Strasbourg,17.4.2018

COM(2018) 226 final

2018/0107(COD)

Togra le haghaidh

TREOIR Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

lena leagtar síos rialacha comhchuibhithe maidir le hionadaithe dlíthiúla a cheapadh chun críche fianaise a bhailiú in imeachtaí coiriúla

{SWD(2018) 118 final}
{SWD(2018) 119 final}


MEABHRÁN MÍNIÚCHÁIN

1.COMHTHÉACS AN TOGRA

Forais agus cuspóirí an togra

Soláthraithe seirbhíse ar líne amhail seirbhísí cumarsáide leictreonaí nó líonraí sóisialta, margaí ar líne agus soláthraithe seirbhíse óstála eile, spreagann siad an nuálaíocht agus fás sa gheilleagar digiteach. Éascaíonn siad rochtain gan fasach ar fhaisnéis agus cabhraíonn siad le daoine aonair cumarsáid a dhéanamh lena chéile. Nascann na seirbhísí sin na céadta milliún úsáideoir lena chéile agus soláthraíonn siad seirbhísí nuálacha do dhaoine aonair agus do ghnólachtaí. Gineann siad tairbhí suntasacha don mhargadh aonair digiteach agus do leas eacnamaíoch agus sóisialta úsáideoirí laistigh den Aontas agus lasmuigh de araon. Fianaise ar an tábhacht mhéadaitheach a bhaineann leis an idirlíon agus seirbhísí cumarsáide agus seirbhísí na sochaí faisnéise agus ar an láithreacht mhéadaitheach atá acu sa saol laethúil agus sa tsochaí is ea an méadú gan cuimse atá tagtha ar an úsáid a bhaintear astu. Mar sin féin, is féidir mí-úsáid a bhaint as na seirbhísí sin freisin chun coireanna a dhéanamh nó a éascú, lena náirítear coireanna tromchúiseacha amhail ionsaithe sceimhlitheoireachta. Nuair a tharlaíonn sé sin, is minic gur trí na seirbhísí agus na haipeanna sin amháin is féidir le himscrúdaitheoirí teacht ar fhaisnéis chun a fháil amach cé a rinne coir agus chun teacht ar fhianaise is féidir a úsáid sa chúirt.

Ós rud é gur réimse gan teorainneacha é an tidirlíon is féidir, i bprionsabal, seirbhísí den sórt sin a sholáthar ó áit ar bith ar domhan agus ní theastaíonn bonneagar fisiciúil, láithreacht chorparáideach ná aon fhoireann sna Ballstáit ina dtairgtear na seirbhísí nó sa mhargadh inmheánach ina iomláine. Laistigh den Aontas, tugtar spreagadh agus tacaíocht chun na seirbhísí sin a thairiscint trasteorann, go háirithe tríd an tsaoirse chun seirbhísí a sholáthar.

Is féidir na soláthraithe seirbhíse atá gníomhach sa mhargadh inmheánach a roinnt ina dtrí phríomhchatagóir: (1) soláthraithe seirbhíse a bhfuil a gceanncheathrú lonnaithe i mBallstát agus a thairgeann seirbhísí i gcríoch an Bhallstáit sin agus sa chríoch sin amháin; (2) soláthraithe seirbhíse a bhfuil a gceanncheathrú lonnaithe i mBallstát agus a thairgeann seirbhísí i roinnt Ballstát; agus (3) soláthraithe seirbhíse a bhfuil a gceanncheathrú lonnaithe lasmuigh den Aontas agus a thairgeann seirbhísí i mBallstát amháin nó níos mó, bíodh bunaíocht acu i gceann amháin nó níos mó de na Ballstáit sin nó ná bíodh.

In éagmais ceanglas ginearálta a bheith ar sholáthraithe seirbhíse a áirithiú go bhfuil láithreacht fhisiciúil acu i gcríoch an Aontais, rinne na Ballstáit bearta ar an leibhéal náisiúnta chun a áirithiú go gcomhlíonfaí na hoibleagáidí dlíthiúla náisiúnta a mheasann siad a bheith riachtanach, i gcomhréir le hAirteagal 3(4) de Threoir 2000/31/CE maidir le gnéithe áirithe dlí de sheirbhísí na sochaí faisnéise, an tráchtáil leictreonach, go háirithe, sa Mhargadh Inmheánach 1 (an Treoir maidir le Ríomhthráchtáil). Áirítear leis na bearta sin rochtain ar fhianaise nó ar chineálacha eile faisnéise a thabhairt nuair a iarrann údaráis bhreithiúnacha an méid sin in ábhair choiriúla. Tá éagsúlacht leathan ann maidir leis na cineálacha cur chuige náisiúnta a ghlactar ina leith sin sna Ballstáit éagsúla agus áirítear leo bearta ar nós an dlínse forfheidhmiúcháin 2 a leathnú agus oibleagáid a leagan síos ionadaí dlíthiúil a ainmniú i gcríoch an Bhallstáit lena mbaineann do sholáthraithe seirbhíse áirithe a thairgeann seirbhísí laistigh den chríoch sin. Mar shampla, rith an Ghearmáin ‘an tAcht um Fhorfheidhmiú Líonraí’ 3 le déanaí, rud lena gcuirtear oibleagáid ar sholáthraithe líonraí sóisialta 4 duine a ainmniú sa Ghearmáin chun iarrataí forfheidhmithe dlí a fháil. Forchuirtear leis an dlí smachtbhannaí is fiú suas le EUR 500 000 i leith mainneachtain ionadaí a ainmniú nó mainneachtain freagra a thabhairt ar iarrataí ar fhaisnéis le linn gníomhú mar dhuine a bhfuil údarás aige seirbhís a fháil. Tá díospóireacht ar siúl san Iodáil faoi láthair maidir le bearta den chineál céanna a thabhairt isteach 5 . Ní cheanglaíonn Ballstáit eile, an Bheilg ina measc, ionadaíocht áitiúil a bheith ann ach, ina ionad sin, féachann siad le hoibleagáidí náisiúnta a fhorchur go díreach ar sholáthraithe atá lonnaithe thar lear trí imeachtaí intíre a thionscnamh 6 .

Cuireann na Ballstáit roinnt tosca gaolmhara difriúla i bhfeidhm freisin chun dlínse a dhearbhú ar sholáthraí seirbhíse, amhail a cheannáras, an áit ina dtairgtear seirbhísí, suíomh na sonraí nó meascán tosca difriúla. Ina theannta sin, ní hionann na sásraí comhair agus na comhaontuithe neamhfhoirmiúla a bunaíodh idir na húdaráis i roinnt Ballstát agus roinnt soláthraithe seirbhíse. Mheas roinnt de na soláthraithe seirbhíse móra, chun críocha an mheasúnaithe tionchair, gur go hard sna seacht bhfigiúr a bhíonn an costas bliantúil a íocann siad chun oibleagáidí dlíthiúla náisiúnta a chomhlíonadh. Cé gur dóigh go mbíonn sé comhréireach le láithreacht margaidh an tsoláthraí, féadfaidh an costas a bhaineann le ceanglais dhifriúla náisiúnta a chomhlíonadh a bheith rómhór do sholáthraithe seirbhíse beaga.

Maidir le hin-fhorfheidhmitheacht na niarrataí a sheoltar i gcomhthéacs socruithe den sórt sin, tá difríochtaí ann i measc na mBallstát maidir le cé acu atá nó nach bhfuil oibleagáid ar sholáthraithe seirbhíse comhoibriú leo. Is ilroinnte freisin atá na smachtbhannaí agus an forfheidhmiú a chuirtear i bhfeidhm i gcás neamhchomhlíonadh. Fiú amháin i gcás ina gcomhlíonfaidh an soláthraí seirbhíse an tordú lena bhforchuirtear an smachtbhanna, beidh sé doiligh go fóill forfheidhmiú a dhéanamh ar an ordú bunaidh chun na sonraí a sholáthar.

Tá sé ráite ag na Ballstáit roinnt uaireanta gur gá dul i ngleic leis na dúshláin sin ar bhonn comhpháirteach:

·An 22 Márta 2016, leagadh béim i ráiteas comhpháirteach ó na hAirí Ceartais agus Gnóthaí Baile agus ó ionadaithe institiúidí an Aontais Eorpaigh maidir leis na hionsaithe sceimhlitheoireachta sa Bhruiséil 7 gur gá, mar ábhar tosaíochta, teacht ar bhealaí ina bhféadfaí fianaise leictreonach a chosaint agus a fháil ar bhealach níos tapa agus níos éifeachtaí trí ghéarú ar an gcomhar le tríú tíortha agus le soláthraithe seirbhíse atá gníomhach san Eoraip, ar mhaithe le comhlíonadh reachtaíocht an Aontais agus reachtaíocht na mBallstát a mhéadú.

·Sna Conclúidí ón gComhairle a glacadh an 9 Meitheamh 2016 8 , dhearbhaigh na Ballstáit an athuair go bhfuil siad tiomanta don smacht reatha a chur i bhfeidhm sa chibearspás agus d’iarr siad ar an gCoimisiún cur chuige coiteann de chuid an Aontais a fhorbairt i dtaca le feabhas a chur ar an gceartas coiriúil sa chibearspás mar ábhar tosaíochta.

Tá cur chuige reachtach dhá ghné ag teastáil chun aghaidh a thabhairt ar na dúshláin sin. Leagtar síos sa togra seo rialacha maidir leis an ionadaíocht dhlíthiúil san Aontas do sholáthraithe seirbhíse áirithe chun críocha fianaise a bhailiú in imeachtaí coiriúla. Ina theannta sin, tá ionstraim arna glacadh ar bhonn Airteagal 82(1) CFAE ag teastáil chun foráil a dhéanamh maidir le horduithe a sheirbheáil go díreach ar an soláthraí seirbhíse i gcásanna trasteorann. Mar sin, is trí mheascán den dá thogra sin a dhéileáiltear leis na dúshláin a leagtar amach roimhe seo. Tá sé tábhachtach a mheabhrú, áfach, gurb é príomhaidhm shoiléir an togra seo seolaí na norduithe ó údaráis na mBallstát a shainaithint chun an fhianaise atá ag soláthraithe seirbhíse a fháil uathu in ábhair choiriúla. Dá bhrí sin, is é aidhm an togra seo deireadh a chur le roinnt de na bacainní atá ann ar dhul i dteagmháil leis na soláthraithe seirbhíse trí réiteach coiteann uile-Aontais a thairiscint chun orduithe dlíthiúla a sheirbheáil ar sholáthraithe seirbhíse trí leas a bhaint as ionadaí dlíthiúil. Cuireann sé sin deireadh leis an ngá atá ann le cineálacha cur chuige neamhchomhordaithe aonair náisiúnta agus soláthraíonn sé deimhneacht dhlíthiúil ar leibhéal an Aontais. Chuige sin, leagtar síos leis an togra seo oibleagáidí ar na Ballstáit a áirithiú go nainmneoidh soláthraithe seirbhíse ionadaithe dlíthiúla cumhachtaithe a mbeidh freagracht dhlíthiúil orthu as orduithe agus cinntí breithiúnacha a chomhlíonadh thar ceann na soláthraithe seirbhíse sin.

Ina theannta sin, cruthaítear le cur chuige comhchuibhithe cothrom iomaíochta do gach cuideachta a thairgeann an cineál céanna seirbhísí san Aontas, beag beann ar an áit ina bhfuil siad bunaithe nó as a ngníomhaíonn siad, agus urramaítear leis ag an am céanna prionsabal na tíre tionscnaimh a leagtar amach in Airteagal 3 den Treoir maidir le Ríomhthráchtáil. Níl feidhm ag an bprionsabal sin ach amháin maidir le soláthraithe sheirbhísí na sochaí faisnéise atá bunaithe san Aontas, agus tá sé faoi réir roinnt eisceachtaí agus díolúintí féideartha freisin. Ní hamháin go bhfuil rialacha comhchuibhithe ar leibhéal an Aontais ag teastáil chun deireadh a chur le bacainní ar an soláthar seirbhísí agus chun feidhmiú níos fearr an mhargaidh inmheánaigh a áirithiú, ach tá siad ag teastáil freisin chun cur chuige níos comhleanúnaí a áirithiú i leith an dlí choiriúil san Aontas. Tá cothrom iomaíochta ag teastáil freisin chun críocha bunúsacha eile a bhaineann le dea-fheidhmiú an mhargaidh inmheánaigh a áirithiú, amhail na cearta bunúsacha atá ag saoránaigh a chosaint agus an cheannasacht agus an túdarás poiblí a urramú i ndáil le reachtaíocht náisiúnta agus Eorpach a chur chun feidhme agus a fhorfheidhmiú go héifeachtach.

Comhsheasmhacht le creat dlíthiúil an Aontais atá sa réimse beartais cheana

An oibleagáid atá ann ionadaí dlíthiúil a ainmniú do sholáthraithe seirbhíse nach bhfuil bunaithe san Aontas ach a thairgeann seirbhísí san Aontas, is ann di cheana i ngníomhartha áirithe i ndlí an Aontais is infheidhme i réimsí ar leith. Tá sé sin amhlaidh, mar shampla, i gcás an Rialacháin Ghinearálta maidir le Cosaint Sonraí (AE) 2016/679 (Airteagal 27) 9 agus i gcás Threoir (AE) 2016/1148 maidir le bearta le haghaidh ardleibhéal comhchoiteann slándála do líonraí agus do chórais faisnéise ar fud an Aontais (Airteagal 18) 10 . Tá oibleagáid den sórt sin ann sa togra ón gCoimisiún le haghaidh Rialachán maidir le Príobháideachas agus Cumarsáid Leictreonach freisin (Airteagal 3) 11 .

