An Bhruiséil,30.5.2018

COM(2018) 382 final

2018/0206(COD)

Togra le haghaidh

RIALACHÁN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

maidir le Ciste Sóisialta na hEorpa Plus (CSE+)

{SEC(2018) 273 final}
{SWD(2018) 289 final}


MEABHRÁN MÍNIÚCHÁIN

1.COMHTHÉACS AN TOGRA

Forais agus cuspóirí an togra

Tá uair na cinniúna buailte leis an Eoraip arae sa scór éigin bliain atá le teacht cinnfear cén tábhacht a bheidh léi agus cén rath a bheidh uirthi. Tá an dá ní sin ag brath ar chumas na hEorpa leanúint de bheith iomaíoch sa gheilleagar domhanda agus ardleibhéal fostaíochta, oideachais agus oiliúna, sláinte, cuimsiú sóisialta agus rannpháirtíocht ghníomhach sa tsochaí a chinntiú. Chun an Eoraip a dhéanamh iomaíoch, comhtháite agus athléimneach san am atá le teacht is gá infheistíocht a dhéanamh i ndaoine san am atá i láthair: in oideachas agus in oiliúint, i scileanna, sa chruthaitheacht, sa chumas gnó a chruthú, sa nuálaíocht agus sa tsláinte.

Ina theannta sin, tá roinnt dúshlán nach beag ann. D’ainneoin an dul chun cinn atá déanta, tá an dífhostaíocht fós ann agus tá an ráta bochtaineachta ard i gcónaí agus tá sé ina thosaíocht ar fud an Aontais dul i ngleic leo sin. Tá saincheisteanna sóisialta agus fostaíochta ina gcúiseanna móra imní do shaoránaigh na hEorpa, agus táthar ag súil le níos mó ón Aontas sa réimse seo. Tá dúshlán eile ann atá le sárú ag an Aontas, dúshláin a bhaineann leo seo a leanas:

·gannchion scileanna,

·beartas gníomhach an mhargaidh saothair agus córais oideachais a bheith ag feidhmiú faoi bhun an chirt,

·dúshláin atá ag eascairt ó theicneolaíochtaí nua amhail an tuathoibriú agus cineálacha nua oibre gaolmhara,

·grúpaí imeallaithe amhail na Romaigh agus imircigh a bheith faoi eisiamh sóisialta,

·easpa soghluaisteachta lucht saothair.

Tá gá le tionscnaimh beartais agus le gníomhaíochtaí tacaíochta spriocdhírithe chun dul i ngleic leis na dúshláin sin.

An 17 Samhain 2017, mar fhreagairt ar iarratas na saoránach feabhas a chur ar an ngné shóisialta den Eoraip, rinne Parlaimint na hEorpa, an Chomhairle agus an Coimisiún Colún Eorpach na gCeart Sóisialta a fhógairt i gcomhpháirt le chéile. Tá sé tábhachtach anois institiúidí an Aontais agus na Ballstáit dul i gcomhar le chéile chun prionsabail agus cearta an Cholúin a réadú.

An 2 Bealtaine 2018, ghlac an Coimisiún togra le haghaidh an chéad chreata airgeadais ilbhliantúil eile don tréimhse 2021-2027 1 . Tá léargas sa togra ar an staid shóisialta agus eacnamaíoch ina bhfuiltear i láthair na huaire agus tá freagairt nithiúil ann ar an iarratas atá déanta ag muintir na hEorpa bearta a dhéanamh ar son shochaí na hEorpa agus níos mó infheistíochta a dhéanamh i ndaoine san Aontas Eorpach.

Ina fhianaise sin ar fad, tá sa togra seo Ciste Sóisialta na hEorpa Plus (CSE+), is é sin an phríomhionstraim atá ag an Aontas Eorpach le hinfheistíocht a dhéanamh i ndaoine agus Colún Eorpach na gCeart Sóisialta a chur chun feidhme. Cumascfar na cistí agus na cláir seo a leanas in CSE+:

Ciste Sóisialta na hEorpa (CSE) agus an Tionscnamh um Fhostaíocht don Aos Óg (TFAO);

an Ciste um Chabhair Eorpach do na Daoine is Díothaí (CCEDD);

an Clár um Fhostaíocht agus um Nuálaíocht Shóisialta (EaSI) agus

an Clár do ghníomhaíocht an Aontais i réimse na sláinte (an Clár Sláinte).

Tá trí aidhm ag cumasc na gcistí sin:

Feabhas a chur ar chomhleanúnachas agus ar shineirgíochtaí idir ionstraimí comhlántacha AE lena dtugtar tacaíocht thábhachtach do dhaoine agus arb é is aidhm dóibh feabhas a chur ar a gcaighdeáin mhaireachtála, trí mhodhanna clársceidealúcháin agus cur chun feidhme níos comhtháite a fhorbairt.

Chun solúbthacht a mhéadú agus chun go mbeidh na cistí níos ábalta freagairt a thabhairt ar na dúshláin a shainaithnítear i dtimthriall rialachas eacnamaíoch an Aontais agus sna tosaíochtaí a leagtar síos ar leibhéal an Aontais.

Chun gur fusa cistí a chlarsceidealú agus a bhainistiú, agus dá bharr sin, an tualach riaracháin ar údaráis agus ar thairbhithe a laghdú.

Trína bhithín sin, cuideoidh CSE+ Eoraip shóisialta a thógáil, Eoraip a chumhachtóidh daoine agus a rannchuideoidh le comhtháthú eacnamaíoch, sóisialta agus críochach i gcomhréir le hAirteagal 174 CFAE, rud atá riachtanach chun go bhfeidhmeoidh AE i gceart mar Aontas eacnamaíoch polaitiúil cobhsaí inmharthana.

Foráiltear leis an togra ginearálta seo gurb é an 1 Eanáir 2021 an dáta cur i bhfeidhm agus tá sé á thíolacadh d’Aontas ina mbeidh 27 mBallstát, i gcomhréir leis an bhfógra a fuair an Chomhairle Eorpach an 29 Márta 2017 ón Ríocht Aontaithe go bhfuil sé beartaithe ag an Ríocht Aontaithe tarraingt siar ón Aontas Eorpach agus ó Euratom bunaithe ar Airteagal 50 den Chonradh ar an Aontas Eorpach.

Comhsheasmhacht le forálacha beartais atá ann cheana sa réimse beartais

Cuidíonn CSE+ le beartais agus le tosaíochtaí arb é is aidhm dóibh lánfhostaíocht a bhaint amach, feabhas a chur ar cháilíocht agus tháirgiúlacht oibre, soghluaisteacht gheografach agus gairme lucht saothair laistigh den Aontais a mhéadú, feabhas a chur ar chórais oideachais agus oiliúna, agus an cuimsiú sóisialta agus an tsláinte a neartú.

Is é an aidhm beartais ghinearálta atá ag an Rialachán maidir le CSE+ ‘Eoraip Shóisialta’ níos tuillmhí agus níos athléimní a chothú agus Colún Eorpach na gCeart Sóisialta a chur chun feidhme, agus tosaíochtaí sóisialta agus fostaíochta arna bhformhuiniú faoin bpróiseas rialachas eacnamaíoch Eorpach. Leanfaidh CSE+ de bheith ag rannchuidiú le cur chun feidhme na dTreoirlínte Comhtháite arna nglacadh i gcomhréir le hAirteagail 121 agus 148(4) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE) agus leis na moltaí tír-shonracha ábhartha arna nglacadh mar chuid den Seimeastar Eorpach, agus amhlaidh sin cúnamh a thabhairt an cuspóir ginearálta a shroicheadh, is é sin fás cliste, cuimsitheach inbhuanaithe a bhaint amach faoi 2030 (Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe na Náisiún Aontaithe 2 ) agus cóineasú aníos a chothú freisin. Ina cheann sin, cuideoidh CSE+ feabhas a chur ar dheiseanna fostaíochta, méadú a dhéanamh ar chaighdeáin mhaireachtála agus sláinte, agus méadú a dhéanamh ar shoghluaiteacht lucht saothair agus ar chomhtháthú eacnamaíoch, sóisialta agus críochach mar a leagtar amach in CFAE agus
i gCairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh. Lena chois sin, tá sé d’aidhm ag CSE+ cur leis an gClár Oibre Scileanna don Eoraip agus lánpháirtiú náisiúnach tríú tíortha.

Trí íos-sciar agus íosmhéideanna a shocrú don tsraith de CSE+ atá faoi bhainistíocht chomhroinnte, agus é ar cheann de na Cistí Struchtúracha, áiritheofar go léireofar tosaíochtaí thuasluaite an Aontais go leordhóthanach sa mhéid infheistíochta a dhírítear go díreach ar shaoránaigh Eorpacha.

Comhsheasmhacht le beartais eile de chuid an Aontais

Tá sé d’aidhm ag CSE+ feabhas a chur ar shineirgíochtaí agus ar chomhleanúnachas le cistí eile lena ndéantar infheistíocht i bhforbairt caipitil dhaonna. Ba cheart, go háirithe, do CSE+ comhlántacht agus sineirgíocht leo seo a leanas a áirithiú: Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa, an Ciste Comhtháthaithe, an Ciste Eorpach Muirí agus Iascaigh, an Ciste Eorpach um Ciste Eorpach um Choigeartú don Domhandú (CED), an clár Erasmus, agus an Cór Dlúthpháirtíochta Eorpach, Ciste Tearmainn agus Imirce (CTIL); agus leo seo: an clár Fís Eorpach agus an clár Eoraip Dhigiteach, an Clár Tacaíochta um Athchóiriú, lena náirítear an Uirlis Athchóiriúcháin.

Leanfaidh CSE+ agus CED de bheith ag comhlánú a chéile, óir leanfaidh CSE+ de bheith ag tacú le bearta coisctheacha agus le réamhbhearta, agus leanfaidh CED de bheith ina chiste éigeandála freasaitheach lasmuigh den Chreat Airgeadais Ilbhliantúil.

Tá réimsí gníomhaíochta CSE+ agus Erasmus cosúil le chéile, go háirithe a fhad a bhainneann le cuidiú le daoine scileanna nua shealbhú, uas-sciliú a dhéanamh chun riar ar riachtanais na nearnálacha tionsclaíochta 3 , agus feabhas a chur ar scileanna digiteacha agus ar cháilíocht an oideachais agus na hoiliúna. Dá bhrí sin, tiocfaidh feabhas ar an gcomhar idir CSE+ agus Erasmus. Leagfar síos mionsonraí an chomhair sin i gcláir oibre agus i dtreoracha cláir CSE+ agus Erasmus, rud a chothóidh sineirgíochtaí éifeachtacha éifeachtúla.

Ina theannta sin leanfaidh CSE+ de bheith ag tacú le lánpháirtiú meántéarmach agus fadtéarmach náisiúnach tríú tíortha, agus sin ina chomhlánú ar CTIL, an rud lena gclúdófar riachtanais ghearrthéarmacha.

Leanfaidh an tsraithe de CSE+ atá faoi bhainistíocht chomhroinnte de bheith ina chuid den bheartas comhtháthaithe agus is le Rialachán na bhForálacha Coiteanna go príomha a rialálfar í. Ó tharla sin amhlaidh, beidh na rialacha céanna maidir le clársceidealú, faireachán, iniúchóireacht, etc. i bhfeidhm agus atá i bhfeidhm i gcás cistí eile atá faoi bhainistíocht chomhroinnte. Sna Ballstáit, is féidir leanúint de beith ag úsáid le chéile cistiú ó Chiste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa (CFRE) agus cistiú ó CSE+ trí chláir ilchistiúcháin.

I gcás na sraithe Sláinte, beidh struchtúr rialachais leordhóthanach ann lena dtabharfar treoirlínte straitéiseacha agus tuairimí teicniúla i leith bearta arb é is aidhm dóibh tacú leis an tsraith sin agus í a chur chun feidhme. Ina theannta sin, cuideoidh comhordú a dhéanamh ar línte tacaíochta na gcistí atá ann do thaighde, don mhargadh digiteach agus do chomhtháthú, agus linte tacaíochta cistí eile.

Sa togra ón gCoimisiún maidir le Creat Airgeadais Ilbhliantúil 2021-2027, leagadh síos sprioc níos uaillmhianaí le haghaidh príomhshruthú aeráide i gcláir uile an Aontais, maille leis an sprioc fhoriomlán 25 % de chaiteachas an Aontais a bheith ag rannchuidiú le cuspóirí aeráide. Déanfar rannchuidiú an Chláir seo le gnóthú na sprice foriomláine sin a rianú le córas marcóirí aeráide de chuid an Aontais ar leibhéal iomchuí imdhealaithe, lena náirítear modheolaíochtaí níos cruinne a úsáid má tá fáil orthu. Leanfaidh an Coimisiún den fhaisnéis a chur i láthair go bliantúil i dtéarmaí leithreasuithe faoi chomhair gealltanas i gcomhthéacs an dréachtbhuiséid bhliantúil.

Chun gur fusa lánleas a bhaint as poitéinseal an chláir rannchuidiú le cuspóirí aeráide, féachfaidh an Coimisiún le gníomhaíochtaí ábhartha a shainaithint i rith phróisis ullmhúcháin, cur chun feidhme, athbhreithnithe agus meastóireachta an chláir.

2.BUNÚS DLÍ, COIMHDEACHT AGUS COMHRÉIREACHT

Bunús dlí

Ag seo bunús dlí na mbeart atá cuimsithe ag an togra seo: Teideal IX (Fostaíocht), Teideal X (Beartas Sóisialta) agus Teideal XIV (Sláinte Poiblí) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE), go háirithe, Airteagail 46, 149, 153, 162 go 166, 168, 174, 175 agus 349 de.

Tá trí shraith in CSE+. An chéad sraith, atá le cur chun feidhme faoi bhainistíocht chomhroinnte, cuimsíonn sé CSE a bhí ann, atá bunaithe ar Airteagail 162 agus 164 de CFAE agus cúnamh ábhartha bunúsach do na daoine is díothaí, faoi Airteagal 175(3) de CFAE. An dara sraith, atá le cur chun feidhme faoi bhainistíocht dhíreach agus indíreach, cuimsíonn sé gníomhaíochtaí lena ndéantar fostaíocht agus nuálaíocht shóisialta (EaSI) a chur chun cinn, bunaithe ar Airteagal 175(3) CFAE. An tríú sraith, atá le cur chun feidhme faoi bhainistíocht dhíreach, baineann sé le bearta dreasachta arb é is feidhm dóibh sláinte an duine a chosaint agus a fheabhsú, faoi Airteagal 168 CFAE.

Leis an togra seo sainítear cuspóirí ginearálta CSE+ agus raon feidhme a tacaíochta, agus cuirtear sin in iúl le cuspóirí sonracha. Leagtar síos leis an togra forálacha coiteanna, forálacha a bhfuil feidhm acu maidir leis na trí shraithe, agus forálacha sonracha do gach sraith.

Ina cheann sin, an 29 Bealtaine 2018 ghlac an Coimisiún togra maidir le Rialachán na bhForálacha Coiteanna chun feabhas a chur ar chomhordú agus ar chomhchuibhiú chur chun feidhme na tacaíochta a thugtar faoi bhainistíocht chomhroinnte, agus dá bharr sin feidhmiú beartas a shimpliú. Tá an tsraith de CSE+ atá faoi bhainistíocht chomhroinnte cumhdaithe ag na forálacha coiteanna sin.

Ná cistí éagsúla atá faoi bhainistíocht chomhroinnte, saothraíonn siad cuspóirí comhlántachta agus is ionann a modh bainistíochta, agus dá bhrí sin le Rialachán (AE) Uimh. [Rialachán na bhForálacha Coiteanna] leagtar amach sraith de chuspóirí agus de phrionsabail ghinearálta coiteanna, e.g. comhpháirtíocht agus rialachas il-leibhéal. Chomh maith leis sin, tá sa Rialachán sin eilimintí coiteanna na pleanála straitéisí agus an chlársceidealaithe, lena náirítear forálacha an Chomhaontaithe Compháirtíochta atá le tabhairt i gcrích le gach Ballstát, agus leagtar amach leis cur chuige coiteann i leith an treo inar ceart feidhmíocht an chláir a stiúradh. Dá bhrí sin, tá forálacha ann maidir le coinníollacha cumasúcháin, athbhreithniú feidhmíochta, agus socruithe faireacháin, tuairiscithe agus meastóireachta. Lena chois sin, leagtar amach forálacha coitianta maidir le rialacha incháilitheachta, agus sainítear socruithe speisialta d’ionstraimí airgeadais, d’úsáid an chiste InvestEU, d’fhorbairt áitiúil atá faoi stiúir an phobail agus do bhainistíocht airgeadais. Tá roinnt socruithe bainistíochta agus rialaithe ann, agus tá feidhm acu maidir leis na cistí ar fad.

Coimhdeacht (maidir le hinniúlacht neamheisiach)

I réimse an bheartais shóisialta agus fostaíochta agus i réimse na sláinte poiblí, tá ag an Aontas inniúlachtaí atá comhroinnte leis na Ballstáit (Airteagal 4 CFAE), nó an inniúlacht socruithe a leagan síos nach mór do na Ballstáit a gcuid gníomhaíochtaí a chomhordú laistigh dóibh (Airteagal 5 CFAE) nó an inniúlacht gníomhaíochtaí a dhéanamh chun tacú le gníomhaíochtaí na mBallstát agus chun na gníomhaíochtaí sin a chomhordú nó a chomhlánú (Airteagal 6 CFAE).

Is é prionsabal na coimhdeachta atá mar bhonn faoin tsraith de CSE+ atá faoi bhainistíocht chomhroinnte. Faoi bhainistíocht chomhroinnte, tarmligeann an Coimisiún cúraimí clársceidealúcháin agus cur chun feidhme straitéiseacha chuig na Ballstáit agus chuig na réigiúin. Ina theannta sin, ní dhéanann sé de ghníomhaíochtaí ach an méid sin is gá chun na cuspóirí a leagtar síos dó sna Conarthaí a bhaint amach. Tá sé d’aidhm ag bainistíocht chomhroinnte a áirithiú go ndéantar cinntí ar leibhéal chomh gar don saoránach agus is féidir agus go bhfuil údar cuí le gníomhaíocht a dhéanamh ar leibhéal an Aontais, agus na féidearthachtaí agus na saintréithe atá ann ar an leibhéal náisiúnta, reigiúnach nó áitiúil á gcur san áireamh. Le bainistíocht chomhroinnte tugtar an tAontas Eorpach níos gaire don saoránach agus nasctar riachtanais áitiúla le cuspóirí Eorpacha 4 . Ina theannta sin, de bharr an chumhacht chun cinntí a dhéanamh agus freagrachtaí a bheith i bpáirt le chéile ag na Ballstáit agus ag an gCoimisiún, méadaíonn braistint daoine gur leo cuspóirí an Aontais.

Prionsabal na coimhdeachta atá mar bhonn faoin dá shraith atá faoi bhainistíocht dhíreach agus indíreach freisin. Ar thionscadail ina bhfuil gné nuálach agus ar follas breisluach AE a bheith ag gabháil leo a bheidh fócas sraith EaSI, is le rá tionscadail inar éifeachtaí gníomhaíocht ar leibhéal an AE ná gníomhaíocht ar an leibhéal náisiúnta, réigiúnach nó áitiúil d’fhonn éifeachtúlacht a mhéadú agus ualaí riaracháin a laghdú. Leis an tsraith Sláinte aithnítear an ghné Eorpach den tsláinte agus comhlánaítear agus tacaítear le beartais sláinte na mBallstát, agus san am céanna urramaítear na hinniúlachtaí atá acu sa réimse sin, i gcomhréir le hAirteagal 168 CFAE.

Comhréireacht

I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta, níl aon ní sa togra seo thar a bhfuil riachtanach chun cuspóirí an togra a bhaint amach. Is é prionsabal na comhréireachta an prionsabal rialaithe a bhí ag togra an Choimisiúin agus is fianaise air sin an simpliú breise a mholtar ann i gcomhréir le moltaí an tSainghrúpa Ardleibhéil maidir le monatóireacht a dhéanamh ar shimpliú do thairbhithe de chistí ESI 5 . Tá an togra comhréireach óir tá na rialacha a mholtar ann aontaithe agus comhdhlúite agus cumasctar cistí leis, rud a laghdóidh an tualach a bhíonn ar gheallsealbhóirí. Tá an tualach riaracháin ar an Aontas agus ar na húdaráis náisiúnta teoranta don mhéid is gá chun go bhféadfaidh an Coimisiún an fhreagracht a fheidhmiú atá air maidir le cur chun feidhme bhuiséad an Aontais.

An rogha ionstraime

Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an rogha ionstraime le Ciste Sóisialta na hEorpa Plus a chur ar bun.

3.TORTHAÍ Ó MHEASTÓIREACHTAÍ EX POST, Ó CHOMHAIRLIÚCHÁIN LEIS NA PÁIRTITHE LEASMHARA AGUS Ó MHEASÚNUITHE TIONCHAIR

Meastóireachtaí ex post/seiceálacha oiriúnachta ar an reachtaíocht atá ann cheana

Ciste Sóisialta na hEorpa (CSE)

Láidreachtaí I meastóireachtaí 6 ex post 2000-2006 7 agus 2007-2013 aithnítear go raibh na hinfheistíochtaí a rinneadh faoi CSE ábhartha, éifeachtúil agus éifeachtach. D’éirigh leis an gCiste cuidiú le méid nach beag saoránach den Aontas, go háirithe iad sin is mó a bhfuil gá acu le tacaíocht. Is é is cúis leis sin gur soláthraíodh acmhainní airgeadais nach beag ó CSE chun dul i ngleic le dúshláin fostaíochta agus sóisialta sna Ballstáit agus gur leathnaíodh an ghníomhaíocht a bhí á déanamh cheana trí thacaíocht a thabhairt do réimsí nó do ghrúpaí nach bhfaigheadh tacaíocht ach ab é CSE. Lena chois sin, thacaigh CSE le nuálaíochtaí áitiúla/réigiúnacha a ndearnadh príomhshruthú orthu ina dhiaidh sin ar an leibhéal náisiúnta. Maidir leis an tréimhse 2014-2020, tá loighic idirghabhála na gclár éirithe níos stóinsithe ó tharla cuspóirí sonracha níos soiléire, sainmhínithe níos caighdeánaithe ar tháscairí agus bonnlínte agus spriocanna níos fónta a bheith acu.

Laigí:

Ailíniú beartas: Siúd is gur tháinig feabhas nach beag ar nasc an Chiste leis an Seimeastar Eorpach don chlárthréimhse 2014-2020 8 , níl sé chomh maith agus ab fhéidir.

Clársceidealú: Léiríonn taighde gur neartaíodh an fócas ar thorthaí don tréimhse 2014-2020, ach nach raibh an creat feidhmíochta ina dhreasacht mór a dhóthain do na Ballstáit. Rinneadh cáineadh ar na ceanglais clársceidealaithe toisc, a dúradh, iad a bheith ina nualach rómhór 9 .

Cur chun feidhme clár: Tá staidéir ann a léiríonn go bhfuil ESF fós róchasta ó thaobh bainistithe agus baint amach torthaí, ainneoin go bhfuil roinnt dul chun cinn déanta ina leith sin. Ar a shon go ndearnadh feabhsuithe don tréimhse 2014-2020, níor athraíodh go hiomlán ó loighic bunaithe ar ionchuir go loighic bunaithe ar thorthaí go fóill.

An Tionscnamh Fostaíochta don Aos Óg (TFAO)

Láidreachtaí: De bharr CSE tá méadú tagtha ar infheictheacht beartas fostaíochta don aos óg agus tá athchóirithe beartais déanta ag roinnt Ballstát i gcomhthéacs bhunú agus chur chun feidhme scéimeanna ráthaíochta don aos óg. Tá tuairiscí ann ó na Ballstáit go bhfuil ríthábhacht ag baint le TFAO ó thaobh scóip agus cheapadh a mbeartais fostaíochta.

Laigí: Na deacrachtaí is mó atá ag roinnt leis, baineann siad lena bhainistíocht airgeadais (ó tharla go bhfuil dhá fhoinse maoiniúcháin aige, is iad sin leithdháileadh sonrach TFAO agus CSE) agus leis na ceanglais bhreise maidir le tuairisciú. Is é tuairim na dtairbhithe agus na núdarás cur chun feidhme gur móide an tualach riaracháin na nithe sin 10 . 

An Ciste um Chabhair Eorpach do na Daoine is Díothaí (CCEDD)

Láidreachtaí: Léiríonn réamhthorthaí na meastóireachta meántéarma ar CCEDD, aiseolas ó chomhairliúcháin 11 leis na geallsealbhóirí san áireamh, go bhfuil difear déanta ag na bearta bia, cúnaimh ábhartha agus cuimsithe sóisialta a dtacaíonn an ciste leo do na daoine is díothaí sa tsochaí, lena náirítear iad sin a d’fhéadfadh a bheith lasmuigh de phríomhshruth an chúnaimh shóisialta ach ab é an Ciste, agus daoine a bhfuil gá acu le tacaíocht láithreach.

Laigí: Ar uairibh, de dheasca chreat rialála an Aontais agus léirmhíniú an chreata sin, nó dheasca ceanglais náisiúnta, tagann deacrachtaí roimh chur chun feidhme an Chiste. Ar na deacrachtaí sin tá moill a bheith ar chéim tionscnaimh an chláir agus bacainní riaracháin a bhaineann go príomha le beartais náisiúnta soláthair agus le ceanglais bhreise amhail taifeadadh sonraí/faisnéise faoi oibríochtaí agus faighteoirí deiridh chun críocha faireacháin, agus nósanna imeachta a bheith as miosúr agus fada.

An Clár um Fhostaíocht agus um Nuálaíocht Shóisialta (EaSI)

Láidreachtaí: Léiríonn an mheastóireacht mhéantéarma go raibh EaSI éifeachtúil éifeachtach le linn na tréimhse 2014-2016 ó thaobh feasacht a mhúscailt faoin ionchur atá ag an Aontas i mbeartais a bhaineann le heisiamh sóisialta agus laghdú na bochtaineachta. Léirítear, freisin, leis an meastóireacht gur chuir EaSI feabhas ar an dearcadh atá ann i leith an phointéinsil na fostaíochta trasteorann, gur rannchuidigh sé le bearta nuálacha a thástáil agus a chur chun feidhme go pras agus gur mhéadaigh sé an rochtain atá ar iasachtaí micreamhaoiniúcháin agus ar thacaíocht don fhiontraíocht. Chomh maith leis sin, rinne EaSI éascaíocht d’athruithe beartais trí eolas comparáideach agus anailíseach a chraobhscaoileadh, trí fhorbairt cumais, trí fhoghlaim frithpháirteach agus idirphlé, agus trí chuidiú a thabhairt do gheallsealbhóirí éagsúla tionchar a imirt ar cheapadh agus ar chur chun feidhme beartas socheacnamaíoch.

Laigí: Tá EaSI infheabhsaithe ó thaobh ábharthachta agus tionchair. Leis an ais PROGRESS de EaSi, ba cheart go gcuirfí feabhas ar na hiarrachtaí a dhéantar tástálacha beartais shóisialta a chur i ngníomh, trí athbhreithniú a dhéanamh ar na nósanna imeachta um mheasúnú agus roghnú tionscadal agus trí dhálaí a chothú ina bhféadfaí scála na dtionscadal a leathnú. Maidir le EURES, de bharr tréimhse cur chun feidhme níos faide maille le beartas arb é is aidhm dóibh an tualach riaracháin a laghdú, is féidir go mbeidh geallsealbhóirí in ann tionscadail a fhorbairt agus a chur chun feidhme i gceart, éifeachtúlacht tionscadal a thomhas i gceart, agus inmharthanach tionscadal a áirithiú.

An Clár Sláinte

Láidreachtaí: Dheimhnigh an mheastóireacht mheántéarma go bhfuil breisluach AE ag gníomhaíochtaí an chláir, go háirithe maidir leo seo: méadú a dhéanamh ar chumas na mBallstát dul i ngleic le bhagairtí sláinte trasteorann; treoirlínte agus moltaí trasteorann i leith ailse, HIV/SEIF agus eitinn a chosc; tacaíocht bhreise do reachtaíocht sláinte an Aontais maidir le táirgí íocshláinte agus feistí leighis; gníomhaíochtaí an líonra ríomhshláinte; Measúnú ar Theicneolaíocht na Sláinte. Aithníodh sa mheastóireacht, freisin, breisluach uirlisí lena rialaítear ionfhabhtaithe a bhaineann le sláinte cúraim agus lena ngéaraítear ar na hiarrachtaí comhordaithe a dhéantar chun ábhar frithmhiocróbach a chomhrac agus breisluach na móroibre ullmhúcháin a dhéantar trí bhíthin na nGníomhaíochtaí Comhpháirteacha chun dea-chleachtais i leith cosc agus bainistiú galar a shainaithint agus a aistriú. Ina theannta sin, aithníodh an ról dearfach a bhí ag gníomhaíochtaí arb é is aidhm dóibh méadú a dhéanamh ar mhalartú trasteorann sonraí ar dhóigh idir-inoibritheach chaighdeánach, agus ag na hiarrachtaí a rinneadh bonneagair dhigiteacha uile-AE a bhunú chuige sin.

Laigí: I gcás réimsí neamhreachtacha, inar féidir scóip agus cuspóirí níos leithne a bheith ag na gníomhaíochtaí a dhéantar, thaispeáin an mheastóireacht go bhféadfadh easpa fócais a bheith ag roinnt leis na gníomhaíochtaí sin. Tá an fhéidearthacht ann cuíchóiriú a dhéanamh ar chritéir bhreisluacha na dtrí phríomhréimse seo: dul i ngleic le bagairtí sláinte trasteorann, feabhas a chur ar bharainneachtaí scála, agus malartú agus cur chun feidhme dea-chleachtas a chothú. Bhí roinnt mí-éifeachtúlachtaí agus easnamh ann freisin a bhain le faireachán na sonraí cur chun feidhme, rud is féidir ciotaí a dhéanamh do bhainisteoirí cláir an teolas is déanaí a bheith acu faoina bhfuil bainte amach ag an gclár.

Comhairliúcháin leis na páirtithe leasmhara

Bhí an comhairliúchán leis na geallsealbhóirí bunaithe ar mhapáil geallsealbhóirí, a chuimsíonn príomheagraíochtaí agus príomhinstitiúidí an Aontais a phléann le réimse an bheartais shóisialta agus fostaíochta agus le hinfheistíocht ábhartha – údaráis phoiblí ar gach leibhéal rialtais, na comhpháirtithe sóisialta, eagraíochtaí den tsochaí shibhialta, tairbhithe maoiniúcháin agus faighteoirí deiridh mar aon le saoránaigh ar fud an Aontais. Baineadh úsáid as mórchuid cineálacha modhanna agus uirlisí sa chomhairliúchán chun teagmháil a dhéanamh le méid agus cineál leordhóthanach geallsealbhóirí agus chun tuairimí a chur i gcomparáid le chéile. Ar na gníomhaíochtaí comhairliúcháin a rinneadh bhí roinnt comhairliúchán oscailte poiblí a rinneadh mar chuid den Chreat Airgeadais Ilbhliantúil, meastóireacht ex post ar CSE, an mheastóireacht mheántéarma ar CCEDD agus an mheastóireacht mheántéarma ar EaSI. Chomh maith leis sin, bhí comhdhálacha agus cruinnithe, fócasghrúpaí, agallaimh, comhairliúcháin spriocdhírithe ar líne agus anailís páipéar seasaimh. Tá tuilleadh eolais sa Mheasúnú Tionchair faoi na comhairliúcháin leis na geallsealbhóirí.

Ag seo príomhchonclúidí na gcomhairliúchán leis na geallsealbhóirí:

Eascraíonn breisluach na gcistí ó infheistíocht phoiblí éifeachtúil éifeachtach a chur chun cinn, malartú eolais idir tíortha agus réigiúin a chuíchóiriú, lánpháirtiú sóisialta a fheabhsú agus Eoraip níos cuimsithí a chothú, tacaíocht a thabhairt do thástáil agus nuálaíocht beartais, éagothromaíochtaí réigiúnacha a laghdú, agus ó chóineasú a éascú. Ina cheann sin, eascraíonn breisluach as éifeacht giarála an bheartais shóisialta ar an infheistíocht phoiblí agus phríobháideach.

Tá an tuairim ann gurb í castacht na nósanna imeachta an rud is mó atá ag cur bac ar na cistí a gcuspóirí a shroicheadh.

Iarradh an tualach riaracháin a bhíonn ar na tairbhithe a shimpliú agus a laghdú, go háirithe na ceanglais maidir le sonraí a bhailiú ó rannpháirtithe a dhéanamh níos éadroime.

Is gá an ghné shóisialta a neartú.

Ba cheart na rialacha éagsúla atá ann maidir le cistí an Aontais a ailíniú.

Iarradh, freisin, sineirgíochtaí a neartú agus dúbailt saothair agus forluí idir ionstraimí an Aontais a sheachaint. Cistí a chumasc an dóigh is fearr leis an gcuspóir sin a bhaint amach, dúradh, ar chuntar go simpleodh sin ionstraimí an Aontais freisin.

Tá rud eile a léirítear sna páipéir beartais, is é sin go meastar go forleitheadach gur fiú feabhas a chur ar na naisc idir na cistí agus an Seimeastar Eorpach.

