An Bhruiséil,24.5.2018

COM(2018) 339 final

2018/0171(COD)

Togra le haghaidh

RIALACHÁN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

maidir le hurrúis de bhun bannaí ceannasacha

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

{SEC(2018) 251 final}
{SWD(2018) 252 final}
{SWD(2018) 253 final}


MEABHRÁN MÍNIÚCHÁIN

1.COMHTHÉACS AN TOGRA

Forais agus cuspóirí an togra

Is é aidhm an togra seo forbairt Urrús de bhun Bannaí Ceannasacha (SBBSanna) atá faoi thionchar an éilimh mhargaidh a chumasú chun tacú le tuilleadh comhtháthaithe agus éagsúlaithe a bhaint amach laistigh d’earnáil airgeadais na hEorpa, rud a chruthóidh Aontas Eacnamaíoch agus Airgeadaíochta níos láidre agus níos athléimní. Leis an tionscnamh seo, comhlánaítear eilimintí eile den Aontas Baincéireachta agus d’Aontas na Margaí Caipitil trí fheabhas a chur ar chomhtháthú, ar éagsúlú riosca agus ar laghdú riosca sa chóras airgeadais.

Ó theacht chun cinn na géarchéime airgeadais domhanda agus ghéarchéim fiachais cheannasaigh an limistéir euro, tá dul chun cinn suntasach déanta ar earnáil airgeadais an Aontais Eorpaigh agus an limistéir euro a chobhsú agus ar na dálaí a chruthú le haghaidh tuilleadh comhtháthaithe a bhaint amach trí rialacha coiteanna láidre stuamachta agus réitigh a chur chun feidhme le haghaidh institiúidí airgeadais. Ba as athchóirithe amhail an Treoir maidir le Téarnamh agus Réiteach na mBanc 1 , as an Sásra Maoirseachta Aonair agus an Sásra Réitigh Aonair a chruthú 2 agus as an Rialachán maidir le Ceanglais Chaipitil 3 , i measc nithe eile, a tháinig an dul chun cinn sin. Dá ainneoin sin, dá ndéanfaí margaí airgeadais a chomhtháthú agus a éagsúlú tuilleadh ar fud teorainneacha náisiúnta, d’fhéadfaí an Eoraip agus a hAontas Eacnamaíoch agus Airgeadaíochta a dhéanamh níos athléimní trí fheabhas a chur ar éagsúlú riosca agus ar mhaolú turrainge trí na margaí caipitil. Is é sin an cuspóir atá leis an obair atá á déanamh ag an gCoimisiún ar mhargaí caipitil na hEorpa a dhoimhniú agus a chomhtháthú tuilleadh i gcomhthéacs Aontas na Margaí Caipitil. Tá earnáil bhaincéireachta an limistéir euro go háirithe leochaileach go fóill don fháinne fí idir na bainc agus fiachas ceannasach, i.e., an nasc láidir dhá threo idir an acmhainneacht chreidmheasa atá ag rialtas agus í sin atá ag na bainc ina dhlínse, ar nasc é is inchurtha go páirteach i leith chlaonadh na mbanc a bpunanna bannaí ceannasacha a chomhchruinniú ina mbannaí ceannasacha féin (rud ar a dtugtar "claontacht baile"). Ba le linn ghéarchéim fiachais cheannasaigh an limistéir euro a tháinig chun suntais an acmhainneacht iarmhartach atá ann do thógálacht dhíchobhsaitheach fhrithpháirteach agus d’éagobhsaíocht airgeadais: nuair a thagann laghdú ar an acmhainneacht chreidmheasa atá ag banna ceannasach rialtais, de bharr laghdú ar luachanna bannaí, cuirtear brú ar chlár comhardaithe na mbanc i ndlínse an rialtais lena mbaineann; cuireann trioblóidí na mbanc brú ansin ar an mbuiséad rialtais go díreach ("tarrtháil") nó, mar shampla, de bharr laghdú ar ioncam cánach ón ngníomhaíocht chreidmheasa agus eacnamaíoch níos laige. Seachas na naisc sin lena rialtas féin, tá na bainc neamhchosanta go mór go fóill ar fhorbairtí eacnamaíocha ina dtír féin freisin (de bharr éagsúlú trasteorann neamhdhóthanach).

Ina theannta sin, beag beann ar an méadú a bhí ag teacht go dtí le déanaí ar an bhfiachas poiblí foriomlán tar éis na géarchéime airgeadais domhanda, is amhlaidh gur tháinig laghdú ar an soláthar bannaí ceannasacha ardrátáilte atá ainmnithe in euro, ar bannaí iad atá ina "sócmhainní sábháilte" sa chóras airgeadais nua-aimseartha. Tháinig méadú ar an éileamh i measc na mbanc agus institiúidí airgeadais eile ar shócmhainní den sórt sin ag an am céanna, lena náirítear de bharr na gceanglas rialála nua atá orthu maoláin dhóthanacha a bheith i bhfeidhm acu le haghaidh sócmhainní fíorleachtacha (e.g., maidir le cóimheasa cumhdaigh ar leachtacht).

Is é aidhm an togra seo creat cumasúcháin a sholáthar le haghaidh forbairt Urrús de bhun Bannaí Ceannasacha (SBBSanna) atá faoi thionchar an mhargaidh, agus é mar chuid den obair atá á déanamh ag an gCoimisiún ar an Aontas Baincéireachta a chur ar aghaidh agus an tAontas Eacnamaíoch agus Airgeadaíochta a dhoimhniú, ar aon dul leis an bPáipéar Machnaimh maidir leis an Aontas Eacnamaíoch agus Airgeadaíochta a dhoimhniú a eisíodh i mí na Bealtaine 2017, agus mar a fógraíodh sa Litir Intinne a bhí ag gabháil le hAitheasc an Uachtaráin Juncker ar Staid an Aontais i mí Mheán Fómhair 2017, agus an pacáiste um an Aontas Eacnamaíoch agus Airgeadaíochta a dhoimhniú a cuireadh i láthair i mí na Nollag 2017.

Is í an earnáil phríobháideach a chruthódh na SBBSanna. Chuirfeadh eintiteas earnála príobháidí punann fholuiteach bannaí ceannasacha le chéile ón margadh agus d’aistreodh sé iad ina dhiaidh sin chuig eintiteas atá ar leithligh agus neamhspleách go dlíthiúil, ar eintiteas é a bhunófaí go sonrach chun críche sraith urrús arb ionann iad agus éilimh ar na fáltais ón bpunann fholuiteach sin a eisiúint chuig infheisteoirí agus chun na críche sin amháin. Is i seicheamh ar leith a d’iompródh na hurrúis éagsúla arna neisiúint aon chaillteanais ón bpunann fholuiteach (i.e., d’fhabhródh caillteanais ar dtús chuig sealbhóirí urrús foshinsearach, nó sealbhóirí urrús fo-ordaithe, agus tar éis na hurrúis sin a ídiú go hiomlán, agus tar a éis sin amháin, d’fhabhródh siad freisin chuig sealbhóirí éileamh sinsearach).

Ní bheadh SBBSanna ag brath ar aon chomhroinnt riosca ná ar aon fhrithpháirtiú fioscach idir na Ballstáit. Is iad infheisteoirí príobháideacha amháin a chomhroinnfeadh na rioscaí atá i gceist agus aon chaillteanais a thiocfadh chun cinn. Dá bhrí sin, is mór idir SBBSanna agus Eorabhannaí.

I lár na bliana 2016, chuir an Bord Eorpach um Riosca Sistéamach tascfhórsa ardleibhéil (ar a dtugtar tascfhórsa an Bhoird Eorpaigh um Riosca Sistéamach as seo amach) ar bun chun buanna agus indéantacht SBBSanna a mheas. Bhí tascfhórsa an Bhoird Eorpaigh um Riosca Sistéamach comhdhéanta d’ionadaithe ón mbanc ceannais agus ó na húdaráis mhaoirseachta airgeadais i gcuid mhór Ballstát, d’ionadaithe ó institiúidí Eorpacha (an Banc Ceannais Eorpach agus an Coimisiún Eorpach) agus ó ghníomhaireachtaí Eorpacha (an tÚdarás Baincéireachta Eorpach agus an tÚdarás Eorpach um Árachas agus Pinsin Cheirde), d’oifigigh bhainistíochta fiachais phoiblí agus d’acadóirí.

Tháinig tascfhórsa an Bhoird Eorpaigh um Riosca Sistéamach ar an gconclúid 4 gur féidir le margadh do SBBSanna teacht chun cinn faoi choinníollacha áirithe. Mar sin féin, ní féidir a fháil amach go cinntitheach cé acu is inmharthana atá SBBSanna nó nach ea ach amháin trí iad a thástáil ar an margadh. Leis an togra seo, réitítear an bealach le haghaidh tástáil mhargaidh den sórt sin.

Ceann de na príomhfhionnachtana ó thascfhórsa an Bhoird Eorpaigh um Riosca Sistéamach, ar fionnachtain í ar comhthacaíodh léi le linn an chaidrimh le rannpháirtithe margaidh agus le páirtithe leasmhara eile, is ea go bhfuil an creat rialála reatha ina bhac suntasach ar SBBSanna a fhorbairt. Faoin gcreat rialála reatha, is mar tháirgí urrúsúcháin a shainmhíneofaí SBBSanna agus, dá bhrí sin, ní chaithfí leo ar bhealach atá chomh fabhrach céanna leis an mbealach a chaithfí lena bpunann fholuiteach de bhannaí ceannasacha an limistéir euro (e.g., bheadh siad faoi réir ceanglais chaipitil níos airde, bheadh incháilitheacht theoranta acu/ní bheadh aon incháilitheacht acu do chumhdach leachtachta agus do chomhthaobhacht, bheadh siad faoi réir teorainneacha infheistíochta níos déine d’aicmí éagsúla infheisteoirí, etc.). De bharr chineál a sócmhainní foluiteacha agus iad a bheith caighdeánaithe agus simplí, áfach, tá na rioscaí a ghabhann le SBBSanna inchomparáide leo sin a ghabhann leis na bannaí ceannasacha foluiteacha, seachas iad sin a ghabhann le gnáthurrúsuithe. Mar shampla, níl aon neamhshiméadracht faisnéise ann idir eisitheoir urrúsú SBBSanna agus na hinfheisteoirí deiridh, toisc go dtrádáiltear na sócmhainní foluiteacha, agus go bhfuil dea-eolas ann orthu, ar an margadh.

Tá sé riachtanach, dá bhrí sin, go ndéanfaí an creat rialála a oiriúnú go cuí chun na tréithe uathúla atá ag SBBSanna a ghabháil. Rud tábhachtach, níl sé i gceist le SBBSanna a chumasú aon athrú a dhéanamh ar an gcóir rialála a thugtar do neamhchosaintí ceannasacha. Mar a leagadh amach sa Pháipéar Machnaimh maidir leis an Aontas Eacnamaíoch agus Airgeadaíochta a dhoimhniú a eisíodh i mí na Bealtaine 2017, bheadh mórimpleachtaí ag aon athrú den sórt sin, lena náirítear maidir le cobhsaíocht airgeadais agus cothrom iomaíochta a áirithiú do bhainc san Aontas.

Comhsheasmhacht le forálacha beartais atá sa réimse beartais cheana

Ós rud é gur coincheap nuálach iad SBBSanna agus nach ann dóibh sa chleachtas go fóill, níor cruthaíodh don chineál ionstraime sin go fóill aon rialáil iomchuí lena gcuirfí na hairíonna uathúla atá acu san áireamh.

Faoin gcreat dlíthiúil reatha, mar a léirítear thuas, is mar tháirgí urrúsúcháin a shainmhíneofaí SBBSanna. Dá bhrí sin, mar thoradh ar an gcreat rialála le haghaidh urrúsuithe – ar creat é atá iomchuí le haghaidh urrúsuithe atá ann cheana – is airde na muirir rialála a bheadh i gceist le hinfheistíocht a dhéanamh in SBBSanna ná iad sin atá i gceist le hinfheistíocht a dhéanamh go díreach i mbannaí ceannasacha an limistéir euro, arb iad punann fholuiteach SBBSanna. Maidir leis na ceanglais chaipitil atá ar na bainc, mar shampla, is mar riosca nialasach a ualaítear an riosca a bhaineann le bannaí ceannasacha an limistéir euro (is é sin le rá, ní gá do na bainc aon chaipiteal a shealbhú in aghaidh a ninfheistíochta sna bannaí sin), ach tá ceanglais chaipitil dhearfacha ag baint le hinfheistíochtaí i dtráinsí urrúsúcháin agus — ag brath ar shinsearacht na dtráinsí — bíonn na ceanglais sin anard go minic.

Is ó rioscaí atá sainiúil don urrúsú a thagann an túdar leis na muirir níos airde sin atá ar tháirgí urrúsúcháin i gcoitinne (rud ar a dtugtar “neamhneodracht” an chreata urrúsúcháin), go háirithe mar gheall ar an bhfaisnéis neamhshiméadrach atá ann idir tionscnóir na dtáirgí urrúsúcháin agus na hinfheisteoirí. Is gnách go ndéantar an scéal sin níos measa de bharr chineál doiléir na sócmhainní urrúsaithe agus de bharr chastacht an struchtúir, a bhfuil rioscaí gníomhaireachta agus rioscaí dlíthiúla i gceist leis. I gcás gnáthurrúsuithe, tagann an riosca gníomhaireachta ón bhfíric gur mó i bhfad an teolas atá ag tionscnóirí táirgí den sórt sin ar na sócmhainní dá bhfuil an comhthiomsú urrúsuithe comhdhéanta ná an teolas atá ag infheisteoirí orthu. Is léir go dtarlaíonn sé sin, mar shampla, i gcás ina ndéanann banc morgáistí a eisiúint agus iad a urrú ansin. Ní fhaigheann infheisteoir rochtain ar an bhfaisnéis chéanna faoi na hiasachtaithe morgáiste agus a fhaigheann an banc. Dá bhrí sin, d’fhéadfadh go nglacfadh siad leis go ndéanfadh an banc na morgáistí is mó brabús/is lú riosca a urrú ar dtús nó nach ndéanfadh sé ach morgáistí den sórt sin a urrú. Is mar thoradh ar an bhfadhb ghníomhaireachta sin a chuirtear cosc ar a lán infheisteoirí institiúideacha agus ar na bainc infheistíocht a dhéanamh in urrúsuithe, seachas i gcás ina gcoinníonn an teisitheoir roinnt neamhchosanta ar na sócmhainní foluiteacha.

Táirge airgeadais ar leith a bhfuil dhá shaintréith phríomha aige is ea SBBSanna, áfach. Ar an gcéad dul síos, níl cuid mhór de na neamhshiméadrachtaí faisnéise agus de na castachtaí a ghabhann le gnáthstruchtúr urrúsúcháin i gceist leo toisc go bhfuil comhthiomsú foluiteach SBBSanna comhdhéanta de bhannaí rialtais láir an limistéir euro. Tá dea-eolas agus dea-thuiscint ag rannpháirtithe margaidh ar na sócmhainní sin. Ina theannta sin, is réamhshocraithe atá struchtúr an chomhthiomsaithe sócmhainní fholuitigh le haghaidh SBBSanna (e.g., bheadh ualach bhannaí rialtais láir na mBallstát aonair ag teacht leis an ranníocaíocht a dhéanann siad le caipiteal an Bhainc Cheannais Eorpaigh agus ba bheag a dhiallfaí uaidh sin). Ar an dara dul síos, déantar bannaí ceannasacha an limistéir euro a thrádáil go rialta sna margaí. Fágann sé sin gur féidir le haon duine neamhchosaint airgeadais a ghnóthú orthu gan dul i muinín urrúsúcháin.

Dá bhrí sin, níl aon údar ann le muirir rialála atá sainiúil don urrús a ghearradh ar SBBSanna, mar a shainmhínítear sa togra rialála seo.

Tugtar leis an togra seo aghaidh ar fhadhb atá cosúil leis an gceann sin ar tugadh aghaidh air leis an Rialachán maidir le hUrrúsú Simplí Trédhearcach Caighdeánaithe, rud a tugadh isteach le déanaí. Rud sonrach, is é an réasúnaíocht atá taobh thiar den Rialachán maidir le hUrrúsú Simplí Trédhearcach Caighdeánaithe (Rialachán (AE) 2017/2402) gurb amhlaidh, i gcás inarb ann d’urrúsuithe atá struchtúrtha ar bhealach simplí trédhearcach caighdeánaithe agus de réir chaighdeáin an Aontais, go gcuirfí bac míchuí ar fhorbairt na nurrús sin mura naithneofaí na hairíonna atá acu trí chóir rialála shonrach a úsáid (ar cóir í a bheadh níos fabhraí sa chleachtas).

De bharr chineál speisialta sócmhainní foluiteacha SBBSanna, is iad sin bannaí rialtais láir an limistéir euro, is soiléire fós an difríocht idir an chóir rialála a thugtar d’urrúsuithe (traidisiúnta) agus riosca/éiginnteacht iarbhír na hionstraime i gcás SBBSanna ná mar a bhí i gcás urrúsuithe simplí trédhearcacha caighdeánaithe. Tá sé sin amhlaidh ar dhá chúis: (1) tá na sócmhainní foluiteacha (i.e., bannaí ceannasacha an limistéir euro) níos simplí, níos trédhearcaí agus níos caighdeánaithe fós; agus (2) faigheann bannaí ceannasacha an limistéir euro an chóir rialála is fabhraí i bhfianaise na nairíonna agus na bhfeidhmeanna atá acu san earnáil airgeadais.

Ina theannta sin, tá cinntí infheistíochta maidir le bannaí rialtais íogair go háirithe i leith costas agus táillí mar gheall ar na méideanna, ar an iomaíocht láidir agus ar an bhfíorleachtacht mhargaidh atá i gceist leo. Ó thaobh aon institiúide airgeadais a bhfuil sé ar intinn aici infheistíocht a dhéanamh i sócmhainní den sórt sin, áirítear leis na costais atá i gceist an costas caipitil a bhaineann leis na sócmhainní a cheannach. Dá bhrí sin, mura dtugtar aghaidh ar an mbacainn rialála sin, is dóigh gur mó fós a chuirfí isteach ar fhorbairt an mhargaidh do SBBSanna ná mar a tharlódh, mar shampla, i gcás urrúsuithe simplí trédhearcacha caighdeánaithe.

Comhsheasmhacht le beartais eile de chuid an Aontais

Má táthar chun an tAontas Baincéireachta a chur i gcrích, beidh sé ríthábhachtach laghdú a dhéanamh ar na rioscaí do chobhsaíocht airgeadais trí éagsúlú phunann bannaí ceannasacha na mbanc a éascú agus tríd an bhfáinne fí idir na bainc agus fiachas ceannasach a lagú tuilleadh.

Tá an togra reachtach seo mar chuid den obair atá á déanamh ag an gCoimisiún ar an Aontas Baincéireachta agus Aontas na Margaí Caipitil a fheabhsú. Is é an aidhm atá leis teacht chun cinn margaidh éifeachtúil do SBBSanna a chumasú le himeacht ama. Dá réir sin, d’fhéadfadh SBBSanna tacú le tuilleadh éagsúlaithe punann san earnáil airgeadais agus foinse nua comhthaobhachta ardchaighdeáin a chruthú ag an am céanna, ar comhthaobhacht í a bheadh oiriúnach go háirithe dá húsáid in idirbhearta airgeadais trasteorann. D’fhéadfadh bannaí ceannasacha arna neisiúint i margaí beaga nach bhfuil chomh leachtach céanna bheith níos tarraingtí d’infheisteoirí idirnáisiúnta dá bharr sin freisin. Chothódh sé sin comhroinnt riosca agus laghdú riosca san earnáil phríobháideach agus chuirfeadh sé leithdháileadh níos éifeachtúla rioscaí chun cinn i measc infheisteoirí. Ina theannta sin, dá gcumasófaí SBBSanna, mhéadófaí an raon ionstraimí atá ar fáil ar mhargaí airgeadais, rud a chuirfeadh leis an obair atá á déanamh ag an gCoimisiún ar mhargaí caipitil na hEorpa a dhoimhniú agus a chomhtháthú tuilleadh i gcomhthéacs Aontas na Margaí Caipitil. Trí chabhrú ar an mbealach sin leis an Aontas Baincéireachta a chur i gcrích agus le hAontas na Margaí Caipitil a chur ar aghaidh, rannchuideodh SBBSanna go mór leis an Aontas Airgeadais a chur ar aghaidh agus leis an Aontas Eacnamaíoch agus Airgeadaíochta a dhoimhniú ag an am céanna.

Mar a luadh, beidh SBBSanna ina nionstraim mhargadhbhunaithe ar dóigh di teacht chun cinn de réir a chéile mar dheis infheistíochta chomhlántach mhalartach, taobh le bannaí ceannasacha. Ní mheastar go mbeidh aon tionchar diúltach ábhartha ag SBBSanna ar mhargaí bannaí náisiúnta atá ann cheana agus ní mheastar go nglacfaidh siad áit na margaí sin ach oiread.

Ó thaobh coincheapa de, ní ionann SBBSanna agus an tsócmhainn shábháilte Eorpach a pléadh sa Pháipéar Machnaimh maidir leis an Aontas Eacnamaíoch agus Airgeadaíochta a dhoimhniú a eisíodh i mí na Bealtaine 2017. Murab ionann agus SBBSanna, bheadh an tsócmhainn shábháilte Eorpach ina hionstraim airgeadais nua le haghaidh fiachas a eisiúint go coiteann. Beidh sé riachtanach roinnt ceisteanna casta dlíthiúla, polaitiúla agus institiúideacha a iniúchadh go mion sula bhféadfar aon sócmhainn shábháilte Eorpach den sórt sin a fhorbairt. Ba ghá an tsócmhainn sin a dhearadh ar aon dul leis na teorainneacha atá sa Chonradh i ndáil le comhroinnt riosca san earnáil phoiblí, go háirithe "clásal an toirmisc ar tharrtháil airgeadais" (Airteagal 125 CFAE). Sa Treochlár a chuirtear i láthair sa Pháipéar Machnaimh dá dtagraítear thuas, féachtar ar shócmhainn shábháilte Eorpach den sórt sin a eisiúint mar bheart eile a d’fhéadfaí a dhéanamh le linn na tréimhse suas go dtí an bhliain 2025. Is nuálaíocht don mheántéarma í, mar sin.

2.BUNÚS DLÍ, COIMHDEACHT AGUS COMHRÉIREACHT

Bunús dlí

Uirlis a bhfuil mar aidhm leo cobhsaíocht airgeadais agus comhroinnt riosca a fheabhsú ar fud an limistéir euro is ea SBBSanna. Is féidir leo, ar an mbealach sin, an margadh inmheánach a dhoimhniú tuilleadh. Dá bhrí sin, is é Airteagal 114 CFAE an bunús dlí don togra seo, ar Airteagal é lena dtugtar an inniúlacht do na hinstitiúidí Eorpacha forálacha iomchuí a leagan síos a bhfuil bunú agus feidhmiú an mhargaidh inmheánaigh mar chuspóir leo.