Mar a luaitear thuas, tá an togra seo comhsheasmhach leis an Treoir maidir le Ríomhthráchtáil agus go háirithe le prionsabal na tíre tionscnaimh a leagtar síos in Airteagal 3 den Treoir sin. Ní dhéantar leis an togra seo aon difear d’fhorálacha na Treorach sin, lena náirítear na ceanglais a bhaineann le faisnéis a sholáthar de bhun Airteagal 5.

Achoimre ar an Treoir atá beartaithe (an feabhas a chuirfear ar an gcreat reatha dá barr)

San am i láthair, glacann na Ballstáit cineálacha difriúla cur chuige i leith oibleagáidí a fhorchur ar sholáthraithe seirbhíse, go háirithe in imeachtaí coiriúla. Tá ilroinnt tagtha chun cinn i bhfianaise leictreonach go háirithe, toisc go stórálann soláthraithe seirbhíse áirithe faisnéis a d’fhéadfadh a bheith ábhartha agus cionta coiriúla á nimscrúdú agus á nionchúiseamh. Cruthaíonn an ilroinnt sin éiginnteacht dhlíthiúil dóibh siúd lena mbaineann agus, dá bharr sin, is féidir go gcuirfear oibleagáidí agus córais smachtbhannaí atá difriúil, agus atá ag teacht salach ar a chéile uaireanta, ar sholáthraithe seirbhíse ina leith sin, ag brath ar an soláthraíonn siad seirbhísí ar bhonn náisiúnta, ar bhonn trasteorann laistigh den Aontas nó ó áit lasmuigh den Aontas. Chun bacainní a laghdú ar an tsaoirse chun seirbhísí a sholáthar, cuirtear leis an Treoir seo ceangal éigeantach ar sholáthraithe seirbhíse ionadaí dlíthiúil a ainmniú san Aontas chun cinntí a fháil, a chomhlíonadh agus a fhorfheidhmiú a bhfuil mar aidhm leo údaráis inniúla náisiúnta a éascú chun fianaise a bhailiú in imeachtaí coiriúla. Is é an toradh a bheadh ar an laghdú iarmhartach ar bhacainní go náiritheofaí feidhmiú níos fearr an mhargaidh inmheánaigh ar bhealach a bheadh ag teacht le forbairt limistéir choitinn saoirse, slándála agus ceartais.

Leis an oibleagáid atá ann ionadaí dlíthiúil a ainmniú do gach soláthraí seirbhíse a oibríonn san Aontas, d’áiritheofaí go mbeadh seolaí soiléir ann i gcónaí le haghaidh orduithe a bhfuil mar aidhm leo fianaise a bhailiú in imeachtaí coiriúla. Dá réir sin, bheadh sé níos éasca do sholáthraithe seirbhíse na horduithe sin a chomhlíonadh, toisc go mbeadh an tionadaí dlíthiúil freagrach as na horduithe sin a fháil, a chomhlíonadh agus a fhorfheidhmiú thar ceann an tsoláthraí seirbhíse.

2.BUNÚS DLÍ, COIMHDEACHT AGUS COMHRÉIREACHT

Bunús dlí

Tá an bunús dlí do thacú le gníomhaíocht sa réimse seo le fáil in Airteagail 53 agus 62 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, lena bhforáiltear do bhearta a ghlacadh chun comhordú a dhéanamh ar na forálacha reachtaíochta, rialúcháin agus riaracháin sna Ballstáit i dtaobh seirbhísí a bhunú agus a sholáthar.

Sa chás seo, dá gcuirfí oibleagáid chun ionadaí dlíthiúil a cheapadh san Aontas i bhfeidhm, chabhrófaí go háirithe le deireadh a chur le bacainní ar an tsaoirse chun seirbhísí a sholáthar, ar ceart é a chumhdaítear in Airteagal 56 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, mar a leagtar amach thuas.

An rogha ionstraime

Faoi Airteagal 53 agus Airteagal 62 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, féadfaidh an Coimisiún treoracha agus ionstraimí neamhcheangailteacha amhail moltaí a chur ar aghaidh. Mar gheall ar an ngá atá ann le deimhneacht dhlíthiúil a thabhairt agus deireadh a chur le bacainní ar an saorsholáthar seirbhísí, ar nithe iad nach féidir a ghnóthú trí ionstraim neamhcheangailteach a ghlacadh, ba é treoir an ionstraim a roghnaíodh sa chás seo.

Coimhdeacht

Cumhdaítear leis an togra seo soláthraithe seirbhíse a thairgeann seirbhísí san Aontas, beag beann ar a náit bhunaíochta, a d’fhéadfadh a bheith laistigh den Aontas nó lasmuigh de. In éagmais cur chuige coiteann ar leibhéal an Aontais, tá baol ann go dtiocfadh ilroinnt as na réitigh neamhchomhordaithe náisiúnta a bhaineann le cinntí a fháil, a chomhlíonadh nó a fhorfheidhmiú chun fianaise a bhailiú in imeachtaí coiriúla, ar ilroinnt í a chruthódh meascán oibleagáidí náisiúnta atá éagsúil, agus a d’fhéadfadh a bheith ag teacht salach ar a chéile, do sholáthraithe seirbhíse atá gníomhach i níos mó ná margadh amháin. Cuireann an méid sin bac ar sholáthar seirbhísí ar fud an Aontais. Mar gheall ar a éagsúla atá na cineálacha cur chuige dlí a ghlactar agus ar an raon mór páirtithe leasmhara atá i gceist, is é reachtaíocht ar leibhéal an Aontais an modh is oiriúnaí chun aghaidh a thabhairt ar na fadhbanna a sainaithníodh.

Comhréireacht

Is é aidhm an togra seo cur chuige comhchuibhithe a chur ar aghaidh i leith deireadh a chur le bacainní atá ann cheana agus bacainní atá ag teacht chun cinn ar sholáthar seirbhísí de réir mar a bhaineann siad le cinntí a fháil, a chomhlíonadh nó a fhorfheidhmiú chun fianaise a bhailiú in imeachtaí coiriúla. Meastar go bhfuil an cur chuige a roghnaíodh comhréireach leis an ualach a fhorchuirtear. Mar gheall ar an méadú atá ag teacht ar thábhacht agus láithreacht an idirlín agus sheirbhísí na sochaí faisnéise, tá roinnt roghanna féideartha ann chun aghaidh a thabhairt ar na bacainní reatha. De na roghanna sin, a phléitear ar bhealach níos mionsonraithe sa Mheasúnú Tionchair 12 a ghabhann leis an togra reachtach, is trí ionadaí dlíthiúil a cheapadh go héigeantach do sholáthraithe seirbhíse áirithe atá gníomhach san Aontas a ghnóthófar an cuspóir atá ann sásra éifeachtach a sholáthar trínar féidir orduithe dlíthiúla a sheirbheáil gan ualach míchuí a leagan ar sholáthraithe seirbhíse.

An tualach a ghabhann leis an oibleagáid atá ann ionadaí dlíthiúil a ainmniú, is ualach níos mó fós é ar chuideachtaí nach bhfuil bunaithe san Aontas, toisc nach féidir leo a bheith ag brath ar láithreacht chorparáideach a bheith ann cheana san Aontas. Os a choinne sin, d’fhéadfadh an tionadaí dlíthiúil sin a bheith ina thríú páirtí, a d’fhéadfaí a chomhroinnt idir roinnt soláthraithe seirbhíse, go háirithe gnólachtaí beaga agus meánmhéide (FBManna), agus d’fhéadfadh sé feidhmeanna difriúla a chruinniú (e.g. ionadaí don Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí nó don Rialachán maidir le Príobháideachas agus Cumarsáid Leictreonach, i dteannta an ionadaí dhlíthiúil dá bhforáiltear leis an ionstraim seo). Ní bheidh feidhm ag an oibleagáid ach amháin maidir le FBManna a thairgeann seirbhísí san Aontas, agus ní i gcás próiseáil ócáideach sonraí san Aontas.

3.TORTHAÍ Ó MHEASTÓIREACHTAÍ EX POST, Ó CHOMHAIRLIÚCHÁIN LEIS NA PÁIRTITHE LEASMHARA AGUS Ó MHEASÚNUITHE TIONCHAIR

Comhairliúcháin leis na páirtithe leasmhara

Thar thréimhse aon bhliana go leith, chuaigh an Coimisiún i gcomhairle leis na páirtithe leasmhara ábhartha uile chun fadhbanna agus bealaí chun cinn a shainaithint, lena náirítear dóigheanna trína bhféadfaí feabhas a chur ar na bealaí caidrimh idir údaráis agus soláthraithe seirbhíse. Rinneadh amhlaidh trí shuirbhéanna, idir chomhairliúchán poiblí oscailte agus suirbhéanna spriocdhírithe ar na húdaráis phoiblí ábhartha. Eagraíodh cruinnithe le sainghrúpaí agus cruinnithe déthaobhacha freisin chun an tionchar féideartha ar reachtaíocht an Aontais a phlé. Chomh maith leis sin, baineadh leas as comhdhálacha inar pléadh rochtain trasteorann ar fhianaise leictreonach chun aiseolas a bhailiú ar an tionscnamh.

Trí shuirbhé spriocdhírithe a dhéanamh ar údaráis phoiblí sna Ballstáit, léiríodh nach ann d’aon chur chuige coiteann i leith rochtain trasteorann a fháil ar fhianaise leictreonach, toisc gur i bhfeidhm ag gach Ballstát atá a gcleachtas intíre féin. Chomh maith leis sin, freagraíonn soláthraithe seirbhíse ar bhealach difriúil d’iarrataí ó údaráis eachtracha forfheidhmithe dlí agus bíonn amanna freagartha ag brath ar an mBallstát iarrthach atá i gceist. Cruthaíonn an méid sin éiginnteacht dhlíthiúil do na páirtithe leasmhara uile lena mbaineann.

Le linn an chomhairliúcháin, thug soláthraithe seirbhíse agus roinnt eagraíochtaí sochaí sibhialta le fios gur gá deimhneacht dhlíthiúil a áirithiú i gcomhar díreach le húdaráis phoiblí agus gur gá easaontachtaí dlí a sheachaint. I measc na bpríomh-shaincheisteanna ar tharraing údaráis phoiblí aird orthu bhí an easpa comhair iontaofa atá ar bun le soláthraithe seirbhíse, an easpa trédhearcachta atá ann agus an éiginnteacht dhlíthiúil a bhaineann le dlínse i dtaca le bearta imscrúdaitheacha. Mheas roinnt eagraíochtaí sochaí sibhialta nach inmhianaithe reachtaíocht ar leibhéal an Aontais sa réimse seo agus thug siad le fios gurbh fhearr leo bearta an Aontais a theorannú d’fheabhas a chur ar nósanna imeachta um chúnamh dlíthiúil frithpháirteach, rud a thabharfar ar aghaidh go comhuaineach.

Measúnú tionchair

D’eisigh an Bord um Ghrinnscrúdú Rialála tuairim dhearfach ar an measúnú tionchair 13 agus rinne sé roinnt moltaí lena fheabhsú 14 . Ag teacht sna sála ar an tuairim sin, leasaíodh an measúnú tionchair chun tuilleadh plé a dhéanamh ar na saincheisteanna maidir le cearta bunúsacha a bhaineann le comhroinnt trasteorann sonraí, go háirithe na naisc idir na bearta éagsúla atá mar chuid den rogha thosaíochta. Athraíodh an measúnú freisin chun léiriú níos fearr a thabhairt ar thuairimí na bpáirtithe leasmhara agus na mBallstát agus ar an dóigh ar cuireadh na tuairimí sin san áireamh. Ina theannta sin, athbhreithníodh an comhthéacs beartais chun go náireofaí ann tagairtí breise do ghnéithe éagsúla a chabhraigh chun an tionscnamh a mhúnlú, amhail pléití na sainghrúpaí. Rinneadh an chomhlántacht idir bearta difriúla a shoiléiriú ó thaobh raon feidhme, uainithe agus doimhneachta de agus athbhreithníodh an cás bonnlíne chun léiriú níos fearr a thabhairt ar fhorbairtí ar dóigh dóibh teacht chun cinn ar leithligh ó ghlacadh na mbeart atá beartaithe. Ar deireadh, cuireadh sreabhchairteacha leis an measúnú ar mhaithe le cur síos níos fearr a dhéanamh ar na sreafaí oibre a bheadh i gceist le comhroinnt sonraí.

