An Bhruiséil,4.6.2018

COM(2018) 397 final

2018/0220(COD)

Togra le haghaidh

RIALACHÁN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

lena a gcomhlánaítear reachtaíocht cineálcheadaithe AE i dtaca le tarraingt siar na Ríochta Aontaithe ón Aontas

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)


MEABHRÁN MÍNIÚCHÁIN

1.COMHTHÉACS AN TOGRA

Forais agus cuspóirí an togra

Chuir an Ríocht Aontaithe isteach fógra, an 29 Márta 2017, á rá go raibh rún aici tarraingt siar ón Aontas de bhun Airteagal 50 den Chonradh ar an Aontas Eorpach. Fágann sin, mura ndaingneofar comhaontú um tharraingt siar ina leagfar síos dáta eile, go scoirfidh dlí uile an Aontais, an dlí príomhúil agus an dlí tánaisteach araon, d'fheidhm a bheith aige maidir leis an Ríocht Aontaithe ón 30 Márta 2019, ("dáta an tarraingt siar"). Uaidh sin amach, beidh an Ríocht Aontaithe ina “tríú tír”.

Faoi réir aon socrú sealadach a d'fhéadfadh a bheith ina chuid de chomhaontú féideartha maidir le tarraingt siar, ní bheidh feidhm ag creat reachtach an Aontais lena rialaítear roinnt táirgí maidir leis an Ríocht Aontaithe amhail ó dháta an tarraingt siar, go háirithe:

·Treoir 2007/46/CE maidir le cineálcheadú mótarfheithiclí agus leantóirí (a gcuirfear Rialachán ina hionad a mbeidh feidhm aige ón 1 Meán Fómhair 2020); 

·Rialachán (AE) Uimh. 168/2013 maidir le cineálcheadú feithiclí dhá nó trí roth agus cuadrothar;

·Rialachán (AE) Uimh. 167/2013 maidir le cineálcheadú feithiclí talmhaíochta agus foraoiseachta; agus

·Rialachán(AE) Uimh. 2016/1628 maidir le cineálcheadú inneall lena núsáid in innealra soghluaiste nach innealra bóthair é.

Fágann sin freisin go scoirfidh údarás cineálcheadaithe na Ríochta Aontaithe de bheith ina údarás cineálcheadaithe de chuid an Aontais agus ní bheidh sé in ann cumhachtaí agus oibleagáidí údaráis cineálcheadaithe faoi reachtaíocht an Aontais a chomhlíonadh a thuilleadh. Ar an gcaoi sin, ní mór do mhonaróirí a fuair ceaduithe sa Ríocht Aontaithe san am atá thart ceaduithe nua a fháil ó údaráis chineálcheadaithe AE27, ceaduithe maidir le táirgí atá á dtáirgeadh cheana san áireamh, d'fhonn a áirithiú go leanfaidh siad de reachtaíocht an Aontais a chomhlíonadh agus go gcoinneoidh siad rochtain ar mhargadh an Aontais.

Cé go leagtar síos leis an gcreat dlíthiúil do na táirgí sin ceanglais nós imeachta lena gcomhchuibhítear an chaoi a ndeonaítear cineálcheaduithe ar fud an Aontais, fágann roinnt de na coimircí go mbeidh deacrachtaí ag monaróirí ábhartha na bearta is gá a dhéanamh chun comhlíonadh rialála agus leanúnachas gnó a áirithiú nuair nach mbeidh feidhm a thuilleadh ag acquis an Aontais maidir leis an Ríocht Aontaithe.

Mar shampla, faoi chóras cineálcheadaithe an Aontais, ceadaítear do na monaróirí a niarratais ar chineálcheadú a thíolacadh chuig a rogha údaráis cineálcheadaithe. Mar sin féin, ní cheadaítear aistriú chuig údarás eile ón uair a dheonófar cineálcheadú, agus ní féidir le húdarás amháin leasú a dhéanamh ar chineálcheadú a chuirfidh údarás eile ar fáil. Ar an gcaoi chéanna, ceanglaítear leis an reachtaíocht maidir le cineálcheadú nach bhféadfaidh údarás cinealcheadaithe glacadh le tuarascálacha maidir le tástálacha ach amháin ó sheirbhísí teicniúla atá ainmnithe roimh ré sa Bhallstát lena mbaineann siad agus a nainm sin a bheith curtha in iúl don Choimisiún. Anuas air sin, is prionsabal bunúsach den chóras cineálcheadaithe nach féidir táirge a cheadú faoi réir na gceanglas is infheidhme maidir le cineálacha nua (seachas feithiclí nua) ach amháin tráth a dheonaítear an ceadú nua. Ar deireadh, ón uair a scoirfidh údarás cineálcheadaithe na Ríochta Aontaithe de bheith ina údarás cineálcheadaithe de chuid an Aontais, ní fheadfaidh sé an chomhréireacht táirgeachta a áirithiú a thuilleadh ná comhréireacht inseirbhíse na dtáirgí atá i gcúrsaíocht cheana. Is gá údarás cineálcheadaithe freagrach a bheith ann chun táirge nach bhfuil i gcomhréir leis na ceanglais sábháilteachta nó comhshaoil a aisghlaoch.

