Strasbourg,17.4.2018

COM(2018) 212 final

2018/0104(COD)

Togra le haghaidh

RIALACHÁN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

maidir le neartú a dhéanamh ar shlándáil cártaí aitheantais shaoránaigh an Aontais agus doiciméad cónaithe arna n
x001e
eisiúint do shaoránaigh an Aontais agus baill dá dteaghlaigh a fheidhmíonn a gceart chun saorghluaiseachta

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

{SWD(2018) 110 final}

{SWD(2018) 111 final}


MEABHRÁN MÍNIÚCHÁIN

1.COMHTHÉACS AN TOGRA

Forais agus cuspóirí an togra

Is gné lárnach den chomhrac i gcoinne na sceimhlitheoireachta agus na coireachta eagraithe agus d’Aontas Slándála Dílis a thógáil é slándáil doiciméad taistil agus aitheantais a áirithiú. Braitheann roinnt mhaith tionscnamh a rinne an tAontas le blianta beaga anuas chun bainistiú teorann a fheabhsú agus a atreisiú ar dhoiciméid shlána taistil agus aitheantais. Leis an leasú a rinneadh le déanaí ar Chód Teorainneacha Schengen 1 , tá sé éigeantach gach duine a sheiceáil go córasach agus a ndoiciméid taistil a fhíorú, gan beann ar náisiúntacht an tsealbhóra, i gCóras Faisnéise Schengen (SIS) agus bunachar sonraí Interpol um Dhoiciméid Taistil Ghoidte nó Chaillte (SLTD).

Tá ag méadú ar shoghluaisteacht shaoránaigh an Aontais. Tá níos mó ná 15 mhilliún saoránach de chuid an Aontais ina gcónaí i mBallstát agus níos mó ná 11 mhilliún ag obair i mBallstát nach é a dtír dhúchais é 2 . Gach bliain, taistealaíonn níos mó ná billiún duine laistigh den Aontas nó trasnaíonn siad a theorainneacha seachtracha 3 .

Is cuid é an togra seo le haghaidh Rialacháin den Phlean Gníomhaíochta ó mhí na Nollag 2016 chun freagairt na hEorpa ar chalaois doiciméad taistil a neartú 4 , inar shainaithin an Coimisiún gníomhartha chun dul i ngleic le slándáil doiciméad, lena náirítear cártaí aitheantais agus doiciméid chónaithe, i gcomhthéacs na nionsaithe sceimhlitheoireachta a bhí ann san Eoraip le déanaí. D’fhormhuinigh na Conclúidí ón gComhairle 5 ina dhiaidh sin cuspóirí an Phlean Gníomhaíochta sin, ar conclúidí iad a lean ó iarrataí na Comhairle go ndéanfaí slándáil doiciméad aitheantais agus cónaithe a fheabhsú 6 .

Cheana féin ina Theachtaireacht ó 2016 maidir le ‘Slándáil a fheabhsú i ndomhan na soghluaisteachta: malartú faisnéise feabhsaithe sa chomhrac i gcoinne na sceimhlitheoireachta agus teorainneacha seachtracha níos láidre’ 7 , leag an Coimisiún béim ar an ngá le doiciméid taistil agus aitheantais shlána in aon chás ina bhfuil sé riachtanach céannacht duine a shuí, ag cur i dtreis go mbeadh cur chuige feabhsaithe ag brath ar chórais láidre chun míúsáid agus bagairtí ar shlándáil inmheánach a thagann as mainneachtain i slándáil doiciméad a chosc. Thairis sin, i dtuarascáil ar Shaoránacht 2017, gheall an Coimisiún anailís a dhéanamh ar roghanna beartas chun slándáil cártaí aitheantais agus doiciméad cónaithe a fheabhsú 8 .

As sé Bhallstát is fiche an Aontais a eisíonn cártaí aitheantais dá náisiúnaigh, tá úinéireacht cártaí aitheantais coiteann agus éigeantach in 15 Bhallstát 9 . I gcomhréir le dlí an Aontais maidir le saorghluaiseacht daoine (Treoir 2004/38/CE 10 ), féadann saoránaigh an Aontais cártaí aitheantais a úsáid mar dhoiciméid taistil, nuair a bhíonn siad ag taisteal laistigh den Aontas agus freisin chun dul isteach san Aontas ó thíortha nach bhfuil san Aontas, agus go deimhin, úsáidtear go minic iad chun taisteal. Thairis sin, tá comhaontuithe ag na Ballstáit le roinnt tríú tíortha a cheadaíonn do shaoránaigh an Aontais taisteal agus úsáid á baint as a gcártaí aitheantais náisiúnta acu. Áirítear leis sin taisteal chuig tríú tíortha chun gníomhaíochtaí sceimhlitheoireachta a dhéanamh agus filleadh ar an Aontas.

Faoi láthair, tá éagsúlachtaí suntasacha idir leibhéil slándála na gcártaí aitheantais náisiúnta arna dtabhairt ag Ballstáit agus na ndoiciméad cónaithe do náisiúnaigh an Aontais atá ina gcónaí i mBallstát eile agus do bhaill dá dteaghlaigh, rud a chuireann leis an riosca go mbeadh ann d’fhalsú agus do chalaois doiciméad mar aon le deacrachtaí praiticiúla a chruthú do shaoránaigh nuair a dhéanann siad iarracht a gceart chun saorghluaiseachta a fheidhmiú.

Úsáideann saoránaigh an Aontais a gcártaí aitheantais freisin chun a gcéannacht a dheimhniú ina saol laethúil d’eintitis phoiblí agus phríobháideacha nuair a fheidhmíonn siad a gceart chun cónaí i dtír eile san Aontas (saoránaigh shoghluaiste an Aontais).

I gcomhréir le Treoir 2004/38/CE, faigheann saoránaigh shoghluaiste an Aontais agus baill dá dteaghlaigh, nach náisiúnaigh de Bhallstát iad, doiciméid lena gcruthaítear go bhfuil siad ina gcónaí ina mBallstát óstach. Cé nach doiciméid taistil iad na doiciméid chónaithe sin, le cártaí aitheantais do bhaill teaghlaigh sin shaoránaigh shoghluaiste an Aontais, nach náisiúnaigh de Bhallstát iad féin, a úsáidtear in éineacht le pas, tugtar an ceart don sealbhóir dul isteach san Aontas gan víosa nuair a bhíonn sé nó sí in éineacht le saoránach de chuid an Aontais nó nuair a thagann sé nó sí anall ina dhiaidh nó ina diaidh.

Sainaithníodh mar na cásanna calaoise is ábhartha i gcomhthéacs na Treorach brionnú doiciméid nó cur in iúl bréagach fíorais ábhartha a bhaineann leis na coinníollacha atá leis an gceart chun cónaithe 11 , rud a chumasaíonn freisin an comhrac i gcoinne calaois den sórt sin in Airteagal 35 den Treoir.

I bhfianaise an mhéid sin, tá sé bunriachtanach go gcuirfeadh an tAontas agus go háirithe na Ballstáit neart le hiarrachtaí chun feabhas a chur ar shlándáil doiciméad arna neisiúint do shaoránaigh an Aontais agus do bhaill dá dteaghlaigh ar náisiúnaigh tríú tíortha iad. Is gné thábhachtach í slándáil doiciméad fheabhsaithe maidir le slándáil laistigh den Aontas agus ag a theorainneacha a fheabhsú agus le tacú le gluaiseacht i dtreo Aontas Slándála éifeachtach dílis. Nuair a chuirtear san áireamh aitheantóirí bithmhéadracha, agus go háirithe nuair a chuirtear méarloirg san áireamh, déantar na doiciméid níos iontaofa agus níos sláine. Sa chomhthéacs sin, tá sé ríthábhachtach doiciméid le gnéithe slándála laga a chéimniú amach chomh tapa agus is féidir.