Coimhdeacht (maidir le hinniúlacht neamheisiach)

Leagtar síos i roinnt píosaí reachtaíochta ón Aontas na baic rialála shainaitheanta atá ann ar mhargaí SBBSanna a fhorbairt 5 . Mar thoradh air sin, ní bheadh gníomhaíocht ag na Ballstáit aonair in ann spriocanna an tionscnaimh reachtaigh seo a ghnóthú, i.e., deireadh a chur le baic rialála den sórt sin, ós rud é gur trí ghníomhaíocht an Aontais amháin is féidir leasuithe a dhéanamh ar reachtaíocht an Aontais.

Seachas an toisc dhlíthiúil sin, is neamhdhóthanach a bheadh gníomhaíocht ar leibhéal na mBallstát. Is é an toradh a d’fhéadfadh a bheith uirthi go "gcumasófaí" ionstraimí difriúla i mBallstáit dhifriúla. Ba dhoiléir a bheadh an margadh dá bharr agus ba i roinnt ionstraimí éagsúla a roinnfeadh sé an téileamh margaidh. Dá bharr sin, bheadh sé deacair, nó dodhéanta, fiú, d’aon cheann díobh an leachtacht riachtanach a ghnóthú. Ina theannta sin, fiú amháin i gcás ina ndíreodh gach Ballstát ar an aon ionstraim amháin, d’fhéadfadh reachtóirí náisiúnta dul san iomaíocht lena chéile chun an chóir rialála is fabhraí is féidir a thairiscint don ionstraim sin. Is iad bacainní ar an margadh aonair a thiocfadh as gníomhaíocht ar leibhéal náisiúnta sa dá chás, i.e., aghaidh a thabhairt ar tháirgí nach sainmhínítear ar an mbealach céanna nó cóir rialála dhifriúil a thabhairt dóibh. Bheadh tionchar mór ag na bacainní sin, mar gheall ar chomhtháthú anard na margaí foluiteacha bannaí rialtais agus mar gheall ar chóir rialála chomhionann na margaí sin ar fud an Aontais. Ar na cúiseanna sin ar fad, is í gníomhaíocht ar leibhéal an Aontais an ghníomhaíocht atá iomchuí agus riachtanach.

Comhréireacht

Is é aidhm an rialacháin a bheartaítear an ionstraim nua a chumasú trí dheireadh a chur le bacainní rialála ar mhargadh SBBSanna a bheith ag teacht chun cinn de réir a chéile. Tá an idirghabháil sin comhréireach toisc go mbaineann sí cothrom iomaíochta amach idir an ionstraim nua agus a sócmhainní foluiteacha. Ní mheastar go mbeidh aon tionchar ábhartha ag an togra ar mhargaí bannaí ceannasacha náisiúnta atá ann cheana.

An rogha ionstraime

Is é aidhm an togra seo forbairt SBBSanna atá faoi thionchar an éilimh mhargaidh a chumasú. Chuige sin, foráiltear leis an togra seo maidir leis na critéir atá le comhlíonadh ag an ionstraim a dtabharfar SBBSanna uirthi agus soláthraítear ann an creat maoirseachta atá riachtanach.

Chun na tairbhí spriocdhírithe a ghnóthú, is gá táirge caighdeánaithe a chumasú. Toisc gur cheart an caighdeánú sin a bheith aonfhoirmeach ar fud an Aontais, teastaíonn sainmhíniú lánchomhchuibhithe ar SBBSanna agus cóir rialála lánchomhchuibhithe SBBSanna ar leibhéal an Aontais. Foráiltear le hAirteagal 114(1) CFAE maidir leis an bunús dlí do Rialachán lena gcruthaítear forálacha aonfhoirmeacha a bhfuil mar aidhm leo feidhmiú an mhargaidh inmheánaigh a fheabhsú. Ní thiocfadh na torthaí céanna as Treoir toisc, mar gheall ar an lánrogha a fheidhmítear le linn Treoir a thrasuí, go bhféadfadh difríochtaí teacht chun cinn a d’fhéadfadh an iomaíocht a shaobhadh agus arbatráiste rialála a chruthú sa mhargadh SBBSanna.

3.TORTHAÍ Ó MHEASTÓIREACHTAÍ EX POST, Ó CHOMHAIRLIÚCHÁIN LEIS NA PÁIRTITHE LEASMHARA AGUS Ó MHEASÚNUITHE TIONCHAIR

Comhairliúcháin leis na páirtithe leasmhara

Mar chuid den mheasúnú indéantachta a rinne sé ar SBBSanna, sheol tascfhórsa an Bhoird Eorpaigh um Riosca Sistéamach comhairliúchán poiblí ag deireadh na bliana 2016 agus fuair sé ionchur agus aiseolas ó ionadaithe tionscail, mar shampla, institiúidí airgeadais éagsúla, agus ó oifigigh bhainistíochta fiachais phoiblí trí raon cruinnithe déthaobhacha agus dhá cheardlann thiomnaithe a reáchtáil sna blianta 2016 agus 2017. Ar mhaithe le dúbláil a sheachaint, níor sheol an Coimisiún comhairliúchán poiblí oscailte dá chuid féin. Ba cheart a thabhairt faoi deara nach ndírítear an tionscnamh a bheartaítear ar thomhaltóirí ná ar infheisteoirí miondíola.

Le linn an chomhairliúcháin thuasluaite le hionadaithe tionscail, iarradh aiseolas ar roinnt saincheisteanna tábhachtacha a bhaineann le cur chun feidhme féideartha SBBSanna, go háirithe maidir leis an gcóir rialála a thabharfaí do SBBSanna agus na gnéithe eacnamaíocha díobh. Léiríodh san aiseolas go háirithe go raibh comhaontú láidir ann go bhfuil ag laghdú ar an líon sócmhainní "sábháilte" (ísealriosca) atá ar fáil ar an margadh, ar líon é atá íseal cheana féin. Bhí formhór na bhfreagraithe den tuairim gur cheart, ar a laghad, an chóir rialála a thabharfaí do SBBSanna sinsearacha a bheith cothrom leis an gcóir rialála a thugtar dá mbannaí ceannasacha foluiteacha.

Cé gur chomhaontaigh na rannpháirtithe margaidh, tríd is tríd, go mbeadh comhtháthú airgeadais níos doimhne agus éagsúlú phunann bannaí ceannasacha na mbanc ag teastáil san Eoraip, ní raibh siad ar aon intinn maidir lena inmharthana atá SBBSanna. Caitheadh amhras go háirithe ar a indíolta atá an tráinse sóisearach den táirge. Tríd is tríd, chomhaontaigh na rannpháirtithe go mbeadh na nithe seo a leanas ag teastáil sula bhféadfadh margadh SBBSanna teacht chun cinn: (1) eisiúintí a bheith á gcomhordú ag Oifigigh Bhainistíochta Fiachais; (2) creat rialála lena mbaintear cothrom iomaíochta amach idir bannaí ceannasacha agus SBBSanna; (3) saintréithe simplí caighdeánaithe a bheith ag SBBSanna, lena náirítear ualaí seasta punainne ar thaobh na sócmhainne agus trí thráinse ar a mhéad ar thaobh an dliteanais; (4) sách leachtachta sa mhargadh SBBSanna; agus (5) soiléire maidir leis an nós imeachta i gcás mainneachtain cheannasach (roghnaitheach). Miondealú mionsonraithe ar na freagraí ar na príomhcheisteanna agus ar na tátail ghinearálta a tógadh ón suirbhé, cuirtear i láthair é in Imleabhar II den tuarascáil thuasluaite ó thascfhórsa an Bhoird Eorpaigh um Riosca Sistéamach.

I gceardlann thiomnaithe, chuir oifigigh bhainistíochta fiachais ábhair imní in iúl faoi dhearadh agus cur chun feidhme na SBBSanna agus bhí siad den tuairim nach gcuirfeadh na hurrúis deireadh leis an bhfáinne fí idir na bainc agus fiachas ceannasach agus nach mbeadh siad ina sócmhainn ísealriosca don limistéar euro ach oiread. Rud ba shonraí fós, bhain ábhair imní na noifigeach bainistíochta fiachais leis an tionchar a bheadh ag SBBSanna ar mhargaí bannaí ceannasacha náisiúnta (go háirithe an tionchar a bheadh acu ar leachtacht na margaí sin), leis na himpleachtaí a bheadh ag baint le bannaí ceannasacha margaí príomha agus/nó margaí tánaisteacha a bheith á gceannach ag eisitheoirí SBBSanna, agus leis an gcóir rialála a d’fhéadfaí a thabhairt do SBBSanna. Chuir siad ábhair imní in iúl faoi indéantacht theicniúil agus inmharthanacht eacnamaíoch na hionstraime nua freisin.

Seachas na comhairliúcháin thuasluaite a reáchtáladh le páirtithe leasmhara mar chuid den mheasúnú indéantachta a rinne an Bord Eorpach um Riosca Sistéamach, chuaigh an Coimisiún i dteagmháil leis na Ballstáit agus d’eagraigh sé cruinniú le Sainghrúpa an Choimisiúin maidir le baincéireacht, íocaíochtaí agus árachas an 11 Aibreán 2018 chun aiseolas teicniúil a fháil ar cheisteanna sonracha freisin. Dúirt na rannpháirtithe gur ghá plé a dhéanamh ar dtús ar a riachtanaí atá SBBSanna sula dtabharfaí aon chomhairle theicniúil ina leith toisc gur mheas siad nach raibh aon ghá soiléir ann leis na SBBSanna. Chuir siad tuairimí úsáideacha in iúl maidir le saincheisteanna teicniúla ar leith, go háirithe á iarraidh go dtabharfaí tuilleadh solúbthachta do rannpháirtithe margaidh agus na saintréithe bunúsacha a bheadh ag SBBSanna á gcinneadh (i.e., maidir leis na hualaí a bheadh ar bhannaí ceannasacha na mBallstát difriúil sa phunann fholuiteach nó maidir leis na leibhéil tráinsithe).

   Bailiú agus úsáid saineolais

Rinne an Coimisiún rannchuidiú gníomhach le hobair thascfhórsa an Bhoird Eorpaigh um Riosca Sistéamach a luaitear thuas. Cuirtear go mór sa togra rialála seo le hobair an tascfhórsa sin. Ina theannta sin, bhuail an Coimisiún le húdaráis phoiblí agus le hionadaithe earnála príobháidí chun a gcuid saineolais a lorg agus chun comhthacú le fionnachtana an tascfhórsa.

Measúnú tionchair

Le linn an togra seo a chur le chéile, ullmhaíodh Measúnú Tionchair agus pléadh le Grúpa Stiúrtha Idirsheirbhíse roinnt uaireanta é. Breithníodh na roghanna beartais seo a leanas sa Mheasúnú Tionchair: (i) raon feidhme infheidhmeachta an chreata a bheartaítear (i.e., i leith urrasú ar bith ar bhannaí ceannasacha an limistéir euro nó i leith na mbannaí sin a chomhlíonann ceanglais chaighdeánaithe áirithe amháin); (ii) cé acu ba cheart nó nár cheart "neodracht rialála" a thabhairt ar ais, i.e., an chóir chéanna leis na bannaí ceannasacha foluiteacha a thabhairt don tráinse sinsearach den eisiúint SBBSanna amháin nó do gach tráinse den eisiúint SBBSanna; agus (iii) conas ba cheart faireachán a dhéanamh ar chomhlíonadh an chreata a bheartaítear (i.e., cibé acu trí chur chuige féinfhianaithe nó trí dheimhniú ex ante) agus conas an comhlíonadh sin a áirithiú.

Tarraingíodh aird ar roinnt comhbhabhtálacha tábhachtacha sa Mheasúnú Tionchair. Mar shampla, dá gcuirfí deireadh le baic rialála do gach cineál urrúsaithe, thabharfaí an tsolúbthacht is mó is féidir do rannpháirtithe margaidh an ionstraim nua a dhearadh chun torthaí a uasmhéadú agus rioscaí a íoslaghdú ag an am céanna. Os a choinne sin, d’fhéadfadh gurbh fhearr méid áirithe caighdeánaithe fhorordaithe a chur i bhfeidhm chun a áirithiú nach scaipfí leachtacht na hionstraime nua ar fud cuid mhór leaganacha difriúla. Mar an gcéanna, cé go bhféadfadh, i gcás nach dtabharfaí an chóir chéanna le bannaí ceannasacha ach amháin don tráinse sinsearach ann, go dtabharfaí tuilleadh dreasachtaí do na bainc díriú ar thráinsí sinsearacha, ní bheadh cur chuige den sórt sin ag teacht leis an gcóir rialála reatha neamhchosaintí ceannasacha (agus ní bheadh sé chomh héifeachtach céanna maidir le SBBSanna "a chumasú" i gcoitinne, toisc go laghdódh sé an bonn infheisteoirí féideartha).

Rinneadh measúnú sa Mheasúnú Tionchair ar éifeachtaí na roghanna éagsúla maidir lena mhéid a chuirfí deireadh leis na baic rialála shainaitheanta, maidir lena mhéid a chabhródh na hionstraimí nua le laghdú riosca i gclár comhardaithe na mbanc agus leis an soláthar sócmhainní ísealriosca atá ainmnithe in euro a mhéadú, agus maidir le tairbhí na gcineálacha éagsúla cur chuige comhlíonta agus maoirseachta maidir leis an muinín a chuirfí sa mhargadh i ndáil leis na costais ghaolmhara (don earnáil phoiblí agus don earnáil phríobháideach araon).

Ós rud é nach gcumasaítear leis an gcreat a bheartaítear ach forbairt margaidh SBBSanna atá faoi thionchar na hearnála príobháidí, agus ós rud é nach ráthaítear an fhorbairt sin leis an gcreat, breithníodh sa Mheasúnú Tionchair dhá chás ar leith chun tionchair a mheas, ba iad sin, cás amháin nach mbaineann SBBSanna ach méid teoranta (EUR 100 billiún) amach ann agus cás foistine ina mbaineann siad EUR 1,5 trilliún amach — ar méid é atá ábhartha ó thaobh cúrsaí maicreacnamaíocha de (cé go bhfuil sé fós srianta i gcoibhneas le luach mhargadh fiachais cheannasaigh an limistéir euro ina iomláine, a bhí cothrom le EUR 9 dtrilliún amhail an dara ráithe den bhliain 2017).

Is féidir léiriú cainníochtúil ar a shuntasaí a bheadh na bacainní a gcuirfí deireadh leo leis an togra seo a fháil trí, mar shampla, na ceanglais chaipitil a thabhódh na bainc dá gceannódh siad SBBSanna inniu a chur i gcomparáid leo sin a thabhódh siad i leith na gceannachán céanna faoin gcreat rialála saincheaptha a bheartaítear. Ar ndóigh, bheadh coigiltí (fíorúla) den sórt sin ag brath ar na toimhdí a dhéanfaí (lena náirítear iad sin a dhéanfaí ar na hualaí riosca ba ghá a chur ar na tráinsí foshinsearacha). Maidir leis an gcás méid theoranta, dá dtoimhdeofaí go gceannódh na bainc na tráinsí uile agus go mbeadh na bainc a bhfuil an cur chuige caighdeánaithe in úsáid acu freagrach as sciar de cheannacháin den sórt sin is comhionann lena sciar reatha de cheannacháin bhannaí rialtais, bheadh méadú cothrom le thart ar EUR 87 billiún ann ar luach na sócmhainní comhiomlána atá ualaithe ó thaobh riosca. Maidir leis an gcás foistine, faightear amach sa ríomh coibhéiseach go mbeadh méadú EUR 1.3 trilliún ann ar luach na sócmhainní comhiomlána atá ualaithe ó thaobh riosca.

Maidir leis an tionchar a bheadh ann ar mhéid na sócmhainní atá ainmnithe in euro a bhfuil rátáil AAA acu, tá an ríomh bunaithe ar shonraí ó Eurostat maidir le fiachas rialtais láir an limistéir euro amhail mí na Nollag 2016 6 agus ar na rátálacha ó Standard & Poor's ar fhiachas rialtais cheannasaigh an limistéir euro ag an dáta céanna 7 . Léirítear sa ríomh sin go méadódh sócmhainní a bhfuil rátáil AAA acu faoi 2 % sa chás méid theoranta agus faoi 30 % sa chás foistine.

Ar deireadh, maidir leis an tionchar a bheadh ag SBBSanna ar phunanna bannaí ceannasacha na mbanc a éagsúlú, léirítear san anailís sa Mheasúnú Tionchair go mbeadh tionchar beag acu sa chás méid theoranta ach go mbeadh tionchar suntasach acu sa chás foistine. De réir na dtoimhdí sin, is faoi 42 % a laghdófaí an chlaontacht baile sa sampla de bhainc an limistéir euro a cumhdaíodh sa chleachtadh trédhearcachta a rinne an tÚdarás Baincéireachta Eorpach.

Cuireadh an tuarascáil ar an Measúnú Tionchair faoi bhráid an Bhoird um Ghrinnscrúdú Rialála an 19 Eanáir 2018. Bhí an cruinniú boird ar siúl an 14 Feabhra 2018. Thug an Bord tuairim dhearfach ina leith agus d’iarr sé go ndéanfaí athruithe agus go soláthrófaí ionchur breise sna réimsí seo a leanas: (1) a shoiléiriú cé acu atá sé mar aidhm leis an tionscnamh seo creat cumasúcháin agus tástáil mhargaidh a sholáthar do SBBSanna nó atá sé mar aidhm leis struchtúr dreasachta a sholáthar dóibh; (2) tuilleadh faisnéise a thabhairt faoin nglantairbhe a d’fhéadfadh an pobal a bhaint as an tionscnamh agus faoi na rioscaí nó na hiarmhairtí neamhbheartaithe a ghabhann leis; agus (3) na comhbhabhtálacha idir na tograí beartais difriúla a chur i láthair ar bhealach níos soiléire. Tugadh aghaidh ar na saincheisteanna sin agus cuireadh iad ar áireamh sa leagan deiridh den Mheasúnú Tionchair atá ag gabháil leis an togra seo.

Oiriúnacht rialála agus simpliú

Níl sé mar aidhm leis an tionscnamh seo simpliú ná laghdú a dhéanamh ar an ualach riaracháin a thagann as an reachtaíocht atá ann cheana ach, ina ionad sin, foráiltear leis maidir le rialacha nua a bhfuil mar aidhm leo forbairt ionstraimí SBBSanna a chumasú sa mhargadh.

Ós rud é nach dóigh go mbeadh siad gníomhach i margaí SBBSanna, ní mheastar go mbeidh aon tionchar díreach ag an togra rialála seo ar infheisteoirí, ar theaghlaigh, ar fhiontair bheaga agus mheánmhéide nó ar mhicrifhiontair. Ag an am céanna, bhainfeadh na hearnálacha sin tairbhe indíreach as an togra rialála seo mar thoradh ar athléimneacht mhéadaithe na hearnála airgeadais – a mhéid a thiocfadh na tairbhí a bhfuiltear ag súil leo ó thaobh cúrsaí maicreacnamaíocha agus cobhsaíochta airgeadais de chun cinn.

Cearta bunúsacha

Leis an togra seo, comhlíontar na cearta bunúsacha agus cloítear leis na prionsabail a aithnítear go háirithe i gCairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh, go háirithe an ceart chun maoine agus an tsaoirse chun gnó a sheoladh, agus ní mór é a chur i bhfeidhm i gcomhréir leis na cearta agus na prionsabail sin. Go háirithe, áirithítear leis an Rialachán seo go gcosnófar na cearta atá ag infheisteoirí in SBBSanna trí iomláine na heisiúna SBBSanna agus iomláine na punainne foluití fiachais cheannasaigh a áirithiú.

4.IMPLEACHTAÍ BUISÉADACHA

Beidh impleachtaí airgeadais nuálacha beaga ag an togra rialála seo do bhuiséid phoiblí, toisc go mbeadh an sásra comhlíonta bunaithe ar fhéinfianú ag eisitheoirí SBBSanna agus go ndéanfadh maoirseoirí seiceáil ar chomhlíonadh ex post le linn dóibh a ngnáthghníomhaíochtaí maoirseachta a chur i gcrích. I bhfianaise na gcúraimí nua a bheartaítear dó, agus aird á tabhairt ar shineirgí féideartha leis na feidhmeanna atá aige cheana, beidh roinnt acmhainní breise ag teastáil ón Údarás Eorpach um Urrúis agus Margaí (ÚEUM) (féach an ráiteas airgeadais reachtach). Is iad eisitheoirí SBBSanna a thabhódh na costais féinfhianaithe, ar costais iad ar dóigh dóibh bheith réasúnta íseal mar gheall ar a shimplí atá an táirge airgeadais (is ag brath ar iomaíochas an mhargaidh a bheadh a mhéid a chuirfí na costais sin ar aghaidh chuig infheisteoirí).

5.EILIMINTÍ EILE

Pleananna cur chun feidhme, agus socruithe faireacháin, meastóireachta agus tuairiscithe

Na cuspóirí sonracha atá leis an tionscnamh seo — i.e., deireadh a chur le baic rialála agus rannchuidiú lena leachtaí atá na SBBSanna, lena náirítear trí chóir rialála "tagarmhairc" a thabhairt dóibh — is cinnte go ngnóthófar iad a luaithe a thiocfaidh an reachtaíocht a bheartaítear i bhfeidhm. Tá sé sin amhlaidh toisc nach mbeadh ach táirge caighdeánaithe incháilithe ansin don chóir rialála shonrach a bheartaítear agus toisc gurbh ionann an chóir rialála do SBBSanna agus an chóir rialála do na bannaí ceannasacha foluiteacha 8 .

Maidir leis an gcuspóir ginearálta atá ann margaí a chumasú do SBBSanna, déanfar measúnú ar thionchar na reachtaíochta trí fhaireachán a dhéanamh ar a mhéid a dhéanfar na táirgí nua sin a chur le chéile agus a thrádáil sa chleachtas agus ar a mhéid a rannchuideoidh teacht chun cinn na SBBSanna leis an líon sócmhainní ísealriosca a mhéadú agus le "claontacht baile" na mbanc a laghdú. Déanfar measúnú freisin ar thionchar na SBBSanna ar leachtacht na margaí bannaí ceannasacha náisiúnta.

