An Bhruiséil,17.5.2018

COM(2018) 274 final

2018/0129(COD)

Togra le haghaidh

TREOIR Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

lena leasaítear Treoir 2008/96/CE maidir le sábháilteacht an bhonneagair bóthair a bhainistiú

{SEC(2018) 226 final}
{SWD(2018) 175 final}
{SWD(2018) 176 final}


MEABHRÁN MÍNIÚCHÁIN

1.COMHTHÉACS AN TOGRA

Forais agus cuspóirí an togra

A bhuí leis an ngníomhaíocht a rinneadh ar leibhéal an Aontais agus ar an leibhéal náisiúnta, ar an leibhéal réigiúnach agus ar an leibhéal áitiúil, is mór an feabhas a tháinig ar shábháilteacht ar bhóithre san Aontas Eorpach i gcaitheamh na mblianta. Idir 2001 agus 2010, bhí laghdú 43 % ar líon na mbásanna ar bhóithre an Aontais, agus laghdú 19 % sa bhreis air sin idir 2010 agus 2016. In 2016, fuair 25 620 duine bás ar bhóithre an Aontais - sin 510 duine níos lú ná an líon in 2015 agus beagnach 5 900 níos lú ná an líon in 2010.

Cé go bhfuil dul chun cinn leanúnach á dhéanamh bliain i ndiaidh bliana ag roinnt Ballstát, is beag an tathrú ar rátaí básanna mar thoradh ar thionóisc bhóthair ar fud an Aontais sna blianta deireanacha seo. Ba é an fhreagairt a thug na páirtithe leasmhara i réimse na sábháilteachta ar bhóithre don mhaolú sin gur athdhearbhaigh siad a dtiomantas, rud a chuir airí iompair in iúl i nDearbhú Vaileite mhí an Mhárta 2017 1 maidir le sábháilteacht ar bhóithre.

Agus an dearbhú polaitiúil sin dá spreagadh, is é atá beartaithe freisin ag an gCoimisiún, i gcomhthráth leis an tionscnamh seo, creat 2020-2030 don tsábháilteacht a bheith ann, creat ar fearr a oiriúint le haghaidh na ndúshlán aitheanta agus le haghaidh na nathruithe sa ghluaisteacht a tháinig mar thoradh ar threochtaí sochaíocha (e.g. tuilleadh coisithe agus rothaithe, pobal atá ag dul anonn in aois) agus ar fhorbairtí teicneolaíocha. Leanfaidh an creat atá beartaithe cur chuige an chórais shábháilte. Tá an cur chuige sin bunaithe ar an bprionsabal gur rud daonna é meancóg a dhéanamh agus nach dtiocfaidh athrú ar an scéal sin, agus gur freagracht chomhroinnte é idir na gníomhaithe ar gach leibhéal a áirithiú nach gortuithe tromchúiseacha nó marfacha an toradh a bheidh ar thionóiscí bhóthair. De réir cur chuige an chórais shábháilte, ní mór gach cuid den chóras a fheabhsú — bóithre agus taobhanna na mbóithre, luasanna, feithiclí, agus úsáid na mbóithre — ar an gcaoi sin, i gcás ina dteipeann ar chuid amháin den chóras sin, beidh cosaint fós ann dóibh siúd atá ar an mbóthar.

Beidh an bonneagar bóthair fós i gcroílár an chur chuige nua. Is féidir dóchúlacht na dtionóiscí bóthair a laghdú le dea-cheapadh agus dea-chothabháil na mbóithre, agus is féidir donas na dtionóiscí a tharlaíonn a mhaolú le bóithre a cheaptar le bheith 'maiteach' (bóithre a thógtar ar bhealach cliste d'fhonn a áirithiú nach mbeidh iarmhairtí tromchúiseacha ann ar an toirt i gcás earráidí tiomána).

Glacadh an treoir maidir le bainistiú sábháilteachta bonneagair bóthair in 2008 2 (dá ngairfear 'an treoir RISM anseo feasta) chun a áirithiú go mbeadh an tsábháilteacht ar bhóithre ar thús cadhnaíochta ag gach céim agus bonneagar bóthair á bpleanáil, á gceapadh, agus á noibriú. Ina ainneoin sin, chuir na Ballstáit an treoir sin chun feidhme ar bhealaí anéagsúla; tá roinnt mhaith tíortha ardfheidhmíochta a sháraigh riachtanais na treorach ach thit tíortha eile chun deiridh.

Is é cuspóir ginearálta an tionscnaimh atá beartaithe líon na mbásanna agus na ngortuithe tromchúiseacha ar bhóithre an Aontais a laghdú trí fheabhas a chur ar fheidhmíocht sábháilteachta an bhonneagair bóthair. Ar na cuspóirí sonracha tá:

an obair leantach a fheabhsú i ndáil le torthaí ó nósanna imeachta maidir le bainistiú sábháilteachta bonneagair bóthair;

comhchuibhiú agus comhroinnt eolais a chothú idir na Ballstáit i ndáil leis na nósanna imeachta agus na riachtanais sin;

úsáideoirí soghonta bóithre a chosaint;

úsáid na dteicneolaíochtaí nua a fheabhsú; agus

obair a dhéanamh, agus leas á bhaint as na hacmhainní teoranta airgeadais go héifeachtúil, d'fhonn ardleibhéal seasta sábháilteachta ar bhóithre a áirithiú ar fud na mBallstát.

Is é is aidhm don treoir athbhreithnithe na cuspóirí sin a bhaint amach trí na príomhathruithe seo a leanas a thabhairt isteach:

trédhearcacht agus obair leantach a shainordú i ndáil le nósanna imeachta maidir le bainistiú sábháilteachta bonneagair;

measúnú ar bhonneagar bóthair ar fud an ghréasáin a thabhairt isteach, ar nós imeachta córasach forghníomhach é sin d'fhonn an riosca a mhapáil, agus an tsábháilteacht 'ionsuite', nó an tsábháilteacht bhunúsach ar bhóithre ar fud an Aontais, a mheas leis an measúnú sin;

cur le raon feidhme na treorach, go gcuimseofar ní amháin an gréasán tras-Eorpach iompair (TENT) ach mótarbhealaí agus príomhbhóithre lastall den ghréasán sin, mar aon leis na bóithre uile a thógtar go hiomlán nó i bpáirt lasmuigh de cheantair uirbeacha trí leas a bhaint as cistí an Aontais;

ceanglais feidhmíochta ghinearálta a shocrú i ndáil le marcanna bóthair agus comharthaí bóthair chun a áirithiú gur fusa córais ghluaisteachta nasctha chomhoibríocha uathoibríocha a thabhairt i gcrích; agus

a cheangal go gcuirfí úsáideoirí soghonta bóithre san áireamh sna nósanna imeachta maidir le bainistiú sábháilteachta ar bhóithre.

Comhsheasmhacht le forálacha beartais atá sa réimse beartais cheana

Is é is aidhm leis an tionscnamh seo aghaidh a thabhairt ar na heasnaimh i dTreoir 2008/96/CE.

Tá dlúthbhaint idir an tionscnamh sin agus an togra le haghaidh leasú ar an rialachán maidir leis an tsábháilteacht ghinearálta 3 agus leis an rialachán maidir le sábháilteacht na gcoisithe 4 . Dírítear sa togra sin ar rialacha a fheabhsú maidir le sábháilteacht feithiclí trí bhíthin gnéithe sábháilteachta breise, lena náirítear córais sábháilteachta ghníomhacha chun tionóiscí a chosc, agus gnéithe chun cosaint a thabhairt d'úsáideoirí soghonta bóithre. Tá comhnasc idir an dá thionscnamh i gcás ina mbraitheann teicneolaíocht feithiclí ar an mbonneagar (e.g. marcanna bóthair infheicthe chun cuidiú le córas le haghaidh fanacht i lána).

Maidir le forbairtí teicneolaíochta, tá dlúthbhaint freisin ag an togra leis na tionscnaimh ar cuid de straitéis an Choimisiúin maidir le córais chliste chomhoibríocha iompair (CITS) 5 iad.

Ba cheart gur léir gur cuid de thacar beart iad na tionscnaimh sin go léir lena dtabharfar aghaidh ar shábháilteacht ar bhóithre ó thaobh an chórais sábháilteachta de.

Rinneadh an bhaint a mheas idir treoir RISM agus Treoir 2004/54/CE maidir le híoscheanglais sábháilteachta i dtolláin an ghréasáin tras-Eorpach bóithre (‘treoir na dtollán’) mar chuid den phróiseas oiriúnachta rialála agus simplithe.

Comhsheasmhacht le beartais eile de chuid an Aontais

Tá an togra seo fódaithe sa bhéim a chuireann Coimisiún Juncker ar an Eoraip sin a chumhdaíonn, a chumhachtaíonn agus a chosnaíonn. Is cuid é an togra den saothar a dhéanann an Coimisiún chun pobail na hEorpa a thabhairt níos cóngaraí don Aontas trína gcosaint a chur ar thús cadhnaíochta. Cuireann sé freisin le cur chun feidhme Cholún Eorpach na gCeart Sóisialta, ina ndearbhaítear go bhfuil an ceart ag cách ar sheirbhísí bunriachtanacha ar dhea-chaighdeán, lena náirítear seirbhísí iompair.

Tá sé i gcomhréir leis na spriocanna a leagtar amach i bpáipéar bán 2011 maidir le hiompar 6 agus i dtreoshuíomhanna beartas 2011-2020 7 maidir le sábháilteacht ar bhóithre, agus cuimsítear i gcreat beartais nua 2020-2030 é maidir le sábháilteacht ar bhóithre an Aontais. Tá sé comhsheasmhach leis na hiarrachtaí atá á ndéanamh ag an gCoimisiún a áirithiú gur fusa réitigh shoghluaisteachta chomhoibríche nasctha uathoibrithe a thabhairt a gcrích, go háirithe an [teachtaireacht maidir le CCAM], agus is cuid den tríú pacáiste maidir le soghluaisteacht a thíolactar mar chuid de thograí an aontais fuinnimh.

2.BUNÚS DLÍ, COIMHDEACHT AGUS COMHRÉIREACHT

Bunús dlí

Tá inniúlacht chomhroinnte i réimse shábháilteacht an iompair ag an Aontas mar a leagtar amach in Airteagal 4 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE). Tá an togra seo bunaithe ar Airteagal 91(1)(c) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, arb é an bunús dlí le bearta a ghlacadh chun feabhas a chur ar shábháilteacht an iompair, lena náirítear sábháilteacht ar bhóithre. Ar an ábhar gur inniúlacht chomhroinnte í, tá feidhm ag breithnithe coimhdeachta.

Coimhdeacht (maidir le hinniúlacht neamheisiach)

Is fadhbanna trasteorann iad na seachtrachtaí diúltacha a bhaineann le tionóiscí bóthair, lena náirítear básanna ar bhóithre agus brú tráchta, fadhbanna nach féidir a réiteach le gníomhaíocht náisiúnta nó gníomhaíocht áitiúil amháin. D'fhonn ardleibhéal sábháilteachta ar bhóithre a bhaint amach ar fud an Aontais, ní mór úsáid spriocdhírithe a bhaint as nósanna imeachta chun an tsábháilteacht ar bhóithre a bhainistiú ar ghréasán na bpríomhbhóithre, ar nósanna imeachta iad sin a bhunaítear ar chreat rialála iomchuí comhréireach. Ní bhainfí an leibhéal gluaisteachta sábháilte atá riachtanach amach maidir le príomhghnéithe ghréasán bóithre an Aontais gan idirghabháil a dhéanamh ar leibhéal an Aontais ar an ábhar nach dtacaíonn na Ballstáit go léir le gníomhaíocht dheonach.