Áirítear i gClár Oibre 2018 an Choimisiúin Eorpaigh tionscnamh reachtach (REFIT) arna thíolacadh chun feabhas a chur le slándáil cártaí aitheantais agus doiciméad cónaithe arna neisiúint do shaoránaigh an Aontais agus do bhaill dá dteaghlaigh, nach náisiúnaigh de Bhallstát iad 12 . Is é atá mar aidhm leis slándáil na hEorpa a fheabhsú trí bhearnaí slándála a dhúnadh, ar bearnaí iad a eascraíonn as doiciméid neamhshlána, agus feidhmiú chearta saorghluaiseachta an Aontais ag saoránaigh shoghluaiseacha an Aontais agus baill dá dteaghlaigh a éascú trí iontaofacht agus glacadh lena ndoiciméad a mhéadú i gcásanna trasteorann.

Comhsheasmhacht le forálacha beartais atá sa réimse beartais cheana

Cuireann an tAontas ar fáil dá shaoránaigh limistéar saoirse, slándála agus ceartais, gan teorainneacha inmheánacha, ina náirithítear saorghluaiseacht daoine i dteannta beart iomchuí maidir le bainistiú ar theorainneacha seachtracha, tearmann agus inimirce, maille leis an gcoireacht agus sceimhlitheoireacht a chosc agus a chomhrac. Measann Eorpaigh gur éacht mhór de chuid na dlúthpháirtíochta Eorpaí í saorghluaiseacht. Cuimsítear léi an ceart chun dul isteach i gcríoch Ballstáit eile agus í a fhágáil, agus an ceart chun fanacht agus cónaí inti. Ní féidir bearta maidir le saorghluaiseacht a scaradh ó bhearta arna dtabhairt isteach chun slándáil a ráthú laistigh den Aontas Eorpach.

Braitheann roinnt mhaith de bhearta slándála an Aontais ar dhoiciméid taistil agus aitheantais shlána – amhail na seiceálacha córasacha arna mbunú le Cód Teorainneacha Schengen 13 i gCóras Faisnéise Schengen. Maidir le malartú faisnéise a fheabhsú trí idir-inoibritheacht chórais faisnéise an Aontais do bhainistiú slándála, teorainneacha agus imirce mar a mhol an Coimisiún le déanaí 14 , beidh sé ag brath ar shlándáil doiciméad fheabhsaithe, lena náirítear chun go ndéanfaidh údaráis inniúla seiceálacha sainaitheantais laistigh de chríoch Bhallstáit an Aontais.

Leagtar síos leis an Treoir maidir le saorghluaiseacht (2004/38/CE) na coinníollacha lena rialaítear feidhmiú na gceart chun saorghluaiseachta agus cónaithe (idir shealadach agus bhuan) san Aontas atá ag saoránaigh an Aontais agus ag baill dá dteaghlaigh. Déantar foráil leis an Treoir sin go bhféadfaidh saoránaigh an Aontais agus baill dá dteaghlaigh, i gcomhar le cárta aitheantas nó pas bailí, dul isteach i mBallstát eile agus cónaí ann agus iarratas a dhéanamh ar dhoiciméadacht chónaithe iomchuí. Ní dhéanann an Treoir rialáil, áfach, ar fhormáid ná ar chaighdeáin na gcártaí aitheantais atá le húsáid chun dul isteach i mBallstát de chuid an Aontais nó chun é a fhágáil. Ar an gcaoi chéanna, ní dhéanann sí foráil do chaighdeáin shonracha do dhoiciméid chónaithe arna neisiúint do shaoránaigh an Aontais agus do bhaill dá dteaghlaigh nach de AE iad, seachas an teideal a thabharfar do na doiciméid do na baill dá dteaghlaigh, i.e. “Cárta cónaithe baill teaghlaigh shaoránaigh an Aontais” (féach Airteagal 10(1) de Threoir 2004/38).

Le blianta beaga anuas, tugadh isteach caighdeáin an Aontais do dhoiciméid aitheantais agus taistil áirithe a úsáidtear san Eoraip. Déantar foráil cheana i ndlí an Aontais do chaighdeáin do ghnéithe slándála agus do bhithmhéadracht (íomhá den aghaidh agus méarloirg) i bpasanna agus i ndoiciméid taistil arna neisiúint ag na Ballstáit 15 agus d’fhormáidí aonfhoirmeacha le haghaidh víosaí 16 agus le haghaidh ceadanna cónaithe do náisiúnaigh tríú tír 17 . Úsáidtear na caighdeáin sin freisin do cheadanna teorainneacha áitiúla 18 agus do cheadanna arna neisiúint faoi chuimsiú reachtaíocht an Aontais maidir le himirce dhlíthiúil. Glacadh dearadh coiteann nua do cheadanna cónaithe do náisiúnaigh tríú tír le déanaí agus é mar aidhm leis feabhas breise a chur ar ghnéithe slándála na gceadanna sin 19 . In éagmais bearta chomhchuibhithe, is féidir leis na Ballstáit an dearadh is mian leo a roghnú do chártaí cónaithe agus buanchónaithe do bhaill teaghlaigh shaoránaigh shoghluaiste an Aontais ar náisiúnaigh tríú tír iad. Agus an méid sin á dhéanamh acu, is féidir leo rogha a dhéanamh an “fhormáid aonfhoirmeach” chéanna a leanúint dá bhforáiltear i Rialachán (CE) Uimh. 1030/2002 ón gComhairle lena leagtar síos formáid aonfhoirmeach le haghaidh ceadanna cónaithe do náisiúnaigh tríú tír 20 arna leasú mar a luadh thuas in 2017, ar choinníoll go léirítear go soiléir ar an gcárta an stádas atá ag baill teaghlaigh shaoránaigh an Aontais agus go seachnaítear mearbhall le ceadanna cónaithe eile a bpléitear leo i Rialachán 1030/2022 21 . In 2008, chuir Ballstáit a mian in iúl i ráiteas ón gComhairle go núsáidfí an fhormáid aonfhoirmeach chun na críche sin 22 , agus chomhlíon roinnt Ballstát an gealltanas sin – nach bhfuil ceangailteach ó thaobh an dlí de.

2.BUNÚS DLÍ, COIMHDEACHT AGUS COMHRÉIREACHT

Bunús dlí

Le hAirteagal 21 CFAE tugtar an ceart do shaoránaigh an Aontais gluaiseacht agus cónaí faoi shaoirse ar chríoch na mBallstát. Déantar foráil le hAirteagal 21 gur féidir leis an Aontas gníomhú agus forálacha a ghlacadh d’fhonn an ceart chun gluaiseacht agus cónaí faoi shaoirse ar chríoch na mBallstát a éascú más gá gníomhú chun an cuspóir sin a bhaint amach chun feidhmiú an chirt sin a éascú. Tá feidhm ag an ngnáthnós imeachta reachtach.

Tá sé mar aidhm leis an Rialachán molta éascú a dhéanamh ar fheidhmiú an chirt chun saorghluaiseacht atá ag saoránaigh an Aontais i dtimpeallacht shlán, i.e. éascú a dhéanamh ar an gceart chun taisteal chuig aon Bhallstát agus chun cónaí ann lena gcártaí aitheantais náisiúnta agus chun brath ar na cártaí sin sa Bhallstát sin mar chruthúnas náisiúntachta iontaofa, mar aon lena gceart chun brath ar an doiciméadacht chónaithe arna heisiúint dóibh mar chónaitheoirí Ballstáit nach é a dtír náisiúntachta é.

Déanfar foráil sa togra do dhoiciméid níos sláine trí ghnéithe slándála feabhsaithe cártaí aitheantais náisiúnta agus doiciméad cónaithe, agus féadfar ar an gcaoi sin cearta saorghluaiseachta a fheidhmiú i dtimpeallacht níos sláine. Cosnóidh sé sin údaráis phoiblí agus saoránaigh an Aontais agus baill dá dteaghlaigh ón gcoireacht, ó fhalsú agus ó chalaois doiciméad. Dá réir sin, rannchuidíonn an togra seo le feabhsú a dhéanamh ar an tslándáil trí chéile laistigh den Aontas.

Soláthraítear go sainráite in Airteagal 21(2) CFAE bunús dlí do bhearta chun feidhmiú shaorghluaiseacht shaoránaigh an Aontais a éascú, lena náirítear trí bhaol na calaoise i bhfoirm góchumadh doiciméad a laghdú agus tríd an muinín a bhfuil gá léi do shaorghluaiseacht a áirithiú.