Tagann as na saincheisteanna sin éiginnteacht dhlíthiúil do mhonaróirí a bhfuil cineálcheaduithe ón Ríocht Aontaithe acu. Is é is aidhm don togra seo aghaidh a thabhairt orthu trí na rialacha atá ann cheana a mhodhnú go sealadach agus ar bhonn an-spriocdhírithe chun deis a thabhairt do na monaróirí lena mbaineann cineálcheadaithe AE27 nua a fháil a thiocfaidh in áit na dtáirgí a rinneadh a chineálcheadú sa Ríocht Aontaithe. Leis an togra seo:

·Ceadaítear go sainráite do na monaróirí lena mbaineann iarratas a chur chuig údarás cineálcheadaithe AE27 ar cheaduithe nua do chineálacha atá ann cheana;

·Ceadaítear nach gá na tástálacha lenar cuireadh bonn leis na cineálcheaduithe ón Ríocht Aontaithe a athdhéanamh toisc nár ainmníodh an tseirbhís theicniúil cheana agus nár thug an túdarás cineálcheadaithe AE27 fógra faoi cheana;

·Déantar foráil maidir leis na ceaduithe sin a dheonú má chomhlíontar na ceanglais maidir le feithiclí, córais agus aonaid theicniúla ar leithligh nua seachas na ceanglais maidir le cineálacha nua;

·Beartaítear údaráis chineálcheadaithe nua a aithint do na táirgí sin a bhí ar an margadh roimh an tarraingt siar, a áirithiú go mbeidh sé de chúram ar údarás éigin seiceálacha comhréireachta inseirbhíse a dhéanamh nó aisghlaoch féideartha a eisiúint sa todhchaí.

Leis na forálacha a bheartaítear sa togra ní ísleofar na ceanglais maidir le sábháilteacht nó feidhmíocht comhshaoil na bhfeithiclí, na gcóras, na gcomhpháirteanna agus na naonad teicniúil ar leithligh. Ní thabharfar aon bhuntáistí leo do mhonaróirí a bhfuil cineálcheaduithe na Ríochta Aontaithe acu, i gcomparáid le monaróirí a bhfuil cineálcheaduithe AE27 acu. Os a choinne sin, is é rud é go gceadófar leis an togra do mhonaróirí leanúint dá dtáirgí a tháirgeadh i gcomhréir leis na ceanglais dlíthiúla is infheidhme gan cur isteach ar an táirgeadh a dhéantar faoi láthair, rud a d'fhéadfadh tionchair shóisialta agus eacnamaíocha shuntasacha a bheith aige. Agus comhréireacht na monaróirí le dlí an Aontais á héascú aige, áiritheofar leis an tionscnamh go gcosnófar na tomhaltóirí agus na saoránaigh.

Comhsheasmhacht le forálacha beartais atá ann cheana sa réimse beartais

Is lex specialis a bheidh sa togra seo do na ceithre ghníomh a liostaítear ina raon feidhme a mhéid is go ndiallann sé uathu agus a mhéid sin amháin; leanfaidh forálacha ginearálta na ngníomhartha sin d'fheidhm a bheith acu. Ar an gcaoi sin tagann an togra seo go hiomlán leis an reachtaíocht atá ann cheana.

Comhsheasmhacht le beartais eile de chuid an Aontais

Tagann an togra seo go hiomlán le sainordú na Comhairle maidir leis an gcaibidlíocht leis an Ríocht Aontaithe i dtaca lena tarraingt siar ón Aontas.

2.BUNÚS DLÍ, COIMHDEACHT AGUS COMHRÉIREACHT

Bunús dlí

Is é Airteagal 114 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE) bunús dlí an togra seo.

Coimhdeacht (maidir le hinniúlacht neamheisiach)

Os rud é go ndéanfadh an gníomh atá beartaithe ceithre ghníomh de chuid an Aontais a chomhlánú agus a nábhar a mhodhnú, ní fhéadfaí é seo a bhaint amach ach amháin trí ghníomhaíocht ar leibhéal an Aontais agus ní trí ghníomhaíocht ar leibhéal an Bhallstáit.

Comhréireacht

Meastar go bhfuil an togra comhréireach mar go ndéantar foráil leis maidir leis an athrú dlíthiúil is gá agus san am céanna nach dtéann sé thar a bhfuil riachtanach chun na cuspóirí atá ann maidir lena cheadú do mhonaróirí a bhfuil cineálcheaduithe ón Ríocht Aontaithe acu an reachtaíocht maidir le cineálcheadú a chomhlíonadh, na cuspóirí sin a ghnóthú. Déantar foráil leis maidir leis na coinníollacha dlíthiúla is gá chun cothrom iomaíochta do mhonaróirí a choinneáil a mhéid is féidir.

 An rogha ionstraime

I bhfianaise go sainmhínítear leis an ngníomh rialacha sonracha chun dul i ngleic le cás fíorshonrach aonuaire, go heisceachtúil ní dhéanfar na gníomhartha sin a mhodhnú leis, ach beidh feidhm aige mar ghníomh aonair ar feadh tréimhse theoranta. Os rud é gur rialacháin trí cinn de na gníomhartha lena mbaineann agus gur treoir ceann amháin díobh (a dtiocfaidh rialachán ina háit a mbeidh feidhm aige amhail ón 1 Meán Fómhair2020) is dealraitheach gur rialachán é an taon fhoirm gnímh leordhóthanach lena gceadófar do na Ballstáit dialladh ó na rialacha ginearálta ábhartha is infheidhme i ngach cás eile. Is le rialachán is fearr a fhreagraítear don phráinn a bhaineann leis an ábhar.