Níl ach aon dóigh amháin ann le déileáil go héifeachtach le saincheisteanna sláinte poiblí, is é sin comhar a dhéanamh ar leibhéal an Aontais Eorpaigh. Tá breisluach ag baint leis an Aontas Eorpach dul i ngleic le dúshláin choiteanna amhail éagothromaíochtaí sláinte, imirce, aosú an daonra, sábháilteacht othar, cúram sláinte ardcháilíochta, agus dul i ngleic le bagairtí sláinte go háirithe galair neamhthógálacha, galair ionfhabhtaíocha agus frithsheasmhacht in aghaidh ábhar frithmhiocróbach.

Ag seo achoimre ar na príomh-mholtaí a rinneadh chun beartú de réir an aiseolas a fuarthas ó na geallsealbhóirí:

Feabhas a chur ar shineirgíochtaí agus forluí a sheachaint idir ionstraimí cistiúcháin lena ndéantar infheistíochtaí i ndaoine agus i riachtanais daoine déanfar aon chiste amháin de CSE, TFAO, CCEDD, EaSI agus den Chlár Sláinte , is é sin CSE+. Dá bharr sin beidh sé níos fusa ag na tairbhithe maoiniú a rochtain agus cineálacha éagsúla cistiúcháin a úsáid in éineacht le chéile agus, ina theannta sin, simpleofar bainistiú cistiúcháin.

Rud a dhéanamh ar an iarratas a rinneadh an ghné shóisialta a neartú:

·raon feidhme na tacaíochta ó CSE+ ailínithe le Colún Eorpach na gCeart Sóisialta. Ach ionstraimí éagsúla a chumasc faoi CSE+, féadfar acmhainní a thiomsú le haghaidh chur chun feidhme phrionsabal an Cholúin.

·Neartófar an ghné shóisialta de CSE+ trí CCEDD agus CSE a ionchorprú ann. Dá bharr sin beidh sé níos fusa soláthairtí bia/cúnaimh ábhartha a úsáid in éineacht le tacaíocht do chuimsiú sóisialta agus do bhearta gníomhacha.

·Déanfar 25 % ar a laghad d’acmhainní náisiúnta CSE+ a chur in áirithe do chur chun cinn an chuimsithe shóisialta agus do chomhrac na bochtaineachta. Ina cheann sin, beidh ar na Ballstáit 2 % ar a laghad dá nacmhainn CSE+ a leithdháileadh ar bhearta atá dírithe ar na daoine is díothaí. Trína bhíthin sin cinnteofar go ndíreofar íosmhéid acmhainní ar na daoine is díothaí.

Chun cur chun feidhme CSE+ a shimpliú, an tualach riaracháin ar na tairbhithe a laghdú, agus an fócas a dhíriú ar bhaint amach torthaí, tugtar isteach roinnt forálacha le Rialachán na bhForálacha Coiteanna. Ach tá forálacha sa togra seo freisin arb é is aidhm dóibh dul i ngleic leis an díth ábhartha d’fhonn rud a dhéanamh ar iarratas na ngeallsealbhóirí ceanglais éadroma a choinneáil don saghas seo cúnaimh agus simpliú a dhéanamh ar na ceanglais maidir le bailiú, faireachán agus tuairisciú sonraí.

Chun ailíniú níos dlúithe le próiseas an tSeimeastair Eorpaigh a áirithiú déanfar méid leordhóthanach d’acmhainní náisiúnta CSE+ a leithdháileadh ar dhúshláin arna sainaithint i bpróiseas an tSeimeastair Eorpaigh.

Bailiú agus úsáid saineolais

Bhunaigh an Coimisiún a chuid cinntí ar shaineolas a bailíodh le roinnt staidéar agus ar thuarascálacha na mBallstát maidir le cur chun feidhme CSE+. Úsáideadh cineálacha éagsúla modhanna sna staidéir, lena náirítear athbhreithnithe litríochta, suirbhéanna spriocdhírithe, agallaimh, fócasghrúpaí agus samhaltú eacnamaíoch. Tá liosta de na tuarascálacha agus na staidéir sin sa mheasúnú tionchair. Cuireadh san áireamh sa togra maidir le CSE+ moltaí a rinneadh sna staidéir, trí bhíthin an méid seo a leanas a dhéanamh: sineirgíochtaí agus comhlántachtaí idir na cistí a fheabhsú; an nasc le tosaíochtaí beartais de chuid an Aontais a neartú agus solúbthacht a mhéadú san am céanna; roinnt beart a thabhairt isteach arb é is aidhm dóibh an tualach riaracháin a laghdú, e.g. roghanna costais níos simplithe fós agus ceanglais shimplithe maidir le faireachán agus tuairisciú.

Measúnú tionchair

Tá measúnú tionchair ina thaca ag an togra seo. Bhí éisteacht an Bhoird um Ghrinnscrúdú Rialála ann an 25 Aibreán 2018, agus thug an Bord tuairim dhearfach le forcoiméadas uaidh i dtaobh an mheasúnaithe tionchair le linn na héisteachta sin 12 . Sa tábla thíos tá achoimre ar na príomh-bharúlacha a fuarthas agus ar an dóigh ar leasaíodh an measúnú tionchair chun na barúlacha sin a chur san áireamh.

Na príomhnithe a chuir an Bord um Ghrinnscrúdú Rialála san áireamh

Leasuithe ar an tuarascáil ar an measúnú tionchair

(1) Tá easpa soiléireachta ann maidir leis an ionad ina bhfuil na gníomhaíochtaí san ord tosaíochtaí, go háirithe ó thaobh Cholún Eorpach na gCeart Sóisialta, agus maidir leis na féidearthachtaí atá ann cistiú a laghdú.

Soiléirítear sa téacs go rachfaí i ngleic le laghdú féideartha cistí trí theorainn a chur le raon feidhme CSE+ i réimse an athchóirithe riaracháin agus trí mhéadú a dhéanamh ar na rátaí cómhaoinithe náisiúnta.

(3) Ní léirítear sa tuarascáil ar shlí atá soiléir a dóthain go bhfuil an córas faireacháin agus meastóireachta stóinsithe agus go soláthróidh sé an fhaisnéis is gá go tráthúil.

Cuireadh faisnéis bhreise le Roinn 5 ar an gcóras faireacháin agus meastóireachta.

Nithe eile a cuireadh san áireamh agus nithe is gá a oiriúnú

(1) Ba cheart na ceachtanna atá foghlamtha a fhréamhú ar dhóigh níos cuimsithí ar na príomhdhúshláin, idir dhúshláin ghinearálta agus dúshláin a bhaineann go sonrach leis na cistí, a sainaithníodh sna meastóireachtaí atá foilsithe agus sna réamhthorthaí meastóireachta.

Sna meastóireachtaí atá foilsithe, sna réamhthorthaí meastóireachta agus sna comhairliúcháin leis na geallsealbhóirí, sainaithníodh dúshláin shonracha atá roimh gach ceann de na cistí. Léirigh anailís a rinneadh go ndealraíonn sé gur féidir na dúshláin a ghrúpáil i gceithre cinn de dhúshláin ghinearálta a bhaineann leis an gCreat Airgeadais Ilbhliantúil, mar atá idirghníomhaíocht agus sineirgíochtaí idir cistí, ailíniú le beartais, agus solúbthacht, simpliú agus fócas ar fheidhmíocht agus ar thorthaí. Dá bhrí sin, tá aistriú do gach ceann do na ceithre dhúshlán sin i ngach ciste (Roinn. 2.1.2.2).

(2) Soiléiriú a thabhairt ar phríomhréasúnaíocht chumasc na gcistí agus ar na rioscaí a bhain leis an gcumasc.

Tugadh breis mínithe ar na cúiseanna ar cumascadh na cistí a bhaineann le hábhar san aon chiste amháin agus ar na cúiseanna nach bhfuil CED ina chuid den chiste sin. Ina theannta sin, an príomhriosca a luaigh na geallsealbhóirí, is é sin go dtiocfadh breis ualach riaracháin den chiste nua sin, is maolú air bearta a bhí faoi CCEDD agus bearta EaSI a bheith faoi réir rialacha níos simplí i gcónaí (Roinn 4.1.1).

(3) Caithfidh tionchar Brexit a chur san áireamh i mbonnlíne an chláir CSE+.

Cuireadh bonnlíne, agus tionchar Brexit san áireamh ann, leis an téacs, i Roinn 2.1.1.

(4) Tuilleadh trédhearcachta faoin tosaíocht atáthar a thabhairt do CSE+. Soiléiriú a thabhairt ar na príomhathruithe ar thosaíochtaí beartais CSE+, lena náirítear a nasc le Colún Eorpach na gCeart Sóisialta. A rá an gcuimseoidh CSE+ réimsí uile an Cholúin, nó roinnt díobh, agus sa chás go gcuimseoidh, míniú a thabhairt ar an dóigh a gcuimseofar iad. Míniú níos fearr a thabhairt ar an nasc idir na hathchóirithe struchtúracha agus próiseas an tSeimeastair Eorpaigh.

Soiléiríodh i dtéacs na tuarascála nach dtiocfaidh aon athrú ar thosaíochtaí na hionstraime cistiúcháin de bharr an chiste chumasctha, rud arb é atá ann comhcheangal de thosaíochtaí beartais pháirt-fhorluiteacha a bhí ann roimhe seo faoi na cistí éagsúla. Tacóidh CSE+ leis na beartais tosaíochta sin de chuid Cholún Eorpach na gCeart Sóisialta atá ag teacht faoina raon feidhme. Tugtar breis soiléirithe sa téacs maidir le cé hiad na cé hiad na cearta agus na prionsabail sin. Soiléirítear ar lch 30-31 cheist an ord na dtosaíochtaí.

(5) Soiléiriú a thabhairt ar cé acu a bheidh plé ag CSE+ le hathchóiriú riaracháin phoiblí nó nach mbeidh, agus má bhíonn, cé mhéad plé a bheidh aige leis. Tagairt a dhéanamh do thacaíocht a d’fhéadfadh teacht ó chistí maoiniúcháin eile (e.g. an Clár Tacaíochta um Athchóiriú Struchtúrach).

Sa téacs, soiléirítear, a oiread is féidir tráth dréachtaithe an mheasúnaithe tionchair, raon feidhme CSE+ maidir le hathchóiriú riaracháin phoiblí; ní fios go fóill raon feidhme an Chláir Tacaíochta um Athchóiriú.

(6) Príomhathruithe ar chur i ngníomh shásraí CSE+ a shainaithint.

Na hathruithe a mholtar a dhéanamh ar na sásraí cur i ngníomh, pléann siad le saincheisteanna éagsúla agus, dá bhrí sin, is de chineál eile iad. Maidir le clársceidealú, cuir i gcás, ar cheann de na príomhathruithe tá ailíniú cistiúcháin leis an bpróiseas beartais trí dhoiciméid an chlársceidealaithe a chuíchóiriú. Maidir le cur chun feidhme, ar cheann de na príomhathruithe tá rialacha críochacha CSE a chur i bhfeidhm ar dhóigh níos solúbtha agus coinníollachtaí leanúnacha a thabhairt isteach (Roinn 4).

(8) Soiléiriú a thabhairt ar an gcomhleanúnachas idir CSE+ agus CFRE agus Erasmus+.

Pléitear le gnéithe den chomhleanúnachas idir CSE+ agus CFRE agus Erasmus+ i bpríomhchuid na tuarascála. Tá faisnéis bhreise in Iarscríbhinn 4.

(9) Míniú a thabhairt ar an dóigh a dtabharfaidh an córas faireacháin freagairt ar an gcáineadh a rinneadh le linn na tréimhse 2007-2013. Ba cheart meastóireacht eatramhach ar gach ciste a chur ar áireamh sa phleanáil meastóireachta. Míniú a thabhairt ar an dóigh ar cuireadh dearcthaí na ngeallsealbhóirí san áireamh.

Maidir le faireachán agus meastóireacht, féach pointe (3) de ‘Na príomhnithe a chuir an Bord um Ghrinnscrúdú Rialála san áireamh’ thuas. Tá achoimre ar dhearcthaí na ngeallsealbhóirí i bpríomhchuid na tuarascála (Roinn 1.2.2) agus tá cuntas níos mionsonraithe air sin in Iarscríbhinn 2, go háirithe i gCuid 6.2, mar a mínítear an dóigh ar cuireadh na dearcthaí sin san áireamh.

Sa mheasúnú tionchair, rinne measúnú ar an dóigh is fearr leis an tacaíocht a thugtar ar leibhéal an Aontais Eorpaigh a íosmhéadú agus le feabhas a chur ar shineirgíochtaí idir ionstraimí éagsúla, chun, go háirithe, prionsabal Cholún Eorpach na gCeart Sóisialta a chur i ngníomh a fheabhsú. Ag seo na roghanna a ndearnadh measúnú orthu:

Rogha 1: CSE, TFAO, CCEDD, EaSI, agus clár Sláinte an Aontais a chumasc. 

Ba é seo an rogha thosaíochta, bunaithe ar thorthaí na meastóireachtaí agus ar na comhairliúcháin leis na geallsealbhóirí. Dar leis na húdaráis bhainistíochta, b’fhusa idirghabhálacha straitéiseacha na gcistí a chuíchóiriú i ngach réimse den bheartas sóisialta ach na cistí sin ach comhtháthú leathan a dhéanamh ar na cistí sin. Ach sin a dhéanamh, ba sholúbtha pleanáil idirghabhálacha agus b’fhusa prionsabail Cholún Eorpach na gCeart Sóisialta a chur i ngníomh. Dheimhnigh na tairbhithe go bhfuil poitéinseal nár baineadh aon leas as go fóill ó thaobh sineirgíochtaí a neartú idir na cláir agus na tionscadail a mhaoinítear.

Rogha 2: CSE, TFAO, CCEDD, EaSI, agus CED a chumasc. 

Ní thiocfaidh de seo ach laghdú saorga ar an líon cistí. Dé ndéanfaí CED a chumasc le CSE+, chaillfí cuspóirí ríshonracha CED, agus an ard-infheictheacht pholaitiúil agus an tsolúbthacht bhuiséadach a ghabhann leis. Le linn an phróisis chomhairliúcháiun dheimhnigh na geallsealbhóirí go bhfuil sin amhlaidh 13 .

Rogha 3: na cistí a chumasc faoi bhainistíocht chomhroinnte (i.e. gan EaSI agus clár Sláinte an Aontais a bheith san áireamh, ach CED a bheith san áireamh)

Is é an toradh a bheadh air sin go gcaillfí ard-infheictheacht CED mar ionstraim éigeandála ar leibhéal an Aontais a úsáidtear chun fo-iarmhairtí an domhandaithe a mhaolú. An tsolúbthacht agus na sineirgíochtaí a d’fhéadfaí a ghnóthú de bharr EaSI a chomhtháthú.

Rogha 4: CCEDD leanúint de bheith ina chiste ar leithligh, ach cúnamh ábhartha agus cuimsiú sóisialta a chumasc faoi chláir CCEDD. 

Thiocfadh de sin go bhféadfaí sineirgíochtaí a chothú idir na cineálacha tacaíochta atá ann do chúnamh ábhartha bunúsach agus do bhearta cuimsithe sóisialta ach gan na rialacha cur chun feidhme atá ann faoi láthair a athrú. Ní chinnteodh sin, ámh, go mbeadh deighilt leordhóthanach ann i dtaca le bearta cuimsithe sóisialta den saghas a dhéantar le CSE.

Rogha 5: cistí uile CSE a chumasc

Chuirfeadh seo cosc ar chur i ngníomh beartas ar an ábhar nárbh fhéidir na rialacha cur chun feidhme a chur in oiriúint do riachtanais shonracha na mbeartas a mbeifí ag tacú leo. Ní thiocfadh breis singeirgíochtaí agus comhleanúnachais le cistí caipitil dhaonna eile de.

Oiriúnacht rialála agus simpliú

Le Rialachán na bhForálacha Coiteanna (Rialachán atá i gcoiteann ag cuid mhór réimsí beartais atá faoi bhainistíocht chomhroinnte), cinnteofar go simpleofar sraith bainistíochta comhroinnte an Chiste trí úsáid a bhaint as rialacha coiteanna simplithe maidir le clársceidealú, faireachán, socruithe meastóireachta, bainistíocht agus rialú, faisnéis agus cumarsáid, agus bainistiú airgeadais. Beidh forálacha ann lena néascófar úsáid na roghanna simplithe costas, mar aon leis an rogha nua úsáid a bhaint as maoiniú nach mbaineann le costais. Déanfar cuíchóiriú ar an gcur chuige iniúchóireachta chun níos mó béime a chur ar shampláil iniúchóireachta rioscabhunaithe agus chun an prionsabail “na hiniúchóireachta aonair” a urramú. Tá cúraimí agus freagrachtaí comhlachtaí éagsúla sa chóras bainistíochta agus rialaithe leagtha amach ar dhóigh níos soiléire. Chomh maith leis sin beidh breis solúbthachta ann arae ní chlársceidealófar ach na chéad chúig bliana. Is ar bhonn athbhreithniú substaintiúil mionsonraithe meántéarma a dhéanfar leithdháiltí an dá bhliain dheireanacha, agus dá thoradh sin déanfar ath-chlársceidealú in 2025. Beidh inneachar na gclár níos cuíchóirithe agus straitéisí.

Cearta bunúsacha

Áirithítear leis an Rialachán maidir le CSE+ urramú na gceart bunúsach agus na bprionsabal arna naithint i gCairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh. Ní mór do na Ballstáit an Rialachán seo a chur i bhfeidhm ar bhealach atá comhsheasmhach leis na cearta agus leis na prionsabail sin.

4.IMPLEACHTAÍ BUISÉADACHA

EUR 101 billiún (i bpraghsanna reatha) atá sa bhuiséad iomlán atá leithdháilte ar CSE+ don tréimhse 2021-2027, agus is don tsraith de CSE+ atá faoi bhainistíocht chomhroinnte EUR 100 billiún den mhéid sin. EUR 1 174 milliún i bpraghsanna reatha a bheidh in imchlúdach airgeadais na sraithe de CSE+ atá faoi bhainistíocht dhíreach, agus is don tsraith Fostaíocht agus Nuálaíocht Shóisialta EUR 761 milliún den mhéid sin agus is don tsraith Sláinte EUR 413 milliún de.

Tá sonraí na riachtanas airgeadais agus foirne tugtha sna ráitis airgeadais reachtacha maidir le CSE+.

Leis an togra seo bunaítear íosmhéid do CSE+ d’fhonn a áirithiú go mbeidh méid iomchuí cistiúcháin ann d’infheistíochtaí i ndaoine san Aontas.

5.EILIMINTÍ EILE

Pleananna cur chun feidhme, agus socruithe faireacháin, meastóireachta agus tuairiscithe

Faoi bhainistíocht chomhroinnte, déanfar spriocanna do comhtháscairí aschuir agus toraidh, agus, más gá, do tháscairí aschuir agus toraidh clár-sonracha, a leagan síos ar leibhéal an chláir. Déanfaidh na Ballstáit sonraí maidir le táscairí aschuir agus toraidh a tharchur chuig an gCoimisiún sé huaire sa bhliain. Seiceálfar comhsheasmhacht na sonraí sin. Déanfar iniúchadh ar iontaofacht an chórais um bailiú, taifeadadh agus stóráil sonraí a úsáidtear le haghaidh faireacháin, meastóireachta, bainistíocht airgeadais agus fíorú airgeadais. D’fhonn bailiú sonraí a shimpliú agus an tualach ar rannpháirtithe agus ar thairbhithe a laghdú a oiread is féidir, cumasófar do na húdaráis, a oiread is féidir, sonraí faireacháin a bhailiú ó chláir riaracháin atá ann cheana. Ní bhaileofar sonraí íogaire go díreach ó na rannpháirtithe; beifear i dtaobh le cláir nó le meastacháin fheasacha.

Leanfaidh meastóireacht de bheith ina freagracht chomhroinnte de chuid na mBallstát agus an Coimisiún. Mar aon le meastóireachtaí a dhéanfaidh na Ballstáit, déanfaidh an Coimisiún, le tacaíocht na mBallstát, meastóireacht mheántéarma shiarghabhálach ar an tsraith de CSE+ atá faoi bhainistíocht chomhroinnte.

Faoi bhainistíocht dhíreach agus indíreach, forbrófar creata feidhmíochta agus iad bunaithe ar na cleachtais ábhartha a bhí ag creata EaSI agus ag cláir sláinte chun a áirithiú go mbaileofar sonraí ar dhóigh éifeachtúil, éifeachtach agus tráthúil. Déanfaidh an Coimisiún meastóireacht ar na sraitheanna bainistíochta díreacha agus indíreacha agus úsáidfear na meastóireachtaí sin mar ionchur sa phróiseas cinnteoireachta.

Míniúchán mionsonraithe ar fhorálacha sonracha an togra

Cumhdaítear cuid mhór de chur i ngníomh agus de chur chun feidhme na sraithe de CSE+ atá faoi bhainistíocht chomhroinnte le Rialachán na bhForálacha Coiteanna. Ba cheart, dá bhrí sin, príomheilimintí an Rialacháin a léamh in éineacht le Rialachán na bhForálacha Coiteanna.

Ag seo struchtúr Rialachán na bhForálacha Coiteanna:

Cuid I – Forálacha ginearálta (infheidhme maidir le gach sraith)

Sa chuid seo tá an tábhar, na sainmhínithe, na cuspóirí ginearálta, na modhanna cur chun feidhme agus na cuspóirí sonracha. Ina theannta sin, tá forálacha maidir le comhionannas inscne, comhionannas deiseanna agus neamh-idirdhealú, nithe nach mór don Choimisiún agus do na Ballstáit a urramú agus CSE+ á chur chun feidhme. Tá an chuid seo infheidhme maidir le sraitheanna uile CSE+. Na cuspóirí sonracha a chaithfidh CSE+ tacú leo, tá siad bunaithe ar na prionsabail a leagtar amach i gColún Eorpach na gCeart Sóisialta.

Cuid II – Cur chun feidhme faoin tsraith de CSE+ atá faoi bhainistíocht chomhroinnte

Sa chuid seo leagtar amach na forálacha is infheidhme maidir leis an tsraith atá faoi bhainistíocht chomhroinnte, CSE, TFAO agus CCEDD a bhí ann roimhe seo san áireamh. Tá na forálacha sin comhlántach leis na rialacha a leagtar amach i Rialachán na bhForálacha Coiteanna.

Caibidil I: Forálacha Coiteanna maidir le clársceidealú (faoi bhainistíocht chomhroinnte)

Sa chaibidil seo tugtar mionsonraí faoi chomhsheasmhacht agus faoi dhíriú téamach na sraithe de CSE+ atá faoi bhainistíocht chomhroinnte Go háirithe, foráiltear maidir le:

Forálacha lena neartaítear an tailíniú leis an Seimeastar Eorpach – chun an nasc leis an Seimeastar Eorpach a neartú, tá foráil nua sa togra lena leagtar síos gur cheart do Bhallstát, má tá rinne moladh tír-shonrach dó, méid iomchuí den tsraith de CSE+ atá faoi bhainistíocht chomhroinnte a leithdháileadh air sin.

Ceanglais maidir le díriú téamach 

Dul i ngleic leis an mbochtaineacht agus an cuimsiú sóisialta a chur chun cinn: tá éagothromaíochtaí sóisialta ina nábhar mór imní. Dá bhrí sin, déanfar ar a laghad 25 % de na hacmhainní de CSE+ atá faoi bhainistíocht chomhroinnte a leithdháileadh ar chothú an chuimsithe shóisialta chun a áirithiú go gcuirfear chun cinn mar is ceart Colún Eorpach na gCeart Sóisialta agus go ndíreofar íosmhéid acmhainní orthu sin is mó atá ar an anás. Thairis sin, is iomchuí na Ballstáit íosmhéid acmhainní a leithdháileadh ar bhearta lena dtéitear i ngleic leis an díth ábhartha.

Feabhas a chur ar dheiseanna fostaíochta do dhaoine óga: siúd is go bhfuil laghdú tagtha ar an ráta dífhostaíochta i measc an aosa óig (ón mbuaicphointe 24 % in Eanáir 2013 go 15.6 % i Márta 2018) tá sé fós ard – breis agus a dhá oiread an ráta fhoriomláin dífhostaíochta (15.9 % agus 7.1 % faoi seach, i bhFeabhra 2018). I ngach ceann de na réigiúin is forimeallaí tá 40 % den aos óg dífhostaithe. Tá an ráta daoine óga nach bhfuil i mbun fostaíochta, oideachais ná oiliúna an-ard freisin – 13.4 % in 2017. Dá bhrí sin, Ballstáit ina bhfuil an ráta daoine óga atá idir 15 agus 29 bliain d’aois agus nach bhfuil i mbun fostaíochta, oideachais ná oiliúna os cionn tairseach áirithe, ba cheart dóibh 10 % dá nacmhainní CSE+ ón tsraith de CSE+ atá faoi bhainistíocht chomhroinnte a leithdháileadh ar ghníomhaíochtaí spriocdhírithe agus ar athchóirithe struchtúracha a thacaíonn le daoine óga. I gcás na réigiún is forimeallaí a bhfuil an ráta sin os cionn na tairsí sin, 15 % a bheidh sa leithdháileadh sin.

Caibidil II: Tacaíocht ghinearálta ón tsraith de CSE+ atá faoi bhainistíocht chomhroinnte

Tá feidhm ag an gcaibidil seo maidir le gach tacaíocht a thugtar leis an tsraith de CSE+ atá faoi bhainistíocht chomhroinnte cé is moite den tacaíocht lena dtéitear i ngleic leis an díth ábhartha. Leagtar amach inti rialacha maidir le hincháilitheacht agus faireachán atá ina gcomhlánú ar Rialachán na bhForálacha Coiteanna.

Ina cheann sin tá foráil inti maidir le ‘gníomhaíochtaí nuálacha’ lena spreagtar na Ballstáit le tacú leis an nuálaíocht shóisialta agus leis an tástáil shóisialta, rud a neartaíonn cuir chuige ón mbonn aníos atá bunaithe ar chomhpháirtíochtaí.

Caibidil III: Tacaíocht ó CSE+ chun dul i ngleic le díth ábhartha

Cúnamh ábhartha ó CCEDD a bhí ann roimhe seo, agus sin amháin, is ábhar do Chaibidil III. Tá údar leis sin sa mhéid is go mbíonn tairsí rannpháirtíochta oibríochtaí den chineál sin níos ísle, agus dá bharr sin, is lú an tualach riaracháin a ghabhann leo. D’iarr na geallsealbhóirí an cur chuige sin a choinneáil agus gan aon rialacha breise maidir le CSE a thabhairt isteach (e.g. rialacha maidir le sonraí táscairí a thuairisciú, agus maidir leis an rian iniúchta). Sa chaibidil seo tá achoimre ar na prionsabail tacaíochta, ar na rialacha maidir le tuairisciú, ar incháilitheacht, ar na táscairí agus ar iniúchóireacht.

Cuid III – Cur chun feidhme faoi bhainistíocht dhíreach agus indíreach

Caibidil I: rialacha sonracha maidir leis an tsraith Fostaíocht agus an Nuálaíocht Shóisialta

Is é is ábhar don chaibidil seo sraith na bainistíochta dírí agus indírí a bhaineann leis an tsraith Nuálaíocht Shóisialta. Tá forálacha inti maidir le cuspóirí oibríochtúla, gníomhaíochtaí incháilithe agus eintitis incháilithe.

Caibidil II: forálacha sonracha is infheidhme maidir leis an tsraith Sláinte

Is é is ábhar don chaibidil seo sraith na bainistíochta dírí a bhaineann leis an tsraith Sláinte. Tá forálacha inti maidir le cuspóirí oibríochtúla, gníomhaíochtaí agus eintitis incháilithe, agus rialachas.

Caibidil III: Rialacha coiteanna is infheidhme maidir leis na sraitheanna Fostaíocht agus Nuálaíocht Shóisialta agus Sláinte

Is é is ábhar don chaibidil seo na rialacha is infheidhme maidir le gach ceann de na sraitheanna bainistíochta dírí: tríú tíortha comhlachaithe, foirmeacha cistiúcháin ón Aontas agus modhanna cur chun feidhme, clár oibre, faireachán agus tuairisciú, meastóireacht, cosaint leasanna airgeadais an Aontais, iniúchóireachtaí, faisnéis agus cumarsáid agus poiblíocht.

Cuid IV - Forálacha críochnaitheacha

I gCuid IV tá achoimre ar na forálacha is infheidhme maidir leo seo: feidhmiú an tarmligin, an nós imeachta coiste don tsraith de CSE+ atá faoi bhainistíocht chomhroinnte, an coiste faoi Airteagal 163 CFAE, na forálacha trasnáisiúnta agus an dáta teacht i bhfeidhm.

Na hIarscríbhinní

Iarscríbhinn I – Comhtháscairí do thacaíocht ghinearálta ón tsraith de CSE+ atá faoi bhainistíocht chomhroinnte

Iarscríbhinn II – Tacaíocht ó CSE+ chun dul i ngleic le díth ábhartha

Iarscríbhinn III – Táscairí na sraithe Sláinte

2018/0206 (COD)

Togra le haghaidh

RIALACHÁN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

maidir le Ciste Sóisialta na hEorpa Plus (CSE+)

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh agus go háirithe Airteagal 46(d), Airteagal 149, Airteagal 153(2)(a), Airteagal 164, Airteagal 168(5), Airteagal 175(3) agus Airteagal 349 de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa 14 ,

Ag féachaint don tuairim ó Choiste na Réigiún 15 ,

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach,

De bharr an méid seo a leanas:

(1)An 17 Samhain 2017, rinne Parlaimint na hEorpa, an Chomhairle agus an Coimisiún Colún Eorpach na gCeart Sóisialta a fhógairt i gcomhpháirt le chéile, mar fhreagairt ar na dúshláin shóisialta atá san Eoraip. Tá 20 bunphrionsabal ag an gColún agus tá siad roinnte ina dtrí chatagóir: comhionannas deiseanna agus rochtain ar an margadh saothair; coinníollacha córa oibre; cosaint shóisialta agus cuimsiú sóisialta. Ba cheart fiche prionsabal Cholún Eorpach na gCeart Sóisialta a bheith ina dtreoir do na ghníomhaíochtaí arna ndéanamh faoi Chiste Sóisialta na hEorpa Plus (CSE+). D’fhonn rannchuidiú le cur chun feidhme Cholún Eorpach na gCeart Sóisialta ba cheart do CSE+ tacú le hinfheistíochtaí i ndaoine agus i gcórais i réimse beartais na fostaíochta, an oideachais agus an chuimsithe shóisialta, agus amhlaidh sin tacú le comhtháthú eacnamaíoch, críochach agus sóisialta, i gcomhréir le hAirteagal 174 CFAE.

(2)Ar leibhéal an Aontais, is é an Seimeastar Eorpach um chomhordú an bheartais eacnamaíoch an creat a úsáidtear chun tosaíochtaí náisiúnta athchóiriúcháin a shainaithint agus chun faireachán a dhéanamh ar chur chun feidhme na dtosaíochtaí sin. Ceapann na Ballstáit a gcuid straitéisí infheistíochta ilbhliantúla náisiúnta féin sa dóigh is go dtacaíonn siad le cur chun feidhme na dtosaíochtaí athchóiriúcháin sin. Ba cheart na straitéisí sin a chur i láthair in éineacht leis na cláir náisiúnta bhliantúla um athchóiriú chun na tionscadail infheistíochta tosaíochta a bhfuil tacaíocht le tabhairt dóibh le cistiú náisiúnta agus/nó cistiú ón Aontas, chun sin a achoimriú agus a chomhordú. Ba cheart leas a bhaint astu, freisin, chun cistiú ón Aontas a úsáid ar dhóigh chomhleanúnach agus chun a oiread tairbhe is féidir a bhaint as breisluach na tacaíochta airgeadais atá le fáil, go háirithe, ó na cláir a dtacaíonn an tAontas leo faoi Chiste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa, faoin gCiste Comhtháthaithe, faoi Chiste Sóisialta na hEorpa Plus, faoin gCiste Eorpach Muirí agus Iascaigh agus faoin gCiste Eorpach Talmhaíochta um Fhorbairt Tuaithe, faoin Sásra Eorpach um Chobhsú Infheistíochtaí agus faoi InvestEU, i gcás inarb ábhartha.

(3)Ghlac Comhairle an [...] treoirlínte athbhreithnithe maidir le beartais fostaíochta na mBallstát chun iad a ailíniú le prionsabail Cholún Eorpach na gCeart Sóisialta, d’fhonn iomaíochas na hEorpa a neartú agus feabhas a chur ar an Eoraip ó thaobh infheistíocht a dhéanamh, poist a chruthú agus an comhtháthú sóisialta a chothú. D’fhonn ailíniú iomlán CSE+ le cuspóirí na dtreoirlínte sin a áirithiú, go háirithe a fhad a bhaineann le fostaíocht, oideachas, oiliúint agus an comhrac i gcoinne an eisiaimh shóisialta, na bochtaineachta agus an idirdhealaithe, ba cheart do CSE+ tacú leis na Ballstáit, agus aird á tabhairt ar na Treoirlínte Comhtháite ábhartha agus na moltaí tír-shonracha ábhartha arna nglacadh i gcomhréir le hAirteagal 121(2) CFAE agus le hAirteagal 148(4) CFAE agus, i gcás inarb iomchuí, ar an leibhéal náisiúnta, ar na cláir náisiúnta um athchóiriú mar aon le straitéisí agus tuarascálacha ábhartha náisiúnta eile. Ina theannta sin, ba cheart do CSE+ rannchuidiú le gnéithe ábhartha de chur chun feidhme príomhthionscnamh agus príomhghníomhaíochtaí de chuid an Aontais, go háirithe an Clár Oibre Scileanna don Eoraip agus an Limistéar Eorpach Oideachais, moltaí ábhartha ón gComhairle, agus tionscnaimh eile amhail an Ráthaíocht don Aos Óg, na Conairí Uas-Scilithe, agus lánpháirtiú daoine atá dífhostaithe go fadtéarmach.