Coimhdeacht (maidir le hinniúlacht neamheisiach)

Tá bagairt na sceimhlitheoireachta atá ar an Aontas Eorpach trasnáisiúnta agus ní féidir le Ballstáit aonair dul i ngleic léi ina naonar. Tá sceimhlitheoirí agus coirpigh thromchúiseacha gníomhach ar bhonn trasteorann agus, mar a chuirtear i dtreis i bPlean Gníomhaíochta 2016, tá calaois doiciméad ag cur ar a gcumas gníomhaíocht choiriúil a dhéanamh. Is gnéithe bunriachtanacha iad cártaí aitheantais agus doiciméid chónaithe chun an mhuinín a bhfuil gá léi a áirithiú do shaorghluaiseacht laistigh de limistéar saoirse agus slándála.

Thairis sin, tá an tAontas Eorpach tiomanta d'éascú a dhéanamh ar shaorghluaiseacht daoine laistigh de limistéar saoirse, slándála agus ceartais. Go dtí seo, d’fheidhmigh Ballstáit aonair a ninniúlachtaí chun beartais náisiúnta a chur chun feidhme maidir le doiciméid aitheantais agus chónaithe gan an cuspóir a chur san áireamh go néascófaí saorghluaiseacht daoine nó go bhfeabhsófaí slándáil laistigh den Aontas. Rinneadh bearta áirithe cheana chun dul i ngleic leis na fadhbanna arna sainaithint ar an leibhéal náisiúnta. Mar shampla, chruthaigh Ballstáit áirithe clárlanna ar líne lenar cuireadh ar chumas eagraíochtaí poiblí agus príobháideacha barántúlacht doiciméad a sheiceáil. Níl aon chur chuige coiteann ann, áfach, chun gnéithe slándála na ndoiciméad sin a fheabhsú ná chun na sonraí a shuí, ar cheart iad a sholáthar sna doiciméid ar a laghad. As sin, eascraíonn fadhbanna leantacha i measc na mBallstát agus is cuireadh é do chalaois doiciméad.

Mura ndéanfar bearta go comhsheasmhach ar leibhéal an Aontais, ní rachfar i ngleic go cuimsitheach le bearnaí slándála. Mar thoradh ar easpa gníomhaíochta ar leibhéal an Aontais, beidh níos mó fadhbanna praiticiúla ann do shaoránaigh AE agus d’údaráis agus gnólachtaí náisiúnta i gcomhthéacs ina mbíonn saoránaigh ina gcónaí agus ag taisteal ar fud an Aontais agus thar theorainneacha an Aontais. Is léir gur gá gníomhú ar scála an Aontais chun dul i ngleic le fadhbanna córasacha maidir le slándáil agus le saorghluaiseacht, chun ardleibhéal slándála a áirithiú do chártaí aitheantais agus do dhoiciméid chónaithe náisiúnta agus trí íoschaighdeáin choiteanna. Ní féidir cuspóirí aon tionscnaimh chun an fhadhb reatha a réiteach a bhaint amach ar leibhéal náisiúnta. Tá gné Eorpach de dhlúth agus d'inneach sna doiciméid sin go léir mar gheall ar an nasc atá acu le cearta saorghluaiseachta a fheidhmiú i limistéar saoirse, slándála agus ceartais.

Ní chuirfeadh an Rialachán molta de cheangal ar na Ballstáit doiciméid nach neisítear faoi láthair a eisiúint.

Comhréireacht

Is féidir le gníomhaíocht an Aontais luach suntasach a chur leis an iarracht dul i ngleic leis na dúshláin sin agus i mórán cásanna is í an taon slí í trínar féidir córas comhtháite agus comhoiriúnach a bhaint amach agus a chothabháil. Cuireadh go leor brú ar shlándáil laistigh den Aontas Eorpach agus ag a theorainneacha seachtracha le míonna agus blianta beaga anuas. Tá béim leagtha ag dúshláin leantacha slándála ar an dlúthbhaint atá ag saorghluaiseacht daoine laistigh den Aontas Eorpach le dianbhainistiú teorainneacha seachtracha. Má bhíonn fadhb ann leis an bpríomhionstraim chun saoránaigh a shainaithint fiú i gcomhthéacs náisiúnta, lagaítear bearta chun feabhas a chur ar shlándáil agus ar bhainistiú teorainneacha seachtracha amhail seiceálacha córasacha a dhéanamh i mbunachair sonraí ar gach duine, lena náirítear saoránaigh an Aontais, a thrasnaíonn teorainneacha seachtracha.

Ní féidir le saoránaigh brath ach an oiread ar a ndoiciméid chun a gcearta a fheidhmiú murar féidir leo a bheith cinnte go nglacfar lena ndoiciméid lasmuigh dá mBallstá(i)t eisiúna.

Má dhéantar na ‘lúbanna ar lár’ a dhíothú agus má thugtar íoschaighdeáin isteach i leith na faisnéise a sholáthraítear ar na doiciméid sin agus i leith gnéithe slándála atá coiteann sna Ballstáit uile a eisíonn iad, éascófar feidhmiú na saorghluaiseachta agus feabhsófar an tslándáil laistigh den Aontas agus ag a theorainneacha. Tá cártaí aitheantais crioscaíldíonacha forbartha agus tugtha isteach ag mórán Ballstát cheana féin. Níl údar le comhchuibhiú iomlán agus moltar beart comhréireach lena náirithítear íoschaighdeáin slándála doiciméad. Áirítear leis sin tabhairt isteach méarlorg éigeantach, arb iad an bealach is iontaofa chun céannacht duine a shuí, agus beart comhréireach i bhfianaise na mbagairtí slándála atá ar an Aontas. I gcás cártaí aitheantais a eisítear do bhaill teaghlaigh tríú tír, moltar an fhormáid chéanna a comhaontaíodh cheana ar leibhéal an Aontais i Rialachán (CE) 1030/2002 maidir le ceadanna cónaithe náisiúnaigh tríú tír a bhfuil feidhm aici ina leith.

An rogha ionstraime

Is é an rialachán an taon ionstraim dhlíthiúil lena náirithítear cur chun feidhme díreach agus coiteann dhlí an Aontais sna Ballstáit uile. I réimse inar cruthaíodh go ndéanann dibhéirseachtaí dochar don tsaorghluaiseacht agus don tslándáil, áiritheofar le rialachán go mbainfear amach an chomhchoitiantacht inmhianaithe.

3.COMHAIRLIÚCHÁIN LEIS NA GEALLSEALBHÓIRÍ AGUS MEASÚNUITHE TIONCHAIR

Comhairliúcháin leis na geallsealbhóirí

Rinneadh cumasc sa phróiseas comhairliúcháin idir modhanna lena ndearnadh freastal níos ginearálta, amhail comhairliúchán poiblí, agus comhairliúcháin níos spriocdhírithe á ndéanamh le Ballstáit agus le grúpaí geallsealbhóirí. Thairis sin, áiríodh leis an gcomhairliúchán an taiseolas díreach a fuarthas ó shaoránaigh agus an tuairim a thug Ardán REFIT, a spreag an Coimisiún chun anailís a dhéanamh ar a indéanta atá sé doiciméid aitheantais agus chónaithe a chomhchuibhiú, nó aon phríomhghnéithe díobh a chomhchuibhiú, d’fhonn saorghluaiseacht a éascú agus dul i ngleic leis na dúshláin atá roimh shaoránaigh shoghluaiste an Aontais ina dtíortha óstacha. 

Tá faisnéis mhionsonraithe maidir le torthaí an phróisis comhairliúcháin le fáil in Iarscríbhinn 2 den Mheasúnú Tionchair a ghabhann leis an togra seo.

Bailiú agus úsáid saineolais

Bhronn an Coimisiún conradh ar an Lárionad um Straitéis agus um Sheirbhísí Meastóireachta (CSES) chun staidéar a dhéanamh maidir le ‘Tionscnaimh bheartais an Aontais maidir le doiciméid aitheantais agus chónaithe chun feidhmiú an chirt chun saorghluaiseachta a éascú’ (arna thabhairt chun críche i mí Lúnasa 2017).

Rinne Airmheán Comhpháirteach Taighde an Choimisiúin athbhreithniú ar choincheapa an tionscnaimh.