Dearbhaítear leis an meastóireacht ex post chomh maith le comhairliúcháin a rinneadh mar chuid den mheasúnú tionchair 8 gur tháinig tairbhí as an treoir atá ann cheana agus go nglactar leis an treoir sin go forleathan i measc na mBallstát agus na bpáirtithe leasmhara . Is freagairt loighciúil don mhéid atá thuas, mar sin, an creat a nuashonrú d'fhonn forbairtí nua a chuimsiú ann, chomh maith lena éifeachtúlacht agus lena éifeachtacht a mhéadú.

Maidir le leathnú a dhéanamh ar an raon feidhme d'fhonn bóithre lastall de ghréasán TENT a chuimsiú, is léir go mbraitheann bóithre TENT ar nascbhóithre a cheanglaíonn ionaid atá tábhachtach ó thaobh na gníomhaíochta eacnamaíche de le gréasán TENT. Maidir le feidhmiú foriomlán an iompair de bhóthar laistigh den Aontas, tá tábhacht le roinnt mhaith bóithre nach cuid de ghréasán TENT iad agus bíonn lear mór tráchta náisiúnta agus idirnáisiúnta orthu. Ar na bóithre sin, is ísle ar fad leibhéil na sábháilteachta le hais bhóithre TENT; ní tharlaíonn ach 8 % de bhásanna san Aontas ar bhóithre TENT.

Tá sé léirithe ag meastóireacht ex post go mbaintear feidhmíocht sábháilteachta ar bhóithre i bhfad níos fearr amach sna Ballstáit sin ina bhfuil nósanna imeachta RISM á gcur i bhfeidhm ar feadh tamaill fhada maidir lena mbóithre náisiúnta ná sna Ballstáit nach ndéantar amhlaidh ann. De dheasca an mhéid mhóir tráchta a bhíonn air, tarlaíonn céatadán ard básanna ar phríomhghréasán bóithre an Aontais, cé gur beag líon na mbóithre sin i gcomparáid leis an ngréasán bóithre iomlán (is ar 15 % den ghréasán bóithre lasmuigh de cheantair uirbeacha, de réir na gciliméadar, a tharlaíonn thart ar 39 % de bhásanna ar bhóithre an Aontais). Dá bhrí sin, beidh gníomhaíocht chomhordaithe de chuid an Aontais ar an bpríomhghréasán bóithre (an chuid sin nach cuid de TENT í san áireamh) ina cuidiú agus an dá sprioc a leanas á mbaint amach: an sprioc mheántéarmach líon na mbásanna a ghearradh ina leath faoi 2030 agus an sprioc fhadtéarmach dul chun cinn a dhéanamh ionas nach mbeidh básanna ar bith in earnáil an iompair de bhóthar faoi 2050.

Mura ndéanfadh an tAontas idirghabháil, bheadh na difríochtaí atá ann faoi láthair maidir le cur chuige ann fós - gan rialacha an Aontais dá gceangal, ní chuirfeadh roinnt mhaith de na Ballstáit prionsabail na treorach i bhfeidhm go córasach, go háirithe na Ballstáit sin ina bhfuil rátaí báis níos airde. Dá mb'amhlaidh sin, leanfadh an fheidhmíocht sábháilteachta ar bhóithre de bheith olc sna Ballstáit sin, rud a mbeadh drochthionchar aige ar fheidhmíocht sábháilteachta ar bhóithre an Aontais ina iomláine.

Is as cóineasú a dhéanamh ionsar chaighdeáin níos airde sábháilteachta bonneagair ar fud an Aontais a thiocfaidh príomhthairbhí na gníomhaíochta de chuid an Aontais, agus is é an cóineasú sin is aidhm leis an tionscnamh. Ba cheart go néireofaí taisteal ar fud an Aontais níos sábháilte, mar go mbeidh tíortha nach bhfuil ag feidhmiú chomh maith le tíortha eile in ann leas a bhaint as taithí na dtíortha sin a bhfuil dul chun cinn déanta acu. Dá réir sin, tiocfaidh feabhas ar fheidhmíocht an mhargaidh inmheánaigh, cuirfear eispéireas réidh comhleanúnach ar fáil maidir le hiompar paisinéirí agus earraí de bhóthar, agus tacófar le cuspóir an Aontais comhtháthú eacnamaíoch, sóisialta agus críochach a áirithiú.

Ach ab é go ndéanfadh an tAontas idirghabháil, ní thabharfaí aon fhorléargas inchomparáide ar an Aontas ina iomláine maidir le staid na sábháilteachta ar bhóithre ar phríomhghréasáin na mBallstát agus, ina theannta sin, ní bheadh aon mheán inchomparáide d'fhonn ord tosaíochtaí a leagan síos maidir le maoiniú an Aontais.

Comhréireacht

Maidir leis na cuspóirí beartais a bhaint amach, tá leibhéil éagsúla comhréireachta ag baint leis na roghanna beartais a ndearnadh measúnú tionchair ina leith. Cé gur bearta seanbhunaithe na roghanna beartais d'fhonn dul i ngleic go héifeachtach le fadhb na mbásanna agus na ngortuithe mar thoradh ar thionóisc bóthair, ba é an rogha beartais ar mó a forleithead an ceann ar lú a comhréire. Is beart comhréireach é raon feidhme na Treorach maidir le príomhghréasáin na mBallstát a shíneadh mar nach gcuimsítear leis sin ach céatadán measartha beag den ghréasán bóithre, is é sin 15 % dá fhad. Ina ainneoin sin, is ansin a tharlaíonn 39 % de bhásanna ar bhóithre an Aontais.

Is beag costais a thitfidh ar na Ballstáit nuair a chuirtear na costais sin i gcomparáid leis na leasa a bhainfear as; beidh an rogha bheartais thosaíochta trí huaire níos saoire ná an rogha, as measc na cinn a ndearnadh measúnú orthu, ar mó a forleithead, agus beidh sí níos solúbtha, freisin.

An rogha ionstraime

Ós rud é gur treoir an gníomh dlí atá le leasú, ba cheart an gníomh leasaitheach a bheith san fhoirm chéanna.

3.TORTHAÍ NA MEASTÓIREACHTAÍ EX POST, NA gCOMHAIRLIÚCHÁN LEIS NA PÁIRTITHE LEASMHARA AGUS NA MEASÚNUITHE TIONCHAIR

Meastóireachtaí ex post/seiceálacha oiriúnachta ar an reachtaíocht atá ann cheana

D'fhoilsigh an Coimisiún in 2015 torthaí na meastóireachta ex post a rinneadh ar an treoir atá ann cheana 9 . Is féidir iad a achoimriú mar seo a leanas:

leis an treoir sin spreagadh bealach difriúil le bheith ag breathnú ar bhainistiú na sábháilteachta ar bhóithre agus le bheith ag plé leis, freisin;

cothaíodh leis úsáid ghinearálta na nósanna imeachta maidir le bainistiú sábháilteachta bonneagair bóthair, ar nósanna imeachta iad atá seanbhunaithe anois sna Ballstáit go léir agus atá bunaithe ar shraith íosta rialacha éigeantacha de chuid an Aontais d'fhonn bóithre TENT a bhainistiú;

cuireann sé ‘teanga choiteann’ ar fáil d'fhonn bearta sábháilteachta bonneagair bóthair a chur i gcrích; agus

ar an leibhéal náisiúnta, spreag sé próiseas normatach oibríochtúil nach ndéanfaí ar bhealach chomh forleathan sin mura ndéanfadh an tAontas idirghabháil.

Ar thaobh eile an scéil, is cosúil nach dreasacht ar bith an treoir sin d'fhonn síneadh a chur le malartú na ndea-chleachtas ar fud na mBallstát. Ar a bharr sin, tá raon feidhme na treorach teoranta le bóithre de chuid TENT, ar mótarbhealaí iad a bhformhór agus nach dtarlaíonn orthu sin ach 8 % de bhásanna mar thoradh ar thionóisc bhóthair san Aontas. Ar bhonn deonach, cuireann an mhórchuid de na Ballstáit ceann amháin, ar a laghad, de na nósanna imeachta maidir le bainistiú sábháilteachta ar bhóithre i bhfeidhm i ndáil leis na codanna sin dá ngréasáin bóithre lastall de ghréasán TENT.

Níor tháinig aon fhianaise as an meastóireacht a thug le fios go gcuirfí tuilleadh feabhais ar shábháilteacht i dtolláin ghréasán TENT dá ndéanfaí treoir RISM agus treoir na dtollán a chomhtháthú.

Comhairliúcháin leis na páirtithe leasmhara

Agus an measúnú tionchair á ullmhú ag an gCoimisiún le haghaidh an togra seo, rinne sé roinnt gníomhaíochtaí comhairliúcháin leis na páirtithe leasmhara. Bhí cuid acu sin ar na gníomhaíochtaí a rinneadh mar chuid den mheasúnú tionchair a rinne an conraitheoir seachtrach (COWI). Rinneadh na gníomhaíochtaí comhairliúcháin seo a leanas:

·comhdháil páirtithe leasmhara a d'eagraigh an Coimisiún i mí an Mhárta 2017 i Vaileite, Málta;

·cruinnithe le príomhpháirtithe leasmhara;

·suirbhé spriocdhírithe le páirtithe leasmhara (arna dhéanamh ag COWI);

·agallaimh aonair le páirtithe leasmhara roghnaithe (arna ndéanamh ag COWI);

·comhairliúchán poiblí oscailte a rinneadh idir an 14 Meitheamh agus an 10 Meán Fómhair 2017; agus

·cruinnithe an Choiste um shábháilteacht i dtolláin bóthair agus cruinnithe an Choiste um bainistiú sábháilteachta bonneagair bóthair.

Maidir leis an gcreat reachtach atá ag an Aontas faoi láthair do shábháilteacht bonneagair a bhainistiú agus do shábháilteacht i dtolláin araon, ba í an bharúil a bhí ag formhór mór freagróirí go dtéann an creat sin go mór i ngleic nó go measartha mór i ngleic le fadhb na sábháilteachta ar bhóithre. Mar sin féin, luaigh siad na saincheisteanna ar leith seo a leanas a bhaineann leis an gcreat atá ann cheana: easpa chomhchuibhithe, easpa comhroinnte faisnéise agus raon feidhme teoranta.

Mhol na páirtithe leasmhara a bhí ag comhdháil na bpáirtithe leasmhara i Málta i mí an Mhárta 2017 go ndéanfadh an Coimisiún an treoir RISM a athbhreithniú d'fhonn díriú tuilleadh ar aschuir tomhaiste in áit ionchur, chomh maith le spriocanna an chláir (le haghaidh TENT) agus ionstraimí airgeadais a athbhreithniú ina theannta sin.

Ar an iomlán, bhíothas ar aon intinn, nach mór, gur gá feabhas a chur ar chothabháil agus ar dheisiú na mbóithre atá ann cheana, gnéithe sábháilteachta na bóithre atá ann cheana a uasghrádú agus feabhas a chur ar chosaint na núsáideoirí soghonta bóithre. Ba lia na tuairimí maidir leis an ngá le feabhsuithe ar cháilíocht an fheistis bóthair (amhail bacainní sábháilteachta) agus ar infheictheacht marcanna bóthair agus comharthaí bóthair. Ba é tuairim thromlach glan na bhfreagróirí, áfach, go raibh gá fós le feabhsuithe. Bhí formhór mór ag teacht leis an tuairim gur cheart go mbeadh ceanglais feidhmíochta ag an Aontas maidir le hinfheictheacht marcanna bóthair agus comharthaí bóthair.

Léiríodh comhaontú forleathan sa chomhairliúchán poiblí oscailte freisin gur cheart modheolaíochtaí inchomparáide ar fud an Aontais chun sábháilteacht an bhonneagair bóthair a thomhas.

