An Bhruiséil,1.6.2018

COM(2018) 392 final

2018/0216(COD)

Togra le haghaidh

RIALACHÁN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

lena mbunaítear rialacha maidir le tacaíocht do phleananna straitéiseacha a bheidh le tarraingt suas ag na Ballstáit faoin gComhbheartas Talmhaíochta (Pleananna Straitéiseacha faoi CBT) agus arna maoiniú ag an gCiste Eorpach um Ráthaíocht Talmhaíochta (CERT) agus ag an gCiste Eorpach Talmhaíochta um Fhorbairt Tuaithe (CETFT) agus lena n
x001e
aisghairtear Rialachán (AE) Uimh 1305/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Rialachán (AE) Uimh 1307/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle

{SEC(2018) 305 final}
{SWD(2018) 301 final}


MEABHRÁN MÍNIÚCHÁIN

1.COMHTHÉACS AN TOGRA

Forais agus cuspóirí an togra

Is i dtogra an Choimisiúin le haghaidh an Chreata Airgeadais Ilbhliantúil (CAI) do 2021-2027 (an togra le haghaidh an CAI) 1 a leagtar síos an creat buiséadach agus na príomhthreochtaí don Chomhbheartas Talmhaíochta (CBT). Ar a bhonn sin, tá an Coimisiún ag tíolacadh sraithe rialachán lena leagfar síos an creat rialaitheach le haghaidh CBT le linn na tréimhse 2021-2027, maille le measúnú tionchair ar chásanna malartacha a d'fhéadfadh a bheith i gceist le héabhlóid an bheartais. Foráiltear leis na tograí seo gurb é an 1 Eanáir 2021 an dáta teacht i bhfeidhm agus tá sé á thíolacadh d’Aontas ina mbeidh 27 mBallstát, i gcomhréir leis an bhfógra a fuair an Chomhairle Eorpach an 29 Márta 2017 ón Ríocht Aontaithe go bhfuil sé beartaithe ag an Ríocht Aontaithe tarraingt siar ón Aontas Eorpach agus ó Euratom bunaithe ar Airteagal 50 den Chonradh ar an Aontas Eorpach.

Is in 2013 a cinneadh an tathchóiriú deireanach ar an gComhbheartas Talmhaíochta, agus is i 2015 a cuireadh i bhfeidhm é. Ó shin i leith, is mór an tathrú atá ar an gcomhthéacs as ar fáisceadh an tathchóiriú. Go háirithe:

Tharla titim mhór i bpraghsanna talmhaíochta, agus iad á dtarraingt anuas ag tosca maicreacnamaíocha, ag teannas geopholaitiúil, agus ag fórsaí eile.

Tá athrú suntasach béime sa chaibidlíocht ó chomhaontuithe iltaobhacha go comhaontuithe déthaobhacha, agus tá Aontas na hEorpa níos oscailte do na margaí domhanda feasta.

Tá gealltanais nua idirnáisiúnta sínithe ag an Aontas Eorpach – gealltanais a bhaineann le srian a chur ar an athrú aeráide cuir i gcás (trí bhíthin COP 21), agus le gnéithe leathana den fhorbairt idirnáisiúnta (trí bhíthin Cuspóirí Forbartha Inbhuanaithe na Náisiún Aontaithe – SDG), mar aon le hiarrachtaí le freagairt ar bhealach níos fearr d’athruithe geopholaitiúla eile ar a náirítear an imirce.

De bharr na nathruithe seo, tá díospóireacht phoiblí ann faoi athchóiriú 2013, agus ceist an bhfuil dóthain soláthair san athchóiriú sin le haghaidh a thabhairt mar is ceart ar raon leathan dúshlán leanúnach a bhaineann le sláinte eacnamaíoch na hearnála feirmeoireachta, le cúram an chomhshaoil, le gníomhaíocht i leith an athraithe aeráide, agus le creatlach láidir eacnamaíoch agus shóisialta a bheith i gceantair thuaithe an Aontais Eorpaigh – go mór mór i bhfianaise deiseanna gníomhaíochta atá ag teacht chun cinn i réimsí na trádála, an bhithgheilleagair, an fhuinnimh inathnuaite, an gheilleagair chiorclaigh agus an gheilleagair dhigitigh.

Ní mór CBT a nuachoiriú le haghaidh a thabhairt ar na dúshláin seo, agus ní mór é a shimpliú leis an ualach riaracháin a laghdú chomh mór agus is féidir, agus ní mór é a dhéanamh níos comhleanúnaí le beartais eile de chuid an Aontais Eorpaigh ionas gur féidir leis an deich dTosaíocht atá ag an gCoimisiún agus leis na Cuspóirí Forbartha Inbhuanaithe oiread sochair agus is féidir a bhaint as. Go deimhin, faoi mar a meabhraíodh ón gCoimisiúin i dTeachtaireacht dá chuid ar an CAI le deireanas, beidh ar CBT tacú leis an aistriú i dtreo na láninbhuanaitheachta in earnáil na talmhaíochta agus i dtreo fhorbairt na bríomhaireachta i gceantair thuaithe, le bia slán, sábháilte ar ardcháilíocht a chur ar fáil do 500 milliún tomhaltóir. Is éard atá ag teastáíl ón Eoraip earnáil na talmhaíochta a bheith cliste, athléimneach, inbhuanaithe agus iomaíoch, chun táirgeacht bia ar ardcháilíocht a áirithiú, bia inacmhainne a mbeidh cothabháil ann agus éagsúlacht do na saoránaigh agus do chreatlach shocheacnamaíoch láidir i gceantair thuaithe. Ó tá CBT á nuachóiriú, ní mór dó feabhas a chur ar an luach breise Eorpach atá ann, trí leibhéal níos airde uaillmhéine a thaispeáint i leith an chomhshaoil agus na haeráide, agus trí aghaidh a thabhairt ar ionchais na saoránach maidir lena gcuid sláinte, maidir leis an gcomhshaol agus leis an aeráid.

Faoi mar a bhí á thuar i gClár na hOibre le haghaidh 2017, chuaigh an Coimisiún i gcomhairle le líon mór eagras faoi CBT a shimpliú agus a nuachóiriú ionas go bhféadfadh an deich dTosaíocht atá ag an gCoimisiún agus na Cuspóirí Forbartha Inbhuanaithe an sochar uasta a bhaint as. Is ar thosaíochtaí beartais faoi leith don am atá le teacht a bhí an fócas lena linn sin, gan dochar do na leithdháiltí airgeadais don CBT a bheidh sa chéad CIB eile. Ar chuid den phróiseas bhí comhairliúchán mór, mar aon le hanailís ar an bhfianaise a bhí ar fáil faoi fheidhmíocht CBT, lena náirítear na tuairimí ardán REFIT ábhartha.

Cuireadh an toradh i láthair sa Teachtaireacht a glacadh an 29 Samhain 2017 dar teideal "Todhchaí an Bhia agus na Feirmeoireachta". De bharr na Teachtaireachta, féadfar comhrá struchtúrtha a chur ar bun faoi thodhchaí CBT in Institiúidí an Aontais Eorpaigh agus leis na geallsealbhóirí chomh maith céanna. Bhí cur síos sa doiciméad beartais seo ar na dúshláin, na cuspóirí agus na bealaí inmholta atá ann le CBT a thabhairt slán sa todhchaí ós gá dó a bheith níos simplí, níos cliste agus níos nua-aoisí, agus treoir a thabhairt san aistriú chuig talmhaíocht níos inbhuanaithe.

Thar aon ní eile, shainaithnigh an Coimisiún tosaíochta móra do CBT tar éis 2020 mar atá méadú ar a chuid uaillmhéine sa ghníomhaíocht i réimse an chomhshaoil agus na haeráide, feabhas ar aimsiú tacaíochta, agus spleáchas níos treise ar an dea-chumar idir Taighde-NuálaíochtComhairle. Chomh maith leis sin, mhol sé samhail nua sheachadta (NDM) le feabhas a chur ar fheidhmíocht CBT ionas go bhféadfar fócas an bheartais a aistriú ón oiriúint go dtí an fheidhmíocht, agus athchothromaíocht freagrachtaí a bhaint amach idir an tAontas Eorpach agus leibhéal na mBallstát a mbeadh breis coimhdeachta i gceist leis. Is é sprioc atá ag an tsamhail nua cuspóirí de chuid an Aontais Eorpaigh a chur i gcrích ar bhealach feabhsaithe, rud a bheadh bunaithe ar phleanáil straitéiseach, mar aon le réimse mhór idirghabhálacha beartais, agus táscairí feidhmíochta coiteanna, ionas go bhfheabhsófaí an chomhsheasmhacht beartas sa CBT amach anseo, agus an chomhsheasmhacht le cuspóirí eile de chuid an Aontais Eorpaigh.

Comhsheasmhacht le forálacha beartais atá sa réimse beartais cheana

Leagtar amach cuspóirí CBT in Airteagal 39 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (TFEU):

·táirgiúlacht na talmhaíochta a mhéadú trí dhul chun cinn teicniúil a chur chun cinn agus trína áirithiú go ndéanfar forbairt réasúnach ar tháirgeadh na talmhaíochta agus go núsáidfear na tosca táirgthe a fheabhas agus is féidir, go háirithe an lucht oibre;

·mar sin, caighdeán cóir maireachtála a áirithiú do lucht na talmhaíochta, go mór mór tuilleamh gach duine dá mbíonn ag gabháil don talmhaíocht a mhéadú;

·margaí a chobhsú;

·cinntiú go mbíonn soláthairtí ar fáil;

·a áirithiú go mbíonn soláthairtí á gcur chuig tomhaltóirí ar phraghsanna réasúnta.

Tá an togra seo i gcomhsheasmhacht iomlán le cuspóirí Chonradh CBT. Déanann sé nuachóiriú agus simpliú ar an gcaoi a gcuirtear forálacha an Chonartha i bhfeidhm.

Comhsheasmhacht le beartais eile de chuid an Aontais

Tá 84% de chríocha an Aontais Eorpaigh faoi thalmhaíocht agus faoi choillte. Tá an dá earnáil sin spleách ar an gcomhshaol, agus bíonn siad ag dul i gcion ar an gcomhshaol. Dá bhrí sin, i gcomhréir le beartais an Aontais Eorpaigh faoi seach, cuirfear gníomhaíocht comhshaoil agus aeráide ar siúl trí bhíthin cuid de na cuspóirí sonracha atá molta sa CBT.

Is maith is fios go mbíonn tionchar ag pátrúin tomhaltais ar an tsláinte phoiblí. An nasc atá ag beartais thalmhaíochta le bia, agus in amanna leis an mbealach a dtáirgtear an bia, is nasc é idir na beartais thalmhaíochta agus na beartais shláinte. Déanann na moltaí athneartú ar na naisc leis an mbeartas sláinte, go mór mór i dtaobh bia folláin a ithe, agus laghdú ar úsáid na bhfrithmhiocróbach.

Is mór an tallmhairiú a dhéanann an tAontas Eorpach ar thráchtearraí, agus is mór an tonnmhairiú a dhéanann sé ar tháirgí bia agus talmhaíochta luachmhara, agus dá bhrí sin, tá tionchar aige ar chórais bia lasmuigh den Aontas Eorpach. Tá an moladh i gcomhréir le hAirt. 208 de CFAE, agus is rud atá san áireamh ann cuspóirí chomhar forbartha an Aontais Eorpaigh leis an mbochtanas a dhíothú agus leis an bhforbairt inbhuanaithe a chur i réim i dtíortha atá i mbéal forbartha, go mór mór an táirithiú gur ríbheag d’éifeachtaí trádála atá ag tacaíocht an Aontais Eorpaigh d’fheirmeoirí, nó nach ann do na héifeachtaí sin ar chor ar bith.

Ar deireadh, ach oiread le hearnálacha eile, is féidir feabhas a chur ar úsáid na teicneolaíochta nua agus eolais nua i réimse na talmhaíochta agus na tuaithe, go mór mór na teicneolaíochtaí digiteacha. Déanann na moltaí naisc leis an mbeartas taighde a athneartú arae tugann siad aird faoi leith ar eagrú an mhalartaithe eolais sa tsamhail seachadta beartais. Ar an dul céanna, tá béim ar an digitiú, rud a thapóidh nascadh le Clár Oibre Digiteach an Aontais Eorpaigh.

2.BUNÚS DLÍ, COIMHDEACHT AGUS COMHRÉIREACHT

Bunús dlí

Airteagail 42 agus 43(2) sa Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (TFEU) maidir le Rialachán Plean CBT.

Coimhdeacht (maidir le hinniúlacht neamheisiach)

Foráiltear sa Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh gur rud le roinnt idir an tAontas agus na Ballstáit atá san inniúlacht talmhaíochta, fad atá comhbheartas talmhaíochta á bhunú a bhfuil cuspóirí coiteanna agus cur chun feidhme coiteann ag dul leis. An córas seachadta CBT atá ann faoi láthair, braitheann sé ar riachtanais mhionsonraithe ar leibhéal an Aontais Eorpaigh, agus tá idir dhianrialú, phíonóis, agus shocruithe iniúchóireachta ag dul leis. Is minic na rialacha seo anfhorordaitheach, anuas chomh fada le leibhéal na feirme. I gcomhshaol an Aontais áfach, áit a bhfuil éagsúlacht mhór feirmeoireachta agus aeráide, ní hé ‘an tordú ónmbarr anuas’ ná ‘an cheap a dhéanann gach uile bhróg’ an cur chuige oiriúnach leis an dea-thoradh a chur ar fáil agus luach breise an Aontais Eorpaigh anuas air.

Sa tsamhail sheachadta atá sa mholadh seo, is é an tAontas a leagann síos na bunpharaiméadair beartais (cuspóirí CBT, réimse na hidirghabhála go ginearálta, na bunriachtanais), áit a bhfuil breis freagrachta ar na Ballstáit, agus iad níos cuntasaí, maidir leis na cuspóirí a chomhlíonadh agus na spriocanna comhaontaithe a bhaint amach.

De bharr breis coimhdeachta, is fearr a bheifear in ann na cúinsí agus na riachtanais áitiúla a chur san áireamh i gcoinne cuspóirí agus spriocanna dá leithéid. Is iad na Ballstáit a bheidh i gceannas ar idirghabhálacha CBT ionas gur móide na hidirghabhálacha sin rannchuidiú na mBallstát le cuspóirí an Aontais Eorpaigh. Coinneofar na struchtúir rialachais reatha – struchtúir nach mór dóibh a áirithiú go leanfar go héifeachtach den fhaireachán ar fhíorú na gcuspóirí ar fad atá sa bheartas, agus ar chur i bhfeidhm an fhíoraithe sin – ach is mó tionchar a bheidh ag na Ballstáit ar dhearadh an chreata um chomhlíonadh agus rialú, creat is infheidhme ar na tairbhithe (lena náirítear rialuithe agus pionóis).

Comhréireacht

Na dúshláin eacnamaíocha, chomhshaoil agus shóisialta atá roimh earnáil feirmeoireachta an Aontais Eorpaigh, agus roimh na ceantair tuaithe, is gá freagairt dóibh go láidir, freagairt a thabharfaidh a cheart féin do na gnéithe de na dúshláin sin a bhaineann leis an Aontas Eorpach. Nuair is mó de chumhacht an roghnaithe a bheidh á tairiscint do na Ballstáit le huirlisí beartais laistigh de CBT a roghnú agus a chur in oiriúint, le samhail a mbeidh níos mó béime ann ar na torthaí, ba cheart an uair sin gur lú fós an baol a bheidh ann go gcuirfidh CBT a shúil thar a chuid féin de leibhéal gníomhaíochta comhréireach.

An rogha ionstraime

Ó tharla gur rialacháin de chuid Pharlaimint na hEorpa agus den Chomhairle atá sna bunachtanna ar fad, ní mór na leasuithe a thabhairt isteach le rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle.

3.TORTHAÍ Ó MHEASTÓIREACHTAÍ EX POST, Ó CHOMHAIRLIÚCHÁIN LEIS NA PÁIRTITHE LEASMHARA AGUS Ó MHEASÚNUITHE TIONCHAIR

Meastóireachtaí ex post/seiceálacha oiriúnachta ar an reachtaíocht atá ann cheana

Tá CBT fréamhaithe go domhain i dtógáil agus i bhforbairt an Aontais Eorpaigh (AE). Cuireadh ar bun é i dtús na seascaidí i gcomhthéacs na gcuspóirí atá cumhdaithe sa Chonradh, agus ó shin i leith athchóiríodh roinnt uaireanta é le hiomaíochas na hearnála talmhaíochta a fheabhsú, le forbairt na tuaithe a chothú, le haghaidh a thabhairt ar dhúshláin nua, agus le freastal ar bhealach níos fónta ar éilimh na sochaí agus an stáit. Is in 2013 an bhí athchóiriú mór ann go deireanach. In athchóiriú 2013, tugadh spriocanna ginearálta CBT chun cruinnis timpeall ar thrí bhloc:

i.    Táirgeadh inmharthana bia

ii.    Bainistíocht inbhuanaithe acmhainní nádúrtha agus gníomhú ar son na haeráide

iii.    Forbairt chothrom na gcríoch

Ionas gur féidir an dul chun cinn a mheas i gcomhlíonadh na gcuspóirí thuas, agus na dúshláin a bheidh ann amach anseo a shainaithint, bhí próiseas leathan comhairliúcháin ann, próiseas a d’fhéach le díospóireacht struchtúrtha a chur ar bun leis geallsealbhóirí ar fad, ionadaithe lasmuigh de shaol na talmhaíochta san áireamh. Rud eile fós, is ó fhoinse mhór eolais faoi CBT (féach an achoimre i mBosca 1 thíos) a tiomsaíodh an fhianaise maidir le feidhmíocht CBT, rud a raibh feidhm cúlra leis le meas a thabhairt ar an méid a chuir CBT i gcrích in imeacht na mblianta, agus ar ar méid nár chuir, i dtaobh athchóirithe is deireanaí ach go háirithe. Baineann sin go sonrach leis na nithe seo a leanas:

·fianaise a tiomsaíodh tríd an gCreat Coiteann Faireacháin agus Measúnaithe arb éard is fónamh dó feidhmíocht CBT a mheas 2 ;

·Sraith staidéar meastóireachta atá i gceist le linn an Chreata Airgeadais Ilbhliantúil reatha (2014-2020) le cuspóirí reatha CBT a mheas a mbeidh an chéad toradh air in 2017/18 3 .

Torthaí a bhaineann leis an dul chun cinn i dtreo na spriocanna agus leis na cistí airgeadais comhfhreagracha atá ar fáil sna Tuarascálacha Cur Chun Feidhme Bliantúla le haghaidh Fhorbairt Tuaithe.

·Foilsíodh doiciméid chúlra bhreise, sonraí, fíricí, agus figiúirí ábhartha faoin measúnú tionchair ar leathanach idirlín DG AGRI 4 .

Comhairliúcháin leis na páirtithe leasmhara

Eagraíodh comhairliúchán poiblí oscailte ina bhfuarthas os cionn 322,000 aighneacht, déanadh plé struchtúrtha le geallsealbhóirí, tionóladh cúig cheardlanna le saineolaithe, cuireadh tuairimí in iúl ar ardán REFIT, tháinig rannchuidithe ón gCoiste Eacnamaíoch agus Sóisialta Eorpach, ó Choiste na Reigiún agus ó Phairlimintí Náisiúnta. Rud eile a chuir an próiseas san áireamh ab ea moltaí de chuid Thascfhórsa na Margaí Talmhaíochta (AMTF) 5 agus Comhdháil Chorcaí faoin bhForbairt Tuaithe (2016) 6 .

Bailiú agus úsáid saineolais

Ar mhaithe le fianaise/eolas a bhailiú ó na saineolaithe ar cheisteanna a bhaineann le CBT, tionóladh sraith ceardlanna speisialaithe idir Márta 2017 agus Feabhra 2018. A bhuíochas leis na ceardlanna seo, bhí malartú tuairimí ann idir na saineolaithe agus oifigigh an Choimisiúin, agus cuireadh na conclúidí i bhfocail, agus b’fhéidir nuachóiriú agus simpliú an phróiseas a chur san áireamh.

Ionas go bhféadfaí na réimsí ábhartha a chlúdach, chuathas i ngleic le cúig cheist sna ceardlanna, ceisteanna a roghnaíodh san áit ar léir bearnaí eolais nó easaontas faoin gcur chuige sa bheartas. Dearadh na ceardlanna ar aon mhodheolaíocht le chéile ar an mbonn seo a leanas:

(1)an fhianaise is deireanaí dá bhfuil ar fáil a bhailiú ar leibhéal na saineolaithe, ó lucht léinn, ó lucht cleachta na hoibre, agus ó na hinstitiúidí idirnáisiúnta;

(2)fócas ar thaithí na ndaoine agus iad i mbun a gcuid oibre ar an láthair;

(3)measúnú ar an rud is acmhainn do na teicneolaíochtaí nua agus don chur chuige nua le feabhas a chur ar dhearadh an bheartais amach anseo sa sainréimse atá á clúdach.

Tá achoimrí na gceardlann agus na gcur i láthair le fáil ag:

https://ec.europa.eu/agriculture/events/cap-have-your-say/workshops_en

Ceardlann 1:   An scothchleachtas sa fhreastal ar riachtanais comhshaoil agus aeráide (23/24 Márta 2017)

Sa cheardlann seo, is iad a tháinig le chéile raon leathan saineolaithe ar na dúshláin comhshaoil agus aeráide atá ann. Rinneadh scrúdú ann ar:

·uirlisí atá ar fáil le riachtanais comhshaoil a mheas;

·modhanna le feabhas a chur ar an nglacadh atá leis na forálacha (agus fócas ann ar an ról atá sa chur chuige ag an iompraíocht).

Ceardlann 2: Bainistiú riosca (18/19 Bealtaine 2017)

Sa cheardlann dhá lá seo, féachadh le dul chun cinn a dhéanamh i dtiomsú na fianaise sa díospóireacht faoi uirlisí tacaíochta don phobal feirmeoireachta ag tabhairt aghaidh dó chomh maith agus is féidir ar na rioscaí a bhaineann le táirgeacht, le praghsanna agus le hioncam. Rinneadh scrúdú ann ar:

·na dúshláin a bhaineann le heangach sábháilteachta mhargadh an Aontais Eorpaigh, agus an córas bainistithe riosca atá i bhfeidhm i SAM;

·Cás na margaí a bheidh ann amach anseo san Aontas Eorpach, earnáil árachais agus athárachais na talmhaíochta san Aontas Eorpach;

·Na gnéithe iompraíochta atá sa bhainistiú riosca.

Ceardlann 3: Cúrsaí bia agus cúrsaí eile sa réimse sin (31 Bealtaine 2017)

Sa cheardlann ar chúrsaí bia agus ar chúrsaí eile sa réimse sin, scrúdaíodh ailíniú CBT le beartais sláinte, agus a inniúla agus atá sé ar an mbealach a réiteach do na feirmeoirí agus iad ag cur a gcuid nósanna in oiriúint don athrú sna pátrúin tomhaltais. Thar aon ní, tá tuilleadh airde le tabhairt ar Fhrithsheasmhacht na bhFrithmhiocróbach.

Ceardlann 4: Ceisteanna Socheacnamaíocha (9 Meitheamh 2017)

Is ar anailís na dinimice a bhaineann le fás agus poist in earnáil agraibhia an Aontais Eorpaigh a bhí an fócas sa cheardlann ar chúrsaí socheacnamaíocha. Rinneadh scrúdú ann ar na naisc idir an talmhaíocht go domhanda agus slabhraí luach an bhia san Aontas Eorpach, scrúdú faoi ghné na gcoincheap agus faoin ngné phraiticiúil araon, rud a bhí bunaithe ar chásstaidéir.

Ceardlann 5: Feidhmíocht chomhshaoil agus feidhmíocht aeráide CBT a mheas (26 Feabhra 2018)

Scrúdaigh an cheardlann na bunspriocanna polasaí is féidir a shocrú ar leibhéal an Aontais Eorpaigh, cé mar is féidir a gcur i bhfeidhm ar leibhéal na mBallstát, agus cé mar is féidir faireachán, rialú, agus measúnú a dhéanamh orthu.

Measúnú tionchair

An measúnú tionchair a thugann tacaíocht do na tograí reachtacha, mar aon le tuairimí an Bhoird um Ghrinnscrúdú Rialála, is ar an suíomh seo a leanas atá siad le fáil:

Liosta na measúnuithe tionchair agus tuairimí tionlacain an Bhoird um Ghrinnscrúdú Rialála

Ba dhiúltach don chéad tuairim a d’eisigh an Bord um Ghrinnscrúdú Rialála. Tuigeann an Bord an uaillmhian atá ann CBT a nuachóiriú agus a shimpliú, agus tuigeann sé an anailís dhomhain ar chásanna éagsúla a thugann léargas úsáideach ar an trádmhalartú idir cuspóirí an bheartais, ach shíl an Bord go bhféadfadh an tuarascáil míniú ní b’fhearr a thabhairt ar réasúnaíocht, ar indéantacht agus ar fheidhmiú na samhaile seachadta nua atá á moladh. Cuireadh an comhlánú riachtanach leis an tuarascáil um mheasúnú tionchair, agus cuireadh iad le hIarscríbhinn faoi leith maidir leis na molta don tsamhail seachadta nua. Ar a bhonn seo, d'eisigh an Bord um Ghrinnscrúdú Rialála tuairim dhearfach, ach bhí roinnt agús léi. Aithníonn an Bord na feabhsuithe atá ar an tuarascáil, ach d’iarr sé breis sonraíochtaí maidir le cosaint chruinn leis na rioscaí sainaitheanta a mhaolú. Na hathruithe atá le déanamh le riachtanais an Bhoird a chomhlíonadh, tá siad leagtha amach go soiléir in Iarscríbhinn I den tuarascáil um mheasúnú tionchair (Doiciméad Oibre Foirne).

Cuirtear roghanna éagsúla beartais i láthair sa mheasúnú tionchair, agus déantar iad a phlé ann. Níl luí le rogha faoi leith sa mheasúnú tionchair. Na codanna atá sa mholadh, cuireadh le chéile ar bhealaí éagsúla iad, agus tástáladh iad ar na roghanna éagsúla a bhí ann féachaint cén rogha ab fhearr ar fad a d’fhéadfaí a bhaint astu.

Is éard a dhéanann na roghanna go bunúsach tástáil ar an gcur chuige éagsúil atá ann leis cuspóirí sainaitheanta a ghnóthú:

1.Na leibhéil éagsúla atá ann san uaillmhian i leith an chomhshaoil agus i leith na haeráide, agus fócas ar na héifeachtaí a d’fhéadfadh a bheith mar thoradh ar chórais seachadta idir éigeantach agus dheonach;

2.bealaí éagsúla chun tacú le hioncaim feirmeacha, go háirithe i roinnt an ioncaim seo ar fheirmeoirí éagsúla, le fócas ar na héifeachtaí a d’fhéadfadh a bheith aige sin ar fheirmeacha beaga agus meánmhéide.

3.Idirghabhálacha socheacnamaíocha níos leithne, go háirithe faoin mbeartas forbartha tuaithe, chomh maith le cur chuige don nuachóiriú a ghearrann trasna ar a chéile.

Is ar an acmhainn atá in éiciscéim dheonach leis an uaillmhian chomhshaoil agus aeráide a mhéadú a bhíonn tástáil a déanamh ag an gcéad rogha. Déanann sé scrúdú chomh maith ar an ról a d’fhéadfadh a bheith ag uirlisí bainistíochta arb ísle na híocaíochtaí díreacha atá ag dul leo i dtacaíocht d’ioncaim na bhfeirmeoirí. Tá dhá fho-rogha ann a thugann léargas ar an éagsúlacht atá sna Ballstáit i leith uaillmhianta comhshaoil agus íocaíochtaí díreacha laistigh den tsamhail seachadta nua.

I rogha eile, is fearr an taimsiú a dhéantar ar íocaíochtaí díreacha, agus is uaillmhianaí an forfheidhmiú coinníollachta atá ann, ar mhaithe le comhfheidhmíocht eacnamaíoch agus comhshaoil CBT a fheabhsú, sin agus le haghaidh a thabhairt ar dhúshláin san athrú aeráide. Tugtar fo-roghanna chun cinn freisin le léiriú a dhéanamh ar na difríochtaí féideartha in uaillmhian na mBallstát maidir le cuspóirí comhshaoil agus aeráide.

Maidir leis an rogha deiridh, cuirtear béim mhór ansin ar chúram an chomhshaoil, agus ar an bhfostaíocht, agus tá athrú san fhócas ar fheirmeoirí beaga agus meánmhéide mar bhealach le poist a choinneáil sna ceantair tuaithe. Tá de dhualgas ar na Ballstáit 30% de na híocaíochta Philéar I a leithdháileadh le hairgead a chur i dtreo ceithre scéim a bhféadfadh feirmeoir a bheith páirteach iontu go deonach, an fheirmeoireacht orgánach, an féarach buan, limistéir a bhfuil srianta nádúrtha iontu, agus eilimintí líneacha tírdhreacha.

Tugann an measúnú tionchair le fios nach féidir ach géilleadh don trádmhalartú nuair a chuirtear athrú suntasach ar na paraiméadair bhunúsacha atá i gceist leis an oiread sin spriocanna éagsúla.

Is bunpharaiméadar ríthábhachtach atá sa leibhéal tacaíochta ó CBT. An laghdú 5% a mhol an Coimisiún i dTeachtaireacht uaidh i mBealtaine 2018 don CAI 2021-2027, is rud é atá laistigh den raon atá faoi chaibidil sa mheasúnú tionchair.

Maidir le hioncam na bhfeirmeoirí, tá tábhacht le leibhéal na tacaíochta agus le dáileadh na tacaíochta araon. Áirithiú leibhéal leordhóthanach tacaíochta ionas go mbeidh ioncam na bhfeirmeoirí ina chuid bhunúsach den CBT amach anseo arís, chun gur féidir slándáil bia a áirithiú, mar aon le huaillmhian i leith an chomhshaoil agus na haeráide, agus beocht na gceantar tuaithe. Feabhas a chur ar an aimsiú tacaíochta d’fheirmeacha beaga agus meanmhéide agus do cheantair a bhfuil srianta nádúrtha iontu, is rud é a d’fhéadfadh a bheith ina chúnamh le tuilleadh post a choinneáil ar fheirmeacha, agus le gníomhaíocht feirmeoireachta a choinneáil sa limistéar ar fad, rud a neartóidh creatlach shocheacnamaíoch na gceantar tuaithe. Is féidir feabhas a chur ar dháileadh na níocaíochtaí díreacha le caidhpeáil agus le cóineasú. Rogha ar bith a dhéanfaidh athdháileadh mór ar íocaíochtaí díreacha d’fheirmeacha agus do réigiúin a bhfuil táirgiúlacht íseal iontu, is léir gur rud é sin a chuirfidh laghdú ar iomaíochas an Aontais Eorpaigh go gearrthéarmach, fad atá sé ag cur feabhais ar chosaint an chomhshaoil. Rud nach bhfuil chomh soiléir céanna áfach ná an cumasc beart a d’fhéadfadh éifeachtaí diúltacha ioncaim a mhaolú ach san am céanna aghaidh a thabhairt ar dhúsláin a bhfuil baint acu leis an talmhaíocht freisin - idir na hionchais chomhshaoil agus aeráide atá ann, agus na hionchais ar thaobh an stáit agus na sochaí. Chun sin a dhéanamh, teastaíonn athruithe a bheidh ina spreagadh, athruithe a chuirfidh feabhas ar fheidhmíocht na hearnála ó thaobh socheacnamaíochta de agus ó thaobh an chomhshaoil.

Léiríonn comhairle agus anailísí na ngeallsealbhóirí gur féidir é seo a dhéanamh, ach an scothchleachtas a chur i bhfeidhm (san fheirmeoireacht choinbhinsiúnach, agus i gcineálacha eile feirmeoireachta), rud a dhéanfaí trí bhíthin forálacha tionlacain a thabharfadh aird ar uaillmhian mhéadaithe i leith an chomhshaoil agus i leith gníomhaíochta aeráide lena náirítear eolas, nuálaíocht agus an teicneolaíocht ábhartha is deireanaí.

Ar bhonn gach ní ar glacadh leis san anailís, agus gach rogha a rinneadh ann, d’fhéadfadh trádmhalartú a bheith ann le spriocanna eacnamaíocha, comhshaoil agus sóisialta CBT a bhaint amach, sin agus leis an athchóiriú agus leis an simpliú atáthar ag iarraidh a dhéanamh air. Tionchar ioncaim inbhainistithe, tacaíocht don mhéadú uaillmhéine don chomhshaol, don ghníomhaíocht aeráide, agus do shineirgí CBT eile, sin go hachomair an toradh a d’fhéadfadh a bheith ar an athdháileadh. Le go dtarlódh sin áfach, níor mhór don earnáil agus don bheartas greim a bhreith ar na deiseanna atá ann de bharr na nuálaíochta agus na dteicneolaíochtaí a chuireann an nuachóiriú agus an simpliú ar a gcumas.

Má bhíonn toimhdí agus roghanna eile ann, is cinnte go gcuirfidh siad sin athrú ar thorthaí mionsonraithe, ach ní ar an bpríomhtheachtaireacht bhunúsach, is é sin go an is rogha is fearr do CBT amach anseo an rogha a cheanglóidh na heilimintí is bisiúla le chéile ó na roghanna éagsúla, an rogha a sheachnóidh laigí na roghanna eile trí chlaí cosanta a thógáil a áiritheoidh cothromaíocht iomaíochta san Aontas Eorpach. Tugann sin le fios go dteastaíonn critéir shoiléire don tacaíocht do leibhéal an ioncaim agus do dháileadh an ioncaim, don uaillmhian i leith an chomhshaoil agus i leith na haeráide, an gríosú atá ann chun nuachóirithe, agus coimhdeacht/simpliú de réir mar is oiriúnach.

Oiriúnacht rialála agus simpliú

An chastacht atá i gcur i bhfeidhm an bheartais faoi láthair, is í an bhéim ar chomhlíonadh na mionrialacha a leagtar síos ag leibhéal an Aontais Eorpaigh cuid mhaith den chúis atá léi. An tsamhail nua seachadta atá á moladh, bainfidh sí amach sraith na gcritéar incháilitheachta do thacaíocht ar leibhéal an Aontais Eorpaigh, critéir a ligeann do na Ballstáit coinníollacha incháilitheachta a shainmhíniú a oireann dá gcuid dálaí sonracha féin. Meastar go dtarlóidh simpliú mór dá bharr seo.

Ó thaobh na staire de, is ó athchóiriú go hathchóiriú a cuireadh forbairt ar CBT ionas gurbh ina ionstraimí éagsúla a bhí sé. Ó am go chéile, ní rud gan dua a bhí ann comhordú a dhéanamh ar na hionstraimí seo. Faoin togra reatha, tugtar eilimintí tacaíochta CBT ar fad le chéile in aon chreat comhleanúnach amháin a laghdóidh an tualach riaracháin a bhaineann le CBT a chur i bhfeidhm.

Cearta bunúsacha

Urramaítear sa togra seo na cearta bunúsacha agus comhlíontar na prionsabail a aithnítear go háirithe i gCairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh. 

4.IMPLEACHTAÍ BUISÉADACHA

Is foráil de chuid thogra an Choimisiúin don chreat airgeadais ilbhliantúil do 2021-2027 (COM (2018) 322 críochnaitheach) gur ceart cuid mhór de bhuiséad an Aontais Eorpaigh a chur i dtreo na talmhaíochta arís, rud atá in chomhbheartas a bhfuil tábhacht straitéiseach ag roinnt leis. Dá bhrí sin, faoi mar atá na praghsanna reatha, moltar go ndéanfadh CAP fócas ar na croíghníomhaíochtaí, agus EUR 286.2 billiún a leithdháileadh don CERT, agus EUR 78.8 billiún don CETFT.

Tá comhlánú na gcistí talmhaíochta seo sa mhaoiniú breise ó Fhís Eorpach, ós rud é go bhfuil EUR 10 billiún sa phacáiste atá molta don chlár seo chun tacú le taighde agus le nuálaíocht i gcúrsaí bia, sa talmhaíocht, san fhorbairt tuaithe, agus sa bhitheacnamaíocht. Cuirfear cúlchiste talmhaíochta nua ar bun sa CERT le maoiniú a dhéanamh ar thacaíocht bhreise d’earnáil na talmhaíochta. Suimeanna airgid a bheidh gan úsáid bliain amháin, cuirfear ar aghaidh iad chuig an gcéad bhliain eile.

Maidir le dáileadh na níocaíochtaí díreacha i measc na Ballstát, moltar i gcás gach Ballstáit a bhfuil íocaíochtaí díreacha acu is lú ná 90% de mheán an Aontais Eorpaigh go leanfar den phróiseas seo a tosaíodh sa tréimhse 2014-2020, agus go ndúnfar 50% den bhearna atá ann faoi láthair go 90%. Tabharfaidh na Ballstáit ar fad rannchuidiú do mhaoiniú an chóineasaithe seo ar leibhéil na níocaíochtaí díreacha. Is ar an mbonn seo a ríomhtar leithdháiltí na Ballstáit le haghaidh íocaíochtaí díreacha i rialachán maidir leis an bPlean Straitéiseach faoi CBT.

Moltar athchothromaíocht a chur sa mhaoiniú idir buiséid an Aontais Eorpaigh agus na mBallstát le haghaidh fhorbairt na tuaithe. Beifear ábalta an tacaíocht phoiblí do cheantair tuaithe a fhágáil gan mórán athraithe de bharr ardú rátaí cómhaoinithe náisiúnta, rud atá ar aon dul leis an méid atá á thuar do Chistí Struchtúracha agus Infheistíochta na hEorpa. An dáileadh a dhéanfar ar thacaíocht EAFRD, is ar chritéir oibiachtúla atá nasctha leis na cuspóirí beartais a bhunófar é, agus tá an dáileadh reatha curtha san áireamh ann. Faoi mar atá inniu, ba cheart rátaí cómhaoinithe ní b’airde a bheith ann chun leasa na réigiún lagfhorbartha, rátaí a chuirfear i bhfeidhm ar bhearta áirithe eile, ar Leader, cuir i gcás, agus ar íocaíochtaí ar chostais bainistíochta.

Tairgfear leibhéal áirithe solúbthachta do na Ballstáit le haghaidh aistrithe idir leithdháiltí. Is féidir suas le 15 % de na híocaíochtaí díreacha a aistriú do leithdháileadh CETFT agus vice versa. Is féidir céatadán is airde ná sin a aistriú ó íocaíochtaí díreacha go leithdháileadh CETFT i gcás idirghabhálacha a bhaineann le spriocanna comhshaoil agus aeráide, agus deontais d'fheirmeoirí óga le gnó a shocrú suas.

Tá sonraí faoi thionchar airgeadais thogra an CBT leagtha amach sa ráiteas airgeadais a ghabhann leis an togra.

5.EILIMINTÍ EILE

Pleananna cur chun feidhme, agus socruithe faireacháin, meastóireachta agus tuairiscithe

An taistriú i dtreo beartais ar mó béim atá ann ar an bhfeidhmíocht, is gá creat láidir feidhmíochta a leagan síos ina choinne, é sin a bhunú a tháscairí coiteanna, rud a chuirfidh ar chumas an Choimisiúin feidhmíocht an bheartais a mheasúnú, agus faireachán a dhéanamh air. Is iad an Comhchreat Faireacháin agus Meastóireachta (CMEF) agus an córas faireacháin ar Íocaíochtaí Díreacha agus ar Fhorbairt Tuaithe atá ann faoi láthair an bunús a bheadh le faireachán agus measúnú ar fheidhmíocht an bheartais, ach beidh barr éifeachta le cur orthu, agus tuilleadh forbartha, (an chomhsheasmhacht idir an dá philéar san áireamh). Bheadh tuilleadh infheistíochta ag teastáil le táscairí oiriúnacha a thabhairt chun cinn, agus le dóthain sruthanna eolais a áirithiú.

Clúdóidh Creat nua Faireacháin agus Meastóireachta na hionstraimí ar fad a bheidh i CBT amach anseo: Na pleananna straitéiseacha maidir le CBT, mar aon leis na heilimintí de CBT nach gclúdaítear sna pleananna straitéiseacha maidir le CBT (roinnt codanna de Chomheagrú Na Margaí, scéimeanna faoi leith). Dhéanfaí an fheidhmíocht a mheas i dtaca le Cuspóirí Sonracha an bheartais le húsáid na dtáscairí coiteanna.

Is faoi chomaoin na bprionsabal seo a leanas a eagrófar an tsamhail nua:

·Is rud iad na táscairí comhthéacs a mbeidh baint acu leis an ábhar, mar léiríonn siad gnéithe ábhartha de na treochtaí ginearálta sa gheilleagar, sa chomhshaol, agus sa tsochaí, agus is dóigh go mbeidh tionchar acu ar an bhfeidhmíocht.

·Ba cheart tacar táscairí níba theoranta ach níba chruinne a roghnú, rogha a léireodh chomh mór agus a éiríonn leis an idirghabháil tacaíochta a cion féin a dhéanamh leis na spriocanna a bhaint amach leis an mbunlíne atá i gceist, agus de réir sainmhínithe soiléire.

·Déanfar feidhmíocht an bheartais ina hiomláine a mheas go hilbhliantúil, agus is ar bhonn na dtáscairí tionchair a dhéanfar sin. Is ar liosta uileghabhálach na dtáscairí toraidh a bheidh an dara féachaint ar fheidhmíocht bhliantúil an bheartais ag brath.

·Dhéanfadh na táscairí aschuir ceangal uair sa bhliain idir caiteachas agus feidhmíocht chur i bhfeidhm an bheartais. Is obair bhliantúil atá sa rud sin, agus é ag brath ar liosta na dtáscairí aschuir (cinn atá ar fáil cheana go príomha).

·An iontaofacht atá sna táscairí feidhmíochta ábhartha, tig iad a éascú le sineirgí idir sonraí staitisticiúla agus sonraí riaracháin, ach ní féidir sin a dhéanamh gan córas rialaithe cáilíochta a bheith ann.

Go bunúsach, is éard atá á mholadh aistriú sna freagrachtaí agus sna deiseanna atá i gcreat coiteann, iad sainithe go soiléir agus iad curtha i bhfeidhm, ionas go gcuirfidh siad toradh ar níos mó ná bunsprioc amháin san am, mar atá simpliú, béim ar na torthaí (seachas ar chomhlíonadh na rialacha), ar éifeachtacht agus ar éifeachtúlacht an bheartais.

Meastar gurb é an tathbhreithnithe bliantúil ar an bhfeidhmíocht an chuid is tábhachtaí den fhaireachán leanúnach agus den stiúradh a dhéantar ar chur chun feidhme an bheartais. Ionas gur féidir athbhreithniú bliantúil ar an bhfeidhmíocht a chur ag obair, beidh táscairí leordhóthanacha aschuir agus táscairí torthaí le comhthíolacadh i dtuarascáil bhliantúil ar chur chun feidhme Plean Straitéiseach CBT ar a dtugtar An Tuarascáil Bliantúil Feidhmíochta. Cuirfidh na Ballstáit tuarascáil bhliantúil ar fáil faoin aschur agus faoin gcaiteachas a bhí ann, mar aon le tuairisc faoin obair atá fós le déanamh le spriocanna na tréimhse uile a bhaint amach, rud a chuirfear in iúl ina luachanna de na táscairí coiteanna clárshonracha.

Is i gcomhréir le hailt 22 agus 23 den chomhaontú Idirinstitiúideach maidir le Reachtóireacht Níos Fearr an 13 Aibreán 2016 a dhéanfar an mheastóireacht, áit ar dhearbhaigh an trí institiúid gur dóigh go mbeidh an mheastóireacht ar an reachtaíocht agus ar an gcomhbheartas atá ann faoi láthair ina bunús don mheasúnú tionchair agus do roghanna le haghaidh bearta eile. Is éard a dhéanfaidh na meastóireachtaí ná éifeachtaí obair an chláir ar na feirmeacha féin a mheas, rud a bheidh bunaithe ar tháscairí/spriocanna an chláir, agus ar mhionanailís ar an ábharthacht, ar an éifeachtúlacht, agus ar an éifeachtacht a mheastar a bheith sa chlár, agus mionanailís ar cé chomh mór agus atá luach breise don Aontas Eorpach ann, agus ar cé chomh mór agus atá comhleanúint idir é agus beartais eile de chuid an Aontais Eorpaigh. Beidh le háireamh orthu ceachtanna a foghlaimíodh i sainaithint easpa/fadhbanna nó aon deis eile le tuilleadh feabhais a chur ar na gníomhartha agus ar an toradh a bhíonn orthu, agus le saothrú/tionchar a bhaint astu oiread agus is féidir.

Doiciméid mhíniúcháin (le haghaidh treoracha)

Ní bhaineann seo le hábhar.

Míniúchán mionsonraithe ar fhorálacha sonracha an togra

Baineann an togra le trí rialachán:

·Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena mbunaítear rialacha maidir le tacaíocht do phleananna straitéiseacha a bheidh le tarraingt suas ag na Ballstáit faoin gComhbheartas Talmhaíochta (Pleananna Straitéiseacha faoi CBT) agus le maoiniú ag an gCiste Eorpach um Ráthaíocht Talmhaíochta (CERT) agus ag an gCiste Eorpach Talmhaíochta um Fhorbairt Tuaithe (CETFT) agus lena naisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 1305/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Rialachán (AE) Uimh. 1307/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle) (eadhon: Rialachán an Phlean Straitéisigh faoi CBT

·Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle faoi mhaoiniú, faoi bhainistiú agus faoi fhaireachán an chomhbheartais talmhaíochta agus lena naisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 1306/2013 (eadhon: An Rialachán Cothrománach CBT)

·Rialacháin ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1308/2013 lena mbunaítear comheagraíocht na margaí do tháirgí talmhaíochta, (AE) Uimh. 1151/2012 ar scéimeanna ardchaighdeáin do tháirgí talmhaíochta agus bia-earraí, (AE) Uimh. 251/2014 ar shainmhíniú, ar chur síos, ar chur i láthair, ar lipéadú, agus ar chosaint na dtásc geografach a bhaineann le fíonta cumhraithe, (AE) Uimh. 228/2013 a leagann síos bearta sonracha don talmhaíocht sna réigiúin is forimeallaí san Aontas agus (AE) Uimh. 229/2013 a leagann síos bearta sonracha don talmhaíocht i bhfabhar na noileán Aeigéach is lú. (eadhon: Rialachán Leasaithe)

Na rialacháin seo agus iad a chur le chéile, is athrú iad ar CBT sa mhéid agus go ndéanann siad ailíniú ar a gcuid spriocanna le tosaíochtaí Juncker agus na SFIanna, sin agus simpliú ar chur chun feidhme an bheartais san am céanna. Cuirfear CBT in oiriúint do na dálaí áitiúla de bhrí go mbainfear amach an coinníoll incháilitheachta do thacaíocht ar leibhéal an Aontais Eorpaigh. Beidh ar chumas na mBallstát formhór na gcoinníollacha incháilitheachta a shainmhíniú ar an leibhéal náisiúnta chun iad a chur in oiriúint dá gcuid toscaí sainiúla féin. San am céanna, laghdófar an tualach riaracháin a ghabhann le rialuithe trí theorainn a chur leis an nasc díreach idir coinníollacha incháilitheachta ar leibhéal an Aontais Eorpaigh agus na tairbhithe deiridh.

Ós éard is cuspóir do CBT leanúint den fheabhas ar fhorbairt inbhuanaithe na feirmeoireachta, an bhia, agus na gceantar tuaithe, tá fócas sna cuspóirí ginearálta atá aige ar fheabhas feidhmíochta i réimsí an chomhshaoil agus na haeráide, agus neartú an ghréasáin shocheacnamaíochta sna ceantair thuaithe. Ina theannta sin, is cuspóir a bhfuil gearradh trasna ar a chéile ann atá i gcothú an eolais, sa nuálaíocht agus sa digitiú sa talmhaíocht agus sna ceantair thuaithe.

Leanfaidh CBT nua na cuspóirí sonracha seo a leanas:

(a)Tacaíocht d’ioncam feirme inmharthana agus don athléimneacht ar fud chríocha an Aontais chun feabhas a chur ar an tslándáil bia;

(b)díriú níos fearr ar an margadh, agus cur leis an iomaíochas, lena náirítear fócas ar an taighde, ar an teicneolaíocht agus an digitiú, agus fócas níos mó ar ghlacadh na nithe sin;

(c)Áit na bhfeirmeoirí sa slabhra luacha a fheabhsú;

(d)Cuidiú an tathrú aeráide a mhaolú, an cuidiú san oiriúnú don athrú sin, mar aon leis an bhfuinneamh inbhuanaithe;

(e)An fhorbairt inbhuanaithe agus bainistiú éifeachtúil ar acmhainní nádúrtha, idir an tuisce, an ithir agus an taer, a chothú;

(f)Cuidiú an bhithéagsúlacht a chosaint, seirbhísí éiceachórais a fheabhsú agus gnáthóga agus tírdhreacha a chaomhnú;

(g)Feirmeoirí óga a mhealladh agus forbairt gnó a éascú;

(h)An fhostaíocht, an fás, an cuimsiú sóisialta, agus an fhorbairt áitiúil a chur chun cinn i gceantair thuaithe, lena náirítear an bithgheilleagar agus an fhoraoiseacht inbhuanaithe;

(i)An chaoi a dtéann earnáil talmhaíochta an Aontais Eorpaigh i ngleic le héilimh shochaíocha ar bhia agus ar shláinte, lena náirítear bia sábháilte cothaitheach inbhuanaithe, agus leas ainmhithe, a fheabhsú.

Leis na spriocannaí seo a chur díobh, áiritheoidh na Ballstáit simpliú agus feidhmíocht na tacaíochta faoi CBT. Déanfaidh siad idirghabháil atá oiriúnach do na toscaí atá ann, rud a bheidh bunaithe ar na cineálacha idirghabhála a luaitear sa rialachán. Beidh ar na Ballstáit aird faoi leith a thabhairt ar na cuspóirí sonracha atá ag dul le cúrsaí comhshaoil agus le cúrsaí aeráide, agus ar athnuachan na nglún, agus ar nuachóiriú an bheartais um chur chun feidhme, agus chuige sin beidh fócas ar úsáid ab fhearr a bhaint as eolas agus as comhairle agus as teicneolaíochtaí (digiteacha) nua.

Cuirfidh na Ballstáit a gcuid moltaí idirghabhála i láthair leis na cuspóirí AE-sonracha i bPlean Straitéiseach maidir le CBT a chur i gcrích. Leagtar síos rialacha faoi Plean Straitéiseach maidir le CBT sa reachtaíocht, agus déanfaidh an Coimisiún na pleananna a sheiceáil agus a fhaomhadh. Déanfaidh Pleananna Straitéiseacha maidir le CBT cónascadh ar an gcuid is mó d’ionstraimí Tacaíochta CBT atá á maoiniú faoin CERT (lena náirítear na cláir earnála a bhí bunaithe faoin rialachán CMT go nuige seo) agus faoin CETFT. Ar an gcaoi seo, déanfar straitéis cur chun feidhme comhleanúnach idirghábhála amháin a dhearadh trí obair na mBallstát. Sna Pleananna Straitéiseacha maidir le CBT, leagfaidh na Ballstáit síos spriocanna ar an méid is mian leo a chur i gcrích le linn na clárthréimhse, agus úsáidfidh siad táscairí toraidh a bhfuil sainmhíniú coiteann leo.

An uair a bheidh na Pleananna Straitéiseacha maidir le CB bunaithe, cuirfidh na Ballstáit tuairisc ar fáil uair sa bhliain faoin dul chun cinn a bhí ann sa chur cur chun feidhme, rud a núsáidfidh siad córas táscairí coiteanna lena aghaidh. Déanfaidh na Ballstáit agus an Coimisiún faireachán ar an dul chun cinn, agus déanfaidh siad measúnú ar éifeachtacht na hidirghabhála.

Tá eolas sa roinn seo thíos ar an ábhar sainiúil atá sa trí rialachán.

An Rialachán maidir le Pleananna Straitéiseacha faoi CBT

Tá foráil i dTeideal I do raon feidhme an rialacháin chomh maith le foráil a bheith ann do na sainmhínithe.

Cuirtear cuspóirí ginearálta agus cuspóirí sonracha CBT i láthair i dTeideal II, cuspóirí ar gá cloí leo san idirghabháil a dhearann na Ballstáit ina gcuid Pleananna Straitéiseacha maidir le CBT. I dTeideal III, cuirtear cuid de na ceanglais choiteanna do na Pleananna straitéiseacha maidir le CBT i láthair, mar aon le heilimintí arb infheidhme dóibh ar idirghabhálacha éagsúla. Baineann na ceangaltais choiteanna le comhlíonadh na bprionsabail ginearálta agus na mbunchearta, fiaradh na hiomaíochta a sheachaint, urraim don mhargadh inmheánach, agus an neamhchlaontacht, mar aon le hurraim do rialacha tacaíochta baile na hEagraíochta Trádála Domhanda. Áirítear orthu sin chomh maith ceanglais maidir le heilimintí sonracha atá le sainmhíniú i bpleananna CBT, eadhon céard is ceantar talmhaíochta ann, céard is gníomhaíocht talmhaíochta ann, céard is feirmeoir dearbhaithe ann, agus céard is feirmeoir óg ann. Is é rud a bhfuil cur síos air sa roinn seo na dualgais faoi ‘choinníollacht’ (na ceanglais ar gá do gach tairbhí a bheith in oiriúint dóibh, ceanglais a bhaineann leis an dea-chleachtas talmhaíochta, ach dualgais eile chomh maith de bhun reachtaíocht an Aontais Eorpaigh), agus an gá atá le seirbhísí comhairliúcháin feirme ar fónamh.

Ar deireadh, tá cur i láthair sa Teideal seo ar na cineálacha idirghabhála i láthair a fhéadfaidh na Ballstáit a úsáid lena gcuid Pleananna Straitéiseacha maidir le CBT a chur chun feidhme. Na cineálacha idirghabhála atá ann, sin iad na catagóir leathana idirghabhála is féidir leis na Ballstáit a úsáid ina gcuid Pleananna Straitéiseacha faoi CBT.

Is forálacha airgeadais atá i dTeideal IV. Dhá rud atá ann ach go háirithe na leithdháiltí do gach Ballstát agus do gach Ciste, agus sainmhíniú ar an tsolúbthacht le leithdháiltí a aistriú idir cistí. Foráiltear ann do rátaí rannchuidithe CETFT i ndáil le caiteachas poiblí na mBallstát, agus leagtar amach ann cuid de na leithdháiltí íosta agus uasta le haghaidh críoch faoi leith.

Cuirtear na rialacha faoi Phleananna Straitéiseacha faoi CBT i láthair i dTeideal V. Luaitear ann na heilimintí is gá do na Ballstáit a chur san áireamh agus Plean Straitéiseach faoi CBT á dhréachtú acu, an phleanáil airgeadais, agus cén íosmhéid ábhair a bheidh ann. Mínítear sa teideal seo freisin cé na rialacha atá infheidhme don fhaomhadh a dhéanfaidh an Coimisiún ar Phleananna Straitéiseacha faoi CBT, agus cé mar is féidir pleananna dá leithéid a leasú.

Foráiltear i dTeideal VI do na heilimintí is gá chun comhordaithe agus chun rialachais. Leagann sé freagrachtaí ar údaráis na mBallstát le haghaidh cúraimí sonracha a bhaineann le Pleananna Straitéiseacha faoi CBT. Cuireann sé coiste faireacháin ar bun a thabharfaidh na geallsealbhóirí ar fad i gceist. Cuirtear líonraí ar bun leis freisin arb é dea-chur chun feidhme Pleananna Straitéiseacha faoi CBT is éigean dó a dhéanamh. Bunófar na líonraí seo ar an leibhéal náisiúnta agus ar leibhéal an Aontais Eorpaigh araon. Ar deireadh, seo é an teideal lena mbunaítear an Chomhpháirtíocht Nuálaíochta Eorpach le borradh a chur faoin malartú eolais agus faoin nuálaíocht.

Tugtar an creat faireacháin feidhmíochta agus meastóireachta isteach le Teideal VII, áit a lena leagfar síos rialacha faoin an uair agus faoin rud is éigean do na Ballstáit tuairisc a thabhairt air, tuairisc maidir le dul chun cinn sna rialacha atá acu dá gcuid Pleananna Stráitéiseacha faoi CBT, agus faoin mbealach a ndéanfar faireachán agus meastóireacht air sin. Thar teideal ar bith eile, is sa teideal seo atá na rialacha ar bhónas feidhmíochta ar fheidhmíocht ar fónamh i réimsí an chomhshaoil agus na haeráide.

Ar deireadh thiar, baineann Teidil VIII agus IX leis na rialacha iomaíochta, teidil a mhíníonn cé mar is éigean rialacha cúnta a chur i bhfeidhm i Stáit ar leith, cé na rialacha infheidhme a aisghairtear, agus cén uair is infheidhme don rialachán.

An Rialachán Cothrománach CBT

Moltar struchtúr reatha CBT a choinneáil, struchtúr atá ina dhá philéar a bhfuil forálacha bliantúla i bPiléar I ann faoin bhforfheidhmiú ginearálta, mar aon leis na forálacha i bPiléar II a léiríonn tréithe sonracha náisiúnta agus réigiúnacha faoi chlár maoinithe ilbhliantúil. Is ar bhreis coimhdeachta a bheidh CBT ag díriú i ndiaidh 2020 áfach, ionas gur fearr a fhéadfaidh na Ballstáit na forálacha forfheidhmithe a mhúnlú faoin dá Philéar, múnla a bheidh de réir a gcuid réaltachtaí saoil féin agus de réir chúinsí saoil na bhfeirmeoirí. Is ionann breis coimhdeachta agus athchothromaíocht freagrachtaí i mbainistiú CBT ar thaobh amháin den scéal, agus caidreamh eile idir Aontas na hEorpa, na Ballstáit agus na feirmeoirí ar an taobh eile de.

Ar an mbonn seo, tá an Rialachán Cothrománach CBT reatha in oiriúint don tsamhail seachadta nua, agus léiríonn sé an bhreis solúbthachta atá sna Ballstáit ag cur an bheartais chun feidhme dóibh (i gcomhréir lena gcuid riachtanas áitiúil, mar aon le laghdú riaracháin do na tairbhithe, agus aistriú i dtreo beartais atá bunaithe ar chúrsaí feidhmíochta.

An taistriú seo ar leibhéal an Aontais Eorpaigh ó chomhlíonadh na rialacha go dtí an fheidhmíocht, is rud é a dteastaíonn sainaithint shoiléir ar na spriocanna lena aghaidh, spriocanna a chaithfidh an beartas a chur i gcrích: is ar leibhéal an Aontais Eorpaigh a bhunófar na spriocanna seo. Le dul i dtreo meicníocht bheartais ar mó an bhéim ann ar na torthaí atá á dtabhairt chun cinn, beidh aistriú á dhéanamh ó dhearbhú na dlíthiúlachta agus rialtachta a bhaineann leis na hidirbhearta chuig dearbhú na feidhmíochta agus chuig an urraim do bhuncheanglais an Aontais Eorpaigh, leithéid CCRR (An Córas Comhtháite Riaracháin agus Rialaithe), nó na comhlachtaí rialachais (ghníomhaireachtaí íocaíochta, comhlachtaí comhordaithe, údaráis inniúla, agus comhlachtaí deimhniúcháin). Coinneofar na struchtúir rialachais téagartha iontaofa ar de thréithe CBT iad.

Chomh maith leis na forálacha airgeadais, tá forálacha sa Rialachán Cothrománach fós ar na prionsabail ghinearálta a bhaineann le seiceálacha agus pionóis, ar sheiceálacha coinníollachta agus ar an gCóras Rialaithe um Uathoibriú Tionsclaíoch IACS. Mar thoradh air seo, leagtar síos rialacha sa rialachán maidir le hairgeadas, le bainistiú, le córais rialaithe, le próisis imréitigh (imréiteach airgeadais bliantúil agus imréiteach feidhmíochta bliantúil) mar aon le nós imeachta an chomhlíonta.

Tá eilimintí simpliúcháin éagsúla sa rialachán seo. Ar an gcéad dul síos, léiríonn an timréiteach feidhmíochta bliantúil nua an taistriú ón gcomhlíonadh a bhí ar an tairbhí aonair a dhéanamh chuig feidhmíocht beartais sna Ballstáit.

Chomh maith leis sin, tá tuar ann ar laghdú ar líon na ngníomhaireachtaí íocaíochta, agus ar athneartú ról an chomhlachta chomhordaithe agus an chomhlachta dheimhniúcháin i gcomhréir leis an tsamhail seachadta nua. A bhuíochas leis sin, beidh an córas níos trédhearcaí agus is lú ualaí a bheidh i gceist leis do riaracháin náisiúnta agus don Choimisiún araon. I gcomhréir leis an Rialachán Airgeadais, tugtar isteach coincheap seo an chur chuig aonair chun iniúchóireachta, agus dá bharr sin féadfaidh an Coimisiún gan iniúchadh a dhéanamh chomh minic.

Rialacháin Leasaithe

Is dearbhú í an Teachtaireacht ar Thodhchaí an Bhia agus na Feirmeoireachta gur cuid bhunúsach de CBT atá i dtreocht an mhargaidh, ach tá léargas ann freisin ar na dúshláin a bhaineann le hinbhuanaitheacht comhshaoil agus le hathrú aeráide. Rud eile de, cuireann sé earnáil na talmhaíochta i gceartlár na díospóireachta faoi chúrsaí bia, rud is cás leis na saoránaigh, agus meabhraíonn sé dúinn “gurb é an ról is tábhachtaí atá ag an mbeartas ná cuidiú leis na feirmeoirí na hathruithe i nósanna ithe na ndaoine a thuiscint roimh ré, agus a gcuid táirgeachta a athrú de réir chomharthaí sóirt an mhargaidh agus de réir éilimh na dtomhaltóirí”. Ó tharla gur leagadh síos rialacha mionsonraithe ar leibhéal an Aontais Eorpaigh gur féidir go dtiocfaidís salach ar na hathruithe riachtanacha, is deis atá san athchóiriú le roinnt athruithe riachtanacha a dhéanamh. Ina theannta sin, ba cheart don CBT díriú ar na ceisteanna atá ag déanamh buartha do na saoránaigh faoi tháirgeadh talmhaíochta atá inbhuanaithe.

Is é is dócha más ea go gcoinneofar creatlach agus príomhghnéithe Rialachán (AE) 1308/2013, ach go leasófar líon teoranta forálacha de bharr na héabhlóide a bhí ann i gcúrsaí eacnamaíochta agus comhshaoil, mar aon le héabhlóid an stáit agus na sochaí, ó tháinig an rialachán i bhfeidhm in 2014.

Ar an gcéad dul síos, is é is dócha go gcuirfear deireadh le forálacha a bhaineann le hidirghabhálacha earnála, forálacha a leagadh síos cheana i Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013, de bhrí gur faoi rialú phlean CBT a rialófar na hidirghabhálacha CBT sa todhchaí, agus de bhrí gur cuid de phleananna straitéiseacha na mBallstát a bheidh ann chun feabhas a chur ar chomhsheasmhacht na hidirghabhála a dhéanann CBT.

Ar an dara dul síos, cé gur chuir an dá leasú ar bheartas fíona i 2008 agus i 2018 na spriocanna a bhí i gceist leo i gcrích den chuid is mó, rud a fhágann go bhfuil biseach eacnamaíoch ar an earnáil fíona, tá dúshláin nua tagtha chun follais ó thaobh geilleagair, comhshaoil agus aeráide de. Dá bhrí sin, le ceart a bhaint de na dúshláin sin, tá tuar sa rialachán ar líon áirithe leasuithe sonracha ar rialacha atá ann cheana féin.

Ar an tríú dul síos, bhí gairm sa Teachtaireacht ar Thodhchaí an Bhia agus na Feirmeoireachta ar thásca geografacha (GI) a mbeadh mealladh na bhfeirmeoirí agus na dtomhaltóirí iontu thar mar atá, agus an córas a thabhairt chun sobhainistithe. Dá bhrí sin, moltar leasú ar na rialacha reatha faoi tásca geografacha, agus sin a roinnt ar cheithre Acht bunúsach, agus é de sprioc acu an córas thásca geografacha a shimpliú, dlús a chur i gclárú na dtásca geografacha, agus breis éifeachta a chur i bhfaomhadh na leasuithe ar shonraíochtaí táirgí. Is éard is sprioc do na hathruithe sin an córas tásca geografacha a shimpliú ionas gurbh fhusa don tomhaltóir tuiscint a bhaint as, ionas gurbh fhusa é a chur chun cinn, agus ionas gur lú na costais riaracháin a bheadh i mbainistiú an chórais dá bharr.

Maidir leis na rialacha a bhaineann le fíon, rialacha a chuireann teorainn le hiniúchadh an Aontais Eorpaigh ar iarratais, ionas nach ndéantar ach botúin fhollasacha a cheartú iontu, agus rialacha maidir le maoin intleachtúil a dhealú ó cheanglais eile a leagtar síos sa tsonraíocht táirge, sin agus é a chur ar chumas na mBallstát cinneadh a dhéanamh ar leasuithe nach mbíonn tionchar acu ar leibhéal an Aontais Eorpaigh, is rud e sin a chuirfeadh líofacht sna hiarratais, a ghiorródh na hamlínte, agus a dhéanfadh réasúnú ar na foinsí, i gcomhréir le dhá phrionsabal na coimhdeachta agus na comhréireachta. Sa tslí chéanna, má shimplítear cuid de na nósanna imeachta sonracha, an nós imeachta freasúra, mar shampla, meastar go gcuirfidh sé sin breis éifeachta sa nós imeachta formheasa.

An soiléiriú ar an sainmhíniú ar ainmniú cosanta tionscnaimh d’fhíonta, is soiléiriú é a chuirfidh ar chumas na ngrúpaí táirgeoirí cineálacha nua a úsáid, rud eile atá ag teastáil chun freagairt don athrú aeráide, agus rud a mbeidh bonn cirt cuí faoi iarratais dá bharr, i gcomhréir le réaltachtaí fíonsaothraithe agus fhíoneolaíocha. Moltar freisin cosaint na dtásc geografach a neartú, mar aon le cosaint in aghaidh tásca geografacha bréige ar an idirlíon, agus cosaint ar earraí le linn dóibh a bheith á niompar.

An simpliú a mholtar do thásca geogracha fíona, is rud é is gá a chur i bhfeidhm ar tháirgí talmhaíochta agus ar earraí bia chomh maith: chun leibhéal réasúnach comhleanúnachais a áirithiú idir na scéimeanna, agus leis an sochar thuasluaite a chur ar fáil do lucht táirgthe tásca geografacha san earnáil seo freisin. Níl ag scéim tásca geografacha na bhfíonta cumhraithe ach 5 thásca den 3350 tásc atá ann, tá sé do-oibrithe, agus ba cheart a tháthú le scéim eile – is oiriúnach an scéim atá i scéim na dtáirgí talmhaíochta agus bia-earraí mar clúdaíonn sí deochanna alcóil eile cheana féin.

Ina theannta sin, tá tuar forála sa rialachán nach ndéanann le gealltanais a thug an tAontas Eorpach agus na Ballstáit le deireanas ach iad a aistriú ina reachtaíocht inmheánach i gcomhthéacs Chinntí na nAirí san Eagraíocht Dhomhanda Trádála.

Ar deireadh, moltar cuid de na forálacha atá imithe i léig a chur ar ceal, inter alia an córas rialachán agus ceanglas a bhaineann le hearnáil an tsiúcra, córas a chuaigh in éag ag deireadh na bliana margaíochta 2016/2017.

2018/0216 (COD)

Togra le haghaidh

RIALACHÁN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

lena mbunaítear rialacha maidir le tacaíocht do phleananna straitéiseacha a bheidh le tarraingt suas ag na Ballstáit faoin gComhbheartas Talmhaíochta (Pleananna Straitéiseacha faoi CBT) agus arna maoiniú ag an gCiste Eorpach um Ráthaíocht Talmhaíochta (CERT) agus ag an gCiste Eorpach Talmhaíochta um Fhorbairt Tuaithe (CETFT) agus lena naisghairtear Rialachán (AE) Uimh 1305/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Rialachán (AE) Uimh 1307/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 42 agus Airteagal 43(2) de,

Ag féachaint d'Ionstraim Aontachais 1979, agus go háirithe mír 6 de Phrótacal Uimh. 4 maidir le cadás atá ag gabháil leis,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa 7 ,

Ag féachaint don tuairim ó Choiste na Réigiún 8 ,

Ag féachaint don tuairim ón gCúirt Iniúchóirí,

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach,

De bharr an méid seo a leanas:

(1)Sa Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún dar teideal "Todhchaí an Bhia agus na Feirmeoireachta" an 29 Samhain 2017 leagadh amach na dúshláin, na cuspóirí agus na treochtaí a d'fhéadfadh a bheith ann don Chomhbheartas Talmhaíochta ("CBT") tar éis 2020. Ar na cuspóirí seo tá – inter alia – an gá an Comhbheartas Talmhaíochta a bheith dírithe níos mó ar thorthaí, ar bhorradh a chur faoi nuachóiriú agus inbhuanaitheacht fhoriomlán, lena náirítear inbhuanaitheacht eacnamaíoch, shóisialta agus aeráide na limistéar talmhaíochta, foraoiseachta agus tuaithe, agus ar chuidiú le laghdú a dhéanamh ar an ualach riaracháin sin a bhíonn ar thairbhithe agus ar ualach é a thagann de reachtaíocht an Aontais.

(2)Ós rud é gur gá faobhar a chur ar fhreagairt an Chomhbheartais Talmhaíochta do na dúshláin agus na deiseanna de réir mar a thagann siad chun cinn ar an leibhéal idirnáisiúnta, náisiúnta, réigiúnach, áitiúil agus ar leibhéal an Aontais, ní mór rialachas an Chomhbheartais Talmhaíochta a chomhchuibhiú agus an chaoi a seachadann sé cuspóirí an Aontais a fheabhsú agus an tualach riaracháin a laghdú go suntasach. I gComhbheartas Talmhaíochta atá bunaithe ar fheidhmíocht a seachadadh ('an tsamhail seachadta'), ba cheart don Aontas na bunpharaiméadair bheartais a shocrú, amhail cuspóirí an Chomhbheartais Talmhaíochta agus na bunriachtanais, agus san am céanna ba cheart freagracht níos mó a bheith ar na Ballstáit maidir leis an gcaoi a gcomhlíonfaidh siad na cuspóirí agus a ngnóthóidh siad na spriocanna. Le coimhdeacht fheabhsaithe féadtar dálaí agus riachtanais áitiúla a chur san áireamh níos fearr tríd an tacaíocht a oiriúnú chun an rannchuidiú le cuspóirí an Aontais a uasmhéadú.

(3)Sainmhínithe comhchoiteanna a úsáid arna leagan síos go hiomlán ar leibhéal an Aontais, ba chúis le deacrachtaí an méid sin do na Ballstáit agus iad ag déileáil lena sainiúlachtaí féin ar an leibhéal náisiúnta, réigiúnach agus áitiúil. Ba cheart dá bharr sin, an tsolúbthacht a thabhairt do na Ballstáit sainmhínithe áirithe a shonrú ina bPlean Straitéiseach faoi CBT. Chun cothrom iomaíochta a áirithiú ní mór, áfach, creat áirithe a leagan síos ar leibhéal an Aontais ina mbeidh na buneilimintí riachtanacha a bheidh le cur san áireamh sna sainmhínithe seo( 'sainmhínithe creata').

(4)Lena áirithiú go mbeidh an tAontas in ann a oibleagáidí idirnáisiúnta a urramú maidir le tacaíocht intíre a leagtar amach i gComhaontú na hEagraíochta Domhanda Trádála ar Thalmhaíocht agus go háirithe go leanfar d'fhógra a thabhairt maidir leis an an tacaíocht bhunúsach ioncaim i dtaobh na hinbhuanaitheachta agus cineálacha idirghabhála gaolmhara a bheith ina dtacaíocht "Bosca Ghlais", nach bhfuil aon éifeacht a shaobhann trádáil aici, nó éifeacht aníseal ar a laghad, ba cheart foráil a dhéanamh le sainmhíniú creata ar "ghníomhaíocht talmhaíochta" maidir le táirgí talmhaíochta a tháirgeadh nó an limistéar talmhaíochta a chothabháil. I ndáil le hoiriúnú le dálaí áitiúla, ba cheart do na Ballstáit sainmhíniú iarbhír ar an ngníomhaíochta talmhaíochta a leagan síos ina bPlean Straitéiseach faoi CBT.

(5)I ndáil leis na heilimintí riachtanacha a choinneáil ar fud an Aontais chun an inchomparáideacht idir cinntí na mBallstát a áirithiú, gan teorainn a chur le hiarrachtaí na mBallstát agus iad ag iarraidh cuspóirí an Aontais a ghnóthú, ba cheart sainmhíniú creata ar 'limistéar talmhaíochta' a leagan amach. Ba cheart na sainmhínithe gaolmhara ar 'talamh arúil', 'barra buana' agus 'féarthailte buana' a leagan amach ar bhealach leathan lena chur ar chumas na mBallstát sainmhínithe a shonrú a thuilleadh de réir na ndálaí áitiúla. Ba cheart an sainmhíniú creata ar 'talamh arúil' a leagan síos ar chaoi a gcuirfear ar chumas na mBallstát foirmeacha éagsúla táirgthe a chur san áireamh, lena náirítear córais amhail agrafhoraoiseacht agus limistéir arúla ar a bhfuil toir agus crainn agus lena néilítear talamh a fhágtar bán a chur san áireamh lena áirithiú gur idirghabhálacha díchúpláilte atá sna hidirghabhálacha. Ba cheart limistéir a úsáidtear le haghaidh táirgeachta agus nach núsáidtear le haghaidh táirgeachta a chur san áireamh sa shainmhíniú ar 'bharra buana' mar aon le plandlanna agus roschoillte gearruainíochta a bheidh le sainiú ag na Ballstáit. Ba cheart an sainmhíniú creata ar 'féarthailte buana' a leagan síos ar chaoi a gcuirfear ar chumas na mBallstát critéir bhreise a shonrú agus a gcuirfear ar a gcumas speicis cé is moite d'fhéar nó foráiste luibheach eile ar féidir iad a innilt nó a d'fhéadfadh beatha ainmhithe a tháirgeadh a chur san áireamh, má úsáidtear iad le haghaidh táirgeachta nó mura núsáidtear.

(6)Ba cheart go spreagfaí CETFT le sineirgíochtaí idir CETFT agus Fís Eorpach an úsáid is fearr a bhaint as torthaí taighde agus nuálaíochta, go háirithe na torthaí sin a thagann as tionscadail a mhaoinítear le Fís Eorpach agus an Chomhpháirtíocht Eorpach um Nuálaíocht (CEN) ‘um tháirgiúlacht agus inbhuanaitheacht talmhaíochta’, ar mhaithe le nuálaíochtaí san earnáil feirmeoireachta agus sna ceantair thuaithe.

(7)Chun deimhneacht dhlíthiúil a áirithiú go níocfar as an tacaíocht i leith limistéar talmhaíochta atá ar fáil don fheirmeoir agus ar a bhfuil gníomhaíocht talmhaíochta á déanamh, ba cheart sainmhíniú creata ar ‘na heicteáir incháilithe’ ina bhfuil na heilimintí riachtanacha a leagan amach. Go háirithe, chun éilimh dhúbailte a sheachaint, ba cheart do na Ballstáit na coinníollacha a shocrú faoin gcinnfear an bhfuil an talamh ar fáil ag an bhfeirmeoir. I bhfianaise na dóchúlachta go mbainfí úsáid ócáideach shealadach as talamh talamh talmhaíochta le haghaidh gníomhaíochtaí nach bhfuil fíorthalmhaíoch agus i bhfianaise go bhféadfadh gníomhaíochtaí neamhthalmhaíocha rannchuidiú le héagsúlú ioncaim na ngabháltas beag ba cheart do na Ballstáit coinníollacha iomchuí a leagan síos chun limistéir nach núsáidtear le haghaidh gníomhaíochtaí neamhthalmhaíocha a áireamh mar heicteáir incháilithe.

(8)I ndáil leis na limistéir a úsáidtear chun cnáib a tháirgeadh, d'fhonn an tsláinte phoiblí a chosaint agus an comhleanúnachas le corpais dlí eile a áirithiú, ba cheart úsáid síolta de chineálacha cnáibe inar lú an méid teitrihidreacannaibionóil ná 0.2 % a bheith ina cuid den sainmhíniú ar heicteár incháilithe.

(9)D'fhonn feidhmíocht an Chomhbheartais Talmhaíochta a fheabhsú ba cheart an tacaíocht ioncaim a spriocdhíriú a thuilleadh ar fhíorfheirmeoirí. Chun cur chuige comhchoiteann maidir le tacaíocht a spriocdhíriú ar an gcaoi sin a áirithiú ar leibhéal an Aontais ba cheart sainmhíniú creata ar 'fhíorfheirmeoir' ina bhfuil na heilimintí riachtanacha a leagan amach. Ar bhonn an chreata seo, ba cheart do na Ballstáit a shainiú ina bPlean Straitéiseach faoi CBT na feirmeoirí nach meastar a bheith ina bhfíorfheirmeoirí bunaithe ar choinníollacha amhail tástálacha ioncaim, ionchuir saothair ar an bhfeirm, cuspóir an ghnólachta agus a áireamh ar chláir. Ba cheart nach bhfágfadh sin go mbeadh bac ar thacaíocht d'fheirmeoirí ilghníomhacha atá go gníomhach i mbun feirmeoireachta ach atá ag gabháil de ghníomhaíochtaí thalmhaíochta lasmuigh den fheirm chomh maith, ós rud é gur minic a neartaítear bonn socheacnamaíoch na gceantar tuaithe leis an ilghníomhaíocht sin.