Breithníodh ceithre phríomhrogha bheartais i dteannta an cháis bonnlíne (Rogha O): roinnt beart praiticiúil a dhéanamh chun feabhas a chur ar nósanna imeachta comhair bhreithiúnaigh agus ar chomhar díreach idir údaráis phoiblí agus soláthraithe seirbhíse (Rogha A: neamhreachtach); rogha lena gcomhcheanglaítear na bearta praiticiúla atá i Rogha A agus réitigh idirnáisiúnta (Rogha B: reachtach); rogha lena gcomhcheanglaítear na bearta roimhe seo atá i Rogha B agus Ordú Táirgthe Eorpach agus beart chun rochtain ar bhunachair shonraí a fheabhsú (Rogha C: reachtach); agus rogha lena gcomhcheanglaítear gach beart roimhe seo atá i Rogha C leis an reachtaíocht maidir le rochtain dhíreach ar shonraí a stóráiltear go cianda (Rogha D: reachtach). Sainaithníodh sa Mheasúnú Tionchair freisin gur gá do sholáthraithe seirbhíse a thairgeann seirbhísí san Aontas ionadaí dlíthiúil a ainmniú san Aontas, agus áiríodh an méid sin i Roghanna C agus D.

Léiríodh sa Mheasúnú Tionchair gurb amhlaidh, i gcomparáid leis na roghanna eile, go mbeadh breisluach soiléir ag gabháil le roghanna a náirítear an tionadaí dlíthiúil iontu (Roghanna C agus D). Cé go dtabhódh soláthraithe seirbhíse costais bhreise sa ghearrthéarma de bharr ionadaí dlíthiúil a cheapadh, is dóigh go laghdófar le creat comhchuibhithe ar leibhéal an Aontais an tualach ar na soláthraithe sin a bhíonn ag freagairt d’iarrataí ar shonraí ó údaráis forfheidhmithe dlí ar bhonn deonach faoi láthair, ar údaráis iad nach mór dóibh measúnú a dhéanamh ar na hiarrataí faoi na dlíthe difriúla de chuid na mBallstát uile. An tsamhail chostais a bunaíodh agus a bailíochtaíodh i gcomhar le soláthraithe seirbhíse ábhartha, tugadh le fios inti go nginfí leis an tionscnamh coigiltí suntasacha sa mheántéarma agus san fhadtéarma agus go gcuirfí deireadh le bacainní ar an margadh inmheánach leis freisin. Ina theannta sin, ba cheart tionchar dearfach a bheith ag an deimhneacht dhlíthiúil agus ag caighdeánú na nósanna imeachta ar FBManna freisin toisc go maolódh siad an tualach riaracháin atá orthu. Tríd is tríd, táthar ag súil go nginfear leis an tionscnamh coigiltí suntasacha dóibh freisin.

Cearta bunúsacha

Tá sé mar aidhm leis an oibleagáid a bheadh ann ionadaí dlíthiúil a cheapadh deireadh a chur le bacainní ar an tsaoirse chun seirbhísí a sholáthar agus, ar an mbealach sin, feidhmiú na saoirse sin a éascú. Go háirithe, chumasófaí leis an togra do sholáthraithe seirbhíse atá bunaithe san Aontas bunaíocht atá ann cheana a ainmniú mar ionadaí dlíthiúil, gan aon eisceacht a bheith ann ach amháin i gcás ina mbeadh an bhunaíocht sin lonnaithe i mBallstát nach bhfuil rannpháirteach in ionstraimí comhair bhreithiúnaigh arna nglacadh faoi Theideal V den Chonradh. Is é an aidhm atá leis an eisceacht sin aghaidh a thabhairt ar an staid ar leith a chruthaítear le Teideal V den Chonradh, rud ar gá aird a thabhairt air.

4.IMPLEACHTAÍ BUISÉADACHA

Níl aon tionchar ag an togra reachtach ar bhuiséad an Aontais.

5.EILIMINTÍ EILE

Pleananna cur chun feidhme, agus socruithe faireacháin, meastóireachta agus tuairiscithe

Ní mór do na Ballstáit an Treoir a chur chun feidhme. Tacóidh an Coimisiún leis an bpróiseas cur chun feidhme sin trí choiste teagmhála a bhunú chun a áirithiú go gcuirfear an Treoir chun feidhme ar bhealach comhchuibhithe comhleanúnach agus nach mbeidh córais dhifriúla i bhfeidhm do sholáthraithe seirbhíse. Eiseoidh an Coimisiún treoir do sholáthraithe seirbhíse, más gá. Déanfaidh an Coimisiún tuarascáil ar chur i bhfeidhm na Treorach, ina gcuirfear le hathbhreithniú mionsonraithe ar a feidhmiú, a chur faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle 5 bliana ar a dhéanaí tar éis theacht i bhfeidhm na Treorach. Más gá, beidh tograí lena leasaítear an Treoir seo ag gabháil leis an tuarascáil sin.

Míniúchán mionsonraithe ar fhorálacha sonracha an togra

Airteagal 1 Ábhar agus raon feidhme

Bunaítear ábhar na Treorach le hAirteagal 1, is é sin, rialacha a leagan síos maidir leis an ionadaíocht dhlíthiúil san Aontas do sholáthraithe seirbhíse áirithe chun críche fianaise a bhailiú in imeachtaí coiriúla.

Is féidir leis na cineálacha oibleagáidí a iarrtar ó sholáthraithe seirbhíse a bheith i roinnt foirmeacha, amhail ordú lena ngabhann iarmhairtí dlíthiúla a fháil ó ionchúisitheoir nó ó bhreitheamh in imeachtaí coiriúla, na sonraí a theastaíonn sna himeachtaí coiriúla sin a chur ar fáil, bearta áirithe a dhéanamh le haghaidh caomhnú sonraí in imeachtaí coiriúla nó nós imeachta forfheidhmiúcháin a bheith á fhorchur i gcás neamhchomhlíonadh. De bharr a mbeartas tráchtála agus críche, féadfaidh soláthraithe seirbhíse deacracht a bheith acu na cineálacha difriúla sin d’iarrataí a bhíonn ag éirí níos coitianta a chomhlíonadh. Ar an taobh eile, ní mór d’údaráis inniúla eolas a bheith acu ar conas ba cheart dul i dteagmháil le soláthraithe seirbhíse atá bunaithe nó a thairgeann seirbhísí i gcríoch an Aontais agus eolas a bheith acu ar cé hé ar cheart dul i dteagmháil leis.

Ní dhéanfaidh na Ballstáit oibleagáidí atá de bhreis orthu sin a eascraíonn as an Treoir seo a chur ar sholáthraithe seirbhíse a thagann faoi raon feidhme na Treorach seo, lena náirítear oibleagáid a chur orthu ionadaíocht dhlíthiúil a bhunú ina gcríoch féin in ionad sin a dhéanamh áit ar bith ina dtairgeann siad seirbhísí san Aontas.

Níor cheart rialacha comhchuibhithe maidir le hionadaíocht dhlíthiúil teorainn a chur leis na cumhachtaí a thugtar d’údaráis inniúla faoi dhlí an Aontais agus faoin dlí náisiúnta chun dul i dteagmháil le soláthraithe seirbhíse atá bunaithe ina gcríoch. Sna cásanna sin, ní bheidh aon fhreagracht ar an ionadaí dlíthiúil mar a leagtar amach í sa Treoir seo má chinneann na húdaráis náisiúnta a gcuid orduithe a sheoladh go díreach chuig bunaíocht an tsoláthraí seirbhíse.

Airteagal 2 Sainmhínithe

Leagtar amach in Airteagal 2 na sainmhínithe a bhfuil feidhm acu maidir leis an ionstraim seo.

Is féidir gur duine dlítheanach nó duine nádúrtha a bheith san ionadaí dlíthiúil, arna ainmniú ag an soláthraí seirbhíse chun gníomhú thar a cheann chun aon chinntí ó údaráis inniúla forfheidhmithe dlí agus ó údaráis bhreithiúnacha a chomhlíonadh chun críche fianaise a bhailiú in ábhair choiriúla. Ba cheart do sholáthraithe seirbhíse a bheith in ann bunaíocht atá ann cheana i mBallstát a ainmniú, lena náirítear a gceannáras nó a gceanncheathrú, agus ba cheart dóibh a bheith in ann níos mó ná ionadaí dlíthiúil amháin a ainmniú freisin.

Tagann na cineálacha soláthraithe seirbhíse seo a leanas faoi raon feidhme na Treorach: soláthraithe seirbhísí cumarsáide leictreonaí, soláthraithe sheirbhísí na sochaí faisnéise a stórálann sonraí mar chuid den tseirbhís a sholáthraítear don úsáideoir, lena náirítear líonraí sóisialta, margaí ar líne agus soláthraithe seirbhíse óstála eile, agus soláthraithe ainmneacha agus seirbhísí uimhrithe don idirlíon.

Cumhdaítear le raon feidhme na Treorach seo soláthraithe seirbhísí cumarsáide leictreonaí, mar a shainmhínítear [sa Treoir lena mbunaítear an Cód Eorpach don Chumarsáid Leictreonach]. Bíonn ag méadú ar an méid a bhíonn seirbhísí teileachumarsáide traidisiúnta, tomhaltóirí agus gnólachtaí ag brath ar sheirbhísí nua idirlíon-bhunaithe lena gcumasaítear cumarsáidí idirphearsanta amhail Prótacal Idirlín Guthaithe, teachtaireachtaí meandracha agus seirbhísí ríomhphoist in ionad seirbhísí cumarsáide traidisiúnta. Dá bhrí sin, cumhdaítear leis an togra seo na seirbhísí sin, mar aon le líonraí sóisialta amhail Twitter agus Facebook, lena gcumasaítear d’úsáideoirí ábhar a chomhroinnt.

I mórán cásanna, ní stóráiltear sonraí ar ghléas úsáideora a thuilleadh ach cuirtear ar fáil iad ar bhonneagar néalbhunaithe is féidir, i bprionsabal, a rochtain ó áit ar bith. Ní gá do sholáthraithe seirbhíse a bheith bunaithe i ngach dlínse ná freastalaithe a bheith acu iontu ach is amhlaidh, ina ionad sin, go núsáideann siad córais láraithe chun a seirbhísí a sholáthar. Chun aird a thabhairt ar an bhforbairt sin, cumhdaítear leis an sainmhíniú seirbhísí néalbhunaithe lena soláthraítear raon acmhainní ríomhaireachta, amhail líonraí, freastalaithe nó bonneagar eile, stóráil, aipeanna agus seirbhísí lena gcumasaítear stóráil sonraí chun críocha difriúla. Tá feidhm ag an ionstraim freisin maidir le margaí digiteacha a chumasaíonn do thomhaltóirí agus/nó do thrádálaithe idirbhearta a thabhairt i gcrích trí dhíolacháin ar líne nó trí chonarthaí seirbhíse le trádálaithe. Déantar idirbhearta den sórt sin ar shuíomh gréasáin na margaí ar líne nó ar shuíomh gréasáin de chuid trádálaí a úsáideann seirbhísí ríomhaireachta a soláthraíonn an margadh ar líne iad. Is gnách, mar sin de, gurb é an margadh sin a bíonn fianaise leictreonach ina sheilbh aige a d’fhéadfadh a bheith ag teastáil le linn imeachtaí coiriúla.

Ní chumhdaítear leis an togra seirbhísí nach bhfuil an stóráil sonraí ina comhpháirt shainiúil díobh. Cé go bhfuil cineál éigean stórála sonraí i gceist leis an gcuid is mó de na seirbhísí a sholáthraíonn soláthraithe sa lá atá inniu ann, go háirithe i gcás ina gciansoláthrófar ar líne iad, is féidir seirbhísí a aithint nach bhfuil an stóráil sonraí ina príomh-shaintréith díobh agus nach stórálann sonraí ach amháin chun críocha coimhdeacha, lena náirítear seirbhísí dlí, ailtireachta, innealtóireachta agus cuntasaíochta a chiansoláthraítear ar líne.

Maidir le sonraí atá ina seilbh ag soláthraithe seirbhísí bonneagair idirlín, amhail cláraitheoirí agus clárlanna ainmneacha fearainn agus soláthraithe seirbhísí príobháideachta agus seachfhreastalaithe, nó maidir le sonraí atá ina seilbh ag clárlanna réigiúnacha idirlín le haghaidh seoltaí prótacail idirlín, is féidir leo bheith ábhartha d’imeachtaí coiriúla mar gur féidir leo rianta a sholáthar lena néascófaí sainaithint duine aonair nó eintitis a d’fhéadfadh a bheith bainteach le gníomhaíocht choiriúil.

