnú acu agus lena liostaítear na tríú tíortha a bhfuil a náisiúnaigh díolmhaithe ón gceanglas sin (IO L 81, 21.3.2001, lch. 1).

An Bhruiséil,12.9.2018

COM(2018) 634 final

IARSCRÍBHINNÍ

a ghabhann leis an Togra le haghaidh

TREOIR Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

maidir le caighdeáin choiteanna agus nósanna imeachta coiteanna sna Ballstáit i ndáil le náisiúnaigh tríú tír atá ag fanacht go neamhdhleathach a fhilleadh (athmhúnlú)


IARSCRÍBHINN I

Teorainneacha ama don trasuí sa dlí náisiúnta

(dá dtagraítear in Airteagal 25)

Treoir

Teorainn ama don trasuí

Teorainn ama chun Airteagal 14(1) agus (2) a thrasuí

2008/115/CE

[sé mhí tar éis dháta an teacht i bhfeidhm]

[bliain amháin tar éis dháta an teacht i bhfeidhm]

_____________


IARSCRÍBHINN II

Tábla Comhghaoil

Treoir 2008/115/CE

An Treoir seo

Airteagal 1 go hAirteagal 5

Airteagal 1 go hAirteagal 5

_

Airteagal 6 agus Airteagal 7

Airteagal 6(1) go (5)

Airteagal 8(1) go (5)

_

Airteagal 8(6), an chéad fhomhír

Airteagal 6(6)

Airteagal 8(6), an dara fomhír

_

Airteagal 8(6), an tríú fomhír

Airteagal 7(1)

Airteagal 9(1), an chéad fhomhír agus an dara fomhír

_

Airteagal 9(1), an tríú fomhír

Airteagal 7(2) go (4)

Airteagal 9(2) go (4)

Airteagal 8

Airteagal 10

_

Airteagal 10(1), an dara habairt

Airteagal 9

Airteagal 11

Airteagal 10

Airteagal 12

Airteagal 11(1)

Airteagal 13(1)

_

Airteagal 13(2)

Airteagal 11(2) go (5)

Airteagal 13(3) go (7)

_

Airteagal 14

Airteagal 12

Airteagal 15

Airteagal 13(1)

Airteagal 16(1), an chéad fhomhír

_

Airteagal 16(1), an dara fomhír

Airteagal 13(2)

Airteagal 16(2)

_

Airteagal 16(3) agus (4)

Airteagal 13(3) agus (4)

Airteagal 16(5) agus (6)

Airteagal 14

Airteagal 17

Airteagal 15(1)

Airteagal 18(1), an chéad fhomhír, pointe (a) agus (b)

_

Airteagal 18(1), an chéad fhomhír, pointe (c) agus an dara fomhír

Airteagal 15(2) go (6)

Airteagal 18(2) go (6)

Airteagal 16 go hAirteagal 18

Airteagal 19 go hAirteagal 21

_

Airteagal 22

Airteagal 19

Airteagal 23

Airteagal 20

Airteagal 25

Airteagal 21

Airteagal 24

Airteagal 22

Airteagal 27

Airteagal 23

Airteagal 28

_

Iarscríbhinn I

_

Iarscríbhinn II

_____________