Le linn torthaí na nanailísí sin a léiriú, is gá a chuimhneamh go bhfuil forbairt na margaí SBBSanna agus éabhlóid na dtagarmharcanna thuasluaite ag brath ar roinnt tosca eile atá neamhspleách ar an gcreat rialála nó nach bhfuil ach baint lag acu leis. Mar thoradh air sin, is dóigh go mbeidh sé deacair éifeachtaí na reachtaíochta a bheartaítear a scaradh ó na tosca eile sin. Go háirithe, is dóigh freisin go mbeidh an soláthar táirgí nua ag brath ar na costais dhlíthiúla atá ag baint leis an meán eisiúna a bhunú, ar a éasca atá sé bannaí a bhfuil téarmaí sách aonfhoirmeach acu a sholáthar, agus ar na costais atá ag baint leis an struchtúr a sheirbhísiú, etc. Mar an gcéanna, beidh an téileamh ar na táirgí nua ag brath ar an timpeallacht fhoriomlán ráta úis, ar an bhfonn riosca atá ann, agus ar an éileamh atá ag cineálacha éagsúla infheisteoirí ar na tráinsí difriúla. Tá seans maith ann gur forbairtí neamhlíneacha a bheidh sna forbairtí margaidh a thiocfaidh chun cinn, toisc go mbainfidh an táirge a bheartaítear tairbhe as torthaí ar scála de bharr seachtrachtaí méide agus líonra. Dá bhrí sin, más cosúil go meallfaidh an táirge sách spéise i measc infheisteoirí, mar shampla, d’fhéadfadh go gcinnfeadh bainisteoirí fiachais ceantanna tiomnaithe a eagrú le haghaidh SBBSanna a tháirgeadh, agus bannaí caighdeánaithe a bhfuil aibíochtaí éagsúla acu ag gabháil leo. Laghdódh sé sin costais táirgthe agus d’fhéadfadh sé borradh a chur faoi fhás an mhargaidh ansin.

Míniúchán mionsonraithe ar fhorálacha sonracha an togra

Tá ceithre chuid ann sa togra seo. Foráiltear leis an gcéad chuid maidir le tacar rialacha lena sainítear na heilimintí dá bhfuil SBBSanna comhdhéanta. Tá na rialacha sin riachtanach chun a áirithiú go dtáirgfidh na margaí an táirge is caighdeánaithe is féidir. Dá réir sin, téann sé sin chun tairbhe dá leachtaí atá an táirge agus dá tharraingtí atá sé d’infheisteoirí. Foráiltear leis an dara cuid maidir le rialacha lena sainítear na ceanglais maidir le fógra a thabhairt agus na ceanglais trédhearcachta atá ar an eintiteas eisiúna chun a áirithiú gur ar bhealach comhchuibhithe inchreidte a dhéanfar an féinfhianú. Cuimsítear sa tríú cuid rialacha maidir le maoirseacht a dhéanamh ar SBBSanna agus smachtbhannaí féideartha i gcás neamhchomhlíonadh agus/nó iompar calaoiseach ag an eintiteas eisiúna. Cuimsítear sa cheathrú cuid tacar leasuithe ar an gcreat dlíthiúil reatha, ar leasuithe iad a theastaíonn chun cóir rialála atá ar aon dul leis an dearadh uathúil agus na hairíonna uathúla atá acu a thabhairt do SBBSanna.

Forálacha tosaigh (Airteagail 1 go 3)

Mínítear sna forálacha an tábhar, an raon feidhme agus na sainmhínithe a úsáidtear chun críocha creat ginearálta a thabhairt do SBBSanna atá caighdeánaithe agus d’eintitis a bhfuil baint acu le hionstraimí den sórt sin a eisiúint agus a shealbhú. Tá na sainmhínithe a úsáidtear ag teacht leo sin a úsáidtear i bpíosaí eile de dhlí an Aontais.

Incháilitheacht agus comhdhéanamh na punainne foluití agus tráinsiú eisiúintí SBBSanna (Airteagail 4 go 6)

Ba cheart punann fholuiteach na SBBSanna a bheith comhdhéanta de bhannaí ceannasacha na mBallstát go léir den Aontas a bhfuil an euro mar airgeadra acu. Is é an aidhm atá leis an srianadh sin a áirithiú nach rachaidh riosca airgeadra i bhfeidhm ar cheann ar bith de na bannaí atá i bpunann fholuiteach na SBBSanna. Ba cheart ualach coibhneasta bhannaí ceannasacha gach Ballstáit a bheith anchóngarach d’ualach coibhneasta rannpháirtíocht an Bhallstáit faoi seach i scála caipitil an Bhainc Cheannais Eorpaigh. Tá scála caipitil an Bhainc Cheannais Eorpaigh ina athróg ionadach de mhéid eacnamaíoch gach Ballstáit aonair agus den leas atá aige i gcobhsaíocht chóras airgeadais na hEorpa. Breithníodh scálaí eile ach fuarthas iad a bheith ar chaighdeán níos ísle. Mar shampla, d’fhéadfadh scála atá bunaithe ar fhiachas ceannasach gan íoc gach Ballstáit a bheith ina chúis le guais mhorálta, áit a bhféadfadh Ballstát tairbhe níos mó a bhaint as an táirge má mhéadaíonn sé an fiachas foriomlán gan íoc atá aige.

Ba cheart aibíochtaí bannaí ceannasacha foluiteacha a bheith ailínithe go dlúth le haibíocht na heisiúna SBBSanna.

Ba cheart eisiúint urrús de bhun bannaí ceannasacha a bheith comhdhéanta de thráinse sinsearach, atá comhfhreagrach do 70 faoin gcéad den luach ainmniúil ar an eisiúint SBBSanna, agus de thráinse fo-ordaithe amháin nó níos mó 9 . Is é cuspóir na dtráinsí fo-ordaithe cosaint a thabhairt don tráinse sinsearach, rud atá ina ionstraim ísealriosca dá bharr. Maidir le scoilt bheacht an sciar fho-ordaithe de chomhdhéanamh na heisiúna SBBSanna sna tráinsí éagsúla, tá sé faoin eisitheoir í a roghnú, ar duine é a uasmhéadóidh an praghas iomlán, lena náirítear trí fhreastal ar an éileamh sonrach riosca/toraidh ó chineálacha difriúla infheisteoirí. Socraítear an tráinse sinsearach ag 70 faoin gcéad den struchtúr foriomlán chun caighdeánú an tráinse sin a áirithiú ar fud eisiúintí difriúla. Chun riosca an tráinse shóisearaigh (arb é an chéad tráinse a iompróidh caillteanais é) a theorannú, ba cheart luach ainmniúil an tráinse shóisearaigh a bheith cothrom lena dó faoin gcéad ar a laghad de luach ainmniúil gan íoc na heisiúna SBBSanna ar fad. Trí bhíthin anailís chuimsitheach a dhéanamh, léirigh tascfhórsa an Bhoird Eorpaigh um Riosca Sistéamach gur leor tráinse fo-ordaithe atá comhfhreagrach do 30 faoin gcéad chun ísealriosca mainneachtana a áirithiú don tráinse sinsearach comhfhreagrach (atá comhfhreagrach do 70 faoin gcéad), lena náirítear i gcásanna struis mhargaidh.

Foráiltear le hAirteagal 4 agus Airteagal 6 maidir le himthosca sonracha ina bhféadfar struchtúr na heisiúna SBBSanna (comhdhéanamh na punainne foluití agus méid an tráinse shinsearaigh) a athrú le haghaidh eisiúintí amach anseo agus déantar cur síos iontu ar na nósanna imeachta lena mbaineann. Féadfar bannaí ceannasacha de chuid Ballstáit ar leith a eisiamh ón bpunann fholuiteach nuair atá, agus fad atá, eisiúint bannaí ceannasacha ag Ballstát teoranta go suntasach mar gheall ar ghá laghdaithe le fiachas poiblí nó mar gheall ar rochtain lagaithe ar an margadh. Ina theannta sin, féadfar an struchtúr tráinsithe a athrú i gcásanna eisceachtúla i gcás inarb amhlaidh, chun tráinse ardchaighdeáin/ísealriosca a chothabháil, go dteastaíonn tráinse sinsearach níos lú de bharr forbairtí díobhálacha margaidh a chuireann isteach go mór ar fheidhmiú na margaí fiachais cheannasaigh i mBallstát nó san Aontas. Cuirtear de chúram ar ÚEUM faireachán a dhéanamh ar cé acu atá nó nach bhfuil na dálaí ann le haghaidh athrú a dhéanamh ar chomhdhéanamh na punainne foluití nó ar mhéid an tráinse shinsearaigh agus eolas a thabhairt don Choimisiún dá réir. Féadfaidh an Coimisiún a chinneadh go bhfuil na dálaí sin ann nó gur scoir siad de bheith ann trí ghníomh cur chun feidhme a ghlacadh. Ní fhéadfaí gníomh cur chun feidhme den sórt sin a thabhairt i bhfeidhm ach amháin tar éis vóta ag ionadaithe na mBallstát sa Choiste Eorpach um Urrúis, i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin. Maidir le SBBSanna a eisítear tar éis gníomh cur chun feidhme den sórt sin a ghlacadh, léireofar iontu na hathruithe ar chomhdhéanamh na punainne foluití nó ar mhéid an tráinse shinsearaigh ar eisíodh an gníomh cur chun feidhme ina leith.

Eisiúint agus bainistiú na SBBSanna (Airteagal 7 agus Airteagal 8)

Chun a áirithiú go gcosnófar infheisteoirí ar an riosca go néireoidh an institiúid a cheannaíonn na bannaí ceannasacha (an ceannaitheoir bunaidh, ar banc é de ghnáth) dócmhainneach, is é Eintiteas Sainchuspóireach (SPE) a bhfuil de chúram eisiach air SBBSanna a eisiúint agus a bhainistiú agus nach dtugann faoi aon ghníomhaíochtaí rioscúla eile, amhail creidmheas a sholáthar, an taon chineál eintiteas ar cheart dó SBBSanna a eisiúint.

Ba cheart an teintiteas sainchuspóireach a chur faoi réir diancheanglais leithscartha sócmhainní chun iomláine na heisiúna SBBSanna agus iomláine na seasamh atá ag na hinfheisteoirí in SBBSanna a áirithiú. Ba cheart d’eintitis shainchuspóireacha a áirithiú gur seasta ar feadh shaolré SBBSanna a bheidh comhdhéanamh an chomhthiomsaithe fholuitigh bannaí ceannasacha. Chun aisioncronachtaí aibíochta beaga a bhainistiú, níor cheart eintitis shainchuspóireacha a cheadú na fáltais ón bpunann fholuiteach a infheistiú ach amháin in airgead tirim nó in ionstraimí airgeadais fíorleachtacha lena mbaineann ísealriosca margaidh agus creidmheasa.

Ós rud é go mbeadh éilimh ag infheisteoirí i dtráinsí eisiúintí SBBSanna ar an bpunann fholuiteach bannaí ceannasacha amháin agus nach mbeadh aon éilimh acu ar chlár comhardaithe an eisitheora ná an cheannaitheora bunaidh, níor cheart go mbeadh sé riachtanach an teintiteas sainchuspóireach agus a phunann fholuiteach a chomhdhlúthú i bpunann an cheannaitheora bunaidh.

Úsáid an ainmnithe 'Urrúis de bhun Bannaí Ceannasacha' (Airteagal 9)

Chun caighdeánú na SBBSanna a áirithiú, níor cheart an chóir rialála chéanna leis na bannaí ceannasacha foluiteacha a thabhairt ach amháin do na táirgí sin a chomhlíonann na ceanglais a bhaineann le comhdhéanamh agus aibíocht na mbannaí ceannasacha foluiteacha agus an tráinsithe. Leagtar córas um fhógra a thabhairt do ÚEUM amach chun a áirithiú nach ndéanfar aon mhíúsáid. Dá bhrí sin, ní féidir le táirge cáiliú mar SBBS ach amháin i gcás ina gcomhlíontar na ceanglais shubstainteacha agus na ceanglais maidir le fógra a thabhairt.

Ceanglais maidir le fógra a thabhairt faoi SBBSanna agus ceanglais trédhearcachta (Airteagail 10 go 12)

Tá na heintitis shainchuspóireacha freagrach as na ceanglais táirge agus na ceanglais maidir le fógra a thabhairt a chomhlíonadh. Cuirtear de chúram ar ÚEUM fógraí a fhoilsiú ar a láithreán gréasáin. Áiritheoidh sé sin go nglacfaidh na heintitis shainchuspóireacha freagracht as a éileamh go gcáilíonn táirge mar SBBS agus go bhfuil trédhearcacht ann sa mhargadh. Beidh na heintitis shainchuspóireacha faoi dhliteanas aon chaillteanais nó damáiste a eascraíonn as fógraí atá mícheart nó míthreorach, i gcomhréir leis na coinníollacha a leagtar síos leis an dlí náisiúnta. Beidh ar infheisteoirí an dícheall cuí a theastaíonn a fheidhmiú le haghaidh aon infheistíochta i dtáirgí airgeadais, ach féadfaidh siad a bheith ag brath go hiomchuí ar na fógraí a thugtar faoi SBBSanna agus ar an bhfaisnéis a nochtann eintitis shainchuspóireacha í maidir le comhlíonadh ceanglas táirge atá sainiúil do SBBSanna. Leis na ceanglais trédhearcachta a fhorchuirtear ar SBBSanna agus ar bhannaí ceannasacha foluiteacha, ba cheart infheisteoirí a chumhachtú idirbhearta SBBSanna a thuiscint, a mheas agus a chur i gcomparáid lena chéile agus gan a bheith ag brath ar thríú páirtithe amháin, amhail gníomhaireachtaí rátála creidmheasa. Ba cheart an méid sin infheisteoirí a chumasú gníomhú go stuama agus a ndícheall cuí a fheidhmiú. Áirithítear leis an togra seo gur ar fáil d’infheisteoirí a bheidh an fhaisnéis ábhartha ar fad maidir le SBBSanna. Chun an próiseas a éascú d’infheisteoirí agus d’eintitis shainchuspóireacha, comhchuibheofar an fhaisnéis atá le soláthar do ÚEUM agus forbróidh ÚEUM teimpléad le haghaidh SBBSanna a mheasúnú. Ba cheart d’eintitis shainchuspóireacha faisnéis a chur ar fáil go réidh d’infheisteoirí, trí theimpléid chaighdeánaithe, ar láithreán gréasáin lena gcomhlíontar critéir áirithe, amhail rialú na cáilíochta sonraí agus leanúnachas gnó. Ina theannta sin, sula naistreofar SBBSanna, ba cheart faisnéis a thabhairt d’infheisteoirí maidir le leithdháileadh na bhfáltas agus an nós imeachta atá le leanúint nuair atáthar ag súil le neamhíoc sócmhainne foluití nó tar éis an neamhíoca sin. Chun cabhrú le húdaráis maoirseachta eolas a fháil agus na cúraimí atá orthu a chomhlíonadh maidir le SBBSanna a eisiúint, ba cheart do ÚEUM eolas a thabhairt do na húdaráis inniúla lena mbaineann faoi gach fógra a fhaightear faoi SBBSanna.

Maoirseacht agus comhar i measc údarás (Airteagail 13 agus 14)

Chun cobhsaíocht airgeadais a chosaint, muinín infheisteoirí a áirithiú agus leachtacht a chur chun cinn, tá sé tábhachtach go ndéantar maoirseacht chuí éifeachtach ar mhargaí SBBSanna. Chuige sin, ceanglaítear leis an togra seo ar na Ballstáit údaráis inniúla a ainmniú i gcomhréir leis na gníomhartha dlí reatha de chuid an Aontais i réimse na seirbhísí airgeadais. Ba cheart maoirseacht a dhéanamh ar chomhlíonadh na gceanglas a leagtar amach sa Rialachán go príomha chun cosaint infheisteoirí a áirithiú agus, nuair is infheidhme, ba cheart maoirseacht a dhéanamh ar ghnéithe stuamachta a d’fhéadfadh a bheith bainteach le SBBSanna a bheith á neisiúint agus á sealbhú ag eintitis rialáilte. Ba cheart do na maoirseoirí ainmnithe na cumhachtaí a thugtar dóibh faoin reachtaíocht ábhartha seirbhísí airgeadais a bheith acu.

I bhfianaise chineál trasteorann an mhargaidh SBBSanna, ba cheart comhar idir údaráis inniúla agus ÚEUM a áirithiú trí mhalartú faisnéise, trí chomhar i ngníomhaíochtaí maoirseachta agus in imscrúduithe agus trí chinnteoireacht a chomhordú.

Chun léiriú comhsheasmhach agus tuiscint choiteann ar cheanglais SBBSanna a áirithiú i measc údaráis inniúla, ba cheart do ÚEUM comhordú obair na núdarás inniúil a éascú agus measúnú a dhéanamh ar shaincheisteanna praiticiúla a d’fhéadfadh teacht chun cinn maidir le SBBSanna.

Smachtbhannaí agus bearta feabhais (Airteagail 15 go 18)

Chun drochiompraíocht a chosc agus muinín a chothabháil as an táirge, ba cheart smachtbhannaí riaracháin iomchuí agus bearta feabhais iomchuí a sholáthar le haghaidh cásanna ina ndearbhaíonn eintiteas sainchuspóireach go bhfuil táirge ina SBBS, cé nach gcomhlíonann an táirge sin na ceanglais le haghaidh an táirge a mheas a bheith ina SBBS agus nach gcomhlíonann sé ceanglais eile maidir le fógra a thabhairt ná ceanglais eile trédhearcachta. An fhíric gur SBBS é táirge a dhearbhaítear a bheith ina SBBS, baineann tábhacht ar leith léi chun cosaint infheisteoirí a áirithiú. Ar an gcúis sin, foráiltear le hAirteagal 15 maidir le nós imeachta sonrach ar dá réir nach mór d’údarás inniúil a chinneadh cé acu is SBBS é táirge a meastar nach gcomhlíonann sé na ceanglais a leagtar amach sa Rialachán nó nach ea. I gcás ina bhforáiltear faoin dlí náisiúnta maidir le smachtbhannaí coiriúla as sáruithe áirithe, ba cheart na cumhachtaí a bheith ag údaráis inniúla chun faisnéis ábhartha maidir le himscrúduithe coiriúla agus nósanna imeachta a bhaineann leis an sárú a tharchur chuig ÚEUM agus údaráis inniúla eile. Ba cheart faisnéis a fhoilsiú faoi aon smachtbhannaí a fhorchuirtear ar eintiteas sainchuspóireach. Ina theannta sin, maidir le SBBS a bhfaightear amach nach gcomhlíonann sé na ceanglais a leagtar síos sa Rialachán a bheartaítear, ba cheart é a bhaint gan moill mhíchuí den liosta de SBBSanna ar thiomsaigh ÚEUM é.

Faireachán stuamachta ar an macraileibhéal (Airteagal 19) 

De réir na hanailíse a rinneadh roimh eisiúint an togra seo, is cosúil nach mbeidh aon tionchar ag SBBSanna ar a leachtaí atá táirgí airgeadais eile ar an margadh agus nach mbeidh aon tionchar acu ach oiread ar chobhsaíocht airgeadais. Mar sin féin, ós rud é gur táirge nua iad SBBSanna, tá sé iomchuí go ndéanfaidh an Bord Eorpach um Riosca Sistéamach faireachán ar fhorbairt an mhargaidh i gcomhréir lena shainordú.

Fógraí a thabhairt (Airteagal 20)

Tabharfaidh na Ballstáit fógra don Choimisiún agus do ÚEUM faoi na forálacha reachtaíochta, rialúcháin agus riaracháin a bhaineann leis na hoibleagáidí maoirseachta agus forchurtha smachtbhannaí dá bhforáiltear sa Rialachán a chur chun feidhme.

Leasuithe ar ghníomhartha dlí eile (Airteagail 21 go 24)

Leasaítear le hAirteagail 21 go 24 roinnt airteagal de ghníomhartha dlí eile, go háirithe an Treoir maidir le gnóthais le haghaidh comhinfheistíochta in urrúis inaistrithe (GCUInna), an Rialachán maidir le Ceanglais Chaipitil, an Treoir maidir le hinstitiúidí le haghaidh soláthair sochair scoir cheirde (IORP II) agus an Treoir maidir le hÁrachas (Sócmhainneacht II). Teastaíonn na modhnuithe sin chun a áirithiú gurb amhlaidh, i ngach earnáil airgeadais a rialáiltear ar leibhéal Eorpach, go bhfaighidh infheistíochtaí in SBBSanna cóir rialála atá coibhéiseach leis an gcóir rialála a thugtar dá sócmhainní foluiteacha, i.e., bannaí ceannasacha an limistéir euro.

Go háirithe, ní mór do GCUInna cloí le rialacha éagsúlaithe, rud a d’fhéadfadh cosc a chur orthu méideanna áirithe SBBSanna a shealbhú. Is é an aidhm atá le leasú a dhéanamh ar an Treoir maidir le GCUInna a áirithiú go ndeonófar an eisceacht sin do SBBSanna freisin i gcás ina dtugann na Ballstáit údarás do GCUInna suas go dtí 100 % a infheistiú in urrúis inaistrithe a ndéanann comhlacht poiblí iad a eisiúint nó a ráthú. Chuige sin, cuirtear Airteagal 54a nua isteach sa Treoir.

I gcás cuideachtaí árachais, is mar urrúsú a chaithfí le SBBSanna. Faoi fhoirmle chaighdeánach Threoir Shócmhainneacht II, tá aon urrúsú faoi réir ceanglais chaipitil a bhaineann le riosca raon difríochta nuair atá an ceanglas caipitil sócmhainneachta bunúsach á ríomh. Dá bhrí sin, bheadh SBBSanna faoi réir ceanglais chaipitil le haghaidh riosca raon difríochta, rud a d’fhágfadh faoi mhíbhuntáiste iad i gcomparáid le sealúchais dhíreacha de bhannaí rialtas láir na mBallstát atá ainmnithe agus cistithe san airgeadra intíre. Dá réir sin, leasaítear Airteagal 104 de Threoir Shócmhainneacht II trí mhír nua a chur leis chun a áirithiú gurb amhlaidh, chun críocha ceanglais chaipitil a ríomh, go gcaithfear le SBBSanna ar an mbealach céanna a chaitear le bannaí rialtas láir agus bainc cheannais na mBallstát atá ainmnithe agus cistithe san airgeadra intíre.

Mar an gcéanna, leasaítear an Rialachán maidir le Ceanglais Chaipitil chun a áirithiú gurb ionann na ceanglais chaipitil agus na teorainneacha neamhchosanta atá ar institiúidí atá ag sealbhú SBBSanna agus iad sin a bhaineann le bannaí ceannasacha na mBallstát a bheith á sealbhú go díreach. Baintear an sprioc sin amach, trí mhír a chur le hAirteagal 268 (arna mhodhnú le Rialachán (AE) 2017/2401), ach an cur chuige trébhreathnaitheach a thugtar don neamhchosaint ar sheasaimh urrúsúcháin agus ceanglais chaipitil á ríomh a leathnú chuig gach tráinse d’eisiúintí SBBSanna. Áirithítear leis sin gurb ionann an chóir stuamachta a thabharfar do na sócmhainní foluiteacha agus an chóir stuamachta a thabharfar do neamhchosaintí ar gach tráinse d’eisiúintí SBBSanna. De bhreis air sin, trí Airteagal 304 a leasú, is ionann an chóir a thabharfar do SBBSanna agus an chóir a thabharfar do bhannaí ceannasacha i gceanglais chaipitil riosca margaidh. Sa deireadh, leasaítear Airteagal 390 freisin chun a áirithiú gurb amhlaidh, i gcás teorainneacha neamhchosanta, go gcuirfear an cur chuige trébhreathnaitheach a úsáidtear le haghaidh urrúsú i bhfeidhm freisin maidir le neamhchosaintí ar SBBSanna.