Chun críocha na soláthraithe seirbhíse sin a thagann faoi raon chur i bhfeidhm na Treorach seo a shainiú, ba cheart nasc leordhóthanach a bheith ann idir an soláthraí agus an tAontas. Chuige sin, ba cheart measúnú a dhéanamh ar cé acu a chumasaíonn nó nach gcumasaíonn an soláthraí seirbhíse do dhaoine dlítheanacha nó nádúrtha san Aontas a chuid seirbhísí a úsáid. Níor cheart, áfach, gur leor inrochtaineacht na seirbhíse amháin (a d’fhéadfadh teacht freisin as inrochtaineacht shuíomh gréasáin an tsoláthraí seirbhíse, as inrochtaineacht suímh gréasáin idirghabhálaí nó as inrochtaineacht seolta ríomhphoist nó sonraí teagmhála eile)mar choinníoll leordhóthanach chun an Treoir seo a chur i bhfeidhm. Dá bhrí sin, ba cheart nasc suntasach leis an Aontas a bheith ag teastáil. Is cinnte gurbh ann do nasc suntasach den chineál sin i gcás ina mbeadh bunaíocht san Aontas ag an soláthraí seirbhíse. In éagmais bunaíocht san Aontas, ba cheart an critéar maidir le nasc suntasach leis an Aontas a mheasúnú bunaithe ar líon suntasach úsáideoirí a bheith ann i mBallstát amháin nó níos mó, nó ar ghníomhaíochtaí a bheith dírithe ar Bhallstát amháin nó níos mó. Is féidir an díriú gníomhaíochtaí ar Bhallstát amháin nó níos mó a chinneadh ar bhonn na nimthosca ábhartha uile, lena náirítear tosca amhail úsáid teanga nó airgeadra a úsáidtear de ghnáth sa Bhallstát lena mbaineann, nó an fhéidearthacht earraí nó seirbhísí a ordú sa Bhallstát sin. D’fhéadfaí an díriú gníomhaíochtaí ar Bhallstát a chinneadh freisin bunaithe ar an bhfáil atá ar aip san aipmhargadh náisiúnta lena mbaineann, ar fhógraíocht áitiúil a bheith á déanamh nó ar fhógraíocht a bheith á déanamh sa teanga a úsáidtear sa Bhallstát lena mbaineann, ar úsáid a bhaint as faisnéis ar bith a thagann ó daoine sna Ballstáit le linn a ghníomhaíochtaí nó ar láimhseáil an chaidrimh le custaiméirí, amhail trí sheirbhís do chustaiméirí a sholáthar sa teanga a úsáidtear de ghnáth sa Bhallstát lena mbaineann. Glactar leis gurb ann do nasc suntasach freisin i gcás ina ndíreoidh soláthraí seirbhíse a ghníomhaíochtaí ar Bhallstát amháin nó níos mó mar a leagtar amach in Airteagal 17(1)(c) de Rialachán 1215/2012 maidir le dlínse agus le haithint agus forfheidhmiú breithiúnas in ábhair shibhialta agus tráchtála.

Airteagal 3 Ionadaí dlíthiúil

Bunaítear le hAirteagal 3(1) agus (2) an oibleagáid a fhorchuirfí ar sholáthraithe seirbhíse a sholáthraíonn seirbhísí san Aontas ionadaí dlíthiúil a ainmniú san Aontas I bprionsabal, ba cheart saoirse a bheith ag soláthraithe seirbhíse a roghnú cén Ballstát ina nainmneoidh siad a nionadaí dlíthiúil agus, i gcomhréir le hAirteagal 1(2), ní fhéadfaidh na Ballstáit an tsaor-rogha sin a shrianadh, mar shampla trí oibleagáid a fhorchur an tionadaí dlíthiúil a ainmniú ina gcríoch. Mar sin féin, tá san áireamh in Airteagal 3(1) go (3) srianta áirithe a bhaineann leis an tsaor-rogha sin atá ag soláthraithe seirbhíse, go háirithe gur cheart don ionadaí dlíthiúil a bheith bunaithe i mBallstát ina soláthraíonn an soláthraí seirbhíse seirbhísí nó ina bhfuil an soláthraí seirbhíse bunaithe. Leis an srianadh sin, lena gceanglaítear baint a bheith ann cheana idir an soláthraí seirbhíse agus an Ballstát ina bhfuil an tionadaí dlíthiúil le bheith ainmnithe, teorannaítear an deis a bheadh ag soláthraithe seirbhíse an Ballstát a roghnú bunaithe ar thosca a thiocfadh salach ar aidhmeanna na Treorach seo, amhail leibhéal na bhfíneálacha. Sainítear in Airteagal 3(1) go (3) freisin cé na Ballstáit atá freagrach as an oibleagáid a fhorchur ar sholáthraithe seirbhíse.

Tá feidhm ag Airteagal 3(1) maidir le soláthraithe seirbhíse atá bunaithe san Aontas. Ní mór dóibh ionadaí dlíthiúil amháin ar a laghad a ainmniú san Aontas agus, rud níos sonraí fós, i mBallstát ina soláthraíonn siad seirbhísí nó ina bhfuil siad bunaithe. Is iad na Ballstáit ina bhfuil na soláthraithe seirbhíse bunaithe na Ballstáit atá freagrach as an oibleagáid sin a fhorchur.

Tá feidhm ag Airteagal 3(2) maidir le soláthraithe seirbhíse nach bhfuil bunaithe san Aontas. Sa chás sin, ba cheart dóibh ionadaí dlíthiúil a ainmniú i gceann amháin de na Ballstáit ina dtairgeann siad seirbhísí. Is iad na Ballstáit ina dtairgeann an soláthraí seirbhíse seirbhísí na Ballstáit atá freagrach as an oibleagáid sin a fhorchur.

Tá feidhm ag Airteagal 3(3) maidir leis an dá chás a chumhdaítear le hAirteagal 3(1) agus 3(2) agus forchuirtear leis ceanglais bhreise chun aghaidh a thabhairt ar an bhfadhb is cuid dhílis den idirghníomhú idir ionstraim margaidh inmheánaigh agus ionstraimí comhair bhreithiúnaigh arna nglacadh faoi Theideal V den Chonradh. Maidir le hionadaí dlíthiúil a ainmníodh i mBallstát nach bhfuil rannpháirteach in ionstraim ábhartha comhair bhreithiúnaigh, ní chomhlíonfadh sé a ról go hiomlán toisc nach bhféadfaí ordú a thabhairt dó faoin ionstraim seo. Is é sin an fáth a gceanglaítear le hAirteagal 3(3) ar sholáthraithe seirbhíse a thairgeann seirbhísí i mBallstáit atá rannpháirteach in ionstraimí den sórt sin ionadaí dlíthiúil a ainmniú i gceann amháin díobh. Dá bharr sin, is amhlaidh, maidir le soláthraí seirbhíse atá ag bunú ionadaí dlíthiúil i mBallstát atá rannpháirteach in ionstraim comhair bhreithiúnaigh faoi Theideal V, go gcomhlíonfadh sé a oibleagáidí faoi mhír 1 nó faoi mhír 2, ag brath ar an gcás, agus faoi mhír 3. Os a choinne sin, is amhlaidh, maidir le soláthraí seirbhíse atá ag ainmniú ionadaí dlíthiúil i mBallstát nach bhfuil rannpháirteach in ionstraim comhair bhreithiúnaigh faoi Theideal V, go gcomhlíonfadh sé a oibleagáid faoi mhír 1 nó faoi mhír 2, ach go mbeadh air ionadaí dlíthiúil eile a ainmniú i gceann amháin de na Ballstáit atá rannpháirteach in ionstraim comhair bhreithiúnaigh faoi Theideal V chun go gcomhlíonfadh sé a oibleagáid faoi mhír 3. Is é an Ballstát atá rannpháirteach san ionstraim ábhartha agus ina dtairgeann an soláthraí seirbhíse seirbhísí an Ballstát atá freagrach as an oibleagáid sin a fhorchur.

Mar thoradh ar an ‘ngeoiméadracht athraitheach’ atá ann i réimse an dlí choiriúil, áit nach mbíonn an Danmhairg rannpháirteach i reachtaíocht ar bith de chuid an Aontais faoi Theideal V agus a bhfuil ceart saor-rogha ann ag an Ríocht Aontaithe agus ag Éirinn, tá ionstraimí difriúla ann faoi láthair a bhfuil feidhm acu maidir leis an gcaidreamh idir na Ballstáit agus iad ag bailiú fianaise in imeachtaí coiriúla. Áirítear leis na hionstraimí sin an Treoir maidir leis an mBarántas Fianaise Eorpach agus an Coinbhinsiún um Chúnamh Frithpháirteach Dlí, 2000. Leis an Ordú Táirgthe Eorpach, cuirfear leis an gcóras dlíthiúil ilghnéitheach sin. Is dóigh go mbeidh an chastacht iarmhartach ina cúis le riosca méadaithe go bhféadfadh na Ballstáit atá rannpháirteach sa Rialachán maidir le hOrduithe Táirgthe Eorpacha réitigh náisiúnta neamhchomhordaithe a fhorbairt, rud a chruthódh tuilleadh ilroinnte agus éiginnteacht dhlíthiúil do na páirtithe leasmhara go léir lena mbaineann. Is é sin an fáth ar cheart ceangal a chur ar gach Ballstát a áirithiú go ndéanfaidh soláthraithe seirbhíse nach bhfuil bunaithe san Aontas ach a thairgeann seirbhísí san Aontas ionadaí dlíthiúil a ainmniú san Aontas, ar duine é chuig a seolfaí iarrataí díreacha i gcásanna trasteorann mar aon le hiarrataí atá bunaithe ar chomhar breithiúnach idir údaráis bhreithiúnacha. Ina theannta sin, chun nach lagófaí éifeachtacht na nionstraimí dlí de chuid an Aontais arna nglacadh faoi Theideal V de Chaibidil 4 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh chun fianaise a bhailiú in ábhair choiriúla, rud nach bhfuil ach roinnt Ballstát rannpháirteach ann, ba cheart ionadaí dlíthiúil a ainmniú i gceann amháin de na Ballstáit sin atá rannpháirteach sna hionstraimí dlí sin.

Ba cheart do sholáthraithe seirbhíse saoirse a bheith acu ceann amháin de na bunaíochtaí atá acu laistigh den Aontas a ainmniú mar ionadaí dlíthiúil dóibh, lena náirítear a gceannáras nó a gceanncheathrú, faoi réir na gcoinníollacha a leagtar amach sa Treoir.

Soiléirítear in Airteagal 3(6) nach mór do na Ballstáit a áirithiú sa dlí náisiúnta go bhféadfar ionadaí dlíthiúil ainmnithe a chur faoi dhliteanas i leith neamhchomhlíonadh, gan dochar do dhliteanas an tsoláthraí seirbhíse é féin. Níor cheart do sholáthraithe seirbhíse a bheith in ann a mhaíomh, mar shampla, nach bhfuil siad freagrach as neamhchomhlíonadh a nionadaí dhlíthiúil. Níor cheart dóibh a bheith in ann ach oiread iad féin a shaoradh ó mhilleán de bharr nós imeachta inmheánach a bheith ar iarraidh nó neamhéifeachtach ós rud é go bhfuil siad freagrach as na hacmhainní agus na cumhachtaí a sholáthar a theastaíonn chun comhlíonadh orduithe agus cinntí náisiúnta a áirithiú. Níor cheart don ionadaí dlíthiúil bheith in ann ach oiread é féin a shaoradh ó mhilleán trína mhaíomh, mar shampla, nach bhfuil sé de chumhacht aige sonraí a sholáthar.

Airteagal 4 Fógraí agus teangacha

Leagtar amach in Airteagal 4 an oibleagáid atá ar na Ballstáit a áirithiú go ndéanfaidh soláthraithe seirbhíse ionadaí dlíthiúil amháin nó níos mó a ainmniú agus a shonraí teagmhála a sholáthar.

Ba cheart faisnéis faoin teanga nó faoi na teangacha inar féidir dul i dteagmháil leis an soláthraí seirbhíse a chur ar áireamh san fhógra. Is í teanga oifigiúil an Bhallstáit ina bhfuil an tionadaí dlíthiúil lonnaithe an teanga a úsáidfear ar bhonn réamhshocraithe. Más ann do roinnt teangacha oifigiúla, féadfaidh an soláthraí seirbhíse ceann amháin nó níos mó díobh a roghnú. Ina theannta sin, beidh soláthraithe seirbhíse in ann teangacha oifigiúla breise de chuid an Aontais a roghnú mar theangacha inar féidir le húdaráis inniúla na mBallstát go léir dul i dteagmháil leo. Cuirfidh sé sin ar chumas soláthraithe seirbhíse teanga a roghnú a úsáidtear, mar shampla, i gcumarsáidí inmheánacha leis an gceanncheathrú nó a úsáidtear go minic faoi láthair in iarrataí, rud a sholáthródh níos mó comhsheasmhachta agus deimhneachta d’údaráis inniúla agus do sholáthraithe seirbhíse araon.

I gcás ina nainmneoidh soláthraí seirbhíse roinnt ionadaithe dlíthiúla, féadfaidh sé fógra a thabhairt freisin faoi thosca chun a chinneadh cén tionadaí dlíthiúil ar cheart dul i dteagmháil leis. Cé nach bhfuil siad sin ina gceangal ar údaráis na mBallstát, ba cheart cloí leo ach amháin i gcásanna a bhfuil údar cuí leo.

Tá na soláthraithe seirbhíse freagrach as an bhfaisnéis sin a chur ar fáil don phobal, e.g. ar a suíomh gréasáin, agus as an bhfaisnéis sin a choinneáil cothrom le dáta. De bhreis air sin, ba cheart do na Ballstáit an fhaisnéis ábhartha a chur ar fáil ar shuíomhanna gréasáin tiomnaithe chun cabhrú leis na húdaráis bhreithiúnacha an seolaí ceart a shainaithint.

