Strasbourg,12.6.2018

COM(2018) 471 final

2018/0248(COD)

Togra le haghaidh

RIALACHÁN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

lena mbunaítear an Ciste Tearmainn agus Imirce

{SWD(2018) 347}
{SWD(2018) 348}
{SEC(2018) 315}


MEABHRÁN MÍNIÚCHÁIN

1.COMHTHÉACS AN TOGRA

Forais agus cuspóirí an togra

Le linn na sreabh imirce in 2015 - 2016, rannchuidigh an cúnamh airgeadais agus teicniúil a thug an tAontas do na Ballstáit le bainistiú níos fearr a dhéanamh ar na dúshláin i réimsí an tearmainn, na himirce agus na dteorainneacha seachtracha. Go deimhin, bhí príomhról ag buiséad an Aontais maidir le tacaíocht a thabhairt do bhainistiú iarrthóirí tearmainn agus imirceach, maidir le hacmhainní cuardaigh agus tarrthála a fhorbairt chun daoine a shábháil agus iad ag iarraidh an Eoraip a bhaint amach, maidir le filleadh éifeachtach a bhainistiú agus maidir le gníomhaíochtaí eile a éilíonn freagairt chomhordaithe faoi chuimsiú an Chláir Oibre Eorpaigh maidir le hImirce.

Tá buiséad an Aontais ríthábhachtach freisin chun cearta coiteanna a mhaoiniú le haghaidh rialú éifeachtach agus faireachas éifeachtach theorainneacha seachtracha an Aontais i gcúiteamh ar dhíothú na rialuithe ar na teorainneacha inmheánacha. Mar shampla, tá dul chun cinn mór déanta maidir le bainistiú theorainneacha seachtracha an Aontais de thoradh bhunú chur chuige na dteophointí agus an Ghníomhaireacht Eorpach um an nGarda Teorann agus Cósta a bheith treisithe go mór. Tacaíonn buiséad an Aontais leis na forbairtí sin ina niomláine.

I nDeireadh Fómhair 2017, dhearbhaigh an Chomhairle Eorpach an athuair an gá cur chuige cuimsitheach a shaothrú maidir le bainistiú imirce a mbeidh sé mar aidhm leis smacht a fháil arís ar theorainneacha seachtracha agus líon na ndaoine atá ag teacht go neamhrialta agus líon na ndaoine atá ag fáil bháis ar muir a laghdú, agus ar cheart é a bheith bunaithe ar úsáid sholúbtha chomhordaithe a bhaint as na hionstraimí uile de chuid an Aontais agus na mBallstát a bhfuil fáil orthu.

Sa chomhthéacs sin, ina thogra dar dáta an 2 Bealtaine 2018 maidir leis an gcreat airgeadais ilbhliantúil 2021-2027, bheartaigh an Coimisiún treisiú suntasach a dhéanamh ar bhuiséid foriomlán an Aontais le haghaidh bhainistiú na himirce agus na dteorainneacha seachtracha, tríd an buiséad sin a mhéadú faoi breis agus 2.6, lena náirítear méadú ar an gcistiú a leithdáiltear ar na Gníomhaireachtaí díláraithe sa réimse sin. Ní bhaineann an togra seo ann féin leis an gcistiú arna leithdháileadh ar na Gníomhaireachtaí agus ní rialáiltear leis ach an Ciste Tearmainn agus Imirce lena dtabharfar tacaíocht do bhainistiú éifeachtúil na himirce ag na mBallstát le clúdach EUR 10 415 000 000 (i bpraghsanna reatha).

Sonraítear in Airteagal 80 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh go bhfuil na comhbheartais maidir le tearmainn, imirce agus teorainneacha seachtracha bunaithe ar phrionsabal na dlúthpháirtíochta agus chomhroinnt chóir na bhfreagrachtaí idir na Ballstáit. Soláthraíonn cistiú ón Aontas an modh nithiúil airgeadais leis an dá phrionsabail bhainteacha sin a chur chun feidhme.

Rannchuideoidh an Ciste le beartas imirce an Aontais a bheith láidir, réalaíoch agus cóir. Beartas a thugann aitheantas do riachtanais na sochaithe óstacha agus do shaoránaigh an Aontais agus a oibríonn i ndlúthchomhar le chomhpháirtithe ar fud an domhain. Áiritheoidh an Ciste go leanfaidh an tAontas dá oibleagáidí a chomhlíonadh dóibh siúd a bhfuil cosaint idirnáisiúnta de dhíth orthu, go néascófar filleadh daoine nach bhfuil aon cheart acu chun fanacht agus go dtacófar le réitigh a chuirfidh bealaí sábháilte dea-bhainistithe in ionad na sreabh neamhrialta neamhrialaithe. Ní mór dúinn breathnú ar na dúshláin stóinsithe atá ina mbunúdar leis an imirce neamhrialta, amhail an teirce forbartha, an déimeagrafaic, an easpa deiseanna, an tathrú aeráide agus an neamhchomhionannas. Ní bhfaighfear torthaí inbhuanaithe ach le bainistiú cuimsitheach ar imirce, atá bunaithe ar phrionsabail na dlúthpháirtíochta agus na comhroinnte córa freagrachta. Áirítear leis sin leithdháileadh iomchuí ar chistiú ón Aontas lena áirithiú go mbeidh a ndóthain acmhainneachta ag na Ballstáit is mó a gcuirfear as dóibh chun aghaidh a thabhairt ar na dúshláin a bheidh rompu, ar mhaithe leis an Aontas ina iomláine. Sa chomhthéacs sin, cuirtear san áireamh i dtogra an Choimisiúin na hiarrachtaí leanúnacha chun an Comhchóras Eorpach Tearmainn a athchóiriú agus an staid atá faoi láthair ar an gcaibidlíocht faoi Rialachán Bhaile Átha Cliath agus faoi Chreat Athlonnaithe an Aontais agus d'fhéadfadh sé gur ghá eilimintí áirithe a chur in oiriúint do thorthaí na caibidlíochta sin nuair a bheidh sí thart.

Tá an rath a bheith ar bhainistiú imirce an Aontais ag brath freisin ar bheartais éifeachtacha lánpháirtíochta. Chuige sin, soláthróidh Cistí an bheartais comhtháthaithe agus CSE+ go háirithe tacaíocht lena néascófar lánpháirtiú meántéarmach agus fadtéarmach náisiúnach tríú tír tar éis chéim thosaigh an ghlactha lena náirítear lánpháirtiú sa mhargadh saothair. Chun na hiarrachtaí sin a chomhlánú, tacóidh an Ciste le gníomhaíocht na rialtas náisiúnta, na núdarás áitiúil agus réigiúnach agus grúpaí sochaí sibhialta atá i mbun lánpháirtiú gearrthéarmach náisiúnach tríú tír sna pobail óstacha, agus muinín fhrithpháirteach, a chothú. Tacóidh an togra seo le bearta glactha agus lánpháirtíochta luaithe maidir le náisiúnaigh tríú tír atá ina gcónaí go dleathach san Aontas ar bearta iad a chuirtear chun feidhme de ghnáth le linn chéimeanna luatha an lánpháirtithe sa tréimhse tar éis don duine críoch an Aontais a bhaint amach. Ina theannta sin, tacóidh sé leis na Ballstáit chun bearta cothrománacha a fhorbairt amhail fothú acmhainneachta, malartuithe leis an tsochaí óstach, feachtais ardaithe feasachta nó comhar agus foghlaim fhrithpháirteach idir na Ballstáit maidir le lánpháirtiú náisiúnach tríú tír atá ag fanacht go dleathach ar chríoch an Aontais.

Ina theannta sin, rannchuidiú airgeadais a bheidh sa Chiste le beartas éifeachtach maidir le filleadh, beartas ar rud riachtanach é le córas dea-bhainistithe imirce a bheith ann laistigh den Aontas. Ina theannta sin, is gá é chun comhlánú a dhéanamh ar bheartas inchreidte maidir le himirce dhleathach agus tearmann, agus is uirlis thábhachtach é sa chomhrac i gcoinne na himirce neamhrialta.

Tabharfaidh an Ciste tacaíocht agus spreagadh d'iarrachtaí na mBallstát d'fhonn cur chun feidhme éifeachtach a dhéanamh ar Threoir 2008/115/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 1 , agus beidh filleadh níos gasta ceangailte le hurramú na nósanna imeachta agus na gcaighdeán a chuireann ar a cumas don Eoraip cóir dhaonna dhíniteach a áirithiú d'fhillithe mar aon le húsáid chomhréireach bearta comhéigneacha, i gcomhréir le bearta bunúsacha agus prionsabal an nonrefoulement. Ar mhaithe le beartais inbhuanaithe maidir le filleadh, tacóidh an Ciste le cur chuige comhtháite agus comhordaithe maidir le filleadh a bhainistiú agus comhar le tríú tíortha chun an noibleagáidí a chomhlíonadh trí thacaíocht a thabhairt amhail fothú acmhainneachta le haghaidh filleadh a bhainistiú, faisnéis agus feachtais feasachta, agus tacaíocht le haghaidh bearta athlánpháirtíochta.

Tabharfaidh an Ciste aghaidh ar na riachtanais atá fós ann i réimsí an tearmainn, an lánpháirtithe agus an fhillte, agus ag an am céanna coigeartófar a scóip chun go dtacófar leis na forbairtí a thiocfaidh agus le sainorduithe na Gníomhaireachta Eorpaí um an nGarda Teorann agus Cósta agus na Gníomhaireachta um Thearmann a bheidh ag an Aontas Eorpach amach anseo. Tá comhar le tíortha nach bhfuil san Aontas agus le heagraíochtaí idirnáisiúnta ríthábhachtach chun na spriocanna sin a bhaint amach. Beidh an Ciste in ann tacú le gníomhaíocht maidir leis an ngné sheachtrach, mar chomhlánú ar ghníomhaíocht a dtacóidh na hiomstraimí seachtracha ábhartha léi.

Is é an príomhdhúshlán a bhfuil sé i gceist aghaidh a thabhairt air sa togra an gá atá le breis solúbthachta i mbainistiú an Chiste, i gcomparáid leis an gclárthréimhse reatha, ach, chomh maith leis sin, uirlisí lena áirithiú go ndéanfar cistiúchán a stiúradh i dtreo thosaíochtaí AE agus i dtreo gníomhaíochtaí lena gcuirfear breisluach suntasach ar fáil don Aontas. Tá gá, dá bhrí sin, le sásraí nua chun cistiú a leithdháileadh i measc bainistíocht chomhroinnte, dhíreach agus indíreach chun aghaidh a thabhairt ar dhúshláin agus ar thosaíochtaí nua.

Is í an tsolúbthacht i ndáil le dáileadh cistiúcháin an bunriachtanas atá ann maidir leis an modh ceart soláthair agus na téamaí ar cheart cistiúchán a leithdháileadh orthu a chinneadh, agus san am céanna, mais chriticiúil de chistiúchán láithreach a choinneáil i gcomhair infheistíocht struchtúrach agus i gcomhair infheistíochtaí móra ilbhliantúla i gcomhréir le riachtanais na mBallstát maidir le tuilleadh forbartha a dhéanamh ar a gcórais imirce. Cuirfear san áireamh go hiomlán freisin i leithdháileadh an chistiúcháin an gá atá leis na Ballstáit a bheith i gcomhréir go hiomlán le acquis an Aontais agus an gá atá ann infheistíochtaí a dhíriú ar phríomhthosaíochtaí an Aontais.

Beidh leithdháileadh an chistithe ar chláir na mBallstát comhdhéanta de mhéid seasta EUR 5 000 000 agus de mhéid a leithdháilfear bunaithe ar eochair dháileacháin lena léireofar na riachtanais atá ag na Ballstáit, agus na brúnna atá orthu, i dtrí phríomhréimse a chumhdaíonn an Ciste: tearmann, imirce dhleathach agus lánpháirtíocht agus cur i gcoinne imirce neamhrialta lena náirítear filleadh.

Leis an eochair dháileacháin cuirfear san áireamh 'stoic' agus 'sreabha' éagsúla na gcatagóirí agus léireofar na sainiúlachtaí sin idir na Ballstáit sa chás go bhféadfadh brúnna níos airde a bheith ar chuid acu maidir le filleadh agus ar chuid eile acu maidir le lánpháirtiú agus go nimrítear tionchar difriúil orthu ag céimeanna éagsúla de ghlacadh na náisiúnach tríú tír. Tá sé beartaithe ualú 30% a thabhairt do réimse an tearmainn, 30% do réimse na himirce dleathaí agus na lánpháirtíocht agus 40% don chur i gcoinne na himirce neamhrialta lena náirítear filleadh. Sa chomhthéacs sin, faoi chuimsiú an tearmainn, tá sé beartaithe ualú 60% a thabhairt do líon na niarratas céaduaire ar thearmann, ualú 30% do líon na ndaoine i mBallstát a bhfuil stádas cosanta idirnáisiúnta acu agus ualú 10% do líon na ndaoine arna nathlonnú. I réimse na lánpháirtíochta, tugtar ualú 60% do líon na gceadanna cónaithe céaduaire agus 40% do líon iomlán na náisiúnach tríú tír i mBallstát i mbliain áirithe. Maidir leis na critéir do chur i gcoinne na himirce neamhrialta lena náirítear filleadh, cuirtear san áireamh iontu líon na norduithe imeachta (50%) agus líon na bhfilltí éifeachtacha (50%) sa dóigh go gcuirfear san áireamh cás sonrach an Bhallstáit ar leith.

Is é atá sa sciar do chláir na mBallstát 60 % d'imchlúdach airgeadais iomlán an Chiste. Tá sé beartaithe go gcuirfear 50 % den imchlúdach ar fáil do na Ballstáit i dtús na clárthréimhse, agus, san am céanna, go bhféadfar an timchlúdach a bhreisiú ó am go ham go fóill féin. Tá sé beartaithe go ndéanfar breisiú seasta amháin de 10 % den imchlúdach ag an meántéarma (coigeartú teicniúil ar an eochair dháileacháin faoi réir feidhmíocht airgeadais ar dá réir ba cheart don Bhallstáit éilimh ar íocaíochtaí a bheith déanta aige, ar éilimh iad lena gcumhdaítear 10 % ar a laghad de mhéid tosaigh na leithreasuithe i gcomhair íocaíochta).

Ba cheart an 40 % atá fanta a bhainistiú trí shaoráid théamach, a chuirfidh cistiúchán ar fáil ó am go ham do roinnt tosaíochtaí arna sainiú i gcinntí maoinithe an Choimisiúin. Cuireann an tsaoráid sin solúbthacht ar fáil maidir le bainistiú na hionstraime mar go gceadaítear léi cistí a íoc amach leis an gcúnamh teicniúil ar thionscnamh an Choimisiúin agus na comhpháirteanna seo a leanas den tsaoráid théamach:

·tacaíocht do ghníomhaíochtaí sonracha, lena gcuirfear cistiúchán breise ar fáil i gcomhair gníomhaíochtaí tiomnaithe a mbeidh breisluach ard AE ag baint leo, trí chláir na mBallstát; sa chomhthéacs sin, tabharfaidh aird shonrach ar fhilleadh éifeachtach a chur chun cinn;

·tacaíocht do ghníomhaíochtaí AE, arna mbainistiú trí bhainistíocht dhíreach agus trí bhainistíocht indíreach;

·tacaíocht d'athlonnú agus na hiarrachtaí dlúthpháirtíochta agus freagrachta idir na Ballstáit;

·cúnamh éigeandála; agus

·tacaíocht do Ghréasán Imirce na hEorpa.

Dhéanfaí gníomhaíochtaí faoin tsaoráid théamach a chlárú trí chláir oibre bhliantúla nó ilbhliantúla, arna nglacadh le Cinneadh Cur Chun Feidhme ón gCoimisiún. De bharr na saoráide sin beifear ábalta aghaidh a thabhairt ar thosaíochtaí nua chun gníomhaíocht phráinneach a ghlacadh tríd an modh soláthair is fearr a oirfidh don chuspóir beartais.

Déanfar tuilleadh simplithe a áirithiú le cur feidhme bhainistiú an Chiste go háirithe trí chur chuige comhtháite a áirithiú le rialacha a mbeidh feidhm acu maidir le Cistí eile de chuid an Aontais a bhainistiú (‘leabhar rialacha aonair’), trí threoir níos fearr a chur ar fáil maidir leis na córais bhainistithe agus rialaithe agus maidir le ceanglais iniúchóireachta, agus trína áirithiú go mbainfear úsáid iomlán as roghanna costais simplithe sna rialacha incháilitheachta faoin mbainistíocht chomhroinnte.

Tá sé tábhachtach uasmhéadú a dhéanamh ar bhreisluach AE i réimse an bhainistithe imirce agus creat feabhsaithe i ndáil le faireachán agus le meastóireacht a chur chun feidhme chun an bhainistíocht bunaithe ar fheidhmíocht a neartú. Chun tacú le hiarrachtaí cur chuige cuimsitheach a áirithiú maidir le bainistiú imirce ar bhonn dlúthpháirtíochta agus freagrachta idir na Ballstáit agus institiúidí an Aontais agus chun cuspóir a ghnóthú mar atá a áirithiú go bhfuil beartas coiteann inbhuanaithe ag an Aontas maidir le tearmann agus imirce, ba cheart Ciste Tearmainn agus Imirce (CTI) a bhunú chun acmhainní airgeadais leordhóthanacha a thabhairt do na Ballstáit.

Foráiltear leis togra seo gurb é an 1 Eanáir 2021 an dáta teacht i bhfeidhm agus tá sé á thíolacadh d’Aontas ina mbeidh 27 mBallstát, i gcomhréir leis an bhfógra a fuair an Chomhairle Eorpach an 29 Márta 2017 ón Ríocht Aontaithe go bhfuil sé beartaithe ag an Ríocht Aontaithe tarraingt siar ón Aontas Eorpach agus ó Euratom bunaithe ar Airteagal 50 den Chonradh ar an Aontas Eorpach.

   Comhsheasmhacht le forálacha beartais atá sa réimse beartais cheana

Leis an Rialachán seo lena mbunaítear an Ciste Tearmainn agus Imirce, tógfar ar na hinfheistíochtaí agus ar an méid a gnóthaíodh le tacaíocht na nionstraimí a tháinig roimhe: an Ciste Eorpach um Dhídeanaithe 2 , an Ciste Eorpach chun Náisiúnaigh Tríú Tír a Lánpháirtiú 3 agus an Ciste Eorpach um Fhilleadh 4 don tréimhse 2007-2013 agus an Ciste um Thearmann, Imirce agus Lánpháirtíocht a bunaíodh le Rialachán (AE) Uimh. 516/2014 5 don tréimhse 2014-2020.

Coinneoidh an Ciste tacaíocht le beartais fhoriomlána an Aontais i réimse na himirce, na lánpháirtíochta agus an fhillte, amhail tacaíocht chun an Comhchóras Eorpach Tearmainn (lena náirítear an ghné sheachtrach de) a neartú agus a fhorbairt, tacaíocht le haghaidh dlúthpháirtíocht agus comhroinnt freagrachta idir na Ballstáit, go háirithe i bhfabhar iad siúd is mó a dhéanann sreabha imirce agus tearmainn difear dóibh, tacaíocht le haghaidh imirce dhleathach chuig na Ballstáit agus forbairt straitéisí inimirce réamhghníomhacha a léiríonn meas ar phróiseas lánpháirtíochta náisiúnach tríú tír, tacaíocht chun acmhainneacht na mBallstát a mhéadú agus straitéisí córa éifeachtacha maidir le filleadh a chur chun cinn agus forbairt comhpháirtíochtaí agus comhair le tíortha nach bhfuil san Aontas.

Mar sin féin, le haghaidh beartas an Aontais maidir le himirce a dhéanamh níos láidre is gá gníomhaíocht feadh speictream iomlán na nuirlisí atá le fáil. Ó thaobh sin de, an obair a dhéanfaidh na Ballstáit le tacaíocht na gCistí, beidh sí níos éifeachtaí má tá gníomhaíochtaí ábhartha ghníomhaireachtaí an Aontais ina gcomhlánú uirthi agus ina dtaca di, go háirithe an Oifig Eorpach Tacaíochta do Chúrsaí Tearmainn (EASO) agus an Ghníomhaireacht Eorpach um an nGarda Teorann agus Cósta a mbeidh ról tábhachtach acu maidir le sainaithint laigí agus tacaíocht a thabhairt do na Ballstáit chun dul i ngleic leis na laigí sin, lena náirítear dul i ngleic leo le hoibríochtaí comhpháirteacha, oiliúint agus imscaradh saineolais.

Beidh obair an Chiste lánchomhlántach leis na gníomhaireachtaí sin a bhfuil treisiú mór ar a mbuiséad beartaithe don tréimhse atá le teacht. Ina Theachtaireacht Buiséad Nua-don Aontas sin a chumhdaíonn, a chumhachtaíonn agus a chosnaíonn, tá sé beartaithe ag an gCoimisiún suim EUR 865 000 000 (i bpraghsanna reatha) a leithdháileadh ar ghníomhaireachtaí an Aontais i réimse na himirce 6 . Ní chumhdaíonn an Rialachán seo an maoiniú a thugtar do na gníomhaireachtaí sin. Cinntear a gcistiú sa nós imeachta buiséadach bliantúil rialta. Thairis sin, tá sé beartaithe ag an gCoimisiún EUR 12 013 000 000 (i bpraghsanna reatha) chun tacú le méadú mór ar an nGníomhaireacht Eorpach um an nGarda Teorann agus Cósta, chun í a dhéanamh lánoibritheach, le cór seasta de thart ar 10,000 garda teorainn 7 agus Gníomhaireacht Eorpach dea-fheidhmitheach chun bainistiú oibríochtúil a dhéanamh ar chórais TF mhórscála i réimse na saoirse, na slándála agus an cheartais (eu-LISA).

Comhsheasmhacht le beartais eile de chuid an Aontais

Braitheann beartas imirce an Aontais, agus thairis sin an Ciste Tearmainn agus Imirce, ar na sineirgí agus an chomhsheasmhacht idir bheartais ábhartha an Aontais amhail bainistiú teorainneacha, slándáil inmheánach, cuimsiú sóisialta agus lánpháirtiú náisiúnach tríú tír agus beartais sheachtracha de chuid an Aontais lena dtacaítear le tríú tíortha.

Mar gheall ar éagsúlacht na neilimintí a bhaineann le bainistiú imirce, is gá cur chuige comhordaithe ó roinnt ionstraimí cistiúcháin de chuid an Aontais a thacóidh le cur chun feidhme na ngnéithe seachtracha agus inmheánacha de bheartas an Aontais. Tá ról tábhachtach ag ionstraimí seachtracha an Aontais maidir le dul i ngleic le bunchúiseanna na himirce, rochtain ar chosaint idirnáisiúnta a áirithiú, bainistiú teorainneacha a fheabhsú agus iarrachtaí a dhéanamh sa chomhrac i gcoinne smuigleáil imirceach agus gáinneáil daoine, tacaíocht a thabhairt do chur chun feidhme na ngníomhaíochtaí maidir le filleadh chomh maith le bainistiú bheartas imirce dleathaí an Aontais. Dá bhrí sin, réimse fócais a bheidh san imirce i dtograí an Aontais le hagaidh ionstraimí seachtracha an Aontais. Ba cheart bearta i dtríú tíortha agus maidir le tríú tíortha a fhaigheann tacaíocht tríd an gCiste a chur chun feidhme ar bhonn sineirgíocht iomlán agus comhleanúnachas le gníomhaíochtaí eile lasmuigh den Aontas agus ba cheart na bearta sin a bheith ina gcomhlánú ar ghníomhaíochtaí eile a fhaigheann tacaíocht trí ionstraimí maoinithe sheachtraigh an Aontais. Agus gníomhaíochtaí den sórt sin á gcur chun feidhme, ba cheart, go háirithe, iarracht a dhéanamh teacht ar chomhleanúnachas iomlán le prionsabail agus le cuspóirí ginearálta de chuid ghníomhaíocht sheachtrach agus bheartas eachtrach an Aontais a bhaineann leis an tír nó leis an réigiún atá i gceist. Maidir leis an ngné sheachtrach, ba cheart tacaíocht ón gCiste a dhíriú ar chomhar a fheabhsú le tríú tíortha agus ar phríomhghnéithe a threisiú, ar príomhghnéithe iad a bhaineann lena gcumais i ndáil le himirce i réimsí ar díol suime iad ó thaobh bheartas imirce an Aontais de.

I gCiste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa (CFRE) agus i gCiste Sóisialta na hEorpa Plus (CSE+), ar an taobh eile, tá forálacha tábhachtacha lena gcumhdaítear lánpháirtíocht fhadtéarmach náisiúnach tríú tír, ach is ar bhearta lánpháirtíochta luaithe a dhíreoidh an ciste seo. Déanfaidh cláir eile, an Ciste Eorpach Talmhaíochta um Fhorbairt Tuaithe (CETFT) agus Erasmus+ mar shampla, na forálacha a bhaineann le himircigh agus le dídeanaithe a neartú freisin. Caithfidh na hionstraimí sin uile oibriú as lámh a chéile chun tionchar na tacaíochta a thabharfaidh siad a uasmhéadú.

Áiritheofar freisin go mbeidh sineirgí ann leis an gCiste um Cheartas, Cearta agus Luachanna a rannchuidíonn le tosaíochtaí agus le cuspóirí a bhaineann le bainistiú níos fearr ar an imirce, cur chun cinn an chuimsithe agus an dul i ngleic le gáinneáil daoine. Ina theannta sin, lorgófar comhsheasmhacht agus sineirgí leis an Ionstraim um Bainistiú Teorainneacha agus um Viosaí mar chuid den Chiste um Bainistiú Comhtháite Teorainneacha agus den Chiste Slándála Inmheánaí de bhreis ar na Cistí thuasluaite.

2.BUNÚS DLÍ, COIMHDEACHT AGUS COMHRÉIREACHT

Bunús dlí

Foráiltear le hAirteagal 3(2) den Chonradh ar an Aontas Eorpach go ‘gcuirfidh an tAontas ar fáil dá shaoránaigh limistéar saoirse, slándála agus ceartais, gan teorainneacha inmheánacha, ina náiritheofar saorghluaiseacht daoine i dteannta le bearta iomchuí maidir le rialuithe ar theorainneacha seachtracha, tearmann agus inimirce, maille leis an gcoirpeacht a chosc agus a chomhrac’.

Féadfar an bunús dlí don ghníomhaíocht atá beartaithe ag an Aontas a fháil sa liosta bearta atá in Airteagal 77(2) agus in Airteagal 79(2)(d) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE), amhail an comhbheartas maidir le víosaí, na seiceálacha ar dhaoine ag na teorainneacha seachtracha, aon bhearta chun córas bainistithe chomhtháite a bhunú de réir a chéile do na teorainneacha seachtracha agus gáinneáil ar dhaoine a chomhrac.

Chomh maith leis sin, dírítear aird ar Airteagal 80 CFAE, lena gcuirtear in iúl go láidir go mbeidh na beartais sin de chuid an Aontais a leagtar amach i gCaibidil 2 de Theideal V de Chuid a Trí de CFAE agus a gcur chun feidhme faoi rialú ag prionsabal na dlúthpháirtíochta agus chomhroinnt chóir na freagrachta, lena náirítear na himpleachtaí airgeadais a bhaineann leis, idir na Ballstáit.

Ina theannta sin, ghlac an Coimisiún togra an 29 Bealtaine 2018 maidir le Rialachán na bhForálacha Coiteanna 8 , chun comhordú na tacaíochta faoi bhainistíocht chomhroinnte a fheabhsú agus chun cur chun feidhme na tacaíochta sin a chomhchuibhiú, agus é mar phríomhaidhm aige sin soláthar beartais a shimpliú. Cumhdaítear an chuid sin de CTI ar bainsitíocht chomhróinnte é faoi na forálacha coiteanna sin.

Na cistí éagsúla atá faoi bhainistíocht chomhroinnte, saothraíonn siad cuspóirí comhlántachta agus is ionann a modh bainistíochta, agus dá bhrí sin le Rialachán (AE) Uimh. .../.. [Rialachán na bhForálacha Coiteanna] leagtar amach sraith prionsabal ginearálta amhail an chomhpháirtíocht. Tá gnéithe coiteanna na pleanála straitéisí agus an chlársceidealaithe sa Rialachán sin freisin, lena náirítear forálacha maidir leis an gComhaontú Comhpháirtíochta atá le tabhairt i gcrích le gach Ballstát, agus leagtar amach leis cur chuige comhchoiteann maidir le treoshuíomh feidhmíochta na gCistí. Dá réir sin, tá coinníollacha cumasaithe san áireamh ann, agus socruithe maidir le faireachán, tuairisciú agus measúnú. Leagtar amach forálacha coiteanna freisin i ndáil le rialacha incháilitheachta, le bainistíocht airgeadais agus le socruithe maidir le bainistíocht agus rialú.

Beidh an Ciste ar oscailt do chomhlachas tríú tíortha eile, i gcomhréir leis na coinníollacha a leagtar síos i gcomhaontú sonrach lena gcumhdaítear rannpháirtíocht an tríú tír sa Chiste Tearmainn agus Imirce, lena sonrófar a ranníocaíochtaí agus a sochair agus a gcoinníollacha rannpháirtíochta.

Coimhdeacht (maidir le hinniúlacht neamheisiach)

Baineann dúshláin le bainistiú sreabh imirce atá ag éirí níos trasnáisiúnta agus ar minic iad ar scála nach féidir leis na Ballstáit déileáil leo ag gníomhú dóibh ina naonar. Ós rud é go dteastaíonn acmhainní agus cumais nach beag ó na Ballstáit chun déileáil le himirce agus d'fhonn cur chuige cuimsitheach atá bunaithe ar mhuinín frithpháirteach, ar dhlúthpháirtíocht, ar chomhroinnt freagrachta, ar chomhar agus ar chomhordú idir na Ballstáit agus institiúidí an Aontais a áirithiú, is léir go mbaineann breisluach le hidirghabháil an Aontais sa réimse seo agus le húsáid bhuiséad an Aontais.

Sa chomhthéacs sin, meastar go mbainfidh breisluach leis an gCiste Tearmainn agus Imirce toisc go náiritheoidh sé go mbainfear úsáid níos éifeachtúla as cistí poiblí tríd an gComhchóras Eorpach Tearmainn a neartú trí rialacha coiteanna agus nósanna imeachta coiteanna a leagan síos,trí chur le hacmhainneacht na mBallstát chun daoine a bhfuil cosaint idirnáisiúnta de dhíth orthu a ghlacadh, trí úsáid bealaí dleathacha a chur chun cinn i measc imirceach, trí iomaíochas fadtéarmach an Aontais a áirithiú mar aon le todhchaí a shamhla sóisialta, trí tacaíocht a thabhairt do lánpháirtiú náisiúnach tríú tír atá ag fanacht go dleathach agus trí na dreasachtaí a laghdú a spreagann an imirce neamhrialta le beartas inbhuanaithe maidir le filleadh agus athligean isteach.

Maidir leis an ngné sheachtrach de Ghnóthaí Baile, tá comhpháirtíochtaí agus comhar le tríú tíortha ina ndlúthchuid de bheartas imirce a Aontais chun a áirithiú go ndéantar bainistiú iomchuí ar shreabha imirce agus chun dlúthpháirtíocht a léiriú le tríú tíortha atá faoi bhrú imirce, le tionscnaimh athlonnaithe. Is léir go méadóidh glacadh beart agus comhthiomsú acmhainní ar leibhéal an Aontais go suntasach tionchar an Aontais faoi mar atá riachtanach chun cur ina luí ar thríú tíortha dul i mbun plé leis maidir leis na saincheisteanna sin a bhaineann le himirce atá ina nábhar spéise go príomha don Aontas agus do na Ballstáit.

Urramaítear leis an togra prionsabal na coimhdeachta, toisc go gcuirfear an chuid is mó den mhaoiniú chun feidhme i gcomhréir le prionsabal na bainistíochta comhroinnte agus de réir inniúlachtaí institiúideacha na mBallstát, agus ag an am céanna aithnítear gur cheart go ndéanfaí idirghabhálacha ar leibhéal iomchuí agus nár cheart ról an Aontais dul thar a bhfuil riachtanach.

Comhréireacht

Tá prionsabal na comhréireachta á chomhlíonadh leis an togra agus tagann sé faoin raon feidhme do ghníomhaíocht i réimse na saoirse, na slándála agus an cheartais, mar a shainmhínítear i dTeideal V de CFAE. Tá na cuspóirí agus leibhéil an chistiúcháin chomhfhreagraigh i gcomhréir lena bhfuiltear ag iarraidh a ghnóthú leis an ionstraim. Leis na gníomhaíochtaí atá beartaithe leis an togra seo tugtar aghaidh ar an ngné Eorpach de thearmann agus imirce.

An rogha ionstraime

Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena mbunaítear Ciste Tearmainn agus Imirce.