(10)Chun an comhsheasmhacht idir cineálacha idirghabhála ar íocaíochtaí díreacha iad le feirmeoirí agus idirghabhálacha forbartha tuaithe a áirithiú agus aghaidh á tabhairt ar chuspóir athnuachana ó ghlúin go glúin, ba cheart sainmhíniú creata ar 'fheirmeoir óg' ina bhfuil na heilimintí riachtanacha a shocrú ar leibhéal an Aontais.

(11)Chun bunús a chur le cuspóirí an chomhbheartais talmhaíochta arna bhunú le hAirteagal 39 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus lena áirithiú go rachaidh an tAontas i ngleic go leordhóthanach leis na dúshláin is déanaí atá roimhe, is iomchuí foráil a dhéanamh maidir le cuspóirí ginearálta lena léireofar na treochtaí a thugtar sa Teachtaireacht ón gCoimisiún maidir le "Todhchaí an Bhia agus na Feirmeoireachta". Ba cheart tacar cuspóirí sonracha a shainiú a thuilleadh ar leibhéal an Aontais agus a chur i bhfeidhm a thuilleadh ina bpleananna straitéiseacha faoi CBT. Agus cothromaíocht idir na gnéithe den fhorbairt inbhuanaithe á fáil, i gcomhréir leis an measúnú tionchair, ba cheart, leis na cuspóirí sonracha sin, cuspóirí ginearálta an Chomhbheartais Talmhaíochta a aistriú ina dtosaíochtaí nithiúla agus reachtaíocht ábhartha an Aontais a chur san áireamh, i ndáil leis an aeráid, an fuinneamh agus an comhshaol go háirithe.

(12)Faoi Chomhbheartas Talmhaíochta níos cliste, níos nuachóirithe agus níos inbhuanaithe ní mór dul i ngleic leis an taighde agus an nuálaíocht chun freastal ar ilfheidhmiúlacht na talmhaíochta, na foraoiseachta agus na gcóras bia san Aontas, trí infheistíocht a dhéanamh san fhorbairt theicneolaíoch agus sa digitiú, agus feabhas a chur ar an rochtain ar eolas neamhchlaonta fónta ábhartha nua.

(13)Agus é faoi shamhail seachadta CBT ba cheart don Aontas cuspóirí an Aontais a shocrú agus na cineálacha idirghabhála a shainaithint mar aon le bunriachtanais is infheidhme maidir leis na Ballstáit, agus ba cheart go mbeadh sé de chúram ar na Ballstáit an creat Aontais sin a aistriú ina shocruithe tacaíochta is infheidhme maidir leis na tairbhithe. Sa chomhthéacs sin, ba cheart do na Ballstáit gníomhú i gcomhréir leis an gCairt um Chearta Bunúsacha, prionsabail ghinearálta dhlí an Aontais agus a áirithiú go mbeidh an creat dlíthiúil maidir le tacaíocht ón Aontas a dheonú do thairbhithe bunaithe ar Phleananna Straitéiseacha faoi CBT agus i gcomhréir leis na prionsabail agus na ceanglais a leagtar amach sa Rialachán seo agus faoin [Rialachán Cothrománach].

(14)I ndáil le hearnáil talmhaíochta cliste athléimneach a chothú leanfaidh íocaíochtaí díreacha le feirmeoirí de bheith riachtanach chun tacaíocht ioncaim chothrom d'fheirmeoirí a ráthú. Ar an gcaoi chéanna, ní mór infheistíocht a dhéanamh in athstruchtúrú agus nuachóiriú feirme, sa nuálaíocht agus san éagsúlú agus glacadh le teicneolaíochtaí nua chun an luach saothair a fhaigheann feirmeoirí ón margadh a fheabhsú.

(15)I gcomhthéacs an Comhbheartas Talmhaíochta a bheith dírithe níos mó ar an margadh, a leagtar amach sa Teachtaireacht maidir le ‘The Future of Food and Farming’(‘Todhchaí an Bhia agus na Feirmeoireachta’) d'fhéadfadh neamhchosaint don mhargadh, an tathrú aeráide agus minicíocht agus déine eachtraí adhaimsire a ghabhann leis sin, mar aon le géarchéimeanna sláintíochta agus fíteashláintíochta, a bheith ina gcúis le rioscaí luaineachta praghsanna agus le méadú ar bhrúnna ioncaim. Ar an gcaoi sin, cé gurb iad feirmeoirí atá freagrach ar deireadh as a straitéisí feirme a cheapadh, ba cheart creat daingean a chruthú chun bainistíocht riosca iomchuí a áirithiú. Chuige sin, féadfaidh na Ballstáit agus feirmeoirí leas a bhaint as ardán um bainistiú riosca ar leibhéal an Aontais i dtaca le forbairt acmhainní chun ionstraimí airgeadais leordhóthanacha a chur ar fáil d'fheirmeoirí agus rochtain ar chaipiteal oibre, oiliúint, aistriú eolais agus comhairle.

(16)Cúram don chomhshaol agus gníomhú ar son na haeráide a dhaingniú agus rannchuidiú le cuspóirí an Aontais a bhaineann leis an gcomhshaol agus leis an aeráid a ghnóthú, is fíor-ardtosaíocht a bheidh sa mhéid sin don talmhaíocht agus don fhoraoiseacht san Aontas sa todhchaí. Ba cheart uaillmhian níos mó i ndáil leis na cuspóirí a léiriú le bonnstruchtúr an Chomhbheartais Talmhaíochta. De bhua na samhla seachadta, ba cheart gníomhaíocht a dhéanfar chun dul i ngleic leis an díghrádú comhshaoil agus leis an athrú aeráide a bheith bunaithe ar thorthaí agus ba cheart Airteagal 11 CFAE, chun na críche seo, a mheas mar oibleagáid toradh a ghnóthú.

De bhrí go mbíonn roinnt ceantar tuaithe san Aontas thíos le fadhbanna struchtúracha amhail easpa deiseanna fostaíochta tarraingteacha, ganntanas scileanna, tearcinfheistíocht sa nascacht, i mbonneagair agus seirbhísí riachtanacha, mar aon leis an imirce i measc na hóige, tá gá bunúsach le bonn socheacnamaíoch na gceantar sin a neartú i gcomhréir le Dearbhú Chorcaí 2.0., trí bhíthin cruthú post agus athnuachan glúine, trí phoist agus fás an Choimisiúin a thabhairt chuig na ceantair thuaithe, trí chuimsiú shóisialta, an athnuachan ó ghlúin go glúin agus forbairt ‘Sráidbhailte Cliste’ a chur chun cinn ar fud na gceantar tuaithe san Eoraip. Mar a luaitear sa Teachtaireacht maidir le "Todhchaí an Bhia agus na Feirmeoireachta" féadtar poitéinseal maith fáis agus post a chur ar fáil i gceantair tuaithe trí bhíthin slabhraí luacha tuaithe amhail fuinneamh inathnuaite, an bithgheilleagar atá ag teacht chun cinn, an geilleagar ciorclach agus an éiceathurasóireacht. Sa chomhthéacs sin, féadann ionstraimí airgeadais agus úsáid na ráthaíochta InvestEU ról tábhachtach a bheith acu maidir le rochtain ar mhaoiniú a áirithiú agus an acmhainneacht fáis i bhfeirmeacha agus fiontair a dhaingniú. Tá poitéinseal i dtaca le deiseanna fostaíochta i gceantair thuaithe do náisiúnaigh tríú tíortha a fhanann go dleathach, rud a chuireann lena lánpháirtiú sóisialta agus eacnamaíoch go háirithe faoi chuimsiú straitéisí forbartha áitiúla faoi stiúir an phobail.

(17)Ba cheart don Chomhbheartas Talmhaíochta leanúint den tslándáil bia a áirithiú agus ba cheart a tuiscint as sin rochtain a bheith ar fáil ar bhia leordhóthanach sábháilte cothaitheach i gcónaí. Anuas air sin, ba cheart go gcuideodh sé leis an earnáil talmhaíochta san Aontas freagairt níos fearr d'éilimh na sochaí maidir le bia agus sláinte, lena náirítear táirgeadh talmhaíochta inbhuanaithe, cothú níos sláintiúla, dramhbhia agus leas ainmhithe. Ba cheart don Chomhbheartas Talmhaíochta leanúint de tháirgeacht a bhfuil tréithe sonracha luachmhara aici a chur chun cinn agus, ag an am ceanna, cuidiú le feirmeoirí a dtáirgeadh a choigeartú go réamhghníomhach de réir comharthaí margaidh agus éilimh thomhaltóirí.

(18)I bhfianaise raon feidhme an athchóirithe is gá a dhéanamh chun na cuspóirí a ghnóthú agus chun freagairt d'ábhair bhuartha, is iomchuí foráil a dhéanamh maidir le creat dlíthiúil nua in aon Rialachán amháin lena gcumhdófar tacaíocht de chuid an Aontais atá á maoiniú as an gCiste Eorpach um Ráthaíocht Talmhaíochta (CERT) agus as an gCiste Eorpach Talmhaíochta um Fhorbairt Tuaithe (CETFT) agus a chuirfear in ionad na socruithe a leagtar síos faoi láthair i Rialachán (AE) Uimh. 1305/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 9 agus Rialachán (AE) Uimh. 1307/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 10 .

(19)Ba cheart go leagfaí síos sa Rialachán seo na rialacha is infheidhme maidir le tacaíocht ón Aontas atá á maoiniú ag CERT agus CETFT agus a dheonaítear i bhfoirm cineálacha idirghabhála a shonraítear i bPlean Straitéiseach faoi CBT arna tharraingt suas ag na Ballstáit agus arna fhormheas ag an gCoimisiún.

(20)Lena áirithiú go mbeidh an tAontas in ann a oibleagáidí idirnáisiúnta a urramú maidir le tacaíocht intíre a leagtar amach i gComhaontú na hEagraíochta Domhanda Trádála ar Thalmhaíocht, ba cheart go leanfaí d'fhógra a thabhairt faoi chineálacha áirithe idirghabhála dá bhforáiltear faoin Rialachán seo mar thacaíocht "Bosca Ghlais" nach bhfuil aon éifeacht ar thrádáil aici, nó éifeacht aníseal ar a laghad, nó mar thacaíocht 'Bosca Ghoirm' faoi chlár lena dteorannaítear an táirgeacht agus atá díolmhaithe dá bhrí sin ó ghealltanais maidir le laghdú. Cé go bhfuil na ceanglais a leagtar amach sa Rialachán seo maidir leis na cineálacha idirghabhála sin i gcomhréir cheana leis na ceanglais 'Bosca Ghlais' a leagtar amach in Iarscríbhinn 2 a ghabhann le Comhaontú na hEagraíochta Domhanda Trádála ar Thalmhaíocht nó na ceanglais "Bosca Ghoirm"a leagtar amach in Airteagal 6.5 ann, ba cheart a áirithiú go leanfaidh na hidirghabhálacha atá beartaithe ag na Ballstáit ina bPleananna Straitéiseacha faoi CBT de na ceanglais sin a urramú.

(21)Mar fhorbairt ar an gcóras traschomhlíonta atá ann cheana agus a chuirtear i bhfeidhm go 2020, déantar nasc leis an gcóras coinníollachta nua idir tacaíocht iomlán faoi CBT a fháil agus comhlíonadh bunchaighdeán a bhaineann leis an gcomhshaol, an tathrú aeráide, an tsláinte phoiblí, sláinte ainmhithe, sláinte phoiblí agus leasa ainmhithe ag an tairbhí. Is é atá sna caighdeáin bhunúsacha liosta de cheanglais reachtúla bhainistíochta ('CRBanna') agus caighdeáin maidir le cóir mhaith thalmhaíochta agus chomhshaoil ('CMTCanna') i bhfoirm chomhleanúnach. Leis na bunchaighdeáin sin ba cheart na dúshláin ó thaobh an chomhshaoil agus na haeráide de agus bonnstruchtúr nua an Chomhbheartais Talmhaíochta a chur san áireamh níos fearr agus ar an gcaoi sin leibhéal níos airde uaillmhéine comhshaoil agus aeráide a chur ar fáil mar a d'fhógair an Coimisiún sna teachtaireachtaí uaidh maidir le ‘Todhchaí an Bhia agus na Feirmeoireachta’ agus sa Chreat Airgeadais Ilbhliantúil (CAI). Leis an gcoinníollacht dírítear ar rannchuidiú le talmhaíocht inbhuanaithe a fhorbairt trí na tairbhithe a chur ar an eolas faoin ngá atá ann na bunchaighdeáin sin a urramú. Is é is aidhm dó freisin rannchuidiú leis an gComhbheartas Talmhaíochta a chomhoiriúnú níos mó d'ionchas an tsochaí trí fheabhas a chur ar chomhsheasmhacht an bheartais sin leis na cuspóirí maidir leis an gcomhshaol, le sláinte phoiblí, le sláinte ainmhithe, le sláinte plandaí agus le leas ainmhithe. Ba cheart an choinníollacht a bheith ina dlúthchuid de bhonnstruchtúr comhshaoil an Chomhbheartais Talmhaíochta, mar chuid den bhonnlíne i gcomhair gealltanas comhshaoil agus aeráide níos uaillmhianaí, agus ba cheart í a chur i bhfeidhm go huaillmhianach ar fud an Aontais. Maidir leis na feirmeoirí nach gcomhlíonann na ceanglais sin, ba cheart do na Ballstáit a áirithiú go gcuirfear pionóis chomhréireacha éifeachtacha athchomhairleacha i bhfeidhm i gcomhréir leis an [Rialachán Cothrománach].

(22)Is é is aidhm don chreat maidir le caighdeáin CMTCanna rannchuidiú leis an maolú ar an athrú aeráide agus oiriúnú don athrú sin, dul i ngleic le dúshláin maidir le huisce, an ithir agus a cáilíocht a chosaint agus an bhithéagsúlacht agus a cáilíocht a chosaint. Ní mór an creat a fheabhsú chun na cleachtais arna leagan amach go 2020 go háirithe a chur san áireamh faoi ghlasú na níocaíochtaí díreacha, an maolú ar an athrú aeráide agus an gá atá ann inbhuanaitheacht feirmeacha a fheabhsú, agus bainistiú cothaitheach go háirithe. Aithnítear go rannchuidíonn gach CMTC leis an iliomad cuspóirí. Chun an creat a chur chun feidhme, ba cheart do na Ballstáit caighdeán náisiúnta a shainiú do gach ceann de na caighdeáin a shocrófar ar leibhéal an Aontais agus saintréithe an limistéir lena mbaineann, lena náirítear dálaí ithreach agus aeráide, na dálaí feirmeoireachta atá ann cheana, úsáid talún, uainíocht bharr, cleachtais feirmeoireachta agus struchtúir feirme a chur san áireamh. Ina theannta sin, féadann na Ballstáit caighdeáin náisiúnta eile a shainiú a bhaineann leis na príomhchuspóirí a leagtar síos in Iarscríbhinn III chun seachadadh comhshaoil agus aeráide an chreata CMTC a fheabhsú. Mar chuid de chreat CMTC, chun tacú le feidhmíocht agranamaíoch agus feidhmíocht comhshaoil feirmeacha araon, bunófar pleananna bainistithe cothaitheach agus beidh uirlis inbhuanaitheachta feirme a chuirfidh na Ballstáit ar fáil d'fheirmeoirí aonair ina cuidiú chuige sin. Leis an uirlis sin ba cheart tacaíocht a chur ar fáil ar an bhfeirm maidir le cinntí a dhéanamh agus tosú le feidhmiúlachtaí íosta bainistithe cothaitheach. Le módúlacht agus idir-inoibritheacht leathan ba cheart an deis a bheith ann feidhmchláir leictreonach ar an bhfeirm agus feidhmchláir ríomhrialachais eile a chur ar fáil freisin. Chun cothrom iomaíochta a áirithiú idir feirmeoirí agus ar fud an Aontais, féadfaidh an Coimisiún tacaíocht a chur ar fáil do na Ballstáit maidir leis an uirlis a dhearadh agus maidir leis na seirbhísí stórála agus próiseála sonraí is gá.

(23)Ní mór do na Ballstáit CRBanna a chur chun feidhme ina niomláine ionas go mbeidh siad oibríochtúil ar leibhéal na feirme agus go náiritheofar leo go gcaithfear go cothrom le feirmeoirí. Chun comhsheasmhacht na rialacha maidir le coinníollacht i ndáil le hinbhuanaitheacht an bheartais a fheabhsú, ba cheart go gcuimseofaí sna CRBanna príomhreachtaíocht an Aontais maidir leis an gcomhshaol, an tsláinte phoiblí, sláinte ainmhithe, sláinte plandaí agus leas ainmhithe a dtuigfear óna gcur chun feidhme oibleagáidí beachta ar fheirmeoirí aonair, lena náirítear oibleagáidí faoi Threoir 92/43/CEE ón gComhairle 11 agus Treoir2009/147/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 12 nó Treoir 91/676/CEE ón gComhairle 13 . Chun forbairt a dhéanamh ar an ráiteas comhpháirteach ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle mar atá i gceangal le Rialachán (AE) Uimh. 1306/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, 14 cuirtear forálacha ábhartha Threoir 2000/60/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 15 agus Threoir 2009/28/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 16 isteach mar CRBanna i raon feidhme na coinníollachta agus déantar an liosta de chaighdeáin CMTCanna a oiriúnú dá réir.

(24)Ba cheart do na Ballstáit seirbhísí comhairleacha feirme a bhunú chun críche bainistiú inbhuanaitheach agus feidhmíocht fhoriomlán gabháltas talmhaíochta agus gnólachtaí tuaithe a fheabhsú, lena gcumhdófar gnéithe eacnamaíocha, comhshaoil agus sóisialta, agus na feabhsuithe is gá a dhéanamh a shainiú maidir leis na bearta go léir ar an leibhéal feirme dá bhforáiltear sna Pleananna Straitéiseacha faoin gComhbheartas Talmhaíochta. Ba cheart go gcuideodh na seirbhísí comhairleacha feirme sin le feirmeoirí agus tairbhithe eile an Chomhbheartais Talmhaíochta a bheith níos eolaí ar an ngaol atá idir bainistiú feirme agus bainistiú talún ar thaobh amháin agus caighdeáin, ceanglais agus faisnéis áirithe a bhaineann leis an gcomhshaol agus an aeráid ar an taobh eile. Ar liosta na nithe deireanacha sin tá caighdeáin is infheidhme maidir le feirmeoirí agus tairbhithe an Chomhbheartais Talmhaíochta eile nó atá riachtanach dóibh agus atá socraithe sa Phlean Straitéiseach faoi CBT, mar aon le caighdeáin a thagann as an reachtaíocht maidir le huisce, úsáid inbhuanaithe lotnaidicídí, agus tionscnaimh um fhrithsheasmhacht in aghaidh frithmhiocróbach a chomhrac agus rioscaí a bhainistiú. Chun cáilíocht agus éifeachtacht na comhairle sin a fheabhsú, ba cheart do na Ballstáit na seirbhísí comhairleacha a chomhtháthú sna Córais um Eolas agus Nuálaíocht Talmhaíochta (AKISanna) chun go bhféadfaidh siad faisnéis eolaíoch agus theicneolaíoch a chur ar fáil , atá cothrom le dáta agus a ceapadh trí bhíthin taighde agus nuálaíochta.

(25)Chun athdháileadh tacaíochta ioncaim níos cothroime a áirithiú, ba cheart méideanna íocaíochtaí díreacha thar thairseach áirithe a laghdú agus ba cheart an toradh a úsáid le haghaidh íocaíochtaí díreacha díchúpláilte agus,mar thosaíocht, le haghaidh tacaíocht ioncaim athdháilte fhorlíontach i dtaobh na hinbhuanaitheachta, nó a aistriú chuig CETFT. Chun éifeachtacha diúltacha ar an bhfostaíocht a sheachaint, ba cheart saothar a chur san áireamh agus an sásra á chur i bhfeidhm.

(26)Ba cheart go bhforálfaí le reachtaíocht an Aontais go ndéanfadh na Ballstáit ceanglais a shocrú ina bPlean Straitéiseach faoi CBT maidir le limistéar íosta chun íocaíochtaí díchúpláilte a fháil. Ba cheart baint a bheith ag na ceanglais sin leis an ngá atá ann an tualach riaracháin iomarcach, a thagann as an iliomad íocaíochtaí beaga a bhainistiú, an tualach sin a sheachaint, agus leis an gá atá ann a áirithiú go rannchuideofar go héifeachtach le tacaíocht chuspóirí an Chomhbheartais Talmhaíochta, lena rannchuidítear leis na híocaíochtaí díreacha díchúpláilte. Chun leibhéal íosta tacaíochta ioncaim talmhaíochta a ráthú do gach fíorfheirmeoir, agus chun cuspóir an Chonartha maidir le caighdeáin mhaireachtála cothrom a áirithiú don phobal talmhaíochta, ba cheart íocaíocht dhíchúpláilte limistéarbhunaithe a bhunú mar an idirghabháil ar "Tacaíocht ioncaim bhunúsach i dtaobh na hinbhuanaitheachta" í. Chun spriocdhíriú ar an tacaíocht sin a fheabhsú a thuilleadh, féadtar méideanna na níocaíochtaí a dhifreáil, de réir grúpaí críoch, bunaithe ar dhálaí socheacnamaíocha agus/nó agranamaíocha. D'fhonn éifeachtaí a chuirfeadh isteach ar ioncam feirmeoirí a sheachaint , féadfaidh na Ballstáit a roghnú an tacaíocht ioncaim bhunúsach i dtaobh na hinbhuanaitheachta a chur chun feidhme bunaithe ar theidlíochtaí íocaíochta. Sa chás sin, ba cheart luach na dteidlíochtaí íocaíochta roimh aon chóineasú eile a bheith comhréireach lena luach de réir na gcóras íocaíochta bunúsaí de bhun Rialachán (AE) Uimh. 1307/2013, agus na híocaíochtaí i leith na gcleachtas talmhaíochta atá chun leasa na haeráide agus an chomhshaoil á gcur san áireamh freisin. Ba cheart do na Ballstáit tuilleadh cóineasaithe a ghnóthú freisin chun leanúint d'imeacht de réir a chéile ó luachanna stairiúla.

(27)Agus tacaíocht dhíchúpláilte dhíreach bunaithe ar an gcóras um theidlíochtaí íocaíochta á chur ar fáil, ba cheart do na Ballstáit leanúint de chúlchiste náisiúnta a bhainistiú nó cúlchistí in aghaidh gach grúpa críoch. Ba cheart na cúlchistí sin a úsáid, mar thosaíocht, le haghaidh feirmeoirí óga agus feirmeoirí atá ag dul i mbun gníomhaíochta talmhaíochta. Is gá rialacha maidir le teidlíochtaí íocaíochta a úsáid agus a aistriú chun feidhmiú rianúil an chórais a ráthú.

(28)Tá feirmeacha beaga ina mbunchloch den talmhaíocht san Aontas go fóill toisc go bhfuil ról ríthábhachtach acu maidir le tacú leis an bhfostaíocht tuaithe agus go rannchuidíonn siad leis an bhforbairt chríochach. Chun dáileadh níos cothroime tacaíochta a chur chun cinn agus an tualach riaracháin do thairbhithe nach bhfaigheann ach méid beag a laghdú, ba cheart an rogha a bheith ag na Ballstáit an deis a thabhairt d'fheirmeoirí beaga glacadh le slánsuim chomhchoiteann a thairgfear do na rannpháirtithe uile in ionad na níocaíochtaí díreacha eile.

(29)I bhfianaise go naithnítear go bhfuil gá ann dáileadh níos cothroime tacaíochta d'fheirmeoirí beaga agus/nó meánmhéide a chur chun cinn ar bhealach infheicthe intomhaiste, ba cheart íocaíocht dhíchúpláilte shonrach in aghaidh an heicteáir, an tacaíocht ioncaim athdháilte fhorlíontach i dtaobh na hinbhuanaitheachta, a bhunú ar leibhéal an Aontais. Ionas gur féidir an tacaíocht ioncaim fhorlíontach sin a spriocdhíriú níos fearr agus d'fhonn na difríochtaí i struchtúir feirmeacha ar fud an Aontais a aithint, ba cheart an deis a bheith ag na Ballstáit méideanna éagsúla tacaíochta forlíontaí a chur ar fáil maidir le réimsí éagsúla heicteár.

(30)Dúshlán airgeadais d'fheirmeoirí óga is ea an ghníomhaíocht nua eacnamaíoch atá á cruthú agus á forbairt in earnáil na talmhaíochta agus eilimint is ea é ba cheart a mheas agus íocaíochtaí díreacha á leithdháileadh agus á spriocdhíriú. Tá an fhorbairt sin riachtanach ar mhaithe le hiomaíocht in earnáil na talmhaíochta san Aontas agus, ar an gcúis sin, féadann na Ballstáit tacaíocht ioncaim fhorlíontach d'fheirmeoirí óga a bhunú. Ba cheart an cineál sin idirghabhála a bhunú chun tacaíocht ioncaim bhreise a thabhairt d'fheirmeoirí óga tar éis dóibh an tionscnamh a chur ar bun.

(31)Ba cheart go náiritheofaí leis an gComhbheartas Talmhaíochta go méadódh na Ballstáit an seachadadh comhshaoil trí riachtanais áitiúla agus cúinsí iarbhír feirmeoirí a urramú. Faoi íocaíochtaí díreacha sa Phlean Straitéiseach faoi CBT ba cheart do na Ballstáit éiciscéimeanna a bheidh deonach d'fheirmeoirí a bhunú, ar cheart iad a chomhordú go hiomlán le hidirghabhálacha ábhartha eile. Ba cheart do na Ballstáit iad a shainiú mar íocaíocht a dheonaítear chun íoc as earraí poiblí a chuirtear ar fáil trí bhíthin cleachtais talmhaíochta a dhéanann tairbhe don chomhshaol agus don aeráid nó mar chúiteamh ar na cleachtais sin a thabhairt isteach. San dá chás sin ba cheart gurbh é ba aidhm dóibh feidhmíocht comhshaoil agus aeráide an Chomhbheartais Talmhaíochta a fheabhsú agus dá bharr sin a mheas go rachaidís thar na ceanglais éigeantach dá bhforordaítear cheana leis an gcóras coinníollachta. Féadfaidh na Ballstáit éiciscéimeanna a bhunú le haghaidh cleachtais talmhaíochta amhail bainistiú feabhsaithe ar fhéaraigh bhuana agus gnéithe tírdhreacha, agus an fheirmeoireacht orgánach. Féadtar "scéimeanna leibhéil iontrála" a chur san áireamh freisin leis na scéimeanna sin rud a fhéadfaidh a bheith ina choinníoll maidir le glacadh le gealltanais forbartha tuaithe níos uaillmhianaí.

(32)Ba cheart nach gceadófaí do na Ballstáit cuid dá nuasteorainn airgeadais atá ar fáil d'íocaíochtaí díreacha i leith na tacaíochta ioncaim cúpláilte a úsáid chun feabhas a chur ar an iomaíochas, inbhuanaitheacht, agus/nó an cháilíocht in earnálacha nó réimsí táirgeachta áirithe a bhfuil tábhacht shonrach ag baint leo ar chúiseanna tábhachtacha sóisialta, eacnamaíocha nó chomhshaoil agus a bhfuil deacrachtaí áirithe ag baint leo. Ina theannta sin ba cheart na Ballstáit a bheith ina ann cuid dá nuasteorainn airgeadais, atá ar fáil d'íocaíochtaí díreacha chun tacaíocht ioncaim chúpláilte ar mhaithe le tacú le barraí próitéine a thairgeadh chun easnamh an Aontais ina leith seo, a laghdú.

(33)Ba cheart comhlíonadh na tacaíochta ioncaim cúpláilte maidir le gealltanais idirnáisiúnta an Aontais a áirithiú. Áirítear leis sin go háirithe go bhfuil ceanglais an Mheabhráin Tuisceana idir an Comhphobal Eorpach agus Stáit Aontaithe Mheiriceá maidir le síolta ola faoi chreat an Chomhaontaithe Ghinearálta um Tharaifí agus Thrádáil, 17 go bhfuil na ceanglais sin infheidhme tar éis athruithe a rinneadh ar bhonnlimistéar ar leith an Aontais do shíolta ola de thoradh athruithe ar chomhdhéanamh an Aontais. Beidh an chumhacht ag an gCoimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh chun críche rialacha mionsonraithe a leagan síos ina leith sin.

(34)I gcomhréir leis na cuspóirí a leagtar amach i bPrótacal Uimh. 4 maidir le cadás atá ag gabháil le hIonstraim Aontachais 1979, is gá leanúint d'íocaíocht i leith barr sonrach' a dhéanamh in aghaidh an heicteáir incháilithe a bhaineann le saothrú cadáis agus den tacaíocht d'eagraíochtaí idirchraoibhe sna réigiúin ina dtáirgtear cadás. Mar sin féin, ós rud é go bhfuil an buiséad don chadás socraithe agus nach féidir é a úsáid chun críocha eile agus ós rud é go bhfuil sé bunaithe ar an dlí conarthach, níor cheart an íocaíocht i leith cadáis a bheith ina cuid de na hidirghabhálacha atá faofa sa Phlean Straitéiseach faoi CBT. Chun go ndéanfar cur i bhfeidhm na híocaíochta i leith barr sonrach le haghaidh cadáis ar bhealach éifeachtúil a áirithiú agus a bhainistiú, ba cheart an chumhacht a tharmligean chuig an gCoimisiún glacadh le gníomhartha áirithe.

(35)Is gá cineálacha idirghabhála de réir earnála a dhéanamh chun rannchuidiú le cuspóirí an Chomhbheartais Talmhaíochta agus chun na sineirgíochtaí le hionstraimí eile an Chomhbheartais Talmhaíochta a neartú. I gcomhréir leis an tsamhail seachadta, ba cheart na ceanglais íosta maidir le hinneachar agus cuspóirí na gcineálacha idirghabhála de réir earnála sin a shaothrú ar leibhéal an Aontais chun cothrom iomaíochta a áirithiú sa mhargadh inmheánach agus dálaí iomaíochta éagothroma éagóracha a sheachaint. Ba cheart do na Ballstáit bonn cirt a thabhairt leis na hidirghabhálacha sin a chur san áireamh ina bPleananna Straitéiseacha faoi CBT agus an chomhsheasmhacht le hidirghabhálacha eile ar an leibhéal earnála a áirithiú. Leis na cineálacha idirghabhála leathana atá le bunú ar leibhéal an Aontais ba cheart na hearnálacha torthaí agus glasraí, fíona, táirgí beachadóireachta, ola olóige agus ológa boird, leannlusanna agus barra eile a bheidh le sainiú, a meastar go dtagann éifeachtaí tairbheacha dóibh as bunú cláir earnála i ndáil leis na cuspóirí sonracha agus ginearálta de chuid an Chomhbheartais Talmhaíochta atá á saothrú leis an Rialachán seo nó cuid díobh a ghnóthú, ba cheart na hearnálacha sin a chumhdach.

(36)Is gá imchlúdaigh airgeadais náisiúnta nó nó teorainneacha eile i bhfoirm caidhpe chun sainiúlacht idirghabhála a choinneáil agus chun idirghabhálacha earnála a éascú i dtaca le fíon, ola olóige agus ológa boird, leannlusanna agus táirgí talmhaíochta eile a bheidh le sainiú sa Rialachán seo. Mar sin féin, san earnáil torthaí agus glasraí agus in earnáil na beachadóireachta ba cheart leanúint de chúnamh airgeadais ón Aontas a chur ar fáil de réir na rialacha mionsonraithe a leagtar síos i Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 18 ionas nach mbainfear an bonn de ghnóthú na gcuspóirí breise a bhaineann go sonrach leis na cineálacha hidirghabhála sin. I gcás ina dtabharfadh na Ballstáit "idirghabhálacha earnála eile" isteach ina bPleananna Straitéiseacha eile faoi CBT, ba cheart an leithdháileadh airgeadais deireanach a bhaint ón leithdháileadh don chineál idirghabhálacha ar íocaíochtaí díreacha iad an Bhallstáit lena mbaineann ionas go leanfaidh sé de bheith neodrach ó thaobh airgeadais de. I gcás ina roghnódh Ballstát gan idirghabhálacha earnála i leith na talmhaíochta, leannlusanna agus ola olóige a chur chun feidhme, ba cheart na leithdháiltí gaolmhara don Bhallstát sin a chur ar fáil mar leithdháiltí breise i bhfoirm cineálacha idirghabhála ar íocaíochtaí díreacha iad.

(37)Maidir le hidirghabhálacha le haghaidh forbairt tuaithe, déanfar prionsabail a shainiú ar leibhéal an Aontais i dtaca leis na ceanglais bhunúsacha a bheidh ar na Ballstáit critéir roghnúcháin a chur i bhfeidhm. Mar sin féin, ba cheart lánrogha leordhóthanach a bheith ag na Ballstáit coinníollacha sonracha a shainiú de réir a gcuid riachtanas. Is é atá sna cineálacha idirghabhála forbartha tuaithe íocaíochtaí le haghaidh gealltanais chomhshaoil, aeráide agus bhainistíochta ar cheart do na Ballstáit tacú leo ar fud a gcríoch i gcomhréir lena riachtanais shuntasacha náisiúnta, réigiúnacha agus áitiúla. Ba cheart do na Ballstáit íocaíochtaí a dheonú d'fheirmeoirí agus bainisteoirí talún eile, a thugann faoi ghealltanais bhainistíochta, ar bhonn deonach, gealltanais a chabhraíonn le maolú ar an athrú aeráide agus le hoiriúnú don athrú sin agus atá comhoiriúnach le cosaint agus le feabhsú an chomhshaoil, lena náirítear cáilíocht agus cainníocht an uisce, an ithir, an bhithéagsúlacht agus seirbhísí éiceachórais lena náirítear gealltanais dheonacha in Natura 2000 agus tacaíocht don éagsúlacht ghéiniteach. Féadtar tacaíocht faoi na híocaíochtaí i leith gealltanais bhainistíochta a dheonú i bhfoirm cur chuige áitiúil, comhtháite nó comhpháirteach agus idirghabhálacha bunaithe ar thorthaí.

(38)Féadfaidh préimheanna i leith feirmeoireacht orgánach maidir le talamh orgánach a chothabháil agus nó talamh a athrú chuig talamh orgánach a bheith sna gealltanais bhainistíochta; íocaíochtaí i leith cineálacha eile idirghabhála lena dtabharfar tacaíocht do chórais táirgeachta atá neamhdhíobhálach don chomhshaol amhail agra-éiceolaíocht, talmhaíocht chaomhantais agus táirgeadh comhtháite; seirbhísí foraoise-comhshaoil agus aeráide agus caomhnú foraoise; préimheanna maidir le foraoiseacha agus córais agrafhoraoiseachta a bhunú; leas ainmhithe; caomhnú, úsáid inbhuanaithe agus forbairt acmhainní géiniteacha. Féadfaidh na Ballstáit scéimeanna eile a fhorbairt faoin gcineál idirghabhála sin ar bhonn a gcuid riachtanas. Ba cheart go gcumhdódh an cineál íocaíochta sin costais bhreise agus ioncam a tarscaoileadh a thagann as gealltanais (agus as na gealltanais sin amháin) a théann thar bhonnlíne na gcaighdeán agus na riachtanas éigeantach arna mbunú le dlí an Aontais agus an dlí náisiúnta, agus na coinníollachta, mar a leagtar síos sa Phlean Straitéiseach faoi CBT. Féadtar tabhairt faoi idirghabhálacha den chineál sin ar feadh tréimhse réamhshocraithe bliana nó roinnt blianta agus a d'fhéadfadh imeacht thar seacht mbliana i gcás ina mbeadh údar cuí leis.

(39)Leis na bearta foraoiseachta ba cheart go rannchuideofaí le cur chun feidhme Straitéis Foraoise an Aontais agus ba cheart na bearta sin a bheith bunaithe ar phleananna foraoise náisiúnta nó fo-náisiúnta na mBallstát nó ar ionstraimí coibhéiseacha lenar cheart go gcuirfí leis na gealltanais a thagann as an Rialachán maidir le hastaíochtaí gás ceaptha teasa agus talamh a bhaint ó úsáid, úsáid talún, fuinneamh agus an fhoraoiseacht [Rialachán LULUCF] agus ar na gealltanais a rinneadh sna Comhdhálacha Airí maidir le Cosaint Foraoisí san Eoraip. Ba cheart idirghabhálacha a bhunú ar phleananna bainistíochta foraoise nó ar ionstraimí coibhéiseacha agus d'fhéadfadh a bheith sna hidirghabhálacha sin limistéir foraoise a fhorbairt agus foraoiseacha a bhainistiú go hinbhuanaithe lena náirítear talamh a fhoraoisiú agus córais agrafhoraoiseachta a chruthú agus a athghiniúint; acmhainní foraoise a chosaint, a athbhunú agus a fheabhsú agus riachtanais maidir le hoiriúnú a chur san áireamh; infheistíochtaí lena ndéanfar caomhnú agus athléimneacht foraoise a ráthú agus a fheabhsú, agus lena gcuirfear seirbhísí éiceachórais foraoise agus aeráide ar fáil; agus bearta agus infheistíochtaí mar thacaíocht leis an bhfuinneamh inathnuaite agus leis an mbithgheilleagar.

(40)Chun toradh cothrom a áirithiú agus earnáil talmhaíochta athléimneach ar fud chríoch an Aontais, féadfaidh na Ballstáit tacaíocht a dheonú d'fheirmeoirí limistéir eile a bhfuil srianta nádúrtha nó srianta limistéarshonracha ag gabháil dóibh. Maidir le híocaíochtaí i leith limistéir a bhfuil srianta nádúrtha agus sonracha ag gabháil dóibh, ba cheart go leanfadh ainmniúchán Bheartas Forbartha Tuaithe 2014-2020 d'fheidhm a bheith aige. Chun go gcuirfear breisluach feabhsaithe ón Aontas i dtaca leis an gcomhshaol ar fáil leis an gComhbheartas Talmhaíochta agus go dtreiseofar na sineirgíochtaí le maoiniú ar infheistíochtaí sa dúlra agus sa bhithéagsúlacht, ní mór beart ar leith a choinneáil arb é is aidhm dó tairbhithe a chúiteamh as na míbhuntáistí a bhaineann le cur chun feidhme Natura 2000 agus na gCreattreoracha Uisce. Ba cheart leanúint de thacaíocht a dheonú d'fheirmeoirí agus do shealbhóirí foraoise chun aghaidh a thabhairt ar na míbhuntáistí sonracha de thoradh chur i bhfeidhm Threoir 2009/147/CE agus Treoir 92/43/CEE agus chun tacú le bainistiú éifeachtach láithreán Natura 2000. Ba cheart tacaíocht a chur ar fáil freisin d'fheirmeoirí le cabhrú maidir le míbhuntáistí i limistéir abhantracha a d'eascair as cur i bhfeidhm na Creattreorach Uisce. Ba cheart go mbeadh an tacaíocht nasctha le ceanglais shonracha a bhfuil tuairisc orthu sna Pleananna Straitéiseacha faoi CBT a théann thar na caighdeáin agus na ceanglais shainordaitheacha ábhartha. Ba cheart do na Ballstáit a áirithiú freisin nach neascródh cistiú dúbailte as íocaíochtaí le feirmeoirí faoin Rialachán seo agus faoi Rialachán (AE) Uimh. 1307/2013. Ina theannta sin, ba cheart do na Ballstáit riachtanais shonracha limistéir Natura 2000 a chur san áireamh agus éirim ghinearálta na bPleananna Straitéiseacha faoi CBT á socrú.

(41)Ba cheart cuspóirí an Chomhbheartais Talmhaíochta a shaothrú freisin trí thacaíocht a thabhairt d'infheistíochtaí, infheistíochtaí táirgiúla chomh maith le hinfheistíochtaí neamhtháirgiúla, ar an bhfeirm nó lasmuigh den fheirm. D'fhéadfadh na hinfheistíochtaí sin a bheith bainteach – inter alia – le bonneagair a bhaineann leis an talmhaíocht agus an fhoraoiseacht a nuachóiriú nó a oiriúnú don athrú aeráide, lena náirítear rochtain ar thalamh feirme nó foraoise, feabhsú agus comhdhlúthú talún, cleachtais agrafhoraoiseachta agus soláthar agus caomhnú fuinnimh agus uisce. Chun comhsheasmhacht na bPleananna Straitéiseacha faoi CBT le cuspóirí an Aontais a áirithiú níos fearr, mar aon le cothrom iomaíochta idir na Ballstáit, cuirtear liosta diúltach de thopaicí infheistíochta san áireamh sa Rialachán seo.

(42)I bhfianaise gur gá an bhearna infheistíochta in earnáil talmhaíochta an Aontais a líonadh agus feabhas a chur ar an rochtain ar ionstraimí airgeadais do ghrúpaí tosaíochta, feirmeoirí óga go háirithe agus iontrálaithe nua a bhfuil próifílí riosca níos airde ag baint leo, ba cheart úsáid an rathaithe InvestEU agus teaglaim de dheontais agus d'ionstraimí airgeadais a spreagadh. Ós rud go bhfuil difríocht mhór ar an úsáid a bhaintear as ionstraimí airgeadais ó Bhallstát go Ballstát i dtaca leis an rochtain ar mhaoiniú, forbairt na hearnála baincéireachta, rioscaí a bheith ann, an teolas ar riaracháin phoiblí agus líon tairbhithe féideartha, ba cheart do na Ballstáit spriocanna iomchuí, tairbhithe agus coinníollacha fabhracha, agus rialacha féideartha eile maidir le hincháilitheacht, a bhunú sa Phlean Straitéiseach faoi CBT.

(43)Ar na bacainní suntasacha atá roimh fheirmeoirí óga agus iontrálaithe nua tá rochtain ar thalamh, praghsanna arda agus rochtain ar chreidmheas. Is mó an bhagairt an luaineacht praghsanna ar a gcuid gnólachtaí (ar ionchuir agus ar tháirgí araon) agus tá riachtanais mhóra orthu i dtaca le hoiliúint i scileanna fiontraíochta agus bainistíochta. Dá bhrí sin tá sé ríthábhachtach leanúint den tacaíocht chun gnólachtaí nua agus feirmeacha a bhunú. Ba cheart don na Ballstáit foráil a dhéanamh maidir le cur chuige straitéiseach agus tacar soiléir comhleanúnach d'idirghabhálacha a shainiú le haghaidh athnuachan ó ghlúin go glúin faoin gcuspóir sonrach lena ndírítear ar an tsaincheist sin. Chuige sin, féadfaidh na Ballstáit coinníollacha fabhracha a shocrú ina bPleananna Straitéiseacha faoi CBT le haghaidh ionstraim airgeadais d'fheirmeoirí óga agus iontrálaithe nua, agus ba cheart dóibh a chur san áireamh ina bPlean Straitéiseach faoi CBT méid arb ionann é agus 2 % d'imchlúdach bliantúil na níocaíochtaí díreacha a imfhálú. Méadú ar an uasmhéid cúnaimh maidir le cabhrú le feirmeoirí óga dul i mbun gnó agus tionscnamh gnólachtaí tuaithe, go EUR 100 000, ar féidir rochtain a fháil air freisin trí bhíthin an chineál tacaíochta ar ionstraim airgeadais é nó i gcomhar leis, ba cheart an méadú sin a bhunú.

(44)I bhfianaise an ghá atá ann uirlisí bainistíochta riosca a áirithiú, ba cheart préimheanna árachais agus cistí frithpháirteacha a choinneáil agus a mhaoiniú ag CETFT. Is é atá sa chatagóir ciste frithpháirteach sin na cistí atá nasctha le caillteanais táirgeachta agus na huirlisí cobhsaithe ioncaim ginearálta agus earnáil-shonracha atá nasctha le caillteanais ioncaim.

(45)Leis an tacaíocht sin ba cheart go mbeifí in ann comhar idir dhá eintiteas a bhunú agus a chur chun feidhme i gcomhthéacs chuspóirí an Chomhbheartais Talmhaíochta a ghnóthú. Féadfaidh gach gné den chomhar sin, amhail scéimeanna cáilíochta a bhunú, a bheith sa tacaíocht sin; gníomhaíocht comhshaoil agus aeráide chomhpháirteach; slabhraí soláthair gairide agus margaí áitiúla a chur chun cinn; treoirthionscadail; tionscadail grúpaí oibríochtúla faoi thionscadail forbartha áitiúla de chuid CEN maidir le táirgiúlacht agus inbhuanaitheacht talmhaíochta, Sráidbhailte Cliste, clubanna ceannaitheoirí agus comharghrúpaí roinnte inneallra; comhpháirtíochtaí feirme; pleananna bainistithe foraoise; líonraí agus braislí; feirmeoireacht shóisialta; talmhaíocht arna tacú ag an bpobal; gníomhaíochtaí faoi raon feidhme LEADER; agus grúpaí táirgeoirí agus eagraíochtaí táirgeoirí a bhunú, chomh maith le foirmeacha comhair eile a meastar is gá chun cuspóirí sonracha an Chomhbheartais Talmhaíochta a ghnóthú.

(46)Sa Teachtaireacht maidir le "Todhchaí an Bhia agus na Feirmeoireachta" luaitear an malartú faisnéise agus an fócas ar an nuálaíocht mar cuspóir trasearnála don Chomhbheartas Talmhaíochta nua. Ba cheart go leanfadh an Comhbheartas Talmhaíochta de thacú leis an tsamhail nuálaíochta idirghníomhach, lena bhfeabhsaítear an comhar idir gníomhaithe chun an úsáid is fearr a bhaint as cineálacha faisnéise comhlántacha d'fhonn réitigh phraiticiúla a scaipeadh. Ba cheart seirbhísí comhairleacha feirme a neartú faoi AKIS. Leis an bPlean Straitéiseach faoi CBT ba cheart faisnéis a chur ar fáil ar an gcaoi a noibreoidh líonraí seirbhísí comhairleacha, taighde agus tuaithe le chéile. Féadann gach Ballstát nó réigiún, de réir mar is iomchuí, maoiniú a dhéanamh ar roinnt gníomhaíochtaí atá dírithe ar eolas a chomhroinnt agus ar an nuálaíocht trí úsáid a bhaint as na cineálacha idirghabhála a fhorbraítear leis an Rialachán seo.

(47)Ba cheart do CERT leanúint de chineálacha idirghabhála ar íocaíochtaí díreacha iad agus cineálacha idirghabhála de réir earnála a mhaoiniú agus san am céanna ba cheart do CETFT leanúint de chineálacha idirghabhála forbartha tuaithe a mhaoiniú mar a thuairiscítear sa Rialachán seo. Ba cheart na Rialacha maidir leis an gComhbheartas Talmhaíochta a bhainistiú ar leithligh don dá chiste agus do na gníomhaíochtaí a dtacaítear le gach ceann acu, agus a chur san áireamh go dtugtar tuilleadh solúbthachta agus coimhdeachta do na Ballstáit chun a gcuspóirí a ghnóthú. Ba cheart go gcumhdófaí le cineálacha idirghabhála faoin Rialachán seo an tréimhse ón 1 Eanáir 2021 go dtí an 31 Nollaig 2027.

(48)Ba cheart tacaíocht d'íocaíochtaí díreacha faoi na Pleananna Straitéiseacha faoi CBT a thabhairt faoi réir na leithdháiltí náisiúnta a shocrófar leis an Rialachán seo. Ba cheart go léireofaí leis na leithdháiltí náisiúnta sin go leanfar de na hathruithe trína ndéantar méadú de réir a chéile ar leithdháiltí do na Ballstáit ina bhfuil an leibhéal tacaíochta is ísle in aghaidh an heicteáir chun an difríocht idir sin agus 90 % de mheán an Aontais a laghdú 50 %. Chun laghdú an tsásra íocaíochtaí a chur san áireamh agus maidir lena thoradh a úsáid sa Bhallstát, ba cheart go gceadófaí na leithdháiltí táscacha airgeadais iomlána in aghaidh na bliana i bPlean Straitéiseach Ballstáit faoi CBT a bheith níos mó ná an leithdháileadh náisiúnta.

(49)Chun bainistiú chistí CETFT a éascú, ba cheart ráta ranníocaíochta aonair a shocrú do CETFT i ndáil le caiteachas poiblí sna Ballstáit. Chun aird a thabhairt ar a dtábhacht nó ar a nádúr ar leith, ba cheart rátaí ranníocaíochta ar leith a shocrú i dtaca le cineálacha áirithe oibríochtaí. Chun maolú a dhéanamh ar na srianta ar leith atá ann de thoradh an leibhéil forbartha nó na hiargúltachta nó toisc limistéir a bheith ina noileáin, ba cheart ráta cuí ranníocaíochta CETFT a shocrú i gcomhair na réigiún tearcfhorbartha agus na réigiún is forimeallaí dá dtagraítear in Airteagal 349 CFAE agus i gcomhair na noileán beag Aeigéach.

(50)Níor cheart do CETFT tacaíocht a chur ar fáil d'infheistíochtaí a bheadh díobhálach don chomhshaol. Dá bharr sin is gá roinnt rialacha maidir le heisiamh a chur ar fáil sa Rialachán seo, agus an deis tuilleadh forbartha a dhéanamh ar na ráthaíochtaí sin i gníomhartha tarmligthe. Go háirithe, ba cheart nach maoineofaí le CETFT infheistíochtaí san uisciú nach gcuidíonn le dea-stádas an dobharlaigh nó na ndobharlach lena mbaineann a ghnóthú, nó a chaomhnú agus infheistíochtaí san fhoraoisiú nach bhfuil ag teacht leis na cuspóirí maidir leis an aeráid agus an comhshaol i gcomhréir le prionsabail bainistíochta inbhuanaithe foraoisí.

(51)Chun na críche maoiniú leordhóthanach do thosaíochtaí áirithe a áirithiú ba cheart rialacha maidir le leithdháiltí airgeadais íosta do na tosaíochtaí sin a shocrú don tacaíocht faoi CETFT. Ar mhaithe le cothrom iomaíochta idir feirmeoirí a áirithiú, ba cheart leithdháileadh uasta a shocrú don tacaíocht chúpláilte faoi íocaíochtaí díreacha. Ina theannta sin ba cheart na Ballstáit a bheith ina ann cuid dá nuasteorainn airgeadais atá ar fáil d'íocaíochtaí díreacha chun tacaíocht ioncaim chúpláilte go sonrach a dheonú chun iomaíochas, inbhuanaitheacht agus/nó cáilíocht tháirgeadh barra próitéine a fheabhsú.

(52)Tá tábhacht ag baint le dul i ngleic leis an athrú aeráide i gcomhréir leis na gealltanais atá tugtha ag an Aontas Comhaontú Pháras agus Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe na Náisiún Aontaithe a chur chun feidhme, agus léiriú air sin is ea é go rannchuideoidh an Clár seo le príomhshruthú i mbeartais an Aontais na ngníomhaíochtaí a dhéantar ar son na haeráide agus le baint amach na sprice foriomláine arb é atá inti 25 % de caiteachas bhuiséad an Aontais a bheith ag tacú le cuspóirí aeráide. Táthar ag súil go ndéanfaidh gníomhartha faoin gComhbheartas Talmhaíochta ranníocaíocht 40 % d'imchlúdach airgeadais foriomlán an Chomhbheartais Talmhaíochta le cuspóirí aeráide. Sainaithneofar gníomhaíochtaí ábhartha le linn ullmhú agus chur chun feidhme an Chláir, agus déanfar athmheasúnú ar na gníomhaíochtaí sin mar chuid de na meastóireachtaí agus na próisis athbhreithnithe ábhartha.

(53)An fhreagracht as riachtanais a mheas agus spriocanna a ghnóthú a aistriú chuig na Ballstáit, tá dlúthbhaint aige sin leis an tsolúbthacht bhreise atá ann chun an teaglaim den dá chineál idirghabhála ar íocaíochtaí díreacha iad,cineálacha idirghabhála de réir earnála agus cineálacha idirghabhála forbartha tuaithe a bhunú. Ba cheart solúbthacht áirithe a bheith ann chun tacú leis na leithdháiltí maoinithe ábhartha a choigeartú. I gcás na mBallstát ina meastar go bhfuil an timchlúdach a leithdháileadh roimh ré róíseal chun na bearta go léir atá beartaithe a chuimsiú, beidh údar le roinnt solúbthachta dá bharr sin, ach san am céanna ní mór luaineachtaí móra a sheachaint sa tacaíocht ioncaim dhíreach bhliantúil chomhréidh i dtaca leis na méideanna atá ar fáil le haghaidh idirghabhálacha ilbhliantúla faoi CETFT.

(54)Chun breisluach an Aontais a fheabhsú agus chun margadh inmheánach talmhaíochta feidhmiúil a chaomhnú, agus na cuspóirí sonracha agus ginearálta thuasluaite a shaothrú, ba cheart nach ndéanfadh na Ballstáit cinntí de réir an Rialacháin seo ina naonar ach faoi chuimsiú próisis struchtúraigh ba cheart a thiocfadh as Plean Straitéiseach faoi CBT. Le rialacha ón mbarr anuas de chuid an Aontais ba cheart cuspóirí sonracha an Chomhbheartais Talmhaíochta, na príomhchineálacha idirghabhála, an creat feidhmíochta agus an struchtúir rialachais, a leagan síos don Aontas ar fad. Is é is aidhm don dáileadh dualgas sin a áirithiú go gcomhfhreagróidh na hacmhainní a infheisteofar go hiomlán do na torthaí a ghnóthófar.

(55)Chun gné straitéiseach shoiléir na bPleananna Straitéiseacha faoi CBT a áirithiú, agus chun na naisc le beartais eile an Aontais a éascú agus go háirithe i dtaca le spriocanna náisiúnta bunaithe fadtéarmacha a thagann as reachtaíocht an Aontais nó comhaontuithe idirnáisiúnta amhail na comhaontuithe a bhaineann leis an athrú aeráide, foraoiseacha, an bhithéagsúlacht agus uisce, is iomchuí aon Phlean Straitéiseach amháin faoi CBT a bheith ag gach Ballstát.

(56)Agus iad i mbun na Pleananna Straitéiseacha faoi CBT a fhorbairt, ba cheart do na Ballstáit anailís a dhéanamh ar an staid ina bhfuil siad agus ar a gcuid riachtanas, spriocanna a shocrú maidir le cuspóirí an Chomhbheartais Talmhaíochta a ghnóthú agus idirghabhálacha a cheapadh lenar féidir na spriocanna sin a bhaint amach, idirghabhálacha a bheidh á noiriúnú do na comhthéacsanna sonracha náisiúnta agus idirnáisiúnta, lena náirítear na réigiúin is forimeallaí de bhun Airteagal 349 CFAE. Ba cheart tuilleadh coimhdeachta a chur chun cinn faoi chuimsiú creata chomhchoitinn de chuid an Aontais agus san am céanna ba cheart prionsabail ghinearálta dhlí an Aontais agus cuspóirí an Chomhbheartais Talmhaíochta a áirithiú. Is iomchuí dá bharr sin na rialacha maidir le struchtúr agus inneachar na bPleananna Straitéiseacha faoi CBT a shocrú.

(57)Chun a áirithiú go ndéanfar spriocanna a shocrú sna Ballstáit agus gurb iomchuí dearadh na nidirghabhálacha agus go gcuideoidh sin a thuilleadh le cuspóirí an Chomhbheartais Talmhaíochta ní mór straitéis na bPleananna Straitéiseacha faoi CBT a bhunú ar réamhanailís ar na comhthéacsanna áitiúla agus ar mheasúnú ar na riachtanais i ndáil le cuspóirí an Chomhbheartais Talmhaíochta.

(58)Ba cheart gurbh é ba aidhm leis na Pleananna Straitéiseacha faoi CBT comhleanúnachas feabhsuithe idir iliomad uirlisí an Chomhbheartais Talmhaíochta a áirithiú, ós rud é gur cheart go gcumhdódh sé cineálacha idirghabhálacha ar íocaíochtaí díreacha iad, cineálacha idirghabhála de réir earnála agus cineálacha idirghabhála forbartha tuaithe. Ba cheart dóibh cuíchóiriú agus oiriúnacht na roghanna a dhéanfaidh na Ballstáit do thosaíochtaí agus cuspóirí an Aontais a áirithiú agus a léiriú freisin. Is iomchuí dá bharr sin straitéis idirghabhála atá bunaithe ar thorthaí agus ar chuspóirí sonracha an Phlean Straitéisigh faoi CBT a bheith ann, lena náirítear spriocanna cainníochtaithe a bhaineann leis na cuspóirí sin. Ionas gur féidir faireachán a dhéanamh orthu ar bhonn bliantúil, is iomchuí go mbeidh na spriocanna sin bunaithe ar tháscairí toraidh.

(59)Ba cheart go leagfaí béim freisin ar an gcomhlántacht idir uirlisí an Chomhbheartais Talmhaíochta agus le beartais eile de chuid an Aontais araon. Go háirithe, ba cheart go gcuirfí san áireamh le gach Plean Straitéiseach faoi CBT an reachtaíocht maidir leis an gcomhshaol agus leis an aeráid i gcás inarb iomchuí, agus ba cheart pleananna náisiúnta a eascraíonn as an reachtaíocht sin a thuairisciú mar chuid den anailís ar an staid mar atá ('anailís SWOT'). Na hionstraimí reachtacha ar cheart go dtagrófaí go sonrach dóibh sa Phlean Straitéiseach faoi CBT, is iomchuí na hionstraimí sin a liostú.

(60)I bhfianaise gur cheart solúbthacht a thabhairt do na Ballstáit i dtaca leis an rogha cuid de chur chun feidhme an Phlean Straitéisigh faoi CBT a tharmligean ar an leibhéal réigiúnach ar bhonn creat náisiúnta chun comhordú idir na réigiúin a éascú chun dul i ngleic le dúshláin ar an leibhéal náisiúnta, is iomchuí go mbeadh tuairisc sna Pleananna Straitéiseacha faoi CBT ar an idirghníomhú idir na hidirghabhálacha náisiúnta agus réigiúnacha.

(61)Ós rud é gur cheart go gceadófaí leis na Pleananna Straitéiseacha faoi CBT don Choimisiún a fhreagracht a ghlacadh as buiséad an Aontais a bhainistiú agus go gcuirfí deimhneacht dhlíthiúil ar fáil do na Ballstáit maidir le heilimintí áirithe den Phlean, is iomchuí go mbeadh tuairisc shonrach ann ar na hidirghabhálacha aonair, lena náirítear na coinníollacha incháilitheachta, na leithdháiltí buiséadacha agus na costais aonaid. Is gá plean airgeadais chun léargas a thabhairt ar na gnéithe buiséadacha uile agus maidir le gach idirghabháil, mar aon le plean sprice.

(62)Chun a áirithiú go dtosóidh Pleananna Straitéiseacha faoi CBT láithreach agus go gcuirfear chun feidhme go héifeachtúil iad, ba cheart tacaíocht CERT agus CETFT a bheith bunaithe ar chreatchoinníollacha riaracháin fónta a bheith ann. Ba cheart struchtúir rialachais agus comhordaithe gach Plean Straitéisigh faoi CBT, lena náirítear na córais rialaithe agus na pionóis, a shainaithint sa Phlean féin, agus an struchtúr faireacháin agus rialachais.

(63)I bhfianaise thábhacht an chuspóra ghinearálta maidir leis an earnáil talmhaíochta a athchóiriú, agus i bhfianaise a chineáil trasearnála, is iomchuí go gcuirfidh na Ballstáit ina bPlean Straitéiseach faoi CBT tuairisc dhílis ar an gcaoi a rannchuideoidh plean den chineál sin leis an gcuspóir sin.

(64)I bhfianaise na nábhar imní a bhaineann leis an ualach riaracháin faoin mbainistíocht chomhroinnte, ba cheart díriú go sonrach ar an simpliú sa Phlean Straitéiseach faoi CBT.

(65)I bhfianaise nach iomchuí don Choimisiún faisnéis a fhormheas, a d'fhéadfaí a mheas mar fhaisnéis cúlra, nó stairiúil, nó a thagann faoi fhreagracht na mBallstát, ba cheart roinnt faisnéise a chur ar fáil mar Iarscríbhinní a ghabhann leis an bPlean Straitéiseach faoi CBT.

(66)De bhun mhír 22 agus mhír 23 de Chomhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr, is gá meastóireacht a dhéanamh ar na Cistí ar bhonn na faisnéise arna bailiú trí cheanglais faireacháin shonracha, agus rórialáil agus ualaí riaracháin, ar na Ballstáit go háirithe, á seachaint san am céanna. Ar na ceanglais sin, is féidir a áireamh, i gcás inarb iomchuí, táscairí intomhaiste mar bhonn chun meastóireacht a dhéanamh ar éifeachtaí na gCistí ar an láthair.

(67)Is céim ríthábhachtach formheas an Phlean Straitéisigh faoi CBT ag an gCoimisiún lena náiritheofar go ndéanfar an beartas a chur chun feidhme i gcomhréir leis na cuspóirí comhpháirteacha. I gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta, cuirfidh an Coimisiún treoraíocht iomchuí ar fáil do na Ballstáit maidir le loighicí idirghabhála comhsheasmhacha uaillmhianacha a chur i láthair.

(68)Ní mór foráil a dhéanamh maidir leis an deis na Pleananna Straitéiseacha faoi CBT a chlársceidealú agus a athbhreithniú , i gcomhréir leis na coinníollacha a leagtar síos sa Rialachán seo.

(69)Ba cheart d'údarás bainistíochta a bheith freagrach as bainistiú agus cur chun feidhme gach Plean Straitéisigh faoi CBT. Ba cheart a chuid dualgas a shonrú sa Rialachán seo. Ba cheart don Údarás Bainistíochta a bheith in ann cuid dá dhualgais a tharmligean agus freagracht a choinneáil as éifeachtúlacht agus as ceartaiseacht na bainistíochta. Ba cheart do na Ballstáit a áirithiú i dtaca le Pleananna Straitéiseacha faoi CBT a bhainistiú agus a chur chun feidhme go ndéanfar leasanna airgeadais a chosaint, i gcomhréir le [Rialachán (EU, Euratom) X] ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle [an Rialachán Airgeadais nua] and Rialachán (EU) X ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle [an Rialachán Cothrománach nua].

(70)I gcomhréir le prionsabal na bainistíochta comhroinnte, cuidíonn coistí ina bhfuil ionadaithe ar na Ballstáit leis an gCoimisiún an Comhbheartas Talmhaíochta a chur chun feidhme. D'fhonn an córas a shimpliú agus staid na mBallstát a chuíchóiriú, ní bhunaítear ach Coiste Faireacháin amháin chun an Rialachán seo a chur chun feidhme, lena nasctar an Coiste 'um FhorbairtTuaithe' agus an Coiste 'um Íocaíochtaí Díreacha', a bunaíodh sa chlárthréimhse 2014-2020. Comhroinnfear an fhreagracht as cuidiú leis na Ballstáit na Pleananna Straitéiseacha faoi CBT a chur chun feidhme idir an túdarás bainistithe agus an Coiste Faireacháin sin. Ba cheart do Choiste ‘an Chomhbheartais Talmhaíochta’ cúnamh a thabhairt don Choimisiún i gcomhréir leis na forálacha a leagtar síos leis an Rialachán seo.

(71)Trí chúnamh teicniúil a chur ar fáil, ba cheart do CETFT, ar thionscnamh an Choimisiúin, tacaíocht a thabhairt do ghníomhartha a bhaineann le comhlíonadh na gcúraimí dá dtagraítear in [Airteagal 7 den Rialachán Cothrománach]. Féadtar cúnamh teicniúil a chur ar fáil freisin, ar thionscnamh na mBallstát, chun críche na cúraimí a chomhlíonadh is gá chun riarachán éifeachtach a dhéanamh ar thacaíocht i ndáil leis an bPlean Straitéiseach faoi CBT agus í a chur chun feidhme. Ní bheidh méadú ar an gcúnamh teicniúil ar thionscnamh na mBallstát ar fáil ach i gcás Málta agus sa chás sin amháin.

(72)I gcás ina mbeidh níos mó solúbthachta agus coimhdeachta ag na Ballstáit maidir le hidirghabhálacha a cheapadh, is uirlis thábhachtach líonraí le haghaidh beartas a spreagadh agus a stiúradh agus aire agus acmhainneacht a áirithiú sna Ballstáit. Le líonra aonair ba cheart go náiritheofaí comhordú níos fearr idir gníomhaíochtaí líonraithe ar leibhéal an Aontais agus ar leibhéil náisiúnta agus réigiúnacha. Cuirtear líonraí Eorpacha agus náisiúnta an Chomhbheartais Talmhaíochta in ionad an Líonra Eorpaigh um Fhorbairt Tuaithe agus na Comhpháirtíochta Eorpaí um Nuálaíocht maidir le ‘táirgiúlacht agus inbhuanaitheacht talmhaíochta’ agus na Líonraí Náisiúnta Tuaithe, i bhfoirm ardáin le haghaidh faisnéis a mhalartú a thuilleadh chun torthaí agus breisluach an bheartais a cheapadh ar leibhéal an Aontais, an beartas Fís Eorpach go háirithe. Ar an gcaoi chéanna, maidir leis an malartú faisnéise agus leis an nuálaíocht, bunaítear comhpháirtíocht Eorpach um nuálaíocht maidir le ‘táirgiúlacht agus inbhuanaitheacht talmhaíochta’, lena gcuirfear chun feidhme an tsamhail nuálaíochta idirghníomhach i gcomhréir leis an modheolaíocht a leagtar amach sa Rialachán seo.

(73)Ba cheart gach Plean Straitéiseach faoi CBT faoi réir faireachán rialta ar an gcur chun feidhme agus ar an dul chun cinn atá á dhéanamh i dtreo spriocanna bunaithe an chláir. Ba cheart creat feidhmíochta, faireacháin agus meastóireachta a bhunú do na Pleananna Straitéiseacha faoi CBT chun na críche an dul chun cinn a dhéanfar i dtaca le cur chun feidhme an bheartais a léiriú agus a thionchar agus a éifeachtúlacht a mheasúnú.

(74)Leis an treorú atá bunaithe ar thorthaí agus a spreagtar leis an tsamhail seachadta teastaíonn creat feidhmíochta láidir, go háirithe ós rud é go rannchuideodh na Pleananna Straitéiseacha faoi CBT le cuspóirí leathana ginearálta le haghaidh beartais bhainstíochta comhroinnte eile. Is é a thugtar le tuiscint le beartas feidhmíochtbhunaithe measúnú bliantúil agus ilbhliantúil ar bhonn aschuir roghnaithe, táscairí torthaí agus tionchair mar a shainmhínítear sa chreat feidhmíochta, faireacháin agus meastóireachta. Chuige sin, ba cheart tacar táscairí teoranta spriocdhírithe a roghnú ar chaoi a léirítear is fearr is féidir an rannchuidíonn an idirghabháil dá dtacaítear leis na cuspóirí atá beartaithe a ghnóthú. Féadtar idirghabhálacha a leagtar amach in ionstraimí náisiúnta comhshaoil agus pleanála aeráide a thagann as reachtaíocht an Aontais a chur san áireamh sna táscairí torthaí agus aschuir a bhaineann leis an aeráid agus le cuspóirí a bhaineann leis an gcomhshaol.

(75)Ba cheart do na Ballstáit faireachán a dhéanamh agus tuarascáil ar an dul chun cinn atá déanta a chur isteach go bliantúil, mar chuid dá gcreat feidhmíochta, faireacháin agus meastóireachta, chuig an gCoimisiún. An fhaisnéis a chuireann na Ballstáit ar fáil, sin é an bonn ba cheart a bheith faoin tuairisciú a dhéanann an Coimisiún chun cuspóirí sonracha a ghnóthú le linn na clárthréimhse ar fad, ag úsáid croíthacar táscairí dóibh a leagtar amach in Iarscríbhinn II.

(76)Ba cheart sásraí a chur ar bun chun beart a dhéanamh chun leasanna airgeadais an Aontais a chosaint i gcás ina ndiallfaidh an plean Straitéiseach faoi CBT go suntasach ó na spriocanna a leagfar síos. Féadtar iarraidh ar an gcaoi sin ar na Ballstáit pleananna gníomhaíochta a chur isteach i gcás ina mbíonn lagfheidhmíocht shuntasach ann nach bhfuil údar cuí léi. D'fhéadfadh fionraí a bheith ina thoradh air sin agus, sa deireadh, laghdú ar mhaoiniú an Aontais mura ngnóthófar na torthaí atá beartaithe. Anuas air sin, bunaítear bónas feidhmíochta foriomlána mar chuid de shásra dreasachta bunaithe ar an mbónas feidhmíochta a leithdháileadh, d'fhonn dea-fheidhmíochtaí comhshaoil agus aeráide a spreagadh.

(77)I gcomhréir le prionsabal na bainistíochta comhroinnte, ba cheart do na Ballstáit bheith freagrach as meastóireacht a dhéanamh ar a bPleananna Straitéiseacha faoi CBT, ach is é an Coimisiún atá freagrach as sintéisí mheastóireachtaí ex ante na mBallstát ar leibhéal an Aontais agus as na meastóireachtaí ex post ar leibhéal an Aontais.

(78)Tá fógraí ó na Ballstáit ag teastáil chun críche an Rialachán seo a chur i bhfeidhm agus chun críche faireachán, anailísiú agus bainistíocht a dhéanamh ar na teidlíochtaí airgeadais. Chun cur i bhfeidhm ceart na rialacha a leagtar amach sa Rialachán seo a áirithiú agus chun na fógraí sin a thabhairt go gasta, go héifeachtúil, go cruinn, go costéifeachtach agus ar bhealach lena gcloífear le cosaint sonraí pearsanta, ba cheart an chumhacht a tharmligean chuig an gCoimisiún gníomhartha áirithe a ghlacadh, lena náirítear ceanglais maidir le fógra a thabhairt faoi na comhaontuithe sin agus i ndáil le rialacha breise maidir leis an gcineál faisnéise a mbeidh fógra le tabhairt fúithi, leis na catagóirí sonraí atá le próiseáil agus leis an uastréimhse coinneála, leis na cearta rochtana ar an bhfaisnéis nó ar na córais faisnéise agus na coinníollacha atá ann maidir leis an bhfaisnéis a fhoilsiú.

(79)Ba cheart feidhm a bheith ag Airteagal 107, Airteagal 108 agus ag Airteagal 109 CFAE maidir le tacaíocht a thabhairt do na cineálacha idirghabhála faoin Rialachán seo. Mar sin féin, i bhfianaise saintréithe sonracha earnáil na talmhaíochta, níor cheart go mbeadh feidhm ag na forálacha sin de chuid CFAE maidir le cineálacha idirghabhála ar íocaíochtaí díreacha iad ná leis na cineálacha idirghabhála forbartha tuaithe i ndáil le hoibríochtaí a thagann faoi raon feidhme Airteagal 42 CFAE, a dhéantar faoin Rialachán seo agus i gcomhréir leis, ná leis na híocaíochtaí arna ndéanamh ag na Ballstáit, lena mbeartaítear maoiniú breise náisiúnta a sholáthar d'idirghabhálacha forbartha tuaithe a ndeonaítear tacaíocht ón Aontas dóibh, agus a thagann faoi raon feidhme Airteagal 42 CFAE.

(80)Is minice anois a bhíonn ar fheirmeoirí aghaidh a thabhairt ar rioscaí luaineachta ioncaim, de dheasca neamhchosaint ar an margadh i bpáirt, de dheasca eachtraí adhaimsire agus mhinicíocht géarchéimeanna sláintíochta agus fíteashláintíochta i bpáirt a mbíonn tionchar acu ar bheostoic agus sócmhainní agranamaíocha san Aontas. Chun éifeachtaí na luaineachta ioncaim a mhaolú trí fheirmeoirí a spreagadh chun coigilteas a dhéanamh sna blianta maithe ionas go mbeidh siad in ann déileáil leis na drochbhlianta, ba cheart na bearta cánach náisiúnta lena ríomhtar an bonn cánach is infheidhme maidir le feirmeoirí ar bhonn tréimhse ilbhliantúil a dhíolmhú ó chur i bhfeidhm na rialacha maidir le státchabhair.

(81)Ba cheart sonraí pearsanta a bhailítear chun críocha aon fhoráil a chumhdaítear leis an rialachán seo a chur i bhfeidhm a phróiseáil ar bhealach a bheidh ag luí leis na críocha sin. Ba cheart freisin na sonraí sin a dhéanamh anaithnid, a comhiomlánú nuair a phróiseáiltear chun críocha faireacháin nó meastóireachta iad, agus ba cheart iad a chosaint i gcomhréir le dlí an Aontais maidir le daoine aonair a chosaint i dtaca le sonraí pearsanta a phróiseáil agus saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, go háirithe Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 19 agus Rialachán (AE) Uimh. 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 20 . Ba cheart na daoine is ábhar do na sonraí a chur ar an eolas faoin bpróiseáil agus faoina gcearta cosanta sonraí.

(82)Chun eilimintí áirithe neamhriachtanacha den Rialachán seo a fhorlíonadh, ba cheart an chumhacht a tharmligean chuig an gCoimisiún gníomhartha a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 CFAE. Tá sé tábhachtach, go háirithe, go rachaidh an Coimisiún i mbun comhairliúcháin iomchuí le linn a chuid oibre ullmhúcháin, lena náirítear ar leibhéal na saineolaithe, agus go ndéanfar na comhairliúcháin sin i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos sa Chomhaontú Idirinstitiúideach maidir le Reachtóireacht Níos Fearr an 13 Aibreán 2016 21 . Go sonrach, chun rannpháirtíocht chomhionann in ullmhú na ngníomhartha tarmligthe a áirithiú, gheobhaidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle na doiciméid uile san am céanna leis na saineolaithe sna Ballstáit, agus beidh rochtain chórasach ag a gcuid saineolaithe ar chruinnithe ghrúpaí saineolaithe an Choimisiúin a bheidh ag déileáil le hullmhú na ngníomhartha tarmligthe.

(83)Chun deimhneacht dhlíthiúil a áirithiú, cearta feirmeoirí a chosaint agus feidhmíocht rianúil chomhsheasmhach éifeachtúil cineálacha idirghabhála ar íocaíochtaí díreacha iad a ráthú, ba cheart an chumhacht a tharmligean chuig an gCoimisiún gníomhartha áirithe a ghlacadh i ndáil le rialacha faoina ndeonófar íocaíochtaí ar choinníoll go núsáidfear síolta deimhnithe de chineálacha áirithe cnáibe agus an nós imeachta maidir le cineálacha cnáibe a chinneadh agus a gcion teitrihidreacannaibionóil a fhíorú. rialacha maidir le cóir mhaith thalmhaíochta agus chomhshaoil agus heilimintí gaolmhara áirithe i dtaca leis na ceanglais incháilitheachta; agus maidir le hinneachar an dhearbhaithe agus maidir leis na ceanglais le haghaidh teidlíochtaí íocaíochta a ghníomhachtú; rialacha breise maidir le héiciscéimeanna; bearta chun nach mbeidh tairbhithe na tacaíochta ioncaim cúpláilte thíos leis mar gheall ar mhíchothromaíochtaí struchtúracha margaidh in earnáil, lena náirítear an cinneadh go bhféadfar leanúint den tacaíocht ioncaim sin a íoc go dtí 2027 ar bhonn na naonad táirgthe dár deonaíodh an tacaíocht sin i dtréimhse thagartha roimhe seo; rialacha agus coinníollacha a bhunú maidir le talamh agus cineálacha a údarú chun críocha na híocaíochta i leith barr sonrach le haghaidh cadáis agus rialacha maidir leis na coinníollacha faoin ndeonaítear an íocaíocht sin;

(84)Chun a áirithiú go rannchuideoidh cineálacha idirghabhála de réir earnála le cuspóirí an Chomhbheartais Talmhaíochta agus go neartófar leo sineirgíochtaí le hionstraimí CBT eile agus chun cothrom iomaíochta a áirithiú sa mhargadh inmheánach agus dálaí iomaíochta éagothroma nó éagóracha a sheachaint, ba cheart an chumhacht a tharmligean chuig an gCoimisiún chun gníomhartha áirithe a ghlacadh i ndáil le critéir chun eagraíochtaí idirchraoibhe a fhormheas agus le rialacha lena rialaítear an cás nach gcomhlíonann an eagraíocht idirchraoibhe fhormheasta na critéir agus na hoibleagáidí sin do tháirgeoirí; rialacha maidir le dea-fheidhmniú cineálacha idirghabhála de réir earnála,an bonn ar a ríomhtar an cúnamh airgeadais ón Aontas, lena náirítear na tréimhsí tagartha agus luach na táirgeachta arna margú a ríomh, agus leibhéal uasta an chúnaimh airgeadais ón Aontas le haghaidh táirgí a tharraingítear siar ón margadh; rialacha maidir le huasteorainn a shocrú don chaiteachas a bhaineann le hathphlandú fíonghort; agus rialacha faoina bhfuil ar tháirgeoirí fotháirgí na fíonóireachta a tharraingt siar ón margadh, agus maidir leis na heisceachtaí ón oibleagáid sin chun ualach breise riaracháin a sheachaint agus rialacha maidir le deimhniú deonach na ndriogairí. Go sonrach, chun a áirithiú go núsáidfear cistí an Aontais ar bhealach éifeachtach éifeachtúil in earnáil na beachadóireachta, ba cheart an chumhacht a tharmligean chuig an gCoimisiún chun gníomhartha áirithe a ghlacadh maidir le ceanglais bhreise a bhaineann leis an oibleagáid i ndáil le fógra a thabhairt agus maidir le bunú ranníocaíochta íosta ón Aontas leis an gcaiteachas do chur i bhfeidhm na gcineálacha idirghabhála sin.