Airteagal 5 Smachtbhannaí

I gcás nach gcomhlíonann na soláthraithe seirbhíse a chumhdaítear leis an Treoir seo na forálacha náisiúnta arna nglacadh de bhun na Treorach seo, ba cheart do na Ballstáit smachtbhannaí atá éifeachtach, comhréireach agus athchomhairleach a sholáthar ina ndlí náisiúnta, ar smachtbhannaí iad a fhéadfar a fhorchur ar sholáthraithe seirbhíse as mainneachtain ionadaí dlíthiúil a bhunú mar a leagtar amach sa Treoir seo agus as mainneachtain na cumhachtaí, na hacmhainní agus na dálaí, amhail bonneagar, a theastaíonn a chur ar fáil chun go mbeadh an tionadaí dlíthiúil in ann cinntí ó údaráis náisiúnta a chomhlíonadh go ginearálta agus an fhianaise arna hiarraidh a sholáthar.

Ós a choinne sin, maidir le pionóis nó fíneálacha as mainneachtain an ionadaí dhlíthiúil cinneadh sonrach a chomhlíonadh, amhail ordú in imeachtaí nithiúla, is faoi ionstraimí sonracha eile a thagann siad sin, amhail an Rialachán maidir le hOrduithe Táirgthe agus Caomhnaithe Eorpacha i dtaca le fianaise leictreonach in ábhair choiriúla nó sa dlí náisiúnta.

Airteagal 6 Sásra comhordúcháin

Chun a áirithiú go nglacfar cur chuige comhleanúnach, foráiltear leis an Treoir maidir le sásra comhordúcháin a bheidh bunaithe ar údaráis lárnacha arna nainmniú ag na Ballstáit. Leis an sásra comhordúcháin sin, cuirfear ar chumas na mBallstát faisnéis a mhalartú, cabhair a sholáthar, agus dul i mbun comhair ina gcur chuige forfheidhmiúcháin, e.g. trína shainaithint cén Ballstát is iomchuí chun beart a dhéanamh i gcás neamhchomhlíonadh ar leith.

Airteagail 7, 8, 9 agus 10

Cuimsítear sna hAirteagail seo forálacha breise maidir le trasuí ag na Ballstáit, athbhreithniú ag an gCoimisiún, teacht i bhfeidhm na Treorach agus seolaithe na Treorach. Tiocfaidh an Treoir atá beartaithe i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a foilsithe san Iris Oifigiúil. Beidh 6 mhí ag na Ballstáit chun forálacha na Treorach atá beartaithe a thrasuí sa dlí náisiúnta. Déanfaidh an Coimisiún meastóireacht ar an Treoir seo de réir na dTreoirlínte ón gCoimisiún maidir le Reachtóireacht Níos Fearr agus de bhun mhír 22 den Chomhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 15 .

2018/0107 (COD)

Togra le haghaidh

TREOIR Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

lena leagtar síos rialacha comhchuibhithe maidir le hionadaithe dlíthiúla a cheapadh chun críche fianaise a bhailiú in imeachtaí coiriúla

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 53 agus Airteagal 62 de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa 16 ,

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach,

De bharr an méid seo a leanas:

(1)Is féidir, i bprionsabal, seirbhísí líonrabhunaithe a sholáthar ó áit ar bith agus ní theastaíonn aon bhonneagar fisiciúil, aon láithreacht chorparáideach ná aon fhoireann sa tír ina dtairgtear na seirbhísí nó sa mhargadh inmheánach é féin. Mar thoradh air sin, bíonn sé doiligh cur i bhfeidhm agus forfheidhmiú a dhéanamh ar na hoibleagáidí a leagtar síos sa dlí náisiúnta agus i ndlí an Aontais agus a bhfuil feidhm acu maidir leis na soláthraithe seirbhíse lena mbaineann, go háirithe an oibleagáid ordú nó cinneadh ó údarás breithiúnach a chomhlíonadh. Is amhlaidh a bhíonn sa dlí coiriúil go háirithe, áit a mbíonn deacrachtaí ag údaráis na mBallstát na cinntí a sheirbheáil agus a fhorfheidhmiú agus comhlíonadh na gcinntí sin a áirithiú, go háirithe i gcás ina soláthrófar na seirbhísí ábhartha ó áit lasmuigh dá gcríoch.

(2)Sa chomhthéacs sin, rinne na Ballstáit roinnt beart éagsúil ar mhaithe lena reachtaíocht a chur i bhfeidhm agus a fhorfheidhmiú ar bhealach níos éifeachtaí. Áirítear leo sin bearta chun dul i dteagmháil le soláthraithe seirbhíse ar mhaithe le fianaise leictreonach atá ábhartha maidir le himeachtaí coiriúla a fháil.

(3)Chuige sin, rinne roinnt Ballstát reachtaíocht a ghlacadh, nó tá siad ag smaoineamh ar reachtaíocht a ghlacadh, lena bhforchuirtear ionadaíocht dhlíthiúil éigeantach laistigh dá gcríoch féin, i gcás roinnt soláthraithe seirbhíse a thairgeann seirbhísí sa chríoch sin. Cruthaítear le ceanglais den sórt sin bacainní ar an saorsholáthar seirbhísí laistigh den mhargadh inmheánach.

(4)Tá baol suntasach ann go bhféachfaidh Ballstáit eile le sárú a dhéanamh ar easnaimh atá ann cheana a bhaineann le fianaise a bhailiú in imeachtaí coiriúla trí oibleagáidí difriúla náisiúnta a fhorchur in éagmais cur chuige uile-Aontais. Is dóigh go gcruthóidh sé sin tuilleadh bacainní ar an saorsholáthar seirbhísí laistigh den mhargadh inmheánach.

(5)Faoi na himthosca reatha, téann an éiginnteacht dhlíthiúil atá ann dá thoradh sin i bhfeidhm ar sholáthraithe seirbhíse agus ar údaráis náisiúnta araon. Oibleagáidí atá difriúil lena chéile agus a d’fhéadfadh a bheith ag teacht salach ar a chéile, leagtar amach iad do sholáthraithe seirbhíse atá bunaithe nó a thairgeann seirbhísí i mBallstáit dhifriúla, agus cuireann na Ballstáit sin na soláthraithe sin faoi réir córais dhifriúla smachtbhannaí i gcás sáruithe. Is dóigh go dtiocfaidh méadú eile ar an éagsúlacht sin sa chreat imeachtaí coiriúla mar thoradh ar an tábhacht mhéadaitheach a bhaineann le seirbhísí cumarsáide agus seirbhísí na sochaí faisnéise sa saol laethúil agus sa tsochaí. Ní amháin go bhfuil an méid sin ar fad ina bhacainn ar fheidhmiú cuí an mhargaidh inmheánaigh, ach cruthaíonn sé fadhbanna maidir le bunú agus feidhmiú ceart limistéar saoirse, slándála agus ceartais an Aontais freisin.

(6)Chun ilroinnt den sórt sin a sheachaint agus chun a áirithiú go gcuirfear gnóthais atá gníomhach sa mhargadh inmheánach faoi réir na noibleagáidí céanna nó oibleagáidí comhchosúla, ghlac an tAontas roinnt gníomhartha dlí i réimsí gaolmhara amhail cosaint sonraí 17 . Chun cosaint mhéadaithe a thabhairt do na ábhair sonraí, foráiltear le rialacha an Rialacháin Ghinearálta maidir le Cosaint Sonraí 18 gurb amhlaidh, maidir le rialaitheoirí nó próiseálaithe nach bhfuil bunaithe san Aontas ach a thairgeann earraí nó seirbhísí do dhaoine san Aontas nó a dhéanann faireachán ar a niompraíocht i gcás ina ndéanfar an iompraíocht sin laistigh den Aontas, go nainmneoidh siad ionadaí dlíthiúil san Aontas, ach amháin i gcás ina mbeidh an phróiseáil ócáideach, nach náireofar léi próiseáil mhórscála a dhéanamh ar chatagóirí speisialta sonraí pearsanta nó próiseáil a dhéanamh ar shonraí pearsanta a bhaineann le ciontuithe agus cionta coiriúla, agus nach dóigh go mbeidh riosca ann do chearta agus saoirsí daoine nádúrtha mar thoradh uirthi, agus aird á tabhairt ar chineál, comhthéacs, raon feidhme agus críocha na próiseála nó ar cé acu údarás nó comhlacht poiblí an rialaitheoir.

(7)Trí rialacha comhchuibhithe a leagan amach maidir le hionadaíocht dhlíthiúil soláthraithe seirbhíse áirithe san Aontas chun cinntí arna neisiúint ag údaráis inniúla sna Ballstáit a fháil, a chomhlíonadh agus a fhorfheidhmiú chun críocha fianaise a bhailiú in imeachtaí coiriúla, ba cheart deireadh a chur leis na bacainní atá ann faoi láthair ar an saorsholáthar seirbhísí agus ba cheart cosc a chur ar aon chur chuige éagsúil náisiúnta a bheith á fhorchur ina leith sin amach anseo. Ba cheart cothrom iomaíochta a bhunú do sholáthraithe seirbhíse. Ina theannta sin, ba cheart forfheidhmiú níos éifeachtaí an dlí choiriúil a éascú sa limistéar coiteann saoirse, slándála agus ceartais.

(8)Ba cheart don ionadaí dlíthiúil atá i gceist fónamh mar sheolaí le haghaidh orduithe agus cinntí intíre agus le haghaidh orduithe agus cinntí de bhun ionstraimí dlí an Aontais arna nglacadh faoi raon feidhme Theideal V de Chaibidil 4 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh chun fianaise a bhailiú in ábhair choiriúla. Áirítear leo sin ionstraimí lena gceadaítear orduithe a sheirbheáil go díreach ar an soláthraí seirbhíse i gcásanna trasteorann agus ionstraimí atá bunaithe ar chomhar breithiúnach idir údaráis bhreithiúnacha faoi Theideal V de Chaibidil 4.

(9)Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh feidhm láithreach ag an oibleagáid atá ann ionadaí dlíthiúil a ainmniú, is é sin, ón dáta trasuí a leagtar amach in Airteagal 7 i gcás soláthraithe seirbhíse a thairgeann seirbhísí san Aontas ar an dáta sin, nó ón uair a thosaíonn soláthraithe seirbhíse ag tairiscint seirbhísí san Aontas i gcás na soláthraithe seirbhíse sin a thosóidh ag tairiscint seirbhísí tar éis an dáta trasuí.

(10)An oibleagáid atá ann ionadaí dlíthiúil a ainmniú, ba cheart feidhm a bheith aici maidir le soláthraithe seirbhíse a thairgeann seirbhísí san Aontas, is é sin le rá, i mBallstát amháin nó níos mó. Maidir le cásanna ina bhfuil soláthraí seirbhíse bunaithe i gcríoch Ballstáit agus ina dtairgeann sé seirbhísí i gcríoch an Bhallstáit sin agus sa chríoch sin amháin, níor cheart iad a chumhdach leis an Treoir seo.

(11)In ainneoin ionadaí dlíthiúil a bheith ainmnithe, ba cheart do na Ballstáit a bheith in ann leanúint le dul i dteagmháil le soláthraithe seirbhíse atá bunaithe ina gcríoch, bíodh sé i gcásanna intíre amháin nó tar éis iarraidh ar chúnamh a fháil faoi ionstraimí dlí a bhaineann le cúnamh dlíthiúil frithpháirteach nó le haitheantas frithpháirteach in ábhair choiriúla.

(12)Agus cinneadh á dhéanamh maidir le cibé acu a thairgeann nó nach dtairgeann soláthraí seirbhíse seirbhísí san Aontas, is gá measúnú a dhéanamh ar cibé acu a chumasaíonn nó nach gcumasaíonn an soláthraí seirbhíse do dhaoine dlítheanacha nó nádúrtha san Aontas a chuid seirbhísí a úsáid. Níor cheart, áfach, gur leor inrochtaineacht comhéadain ar líne (mar shampla, inrochtaineacht shuíomh gréasáin an tsoláthraí seirbhíse, inrochtaineacht suímh gréasáin idirghabhálaí nó inrochtaineacht seolta ríomhphoist nó sonraí teagmhála eile) mar choinníoll chun an Treoir seo a chur i bhfeidhm.