3.TORTHAÍ Ó MHEASTÓIREACHTAÍ EX POST, Ó CHOMHAIRLIÚCHÁIN LEIS NA PÁIRTITHE LEASMHARA AGUS Ó MHEASÚNUITHE TIONCHAIR

Meastóireachtaí siarghabhálacha/seiceálacha oiriúnachta ar an reachtaíocht atá ann cheana

Cuirtear san áireamh leis an togra torthaí na meastóireachtaí ar an ionstraim chistiúcháin a bhí ann cheana. Tá sé bunaithe ar an meastóireacht ex post ar an gCiste Eorpach um Dhídeanaithe, an Ciste Eorpach um Lánpháirtiú agus an Ciste Eorpach um Fhilleadh 9 agus ar an meastóireacht eatramhach ar CTIL (chlárthréimhse 2014-2020). I gcomhthéacs na gcritéar meastóireachta éagsúla, is iad seo a leanas na torthaí a fuarthas:

Ó thaobh na héifeachtachta de, bhí ról tábhachtach ag CTIL maidir le feabhas a chur ar chórais dídine agus neartú a dhéanamh ar an acmhainneacht ghlactha sna Ballstáit. Mar gheall ar ghéarchéim na himirce, tugadh tosaíocht ar leith do réimse an tearmainn in a lán tíortha. Ina theannta sin, rinne CTIL dul chun cinn nach beag i ndáil leis na daoine is leochailí, lena náirítear mionaoisigh neamhthionlactha, agus dídeanaithe agus iarrthóirí tearmainn i réigiúin amhail an Afraic thuaidh agus Corn na hAfraice, rud a mhéadaigh infheictheacht na gné seachtraí de. Mar sin féin, níl mórán fianaise ann gur tháinig méadú ar an acmhainneacht chun córais tearmainn a fhorbairt agus faireachán agus meastóireacht a dhéanamh orthu, agus, cé go bhfuil dul chun cinn déanta ag clár athlonnaithe an Aontais, níl ach rannchuidiú teoranta déanta aige le bunú, forbairt agus cur chun feidhme clár náisiúnta maidir le hathlonnú.

Tá dul chun cinn maithe déanta ag CTIL maidir le lánpháirtiú náisiúnach tríú tír, óir tugadh tosaíocht do a lán bearta gearrthéarmacha lánpháirtíochta de rogha bearta fadtéarmacha, ach is teoranta an dul chun cinn atá déanta go dtí seo maidir le himirce dhleathach, mar gheall ar chúinsí comhthéacsacha ní foláir. Ní léir torthaí na mbeart sin go fóill, óir is próiseas fadtéarmach í an lánpháirtíocht.

Straitéisí córa, inbhuanaithe agus éifeachtacha a fhorbairt maidir le filleadh, is cuspóir é sin a bhfuil méadú tagtha ar a thábhacht i bhformhór na mBallstát agus, cé go bhfuil na rátaí maidir le filleadh deonach agus filleadh éigeantach araon ag méadú go seasta le tacaíocht ón gCiste, léiríonn taighde go bhfuil rannchuidiú teoranta déanta ag CTIL le cur chun feidhme éifeachtach straitéisí maidir le filleadh.

Neartaíodh dlúthpháirtíocht agus comhroinnt freagrachta idir na Ballstáit, trí chúnamh éigeandála, sásraí le haghaidh athshuíomh agus cláir athlonnaithe an Aontais go príomha. Léiríonn an taighde atá ar fáil go ndearna na cláir náisiúnta rannchuidiú teoranta le haistriú iarrthóirí tearmainn agus le haistriú tairbhithe cosanta idirnáisiúnta, i gcomparáid leis an sásra um athshuíomh.

Tá cuidiú nach beag tugtha ag CTIL do na Ballstáit le linn éigeandálaí, trí chúnamh éigeandála go príomha, agus ba ghléas ríthábhachtach é sin chun dlúthpháirtíocht a neartú. Ar an dóigh sin, éascaíodh gníomhaíocht thapa spriocdhírithe, a bhí i gcomhordú agus i sineirge leis an Ionstraim Tacaíochta Éigeandála 10 .

Ar an iomlán, léiríonn an mheastóireacht, laistigh de theorainneacha na sonraí a bhí ar fáil, gur gnóthaíodh torthaí an Chiste ar chostas réasúnach ó thaobh acmhainní daonna agus airgeadais. Cé gur cuireadh moill ar thosú chur chun feidhme na gclár náisiúnta, tá an chuma ar an scéal go bhfuil cur chun feidhme foriomlán an Chiste ar an mbóthar ceart, toisc gur líon cúnamh éigeandála an bhearna chistiúcháin agus gur riaradh ar an dóigh sin ar na riachtanais láithreacha, agus toisc gur glacadh cur chuige solúbtha maidir le bainistiú an Chiste. Bhí na bearta bainistíochta agus rialaithe iomchuí agus éifeachtach freisin, agus chuimsigh siad sásraí dochta a d'áirithigh go gcuirfí an Ciste chun feidhme i gceart agus go gcoiscfí calaois agus neamhrialtachtaí.

Faoi láthair, níl mórán fianaise ann gur laghdaíodh go mór an tualach riaracháin, cé go ndearnadh roinnt simplithe le CTIL i gcomparáid leis an am a chuaigh thart. Tugadh isteach roinnt nósanna imeachta nua maidir le riarachán agus bainistíocht, ag cur san áireamh an méid a foghlaimíodh leis an cistí roimhe sin. Orthu sin bhí glacadh na dtreoirlínte agus an bhosca uirlisí maidir leis an rialáil níos fearr, agus bailiú táscairí chun tomhas níos iomchuí ar fheidhmíocht a áirithiú.

Ar an iomlán, measann na tairbhithe go bhfuil formhór na mbeart nuálach (e.g. roghanna costais simplithe, clársceidealú ilbhliantúil) anfhónta agus tá an chuma ar an scéal gur cuireadh simpliú i bhfeidhm. D'ainneoin na bhfeabhsuithe maidir le simpliú, tá an chuma ar an scéal gur ualach riaracháin measartha nó ard is toradh ar na rialacha náisiúnta agus na nósanna imeachta náisiúnta a bhfuil feidhm acu faoi na cláir náisiúnta, rud a chuireann isteach ar an éifeachtúlacht.

D'ainneoin na ndúshlán, tá CTIL fós anábhartha, óir tá sé léirithe aige go bhfuil sé solúbtha, fairsing agus uileghabhálach a dhóthain le freastal a riachtanais éagsúla, agus tá na cláir náisiúnta i gcomhréir le riachtanais na mBallstát. Mar sin féin, i bhfianaise na riachtanas athraitheach a bhí ag na Ballstáit le linn na tréimhse cur chun feidhme is gá tuilleadh solúbthachta maidir leis na leithdháiltí airgeadais. Tá anéagsúlacht riachtanais ann ó Bhallstát go Ballstát agus i réimsí éagsúla (i.e. tearmann, lánpháirtíocht agus filleadh), agus baineann luaineacht lena méid agus lena scóip, ach is ag méadú a bhíonn siad i gcoitinne. Tugadh tosaíocht do réimse an tearmainn ina lán tíortha. De thoradh ghéarchéim na himirce, níorbh ionann scála CTIL ar deireadh agus an scála a bhí beartaithe ag an tús, agus níor leor an leibhéal cistiúcháin a bhí ann ag an tús.

Rinneadh bearta le linn ceapadh, pleanáil agus clársceidealú an Chiste chun a áirithiú go mbeadh sé comhsheasmhach, comhlántach agus ailínithe le hionstraimí airgeadais eile de chuid an Aontais agus leis na príomhstraitéisí beartais ábhartha de chuid an Aontais. Le linn chéim an chur chun feidhme, d'áirithigh an Coimisiún go núsáidfí ar bhealach comhordaithe na cistí de chuid an Aontais a raibh cuspóirí inchurtha acu. Ar an leibhéal náisiúnta, d'fhonn comhsheasmhacht agus comhlántacht a áirithiú chuir formhór mór na mBallstát sásraí comhordúcháin ar bun, i bhfoirm coistí faireacháin go príomha inar tugadh le chéile na húdaráis a bhí rannpháirteach i gcur chun feidhme na gcistí.

Mar sin féin, tá an chuma ar an scéal go bhfuil spás ann leis an gcumarsáid a fheabhsú ó thaobh comhsheasmheacht inmheánach idir sásraí cur chun feidhme éagsúla CTIL de, óir bhí tairbhithe áirithe ann nach raibh róeolach ar na gníomhaíochtaí agus na tionscadail a dtugann creat CTIL tacaíocht dóibh, go háirithe gníomhaíochtaí an Aontais agus cúnamh éigeandála. Ina ainneoin sin, is beag fianaise atá ann gur tharla neamhréir, forluí nó dúbailt, go hinmheánach ná go seachtrach.

Ar an iomlán, ghin CTIL breisluach AE nár bheag, d'ainneoin é a bheith sách beag i dtaca leis na dúshláin a bhain leis an ngéarchéim a tharla le linn na tréimhse seo. Eascraíonn na príomhshochair ar leibhéal an Aontais ón ngné thrasnáisiúnta a bhaineann le gníomhaíochtaí áirithe (gníomhaíochtaí an Aontais agus Gréasán Imirce na hEorpa) agus comhroinnt ualaí ar leibhéal an Aontais, lena dtacaítear go háirithe trí chúnamh éigeandála agus an sásra maidir le hathshuíomh faoi chláir náisiúnta, agus is cruthúnas iad an dá rud sin gur cuireadh prionsabal na dlúthpháirtíochta i bhfeidhm.

Bhain breisluach AE suntasach le CTIL ó thaobh an méid seo a leanas de:

(i)    bainistiú éifeachtach éifeachtúil a áirithiú ar shreabha imirce ar leibhéal an Aontais (éifeachtaí méid);

(ii)    feabhsú na nósanna imeachta maidir le bainistiú imirce agus méadú an eolais agus na hacmhainneachta (éifeachtaí próisis);

(iii)    na Ballstáit a chumasú níos mó imirceach, iarrthóirí tearmainn, dídeanaithe agus náisiúnaigh tríú tír a bhaint amach (éifeachtaí scóipe); agus

(iv)    nualaíochtaí arna nginiúint ar an leibhéal náisiúnta agus ar an leibhéal Eorpach trí chur chun feidhme na ngníomhaíochtaí (éifeachtaí róil).

Ba mheasaide cáilíocht na freagartha a thug an tAontas ar ghéarchéim na himirce agus cumas na mBallstát comhoibriú agus réitigh a chur chun feidhme, murach cistiú ó CTIL. Dá gcuirfí isteach ar an tacaíocht is dócha go mbeadh iarmhairtí diúltacha móra ann agus go laghdófaí scóip agus cáilíocht na ngníomhaíochtaí a chuirfí chun feidhme, agus go gcuirfí moill ar chur chun feidhme na ngníomhaíochtaí nó go gcuirfí ar fionraí é fiú, lena náirítear cur i bhfeidhm phrionsabail na dlúthpháirtíochta, na comhroinnte ualaí agus na muiníne frithpháirtí.

Thug CTIL anaird ar an inbhuanaitheacht, le sásraí a cuireadh i bhfeidhm le linn chéimeanna an clársceidealaithe agus an chur chun feidhme i sásraí éagsúla cur chun feidhme, cé gur lú sin i gcás an chúnaimh éigeandála (mar gheall ar nádúr na ngníomhaíochtaí). Ba cheart níos mó aird a thabhairt ar chritéir inbhuanaitheachta agus idirghabhálacha CTIL á gceapadh.

Inbhuanaitheacht éifeachtaí ngníomhaíochtaí (éifeachtaí a mhaireann tar éis dheireadh na hidirghabhála) agus inbhuanaitheacht airgeadais (gníomhaíochtaí ab fhéidir a leanúint ar aghaidh tar éis dheireadh bhliain mhaoiniúcháin CTIL), bíonn siad éagsúil ag brath ar an sásra cur chun feidhme, an Ballstáit agus an cuspóir sonrach, agus tá siad spleách ar chur chuige iomlánaíoch a ghlacadh. Is dócha gur éagsúil a bheidh inbhuanaitheacht na néifeachtaí ar na spriocghrúpaí ag brath ar na réimsí fócais – is dócha go mairfidh torthaí lánpháirtíochta agus tearmainn má théann siad i ngleic le riachtanais fhadtéarmacha, agus is inbhuanaithe torthaí maidir le filleadh má tá siad bunaithe ar scéimeanna maidir le filleadh deonach agus má tá iarrachtaí ar son athlánpháirtiú ag tacú leo.

Comhairliúcháin leis na páirtithe leasmhara

Bhí dhá chomhairliúchán oscailte thiomnaithe phoiblí maidir le cistí AE i réimsí na himirce agus na slándála ar siúl ón 10 Eanáir 2018 go dtí an 9 Márta 2018. Ar an iomlán, leag na freagróirí béim ar an ngá a bhí le simpliú maidir le hionstraimí maoiniúcháin gnóthaí baile a sholáthar, le solúbthacht bhreise (i ndáil leis an gcumas freagairt don imirce agus do ghéarchéimeanna a bhaineann le slándáil go háirithe) agus le cistiúchán agus tacaíochta bhreise i réimsí ina bhfuil leibhéil arda comhroinnte freagrachtaí (tearmann agus bainistiú teorainneacha) agus/nó comhar idir na Ballstáit agus leis na gníomhaireachtaí gnóthaí baile. Deir na freagraí go bhféadfar éifeachtacht agus éifeachtúlacht ionstraimí cistiúcháin, chomh maith le breisluach AE, a fheabhsú leis na bearta sin. Tharraing na páirtithe leasmhara aird freisin ar an ngá a bhí le luamhánacht bhreise maidir le beartas gnóthaí baile i dtríú dtíortha.

Chuathas i gcomhairle le húdaráis fhreagracha na mBallstát faoi chuimsiú Choiste CTIL-CSI. Chuir na Ballstáit ionchur ar fáil maidir leis na príomhthosaíochtaí cistiúcháin, le fadhbanna, le hailtireacht na gcistí agus leis na modhanna soláthair. Chuathas i mbun comhairliúcháin freisin leis na príomhpháirtithe leasmhara agus le tairbhithe an chistiúcháin AMIF agus an Chiste Slándála Inmheánaí (CSI) trí bhainistíocht dhíreach agus indíreach, amhail eagraíochtaí idirnáisiúnta agus eagraíochtaí na sochaí sibhialta, chomh maith le dul i mbun comhairliúcháin le gníomhaireachtaí gnóthaí baile.

D’aontaigh na páirtithe leasmhara, le go ndéanfaí breisluach AE a uasmhéadú, gur cheart na tosaíochtaí agus na gealltanais bheartais ar leibhéal AE a léiriú le caiteachas AE agus tacú le cur chun feidhme acquis ghnóthaí baile AE. D’iarr siad go gcuirfí leordhóthain cistiúcháin ar fáil chun aghaidh a thabhairt ar na dúshláin reatha agus ar na dúshláin nua atá ag teacht chun cinn. Ba cheart freisin leordhóthain cistiúcháin a chur ar fáil do na gníomhaireachtaí gnóthaí baile, i gcomhréir leis na gníomhaíochtaí breise atá ar siúl acu. D’aontaigh na páirtithe leasmhara gur ghá go mbeadh breis solúbthachta i struchtúr na gCistí. Chinn siad gur cheart na cláir ilbhliantúla a choinneáil, chun go mbeadh leordhóthain solúbthachta coinnithe iontu le go bhféadfaidís freagairt d’imthosca athraitheacha. Bhí eagraíochtaí neamhrialtasacha den tuairim gur cheart leanúint leis an mbainistíocht dhíreach freisin.

Deimhníodh leis na comhairliúcháin sin go raibh comhdhearcadh foriomlán i measc na bpríomhpháirtithe leasmhara gur ghá an raon feidhme leathan do chistiúchán AE, lena náirítear i ndáil lena ghné sheachtrach, tionchar na mbeartas gnóthaí baile a fheabhsú, simpliú breise maidir le sásraí soláthair agus solúbthacht mhéadaithe, go háirithe chun freagairt d’éigeandálaí.

Bailiú agus úsáid saineolais

Cuireadh tús in 2016 leis an obair ullmhúcháin ar na hionstraimí airgeadais a bheidh ann amach anseo le haghaidh gnóthaí baile agus lean sí ar aghaidh in 2017 agus in 2018. Mar chuid den obair sin, rinneadh staidéar don chreat airgeadais ilbhliantúil in 2017 agus 2018 chun tacú leis an measúnú tionchair a seoladh i Meán Fómhair 2017. Tugadh na torthaí a bhí ar fáil ó mheastóireachtaí ar na hionstraimí airgeadais a bhí ann cheana agus ó na comhairliúcháin leis na páirtithe leasmhara le chéile sna staidéir sin, agus rinneadh iniúchadh ar na fadhbanna, ar na cuspóirí agus ar na roghanna beartais, lena náirítear an tionchar is dóigh a bheidh acu, faoi mar a scrúdaíodh iad sa mheasúnú tionchair.

Measúnú tionchair

Rinneadh measúnú tionchair maidir leis an togra. Chumhdaigh an measúnú tionchair an méid seo a leanas: an Ciste Tearmainn agus Imirce, an Ciste Slándála Inmheánaí agus an Ciste um Bainistiú Comhtháite Teorainneacha, atá comhdhéanta den Ionstraim um Bainistiú Teorainneacha agus um Viosaí agus an Ionstraim um Trealamh Rialaithe Custaim. Féadfar bileog achoimre an mheasúnaithe tionchair agus an tuairim dhearfach ón mBord um Ghrinnscrúdú Rialála a fháil ar an suíomh gréasáin seo a leanas http://ec.europa.eu/transparency/regdoc/?fuseaction=ia .

Déantar anailís sa tuarascáil measúnaithe tionchair ar roghanna beartais éagsúla maidir leis an gcaoi a ndéanfar an cistiúchán a sholáthar, agus tugadh aghaidh ar chomhleanúnachas agus comhlántachtaí le hionstraimí cistiúcháin eile de chuid AE, an ghné sheachtrach a bhaineann le cistiúchán don imirce agus don tslándáil, solúbthacht i dtimpeallacht airgeadais chobhsaí (lena náirítear an tsaoráid théamach), rialacha mionsonraithe maidir le cur chun feidhme, an fhéidearthacht cúnamh éigeandála a chur ar fáil agus sásra féideartha le haghaidh athbhreithniú meántéarma. Is é atá sa rogha thosaíochta meascán de roghanna a chuireann le torthaí agus le moltaí na meastóireachta ex-post ar Chistí (tréimhse chlársceidealaithe 2007-2013) agus na meastóireachta eatramhaí ar na Cistí reatha (tréimhse chlársceidealaithe 2014-2020).

Tugtar aghaidh sa mheasúnú tionchair ar na moltaí a rinne an Bord um Ghrinnscrúdú Rialála. Tugtar breac-chuntas sa tábla thíos ar na príomhcheisteanna agus ar na moltaí i gcomhair feabhsúcháin a fuarthas maidir leis an gCiste Tearmainn agus Imirce, leis an Ionstraim um Bainistiú Teorainneacha agus um Víosaí (mar chuid den Chiste um Bainistiú Comhtháite Teorainneacha) agus leis an gCiste Slándála Inmheánaí agus ar an gcaoi ar leasaíodh an tuarascáil measúnaithe tionchair chun iad sin a léiriú.

Príomhcheisteanna an Bhoird um Ghrinnscrúdú Rialála

Modhnuithe an tuarascáil measúnaithe tionchair

Ní mhínítear sa tuarascáil conas a bheidh tionchar ag méadú ar inniúlacht AE sna réimsí sin (a bhaineann le gnóthaí baile) agus ag leathnú ar ról na ngníomhaireachtaí ar an gcóras foriomlán.

I ndáil leis an gCiste Tearmainn agus Imirce, leis an Ionstraim um Bainistiú Teorainneacha agus um Víosaí (mar chuid den Chiste um Bainistiú Comhtháite Teorainneacha) agus leis an gCiste Slándála Inmheánaí, rinneadh athbhreithniú ar an tuarascáil chun míniú a thabhairt ar an tionchar atá ag inniúlacht AE agus ról breise na nGníomhaireachtaí a leathnú ar róil na gCistí lena mbaineann (roinn 3.2). De bhrí go mbeidh ról lárnach ag na Gníomhaireachtaí Gnóthaí Baile maidir le beartais imirce agus slándála an Aontais a chur chun feidhme, beidh ról tábhachtach acu le linn chéim chlársceidealaithe na gclár náisiúnta agus chuirfeadh a gcuid gníomhaíochtaí faireacháin leis an athbhreithniú meántéarma. Ní bheadh sé de chuspóir ag sainordú leathnaithe na nGníomhaireachtaí na tascanna reatha atá á ndéanamh ag na Ballstáit a ionadú ach bheadh sé de chuspóir aige gníomhaíochtaí an Aontais agus a chuid Ballstát a fheabhsú agus a uasghrádú i réimsí na himirce, an bhainistithe teorainneacha agus na slándála.

Ceisteanna breise agus moltaí i gcomhair feabhsúcháin

Modhnuithe an tuarascáil measúnaithe tionchair

(1) Ba cheart na príomhathruithe i struchtúr an chláir chomh maith leis na tosaíochtaí i gcomparáid leis an gclárthréimhse reatha a chur i láthair sa tuarascáil. Ina theannta sin, ba cheart raon feidhme chomhpháirt sheachtrach an chláir a shoiléiriú sa tuarascáil, i.e. a chomhlántacht leis na hionstraimí seachtracha.

Athbhreithníodh an tuarascáil chun na príomhathruithe ar struchtúr an chláir i gcomparáid leis an gclárthréimhse reatha a chur i láthair (roinn 3.2) agus chun soiléiriú a dhéanamh ar raon feidhme na comhpháirte seachtraí agus a chomhlántacht leis na hionstraimí seachtracha (roinn 3.3). Tá cuspóirí na gCistí bunaithe ar raon feidhme na gCistí a bhí ann roimhe sin, ar measadh, go ginearálta, iad a bheith sách leathan chun tacú le tosaíochtaí beartais AE a chur chun feidhme, agus breisluach AE a sholáthar. Léiríonn na hoiriúnuithe ar thosaíochtaí agus ar ghníomhaíochtaí forbairtí beartais agus an gá atá le sineirgí le Cistí eile de chuid AE. Déanfar idirghabhálacha sa ghné sheachtrach a dhearadh agus a chur chun feidhme agus iad comhleanúnach le gníomhaíocht sheachtrach agus le beartas eachtrach AE, go háirithe le hIonstraim sheachtrach AE.

(2) Ba cheart freisin go míneofaí sa tuarascáil an chaoi a mbeidh tionchar ag leathnú inniúlacht AE agus ag an ról méadaithe a bheidh ag gníomhaireachtaí ar róil na gclár faoi seach. An méadaíonn sé an gá atá le gníomhaíochtaí ar an leibhéal náisiúnta, an gá atá le tarmligean chuig na gníomhaireachtaí, nó an laghdaíonn sé an tosaíocht atá ag roinnt idirghabhálacha?

Tá na modhnuithe a rinneadh ar an tuarascáil lena gcuirtear príomhcheist an Bhoird um Ghrinnscrúdú Rialála thuas.

(3) Tuigeann an Bord go raibh an sásra nua do chúlchistí feidhmíochta á fhorbairt fós agus an tuarascáil á dréachtú. Ba cheart, áfach, an sásra roghnaithe a nuashonrú agus a shoiléiriú ina leagan deiridh agus údar a thabhairt leis i bhfianaise taithí a fuarthas ó chistí eile de chuid AE (mar a míníodh don Bhord ó bhéal).

Rinneadh athbhreithniú ar an tuarascáil chun an sásra tosaíochta a uasdátú agus a shoiléiriú, agus taithí ó chistí eile de chuid AE á cur san áireamh chomh maith le forbairtí ó thaobh Rialachán na bhForálacha Coiteanna a bheidh ann amach anseo a ullmhú don bhainistíocht chomhroinnte (roinn 4.1.4). Ní chuirtear aon chúlchiste feidhmíochta tiomnaithe i láthair sa rogha thosaíochta. Cuirtear íosleibhéal de chur chun feidhme airgeadais san áireamh chun cistiúchán breisithe a leithdháileadh sa choigeartú teicniúil ag an meántéarma agus chuirfí na gnéithe a bhaineann le feidhmíocht san áireamh nuair a bheadh cistí breise á gcur ar fáil tríd an tsaoráid théamach.

(4) Ba cheart an dóigh a bhfeidhmeoidh an sásra éigeandála laistigh d’imchlúdaigh gach ceann de na trí chiste don imirce agus don tslándáil a shoiléiriú sa tuarascáil, agus ba cheart a shoiléiriú gur cheart úsáid cúnaimh éigeandála a bheith teoranta mar gheall ar an tsolúbthacht nua a thugtar leis an tsaoráid théamach. Ba cheart an buntáiste a bhaineann leis an sásra sin seachas cistiúchán éigeandála sa chlárthréimhse roimhe seo a mhíniú inti.

Rinneadh athbhreithniú ar an tuarascáil chun soiléirithe a sholáthar faoin gcaoi a bhfeidhmeoidh an sásra éigeandála (roinn 4,1.3). Ba cheart cúnamh éigeandála a chuirfear ar fáil trí na Cistí a bheith mar chomhlánú ar an gCúlchiste le haghaidh Cúnamh Éigeandála (ar leibhéal bhuiséad AE) agus ba cheart é a úsáid i gcásanna atá sainithe go soiléir. Mar thoradh ar an tsolúbthacht atá leabaithe sa tsaoráid théamach, táthar ag súil go mbeidh úsáid an chúnaimh éigeandála níos teoranta ná mar atá sa chlárthréimhse reatha. Féadfar cúnamh éigeandála a chur chun feidhme trí bhainistíocht chomhroinnte, nó trí bhainistíocht dhíreach nó indíreach.

(5) Níl na socruithe faireacháin forbartha go maith. Ba cheart soiléiriú a thabhairt sa tuarascáil ar an gcaoi a ndéanfar an rath na gclár a shainmhíniú agus a thomhas.

Rinneadh athbhreithniú ar an tuarascáil (roinn 5.1) chun an tomhas ar rath na gclár a chur i láthair. Beidh sé sin bunaithe ar chuspóirí a leagfar síos idir an Coimisiún agus na Ballstáit, ar cuspóirí iad a bheidh le comhaontú sna cláir náisiúnta, agus ar an tomhas ina dhiaidh sin ar a bhfuil gnóthaithe maidir leis na cuspóirí sin, trí tháscairí aschuir agus torthaí a bheidh san áireamh sna tograí dlíthiúla. Leagtar síos na ceanglais tuairiscithe maidir le bainistíocht chomhroinnte i Rialachán na bhForálacha Coiteanna.

   Oiriúnacht rialála agus simpliú

Áiritheoidh Rialachán na bhForálacha Coiteanna (a bhaineann le roinnt réimsí beartais faoi bhainistíocht chomhroinnte) simpliú an Chiste trí úsáid a bhaint, an oiread is féidir, as rialacha coiteanna, faireachán coiteann, rialú coiteann agus iniúchtaí coiteanna le haghaidh cur chun feidhme clár, lena náirítear úsáid níos fearr a bhaint as roghanna costais simplithe. Déanfar an cur chuige iniúchóireachta a chuíchóiriú chun díriú níos mó ar shampláil iniúchóireachta riosca-bhunaithe agus chun prionsabal ‘na hiniúchóireachta aonair’ a leanúint chun an tualach riaracháin a laghdú.

Gnóthófar tuilleadh simplithe faoin mbainistíocht dhíreach trí úsáid a bhaint as uirlisí TF coiteanna ar fud an Choimisiúin (ríomhsheirbhísí um bainistíocht Deontas).

Cearta bunúsacha

Tá tacaíocht airgeadais ó bhuiséad an Aontais riachtanach maidir le cur chun feidhme an Chiste Tearmainn agus Imirce chun tacaíocht a thabhairt do na Ballstáit trí rialacha coiteanna a áirithiú agus nósanna imeachta chun daoine a bhfuil cosaint idirnáisiúnta de dhíth orthu a ghlacadh, bealaí dleathacha imirce a chur chun cinn, tacaíocht a thabhairt do lánpháirtiú náisiúnach tríú tír agus na dreasachtaí a laghdú a spreagann imirce neamhrialta, le beartas inbhuanaithe maidir le filleadh agus athligean isteach. Déanfar na cuspóirí sin a shaothrú agus gealltanais an Aontais i ndáil le cearta bunúsacha á gcomhlíonadh go hiomlán. Déanfar dlúthfhaireachán air sin agus an Ciste á chur chun feidhme.

4.IMPLEACHTAÍ BUISÉADACHA

Cuimsíonn an togra ón gCoimisiún le haghaidh creat airgeadais ilbhliantúil EUR 10 415 000 000 (i bpraghsanna reatha) don Chiste Tearmainn agus Imirce agus EUR 865 000 000 (i bpraghsanna reatha) do na gníomhaireachtaí díláraithe ábhartha don tréimhse 2021-2027.

Déanfar an cur chun feidhme trí bhíthin bainistíocht chomhroinnte, nó bainistíocht dhíreach/indíreach. Déanfar na hacmhainní foriomlána a leithdháileadh mar a leanas: 60 % chuig cláir na mBallstát arna gcur chun feidhme faoin mbainistíocht chomhroinnte; agus 40% don tsaoráid théamach, le haghaidh gníomhaíochtaí sonracha ar leibhéal náisiúnta nó trasnáisiúnta, gníomhaíochtaí an Aontais, cúnaimh éigeandála, iarrachtaí athlonnaithe, dlúthpháirtíochta agus freagrachta agus Gréasán Imirce na hEorpa. Úsáidfear imchlúdach na saoráide téamaí freisin don chúnamh teicniúil ar thionscnamh an Choimisiúin.

5.EILIMINTÍ EILE

Pleananna cur chun feidhme, agus socruithe faireacháin, meastóireachta agus tuairiscithe

Cuireann na Ballstáit agus an Coimisiún an cistiú chun feidhme trí bhainistíocht chomhroinnte agus trí bhainistíocht dhíreach/indíreach faoi seach.

Cuirfear feabhas ar an gcreat faireacháin agus meastóireachta, lena náirítear modheolaíocht níos fearr a úsáid chun infheistíochtaí ar fud na gcistí ábhartha de chuid an Aontais a rianú, ar mhaithe le feidhmíocht thráthúil a spreagadh agus a áirithiú go bhféadfar ionchur éifeachtach a sholáthar leis na meastóireachtaí d’aon athbhreithnithe amach anseo ar idirghabhálacha beartais. Déanfar é sin trí tháscairí níos fearr, trí chomhar níos dlúithe leis na comhpháirtithe ábhartha agus trí shásra chun feidhmíocht a dhreasú. Déanfaidh an Coimisiún meastóireacht mheántéarma agus meastóireacht shiarghabhálach. Déanfar na meastóireachtaí sin i gcomhréir le mír 22 agus mír 23 de Chomhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 11 , míreanna inar dhearbhaigh na trí institiúid gur cheart measúnuithe tionchair ar roghanna i leith tuilleadh gníomhaíochta a bheith bunaithe ar mheastóireachtaí ar an reachtaíocht agus ar na beartais a bhí ann cheana. Sna meastóireachtaí déanfar measúnú ar éifeachtaí an Chiste ar an talamh ar bhonn táscairí agus spriocanna agus anailís mhionsonraithe ar a mhéid is féidir a mheas go bhfuil an Ciste ábhartha éifeachtach éifeachtúil, gur leor an breisluach Eorpach a chuirtear ar fáil leis agus go bhfuil sé comhleanúnach le beartais eile de chuid AE. Cuirfear ceachtanna a foghlaimíodh san áireamh iontu chun sainaithint a dhéanamh ar aon easnaimh, fadhbanna nó aon fhéidearthacht na gníomhaíochtaí agus a gcuid torthaí a fheabhsú agus chun cuidiú lena dtionchar a uasmhéadú.

Faoi bhainistíocht chomhroinnte, tá ar na Ballstáit tuairisc a thabhairt go tráthrialta faoi chur chun feidhme a gclár agus tuarascáil deiridh ar fheidhmíocht a chur isteach ag deireadh na clárthréimhse.

Míniúchán mionsonraithe ar fhorálacha sonracha an togra

Leagtar amach i gCaibidil I — Forálacha ginearálta den Rialachán atá beartaithe a chuspóir, a raon feidhme agus na príomhshainmhínithe. Ceanglaítear sa chaibidil seo go gcaithfidh na gníomhaíochtaí ar fad a dtabharfar tacaíocht dóibh faoin Rialachán bheith i gcomhréir leis an dlí is infheidhme de chuid an Aontais agus an Bhallstáit. Leagtar amach cuspóirí an Rialacháin inti freisin. Is forbairt é raon feidhme beartaithe na nairteagal seo, cuid mhaith, ar an Rialachán atá ann faoi láthair maidir le CTIL, ach cuirtear san áireamh forbairtí nua beartais, amhail an Clár Oibre Eorpach maidir le hImirce, agus an gá freagairt mhear a thabhairt ar na dúshláin athraitheacha imirce atá ann laistigh den Aontas agus i gcomhar le tíortha eile.

Leagtar amach i gCaibidil II — Creat airgeadais agus cur chun feidhme prionsabail ghinearálta i ndáil leis an tacaíocht a sholáthraítear faoin Rialachán agus cuirtear in iúl inti an tábhacht a bhaineann le comhsheasmhacht agus le comhlántachtaí leis na hionstraimí cistiúcháin ábhartha de chuid AE. Leagtar síos inti na modhanna soláthair do na gníomhaíochtaí a dtacófar leo faoin Rialachán: bainistíocht chomhroinnte, dhíreach agus indíreach. Tá an meascán de mhodhanna soláthair atá beartaithe bunaithe ar an taithí dhearfach leis an teaglaim sin agus an ionstraim chistiúcháin reatha á cur chun feidhme.