Tugadh faisnéis úsáideach freisin i staidéar a rinne Milieu do Pharlaimint na hEorpa ‘An Comhthéacs Polaitiúil agus Dlíthiúil chun Doiciméad Aitheantais Eorpach a bhunú’, ó Bhealtaine 2016 23 .

Measúnú tionchair

Thug an Bord um Ghrinnscrúdú Rialála tuairim dhearfach ar an measúnú tionchair a thacaíonn leis an togra seo, le roinnt moltaí chun é a fheabhsú 24 . Rinne an measúnú tionchair breithniú ar roinnt roghanna maidir le cártaí aitheantais agus doiciméid chónaithe i gcomparáid leis an status quo: ar ar áiríodh bearta boga reachtaíochta, íoscheanglais choiteanna agus comhchuibhiú níos leithne. Braitheadh nach raibh an status quo sásúil agus níor braitheadh go raibh comhchuibhiú níos leithne comhréireach.

Dá bhrí sin, ba í an rogha tosaíochta íoschaighdeáin slándála a leagan síos le haghaidh cártaí aitheantais agus íoscheanglais choiteanna a leagan síos le haghaidh doiciméid chónaithe arna neisiúint do shaoránaigh an Aontais, agus, i gcás na gcártaí cónaithe do bhaill teaghlaigh shaoránaigh an Aontais, úsáid a bhaint as formáid choiteann aonfhoirmeach do cheadanna cónaithe do náisiúnaigh tríú tír. Beidh bearta reachtaíochta boige ag gabháil leis an rogha sin, chun cur chun feidhme rianúil a áirithiú, a bheidh oiriúnaithe do chás agus do riachtanais ar leith gach Ballstáit.

Cuirfidh na bearta sa rogha sin feabhas ar ghlacadh le doiciméid ar fud an Aontais agus tiocfaidh as na gnéithe feabhsaithe slándála doiciméad coigilteas costais atá díreach agus athfhillteach agus costais laghdaithe i dtaca le deacrachtaí do shaoránaigh an Aontais agus do bhaill dá dteaghlaigh, d’údaráis phoiblí (e.g. gardaí teorann a sheiceálann doiciméid) agus oibreoirí seirbhísí poiblí agus príobháideacha (e.g. oibreoirí aerlínte, sláinte, banc agus árachais agus soláthróirí slándála sóisialta).

Áirítear le buntáistí eile na rogha tosaíochta laghdú ar chalaois doiciméad agus goid aitheantais agus leibhéal slándála atá feabhsaithe i gcoitinne (laghdú coireachta, calaoise agus sceimhlitheoireachta) laistigh den Aontas agus ag a theorainneacha. Cuireadh méarloirg éigeantacha leis an rogha tosaíochta do chártaí aitheantais chun éifeachtacht a mhéadú tuilleadh ó thaobh na slándála de. Trí dhá aitheantóir bhithmhéadracha (íomhá den aghaidh, méarloirg) a chur san áireamh, feabhsófar sainaithint daoine agus déanfar ailíniú ar leibhéal na slándála doiciméad atá ag cártaí aitheantais shaoránaigh an Aontais agus ag cártaí cónaithe arna neisiúint do bhaill teaghlaigh tríú tír chuig leibhéil, faoi seach, na bpasanna arna neisiúint do shaoránaigh AE agus na gceadanna cónaithe arna neisiúint do náisiúnaigh tríú tíortha nach baill teaghlaigh de shaoránaigh an Aontais iad. Éascófar saorghluaiseacht daoine freisin le doiciméid fheabhsaithe mar ceadófar leo úsáid doiciméad a bheidh níos tapa, níos fusa agus níos sláine.

Rinneadh an tréimhse chun cártaí aitheantais agus cártaí cónaithe a chéimniú amach do bhaill teaghlaigh shaoránaigh an Aontais nach gcomhlíonann na caighdeáin a leagtar amach sa rogha tosaíochta a ghiorrú go dtí cúig bliana. Déanfar na doiciméad is lú atá slán a chéimniú amach laistigh de dhá bhliain. Chruthódh aon mhoill bhreise i gcur chun feidhme na modhnuithe sin bearnaí slándála fadtéarmacha agus bhainfeadh siad d’éifeachtacht agus de chomhréireacht na mbeart slándála eile arna nglacadh le déanaí laistigh den Aontas agus ag a theorainneacha seachtracha. Dá réir sin, a bhuí leis an tréimhse níos giorra don chéimniú amach, cuirfear dlús leis na gnóthachain slándála a sholáthróidh na doiciméid fheabhsaithe.

Oiriúnacht rialála agus simpliú

Áirítear an tionscnamh i gClár Oibre an Choimisiúin don bhliain 2018 faoi thionscnaimh REFIT i réimse an Cheartais agus na gCearta Bunúsacha atá Bunaithe ar Mhuinín Fhrithpháirteach.

Tá an tionscnamh sin ag freagairt ar thuairim Ardán REFIT. Ina thuairim 25 , spreag Ardán REFIT an Coimisiún chun anailís a dhéanamh ar a indéanta atá sé doiciméid aitheantais agus chónaithe a chomhchuibhiú, nó aon phríomhghnéithe díobh a chomhchuibhiú, d’fhonn saorghluaiseacht a éascú agus dul i ngleic leis na dúshláin a bhíonn roimh shaoránaigh shoghluaiste an Aontais ina dtíortha óstacha.

D’fhéach an Coimisiún freisin ar dheiseanna chun ualaí a shimpliú agus a laghdú. I measc tairbhithe an togra seo, tá saoránaigh, gnólachtaí agus riaracháin phoiblí. Measadh sa mheasúnú tionchair coigiltis costais athfhillteacha bhliantúla arna nginiúint inter alia le seiceálacha réamhbhordála luathaithe ar fud an Aontais, trí sheiceálacha doiciméad luathaithe ar fud an Aontais nuair a osclaítear cuntas bainc agus trí íocaíochtaí cúitimh laghdaithe d’údaráis agus d’aerlínte. Tairbheoidh saoránaigh, gnólachtaí agus riaracháin phoiblí de chostais laghdaithe i dtaca le deacrachtaí trí fheasacht níos fearr maidir le formáidí doiciméad agus na cearta atá nasctha leis na doiciméid, agus trí ghlacadh feabhsaithe le doiciméid níos sláine.

Cearta bunúsacha agus cosaint sonraí

Beidh éifeacht dhearfach ag an togra seo ar an gceart bunúsach chun gluaiseacht agus cónaí faoi shaoirse faoi Airteagal 45 de Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh (an Chairt) trí aghaidh a thabhairt ar na deacrachtaí i dtaca le haitheantas agus slándáil neamhleor cártaí aitheantais agus doiciméad cónaithe araon, go háirithe i gcás baill teaghlaigh nach den Aontas iad. Beifear in ann daoine aonair a shainaithint ar bhealach níos iontaofa trí shonraí bithmhéadracha a úsáid, agus é á áirithiú go bhfuil sonraí pearsanta cruinn agus cosanta go hiomchuí.

Tá próiseáil sonraí pearsanta, lena náirítear sonraí bithmhéadracha, intuigthe leis an togra seo. Tá tionchair ionchasacha ann ar chearta bunúsacha daoine aonair, eadhon Airteagal 7 den Chairt maidir le hurraim ar an saol príobháideach agus Airteagal 8 maidir leis an gceart chun sonraí pearsanta a chosaint. Bíonn éifeacht ag próiseáil sonraí pearsanta daoine aonair, lena náirítear bailiú, rochtain agus úsáid sonraí pearsanta, ar an gceart chun príobháideachta agus ar an ceart chun sonraí pearsanta a chosaint. Ní mór údar cuí a thabhairt le cur isteach ar na cearta bunúsacha sin 26 .

Maidir leis an gceart chun sonraí pearsanta a chosaint, lena náirítear sonraí slándála, tá feidhm ag reachtaíocht ábhartha an Aontais 27 i.e. Rialachán (AE) 2016/679. Níl aon mhaolú ar chóras cosanta sonraí an Aontais beartaithe agus cuirfidh na Ballstáit rialacha soiléire, coinníollacha agus coimircí daingne chun feidhme i gcomhréir le acquis cosanta sonraí an Aontais de réir mar is iomchuí. Cuirfear chun feidhme áireamh éigeantach sonraí bithmhéadracha i gcártaí aitheantais shaoránaigh an Aontais agus cártaí cónaithe arna neisiúint do bhaill teaghlaigh shaoránaigh an Aontais nach den Aontas iad, le coimircí sonracha i gcomhréir leis na coimircí atá i bhfeidhm maidir le pasanna agus doiciméid taistil eile 28 agus leis an gcoimirce atá i bhfeidhm maidir le ceadanna cónaithe 29 .