(13)Ba cheart nasc suntasach leis an Aontas a bheith ábhartha freisin maidir le raon chur i bhfeidhm na Treorach seo a chinneadh. Ba cheart a mheas gurb ann do nasc suntasach leis an Aontas i gcás ina mbeidh bunaíocht san Aontas ag an soláthraí seirbhíse. In éagmais bunaíocht den sórt sin, ba cheart an critéar maidir le nasc suntasach a mheasúnú bunaithe ar líon suntasach úsáideoirí a bheith ann i mBallstát amháin nó níos mó nó ar ghníomhaíochtaí a bheith dírithe ar Bhallstát amháin nó níos mó. Is féidir an díriú gníomhaíochtaí ar Bhallstát amháin nó níos mó a chinneadh ar bhonn na nimthosca ábhartha uile, lena náirítear tosca amhail úsáid teanga nó airgeadra a úsáidtear de ghnáth sa Bhallstát lena mbaineann, nó an fhéidearthacht earraí nó seirbhísí a ordú sa Bhallstát sin. D’fhéadfaí an díriú gníomhaíochtaí ar Bhallstát a chinneadh freisin bunaithe ar an bhfáil atá ar aip san aipmhargadh náisiúnta lena mbaineann, ar fhógraíocht áitiúil a bheith á déanamh nó ar fhógraíocht a bheith á déanamh sa teanga a úsáidtear sa Bhallstát lena mbaineann, nó ar láimhseáil an chaidrimh le custaiméirí, amhail trí sheirbhís do chustaiméirí a sholáthar sa teanga a úsáidtear de ghnáth sa Bhallstát lena mbaineann. Glactar leis gurb ann do nasc suntasach freisin i gcás ina ndíreoidh soláthraí seirbhíse a ghníomhaíochtaí ar Bhallstát amháin nó níos mó mar a leagtar amach in Airteagal 17(1)(c) de Rialachán 1215/2012 maidir le dlínse agus le haithint agus forghníomhú breithiúnas in ábhair shibhialta agus tráchtála. Os a choinne sin, ní féidir a mheas go bhfuiltear ag treorú ná ag díriú gníomhaíochtaí ar chríoch ar leith laistigh den Aontas i gcás ina soláthrófar seirbhís chun críche an toirmeasc ar an idirdhealú a leagtar síos i Rialachán (AE) 2018/302 19 a chomhlíonadh agus chun na críche sin amháin. Ba cheart feidhm a bheith ag na tosca céanna chun a chinneadh cé acu a thairgeann nó nach dtairgeann soláthraí seirbhíse seirbhísí i mBallstát.

(14)Soláthraithe seirbhíse a bhfuil oibleagáid orthu ionadaí dlíthiúil a ainmniú, ba cheart dóibh a bheith in ann bunaíocht atá ann cheana i mBallstát a roghnú chuige sin, bíodh an bhunaíocht sin ina comhlacht corparáideach nó ina brainse, ina gníomhaireacht, ina hoifig, ina ceannáras nó ina ceanncheathrú, agus ba cheart dóibh bheith in ann níos mó ná ionadaí dlíthiúil amháin a ainmniú. Ina ainneoin sin, níor cheart ceangal a chur ar ghrúpa corparáideach roinnt ionadaithe a ainmniú, is é sin, ceann amháin do gach gnóthas is cuid den ghrúpa sin. Tá feidhm ag ionstraimí difriúla arna nglacadh faoi raon feidhme Theideal V de Chaibidil 4 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh maidir leis an gcaidreamh idir na Ballstáit le linn fianaise a bhailiú in imeachtaí coiriúla. Mar thoradh ar an ‘ngeoiméadracht athraitheach’ sin atá ann i limistéar coiteann an dlí choiriúil, is gá a áirithiú nach gcruthófar leis an Treoir tuilleadh neamhréireachtaí ná bacainní a bhaineann leis an soláthar seirbhísí sa mhargadh inmheánach trí ligean do sholáthraithe seirbhíse a thairgeann seirbhísí ina gcríoch ionadaithe dlíthiúla a ainmniú i mBallstáit nach bhfuil rannpháirteach sna hionstraimí dlí ábhartha, rud a d’fhágfadh nach mbeifí in ann dul i ngleic leis an bhfadhb atá i gceist anseo. Dá bhrí sin, ba cheart ionadaí amháin ar a laghad a ainmniú i mBallstát atá rannpháirteach sna hionstraimí dlí ábhartha de chuid an Aontais chun nach lagófar éifeachtacht an ainmniúcháin dá bhforáiltear sa Treoir seo, agus chun leas a bhaint as na sineirgíochtaí a bhaineann le hionadaí dlíthiúil a bheith ann chun cinntí agus orduithe arna neisiúint chun fianaise a bhailiú in imeachtaí coiriúla, lena náirítear faoin [Rialachán] nó faoin gCoinbhinsiún um Chúnamh Frithpháirteach Dlí, 2000, na cinntí agus orduithe sin a fháil, a chomhlíonadh agus a fhorfheidhmiú. Ina theannta sin, trí ionadaí dlíthiúil a ainmniú, a d’fhéadfaí a úsáid chun comhlíonadh oibleagáidí dlíthiúla náisiúnta a áirithiú, baintear leas as na sineirgíochtaí a bhaineann le pointe soiléir rochtana a bheith ann chun dul i dteagmháil le soláthraithe seirbhíse chun críche fianaise a bhailiú in ábhair choiriúla.

(15)Ba cheart an tsaoirse a bheith ag soláthraithe seirbhíse a roghnú cén Ballstát ina nainmneoidh siad a nionadaí dlíthiúil agus ní fhéadfaidh na Ballstáit an tsaor-rogha sin a shrianadh, e.g. trí oibleagáid a fhorchur an tionadaí dlíthiúil a ainmniú ina gcríoch. Mar sin féin, tá sa Treoir freisin srianta áirithe a bhaineann leis an tsaor-rogha sin atá ag soláthraithe seirbhíse, go háirithe gur cheart don ionadaí dlíthiúil a bheith bunaithe i mBallstát ina soláthraíonn an soláthraí seirbhíse seirbhísí nó ina bhfuil an soláthraí seirbhíse bunaithe, mar aon leis an oibleagáid atá ann ionadaí dlíthiúil a ainmniú i gceann amháin de na Ballstáit atá rannpháirteach in ionstraimí comhair bhreithiúnaigh arna nglacadh faoi Theideal V den Chonradh.

(16)Is iad na soláthraithe seirbhíse is ábhartha maidir le fianaise a bhailiú in imeachtaí coiriúla soláthraithe seirbhísí cumarsáide leictreonaí agus soláthraithe sonracha sheirbhísí na sochaí faisnéise lena néascaítear idirghníomhaíocht idir úsáideoirí. Dá bhrí sin, ba cheart an dá ghrúpa sin a chumhdach leis an Treoir seo. Sainmhínítear soláthraithe seirbhísí cumarsáide leictreonaí sa togra le haghaidh Treoir lena mbunaítear an Cód Eorpach don Chumarsáid Leictreonach. Áirítear leo cumarsáidí idirphearsanta amhail prótacal idirlín guthaithe, teachtaireachtaí meandracha agus seirbhísí ríomhphoist. Is iad na catagóirí de sheirbhísí na sochaí faisnéise a chuirtear ar áireamh anseo, na seirbhísí sin ar comhpháirt shainiúil den tseirbhís a sholáthraítear don úsáideoir an stóráil sonraí, agus baineann siad go háirithe le líonraí sóisialta a mhéid nach gcáilíonn siad mar sheirbhísí cumarsáide leictreonaí, margaí ar líne a éascaíonn idirbhearta idir a núsáideoirí (amhail tomhaltóirí nó gnólachtaí) ná seirbhísí óstála eile, lena náirítear i gcás ina soláthrófar an tseirbhís tríd an néalríomhaireacht. Maidir le seirbhísí na sochaí faisnéise nach bhfuil an stóráil sonraí ina comhpháirt shainiúil díobh agus nach stórálann sonraí ach amháin chun críocha coimhdeacha amhail seirbhísí dlí, ailtireachta, innealtóireachta agus cuntasaíochta a sholáthraítear ar líne, ba cheart iad a eisiamh ó raon feidhme na Treorach seo, fiú amháin i gcás ina bhféadfadh siad teacht faoin sainmhíniú ar sheirbhísí na sochaí faisnéise a thugtar i dTreoir (AE) 2015/1535.

(17)Soláthraithe seirbhísí bonneagair idirlín a bhaineann le hainmneacha agus uimhreacha a shannadh, amhail cláraitheoirí agus clárlanna ainmneacha fearainn agus soláthraithe seirbhísí príobháideachta agus seachfhreastalaithe nó clárlanna réigiúnacha idirlín le haghaidh seoltaí prótacail idirlín, tá siad ábhartha go háirithe maidir le sainaithint a dhéanamh ar na gníomhaithe atá taobh thiar de shuíomhanna gréasáin atá mailíseach nó i mbaol. Tá sonraí ina seilbh acu atá ábhartha go háirithe d’imscrúduithe coiriúla mar gur féidir na sonraí sin a úsáid chun sainaithint a dhéanamh ar dhuine aonair nó ar eintiteas atá taobh thiar de shuíomh gréasáin a úsáideadh i ngníomhaíocht choiriúil, nó chun sainaithint a dhéanamh ar íospartach gníomhaíochta coiriúla i gcás ina nglacfaidh coirpigh seilbh ar shuíomh gréasáin atá i mbaol.

(18)Ba cheart don ionadaí dlíthiúil a bheith in ann cinntí agus orduithe arna seoladh ag údaráis na mBallstát chuige a chomhlíonadh thar ceann an tsoláthraí seirbhíse agus ba cheart don soláthraí seirbhíse na bearta cuí a dhéanamh chun an méid sin a áirithiú, lena náirítear trí acmhainní agus cumhachtaí leordhóthanacha a chur ar fáil. Níor cheart an easpa beart den sórt sin nó laigí na mbeart sin a úsáid mar fhoras le húdar a thabhairt le neamhchomhlíonadh cinntí nó orduithe a thagann faoi raon chur i bhfeidhm na Treorach seo, ar thaobh an tsoláthraí seirbhíse ná ar thaobh ionadaí dlíthiúil an tsoláthraí seirbhíse.

(19)Ba cheart do sholáthraithe seirbhíse fógra a thabhairt don Bhallstát ina gcónaíonn an tionadaí dlíthiúil nó ina bhfuil sé bunaithe faoi aitheantas agus sonraí teagmhála a nionadaí dhlíthiúil agus faoi aon athruithe gaolmhara faisnéise. Ba cheart faisnéis a thabhairt san fhógra freisin faoi na teangacha inar féidir dul i dteagmháil leis an ionadaí dlíthiúil: ba cheart ceann amháin ar a laghad de theangacha oifigiúla an Bhallstáit ina gcónaíonn an tionadaí dlíthiúil nó ina bhfuil sé bunaithe a bheith ina measc, ach dfhéadfadh teangacha oifigiúla eile de chuid an Aontais, amhail teanga na ceanncheathrún, a bheith ina measc freisin. I gcás ina nainmneoidh an soláthraí seirbhíse níos mó ná ionadaí dlíthiúil amháin, féadfaidh sé fógra a thabhairt freisin faoi thosca chun a chinneadh cén tionadaí ar cheart dul i dteagmháil leis. Cé nach bhfuil na tosca sin ina gceangal ar údaráis na mBallstát, ba cheart cloí leo ach amháin i gcásanna a bhfuil údar cuí leo. Ba cheart don soláthraí seirbhíse an fhaisnéis sin ar fad, atá ábhartha go háirithe d’údaráis na mBallstát, a chur ar fáil don phobal, mar shampla ar shuíomh gréasáin an tsoláthraí seirbhíse, ar bhealach atá i gcomhréir leis na ceanglais a bhaineann le faisnéis ghinearálta a chur ar fáil de bhun Airteagal 5 de Threoir 2000/31/CE maidir le gnéithe áirithe dlíthiúla de sheirbhísí na sochaí faisnéise, an tráchtáil leictreonach go háirithe, sa Mhargadh Inmheánach 20 (an Treoir maidir le Ríomhthráchtáil). I gcás na soláthraithe seirbhíse sin atá faoi réir na Treorach maidir le Ríomhthráchtáil, comhlánaítear le hAirteagal 3(3) na ceanglais sin ach ní thagann sé ina nionad. Ina theannta sin, ba cheart do na Ballstáit an fhaisnéis ábhartha dá dtír féin a fhoilsiú ar shuíomh tiomnaithe de chuid na Tairsí don ríomhCheartas freisin chun comhordú a éascú idir na Ballstáit agus chun cabhrú leis na húdaráis ó Bhallstát eile an tionadaí dlíthiúil a úsáid.

(20)Aon sárú ar na hoibleagáidí atá ann ionadaí dlíthiúil a ainmniú agus fógra a thabhairt faoi fhaisnéis a bhaineann leis sin agus í a chur ar fáil don phobal, ba cheart é a bheith faoi réir smachtbhannaí atá éifeachtach, comhréireach agus athchomhairleach. Níor cheart toirmeasc buan ná sealadach ar sholáthar seirbhíse a bheith ar cheann de na smachtbhannaí sin i gcás ar bith. Ba cheart do na Ballstáit a mbeart forfheidhmiúcháin a chomhordú i gcás ina dtairgfidh soláthraí seirbhíse seirbhísí i roinnt Ballstát. Tugtar sásra comhordúcháin isteach chun cur chuige atá comhleanúnach agus comhréireach a áirithiú. D’fhéadfadh an Coimisiún comhordú den sórt sin a éascú, dá mba ghá, ach ba ghá fógra a thabhairt dó faoi chásanna sáraithe. Maidir le hiarmhairtí airgeadais na smachtbhannaí a fhorchuirtear ar sholáthraithe seirbhíse agus ionadaithe dlíthiúla, ní rialaítear leis an Treoir seo na socruithe conarthacha le haghaidh aistriú na niarmhairtí sin eatarthu.

(21)Tá an Treoir seo gan dochar do na cumhachtaí imscrúdaitheacha atá ag údaráis in imeachtaí sibhialta nó riaracháin, lena náirítear i gcás ina bhféadfadh smachtbhannaí teacht as imeachtaí den sórt sin.