(4)An 20 Meitheamh 2017, d’fhormhuinigh an Chomhairle freagairt an Aontais ar ‘Clár oibre 2030 na Náisiún Aontaithe don Fhorbairt Inbhuanaithe’ – todhchaí inbhuanaithe don Eoraip. Chuir an Chomhairle béim ar a thábhachtaí atá sé forbairt inbhuanaithe a bhaint amach i ngach ceann de na trí ghné (an ghné eacnamaíoch, an ghné shóisialta, agus an ghné chomhshaoil), ar dhóigh chothrom chomhtháite. Tá sé ríthábhachtach an fhorbairt inbhuanaithe a phríomhshruthú i réimsí beartais uile an Aontais, idir réimsí inmheánacha agus seachtracha, agus an tAontas a bheith uaillmhianach ó thaobh na mbeartas atá aige chun dul i ngleic le dúshláin dhomhanda. Ba dhíol sásaimh ag an gComhairle an Teachtaireacht ón gCoimisiún Next steps for a sustainable European future” (Na chéad chéimeanna eile i dtreo todhchaí inbhuanaithe don Eoraip) dar dáta an 22 Samhain 2016 sa mhéid is gur céadchéim é ionsar phríomhshruthú na Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe agus ionsar phrionsabal rialaithe sár-riachtanach a dhéanamh den fhorbairt inbhuanaithe do bheartais uile an Aontais, a chuid ionstraimí airgeadais san áireamh.

(5)Tá roimh an Aontas dúshláin struchtúracha atá ag eascairt ón domhandú eacnamaíoch, ó bhainistiú sreafaí imirce agus ón mbaol níos mó slándála, ón aistriú fuinnimh glan, ó athrú na teicneolaíochta, ó aosú seasta an fhórsa saothair agus ón méadú atá ag teacht ar an easpa scileanna agus easpa lucht saothair in earnálacha agus i réigiúin áirithe, rud atá ag cur as d’fhiontair bheaga agus mheánmhéide go háirithe. Agus aird á tabhairt aige ar na hathruithe atá ag teacht ar an saol oibre, ba cheart go nullmhódh an tAontas é féin do na dúshláin atá ann cheana agus do na dúshláin atá le teacht trí infheistíocht a dhéanamh sna scileanna is gá, tríd an bhfás a dhéanamh níos cuimsithí, agus trí fheabhas a chur ar bheartais fostaíochta agus shóisialta, athbhreithniú ar shoghluaisteacht lucht saothair san áireamh.

(6)Bunaítear le Rialachán (AE) Uimh. [...] an creat gníomhaíochta do Chiste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa (CFRE), do Chiste Sóisialta na hEorpa Plus (CSE+), don Chiste Comhtháthaithe, don Chiste Eorpach Muirí agus Iascaigh (CEMI), don Chiste Tearmainn agus Imirce (CTI), don Chiste Slándála Inmheánaí (CSI), agus don Ionstraim Bainistithe Teorainneacha agus Víosaí (IBTV) mar chuid den Chiste um Bainistiú Comhtháite Teorainneacha (CBCT) agus leagtar síos leis, go háirithe, na cuspóirí beartais agus na rialacha maidir le clársceidealú, faireachán agus meastóireacht, bainistiú agus rialú do chistí de chuid an Aontais arna gcur chun feidhme faoi bhainistíocht chomhroinnte. Tá sé riachtanach, dá bhrí sin, cuspóirí ginearálta CSE+ a shonrú, agus forálacha sonracha a leagan síos maidir leis na cineálacha gníomhaíochtaí a fhéadfar a mhaoiniú le CSE+.

(7)Le Rialachán (AE, Euratom) Uimh. [RA nua] (“an Rialachán Airgeadais”) leagtar síos rialacha maidir le cur chun feidhme bhuiséad an Aontais, lena náirítear na rialacha maidir le deontais, duaiseanna, soláthar, cur chun feidhme indíreach, cúnamh airgeadais, ionstraimí airgeadais agus ráthaíochtaí buiséadacha. D’fhonn cur chun feidhme clár cistiúcháin de chuid an Aontais a fheabhsú ó thaobh comhleanúnachais, tá feidhm le bheith ag an Rialachán Airgeadais maidir leis na gníomhaíochtaí atá le cur chun feidhme faoi bhainistíocht dhíreach nó faoi bhainistíocht indíreach faoi CSE+.

(8)Na cineálacha maoiniúcháin agus na modhanna cur chun feidhme a úsáidfear faoin Rialachán seo, is ar bhonn a fhónta atá siad ó thaobh cuspóirí sainiúla na gníomhaíochta a bhaint amach agus torthaí a thabhairt ba cheart iad a roghnú, agus aird á tabhairt, go háirithe, ar chostais rialuithe, ar an ualach riaracháin, agus ar an riosca neamh-chomhlíontachta a mheastar a bheith ann. I gcás deontas, ba cheart cuimhneamh ar úsáid a bhaint as cnapshuimeanna, as rátaí comhréidhe agus costas aonad, agus as maoiniúcháin nach mbaineann le costais, mar a shamhlaítear in Airteagal 125(1) den Rialachán Airgeadais. Chun bearta a chur chun feidhme a bhaineann le lánpháirtiú socheacnamaíoch náisiúnach tríú tíortha, agus i gcomhréir le hAirteagal 88 de Rialachán na bhForálacha Coiteanna, féadfaidh an Coimisiún aisíocaíocht a dhéanamh leis na Ballstáit agus roghanna costais simplithe á núsáid aige chuige sin, lena náirítear úsáid cnapshuimeanna.

(9)D’fhonn cistiú a chuíchóiriú agus a shimpliú agus breis sineirge a chothú le saghsanna éagsúla cistiúcháin chomhtháite, ba cheart na gníomhaíochtaí a rabhthas ag tacú leo leis an gCiste um Chabhair Eorpach do na Daoine is Díothaí (CCEDD), le Clár an Aontais Eorpaigh um Fhostaíocht agus um Nuálaíocht Shóisialta agus leis an gClár do ghníomhaíocht an Aontais i réimse na sláinte, ba cheart iad sin a ionchorprú san aon CSE+ amháin. Ba cheart, dá bhrí sin, trí shraithe a bheith in CSE+: an tsraith de CSE+ atá faoi bhainistíocht chomhroinnte, an tsraith Fostaíocht agus Nuálaíocht Shóisialta agus an tsraith Sláinte. Ba cheart go rannchuideodh sin le laghdú a dhéanamh ar an ualach riaracháin a leanann bainistiú cistí éagsúla, go háirithe i gcás na mBallstát, agus san am céanna na rialacha simplí a choinneáil atá ann cheana maidir le hoibríochtaí simplí ar nós bia agus/nó cúnamh ábhartha bunúsach a dháileadh.

(10)I bhfianaise an raoin feidhme sin is leithne atá ag CSE+, is iomchuí foráil a dhéanamh ionas go ndéanfar na haidhmeanna atá ann feabhas a chur ar éifeachtacht na margaí saothair agus rochtain ar fhostaíocht ardcháilíochta a chur chun cinn, feabhas a chur ar an rochtain ar oideachas agus ar oiliúint agus ar cháilíocht an oideachais agus na hoiliúna sin, cuimsiú sóisialta agus an tsláinte a chur chun cinn agus an bhochtaineacht a laghdú, ionas go ndéanfar na haidhmeanna sin a chur chun feidhme ní amháin faoi bhainistíocht chomhroinnte, ach faoi bhainistíocht dhíreach agus indíreach faoi na sraitheanna Fostaíocht agus Nuálaíocht Shóisialta agus Sláinte i gcás gníomhaíochtaí a cheanglaítear ar leibhéal an Aontais.

(11)Ach an Clár do ghníomhaíocht an Aontais i réimse na sláinte a chomhtháthú le CSE+, ginfear sineirgí idir, ar thaobh, forbairt agus tástáil tionscnamh agus beartas arb é is aidhm dóibh feabhas a chur ar éifeachtacht, ar athléimneacht agus ar inbhuanaitheacht corás sláinte arna bhforbairt faoin tsaith Sláinte de CSE+, agus, ar an taobh eile, cur chun feidhme na nithe sin ag na Ballstáit leis na huirlisí atá le fáil faoi na sraitheanna eile den Rialachán maidir le CSE+.

(12)Leagtar síos leis an Rialachán seo imchlúdach airgeadais do CSE+. Ba cheart codanna den imchlúdach airgeadais sin a úsáid do ghníomhaíochtaí atá le cur chun feidhme faoi bhainistíocht dhíreach agus indíreach faoi na sraitheanna Fostaíocht agus Nuálaíocht Shóisialta agus Sláinte.

(13)Ba cheart é a bheith d’aidhm ag CSE+ an fhostaíocht a chur chun cinn trí idirghabhálacha gníomhacha a dhéanamh d’fhonn daoine a lánpháirtiú nó a ath-lánpháirtiú sa mhargadh saothair, go háirithe daoine óga, daoine atá dífhostaithe go fadtéarmach agus daoine neamhghníomhacha, agus tríd an bhféinfhostaíocht agus an geilleagar sóisialta a chur chun cinn. Ba cheart é a bheith d’aidhm ag CSE+ feabhas a chur ar fheidhmiú na margaí saothair trí thacú le nuachóiriú institiúidí margaidh saothair ar nós na seirbhísí fostaíochta poiblí, d’fhonn méadú a dhéanamh ar chumas na seirbhísí sin dianchomhairleoireacht spriocdhírithe agus treoraíocht a thabhairt do dhaoine le linn dóibh a bheith ag cuardach poist agus le linn an aistrithe chun fostaíochta, agus d’fhonn soghluaisteacht oibrithe a fheabhsú. Ba cheart do CSE+ rannpháirtíocht ban sa mhargadh saothair a chur chun cinn le bearta darb aidhm, i measc nithe eile, cothromaíocht oibre agus saoil níos fearr agus rochtain níos fearr ar chúram leanaí a chinntiú. Ba cheart é a bheith d’aidhm ag CSE+, freisin, timpeallacht oibre fholláin oiriúnaithe a sholáthar chun dul i ngleic le rioscaí sláinte arb iad athruithe ar dhóigheanna oibre is cúis leo agus chun riar ar riachtanais lucht saothair atá ag aosú.

(14)Ba cheart do CSE+ tacaíocht a thabhairt chun feabhas a chur ar chórais oideachais agus oiliúna ó thaobh cáilíochta, éifeachtachta agus ábharthachta don mhargadh saothair d’fhonn éascaíocht a dhéanamh do chách na príomhinniúlachtaí sin a shealbhú nach mór a bheith acu, scileanna digiteacha go háirithe, ar mhaithe le sásamh agus forbairt phearsanta, fostaíochta, cuimsiú sóisialta agus saoránacht ghníomhach. Ba cheart do CSE+ a bheith ina chuidiú dul chun cinn a dhéanamh sa chóras oideachais agus oiliúna agus san aistriú chun oibre, ba cheart dó tacú le fostaíocht fadsaoil agus rannchuidiú le hiomaíochas agus le nuálaíocht shóisialta agus eacnamaíoch trí thacaíocht a thabhairt do thionscnaimh inscálaithe agus inbhuanaithe sna réimsí sin. D’fhéadfaí sin a bhaint amach, cuir i gcás, leis an bhfoghlaim obairbhunaithe agus printíseachtaí, le treoraíocht ar feadh an tsaoil, le hoirchill scileanna i gcomhar le hearnáil na tionsclaíochta, le hábhair oiliúna nua-aimseartha, le tuair, le rianú céimithe, le hoiliúint oideachasóirí, le bailíochtú torthaí foghlama agus le haithint cáilíochtaí.

(15)Ba cheart an tacaíocht a thugtar le CSE+ a úsáid chun rochtain chomhionann a chur chun cinn do chách, go háirithe do ghrúpaí atá faoi mhíbhuntáiste, ar oideachas agus oiliúint ardcháilíochta neamh-idirdheighilte chuimsitheach, ó chéim an oideachais agus an chúraim luathóige go dtí céim an oideachais ghinearálta agus an ghairmoideachais go dtí céim an oideachais tríú leibhéal an oideachais agus na foghlama d’aosaigh, agus dá bharr sin tréscaoilteacht a chothú idir an earnáil oideachais agus an earnáil oiliúna, cosc a chur ar an luathfhágáil scoile, feasacht sláinte a fheabhsú, naisc leis an bhfoghlaim sheachfhoirmiúil agus neamhfhoirmiúil a neartú agus shoghluaisteacht foghlama a éascú do chách. Sa chomhthéacs seo, ba cheart tacú le sineirgíochtaí leis an gclár Erasmus, go háirithe chun rannpháirtíocht foghlaimeoirí faoi mhíbhuntáiste sa tsoghluaisteacht foghlama a éascú.

(16)Ba cheart do CSE+ deiseanna solúbtha uas-scilithe agus athscilithe do chách a chur chun cinn, go háirithe scileanna digiteacha agus príomhtheichneolaíochtaí cumasúcháin, d’fhonn caoi a thabhairt do dhaoine scileanna a shealbhú atá in oiriúint don saol digiteach, d’fhorbairt na teicneolaíochta, don nuálaíocht agus d’athruithe sóisialta agus eacnamaíocha, agus amhlaidh sin aistrithe gairme beatha agus an tsoghluaisteacht a éascú agus tacaíocht a thabhairt go háirithe do dhaoine fásta atá ar bheagán scileanna nó ag a bhfuil lagscileanna, i gcomhréir leis an gClár Oibre Scileanna don Eoraip.

(17)Le sineirgíochtaí leis an gclár Fís Eorpach, ba cheart a áirithiú gur féidir le CSE+ curaclaim nuálacha a dtacaíonn Fís leo a phríomhshruthú agus a mhéadú ó thaobh scála d’fhonn na scileanna agus na hinniúlachtaí is gá do phoist an ama atá le teacht a thabhairt do dhaoine.

(18)Ba do CSE+ tacú le hiarrachtaí na mBallstát dul i ngleic leis an mbochtaineacht d’fhonn an fáinne míbhuntáiste ó ghlúin go glúin a bhriseadh agus cuimsiú sóisialta a chur chun cinn trí chomhionannas deiseanna a áirithiú do chách, cosc a chur ar an idirdhealú agus dul i ngleic le héagothromaíochtaí sláinte. Chuige sin is gá cineálacha éagsúla beartas a chur i bhfeidhm agus iad a dhíriú ar na daoine is mó atá faoi mhíbhuntáiste beag beann ar a naois, lena náirítear leanaí, pobail imeallaithe ar nós na Romach, agus oibrithe bochta. Ba cheart do CSE+ cuimsiú gníomhach daoine atá i bhfad amach ón margadh saothair a chur chun cinn, d’fhonn a lánpháirtiú socheacnamaíoch a chinntiú. Ba cheart, freisin, CSE+ a úsáid chun méadú a dhéanamh ar rochtain thráthúil, chothrom ar sheirbhísí inacmhainne, inbhuanaithe agus ardcháilíochta amhail cúram sláinte agus cúram fadtéarmach, go háirithe seirbhísí teaghlaigh agus seirbhísí pobalbhunaithe. Ba cheart do CSE+ rannchuidiú le nuachóiriú córas cosanta sóisialta d’fhonn, go háirithe, iad a dhéanamh níos inrochtana.

(19)Ba cheart do CSE+ rannchuidiú le laghdú na bochtaineachta trí thacaíocht a thabhairt do scéimeanna náisiúnta arb é is aidhm dóibh díth bia agus ábhartha a mhaolú agus lánpháirtiú sóisialta daoine atá i mbaol bochtaineachta nó eisiamh sóisialta agus lánpháirtiú na ndaoine is díothaí a chur chun cinn. Dá bhrí sin, d’fhonn go núsáidfear 4 % ar a laghad d’acmhainní na sraithe de CSE+ atá faoi bhainistíocht chomhroinnte ar leibhéal an Aontais chun tacú leis na daoine is díothaí, ba cheart do na Ballstáit 2 % ar a laghad dá nacmhainní náisiúnta den tsraith de CSE+ atá faoi bhainistíocht chomhroinnte a leithdháileadh ar dhul i ngleic leis na cineálacha bochtaineachta is mó a dtagann eisiaimh sóisialta díobh, e.g. easpa dídine, bochtaineacht leanaí agus díth bia. I ngeall ar chineál na noibríochtaí agus ar shaghas na bhfaighteoirí deiridh, tá sé riachtanach rialacha níos simplí a bheith i bhfeidhm maidir le tacaíocht arb é is aidhm di dul i ngleic le díth ábhartha na ndaoine is díothaí.

(20)De bhrí gur gá i gcónaí feabhas a chur ar na hiarrachtaí a dhéantar sreafraí imirce a bhainistiú san Aontas trí chéile agus d’fhonn a áirithiú go bhfuil an tacaíocht a thugtar chun dlúthpháirtíocht agus comhroinnt freagrachta a chothú, d’fhonn a áirithiú go bhfuil sin comhleanúnach, tréan agus comhsheasmhach, ba cheart do ESF+ tacaíocht a thabhairt chun lánpháirtiú socheacnamaíoch náisiúnach tríú tíortha a chur chun cinn ar dhóigh atá comhlántach leis na gníomhaíochtaí a mhaoinítear faoin gCiste Tearmainn agus Imirce.

(21)Ba cheart do CSE+ tacú le hathchóirithe ar bheartais agus ar chórais i réimsí na fosaíochta, an chúraim sláinte agus an chúraim fhadtéarmaigh, an eisiaimh shóisialta agus na hoiliúna. D’fhonn an tailíniú leis an Seimeastar Eorpach a dhlúthú, ba cheart do na Ballstáit méid iomchuí dá nacmhainní ón tsraith de CSE+ atá faoi bhainistíocht chomhroinnte a chur in áirithe chun moltaí tír-shonracha a chur chun feidhme a bhaineann le dúshláin struchtúracha is iomchuí dul i ngleic leo le hinfheistíochtaí ilbhliantúla a thagann faoi raon feidhme CSE+. Ba cheart don Choimisiún agus do na Ballstáit comhleanúnachas, comhar agus comhlántacht a áirithiú idir sraith chomhbhainistíochta agus sraith Sláinte CSE+ agus an Clár Tacaíochta um Athchóiriú, lena náirítear an Uirlis Athchóiriúcháin agus an Ionstraim um Thacaíocht Theicniúil. Go háirithe, ba cheart don Choimisiún agus do na Ballstáit, i ngach céim den phróiseas, comhordú éifeachtach a áirithiú d’fhonn comhsheasmhacht, comhleanúnachas, comhlántacht agus sineirgíocht a chosaint i measc foinsí maoiniúcháin, lena náirítear cúnamh teicniúil ó na foinsí sin.

(22)Chun a áirithiú go dtabharfar aird chuí ar ghné shóisialta na hEorpa, faoi mar a leagtar amach é i gColún Eorpach na gCeart Sóisialta, agus go ndíreofar íosmhéid acmhainní orthu sin is mó atá ar an anás, ba cheart do na Ballstáit 25 %nacmhainní náisiúnta CSE+ ón tsraith de CSE+ atá faoi bhainistíocht chomhroinnte a leithdháileadh ar chothú an chuimsithe shóisialta.

(23)I bhfianaise an tsíorard-leibhéil dífhostaíochta agus neamhghníomhaíochta i measc daoine óga i roinnt Ballstát agus réigiún, go háirithe na daoine óga sin nach bhfuil i mbun oideachais, fostaíochta ná oiliúna, tá sé riachtanach na Ballstáit sin leanúint de bheith ag infheistiú méid leordhóthanach d’acmhainní ón tsraith de CSE+ atá faoi bainistíocht chomhroinnte i ngníomhaíochtaí arb é is aidhm dóibh fostaíocht don aos óg a chur chun cinn, go háirithe trí scéimeanna ráthaíochta don aos óg a chur chun feidhme. Ag cur dóibh leis na gníomhaíochtaí a bhfuil an Tionscnamh um Fhostaíocht don Aos Óg ag tacú leo le linn na clárthréimhse 2014-2020 agus atá dírithe ar dhaoine aonair, ba cheart do na Ballstáit tuilleadh tacaíochta a thabhairt don fhostaíocht agus do chonairí chun an ath-lánpháirtithe san oideachas agus do bhearta for-rochtana do dhaoine óga, trí thosaíocht a thabhairt, i gcás inarb ábhartha, do dhaoine óga atá dífhostaithe go fadtéarmach, atá neamhghníomhach agus atá faoi mhíbhuntáiste, go háirithe le hobair do dhaoine óga. Ina theannta sin ba cheart do na Ballstáit infheistíocht a dhéanamh i mbearta arb é is aidhm dóibh an taistriú ón scoil go dtí an obair a éascú, agus athchóiriú agus oiriúnú a dhéanamh ar sheirbhísí fostaíochta d’fhonn tacaíocht shaincheaptha a thabhairt do dhaoine óga. Dá bhrí sin, ba cheart do na Ballstáit 10 %nacmhainní náisiúnta ón tsraith de CSE+ atá faoi bhainistíocht chomhroinnte a leithdháileadh ar thacaíocht d’infhostaitheacht daoine óga.

(24)Ba cheart do na Ballstáit comhordú agus comhlántacht a chinntiú idir na gníomhaíochtaí a dtacaíonn na cistí sin leo.

(25)I gcomhréir le hAirteagal 349 CFAE agus Airteagal 2 de Phrótacal Uimh. 6 a ghabhann le hIonstraim Aontachais 1994, tá na réigiúin is forimeallaí agus na réigiúin thuaisceartach is lú daonra i dTeideal beart sonrach faoi chomhbheartais agus faoi chláir an Aontais. I ngeall ar shrianta buana, tá gá ag na réigiúin sin le tacaíocht shonrach.

(26)Braitheann cur chun feidhme éifeachtach agus éifeachtúil na ngníomhaíochtaí lena dtacaíonn CSE+ ar dhea-rialachas agus ar chomhpháirtíocht idir na gníomhaithe ar fad ar na leibhéil chríochacha is ábhartha agus na gníomhaithe socheacnamaíocha, go háirithe na comhpháirtithe sóisialta agus an tsochaí shibhialta. Dá bhrí sin, tá sé riachtanach na Ballstáit spreagadh a chur sna comhpháirtithe sóisialta agus sa tsochaí shibhialta páirt a ghlacadh i gcur chun feidhme na sraithe de CSE+ atá faoi bhainistíocht chomhroinnte.

(27)D’fhonn beartais a dhéanamh níos freagrúla d’athruithe sa tsochaí agus réitigh nuálacha a spreagadh agus a chothú, tá nuálaíocht shóisialta ríthábhachtach. Go háirithe, trí réitigh nuálacha a thriail agus a mheasúnú sula gcuirtear i bhfeidhm ar scála níos mó iad, cuirtear feabhas ar éifeachtúlacht beartas agus dá bharr sin tugtar údar le tacaíocht shonrach ó CSE+.

(28)Ba cheart do na Ballstáit agus don Choimisiún a áirithiú go bhfuil CSE+ ag rannchuidiú le cur chun cinn an chomhionannais idir fir agus mná i gcomhréir le hAirteagal 8 CFAE chun cóir chomhionann agus deiseanna comhionanna idir fir agus mná i ngach réimse a chothú, lena náirítear rannpháirtíocht sa mhargadh saothair, téarmaí agus na coinníollacha fostaíochta agus dul chun cinn gairmréime. Ba cheart dóibh a áirithiú, freisin, go bhfuil CSE+ ag cur chun cinn comhionannas deiseanna do chách, gan aon idirdhealú, i gcomhréir le hAirteagal 10 CFAE, go bhfuil sé ag cur chun cinn cuimsiú daoine faoi mhíchumas sa tsochaí ar aon bhonn le daoine eile, agus go bhfuil sé ag rannchuidiú le cur chun feidhme Coinbhinsiún na Náisiún Aontaithe ar Chearta Daoine atá faoi Mhíchumas. Ba cheart na prionsabail sin a chur san áireamh i ngach gné agus i ngach céim d’ullmhú, de mhonatóireacht, de chur chun feidhme agus de mheastóireacht clár, ar dhóigh thráthúil chomhsheasmhach agus san am céanna deimhin a dhéanamh de go ndéantar gníomhaíochtaí sonracha chun an comhionannas inscne agus comhionannas deiseanna a chur cinn. Ina theannta sin, ba cheart do CSE+ an taistriú a chur chun cinn ó chúram cónaithe/institiúideach go cúram teaghlaigh agus pobalbhunaithe, go háirithe i gcás iad sin a chaithfidh aghaidh a thabhairt ar idirdhealuithe iomadúla. Níor cheart do CSE tacaíocht a thabhairt daon ghníomhaíocht a chuireann le hidirdheighilt nó le heisiamh sóisialta. Foráiltear le Rialachán Uimh. [Rialachán na bhForálacha Coiteanna atá le teacht] gur ar an leibhéal náisiúnta atá rialacha maidir le hincháilitheacht chaiteachais le bunú, agus eisceachtaí áirithe ann ar gá forálacha sonracha a leagadh síos ina leith i ndáil leis an tsraith de CSE+ atá faoi bhainistíocht chomhroinnte.

(29)Chun laghdú a dhéanamh ar an ualach riaracháin a leanann bailiú sonraí, ba cheart do na Ballstáit cead a thabhairt do na húdaráis bhainistíochta sonraí a bhailiú ó chláir, nuair atá sonraí ar fáil iontu.

(30)Maidir le próiseáil sonraí pearsanta faoi chuimsiú an Rialacháin seo, is i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ba cheart do rialaitheoirí sonraí náisiúnta a gcuid cúraimí a dhéanamh chun críocha an Rialacháin seo 16 .

(31)Is éard atá sa tástáil shóisialta ná tástáil tionscadal ar scála beag lenar féidir fianaise ar indéantacht nuálaíochtaí a bhailiú. Ba cheart go bhféadfaí smaointe inchurtha i ngníomh a shaothrú ar scála níos leithne nó i gcomhthéacsanna eile le tacaíocht airgid ó CSE+, agus ó fhoinsí eile.

(32)Le CSE+ leagtar síos forálacha arb é is aidhm dóibh saorghluaiseacht doibrithe a bhaint amach ar bhonn neamh-idirdhealaitheach trí dhlúthchomhar a áirithiú idir seirbhísí fostaíochta lárnacha na mBallstát le chéile agus leis an gCoimisiún. Ba cheart do líonra Eorpach na seirbhísí fostaíochta dea-fheidhmiú na margaí saothair a chur chun cinn, trí shoghluaisteacht oibrithe agus trédhearcacht faisnéise faoi na margaí saothair a chothú. Faoi raon feidhme CSE+ tá, freisin, tacaíocht a thabhairt do scéimeanna soghluaisteachta spriocdhírithe agus forbairt scéimeanna den saghas sin, dfhonn folúntais a líonadh aon áit sa mhargadh saothair inar sainaithníodh easnaimh.

(33)Tá easpa rochtana ar mhaoiniú do mhicreafhiontair agus d’fhiontair gheilleagair shóisialta agus d’fhiontair shóisialta ar cheann de na príomhbhacainní atá roimh chruthú gnó, go háirithe i measc na ndaoine is faide ón margadh saothair. Leagtar forálacha síos leis an Rialachán maidir le CSE+ arb é is aidhm dóibh éiceachóras margaidh a chruthú chun méadú a dhéanamh ar sholáthar maoiniúcháin d’fhiontair sóisialta agus rochtain na bhfiontar sin ar mhaoiniúchán, d’fhonn riar ar éileamh iad sin is mó a bhfuil gá acu le maoiniúchán, go háirithe daoine dífhostaithe, mná agus daoine leochaileacha ar mian leo micrifhiontar nó fiontar sóisialta a thionscnamh nó a fhorbairt. Déanfar an cuspóir sin a shaothrú le hionstraimí airgeadais agus le ráthaíochtaí bhuiséadacha faoi ionú infheistíochta sóisialta agus beartais scileanna an chiste InvestEU.

(34)Is féidir ról fíorthábhachtach a bheith ag gníomhaithe margaidh, gníomhaithe daonchairdis san áireamh, ó thaobh cuspóirí áirithe de chuid SCE+ a shroicheadh, ráite go mbíonn maoiniú le tabhairt acu agus gur dóigheanna nuálacha comhlántacha na dóigheanna atá acu le comhrac a chur ar an eisiamh sóisialta agus ar an mbochtaineacht, dífhostaíocht a laghdú agus rannchuidiú le baint amach Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe na Náisiún Aontaithe. Dá bhrí sin, ba cheart gníomhaithe daonchairdis amhail fondúireachtaí agus deonaithe a bheith rannpháirteach, a oiread is iomchuí, i ngníomhaíochtaí de chuid CSE+, go háirithe gníomhaíochtaí darb aidhm éiceachóras margaidh na hinfheistíochta sóisialta a fhorbairt.

(35)I gcomhréir le hAirteagal 168 CFAE, tá ardleibhéal cosanta le haghaidh sláinte an duine le háirithiú i sainiú agus i gcur chun feidhme bheartais agus ghníomhaíochtaí uile an Aontais. Tá sé de dhualgas ar an Aontas beartais sláinte náisiúnta a chomhlánú agus tacú leis na bearta sin, comhar idir na Ballstáit a spreagadh agus comhordúchán idir a gcláir a chur chun cinn, ag urramú go hiomlán dó freagrachtaí na mBallstát as a mbeartais sláinte a shainiú agus as seirbhísí sláinte agus cúram sláinte a eagrú agus a sholáthar.

(36)Ach daoine a choinneáil folláin agus gníomhach níos faide agus é a chur ar a gcumas ról gníomhach a bheith acu i mbainistiú a sláinte, déanfar tairbhe ó thaobh sláinte, éagothromaíochtaí sláinte, chaighdeán na beatha, táirgiúlachta, iomaíochais agus cuimsitheachta, agus laghdófar an brú ar na buiséid náisiúnta freisin. Tá an Coimisiún tiomanta cuidiú leis na Ballstáit a gcuid spriocanna forbartha inbhuanaithe a bhaint amach, go háirithe sprioc uimhir 3 “Beatha shláintiúil a áirithiú agus an fholláine a chur cinn do chách ag gach aois” 17 .

(37)Ba cheart fianaise agus comhluachanna agus comhphrionsabail chórais sláinte an Aontais Eorpaigh, mar a leagtar amach iad sna Conclúidí ón gComhairle an 2 Meitheamh 2006, ba cheart sin a bheith ina thaca ag na próisis chinnteoireachta atá i bhfeidhm chun córais sláinte nuálacha éifeachtacha bhuanseasmhacha a phleanáil agus a bhainistiú, chun uirlisí a chur chun cinn arb é is aidhm dóibh rochtain a áirithiú do chách ar chúram sláinte ardcháilíochta agus chun dea-chleachtais a chur chun feidhme ar scála níos leithne.

(38)Ba cheart go rannchuideodh an tsraith Sláinte de CSE+ le galair a chosc ó thús deireadh shaol shaoránaigh an Aontais agus le cur chun cinn na sláinte trí dhul i ngleic le nithe a chuireann an tsláinte i mbaol, e.g. caitheamh tobac agus caitheamh tobac fulangach, úsáid dhíobhálach alcóil, caitheamh drugaí aindleathacha agus trí laghdú a dhéanamh ar an dochar a dhéantar don tsláinte le drugaí, ar dhrochnósanna cothaithe agus ar easpa aclaíochta coirp agus trí thimpeallachtaí tacúla do stíleanna maireachtála folláine a chothú d’fhonn gníomhaíocht na mBallstát a chomhlánú i gcomhréir leis na straitéisí ábhartha. Leis an tsraith Sláinte de CSE+, ba cheart samhlacha coisc éifeachtacha, teicneolaíochtaí nuálacha agus múnlaí agus réitigh nua ghnó a phríomhshruthú chun rannchuidiú córais sláinte na mBallstát a dhéanamh nuálach, éifeachtach agus inbhuanaithe agus chun gur fusa do shaoránaigh na hEorpa cúram sláinte níos fearr agus níos sábháilte a rochtain.

(39)Galair neamhthógálacha is cúis le os cionn 80 % de na básanna anabaí a tharlaíonn san Aontas agus chun cosc a chur air sin ar dhóigh éifeachtach is gá cur chuige ina bhfuil roinnt gnéithe trasteorann. Maidir leis sin, chuir Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle i dtábhacht a riachtanaí atá sé laghdú chomh mór agus is féidir a dhéanamh ar iarmhairtí bagairtí tromchúiseacha sláinte trasteorann, e.g. galair thógálacha agus bagairtí eile bitheolaíocha, ceimiceacha, timpeallachta agus anaithnide, trí thacú le hullmhacht agus le cumas freagartha a mhéadú.