Leagtar síos an creat airgeadais sa chéad chuid den chaibidil. Léirítear leis an togra méid don imchlúdach foriomlán don Chiste agus a úsáid trí shocruithe éagsúla cur chun feidhme.

Tá tuairisc sa dara, sa tríú agus sa cheathrú roinn ar an gcreat cur chun feidhme atá ann don Chiste de réir an mhodha cur chun feidhme, amhail cláir ón gCoimisiún agus ó na Ballstáit. Leagtar amach ann socruithe mionsonraithe don athbhreithniú meántéarma agus do chur chun feidhme gníomhaíochtaí sonracha, gníomhaíochtaí an Aontais, cúnamh teicniúil, ionstraimí airgeadais, ráthaíochtaí buiséadacha agus tacaíocht oibriúcháin.

Leagtar amach sa roinn deiridh na forálacha riachtanacha maidir le tuarascálacha ar fheidhmíocht ó na Ballstáit, faireachán agus meastóireacht.

I gCaibidil III — Forálacha idirthréimhseacha agus forálacha críochnaitheacha tá forálacha maidir leis an gcumhacht chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh a tharmligean chuig an gCoimisiún, agus maidir le nós imeachta an Choiste. Ina theannta sin, cumhdaíonn an chaibidil seo infheidhmeacht Rialachán na bhForálacha Coiteanna maidir leis an Rialachán atá beartaithe, moltar aisghairm na hionstraime cistiúcháin a bhí ann go dtí seo agus leagtar síos roinnt forálacha idirthréimhseacha. Tá dáta theacht i bhfeidhm an Rialacháin atá beartaithe socraithe agus tá sé leagtha síos go mbeidh an Rialachán ina cheangal go huile agus go hiomlán agus go mbeidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát i gcomhréir leis na Conarthaí ón 1 Eanáir 2021.

2018/0248 (COD)

Togra le haghaidh

RIALACHÁN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

lena mbunaítear an Ciste Tearmainn agus Imirce

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 78(2) agus Airteagal 79(2) agus (4) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa 12 ,

Ag féachaint don tuairim ó Choiste na Réigiún 13 ,

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach,

De bharr an méid seo a leanas:

(1)I gcomhthéacs na nathruithe atá ag teacht ar na dúshláin imirce arb iad a gcomharthaí sóirt iad an gá tacú le córais láidre sna Ballstáit le haghaidh glacadh, tearmainn, lánpháirtiú agus imirce, an gá staideanna brú a chosc agus a láimhseáil go cuí, agus an gá bealaí imirce atá dleathach sábháilte a chur ar fáil in ionad daoine a bheith ag teacht ar bhealaí neamhrialta neamhshábháilte, tá sé ríthábhachtach infheistiú i mbainistiú imirce an Aontais le go mbeidh sé éifeachtúil agus comhordaithe d'fhonn cuspóir an Aontais a bhaint amach mar atá bheith ina limistéar saoirse, slándála agus ceartais de bhun Airteagal 67(2) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh.

(2)Léiriú ar a thábhachtaí atá sé cur chuige comhordaithe a bheith ag an Aontas agus ag na Ballstáit is ea an Clár Oibre Eorpach maidir le hImirce ó Bhealtaine 2015 inar leagadh béim ar an ngá le comhbheartas comhsheasmhach soiléir le go mbeidh muinín ann arís i gcumas an Aontais iarrachtaí na hEorpa agus na mBallstát a thabhairt le chéile chun dul i ngleic leis an imirce agus chun oibriú le chéile ar bhealach éifeachtach, i gcomhréir le prionsabail na dlúthpháirtíochta agus na comhroinnte córa freagrachta, agus dearbhaíodh an tábhacht sin san athbhreithniú meántéarma i Meán Fómhair 2017 agus sa tuarascáil ar dhul chun cinn i Márta agus i mBealtaine 2018.

(3)Dhearbhaigh an Chomhairle Eorpach an athuair, ina conclúidí an 19 Deireadh Fómhair 2017, an gá cur chuige cuimsitheach, pragmatach agus daingean a shaothrú maidir le bainistiú imirce a mbeidh sé mar aidhm leis smacht a fháil arís ar theorainneacha seachtracha agus líon na ndaoine atá ag teacht go neamhrialta agus líon na ndaoine atá ag fáil bháis ar muir a laghdú, agus ar cheart é a bheith bunaithe ar úsáid sholúbtha chomhordaithe a bhaint as na hionstraimí uile de chuid an Aontais agus na mBallstát a bhfuil fáil orthu. Thairis sin, d'iarr an Chomhairle Eorpach go náiritheofaí go méadófaí go mór ar an bhfilleadh trí ghníomhaíochtaí ar leibhéal an Aontais agus ar leibhéal na mBallstát araon, amhail comhaontuithe éifeachtacha agus socruithe éifeachtacha um athligean isteach.

(4)Chun tacú le hiarrachtaí cur chuige cuimsitheach a áirithiú maidir le bainistiú imirce bunaithe ar mhuinín fhrithpháirteach, ar dhlúthpháirtíocht agus ar chomhroinnt freagrachta idir na Ballstáit agus institiúidí an Aontais, agus é mar chuspóir leis sin a áirithiú go bhfuil comhbheartas inbhuanaithe ag an Aontas maidir le tearmann agus imirce, ba cheart a leordhóthain acmhainní airgeadais a thabhairt mar thacaíocht do na Ballstáit faoin gCiste Tearmainn agus Imirce (dá nglaoitear 'an Ciste' anseo feasta).

(5)Ba cheart an Ciste a chur chun feidhme agus lánurraim á tabhairt do na cearta agus do na prionsabail a chumhdaítear i gCairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh agus d’oibleagáidí idirnáisiúnta an Aontais maidir le cearta bunúsacha.

(6)Sa Chiste, ba cheart cur leis na torthaí agus leis na hinfheistíochtaí a gnóthaíodh le tacaíocht na nionstraimí a tháinig roimpi: an Ciste Eorpach um Dhídeanaithe a bunaíodh le Cinneadh Uimh. 573/2007/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, an Ciste Eorpach chun Náisiúnaigh Tríú Tír a Lánpháirtiú a bunaíodh le Cinneadh 2007/435/CE ón gComhairle agus an Ciste Eorpach um Fhilleadh a bunaíodh le Cinneadh Uimh. 575/2007/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle don tréimhse 2007-2013 agus an Ciste um Thearmann, Imirce agus Lánpháirtíocht don tréimhse 2014-2020, a bunaíodh le Rialachán (AE) Uimh. 516/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle. Ag an am céanna, ba cheart na forbairtí ábhartha nua ar fad a chur san áireamh leis.

(7)Ba cheart don Chiste tacú le bainistiú éifeachtúil ar shreabha imirce, inter alia trí bhearta coiteanna a chur chun cinn i réimse an tearmainn, lena náirítear iarrachtaí na mBallstát maidir le glacadh daoine atá i ngátar cosanta idirnáisiúnta trí athlonnú agus maidir le haistriú iarratasóirí nó tairbhithe cosanta idirnáisiúnta idir Ballstáit, trí tacaíocht a thabhairt do straitéisí lánpháirtíochta agus do bheartas níos éifeachtaí maidir leis an imirce dhleathach, chun iomaíochas fadtéarmach an Aontais agus todhchaí a shamhail shóisialta a áirithiú agus chun laghdú a dhéanamh ar na dreasachtaí a spreagann imirce neamhrialta, trí bheartas chobhsaí maidir le filleadh agus athligean isteach. Ba cheart don Chiste tacú le neartú an chomhair le tríú tíortha chun an bainistiú a threisiú ar shreabha daoine atá ag déanamh iarratas ar thearmann nó ar chosaint idirnáisiúnta de chineálacha eile, tacú le bealaí dleathacha imirce agus cosc a chur leis an imirce neamhrialta agus inbhunaitheacht an fhillte agus éifeacht an athligin isteach i dtríú tíortha a áirithiú.

(8)Léirigh géarchéim na himirce gur ghá athchóiriú a dhéanamh ar an gComhchóras Eorpach Tearmainn chun a áirithiú gurb ann do nósanna imeachta tearmainn ar leor iad chun gluaiseachtaí tánaisteacha a chosc, chun coinníollacha glactha aonfhoirmeacha agus iomchuí a chruthú d'iarratasóirí cosanta idirnáisiúnta, chun caighdeáin aonfhoirmeacha maidir le deonú cosanta idirnáisiúnta a chur ar fáil agus chun cearta agus sochair iomchuí le haghaidh tairbhithe cosanta idirnáisiúnta sholáthar. Ag an am céanna, bhí gá leis an athchóiriú chun córas níos cothroime agus níos éifeachtaí a thabhairt isteach le freagracht na mBallstát a chinneadh maidir le hiarratasóirí cosanta idirnáisiúnta chomh maith le creat de chuid an Aontais le haghaidh iarrachtaí athlonnaithe na mBallstát. Dá bhrí sin, is iomchuí an Ciste níos mó tacaíochta a thabhairt do na Ballstáit lena niarrachtaí an Comhchóras Eorpach Tearmainn athchóirithe a chur i bhfeidhm ina iomláine agus i gceart.

(9)Ba cheart don Ciste comhlánú agus treisiú a dhéanamh ar na gníomhaíochtaí a dhéanann Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Thearmann, arna bunú le Rialachán (AE)../.. [an Rialachán maidir le Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Thearmann] 14 d'fhonn feidhmiú an Chomhchórais Eorpaigh Tearmainn a éascú agus a fheabhsú, trí chomhordú agus neartú a dhéanamh ar an gcomhar praiticiúil agus ar an malartú faisnéise idir na Ballstáit, dlí agus caighdeáin oibríochtúla an Aontais a chur chun cinn maidir leis an imirce chun ardleibhéal aonfhoirmeachta a áirithiú bunaithe ar ardchaighdeáin chosanta i ndáil le nósanna imeachta um chosaint idirnáisiúnta, coinníollacha glactha agus measúnú riachtanas cosanta ar fud an Aontais, dáileadh inbhuanaithe cóir iarratasóirí ar chosaint idirnáisiúnta a chumasú, cóineasú a éascú maidir le measúnú iarratas ar chosaint idirnáisiúnta ar fud an Aontais, tacaíocht a thabhairt d'iarrachtaí athlonnaithe na mBallstát agus cúnamh oibríochtúil agus cúnamh teicniúil a thabhairt do na Ballstáit le haghaidh bhainistiú a gcóras tearmainn agus glactha, go háirithe na Ballstáit sin a bhfuil brú díréireach ar a gcóras.

(10)Ba cheart don Chiste tacú le hiarrachtaí an Aontais agus na mBallstát feabhas a chur ar chumas na mBallstát forbairt, faireachán agus meastóireacht a dhéanamh ar a mbeartais tearmainn i bhfianaise a gcuid oibleagáidí faoi reachtaíocht dhlí an Aontais.

(11)Is cuid riachtanach de bheartas tearmainn an Aontais iad comhpháirtíochtaí agus comhar le tríú tíortha d’fhonn a áirithiú go ndéantar bainistiú leordhóthanach ar shreabha daoine a bhfuil iarratas ar thearmann nó ar fhoirmeacha eile cosanta idirnáisiúnta á dhéanamh acu. D'fhonn náisiúnaigh tríú tír agus daoine gan stát a bhfuil cosaint idirnáisiúnta de dhíth orthu a bheith ag teacht chuig críoch na mBallstát go dleathach agus go sábháilte seachas go neamhshábháilte agus go neamhrialta, d'fhonn dlúthpháirtíocht a léiriú le tíortha i réigiúin a bhfuil líon mór daoine a bhfuil cosaint idirnáisiúnta de dhíth orthu aslonnaithe chucu nó iontu, trí chuidiú le maolú an bhrú ar na tíortha sin, d'fhonn cuidiú le gnóthú cuspóirí beartais an Aontais maidir leis an imirce trí ghiaráil an Aontais i dtaca le tríú tíortha, a mhéadú, agus d'fhonn rannchuidiú go héifeachtach le tionscnaimh athlonnaithe dhomhanda trí labhairt d'aon ghuth i bhfóraim idirnáisiúnta agus le tríú tíortha, ba cheart an Ciste dreasachtaí airgeadais a chur ar fáil le haghaidh chur chun feidhme Chreat Athlonnaithe [agus Ligin Isteach Daonnúil] an Aontais.

(12)I bhfianaise na nardleibhéal sreabha imirce chuig an Aontas le blianta anuas agus a thábhachtaí atá sé comhtháthú ár sochaithe a áirithiú, tá sé ríthábhachtach tacú le beartais na mBallstát maidir le lánpháirtiú luath náisiúnach tríú tír atá ag fanacht iontu go dleathach, lena náirítear na réimsí tosaíochta arna sainaithint sa Phlean Gníomhaíochta maidir le lánpháirtiú náisiúnach tríú tír a ghlac an Coimisiún in 2016.

(13)Chun éifeachtúlacht a mhéadú, an breisluach Eorpach is mó a bhaint amach agus comhsheasmhacht ghníomhú an Aontais a áirithiú le lánpháirtiú náisiúnach tríú tír a chothú, ba cheart na gníomhaíochtaí arna maoiniú faoin gCiste a bheith sonrach agus comhlántach maidir le gníomhaíochtaí arna maoiniú faoi Chiste Sóisialta na hEorpa Plus (CSE+) agus faoi Chiste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa (CFRE). Na bearta a mhaoineofar faoin gCiste seo ba cheart go dtacóidís le bearta atá saincheaptha do na riachtanais de chuid náisiúnach tríú tír a chuirtear chun feidhme de ghnáth le linn na gcéimeanna luatha den lánpháirtiú, agus le gníomhaíochtaí cothrománacha a thacóidh le hacmhainneacht na mBallstát i réimse na lánpháirtíochta, ach na hidirghabhálacha ar son náisiúnaigh tríú tíortha a mbeidh tionchar níos fadtéarmaí acu ba cheart iad a mhaoiniú faoi CFRE asgu CSE+.

(14)Sa chomhthéacs sin, ba cheart ceangal a bheith ar na húdaráis de chuid na mBallstát atá freagrach as cur chun feidhme an Chiste comhoibriú agus sásraí comhordúcháin a bhunú leis na húdaráis arna sannadh ag na Ballstáit chun críocha idirghabhálacha CSE+ agus CFRE a bhainistiú agus, nuair is gá, le údaráis bhainistíochta na gcistí sin agus le húdaráis bhainistíochta aon chistí eile de chuid an Aontais a rannchuidíonn le lánpháirtiú náisiúnach tríú tír.

(15)Ba cheart cur chun feidhme an Chiste sa réimse sin a bheith ag teacht le bunphrionsabail choiteanna an Aontais maidir le lánpháirtíocht, mar a shainítear sa chlár coiteann um lánpháirtíocht iad.

(16)Is iomchuí ligean do na Ballstáit sin ar mian leo é foráil a dhéanamh ina gcláir go bhféadfaí garghaolta náisiúnach tríú tíortha a chur san áireamh i ngníomhaíochtaí maidir le lánpháirtíocht a mhéid is gá sin chun na gníomhaíochtaí sin a chur chun feidhme. Tuigtear go gciallóidh “garghaol” céile, páirtí agus aon duine ag a bhfuil nasc díreach teaghlaigh sa líne shliochtach nó sa líne shinsearach leis an náisiúnach tríú tír ar a bhfuil an ghníomhaíocht maidir le lánpháirtíocht dírithe agus nach gclúdófaí seachas sin faoi raon feidhme an Chiste.

(17)I bhfianaise an róil ríthábhachtaigh atá ag údaráis áitiúla agus réigiúnacha agus ag eagraíochtaí sochaí sibhialta i réimse na lánpháirtíochta agus chun rochtain na neintiteas sin ar chistiú ar leibhéal an Aontais a éascú, ba cheart don Chiste éascaíocht a dhéanamh do chur chun feidhme gníomhaíochtaí i réimse na lánpháirtíochta ag údaráis áitiúla agus réigiúnacha nó eagraíochtaí sochaí sibhialta, lena náirítear úsáid a bhaint as an tsaoráid théamach agus ráta cómhaoinithe níos airde a thabhairt do na gníomhaíochtaí sin.

(18)I bhfianaise na ndúshlán fadtéarmacha atá roimh an Aontas maidir le cúrsaí eacnamaíocha agus déimeagrafacha, tá sé ríthábhachtach bealaí imirce dleathaí chuig an Aontas a fheidhmíonn go maith a bhunú ionas go mbeidh an tAontas i gcónaí ina cheann scríbe tarraingteach ag imircigh agus chun inbhuanaitheacht córas leasa shóisialta agus fás gheilleagar an Aontais a áirithiú.

(19)Ba cheart don Chiste tacú leis na Ballstáit straitéisí a chur ar bun chun an imirce dhleathach a eagrú, chun a nacmhainneacht a fhorbairt maidir le forbairt, cur chun feidhme, faireachán agus meastóireacht a dhéanamh, i gcoitinne, ar gach straitéis, beartas agus beart inimirce agus lánpháirtíochta le haghaidh náisiúnaigh tríú tír atá ag fanacht go dleathach, lena náirítear ionstraimí dlíthiúla de chuid an Aontais. Ba cheart don Chiste tacú le malartú faisnéise, na gcleachtas is fearr agus comhair idir ranna éagsúla riaracháin agus idir leibhéil éagsúla rialachais, agus idir na Ballstáit.

(20)Dlúthcuid den chur chuige cuimsitheach maidir leis an imirce atá á shaothrú ag an Aontas agus ag na Ballstáit is ea an beartas éifeachtúil maidir le filleadh. Ba cheart don Chiste tacaíocht agus spreagadh a thabhairt d'iarrachtaí na mBallstát d'fhonn caighdeáin choiteanna maidir le filleadh a chur chun feidhme go héifeachtach agus a fhorbairt a thuilleadh, go háirithe mar a leagtar amach i dTreoir 2008/115/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 15 , mar aon le cur chuige comhtháite comhordaithe maidir le filleadh a bhainistiú. Ar mhaithe le beartais inbhuanaithe maidir le filleadh, ba cheart don Chiste tacaíocht chomhionann a thabhairt do bhearta gaolmhara i dtríú tíortha, amhail athlánpháirtiú fillithe.

(21)Ba cheart na Ballstáit tosaíocht a thabhairt d’fhilleadh deonach. Chun filleadh deonach a chur chun cinn, ba cheart do na Ballstáit dreasachtaí a bheartú amhail cóir fhabhrach i bhfoirm cúnamh níos fearr leis an bhfilleadh i gcás filleadh deonach daoine. Tá filleadh deonach den sórt sin chun leas na bhfillithe agus na núdarás araon ó thaobh a chostéifeachtúlachta de.

(22)Mar sin féin, tá an filleadh deonach agus an filleadh forfheidhmithe idirnasctha agus tá éifeacht atreisithe acu ar a chéile agus ba cheart, dá bhrí sin, na Ballstáit a spreagadh an chaoi a gcomhlánaíonn an dá chineáil fillte sin a chéile a neartú. Tá an deis asbhaint a dhéanamh ina heilimint thábhachtach a chuireann le sláine na gcóras tearmainn agus imirce dleathaí. Dá bhrí sin, ba cheart don Chiste tacú le gníomhaíochtaí na mBallstát chun asbhaintí a éascú agus a dhéanamh i gcomhréir leis na caighdeáin a leagtar síos i ndlí an Aontais, i gcás inarb infheidhme, agus cearta bunúsacha agus dínit na bhfillithe á nurramú go hiomlán.

(23)Le bearta tacaíochta sonracha d'fhillithe sna Ballstáit agus sna tíortha a bhfilleann siad orthu is féidir feabhas a chur ar na dálaí fillte agus ar a nathlánpháirtiú.

(24)Tá comhaontuithe um athligean isteach agus socruithe eile ina gcuid lárnach de bheartas an Aontais maidir le filleadh agus is uirlis lárnach iad maidir le bainistiú éifeachtúil ar shreabha imirce mar éascaíonn siad filleadh tapa imirceach neamhrialta. Is gné thábhachtach iad na comhaontuithe sin ó thaobh an idirphlé agus an chomhair le tríú tíortha tionscnaimh agus ba cheart tacú le hidirthuras imirceach neamhrialta agus lena gcur chun feidhme i dtríú tíortha ar mhaithe le beartais éifeachtacha maidir le filleadh ar an leibhéal náisiúnta agus ar leibhéal an Aontais.

(25)De bhreis ar thacú le filleadh daoine mar a fhoráiltear sa Rialachán seo, ba cheart, leis an gCiste, go dtacófaí le bearta eile chun dul i ngleic le himirce neamhrialta, aghaidh a thabhairt ar na dreasachtaí a spreagann imirce neamhdhleathach nó ar an dul timpeall ar na rialacha atá ann cheana maidir le himirce dhleathach, agus leis sin sláine chórais inimirce na mBallstát a chosaint.

(26)Toisc tharraingthe don imirce mhídhleathach is ea imircigh neamhrialta a fhostú agus baineann sé an bonn ó fhorbairt an bheartais soghluaisteachta lucht saothair bunaithe ar scéimeanna imirce dleathaí. Dá bhrí sin, ba cheart don Chiste tacú leis na Ballstáit, go díreach nó go hindíreach, lena gcur chun feidhme ar Threoir 2009/52/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 16 lena gcuirtear toirmeasc ar fhostú náisiúnach tríú tír atá ag fanacht go mídhleathach agus lena bhforáiltear maidir le smachtbhannaí i gcoinne fostóirí a sháraíonn an toirmeasc sin.

(27)Ba cheart don Chiste tacú leis na Ballstáit, go díreach nó go hindíreach, lena gcur chun feidhme ar Threoir 2011/36/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 17 lena leagtar amach forálacha maidir le cúnamh, tacaíocht agus cosaint d'íospartaigh na gáinneála ar dhaoine.

(28)Ba cheart don Chiste comhlánú agus treisiú a dhéanamh ar na gníomhaíochtaí i réimse an fhillte a dhéanann an Ghníomhaireacht Eorpach um an nGarda Teorann agus Cósta arna bunú le Rialachán (AE) 2016/1624 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 18 , agus dá bhrí sin rannchuideoidh sé le héifeachtacht an bhainistithe chomhtháite teorainneacha san Eoraip, mar a shainmhínítear é in Airteagal 4 den Rialachán sin.

(29)Ba cheart sineirgí, comhsheasmhacht agus éifeachtúlacht a lorg le cistí eile de chuid an Aontais agus ba cheart forluí idir na gníomhaíochtaí a sheachaint.

(30)Bearta i dtríú tíortha agus maidir le tríú tíortha a fhaigheann tacaíocht ón gCiste, ba cheart iad a bheith ina gcomhlánú ar ghníomhaíochtaí eile lasmuigh den Aontas, a fhaigheann tacaíocht trí ionstraimí maoiniúcháin sheachtraigh an Aontais. Agus gníomhaíochtaí den sórt sin á gcur chun feidhme, ba cheart, go háirithe, iarracht a dhéanamh teacht ar chomhleanúnachas iomlán le prionsabail agus le cuspóirí ginearálta de chuid ghníomhaíocht sheachtrach agus bheartas eachtrach an Aontais a bhaineann leis an tír nó leis an réigiún atá i gceist agus gealltanais idirnáisiúnta an Aontais. Maidir leis an ngné sheachtrach, ba cheart tacaíocht ón gCiste a dhíriú ar chomhar a fheabhsú le tríú tíortha agus ar phríomhghnéithe a threisiú, ar príomhghnéithe iad a bhaineann lena gcumais i ndáil le himirce i réimsí ar díol suime iad ó thaobh bheartas imirce an Aontais de.

(31)Ba cheart cistiúchán ó bhuiséad an Aontais a dhíriú ar ghníomhaíochtaí ina bhféadfadh idirghabháil an Aontais breisluach a chur ar fáil i gcomparáid le gníomhaíochtaí arna ndéanamh ag na Ballstáit amháin. Ba cheart go gcuirfeadh an tacaíocht airgeadais a thabharfar faoin Rialachán seo, go háirithe, le neartú chumas na mBallstát agus an Aontais i réimsí an tearmainn agus na himirce.

(32)Féadfar a mheas nach bhfuil Ballstát ag comhlíonadh an acquis ábhartha de chuid an Aontais, lena náirítear maidir le tacaíocht oibríochta faoin gCiste seo, murar chomhlíon sé a chuid oibleagáidí faoi na Conarthaí i réimse an tearmainn agus na himirce, má tá baol soiléir ann go sáróidh an Ballstát luachanna an Aontais agus an acquis maidir le tearmann agus imirce á chur chun feidhme aige, nó má sainaithníodh easnaimh sa réimse ábhartha i dtuarascáil mheastóireachta faoi shásra meastóireachta agus faireacháin Schengen nó Ghníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Thearmann.

(33)Ba cheart don Chiste léiriú a thabhairt ar an ngá atá ann le solúbthacht agus simpliú méadaithe, agus ag an am céanna ceanglais maidir le hintuarthacht á nurramú, agus dáileadh cothrom agus trédhearcach acmhainní á áirithiú chun na cuspóirí beartais agus na cuspóirí sonracha a leagtar síos sa Rialachán seo a bhaint amach.

(34)Ba cheart na méideanna tosaigh do na Ballstáit a leagan síos sa Rialachán seo, a bheidh comhdhéanta de mhéid seasta agus de mhéid arna ríomh ar bhonn na gcritéar a leagtar síos in Iarscríbhinn I, agus a bheidh ina léiriú ar riachtanais na mBallstát agus ar an mbrú atá orthu i réimsí an tearmainn, na lánpháirtíochta agus an fhillte.

(35)Ba cheart na méideanna tosaigh sin a bheith mar bhonn d’infheistíochtaí fadtéarmacha na mBallstát. Chun athruithe ar shreabha imirce a chur san áireamh agus chun aghaidh a thabhairt ar riachtanais maidir le bainistiú córas tearmainn agus glactha agus lánpháirtiú náisiúnach tríú tír atá ag fanacht go dleathach, agus chun cur i gcoinne na himirce mídhleathaí le beartas maidir le filleadh atá éifeachtúil agus inbhuanaithe, ba cheart méid breise a leithdháileadh ar na Ballstáit i lár an téarma ag cur san áireamh na rátaí ionsúcháin. Ba cheart an méid sin a bheith bunaithe ar na sonraí staidrimh is déanaí dá bhfuil ar fáil mar a leagtar amach in Iarscríbhinn I chun na hathruithe ar staid bhunlíne na mBallstát a léiriú.

(36)Chun rannchuidiú le gnóthú chuspóir beartais an Chiste, ba cheart do na Ballstáit a áirithiú go bhfuil gníomhaíochtaí mar chuid dá gclár lena dtugtar aghaidh ar chuspóirí sonracha an Rialacháin seo, go bhfuil na tosaíochtaí a roghnófar i gcomhréir leis na bearta cur chun feidhme a leagtar amach in Iarscríbhinn II agus go náirithíonn an leithdháileadh acmhainní idir na cuspóirí gur féidir an cuspóir beartais foriomlán a ghnóthú.

(37)Ós rud é go mbíonn athrú de shíor ag teacht ar na dúshláin i réimse na himirce, is gá leithdháileadh an chistithe a chur in oiriúint do na hathruithe ar na sreabha imirce. Chun freagairt do riachtanais phráinneacha agus d’athruithe ar bheartais agus ar thosaíochtaí an Aontais, agus chun cistiúchán a stiúradh i dtreo gníomhaíochtaí a bhfuil ardleibhéal breisluacha AE ag baint leo, déanfar cuid den chistiúchán a leithdháileadh go tráthrialta, trí shaoráid théamach, ar ghníomhaíochtaí sonracha, ar ghníomhaíochtaí de chuid an Aontais, ar chúnamh éigeandála, athlonnú agus chun tacaíocht bhreise a thabhairt do na Ballstáit a rannchuidíonn le hiarrachtaí dlúthpháirtíochta agus freagrachta.

(38)Ba cheart na Ballstáit a spreagadh chun cuid dá leithdháileadh don chlár a úsáid chun na gníomhaíochtaí a liostaítear in Iarscríbhinn IV a mhaoiniú trí leas a bhaint as ranníocaíocht níos airde ón Aontas.

(39)D’fhéadfaí cuid de na hacmhainní atá ar fáil faoin gCiste a leithdháileadh freisin ar chláir na mBallstát chun gníomhaíochtaí sonracha a chur chun feidhme i dteannta a leithdháilte tosaigh. Ba cheart na gníomhaíochtaí sonracha sin a shainaithint ar leibhéal an Aontais agus ba cheart iad a bheith bainteach le gníomhaíochtaí a éilíonn iarracht chomhoibritheach nó gníomhaíocht a bhfuil gá leo chun dul i ngleic le forbairtí san Aontas óna dteastaíonn breis cistiúcháin a chur ar fáil do Bhallstát amháin nó níos mó.

(40)Ba cheart don Chiste rannchuidiú le tacú leis na costais oibriúcháin a bhaineann le tearmann agus filleadh, agus a chur ar chumas na mBallstát na hinniúlachtaí sin atá ríthábhachtach i leith na seirbhíse sin a chothabháil don Aontas ina iomláine. Is é atá i gceist le tacaíocht den sórt sin costais shonracha a bhaineann le cuspóirí an Chiste a aisíoc ina niomláine agus ba cheart an méid sin a bheith mar chuid lárnach de chláir na mBallstát.

(41)Chun cur chun feidhme chuspóir beartais an Chiste seo a chomhlánú ar an leibhéal náisiúnta trí chláir na mBallstát, ba cheart tacaíocht a chur ar fáil leis an gCiste freisin le haghaidh gníomhaíochtaí ar leibhéal an Aontais. Ba cheart na gníomhaíochtaí sin a dhéanamh chun críocha straitéiseacha foriomlána a bhaint amach laistigh de raon feidhme idirghabhála an Chiste i ndáil le hanailís ar bheartais agus nuálaíocht, le foghlaim fhrithpháirteach thrasnáisiúnta agus comhpháirtíochtaí agus le tionscnaimh agus gníomhaíochtaí nua a thriail ar fud an Aontais.

(42)Chun neartú a dhéanamh ar chumas an Aontais dul i ngleic láithreach le hardbhrú imirce neamhthuartha nó díréireach i mBallstát amháin nó níos mó lena mbaineann sreabhadh mór nó díréireach náisiúnach tríú tír isteach, lena gcuirtear éilimh mhór phráinneach ar na saoráidí glactha agus coinneála, ar chóras agus ar nósanna imeachta tearmainn agus imirce, ardbhrú imirce i dtríú tíortha de thoradh forbairtí polaitiúla nó coinbhleachtaí, ba cheart an deis a bheith ann cúnamh éigeandála a thabhairt i gcomhréir leis an gcreat a leagtar amach sa Rialachán seo.

(43)Leis an Rialachán seo, ba cheart a áirithiú go leantar de Ghréasán Imirce na hEorpa a bunaíodh le Cinneadh 2008/381/CE 19 , agus ba cheart cúnamh airgeadais a thabhairt i gcomhréir leis na cuspóirí atá aige agus leis na cúraimí atá air.

(44)Tabharfar aghaidh ar chuspóir beartais an Chiste seo freisin trí ionstraimí airgeadais agus trí ráthaíocht bhuiséadach faoi ionuithe beartais InvestEU. Ba cheart tacaíocht airgeadais a úsáid chun aghaidh a thabhairt ar chliseadh margaidh nó ar chásanna infheistíochta fo-optamacha, ar mhodh comhréireach agus níor cheart maoiniú príobháideach a dhúbláil nó a phlódú mar gheall ar ghníomhaíochtaí a dhéantar ná iomaíocht sa mhargadh inmheánach a shaobhadh. Ba cheart breisluach soiléir Eorpach a bheith leis na gníomhaíochtaí a dhéantar.

(45)Leagtar síos leis an Rialachán seo imchlúdach airgeadais don Chiste Tearmainn agus Imirce ina iomláine arb éard a bheidh ann an príomhmhéid tagartha, de réir bhrí [tagairt le nuashonrú de réir mar is iomchuí de réir an chomhaontaithe nua idirinstitiúidigh: pointe 17 de Chomhaontú Idirinstitiúideach an 2 Nollaig 2013 idir Parlaimint na hEorpa, an Chomhairle agus an Coimisiún maidir leis an smacht buiséadach, le comhar in ábhair bhuiséadacha agus le bainistíocht fhónta airgeadais 20 ], do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle le linn an nós imeachta bhuiséadaigh bhliantúil.

(46)Tá feidhm ag Rialachán (AE) Uimh. …/… [an ‘Rialachán Airgeadais’] maidir leis an gCiste seo. Leagtar síos leis rialacha maidir le cur chun feidhme bhuiséad an Aontais, lena náirítear na rialacha maidir le deontais, duaiseanna, soláthar, cur chun feidhme indíreach, cúnamh airgeadais, ionstraimí airgeadais agus ráthaíochtaí buiséadacha.

(47)Chun gníomhaíochtaí faoi bhainistíocht chomhroinnte a chur chun feidhme, ba cheart an Ciste a bheith mar chuid de chreat comhleanúnach ina mbeidh an Rialachán seo, an Rialachán Airgeadais agus Rialachán (AE) Uimh. …/2021 [Rialachán na bhForálacha Coiteanna].