3.TORTHAÍ Ó MHEASTÓIREACHTAÍ EX POST, Ó CHOMHAIRLIÚCHÁIN LEIS NA PÁIRTITHE LEASMHARA AGUS Ó MHEASÚNUITHE TIONCHAIR

Meastóireachtaí ex post/seiceálacha oiriúnachta ar an reachtaíocht atá ann cheana

Neamhbhainteach

Comhairliúcháin leis na páirtithe leasmhara

Rinneadh na dúshláin don chineálcheadú a thagann as tarraingt siar na Ríochta Aontaithe a lua agus a phlé ag roinnt cruinnithe leis na Ballstáit. Rinne monaróirí agus comhlachais a dhéanann ionadaíocht orthu na dúshláin sin a thabhairt d'aire an Choimisiúin.

Tá deis ag geallsealbhóirí aiseolas a thabhairt maidir leis an tionscnamh trí bhíthin na tairsí um Rialáil níos fearr (“Nocht do Thuairim”) de chuid an Choimisiún Eorpaigh.

Le linn na tréimhse aiseolais ón 26 Aibreán 2018 go 10 Bealtaine 2018, thug 15 gheallsealbhóir barúlacha, naoi gcomhlachas geallsealbhóirí Eorpacha ina measc, trí chomhlachas ón Ríocht Aontaithe, beirt mhonaróirí agus saoránach amháin. Bhí dearcadh dearfach ann, go ginearálta, maidir leis an rún atá ann tuilleadh deimhneachta dlíthiúla a chur ar fáil. Bhain roinnt de na barúlacha le saincheisteanna de chineál cothrománach maidir le gach cineál earraí, leis an gcaibidlíocht maidir leis an gcomhaontú tarraingt siar agus leis an ngaol a bheidh idir an tAontas agus an Ríocht Aontaithe sna blianta atá romhainn. Cuireadh an taiseolas san áireamh mar ábhar ábhartha agus an togra á ullmhú.

Bailiú agus úsáid saineolais

Aiseolas ó bhéal agus i scríbhinn ó mhonaróirí agus ó na Ballstáit, féach thuas.

Anailís dhlíthiúil ar an reachtaíocht maidir le cineálcheadú lena gcuirtear bonn faoi dhá fhógra do na scairshealbhóirí: Treoir do gheallsealbhóirí maidir le tionchar cineálcheadaithe mótarfheithiclí an 8 Feabhra 2018 agus Treoir do gheallsealbhóirí maidir le tionchar cineálcheadaithe feithiclí agus innill áirithe an 28 Márta 2018.

Measúnú tionchair

Neamhbhainteach

Cearta bunúsacha

Níl aon iarmhairtí ag an togra seo maidir le cosaint na gceart bunúsach.

4.IMPLEACHTAÍ BUISÉADACHA

Neamhbhainteach

5.EILIMINTÍ EILE

Pleananna cur chun feidhme, agus socruithe faireacháin, meastóireachta agus tuairiscithe

Neamhbhainteach

2018/0220 (COD)

Togra le haghaidh

RIALACHÁN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

lena a gcomhlánaítear reachtaíocht cineálcheadaithe AE i dtaca le tarraingt siar na Ríochta Aontaithe ón Aontas

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 114 de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa,

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach,

De bharr an méid seo a leanas:

(1)An 29 Márta 2017, chuir an Ríocht Aontaithe isteach fógra á rá go raibh rún aici tarraingt siar ón Aontas de bhun Airteagal 50 den Chonradh ar an Aontas Eorpach. Fágann sin, mura ndéanfar le comhaontú daingnithe tarraingt siar nó mura ndéanfaidh an Chomhairle Eorpach, i gcomhaontú leis an Ríocht Aontaithe, dáta eile a bhunú d'aon ghuth, scoirfidh dlí an Aontais d'fheidhm a bheith aige maidir leis an Ríocht Aontaithe ón 30 Márta 2019. Uaidh sin amach, beidh an Ríocht Aontaithe ina “tríú tír”.

(2) Bunaíodh creat reachtaíochta cuimsitheach maidir le cineálcheadú le Treoir 2007/46/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 1 , Rialachán (AE) Uimh. 167/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 2 , Rialachán (AE) Uimh. 168/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 3 agus Rialachán (AE) 2016/1628 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 4 .

(3)Leis na gníomhartha sin is faoi na monaróirí féin atá sé an túdarás a roghnú óna bhfaighidh siad cineálcheadú rud a fhágann go mbíonn siad in ann táirgí a chur ar an margadh sna Ballstáit uile.