Maidir le bheith ullamh le soghluaisteacht chomhoibríoch nasctha uathrialach a úsáid, bhí éagsúlacht tuairimí ann cibé acu is ceart a dhéanamh, an bonneagar fisiceach a chur in oiriúint chun freastal ar riachtanais feithiclí sár-uathoibríocha nó na feithiclí a fhorbairt ionas gur féidir leo dul i dtaithí ar an mbonneagar atá ann cheana. Mheas an Coimisiún go mbeidh gá le méid áirithe comhchuibhithe maidir leis an mbonneagar fisiceach ionas gur féidir leibhéil níos airde uathoibrithe a thabhairt i gcrích gan stró agus d'fhonn a áirithiú go noibreoidh feithiclí uathoibríocha go sábháilte i dtrácht measctha. Tacaíonn tuarascáil a d'fhoilsigh TM 2.0 - An Tascfhórsa um Uathoibríocht ar Bhóithre (a bhfuil ionadaithe na núdarás poiblí, soláthróirí seirbhíse, soláthróirí, monaróirí agus taighdeoirí páirteach ann) dar teideal "Role of Automation in Traffic Management" 10 leis an tuairim sin.

Leis na tuairimí maidir le riachtanais na núsáideoirí soghonta bóithre, léiríodh an deacracht a bhaineann le bearta aonair a fhorordú le haghaidh cineálacha áirithe úsáideoirí soghonta bóithre. Tríd is tríd, mheas an Coimisiún gur fearr, in áit bearta sonracha a fhorordú, ceanglas ginearálta a shainordú go gcuirfí riachtanais gach grúpa úsáideoirí soghonta bóithre san áireamh i nósanna imeachta maidir leis an tsábháilteacht ar bhóithre a bhainistiú, agus go dtiocfaí ar an réiteach is cuí amuigh de réir na gcúinsí áitiúla.

Ní rabhthas ar aon intinn maidir leis an bhféidearthacht raon feidhme na reachtaíochta a shíneadh lastall de TENT. Ba é a ba choitianta gur chuideachtaí príobháideacha agus eagraíochtaí neamhrialtasacha iad na páirtithe leasmhara a mheas gur cheart gach bóthar, nó gach príomhbhóthair agus gach bóthar náisiúnta, a chlúdach le raon feidhme na reachtaíochta; b'údaráis phoiblí iad, don chuid is mó, na páirtithe leasmhara a mheas gur cheart gréasán TENT a chlúdach leis an raon feidhme sin. Luaigh roinnt acu sin a d'fhreagair an suirbhé spriocdhírithe le páirtithe leasmhara 'an drogall atá ar na Ballstáit glacadh leis an síneadh lastall de TENT' ar fhorais na coimhdeachta. Is é an rud a dúirt Ballstát amháin gur fearr, agus ceist na coimhdeachta ar leataobh, gan raon feidhme na dtreoracha a shíneadh (lastall de TENT) d'fhonn an fhéidearthacht a choinneáil cur chuige agus forálacha a oiriúnú do shainiúlachtaí na ngréasán agus a mbainisteoirí. D'aithin na freagróirí, áfach, gur mhó an deis líon na mbásanna a laghdú lastall de ghréasán TENT, ós rud é gur ansin a tharlaíonn an chuid is mó de na tionóiscí bóthair.

D'áitigh Comhairle Sábháilteachta Iompair na hEorpa gur cheart raon feidhme na reachtaíochta a shíneadh chun gach mótarbhealach, gach bóthar a mhaoiníonn nó a chómhaoiníonn an tAontas agus gach príomhbhóthar tuaithe agus uirbeach, a chlúdach. Ní mór sin a dhéanamh i bhfianaise an chuspóra nua díriú ar ghortuithe tromchúiseacha a laghdú chomh maith le básanna, de bhrí go dtarlaíonn céatadán níos mó gortuithe i gceantair uirbeacha, agus de bhrí gur cheart d'úsáideoirí bóthair bheith i dteideal na leibhéil sábháilteachta chéanna ar na bóithre go léir.

Agus gach rud san áireamh, ba é conclúid an Choimisiúin go bhfuil sé cóir comhréireach síneadh teoranta a bheith ann chun na príomhbhóithre lastall de TENT a chlúdach, mar is ar an gcaoi sin a thugtar aghaidh ar líon i bhfad níos mó básanna gan ualach agus costas díréireach a tharraingt ar na Ballstáit.

Bailiú agus úsáid saineolais

Lorg an Coimisiún saineolas seachtrach trí bhíthin conradh le haghaidh staidéar tacaíochta le cuibhreannas a bhí faoi cheannas Ecorys agus a raibh saineolaithe as COWI agus SWOV páirteach ann, agus seoladh an conradh sin i mí Mheán Fómhair 2016. Baintear leas as an tuarascáil deiridh ón gconradh sin i gconclúidí thuarascáil an mheasúnaithe tionchair.

Ina theannta sin, fostaíodh saineolaí seachtrach (an tOllamh George Yannis ó Ollscoil Náisiúnta Teicniúil na hAithne) d'fhonn anailís chomhlántach, athbhreithniú eolaíoch agus bailíochtú bhreise a sholáthar.

Sna hiarscríbhinní a ghabhann leis an tuarascáil sin tá liosta neamhchuimsitheach de na staidéir sheachtracha ar úsáideadh an taighde iontu chun an measúnú tionchair a chur i dtoll a chéile. I dtaca leis na foinsí a úsáideadh, ar an iomlán, bhí siad líonmhar, cuimsitheach (a bheag nó a mhór) agus ba léir iontu dearcadh na bpáirtithe leasmhara .

Measúnú tionchair

Ag gabháil leis an tionscnamh tá measúnú tionchair ar chuir an Bord um Ghrinnscrúdú Rialála tuairim dhearfach in iúl ina thaobh, fara agúis áirithe. Rinne an Bord moltaí ina niarrtar réasúnú agus soiléiriú níos fearr a chur ar fáil maidir leis an méid seo a leanas ach go háirithe:

an rannchuidiú a bhfuiltear ag súil leis ón tionscnamh laistigh den chur chuige cuimsitheach do shábháilteacht ar bhóithre ar cuid den chóras sábháilte é, agus ina theannta sin, an gaol agus an chomhlántacht leis an tionscnamh comhthreomhar maidir le sábháilte ghinearálta na bhfeithiclí agus sábháilteacht coisithe;

comhréireacht na rogha beartais tosaíochta, go háirithe maidir leis na srianta airgeadais; agus

an gá le hadhmad a bhaint as na meastóireachtaí ar an treoir atá ann cheana agus ar threoir na dtollán, freisin, agus cad é mar is féidir aghaidh a thabhairt ar shaincheisteanna a bhaineann le forfheidhmiú.

Cuireadh na tuairimí san áireamh sa mheasúnú tionchair athbhreithnithe. Tugtar míniú breise leo, mar a shonraítear in Iarscríbhinn I de thuarascáil an mheasúnaithe tionchair. Ar na coigeartuithe eile a rinneadh chun aghaidh a thabhairt ar na saincheisteanna a luaitear thuas bhí na modhnuithe seo a leanas:

Cuireadh isteach mínithe ar chur chuige an chórais shábháilte, ar rannchuidiú na dtionscnamh aonair, ar an ngaol leis an tionscnamh comhthreomhar maidir le sábháilteacht ghinearálta na bhfeithiclí agus sábháilteacht coisithe, agus ar rannchuidiú na dtionscnamh sin, faoi seach, leis an gcuspóir ginearálta.

Ceapadh go mbeadh fadhbanna ann de dheasca easpa cistiúcháin, agus cuireadh síneadh le cuspóir sonrach chun na srianta airgeadais a chur san áireamh. Cuireadh isteach na costais a thabhóidh gach Ballstát sa bhliain 2030 i ndáil le comhlíonadh.

Cuireadh isteach mionsonraithe breise maidir le torthaí na meastóireachta ex post. Ina theannta sin, míníodh an cur chuige atá beartaithe chun a áirithiú go gcomhlíontar an reachtaíocht atá ann faoi láthair.

Rinneadh sé rogha bheartais a bhfuil leibhéil éagsúla uaillmhéine ag baint leo de na bearta beartais féideartha. Is ar leithligh a rinneadh measúnú ar na bearta beartais ina bhfuil an idirghabháil teoranta le TENT (roghanna beartais 1-3) agus ar na bearta beartais chun an raon feidhme a shíneadh lastall de TENT (roghanna beartais A-C). De bharr chineál comhlántach na mbeart bainistithe sábháilteachta bonneagair bóthair, is roghanna malartacha iad roghanna 1 go 3, ach is ar bharr a chéile a fhorbraítear iad. Is roghanna malartacha iad freisin na bearta beartais chun an raon feidhme a shíneadh lastall de TENT, agus forbraítear iad ar bharr a chéile ar an gcaoi chéanna.

I rogha beartais 1 cuimsítear an tathrú is lú ar an gcostas is ísle, lena náirítear athruithe teicneolaíocha atá ar na bacáin, agus moltar athruithe teoranta reachtacha inti a mbeadh sé sách éasca agus tapa a chur chun feidhme. Áirítear léi an rogha sin bearta neamhreachtacha, nó bearta 'boga', amhail comhroinnt eolais agus malartú dea-chleachtais a chur chun cinn d'fhonn tacú le héifeachtacht na nósanna imeachta maidir le bainistiú atá sa Treoir atá ann faoi láthair. Ina theannta sin, tugtar isteach leis an rogha beartais sin bearta reachtacha chun feabhas a chur ar thrédhearcacht na nósanna imeachta maidir le bainistiú sábháilteachta bonneagair bóthair agus ceanglas neamhbhalbh díriú ar mheasúnú a dhéanamh ar shábháilteacht na núsáideoirí soghonta bóithre i nósanna imeachta RISM. Ar deireadh, cuirtear feabhas léi ar an gcomhéadan idir treoir RISM agus treoir na dtollán trí athbhreithniú a dhéanamh ar threoir RISM, agus fócas ar leith ar chriosanna aistrithe idir bóithre oscailte agus tolláin agus ar chomhchigireacht na gcriosanna sin ina mbeadh lucht sábháilteachta ar bhóithre agus lucht sábháilteachta i dtollán araon páirteach.

Cuimsítear bearta níos forleithne i rogha beartais 2 mar go bhfuil eilimintí de chur chuige an chórais shábháilte inti. Tugtar isteach léi nós imeachta nua, an measúnú ar bhóithre ar fud an ghréasáin, lena ndéanfar measúnú agus comparáid go rialta ar shábháilteacht ionsuite an ghréasáin bóithre d'fhonn na codanna bóthair sin dar gá tuilleadh cigireachta agus idirghabhála a shainaithint go réamhghníomhach. Ina theannta sin tugtar isteach léi ceanglais ghinearálta feidhmíochta le haghaidh comhpháirteanna áirithe den bhonneagar bóthair d'fhonn tabhairt i gcrích gluaiseachta nasctha comhoibríche uathoibrithe a éascú. Beartaítear léi, freisin, aghaidh a thabhairt ar an easpa maidir le sonraí comhsheasmhacha inchomparáide faoi leibhéal na sábháilteachta ar ghréasán bóithre an Aontais. Is é an treoirphrionsabal atá taobh thiar de rogha beartais 2 go gceanglófaí ar na Ballstáit cloí le nósanna imeachta RISM agus obair leantach a dhéanamh maidir leis na nósanna imeachta sin freisin d'fhonn raon leathan rioscaí bonneagair bóthair a d'fhéadfadh a bheith ann a shainaithint. Mar sin féin, choimeádfadh na Ballstáit solúbthacht agus an leibhéal riachtanach sábháilteachta bonneagair bóthair á shocrú acu. Bheadh an rogha fós ag na Ballstáit i dtaobh na socruithe teicniúla iomchuí, mar nach socrófaí le reachtaíocht an Aontais ach ceanglais ghinearálta feidhmíochta d'fhonn tabhairt i gcrích CCAM a éascú (e.g. inléiteacht na gcomharthaí bóthair agus na marcanna bóthair).