(48)Le Rialachán (AE) Uimh.  …/2021 [Rialachán na bhForálacha Coiteanna] bunaítear an creat gníomhaíochta do CFRE, do CSE+, don Chiste Comhtháthaithe, don Chiste Eorpach Muirí agus Iascaigh (CEMI), don Chiste Tearmainn agus Imirce (CTI), don Chiste Slándála Inmheánaí (CSI), agus don Ionstraim um Bainistiú Teorainneacha agus um Víosaí (IBTV), mar chuid den Chiste um Bainistiú Comhtháite Teorainneacha (CBCT), agus leagtar síos ann, go háirithe, na rialacha a bhaineann le clársceidealú, faireachán agus meastóireacht, bainistiú agus rialú chistí an Aontais arna gcur chun feidhme faoi bhainistíocht chomhroinnte. Tá sé riachtanach, dá bhrí sin, cuspóirí CTI a shonrú, agus forálacha sonracha a leagan síos maidir leis na cineálacha gníomhaíochtaí a fhéadfar a mhaoiniú le CTI.

(49)Ba cheart na cineálacha maoinithe agus na modhanna cur chun feidhme faoin Rialachán seo a roghnú bunaithe ar an gcumas atá acu cuspóirí sonracha na ngníomhaíochtaí a ghnóthú agus torthaí a sholáthar agus, go háirithe, na costais a bhaineann le rialuithe, an tualach riaracháin, agus an baol a bhaineann le neamhchomhlíonadh a bhfuiltear ag súil leis á gcur san áireamh. Ba cheart breithniú ar úsáid cnapshuimeanna, rátaí comhréidh agus costas aonaid, chomh maith le maoiniú nach bhfuil nasctha le costais dá dtagraítear in Airteagal 125(1) den Rialachán Airgeadais a chur san áireamh.

(50)I gcomhréir leis an Rialachán Airgeadais 21 , Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 883/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 22 , Rialachán (Euratom, CE) Uimh. 2988/95 ón gComhairle 23 , Rialachán (Euratom, CE) Uimh. 2185/96 ón gComhairle 24 agus Rialachán (AE) 2017/1939 ón gComhairle 25 , déanfar leasanna airgeadais an Aontais a chosaint trí bhearta comhréireacha, lena náirítear trí neamhrialtachtaí agus calaois a chosc, a bhrath, a cheartú agus a fhiosrú, cistí a cailleadh, a íocadh go mícheart nó a úsáideadh go mícheart a ghnóthú agus, i gcás inarb iomchuí, smachtbhannaí riaracháin a fhorchur. Go háirithe, i gcomhréir le Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 883/2013 agus Rialachán (Euratom, CE) Uimh. 2185/96 féadfaidh an Oifig Eorpach FrithChalaoise (OLAF) imscrúduithe riaracháin a dhéanamh, lena náirítear seiceálacha agus cigireachtaí ar an láthair, d’fhonn a shuí ar tharla calaois, éilliú nó aon ghníomhaíocht neamhdhleathach eile a dhéanann difear do leasanna airgeadais an Aontais. I gcomhréir le Rialachán (AE) 2017/1939, féadfaidh Oifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh calaois agus gníomhaíochtaí neamhdhleathacha eile a dhéanann difear do leasanna airgeadais an Aontais a fhiosrú, de réir mar a fhoráiltear i dTreoir (AE) 2017/1371 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 26 . I gcomhréir leis an Rialachán Airgeadais, ní mór d’aon duine nó d'aon eintiteas a fhaigheann cistí ón Aontas comhoibriú go hiomlán i gcosaint leasanna airgeadais an Aontais agus na cearta agus an rochtain is gá a thabhairt don Choimisiún, do OLAF agus do Chúirt Iniúchóirí na hEorpa agus ní mór dó a áirithiú go dtabharfaidh aon tríú páirtithe a bheidh páirteach i gcur chun feidhme cistí de chuid an Aontais cearta coibhéiseacha.

(51)Tá feidhm ag rialacha airgeadais cothrománacha a ghlac Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle ar bhonn Airteagal 322 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh maidir leis an Rialachán seo. Leagtar síos na rialacha sin leis an Rialachán Airgeadais agus cinntear leo go háirithe an nós imeachta maidir leis an mbuiséad a bhunú agus a chur chun feidhme trí dheontais, trí sholáthar, trí dhuaiseanna, trí chur chun feidhme indíreach, agus déantar foráil iontu i gcomhair seiceálacha ar fhreagracht gníomhaithe airgeadais. Na rialacha a ghlactar ar bhonn Airteagal 322 CFAE, baineann siad freisin le cosaint bhuiséad an Aontais i gcás easnaimh ghinearálaithe maidir le smacht reachta sna Ballstáit, ós rud é gur réamhchoinníoll riachtanach urramú an smachta reachta i dtaca le bainistiú fónta airgeadais agus cistiú éifeachtach de chuid an Aontais Eorpaigh.

(52)De bhun Airteagal 94 de Chinneadh 2013/755/AE ón gComhairle 27 , tá daoine agus eintitis atá lonnaithe i dtíortha agus críocha thar lear incháilithe do chistiúchán faoi réir rialacha agus chuspóirí an Chiste agus faoi réir aon socruithe féideartha is infheidhme maidir leis an mBallstát lena mbaineann an tír nó an chríoch ábhartha thar lear.

(53)De bhun Airteagal 349 de CFAE agus i gcomhréir leis an Teachtaireacht ón gCoimisiún Comhpháirtíocht straitéiseach neartaithe athnuaite leis na réigiúin is forimeallaí san Aontas 28 arna formhuiniú ag an gComhairle ina conclúid an 12 Aibreán 2018, ba cheart do na Ballstáit ábhartha a áirithiú go dtabharfar aghaidh ina gcláir náisiúnta agus ina straitéisí náisiúnta ar na dúshláin shonracha atá roimh na réigiúin is forimeallaí maidir le himirce a bhainistiú. Tacóidh an Ciste leis na Ballstáit sin le hacmhainní leordhóthanacha chun cuidiú leis na réigiúin sin an imirce a bhainistiú go hinbhuanaithe agus chun aon staideanna brú a láimhseáil.

(54)De bhun mhír 22 agus mhír 23 den Chomhaontú Idirinstitiúideach maidir le Reachtóireacht Níos Fearr an 13 Aibreán 2016, is gá an Ciste seo a mheas ar bhonn faisnéis arna bailiú trí cheanglais faireacháin ar leith, agus san am céanna rórialáil agus ualach riaracháin á seachaint, go háirithe i leith na mBallstát. Féadfaidh táscairí intomhaiste a bheith san áireamh sna ceanglais sin, i gcás inarb iomchuí, mar bhonn chun éifeachtaí an Chiste ar an talamh a mheas. Chun a bhfuil gnóthaithe ag an gCiste a thomhas, ba cheart táscairí agus spriocanna gaolmhara a bhunú i ndáil le gach cuspóir sonrach den ionstraim. Leis na táscairí coiteanna sin agus leis an tuairisciú airgeadais, ba cheart don Choimisiún agus do na Ballstáit faireachán a dhéanamh ar chur chun feidhme an Chiste, i gcomhréir le forálacha ábhartha Rialachán (AE) Uimh. .../2021 [Rialachán na bhForálacha Coiteanna] agus an Rialacháin seo.

(55)Mar léiriú ar an tábhacht a bhaineann le dul i ngleic leis an athrú aeráide i gcomhréir le gealltanais an Aontais maidir le Comhaontú Pháras agus Spriocanna na Náisiún Aontaithe um Fhorbairt Inbhuanaithe a chur chun feidhme, rannchuideoidh an Ciste seo le bearta aeráide príomhshrutha agus leis an sprioc foriomlán a ghnóthú, is é sin go mbeadh 25 % den chaiteachas i mbuiséad an Aontais Eorpaigh ag tacú le cuspóirí aeráide. Déanfar gníomhaíochtaí ábhartha a shainaithint nuair a bheidh an Ciste á ullmhú agus á chur chun feidhme, agus déanfar iad a athmheas i gcomhthéacs na meastóireachtaí ábhartha agus na bpróiseas athbhreithnithe.

(56)Chun eilimintí neamhriachtanacha áirithe den Rialachán seo a fhorlíonadh nó a leasú, ba cheart an chumhacht chun gníomhartha a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh a tharmligean chuig an gCoimisiún i ndáil leis an liosta gníomhaíochtaí atá incháilithe le haghaidh cómhaoiniú níos airde mar a liostaítear in Iarscríbhinn IV, le tacaíocht oibriúcháin agus chun tuilleadh forbartha a dhéanamh ar an gcreat coiteann faireacháin agus meastóireachta. Tá sé tábhachtach, go háirithe, go rachadh an Coimisiún i mbun comhairliúcháin iomchuí le linn a chuid oibre ullmhúcháin, lena náirítear ar leibhéal na saineolaithe, agus go ndéanfar na comhairliúcháin sin i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos i gComhaontú Idirinstitiúideach maidir le Reachtóireacht Níos Fearr an 13 Aibreán 2016.

(57)Chun coinníollacha aonfhoirmeacha a áirithiú maidir leis an Rialachán seo a chur chun feidhme, ba cheart cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt don Choimisiún. Ba cheart na cumhachtaí sin a fheidhmiú i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 29 . Ba cheart úsáid a bhaint as an nós imeachta scrúdúcháin le haghaidh gníomhartha cur chun feidhme ina leagtar síos oibleagáidí coiteanna ar Bhallstáit, go háirithe maidir le faisnéis a sholáthar don Choimisiún, agus ba cheart úsáid a bhaint as an nós imeachta comhairleach chun gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh i ndáil leis na socruithe a bhaineann le faisnéis a sholáthar don Choimisiún faoi chuimsiú an chlársceidealaithe agus an tuairiscithe, ós rud é gur de chineál teicniúil amháin iad.

(58)Ós rud é nach féidir leis na Ballstáit cuspóir an Rialacháin seo, is é sin rannchuidiú le bainistiú éifeachtach ar shreabha imirce san Aontas i gcomhréir leis an gcomhbheartas maidir le tearmann, cosaint idirnáisiúnta agus an comhbheartas maidir le hinimirce, a ghnóthú go leordhóthanach agus gur fearr is féidir é a bhaint amach ar leibhéal an Aontais, féadfaidh an tAontas bearta a ghlacadh i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta a leagtar amach in Airteagal 5 den Chonradh ar an Aontas Eorpach. I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta a leagtar amach san Airteagal sin, ní théann an Rialachán seo thar a bhfuil riachtanach chun an cuspóir sin a ghnóthú.

(59)I gcomhréir le hAirteagal 3 den Phrótacal maidir le seasamh [na Ríochta Aontaithe] agus na hÉireann i dtaca le limistéar na saoirse, na slándála agus an cheartais, atá i gceangal leis an gConradh ar an Aontas Eorpach agus leis an gConradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus gan dochar d’Airteagal 4 den Phrótacal sin, [níl Éire rannpháirteach i nglacadh an Rialacháin seo agus níl sí faoi cheangal aige ná faoi réir a chur i bhfeidhm/ tá fógra tugtha ag Éirinn gur mian léi a bheith rannpháirteach i nglacadh agus i gcur i bhfeidhm an Rialacháin seo].

(60)I gcomhréir le hAirteagal 1 agus le hAirteagal 2 den Phrótacal maidir le seasamh na Danmhairge, atá i gceangal leis an gConradh ar an Aontas Eorpach agus leis an gConradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, níl an Danmhairg rannpháirteach i nglacadh an Rialacháin seo agus níl sí faoi cheangal aige ná faoi réir a chur i bhfeidhm.

(61)Is iomchuí tréimhse chur i bhfeidhm an Rialacháin seo a ailíniú le tréimhse chur i bhfeidhm Rialachán (AE, Euratom) .../2021 ón gComhairle [an Rialachán maidir leis an gCreat Airgeadais Ilbhliantúil],

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

CAIBIDIL I

FORÁLACHA GINEARÁLTA

Airteagal 1

Ábhar

1.Leis an Rialachán seo bunaítear an Ciste Tearmainn agus Imirce (“an Ciste”).

2.Leagtar síos leis an Rialachán seo cuspóirí an Chiste, an buiséad don tréimhse 2021go 2027, na foirmeacha cistiúcháin ón Aontas agus na rialacha a bhaineann leis an gcistiú sin a sholáthar.

Airteagal 2

Sainmhínithe

Chun críocha an Rialacháin seo, beidh feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:

(a)ciallaíonn 'iarratasóir ar chosaint idirnáisiúnta' iarratasóir mar a shainmhínítear i bpointe [x] d'Airteagal 2 de Rialachán (AE) ../.. [Rialachán maidir leis an Nós Imeachta Tearmainn] 30 ;

(b)'tairbhí de chosaint idirnáisiúnta' de réir bhrí phointe (2) d'Airteagal [2] de Rialachán (AE) ../.. [Rialachán um Cháilíochtaí] 31 ;

(c)ciallaíonn 'oibríochtaí measctha' gníomhaíochtaí a fhaigheann tacaíocht ó bhuiséad an Aontais, lena náirítear laistigh de shaoráidí measctha mar a shainmhínítear i bpointe (6) d'Airteagal 2 den Rialachán Airgeadais, lena gcomhcheanglaítear foirmeacha neamhiníoctha tacaíochta nó ionstraimí airgeadais ó bhuiséad an Aontais d’fhoirmeacha iníoctha tacaíochta ó institiúidí forbartha nó institiúidí airgeadais poiblí eile, agus ó institiúidí airgeadais tráchtála agus infheisteoirí;

(d)ciallaíonn “ball teaghlaigh” aon náisiúnach tríú tír a sainmhínítear faoi dhlí an Aontais is ábhartha don réimse beartais gníomhaíochta a bhfuiltear ag tacú leis faoin gCiste;

(e)'cead isteach ar fhoras daonnúil ' de réir bhrí Airteagal [2] de Rialachán (AE) ../.. [Creat an Aontais um Athlonnú [agus um Ligean Isteach] ar Fhoras Daonnúil] 32 ;

(f)ciallaíonn ‘aistriú’ aistriú mar a shainmhínítear i bpointe (5) d’Airteagal 3 de Threoir 2008/115/CE;

(g)ciallaíonn 'athlonnú' athlonnú mar a shainmhínítear in Airteagal [2] de Rialachán (AE) ../.. [Creat an Aontais um Athlonnú [agus um Ligean Isteach] ar Fhoras Daonnúil];

(h)ciallaíonn 'filleadh' filleadh mar a shainmhínítear é i bpointe (3) d'Airteagal 3 de Threoir 2008/115/CE;

(i)ciallaíonn 'náisiúnach tríú tír' aon duine nach saoránach den Aontas é, mar a shainmhínítear in Airteagal 20(1) CFAE. Tabharfar le fios le tagairt do náisiúnaigh tríú tíortha go náireofar daoine gan stát agus daoine a bhfuil náisiúntacht neamhchinntithe acu;

(j)ciallaíonn 'duine leochaileach' aon náisiúnach tríú tír a sainmhínítear faoi dhlí an Aontais is ábhartha don réimse beartais gníomhaíochta a bhfuiltear ag tacú leis faoin gCiste.

Airteagal 3

Cuspóirí an Chiste

1.Is é a bheidh i gcuspóir beartais an Chiste rannchuidiú le sreafaí imirce a bhainistiú go héifeachtach i gcomhréir le acquis ábhartha an Aontais agus i gcomhréir le gealltanais an Aontais maidir le cearta bunúsacha.

2.Faoin gcuspóir beartais a leagtar amach i mír 1, leis an gCiste rannchuideofar leis na cuspóirí sonracha seo a leanas:

(a)gach gné den Chomhchóras Eorpach Tearmainn a neartú agus a fhorbairt, lena náirítear a ghné sheachtrach;

(b)tacú leis an imirce dhleathach chuig na Ballstáit lena náirítear rannchuidiú le lánpháirtiú náisiúnach tríú tír;

(c)rannchuidiú leis an imirce neamhrialta a throid agus éifeachtacht an fhillte agus an athligean isteach i dtríú tíortha a áirithiú.

3.Faoi na cuspóirí sonracha a leagtar amach i mír 2, déanfar an Ciste a chur chun feidhme trí bhíthin na mbeart cur chun feidhme a liostaítear in Iarscríbhinn II.

Airteagal 4

Raon feidhme na tacaíochta

1.Faoi na cuspóirí dá dtagraítear in Airteagal 3 agus i gcomhréir leis na bearta cur chun feidhme a liostaítear in Iarscríbhinn II tacófar leis an gCiste go háirithe leis na gníomhaíochtaí a liostaítear in Iarscríbhinn III.

2.Chun cuspóirí an Rialacháin seo a ghnóthú, féadfar leis an gCiste tacú leis na gníomhaíochtaí i gcomhréir le tosaíochtaí an Aontais dá dtagraítear in Iarscríbhinn III i dtaca le tríú tíortha agus sna tíortha sin, i gcás inarb iomchuí, i gcomhréir le hAirteagal 5 agus Airteagal 6.

3.Tacófar le cuspóirí an Rialacháin le bearta lena ndíreofar ar spriocghrúpa amháin nó níos mó faoi raon feidhme Airteagal 78 agus Airteagal 79 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh.

Airteagal 5

Tríú tíortha atá comhlachaithe leis an gCiste

Beidh an Ciste ar oscailte do thríú tíortha eile, i gcomhréir leis na coinníollacha a leagtar síos i gcomhaontú sonrach lena gcumhdaítear rannpháirtíocht an tríú tír sa Chiste Tearmainn agus Imirce, ar choinníoll:

go náirithítear leis an gcomhaontú cothromaíocht i dtaca le ranníocaíochtaí agus sochair an tríú tír atá rannpháirteach sa Chiste;

go leagtar síos coinníollacha maidir le rannpháirtíocht sa Chiste, lena náirítear ríomh na ranníocaíochtaí leis an gCiste agus a gcostais riaracháin. Ioncam sannta i gcomhréir le hAirteagal [21(5)] den Rialachán Airgeadais a bheidh sna ranníocaíochtaí sin;

nach dtugtar leis an gcomhaontú cumhacht chinnteoireachta don tríú tír maidir leis an gCiste;

go ráthaítear leis an gcomhaontú cearta an Aontais chun bainistíocht fhónta airgeadais a áirithiú agus chun a leasanna airgeadais a chosaint.

Airteagal 6

Eintitis incháilithe

1.Beidh na heintitis seo a leanas incháilithe:

(a)eintitis dhlíthiúla atá bunaithe in aon cheann de na tíortha seo a leanas:

(1)Ballstát, nó tír nó críoch thar lear atá bainteach leis an mBallstát sin;

(2)tríú tír atá comhlachaithe leis an gCiste

(3)tríú tír atá liostaithe sa chlár faoi na coinníollacha a shonraítear ann;

(b)aon eintiteas dlíthiúil a bunaíodh faoi dhlí an Aontais nó faoi aon eagraíocht idirnáisiúnta.

2.Níl daoine nádúrtha incháilithe.

3.Go heisceachtúil, tá eintitis dhlíthiúla atá bunaithe i dtríú tír incháilithe chun bheith rannpháirteach i gcás ina bhfuil sin riachtanach chun cuspóirí gníomhaíochta ar leith a bhaint amach.

4.Eintitis dhlíthiúla atá rannpháirteach i gcuibhreannais ina bhfuil dhá eintiteas neamhspleácha ar a laghad, atá bunaithe i mBallstáit éagsúla nó i dtíortha nó i gcríocha éagsúla thar lear atá bainteach leis na Ballstáit nó leis na tríú tíortha sin, tá siad incháilithe.

CAIBIDIL II

CREAT AIRGEADAIS AGUS CUR CHUN FEIDHME

roinn 1
forálacha comhchoiteanna

Airteagal 7

Prionsabail ghinearálta

1.Leis an tacaíocht a chuirfear ar fáil faoin Rialachán seo comhlánófar idirghabhálacha náisiúnta, réigiúnacha agus áitiúla agus leagfar béim ar bhreisluach a chur le cuspóirí an Rialachán seo.

2.Áiritheoidh an Coimisiún agus na Ballstáit go mbeidh an tacaíocht a chuirtear ar fáil faoin Rialachán seo agus a chuireann na Ballstáit ar fáil ag teacht le gníomhaíochtaí, beartais agus le tosaíochtaí ábhartha an Aontais agus go mbeidh sí comhlántach le hionstraimí eile de chuid an Aontais.

3.Déanfar an Ciste a chur chun feidhme le bainistíocht chomhroinnte, dhíreach nó indíreach i gcomhréir le hAirteagal 62(1)(a), Airteagal 62(1)(b) agus Airteagal 62(1)(c) den Rialachán Airgeadais.

Airteagal 8

An buiséad

1.Is é EUR 10 415 000 000 i bpraghsanna reatha a bheidh san imchlúdach airgeadais do chur chun feidhme na hionstraime don tréimhse 2021–2027.

2.Úsáidfear na hacmhainní airgeadais mar a leanas:

(c)Déanfar EUR 6 249 000 000 a leithdháileadh ar na cláir a chuirfear chun feidhme faoi bhainistíocht chomhroinnte.

(d)Déanfar EUR 4 166 000 000 a leithdháileadh ar an tsaoráid théamach.

3.Déanfar suas le 0.42 % den imchlúdach airgeadais a leithdháileadh ar an gcúnamh teicniúil ar thionscnamh ón gCoimisiún dá dtagraítear in Airteagal 29 de Rialachán (AE) ../.. [Rialachán na bhForálacha Coiteanna].

 

Airteagal 9

Forálacha ginearálta maidir le cur i bhfeidhm na saoráide téamaí

1.Déanfar an timchlúdach airgeadais dá dtagraítear in Airteagal 8(2)(b) a leithdháileadh ar bhealach solúbtha trí bhíthin na saoráide téamaí trí úsáid a bhaint as bainistíocht chomhroinnte, dhíreach nó indíreach mar a leagtar amach i gcláir oibre. Bainfear úsáid as cistiú ón tsaoráid théamach maidir lena comhpháirteanna:

a)gníomhaíochtaí sonracha;

b)gníomhaíochtaí Aontais;

c)cúnamh éigeandála;

d)athlonnú;

e)tacaíocht do na Ballstáit a rannchuidíonn le hiarrachtaí dlúthpháirtíochta agus freagrachta; agus

f)Gréasán Imirce na hEorpa

Tabharfar tacaíocht don chúnamh teicniúil ar thionscnamh an Choimisiúin as imchlúdach airgeadais na saoráide téamaí.

2.Bainfear úsáid as cistiú ón tsaoráid théamach chun aghaidh a thabhairt ar thosaíochtaí a bhfuil breisluach ard ó thaobh an Aontais ag baint leo nó chun freagairt do riachtanais phráinneacha i gcomhréir le tosaíochtaí comhaontaithe an Aontais mar a shonraítear in Iarscríbhinn II.

3.Nuair a dheonófar cistiú ón tsaoráid théamach faoi bhainistíocht dhíreach nó indíreach ar na Ballstáit, áiritheofar nach ndéantar difear do thionscadail de thoradh tuairimí réasúnaithe ón gCoimisiún maidir le sárú faoi Airteagal 258 CFAE lena gcuirtear dlíthiúlacht agus rialtacht caiteachais nó feidhmíocht tionscadal i mbaol.

4.Nuair a dhéanfar cistiú ón tsaoráid théamach a cur chun feidhme le bainistíocht chomhroinnt, déanfaidh an Coimisiún an méid seo, chun críocha Airteagal 18 agus Airteagal 19(2) de Rialachán (AE) ../.. [Rialachán na bhForálacha Coiteanna], a measúnú an ndéantar difear do ghníomhaíochtaí atá beartaithe de thoradh tuairimí réasúnaithe ón gCoimisiún maidir le sárú faoi Airteagal 258 CFAE lena gcuirtear dlíthiúlacht agus rialtacht caiteachais nó feidhmíochta na dtionscadal i mbaol;

5.Cinnfidh an Coimisiún an méid foriomlán a chuirfear ar fáil don tsaoráid théamach faoi leithreasuithe bliantúla bhuiséad an Aontais. Glacfaidh an Coimisiún cinntí airgeadais dá dtagraítear in Airteagal [110] den Rialachán Airgeadais don tsaoráid théamach ina sainaithneofar cuspóirí agus gníomhaíochtaí a mbeidh tacaíocht le tabhairt dóibh agus ina shonrófar na méideanna do gach ceann dá chomhpháirteanna dá dtagraítear i mír 1. Leagfar amach i gcinntí airgeadais, i gcás inarb infheidhme, an méid foriomlán arna chur i leataobh le haghaidh oibríochtaí measctha.

6.Tacófar go háirithe leis an tsaoráid théamach gníomhaíochtaí a thagann faoin bheart chur chun feidhme 2(b) d'Iarscríbhinn II a chuirtear chun feidhme ag na húdaráis réigiúnacha agus áitiúla nó eagraíochtaí de chuid na sochaí sibhialta.

7.Tar éis dó cinneadh airgeadais a ghlacadh dá dtagraítear i mír 5, féadfaidh an Coimisiún leasú a dhéanamh dá réir sin ar na cláir a chuirtear chun feidhme faoi bhainistíocht chomhroinnte.

8.Féadfaidh cinntí bliantúla nó ilbhliantúla a bheith sna cinntí airgeadais sin agus féadfar ceann amháin nó níos mó de chomhpháirteanna na saoráide téamaí a chumhdach leo.

ROINN 2

TACAÍOCHT AGUS CUR CHUN FEIDHME FAOI BHAINISTÍOCHT CHOMHROINNTE

Airteagal 10

Raon feidhme

1.Tá feidhm ag an roinn seo maidir leis an gcuid den imchlúdach airgeadais dá dtagraítear in Airteagal 8(2)(a) agus le hacmhainní breise atá le cur chun feidhme faoi bhainistíocht chomhroinnte de réir chinneadh an Choimisiúin maidir leis an tsaoráid théamach dá dtagraítear in Airteagal 9.

2.Déanfar tacaíocht faoin roinn seo a chur chun feidhme faoi bhainistíocht chomhroinnte i gcomhréir le hAirteagal 63 den Rialachán Airgeadais agus le Rialachán (AE)../.. [Rialachán na bhForálacha Coiteanna].

Airteagal 11

Acmhainní buiséadacha

1.Leithdháilfear na hacmhainní dá dtagraítear in Airteagal 8(2)(a) ar na cláir náisiúnta (na 'cláir') a chuirfidh na Ballstáit chun feidhme faoi bhainistíocht chomhroinnte go táscach mar a leanas:

(a)EUR 5 207 500 000 ar na Ballstáit i gcomhréir le hIarscríbhinn I;

(b)EUR 1 500 000 ar na Ballstáit le haghaidh choigeartú na leithdháiltí ar na cláir dá dtagraítear in Airteagal 14(1).

2.I gcás nach leithdháiltear an méid dá dtagraítear i mír 1(b), féadfar an fuílleach a chur leis an méid dá dtagraítear in Airteagal 8(2)(b).

Airteagal 12

Rátaí cómhaoinithe

1.Ní sháróidh an ranníocaíocht ó bhuiséad an Aontais 75 % de chaiteachas incháilithe iomlán tionscadail.

2.Féadfar an ranníocaíocht ó bhuiséad an Aontais a mhéadú go 90 % den chaiteachas incháilithe iomlán ar thionscadail a chuirfear chun feidhme faoi réir gníomhaíochtaí sonracha.

3.Féadfar an ranníocaíocht ó bhuiséad an Aontais a mhéadú go 90 % den chaiteachas incháilithe iomlán ar na gníomhaíochtaí a liostaítear in Iarscríbhinn IV.

4.Féadfar an ranníocaíocht ó bhuiséad an Aontais a mhéadú go 100 % den chaiteachas incháilithe iomlán ar thacaíocht oibriúcháin.

5.Féadfar an ranníocaíocht ó bhuiséad an Aontais a mhéadú go 100 % den chaiteachas incháilithe iomlán ar chúnamh éigeandála.

6.Sa chinneadh ón gCoimisiún lena bhformheasfar clár, socrófar an ráta cómhaoinithe agus uasmhéid na tacaíochta ón gCiste seo le haghaidh na gcineálacha gníomhaíochta dá dtagraítear i mír 1 go mír 5.

7.I gcás gach cuspóir sonrach, leagfar amach sa chinneadh ón gCoimisiún an gcuirfear an ráta cómhaoinithe le haghaidh gach cuspóir sonrach i bhfeidhm maidir leis an méid seo a leanas:

(a)an ranníocaíocht iomlán, lena náirítear ranníocaíochta poiblí agus príobháideacha; nó;

(b)an ranníocaíocht phoiblí amháin.

Airteagal 13

Na cláir

1.Áiritheoidh gach Ballstát go bhfuil na tosaíochtaí a dtugtar aghaidh orthu ina chlár comhsheasmhach le tosaíochtaí agus dúshláin an Aontais i réimse na bainistíochta imirce agus go bhfreagraíonn siad dóibh, agus go bhfuil siad i gcomhréir go hiomlán le acquis ábhartha an Aontais agus le tosaíochtaí comhaontaithe an Aontais. Agus tosaíochtaí a gclár á sainaithint acu áiritheoidh na Ballstáit go dtabharfar aghaidh go leordhóthanach ar na bearta cur chun feidhme a leagtar amach in Iarscríbhinn II.

2.Áiritheoidh an Coimisiún go mbeidh ról ag Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh i ndáil le Tearmann agus an Ghníomhaireacht Eorpach um an nGarda Teorann i bpróiseas forbartha na gclár ag céim luath i dtaca lena réimsí inniúlachta. Rachaidh an Coimisiún i gcomhairle leis an nGníomhaireacht Eorpach um an nGarda Teorann agus Cósta maidir leis na dréachtchláir chun comhleanúnachas agus comhlántacht ghníomhaíochtaí na gníomhaireachta agus ghníomhaíochtaí na mBallstát a áirithiú

3.Féadfaidh an Coimisiún ról a thabhairt do Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh i ndáil le Tearmann agus don Ghníomhaireacht Eorpach um an nGarda Teorann agus Cósta i gcúraim faireacháin agus mheastóireachta dá dtagraítear i Roinn 5, i gcás inarb iomchuí go háirithe d'fhonn a áirithiú go bhfuil na gníomhaíochtaí a chuirtear chun feidhme le tacaíocht ón ionstraim i gcomhréir leis an acquis ábhartha de chuid an Aontais agus le tosaíochtaí atá comhaontaithe ag an Aontas.

4.De bhun cleachtadh faireacháin arna dhéanamh i gcomhréir le Rialachán (AE) [ ../..] [Rialachán Ghníomhaireacht an Aontais Eorpaigh i ndáil le Tearmann] nó moltaí a ghlacadh i gcomhréir le Rialachán Uimh. 1053/2013 a thagann faoi raon feidhme an Rialacháin seo, déanfaidh an Ballstát lena mbaineann scrúdú, i gcomhar leis an gCoimisiún, agus i gcás inarb ábhartha, le Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh i ndáil le Tearmann, agus leis an nGníomhaireacht um an nGarda Teorann agus Cósta ar an dóigh chun dul i ngleic leis na torthaí, lena náirítear aon easnaimh nó saincheisteanna maidir le cumas agus ullmhacht, agus na moltaí chur chun feidhme trí bhíthin a chláir.

5.I gcás inar gá, déanfar an clár i gceist a leasú chun na moltaí dá dtagraítear i mír 4 a chur san áireamh. Ag brath ar thionchar an choigeartaithe, féadfaidh an Coimisiún an clár athbhreithnithe a fhormheas.

6.I gcomhar agus i gcomhairle leis an gCoimisiún agus leis na gníomhaireachtaí ábhartha i gcomhréir lena ninniúlacht, de réir mar is infheidhme, féadfar acmhainní faoin gclár a athleithdháileadh d'aidhm aghaidh a thabhairt ar mholtaí dá dtagraítear i mír 4 a bhfuil impleachtaí airgeadais ag baint leo.

7.Go háirithe saothróidh na Ballstáit na gníomhaíochtaí a liostaítear in Iarscríbhinn IV atá i dteideal cómhaoiniú níos airde a fháil. Chun aghaidh a thabhairt ar imthosca gan choinne nó imthosca nua nó chun cur chun feidhme éifeachtach cistiúcháin a áirithiú, cumhachtófar don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 32 chun leasú a dhéanamh ar liosta na gníomhaíochtaí atá i dteideal cómhaoiniú níos airde a fháil a liostaítear in Iarscríbhinn IV.

8.Nuair a chinnfidh Ballstát tionscadail a chur chun feidhme i gcomhar le tríú tír nó sa tríú tír sin le tacaíocht an Chiste rachaidh an Ballstát lena mbaineann i gcomhairle leis an gCoimisiún sula gcuirfear tús leis an tionscadal.

9.Bunófar clársceidealú dá dtagraítear in Airteagal 17(5) de Rialachán (AE) .../2021 [Rialachán na bhForálacha Coiteanna] ar na cineálacha idirghabhála a leagtar amach i dTábla 1 d'Iarscríbhinn VI.

Airteagal 14

Athbhreithniú meántéarma

1.In 2024 déanfaidh an Coimisiún an méid breise dá dtagraítear in Airteagal 11(1)(b) a leithdháileadh ar chláir na mBallstát lena mbaineann i gcomhréir leis na critéir dá dtagraítear i míreanna 1(b) go 5 d'Iarscríbhinn 1. Beidh an cistiú éifeachtach maidir leis an tréimhse amhail ón mbliain féilire 2025.