(85)Chun deimhneacht dhlíthiúil a áirithiú agus chun a ráthú go ngnóthófar cuspóirí idirghabhálacha forbartha tuaithe, ba cheart an chumhacht chun glacadh le gníomhartha áirithe a tharmligean chuig an gCoimisiún i ndáil le tacaíocht do ghealltanais bhainistíochta, d'infheistíochtaí agus don chomhar.

(86)Chun eilimintí neamhriachtanacha áirithe den Rialachán seo a leasú, ba cheart an chumhacht chun gníomhartha a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 CFAE a tharmligean chuig an gCoimisiún i dtaca le ranníocaíochtaí ó na Ballstáit le haghaidh cineálacha idirghabhála ar íocaíochta díreacha iad agus le rialacha maidir le hinneachar an Phlean Straitéisigh faoi CBT.

(87)Chun choinníollacha aonfhoirmeacha do chur chun feidhme an Rialacháin seo a áirithiú agus chun iomaíocht éagóir nó idirdhealú idir feirmeoirí a sheachaint, ba cheart cumhachtaí cur chun feidhme a tharmligean chuig an gCoimisiún maidir le limistéir thagartha a shocrú don tacaíocht do shíolta ola, rialacha maidir le talamh agus cineálacha a údarú chun críocha íocaíocht i leith barr sonrach a shocrú don chadás agus fógraí gaolmhara, ríomh an laghdaithe i gcás inar mó an limistéar incháilithe cadáis ná an bonnlimistéar, cúnamh airgid an Aontais do dhriogadh fotháirgí fíona, an miondealú bliantúil de réir Ballstáit ar mhéid iomlán na tacaíochta iomlán ón Aontas do chineálacha idirghabhála le haghaidh forbairt tuaithe, rialacha maidir le cur i láthair na neilimintí a bheidh le cur isteach sa Phlean Straitéiseach faoi CBT, rialacha maidir leis an gcur chuige agus na teorainneacha ama i dtaca le Pleananna Straitéiseacha faoi CBT a fhormheas agus iarrataí ar leasú ar Phleananna Straitéiseacha faoi CBT a thíolacadh agus a fhormheas, coinníollacha aonfhoirmeacha do chur i bhfeidhm na gceanglas faisnéise agus poiblíochta a bhaineann leis na deiseanna a chuirtear ar fáil leis na Pleananna Straitéiseacha faoi CBT, rialacha maidir leis an gcreat feidhmíochta, faireacháin agus meastóireachta, rialacha maidir le cur i láthair inneachar na tuarascála bliantúla ar fheidhmíocht, rialacha maidir leis an bhfaisnéis a bheidh le seoladh ag na Ballstáit maidir leis an measúnú ar fheidhmíocht agus rialacha maidir leis na riachtanais agus na sineirgíochtaí sonraí a d'fhéadfadh a bheith idir na foinsí sonraí, agus socruithe chun cur chuige comhsheasmhach a áirithiú maidir leis an mbónas feidhmíochta a shannadh do na Ballstáit. Ba cheart na cumhachtaí sin a fheidhmiú i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 22 .

(88)I gcás ina néilítear amhlaidh ar mhórfhorais práinne, ba cheart don Choimisiún gníomhartha cur chun feidhme is infheidhme láithreach a ghlacadh i gcásanna a bhfuil údar cuí leo a bhaineann le fadhbanna sonracha a réiteach agus san am céanna leanúnachas chóras na níocaíochtaí díreacha a áirithiú Anuas air sin, chun teacht ar réiteach ar fhadhbanna práinneacha a tharlaíonn i gceann amháin de na Ballstáit nó níos mó ná sin nuair a áirithítear leanúnachas an chórais íocaíochta dírí, ba cheart don Choimisiún gníomhartha cur chun feidhme is infheidhme láithreach a ghlacadh, i gcásanna a bhfuil bonn cirt cuí leo agus ina bhfuil tionchar ag mórchúiseanna práinne ar dheonú tacaíochta agus a chuireann cur chun feidhme éifeachtúil na níocaíochtaí faoi na scéimeanna tacaíochta a liostaítear sa Rialachán seo i mbaol.

(89)Ba cheart go bhfanfadh Rialachán (AE) Uimh. 228/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 23 agus Rialachán (AE) Uimh. 229/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 24 lasmuigh de raon feidhme an Rialacháin seo, seachas i gcás ina dtagraítear go sonrach do roinnt dá bhforálacha.

(90)Ós rud é nach féidir leis na Ballstáit cuspóirí an Rialacháin seo a ghnóthú go leordhóthanach ach gur féidir, de bharr na neamhréireachtaí idir na ceantair tuaithe éagsúla agus acmhainní airgeadais teoranta na mBallstát, iad a ghnóthú níos fearr ar leibhéal an Aontais trí bhíthin ráthaíocht ilbhliantúil ar mhaoiniú an Aontais agus trí dhíriú ar thosaíochtaí soiléire sainithe, féadfaidh an tAontas bearta a ghlacadh, i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta a leagtar amach in Airteagal 5 den Chonradh ar an Aontas Eorpach (CAE). I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta a leagtar amach san Airteagal sin, ní théann an Rialachán seo thar a bhfuil riachtanach chun na cuspóirí sin a ghnóthú.

(91)Ar an ábhar sin, ba cheart Rialachán (AE) Uimh. 1305/2013 agus Rialachán (AE) Uimh. 1307/2013 a aisghairm.

(92)Chun aistriú ó na socruithe dá bhforáiltear i Rialachán (AE) Uimh. 1305/2013 agus i Rialachán (CE) Uimh. 1307/2013 go dtí na socruithe a leagtar síos sa Rialachán seo a éascú, ba cheart an chumhacht a tharmligean chuig an gCoimisiún gníomhartha áirithe a ghlacadh maidir leis na bearta chun aon chearta faighte agus ionchais dhlisteanacha tairbhithe a chosaint.

(93)Chun deimhneacht dhlíthiúil agus leanúnachas a áirithiú ba cheart go leanfadh na forálacha ar leith maidir leis an gCróit a bhaineann le íocaíochtaí díreacha le feirmeoirí a thabhairt isteach de réir a chéile agus íocaíochtaí díreacha náisiúnta forlíontacha faoi chuimsiú an tsásra um chéimniú isteach, ba cheart go leanfadh na forálacha de bheith i bhfeidhm go dtí an 1 Eanáir 2021,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

TEIDEAL I
ÁBHAR AGUS RAON FEIDHME, FORÁLACHA IS INFHEIDHME AGUS SAINMHÍNITHE

Airteagal 1
Ábhar agus raon feidhme

1.Leis an Rialachán seo, leagtar síos na rialacha maidir leis na nithe seo a leanas:

(a)na cuspóirí ginearálta agus sonracha atá le saothrú leis an tacaíocht ón Aontas atá á maoiniú as an gCiste Eorpach um Ráthaíocht Talmhaíochta (CERT) agus as an gCiste Eorpach Talmhaíochta um Fhorbairt Tuaithe (CETFT) faoin gComhbheartas Talmhaíochta (CBT) agus na táscairí gaolmhara;

(b)na cineálacha idirghabhála agus na ceanglais choiteanna le go bhféadfaidh na Ballstáit na cuspóirí sin a shaothrú agus na socruithe airgeadais gaolmhara;

(c)na Pleananna Straitéiseacha faoi CBT atá le tarraingt suas ag na Ballstáit, pleananna ina socrófar spriocanna, ina saineofar na hidirghabhálacha agus ina leithdháilfear acmhainní airgeadais, i gcomhréir leis na cuspóirí sonracha agus na riachtanais shainaitheanta;

(d)comhordú agus rialachas, mar aon le faireachán, tuairisciú agus meastóireacht.

2.Tá feidhm ag an Rialachán seo maidir leis an tacaíocht ón Aontas atá á maoiniú as CERT agus as CETFT le haghaidh idirghabhálacha atá sonraithe i bPlean Straitéiseach faoi CBT arna tharraingt suas ag na Ballstáit agus arna fhormheas ag an gCoimisiún, maidir leis an tréimhse ón 1 Eanáir 2021 go dtí an 31 Nollaig 2027.

Airteagal 2
Na forálacha is infheidhme

1.Beidh feidhm maidir leis an tacaíocht dá bhforáiltear faoin Rialachán seo ag Rialachán (AE) [an Rialachán Cothrománach] ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 25 agus ag na forálacha a ghlactar de bhun an Rialacháin sin.

2.Beidh feidhm maidir leis an tacaíocht arna maoiniú as CETFT faoin Rialachán seo ag Caibidil III de Theideal II, ag Caibidil II de Theideal III agus ag Airteagal 41 agus Airteagal 43 de Rialachán (AE) [Rialachán na bhForálacha Coiteanna] ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 26 .

Airteagal 3
Sainmhínithe

Chun críocha tacaíocht ón Aontas a dheonú faoin Rialachán seo, beidh feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:

(a)ciallaíonn “feirmeoir” duine nádúrtha nó dlítheanach, nó grúpa daoine nádúrtha nó dlítheanacha, beag beann ar an stádas atá ag grúpa den sórt sin agus ag a bhaill faoin dlí náisiúnta, a bhfuil a ghabháltas lonnaithe laistigh de raon feidhme críochach na gConarthaí, mar a shainmhínítear sin in Airteagal 52 den Chonradh ar an Aontas Eorpach (CAE), in éineacht le hAirteagal 349 agus le hAirteagal 355 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE), agus ar duine é nó ar grúpa é atá i mbun gníomhaíocht talmhaíochta mar atá sainithe ag na Ballstáit;

(b)ciallaíonn “gabháltas” na haonaid ar fad a úsáidtear le haghaidh gníomhaíochtaí talmhaíochta agus atá á mbainistiú ag feirmeoir atá lonnaithe laistigh de chríoch an Bhallstáit ina bhfuil an gabháltas;

(c)ciallaíonn “idirghabháil” ionstraim thacaíochta ina bhfuil sraith coinníollacha incháilitheachta atá sainithe ag na Ballstáit sna Pleananna Straitéiseacha faoi CBT agus atá bunaithe ar chineál idirghabhála dá bhforáiltear sa Rialachán seo;

(d)ciallaíonn “ráta tacaíochta” ráta na ranníocaíochta poiblí le hoibríocht. I gcás ionstraimí airgeadais tagraíonn sé don choibhéis deontais chomhláin a bhaineann leis an tacaíocht mar a shainmhínítear sin in Airteagal 2(20) de Rialachán (AE) Uimh. 702/2014 ón gCoimisiún 27 ;

(e)ciallaíonn “ciste frithpháirteach” scéim arna creidiúnú ag an mBallstát i gcomhréir lena dhlí náisiúnta le haghaidh feirmeoirí cleamhnaithe chun iad féin a chur faoi árachas, trína ndéantar íocaíochtaí cúitimh le feirmeoirí cleamhnaithe in aghaidh caillteanais eacnamaíocha a bhaineann dóibh;

(f)ciallaíonn “oibríocht”

(i)tionscadal, conradh, gníomhaíocht nó grúpa de thionscadail arna roghnú faoi na cláir lena mbaineann;

(ii)i gcomhthéacs ionstraimí airgeadais, is éard is oibríocht ann ranníocaíocht ó chlár le hionstraim airgeadais agus an tacaíocht airgeadais ina dhiaidh sin a thugann an ionstraim airgeadais sin do na faighteoirí deiridh;

(g)ciallaíonn “comhlacht idirmheánach” aon chomhlacht dlí phoiblí nó phríobháidigh a ghníomhaíonn faoi chúram Údaráis Bainistíochta, nó a dhéanann dualgais thar ceann údaráis den sórt sin;

(h)I gcás na gcineálacha idirghabhála le haghaidh forbairt tuaithe, ciallaíonn “tairbhí”:

(i)comhlacht dlí phoiblí nó phríobháidigh, eintiteas, bíodh pearsantacht dhlítheanach aige nó ná bíodh, nó duine nádúrtha, atá freagrach as oibríochtaí a thionscnamh nó oibríochtaí a thionscnamh agus a chur chun feidhme araon;

(ii)i gcomhthéacs scéimeanna Státchabhrach an comhlacht a fhaigheann an chabhair;

(iii)i gcomhthéacs ionstraimí airgeadais, an comhlacht a chuireann an ciste sealbhaíochta chun feidhme nó, i gcás nach bhfuil aon struchtúr ciste sealbhaíochta ann, an comhlacht a chuireann an ciste sonrach chun feidhme nó, i gcás inarb é an tÚdarás Bainistíochta a bhainistíonn an ionstraim airgeadais, an tÚdarás Bainistíochta;

(i)ciallaíonn “spriocanna” luachanna réamhaontaithe atá le baint amach faoi dheireadh na tréimhse i ndáil leis na táscairí toraidh a áirítear faoi chuspóir sonrach;

(j)ciallaíonn “garspriocanna” spriocanna idirmheánacha atá le bheith bainte amach ag tráth ar leith le linn thréimhse an Phlean Straitéisigh faoi CBT i ndáil leis na táscairí a áirítear faoi chuspóir sonrach.

Airteagal 4
Sainmhínithe atá le leagan amach sna Pleananna Straitéiseacha faoi CBT

1.Cuirfidh na Ballstáit ar fáil ina bPlean Straitéiseach faoi CBT na sainmhínithe ar ghníomhaíocht talmhaíochta, limistéar talmhaíochta, heicteár incháilithe, fíorfheirmeoir agus feirmeoir óg:

(a)déanfar “gníomhaíocht talmhaíochta” a shainmhíniú i gcaoi is go náireofar táirgeadh táirgí talmhaíochta a liostaítear in Iarscríbhinn I a ghabhann le CFAE, lena náirítear cadás agus adhmad as roschoillte gearruainíochta, agus cothabháil an limistéir talmhaíochta i riocht a bheidh oiriúnach d’innilt nó do shaothrú, gan gá le haon ghníomhaíocht ullmhúcháin thar na gnáthmhodhanna agus gnáthinnealra talmhaíochta;

(b)déanfar “limistéar talmhaíochta” a shainmhíniú i gcaoi is gur talamh arúil, barra buana agus féarthailte buana atá ann. Déanfaidh na Ballstáit na téarmaí “talamh arúil”, “barra buana” agus “féarthailte buana” a shonrú tuilleadh faoi chuimsiú an mhéid seo a leanas:

(i)gurb é a bheidh i gceist le “talamh arúil” talamh a shaothraítear le haghaidh táirgeadh barr nó na limistéir atá ar fáil le haghaidh táirgeadh barr ach atá fágtha bán, lena náirítear na limistéir sin a fhágtar i leataobh i gcomhréir le hAirteagal 22, le hAirteagal 23 agus le hAirteagal 24 de Rialachán (CE) Uimh. 1257/1999 ón gComhairle 28 , le hAirteagal 39 de Rialachán (CE) Uimh. 1698/2005 ón gComhairle 29 , le hAirteagal 28 de Rialachán (AE) Uimh. 1305/2013 nó le hAirteagal 65 den Rialachán seo;

(ii)gurb é a bheidh i gceist le “barra buana” barra nach bhfuil de réir uainíochta cé is moite d'fhéarthailte buana agus féarach buan a áitíonn an talamh ar feadh cúig bliana nó níos mó agus a thugann barra bliain i ndiaidh bliana, lena náirítear plandlanna agus roschoillte gearruainíochta;

(iii)gurb é a bheidh i gceist le “féarthailte buana agus féarach buan” (dá ngairtear le chéile “féarthailte buana”) talamh nár áiríodh in uainíocht bharr an ghabháltais ar feadh cúig bliana nó níos mó, a úsáidtear chun féar nó foráiste luibheach eile a fhás go nádúrtha (féinsíolaithe) nó trína shaothrú (síolaithe). Féadfaidh speicis eile amhail toir agus/nó crainn atá ininnilte nó lena ndéantar beatha ainmhithe a tháirgeadh a bheith mar chuid de sin;

(c)chun críche cineálacha idirghabhála ar íocaíochtaí díreacha iad, déanfar “heicteár incháilithe” a shainmhíniú i gcaoi is go náirítear aon limistéar talmhaíochta de chuid an ghabháltais:

(i)a úsáidtear, le linn na bliana sin a ndearnadh iarratas ar thacaíocht ina leith, le haghaidh gníomhaíocht talmhaíochta nó, má úsáidtear an limistéar le haghaidh gníomhaíochtaí neamhthalmhaíochta, gur le haghaidh gníomhaíochtaí talmhaíochta go príomha a úsáidtear é, agus go bhfuil sé ar fáil ag an bhfeirmeoir. I gcás ina bhfuil údar cuí leis ar chúiseanna comhshaoil, féadfar limistéir áirithe nach núsáidtear ach gach dara bliain le haghaidh gníomhaíochtaí talmhaíochta a áireamh freisin sna heicteáir incháilithe;

(ii)lenar tugadh ceart ar íocaíochtaí faoi Fhoroinn 2 de Roinn 2 de Chaibidil II de Theideal III den Rialachán seo nó faoi scéim na híocaíocha bunúsaí nó faoin scéim íocaíochta aonair limistéir a leagtar síos i dTeideal III de Rialachán (AE) Uimh. 1307/2013, agus:

ar limistéar é nach gcomhlíonann a thuilleadh an sainmhíniú ar “heicteár incháilithe” a leagtar amach i bpointe (a) de Rialachán (AE) Uimh. 1307/2013 mar thoradh ar chur chun feidhme Threoir 92/43/CEE agus Threoir 2009/147/CE, nó Threoir 2000/60/CE;

ar limistéar é, fad a mhaireann gealltanas ábhartha an fheirmeora aonair, atá coilltithe de bhun Airteagal 31 de Rialachán (CE) Uimh. 1257/1999 nó Airteagal 43 de Rialachán (CE) Uimh. 1698/2005 nó Airteagal 22 de Rialachán (AE) Uimh. 1305/2013 nó faoi scéim náisiúnta lena gcomhlíontar coinníollacha Airteagal 43(1), (2) agus (3) de Rialachán (CE) Uimh. 1698/2005 nó Airteagal 22 de Rialachán (AE) Uimh. 1305/2013 nó Airteagal 65 agus Airteagal 67 den Rialachán seo;

ar limistéar é, fad a mhaireann gealltanas ábhartha an fheirmeora aonair, a fhágtar i leataobh de bhun Airteagal 22, Airteagal 23 agus Airteagal 24 de Rialachán (CE) Uimh. 1257/1999, Airteagal 39 de Rialachán (CE) Uimh. 1698/2005, Airteagal 28 de Rialachán (AE) Uimh. 1305/2013 nó Airteagal 65 den Rialachán seo.

Ní bheidh na heicteáir i limistéir a úsáidtear chun cnáib a tháirgeadh incháilithe ach amháin má tá cion teitrihidreacannaibionóil nach mó ná 0,2 % sna cineálacha cnáibe a úsáidtear;

(d)déanfar “fíorfheirmeoirí” a shainmhíniú i gcaoi is go náiritheofar nach ndeonófar aon tacaíocht dóibh siúd nach bhfuil ina ngníomhaíocht talmhaíochta ach cuid anbheag dá ngníomhaíochtaí eacnamaíocha foriomlána nó nach gníomhaíocht talmhaíochta atá sa phríomhghníomhaíocht ghnó acu, ach gan bac a chur ar fheirmeoirí ilghníomhacha tacaíocht a fháil. Fágfaidh an sainmhíniú go bhféadfar na feirmeoirí sin nach meastar a bheith ina bhfíorfheirmeoirí a chinneadh bunaithe ar choinníollacha amhail tástálacha ioncaim, ionchuir saothair ar an bhfeirm, cuspóir an ghnólachta agus/nó iad a bheith áirithe ar chláir;

(e) déanfar “feirmeoir óg” a shainmhíniú i gcaoi is go náireofar:

(i)uasteorainn aoise nach airde ná 40 bliain;

(ii)na coinníollacha faoina ndeimhnítear “ceann an ghabháltais”;

(iii)an oiliúint agus/nó na scileanna iomchuí is gá.

2.Chun an tsláinte phoiblí a chosaint, tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 138 chun an Rialachán seo a fhorlíonadh le rialacha a fhágann gur ar choinníoll síolta deimhnithe de chineálacha áirithe cnáibe a úsáid a dheonófar íocaíochtaí agus leis an nós imeachta le haghaidh cineálacha cnáibe a dhearbhú agus lena gcion teitrihidreacannaibionóil dá dtagraítear i bpointe (c) de mhír 1 a fhíorú.

TEIDEAL II
CUSPÓIRÍ AGUS TÁSCAIRÍ

Airteagal 5
Cuspóirí ginearálta

Beidh sé mar chuspóir leis an tacaíocht as CERT agus as CETFT forbairt inbhuanaithe na feirmeoireachta, an bhia agus na gceantar tuaithe a fheabhsú agus cuideoidh an tacaíocht sin na cuspóirí ginearálta seo a leanas a bhaint amach:

(a)earnáil talmhaíochta chliste, athléimneach agus éagsúlaithe a chothú lena náiritheofar an tslándáil bia;

(b)an cúram don chomhshaol agus an gníomhú ar son na haeráide a neartú agus cur le cuspóirí sin an Aontais a bhfuil baint acu leis an gcomhshaol agus leis an aeráid;

(c)bonn socheacnamaíoch na gceantar tuaithe a neartú.

Déanfar na cuspóirí sin a chomhlánú leis an gcuspóir trasearnálach maidir leis an earnáil a nuachóiriú tríd an eolas, an nuálaíocht agus an digitiú a chothú agus a roinnt in earnáil na talmhaíochta agus i gceantair thuaithe, agus an glacadh atá leo a spreagadh.

Airteagal 6
Cuspóirí sonracha

1.Déanfar na cuspóirí ginearálta a shaothrú leis na cuspóirí sonracha seo a leanas:

(a)tacaíocht a thabhairt d’ioncam feirme inmharthana agus don athléimneacht ar fud an Aontais chun cur leis an tslándáil bia;

(b)díriú níos fearr ar an margadh agus cur leis an iomaíochas, lena náirítear béim níos mó ar an taighde, an teicneolaíocht agus an digitiú;

(c)áit an fheirmeora sa slabhra luacha a fheabhsú;

(d)cuidiú le maolú an athraithe aeráide agus leis an oiriúnú don athrú sin, agus leis an bhfuinneamh inbhuanaithe;

(e)an fhorbairt inbhuanaithe agus bainistiú éifeachtúil ar acmhainní nádúrtha, amhail an tuisce, an ithir agus an taer, a chothú;

(f)cuidiú le cosaint na bithéagsúlachta, seirbhísí éiceachórais a fheabhsú agus gnáthóga agus tírdhreacha a chaomhnú;

(g)feirmeoirí óga a mhealladh agus forbairt gnó a éascú i gceantair thuaithe;

(h)an fhostaíocht, an fás, an cuimsiú sóisialta agus an fhorbairt áitiúil a chur chun cinn i gceantair thuaithe, lena náirítear an bithgheilleagar agus an fhoraoiseacht inbhuanaithe;

(i)an chaoi a dtéann earnáil talmhaíochta an Aontais Eorpaigh i ngleic le héilimh shochaíocha ar bhia agus ar shláinte, lena náirítear bia sábháilte cothaitheach inbhuanaithe, cur amú bia agus leas ainmhithe, a fheabhsú.

2.Agus na cuspóirí sonracha á saothrú ag na Ballstáit, áiritheoidh siad simpliú agus feidhmíocht na tacaíochta faoi CBT.

Airteagal 7
Táscairí

1.Déanfar cé chomh maith agus atá na cuspóirí dá dtagraítear in Airteagal 5 agus Airteagal 6(1) á ngnóthú a mheas ar bhonn comhtháscairí a bhaineann le haschur, toradh agus tionchar. Ar na comhtháscairí sin beidh:

(a)táscairí aschuir a bhaineann leis an aschur a tháinig as na hidirghabhálacha ar tugadh tacaíocht dóibh;

(b)táscairí toraidh a bhaineann leis na cuspóirí sonracha lena mbaineann agus a úsáideadh chun garspriocanna cainníochtaithe agus táscairí cainníochtaithe a bhunú maidir leis na cuspóirí sonracha sin atá sna Pleananna Straitéiseacha faoi CBT agus lena ndéantar an dul chun cinn i dtreo na spriocanna sin a mheas. Na táscairí a bhaineann go sonrach le cuspóirí comhshaoil agus aeráide, féadfaidh sé go gcumhdófar leo idirghabhálacha a áirítear in ionstraimí gaolmhara náisiúnta maidir le pleanáil comhshaoil agus aeráide a eascraíonn as an reachtaíocht Eorpach a liostaítear in Iarscríbhinn XI;

(c)táscairí tionchair a bhaineann leis na cuspóirí a leagtar amach in Airteagal 5 agus Airteagal 6(1) agus a úsáideadh maidir leis na Pleananna Straitéiseacha faoi CBT agus maidir le CBT.

Leagtar amach in Iarscríbhinn I na comhtháscairí aschuir, toraidh agus tionchair.

2.Tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 138 lena leasaítear Iarscríbhinn I d’fhonn na comhtháscairí aschuir, toraidh agus tionchair a oiriúnú chun an taithí a fuarthas agus iad á gcur i bhfeidhm a chur san áireamh agus, nuair is gá, chun táscairí nua a chur san Iarscríbhinn sin.

TEIDEAL III
CEANGLAIS CHOITEANNA AGUS CINEÁLACHA IDIRGHABHÁLA

CAIBIDIL I
CEANGLAIS CHOITEANNA

Roinn 1
Prionsabail ghinearálta

Airteagal 8
Idirghabhálacha a roghnú

Déanfaidh na Ballstáit na cuspóirí a leagtar amach i dTeideal II a shaothrú trí idirghabhálacha a shonrú ar bhonn na gcineálacha idirghabhála a leagtar amach i gCaibidil II, i gCaibidil III agus i gCaibidil IV den Teideal seo i gcomhréir leis na ceanglais choiteanna a leagtar amach sa Caibidil seo.

Airteagal 9
Prionsabail ghinearálta

Déanfaidh na Ballstáit na hidirghabhálacha atá ina bPleananna Straitéiseacha faoi CBT a cheapadh i gcomhréir le Cairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh agus le prionsabail ghinearálta dhlí an Aontais.

Áiritheoidh na Ballstáit go leagfar amach na hidirghabhálacha ar bhonn critéir oibiachtúla agus neamhidirdhealaitheacha, go bhfuil siad comhoiriúnach don mhargadh inmheánach agus nach saobhann siad an iomaíocht.

Bunóidh na Ballstáit an creat dlíthiúil faoina rialófar an chaoi a ndeonófar an tacaíocht ón Aontas do na tairbhithe ar bhonn an Phlean Straitéisigh faoi CBT agus i gcomhréir leis na prionsabail agus na ceanglais a leagtar amach sa Rialachán seo agus i Rialachán (AE) [an Rialachán Cothrománach].

Airteagal 10
Tacaíocht intíre ón Eagraíocht Dhomhanda Trádála

1.Áiritheoidh na Ballstáit go bhfuil na hidirghabhálacha atá bunaithe ar na cineálacha idirghabhála a liostaítear in Iarscríbhinn II a ghabhann leis an Rialachán seo, lena náirítear na sainmhínithe a leagtar amach in Airteagal 3 agus na sainmhínithe atá le leagan amach sna Pleananna Straitéiseacha faoi CBT a leagtar amach in Airteagal 4, go bhfuil siad ag urramú fhorálacha mhír 1 d’Iarscríbhinn 2 a ghabhann le Comhaontú na hEagraíochta Domhanda Trádála ar Thalmhaíocht.

Urramóidh na hidirghabhálacha sin, freisin, forálacha na míre breise atá in Iarscríbhinn 2 a ghabhann le Comhaontú na hEagraíochta Domhanda Trádála ar Thalmhaíocht mar a leagtar amach in Iarscríbhinn II a ghabhann leis an Rialachán seo. I gcás idirghabhálacha ar cineálacha idirghabhála iad seachas an tacaíocht bhunúsach ioncaim i dtaobh na hinbhuanaitheachta, an tacaíocht ioncaim athdháilte i dtaobh na hinbhuanaitheachta, an tacaíocht ioncaim fhorlíontach d’fheirmeoirí óga agus na scéimeanna maidir leis an aeráid agus an comhshaol, féadfaidh sé go nurramóidh siad mír eile d’Iarscríbhinn 2 a ghabhann le Comhaontú na hEagraíochta Domhanda Trádála ar Thalmhaíocht, in ionad mhír 1, má tá údar cuí tugtha leis sin sa Phlean Straitéiseach faoi CBT.

2.Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh na hidirghabhálacha atá bunaithe ar an íocaíocht i leith barr sonrach le haghaidh cadáis dá bhforáiltear i bhForoinn 2 de Roinn 3 de Chaibidil II den Teideal seo ag urramú fhorálacha Airteagal 6(5) de Chomhaontú na hEagraíochta Domhanda Trádála ar Thalmhaíocht.

Roinn 2
Coinníollacht

Airteagal 11
Prionsabal agus raon feidhme

1.Déanfaidh na Ballstáit córas coinníollachta a áireamh ina bPleananna Straitéiseacha faoi CBT, córas faoina ndéanfar pionós riaracháin a fhorchur ar thairbhithe a bhfuil íocaíochtaí díreacha faoi Chaibidil II den Teideal seo, nó préimheanna bliantúla faoi Airteagal 65, Airteagal 66 agus Airteagal 67, á bhfáil acu nach gcomhlíonann na ceanglais reachtúla bhainistíochta faoi dhlí an Aontais agus na caighdeáin maidir le talamh a bheith i gcóir mhaith thalmhaíochta agus chomhshaoil mar a bhunaítear sa Phlean Straitéiseach faoi CBT agus a liostaítear in Iarscríbhinn III, maidir leis na réimsí sonracha seo a leanas:

(d)an aeráid agus an comhshaol;

(e)an tsláinte phoiblí, sláinte ainmhithe agus sláinte plandaí;

(f)leas ainmhithe.

2.Na rialacha maidir le pionóis riaracháin a bheidh le háireamh sa Phlean Straitéiseach faoi CBT, urramóidh siad na ceanglais a leagtar amach i gCaibidil IV de Theideal IV de Rialachán (AE) [an Rialachán Cothrománach].

3.Na gníomhartha dlíthiúla dá dtagraítear in Iarscríbhinn III maidir leis na ceanglais reachtúla bhainistíochta, beidh feidhm ag an leagan sin díobh is infheidhme agus, i gcás Treoracha, faoi mar atá siad á gcur chun feidhme ag na Ballstáit.

4.Chun críche na Roinne seo, is é a chiallaíonn “ceanglas reachtúil bainistíochta” gach ceanglas reachtúil bainistíochta aonair faoi dhlí an Aontais dá dtagraítear in Iarscríbhinn III laistigh de ghníomh dlí ar leith, agus atá difriúil ó thaobh substainte de le haon cheanglas eile atá sa ghníomh céanna.

Airteagal 12
Oibleagáidí na mBallstát maidir le cóir mhaith thalmhaíochta agus chomhshaoil

1.Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh gach limistéar talmhaíochta, lena náirítear talamh nach núsáidtear a thuilleadh chun críoch táirgthe, i gcóir mhaith thalmhaíochta agus chomhshaoil. Saineoidh na Ballstáit, ar leibhéal náisiúnta nó réigiúnach, íoschaighdeáin do thairbhithe i dtaca le talamh a bheith i gcóir mhaith thalmhaíochta agus chomhshaoil i gcomhréir le príomhchuspóir na gcaighdeán dá dtagraítear in Iarscríbhinn III, ag cur san áireamh dóibh saintréithe na limistéar lena mbaineann, lena náirítear dálaí ithreach agus aeráide, córais feirmeoireachta atá ann cheana, úsáid talún, uainíocht na mbarr, cleachtais feirmeoireachta agus struchtúir feirmeacha.

2.Maidir leis na príomhchuspóirí a leagtar síos in Iarscríbhinn III, féadfaidh na Ballstáit caighdeáin de bhreis ar na caighdeáin sin a leagtar síos san Iarscríbhinn sin a fhorordú i gcoinne na bpríomhchuspóirí sin. Mar sin féin, ní shaineoidh na Ballstáit íoschaighdeáin maidir le príomhchuspóirí seachas na príomhchuspóirí a leagtar síos in Iarscríbhinn III.

3.Bunóidh na Ballstáit córas chun Uirlis Inbhuanaitheachta Feirme i ndáil le Cothathaigh dá dtagraítear in Iarscríbhinn III, mar aon leis an inneachar agus na feidhmiúlachtaí íosta a sainíodh san Iarscríbhinn sin, a chur ar fáil do na tairbhithe a bhainfidh úsáid as an uirlis.

Féadfaidh an Coimisiún tacaíocht a thabhairt do na Ballstáit maidir leis an uirlis sin a dhearadh agus maidir le ceanglais a bhaineann le seirbhísí stórála agus próiseála sonraí.

4.Tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 138 chun an Rialachán seo a fhorlíonadh le rialacha maidir le cóir mhaith thalmhaíochta agus chomhshaoil, lena náirítear eilimintí de chóras chóimheas na bhféarthailte buana faoi CMTC 1 dá dtagraítear in Iarscríbhinn III a bhunú, le formáid agus le heilimintí agus feidhmiúlachtaí íosta breise na hUirlise Inbhuanaitheachta Feirme i ndáil le Cothathaigh.

Roinn 3
Seirbhísí comhairleacha feirme

Airteagal 13
Seirbhísí comhairleacha feirme

1.Áireoidh na Ballstáit sa Phlean Straitéiseach faoi CBT córas lena gcuirfear seirbhísí comhairleacha i dtaobh bainistiú talún agus bainistiú feirme (“seirbhísí comhairleacha feirme”) ar fáil d’fheirmeoirí agus do thairbhithe eile a fhaigheann tacaíocht faoi CBT.

2.Cumhdóidh na seirbhísí comhairleacha feirme gnéithe eacnamaíocha, comhshaoil agus sóisialta agus cuirfidh siad faisnéis eolaíoch agus theicneolaíoch ar fáil atá cothrom le dáta agus a ceapadh trí bhíthin taighde agus nuálaíochta. Déanfar iad a chomhtháthú sna seirbhísí gaolmhara atá sna Córais um Eolas agus Nuálaíocht Talmhaíochta (AKIS) mar atá comhairleoirí feirme, taighdeoirí, eagraíochtaí feirmeoirí agus geallsealbhóirí ábhartha eile.

3.Áiritheoidh na Ballstáit gur comhairle neamhchlaonta a bheidh sa chomhairle a thugtar agus go mbeidh na comhairleoirí saor ó aon choinbhleacht leasa.

4.Cumhdóidh na seirbhísí comhairleacha feirme an méid seo a leanas ar a laghad:

(a)na ceanglais, na coinníollacha agus na gealltanais bhainistíochta uile a bhfuil feidhm acu maidir le feirmeoirí agus tairbhithe eile a leagtar síos sa Phlean Straitéiseach faoi CBT, lena náirítear na ceanglais agus na caighdeáin faoin gcóras coinníollachta agus na coinníollacha maidir le scéimeanna tacaíochta, mar aon le faisnéis i dtaobh ionstraimí airgeadais agus pleananna gnó a bhunaítear faoin bPlean Straitéiseach faoi CBT;

(b)na ceanglais atá sainithe ag na Ballstáit maidir le cur chun feidhme Threoir 2000/60/CE, Threoir 92/43/CEE , Threoir 2009/147/CE, Threoir 2008/50/CE, Threoir (AE) 2016/2284, Rialachán (AE) 2016/2031, Rialachán (AE) 2016/429, Airteagal 55 de Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 30 agus Threoir 2009/128/CE;

(c)cleachtais feirme a sheachnaíonn go dtagann frithsheasmhacht in aghaidh ábhair fhrithmhiocróbacha chun cinn mar a leagtar amach sa Teachtaireacht faoin gcur chuige Aon Sláinte Amháin – Plean Gníomhaíochta maidir le frithsheasmhacht in aghaidh ábhair fhrithmhiocróbacha 31 ;

(d)bainistiú riosca dá dtagraítear in Airteagal 70;

(e)tacaíocht nuálaíochta, go háirithe maidir le tionscadail grúpaí oibríochtúla de chuid na Comhpháirtíochta Eorpaí um Nuálaíocht maidir le táirgiúlacht agus inbhuanaitheacht talmhaíochta dá dtagraítear in Airteagal 114 a ullmhú agus a chur chun feidhme;

(f)forbairt teicneolaíochtaí digiteacha sa talmhaíocht agus i gceantair thuaithe dá dtagraítear in Airteagal 102(b).

CAIBIDIL II
CINEÁLACHA IDIRGHABHÁLA AR ÍOCAÍOCHTAÍ DÍREACHA IAD

Roinn 1
Cineálacha idirghabhála agus laghdú

Airteagal 14
Cineálacha idirghabhála ar íocaíochtaí díreacha iad

5.Féadfaidh na cineálacha idirghabhála faoin gCaibidil seo a bheith ina níocaíochtaí díreacha cúpláilte agus díchúpláilte.

6.Seo a leanas a bheidh sna híocaíochtaí díreacha díchúpláilte:

(a)an tacaíocht bhunúsach ioncaim i dtaobh na hinbhuanaitheachta;

(b)an tacaíocht ioncaim athdháilte fhorlíontach i dtaobh na hinbhuanaitheachta;

(c)an tacaíocht ioncaim fhorlíontach d’fheirmeoirí óga;

(d)na scéimeanna maidir leis an aeráid agus an comhshaol.

7.Seo a leanas a bheidh sna híocaíochtaí díreacha cúpláilte:

(a)an tacaíocht ioncaim chúpláilte;

(b)an íocaíocht i leith barr sonrach le haghaidh cadáis.

Airteagal 15
Na híocaíochtaí a laghdú

1.Déanfaidh na Ballstáit méid na níocaíochtaí díreacha atá le deonú d’fheirmeoir de bhun na Caibidle seo i mbliain féilire áirithe atá os cionn EUR 60 000 a laghdú mar seo a leanas:

(a)faoi 25% ar a laghad maidir leis na tráinsí idir EUR 60 000 agus EUR 75 000;

(b)faoi 50% ar a laghad maidir leis na tráinsí idir EUR 75 000 agus EUR 90 000;

(c)faoi 75% ar a laghad maidir leis na tráinsí idir EUR 90 000 agus EUR 100 000;

(d)faoi 100% maidir leis an méid os cionn EUR 100 000.

2.Sula gcuirfear mír 1 i bhfeidhm, déanfaidh na Ballstáit an méid seo a leanas a dhealú ó mhéid na níocaíochtaí díreacha atá le deonú d’fheirmeoir de bhun na Caibidile seo i mbliain féilire áirithe:

(a)na tuarastail a bhaineann le gníomhaíocht talmhaíochta a dhearbhaigh an feirmeoir, lena náirítear cánacha agus ranníocaíochtaí sóisialta a bhaineann le fostaíocht; agus

(b)an costas coibhéiseach i leith saothar rialta agus neamhíoctha a bhfuil baint aige le gníomhaíocht talmhaíochta a dhéanann daoine atá ag obair ar an bhfeirm lena mbaineann nach bhfaigheann tuarastal, nó a fhaigheann luach saothair níos ísle ná an méid a íoctar de ghnáth i leith na seirbhísí arna soláthar, ach a chúitítear le toradh eacnamaíoch an ghnó feirme.

Leis na méideanna dá dtagraítear i bpointe a) agus pointe b) a ríomh, bainfidh na Ballstáit úsáid as na meántuarastail chaighdeánacha a bhfuil baint acu le gníomhaíocht talmhaíochta ar an leibhéal náisiúnta nó réigiúnach arna iolrú faoi líon na naonad oibre bliantúil a dhearbhaigh an feirmeoir lena mbaineann.

3.Úsáidfear an toradh measta ar an laghdú ar íocaíochtaí, den chuid is mó, chun cabhrú leis an tacaíocht ioncaim athdháilte fhorlíontach i dtaobh na hinbhuanaitheachta agus, ina dhiaidh sin, le hidirghabhálacha eile ar íocaíochtaí díreacha díchúpláilte iad, a mhaoiniú.

Féadfaidh na Ballstáit, freisin, an toradh iomlán, nó cuid de, a úsáid chun cineálacha idirghabhála faoi CETFT a shonraítear i gCaibidil IV a mhaoiniú trí bhíthin aistriú. Beidh aistriú den sórt sin chuig CETFT ina chuid de tháblaí airgeadais an Phlean Straitéisigh faoi CBT agus féadfar é a athbhreithniú in 2023 i gcomhréir le hAirteagal 90. Ní bheidh sé faoi réir na nuasteorainneacha le haghaidh aistriú cistí ó CERT go CETFT arna leagan síos faoi Airteagal 90.

4.Tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 138 chun an Rialachán seo a fhorlíonadh le rialacha lena mbunaítear bonn comhchuibhithe maidir leis an laghdú ar íocaíochtaí a leagtar síos i mír 1 a ríomh chun dáileadh ceart na gcistí ar na tairbhithe sin atá ina dteideal a áirithiú.

Roinn 2
Íocaíochtaí díreacha díchúpláilte

Foroinn 1
Forálacha ginearálta

 Airteagal 16
Íoscheanglais maidir le híocaíochtaí díreacha díchúpláilte a fháil

1.Déanfaidh na Ballstáit íocaíochtaí díreacha díchúpláilte a dheonú faoi na coinníollacha a leagtar amach sa Roinn seo agus a bhfuil sonraí breise ina dtaobh tugtha ag na Ballstáit ina bPleananna Straitéiseacha faoi CBT.

2.Socróidh na Ballstáit tairseach limistéir agus ní dheonóidh siad íocaíochtaí díreacha díchúpláilte ach d’fíorfheirmeoirí a dtéann a limistéar incháilithe den ghabháltas a bhfuil íocaíochtaí díreacha díchúpláilte á néileamh acu ina leith thar an tairseach limistéir sin.

Agus tairseach limistéir á socrú, beidh na Ballstáit dírithe air é a áirithiú nach bhféadfar íocaíochtaí díreacha díchúpláilte a dheonú ach d’fhíorfheirmeoirí, más rud é:

(a)nach gcruthaíonn bainistiú na níocaíochtaí comhfhreagracha ualach riaracháin iomarcach, agus

(b)go bhfuil na méideanna comhfhreagracha ina ranníocaíocht éifeachtach leis na cuspóirí a leagtar amach in Airteagal 6(1) a gcuireann íocaíochtaí díreacha díchúpláilte leo.

3.Féadfaidh na Ballstáit lena mbaineann cinneadh a dhéanamh gan mír 1 a chur i bhfeidhm maidir leis na réigiúin is forimeallaí agus maidir leis na hoileáin bheaga Aeigéacha.

Foroinn 2
Tacaíocht bhunúsach ioncaim i dtaobh na hinbhuanaitheachta

Airteagal 17
Rialacha ginearálta

1.Déanfaidh na Ballstáit foráil maidir le tacaíocht bhunúsach ioncaim i dtaobh na hinbhuanaitheachta (“tacaíocht bhunúsach ioncaim”) faoi na coinníollacha a leagtar amach san Fhoroinn seo agus a bhfuil sonraí breise ina dtaobh tugtha ag na Ballstáit ina bPleananna Straitéiseacha faoi CBT.

2.Déanfaidh na Ballstáit foráil maidir le tacaíocht bhunúsach ioncaim i bhfoirm íocaíocht bhliantúil dhíchúpláilte in aghaidh an heicteáir incháilithe.

3.Gan dochar d’Airteagal 19 go hAirteagal 24, déanfar an tacaíocht bhunúsach ioncaim a dheonú i leith gach heicteár incháilithe arna dhearbhú ag an bhfíorfheirmeoir.

Airteagal 18
Méid na tacaíochta in aghaidh an heicteáir

1.Ach amháin má chinneann na Ballstáit an tacaíocht bhunúsach ioncaim a dheonú ar bhonn teidlíochtaí íocaíochta dá dtagraítear in Airteagal 19, íocfar an tacaíocht mar mhéid aonfhoirmeach in aghaidh an heicteáir.

2.Féadfaidh na Ballstáit a chinneadh méid na tacaíochta bunúsaí ioncaim in aghaidh an heicteáir a dhifreáil de réir grúpaí difriúla críoch a mbíonn orthu déileáil leis na dálaí socheacnamaíocha nó agranamaíocha céanna.

Airteagal 19
Teidlíochtaí íocaíochta

1.Ballstáit a mbeidh scéim na híocaíochta bunúsaí a leagtar síos i Roinn 1 de Chaibidil I de Theideal III de Rialachán (AE) Uimh. 1307/2013 curtha i bhfeidhm acu, féadfaidh siad a chinneadh an tacaíocht bhunúsach ioncaim a dheonú ar bhonn teidlíochtaí íocaíochta i gcomhréir le hAirteagal 20 go hAirteagal 24 den Rialachán seo.

2.I gcás Ballstáit a mbeidh scéim na híocaíochta bunúsaí a leagtar síos i Roinn 1 de Chaibidil I de Theideal III de Rialachán (AE) Uimh. 1307/2013 curtha i bhfeidhm acu, agus a chinnfidh gan an tacaíocht bhunúsach ioncaim a dheonú ar bhonn teidlíochtaí íocaíochta, rachaidh na teidlíochtaí íocaíochta arna leithdháileadh faoi Rialachán (AE) Uimh. 1307/2013 in éag an 31 Nollaig 2020.

Airteagal 20
Luach na dteidlíochtaí íocaíochta agus cóineasú

1.Déanfaidh na Ballstáit luach aonaid na dteidlíochtaí íocaíochta roimh chóineasú a chinneadh i gcomhréir leis an Airteagal seo trí luach na dteidlíochtaí íocaíochta a choigeartú i gcomhréir leis an luach a bhunaítear i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 1307/2013 i leith na bliana éilimh 2020 agus an íocaíocht ghaolmhar i leith cleachtais talmhaíochta atá chun leasa na haeráide agus an chomhshaoil dá bhforáiltear i gCaibidil III de Theideal III den Rialachán sin i leith na bliana éilimh 2020.

2.Féadfaidh na Ballstáit a chinneadh luach na dteidlíochtaí íocaíochta a dhifreáil i gcomhréir le hAirteagal 18(2).

3.Déanfaidh na Ballstáit, faoin mbliain éilimh 2026 ar a dhéanaí, leibhéal uasta a shocrú maidir le luach na dteidlíochtaí íocaíochta i gcás an Bhallstáit nó i gcás gach grúpa críoch ar leith a shainítear i gcomhréir le hAirteagal 18(2).

4.I gcás nach bhfuil luach na dteidlíochtaí íocaíochta a cinneadh i gcomhréir le mír 1 ina luach aonfhoirmeach i mBallstát nó i ngrúpa críoch mar a shainítear i gcomhréir le hAirteagal 18(2), áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfar luach na dteidlíochtaí íocaíochta a chóineasú sa chaoi is gur luach aonaid aonfhoirmeach a bheidh ann faoin mbliain éilimh 2026 ar a dhéanaí.

5.Chun críocha mhír 4, áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh luach na dteidlíochtaí íocaíochta uile, faoin mbliain éilimh 2026 ar a dhéanaí, cothrom le 75% ar a laghad den mheánaonadmhéid atá beartaithe don tacaíocht bhunúsach ioncaim i leith na bliana éilimh 2026 mar a leagtar síos sa Phlean Straitéiseach faoi CBT arna tharchur i gcomhréir le hAirteagal 106(1) maidir leis an mBallstát nó na críocha mar a shainítear i gcomhréir le hAirteagal 18(2).

6.Déanfaidh na Ballstáit na méaduithe ar luach na dteidlíochtaí íocaíochta is gá chun cloí le mír 4 agus mír 5 a mhaoiniú trí thoradh ar bith a d’fhéadfadh a bheith ar chur i bhfeidhm mhír 3 a úsáid agus, i gcás inar gá, tríd an difríocht idir luach aonaid na dteidlíochtaí íocaíochta a cinneadh i gcomhréir le mír 1 agus an meánaonadmhéid a beartaíodh don tacaíocht bhunúsach ioncaim i leith na bliana éilimh 2026 a laghdú, de réir mar a leagtar síos sa Phlean Straitéiseach faoi CBT arna tharchur i gcomhréir le hAirteagal 106(1) maidir leis an mBallstát nó na críocha mar a shainítear i gcomhréir le hAirteagal 18(2).

Féadfaidh na Ballstáit a chinneadh leas a bhaint as luach a chinntear i gcomhréir le mír 1 agus a sháraíonn an meánaonadmhéid a beartaíodh don tacaíocht bhunúsach ioncaim i leith na bliana éilimh 2026, mar a leagtar síos sa Phlean Straitéiseach faoi CBT arna tharchur i gcomhréir le hAirteagal 106(1) maidir leis an mBallstát nó na críocha a shainítear i gcomhréir le hAirteagal 18(2), chun an laghdú a chur i bhfeidhm maidir leis na teidlíochtaí íocaíochta uile nó maidir le roinnt de na teidlíochtaí íocaíochta sin.

7.Beidh na laghduithe dá dtagraítear i mír 6 bunaithe ar chritéir oibiachtúla agus neamhidirdhealaitheacha. Gan dochar don íosmhéid a leagtar síos i gcomhréir le mír 5, féadfar a áireamh sna critéir sin laghdú uasta nach ísle ná 30% a shocrú.

Airteagal 21
Teidlíochtaí íocaíochta a ghníomhachtú

1.Fíorfheirmeoirí a bhfuil teidlíochtaí íocaíochta dá gcuid féin acu nó faoi léas acu, déanfaidh na Ballstáit tacaíocht bhunúsach ioncaim a dheonú dóibh a luaithe a ghníomhachtófar na teidlíochtaí íocaíochta sin. Áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfaidh na fíorfheirmeoirí, chun críche teidlíochtaí íocaíochta a ghníomhachtú, na heicteáir incháilithe a ghabhann le gach teidlíocht íocaíochta a dhearbhú.

2.Áiritheoidh na Ballstáit nach ndéanfar na teidlíochtaí íocaíochta, lena náirítear i gcás oidhreacht iarbhír nó oidhreacht ionchais, a ghníomhachtú ach sa Bhallstát sin, nó sa ghrúpa críoch sin a shainítear i gcomhréir le hAirteagal 18(2), inar leithdháileadh iad.

3.Áiritheoidh na Ballstáit go dtabharfaidh teidlíochtaí íocaíochta gníomhachtaithe ceart íocaíochta ar bhonn an méid a shocraítear leis an teidlíocht.

Airteagal 22
Cúlchistí le haghaidh teidlíochtaí íocaíochta

1.Gach Ballstát a mbeidh air é a chinneadh tacaíocht bhunúsach ioncaim a dheonú ar bhonn teidlíochtaí íocaíochta, déanfaidh sé cúlchiste náisiúnta a bhainistiú.

2.De mhaolú ar mhír 1, i gcás ina gcinnfidh na Ballstáit an tacaíocht bhunúsach ioncaim a dhifreáil i gcomhréir le hAirteagal 18(2), féadfaidh siad a chinneadh cúlchiste a bhunú maidir le gach grúpa críoch ar leith a shainítear i gcomhréir leis an Airteagal sin.

3.Áiritheoidh na Ballstáit gur ar fhíorfheirmeoirí amháin a leithdháilfear teidlíochtaí íocaíochta as an gcúlchiste.

4.Bainfidh na Ballstáit úsáid as an gcúlchiste chun teidlíochtaí íocaíochta a leithdháileadh, mar thosaíocht, ar na feirmeoirí seo a leanas:

(a)feirmeoirí óga a nuabhunaigh gabháltas den chéad uair riamh;

(b)feirmeoirí a nuabhunaigh gabháltas den chéad uair riamh, mar cheann an ghabháltais, agus a bhfuil an oiliúint chuí orthu nó a fuair na scileanna riachtanacha mar atá sainithe ag an mBallstát i gcás feirmeoirí óga.

5.I gcás fíorfheirmeoirí atá i dteideal teidlíochtaí íocaíochta a fháil, nó luach na dteidlíochtaí íocaíochta atá ann cheana a mhéadú, de bhua rialú cinntitheach cúirte nó de bhua gníomh cinntitheach riaracháin a rinne údarás inniúil Ballstáit, déanfaidh na Ballstáit na teidlíochtaí sin a leithdháileadh orthu nó luach na dteidlíochtaí sin a mhéadú. Áiritheoidh na Ballstáit go bhfaighidh na fíorfheirmeoirí sin líon agus luach na dteidlíochtaí íocaíochta a bheidh leagtha síos sa rialú nó sa ghníomh sin ar dháta a bheidh le socrú ag an mBallstát.

6.I gcás nach leor an cúlchiste chun leithdháileadh teidlíochtaí íocaíochta a chumhdach i gcomhréir le mír 4 agus mír 5, áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfar an cúlchiste a athsholáthar trí laghdú líneach a dhéanamh ar luach na dteidlíochtaí íocaíochta.

7.Féadfaidh na Ballstáit rialacha breise a leagan síos maidir le húsáid an chúlchiste agus maidir leis na cásanna a fhágann nach mór an cúlchiste a athsholáthar trí laghdú líneach a dhéanamh ar luach na dteidlíochtaí íocaíochta uile.

8.Déanfaidh na Ballstáit luach na dteidlíochtaí íocaíochta nua as an gcúlchiste a shocrú ag meánluach náisiúnta na dteidlíochtaí íocaíochta i mbliain an leithdháilte nó ag meánluach na dteidlíochtaí íocaíochta maidir le gach grúpa críoch ar leith a shainítear i gcomhréir le hAirteagal 18(2) i mbliain an leithdháilte.

9.Féadfaidh na Ballstáit a chinneadh luach na dteidlíochtaí íocaíochta atá ann cheana a ardú go dtí an meánluach náisiúnta i mbliain an leithdháilte nó go dtí an meánluach maidir le gach grúpa críoch a shainítear i gcomhréir le hAirteagal 18(2).

Airteagal 23
Cumhachtaí tarmligthe

Tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 138 chun an Rialachán seo a fhorlíonadh le rialacha maidir leis an méid seo a leanas:

(a)an cúlchiste a bhunú;

(b)an rochtain ar an gcúlchiste;

(c)inneachar an dearbhaithe agus na ceanglais maidir le teidlíochtaí íocaíochta a ghníomhachtú.

Airteagal 24
Teidlíochtaí íocaíochta a aistriú

1.Ach amháin i gcás aistriú le hoidhreacht iarbhír nó le hoidhreacht ionchais, is chuig fíorfheirmeoirí amháin a aistreofar teidlíochtaí íocaíochta.

2.I gcás ina gcinnfidh na Ballstáit an tacaíocht bhunúsach ioncaim a dhifreáil i gcomhréir le hAirteagal 18(2), ní dhéanfar teidlíochtaí íocaíochta a aistriú ach laistigh den ghrúpa críoch inar leithdháileadh iad.

Airteagal 25
Íocaíocht slánsuime d’fheirmeoirí beaga

Féadfaidh na Ballstáit íocaíochtaí a dheonú d’fheirmeoirí beaga arna sainiú ag na Ballstáit trí bhíthin slánsuim a chuirfear in ionad na níocaíochtaí díreacha faoin Roinn seo agus faoi Roinn 3 den Chaibidil seo. Déanfaidh na Ballstáit an idirghabháil chomhfhreagrach a cheapadh sa Phlean Straitéiseach faoi CBT sa chaoi is gur idirghabháil roghnach a bheidh ann ag na feirmeoirí.

Foroinn 3
Tacaíocht ioncaim fhorlíontach

Airteagal 26
Tacaíocht ioncaim athdháilte fhorlíontach i dtaobh na hinbhuanaitheachta

1.Déanfaidh na Ballstáit foráil maidir le tacaíocht ioncaim athdháilte fhorlíontach i dtaobh na hinbhuanaitheachta (“tacaíocht ioncaim athdháilte”) faoi na coinníollacha a leagtar amach san Airteagal seo agus a bhfuil sonraí breise ina dtaobh tugtha ag na Ballstáit ina bPleananna Straitéiseacha faoi CBT.

2.Áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfar tacaíocht feirmeacha móra a athdháileadh ar fheirmeacha beaga nó meánmhéide trí fhoráil a dhéanamh maidir le tacaíocht ioncaim athdháilte a thabharfar mar íocaíocht dhíchúpláilte bhliantúil in aghaidh an heicteáir incháilithe leis na feirmeoirí sin atá i dteideal íocaíocht faoin tacaíocht bhunúsach ioncaim dá dtagraítear in Airteagal 17.

3.Socróidh na Ballstáit méid in aghaidh an heicteáir nó méideanna éagsúla i leith réimsí éagsúla heicteár, mar aon leis an líon uasta heicteár in aghaidh an fheirmeora lena níocfar an tacaíocht ioncaim athdháilte.

4.An méid in aghaidh an heicteáir a bheartófar maidir le bliain éilimh áirithe, ní bheidh sé níos airde ná meánmhéid náisiúnta na níocaíochtaí díreacha in aghaidh an heicteáir maidir leis an mbliain éilimh sin.

5.Is é an sainmhíniú ar mheánmhéid náisiúnta na níocaíochtaí díreacha in aghaidh an heicteáir an cóimheas idir uasteorainn náisiúnta na níocaíochtaí díreacha i leith bliain éilimh áirithe mar a leagtar síos in Iarscríbhinn IV agus líon iomlán na naschur atá beartaithe maidir leis an tacaíocht bhunúsach ioncaim i leith na bliana éilimh sin, agus an cóimheas sin sloinnte i líon na heicteár.

Airteagal 27
Tacaíocht ioncaim fhorlíontach d’fheirmeoirí óga

1.Féadfaidh na Ballstáit foráil a dhéanamh maidir le tacaíocht ioncaim fhorlíontach d’fheirmeoirí óga faoi na coinníollacha a leagtar amach san Airteagal seo agus a bhfuil sonraí breise ina dtaobh tugtha ag na Ballstáit ina bPleananna Straitéiseacha faoi CBT.

2.I measc na noibleagáidí atá orthu cur leis an gcuspóir “feirmeoirí óga a mhealladh agus forbairt gnó a éascú i gceantair thuaithe” mar a leagtar amach i bpointe (g) d’Airteagal 6(1) agus 2% ar a laghad dá leithdháiltí a chur i dtreo íocaíochtaí díreacha a chuireann leis an gcuspóir sin i gcomhréir le hAirteagal 86(4), féadfaidh na Ballstáit tacaíocht ioncaim fhorlíontach a thabhairt d’fheirmeoirí óga a nuabhunaigh gabháltas den chéad uair riamh agus atá i dteideal íocaíochta faoin tacaíocht bhunúsach ioncaim dá dtagraítear in Airteagal 17.

3.Is íocaíocht dhíchúpláilte bhliantúil in aghaidh an heicteáir incháilithe a bheidh sa tacaíocht ioncaim fhorlíontach d’fheirmeoirí óga.

Foroinn 4
Scéimeanna maidir leis an aeráid agus an comhshaol

Airteagal 28
Scéimeanna maidir leis an aeráid agus an comhshaol

1.Déanfaidh na Ballstáit foráil maidir le tacaíocht le haghaidh scéimeanna deonacha maidir leis an aeráid agus an comhshaol (“éiciscéimeanna”) faoi na coinníollacha a leagtar amach san Airteagal seo agus a bhfuil sonraí breise ina dtaobh tugtha ag na Ballstáit ina bPleananna Straitéiseacha faoi CBT.

2.Tabharfaidh na Ballstáit tacaíocht faoin gcineál seo idirghabhála d’fhíorfheirmeoirí a bhfuil gealltanais tugtha acu cloí, ar heicteáir incháilithe, le cleachtais talmhaíochta atá chun leasa na haeráide agus an chomhshaoil.

3.Is iad na Ballstáit a shocróidh an liosta de na cleachtais talmhaíochta atá chun leasa na haeráide agus an chomhshaoil.

4.Déanfar na cleachtais sin a cheapadh i gcaoi is go comhlíonfar ceann amháin nó níos mó de na cuspóirí sonracha aeráide agus comhshaoil a leagtar síos i bpointe (d), pointe (e) agus pointe (f) d’Airteagal 6(1).

5.Faoin gcineál seo idirghabhála, ní thabharfaidh na Ballstáit ach íocaíochtaí lena gcumhdaítear gealltanais:

(a)a sháraíonn na ceanglais reachtúla bhainistíochta ábhartha agus na caighdeáin maidir le cóir mhaith thalmhaíochta agus chomhshaoil a leagtar síos faoi Roinn 2 de Chaibidil I den Teideal seo;

(b)a sháraíonn na híoscheanglais maidir le leasacháin agus táirgí cosanta plandaí a úsáid, leas ainmhithe, agus ceanglais éigeantacha eile arna leagan síos sa dlí náisiúnta agus i ndlí an Aontais;

(c)a sháraíonn na coinníollacha a leagtar síos maidir le cothabháil an limistéir talmhaíochta i gcomhréir le pointe (a) d’Airteagal 4;

(d)nach ionann iad agus na gealltanais ar deonaíodh íocaíochtaí faoi Airteagal 65 ina leith.

6.Íocaíocht bhliantúil in aghaidh an heicteáir incháilithe a bheidh sa tacaíocht do na héiciscéimeanna agus déanfar í a dheonú mar:

(e)íocaíocht sa bhreis ar an tacaíocht bhunúsach ioncaim a leagtar amach i bhForoinn 2 den Roinn seo; nó

(f)íocaíochtaí lena gcúitítear tairbhithe as na costais bhreise uile a tabhaíodh, nó as roinnt de na costais sin, agus as ioncam a tarscaoileadh de thoradh na ngealltanas a shocraítear de bhun Airteagal 65.

7.Áiritheoidh na Ballstáit go bhfuil na hidirghabhálacha faoin Airteagal seo i gcomhréir leis na hidirghabhálacha sin a deonaíodh faoi Airteagal 65.

8.Tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 138 chun an Rialachán seo a fhorlíonadh le rialacha breise maidir leis na héiciscéimeanna.

Roinn 3
Íocaíochtaí díreacha cúpláilte

Foroinn 1
Tacaíocht ioncaim chúpláilte

Airteagal 29
Rialacha ginearálta

1.Féadfaidh na Ballstáit tacaíocht ioncaim chúpláilte a dheonú d’fhíorfheirmeoirí faoi na coinníollacha a leagtar amach san Fhoroinn seo agus a bhfuil sonraí breise ina dtaobh tugtha ag na Ballstáit ina bPleananna Straitéiseacha faoi CBT.

2.Cabhróidh idirghabhálacha na mBallstát leis na hearnálacha agus na réimsí táirgeachta nó na cineálacha sonracha feirmeoireachta atá i gceist iontu a liostaítear in Airteagal 30 aghaidh a thabhairt ar an deacracht nó na deacrachtaí a bhíonn acu tríd an iomaíochas, an inbhuanaitheacht agus an cháilíocht a fheabhsú dóibh.

3.Is íocaíocht bhliantúil in aghaidh an heicteáir nó an ainmhí a bheidh sa tacaíocht ioncaim chúpláilte.

Airteagal 30
Raon feidhme

Is do na hearnálacha agus na réimsí táirgeachta seo a leanas nó na cineálacha sonracha feirmeoireachta atá i gceist iontu, i gcás ina bhfuil tábhacht leo ar chúiseanna eacnamaíocha, sóisialta nó comhshaoil, agus dóibh sin amháin, a fhéadfar tacaíocht ioncaim chúpláilte a dheonú: gránaigh, síolta ola, barra próitéine, léagúim ghráinneacha, líon, cnáib, rís, cnónna, prátaí stáirse, bainne agus táirgí bainne, síolta, caoireoil agus feoil gabhair, mairteoil agus laofheoil, ola olóige, seiriceáin, farae triomaithe, leannlusanna, biatas siúcra, cána siúcra agus siocair, torthaí agus glasraí, adhmad as roschoillte gearruainíochta agus barra eile neamhbhia, ach amháin crainn, a úsáidtear chun táirgí a tháirgeadh is féidir a chur in ionad ábhair iontaise.

Airteagal 31
Incháilitheacht

1.Is i gcás limistéir atá sainithe ag na Ballstáit mar heicteáir incháilithe, agus i gcás na limistéar sin amháin, a fhéadfaidh na Ballstáit tacaíocht ioncaim chúpláilte a dheonú i bhfoirm íocaíocht in aghaidh an heicteáir.

2.I gcás ina mbaineann an tacaíocht ioncaim chúpláilte le bóainmhithe nó caoirigh agus gabhair, déanfaidh na Ballstáit a shainiú mar choinníollacha incháilitheachta maidir leis an tacaíocht sin ceanglais chun na hainmhithe atá i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 1760/2000 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 32 nó Rialachán (CE) Uimh. 21/2004 ón gComhairle 33 , faoi seach, a shainaithint agus a chlárú. Mar sin féin, gan dochar do choinníollacha incháilitheachta eile is infheidhme, measfar go bhfuil bóainmhithe nó caoirigh agus gabhair incháilithe do thacaíocht ar choinníoll go gcomhlíontar na ceanglais maidir le sainaithint agus clárú faoi dháta áirithe sa bhliain éilimh lena mbaineann, dáta a bheidh le socrú ag na Ballstáit.

Airteagal 32
Bearta chun nach mbeidh tairbhithe na tacaíochta ioncaim cúpláilte thíos leis mar gheall ar mhíchothromaíochtaí struchtúracha margaidh in earnáil

Tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 138 chun an Rialachán seo a fhorlíonadh le bearta chun nach mbeidh tairbhithe na tacaíochta ioncaim cúpláilte thíos leis mar gheall ar mhíchothromaíochtaí struchtúracha margaidh in earnáil. Leis na gníomhartha tarmligthe sin, ceadófar do na Ballstáit a chinneadh go bhféadfar leanúint den tacaíocht ioncaim chúpláilte sin a íoc go dtí 2027 ar bhonn na naonad táirgthe dar deonaíodh an tacaíocht sin i dtréimhse thagartha roimhe seo.

Airteagal 33
Cur chun feidhme an Mheabhráin Tuisceana idir Comhphobal Eacnamaíochta na hEorpa agus Stáit Aontaithe Mheiriceá maidir le síolta ola

1.I gcás ina mbaineann an idirghabháil ar tacaíocht ioncaim chúpláilte í le roinnt de na síolta ola, nó na síolta ola uile, dá dtagraítear san Iarscríbhinn a ghabhann leis an Meabhrán Tuisceana idir Comhphobal Eacnamaíochta na hEorpa agus Stáit Aontaithe Mheiriceá maidir le síolta ola 34 , ní bheidh iomlán an limistéir tacaíochta ar bhonn na naschur atá beartaithe agus a áirítear sna Pleaneanna Straitéiseacha faoi CBT atá ag na Ballstáit lena mbaineann níos airde ná an limistéar uasta tacaíochta san Aontas ina iomláine lena áirithiú go gcomhlíonfar gealltanais idirnáisiúnta an Aontais.

Sé mhí, ar a dhéanaí, tar éis theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo, glacfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme lena socrófar limistéar tacaíochta tagartha táscach maidir le gach Ballstát ar leith, arna ríomh ar bhonn an sciar de mheánlimistéar an tsaothraithe san Aontas a bhí ag gach Ballstát ar leith feadh na tréimhse cúig bliana roimh theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 139(2).

2.Gach Ballstát a bhfuil sé ar intinn aige tacaíocht ioncaim chúpláilte a dheonú i leith síolta ola a mbaineann an Meabhrán Tuisceana dá dtagraítear i mír 1 leo, déanfaidh sé na haschuir chomhfhreagracha atá beartaithe i bhfoirm heicteár a thabhairt le fios ina thogra le haghaidh Plean Straitéiseach faoi CBT dá dtagraítear in Airteagal 106(1).

Más rud é, tar éis do na Ballstáit fógra a thabhairt faoi na haschuir uile atá beartaithe, go mbeidh an limistéar uasta don Aontas ina iomláine sáraithe, déanfaidh an Coimisiún, i gcás gach Ballstáit a d’fhógair farasbarr i gcomparáid lena limistéar tagartha, comhéifeacht laghdaithe a ríomh a bheidh comhréireach leis an bhfarasbarr de na haschuir atá beartaithe ag na Ballstáit sin. Fágfaidh sin go ndéanfar leasú ar an limistéar uasta tacaíochta don Aontas ina iomláine mar a thagraítear dó i mír 1. Cuirfear gach Ballstát lena mbaineann ar an eolas faoin gcomhéifeacht laghdaithe sin sna barúlacha a thabharfaidh an Coimisiún ar an bPlean Straitéiseach faoi CBT i gcomhréir le hAirteagal 106(3). Déanfar an chomhéifeacht laghdaithe maidir le gach Ballstát ar leith a shocrú sa ghníomh cur chun feidhme lena ndéanfaidh an Coimisiún an Plean Straitéiseach faoi CBT dá dtagraítear in Airteagal 106(6) a fhormheas.

Tar éis an dáta dá dtagraítear in Airteagal 106(1), ní dhéanfaidh Ballstát a limistéar tacaíochta féin a leasú ar a thionscnamh féin.

3.I gcás ina bhfuil sé ar intinn ag na Ballstáit cur lena naschuir bheartaithe dá dtagraítear i mír 1 agus a d’fhormheas an Coimisiún sna Pleananna Straitéiseacha faoi CBT, tabharfaidh siad fógra maidir leis na haschuir bheartaithe athbhreithnithe don Choimisiún trína iarraidh faoin 1 Eanáir den bhliain roimh an mbliain éilimh lena mbaineann na Pleananna Straitéiseacha faoi CBT a leasú i gcomhréir le hAirteagal 107.

I gcás inarb iomchuí, d'fhonn a sheachaint go sárófar an limistéar uasta tacaíochta don Aontas ina iomláine dá dtagraítear sa chéad fhomhír de mhír 1, déanfaidh an Coimisiún athbhreithniú ar na comhéifeachtaí laghdaithe dá dtagraítear sa mhír sin maidir leis na Ballstáit sin uile a bhfuil an limistéar tagartha a bhí sonraithe ina bPleananna Straitéiseacha faoi CBT sáraithe acu.

Faoin 1 Feabhra, ar a dhéanaí, den bhliain roimh an mbliain éilimh lena mbaineann, cuirfidh an Coimisiún na Ballstáit sin lena mbaineann in iúl faoin athbhreithniú ar an gcomhéifeacht laghdaithe.

Faoin 1 Aibreán den bhliain roimh an mbliain éilimh lena mbaineann, cuirfidh gach Ballstát lena mbaineann iarraidh chomhfhreagrach chuig an gCoimisiún ina niarrfar an Plean Straitéiseach faoi CBT a leasú tríd an gcomhéifeacht laghdaithe athbhreithnithe dá dtagraítear sa dara fomhír a chur sa Phlean. Déanfar an chomhéifeacht laghdaithe athbhreithnithe a shocrú sa ghníomh cur chun feidhme lena ndéanfar an Plean Straitéiseach faoi CBT dá dtagraítear in Airteagal 107(8) a fhormheas.

4.Maidir leis na síolta ola a mbaineann an Meabhrán Tuisceana dá dtagraítear sa chéad fhomhír de mhír 1 leo, déanfaidh na Ballstáit líon iomlán na heicteár ar íocadh tacaíocht ina leith a chur in iúl don Choimisiún sna tuarascálacha bliantúla ar fheidhmíocht dá dtagraítear in Airteagal 121.

Foroinn 2
Íocaíocht i leith barr sonrach le haghaidh cadáis

Airteagal 34
Raon feidhme

Déanfaidh na Ballstáit íocaíocht i leith barr sonrach le haghaidh cadáis a dheonú d’fhíorfheirmeoirí a bhfuil cadás a thagann faoi chód AC 5201 00 á tháirgeadh acu faoi na coinníollacha a leagtar síos san Fhoroinn seo.

Airteagal 35
Rialacha ginearálta

1.Déanfar an íocaíocht i leith barr sonrach le haghaidh cadáis a dheonú in aghaidh an heicteáir de limistéar incháilithe faoi chadás. Ní bheidh an limistéar sin incháilithe ach amháin má tá sé suite ar thalamh talmhaíochta atá údaraithe le haghaidh táirgeadh cadáis ag an mBallstát, más cineálacha cadáis atá údaraithe ag an mBallstát atá curtha ann agus más faoi ghnáthchoinníollacha fáis a bhuaintear an cadás sin.

2.Déanfar an íocaíocht i leith barr sonrach le haghaidh cadáis a íoc i leith cadás maith cóir atá oiriúnach le díol.

3.Déanfaidh na Ballstáit an talamh agus na cineálacha cadáis dá dtagraítear i mír 1 a údarú i gcomhréir leis na rialacha agus na coinníollacha a bheidh le glacadh de bhun mhír 4.

4.Tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 138 chun an Rialachán seo a fhorlíonadh le rialacha agus coinníollacha faoina núdarófar talamh agus cineálacha cadáis chun críocha na híocaíochta i leith barr sonrach le haghaidh cadáis.

5.Glacfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme lena leagfar síos rialacha maidir leis an nós imeachta lena ndéantar an talamh agus cineálacha cadáis a údarú chun críocha na híocaíochta i leith barr sonrach le haghaidh cadáis agus an nós imeachta lena dtugtar fógra do na táirgeoirí a bhaineann leis an údarú sin. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 139(2).

Airteagal 36
Bunlimistéir, táirgeacht sheasta agus méideanna tagartha

1.Bunaítear na bunlimistéir náisiúnta seo a leanas:

An Bhulgáir: 3 342 ha

An Ghréig: 250 000 ha

An Spáinn: 48 000 ha

An Phortaingéil: 360 ha

2.Bunaítear an táirgeacht sheasta a leanas don tréimhse thagartha:

An Bhulgáir: 1,2 tona/ha

An Ghréig: 3,2 tona/ha

An Spáinn: 3,5 tona/ha

An Phortaingéil: 2,2 tona/ha

3.Déanfar méid na híocaíochta i leith barr sonrach in aghaidh an heicteáir de limistéar incháilithe a ríomh tríd an táirgeacht a bhunaítear i mír 2 a iolrú faoi na méideanna tagartha seo a leanas:

An Bhulgáir: EUR 624,11,

An Ghréig: EUR 225,04,

An Spáinn: EUR 348,03,

An Phortaingéil: EUR 219,09,

4.Má sháraíonn an limistéar incháilithe cadáis i mBallstát ar leith i mbliain ar leith an bunlimistéar a bhunaítear i mír 1, déanfar laghdú ar an méid dá dtagraítear i mír 3 don Bhallstát sin i gcomhréir le méid an tsáraithe ar an mbunlimistéar.

5.Tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 138 chun an Rialachán seo a fhorlíonadh le rialacha maidir leis na coinníollacha faoina ndeonaítear an íocaíocht i leith barr sonrach le haghaidh cadáis, maidir leis na ceanglais incháilitheachta agus maidir leis na cleachtais agranamaíocha.

6.Féadfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh lena leagfar síos rialacha maidir le ríomh an laghdaithe dá bhforáiltear i mír 4. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 139(2).

Airteagal 37
Eagraíochtaí idirchraoibhe formheasta

1.Chun críche na Foroinne seo, ciallaíonn “eagraíocht idirchraoibhe fhormheasta” eintiteas dlíthiúil ina bhfuil feirmeoirí a tháirgeann cadás, agus scilligeoir cadáis amháin ar a laghad, a bhíonn i mbun gníomhaíochtaí den sórt seo a leanas:

(a)cuidiú le comhordú níos fearr a dhéanamh ar an gcaoi a gcuirtear cadás ar an margadh, go háirithe trí staidéir thaighde agus suirbhéanna a dhéanamh ar an margadh;

(b)foirmeacha caighdeánacha conartha atá ag luí le rialacha an Aontais a tharraingt suas;

(c)táirgeadh a dhíriú ar tháirgí atá níos oiriúnaí do riachtanais an mhargaidh agus d’éileamh na dtomhaltóirí, go háirithe ó thaobh cáilíochta agus cosaint tomhaltóirí de;

(d)modhanna agus bealaí a thabhairt cothrom le dáta chun cáilíocht táirgí a fheabhsú;

(e)straitéisí margaíochta a fhorbairt chun cadás a chur chun cinn trí scéimeanna deimhniúcháin cáilíochta.

2.Déanfaidh an Ballstát ina bhfuil na scilligeoirí cadáis bunaithe eagraíochtaí idirchraoibhe a fhormheas a chomhlíonann na critéir atá le leagan síos de bhun mhír 3.

3.Tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 138 chun an Rialachán seo a fhorlíonadh le rialacha maidir leis an méid seo a leanas:

(a)critéir chun eagraíochtaí idirchraoibhe a fhormheas;

(b)oibleagáidí atá ar tháirgeoirí;

(c)an cás nach gcomhlíonann an eagraíocht idirchraoibhe fhormheasta na critéir dá dtagraítear i bpointe (a).