Le rogha beartais 3 leagtar síos an leibhéal íosta sábháilteachta ar bhóithre TENT atá le baint amach agus sainítear inti íoscheanglais feidhmíochta maidir le feisteas bóthair. Cur chuige bunaithe ar thorthaí a fháil atá i gceist léi ar féidir a úsáid chun leibhéal íosta sábháilteachta aonfhoirmeach a bhaint amach ar fud ghréasán TENT. Shocrófaí ag leibhéal an Aontais an leibhéal íosta sábháilteachta a bheadh le baint amach. Bheadh an rogha fós ag na Ballstáit i dtaobh frithbhearta sábháilteachta bonneagair.

Cuimsítear i roghanna beartais A, B agus C - ní hionann agus roghanna beartais 1, 2 agus 3 - síneadh de shórt éigin ar nósanna imeachta threoir RISM lastall de TENT. Tá na síntí teoranta do phríomhbhóithre nó do bhóithre náisiúnta den chineál céanna bóthair ar cuid iad de na gnáthghréasáin bóithre sna Ballstáit.

Tá beart reachtach amháin i rogha beartais A lena leagtar síos maidir le haon tionscadal ar ghréasán bóithre náisiúnta a mhaoinítear go hiomlán nó i bpáirt as cistí an Aontais, go mbeadh sé faoi réir na nósanna imeachta a fhorordaítear le treoir RISM.

Is é is aidhm le rogha beartais B go gcuirfear chun feidhme ar ghréasán bóithre níos leithne na nósanna imeachta RISM a bunaíodh cheana, go háirithe lena náirítear mótarbhealaí agus bóithre gnóthacha phríomhghréasáin bóithre na mBallstát. Is rogha beartais measartha uaillmhianach é an síneadh éigeantach sin ar raon feidhme na nósanna imeachta atá i dtreoir RISM faoi láthair. Ní bheadh tionchar aige ach ar na Ballstáit nár leathnaigh fós cur i bhfeidhm na nósanna imeachta sin ar bhonn deonach.

Is é is aidhm le rogha beartais C an fhealsúnacht ar a mbunaítear bainistiú réamhgníomhach na sábháilteachta bonneagair bóthair ar fud an ghréasáin a chur i bhfeidhm maidir le príomhghréasáin bóithre na mBallstát. Is rogha beartais níos uaillmhianaí é an síneadh sin ar raon feidhme nós imeachta athbhreithnithe RISM d'fhonn gréasán níos mó bóithre a chuimsiú lastall de TENT (lena náirítear mótarbhealaí agus príomhbhóithre).

Leis an measúnú tionchair sainaithníodh gur chumasc de rogha bheartais 2 agus rogha beartais C an rogha beartais ab fhearr.

Leis an gcumasc sin, d'fhéadfaí a áirithiú nach gcaillfí breis agus 3 200 duine agus nach ngortófaí 20 700 duine go tromchúiseach sna blianta 2020-2030 i gcomparáid leis an mbonnlíne (nach gcaillfí breis agus 14 650 duine agus nach ngortófaí 97 502 duine go tromchúiseach sna blianta 2020-2050). Le linn na bliana 2030 féin, d'áiritheofaí le bearta sábháilteacht bonneagair bóthair nach gcaillfí 562 duine agus nach ngortófaí 3 675 go tromchúiseach.

Oiriúnacht rialála agus simpliú

I gcomhréir le clár an Choimisiúin um oiriúnacht rialála, rinneadh an scéal a mheas an dtiocfadh simpliú riaracháin as treoir RISM a chomhcheangal le treoir na dtollán. Níor sainaithníodh leis an measúnú tionchair, ná leis an comhairliúchán leis na páirtithe leasmhara, tairbhí ar bith a d'fhéadfaí a bhaint as na treoracha a chomhcheangal. Ós rud é nár sainaithníodh laghduithe ar bith ar an ualach riaracháin, níor measadh go mbeadh a leithéid de chomhcheangal tairbheach ná inmhianaithe.

Tugtar isteach leis an togra nós imeachta nua riosca-bhunaithe réamhghníomhach, an measúnú ar bhóithre ar fud an ghréasáin, gan cur le líon iomlán na nósanna imeachta. Déantar sin trí na heilimintí úsáideacha ón nós imeachta frithghníomhach a bhí ann roimhe seo (go háirithe sainaithint criosanna ard-dlúis tionóiscí) a chuimsiú sna nósanna imeachta le haghaidh bóithre atá in úsáid cheana.

Cearta bunúsacha

Urramaítear na cearta bunúsacha leis an togra seo agus cloítear leis na prionsabail a aithnítear go háirithe sa Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh.

4.IMPLEACHTAÍ BUISÉADACHA

Níl aon impleachtaí buiséadacha ag an togra don Aontas, cé go bhféadfaí an measúnú ar bhóithre ar fud an ghréasáin a úsáid mar chritéir d'fhonn díriú ar chaiteachas an Aontais.

5.EILIMINTÍ EILE

Pleananna cur chun feidhme, agus socruithe faireacháin, meastóireachta agus tuairiscithe

Sainaithníodh sa mheasúnú tionchair réimse táscairí dul chun cinn a d’fhéadfaí a úsáid chun faireachán a dhéanamh ar an dul chun cinn. Déantar ualach riaracháin míchuí ar na Ballstáit a sheachaint leis an togra trí na hoibleagáidí tuairiscithe a theorannú don phríomhtháscaire aschuir - an rátáil sábháilteachta a thugtar do na bóithre sin a chlúdaíonn na nósanna imeachta.

Chun measúnú a dhéanamh ar thionchar na reachtaíochta, bheadh gá freisin le meastóireacht chríochnúil a dhéanamh ach a dtabharfaí na hathruithe uile isteach céim ar chéim. Socrófar an tréimhse ama iomchuí chun an mheastóireacht sin a dhéanamh tar éis don chreat nua a bheith infheidhme ina iomláine.

Doiciméid mhíniúcháin (le haghaidh treoracha)

I bhfianaise raon feidhme an togra, ós rud é nach leasaítear ach Treoir 2008/96/CE leis, atá trasuite go hiomlán ag na Ballstáit uile, ní mheastar go bhfuil bonn cirt le tuilleadh doiciméid mhíniúcháin a éileamh ná go bhfuil sé comhréireach iad a éileamh.

Míniúchán mionsonraithe ar fhorálacha sonracha an togra

Modhnaítear Airteagal 1(1) chun tagairtí a áireamh ann do nós imeachta nua amháin agus do nós imeachta athainmnithe maidir le sábháilteacht bonneagair bóthair a bhainistiú (‘measúnú ar bhóithre ar fud an ghréasáin’ agus ‘cigireacht ar an tsábháilteacht ar bhóithre' faoi seach).

Modhnaítear Airteagal 1(2) chun raon feidhme méadaithe na Treorach a léiriú; déantar mótarbhealaí agus príomhbhóithre lasmuigh den líonra TENT a áireamh sa raon feidhme chun cur i bhfeidhm sainordaitheach nósanna imeachta na Treorach a leathnú chun na bóithre gnóthacha lena nasctar cathracha móra agus réigiúin a spriocdhíriú go sonrach.

Modhnaítear Airteagal 1(3) chun cur i bhfeidhm na Treorach a dhéanamh éigeantach i gcás aon tionscadal bonneagair bóthair lasmuigh de cheantair uirbeacha a thabharfar chun críche agus leas á bhaint as maoiniú ón Aontas chun a áirithiú nach núsáidfear cistí ón Aontas chun bóithre a thógáil a d’fhéadfadh a bheith contúirteach.

Modhnaítear Airteagal 2(1) chun sainmhíniú uasdátaithe ar an 'gréasán tras-Eorpach bóithre' a sholáthar i gcomhréir leis an sainmhíniú a sholáthraítear i Rialachán (AE) Uimh. 1315/2013 maidir le treoirlínte an Aontais chun an gréasán tras-Eorpach iompair a fhorbairt.

Cuirtear Airteagal 2(2a) agus Airteagal 2(2b) isteach chun na sainmhínithe ar ‘mótarbhealach’ agus ‘príomhbhóthar’ a sholáthar, atá riachtanach i ngeall ar raon feidhme méadaithe na reachtaíochta.

Cuirtear Airteagal 2(2c) a leanas isteach chun sainmhíniú ar ‘measúnú ar bhóithre ar fud an ghréasáin' a sholáthar, nós imeachta nua, rioscabhunaithe, réamhghníomhach maidir le sábháilteacht bonneagair bóthair a bhainistiú (a chuirtear in ionad an nós imeachta atá ann faoi láthair in Airteagal 5, ar de chineál frithghníomhach é: 'rangú agus bainistiú sábháilteachta an ghréasáin bóithre atá in úsáid cheana').

Scriostar Airteagal 2(5) toisc go ndéantar 'rangú na gcodanna ard-dlúis tionóisce’ a chomhtháthú sa nós imeachta nua, 'measúnú ar bhóithre ar fud an ghréasáin', agus i gcigireachtaí ar shábháilteacht ar bhóithre.

Modhnaítear Airteagal 2(7) chun sainmhíniú uasdátaithe ar 'cigireacht ar shábháilteacht ar bhóithre' chun cineál spriocdhírithe an nós imeachta seo a shoiléiriú agus chun é a idirdhealú ón nós imeachta nua 'measúnú ar bhóithre ar fud an ghréasáin'.

Cuirtear Airteagal 2(10) isteach chun sainmhíniú ar 'úsáideoirí soghonta bóithre' a sholáthar, a bhfuil barraíocht ionadaíochta acu sna básanna ar bhóithre agus sna gortuithe tromchúiseacha agus a gcaithfear, dá bhrí sin, díriú go speisialta orthu i gcur i bhfeidhm nósanna imeachta na Treorach.

Leasaítear Airteagal 5 chun nós imeachta nua rioscabhunaithe réamhghníomhach .i. 'measúnú ar bhóithre ar fud an ghréasáin' a chur in ionad an nós imeachta reatha frithghníomhach, 'rangú agus bainistiú sábháilteachta an ghréasáin bóithre atá in úsáid cheana’. Tá measúnú ar bhóithre ar fud an ghréasáin ina mheasúnú rioscabhunaithe réamhghníomhach ar na bóithre uile laistigh de raon feidhme na Treorach chun sábháilteacht ionsuite bhunúsach an bhonneagair bóthair atá ann cheana a mheas agus a chur i gcomparáid chun réimsí tosaíochta a shainaithint le haghaidh tuilleadh cigireachta agus idirghabhála agus chun an chuid sin de chur chuige an Chórais Shábháilte a bhaineann le bonneagar a neartú. Leis an nós imeachta nua sin, déantar sonraí ar thionóiscí a tharla san am a chuaigh thart agus codanna ard-dlúis tionóiscí, ar codanna iad a sainaithníodh cheana a bheith ann, a chur san áireamh. Leis an nós imeachta nua sin, déantar measúnú córasach réamhghníomhach freisin ar na rioscaí atá ag gabháil le bonneagar bóthair, mar shampla a shaintréithe geoiméadracha, acomhail agus crosairí comhréidh a bheith ann, constaicí a bheith ann ar thaobh an bhóthair agus córais iomchuí srianta bhóthair a bheith ar fáil. Beidh sé sin mar dhreasacht láidir chun obair leantach a dhéanamh i leith na dtorthaí a fhaightear agus chun díriú ar infheistíocht a dhéanamh sna réimsí lena mbaineann an riosca is mó.

Modhnaítear Airteagal 6(1) chun sainaithint na gcodanna bóithre le haghaidh cigireachtaí ar an tsábháilteacht ar bhóithre a nascadh le torthaí an mheasúnaithe ar bhóithre ar fud an ghréasáin a dhéantar de bhun Airteagal 5.