(22)Chun a áirithiú go gcuirfear an Treoir i bhfeidhm ar bhealach comhsheasmhach, ba cheart sásraí breise a chur i bhfeidhm don chomhordú idir na Ballstáit. Chun na críche sin, ba cheart do na Ballstáit údarás lárnach a ainmniú ar féidir leis faisnéis agus cúnamh a thabhairt d’údaráis lárnacha i mBallstáit eile maidir le cur i bhfeidhm na Treorach, go háirithe i gcás ina mbeifear ag smaoineamh ar bhearta forfheidhmiúcháin a dhéanamh faoin Treoir. Leis an sásra comhordúcháin sin, ba cheart a áirithiú go dtabharfar fógra do na Ballstáit ábhartha faoin rún atá ag Ballstát beart forfheidhmiúcháin a dhéanamh. Ina theannta sin, ba cheart do na Ballstáit a áirithiú gur féidir leis na húdaráis lárnacha cúnamh a thabhairt dá chéile sna himthosca sin, agus obair i gcomhar lena chéile nuair is iomchuí. Is é a d’fhéadfadh a bheith i gceist le comhar idir na húdaráis lárnacha i gcás beart forfheidhmiúcháin go ndéanfadh údaráis inniúla i mBallstáit dhifriúla comhordú ar an mbeart forfheidhmiúcháin sin. Agus beart forfheidhmiúcháin á chomhordú, ba cheart do na húdaráis lárnacha ról a thabhairt don Choimisiún freisin nuair is iomchuí. Ní dhéanann an sásra comhordúcháin aon dochar don cheart atá ag Ballstát aonair smachtbhannaí a fhorchur ar sholáthraithe seirbhíse nach gcomhlíonann a noibleagáidí faoin Treoir. Trí údaráis lárnacha a ainmniú agus faisnéis a fhoilsiú fúthu, beidh sé níos éasca ar sholáthraithe seirbhíse fógra a thabhairt faoi ainmniú agus sonraí teagmhála a nionadaí dhlíthiúil don Bhallstát ina gcónaíonn an tionadaí dlíthiúil nó ina bhfuil sé bunaithe.

(23)Ós rud é nach féidir leis na Ballstáit cuspóir na Treorach seo, eadhon deireadh a chur le bacainní ar an saorsholáthar seirbhísí faoi chuimsiú fianaise a bhailiú in imeachtaí coiriúla, a ghnóthú go leordhóthanach agus, de bharr gur seirbhísí gan teorainneacha iad na seirbhísí sin, gur fearr is féidir iad a ghnóthú ar leibhéal an Aontais, féadfaidh an tAontas bearta a ghlacadh, i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta a leagtar amach in Airteagal 5 den Chonradh ar an Aontas Eorpach. I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta a leagtar amach san Airteagal sin, ní théann an Treoir seo thar a bhfuil riachtanach chun na cuspóirí sin a ghnóthú.

(24)Chuathas i gcomhairle leis an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí i gcomhréir le hAirteagal 28(2) de Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 21 agus thug sé tuairim an (…) 22 ,

(25)Ba cheart don Choimisiún meastóireacht a dhéanamh ar an Treoir seo ar bhonn na gcúig critéar seo: éifeachtúlacht, éifeachtacht, ábharthacht, comhleanúnachas agus breisluach don Aontas, agus ba cheart an mheastóireacht sin a úsáid mar bhonn do mheasúnuithe tionchair ar aon bhearta a dfhéadfaí a dhéanamh amach anseo. Ba cheart an mheastóireacht a chur i gcrích 5 bliana tar éis theacht i bhfeidhm na Treorach ionas gur féidir sonraí leordhóthanacha a bhailiú faoina cur chun feidhme praiticiúil. Ba cheart faisnéis a bhailiú go rialta agus chun bonn eolais a chur faoin meastóireacht ar an Treoir seo.

TAR ÉIS AN TREOIR SEO A GHLACADH:

Airteagal 1
Ábhar agus raon feidhme

1.Leagtar síos leis an Treoir seo rialacha maidir leis an ionadaíocht dhlíthiúil san Aontas do sholáthraithe seirbhíse áirithe chun cinntí agus orduithe arna neisiúint ag údaráis inniúla na mBallstát a fháil, a chomhlíonadh agus a fhorfheidhmiú chun críche fianaise a bhailiú in imeachtaí coiriúla.

2.Ní fhéadfaidh na Ballstáit oibleagáidí atá de bhreis orthu sin a eascraíonn as an Treoir seo a fhorchur ar sholáthraithe seirbhíse a chumhdaítear leis an Treoir seo chun na gcríoch a leagtar amach i mír 1.

3.Tá an Treoir seo gan dochar do na cumhachtaí atá ag na húdaráis náisiúnta i gcomhréir le dlí an Aontais agus leis an dlí náisiúnta chun dul i dteagmháil le soláthraithe seirbhíse atá bunaithe ina gcríoch chun na gcríoch dá dtagraítear i mír 1.

4.Beidh feidhm ag an Treoir seo maidir leis na soláthraithe seirbhíse a shainmhínítear in Airteagal 2(2) agus a thairgeann seirbhísí san Aontas. Ní bheidh feidhm aici i gcás ina mbeidh na soláthraithe seirbhíse sin bunaithe i gcríoch an aon Bhallstáit amháin agus ina dtairgfidh siad seirbhísí i gcríoch an Bhallstáit sin agus sa chríoch sin amháin.

Airteagal 2
Sainmhínithe

Chun críocha na Treorach seo, tá feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:

(1)ciallaíonn ‘ionadaí dlíthiúil’ duine dlítheanach nó nádúrtha arna ainmniú i scríbhinn ag soláthraí seirbhíse chun críche Airteagal 1(1) agus Airteagal 3(1), 3(2) agus 3(3);

(2)ciallaíonn ‘soláthraí seirbhíse’ aon duine dlítheanach nó nádúrtha a sholáthraíonn ceann amháin nó níos mó de na catagóirí seirbhísí seo a leanas:

(a)seirbhís cumarsáide leictreonaí mar a shainmhínítear in Airteagal 2(4) den [Treoir lena mbunaítear an Cód Eorpach don Chumarsáid Leictreonach];

(b)seirbhísí na sochaí faisnéise mar a shainmhínítear i bpointe (b) d’Airteagal 1(1) de Threoir (AE) 2015/1535 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 23 , ar comhpháirt shainiúil den tseirbhís a sholáthraítear don úsáideoir an stóráil sonraí, lena náirítear líonraí sóisialta, margaí ar líne a éascaíonn idirbhearta idir a núsáideoirí, agus soláthraithe seirbhíse óstála eile;

(c)seirbhísí ainmneacha fearainn idirlín agus seirbhísí uimhrithe IP amhail soláthraithe seoltaí IP, clárlanna ainmneacha fearainn, cláraitheoirí ainmneacha fearainn agus seirbhísí gaolmhara príobháideachta agus seachfhreastalaithe;

(3)ciallaíonn ‘a thairgeann seirbhísí i mBallstát’:

(a)daoine dlítheanacha nó nádúrtha i mBallstát a chumasú na seirbhísí dá dtagraítear i bpointe (2) a úsáid; agus

(b)nasc suntasach a bheith ag an soláthraí leis an mBallstát dá dtagraítear i bpointe (a);

(4)ciallaíonn ‘bunaíocht’ saothrú iarbhír gníomhaíochta eacnamaíche ar feadh tréimhse éiginnte trí bhonneagar seasmhach óna seoltar an gnó um sheirbhísí a sholáthar nó trí bhonneagar seasmhach óna mbainistítear an gnó;

(5)ciallaíonn ‘grúpa’ grúpa mar a shainmhínítear in Airteagal 3(15) de Threoir (AE) 2015/849 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 24 .

Airteagal 3
Ionadaí dlíthiúil

1.Áiritheoidh na Ballstáit ina bhfuil soláthraí seirbhíse a thairgeann seirbhísí san Aontas bunaithe go ndéanfaidh an soláthraí seirbhíse ionadaí dlíthiúil amháin ar a laghad san Aontas a ainmniú chun cinntí agus orduithe arna neisiúint ag údaráis inniúla na mBallstát a fháil, a chomhlíonadh agus a fhorfheidhmiú chun críche fianaise a bhailiú in imeachtaí coiriúla. Beidh cónaí air an tionadaí dlíthiúil nó beidh sé bunaithe i gceann amháin de na Ballstáit ina bhfuil an soláthraí seirbhíse bunaithe nó ina dtairgeann sé seirbhísí.

2.I gcás nach bhfuil soláthraí seirbhíse bunaithe san Aontas, áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfaidh an soláthraí seirbhíse sin a thairgeann seirbhísí ina gcríoch ionadaí dlíthiúil amháin ar a laghad san Aontas a ainmniú chun cinntí agus orduithe arna neisiúint ag údaráis inniúla na mBallstát a fháil, a chomhlíonadh agus a fhorfheidhmiú chun críche fianaise a bhailiú in imeachtaí coiriúla. Beidh cónaí ar an ionadaí dlíthiúil nó beidh sé bunaithe i gceann amháin de na Ballstáit ina dtairgeann an soláthraí seirbhíse seirbhísí.

3.Maidir le cinntí agus orduithe arna neisiúint ag údaráis inniúla na mBallstát a fháil, a chomhlíonadh agus a fhorfheidhmiú faoi ionstraimí dlí an Aontais arna nglacadh faoi chuimsiú raon feidhme Theideal V de Chaibidil 4 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh chun críche fianaise a bhailiú in imeachtaí coiriúla, áiritheoidh na Ballstáit atá rannpháirteach sna hionstraimí dlí sin go ndéanfaidh soláthraithe seirbhíse a thairgeann seirbhísí ina gcríoch ionadaí amháin ar a laghad a ainmniú i gceann amháin díobh. Beidh cónaí ar an ionadaí dlíthiúil nó beidh sé bunaithe i gceann amháin de na Ballstáit ina dtairgeann an soláthraí seirbhíse seirbhísí.

4.Beidh an tsaoirse ag soláthraithe seirbhíse ionadaithe dlíthiúla breise a chónaíonn nó atá bunaithe i mBallstáit eile a ainmniú, lena náirítear sna Ballstáit sin ina dtairgeann na soláthraithe seirbhíse a seirbhísí. Beidh cead ag soláthraithe seirbhíse atá mar chuid de ghrúpa ionadaí dlíthiúil amháin a ainmniú i dteannta a chéile.

5.Áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfar na cinntí agus na horduithe arna neisiúint ag a núdaráis inniúla chun críche fianaise a bhailiú in imeachtaí coiriúla a sheoladh chuig an ionadaí dlíthiúil ar ainmnigh an soláthraí seirbhíse é chun na críche sin. Cuirfear de chúram ar an ionadaí sin na cinntí agus na horduithe sin a fháil, a chomhlíonadh agus a fhorfheidhmiú thar ceann an tsoláthraí seirbhíse lena mbaineann.

6.Chuige sin, áiritheoidh na Ballstáit go noibreoidh an tionadaí dlíthiúil a chónaíonn nó atá bunaithe ina gcríoch i gcomhar leis na húdaráis inniúla tar éis dó na cinntí agus na horduithe sin a fháil, i gcomhréir leis an gcreat dlíthiúil is infheidhme.

7.Áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfaidh soláthraithe seirbhíse atá bunaithe nó a thairgeann seirbhísí ina gcríoch na cumhachtaí agus na hacmhainní a theastaíonn uaidh chun na cinntí agus na horduithe sin a chomhlíonadh a sholáthar dá nionadaí dlíthiúil.

8.Áiritheoidh na Ballstáit go bhféadfar an tionadaí dlíthiúil ainmnithe a chur faoi dhliteanas i leith neamhchomhlíonadh na noibleagáidí a eascraíonn as an gcreat dlíthiúil is infheidhme tar éis dó cinntí agus orduithe a fháil, gan dochar don dliteanas agus do chaingne dlí a d’fhéadfaí a thionscnamh in aghaidh an tsoláthraí seirbhíse. Go háirithe, ní féidir an easpa nósanna imeachta inmheánacha cuí atá ann idir an soláthraí seirbhíse agus na hionadaithe dlíthiúla a úsáid chun údar a thabhairt le neamhchomhlíonadh na noibleagáidí sin.

9.Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh feidhm ag an oibleagáid atá ann ionadaí dlíthiúil a ainmniú ón dáta trasuí a leagtar amach in Airteagal 7 i gcás soláthraithe seirbhíse a thairgeann seirbhísí san Aontas ar an dáta sin, nó ón uair a thosaíonn soláthraithe seirbhíse ag tairiscint seirbhísí san Aontas i gcás na soláthraithe seirbhíse sin a thosóidh ag tairiscint seirbhísí tar éis dháta trasuí na Treorach.

Airteagal 4
Fógraí agus teangacha

1.Áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfaidh gach soláthraí seirbhíse atá bunaithe nó a thairgeann seirbhísí ina gcríoch, ar ainmniú a nionadaí dhlíthiúil dóibh i gcomhréir le hAirteagal 3(1), (2) agus (3), fógra i scríbhinn a thabhairt d’údarás lárnach an Bhallstáit ina gcónaíonn a nionadaí dlíthiúil nó ina bhfuil sé bunaithe faoi ainm agus sonraí teagmhála a nionadaí dhlíthiúil agus faoi aon athruithe ina leith.