(4)Is é an éifeacht a bheadh ag tarraingt siar na Ríochta Aontaithe ón Aontas, in éagmais aon fhorálacha speisialta, nach bhféadfaí rochtain ar mhargadh an Aontais a áirithiú a thuilleadh le cineálcheaduithe a deonaíodh roimhe sin ag údarás cineálcheadaithe na Ríochta Aontaithe. Tá ceaduithe den chineál sin freisin ag monaróirí atá bunaithe i mBallstáit cé is moite den Ríocht Aontaithe. Cé gur féidir feithiclí, córais, comhpháirteanna agus aonaid theicniúla ar leithligh atá cineálcheadaithe ag an Ríocht Aontaithe a chur ar mhargadh an Aontais go dtí go scoirfidh dlí an Aontais d'fheidhm a bheith aige maidir leis an Ríocht Aontaithe agus sa Ríocht Aontaithe, ní mór forálacha ar leith a bhunú chun críocha chur ar an margadh na dtáirgí sin tar éis an dáta sin a éascú.

(5)Faoi láthair ní dhéantar foráil le reachtaíocht an Aontais maidir leis an deis cineálacha a ceadaíodh cheana san Aontas a athcheadú. Mar sin féin, ba cheart go mbeadh monaróirí in ann leanúint d'fheithiclí, córais, comhpháirteanna agus aonaid theicniúla ar leithligh nua, a bhí bunaithe roimhe sin ar chineálcheaduithe a bhí deonaithe ag an Ríocht Aontaithe, a tháirgeadh agus leanúint de na táirgí sin a chur ar mhargadh an Aontais. Dá bharr sin ní mór ceadú do mhonaróirí ceaduithe nua a fháil ó údaráis i mBallstáit an Aontais cé is moite den Ríocht Aontaithe.

(6)Ba cheart a áirithiú freisin leis an Rialachán seo go leanfaidh monaróirí den tsaoirse is mó is féidir a bheith acu chun údarás ceadaithe a roghnú. Go háirithe, ba cheart nach mbeadh an rogha sin atá ag an monaróir ag brath ar thoiliú údarás cineálcheadaithe na Ríochta Aontaithe nó ar aon socruithe a bheith ann idir údarás cineálcheadaithe na Ríochta Aontaithe agus an túdarás cineálcheadaithe nua.

(7)Chun an deimhneacht dhlíthiúil is gá a chur ar fáil do na páirtithe leasmhara uile lena mbaineann agus chun cothrom iomaíochta a áirithiú do mhonaróirí, ní mór coinníollacha is infheidhme sna Ballstáit uile a leagan síos ar dhóigh thrédhearcach.

(8)Chun táirgeadh leantach agus cur ar an margadh na bhfeithiclí, na gcóras, na gcomhpháirteanna agus na naonad teicniúil ar leithligh a chumasú, is é ba cheart a bheith sna ceanglais a bheidh le comhlíonadh ag na cineálacha sin ionas go bhfaighidh siad ceadú ó údarás Ballstáit de chuid an Aontais cé is moite den Ríocht Aontaithe ná na ceanglais is infheidhme maidir le feithiclí nua, córais, comhpháirteanna agus aonaid theicniúla ar leithligh a chur ar an margadh agus níor cheart na ceanglais is infheidhme maidir le cineálacha nua a bheith san áireamh.

(9)Tá feidhm ag na ceanglais maidir le feithiclí, córais, comhpháirteanna agus aonaid theicniúla ar leithligh ar an gcaoi chéanna maidir le monaróirí a bhfuil cineálcheaduithe acu a dheonaigh na Ballstáit eile cé is moite den Ríocht Aontaithe. Na ceanglais chéanna a shocrú maidir le cineálacha a cheadú faoin Rialachán seo agus maidir le feithiclí, córais, comhpháirteanna agus aonaid theicniúla ar leithligh nua a chur ar an margadh, ar an gcaoi sin is é is aidhm don mhéid sin a áirithiú go gcaithfear ar an gcaoi chéanna le monaróirí atá thíos le tarraingt siar na Ríochta Aontaithe agus leis na monaróirí a bhfuil cineálcheaduithe acu a bhí deonaithe ag Ballstáit cé is moite den Ríocht Aontaithe.

(10)Ba cheart nach ndéanfaí, le haon ní atá sa Rialachán seo, cosc a chur ar mhonaróir feithicle iarratas a dhéanamh ar bhonn deonach ar cheadú ón Aontas i leith cineál feithicle, a ceadaíodh cheana sa Ríocht Aontaithe, faoi réir ceanglais áirithe is infheidhme maidir le cineálacha córas, comhpháirteanna nó aonad teicniúil ar leithligh nua i gcás ina leanann an cineál feithicle de bheith chomhionann ar gach dóigh leis an gcineál a ceadaíodh sa Ríocht Aontaithe.

(11)Maidir le cineálcheaduithe a lorgaítear i dtaobh cineálacha nua feithiclí, córais, comhpháirteanna nó aonaid theicniúla ar leithligh, ba cheart nach dtiocfaidís faoi raon feidhme an Rialacháin seo.