(40)Chun éifeachtúlacht córas sláinte agus sláinte na saoránach a chinntiú, tá sé sár-riachtanach laghdú a dhéanamh ar an ualach a leanann ionfhabhtuithe frithsheasmhacha agus ionfhabhtuithe a bhaineann le cúram sláinte agus infhaighteacht ábhar frithmhiocróbach a áirithiú.

(41)Le deireanas, chuir an Coimisiún i láthair togra 18 maidir le Measúnú ar Theicneolaíocht na Sláinte chun tacú leis an gcomhar i réimse na sláinte ar leibhéal an Aontais d’fhonn feabhas a chur ar infhaighteacht teicneolaíochtaí nuálacha d’othair ar fud an Aontais, úsáid níos fearr a bhaint as na hacmhainní atá ar fáil agus intuarthacht gnó a fheabhsú.

(42)I bhfianaise a shainiúla atá roinnt de na cuspóirí atá cuimsithe ag an tsraith Sláinte de CSE+ agus i bhfianaise chineál na ngníomhaíochtaí arna ndéanamh faoin tsraith sin, is iad údaráis inniúla gach Ballstáit is fearr is féidir na gníomhaíochtaí gaolmhara a chur chun feidhme. Dá bhrí sin, maidir le húdaráis dá leithéidí, arna nainmniú ag na Ballstáit iad féin, ba cheart a mheas gur tairbhithe sainaitheanta iad chun críche Airteagal [195] den [Rialachán Airgeadais] nua agus ba cheart na deontais a dhámhachtain orthu gan glao ar thograí a fhoilsiú roimh ré.

(43)Is éard atá sna Líonraí Tagartha Eorpacha líonraí de sholáthraithe cúraim shláinte ar fud na hEorpa arb é is aidhm dóibh dul i ngleic le galair neamhchoitianta, galair íseal-leitheadúlachta agus galair aimpléiseacha, agus le riochtanna a dteastaíonn cóireáil ardspeisialaithe agus ard-dlús eolais agus acmhainní lena naghaidh. Is é an Bord de Bhallstáit na Líonraí Tagartha Eorpacha a fhormheasann na Líonraí Tagartha Eorpacha, i gcomhréir leis an nós imeachta um fhormheas a leagtar amach i gCinneadh Cur chun Feidhme 2014/287/AE ón gCoimisiún an 10 Márta 2014. Dá bhrí sin, chun críche Airteagal [195] den [Rialachán Airgeadais nua], ba cheart a mheas gur tairbhithe sainaitheanta na líonraí sin agus ba cheart na deontais a dhámhachtain orthu gan glao ar thograí a fhoilsiú roimh ré.

(44)Bíonn tionchar láithreach ag reachtaíocht an Aontais ar shaol na saoránach, ar éifeachtúlacht agus athléimneacht córas sláinte agus ar dhea-fheidhmiú an mhargaidh inmheánaigh. An creat rialála atá ann do tháirgí agus teicneolaíochtaí leighis (táirgí íocshláinte, feistí leighis agus substaintí de bhunús daonna), agus don reachtaíocht maidir le tabac, cearta trasteorann othar, agus bagairtí trasteorann sláinte tromchúiseacha, tá sé sár-riachtanach chun an tsláinte a chosaint san Aontas. Caithfidh an rialáil a dhéantar, agus cur i bhfeidhm agus forfheidhmiú na rialála sin, cos a choinneáil le forbairt na nuálaíochta agus an taighde agus le hathruithe sa tsochaí sa réimse seo, agus san am céanna caithfidh baint amach na gcuspóirí sláinte teacht dá bharr. Dá bhrí sin, is gá a bheith ag síorchur leis an mbunachar fianaise a theastaíonn chun reachtaíocht de chineál eolaíoch a chur chun feidhme.

(45)Chun éifeachtacht agus éifeachtúlacht gníomhaíochtaí ar leibhéal an Aontais agus gníomhaíochtaí idirnáisiúnta a uasmhéadú, ba cheart comhar a chothú le heagraíochtaí idirnáisiúnta ábhartha amhail na Náisiúin Aontaithe agus a ngníomhaireachtaí speisialaithe, go háirithe an Eagraíocht Dhomhanda Sláinte (WHO), agus le Comhairle na hEorpa agus an Eagraíocht um Chomhar agus Fhorbairt Eacnamaíochta (OECD), chun an tsraith Sláinte a chur chun feidhme.

(46)Tá tábhacht ag baint le dul i ngleic leis an athrú aeráide i gcomhréir leis na gealltanais atá tugtha ag an Aontas Comhaontú Pháras agus Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe na Náisiún Aontaithe a chur chun feidhme, agus léiriú air sin is ea é go rannchuideoidh an Rialachán seo le príomhshruthú i mbeartais an Aontais na ngníomhaíochtaí a dhéantar ar son na haeráide agus le baint amach na sprice arb é atá inti 25 % de caiteachas bhuiséad an Aontais a bheith ag tacú le cuspóirí aeráide. Sainaithneofar gníomhaíochtaí ábhartha le linn chéim an ullmhaithe agus an chur chun feidhme, agus déanfar athmheasúnú ar na gníomhaíochtaí sin mar chuid den mheastóireacht mhéantéarma.

(47)De bhun Airteagal [94 de Chinneadh 2013/755/AE ón gComhairle 19 ], tá daoine agus eintitis atá lonnaithe i dTíortha agus Críocha thar Lear incháilithe do chistiú faoi réir rialacha agus chuspóirí na sraitheanna Fostaíocht agus Nuálaíocht Shóisialta agus Sláinte agus faoi réir aon socrú féideartha is infheidhme maidir leis an mBallstát lena mbaineann an Tír nó an Chríoch ábhartha thar Lear.

(48)Féadfaidh tríú tíortha ar comhaltaí iad den Limistéar Eorpach Eacnamaíoch (LEE) a bheith rannpháirteach i gcláir de chuid an Aontais faoi chuimsiú an chomhair arna bhunú faoin gcomhaontú leis an Limistéar Eorpach Eacnamaíoch, ina ndéantar foráil maidir le cur chun feidhme na gclár le cinneadh faoin gcomhaontú sin. Ba cheart foráil shonrach a thabhairt isteach leis an Rialachán seo chun na cearta agus an rochtain is gá a thabhairt don oifigeach údarúcháin atá freagrach, don Oifig Eorpach Frith-Chalaoise agus do Chúirt Iniúchóirí na hEorpa chun go bhféadfaidh gach ceann díobh a gcuid inniúlachtaí féin a fheidhmiú ar dhóigh chuimsitheach.

(49)I gcomhréir leis an Rialachán Airgeadais, Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 883/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 20 , Rialachán (CE, Euratom) Uimh. 2988/95 ón gComhairle 21 , Rialachán (CE, Euratom) Uimh. 2185/96 ón gComhairle 22 agus Rialachán (AE) 2017/1939 ón gComhairle 23 , tá leasanna airgeadais an Aontais le cosaint le bearta comhréireacha i gcomhréir leis an Rialachán Airgeadais agus le rialacha eile is infheidhme, lena náirítear neamhrialtachtaí agus calaois a chosc, a bhrath, a cheartú agus a fhiosrú, cistí a cailleadh, a íocadh go mícheart nó a úsáideadh go mícheart a ghnóthú agus, i gcás inarb iomchuí, smachtbhannaí riaracháin a fhorchur. Go háirithe, i gcomhréir le Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 883/2013 agus Rialachán (Euratom, CE) Uimh. 2185/96, féadfaidh an Oifig Eorpach Frith-Chalaoise (OLAF) imscrúduithe riaracháin a dhéanamh, lena náirítear seiceálacha agus cigireachtaí ar an láthair, d’fhonn a shuí ar tharla calaois, éilliú nó aon chion coiriúil eile a dhéanann difear do leasanna airgeadais an Aontais. I gcomhréir le Rialachán (AE) 2017/1939, féadfaidh Oifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh (OIPE) calaois agus cionta coiriúla eile a dhéanann difear do leasanna airgeadais an Aontais a imscrúdú, mar a fhoráiltear i dTreoir (AE) 2017/1371 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 24 . I gcomhréir leis an Rialachán Airgeadais, ní mór d’aon duine nó daon eintiteas a fhaigheann cistí ón Aontas comhoibriú go hiomlán i gcosaint leasanna airgeadais an Aontais agus na cearta agus an rochtain is gá a thabhairt don Choimisiún, do OLAF, do OIPE agus do Chúirt Iniúchóirí na hEorpa (CIE), agus ní mór dó a áirithiú go dtabharfaidh aon tríú páirtithe a bheidh páirteach i gcur chun feidhme cistí de chuid an Aontais cearta coibhéiseacha.

(50)Tá feidhm maidir leis an Rialachán seo ag na rialacha airgeadais cothrománacha arna nglacadh ag Parlaimint na hEorpa agus ag an gComhairle ar bhonn Airteagal 322 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh. Leagtar síos na rialacha sin sa Rialachán Airgeadais agus cinntear leo, go háirithe, an nós imeachta maidir leis an mbuiséad a bhunú agus a chur chun feidhme le deontais, soláthar, duaiseanna, agus cur chun feidhme indíreach, agus déantar foráil leo maidir le seiceálacha agus freagracht na ngníomhaithe airgeadais. Na rialacha a ghlactar ar bhonn Airteagal 322 CFAE, baineann siad freisin le cosaint bhuiséad an Aontais i gcás easnaimh ghinearálaithe maidir le smacht reachta sna Ballstáit, ós rud é gur réamhchoinníoll riachtanach urramú an smachta reachta i dtaca le bainistiú fónta airgeadais agus maoiniú éifeachtach de chuid an Aontais Eorpaigh.

(51)Ós rud é nach féidir cuspóirí ginearálta an Rialacháin seo, eadhon feabhas a chur ar éifeachtacht na margaí saothair agus rochtain ar fhostaíocht ardcháilíochta a chur chun cinn, feabhas a chur ar an rochtain ar oideachas agus ar oiliúint agus ar cháilíocht an oideachais agus na hoiliúna sin, cuimsiú sóisialta agus an tsláinte a chur chun cinn agus an bhochtaineacht a laghdú, maille leis na gníomhaíochta atá le déanamh faoi na sraitheanna Fostaíocht agus Nuálaíocht Shóisialta agus Sláinte, ós rud é nach féidir leis na Ballstáit sin a bhaint amach go leordhóthanach ach gur fearr, ar bhonn scála agus iarmhairtí an Rialacháin seo, is féidir iad a bhaint amach ar leibhéal an Aontais, féadfaidh an tAontas bearta a ghlacadh i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta mar a leagtar amach in Airteagal 5 den Chonradh ar an Aontas Eorpach. I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta a leagtar amach san Airteagal sin, ní théann an Rialachán seo thar a bhfuil riachtanach chun an cuspóir sin a ghnóthú.

(52)Chun eilimintí neamhriachtanacha áirithe den Rialachán seo a leasú, ba cheart an chumhacht chun gníomhartha a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh a tharmligean chuig an gCoimisiún i ndáil leis na hiarscríbhinní ina bhfuil na táscairí a leasú agus a fhorlíonadh. Tá sé tábhachtach, go háirithe, go rachadh an Coimisiún i mbun comhairliúcháin iomchuí le linn a chuid oibre ullmhúcháin, lena náirítear ar leibhéal na saineolaithe, agus go ndéanfar na comhairliúcháin sin i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos i gComhaontú Idirinstitiúideach maidir le Reachtóireacht Níos Fearr an 13 Aibreán 2016. Go sonrach, chun rannpháirtíocht chomhionann in ullmhú na ngníomhartha tarmligthe a áirithiú, gheobhaidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle na doiciméid uile ag an am céanna leis na saineolaithe sna Ballstáit, agus beidh rochtain chórasach ag a gcuid saineolaithe ar chruinnithe ghrúpaí saineolaithe an Choimisiúin a bheidh ag déileáil le hullmhú na ngníomhartha tarmligthe.

(53)Chun coinníollacha aonfhoirmeacha a áirithiú maidir leis an Rialachán seo a chur chun feidhme, ba cheart cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt don Choimisiún. Na cumhachtaí cur chun feidhme a bhaineann leis an tsamhail don suirbhé struchtúrtha ar fhaighteoirí deiridh, ba cheart í a fheidhmiú i gcomhréir le nós imeachta comhairleach Airteagal 4 de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 25 , i ngeall ar chineál na samhla sin.

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Cuid I

Forálacha ginearálta

Airteagal 1

Ábhar

Leis an Rialachán seo bunaítear Ciste Sóisialta na hEorpa Plus (CSE+).

Leagtar síos leis cuspóirí CSE+, an buiséad don tréimhse 2021-2027, na modhanna cur chun feidhme, na foirmeacha cistiúcháin ón Aontas agus na rialacha a bhaineann leis an gcistiú sin a sholáthar.

Airteagal 2

Sainmhínithe

1. Chun críocha an Rialacháin seo, beidh feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:

(1)    ciallaíonn “bearta tionlacain” gníomhaíochtaí a dhéantar sa bhreis ar dháileadh bia agus/nó cúnaimh ábhartha bhunúsaigh chun dul i ngleic leis an eisiamh sóisialta, e.g. daoine a chur ar aghaidh chuig seirbhísí sóisialta agus seirbhísí sóisialta a sholáthar, nó comhairle faoi bhuiséad teaghlaigh a bhainistiú;

(2)    ciallaíonn “tír chomhlachaithe” tríú tír ar páirtí í gcomhaontú leis an Aontas lena gceadaítear di páirt a ghlacadh sna sraitheanna Fostaíocht agus Nuálaíocht Shóisialta agus Sláinte de CSE+, i gcomhréir le hAirteagal 30;

(3)    ciallaíonn “cúnamh ábhartha bunúsach” earraí a riarann ar riachtanais bhunúsacha duine ionas go bhféadfaidh an duine sin a bheatha a chaitheamh go díniteach, e.g. éadach, earraí sláinteachais, ábhar scoile;

(4)    ciallaíonn “oibríocht measctha” gníomhaíochtaí a fhaigheann tacaíocht ó bhuiséad an Aontais, lena náirítear laistigh de shaoráidí measctha de bhun Airteagal 2(6) den Rialachán Airgeadais, lena gcomhcheanglaítear foirmeacha neamh-iníoctha tacaíochta agus/nó ionstraimí airgeadais ó bhuiséad an Aontais d’fhoirmeacha iníoctha tacaíochta ó institiúidí forbartha nó institiúidí airgeadais poiblí eile, agus ó institiúidí airgeadais tráchtála agus infheisteoirí;

(5)    ciallaíonn “comhtháscairí toraidh láithreacha” comhtháscairí toraidh láithreacha lena léirítear éifeachtaí laistigh de cheithre seachtaine ón lá a fhágann an rannpháirtí an oibríocht (dáta imeachta);

(6)    ciallaíonn “comhtháscairí toraidh is fadtéarmaí” comhtháscairí toraidh lena léirítear éifeachtaí sé mhí tar éis do rannpháirtí an oibríocht a fhágáil;

(7)    ciallaíonn “costais a bhaineann le bia agus cúnamh ábhartha bunúsach a cheannach” na costais iarbhír a bhaineann le bia agus cúnamh ábhartha bunúsach a cheannach a sheasann an tairbhí, agus gan sin teoranta do phraghas an bhia agus/nó an chúnaimh ábhartha bhunúsaigh;

(8)    ciallaíonn “faighteoir deiridh” an duine nó na daoine is díothaí a fhaigheann tacaíocht mar a shainítear i bpointe (xi) d’Airteagal 4(1);

(9)    ciallaíonn “géarchéim sláinte” aon ghéarchéim a mheastar coitianta a bheith ina bagairt agus a bhfuil gné shláinte inti a fhágann gur gá do na Ballstáit gníomhú go práinneach faoi dhálaí éiginnteachta;

(10)    ciallaíonn “eintiteas dlíthiúil” aon duine nádúrtha, nó aon duine dlítheanach a chruthaítear agus a aithnítear mar sin faoin dlí náisiúnta, faoi dhlí an Aontais nó faoin dlí idirnáisiúnta, a bhfuil pearsantacht dhlíthiúil aige agus a fhéadfaidh, ag gníomhú dó ina ainm féin, cearta a fheidhmiú agus a bheith faoi réir oibleagáidí;

(11)    cumhdaíonn “micreamhaoiniú” ráthaíochtaí, micrichreidmheas, cothromas agus cuasachothromas, in éineacht le seirbhísí forbartha gnó tionlacain, e.g. seirbhísí i bhfoirm comhairleoireacht, oiliúint agus meantóireacht aonair do dhaoine agus do mhicrifhiontair ar doiligh dóibh creidmheas a rochtain chun críche gníomhaíochtaí gairmiúla agus/nó gníomhaíochtaí ginte ioncaim;

(12)    ciallaíonn “micrifhiontar” fiontar ag a bhfuil níos lú ná 10 bhfostaí agus ar lú ná EUR 2 000 000 a láimhdeachas bliantúil nó a chlár comhardaithe bliantúil;

(13)    ciallaíonn “na daoine is díothaí” daoine nádúrtha, cibé acu daoine aonair, teaghlaigh nó grúpaí comhdhéanta de na daoine sin iad, ar suíodh a ngá le cúnamh de réir na gcritéar oibiachtúil a leag na húdaráis inniúla náisiúnta síos i gcomhairle leis na geallsealbhóirí ábhartha, agus coinbhleachtaí leasa á seachaint, agus a dfhormheas na húdaráis inniúla naisiúnta sin, critéir a bhféadfaidh eilimintí a bheith ar áireamh iontu lena gceadófar díriú ar na daoine is díothaí i limistéir gheografacha ar leith;

(14)    Ciallaíonn “luach tagartha” luach a úsáidtear chun spriocanna a leagan síos do chomhtháscairí toraidh agus do tháscairí toraidh clárshonracha, agus atá bunaithe ar idirghabhálacha comhchosúla atá ann nó a bhí ann;

(15)    ciallaíonn “fiontar sóisialta” gnóthas, beag beann ar a fhoirm dhlí, nó duine nádúrtha

(a)arb é, i gcomhréir lena Airteagail Chomhlachais, lena Reachtanna nó le haon doiciméad dlithiúil eile lenar bunaíodh an gnó agus a bhféadfadh dliteanas teacht as de réir dhlíthe an Bhallstáit ina bhfuil sé lonnaithe, arb é is príomhaidhm sóisialta dó tionchair shóisialta intomhaiste, dhearfacha, shóisialta a bhaint amach seachas brabús a ghiniúint chun críocha eile, agus a sholáthraíonn seirbhísí nó earraí lena ngintear sochar sóisialta, agus/nó a úsáideann modhanna táirgthe earraí nó seirbhísí lena gcuimsítear cuspóirí sóisialta;

(b)a úsáideann a chuid brabús go príomha chun a phríomhaidhm sóisialta a bhaint amach agus ag a bhfuil nósanna imeachta agus rialacha réamhshainithe leagtha síos aige maidir le haon dáileadh brabús lena náirithítear nach dtagann dáileadh den sórt sin salach ar an bpríomhaidhm sóisialta;

(c)a bhainistítear ar dhóigh fhiontraíoch, chuntasach agus thrédhearcach, go háirithe trí ról a thabhairt doibrithe, do chustaiméirí agus do gheallsealbhóirí a mbíonn tionchar ag a chuid gníomhaíochtaí gnó orthu;

(16)    ciallaíonn “nuálaíochtaí sóisialta” gníomhaíochtaí atá sóisialta ó thaobh a gcuspóra agus a riachtanas de araon, go háirithe iad sin a bhaineann le forbairt agus le cur chun feidhme smaointe nua (maidir le táirgí, seirbhísí agus samhlacha) a riarann ar riachtanais shóisialta agus san am céanna a chruthaíonn saghsanna nua caidrimh nó comhair shóisialta nua agus dá bharr sin a dhéanann leas na sochaí agus a threisíonn freisin cumas na sochaí chun gníomhú;

(17)    ciallaíonn “tástálacha sóisialta” idirghabhálacha beartais lena dtugtar freagairt nuálach ar riachtanais shóisialta agus a chuirtear chun feidhme ar scála beag agus i ndálaí a fhágann gur féidir a dtionchar a thomhas sula gcuirtear chun feidhme arís iad ar scála níos mó, má bhíonn na torthaí dearfach;

18)    ciallaíonn “príomhinniúlachtaí” an teolas, na scileanna agus na hinniúlachtaí a bhfuil gá ag gach duine leo, i gcéim ar bith den saol, le haghaidh sásamh agus forbairt phearsanta, fostaíochta, cuimsiú sóisialta agus saoránacht ghníomhach. Ag seo réimsí na bpríomhinniúlachtaí sin: litearthacht; teangacha; matamaitice, eolaíocht, teicneolaíocht agus innealtóireacht; gnóthaí digiteacha; gnóthaí pearsanta, gnóthaí sóisialta agus foghlaim chun foghlama; saoránacht; fiontraíocht; feasacht agus léiriú cultúrtha;

(19)    ciallaíonn “tríú tír” tír nach bhfuil ina ball den Aontas Eorpach.

2. Na sainmhínithe atá in Airteagal [2] de [Rialachán na bhForálacha Coiteanna atá le teacht], beidh feidhm acu freisin maidir leis an tsraith de CSE+ atá faoi bhainistíocht chomhroinnte.

Airteagal 3

Cuspóirí ginearálta agus modhanna cur chun feidhme

Tá sé d’aidhm ag CSE+ tacú leis na Ballstáit ardleibhéil fostaíochta agus cosaint shóisialta chothrom a bhaint amach agus lucht saothair oilte athléimneach a bheith acu a bheidh ullamh don saol oibre atá le teacht, i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar amach i gColún Eorpach na gCeart Sóisialta a d’fhógair Parlaimint na hEorpa, an Chomhairle agus an Coimisiún an 17 Samhain 2017.

Le CSE+ tacófar le beartais na mBallstát, comhlánófar na mbeartas sin agus cuirfear breisluach leo d’fhonn comhionannas deiseanna, rochtain ar an margadh saothair, dálaí oibre cothroma, cosaint agus cuimsiú sóisialta agus ardleibhéal cosanta ar shláinte an duine a áirithiú.

Cuirfear chun feidhme é:

(a) faoi bainistíocht chomhroinnte, i gcás na coda sin den chúnamh a fhreagraíonn do na cuspóirí sonracha a luaitear in Airteagal 4(1) (an tsraith de CSE+ atá faoi bhainistíocht chomhroinnte), agus

(b) faoi bhainistíocht dhíreach agus indíreach i gcás na coda sin den chúnamh a fhreagraíonn do na cuspóirí a luaitear in Airteagail 4(1) agus 23 (an tsraith Fostaíocht agus Nuálaíocht Shóisialta) agus i gcás na coda sin den chúnamh a fhreagraíonn do na cuspóirí a luaitear in Airteagail 4(1) agus (3) agus 26 (an tsraith Sláinte).

Airteagal 4

Cuspóirí sonracha

1. Le CSE+ tacófar leis na cuspóirí sonracha seo a leanas i réimsí beartais na fostaíochta, an oideachais, an chuimsithe shóisialta maille leis an tsláinte, agus dá bharr sin rannchuideofar freisin leis an gcuspóir beartais “Eoraip níos sóisialta – Colún Eorpach na gCeart Sóisialta a chur chun feidhme” a leagtar amach in Airteagal [4] de [Rialachán na bhForálacha Coiteanna atá le teacht]:

(i) an fhostaíocht a dhéanamh níos inrochtana do gach cuardaitheoir poist, go háirithe do dhaoine óga atá dífhostaithe agus daoine atá dífhostaithe go fadtéarmach, agus do dhaoine neamhghníomhacha, agus an fhéinfhostaíocht agus an geilleagar sóisialta a chur chun cinn;

(ii) institiúidí agus seirbhísí an mhargaidh saothair a nuachóiriú chun riachtanais scileanna a mheasúnú agus iad a dhéanamh amach roimh ré agus chun cúnamh agus tacaíocht thráthúil shaincheaptha a áirithiú don chomhoiriúnú sa mhargadh saothair, d’aistrithe agus do shoghluaisteacht;

(iii) rannpháirtíocht na mban sa mhargadh saothair, cothromaíocht níos fearr saoil agus oibre agus rochtain ar chúram leanaí san áireamh, timpeallacht oibre shláintiúil dhea-oiriúnaithe ina gcuirtear rioscaí sláinte san áireamh, oiriúnú oibrithe, fiontar agus fiontraithe d’athruithe agus an taosú gníomhach folláin a chur chun cinn;

(iv)    feabhas a chur ar chórais oideachais agus oiliúna ó thaobh cáilíochta, éifeachtachta agus ábharthachta don mhargadh saothair chun sealbhú príomhinniúlachtaí a éascú, scileanna digiteacha san áireamh;

(v)    rochtain chomhionann ar oideachas agus oiliúint ardcháilíochta chuimsitheach, agus críochnú oideachais agus oiliúna den saghas sin, a chur chun cinn, go háirithe do ghrúpaí atá faoi mhíbhuntáiste, ó chéim an oideachais agus an chúraim luathóige go dtí céim an oideachais ghinearálta agus an ghairmoideachais go dtí céim an oideachais tríú leibhéal agus an oideachais agus na foghlama d’aosaigh, éascú soghluaisteachta foghlama do chách san áireamh;

(vi)    an fhoghlaim feadh an tsaoil a chur chun cinn, go háirithe deiseanna solúbtha uas-scilithe agus athscilithe do chách a chur chun cinn agus scileanna digiteacha á gcur san áireamh, athruithe agus riachtanais nua scileanna a dhéanamh amach roimh ré ar dhóigh níos cruinne ar bhonn riachtanais an mhargaidh saothair, aistrithe gairme beatha a éascú agus an tsoghluaisteacht ghairmiúil a chur chun cinn;

(vii)    cuimsiú gníomhach a chothú dfhonn comhionannas deiseanna agus rannpháirtíocht ghníomhach a chur chun cinn agus an infhostaitheacht a fheabhsú;

(viii)    lánpháirtiú socheacnamaíoch náisiúnach tríú tíortha agus pobal imeallaithe, amhail na Romaigh, a chur chun cinn;

(ix)    feabhas a chur ar rochtain chomhionann thráthúil ar sheirbhísí ardcháilíochta, inbhuanaithe agus inacmhainne; córais cosanta sóisialta a nuachóiriú, lena náirítear rochtain ar chosaint shóisialta a chur chun cinn; feabhas a chur ar inrochtaineacht, ar éifeachtacht agus ar athléimneacht córas sláinte agus seirbhísí cúraim fhadtéarmaigh

(x)    lánpháirtiú sóisialta daoine atá i mbaol bochtaineachta nó eisiaimh shóisialta a chur chun cinn, na daoine is díothaí agus leanaí san áireamh;

(xi) dul i ngleic leis an díth ábhartha trí chúnamh bia agus/nó ábhartha a thabhairt do na daoine is díothaí, bearta tionlacain san áireamh.

2. Leis na gníomhaíochtaí a chuirfear chun feidhme faoin tsraith de CSE+ atá faoi bhainistíocht chomhroinnte agus le baint amach na gcuspóirí sonracha dá dtagraítear i mír 1, rannchuideoidh CSE+ freisin leis na cuspóirí beartais a liostaítear in Airteagal [4] de [Rialachán na bhForálacha Coiteanna atá le teacht], go háirithe iad sin a bhaineann le:

1.    Eoraip níos cliste a bhaint amach, trí scileanna do speisialú cliste a fhorbairt, scileanna do na príomhtheicneolaíochtaí cumasúcháin, aistriú tionsclaíoch, comhar earnálach i leith scileanna agus fiontraíochta, oiliúnú taighdeoirí, gníomhaíochtaí líonrúcháin agus comhpháirtíochtaí idir institiúidí ardoideachais, institiúidí gairmoideachais agus gairmoiliúna, lárionaid, fiontair agus braislí taighde agus teicneolaíochta, agus tacaíocht do mhicrifhiontair, d’fhiontair bheaga, d’fhiontair mheánmhéide agus don gheilleagar sóisialta;

2.    Eoraip níos glaise agus ar bheagán carbóin a bhaint amach, trí chórais oideachais agus oiliúna a fheabhsú is gá chun scileanna agus cáilíochtaí a oiriúnú, gach duine a uas-sciliú, lucht saothair san áireamh, poist nua a chruthú in earnálacha a bhaineann leis an gcomhshaol, leis an aeráid agus le fuinneamh agus an bithgheilleagar.

3. Faoin tsraith Sláinte, tacóidh CSE+ le cur chun cinn na sláinte agus le cosc galar, rannchuideofar le héifeachtacht, inrochtaineacht, agus athléimneacht córas sláinte, déanfar cúram sláinte níos sábháilte, laghdófar éagothromaíochtaí sláinte, cosnófar saoránaigh ar bhagairtí sláinte trasteorann agus tacófar le reachtaíocht an Aontais maidir le sláinte.

Airteagal 5

Buiséad

1.EUR 101 174 000 000 i bpraghsanna reatha a bheidh san imchlúdach airgeadais iomlán do CSE+don tréimhse 2021-2027.

2.EUR 100 000 000 000 i bpraghsanna reatha, nó EUR 88 646 194 590 i bpraghsanna 2018, a bheidh sa chuid sin den imchlúdach airgeadais atá in áirithe don tsraith de CSE+ atá faoi bhainistíocht chomhroinnte faoin sprioc Infheistíocht le haghaidh Post agus Fáis, agus de sin leithdháilfear EUR 200 000 000 i bpraghsanna reatha, nó EUR 175 000 000 i bpraghsanna 2018, do chomhar trasnáisiúnta lena dtacaítear le réitigh nuálacha, dá dtagraítear in Airteagal 23 (i), agus leithdháilfear EUR 400 000 000 i bpraghsanna reatha, nó EUR 376 928 934 i bpraghsanna 2018, ina chistiú breise do na réigiúin is forimeallaí arna sainaithint in Airteagal 349 CFAE agus do na réigiúin de leibhéal NUTS 2 a chomhlíonann na critéir atá leagtha síos in Airteagal 2 de Phrótacal Uimh. 6 a ghabhann le hIonstraim Aontachais 1994.

3.EUR 1 174 000 000 i bpraghsanna reatha a bheidh san imchlúdach airgeadais don tsraith Fostaíocht agus Nuálaíocht Shóisialta don tréimshe 2021-2027.

4.Maidir leis an méid dá dtagraítear i mír 3, seo a leanas a dháileadh táscach:

(a)EUR 761 000 000 do chur chun feidhme na sraithe Fostaíocht agus Nuálaíocht Shóisialta;

(b)EUR 413 000 000 do chur chun feidhme na sraithe Fostaíocht agus Nuálaíocht Shóisialta;

5.Féadfar na méideanna dá dtagraítear i míreanna 3 agus 4 a úsáid freisin le haghaidh cúnamh teicniúil agus riaracháin chun na cláir a chur chun feidhme, cuir i gcás gníomhaíochtaí ullmhúcháin, faireacháin, rialaithe, iniúchóireachta agus meastóireachta, córais teicneolaíochta faisnéise chorparáideacha san áireamh.

Airteagal 6

Comhionannas idir fir agus mná agus comhionannas deiseanna agus neamh-idirdhealú

1. Na cláir ar fud a chuirfear chun feidhme faoin tsraith de CSE+ atá faoi bhainistíocht chomhroinnte, agus na hoibríochtaí a dtacóidh na sraitheanna Fostaíocht agus Nuálaíocht Shóisialta agus Sláinte leo, áiritheofar leo comhionannas idir fir agus mná ó thús deireadh a nullmhaithe, a gcur chun feidhme, a bhfaireacháin agus a meastóireachta. Ina theannta sin, cuirfear chun cinn leo comhionannas deiseanna do chách gan aon idirdhealú bunaithe ar ghnéas, ar thionscnamh ciníoch nó eitneach, ar reiligiún nó ar chreideamh, ar mhíchumas, ar aois nó ar threoshuíomh gnéasach ó thús deireadh a nullmhaithe, a gcur chun feidhme, a bhfaireacháin agus a meastóireachta.

2. Tacóidh na Ballstáit agus an Coimisiún freisin le gníomhaíochtaí spriocdhírithe sonracha chun na prionsabail dá dtagraítear i mír 1 a chur chun cinn, laistigh de scóip aon cheann de spriocanna CSE+, lena náirítear an taistriú ó chúram cónaithe/institiúideach go cúram teaghlaigh agus pobalbhunaithe.

Cuid II – Cur chun feidhme faoin tsraith de CSE+ atá faoi bhainistíocht chomhroinnte

Caibidil I

Forálacha coiteanna maidir le clársceidealú

Airteagal 7

Comhsheasmhacht agus díriú téamach

1. Díreoidh na Ballstáit a gcuid acmhainní ón tsraith de CSE+ atá faoi bhainistíocht chomhroinnte ar idirghabhálacha a théann i ngleic leis na dúshláin a shainaithnítear ina gclár náisiúnta um athchóiriú, sa Seimeastar Eorpach agus sna moltaí tír-shonracha ábhartha arna nglacadh i gcomhréir le hAirteagal 121(2) CFAE agus le hAirteagal 148(4) CFAE, agus cuirfidh siad san áireamh na prionsabail agus na cearta a leagtar amach i gColún Eorpach na gCeart Sóisialta.