Athbhreithnítear Airteagal 6(3) chun a chur de cheangal go ndéantar cigireachtaí comhpháirteacha sábháilteachta bóithre ar na limistéir trasdula idir na bóithre a chumhdaítear leis an Treoir seo agus na tolláin bhóthair a chumhdaítear le Treoir 2004/54/CE. Is é is aidhm don fhoráil sin a áirithiú go mbeidh comhar níos fearr ann idir na heintitis inniúla atá freagrach as an tsábháilteacht ar bhóithre agus as an tsábháilteacht i dtolláin ós rud é go sainaithnítear i gcoitinne gur sna limistéir trasdula sin is mó a tharlaíonn tionóiscí i dtolláin bhóthair.

Cuirtear Airteagal 6a isteach chun obair leantach iomchuí a thabhairt isteach i leith na nósanna imeachta uile atá sa Treoir maidir le sábháilteacht bonneagair bóthair a bhainistiú (RISM), ar nósanna imeachta iad maidir le sábháilteacht bonneagair bóthair a bhainistiú. Tá an easpa oibre leantaí ar cheann de na laigí is mó a sainaithníodh sa mheastóireacht ar Threoir RISM sa mheasúnú tionchair. Cuirfear de cheangal go háirithe, leis an bhforáil sin, go mbeidh bonn cirt le gach cinneadh a dhéanfar faoi cé acu a dhéanfar nó nach ndéanfar obair leantach i leith moladh ó chigireacht ar shábháilteacht ar bhóithre agus go mbeidh bunús leis na cinntí sin.

Cuirtear Airteagal 6b isteach chun cosaint a thabhairt d’úsáideoirí soghonta bóithre. An gá atá le húsáideoirí soghonta bóithre a chosaint, tugadh chun suntais é agus an measúnú tionchair á ullmhú, go háirithe ag páirtithe leasmhara ábhartha. Ceanglaítear, leis an Airteagal sin go ndéantar, i ngach nós imeachta maidir le RISM, staid na núsáideoirí soghonta bóithre a mheas ar leithligh.

Cuirtear Airteagal 6c isteach chun a chur de cheangal go ndéanfar marcálacha bóthair agus comharthaí bóthair a chur i bhfeidhm agus a chothabháil ar bhealach lena náiritheofar go bhféadfar iad a aithint ar bhonn iontaofa. Is beart é sin atá ceaptha chun a áirithiú go mbeidh eispéireas comhleanúnach taistil ag na húsáideoirí bóthair, chun córais soghluaisteachta nasctha uathrialacha a rolladh amach agus chun a áirithiú go gcuirfear riachtanais an daonra atá ag dul in aois san áireamh trína áirithiú go mbeidh comharthaí bóthair agus marcálacha bóthair éasca a aithint.

Cuirtear Airteagal 11a isteach chun ceanglais tuairiscithe ar na Ballstáit a leagan síos maidir le cur i bhfeidhm agus torthaí na nósanna imeachta maidir le sábháilteacht bonneagair bóthair a bhainistiú. Leis an Airteagal 11a sin, ceanglaítear go háirithe ar na Ballstáit a gcuid gréasán bóthair a rangú de réir an leibhéil riosca a shainaithnítear i measúnuithe bóthair ar fud an ghréasáin. Níl aon cheanglais tuairiscithe sa Treoir atá ann faoi láthair, agus b'fhíordheacair faireachán ar fud an Aontais ar dhul chun cinn, ar thagarmharcáil agus ar obair leantach a dhéanamh mar gheall ar easpa na gceanglas sin. Tá ceanglais tuairiscithe bunriachtanach chun a áirithiú go bhféadfar sábháilteacht ionsuite an ghréasáin bóithre a thomhas agus a chur in iúl do na húsáideoirí bóithre agus chun go gcuirfear dlús le treocht an chóineasaithe san fheidhmíocht maidir le sábháilteacht ar bhóithre ar fud an Aontais.

Cuirtear ceanglais nua isteach in Iarscríbhinn II chun a áirithiú go gcuirfear riachtanais úsáideoirí soghonta bóithre san áireamh agus iniúchtaí maidir leis an tsábháilteacht ar bhóithre á gcur i bhfeidhm.

Cuirtear Iarscríbhinn nua IIa isteach chun na heilimintí le haghaidh cigireachtaí ar an tsábháilteacht ar bhóithre a liostáil toisc gur cheart a bheith ag díriú go príomha ar an tsábháilteacht ar bhóithre atá ann cheana a fheabhsú.

Cuirtear Iarscríbhinn III in ionad Iarscríbhinn nua ina liostaítear eilimintí an nós imeachta nua 'measúnú ar bhóithre ar fud an ghréasáin'. Áirítear orthu sin, faisnéis ghinearálta faoi na bóithre a ndéantar measúnú orthu, sonraí faoi thionóiscí agus méideanna tráchta, saintréithe oibríochtúla, breithnithe sonracha maidir le leagan amach bóithre agus gnéithe sábháilteachta agus rioscaí comhchoiteanna chun a áirithiú go bhféadfar sábháilteacht ionsuite bóithre a mheasúnú mar is ceart.

Modhnaítear Iarscríbhinn IV chun a shoiléiriú go náireofar comhordanáidí GNSS sa tuairisc ar shuíomh beacht tionóiscí.

2018/0129 (COD)

Togra le haghaidh

TREOIR Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

lena leasaítear Treoir 2008/96/CE maidir le sábháilteacht an bhonneagair bóthair a bhainistiú

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 91(1)(c) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa 11 ,

Ag féachaint don tuairim ó Choiste na Réigiún 12 ,

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach,

De bharr an méid seo a leanas:

(1)Is é cuspóir straitéiseach an Aontais líon na mbásanna ar na bóithre a laghdú faoina leath faoi 2020 i gcomparáid le 2010 agus, faoin mbliain 2050, é a laghdú go nialas nó geall leis ("Fís Nialais") 13 . Mar sin féin, is beag dul chun cinn atá déanta le blianta beaga anuas chun na cuspóirí sin a bhaint amach.

(2)De réir chur chuige an Chórais Shábháilte, is féidir bás agus gortú tromchúiseach i dtionóiscí bóthair a chosc, den chuid is mó. Ba cheart gur freagracht chomhroinnte ar gach leibhéal é a áirithiú nach mbíonn gortuithe tromchúiseacha nó bás ann mar thoradh ar thuairteanna bóthair. Go háirithe, ba cheart dóchúlacht na dtionóiscí tráchta bóthair a laghdú le bóithre atá dea-dheartha agus atá cothabháilte mar is ceart agus ba cheart, le bóithre atá "maiteach" (bóithre a leagtar amach ar bhealach cliste chun a áirithiú nach mbeidh iarmhairtí tromchúiseacha ann ar an toirt i gcás earráidí tiomána), déine na dtionóiscí a laghdú.

(3)Na bóithre sa ghréasán bóithre thras-Eorpach a shainítear i Rialachán (AE) Uimh. 1315/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 14 , is ríthábhachtach iad chun tacú le lánpháirtíocht na hEorpa. Ba cheart ardleibhéal sábháilteachta a ráthú, dá bhrí sin, ar na bóithre sin.

(4)Leis na nósanna imeachta maidir le bainistiú na sábháilteachta bonneagair bóthair, a cuireadh chun feidhme ar an ngréasán tras-Eorpach, cuidíodh le básanna, agus le gortuithe tromchúiseacha, a laghdú san Aontas. Is léir ón meastóireacht ar éifeachtaí Threoir 2008/96/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 15 go bhfuil feidhmíocht i bhfad níos fearr bainte amach ag na Ballstáit sin a bhfuil prionsabail i ndáil le sábháilteacht bonneagair bóthair a bhainistiú ('RISM) á gcur i bhfeidhm acu, ar bhonn deonach, ar a gcuid bóithre náisiúnta lastall de ghréasán TENT ná mar atá ag na Ballstáit sin nach ndéanann amhlaidh.

(5)Tarlaíonn líon mór tionóiscí bóthair ar líon beag bóithre, ar a mbíonn méid mór tráchta agus ardluasanna agus réimse leathan tráchta ag taisteal ar luasanna éagsúla. Dá bhrí sin, ba cheart, leis an leathnú teoranta ar raon feidhme Threoir 2008/96/CE do mhótarbhealaí agus do phríomhbhóithre lastall de ghréasán TENT, go rannchuideofaí go mór leis an tsábháilteacht bonneagair bóthair ar fud an Aontais a fheabhsú.

(6)Sa bhreis air sin, ba cheart go náiritheofaí, le cur i bhfeidhm éigeantach nósanna imeachta Threoir 2008/96/CE, ar aon tionscadal bonneagair bóthair lasmuigh de cheantair uirbeacha a thugtar chun críche agus leas á bhaint as cistiú ón Aontas, nach núsáidtear cistí de chuid an Aontais chun bóithre neamhshábháilte a thógáil.

(7)Tá an measúnú rioscabhunaithe ar bhóithre ar fud an ghréasáin tar éis teacht chun cinn mar uirlis éifeachtúil éifeachtach chun codanna den ghréasán a shainaithint ar cheart díriú orthu le cigireachtaí sábháilteachta bóithre níos mionsonraithe agus chun tús áite a thabhairt don infheistíocht de réir a hacmhainneachta feabhsuithe sábháilteachta ar fud an ghréasáin a bhaint amach. Dá bhrí sin, ba cheart an gréasán bóithre ina iomláine a chumhdaítear leis an Treoir seo a mheasúnú go córasach chun cur leis an tsábháilteacht ar bhóithre ar fud an Aontais.

(8)Leis na heilimintí is fearr feidhmíocht ón "nós imeachta maidir le rangú agus bainistiú sábháilteachta an ghréasáin bóithre atá in úsáid cheana", a bhí ann roimhe seo, a chomhtháthú sa nós imeachta nua maidir le measúnú ar bhóithre ar fud an ghréasáin, ba cheart go bhféadfaí codanna bóithre, lena mbaineann na deiseanna is mó chun an tsábháilteacht a fheabhsú agus ina mbainfí na feabhsuithe is fearr amach ach idirghabhálacha spriocdhírithe a dhéanamh, a shainaithint ar bhonn níos fearr.

(9)Tá sé ríthábhachtach obair leantach córasach a dhéanamh ar thorthaí na nósanna imeachta maidir le RISM chun na feabhsuithe ar an tsábháilteacht bonneagair bóthair a bhaint amach, ar feabhsuithe iad a theastaíonn chun cuspóirí an Aontais a chomhlíonadh i dtaca le sábháilteacht ar bhóithre. Chuige sin, ba cheart a áirithiú, le pleananna gníomhaíochta tosaíochta, go gcuirfear na hidirghabhálacha is gá chun feidhme a luaithe is féidir.

(10)Ba cheart feidhmíocht sábháilteachta na mbóithre atá ann cheana a fheabhsú trí infheistíocht a spriocdhíriú ar na codanna bóithre lena mbaineann an dlús tionóiscí is airde agus an acmhainneacht is airde chun tionóiscí a laghdú.

(11)Tá ardriosca tionóisce ag roinnt, go háirithe, le codanna den ghréasán bóithre atá tadhlach le tolláin bhóthair an ghréasáin thras-Eorpaigh bóithre a chumhdaítear le Treoir 2004/54/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 16 . Ba cheart cigireachtaí comhpháirteacha ar an tsábháilteacht ar bhóithre a thabhairt isteach, dá bhrí sin, i gcás na gcodanna bóithre sin, a mbeadh idir ionadaithe ó na húdaráis inniúla bóithre agus ó na húdaráis inniúla tollán rannpháirteach iontu, d’fhonn feabhas a chur ar shábháilteacht an ghréasáin bóithre ina iomláine.