4.IMPLEACHTAÍ BUISÉADACHA

Níl aon impleachtaí ag an togra do bhuiséad an Aontais.

5.EILIMINTÍ EILE

Pleananna cur chun feidhme, agus socruithe faireacháin, meastóireachta agus tuairiscithe

Chun cur chun feidhme éifeachtach na mbeart atá beartaithe a áirithiú, agus chun faireachán a dhéanamh ar na torthaí, leanfaidh an Coimisiún de bheith ag obair go dlúth leis na geallsealbhóirí ábhartha ó na húdaráis náisiúnta agus gníomhaireachtaí an Aontais.

Glacfaidh an Coimisiún clár faireacháin chun faireachán a dhéanamh ar aschuir, torthaí agus tionchair an Rialacháin seo. Leagfar amach leis an gclár faireacháin na modhanna trína mbaileofar na sonraí agus an fhianaise eile is gá agus na tráthanna ag a mbaileofar iad. Ba cheart do na Ballstáit tuarascáil a chur faoi bhráid an Choimisiúin bliain amháin tar éis tús a chur leis an gcur i bhfeidhm agus ar bhonn bliantúil ina dhiaidh sin, maidir le cuid den fhaisnéis a mheastar a bheith bunriachtanach chun faireachán éifeachtach a dhéanamh ar fheidhmiú an Rialacháin seo. Baileoidh na húdaráis inniúla an chuid is mó den fhaisnéis sin le linn dóibh a ndualgais a chur i gcrích agus dá bhrí sin, ní bheidh gá le hiarrachtaí bailithe sonraí breise.

Déanfaidh an Coimisiún meastóireacht ar éifeachtacht, éifeachtúlacht, ábharthacht, comhleanúnachas agus breisluach AE a bheidh ag an gcreat dlíthiúil a thiocfaidh as, tráth nach luaithe ná sé bliana tar éis dháta an chur i bhfeidhm chun a áirithiú go bhfuil a dhóthain sonraí ann a bhaineann le cur i bhfeidhm an Rialacháin. Áireofar sa mheastóireacht comhairliúcháin le geallsealbhóirí chun aiseolas a bhailiú maidir le héifeachtaí na nathruithe reachtacha agus na mbeart bog arna gcur chun feidhme. Is í an staid bonnlíne nuair a thiocfaidh an gníomh reachtach i bhfeidhm a bheidh mar thagarmharc a ndéanfar dul chun cinn a thomhas lena ais.

Míniúchán mionsonraithe ar fhorálacha sonracha an togra

I gCaibidil I (Airteagal 1 agus Airteagal 2) den togra, tugtar cur síos ar ábhar agus ar raon feidhme an Rialacháin. Baineann sé le gach doiciméad atá nasctha le feidhmiú na saorghluaiseachta ag saoránaigh an Aontais agus ag baill dá dteaghlaigh, agus a luaitear i dTreoir 2004/38/CE maidir le Saorghluaiseacht. Áirítear leo sin cártaí aitheantais náisiúnta lena gceadaítear Ballstát eile a fhágáil agus dul isteach ann, doiciméid chónaithe arna neisiúint do shaoránaigh an Aontais agus cártaí cónaithe arna neisiúint do bhaill teaghlaigh shaoránaigh an Aontais nach den Aontas iad.

I gCaibidil II, Airteagal 3, tugtar mionsonraí maidir leis na ceanglais ghinearálta lena náirítear na bunghnéithe slándála nach mór do chártaí aitheantais náisiúnta a chomhlíonadh. Tarraingíonn siad ar na sonraíochtaí a leagtar amach i ndoiciméad ICAO 9303. Tá sonraíochtaí sin ICAO coiteann maidir le doiciméid taistil atá inléite ag meaisíní agus áirithíonn siad idir-inoibritheacht dhomhanda nuair a fhíoraítear na doiciméid sin agus úsáid á baint as amharc-chigireacht agus as modhanna atá inléite ag meaisíní.

In Airteagal 4, tugtar cur síos ar na ceanglais shonracha nach mór a chur san áireamh agus sonraí bithmhéadracha á mbailiú.

Déantar foráil in Airteagal 5 le haghaidh tréimhse cúig bliana ina ndéanfar na formáidí a bhí ann roimhe sin a chéimniú amach, seachas i gcás cártaí nach bhfuil inléite ag meaisíní i gcomhréir le doiciméad ICAO 9303, cuid 3 (seachtú heagrán, 2015), a chaithfear a chéimniú amach laistigh de dhá bhliain ó dháta chur i bhfeidhm an Rialacháin. Leis na tréimhsí sin is féidir leis an Aontas agus a Bhallstáit an bhearna shlándála atá ann faoi láthair a dhúnadh a luaithe is féidir, agus na ceanglais idir-inoibritheachta a chur san áireamh mura gcomhlíonann cártaí aitheantais na caighdeáin atá leagtha amach i gcuid 3 de dhoiciméad ICAO 9303 maidir le hinléiteacht ag meaisíní.

I gCaibidil III (Airteagal 6), pléitear le doiciméid chónaithe arna neisiúint do shaoránaigh an Aontais. Tá na doiciméid sin ar fáil do shaoránaigh an Aontais a bhfuil a gceart chun saorghluaiseachta feidhmithe acu agus a chuireann a ceart chun cónaithe in iúl ina mBallstát óstach, rud a thugtar go díreach sa Conradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh.

Is modh cruthúnais ar chónaí iad freisin. Éascóidh íoschaighdeáin slándála maidir le formáid na ndoiciméad sin a bhfíorú agus a núdarú ag Ballstáit eile, go háirithe i mBallstát tionscnaimh na saoránach.

I gCaibidil IV, pléitear le cártaí cónaithe arna neisiúint do bhaill teaghlaigh shaoránaigh an Aontais a bhfuil a gceart chun saorghluaiseachta feidhmithe acu. Eisítear na cártaí sin do na baill teaghlaigh sin nach saoránaigh den Aontas iad féin. Cuirtear in iúl iontu an cead cónaithe díorthaithe atá ag na baill teaghlaigh sin ina mBallstát óstach mar bhaill teaghlaigh náisiúnaigh de chuid an Aontais a bhfuil a gceart chun saorghluaiseachta feidhmithe acu. Thairis sin, i gcás ina bhfuil na baill teaghlaigh sin faoi réir oibleagáid víosa iontrála i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 539/2001 nó, i gcás inarb iomchuí, leis an dlí náisiúnta, díolmhaíonn cártaí cónaithe iad ón oibleagáid víosa a shealbhú nuair a thionlacann siad saoránach de chuid an Aontais nó nuair a thagann siad anall ina dhiaidh nó ina diaidh.

Mar dhoiciméad a bhféadfadh díolúine víosa a bheith i gceist leis sna imthosca sin, ba cheart leibhéal slándála a ghnéithe a neartú. Go sonrach, ba cheart go mbeadh na gnéithe céanna slándála aige dá bhforáiltear, i ndáil le ceadanna cónaithe a eisíonn na Ballstáit do dhaoine nach den Aontas iad, le Rialachán (CE) 1030/2002 ón gComhairle lena leagtar síos formáid aonfhoirmeach le haghaidh ceadanna cónaithe do náisiúnaigh tríú tír (Airteagal 7) arna leasú. Mar a fhoráiltear in Airteagal 10(1) de Threoir 2004/38/CE áfach, ní mór tagairt do stádas mar bhall teaghlaigh saoránaigh de chuid an Aontais a áireamh i dteideal an doiciméid. Is féidir leis na Ballstáit cód caighdeánaithe a úsáid, go háirithe má tá an tagairt rófhada lena cur i réimse an teidil.