I gcás cistí pinsean gairme, leagtar amach i dTreoir IORP II teorainneacha riosca raon difríochta a bhféadfaidh na Ballstáit a roghnú gan iad a chur i bhfeidhm maidir le hinfheistíochtaí i mbannaí rialtais. Ina theannta sin, féadfaidh na Ballstáit srianta cainníochtúla a fhorchur le haghaidh urrúsuithe. Chun a áirithiú go dtabharfar an chóir chéanna do SBBSanna, cuirtear Airteagal 18a nua le Treoir IORP II.

Nuair is gá, glacfaidh an Coimisiún na hathruithe riachtanacha ar na gníomhartha tarmligthe atá bainteach leis na píosaí reachtaíochta thuasluaite.

Is amhlaidh sin go háirithe i gcás an Rialacháin maidir le Cóimheas Cumhdaigh ar Leachtacht (Rialachán Tarmligthe (AE) Uimh. 2015/61 ón gCoimisiún 10 ), ar ina leith ba cheart a áirithiú leis an athrú go gcáilíonn SBBSanna mar shócmhainní de Leibhéal 1 arb ionann iad agus éilimh ar an rialtas láir de chuid Ballstáit nó a ráthaíonn an rialtas láir de chuid Ballstáit iad, agus is amhlaidh sin freisin i gcás ceanglais stuamachta árachais (Rialachán Tarmligthe (AE) Uimh. 2015/35 ón gCoimisiún 11 ) chun a áirithiú gur maidir le neamhchosaintí ar SBBSanna freisin a bheidh feidhm ag na rialacha is infheidhme maidir le neamhchosaintí cuideachtaí árachais ar bhannaí ceannasacha an limistéir euro.

Go dtí go leasófar na (forálacha ábhartha sna) gníomhartha tarmligthe atá bunaithe ar na Treoracha agus na Rialacháin sin, beidh siad infheidhme mar ghníomhartha tarmligthe.

Glacfaidh an Coimisiún na hathruithe riachtanacha ar sceidil an réamheolaire agus na bloic thógála freisin (Rialachán Tarmligthe (AE) 2017/1129 ón gCoimisiún 12 ) chun a áirithiú go leagfar nochtadh iomchuí amach don chineál nua seo ionstraime airgeadais, agus é curtha in oiriúint do shaintréithe an táirge. Ba cheart é sin a dhéanamh ar bhealach comhréireach, agus aird á tabhairt ar chineál measartha simplí an táirge agus d’fhonn ualach riaracháin neamhriachtanach a sheachaint.

2018/0171 (COD)

Togra le haghaidh

RIALACHÁN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

maidir le hurrúis de bhun bannaí ceannasacha

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 114 de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Ag féachaint don tuairim ón mBanc Ceannais Eorpach 13 ,

Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa 14 ,

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach,

De bharr an méid seo a leanas:

(1)Is féidir le hUrrúis de bhun Bannaí Ceannasacha (SBBSanna) aghaidh a thabhairt ar roinnt de na leochaileachtaí a tháinig chun solais le linn na géarchéime airgeadais sa tréimhse 2007-2008 nó a d’eascair as an ngéarchéim. Rud ba shonraí fós, is féidir le SBBSanna cabhrú leis na bainc agus le hinstitiúidí airgeadais eile a neamhchosaintí ceannasacha a éagsúlú ar bhealach níos fearr, an fáinne fí idir na bainc agus fiachas ceannasach a lagú tuilleadh agus an soláthar sócmhainní ísealriosca atá ainmnithe in euro a mhéadú. Ina theannta sin, d’fhéadfadh siad bannaí arna neisiúint i margaí beaga beagleachtacha a dhéanamh níos tarraingtí d’infheisteoirí idirnáisiúnta, rud a d’fhéadfadh comhroinnt riosca agus laghdú riosca a chothú san earnáil phríobháideach agus leithdháileadh níos éifeachtúla rioscaí a chur chun cinn i measc oibreoirí airgeadais.

(2)Faoin gcreat dlíthiúil atá ann cheana, is mar urrúsuithe a chaithfí le SBBSanna agus, dá bhrí sin, bheadh siad faoi réir muirir bhreise agus lascainí breise i gcoibhneas leis na muirir agus na lascainí a bhfuil na bannaí ceannasacha de chuid an limistéir euro sa phunann fholuiteach faoina réir. Chuirfeadh na muirir bhreise agus na lascainí breise sin bac ar SBBSanna a tháirgeadh agus a úsáid san earnáil phríobháideach, cé nach ngabhann le SBBSanna na rioscaí atá bainteach le hurrúsuithe agus a bhíonn ina núdar le muirir agus lascainí den sórt sin. Dá bhrí sin, ba cheart SBBSanna a chur faoi réir creat rialála lena dtugtar aird níos fearr ar na tréithe agus na hairíonna uathúla atá acu ionas gur féidir leo teacht chun cinn sa mhargadh. Chuige sin, tá sé riachtanach deireadh a chur le bacainní rialála.

(3)Cuid den obair atá á déanamh ag an gCoimisiún chun rioscaí do chobhsaíocht airgeadais a laghdú agus bogadh i dtreo an tAontas Baincéireachta a chur i gcrích is ea forbairt SBBSanna atá faoi thionchar an mhargaidh a chumasú. D’fhéadfadh SBBSanna tacú le punanna a éagsúlú tuilleadh in earnáil na baincéireachta agus foinse nua comhthaobhachta ardchaighdeáin a chruthú ag an am céanna, ar comhthaobhacht í a bheadh oiriúnach go háirithe lena húsáid in idirbhearta airgeadais trasteorann. Ina theannta sin, dá gcumasófaí SBBSanna, d’fhéadfaí méadú a dhéanamh ar an líon ionstraimí atá ar fáil d’infheistíocht trasteorann agus do chomhroinnt riosca trasteorann, rud a chuirfeadh leis an obair atá á déanamh ag an gCoimisiún chun margaí caipitil na hEorpa a dhoimhniú agus a chomhtháthú tuilleadh i gcomhthéacs Aontas na Margaí Caipitil.

(4)Níl aon fhrithpháirtiú rioscaí agus caillteanas i measc na mBallstát i gceist le SBBSanna toisc nach ndéanfaidh na Ballstáit a ndliteanais faoi seach a ráthú ar bhonn frithpháirteach laistigh de phunann bannaí ceannasacha fholuiteach na SBBSanna. Ní gá an chóir rialála reatha a thugtar do neamhchosaintí ceannasacha a athrú ach oiread chun SBBSanna a chumasú.

(5)Chun éagsúlú riosca geografach a bhaint amach laistigh den Aontas Baincéireachta agus den mhargadh inmheánach, ba cheart punann fholuiteach na SBBSanna a bheith comhdhéanta de bhannaí ceannasacha na mBallstát sin a bhfuil an euro mar airgeadra acu. Chun rioscaí airgeadra a sheachaint, níor cheart ach bannaí ceannasacha atá ainmnithe in euro arna neisiúint ag Ballstáit a bhfuil an euro mar airgeadra acu a cheadú lena náireamh i bpunann fholuiteach na SBBSanna. Chun a áirithiú go rannchuideoidh na bannaí ceannasacha de chuid gach Ballstáit den limistéar euro le SBBSanna a tháirgeadh ar bhealach atá ar aon dul leis an leas atá ag gach Ballstát ar leith i gcobhsaíocht an limistéir euro ina iomláine, ba cheart ualach coibhneasta na mbannaí ceannasacha náisiúnta i bpunann fholuiteach na SBBSanna a bheith anchóngarach d’ualach coibhneasta na mBallstát faoi seach sa scála le haghaidh shuibscríobh chaipiteal an Bhainc Cheannais Eorpaigh do bhanc ceannais náisiúnta na mBallstát.

(6)Chun sócmhainn ísealriosca ardchaighdeáin a sholáthar agus chun freastal ag an am céanna ar na leibhéil dhifriúla fonn riosca atá ar infheisteoirí, ba cheart eisiúint SBBSanna a bheith comhdhéanta de thráinse sinsearach agus de thráinse fo-ordaithe amháin nó níos mó. Ba cheart an tráinse sinsearach, atá comhfhreagrach do sheachtó faoin gcéad de luach ainmniúil na heisiúna SBBS, ráta caillteanais ionchasaigh na heisiúna a choinneáil ar aon dul le ráta caillteanais ionchasaigh na mbannaí ceannasacha is sábháilte sa limistéar euro, agus aird á tabhairt ar riosca agus comhghaol na mbannaí ceannasacha atá i bpunann fholuiteach bannaí ceannasacha na SBBSanna. Ba cheart na tráinsí fo-ordaithe cosaint a thabhairt don tráinse sinsearach. Is bunaithe ar shinsearacht na dtráinsí ba cheart a chinneadh cén tord inar cheart d’infheisteoirí caillteanais ar an bpunann fholuiteach bannaí ceannasacha a iompar. Chun riosca an tráinse shóisearaigh (arb é an chéad tráinse a iompróidh caillteanais é) a theorannú, ba cheart luach ainmniúil an tráinse shóisearaigh a bheith cothrom lena dó faoin gcéad ar a laghad de luach ainmniúil gan íoc na heisiúna SBBSanna ar fad.

(7)Chun iomláine aon eisiúna SBBS a áirithiú agus chun na rioscaí a bhaineann le sealbhú agus bainistiú na punainne foluití bannaí ceannasacha a theorannú a mhéid is féidir, ba cheart aibíochtaí bannaí ceannasacha foluiteacha a bheith ailínithe go dlúth le haibíocht na SBBSanna agus ba cheart comhdhéanamh na punainne foluití bannaí ceannasacha a bheith seasta ar feadh shaolré iomlán na SBBSanna.

(8)De bharr chomhdhéanamh caighdeánaithe phunann fholuiteach aon SBBSanna, d’fhéadfadh sé a bheith deacair SBBS a eisiúint nó go gcuirfí bac ar SBBS a eisiúint i gcás nach bhfuil na bannaí ceannasacha de chuid Ballstáit amháin nó níos mó ar fáil ar an margadh. Ar an gcúis sin, ba cheart an fhéidearthacht a bheith ann bannaí ceannasacha de chuid Ballstáit ar leith a eisiamh ó eisiúintí SBBSanna amach anseo i gcás ina bhfuil eisiúint bannaí ceannasacha ag an mBallstát sin teoranta go suntasach, agus fad atá eisiúint bannaí ceannasacha ag an mBallstát sin teoranta go suntasach, mar gheall ar ghá laghdaithe le fiachas poiblí nó mar gheall ar rochtain lagaithe ar an margadh.

(9)Chun a áirithiú go mbeidh SBBSanna sách aonchineálach, níor cheart eisiamh na mbannaí ceannasacha de chuid Ballstáit ar leith ón bpunann fholuiteach bannaí ceannasacha ná athchomhtháthú na mbannaí ceannasacha de chuid Ballstáit ar leith isteach sa phunann fholuiteach bannaí ceannasacha a cheadú ach amháin tar éis cinneadh ón gCoimisiún, rud a áiritheoidh go mbeidh an taon phunann fholuiteach bannaí ceannasacha amháin ag na SBBSanna go léir a eisítear ag an aon am amháin.

(10)Féadfar méid sheasta an tráinse shinsearaigh de gach eisiúint SBBS a laghdú le haghaidh eisiúintí SBBSanna amach anseo i gcás inarb amhlaidh, de bharr forbairtí díobhálacha margaidh a chuireann isteach go mór ar fheidhmiú na margaí fiachais cheannasaigh i mBallstát nó san Aontas, go mbeidh méid níos lú ag teastáil chun leanúint le hardcháilíocht chreidmheasa agus ísealriosca a áirithiú don tráinse sinsearach. Nuair a thagann forbairtí díobhálacha margaidh den sórt sin chun deiridh, ba cheart méid an tráinse shinsearaigh a thabhairt ar ais ar a luach tosaigh, is é sin, seachtó faoin gcéad, le haghaidh eisiúintí SBBSanna amach anseo. Chun a áirithiú gur caighdeánaithe a bheidh na SBBSanna, níor cheart athrú ar an tráinse sinsearach a cheadú ach amháin tar éis cinneadh ón gCoimisiún, rud a áiritheoidh go mbeidh an taon mhéid amháin i ngach tráinse sinsearach d’eisiúintí SBBSanna a eisítear ag an aon am amháin.

(11)Ba cheart infheisteoirí a chosaint ar riosca dócmhainneachta na hinstitiúide a cheannaíonn na bannaí ceannasacha ('an ceannaitheoir bunaidh') chun críocha punann fholuiteach na SBBSanna a chur le chéile. Ar an gcúis sin, is iad eintitis shainchuspóireacha a bhfuil de chúram eisiach orthu SBBSanna a eisiúint agus a bhainistiú agus nach dtugann faoi aon ghníomhaíochtaí eile, amhail creidmheas a sholáthar, agus iadsan amháin ba cheart a cheadú SBBSanna a eisiúint. Is ar an gcúis chéanna ba cheart eintitis shainchuspóireacha a chur faoi réir diancheanglais leithscartha sócmhainní.

(12)Chun aisioncronachtaí aibíochta beaga a bhainistiú sa tréimhse ama idir an tráth a fhaightear na fáltais ó fhónamh d’fhiachas ar an bpunann fholuiteach agus an dáta a íoctar na fáltais sin amach le hinfheisteoirí in SBBSanna, níor cheart eintitis shainchuspóireacha a cheadú na fáltais ón bhfónamh d’fhiachas ar phunann fholuiteach bannaí ceannasacha na SBBSanna a infheistiú ach amháin in airgead tirim agus in ionstraimí airgeadais fíorleachtacha lena mbaineann ísealriosa margaidh agus creidmheasa.

(13)Níor cheart an chóir rialála chéanna leis an gceann a thugtar do neamhchosaintí ceannasacha i ndáil le ceanglais chaipitil, teorainneacha tiúchana agus leachtacht a thabhairt ach amháin do tháirgí a chomhlíonann na ceanglais a bhaineann le comhdhéanamh agus aibíocht na punainne foluití agus ceanglais a bhaineann le méid na dtráinsí sinsearacha agus na dtráinsí fo-ordaithe dá bhforáiltear sa Rialachán seo.

(14)Trí chóras féinfhianaithe ag eintitis shainchuspóireacha a thabhairt isteach, ba cheart go náiritheofaí go gcomhlíonann eisiúint SBBSanna ceanglais an Rialacháin seo. Dá bhrí sin, ba cheart do ÚEUM liosta a choinneáil de na SBBSanna arna neisiúint, rud a chumasódh d’infheisteoirí a fhíorú an amhlaidh gur SBBS i ndáiríre é aon táirge a thairgtear lena dhíol mar SBBS. Ar an gcúis chéanna, ba cheart do ÚEUM a léiriú sa liosta sin má forchuireadh aon smachtbhanna i leith SBBS agus ba cheart dó aon táirgí a bhfaightear amach go sáraíonn siad an Rialachán seo a bhaint den liosta.

(15)Ba cheart d’infheisteoirí bheith ábalta a bheith ag brath ar an bhfógra a thugann eintitis shainchuspóireacha do ÚEUM faoi SBBSanna agus ar an bhfaisnéis a sholáthraíonn eintitis shainchuspóireacha. Leis an bhfaisnéis faoi SBBSanna agus faoi na bannaí ceannasacha atá i bpunann fholuiteach na SBBSanna, ba cheart infheisteoirí a chumhachtú chun idirbhearta SBBSanna a thuiscint, a mheas agus a chur i gcomparáid lena chéile agus gan a bheith ag brath ar thríú páirtithe amháin, lena náirítear gníomhaireachtaí rátála creidmheasa. De bharr na féidearthachta sin ba cheart go gcuirfí ar chumas infheisteoirí gníomhú go stuama agus a ndícheall cuí a fheidhmiú go héifeachtúil. Dá bhrí sin, ba cheart faisnéis faoi SBBSanna a bheith ar fáil go réidh d’infheisteoirí, trí theimpléid chaighdeánaithe, ar láithreán gréasáin lena náirithítear fáil leanúnach ar an bhfaisnéis.

(16)Chun drochiompraíocht a chosc agus chun a áirithiú go gcoimeádfar muinín as SBBSanna, ba cheart do na Ballstáit foráil a dhéanamh maidir le smachtbhannaí riaracháin iomchuí agus maidir le bearta feabhais iomchuí i gcás sáruithe faillíocha nó sáruithe d’aon ghnó ar na ceanglais maidir le fógra a thabhairt nó na ceanglais táirge le haghaidh SBBSanna.

(17)Ba cheart d’infheisteoirí in earnálacha airgeadais difriúla bheith in ann infheistiú in SBBSanna faoi na coinníollacha céanna leo sin faoina ninfheistíonn siad sna bannaí ceannasacha foluiteacha de chuid an limistéir euro. Ba cheart Treoir 2009/65/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 15 , Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 16 , Treoir 2009/138/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 17 agus Treoir (AE) 2016/2341 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 18  a leasú, dá bhrí sin, chun a áirithiú go dtabharfar do SBBSanna an chóir rialála chéanna a thugtar dá sócmhainní foluiteacha ar fud na nearnálacha airgeadais rialáilte éagsúla.

(18)Chun cobhsaíocht airgeadais a chosaint, muinín infheisteoirí a áirithiú agus leachtacht a chur chun cinn, tá sé tábhachtach go ndéantar maoirseacht chuí éifeachtach ar mhargaí SBBSanna. Chuige sin, ba cheart fógra a thabhairt d’údaráis inniúla faoin eisiúint SBBSanna agus ba cheart dóibh an fhaisnéis ábhartha ar fad a theastaíonn uathu chun a gcúraimí maoirseachta a chur i gcrích a fháil ó eintitis shainchuspóireacha. Ba cheart maoirseacht a dhéanamh ar chomhlíonadh an Rialacháin seo go príomha chun cosaint infheisteoirí a áirithiú agus, nuair is infheidhme, ba cheart maoirseacht a dhéanamh ar ghnéithe a d’fhéadfadh a bheith bainteach le heisiúint agus sealbhú SBBSanna ag eintitis airgeadais rialáilte.

(19)Ba cheart d’údaráis inniúla a gcuid gníomhaíochtaí maoirseachta a chomhordú go dlúth lena chéile agus ba cheart dóibh a áirithiú go mbíonn a gcuid cinntí comhsheasmhach. I gcás ina mbaineann sárú ar an Rialachán seo le comhlíonadh na noibleagáidí a theastaíonn chun gur féidir le táirge cáiliú mar SBBS, ba cheart don údarás inniúil a shainaithin an sárú sin ÚEUM agus údaráis inniúla na mBallstát eile lena mbaineann a chur ar an eolas faoin sárú. I gcás easaontú idir na húdaráis inniúla, ba cheart do ÚEUM na cumhachtaí idirghabhála ceangailteacha atá aige a fheidhmiú i gcomhréir le hAirteagal 19 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 19 .

(20)Ós rud é gur táirgí nua iad SBBSanna, tá sé iomchuí go ndéanfaidh an Bord Eorpach um Riosca Sistéamach agus na húdaráis inniúla agus ainmnithe náisiúnta le haghaidh ionstraimí macrastuamachta maoirseacht ar an margadh SBBSanna.

(21)Ós rud é gur comhlacht é a bhfuil saineolas anspeisialaithe aige ar mhargaí urrús, tá sé iomchuí cur de chúram ar ÚEUM forbairt a dhéanamh ar dhréachtchaighdeáin theicniúla rialála maidir leis na cineálacha infheistíochta a fhéadfaidh an teintiteas sainchuspóireach a dhéanamh leis na fáltais ó íocaíochtaí príomhshuime nó íocaíochtaí úis ar phunann fholuiteach na SBBSanna, maidir leis an bhfaisnéis a sholáthróidh an teintiteas sainchuspóireach agus fógra á thabhairt aige do ÚEUM faoi eisiúintí SBBSanna a eisiúint, maidir leis an bhfaisnéis a sholáthrófar sula naistreofar SBBS, agus maidir leis na hoibleagáidí comhair agus malartaithe faisnéise atá ar údaráis inniúla. Ba cheart an Coimisiún a chumhachtú chun na caighdeáin sin a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (‘CFAE’) agus i gcomhréir le hAirteagail 10 go 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.

(22)Ba cheart an Coimisiún a chumhachtú freisin chun caighdeáin theicniúla chur chun feidhme a ghlacadh trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme de bhun Airteagal 291 CFAE agus i gcomhréir le hAirteagal 15 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010 i ndáil leis na ceanglais maidir le fógra a thabhairt atá ar eintitis shainchuspóireacha roimh SBBSanna a eisiúint.

(23)Chun coinníollacha aonfhoirmeacha a áirithiú le haghaidh chur chun feidhme an Rialacháin seo, ba cheart cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt don Choimisiún chun a chinneadh ar cheart na bannaí ceannasacha de chuid Ballstáit ar leith a bhaint de phunann fholuiteach na SBBSanna nó ar cheart iad a áireamh inti agus chun a chinneadh ar cheart méid an tráinse shinsearaigh le haghaidh eisiúintí SBBSanna amach anseo a athrú. Ba cheart na cumhachtaí sin a fheidhmiú i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 20 .

(24)Ós rud é nach féidir leis na Ballstáit cuspóir an Rialacháin seo, is é sin creat a leagan síos le haghaidh SBBSanna, a ghnóthú go leordhóthanach, i bhfianaise go bhfuil teacht chun cinn aon mhargaidh SBBSanna ag brath ar dheireadh a chur le bacainní a eascraíonn as cur i bhfeidhm reachtaíocht an Aontais agus nach féidir cothrom iomaíochta sa mhargadh inmheánach do gach infheisteoir institiúideach agus do gach eintiteas atá ag gabháil do SBBSanna a oibriú a ghnóthú ach ar leibhéal an Aontais, féadfaidh an tAontas bearta a ghlacadh, i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta mar a leagtar amach in Airteagal 5 den Chonradh ar an Aontas Eorpaigh. I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta, mar a leagtar amach san Airteagal sin, ní théann an Rialachán seo thar a bhfuil riachtanach chun an cuspóir sin a ghnóthú,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Caibidil 1

Ábhar, raon feidhme agus sainmhínithe

Airteagal 1

Ábhar

Leagtar síos leis an Rialachán seo creat ginearálta le haghaidh urrúis de bhun bannaí ceannasacha (SBBSanna).

Airteagal 2

Raon feidhme

Tá feidhm ag an Rialachán seo maidir le ceannaitheoirí bunaidh, le heintitis shainchuspóireacha, le hinfheisteoirí agus le haon eintiteas eile a bhfuil baint aige le SBBSanna a eisiúint nó a shealbhú.