2.Mura gcumhdaítear 10 % de leithdháileadh tosaigh cláir dá dtagraítear in Airteagal 11(1)(a) trí bhíthin iarratais ar íocaíochtaí i gcomhréir le hAirteagal [85] de Rialachán (AE) .../2021 [Rialachán na bhForálacha Coiteanna] ní bheidh an Ballstát i gceist incháilithe chun an leithdháileadh breise maidir leis an gclár dá dtagraítear i mír 1 a fháil.

3.Amhail ó 2025, i gcás inarb iomchuí sin, cuirfear san áireamh i leithdháileadh na gcistí ón tsaoráid théamach an dul chun cinn a dhéanfar maidir le garspriocanna de chuid an chreata feidhmíochta dá dtagraítear in Airteagal [12] de Rialachán (AE) Uimh. .../2021 [Rialachán na bhForálacha Coiteanna] a ghnóthú agus maidir le laigí cur chun feidhme aitheanta.

Airteagal 15

Gníomhaíochtaí sonracha

1.Is é atá i ngníomhaíochtaí sonracha tionscadail trasnáisiúnta nó náisiúnta i gcomhréir le cuspóirí an Rialacháin seo a d'fhéadfadh Ballstát amháin, roinnt Ballstát nó na Ballstáit uile leithdháileadh breise ina leith a fháil dá gcláir.

2.Féadfaidh Ballstáit, de bhreis ar a leithdháileadh arna ríomh i gcomhréir le hAirteagal 11(1), cistiú breise a fháil, ar choinníoll go bhfuil sé curtha in iúl mar sin sa chlár agus go núsáidfear é chun cur le cur chun feidhme chuspóirí an Rialacháin seo.

3.Ní úsáidfear an cistiú le haghaidh gníomhaíochtaí eile sa chlár ach amháin i gcúinsí a bhfuil údar cuí leo agus má dhéanann an Coimisiún iad a fhormheas trí bhíthin leasú ar an gclár oibre.

Airteagal 16

Acmhainní do Chreat an Aontais um Athlonnú agus um Ligean Isteach ar Fhoras Daonnúil

1.De bhreis ar a leithdháileadh a ríomhtar i gcomhréir le pointe (a) d’Airteagal 1(1)(a), gheobhaidh na Ballstáit ranníocaíocht EUR 10 000 le haghaidh gach duine athlonnaithe i gcomhréir le scéim athlonnaithe spriocdhírithe an Aontais. Beidh an ranníocaíocht sin i bhfoirm maoiniúcháin nach mbeidh bainteach le costais i gcomhréir le hAirteagal [125] den Rialachán Airgeadais

2.Leithdháilfear an méid dá dtagraítear i mír 1 ar na Ballstáit trína gclár a leasú ar choinníoll go ndéanfar an duine a ndearnadh an ranníocaíocht a leithdháileadh ina leith a athlonnú go héifeachtach i gcomhréir le Creat an Aontais um Athlonnú [agus um Ligean Isteach ar Fhoras Daonnúil].

3.Ní úsáidfear an cistiú le haghaidh gníomhaíochtaí eile sa chlár ach amháin i gcúinsí a bhfuil údar cuí leo agus má dhéanann an Coimisiún iad a fhormheas trí bhíthin leasú ar an gclár oibre.

4.Coinneoidh Ballstáit an fhaisnéis is gá chun go mbeifear in ann na daoine athlonnaithe agus dáta a nathlonnaithe a shainaithint i gceart.

Airteagal 17

Acmhainní chun tacú le cur chun feidhme Rialachán .../... [Rialachán Bhaile Átha Cliath]

1.Gheobhaidh Ballstát ranníocaíocht EUR [10 000], de bhreis ar a leithdháileadh a ríomhfar i gcomhréir le hAirteagal 11(1)(a), le haghaidh gach iarratasóir ar chosaint idirnáisiúnta a mbeidh an Ballstát sin freagrach as amhail ón uair a bheidh ar an mBallstát sin aghaidh a thabhairt ar imthosca dúshlánacha mar a shainmhínítear i Rialachán (AE) ../.. [Rialachán Bhaile Átha Cliath].

2.Gheobhaidh Ballstát ranníocaíocht EUR [10 000], de bhreis ar a leithdháileadh a ríomhfar i gcomhréir le hAirteagal 11(1)(a), le haghaidh gach iarratasóir ar chosaint idirnáisiúnta a shannfar don Bhallstát sin de bhreis ar chion cothrom an Bhallstáit ar tairbhí é.

3.Gheobhaidh Ballstát dá dtagraítear i mír 1 agus mír 2 ranníocaíocht bhreise EUR [10 000] in aghaidh an iarratasóra a ndeonófar cosaint idirnáisiúnta dó chun bearta lánpháirtithe a chur chun feidhme.

4.Gheobhaidh Ballstát dá dtagraítear i mír 1 agus mír 2 ranníocaíocht bhreise EUR [10 000] in aghaidh an duine a bhféadfaidh an Ballstát a chinneadh ina leith ar bhonn na sonraí dá dtagraítear in Airteagal 11(d) de Rialachán (AE) ../..a uasdhátú [Rialachán Eurodac] gur fhág an duine sin críoch an Bhallstáit, ar bhonn éigeantach nó deonach i gcomhréir le cinneadh maidir le filleadh nó ordú maidir le haistriú.

5.Gheobhaidh Ballstát ranníocaíocht EUR [500], de bhreis ar a leithdháileadh a ríomhfar i gcomhréir le hAirteagal 11(1)(a), le haghaidh gach iarratasóir ar chosaint idirnáisiúnta a aistreofar ó Bhallstát amháin go Ballstát eile, le haghaidh gach iarratasóir a aistreofar de bhun phointe (c) den chéad mhír d'Airteagal 34(i) de Rialachán (AE) ../.. [Rialachán Bhaile Átha Cliath] agus i gcás inarb iomchuí, le haghaidh gach iarratasóir a aistreofar de bhun phointe (g) d'Airteagal 34(j) de Rialachán (AE) ../.. [Rialachán Bhaile Átha Cliath].

6.Beidh an ranníocaíocht dá dtagraítear san Airteagal seo i bhfoirm maoiniúcháin nach mbeidh bainteach le costais i gcomhréir le hAirteagal [125] den Rialachán Airgeadais

7.Leithdháilfear na méideanna dá dtagraítear i míreanna 1 go 5 do na Ballstáit ina gcláir ar choinníoll go ndéanfar an duine ar leithdháileadh an ranníocaíocht ina leith, de réir mar is infheidhme, a aistriú i bhfírinne go Ballstát, a fhilleadh i bhfírinne nó a chlárú mar iarratasóir sa Bhallstát atá freagrach i gcomhréir le Rialachán Rialachán (AE)../.. [Rialachán Bhaile Átha Cliath].

8.Ní úsáidfear an cistiú seo le haghaidh gníomhaíochtaí eile sa chlár ach amháin i gcúinsí a bhfuil údar cuí leo agus má dhéanann an Coimisiún iad a fhormheas trí bhíthin leasú ar an gclár oibre.

Airteagal 18

Tacaíocht oibriúcháin

1.Tá tacaíocht oibriúcháin ina cuid de leithdháileadh Ballstáit is féidir a úsáid mar thacaíocht leis na húdaráis phoiblí atá freagrach as saothrú na gcúraimí agus na seirbhísí ar cuid de sheirbhís phoiblí don Aontas iad.

2.Féadfaidh Ballstát suas le 10 % den mhéid a leithdháilfear faoin gCiste ar a chlár oibre a úsáid chun tacaíocht oibriúcháin a mhaoiniú faoi chuspóirí in Airteagal 3(2)(a) agus (c).

3.Comhlíonfaidh na Ballstáit a bhaineann úsáid as tacaíocht oibriúcháin acquis an Aontais maidir le tearmann agus filleadh.

4.Léireoidh na Ballstáit sa chlár agus sa tuarascáil bhliantúil ar fheidhmíocht dá dtagraítear in Airteagal 30 an túdar atá le húsáid a bhaint as tacaíocht oibriúcháin chun cuspóirí an Rialacháin seo a bhaint amach. Sula ndéanfaidh sé an clár a fhormheas, déanfaidh an Coimisiún, i gcomhar le Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh i ndáil le Tearmann agus leis an nGníomhaireacht Eorpach um an nGarda Teorann agus Cósta i gcomhréir le hAirteagal 13 measúnú ar an staid bonnlíne sna Ballstáit a bhfuil curtha in iúl acu go bhfuil rún acu úsáid a bhaint as tacaíocht oibriúcháin. Cuirfidh an Coimisiún san áireamh an fhaisnéis a chuirfidh na Ballstáit sin ar fáil agus, i gas inarb ábhartha,an fhaisnéis sin a bheidh ar fáil i bhfianaise na gcleachtaí faireacháin, a dhéanfar i gcomhréir le Rialachán (AE) ../.. [Rialachán Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh i ndáil le Tearmann] agus Rialachán (AE) Uimh. 1053/2013, a thagann faoi raon feidhme an Rialacháin seo.

5.Díreofar an tacaíocht oibriúcháin ar chúraimí agus seirbhísí sonracha mar a leagtar síos in Iarscríbhinn VII.

6.Chun aghaidh a thabhairt ar imthosca gan choinne nó imthosca nua nó chun cur chun feidhme éifeachtach cistiúcháin a áirithiú, cumhachtófar don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 32 chun leasú a dhéanamh ar an liosta cúraimí agus seirbhísí sonracha in Iarscríbhinn VII.

ROINN 3

TACAÍOCHT AGUS CUR CHUN FEIDHME FAOI BHAINISTÍOCHT DHÍREACH AGUS INDÍREACH

Airteagal 19

Raon feidhme

Cuirfidh an Coimisiún na hacmhainní faoin rannóg Aontais seo sin chun feidhme go díreach i gcomhréir le pointe (a) d’Airteagal 62(1) den Rialachán Airgeadais nó go hindíreach i gcomhréir le pointe (c) den Airteagal sin.

Airteagal 20

Gníomhaíochtaí Aontais

1.Is é atá i ngníomhaíochtaí Aontais tionscadail trasnáisiúnta nó náisiúnta nó tionscadail a bhfuil leas áirithe acu don Aontas i gcomhréir le cuspóirí an Rialacháin seo.

2.Ar thionscnamh ón gCoimisiún, féadfar an Ciste a úsáid chun maoiniú a dhéanamh ar ghníomhaíochtaí Aontais a bhaineann le cuspóirí an Rialacháin seo dá dtagraítear in Airteagal 3 agus i gcomhréir le hIarscríbhinn III.

3.Féadfar cistiú a sholáthar le gníomhaíochtaí Aontais, agus féadfaidh an cistiú sin bheith in aon cheann de na foirmeacha a leagtar síos sa Rialachán Airgeadais, go háirithe deontais, duaiseanna agus soláthar. Féadfaidh siad maoiniú i bhfoirm ionstraimí airgeadais laistigh d’oibríochtaí measctha a sholáthar freisin.

4.Tabharfar agus bainisteofar deontais faoi bhainistíocht dhíreach i gcomhréir le [Teideal VIII] den Rialachán Airgeadais.

5.Féadfaidh an coiste meastóireachta a dhéanfaidh measúnú ar na tograí bheith comhdhéanta de shaineolaithe seachtracha.

6.Le ranníocaíochtaí le sásra árachais fhrithpháirtigh, féadfar an riosca a bhaineann le gnóthú na gcistí atá dlite ag faighteoirí a chumhdach agus measfar gur ráthaíocht leordhóthanach é faoin Rialachán Airgeadais. Beidh feidhm ag na forálacha atá leagtha síos in [Airteagal X de] Rialachán (AE) ../.. [comharba an Rialacháin maidir leis an gCiste Ráthaíochta].

Airteagal 21

Gréasán Imirce na hEorpa

1.Tacóidh an Ciste le Gréasán Imirce na hEorpa agus soláthróidh sé cúnamh airgeadais atá ag teastáil dá chuid gníomhaíochtaí agus dá chuid forbartha amach anseo.

2.Glacfaidh an Coimisiún an tsuim a chuirtear ar fáil do Ghréasán Imirce na hEorpa faoi leithreasaí bliantúla an Chiste agus faoin gclár oibre lena leagtar síos na tosaíochtaí maidir lena chuid gníomhaíochtaí tar éis don Bhord Stiúrtha í a fhormheas i gcomhréir le hAirteagal  4(5)(a) de Chinneadh 2008/381/CE. Beidh cinneadh an Choimisiúin ionann agus cinneadh maoiniúcháin de bhun Airteagal 10 den Rialachán Airgeadais. Chun a áirithiú go mbeidh acmhainní ar fáil go tráthúil, féadfaidh an Coimisiún an clár oibre do Ghréasán Imirce na hEorpa a ghlacadh mar chinneadh airgeadais ar leithligh.

3.Beidh an cúnamh airgeadais a chuirtear ar fáil do ghníomhaíochtaí Ghréasán Imirce na hEorpa i bhfoirm deontas do na pointí teagmhála náisiúnta dá dtagraítear in Airteagal 3 de Chinneadh 2008/381/CE agus do na soláthairtí poiblí de réir mar is cuí, i gcomhréir leis an Rialachán Airgeadais.

Airteagal 22

Oibríochtaí measctha

Cuirfear oibríochtaí measctha arna gcinneadh faoin gCiste seo chun feidhme i gcomhréir le [Rialachán InvestEU] agus le Teideal X den Rialachán Airgeadais.

Airteagal 23

Cúnamh teicniúil ar thionscnamh ón gCoimisiún

Leis an gCiste féadfar tacú le bearta cúnaimh theicniúil arna gcur chun feidhme ar thionscnamh ón gCoimisiún, nó thar a cheann. Déanfar na bearta sin a mhaoiniú ar an ráta 100 %.

Airteagal 24

Iniúchtaí

Iniúchtaí ar úsáid ranníocaíochta an Aontais arna ndéanamh ag daoine nó eintitis, lena náirítear daoine nó eintitis nach bhfuil sainordú acu ó institiúidí nó ó chomhlachtaí de chuid an Aontais, sin é an bonn a bheidh leis an gcinnteacht fhoriomlán de bhun Airteagal 127 de Rialachán (AE) [Rialachán maidir leis na rialacha airgeadais is infheidhme i ndáil le buiséad ginearálta an Aontais].

Airteagal 25

Faisnéis, cumarsáid agus poiblíocht

1.Tabharfaidh faighteoirí cistithe ón Aontas aitheantas d'fhoinse an chistithe ón Aontas agus áiritheoidh siad infheictheacht an chistithe sin, go háirithe nuair a bheidh na gníomhaíochtaí agus a dtorthaí á bpoibliú, trí fhaisnéis spriocdhírithe atá comhleanúnach, éifeachtach agus comhréireach a sholáthar do shainghrúpaí éagsúla, lena náirítear na meáin agus an pobal.

2.Cuirfidh an Coimisiún chun feidhme bearta faisnéise agus cumarsáide a bhaineann leis an gCiste, agus lena bhearta agus torthaí. Leis na hacmhainní airgeadais arna leithdháileadh ar an gCiste seo, rannchuideofar freisin le cumarsáid chorparáideach faoi thosaíochtaí polaitiúla an Aontais, a fhad a bhaineann siad le cuspóirí an Rialacháin seo.

Roinn 4

Tacaíocht agus cur chun feidhme faoi bhainistíocht dhíreach agus indíreach

Airteagal 26

Cúnamh éigeandála

1.Cuirfear cúnamh airgeadais ar fáil leis an gCiste chun dul i ngleic le riachtanais phráinneacha shonracha i gcás éigeandála a thiocfaidh as ceann amháin nó níos mó den mhéid seo a leanas:

(a)brú imirce trom i gceann amháin nó níos mó de na Ballstáit arb é a phríomhthréith sreabh mhór dhíréireach de náisiúnaigh tríú tíortha a chuireann brú suntasach agus práinneach ar a saoráidí glactha agus coinneála agus ar a gcórais agus nósanna imeachta maidir le tearmann agus bainistíocht imirce;

(b)cur chun feidhme sásraí sealadacha cosanta de réir bhrí Threoir 2001/55/CE 33 ;

(c)brú imirce trom i dtríú tíortha, lena náirítear tíortha ina bhfuil fuireach ar dhaoine atá i ngá a gcosanta mar gheall ar theagmhais amhail forbairtí polaitiúla nó coinbhleachtaí.

2.Féadfaidh cúnamh éigeandála bheith i bhfoirm deontas a bhronnfar go díreach ar ghníomhaireachtaí díláraithe.

3.Féadfar cúnamh éigeandála a leithdháileadh ar chláir na mBallstát de bhreis ar a leithdháileadh arna ríomh i gcomhréir le hAirteagal 11(1) agus Iarscríbhinn I ar choinníoll go mbeidh sé curtha in iúl amhlaidh sa chlár náisiúnta. Ní úsáidfear an cistiú seo le haghaidh gníomhaíochtaí eile sa chlár ach amháin i gcúinsí a bhfuil údar cuí leo agus má dhéanann an Coimisiún iad a fhormheas trí bhíthin leasú ar an gclár oibre.

4.Tabharfar agus bainisteofar deontais faoi bhainistíocht dhíreach i gcomhréir le [Teideal VIII] den Rialachán Airgeadais.

Airteagal 27

Cistiú carnach, comhlántach agus comhcheangailte

1.Féadfaidh gníomhaíocht a fuair ranníocaíocht faoin gCiste ranníocaíocht a fháil freisin ó aon chlár eile de chuid an Aontais, lena náirítear Cistí faoi bhainistíocht chomhroinnte, ar choinníoll nach gcumhdaíonn na ranníocaíochtaí na costais chéanna. Beidh feidhm ag rialacha gach cláir de chuid an Aontais a dhéanann ranníocaíocht, maidir lena ranníocaíocht féin leis an mbeart. Ní rachaidh an cistiú carnach thar chostais incháilithe iomlána na gníomhaíochta agus féadfar an tacaíocht ó na cláir éagsúla de chuid an Aontais a ríomh ar bhonn pro-rata i gcomhréir leis na doiciméid lena leagtar amach na coinníollacha maidir le tacaíocht.

2.Maidir le bearta a dtugtar dearbhú Séala Barr Feabhais dóibh, nó bearta lena gcomhlíontar na coinníollacha carnacha, comparáideacha seo:

(a)rinneadh measúnú orthu i nglao ar thograí faoin ionstraim;

(b)comhlíonann siad na ceanglais íosta cáilíochta a bhaineann leis an nglao sin ar thograí;

(c)ní fhéadfar iad a chistiú faoin nglao sin ar thograí de dheasca srianta buiséadacha.

féadfaidh siad tacaíocht a fháil ó Chiste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa, ón gCiste Comhtháthaithe, ó Chiste Sóisialta na hEorpa+ nó ón gCiste Eorpach Talmhaíochta um Fhorbairt Tuaithe, i gcomhréir le mír 5 d’Airteagal 67 de Rialachán (AE) .../... [Rialachán na bhForálacha Coiteanna] agus Airteagal [8] (AE) ../.. [Maidir leis an gcomhbheartas talmhaíochta a mhaoiniú, a bhainistiú agus faireachán a dhéanamh air] ar choinníoll go bhfuil na gníomhaíochtaí sin comhsheasmhach le cuspóirí an chláir lena mbaineann. Beidh feidhm ag rialacha an Chiste lena gcuirtear tacaíocht ar fáil.

 

Roinn 5

Faireachán, Tuairisciú agus Meastóireacht

foroinn 1 Forálacha coiteanna

Airteagal 28

Faireachán agus tuairisciú

1.I gcomhréir leis na ceanglais tuairiscithe atá ar an gCoimisiún de bhun Airteagal [43(3)(h)(i)(iii)] den Rialachán Airgeadais, cuirfidh sé faisnéis maidir le feidhmíocht i láthair Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle i gcomhréir le hIarscríbhinn V.

2.Tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 32 chun Iarscríbhinn V a leasú d’fhonn na hathruithe riachtanacha a dhéanamh ar an bhfaisnéis faoi fheidhmíocht atá le cur ar fáil do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle.

3.Leagtar amach in Iarscríbhinn II na táscairí a úsáidfear le tuairisciú a dhéanamh ar dhul chun cinn an Chiste maidir le baint amach chuspóirí sonracha an Rialacháin seo a shocraítear amach in Iarscríbhinn VIII. Maidir le táscairí aschuir, socrófar na bonnlínte ag nialas. Spriocanna carnacha a bheidh sna garspriocanna a shocraítear do 2024 agus sna spriocanna a shocraítear do 2029.

4.Leis an gcóras tuairiscithe feidhmíochta áiritheofar go mbaileofar na sonraí is gá chun faireachán a dhéanamh ar chur chun feidhme an chláir, go mbaileofar iad ar dhóigh atá éifeachtúil éifeachtach tráthúil. Chuige sin, forchuirfear ceanglais chomhréireacha tuairiscithe ar fhaighteoirí cistí ón Aontas agus, i gcás inarb ábhartha, ar na Ballstáit.

5.Chun a áirithiú go measúnófar go héifeachtach dul chun cinn an Chiste i dtreo bhaint amach a chuspóirí, beidh sé de chumhacht ag an gCoimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh, i gcomhréir le hAirteagal 32, chun Iarscríbhinn VIII a leasú chun na táscairí a athbhreithniú nó a chomhlánú i gcás ina measfar gur gá, agus chun an Rialachán seo a fhorlíonadh le forálacha maidir le creat faireacháin agus meastóireachta a bhunú, lena náirítear faisnéis tionscadail a bheidh le cur ar fáil ag na Ballstáit.

Airteagal 29

Meastóireacht

1.Déanfaidh an Coimisiún meastóireacht mheántéarma agus meastóireacht shiarghabhálach ar an Rialachán seo, lena náirítear na gníomhaíochtaí a chuirtear chun feidhme faoin gCiste.

2.Déanfar na meastóireachtaí meántéarmacha agus deiridh go tráthúil sa dóigh agus go bhféadfar leas a bhaint astu sa phróiseas cinnteoireachta.

foroinn 2 rialacha maidir le bainistíocht chomhroinnte

Airteagal 30

Tuarascálacha bliantúla ar fheidhmíocht

1.Faoin 15 Feabhra 2023 agus faoin dáta céanna gach bliain ina dhiaidh sin go 2031 agus an bhliain sin san áireamh cuirfidh na Ballstáit an tuarascáil bhliantúil ar fheidhmíocht chuig an gCoimisiún dá dtagraítear in Airteagal 36(6) de Rialachán (AE) .../2021 [Rialachán na bhForálacha Coiteanna]. Leis an tuarascáil a thíolacfar in 2023 cumhdófar cur chun feidhme an chláir a dhéanfar sa tréimhse go dtí an 30 Meitheamh 2022.

2.Leagfar amach sa tuarascáil bhliantúil ar fheidhmíocht faisnéis maidir le :

(a)dul chun cinn maidir le cur chun feidhme an chláir agus maidir le garspriocanna agus spriocanna a bhaint amach agus na sonraí is déanaí mar a cheanglaítear le hAirteagal [37] de Rialachán (AE) .../2021 [Rialachán na bhForálacha Coiteanna];

(b)aon saincheisteanna a dhéanann difear d'fheidhmíocht an chláir agus an ghníomhaíocht a rinneadh chun dul i ngleic leo;

(c)an chomhlántacht idir na bearta a dtugtar tacaíocht dóibh leis an gCiste agus an tacaíocht a chuirtear ar fáil ó chistí Aontais eile, go háirithe bearta i dtríú tíortha nó maidir le tríú tíortha;

(d)rannchuidiú an chláir le cur chun feidhme an acquis agus na bpleananna gníomhaíochta ábhartha de chuid an Aontais;

(e)cur chun feidhme gníomhaíochtaí cumarsáide agus infheictheachta;

(f)comhlíonadh na gcoinníollacha cumasaithe is infheidhme agus cur i bhfeidhm na gcoinníollacha sin i rith na clárthréimhse.

(g)an líon daoine a athlonnófar le cúnamh ón gCiste i gcomhréir leis na méideanna dá dtagraítear in Airteagal  16(1);

(h)líon iarratasóirí nó tairbhithe na cosanta idirnáisiúnta a aistrítear ó Bhallstát amháin go Ballstát eile i gcomhréir le hAirteagal 17.

3.Féadfaidh an Coimisiún barúlacha a thabhairt maidir leis an tuarascáil bhliantúil ar fheidhmíocht laistigh de dhá mhí ón dáta a fhaigheann sé an tuarascáil. I gcás nach gcuireann an Coimisiún barúlacha in iúl faoin spriocdháta sin, measfar gur glacadh leis na tuarascálacha.

4.Déanfaidh an Coimisiún, chun coinníollacha aonfhoirmeacha a áirithiú le haghaidh chur chun feidhme an Airteagail seo, gníomh cur chun feidhme a ghlacadh lena mbunófar an teimpléad don tuarascáil bhliantúil ar fheidhmíocht. Glacfar an gníomh cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta comhairleach dá dtagraítear in Airteagal 33(2).

Airteagal 31

Faireachán agus tuairisciú

1.Bunófar faireachán agus tuairisciú i gcomhréir le Teideal IV de Rialachán (AE) .../... [Rialachán na bhForálacha Coiteanna] ar na cineálacha idirghabhála a leagtar amach i dTábla 1, i dTábla 2 agus i dTábla 3 in Iarscríbhinn VI. Chun aghaidh a thabhairt ar imthosca gan choinne nó imthosca nua nó chun cur chun feidhme éifeachtach maoiniúcháin a áirithiú, cumhachtófar don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh chun leasú a dhéanamh ar na cineálacha idirghabhála i gcomhréir le hAirteagal 32.

2.Úsáidfear na táscairí sin i gcomhréir le hAirteagal 12(1), le hAirteagal 17 agus le hAirteagal 37 de Rialachán (AE) .../2021[Rialachán na bhForálacha Coiteanna].

CAIBIDIL III

FORÁLACHA IDIRTHRÉIMHSEACHA AGUS DEIRIDH

Airteagal 32

An tarmligean a fheidhmiú

1.Is faoi réir na gcoinníollacha a leagtar síos san Airteagal seo a thugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh.

2.Déanfar an chumhacht chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh dá dtagraítear in Airteagail 13, 18, 28 agus 31 a thabhairt don Choimisiún go dtí an 31 Nollaig 2028.

3.Féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle tarmligean na cumhachta dá dtagraítear in Airteagail 13, 18, 28, agus 31 a chúlghairm aon tráth. Leis an gcinneadh chun cúlghairm a dhéanamh, cuirfear deireadh le tarmligean na cumhachta atá sonraithe sa chinneadh sin. Gabhfaidh éifeacht leis an lá tar éis fhoilsiú an chinnidh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh nó ar dháta is déanaí a shonrófar sa chinneadh. Ní dhéanfaidh sé difear do bhailíocht aon ghnímh tharmligthe atá i bhfeidhm cheana.

4.Roimh dó gníomh tarmligthe a ghlacadh, rachaidh an Coimisiún i mbun comhairliúcháin le saineolaithe arna nainmniú ag gach Ballstát i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos i gComhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr.

5.A luaithe a ghlacann sé gníomh tarmligthe, tabharfaidh an Coimisiún fógra maidir leis an ngníomh sin do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle an tráth céanna.

6.Ní thiocfaidh gníomh tarmligthe a ghlactar de bhun Airteagail  13, 18, 28 agus 31 i bhfeidhm ach amháin mura mbeidh aon agóid curtha in iúl ag Parlaimint na hEorpa ná ag an gComhairle laistigh de thréimhse dhá mhí tar éis fógra faoin ngníomh a thabhairt do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle nó más rud é, roimh dhul in éag na tréimhse sin, go mbeidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle araon tar éis a chur in iúl don Choimisiún nach ndéanfaidh siad aon agóid. Déanfar an tréimhse sin a fhadú dhá mhí ar thionscnamh Pharlaimint na hEorpa nó na Comhairle.

Airteagal 33

Nós imeachta coiste

1.Beidh an Coiste Comhordaithe um an gCiste Tearmainn agus Imirce, an Ciste Slándála Inmheánaí agus an Ionstraim um Bainistiú Teorainneacha agus um Víosaí ina chúnamh ag an gCoimisiún. Beidh an Coiste sin ina Choiste de réir bhrí Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

2.I gcás ina ndéanfar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 4 de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

3.I gcás nach dtugann an coiste achomhairc tuairim uaidh, ní ghlacfaidh an Coimisiún an dréachtghníomh cur chun feidhme. Ní bheidh feidhm ag an méid sin maidir le gníomhartha dá dtagraítear in Airteagal 30(4) a ghlacadh.

Airteagal 34

Forálacha idirthréimhseacha

1.Ní bheidh éifeacht ag an Rialachán seo ar leanúint de ná ar leasú na mbeart lena mbaineann faoin gCiste um Thearmann, Imirce agus Lánpháirtíocht don tréimhse 2014-2020, a bunaíodh le Rialachán (AE) Uimh 516/2014, a leanfaidh d'fheidhm a bheith aige maidir leis na bearta lena mbaineann go dtí go gcuirfear clabhsúr orthu.

2.Ina theannta sin, féadfaidh imchlúdach airgeadais an Chiste na speansais is gá maidir leis an gcúnamh teicniúil agus riaracháin a chumhdach chun an taistriú idir an Ciste agus na bearta a glacadh faoina réamhtheachtaí, an Ciste um Thearmann, Imirce agus Lánpháirtíocht a bhunaítear le Rialachán (AE) Uimh. 516/2014, a áirithiú.

Airteagal 35

Teacht i bhfeidhm agus cur i bhfeidhm

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh feidhm aige ón 1 Eanáir 2021.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach sna Ballstáit i gcomhréir leis na Conarthaí.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil,

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa    Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán    An tUachtarán



RÁITEAS AIRGEADAIS REACHTACH

1.LEAGAN AMACH AN TOGRA/TIONSCNAIMH

1.1.Teideal an togra/tionscnaimh

1.2.Réimsí beartais lena mbaineann (cnuasach an Chláir)

1.3.An cineál togra/tionscnaimh

1.4.Forais an togra/tionscnaimh

1.5.Fad agus tionchar airgeadais

1.6.Modhanna bainistíochta atá beartaithe

2.BEARTA BAINISTÍOCHTA

2.1.Rialacha faireacháin agus tuairiscithe

2.2.Córas bainistíochta agus rialaithe

2.3.Bearta chun calaois agus neamhrialtachtaí a chosc

3.AN TIONCHAR AIRGEADAIS A MHEASTAR A BHEIDH AG AN TOGRA/TIONSCNAMH

3.1.Ceannteidil an chreata airgeadais ilbhliantúil agus na línte buiséid ar a nimreofar tionchar

3.2.An tionchar a mheastar a bheidh ag an togra/tionscnamh ar chaiteachas

3.2.1.Achoimre ar an tionchar a mheastar a bheidh ag an togra/tionscnamh ar chaiteachas

3.2.2.An tionchar a mheastar a bheidh ag an togra/tionscnamh ar leithreasuithe de chineál riaracháin

3.2.3.Ranníocaíochtaí ó thríú páirtithe

3.3.An tionchar a mheastar a bheidh ar ioncam



RÁITEAS AIRGEADAIS REACHTACH

1.LEAGAN AMACH AN TOGRA/TIONSCNAIMH

1.1.Teideal an togra/tionscnaimh

Togra le haghaidh Rialacháin ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena mbunaítear an Ciste Tearmainn agus Imirce (CTIL).

1.2.Réimsí beartais lena mbaineann (cnuasach clár)

Ceannteideal 4 (Imirce agus bainistiú teorainneacha). Teideal 10. An Imirce

1.3.Baineann an togra/tionscnamh le:

beart nua

beart nua a leanann treoirthionscadal/réamhbheart 34

síneadh ar bheart atá ann cheana

beart nó bearta a chumasc nó a atreorú i dtreo beart eile/beart nua

1.4.Forais an togra/tionscnaimh

1.4.1.Na ceanglais is gá a chomhlíonadh sa ghearrthéarma nó san fhadtéarma, lena náirítear amlíne mhionsonraithe maidir le cur chun feidhme céimneach an tionscnaimh

Beidh dúshláin mhóra roimh an Aontas fós i réimse na himirce le linn na clárthréimhse 2021-2027. Sa chlár oibre maidir leis an imirce 35 , mar atá deimhnithe sna tuarascálacha rialta faoina chur i bhfeidhm 36 , leagtar amach bearta a laghdóidh na dreasachtaí a spreagann an imirce neamhrialta, iarrachtaí chun daoine a shábháil ar muir agus teorainneacha seachtracha an Aontais a dhaingniú, agus bearta a thacóidh le comhbheartas tearmainn láidir agus le beartas nua maidir leis an imirce dhleathach. Maidir leis an ngné sheachtrach, de thoradh chur chun feidhme leanúnach ráiteas an Aontais agus na Tuirce 37 , an chreata comhpháirtíochta 38 agus na mbeart comhpháirteach arna ndéanamh ar bhealach na Meánmhara láir, tá líon na ndaoine atá ag teacht laghdaithe 30% i gcomparáid le 2014.