(12)B'úsáideoirí soghonta bóithre iad 46% de líon na mbásanna ar bhóithre san Aontas in 2016. Dá bhrí sin, ba cheart go mbeadh na húsáideoirí sin níos sábháilte ar an mbóthar trína áirithiú go gcuirfear a leasanna san áireamh i ngach nós imeachta maidir le RISM.

(13)Tá dearadh agus cothabháil marcálacha bóthair agus comharthaí bóthair ina eilimint thábhachtach chun an tsábháilteacht bonneagair bóthair a áirithiú, go háirithe i bhfianaise na forbartha ar fheithiclí atá feistithe le córais cúnaimh tiománaí nó le leibhéil níos airde den uathoibriú. Is gá a áirithiú, go háirithe, go bhféadfaidh na feithiclí sin marcálacha agus comharthaí bóthair a aithint go héasca agus go hiontaofa.

(14)Chun an trédhearcacht a bhaint amach agus an chuntasacht a fheabhsú, ba cheart príomhtháscáirí feidhmíochta a thuairisciú.

(15)Ba cheart go bhféadfaí leibhéal na sábháilteachta bonneagair ionsuite a chur i gcomparáid ar fud an Aontais ach na torthaí ar na measúnuithe bóithre ar fud an ghréasáin a fhoilsiú.

(16)Ós rud é nach féidir leis na Ballstáit cuspóir na Treorach seo, eadhon nósanna imeachta a bhunú chun ardleibhéal sábháilteachta ar bhóithre a áirithiú ar fud an ghréasáin thras-Eorpaigh agus ar fud ghréasán na mótarbhealaí agus na bpríomhbhóithre ar fud an Aontais, a bhaint amach go leordhóthanach, ach gur fearr is féidir, ós rud é go bhfuil feabhsú riachtanach ar fud an Aontais chun cóineasú a áirithiú i dtreo caighdeáin níos airde sábháilteachta bonneagair bóthair, é a bhaint amach ar leibhéal an Aontais, féadfaidh an tAontas bearta a ghlacadh, i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta mar a leagtar amach é in Airteagal 5 den Chonradh ar an Aontas Eorpach. De réir phrionsabal na comhréireachta, a leagtar amach san Airteagal sin, ní théann an Treoir seo thar a bhfuil riachtanach chun an cuspóir sin a bhaint amach. Mar thoradh ar ghníomhaíocht ar leibhéal an Aontais, ba cheart go mbeadh an taisteal ar fud an Aontais níos sábháilte amach anseo agus, ba cheart, ag eascairt ón méid sin, go gcuirfí feabhas ar fheidhmiú an mhargaidh inmheánaigh agus go dtacófaí le cuspóir an chomhtháthaithe eacnamaíoch, shóisialta agus chríochaigh.

(17)D’fhonn a áirithiú go léireofar i gcónaí, le hábhar nósanna imeachta maidir le RISM, an teolas teicniúil is fearr atá ar fáil, ba cheart an chumhacht chun gníomhartha a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh a tharmligean chuig an gCoimisiún chun na hIarscríbhinní a ghabhann leis an Treoir a chur in oiriúint don dul chun cinn teicniúil. Tá sé ríthábhachtach go rachadh an Coimisiún i mbun comhairliúcháin iomchuí le linn a chuid oibre ullmhúcháin, lena náirítear ar leibhéal na saineolaithe, agus go ndéanfaí na comhairliúcháin sin i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos sa Chomhaontú Idirinstitiúideach maidir le Reachtóireacht Níos Fearr, ar comhaontú é a rinneadh ar an 13 Aibreán 2016 17 . Go sonrach, chun rannpháirtíocht chomhionann in ullmhú na ngníomhartha tarmligthe a áirithiú, gheobhaidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle na doiciméid uile ag an am céanna leis na saineolaithe sna Ballstáit, agus beidh rochtain chórasach ag a gcuid saineolaithe ar chruinnithe ghrúpaí saineolaithe an Choimisiúin a bheidh ag déileáil le hullmhú na ngníomhartha tarmligthe.

(18)Tá gá le bearta sonracha chun cleachtais bainistíochta sábháilteachta a fheabhsú go leanúnach agus le gur fusa a bheidh sé d'fheithiclí atá feistithe le córais cúnaimh tiománaí nó a bhfuil leibhéil níos airde uathoibrithe acu marcálacha bóthair agus comharthaí bóthair a aithint. Chun coinníollacha aonfhoirmeacha a áirithiú maidir le forálacha ábhartha na Treorach seo a chur chun feidhme, ba cheart cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt don Choimisiún. Ba cheart na cumhachtaí sin a fheidhmiú i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 18 .

(19)Ba cheart, dá bhrí sin, Treoir 2008/96/CE a leasú dá réir sin,

TAR ÉIS AN TREOIR SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasaítear Treoir 2008/96/CE mar a leanas:

(1)In Airteagal 1, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1 go mír 3:

"1. Leis an Treoir seo, cuirtear de cheangal ar na Ballstáit nósanna imeachta a chur chun feidhme agus a bhunú, maidir le measúnuithe tionchair i leith na sábháilteachta ar bhóithre, maidir le cigireachtaí ar an tsábháilteacht ar bhóithre, maidir le hiniúchtaí ar an tsábháilteacht ar bhóithre agus maidir le measúnuithe ar bhóithre ar fud an ghréasáin.

2. Beidh feidhm ag an Treoir seo maidir le bóithre atá mar chuid den ghréasán tras-Eorpach, maidir le mótarbhealaí agus maidir le príomhbhóithre, bíodh siad á ndearadh, á dtógáil nó in úsáid cheana.

3. Beidh feidhm ag an Treoir seo, freisin, maidir le bóithre agus maidir le tionscadail bonneagair bóithre nach gcumhdaítear le mír 2 atá suite lasmuigh de limistéir uirbeacha agus a thugtar chun críche agus cistiú de chuid an Aontais a úsáid go hiomlán nó go páirteach.";

(2)Leasaítear Airteagal 2 mar a leanas:

(a)cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe 1:

"1.    ciallaíonn 'gréasán tras-Eorpach bóithre' an gréasán bóithre a shainítear i Rialachán (AE) Uimh 1315/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2013 maidir le treoirlínte an Aontais chun an gréasán tras-Eorpach iompair a fhorbairt (IO L 348, 20.12.2013, lch. 1).;",

(b)cuirtear na pointí seo a leanas, 2a go 2c, isteach:

“2a.    ciallaíonn 'mótarbhealach' bóthar a dheartar agus a thógtar go speisialta le haghaidh mótarthráchta, nach bhfreastalaíonn ar réadmhaoin atá i dteorainn leis, agus a chomhlíonann na critéir seo a leanas:

(a) atá feistithe, ach amháin ag pointí speisialta nó go sealadach, le carrbhealaigh ar leith don trácht ó dhá threo, scartha óna chéile le stiall dhealaithe nach bhfuil beartaithe le haghaidh tráchta, nó go heisceachtúil, trí mhodhanna eile;

(b) nach dtrasnaíonn ar leibhéal le haon bhóthar, iarnród, trambhealach, raon rothar nó cosán;

(c) tá sé ainmnithe go sonrach mar mhótarbhealach;

2b.    ciallaíonn ‘príomhbhóthar' bóthar nach mótarbhealach é ach a nascann cathracha móra nó réigiúin, nó iad araon, agus a shainítear mar phríomhbhóthar in EuroRegionalMap a tháirgeann Gníomhaireachtaí Mapála agus Cadastral Náisiúnta na hEorpa;

2c.    ciallaíonn ‘measúnú ar bhóithre ar fud an ghréasáin’ measúnú ar shábháilteacht an ghréasáin bóithre laistigh de raon feidhme na Treorach seo chun an riosca go dtarlódh tionóiscí agus imbhuailtí tromchúiseacha a thagarmharcáil.";

(c)scriostar pointe 5;

(d)cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe 6 agus phointe 7:

"6.    ciallaíonn ‘rátáil sábháilteachta’ codanna den ghréasán bóithre atá ann cheana a rangú i gcatagóirí de réir a sábháilteachta ionsuite, ar sábháilteachta ionsuite í a thomhaistear go hoibiachtúil;

7.    ciallaíonn ‘cigireacht ar an tsábháilteacht ar bhóithre’ cigireacht spriocdhírithe ar an láthair ar bhóthar atá ann cheana nó ar chuid de bhóthar atá ann cheana chun dálaí guaiseacha, lochtanna agus easnaimh a shainaithint lena méadaítear an riosca go dtarlódh tionóiscí agus gortuithe;”;

(e)cuirtear pointe 10, mar a leanas, isteach:

“‘10.    ciallaíonn 'úsáideoir soghonta bóithre' úsáideoirí bóithre gan inneall, lena náirítear, go háirithe, rothaithe agus coisithe, mar aon le húsáideoirí dé-rothaigh chumhachtaithe.”;

(3)Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 5:

“Airteagal 5

Measúnú ar bhóithre ar fud an ghréasáin

1. Áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfar measúnú ar bhóithre ar fud an ghréasáin, ar an ngréasán bóithre ina iomláine atá in úsáid cheana agus a chumhdaítear leis an Treoir seo. Cuimseofar, le measúnuithe ar bhóithre ar fud an ghréasáin, cigireacht súl, anailís ar mhéideanna tráchta agus sonraí faoi thionóiscí a tharla san am a chuaigh thart agus measúnú ar an riosca go dtarlódh tuairteanna agus imbhuailtí tromchúiseacha. Áiritheoidh na Ballstáit go gcuirfear an chéad mheasúnú i gcrích faoi 2025 ar a dhéanaí. Measúnuithe ar bhóithre ar fud an ghréasáin a chuirfear i gcrích ina dhiaidh sin, cuirfear i gcrích iad minic go leor chun leibhéil leordhóthanacha sábháilteachta a áirithiú ach, in aon chás, cuirfear i gcrích iad gach cúig bliana ar a laghad.

2. Agus an measúnú ar bhóithre ar fud an ghréasáin á chur i gcrích, áireoidh na Ballstáit na heilimintí a leagtar síos in Iarscríbhinn III.

3. Ar bhonn thorthaí an mheasúnaithe dá dtagraítear i mír 1, déanfaidh na Ballstáit na codanna uile den ghréasán bóithre a aicmiú i dtrí chatagóir ar a laghad de réir a sábháilteachta ionsuite.

4. Áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfaidh an teintiteas inniúil measúnuithe ar bhóithre ar fud an ghréasáin.

5. Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh comharthaí iomchuí i bhfeidhm chun rabhadh a thabhairt d’úsáideoirí bóithre faoi chodanna bonneagair bóithre atá á ndeisiú agus a d'fhéadfadh, dá bhrí sin, sábháilteacht na núsáideoirí bóithre a chur i mbaol. Áireofar ar na comharthaí sin, freisin, comharthaí atá infheicthe le linn an lae agus le linn na hoíche agus a chuirtear in airde ag achar sábháilte agus comhlíonfar leo forálacha Choinbhinsiún Vín maidir le Comharthaí Bóthair agus Comharthaí, ar coinbhinsiún é a rinneadh in 1968."

(4)Leasaítear Airteagal 6 mar a leanas:

(a)    cuirtear an méid seo a leanas in ionad an teidil:

“Airteagal 6

Cigireachtaí ar an tsábháilteacht ar bhóithre”;

(b)    cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1:

“1. Áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfar cigireachtaí ar an tsábháilteacht ar bhóithre ar an ngréasán bóithre chun gnéithe a bhaineann le sábháilteacht ar bhóithre a shainaithint agus chun tionóiscí a chosc. Déanfar na codanna bóthair a bheidh faoi réir na cigireachta seo a roghnú ar bhonn thorthaí an mheasúnaithe a chuirfear i gcrích de bhun Airteagal 5, agus tosaíocht á tabhairt do chodanna ardriosca.”;

(c)    cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 2 agus mhír 3:

“2. Agus cigireachtaí ar an tsábháilteacht ar bhóithre á gcur i gcrích acu, cuirfidh na Ballstáit na heilimintí a leagtar amach in Iarscríbhinn IIa san áireamh.