Airteagal 3

Sainmhínithe

Chun críocha an Rialacháin seo, beidh feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:

(1)ciallaíonn ‘údarás inniúil’ údarás poiblí nó comhlacht atá aitheanta go hoifigiúil ag an dlí náisiúnta agus a dtugtar de chumhacht dó leis an dlí náisiúnta nó le dlí an Aontais na cúraimí a leagtar amach sa Rialachán seo a chomhlíonadh;

(2)ciallaíonn ‘banna ceannasach’ aon ionstraim fiachais arna heisiúint ag an rialtas láir de chuid Ballstáit, atá ainmnithe agus cistithe in airgeadra intíre an Bhallstáit sin agus a bhfuil aibíocht bhunaidh de bhliain amháin nó níos mó aici;

(3)ciallaíonn ‘urrús de bhun bannaí ceannasacha’ nó ‘SBBS’ ionstraim airgeadais atá ainmnithe in euro, a mbaineann a riosca creidmheasa leis na neamhchosaintí ar phunann bannaí ceannasacha agus a chomhlíonann an Rialachán seo;

(4)ciallaíonn ‘eintiteas sainchuspóireach’ nó ‘SPE’ duine dlítheanach, nach é an ceannaitheoir bunaidh é, a eisíonn SBBSanna agus a dhéanann na gníomhaíochtaí i dtaca leis an bpunann fholuiteach bannaí ceannasacha i gcomhréir le hAirteagal 7 agus Airteagal 8 den Rialachán seo;

(5)ciallaíonn ‘ceannaitheoir bunaidh’ duine dlítheanach a cheannaíonn bannaí ceannasacha ar a chuntas féin agus a aistríonn na bannaí ceannasacha sin chuig eintiteas sainchuspóireach ina dhiaidh sin chun SBBSanna a eisiúint;

(6)ciallaíonn ‘infheisteoir’ duine nádúrtha nó dlítheanach a shealbhaíonn SBBS;

(7)ciallaíonn ‘tráinse’ deighleog, arna bunú de réir conartha, den riosca creidmheasa atá bainteach le punann fholuiteach bannaí ceannasacha na SBBSanna agus a iompraíonn riosca go gcaillfear méid creidmheasa atá níos mó nó níos lú ná suíomh den mhéid chéanna i ndeighleog eile den riosca creidmheasa sin;

(8)ciallaíonn ‘tráinse sinsearach’ an tráinse laistigh d’eisiúint SBBSanna a iompraíonn caillteanais tar éis do gach ceann de na tráinsí fo-ordaithe den eisiúint SBBS sin caillteanais a iompar;

(9)ciallaíonn ‘tráinse fo-ordaithe’ aon tráinse laistigh d’eisiúint SBBSanna a iompraíonn caillteanais roimh an tráinse sinsearach;

(10)ciallaíonn ‘tráinse sóisearach’ an tráinse laistigh d’eisiúint SBBSanna a iompraíonn caillteanais roimh aon tráinse eile.

Caibidil 2

Comhdhéanamh, aibíocht agus struchtúr SBBSanna

Airteagal 4

Comhdhéanamh na punainne foluití

1.Beidh punann fholuiteach aon eisiúna SBBSanna comhdhéanta de na nithe seo a leanas amháin:

(a)bannaí ceannasacha na mBallstát a bhfuil an euro mar airgeadra acu;

(b)na fáltais ó fhuascailt na mbannaí ceannasacha sin.

2.Beidh ualach na mbannaí ceannasacha de chuid gach Ballstáit laistigh de phunann fholuiteach SBBSanna (‘ualach bonnlíne’) cothrom le hualach coibhneasta na ranníocaíochta ón mBallstát sin leis an mBanc Ceannais Eorpach (BCE) i gcomhréir leis an scála le haghaidh shuibscríobh chaipiteal íoctha isteach an Bhainc Ceannais Eorpaigh ag bainc cheannais náisiúnta na mBallstát, mar a leagtar síos in Airteagal 29 den Phrótacal maidir le Reacht an Chórais Eorpaigh Banc Ceannais agus an Bhainc Ceannais Eorpaigh atá san iarscríbhinn a ghabhann leis an gConradh ar an Aontas Eorpach agus leis an gConradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh.

Mar sin féin, féadfaidh eintitis shainchuspóireacha diall faoi chúig faoin gcéad ar a mhéad ó luach ainmniúil bannaí ceannasacha gach Ballstáit, ar luach é a thagann as an ualach bonnlíne a chur i bhfeidhm.

3.Déanfar bannaí ceannasacha de chuid Ballstáit a eisiamh ó phunann fholuiteach na SBBSanna i gcás inar ghlac an Coimisiún gníomh cur chun feidhme lena ndeimhnítear go bhfuil ceann ar bith de na cásanna seo a leanas ann:

(a)thar an dá mhí dhéag roimhe sin (an ‘tréimhse thagartha’), d’eisigh an Ballstát níos lú ná leath mhéid na mbannaí ceannasacha a d’eascair as a ualach coibhneasta arna chinneadh i gcomhréir le mír 1, arna iolrú faoi mhéid comhiomlán na SBBSanna a eisíodh sa dá mhí dhéag roimh an tréimhse thagartha;

(b)thar an dá mhí dhéag roimhe sin, mhaoinigh an Ballstát leath a gceanglas cistiúcháin bliantúil ar a laghad trí chúnamh airgeadais oifigiúil chun tacú le clár coigeartaithe maicreacnamaíoch a chur chun feidhme mar a shonraítear in Airteagal 7 de Rialachán (AE) Uimh. 472/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 21 .

I gcás ina bhfuil feidhm ag an gcéad fhomhír, cinnfidh eintitis shainchuspóireacha ualaí bonnlíne bhannaí ceannasacha na mBallstát eile trí bhannaí ceannasacha an Bhallstáit dá dtagraítear sa chéad fhomhír a eisiamh agus an modh ríofa i mír 1 a chur i bhfeidhm.

4.Déanfaidh ÚEUM faireachán agus measúnú féachaint an bhfuil an cás dá dtagraítear i bpointe (a) nó pointe (b) de mhír 3 ann nó ar scoir sé de bheith ann agus tabharfaidh sé eolas don Choimisiún dá réir.

5.Féadfaidh an Coimisiún gníomh cur chun feidhme a ghlacadh lena ndeimhnítear go bhfuil an cás dá dtagraítear i bpointe (a) nó pointe (b) de mhír 3 ann nó gur scoir sé de bheith ann. Glacfar an gníomh cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 26(2).

Airteagal 5

Aibíocht na sócmhainní foluiteacha

1.Beidh an taon dáta aibíochta bunaidh amháin ag tráinsí SBBSanna atá mar chuid den aon eisiúint amháin. Beidh an dáta aibíochta sin cothrom le haibíocht iarmhair an bhanna cheannasaigh a bhfuil an aibíocht iarmhair is faide aige laistigh den phunann fholuiteach, nó suas le lá amháin níos faide ná é sin.

2.Ní bheidh aibíocht iarmhair aon bhanna cheannasaigh i bpunann fholuiteach SBBSanna sé mhí níos giorra ná aibíocht iarmhair an bhanna cheannasaigh a bhfuil an aibíocht iarmhair is faide aige laistigh den phunann sin.

Airteagal 6

Struchtúr na dtráinsí, íocaíocht agus caillteanais

1.Beidh eisiúint SBBSanna comhdhéanta de thráinse sinsearach amháin agus de thráinse fo-ordaithe amháin nó níos mó. Beidh luach ainmniúil gan íoc an tráinse shinsearaigh cothrom le seachtó faoin gcéad de luach ainmniúil gan íoc na heisiúna SBBSanna ar fad. Is é an teintiteas sainchuspóireach a chinnfidh an líon tráinsí fo-ordaithe agus a luachanna ainmniúla gan íoc, faoi réir na teorann a fhágann go mbeidh luach ainmniúil an tráinse shóisearaigh cothrom lena dó faoin gcéad ar a laghad de luach ainmniúil gan íoc na heisiúna SBBSanna ar fad.

2.I gcás ina gcuireann forbairtí díobhálacha isteach go mór ar fheidhmiú margaí fiachais cheannasaigh i mBallstát nó san Aontas, nó i gcás inar dheimhnigh an Coimisiún an cur isteach sin i gcomhréir le mír 4, laghdóidh eintitis shainchuspóireacha luach ainmniúil gan íoc an tráinse shinsearaigh go seasca faoin gcéad le haghaidh aon eisiúna SBBSanna arna heisiúint tar éis an deimhniú sin a thabhairt.

I gcás inar dheimhnigh an Coimisiún, i gcomhréir le mír 4, nach ann don chur isteach sin a thuilleadh, beidh feidhm ag mír 1 maidir leis na heisiúintí SBBSanna ar fad arna neisiúint tar éis an deimhniú sin a thabhairt.

3.Déanfaidh ÚEUM faireachán agus measúnú féachaint an bhfuil an cás dá dtagraítear i mír 2 ann nó ar scoir sé de bheith ann agus tabharfaidh sé eolas don Choimisiún dá réir.

4.Féadfaidh an Coimisiún gníomh cur chun feidhme a ghlacadh lena ndeimhnítear go bhfuil an cur isteach dá dtagraítear i mír 2 ann nó gur scoir sé de bheith ann. Glacfar an gníomh cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 26(2).

5.Beidh íocaíochtaí faoi SBBS ag brath ar íocaíochtaí na punainne foluití bannaí ceannasacha.

6.Cinnfear dáileadh na gcaillteanas agus ord na níocaíochtaí de réir thráinse na heisiúna SBBSanna agus beidh siad seasta ar fud shaolré iomlán na heisiúna SBBSanna.

Déanfar caillteanais a aithint agus a shannadh de réir mar a thagann siad chun cinn.

Airteagal 7

Eisiúint SBBSanna agus na hoibleagáidí ar eintitis shainchuspóireacha

1.Comhlíonfaidh eintitis shainchuspóireacha gach ceann de na ceanglais seo a leanas:

(a)tá siad bunaithe san Aontas;

(b)tá a gcuid gníomhaíochtaí teoranta d’eisiúintí SBBSanna a eisiúint agus a sheirbhísiú agus do bhainistiú a dhéanamh ar phunann fholuiteach na neisiúintí sin i gcomhréir le hAirteagail 4, 5, 6 agus 8;

(c)tá freagracht aonair ar eintitis shainchuspóireacha as soláthar na seirbhísí agus na ngníomhaíochtaí dá dtagraítear i bpointe (b).

2.Beidh úinéireacht iomlán ag eintitis shainchuspóireacha ar phunann fholuiteach eisiúna SBBSanna.

22 Beidh punann fholuiteach eisiúna SBBSanna ina socrú comhthaobhachta airgeadais urrúis mar a shainmhínítear in Airteagal 2(c) de Threoir 2002/47/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena ndaingnítear na hoibleagáidí airgeadais atá ar an eintiteas sainchuspóireach i leith infheisteoirí san eisiúint SBBSanna sin.

Maidir le SBBS atá in eisiúint shonrach SBBSanna a shealbhú, ní fhorálfar leis maidir le haon chearta ná aon éilimh ar na sócmhainní de chuid an eintitis shainchuspóirigh sin atá ag eisiúint na heisiúna SBBSanna sin, más sócmhainní iad atá lasmuigh de phunann fholuiteach na heisiúna sin, agus ní fhorálfar leis ach oiread maidir le haon chearta ná aon éilimh i leith an ioncaim a gineadh as an SBBS sin a shealbhú.

Ní bheidh aon laghdú ar luach nó fáltais na punainne foluití bannaí ceannasacha ina chúis le héileamh dliteanais ó infheisteoirí.

3.Coinneoidh eintiteas sainchuspóireach taifid agus cuntais chun go ndéanfaidh sé na nithe seo:

(a)a shócmhainní agus a acmhainní airgeadais féin a leithscaradh ó shócmhainní agus acmhainní airgeadais phunann fholuiteach na heisiúna SBBSanna agus ó na fáltais ghaolmhara;

(b)punanna foluiteacha agus fáltais na neisiúintí difriúla SBBSanna a leithscaradh óna chéile;

(c)na seasaimh atá ag infheisteoirí difriúla nó ag idirghabhálaithe difriúla a leithscaradh óna chéile;

(d)a fhíorú gurb amhlaidh am ar bith gurb ionann an líon SBBSanna in aon eisiúint amháin agus iomlán na SBBSanna a shealbhaíonn na hinfheisteoirí nó na hidirghabhálaithe go léir san eisiúint sin;

(e)a fhíorú gurb ionann luach ainmniúil gan íoc na SBBSanna atá in aon eisiúint amháin agus luach ainmniúil gan íoc phunann fholuiteach bannaí ceannasacha na heisiúna sin.

4.Sealbhóidh eintitis shainchuspóireacha na bannaí ceannasacha dá dtagraítear in Airteagal 4(1)(a) faoi choimeád, mar a cheadaítear faoi phointe (1) de Roinn B d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir 2014/65/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 23 agus pointe (2) de Roinn A den Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 909/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 24 , agus ní dhéanfaidh siad amhlaidh ach amháin i mbainc cheannais, taisclanna lárnacha urrús, institiúidí creidmheasa údaraithe nó gnólachtaí infheistíochta údaraithe.

Airteagal 8

Beartas infheistíochta

1.Infheisteoidh eintiteas sainchuspóireach íocaíochtaí príomhshuime nó úis ó na bannaí ceannasacha dá dtagraítear in Airteagal 4(1)(a) agus atá dlite roimh íocaíochtaí príomhshuime nó úis faoin SBBS, agus ní dhéanfaidh sé amhlaidh ach amháin in airgead tirim nó in ionstraimí airgeadais fíorleachtacha atá ainmnithe in euro agus lena mbaineann ísealriosca margaidh agus creidmheasa. Beidh na hinfheistíochtaí sin incháilithe le haghaidh leachtú laistigh de lá amháin, gan ach éifeacht dhíobhálach anbheag a imirt ar phraghsanna.

Sealbhóidh eintiteas sainchuspóireach na híocaíochtaí dá dtagraítear sa chéad fhomhír faoi choimeád, mar a cheadaítear faoi phointe (1) de Roinn B d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir 2014/65/AE agus pointe (2) de Roinn A den Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 909/2014, agus ní dhéanfaidh sé amhlaidh ach amháin i mbainc cheannais, taisclanna lárnacha urrús, institiúidí creidmheasa údaraithe nó gnólachtaí infheistíochta údaraithe.

2.Ní athróidh eintiteas sainchuspóireach phunann fholuiteach aon SBBS go dtí go dtagann an SBBS sin in aibíocht.

3.Forbróidh ÚEUM dréachtchaighdeáin theicniúla rialála ina sonrófar tuilleadh na hionstraimí airgeadais is féidir a mheas a bheith ina nionstraimí fíorleachtacha lena mbaineann riosca íosta margaidh agus creidmheasa dá dtagraítear i mír 1. Cuirfidh ÚEUM na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála sin faoi bhráid an Choimisiúin faoin [6 mhí tar éis dháta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo].

Tarmligtear cumhacht chuig an gCoimisiún chun na caighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta a leagtar síos in Airteagail 10 go 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.

Caibidil 3

Úsáid an ainmnithe ‘SBBS’, ceanglais maidir le fógra a thabhairt, agus ceanglais trédhearcachta agus faisnéise

Airteagal 9

Úsáid an ainmnithe ‘Urrúis de bhun Bannaí Ceannasacha’

Ní úsáidfear an tainmniú ‘Urrús de bhun Bannaí Ceannasacha’ nó ‘SBBS’ ach amháin le haghaidh táirgí airgeadais a chomhlíonann an dá choinníoll seo a leanas:

(a)comhlíonann an táirge airgeadais Airteagal 4, Airteagal 5 agus Airteagal 6 ar bhonn leanúnach;

(b)tugadh fógra do ÚEUM faoin táirge airgeadais sin i gcomhréir le hAirteagal 10(1) agus cuireadh an táirge airgeadais ar áireamh sa liosta dá dtagraítear in Airteagal 10(2).

Airteagal 10

Ceanglais maidir le fógra a thabhairt faoi SBBS

1.Tabharfaidh eintiteas sainchuspóireach fógra do ÚEUM seachtain amháin ar a laghad sula neiseofar eisiúint SBBSanna trí bhíthin an teimpléid dá dtagraítear i mír 5 den Airteagal seo, á shonrú go gcomhlíonann eisiúint SBBSanna ceanglais Airteagal 4, Airteagal 5 agus Airteagal 6. Cuirfidh ÚEUM údarás inniúil an eintitis shainchuspóirigh ar an eolas faoi sin gan moill mhíchuí.

2.Coinneoidh ÚEUM, ar a láithreán gréasáin oifigiúil, liosta de na heisiúintí SBBSanna go léir ar thug eintitis shainchuspóireacha fógra fúthu. Tabharfaidh ÚEUM an liosta sin cothrom le dáta ar an toirt agus bainfidh sé den liosta aon eisiúint SBBSanna nach meastar a bheith ina heisiúint SBBSanna a thuilleadh tar éis cinneadh ó údaráis inniúla i gcomhréir le hAirteagal 15.

3.Údarás inniúil a d’fhorchuir bearta feabhais nó smachtbhannaí riaracháin dá dtagraítear in Airteagal 15, tabharfaidh sé fógra do ÚEUM fúthu lom láithreach. Cuirfidh ÚEUM in iúl lom láithreach ar an liosta dá dtagraítear i mír 2 den Airteagal seo gur fhorchuir údarás inniúil smachtbhannaí riaracháin nach bhfuil aon cheart achomhairc ann ina leith a thuilleadh, i dtaca leis an SBBS lena mbaineann.

4.Forbróidh ÚEUM dréachtchaighdeáin theicniúla rialála ina sonrófar an fhaisnéis dá dtagraítear i mír 1.

Cuirfidh ÚEUM na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála sin faoi bhráid an Choimisiúin faoin [6 mhí tar éis dháta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo].

Tugtar de chumhacht don Choimisiún na caighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa mhír seo a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagail 10 go 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.

5.Forbróidh ÚEUM dréachtchaighdeáin theicniúla chur chun feidhme chun na teimpléid a bhunú atá le húsáid le haghaidh an fhaisnéis dá dtagraítear i mír 1 a sholáthar.

Cuirfidh ÚEUM na dréachtchaighdeáin theicniúla chur chun feidhme sin faoi bhráid an Choimisiúin faoin [6 mhí tar éis dháta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo].

Tugtar de chumhacht don Choimisiún na caighdeáin theicniúla chur chun feidhme dá dtagraítear sa mhír seo a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 15 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.

Airteagal 11

Ceanglais trédhearcachta

1.Déanfaidh eintiteas sainchuspóireach, gan moill mhíchuí, an fhaisnéis seo a leanas a thabhairt d’infheisteoirí agus údaráis inniúla:

(a)an fhaisnéis a theastaíonn faoin bpunann fholuiteach chun a mheasúnú an gcomhlíonann an táirge airgeadais Airteagal 4, Airteagal 5 agus Airteagal 6;

(b)miontuairisc ar an tosaíocht íocaíochtaí atá ag baint le tráinsí na heisiúna SBBSanna;

(c)i gcás nár dréachtaíodh aon réamheolaire sna cásanna a leagtar amach in Airteagal 1(4), Airteagal 1(5) nó Airteagal 3(2) de Rialachán (AE) Uimh. 2017/1129 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 25 , forbhreathnú ar phríomhthréithe an SBBS, lena náirítear, nuair is infheidhme, sonraí faoi na saintréithe neamhchosanta, na sreafaí airgeadais agus an chascáid caillteanais;

(d)an fógra dá dtagraítear in Airteagal 10(1).

Cuirfear an fhaisnéis dá dtagraítear i bpointe (a) den mhír seo ar fáil mí amháin ar a dhéanaí tar éis an dáta dlite le haghaidh ús an SBBS.

2.Déanfaidh an teintiteas sainchuspóireach an fhaisnéis dá dtagraítear i mír 1 a chur ar fáil ar láithreán gréasáin:

(a)a bhfuil córas rialaithe cáilíochta sonraí atá ag feidhmiú go maith aige;

(b)atá faoi réir caighdeáin iomchuí rialachais agus a ndéantar é a chothabháil agus a oibriú i gcomhréir le struchtúr eagrúcháin lena náirithítear leanúnachas agus feidhmiú ordúil an láithreáin gréasáin;

(c)atá faoi réir córais, rialuithe agus nósanna imeachta lena sainaithnítear gach foinse ábhartha riosca oibriúcháin;

(d)lena náirítear córais lena náirithítear cosaint agus iomláine na faisnéise a fhaightear agus taifeadadh pras na faisnéise sin;

(e)lena dtugtar an fhéidearthacht taifid den fhaisnéis a choinneáil go ceann cúig bliana ar a laghad tar éis dháta aibíochta gach eisiúna SBBSanna.

An fhaisnéis dá dtagraítear i mír 1 agus an áit a gcuirtear an fhaisnéis ar fáil, cuirfidh an teintiteas sainchuspóireach iad in iúl sna doiciméid a thugtar d’infheisteoirí maidir leis na SBBSanna.

Airteagal 12

Ceanglais faisnéise

1.Sula naistreoidh sé SBBS, tabharfaidh an taistreoir an fhaisnéis seo a leanas ar fad don aistrí:

(a)an nós imeachta maidir le fáltais ón bpunann fholuiteach bannaí ceannasacha a leithdháileadh ar na tráinsí difriúla den eisiúint SBBSanna, lena náirítear nuair atáthar ag súil le neamhíoc na sócmhainní foluiteacha nó tar éis an neamhíoca sin;

(b)an dóigh a sannfar d’infheisteoirí na cearta vótála ar thairiscint mhalartaithe nuair atáthar ag súil le neamhíoc aon bhannaí ceannasacha sa phunann fholuiteach nó tar éis an neamhíoca sin, agus an dóigh a leithdháilfear ar na tráinsí difriúla den eisiúint SBBSanna aon chaillteanais ó neamhíoc fiachais.

2.Forbróidh ÚEUM dréachtchaighdeáin theicniúla rialála ina sonrófar an fhaisnéis dá dtagraítear i mír 1.

Cuirfidh ÚEUM na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála sin faoi bhráid an Choimisiúin faoin [6 mhí tar éis dháta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo].

Tarmligtear cumhacht chuig an gCoimisiún chun na caighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta a leagtar síos in Airteagail 10 go 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.

Caibidil 4

Formhaoirseacht ar tháirgí

Airteagal 13

Maoirseacht

1.Ainmneoidh na Ballstáit údarás inniúil amháin nó níos mó chun maoirseacht a dhéanamh ar chomhlíonadh an Rialacháin seo ag eintitis shainchuspóireacha. Tabharfaidh na Ballstáit eolas don Choimisiún agus do ÚEUM faoi na húdaráis inniúla sin agus, nuair is ábhartha, faoin dóigh a roinntear a gcuid feidhmeanna agus dualgas.

Déanfaidh údarás inniúil an Bhallstáit a bhfuil an teintiteas sainchuspóireach bunaithe ann maoirseacht ar chomhlíonadh na gceanglas a leagtar síos sa Rialachán seo.

2.Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh ag údaráis inniúla na cumhachtaí maoirseachta, na cumhachtaí imscrúdaithe agus na cumhachtaí forchurtha smachtbhannaí a theastaíonn uathu chun a gcuid dualgas faoin Rialachán seo a chomhlíonadh.