Airteagal 38
Deonú na híocaíochta

1.Déanfar an íocaíocht i leith barr sonrach le haghaidh cadáis a dheonú d’fheirmeoirí in aghaidh an heicteáir incháilithe, faoi mar a leagtar síos in Airteagal 36 é.

2.I gcás feirmeoirí ar baill d’eagraíocht idirchraoibhe fhormheasta iad, cuirfear méadú EUR 2 leis an íocaíocht i leith barr sonrach le haghaidh cadáis in aghaidh an heicteáir incháilithe laistigh den bhunlimistéar a leagtar síos in Airteagal 36(1).

CAIBIDIL III
CINEÁLACHA IDIRGHABHÁLA DE RÉIR EARNÁLA

Roinn 1
Forálacha ginearálta

Airteagal 39
Raon feidhme

Is é a leagtar síos sa Chaibidil seo na rialacha maidir leis na cineálacha idirghabhála sna hearnálacha seo a leanas:

(a)earnáil na dtorthaí agus na nglasraí mar a shainmhínítear í i bpointe (i) d’Airteagal 1(2) de Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013;

(b)earnáil na dtáirgí beachadóireachta mar a thagraítear di i bpointe (v) d’Airteagal 1(2) de Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013;

(c)earnáil an fhíona mar a thagraítear di i bpointe (l) d’Airteagal 1(2) de Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013;

(d)earnáil na leannlusanna mar a thagraítear di i bpointe (f) d’Airteagal 1(2) de Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013;

(e)earnáil na hola olóige agus na nológ boird mar a thagraítear di i bpointe (g) d’Airteagal 1(2) de Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013;

(f)earnálacha eile dá dtagraítear i bpointí (a) go (h), (k), (m), (o) go (t) agus (w) d’Airteagal 1(2) de Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013.

Airteagal 40
Cineálacha idirghabhála éigeantacha agus roghnacha de réir earnála

1.An cineál idirghabhála in earnáil na dtorthaí agus na nglasraí dá dtagraítear i bpointe (a) d’Airteagal 39 agus in earnáil na beachadóireachta dá dtagraítear i bpointe (b) d’Airteagal 39, beidh sé éigeantach i gcás gach Ballstáit.

2.An cineál idirghabhála in earnáil an fhíona dá dtagraítear i bpointe (c) d’Airteagal 39, beidh sé éigeantach i gcás na mBallstát sin a liostaítear in Iarscríbhinn V.

3.Féadfaidh na Ballstáit a roghnú ina bPlean Straitéiseach faoi CBT na cineálacha idirghabhála de réir earnála dá dtagraítear i bpointe (d), pointe (e) agus pointe (f) d’Airteagal 39 a chur chun feidhme.

4.An Ballstát dá dtagraítear in Airteagal 82(3), féadfaidh sé an cineál idirghabhála de réir earnála dá dtagraítear i bpointe (f) d’Airteagal 39 a chur chun feidhme in earnáil na leannlusanna, ach amháin ar an gcoinníoll go gcinnfidh an Ballstát sin ina Phlean Straitéiseach faoi CBT gan an cineál idirghabhála de réir earnála dá dtagraítear i bpointe (d) d’Airteagal 39 a chur chun feidhme.

5.Na Ballstáit dá dtagraítear in Airteagal 82(4), féadfaidh siad an cineál idirghabhála de réir earnála dá dtagraítear i bpointe (f) d’Airteagal 39 a chur chun feidhme in earnáil na hola olóige agus na nológ boird, ach amháin ar an gcoinníoll go gcinnfidh na Ballstáit sin ina bPleananna Straitéiseacha faoi CBT gan an cineál idirghabhála de réir earnála dá dtagraítear i bpointe (e) d’Airteagal 39 a chur chun feidhme.

Airteagal 41
Cumhachtaí tarmligthe maidir le ceanglais bhreise le haghaidh cineálacha idirghabhála de réir earnála

Tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 138 chun an Rialachán seo a fhorlíonadh le ceanglais de bhreis ar na ceanglais a leagtar síos sa Chaibidil seo maidir leis an méid seo a leanas go háirithe:

(a)dea-fheidhmiú na gcineálacha idirghabhála a leagtar síos sa Chaibidil seo a áirithiú;

(b)an bonn ar a ríomhtar an cúnamh airgeadais ón Aontas dá dtagraítear sa Chaibidil seo, lena náirítear na tréimhsí tagartha agus luach na táirgeachta arna margú a ríomh;

(c)leibhéal uasta an chúnaimh airgeadais ón Aontas le haghaidh táirgí a tharraingítear siar ón margadh dá dtagraítear i bpointe (a) d’Airteagal 46(4) agus na cineálacha idirghabhála dá dtagraítear in Airteagal 52(3);

(d)na rialacha maidir le huasteorainn a shocrú don chaiteachas a bhaineann le hathphlandú fíonghort dá dtagraítear i bpointe (a) d’Airteagal 52(1);

(e)na rialacha faoina bhfuil ar tháirgeoirí fotháirgí na fíonóireachta a tharraingt siar ón margadh, agus maidir leis na heisceachtaí ón oibleagáid sin chun ualach breise riaracháin a sheachaint agus rialacha maidir le deimhniúchán deonach na ndriogairí.

Roinn 2
Earnáil na dtorthaí agus na nglasraí

Airteagal 42
Cuspóirí in earnáil na dtorthaí agus na nglasraí

Déanfar na cuspóirí seo a leanas a shaothrú in earnáil na dtorthaí agus na nglasraí:

(a)an táirgeadh a phleanáil, an táirgeadh a oiriúnú don éileamh, go háirithe maidir le cáilíocht agus cainníocht, na costais táirgthe agus na torthaí ar infheistíochtaí a bharrfheabhsú agus praghsanna na dtáirgeoirí a chobhsú. Tá baint ag na cuspóirí sin leis na cuspóirí sonracha a leagtar amach i bpointí (a), (b), (c) agus (i) d’Airteagal 6(1);

(b)soláthar na dtáirgí as earnáil na dtorthaí agus na nglasraí a chomhchruinniú agus na táirgí sin a chur ar an margadh, lena náirítear trí mhargaíocht dhíreach. Tá baint ag na cuspóirí sin leis na cuspóirí sonracha a leagtar amach i bpointe (a) agus pointe (c) d’Airteagal 6(1);

(c)taighde a dhéanamh ar mhodhanna táirgthe inbhuanaithe agus iad a fhorbairt, lena náirítear seasmhacht i gcoinne lotnaidí, cleachtais nuálacha lena gcuirtear borradh faoin iomaíochas eacnamaíoch agus faoi fhorbairtí sa mhargadh. Tá baint ag na cuspóirí sin leis na cuspóirí sonracha a leagtar amach i bpointe (a), pointe (c) agus pointe (i) d’Airteagal 6(1);

(d)modhanna táirgthe a urramaíonn an comhshaol, cleachtais saothraithe agus teicnící táirgthe atá neamhdhíobhálach don chomhshaol a fhorbairt, a chur chun feidhme agus a chur chun cinn, úsáid inbhuanaithe acmhainní nádúrtha, go háirithe an tuisce, an ithir, an taer, an bhithéagsúlacht agus acmhainní nádúrtha eile a chosaint. Tá baint ag na cuspóirí sin leis na cuspóirí sonracha a leagtar amach i bpointe (e) agus pointe (f) d’Airteagal 6(1);

(e)cuidiú le maolú an athraithe aeráide agus leis an oiriúnú don athrú sin, mar a leagtar amach i bpointe (d) d’Airteagal 6(1);

(f)luach tráchtála agus cáilíocht táirgí a ardú, lena náirítear cáilíocht táirgí a fheabhsú agus táirgí a bhfuil sonrúchán tionscnaimh faoi chosaint nó tásc geografach faoi chosaint ag dul leo, nó atá cumhdaithe faoi scéimeanna cáilíochta náisiúnta, a fhorbairt. Tá baint ag na cuspóirí sin leis na cuspóirí sonracha a leagtar amach i bpointe (b) d’Airteagal 6(1);

(g)táirgí as earnáil na dtorthaí agus na nglasraí, bídís úr nó próiseáilte, a chur chun cinn agus a chur ar an margadh. Tá baint ag na cuspóirí sin leis na cuspóirí sonracha a leagtar amach i bpointe (b) agus pointe (c) d’Airteagal 6(1);

(h)cur le tomhaltas táirgí as earnáil na dtorthaí agus na nglasraí, bídís úr nó próiseáilte. Tá baint ag na cuspóirí sin leis na cuspóirí sonracha a leagtar amach i bpointe (i) d’Airteagal 6(1);

(i)cosc ar ghéarchéimeanna agus bainistiú riosca, lena bhfuil sé beartaithe géarchéimeanna i margaí na dtorthaí agus na nglasraí a sheachaint agus déileáil leo; Tá baint ag na cuspóirí sin leis na cuspóirí sonracha a leagtar amach i bpointe (a), pointe (b) agus pointe (c) d’Airteagal 6(1).

Airteagal 43
Cineálacha idirghabhála in earnáil na dtorthaí agus na nglasraí

1.Maidir leis na cuspóirí dá dtagraítear i bpointe (a) go pointe (h) d’Airteagal 42, déanfaidh na Ballstáit ceann amháin nó níos mó de na cineálacha idirghabhála seo a leanas a roghnú ina bPleananna Straitéiseacha faoi CBT:

(a)infheistíochtaí sócmhainní inláimhsithe agus doláimhsithe, go háirithe infheistíochtaí atá dírithe ar chaomhnú uisce, ar chaomhnú fuinnimh, ar phacáistiú éiceolaíoch agus ar laghdú dramhaíola;

(b)taighde agus táirgeadh turgnamhach, go háirithe cásanna atá dírithe ar chaomhnú uisce, ar chaomhnú fuinnimh, ar phacáistiú éiceolaíoch, ar laghdú dramhaíola, ar an seasmhacht i gcoinne lotnaidí, ar laghdú rioscaí agus thionchair na lotnaidicídí a úsáidtear, ar dhamáiste de dheasca teagmhais dhíobhálacha aeráide a chosc agus ar úsáid cineálacha torthaí agus glasraí atá in oiriúint do na hathruithe ar dhálaí aeráide a chur chun cinn;

(c)táirgeadh orgánach;

(d)táirgeadh comhtháite;

(e)bearta chun an ithir a chaomhnú agus cur leis an méid carbóin atá san ithir;

(f)bearta chun gnáthóga atá fabhrach don bhithéagsúlacht a chruthú agus a chothabháil nó an tírdhreach a chothabháil, lena náirítear a ghnéithe stairiúla a chaomhnú;

(g)bearta chun fuinneamh a chaomhnú, cur leis an éifeachtúlacht fuinnimh agus le húsáid an fhuinnimh inathnuaite;

(h)bearta chun cur leis an tseasmhacht i gcoinne lotnaidí;

(i)bearta chun úsáid agus bainistiú uisce a fheabhsú, lena náirítear caomhnú uisce agus draenáil;

(j)bearta chun an táirgeadh dramhaíola a laghdú agus bainistiú dramhaíola a fheabhsú;

(k)bearta chun cur le hinbhuanaitheacht agus le héifeachtúlacht an iompair agus le stóráil táirgí as earnáil na dtorthaí agus na nglasraí;

(l)bearta chun an tathrú aeráide a mhaolú, oiriúnú don athrú aeráide agus cur le húsáid an fhuinnimh inathnuaite;

(m)scéimeanna cáilíochta náisiúnta agus an Aontais a chur chun feidhme;

(n)tionscnamh agus cumarsáid, lena náirítear bearta agus gníomhaíochtaí atá dírithe ar mhargaí na dtorthaí agus na nglasraí a éagsúlú agus a chomhdhlúthú agus ar eolas a scaipeadh faoi na buntáistí sláinte a bhaineann le tomhaltas torthaí agus glasraí;

(o)seirbhísí comhairleacha agus cúnamh teicniúil, go háirithe maidir le teicnící inbhuanaithe chun lotnaidí a rialú, úsáid inbhuanaithe lotnaidicídí, an toiriúnú don athrú aeráide agus maolú an athraithe aeráide;

(p)oiliúint agus malartú dea-chleachtas, go háirithe maidir le teicnící inbhuanaithe chun lotnaidí a rialú, úsáid inbhuanaithe lotnaidicídí agus cur leis an oiriúnú don athrú aeráide agus le maolú an athraithe aeráide.

2.Maidir leis an gcuspóir dá dtagraítear i bpointe (i) d’Airteagal 42, déanfaidh na Ballstáit ceann amháin nó níos mó de na cineálacha idirghabhála seo a leanas a roghnú ina bPleananna Straitéiseacha faoi CBT:

(a)cistí frithpháirteacha a bheith á mbunú agus/nó á nathlíonadh ag eagraíochtaí táirgeoirí agus comhlachais eagraíochtaí táirgeoirí mar a shainaithnítear faoi Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013;

(b)infheistíochtaí sócmhainní inláimhsithe agus doláimhsithe a fhágann go ndéanfar na méideanna a chuirtear ar an margadh a bhainistiú ar bhealach níos éifeachtúla;

(c)úlloird a athphlandú más gá sin tar éis grafadh éigeantach ar chúiseanna sláinte nó fíteashláintíochta ar threoir a fháil chuige sin ó údarás inniúil an Bhallstáit;

(d)tarraingt siar ón margadh chun táirgí a dháileadh saor in aisce nó ar chúiseanna eile;

(e)glasbhuaint lena ndéantar na táirgí réamhaibí go léir i limistéar áirithe a bhuaint ar táirgí iad nach féidir a mhargú agus nach ndearnadh damáiste dóibh roimh an nglasbhuaint, bíodh sin i ngeall ar chúiseanna aeráide, galair nó eile;

(f)gan torthaí agus glasraí a bhuaint i gcás ina gcuirtear deireadh leis an timthriall reatha táirgthe sa limistéar lena mbaineann agus go bhfuil an táirge forbartha go maith agus go bhfuil sé maith cóir agus oiriúnach le díol, ach amháin cásanna ina scriostar táirgí i ngeall ar theagmhas aeráide nó galar;

(g)árachas buainte a chabhróidh le hioncam táirgeoirí a chosaint nuair a bhíonn caillteanais ann de dheasca tubaistí nádúrtha, teagmhais dhíobhálacha aeráide, galar nó inmhíolú lotnaidí agus lena náirithítear, san am céanna, go ndéanfaidh na tairbhithe na bearta is gá maidir le rioscaí a chosc;

(h)eagraíochtaí táirgeoirí agus comhlachais eagraíochtaí táirgeoirí mar a shainaithnítear faoi Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013, nó táirgeoirí aonair, a chóitseáil;

(i)prótacail fíteashláintíochta tríú tíortha a chur chun feidhme agus a bhainistiú ar chríoch an Aontais chun an rochtain ar mhargaí tríú tíortha a éascú;

(j)scéimeanna cáilíochta náisiúnta agus an Aontais a chur chun feidhme;

(k)seirbhísí comhairleacha agus cúnamh teicniúil, go háirithe maidir le teicnící inbhuanaithe chun lotnaidí a rialú agus úsáid inbhuanaithe lotnaidicídí.

3.Déanfaidh na Ballstáit na hidirghabhálacha a fhreagraíonn do na cineálacha idirghabhála a roghnaítear i gcomhréir le mír 1 agus mír 2 a shainiú ina bPleananna Straitéiseacha faoi CBT.

Airteagal 44
Cláir oibríochtúla

1.Na cuspóirí dá dtagraítear in Airteagal 42 agus na hidirghabhálacha in earnáil na dtorthaí agus na nglasraí atá leagtha amach ag na Ballstáit ina bPleananna Straitéiseacha faoi CBT, déanfar iad a chur chun feidhme trí bhíthin cláir oibríochtúla fhormheasta de chuid eagraíochtaí táirgeoirí agus/nó comhlachais eagraíochtaí táirgeoirí a shainaithnítear faoi Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013, faoi na coinníollacha a leagtar síos san Airteagal seo.

2.Mairfidh na cláir oibríochtúla ar feadh trí bliana ar a laghad agus ar feadh seacht mbliana ar a mhéid. Saothrófar sna cláir sin na cuspóirí dá dtagraítear i bpointe (d) agus pointe (e) d’Airteagal 42 agus dhá chuspóir eile, ar a laghad, dá dtagraítear san Airteagal sin.

3.Maidir le gach cuspóir a roghófar, tabharfar tuairisc sna cláir oibríochtúla ar na hidirghabhálacha a roghnófar as measc na nidirghabhálacha sin atá leagtha síos ag na Ballstáit ina bPleananna Straitéiseacha faoi CBT.

4.Déanfaidh eagraíochtaí táirgeoirí agus/nó comhlachais eagraíochtaí táirgeoirí a shainaithnítear faoi Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 na cláir oibríochtúla a chur faoi bhráid na mBallstát chun na cláir sin a fhormheas.

5.Is eagraíochtaí táirgeoirí nó comhlachais eagraíochtaí táirgeoirí a shainaithnítear faoi Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013, agus iadsan amháin, a fhéadfaidh na cláir oibríochtúla a chur chun feidhme.

6.Cláir oibríochtúla na gcomhlachas eagraíochtaí táirgeoirí, ní chumhdófar iontu na hidirghabhálacha céanna a chumhdaítear i gcláir oibríochtúla na neagraíochtaí sin is comhaltaí. Déanfaidh na Ballstáit cláir oibríochtúla na gcomhlachas eagraíochtaí táirgeoirí agus cláir oibríochtúla na neagraíochtaí is comhaltaí a mheas le chéile.

Chuige sin, áiritheoidh na Ballstáit:

(a)go ndéanfar idirghabhálacha faoi chláir oibríochtúla comhlachais eagraíochtaí táirgeoirí a mhaoiniú go hiomlán le ranníocaíochtaí ó na heagraíochtaí is comhaltaí den chomhlachas sin agus go mbaileofar an maoiniú sin ó chistí oibríochtúla na neagraíochtaí sin is comhaltaí;

(b)go ndéanfar na hidirghabhálacha agus a sciar airgeadais comhfhreagrach a shainaithint i gclár oibríochtúil gach eagraíochta is comhalta.

7.Áiritheoidh na Ballstáit:

(a)go núsáidfear 20%, ar a laghad, den chaiteachas faoi na cláir oibríochtúla chun na hidirghabhálacha a bhfuil baint acu leis na cuspóirí dá dtagraítear i bpointe (d) agus pointe (e) d’Airteagal 42 a chumhdach;

(b)go núsáidfear 5%, ar a laghad, den chaiteachas faoi na cláir oibríochtúla chun idirghabhálacha a bhfuil baint acu leis an gcuspóir dá dtagraítear i bpointe (c) d’Airteagal 42 a chumhdach;

(c)nach ndéanfaidh na hidirghabhálacha laistigh de na cineálacha idirghabhála dá dtagraítear i bpointe (d), pointe (e) agus pointe (f) d’Airteagal 43(2) aon trian den chaiteachas iomlán faoi na cláir oibríochtúla a shárú.

Airteagal 45
Cistí oibríochtúla

1.Féadfaidh eagraíochtaí táirgeoirí in earnáil na dtorthaí agus na nglasraí agus/nó a gcomhlachais ciste oibríochtúil a bhunú. Cuirfear maoiniú ar fáil don chiste:

(a)le ranníocaíochtaí airgeadais uathu seo a leanas:

(i)    comhaltaí na heagraíochta táirgeoirí agus/nó an eagraíocht táirgeoirí féin; nó

(ii)    comhlachais eagraíochtaí táirgeoirí trí chomhaltaí na gcomhlachas sin;

(b)le cúnamh airgeadais ón Aontas, a fhéadfar a dheonú d’eagraíochtaí táirgeoirí nó dá gcomhlachais i gcás ina ndéanfaidh na comhlachais sin clár oibríochtúil a thíolacadh.

2.Is i gcás cláir oibríochtúla a d’fhormheas na Ballstáit, agus na cláir oibríochtúla sin amháin, a úsáidfear cistí oibríochtúla chun cláir oibríochtúla a mhaoiniú.

Airteagal 46
Cúnamh airgeadais ón Aontas le haghaidh earnáil na dtorthaí agus na nglasraí

1.Beidh an cúnamh airgeadais ón Aontas cothrom le méid na ranníocaíochtaí airgeadais dá dtagraítear i bpointe (a) d’Airteagal 45(1) atá íoctha iarbhír agus ní bheidh sé níos airde ná 50% den chaiteachas iarbhír a thabhaítear.

2.Is í an uasteorainn a bheidh leis an gcúnamh airgeadais ón Aontas:

(a)4,1% de luach na táirgeachta arna margú ag gach eagraíocht táirgeoirí;

(b)4,5% de luach na táirgeachta arna margú ag gach comhlachas eagraíochtaí táirgeoirí;

(c)5% de luach na táirgeachta arna margú ag gach eagraíocht táirgeoirí thrasnáisiúnta nó ag gach comhlachas eagraíochtaí táirgeoirí trasnáisiúnta.

De mhaolú ar an gcéad fhomhír, féadfar an cúnamh airgeadais ón Aontas a mhéadú mar a leanas:

(a)i gcás eagraíochtaí táirgeoirí, féadfar an céatadán sin a mhéadú go 4,6% de luach na táirgeachta arna margú ar choinníoll nach mbaintear leas as an méid atá de bhreis ar 4,1% de luach na táirgeachta arna margú ach le haghaidh idirghabháil amháin nó níos mó a bhfuil baint aici nó acu leis na cuspóirí dá dtagraítear i bpointí (c), (d), (e), (g), (h) agus (i) d’Airteagal 42;

(b)i gcás comhlachais eagraíochtaí táirgeoirí, féadfar an céatadán sin a mhéadú go 5% de luach na táirgeachta arna margú ar choinníoll nach mbaintear leas as an méid atá de bhreis ar 4,5% de luach na táirgeachta arna margú ach le haghaidh idirghabháil amháin nó níos mó a bhfuil baint aici nó acu leis na cuspóirí dá dtagraítear i bpointí (c), (d), (e), (g), (h) agus (i) d’Airteagal 42 ar chuir an comhlachas eagraíochtaí táirgeoirí chun feidhme í nó iad thar ceann a gcomhaltaí;

(c)i gcás eagraíocht táirgeoirí thrasnáisiúnta nó comhlachas eagraíochtaí táirgeoirí trasnáisiúnta, féadfar an céatadán sin a mhéadú go 5,5% de luach na táirgeachta arna margú ar choinníoll nach mbaintear leas as an méid atá de bhreis ar 5% de luach na táirgeachta arna margú ach le haghaidh idirghabháil amháin nó níos mó a bhfuil baint aici nó acu leis na cuspóirí dá dtagraítear i bpointí (c), (d), (e), (g), (h) agus (i) d’Airteagal 42 ar chuir an eagraíocht táirgeoirí thrasnáisiúnta nó an comhlachas eagraíochtaí táirgeoirí trasnáisiúnta chun feidhme í nó iad thar ceann a gcomhaltaí.

3.Arna iarraidh sin d’eagraíocht táirgeoirí, déanfar an uasteorainn 50% dá bhforáiltear i mír 1 a ardú go 60% i gcomhair clár oibríochtúil nó i gcomhair cuid de chlár oibríochtúil má chomhlíonann sé ceann amháin ar a laghad de na coinníollacha seo a leanas:

(a)go bhfuil eagraíochtaí táirgeoirí atá ag feidhmiú i mBallstáit éagsúla ag cur idirghabhálacha a bhfuil baint acu leis na cuspóirí dá dtagraítear i bpointe (b) agus pointe (e) d’Airteagal 42 chun feidhme ar bhonn trasnáisiúnta;

(b)go bhfuil eagraíocht táirgeoirí amháin nó níos mó i mbun idirghabhálacha atá á ndéanamh ar bhonn idirchraoibhe;

(c)nach gcumhdaíonn an clár oibríochtúil ach tacaíocht shonrach chun táirgí orgánacha a chumhdaítear le Rialachán (CE) Uimh. 834/2007 ón gComhairle 35 a tháirgeadh;

(d)gurb é an chéad uair é ag comhlachas eagraíochtaí táirgeoirí a shainaithnítear faoi Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 a bheith ag cur clár oibríochtúil chun feidhme;

(e)gur lú ná 20% den táirgeadh torthaí agus glasraí i mBallstát a thagann as eagraíochtaí táirgeoirí;

(f)go bhfuil eagraíocht táirgeoirí ag feidhmiú i gceann de na réigiúin is forimeallaí dá dtagraítear in Airteagal 349 CFAE;

(g)gurb é atá sa chlár oibríochtúil na hidirghabhálacha a bhfuil baint acu leis na cuspóirí dá dtagraítear i bpointí (c), (d), (e), (h) agus (i) d’Airteagal 42.

4.Déanfar an uasteorainn 50% dá bhforáiltear i mír 1 a ardú go 100% sna cásanna seo a leanas:

(a)i gcás ina dtarraingeofar siar ón margadh torthaí agus glasraí nach sáraíonn 5% de mhéid na táirgeachta arna margú ag gach eagraíocht táirgeoirí, agus a ndéanfar iad a dhiúscairt mar a leanas:

(i)    trína ndáileadh saor in aisce ar eagraíochtaí agus ar fhondúireachtaí carthanacha, arna bhformheas chuige sin ag na Ballstáit, lena núsáid ina ngníomhaíochtaí le cabhrú le daoine a aithnítear sa dlí náisiúnta go bhfuil siad i dteideal cúnamh poiblí a fháil, go háirithe toisc nach bhfuil an chóir mhaireachtála riachtanach acu;

(ii)    trína ndáileadh saor in aisce ar fhorais phionóis, ar scoileanna agus ar institiúidí oideachais phoiblí, forais dá dtagraítear in Airteagal 22 de Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 agus ar champaí saoire leanaí chomh maith le hospidéil agus le hárais seanóirí arna nainmniú ag na Ballstáit, a dhéanfaidh na bearta ar fad is gá lena áirithiú i gcás na gcainníochtaí a dháiltear gur cainníochtaí sa bhreis iad ar na cainníochtaí a dhéanann na forais sin a cheannach isteach de ghnáth;

(b)i gcás gníomhaíochtaí a bhaineann le cóitseáil eagraíochtaí táirgeoirí eile a shainaithnítear faoi Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013, ar choinníoll gurb as réigiúin de chuid na mBallstát dá dtagraítear in Airteagal 47(2) den Rialachán seo a thagann na heagraíochtaí táirgeoirí sin, nó le cóitseáil táirgeoirí aonair.

Airteagal 47
Cúnamh airgeadais náisiúnta

1.I réigiúin de chuid na mBallstát ina bhfuil leibhéal eagrúcháin na dtáirgeoirí in earnáil na dtorthaí agus na nglasraí go mór faoi bhun mheán an Aontais, féadfaidh na Ballstáit cúnamh airgeadais náisiúnta atá cothrom le 80% ar a mhéad de na ranníocaíochtaí airgeadais dá dtagraítear i bpointe (a) d’Airteagal 45(1) agus suas le 10% de luach na táirgeachta arna margú ag eagraíochtaí táirgeoirí a shainaithnítear faoi Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 a dheonú do na heagraíochtaí táirgeoirí sin. Beidh an cúnamh airgeadais náisiúnta sa bhreis ar an gciste oibríochtúil.

2.Measfar go mbeidh leibhéal eagrúcháin na dtáirgeoirí i réigiún de chuid Ballstáit go mór faoi bhun mheán an Aontais i gcás inar lú ná 20% an meánleibhéal eagrúcháin maidir le trí bliana as a chéile roimh chur chun feidhme an chláir oibríochtúil. Déanfar an leibhéal eagrúcháin a ríomh mar an luach a bhí ar an táirgeacht torthaí agus glasraí sa réigiún lena mbaineann agus a chuir na heagraíochtaí táirgeoirí agus na comhlachais eagraíochtaí táirgeoirí a shainaithnítear faoi Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 ar an margadh, arna roinnt ar luach iomlán na táirgeachta torthaí agus glasraí a bhí sa réigiún sin.

Ballstáit a dheonaíonn cúnamh airgeadais náisiúnta i gcomhréir le mír 1, cuirfidh siad an Coimisiún ar an eolas faoi na réigiúin a chomhlíonann na critéir dá dtagraítear i mír 2 agus faoin gcúnamh airgeadais náisiúnta arna dheonú d’eagraíochtaí táirgeoirí sna réigiúin sin.

Roinn 3
Earnáil na beachadóireachta

Airteagal 48
Cuspóirí in earnáil na beachadóireachta

Déanfaidh na Ballstáit ceann amháin ar a laghad de na cuspóirí sonracha dá dtagraítear in Airteagal 6(1) a shaothrú in earnáil na beachadóireachta.

Airteagal 49
Cineálacha idirghabhála in earnáil na beachadóireachta agus an cúnamh airgeadais ón Aontas

1.Maidir le gach cuspóir sonrach ar leith a leagtar amach in Airteagal 6(1), déanfaidh na Ballstáit ceann amháin nó níos mó de na cineálacha idirghabhála seo a leanas in earnáil na beachadóireachta a roghnú ina bPleananna Straitéiseacha faoi CBT:

(a)cúnamh teicniúil do bheachairí agus do ghrúpaí beachairí;

(b)bearta chun ionróirí coirceog beach agus galair sna coirceoga beach, go háirithe an varróis, a chomhrac;

(c)bearta chun an buailteachas a chuíchóiriú;

(d)bearta chun tacú le saotharlanna chun anailís a dhéanamh ar tháirgí beachadóireachta;

(e)coirceoga beach san Aontas a athstocáil;

(f)comhar le comhlachtaí speisialaithe maidir le cláir taighde a chur chun feidhme i réimse na beachadóireachta agus na dtáirgí beachadóireachta;

(g)bearta chun faireachán a dhéanamh ar an margadh;

(h)bearta chun cáilíocht táirgí a fheabhsú.

2.Tabharfaidh na Ballstáit le fios ina bPleananna Straitéiseacha faoi CBT an bunús atá leis an rogha de chuspóirí sonracha agus de chineálacha idirghabhála a rinne siad. Maidir leis na cineálacha idirghabhála atá roghnaithe acu, tabharfaidh na Ballstáit sainmhíniú ar na hidirghabhálacha sin.

3.Leagfaidh na Ballstáit amach ina bPleananna Straitéiseacha faoi CBT an cistiú atá curtha ar fáil acu le haghaidh na gcineálacha idirghabhála a roghnaíodh ina bPleananna Straitéiseacha faoi CBT.

4.50% ar a mhéad den chaiteachas a bheidh sa chúnamh airgeadais ón Aontas le haghaidh na nidirghabhálacha dá dtagraítear i mír 2. Is iad na Ballstáit a íocfaidh an chuid eile den chaiteachas.

5.Agus a bPleananna Straitéiseacha faoi CBT á dtarraingt suas ag na Ballstáit, rachaidh siad i gcomhairle le hionadaithe eagraíochtaí i réimse na beachadóireachta.

6.Tabharfaidh na Ballstáit fógra don Choimisiún gach bliain maidir le líon na gcoirceog beach atá ar a gcríoch.

Airteagal 50
Cumhachtaí tarmligthe

Tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 138 chun an Rialachán seo a fhorlíonadh le ceanglais de bhreis ar na ceanglais sin a leagtar síos sa Roinn seo maidir leis an méid seo a leanas:

(a)an oibleagáid atá ar na Ballstáit fógra a thabhairt don Choimisiún gach bliain maidir le líon na gcoirceog beach atá ar a gcríoch a leagtar amach in Airteagal 49(6);

(b)an sainmhíniú ar choirceog beach agus na modhanna chun líon na gcoirceog beach a ríomh;

(c)an ranníocaíocht íosta ón Aontas leis an gcaiteachas a bhaineann le cur chun feidhme na gcineálacha idirghabhála agus na nidirghabhálacha dá dtagraítear in Airteagal 49.

Roinn 4
Earnáil an fhíona

Airteagal 51
Cuspóirí in earnáil an fhíona

Déanfaidh na Ballstáit ceann amháin nó níos mó de na cuspóirí seo a leanas a shaothrú in earnáil an fhíona:

(a)cur le hiomaíochas tháirgeoirí fíona an Aontais, lena náirítear tacú le feabhas a chur ar chórais inbhuanaithe táirgthe agus le laghdú a dhéanamh ar an tionchar a bhíonn ag earnáil fíona an Aontais ar an gcomhshaol. Tá baint ag na cuspóirí sin leis na cuspóirí sonracha a leagtar amach i bpointe (b) go pointe (f) agus pointe (h) d’Airteagal 6(1);

(b)feabhas a chur ar fheidhmíocht fhiontair fíona an Aontais agus ar an gcaoi a gcuirtear in oiriúint iad d’eilimh an mhargaidh, agus cur lena niomaíochas maidir le táirgí fíniúna a tháirgeadh agus a chur ar an margadh, lena náirítear caomhnú fuinnimh, éifeachtúlacht fuinnimh ar bhonn domhanda agus próisis inbhuanaithe. Tá baint ag na cuspóirí sin leis na cuspóirí sonracha a leagtar amach i bpointí (a) go (e), (g) agus (h) d’Airteagal 6(1);

(c)cuidiú le hathchothromú a dhéanamh ar sholáthar agus ar éileamh i margadh fíona an Aontais chun géarchéimeanna sa mhargadh a chosc. Tá baint ag an gcuspóir sin leis na cuspóirí sonracha a leagtar amach i bpointe (a) d’Airteagal 6(1);

(d)cuidiú le hioncam tháirgeoirí fíona an Aontais a chosaint i gcás ina dtabhaítear caillteanais de dheasca tubaistí nádúrtha, teagmhais dhíobhálacha aeráide, ainmhithe, galar nó inmhíolú lotnaidí. Tá baint ag an gcuspóir sin leis na cuspóirí sonracha a leagtar amach i bpointe (a) d’Airteagal 6(1);

(e)cur le hindíoltacht agus iomaíochas tháirgí fíniúna an Aontais, go háirithe trí tháirgí, próisis agus teicneolaíochtaí nuálacha a fhorbairt agus trí bhreisluach a chur leo ag céim ar bith den slabhra soláthair, lena náirítear aistriú eolais. Tá baint ag an gcuspóir sin leis na cuspóirí sonracha a leagtar amach i bpointí (a), (b), (c), (e) agus (i) d’Airteagal 6(1);

(f)fotháirgí na fíonóireachta a úsáid chun críocha tionsclaíocha agus fuinnimh agus cáilíocht fhíonta an Aontais a áirithiú agus an comhshaol a chosaint san am céanna. Tá baint ag an gcuspóir sin leis na cuspóirí sonracha a leagtar amach i bpointe (d) agus pointe (e) d’Airteagal 6(1);

(g)cur le feasacht na dtomhaltóirí ar thomhaltas stuama fíona agus ar scéimeanna cáilíochta fíona atá ag an Aontas. Tá baint ag an gcuspóir sin leis na cuspóirí sonracha a leagtar amach i bpointe (b) agus pointe (i) d’Airteagal 6(1);

(h)cur le hiomaíochas tháirgí fíniúna an Aontais i dtríú tíortha. Tá baint ag an gcuspóir sin leis na cuspóirí a leagtar amach i bpointe (b) agus pointe (h) d’Airteagal 6(1);

(i)cur leis an gcaoi a bhfuil táirgeoirí in ann ag luaineachtaí sa mhargadh. Tá baint ag an gcuspóir sin leis na cuspóirí a leagtar amach i bpointe (a) d’Airteagal 6(1).

Airteagal 52
Cineálacha idirghabhála in earnáil an fhíona

1.Maidir le gach cuspóir a roghnaítear as measc na gcuspóirí sin dá dtagraítear in Airteagal 51, déanfaidh na Ballstáit ceann amháin nó níos mó de na cineálacha idirghabhála seo a leanas a roghnú ina bPleananna Straitéiseacha faoi CBT:

(a)fíonghoirt a athstruchtúrú agus a athchóiriú, lena náirítear fíonghoirt a athphlandú i gcás inar gá sin tar éis grafadh éigeantach ar chúiseanna sláinte nó fíteashláintíochta ar threoir a fháil chuige sin ó údarás inniúil an Bhallstáit, ach nach náirítear gnáthathnuachan fíonghort lena ndéantar an dáileacht talún chéanna a athphlandú leis an gcineál céanna fíonchaoire i gcomhréir leis an gcóras céanna saothraithe fíniúna agus a bhí ann roimhe sin, nuair a bheidh deireadh tagtha le saolré nádúrtha na bhfíniúnacha;

(b)infheistíochtaí inláimhsithe agus doláimhsithe i saoráidí próiseála, i mbonneagar fíonghort agus i struchtúir agus in uirlisí margaíochta;

(c)glasbhuaint, rud a chiallaíonn na triopaill fíonchaor a scriosadh nó a bhaint ina niomláine agus iad fós neamhaibí, rud a fhágann nach mbeidh táirgeacht ar bith as an limistéar lena mbaineann agus nach náireofar neamhbhuaint, is é sin nuair a fhágtar fíonchaora tráchtála ar na plandaí ag deireadh an ghnáththimthrialla táirgthe;

(d)árachas buainte mar chosaint ar chaillteanais a tharlódh de thoradh teagmhais dhíobhálacha aeráide atá ina gcuid de thubaiste nádúrtha, teagmhais dhíobhálacha aeráide, ainmhithe, galair phlandaí nó inmhíolú lotnaidí;

(e)infheistíochtaí inláimhsithe agus doláimhsithe sa nuálaíocht, mar atá táirgí agus fotháirgí fíonóireachta, agus próisis agus teicneolaíochtaí nuálacha a fhorbairt, infheistíochtaí eile a chuireann breisluach leo ag céim ar bith den slabhra soláthair, lena náirítear aistriú eolais;

(f)fotháirgí fíonóireachta a dhriogadh i gcomhréir leis na srianta a leagtar síos i Roinn D de Chuid II d’Iarscríbhinn VIII a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013;

(g)bearta faisnéise a dhéanamh sna Ballstáit maidir le fíonta an Aontais lena spreagfar tomhaltas stuama fíona nó lena ndéanfar scéimeanna cáilíochta an Aontais maidir le sonrúcháin tionscnaimh agus tásca geografacha a chur chun cinn;

(h)bearta tionscnaimh a dhéantar i dtríú tíortha, ar a mbeidh ceann amháin nó níos mó de na bearta seo a leanas:

(i)    bearta caidrimh phoiblí, bearta tionscnaimh nó bearta fógraíochta, go háirithe bearta a leagann béim ar na hardchaighdeáin a bhaineann le táirgí an Aontais, go háirithe ó thaobh cáilíochta, sábháilteachta bia nó an chomhshaoil de;

(ii)    páirt a ghlacadh in imeachtaí, in aontaí nó i dtaispeántais a bhfuil tábhacht idirnáisiúnta leo;

(iii)    feachtais faisnéise, go háirithe faoi scéimeanna cáilíochta an Aontais maidir le sonrúcháin tionscnaimh, tásca geografacha agus táirgeadh orgánach;

(iv)    staidéir ar mhargaí nua, rud atá riachtanach chun asraonta margaidh a leathnú;

(v)    staidéir chun meastóireacht a dhéanamh ar thorthaí na mbeart faisnéise agus na mbeart tionscnaimh;

(vi)    comhaid theicniúla a ullmhú, lena náirítear tástálacha saotharlainne agus measúnuithe, maidir le cleachtais fhíoneolaíocha, rialacha fíteashláintíochta agus sláintíochta, mar aon le ceanglais eile tríú tíortha a bhaineann le hallmhairiú tháirgí earnáil an fhíona, chun an rochtain ar mhargaí tríú tíortha a éascú;

(i)cúnamh sealadach agus ar bhonn céimlaghdaitheach chun na costais riaracháin a bhaineann le bunú cistí frithpháirteacha a chumhdach.

2.Tabharfaidh na Ballstáit le fios ina bPleananna Straitéiseacha faoi CBT an bunús atá leis an rogha de chuspóirí agus de chineálacha idirghabhála a rinne siad in earnáil an fhíona. Maidir leis na cineálacha idirghabhála atá roghnaithe acu, tabharfaidh na Ballstáit sainmhíniú ar na hidirghabhálacha sin.

3.De bhreis ar na ceanglais a leagtar amach i dTeideal V, leagfaidh na Ballstáit amach ina bPleananna Straitéiseacha faoi CBT sceideal maidir le cur chun feidhme na gcineálacha idirghabhála atá roghnaithe acu, na hidirghabhálacha agus tábla airgeadais ginearálta ina dtaispeánfar na hacmhainní a bheidh le húsáid agus an leithdháileadh acmhainní atá beartaithe a dhéanamh ar na cineálacha idirghabhála agus na hidirghabhálacha atá roghnaithe i gcomhréir leis na leithdháiltí airgeadais a leagtar síos in Iarscríbhinn V.

Airteagal 53
Cúnamh airgeadais ón Aontas le haghaidh earnáil an fhíona

1.An cúnamh airgeadais a thabharfaidh an tAontas le haghaidh fíonghoirt a athstruchtúrú agus a athchóiriú dá dtagraítear i bpointe (a) d’Airteagal 52(1), ní bheidh sé níos airde ná 50% de na costais iarbhír a bhaineann le hathstruchtúrú agus athchóiriú na bhfíonghort nó níos airde ná 75% de na costais iarbhír a bhaineann le hathstruchtúrú agus athchóiriú na bhfíonghort i réigiúin thearcfhorbartha.

Féadfaidh an cúnamh a bheith i bhfoirm cúiteamh le táirgeoirí i leith caillteanas ioncaim de dheasca chur chun feidhme na hidirghabhála agus ina thacaíocht leis na costais a bhaineann le hathstruchtúrú agus athchóiriú na bhfíonghort. I gcás cúiteamh le táirgeoirí i leith caillteanas ioncaim de dheasca chur chun feidhme na hidirghabhála, féadfar suas le 100% den chaillteanas lena mbaineann a chumhdach.

2.Maidir leis an gcúnamh airgeadais ón Aontas le haghaidh infheistíochtaí dá dtagraítear i bpointe (b) d’Airteagal 52(1), ní sháróidh sé na huasteorainneacha seo a leanas:

(a)50% de na costais incháilithe infheistíochta sna réigiúin thearcfhorbartha;

(b)40% de na costais incháilithe infheistíochta i réigiúin eile seachas réigiúin thearcfhorbartha;

(c)75% de na costais incháilithe infheistíochta sna réigiúin is forimeallaí dá dtagraítear in Airteagal 349 CFAE;

(d)65% de na costais incháilithe infheistíochta sna hoileáin bheaga Aeigéacha a shainmhínítear in Airteagal 1(2) de Rialachán (AE) Uimh. 229/2013.

An cúnamh airgeadais ón Aontas ag an ráta uasta, dá dtagraítear sa chéad fhomhír, ní dhéanfar é a dheonú ach do mhicrifiontair agus d’fhiontair bheaga agus mheánmhéide de réir bhrí Mholadh 2003/361/CE ón gCoimisiún 36 . Mar sin féin, féadfar é a dheonú do gach cineál fiontair i gcás na réigiún is forimeallaí dá dtagraítear in Airteagal 349 CFAE agus na noileán beag Aeigéach a shainmhínítear in Airteagal 1(2) de Rialachán (AE) Uimh. 229/2013.

Déanfar na huasteorainneacha dá dtagraítear sa chéad fhomhír a laghdú faoina leath i gcás na bhfiontar sin nach bhfuil cumhdaithe ag Airteagal 2(1) de Theideal I den Iarscríbhinn a ghabhann le Moladh 2003/361/CE agus a bhfuil níos lú ná 750 fostaí iontu nó a bhfuil láimhdeachas níos ísle ná EUR 200 milliún acu.

Ní dhéanfar aon chúnamh airgeadais ón Aontas a dheonú d’fhiontair atá i gcruachás de réir bhrí Threoirlínte an Aontais maidir le Státchabhair chun teacht i gcabhair ar ghnólachtaí atá i gcruachás agus athstruchtúrú a dhéanamh orthu 37 .

3.An cúnamh airgeadais ón Aontas le haghaidh glasbhuaint dá dtagraítear i bpointe (c) d’Airteagal 52(1), ní bheidh sé níos airde ná 50% de shuim na gcostas díreach a bhaineann leis na triopaill fíonchaor a scriosadh nó a bhaint agus an chaillteanais ioncaim de bharr an scriosta nó na bainte sin.

4.Maidir leis an gcúnamh airgeadais ón Aontas le haghaidh árachas buainte dá dtagraítear i bpointe (d) d’Airteagal 52(1), ní sháróidh sé na huasteorainneacha seo a leanas:

(a)80% de chostas na bpréimheanna árachais arna níoc ag na táirgeoirí i gcomhair árachais in aghaidh caillteanas de bharr teagmhais dhíobhálacha aeráide atá ina gcuid de thubaiste nádúrtha;

(b)50% de chostas na bpréimheanna árachais arna níoc ag na táirgeoirí i gcomhair árachais in aghaidh:

(i)caillteanais dá dtagraítear i bpointe (a) agus in aghaidh caillteanais eile de dheasca teagmhais dhíobhálacha aeráide;

(ii)caillteanas de dheasca ainmhithe, galair phlandaí nó inmhíolú lotnaidí.

Féadfar cúnamh airgeadais ón Aontas a dheonú maidir le hárachas buainte más rud é nach dtugann na híocaíochtaí árachais lena mbaineann cúiteamh do tháirgeoirí i leith breis agus 100% den chaillteanas ioncaim a tharlaíonn dóibh, agus cuirfear san áireamh aon chúiteamh a d’fhéadfadh a bheith faighte ag na táirgeoirí ó scéimeanna tacaíochta eile a bhaineann leis an riosca a bhfuarthas árachas ina aghaidh. Beidh sé de cheangal leis na conarthaí árachais go ndéanfaidh tairbhithe na bearta is gá maidir le riosca a chosc.

5.Maidir leis an gcúnamh airgeadais ón Aontas le haghaidh na nuálaíochta dá dtagraítear i bpointe (e) d’Airteagal 52(1), ní sháróidh sé na huasteorainneacha seo a leanas:

(a)50% de na costais incháilithe infheistíochta sna réigiúin thearcfhorbartha;

(b)40% de na costais incháilithe infheistíochta i réigiúin eile seachas réigiúin thearcfhorbartha;

(c)75% de na costais incháilithe infheistíochta sna réigiúin is forimeallaí dá dtagraítear in Airteagal 349 CFAE;

(d)65% de na costais incháilithe infheistíochta sna hoileáin bheaga Aeigéacha a shainmhínítear in Airteagal 1(2) de Rialachán (AE) Uimh. 229/2013.

An cúnamh airgeadais ón Aontas ag an ráta uasta, dá dtagraítear sa chéad fhomhír, ní bheidh feidhm aige ach maidir le micrifiontair agus fiontair bheaga agus mheánmhéide de réir bhrí Mholadh 2003/361/CE. Mar sin féin, d’fhéadfadh feidhm a bheith aige maidir le gach cineál fiontair i gcás na réigiún is forimeallaí dá dtagraítear in Airteagal 349 CFAE agus na noileán beag Aeigéach a shainmhínítear in Airteagal 1(2) de Rialachán (AE) Uimh. 229/2013.

Déanfar uasteorainn na cabhrach dá dtagraítear sa chéad fhomhír a laghdú faoina leath i gcás na bhfiontar sin nach bhfuil cumhdaithe ag Airteagal 2(1) de Theideal I den Iarscríbhinn a ghabhann le Moladh 2003/361/CE agus a bhfuil níos lú ná 750 fostaí iontu nó a bhfuil láimhdeachas níos ísle ná EUR 200 milliún acu.

6.An cúnamh airgeadais ón Aontas le haghaidh bearta faisnéise agus tionscnaimh dá dtagraítear i bpointe (g) agus pointe (h) d’Airteagal 52(1), ní bheidh sé níos airde ná 50% den chaiteachas incháilithe.

7.An cúnamh airgeadais ón Aontas le haghaidh fotháirgí na fíonóireachta a dhriogadh dá dtagraítear i bpointe (f) d’Airteagal 52(1), déanfaidh an Coimisiún é a shocrú i gcomhréir leis na rialacha sonracha a leagtar síos in Airteagal 54(3) trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme a ghlacfar i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 139(2).

Airteagal 54
Rialacha sonracha maidir leis an gcúnamh airgeadais ón Aontas le haghaidh earnáil an fhíona

1.Áiritheoidh na Ballstáit lena mbaineann nach bhfágfaidh an cúnamh airgeadais ón Aontas le haghaidh árachas buainte go saobhfar an iomaíocht sa mhargadh árachais.

2.Cuirfidh na Ballstáit lena mbaineann córas ar bun a bheidh bunaithe ar chritéir oibiachtúla lena áirithiú nach dtabharfar, de thoradh glasbhuainte, cúiteamh níos airde ná an uasteorainn a leagtar síos in Airteagal 53(3) do tháirgeoirí aonair fíona.

3.Déanfar méid an chúnaimh ón Aontas le haghaidh dhriogadh fhotháirgí na fíonóireachta a shocrú de réir an chéatadáin de réir toirte, agus de réir an heictilítir, d’alcól a tháirgtear. Ní dhéanfar aon chúnamh airgeadais a íoc i leith an méid sin d’alcól de réir toirte atá sna fotháirgí atá le driogadh a sháraíonn 10% den mhéid alcóil de réir toirte atá san fhíon a tháirgtear.

Áiritheoidh na Ballstáit lena mbaineann go ndéanfar an cúnamh airgeadais ón Aontas le haghaidh dhriogadh fhotháirgí na fíonóireachta a íoc le driogairí a dhéanann fotháirgí na fíonóireachta a phróiseáil chun iad a dhriogadh ina nalcól amh ar mó ná 92%, ar a laghad, a neart alcólach arna thomhas mar chéatadán dá thoirt.

Áireofar sa chúnamh airgeadais ón Aontas cnapshuim lena gcúiteofar na costais a bhaineann le fotháirgí na fíonóireachta a bhailiú. Déanfar an méid sin a aistriú ón driogaire chuig an táirgeoir, i gcás inarb é an táirgeoir a íocfaidh na costais sin.

Áiritheoidh na Ballstáit lena mbaineann gur chun críocha tionsclaíocha nó fuinnimh amháin nach ndéanann saobhadh ar an iomaíocht a úsáidtear an talcól a thagann as driogadh fhotháirgí na fíonóireachta dá dtagraítear i bpointe (f) d’Airteagal 52(1) ar deonaíodh cúnamh airgeadais ón Aontas ina leith.

4.Leagfaidh na Ballstáit lena mbaineann síos ina bPleananna Straitéiseacha faoi CBT céatadán íosta caiteachais maidir le bearta atá dírithe ar chosaint an chomhshaoil, ar an oiriúnú don athrú aeráide, ar inbhuanaitheacht córas agus próiseas táirgthe a fheabhsú, ar an tionchar a bhíonn ag earnáil an fhíona san Aontas ar an gcomhshaol a laghdú, ar chaomhnú fuinnimh agus ar éifeachtúlacht fuinnimh ar bhonn domhanda a fheabhsú.

Roinn 5
Earnáil na leannlusanna

Airteagal 55
Cuspóirí agus cineálacha idirghabhála in earnáil na leannlusanna

1.Déanfaidh an Ballstát dá dtagraítear in Airteagal 82(3) ceann amháin nó níos mó de na cuspóirí seo a leanas a shaothrú in earnáil an fhíona:

(a)an táirgeadh a phleanáil agus a oiriúnú don éileamh, go háirithe ó thaobh cáilíochta agus cainníochta de. Tá baint ag na cuspóirí sin leis na cuspóirí sonracha a leagtar amach i bpointe (a), pointe (b) agus pointe (c) d’Airteagal 6(1);

(b)soláthar na dtáirgí as earnáil na leannlusanna a chomhchruinniú agus na táirgí sin a chur ar an margadh, lena náirítear trí mhargaíocht dhíreach. Tá baint ag na cuspóirí sin leis na cuspóirí sonracha a leagtar amach i bpointe (a) agus pointe (c) d’Airteagal 6(1);

(c)na costais táirgthe agus na torthaí ar infheistíochtaí a bharrfheabhsú i bhfianaise caighdeáin chomhshaoil agus praghsanna na dtáirgeoirí a chobhsú. Tá baint ag na cuspóirí sin leis na cuspóirí sonracha a leagtar amach i bpointe (a) agus pointe (c) d’Airteagal 6(1);

(d)taighde a dhéanamh ar mhodhanna táirgthe inbhuanaithe agus iad a fhorbairt, lena náirítear seasmhacht i gcoinne lotnaidí, cleachtais nuálacha lena gcuirtear borradh faoin iomaíochas eacnamaíoch agus faoi fhorbairtí sa mhargadh. Tá baint ag na cuspóirí sin leis na cuspóirí sonracha a leagtar amach i bpointe (a), pointe (c) agus pointe (i) d’Airteagal 6(1);

(e)modhanna táirgthe a urramaíonn an comhshaol, cleachtais saothraithe agus teicnící táirgthe atá neamhdhíobhálach don chomhshaol a chur chun cinn, a fhorbairt agus a chur chun feidhme, úsáid inbhuanaithe acmhainní nádúrtha, go háirithe an tuisce, an ithir agus acmhainní nádúrtha eile a chosaint. Tá baint ag na cuspóirí sin leis na cuspóirí sonracha a leagtar amach i bpointe (e) agus pointe (f) d’Airteagal 6(1);

(f)cuidiú le maolú an athraithe aeráide agus leis an oiriúnú don athrú sin, mar a leagtar amach i bpointe (d) d’Airteagal 6(1).

2.Déanfaidh an Ballstát dá dtagraítear in Airteagal 82(3) ceann amháin nó níos mó de na cineálacha idirghabhála dá dtagraítear in Airteagal 60 a shainiú ina Phlean Straitéiseach faoi CBT chun na cuspóirí atá roghnaithe de réir mhír 1 a shaothrú. Maidir leis na cineálacha idirghabhála atá roghnaithe aige, tabharfaidh an Ballstát sainmhíniú ar na hidirghabhálacha sin. Tabharfaidh an Ballstát dá dtagraítear in Airteagal 82(3) le fios ina Phlean Straitéiseach faoi CBT an bunús atá leis an rogha de chuspóirí, de chineálacha idirghabhála agus d’idirghabhálacha a rinne sé chun na cuspóirí sin a ghnóthú.

Roinn 6
Earnáil na hola olóige agus na n
ológ boird

Airteagal 56
Cuspóirí in earnáil na hola olóige agus na n
ológ boird

Déanfaidh na Ballstáit dá dtagraítear in Airteagal 82(4) ceann amháin nó níos mó de na cuspóirí seo a leanas a shaothrú in earnáil na hola olóige agus na nológ boird:

(a)eagrú agus bainistiú tháirgeadh na hola olóige agus na nológ boird a neartú. Tá baint ag an gcuspóir sin leis na cuspóirí sonracha a leagtar amach i bpointe (a) agus pointe (b) d’Airteagal 6(1);

(b)cur le hiomaíochas meántéarmach agus fadtéarmach earnáil na hola olóige agus na nológ boird, go háirithe trí nuachóiriú a dhéanamh. Tá baint ag an gcuspóir sin leis na cuspóirí sonracha a leagtar amach i bpointe (c) d’Airteagal 6(1);

(c)an tionchar a bhíonn ag saothrú na nológ ar an gcomhshaol a laghdú agus an chaoi a gcuireann saothrú na nológ leis an ngníomhú ar son na haeráide. Tá baint ag na cuspóirí sin leis na cuspóirí sonracha a leagtar amach i bpointe (d) agus pointe (e) d’Airteagal 6(1);

(d)cáilíocht na hola olóige agus na nológ boird a fheabhsú. Tá baint ag an gcuspóir sin leis na cuspóirí sonracha a leagtar amach i bpointe (f) d’Airteagal 6(1);

(e)taighde a dhéanamh ar mhodhanna táirgthe inbhuanaithe agus iad a fhorbairt, lena náirítear seasmhacht i gcoinne lotnaidí, cleachtais nuálacha lena gcuirtear borradh faoin iomaíochas eacnamaíoch agus faoi fhorbairtí sa mhargadh. Tá baint ag an gcuspóir sin leis na cuspóirí sonracha a leagtar amach i bpointe (a), pointe (c) agus pointe (i) d’Airteagal 6(1);

(f)cosc ar ghéarchéimeanna agus bainistiú géarchéimeanna, lena bhfuil sé beartaithe cur leis an seasmhacht i gcoinne lotnaidí, géarchéimeanna i margaí na hola olóige agus na nológ boird a sheachaint agus déileáil leo. Tá baint ag an gcuspóir sin leis na cuspóirí sonracha a leagtar amach i bpointe (h) d’Airteagal 6(1).

Airteagal 57
Cineálacha idirghabhála agus an chaoi a gcuirfear chun feidhme iad in earnáil na hola olóige agus na n
ológ boird

1.D’fhonn na cuspóirí dá dtagraítear in Airteagal 56 a shaothrú, déanfaidh na Ballstáit dá dtagraítear in Airteagal 82(4) ceann amháin nó níos mó de na cineálacha idirghabhála dá dtagraítear in Airteagal 60 a roghnú ina bPleananna Straitéiseacha faoi CBT. Maidir leis na cineálacha idirghabhála atá roghnaithe acu, tabharfaidh na Ballstáit sainmhíniú ar na hidirghabhálacha sin.

2.Déanfar na hidirghabhálacha arna sainiú ag na Ballstáit dá dtagraítear in Airteagal 82(4) a chur chun feidhme trí chláir oibríochtúla fhormheasta na neagraíochtaí táirgeoirí agus/nó na gcomhlachas eagraíochtaí táirgeoirí a shainaithnítear faoi Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013. Beidh feidhm ag Airteagal 61 agus Airteagal 62 chun na críche sin.

Airteagal 58
Cúnamh airgeadais ón Aontas

1.An cúnamh airgeadais ón Aontas le haghaidh na gcostas incháilithe, ní sháróidh sé na huasteorainneacha seo a leanas:

(a)75% den chaiteachas iarbhír arna thabhú maidir le hidirghabhálacha a bhfuil baint acu leis na cuspóirí dá dtagraítear i bpointí (a), (b), (c) agus (e) d’Airteagal 56;

(b)75% den chaiteachas iarbhír arna thabhú maidir le hinfheistíochtaí sócmhainní seasta agus 50% maidir le hidirghabhálacha eile a bhfuil baint acu leis an gcuspóir dá dtagraítear i bpointe (d) d’Airteagal 56;

(c)50% den chaiteachas iarbhír arna thabhú maidir le hidirghabhálacha a bhfuil baint acu leis an gcuspóir dá dtagraítear i bpointe (f) d’Airteagal 56;

(d)75% den chaiteachas iarbhír arna thabhú maidir leis na cineálacha idirghabhála dá dtagraítear i bpointe (f) agus pointe (h) d’Airteagal 60(1) i gcás ina bhfuil an clár oibríochtúil curtha chun feidhme i dtrí thríú tír nó Bhallstát neamhtháirgeora ag eagraíochtaí táirgeoirí as dhá Bhallstát táirgeora ar a laghad, agus 50% den chaiteachas iarbhír i gcás nár comhlíonadh an coinníoll sin maidir leis an gcineál seo idirghabhála.

2.Maidir le gach eagraíocht táirgeoirí nó comhlachas eagraíochtaí táirgeoirí, déanfar an cúnamh airgeadais ón Aontas a theorannú le nach sáróidh sé 5% de luach na táirgeachta arna margú.

3.Áiritheoidh na Ballstáit go gcuirfear maoiniú comhlántach ar fáil chun suas le 50% de na costais nach gcumhdaítear leis an gcúnamh airgeadais ón Aontas a mhaoiniú.

Roinn 7
Earnálacha eile

Airteagal 59
Cuspóirí in earnálacha eile

Déanfaidh na Ballstáit ceann amháin nó níos mó de na cuspóirí seo a leanas a shaothrú sna hearnálacha eile dá dtagraítear i bpointe (f) d’Airteagal 39:

(a)an táirgeadh a phleanáil, an táirgeadh a oiriúnú don éileamh, go háirithe maidir le cáilíocht agus cainníocht, na costais táirgthe agus na torthaí ar infheistíochtaí a bharrfheabhsú agus praghsanna na dtáirgeoirí a chobhsú. Tá baint ag na cuspóirí sin leis na cuspóirí sonracha a leagtar amach i bpointí (a), (b), (c) agus (i) d’Airteagal 6(1);

(b)soláthar na dtáirgí lena mbaineann a chomhchruinniú agus na táirgí sin a chur ar an margadh. Tá baint ag na cuspóirí sin leis na cuspóirí sonracha a leagtar amach i bpointe (a) agus pointe (c) d’Airteagal 6(1);

(c)taighde a dhéanamh ar mhodhanna táirgthe inbhuanaithe agus iad a fhorbairt, lena náirítear seasmhacht i gcoinne lotnaidí, cleachtais agus teicnící táirgthe nuálacha lena gcuirtear borradh faoin iomaíochas eacnamaíoch agus faoi fhorbairtí sa mhargadh. Tá baint ag na cuspóirí sin leis na cuspóirí sonracha a leagtar amach i bpointe (a), pointe (c) agus pointe (i) d’Airteagal 6(1);

(d)cur chun cinn, forbairt agus cur chun feidhme modhanna táirgthe a urramaíonn an comhshaol agus caighdeáin leasa ainmhithe, cleachtas saothraithe agus teicnící táirgthe a bhfuil seasmhacht i gcoinne lotnaidí iontu agus atá neamhdhíobhálach don chomhshaol, úsáid agus bainistiú fotháirgí agus dramhaíola ar shlí atá neamhdhíobhálach don chomhshaol, úsáid inbhuanaithe acmhainní nádúrtha, go háirithe an tuisce, an ithir agus acmhainní nádúrtha eile a chosaint. Tá baint ag na cuspóirí sin leis na cuspóirí sonracha a leagtar amach i bpointe (e) agus pointe (f) d’Airteagal 6(1);

(e)cuidiú le maolú an athraithe aeráide agus leis an oiriúnú don athrú sin, mar a leagtar amach i bpointe (d) d’Airteagal 6(1);

(f)luach tráchtála agus cáilíocht táirgí a ardú, lena náirítear cáilíocht táirgí a fheabhsú agus táirgí a bhfuil sonrúchán tionscnaimh faoi chosaint nó tásc geografach faoi chosaint ag dul leo, nó atá cumhdaithe faoi scéimeanna cáilíochta náisiúnta, a fhorbairt. Tá baint ag na cuspóirí sin leis na cuspóirí sonracha a leagtar amach i bpointe (b) d’Airteagal 6(1);

(g)tionscnamh agus margaíocht maidir leis na táirgí as ceann amháin nó níos mó de na hearnálacha dá dtagraítear i bpointe (f) d’Airteagal 40. Tá baint ag na cuspóirí sin leis na cuspóirí sonracha a leagtar amach i bpointe (b) agus pointe (c) d’Airteagal 6(1);

(h)cosc ar ghéarchéimeanna agus bainistiú riosca, lena bhfuil sé beartaithe géarchéimeanna i margaí ceann amháin nó níos mó de na hearnálacha dá dtagraítear i bpointe (f) d’Airteagal 39 a sheachaint agus déileáil leo. Tá baint ag na cuspóirí sin leis na cuspóirí sonracha a leagtar amach i bpointe (a), pointe (b) agus pointe (c) d’Airteagal 6(1).

Airteagal 60
Cineálacha idirghabhála

1.Maidir leis na cuspóirí dá dtagraítear i bpointe (a) go pointe (g) d’Airteagal 59, déanfaidh na Ballstáit ceann amháin nó níos mó de na cineálacha idirghabhála seo a leanas a roghnú ina bPleananna Straitéiseacha faoi CBT:

(a)infheistíochtaí sócmhainní inláimhsithe agus doláimhsithe; taighde agus táirgeadh turgnamhach, mar aon le bearta eile, lena náirítear:

(i)    an ithir a chaomhnú, lena náirítear cur leis an méid carbóin atá san ithir;

(ii)    úsáid agus bainistiú uisce a fheabhsú, lena náirítear caomhnú uisce agus draenáil;

(iii)    damáiste de dheasca teagmhais dhíobhálacha aeráide a chosc agus úsáid cineálacha táirgí agus cleachtas bainistíochta atá in oiriúint do na hathruithe ar dhálaí aeráide a chur chun cinn;

(iv)    cur le caomhnú fuinnimh agus le héifeachtúlacht fuinnimh;

(v)    pacáistiú éiceolaíoch;

(vi)    sláinte agus leas ainmhithe;

(vii)    táirgeadh dramhaíola a laghdú agus úsáid agus bainistiú fotháirgí agus dramhaíola a fheabhsú;

(viii)    cur leis an tseasmhacht i gcoinne lotnaidí;

(ix)    rioscaí agus tionchair a bhaineann le húsáid lotnaidicídí a laghdú;

(x)    gnáthóga atá fabhrach don bhithéagsúlacht a chruthú agus a chothabháil;

(b)seirbhísí comhairleacha agus cúnamh teicniúil, lena náirítear maidir leis an oiriúnú don athrú aeráide agus maolú an athraithe aeráide;

(c)oiliúint, lena náirítear cóitseáil agus malartú dea-chleachtas;

(d)táirgeadh orgánach;

(e)bearta chun cur le hinbhuanaitheacht agus le héifeachtúlacht iompair agus stórála táirgí ceann amháin nó níos mó de na hearnálacha dá dtagraítear i bpointe (f) d’Airteagal 40;

(f)tionscnamh, cumarsáid agus margaíocht, lena náirítear bearta agus gníomhaíochtaí atá dírithe go háirithe air cur le feasacht tomhaltóirí ar na scéimeanna cáilíochta atá ag an Aontas agus ar an tábhacht a bhaineann le bia folláin a ithe, agus atá dírithe ar na margaí a éagsúlú;

(g)scéimeanna cáilíochta náisiúnta agus an Aontais a chur chun feidhme;

(h)córais inrianaitheachta agus deimhniúcháin a chur chun feidhme, go háirithe an faireachán ar cháilíocht na dtáirgí a dhíoltar leis an tomhaltóir deiridh.

2.Maidir leis an gcuspóir dá dtagraítear i bpointe (h) d’Airteagal 59, déanfaidh na Ballstáit ceann amháin nó níos mó de na cineálacha idirghabhála seo a leanas a roghnú ina bPleananna Straitéiseacha faoi CBT:

(a)cistí frithpháirteacha a bheith á mbunú agus/nó á nathlíonadh ag eagraíochtaí táirgeoirí a shainaithnítear faoi Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013; 

(b)infheistíochtaí sócmhainní inláimhsithe agus doláimhsithe a fhágann go ndéanfar na méideanna a chuirtear ar an margadh a bhainistiú ar bhealach níos éifeachtúla;

(c)táirgí arna dtáirgeadh ag an eagraíocht táirgeoirí agus ag comhaltaí na heagraíochta táirgeoirí a stóráil le chéile;

(d)úlloird a athphlandú más gá sin tar éis grafadh éigeantach ar chúiseanna sláinte nó fíteashláintíochta ar threoir a fháil chuige sin ó údarás inniúil an Bhallstáit nó chun oiriúnú don athrú aeráide;

(e)tarraingt siar ón margadh chun táirgí a dháileadh saor in aisce nó ar chúiseanna eile;

(f)glasbhuaint lena ndéantar na táirgí réamhaibí go léir i limistéar áirithe a bhuaint ar táirgí iad nach féidir a mhargú agus nach ndearnadh damáiste dóibh roimh an nglasbhuaint, bíodh sin i ngeall ar chúiseanna aeráide, galair nó eile;

(g)gan táirge a bhuaint i gcás ina gcuirtear deireadh leis an timthriall reatha táirgthe sa limistéar lena mbaineann agus go bhfuil an táirge forbartha go maith agus go bhfuil sé maith cóir agus oiriúnach le díol, ach amháin cásanna ina scriostar táirgí i ngeall ar theagmhas aeráide nó galar;

(h)árachas buainte agus táirgeachta a chabhróidh le hioncam táirgeoirí a chosaint nuair a bhíonn caillteanais ann de dheasca tubaistí nádúrtha, teagmhais dhíobhálacha aeráide, galar nó inmhíolú lotnaidí agus lena náirithítear, san am céanna, go ndéanfaidh na tairbhithe na bearta is gá maidir le rioscaí a chosc.

3.Déanfaidh na Ballstáit na hearnálacha sin ina gcuirfidh siad na cineálacha idirghabhála a leagtar síos san Airteagal seo chun feidhme a roghnú ina bPleananna Straitéiseacha faoi CBT. Roghnóidh siad, maidir le gach earnáil, ceann amháin nó níos mó de na cuspóirí a leagtar síos in Airteagal 59 agus de na cineálacha idirghabhála a leagtar síos i mír 1 agus mír 2 den Airteagal seo. Maidir le gach cineál idirghabhála, tabharfaidh na Ballstáit sainmhíniú ar na hidirghabhálacha sin. Tabharfaidh na Ballstáit le fios an bunús atá leis an rogha d’earnálacha, de chuspóirí, de chineálacha idirghabhála agus d’idirghabhálacha a rinne siad.

Airteagal 61
Cláir oibríochtúla

1.Maidir le gach earnáil lena mbaineann, déanfar na cuspóirí agus na hidirghabhálacha atá leagtha amach ag na Ballstáit ina bPleananna Straitéiseacha faoi CBT a chur chun feidhme trí bhíthin cláir oibríochtúla fhormheasta de chuid eagraíochtaí táirgeoirí agus/nó comhlachais eagraíochtaí táirgeoirí a shainaithnítear faoi Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013, faoi na coinníollacha a leagtar síos san Airteagal seo.

2.Maidir le cláir oibríochtúla sna hearnálacha dá dtagraítear i bpointe (f) d’Airteagal 39, mairfidh siad ar feadh trí bliana ar a laghad agus ar feadh seacht mbliana ar a mhéid.

3.Tabharfar tuairisc sna cláir oibríochtúla ar na hidirghabhálacha a roghnófar as measc na nidirghabhálacha sin atá leagtha síos ag na Ballstáit ina bPleananna Straitéiseacha faoi CBT.

4.Déanfaidh eagraíochtaí táirgeoirí agus/nó comhlachais eagraíochtaí táirgeoirí a shainaithnítear faoi Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 na cláir oibríochtúla a chur faoi bhráid na mBallstát chun na cláir sin a fhormheas.

5.Is eagraíochtaí táirgeoirí nó comhlachais eagraíochtaí táirgeoirí a shainaithnítear faoi Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013, agus iadsan amháin, a fhéadfaidh na cláir oibríochtúla a chur chun feidhme.

6.Cláir oibríochtúla na gcomhlachas eagraíochtaí táirgeoirí, ní chumhdófar iontu na hidirghabhálacha céanna a chumhdaítear i gcláir oibríochtúla na neagraíochtaí sin is comhaltaí. Déanfaidh na Ballstáit cláir oibríochtúla na gcomhlachas eagraíochtaí táirgeoirí agus cláir oibríochtúla na neagraíochtaí is comhaltaí a mheas le chéile.

Chuige sin, áiritheoidh na Ballstáit:

(a)go ndéanfar na hidirghabhálacha faoi chláir oibríochtúla comhlachais eagraíochtaí táirgeoirí a mhaoiniú go hiomlán le ranníocaíochtaí ó na heagraíochtaí is comhaltaí den chomhlachas sin agus go mbaileofar an maoiniú sin ó chistí oibríochtúla na neagraíochtaí sin is comhaltaí;

(b)go ndéanfar na hidirghabhálacha agus a sciar airgeadais comhfhreagrach a shainaithint i gclár oibríochtúil gach eagraíochta is comhalta; agus

(c)nach bhfuil aon dúbláil ar an maoiniú.

7.Maidir leis na hidirghabhálacha a bhfuil baint acu leis an gcuspóir dá dtagraítear i bpointe (h) d’Airteagal 59, áiritheoidh na Ballstáit nach sáróidh siad aon trian den chaiteachas faoi chláir oibríochtúla na neagraíochtaí táirgeoirí nó na gcomhlachas eagraíochtaí táirgeoirí.

Airteagal 62
Cistí oibríochtúla

1.Féadfaidh na heagraíochtaí táirgeoirí agus/nó a gcomhlachais sna hearnálacha dá dtagraítear i bpointe (f) d’Airteagal 39 ciste oibríochtúil a bhunú. Cuirfear maoiniú ar fáil don chiste:

(a)le ranníocaíochtaí airgeadais uathu seo a leanas:

(i)    comhaltaí na heagraíochta táirgeoirí agus/nó an eagraíocht táirgeoirí féin; nó

(ii)    comhlachais eagraíochtaí táirgeoirí trí chomhaltaí na gcomhlachas sin;

(b)le cúnamh airgeadais ón Aontas, a fhéadfar a dheonú d’eagraíochtaí táirgeoirí nó dá gcomhlachais i gcás ina ndéanfaidh na comhlachais sin clár oibríochtúil a thíolacadh.

2.Is i gcás cláir oibríochtúla a d’fhormheas na Ballstáit, agus na cláir oibríochtúla sin amháin, a úsáidfear cistí oibríochtúla chun cláir oibríochtúla a mhaoiniú.

Airteagal 63
Cúnamh airgeadais ón Aontas

1.Beidh an cúnamh airgeadais ón Aontas cothrom le méid na ranníocaíochtaí airgeadais dá dtagraítear i bpointe (a) d’Airteagal 62(1) atá íoctha iarbhír agus ní bheidh sé níos airde ná 50% den chaiteachas iarbhír a thabhaítear.

2.Maidir le gach eagraíocht táirgeoirí nó comhlachas eagraíochtaí táirgeoirí, déanfar an cúnamh airgeadais ón Aontas a theorannú le nach sáróidh sé 5% de luach na táirgeachta arna margú.

CAIBIDIL IV
CINEÁLACHA IDIRGHABHÁLA LE hAGHAIDH FORBAIRT TUAITHE

Roinn 1
Cineálacha idirghabhála

Airteagal 64
Cineálacha idirghabhála le haghaidh forbairt tuaithe

Seo a leanas na cineálacha idirghabhála a bheidh sa Chaibidil seo:

(a)gealltanais chomhshaoil agus aeráide agus gealltanais bhainistíochta eile;

(b)srianta nádúrtha agus srianta eile a bhaineann go sonrach le limistéar;

(c)míbhuntáistí a thagann as ceanglais éigeantacha áirithe a bhaineann go sonrach le limistéar;

(d)infheistíochtaí;

(e)cabhrú le feirmeoirí óga dul i mbun gnó agus tionscnamh gnólachtaí tuaithe;

(f)uirlisí bainistíochta riosca;

(g)comhar;

(h)eolas a mhalartú agus faisnéis a scaipeadh.

Airteagal 65
Gealltanais chomhshaoil agus aeráide agus gealltanais bhainistíochta eile

1.Féadfaidh na Ballstáit íocaíochtaí a dheonú i leith gealltanais chomhshaoil agus aeráide agus gealltanais bhainistíochta eile faoi na coinníollacha a leagtar amach san Airteagal seo agus a bhfuil sonraí breise ina dtaobh tugtha ag na Ballstáit ina bPleananna Straitéiseacha faoi CBT.

2.Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh gealltanais talmhaíochta, chomhshaoil agus aeráide tugtha ina bPleananna Straitéiseacha faoi CBT.

3.Faoin gcineál idirghabhála seo, cuirfidh na Ballstáit tacaíocht ar fáil ina gcríocha go léir, i gcomhréir leis na riachtanais shonracha náisiúnta, réigiúnacha nó áitiúla atá acu.

4.Ní dhéanfaidh na Ballstáit íocaíochtaí a dheonú ach d’fheirmeoirí agus do thairbhithe eile a thugann faoi ghealltanais bhainistíochta, ar bhonn deonach, a meastar a bheith ina gcuidiú chun na cuspóirí sonracha a leagtar amach in Airteagal 6(1) a ghnóthú.

5.Faoin gcineál seo idirghabhála, ní thabharfaidh na Ballstáit ach íocaíochtaí lena gcumhdaítear gealltanais:

(a)a sháraíonn na ceanglais reachtúla bhainistíochta ábhartha agus na caighdeáin maidir le cóir mhaith thalmhaíochta agus chomhshaoil a leagtar síos faoi Roinn 2 de Chaibidil I den Teideal seo;

(b)a sháraíonn na híoscheanglais maidir le leasachán agus táirgí cosanta plandaí a úsáid, leas ainmhithe, agus ceanglais éigeantacha eile arna leagan síos sa dlí náisiúnta agus i ndlí an Aontais;

(c)a sháraíonn na coinníollacha a leagtar síos maidir le cothabháil an limistéir talmhaíochta i gcomhréir le pointe (a) d’Airteagal 4(1);

(d)nach ionann iad agus na gealltanais ar deonaíodh íocaíochtaí faoi Airteagal 28 ina leith.

6.Tabharfaidh na Ballstáit cúiteamh do na tairbhithe i leith na gcostas a tabhaíodh agus an ioncaim a tarscaoileadh de thoradh na ngealltanas a rinneadh. Más gá, féadfaidh siad costais a bhaineann le hidirbhearta a chumhdach freisin. I gcásanna a bhfuil údar cuí leo, féadfaidh na Ballstáit tacaíocht a dheonú ar ráta comhréidh nó mar íocaíocht aonuaire in aghaidh an aonaid. Déanfar an híocaíochtaí a dheonú go bliantúil.

7.Féadfaidh na Ballstáit scéimeanna comhinfheistíochta agus scéimeanna íocaíochta bunaithe ar thorthaí a chur chun cinn agus tacú leo chun feirmeoirí a spreagadh chun cur go mór le cáilíocht an chomhshaoil ar scála níos mó agus ar shlí níos intomhaiste.