2.Sonrófar san fhógra an teanga oifigiúil nó na teangacha oifigiúla de chuid an Aontais, dá dtagraítear i Rialachán 1/58, inar féidir dul i dteagmháil leis an ionadaí dlíthiúil. Orthu sin beidh, ar a laghad, ceann amháin de theangacha oifigiúla an Bhallstáit ina gcónaíonn an tionadaí dlíthiúil nó ina bhfuil sé bunaithe.

3.I gcás ina nainmneoidh soláthraí seirbhíse roinnt ionadaithe, sonrófar san fhógra an teanga oifigiúil nó na teangacha oifigiúla de chuid an Aontais nó na mBallstát a chumhdaíonn gach duine díobh nó aon tosca eile chun an tionadaí dlíthiúil cuí ar cheart dul i dteagmháil leis a chinneadh. I gcásanna a bhfuil údar cuí leo, féadfaidh údaráis na mBallstát imeacht ó na tosca sin.

4.Áiritheoidh na Ballstáit go gcuirfidh an soláthraí seirbhíse ar fáil don phobal an fhaisnéis a tugadh dóibh i gcomhréir leis an Airteagal seo. Foilseoidh na Ballstáit an fhaisnéis sin ar leathanach tiomnaithe den tairseach ríomhCheartais.

Airteagal 5
Smachtbhannaí

1.Déanfaidh na Ballstáit rialacha a bhaineann leis na smachtbhannaí is infheidhme maidir le sáruithe ar bhearta náisiúnta arna nglacadh de bhun na Treorach seo a leagan síos agus glacfaidh siad gach beart is gá lena áirithiú go gcuirfear chun feidhme iad. Beidh na smachtbhannaí dá bhforáiltear éifeachtach, comhréireach agus athchomhairleach.

2.Tabharfaidh na Ballstáit fógra don Choimisiún faoi na rialacha agus na bearta sin faoin dáta a leagtar amach in Airteagal 7 agus tabharfaidh siad fógra dó, gan mhoill, faoi aon leasú ina dhiaidh sin a dhéanfaidh difear dóibh. Tabharfaidh na Ballstáit fógra don Choimisiún ar bhonn bliantúil faoi sholáthraithe seirbhíse neamhchomhlíontacha agus faoin mbeart forfheidhmiúcháin ábhartha a rinneadh ina naghaidh.

Airteagal 6
Sásra comhordúcháin

1.Déanfaidh na Ballstáit údarás lárnach a ainmniú nó, i gcás ina bhforálfar dó lena gcóras dlí, níos mó ná údarás lárnach amháin a ainmniú chun a áirithiú go gcuirfear an Treoir seo i bhfeidhm ar bhealach comhsheasmhach comhréireach.

2.Tabharfaidh na Ballstáit fógra don Choimisiún faoina núdarás lárnach ainmnithe nó faoina núdaráis lárnacha ainmnithe dá dtagraítear i mír 1. Cuirfidh an Coimisiún liosta de na húdaráis lárnacha ainmnithe ar aghaidh chuig na Ballstáit. Cuirfidh an Coimisiún ar fáil don phobal freisin, liosta de na húdaráis lárnacha ainmnithe chun na fógraí a thugann soláthraí seirbhíse do na Ballstáit ina gcónaíonn an tionadaí dlíthiúil nó ina bhfuil sé bunaithe a éascú.

3.Áiritheoidh na Ballstáit go soláthróidh na húdaráis lárnacha dá chéile faisnéis ábhartha agus cúnamh frithpháirteach atá ábhartha chun an Treoir seo a chur i bhfeidhm ar bhealach comhsheasmhach comhréireach. Cumhdófar bearta forfheidhmiúcháin go háirithe i soláthar na faisnéise agus an chúnaimh fhrithpháirtigh.

4.Áiritheoidh na Ballstáit go noibreoidh na húdaráis lárnacha i gcomhar lena chéile agus, nuair is iomchuí, leis an gCoimisiún chun a áirithiú go gcuirfear an Treoir seo i bhfeidhm ar bhealach comhsheasmhach comhréireach. Cumhdófar bearta forfheidhmiúcháin go háirithe leis an gcomhar.

Airteagal 7
Trasuí

1.Na forálacha reachtaíochta, rialúcháin nó riaracháin is gá chun an Treoir seo a chomhlíonadh, déanfaidh na Ballstáit iad a thabhairt i bhfeidhm faoi 6 mhí tar éis theacht i bhfeidhm na Treorach. Cuirfidh siad an Coimisiún ar an eolas faoi sin láithreach.

2.Nuair a ghlacfaidh na Ballstáit na forálacha sin, beidh tagairt iontu don Treoir seo nó beidh tagairt ag gabháil leo tráth a bhfoilsithe oifigiúil. Leagfaidh na Ballstáit síos an bealach a ndéanfar tagairtí den sórt sin.

3.Déanfaidh na Ballstáit téacs fhorálacha an dlí náisiúnta a ghlacfaidh siad sa réimse a chumhdaítear leis an Treoir seo a chur in iúl don Choimisiún.

Airteagal 8
Meastóireacht

Faoi [5 bliana ó dháta chur i bhfeidhm na Treorach seo] ar a dhéanaí, déanfaidh an Coimisiún meastóireacht ar an Treoir agus cuirfidh sé tuarascáil ar chur i bhfeidhm na Treorach seo faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle, ina náireofar measúnú ar an ngá atá ann a raon feidhme a mhéadú. I gcás inarb iomchuí, beidh togra le haghaidh leasú ar an Treoir seo ag gabháil leis an tuarascáil sin. Seolfar an mheastóireacht i gcomhréir leis na Treoirlínte ón gCoimisiún maidir le Reachtóireacht Níos Fearr. Soláthróidh na Ballstáit don Choimisiún an fhaisnéis a theastaíonn chun an tuarascáil sin a ullmhú.

Airteagal 9
Teacht i bhfeidhm

Tiocfaidh an Treoir seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a foilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Airteagal 10
Seolaithe

Dírítear an Treoir seo chuig na Ballstáit i gcomhréir leis na Conarthaí

Arna dhéanamh sa Bhruiséil,

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa    Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán    An tUachtarán

(1)     Treoir 2000/31/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 8 Meitheamh 2000 maidir le gnéithe áirithe dlí de sheirbhísí na sochaí faisnéise, an tráchtáil leictreonach, go háirithe, sa Mhargadh Inmheánach (IO L 178, 17.7.2000, lch. 1).
(2)    Baineann an téarma ‘dlínse forfheidhmiúcháin’ leis an inniúlacht atá ag na húdaráis ábhartha chun beart imscrúdaitheach a dhéanamh.
(3)     http://www.bmjv.de/DE/Themen/FokusThemen/NetzDG/NetzDG_node.html .
(4)    Tá feidhm ag an Acht maidir le soláthraithe seirbhíse teilimheán a oibríonn, chun críocha brabúsacha, ardáin idirlín arb é is aidhm dóibh úsáideoirí a chumasú aon ábhar a chomhroinnt le húsáideoirí eile nó ábhar den sórt sin a chur ar fáil don phobal (líonraí sóisialta)(...) Beidh feidhm ag an gcéanna maidir le hardáin arb é is aidhm dóibh cumarsáid aonair nó scaipeadh ábhair shonraigh a chumasú.
(5)     http://www.publicpolicy.it/wp-content/uploads/2016/03/Relazione-Franco-Roberti-Dna.pdf .
(6)    Cúirt Achomhairc Antuairp, breithiúnas an 15 Samhain 2017, http://www.lesoir.be/124825/article/2017-11-17/la-justice-belge-condamne-skype-payer-une-amende-de-30000-euros.
(7)     Ráiteas comhpháirteach ó Airí Ceartais agus Gnóthaí Baile an Aontais Eorpaigh agus ionadaithe institiúidí an Aontais Eorpaigh maidir leis na hionsaithe sceimhlitheoireachta sa Bhruiséil, an 22 Márta 2016 .
(8)     Conclúidí ó Chomhairle an Aontais Eorpaigh maidir le feabhas a chur ar an gceartas coiriúil sa chibearspás , ST9579/16 .
(9)     Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Aibreán 2016 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le próiseáil sonraí pearsanta agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena naisghairtear Treoir 95/46/CE (IO L 119, 4.5.2016, lch. 1).
(10)     Treoir (AE) 2016/1148 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 6 Iúil 2016 maidir le bearta le haghaidh ardleibhéal comhchoiteann slándála do líonraí agus do chórais faisnéise ar fud an Aontais (IO L 194, 19.7.2016, lch. 1).
(11)     Togra le haghaidh Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir leis an meas ar an saol príobháideach agus cosaint sonraí pearsanta i gcumarsáid leictreonach agus lena naisghairtear Treoir 2002/58/CE (Rialachán maidir le Príobháideachas agus Cumarsáid Leictreonach), COM(2017) 10 críochnaitheach.
(12)    Doiciméad Inmheánach Oibre de chuid an Choimisiúin – Measúnú Tionchair a ghabhann leis an Togra le haghaidh Rialachán maidir le hOrduithe Táirgthe agus Caomhnaithe Eorpacha le haghaidh fianaise leictreonach in ábhair choiriúla agus an Togra le haghaidh Treoir lena leagtar síos rialacha comhchuibhithe maidir le hionadaithe dlíthiúla a cheapadh chun críche fianaise a bhailiú in imeachtaí coiriúla, SWD(2018) 118.
(13)    Doiciméad Inmheánach Oibre de chuid an Choimisiúin – Measúnú Tionchair a ghabhann leis an Togra le haghaidh Rialachán maidir le hOrduithe Táirgthe agus Caomhnaithe Eorpacha le haghaidh fianaise leictreonach in ábhair choiriúla agus an Togra le haghaidh Treoir lena leagtar síos rialacha comhchuibhithe maidir le hionadaithe dlíthiúla a cheapadh chun críche fianaise a bhailiú in imeachtaí coiriúla, SWD(2018) 118.
(14)    Bord um Ghrinnscrúdú Rialála an Choimisiúin Eorpaigh – Tuairim ar an Measúnú Tionchair – Togra le haghaidh Rialachán maidir le hOrduithe Táirgthe agus Caomhnaithe Eorpacha le haghaidh fianaise leictreonach in ábhair choiriúla agus an Togra le haghaidh Treoir lena leagtar síos rialacha comhchuibhithe maidir le hionadaithe dlíthiúla a cheapadh chun críche fianaise a bhailiú in imeachtaí coiriúla, SEC(2018) 199.
(15)    An Comhaontú Idirinstitiúideach idir Parlaimint na hEorpa, Comhairle an Aontais Eorpaigh agus an Coimisiún Eorpach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr; IO L 123, 12.5.2016, lch. 1-14
(16)    IO C , , lch. .
(17)     Treoir 95/46/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Deireadh Fómhair 1995 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le próiseáil sonraí pearsanta agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin (IO L 281, 23.11.1995, lch. 31); Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Aibreán 2016 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le próiseáil sonraí pearsanta agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena naisghairtear Treoir 95/46/CE (An Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí) (IO L 119, 4.5.2016, lch. 1);  Treoir 2002/58/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Iúil 2002 maidir le sonraí pearsanta a phróiseáil agus maidir le príobháideachas a chosaint san earnáil cumarsáide leictreonaí (an Treoir um príobháideachas agus cumarsáid leictreonach) (IO L 201, 31.7.2002, lch. 37).
(18)     Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Aibreán 2016 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le próiseáil sonraí pearsanta agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena naisghairtear Treoir 95/46/CE (IO L 119, 4.5.2016, lch. 1).
(19)     Rialachán (AE) 2018/302 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 28 Feabhra 2018 maidir le haghaidh a thabhairt ar gheobhlocáil nach bhfuil údar léi agus ar chineálacha eile idirdhealaithe bunaithe ar náisiúntacht, áit chónaithe nó áit bhunaithe custaiméirí laistigh den mhargadh inmheánach agus lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 2006/2004 agus (AE) 2017/2394 agus Treoir 2009/22/CE (IO L 601, 2.3.2018, lch. 1).
(20)     Treoir 2000/31/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 8 Meitheamh 2000 maidir le gnéithe áirithe dlí de sheirbhísí na sochaí faisnéise, an tráchtáil leictreonach, go háirithe, sa Mhargadh Inmheánach (IO L 178, 17.7.2000, lch. 1).
(21)     Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Nollaig 2000 maidir le daoine aonair a chosaint i dtaca le próiseáil sonraí pearsanta ag institiúidí agus comhlachtaí an Chomhphobail agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin (IO L 8, 12.1.2001, lch. 1).
(22)    IO C , , lch. .
(23)     Treoir (AE) 2015/1535 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Meán Fómhair 2015 lena leagtar síos nós imeachta chun faisnéis a sholáthar i réimse na rialachán teicniúil agus na rialacha maidir le seirbhísí na Sochaí Faisnéise (IO L 241, 17.9.2015, lch. 1).
(24)     Treoir (AE) 2015/849 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Bealtaine 2015 maidir le cosc a chur ar úsáid an chórais airgeadais chun críocha sciúradh airgid agus maoiniú sceimhlitheoireachta, lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, agus lena naisghairtear Treoir 2005/60/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Treoir 2006/70/CE ón gCoimisiún (IO L 141, 5.6.2015, lch. 73).