Beidh sé de chumhacht acu na nithe seo a leanas a dhéanamh ar a laghad:

(a)rochtain a iarraidh ar dhoiciméid ar bith i bhfoirm ar bith a mhéid a bhaineann siad le SBBSanna, agus cóip de na doiciméid sin a fháil nó a ghlacadh;

(b)ceangal a chur ar an eintiteas sainchuspóireach faisnéis a thabhairt gan mhoill;

(c)ceangal a chur ar aon duine a bhaineann le gníomhaíochtaí an eintitis shainchuspóirigh faisnéis a thabhairt;

(d)cigireachtaí ar an láthair a dhéanamh trí réamhfhógra a thabhairt nó gan réamhfhógra a thabhairt;

(e)bearta iomchuí a dhéanamh chun a áirithiú go leanfaidh eintiteas sainchuspóireach leis an Rialachán seo a chomhlíonadh;

(f)ordú a eisiúint chun a áirithiú go gcomhlíonfaidh eintiteas sainchuspóireach an Rialachán seo agus go staonfaidh sé ó aon iompar a sháraíonn an Rialachán seo a dhéanamh choíche.

3.Déanfaidh ÚEUM liosta d’údaráis inniúla a fhoilsiú agus a choinneáil cothrom le dáta ar a láithreán gréasáin.

Airteagal 14

Comhar idir údaráis inniúla agus ÚEUM

1.Oibreoidh údaráis inniúla agus ÚEUM i ndlúthchomhar lena chéile agus malartóidh siad faisnéis chun a gcuid dualgas a chomhlíonadh. Go háirithe, déanfaidh siad a ngníomhaíochtaí maoirseachta a chomhordú go dlúth chun sáruithe ar an Rialachán seo a shainaithint agus a réiteach, dea-chleachtais a fhorbairt agus a chur chun cinn, comhoibriú a éascú, comhsheasmhacht maidir le léirmhíniú a chothú agus measúnuithe trasdlínse a thabhairt i gcás aon easaontuithe.

Chun úsáid chumhachtaí na núdarás inniúil a éascú agus chun cur i bhfeidhm agus forfheidhmiú comhsheasmhach na noibleagáidí a leagtar amach sa Rialachán seo a áirithiú, gníomhóidh ÚEUM i gcomhréir leis na cumhachtaí a leagtar amach i Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.

2.Aon údarás inniúil a bhfuil forais shoiléire inléirithe aige lena chreidiúint go bhfuil eintiteas sainchuspóireach ag sárú an Rialacháin seo, tabharfaidh sé eolas mionsonraithe go pras faoi sin d’údarás inniúil an Bhallstáit a bhfuil an teintiteas sainchuspóireach bunaithe ann. Déanfaidh údarás inniúil an Bhallstáit a bhfuil an teintiteas sainchuspóireach bunaithe ann bearta iomchuí, lena náirítear an cinneadh dá dtagraítear in Airteagal 15.

3.I gcás ina leanann an teintiteas sainchuspóireach ar aghaidh ag gníomhú ar bhealach atá ina shárú soiléir ar an Rialachán seo, in ainneoin go bhfuil bearta déanta ag údarás inniúil an Bhallstáit a bhfuil sé bunaithe ann nó toisc nach bhfuil bearta déanta ag an údarás inniúil sin laistigh de thréimhse réasúnach ama, féadfaidh an túdarás inniúil a bhraith sárú ar an Rialachán seo, tar éis dó eolas a thabhairt d’údarás inniúil an Bhallstáit a bhfuil an teintiteas sainchuspóireach bunaithe ann agus do ÚEUM, gach beart iomchuí a dhéanamh chun infheisteoirí a chosaint, lena náirítear cosc a chur ar an eintiteas sainchuspóireach SBBSanna a mhargú tuilleadh laistigh dá chríoch féin agus an cinneadh dá dtagraítear in Airteagal 15 a dhéanamh.

Airteagal 15

Míúsáid an ainmnithe ‘SBBS’

1.I gcás ina bhfuil cúiseanna ann lena chreidiúint gur bhain eintiteas sainchuspóireach atá ag sárú Airteagal 9 úsáid as an ainmniú ‘SBBS’ chun táirge nach gcomhlíonann na ceanglais a leagtar amach san Airteagal sin a mhargú, leanfaidh údarás inniúil an Bhallstáit a bhfuil an teintiteas sainchuspóireach bunaithe ann an nós imeachta dá bhforáiltear i mír 2.

2.Laistigh de 15 lá tar éis dó fáil amach faoin sárú féideartha dá dtagraítear i mír 1, déanfaidh údarás inniúil an Bhallstáit ar bunaithe ann atá an teintiteas sainchuspóireach a mheastar a bheith freagrach as an sárú, déanfaidh sé cinneadh ar sáraíodh Airteagal 9 agus tabharfaidh sé fógra faoi sin do ÚEUM agus d’aon údaráis inniúla ábhartha eile, lena náirítear údaráis inniúla na ninfheisteoirí, nuair is eol dó cé hiad. Údarás inniúil a easaontaíonn leis an gcinneadh a rinneadh, tabharfaidh sé fógra do gach údarás inniúil ábhartha eile faoin easaontú sin gan moill mhíchuí. I gcás nach réitítear an teasaontú sin laistigh de thrí mhí ón dáta a tugadh fógra do na húdaráis inniúla ábhartha go léir, tarchuirfear an cheist chuig ÚEUM i gcomhréir le hAirteagal 19 agus, nuair is infheidhme, le hAirteagal 20 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010. Is ar feadh mí amháin a mhairfidh an chéim idir-réitigh dá dtagraítear in Airteagal 19(2) de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.

I gcás ina mainníonn na húdaráis inniúla lena mbaineann teacht ar chomhaontú laistigh den chéim idir-réitigh dá dtagraítear sa chéad fhomhír, déanfaidh ÚEUM an cinneadh dá dtagraítear in Airteagal 19(3) de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010 laistigh de mhí amháin. Le linn an nós imeachta a leagtar amach sa mhír seo, leanfar lena mheas gur SBBS é aon SBBS atá le feiceáil ar an liosta atá á choimeád ag ÚEUM de bhun Airteagal 10(2) agus coinneofar ar an liosta sin é.

I gcás ina naontaíonn na húdaráis inniúla ábhartha go mbaineann an sárú a rinne an teintiteas sainchuspóireach le neamhchomhlíonadh Airteagal 9 de mheon macánta, féadfaidh siad tréimhse trí mhí ar a mhéad a thabhairt don eintiteas sainchuspóireach chun an sárú a sainaithníodh a réiteach, ar tréimhse í a thosaíonn ar an lá a thug an túdarás inniúil eolas don eintiteas sainchuspóireach faoin sárú. Le linn na tréimhse sin, leanfar lena mheas gur SBBS é aon SBBS atá le feiceáil ar an liosta atá á choimeád ag ÚEUM de bhun Airteagal 10(2) agus coinneofar ar an liosta sin é.

3.Forbróidh ÚEUM dréachtchaighdeáin theicniúla rialála ina sonrófar na hoibleagáidí comhair agus an fhaisnéis atá le malartú faoi mhír 1 agus mír 2.

Cuirfidh ÚEUM na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála sin faoi bhráid an Choimisiúin faoin [6 mhí tar éis dháta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo].

Tarmligtear cumhacht chuig an gCoimisiún chun na caighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear san fhomhír seo a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagail 10 go 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.

Airteagal 16

Bearta feabhais agus smachtbhannaí riaracháin

1.Gan dochar don cheart atá ag na Ballstáit smachtbhannaí coiriúla a leagan síos de bhun Airteagal 17, forchuirfidh údaráis inniúla ar an eintiteas sainchuspóireach nó ar an duine nádúrtha atá ag bainistiú an eintitis shainchuspóirigh na bearta feabhais iomchuí, lena náirítear an cinneadh dá dtagraítear in Airteagal 15, agus na smachtbhannaí riaracháin iomchuí a leagtar amach i mír 3, i gcás inarb amhlaidh:

(a)gur mhainnigh eintitis shainchuspóireacha na hoibleagáidí a leagtar amach in Airteagal 7 agus Airteagal 8 a chomhlíonadh;

(b)gur mhainnigh eintitis shainchuspóireacha ceanglais Airteagal 9 a chomhlíonadh, lena náirítear i gcás nár thug siad fógra do ÚEUM i gcomhréir le hAirteagal 10(1), nó inar thug siad fógra míthreorach;

(c)gur mhainnigh eintitis shainchuspóireacha na ceanglais trédhearcachta a leagtar amach in Airteagal 11 a chomhlíonadh.

2.Beidh an méid seo a leanas ar a laghad sna smachtbhannaí riaracháin dá dtagraítear i mír 1:

(a)ráiteas poiblí ina gcuirtear in iúl céannacht an duine nádúrtha nó an duine dhlítheanaigh a rinne an sárú agus cineál an tsáraithe;

(b)ordú lena gceanglaítear ar an duine nádúrtha nó an duine dlítheanach a rinne an sárú scor den iompar sin agus staonadh ón iompar sin a dhéanamh choíche;

(c)toirmeasc sealadach lena gcuirtear cosc ar aon chomhalta de chomhlacht bainistíochta an eintitis shainchuspóirigh nó ar aon duine nádúrtha eile a leagtar freagracht air as an sárú feidhmeanna bainistíochta a fheidhmiú in eintitis shainchuspóireacha;

(d)i gcás sárú dá dtagraítear i bpointe (b) de mhír 1, toirmeasc sealadach ar an eintiteas sainchuspóireach fógra dá dtagraítear in Airteagal 10(1) a thabhairt;

(e)smachtbhannaí riaracháin airgid ar luach EUR 5 000 000 ar a mhéad nó, i gcás Ballstáit nach bhfuil an euro mar airgeadra acu, an luach comhfhreagrach san airgeadra náisiúnta ar [dáta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo], nó 10 % de ghlanláimhdeachas bliantúil iomlán an eintitis shainchuspóirigh, mar a dheimhnítear sna cuntais is déanaí atá ar fáil agus formheasta ag comhlacht bainistíochta an eintitis shainchuspóirigh;

(f)smachtbhannaí riaracháin airgid ar luach dhá oiread mhéid an tsochair a baineadh as an sárú ar a mhéad i gcás inar féidir an sochar sin a dhéanamh amach, fiú i gcás inar mó an sochar ná na méideanna uasta dá dtagraítear i bpointe (e).

3.Agus cineál agus leibhéal na smachtbhannaí riaracháin á gcinneadh acu, cuirfidh údaráis inniúla san áireamh a mhéid a rinneadh an sárú d’aon ghnó nó a d’eascair sé as faillí, mar aon leis na himthosca ábhartha go léir, lena náirítear na nithe seo a leanas, nuair is iomchuí:

(a)ábharthacht, tromchúis agus fad an tsáraithe;

(b)leibhéal freagrachta an duine nádúrtha nó an duine dhlítheanaigh atá freagrach as an sárú;

(c)láidreacht airgeadais an duine nádúrtha nó an duine dhlítheanaigh atá freagrach;

(d)tábhacht an bhrabúis a ghnóthaigh an duine nádúrtha nó an duine dlítheanach nó tábhacht na gcaillteanas a sheachain sé, a mhéid is féidir an brabús nó na caillteanais sin a dhéanamh amach;

(e)na caillteanais do thríú páirtithe a d’eascair as an sárú;

(f)an leibhéal comhair a bhí ar bun idir an duine nádúrtha nó an duine dlítheanach atá freagrach agus an túdarás inniúil;

(g)sáruithe eile a rinne an duine nádúrtha nó an duine dlítheanach atá freagrach roimhe sin.

4.Áiritheoidh na Ballstáit gur cuíréasúnaithe a bheidh aon chinneadh lena bhforchuirtear na bearta feabhais nó na smachtbhannaí riaracháin agus go mbeidh an cinneadh sin faoi réir ceart achomhairc.

Airteagal 17

Smachtbhannaí coiriúla

Na Ballstáit a bhfuil smachtbhannaí coiriúla leagtha síos acu le haghaidh an tsáraithe dá dtagraítear in Airteagal 16(1), tabharfaidh siad dá núdaráis inniúla na cumhachtaí go léir a theastaíonn chun dul i gcomhairle le húdaráis bhreithiúnacha, ionchúisimh nó ceartais choiriúil laistigh dá ndlínse féin, ar mhaithe le faisnéis shonrach a fháil ó údaráis inniúla eile agus ó ÚEUM faoi imscrúduithe coiriúla nó imeachtaí coiriúla a tosaíodh i dtaca leis na sáruithe dá dtagraítear in Airteagal 16(1), agus ar mhaithe le faisnéis den sórt sin a thabhairt dóibh sin.

Airteagal 18

Smachtbhannaí riaracháin a fhoilsiú

1.Foilseoidh údaráis inniúla ar a láithreán gréasáin, gan moill mhíchuí agus tar éis dóibh eolas a thabhairt don duine lena mbaineann faoi, aon chinneadh lena bhforchuirtear smachtbhanna riaracháin nach bhfuil aon cheart achomhairc ann ina leith a thuilleadh agus atá á fhochur as sárú dá dtagraítear in Airteagal 16(1).

Áireofar leis an bhfoilsiú dá dtagraítear i bhfomhír 1 faisnéis faoi shaghas agus cineál an tsáraithe, agus céannacht an duine nádúrtha nó an duine dhlítheanaigh ar forchuireadh an smachtbhanna riaracháin air.

2.Is ar bhonn anaithnid, i gcomhréir leis an dlí náisiúnta, a fhoilseoidh údaráis inniúla an smachtbhanna riaracháin i gceann ar bith de na himthosca seo a leanas:

(a)i gcás ina bhforchuirtear smachtbhanna riaracháin ar dhuine nádúrtha agus inarb amhlaidh, tar éis réamhmheasúnú a dhéanamh, go meastar foilsiú sonraí pearsanta a bheith díréireach;

(b)i gcás ina gcuirfí cobhsaíocht margaí airgeadais nó imscrúdú coiriúil atá ar siúl i gcontúirt dá bhfoilseofaí é;

(c)i gcás ina ndéanfaí damáiste díréireach don eintiteas sainchuspóireach nó do na daoine nádúrtha lena mbaineann dá bhfoilseofaí é.

De rogha air sin, i gcás inar dóigh go dtiocfaidh na himthosca dá dtagraítear sa chéad fhomhír chun deiridh laistigh de thréimhse réasúnach ama, féadfar foilsiú faoi mhír 1 a chur siar ar feadh na tréimhse sin.

3.Áiritheoidh údaráis inniúla gur ar feadh cúig bliana a choinneofar ar a láithreán gréasáin oifigiúil an fhaisnéis a fhoilsítear faoi mhír 1 nó mír 2. Is ar feadh na tréimhse a theastaíonn amháin a choinneofar sonraí pearsanta ar láithreán gréasáin oifigiúil an údaráis inniúil.

Airteagal 19

Formhaoirseacht stuamachta ar an macraileibhéal a dhéanamh ar an margadh SBBSanna

Laistigh de theorainneacha a shainordaithe a leagtar síos i Rialachán (AE) Uimh. 1092/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 26 , beidh an Bord Eorpach um Riosca Sistéamach freagrach as formhaoirseacht stuamachta ar an macraileibhéal a dhéanamh ar an margadh SBBSanna san Aontas agus gníomhóidh sé i gcomhréir leis na cumhachtaí a leagtar amach sa Rialachán sin.

Airteagal 20

Fógraí ó na Ballstáit

Tabharfaidh na Ballstáit fógra faoi na forálacha reachtaíochta, rialúcháin agus riaracháin dá dtagraítear in Airteagal 13 agus Airteagal 16 don Choimisiún agus do ÚEUM faoi [bliain amháin tar éis dháta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo]. Tabharfaidh na Ballstáit fógra gan moill mhíchuí don Choimisiún agus do ÚEUM faoi aon leasuithe a dhéanfar orthu ina dhiaidh sin.

Caibidil 4 Cumhachtaí cur chun feidhme agus forálacha críochnaitheacha

Airteagal 21

Leasú ar Threoir 2009/65/CE

I dTreoir 2009/65/CE, cuirtear an tAirteagal 54a seo a leanas isteach:

“Airteagal 54a

1.I gcás ina gcuireann na Ballstáit maolú dá dtagraítear in Airteagal 54 i bhfeidhm nó i gcás ina dtugann siad tarscaoileadh dá dtagraítear in Airteagal 56(3), déanfaidh údaráis inniúla Bhallstát baile an GCUI:

(a)an maolú céanna a chur i bhfeidhm nó an tarscaoileadh céanna a thabhairt don GCUI chun suas go dtí 100 % dá shócmhainní a infheistiú in SBBSanna mar a shainmhínítear in Airteagal 3(3) de Rialachán [tagairt don Rialachán maidir le hurrúis de bhun bannaí ceannasacha le cur isteach] i gcomhréir le prionsabal an scaipthe riosca i gcás ina measann na húdaráis inniúla sin gur ag sealbhóirí aonaid sa GCUI atá cosaint atá coibhéiseach leis an gcosaint sin atá ag sealbhóirí aonaid in GCUI atá ag comhlíonadh na dteorainneacha a leagtar síos in Airteagal 52;

(b)cur i bhfeidhm mhír 1 agus mhír 2 d’Airteagal 56 a tharscaoileadh.

2.Faoin [6 mhí tar éis dháta theacht i bhfeidhm an Rialacháin maidir le hurrúis de bhun bannaí ceannasacha], glacfaidh agus foilseoidh na Ballstáit na bearta a theastaíonn chun mír 1 a chomhlíonadh agus cuirfidh siad na bearta sin in iúl don Choimisiún.”.

Airteagal 22

Leasú ar Threoir 2009/138/CE

In Airteagal 104 de Threoir 2009/138/CE, cuirtear an mhír 8 seo a leanas leis:

"8.Chun an Ceanglas Caipitil Sócmhainneachta Bunúsach a ríomh, is amhlaidh, maidir le neamhchosaintí ar urrúis de bhun bannaí ceannasacha mar a shainmhínítear in Airteagal 3(3) de Rialachán [tagairt don Rialachán maidir le hurrúis de bhun bannaí ceannasacha le cur isteach], go gcaithfear leo mar neamhchosaintí ar rialtais láir nó bainc cheannais na mBallstát, arna nainmniú agus arna gcistiú ina nairgeadra intíre.

Faoin [6 mhí tar éis dháta theacht i bhfeidhm an Rialacháin maidir le hurrúis de bhun bannaí ceannasacha], glacfaidh agus foilseoidh na Ballstáit na bearta a theastaíonn chun an chéad fhomhír a chomhlíonadh agus cuirfidh siad na bearta sin in iúl don Choimisiún.”.

Airteagal 23

Leasuithe ar Rialachán (AE) Uimh. 575/2013

Leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 mar seo a leanas:

(1)in Airteagal 268, cuirtear an mhír 5 seo a leanas leis:

"5.De mhaolú ar an gcéad mhír, maidir le hurrúis de bhun bannaí ceannasacha mar a shainmhínítear in Airteagal 3(3) de Rialachán [tagairt don Rialachán maidir le hurrúis de bhun bannaí ceannasacha le cur isteach], féadfar caitheamh leo i ngach cás i gcomhréir leis an gcéad mhír den Airteagal seo.";

(2)in Airteagal 325, cuirtear an mhír 4 seo a leanas leis:

"4.Chun críche an Teidil seo, is mar neamhchosaintí ar an rialtas láir de chuid Ballstáit a chaithfidh institiúidí le neamhchosaintí atá i bhfoirm urrúis de bhun bannaí ceannasacha mar a shainmhínítear in Airteagal 3(3) de Rialachán [tagairt don Rialachán maidir le hurrúis de bhun bannaí ceannasacha le cur isteach].";

(3)in Airteagal 390(7), cuirtear an fhomhír seo a leanas leis:

“Beidh feidhm ag an gcéad fhomhír maidir le neamhchosaintí ar urrúis de bhun bannaí ceannasacha mar a shainmhínítear in Airteagal 3(3) de Rialachán [tagairt don Rialachán maidir le hurrúis de bhun bannaí ceannasacha le cur isteach].”.

Airteagal 24

Leasú ar Threoir (AE) 2016/2341

I dTreoir (AE) 2016/2341, cuirtear an tAirteagal 18a seo a leanas isteach:

"Airteagal 18a

Urrúis de bhun Bannaí Ceannasacha

1. Ina rialacha náisiúnta féin maidir le sócmhainní IORPanna a luacháil, maidir le cistí dílse IORPanna a ríomh, agus maidir leis an gcorrlach sócmhainneachta do IORPanna a ríomh, caithfidh na Ballstáit le hurrúis de bhun bannaí ceannasacha, mar a shainmhínítear iad in Airteagal 3(3) de Rialachán [tagairt don Rialachán maidir le hurrúis de bhun bannaí ceannasacha le cur isteach], ar an mbealach céanna a chaitear le hionstraimí fiachais cheannasaigh an limistéir euro.

2. Faoin [6 mhí tar éis dháta theacht i bhfeidhm an Rialacháin maidir le hurrúis de bhun bannaí ceannasacha], glacfaidh agus foilseoidh na Ballstáit na bearta a theastaíonn chun mír 1 a chomhlíonadh agus cuirfidh siad na bearta sin in iúl don Choimisiún.”.

Airteagal 25

Clásal meastóireachta

Tráth nach luaithe ná cúig bliana tar éis dháta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo agus a luaithe atá sonraí dóthanacha ar fáil, déanfaidh an Coimisiún meastóireacht ar an Rialachán seo, lena mheas ar chomhlíon sé a chuspóirí i leith deireadh a chur le baic rialála mhíchuí ar theacht chun cinn SBBSanna.