Chun na treochtaí sin a stóinsiú, tá athchóiriú ar an gComhchóras Eorpach Tearmainn seolta ag an gCoimisiún, agus tá comhpháirt dlúthpháirtíochta agus freagrachta a chur le córas Bhaile Átha Cliath 39 agus togra chun creat buan athlonnaithe a chruthú don Aontas 40 , á gcaibidliú. An plean gníomhaíochta maidir le lánpháirtiú náisiúnach tríú tír 41 agus an plean gníomhaíochta athnuaite a chuireann beartas éifeachtach um fhilleadh chun cinn san Aontas 42 , seoladh in 2016 agus in 2017 iad faoi seach. Tá moltaí curtha síos ag an gCoimisiún maidir leis an imirce dhleathach freisin, tá athbhreithniú na Treorach maidir leis an gCárta Gorm á chaibidliú 43 , agus tá meastóireacht á déanamh ar an gcreat don imirce dhleathach chun laigí a shainaithint mar aon le bealaí ina bhféadfaí é a shimpliú agus a chuíchóiriú.

Tacóidh an Ciste leis na riachtanais atá fós ann i réimsí an tearmainn, an lánpháirtithe agus an fhillte, agus ag an am céanna coigeartófar a scóip chun go dtacófar leis na forbairtí ábhartha a thiocfaidh ar an reachtaíocht amach anseo agus le sainorduithe na Gníomhaireachta Eorpaí um an nGarda Teorann agus Cósta agus na Gníomhaireachta um Thearmann a bheidh ag an Aontas Eorpach amach anseo. Tá comhar le tíortha nach bhfuil san Aontas agus le heagraíochtaí idirnáisiúnta ríthábhachtach chun na spriocanna sin a bhaint amach. Beidh an Ciste in ann tacú le gníomhaíochtaí maidir leis an ngné sheachtrach, mar chomhlánú ar ghníomhaíochtaí a dtacóidh an ionstraim sheachtrach a bheidh ann amach anseo leo.

Gan dochar d'aon fhorbairt a dhéanfar ar bheartais amach anseo, beidh ar áireamh in aon togra a dhéanfar sa réimse seo amach anseo ráiteas airgeadais reachtach ar leith ar féidir na hacmhainní airgeadais comhfhreagracha dó a chumhdach le clúdach an Chiste seo nó le haon chistiú breise atá le fáil faoi chlúdach an Chreata Airgeadais Ilbhliantúil.

1.4.2.Luach breise a bhaineann le rannpháirteachas AE (d’fhéadfadh an luach breise a bheith mar thoradh ar fhachtóirí éagsúla, e.g. gnóthachain de thoradh comhordú, deimhneacht dhlíthiúil, éifeachtacht mhéadaithe nó comhlántachtaí). Chun críocha an phointe seo, is é a chiallaíonn “luach breise a bhaineann le rannpháirteachas AE” an luach a bhíonn mar thoradh ar idirghabháil an Aontais atá sa bhreis ar an luach a bheadh ann murach sin ag na Ballstáit dá mbeidís ag feidhmiú leo féin.

Cúiseanna le beart a dhéanamh ar leibhéal an Aontais (ex ante)

Tá na dúshláin i réimsí an tearmainn agus na himirce idirnasctha agus trasnáisiúnta ó nádúr, agus ní leor mar is féidir leis na Ballstáit dul i ngleic leo ag gníomhú dóibh ina naonar. Sonraítear in Airteagal 80 CFAE go bhfuil na comhbheartais maidir le tearmainn, imirce agus teorainneacha seachtracha bunaithe ar phrionsabal na dlúthpháirtíochta agus chomhroinnt chóir na bhfreagrachtaí idir na Ballstáit. Is é cistiú an Aontais an sásra a thugann éifeacht d'impleachtaí airgeadais an phrionsabail sin. Is í bainistíocht chomhtháite theorainneacha seachtracha an Aontais agus cruthú an Chomhchórais Eorpaigh Tearmainn an bealach is éifeachtaí chun na freagrachtaí sin agus na himpleachtaí airgeadais a bhaineann leo a chomhroinnt idir na Ballstáit. Tá cistiú ón Aontas riachtanach i réimse na lánpháirtíochta náisiúnach tríú tír d'fhonn feabhas a chur ar cháilíocht na tacaíochta a thugtar do nuatheachtaithe go luath tar éis dóibh teacht, rud atá ríthábhachtach má táthar chun a áirithiú go gcuimseofar go hiomlán iad i sochaithe na hEorpa san fhadtéarma má fhaigheann siad cosaint bhuan. Is ó Theideal V CFAE (Limistéar saoirse, slándála agus ceartais) a dhíorthaítear ceart an Aontais gníomhú i réimse na ngnóthaí baile: comhbheartas maidir le tearmann, cosaint choimhdeach agus cosaint shealadach, lena náirítear comhpháirtíocht agus comhar le tríú tíortha (Airteagal 78 CFAE) agus comhbheartas maidir le hinimirce agus filleadh, lena náirítear comhaontuithe um athligean isteach a thabhairt i gcrích le tríú tíortha (go háirithe Airteagal 79(2) agus (4) CFAE).    

An luach breise ar leibhéal an Aontais a mheastar a ghinfear (ex post)

Léirigh an mheastóireacht eatramhach ar an gCiste um Thearmann, Imirce agus Lánpháirtíocht (CTIL) gur chuir cistiú an Aontais le torthaí beartais agus go raibh breisluach ag baint leis, óir ba chuid den fhreagairt bheartais é. D'ainneoin iad a bheith sách beag i gcomparáid leis na dúshláin a eascraíonn ón ngéarchéim, baineann breisluach le cistí an Aontais toisc go dtacaíonn siad le gníomhaíochtaí a mbaineann gné thrasnáisiúnta leo, toisc go méadaíonn siad acmhainneacht na mBallstát agus go noptamaíonn siad na nósanna imeachta a bhaineann le bainistiú imirce, agus toisc go bhfeabhsaíonn siad an dlúthpháirtíocht agus an chomhroinnt freagrachta idir na Ballstáit, go háirithe tríd an gcúnamh éigeandála agus an sásra um athshuíomh. Leis an mbreisluach AE a mheastar a bhainfidh leis an gCiste cumhdaítear réimsí inchurtha idirghabhála, agus ag an am céanna beifear in ann tacú le cur chun feidhme an acquis a bheidh ann amach anseo chomh maith le forbairtí beartais i réimsí an tearmainn, na himirce dleathaí agus an lánpháirithe agus an fhillte.

1.4.3.Ceachtanna a foghlaimíodh ó thaithí eile chosúil am a chuaigh thart

Is iad seo a leanas na torthaí a bhí ar na meastóireachtaí eatramhacha ar CTIL le linn na clárthréimhse 2014-2020, chomh maith leis na meastóireachtaí ex post ar chistí don chlárthréimhse 2007-2013 (ionstraimí faoin gclár "'Dlúthpháirtíocht agus Bainistiú Sreabha Imirce (SOLID)"):

Ábharthacht, scóip agus méid

Áirithíodh le scóip fhairsing an CTIL reatha go raibh sé in ann tacú le cur chun feidhme na mbeart riachtanach ar leibhéal an Aontais i réimse na himirce. Ba ghá treisiú nár bheag a dhéanamh ar an mbuiséad de thoradh ghéarchéim na himirce. Chuir an deis cúnamh éigeandála a sholáthar, faoi bhainistíocht dhíreach, le hábharthacht an Chiste toisc gur mhéadaigh sé a sholúbthacht, ach úsáideadh é ar scála a bhí cuid mhaith níos mó ná mar a bhí beartaithe ag an tús, chun gníomhú go cuí i dtaca leis na dúshláin imirce mhórscála nach bhfacthas a leithéid roimhe sin. Thairis sin, le leithdháiltí seasta a shocraítear ag tú na clárthréimhse, ar bhonn sonraí staidrimh, ní chuirtear san áireamh na hathruithe a thagann ar riachtanais na mBallstát le linn na tréimhse cur chun feidhme. Maidir le tacaíocht airgeadais bhreise a sholáthar le linn na clárthréimhse, ní fhágann an eochair dáileacháin a leagtar síos ag tús na clárthréimhse aon deis solúbthachta ann, rud a d'fhéadfadh cur isteach ar éifeachtacht agus ar éifeachtúlacht an Chiste.

Éifeachtacht

Meastar go bhfuil an CTIL reatha éifeachtach, agus go rannchuidíonn sé lena chuspóirí. D'imir géarchéim na himirce tionchar ar a éifeachtacht, óir tháinig méadú ar na dúshláin nár mhór don Chiste déileáil leo. Go ginearálta, measadh go raibh an deis cúnamh éigeandála a úsáid ríthábhachtach chun a áirithiú go raibh na cistí in ann gníomhú go cuí in imthosca athraitheacha. Léirigh na meastóireachtaí gur fhág an meascán modhanna seachadta i réimsí na himirce, an bhainistithe teorainneacha agus na slándála go raibh bealach éifeachtach ann chun cuspóirí na gcistí a ghnóthú. Ba cheart an leagan amach iomlánaíoch atá ar na sásraí seachadta a choinneáil.

Ar an taobh eile, tugann na meastóireachtaí le fios gur teorainn lena néifeachtacht í an easpa solúbthachta atá fós ann, easpa a gcaithfear cothromaíocht a aimsiú idir í agus an intuarthacht óir teastaíonn deimhneacht airgeadais agus deimhneacht dhlíthiúil ó na húdaráis fhreagracha agus ó na tairbhithe le gur féidir leo cur chun feidhme an Chiste a phleanáil feadh na clárthréimhse. Sa CTIL reatha, níl aon chlúdach airgeadais le dáileadh ar na cláir náisiúnta faoi chuimsiú an athbhreithnithe meántéarma, rud a chuireann teorainn leis an deis cistiú breise a chur ar fáil do na cláir náisiúnta. Srian eile is ea nach féidir an tathbhreithniú meántéarma a úsáid ach ag tráth réamhchinntithe den tréimhse cur chun feidhme. Léirigh géarchéim na himirce agus na slándála gur ghá solúbthacht a bheith ann ó thús na clárthréimhse amach le gur féidir gníomhú i ndáil le hathruithe ar an talamh.

Tugadh ar aird sna meastóireachtaí eatramhacha freisin gur ghá loighic idirghabhála shoiléir a bheith ann, go méadófar ar an éifeachtacht dá mbeadh na cláir náisiúnta níos spriocdhírithe toisc go bhféadfaí tosaíocht a thabhairt do chuspóirí áirithe, agus go bhfuil sé tábhachtach córas iomlán faireacháin agus meastóireachta a bheith ann, i gcás na bainistíochta dírí agus na bainistíochta comhroinnte araon. Ós córas é sin a leagfar amach go luath sa phróiseas, áiritheoidh sé faireachán comhsheasmhach aonfhoirmeach ar dhul chun cinn agus ar éifeachtacht ón tús.

- Éifeachtúlacht (lena náirítear simpliú agus laghdú an ualaigh riaracháin)

Tá dul chun cinn i dtaca le simpliú na nósanna imeachta tugtha faoi deara ag na páirtithe leasmhara. Meastar go mbainfear tairbhe as bearta nuálacha (roghanna costais simplithe, clársceidealú ilbhliantúil). Trí rialacha coiteanna a leagan síos maidir le cur chun feidhme CTIL agus an Chiste Slándála Inmheánaí (CSI) neartaíodh na naisc idir bainistíocht na dtrí ionstraim chistiúcháin, rud a ghin an dlúthchomhar – agus an taontas i gcásanna áirithe – idir na heintitis a raibh cúram bhainistiú an dá chiste orthu.

Mar sin féin, measann na húdaráis riaracháin agus na tairbhithe araon fós go bhfuil an tualach riaracháin róthrom, rud a bhaineann an bonn ó éifeachtúlacht na gcistí. Mar shampla, cé gur féidir an tualach riaracháin a laghdú má úsáidtear rialacha incháilitheachta, bíonn na rialacha incháilitheachta a chuirtear i bhfeidhm róthrom ar uairibh. Ní bhaintear lánfheidhm as roghanna costais simplithe. Ina theannta sin, tá an tualach riaracháin ar na Ballstáit agus ar an gCoimisiún sách trom ó thaobh sholáthar an chúnaimh éigeandála faoi bhainistíocht dhíreach de. Is éard atá i gceist ann sin comhaontú deontais mionsonraithe a leagan amach in achar gearr amach agus ceanglais ar na tairbhithe tuairisciú níos mionsonraithe a dhéanamh chuig an gCoimisiún (i gcomparáid leis an mbainistíocht chomhroinnte). Is ga leibhéal leordhóthanach cúnaimh theicniúil chun go mbeidh rath ar bhainistiú an Chiste agus le gur féidir tuilleadh iarrachtaí a dhéanamh rochtain ar na cistí a shimpliú do thairbhithe ionchasacha trí fhaisnéis faoi ghníomhaíochtaí agus faoi dheiseanna cistiúcháin a chur ar fáil. Thairis sin, níl aon sásra ag an CTIL reatha a bhfuil sé mar aidhm leis feidhmíocht a fheabhsú, mar shampla, córas dreasachtaí a chuirfeadh tuilleadh feabhais ar éifeachtacht agus ar éifeachtúlacht an Chiste. Cheal sásra den sórt sin, níorbh fhéidir a niarrachtaí a chúiteamh leis na Ballstáit a chruthaíonn go maith agus an Ciste á chur chun feidhme acu. D'fhéadfadh sé sin éifeachtacht an Chiste a mhéadú maidir le gnóthú a chuspóirí.

Comhsheasmhacht

Aibhsíonn na meastóireachtaí ex post gur thuairiscigh roinnt Ballstát gurbh fhéidir feabhas a chur ar na comhlántachtaí le CSE ó thaobh bearta lánpháirtíochta, agus leis na hionstraimí seachtracha ó thaobh athlánpháirtiú de. Léiríonn cur chun feidhme na gcistí atá ann faoi láthair gur chuir bearta a rinneadh le linn a gceaptha, a bpleanála agus a gclársceidealaithe lena gcomhsheasmhacht agus lena gcomhlántacht maidir le hionstraimí cistiúcháin eile de chuid an Aontais. Bhíothas den tuairim go raibh formáid na gcistí dearfach (cláir náisiúnta a bhí dírithe ar acmhainneacht fhadtéarmach, cúnamh éigeandála a bhí dírithe ar mhaolú tapa a dhéanamh ar bhrú agus gníomhaíochtaí de chuid an Aontais a bhí ceaptha chun tacú le comhar trasnáisiúnta. Mar sin féin, is deacair go fóill comhsheasmhacht agus sineirgí a áirithiú i dtrí phríomhréimse: tacaíocht do chuspóirí tearmainn agus lánpháirtíochta trí Chistí SIE, tacaíocht do bhainistiú teorainneacha, agus bearta maidir le filleadh agus athlánpháirtiú chomh maith le córais chosanta a fhorbairt i dtríú tíortha agus, ar deireadh, comhsheasmhacht a áirithiú idir idirghabhálacha chistí an Aontais i réimse na slándála.

1.4.4.Comhoiriúnacht d’ionstraimí iomchuí eile agus sineirgíocht a d’fhéadfadh a bheith ann

Beidh sraith lánchomhordaithe 'ionstraimí cistiúcháin ag tacú le cuspóirí an Aontais i réimse an tearmainn agus na himirce, lena náirítear gnéithe inmheánacha agus seachtracha. Tá sé tábhachtach forluí le cistiú ó ionstraimí eile de chuid an Aontais a sheachaint trí línte dealaithe agus sásraí comhordúcháin éifeachtacha a bhunú. Ionstraim thiomnaithe an Aontais i réimse an tearmainn agus na himirce a bheidh i CTIL amach anseo, de bhreis ar ionstraimí cistiúcháin ábhartha eile a chuidíonn, óna bpeirspictíochtaí féin agus ina réimsí tacaíochta féin, le gnóthú na gcuspóirí maidir le tearmainn agus imirce. Áiritheoidh sé comhlántachtaí le hionstraimí cistiúcháin eile i réimse na ngnóthaí baile, lena náirítear an chomhpháirt den Chiste um Bainistiú Comhtháite Teorainneacha ar bainistiú teorainneacha agus víosaí é, rud a bheidh ina thaca ag an mbainistiú imirce i gcomhthéacs theorainneacha seachtracha an Aontais.

Tacóidh CFRE agus CSE+ amach anseo le gnóthaí imirce laistigh dá scóip idirghabhála agus le peirspictíocht fhadtéarmach, á gcomhtháthú le sraith cuspóirí beartais.

Próiseas fadtéarmach is ea an tacaíocht lánpháirtíochta le haghaidh náisiúnaigh tríú tír. Beidh an gá le hinfheistíocht sa réimse sin fós ann, nó níos mó fiú, sa tréimhse 2021-2027. An dream is mó atá i ngátar tacaíochta lánpháirtíochta is iad na hiarratasóirí tearmainn iad ar minic cosaint idirnáisiúnta de dhíth orthu, chomh maith le tairbhithe cosanta idirnáisiúnta agus imircigh atá ag teacht chun an Aontais de thoradh nósanna imeachta athaontaithe teaghlaigh. Bíonn riachtanais ar leith ag na dreamanna sin. Is gá i gcónaí cistiú tiomnaithe ar mhaithe leis na dreamanna sin, go háirithe le linn céimeanna luatha phróiseas an lánpháirtithe.

Dá bhrí sin, cuirfidh an Ciste gníomhaíochtaí cistiúcháin tiomnaithe ar fáil a mbeidh spriocdhírithe go sonrach ar náisiúnaigh tríú tír, go háirithe le linn chéimeanna luatha an lánpháirtithe ar mhaithe le cuimsiú sóisialta agus eacnamaíoch náisiúnach tríú tír, lena náirítear tacaíocht do sholáthar oideachais do pháistí, agus do bhearta cothrománacha a thacóidh le beartais lánpháirtíochta agus le straitéisí lánpháirtíochta na mBallstát. I gcás iarratasóirí tearmainn a chumhdaíonn scéimh athchóirithe Bhaile Átha Cliath, cumhdóidh CTI na bearta céadghlactha, bunchúnamh agus oiliúint agus chuirfeadh sé tacaíocht ar fáil freisin dóibh siúd ar ghá dóibh filleadh. Idirghabhálacha i réimsí téamacha éagsúla le haghaidh bearta fadtéarmacha, amhail tacaíocht do lánpháirtiú náisiúnach tríú tír ó thaobh lánpháirtiú sa mhargadh saothair agus cuimsiú sóisialta de, tacófar leo trí an CFRE nua, go háirithe an CSE+ nua, agus cistí ábhartha eile de chuid an Aontais.

Maidir leis an ngné sheachtrach, beidh an Ciste in ann tacú le cur i bhfeidhm bheartais inmheánacha an Aontais lasmuigh den Aontas. Comhlánóidh an tacaíocht sin an ionstraim sheachtrach a bheidh ann, ionstraim a thacóidh le bainistiú imirce trína gcomhpháirteanna geografacha agus téamacha. Leanfaidh an Ciste de thacaíocht a thabhairt d'athlonnú, d'fhothú acmhainneachta i dtríú tíortha d'fhonn sreafaí imirce a bhainistiú agus áiritheoidh sé cosaint imirceach agus bearta réamhimeachta ag na Ballstáit, a mbeidh sé d'aidhm leo lánpháirtiú náisiúnach tríú tír san Aontas a éascú. Ó thaobh filleadh de, leanfaidh an Ciste de thacaíocht a thabhairt do chur chun feidhme comhaontuithe le tríú tíortha um athligean isteach agus d'athlánpháirtiú iad siúd a fhillfidh, chomh maith le gníomhaíochtaí a choscfaidh an imirce neamhrialta (i.e. feachtais faisnéise, bailiú sonraí agus rianú sreafaí agus bealaí, etc.). Gné nua den Chiste is ea go gcuirfidh sé an deis ar fáil tacú le forbairt scéimeanna soghluaisteachta chuig an Aontais i réimse na himirce dleathaí agus an deis dreasachtaí agus tacaíocht a chur ar fáil do thríú tíortha (agus i dtríú tíortha) na himircigh a fhillfidh orthu ón Aontas a ghlacadh agus a athlánpháirtiú.

De thoradh an ghá le comhlántacht idir ionstraimí cistiúcháin an Aontais, beidh tagairt in Airteagal 10(2) don ghné sheachtrach.

1.5.Fad agus tionchar airgeadais

 tréimhse theoranta

   i bhfeidhm ón 1.1/2021 go dtí an 31.12/2027

   Tionchar airgeadais ó 2021 go 2027 do leithreasuithe faoi chomhair gealltanas agus ó 2021 do leithreasuithe faoi chomhair íocaíochtaí.

 tréimhse neamhtheoranta

Cur chun feidhme le tréimhse thosaithe ó BBBB go BBBB, agus feidhmiú iomlán ina dhiaidh sin.

1.6.Modhanna bainistíochta atá beartaithe 44

 Bainistíocht dhíreach a dhéanann an Coimisiún

☑ ina ranna, lena náirítear an chuid sin den fhoireann atá i dtoscaireachtaí an Aontais;

◻ trí na gníomhaireachtaí feidhmiúcháin

 Bainistíocht atá comhroinnte leis na Ballstáit

 Bainistíocht indíreach trí chúraimí a bhaineann le cur chun feidhme an bhuiséid a shannadh dóibh seo a leanas:

☑ tríú tíortha nó na comhlachtaí a d’ainmnigh siad;

☑ eagraíochtaí idirnáisiúnta agus a ngníomhaireachtaí (tabhair sonraí);

☑ BEI agus an Ciste Eorpach Infheistíochta;

☑ comhlachtaí dá dtagraítear in Airteagal 70 agus Airteagal 71 den Rialachán Airgeadais;

☑ comhlachtaí dlí poiblí;

☑ comhlachtaí arna rialú ag an dlí príobháideach agus a bhfuil misean seirbhíse poiblí acu sa mhéid go gcuireann siad ráthaíochtaí leordhóthanacha airgeadais ar fáil;

☑ comhlachtaí arna rialú ag dlí príobháideach Ballstáit, a gcuirtear de chúram orthu comhpháirtíochtaí príobháideacha poiblí a chur chun feidhme, agus a sholáthraíonn ráthaíochtaí leordhóthanacha airgeadais;

◻ daoine a gcuirtear de chúram orthu bearta sonracha a chur chun feidhme in CBES de bhun Theideal V de CAE, ar daoine iad a aithnítear sa bhunghníomh ábhartha.

I gcás ina sonraítear níos mó ná modh bainistíochta amháin, tabhair sonraí sa roinn “Nótaí” le do thoil.

Nótaí

Cuirfeadh an Ciste atá beartaithe chun feidhme faoi bhainistíocht chomhroinnte, nó faoi bhainistíocht dhíreach nó faoi bhainistíocht indíreach. Is ar na cláir náisiúnta faoi bhainistíocht chomhroinnte a leithdháilfear an chuid is mó de na hacmhainní. Leithdháilfear an chuid eile ar shaoráid théamach ab fhéidir a úsáid le haghaidh gníomhaíochtaí sonracha (arna gcur chun feidhme ag na Ballstáit go náisiúnta nó go trasnáisiúnta), gníomhaíochtaí de chuid an Aontais (bainistíocht dhíreach/indíreach), cúnaimh éigeandála (bainistíocht chomhroinnte, dhíreach nó indíreach), aistriú agus athlonnú (bainistíocht chomhroinnte) agus Gréasán Imirce na hEorpa (bainistíocht dhíreach).

Is le bainistíocht dhíreach a chuirfear chun feidhme an cúnamh teicniúil ar thionscnamh ón gCoimisiún.

2.BEARTA BAINISTÍOCHTA

2.1.Rialacha faireacháin agus tuairiscithe

Sonraigh minicíocht na mbeart agus na coinníollacha atá leo.

Bainistíocht dhíreach/indíreach:

Déanfaidh an Coimisiún faireachán díreach ar chur chun feidhme na ngníomhaíochtaí de réir na socruithe a bhfuil tuairisc orthu sna comhaontuithe deontais, sna comhaontuithe tarmligthe le heagraíochtaí idirnáisiúnta i gcás inarb infheidhme agus sna conarthaí leis na tairbhithe.

Bainistíocht chomhroinnte:

Bunóidh gach Ballstát córais bhainistithe agus rialaithe dá chlár agus áiritheoidh sé cáilíocht agus iontaofacht an chórais faireacháin agus na sonraí faoi tháscairí, i gcomhréir le Rialachán na bhForálacha Coiteanna. Chun tosú tapa ar an gcur chun feidhme a éascú, is féidir leanúint, sa chéad chlárthréimhse eile, d'úsáid córas bainistithe agus rialaithe a fheidhmíonn go maith.

Sa chomhthéacs sin, iarrfar ar na Ballstáit coiste faireacháin a chur ar bun a mbeidh an Coimisiún rannpháirteach ann i gcáil comhairleora. Tiocfaidh an coiste faireacháin le chéile uair sa bhliain ar a laghad. Déanfaidh sé athbhreithniú ar na saincheisteanna uile a dhéanann difear do dhul chun cinn an chláir maidir lena chuspóirí a ghnóthú.

Cuirfidh na Ballstáit tuarascáil bhliantúil ar fheidhmíocht ar aghaidh, ina leagfar amach faisnéis faoin dul chun cinn i dtaca le cur chun feidhme an chláir agus gnóthú na ngarspriocanna agus na spriocanna. Ina theannta sin, tráchtfar sa tuarascáil ar aon saincheisteanna a imríonn tionchar ar fheidhmíocht an chláir agus tabharfar tuairisc ar na bearta arna ndéanamh chun dul i ngleic leis na saincheisteanna sin.

Ag deireadh na tréimhse, cuirfidh gach Ballstát tuarascáil deiridh ar fheidhmíocht isteach. Ba cheart an tuarascáil deiridh a bheith dírithe ar an dul chun cinn arna dhéanamh i dtaca le gnóthú chuspóirí an chláir agus ba cheart forléargas a bheith ann ar na príomhshaincheisteanna a rinne difear d'fheidhmíocht na tíre, ar na bearta arna ndéanamh chun dul i ngleic leis na saincheisteanna sin agus ar an measúnú ar éifeachtacht na mbeart sin. Ina theannta sin, ba cheart go gcuirfí i láthair inti rannchuidiú an chláir maidir le dul i ngleic leis an dúshláin arna sainaithint sna moltaí ábhartha ón Aontas don Bhallstát, an dul chun cinn i dtaca le gnóthú na spriocanna a leagtar amach sa chreat feidhmíochta, torthaí na meastóireachtaí ábhartha, na bearta leantacha arna ndéanamh maidir leis na torthaí sin agus torthaí na ngníomhaíochtaí cumarsáide.

De réir dréachttogra RFC, cuirfidh an Ballstát pacáiste dearbhaithe ar aghaidh gach bliain, ina mbeidh na cuntais bhliantúla, an dearbhú bainistíochta agus tuairimí an údaráis iniúchóireachta maidir leis na cuntais, an córas bainistithe agus rialaithe agus dlíthiúlacht agus rialtacht an chaiteachais arna dhearbhú sna cuntais bhliantúla. Úsáidfidh an Coimisiún an pacáiste sin chun an méid is inmhuirir i leith an Chiste son bhliain chuntasaíochta a chinneadh.

Eagrófar cruinniú athbhreithnithe idir an Coimisiún agus gach Ballstát gach re bliain chun feidhmíocht gach cláir a scrúdú.

Sé huaire in aghaidh na bliana, cuirfidh na Ballstáit sonraí ar aghaidh maidir le gach clár, arna miondealú de réir cuspóirí sonracha. Bainfidh na sonraí sin le costas na noibríochtaí agus le luachanna na táscairí coiteanna aschuir agus toraidh.

Go ginearálta:

Déanfaidh an Coimisiún meastóireacht mheántéarma agus meastóireacht shiarghabhálach ar na gníomhaíochtaí arna gcur chun feidhme faoin gCiste seo, i gcomhréir le Rialachán na bhForálacha Coiteanna. Ba cheart an mheastóireacht mheántéarma a bheith bunaithe go háirithe ar an meastóireacht mheántéarma ar chláir arna cur faoi bhráid an Choimisiúin ag na Ballstáit faoin 31 Nollaig 2024.

2.2.Córais bhainistíochta agus rialaithe

2.2.1.An bonn cirt atá leis na modhanna bainistíochta, na sásraí cur chun feidhme, na módúlachtaí íocaíochta agus an straitéis atá beartaithe

Léirigh na meastóireachtaí ex post ar chistí AS HOME 2007-2013 agus na meastóireachtaí idirmheánacha ar na cistí atá ag AS HOME faoi láthair gur fhág an meascán modhanna seachadta a bhí ann i réimsí na himirce agus na ngnóthaí baile go raibh bealach éifeachtach ann chun cuspóirí na gcistí a ghnóthú. Coinneofar an leagan amach iomlánaíoch atá ar na sásraí seachadta agus cuimseofar bainistíocht chomhroinnte, dhíreach agus indíreach.

Faoi bhainistíocht chomhroinnte, cuireann na Ballstáit cláir chun feidhme a rannchuidíonn le cuspóirí beartais an Aontais, agus atá saincheaptha dá gcúinsí náisiúnta féin. Áirithíonn an bhainistíocht chomhroinnte go bhfuil an tacaíocht airgeadais ar fail sna stáit rannpháirteacha uile. Thairis sin, faoi bhainistíocht chomhroinnte bíonn intuarthacht cistiúcháin ann agus is féidir leis na Ballstáit, ar acu atá an teolas is fearr ar na dúshláin atá rompu féin, a maoiniú fadtéarmach a phleanáil dá réir. An cistiú breisithe le haghaidh gníomhaíochtaí sonracha (a dteastaíonn comhar idir na Ballstáit ina leith nó más gá cistiú breise a chur ar fáil do Bhallstát amháin nó níos mó de thoradh cúinsí atá tagtha chun cinn san Aontas) agus le haghaidh gníomhaíochtaí athlonnaithe agus aistrithe, is féidir é a chur chun feidhme faoi bhainistíocht chomhroinnte. Nuair a thagann cúinsí nua chun cinn, is féidir leis an gCiste cúnamh éigeandála a thabhairt faoi bhainistíocht chomhroinnte, maille leis an mbainistíocht dhíreach agus indíreach.

Faoi bhainistíocht dhíreach, tacaíonn an Coimisiún le gníomhaíochtaí eile a rannchuidíonn le cuspóirí comhbheartais an Aontais. Cuireann na gníomhaíochtaí tacaíocht shaincheaptha ar fáil maidir le riachtanais phráinneacha shonracha i mBallstáit ar leith ('cúnamh éigeandála'), tacaíonn siad le líonraí agus le gníomhaíochtaí trasnáisiúnta, tástálann siad gníomhaíochtaí nuálacha ab fhéidir a mhéadú faoi chláir náisiúnta agus cumhdaíonn siad staidéir atá le leas an Aontais ina iomláine ('gníomhaíochtaí an Aontais').

Faoi bhainistíocht indíreach, coinníonn an Ciste an deis cúraimí cur chun feidhme buiséid a tharmligean, inter alia, chuig eagraíochtaí idirnáisiúnta agus gníomhaireachtaí gnóthaí baile chun críocha áirithe.

I bhfianaise na gcuspóirí agus na riachtanais éagsúla, tá saoráid théamach á beartú faoin gCiste mar bhealach cothromaíocht a fháil idir intuarthacht i ndáil le leithdháileadh ilbhliantúil an chistithe ar na cláir náisiúnta agus solúbthacht chun cistiú a íoc amach go tráthrialta le haghaidh gníomhaíochtaí lena mbaineann ardleibhéal breisluacha don Aontas. Úsáidfear an tsaoráid théamach le haghaidh gníomhaíochtaí sonracha sna Ballstáit agus i measc na mBallstát, gníomhaíochtaí an Aontais, cúnamh éigeandála, athlonnú agus athshuíomh. Áiritheofar léi gur féidir cistí a leithdháileadh agus a aistriú idir na modhanna éagsúla bainistíochta thuasluaite, ar bhonn timthriall clársceidealaithe dhá bhliain.

Tá tuairisc ar na socruithe íocaíochta don bhainistíocht chomhroinnte i dtogra RFC ina bhforáiltear maidir le réamhmhaoiniú bliantúil, agus ina dhiaidh sin ceithre híocaíocht eatramhacha in aghaidh an chláir agus na bliana bunaithe ar na hiarratais ar íocaíocht arna gcur ar aghaidh ag na Ballstáit le linn na bliana cuntasaíochta. Dála dréachttogra RFC, imréiteofar an réamhmhaoiniú laistigh de bhliain chuntasaíochta na gclár.

Beidh an straitéis rialaithe bunaithe ar an Rialachán Airgeadais nua agus ar RFC. Leis an Rialachán Airgeadais nua agus dréachttogra RFC ba cheart cur leis an úsáid a bhaintear as foirmeacha simplithe deontas amhail cnapshuimeanna, rátaí comhréidhe agus costais aonaid. Tabharfar isteach foirmeacha nua íocaíochta freisin, bunaithe ar na torthaí arna mbaint amach, seachas an costas. Beidh tairbhithe in ann méid sheasta airgid a fháil má chruthaíonn siad go ndearnadh bearta áirithe amhail cúrsaí oiliúna nó soláthar cúnaimh éigeandála. Meastar go simpleoidh sé sin an tualach rialaithe ar leibhéal an tairbhí agus ar leibhéal an Bhallstáit araon (e.g. seiceáil billí agus admhálacha costais).