Déanfaidh na Ballstáit agus, i gcás inarb iomchuí, déanfaidh an Coimisiún freisin, sineirgíochtaí a chothú agus comhordú, comhlántacht agus comhleanúnachas a áirithiú idir CSE+ agus cistí, cláir agus ionstraimí eile de chuid an Aontais, e.g. Erasmus, an Ciste Tearmainn agus Imirce agus an Clár Tacaíochta um Athchóiriú, lena náirítear an Uirlis Athchóiriúcháin agus an Ionstraim um Thacaíocht Theicniúil, le linn chéim na pleanála agus chéim an chur chun feidhme ar aon. Déanfaidh na Ballstáit agus, i gcás inarb iomchuí, déanfaidh an Coimisiún freisin, sásraí comhordúcháin a optamú chun dúbailt saothair a sheachaint agus dlúthchomhar a áirithiú idir iad sin atá freagrach as cur chun feidhme, d’fhonn gníomhaíochtaí tacaíochta comhleanúnacha cuíchóirithe a dhéanamh.

2. Leithdháilfidh na Ballstáit méid iomchuí dá gcuid acmhainní ó ESF+ faoi bhainistíocht chomhroinnte ar dhul i ngleic leis na dúshláin a shainaithnítear sna moltaí tír-shonracha arna nglacadh i gcomhréir le hAirteagal 121(2) CFAE agus le hAirteagal 148(4) CFAE agus sa Seimeastar Eorpach a thagann faoi raon feidhme CSE+ mar a leagtar amach é in Airteagal 4.

3. Leithdháilfidh na Ballstáit 25 % ar a laghad dá nacmhainní ón tsraith de CSE+ atá faoi bhainistíocht chomhroinnte ar na cuspóirí sonracha maidir le heisiamh sóisialta a leagtar amach i bpointí (vii) go (xi) d’Airteagal 4(1), lena náirítear lánpháirtiú socheacnamaíoch náisiúnach tríú tíortha a chur chun cinn.

4. Leithdháilfidh na Ballstáit 2 % ar a laghad dá nacmhainní ón tsraith de CSE+ atá faoi bhainistíocht chomhroinnte ar an gcuspóir sonrach a leagtar amach i bpointe (xi) d’Airteagal 4(1), is é sin dul i ngleic le díth ábhartha.

I gcásanna a bhfuil údar cuí tugtha leo, féadfar na hacmhainní atá leithdháilte ar an gcuspóir sonrach a leagtar amach i bpointe (x) d’Airteagal 4(1), is é sin dul i ngleic le díth ábhartha, féadfar iad a chur san áireamh agus comhlíonadh an íos-leithdháilte 2 % a leagtar amach sa chéad fhomhír den mhír seo á fhíorú.

5. Ballstáit ina bhfuil an ráta de dhaoine óga atá 15 go 29 bliain d’aois agus nach bhfuil i mbun fostaíochta, oideachais ná oiliúna os cionn mheán an Aontais in 2019 de réir sonraí ó Eurostat, leithdháilfidh siad ar a laghad 10 % dá nacmhainní CSE+ ón tsraith atá faoi bhainistíocht chomhroinnte don tréimhse 2021 go 2025 ar ghníomhaíochtaí spriocdhírithe agus ar athchóirithe struchtúracha chun tacú le fostaíocht don aos óg agus leis an aistriú ón scoil go dtí an obair, le conairí ionsar ath-lánpháirtiú san oideachas nó san oiliúint agus le hoideachas an dara deis, go háirithe i gcomhthéacs cur chun feidhme scéimeanna ráthaíochta don aos óg.

Agus acmhainní CSE+ ón tsraith atá faoi bhainistíocht chomhroinnte do 2026 agus 2027 á gclarsceidealú acu i lár an téarma i gcomhréir le hAirteagal [14] de [Rialachán na bhForálacha Coiteanna atá le teacht], leithdháilfidh Ballstáit ina bhfuil an ráta de dhaoine óga atá 15-29 bliain d’aois agus nach bhfuil i mbun fostaíochta, oideachais ná oiliúna os cionn mheán an Aontais in 2024 de réir sonraí ó Eurostat, leithdháilfidh siad 10 % ar a laghad dá nacmhainní CSE+ ón tsraith atá faoi bhainistíocht chomhroinnte do na blianta 2026 agus 2027 ar na gníomhaíochtaí sin.

Na réigiúin is forimeallaí a chomhlíonann na coinníollacha a leagtar amach sa chéad agus sa dara fomhír, leithdháilfidh siad 15 % ar a laghad de na hacmhainní ón tsraith de CSE+ atá faoi bhainistíocht chomhroinnte atá acu ina gcuid clár ar na gníomhaíochtaí spriocdhírithe atá leagtha amach sa chéad fhomhír. Cuirfear an leithdháileadh sin san áireamh agus comhlíonadh an íos-chéatadáin ar an leibhéal náisiúnta a leagtar amach sa chéad fhomhír á fhíorú.

Agus gníomhaíochtaí dá leithéidí á gcur chun feidhme acu, tabharfaidh na Ballstáit tosaíocht do dhaoine óga atá neamhghníomhach agus dífhostaithe go fadtéarmach agus cuirfidh siad ar bun bearta for-rochtana spriocdhírithe.

6. Ní bheidh feidhm ag míreanna 2 go 5 maidir leis an leithdháileadh breise sonrach a fhaigheann na réigiúin is forimeallaí agus réigiúin NUTS leibhéal 2 a chomhlíonann na critéir a leagtar síos in Airteagal 2 de Phrótacal Uimh. 6 a ghabhann le hIonstraim Aontachais 1994.

7. Ní bheidh feidhm ag míreanna 1 go 5 maidir le cúnamh teicniúil:

Airteagal 8

Comhpháirtíocht

1. Cinnteoidh gach Ballstát go nglacfaidh na comhpháirtithe sóisialta agus eagraíochtaí den tsochaí shibhialta páirt i gcur i bhfeidhm beartas fostaíochta, oideachais agus eisiaimh shóisialta a dtacaíonn an tsraith de CSE+ atá faoi bhainistíocht chomhroinnte leo.

2. I ngach clár leithdháilfidh na Ballstáit méid iomchuí d’acmhainní CSE+ ón tsraith atá faoi bhainistíocht chomhroinnte ar fhorbairt cumais na bpáirtithe sóisialta agus eagraíochtaí na sochaí sibhialta.

Airteagal 9

Dul i ngleic le díth ábhartha

Na hacmhainní dá dtagraítear in Airteagal 7(4), clársceidealófar iad faoi thosaíocht nó faoi chlár tiomnaithe.

Airteagal 10

Tacaíocht d’fhostaíocht don aos óg

Tacaíocht arna tabhairt i gcomhréir le hAirteagal 7(5), clársceidealófar faoi thosaíocht thiomnaithe í agus úsáidfear í chun tacú leis an gcuspóir sonrach a leagtar amach i bpointe (i) d’Airteagal 4(1).

Airteagal 11

Tacaíocht do mholtaí tír-shonracha ábhartha

Na gníomhaíochtaí a théann i ngleic leis na dúshláin a shainaithnítear sna moltaí tír-shonracha ábhartha agus sa Seimeastar Eorpach dá dtagraítear in Airteagal 7(2), clársceidealófar iad faoi thosaíocht thiomnaithe amháin nó níos mó.

Caibidil II

Tacaíocht ghinearálta ón tsraith de CSE+ atá faoi bhainistíocht chomhroinnte

Airteagal 12

Raon Feidhme

Tá feidhm ag an gCaibidil seo maidir le tacaíocht ó CSE+ a thugtar faoi phointí (i) go (x) d’Airteagal 4(1) nuair a chuirtear chun feidhme í faoi bhainistíocht chomhroinnte (‘tacaíocht ghinearálta ón tsraith de CSE+ atá faoi bhainistíocht chomhroinnte’)

Airteagal 13

Gníomhaíochtaí nuálacha

1.    Tacóidh na Ballstáit le gníomhaíochtaí nuálaíochta sóisialta agus le tástálacha sóisialta, nó neartóidh siad cuir chuige a fheidhmíonn ón mbonn aníos agus atá bunaithe ar chomhpháirtíochtaí idir na húdaráis phoiblí, an earnáil phríobháideach, agus an tsochaí shibhialta, e.g. na grúpaí gníomhaíochta áitiúla a cheapann agus a chuireann chun feidhme straitéisí forbartha atá faoi stiúir an phobail.

2.    Féadfaidh na Ballstáit tacú le méadú scála a dhéanamh ar chuir chuige nuálacha a tástálaíodh ar scála beag (tástálacha sóisialta) agus a forbraíodh faoin tsraith Fostaíocht agus Nuálaíocht Shóisialta agus faoi chlár eile de chuid an Aontais.

3.    Is féidir gníomhaíochtaí agus cuir chuige nuálacha a chlársceidealú faoi aon cheann de na cuspóirí sonracha a leagtar amach i bpointe (i) go (x) d’Airteagal 4(1).

4.    Cinnfidh gach Ballstát ar thosaíocht amháin ar a laghad do chur chun feidhme mhír 1 nó mhír 2 nó do chur chun feidhme gach ceann den dá mhír sin. Féadfar uasráta cómhaoiniúcháin na dtosaíochtaí sin a mhéadú go 95 % chun an tuasmhéid 5 % den leithdháileadh náisiúnta ón tsraith de CSE+ atá faoi bhainistíocht chomhroinnte a leithdháileadh ar thosaíochtaí dá leithéidí.

Airteagal 14

Incháilitheacht

1. Sa bhreis ar na costais dá dtagraítear in Airteagal [58] de [Rialachán na bhForálacha Coiteanna atá le teacht], níl na costais seo a leanas incháilithe faoi thacaíocht ghinearálta ón tsraith de CSE+ atá faoi bhainistíocht chomhroinnte:

(a)ceannach talún agus réadmhaoine agus soláthar bonneagair, agus

(b)ceannach troscáin, trealaimh, agus feithiclí ach amháin i gcás ina bhfuil an ceannach riachtanach chun cuspóir na hoibríochta a bhaint amach, nó i gcás ina bhfuil na nithe sin go hiomlán dímheasta, nó i gcás inarb é ceannach na nithe sin an rogha is cost-éifeachtúla.

2. Ranníocaíochtaí comhchineáil i bhfoirm liúntas nó tuarastal arna níoc ag tríú páirtí chun leasa rannpháirtithe oibríochta, féadfaidh siad a bheith incháilithe do ranníocaíochtaí ó thacaíocht ghinearálta ón tsraith de CSE+ atá faoi bhainistíocht chomhroinnte ar choinníoll gur i gcomhréir leis na rialacha náisiúnta, lena náirítear rialacha cuntasaíochta, a thabhaítear na ranníocaíochtaí comhchineáil agus nach mó iad ná an costas a bhí ar an tríú páirtí.

3. An leithdháileadh breise sonrach a fhaigheann na réigiúin is forimeallaí agus réigiúin NUTS leibhéal 2 a chomhlíonann na critéir a leagtar síos in Airteagal 2 de Phrótacal Uimh. 6 a ghabhann le hIonstraim Aontachais 1994, úsáidfear é chun tacú le baint amach na gcuspóirí sonracha a leagtar amach i mír 1 d’Airteagal 4.

4. Beidh costais foirne dhíreacha incháilithe do ranníocaíocht ó thacaíocht ghinearálta ón tsraith de CSE+ atá faoi bhainistíocht chomhroinnte ar choinníoll nach mó iad ná 100 % de ghnáthluach saothair na gairme lena mbaineann sa Bhallstát de réir shonraí ó Eurostat.

Airteagal 15

Táscairí agus tuairisciú

1. Cláir a thairbhíonn de thacaíocht ghinearálta ón tsraith de CSE+ atá faoi chomhbhainistíocht, úsáidfidh siad comhtháscairí aschuir agus toraidh, mar a leagtar amach in Iarscríbhinn 1 a ghabhann leis an Rialachán seo, chun monatóireacht a dhéanamh ar dhul chun cinn sa chur chun feidhme. Féadfar táscairí clár-shonracha a úsáid sna cláir sin freisin.

2. Nialas an bhonnlíne a shocrófar do tháscairí aschuir coiteanna agus clár-shonracha. I gcás ina bhfuil sé ábhartha do chineál na noibríochtaí a fhaigheann tacaíocht, is in uimhreacha absalóideacha a shloinnfear garspriocanna agus spriocluachanna cainníochtaithe carnacha. In uimhreacha absalóideacha a shloinnfear luachanna tuairiscithe na dtáscairí aschuir.

3. Maidir le luach tagartha na gcomhtháscairí toraidh agus na dtáscairí toraidh clár-shonracha ar socraíodh dóibh garsprioc cainníochtaithe carnach do 2024 agus spriocluach do 2029, socrófar é trí úsáid a bhaint as na sonraí is déanaí atá ar fáil nó le foinse faisnéise eile a bhaineann le hábhar. Is in uimhreacha absalóideacha nó i gcéatadán a shloinnfear spriocanna na dtáscairí aschuir coiteanna. Féadfar táscairí toraidh clár-shonracha agus spriocanna gaolmhara a shloinneadh i dtéarmaí cainníochtúla nó cáilíochtúla. Is in uimhreacha absalóideacha a shloinnfear luachanna tuairiscithe na dtáscairí toraidh coiteanna.

4. Ní dhéanfar sonraí faoi tháscairí na rannpháirtithe a tharchur go dtí go mbeidh gach sonra faoin rannpháirtí i gceist ar fáil a cheanglaítear faoi phointe (1a) d’Iarscríbhinn 1.

5. Nuair a bheidh sonraí ar fáil i gcláir nó i bhfoinsí coibhéiseacha, cumasóidh na Ballstáit do na húdaráis bhainistíochta agus do chomhlachtaí eile a bhfuil sé de chúram orthu sonraí a bhailiú is gá chun monatóireacht agus meastóireacht a dhéanamh ar an tacaíocht ghinearálta ón tsraith de CSE+ atá faoi bhainistíocht chomhroinnte, cumasóidh siad dóibh na sonraí a fháil ó chláir shonraí nó ó chláir choibhéiseacha, i gcomhréir le pointí (c) agus (e) d’Airteagal 6(1) de Rialachán (AE) Uimh. 2016/679.

6. Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 38 chun na táscairí in Iarscríbhinn I a leasú i gcás ina meastar gur gá sin chun measúnú éifeachtach a dhéanamh ar an dul chun cinn atá déanta i gcur chun feidhme na gclár.

Caibidil III

Tacaíocht ó CSE+ chun dul i ngleic le díth ábhartha

Airteagal 16

Raon Feidhme

Tá feidhm ag an gCaibidil seo maidir le tacaíocht ó CSE+ faoi phointe (xi) d’Airteagal 4(1).

Airteagal 17

Na prionsabail

1.    An tacaíocht ó CSE+ a thabharfar chun dul i ngleic le díth ábhartha, ní fhéadfar í a úsáid ach chun tacú le dáileadh bia agus earraí atá i gcomhréir le dlíthe an Aontais maidir le sábháilteacht táirgí tomhaltais.

2.    Is ar bhonn critéir oibiachtúla a bhaineann le riachtanais na ndaoine is díothaí a roghnóidh na Ballstáit agus na tairbhithe an bia agus/nó an cúnamh ábhartha bunúsach atá le tabhairt. Cuirfear gnéithe aeráide agus comhshaoil san áireamh chomh maith sna critéir roghnúcháin do tháirgí bia, agus i gcás inarb iomchuí d’earraí, go háirithe d’fhonn cur amú bia a laghdú. I gcás inarb iomchuí, roghnófar cineál na dtáirgí bia a bheidh le dáileadh tar éis breithniú a dhéanamh ar an dóigh a rannchuideoidh na táirgí sin aiste bia chothrom a bheith ag na daoine is díothaí.

Is féidir an bia agus/nó an cúnamh ábhartha bunúsach a sholáthar go díreach do na daoine is díothaí nó go hindíreach le dearbháin nó cártaí leictreonacha, ar choinníoll nach féidir iad a fhuascailt ach in aghaidh bia agus/nó cúnamh ábhartha bunúsach, mar a leagtar amach in Airteagal 2(3).

Féadfar an bia do na daoine is díothaí a fháil ó úsáid, ó phróiseáil nó ó dhíol na dtáirgí arna ndiúscairt i gcomhréir le hAirteagal 16(2) de Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013, ar choinníoll gurb é sin an rogha is fearr ó thaobh airgid agus nach gcuirtear rómhoill ar sheachadadh na dtáirgí bia ar na daoine is díothaí dá thoradh.

Aon mhéid a ghnóthófar as idirbheart dá leithéid, úsáidfear é chun leas na ndaoine is díothaí a dhéanamh, sa bhreis ar na méideanna atá ar fáil tríd an gclár.

3.    Maidir leis an gcabhair a sholáthraítear faoi chuimsiú na tacaíochta ó CSE+ chun dul i ngleic le díth ábhartha, áiritheoidh an Coimisiún agus na Ballstáit leis go ndéanfar dínit na ndaoine is díothaí a urramú leis agus go gcoscfar stiogmatú na ndaoine sin.

4.    Is féidir seachadadh bia agus/nó cúnamh ábhartha a chomhlánú le hatreorú i dtreo seirbhísí inniúla agus i dtreo bearta tionlacain eile a bhfuil cuimsiú sóisialta na ndaoine is díothaí d’aidhm acu.

Airteagal 18

Inneachar an tosaíochta

Leagfar amach i dtosaíocht tacaíochta faoi phointe (xi) d’Airteagal 4(1) an méid seo a leanas:

(a) cineál na tacaíochta;

(b) na spriocghrúpaí príomha;

(c) tuairisc ar na scéimeanna náisiúnta nó réigiúnacha tacaíochta.

I gcás cláir atá teoranta don saghas sin tacaíochta agus i gcás na tacaíochta teicniúla gaolmhaire, beidh na critéir maidir le roghnú oibríochtaí ar áireamh sa tosaíocht.

Airteagal 19

Incháilitheacht oibríochtaí

1    Maidir leis an mbia agus/nó an cúnamh ábhartha bunúsach a sholáthraítear do na daoine is díothaí, féadfaidh an tairbhí é a cheannach, féadfar é a cheannach thar cheann an tairbhí, nó féadfar é a chur ar fáil saor in aisce don tairbhí.

2.    Déanfar an bia agus/nó an cúnamh ábhartha bunúsach a dháileadh saor in aisce ar na daoine is díothaí.

Airteagal 20

Incháilitheacht caiteachais

1.    Ag seo costais incháilithe na tacaíochta ó CSE+ chun dul i ngleic le díth ábhartha:

(a)    na costais a bhaineann le bia agus/nó cúnamh ábhartha bunúsach a cheannach, lena náirítear na costais a bhaineann le hiompar na nithe sin chuig na tairbhithe atá ag seachadadh na nithe sin do na faighteoirí deiridh;

(b)    i gcás nach bhfuil iompar an bhia agus/nó an chúnamh ábhartha bhunúsaigh chuig na tairbhithe atá ag seachadadh na nithe sin do na faighteoirí deiridh cumhdaithe ag pointe (a), na costais a sheasann comhlacht an cheannaigh a bhaineann le bia agus/nó cúnamh ábhartha bhunúsaigh a iompar chuig an iostaí stórala agus/nó chuig na tairbhithe, agus costais stórála ar ráta comhréidh 1 % de na costais dá dtagraítear i bpointe (a) nó, i gcásanna a bhfuil údar cuí tugtha leo, na costais a tabhaíodh agus a íocadh iarbhír;

(c)    na costais riaracháin, iompair agus stórála a sheasann na tairbhithe a dhéanann cúram de dháileadh an bhia agus an chúnaimh ábhartha bhunúsaigh ar na daoine is díothaí ar ráta comhréidh 5 % de na costais dá dtagraítear i bpointe (a); nó 5 % de chostais na dtáirgí bia arna ndiúscairt i gcomhréir le hAirteagal 16 de Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013;

(d) na costais a bhaineann le bailiú, iompar, stóráil agus dáileadh deonachán bia agus le gníomhaíochtaí ardaithe feasachta a bhfuil baint dhíreach acu leo sin;

(e) costas beart tionlacain a dhéanann na tairbhithe nó a dhéantar thar ceann na dtairbhithe a sheachadann an bia agus/nó an cúnamh ábhartha bunúsach ar na daoine is díothaí ag ráta comhréidh 5 % de na costais dá dtagraítear i bpointe (a).

2.    Má thagann laghdú ar na costais incháilithe dá dtagraítear i bpointe (a) de mhír 1 toisc nár chomhlíon an comhlacht atá freagrach as an mbia agus/nó as an gcúnamh ábhartha bunúsach a cheannach an dlí is infheidhme, ní thiocfaidh de sin laghdú ar na costais incháilithe a leagtar amach i bpointí (c) agus (e) de mhír 1.

3.    Ní bheidh na costais seo a leanas incháilithe:

(a)    ús ar fhiacha;

(b)    bonneagar a sholáthar;

(c)    costais earraí athláimhe.

Airteagal 21

Táscairí agus tuairisciú

1. Chun monatóireacht a dhéanamh ar an dul chun cinn atá déanta i gcur chun feidhme tosaíochtaí lena dtéitear i ngleic le díth ábhartha, úsáidfear comhtháscairí aschuir agus toraidh. Féadfar táscairí clár-shonracha a úsáid sna cláir sin freisin.

2. Bunófar luachanna tagartha na gcomhtháscairí toraidh agus na dtáscairí toraidh clár-shonracha.

3. Faoin 30 Meitheamh 2025 agus faoin 30 Meitheamh 2028, cuirfidh na húdaráis bhainistíochta in iúl don Choimisiún torthaí suirbhé struchtúrtha ar fhaighteoirí deiridh a rinneadh an bhliain roimhe sin. Beidh an suirbhé sin bunaithe ar an tsamhail a bhunóidh an Coimisiún le gníomh cur chun feidhme.

4. Glacfaidh an Coimisiún gníomh cur chun feidhme lena mbunófar an tsamhail a bheidh le húsáid don suirbhé struchtúrtha ar fhaighteoirí deiridh i gcomhréir leis an nós imeachta comhairleach dá dtagraítear in Airteagal 39(2) chun coinníollacha aonfhoirmeacha do chur chun feidhme an Airteagail seo a áirithiú.

5. Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 38 chun na táscairí in Iarscríbhinn II a leasú i gcás ina meastar gur gá sin chun measúnú éifeachtach a dhéanamh ar an dul chun cinn atá déanta i gcur chun feidhme na gclár.

Airteagal 22

Iniúchadh

Féadfaidh iniúchadh oibríochta gach céim de chur chun feidhme na hoibríochta sin agus gach leibhéal den slabhra dáilte a chuimsiú, cé is moite de rialú na bhfaighteoirí deiridh, ach amháin má shuitear le measúnú riosca go bhfuil riosca sonrach neamhrialtachta nó calaoise ann.

Cuid III – Cur chun feidhme faoi bhainistíocht dhíreach agus indíreach

Caibidil I – Rialacha sonracha maidir leis an tsraith Fostaíocht agus an Nuálaíocht Shóisialta

Roinn I: Forálacha ginearálta

Airteagal 23

Cuspóirí oibríochtúla

Tá na cuspóirí oibríochtúla seo a leanas ag an tsraith Fostaíocht agus Nuálaíocht Shóisialta:

(a)    eolas ardcháilíochta anailíseach comparáideach a fhorbairt d’fhonn a áirithiú go bhfuil na beartais arb é is aidhm dóibh na cuspóirí sonracha dá dtagraítear in Airteagal 4 a bhaint amach bunaithe ar fhianaise fhónta agus go bhfuil siad ábhartha do riachtanais, do dhúshláin, agus do dhálaí na dtíortha comhlachaithe;

(b)    éascaíocht a dhéanamh do chomhroinnt faisnéise, d’fhoghlaim fhrithpháirteach, d’athbhreithnithe piaraí agus d’idirphlé éifeachtach agus cuimsitheach i leith beartas sna réimsí dá dtagraítear in Airteagal 4 chun cuidiú leis na tíortha comhlachaithe bearta beartais iomchuí a dhéanamh;

(c)    tacú le tástálacha sóisialta sna réimsí dá dtagraítear in Airteagal 4 agus neartú a dhéanamh ar chumas na ngeallsealbhóirí nuálaíochtaí i réimse an bheartais shóisialta a chur chun feidhme, a aistriú nó a mhéadú ó thaobh scála;

(d)    seirbhísí tacaíochta sonracha a sholáthar d’fhostóirí agus do chuardaitheoirí poist d’fhonn margaí saothair Eorpacha comhtháite a fhorbairt, seirbhísí amhail ullmhúchán ag an gcéim réamhearcaíochta go cúnamh i ndiaidh an tsocrúcháin, chun folúntais a líonadh i gcás earnálacha, gairmeacha beatha, tíortha, réigiúin teorann nó grúpaí áirithe (e.g. daoine leochaileacha);

(e)    tacú le forbairt an éiceachórais mhargaidh lena soláthraítear micreamhaoiniú do mhicrifhiontair atá i gcéim an tionscnaimh agus i gcéim na forbartha, go háirithe iad sin ag a bhfuil daoine leochaileacha fostaithe;

(f)    tacú le líonrú ar leibhéal an Aontais agus le hidirphlé le geallsealbhóirí ábhartha agus i measc na ngeallsealbhóirí sin sna réimsí dá dtagraítear in Airteagal 4 agus rannchuidiú le cumas institiúideach na ngeallsealbhóirí sin a fhorbairt, lena náirítear na seirbhísí fostaíochta poiblí, institiúidí slándála sóisialta, institiúidí micreamhaoiniúcháin agus institiúidí a sholáthraíonn maoiniú d’fhiontair shóisialta agus don gheilleagar sóisialta;

(g)    tacú le forbairt fiontar sóisialta agus le teacht chun cinn margaidh infheistíochta sóisialta, agus dá bharr sin éascaíocht a dhéanamh d’idirghníomhaíochtaí poiblí agus príobháideacha agus do rannpháirtíocht fondúireachtaí agus gníomhaithe daonchairdis sa mhargadh sin;

(h)    treoraíocht a thabhairt faoi fhorbairt infreastruchtúir shóisialta (lena náirítear tithíocht, cúram agus oideachas agus oiliúint leanaí, cúram sláinte agus cúram fadtéarmach) is gá chun Colún Eorpach na gCeart Sóisialta a chur chun feidhme;

(i)    tacú le comhar trasnáisiúnta chun dlús a chur le haistriú réiteach nuálacha, agus chun gur fusa scála na réiteach sin a mhéadú, go háirithe ó thaobh fostaíochta, scileanna agus cuimsiú sóisialta, ar fud na hEorpa.

(j)    tacú le cur chun feidhme caighdeán ábhartha idirnáisiúnta sóisialta agus saothair i gcomhthéacs leas a bhaint as an domhandú agus as an ngné sheachtrach de bheartais an Aontais sna réimsí dá dtagraítear in Airteagal 4.

Cuid II – Incháilitheacht

Airteagal 24

Bearta incháilithe

1. Ní bheidh incháilithe chun cistiú a fháil ach gníomhaíochtaí lena saothraítear na cuspóirí dá dtagraítear in Airteagail 3 agus 4.

2. Féadfar tacú leis na gníomhaíochtaí seo a leanas leis an tsraith Fostaíocht agus Nuálaíocht Shóisialta:

(a)Gníomhaíochtaí anailíseacha, lena náirítear gníomhaíochtaí a bhaineann le tríú tíortha, go háirithe:

(i)    suirbhéanna, staidéir, sonraí staitistiúla, modheolaíochtaí, aicmithe, micrea-ionsamhlaithe, táscairí, tacaíocht d’fhaireachlanna agus do thagarmharcanna ar an leibhéal Eorpach;

(ii)    tástálacha sóisialta lena measúnaítear nuálaíochtaí sóisialta;

(iii)    faireachán agus measúnú ar thrasuí agus ar chur i bhfeidhm dhlí an Aontais;

(b)Cur chun feidhme beartas, go háirithe:

(i)    comhpháirtíochtaí trasteorann agus seirbhísí tacaíochta i réigiúin trasteorann;

(ii)    scéim soghluaisteachta spriocdhírithe uile-AE do lucht saothair, ar leibhéal an Aontais, chun folúntais a líonadh in áiteanna ar sainaithníodh easnamh ar an margadh;

(iii)    tacaíocht do mhicreamhaoiniú agus d’fhiontair shóisialta, lena náirítear trí oibríochtaí measctha amhail comhroinnt riosca neamhshiméadrach nó laghdú costas idirbheart, mar aon le tacaíocht chun bonneagar sóisialta agus scileanna a fhorbairt;

(iv)    tacaíocht do chomhar trasnáisiúnta agus do chomhpháirtíochtaí d’fhonn réitigh nuálacha a aistriú agus a mhéadú ó thaobh scála;

(c)Forbairt cumas, go háirithe:

(I) líonraí ar leibhéal an Aontais a bhaineann leis na réimsí dá dtagraítear in Airteagal 4(1);

(ii) pointí teagmhála náisiúnta a thugann treoraíocht, faisnéis agus cúnamh a bhaineann le cur chun feidhme na sraithe;

(iii)    riaracháin, institiúidí slándála sóisialta agus seirbhísí fostaíochta tríú tíortha rannpháirteacha atá freagrach as soghluaisteacht lucht saothair a chur chun cinn, institiúidí micreamhaoiniúcháin agus institiúidí a sholáthraíonn maoiniú d’fhiontair shóisialta nó do ghníomhaithe infheistíochta sóisialta eile, agus líonrú freisin;

(iv)    geallsealbhóirí, d’fhonn comhair thrasnáisiúnta;

(d)    Gníomhaíochtaí cumarsáide agus craobhscaoilte, go háirithe:

(i)    foghlaim fhrithpháirteach trí mhalartú dea-chleachtas, cur chuige nuálach, torthaí gníomhaíochtaí anailíseacha, athbhreithnithe piaraí agus tagarmharcanna;

(ii)    treoracha, tuarascálacha, ábhar faisnéiseach, agus clúdach sna meáin a bhain leis na réimsí dá dtagraítear in Airteagal 4(1);

(iii)    córais faisnéise a chraobhscaoileann fianaise a bhaineann leis na réimsí dá dtagraítear in Airteagal 4(1);

(iv)    imeachtaí, comhdhálacha agus seimineáir Uachtaránacht na Comhairle;

Airteagal 25

Eintitis incháilithe

1. Sa bhreis ar na critéir a leagtar amach in Airteagal [197] den Rialachán Airgeadais, beidh feidhm ag na critéir seo a leanas maidir le hincháilitheacht eintiteas:

(a)Eintitis dhlíthiúla atá bunaithe in aon cheann de na tíortha seo a leanas:

(i) Ballstát, nó tír nó críoch thar lear atá bainteach leis an mBallstát sin;

(ii) tír chomhlachaithe;

(iii) tríú tír a liostaítear sa chlár oibre faoi na coinníollacha a shonraítear i míreanna 2 agus 3;

(b)Aon eintiteas dlíthiúil a bunaíodh faoi dhlí an Aontais nó aon eagraíocht idirnáisiúnta;

2. Go heisceachtúil, eintitis dhlíthiúla atá bunaithe i dtríú tír nach tír chomhlachaithe í, tá siad incháilithe chun páirt a ghlacadh sa Chlár i gcás ina bhfuil sin riachtanach chun cuspóirí gníomhaíochta ar leith a bhaint amach.

3. I bprionsabal, eintitis dhlíthiúla atá bunaithe i dtríú tír nach tír chomhlachaithe í, ba cheart dóibh costais a rannpháirtíochta a sheasamh.

Caibidil II – Forálacha sonracha don tsraith Sláinte

Roinn I: Forálacha ginearálta

Airteagal 26

Cuspóirí oibríochtúla

1. Ní bheidh incháilithe chun cistiú a fháil ach gníomhaíochtaí lena gcuirtear chun feidhme na cuspóirí dá dtagraítear in Airteagail 3 agus 4.

2. Tá na cuspóirí oibríochtúla seo a leanas atá ag an tsraith Sláinte:

(a)Neartú a dhéanamh ar ullmhacht, ar bhainistiú agus ar fhreagairt i leith géarchéimeanna san Aontas chun na saoránaigh a chosaint ar bhagairtí sláinte trasteorann.

(i)    Neartú a dhéanamh ar ullmhacht, ar bhainistiú agus ar fhreagairt i leith géarchéimeanna

(ii)    Freagairt a thabhairt ar bhagairtí sláinte trasteorann agus géarchéim ann

(iii)    Tacú le cumas saotharlann

(iv)    Dul i ngleic le frithsheasmhacht in aghaidh ábhar frithmhiocróbach

(b)Córais sláinte a chumhachtú

(i)    Infheistíocht a dhéanamh chun an tsláinte agus cosc galar a chur chun cinn

(ii)    Tacú le hathrú digiteach na sláinte agus an chúraim sláinte

(ii)    Tacú le córas faisnéise sláinte inbhuanaithe de chuid an Aontais a fhorbairt

(iii)    Tacú le Ballstáit ag a bhfuil eolas inaistrithe a bheadh úsáideadh do na próisis athchóiriúcháin náisiúnta, ar mhaithe le córais sláinte níos éifeachtaí, níos inrochtana agus níos athléimní agus ar mhaithe leis an tsláinte a chur chun cinn ar dhóigh níos fearr agus galair a chosc, agus, go háirithe chun dul i ngleic leis na dúshláin a shainaithnítear sa Seimeastar Eorpach

(iv)    cuir chuige atá in oiriúint do na dúshláin a bheidh roimh an gcóras sláinte amach anseo a fhorbairt agus a chur chun feidhme.