(12)Ba cheart go bhféadfadh na cineálcheaduithe a dheonaítear ar bhonn an Rialacháin seo a bheith bunaithe ar na tuarascálacha tástála a cuireadh isteach cheana chun críocha ceaduithe a fháil sa Ríocht Aontaithe, áit nár tháinig athrú ar na ceanglais arb iad is bonn leis na tuarascálacha tástála sin. Chun go gceadófaí leanúint d'úsáid a bhaint as na tuarascálacha tástála arna eisiúint ag an tseirbhís ar thug an Ríocht Aontaithe fógra fúithi, ba cheart go ndéanfaí leis an Rialachán foráil maidir le díolmhú ón gceanglas nach mór don údarás a dheonaíonn cineálcheadú an tseirbhís theicniúil sin a ainmniú agus fógra a thabhairt fúithi don Choimisiún. Chun an tam a bheidh scortha ag dlí an Aontais de bheith infheidhme maidir leis an Ríocht Aontaithe agus sa Ríocht Aontaithe a chumhdach freisin, ba cheart foráil a dhéanamh leis an Rialachán seo freisin maidir le díolmhú ó na ceanglais shonracha a bhaineann le seirbhísí teicniúla tríú tíortha a ainmniú agus fógra a thabhairt fúthu.

(13)San am céanna, ós rud é go mbeidh údaráis cheadaithe freagrach go hiomlán as na ceaduithe nua a dheonóidh siad, ba cheart an lánrogha a bheith acu ceangal a chur tástálacha nua a déanamh ar aon ghné den cheadú de réir mar is cuí leo.

(14)A mhéid is nach ndéantar foráil maidir lena mhalairt leis an ngníomh seo, ba cheart go leanfadh na rialacha ginearálta maidir le cineálcheadú ón Aontas d'fheidhm a bheith acu.

(15)Ba cheart a chur san áireamh nach dtiocfaidh deireadh leis an ról a thugtar d'údaráis chineálcheadaithe nuair a tháirgfear feithicil, córas, comhpháirt agus aonad teicniúil ar leithligh nó nuair a chuirfear ar an margadh é, ach go leanfaidh sé ar feadh roinnt blianta tar éis na táirgí sin a bheith curtha ar an margadh. Tá feidhm aige sin go háirithe maidir le hoibleagáidí comhréireachta inseirbhíse i dtaca le feithiclí a thagann faoi Threoir 2007/46/CE agus maidir le hoibleagáidí deisithe agus cothabhála, aisghlaonna féideartha i dtaca le feithiclí, córais, comhpháirteanna agus aonaid theicniúla ar leithligh a thagann faoi Threoir 2007/46/CE, Rialachán (AE) Uimh. 167/2013, Rialachán (AE) Uimh. 168/2013 nó Rialachán (AE) Uimh. 2016/1628. Dá bharr sin ní mór don údarás a dheonaíonn an cineálcheadú i gcomhréir leis an Rialachán seo na hoibleagáidí sin a thógáil air féin freisin i dtaca le feithiclí, córais, comhpháirteanna agus aonaid theicniúla ar leithligh atá bunaithe ar an gcineál céanna agus a cuireadh ar an margadh cheana san Aontas ar bhonn an chineálcheadaithe a deonaíodh sa Ríocht Aontaithe chun a áirithiú gurb ann d'údarás cineálcheadaithe freagrach.

(16)Ar na cúiseanna céanna, ní mór freisin go dtógfaidh údarás cineálcheadaithe AE oibleagáidí áirithe air féin i dtaca le feithiclí, córais, comhpháirteanna agus aonaid theicniúla ar leithligh a cuireadh ar an margadh san Aontas ar bhonn cineálcheaduithe a deonaíodh sa Ríocht Aontaithe nach bhfuil bailí a thuilleadh de bhun Airteagal 17 de Threoir 2007/46/CE, Airteagal 32 de Rialachán (AE) Uimh. 167/2013, Airteagal 37 de Rialachán (AE) Uimh. 168/2013 nó Airteagal 30 de Rialachán (AE) 2016/1628, nó nach bhfuil cineálcheadú á iarraidh ina leith faoin Rialachán seo. Lena áirithiú gurb ann d'údarás cineálcheadaithe freagrach, ba cheart a cheangal ar mhonaróirí iarraidh ar an údarás atá ag ceadú cineálacha a ceadaíodh cheana sa Ríocht Aontaithe oibleagáidí a thógáil orthu féin i dtaca le haisghlaonna, faisnéis deisithe agus cothabhála agus seiceálacha comhréireachta inseirbhíse i ndáil lena bhfeithiclí, a gcórais, a gcomhpháirteanna agus a naonaid theicniúla ar leithligh atá bunaithe ar chineálacha eile agus atá curtha ar mhargadh an Aontais cheana. Chun méid na noibleagáidí a thógfaidh údarás cineálcheadaithe AE air féin a theorannú, ba cheart nach mbeadh na hoibleagáidí sin bainteach ach le táirgí atá bunaithe ar chineálcheaduithe na Ríochta Aontaithe a deonaíodh tar éis 1 Eanáir 2008. 

(17)Ós rud é nach féidir leis na Ballstáit cuspóir an Rialacháin seo, eadhon Treoir 2007/46/CE, Rialachán (AE) Uimh. 167/2013, Rialachán (AE) Uimh. 168/2013 agus Rialachán EU 2016/1628 a chomhlánú le rialacha speisialta a bhaineann le tarraingt siar na Ríochta Aontaithe ón Aontas, an cuspóir sin a ghnóthú agus, de bharr fairsinge agus éifeachtaí an Rialacháin seo, gur fearr is féidir é a bhaint amach ar leibhéal an Aontais, féadfaidh an tAontas bearta a ghlacadh, i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta a leagtar amach in Airteagal 5 den Chonradh ar an Aontas Eorpach. I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta a leagtar amach san Airteagal sin, ní théann an Rialachán seo thar a bhfuil riachtanach chun an cuspóir sin a ghnóthú.