I gcás bainistíocht chomhroinnte, forbairt is ea dréachttogra RFC ar an straitéis bainistithe agus rialaithe atá i bhfeidhm do chlárthréimhse 2014-2020, ach tabharfar isteach bearta áirithe freisin a mbeidh sé mar aidhm leo an cur chun feidhme a shimpliú agus an tualach rialaithe a laghdú ar leibhéal na dtairbhithe agus mBallstát araon. Ar na nithe nua tá:

- deireadh leis an nós imeachta ainmniúcháin (ba cheart go mbeifí in ann dlús a chur le cur chun feidhme na gclár mar gheall air);

- fíoruithe bainistíochta (de chineál riaracháin agus ar an láthair) atá le déanamh ag an údarás bainistíochta ar bhonn riosca (in áit na rialuithe riaracháin 100% a bhí ina gceangal le linn na clárthréimhse 2014-2020). Thairis sin, ar choinníollacha áirithe, féadfaidh na húdaráis bhainistíochta socruithe rialaithe comhréireacha a chur i bhfeidhm i gcomhréir leis na nósanna imeachta náisiúnta;

- coinníollacha chun an iliomad iniúchtaí ar an aon oibríocht/chaiteachas amháin a sheachaint

Cuirfidh údaráis an chláir éilimh eatramhacha ar íocaíochtaí faoi bhráid an Choimisiúin bunaithe ar an gcaiteachas arna thabhú ag na tairbhithe. Faoi dhréachttogra RFC, beidh na húdaráis bhainistíochta in ann fíoruithe bainistíochta a dhéanamh ar bhonn riosca agus foráiltear ann freisin maidir le rialuithe sonracha (e.g. rialuithe ar an láthair ag an údarás bainistíochta agus iniúchtaí ar oibríochtaí/chaiteachas ag an údarás iniúchóireachta) tar éis an caiteachas lena mbaineann a bheith dearbhaithe don Choimisiún sna héilimh eatramhacha ar íocaíochtaí. Chun an riosca a mhaolú go naisíocfaí caiteachas neamhincháilithe, cuirfidh dréacht RFC uasteorainn 90% le híocaíochtaí eatramhacha an Choimisiúin, ós rud é nach mbeidh ach cuid de na rialuithe náisiúnta déanta faoin tráth sin. Íocfaidh an Coimisiún an fuílleach tar éis an chleachtais bhliantúil lena nimréitítear na cuntais, nuair a gheobhaidh sé an pacáiste dearbhaithe ó údaráis an chláir. Féadfar glancheartúchán airgeadais teacht d’aon neamhrialtacht a bhraithfidh an Coimisiún nó Cúirt Iniúchóirí na hEorpa tar éis tharchur an phacáiste dearbhaithe bhliantúil.

Faisnéis maidir leis na rioscaí a aithníodh agus na córais rialaithe inmheánacha a cuireadh ar bun chun na rioscaí a mhaolú

Bainistíocht chomhroinnte:

Níor bhain rioscaí móra earráide le cláir chaiteachais AS HOME go dtí seo. Deimhniú air sin gur minic nach mbíonn aon rud suntasach aimsithe i dtuarascálacha bliantúla na Cúirte Iniúchóirí. Thairis sin, tá athbhreithniú déanta cheana féin ag AS HOME ar a bhunús dlí (Rialachán (AE) 2015/378 agus Rialachán Tarmligthe (AE) 1042/2014) chun tuilleadh ailínithe a dhéanamh le creat rialaithe Chistí SIE agus a shamhail dearbhaithe, agus chun an leibhéal íseal earráidí ina chláir chaiteachais a chaomhnú. Cuid den iarracht ailínithe sin is ea an togra seo, óir tá a chreat rialaithe ag teacht leis na hardstiúrthóireachtaí atá i mbun na gCistí SIE.

Faoi bhainistíocht chomhroinnte, na rioscaí ginearálta maidir le cur chun feidhme na gclár atá ann faoi láthair, baineann siad le cur chun feidhme easnamhach an Chiste ag na Ballstáit agus le hearráidí ab fhéidir a bheith ann de dheasca a chasta atá na rialacha agus de dheasca laigí sna córais bhainistithe agus rialaithe. Simpleoidh dréacht RFC an creat rialála trí na rialacha agus na córais bhainistithe agus rialaithe a chomhchuibhiú i gcás na gcistí éagsúla a chuirtear chun feidhme faoi bhainistíocht chomhroinnte. Ina theannta sin, ceadóidh sé ceanglais rialaithe a bheidh difreáilte de réir riosca (e.g. fíoruithe bainistíochta bunaithe ar riosca, an deis socruithe rialaithe comhréireacha a bheith ann bunaithe ar nósanna imeachta náisiúnta, teorainneacha le hobair iniúchóireachta ó thaobh amú de agus/nó oibríochtaí sonracha).

Bainistíocht dhíreach/indíreach:

De réir na hanailíse a rinneadh le déanaí ar na príomhchineálacha earráidí a bhraitear in iniúchtaí ex post, agus ar na príomhchúiseanna atá leo, eascraíonn na príomhchásanna de neamhchomhlíonadh as drochbhainistíocht airgeadais ar na deontais arna mbronnadh ar thairbhithe, as doiciméid tacaíochta a bheith easnamhach nó in easnamh, as soláthar poiblí mícheart, agus as costais nár buiséadaíodh.

Dá bhíthin sin, is iad na nithe seo is mó is cúis leis na rioscaí:

– cáilíocht na dtionscadal roghnaithe agus a gcur chun feidhme ina dhiaidh sin a áirithiú, treoir dhoiléir nó neamhiomlán a tugadh do thairbhithe nó easpa faireacháin;

– an riosca go núsáidfear ar dhóigh neamhéifeachtúil nó neamhthíosach na cistí arna mbronnadh, i gcás deontas (an chastacht a bhaineann le costais incháilithe iarbhír a aisíoc maille le deiseanna teoranta costais incháilithe a sheiceáil ag an deasc) agus i gcás soláthair freisin (líon srianta d’oibreoirí eacnamaíocha, uaireanta, ag a bhfuil an saineolas atá de dhíth, rud a fhágann nach féidir tairiscintí praghsanna a chur i gcomparáid);

– riosca a bhaineann le cumas eagraíochtaí beaga (go háirithe) rialú éifeachtach a dhéanamh ar chaiteachas agus trédhearcacht na noibríochtaí a dhéanann siad a áirithiú;

– riosca do chlú an Choimisiúin, má aimsítear calaois nó gníomhaíochtaí coiriúla; ní féidir ach dearbhú páirteach a fháil as córais rialaithe inmheánaigh tríú páirtithe i ngeall ar an líon measartha ard conraitheoirí agus tairbhithe ilchineálacha, agus iad ar fad ag feidhmiú a gcóras rialaithe féin, agus iad measartha beag go minic.

Meastar go laghdófar formhór na rioscaí sin a bhuí le dearadh níos fearr a bheith ar na glaonna ar thograí, an treoir do thairbhithe, an spriocdhíriú ar thograí agus úsáid níos fearr a bheith á baint as costais shimplithe agus trasspleáchas ar iniúchtaí agus ar mheasúnuithe mar atá ar áireamh sa Rialachán Airgeadais nua.

2.2.2.Meastachán ar chostéifeachtúlacht na rialuithe agus an bonn cirt atá leis sin (cóimheas “costais rialaithe ÷ luach na gcistí gaolmhara arna mbainistiú”), agus measúnú ar an leibhéal riosca earráide a bhfuiltear ag súil leis (ar an íocaíocht a dhéanamh agus ar dhúnadh an chláir)

Bainistíocht chomhroinnte:

Meastar go bhfanfaidh costas na rialuithe mar atá sé nó go bhféadfadh laghdú a theacht air i gcás na mBallstát. Don chlárthréimhse reatha (2014-2020), ó bhí 2017 ann, meastar gurb é a bhí i gcostas carnach an rialaithe ag na Ballstáit tuairim is 5% de mhéid iomlán na níocaíochtaí arna niarraidh ag na Ballstáit don bhliain 2017.

Meastar go dtiocfaidh laghdú ar an gcéatadán sin a bhuí le gnóthachain éifeachtúlachta maidir le cur chun feidhme na gclár agus méadú ar na híocaíochtaí leis na Ballstáit.

De thoradh an chur chuige bunaithe a riosca maidir le bainistiú agus rialú atá á thabhairt isteach le dréacht RFC, maille leis an iarracht threisithe roghanna costais simplithe a ghlacadh, meastar go laghdófar costas na rialuithe a thuilleadh i gcás na mBallstát.

Bainistíocht dhíreach/indíreach:

Is ionann costas na rialuithe agus tuairim is 2.5 % de na híocaíochtaí a rinne AS HOME. Táthar ag súil go bhfanfaidh sé sin cobhsaí nó go laghdóidh sé beagán i gcás ina leathnófar úsáid roghanna costais simplithe sa chéad chlárthréimhse eile.

2.3.Bearta chun calaois agus neamhrialtachtaí a chosc

Sonraigh na bearta coisctheacha agus cosanta atá ann cheana nó atá beartaithe, e.g. ón Straitéis Frithchalaoise.

Tá cosc agus brath na calaoise ar cheann de na cuspóirí atá ag an rialú inmheánach mar atá leagtha síos sa Rialachán Airgeadais agus is saincheist mhór rialachais freisin é, nach mór don Choimisiún déileáil leis feadh thimthriall an chaiteachais ina iomláine.

Ina theannta sin, is é príomhaidhm straitéis frithchalaoise AS HOME calaois a chosc, a bhrath agus a leigheas, ag áirithiú, inter alia, go bhfuil a rialuithe inmheánacha frithchalaoise ailínithe go hiomlán le straitéis frithchalaoise an Choimisiúin agus go bhfuil a chur chuige bainistíochta riosca calaoise dírithe ar limistéir riosca calaoise agus freagairtí leordhóthanacha a aithint.

Maidir leis an mbainistíocht chomhroinnte, áiritheoidh na Ballstáit dlíthiúlacht agus rialtacht an chaiteachais atá ar áireamh sna cuntais a chuirfidh siad faoi bhráid an Choimisiúin. Sa chomhthéacs sin, déanfaidh na Ballstáit na bearta uile is gá chun neamhrialtachtaí, lena náirítear calaois, a chosc, a bhrath agus a cheartú. Dála na clárthréimhse reatha (2014-2020) 45 beidh sé d'oibleagáid ar na Ballstáit nósanna imeachta a bheith i bhfeidhm acu chun neamhrialtachtaí a bhrath agus maidir leis an bhfrithchalaois agus beidh sé d'oibleagáid orthu tuairisc a thabhairt don Choimisiún maidir le haon neamhrialtacht, lena náirítear amhras calaoise agus calaois léirithe i réimsí na bainistíochta comhroinnte. Leanfaidh bearta frithchalaoise de bheith ina prionsabal ginearálta agus ina noibleagáid ar na Ballstáit.

3.AN TIONCHAR AIRGEADAIS A MHEASTAR A BHEIDH AG AN TOGRA/TIONSCNAMH

3.1.Ceannteidil an chreata airgeadais ilbhliantúil agus na línte buiséid nua atá beartaithe

Ceannteideal an chreata airgeadais ilbhliantúil

Líne buiséid

Saghas
caiteachais

Ranníocaíocht

Ceannteideal 4: 'Imirce agus bainistiú teorainneacha'

LD/LN 46 .

ó thíortha de chuid CSTE 47

ó thíortha is iarrthóirí 48

ó thríú tíortha

de réir bhrí Airteagal [21(2)(b)] den Rialachán Airgeadais

4

10.02.01 — an Ciste Tearmainn agus Imirce (CTI)

LD.

NÍL

NÍL

NÍL

NÍL

4

10.01.01 — Caiteachas tacaíochta don Chiste Tearmainn

agus Imirce (Cúnamh teicniúil)

LN

NÍL

NÍL

NÍL

NÍL



3.2.An tionchar a mheastar a bheidh ag an togra/tionscnamh ar chaiteachas

3.2.1.Achoimre ar an tionchar a mheastar a bheidh ag an togra/tionscnamh ar chaiteachas

EUR milliúin (go dtí an tríú deachúil)

Ceannteideal an chreata airgeadais
ilbhliantúil

4

'Imirce agus bainistiú teorainneacha'

2021

2022

2023

2024

2025

2026

2027

Tar éis 2027

IOMLÁN

Leithreasuithe faoi chomhair oibríochtaí (de réir na línte buiséid a liostaítear faoi 3.1)

Gealltanais

(1)

917.755

1 438.910

1 457.632

1 611.404

1 630.882

1 650.750

1 665.667

10 373.000

Íocaíochtaí

(2)

91,058

200,725

432,040

1.106,189

1.557,395

1.557,783

1.539,379

3.888,431

10 373.000

Leithreasuithe de chineál riaracháin arna maoiniú as imchlúdach an chláir 49  

Gealltanais = Íocaíochtaí

(3)

5.654

5.767

5.882

6.000

6.120

6.242

6.335

42.000

IOMLÁN leithreasuithe d'imchlúdach an chláir

Gealltanais

=1+3

923.409

1 444.677

1 463.514

1 617.404

1 637.002

1 656.992

1 672.002

10 415.000

Íocaíochtaí

=2+3

96,712

206,492

437,922

1.112,189

1.563,515

1.564,025

1.545,714

3.888,431

10 415.000



Ceannteideal an chreata airgeadais
ilbhliantúil

7

“Caiteachas riaracháin”

Chun an chuid seo a líonadh isteach, ba cheart na “sonraí buiséid de chineál riaracháin” a úsáid arna niontráil ar dtús san Iarscríbhinn a ghabhann leis an Ráiteas Airgeadais Reachtach , a uaslódáiltear chuig DECIDE chun críocha comhairliúcháin idirsheirbhíse.

 

EUR milliúin (go dtí an tríú deachúil)

2021

2022

2023

2024

2025

2026

2027

Tar éis 2027

IOMLÁN

Acmhainní daonna

10.329

11.473

13.046

13.046

13.046

13.046

13.046

 

87.032

Caiteachas riaracháin eile

0.202

0.202

0.202

0.202

0.202

0.202

0.202

 

1.412

IOMLÁN leithreasuithe faoi CHEANNTEIDEAL 7 den chreat airgeadais ilbhliantúil

(Iomlán gealltanas = Iomlán íocaíochtaí)

10.531

11.675

13.248

13.248

13.248

13.248

13.248

 

88.444

EUR milliúin (go dtí an tríú deachúil)

2021

2022

2023

2024

2025

2026

2027

Tar éis 2027

IOMLÁN

IOMLÁN leithreasuithe
ar fud na gceannteideal
den chreat airgeadais ilbhliantúil
 

Gealltanais

933.940

1456.352

1476.762

1630.652

1650.250

1670.240

1685.250

-

10 503.444

Íocaíochtaí

107,242

218,167

451,170

1.125,437

1.576,763

1.577,272

1.558,962

3.888,431

10 503.444



3.2.2.Achoimre ar an tionchar a mheastar a bheidh ag an togra/tionscnamh ar leithreasuithe de chineál riaracháin

   Ní éilíonn an togra/tionscnamh go núsáidfear leithreasuithe de chineál riaracháin

   Éilíonn an togra/tionscnamh go núsáidfear leithreasuithe de chineál riaracháin mar a mhínítear thíos:

EUR milliúin (go dtí an tríú deachúil)

Blianta

2021

2022

2023

2024

2025

2026

2027

IOMLÁN

CEANNTEIDEAL 7
den chreat airgeadais ilbhliantúil

Acmhainní daonna

10.329

11.473

13.046

13.046

13.046

13.046

13.046

87.032

Caiteachas riaracháin eile

0.202

0.202

0.202

0.202

0.202

0.202

0.202

1.412

Fo-iomlán CHEANNTEIDEAL 7
den chreat airgeadais ilbhliantúil

10.531

11.675

13.248

13.248

13.248

13.248

13.248

88.444

Lasmuigh de CHEANNTEIDEAL 7 50
den chreat airgeadais ilbhliantúil

Acmhainní daonna

Caiteachas eilede chineál riaracháin

5.654

5.767

5.882

6.000

6.120

6.242

6.335

42.000

Fo-iomlán
Lasmuigh de CHEANNTEIDEAL 7
den chreat airgeadais ilbhliantúil

5.654

5.767

5.882

6.000

6.120

6.242

6.335

42.000

IOMLÁN

16.185

17.442

19.130

19.248

19.368

19.490

19.583

130.444

Cumhdófar na hacmhainní daonna is gá agus caiteachas eile de chineál riaracháin le leithreasuithe ón ArdStiúrthóireacht a bhfuil bainistíocht an bhirt faoina gcúram cheana agus/nó atá athimlonnaithe laistigh den ArdStiúrthóireacht, mar aon le haon leithdháileadh breise a d’fhéadfaí a thabhairt don ArdStiúrthóireacht atá i mbun bainistíochta faoi chuimsiú an nós imeachta maidir le leithdháileadh bliantúil i bhfianaise na srianta buiséadacha.

[Do threoir i ndáil leis an bhféidearthacht cúraimí chur chun feidhme an chláir a tharmligean chuig gníomhaireachtaí feidhmiúcháin, féach lch. 8/9 thuas].

3.2.2.1.Na hacmhainní daonna a mheastar a bheidh riachtanach

   Ní éilíonn an togra/tionscnamh go núsáidfear acmhainní daonna.

   Éilíonn an togra/tionscnamh go núsáidfear acmhainní daonna mar a mhínítear thíos:

Sloinnfear an meastachán in aonaid de choibhéis lánaimseartha

Blianta

2021

2022

2023

2024

2025

2026

2027

• Poist don phlean bunaíochta (oifigigh agus foireann shealadach)

Ceanncheathrú agus Oifigí Ionadaíocht an Choimisiúin

65

73

84

84

84

84

84

Toscaireachtaí

3

3

3

3

3

3

3

Taighde

Foireann sheachtrach (i gcoibhéis lánaimseartha: FTE) - AC, LA, SNE, INT agus JPD  51

Ceannteideal 7

Arna maoiniú as CEANNTEIDEAL 7 den chreat airgeadais ilbhliantúil 

- sa cheanncheathrú

8

8

8

8

8

8

8

1.

- toscaireachtaí

Arna maoiniú as imchlúdach an chláir 

- sa cheanncheathrú

2.

3.

- toscaireachtaí

4.

Taighde

Eile (sonraigh)

IOMLÁN

76

84

95

95

95

95

95

Soláthrófar na hacmhainní daonna is gá le baill foirne ón ArdStiúrthóireacht a bhfuil bainistíocht an bhirt faoina gcúram cheana agus/nó a athimlonnófar laistigh den ArdStiúrthóireacht, mar aon le haon leithdháileadh breise a d’fhéadfaí a thabhairt don ArdStiúrthóireacht atá i mbun bainistíochta faoi chuimsiú an nós imeachta maidir le leithdháileadh bliantúil i bhfianaise na srianta buiséadacha.

Cur síos ar na cúraimí a bheidh le déanamh:

Oifigigh agus pearsanra sealadach

Na 95 ball foirne FTE faoi 2027, sin iomlán na mball foirne is gá le haghaidh chur chun feidhme agus bhainistiú an Chiste. Cuimsítear ann na baill foirne atá ag obair in AS HOME i ndáil le CTI cheana féin (bunlíne: 66 FTE = 6 CA, 22 AST, 36 AD lena náirítear 1 AD i dtoscaireacht, 1 SNE, 1 INT) amhail Aibreán 2018 agus baill foirne breise (+6 AST, +23 AD , 2 díobh do na toscaireachtaí). Féach thíos tuairisc ar chúraimí na mball foirne breise sin:

Pleanáil, clársceidealú, caidreamh le gníomhaireachtaí (+1 AST, + 1 AD):

- ionchur sa nós imeachta buiséadach a sholáthar,

- nasc a chruthú idir cistí agus gníomhaireachtaí (e.g. deontais/comhaontuithe tarmligin do ghníomhaireachtaí)

Iniúchtaí, OLAF, CIE (+5 AD):

- rialuithe a dhéanamh, de réir na tuairisce orthu thuas (fíorú ex ante,coiste soláthair, iniúchtaí ex post, iniúchtaí inmheánacha, imréiteach na gcuntas),

- bearta leantacha ar na hiniúchtaí arna mbainistiú ag an tSeirbhís um Iniúchóireacht Inmheánach agus ag CIE.

Bainistíocht dhíreach (+2 AST, +3 AD):

- cláir oibre bhliantúla/cinntí maoiniúcháin a ullmhú, tosaíochtaí bliantúla a leagan amach,

- cumarsáid leis na páirtithe leasmhara (tairbhithe ionchasacha/iarbhír, Ballstáit, etc.),

- bainistiú a dhéanamh ar ghlaonna ar thograí agus ar ghlaonna ar thairiscintí agus ar na nósanna imeachta roghnúcháin ina ndiaidh sin,

- bainistiú oibríochtúil ar thionscadail.

Bainistíocht chomhroinnte (lena náirítear saoráid théamach) (+1 AST, + 6AD):

- idirphlé beartais a dhéanamh leis na Ballstáit,

- cláir náisiúnta a bhainistiú,

- treoirlínte do na Ballstáit a dhréachtú,

- uirlisí TF bainistithe deontas agus clár náisiúnta a fhorbairt agus a bhainistiú.

Sineirgí leis na cistí eile (+2 AD):

- comhordú le cistí na gné seachtraí,

- comhordú i gcomhthéacs RFC,

- sineirgí agus comhlántacht le cistí eile.

Bainistíocht airgeadais (+2 AST):

- tionscamh airgeadais agus fíorú airgeadais,

- cuntasaíocht,

- faireachán a dhéanamh ar ghnóthú na gcuspóirí agus tuairisc a thabhairt air, lena náirítear i dtuarascálacha bliantúla ar ghníomhaíocht

agus tuarascálacha an oifigigh údarúcháin fhotharmligthe.

Baill foirne do stiúrthóireachtaí eile a oibreoidh ar chúrsaí maoiniúcháin (+ 4 AD):

- Oifigigh bheartais atá páirteach i gcur chun feidhme na gcistí (e.g. meastóireacht ar thuarascálacha teicniúla ó thairbhithe faoi bhainistíocht dhíreach, athbhreithniú ar thuarascálacha bliantúla ar chur chun feidhme i gcás na bainistíochta comhroinnte).

Pearsanra seachtrach

Tá na cúraimí inchurtha leis na cúraimí atá ar oifigigh agus ar ghníomhairí ar conradh, diomaite de na cúraimí nach féidir le pearsanra seachtrach a dhéanamh.

Daoine i dtoscaireachtaí

+ 2 AD: Chun forbairt an chur chun feidhme beartais i réimse na ngnóthaí baile a leanúint, go háirithe an ghné sheachtrach di, is gá a leordhóthain saineolais ar ghnóthaí baile a bheith ag toscaireachtaí an Aontais. D'fhéadfadh baill foirne ón gCoimisiún Eorpach agus/nó ón tSeirbhís Eorpach Gníomhaíochta Seachtraí a bheith i gceist leis sin.

3.2.3.Ranníocaíochtaí ó thríú páirtithe

Leis an togra/tionscnamh seo:

   ní dhéantar foráil maidir le cómhaoiniú le tríú páirtithe

   déantar foráil maidir leis an gcómhaoiniú le tríú páirtithe atá réamhmheasta thíos:

Leithreasuithe in EUR milliúin (go dtí an tríú deachúil)

Blianta

2021

2022

2023

2024

2025

2026

2027

IOMLÁN

Sonraigh an comhlacht cómhaoinithe 

BS

BS

BS

BS

BS

BS

BS

IOMLÁN leithreasuithe cómhaoinithe

le cinneadh

le cinneadh

le cinneadh

le cinneadh

le cinneadh

le cinneadh

le cinneadh

3.3.An tionchar a mheastar a bheidh ar ioncam

   Ní bheidh tionchar airgeadais ar bith ag an togra ar ioncam.

   Beidh an tionchar airgeadais seo a leanas ag an togra/tionscnamh:

   ar acmhainní dílse

   ar ioncam eile

◻ má tá an tioncam sannta do línte caiteachais, sonraigh sin

EUR milliúin (go dtí an tríú deachúil)

Líne buiséid ioncaim:

Tionchar an togra/tionscnaimh 52

2021

2022

2023

2024

2025

2026

2027

Airteagal …………

I gcás ioncam atá sannta, sonraigh na línte buiséid a nimrítear tionchar orthu.

[…]

Aon rud eile (e.g. an modh nó an fhoirmle a úsáideadh chun an tionchar ar ioncam a ríomh nó aon fhaisnéis eile).

[…]

(1)    Treoir 2008/115/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Nollaig 2008 maidir le caighdeáin choiteanna agus nósanna imeachta coiteanna sna Ballstáit i ndáil le náisiúnaigh tríú tíortha atá ag fanacht go mídhleathach a chur ar ais (IO L 348, 24.12.2008, lch. 98).
(2)    Cinneadh Uimh. 573/2007/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Bealtaine 2007 lena gcruthaítear an Ciste Eorpach um Dhídeanaithe don tréimhse 2008 go 2013 mar chuid den Chlár Ginearálta “Dlúthpháirtíocht agus Bainistiú Sreabha Imirce” agus lena naisghairtear Cinneadh 2004/904/CE ón gComhairle (IO L 144, 6.6.2007, lch. 1).
(3)    Cinneadh 2007/435/CE ón gComhairle an 25 Meitheamh 2007 lena mbunaítear an Ciste Eorpach chun náisiúnaigh tríú tíortha a Lánpháirtiú don tréimhse 2007 go 2013 mar chuid den Chlár Ginearálta “Dlúthpháirtíocht agus Bainistiú Sreabha Imirce” (IO L 168, 28.6.2007, lch. 18).
(4)    Cinneadh Uimh. 575/2007/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Bealtaine 2007 lena mbunaítear an Ciste Eorpach um Fhilleadh don tréimhse 2008 go 2013 mar chuid den Chlár Ginearálta “Dlúthpháirtíocht agus Bainistiú Sreabha Imirce” (IO L 144, 6.6.2007, lch. 45).
(5)    Rialachán (AE) Uimh. 516/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Aibreán 2014 lena mbunaítear an Ciste um Thearmann, Imirce agus Lánpháirtíochta, lena leasaítear Cinneadh 2008/381/CE ón gComhairle agus lena naisghairtear Cinneadh Uimh. 573/2007/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Cinneadh Uimh. 575/2007/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Cinneadh 2007/435/CE ón gComhairle (IO L 150, 20.5.2014, lch. 168).    
(6)    COM(2018) 321 final.
(7)    "Buiséad Nua-aoiseach d’Aontas a Choimircíonn, a Chumasaíonn agus a Chosnaíonn: An Creat Airgeadais Ilbhliantúil do 2021-2027", COM(2018) 321, 2.5.2018.
(8)    Rialachán (AE) ../..
(9)    Is iad seo na cistí a tháinig roimh chlárthréimhse CTIL 2007-2013.
(10)    Rialachán (AE) 2016/369 ón gComhairle an 15 Márta 2016 maidir le tacaíocht éigeandála a chur ar fáil laistigh den Aontas.
(11)    Comhaontú Idirinstitiúideach idir Parlaimint na hEorpa, Comhairle an Aontais Eorpaigh agus an Coimisiún Eorpach maidir le Reachtóireacht Níos Fearr an 13 Aibreán 2016; IO L 123, 12.5.2016, lch. 1-14.
(12)    IO C , , lch. .
(13)    IO C , , lch. .
(14)    Rialachán (AE) ../.. ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an [Rialachán maidir le Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Thearmann] (IO L …, dáta], lch. ...).
(15)    Treoir 2008/115/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Nollaig 2008 maidir le caighdeáin choiteanna agus nósanna imeachta coiteanna sna Ballstáit i ndáil le náisiúnaigh tríú tíortha atá ag fanacht go mídhleathach a chur ar ais (IO L 348, 24.12.2008, lch. 98).
(16)    Treoir 2009/52/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Meitheamh 2009 lena bhforáiltear do chaighdeáin íosta i ndáil le smachtbhannaí agus bearta i gcoinne fostóirí náisiúnach tríú tír atá ag fanacht go neamhdhleathach (IO L 168, 30.6.2009, lch. 24).
(17)    Treoir 2011/36/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 5 Aibreán 2011 maidir le gáinneáil ar dhaoine a chosc agus a chomhrac agus na híospartaigh atá thíos léi a chosaint, agus a ghlacann ionad Chinneadh Réime 2002/629/CGB ón gComhairle (IO L 101, 15.4.2011, lch 1).
(18)    Rialachán (AE) 2016/1624 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Meán Fómhair 2016 maidir leis an nGarda Teorann agus Cósta Eorpach lena leasaítear Rialachán (AE) 2016/399 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena naisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 863/2007 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, Rialachán (CE) Uimh. 2007/2004 ón gComhairle agus Cinneadh 2005/267/CE ón gComhairle (IO L 251, 16.9.2016, lch. 1).
(19)    2008/381/CE: Cinneadh ón gComhairle an 14 Bealtaine 2008 lena mbunaítear Gréasán Imirce na hEorpa (IO L 131, 21.5.2008, lch 7).
(20)     IO L 373, 20.12.2013, lch. 1;    
https://eur-lex.europa.eu/legal-content/GA/TXT/?uri=uriserv%3AOJ.C_.2013.373.01.0001.01.ENG&toc=OJ%3AC%3A2013%3A373%3ATOC
(21)    IO C , , lch. .
(22)    IO C , , lch. .
(23)    Rialachán (Euratom, CE) Uimh. 2988/95 ón gComhairle an 18 Nollaig 1995 maidir le leasanna airgeadais na gComhphobal Eorpach a chosaint (IO L 312, 23.12.95, lch.1).
(24)    IO C , , lch. .
(25)    Rialachán (AE) 2017/1371 ón gComhairle an 12 Deireadh Fómhair 2017 lena gcuirtear chun feidhme comhar feabhsaithe maidir le bunú Oifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh (‘OIPE’) (IO L 283, 31.10.2017, lch. 1).
(26)    Treoir (AE) 2017/1371 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 5 Iúil 2017 maidir leis an gcomhrac in aghaidh na calaoise ar leasanna airgeadais an Aontais trí bhíthin an dlí choiriúil (IO L 198, 28.7.2017, lch. 29).
(27)    Cinneadh 2013/755/AE ón gComhairle an 25 Samhain 2013 maidir le comhlachas na dtíortha agus na gcríoch thar lear leis an Aontas Eorpach (an Cinneadh maidir le Comhlachas Thar Lear) (IO L 344, 19.12.2013, lch. 1).
(28)

   COM(2017) 623 final.

(29)    Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Feabhra 2011 lena leagtar síos na rialacha agus na prionsabail ghinearálta a bhaineann leis na sásraí maidir le rialú ag na Ballstáit ar fheidhmiú cumhachtaí cur chun feidhme ag an gCoimisiún (IO L 55, 28.2.2011, lch. 13).
(30)    IO C , , lch. .    
(31)    IO C , , lch. .    
(32)    IO C , , lch. .    
(33)    Treoir 2001/55/CE ón gComhairle an 20 Iúil 2001 maidir le caighdeáin íosta chun cosaint shealadach a thabhairt i gcás insreabhadh ollmhór daoine easáitithe agus maidir le bearta lena gcuirtear cothromaíocht iarrachtaí chun cinn idir na Ballstáit agus na daoine sin á nglacadh isteach acu agus na hiarmhairtí lena mbaineann á mbraistint (IO L 212, 7.8.2001, lch. 12).
(34)    Mar a thagraítear  in Airteagal 58(2)(a) (b) den Rialachán Airgeadais.
(35)    COM(2015) 240 final an 13 Bealtaine 2015.
(36)    COM(2017) 558 final an 27 Meán Fómhair 2017 agus COM(2018) 250 final an 14 Márta 2018.
(37)     http://www.consilium.europa.eu/ga/press/pressreleases/2016/03/18/eu-turkey-statement/
(38)    COM(2016) 385 final anMeitheamh 2016.
(39)    COM(2016) 270 final anBealtaine 2016.
(40)    COM(2016) 468 final an 13 Iúil 2016.
(41)    COM(2016) 377 final anMeitheamh 2016.
(42)    COM(2017) 200 final anMárta 2017.
(43)    COM(2016) 378 final an Meitheamh 2016.
(44)    Is féidir mionsonraí ar na modhanna bainistíochta agus tagairtí don Rialachán Airgeadais a fheiceáil ar shuíomh gréasáin ArdStiúrthóireacht an Bhuiséid: https://myintracomm.ec.europa.eu/budgweb/EN/man/budgmanag/Pages/budgmanag.aspx
(45)    Rialachán Tarmligthe (AE) Uimh. 1042/2014 ón gCoimisiún an 25 Iúil 2014, Iarscríbhinn I; Rialachán Tarmligthe (AE) Uimh. 2015/1973 ón gCoimisiún anIúil 2015.
(46)    LD = Leithreasuithe difreáilte / LN = Leithreasuithe neamhdhifreáilte.
(47)    CSTA: Comhlachas Saorthrádála na hEorpa.
(48)    Tíortha is iarrthóirí agus, nuair is iomchuí, tíortha ó na Balcáin Thiar a d'fhéadfadh bheith ina niarrthóirí.
(49)    Cúnamh agus caiteachas teicniúil agus/nó riaracháin ar mhaithe le cláir agus/nó bearta de chuid AE (seanlínte "BA") a chur chun feidhme, taighde indíreach, taighde díreach.
(50)    Cúnamh agus caiteachas teicniúil agus/nó riaracháin ar mhaithe le cláir agus/nó bearta de chuid AE (seanlínte "BA") a chur chun feidhme, taighde indíreach, taighde díreach.
(51)    CA = Ball foirne ar conradh; LA= Ball foirne áitiúil; SNE= Saineolaí náisiúnta ar iasacht; INT= Ball foirne gníomhaireachta; JPD = Gairmí Sóisearach i dToscaireacht.
(52)    A fhad a bhaineann le hacmhainní dílse traidisiúnta (dleachtanna custaim, tobhaigh siúcra),  mór na méideanna a luaitear a bheith ina nglanmhéideanna, i.e. ollmhéideanna lúide na nasbhaintí ábhartha le haghaidh costais bhailiúcháin.