(c)Tacú le reachtaíocht de chuid an Aontais maidir le sláinte

(i)    Tacú le cur chun feidhme na reachtaíochta maidir le táirgí íocshláinte agus feistí leighis

(ii)    Tacú le cur chun feidhme reachtaíocht de chuid an Aontais maidir le Measúnú ar Theicneolaíocht na Sláinte  26

(iii)    Faireachán a dhéanamh ar an dóigh a gcuireann na Ballstáit chun feidhme an reachtaíocht maidir le substaintí de bhunús daonna, agus tacú leo an reachtaíocht sin a chur chun feidhme

(iv)    Tacú le cur chun feidhme na reachtaíochta maidir le tabac

(v)    Tacú le cur chun feidhme reachtaíocht an Aontais maidir le cúram sláinte trasteorann

(vi)    Tacú leis an dá choiste eolaíochta de chuid an Choimisiúin “Sábháilteacht tomhaltóirí” agus “Rioscaí sláinte, ríoscaí comhshaoil agus rioscaí atá ag teacht chun cinn”

(d)    Tacú le hobair chomhtháite (e.g. Líonraí Tagartha Eorpacha, Measúnú ar Theicneolaíocht na Sláinte agus chun sláinte, cosc galar agus bainistiú galar a chur chun cinn)

(i)    Leanúint de bheith ag tacú leis na Líonraí Tagartha Eorpacha

(ii)    Tacú le forbairt comhair i leith Measúnú ar Theicneolaíocht na Sláinte agus rialacha nua comhchuibhithe á nullmhú

(iii)    Tacú le cur chun feidhme dea-chleachtas nuálach i réimse na sláinte poiblí

Roinn II

Incháilitheacht

Airteagal 27

Bearta incháilithe

1. Níl incháilithe chun cistiú a fháil ach gníomhaíochtaí lena saothraítear na cuspóirí dá dtagraítear in Airteagail 3 agus 26.

2. Féadfar tacú leis na gníomhaíochtaí seo a leanas leis an tsraith Sláinte:

(a)Gníomhaíochtaí anailíseacha, go háirithe:

(i)suirbhéanna, staidéir, bailiú sonraí, modheolaíochtaí, aicmithe, micrea-ionsamhlaithe, táscairí agus cleachtaí tagarmharcanna;

(ii)faireachán agus measúnú ar thrasuí agus ar chur i bhfeidhm dhlí an Aontais;

(b)Cur chun feidhme beartas, go háirithe:

(i)comhar agus comhpháirtíochtaí trasteorann, lena náirítear réigiúin trasteorann;

(ii)tacaíocht do chomhar trasnáisiúnta agus do chomhpháirtíochtaí d’fhonn réitigh nuálacha a aistriú agus a mhéadú ó thaobh scála;

(iii)Cleachtaí ullmhachta do ghéarchéimeanna sláinte.

(c)Forbairt cumas, go háirithe:

(i)trí aistriú, oiriúnú agus cuir i bhfeidhm dea-chleachtas ag a bhfuil breisluach cinnte ar leibhéal an Aontais a dhéanamh idir na Ballstáit;

(ii)líonraí ar leibhéal an Aontais a bhaineann leis na réimsí dá dtagraítear in Airteagal 26;

(iii)trí thacaíocht a thabhairt le haghaidh cur chun úsáide, oibriú agus cothabháil bonneagar TF do mhalartú sonraí;

(iv)pointí teagmhála náisiúnta a thugann treoraíocht, faisnéis agus cúnamh a bhaineann le cur chun feidhme an chláir;

(v)geallsealbhóirí, d’fhonn comhair thrasnáisiúnta;

(vi)trí chúnamh a thabhairt, i gcomhar le tríú tíortha;

(vii)trí sholáthar earraí agus seirbhísí i gcás géarchéim sláinte.

(d)Gníomhaíochtaí cumarsáide agus craobhscaoilte, go háirithe:

(i)foghlaim fhrithpháirteach trí mhalartú dea-chleachtas, cur chuige nuálach, torthaí gníomhaíochtaí anailíseacha, athbhreithnithe piaraí agus tagarmharcanna;

(ii)treoracha, tuarascálacha, ábhar faisnéiseach, agus clúdach sna meáin a bhain leis na réimsí dá dtagraítear in Airteagal 26;

(iii)córais faisnéise a chraobhscaoileann fianaise a bhaineann leis na réimsí dá dtagraítear in Airteagal 26;

(iv)imeachtaí de chuid Uachtaránacht na Comhairle agus gníomhaíochtaí, comhdhálacha agus seimineáir na nimeachtaí sin.

3. Na gníomhartha dá dtagraítear sa dara mír, ní bheidh siad incháilithe ach a mhéid a thacaíonn siad le cruthú barainneachtaí scála, le feabhsú ullmhachta do ghéarchéimeanna, le cur chun úsáide dea-chleachtas sainaitheanta ard-bhreisluacha, nó a mhéid a fhéachtar lena áirithiú leo go ndéantar rialacha an Aontais sna réimsí dá dtagraítear in Airteagal 26(3) a chur chun feidhme, a fhorchur, a mheasúnú agus a athbhreithniú i gcás inar gá.

Airteagal 28

Eintitis incháilithe agus costais

1. Sa bhreis ar na critéir a leagtar amach in Airteagal 197 den Rialachán Airgeadais, beidh feidhm ag na critéir seo a leanas maidir le hincháilitheacht eintiteas:

(a)eintitis dhlíthiúla atá bunaithe in aon cheann de na tíortha seo a leanas:

(i)    Ballstát, nó tír nó críoch thar lear atá bainteach leis an mBallstát sin;

(ii)    tír chomhlachaithe;

(iii)    tríú tír a liostaítear sa chlár oibre faoi na coinníollacha a shonraítear i míreanna 3 agus 4;

(b)    aon eintiteas dlíthiúil a bunaíodh faoi dhlí an Aontais nó aon eagraíocht idirnáisiúnta;

2. Níl daoine nadúrtha incháilithe.

3. Go heisceachtúil, eintitis dhlíthiúla atá bunaithe i dtríú tír nach tír chomhlachaithe í, tá siad incháilithe chun páirt a ghlacadh sa Chlár i gcás ina bhfuil sin riachtanach chun cuspóirí gníomhaíochta ar leith a bhaint amach.

4. I bprionsabal, eintitis dhlíthiúla atá bunaithe i dtríú tír nach tír chomhlachaithe í, ba cheart dóibh costais a rannpháirtíochta a sheasamh.

5. I gcásanna eisceachtúla, le linn géarchéim arb í bagairt thromchúiseach trasteorann don tsláinte is cúis léi arna sainmhíniú i gCinneadh 1082/2013/CE 27 , féadfar a mheas, ar bhonn eisceachtúil, go bhfuil costais a thabhaítear i dtíortha neamhchomhleachaithe incháilithe ar chúiseanna a bhaineann le cosc a chur ar leathadh rioscaí agus sláinte shaoránaigh an Aontais a chosaint.

Airteagal 29

Rialachas

Rachaidh an Coimisiún i gcomhairle le húdaráis sláinte na mBallstát laistigh den Ghrúpa Stiúrtha um Chur Chun Cinn na Sláinte, Cosc Galar agus Bainistiú Galar Neamhtheagmhálach nó laistigh de ghrúpaí saineolaithe ábhartha eile atá ag an gCoimisiún nó laistigh d’eintitis eile dá leithéidí sin i dtaobh na bpleananna oibre atá bunaithe don tsraith Sláinte agus i dtaobh thosaíochtaí, straitéisí, threonna, agus chur chun feidhme na sraithe sin, agus i dtaobh na gné beartais sláinte de bheartais agus de shásraí tacaíochta eile, agus dá bharr sin comhordú agus breisluach foriomlán na nithe sin a mhéadú.

Caibidil III

Rialacha coiteanna is infheidhme maidir leis na sraitheanna Fostaíocht agus Nuálaíocht Shóisialta agus Sláinte

Airteagal 30

Rannpháirtíocht tíortha comhlachaithe sna sraitheanna Fostaíocht agus Nuálaíocht Shóisialta agus Sláinte

1. Beidh na sraitheanna Fostaíocht agus Nuálaíocht Shóisialta agus Sláinte oscailte do na tíortha comhlachaithe seo a leanas:

(a)comhaltaí de Chomhlachas Saorthrádála na hEorpa (CSTE) ar comhaltaí iad den Limistéar Eorpach Eacnamaíoch (LEE), i gcomhréir leis na coinníollacha a leagtar síos sa Chomhaontú maidir le LEE;

(b)tíortha aontacha, tíortha is iarrthóirí agus iarrthóirí ionchasacha, i gcomhréir leis na prionsabail ghinearálta agus na téarmaí agus coinníollacha ginearálta a bhaineann le rannpháirtíocht na dtíortha sin i gcláir de chuid an Aontais arna mbunú sna comhaontuithe réime ábhartha agus sna cinntí ó chomhairlí comhlachais lena mbaineann, nó i gcomhaontuithe eile den chineál céanna, agus i gcomhréir leis na coinníollacha sonracha a leagtar síos sna comhaontuithe idir an tAontas agus na tíortha sin; 

(c)tríú tíortha, i gcomhréir leis na coinníollacha a leagtar síos i gcomhaontú sonrach lena gcumhdaítear rannpháirtíocht na tríú tíortha sin sa tsraith, ar choinníoll

(1)go náirithítear leis an gcomhaontú cothromaíocht i dtaca le ranníocaíochtaí agus sochair an tríu tír atá rannpháirteach i gcláir an Aontais;

(2)go leagtar síos leis an gcomhaontú coinníollacha maidir le rannpháirtíocht sna cláir, lena náirítear ríomh na ranníocaíochtaí airgeadais le cláir aonair nó le sraitheanna clár agus a gcostais riaracháin. Ioncam sannta a bheidh sna ranníocaíochtaí sin i gcomhréir le hAirteagal [21(5)] den [Rialachán Airgeadais nua];

(3)nach dtugtar leis an gcomhaontú an chumhacht don tríú tír cinntí a dhéanamh maidir leis an tsraith;

(4)go ráthaítear leis an gcomhaontú cearta an Aontais chun bainistíocht fhónta airgeadais a áirithiú agus chun a leasanna airgeadais a chosaint.

2. Ina cheann sin, beidh an tsraith Sláinte oscailte do thíortha a chuimsítear faoi Bheartas Comharsanachta na hEorpa, i gcomhréir leis na prionsabail ghinearálta agus na téarmaí agus coinníollacha ginearálta a bhaineann le rannpháirtíocht na dtíortha sin i gcláir de chuid an Aontais arna mbunú leis na comhaontuithe réime agus leis na cinntí ó chomhairlí comhlachais lena mbaineann, nó i gcomhaontuithe eile den chineál céanna, agus i gcomhréir leis na coinníollacha sonracha a leagtar síos sna comhaontuithe idir an tAontas agus na tíortha sin.

Airteagal 31

Foirmeacha an chistiúcháin ón Aontas agus modhanna cur chun feidhme

1. Faoi na sraitheanna Fostaíocht agus Nuálaíocht Shóisialta agus Sláinte, féadfar cistiú a thabhairt in aon cheann de na foirmeacha a leagtar síos sa Rialachán Airgeadais, go háirithe deontais, duaiseanna, soláthar agus íocaíochtaí deonacha le heagraíochtaí idirnáisiúnta a bhfuil an tAontas ina bhall díobh nó a nglacann an tAontas páirt ina gcuid oibre.

2. Déanfar na sraitheanna Fostaíocht agus Nuálaíocht Shóisialta agus Sláinte a chur chun feidhme go díreach, mar a fhoráiltear leis an Rialachán Airgeadais nó go hindíreach leis na comhlachtaí dá dtagraítear in Airteagal [61(1)(c)] den Rialachán Airgeadais.

Agus deontais á ndámhachtain, féadfaidh an coiste meastóireachta dá dtagraítear in Airteagal [150] den Rialachán Airgeadais a bheith comhdhéanta de shaineolaithe seachtracha.

3. Déanfar oibríochtaí measctha faoin tsraith Fostaíocht agus Nuálaíocht Shóisialta a chur chun feidhme i gcomhréir leis an [Rialachán maidir le InvestEU] agus le Teideal X den Rialachán Airgeadais.

4. Faoin tsraith Sláinte, féadfar deontais dhíreacha a dhámhachtain gan glao ar thograí, chun gníomhaíochtaí a chistiú a bhfuil breisluach soiléir acu don Aontas agus atá cómhaoinithe ag na húdaráis inniúla atá freagrach as gnóthaí sláinte sna Ballstáit nó sna tríú tíortha atá comhlachaithe leis an gClár, nó ag comhlachtaí den earnáil phoiblí agus ag comhlachtaí neamhrialtasacha, ag gníomhú dóibh ina naonar nó mar líonra, agus sainordú acu ó na húdaráis sin.

5. Faoin tsraith Sláinte, féadfar deontais dhíreacha a dhámhachtain, gan glao ar thairiscintí, do Líonraí Tagartha Eorpacha atá formheasta mar Líonra ag an mBord de Bhallstáit na Líonraí Tagartha Eorpacha, i gcomhréir leis an nós imeachta um fhormheas a leagtar amach i gCinneadh Cur chun Feidhme 2014/287/AE ón gCoimisiún an 10 Márta 2014 lena leagtar amach na critéir maidir le bunú agus meastóireacht Líonraí Tagartha Eorpacha agus a gcuid ball agus maidir le héascaíocht a dhéanamh do mhalartú faisnéise agus saineolais faoi bhunú agus meastóireacht líonraí dá leithéidí.

Airteagal 32

Clár oibre agus comhordú

Is leis na cláir oibre dá dtagraítear in Airteagal [108] den Rialachán Airgeadais a chuirfear na sraitheanna Fostaíocht agus Nuálaíocht Shóisialta agus Sláinte chun feidhme. Leagfar amach leis na cláir oibre, i gcás inarb infheidhme, an méid foriomlán arna chur i leataobh le haghaidh oibríochtaí measctha.

Cothóidh an Coimisiún sineirgíochtaí idir an tsraithe Sláinte de CSE+ agus an Clár Tacaíochta um Athchóiriú, lena náirítear an Uirlis Athchóiriúcháin agus an Ionstraim um Thacaíocht Theicniúil, agus áiritheoidh sé comhordú éifeachtach eatarthu.

Airteagal 33

Faireachán agus tuairisciú

1.    Socrófar táscairí lena ndéanfar faireachán ar chur chun feidhme na sraitheanna agus ar an dul chun cinn atá déanta i mbaint amach na gcuspóirí sonracha a leagtar amach in Airteagal 4 agus i mbaint amach na gcuspóirí oibríochtúla a leagtar amach in Airteagail 23 agus 26.

2.    Áiritheofar leis an gcóras tuairiscithe feidhmíochta go mbaileofar ar dhóigh atá éifeachtúil, éifeachtach agus tráthúil na sonraí is gá chun faireachán a dhéanamh ar chur chun feidhme na sraitheanna agus ar na torthaí. Chuige sin, forchuirfear ceanglais chomhréireacha tuairiscithe ar fhaighteoirí cistí ón Aontas agus, i gcás inarb ábhartha, ar Bhallstáit.

3. Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 38 chun na táscairí in Iarscríbhinn III a chomhlánú nó a leasú i gcás ina meastar gur gá sin chun measúnú éifeachtach a dhéanamh ar an dul chun cinn atá déanta i gcur chun feidhme na sraitheanna.

Airteagal 34

Leasanna airgeadais an Aontais a chosaint

I gcás ina mbeidh tríú tír rannpháirteach sa chlár le cinneadh faoi chomhaontú idirnáisiúnta, tabharfaidh an tríú tír na cearta agus an rochtain is gá don oifigeach údarúcháin atá freagrach, don Oifig Eorpach Frith-Chalaois (OLAF) agus do Chúirt Iniúchóirí na hEorpa chun go bhféadfaidh gach ceann acu a ninniúlachtaí a fheidhmiú go cuimsitheach. I gcás OLAF, beidh an ceart iniúchtaí a dhéanamh, seiceálacha agus iniúchtaí ar an láthair san áireamh, ar na cearta sin, rud dá bhforáiltear le Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 883/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le hiniúchtaí arna ndéanamh ag an Oifig Eorpach Frith-Chalaoise (OLAF).

Airteagal 35

Meastóireacht

1.    Déanfar na meastóireachtaí ar dhóigh atá tráthúil a dóthain chun fónamh don phróiseas cinnteoireachta.

2.    Féadfar meastóireacht eatramhach a dhéanamh ar na sraitheanna ach a mbeidh faisnéis leordhóthanach ar fáil faoina gcur chun feidhme, ach tráth nach faide ná ceithre bliana ó thosach chur chun feidhme na sraitheanna.

3.    I ndeireadh na tréimhse cur chun feidhme, ach tráth nach faide ná ceithre bliana tar éis dheireadh na tréimhse a shonraítear in Airteagal 5, déanfaidh an Coimisiún meastóireacht deiridh ar na sraitheanna.

4.    Cuirfidh an Coimisiún torthaí na meastóireachtaí chomh maith lena bharúlacha féin in iúl do Pharlaimint na hEorpa, don Chomhairle, do Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus do Choiste na Réigiún.

Airteagal 36

Iniúchtaí

Iniúchtaí ar úsáid na ranníocaíochta ón Aontas arna ndéanamh ag daoine nó eintitis, lena náirítear daoine nó eintitis nach bhfuil sainordú acu ó institiúidí nó ó chomhlachtaí de chuid an Aontais, sin é an bonn a bheidh leis an gcinnteacht fhoriomlán de bhun Airteagal 127 den Rialachán Airgeadais.

Airteagal 37

Faisnéis, cumarsáid agus poiblíocht

1.    Tabharfaidh faighteoirí cistithe ón Aontas aitheantas d’fhoinse an chistithe ón Aontas agus áiritheoidh siad infheictheacht an chistithe (go háirithe nuair a bhíonn na gníomhaíochtaí agus a dtorthaí á bpoibliú) trí fhaisnéis chomhleanúnach, éifeachtach agus spriocdhírithe a sholáthar do shainghrúpaí éagsúla, lena náirítear na meáin agus an pobal.

2.    Cuirfidh an Coimisiún chun feidhme gníomhaíochtaí faisnéise agus cumarsáide a bhaineann leis na sraitheanna Fostaíocht agus Nuálaíocht Shóisialta agus Sláinte, agus le gníomhaíochtaí agus torthaí na sraitheanna sin. Beidh na hacmhainní airgeadais a leithdháilfear ar na sraitheanna Fostaíocht agus Nuálaíocht Shóisialta agus Sláinte ina gcuidiú freisin maidir le cumarsáid chorparáideach thosaíochtaí polaitiúla an Aontais freisin, a fhad a bhaineann siad sin leis na cuspóirí dá dtagraítear in Airteagail 4, 23 agus 26.

Cuid IV - Forálacha críochnaitheacha

Airteagal 38
An tarmligean a fheidhmiú

1. Is faoi réir na gcoinníollacha a leagtar síos san Airteagal seo a thugtar an chumhacht don Choimisiún chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh.

2.    Déanfar an chumhacht chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh dá dtagraítear in Airteagal 15(6), Airteagal 21(5) agus Airteagal 33(3) a thabhairt don Choimisiún go ceann tréimhse neamhchinntithe ama amhail ón dáta theacht an Rialacháin seo.

3.    Féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle tarmligean na cumhachta dá dtagraítear in Airteagal 15(6), Airteagal 21(5) agus Airteagal 33(3) a chúlghairm aon tráth. Cuirfidh cinneadh chun cúlghairme deireadh le tarmligean na cumhachta atá sonraithe sa chinneadh sin. Gabhfaidh éifeacht leis an lá tar éis fhoilsiú an chinnidh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh nó ar dháta is déanaí a shonrófar sa chinneadh. Ní dhéanfaidh sé difear do bhailíocht aon ghníomhartha tarmligthe atá i bhfeidhm cheana.

4.    Roimh dó gníomh tarmligthe a ghlacadh, rachaidh an Coimisiún i mbun comhairliúchán le saineolaithe arna nainmniú ag gach Ballstát i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos i gComhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr 28 .

5.    A luaithe a ghlacfaidh sé gníomh tarmligthe, tabharfaidh an Coimisiún fógra, an tráth céanna, do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle faoi.

6.    Ní thiocfaidh gníomh tarmligthe a ghlactar de bhun Airteagal 15(6), Airteagal 21(5) agus Airteagal 33(3) i bhfeidhm ach amháin mura mbeidh aon agóid curtha in iúl ag Parlaimint na hEorpa ná ag an gComhairle laistigh de thréimhse dhá mhí tar éis fógra faoin ngníomh sin a thabhairt do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle nó más rud é, roimh dhul in éag na tréimhse sin, go mbeidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle araon tar éis a chur in iúl don Choimisiún nach ndéanfaidh siad aon agóid. Cuirfear síneadh dhá mhí leis an tréimhse sin ar thionscnamh Pharlaimint na hEorpa nó na Comhairle.

Airteagal 39
An nós imeachta coiste CSE+ faoi bhainistíocht chomhroinnte

1.Tabharfaidh an Coiste dá dtagraítear in Airteagal 109(1) de [Rialachán na bhForálacha Coiteanna atá le teacht] cúnamh don Choimisiún.

2.I gcás ina ndéanfar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 4 de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

Airteagal 40

Coiste faoi Airteagal 163 CFAE

1.    Tabharfaidh an Coiste arna chur ar bun faoi Airteagal 163 CFAE (“coiste CSE+”) cúnamh don Choimisiún.

2.    Ceapfaidh gach Ballstát ionadaí amháin ón rialtas, ionadaí amháin ó eagraíochtaí na noibrithe, ionadaí amháin ó eagraíochtaí na bhfostóirí agus ionadaí malartach do gach comhalta ar feadh uastréimhse seacht mbliana. Mura mbeidh an comhalta i láthair, beidh sé de theideal ag an ionadaí malartach páirt a ghlacadh sna himeachtaí.

3.    Ar Choiste CSE+ beidh ionadaí amháin ó gach eagraíocht lena ndéantar ionadaíocht ar eagraíochtaí na noibrithe agus ar eagraíochtaí na bhfostóirí ar leibhéal an Aontais.

4.    Rachfar i gcomhairle le Coiste CSE+ maidir le húsáid atá sé beartaithe a bhaint as cúnamh teicniúil i gcás tacaíochta ón tsraith de CSE+ atá faoi bhainistíocht chomhroinnt agus maidir le saincheisteanna eile a mbeidh tionchar acu ar straitéisí a chur chun feidhme ar leibhéal an Aontais i ábhartha do CSE+;

5.    Féadfaidh Coiste CSE+ tuairimí a thabhairt maidir leis an méid seo a leanas:

(a)    ceisteanna a bhaineann le rannchuidiú CSE+ le cur chun feidhme Cholún Eorpach na gCeart Sóisialta, lena náirítear moltaí tír-shonracha agus tosaíochtaí a bhaineann leis an Seimeastar Eorpach (e.g. na cláir náisiúnta um athchóiriú);

(b)    saincheisteanna a bhaineann le [Rialachán na bhForálacha Coiteanna atá le teacht] atá ábhartha do CSE+;

(c)    ceisteanna maidir le CSE+ a chuirfidh an Coimisiún faoina bráid seachas na ceisteanna sin dá dtagraítear i mír 4.

Is le tromlach glan na vótaí a caitheadh go bailí a ghlacfar tuairimí Choiste CSE+, agus cuirfear in iúl iad, chun críche faisnéise, do Pharlaimint na hEorpa, don Chomhairle, do Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus do Choiste na Réigiún. Cuirfidh an Coimisiún Coiste CSE+ ar an eolas faoin gcaoi ar chuir sé tuairimí an Choiste san áireamh.

6.    Féadfaidh Coiste CSE+ meithleacha a bhunú do gach ceann de shraitheanna CSE+.

Airteagal 41

Forálacha idirthréimhseacha don tsraith de CSE+ atá faoi bhainistíocht chomhroinnte

Rialachán (AE) Uimh. 1304/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 29 , Rialachán (AE) Uimh. 223/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 30 , nó aon ghníomh arna ghlacadh faoi na Rialacháin sin, leanfaidh d’fheidhm a bheith acu maidir le cláir agus oibríochtaí a dtacaíonn Ciste Sóisialta na hEorpa agus an Ciste um Chabhair Eorpach do na Daoine is Díothaí leo le linn na clárthréimhse 2014-2020.

Airteagal 42

Forálacha idirthréimhseacha faoi na sraitheanna Fostaíocht agus Nuálaíocht Shóisialta agus Sláinte

1. Tá Rialachán (CE) Uimh. 1296/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 31 agus Rialachán (CE) Uimh. 282/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 32 aisghairthe, agus feidhm aige sin amhail ón 1 Eanáir 2021.

2. Ina theannta sin, féadfaidh imchlúdach airgeadais na sraitheanna Fostaíocht agus Nuálaíocht Shóisialta agus Sláinte na speansais a bhaineann le cúnamh teicniúil agus riaracháin a chumhdach is gá chun an taistriú idir CSE+ agus na bearta a glacadh faoina réamhtheachtaí a áirithiú: an Clár um Fhostaíocht agus um Nuálaíocht Shóisialta agus Clár an Aontais um Shláinte.

3. Más gá, féadfar leithreasuithe a iontráil sa bhuiséad tar éis 2027 chun na speansais dá bhforáiltear in Airteagal 5(6) [cúnamh teicniúil agus riaracháin] a chumhdach, ionas go mbeifear in ann na gníomhaíochtaí nach mbeidh curtha i gcrích faoin 31 Nollaig 2027 a bhainistiú.

4. Déanfar athshreabha ó ionstraimí airgeadais arna mbunú leis an gClár um Fhostaíocht agus um Nuálaíocht Shóisialta (EaSI 2014-2020) a infheistiú sna hionstraimí airgeadais atá in “ionú sóisialta” an chiste InvestEU arna bhunú faoi Rialachán XXX.

Airteagal 43

Teacht i bhfeidhm

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil,

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa    Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán    An tUachtarán

RÁITEAS AIRGEADAIS REACHTACH

1.LEAGAN AMACH AN TOGRA/TIONSCNAIMH

1.1.Teideal an togra/tionscnaimh

[Togra le haghaidh Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le Ciste Sóisialta na hEorpa + agus lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1296/2013, (AE) 1304/2013 agus (AE) Uimh. 223/2014]

1.2.Réimsí beartais lena mbaineann (cnuasach clár)

Infheistíocht a dhéanamh i nDaoine, sa Chomhtháthú Sóisialta agus i Luachanna

Teideal 07

Caibidil 07 02 – ESF+

1.3.Baineann an togra/tionscnamh le:

 beart nua 

 beart nua a leanann treoirthionscadal/réamhbheart 33  

 síneadh ar bheart atá ann cheana 

 beart nó bearta a chumasc nó a atreorú i dtreo beart eile/beart nua 

1.4.Forais an togra/tionscnaimh

1.4.1.Na ceanglais is gá a chomhlíonadh sa ghearrthéarma nó san fhadtéarma, lena náirítear amlíne mhionsonraithe maidir le cur chun feidhme céimneach an tionscnaimh

Is é CSE+ an phríomhuirlis atá ag an Aontas Eorpach le hinfheistíocht a dhéanamh i ndaoine agus is uirlis é atá ina rannchuidiú nach beag an ghné shóisialta den Eoraip a mhéadú, agus an Eoraip a thabhairt níos cóngaraí don saoránach agus difear nithiúil a dhéanamh do shaol na ndaoine is mó atá ar an anás sa tsochaí seo againne. Rannchuidíonn CSE+ le cóineasú socheacnmaíoch idir na Ballstáit a mhéadú, rud nach déanamh dá uireasa má tá an tAontas Eorpach chun feidhmiú mar aontas eacnamaíoch polaitiúil agus é cobhsaí inmharthana.

Nuair a bheidh an Rialachán maidir le CSE+ glactha, clársceidealóidh na Ballstáit a gcuid leithdháiltí buiséadacha i gcomhréir leis an treoraíocht a fuair siad an bhliain roimhe sin i gcomhthéacs an tSeimeastair Eorpaigh. An 1 Eanáir 2021 a thósóidh an chlárthréimhse nua agus tá bearta déanta ag an gCoimisiún chun a oiread dlúis is féidir a chur le cur chun feidhme an Chiste, cuir i gcás trí dheireadh a chur leis an gceanglas ainmniú údarás bainistíochta a fhógairt don Choimisiún, agus dá bharr an mhoill a bhain le clárthréimhse 2014-2020 a sheachaint.

Ina theannta sin, tosóidh an cur chun feidhme faoi bhainistíocht dhíreach a luaithe a thiocfaidh an clár i bhfeidhm.

1.4.2.Luach breise a bhaineann le rannpháirteachas AE (d’fhéadfadh an luach breise a bheith mar thoradh ar fhachtóirí éagsúla, e.g. gnóthachain de thoradh comhordú, deimhneacht dhlíthiúil, éifeachtacht mhéadaithe nó comhlántachtaí). Chun críocha an phointe seo, is é a chiallaíonn “luach breise a bhaineann le rannpháirteachas AE” an luach a bhíonn mar thoradh ar idirghabháil an Aontais atá sa bhreis ar an luach a bheadh ann murach sin ag na Ballstáit dá mbeidís ag feidhmiú leo féin.

Na cúiseanna le beart a dhéanamh ar leibhéal an Aontais (ex ante): Gintear breisluach AE trí infheistíochtaí a dhéanamh i réimsí agus i spriocghrúpaí nach ndéanfaí infheistíocht iontu mura mbeadh an clár, trí raon feidhme gníomhaíochtaí atá ann cheana a leathnú, trí thacaíocht a thabhairt chun nuálaíochtaí a phríomhshruthú, agus trí fheabhas a chur ar chumas chóras riaracháin na mBallstát. Tá raidhse fianaise ann a léiríonn nach ndéanfaí beartais an Aontais arbh é cuimsiú sóisialta agus cearta sóisialta ab aidhm dóibh, nach ndéanfaí iad a chur chun feidhme ach ab é infheistíocht chomhlántach ón Aontas. A bhuí le maoiniú ón Aontas, tá infheistíocht déanta ag na Ballstáit i réimsí, i spriocghrúpaí agus in athchóirithe ar dhóigh nárbh fhéidir a dhéanamh mura mbeadh ar fáil acu chuige sin ach cistiú náisiúnta. Siúd is gur inniúlachtaí náisiúnta i gcónaí iad déileáil leis an dífhostaíocht agus le gnóthaí sóisialta, i bhfianaise scála agus éifeacht na ndúshlán atá ann, is éifeachtaí agus is éifeachtúla na gníomhaíochtaí sin a dhéantar nuair, ar leibhéal an Aontais, a thacaítear le hiarrachtaí na mBallstát agus nuair a chuirtear chun cinn athchóirithe a théann chun sochair do thíortha ar leith agus don Aontas trí chéile.

An breisluach ar leibhéal an Aontais a mheastar a ghinfear (ex post): I ngeall ar na dúshláin atá roimh gheilleagair agus sochaí na hEorpa, go háirithe a fhad a bhaineann le fostaíocht, oideachas, scileanna, agus ceisteanna sóisialta, is gá leanúint de bheith ag infheistiú sna réimsí sin. Meastar go mbeidh an tionscnamh seo ina chuidiú beartais agus tosaíochtaí an Aontais a chur chun feidhme sna réimsí sin (e.g. treoirlínte fostaíochta agus Colún Eorpach na gCeart Sóisialta), dea-chleachtais agus comhar a chur chun cinn (feabhas a chur ar an gcumas beartais a cheapadh agus a chur chun cinn, comhar trasnáisiúnta a éascú) agus luachanna an Aontais a chur chun cinn (e.g. an comhionannas agus an ceartas sóisialta). San fhadtéarma, meastar go mbeidh an tionscnamh ina rannchuidiú cóineasú socheacnamaíoch idir na Ballstáit a mhéadú, agus geilleagair agus sochaithe na hEorpa a dhéanamh níos athléimní.

1.4.3.Ceachtanna a foghlaimíodh ó thaithí eile chosúil san am a chuaigh thart

Na meastóireachtaí agus na staidéir ghaolmhara ar fad atá déanta ar an gclárthréimhse atá anois ann agus ar na clárthréimsí a bhí ann roimhe seo, deimhníonn siad ar fad go bhfuil na cistí go léir atá cumhdaithe ag an Rialachán seo éifeachtach, éifeachtúil, ábhartha, comhleanúnach agus go bhfuil breisluach AE ag roinnt leo. Tá infheistíocht déanta ag na Ballstáit i réimsí beartais, i spriocghrúpaí agus in athchóirithe ar dhóigh nárbh fhéidir a dhéanamh mura mbeadh ar fáil acu chuige sin ach cistiú náisiúnta. Go háirithe:

   aithnítear i meastóireachtaí ex post 2000-2006 agus 2007-2013 go raibh na hinfheistíochtaí a rinneadh faoi CSE ábhartha, éifeachtúil agus éifeachtach. Le himeacht ama d’éirigh ailíniú CSE le beartais agus tosaíochtaí an Aontais faoi straitéis Liospóin agus faoin straitéis Eoraip 2020 don fhás cliste, inbhuanaithe, cuimsitheach, d’éirigh sé níos dlúithe. San am céanna, ráite gur ceann de na cistí struchtúracha é, rannchuidíonn CSE+ le cuspóirí áirithe a leagtar síos leis an gConradh, is é sin comhtháthú eacnamaíoch, sóisialta agus críochach a bhaint amach le chomhchruinniú acmhainní. Mar shampla, in 11 Bhallstát baineann 70 % de na bearta gníomhacha le CSE (maille leis an gcistiú náisiúnta).