(18)Chun go bhféadfaidh monaróirí na bearta is gá a dhéanamh chun ullmhúchán a dhéanamh gan mhoill do tharraingt siar na Ríochta Aontaithe i dtaca leis an reachtaíocht maidir le cineálcheadú ba cheart don Rialachán seo teacht i bhfeidhm ar an tríú lá tar éis a fhoilsithe.

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1
Ábhar

Comhlánaítear leis an Rialachán seo Treoir 2007/46/CE, Rialachán (AE) Uimh. 167/2013, Rialachán (AE) Uimh. 168/2013, agus Rialachán (AE) 2016/1628 trí fhorálacha speisialta a bhunú maidir le cineálcheadú agus cur ar an margadh feithiclí, córas, comhpháirteanna agus aonad teicniúil ar leithligh a mbeidh cineálcheadú déanta orthu ag údarás cineálcheadaithe na Ríochta Aontaithe roimh an lá a scoirfidh dlí an Aontais d'fheidhm a bheith aige sa Ríocht Aontaithe agus maidir leis an Ríocht Aontaithe ('údarás cineálcheadaithe na Ríochta Aontaithe)

Airteagal 2
Raon Feidhme

1. Beidh feidhm ag an Rialachán seo maidir le feithiclí, córais, comhpháirteanna agus aonaid theicniúla ar leithligh a thagann faoi raon feidhme Threoir 2007/46/CE, Rialachán (AE) Uimh. 167/2013, Rialachán (AE) Uimh. 168/2013 nó Rialachán (AE) 2016/1628 agus maidir lena gcineálacha a cineálcheadaíodh ag údarás cineálcheadaithe na Ríochta Aontaithe ar bhonn na gníomhartha sin nó aon ghnímh a liostaítear in Iarscríbhinn IV a ghabhann le Treoir 2007/46/CE nó aon ghnímh a aisghairtear leis na gníomhartha sin.

2. Is é rud a thuigfear as tagairtí d'aonaid theicniúla ar leithligh faoin Rialachán seo tagairtí cumhdaigh d'innill faoi Rialachán (AE) 2016/1628.

Airteagal 3

Sainmhínithe

Chun críocha an Rialacháin seo, beidh feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:

(1)ciallaíonn 'údarás cineálcheadaithe AE' údarás cineálcheadaithe aon Bhallstáit cé is moite den Ríocht Aontaithe;

(2)ciallaíonn 'cineálcheadú na Ríochta Aontaithe' cineálcheadú de chuid an Aontais nó an Chomhphobail a dheonaíonn údarás cineálcheadaithe na Ríochta Aontaithe;

(3)ciallaíonn 'cineálcheadú AE' cineálcheadú de chuid an Aontais a dheonaíonn údarás cineálcheadaithe de chuid an Aontais i gcomhréir leis an Rialachán seo.

Airteagal 4

Iarratas ar chineálcheadú AE

 

1. De mhaolú ar Airteagal 6(6) de Threoir 2007/46/CE, Airteagal 21(2) de Rialachán (AE) Uimh. 167/2013, Airteagal 26(2) de Rialachán (AE) Uimh. 168/2013, agus Airteagal 20(1) de Rialachán (AE) 2016/1628, féadfaidh monaróir a bhfuil cineálcheadú na Ríochta Aontaithe aige nach bhfuil imithe in éag de bhun Airteagal 17 de Threoir 2007/46/CE, Airteagal 32 de Rialachán (AE) Uimh. 167/2013, Airteagal 37 de Rialachán (AE) Uimh. 168/2013, nó Airteagal 30 de Rialachán (AE) 2016/1628, roimh an lá a scoirfidh dlí an Aontais d'fheidhm a bheith aige sa Ríocht Aontaithe agus maidir leis an Ríocht Aontaithe, féadfaidh sé iarratas a chur isteach chuig údarás cineálcheadaithe AE ar cheadú den sórt céanna de chuid an Aontais.

2. Chun go gceadófar é, ní mór don chineál na ceanglais uile a chomhlíonadh is infheidhme tráth a ghabhfaidh éifeacht le cineálcheadú AE maidir le feithiclí, córais comhpháirteanna nó aonaid theicniúla a chur ar an margadh a chlárú nó a chur i seirbhís.

3. Tríd an iarratas a chur isteach de bhun mhír 1, beidh an monaróir faoi dhliteanas táillí leordhóthanacha a íoc i leith aon chostais a thagann as na cumhachtaí sin a chur i bhfeidhm agus as oibleagáidí údarás cineálcheadaithe AE maidir le cineálcheadú an Aontais a chomhlíonadh.