8.Tabharfar faoi na gealltanais ar feadh tréimhse idir cúig bliana agus seacht mbliana. Mar sin féin, más gá chun sochair chomhshaoil áirithe a lorgaítear a bhaint amach nó a chothabháil, féadfaidh na Ballstáit tréimhse níos faide a chinneadh sa Chlár Straitéiseach faoi CBT le haghaidh cineálacha áirithe gealltanas, lena náirítear trí fhoráil a dhéanamh maidir lena bhfadú bliantúil tar éis fhoirceannadh na tréimhse tosaigh. I gcásanna eisceachtúla agus i gcásanna a bhfuil údar cuí leo, agus i gcás gealltanais nua a thugtar díreach tar éis an ghealltanais a comhlíonadh sa tréimhse tosaigh, féadfaidh na Ballstáit tréimhse níos giorra a chinneadh ina bPleananna Straitéiseacha faoi CBT.

9.I gcás ina ndéantar tacaíocht faoin gcineál seo idirghabhála a dheonú maidir le gealltanais talmhaíochta, chomhshaoil agus aeráide nó gealltanais cleachtais agus modhanna feirmeoireachta orgánaí a shainmhínítear i Rialachán (CE) Uimh. 834/2007 agus seirbhísí comhshaoil agus aeráide foraoise a chothabháil nó aistriú chucu, bunóidh na Ballstáit íocaíocht in aghaidh an heicteáir.

10.Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh an teolas agus an fhaisnéis is gá chun na hoibríochtaí sin a chur chun feidhme ag na daoine a chuirfidh na hoibríochtaí sin i gcrích faoin gcineál seo idirghabhála.

11.Áiritheoidh na Ballstáit go bhfuil na hidirghabhálacha faoin Airteagal seo i gcomhréir leis na hidirghabhálacha sin a deonaíodh faoi Airteagal 28.

Airteagal 66
Srianta nádúrtha agus srianta eile a bhaineann go sonrach le limistéar

1.Féadfaidh na Ballstáit, d’fhonn cabhrú le gnóthú na gcuspóirí sonracha a leagtar amach in Airteagal 6(1), íocaíochtaí a dheonú i leith srianta nádúrtha nó srianta eile a bhaineann go sonrach le limistéar faoi na coinníollacha a leagtar amach san Airteagal seo agus a bhfuil sonraí breise ina dtaobh tugtha ag na Ballstáit ina bPleananna Straitéiseacha faoi CBT.

2.Déanfar na híocaíochtaí sin a dheonú d’fhíorfheirmeoirí maidir le limistéir a ainmnítear de bhun Airteagal 32 de Rialachán (AE) Uimh. 1305/2013.

3.Ní fhéadfaidh na Ballstáit íocaíochtaí a dheonú faoin gcineál seo idirghabhála ach d’fhonn tairbhithe a chúiteamh i leith na gcostas breise uile, nó cuid de na costais sin, agus an ioncaim a tarscaoileadh maidir leis na srianta nádúrtha nó na srianta eile a bhaineann go sonrach le limistéar sa limistéar lena mbaineann.

4.Déanfar na costais bhreise agus an tioncam a tarscaoileadh dá dtagraítear i mír 3 a ríomh maidir leis na srianta nádúrtha nó na srianta a bhaineann go sonrach le limistéar trí chomparáid a dhéanamh le limistéir nach bhfuil na srianta nádúrtha sin nó na srianta a bhaineann go sonrach le limistéar ag gabháil dóibh.

5.Déanfar na híocaíochtaí a dheonú go bliantúil in aghaidh an heicteáir den limistéar.

Airteagal 67
Míbhuntáistí a thagann as ceanglais éigeantacha áirithe a bhaineann go sonrach le limistéar

1.Féadfaidh na Ballstáit, d’fhonn cabhrú le gnóthú na gcuspóirí sonracha a leagtar amach in Airteagal 6(1), íocaíochtaí a dheonú i leith míbhuntáistí a bhaineann go sonrach le limistéar agus ar míbhuntáistí iad a thagann as ceanglais a bhaineann le Treoir 92/43/CEE agus Treoir 2009/147/CE nó Treoir 2000/60/CE a chur chun feidhme faoi na coinníollacha a leagtar amach san Airteagal seo agus a bhfuil sonraí breise ina dtaobh tugtha ag na Ballstáit ina bPleananna Straitéiseacha faoi CBT.

2.Féadfar na híocaíochtaí sin a dheonú d’fheirmeoirí, do shealbhóirí foraoise agus do bhainisteoirí eile talún i leith na limistéar sin a bhfuil na míbhuntáistí dá dtagraítear i mír 1 ag gabháil dóibh.

3.Agus na limistéir faoi mhíbhuntáiste á sainiú ag na Ballstáit, féadfaidh siad na limistéir seo a leanas chur san áireamh:

(a)limistéir thalmhaíochta agus foraoiseachta Natura 2000 arna nainmniú de bhun Threoir 92/43/CEE agus Threoir 2009/147/CE;

(b)limistéir eile cosanta dúlra atá sainithe ina bhfuil srianta comhshaoil is infheidhme maidir le feirmeoireacht nó le foraoisí agus a chuireann le cur chun feidhme Airteagal 10 de Threoir 92/43/CEE ar choinníoll nach sáraíonn na limistéir sin 5% de na limistéir atá ainmnithe faoi Natura 2000 a chumhdaítear faoi raon feidhme críochach gach Plean Straitéisigh faoi CBT;

(c)limistéir thalmhaíochta a áirítear i bpleananna bainistithe abhantrach de bhun Threoir 2000/60/CE.

4.Ní fhéadfaidh na Ballstáit íocaíochtaí a dheonú faoin gcineál seo idirghabhála ach d’fhonn tairbhithe a chúiteamh i leith na gcostas breise uile, nó cuid de na costais sin, agus an ioncaim a tarscaoileadh maidir leis na míbhuntáistí a bhaineann go sonrach le limistéar sa limistéar lena mbaineann.

5.Déanfar na costais bhreise agus an tioncam a tarscaoileadh dá dtagraítear i mír 4 a ríomh mar seo a leanas:

(a)i gcás srianta a thagann as Treoir 92/43/CEE agus Treoir 2009/147/CE, maidir le míbhuntáistí a thagann as ceanglais a théann thar na caighdeáin ábhartha maidir le cóir mhaith thalmhaíochta agus chomhshaoil a bhunaítear faoi Roinn 2 de Chaibidil 1 den Teideal seo den Rialachán seo agus na coinníollacha a bhunaítear maidir le cothabháil an limistéir talmhaíochta i gcomhréir le pointe (a) d’Airteagal 4(1) den Rialachán seo;

(b)i gcás srianta a thagann as Treoir 2000/60/CE, maidir le míbhuntáistí a thagann as ceanglais a théann thar na ceanglais reachtúla bhainistíochta ábhartha, cé is moite de cheanglas reachtúil bainistíochta 2 dá dtagraítear in Iarscríbhinn III, agus na caighdeáin maidir le cóir mhaith thalmhaíochta agus chomhshaoil a bhunaítear faoi Roinn 2 de Chaibidil 1 den Teideal seo agus na coinníollacha a bhunaítear maidir le cothabháil an limistéir talmhaíochta i gcomhréir le pointe (a) d’Airteagal 4(1) den Rialachán seo.

6.Déanfar na híocaíochtaí a dheonú go bliantúil in aghaidh an heicteáir den limistéar.

Airteagal 68
Infheistíochtaí

1.Féadfaidh na Ballstáit tacaíocht a dheonú maidir le hinfheistíochtaí faoi na coinníollacha a leagtar amach san Airteagal seo agus a bhfuil sonraí breise ina dtaobh tugtha ag na Ballstáit ina bPleananna Straitéiseacha faoi CBT.

2.Ní fhéadfaidh na Ballstáit tacaíocht a dheonú faoin gcineál seo idirghabhála ach maidir le hinfheistíochtaí inláimhsithe agus/nó doláimhsithe a chuireann le gnóthú na gcuspóirí sonracha a leagtar amach in Airteagal 6. Beidh an tacaíocht a thabharfar d’earnáil na foraoiseachta bunaithe ar phlean bainistithe foraoise nó ar a choibhéis d’ionstraim.

3.Leagfaidh na Ballstáit síos liosta d’infheistíochtaí agus de chatagóirí caiteachais neamhincháilithe, lena náirítear an méid seo a leanas ar a laghad:

(a)cearta táirgthe talmhaíochta a cheannach;

(b)teidlíochtaí íocaíochta a cheannach;

(c)talamh a cheannach, cé is moite de thalamh a cheannaítear le haghaidh caomhnú comhshaoil nó talamh a cheannaíonn feirmeoirí óga trí ionstraim airgeadais a úsáid;

(d)ainmhithe agus bliantóga a cheannach agus plandú na mbliantóg sin seachas chun críche acmhainn talmhaíochta nó foraoiseachta a athbhunú tar éis tubaiste nádúrtha agus teagmhais thurraingeacha;

(e)ráta úis ar fhiachas, ach amháin maidir le deontais arna dtabhairt i bhfoirm fóirdheontas ráta úis nó i bhfoirm fóirdheontas táille ráthaíochta;

(f)infheistíochtaí in uisciú nach bhfuil i gcomhréir le dea-stádas dobharlach a bhaint amach mar a leagtar síos in Airteagal 4(1) de Threoir 2000/60/CE, lena náirítear cur leis an uisciú as dobharlaigh a bhfuil sé sainithe sa phlean bainistithe abhantrach lena mbaineann go bhfuil stádas níos ísle ná stádas maith acu;

(g)infheistíochtaí i mórthionscadail bhonneagair nach bhfuil i straitéisí forbartha áitiúla;

(h)infheistíochtaí san fhoraoisiú nach bhfuil i gcomhréir leis na cuspóirí aeráide agus comhshaoil de réir prionsabail inbhuanaithe maidir le bainistiú foraoisí atá sna Treoirlínte Uile-Eorpacha maidir leis an bhForaoisiú agus an Athfhoraoisiú.

I gcás ina dtugtar tacaíocht trí ionstraim airgeadais eile, ní bheidh feidhm ag pointí (a), (b), (d) agus (g) den chéad fhomhír.

4.Cuirfidh na Ballstáit uasteorainn 75% de na costais incháilithe leis an tacaíocht.

Féadfar na huasrátaí tacaíochta a ardú i gcás na ninfheistíochtaí seo a leanas:

(a)infheistíochtaí san fhoraoisiú agus infheistíochtaí neamhtháirgiúla a bhfuil baint acu leis na cuspóirí sonracha comhshaoil agus aeráide a leagtar amach i bpointe (d), pointe (e) agus pointe (f) d’Airteagal 6(1);

(b)infheistíochtaí i seirbhísí bunúsacha i gceantair thuaithe;

(c)infheistíochtaí chun acmhainn talmhaíochta nó foraoiseachta a athbhunú tar éis tubaistí nádúrtha nó teagmhais thurraingeacha agus infheistíochtaí i mbearta coisctheacha iomchuí maidir le foraoisí agus ceantair thuaithe.

Airteagal 69
Cabhrú le feirmeoirí óga dul i mbun gnó agus tionscnamh gnólachtaí tuaithe

1.Féadfaidh na Ballstáit, d’fhonn cabhrú le gnóthú na gcuspóirí sonracha a leagtar amach in Airteagal 6, tacaíocht a dheonú chun cabhrú le feirmeoirí óga dul i mbun gnó agus le tionscnamh gnólachtaí tuaithe faoi na coinníollacha a leagtar amach san Airteagal seo agus a bhfuil sonraí breise ina dtaobh tugtha ag na Ballstáit ina bPleananna Straitéiseacha faoi CBT.

2.Ní fhéadfaidh na Ballstáit tacaíocht a dheonú faoin gcineál seo idirghabhála ach chun cabhrú leis an méid seo a leanas:

(a)cabhrú le feirmeoirí óga a chomhlíonann na coinníollacha atá sa sainmhíniú a leagtar amach i bpointe (e) d’Airteagal 4(1) dul i mbun gnó;

(b)gnólachtaí tuaithe a thionscnamh a bhfuil baint acu le talmhaíocht agus le foraoiseacht nó le hioncam teaghlaigh feirme a éagsúlú;

(c)gnólachtaí nach bhfuil i mbun gníomhaíochtaí talmhaíochta, agus atá i straitéisí forbartha áitiúla, a thionscnamh i gceantair thuaithe.

3.Leagfaidh na Ballstáit síos coinníollacha maidir le plean gnó a thíolacadh agus maidir le hinneachar an phlean sin.

4.Déanfaidh na Ballstáit an tacaíocht a dheonú i gcnapshuimeanna. Uasmhéid EUR 100 000 a bheidh sa tacaíocht agus féadfar í a chomhcheangal le hionstraimí airgeadais.

Airteagal 70
Uirlisí bainistithe riosca

1.Déanfaidh na Ballstáit tacaíocht a dheonú maidir le huirlisí bainistithe riosca faoi na coinníollacha a leagtar amach san Airteagal seo agus a bhfuil sonraí breise ina dtaobh tugtha ag na Ballstáit ina bPleananna Straitéiseacha faoi CBT.

2.Déanfaidh na Ballstáit tacaíocht a dheonú faoin gcineál seo idirghabhála d’fhonn uirlisí bainistithe riosca a chur chun cinn, ar uirlisí iad a chabhraíonn le fíorfheirmeoirí rioscaí táirgeachta agus ioncaim a bhaineann lena ngníomhaíocht talmhaíochta a bhainistiú nuair nach bhfuil aon smacht acu ar na rioscaí sin agus ar uirlisí iad a chabhraíonn le gnóthú na gcuspóirí sonracha a leagtar amach in Airteagal 6.

3.Féadfaidh na Ballstáit an tacaíocht seo a leanas, go háirithe, a dheonú:

(a)ranníocaíochtaí le préimheanna scéimeanna árachais;

(b)ranníocaíochtaí le cistí frithpháirteacha, lena náirítear an costas riaracháin a bhaineann le ciste a bhunú;

4.Leagfaidh na Ballstáit síos na coinníollacha incháilitheachta seo a leanas:

(a)cineálacha agus cuimisú na scéimeanna árachais agus na gcistí frithpháirteacha incháilithe;

(b)an mhodheolaíocht chun caillteanais a ríomh, mar aon leis na tosca a fhágann nach mór cúiteamh a thabhairt;

(c)na rialacha maidir le cistí frithpháirteacha a bhunú agus a bhainistiú.

5.Áiritheoidh na Ballstáit nach ndeonófar tacaíocht ach chun caillteanais 20% den mheántáirgeacht bhliantúil nó de mheánioncam an fheirmeora sa tréimhse trí bliana roimhe sin nó meán trí bliana bunaithe ar an tréimhse cúig bliana roimhe sin, gan an iontráil is airde ná an iontráil is ísle a chur san áireamh, a chúiteamh.

6.Cuirfidh na Ballstáit uasteorainn 70% de na costais incháilithe leis an tacaíocht.

7.Áiritheoidh na Ballstáit go seachnófar róchúiteamh de thoradh na hidirghabhálacha faoin Airteagal seo a úsáid in éineacht le scéimeanna eile poiblí nó príobháideacha bainistithe riosca.

Airteagal 71
Comhar

1.Faoi na coinníollacha a leagtar amach san Airteagal seo agus a bhfuil sonraí breise ina dtaobh tugtha ag na Ballstáit ina bPleananna Straitéiseacha faoi CBT, féadfaidh na Ballstáit tacaíocht a dheonú i leith comhair chun tionscadail grúpaí oibríochtúla de chuid na Comhpháirtíochta Eorpaí um Nuálaíocht maidir le táirgiúlacht agus inbhuanaitheacht talmhaíochta dá dtagraítear in Airteagal 114 agus LEADER dá ngairtear forbairt áitiúil faoi stiúir an phobail in Airteagal 25 de Rialachán (AE) [Rialachán na bhForálacha Coiteanna] a ullmhú agus a chur chun feidhme, agus chun scéimeanna cáilíochta, eagraíochtaí táirgeoirí nó grúpaí táirgeoirí nó cineálacha eile comhair a chur chun cinn.

2.Ní fhéadfaidh na Ballstáit tacaíocht a dheonú faoin gcineál seo idirghabhála ach chun cineálacha comhair ina bhfuil dhá eintiteas ar a laghad, agus a chuireann le gnóthú na gcuspóirí sonracha a leagtar amach in Airteagal 6, a chur chun cinn.

3.Féadfaidh na Ballstáit na costais a bhaineann le gach gné den chomhar a chumhdach faoin gcineál seo idirghabhála.

4.Féadfaidh na Ballstáit an tacaíocht a dheonú mar mhéid iomlán a chumhdóidh an costas a bhaineann leis an gcomhar féin agus an costas a bhaineann leis na tionscadail agus na hoibríochtaí a chur chun feidhme nó féadfaidh siad gan ach an costas a bhaineann leis an gcomhar féin a chumhdach agus cistí as cineálacha eile idirghabhála, ionstraimí tacaíochta náisiúnta nó de chuid an Aontais a úsáid chun cur chun feidhme na dtionscadal a mhaoiniú.

5.I gcás ina níocfar an tacaíocht mar mhéid iomlán, áiritheoidh na Ballstáit go nurramófar rialacha agus ceanglais an Aontais a bhaineann le bearta den chineál céanna a chumhdaítear faoi chineálacha eile idirghabhála. Ní bheidh feidhm ag an mír seo maidir le LEADER, dá ngairtear forbairt áitiúil faoi stiúir an phobail in Airteagal 25 de Rialachán (AE) [Rialachán na bhForálacha Coiteanna].

6.Ní dhéanfaidh na Ballstáit comhar nach bhfuil ann ach comhlachtaí taighde a mhaoiniú faoin gcineál seo idirghabhála.

7.I gcás comhar a bhaineann le comharbas feirme, ní fhéadfaidh na Ballstáit tacaíocht a dheonú ach d’fheirmeoirí a bhfuil aois an scoir bainte amach acu de réir na reachtaíochta náisiúnta.

8.Ach amháin i gcás bearta comhchoiteanna comhshaoil agus aeráide i gcásanna a bhfuil údar cuí leo, déanfaidh na Ballstáit uasteorainn seacht mbliana a cheangal maidir leis an tacaíocht sin chun na cuspóirí sonracha comhshaoil agus aeráide a leagtar amach i bpointe (d), pointe (e) agus pointe (f) d’Airteagal 6(1) a ghnóthú.

Airteagal 72
Eolas a mhalartú agus faisnéis a scaipeadh

1.Faoi na coinníollacha a leagtar amach san Airteagal seo agus a bhfuil sonraí breise ina dtaobh tugtha ag na Ballstáit ina bPleananna Straitéiseacha faoi CBT, féadfaidh na Ballstáit tacaíocht a dheonú maidir le bearta chun eolas ar an talmhaíocht, ar an bhforaoiseacht agus ar ghnó tuaithe a mhalartú agus faisnéis a scaipeadh faoin eolas sin.

2.Faoin gcineál seo idirghabhála, féadfaidh na Ballstáit na costais a chumhdach a bhaineann le haon bheart ábhartha chun an nuálaíocht a chur chun cinn, chun rochtain a thabhairt ar oiliúint agus ar chomhairle agus chun eolas agus faisnéis a mhalartú agus a scaipeadh má chuireann na bearta sin le gnóthú na gcuspóirí sonracha a leagtar amach in Airteagal 6.

3.Cuirfidh na Ballstáit uasteorainn 75% de na costais incháilithe leis an tacaíocht sin.

De mhaolú ar an gcéad fhomhír, féadfaidh na Ballstáit, i gcás ina bhfuil seirbhísí comhairleacha feirme á mbunú, méid seasta EUR 200 000 ar a mhéid a dheonú mar thacaíocht.

4.De mhaolú ar mhír 3, d’fhonn na cuspóirí sonracha a leagtar amach in Airteagal 6 a ghnóthú, féadfaidh na Ballstáit ráta níos airde nó méid níos airde ná mar a leagtar amach sa mhír sin a chur i bhfeidhm sna réigiúin is forimeallaí agus i gcásanna eile a bhfuil údar cuí leo.

5.I gcás tacaíocht maidir le seirbhísí comhairleacha feirme a bhunú, áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh teorainn ama leis an tacaíocht sin.

6.Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh na bearta a mhaoineofar faoin gcineál seo idirghabhála i gcomhréir leis an tuairisc a thugtar ar na Córais um Eolas agus Nuálaíocht Talmhaíochta (AKIS) sa Phlean Straitéiseach faoi CBT i gcomhréir le pointe (i) d’Airteagal 102(a).

Roinn 2
Eilimintí a bhfuil feidhm acu maidir le níos mó ná cineál amháin idirghabhála

Airteagal 73
Oibríochtaí a roghnú

1.Déanfaidh Údarás Bainistíochta an Phlean Straitéisigh faoi CBT nó comhlachtaí idirmheánacha eile arna nainmniú critéir roghnúcháin a shainiú maidir leis na hidirghabhálacha a bhaineann leis na cineálacha idirghabhála seo a leanas: infheistíochtaí, cabhrú le feirmeoirí óga dul i mbun gnó agus tionscnamh gnólachtaí tuaithe, comhar, eolas a mhalartú agus faisnéis a scaipeadh, tar éis dul i gcomhairle leis an gCoiste Faireacháin dá dtagraítear in Airteagal 111. Beidh sé d'aidhm leis na critéir roghnúcháin cóir chomhionann i leith na niarratasóirí, úsáid fheabhsaithe acmhainní airgeadais agus spriocdhíriú beart i gcomhréir le tosaíochtaí an Aontais maidir le forbairt tuaithe a áirithiú.

Féadfaidh na Ballstáit a chinneadh gan na critéir roghnúcháin a bhaineann le hidirghabhálacha ar infheistíochtaí iad a chur i bhfeidhm i gcás infheistíochtaí atá dírithe go soiléir ar chuspóirí comhshaoil nó a ceapadh maidir le gníomhaíochtaí athchóirithe.

2.An fhreagracht atá ar an Údarás Bainistíochta a leagtar amach i mír 1, ní dhéanfaidh sí aon dochar do chúraimí na nGrúpaí Gníomhaíochta Áitiúla a leagtar amach in Airteagal 27 de Rialachán (AE) [Rialachán na bhForálacha Coiteanna].

3.Ní bheidh feidhm ag mír 1 i gcás inar ionstraimí airgeadais atá sa tacaíocht.

4.Ní fhéadfar critéir roghnúcháin a shainiú maidir le hoibríochtaí a bhfuil deimhniú an tSéala Barr Feabhais faoin gclár Fís 2020 nó faoin gclár Fís Eorpach faighte acu nó a roghnaíodh faoin gclár Life+, ar choinníoll go bhfuil na hoibríochtaí sin ag teacht leis an bPlean Straitéiseach faoi CBT.

5.Ní roghnófar oibríochtaí le haghaidh tacaíochta i gcás ina ndearnadh iad a lánchríochnú nó a chur chun feidhme go hiomlán sula gcuirtear an tiarratas ar chistiú faoin bPlean Straitéiseach faoi CBT faoi bhráid an Údaráis Bainistíochta, is cuma má rinneadh na híocaíochtaí gaolmhara go léir.

Airteagal 74
Rialacha ginearálta maidir le hionstraimí airgeadais

1.I gcás ina ndéanfar tacaíocht faoi na cineálacha idirghabhála atá sa Chaibidil seo a dheonú i bhfoirm ionstraimí airgeadais a leagtar síos in Airteagal 52 de Rialachán (AE) [Rialachán na bhForálacha Coiteanna], beidh feidhm ag na sainmhínithe ar ‘ionstraim airgeadais’, ‘táirge airgeadais’, ‘faighteoir deiridh’, ‘ciste sealbhaíochta’, ‘ciste sonrach’, ‘éifeacht ghiarála’, ‘cóimheas iolraitheora’, ‘costais bhainistíochta’ agus ‘táillí bainistíochta’ a leagtar síos in Airteagal 2 de Rialachán (AE) [Rialachán na bhForálacha Coiteanna] agus forálacha Roinn 2 de Chaibidil II de Theideal V den Rialachán sin.

Lena chois sin, beidh feidhm ag na forálacha a leagtar síos i mír 2 go mír 5.

2.I gcás ina ndéanfar tacaíocht faoi na cineálacha idirghabhála atá sa Chaibidil seo a dheonú i bhfoirm ionstraimí airgeadais a leagtar síos in Airteagal 52 de Rialachán (AE) [Rialachán na bhForálacha Coiteanna], déanfaidh na Ballstáit na ceanglais a leagtar amach sna míreanna seo a leanas a urramú.

3.I gcomhréir le hAirteagal 52(2) de Rialachán (AE) [Rialachán na bhForálacha Coiteanna] agus de mhaolú ar Airteagal 62(2) den Rialachán seo, féadfaidh caipiteal oibre, ar bhonn aonair nó mar chuid d’oibríocht, a bheith ina chaiteachas incháilithe.

I gcás gníomhaíochtaí a thagann faoi raon feidhme Airteagal 42 CFAE, féadfaidh caipiteal oibre a bheith ina chaiteachas incháilithe a mbaineann cobhéis deontais chomhláin suas le EUR 200 000 leis thar aon tréimhse de thrí bliana fhioscacha, gan dochar d’aon rátaí tacaíochta a leagtar síos sa Rialachán seo.

4.I gcás ina dtabharfar tacaíocht chomhcheangailte i bhfoirm íocaíochtaí airgeadais agus deontas d’oibríocht, beidh feidhm ag an ráta uasta tacaíochta is infheidhme maidir leis an tacaíocht chomhcheangailte a thugtar don oibríocht agus ní bheidh an caiteachas incháilithe comhcheangailte arna dhearbhú ag an mBallstát níos airde ná 100% den chostas incháilithe a bhaineann leis an oibríocht.

5.Is éard a bheidh i gcaiteachas incháilithe ionstraime airgeadais méid iomlán na ranníocaíochtaí leis an bPlean Straitéiseach faoi CBT arna íoc, nó i gcás ráthaíochtaí, arna chur i leataobh, mar a comhaontaíodh i gconarthaí ráthaíochta, ag an ionstraim airgeadais le linn na tréimhse incháilitheachta, i gcás ina gcomhfhreagraíonn an méid sin do na nithe seo a leanas:

(a)íocaíochtaí le faighteoirí deiridh, nó chun tairbhe faighteoirí deiridh, i gcás iasachtaí, infheistíochtaí cothromais nó infheistíochtaí cuasachothromais;

(b)acmhainní a cuireadh i leataobh mar a aontaíodh i gconarthaí ráthaíochta, bídís gan íoc nó in aibíocht cheana féin, chun glaonna ráthaíochta féideartha ar chaillteanais a urramú, arna ríomh ar bhonn cóimheas iolraitheora, lena gcumhdaítear méid iolrach iasachtaí nua foluiteacha a íocadh amach nó infheistíochtaí cothromais i bhfaighteoirí deiridh;

(c)íocaíochtaí le faighteoirí deiridh, nó chun tairbhe faighteoirí deiridh, má tá ionstraimí airgeadais arna gcomhcheangal le ranníocaíocht eile ón Aontas in aon oibríocht ionstraime airgeadais amháin i gcomhréir le hAirteagal 52(5) de Rialachán (AE) [Rialachán na bhForálacha Coiteanna];

(d)íocaíochtaí táillí bainistíochta agus aisíocaíochtaí costas bainistíochta arna dtabhú ag comhlachtaí atá ag cur na hionstraime airgeadais chun feidhme.

Chun críocha phointe (b) den mhír seo, socrófar an cóimheas iolraitheora le measúnú riosca stuama ex ante agus aontófar sa chomhaontú cistiúcháin ábhartha é. Féadfar an cóimheas iolraitheora a athbhreithniú, má bhíonn údar leis sin i ngeall ar athruithe ina dhiaidh sin ar dhálaí an mhargaidh. Ní bheidh éifeacht shiarghabhálach ag athbhreithniú den sórt sin.

Chun críocha phointe (d) den mhír seo, is ar fheidhmíocht a bheidh na táillí bainistíochta bunaithe. Má dhéantar comhlachtaí a chuirfidh ciste sealbhaíochta agus/nó cistí sonracha chun feidhme, i gcomhréir le hAirteagal 53(3) de Rialachán (AE) [Rialachán na bhForálacha Coiteanna], a roghnú trí dhámhachtain dhíreach conartha, an méid costais bainistíochta agus táillí a íocfar leis na comhlachtaí sin is féidir a dhearbhú mar chaiteachas incháilithe, beidh sé faoi réir tairseach [suas le 5%] de mhéid iomlán na ranníocaíochtaí leis an bPlean Straitéiseach faoi CBT a íocadh amach le faighteoirí deiridh in iasachtaí, infheistíochtaí cothromais nó infheistíochtaí cuasachothromais nó a cuireadh i leataobh mar a aontaíodh i gconarthaí ráthaíochta.

Ní bheidh feidhm ag an tairseach sin má roghnaítear na comhlachtaí a chuirfidh ionstraimí airgeadais chun feidhme trí thairiscint iomaíoch i gcomhréir leis an dlí is infheidhme agus go léiríonn an tairiscint iomaíoch go dteastaíonn leibhéal níos airde costais bainistíochta agus táillí.

Má ghearrtar táillí socraíochta, nó aon chuid díobh, ar fhaighteoirí deiridh, ní dhéanfar iad a dhearbhú mar chaiteachas incháilithe.

Airteagal 75
CETFT a chuirtear ar fáil trí InvestEU nó a chomhcheanglaítear le InvestEU a úsáid

1.I gcomhréir le hAirteagal 10 de Rialachán (AE) [Rialachán na bhForálacha Coiteanna] agus leis na ceanglais a leagtar amach san Airteagal seo, féadfaidh na Ballstáit an méid a chuirfear ar fáil trí InvestEU a leithdháileadh ina bPleananna Straitéiseacha faoi CBT. Ní bheidh an méid atá le cur ar fáil trí InvestEU níos airde ná 5% den leithdháileadh iomlán as CETFT, ach amháin i gcásanna a bhfuil údar cuí leo. Tabharfar le fios sa Phlean Straitéiseach faoi CBT an réasúnú le húsáid ráthaíochtaí buiséadacha InvestEU.

Sa bhreis ar na leithdháiltí dá dtagraítear sa chéad fhomhír, féadfaidh na Ballstáit cuid den chúnamh teicniúil a leagtar amach in Airteagal 112 a leithdháileadh, ranníocaíocht a bheidh le cur le InvestEU maidir leis an gcúnamh comhfhreagrach as InvestEU le haghaidh na ngníomhaíochtaí a leagtar amach sa chomhaontú ranníocaíochta dá dtagraítear in Airteagal [9] [de/den] [Rialachán maidir le InvestEU].

2.I gcás na niarrataí ar leasú ar Phlean Straitéiseach faoi CBT dá dtagraítear in Airteagal 107, ní fhéadfar ach acmhainní na mblianta airgeadais atá le teacht a shainaithint.

Ní dhéanfar acmhainní 2026 agus 2027 a úsáid le haghaidh leithdháiltí faoi mhír 1.

3.Úsáidfear an méid dá dtagraítear sa chéad fhomhír de mhír 1 chun soláthar don chuid den ráthaíocht ón Aontas atá in urrann an Bhallstáit.

4.Mura bhfuil comhaontú ranníocaíochta, mar a leagtar amach in Airteagal [9] [de/den] [Rialachán maidir le InvestEU], tugtha i gcrích faoin 31 Nollaig 2021 le haghaidh méid dá dtagraítear i mír 1, iarrfaidh an Ballstát an Plean Straitéiseach faoi CBT a leasú i gcomhréir le hAirteagal 107 d'fhonn an méid comhfhreagrach a úsáid.

An comhaontú ranníocaíochta le haghaidh méid dá dtagraítear i mír 1 a leithdháiltear san iarraidh ar Phlean Straitéiseach faoi CBT a leasú, déanfar é a thabhairt i gcrích an tráth céanna le glacadh an chinnidh lena leasaítear an Plean Straitéiseach faoi CBT.

5.Mura mbeidh comhaontú ráthaíochta, mar a leagtar amach in Airteagal [9] [de/den] [Rialachán maidir le InvestEU] é, tugtha i gcrích laistigh de [9] mí ón tráth a fhormheasfar an comhaontú ranníocaíochta, na méideanna faoi seach arna níoc isteach sa chiste don soláthar coiteann mar sholáthar, déanfar iad a aistriú ar ais chuig an bPlean Straitéiseach faoi CBT agus cuirfidh an Ballstát iarraidh chomhfhreagrach ar leasú ar an bPlean Straitéiseach faoi CBT isteach.

6.Mura mbeidh comhaontú ráthaíochta, mar a leagtar amach in Airteagal [9] [de/den] [Rialachán maidir le InvestEU] é, curtha chun críche ina iomláine laistigh de [cheithre bliana] tar éis shíniú an chomhaontaithe ráthaíochta, féadfaidh an Ballstát a iarraidh gur i gcomhréir le mír 5 a chaithfear le méideanna a gealladh sa chomhaontú ráthaíochta ach nach gcumhdaíonn iasachtaí foluiteacha ná ionstraimí rioscúla eile.

7.Acmhainní a gineadh leis na méideanna arna ranníoc le InvestEU, nó atá inchurtha i leith na méideanna sin, agus a seachadadh trí ráthaíochtaí buiséadacha, cuirfear ar fáil do na Ballstáit iad agus úsáidfear le haghaidh foirmeacha iníoctha tacaíochta iad i gcomhréir leis an bPlean Straitéiseach faoi CBT.

Airteagal 76
Leordhóthanacht agus beachtas ríomh na n
íocaíochtaí

I gcás ina ndeonaítear tacaíocht ar bhonn costais bhreise agus ioncam a tarscaoileadh i gcomhréir le hAirteagal 65, Airteagal 66 agus Airteagal 67, áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh na ríomhanna ábhartha leormhaith agus beacht agus bunaithe roimh ré ar mhodh ríofa atá cóir, cothromasach agus infhíoraithe. Chuige sin, maidir le comhlacht atá neamhspleách ó thaobh feidhme de ar na húdaráis atá freagrach as an bPlean Straitéiseach faoi CBT a chur chun feidhme agus a bhfuil an saineolas iomchuí aige, déanfaidh an comhlacht sin na ríomhanna nó deimhneoidh sé leordhóthanacht agus beachtas na ríomhanna sin.

Airteagal 77
Roghanna costais simplithe

1.Gan dochar d’Airteagail 65, 66, 67 agus 69, féadfaidh an tacaíocht a dheonaítear faoin gCaibidil seo a bheith ar aon cheann de na cineálacha seo a leanas:

(a)aisíoc costas incháilithe arna dtabhú iarbhír ag tairbhí;

(b)costais aonaid;

(c)cnapshuimeanna;

(d)maoiniú ar ráta comhréidh.

2.Is ar cheann de na bealaí seo a leanas a shocrófar na méideanna i gcomhair na bhfoirmeacha deontas dá dtagraítear i bpointe (b), i bpointe (c) agus i bpointe (d) de mhír 1:

(a)modh ríofa cóir cothromasach infhíoraithe atá bunaithe orthu seo a leanas:

(i) sonraí staidrimh, faisnéis oibiachtúil eile nó breithiúnas saineolach; nó

(ii) sonraí stairiúla fíoraithe faoi thairbhithe aonair; nó

(iii) gnáthchleachtais chuntasaíochta costála na dtairbhithe aonair a chur i bhfeidhm;

(b)dréachtbhuiséid;

(c)i gcomhréir leis na rialacha maidir le costais aonaid chomhfhreagracha, cnapshuimeanna agus rátaí comhréidhe is infheidhme maidir le beartais an Aontais le haghaidh oibríocht den chineál céanna a chur i bhfeidhm;

(d) i gcomhréir leis na rialacha maidir le cur i bhfeidhm na gcostas aonaid comhfhreagrach, na gcnapshuimeanna agus na rátaí comhréidhe arna gcur i bhfeidhm faoi scéimeanna le haghaidh deontais arna gcistiú go hiomlán ag an mBallstát le haghaidh oibríocht den chineál céanna;

Airteagal 78
Cumhachtaí tarmligthe le haghaidh ceanglais bhreise maidir leis na cineálacha idirghabhála le haghaidh forbairt tuaithe

Tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 138 chun an Rialachán seo a fhorlíonadh le ceanglais de bhreis ar na ceanglais sin a leagtar síos sa Chaibidil seo maidir leis na coinníollacha faoina ndeonaítear tacaíocht do na cineálacha idirghabhála seo a leanas le haghaidh forbairt tuaithe:

(a)gealltanais bhainistíochta dá dtagraítear in Airteagal 65;

(b)infheistíochtaí dá dtagraítear in Airteagal 68;

(c)comhar dá dtagraítear in Airteagal 71.

TEIDEAL IV
FORÁLACHA AIRGEADAIS

Airteagal 79
Caiteachas CERT agus CETFT

1.Ar na cineálacha idirghabhála a ndéanfaidh CERT a mhaoiniú tá:

(a)íocaíochtaí díreacha arna leagan síos in Airteagal 14;

(b)idirghabhálacha earnala arna leagan síos i gCaibidil III de Theideal III.

2.Déanfaidh CETFT na cineálacha idirghabhálacha a mhaoiniú dá dtagraítear i gCaibidil IV de Theideal III.

Airteagal 80
Incháilitheacht an chaiteachais

1.Beidh caiteachas incháilithe le haghaidh ranníocaíocht ó CERT agus ó CETFT ón 1 Eanáir sa bhliain tar éis na bliana ina ndéanann an Coimisiún an Plean Straitéiseach faoi CBT a fhormheas.

2.An caiteachas a thagann chun bheith incháilithe mar thoradh ar leasú ar Phlean Straitéiseach faoi CBT, beidh sé incháilithe le haghaidh ranníocaíochta ó CETFT ón dáta a chuirtear an tiarratas le haghaidh leasú faoi bhráid an Choimisiúin.

De mhaolú ar Airteagal 73(5) agus ar an gcéad fhomhír, i gcásanna ina bhfuil bearta éigeandála i gceist i ngeall ar thubaistí nádúrtha, teagmhais thurraingeacha nó teagmhais dhíobhálacha aeráide nó i ngeall ar athrú suntasach agus tobann ar dhálaí socheacnamaíocha an Bhallstáit nó an réigiúin, féadfar a fhoráil sa Phlean Straitéiseach faoi CBT go bhféadfaidh incháilitheacht caiteachais CETFT a bhaineann le leasanna an phlean a thosú ón dáta ar tharla an teagmhas.

3.Beidh caiteachas incháilithe le haghaidh ranníocaíochta ó CETFT más é gur tairbhí a thabhaigh é agus gur íocadh é faoin 31 Nollaig 2029. Sa bhreis air sin, ní bheidh caiteachas incháilithe le haghaidh ranníocaíochta ó CETFT ach amháin sa chás ina bhfuil an chabhair ábhartha íoctha go hiarbhír ag an ngníomhaireacht íocaíochta faoin 31 Nollaig 2029.

Airteagal 81
Leithdháiltí airgeadais le haghaidh cineálacha idirghabhála ar íocaíochtaí díreacha iad

1.Gan dochar d’Airteagal 15 de Rialachán(AE)[an Rialachán Cothrománach], an méid iomlán maidir le cineálacha idirghabhálacha ar íocaíochtaí díreacha iad a d’fhéadfaí a dheonú i mBallstát de bhun Chaibidil 2 agus de bhun Chaibidil 3 de Theideal III den Rialachán seo i ndáil le bliain féilire amháin, ní dhéanfaidh sé leithdháileadh airgeadais an Bhallstáit sin a shárú mar a leagtar amach in Iarscríbhinn IV.

Gan dochar d’Airteagal 15 de Rialachán(AE)[an Rialachán Cothrománach], an tuasmhéid iomlán a d’fhéadfaí a dheonú i mBallstát, i mbliain féilire amháin, de bhun Chaibidil 2, Roinn 2, Fo-roinn 2 de Theideal III den Rialachán seo agus sula gcuirtear Airteagal 15 den Rialachán seo i bhfeidhm, ní dhéanfaidh sé leithdháileadh airgeadais an Bhallstáit sin a shárú mar a leagtar amach in Iarscríbhinn IV.

Chun críche Airteagal 86(5), an leithdháileadh airgeadais atá ag Ballstáit dá dtagraítear sa chéad fhomhír tar éis na méideanna arna leagan amach in Iarscríbhinn VI a asbhaint agus sula ndéanfar aon aistrithe de réir Airteagal 15, leagtar amach in Iarscríbhinn VII é.

2.Tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 138 lena leasaítear leithdháiltí na mBallstát arna leagan amach in Iarscríbhinn IV agus in Iarscríbhinn VII chun na forbairtí a bhaineann le huasmhéid iomlán na níocaíochtaí díreacha a d’fhéadfaí a dheonú a chur san áireamh, lena náirítear na haistrithe dá dtagraítear in Airteagal 15 agus in Airteagal 90, aistrithe leithdháiltí dá dtagraítear in Airteagal 82(5) agus aon laghduithe atá ag teastáil chun cineálacha idirghabhála a mhaoiniú in earnálacha eile dá dtagraítear in Airteagal 82(6).

De mhaolú ar an gcéad fhormhír, le glacadh Iarscríbhinn VII, ní chuirfear aon aistrithe a dhéanfar i gcomhréir le hAirteagal 15 san áireamh.

3.Na leithdháiltí táscacha airgeadais in aghaidh na hidirghabhála dá dtagraítear in Airteagal 88 le haghaidh cineálacha idirghabhála i bhfoirm íocaíochtaí díreacha arna leagan síos in Airteagal 14 a dheonófar i mBallstát i ndáil le bliain féilire, d’fhéadfadh an méid sin leithdháileadh an Bhallstáit sin arna leagan amach in Iarscríbhinn IV a shárú le méid measta laghdú na níocaíochtaí, cúraimí atá á ndéanamh i bPlean Straitéiseach faoi CBT dá dtagraítear sa dara fomhír d’Airteagal 100(2)(d).

Airteagal 82
Leithdháiltí airgeadais le haghaidh cineálacha idirghabhála earnála áirithe

1.Déantar cúnamh airgeadais an Aontais le haghaidh cineálacha idirghabhála in earnáil an fhíona a leithdháileadh ar na Ballstáit de réir mar a leagtar amach in Iarscríbhinn V.

2.Déantar cúnamh airgeadais an Aontais  le haghaidh cineálacha idirghabhála in earnáil beachaireachta a leithdháileadh ar na Ballstáit de réir mar a leagtar amach in Iarscríbhinn VIII.

3.Is é EUR 2 188 000 in aghaidh na bliana cúnamh airgeadais an Aontais a leithdháilfear ar earnáil na leannlusanna sa Ghearmáin.

4.Seo a leanas mar a leithdháilfear cúnamh airgeadais an Aontais le haghaidh cineálacha idirghabhála in earnáil an ola olóige agus na nológ boird:

(a)EUR 10 666 000 in aghaidh na bliana i gcomhair na Gréige;

(b)EUR 554 000 in aghaidh na bliana i gcomhair na Fraince; agus

(c)EUR 34 590 000 in aghaidh na bliana i gcomhair na hIodáile.

5.Féadfaidh na Ballstáit lena mbaineann a chinneadh ina bPleananna Straitéiseacha faoi CBT na leithdháiltí iomlána airgeadais dá dtagraítear i mír 3 agus i mír 4 a aistriú chuig a gcuid leithdháiltí le haghaidh íocaíochtaí díreacha. Ní féidir an athbhreithniú a dhéanamh ar an gcinneadh sin.

Maidir le leithdháiltí na mBallstát a aistreofar chuig leithdháiltí le haghaidh íocaíochtaí díreacha, ní bheidh siad ar fáil feasta le haghaidh na gcineálacha idirghabhála dá dtagraítear i mír 3 agus i mír 4.

6.Féadfaidh na Ballstáit a chinneadh ina bPleananna Straitéiseacha faoi CBT suas le 3% de leithdháiltí an Bhallstáit a úsáid le haghaidh íocaíochtaí díreacha arna leagan amach in Iarscríbhinn IV, tar éis na méideanna atá ar fáil le haghaidh cadáis a asbhaint arna leagan amach in Iarscríbhinn VI, le haghaidh cineálacha idirghabhála in earnálacha eile dá dtagraítear i Roinn 7 de Chaibidil III de Theideal III.

7.Féadfaidh na Ballstáit, in 2023, a gcuid cinntí dá dtagraítear i mír 6 a athbhreithniú mar chuid d’iarratas le haghaidh leasú a dhéanamh ar a bPleananna Straitéiseacha faoi CBT dá dtagraítear in Airteagal 107.

8.Na méideanna atá leagtha amach sa Phlean Straitéiseach forfheidhmithe faoi CBT de thoradh ar chur i bhfeidhm mhír 6 agus mhír 7, beidh siad ceangailteach sa Ballstát lena mbaineann.

Airteagal 83
Leithdháiltí airgeadais le haghaidh cineálacha idirghabhála le haghaidh forbairt tuaithe

1.Is é EUR 78 811 milliún an méid iomlán tacaíochta ón Aontas le haghaidh cineálacha idirghabhála le haghaidh forbairt tuaithe faoin Rialachán seo don tréimhse ón 1 Eanáir 2021 go dtí an 31 Nollaig 2027, i bpraghsanna an lae inniu i gcomhréir leis an gcreat ilbhliantúil airgeadais do na blianta 2021 go dtí 2027 38 .

2.Tiomnófar 0.25% de na hacmhainní dá dtagraítear i mír 1 do ghníomhaíochtaí an chúnaimh theicniúil a mhaoiniú ar thionscnamh ón gCoimisiún dá dtagraítear in Airteagal 7 den Rialachán Cothrománach, lena náirítear an líonra Eorpach le haghaidh an Chomhbheartais Talmhaíochta dá dtagraítear in Airteagal 113(2) den Rialachán seo agus de CEN dá dtagraítear in Airteagal 97 114 den Rialachán seo agus sa Chomhpháirtíocht Nuálaíochta Eorpach um Thairgiúlacht agus Inbhuanaitheacht Talmhaíochta dá dtagraítear in Airteagal 114 den Rialachán seo. D'fhéadfadh baint a bheith ag na gníomhaíochtaí sin le tréimhsí den Phlean Straitéiseach faoi CBT a bhí ann roimhe agus a bheidh ann ina dhiaidh.

3.Leagtar amach in Iarscríbhinn IX an miondealú bliantúil de réir Ballstáit ar na méideanna dá dtagraítear i mír 1, tar éis an méid dá dtagraítear i mír 2 a asbhaint.

4.Tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 138 lena leasaítear Iarscríbhinn IX chun an miondealú bliantúil in aghaidh an Bhallstáit a athbhreithniú chun na forbairtí ábhartha a chur san áireamh, lena náirítear na haistrithe dá dtagraítear in Airteagal 15 agus in Airteagal 90, chun coigeartuithe teicniúla a dhéanamh gan na leithdháiltí a athrú ar an iomlán, nó chun aon athrú eile dá bhforáiltear le gníomh reachtach a chur san áireamh tar éis ghlacadh an Rialacháin seo.

Airteagal 84
Ranníocaíocht CETFT

An gníomh cur chun feidhme ón gCoimisiún lena bhformheastar Plean Straitéiseach faoi CBT de bhun Airteagal 106(6), leagfaidh sé síos ranníocaíocht uasta CETFT leis an bplean. Ríomhfar an ranníocaíocht ó CETFT bunaithe ar mhéid an chaiteachais phoiblí incháilithe.

Airteagal 85
Rátaí ranníocaíocht CETFT

1.Bunófar leis na Pleananna Straitéiseacha faoi CBT ráta ranníocaíochta amháin ó CETFT is infheidhme maidir le gach idirghabháil.

2.Seo a leanas an tuasráta ranníocaíochta ó CETFT a bheidh ann:

(a)70 % den chaiteachas poiblí incháilithe sna réigiúin is forimeallaí agus na hoileáin Aeigéacha is lú de réir bhrí Rialachán (AE) Uimh. 229/2013;

(b)70 % den chaiteachas poiblí incháilithe sna réigiúin thearcfhorbartha.

(c)65% den chaiteachas incháilithe i leith íocaíochtaí faoi Airteagal 66;

(d)43 % den chaiteachas poiblí incháilithe sna réigiúin eile.

Is é 20 % an tíosráta ranníocaíochta ó CETFT a bheidh ann.

3.De mhaolú ar mhír 2, seo a leanas an tuasráta ranníocaíochta ó CETFT a bheidh ann:

(a)80% maidir le gealltanais bainistíochta dá dtagraítear in Airteagal 65 den Rialachán seo maidir le hinfheistíochtaí neamhtháirgiúla dá dtagraítear in Airteagal 68 den Rialachán seo, maidir le tacaíocht don Chomhpháirtíocht Eorpach um Nuálaíocht faoi Airteagal 71 den Rialachán seo agus maidir le LEADER dá ngairtear forbairt áitiúil faoi stiúir an phobail in Airteagal 25 de Rialachán (AE)[Rialachán na bhForálacha Coiteanna];

(b)100% i gcás oibríochtaí arna maoiniú ó chistí arna naistriú chuig CETFT i gcomhréir le hAirteagal 15 agus le hAirteagal 90 den Rialachán seo.

Airteagal 86
Leithdháiltí uasta agus íosta airgeadais
 

1.Cuirfear ar a laghad 5% de ranníocaíocht CETFT leis an bPlean Straitéiseach faoi CBT de leataobh le haghaidh LEADER, dá ngairtear forbairt áitiúil faoi stiúir an phobail in Airteagal 25 de Rialachán (AE) [Rialachán na bhForálacha Coiteanna].

2.Déanfar ar a laghad 30% de ranníocaíocht iomlán CETFT leis an bPlean Straitéiseach faoi CBT arna leagan amach in Iarscríbhinn IX i gcomhréir le hAirteagal 83(4) a chur de leataobh le haghaidh idirghabhálacha a thabharfaidh aghaidh ar chuspóirí sonracha a bhfuil baint acu le comhshaol agus aeráid arna leagan amach i bpointe i bpointe (d), agus i bpointe(e) agus i bpointe (f) d’Airteagal 6(1) den Rialachán seo, seachas idirghabhálacha bunaithe ar Airteagal 66.

Ní bheidh feidhm ag an gcéad fhomhír maidir leis na réigiúin is forimeallaí.

3.Féadfaidh uasmhéid 4% de ranníocaíocht iomlán CETFT leis an bPlean Straitéiseach faoi CBT arna leagan amach in Iarscríbhinn IX a úsáid chun gníomhaíochtaí an chúnaimh theicniúil a mhaoiniú ar thionscnamh na mBallstát dá dtagraítear in Airteagal 112.

[Féadfaidh ranníocaíocht CETFT a mhéadú go dtí [6%] le haghaidh Pleananna Straitéiseacha CBT i gcás ina mbeidh méid iomlán tacaíochta ón Aontas tagtha go dtí EUR 90 milliún.

Déanfar cúnamh teicniúil a aisíoc mar bheadh maoiniú ar bhonn ráta comhréidh i gcomhréir le hAirteagal 125(1)(e) de Rialachán (AE)/Euratom.../...[Rrialachán Airgeadais nua] i gcreat íocaíochtaí idirthréimhseacha de bhun Airteagal 30 de Rialachán(AE) [Rialachán Cothrománach]. Is é an céatadán arna leagan amach sa Phlean Straitéiseach faoi CBT le haghaidh cúnamh teicniúil an chaiteachais iomláin arna dhearbhú a bheidh sa ráta comhréidh.

4.I gcás gach Ballstáit, déanfar an méid íosta arna leagan amach in Iarscríbhinn X a chur de leataobh le haghaidh íocaíochta ar mhaithe leis an gcuspóra sonrach ‘Feirmeoirí óga a mhealladh agus forbairt gnó a éascú’ arna leagan amach i bpointe (a) d’Airteagal 6(1). Bunaithe ar anailís an cháis i dtéarmaí láidreachtaí, laigí, deiseanna agus bagairtí (‘an anailís SWOT’) agus ar na riachtanais a shainaithint a dtabharfar aghaidh orthu, úsáidfear an méid sin le haghaidh na gcineálacha idirghabhála seo a leanas:

(a)An Tacaíocht Ioncaim Fhorlíontach le haghaidh Feirmeoirí Óga arna leagan síos in Airteagal 27;

(b)feirmeoirí óga a chur i mbun gnó dá dtagraítear in Airteagal 69.

5.Cuirfear teorainn 10 % den mhéid arna leagan amach in Iarscríbhinn VII ar na leithdháiltí táscacha airgeadais maidir leis na hidirghabhálacha tacaíochta ioncaim chúpláilte dá dtagraítear i bhForoinn 1 de Roinn 2 de Chaibidil 2 de Theideal III.

De mhaolú ar an gcéad fhomhír, na Ballstáit a d’úsáid níos mó ná 13% dá nuasteorainn bhliantúil náisiúnta arna leagan amach in Iarscríbhinn II a ghabhann leis an Rialachán sin i gcomhréir le hAirteagal 53(4) de Rialachán (AE) Uimh. 1307/2013 chun críocha tacaíochta cúpláilte deonaí, féadfaidh siad a chinneadh, chun críocha tacaíochta ioncaim cúpláilte, níos mó ná 10 % den mhéid arna leagan amach in Iarscríbhinn VII aa úsáid. An céatadán a thagann as sin, ní sháróidh sé an céatadán a ndéanfaidh an Coimisiún a fhormheas maidir le tacaíocht chúpláilte dheonach maidir leis an mbliain éilimh 2018.

An céatadán dá dtagraítear sa chéad fhomhír, d’fhéadfaí 2% a chur leis ar an mhéad, ar choinníoll go ndéanfar an méid a chomhfhreagraíonn don chéatadán a sháraíonn an 10 % a thabhairt don tacaíocht do bharraí próitéine faoi Fhoroinn 1 de Roinn 2 de Chaibidil 2 de Theideal III.

An méid atá san áireamh sa Phlean formheasta faoi CBT a eascraíonn as cur i bhfeidhm an chéad fhomhír agus an dara fomhír, beidh sé ceangailteach.

6.Gan dochar d’Airteagal 15 de Rialachán (AE) [Rialachán Cothrománach], an tuasmhéid iomlán a d’fhéadfaí a dheonú i mBallstát sula gcuirtear Airteagal 15 den Rialachán seo de bhun Foroinn 1 de Roinn 2 de Chaibidil II de Theideal III den Rialachán seo i ndáil le bliain féilire, ní dhéanfaidh sé na méideanna atá socraithe sa Phlean faoi CBT a shárú i gcomhréir le mír 6.

7.Féadfaidh na Ballstáit a chinneadh ina bPlean Straitéiseach faoi CBT sciar áirithe de leithdháileadh CETFT a úsáid chun tacaíocht a ghiaráil agus cur le Tionscadail Straitéiseacha Nature chomhtháite a sainmhínítear faoin [RIALACHÁN LIFE] agus chun gníomhaíochtaí a mhaoiniú i ndáil le soghluaiseacht foghlama trasnáisiúnta le haghaidh daoine i réimse na talmhaíochta agus na forbartha tuaithe agus aird ar leith á chur ar fheirmeoirí óga, i gcomhréir leis an [Rialachán Erasmus].

Airteagal 87
Caiteachas aeráide a rianú

1.Ar bhonn na faisnéise arna soláthar ag na Ballstáit deanfaidh an Coimisiún meastóireacht ar rannchuidiú an bheartais le cuspóirí an athraithe aeráide trí mhodgheolaícoht shimplí agus coiteann a úsáid.

2.Déanfar ranníocaíocht leis an sprioc caiteachais a mheas trí ualuithe sonracha a chur i bhfeidhm arna ndifreáil bunaithe ar cé acu an rannchuidíonn an tacaíocht go mór nó go measartha le cuspóirí an athraithe aeráide, nó nach rannchuidíonn. Déanfar na hualuithe sin mar a leanas:

(a)40% le haghaidh an chaiteachais faoin Tacaíocht Bhunúsach Ioncaim i dtaobh na hInbhuanaitheachta agus an Tacaíocht Ioncaim Fhorlíontach dá dtagraítear i dTeideal III, Caibidil II, Roinn II, foroinn 2 agus foroinn 3;

(b)100 % le haghaidh caiteachais faoi na scéimeanna le haghaidh na haeráide agus an chomhshaoil dá dtagraítear i dTeideal III, Caibidil II, Roinn II, foroinn 2 agus foroinn 4;

(c)100% le haghaidh caiteachais le haghaidh na nidirghabhálacha dá dtagraítear sa chéad fhomhír d'Airteagal 86(2);

(d)40% le haghaidh caiteachais le haghaidh srianta nádúrtha nó srianta eile a bhaineann go sonrach le ceantar áirithe dá dtagraítear in Airteagal 66.

Airteagal 88
Leithdháiltí táscacha airgeadais

1.Déanfaidh na Ballstáit, ina bPlean Straitéiseach faoi CBT, leithdháileadh táscach airgeadais a leagan amach le haghaidh gach idirghabhála. I gcás gach idirghabhála, an tiolrú ar mhéid an aonaid bheartaithe, gan cur i bhfeidhm chéatadáin an athraithe dá dtagraítear in Airteagal 89, agus na haschuir bheartaithe, beidh sé cothrom leis an leithdháileadh táscach airgeadais sin.

2.I gcás ina ndéantar méideanna aonaid éagsúla a bheartú laistigh d’idirghabháil, an suimiú a dhéanfar ar an iolrú ar mhéid an aonaid bheartaithe, gan cur i bhfeidhm an chéatadáin athraithe dá dtagraítear in Airteagal 89, agus na haschuir bheartaithe chomhlántacha, beidh sé cothrom leis an leithdháileadh táscach airgeadais dá dtagraítear i mír 1.

Airteagal 89
Athrú mhéid an aonaid

1.Gan dochar do chur i bhfeidhm Airteagal 15, leagfaidh na Ballstáit amach uasmhéid tacaíochta in aghaidh an aonaid nó céatadán athraithe le haghaidh gach idirghabhála de na cineálacha idirghabhála seo a leanas:

(a)íocaíochtaí díreacha díchúpláilte agus tacaíocht ioncaim díchúpláilte dá dtagraítear i gCaibidil II de Theideal III;

(b)íocaíochtaí le haghaidh gealltanais bhainistíochta, dá dtagraítear in Airteagal 65.

(c)Íocaíochtaí lwe haghaidh srianta nádúrtha nó srianta eile a bhaineann go sonrach le míbhuntáistí i gceantar dá dtagraítear in Airteagal 66 agus in Airteagal 67.

Is é is céatadán athraithe ann an céatadán arb é an meán réadaithe nó an taonadmhéid aonfhoirmeach lenar féidir an meánaonadmhéid beartaithe nó an taonadmhéid aonfhoirmeach a sharú dá dtagraítear sa Phlean Straitéiseach faoi CBT.

Maidir le gach idirghabháil i bhfoirm íocaíochtaí díreacha, an meán réadaithe nó an taonadmhéid aonfhoirmeach, ní bheidh sé níos ísle riamh ná an taonadmhéid beartaithe, murab é go sáraíonn an taschur réadaithe an taschur beartaithe arna leagan síos sa Phlean Straitéiseach faoi CBT.

I gcás inar sainmhíníodh aonadmhéideanna éagsúla laistigh d’idirghabháil, beidh feidhm ag an bhfomhír seo maidir le gach aonadmhéid aonfhoirmeach nó le gach meánaonadmhéid den idirghabháil sin.

2.Chun críocha an Airteagail seo, déantar an meánaonadmhéid nó an taonadmhéidréadaithe a ríomh tríd an caiteachas bliantúil a íoctar a roinnt ar an aschur réadaithe a chomhfhreagraíonn dó in aghaidh gach idirghabháil.

Airteagal 90
Solúbthacht idir leithdháiltí íocaíochtaí díreacha agus leithdháiltí CETFT

1.Mar chuid dá bPlean Straitéiseach faoi CBT dá dtagraítear in Airteagal 106(1), féadfaidh na Ballstáit a chinneadh an méid seo a leanas a dheanamh:

(a)suas le 15 % de leithdháileadh an Bhallstáit a aistriú le haghaidh íocaíochtaí díreacha arna leagan amach in Iarscríbhinn IV tar éis na leithdháiltí a asbhaint maidir le cadás arna leagan amach in Iarscríbhinn VI i leith na mblianta féilire [2021 go dtí 2026] arna chur le leithdháileadh na mBallstát le haghaidh CETFT sna blianta airgeadais 2022 – 2027; nó

(b)suas le 15 % de leithdháileadh an Bhallstáit le haghaidh CETFT sna blianta airgeadais 2022 – 2027 a aistriú chuig leithdháileadh an Bhallstáit le haghaidh íocaíochtaí díreacha arna leagan amach in Iarscríbhinn IV le haghaidh na mblianta féilire 2021 go dtí 2026.

An céatadán a aistrítear ó leithdháileadh an Bhallstáit le haghaidh íocaíochtaí díreacha chuig a leithdháileadh le haghaidh CETFT dá dtagraítear sa chéad fhomhír, féadfar é a mhéadú mar a leanas:

(a)suas le 15 bpointe céatadáin ar choinníoll go núsáidfidh na Ballstáit an méadú comhfhreagrach le haghaidh idirghabhálacha airgeadais CETFT lena dtugtar aghaidh ar chuspóirí sonracha comhshaoil agus aeráide dá dtagraítear i bpointe (d), i bpointe (e) agus i bpointe (f) d’Airteagal 6(1);

(b)suas le 2 phointe céatadáin ar choinníoll go núsáidfidh na Ballstáit an méadú comhfhreagrach i gcomhréir le pointe (b) d’Airteagal 86(4).

2.Na cinntí dá dtagraítear i mír 1, leagfar amach leo an céatadán dá dtagraítear i mír 1, agus féadfaidh sin athrú de réir na bliana féilire.

3.Féadfaidh na Ballstáit, in 2023, a gcuid cinntí dá dtagraítear i mír 1 a athbhreithniú mar chuid d’iarratas le haghaidh leasú a dhéanamh ar a bPleananna Straitéiseacha faoi CBT dá dtagraítear in Airteagal 107.

TEIDEAL V
PLEAN STRAITÉISEACH FAOI CBT

CAIBIDIL I
CEANGLAIS GHINEARÁLTA

Airteagal 91
Plean Straitéiseach faoi CBT

Déanfaidh na Ballstáit pleananna Straitéiseacha faoi CBT a bhunú i gcomhréir leis an Rialachán seo chun tacaíocht ón Aontas a chur chun feidhme arna mhaoiniú ag CEFT agus CETFT chun cuspóirí sonracha a bhaint amach arna leagan amach in Airteagal 6.

Bunaithe ar an anailís SWOT dá dtagraítear in Airteagal 103(2) agus ar mheasúnú ar na riachtanais dá dtagraítear in Airteagal 96, bunóidh na Ballstáit straitéis idirghabhála dá dtagraítear in Airteagal 97 sna Pleananna Straitéiseacha faoi CBT, straitéis ina leagfar síos spriocanna cainníochtúla agus garspriocanna chun na cuspóirí sonracha a bhaint amach arna leagan amach in Airteagal 6. Déanfar na spriocanna a shainmhíniú trí shraith choiteann táscairí torthaí a úsáid arna leagan amach in Iarscríbhinn I.

Chun na spriocanna sin a bhaint amach, leagfaidh na Ballstáit amach idirghabhálacha bunaithe ar na cineálacha idirghabhála arna leagan síos i dTeideal III.

Déanfar an tréimhse idir an 1 Eanáir 2021 agus an 31 Nollaig 2027 a chumhdach i ngach Plean Straitéiseach faoi CBT.

Airteagal 92
Uaillmhian bhreise maidir le cuspóirí a bhaineann leis an gcomhshaol agus leis an aeráid

1.Cuirfidh na Ballstáit rompu a rannchuidiú níos mó a dhéanamh ar an iomlán, trína bPleananna Straitéiseacha faoi CBT, agus go háirithe trí eilimintí sa straitéis idirghabhála dá dtagraítear i bpointe (a) d’Airteagal 97(2), chun na cuspóirí sonracha a bhaineann leis an gcomhshaoil agus leis an aeráid a ghnóthú arna leagan amach i bpointe (d), i bpointe (e), agus i bpointe (f) d'Airteagal 6 i gcomparáid lena ndéantar ar an iomlán chun an cuspóir a ghnóthú arna leagan síos i bpointe (b) den chéad fhomhír d’Airteagal 110(2) de Rialachán (AE) Uimh. 1306/2013 trí thacaíocht a fháil faoi CEFT agus faoi CETFT sa tréimhse 2014 go dtí 2020.

2.Míneoidh na Ballstáit ina bPleananna Straitéiseacha faoi CBT, bunaithe ar fhaisnéis atá ar fáil, an dóigh a mbeidh sé beartaithe acu rannchuidiú níos mó a dhéanamh ar an iomlán arna leagan amach i mír 1. Bunófar an sainmhíniú sin ar fhaisnéis ábhartha amhail na heilimintí dá dtagraítear i bpointí (a) go dtí (f) d’Airteagal 95(1) agus i bpointe (b) d’Airteagal 95(2).

Airteagal 93
Ailtireacht an Phlean Straitéisigh faoi CBT

Bunóidh gach Ballstát Plean Straitéiseach amháin faoi CBT le haghaidh iomlán a gcríche féin.

I gcás ina mbunaítear eilimintí den Phlean Straitéiseach faoi CBT ar an leibhéal réigiúnach, déanfaidh an Ballstát an comhleanúnachas agus an chomhsheasmhacht a áirithiú le heilimintí an Phlean Straitéisigh faoi CBT ar an leibhéal náisiúnta.

Airteagal 94
Ceanglais nós imeachta

1.Déanfaidh na Ballstáit na Pleananna Straitéiseacha faoi CBT a tharraingt suas bunaithe ar nósanna imeachta trédhearcacha, i gcomhréir lena gcreat institiúideach agus dlíthiúil.

2.An comhlacht sa Bhallstáit ar faoi atá sé an Plean Straitéiseach faoi CBT a tharraingt suas, áiritheoidh sé go mbeidh na húdaráis inniúla le haghaidh an chomhshaoil agus na haeráide rannpháirteach maidir le hullmhúchán gnéithe den Phlean a bhaineann leis an gcomhshaol agus leis an aeráid.

3.Eagróidh gach Ballstát comhpháirtíocht leis na húdaráis inniúla réigiúnacha agus áitiúla. Beidh na comhpháirtithe seo a leanas ar a laghad mar chuid den chomhpháirtíocht:

(a)údaráis phoiblí ábhartha;

(b)comhpháirtithe eacnamaíocha agus sóisialta;

(c)comhlachtaí ábhartha a dhéanann ionadaíocht ar an tsochaí shibhialta agus más ábhartha, comhlachtaí atá freagrach as an gcuimsiú sóisialta, na cearta bunúsacha, an comhionannas inscne agus an neamhidirdhealú a chur chun cinn.

Déanfaidh an Ballstát na comhpháirtithe sin rannpháirteach in ullmhú na bPleananna Straitéiseacha faoi CBT.

4.Comhoibreoidh na Ballstáit agus an Coimisiún lena áirithiú gur ann do chomhordú éifeachtach i gcur chun feidhme Phleananna Straitéiseacha faoi CBT, agus prionsabail na comhréireachta á gcur san áireamh acu.

CAIBIDIL II
INNEACHAR AN PHLEAN STRAITÉISIGH FAOI CBT

Airteagal 95
Inneachar le haghaidh Plean Straitéiseach faoi CBT

1.I ngach ceann de Phleananna Straitéiseacha faoi CBT beidh na ranna seo a leanas:

(a)measúnú ar na riachtanais;

(b)straitéis idirghabhála;

(c)tuairisc ar eilimintí i gcoiteann i roinnt idirghabhálacha;

(d)tuairisc ar na híocaíochtaí díreacha, ar idirghabhálacha earnála agus forbartha tuaithe arna sonrú sa straitéis;

(e)pleananna sprice agus airgeadais;

(f)tuairisc ar an gcóras rialachais agus comhordaithe;

(g)tuairisc ar na heilimintí lena ndéantar nuachóiriú CBT a áirithiú;

(h)tuairisc ar na heilimintí a bhaineann le simpliú agus le hualach riaracháin a laghdú do na tairbhithe deiridh.

2.I ngach ceann de Phleananna Straitéiseacha faoi CBT beidh na hiarscríbhinní seo a leanas:

(a)Iarscríbhinn I maidir leis an meastóireacht ex ante agus measúnú straitéiseach comhshaoil;

(b)Iarscríbhinn II maidir leis an anailís SWOT;

(c)Iarscríbhinn III maidir leis an gcomhairliúchán leis na comhpháirtithe;

(d)Iarscríbhinn maidir leis an íocaíocht i leith barr sonrach le haghaidh cadáis.

(e)Iarscríbhinn V maidir leis an maoiniú náisiúnta breise dá bhforáiltear laistigh de raon feidhme an Phlean Straitéisigh faoi CBT.

3.Na rialacha mionsonraithe le haghaidh inneachar na ranna agus le haghaidh iarscríbhinní na bPleananna Straitéiseacha faoi CBT dá dtagraítear i mír 1 agus i mír 2, leagtar síos iad sna hAirteagail 96 go dtí 103.

Airteagal 96
Measúnú ar na Riachtanais

Áireofar sa mheasúnú ar na riachtanais dá dtagraítear i bpointe (a) d’Airteagal 95(1) na nithe seo a leanas:

(a)achoimre ar an anailís SWOT dá dtagraitear in Airteagal 103(2);

(b)sainaithint na riachtanas i ndáil le gach cuspóir sonrach arna leagan amach in Airtegal 6 bunaithe ar an bhfianaise ón anailís SWOT. Déanfar tuairisc ar gach riachtanas, beag beann ar cé acu a thabharfar aghaidh orthu tríd an bPlean Straitéiseach faoi CBT nó nach dtabharfar;

(c)maidir leis an gcuspóir sonrach tacú le hioncam feirme inmharthanach agus le buanseasmhacht arna leagan amach i bpointe (a) d’Airteagal 6, déanfar measúnú riachtanas i ndáil le bainistiú riosca;

(d)i gcás inarb infheidhme, anailís ar riachtanais shonracha ceantar geografach, mar atá na réigiúin is forimeallaí;

(e)riachtanais a chur in ord tosaíochta agus a aicmiú, lena náirítear údar fónta na gcinntí arna ndéanamh a thabhairt mas ábhartha, maidir le cén fáth nach dtugtar aghaidh ar riachtanais airithe arna sainaithint nó riachtanais a dtugtar aghaidh orthu go pointe áirithe sa Phlean Straitéiseach faoi CBT.

Maidir leis na cuspóirí sonracha a bhfuil baint acu leis an gcomhshaol agus an aeráid dá dtagraítear i bpointe (d), i bpointe (e) agus i bpointe (f), déanfaidh an measúnú na pleananna náisiúnta comhshaoil agus aeráide a eascraíonn as na hionstraimí reachtacha dá dtagraítear in Iarscríbhinn XI a chur i suim.

Ní úsáidfidh na Ballstáit na sonraí is déanaí agus is iontaofa le haghaidh an mheasúnaithe sin.

Airteagal 97
Straitéis idirghabhála;

1.Leagfar amach sa straitéis idirghabhála dá dtagraítear i bpointe (b) d’Airteagal 95(1), le haghaidh gach cuspóir sonrach arna leagan amach in Airteagal 6(1) agus tabharfar aghaidh air sa Phlean Straitéiseach faoi CBT, mar seo a leanas:

(a)spriocanna le haghaidh gach táscaire torthaí sonrach coiteann is ábhartha agus, i gcás is ábhartha, gach táscaire torthaí sonrach de chuid Phlean Straitéiseach faoi CBT agus le haghaidh gach garsprioc ábhartha; Tabharfar údar iomchuí maidir leis na spriocanna sin i bhfianaise an mheasúnaithe ar na riachtanais dá dtagraítear in Airteagal 96. Maidir leis na cuspóirí sonracha a leagtar amach i pointe (d), i bpointe (e) agus i bpointe (f) d’Airteagal 6(1), gheofar na spriocanna ó eilimintí an tsainmhínithe arna dtabhairt i bpointe (a) agus i bpointe (b) de mhír 2 den Airteagal seo;

(b)na hidirghabhálacha, bunaithe ar na cineálacha idirghabhála arna leagan amach i dTeideal III, seachas an íocaíocht i leith barr sonrach le haghaidh cadáis, arna leagan síos i bhForoinn 2 de Roinn 2 de Chaibidil II de Theideal III, ceapfar iad chun aghaidh a thabhairt ar an gcás ar leith sa limistéar lena mbaineann, agus loighic fhónta le haghaidh idirghabhála á leanúint, agus arna dtacú ag an meastóireacht ex ante dá dtagraítear in Airteagal 125, an anailís SWOT dá dtagraítear in Airteagal 103(2) agus an measúnú ar na riachtanais dá dtagraítear in Airteagal 96;

(c)eilimintí lena léirítear an chaoi a mbeifear in ann na spriocanna a ghnóthú agus an chaoi a mbeidh siad comhleanúnach le chéile agus comhoiriúnach dá chéile.

(d)eilimintí lena léirítear an bonn cirt le leithdháileadh acmhainní airgeadais ar idirghabhálacha an Phlean Straitéisigh faoi CBT agus tá sé leordhóthanach chun na spriocanna arna leagan síos a ghnóthú, agus tá sé comhsheasmhach leis an bplean airgeadais dá dtagraítear in Airteagal 100.

2.Cuirfear na heilimintí seo a leanas ar fáil sa straitéis idirghabhála freisin, lena léireofar comhsheasmhacht na straitéise agus comhoiriúnacht na nidirghabhálacha síos trí na cuspóirí sonracha arna leagan amach in Airteagal 6(1):

(a)léargas ar ailtireacht chomhshaoil agus aeráide an Phlean Straitéisigh faoi CBT ina ndéantar tuairisc ar chomhlántacht agus ar choinníollacha bunlíne idir an coinníollacht agus na hidirghabhálacha éagsúla lena dtugtar aghaidh ar chuspóirí sonracha a bhaineann leis an gcomhshaol agus leis an aeráid dá dtagraítear i bpointe (d), i bpointe (e) agus (f) d’Airteagal 6, chomh maith leis an gcaoi leis an rannchuidiú níos mó ar an iomlán a ghnóthú arna leagan amach in Airteagal 92;

(b)sainmhíniú ar an dóigh a bhfuil sé d’aidhm ag ailtireacht aeráide an Phlean Straitéisigh faoi CBT cur le spriocanna náisiúnta fadtéarmacha atá bunaithe cheana féin arna leagan amach sna hionstraimí reachtacha , nó ag eascairt astu, dá dtagraítear in Iarscríbhinn XI;

(c)maidir leis an gcuspóir sonrach “Feirmeoirí óga a mhealladh agus forbairt gnó a éascú” arna leagan amach i bpointe (g) d’Airteagal 6(1), tabharfar léargas ar idirghabhálacha ábhartha an Phlean Straitéisigh faoi CBT agus ar choinníollacha sonracha amhail iad siúd arna sonrú in Airteagal 22(4), in Airteagal 27, in Airteagal 69 agus in Airteagal 71(7). Déanfaidh na Ballstáit tagairt d’Airteagal 86(5) go háirithe nuair a chuirfear an plean airgeadais i láthair i ndáil leis na cineálacha idirghabhála dá dtagraítear in Airteagal 27 agus in Airteagal 69. Míneofar sa léargas freisin an tidirghníomhú le hionstraimí náisiúnta d’fhonn comhsheasmhacht a fheabhsú idir an tAontas Eorpach agus gníomhaíochtaí náisiúnta sa réimse sin;

(d)léargas ar idirghabhálacha a bhaineann leis an earnáil, lena náirítear tacaíocht ioncaim chúpláilte dá dtagraítear i bhFo-roinn 1 de Roinn 3 de Chaibidil II de Theideal III agus idirghabhálacha earnála dá dtagraítear i gCaibidil III de Theideal III, lena dtugtar bonn cirt le díriú ar na hearnálacha lena mbaineann, liosta na nidirghabhálacha in aghaidh na hearnála, a gcomhlántacht, chomh maith leis na spriocanna sonracha breise a d’fhéadfaí a bheith ann a bhaineann leis na hidirghabhálacha bunaithe ar chineálacha idirghabhála de réir earnála dá dtagraítear i gCaibidil 3 de Theideal III;

(e)sainmhíniú maidir le cé na hidirghabhálacha a rannchuideoidh le cur chuige comhleanúnach agus comhtháite a áirithiú i ndáil le bainistiú riosca;

(f)tuairisc ar an idirghníomhú idir na hidirghabhálacha naisiúnta agus réigiúnacha, lena náirítear dáileadh na leithdháiltí airgeadais in aghaidh na hidirghabhála agus in aghaidh an chiste.