Airteagal 26

Nós imeachta coiste

1.Beidh an Coiste Eorpach um Urrúis a bunaíodh le Cinneadh 2001/528/CE 27 ón gCoimisiún de chúnamh ag an gCoimisiún. Beidh an coiste sin ina choiste de réir bhrí Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

2.I gcás ina ndéanfar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5 de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

Airteagal 27

Teacht i bhfeidhm

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil,

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa    Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán    An tUachtarán

RÁITEAS AIRGEADAIS REACHTACH

1.LEAGAN AMACH AN TOGRA/TIONSCNAIMH

1.1.Teideal an togra/tionscnaimh

1.2.Réimsí beartais lena mbaineann i gcreat ABM/ABB

1.3.An cineál togra/tionscnaimh

1.4.Cuspóirí

1.5.Forais an togra/tionscnaimh

1.6.Fad agus tionchar airgeadais

1.7.Modhanna bainistíochta atá beartaithe

2.BEARTA BAINISTÍOCHTA

2.1.Rialacha faireacháin agus tuairiscithe

2.2.Córas bainistíochta agus rialaithe

2.3.Bearta chun calaois agus neamhrialtachtaí a chosc

3.AN TIONCHAR AIRGEADAIS A MHEASTAR A BHEIDH AG AN TOGRA/TIONSCNAMH

3.1.Ceannteidil an chreata airgeadais ilbhliantúil agus na línte buiséid ar a nimreofar tionchar

3.2.An tionchar a mheastar a bheidh ag an togra/tionscnamh ar chaiteachas 

3.2.1.Achoimre ar an tionchar a mheastar a bheidh ag an togra/tionscnamh ar chaiteachas

3.2.2.An tionchar a mheastar a bheidh ag an togra/tionscnamh ar leithreasuithe faoi chomhair oibríochtaí

3.2.3.An tionchar a mheastar a bheidh ag an togra/tionscnamh ar leithreasuithe de chineál riaracháin

3.2.4.Comhoiriúnacht don chreat airgeadais ilbhliantúil reatha

3.2.5.Ranníocaíochtaí ó thríú páirtithe

3.3.An tionchar a mheastar a bheidh ar ioncam

RÁITEAS AIRGEADAIS REACHTACH

1.LEAGAN AMACH AN TOGRA/TIONSCNAIMH

1.1.Teideal an togra/tionscnaimh

Togra le haghaidh

RIALACHÁN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

maidir le hurrúis de bhun bannaí ceannasacha

1.2.Réimsí beartais lena mbaineann

Rialáil Margaí Airgeadais, an tAontas Baincéireachta

1.3.An cineál togra/tionscnaimh

 Baineann an togra/tionscnamh le beart nua

Baineann an togra/tionscnamh le beart nua a leanann treoirthionscadal/réamhbheart 28  

 Baineann an togra/tionscnamh le síneadh ar bheart atá ann cheana 

 Baineann an togra/tionscnamh le beart a atreoraíodh i dtreo beart nua 

1.4.Cuspóirí

1.4.1.Cuspóirí straitéiseacha ilbhliantúla an Choimisiúin ar a bhfuil an togra/tionscnamh dírithe

Tá an togra seo ina chuid de chuspóirí an Choimisiúin i leith an tAontas Baincéireachta a chur i gcrích trí laghdú riosca agus comhroinnt riosca san earnáil phríobháideach a chothú. Cuimsítear ann creat cumasúcháin lena sáraítear na baic rialála reatha atá ar Urrúis de bhun Bannaí Ceannasacha (SBBSanna), ar baic iad a eascraíonn as an difríocht sa dóigh a gcaitear le SBBSanna iad féin agus an dóigh a gcaitear le bannaí rialtais, arb é punann fholuiteach na SBBSanna. D’fhéadfadh go mbeadh de thoradh ar SBBSanna go gcuirfí ar chumas na mbanc (agus institiúidí eile) a bpunanna bannaí ceannasacha a éagsúlú agus an fáinne fí idir na bainc agus fiachas ceannasach a lagú, rud atá láidir i roinnt cásanna fós d’ainneoin an dul chun cinn a rinneadh le déanaí.

1.4.2.Cuspóirí sonracha

Cuspóir sonrach Uimh.

Chun "go gcumasófaí" sócmhainn amhail SBBSanna, rud a d’fhágfadh go bhféadfaí tástáil mhargaidh a dhéanamh ar a inmharthana atá sí, bheadh sé riachtanach an dá chuspóir shonracha seo a leanas a ghnóthú:

1.    Deireadh a chur le baic rialála mhíchuí (i.e., "neodracht" rialála a thabhairt ar ais do SBBSanna).

2.    Leachtacht agus cáilíocht "tagarmhairc" a spreagadh (i.e., ba cheart caitheamh leis an ionstraim nua ar an mbealach céanna a chaitear le tagarmharcanna eile sa rialáil — leachtacht de jure — agus ba cheart í a bheith in ann mais chriticiúil dhóthanach/caighdeánú dóthanach a ghnóthú chun go mbeadh sí leachtach freisin de facto).

1.4.3.An toradh agus an tionchar a bhfuil súil leo

Sonraigh an tionchar a bheadh ag an togra/tionscnamh ar na tairbhithe/grúpaí ar a bhfuil sé dírithe.

Ar na príomhpháirtithe leasmhara a mbeadh tionchar ag an reachtaíocht a bheartaítear orthu tá bainc (agus institiúidí airgeadais eile atá faoi réir an Rialacháin maidir le Ceanglais Chaipitil nó na Treorach maidir le Ceanglais Chaipitil), bainisteoirí sócmhainní eile, eagraithe/eisitheoirí an táirge, maoirseoirí, agus oifigigh bhainistíochta fiachais (mar ionadaithe don tionchar a bheadh ag an reachtaíocht agus SBBSanna ar na margaí náisiúnta fiachais cheannasaigh).

Maidir leis an tionchar sin, ó thaobh na dtairbhí féideartha agus na gcostas féideartha araon de, bheadh sé ag brath ar mhéid an mhargaidh don táirge airgeadais nuálach seo. Níl sé mar aidhm leis an idirghabháil a bheartaítear ach an táirge nuálach seo, nach ann dó faoi láthair, "a chumasú". Mar sin féin, maidir lena inmharthana atá an táirge nuálach seo agus, dá réir sin, an méid a d’fhéadfadh margadh don táirge nuálach seo teacht chun cinn, beidh siad ag brath freisin ar thosca seachas an chóir rialála agus, dá bhrí sin, ní féidir iad a dhéanamh amach ach trí thástáil mhargaidh, rud is féidir a dhéanamh leis an idirghabháil a bheartaítear.

I dtéarmaí ginearálta, más amhlaidh go gcruthaítear gurb inmharthana atá SBBSanna — a luaithe a chumasaítear iad ó thaobh na rialála de trí dheireadh a chur le formhuirir rialála maidir le ceanglais chaipitil agus ceanglais chumhdaigh leachtachta, mar shampla — beifear ag súil leis na tairbhí seo a leanas:

- Táirge nua a bheith ar fáil lena gcabhrófaí le bainc, cuideachtaí árachais, cistí pinsean agus infheisteoirí eile a bpunanna bannaí ceannasacha a éagsúlú.

- Cobhsaíocht fheabhsaithe airgeadais toisc go gcabhródh SBBSanna leis an bhfáinne fí idir na bainc agus fiachas ceannasach a lagú. Ina theannta sin, d’fhéadfadh SBBSanna cobhsaíocht a chur chun cinn freisin le linn tréimhsí ina bhfuil margaí airgeadais faoi strus toisc nach faoi dhliteanas díolachán práinne a bheadh an sciar de na bannaí ceannasacha gan íoc a shealbhaítear in SBBSanna.

- Bonn méadaithe infheisteoirí d’fhiachas ceannasach na hEorpa, ar éifeacht í a mheastar a bheidh níos mó do na Ballstáit bheaga a bhféadfadh nach mbeadh a mbannaí ceannasacha ar eolas ag infheisteoirí idirnáisiúnta.

- Tairbhí indíreacha d’infheisteoirí miondíola, teaghlaigh agus fiontair bheaga agus mheánmhéide a mhéid a thagann na tairbhí thuasluaite chun cinn ó thaobh cobhsaíocht fheabhsaithe airgeadais de.

Maidir leis na costais, meastar go mbeidh siad beag.

- I gcás saoránach/tomhaltóirí, d’fhéadfadh costais bheaga indíreacha teacht chun cinn mar thoradh ar an tionchar a bheadh ag SBBSanna ar a leachtaí atá roinnt margaí bannaí ceannasacha, rud a d’fhéadfadh costais mhaoiniúcháin a mhéadú, ar costais iad a bheadh le seasamh ag an gcáiníocóir ansin. Má chruthaítear gurb inmharthana atá SBBSanna, is dóigh go bhfritháireofar an tionchar sin leis an laghdú ar an riosca foriomlán (agus ar na costais iasachtaíochta, dá bhrí sin) a eascróidh as cobhsaíocht fheabhsaithe airgeadais.

- Bheadh ar eisitheoirí SBBSanna iompar a dhéanamh ar na costais bheaga a bhaineann le táirge den sórt sin a chruthú, amhail na costais dlí a bhaineann leis an meán eisiúna a bhunú, etc.

- D’iompródh údaráis riaracháin (an Coimisiún, ÚEUM, údaráis maoirseachta náisiúnta, ...) na costais measartha beag a bhaineann leis an reachtaíocht a dhréachtú agus na hidirghabhálacha reachtacha a bheadh ag teastáil sa todhchaí chun an reachtaíocht a oiriúnú d’imthosca a bheadh ag athrú. Thiocfadh costais mhaoirseachta as an ionstraim nua freisin, cé gur dóigh gur chostais ísle a bheadh iontu (ós rud é go mbeadh ar mhaoirseoirí maoirseacht a dhéanamh ar infheisteoirí in SBBSanna cibé).

1.4.4.Táscairí lena léireofar toradh agus tionchar

Sonraigh na táscairí lena léireofar an faireachán ar chur chun feidhme an togra/tionscnaimh.

D’fhéadfaí tionchar na reachtaíochta a mheasúnú trí fhaireachán a dhéanamh ar an méid iarbhír a dhéanfar na táirgí nua seo a chruthú agus a thrádáil. Is gá a chuimhneamh, áfach, go bhforálfar leis an reachtaíocht chumasúcháin maidir le tástáil mhargaidh a dhéanamh ar a inmharthana atá an táirge agus go bhfuil forbairt an mhargaidh nua seo ag brath ar roinnt tosca eile atá neamhspleách ar an gcreat rialála nó nach bhfuil ach baint lag acu leis. Mar thoradh air sin, is dóigh go mbeidh sé deacair éifeachtaí na reachtaíochta a bheartaítear a scaradh per se (is é sin le rá ar shlí eile, d’fhéadfadh go noibreodh an reachtaíocht go díreach mar a beartaíodh ach, dá ainneoin sin, d’fhéadfadh nach dtiocfadh forbairt ar SBBSanna ar chúiseanna neamhspleácha). Mar an gcéanna, beidh an téileamh ar SBBSanna ag brath ar an timpeallacht fhoriomlán ráta úis, ar an bhfonn riosca atá ann agus ar an éileamh atá ag cineálacha éagsúla infheisteoirí ar na tráinsí difriúla, i measc nithe eile. Is é sin le rá ar shlí eile, cé go bhféadfadh nach dtiocfadh forbairt ar SBBSanna sa staid eacnamaíoch reatha, ní hionann é sin agus a rá nach dtiocfaidh forbairt orthu sa todhchaí a luaithe a bhaintear na baic rialála go rathúil.

1.5.Forais an togra/tionscnaimh

1.5.1.Na ceanglais is gá a chomhlíonadh sa ghearrthéarma nó san fhadtéarma

Sa ghearrthéarma, cuirtear de chúram ar ÚEUM a acmhainn a fhorbairt chun fógraí a fháil le haghaidh eisiúintí SBBSanna, chun comhlíonadh an rialacháin ag na heisiúintí a fhíorú, chun eolas a thabhairt d’údaráis inniúla náisiúnta agus faisnéis a fháil uathu, agus chun eisiúintí SBBSanna ar tugadh fógra fúthu agus ainm na núdarás inniúil náisiúnta a fhoilsiú ar a láithreán gréasáin.

Anuas air sin, beidh ar ÚEUM caighdeáin theicniúla rialála agus chur chun feidhme a fhorbairt laistigh de XXX mí tar éis dháta theacht i bhfeidhm an tionscnaimh seo.

1.5.2.An breisluach a éiríonn as rannpháirteachas an Aontais (d’fhéadfadh sé sin éirí as tosca éagsúla, e.g., gnóthachain ó chomhordú, deimhneacht dhlíthiúil, éifeachtacht mhéadaithe nó comhlántachtaí). Chuige seo is é is ciall le 'breisluach a éiríonn as rannpháirteachas an Aontais' an luach a bhíonn mar thoradh ar idirghabháil ón Aontas atá sa bhreis ar an luach a bheadh ann dá mbeadh na Ballstáit ag feidhmiú astu féin.

Cúiseanna leis an ngníomhaíocht ar leibhéal an Aontais (ex ante)

Uirlis a bhfuil mar aidhm leo cobhsaíocht airgeadais agus comhroinnt riosca a fheabhsú ar fud an limistéir euro is ea SBBSanna. Mar sin, is féidir leo cur le feidhmiú níos fearr an mhargaidh inmheánaigh. Dá bhrí sin, is é Airteagal 114 CFAE an bunús dlí iomchuí anseo, ar Airteagal é lena dtugtar an inniúlacht do na hinstitiúidí Eorpacha forálacha iomchuí a leagan síos a bhfuil bunú agus feidhmiú an mhargaidh inmheánaigh mar chuspóir leo. Leagtar síos i roinnt píosaí reachtaíochta ón Aontas na baic rialála shainaitheanta atá ann ar mhargaí SBBSanna a fhorbairt. Mar thoradh air sin, ní bheadh gníomhaíocht ag na Ballstáit aonair in ann spriocanna an tionscnaimh reachtaigh seo a ghnóthú, i.e., deireadh a chur le baic rialála den sórt sin, ós rud é gur trí ghníomhaíocht an Aontais amháin is féidir leasuithe a dhéanamh ar reachtaíocht an Aontais.

Breisluach an Aontais (ex post) a bhfuiltear ag súil lena ghiniúint

Is é aidhm an togra reachtaigh seo an tAontas Baincéireachta a chur ar aghaidh. D’fhéadfadh go mbeadh de thoradh ar SBBSanna go gcuirfí ar chumas na mbanc (agus institiúidí eile) a bpunanna bannaí ceannasacha a éagsúlú agus an fáinne fí idir na bainc agus fiachas ceannasach a lagú, rud a chuirfeadh feabhas ar chobhsaíocht airgeadais i gcoitinne.

1.5.3.Ceachtanna a foghlaimíodh ó thaithí eile den sórt sin san am a chuaigh thart

Cuireadh de chúram ar ÚEUM cláir a choinneáil cheana féin maidir le GCUInna, cistí infheistíochta malartacha, EuVECA; agus EuSEF. Tríd is tríd, tá sé ina chleachtadh dearfach go dtí seo.

1.5.4.Comhoiriúnacht d'ionstraimí iomchuí eile agus sineirgíocht a d'fhéadfadh a bheith ann

Tá an tionscnamh ar aon dul leis an ról breisithe a thugtar do ÚEUM sa togra le haghaidh an athbhreithnithe ar na húdaráis maoirseachta Eorpacha. Mar sin féin, níl aon tionchar díreach aige ar an togra ón gCoimisiún le haghaidh an athbhreithnithe ar na húdaráis maoirseachta Eorpacha toisc go mbaineann an tionscnamh seo le saincheist theicniúil ar leith nach dtugtar aghaidh uirthi san athbhreithniú.

1.6.Fad agus tionchar airgeadais

 Togra/tionscnamh a bheidh i bhfeidhm ar feadh tréimhse theoranta

   Togra/tionscnamh a bheidh i bhfeidhm ón [LL/MM]BBBB go dtí an [LL/MM]BBBB

   Tionchar airgeadais ó BBBB go BBBB

 Togra/tionscnamh a bheidh i bhfeidhm ar feadh tréimhse neamhtheoranta

Cuirfear chun feidhme é le linn na tréimhse tosaigh BBBB go BBBB,

agus cuirfear ag feidhmiú go hiomlán ina dhiaidh sin é.

1.7.Modhanna bainistíochta atá beartaithe 29

 Bainistíocht dhíreach a dhéanann an Coimisiún

   trí na gníomhaireachtaí feidhmiúcháin

 Bainistíocht atá comhroinnte leis na Ballstáit

 Bainistíocht indíreach trí chúraimí a bhaineann le cur chun feidhme an bhuiséid a shannadh dóibh seo a leanas:

◻ eagraíochtaí idirnáisiúnta agus a ngníomhaireachtaí (tabhair sonraí);

◻BEI agus an Ciste Eorpach Infheistíochta;

☑ comhlachtaí dá dtagraítear in Airteagal 208 agus Airteagal 209;

◻ comhlachtaí dlí poiblí;

◻ comhlachtaí arna rialú ag an dlí príobháideach agus a bhfuil misean seirbhíse poiblí acu sa mhéid go gcuireann siad ráthaíochtaí leordhóthanacha airgeadais ar fáil;

◻ comhlachtaí arna rialú ag dlí príobháideach Ballstáit, a gcuirtear de chúram orthu comhpháirtíochtaí príobháideacha poiblí a chur chun feidhme, agus a sholáthraíonn ráthaíochtaí leordhóthanacha airgeadais;

◻ daoine a gcuirtear de chúram orthu bearta sonracha a chur chun feidhme in CBES de bhun Theideal V de CAE, ar daoine iad a aithnítear sa bhunghníomh ábhartha.

Nótaí

Neamhbhainteach

2.BEARTA BAINISTÍOCHTA

2.1.Rialacha faireacháin agus tuairiscithe

Sonraigh minicíocht na mbeart agus na coinníollacha atá leo

Ar aon dul le socruithe atá ann cheana, ullmhaíonn ÚEUM tuarascálacha rialta ar a ghníomhaíocht (lena náirítear tuairisciú inmheánach don Lucht Bainistíochta Sinsearach, tuairisciú do Bhoird agus táirgeadh na tuarascála bliantúla) agus téann sé faoi iniúchtaí ag an gCúirt Iniúchóirí agus an tSeirbhís um Iniúchóireacht Inmheánach ar an úsáid a bhaineann sé as acmhainní. Comhlíonfaidh an faireachán agus an tuairisciú a dhéanfar ar na bearta a bheartaítear anseo na ceanglais atá ann cheana.

2.2.Córas bainistíochta agus rialaithe

2.2.1.Na rioscaí a aithníodh.

I dtaca le húsáid dhlíthiúil, bharainneach agus éifeachtúil na leithreasuithe a eascraíonn as an togra, ní mheastar go dtiocfadh as an togra aon rioscaí nua nach gcumhdófaí le creat rialaithe inmheánaigh atá i bhfeidhm ag ÚEUM cheana.

2.2.2.Modh(anna) rialaithe atá beartaithe

Cuireadh chun feidhme cheana féin na córais bhainistíochta agus rialaithe dá bhforáiltear sa Rialachán maidir le ÚEUM. Oibríonn ÚEUM i ndlúthchomhar leis an tSeirbhís um Iniúchóireacht Inmheánach de chuid an Choimisiúin chun a áirithiú gur i ngach réimse rialaithe inmheánaigh a chomhlíontar na caighdeáin iomchuí. Beidh feidhm ag na socruithe sin freisin maidir le ról ÚEUM i gcomhréir leis an togra reatha. Seoltar tuarascálacha bliantúla iniúchóireachta inmheánaí chuig an gCoimisiún, chuig an bParlaimint agus chuig an gComhairle.

2.3.Bearta chun calaois agus neamhrialtachtaí a chosc

Sonraigh bearta coisctheacha agus cosanta atá ann cheana nó atá beartaithe.

Chun críocha calaois, éilliú agus aon ghníomhaíocht neamhdhleathach eile a chomhrac, tá feidhm gan srianadh ag forálacha Rialachán (CE) Uimh. 883/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Meán Fómhair 2013 maidir le himscrúduithe arna ndéanamh ag an Oifig Eorpach FrithChalaoise (OLAF).

Tá straitéis thiomnaithe frithchalaoise agus plean gníomhaíochta iarmhartach i bhfeidhm ag ÚEUM faoi láthair. Cuireadh an straitéis agus an plean gníomhaíochta i bhfeidhm sa bhliain 2014. Maidir leis na bearta neartaithe a dhéanfaidh ÚEUM ar mhaithe le calaois a chosc, comhlíonfaidh siad na rialacha agus an treoir a thugtar leis an Rialachán Airgeadais (bearta frithchalaoise mar chuid de bhainistíocht fhónta airgeadais), beartais OLAF um chalaois a chosc, na forálacha a thugtar le Straitéis Frithchalaoise an Choimisiúin (COM(2011)376) agus na rialacha agus an treoir a leagtar amach leis an gCur Chuige Coiteann maidir le gníomhaireachtaí díláraithe an Aontais Eorpaigh (Iúil 2012) agus leis an treochlár gaolmhar.

Leagtar amach sa Rialachán lena mbunaítear ÚEUM na forálacha maidir le buiséad ÚEUM a chur chun feidhme agus a rialú agus na rialacha airgeadais is infheidhme.

3.AN TIONCHAR AIRGEADAIS A MHEASTAR A BHEIDH AG AN TOGRA/TIONSCNAMH

3.1.Ceannteidil an chreata airgeadais ilbhliantúil agus na línte buiséid ar a nimreofar tionchar

·Línte buiséid atá ann cheana

In ord cheannteidil agus línte buiséid an chreata airgeadais ilbhliantúil.

Ceannteideal an chreata airgeadais ilbhliantúil

Líne buiséid

Saghas
caiteachais

Ranníocaíocht

1a: Iomaíochas don fhás agus do phoist

LD/LN 30 .

ó thíortha CSTE 31

ó thíortha is iarrthóirí 32

ó thríú tíortha

de réir bhrí Airteagal 21(2)(b) den Rialachán Airgeadais

1.a

12 02 06 ÚEUM

LD

Níl

Níl

Níl

Níl

·Línte nua buiséid atá á niarraidh

In ord cheannteidil agus línte buiséid an chreata airgeadais ilbhliantúil.