3. Áiritheoidh na Ballstáit sábháilteacht na gcodanna sin den ghréasán bóithre atá tadhlach le tolláin bhóthair a chumhdaítear le Treoir 2004/54/CE trí chigireachtaí comhpháirteacha ar an tsábháilteacht ar bhóithre lena mbaineann na heintitis inniúla a bheidh rannpháirteach i gcur chun feidhme na Treorach seo agus Threoir 2004/54/CE. Déanfar na cigireachtaí comhpháirteacha ar an tsábháilteacht ar bhóithre gach trí bliana ar a laghad.”;

(5)cuirtear Airteagal 6a, Airteagal 6b agus Airteagal 6c, mar a leanas, isteach:

“Airteagal 6a

Nósanna imeachta leantacha maidir le bóithre atá in úsáid cheana

1. Áiritheoidh na Ballstáit go bhfreastalófar ar na torthaí a bheidh ar na measúnuithe ar bhóithre ar fud an ghréasáin, a chuirfear i gcrích de bhun Airteagal 5, trí chigireachtaí spriocdhírithe ar an tsábháilteacht ar bhóithre nó trí ghníomhaíocht dhíreach feabhais a dhéanamh ina ndiaidh.

2. Áiritheoidh na Ballstáit go bhfreastalófar ar thorthaí na gcigireachtaí ar an tsábháilteacht ar bhóithre, a chuirfear i gcrích de bhun Airteagal 6, trí chinntí réasúnaithe a dhéanamh ina ndiaidh lena gcinnfear an gá gníomhaíocht feabhais a dhéanamh. Go háirithe, sainaithneoidh na Ballstáit codanna bóthair a dteastaíonn tuilleadh feabhsuithe ina leith ó thaobh shábháilteacht an bhonneagair bóthair agus saineoidh siad gníomhaíochtaí chun sábháilteacht na gcodanna bóthair sin a fheabhsú.

3. Áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfar gníomhaíocht feabhais a spriocdhíriú ar chodanna bóthair lena ngabhann leibhéil ísle sábháilteachta agus a bhfuil an deis ann bearta a chur chun feidhme ina leith a mbeidh cóimheasa arda ó thaobh sochar agus costais ag roinnt leo.

4. Ullmhóidh na Ballstáit plean gníomhaíochta rioscabhunaithe, a dtabharfar tosaíocht dó, chun cur chun feidhme gníomhaíochta feabhais a shainaithnítear a rianú agus tabharfaidh siad an plean sin cothrom le dáta go tráthrialta. Agus an plean gníomhaíochta sin a ullmhú acu, tabharfaidh na Ballstáit tús áite do chodanna bóthair a bhféadfaí feabhas mór a chur ar an tsábháilteacht a ghabhann leo, agus aird á tabhairt ar idirghabhálacha lena ngabhann cóimheasa arda ó thaobh sochar agus costais.

   Airteagal 6b

Úsáideoirí soghonta bóithre a chosaint

Áiritheoidh na Ballstáit go gcuirfear riachtanais úsáideoirí soghonta bóithre san áireamh i gcur i bhfeidhm na nósanna imeachta a leagtar amach in Airteagal 3 go hAirteagal 6.”;

   Airteagal 6c

Marcálacha bóthair agus comharthaí bóthair

1. Áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfar marcálacha agus comharthaí bóthair a dhearadh agus a chothabháil mar is cuí ar bhealach ina bhféadfaidh tiománaithe, agus feithiclí atá feistithe le córais cúnaimh tiománaí nó leibhéil níos airde den uathoibriú, iad a aithint go héasca agus go hiontaofa.

2. Forbróidh an Coimisiún ceanglais ghinearálta feidhmíochta chun aithint marcálacha bóthair agus comharthaí bóthair a éascú. Chun na críche sin, glacfaidh an Coimisiún gníomh cur chun feidhme i gcomhréir leis an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 13(2).”;

(6)Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 10:

“Airteagal 10

Malartú an dea-chleachtais

Chun an tsábháilteacht ar bhóithre an Aontais a fheabhsú, bunóidh an Coimisiún córas le haghaidh malartú dea-chleachtas idir na Ballstáit, lena gcumhdófar, inter alia, tionscadail sábháilteachta bonneagair bóthair atá ann cheana agus teicneolaíocht chruthaithe sábháilteachta bóithre.”;

(7)in Airteagal 11, cuirtear mír 2 in ionad an méid seo a leanas:

"2. Tabharfaidh an Coiste dá dtagraítear in Airteagal 13 cúnamh don Choimisiún. A mhéid a éilítear go nglacfaí bearta sonracha, glacfar na bearta sin i gcomhréir leis an nós imeachta comhairleach dá dtagraítear in Airteagal 13(2)."

(8)cuirtear isteach an tAirteagal 11 a seo a leanas:

“Airteagal 11a

Tuairisciú

1. Cuirfidh na Ballstáit tuarascáil faoi bhráid an Choimisiúin faoin 31 Deireadh Fómhair [Oifig an bhFoilseachán: cuir isteach, le do thoil, an BHLIAIN arna ríomh 24 mhí tar éis an teacht i bhfeidhm], agus gach trí bliana ina dhiaidh sin, ar an gcéatadán den ghréasán bóithre a measúnaíodh leis an measúnú ar bhóithre ar fud an ghréasáin sna trí bliana roimhe sin, agus ar rátáil sábháilteachta na gcodanna den bhóthar a measúnaíodh de réir chatagóir na núsáideoirí bóithre.”;

(9)Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 12:

“Airteagal 12

Oiriúnú don dul chun cinn teicniúil

Tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 12a chun na hIarscríbhinní a ghabhann leis an Treoir seo a oiriúnú don dul chun cinn teicniúil.”;

(10)cuirtear isteach an tAirteagal 12a seo a leanas:

“Airteagal 12 a

Gníomhartha tarmligthe

1. Is faoi réir na gcoinníollacha a leagtar síos san Airteagal seo a thugtar an chumhacht don Choimisiún chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh.

2. Déanfar an chumhacht chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh dá dtagraítear in Airteagal 12 a thabhairt don Choimisiún go ceann tréimhse neamhchinntithe ama amhail ón [dáta theacht i bhfeidhm na Treorach seo].

3. Féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle tarmligean na cumhachta dá dtagraítear in Airteagal 12 a chúlghairm aon tráth. Déanfaidh cinneadh chun cúlghairm a dhéanamh deireadh a chur le tarmligean na cumhachta atá sonraithe sa chinneadh sin. Gabhfaidh éifeacht leis an lá tar éis fhoilsiú an chinnidh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh nó ar dháta is déanaí a shonrófar sa chinneadh. Ní dhéanfaidh sé difear do bhailíocht aon ghníomhartha tarmligthe atá i bhfeidhm cheana.

4. Sula nglacfaidh sé gníomh tarmligthe, rachaidh an Coimisiún i mbun comhairliúchán le saineolaithe arna nainmniú ag gach Ballstát i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos sa Chomhaontú Idirinstitiúideach maidir le Reachtóireacht Níos Fearr, ar comhaontú é a rinneadh ar an 13 Aibreán 2016.

5. A luaithe a ghlacfaidh sé gníomh tarmligthe, tabharfaidh an Coimisiún fógra, an tráth céanna, do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle faoi.

6. Gníomh tarmligthe a ghlactar de bhun Airteagal 12, ní thiocfaidh sé i bhfeidhm ach amháin mura mbeidh aon agóid curtha in iúl ag Parlaimint na hEorpa ná ag an gComhairle laistigh de thréimhse dhá mhí tar éis fógra faoin ngníomh sin a thabhairt do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle nó más rud é, roimh dhul in éag na tréimhse sin, go mbeidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle araon tar éis a chur in iúl don Choimisiún nach ndéanfaidh siad aon agóid. Déanfar an tréimhse sin a fhadú de dhá mhí ar thionscnamh Pharlaimint na hEorpa nó na Comhairle.";

(11)Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 13:

"Airteagal 13

Nós imeachta coiste

1.Tabharfaidh coiste cúnamh don Choimisiún. Beidh an coiste sin ina choiste de réir bhrí Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

2.I gcás ina ndéanfar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 4 de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.";

(12)déantar na hIarscríbhinní a leasú mar a leagtar sin amach san Iarscríbhinn a ghabhann leis an Treoir seo.

Airteagal 2

1.Déanfaidh na Ballstáit na dlíthe, na rialacháin agus na forálacha riaracháin, is gá chun an Treoir seo a chomhlíonadh, a thabhairt i bhfeidhm faoi [Oifig na bhFoilseachán: cuir isteach an DÁTA arna ríomh 18 mhí tar éis an teacht i bhfeidhm] ar a dhéanaí. Cuirfidh siad téacs na bhforálacha sin in iúl don Choimisiún láithreach.

Nuair a ghlacfaidh na Ballstáit na forálacha sin, beidh tagairt iontu don Treoir seo nó beidh tagairt den sórt sin ag gabháil leo tráth a bhfoilsithe oifigiúil. Is iad na Ballstáit a chinnfidh an tslí le tagairt den sórt sin a dhéanamh.

2.Déanfaidh na Ballstáit téacs phríomhfhorálacha an dlí náisiúnta a ghlacfaidh siad sa réimse a chumhdaítear leis an Treoir seo a chur in iúl don Choimisiún.

Airteagal 3

Tiocfaidh an Treoir seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a foilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Airteagal 4

Dírítear an Treoir seo chuig na Ballstáit.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil,

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa    Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán    An tUachtarán

(1)    http://data.consilium.europa.eu/doc/document/ST9994-2017-INIT/en/pdf.
(2)    Treoir 2008/96/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 19 Samhain 2008 maidir le bainistiú sábháilteachta bonneagair bóthair, IO L 319, 29.11.2008, lch. 59-67.
(3)    Rialachán (CE) Uimh. 661/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Iúil 2009 maidir leis na ceanglais i gcomhair cineálcheadú le haghaidh sábháilteacht ghinearálta mótarfheithiclí, a leantóirí agus a gcóras, a gcomhpháirteanna agus a naonad teicniúil ar leithligh atá beartaithe dóibh, IO L 200, 31.7.2009.
(4)    Rialachán (CE) Uimh 78/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Eanáir 2009 maidir le cineálcheadú mótarfheithiclí i ndáil le cosaint coisithe agus úsáideoirí soghonta eile bóithre; IO L 35, 4.2.2009.
(5)    Teachtaireacht ón gCoimisiún 'A European strategy on Cooperative Intelligent Transport Systems, a milestone towards cooperative, connected and automated mobility' [Straitéis Eorpach maidir le córais chliste chomhoibríocha iompair, céim mhór chun tosaigh i dtaobh na soghluaisteachta comhoibríche nasctha uathoibrithe] (COM/2016/0766 final).
(6)    Páipéar bán ón gCoimisiún dar teideal "Roadmap to a Single European Transport Area – Towards a competitive and resource efficient transport system" [Treochlár um limistéar Eorpach iompair aonair – i dtreo córais iompair atá iomaíoch agus tíosach ar acmhainní] (COM(2011) 144 final)
(7)    Teachtaireacht ón gCoimisiún dar teideal "Towards a European road safety area: policy orientations on road safety 2011-2020" [I dtreo limistéir Eorpaigh sábháilteachta ar bhóithre: treoshuíomhanna beartas maidir le sábháilteacht ar bhóithre 2011-2020] (COM(2010) 389 final)
(8)    SWD(2018)175.
(9)    https://ec.europa.eu/transport/sites/transport/files/modes/road/studies/doc/2014-12-ex-postevaluationstudy-road-infra-safety-mgmnt.pdf.
(10)    http://tm20.org/final-reportonroad-automationnow-available/
(11)    IO C […], […], lch. […].
(12)    IO C […], […], lch. […].
(13)    Teachtaireacht ón gCoimisiún dar teideal "Towards a European road safety area: policy orientations on road safety 2011-2020" [I dtreo limistéir Eorpaigh sábháilteachta ar bhóithre: treoshuíomhanna beartas maidir le sábháilteacht ar bhóithre 2011-2020] (COM(2010) 389 final)
(14)    Rialachán (AE) Uimh. 1315/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2013 maidir le treoirlínte an Aontais chun an gréasán tras-Eorpach iompair a fhorbairt agus lena naisghairtear Cinneadh Uimh. 661/2010/AE (IO L 348, 20.12.2013, lch. 1).
(15)    Cinneadh 2008/96/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 19 Samhain 2008 maidir le sábháilteacht bonneagair bhóithre a bhainistiú (IO L 319, 29.11.2008, lch. 59).
(16)    Treoir 2004/54/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 29 Aibreán 2004 maidir le híoscheanglais sábháilteachta do tholláin sa Ghréasáin Tras-Eorpach Bóithre (IO L 167, 30.4.2004, lch. 39).
(17)    IO L 123, 12.5.2016, lch. 1.
(18)    Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Feabhra 2011 lena leagtar síos na rialacha agus na prionsabail ghinearálta a bhaineann leis na sásraí maidir le rialú ag na Ballstáit ar fheidhmiú cumhachtaí cur chun feidhme ag an gCoimisiún (IO L 55, 28.2.2011, lch. 13).