Leagtar amach in Airteagal 8 mionsonraí maidir leis an socrú chun cártaí cónaithe neamhchomhlíontacha a chéimniú amach. Cártaí arna neisiúint cheana san fhormáid aonfhoirmeach mar a thuairiscítear i Rialachán 1030/2002 ón gComhairle arna leasú le Rialachán 380/2008 ach nach bhfuil na hathruithe arna dtabhairt isteach le Rialachán (AE) 2017/1954, déanfar iad a chéimniú amach laistigh de thréimhse cúig bliana ó dháta chur i bhfeidhm an Rialacháin atá molta. Maidir le cártaí eile, nár áiríodh go fóill sna leasuithe a tugadh isteach le Rialachán (CE) 380/2008, agus nach bhfuil ar aon dul leis an leibhéal sin de shlándáil doiciméad, déantar foráil do thréimhse níos giorra de dhá bhliain chun iad a chéimniú amach.

I gCaibidil V, leagtar amach na forálacha comhchoiteanna do thrí chineál doiciméad. 

In Airteagal 9, déantar cur síos ar an oibleagáid atá ar Bhallstáit pointí teagmhála a ainmniú maidir le chur chun feidhme an Rialacháin.

In Airteagal 10, leagtar amach an creat cosanta sonraí agus sa bhreis air sin sonraítear coimircí cosanta sonraí.

In Airteagal 11, leagtar amach go gcuirfidh an Coimisiún clár mionsonraithe ar bun chun faireachán a dhéanamh ar aschuir, torthaí agus tionchair an Rialacháin seo.

In Airteagal 12, leagtar amach gur cheart don Choimisiún Tuarascáil a thíolacadh maidir le cur chun feidhme an Rialacháin seo chomh maith le Tuarascáil ar phríomhthorthaí na meastóireachta do Pharlaimint na hEorpa, don Chomhairle agus do Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa. Ba cheart don Choimisiún an mheastóireacht a dhéanamh ar an Rialachán seo i gcomhréir le Treoirlínte an Choimisiúin maidir le rialáil níos fearr agus de bhun mhíreanna 22 agus 23 de Chomhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 30 . Chun go bhféadfar Tuarascáil den sórt sin a eisiúint, ní mór don Choimisiún brath ar ionchur ó na Ballstáit.

In Airteagal 13, déantar foráil do theacht i bhfeidhm an Rialacháin an lá tar éis a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh, agus don dáta a gcuirfear i bhfeidhm é, 12 mhí tar éis dó teacht i bhfeidhm. 

2018/0104 (COD)

Togra le haghaidh

RIALACHÁN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

maidir le neartú a dhéanamh ar shlándáil cártaí aitheantais shaoránaigh an Aontais agus doiciméad cónaithe arna neisiúint do shaoránaigh an Aontais agus baill dá dteaghlaigh a fheidhmíonn a gceart chun saorghluaiseachta

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 21(2) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa 31 ,

Ag féachaint don tuairim ó Choiste na Réigiún 32 ,

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)Beartaíodh le Conarthaí an Aontais saorghluaiseacht daoine a éascú, agus sábháilteacht agus slándáil a bpobal á náirithiú leo, trí limistéar saoirse, slándála agus ceartais a chur ar bun, i gcomhréir le forálacha an Chonartha ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh.

(2)Le saoránacht an Aontais, tugtar an ceart chun saorghluaiseachta do shaoránaigh uile an Aontais faoi réir teorainneacha agus coinníollacha áirithe. Tugtar éifeacht don cheart sin le Treoir 2004/38/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 33 . Déantar foráil freisin in Airteagal 45 den Chairt don tsaoirse ghluaiseachta agus chónaithe. Is é atá i gceist leis an tsaoirse ghluaiseachta an ceart chun imeacht as Ballstáit agus dul isteach iontu le cárta aitheantais nó pas bailí.

(3)De bhun Airteagal 4 de Threoir 2004/38/CE, déanfaidh na Ballstáit cártaí aitheantais nó pasanna a eisiúint dá náisiúnaigh agus na cártaí aitheantais nó pasanna sin a athnuachan, i gcomhréir le dlíthe naisiúnta. Thairis sin, foráiltear in Airteagal 8 de Threoir 2004/38/CE go bhféadfaidh siad a chur de cheangal ar shaoránaigh an Aontais agus ar bhaill dá dteaghlaigh clárú leis na húdaráis ábhartha. Ceanglaítear ar na Ballstáit deimhnithe clárúcháin a eisiúint do shaoránaigh an Aontais faoi na coinníollacha a leagtar amach ann. Ceanglaítear ar na Ballstáit freisin cártaí cónaithe a eisiúint do bhaill teaghlaigh nach náisiúnaigh de Bhallstát iad agus, ar iarratas, doiciméid lena ndeimhnítear buanchónaí agus cártaí buanchónaithe a eisiúint.

(4)Foráiltear in Airteagal 35 de Threoir 2004/38/CE go bhféadfaidh Ballstát na bearta is gá a ghlacadh chun aon cheart a thugtar leis an Treoir sin a dhiúltú, a fhoirceannadh nó a tharraingt siar i gcás míúsáid ceart nó calaoise. Sainaithníodh mar ghnáthchásanna calaoise faoin Treoir 34 brionnú doiciméid nó cur in iúl bréagach fíorais ábhartha a bhaineann leis na coinníollacha atá leis an gceart chun cónaithe.

(5)Le Plean Gníomhaíochta Mhí na Nollag 2016 maidir le slándáil doiciméad, tugadh aghaidh ar an riosca a bhaineann le cártaí aitheantais agus doiciméid chónaithe atá calaoiseach 35 agus, i dtuarascáil 2017 ar Shaoránacht, tugadh gealltanas go ndéanfaí anailís ar roghanna beartais chun feabhas a chur ar shlándáil cártaí aitheantais agus doiciméad cónaithe.

(6)Ní chuirtear de cheangal ar na Ballstáit leis an Rialachán seo cártaí aitheantais nó doiciméid chónaithe a thabhairt isteach i gcás nach ndéantar foráil dóibh faoin dlí náisiúnta, ná ní dhéanann sé dochar d’inniúlacht na mBallstát doiciméid chónaithe eile a eisiúint faoi dhlí náisiúnta nach dtagann faoi raon feidhme dhlí an Aontais, mar shampla cártaí cónaithe a sheachadtar do na cónaitheoirí go léir atá ar an gcríoch, is cuma cén náisiúntacht atá acu.

(7)Ní dhéanann an Rialachán seo difear d’úsáid cártaí aitheantais agus doiciméad cónaithe lena ngabhann feidhm eID ag na Ballstáit chun críocha eile ná ní dhéanann sé difear do na rialacha a leagtar síos i Rialachán (AE) Uimh. 910/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 36 , lena ndéantar foráil d’aitheantas frithpháirteach ar fud an Aontais do shainaitheantas leictreonach agus rochtain á tabhairt ar sheirbhísí poiblí, agus lena gcuidítear le saoránaigh atá ag bogadh go Ballstát eile trína cheangal go naithneofaí meáin ríomh-shainaitheantais i mBallstát eile. Le cártaí aitheantais feabhsaithe, ba cheart go náiritheofaí sainaithint níos fusa agus go rannchuideofaí le rochtain níos fearr ar sheirbhísí.

(8)Chun gur cuí an fíorú a dhéantar ar chártaí aitheantais agus ar dhoiciméid chónaithe, ceanglaítear ar na Ballstáit an teideal ceart a úsáid le haghaidh gach cineáil doiciméid. Chun gur fusa a bheidh sé seiceáil a dhéanamh ar na doiciméid i mBallstáit eile, ba cheart teideal an doiciméid a bheith i dteanga oifigiúil amháin eile ar a laghad de chuid institiúidí an Aontais.

(9)Tá gá le gnéithe slándála chun a fhíorú an doiciméad barántúil atá ann agus chun céannacht duine a shuí. Maidir le híoschaighdeáin slándála a bhunú agus sonraí bithmhéadracha a chomhtháthú i gcártaí aitheantais agus i gcártaí cónaithe ball teaghlaigh nach náisiúnaigh de chuid Ballstáit iad, is céim thábhachtach é chun úsáid na gcártaí sin san Aontas a dhéanamh níos sláine. Ach na sainaitheantóirí bithmhéadracha sin a chur ar áireamh, ba cheart go bhféadfadh na saoránaigh lán-tairbhe a bhaint as a gcearta chun saorghluaiseachta.