Airteagal 5

Coinníollacha maidir le cineálcheadú AE a dheonú agus a éifeachtaí sin

1. De mhaolú ar Airteagal 8(2), Airteagal 9(1)(a) agus mhír 1 agus mhír 2 d'Airteagal 10 de Threoir 2007/46/CE, Airteagal 6(2) de Rialachán (AE) Uimh. 167/2013, Airteagal 7(2) agus 18 de Rialachán (AE) Uimh. 168/2013 agus Airteagal 6(2) de Rialachán (AE) 2016/1628, féadfaidh údarás cineálcheadaithe AE a bhfuil iarratas faighte aige i gcomhréir le hAirteagal 4 den Rialachán seo cineálcheadú AE a dheonú i dtaca le feithicil, córas comhpháirteanna nó aonad teicniúil ar leithligh, má chomhlíontar leis an gcineál sin, tráth a ghabhfaidh éifeacht leis an gceadú, ar a laghad na ceanglais uile is infheidhme maidir le feithiclí, córais comhpháirteanna nó aonaid theicniúla a chur ar an margadh a chlárú nó a chur i seirbhís.

2. A mhéid is nach bhfuil aon cheanglais nua infheidhme agus gan dochar do mhír 3, féadfar cineálcheadú AE a dheonú ar bhonn na dtuarascálacha tástála céanna ar baineadh úsáid astu cheana chun cineálcheadú na Ríochta Aontaithe a dheonú i gcomhréir leis na forálacha is infheidhme, gan beann ar an tseirbhís theicniúil a d'eisigh an tuarascáil tástála a bheith ainmnithe agus fógra a bheith tugtha ag an mBallstát maidir le cineálcheadú AE i gcomhréir le Treoir 2007/46/CE, Rialachán (AE) Uimh. 167/2013, Rialachán (AE) Uimh. 168/2013, nó Rialachán (AE) 2016/1628, fiú amháin nuair a scoirfidh dlí an Aontais d'fheidhm a bheith aige sa Ríocht Aontaithe agus maidir leis an Ríocht Aontaithe.

3. Roimh cineálcheadú AE a dheonú féadfaidh údarás cineálcheadaithe AE a iarraidh go nathdhéanfaí tástálacha sonracha. Sa chás sin, féadfaidh seirbhís theicniúil atá ainmnithe agus fógra tugtha faoi ag Ballstát údarás cineálcheadaithe AE i gcomhréir le Treoir 2007/46/CE, Rialachán (AE) Uimh. 167/2013, Rialachán (AE) Uimh. 168/2013 nó Rialachán (AE) 2016/1628, féádfaidh sí an tástáil a dhéanamh.

4. Gheobhaidh an cineál a cheadaítear i gcomhréir le mír 1 deimhniú cineálcheadaithe AE ar a mbeidh uimhir ina mbeidh sainuimhir an Bhallstáit ar dheonaigh a údarás cineálcheadaithe cineálcheadú AE agus uimhir an ghnímh is infheidhme dá dtagraítear in Airteagal 2(1). Beidh ann freisin uimhir an ghnímh leasaithigh is déanaí ina bhfuil ceanglais maidir le cineálcheadú ar i gcomhréir leis a dheonaítear cineálcheadú AE. Maidir le feithiclí, beidh sa deimhniú cineálcheadaithe agus sa deimhniú comhréireachta faoi 'Nótaí:' an trácht "Cineálcheadaithe cheana agus marcáilte mar" agus déanfar tagairt iontu d'uimhir an deimhnithe cineálcheadaithe a fuarthas ar bhonn chineálcheadú na Ríochta Aontaithe. Maidir le córais, comhpháirteanna nó aonaid theicniúla ar leithligh, beidh an trácht seo a leanas sa deimhniú ar chineálcheadú "Cineálcheadaithe cheana agus marcáilte mar" agus déanfar tagairt ann don mharcáil a fuarthas ar bhonn chineálcheadú na Ríochta Aontaithe.

5. Gabhfaidh éifeacht le cineálcheadú AE an lá a dheonófar é nó ar dháta níos déanaí a chinnfear ann. Rachaidh cineálcheadú na Ríochta Aontaithe in éag ar a dhéanaí amhail an lá a ghabhfaidh éifeacht le cineálcheadú AE.

6. Measfar gur cineálcheadú CE nó AE a bheidh i gcineálcheadú de chuid an Aontais de réir bhrí Threoir 2007/46/CE nó aon ghníomh eile a liostaítear in Iarscríbhinn IV a ghabhann leis an Treoir sin, Rialachán (AE) Uimh. 167/2013, Rialachán (AE) Uimh. 168/2013 nó Rialachán (AE) Uimh. 2016/1628. Leanfaidh forálacha uile na gníomhartha sin nach ndéanfar maolú orthu leis an Rialachán seo d'fheidhm a bheith acu. Glacfaidh údarás cineálcheadaithe AE freagracht iomlán as na hoibleagáidí a thagann as cineálcheadú AE.

Feidhmeoidh údarás cineálcheadaithe AE, amhail ón dáta a ghabhfaidh éifeacht le cineálcheadú AE, cumhachtaí uile údarás cineálcheadaithe na Ríochta Aontaithe agus comhlíonfaidh sé a oibleagáidí uile sin maidir le gach feithicil, córas, comhpháirt nó aonad teicniúil ar leithligh ar bhonn chineálcheadú na Ríochta Aontaithe a cuireadh ar an margadh, a cláraíodh nó a cuireadh i seirbhís san Aontas. Ní chumhdófar leis sin aon dliteanas as aon ghníomhartha nó neamhghníomhartha is inchurtha i leith údarás cineálcheadaithe na Ríochta Aontaithe.