   Leis an tacaíocht a tugadh faoin Tionscnamh Fostaíochta don Aos Óg do dhaoine óga nach bhfuil i mbun fostaíochta, oideachais ná oiliúna (NEETanna) i réigiúin áirithe de chuid an Aontais, méadaíodh infheictheacht beartas fostaíochta do dhaoine óga, agus ina theannta sin, athraíodh an dóigh a gceaptar beartais i roinnt Ballstát trí thacaíocht a thabhairt do bhunú agus do chur chun feidhme scéimeanna ráthaíochta don aos óg;

   léiríonn réamhthorthaí na meastóireachta meántéarma ar an gCiste um Chabhair Eorpach do na Daoine is Díothaí (CCEDD), aiseolas ó gheallsealbhóirí san áireamh, go bhfuil difear déanta ag na hoibríochtaí bia, cúnaimh ábhartha agus cuimsithe sóisialta ar thacaigh an ciste leo do na daoine is díothaí, lena náirítear iad sin a d’fhéadfadh a bheith lasmuigh de phríomhshruth an chúnaimh shóisialta ach ab é an Ciste, agus daoine a raibh gá acu le tacaíocht láithreach;

   léiríonn an mheastóireacht mheántéarma ar EaSI go bhfuil cuspóirí EaSi fós ábhartha, go háirithe toisc na ndúshlán socheacnamaíoch atá ann agus go speisialta ainiarsma na géarchéime airgeadais agus eacnamaíche; léiríonn an mheastóireacht, freisin, go raibh EaSI éifeachtach ó thaobh difear a dhéanamh do na geallsealbhóirí ábhartha, torthaí a bhaint amach agus cuspóirí a shroicheadh.

Mar sin féin, tá fianaise sna meastóireachtaí agus sna staidéir go bhfuil roinnt dúshlán ann, thar aon ní eile a fhad a bhaineann leis an ngá atá le níos mó díobh seo: comhleanúnachas agus sineirgíocht, solúbthacht agus ailíniú beartas, feidhmíocht agus aird ar thorthaí, agus simpliú. Go háirithe, is gá an dóigh a dtugtar cistiú a shimpliú agus is gá a bheag nó a mhór de shimpliú a dhéanamh ar chur chun feidhme na gcistí freisin. Sa Mheasúnú Tionchair a ghabhann leis an togra reachtach tá achoimre ar na réimsí a bhfuil aghaidh le tabhairt orthu.

1.4.4.Comhoiriúnacht d’ionstraimí iomchuí eile agus sineirgíocht a d’fhéadfadh a bheith ann

Tá sé d’aidhm ag an tionscnamh feabhas a chur ar shineirgíochtaí agus ar chomhleanúnachas idir CSE+ agus cistí eile lena ndéantar infheistíocht i bhforbairt caipitil dhaonna.

Dála Chiste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa (CFRE), tá sé d’aidhm go háirithe ag CSE+ comhtháthú eacnamaíoch agus sóisialta a chur chun cinn. Áirithítear comhordú trí bhíthin comhrialacha maidir le bainistíocht chomhroinnte i réimsí amhail clársceidealú agus bainistíocht airgeadais. Leanfaidh cláir ilchistí de bheith ceadaithe, chun go bhféadfar cuir chuige chomhtháite a úsáid le haghaidh clársceidealú agus cur chun feidhme. Le comhrialacha áiritheofar, freisin, comhoiriúnacht idir cláir de chuid CFRE, CSE+, CETFT agus CEMI.

Tabharfar tacaíocht níos gníomhaí don chomhar idir CSE+ agus Erasmus+ trí fhorálacha oiriúnacha a chur sna rialacháin, forálacha a leagfar síos a mionsonraithe sna cláir oibre agus sna treoracha cláir.

Leanfaidh CSE+ de bheith ag tacú le lánpháirtiú fadtéarmach imirceach agus leanfaidh CTIL de bheith ag tacú lena riachtanais ghearrthéarmacha.

Ós rud é gurb é CSE+ príomhionstraim an Aontais le hinfheistíocht a dhéanamh i gcaipiteal daonna agus scileanna, leanfaidh CSE+ de bheith ina rannchuidiú tábhachtach le forbairt caipitil dhaonna i réimse an taighde agus na nuálaíochta i gcomhar le Fís Eorpach.


1.5.Fad agus tionchar airgeadais

 tréimhse theoranta

   i bhfeidhm ó 01/01/2021 go 31/12/2027

   Tionchar airgeadais ó 2021 go 2027 do leithreasuithe faoi chomhair gealltanas agus ó 2021 go 2030 do leithreasuithe faoi chomhair íocaíochtaí.

 tréimhse neamhtheoranta

Cur chun feidhme le tréimhse thosaigh ó BBBB go BBBB, agus feidhm iomlán ina dhiaidh sin.

1.6.Modh/modhanna bainistíochta atá beartaithe 34  

 Bainistíocht dhíreach a dhéanann an Coimisiún

ina ranna, lena náirítear an chuid sin den fhoireann atá i dtoscaireachtaí an Aontais;

   trí na gníomhaireachtaí feidhmiúcháin

 Bainistíocht atá comhroinnte leis na Ballstáit

 Bainistíocht indíreach trí chúraimí a bhaineann le cur chun feidhme an bhuiséid a shannadh dóibh seo a leanas:

tríú tíortha nó na comhlachtaí a d’ainmnigh siad;

eagraíochtaí idirnáisiúnta agus a ngníomhaireachtaí (tabhair sonraí);

BEI agus an Ciste Eorpach Infheistíochta;

comhlachtaí dá dtagraítear in Airteagal 70 agus Airteagal 71 den Rialachán Airgeadais;

comhlachtaí dlí poiblí;

comhlachtaí arna rialú ag an dlí príobháideach agus a bhfuil misean seirbhíse poiblí acu sa mhéid go gcuireann siad ráthaíochtaí leordhóthanacha airgeadais ar fáil;

comhlachtaí arna rialú ag dlí príobháideach Ballstáit, a gcuirtear de chúram orthu comhpháirtíochtaí príobháideacha poiblí a chur chun feidhme, agus a sholáthraíonn ráthaíochtaí leordhóthanacha airgeadais;

daoine a gcuirtear de chúram orthu bearta sonracha a chur chun feidhme in CBES de bhun Theideal V de CAE, ar daoine iad a aithnítear sa bhunghníomh ábhartha.

I gcás ina sonraítear níos mó ná modh bainistíochta amháin, tabhair sonraí sa roinn “Nótaí” le do thoil.

Nótaí

Beidh dhá phríomhshraith in CSE+, sraith bainistíochta comhroinnte a chuimsíonn na cláir CSE, CCEDD agus TFAO a bhí ann roimhe seo, agus sraith bainistíochta dírí agus indírí, a chuimsíonn gníomhaíochtaí an clár EaSI a bhí ann agus cláir sláinte.

Maidir le cur chun feidhme CSE+, leanfar de na gníomhaíochtaí atá ar bun i láthair na huaire i gcomhar le heagraíochtaí amhail gníomhaireachtaí na Náisiún Aontaithe, WHO go háirithe, agus OECD agus ILO (an Eagraíocht Idirnáisiúnta Saothair).

Ina theannta sin, is féidir go ndéanfar na gníomhaíochtaí nua comhair trasnáisiúnta atá beartaithe a chur chun feidhme faoi bhainistíocht indíreach, agus leas á bhaint as údaráis bhainistíochta CSE chuige sin.

2.BEARTA BAINISTÍOCHTA

2.1.Rialacha faireacháin agus tuairiscithe

Sonraigh minicíocht na mbeart agus na coinníollacha atá leo

Faoi bhainistíocht chomhroinnte, is ar leibhéal an chláir a shaineofar comhtháscairí aschuir agus toraidh. Déanfaidh údaráis na mBallstát sonraí maidir le comhtháscairí aschuir agus toraidh a tharchur go leictreonach chuig an gCoimisiún sé huaire sa bhliain. Seiceálfar comhsheasmhacht na sonraí sin. Déanfar iniúchadh ar iontaofacht an chórais um bailiú, taifeadadh agus stóráil sonraí a úsáidtear le haghaidh faireacháin, meastóireachta, bainistíocht airgeadais agus fíorú airgeadais.

Faoi bhainistíocht dhíreach agus indíreach, forbrófar creata feidhmíochta agus iad bunaithe ar na cleachtais ábhartha a bhí ag creata EaSI agus ag cláir sláinte chun a áirithiú go mbaileofar sonraí ar dhóigh éifeachtúil, éifeachtach agus tráthúil.

2.2.Córais bhainistíochta agus rialaithe

2.2.1.An bonn cirt atá leis na modhanna bainistíochta, na sásraí cur chun feidhme, na módúlachtaí íocaíochta agus an straitéis atá beartaithe

I nDréacht-Rialachán na bhForálacha Coiteanna foráiltear maidir le híocaíochtaí a fháil ón gCoimisiún i bhfoirm réamh-mhaoiniú, íocaíochtaí eatramhacha agus íocaíochtaí i ndiaidh imréiteach cuntas. Is ar bhonn bliantúil a íoctar an réamh-mhaoiniú, de réir na gcéatadán dá bhforáiltear le Dréacht-Rialachán na bhForálacha Coiteanna. Is de réir na rátaí cómhaoiniúcháin arna gcomhaontú de réir tosaíochta arna gcomhaontú sa chlár oibríochtúil a ríomhtar na híocaíochtaí eatramhacha. Murab ionann agus an chlárthréimhse reatha, tá an líon iarratas ar íocaíochtaí eatramhacha teoranta do 4 cinn sa bhliain, a dhéantar ar bhonn ráithiúil.

I Dréacht-Rialachán na bhForálacha Coiteanna foráiltear maidir le socruithe éagsúla do nochtadh íocaíochtaí eatramhacha, ag brath ar an rud ar a bhfuil cur chun feidhme an chláir bunaithe: na fíorchostais arna ndearbhú ag an mBallstát, costais shimplithe nó comhlíonadh coinníollacha.

Cuireann Dréacht-Rialachán na bhForálacha Coiteanna (faoi chomhbhainistíocht) leis an Rialachán atá i bhfeidhm don tréimhse 2014-2020. Mar sin féin, tá bearta áirithe molta ann agus is é is aidhm dóibh an cur chun feidhme a shimpliú agus an tualach iniúchóireachta a bhíonn ar na Ballstáit agus ar na tairbhithe a laghdú. Baineann na bearta sin le bainistiú na gcistí ag an údarás bhainistíochta, agus faoi mar a mholtar sa Rialachán, bunóidh an túdarás sin na fíoruithe bainistíochta ar anailís riosca. Ina theannta sin, faoi choinníollacha áirithe, féadfaidh an túdarás bainistíochta cinneadh ar shocruithe rialuithe feabhsaithe a chur i bhfeidhm i gcomhréir le nósanna imeachta náisiúnta gan réamhúdarú an Choimisiúin. Ina cheann sin, tá an próiseas ainmniúcháin i ndiaidh a scriosta, agus ba cheart go gcuirfeadh sin dlús le cur chun feidhme na gclár.

Níl aon fhoráil i ndréacht-Rialachán na bhForálacha Coiteanna maidir le húdarás deimhniúchán; is é rud a ndéantar foráil maidir leis ná feidhm cuntasaíochta a bheith ann. Is é is cúis leis sin laghdú a dhéanamh ar an ualach riaracháin ar an leibhéal náisiúnta.

A fhad a bhaineann le hiniúchadh a dhéanamh ar chaiteachas dearbhaithe, tá eilimintí áirithe i ndréacht-Rialachán na bhForálacha Coiteanna arb é is aidhm dóibh iliomad iniúchóireachtaí ar an oibríocht/ar an gcaiteachas céanna a sheachaint.

De réir na rialacha atá i ndréacht-Rialachán na bhForálacha Coiteanna, deimhneofar íocaíochtaí eatramhacha don Choimisiún tar éis seiceálacha bainistíochta a dhéanamh – ar bhonn sampla rioscabhunaithe d’éilimh chaiteachais a chuir na tairbhithe isteach –, ach is minic a dhéanfar iad roimh sheiceálacha bainistíochta mionsonraithe ar an láthair nó roimh ghníomhaíochtaí iniúchóireachta iardain.

D’fhonn an baol a laghdú go naisíocfar speansais neamh-incháilithe dá thoradh sin, tá foráil déanta maidir le roinnt beart leis na tograí

1) Maidir le híocaíochtaí eatramhacha arna ndéanamh ag an gCoimisiún, leanfaidh d’fheidhm a bheith ag an teorainn 90 % den mhéid atá dlite do na Ballstáit, toisc nach bhfuil ach cuid de na rialuithe náisiúnta déanta. Íocfar an tiarmhéid nuair a dhéanfar an timréiteach bliantúil ar na cuntais agus nuair a sholáthróidh an túdarás bainistíochta agus an túdarás iniúchóireachta fianaise iniúchóireachta agus cinnteacht réasúnta. Féadfar glancheartúchán teacht d’aon neamhrialtacht a bhraithfidh an Coimisiún nó Cúirt Iniúchóirí na hEorpa tar éis don údarás bainistíochta/deimhniúcháin na cuntais dheimhnithe bhliantúla a tharchur.

2) leanúint den imréiteach bliantúil cuntas agus de dhúnadh bliantúil oibríochtaí nó caiteachais atá curtha i gcrích, rud a chruthóidh dreasachtaí breise d’údaráis náisiúnta agus réigiúnach tabhairt faoi rialuithe cáilíochta ar bhealach tráthúil i bhfianaise an dheimhnithe bhliantúil cuntas don Choimisiún.

Déanfar sraitheanna Sláinte agus Fostaíocht agus Nuálaíocht Shóisialta an chláir a chur chun feidhme le bainistíocht dhíreach agus indíreach, ag úsáid na modhanna cur chun feidhme a chuirtear ar fáil leis an Rialachán Airgeadais, deontais agus soláthar go príomha. A bhuí le bainistiú díreach is féidir teagmháil dhíreach a dhéanamh le tairbhithe/conraitheoirí atá ag gabháil go díreach do ghníomhaíochtaí a fhónann do bheartais an Aontais. Áirithíonn an Coimisiún go ndéantar faireachán díreach ar thoradh na ngníomhaíochtaí arna maoiniú. Cuirfear socruithe íocaíochtaí na ngníomhaíochtaí arna maoiniú in oiriúint do na rioscaí a bhaineann leis na hidirbhearta airgeadais. Chun éifeachtacht, éifeachtúlacht agus tíosaíocht rialuithe an Choimisiúin a chinntiú, beidh cothromaíocht sa straitéis idir seiceálacha ex ante agus ex post.

Maidir le bainistíocht dhíreach agus indíreach, déanfaidh iniúchóirí seachtracha iniúchóireachtaí ex post ar an láthair freisin, ar shamplaroghnú de na hidirbhearta. Beidh measúnú riosca agus roghnú randamach i gceist le roghnú na nidirbheart sin.

2.2.2.Faisnéis maidir leis na rioscaí a aithníodh agus na córais rialaithe inmheánacha a cuireadh ar bun chun na rioscaí a mhaolú

Is féidir go dtiocfaidh méadú earráide de an laghdaithe ar an timpeallacht rialaithe. Meastar gur maolú ar an riosca sin teorannú na naisíocaíochtaí agus imréiteach bliantúil na gcuntas. Mar sin féin, is dealraitheach go mbeidh níos mó ceartúchán le déanamh ar an leibhéal náisiúnta, rud a bheidh ina údar frustrachais ar leibhéal na mBallstát. Is féidir gur móide an frustrachas sin an oibleagáid atá i ndréacht-Rialachán na bhForálacha Coiteanna i láthair na huaire ar na húdaráis bhainistíochta rialuithe a dhéanamh ar bhonn riosca seachas ar bhonn 100 %, faoi mar a bhí san am atá caite. Is féidir go mbeidh an riachtanas sin ag teacht salach ar reachtaíocht náisiúnta atá ann cheana lena gceanglaítear fíorú mionsonraithe a dhéanamh ar chostais a dearbhaíodh (i gcás an chistithe meaitseála náisiúnta freisin). Is féidir gur rud é sin nár tugadh aird a dóthain air sa togra.

Tá deireadh curtha leis an údarás deimhniúcháin, agus leis sin tá deireadh curtha le ceann de na scagairí i mbainistiú agus i rialú an chaiteachais arna thabhú. Le linn an dá chlárthréimshe a bhí ann roimhe seo, bhí ról tábhachtach ag na húdaráis deimhniúcháin caiteachas neamh-incháilithe a scagadh amach agus ceartúcháin airgeadais bhreise a dhéanamh nuair ba ghá. Le dréacht-Rialachán na bhForálacha Coiteanna, ní mhaolaítear an riosca sin.

An laghdú cúraimí iniúchóireachta atá sé beartaithe a dhéanamh, is féidir gurb é an toradh a bheidh air nach sainaithneofar earráidí iarmharacha agus, dá dheasca sin, go mbainfear an bonn ó phróiseas cinnteachta an Choimisiúin. Is é ár dtuairim nach bhfuil aon mhaolú déanta ar an riosca sin, go háirithe toisc go gcuireann na socruithe maidir le rialú comhréireach teorainn le cumhachtaí iniúchóireachta an Choimisiúin. Feictear dúinn, dá bhrí sin, go nglacann an reachtóir leis an riosca sin.

Maidir leis an mbuiséad atá le cur chun feidhme faoi bhainistíocht chomhroinnte, tá béim sa chur chun feidhme ar chonarthaí soláthair phoiblí agus tá foráil déanta maidir le deontais do ghníomhaíochtaí agus d’eagraíochtaí sonracha.

Is le nithe dá leithéidí seo go príomha a bhainfidh na conarthaí soláthair phoiblí: staidéir, bailiú sonraí, conarthaí meastóireachta, oiliúint, feachtais faisnéise, seirbhísí TF agus cumarsáide, bainistíocht saoráidí. Den chuid is mó is institiúidí sláinte, saotharlanna, gnólachtaí comhairliúcháin agus cuideachtaí príobháideacha eile, ar FBManna go leor acu, atá sna conraitheoirí; sa tsraith Sláinte, tá institiúidí agus saotharlanna mar aon le príomhchonraitheoirí.

Bunús na ndeontais, is ar ghníomhaíochtaí tacaíochta d’eagraíochtaí neamhrialtasacha, do ghníomhaireachtaí náisiúnta, d’ollscoileanna, etc., a dhámhfar iad. Go hiondúil, tréimhse idir aon bhliain amháin agus trí bliana a bhíonn sa tréimhse ina gcuirtear i gcrích tionscadail a fhaigheann fóirdheontais.

Is iad seo a leanas na príomhrioscaí:

• An baol go núsáidfear ar dhóigh neamhéifeachtúil nó neamhthíosach cistí a dhámhfar, i gcás deontas (castacht na rialacha maoiniúcháin, go háirithe i gcás oibreoirí beaga) agus i gcás soláthair araon (líon srianta d’oibreoirí eacnamaíocha ag a bhfuil an saineolas rud a fhágann nach féidir tairiscintí praghsanna a chur i gcomparáid in earnálacha áirithe);

• An riosca do chlú an Choimisiúin, má aimsítear calaois nó gníomhaíochtaí coiriúla; ní féidir ach dearbhú páirteach a fháil as córais rialaithe inmheánaigh tríú páirtithe i ngeall ar an líon measartha ard conraitheoirí agus tairbhithe ilchineálacha, agus iad ar fad ag feidhmiú a gcóras rialaithe féin, agus iad measartha beag go minic.

Tá nósanna imeachta inmheánacha curtha ar bun ag an gCoimisiún arb é is aidhm dóibh na rioscaí thuasluaite a shainaithint. Tá na nósanna imeachta i lán-chomhréir leis an Rialachán Airgeadais agus tá bearta frith-chalaoise agus fachtóirí costais-tairbhe curtha san áireamh iontu. Laistigh den chreat sin, tá an Coimisiún ag leanúint de bheith ag fiosrú conas is féidir feabhas a chur ar bhainistíocht agus éifeachtúlacht a mhéadú. Is iad seo a leanas príomhghnéithe an chreata rialaithe:

Rialuithe roimh chur chun feidhme na dtionscadal agus le linn a gcur chun feidhme:

• Tá samhail-chomhaontuithe agus conarthaí seirbhíse á núsáid, cinn a cheap an Coimisiún é féin. Déantar foráil leis na comhaontuithe agus leis na conarthaí sin maidir le forálacha rialaithe amhail deimhnithe iniúchóireachta, ráthaíochtaí airgeadais, iniúchtaí ar an láthair mar aon le hiniúchtaí a dhéanann OLAF. Tá na rialacha maidir le hincháilitheacht costas á simpliú, mar shampla, trí úsáid a bhaint as costais aonaid, cnapshuimeanna, ranníocaíochtaí nach mbaineann le costais agus féidearthachtaí eile a ghabhann leis an Rialachán Airgeadais. Dá thoradh sin tiocfaidh laghdú ar chostas rialuithe agus cuirfear an fócas ar sheiceálacha agus ar rialuithe i réimsí ardriosca.

Glacann an fhoireann uile le cód um dea-iompraíocht riaracháin. An fhoireann atá bainteach leis an nós imeachta roghnúcháin nó le bainistiú na gcomhaontuithe/na gconarthaí deontais, síníonn siad siúd dearbhú freisin nach bhfuil aon choinbhleacht leasa ann. Cuirtear oiliúint ar an bhfoireann go rialta agus úsáideann siad líonraí chun na cleachtais is fearr a mhalartú.

Déantar cur chun feidhme teicniúil tionscadail a sheiceáil go tráthrialta ag an deasc ar bhonn tuarascálacha ar dhul chun cinn teicniúil na gconraitheoirí agus na dtairbhithe; chomh maith leis sin, is ar bhonn cás ar chás a shocraítear cruinnithe agus cuairteanna ar an láthair na gconraitheoirí/na dtairbhithe.

Rialuithe i ndeireadh an tionscadail: Déantar iniúchóireachtaí ex post ar an láthair chun incháiléileamh costas a fhíorú. Is é is aidhm do na rialuithe sin earráidí ábhartha a bhaineann le dlíthiúlacht agus rialtacht idirbheart airgeadais a chosc, a bhrath agus a cheartú. D’fhonn ardtionchar rialaithe a bhaint amach, tá sé beartaithe go mbeidh idir roghnú riosca-bhunaithe agus sampláil randamach i roghnú na dtairbhithe a bhfuil iniúchadh le déanamh orthu, agus go dtabharfar aird ar ghnéithe oibriúcháin nuair is féidir é le linn iniúchta ar an láthair.

2.2.3.Meastachán ar chost-éifeachtúlacht na rialuithe agus an bonn cirt atá leis sin (cóimheas “costais rialaithe ÷ luach na gcistí gaolmhara arna mbainistiú”), agus measúnú ar an leibhéal riosca earráide a bhfuiltear ag súil leis (ar an íocaíocht a dhéanamh agus ar dhúnadh an chláir)

An fhéidearthacht feidhm chuntasaíochta a úsáid, rud a d’fhéadfadh caoi a thabhairt do na Ballstáit ar chuid mhór den 4 % den chostas a chaitear faoi láthair ar dheimhniú a shábháil, de bharr laghdú a theacht ar fheidhmeanna na gcóras bainistíochta agus rialaithe;

- úsáid a bhaint as costais shimplithe agus roghanna costais simplithe nach mbaineann le costais, a dhéanann laghdú ar chostais agus ar ualaí riaracháin ar gach leibhéal, i gcás riarachán agus tairbhithe araon;

- socruithe comhréireacha rialaithe le haghaidh fíoruithe bainistíochta (rioscabhunaithe) agus iniúchtaí;

- dúnadh bliantúil, a laghdóidh costas coinneála na ndoiciméad chun críoch rialaithe do riaracháin phoiblí agus tairbhithe.

Meastar, dá bhrí sin, gur athdháileadh costas rialaithe, seachas méadú ná laghdú na gcostas sin, an toradh a bheidh ar na moltaí sin tríd is tríd (tuairim agus 2 % den chistiú iomlán atá á bhainistiú a bheidh sna costais sin i gcónaí).

I bhfianaise taithí a fuarthas ó chur chun feidhme sraitheanna an chláir faoi bhainistíocht chomhroinnte a bhí ann roimhe seo agus i bhfianaise phríomh-shaintréithe an chláir nua, meastar nach bhfuil mórán athruithe tagtha ar na rioscaí a bhaineann le cur chun feidhme an chláir. De bharr deontais agus soláthar a úsáid in éineacht le chéile, rialuithe ex ante agus ex post agus seiceálacha deisce agus iniúchóireachtaí ar an láthair, meastar go bhfanfaidh an meánráta earráide inchainníochtaithe iarmharach faoi bhun 2 %.

I gcás bainistíocht dhíreach agus indíreach, is thart ar 4-7 % den bhuiséad bliantúil do chaiteachas oibríochtúil atá sa chostas a leanfadh an leibhéal rialuithe atá molta. Tá údar leis sin i ngeall ar an méid mór idirbheart atá le rialú. Go deimhin, i réimse na fostaíochta, na ngnóthaí sóisialta agus na sláinte, is cuid den bhainistíocht dhíreach é mórchuid conarthaí agus deontas a leithdháileadh le haghaidh gníomhaíochtaí, agus deontais oibriúcháin éagsúla a íoc le heagraíochtaí neamhrialtasacha agus le ceardchumainn. An riosca a leanann na gníomhaíochtaí sin, baineann sé go háirithe le cumas eagraíochtaí beaga a gcuid caiteachais a rialú go héifeachtach.

Le linn tréimhse 5 bliana, is é 1.8 % an ráta earráide a bhí ag iniúchóireachtaí ar an láthair faoi bhainistíocht dhíreach. Agus nuair a chuirtear san áireamh an leibhéal íseal riosca a bhaineann le soláthar, tá an ráta sin faoi bhun 1 %. Meastar go bhfuil an leibhéal sin inghlactha, de bhrí go bhfuil sé faoi bhun an leibhéil ábharthachta 2 %.

Ní dhéanfaidh na hathruithe atá sé beartaithe a dhéanamh ar an gclár aon difear don dóigh a ndéantar bainistiú ar na leithreasuithe i láthair na huaire. Chruthaigh an córas rialaithe atá ann cheana go raibh sé in ann earráidí agus/nó neamhrialtachtaí a chosc agus/nó a bhrath, agus i gcás earráidí nó neamhrialtachtaí, iad a chur i gceart. Dá bhrí sin, meastar go bhfanfaidh rátaí earráide stairiúla ar na leibhéil chéanna.

2.3.Bearta chun calaois agus neamhrialtachtaí a chosc

Sonraigh na bearta coisctheacha agus cosanta atá ann cheana nó atá beartaithe, e.g. ón Straitéis Frithchalaoise.

Maidir lena chuid gníomhaíochtaí faoi bhainistíocht dhíreach, indíreach agus chomhroinnte, déanfaidh an Coimisiún bearta iomchuí chun cosaint leasanna airgeadais an Aontais Eorpaigh a áirthiú, trí bhearta coisctheacha a chur i bhfeidhm in aghaidh calaoise, éillitheachta nó gníomhaíochtaí neamhdhleathacha ar bith eile, trí sheiceálacha éifeachtacha agus, má bhraitear neamhrialtachtaí, trí na méideanna a íocadh go míchuí a aisíoc agus, más cuí, trí phionóis phionóis éifeachtacha, chomhréireacha agus athchomhairleacha.

Beidh ag an gCoimisiún nó ag a ionadaithe agus ag an gCúirt Iniúchóirí, an chumhacht chun iniúchóireachtaí a dhéanamh, ar bhonn doiciméad agus ar an láthair, ar gach tairbhí deontais, ar gach conraitheoir agus ar gach fochonraitheoir a fuair cistí de chuid an Aontais. Údarófar do OLAF seiceálacha agus cigireachtaí ar an láthair a dhéanamh ar oibreoirí eacnamaíocha a mbaineann cistiú dá leithéid sin leo go díreach nó go hindíreach.

Ina cheann sin, cuirfidh an Coimisiún chun cinn sraith beart, e.g:

- cinntí, comhaontuithe agus conarthaí a thagann de chur chun feidhme an chláir, lena dtabharfar cead go sainráite don Choimisiún, OLAF san áireamh, agus don Chúirt Iniúchóirí iniúchtaí, seiceálacha agus cigireachtaí a dhéanamh ar an láthair;

- agus meastóireacht á déanamh ar thograí nó ar thairiscintí, déanfar na togróirí nó na tairgeoirí a sheiceáil i gcomparáid leis na critéir eisiaimh foilsithe, critéir atá bunaithe ar dhearbhuithe agus ar an gCóras Luathbhraite agus Eisiaimh (EDES);

- déanfar na rialacha maidir le hincháilitheacht costas a shimpliú i gcomhréir le forálacha an Rialacháin Airgeadais;

- tabharfar oiliúint rialta maidir le saincheisteanna a bhaineann le calaois agus neamhrialtachtaí don fhoireann go léir atá bainteach le bainistíocht conarthaí agus d’iniúchóirí agus do rialaitheoirí a fhíoraíonn dearbhuithe na dtairbhithe ar an láthair.

Déanann DG EMPL gníomhaíochtaí faoi chuimsiú Straitéis Frith-Chalaoise an Choimisiúin.

I gcás na bainistíochta dírí, rinneadh nuashonrú in 2016 ar an measúnú riosca calaoise. Sa nós imeachta um dhámhachtain deontas tá roinnt eilimintí arb é braith calaoise is feidhm dóibh, e.g. úsáid fhorleitheadach “prionsabal na gceithre shúil”, arb é atá ann cirte agus trédhearcacht nósanna imeachta dámhachtana a fhíorú, nósanna imeachta mionsonraithe a chur i bhfeidhm chun coinbhleachtaí leasa a sheachaint, fíorú an bhfuil iarratasóir ar an dúliosta de bhun Rialachán 1605/2002, úsáid uirlisí TF amhail EDES agus ARACHNE agus a bheith san airdeall ar chomharthaí calaoise eile.

I gcás comhbhainistíocht cistí struchtúracha tá rud níos sonraí ann, is é sin an Straitéis Chomhpháirteach Frith-Chalaoise (2015-2020) atá ag Ard-Stiúrthóireacht an Bheartais Réigiúnaigh agus Uirbigh, an Ard-Stiúrthóireacht um Fhostaíocht, Gnóthaí Sóisialta agus Cuimsiú agus Ard-Stiúrthóireacht na nGnóthaí Muirí agus na hIascaireachta. I gcás na gCistí Struchtúracha tá ceanglas rialála sonrach maidir le frith-chalaois don tréimhse 2014-2020 leagtha síos in Airteagal 125(4)c de Rialachán na bhForálacha Coiteanna. Trí bhíthin oibleagáidí maidir le rialú agus iniúchóireacht, fíoraíonn DG EMPL go bhfuil córais rialaithe curtha ar bun ag na Ballstáit agus go bhfuil na córais sin á reáchtáil i gceart acu agus go bhféachtar chuige leo go núsáidtear cistí ar dhóigh éifeachtúil cheart, chun dlíthiúlacht agus rialtacht caiteachais a áirithiú. Tá sé d’oibleagáid ar na Ballstáit fadhbanna a fhógairt tríd an gCóras Bainistíochta Neamhrialtachtaí. Rianaíonn DG EMPL na bearta náisiúnta a dhéantar chun comhrac a chur ar chalaois agus más gá, gearrann sé pionós, trí bhithín Cinntí maidir le Ceartú Airgeadais, as gan gníomh a dhéanamh i leith tacaíocht CSE a tugadh don chlár i gceist, mar shampla faoi chuimsiú na hoibre iardain i leith tuarascálacha agus mholtaí de chuid OLAF. Ina cheann sin, soláthraíonn DG EMPL treoraíocht d’údaráis bhainistíochta, lena náirítear uirlis chun riosca calaoise a mheas. Cuireann DG EMPL an uirlis marcála riosca ARCHANE ar fáil do na Ballstáit.

Tá staidéar á dhéanamh ag conraitheoir seachtrach atá le críochnú i lár 2018, agus nuair a bheidh sin déanta déanfar athbhreithniú ar an Straitéis Chomhpháirteach Frith-Chalaoise agus nuashonrófar rannchuidiú DG EMPL le Straitéis Frith-Chalaoise an Choimisiúin.

Ar deireadh, tá bearta cothrománacha amhail oiliúint inmheánach maidir le feasacht ar chalaoise agus cosc calaoise ina ndlaoi mhullaigh ar bhearta DG EMPL.