Ceannteideal an chreata airgeadais ilbhliantúil

Líne buiséid

Saghas
caiteachais

Ranníocaíocht

Uimhir
[Ceannteideal………………………………………]

LD/LN

ó thíortha de chuid CSTE

ó thíortha is iarrthóirí

ó thríú tíortha

de réir bhrí Airteagal 21(2)(b) den Rialachán Airgeadais

[XX.YY.YY.YY]

TÁ/NÍL

TÁ/NÍL

TÁ/NÍL

TÁ/NÍL

3.2.An tionchar a mheastar a bheidh ag an togra/tionscnamh ar chaiteachas

3.2.1.Achoimre ar an tionchar a mheastar a bheidh ag an togra/tionscnamh ar chaiteachas

EUR milliúin (go dtí an tríú deachúil)

Ceannteideal an chreata airgeadais
ilbhliantúil:

1A

Iomaíochas don fhás agus do phoist

ÚEUM

Bliain
N 33

Bliain
N+1 34

Bliain
N+2

Bliain
N+3

Iontráil na blianta ar fad a theastaíonn le fad an tionchair a thaispeáint (féach pointe 1.6)

IOMLÁN

Teideal 1:

Gealltanais

(1)

0.419

0.225

0.225

0.225

0.225

0.225

0.225

Íocaíochtaí

(2)

0.419

0.225

0.225

0.225

0.225

0.225

0.225

Teideal 2:

Gealltanais

(1a)

Íocaíochtaí

(2 a)

Teideal 3:

Gealltanais

(3 a)

Íocaíochtaí

(3b)

IOMLÁN leithreasuithe
do ÚEUM

Gealltanais

=1+1a +3a

0.419

0.225

0.225

0.225

0.225

0.225

0.225

Íocaíochtaí

=2+2a

+3b

0.419

0.225

0.225

0.225

0.225

0.225

0.225





Ceannteideal an chreata airgeadais
ilbhliantúil:

5

"Caiteachas riaracháin"

EUR milliúin (go dtí an tríú deachúil)

Bliain
N

Bliain
N+1

Bliain
N+2

Bliain
N+3

Iontráil na blianta ar fad a theastaíonn le fad an tionchair a thaispeáint (féach pointe 1.6)

IOMLÁN

ArdStiúrthóireacht: <…….>

• Acmhainní daonna

• Caiteachas riaracháin eile

IOMLÁN ArdStiúrthóireacht <…….>

Leithreasuithe

IOMLÁN leithreasuithe
faoi CHEANNTEIDEAL 5
den chreat airgeadais ilbhliantúil
 

(Iomlán gealltanas = Iomlán íocaíochtaí)

EUR milliúin (go dtí an tríú deachúil)

Bliain
N 35

Bliain
N+1

Bliain
N+2

Bliain
N+3

Iontráil na blianta ar fad a theastaíonn le fad an tionchair a thaispeáint (féach pointe 1.6)

IOMLÁN

IOMLÁN leithreasuithe
faoi CHEANNTEIDIL 1 go 5
den chreat airgeadais ilbhliantúil
 

Gealltanais

0.419

0.225

0.225

0.225

0.225

0.225

0.225

Íocaíochtaí

0.419

0.225

0.225

0.225

0.225

0.225

0.225

3.2.2.An tionchar a mheastar a bheidh ag an togra/tionscnamh ar leithreasuithe ÚEUM

   Ní éilíonn an togra/tionscnamh go núsáidfear leithreasuithe faoi chomhair oibríochtaí

   Éilíonn an togra/tionscnamh go núsáidfear leithreasuithe faoi chomhair oibríochtaí mar a mhínítear thíos:

Leithreasuithe faoi chomhair gealltanas in EUR milliúin (go dtí an tríú deachúil)

Sonraigh cuspóirí agus aschuir

Bliain
N

Bliain
N+1 36

Bliain
N+2

Bliain
N+3

Iontráil na blianta ar fad a theastaíonn le fad an tionchair a thaispeáint (féach pointe 1.6)

IOMLÁN

ASCHUIR

Saghas 37

Meánchostas

Líon

Costas

Líon

Costas

Líon

Costas

Líon

Costas

Líon

Costas

Líon

Costas

Líon

Costas

Líon iomlán

Costas iomlán

CUSPÓIR SONRACH Uimh. 1 38 ...

- Forbairt a dhéanamh orthu seo: clár d’fhógraí faoi SBBSanna, bunachar sonraí um smachtbhannaí SBBSanna, liosta d’údaráis inniúla náisiúnta um SBBSanna, agus samhlacha le haghaidh fógraí faoi SBBSanna

0.281

0.097

0.097

0.097

0.097

0.097

0.097

- Aschur

- Aschur

Fo-iomlán do chuspóir sonrach Uimh. 1

CUSPÓIR SONRACH Uimh. 2...

- Aschur

Fo-iomlán do chuspóir sonrach Uimh. 2

COSTAS IOMLÁN

0.281

0.097

0.097

0.097

0.097

0.097

0.097

3.2.3.An tionchar a mheastar a bheidh ag an togra/tionscnamh ar acmhainní daonna ÚEUM

3.2.3.1.Achoimre

   Ní éilíonn an togra/tionscnamh go núsáidfear leithreasuithe de chineál riaracháin

   Éilíonn an togra/tionscnamh go núsáidfear leithreasuithe de chineál riaracháin mar a mhínítear thíos:

EUR milliúin (go dtí an tríú deachúil)

Bliain
N 39

Bliain
N+1 40

Bliain
N+2

Bliain
N+3

Iontráil na blianta ar fad a theastaíonn le fad an tionchair a thaispeáint (féach pointe 1.6)

IOMLÁN 41

Oifigigh (Gráid AD)

0.087

0.082

0.082

0.082

0.082

0.082

0.082

 

Oifigigh (Gráid AST)

Baill foirne ar conradh

0.051

0.046

0. 046

0. 046

0. 046

0. 046

0. 046

 

Pearsanra sealadach

Saineolaí náisiúnta ar iasacht

IOMLÁN

0.119

0.128

0.128

0.128

0.128

0.128

0.128

An tionchar a mheastar a bheidh ar an bhfoireann (FTE breise) – plean bunaíochta

Feidhmghrúpa agus grád

Bliain N

Bliain N+1

Bliain N+2

Iontráil na blianta ar fad a theastaíonn le fad an tionchair a thaispeáint (féach pointe 1.6)

AD16

AD15

AD14

AD13

AD12

AD11

AD10

AD9

AD8

AD7

1

1

1

1

AD6

AD5

 

Iomlán AD

1

1

1

1

AST11

AST10

AST9

AST8

AST7

AST6

AST5

AST4

AST3

AST2

AST1

Iomlán AST

AST/SC 6

AST/SC 5

AST/SC 4

AST/SC 3

AST/SC 2

AST/SC 1

Iomlán AST/SC

MÓR-IOMLÁN

An tionchar a mheastar a bheidh ar an bhfoireann (sa bhreis) – pearsanra seachtrach

Gníomhairí ar conradh

Bliain N

Bliain N+1

Bliain N+2

Iontráil na blianta ar fad a theastaíonn le fad an tionchair a thaispeáint (féach pointe 1.6)

Feidhmghrúpa IV

0.5

1

1

1

Feidhmghrúpa III

Feidhmghrúpa II

Feidhmghrúpa I

Iomlán

0.5

1

1

1

Saineolaí náisiúnta ar iasacht

Bliain N

Bliain N+1

Bliain N+2

Iontráil na blianta ar fad a theastaíonn le fad an tionchair a thaispeáint (féach pointe 1.6)

Iomlán

Sonraigh an dáta earcaíochta beartaithe agus athraigh an méid dá réir (má tharlaíonn an earcaíocht i mí Iúil, ní chuirtear ach 50 % den mheánchostas san áireamh) agus tabhair tuilleadh míniúchán san iarscríbhinn.

3.2.3.2.Na hacmhainní daonna a mheastar a bheidh riachtanach don mháthair-ArdStiúrthóireacht

   Ní éilíonn an togra/tionscnamh go núsáidfear acmhainní daonna.

   Éilíonn an togra/tionscnamh go núsáidfear acmhainní daonna mar a mhínítear thíos:

Sloinnfear an meastachán i méideanna iomlána (nó go hionad deachúlach amháin ar a mhéad)

Bliain
N

Bliain
N+1

Bliain N+2

Bliain N+3

Iontráil na blianta ar fad a theastaíonn le fad an tionchair a thaispeáint (féach pointe 1.6)

·Poist don phlean bunaíochta (oifigigh agus foireann shealadach)

XX 01 01 01 (Ceanncheathrú agus Oifigí Ionadaíocht an Choimisiúin)

XX 01 01 02 (Toscaireachtaí)

XX 01 05 01 (Taighde indíreach)

10 01 05 01 (Taighde díreach)

Foireann sheachtrach (i gcoibhéis lánaimseartha: FTE) 42

XX 01 02 01 (CA, SNE, INT ón gclúdach iomlánaíoch)

XX 01 02 02 (CA, LA, SNE, INT agus JED sna toscaireachtaí)

XX 01 04 yy 43

- sa Cheanncheathrú 44

- toscaireachtaí

XX 01 05 02 (CA, SNE, INT – taighde indíreach)

10 01 05 02 (CA, INT, SNE – taighde díreach)

Línte buiséid eile (sonraigh)

IOMLÁN

Is é XX an réimse beartais nó an teideal buiséid lena mbaineann.

Soláthrófar na hacmhainní daonna is gá le baill foirne ón ArdStiúrthóireacht a bhfuil bainistíocht an bhirt faoina gcúram cheana agus/nó a athimlonnófar laistigh den ArdStiúrthóireacht, mar aon le haon leithdháileadh breise a d'fhéadfaí a thabhairt don ArdStiúrthóireacht atá i mbun bainistíochta faoi chuimsiú an nós imeachta maidir le leithdháileadh bliantúil i bhfianaise na srianta buiséadacha.

Cur síos ar na cúraimí a bheidh le déanamh:

Oifigigh agus pearsanra sealadach

Pearsanra seachtrach

Ba cheart tuairisc ar ríomh an chostais i gcomhair aonaid FTE a bheith ar áireamh i roinn 3 d’Iarscríbhinn V.

3.2.4.Comhoiriúnacht don chreat airgeadais ilbhliantúil reatha

   Tá an togra/tionscnamh comhoiriúnach don chreat airgeadais ilbhliantúil reatha.

   Beidh athchlárú an cheannteidil ábhartha sa chreat airgeadais ilbhliantúil ag gabháil leis an togra/tionscnamh seo.

Mínigh an cineál athchláraithe a bhfuil gá leis, agus sonraigh na línte buiséid lena mbaineann agus na méideanna comhfhreagracha.

   Éilíonn an togra/tionscnamh go gcuirfear an ionstraim sholúbthachta i bhfeidhm nó go ndéanfar athbhreithniú ar an gcreat airgeadais ilbhliantúil. 45

Mínigh an méid a bhfuil gá leis, agus sonraigh na ceannteidil agus na línte buiséid lena mbaineann agus na méideanna comhfhreagracha.

[…]

3.2.5.Ranníocaíochtaí ó thríú páirtithe

Ní dhéantar foráil sa togra/tionscnamh maidir le cómhaoiniú le tríú páirtithe.

Déantar foráil sa togra/tionscnamh maidir le cómhaoiniú atá réamhmheasta thíos:

EUR milliúin (go dtí an tríú deachúil)

Bliain
N

Bliain
N+1 46

Bliain
N+2

Bliain
N+3

Iontráil na blianta ar fad a theastaíonn le fad an tionchair a thaispeáint (féach pointe 1.6)

Iomlán

Údaráis inniúla náisiúnta 47

0.600

0.338

0.338

0.338

0.338

0.338

0.338

IOMLÁN leithreasuithe cómhaoinithe

0.600

0.338

0.338

0.338

0.338

0.338

0.338



3.3.An tionchar a mheastar a bheidh ar ioncam

   Ní bheidh tionchar airgeadais ar bith ag an togra ar ioncam..

   Beidh an tionchar airgeadais seo a leanas ag an togra/tionscnamh:

   ar acmhainní dílse

   ar ioncam ilghnéitheach

EUR milliúin (go dtí an tríú deachúil)

Líne buiséid ioncaim:

Leithreasuithe atá ar fáil don bhliain airgeadais reatha

Tionchar an togra/tionscnaimh 48

Bliain
N

Bliain
N+1

Bliain
N+2

Bliain
N+3

Iontráil na blianta ar fad a theastaíonn le fad an tionchair a thaispeáint (féach pointe 1.6)

Airteagal ………….

I gcás ioncam ilghnéitheach atá 'sannta', sonraigh na línte buiséid a nimrítear tionchar orthu.

Sonraigh an modh chun an tionchar ar ioncam a ríomh.

(1)    Treoir 2014/59/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Bealtaine 2014 lena mbunaítear creat le haghaidh institiúidí creidmheasa agus gnólachtaí infheistíochta a théarnamh agus a réiteach (IO L 173, 12.6.2014, lch. 190).
(2)    Rialachán (AE) Uimh. 1024/2013 ón gComhairle an 15 Deireadh Fómhair 2013 lena dtugtar cúraimí sonracha don Bhanc Ceannais Eorpach i dtaca le beartais a bhaineann le maoirseacht stuamachta ar institiúidí creidmheasa (IO L 287, 29.10.2013, lch. 63).
(3)    Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Meitheamh 2013 maidir le ceanglais stuamachta i gcomhair institiúidí creidmheasa agus gnólachtaí infheistíochta, agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 (IO L 176, 27.6.2013, lch. 1).
(4)    Féach imleabhar I ("príomhfhionnachtana") agus imleabhar II ("anailís theicniúil") den tuarascáil "Urrúis de bhun bannaí ceannasacha: staidéar indéantachta" ó thascfhórsa an Bhoird Eorpaigh um Riosca Sistéamach, atá ar fáil ag: https://www.esrb.europa.eu/pub/task_force_safe_assets/html/index.en.html
(5)    Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Meitheamh 2013 maidir le ceanglais stuamachta i gcomhair institiúidí creidmheasa agus gnólachtaí infheistíochta, agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 (an Rialachán maidir le Ceanglais Chaipitil) (IO L 176, 27.6.2013, lch. 1); Rialachán Tarmligthe (AE) 2015/35 ón gCoimisiún an 10 Deireadh Fómhair 2014 lena bhforlíontar Treoir 2009/138/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le gabháil le gnó Árachais agus Athárachais agus an gnó sin a shaothrú (Sócmhainneacht II) (IO L 12, 17.1.2015, lch. 1); Treoir 2009/65/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Iúil 2009 maidir le comhordú na bhforálacha reachtaíochta, rialúcháin agus riaracháin a bhaineann le gnóthais le haghaidh comhinfheistíochta in urrúis inaistrithe (GCUInna) (IO L 302, 17.11.2009, lch. 32).
(6)    Arna níoslódáil ó láithreán gréasáin Eurostat an 21 Nollaig 2017 ag 10:42.
(7)    Arna níoslódáil ó láithreán gréasáin Standard & Poor's an 21 Nollaig 2017.
(8)    Ós rud é go dtagann siad ó ghníomhartha tarmligthe, is i roinnt píosaí reachtaíochta ar leith a thabharfaí aghaidh ar bhaic shonracha, e.g., an difríocht idir SBBSanna agus bannaí ceannasacha an limistéir euro maidir lena nincháilitheacht do cheanglais chumhdaigh leachtachta.
(9)    Sa leagan a ndearna tascfhórsa an Bhoird Eorpaigh um Riosca Sistéamach anailís air, bhí dhá thráinse fho-ordaithe ann, mar a bhí tráinse mezzanine agus tráinse sóisearach, a bhí comhfhreagrach do 20 faoin gcéad agus 10 faoin gcéad faoi seach de luach ainmniúil na heisiúna SBBSanna.
(10)    Rialachán Tarmligthe (AE) Uimh. 2015/61 ón gCoimisiún an 10 Deireadh Fómhair 2014 lena bhforlíontar Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann leis an gceanglas maidir le cumhdach leachtachta ar institiúidí creidmheasa (IO L 11 17.1.2015, lch. 1).
(11)    Rialachán Tarmligthe (AE) 2015/35 ón gCoimisiún an 10 Deireadh Fómhair 2014 lena bhforlíontar Treoir 2009/138/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le gabháil le gnó Árachais agus Athárachais agus an gnó sin a shaothrú (Sócmhainneacht II) (IO L 12, 17.1.2015, lch. 1).
(12)    Rialachán (AE) 2017/1129 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Meitheamh 2017 maidir leis an réamheolaire a bheidh le foilsiú nuair a thairgfear urrúis don phobal nó nuair a ligfear isteach iad chun a dtrádála ar mhargadh rialáilte, agus lena naisghairtear Treoir 2003/71/CE (IO L 168, 30.6.2017, lch. 12).
(13)    IO C , , lch. .
(14)    IO C , , lch. .
(15)    Treoir 2009/65/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Iúil 2009 maidir le comhordú na bhforálacha reachtaíochta, rialúcháin agus riaracháin a bhaineann le gnóthais le haghaidh comhinfheistíochta in urrúis inaistrithe (GCUInna) (IO L 302, 17.11.2009, lch. 32).
(16)    Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Meitheamh 2013 maidir le ceanglais stuamachta i gcomhair institiúidí creidmheasa agus gnólachtaí infheistíochta, agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 (an Rialachán maidir le Ceanglais Chaipitil) (IO L 176, 27.6.2013, lch. 1).
(17)    Treoir 2009/138/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Samhain 2009 maidir le gabháil le gnó Árachais agus Athárachais agus an gnó sin a shaothrú (Sócmhainneacht II) (IO L 335, 17.12.2009, lch. 1).
(18)    Treoir (AE) 2016/2341 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Nollaig 2016 maidir le gníomhaíochtaí agus maoirsiú institiúidí um chóir ar scor ceirde (IORPanna) (IO L 354, 23.12.2016, lch. 37).
(19)    Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Samhain 2010 lena mbunaítear Údarás Maoirseachta Eorpach (an tÚdarás Eorpach um Urrúis agus Margaí), lena leasaítear Cinneadh Uimh. 716/2009/CE agus lena naisghairtear Cinneadh 2009/77/CE ón gCoimisiún (IO L 331, 15.12.2010, lch. 84).
(20)    Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Feabhra 2011 lena leagtar síos na rialacha agus na prionsabail ghinearálta a bhaineann leis na sásraí maidir le rialú ag na Ballstáit ar fheidhmiú cumhachtaí cur chun feidhme ag an gCoimisiún (IO L 55, 28.2.2011, lch. 13).
(21)    Rialachán (AE) Uimh. 472/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 21 Bealtaine 2013 maidir le neartú ar an bhfaireachas eacnamaíoch agus buiséadach ar Bhallstáit sa limistéar euro a bhfuil deacrachtaí tromchúiseacha acu nó a bhfuil deacrachtaí tromchúiseacha ag bagairt orthu i ndáil lena gcobhsaíocht airgeadais (IO L 140, 27.5.2013, lch. 1).
(22)    Treoir 2002/47/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 6 Meitheamh 2002 maidir le socruithe comhthaobhachta airgeadais (IO L 168, 27.6.2002, lch. 43).
(23)    Treoir 2014/65/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Bealtaine 2014 maidir le margaí in ionstraimí airgeadais agus lena leasaítear Treoir 2002/92/CE agus Treoir 2011/61/AE (IO L 173, 12.6.2014, lch. 349).
(24)    Rialachán (AE) Uimh. 909/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Iúil 2014 maidir le socraíocht urrús san Aontas Eorpach a fheabhsú agus maidir le taisclanna lárnacha urrús agus lena leasaítear Treoir 98/26/CE agus Treoir 2014/65/AE agus Rialachán (AE) Uimh. 236/2012 (IO L 257 28.8.2014, lch. 1).
(25)    Rialachán (AE) 2017/1129 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Meitheamh 2017 maidir leis an réamheolaire atá le foilsiú nuair a thairgtear urrúis don phobal nó nuair a ligtear isteach iad chun a dtrádála ar mhargadh rialáilte, agus lena naisghairtear Treoir 2003/71/CE (IO L 168, 30.6.2017, lch. 12).
(26)    Rialachán (AE) Uimh. 1092/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Samhain 2010 maidir le formhaoirseacht stuamachta ar an macraileibhéal ag an Aontas Eorpach ar an gcóras airgeadais agus lena mbunaítear Bord Eorpach um Riosca Sistéamach (IO L 331, 15.12.2010, lch. 1).
(27)    Cinneadh 2001/528/CE ón gCoimisiún an 6 Meitheamh 2001 lena mbunaítear an Coiste Eorpach um Urrúis (IO L 191, 13.7.2001, lch. 45).
(28)    Mar a thagraítear dó in Airteagal 54(2)(a) nó (b) den Rialachán Airgeadais
(29)    Is féidir mionsonraí ar na modhanna bainistíochta agus tagairtí don Rialachán Airgeadais a fheiceáil ar shuíomh gréasáin ArdStiúrthóireacht an Bhuiséid: https://myintracomm.ec.europa.eu/budgweb/EN/man/budgmanag/Pages/budgmanag.aspx .
(30)    LD = Leithreasuithe difreáilte / LN = Leithreasuithe neamhdhifreáilte
(31)    CSTE: Comhlachas Saorthrádála na hEorpa.
(32)    Tíortha is iarrthóirí agus, nuair is iomchuí, tíortha ó na Balcáin Thiar a d'fhéadfadh bheith ina niarrthóirí.
(33)    Is í bliain N an bhliain a chuirfear tús le cur chun feidhme an togra/tionscnaimh.
(34)    Is chun críocha léiriúcháin amháin a thugtar an caiteachas don tréimhse tar éis na bliana 2020. Beidh an tionchar airgeadais ar an mBuiséad Eorpach tar éis na bliana 2020 mar chuid de thograí an Choimisiúin le haghaidh an chéad Chreata Airgeadais Ilbhliantúil eile.
(35)    Is í bliain N an bhliain a chuirfear tús le cur chun feidhme an togra/tionscnaimh.
(36)    Is chun críocha léiriúcháin amháin a thugtar an caiteachas don tréimhse tar éis na bliana 2020. Beidh an tionchar airgeadais ar an mBuiséad Eorpach tar éis na bliana 2020 mar chuid de thograí an Choimisiúin le haghaidh an chéad Chreata Airgeadais Ilbhliantúil eile.
(37)    Is ionann aschuir agus táirgí agus seirbhísí le soláthar (e.g.: líon na malartuithe mac léinn a fhaigheann maoiniú, iomlán km de bhóithre a rinneadh, etc.).
(38)    Mar a thuairiscítear i bpointe 1.4.2. 'Cuspóirí sonracha...'
(39)    Is í bliain N an bhliain a chuirfear tús le cur chun feidhme an togra/tionscnaimh.
(40)    Is chun críocha léiriúcháin amháin a thugtar an caiteachas don tréimhse tar éis na bliana 2020. Beidh an tionchar airgeadais ar an mBuiséad Eorpach tar éis na bliana 2020 mar chuid de thograí an Choimisiúin le haghaidh an chéad Chreata Airgeadais Ilbhliantúil eile.
(41)    Lena náirítear costais earcaíochta
(42)    CA = Ball foirne ar conradh; LA= Ball foirne áitiúil; SNE= Saineolaí náisiúnta ar iasacht; INT= Ball foirne gníomhaireachta; JED = Saineolaí sóisearach i dtoscaireacht.
(43)    Fo-uasteorainn d'fhoireann sheachtrach arna cumhdach ag leithreasuithe faoi chomhair oibríochtaí (na seanlínte "BA").
(44)    Go háirithe do na Cistí Struchtúracha, an Ciste Eorpach Talmhaíochta um Fhorbairt Tuaithe (CETFT) agus an Ciste Eorpach Iascaigh (CEI).
(45)    Féach Airteagail 11 agus 17 de Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 1311/2013 ón gComhairle lena leagtar síos an creat airgeadais ilbhliantúil do na blianta 2014 go 2020.
(46)    Is chun críocha léiriúcháin amháin a thugtar an caiteachas don tréimhse tar éis na bliana 2020. Beidh an tionchar airgeadais ar an mBuiséad Eorpach tar éis na bliana 2020 mar chuid de thograí an Choimisiúin le haghaidh an chéad Chreata Airgeadais Ilbhliantúil eile.
(47)    Ríomhtar leibhéal an chómhaoiniúcháin do na húdaráis maoirseachta Eorpacha i gcomhréir leis na módúlachtaí reatha rialachais agus cistiúcháin agus ní chuirtear ar áireamh ann an togra ón gCoimisiún le haghaidh an athbhreithnithe ar na húdaráis maoirseachta Eorpacha, rud nár glacadh go fóill.
(48)    A fhad a bhaineann le hacmhainní dílse traidisiúnta (dleachtanna talmhaíochta, tobhaigh siúcra), ní mór na méideanna a luaitear a bheith ina nglanmhéideanna, i.e. méideanna comhlána agus 25 % de na costais bhailiúcháin a bheith bainte astu.