(10)Chun críche an Rialacháin seo, ba cheart aird a thabhairt ar shonraíochtaí Dhoiciméad 9303 (an seachtú heagrán, 2015) de chuid na hEagraíochta Eitlíochta Sibhialta Idirnáisiúnta (ICAO) maidir le doiciméid atá inléite ag meaisíní, ar doiciméid iad lena náirithítear idir-inoibritheacht dhomhanda, lena náirítear le haghaidh inléiteacht ag meaisíní, agus lena mbaintear leas as amharc-chigireacht.

(11)Maidir leis an nós imeachta i ndáil le méarloirg agus íomhá den aghaidh a thógáil, ba cheart riachtanais shonracha na leanaí a chur san áireamh ann agus ba cheart é a chur i bhfeidhm i gcomhréir leis na coimircí atá leagtha síos in Airteagal 24 den Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh, sa Choinbhinsiún chun Cearta an Duine agus Saoirsí Bunúsacha a Chosaint, agus i gCoinbhinsiún na Náisiún Aontaithe um Chearta an Linbh.

(12)Ach íoschaighdeáin slándála agus formáide a thabhairt isteach, ba cheart go bhféadfadh na Ballstáit dul in iontaoibh bharántúlacht na ndoiciméad sin nuair a fheidhmíonn saoránaigh an Aontais a gcearta chun saorghluaiseachta. Cé go gcoinnítear an fhéidearthacht foráil a dhéanamh do ghnéithe náisiúnta breise, ba cheart a áirithiú nach ndéanann na gnéithe sin laghdú ar éifeachtúlacht na ngnéithe coiteanna slándála ná nach ndéanann siad dochar d’idir-inoibritheacht trasteorann na gcártaí aitheantais, amhail an fhéidearthacht na cártaí aitheantais a léamh le meaisíní arna núsáid ag Ballstáit seachas na Ballstáit eisiúna.

(13)Urramófar leis an Rialachán seo na hoibleagáidí a leagtar síos i gCoinbhinsiún na Náisiún Aontaithe ar Chearta Daoine atá faoi Mhíchumas, a dhaingnigh na Ballstáit go léir agus an tAontas 37 . Dá bhrí sin, ba cheart a spreagadh go gcomhtháthófaí gnéithe breise a dhéanann cártaí aitheantais níos inrochtana agus níos fusa lena núsáid ag daoine atá faoi mhíchumas, amhail daoine lagamhairc.

(14)Ba cheart faisnéis áirithe a áireamh sna doiciméid chónaithe a eisítear do shaoránaigh an Aontais chun a áirithiú gurb amhlaidh a shainaithnítear iad. Leis sin, ba cheart gurbh fhusa a bheadh sé a aithint nuair a bhaineann saoránach soghluaiste de chuid an Aontais úsáid as an gceart chun saorghluaiseachta agus as na cearta a bhaineann go dlúth leis an úsáid sin, ach níor cheart go rachadh comhchuibhiú thar a bhfuil iomchuí chun aghaidh a thabhairt ar laigí na ndoiciméad atá ann faoi láthair.

(15)Maidir le doiciméid chónaithe a eisítear do bhaill teaghlaigh nach náisiúnaigh de Bhallstát iad, is iomchuí leas a bhaint as an bhformáid chéanna agus na gnéithe slándála céanna dá bhforáiltear i Rialachán (CE) Uimh. 1030/2002 ón gComhairle 38 , lena leagtar síos formáid aonfhoirmeach le haghaidh ceadanna cónaithe do náisiúnaigh tríú tír agus arna leasú go deireanach le Rialachán (AE) 2017/1954 39 . Sa bhreis ar chruthúnas a thabhairt ar an gceart chun saorghluaiseachta, déanann siad a sealbhóirí, a bhíonn faoi réir oibleagáid víosa i ngach cás eile, a dhíolmhú ón ngá víosa a fháil nuair a thionlacann siad an saoránach de chuid an Aontais nó nuair a thagann siad anall ina dhiaidh nó ina diaidh laistigh de chríoch an Aontais.

(16)In Airteagal 10 de Threoir 2004/38/CE, foráiltear gur “Cárta cónaithe baill teaghlaigh shaoránaigh an Aontais” atá le tabhairt ar na doiciméid a eisítear do bhaill teaghlaigh nach náisiúnaigh de Bhallstát iad.

(17)Maidir le cártaí aitheantais agus cártaí cónaithe baill teaghlaigh shaoránaigh an Aontais nach bhfuil a gcaighdeáin slándála leordhóthanach, ba cheart iad a chéimniú amach agus aird á tabhairt ar an riosca slándála do na Ballstáit agus ar na costais a thabhódh siad. I gcoitinne, ba cheart gur leor tréimhse cúig bliana chun cothromaíocht a bhaint amach idir a mhinice a dhéantar doiciméid a ionadú de ghnáth agus an gá leis an mbearna shlándála atá ann faoi láthair laistigh den Aontas a dhúnadh. Mar sin féin, tá gá, ar fhorais na slándála, le tréimhse níos giorra de dhá bhliain le haghaidh cártaí nach bhfuil gnéithe tábhachtacha acu, go háirithe inléiteacht ag meaisíní.

(18)Maidir leis na sonraí pearsanta atá le próiseáil i gcomhthéacs chur i bhfeidhm an Rialacháin seo, tá feidhm ag Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Aibreán 2016 maidir le daoine nádúrtha a chosaint maidir le sonraí pearsanta a phróiseáil agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena naisghairtear Treoir 95/46/CE (An Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí) 40 . Is gá na coimircí is infheidhme maidir leis na sonraí pearsanta a phróiseáiltear a shonrú tuilleadh. Ba cheart na hábhair sonraí a chur ar an eolas go soiléir gurb ann ina ndoiciméid don mheán stórála ina bhfuil a sonraí bithmhéadracha, lena náirítear inrochtaineacht éadadhaill air, agus faoi gach cás ina núsáidtear na sonraí atá ina gcártaí aitheantais agus ina ndoiciméid chónaithe. Ar chaoi ar bith, ba cheart rochtain a bheith ag na hábhair sonraí ar shonraí pearsanta a phróiseáiltear ina gcártaí aitheantais agus ina ndoiciméid chónaithe, agus ba cheart go bhféadfaí na sonraí sin a cheartú.

(19)Is gá sonrú a dhéanamh sa Rialachán seo ar an mbunús atá le sonraí a bhailiú agus a stóráil ar mheán stórála na gcártaí aitheantais agus na ndoiciméad cónaithe. I gcomhréir lena reachtaíocht náisiúnta nó le dlí an Aontais, féadfaidh na Ballstáit sonraí eile a stóráil ar mheán stórála le haghaidh ríomhsheirbhísí nó chun críocha eile a bhaineann leis an gcárta aitheantais nó leis an doiciméad cónaithe. Is leis an dlí náisiúnta nó le dlí an Aontais ba cheart údarú a dhéanamh ar phróiseáil na sonraí sin, lena náirítear bailiú na sonraí sin agus na críocha ar chucu is féidir iad a úsáid. Ba cheart na sonraí náisiúnta go léir a scaradh go fisiciúil nó go loighciúil ó na sonraí bithmhéadracha dá dtagraítear sa Rialachán seo.

(20)Ba cheart do na Ballstáit an Rialachán seo a chur i bhfeidhm 12 mhí ar a dhéanaí tar éis dó teacht i bhfeidhm. Amhail ó dháta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo, ba cheart do na Ballstáit doiciméid lena nurramaítear na ceanglais a leagtar amach sa Rialachán seo a eisiúint.

(21)Ba cheart don Choimisiún tuairisciú ar chur chun feidhme an Rialacháin seo trí bliana tar éis dháta a chur i bhfeidhm, lena náirítear ar a iomchuí atá an leibhéal slándála. I gcomhréir le míreanna 22 agus 23 den Chomhaontú Idirinstitiúideach maidir le Reachtóireacht Níos Fearr 41 , ba cheart don Choimisiún meastóireacht a dhéanamh ar an Rialachán seo ar bhonn faisnéis a bhailítear trí chomhaontuithe sonracha faireacháin chun measúnú a dhéanamh ar éifeachtaí iarbhír an Rialacháin agus ar an ngá atá le haon ghníomhaíocht eile.