Airteagal 98
Eilimintí i gcoiteann i roinnt idirghabhálacha;

Sa tuairisc ar eilimintí i gcoiteann i roinnt idirghabhálacha dá dtagraítear in bpointe (c) d’Airteagal 95(1), áireofar na nithe seo a leanas:

(a)na sainmhínithe arna soláthar ag na Ballstáit i gcomhlíonadh Airteagal 4(1), chomh maith leis na ceanglais íosta le haghaidh idirghabhálacha i bhfoirm íocaíochtaí díchúpláilte de bhun Airteagal 16;

(b)tuairisc ar an gcóras coinníollachta, ina bhfuil na nithe seo a leanas:

(i)maidir le gach caighdeán CMTC dá dtagraítear in Iarscríbhinn III, tuairisc ar an gcaoi a gcuirtear caighdeán an Aontais chun feidhme, lena náirítear na heilimintí seo a leanas: achoimre ar an gcleachtas ar an bhfeirm, raon feidhme críochach, cineál feirmeoirí lena mbaineann, agus údar leis an ranníocaíocht ó thaobh phríomhchuspóir an chleachtais de;

(ii)tuairisc ar a bhfuil déanta ar an iomlán maidir le cuspóirí sonracha a bhaineann leis an gcomhshaoil agus aleis an aeráid dá dtagraítear i bpointe (d), i bpointe (e) agus (f) d’Airteagal 6(1);

(c)tuairisc ar úsáid an ‘chúnaimh theicniúil’ dá dtagraítear in Airteagal 83(2), in Airteagal 86(3) agus in Airteagal 112 de na líonraí CBT dá dtagraítear in Airteagal 113;

(d)faisnéis eile maidir le cur chun feidhme go háirithe:

(i)gearrthuairisc ar an dóigh a ndéantar luach na dteidlíochtaí íocaíochta a bhunú agus ar fheidhmiú an chúlchiste i gcás inarb infheidhme;

(ii)an toradh measta ar an laghdú ar íocaíochtaí dá dtagraítear in Airteagal 15 a úsáid;

(iii)léargas ar an gcomhordú, ar an gcríochú agus ar chomhoiriúnachtaí idir CETFT agus cistí eile an Aontais atá gníomhach i gceantair thuaithe;

Airteagal 99
Idirghabhálacha

Sa tuairisc ar gach idirghabháil arna sonrú sa straitéis dá dtagraítear i bpointe (d) d’Airteagal 95(1), áireofar:

(a)an cineál idirghabhála a mbaineann sé léi:

(b)an raon feidhme críochach:

(c)dearadh sonrach nó ceanglais na hidirghabhála sin lena náirithítear rannchuidiú éifeachtach leis an gcuspóir sonrach/leis na cuspóirí sonracha sin arna leagan amach in Airteagal 6(1). Maidir le hidirghabhálacha comhshaoil agus aeráide, léireofar leis an ngaol le ceanglais coinníollachta nach bhfuil aon forluí ann ó thaobh cleachtas de;

(d)na coinníollacha incáilitheachta;

(e)agus maidir le gach idirghabháil a bhunaítear ar na cineálacha idirghabhála arna liostú in Iarscríbhinn II a ghabhann leis an Rialachán seo, an chaoi a ndéantar forálacha ábhartha Iarscríbhinn 2 de Chomhaontú na hEagraíochta Domhanda Trádála ar Thalmhaíocht a urramú, arna shonrú in Airteagal 10 den Rialachan seo agus in Iarscríbhinn II den Rialachán seo, agus maidir le gach idirghabháil nach mbunaítear ar na cineálacha idirghabhála a liostaítear in Iarscríbhinn II a ghabhann leis an Rialachán seo cé acu an ndéantar forálacha ábhartha Airteagal 6.5 nó Iarscríbhinn 2 de Chomhaontú na hEagraíochta Domhanda Trádála ar Thalmhaíocht a urramú nó nach ndéantar, agus má dhéantar, an chaoi chuige sin;

(f)na haschuir bhliantúla arna mbeartú i ndáil leis an idirghabháil, agus i gcás inarb ábhartha, miondealú in aghaidh an aonaid aonfhoirmigh nó in aghaidh an mheánaonadmhéid tacaíochta;

(g)an méid bliantúil tacaíochta in aghaidh an aonaid a bheartaítear, an túdar cuí leis agus uasathrú uachtarach mhéid an aonaid sin dá dtagraítear in Airteagal 89. I gcás inarb infheidhme, cuirfear an fhaisnéis seo a leanas ar fail:

(i)an fhoirm agus an ráta tacaíochta;

(ii)ríomh an mhéid tacaíochta in aghaidh an aonaid agus a ndearbhú dá dtagraítear in Airteagal 76;

(iii)na haonadmhéideanna aonfhoirmeacha tacaíochta éagsúla laistigh den idirghabháil sin, go háirithe maidir le grúpaí críocha arna sainmhíniú in Airteagal 18(2);

(iv) i gcás ina gcinneann na Ballstáit méid tacaíocht bhunúsach ioncaim in aghaidh an heicteáir a dhealú i gcomhréir le hAirteagal 18(2) maidir le gach grúpa críocha;

(h)an leithdháileadh airgeadais bliantúil le haghaidh na hidirghabhála a bheidh ann mar thoradh air sin, dá dtagraítear in Airteagal 88. I gcás inarb infheidhme, soláthrófar miondealú ar mhéideanna a bheartaítear le haghaidh deontas agus méideanna a bheartaítear le haghaidh ionstraimí airgeadais;

(i)léiriú maidir le cé acu an dtagann an idirghabháil lasmuigh de raon feidhme Airteagal 42 de CFAE nó nach dtagann agus tá siad faoi réir mheasúnaithe Státchabhrach.

Airteagal 100
Pleananna sprice agus airgeadais

1.Sa phlean sprice dá dtagraítear i bpointe (e) d’Airteagal 95(1) beidh tábla ina mbeidh achoimre chruinn ina léireofar na spriocanna dá dtagraítear i bpointe (a) d’Airteagal 97(1), lena léirítear an miondealú sna garspriocanna bliantúla.

2.Sa phlean airgeadais dá dtagraítear i bpointe (e) d’Airteagal 95(1) beidh táblaí ann a bheidh comhlsheasmhach le pointe (f) agus le pointe (h) d’Airteagal 99, lena náirítear:

(a)leithdháiltí an Bhallstáit le haghaidh cineálacha idirghabhála a bhaineann le híocaíochtaí díreacha dá dtagraítear in Airteagal 81(1) maidir le cineálacha idirghabhála de réir earnála le haghaidh fíona dá dtagraítear in Airteagal 82(1), le haghaidh beachaireachta dá dtagraítear in Airteagal 82(2) agus maidir le cineálacha idirghabhála le haghaidh forbairt tuaithe dá dtagraítear in Airteagal 83(3);

(b)aistrithe méideanna idir cineálacha idirghabhála i bhfoirm íocaíochtaí díreacha agus cineálacha idirghabhála le haghaidh forbairt tuaithe i gcomhréir le hAirteagal 90 agus aon asbhaintí ó leithdháiltí na mBallstát i leith cineálacha idirghabhála i bhfoirm íocaíochtaí díreacha chun méideanna a chur ar fáil le haghaidh cineálacha idirghabhála in earnálacha eile dá dtagraítear i Roinn VII de Chaibidil III de Theideal III i gcomhréir le hAirteagal 82(7);

(c)leithdháiltí na mBallstát le haghaidh cineálacha idirghabhála de réir earnála maidir le hola olóige dá dtagraítear in Airteagal 82(4) agus leannlusanna da dtagraítear in Airteagal 82(3), agus muna gcuirtear na cineálacha idirghabhála sin chun feidhme, an cinneadh lena gcuirtear na leithdháiltí comhfhreagracha san áireamh i leithdháileadh an Bhallstáit le haghaidh íocaíochtaí díreacha i gcomhréir le hAirteagal 82(5).

(d)miondealú ar leithdháiltí na mBallstát le haghaidh cineálacha idirghabhála i bhfoirm íocaíochtaí díreacha tar éis aistrithe de réir mar a sonraítear faoi phointe (b) agus faoi phointe (c) bunaithe ar leithdháiltí táscacha airgeadais in aghaidh an chineáil idirghabhála agus in aghaidh na hidirghabhála, lena sonraítear na haschuir a bheartaítear, an meánaonadmhéid nó an taonadmhéid aonfhoirmeach an tathrú uasta dá dtagraítear in Airteagal 89. I gcás inarb infheidhme, beidh miondealú mhéid cúlchiste na dteidlíochtaí íocaíochtaí san áireamh.

Sonrófar an toradh measta iomlán ar an laghdú ar íocaíochtaí.

Leagfar amach na leithdháiltí táscacha airgeadais sin agus na haschuir a bheartaítear a bhaineann leo agus na meánaonadmhéideanna comhfhreagracha nó na haonadmhéideanna aonfhoirmeacha, agus an táirgeadh ar an laghdú á chur san áireamh, sula ndéanfar laghdú na níocaíochtaí;

(e)miondealú ar na leithdháiltí náisiúnta le haghaidh cineálacha idirghabhála de réir earnála dá dtagraítear i Roinn VII de Chaibidil III de Theideal III in aghaidh na hidirghabhála agus beidh léiriú ann ar na haschuir a bheartaítear agus an meánaonadmhéid;

(f)miondealú ar leithdháiltí na mBallstát le haghaidh forbairt tuaithe tar éis aistrithe chuig íocaíochtaí díreacha agus uathu, de réir mar a shonraítear i bpointe (a), in aghaidh an chineáil idirghabhála agus in aghaidh na hidirghabhála, lena náirítear na foriomláin don tréimhse, agus léireofar freisin an ráta ranníocaíochta CETFT is infheidhme, arna mhiondealú in aghaidh na hidirghabhála agus in aghaidh an chineáil réigiúin i gcás inarb infheidhme. I gcás ina naistrítear cistí ó íocaíochtaí díreacha, sonrófar an idirghabháil/na hidirghabhálacha nó cuid den idirghabháil arna mhaoiniú ag an aistriú sin. Sonrófar sa tábla sin freisin na haschuir a bheartaítear in aghaidh na hidirghabhála agus an meánaonadmhéid nó an taonadmhéid aonfhoirmeach, chomh maith le, i gcás inarb infheidhme, miondealú ar na méideanna a bheartaítear le haghaidh deontas agus méideanna a bheartaítear le haghaidh ionstraimí airgeadais. Sonrófar ann na méideanna le haghaidh cúnamh teicniúil freisin;

(g)léirithe na nidirghabhálacha a chuireann le ceanglais íosta caiteachais arna leagan síos in Airteagal 86.

Deanfar na heilimintí dá dtagraítear sa mhír seo a bhunú gach bliain.

Airteagal 101
Córais rialachais agus chomhordaithe

Sa tuairisc ar na córais comhordaithe rialachais dá dtagraítear i bpointe (f) d’Airteagal 95(1), áireofar:

(a)an taitheantas á thabhairt do na comhlachtaí rialachais dá dtagraítear i gCaibidil II de Theideal II de Rialachán (AE) [Rialachán Cothrománach];

(b)an taitheantas á thabhairt do chomhlachtaí tarmligthe agus do chomhlachtaí idirmheánacha agus a ról a léiriú, comhlachtaí nach ndéantar tagairt dóibh i Rialachán (AE) [Rialachán Cothrománach];

(c)faisnéis maidir leis na córais rialaithe agus na pionóis dá dtagraítear i dTeideal IV de Rialachán (AE) [Rialachán Cothrománach] lena náirítear:

(i)an córas comhtháite riaracháin agus rialaithe dá dtagraítear i gCaibidil II de Theideal II deRialachán (AE) [Rialachán Cothrománach];

(ii)an córas rialaithe agus pionóis le haghaidh coinníollachta dá dtagraítear i gCaibidil II de Theideal II de Rialachán (AE) [Rialachán Cothrománach];

(iii)na comhlachtaí rialaith is inniúil atá freagrach as na seiceálacha;

(d)tuairisc ar an struchtúr faireacháin agus tuaraiscithe.

Airteagal 102
Nuachóiriú

An tuairisc ar na heilimintí lena náirithítear nuachóiriú CBT dá dtagraítear i bpointe (g) d’Airteagal 95(1), tabharfaidh sé aird ar eilimintí den Phlean Straitéiseach faoi CBT, eilimintí a thacaíonn le nuachóiriú na hearnála talmhaíochta agus in CBT beidh an méid seo a leanas go háirithe:

(a)léargas ar an dóigh a gcuirfidh an Plean Straitéiseach faoi CBT le cuspóir ginearálta trasearnála a bhaineann le heolas, le nuálaíocht agus digitiú a chothú agus a chomhroinnt agus an glacadh atá leo a spreagadh dá dtagraítear sa dara fomhír d’Airteagal 5, go háirithe tríd an méid seo:

(i)tuairisc ar leagan amach eagraíochtúil AKIS arna cheapadh mar bheadh eagraíocht comhdhéanta ann ina ritheann na sreafaí eolais idir daoine, eagraíochtaí agus institiúidí a úsáideann agus a tháirgeann eolas le haghaidh talmhaiochta agus réimsí a bhfuil baint acu léi;

(ii)tuairisc ar an dóigh an ndéantar taighde sna seirbhísí comhairleacha dá dtagraítear in Airteagal 13, agus an dóigh a noibreoidh líonraí CBT le chéile laistigh de chreat AKIS, agus an dóigh a ndéantar comhairle agus seirbhísí tacaíochta nuálaíochta a sholáthar;

(b)tuairisc ar an straitéis le haghaidh forbairt teicneolaíochtaí digiteacha sa talmhaíocht agus i gceantair thuaithe agus le haghaidh úsáid na dteicneolaíochtaí chun éifeachtacht agus éifeachtúlacht idirghabhálacha an Phlean Straitéisigh faoi CBT.

Airteagal 103
Iarscríbhinní

1.In Iarscríbhinn I a ghabhann leis an bPlean Straitéiseach faoi CBT dá dtagraítear i bpointe (a) d’Airteagal 95(2), áireofar achoimre ar phríomhthorthaí na meastóireachta ex ante dá dtagraítear san Airteagal agus ar an Measúnú Straitéiseach Comhshaoil dá dtagraítear i dTreoir 2001/42/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 39 agus an dóigh ar tugadh fúthu nó údar maidir le cén fáth nár cuireadh san áireamh iad, agus nasc le tuarascáil iomlán na meastóireachta ex ante agus tuarascáil ar an Measúnú Straitéiseach Comhshaoil;

2.Áireofar in Iarscríbhinn II a ghabhann leis an bPlean Straitéiseach faoi CBT dá dtagraítear i bpointe 95(2), anailís SWOT ar chúrsaí mar atá faoi láthair maidir leis an réimse a chumhdaítear faoin bPlean Straitéiseach faoi CBT.

Bunófar an anailís SWOT ar chúrsaí mar atá faoi láthair maidir leis an réimse a chumhdaítear faoin bPlean Straitéiseach faoi CBT agus, maidir le gach cuspóir arna leagan amach in Airteagal 6(1), beidh tuairisc cuimsitheach iomlán ar chúrsaí mar atá faoi láthair maidir leis an limistéar a chumhdaítear faoin bPlean Straitéiseach faoi CBT, bunaithe ar tháscairí comhthéacs coiteanna agus ar fhaisnéis cainníochtúil agus cáilíochtúil eile atá cothrom le dáta amhail staidéir, tuarascálacha meastóireachta arna ndéanamh roimhe, anailís earnála agus ceachtanna arna bhfoghlaim trí thaithí a fuarthas roimhe.

Ina theannta sin, tabharfaidh an tuairisc sin aird go háirithe ar a mbaineann le gach cuspóir ginearálta agus sonrach arna leagan amach in Airteagal 5 agus in Airteagal 6(1):

(a)láidreachtaí arna sainaithint i réimse an Phlean Straitéisigh faoi CBT;

(b)laigí arna sainaithint i réimse an Phlean Straitéisigh faoi CBT;

(c)deiseanna arna sainaithint i réimse an Phlean Straitéisigh faoi CBT;

(d)bagairtí arna sainaithint i réimse an Phlean Straitéisigh faoi CBT;

(e)i gcás inarb ábhartha, anailís ar eilimtí críochacha, agus aird á tabhairt ar na críocha sin ar díríodh isteach orthu go sonrach trí idighabhálacha;

(f)i gcás inarb ábhartha, anailís ar eilimintí earnála, go háirithe le haghaidh na nearnalácha sin atá faoi réir idirghabhálacha agus/nó faoi réir cláir earnála.

Maidir leis na cuspóirí sonracha arna leagan amach i bpointe (d), i bpointe (e) agus i bpointe (f), déanfaidh an anailís tagairt do na pleananna náisiúnta a eascraíonn as na hionstraimí reachtacha dá dtagraítear in Iarscríbhinn XI.

Maidir leis an gcuspóir sonrach chun feirmeoirí óga a mhealladh arna leagan amach i bpointe (g) d’Airteagal 6(1), áireofar san anailís SWOT anailís ghearr ar rochtain ar thalamh, soghluaiseacht talún agus athstruchtúrú talún, inrochtaineacht maoinithe agus creidiúintí, agus rochtain ar eolas agus ar chomhairle.    

Maidir leis an gcuspóir ginearálta trasearnálach a bhaineann le heolas, nuálaíocht agus digitiú a chothú agus a roinnt agus an glacadh ata leo a spreagadh arna leagan amach sa dara fomhír d’Airteagal 5, soláthróidh an anailís SWOT faisnéis ábhartha faoi fheidhmiú AKIS agus struchtúir ghaolmhara eile.

3.Áireofar in Iarscríbhinn III a ghabhann leis an bPlean Straitéiseach faoi CBT dá dtagraítear i bpointe (c) d’Airteagal 95(2) torthaí chomhairliúchán na gcomhpháirtithe agus gearrthuairisc ar an dóigh a ndearnadh an comhairliúchán.

4.In Iarscríbhinn IV a ghabhann leis an bPlean Straitéiseach faoi CBT dá dtagraítear i bpointe (d) d’Airteagal 95(2), soláthrófar gearrthuairisc ar an íocaíocht i leith barr sonrach le haghaidh cadáis agus ar a chomhlántacht le hidirghabhálacha an Phlean Straitéisigh faoi CBT.

5.In Iarscríbhinn V a ghabhann leis an bPlean Straitéiseach faoi CBT dá dtagraítear i bpointe (e) d’Airteagal 95(2), beidh na nithe seo a leanas:

(a)Gearrthuairisc ar mhaoiniú breise náisiúnta a chuirtear ar fáil laistigh de raon feidhme an Phlean Straitéisigh faoi CBT, lena náirítear méideanna in aghaidh an bhearta agus léiriú ar chomhlíonadh na gceanglas faoin Rialachán seo;

(b)sainmhíniú ar chomhlántacht le hidirghabhálacha an Phlean Straitéisigh faoi CBT; agus

(c)léiriú maidir le cé acu an dtagann an maoiniú breise náisiúnta lasmuigh de raon feidhme Airteagal 42 de CFAE nó nach dtagann agus tá siad faoi réir mheasúnaithe Státchabhrach.

Airteagal 104
Cumhachtaí tarmligthe le haghaidh inneachar an Phlean Straitéisigh faoi CBT

Tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 138 lena leasaítear an Caibidil seo maidir le hinneachar an Phlean Straitéisigh faoi CBT agus na hIarscríbhinní a ghabhann leis.

Airteagal 105
Cumhachtaí cur chun feidhme le haghaidh inneachar an Phlean Straitéisigh faoi CBT

Féadfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme lena leagtar síos rialacha maidir le cur i láthair na neilimintí a ndéantar tuairisc orthu in Airteagal 96 go 103 de Phleananna Straitéiseacha faoi CBT. Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 139(2).

CAIBIDIL III
PLEAN STRAITÉISEACH FAOI CBT A FHORMHEAS AGUS A LEASÚ

Airteagal 106
Plean Straitéiseach faoi CBT a fhormheas

1.Cuirfidh gach Ballstát togra faoi bhráid an Choimisiúin le haghaidh Plean Straitéiseach faoi CBT, ina mbeidh an fhaisnéis dá dtagraítear in Airteagal 95 tráth nach déanaí ná an 1 Eanáir 2020].

2.Déanfaidh an Coimisiún measúnú ar Phleananna Straitéiseacha faoi CBT a bheartaítear bunaithe ar iomláine na bpleannanna, ar chomhsheasmhacht agus ar chomhleanúnachas le prionsabail ghinearálta dhlí an Aontais, i gcomhréir leis an Rialachán seo agus leis na forálacha arna nglacadh dá bhun agus leis an Rialachán Cothrománach, a néifeachtacht maidir leis an dóigh a gcuireann siad le cuspóirí sonracha a ghnóthú arna leagan amach in Airteagal 6(1), an tionchar ar fheidhmiú ceart an mhargaidh inmheánaigh agus saobhadh an iomaíochais, leibhéal an ualaigh riaracháin ar thairbhithe agus ar riarachán. Tabharfaidh an measúnú aghaidh, go háirithe, ar leordhóthanacht straitéis an Phlean Straitéisigh faoi CBT, na cuspóirí sonracha comhfhreagracha, spriocanna, idirghabhálacha agus leithdháileadh acmhainní buiséadacha chun cuspóirí sonracha an Phlean Straitéisigh faoi CBT a chomhlíonadh trí na hidirghabhálacha a bheartaítear arna bhunú ar an anailís SWOT agus ar an meastóireacht ex ante.

3.Ag brath ar thorthaí an mheasúnaithe dá dtagraítear i mír 2, féadfaidh an Coimisiún barúlacha a chur in iúl do na Ballstáit laistigh de 3 mhí ón dáta a chuirfear an Plean Straitéiseach faoi CBT faoina bhráid.

Soláthróidh an Ballstát gach faisnéis bhreise is gá don Choimisiún agus, i gcás inarb iomchuí, athbhreithneoidh sé an bplean atá beartaithe.

4.Déanfaidh an Coimisiún an leasú a bheartaítear ar Phlean Straitéiseach faoi CBT a fhormheas ar choinníoll gur cuireadh an fhaisnéis is gá faoina bhráid agus go bhfuil an Coimisiún sásta agus go bhfuil an Plean i gcomhréir le prionsabail ghinearálta dhlí an Aontais, leis na ceanglais a leagtar amach sa Rialachán seo, sna forálacha arna nglacadh dá bhun agus sa Rialachán (AE) [Rialachán Cothrománach].

5.Déanfar gach Plean Straitéiseach faoi CBT a fhormheas tráth nach déanaí ná ocht mí tar éis don Bhallstát lena mbaineann é a thíolacadh.

Ní chumhdófar san fhormheas an fhaisnéis dá dtagraítear i bpointe (c) d’Airteagal 101 agus in Iarscríbhinní I go IV a ghabhann leis an bPlean Straitéiseach faoi CBT dá dtagraítear i bpointí (a) go dtí (d) d’Airteagal 95(2).

I gcásanna a bhfuil údar cuí leo, féadfaidh an Ballstát iarraidh ar an gCoimisiún Plean Straitéiseach faoi CBT nach bhfuil na heilimintí uile ann a fhormheas. Sa chás sin, cuirfidh na Ballstáit lena mbaineann in iúl cé na codanna den Phlean Straitéiseach faoi CBT atá in easnamh agus soláthróidh sé spriocanna táscacha agus pleananna airgeadais dá dtagraítear in Airteagal 100 le haghaidh an Phlean Straitéisigh faoi CBT iomlán chun comhleanúnachas agus comhsheasmhacht iomlán an phlean a léiriú. Cuirfear na heilimintí den Phlean Straitéiseach faoi CBT atá in easnamh faoi bhráid an Choimisiún mar leasú ar an bplean i gcomhréir le hAirteagal 107.

6.Déanfaidh an Coimisiún gach Plean Straitéiseach faoi CBT a fhormheas trí bhíthin cinneadh cur chun feidhme gan nós imeachta an Choiste dá dtagraítear in Airteagal 139 a chur i bhfeidhm.

7.Ní bheidh éifeachtaí dlí ag na Pleananna Straitéiseacha faoi CBT go dtí go ndéanfaidh an Coimisiún iad a fhormheas.

Airteagal 107
Plean Straitéiseach faoi CBT a leasú

1.Féadfaidh na Ballstáit iarratais a chur faoi bhráid an Choimisiúin chun a bPleananna Straitéiseacha faoi CBTa leasú.

2.Beidh údar cuí leis na hiarratais le haghaidh Pleananna Straitéiseacha faoi CBT a leasú agus leagfar amach iontu an tionchar a mbeifear ag súil leis ó na hathruithe ar an bplean maidir leis na cuspóirí sonracha a ghnóthú, dá dtagraítear in Airteagal 6(1). Beidh an plean leasaithe ag gabháil leo lena náirítear na hiarscríbhinní nuashonraithe de réir mar is iomchuí.

3.Déanfaidh an Coimisiún measúnú ar chomhleanúnachas an leasaithe leis an Rialachán seo agus leis na forálacha arna nglacadh dá bhun chomh maith le Rialachán (AE) [Rialachán Cothrománach] agus a rannchuidiú éifeachtach leis na cuspóirí sonracha.

4.Déanfaidh an Coimisiún an leasú arna iarraidh ar Phlean Straitéiseach faoi CBT a fhormheas ar choinníoll gur cuireadh an fhaisnéis is gá faoina bhráid agus go bhfuil an Coimisiún sásta agus go bhfuil an Plean leasaithe i gcomhréir le prionsabail ghinearálta dhlí an Aontais, leis na ceanglais a leagtar amach sa Rialachán seo, sna forálacha arna nglacadh dá bhun agus sa Rialachán (AE) [Rialachán Cothrománach].

5.Féadfaidh an Coimisiún a chuid barúlacha a thabhairt ina leith laistigh de 30 lá ó dháta a cuireadh an tiarratas le haghaidh leasú an Phlean Straitéisigh faoi CBT isteach. Soláthróidh an Ballstát an fhaisnéis bhreise ar fad is gá don Choimisiún.

6.Déanfar an tiarratas le haghaidh leasú ar Phlean Straitéiseach faoi CBT a fhormheas tráth nach déanaí ná trí mhí i ndiaidh don Bhallstát é a chur faoina bhráid, ar choinníoll go mbeidh aon bharúlacha a bheidh tugtha ag an gCoimisiún curtha san áireamh go leordhóthanach.

7.Ní fhéadfar iarratas le haghaidh leasú ar an bPlean Straitéiseach faoi CBT a thíolacadh níos mó ná uair amháin in aghaidh na bliana féilire faoi réir díolúintí a d’fhéadfadh a bheith ann agus a ndéanfaidh an Coimisiún cinneadh ina leith i gcomhréir le hAirteagal 109.

8.Déanfaidh an Coimisiún gach leasú ar an bPlean Straitéiseach faoi CBT a fhormheas trí bhíthin cinneadh cur chun feidhme gan nós imeachta an Choiste dá dtagraítear in Airteagal 139 a chur i bhfeidhm.

9.Gan dochar d’Airteagal 80, ní bheidh éifeachtaí dlí ag leasanna ar na Pleananna Straitéiseacha faoi CBT go dtí go ndéanfaidh an Coimisiún iad a fhormheas.

10.Ceartúchán de chineál cléireachais nó eagarthóireachta amháin nó earráidí follasacha nach ndéanfaidh difear do chur chun feidhme an bheartais agus na idirghabhála, ní mheasfar iad a bheith mar bheadh iarratas ann le haghaidh leasú. Cuirfidh na Ballstáit an Coimisiún ar an eolas maidir le ceartúcháin den sórt sin.

Airteagal 108
Teorainneacha ama a ríomh le haghaidh gníomhaíochtaí de chuid an Choimisiúin

Chun críocha na Caibidle seo, i gcás ina leagfar síos teorainn ama le haghaidh gníomhaíocht de chuid an Choimisiúin, cuirfear tús leis an tréimhse ama lena mbaineann nuair a thíolacfar an fhaisnéis uile a chomhlíonann na ceanglais a leagtar síos sa Rialachán seo agus na forálacha a ghlactar dá bhun.

Ní áireofar ar an teorainn ama sin an tréimhse a thosóidh ar an dáta i ndiaidh an dáta ar a seolfaidh an Coimisiún a bhreathnóireachtaí nó a iarraidh ar dhoiciméid athbhreithnithe chuig an mBallstát agus a chríochnóidh ar an dáta a thabharfaidh an Ballstát freagra don Choimisiún.

Airteagal 109
Cumhachtaí tarmligthe

Tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 138 lena leasaítear an Chaibidil seo maidir leis an méid seo a leanas:

(a)nósanna imeachta maidir leis an gcur chuige agus na teorainneacha ama i dtaca le Pleananna Straitéiseacha faoi CBT a fhormheas;

(b)nósanna imeachta maidir leis an gcur chuige agus na teorainneacha ama i dtaca le Pleananna Straitéiseacha faoi CBT a fhormheas agus iarrataí ar leasú ar Phleananna Straitéiseacha faoi CBT a thíolacadh agus a fhormheas;

(c)cé chomh minic agus a ndéantar na Pleananna Straitéiseacha faoi CBT a thíolacadh le linn na clárthréimhse, lena náirítear cásanna eisceachtúla a chinneadh, cásanna nach gcuirfear san áireamh maidir leis an líon uasta leasuithe dá dtagraítear in Airteagal 107(7);

TEIDEAL VI
COMHORDÚ AGUS RIALACHAS

Airteagal 110
An tÚdarás Bainistíochta

1.Déanfaidh na Ballstáit Údarás Bainistithe a ainmniú le haghaidh a gcuid Pleananna Straitéiseacha faoi CBT.

Áiritheoidh na Ballstáit go mbunaítear an córas cuí bainistithe agus rialaithe ar bhealach lena ndéantar leithdháileadh soiléir agus deighilt shoiléir idir feidhmeanna idir an tÚdarás Bainistíochta agus comhlachtaí eile a áirithiú. Beidh Ballstáit freagrach as a áirithiú go bhfeidhmeoidh an córas go héifeachtach i rith thréimhse an Phlean Straitéisigh faoi CBT.

2.Beidh an tÚdarás Bainistíochta freagrach as bainistiú agus as cur chun feidhme an Phlean Straitéisigh faoi CBT ar bhealach éifeachtúil, éifeachtach agus ceart. Go háirithe, áiritheoidh sé an méid seo a leanas:

(a)go bhfuil córas leictreonach slán iomchuí ann le faisnéis staidrimh ar an bplean agus go ndéanfar a chur chun feidhme a thaifeadadh, a choinneáil, a bhainistiú agus a thuairisciú, faisnéis atá riachtanach ar mhaithe le faireachán agus meastóireacht agus, go háirithe, faisnéis atá riachtanach le faireachán a dhéanamh ar dhul chun cinn i dtreo na gcuspóirí agus na spriocanna sainithe;

(b)i gcás tairbhithe agus comhlachtaí eile a bhfuil baint acu le cur chun feidhme idirghabhálacha:

(i)go gcoinnítear ar an eolas iad faoina gcuid oibleagáidí a d’eascair as an gcabhair arna tabhairt, agus go gcoinnítear córas cuntasaíochta ar leith nó cód cuntasaíochta iomchuí le haghaidh gach idirbheart a bhaineann le hoibríocht;

(ii)go bhfuil siad ar an airdeall maidir leis na ceanglais a bhaineann le soláthar sonraí don údarás bainistíochta agus taifeadadh aschur agus torthaí;

(c)go dtabharfar liosta do na tairbhithe lena mbaineann, i gcás inarb iomchuí trí mheán leictreonach, liosta de na ceanglais reachtúla bainistíochta agus de na híoschaighdeáin maidir le dea-bhail talmhaíochta agus comhshaoil arna leagan síos de bhun Roinn 2 de Chaibidil I de Theideal III a chuirfear i bhfeidhm ar leibhéal na feirme, chomh maith le faisnéis shoiléir agus chruinn ina leith;

(d)go bhfuil an mheastóireacht ex ante dá dtagraítear in Airteagal 125 i gcomhréir leis an gcóras meastóireachta agus go nglactar léi agus go gcuirtear faoi bhráid an Choimisiúin í;

(e)go bhfuil an plean meastóireachta dá dtagraítear in Airteagal 126 curtha ar bun, go ndéantar an mheastóireacht cláir ex post dá dtagraítear san Airteagal sin laistigh de na teorainneacha ama a leagtar síos sa Rialachán seo, a áirithiú go ndéantar meastóireachtaí den sórt sin i gcomhréir leis an gcóras faireacháin agus meastóireachta agus go gcuirtear faoi bhráid an Choiste Faireacháin dá dtagraítear in Airteagal 111 agus faoi bhráid an Choimisiúin iad;

(f)go ndéantar faisnéis agus doiciméid atá ag teastáil le faireachán a dhéanamh ar chur chun feidhme an Phlean Straitéisigh faoi CBT i bhfianaise a chuspóirí sonracha agus a thosaíochtaí, a sholáthar don Choiste Faireacháin;

(g)go ndéantar an tuarascáil bhliantúil ar fheidhmíocht a tharraingt suas, lena náirítear táblaí faireacháin comhiomlána, agus, tar éis dul i gcomhairle leis an gCoiste Faireacháin, go gcuirtear faoi bhráid an Choimisiúin í;

(h)Go ndéantar gníomhaíochtaí ábhartha leantacha bunaithe ar bharúlacha an Choimisiúin maidir leis na tuarascála bliantúla ar fheidhmíocht;

(i)go bhfaigheann an ghníomhaireacht íocaíochta an fhaisnéis iomchuí uile, go háirithe ar na nósanna imeachta a chuirtear i bhfeidhm agus ar aon rialuithe a dtugtar fúthu maidir le hidirghabhálacha a roghnaítear le haghaidh cistithe, sula gceadaítear íocaíochtaí;

(j)tairbhithe faoi idirghabhálacha arna maoiniú ag CETFT, amach ó idirghabhálacha a bhaineann le ceantair agus ainmhithe, an tacaíocht arna fáil a chur in iúl, lena náirítear úsáid iomchuí shuaitheantas an Aontais i gcomhréir leis na rialacha arna leagan síos ag an gCoimisiún igcomhréir le mír 5;

(k)Go ndéantar poiblíocht le haghaidh an Phlean Straitéisigh faoi CBT, lena náirítear tríd an líonra náisiúnta faoi CBT, trí thairbhithe a d'fhéadfadh a bheith ann, eagraíochtaí gairmiúla, comhpháirtíochtaí eacnamaíocha agus sóisialta, comhlachtaí a bhfuil baint acu le comhionannas a chur chun cinn idir fir agus mná, agus na heagraíochtaí neamhrialtais lena mbaineann, lena náirítear eagraíochtaí comhshaoil a chur ar an eolas faoi na féidearthachtaí atá á dtairiscint tríd an Phlean Straitéiseach faoi CBT agus na rialacha maidir le rochtain a fháil ar mhaoiniú tríd an bPlean Straiteiseach faoi CBT mar aon le tairbhithe agus an pobal i gcoitinne a chur ar an eolas faoi thacaíocht an Aontais agus faoi thacaíocht don talmhaíocht agus d’fhorbairt tuaithe tríd an bPlean Straitéiseach faoi CBT.

3.Féadfaidh an Ballstát nó an tÚdarás Bainistíochta comhlacht inmheánach amháin nó níos mó a ainmniú lena náirítear údaráis áitiúla, comhlachtaí forbartha réigiúnaí nó eagraíochtaí neamhrialtais, le tabhairt faoi bhainistiú agus faoi chur chun feidhme idirghabhálacha Phlean Straitéiseach faoi CBT.

4.Nuair a tharmligtear cuid dá chúraimí chuig comhlacht eile, coinneoidh an tÚdarás Bainistíochta freagracht iomlán as éifeachtúlacht agus ceartaiseacht bhainistiú agus chur chun feidhme na gcúraimí sin. Áiritheoidh an tÚdarás Bainistíochta go bhfuil forálacha iomchuí i bhfeidhm ionas go mbeidh sé ar chumas an chomhlachta eile gach sonraí agus faisnéis is gá a fháil chun na cúraimí sin a chur i gcrích.

5.Tabharfar an chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 138 chun an Rialachán seo a fhorlíonadh le rialacha mionsonraithe maidir le cur i bhfeidhm na faisnéise, ceanglais poiblíochta agus infheictheachta dá dtagraítear i bpointí (j) agus (k) de mhír 2.

Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 139(2).

Airteagal 111
Coiste Faireacháin

1.Bunóidh an Ballstát coiste chun faireachán a dhéanamh ar Chur chun feidhme an Phlean Straitéisigh faoi CBT (‘Coiste Faireacháin’) sula ndéantar an Plean Straitéiseach faoi CBT a thíolacadh.

Déanfaidh gach Coiste Faireacháin a rialacha nós imeachta a ghlacadh.

Tiocfaidh an Coiste Faireacháin le chéile uair amháin ar a laghad in aghaidh na bliana agus déanfaidh sé athbhreithniú ar na saincheisteanna uile a dhéanann difear do dhul chun cinn an Phlean Straitéisigh faoi CBT i dtaca lena spriocanna a ghnóthú.

Foilseoidh an Ballstát rialacha nós imeachta an Choiste Faireacháin agus na sonraí agus an fhaisnéis uile a roinntear leis an gCoiste Faireacháin ar líne.

2.Cinnfidh an Ballstát comhdhéanamh an Choiste Faireacháin agus áiritheoidh sé go mbeidh ionadaíocht chothrom ann ar na húdaráis ábhartha agus ar chomhlachtaí idirmheánacha agus ar ionadaithe na gcomhpháirtithe dá dtagraítear in Airteagal 94(3).

Beidh vóta ag gach comhalta den Choiste Faireacháin.

Foilseoidh an Ballstát an liosta de chomhaltaí an Choiste Faireacháin ar líne

Beidh ionadaithe ón gCoimisiún rannpháirteach in obair an Choiste Faireacháin mar chomhairleoirí.

3.Déanfaidh an Coiste Faireacháin an méid seo a leanas a scrúdú go háirithe:

(a)dul chun cinn maidir le cur chun feidhme an Phlean Straitéisigh faoi CBT agus ar ghnóthú na ngarspriocanna agus na spriocanna;

(b)aon saincheisteanna a dhéanann difear d'fheidhmíocht an Phlean Straitéisigh faoi CBT agus na bearta arna ndéanamh chun aghaidh a thabhairt ar na saincheisteanna sin;

(c)eilimintí an mheasúnaithe ex ante a liostaítear in Airteagal 52(3) de Rialachán (AE) [RFC] agus an doiciméid straitéise dá dtagraítear in Airteagal 53(1) de Rialachán (AE) [Rialachán na bhForálacha Coiteanna];

(d)dul chun cinn ar dhéanamh meastóireachtaí, sintéis meastóireachtaí agus aon bhearta leantacha mar gheall ar na torthaí;

(e)cur chun feidhme gníomhaíochtaí cumarsáide agus infheictheachta;

(f)forbairt acmhainní riaracháin i gcás údaráis phoiblí agus tairbhithe, i gcás inarb ábhartha.

4.Déanfaidh an Coiste Faireacháin a thuairim a thabhairt maidir leis an méid seo a leanas:

(a)dréacht den Phlean Straitéiseach faoi CBT

(b)an mhodheolaíocht agus na critéir a úsáidtear chun na hoibríochtaí a roghnú;

(c)na tuarascálacha bliantúla ar fheidhmíocht;

(d)an plean meastóireachta agus aon leasú air;

(e)togra ar bith ón údarás bainistíochta maidir leis an leasú ar an bPlean Straitéiseach faoi CBT.

Airteagal 112
Cúnamh teicniúil ar thionscnamh ó na Ballstáit

1.Ar thionscnamh Ballstáit, féadfaidh CETFT tacú le gníomhaíochtaí a bhfuil gá leo le haghaidh riar agus chur chun feidhme na tacaíochta i ndáil leis an bPlean Straitéiseach faoi CBT, lena náirítear na líonraí náisiúnta CBT dá dtagraítear in Airteagal 113(1) a bhunú agus a oibriú. Féadfaidh na gníomhaíochtaí dá dtagraítear sa mhír seo a bheith ag baint le tréimhsí den Phlean Straitéiseach faoi CBT roimhe sin agus ina dhiaidh sin.

2.Féadfar tacú le gníomhaíochtaí údarás an Chiste Cheannasaigh i gcomhréir le mír (4), le mír (5) agus le mír (6) d’Airteagal 25 de Rialachán (AE) [Rialachán na bhForálacha Coiteanna] freisin.

3.Ní dhéanfar comhlachtaí deimhniúcháin a mhaoiniú trí chúnamh teicniúil ar thionscnamh na mBallstát de réir bhrí Airteagal 11 de Rialachán (AE) [Rialachán Cothrománach].

Airteagal 113
Líonraí Eorpacha agus Náisiúnta Comhbheartais Talmhaíochta
 

1.Bunóidh gach Ballstát Líonra Náisiúnta Comhbheartais Talmhaíochta (líonra náisiúnta CBT) le haghaidh líonrú eagraíochtaí agus riarachán, comhairleoirí taighdeoirí agus gníomhaithe eile nuálaíochta i réimse na talmhaiochta agus forbairt tuaithe ar an leibhéal náisiúnta 12 mhí ar a dhéanaí tar éis don Choimisiún an Plean Straitéiseach faoi CBT a fhormheas.

2.Cuirfear líonra Eorpach le haghaidh an Chomhbheartais Talmhaíochta (líonra Eorpach CBT) ar bun le haghaidh líonrú na líonraí náisiúnta, eagraíochtaí agus riarachán i réimse na talmhaíochta agus forbairt tuaithe ar leibhéal an Aontais.

3.Ag líonrú trí na líonraí CBT, beidh na cuspóirí seo a leanas:

(a)rannpháirtíocht geallsealbhóirí a mhéadú i gceapadh agus i gcur chun feidhme Phleananna Straitéiseacha faoi CBT;

(b)riaracháin na mBallstát a thionlacan i gcur chun feidhme Pleananna Straitéiseacha faoi CBT agus san aistriú chuig samhail sheachadta bunaithe ar fheidhmíocht;

(c)foghlaim idir piaraí agus idirghníomhaíocht idir gach geallsealbhóir talmhaiochta agus tuaithe a éascú;

(d)nuálaíocht a fhothú agus tacaíocht a thabhairt chun gach geallsealbhóir a chuimsiú sa mhalartú faisnéise agus sa phróiseas tógála faisnéise;

(e)tacú le hacmhainní faireacháin agus meastóireachta na ngeallsealbhóirí ar fad;

(f)rannchuidiú le scaipeadh thorthaí Pleananna Straitéiseacha faoi CBT.

4.Seo a leanas na cúraimí a bheidh ag na Líonraí CBT maidir leis na cuspóirí a ghnóthú arna leagan amach i mír 3:

(a)faisnéis a bhailiú, a scaipeadh agus anailís a dhéanamh uirthi maidir le gníomhaíochtaí a fhaigheann tacaíocht faoi Phleananna Straitéiseacha faoi CBT;

(b)rannchuidiú le fothú acmhainní le haghaidh riarachán na mBallstát agus gníomhaithe eile a bhfuil baint acu le cur chun feidhme Pleananna Straitéiseacha faoi CBT, lena náirítear próisis faireacháin agus meastóireachta;

(c)dea-chleachtas a bhailiú agus a scaipeadh;

(d)faisnéis a bhailiú, lena náirítear staitisticí agus faisnéis riaracháin, agus anailís ar fhorbairtí sa talmhaíocht agus i gceantair thuaithe is ábhartha maidir leis na cuspóirí sonracha arna leagan amach in Airteagal 6(1);

(e)ardáin, fóraim agus imeachtaí a chruthú chun malartú taithí idir geallsealbhóirí agus foghlaim idir piaraí a éascú, lena náirítear i gcás inarb ábhartha malartuithe le líonraí i dtríú tíortha;

(f)faisnéis a bhailiú agus líonrú struchtúr agus tionscadail atá á maoiniú a éascú , amhail grúpaí gníomhaíochta áitiúla dá dtagraítear in Airteagal 27 de Rialachán (AE)[Rialachán na bhForálacha Coiteanna], Grúpaí Oibríochtúla den Chomhpháirtíocht Nuálaíochta Eorpach um Tháirgiúlacht agus Inbhuanaitheacht Talmhaíochta dá dtagraítear in Airteagal 114(4) agus struchtúir agus tionscadail chomhbhéiseacha;

(g)tacaíocht le haghaidh tionscadail chomhair idir LAGanna nó struchtúir chomhchosúla le haghaidh forbairt áitiúil, lena náirítear comhar trasnáisiúnta;

(h)naisc le straitéisí nó le líonraí eile arna maoiniú ag an Aontas Eorpach a chruthú;

(i)rannchuidiú le CBT a fhorbairt a thuilleadh agus le hullmhúchán aon tréimhse a bhaineann le haon Phlean Straitéiseach faoi CBT a bheidh ann ina dhiaidh;

(j)i gcás líonraí náisiúnta CBT, a bheith rannpháirteach i ngníomhaíochtaí an líonra Eorpaigh CBT agus rannchuidiú leo;

Airteagal 114
An Chomhpháirtíocht Nuálaíochta Eorpach um Thairgiúlacht agus Inbhuanaitheacht Talmhaíochta

1.Bunóidh an Coimisiún Comhpháirtíocht Eorpach sa Nuálaíocht le haghaidh táirgiúlacht agus inbhuanaitheacht talmhaíochta (CEN).

2.Is é an aidhm a bheidh ag CEN nuálaíocht a spreagadh agus malartú eolais a fheabhsú.

3.Rannchuideoidh CEN le cuspóirí sonracha a ghnóthú arna leagan amach in Airteagal 6(1).

4.Tacóidh CEN le AKIS dá dtagraítear in Airteagal 13(2) trí bheartais agus ionstraimí a nascadh chun dlús a chur le nuálaíocht. Déanfaidh sí, go háirithe:

(a)breisluach a chruthú trí nasc níos láidre a chruthú idir taighde agus cleachtas feirmeoireachta agus úsáid níos leithne na mbeart nuálaíochta atá ar fáil a spreagadh;

(b)gníomhaithe nuálaíochta agus tionscadail a nascadh;

(c)réitigh nuálacha a thrasuí sa chleachtas ar bhonn níos tapúla agus níos forleithne; agus

(d)lucht eolaíochta a chur ar an eolas maidir leis na riachtanais taighde a bhaineann le cleachtas feirmeoireachta.

Beidh Grúpaí Oibríochtúla CEN mar chuid de CEN. Déanfaidh siad plean a tharraingt suas le haghaidh tionscadail nuálaíocha, tionscadail a fhorbrófar, a ndéanfar tástál orthu, a athrófar nó a chuirfear chun feidhme agus bunófar iad ar an tsamhail nuálaíochta idirghníomhach arb iad seo a leanas na prionsabail ríthábhachtacha atá léi:

(a)réitigh nuálaíocha a fhorbairt a dhíríonn ar riachtanais feirmeoirí nó foraoiseoirí agus a théann i ngleic le hidirghníomhaíochtaí ar feadh an tslabhra soláthair san am céanna freisin i gcás inarb áisiúil sin.

(b)comhpháirtithe a bhfuil eolas comhsheasmhach acu a thabhairt le chéile amhail feirmeoirí, comhairleoirí, taighdeoirí, fiontair nó eagraíochtaí neamhrialtasacha ar dhóigh spriocdhírithe ar an dóigh is oiriúnaí chun cuspóirí an tionscadail a ghnóthú; agus

(c)comhchinnteoireacht agus comhchruthú a dhéanamh ar feadh shlí an tionscadail.

D’fhéadfaí an nuálaíocht atá beartaithe a bhunú ar chleachtais nua agus ar chleachtais thraidisiúnta freisin i gcomhthéacs nua geografach nó comhshaoil.

Scaipfidh Grúpaí Oibríochtúla pleananna agus torthaí a dtionscadal, go háirithe trí líonraí CBT.

TEIDEAL VII
FAIREACHÁN, TUAIRISCIÚ AGUS MEASTÓIREACHT

CAIBIDIL I
CREAT FEIDHMÍOCHTA

Airteagal 115
An creat feidhmíochta a bhunú

1.Bunóidh an Ballstát creat feidhmíochta lena bhféadfar faireachán, tuairisciú agus meastóireacht a dhéanamh ar fheidhmíocht an Phlean Straitéisigh faoi CBT le linn a chuir chun feidhme.

2.Áireofar sa chreat feidhmíochta na heilimintí seo a leanas:

(a)sraith de tháscairí coiteanna le haghaidh comhthéacs, aschur, toradh agus tionchar, lena náirítear iad siúd dá dtagraítear in Airteagal 7, sraith a úsáidfear mar bhonn le haghaidh faireachán, meastóireacht agus an tuairisciú bliantúil ar fheidhmíocht;

(b)spriocanna agus garspriocanna arna mbunú i ndáil leis an gcuspóir sonrach ábhartha trí tháscairí toraidh a úsáid;

(c)bailiú sonraí, stóráil agus tarchur;

(d)tuairisciú rialta maidir le feidhmíocht, faireachán agus gníomhaíochtaí meastóireachta;

(e)sásraí chum dea-fheidhmíocht a chúiteamh agus chun aghaidh a thabhairt ar dhrochfheidhmíocht;

(f)na meastóireachtaí ex ante, idirthréimhseacha agus ex post agus gach gníomhaíochtaí meastóireachta nasctha leis an bPlean Straitéiseach faoi CBT;

3.Cumhdófar sa chreat feidhmíochta na nithe seo a leanas:

(a)Inneachar na bPleananna Straitéiseacha faoi CBT;

(b)na bearta margaidh agus idirghabhálacha eile dá bhforáiltear i Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013.

Airteagal 116
Cuspóirí an chreata feidhmíochta

Is éard is aidhm leis an gcreat feidhmíochta:

(a)measúnú a dhéanamh ar thionchar, éifeachtacht, ábharthacht, comhsheasmhacht agus ar an mbreisluach don Aontas Eorpach maidir le CBT;

(b)garspriocanna agus spriocanna a leagan amach le haghaidh na gcuspóirí sonracha arna leagan amach in Airteagal 6;

(c)faireachán a dhéanamh ar dhul chun cinn i dtreo spriocanna an Phlean Straitéisigh faoi CBT a ghnóthú;

(d)measúnú a dhéanamh ar thionchar, éifeachtacht, ábharthacht, agus ar chomhsheasmhacht idirghabhálacha an Phlean Straitéisigh faoi CBT;

(e)comhphróiseas foghlama a chothú i dtaca le faireachán agus meastóireacht.

Airteagal 117
Córas faisnéise leictreonach

Bunóidh na Ballstáit córas faisnéise leictreonach ina ndéanfaidh siad faisnéis ríthábhachtach a thaifeadadh agus a chothabháil maidir le cur chun feidhme an Phlean Straitéisigh faoi CBT, faisnéis atá riachtanach le haghaidh faireacháin agus meastóireachta, go háirithe maidir le gach idirghabháil a roghnaítear le haghaidh maoinithe, chomh maith le hidirghabhálacha arna gcur i gcrích, lena náirítear faisnéis maidir le gach tairbhí agus oibríocht.

Airteagal 118
Faisnéis a sholáthar

Áiritheoidh na Ballstáit go gcuirfidh tairbhithe faoina gcoinne féin, faoi idirghabhálacha an Phlean Straitéisigh faoi CBT agus faoi ghrúpaí gníomhaíochta áitiúla, gach faisnéis is gá a sholáthar don Údarás Bainistíochta nó do chomhlachtaí eile arna dtarmligean feidhmeanna a dhéanamh ar a son, chun críocha faireachán agus meastóireacht a dhéanamh ar an bPlean Straitéiseach faoi CBT.

Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh foinsí sonraí cuimsitheacha, iomlána, tráthúla agus iontaofa ar bun le go mbeifí in ann dul chun cinn beartais a leanúint i dtreo cuspóirí trí tháscairí aschuir, toraidh agus tionchair a úsáid.

Airteagal 119
Nósanna imeachta faireacháin

Déanfaidh an tÚdarás Bainistíochta agus an Coiste Faireacháin faireachán ar chur chun feidhme an Phlean Straitéisigh faoi CBT agus ar dhul chun cinn i dtreo spriocanna Phlean Straitéiseach faoi CBT a ghnóthú ar bhun na dtáscairí aschuir agus toraidh.

Airteagal 120
Cumhachtaí cur chun feidhme le haghaidh an chreata feidhmíochta

Glacfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme i dtaca le hinneachar an chreata feidhmíochta. Ar ghníomhartha sen sórt sin beidh liosta na dtáscairí comhthéacs, na táscairí eile is gá le haghaidh faireachán agus meastóireacht iomchuí an bheartais, na modhanna le haghaidh táscairí a ríomh agus na forálacha is gá chun cruinneas agus iontaofacht na sonraí a ráthú arna mbailiú ag na Ballstáit. Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 139(2).

CAIBIDIL II
TUARASCÁLACHA BLIANTÚLA AR FHEIDHMÍOCHT

Airteagal 121
Tuarascálacha bliantúla ar fheidhmíocht

1.Faoin 15 Feabhra 2023 agus faoin 15 Feabhra gach bliain ina dhiaidh sin go dtí 2030 agus an bhliain sin san áireamh, cuirfidh na Ballstáit tuarascáil bhliantúil ar fheidhmíocht faoi bhráid an Choimisiúin maidir le cur chun feidhme an Phlean Straitéisigh faoi CBT sa bhliain airgeadais roimhe sin. Cumhdófar na blianta airgeadais 2021 agus 2022 sa tuarascáil a chuirfear isteach in 2023. Maidir le híocaíochtaí díreacha dá dtagraítear i gCaibidil II de Theideal III, ní chumhdófar sa tuarascáil ach sa bhliain 2022 amháin.

2.Sa tuarascáil bhliantúil ar fheidhmíocht dheireanach, a chuirfear isteach faoin 15 Feabhra 2030, beidh achoimre ar na meastóireachtaí arna ndéanamh le linn na tréimhse cur chun feidhme.

3.Le go gceadófar iad, beidh an fhaisnéis ar fad a éilítear i mír 4, i mír 5 agus i mír 7 sa tuarascáil bhliantúil ar fheidhmíocht. Cuirfidh an Coimisiún in iúl don Bhallstát laistigh de 15 lá oibre ón dáta a fhaigheann sé an tuarascáil bhliantúil ar fheidhmíocht i gcás nach bhfuil sé inghlactha, agus mura ndéanfar sin measfar í a bheith inghlactha.

4.Leagfar amach i dtuarascálacha bliantúla feidhmíocht faisnéis cháilíochtúil agus chainníochtúil ríthábhachtach maidir le cur chun feidhme an Phlean Straitéisigh faoi CBT trí thagairt a dhéanamh do shonraí airgeadais, do tháscairí aschuir agus toraidh agus i gcomhréir leis an dara mír d’Airteagal 118. Áireofar iontu freisin faisnéis maidir le haschuir, caiteachas agus torthaí arna gcur i gcrích agus an tachar atá fágtha gan déanamh chun na spriocanna faoi seach a ghnóthú.

Maidir leis na cineálacha idirghabhálacha nach bhfuil faoi réir Airteagal 89 den Rialachán seo, agus i gcás ina ndiallfaidh cóimheas an aschuir arna chur i gcrích agus an chaiteachais arna chur i gcrích le 50% ón gcóimheas bliantúil a bheartaítear maidir le haschur agus caiteachas, is féidir leis an mBallstát údar cuí a chur isteach le haghaidh an diallais sin.

5.Bainfidh na sonraí a tharchuirfear le luachanna arna ngnóthú le haghaidh táscairí a bhaineann le hidirghabhálacha arna gcur chun feidhme i bpáirt nó go hiomlán. Leagfar amach leo freisin sintéis ar staid chur chun feidhme an Phlean Straitéisigh faoi CBT arna chur i gcrích sa bhliain airgeadais roimhe, aon saincheisteanna a dhéanann difear d’fheidhmíocht an Phlean Straitéisigh faoi CBT, go háirithe maidir le diallais ó gharspriocanna, na cúiseanna atá leo agus, i gcás inarb ábhartha, tuairisc a dhéanamh ar na bearta arna ndéanamh

6.Maidir le hionstraimí airgeadais, le cois na sonraí a soláthrófar faoi mhír 4, soláthrófar faisnéis maidir leo seo a leanas:

(a)an caiteachas incháilithe de réir cineál táirge airgeadais;

(b)méid na gcostas bainistíochta agus na dtáillí arna ndearbhú mar chaiteachas incháilithe;

(c)de réir cineál táirge airgeadais, an méid acmhainní príobháideacha agus poiblí arna núsáid le cois CETFT;

(d)ús agus gnóthachain eile arna nginiúint trí thacaíocht ó ranníocaíocht CETFT d’ionstraimí airgeadais dá dtagraítear in Airteagal [54] de Rialachán (AE) [Rialachán na bhForálacha Coiteanna] agus acmhainní inchurtha i leith tacaíocht ó CETFT arna gcur ar ais dá dtagraítear in Airteagal 56 den Rialachán sin.

7.Déanfaidh an Coimisiún athbhreithniú bliantúil ar fheidhmíocht agus imréiteach feidhmíochta bliantúil dá dtagraítear in Airteagal [52] den Rialachán (AE) [an Rialachán Cothrománach] bunaithe ar an bhfaisnéis arna soláthar sna tuarascálacha bliantúla ar Fheidhmíocht.

8.San athbhreithniú bliantúil ar fheidhmíocht, féadfaidh an Coimisiún breathnóireachtaí a dhéanamh maidir leis na tuarascálacha bliantúla ar fheidhmíocht laistigh de mhí amháin tar éis a dtíolactha. I gcás nach gcuireann an Coimisiún barúlacha in iúl laistigh den spriocdháta sin, measfar gur glacadh leis na tuarascálacha.

Beidh feidhm ag Airteagal 108 maidir le teorainneacha ama a ríomh i dtaca le gníomhartha an Choimisiún mutatis mutandis.

9.I gcás ina léirítear leis an luach a thuairiscítear i gceann amháin nó níos mó de na táscairí toraidh go bhfuil bearna níos mó ná 25 % ann amach ón ngarsprioc faoi seach maidir leis an mbliain tuarascála lena mbaineann, féadfaidh an Coimisiún iarraidh ar an mBallstát plean gníomhaíochta thíolacadh i gcomhréir le hAirteagal 39(1) de Rialachán (AE) [ Rialachán Cothrománach], ina ndéanfar tuairisc ar na gníomhaíochtaí feabhais a bheartaítear agus an tachar ama a bhfuiltear ag súil leis.

10.Déanfar na tuarascálacha bliantúla ar fheidhmíocht, mar aon le hachoimre á ninneachar do na saoránaigh, a chur ar fáil don phobal.

11.Glacfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme lena leagfar síos rialacha maidir le cur i láthair inneachar na dtuarascálacha bliantúla ar fheidhmíocht. Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 139(2).

Airteagal 122
Cruinnithe athbhreithnithe bliantúla

1.Eagróidh na Ballstáit cruinniú athbhreithnithe bliantúil gach bliain i gcomhar leis an gCoimisiún, agus beidh an Coimisiún ina chomhchathaoirleach nó ina chathaoirleach ar an gcruinniú a bheidh ann ar dháta nach déanaí ná dhá mhí tar éis don tuarascáil bhliantúil ar fheidhmíocht a bheith curtha faoina bhráid.

2.Beidh sé d’aidhm ag an gcruinniú athbhreithnithe bliantúil feidhmíocht gach plean a scrúdú, lena náirítear dul chun cinn arna dhéanamh i dtreo na spriocanna atá leagtha síos a ghnóthú, agus scrúdú a dhéanamh ar aon saincheisteanna a dhéanann difear d’fheidhmíocht agus ar ghníomhaíochtaí a dhéanfar chun aghaidh a thabhairt orthu, gníomhaíochtaí a rinneadh roimhe nó a dhéanfar amach anseo.

CAIBIDIL III
CÓRAS DREASACHTAÍ LE hAGHAIDH DEA-FHEIDHMÍOCHT CHOMHSHAOIL AGUS AERÁIDE

Airteagal 123
Bónas feidhmíochta

1.Féadfar bónas feidhmíochta a thabhairt do na Ballstáit sa bhliain 2026 chun feidhmíocht shásúil a chúiteamh i ndáil leis na spriocanna comhshaoil agus aeráide ar an dtuiscint go gcomhlíonann an Ballstát lena mbaineann an coinníoll in Airteagal 124(1).

2.Beidh an bónas feidhmíochta cothrom le 5% den mhéid in aghaidh an Bhallstáit don bhliain airgeadais 2027 arna leagan amach in Iarscríbhinn IX.

Na hacmhainní a aistrítear idir CERT agus CETFT faoi Airteagal 15 agus faoi Airteagal 90, déantar iad a eisiamh chun críche an bónas feidhmíochta a ríomh.

Airteagal 124
Sannadh an bhónais feidhmíochta

1.Bunaithe ar an athbhreithniú ar an bhfeidhmíocht sa bhliain 2026, an bónas feidhmíochta a choinnítear siar ó shannadh Ballstáit i gcomhréir leis an dara mír d’Airteagal 123, tabharfar don Bhallstát sin é más amhlaidh go léiríonn na táscairí toraidh a chuirtear i bhfeidhm maidir leis na cuspóirí sonracha a bhaineann leis an gcomhshaol agus leis an aeráid a leagtar amach i bpointí (d), (e) agus (f) d’Airteagal 6(1) ina Phlean Straitéiseach faoi CBT gur gnóthaíodh 90% ar a laghad de luach na sprice don bhliain 2025.

2.Laistigh de dhá mhí tar éis don Choimisiún an tuarascáil bhliantúil ar fheidhmíocht a fháil sa bhliain 2026, glacfaidh sé gníomh cur chun feidhme, gan nós imeachta an Choiste a chur i bhfeidhm dá dtagraítear in Airteagal 139 chun a chinneadh maidir le gach Ballstát cé acu ar ghnóthaigh gach Plean Straitéiseach faoi CBT faoi seach na spriocluachanna dá dtagraítear i mí 1den Airteagal seo nó nár ghnóthaigh.

3.I gcás ina ngnóthaítear na spriocluachanna dá dtagraítear i mír 1, deonóidh an Coimisiún méid an bhónais feidhmíochta leis na Ballstáit lena mbaineann agus measfar iad a bheith sannta go deimhin don bhliain airgeadais 2027 ar bhonn an chinnidh dá dtagraítear i mír 2.

4.I gcás nach ngnóthaítear na spriocluachanna dá dtagraítear i mír 1, ní dheonóidh an Coimisiún na gealltanais don bhliain airgeadais 2027 i ndáil le méid bónais feidhmíochta na mBallstát lena mbaineann.

5.Nuair a thabharfar an bónas feidhmíochta, féadfaidh an Coimisiún cásanna force majeure agus géarchéimeanna socheacnamaíocha a chur san áireamh lena gcuirtear bac ar ghnóthú na ngarspriocanna ábhartha sin.

6.Glacfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme, lena leagtar síos na socruithe mionsonraithe chun cur chuige comhleanúnach a áirithiú le haghaidh sannadh an bhónais do na Ballstáit. Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 139(2).

CAIBIDIL IV
MEASTÓIREACHT AR PHLEAN STRAITÉISEACH FAOI CBT

Airteagal 125
Meastóireachtaí ex ante

1.Déanfaidh gach Ballstát meastóireachtaí ex ante chun cáilíocht cheapadh a gcuid Pleananna Straitéisí faoi CBT a fheabhsú.

2.Cuirfear meastóireacht ex ante i gcrích faoi fhreagracht an údaráis atá freagrach as an bPlean Straitéiseach faoi CBT a ullmhú.

3.Tabharfar breithmheas ar an méid seo a leanas sa mheastóireacht:

(a)rannchuidiú an Phlean Straitéisigh faoi CBT le cuspóirí sonracha CBT, agus riachtanais náisiúnta agus réigiúnacha agus an fhorbairt a d’fhéadfaí a bheith ann á gcur san áireamh chomh maith le ceachtanna a foghlaimíodh ó chur chun feidhme CBT i gclárthréimhsí roimhe sin;

(b)comhleanúnachas inmheánach an Phlean Straitéisigh faoi CBT atá beartaithe agus an gaol le hionstraimí ábhartha eile;

(c)a chomhsheasmhaí is atá leithdháileadh acmhainní buiséadacha le cuspóirí sonracha an Phlean Straitéisigh faoi CBT;

(d)an chaoi a rannchuideoidh na haschuir a bhfuil súil leo le torthaí;

(e)cibé an bhfuil na spriocluachanna cainníochtaithe le haghaidh torthaí réadúil, ag féachaint don tacaíocht a shamhlaítear a thiocfaidh ó CERT agus CETFT ;

(f)leordhóthanacht na nacmhainní daonna agus an chumais riaracháin chun an Plean Straitéiseach faoi CBT a bhainistiú;

(g)oiriúnacht na nósanna imeachta chun faireachán a dhéanamh ar an bPlean Straitéiseach faoi CBT agus chun na sonraí is gá chun meastóireachtaí a dhéanamh a bhailiú;

(h)oiriúnacht na ngarspriocanna arna roghnú le haghaidh an chreata feidhmíochta;

(i)bearta atá pleanáilte chun an tualach riaracháin a laghdú ar thairbhithe;

(j)an réasúnaíocht maidir le húsáid na nionstraimí airgeadais arna maoiniú ag CETFT.

4.Cuimseofar i meastóireacht ex ante, i gcás inarb iomchuí, na ceanglais maidir leis an measúnú straitéiseach comhshaoil a leagtar amach i gcur chun feidhme Threoir 2001/42/CE lena gcuirtear san áireamh na riachtanais don mhaolú ar an athrú aeráide.

Airteagal 126
Meastóireachtaí ar Phleananna Straitéiseacha faoi CBT le linn na tréimhse cur chun feidhme agus ex post

1.Déanfaidh na Ballstáit na meastóireachtaí ar na Pleananna Straitéiseacha faoi CBT chun cáilíocht agus ceapadh cur chun feidhme pleananna a fheabhsú, chomh maith le measúnú a dhéanamh ar a néifeachtacht, a néifeachtúlacht, a nábharthacht, a gcomhsheasmhacht, luach breise don Aontas Eorpach agus a dtionchar i ndáil lena rannchuidiú le cuspóirí ginearálta agus sonracha CBT arna leagan amach in Airteagal 5 agus in Airteagal 6(1).

2.Cuirfidh na Ballstáit na meastóireachtaí i muinín saineolaithe neamhspleácha ó thaobh feidhme de.

3.Áiritheoidh na Ballstáit go bhfuil nósanna imeachta ar bun chun na sonraí is gá le haghaidh meastóireachtaí a tháirgiú agus a bhailiú.

4.Beidh na Ballstáit freagrach as meastóireacht a dhéanamh ar leordhóthanacht idirghabhálacha an Phlean Straitéisigh faoi CBT chun críche na cuspóirí sonracha a ghnóthú arna leagan amach in Airteagal 6(1).

5.Déanfaidh na Ballstáit plean meastóireachta a tharraingt suas ina léirítear na gníomhaíochtaí meastóireachtaí a bheartaítear le linn na tréimhse cur chun feidhme.

6.Cuirfidh na Ballstáit an plean meastóireachta faoi bhráid an Choiste Faireacháin tráth nach déanaí ná bliain amháin tar éis glacadh an Phlean Straitéisigh faoi CBT.

7.Beidh an tÚdarás Bainistíochta freagrach as meastóireacht chuimsitheach ar an bPlean Straitéiseach faoi CBT a thabhairt i gcrích faoi 31/12/2031.

8.Cuirfidh na Ballstáit gach meastóireacht ar fáil don phobal.

CAIBIDIL V
MEASÚNÚ AR FHEIDHMÍOCHT ARNA DÉANAMH AG AN gCOIMISIÚN

Airteagal 127
Measúnú agus meastóireacht ar fheidhmíocht

1.Bunóidh an Coimisiún plean meastóireachta ilbhliantúil ar CBT a dhéanfar faoina fhreagracht féin.

2.Déanfaidh an Coimisiún meastóireacht eatramhach lena scrúdófar éifeachtacht, éifeachtúlacht, ábharthacht, comhsheasmhacht agus breisluach AE maidir le CERT agus CETFT faoi dheireadh na tríú bliana tar éis thús cur chun feidhme na bPleananna Straitéiseacha faoi CBT agus na táscairí arna leagan amach in Iarscríbhinn I á gcur san áireamh. Féadfaidh an Coimisiún úsáid a bhaint as an fhaisnéis uile is ábhartha atá ann cheana féin i gcomhréir le hAirteagal [128] den [Rialachán Airgeadais Nua].

3.Déanfaidh an Coimisiún meastóireacht ex post lena scrúdófar éifeachtacht, éifeachtúlacht, ábharthacht, comhsheasmhacht agus breisluach AE maidir le CERT agus CETFT.

4.Bunaithe ar fhianaise a sholáthraítear i meastóireachtaí CBT, lena náirítear meastóireachtaí ar Phleananna Straitéiseacha faoi CBT, chomh maith le foinsí faisnéise ábhartha eile, cuirfidh an Coimisiún tuarascáil thosaigh maidir le cur chun feidhme an Airteagail seo, lena náirítear na chéad torthaí ar fheidhmíocht CBT, faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus faoi bhráid na Comhairle, tar éis don mheastóireacht eatramhach a bheith tugtha i gcrích. Tíolacfar an dara tuarascáil lena náirítear measúnú ar fheidhmíocht CBT, faoin 31 Nollaig 2031.

Airteagal 128
Tuairisciú bunaithe ar chroí
thacar táscairí

I gcomhréir leis an gceanglas tuairiscithe atá ar an gCoimisiún de bhun Airteagal [38(3)(e)(i)] den Rialachán Airgeadais Nua], cuirfidh sé faisnéis maidir le feidhmíocht faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle, faisnéis dá dtagraítear san Airteagal sin arna thomhas trí croíthacar táscairí a úsáid arna leagan amach in Iarscríbhinn XI.

Airteagal 129
Forálacha ginearálta

1.Soláthróidh na Ballstáit don Choimisiún gach faisnéis is gá le go mbeifear in ann faireachán agus meastóireacht a dhéanamh ar CBT.

2.Is ó fhoinsí sonraí fadbhunaithe go príomha a thiocfaidh na sonraí is gá le haghaidh na dtáscairí comhthéacs agus tionchair, amhail an Líonra Sonraí um Chuntasaíocht Feirme agus Eurostat. I gcás nach bhfuil sonraí do na táscairí sin ar fáil nó nach bhfuil siad iomlán, tabharfar aghaidh ar na bearnaí i gcomhthéacs an Chláir Staitistiúil Eorpaigh arna bhunú faoi Rialachán (AE) Uimh. 223/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 40 , i gcomhthéacs an chreata dlí lena rialáiltear an Líonra Sonraí um Chuntasaíocht Feirme nó trí chomhaontuithe foirmiúla le soláthraithe eile sonraí amhail an tAirmheán Comhpháirteach Taighde agus an Ghníomhaireacht Eorpach Chomhshaoil.

3.Déanfar cláir riaracháin amhail an Córas Comhtháite Riaracháin agus Rialaithe (CCRR), gcóras aitheantais le haghaidh dáileachtaí talún (LPIS), cláir ainmhithe agus fíonghort a chothabháil. Déanfar CCRR agus LPIS a fhorbairt a thuilleadh chun riachtanais staitisticiúla CBT a chomhlíonadh ar dhóigh níos fearr. Úsáidfear sonraí ó chláir riaracháin oiread agus is féidir chun críocha staitisticiúla, i gcomhar le húdaráis staitisticiúla sna Ballstáit agus le Eurostat.

4.Féadfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh, lena leagtar síos na rialacha maidir leis an bhfaisnéis a chuirfidh na Ballstáit isteach, agus an gá atá ann le haon ualach riaracháin míchuí a sheachaint á chur san áireamh aige, mar aon le rialacha maidir leis na riachtanais sonraí idir na foinsí sonraí a d’fhéadfadh a bheith ann. Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 139(2).

TEIDEAL VIII
FORÁLACHA IOMAÍOCHTA

Airteagal 130
Rialacha is infheidhme maidir le gnóthais

I gcás ina ndeonaítear tacaíocht faoi Theideal III den Rialachán seo d'fhoirmeacha comhair idir ghnólachtaí, ní fhéadfar í a dheonú ach d’fhoirmeacha comhair den sórt sin a chomhlíonann na rialacha iomaíochais is infheidhme de bhua Airteagal 206 go dtí Airteagal 209 de Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013.

Airteagal 131
Státchabhair

1.Ach amháin má fhoráiltear a mhalairt sa Teideal seo, beidh feidhm ag Airteagail 107, ag Airteagal 108 agus ag Airteagal 109 de CFAE maidir le tacaíocht a thabhairt faoin Rialachán seo.

2.Ní bheidh feidhm ag Airteagail 107, ag Airteagal 108 agus ag Airteagal 109 de CFAE maidir le híocaíochtaí arna ndéanamh ag na Ballstáit de bhun an Rialacháin seo agus i gcomhréir leis, nó maidir leis an maoiniú náisiúnta breise dá dtagraítear in Airteagal 132 an Rialacháin seo, faoi raon feidhme Airteagal 42 CFAE.

3.De mhaolú ar mhír 2, beidh feidhm ag Airteagal 107, Airteagal 108 agus 109, de CFAE maidir le tacaíocht a thugtar le haghaidh oibríocht a thagann laistigh de raon feidhme Airteagal 42 CFAE agus lasmuigh de, seachas i gcás ina dtugtar tacaíocht trí ionstraim airgeadais.

Airteagal 132
Maoiniú náisiúnta breise

I gcás íocaíochtaí a dhéanann na Ballstáit maidir le hoibríochtaí a thagann faoi raon feidhme Airteagal 42 CFAE agus atá beartaithe maoiniú breise a sholáthar le haghaidh idirghabhálacha a bhfuil tacaíocht ón Aontas formheasta ina leith tráth ar bith le linn thréimhse an Phlean Straitéisigh faoi CBT, ní fhéadfar iad a chur ar fáil ach amháin má chomhlíonann siad an Rialachán seo, má chuirtear san áireamh in Iarscríbhinn V iad a ghabhann leis na pleananna Straitéiseacha faoi CBT dá bhforáiltear in Airteagal 103(5) agus má dhéanann an Coimisiún iad a fhormheas.

Airteagal 133
Bearta náisiúnta fioscacha

Ní bheidh feidhm ag Airteagal 107, ag Airteagal 108 agus ag Airteagal 109 CFAE maidir le bearta fioscacha lena gcinneann na Ballstáit diall ó rialacha ginearálta cánacha trí lámháil a fhágáil go ndéantar an bonn cánach a chuirtear i bhfeidhm maidir le feirmeoirí a ríomh ar bhonn tréimhse ilbhliantúil.

TEIDEAL IX
FORÁLACHA GINEARÁLTA AGUS CRÍOCHNAITHEACHA

CAIBIDIL I
FORÁLACHA GINEARÁLTA

Airteagal 134
Bearta chun fadhbanna sonracha a réiteach

1.Chun fadbhanna sonracha a réiteach, glacfaidh an Coimisiún na gníomhartha cur chun feidhme a mbeidh gá agus údar leo araon i gcás éigeandála. D'fhéadfadh maolú ar fhorálacha an Rialacháin seo a bheith i gceist leis na gníomhartha cur chun feidhme sin, a mhéad agus a fhad a mbeidh fíorghá leis. Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 139(2).

2.I gcás ina néileofar sin le forais phráinne a mbeidh údar cuí tugtha leo agus chun fadhbanna sonracha dá dtagraítear i mír 1 a réiteach agus leanúnachas chóras na níocaíochtaí a áirithiú, glacfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme a bheidh infheidhme láithreach bonn, i gcomhréir leis an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 139(3).

3.Beidh éifeacht ag bearta a ghlacfar faoi mhír 1 nó mír 2 ar feadh tréimhse nach faide ná dhá mhí dhéag. Más ann, tar éis na tréimhse sin, do na fhadhbanna sonracha dá dtagraítear sna míreanna sin, féadfaidh an Coimisiún tograí iomchuí reachtach a thíolacadh chun réiteach buan a bhunú.

4.Féadfaidh an Coimisiún Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle a chur ar an eolas faoi aon bheart a ghlacfar faoi mhír 1 nó faoi mhír 2 laistigh de dhá lá oibre tar éis é a ghlacadh.

Airteagal 135
Cur i bhfeidhm maidir leis na réigiúin is forimeallaí agus maidir leis na hoileáin bheaga Aeigéacha

1.Maidir le híocaíochtaí díreacha a dheonaítear sna réigiúin is forimeallaí de chuid an Aontais i gcomhréir le Caibidil IV de Rialachán (AE) Uimh. 228/2013, ní bheidh feidhm ach ag pointe (a), pointe (b) agus (d) d’Airteagal 4(1), Roinn 2 de ChaibidilI I, de Theideal III, Airteagal 16 agus Teideal IX den Rialachán seo. Beidh feidhm ag pointe (a), pointe (b), pointe (d) d’Airteagal 4, ag Roinn 2 de Chaibidil I de Theideal III, ag Airteagal 16 agus ag Teideal IX gan aon oibleagáid i ndáil leis an bPlean Straitéiseach faoi CBT.

2.Maidir le híocaíochtaí díreacha a dheonaítear sna hoileáin bheaga Aeigéacha i gcomhréir le Caibidil IV de Rialachán (AE) Uimh. 229/2013, ní bheidh feidhm ach ag pointe (a), pointe (b) agus (d) d’Airteagal 3(2), ag Airteagal 4 Roinn 2 de Chaibidil I de Theideal III, ag Roinn 1 agus ag Roinn 2 de Chaibidil III de Theideal III agus de Theideal IX den Rialachán seo. Beidh feidhm Airteagal 4, Roinn 2 de Chaibidil I de Theideal III, Roinn 1 agus Roinn 2 de Chaibidil II de Theideal III agus de Theideal IX gan aon oibleagáid i ndáil leis an bPlean Straitéiseach faoi CBT.

CAIBIDIL II
CÓRAS FAISNÉISE AGUS SONRAÍ PEARSANTA A CHOSAINT

Airteagal 136
Malartú faisnéise agus doiciméad

1.Déanfaidh an Coimisiún, i gcomhar leis na Ballstáit, córas faisnéise a bhunú chun go bhféadfaidh an Coimisiún agus na Ballstáit sonraí comhleasa a mhalartú ar bhealach slán.