An Bhruiséil,17.5.2018

COM(2018) 274 final

IARSCRÍBHINN

a ghabhann le

Togra le haghaidh TREOIR Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

lena leasaítear Treoir 2008/96/CE maidir le sábháilteacht an bhonneagair bóthair a bhainistiú

{SEC(2018) 226 final}
{SWD(2018) 175 final}
{SWD(2018) 176 final}


IARSCRÍBHINN

Leasaítear na hIarscríbhinní a ghabhann le Treoir 2008/96/CE mar a leanas:

(1)In Iarscríbhinn I, cuirtear an méid seo a leanas in ionad an teidil:

"IARSCRÍBHINN I

GNÉITHE DE MHEASÚNUITHE TIONCHAIR MAIDIR LEIS AN tSÁBHÁILTEACHT AR BHÓITHRE";

(2)Leasaítear Iarscríbhinn II mar a leanas:

(a)    cuirtear an méid seo a leanas in ionad an teidil:

"IARSCRÍBHINN II

GNÉITHE D'INIÚCHTAÍ MAIDIR LEIS AN tSÁBHÁILTEACHT AR BHÓITHRE",

(b) i roinn 1, cuirtear an pointe (n) seo a leanas isteach:

"(n)    forálacha d'úsáideoirí soghonta bóithrebóthair:

i)    forálacha do choisithe,

ii)    forálacha do rothaithe,

iii)    forálacha do dhérothaigh chumhachtaithe.";

(c) i roinn 2, cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (h):

"(h)    forálacha d'úsáideoirí soghonta bóithre:

i) forálacha do choisithe,

ii) forálacha do rothaithe,

iii) forálacha do dhérothaigh chumhachtaithe.";

(3)cuirtear isteach an Iarscríbhinn IIa seo a leanas :

"IARSCRÍBHINN IIa

GNÉITHE DE CHIGIREACHTAÍ MAIDIR LEIS AN tSÁBHÁILTEACHT AR BHÓITHRE

1.    Ailíniú bóthair agus trasghearradh bóthair:

(a)    infheictheacht agus faid radhairc;

(b)    teorainn luais agus criosú luais;

(c)    ailíniú féinmhínitheach (i.e. "inléiteacht” an ailínithe don tiománaí);

(d)    rochtain ar mhaoin agus ar fhorbairtí cois bóthair;

(e)    rochtain ag feithiclí éigeandála agus seirbhíse;

(f)    ceapa ag droichid agus ag lintéir;

(g)    leagan amach cois bóthair (guaillí bóthair, titim phábhála, fánaí gearrtha agus líonta).

2.    Trasbhóithre agus acomhail mótarbhealaigh:

(a)    oiriúnacht cineáil trasbhóthair/ acomhail mótharbhealaigh;

(b)    geoiméadracht trasbhóthair/ leagan amach acomhail mótarbhealaigh;

(c)    infheictheacht agus inléiteacht (aireachtáil) trasbhóithre;

(d)    infheictheacht ag an dtrasbhóthar;

(e)    leagan amach na lánaí tánaisteacha ag trasbhóithre;

(f)    rialú tráchta trasbhóthair (e.g. stoprialaithe, soilse tráchta etc.);

(g)    crosairí coisithe a bheith ann.

3.    Forálacha d'úsáideoirí soghonta bóithre:

(a)    forálacha do choisithe;

(b)    forálacha do rothaithe;

(c)    forálacha do dhérothaigh chumhachtaithe.;

(d)    Iompar poiblí agus bonneagair phoiblí;

(e)    crosaire comhréidh bóthair/ iarnróid.

4.    Soilsithe, comharthaí agus marcanna:

(a)    comharthaí bóthair comhtháite, nach laghdaíonn infheictheacht;

(b)    inléiteacht na gcomharthaí bóthair (suíomh, méid, dath);

(c)    cuaillí eolais;

(d)    marcanna bóthair agus teorainneacha bóthair comhtháite;

(e)    inléiteacht na marcanna bóthair (suíomh, méideanna agus ais-fhrithchaiteacht faoi choinníollacha fliucha nó tirime )

(f)    codarsnacht chuí marcanna bóthair;

(g)    bóithre agus trasbhóithre soilsithe a shoilsiú;

(h)    trealamh cuí cois bóthair.

5.    Soilse tráchta:

(a)    oibriúchán;

(b)    infheictheacht.

6.    Réada, criosanna folmha agus córais srianta bóthair:

(a)    timpeallacht cois bóthair lena náirítear fásra;

(b)    guaiseacha cois bóthair agus fad ó chiumhais charrbhealaigh;

(c)    deaoiriúnú córas srianta bóthair (lárthearmainn débhealaigh agus bacainní tuairte d'fhonn úsáideoirí soghonta a chosaint ar ghuaiseacha);

(d)    ceapa deiridh bacainní tuairte;

(e)    córais chuí srianta bóthair ag droichid agus ag lintéir.

(f)    fálta (maidir le bóithre ar a bhfuil rochtain shrianta).

7.    Pábháil:

(a)    fabhtanna pábhála;

(b)    neamhsciorracht;

(c)    ábhar scaoilte/ gairbhéal/ clocha;

(d)    linnte, siltean.

8.    Saincheisteanna eile:

(a)    limistéir pháirceála agus scíthe atá sábháilte a sholáthar;

(b)    foráil a dhéanamh d'fheithiclí troma;

(c)    dianloinnir cheannlampa;

(d)    oibreacha bóthair

(e)    gníomhaíochtaí cois bóthair nach bhfuil sábháilte;

(f)    faisnéis iomchuí a bheith ar fáil ó threalamh córais cliste iompair (e.g. comharthaí um theachtaireachtaí athraitheacha)(g)    fiadhúlra agus ainmhithe;

(h)    foláirimh creasa scoile (más infheidhme).";

(4)Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Iarscríbhinn III:

"Iarscríbhinn III

GNÉITHE DE MHEASÚNUITHE AR BHÓITHRE AR FUD AN GHRÉASÁIN

1.    Faisnéis Ghinearálta:

(a)    cineál bóthair i ndáil le cineál agus méid na réigiún/ na gcathracha lena nasctar é;

(b)    fad cuid de bhóthar;

(c)    cineál limistéir (limistéar tuaithe nó uirbeach);

(d)    úsáid talún (le haghaidh oideachais, tráchtála, tionscail agus monaraíochta, cónaithe, feirmeoireachta agus talmhaíochta, nó limistéir neamhfhorbartha);

(e)    dlús pointí rochtana ar mhaoin.

(f)    bóthar seirbhíse a bheith ann (e.g. le haghaidh siopaí);

(g)    oibreacha bóthair a bheith ann;

(h)    limistéar páirceála a bheith ann.

2.    Toirteanna tráchta:

(a)    toirteanna tráchta:

(b)    toirteanna gluaisrothar breathnaithe;

(c)    toirteanna coisithe breathnaithe ar an dá thaobh, agus "ar an taobh" nó "ag trasnú" taifeadta leo;

(d)    toirteanna rothar breathnaithe;

(e)    toirteanna feithiclí troma breathnaithe;

(f)    sreafaí coisithe measta, bunaithe ar thréithe úsáid na talún cois bóthair;

(g)    sreafaí coisithe measta, bunaithe ar thréithe úsáid na talún cois bóthair.

3.    Sonraí faoi thionóiscí:

(a)    Líon agus áit na mbásanna de réir grúpa úsáideoirí bóthair

(b)    Líon agus suíomh na ngortuithe tromchúiseacha de réir grúpa úsáideoirí bóthair

4.    Saintréithe oibriúcháin:

(a)    luasteorainn (luasteorainn ghinearálta do ghluaisrothair; do leoraithe);

(b)    luasteorainn oibriúcháin (85ú peircintíl);

(c)    bainistiú luais agus/nó moilliú tráchta;

(d)    trealamh córais cliste iompair a bheith ann: foláirimh scuaine, comharthaí um theachtaireachtaí athraitheacha;

(e)    foláireamh creasa scoile;

(f)    maoirseoir crosaire scoile a bheith i láthair ag tréimhsí forordaithe.

5.    Tréithe geoiméadracha:

(a)    tréithe trasghearrtha (líon, cineál agus leithead lánaí, leagan amach agus ábhar na nguaillí lárstráice, rianta rothair, cosáin etc.), lena náirítear a nathraitheacht;

(b)    cuaire chothrománach;

(c)    leibhéal agus ailíniú ingearach;

(d)    infheictheacht agus faid radhairc.

6.    Réada, criosanna folmha agus córais srianta bóthair:

(a)    timpeallacht cois bóthair agus criosanna folmha;

(b)    bacainní fosaithe cois bóthair (e.g. cuaillí solais, crainn, etc.);

(c)    fad na mbacainní ó thaobh an bhóthair;

(d)    dlús na mbacainní;

(e)    stiallacha tormáin;

(f)    córais srianta bóthair.

7.    Trasbhóithre:

(a)    cineál an trasbhóthair agus líon a ghéag (taifead a dhéanamh go háirithe de chineál an rialaithe agus de thiontaithe cosanta más ann dóibh);

(b)    cainéalú a bheith ann;

(c)    cáilíocht an trasbhóthair;

(d)    toirt tráchta trasnaithe;

(e)    crosairí bóthair-iarnróid a bheith ann.

8.    Cothabháil:

(a)    fabhtanna pábhála;

(b)    neamhsciorracht pábhála;

(c)    riocht gualainne (lena náirítear fásra);

(d)    riocht na gcomharthaí, na marcanna agus na dteorainneacha;

(e)    riocht na gcóras srianta bóthair.

9.    Saoráidí d'úsáideoirí soghonta bóithre:

(a)    crosairí coisithe (crosairí ar an dromchla agus ar leibhéal eile);

(b)    fálú coisithe;

(c)    cosán nó saoráid scartha a bheith ann;

(d)    saoráidí rothair;

(e)    cáilíocht crosaire coisithe sa mhéid a bhaineann le feiceálacht agus comharthaí na saoráide sin;

(f)    saoráid trasnaithe coisithe ar ghéag iontrála mionbhóthair agus é ag nascadh le gréasán.

(5)in Iarscríbhinn I, cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe 1:

"1. chomh beacht agus is féidir, suíomh na tionóisce, lena náirítear comhordanáidí GNSS;".