Strasbourg,12.6.2018

COM(2018) 471 final

IARSCRÍBHINNÍ

a ghabhann le

RIALACHÁN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

lena mbunaítear an Ciste Tearmainn agus Imirce

{SWD(2018) 347}
{SWD(2018) 348}
{SEC(2018) 315}


IARSCRÍBHINN I
Critéir maidir le leithdháileadh cistí ar na cláir faoi bhainistíocht chomhroinnte

1.Déanfar na hacmhainní atá ar fáil dá dtagraítear in Airteagal 11 a roinnt idir na Ballstáit mar a leanas:

(a)Gheobhaidh gach Ballstát méid seasta EUR 5 000 000 ón gCiste ag tús na clárthréimhse amháin;

(b)Leithdháilfear na hacmhainní atá fágtha dá dtagraítear in Airteagal 11 bunaithe ar na critéir seo a leanas:

30 % le haghaidh tearmainn;

30 % le haghaidh imirce dhleathach agus lánpháirtíochta;

40 % le haghaidh an imirce neamhrialta a throid, filltí san áireamh.

2.Tabharfar na critéir a leanas sa réimse um thearmann san áireamh agus déanfar iad a ualú mar seo a leanas:

(a) 30 % i gcomhréir le líon na ndaoine atá in aon cheann de na catagóirí seo a leanas:

Aon náisiúnach tríú tír nó aon duine gan stát a bhfuil an stádas arna shainmhíniú ag Coinbhinsiún na Ginéive dáfa dó;

Aon náisiúnach tríú tír nó aon duine gan stát a fhaigheann cineál cosanta coimhdí de réir bhrí Threoir athmhúnlaithe 2011/95/AE 1 ;

Aon náisiúnach tríú tír nó aon duine gan stát a fhaigheann cosaint shealadach de réir bhrí Threoir 2001/55/CE 2 .

(b)60 % i gcomhréir le líon na náisiúnach tríú tír nó na ndaoine gan stát a chuir isteach ar chosaint idirnáisiúnta.

(c)10 % i gcomhréir le líon na náisiúnach tríú tír nó na ndaoine gan stát atá á nathlonnú nó a athlonnaíodh i mBallstát.

3.Tabharfar na critéir a leanas sa réimse um imirce dhleathach san áireamh agus déanfar iad a ualú mar seo a leanas:

(a)40% i gcomhréir le líon iomlan na náisiúnach tríú tír atá ina gcónaí go dleathach i mBallstát.

(b)60% i gcomhréir le líon na náisiúnach tríú tír a fuair an chéad chead cónaithe.

(c)Ní chuirfear na catagóirí daoine a leanas san áireamh chun críche an ríomha dá dtagraítear i mír 3(b) áfach:

Náisiúnaigh tríú tír a bhfuil an chéad chead cónaithe obair-bhainteach a bheidh bailí ar feadh níos lú ná 12 mhí á eisiúint dóibh;

Náisiúnaigh tríú tír a ligtear isteach chun críocha staidéar, malartaithe daltaí, oiliúna neamhchúitithe nó seirbhíse deonaí i gcomhréir le Treoir 2004/114/CE 3 ón gComhairle nó nuair is infheidhme le Treoir (AE) 2016/801 4 ;

Náisiúnaigh tríú tír a ligtear isteach chun críocha taighde eolaíoch i gcomhréir le Treoir 2005/71/CE 5 ón gComhairle nó nuair is infheidhme le Treoir (AE) 2016/801.

4.Tabharfar na critéir a leanas sa réimse maidir le himirce neamhrialta a throid san áireamh agus déanfar iad a ualú mar seo a leanas:

(a)50% i gcomhréir le líon na náisiúnach tríú tír nach gcomhlíonann na coinníollacha chun teacht isteach agus fanacht i gcríoch an Bhallstáit nó nach gcomhlíonann na coinníollacha sin a thuilleadh agus atá faoi réir ag cinneadh um fhilleadh faoin dlí náisiúnta agus / nó faoi dhlí an Chomhphobail, .i. cinneadh nó gníomh riaracháin nó breithiúnach, lena sonraítear nó lena ndearbhaítear neamhdhleathacht fanachta agus lena bhforchuirtear oibleagáid um fhilleadh;

(b)50% i gcomhréir le líon na náisiúnach tríú tír a d’fhág críoch an Bhallstáit tar éis ordú riaracháin nó breithiúnach chun imeacht, cibé an ndéantar é ar bhonn deonach nó comhéigin.

5.Is iad na figiúirí tagartha ar na sonraí staidrimh bliantúla is déanaí arna dtáirgeadh ag an gCoimisiún (Eurostat) lena gclúdaítear na trí bliana féilire roimhe sin ar bhonn na sonraí arna gcur ar fáil ag na Ballstáit ar dháta infheidhmeacht an Rialacháin seo i gcomhréir le dlí an Aontais a úsáidfear don leithdháileadh tosaigh. I gcás an athbhreithnithe mheántéarma, beidh na figiúirí tagartha ar na sonraí staidrimh bliantúla is déanaí atá táirgthe ag an gCoimisiún (Eurostat) lena gclúdaítear na trí bliana féilire roimhe sin atá ar fáil tráth an athbhreithnithe mheántéarma in 2024 ar bhonn na sonraí arna gcur ar fáil ag Ballstáit i gcomhréir le dlí an Aontais. I gcás nach bhfuil na staidrimh lena mbaineann curtha ar fáil ag Ballstáit don Choimisiún (Eurostat), cuirfidh siad na sonraí sealadacha ar fáil chomh luath agus is féidir.

6.Sula nglactar na sonraí sin mar fhigiúirí tagartha, déanfaidh an Coimisiún (Eurostat) measúnú ar cháilíocht, ar chomparáideacht agus ar chríochnúlacht na faisnéise staidrimh i gcomhréir le gnáthnósanna imeachta oibríochta. Ar iarratas ón gCoimisiún (Eurostat), déanfaidh na Ballstáit an fhaisnéis riachtanach ar fad a chur ar fáil dó chun na críche sin.

IARSCRIBHINN II
Bearta cur chun feidhme

1.Rannchuideoidh an Ciste leis an sainchuspóir a leagtar amach in Airteagal 3(2)(a) trí dhíriú ar na bearta cur chun feidhme a leanas:

(a)feidhmiú aonchineálach acquis an Aontais agus na dtosaíochtaí a bhaineann leis an gComhchóras Eorpach Tearmainn a áirithiú;

(b)cumas chóras tearmainn na mBallstát a thacú maidir le bonneagair agus seirbhísí nuair is gá;

(c)dlúthpháirtíocht agus comhroinnt dualgas a fheabhsú idir na Ballstáit, go háirithe i measc iadsan a ndéanann sreafaí imirce tionchar orthu, agus trí thacaíocht a chur ar fáil do Bhallstáit a rannchuidíonn le hiarrachtaí dlúthpháirtíochta;

(d)dlúthpháirtíocht agus comhar le tríú tíortha a ndéanann sreafaí imirce tionchar orthu, lena náirítear trí athlonnú agus trí bhealaí dleathacha eile i dtreo cosanta san Aontais anuas ar chomhpháirtíocht agus ar chomhar le tríú tíortha le haghaidh imirce a bhainistiú.

2.Rannchuideoidh an Ciste leis an sainchuspóir a leagtar amach in Airteagal 3(2)(b) trí dhíriú ar na bearta cur chun feidhme seo a leanas:

(a)beartais lena gcuirtear imirce dhleathach chun cinn a thacú agus a chur chun feidhme agus acquis an Aontais um imirce dhleathach a chur chun feidhme;

(b)bearta um lánpháirtíocht luath a chur chun cinn le haghaidh náisiúnaigh tríú tír a chuimsiú go sóisialta agus go heacnamaíoch, ag déanamh ullmhúchán ionas go mbeidís rannpháirteach ar bhonn gníomhach sa tsochaí ghlactha agus go nglacfaí leo, go háirithe trí rannpháirtiú na núdarás áitiúil nó réigiúnach agus eagraíochtaí na sochaí sibhialta.

3.Rannchuideoidh an Ciste leis an sainchuspóir a leagtar amach in Airteagal 3(2)(c), trí dhíriú ar na bearta cur chun feidhme seo a leanas:

(a)feidhmiú aonchineálach acquis an Aontais agus na dtosaíochtaí beartais maidir le bonneagar, nósanna imeachta agus seirbhísí;

(b)cur chuige comhtháite agus comhordaithe a thacú maidir le bainistiú filltí ar leibhéal an Aontais agus na mBallstát, agus cumais a fhorbairt ionas go mbeadh filleadh éifeachtach agus inbhuanaithe agus dreasachtaí le haghaidh imirce neamhrialta a laghdú;

(c)tacú le cur ar ais deonach cuidithe agus le athlánpháirtíocht;

(d)comhar le tríú tíortha agus agus lena gcumais comhaontuithe um athligean isteach agus socruithe eile a chur chun feidhme, agus chun filleadh inbhuanaithe a chumasú.



IARSCRÍBHINN III
Raon feidhme na tacaíochta

1.Ba cheart don Chiste, laistigh den chuspóir beartais dá dtagraítear in Airteagal 3(1), an méid a leanas go háirithe a thacú:

(a)straitéisí náisiúnta maidir le tearmann, imirce dhleathach, cuimsiú, filleadh agus imirce neamhrialta a cheapadh agus a fhorbairt;

(b)struchtúir, córais agus uirlisí riaracháin a chur ar bun agus an fhoireann a oiliúint, lena náirítear údaráis áitiúla agus páirtithe leasmhara ábhartha eile;

(c)forbairt, faireachán agus measúnú ar bheartais agus ar nósanna imeachta lena náirítear faisnéis agus sonraí a bhailiú agus a mhalartú, uirlisí, modhanna agus táscairí staidrimh coitianta a fhorbairt agus a fheidhmiú chun dul chun cinn a thomhas agus forbairtí beartais a mheasúnú;

(d)faisnéis, na cleachtais is fearr, straitéisí a mhalartú, foghlaim fhrithpháirteach, staidéir agus taighde, gníomhaíochtaí comhpháirteacha agus oibríochtaí a fhorbairt agus a chur chun feidhme agus líonraí comhair thrasnáisiúnta a chur ar bun;

(e)seirbhísí cúnaimh agus tacaíochta atá comhsheasmhach le stádas agus le riachtanais an duine lena mbaineann, go háirithe na grúpaí leochaileacha;

(f)gníomhaíochtaí lena mbaineann an aidhm feasacht maidir le beartais tearmainn, lánpháirtíochta, imirce dleathaí agus fillte a mhúscailt i measc páirtithe leasmhara agus an phobail i gcoitinne;

2.Laistigh den sainchuspóir dá dtagraítear in Airteagal 3(2)(a), tacóidh an Ciste leis na gníomhaíochtaí a leanas go háirithe:

(a)cabhair ábhartha a chur ar fáil, lena náirítear cúnamh ag an teorainn;

(b)nósanna imeachta tearmann a reáchtáil;

(c)iarratasóirí a bhfuil riachtanais nós imeachta nó ghlactha speisialta acu a shainaithint;

(d)bonneagar cóiríochta glactha a bhunú nó a fheabhsú, lena náirítear úsáid chomhpháirteach fhéideartha ar shaoráidí dá leithéid ag níos mó ná aon Bhallstát;

(e)cumas na mBallstát a fheabhsú faisnéis faoi thír tionscnaimh a bhailiú, a anailísiú agus a scaipeadh;

(f)gníomhaíochtaí a bhaineann le déanamh nósanna imeachta chun Creat an Aontais um Athlonnú [agus um Ligean Isteach ar Fhoras Daonnúil] nó scéimeanna náisiúnta um athlonnú atá comhoiriúnach le Creat an Aontais um Athlonnú;

(g)aistrithe tairbhithe na cosanta idirnáisiúnta;

(h)cumais tríú tíortha a fheabhsú chun cosaint daoine a bhfuil cosaint de dhíth orthu a fheabhsú;

(i)malairtí eifeachtacha ar choinneáil a bhunú, a fhorbairt agus a fheabhsú, go háirithe maidir le mionaoisigh neamhthionlactha agus teaghlaigh.

3.Ag teacht leis an gcuspóir sonrach dá dtagraítear in Airteagal 3(2)(b), tabharfar tacaíocht leis an gCiste don mhéid a leanas go háirithe:

(a)pacáistí faisnéise agus feachtais chun feasacht ar bhealaí dleathacha imirce chuig an Aontas a mhúscailt, lena náirítear faoi acquis an Aontais um imirce dhleathach;

(b)scéimeanna soghluaisteachta chuig an Aontas a fhorbairt, amhail scéimeanna imirce ciorclaí nó sealadaí, lena náireofaí oiliúint chun fostaitheacht a fheabhsú;

(c)comhar idir tríú tíortha agus na gníomhaíochtaí earcaíochta, na seirbhísí fostaíochtaí agus seirbhísí imirce na mBallstát;

(d)measúnú ar scileanna agus ar cháilíochtaí arna bhfáil i dtríú tír, agus ar a dtrédhearcacht agus ar a gcomhoiriúnacht le cinn ó Bhallstát;

(e)cúnamh i gcomhthéacs na bhfeidhmeanna d'athaontú teaghlaigh de réir bhrí Threoir 2003/86/CE ón gComhairle 6 ;

(f)cúnamh maidir le hathrú stádais le haghaidh náisiúnach tríú tír atá ina gcónaí go dleathach cheana féin i mBallstát, go háirithe maidir le stádas cónaithe dleathach arna shainiú ar leibhéal an Aontais a fháil;

(g)bearta um lánpháirtiú luath amhail tacaíocht shaincheaptha i gcomhréir le riachtanais náisiúnach tríú tír agus cláir lánpháirtíochta ag díriú ar oideachas, ar theanga agus ar oiliúint eile amhail cúrsaí insealbhaithe saoránachta agus treoir ghairmiúil;

(h)gníomhaíochtaí lena gcuirtear cothromaíocht chun cinn maidir le seirbhísí poiblí agus príobháideacha a chur ar fáil do náisiúnaigh tríú tír agus a dteacht orthu, lena náirítear iad a oiriúnú de réir riachtanais an spriocghrúpa;

(i)comhar idir comhlachtaí rialtais agus neamhrialtais ar dhóigh chomhtháite, lena náirítear trí ionaid tacaíochta chomhordaithe um lánpháirtíocht, amhail ionaid ilfhreastail;

(j)gníomhaíochtaí lena gcumasaítear agus lena dtacaítear teacht isteach agus rannpháirtíocht ghníomhach náisiúnach tríú tír sa tsochaí ghlactha agus gníomhaíochtaí lena gcuirtear glacacht sa tsochaí ghlactha chun cinn;

(k)malartuithe agus idirphlé idir náisiúnaigh tríú tír, an tsochaí ghlactha agus údaráis phoiblí a chur chun cinn, lena náirítear trí chomhairliúchán le náisiúnaigh tríú tír, agus trí idirphlé idirchultúrtha agus idirchreidimh.

4.Laistigh den sainchuspóir dá dtagraítear in Article 3(2)(c), tacóidh an Ciste go háirithe leis an méid a leanas:

(a)bonneagar glactha nó coinneála, lena náirítear úsáid chomhpháirteach fhéideartha ar shaoráidí dá leithéid ag níos mó ná aon Bhallstát;

(b)malairtí eifeachtacha ar choinneáil a thabhairt isteach, a fhorbairt agus a fheabhsú, go háirithe maidir le mionaoisigh neamhthionlactha agus teaghlaigh;

(c)córais neamhspleácha agus éifeachtacha chun faireachán a dhéanamh ar an bhfilleadh éigeantach a thabhairt isteach agus a atreisiú, mar a leagtar síos in Airteagal 8(6) de Threoir 2008/115/CE 7 ;

(d)cur i gcoinne na ndreasachtaí maidir le himirce neamhrialta, lena náirítear imircigh neamhrialta a fhostú, trí chigireachtaí éifeachtacha agus imleora bunaithe ar mheasúnú riosca, foireann a chur faoi oiliúint, sásraí a chur ar bun agus a chur chun feidhme trínar féidir le himircigh neamhrialta aisíocaíochtaí a éileamh agus gearáin a dhéanamh in aghaidh a bhfostóirí, nó feachtais faisnéise agus múscailte feasachta chun eolas a chur in iúl d’fhostóirí agus d’imircigh faoina gcearta agus faoina noibleagáidí de bhun Threoir 2009/52/CE 8 ;

(e)ullmhúchán maidir le filleadh, lena náirítear bearta a ndéantar cinntí um fhilleadh mar gheall orthu, náisiúnaigh tríú tír a shainaithint, doiciméid taistil a eisiúint agus baill teaghlach a lorg;

(f)comhar leis na húdaráis chonsalacha agus le seirbhísí inimirce nó le húdaráis agus le seirbhísí ábhartha eile de thríú tíortha d’fhonn doiciméid taistil a fháil, filleadh a éascú agus athligean isteach a áirithiú lena náirítear trí oifigigh idirchaidrimh tríú tír a imlonnú;

(g)cúnamh chun filleadh, go háirithe filleadh cuidithe deonach agus faisnéis maidir le cláir um fhilleadh cuidithe deonach;

(h)oibríochtaí um dhíbirt, lena náirítear bearta gaolmhara, i gcomhréir leis na caighdeáin a leagtar síos i ndlí an Aontais, cé is moite de threalamh comhéigneach;

(i)bearta chun tacú le filleadh marthanach agus athlánpháirtiú an fhillí;

(j)saoráidí agus seirbhísí i dtríú tíortha lena náirithítear cóiríocht shealadach iomchuí agus glacadh i ndiaidh sroicthe, lena náirítear i gcás mionaoiseach neamhthionlactha agus grúpaí leochaileacha eile i gcomhréir le caighdeáin idirnáisiúnta;

(k)comhar le tríú tíortha maidir le cur i gcoinne na himirce neamhrialta agus maidir le filleadh agus athligean isteach éifeachtach, lena náirítear maidir le comhaontuithe um athligean isteach agus socruithe eile a chur chun feidhme;

(l)bearta lena mbaineann an aidhm feasacht maidir le bealaí dleathacha inimirce iomchuí agus na priacail a ghabhann leis an inimirce mhídhleathach a mhúscailt;

(m)tacaíocht do thríú tíortha agus gníomhaíochtaí iontu, lena náirítear maidir le bonneagar, trealamh agus bearta eile, ar an gcoinníoll go rannchuidíonn siad le feabhas ar chomhar éifeachtach idir tríú tíortha agus an tAontas agus Ballstáit an Aontais maidir le filleadh agus athligean isteach.

IARSCRÍBHINN IV
Gníomhaíochtaí atá incháilithe le haghaidh tuilleadh cómhaoinithe i gcomhréir le hAirteagal 12(2) agus Airteagal 13(7)

Bearta lánpháirtíochta arna gcur chun feidhme ag údaráis áitiúla agus réigiúnacha agus ag eagraíochtaí na sochaí sibhialta;

Gníomhaíochtaí chun malairtí éifeachtacha in ionad coinneála a fhorbairt agus a chur chun feidhme;

Cláir um Fhilleadh Cuidithe Deonach agus Athlánpháirtíocht agus gníomhaíochtaí eile lena mbaineann;

Bearta ag díriú ar dhaoine leochaileacha agus ar iarratasóirí ar chosaint idirnáisiúnta a bhfuil riachtanais speisialta acu maidir le glacadh nó nós imeachta, lena náirítear bearta chun cosaint éifeachtach ar leanaí i mbun imirce a áirithiú, go háirithe leanaí neamhthionlactha.

IARSCRÍBHINN V
Na príomhtháscairí feidhmíochta dá dtagraítear in Airteagal 28(1)

Sainchuspóir 1: Gach gné den Chomhchóras Eorpach Tearmainn a neartú agus a fhorbairt, lena náirítear a ghné sheachtrach:

1.Líon na ndaoine ar ndearnadh iad a athlonnú le tacaíocht ón gCiste.

2.Líon na ndaoine sa chóras glactha i gcomparáid le líon na niarratasóirí ar thearmann.

3.Cóineasú ar rátaí aitheantais um chosaint do lucht iarrtha tearmainn ón tír chéanna.

Sainchuspóir 2: Tacú leis an imirce dhleathach chuig na Ballstáit lena náirítear rannchuidiú le lánpháirtiú náisiúnach tríú tír:

1.Líon na ndaoine a ghlac páirt i mbearta réamhimeachta a fuair tacaíocht ón gCiste.

2.Líon na ndaoine a bhí rannpháirteach i mbearta lánpháirtíochta arna dtacú ag an gCiste a thuairiscíonn go raibh na bearta chun tairbhe dóibh dá lánpháirtiú luath i gcomparáid le líon iomlán na ndaoine a bhí rannpháirteach sna bearta lánpháirtíochta arna dtacú ag an gCiste.

Sainchuspóir 3: Rannchuidiú leis an imirce neamhrialta a throid agus éifeachtacht an fhillte agus an athligean isteach i dtríú tíortha a áirithiú:

1.Líon na bhfillithe a leanann ordú chun imeacht i gcomparaid le líon na náisiúnach tríú tír a thugtar ordú chun imeacht dóibh.

2.Líon na bhfillithe a fuair cúnamh athlánpháirtíochta roimh nó i ndiaidh a bhfillte agus é cómhaoinithe ag an gCiste, i gcomparáid le líon iomlán na bhfilltí arna dtacú ag an gCiste.

IARSCRÍBHINN VI
Cineálacha idirghabhála



TÁBLA 1: CÓID DO DHIMINSEAN AN RÉIMSE IDIRGHABHÁLA

I.CEAS

001

Coinníollacha glactha

002

Nósanna imeachta tearmainn

003

Acquis ón Aontas a chur chun feidhme

004

Imircigh ar leanaí iad

005

Daoine a bhfuil riachtanais ghlactha agus nós imeachta speisialta acu

006

Athlonnú

007

Iarractaí dlúthpháirtíochta idir na Ballstáit

008

Tacaíocht oibriúcháin

II.Imirce dhleathach agus lánpháirtiú

001

Straitéisí lánpháirtíochta a fhorbairt

002

Íospartaigh na gáinneála ar dhaoine

003

Bearta lánpháirtíochta – faisnéis agus treoraíocht, ionaid ilfhreastail

004

Bearta lánpháirtíochta – oiliúint teanga

005

Bearta lánpháirtíochta – saoránaíocht agus oiliúint eile

006

Bearta lánpháirtíochta – Tabhairt isteach, rannpháirtíocht, malartuithe sa tsochaí óstach

007

Bearta lánpháirtíochta – bunriachtanais

008

Bearta réamhimeachta

009

Scémeanna soghluaisteachta

010

Cónaitheacht dhleathach a fháil

III.Filleadh

001

Malairtí ar choinneáil

002

Coinníollacha glactha/coinneála

003

Nósanna imeachta um fhilleadh

004

Filleadh cuidithe deonach

005

Cúnamh athlánpháirtíochta

006

Oibríochtaí um Dhíbirt/Fhilleadh

007

Córas éifeachtach faireacháin ar chur ar ais éigeantach

008

Daoine leochaileacha/mionaoisigh neamhthionlactha

009

Bearta a théann i ngleic le dreasachtaí le haghaidh imirce neamhrialta

010

Tacaíocht oibriúcháin

IV.Cúnamh teicniúil

001

Faisnéis agus cumarsáid

002

Ullmhú, cur chun feidhme, faireachán agus rialú

003

Meastóireacht agus staidéir, bailiú sonraí

004

Forbairt acmhainní

TÁBLA 2: CÓID DO CHINEÁL AN DIMINSIN GHNÍOMHAÍOCHTA

001

Straitéisí náisiúnta a fhorbairt

002

Forbairt acmhainní

003

Oideachas agus oiliúint do náisiúnaigh tríú tír

004

Uirlisí, modhanna agus táscairí staidrimh a fhorbairt

005

Faisnéis agus dea-chleachtais a mhalartú

006

Gníomhaíochtaí/oibríochtaí comhpháirteacha (idir na Ballstáit)

007

Feachtais agus faisnéis

008

Saineolaithe a mhalartú agus a thabhairt ar iasacht

009

Staidéir, treoirthionscadail, measúnuithe riosca

010

Gníomhaíochtaí ullmhúcháin, faireacháin, riaracháin agus teicniúla

011

Cúnamh agus seirbhísí tacaíochta a chur ar fáil do Náisiúnaigh Tríú Tír

012

Bonneagar

013

Trealamh

TÁBLA 3: CÓID DO DHIMINSEAN NA RIALAITHE MIONSONAITHE MAIDIR LE CUR CHUN FEIDHME

001

Gníomhaíocht shonrach

002

Cúnamh éigeandála

003

Comhar le tríú tíortha

004

Gníomhaíochtaí i dtríú tíortha

005

Gníomhaíochtaí atá liostaithe in Iarscríbhinn IV

IARSCRÍBHINN VII
Gníomhaíochtaí atá incháilithe chun tacaíocht
oibriúcháin a fháil

Laistigh den sainchuspóir chun gach gné den Chomhchóras Eorpach Tearmainn a fhorbairt, lena náirítear a ghné sheachtrach, agus an sainchuspóir chun rannchuidiú le himirce neamhrialta a throid, éifeachtacht d’fhilleadh agus d’athligean isteach i dtríú tíortha a áirithiú, cuimseoidh an tacaíocht oibriúcháin an méid a leanas:

costais foirne;

costais seirbhíse, amhail trealamh a chothabháil nó a athsholáthar;

costais seirbhíse, amhail bonneagar a chothabháil agus a dheisiú.

IARSCRÍBHINN VIII
Na táscairí aschuir agus toraidh dá dtagraítear in Airteagal 28(3)

Sainchuspóir 1: Gach gné den Chomhchóras Eorpach Tearmainn a neartú agus a fhorbairt, lena náirítear a ghné sheachtrach:

1.Líon na ndaoine ón spriocghrúpa ar tugadh cúnamh dóibh le tacaíocht ón gCiste:

(a)Líon na ndaoine atá sa spriocghrúpa a bhaineann tairbhe as faisnéis agus as cúnamh de bhun na nósanna imeachta tearmainn;

(b)Líon na ndaoine atá sa spriocghrúpa a bhaineann tairbhe as cúnamh dlí agus as ionadaíocht dhlíthiúil;

(c)Líon na ndaoine leochaileacha, íospartaigh na gáinneála ar dhaoine, agus na mionaoiseach neamhthionlactha a bhaineann tairbhe ó chúnamh sonrach.

2.Cumas (líon na náiteanna) an bhonneagair nua cóiríochta glactha a cuireadh ar bun i gcomhréir leis na comhcheanglais do choinníollacha glactha a leagtar amach in acquis an Aontais agus i gcomhréir leis an mbonneagar cóiríochta glactha atá ann cheana ar cuireadh feabhas air i gcomhréir leis na ceanglais chéanna de bharr na dtionscadal a fhaigheann tacaíocht ón gCiste agus an céatadán sa chumas cóiríochta glactha iomlán;

3.Líon na náiteanna arna noiriúnú do mhionaoisigh neamhthionlactha arna dtacú ag an gCiste i gcomparáid le líon iomlán na náiteanna arna noiriúnú do mhionaoisigh neamhthionlactha.

4.Líon na ndaoine a fhaigheann oiliúint ar ábhair a bhaineann le tearmann le cúnamh ón gCiste, agus an líon sin léirithe mar chéatadán de líon iomlán den fhoireann a fuair oiliúint maidir leis na hábhair sin;

5.Líon na niarratasóirí ar chosaint idirnáisiúnta a aistrítear ó Bhallstát amháin go Ballstát eile le tacaíocht ón gCiste;

6.Líon na ndaoine ar ndearnadh iad a athlonnú le tacaíocht ón gCiste.

Sainchuspóir 2: Tacú leis an imirce dhleathach chuig na Ballstáit lena náirítear rannchuidiú le lánpháirtiú náisiúnach tríú tír:

1.Líon na ndaoine a ghlac páirt i mbearta réamhimeachta a fuair tacaíocht ón gCiste.

2.Líon na núdarás áitiúil agus réigiúnach a chuir bearta lánpháirtíochta chun feidhme le tacaíocht ón gCiste.

3.Líon na ndaoine a ghlac páirt i mbearta réamhimeachta a fuair tacaíocht faoin gCiste ag díriú ar:

(a)oideachas agus oiliúint;

(b)lánpháirtiú sa mhargadh saothair;

(c)rochtain ar sheirbhísí bunúsacha; agus

(d)rannpháirtíocht ghníomhach agus cuimsiú sóisialta.

4.Líon na ndaoine a bhí rannpháirteach i mbearta lánpháirtíochta arna dtacú ag an gCiste a thuairiscíonn go raibh na bearta chun tairbhe dóibh dá lánpháirtiú luath i gcomparáid le líon iomlán na ndaoine a bhí rannpháirteach sna bearta lánpháirtíochta arna dtacú ag an gCiste;

Sainchuspóir 3: Rannchuidiú leis an imirce neamhrialta a throid agus éifeachtacht an fhillte agus an athligean isteach i dtríú tíortha a áirithiú:

1.Líon na náiteanna in ionaid choinneála arna gcruthú/nathchóiriú le tacaíocht ón gCiste, i gcomparáid le líon iomlán na náiteanna arna gcruthú/nathchóiriú in ionaid choinneála.

2.Líon na ndaoine a fhaigheann oiliúint ar ábhair a bhaineann le filleadh agus a fhaigheann cúnamh ón gCiste.

3.Líon na bhfillithe a raibh a bhfilleadh cómhaoinithe ag an gCiste i gcomparáid le líon iomlán na bhfillithe a bhfuil ordú chun imeachta á gcomhlíonadh acu:

(a)daoine a d’fhill go toilteanach;

(b)daoine a díbríodh.

4.Líon na bhfillithe a fuair cúnamh athlánpháirtíochta roimh nó i ndiaidh a bhfillte agus é cómhaoinithe ag an gCiste, i gcomparáid le líon iomlán na bhfilltí arna dtacú ag an gCiste.    

(1)    Treoir 2011/95/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Nollaig 2011 maidir le caighdeáin i dtaca le cáiliú náisiúnach tríú tír nó daoine gan stát mar thairbhithe de chosaint idirnáisiúnta, ar mhaithe le stádas aonfhoirmeach do dhídeanaithe nó do dhaoine atá incháilithe le haghaidh cosanta coimhdí, agus inneachar na cosanta a thugtar (IO L 337, 20.12.2011, lch. 9–26).
(2)    Níor cheart na sonraí a thabhairt san áireamh ach amháin sa chás go ndéantarTreoir 2001/55/CE ón gComhairle an 20 Iúil 2001 a ghníomhachtú maidir le caighdeáin íosta chun cosaint shealadach a thabhairt i gcás insreabhadh ollmhór daoine easáitithe agus maidir le bearta lena gcuirtear cothromaíocht iarrachtaí chun cinn idir na Ballstáit agus na daoine sin á nglacadh isteach acu agus na hiarmhairtí lena mbaineann á mbraistint (IO L 212, 7.8.2001, lch. 12–23).
(3)    Treoir 2004/114/CE ón gComhairle an 13 Nollaig 2004 maidir leis na coinníollacha faoina ligtear náisiúnaigh tríú tír isteach chun críocha staidéar, malartaithe daltaí, oiliúna neamhchúitithe nó seirbhíse deonaí (IO L 375, 23.12.2004, lch. 12–18).
(4)    Treoir (AE) 2016/801 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Bealtaine 2016 maidir le coinníollacha dul isteach agus cónaithe náisiúnach tríú tíortha chun críocha taighde, staidéar, oiliúna, seirbhís dheonach, scéimeanna malartaithe daltaí nó tionscadal oideachais agus obair au pair (IO L 132, 21.5.2016, lch. 21–57). 
(5)    Treoir 2005/71/CE ón gComhairle an 12 Deireadh Fómhair 2005 maidir le nós imeachta sonrach chun náisiúnaigh tríú tír a ligean isteach chun críche taighde eolaíoch (IO L 289, 3.11.2005, lch. 15–22).
(6)    Treoir 2003/86/CE ón gComhairle an 22 Meán Fómhair 2003 maidir le ceart chun athaontú teaghlaigh, (OJ L 251, 03/10/2003 lch. 12 – 18.).
(7)    Treoir 2008/115/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Nollaig 2008 maidir le caighdeáin choiteanna agus nósanna imeachta coiteanna sna Ballstáit le haghaidh náisiúnaigh tríú tíortha atá ag fanacht go neamhdhleathach a chur ar ais (IO L 348, 24.12.2008, lch. 98).
(8)    Treoir 2009/52/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Meitheamh 2009 lena ndéantar foráil maidir le caighdeáin íosta i ndáil le smachtbhannaí agus bearta i gcoinne fostóirí náisiúnach tríú tír atá ag fanacht go neamhdhleathach (IO L 168, 30.6.2009, lch. 24–32).