3.AN TIONCHAR AIRGEADAIS A MHEASTAR A BHEIDH AG AN TOGRA/TIONSCNAMH

3.1.Ceannteidil an chreata airgeadais ilbhliantúil agus na línte buiséid nua atá beartaithe

Ceannteideal an chreata airgeadais ilbhliantúil

Líne buiséid

Saghas
caiteachais

Ranníocaíocht

Infheistíocht i nDaoine, Comhtháthú Sóisialta agus Luachanna

LD/LN.

ó thíortha de chuid CSTE 35

ó thíortha is iarrthóirí 36

ó thríú tíortha

de réir bhrí Airteagal [21(2)(b)] den Rialachán Airgeadais

2

07 01 xx CSE+ Bainistíocht Chomhroinnte – Caiteachas Tacaíochta

Neamhdhif.

Is ea

Is ea

Níl

Níl

2

07 01 01 yy – CSE+ Fostaíocht agus Nuálaíocht Shóisialta agus Sláinte – Caiteachas Tacaíochta

Neamhdhif.

Is ea

Is ea

Is ea

Níl

2

07 02 xx – XSE+ Bainistíocht Chomhroinnte

Difreáilte

Níl

Níl

Níl

Níl

2

07 02 xx xx – CSE+ Bainistíocht Chomhroinnte Cúnamh Teicniúil Oibríochtúil

Difreáilte

Níl

Níl

Níl

Níl

2

07 02 xz – CSE + Fostaíocht agus Nuálaíocht Shóisialta

Difreáilte

Is ea

Is ea

Is ea

Níl

2

07 02 yy – CSE+ - Sláinte

Difreáilte

Is ea

Is ea

Is ea

Níl

3.2.An tionchar a mheastar a bheidh ag an togra/tionscnamh ar chaiteachas

3.2.1.Achoimre ar an tionchar a mheastar a bheidh ag an togra/tionscnamh ar chaiteachas

EUR milliúin (go dtí an tríú deachúil)

Ceannteideal an chreata airgeadais
ilbhliantúil:

2

Infheistíocht i nDaoine, Comhtháthú Sóisialta agus Luachanna

IOMLÁN

2021

2022

2023

2024

2025

2026

2027

Tar éis 2027

IOMLÁN

07 02 xx – XSE+ Bainistíocht Chomhroinnte

Gealltanais

(1)

Íocaíochtaí

(2)

07 02 xy – CSE+ Bainistíocht Chomhroinnte Cúnamh teicniúil oibríochtúil

Gealltanais

(1)

Íocaíochtaí

(2)

07 01 xx CSE+ Bainistíocht chomhroinnte – Caiteachas tacaíochta

Gealltanais = Íocaíochtaí

(3)

07 02 xz – CSE + Fostaíocht agus Nuálaíocht Shóisialta

Gealltanais

(1)

99,444

101,493

103,583

105,714

107,889

110,106

111,771

740,000

Íocaíochtaí

(2)

27,593

58,577

76,326

81,034

83,439

85,282

86,869

240,880

740,000

07 02 yy – CSE+ Sláinte

Gealltanais

(1)

48,547

49,659

51,793

52,950

54,130

55,334

58,237

370,650

Íocaíochtaí

(2)

5,170

23,504

33,802

41,064

44,539

47,846

50,121

124,604

370,650

07 01 01 yy – CSE+ Fostaíocht agus Nuálaíocht Shóisialta agus Sláinte – Caiteachas Tacaíochta  37  

Gealltanais = Íocaíochtaí

(3)

9,050

9,050

9,050

9,050

9,050

9,050

9,050

63,350

IOMLÁN leithreasuithe d’imchlúdach an chláir

Gealltanais

=1+3

157,041

160,202

164,426

167,714

171,069

174,490

179,058

1.174,000

Íocaíochtaí

=2+3

41,813

91,131

119,178

131,148

137,028

142,178

146,040

365,484

1.174,000

Na leithreasuithe don chuid de CSE+ atá faoi bhainistíocht chomhroinnte, tá siad leagtha síos i ráiteas airgeadais reachtach Rialachán na bhForálacha Coiteanna.

Maidir leis an tsraith Sláinte, is féidir go ndéanfar an clár (nó cuid de) a tharmligean chuig gníomhaireacht feidhmiúcháin, de réir an toraidh a bheidh ar anailís costas-tairbhe agus cinntí atá le déanamh, agus sa chás sin déanfar na leithreasuithe riaracháin ghaolmhara do chur chun feidhme an chláir sa Choimisiún agus sa ghníomhaireacht feidhmiúcháin a oiriúnú dá réir.



Ceannteideal an chreata airgeadais
ilbhliantúil:

7

“Caiteachas riaracháin”

Chun an chuid seo a líonadh isteach, ba cheart na “sonraí buiséid de chineál riaracháin” a úsáid arna niontráil ar dtús san Iarscríbhinn a ghabhann leis an ráiteas airgeadais reachtach (Iarscríbhinn V a ghabhann leis na rialacha inmheánacha), a uaslódáiltear chuig DECIDE chun críocha comhairliúcháin idirsheirbhíse.

EUR milliúin (go dtí an tríú deachúil)

DG EMPL

2.021

2.022

2.023

2.024

2.025

2.026

2.027

Tar éis 2027

IOMLÁN

Acmhainní daonna

91.207

91.207

91.207

91.207

91.207

91.207

91.207

638.448

Caiteachas riaracháin eile

5.073

5.073

5.073

5.073

5.073

5.073

5.073

35.514

IOMLÁN leithreasaí faoi CHEANNTEIDEAL 7 – DG EMPL

(Iomlán gealltanas = Iomlán íocaíochtaí)

96.280

96.280

96.280

96.280

96.280

96.280

96.280

673.962

EUR milliúin (go dtí an tríú deachúil)

DG SANTE

2.021

2.022

2.023

2.024

2.025

2.026

2.027

Tar éis 2027

IOMLÁN

Acmhainní daonna

1.435

1.435

1.435

1.435

1.435

1.435

1.435

10.045

Caiteachas riaracháin eile

0.108

0.108

0.108

0.108

0.108

0.108

0.108

0.756

IOMLÁN leithreasaí faoi CHEANNTEIDEAL 7 – DG SANTE

(Iomlán gealltanas = Iomlán íocaíochtaí)

1.543

1.543

1.543

1.543

1.543

1.543

1.543

10.801

EUR milliúin (go dtí an tríú deachúil)

IOMLÁN

2.021

2.022

2.023

2.024

2.025

2.026

2.027

Tar éis 2027

IOMLÁN

Acmhainní daonna

92.642

92.642

92.642

92.642

92.642

92.642

92.642

648.493

Caiteachas riaracháin eile

5.181

5.181

5.181

5.181

5.181

5.181

5.181

36.270

IOMLÁN leithreasuithe faoi CHEANNTEIDEAL 7 den chreat airgeadais ilbhliantúil

(Iomlán gealltanas = Iomlán íocaíochtaí)

97.823

97.823

97.823

97.823

97.823

97.823

97.823

684.763

EUR milliúin (go dtí an tríú deachúil)

2.021

2.022

2.023

2.024

2.025

2.026

2.027

Tar éis 2027

IOMLÁN

IOMLÁN leithreasuithe
ar fud na gCEANNTEIDEAL
den chreat airgeadais ilbhliantúil
 

Gealltanais

254.864

258.025

262.249

265.537

268.892

272.313

276.881

1.858,763

Íocaíochtaí

139.636

188.954

217.001

228.971

234.851

240.001

243.863

365.484

1.858,763

3.2.2.Achoimre ar an tionchar a mheastar a bheidh ag an togra/tionscnamh ar leithreasuithe de chineál riaracháin

   Ní éilíonn an togra/tionscnamh go núsáidfear leithreasuithe de chineál riaracháin

Éilíonn an togra/tionscnamh go núsáidfear leithreasuithe de chineál riaracháin mar a mhínítear thíos:

EUR milliúin (go dtí an tríú deachúil)

Blianta

2.021

2.022

2.023

2.024

2.025

2.026

2.027

IOMLÁN

DG EMPL

Maidir le hacmhainní daonna, is ar an leithdháileadh arna dheonú do DG EMPL in 2018 (SEC(2017) 528) atá na figiúirí thíos bunaithe, agus is as an leithdháileadh sin a baineadh na baill foirne arna leithdháileadh ar an gCiste Eorpach don Domhandú, faoi réir togra ar leithligh COM(2018)XXX.

Maidir le caiteachas riaracháin eile, taispeántar thíos an clúdach iomlánaíoch, caiteachas a bhaineann le CED san áireamh.

CEANNTEIDEAL 7
den chreat airgeadais ilbhliantúil

Acmhainní daonna

91.207

91.207

91.207

91.207

91.207

91.207

91.207

638.448

Caiteachas riaracháin eile

5.073

5.073

5.073

5.073

5.073

5.073

5.073

35.514

Fo-iomlán CHEANNTEIDEAL 7 den chreat airgeadais ilbhliantúil

96.280

96.280

96.280

96.280

96.280

96.280

96.280

673.962

DG SANTE

CEANNTEIDEAL 7
den chreat airgeadais ilbhliantúil

Acmhainní daonna

1.435

1.435

1.435

1.435

1.435

1.435

1.435

10.045

Caiteachas riaracháin eile

0.108

0.108

0.108

0.108

0.108

0.108

0.108

0.756

Fo-iomlán CHEANNTEIDEAL 7 den chreat airgeadais ilbhliantúil

1.543

1.543

1.543

1.543

1.543

1.543

1.543

10.801

IOMLÁN

CEANNTEIDEAL 7
den chreat airgeadais ilbhliantúil

Acmhainní daonna

92.642

92.642

92.642

92.642

92.642

92.642

92.642

648.493

Caiteachas riaracháin eile

5.181

5.181

5.181

5.181

5.181

5.181

5.181

36.270

Fo-iomlán CHEANNTEIDEAL 7 den chreat airgeadais ilbhliantúil

97.823

97.823

97.823

97.823

97.823

97.823

97.823

684.763

Blianta

2.021

2.022

2.023

2.024

2.025

2.026

2.027

IOMLÁN

IOMLÁN

lasmuigh de CHEANNTEIDEAL 7 38
den chreat airgeadais ilbhliantúil

Acmhainní daonna

 

 

 

 

 

 

 

Caiteachas eile
de chineál riaracháin

9.050

9.050

9.050

9.050

9.050

9.050

9.050

63.350

Fo-iomlán
Lasmuigh de CHEANNTEIDEAL 7 den chreat airgeadais ilbhliantúil

9.050

9.050

9.050

9.050

9.050

9.050

9.050

63.350

IOMLÁN

106.873

106.873

106.873

106.873

106.873

106.873

106.873

748.113

Cumhdófar na hacmhainní daonna is gá agus caiteachas eile de chineál riaracháin le leithreasuithe ón Ard-Stiúrthóireacht a bhfuil bainistíocht an bhirt faoina gcúram cheana agus/nó atá ath-imlonnaithe laistigh den Ard-Stiúrthóireacht, mar aon le haon leithdháileadh breise a d’fhéadfaí a thabhairt don Ard-Stiúrthóireacht atá i mbun bainistíochta faoi chuimsiú an nós imeachta maidir le leithdháileadh bliantúil i bhfianaise na srianta buiséadacha.

Na leithreasuithe don chuid de CSE+ atá faoi bhainistíocht chomhroinnte, tá siad leagtha síos i ráiteas airgeadais reachtach Rialachán na bhForálacha Coiteanna.

3.2.2.1.Na hacmhainní daonna a mheastar a bheidh riachtanach

   Ní éilíonn an togra/tionscnamh go núsáidfear acmhainní daonna.

   Éilíonn an togra/tionscnamh go núsáidfear acmhainní daonna mar a mhínítear thíos:

Sloinnfear an meastachán in aonaid de choibhéis lánaimseartha

Blianta

2.021

2.022

2.023

2.024

2.025

2.026

2.027

 Poist don phlean bunaíochta (oifigigh agus foireann shealadach)

DG EMPL

Ceanncheathrú agus Oifigí Ionadaíocht an Choimisiúin

599

599

599

599

599

599

599

Toscaireachtaí

0

0

0

0

0

0

0

Taighde

0

0

0

0

0

0

0

DG SANTE

Ceanncheathrú agus Oifigí Ionadaíocht an Choimisiúin

9

9

9

9

9

9

9

Toscaireachtaí

0

0

0

0

0

0

0

Taighde

0

0

0

0

0

0

0

IOMLÁN Poist don phlean bunaíochta (oifigigh agus foireann shealadach)

Ceanncheathrú agus Oifigí Ionadaíocht an Choimisiúin

608

608

608

608

608

608

608

Toscaireachtaí

0

0

0

0

0

0

0

Taighde

0

0

0

0

0

0

0

Foireann sheachtrach (i gcoibhéis lánaimseartha: ) - CA, LA, SNE, INT agus JED 39

Ceannteideal 7

DG EMPL

Arna maoiniú as CEANNTEIDEAL 7 den chreat airgeadais ilbhliantúil 

- sa cheanncheathrú

71

71

71

71

71

71

71

- toscaireachtaí

neamhbhainteach

neamhbhainteach

neamhbhainteach

neamhbhainteach

neamhbhainteach

neamhbhainteach

neamhbhainteach

Arna maoiniú as imchlúdach an chláir  40

- sa cheanncheathrú

- toscaireachtaí

neamhbhainteach

neamhbhainteach

neamhbhainteach

neamhbhainteach

neamhbhainteach

neamhbhainteach

neamhbhainteach

DG SANTE

Arna maoiniú as CEANNTEIDEAL 7 den chreat airgeadais ilbhliantúil 

- sa cheanncheathrú

2

2

2

2

2

2

2

- toscaireachtaí

neamhbhainteach

neamhbhainteach

neamhbhainteach

neamhbhainteach

neamhbhainteach

neamhbhainteach

neamhbhainteach

Arna maoiniú as imchlúdach an chláir  41

- sa cheanncheathrú

neamhbhainteach

neamhbhainteach

neamhbhainteach

neamhbhainteach

neamhbhainteach

neamhbhainteach

neamhbhainteach

- toscaireachtaí

neamhbhainteach

neamhbhainteach

neamhbhainteach

neamhbhainteach

neamhbhainteach

neamhbhainteach

neamhbhainteach

Taighde

neamhbhainteach

neamhbhainteach

neamhbhainteach

neamhbhainteach

neamhbhainteach

neamhbhainteach

neamhbhainteach

Eile (sonraigh)

neamhbhainteach

neamhbhainteach

neamhbhainteach

neamhbhainteach

neamhbhainteach

neamhbhainteach

neamhbhainteach

IOMLÁN Foireann sheachtrach (i gcoibhéis lánaimseartha)

73

73

73

73

73

73

73

MÓRIOMLÁN

681

681

681

681

681

681

681

Soláthrófar na hacmhainní daonna is gá le baill foirne ón Ard-Stiúrthóireacht a bhfuil bainistíocht an bhirt faoina gcúram cheana agus/nó a ath-imlonnófar laistigh den Ard-Stiúrthóireacht, mar aon le haon leithdháileadh breise a d’fhéadfaí a thabhairt don Ard-Stiúrthóireacht atá i mbun bainistíochta faoi chuimsiú an nós imeachta maidir le leithdháileadh bliantúil i bhfianaise na srianta buiséadacha.

Cur síos ar na cúraimí a bheidh le déanamh:

Oifigigh agus pearsanra sealadach

Bainistiú, maoiniú agus iniúchad an chláir

Pearsanra seachtrach

Bainistiú, maoiniú agus iniúchad an chláir

3.2.3.Ranníocaíochtaí ó thríú páirtithe

Leis an togra/tionscnamh seo:

   ní dhéantar foráil maidir le cómhaoiniú le tríú páirtithe

   déantar foráil maidir leis an gcómhaoiniú le tríú páirtithe atá réamh-mheasta thíos:

Leithreasuithe in EUR milliúin (go dtí an tríú deachúil)

Blianta

2.021

2.022

2.023

2.024

2.025

2.026

2.027

IOMLÁN

LEE/CSTE 

iontráil mheabhráin

iontráil mheabhráin

iontráil mheabhráin

iontráil mheabhráin

iontráil mheabhráin

iontráil mheabhráin

iontráil mheabhráin

iontráil mheabhráin

Tíortha is iarrthóirí

iontráil mheabhráin

iontráil mheabhráin

iontráil mheabhráin

iontráil mheabhráin

iontráil mheabhráin

iontráil mheabhráin

iontráil mheabhráin

iontráil mheabhráin

Tríú tíortha, lena náirítear tíortha comharsanacha

iontráil mheabhráin

iontráil mheabhráin

iontráil mheabhráin

iontráil mheabhráin

iontráil mheabhráin

iontráil mheabhráin

iontráil mheabhráin

iontráil mheabhráin

IOMLÁN leithreasuithe cómhaoinithe

iontráil mheabhráin

iontráil mheabhráin

iontráil mheabhráin

iontráil mheabhráin

iontráil mheabhráin

iontráil mheabhráin

iontráil mheabhráin

iontráil mheabhráin

3.3.An tionchar a mheastar a bheidh ar ioncam

   Ní bheidh tionchar airgeadais ar bith ag an togra ar ioncam.

   Beidh an tionchar airgeadais seo a leanas ag an togra/tionscnamh:

   ar acmhainní dílse

    ar ioncam eile

má tá an tioncam sannta do línte caiteachais, sonraigh sin    

EUR milliúin (go dtí an tríú deachúil)

Líne buiséid ioncaim:

Tionchar an togra/tionscnaimh 42

2.021

2.022

2.023

2.024

2.025

2.026

2.027

Airteagal ………….

I gcás ioncam atá sannta, sonraigh na línte buiséid a nimrítear tionchar orthu.

[…]

Aon rud eile (e.g. an modh nó an fhoirmle a úsáideadh chun an tionchar ar ioncam a ríomh nó aon fhaisnéis eile).

[…]

(1)    COM(2018) 322 final, 2.5.2018.
(2)    Rún ó na Náisiún Aontaithe, arna ghlacadh an 25 Meán Fómhair 2015, http://www.un.org/ga/search/view_doc.asp?symbol=A/RES/70/1&Lang=E
(3)    I gcomhréir leis an Treoirphlean um Chomhar Earnála maidir le Scileanna, ceann de phríomhghníomhaíochtaí an Clár Oibre Scileanna don Eoraip.
(4)    An Sainghrúpa Ardleibhéil maidir le monatóireacht a dhéanamh ar shimpliú do thairbhithe de chistí ESI (2017), “Príomh-mholtaí an tSainghrúpa Ardleibhéil maidir le simpliú a dhéanamh ar bheartas comhtháthaithe post-2020:  http://ec.europa.eu/regional_policy/en/information/publications/reports/2017/esif-simplification-hlg-proposal-for-policymakers-for-post-2020 .
(5)    Ibid.
(6)    Meastóireacht ex post ar chláir CSE 2007-2013, Doiciméad Oibre Foirne de chuid an Choimisiúin (SWD(2016)452 final, 12.12.2016)
(7)     http://ec.europa.eu/social/BlobServlet?docId=6470&langId=en
(8)    Staidéar ar an tacaíocht a tugadh le cistí ESI le haghaidh cur chun feidhme moltaí-tírshonracha agus le haghaidh athchóirithe struchtúracha sna Ballstáit.
(9)    Conclúidí agus moltaí críochnaitheacha an tSainghrúpa Ardleibhéil maidir le simpliú a dhéanamh ar bheartas comhtháthaithe post-2020, lgh 12-13, http://ec.europa.eu/regional_policy/sources/newsroom/pdf/simplification_proposals.pdf .
(10)    Staidéar atá ina thaca ag an measúnú tionchair ar infheistíochtaí i gcaipiteal daonna, an Coimisiún Eorpach (fós idir lámha).
(11)    Tuarascáil ar an gcomhairliúchán oscailte poiblí ar an meastóireacht mhéantéarma ar CCEDD, Eanáir 2018: https://publications.europa.eu/s/fo2y .
(12)     http://ec.europa.eu/transparency/regdoc/?fuseaction=ia&language=ga  
(13)    Féach an staidéar atá ina thaca ag an measúnú tionchair ar infheistíochtaí i gcaipiteal daonna, DG EMPL (fós idir lámha). “Tríd is tríd, ba é tuairim na ngeallsealbhóirí éagsúla a mbíonn plé acu le bainistiú CSE nach bhfuil sé inmhianaithe CED a chomhtháthú le cistí eile de chuid DG EMPL.”
(14)    IO C […], […], lch. […].
(15)    IO C […], […], lch. […].
(16)    .
(17)    COM(2016) 739 final.
(18)    COM(2018) 51 final.
(19)    Cinneadh 2013/755/AE ón gComhairle an 25 Samhain 2013 maidir le comhlachas na dtíortha agus na gcríoch thar lear leis an Aontas Eorpach (an Cinneadh maidir le Comhlachas Thar Lear) (IO L 344, 19.12.2013, lch. 1).
(20)    Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 883/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Meán Fómhair 2013 maidir le himscrúduithe arna ndéanamh ag an Oifig Eorpach Frith-Chalaoise (OLAF) agus lena naisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1073/1999 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Rialachán (Euratom) Uimh. 1074/1999 ón gComhairle (IO L 248, 18.9.2013, lch. 1).
(21)    Rialachán (CE, Euratom) Uimh. 2988/95 ón gComhairle an 18 Nollaig 1995 maidir le leasanna airgeadais na gComhphobal Eorpach a chosaint (IO L 312, 23.12.1995, lch. 1).
(22)    Rialachán (Euratom, CE) Uimh. 2185/96 ón gComhairle an 11 Samhain 1996 maidir le seiceálacha agus cigireachtaí ar an láthair arna ndéanamh ag an gCoimisiún chun leasanna airgeadais na gComhphobal Eorpach a chosaint i gcoinne na calaoise agus neamhrialtachtaí eile (IO L 292, 15.11.1996, lch. 2).
(23)    Rialachán (AE) 2017/1939 an 12  Deireadh Fómhair 2017 ón gComhairle lena gcuirtear chun feidhme comhar feabhsaithe maidir le bunú Oifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh (‘OIPE’) (IO L 283, 31.10.2017, lch. 1).
(24)    Treoir (AE) 2017/1371 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 5 Iúil 2017 maidir leis an gcomhrac in aghaidh na calaoise ar leasanna airgeadais an Aontais trí bhíthin an dlí choiriúil (IO L 198, 28.7.2017, lch. 29).
(25)    Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Feabhra 2011 lena leagtar síos na rialacha agus na prionsabail ghinearálta a bhaineann leis na sásraí maidir le rialú ag na Ballstáit ar fheidhmiú cumhachtaí cur chun feidhme ag an gCoimisiún (IO L 55, 28.2.2011, lch. 13).
(26)    Tá moladh maidir le Measúnú ar Theicneolaíocht na Sláinte glactha ag an gCoimisiún (COM(2018)51 final)
(27)    Cinneadh Uimh. 1082/2013/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 22 Deireadh Fómhair 2013 maidir le bagairtí tromchúiseacha trasteorann don tsláinte, agus lena naisghairtear Cinneadh Uimh. 2119/98/CE (Téacs atá ábhartha maidir le LEE); IO : JOL 2013 293_R_0001_01
(28)    IO L 123, 12.5.2016, lch. 13.
(29)    Rialachán (AE) Uimh. 1304/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Nollaig 2013 maidir le Ciste Sóisialta na hEorpa agus lena naisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1081/2006 ón gComhairle (IO L 347, 20.12.2013, lch. 470).
(30)    Rialachán (AE) Uimh. 223/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Márta 2014 maidir leis an gCiste um Chabhair Eorpach do na Daoine is Díothaí (IO L 72, 12.3.2014, lch. 1).
(31)    Rialachán (AE) Uimh. 1296/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2013 maidir le Clár an Aontais Eorpaigh um Fhostaíocht agus um Nuálaíocht Shóisialta (“EaSI”) agus lena leasaítear Cinneadh Uimh. 283/2010/AE lena mbunaítear Saoráid Mhicreamhaoiniúcháin don Dul Chun Cinn Eorpach le haghaidh fostaíochta agus cuimsiú sóisialta (IO L 347, 20.12.2013, lch. 238).
(32)    Rialachán (AE) Uimh. 282/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Márta 2014 maidir le tríú Clár a bhunú do ghníomhaíocht an Aontais i réimse na sláinte (2014-2020) agus lena naisghairtear Cinneadh Uimh. 1350/2007/CE (IO L 86, 21.3.2014, lch. 1).
(33)    Mar a thagraítear dó in Airteagal 58(2)(a) nó (b) den Rialachán Airgeadais.
(34)    Is féidir mionsonraí ar na modhanna bainistíochta agus tagairtí don Rialachán Airgeadais a fheiceáil ar shuíomh gréasáin Ard-Stiúrthóireacht an Bhuiséid: https://myintracomm.ec.europa.eu/budgweb/EN/man/budgmanag/Pages/budgmanag.aspx  
(35)    CSTA: Comhlachas Saorthrádála na hEorpa.
(36)    Tíortha is iarrthóirí agus, nuair is iomchuí, iarrthóirí ionchasacha ó na Balcáin Thiar.
(37)    Cúnamh agus caiteachas teicniúil agus/nó riaracháin ar mhaithe le cláir agus/nó bearta de chuid AE (seanlínte “BA”) a chur chun feidhme, taighde indíreach, taighde díreach.
(38)    Cúnamh agus caiteachas teicniúil agus/nó riaracháin ar mhaithe le cláir agus/nó bearta de chuid AE (seanlínte “BA”) a chur chun feidhme, taighde indíreach, taighde díreach.
(39)    CA = Ball foirne ar conradh; LA= Ball foirne áitiúil; SNE= Saineolaí náisiúnta ar iasacht; INT= Ball foirne gníomhaireachta; JPD = Gairmí Sóisearach i dToscaireacht.
(40)    Fo-uasteorainn d’fhoireann sheachtrach arna cumhdach ag leithreasuithe faoi chomhair oibríochtaí (na seanlínte “BA”).
(41)    Fo-uasteorainn d’fhoireann sheachtrach arna cumhdach ag leithreasuithe faoi chomhair oibríochtaí (na seanlínte “BA”).
(42)    A fhad a bhaineann le hacmhainní dílse traidisiúnta (dleachtanna talmhaíochta, tobhaigh siúcra), ní mór na méideanna a luaitear a bheith ina nglanmhéideanna, i.e. méideanna comhlána agus 20 % de na costais bhailiúcháin a bheith bainte astu.

An Bhruiséil,30.5.2018

COM(2018) 382 final

IARSCRÍBHINNÍ

a ghabhann leis an togra le haghaidh

RIALACHÁN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

maidir le Ciste Sóisialta na hEorpa Plus (CSE+)

{SEC(2018) 273 final}
{SWD(2018) 289 final}


IARSCRÍBHINN I 1

Comhtháscairí do thacaíocht ghinearálta ón tsraith de CSE+ atá faoi bhainistíocht chomhroinnte

Tá gach sonra pearsanta le miondealú de réir inscne (fireann, baineann, ‘neamh-dénártha’). Má tá torthaí áirithe ann nach bhfuil intugtha, ní gá sonraí ina leith a bhailiú agus a thuairisciú.

(1) Comhtháscairí aschuir a bhaineann le hoibríochtaí arb iad daoine a sprioc:

(1a) Comhtháscairí aschuir maidir le rannpháirtithe

Ag seo na comhtháscairí aschuir do rannpháirtithe:

daoine dífhostaithe, lena n-áirítear daoine atá dífhostaithe go fadtéarmach*,

daoine atá dífhostaithe go fadtéarmach*,

daoine neamhghníomhacha*,

daoine fostaithe, lena n-áirítear daoine féinfhostaithe*,

daoine faoi bhun 30 bliain d'aois*,

daoine os cionn 54 bliana d'aois*,

daoine ag a bhfuil oideachas meánscoile íochtaraí nó níos lú ná sin (ISCED 0-2)*,

daoine a bhfuil oideachas meánscoile uachtaraí (ISCED 3) nó oideachas iar-mheánscoile (ISCED 4) acu*,

daoine a bhfuil oideachas treasach (ISCED 5 nó 8) acu*.

Tá an líon iomlán rannpháirtithe le ríomh go huathoibríoch ar bhonn na gcomhtháscairí aschuir a bhaineann le stádas fostaíochta.

(1b) Comhtháscairí aschuir eile

Más rud é nach ó chláir sonraí a bhailítear sonraí na dtáscairí seo, is féidir luachanna na dtáirgí a ríomh ar bhonn meastacháin feasacha ón tairbhí.

rannpháirtithe faoi mhíchumas**,

náisiúnaigh tríú tíortha*,

rannpháirtithe de chúlra eachtrach*,

mionlaigh (lena n-áirítear pobal imeallaithe amhail na Romaigh), 

daoine atá gan dídean nó daoine a ndéanann eisiamh tithíochta difear dóibh*,

rannpháirtithe ó cheantair thuaithe*.

(2) Ag seo na comhtháscairí aschuir d’eintitis:

an líon riarachán poiblí nó seirbhísí poiblí ar an leibhéal náisiúnta, réigiúnach nó áitiúil, a bhfuil tacaíocht á fáil acu,

an líon micreaghnóthas, gnóthas beag agus meánmhéide (lena n-áirítear fiontair chomhair agus fiontair shóisialta) a bhfuil tacaíocht á fáil acu.

(3) Ag seo na comhtháscairí toraidh láithreacha do rannpháirtithe:

 

rannpháirtithe atá ag lorg poist i ndiaidh na rannpháirtíochta*,

rannpháirtithe in oideachas/oiliúint i ndiaidh na rannpháirtíochta*,

rannpháirtithe a ghnóthaigh cáilíocht i ndiaidh na rannpháirtíochta,

rannpháirtithe i bhfostaíocht, lena n-áirítear féinfhostaíocht, i ndiaidh na rannpháirtíochta*.

(4) Comhtháscairí toraidh fadtéarmacha do rannpháirtithe:

rannpháirtithe féinfhostaithe, lena n-áirítear féinfhostaíocht, sé mhí tar éis na rannpháirtíochta,

rannpháirtithe arbh fhearr a staid sa mhargadh saothair sé mhí tar éis na rannpháirtíochta*. 

Tá sé ina íoscheangal na sonraí sin a bhailiú ar bhonn sampla ionadaíoch de na rannpháirtithe laistigh de gach cuspóir sonrach. Tá bailíocht inmheánach an tsampla le háirithiú i gcaoi go bhféadfar na sonraí a ghinearálú ar leibhéal an chuspóra shonraigh.



IARSCRIBHINN II

Comhtháscairí don tacaíocht ó CSE+ chun dul i ngleic le díth ábhartha

(1) Táscairí aschuir

(a) Luach airgid iomlán an bhia agus na n-earraí arna ndáileadh.

(b) Luach iomlán na tacaíochta bia arna dáileadh (tonnaí).

Den mhéid sin 2 :

(3) Comhtháscairí toraidh 3

An líon faighteoirí deiridh atá ag fáil tacaíocht bia

- An líon páistí faoi bhun 18 mbliana d’aois

- An líon daoine óg atá idir 18 agus 29 mbliana d’aois;

- An líon faighteoirí deiridh os cionn 54 bliana d’aois,

- An líon faighteoirí deiridh faoi mhíchumas,

- An líon náisiúnach tríú tír;

- An líon faighteoirí deiridh de chúlra eachtrach, agus mionlaigh (lena n-áirítear pobail imeallaithe amhail na Romaigh),

- An líon faighteoirí deiridh atá gan dídean nó a ndéanann eisiamh tithíochta difear dóibh

An líon faighteoirí deiridh atá ag fáil tacaíocht ábhartha

- An líon páistí faoi bhun 18 mbliana d’aois

- An líon daoine óg atá idir 18 agus 29 mbliana d’aois

- An líon faighteoirí deiridh os cionn 54 bliana d’aois

- An líon faighteoirí deiridh faoi mhíchumas

- An líon náisiúnach tríú tír

- An líon faighteoirí deiridh de chúlra eachtrach, agus mionlaigh (lena n-áirítear pobail imeallaithe amhail na Romaigh)

- An líon faighteoirí deiridh atá gan dídean nó a ndéanann eisiamh tithíochta difear dóibh



IARSCRÍBHINN III

Táscairí don tsraith Sláinte

An leibhéal d’obair chomhtháite i réimse na sláinte agus úsáid thorthaí an chláir i mbeartais sláinte náisiúnta

1. An líon othar a bhfuil Líonraí Tagartha Eorpacha ag tacú leo

2. An líon measúnuithe cliniciúla comhpháirteacha a bhaineann le teicneolaíochtaí sláinte

3. An líon dea-chleachtas arna n-aistriú

4. An méid úsáide a bhaintear as torthaí an chláir i mbeartais náisiúnta sláinte, arna thomhas le suirbhé den saghas “roimhe agus ina dhiaidh”

(1)    Na sonraí a thuairiscítear faoi na táscairí a bhfuil * in aice leo, is sonraí pearsanta iad de réir Airteagal 4(1) de Rialachán (AE) 2016/679. Na sonraí a thuairiscítear faoi na táscairí a bhfuil ** in aice leo, is catagóir speisialta sonraí iad de réir Airteagal 9 de Rialachán (AE) 2016/679.
(2)    Is ar bhonn an mheastacháin fheasaigh ó na tairbhithe a ríomhfar luachanna na dtáscairí sin.
(3)    Ibid.