Airteagal 6

Údarás cineálcheadaithe an Aontais atá freagrach as feithiclí, córais, comhpháirteanna agus aonaid theicniúla ar leithligh nach ndeonaítear ceadú dóibh faoin Rialachán seo

1. Agus iarratas á dhéanamh aige ar chineálcheadú faoi Airteagal 4, iarrfaidh an monaróir ar údarás cineálcheadaithe an Aontais i gceist oibleagáidí údarás cineálcheadaithe na Ríochta Aontaithe a thógáil air féin i dtaca le feithiclí, córais, comhpháirteanna agus aonaid theicniúla ar leithligh a cuireadh ar an margadh, a cláraíodh nó a cuireadh i seirbhís san Aontas ar bhonn cineálceadaithe ón Ríocht Aontaithe nach bhfuil imithe in éag de bhun Airteagal 17 de Threoir 2007/46/CE, Airteagal 32 de Rialachán (AE) Uimh. 167/2013, Airteagal 37 de Rialachán (AE) Uimh. 168/2013 nó Airteagal 30 de Rialachán (AE) 2016/1628, nó nach niarrtar aon chineálcheadú AE ina leith faoi Airteagal 5 den Rialachán seo.

Déanfar an iarraidh sin i dtaca le gach feithicil, córas, comhpháirt agus aonad teicniúil ar leithligh bunaithe ar chineálcheaduithe na Ríochta Aontaithe atá ag an monaróir a deonaíodh roimh 1 Eanáir 2008 mura gcuireann an monaróir cruthúnas ar fáil d'údarás cineálcheadaithe an Aontais go bhfuil comhaontú déanta aige le húdarás cineálcheadaithe eile AE lena gcumhdaítear na feithiclí, córais, comhpháirteanna agus na haonaid theicniúla ar leithligh sin.

2. Ní fhéadfaidh údarás cineálcheadaithe an Aontais cineálcheadú ón Aontas a dheonú ach amháin i gcomhréir le hAirteagal 5 tar éis dó glacadh leis an iarraidh de bhun mhír 1 agus tar éis don mhonaróir a aontú go gcumhdóidh sé na costais a thabhóidh údarás cineálcheadaithe AE mar thoradh ar a chumhachtaí a fheidhmiú agus a oibleagáidí a chomhlíonadh i dtaca le feithiclí, córais, comhpháirteanna agus aonaid theicniúla ar leithligh lena mbaineann.

3. Tar éis dó glacadh leis an iarraidh dá dtagraítear i mír 1 agus cineálcheadú AE a eisiúint i gcomhréir le hAirteagal 5, feidhmeoidh údarás cineálcheadaithe an Aontais cumhachtaí uile údarás cineálcheadaithe na Ríochta Aontaithe agus comhlíonfaidh sé a oibleagáidí uile sin maidir le gach feithicil, córas, comhpháirt nó aonad teicniúil ar leithligh ar bhonn chineálcheadaithe na Ríochta Aontaithe dá dtagraítear i mír 1 maidir le haisghlaonna, faisnéis i dtaobh deisithe agus cothabhála agus seiceálacha comhréireachta inseirbhíse. Ní chumhdófar leis sin aon dliteanas as aon ghníomhartha nó neamhghníomhartha is inchurtha i leith údarás cineálcheadaithe na Ríochta Aontaithe.

4. Cuirfidh údarás cineálcheadaithe AE údaráis chineálcheadaithe na mBallstát agus an Coimisiún ar an eolas maidir leis na cineálacha ar aontaigh sé oibleagáidí údaráis cineálcheadaithe na Ríocht Aontaithe ina leith a ghlacadh air féin i gcomhréir le mír 1.

Airteagal 7

Teacht i bhfeidhm agus cur i bhfeidhm

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm ar an tríú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh. 

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil,

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa    Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán    An tUachtarán

(1)    Treoir 2007/46/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 5 Meán Fómhair 2007 maidir le creat a bhunú chun mótarfheithiclí agus a leantóirí a cheadú, mar aon le córais, comhpháirteanna agus aonaid theicniúla scartha a ceapadh le haghaidh feithiclí dá leithéidí (IO L 261, 9.10.2007, lch. 1).
(2)    Rialachán (AE) Uimh. 167/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 5 Feabhra 2013 maidir le formheas agus faireachas margaidh ar fheithiclí talmhaíochta agus foraoiseachta (IO L 60, 2.3.2013, lch. 1).
(3)    Rialachán (AE) Uimh. 168/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Eanáir 2013 maidir le ceadú agus le faireachas margaidh ar fheithiclí dhá nó trí roth agus cuadrothair (IO L 60, 2.3.2013, lch. 52).
(4)    Rialachán (AE) 2016/1628 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Meán Fómhair 2016 maidir le ceanglais a bhaineann le teorainneacha astaíochtaí le haghaidh truailleáin ghásacha agus cháithníneacha agus cineálcheadú i dtaca le hinnill dócháin inmheánaigh le haghaidh innealra soghluaiste nach innealra bóthair é, lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 1024/2012 agus Rialachán (AE) Uimh. 167/2013 agus lena leasaítear, agus lena naisghairtear Treoir 97/68/CE (IO L 252, 16.9.2016, lch. 53)”;