2.Áiritheoidh an Coimisiún go bhfuil córas leictreonach slán iomchuí ann inar féidir an phríomhfhaisnéis agus na tuarascálacha faireachán agus ar mheastóireacht a thaifeadadh, a choinneáil agus a bhainistiú.

3.Glacfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme lena leagtar síos rialacha maidir le hoibriú an chórais sin dá dtagraítear i mír 1. Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 139(2).

Airteagal 137
Sonraí pearsanta a phróiseáil agus a chosaint

1.Gan dochar d’Airteagal [96], d’Airteagal [97] agus d’Airteagal [98] de Rialachán (AE) [Rialachán Cothrománach], baileoidh na Ballstáit agus an Coimisiún sonraí pearsanta ar mhaithe lena noibleagáidí bainistithe, rialaithe, faireacháin agus meastóireachta faoi seach agus a noibleagáidí faireacháin agus meastóireachta a dhéanamh faoin Rialachán seo agus, go háirithe, na hoibleagáidí atá leagtha síos i dTeideal VI agus i dTeideal VII, agus ní dhéanfaidh siad na sonraí sin a phróiseáil ar bhealach nach luíonn leis an gcuspóir sin.

2.I gcás ina ndéantar sonraí pearsanta a phróiseáil chun críocha faireacháin agus meastóireachta faoi Theideal VII, trí úsáid a bhaint as an gcóras leictreonach daingean dá dtagraítear in Airteagal 136, coinneofar anaithnid iad agus ní phróiseálfar iad ach i bhfoirm comhiomlánaithe amháin.

3.Próiseálfar sonraí pearsanta i gcomhréir le rialacha Rialachán (AE) Uimh. 45/2001 agus Rialachán (AE) uimh. 2016/679. Go háirithe, ní stórálfar na sonraí sin i bhfoirm lena mbeifear in ann ábhair shonraí a aithint go ceann tréimhse níos faide ná mar a bhfuil gá leis ar mhaithe leis an gcúis lenar bailíodh iad nó lena bpróiseálfar a thuilleadh iad agus na tréimhsí íosta coinneála a leagtar síos sa dlí náisiúnta agus i ndlí an Aontais a bhfuil feidhm leo á gcur san áireamh.

4.Cuirfidh na Ballstáit na hábhair sonraí ar an eolas go bhféadfaidh comhlachtaí náisiúnta agus comhlachtaí de chuid an Aontais a sonraí pearsanta a phróiseáil i gcomhréir le mír 1 agus sa mhéid sin go bhfuil sé de cheart acu leas a bhaint as na cearta cosanta sonraí dá bhforáiltear le Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 agus Rialachán (AE) Uimh.2016/679.

CAIBIDIL III
TARMLIGEAN CUMHACHTA AGUS FORÁLACHA CUR CHUN FEIDHME

Airteagal 138
Tarmligean a fheidhmiú

1.Is faoi réir na gcoinníollacha a leagtar síos san Airteagal seo a thugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh.

2.Tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe dá dtagraítear in Airteagail 4, 7, 12, 15, 23, 28, 32, 35, 36, 37, 41, 50,78, 81, 104 agus in Airteagal 141 a ghlacadh go ceann tréimhse seacht mbliana ón dáta a dtiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm.. Déanfaidh an Coimisiún, tráth nach déanaí ná naoi mí roimh dheireadh na tréimhse 3 bliana, tuarascáil a tharraingt suas maidir le tarmligean na cumhachta. Déanfar tarmligean na cumhachta a fhadú go hintuigthe go ceann tréimhsí comhfhaid, mura rud é go gcuireann Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle in aghaidh an fhadaithe sin tráth nach déanaí ná trí mhí roimh dheireadh gach tréimhse.

3.Féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle tarmligean na cumhachta dá dtagraítear in Airteagail 4, 7, 12, 15, 23, 28, 32, 35, 36, 37, 41, 50, 78, 81, 104 agus in Airteagal 141 a chúlghairm tráth ar bith. Déanfaidh cinneadh chun cúlghairm a dhéanamh deireadh a chur le tarmligean na gcumhachtaí a sonraítear sa chinneadh sin. Gabhfaidh éifeacht leis an lá tar éis fhoilsiú an chinnidh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh nó ar dháta níos déanaí a shonrófar sa chinneadh. Ní dhéanfaidh sé difear do bhailíocht aon ghníomhartha tarmligthe atá i bhfeidhm cheana.

4.Sula ndéanfaidh an Coimisiún gníomh tarmligthe a ghlacadh, rachaidh sé i gcomhairle le saineolaithe arna nainmniú ag gach Ballstát i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos i gComhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr.

5.A luaithe a ghlacfaidh sé gníomh tarmligthe, tabharfaidh an Coimisiún fógra ina leith, an tráth céanna, do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle.

6.Ní thiocfaidh gníomh tarmligthe a ghlactar de bhun Airteagail 4, 7, 12, 15, 23, 28, 32, 35, 36, 37, 41, 50, 78, 81, 104 agus de bhun Airteagal 141 i bhfeidhm ach amháin mura mbeidh aon agóid curtha in iúl ag Parlaimint na hEorpa nó ag an gComhairle laistigh de thréimhse dhá mhí tar éis fógra faoin ngníomh sin a bheith tugtha do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle nó más rud é, roimh dhul in éag na tréimhse sin, go mbeidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle araon tar éis a chur in iúl don Choimisiún nach ndéanfaidh siad aon agóid. Déanfar an tréimhse sin a fhadú dhá mhí ar thionscnamh Pharlaimint na hEorpa nó na Comhairle.

Airteagal 139
Nós imeachta coiste

1.Tabharfaidh 'Coiste an Chomhbheartais Talmhaíochta' cúnamh don Choimisiún. Beidh an Coiste sin ina choiste de réir bhrí Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

2.I gcás ina ndéanfar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5 de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

3.I gcás ina ndéanfar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 8 de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011, i gcomhar le hAirteagal 5 de.

CAIBIDIL IV
FORÁLACHA CRÍOCHNAITHEACHA

Airteagal 140
Aisghairmeacha

1.Aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 1305/2013 le héifeacht ón 1 Eanáir 2021.

Mar sin féin, beidh fheidhm aige fós maidir le hoibríochtaí atá curtha chun feidhme de bhun cláir forbartha tuaithe arna bhformheas ag an gCoimisiún faoin Rialachán sin roimh an 1 Eanáir 2021.

Beidh feidhm ag Airteagal 32 agus ag Iarscríbhinn III de Rialachán (AE) Uimh. 1305/2013 go fóill i ndáil le hainmniú na gceantar nár mhór aghaidh a thabhairt ar shrianta nádúrtha agus ar shrianta sonracha eile. Léifear tagairtí do na cláir forbartha tuaithe mar thagairtí do na Pleananna Straitéiseacha faoi CBT.

2.Aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 1307/2013 le héifeacht ón 1 Eanáir 2021.

Mar sin féin, leanfaidh sé d'fheidhm a bheith aige i ndáil le hiarratais ar chabhair a bhaineann le blianta éilimh a thosaíonn roimh an 1 Eanáir 2021.

Beidh feidhm ag Airteagal 17 agus ag Airteagal 19 de Rialachán (AE) Uimh. 1307/2013, chomh maith le hIarscríbhinn I a ghabhann leis an Rialachán sin go fóill i gcás inarb ábhartha le haghaidh na Cróite go dtí an 31 Nollaig 2021.

Airteagal 141
Bearta idirthréimhseacha

Tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 138 lena ndéanfar forálacha an Rialacháin seo a fhorlíonadh maidir leis na bearta is gá chun aon chearta a bheidh faighte agus aon ionchais dhlisteanacha tairbhithe a chosaint chun an taistriú a éascú ó na socruithe dá bhforáiltear i Rialachán (AE) Uimh. 1305/2013 agus i Rialachán(AE) Uimh. 1307/2013 go dtí na socruithe siúd a leagtar síos sa Rialachán seo. Leagfar síos leis na rialacha idirthréimhseacha sin go háirithe na coinníollacha faoina bhféadfar an tacaíocht arna formheas ag an gCoimisiún faoi Rialachán (AE) Uimh. 1305/2013 a chomhtháthú le tacaíocht da bhforáiltear faoin Rialachán seo, lena náirítear le haghaidh cúnamh teicniúil agus le haghaidh na meastóireachtaí ex post.

Airteagal 142
Teacht i bhfeidhm agus cur i bhfeidhm

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm ar an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil,

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa    Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán    An tUachtarán

RÁITEAS AIRGEADAIS REACHTACH

1.LEAGAN AMACH AN TOGRA/TIONSCNAIMH

1.1.Teideal an togra/tionscnaimh

1.2.Réimse/réimsí beartais lena mbaineann i gcreat ABM/ABB

1.3.An cineál togra/tionscnaimh

1.4.Forais an togra/tionscnaimh

1.5.Fad agus tionchar airgeadais

1.6.Modhanna bainistíochta atá beartaithe

2.BEARTA BAINISTÍOCHTA

2.1.Rialacha faireacháin agus tuairiscithe

2.2.Córas bainistíochta agus rialaithe

2.3.Bearta chun calaois agus neamhrialtachtaí a chosc

3.AN TIONCHAR AIRGEADAIS A MHEASTAR A BHEIDH AG AN TOGRA/TIONSCNAMH

3.1.Ceannteideal/ceannteidil an chreata airgeadais ilbhliantúil agus na línte buiséid ar a nimreofar tionchar

3.2.An tionchar a mheastar a bheidh ag an togra/tionscnamh ar chaiteachas

3.2.1.Achoimre ar an tionchar a mheastar a bheidh ag an togra/tionscnamh ar chaiteachas

3.2.2.An tionchar a mheastar a bheidh ag an togra/tionscnamh ar leithreasuithe de chineál riaracháin

3.2.3.Ranníocaíochtaí ó thríú páirtithe

3.3.An tionchar a mheastar a bheidh ar ioncam

1.LEAGAN AMACH AN TOGRA

1.1.Teideal an togra

a) Togra le haghaidh Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir leis an gComhbheartas Talmhaíochta a mhaoiniú, a bhainistiú agus faireachán a dhéanamh air agus lena naisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 1306/2013;

b) Togra le haghaidh Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena mbunaítear rialacha maidir le tacaíocht do phleananna straitéiseacha arna dtarraingt suas ag na Ballstáit faoin gComhbheartas Talmhaíochta (Pleananna Straitéiseacha faoi CBT) agus arna maoiniú ag an gCiste Eorpach um Ráthaíocht Talmhaíochta (CERT) agus ag an gCiste Eorpach Talmhaíochta um Fhorbairt Tuaithe (CETFT) agus lena naisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 1305/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Rialachán (AE) Uimh. 1307/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle;

c) Togra le haghaidh Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1308/2013 lena mbunaítear comheagrú na margaí i dtáirgí talmhaíochta, (AE) Uimh. 1151/2012 maidir le scéimeanna cáilíochta do tháirgí talmhaíochta agus do bhia-earraí, (AE) Uimh. 251/2014 maidir le sainmhíniú, tuairisc, cur i láthair, lipéadú agus cosaint tásc geografach i ndáil le táirgí fíona cumhraithe, (AE) Uimh. 228/2013 lena leagtar síos bearta sonracha don talmhaíocht sna réigiúin is forimeallaí den Aontas, agus (AE) Uimh. 229/2013 lena leagtar síos bearta sonracha don talmhaíocht i bhfabhar na noileán beag Aeigéach.

1.2.Réimse/réimsí beartais lena mbaineann (Cnuasach clár)

Cnuasach clár 8 - Beartas Talmhaíochta agus Muirí faoi Cheannteideal 3 den Chreat Airgeadais Ilbhliantúil (CAI) 2021-2027 – Acmhainní Nádúrtha agus an Comhshaol

1.3.Baineann an togra/tionscnamh le:

 beart nua a leanann treoirthionscadal/réamhbheart 41  

 síneadh ar bheart atá ann cheana 

beart nó bearta a chumasc nó a atreorú i dtreo beart eile/beart nua 

1.4.Forais an togra/tionscnaimh

1.4.1.Na ceanglais is gá a chomhlíonadh sa ghearrthéarma nó san fhadtéarma, lena náirítear amlíne mhionsonraithe maidir le cur chun feidhme céimneach an tionscnaimh

Is iad na nithe seo a leanas is aidhm do chuspóirí an Chomhbheartais Talmhaíochta (CBT), a leagtar amach in Airteagal 39 de Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh:

(a) táirgiúlacht talmhaíochta a mhéadú (lena náirítear trí bhíthin dul chun cinn teicniúil agus tríd an úsáid is fearr is féidir a bhaint as tosca táirgeachta);

(b) lena náirithítear, mar sin, caighdeán cóir maireachtála do lucht na talmhaíochta (lena náirítear trí thuilleamh a mhéadú);

(c) margaí a chobhsú;

(d) infhaighteacht soláthairtí a áirithiú; agus

(e) a áirithiú go mbíonn soláthairtí á gcur chuig tomhaltóirí ar phraghsanna réasúnta.

Coigeartaítear agus eagraítear iad sin ar bhonn na ndúshlán a luaitear i roinn 1.4.2 thíosluaite d’fhonn béim a chur ar na deich dtosaíocht de chuid an Choimisiúin le haghaidh 2015-2019 agus ar Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe na Náisiún Aontaithe agus d’fhonn go gcomhlíonfar na tograí thuasluaite arb é is aidhm dóibh creat reachtach don Chomhbheartas Talmhaíochta a leagan síos le haghaidh na tréimhse 2021-2027 – CBT níos simplí, níos cliste, níos nua-aimseartha agus níos inbhuanaithe.

1.4.2.Breisluach a bhaineann le rannpháirtíocht an Aontais (d’fhéadfadh an breisluach a bheith mar thoradh ar fhachtóirí éagsúla, e.g. gnóthachain de thoradh comhordú, deimhneacht dhlíthiúil, éifeachtacht mhéadaithe nó comhlántachtaí). Chun críocha an phointe seo, is é a chiallaíonn “breisluach a bhaineann le rannpháirteachas an Aontais” an luach a bhíonn mar thoradh ar idirghabháil an Aontais atá sa bhreis ar an luach a bheadh ann murach sin ag na Ballstáit dá mbeidís ag feidhmiú leo féin.

Fágann na dúshláin trasteorann agus dhomhanda roimh an earnáil talmhaíochta agus roimh cheantair thuaithe san Aontas go dteastaíonn comhbheartas ar leibhéal an Aontais. Le CBT, tugtar aghaidh ar na dúshláin sin tríd an méid seo a leanas:

● margadh aonair agus cothrom iomaíochta a chinntiú trí chóras slándála ioncaim comhchoiteann i dtaca le tacaíocht a sholáthar lena gcuirtear taca faoi shlándáil bia agus lena seachnaítear saobhadh iomaíochta ionchasach;

● taca a chur faoi athléimneacht earnáil feirmeoireachta an Aontais atá riachtanach chun leas a bhaint as an domhandú agus

● beart a dhéanamh maidir le príomhghnéithe na ndúshlán inbhuanaitheachta amhail an tathrú aeráide, úsáid an uisce, cáilíocht an aeir agus an bhithéagsúlacht trí bhíthin bhonnstruchtúr comhshaoil CBT.

I réimsí eile, ní mór tuilleadh coimhdeachta a chur le gné láidir uile-Aontais. Áirítear sna réimsí sin slándáil bia (e.g. caighdeáin a chomhchuibhiú), dúshláin i gceantair thuaithe (tá bearnaí móra maidir le dífhostaíocht tuaithe i measc na mBallstát), drochbhonneagar agus drochsheirbhísí tuaithe, laigí sa taighde agus sa nuálaíocht, agus fadhbanna a bhaineann le cáilíocht bia, sláinte phoiblí agus cothúchán. Le freagairt iomchuí ar leibhéal an Aontais do na dúshláin sin, is féidir gníomhaíocht níos éifeachtúla agus níos éifeachtaí a dhéanamh nuair a chuirtear í le breis solúbthachta ar leibhéal an Bhallstáit.

1.4.3.Ceachtanna a foghlaimíodh ó thaithí chosúil eile san am a chuaigh thart

Ar bhonn na meastóireachta ar an gcreat beartais reatha, comhairliúchán leathan leis na páirtithe leasmhara agus anailís ar dhúshláin agus ar riachtanais amach anseo, rinneadh measúnú tionchair cuimsitheach. Tá mionsonraí breise ar fáil sa mheasúnú tionchair agus sa mheabhrán míniúcháin a ghabhann leis na tograí dlíthiúla.

1.4.4.Comhoiriúnacht d’ionstraimí iomchuí eile agus sineirgíocht a d’fhéadfadh a bheith ann

Go príomha i dtaca le CBT, gnóthófar sineirgíochtaí suntasacha agus éifeachtaí simplithe trí chur chun feidhme na nidirghabhálacha arna maoiniú ag CERT agus CETFT a chuimsiú faoi chreat straitéiseach amháin de chuid an Phlean Straitéisigh faoi CBT. Cothófar na struchtúir atá cheana féin i bhfeidhm sna Ballstáit agus simpleofar rialacha bainistithe agus rialaithe, agus cuirfear iad in oiriúint d’idirghabhálacha sonracha arna gcur i bhfeidhm ag na Ballstáit.

Le CBT, coinnítear sineirgíochtaí láidre le beartais aeráide agus chomhshaoil, sábháilteacht bia agus saincheisteanna sláinte, an clár oibre digiteach i gceantair thuaithe agus an bithgheilleagar, eolas agus nuálaíocht, beartas méadaithe agus comharsanachta, beartais trádála agus forbartha, Erasmus+.

Oibreoidh CBT i sineirgíocht agus i gcomhlántacht le beartais agus cistí eile de chuid an Aontais amhail gníomhaíochtaí arna gcur i bhfeidhm faoi Chistí Struchtúracha agus Infheistíochta na hEorpa, ciste InvestEU, an naoú Clár Réime um Thaighde chomh maith le beartais chomhshaoil agus aeráide. I gcás inarb iomchuí, bunófar rialacha comhchoiteanna chun comhsheasmhacht agus comhlántacht a uasmhéadú idir na cistí, agus san am céanna á áirithiú go nurramófar sainiúlachtaí na mbeartas sin.

Áiritheofar sineirgíochtaí leis an gClár Réime um Thaighde i gcnuasach FP9 maidir le “Bia agus Acmhainní Nádúrtha” arb é is cuspóir dó córais talmhaíochta agus bhia a dhéanamh go hiomlán sábháilte, inbhuanaithe, athléimneach, ciorclach, éagsúil agus nuálach. Le CBT, cruthófar naisc níos láidre arís le beartas Taighde agus Nuálaíochta an Aontais tríd an mbithgheilleagar a thabhairt isteach mar thosaíocht de chuid CBT. Faoin gcnuasach maidir le “Bia agus Acmhainní Nádúrtha”, cuirtear béim freisin ar leas a bhaint as an réabhlóid dhigiteach agus, mar sin de, le gníomhaíochtaí Taighde agus Nuálaíochta cabhrófar le claochlú digiteach na talmhaíochta agus na gceantar tuaithe.

Ba cheart féachaint ar na tograí reachtacha a bhaineann leis an ráiteas airgeadais seo i gcomhthéacs níos leithne an togra le haghaidh Rialachán na bhForálacha Coiteanna lena leagtar síos creat aonair rialacha comhchoiteanna le haghaidh cistí amhail CETFT, Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa, Ciste Sóisialta na hEorpa, an Ciste Comhtháthaithe, an Ciste Eorpach Muirí agus Iascaigh agus cistí eile. Cuideoidh an creatrialachán sin go suntasach leis an ualach riaracháin a laghdú, le cistí an Aontais a chaitheamh ar bhealach éifeachtach, agus le simpliú a chur i ngníomh.

1.5.Fad agus tionchar airgeadais

tréimhse theoranta

   i bhfeidhm ó 01/01/2021 go 31/12/2027

   Tionchar airgeadais ó 2021 go 2027 do leithreasuithe faoi chomhair gealltanas agus ó 2021 go tar éis 2027 do leithreasuithe faoi chomhair íocaíochtaí.

 tréimhse neamhtheoranta don Togra le haghaidh Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1308/2013 lena mbunaítear comheagrú na margaí i dtáirgí talmhaíochta, (AE) Uimh. 1151/2012 maidir le scéimeanna cáilíochta do tháirgí talmhaíochta agus do bhia-earraí, (AE) Uimh. 251/2014 maidir le sainmhíniú, tuairisc, cur i láthair, lipéadú agus cosaint tásc geografach i ndáil le táirgí fíona cumhraithe, (AE) Uimh. 228/2013 lena leagtar síos bearta sonracha don talmhaíocht sna réigiúin is forimeallaí den Aontas, agus (AE) Uimh. 229/2013 lena leagtar síos bearta sonracha don talmhaíocht i bhfabhar na noileán beag Aeigéach

Cur chun feidhme ó 2021 (an bhliain bhuiséadach).

1.6.Modh/modhanna bainistíochta atá beartaithe 42  

 Bainistíocht dhíreach a dhéanann an Coimisiún

   ina ranna, lena náirítear an chuid sin den fhoireann atá i dtoscaireachtaí an Aontais;

   trí na gníomhaireachtaí feidhmiúcháin

 Bainistíocht atá comhroinnte leis na Ballstáit

 Bainistíocht indíreach trí chúraimí a bhaineann le cur chun feidhme an bhuiséid a shannadh dóibh seo a leanas:

tríú tíortha nó na comhlachtaí a d’ainmnigh siad;

eagraíochtaí idirnáisiúnta agus a ngníomhaireachtaí (tabhair sonraí);

BEI agus an Ciste Eorpach Infheistíochta;

comhlachtaí dá dtagraítear in Airteagal 70 agus Airteagal 71 den Rialachán Airgeadais;

comhlachtaí dlí poiblí;

comhlachtaí arna rialú ag an dlí príobháideach agus a bhfuil misean seirbhíse poiblí acu a mhéid a sholáthraíonn siad ráthaíochtaí leordhóthanacha airgeadais;

comhlachtaí arna rialú ag dlí príobháideach Ballstáit, a gcuirtear de chúram orthu comhpháirtíochtaí príobháideacha poiblí a chur chun feidhme, agus a sholáthraíonn ráthaíochtaí leordhóthanacha airgeadais;

daoine a gcuirtear de chúram orthu bearta sonracha a chur chun feidhme in CBES de bhun Theideal V de CAE, ar daoine iad a aithnítear sa bhunghníomh ábhartha.

I gcás ina sonraítear níos mó ná modh bainistíochta amháin, tabhair sonraí sa roinn “Nótaí” le do thoil.

Nótaí

Níl aon athrú substainteach ann i gcomparáid leis an staid reatha, i.e. déanfar formhór an chaiteachais a bhaineann leis na tograí reachtacha maidir le CBT a bhainistiú trí bhainistíocht chomhroinnte leis na Ballstáit. Mar sin féin, beidh cuid anbheag fós faoi bhainistíocht dhíreach ag an gCoimisiún.

2.BEARTA BAINISTÍOCHTA

2.1.Rialacha faireacháin agus tuairiscithe

Sonraigh minicíocht na mbeart agus na coinníollacha atá leo

Bunófar creat feidhmíochta, faireacháin agus meastóireachta d'fhonn an méid seo a leanas a dhéanamh:

(a)    measúnú a dhéanamh ar thionchar, éifeachtacht, éifeachtúlacht, ábharthacht, comhsheasmhacht agus breisluach AE maidir le CBT;

(b)    garspriocanna agus spriocanna a leagan síos le haghaidh cuspóirí sonracha na bPleananna Straitéiseacha faoi CBT;

(c)    faireachán a dhéanamh ar an dul chun cinn a dhéantar maidir le spriocanna an Phlean Straitéisigh faoi CBT a ghnóthú;

(d)    measúnú a dhéanamh ar thionchar, éifeachtacht, éifeachtúlacht, ábharthacht agus comhsheasmhacht idirghabhálacha de chuid na bPleananna Straitéiseacha faoi CBT;

(e)    tacú le próiseas foghlama i dtaca le faireachán agus meastóireacht.

Déanfaidh an tÚdarás Bainistíochta agus an Coiste Faireacháin faireachán ar chur chun feidhme an Phlean Straitéisigh faoi CBT agus ar an dul chun cinn a dhéantar maidir le spriocanna an Phlean Straitéisigh faoi CBT a ghnóthú.

Tuarascálacha bliantúla ar fheidhmíocht

Faoin 15 Feabhra 2023 agus faoin 15 Feabhra gach bliain ina dhiaidh sin go 2030 agus an bhliain sin san áireamh, cuirfidh na Ballstáit tuarascáil bhliantúil ar fheidhmíocht faoi bhráid an Choimisiúin maidir le cur chun feidhme an Phlean Straitéisigh faoi CBT sa bhliain airgeadais roimhe sin. Leagfar amach sna tuarascálacha seo faisnéis cháilíochtúil agus chainníochtúil ríthábhachtach maidir le cur chun feidhme an Phlean Straitéisigh faoi CBT trí thagairt a dhéanamh do shonraí airgeadais, táscairí aschuir agus táscairí toraidh. Áireofar iontu freisin faisnéis maidir le haschuir, caiteachas agus torthaí arna gcur i gcrích agus an tachar atá fágtha chun na spriocanna faoi seach a ghnóthú.

Bainfidh na sonraí a tharchuirfear le luachanna arna ngnóthú le haghaidh táscairí a bhaineann le hidirghabhálacha arna gcur chun feidhme i bpáirt nó go hiomlán. Leagfar amach leo freisin sintéis ar staid chur chun feidhme an Phlean Straitéisigh faoi CBT arna chur i gcrích sa bhliain airgeadais roimhe, aon saincheist a dhéanann difear d’fheidhmíocht an Phlean Straitéisigh faoi CBT, go háirithe maidir le diallais ó gharspriocanna, na cúiseanna atá leo agus, i gcás inarb ábhartha, na bearta arna ndéanamh.

Déanfaidh an Coimisiún Athbhreithniú Bliantúil ar Fheidhmíocht agus Imréiteach Feidhmíochta Bliantúil bunaithe ar an bhfaisnéis arna soláthar sna Tuarascálacha Bliantúla ar Fheidhmíocht.

Meastóireacht ar phlean straitéiseach faoi CBT

Déanfaidh na Ballstáit meastóireachtaí ex ante lena náirítear anailís ar na láidreachtaí, laigí, deiseanna agus bagairtí is ábhartha i dtaca leis an bPlean Straitéiseach faoi CBT lena mbaineann chun na riachtanais a dtabharfar aghaidh orthu leis an bPlean Straitéiseach faoi CBT a shainaithint.

Déanfaidh na Ballstáit na meastóireachtaí ar Phleananna Straitéiseacha faoi CBT chun cáilíocht cheapadh agus chur chun feidhme na bpleananna a fheabhsú, chomh maith le measúnú a dhéanamh ar a néifeachtacht, éifeachtúlacht, ábharthacht, comhsheasmhacht, breisluach AE agus a dtionchar i ndáil lena rannchuidiú le cuspóirí ginearálta agus sonracha CBT.

Measúnú ar fheidhmíocht arna dhéanamh ag an gCoimisiún

Bunóidh an Coimisiún plean meastóireachta ilbhliantúil ar CBT a dhéanfar faoi fhreagracht an Choimisiúin.

Déanfaidh an Coimisiún meastóireacht eatramhach lena scrúdófar éifeachtacht, éifeachtúlacht, ábharthacht, comhsheasmhacht agus breisluach AE maidir leis na Cistí agus na táscairí a leagtar amach in Iarscríbhinn VII á gcur san áireamh. Féadfaidh an Coimisiún úsáid a bhaint as gach faisnéis ábhartha atá ar fáil cheana féin i gcomhréir le hAirteagal 128 den Rialachán Airgeadais.

Déanfaidh an Coimisiún meastóireacht chúlghabhálach lena scrúdófar éifeachtacht, éifeachtúlacht, ábharthacht, comhsheasmhacht agus breisluach AE maidir leis na Cistí.

Bunaithe ar fhianaise arna soláthar sna meastóireachtaí ar CBT, lena náirítear meastóireachtaí ar Phleananna Straitéiseacha faoi CBT, chomh maith le foinsí faisnéise ábhartha eile, cuirfidh an Coimisiún tuarascáil tosaigh maidir le cur chun feidhme an Airteagail seo, lena náirítear na chéad torthaí ar fheidhmíocht CBT, faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle faoin 31 Nollaig 2025. Cuirfear an dara tuarascáil, lena náirítear measúnú ar fheidhmíocht CBT, isteach faoin 31 Nollaig 2031.

Tuairisciú bunaithe ar chroíthacar táscairí

Is é an fhaisnéis a chuireann na Ballstáit ar fáil an bonn a bheidh faoin tuairisciú a dhéanfaidh an Coimisiún faoin dul chun cinn arna dhéanamh i dtaca le cuspóirí sonracha a ghnóthú le linn na clárthréimhse ar fad, agus úsáidfear croíthacar táscairí chun na críche sin.

I gcomhréir leis an gceanglas tuairiscithe atá ar an gCoimisiún de bhun Airteagal 38(3)(e)(i) den Rialachán Airgeadais, cuirfidh sé faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle faisnéis maidir le feidhmíocht dá dtagraítear san Airteagal sin agus arna tomhas leis an gcroíthacar táscairí.

2.2.Córais bhainistíochta agus rialaithe

2.2.1.An bonn cirt atá leis na modhanna bainistíochta, na sásraí cur chun feidhme, na módúlachtaí íocaíochta agus an straitéis atá beartaithe

Is le bainistíocht chomhroinnte leis na Ballstáit a chuirtear CBT chun feidhme go príomha. Tá sé léirithe ag na comhlachtaí rialachais atá curtha ar bun cheana féin sna Ballstáit, go háirithe na gníomhaireachtaí íocaíochta agus na comhlachtaí deimhniúcháin, go bhfuil siad éifeachtach maidir le buiséad an Aontais a chosaint agus maidir le bainistíocht fhónta airgeadais a áirithiú. Léirítear leis na leibhéil sheasta atá ann le blianta beaga anuas i ndáil leis an ráta earráidí íseal faoi CBT go bhfeidhmíonn na córais bhainistithe agus rialaithe atá bunaithe ag na Ballstáit i gceart agus go dtugann siad dearbhú réasúnta.

Aithnítear an staid sin sa tsamhail seachadta nua trí choimhdeacht bhreise a thabhairt do na Ballstáit maidir leis na córais rialaithe atá i bhfeidhm a chinneadh agus a bhainistiú laistigh de thacar rialuithe níos ginearálta ar leibhéal an Aontais. Thairis sin, agus an straitéis maidir le buiséadú atá dírithe ar thorthaí agus íocaíochtaí dírithe ar fheidhmíocht á leanúint aige, le CBT déanfar nasc idir incháilitheacht na níocaíochtaí agus an seachadadh iarbhír ar an láthair. Dá bhrí sin, tá an fheidhmíocht ag croílár na samhla bainistíochta agus dearbhaithe airgeadais sna tograí reachtacha le haghaidh CBT tar éis 2020.

Beidh an straitéis rialaithe don tréimhse nua i gcomhréir iomlán leis an gcur chuige iniúchóireachta aonair, lena náiritheofar go soláthróidh gníomhaireachtaí íocaíochta creidiúnaithe agus comhlachtaí deimhniúcháin an dearbhú is gá. Beidh aird ar leith ag an gCoimisiún ar fheidhmiú éifeachtach na gcóras rialachais i bhfeidhm agus ar iontaofacht an tuairiscithe ar fheidhmíocht. Mar a dhéantar faoi láthair, dréachtófar straitéis iniúchóireachta ag tús na tréimhse, mar aon le clár oibre ilbhliantúil.

Mar achoimre, áiritheoidh an Coimisiún go mbeidh na córais rialachais atá curtha ar bun sna Ballstáit ag feidhmiú go héifeachtach, aisíocfaidh sé na híocaíochtaí arna dtabhú ag na gníomhaireachtaí íocaíochta creidiúnaithe agus déanfaidh sé imréiteach feidhmíochta bliantúil lena measúnófar na haschuir arna ngnóthú a thuairisceoidh na Ballstáit.

2.2.2.Faisnéis maidir leis na rioscaí a aithníodh agus na córais rialaithe inmheánacha a cuireadh ar bun chun na rioscaí a mhaolú

Tá breis agus seacht milliún tairbhí de chuid CBT ann, agus faigheann siad tacaíocht faoi réimse leathan scéimeanna cabhrach éagsúla. Is anuas atá an treocht i laghdú an ráta earráide i réimse CBT agus léirítear leis sin go bhfuil córais bhainistithe agus rialaithe na ngníomhaireachtaí íocaíochta stóinseach iontaofa.

Is le rialacha incháilitheachta mionsonraithe ar leibhéal an tairbhí a cuireadh CBT chun feidhme go dtí seo, rud a raibh castacht, ualach riaracháin agus riosca earráide mar thoradh breise air. Measadh na costais a bhaineann leis an gcóras bainistithe agus rialaithe, d’fhonn an riosca sin a mhaolú, a bheith rud beag díréireach.

Leis an bpacáiste reachtach le haghaidh CBT tar éis 2020, laghdófar gné an chomhlíonta go substaintiúil agus, dá réir sin, cuirfear tuilleadh béime ar fheidhmíocht. Is iad na Ballstáit a chomhlíonfaidh oibleagáidí a eascraíonn ó rialacha an Aontais agus ansin ba cheart dóibh an córas bainistithe agus rialaithe iomchuí a chur ar bun. Beidh breis solúbthachta ag na Ballstáit maidir le ceapadh na scéimeanna agus na mbeart is fearr a oirfidh dá gcúinsí nithiúla féin. Dá bhrí sin, le cistiú CBT, cuirfear coinníollacha le seachadadh straitéiseach an bheartais i dtreo cuspóirí comhchoiteanna arna sainmhíniú ar leibhéal an Aontais. Is é a bheidh sa Phlean faoi CBT an comhaontú idir na Ballstáit agus an Coimisiún lena leagfar síos agus lena bhformheasfar an straitéis ar feadh seacht mbliana, spriocanna, idirghabhálacha agus caiteachas beartaithe.

Leis an togra le haghaidh an Rialacháin maidir leis an gComhbheartas Talmhaíochta a mhaoiniú, a bhainistiú agus faireachán a dhéanamh air, leasaítear cur chuige reatha na samhla seachadta seo agus, san am céanna, coinnítear na comhlachtaí rialachais a fheidhmíonn go maith (gníomhaireachtaí íocaíochta agus comhlachtaí deimhniúcháin). Mar atá faoi láthair, gach bliain ceanglaítear ar cheannasaí gach gníomhaireachta íocaíochta dearbhú bainistíochta a sholáthar lena gcumhdaítear iomláine, cruinneas agus fírinneacht na gcuntas, feidhmiú cuí na struchtúr rialachais, lena náirítear buncheanglais an Aontais a chomhlíonadh, agus iontaofacht an tuairiscithe ar fheidhmíocht. Ceanglaítear ar chomhlacht iniúchóireachta neamhspleách (Comhlacht Deimhniúcháin) tuairim a sholáthar i dtaca leis na heilimintí seo.

Laghdófar caiteachas i gcás nach mbeidh aschuir curtha i gcrích ag an mBallstát de réir na gcaighdeán aontaithe. Déanfar iniúchóireachtaí comhlíonta chun feidhmiú na struchtúr rialachais a mheas. Leanfaidh an Coimisiún de bheith ag iniúchadh caiteachas talmhaíochta, agus cur chuige riosca-bhunaithe á úsáid aige d’fhonn a áirithiú go ndíreofar sna hiniúchtaí ar na réimsí is mó riosca, i gcomhréir le prionsabal na hiniúchóireachta aonair. Thairis sin, tá sásraí soiléire ann le haghaidh íocaíochtaí a chur ar fionraí i gcásanna ina mbeidh easnaimh thromchúiseacha sna struchtúir rialachais nó ina mbeidh treochtaí tearcfheidhmíochta suntasacha ann.

Is é an príomhriosca a shamhlaítear leis an tréimhse nua go bhféadfaidh sé go mbeidh tionchar ar chlú an Choimisiúin ag na rialacha nithiúla mionsonraithe maidir leis an gcaoi ar cheart an córas bainistithe agus rialaithe sa Bhallstát a bhunú ar leibhéal na ngníomhaireachtaí íocaíochta, i gcás nach nurramófar rialacha incháilitheachta arna mbunú ag na Ballstáit. Ba cheart béim a leagan air go náiritheoidh an Coimisiún go bhfuil córais rialachais i bhfeidhm agus go bhfuil aschuir agus torthaí á ngnóthú. Agus aird ar bhuiséadú atá dírithe ar thorthaí, cuirfidh an Coimisiún béim ar cad a chuirtear i gcrích leis an mbeartas.

2.2.3.Meastachán ar chostéifeachtúlacht na rialuithe agus an bonn cirt atá leis sin (cóimheas “costais rialaithe ÷ luach na gcistí gaolmhara arna mbainistiú”), agus measúnú ar an leibhéal riosca earráide a bhfuiltear ag súil leis (ar an íocaíocht a dhéanamh agus ar dhúnadh an chláir)

Leis an tsamhail seachadta nua do CBT, meastar go laghdófar costais na rialuithe go suntasach, le haghaidh na mBallstát agus tairbhithe araon.

Tá laghdú suntasach tagtha ar na ceanglais ar leibhéal an Aontais agus tá na ceanglais sin socraithe ar leibhéal na mBallstát, ar cheart dóibh an deis seo a thapú na hoibleagáidí atá le comhlíonadh ag tairbhithe a oiriúnú do na cúinsí nithiúla náisiúnta nó réigiúnacha.

Saineoidh na Ballstáit an córas bainistithe agus rialaithe laistigh de chreat simplithe an Aontais mar a shainmhínítear sna tograí reachtacha é. Coinneofar an Córas Comhtháite Riaracháin agus Rialaithe, atá freagrach as timpeall 88 % d’íocaíochtaí CBT, cé go bhfágfar eilimintí ar leith, a sainíodh ar leibhéal an Aontais go dtí seo, ag na Ballstáit. Dá bhrí sin, ní shaineofar déine agus raon na rialuithe, lena mbaineann na costais is mó, ar leibhéal an Aontais a thuilleadh.

Leis an mbéim ar fheidhmíocht, teastaíonn córas tuairiscithe stóinseach iontaofa a bheidh, mar a luadh i ranna roimhe seo, faoi réir iniúchtaí neamhspleácha. Ní mheastar, áfach, go mbeidh tionchar suntasach aige sin ar ualach riaracháin na mBallstát mar go bhfuil an chuid is mó de na táscairí aschuir ar fáil cheana féin sna gníomhaireachtaí íocaíochta creidiúnaithe.

Beidh sé d’acmhainn ag na Ballstáit an tualach riaracháin a bhaineann le bainistiú agus rialú CBT a shimpliú agus a laghdú, mar go mbeidh siad in ann rialacha incháilitheachta a chur in oiriúint ar leibhéal an tairbhí agus a chinneadh an chaoi is fearr chun rialú a dhéanamh (níl aon chur chuige ann a oireann do gach cás). Mar atá luaite sa Mheasúnú Tionchair a ghabhann le tograí reachtacha CBT, sa chaibidil ar an simpliú, ní mheastar go mbeidh costais seachadta CBT nua níos airde (tá siad ag 3.6 % faoi láthair), fiú agus an bhéim mhéadaithe ar thuairisciú ar fheidhmíocht á cur san áireamh.

Maidir leis an leibhéal earráidí measta, de réir na samhla seachadta nua, meastar incháilitheacht an chaiteachais ó thaobh na naschur arna ngnóthú. Dá bhrí sin, ní ríomhfaí earráidí i dtaca le dlíthiúlacht agus rialtacht na nidirbheart aonair ach ar leibhéal na naschur arna ngnóthú i gcomparáid leis an gcaiteachas arna aisíoc. Maidir leis an gcaiteachas nach bhfuil aschur comhfhreagrach aige, laghdófar é faoi chuimsiú an imréitigh feidhmíochta bhliantúil agus, mar sin de, beidh buiséad an Aontais cosanta fós.

2.3.Bearta chun calaois agus neamhrialtachtaí a chosc

Sonraigh na bearta coisctheacha agus cosanta atá ann cheana nó atá beartaithe, e.g. ón Straitéis Frithchalaoise.

Beartaítear leis an bpacáiste reachtach go náiritheoidh na Ballstáit cosaint éifeachtach ar chalaois, go háirithe i réimsí lena mbaineann leibhéal riosca níos airde, agus go ndéanfaidh siad neamhrialtachtaí agus calaois a chosc, a bhrath agus a cheartú. Ní mór do na Ballstáit pionóis éifeachtacha, athchomhairleacha agus chomhréireacha, mar a leagtar síos i reachtaíocht an Aontais nó sa dlí náisiúnta, a fhorchur, agus ní mór dóibh aon íocaíocht neamhrialta móide ús a ghnóthú.

Tá na buncheanglais sin de chuid an Aontais mar chuid de na struchtúir rialachais ar a ndéanfaidh na Comhlachtaí Deimhniúcháin iniúchadh agus, trí bhíthin cur chuige riosca-bhunaithe, ar a ndéanfaidh an Coimisiún iniúchadh freisin, agus prionsabal na hiniúchóireachta aonair á leanúint aige.

Pléifear leis na sonraí, de réir mar is iomchuí, i Straitéis Frithchalaoise athbhreithnithe de chuid AGRI. Ní mheastar, áfach, go dtiocfaidh athrú substaintiúil ar shaintréithe na calaoise ná na neamhrialtachtaí tromchúiseacha eile amach anseo i gcomparáid leis an status quo.

In CBT nua, is dócha go leanfar leis an gcur chuige reatha maidir le hoiliúint spriocdhírithe a sholáthar do na Ballstáit i dtaca le calaois agus neamhrialtachtaí tromchúiseacha eile a chosc, a bhrath agus a cheartú. Is amhlaidh an cás le nótaí treorach téamacha do na Ballstáit maidir le réimsí ardriosca ar leith.

3.AN TIONCHAR AIRGEADAIS A MHEASTAR A BHEIDH AG AN TOGRA

Sloinntear na méideanna a luaitear sa ráiteas airgeadais i bpraghsanna reatha.

I dteannta na nathruithe a eascraíonn ó na tograí reachtacha mar a liostaítear sna táblaí tionlacain thíos, tugtar le tuiscint sna tograí reachtacha go mbeidh tuilleadh athruithe ann nach mbeidh aon tionchar airgeadais acu.

Maidir leis an gcaiteachas a bhaineann leis an margadh, ba cheart a thabhairt chun suntais go bhfuil na méideanna arna gcur san áireamh le haghaidh caiteachas a bhaineann leis an margadh bunaithe ar an mbonn tuisceana nach mbeidh ceannach isteach faoi idirghabháil phoiblí ann ná aon bheart eile ann a bhaineann le cás géarchéime in aon earnáil.

Bunófar cúlchiste talmhaíochta nua in CERT chun tacaíocht bhreise a chur ar fáil don earnáil talmhaíochta chun críocha bearta slándála i gcomhthéacs bainistiú margaidh agus cobhsú margaidh agus/nó i gcás géarchéimeanna a dhéanfaidh difear don táirgeacht talmhaíochta nó dáileadh talmhaíochta. EUR 400 milliún, ar a laghad, a bheidh i méid an chúlchiste ag tús gach bliana airgeadais. Maidir leis na méideanna ón gcúlchiste géarchéime talmhaíochta nach núsáidfear sa bhliain airgeadais 2020, tabharfar ar aghaidh iad go dtí an bhliain airgeadais 2021 chun an cúlchiste a bhunú; beidh feidhm ag tar-rolladh bliantúil i leith na méideanna nach núsáidfear sa tréimhse 2021-2027. I gcás ina núsáidfear an cúlchiste, úsáidfear infhaighteachtaí buiséid atá ann cheana nó leithreasuithe nua chun é a athlíonadh. I gcás ina sárófar fo-uasteorainn shonrach CERT a leagtar síos in CAI 2021-2027, beidh feidhm ag an smacht airgeadais chun gach riachtanas os cionn na huasteorann a chumhdach, lena náirítear na riachtanais a bhaineann leis an gcúlchiste a athlíonadh. Dá bhrí sin, ní fhoráiltear maidir leis an smacht airgeadais a chur i bhfeidhm arís agus arís eile chun an cúlchiste a bhunú sa tréimhse 2021-2027. Coinneofar an sásra smachta airgeadais chun a áirithiú go nurramófar fo-uasteorainn CERT.

Maidir le cineálacha idirghabhálacha ar íocaíochtaí díreacha iad, tá na glanuasteorainneacha le haghaidh na bliana airgeadais 2021 (an bhliain féilire 2020), a leagtar síos le Rialachán (AE) Uimh. 1307/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, níos airde ná na méideanna arna leithdháileadh ar chineálacha idirghabhálacha ar íocaíochtaí díreacha iad a luaitear sna táblaí tionlacain. Dá bhrí sin, is gá iad a choigeartú i gcomhréir leis an gcomhaontú deiridh ar imchlúdach airgeadais CBT laistigh de na sprioc-amanna is gá le haghaidh cur chun feidhme tráthúil sna Ballstáit.

Áirítear sa togra go leanfar leis an bpróiseas maidir le cóineasú seachtrach na níocaíochtaí díreacha: na Ballstáit sin ag a bhfuil meánleibhéal tacaíochta faoi bhun 90 % de mheán an Aontais, dúnfaidh siad 50 % den bhearna go 90 % de mheán an Aontais le sé chéim de réir a chéile, a thosóidh in 2022. Rannchuideoidh na Ballstáit ar fad leis an gcóineasú sin a mhaoiniú. Léirítear sin i leithdháiltí na mBallstát le haghaidh íocaíochtaí díreacha in Iarscríbhinn IV den Rialachán maidir le Pleananna Straitéiseacha faoi CBT.

Maidir leis an laghdú ar íocaíochtaí na tacaíochta dírí le feirmeoirí, tá tionchar atá neodrach ó thaobh buiséid aige i dtaca le leithdháileadh na níocaíochtaí díreacha, mar go núsáidfear an toradh ar an laghdú ar íocaíochtaí chun an íocaíocht athdháilte a mhaoiniú laistigh den Bhallstát céanna. I gcás nach mbeifear in ann an laghdú ar íocaíochtaí a chur san áireamh i maoiniú na gcineálacha idirghabhálacha ar íocaíochtaí díreacha iad, aistreofar é chuig leithdháileadh CETFT de chuid an Bhallstát lena mbaineann. Ní féidir méideanna na naistrithe ionchasacha sin a chainníochtú ag an staid seo.

Maidir leis an ioncam arna shannadh do CERT, léirítear sa mheastachán tionchar na niarchur agus na dtráthchodanna deonaithe ar chinntí imréitigh a rinneadh roimhe agus a íocfar tar éis 2020, agus tionchar an ioncaim arna shannadh ó imréiteach agus neamhrialtachtaí atá le bailiú. Maidir le tionchar an ioncaim arna shannadh ó imréiteach agus neamhrialtachtaí atá le bailiú, meastar go dtiocfaidh laghdú air sin i gcomparáid leis na leibhéil reatha tar éis don tsamhail seachadta nua teacht isteach.

Maidir le CETFT, foráiltear sa togra maidir le laghdú ar rátaí cómhaoinithe an Aontais, ar an mbealach céanna le Cistí Struchtúracha agus Infheistíochta eile na hEorpa. Leis sin, agus leis an leithdháileadh le haghaidh cineálacha idirghabhálacha CETFT, fágfar tacaíocht phoiblí do cheantair thuaithe na hEorpa gan athrú den chuid is mó. Tá an leithdháileadh idir na Ballstáit bunaithe ar chritéir oibiachtúla agus ar fheidhmíocht roimhe seo.

Sna tograí le haghaidh athchóiriú, tá forálacha lena dtugtar solúbthacht áirithe do na Ballstáit maidir lena leithdháileadh le haghaidh cineálacha idirghabhálacha ar íocaíochtaí díreacha iad agus cineálacha idirghabhálacha i dtaca le forbairt tuaithe, agus idir leithdháileadh le haghaidh cineálacha idirghabhálacha ar íocaíochtaí díreacha iad agus leithdháileadh le haghaidh cineálacha idirghabhálacha earnálacha áirithe. I gcás ina gcinnfidh na Ballstáit an tsolúbthacht sin a úsáid, beidh iarmhairtí airgeadais aige sin laistigh de na méideanna airgeadais áirithe sin, nach féidir a chainníochtú ag an staid seo.

3.1.Ceannteideal an chreata airgeadais ilbhliantúil agus réamhliosta de na línte nua buiséid maidir le caiteachas atá beartaithe 43  

Ceannteideal an chreata airgeadais ilbhliantúil

Líne bhuiséid

Saghas
caiteachais

Ranníocaíocht

Ceannteideal 3:

Acmhainní Nádúrtha agus an Comhshaol

LD/LN 44 .

ó thíortha de chuid CSTE 45

ó thíortha is iarrthóirí 46

ó thríú tíortha

de réir bhrí Airteagal [21(2)(b)] den Rialachán Airgeadais

3

[08.01.YY] CERT, Cúnamh teicniúil neamhoibríochtúil

LN

NÍL

NÍL

NÍL

NÍL

3

[08.01.YY] CETFT, Cúnamh teicniúil neamhoibríochtúil

LN

NÍL

NÍL

NÍL

NÍL

3

[08.01.YY] Gníomhaireachtaí feidhmiúcháin

LN

NÍL

NÍL

NÍL

NÍL

3

[08.02.YY] Cúlchiste talmhaíochta

LN

NÍL

NÍL

NÍL

NÍL

3

[08.02.YY] Cineálacha idirghabhálacha earnálacha faoin bPlean faoi CBT

LN

NÍL

NÍL

NÍL

NÍL

3

[08.02.YY] Caiteachas a bhaineann leis an margadh lasmuigh den Phlean faoi CBT

LD agus LN

NÍL

NÍL

NÍL

NÍL

3

[08.02.YY] Cineálacha idirghabhálacha ar íocaíochtaí díreacha iad faoin bPlean faoi CBT

LN

NÍL

NÍL

NÍL

NÍL

3

[08.02.YY] Íocaíochtaí díreacha lasmuigh den Phlean faoi CBT

LN

NÍL

NÍL

NÍL

NÍL

3

[08.02.YY] CERT, Cúnamh teicniúil oibríochtúil

LD agus LN

NÍL

NÍL

NÍL

NÍL

3

[08.03.YY] 2021-2027 Cineálacha idirghabhálacha i dtaca le forbairt tuaithe faoin bPlean faoi CBT

LD

NÍL

NÍL

NÍL

NÍL

3

[08.03.YY] CETFT, Cúnamh teicniúil oibríochtúil

LD

NÍL

NÍL

NÍL

NÍL

7

[08.01.YY] Caiteachas a bhaineann le gníomhairí oifigiúla agus sealadacha sa réimse beartais “Talmhaíocht agus forbairt tuaithe”

LN

NÍL

NÍL

NÍL

NÍL

7

[08.01.YY] Pearsanra seachtrach agus caiteachas bainistíochta eile mar thaca leis an réimse beartais “Forbairt talmhaíochta agus tuaithe”

LN

NÍL

NÍL

NÍL

NÍL

7

[08.01.YY] Caiteachas a bhaineann le trealamh agus seirbhísí teicneolaíochta faisnéise agus cumarsáide sa réimse beartais “Forbairt talmhaíochta agus tuaithe”

LN

NÍL

NÍL

NÍL

NÍL

Is réamhliosta de mhíreanna buiséid é an tábla thuas agus ní dhéantar leis aon réamhbhreith ar an ainmníocht bhuiséadach nithiúil a mholfaidh an Coimisiún i gcomhthéacs an nós imeachta bhuiséadaigh bhliantúil.

3.2.An tionchar a mheastar a bheidh ag an togra/tionscnamh ar chaiteachas

3.2.1.Achoimre ar an tionchar a mheastar a bheidh ag an togra/tionscnamh ar chaiteachas

EUR milliúin (le trí ionad de dheachúlacha)

Ceannteideal an chreata airgeadais
ilbhliantúil

3

Acmhainní Nádúrtha agus an Comhshaol

2021

2022

2023

2024

2025

2026

2027

Tar éis 2027

IOMLÁN

08 02 YY – Cúlchiste talmhaíochta

Gealltanais = Íocaíochtaí

(1)

iontráil mheabhráin

iontráil mheabhráin

iontráil mheabhráin

iontráil mheabhráin

iontráil mheabhráin

iontráil mheabhráin

iontráil mheabhráin

iontráil mheabhráin

08 02 YY – Cineálacha idirghabhálacha earnálacha faoin bPlean faoi CBT  47

Gealltanais = Íocaíochtaí

(2)

2,044.116

2,066.584

2,091.060

2,115.010

2,139.737

2,165.443

2,192.347

14,814.294

08 02 YY – Caiteachas a bhaineann leis an margadh lasmuigh den Phlean faoi CBT

Gealltanais

(3)

638.309

638.309

638.309

638.309

638.309

638.309

638.309

4,468.163

Íocaíochtaí

(4)

605.136

611.601

623.808

627.643

629.770

630.334

630.314

109.558

4,468.164

08 02 YY – Cineálacha idirghabhálacha ar íocaíochtaí díreacha iad

Gealltanais = Íocaíochtaí

(5)

37,392.689

37,547.129

37,686.679

37,802.859

37,919.038

38,035.217

38,151.396

 

264,535.007

08 02 YY – Íocaíochtaí díreacha lasmuigh den Phlean faoi CBT

Gealltanais = Íocaíochtaí

(6)

421.321

421.321

421.321

421.321

421.321

421.321

421.321

 

2,949.249

08 02 YY – CERT, cúnamh teicniúil oibríochtúil 48

Gealltanais = Íocaíochtaí 49

(7)

71.000

71.000

71.000

71.000

71.000

71.000

71.000

497.000

08 01 YY – Leithreasuithe de chineál riaracháin arna maoiniú as CERT 50

Gealltanais = Íocaíochtaí

(8)

13.000

13.000

13.000

13.000

13.000

13.000

13.000

91.000

67 01 & 67 02 – Ioncam arna shannadh do CERT

Gealltanais = Íocaíochtaí

(9)

280.000

230.000

130.000

130.000

130.000

130.000

130.000

1,160.000

FO-IOMLÁN – CERT

Gealltanais

(10)=(1+2+3+5+6+7+8-9)

40,300.435

40,527.343

40,791.369

40,931.499

41,072.405

41,214.290

41,357.373

 

286,194.715

Íocaíochtaí

11)=(1+2+4+5+6+7+8-9)

40,267.262

40,500.635

40,776.868

40,920.833

41,063.866

41,206.315

41,349.378

109.558

286,194.715

08 03 YY – Cineálacha idirghabhálacha i dtaca le forbairt tuaithe

Gealltanais

(12)

11,230.561

11,230.561

11,230.561

11,230.561

11,230.561

11,230.561

11,230.561

 

78,613.927

Íocaíochtaí

(13)

786.139

3,703.699

6,314.312

7,860.977

9,356.414

10,331.700

11,025.236

29,235.450

78,613.927

08 03 YY – CETFT, cúnamh teicniúil oibríochtúil AE

Gealltanais = Íocaíochtaí 51

(14)

22.147

22.147

22.147

22.147

22.147

22.147

22.147

 

155.029

08 01 YY – Leithreasuithe de chineál riaracháin arna maoiniú as CETFT

Gealltanais = Íocaíochtaí

(15)

6.000

6.000

6.000

6.000

6.000

6.000

6.000

 

42.000

FO-IOMLÁN – CETFT

Gealltanais

(16)=(12+14+15)

11,258.708

11,258.708

11,258.708

11,258.708

11,258.708

11,258.708

11,258.708

 

78,810.955

Íocaíochtaí

(17)=(13+14+15)

814.286

3,731.846

6,342.459

7,889.124

9,384.561

10,359.847

11,053.383

29,235.450

78,810.955

IOMLÁN leithreasuithe do CBT

Gealltanais

=10+16

51,559.143

51,786.051

52,050.077

52,190.207

52,331.113

52,472.998

52,616.081

 

365,005.670

Íocaíochtaí

=11+17

41,081.548

44,232.481

47,119.327

48,809.957

50,448.427

51,566.162

52,402.761

29,345.008

365,005.670

Mar gheall ar shlánú, ní réitíonn na suimeanna iomlána le chéile.



Ceannteideal an chreata airgeadais 
ilbhliantúil:

7

“Caiteachas riaracháin”

EUR milliúin (le trí ionad de dheachúlacha)

2021

2022

2023

2024

2025

2026

2027

Tar éis 2027

IOMLÁN

Acmhainní daonna

125.678

125.678

125.678

125.678

125.678

125.678

125.678

879.746

Caiteachas riaracháin eile

6.008

6.008

6.008

6.008

6.008

6.008

6.008

42.056

IOMLÁN leithreasuithe faoi CHEANNTEIDEAL 7 den chreat airgeadais ilbhliantúil

Gealltanais = Íocaíochtaí

131.686

131.686

131.686

131.686

131.686

131.686

131.686

921.802

EUR milliúin (le trí ionad de dheachúlacha)

2021

2022

2023

2024

2025

2026

2027

Tar éis 2027

IOMLÁN

IOMLÁN leithreasuithe 
ar fud na gCEANNTEIDEAL
den chreat airgeadais ilbhliantúil
 

Gealltanais

51,690.829

51,917.737

52,181.763

52,321.893

52,462.799

52,604.684

52,747.767

 

365,927.472

Íocaíochtaí

41,213.234

44,364.167

47,251.013

48,941.643

50,580.113

51,697.848

52,534.447

29,345.008

365,927.472

Mar gheall ar shlánú, ní réitíonn na suimeanna iomlána le chéile.

3.2.2.Achoimre ar an tionchar a mheastar a bheidh ag an togra/tionscnamh ar leithreasuithe de chineál riaracháin

   Ní éilíonn an togra/tionscnamh go núsáidfear leithreasuithe de chineál riaracháin

   Éilíonn an togra/tionscnamh go núsáidfear leithreasuithe de chineál riaracháin mar a mhínítear thíos:

EUR milliúin (go dtí an tríú deachúil)

Blianta

2021

2022

2023

2024

2025

2026

2027

IOMLÁN

CEANNTEIDEAL 7 den chreat airgeadais ilbhliantúil

Acmhainní daonna

125.678

125.678

125.678

125.678

125.678

125.678

125.678

879.746

Caiteachas riaracháin eile

6.008

6.008

6.008

6.008

6.008

6.008

6.008

42.056

Fo-iomlán CHEANNTEIDEAL 7 den chreat airgeadais ilbhliantúil

131.686

131.686

131.686

131.686

131.686

131.686

131.686

921.802

Lasmuigh de CHEANNTEIDEAL 7 52
den chreat airgeadais ilbhliantúil

Acmhainní daonna

1.850

1.850

1.850

1.850

1.850

1.850

1.850

12.950

Caiteachas eile
de chineál riaracháin

17.150

17.150

17.150

17.150

17.150

17.150

17.150

120.050

Fo-iomlán
Lasmuigh de CHEANNTEIDEAL 7  den chreat airgeadais ilbhliantúil

19.000

19.000

19.000

19.000

19.000

19.000

19.000

133.000

Mar gheall ar shlánú, ní réitíonn na suimeanna iomlána le chéile.

IOMLÁN

150.686

150.686

150.686

150.686

150.686

150.686

150.686

1 054.802

Cumhdófar na hacmhainní daonna is gá agus caiteachas eile de chineál riaracháin le leithreasuithe ón ArdStiúrthóireacht a bhfuil bainistíocht an bhirt faoina gcúram cheana agus/nó atá athimlonnaithe laistigh den ArdStiúrthóireacht, mar aon le haon leithdháileadh breise a d’fhéadfaí a thabhairt don ArdStiúrthóireacht atá i mbun bainistíochta faoi chuimsiú an nós imeachta maidir le leithdháileadh bliantúil i bhfianaise na srianta buiséadacha.

3.2.2.1.Na hacmhainní daonna a mheastar a bheidh riachtanach

   Ní éilíonn an togra/tionscnamh go núsáidfear acmhainní daonna.

   Éilíonn an togra/tionscnamh go núsáidfear acmhainní daonna mar a mhínítear thíos:

Sloinnfear an meastachán in aonaid de choibhéis lánaimseartha

Blianta

2021

2022

2023

2024

2025

2026

2027

 Poist don phlean bunaíochta (oifigigh agus foireann shealadach)

Ceanncheathrú agus Oifigí Ionadaíocht an Choimisiúin

845

845

845

845

845

845

845

Toscaireachtaí

3

3

3

3

3

3

3

Taighde

Foireann sheachtrach (i gcoibhéis lánaimseartha: (i gcoibhéis lánaimseartha) - CA, LA, SNE, INT agus JED  53

Ceannteideal 7

Arna maoiniú as CEANNTEIDEAL 7 den chreat airgeadais ilbhliantúil 

- sa Cheanncheathrú

57.75

57.75

57.75

57.75

57.75

57.75

57.75

- i dToscaireachtaí

1

1

1

1

1

1

1

Arna maoiniú as imchlúdach an chláir  54

- sa Cheanncheathrú

29

29

29

29

29

29

29

- i dToscaireachtaí

Taighde

Eile (sonraigh)

IOMLÁN

935.75

935.75

935.75

935.75

935.75

935.75

935.75

Soláthrófar na hacmhainní daonna is gá le baill foirne ón ArdStiúrthóireacht a bhfuil bainistíocht an bhirt faoina gcúram cheana agus/nó a athimlonnófar laistigh den ArdStiúrthóireacht, mar aon le haon leithdháileadh breise a d’fhéadfaí a thabhairt don ArdStiúrthóireacht atá i mbun bainistíochta faoi chuimsiú an nós imeachta maidir le leithdháileadh bliantúil i bhfianaise na srianta buiséadacha.

3.2.3.Ranníocaíochtaí ó thríú páirtithe

Leis an togra/tionscnamh seo:

   ní dhéantar foráil maidir le cómhaoiniú le tríú páirtithe

   déantar foráil maidir leis an gcómhaoiniú le tríú páirtithe atá réamhmheasta thíos:

Leithreasuithe in EUR milliúin (go dtí an tríú deachúil)

Blianta

2021

2022

2023

2024

2025

2026

2027

IOMLÁN

Sonraigh an comhlacht cómhaoinithe 

IOMLÁN leithreasuithe cómhaoinithe

3.3.An tionchar a mheastar a bheidh ar ioncam

   Ní bheidh aon tionchar airgeadais ag an togra/tionscnamh ar ioncam.

   Beidh an tionchar airgeadais seo a leanas ag an togra/tionscnamh:

   ar acmhainní dílse

   ar ioncam eile

má tá an tioncam sannta do línte caiteachais, sonraigh sin    

EUR milliúin (go dtí an tríú deachúil)

Líne buiséid ioncaim:

Tionchar an togra

2021

2022

2023

2024

2025

2026

2027

67 01 & 67 02

280

230

130

130

130

130

130

I gcás ioncam atá sannta, sonraigh na línte buiséid a nimrítear tionchar orthu.

08 02 YY – Cineálacha idirghabhálacha earnálacha

08 02 YY – Cineálacha idirghabhálacha ar íocaíochtaí díreacha iad

Aon rud eile (e.g. an modh nó an fhoirmle a úsáideadh chun an tionchar ar ioncam a ríomh nó aon fhaisnéis eile).

Féach na nótaí tráchta faoi phointe 3

(1)    [COM(2018) 322 críochnaitheach - Rialachan CAI].
(2)    Bunaithe in airteagal 110 de Rialachán Uimh. 1306/2013 17 Nollaig 2013 ó Parlaimint na hEorpa agus ón gComhairle   ar mhaoiniú, ar bhainistiú agus ar fhaireachán an chomhbheartais talmhaíochta lena aisghairmtear (CEE) Uimh. 352/78, (CE) Uimh. 165/94, (CE) No 2799/98, (CE) Uimh. 814/2000, (EC) No 1290/2005 and (CE) Uimh. 485/2008, agus le Rialachán Cur Chun Feidhme an Choimisiúin (AE) Uimh. 834/2014 of 22 Iúil 2014 lena leagtar síos rialacha le haghaidh cur i bhfeidhm an chreata choitinn fhaireacháin agus meastóireachta an chomhbheartais thalmhaíochta.
(3)     Plean meastóireachta agus staidéir   2017-2021 an Choimisiúin Eorpaigh (2017), ArdStiúrthóireacht na Talmhaíochta agus na Forbartha Tuaithe .
(4)    Féach: https://ec.europa.eu/agriculture/statistics/factsandfigures_en https://ec.europa.eu/agriculture/sites/agriculture/files/consultations/cap-modernising/eco_background_final_en.pdf https://ec.europa.eu/agriculture/sites/agriculture/files/consultations/cap-modernising/env_background_final_en.pdf https://ec.europa.eu/agriculture/sites/agriculture/files/consultations/cap-modernising/soc_background_final_en.pdf
(5)    Tuairisc Thascfhórsa na Margaí Talmhaíochta (tuairisc TFMT) (2016) ‘    Toradh níos fearr a bhaint amach ar na margaí: Feabhas a chur ar Sheasamh na bhFeirmeoirí sa Slabhra Soláthair .
(6)    An Coimisiún Eorpach (2016) Corcaigh 2.0:   An Chomhdháil Eorpach faoin bhForbairt Tuaithe , https://ec.europa.eu/agriculture/events/rural-development2016en .
(7)    IO C , , lch. .
(8)    IO C , , lch. .
(9)    Rialachán (AE) Uimh. 1305/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Nollaig 2013 maidir le tacaíocht d'fhorbairt tuaithe ón gCiste Eorpach Talmhaíochta um Fhorbairt Tuaithe (CETFT) agus lena naisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1698/2005 (IO L 347, 20.12.2013, lch. 487).
(10)    Rialachán (AE) Uimh. 1307/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Nollaig 2013, lena mbunaítear rialacha maidir le híocaíochtaí díreacha le feirmeoirí faoi scéimeanna tacaíochta faoi chuimsiú an chomhbheartais talmhaíochta agus lena naisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 637/2008 ón gComhairle agus Rialachán (CE) Uimh. 73/2009 ón gComhairle (IO L 347,  20.12.2013, lch. 608).
(11)    Treoir 92/43/CEE ón gComhairle an 21 Bealtaine 1992 maidir le gnáthóga nádúrtha agus fauna agus flora fiáine a chaomhnú (IO L 206, 22.7.1992, lch. 7).
(12)    Treoir 2009/147/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Samhain 2009 maidir le héin fhiáine a chaomhnú (IO L 20, 26.1.2010, lch. 7).
(13)    Treoir 91/676/CEE ón gComhairle an 12 Nollaig 1991 maidir le huiscí a chosaint ar thruailliú de bharr níotráití ó fhoinsí talmhaíochta (IO L 375, 31.12.1991, lch. 1).
(14)    Rialachán (AE) Uimh. 1306/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Nollaig 2013 maidir leis an gcomhbheartas talmhaíochta a mhaoiniú, a bhainistiú agus faireachán a dhéanamh air agus lena naisghairtear Rialacháin (CEE) Uimh. 352/78, (CE) Uimh. 165/94, (CE) Uimh. 2799/98, (CE) Uimh. 814/2000, (CE) Uimh. 1290/2005 agus (CE) Uimh. 485/2008 ón gComhairle (IO L 347, 20.12.2013, lch. 549).
(15)    Treoir 2000/60/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2000 lena mbunaítear creat do ghníomhaíocht Chomhphobail i réimse an bheartais uisce (IO L 327, 22.12.2000, lch. 1).
(16)    Treoir 2009/128/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 21 Deireadh Fómhair 2009 lena mbunaítear creat do ghníomhaíocht an Chomhphobail chun úsáid inbhuanaithe lotnaidicídí a ghnóthú (IO L 309, 24.11.2009, lch. 71).
(17)    Meabhrán Tuisceana idir Comhphobal Eacnamaíochta na hEorpa agus Stáit Aontaithe Mheiriceá maidir le síolta ola faoi GATT (IO L 147, 18.6.1993)
(18)    Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Nollaig 2013 lena mbunaítear comheagrú na margaí i dtáirgí talmhaíochta agus lena naisghairtear Rialacháin (CEE) Uimh. 922/72, (CEE) Uimh. 234/79, (CE) Uimh. 1037/2001 agus (CE) Uimh. 1234/2007 ón gComhairle (IO L 347, 20.12.2013, lch. 671).  
(19)    Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Nollaig 2000 maidir le daoine aonair a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil ag institiúidí agus comhlachtaí an Chomhphobail agus maidir le saorghluaiseacht na sonraí sin (IO L 8, 12.1.2001, lch. 1).
(20)    Rialachán (AE) Uimh. 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Aibreán 2016 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena naisghairtear Treoir 95/46/CE (An Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí) (IO L 119, 4.5.2016, p. 1).
(21)    IO L 123, 12.5.2016, lch. 1.
(22)    Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Feabhra 2011 lena leagtar síos na rialacha agus na prionsabail ghinearálta a bhaineann leis na sásraí maidir le rialú ag na Ballstáit ar fheidhmiú cumhachtaí cur chun feidhme ag an gCoimisiún (IO L 55, 28.2.2011, lch. 13).
(23)    Rialachán (AE) Uimh. 228/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Márta 2013 lena leagtar síos bearta sonracha don talmhaíocht sna réigiúin is forimeallaí den Aontas (IO L 78, 20.3.2013, lch. 23).
(24)    Rialachán (AE) Uimh. 229/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Márta 2013 lena leagtar síos bearta sonracha don talmhaíocht i bhfabhar na noileán beag Aeigéach (IO L 78, 20.3.2013, lch. 41).
(25)    Rialachán (AE) [.../...] ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an [dáta] [teideal iomlán] (IO L ).
(26)    Rialachán (AE) [.../...] ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an [dáta] [teideal iomlán] (IO L ).
(27)    Rialachán (AE) Uimh. 702/2014 ón gCoimisiún an 25 Meitheamh 2014 lena ndearbhaítear go bhfuil catagóirí áirithe cabhrach in earnálacha na talmhaíochta agus na foraoiseachta agus i gceantair thuaithe comhoiriúnach don mhargadh inmheánach agus Airteagal 107 agus Airteagal 108 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh á gcur i bhfeidhm (IO L 193/1, 1.7.2014, lch. 1).
(28)    Rialachán (CE) Uimh. 1257/1999 ón gComhairle an 17 Bealtaine 1999 maidir le tacaíocht d’fhorbairt tuaithe ón gCiste Eorpach um Threoraíocht agus Ráthaíocht Talmhaíochta (CETRT) agus lena leasaítear agus lena naisghairtear Rialacháin áirithe (IO L 160, 26.6.1999, lch. 80).
(29)    Rialachán (CE) Uimh. 1698/2005 ón gComhairle maidir le tacaíocht d'fhorbairt tuaithe ón gCiste Eorpach Talmhaíochta um Fhorbairt Tuaithe (CETFT) (IO L 277, 21.10.2005, lch. 1).
(30)    Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 21 Deireadh Fómhair 2009 maidir le táirgí cosanta plandaí a chur ar an margadh agus lena naisghairtear Treoir 79/117/CEE agus Treoir 91/414/CEE ón gComhairle (IO L 309, 24.11.2009, lch. 1).
(31)    A European One Health Action Plan against Antimicrobial Resistance (AMR)” [Aon Sláinte Amháin – Plean Gníomhaíochta maidir le frithsheasmhacht in aghaidh ábhair fhrithmhiocróbacha] (COM(2017) 339 final).
(32)    Rialachán (CE) Uimh. 1760/2000 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena mbunaítear córais chun bóainmhithe a shainaithint agus a chlárú agus maidir le mairteoil agus táirgí mairteola a lipéadú agus lena naisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 820/97 ón gComhairle (IO L 204, 11.8.2000, lch. 1).
(33)    Rialachán (CE) Uimh. 21/2004 ón gComhairle an 17 Nollaig 2003 lena mbunaítear córas chun ainmhithe caorach agus gabhair a shainaithint agus a chlárú agus lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1782/2003 agus Treoir 92/102/CEE agus Treoir 64/432/CEE (IO L 5, 9.1.2004, lch. 8).
(34)    Meabhrán Tuisceana idir Comhphobal Eacnamaíochta na hEorpa agus Stáit Aontaithe Mheiriceá maidir le síolta ola faoi GATT (IO L 147, 18.6.1993)
(35)    Rialachán (CE) Uimh. 834/2007 ón gComhairle an 28 Meitheamh 2007 maidir le táirgeadh orgánach agus lipéadú táirgí orgánacha agus lena naisghairtear Rialachán (CEE) Uimh. 2092/91 (IO L 189, 20.7.2007, lch. 1).
(36)    Moladh ón gCoimisiún an 6 Bealtaine 2003 maidir le micrifhiontair, fiontair bheaga agus fiontair mheánméide a shainmhíniú (IO L 124, 20.5.2003, lch. 36).
(37)    Teachtaireacht ón gCoimisiún maidir leis na Treoirlínte maidir le Státchabhair chun teacht i gcabhair ar ghnólachtaí neamhairgadais atá i gcruachás agus athstruchtúrú a dhéanamh orthu, 21.7. 2014 (2014/C 249/01).
(38)    Togra le haghaidh Rialacháin ón gComhairle lena leagtar síos an creat airgeadais ilbhliantúil do na blianta 2021-2027, Teachtaireacht ón gCoimisiún le Parlaimint na hEorpa, leis an gComhairle, le Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus le Coiste na Réigiún, COM(2018)322 final.
(39)    Treoir 2001/42/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Meitheamh 2001 maidir le measúnú ar na héifeachtaí atá ag pleananna agus cláir áirithe ar an gcomhshaol (IO L 197, 21.7.2001, lch. 30).
(40)    Rialachán (CE) Uimh. 223/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Márta 2009 maidir le Staidreamh Eorpach agus lena naisghairtear Rialachán (CE, Euratom) Uimh. 1101/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le tarchur sonraí atá faoi réir rúndachta staidrimh chuig Oifig Staidrimh na gComhphobal Eorpach, Rialachán (CE) Uimh. 322/97 ón gComhairle maidir le Staidreamh Comhphobail, agus Cinneadh 89/382/CEE, Euratom ón gComhairle lena mbunaítear Coiste um Chláir Staidrimh na gComhphobal (IO L 87, 31.3.2009, lch. 164).
(41)    Mar a thagraítear dó in Airteagal 58(2)(a) nó (b) den Rialachán Airgeadais.
(42)    Is féidir mionsonraí ar na modhanna bainistíochta agus tagairtí don Rialachán Airgeadais a fheiceáil ar shuíomh gréasáin ArdStiúrthóireacht an Bhuiséid: https://myintracomm.ec.europa.eu/budgweb/EN/man/budgmanag/Pages/budgmanag.aspx  
(43)    Tá cuid de na línte buiséid atá ann faoi láthair le coinneáil agus cuirfear an tuimhriú in oiriúint don ainmníocht bhuiséadach nua (e.g. caibidlí reatha 05 07 agus 05 08). Tar éis togra CBT a fhorbairt, d’fhéadfaí an ainmníocht a choigeartú.
(44)    LD = Leithreasuithe difreáilte / LN = Leithreasuithe neamhdhifreáilte.
(45)    CSTE: Comhlachas Saorthrádála na hEorpa.
(46)    Tíortha is iarrthóirí agus, nuair is iomchuí, tíortha ó na Balcáin Thiar a d'fhéadfadh bheith ina niarrthóirí
(47)    Is é is cúis leis an méadú ar chineálacha idirghabhálacha earnálacha faoin bPlean faoi CBT gurb ionann an leithdháileadh arna mholadh le haghaidh tacaíocht d’earnáil na beachadóireachta agus EUR 60 milliún, agus éabhlóid an chaiteachais in earnáil na dtorthaí agus na nglasraí, nach bhfuil teoranta ag imchlúdach ar leibhéal an Aontais, mar gheall ar an leibhéal forghníomhaithe a breathnaíodh roimhe.
(48)    Lena náirítear na méideanna arna maoiniú faoi láthair faoi chaibidlí 05 07 (Iniúchadh ar chaiteachas talmhaíochta) agus 05 08 (Straitéis beartais agus comhordú na réimse beartais “Talmhaíocht agus forbairt tuaithe”).
(49)    Ar mhaithe leis an simpliú, meastar gur leithreasuithe neamhdhifreáilte iad na leithreasuithe anseo le haghaidh cúnamh teicniúil faoi CERT. Bíonn méid na gceangaltas le híoc neamhshuntasach i gcomparáid leis na méideanna iomlána a bhaineann leis an ráiteas airgeadais seo.
(50)    Lena náirítear na méideanna arna maoiniú faoi mhír 05 01 04 01 - Caiteachas tacaíochta don Chiste Eorpach um Ráthaíocht Talmhaíochta (CERT) - Cúnamh teicniúil neamhoibríochtúil agus 05 01 06 01 - an Ghníomhaireacht Feidhmiúcháin um Thomhaltóirí, Sláinte, Talmhaíocht agus Bia - Ranníocaíocht ón gclár maidir leis an talmhaíocht a chur chun cinn
(51)    Ar mhaithe leis an simpliú, meastar gur leithreasuithe neamhdhifreáilte iad na leithreasuithe anseo le haghaidh cúnamh teicniúil faoi CETFT. Bíonn méid na gceangaltas le híoc neamhshuntasach i gcomparáid leis na méideanna iomlána a bhaineann leis an ráiteas airgeadais seo.
(52)    Cúnamh agus caiteachas teicniúil agus/nó riaracháin ar mhaithe le cláir agus/nó bearta de chuid an Aontais (seanlínte "BA") a chur chun feidhme, taighde indíreach, taighde díreach.
(53)    CA = Ball foirne ar conradh; LA= Ball foirne áitiúil; SNE= Saineolaí náisiúnta ar iasacht; INT= Ball foirne gníomhaireachta; JPD = Gairmí Sóisearach i dToscaireacht.
(54)    Fo-uasteorainn d'fhoireann sheachtrach arna cumhdach ag leithreasuithe faoi chomhair oibríochtaí (na seanlínte "BA").

An Bhruiséil,1.6.2018

COM(2018) 392 final

IARSCRÍBHINNÍ

a ghabhann leis an

Togra le haghaidh

RIALACHÁN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

lena mbunaítear rialacha maidir le tacaíocht do phleananna straitéiseacha a bheidh le tarraingt suas ag na Ballstáit faoin gComhbheartas Talmhaíochta (Pleananna Straitéiseacha faoi CBT) agus arna maoiniú ag an gCiste Eorpach um Ráthaíocht Talmhaíochta (CERT) agus ag an gCiste Eorpach Talmhaíochta um Fhorbairt Tuaithe (CETFT) agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) Uimh 1305/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Rialachán (AE) Uimh 1307/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle

{SEC(2018) 305 final}
{SWD(2018) 301 final}


IARSCRÍBHINN I

TÁSCAIRÍ ASCHUIR, TORAIDH AGUS TIONCHAIR DE BHUN AIRTEAGAL 7

Measúnú ar fheidhmíocht an bheartais (ilbhliantúil) - TIONCHAR

Athbhreithniú bliantúil ar fheidhmíocht - TORADH*

Imréiteach feidhmíochta bliantúil - ASCHUR

Cuspóirí agus a dtáscairí tionchair comhfhreagracha.*

Cineálacha idirghabhála leathana agus a dtáscairí aschuir.*

Cuspóir trasearnálach AE: Nuachóiriú

Táscaire

Táscairí toraidh

(bunaithe ar idirghabhálacha a fhaigheann tacaíocht ó CBT amháin)

Na Córais um Eolas agus Nuálaíocht Talmhaíochta (AKIS)

Táscairí aschuir

Eolas, nuálaíocht agus digitiú a chothú in earnáil na talmhaíochta agus i gceantair thuaithe agus an glacadh atá leo a spreagadh

I.1 Eolas a roinnt agus nuálaíocht: An sciar de bhuiséad CBT le haghaidh eolas a roinnt agus nuálaíochta

R.1 Cur leis an bhfeidhmíocht tríd an eolas agus an nuálaíocht: An sciar de na feirmeoirí a fhaigheann tacaíocht le haghaidh comhairle, oiliúna, malartú eolais, nó a ghlacann páirt i ngrúpaí oibríochtúla chun cur leis an bhfeidhmíocht eacnamaíoch, chomhshaoil, aeráide agus éifeachtúlachta acmhainní.

An Chomhpháirtíocht Eorpach um Nuálaíocht maidir le heolas agus nuálaíocht talmhaíochta (CEN)**

O.1 Líon na ngrúpaí oibríochtúla faoi CEN

R.2 Na córais um chomhairle agus um eolas a nascadh: Líon na seirbhísí comhairle atá comtháthaithe in AKIS (i gcomparáid leis an líon iomlán feirmeoirí)

O.2 Líon na seirbhísí comhairle a bhfuil grúpaí oibríochtúla á mbunú acu faoi CEN nó atá ag glacadh páirte iontu

R.3 An talmhaíocht a dhigitiú: An sciar de na feirmeoirí a fhaigheann tacaíocht faoi CBT maidir le teicneolaíocht na feirmeoireachta beaichte





Cuspóirí sonracha AE

Táscairí tionchair

Táscairí toraidh

(bunaithe ar idirghabhálacha a fhaigheann tacaíocht ó CBT amháin)

Idirghabháil leathan

Táscairí aschuir (in aghaidh na hidirghabhála)

Tacaíocht a thabhairt d’ioncam feirme inmharthana agus don athléimneacht ar fud an Aontais chun cur leis an tslándáil bia

I.2 Éagothromaíochtaí ioncaim a laghdú: An tathrú ar an ioncam talmhaíochta i gcomparáid leis an ngeilleagar trí chéile

R.4 Tacaíocht ioncaim a nascadh le caighdeáin agus dea-chleachtais: An sciar den limistéar talmhaíochta a úsáidtear atá cumhdaithe ag tacaíocht ioncaim agus faoi réir coinníollachta

Tacaíocht faoi CBT

O.3 Líon na dtairbhithe de thacaíocht faoi CBT

I.3 Éagsúlachtaí in ioncam feirme a laghdú: An tathrú ar an ioncam talmhaíochta

R.5 Bainistiú riosca: An sciar de na feirmeacha a bhfuil uirlisí bainistithe riosca acu faoi CBT

Tacaíocht dhíreach dhíchúpláilte

O.4 Líon na heicteár maidir le híocaíochtaí díreacha díchúpláilte

I.4 Tacaíocht d’ioncam feirme inmharthana: An tathrú ar leibhéal an ioncaim talmhaíochta de réir earnála (i gcomparáid leis an meán)

R.6 Athdháileadh ar fheirmeacha beaga: Céatadán den tacaíocht bhreise in aghaidh an heicteáir maidir le feirmeacha incháilithe atá níos lú ná feirmeacha meánmhéide (i gcomparáid leis an meán)

 

O.5 Líon na dtairbhithe maidir le híocaíochtaí díreacha díchúpláilte

I.5 Cur leis an gcothromaíocht chríochach: An tathrú ar an ioncam talmhaíochta i limistéir ina bhfuil srianta nádúrtha (i gcomparáid leis an meán)

R.7 Cur leis an tacaíocht d’fheirmeacha i limistéir a bhfuil riachtanais shonracha acu: Céatadán den tacaíocht bhreise in aghaidh an heicteáir i limistéir a bhfuil riachtanais bhreise acu (i gcomparáid leis an meán)

O.6 Líon na heicteár atá faoi réir tacaíocht ioncaim bhreise d’fheirmeoirí óga

O.7 Líon na dtairbhithe atá faoi réir tacaíocht ioncaim bhreise d’fheirmeoirí óga

Díriú níos fearr ar an margadh agus cur leis an iomaíochas, lena náirítear béim níos mó ar an taighde, an teicneolaíocht agus an digitiú

I.6 Cur le táirgiúlacht feirmeacha: Táirgiúlacht na bhfachtóirí uile

R.8 Díriú ar fheirmeacha in earnálacha a bhfuil deacrachtaí acu:

An sciar de na feirmeoirí atá ag fáil tacaíocht chúpláilte maidir leis an iomaíochas, an inbhuanaitheacht agus an cháilíocht a fheabhsú

Uirlisí bainistithe riosca

O.8 Líon na bhfeirmeoirí atá cumhdaithe ag uirlisí bainistithe riosca a fhaigheann tacaíocht faoi CBT

I.7 An trádáil agraibhia a chur chun tairbhe: Allmhairí agus onnmhairí sa trádáil agraibhia

R.9 Nuachóiriú feirmeacha: An sciar de na feirmeoirí atá ag fáil tacaíocht infheistíochta chun athstruchtúrú agus nuachóiriú a dhéanamh, lena náirítear éifeachtúlacht acmhainní a fheabhsú

Tacaíocht chúpláilte

O.9 Líon na heicteár a fhaigheann tacaíocht chúpláilte

Áit an fheirmeora sa slabhra luacha a fheabhsú

I.8 Áit an fheirmeora sa bhiashlabhra a fheabhsú: Luach breise le haghaidh príomhtháirgeoirí sa bhiashlabhra

R.10 Eagrú níos fearr ar an slabhra soláthair: An sciar de na feirmeoirí atá páirteach i ngrúpaí táirgeoirí, eagraíochtaí táirgeoirí, margaí áitiúla, slabhraí gearra soláthair agus scéimeanna cáilíochta a fhaigheann tacaíocht faoi CBT

O.10 An líon daoine atá ina gceann gabháltais a fhaigheann tacaíocht chúpláilte

R.11 Soláthar a chomhchruinniú: An sciar de luach na táirgeachta arna margú ag eagraíochtaí táirgeoirí i gcláir oibríochtúla

Íocaíochtaí i leith srianta nádúrtha agus srianta eile a bhaineann go sonrach le réigiún

O.11 Líon na heicteár a fhaigheann breisiú maidir le limistéir a bhfuil srianta nádúrtha iontu (3 chatagóir)

Cuidiú le maolú an athraithe aeráide agus leis an oiriúnú don athrú sin, agus leis an bhfuinneamh inbhuanaithe

 

I.9 Cur le hathléimneacht na bhfeirmeacha: Innéacs

R.12 Oiriúnú don athrú aeráide: An sciar den talamh talmhaíochta atá faoi ghealltanais maidir leis an oiriúnú don athrú aeráide a fheabhsú

O.12 Líon na heicteár a fhaigheann tacaíocht faoi Natura 2000 nó faoin gCreat-Treoir Uisce

I.10 Cuidiú le maolú an athraithe aeráide: Astaíochtaí gás ceaptha teasa a thagann as an talmhaíocht a laghdú

I.11 Ceapadh carbóin a fheabhsú: Cur leis an méid carbóin orgánaigh san ithir

I.12 Cur leis an bhfuinneamh inbhuanaithe sa talmhaíocht: Fuinneamh in-athnuaite a tháirgeadh ón talmhaíocht agus ón bhforaoiseacht

R.13 Astaíochtaí a laghdú in earnáil an bheostoic: An sciar de na haonaid bheostoic a fhaigheann tacaíocht chun astaíochtaí gás ceaptha teasta agus/nó amóinia a laghdú, lena náirítear bainistiú aoiligh

R.14 Stóráil carbóin in ithreacha agus i mbithmhais: An sciar den talamh talmhaíochta atá faoi ghealltanais maidir le hastaíochtaí a laghdú, stóráil carbóin a chothabháil agus/nó a fheabhsú (féarthailte buana, talamh talmhaíochta i bportaigh, foraoisí, etc.)

R.15 Fuinneamh glas ón talmhaíocht agus ón bhforaoiseacht: Infheistíochtaí in acmhainn táirgthe fuinnimh in-athnuaite, lena náirítear fuinneamh bithbhunaithe (MW)

R.16 Cur leis an éifeachtúlacht fuinnimh: Caomhnú fuinnimh sa talmhaíocht

R 17 Talamh coilltithe: Limistéar a fhaigheann tacaíocht maidir le coilltiú agus coillearnach, lena náirítear an agrafhoraoiseacht

Íocaíochtaí i leith gealltanais bhainistíochta (comhshaol/aeráid, acmhainní géiniteacha, leas ainmhithe)

O.13 Líon na heicteár (talmhaíocht) atá cumhdaithe ag gealltanais chomhshaoil/aeráide a théann thar na ceanglais éigeantacha





Cuspóirí sonracha AE

Táscairí tionchair

Táscairí toraidh

(bunaithe ar idirghabhálacha a fhaigheann tacaíocht ó CBT amháin)

Idirghabháil leathan

Táscairí aschuir (in aghaidh na hidirghabhála)

An fhorbairt inbhuanaithe agus bainistiú éifeachtúil ar acmhainní nádúrtha, amhail an tuisce, an ithir agus an taer, a chothú

I.13 Creimeadh ithreach a laghdú: Céatadán den talamh a bhfuil creimeadh ithreach measartha agus dian ann ar thalamh talmhaíochta

R.18 Ithreacha a fheabhsú: An sciar den talamh talmhaíochta atá faoi ghealltanais bhainistíochta a chabhraíonn le bainistiú ithreach

O.14 Líon na heicteár (foraoiseacht) atá cumhdaithe ag gealltanais chomhshaoil/aeráide a théann thar na ceanglais éigeantacha

I.14 Cáilíocht an aeir a fheabhsú: Astaíochtaí amóinia a thagann as an talmhaíocht a laghdú

R.19 Cáilíocht an aeir a fheabhsú: An sciar den talamh talmhaíochta atá faoi ghealltanais maidir le hastaíochtaí amóinia a laghdú

O.15 Líon na heicteár a fhaigheann tacaíocht maidir leis an bhfeirmeoireacht orgánach

I.15 Cáilíocht an uisce a fheabhsú: An chothromaíocht chomhlán cothaitheach ar thalamh talmhaíochta

R.20 Cáilíocht an uisce a chosaint: An sciar den talamh talmhaíochta atá faoi ghealltanais bhainistíochta maidir le cáilíocht uisce

O.16 Líon na naonad beostoic atá cumhdaithe ag tacaíocht le haghaidh leas agus sláinte ainmhithe nó bearta bithshlándála níos fearr

1.16 Sceitheadh cothaitheach a laghdú: Níotráit sa screamhuisce - Céatadán de na stáisiúin screamhuisce a bhfuil tiúchan N iontu os cionn 50 mg/l de réir mar atá leagtha síos sa treoir um níotráití

R.21 Bainistiú inbhuanaithe ar chothaithigh: An sciar den talamh talmhaíochta atá faoi ghealltanais maidir le bainistiú níos fearr a dhéanamh ar chothaithigh

O.17 Líon na dtionscadal a thugann tacaíocht le haghaidh acmhainní géiniteacha

I.17 An brú ar acmhainní uisce a laghdú: An tInnéacs Saothraithe Uisce+ (WEI+)

R.22 Úsáid inbhuanaithe uisce: An sciar den talamh uiscithe atá faoi ghealltanais maidir leis an gcothromaíocht uisce a fheabhsú

Infheistíochtaí

O.18 Líon na ninfheistíochtaí táirgiúla ar fheirmeacha a fhaigheann tacaíocht

R.23 Feidhmíocht a bhaineann leis an gcomhshaol/an aeráid tríd an infheistíocht: An sciar de na feirmeoirí a fhaigheann tacaíocht i bhfoirm infheistíochtaí a bhaineann le cúram don chomhshaol agus don aeráid

O.19 Líon na mbonneagar áitiúil a fhaigheann tacaíocht

R.24 Feidhmíocht a bhaineann leis an gcomhshaol/an aeráid trí eolas: An sciar de na feirmeoirí a fhaigheann tacaíocht le haghaidh comhairle/oiliúint a bhaineann le feidhmíocht chomhshaoil agus aeráide

O.20 Líon na ninfheistíochtaí neamhtháirgiúla a fhaigheann tacaíocht

O.21 Líon na ninfheistíochtaí táirgiúla lasmuigh den fheirm a fhaigheann tacaíocht





Cuspóirí sonracha AE

Táscairí tionchair

Táscairí toraidh

(bunaithe ar idirghabhálacha a fhaigheann tacaíocht ó CBT amháin)

Idirghabháil leathan

Táscairí aschuir (in aghaidh na hidirghabhála)

Cuidiú le cosaint na bithéagsúlachta, seirbhísí éiceachórais a fheabhsú agus gnáthóga agus tírdhreacha a chaomhnú

I.18 Cur le líon na bpobal éan ar thalamh feirme: An tinnéacs éanlaithe talaimh feirme

R.25 Tacaíocht maidir le bainistiú inbhuanaithe foraoisí: An sciar den talamh foraoise atá faoi ghealltanais bhainistíochta a chabhraíonn le caomhnú agus bainistiú foraoisí

Deontais chun cabhrú le feirmeoirí dul i mbun gnó

O.22 Líon na bhfeirmeoirí a fhaigheann deontais chun cabhrú leo dul i mbun gnó

I.19 Cosaint níos fearr don bhithéagsúlacht: Céatadán na speiceas agus na ngnáthóg ar de leas an Chomhphobail iad a bhaineann leis an talmhaíocht a bhfuil treochtaí seasta nó ardaitheacha ann maidir leo

R.26 Éiceachórais na bhforaoisí a chaomhnú: An sciar den talamh foraoise atá faoi ghealltanais bhainistíochta a thacaíonn le seirbhísí tírdhreacha, bithéagsúlachta agus éiceachórais

O.23 Líon na bhfiontraithe tuaithe a fhaigheann deontais chun cabhrú leo dul i mbun gnó

I.20 Seirbhísí éiceachórais níos fearr a chur ar fáil: An sciar den limistéar talmhaíochta a úsáidtear atá cumhdaithe ag gnéithe tírdhreacha

R.27 Gnáthóga agus speicis a chaomhnú: An sciar den talamh talmhaíochta atá faoi ghealltanais bhainistíochta a thacaíonn le caomhnú nó athbhunú na bithéagsúlachta

Comhar

O.24 Líon na ngrúpaí/eagraíochtaí táirgeoirí a fhaigheann tacaíocht

O.25 Líon na bhfeirmeoirí a fhaigheann tacaíocht chun páirt a ghlacadh i scéimeanna cáilíochta an Aontais Eorpaigh

R.28 Tacaíocht do Natura 2000: An limistéar i suíomhanna Natura 2000 atá faoi ghealltanais maidir le cosaint, cothabháil agus athchóiriú

O.26 Líon na dtionscadal athnuachana ó ghlúin go glúin (feirmeoirí óga/nach bhfuil óg)

R.29 Gnéithe tírdhreacha a chaomhnú: An sciar den talamh talmhaíochta atá faoi ghealltanais maidir le gnéithe tírdhreacha, lena náirítear fálta sceach, a bhainistiú

O.27 Líon na straitéisí forbartha áitiúla (LEADER)

O.28 Líon na ngrúpaí eile comhair (gan CEN a thuairiscítear in O.1 a áireamh)

Feirmeoirí óga a mhealladh agus forbairt gnó a éascú i gceantair thuaithe

1.21 Feirmeoirí óga a mhealladh: An tathrú ar líon na bhfeirmeoirí nua

R.30 Athnuachan ó ghlúin go glúin: Líon na bhfeirmeoirí óga a bhfuil feirm á bunú acu le tacaíocht ó CBT

Eolas a mhalartú agus faisnéis a scaipeadh

O.29 Líon na bhfeirmeoirí a fuair oiliúint/ar cuireadh comhairle orthu





Cuspóirí sonracha AE

Táscairí tionchair

Táscairí toraidh

(bunaithe ar idirghabhálacha a fhaigheann tacaíocht ó CBT amháin)

Idirghabháil leathan

Táscairí aschuir (in aghaidh na hidirghabhála)

An fhostaíocht, an fás, an cuimsiú sóisialta, agus an fhorbairt áitiúil a chur chun cinn i gceantair thuaithe, lena náirítear an bithgheilleagar agus an fhoraoiseacht inbhuanaithe

I.22 Cabhrú leis an bhfostaíocht i gceantair thuaithe: An tathrú ar an ráta fostaíochta sna ceantair thuaithe den chuid is mó

R.31 Fás agus fostaíocht i gceantair thuaithe: Líon na bpost i dtionscadail a fhaigheann tacaíocht 

O.30 Líon na ndaoine nach feirmeoirí a fuair oiliúint/ar cuireadh comhairle orthu

I.23 Cabhrú leis an bhfás i gceantair thuaithe: An tathrú ar an olltáirgeacht intíre in aghaidh an duine sna ceantair thuaithe den chuid is mó

R.32 An bithgheilleagar tuaithe a fhorbairt: Líon na ngnólachtaí sa bhithgheilleagar a bunaíodh le tacaíocht faoi CBT

Táscairí cothrománacha

O.31 Líon na heicteár atá faoi chleachtais feimeoireachta nach bhfuil neamhdhíobhálach don chomhshaol (táscaire sintéise maidir leis an limistéar atá faoi choinníollacht, éiciscéimeanna, bearta talmhaíochta comhshaoil agus aeráide (AECM), bearta foraoiseachta, feirmeoireacht orgánach)

1.24 CBT níos cothroime: Dáileadh na tacaíochta faoi CBT a fheabhsú

R.33 An geilleagar tuaithe a dhigitiú: Pobal tuaithe atá cumhdaithe ag straitéis Sraidbhailte Cliste faoi CBT

O.32 Líon na heicteár atá faoi réir coinníollachta (arna miondealú de réir cleachtas GAEP)

I.25 Cuimsiú tuaithe a chur chun cinn: An tathrú ar innéacs na bochtaineachta i gceantair thuaithe

R.34 Eoraip na tuaithe a chónascadh: An sciar de phobal na tuaithe a bhfuil rochtain níos fearr acu ar sheirbhísí agus ar bhonneagar de bharr tacaíocht faoi CBT

Cláir de réir earnála

O.33 Líon na neagraíochtaí táirgeoirí a bhfuil ciste/clár oibríochtúil á bunú nó á bhunú acu

R.35 Cuimsiú sóisialta a chur chun cinn: Líon na ndaoine as mionlaigh agus/nó grúpaí leochaileacha atá ag baint leas as tionscadail cuimsithe shóisialta a fhaigheann tacaíocht faoi CBT

O.34 Líon na mbeart tionscnaimh agus faisnéise, agus faireachán ar an margadh

An chaoi a dtéann earnáil talmhaíochta an Aontais Eorpaigh i ngleic le héilimh shochaíocha ar bhia agus ar shláinte, lena náirítear bia sábháilte cothaitheach inbhuanaithe, agus leas ainmhithe, a fheabhsú

 

I.26 Srian a chur le húsáid antaibheathach sa talmhaíocht: díol/úsáid i mbia-ainmhithe

R.36 Srian a chur le húsáid antaibheathach: An sciar de na haonaid bheostoic a bhfuil baint acu le bearta a fhaigheann tacaíocht chun srian a chur le húsáid antaibheathach (cosc/laghdú)

O.35 Líon na mbeart maidir le caomhnú/feabhsú na beachadóireachta

I.27 Úsáid inbhuanaithe lotnaidicídí: Rioscaí agus tionchair a bhaineann le húsáid lotnaidicídí a laghdú**

R.37 Úsáid inbhuanaithe lotnaidicídí: An sciar den talamh talmhaíochta a bhfuil baint aige le bearta sonracha tacaíochta a chuireann le húsáid inbhuanaithe lotnaidicídí d’fhonn rioscaí agus tionchair a bhaineann le húsáid lotnaidicídí a laghdú

1.28 Freagairt d’éileamh tomhaltóirí ar bhia ardcháilíochta: Luach na táirgeachta faoi scéimeanna cáilíochta an Aontais Eorpaigh (bia orgánach san áireamh)

R.38 Leas ainmhithe a fheabhsú: An sciar de na haonaid bheostoic a thagann faoi bheart tacaíochta chun leas ainmhithe a fheabhsú

*Déantar formhór na dtáscairí tionchair a bhailiú cheana féin ar bhealaí eile (staidreamh Eorpach, an tAirmheán Comhpháirteach Taighde (JRC), an Ghníomhaireacht Eorpach Chomhshaoil, etc.) agus a úsáid faoi chuimsiú reachtaíocht eile AE nó spriocanna forbartha inbhuanaithe. Ní ar bhonn bliantúil i gcónaí a bhailítear na sonraí agus d’fhéadfadh moill 2/3 bliana a bheith i gceist. ** Treoir maidir le húsáid inbhuanaithe lotnaidicídí

* Garmheastacháin atá sna torthaí. Déanfaidh na Ballstáit na sonraí a chur in iúl gach bliain le go bhféadfar faireachán a dhéanamh ar an dul chun cinn i dtreo na spriocanna atá leagtha síos acu ina bpleananna faoi CBT.

*Déanfaidh siad na sonraí maidir lena gcaiteachas dearbhaithe a chur in iúl gach bliain.

**An tacaíocht maidir le grúpaí oibríochtúla faoi CEN, tagann sí faoi na forálacha maidir le comhar.

IARSCRIBHINN II

TACAÍOCHT INTÍRE ÓN EAGRAÍOCHT DHOMHANDA TRÁDÁLA DE BHUN AIRTEAGAL 10

Cineál idirghabhála

Tagairt sa Rialachán seo

Mír d’Iarscríbhinn 2 a ghabhann le Comhaontú na hEagraíochta Domhanda Trádála ar Thalmhaíocht (“Bosca Glas”)

Tacaíocht bhunúsach ioncaim i dtaobh na hinbhuanaitheachta

Teideal III, Caibidil 2 Roinn 1 Foroinn 2

5 (mura bhfuil an cur chun feidhme bunaithe ar theidlíochtaí íocaíochta)

6 (má tá an cur chun feidhme bunaithe ar theidlíochtaí íocaíochta)

Tacaíocht ioncaim athdháilte fhorlíontach i dtaobh na hinbhuanaitheachta

Teideal III, Caibidil 2 Roinn 1 Foroinn 3

5 (mura bhfuil cur chun feidhme na tacaíochta gaolmhaire bunúsaí ioncaim i dtaobh na hinbhuanaitheachta bunaithe ar theidlíochtaí íocaíochta)

6 (má tá cur chun feidhme na tacaíochta gaolmhaire bunúsaí ioncaim i dtaobh na hinbhuanaitheachta bunaithe ar theidlíochtaí íocaíochta)

Tacaíocht ioncaim fhorlíontach d’fheirmeoirí óga

Airteagal 27

5 (mura bhfuil cur chun feidhme na tacaíochta gaolmhaire bunúsaí ioncaim i dtaobh na hinbhuanaitheachta bunaithe ar theidlíochtaí íocaíochta)

6 (má tá cur chun feidhme na tacaíochta gaolmhaire bunúsaí ioncaim i dtaobh na hinbhuanaitheachta bunaithe ar theidlíochtaí íocaíochta)

Scéimeanna maidir leis an aeráid agus an comhshaol (éiciscéimeanna)

Airteagal 28

5 (más rud é nach ndeonaítear ach amháin d’fheirmeoirí atá i dteideal tacaíocht bhunúsach ioncaim i dtaobh na hinbhuanaitheachta agus mura bhfuil cur chun feidhme na tacaíochta gaolmhaire bunúsaí ioncaim i dtaobh na hinbhuanaitheachta bunaithe ar theidlíochtaí íocaíochta)

6 (más rud é nach ndeonaítear ach amháin d’fheirmeoirí atá i dteideal tacaíocht bhunúsach ioncaim i dtaobh na hinbhuanaitheachta agus má tá cur chun feidhme na tacaíochta gaolmhaire bunúsaí ioncaim i dtaobh na hinbhuanaitheachta bunaithe ar theidlíochtaí íocaíochta)

12 (más rud é nach ndeonaítear d’fheirmeoirí atá i dteideal tacaíocht bhunúsach ioncaim i dtaobh na hinbhuanaitheachta)

Torthaí agus glasraí – infheistíochtaí

Airteagal 43(1)(a)

2, 11 nó 12

Torthaí agus glasraí – taighde agus táirgeadh turgnamhach

Airteagal 43(1)(b)

2

Torthaí agus glasraí – táirgeadh orgánach

Airteagal 43(1)(c)

12

Torthaí agus glasraí – táirgeadh comhtháite

Airteagal 43(1)(d)

12

Torthaí agus glasraí – caomhnú ithreach agus cur leis an méid carbóin atá san ithir

Airteagal 43(1)(e)

12

Torthaí agus glasraí – gnáthóga a chruthú agus a chothabháil nó tírdhreach a chothabháil

Airteagal 43(1)(f)

12

Torthaí agus glasraí – caomhnú agus éifeachtúlacht fuinnimh, fuinneamh in-athnuaite

Airteagal 43(1)(g)

11 nó 12

Torthaí agus glasraí – seasmhacht i gcoinne lotnaidí

Airteagal 43(1)(h)

2, 11 nó 12

Torthaí agus glasraí – úsáid agus bainistiú uisce

Airteagal 43(1)(i)

2 nó 11

Torthaí agus glasraí – táirgeadh dramhaíola a laghdú agus bainistiú dramhaíola

Airteagal 43(1)(j)

11 nó 12

Torthaí agus glasraí – iompar agus stóráil

Airteagal 43(1)(k)

11

Torthaí agus glasraí – oiriúnú don athrú aeráide agus maolú an athraithe aeráide

Airteagal 43(1)(l)

11 nó 12

Torthaí agus glasraí – scéimeanna cáilíochta

Airteagal 43(1)(m) agus Airteagal 43(2)(j)

2

Torthaí agus glasraí – tionscnamh agus cumarsáid

Airteagal 43(1)(n)

2

Torthaí agus glasraí – seirbhísí comhairleacha agus cúnamh teicniúil

Airteagal 43(1)(o)

2

Torthaí agus glasraí – oiliúint agus malartú dea-chleachtas

Airteagal 43(1)(p)

2

Torthaí agus glasraí – cistí frithpháirteacha

Airteagal 43(2)(a)

8

Torthaí agus glasraí – infheistíochtaí

Airteagal 43(2)(b)

11

Torthaí agus glasraí – úlloird a athphlandú

Airteagal 43(2)(c)

8

Torthaí agus glasraí – cóitseáil

Airteagal 43(2)(h)

2

Torthaí agus glasraí – prótacail fíteashláintíochta tríú tíortha a chur chun feidhme agus a bhainistiú

Airteagal 43(2)(i)

2

Torthaí agus glasraí – seirbhísí comhairleacha agus cúnamh teicniúil

Airteagal 43(2)(k)

2

Beachadóireacht – cúnamh teicniúil

Airteagal 49(1)(a)

2

Beachadóireacht – ionróirí coirceog beach agus galair sna coirceoga beach a chomhrac

Airteagal 49(1)(b)

2

Beachadóireacht – saotharlanna tacaíochta

Airteagal 49(1)(d)

2

Beachadóireacht – cláir thaighde

Airteagal 49(1)(f)

2

Beachadóireacht – faireachán ar an margadh

Airteagal 49(1)(g)

2

Beachadóireacht – cáilíocht táirgí a fheabhsú

Airteagal 49(1)(h)

2

Fíon – athstruchtúrú agus athchóiriú

Airteagal 52(1)(a)

8

Fíon – infheistíochtaí i saoráidí próiseála agus i mbonneagar fíonghort

Airteagal 52(1)(b)

11

Fíon – infheistíochtaí nuálaíochta

Airteagal 52(1)(e)

11

Fíon – bearta faisnéise

Airteagal 52(1)(g)

2

Fíon – tionscnamh

Airteagal 52(1)(h)

2

Fíon – costais riaracháin a bhaineann le cistí frithpháirteacha

Airteagal 52(1)(i)

2

Earnálacha eile (agus leannlusanna, ola olóige agus ológa boird má úsáidtear iad sna hearnálacha sin) – infheistíochtaí, taighde agus táirgeadh turgnamhach

Airteagal 60(1)(a)

2, 11 nó 12

Earnálacha eile (agus leannlusanna, ola olóige agus ológa boird má úsáidtear iad sna hearnálacha sin) – seirbhísí comhairleacha agus cúnamh teicniúil

Airteagal 60(1)(b)

2

Earnálacha eile (agus leannlusanna, ola olóige agus ológa boird má úsáidtear iad sna hearnálacha sin) – oiliúint agus malartú dea-chleachtas

Airteagal 60(1)(c)

2

Earnálacha eile (agus leannlusanna, ola olóige agus ológa boird má úsáidtear iad sna hearnálacha sin) – táirgeadh orgánach

Airteagal 60(1)(d)

12

Earnálacha eile (agus leannlusanna, ola olóige agus ológa boird má úsáidtear iad sna hearnálacha sin) – iompar agus stóráil inbhuanaithe

Airteagal 60(1)(e)

2 nó 12

Earnálacha eile (agus leannlusanna, ola olóige agus ológa boird má úsáidtear iad sna hearnálacha sin) – tionscnamh agus cumarsáid

Airteagal 60(1)(f)

2

Earnálacha eile (agus leannlusanna, ola olóige agus ológa boird má úsáidtear iad sna hearnálacha sin) – scéimeanna cáilíochta

Airteagal 60(1)(g)

2

Earnálacha eile (agus leannlusanna, ola olóige agus ológa boird má úsáidtear iad sna hearnálacha sin) – córais inrianaitheachta agus deimhniúcháin

Airteagal 60(1)(h)

2

Earnálacha eile (agus leannlusanna, ola olóige agus ológa boird má úsáidtear iad sna hearnálacha sin) – cistí frithpháirteacha

Airteagal 60(2)(a)

2 nó 8

Earnálacha eile (agus leannlusanna, ola olóige agus ológa boird má úsáidtear iad sna hearnálacha sin) – infheistíochtaí maidir le méideanna a bhainistiú

Airteagal 60(2)(b)

11

Earnálacha eile (agus leannlusanna, ola olóige agus ológa boird má úsáidtear iad sna hearnálacha sin) – úlloird a athphlandú

Airteagal 60(2)(d)

8

Gealltanais chomhshaoil agus aeráide agus gealltanais bhainistíochta eile

Airteagal 65

12

Srianta nádúrtha agus srianta eile a bhaineann go sonrach le limistéar; míbhuntáistí a thagann as ceanglais éigeantacha áirithe a bhaineann go sonrach le limistéar

Airteagal 66 agus Airteagal 67

13

Infheistíochtaí

Airteagal 68

11

Comhar

Airteagal 71

2

Eolas a mhalartú agus faisnéis a scaipeadh

Airteagal 72

2

IARSCRÍBHINN III

RIALACHA MAIDIR LE COINNÍOLLACHT DE BHUN AIRTEAGAL 11

CRB: Ceanglas reachtúil bainistíochta

CMTC: Caighdeán maidir le talamh a bheith i gcóir mhaith thalmhaíochta agus chomhshaoil

Réimsí

Saincheist

Ceanglais agus caighdeáin

Príomhchuspóir an chaighdeáin

An comhshaol agus an aeráid

An tathrú aeráide

(é a mhaolú agus oiriúnú dó)

CMTC 1

Féarthailte buana a chothabháil ar bhonn cóimheas idir féarthailte buana agus an limistéar talmhaíochta

Bearta cosanta ginearálta le nach nathrófar go húsáidí eile talmhaíochta agus go gcaomhnófar an stoc carbóin

CMTC 2

Cosaint iomchuí na mbogach agus na bportach

Ithreacha ar mhórán carbóin a chosaint

CMTC 3

Cosc ar choinleach arúil a loscadh, ach amháin ar chúiseanna sláinte plandaí 

Ábhar orgánach san ithir a chothabháil

Uisce

CRB 1

Treoir 2000/60/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2000 lena mbunaítear creat do ghníomhaíocht Chomhphobail i réimse an bheartais uisce:

Airteagal 11(3)(e) agus Airteagal 11(3)(h) maidir leis na ceanglais éigeantacha chun foinsí idirleata an truaillithe fosfáite a rialú

CRB 2

Treoir 91/676/CEE ón gComhairle an 12 Nollaig 1991 maidir le huiscí a chosaint ar thruailliú de bharr níotráití ó fhoinsí talmhaíochta (IO L 375, 31.12.1991, lch. 1).

Airteagal 4 agus Airteagal 5

CMTC 4

Stráicí maolánacha a chur feadh uiscebhealaí 1  

Cúrsaí abhann a chosaint ar thruailliú agus ar rith chun srutha

CMTC 5

An Uirlis Inbhuanaitheachta Feirme i ndáil le Cothathaigh 2 a úsáid

Bainistiú inbhuanaithe ar chothaithigh

Ithir

(cosaint agus cáilíocht)

CMTC 6

Bainistiú ar churaíocht chun baol an díghrádaithe ithreach a laghdú, lena náirítear breithniú fána

Bainistiú íosta talún a chuireann san áireamh dálaí a bhaineann go sonrach leis an suíomh d'fhonn srian a chur le creimeadh

CMTC 7

Gan aon ithir lom sa tréimhse/sna tréimhsí is leochailí

Ithreacha a chosaint sa gheimhreadh

CMTC 8

Uainíocht na mbarr

Acmhainn na hithreach a chaomhnú

Bithéagsúlacht agus tírdhreach

(cosaint agus cáilíocht)

CRB 3

Treoir 2009/147/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Samhain 2009 maidir le héin fhiáine a chaomhnú (IO L 20, 26.1.2010, lch. 7).

Airteagal 3(1), Airteagal 3 (2)(b), Airteagal 4(1), (2) agus (4)

CRB 4

Treoir 92/43/CEE ón gComhairle an 21 Bealtaine 1992 maidir le gnáthóga nádúrtha agus fauna agus flora fiáine a chaomhnú (IO L 206, 22.7.1992, lch. 7):

Airteagal 6(1) agus (2)

CMTC 9

·An sciar íosta den limistéar talmhaíochta atá dírithe ar ghnéithe nó ar réimsí neamhtháirgiúla

·Gnéithe den tírdhreach a choinneáil

·Cosc ar fhálta agus crainn a ghearradh le linn shéasúr goir agus tógála na néan

·Mar rogha, bearta chun speicis ionracha phlandaí a chosc

Gnéithe neamhtháirgiúla a chothabháil agus limistéar ina ndéanfar an bhithéagsúlacht ar an bhfeirm a fheabhsú

CMTC 10

Cosc ar fhéarthailte buana a athrú nó a threabhadh ar shuíomhanna Natura 2000

Gnáthóga agus speicis a chosaint

Sláinte phoiblí, sláinte ainmhithe agus sláinte plandaí

Sábháilteacht bia

CRB 5

Rialachán (CE) Uimh. 178/2002 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 28 Eanáir 2002 lena leagtar síos prionsabail agus ceanglais ghinearálta dhlí an bhia, lena mbunaítear an tÚdarás Eorpach um Shábháilteacht Bia agus lena leagtar síos nósanna imeachta in ábhair a bhaineann le sábháilteacht bia (IO L 31, 1.2.2002, lch. 1):

Airteagal 14, Airteagal 15, Airteagal 17(1) 3 , Airteagal 18, Airteagal 19 agus Airteagal 20

CRB 6

Treoir 96/22/CE ón gComhairle an 29 Aibreán 1996 a bhaineann le toirmeasc ar shubstaintí áirithe a ngabhann gníomhaíocht hormónach nó thíreastatach leo, agus ar bhéite-agónaithe, a úsáid i bhfeirmeoireacht stoic agus lena naisghairtear Treoracha 81/602/CEE, 88/146/CEE agus 88/299/CEE (IO L 125, 23.5.1996, lch. 3):

Airteagal 3(a), (b), (d) agus (e) agus Airteagal 4, Airteagal 5 agus Airteagal 7

Sainaithint agus clárú ainmhithe

CRB 7

Treoir 2008/71/CE ón gComhairle an 15 Iúil 2008 maidir le muca a shainaithint agus a chlárú (IO L 213, 8.8.2005, lch. 31):

Airteagal 3, Airteagal 4 agus Airteagal 5

CRB 8

Rialachán (CE) Uimh. 1760/2000 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Iúil 2000 lena mbunaítear córas chun bóainmhithe a shainaithint agus a chlárú agus maidir le mairteoil agus táirgí mairteola a lipéadú agus lena naisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 820/97 ón gComhairle (IO L 204, 11.8.2000, lch. 1).

Airteagal 4 agus Airteagal 7

CRB 9

Rialachán (CE) Uimh. 21/2004 ón gComhairle an 17 Nollaig 2003 lena mbunaítear córas chun ainmhithe caorach agus gabhair a shainaithint agus a chlárú agus lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1782/2003 agus Treoir 92/102/CEE agus Treoir 64/432/CEE (IO L 5, 9.1.2004, lch. 8):

Airteagal 3, Airteagal 4 agus Airteagal 5

Galair ainmhithe

CRB 10

Rialachán (CE) Uimh. 999/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 22 Bealtaine 2001 lena leagtar síos rialacha chun einceifileapaití spúinseacha in-tarchurtha áirithe a chosc, a rialú agus a dhíothú (IO L 147, 31.5.2001, lch. 1):

Airteagail 7, 11, 12, 13 agus 15

CRB 11

Rialachán (AE) 2016/429 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Márta 2016 maidir le galair in-tarchurtha ainmhithe (IO L 84, 31.3.2016, lch. 1):

Airteagal 18(1), a fhad a bhaineann leis an ngalar crúibe is béil, le galar saicíneach na muc agus leis an ngalar gormtheanga.

Táirgí cosanta plandaí

CRB 12

Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 21 Deireadh Fómhair 2009 maidir le táirgí cosanta plandaí a chur ar an margadh agus lena naisghairtear Treoir 79/117/CEE agus Treoir 91/414/CEE ón gComhairle (IO L 309, 24.11.2009, lch. 1):

Airteagal 55, an chéad abairt agus an dara habairt

CRB 13

Treoir 2009/128/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 21 Deireadh Fómhair 2009 lena mbunaítear creat do ghníomhaíocht an Chomhphobail chun úsáid inbhuanaithe lotnaidicídí a bhaint amach (IO L 309, 24.11.2009, lch. 71):

Airteagal 5(2) agus Airteagal 8(1) go (5)

Airteagal 12 maidir leis na srianta ar úsáid lotnaidicídí i limistéir faoi chosaint a shainítear de bhun na Creat-Treorach Uisce agus na reachtaíochta a bhaineann le Natura 2000.

Airteagal 13(1) agus (3) maidir le lotnaidicídí a láimhsiú agus a stóráil agus fuílleach a dhiúscairt. 

Leas ainmhithe

Leas ainmhithe

CRB 14

Treoir 2008/119/CE ón gComhairle an 18 Nollaig 2008 lena leagtar síos caighdeáin íosta chun laonna a chosaint (IO L 10, 15.1.2009, lch. 7):

Airteagal 3 agus Airteagal 4

CRB 15

Treoir 2008/120/CE ón gComhairle an 18 Nollaig 2008 lena leagtar síos caighdeáin íosta chun muca a chosaint (IO L 47, 18.2.2009, lch. 5):

Airteagal 3 agus Airteagal 4

CRB 16

Treoir 98/58/CE ón gComhairle an 20 Iúil 1998 maidir le hainmhithe a choinnítear chun críocha feirmeoireachta a chosaint (IO L 221, 8.8.1998, lch. 23):

Airteagal 4

IARSCRÍBHINN IV

LEITHDHÁILTÍ NA mBALLSTÁT LE hAGHAIDH ÍOCAÍOCHTAÍ DÍREACHA DÁ dTAGRAÍTEAR SA CHÉAD FHOMHÍR D’AIRTEAGAL 81(1)

(praghsanna reatha in EUR)

Bliain féilire

2021

2022

2023

2024

2025

2026

2027 agus na blianta ina dhiaidh sin

An Bheilg

485 603 954

485 603 954

485 603 954

485 603 954

485 603 954

485 603 954

485 603 954

An Bhulgáir

776 281 570

784 748 620

793 215 670

801 682 719

810 149 769

818 616 819

818 616 819

Poblacht na Seice

838 844 295

838 844 295

838 844 295

838 844 295

838 844 295

838 844 295

838 844 295

An Danmhairg

846 124 520

846 124 520

846 124 520

846 124 520

846 124 520

846 124 520

846 124 520

An Ghearmáin

4 823 107 939

4 823 107 939

4 823 107 939

4 823 107 939

4 823 107939

4 823 107 939

4 823 107 939

An Eastóin

167 721 513

172 667 776

177 614 039

182 560 302

187 506 565

192 452 828

192 452 828

Éire

1 163 938 279

1 163 938 279

1 163 938 279

1 163 938 279

1 163 938 279

1 163 938 279

1 163 938 279

An Ghréig

2 036 560 894

2 036 560 894

2 036 560 894

2 036 560 894

2 036 560 894

2 036 560 894

2 036 560 894

An Spáinn

4 768 736 743

4 775 898 870

4 783 060 997

4 790 223 124

4 797 385 252

4 804 547 379

4 804 547 379

An Fhrainc

7 147 786 964

7 147 786 964

7 147 786 964

7 147 786 964

7 147 786 964

7 147 786 964

7 147 786 964

An Chróit

344 340 000

367 711 409

367 711 409

367 711 409

367 711 409

367 711 409

367 711 409

An Iodáil

3 560 185 516

3 560 185 516

3 560 185 516

3 560 185 516

3 560 185 516

3 560 185 516

3 560 185 516

An Chipir

46 750 094

46 750 094

46 750 094

46 750 094

46 750 094

46 750 094

46 750 094

An Laitvia

299 633 591

308 294 625

316 955 660

325 616 694

334 277 729

342 938 763

342 938 763

An Liotuáin

510 820 241

524 732 238

538 644 234

552 556 230

566 468 227

580 380 223

580 380 223

Lucsamburg

32 131 019

32 131 019

32 131 019

32 131 019

32 131 019

32 131 019

32 131 019

An Ungáir

1 219 769 672

1 219 769 672

1 219 769 672

1 219 769 672

1 219 769 672

1 219 769 672

1 219 769 672

Málta

4 507 492

4 507 492

4 507 492

4 507 492

4 507 492

4 507 492

4 507 492

An Ísiltír

703 870 373

703 870 373

703 870 373

703 870 373

703 870 373

703 870 373

703 870 373

An Ostair

664 819 537

664 819 537

664 819 537

664 819 537

664 819 537

664 819 537

664 819 537

An Pholainn

2 972 977 807

3 003 574 280

3 034 170 753

3 064 767 227

3 095 363 700

3 125 960 174

3 125 960 174

An Phortaingéil

584 824 383

593 442 972

602 061 562

610 680 152

619 298 742

627 917 332

627 917 332

An Rómáin

1 856 172 601

1 883 211 603

1 910 250 604

1 937 289 605

1 964 328 606

1 991 367 607

1 991 367 607

An tSlóivéin

129 052 673

129 052 673

129 052 673

129 052 673

129 052 673

129 052 673

129 052 673

An tSlóvaic

383 806 378

388 574 951

393 343 524

398 112 097

402 880 670

407 649 243

407 649 243

An Fhionlainn

505 999 667

507 783 955

509 568 242

511 352 530

513 136 817

514 921 104

514 921 104

An tSualainn

672 760 909

672 984 762

673 208 615

673 432 468

673 656 321

673 880 175

673 880 175

IARSCRÍBHINN V

LEITHDHÁILTÍ BLIANTÚLA NA mBALLSTÁT LE hAGHAIDH IDIRGHABHÁLACHA IN EARNÁIL AN FHÍONA DÁ dTAGRAÍTEAR IN AIRTEAGAL 82(1)

EUR

(praghsanna reatha)

An Bhulgáir

25 721 000

Poblacht na Seice

4 954 000

An Ghearmáin

37 381 000

An Ghréig

23 030 000

An Spáinn

202 147 000

An Fhrainc

269 628 000

An Chróit

10 410 000

An Iodáil

323 883 000

An Chipir

4 465 000

An Liotuáin

43 000

An Ungáir

27 970 000

An Ostair

13 155 000

An Phortaingéil

62 670 000

An Rómáin

45 844 000

An tSlóivéin

4 849 000

An tSlóvaic

4 887 000

IARSCRÍBHINN VI

 

LEITHDHÁILTÍ NA mBALLSTÁT LE hAGHAIDH CADÁIS DÁ dTAGRAÍTEAR SA DARA FOMHÍR D’AIRTEAGAL 81(1)

(praghsanna reatha in EUR)

Bliain féilire

2021

2022

2023

2024

2025

2026

2027 agus na blianta ina dhiaidh sin

An Bhulgáir

2 509 615

2 509 615

2 509 615

2 509 615

2 509 615

2 509 615

2 509 615

An Ghréig

180 532 000

180 532 000

180 532 000

180 532 000

180 532 000

180 532 000

180 532 000

An Spáinn

58 565 040

58 565 040

58 565 040

58 565 040

58 565 040

58 565 040

58 565 040

An Phortaingéil

174 239

174 239

174 239

174 239

174 239

174 239

174 239

IARSCRÍBHINN VII

 

LEITHDHÁILTÍ NA mBALLSTÁT LE hAGHAIDH ÍOCAÍOCHTAÍ DÍREACHA GAN CHADÁS AGUS ROIMH AN UASTEORAINN AR AISTRIÚ DÁ dTAGRAÍTEAR SA TRÍÚ FOMHÍR D’AIRTEAGAL 81(1)

(praghsanna reatha in EUR)

Bliain féilire

2021

2022

2023

2024

2025

2026

2027 agus na blianta ina dhiaidh sin

An Bheilg

485 603 954

485 603 954

485 603 954

485 603 954

485 603 954

485 603 954

485 603 954

An Bhulgáir

773 771 955

782 239 005

790 706 055

799 173 104

807 640 154

816 107 204

816 107 204

Poblacht na Seice

838 844 295

838 844 295

838 844 295

838 844 295

838 844 295

838 844 295

838 844 295

An Danmhairg

846 124 520

846 124 520

846 124 520

846 124 520

846 124 520

846 124 520

846 124 520

An Ghearmáin

4 823 107 939

4 823 107 939

4 823 107 939

4 823 107 939

4 823 107 939

4 823 107 939

4 823 107 939

An Eastóin

167 721 513

172 667 776

177 614 039

182 560 302

187 506 565

192 452 828

192 452 828

Éire

1 163 938 279

1 163 938 279

1 163 938 279

1 163 938 279

1 163 938 279

1 163 938 279

1 163 938 279

An Ghréig

1 856 028 894

1 856 028 894

1 856 028 894

1 856 028 894

1 856 028 894

1 856 028 894

1 856 028 894

An Spáinn

4 710 171 703

4 717 333 830

4 724 495 957

4 731 658 084

4 738 820 212

4 745 982 339

4 745 982 339

An Fhrainc

7 147 786 964

7 147 786 964

7 147 786 964

7 147 786 964

7 147 786 964

7 147 786 964

7 147 786 964

An Chróit

344 340 000

367 711 409

367 711 409

367 711 409

367 711 409

367 711 409

367 711 409

An Iodáil

3 560 185 516

3 560 185 516

3 560 185 516

3 560 185 516

3 560 185 516

3 560 185 516

3 560 185 516

An Chipir

46 750 094

46 750 094

46 750 094

46 750 094

46 750 094

46 750 094

46 750 094

An Laitvia

299 633 591

308 294 625

316 955 660

325 616 694

334 277 729

342 938 763

342 938 763

An Liotuáin

510 820 241

524 732 238

538 644 234

552 556 230

566 468 227

580 380 223

580 380 223

Lucsamburg

32 131 019

32 131 019

32 131 019

32 131 019

32 131 019

32 131 019

32 131 019

An Ungáir

1 219 769 672

1 219 769 672

1 219 769 672

1 219 769 672

1 219 769 672

1 219 769 672

1 219 769 672

Málta

4 507 492

4 507 492

4 507 492

4 507 492

4 507 492

4 507 492

4 507 492

An Ísiltír

703 870 373

703 870 373

703 870 373

703 870 373

703 870 373

703 870 373

703 870 373

An Ostair

664 819 537

664 819 537

664 819 537

664 819 537

664 819 537

664 819 537

664 819 537

An Pholainn

2 972 977 807

3 003 574 280

3 034 170 753

3 064 767 227

3 095 363 700

3 125 960 174

3 125 960 174

An Phortaingéil

584 650 144

593 268 733

601 887 323

610 505 913

619 124 503

627 743 093

627 743 093

An Rómáin

1 856 172 601

1 883 211 603

1 910 250 604

1 937 289 605

1 964 328 606

1 991 367 607

1 991 367 607

An tSlóivéin

129 052 673

129 052 673

129 052 673

129 052 673

129 052 673

129 052 673

129 052 673

An tSlóvaic

383 806 378

388 574 951

393 343 524

398 112 097

402 880 670

407 649 243

407 649 243

An Fhionlainn

505 999 667

507 783 955

509 568 242

511 352 530

513 136 817

514 921 104

514 921 104

An tSualainn

672 760 909

672 984 762

673 208 615

673 432 468

673 656 321

673 880 175

673 880 175

IARSCRÍBHINN VIII

LEITHDHÁILTÍ BLIANTÚLA NA mBALLSTÁT LE hAGHAIDH IDIRGHABHÁLACHA IN EARNÁIL NA BEACHADÓIREACHTA DÁ dTAGRAÍTEAR IN AIRTEAGAL 82(2)

EUR
(praghsanna reatha)

An Bheilg

422 967

An Bhulgáir

2 063 885

Poblacht na Seice

2 121 528

An Danmhairg

295 539

An Ghearmáin

2 790 875

An Eastóin

140 473

Éire

61 640

An Ghréig

6 162 645

An Spáinn

9 559 944

An Fhrainc

6 419 062

An Chróit

1 913 290

An Iodáil

5 166 537

An Chipir

169 653

An Laitvia

328 804

An Liotuáin

549 828

Lucsamburg

30 621

An Ungáir

4 271 227

Málta

14 137

An Ísiltír

295 172

An Ostair

1 477 188

An Pholainn

5 024 968

An Phortaingéil

2 204 232

An Rómáin

6 081 630

An tSlóivéin

649 455

An tSlóvaic

999 973

An Fhionlainn

196 182

An tSualainn

588 545

IARSCRÍBHINN IX

MIONDEALÚ AR AN TACAÍOCHT ÓN AONTAS MAIDIR LE hIDIRGHABHÁLACHA LE hAGHAIDH FORBAIRT TUAITHE (2021 go 2027) DÁ dTAGRAÍTEAR IN AIRTEAGAL 83(3)

(praghsanna reatha; in EUR)

Bliain

2021

2022

2023

2024

2025

2026

2027

IOMLÁN 2021-2027

An Bheilg

67 178 046

67 178 046

67 178 046

67 178 046

67 178 046

67 178 046

67 178 046

470 246 322

An Bhulgáir

281 711 396

281 711 396

281 711 396

281 711 396

281 711 396

281 711 396

281 711 396

1 971 979 772

Poblacht na Seice

258 773 203

258 773 203

258 773 203

258 773 203

258 773 203

258 773 203

258 773 203

1 811 412 421

An Danmhairg

75 812 623

75 812 623

75 812 623

75 812 623

75 812 623

75 812 623

75 812 623

530 688 361

An Ghearmáin

989 924 996

989 924 996

989 924 996

989 924 996

989 924 996

989 924 996

989 924 996

6 929 474 972

An Eastóin

87 875 887

87 875 887

87 875 887

87 875 887

87 875 887

87 875 887

87 875 887

615 131 209

Éire

264 670 951

264 670 951

264 670 951

264 670 951

264 670 951

264 670 951

264 670 951

1 852 696 657

An Ghréig

509 591 606

509 591 606

509 591 606

509 591 606

509 591 606

509 591 606

509 591 606

3 567 141 242

An Spáinn

1 001 202 880

1 001 202 880

1 001 202 880

1 001 202 880

1 001 202 880

1 001 202 880

1 001 202 880

7 008 420 160

An Fhrainc

1 209 259 199

1 209 259 199

1 209 259 199

1 209 259 199

1 209 259 199

1 209 259 199

1 209 259 199

8 464 814 393

An Chróit

281 341 503

281 341 503

281 341 503

281 341 503

281 341 503

281 341 503

281 341 503

1 969 390 521

An Iodáil

1 270 310 371

1 270 310 371

1 270 310 371

1 270 310 371

1 270 310 371

1 270 310 371

1 270 310 371

8 892 172 597

An Chipir

15 987 284

15 987 284

15 987 284

15 987 284

15 987 284

15 987 284

15 987 284

111 910 988

An Laitvia

117 307 269

117 307 269

117 307 269

117 307 269

117 307 269

117 307 269

117 307 269

821 150 883

An Liotuáin

195 182 517

195 182 517

195 182 517

195 182 517

195 182 517

195 182 517

195 182 517

1 366 277 619

Lucsamburg

12 290 956

12 290 956

12 290 956

12 290 956

12 290 956

12 290 956

12 290 956

86 036 692

An Ungáir

416 202 472

416 202 472

416 202 472

416 202 472

416 202 472

416 202 472

416 202 472

2 913 417 304

Málta

12 207 322

12 207 322

12 207 322

12 207 322

12 207 322

12 207 322

12 207 322

85 451 254

An Ísiltír

73 151 195

73 151 195

73 151 195

73 151 195

73 151 195

73 151 195

73 151 195

512 058 365

An Ostair

480 467 031

480 467 031

480 467 031

480 467 031

480 467 031

480 467 031

480 467 031

3 363 269 217

An Pholainn

1 317 890 530

1 317 890 530

1 317 890 530

1 317 890 530

1 317 890 530

1 317 890 530

1 317 890 530

9 225 233 710

An Phortaingéil

493 214 858

493 214 858

493 214 858

493 214 858

493 214 858

493 214 858

493 214 858

3 452 504 006

An Rómáin

965 503 339

965 503 339

965 503 339

965 503 339

965 503 339

965 503 339

965 503 339

6 758 523 373

An tSlóivéin

102 248 788

102 248 788

102 248 788

102 248 788

102 248 788

102 248 788

102 248 788

715 741 516

An tSlóvaic

227 682 721

227 682 721

227 682 721

227 682 721

227 682 721

227 682 721

227 682 721

1 593 779 047

An Fhionlainn

292 021 227

292 021 227

292 021 227

292 021 227

292 021 227

292 021 227

292 021 227

2 044 148 589

An tSualainn

211 550 876

211 550 876

211 550 876

211 550 876

211 550 876

211 550 876

211 550 876

1 480 856 132

Iomlán AE-27

11 230 561 046

11 230 561 046

11 230 561 046

11 230 561 046

11 230 561 046

11 230 561 046

11 230 561 046

78 613 927 322

Cúnamh teicniúil (0,25%)

28 146 770

28 146 770

28 146 770

28 146 770

28 146 770

28 146 770

28 146 770

197 027 390

Iomlán

11 258 707 816

11 258 707 816

11 258 707 816

11 258 707 816

11 258 707 816

11 258 707 816

11 258 707 816

78 810 954 712

IARSCRÍBHINN IXa

MIONDEALÚ AR AN TACAÍOCHT ÓN AONTAS MAIDIR LE hIDIRGHABHÁLACHA LE hAGHAIDH FORBAIRT TUAITHE (2021 go 2027) DÁ dTAGRAÍTEAR IN AIRTEAGAL 83(3)

(praghsanna 2018 4 ; in EUR)

Bliain

2021

2022

2023

2024

2025

2026

2027

IOMLÁN 2021-2027

An Bheilg

63 303 373

62 062 131

60 845 226

59 652 182

58 482 532

57 335 815

56 211 584

417 892 843

An Bhulgáir

265 462 940

260 257 785

255 154 691

250 151 658

245 246 723

240 437 964

235 723 494

1 752 435 255

Poblacht na Seice

243 847 768

239 066 440

234 378 862

229 783 198

225 277 645

220 860 437

216 529 840

1 609 744 190

An Danmhairg

71 439 928

70 039 145

68 665 828

67 319 440

65 999 451

64 705 344

63 436 611

471 605 747

An Ghearmáin

932 828 433

914 537 679

896 605 568

879 025 067

861 789 281

844 891 452

828 324 953

6 158 002 433

An Eastóin

82 807 411

81 183 737

79 591 899

78 031 273

76 501 248

75 001 224

73 530 611

546 647 403

Éire

249 405 348

244 515 047

239 720 635

235 020 230

230 411 990

225 894 108

221 464 812

1 646 432 170

An Ghréig

480 199 552

470 783 875

461 552 818

452 502 763

443 630 160

434 931 529

426 403 460

3 170 004 157

An Spáinn

943 455 836

924 956 702

906 820 296

889 039 505

871 607 358

854 517 018

837 761 782

6 228 158 497

An Fhrainc

1 139 511 952

1 117 168 580

1 095 263 314

1 073 787 562

1 052 732 904

1 032 091 083

1 011 854 003

7 522 409 398

An Chróit

265 114 382

259 916 061

254 819 668

249 823 204

244 924 709

240 122 264

235 413 984

1 750 134 272

An Iodáil

1 197 041 834

1 173 570 426

1 150 559 241

1 127 999 256

1 105 881 623

1 084 197 670

1 062 938 892

7 902 188 942

An Chipir

15 065 175

14 769 779

14 480 176

14 196 251

13 917 893

13 644 993

13 377 444

99 451 711

An Laitvia

110 541 260

108 373 784

106 248 808

104 165 498

102 123 037

100 120 625

98 157 475

729 730 487

An Liotuáin

183 924 845

180 318 475

176 782 819

173 316 489

169 918 127

166 586 399

163 319 999

1 214 167 153

Lucsamburg

11 582 043

11 354 944

11 132 298

10 914 018

10 700 017

10 490 213

10 284 523

76 458 056

An Ungáir

392 196 885

384 506 750

376 967 402

369 575 884

362 329 298

355 224 802

348 259 610

2 589 060 631

Málta

11 503 233

11 277 679

11 056 548

10 839 753

10 627 209

10 418 832

10 214 541

75 937 795

An Ísiltír

68 932 004

67 580 397

66 255 291

64 956 167

63 682 517

62 433 840

61 209 647

455 049 863

An Ostair

452 754 814

443 877 269

435 173 793

426 640 974

418 275 464

410 073 985

402 033 318

2 988 829 617

An Pholainn

1 241 877 681

1 217 527 138

1 193 654 057

1 170 249 075

1 147 303 015

1 124 806 877

1 102 751 840

8 198 169 683

An Phortaingéil

464 767 377

455 654 291

446 719 893

437 960 679

429 373 215

420 954 132

412 700 130

3 068 129 717

An Rómáin

909 815 361

891 975 844

874 486 121

857 339 335

840 528 760

824 047 803

807 890 003

6 006 083 227

An tSlóivéin

96 351 317

94 462 075

92 609 878

90 793 998

89 013 723

87 268 356

85 557 212

636 056 559

An tSlóvaic

214 550 513

210 343 640

206 219 255

202 175 740

198 211 510

194 325 010

190 514 716

1 416 340 384

An Fhionlainn

275 178 124

269 782 474

264 492 622

259 306 492

254 222 051

249 237 305

244 350 299

1 816 569 367

An tSualainn

199 349 116

195 440 310

191 608 147

187 851 124

184 167 769

180 556 636

177 016 310

1 315 989 412

Iomlán AE-27

10 582 808 505

10 375 302 457

10 171 865 154

9 972 416 815

9 776 879 229

9 585 175 716

9 397 231 093

69 861 678 969

Cúnamh teicniúil (0,25%)

26 523 330

26 003 264

25 493 396

24 993 526

24 503 457

24 022 997

23 551 958

175 091 928

Iomlán

10 609 331 835

10 401 305 721

10 197 358 550

9 997 410 341

9 801 382 686

9 609 198 713

9 420 783 051

70 036 770 897

IARSCRÍBHINN X

MÉIDEANNA ÍOSTA ATÁ CURTHA I LEATAOBH DON CHUSPÓIR “FEIRMEOIRÍ ÓGA A MHEALLADH AGUS FORBAIRT GNÓ A ÉASCÚ” DÁ dTAGRAÍTEAR IN AIRTEAGAL 86(5)

(praghsanna reatha in EUR)

Bliain féilire

2021

2022

2023

2024

2025

2026

2027 agus na blianta ina dhiaidh sin

An Bheilg

9 712 079

9 712 079

9 712 079

9 712 079

9 712 079

9 712 079

9 712 079

An Bhulgáir

15 475 439

15 644 780

15 814 121

15 983 462

16 152 803

16 322 144

16 322 144

Poblacht na Seice

16 776 886

16 776 886

16 776 886

16 776 886

16 776 886

16 776 886

16 776 886

An Danmhairg

16 922 490

16 922 490

16 922 490

16 922 490

16 922 490

16 922 490

16 922 490

An Ghearmáin

96 462 159

96 462 159

96 462 159

96 462 159

96 462 159

96 462 159

96 462 159

An Eastóin

3 354 430

3 453 356

3 552 281

3 651 206

3 750 131

3 849 057

3 849 057

Éire

23 278 766

23 278 766

23 278 766

23 278 766

23 278 766

23 278 766

23 278 766

An Ghréig

37 120 578

37 120 578

37 120 578

37 120 578

37 120 578

37 120 578

37 120 578

An Spáinn

94 203 434

94 346 677

94 489 919

94 633 162

94 776 404

94 919 647

94 919 647

An Fhrainc

142 955 739

142 955 739

142 955 739

142 955 739

142 955 739

142 955 739

142 955 739

An Chróit

6 886 800

7 354 228

7 354 228

7 354 228

7 354 228

7 354 228

7 354 228

An Iodáil

71 203 710

71 203 710

71 203 710

71 203 710

71 203 710

71 203 710

71 203 710

An Chipir

935 002

935 002

935 002

935 002

935 002

935 002

935 002

An Laitvia

5 992 672

6 165 893

6 339 113

6 512 334

6 685 555

6 858 775

6 858 775

An Liotuáin

10 216 405

10 494 645

10 772 885

11 051 125

11 329 365

11 607 604

11 607 604

Lucsamburg

642 620

642 620

642 620

642 620

642 620

642 620

642 620

An Ungáir

24 395 393

24 395 393

24 395 393

24 395 393

24 395 393

24 395 393

24 395 393

Málta

90 150

90 150

90 150

90 150

90 150

90 150

90 150

An Ísiltír

14 077 407

14 077 407

14 077 407

14 077 407

14 077 407

14 077 407

14 077 407

An Ostair

13 296 391

13 296 391

13 296 391

13 296 391

13 296 391

13 296 391

13 296 391

An Pholainn

59 459 556

60 071 486

60 683 415

61 295 345

61 907 274

62 519 203

62 519 203

An Phortaingéil

11 693 003

11 865 375

12 037 746

12 210 118

12 382 490

12 554 862

12 554 862

An Rómáin

37 123 452

37 664 232

38 205 012

38 745 792

39 286 572

39 827 352

39 827 352

An tSlóivéin

2 581 053

2 581 053

2 581 053

2 581 053

2 581 053

2 581 053

2 581 053

An tSlóvaic

7 676 128

7 771 499

7 866 870

7 962 242

8 057 613

8 152 985

8 152 985

An Fhionlainn

10 119 993

10 155 679

10 191 365

10 227 051

10 262 736

10 298 422

10 298 422

An tSualainn

13 455 218

13 459 695

13 464 172

13 468 649

13 473 126

13 477 604

13 477 604

IARSCRÍBHINN XI

REACHTAÍOCHT DE CHUID AN AONTAIS EORPAIGH A BHAINEANN LEIS AN gCOMHSHAOL AGUS AN AERÁID NACH MÓR DO NA PLEANANNA STRAITÉISEACHA FAOI CBT ATÁ AG NA BALLSTÁIT CUR LENA CUID CUSPÓIRÍ DE BHUN AIRTEAGAIL 96, 97 AGUS 103:

Treoir 2009/147/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Samhain 2009 maidir le héin fhiáine a chaomhnú;

Treoir 92/43/CEE ón gComhairle an 21 Bealtaine 1992 maidir le gnáthóga nádúrtha agus fauna agus flora fiáine a chaomhnú;

Treoir 2000/60/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2000 lena mbunaítear creat do ghníomhaíocht Chomhphobail i réimse an bheartais uisce;

Treoir 91/676/CEE ón gComhairle an 12 Nollaig 1991 maidir le huiscí a chosaint ar thruailliú de bharr níotráití ó fhoinsí talmhaíochta;

Treoir 2008/50/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le cáilíocht an aeir chomhthimpeallaigh agus aer níos glaine don Eoraip;

Treoir (AE) 2016/2284 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Nollaig 2016 maidir le hastaíochtaí náisiúnta truailleán áirithe san aer a laghdú, lena leasaítear Treoir 2003/35/CE agus lena naisghairtear Treoir 2001/81/CE;

[Rialachán XXXX ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le hastaíochtaí agus aistrithe gás ceaptha teasa ó thalamhúsáid, athrú ar thalamhúsáid agus foraoiseacht a chur san áireamh i gcreat aeráide agus fuinnimh 2030 agus lena leasaítear Rialachán Uimh. 525/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le sásra chun faireachán agus tuairisciú a dhéanamh ar astaíochtaí gás ceaptha teasa agus chun faisnéis eile atá ábhartha don athrú aeráide a thuairisciú];

[Rialachán XXX ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le laghduithe bliantúla ceangailteacha ar astaíochtaí gás ceaptha teasa ag na Ballstáit idir 2021 agus 2030 ar mhaithe le hAontas Fuinnimh buanseasmhach agus chun gealltanais faoi Chomhaontú Pháras a chomhlíonadh agus lena leasaítear Rialachán Uimh. 525/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le sásra chun faireachán agus tuairisciú a dhéanamh ar astaíochtaí gás ceaptha teasa agus chun faisnéis eile atá ábhartha don athrú aeráide a thuairisciú];

Treoir 2009/28/CE maidir le húsáid fuinnimh ó fhoinsí in-athnuaite a chur chun cinn;

[Treoir XXX ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leasaítear Treoir 2012/27/AE maidir le héifeachtúlacht fuinnimh];

[Rialachán XXXX ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le Rialachas an Aontais Fuinnimh, lena leasaítear Treoir 94/22/CE, Treoir 98/70/CE, Treoir 2009/31/CE, Rialachán (CE) Uimh. 663/2009, Rialachán (CE) Uimh. 715/2009, Treoir 2009/73/CE, Treoir 2009/119/CE ón gComhairle, Treoir 2010/31/AE, Treoir 2012/27/AE, Treoir 2013/30/AE agus Treoir (AE) 2015/652 ón gComhairle agus lena naisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 525/2013];

Treoir 2009/128/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 21 Deireadh Fómhair 2009 lena mbunaítear creat do ghníomhaíocht an Chomhphobail chun úsáid inbhuanaithe lotnaidicídí a bhaint amach.

IARSCRÍBHINN XII

TUAIRISCIÚ BUNAITHE AR CHROÍTHACAR TÁSCAIRÍ DE BHUN AIRTEAGAL 128

Táscairí maidir leis an gCiste Eorpach um Ráthaíocht Talmhaíochta (CERT)
agus an Ciste Eorpach Talmhaíochta um Fhorbairt Tuaithe (CETFT).

Cuspóirí

Croíthacar táscairí

Tacaíocht a thabhairt d’ioncam feirme inmharthana agus don athléimneacht ar fud an Aontais chun cur leis an tslándáil bia;

O.3 Líon na dtairbhithe de thacaíocht faoi CBT

R.6 Athdháileadh ar fheirmeacha beaga: Céatadán den tacaíocht bhreise in aghaidh an heicteáir maidir le feirmeacha incháilithe atá níos lú ná feirmeacha meánmhéide (i gcomparáid leis an meán)

Díriú níos fearr ar an margadh agus cur leis an iomaíochas, lena náirítear fócas níos mó ar an taighde, ar réitigh nuálacha, ar an teicneolaíocht agus an digitiú, agus fócas níos mó ar ghlacadh na nithe sin;

R.9 Nuachóiriú feirmeacha: An sciar de na feirmeoirí atá ag fáil tacaíocht infheistíochta chun athstruchtúrú agus nuachóiriú a dhéanamh, lena náirítear éifeachtúlacht acmhainní a fheabhsú

Áit an fheirmeora sa slabhra luacha a fheabhsú;

R.10 Eagrú níos fearr ar an slabhra soláthair: An sciar de na feirmeoirí atá páirteach i ngrúpaí táirgeoirí, eagraíochtaí táirgeoirí, margaí áitiúla, slabhraí gearra soláthair agus scéimeanna cáilíochta a fhaigheann tacaíocht faoi CBT

Cuidiú le maolú an athraithe aeráide agus leis an oiriúnú don athrú sin, agus leis an bhfuinneamh inbhuanaithe;

R.14 Stóráil carbóin in ithreacha agus i mbithmhais: An sciar den talamh talmhaíochta atá faoi ghealltanais maidir le hastaíochtaí a laghdú, stóráil carbóin a chothabháil agus/nó a fheabhsú (féarthailte buana, talamh talmhaíochta i bportaigh, foraoisí, etc.)

An fhorbairt inbhuanaithe agus bainistiú éifeachtúil ar acmhainní nádúrtha, amhail an tuisce, an ithir agus an taer, a chothú;

 

O.13 Líon na heicteár (talmhaíocht) atá cumhdaithe ag gealltanais chomhshaoil/aeráide a théann thar na ceanglais éigeantacha

R.4 Tacaíocht ioncaim a nascadh le caighdeáin agus dea-chleachtais: An sciar den limistéar talmhaíochta a úsáidtear atá cumhdaithe ag tacaíocht ioncaim agus faoi réir coinníollachta

Cuidiú le cosaint na bithéagsúlachta, seirbhísí éiceachórais a fheabhsú agus gnáthóga agus tírdhreacha a chaomhnú;

R.27 Gnáthóga agus speicis a chaomhnú: An sciar den talamh talmhaíochta atá faoi ghealltanais bhainistíochta a thacaíonn le caomhnú nó athbhunú na bithéagsúlachta

Feirmeoirí óga a mhealladh agus forbairt gnó a éascú;

R.30 Athnuachan ó ghlúin go glúin: Líon na bhfeirmeoirí óga a bhfuil feirm á bunú acu le tacaíocht ó CBT

An fhostaíocht, an fás, an cuimsiú sóisialta, agus an fhorbairt áitiúil a chur chun cinn i gceantair thuaithe, lena náirítear an bithgheilleagar agus an fhoraoiseacht inbhuanaithe;

R.31 Fás agus fostaíocht i gceantair thuaithe: Líon na bpost i dtionscadail a fhaigheann tacaíocht

R.34 Eoraip na tuaithe a chónascadh: An sciar de phobal na tuaithe a bhfuil rochtain níos fearr acu ar sheirbhísí agus ar bhonneagar de bharr tacaíocht faoi CBT

An chaoi a dtéann earnáil talmhaíochta an Aontais Eorpaigh i ngleic le héilimh shochaíocha ar bhia agus ar shláinte, lena náirítear bia sábháilte cothaitheach inbhuanaithe, agus leas ainmhithe, a fheabhsú.

O.16 Líon na naonad beostoic atá cumhdaithe ag tacaíocht le haghaidh leas agus sláinte ainmhithebearta bithshlándála níos fearr

(1)    Caithfidh na stráicí maolánacha, idir stráicí atá laistigh agus lasmuigh de na limistéir leochaileacha a sainíodh de bhun Airteagal 3(2) de Threoir 91/676/CEE, ar a laghad na ceanglais a bhaineann le leasachán a leathadh ar thalamh atá gar d’uiscebhealaí a chomhlíonadh, ceanglais dá dtagraítear i bpointe A.4 d'Iarscríbhinn II a ghabhann le Treoir 91/676/CEE agus atá le cur i bhfeidhm i gcomhréir le cláir ghníomhaíochta na mBallstát a bhunaítear faoi Airteagal 5(4) de Threoir 91/676/CEE.
(2)    Cuirfear na heiliminí agus na feidhmiúlachtaí seo a leanas ar a laghad ar fáil leis an uirlis sin: a) Eilimintí    Faisnéis ábhartha faoi fheirmeacha bunaithe ar an gCóras Sainaitheanta Dáileachtaí Talún (LPIS) agus an Córas Comhtháite Riaracháin agus Rialaithe (CCCR);    Faisnéis ón tsampláil ithreach, ar scála iomchuí spásúil agus ama;    Faisnéis faoi chleachtais ábhartha bhainistíochta, faoi stair na mbarr agus faoi spriocanna táirgeachta;    Eolas maidir le huasteorainneacha agus ceanglais dhlíthiúla a bhfuil baint acu le cothaithigh feirme a bhainistiú;    Buiséad iomlán maidir le cothaithigh.b) Feidhmiúlachtaí    Comhtháthú uathoibríoch sonraí as foinsí éagsúla (LPIS agus CCCR, sonraí a thagann ó fheirmeoirí, anailísí ar an ithir, etc.) a mhéad is féidir le nach mbeidh ar fheirmeoirí na sonraí céanna a thabhairt faoi dhó;    Ceadófar cumarsáid sa dá threo idir na gníomhaireachtaí íocaíochta/údaráis bhainistíochta agus na feirmeoirí;    Modúlacht agus an deis cur le cuspóirí breise inbhuanaitheachta (e.g. bainistiú astaíochtaí, bainistiú uisce);     Prionsabail AE maidir le hidir-inoibritheacht, oscailteacht agus athúsáid sonraí a urramú;    Ráthaíochtaí maidir le slándáil sonraí agus príobháideachas i gcomhréir leis na caighdeáin is fearr atá ann.
(3)

   Go háirithe mar a chuirtear chun feidhme le:

— Airteagal 14 de Rialachán (CE) Uimh. 470/2009 agus an Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 37/2010,

— Rialachán (CE) Uimh. 852/2004: Airteagal 4(1) agus Iarscríbhinn I cuid A (II 4 (g, h, j), 5 (f, h), 6; III 8 (a, b, d, e), 9 (a, c)),

— Rialachán (CE) Uimh. 853/2004: Airteagal 3(1) agus Iarscríbhinn III Roinn IX Caibidil 1 (I-1 b, c, d, e; I-2 a (i, ii, iii), b (i, ii), c; I-3; I-4; I-5; II-A 1, 2, 3, 4; II-B 1(a, d), 2, 4 (a, b)), Iarscríbhinn III Roinn X Caibidil 1(1),

— Rialachán (CE) Uimh. 183/2005: Airteagal 5(1) agus Iarscríbhinn I, cuid A (I-4 e, g; II-2 a, b, e), Airteagal 5(5) agus Iarscríbhinn III (faoin gceannteideal “BEATHÚ”, pointe 1 dar teideal “Stóráil”, an chéad abairt agus an abairt dheireanach, agus pointe 2 dar teideal “Dáileadh”, an tríú habairt), Airteagal 5(6), agus

— Rialachán (CE) Uimh. 396/2005: Airteagal 18.

(4)    Is chun críocha eolais a thugtar na figiúirí “praghsanna 2018”; is figiúirí táscacha iad agus níl siad ceangailteach ó thaobh dlí de.