(22)Ós rud é nach féidir leis na Ballstáit cuspóirí an Rialacháin seo a ghnóthú go leordhóthanach ach gur fearr is féidir iad a ghnóthú ar leibhéal an Aontais, féadfaidh an tAontas bearta a ghlacadh, I gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta mar a leagtar amach in Airteagal 5 den Chonradh ar an Aontas Eorpach. I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta a leagtar amach san Airteagal sin, ní théann an Rialachán seo thar a bhfuil riachtanach chun na cuspóirí sin a ghnóthú.

(23)Leis an Rialachán seo urramaítear na cearta bunúsacha agus na prionsabail a aithnítear go háirithe i gCairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh, lena náirítear meas ar an saol príobháideach agus ar shaol an teaghlaigh, an ceart go ndéanfar sonraí pearsanta a chosaint, an ceart chun saorghluaiseachta agus an ceart chun leigheas éifeachtach a fháil.

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Caibidil I
ÁBHAR, RAON FEIDHME AGUS SAINMHÍNITHE

Airteagal 1

Ábhar

Leis an Rialachán seo neartaítear na caighdeáin slándála is infheidhme maidir le cártaí aitheantais a eisíonn na Ballstáit dá náisiúnaigh agus le doiciméid chónaithe a eisíonn na Ballstáit do shaoránaigh an Aontais agus baill dá dteaghlaigh agus a gceart chun saorghluaiseachta á fheidhmiú acu.

Airteagal 2

Raon feidhme

Tá feidhm ag an Rialachán seo maidir leis an méid seo a leanas:

(a)cártaí aitheantais a eisíonn Ballstáit dá náisiúnaigh féin, amhail dá dtagraítear in Airteagal 4 (3) de Threoir 2004/38/CE;

(b)deimhnithe clárúcháin a eisítear i gcomhréir le hAirteagal 8 de Threoir 2004/38/CE do shaoránaigh an Aontais a chónaíonn i mBallstát óstach ar feadh níos mó ná trí mhí agus doiciméid lena ndeimhnítear buanchónaí a eisítear ar iarratas agus i gcomhréir le hAirteagal 19 de Threoir 2004/38/CE do shaoránaigh an Aontais;

(c)cártaí cónaithe a eisítear i gcomhréir le hAirteagal 10 de Threoir 2004/38/CE do bhaill teaghlaigh shaoránaigh an Aontais nach náisiúnaigh de Bhallstát iad agus cártaí buanchónaithe a eisítear i gcomhréir le hAirteagal 20 de Threoir 2004/38/CE do bhaill teaghlaigh shaoránaigh an Aontais nach náisiúnaigh de Bhallstát iad.

CAIBIDIL II
CÁRTAÍ AITHEANTAIS NÁISIÚNTA

Airteagal 3

Caighdeáin slándála/formáid/sonraíochtaí

(1)Déanfar na cártaí aitheantais arna neisiúint ag na Ballstáit a tháirgeadh i bhformáid ID-1 agus comhlíonfaidh siad na híoschaighdeáin slándála a leagtar amach i nDoiciméad ICAO 9303 (an seachtú heagrán, 2015).

(2)Beidh teideal an doiciméid (‘Cárta aitheantais’) i dteanga oifigiúil nó teangacha oifigiúla an Bhallstáit eisiúna agus i dteanga oifigiúil amháin eile ar a laghad de chuid institiúidí an Aontais.

(3)Áireofar sna cártaí aitheantais meán stórála ard-slándála ina mbeidh íomhá d’aghaidh shealbhóir an chárta agus dhá mhéarlorg i bhformáidí idir-inoibritheacha.

(4)Beidh acmhainneacht agus cumas leordhóthanach sa mheán stórála chun sláine, barántúlacht agus rúndacht na sonraí a ráthú. Beidh rochtain éadadhaill ar na sonraí a stóráiltear agus déanfar iad a shlánú amhail dá bhforáiltear sna Cinntí Cur Chun Feidhme ón gCoimisiún arna nglacadh i gcomhréir le hAirteagal 2 de Rialachán (CE) 1030/2002.

(5)Beidh na daoine seo a leanas díolmhaithe ón gceanglas méarloirg a thabhairt:

(a)leanaí faoi bhun 12 bhliain d’aois;

(b)daoine nach féidir leo méarloirg a thabhairt ar chúis fhisiciúil.

(6)Féadfaidh na Ballstáit mionsonraí agus barúlacha a iontráil le haghaidh úsáid náisiúnta, de réir mar a cheanglaítear i bhfianaise a bhforálacha náisiúnta.

(7)I gcás ina ndéanann na Ballstáit déchomhéadan nó meán stórála ar leith a ionchorprú sa chárta aitheantais, comhlíonfaidh an meán stórála breise na caighdeáin ábhartha de chuid ISO agus ní chuirfidh siad isteach ar an meán stórála dá dtagraítear i mír 3.

(8)I gcás ina ndéanann na Ballstáit sonraí le haghaidh ríomhsheirbhísí amhail ríomhrialtas agus ríomhghnó a stóráil sna cártaí aitheantais, déanfar na sonraí náisiúnta a scaradh go fisiciúil nó go loighciúil ó na sonraí bithmhéadracha dá dtagraítear i mír 3.

(9)I gcás ina gcuireann na Ballstáit gnéithe slándála náisiúnta leis na cártaí aitheantais, ní laghdófar idir-inoibritheacht trasteorann na gcártaí aitheantais ná éifeachtúlacht na níoschaighdeán slándála.

(10)Beidh uasthréimhse bhailíochta 10 mbliana leis na cártaí aitheantais. Féadfar foráil a dhéanamh do mhaoluithe le haghaidh aoisghrúpaí sonracha.

Airteagal 4

Aitheantóirí bithmhéadracha a bhailiú

(1)Déanfaidh foireann cháilithe chuíúdaraithe arna hainmniú ag na húdaráis náisiúnta atá freagrach as cártaí aitheantais a eisiúint na haitheantóirí bithmhéadracha a bhailiú.

(2)I gcás ina mbíonn deacrachtaí ann aitheantóirí bithmhéadracha a bhailiú, áiritheoidh na Ballstáit gurb ann do nósanna imeachta iomchuí chun dínit an duine lena mbaineann a ráthú.

Airteagal 5

Céimniú amach

Scoirfidh cártaí aitheantais nach gcomhlíonann ceanglais Airteagal 3 de bheith bailí ar dhul in éag dóibh nó faoi cheann cúig bliana tar éis [dáta chur i bhfeidhm an Rialacháin seo], cibé acu is túisce. Mar sin féin, cártaí aitheantais nach náirítear limistéar inléite ag meaisíní atá feidhmiúil iontu (MRZ) i gcomhréir le cuid 3 de Dhoiciméad ICAO 9303 (an seachtú heagrán, 2015), scoirfidh siad de bheith bailí ar dhul in éag dóibh nó faoi cheann dhá bhliain tar éis [dáta chur i bhfeidhm an Rialacháin seo], cibé acu is túisce.

Caibidil III
Doiciméid ch
ónaithe do shaoránaigh an Aontais

Airteagal 6

An fhaisnéis íosta atá le sonrú

Sonrófar an méid seo a leanas ar a laghad sna doiciméid chónaithe arna neisiúint ag na Ballstáit do shaoránaigh an Aontais:

(a)teideal an doiciméid i dteanga oifigiúil nó teangacha oifigiúla an Bhallstáit lena mbaineann agus i dteanga oifigiúil amháin eile ar a laghad de chuid institiúidí an Aontais;

(b)tagairt shoiléir go bhfuil an doiciméad á eisiúint i gcomhréir le Treoir 2004/38/CE;

(c)uimhir an doiciméid;

(d)ainm (sloinne agus céadainm(neacha)) an tsealbhóra;

(e)dáta breithe an tsealbhóra;

(f)dáta eisiúna;

(g)áit eisiúna.

Caibidil IV
Cártaí cónaithe do BHAILL teaghlaigh NACH NÁISIÚNAIGH DE BHALLSTÁT IAD

Airteagal 7

Formáid aonfhoirmeach

(1)Agus cártaí cónaithe á neisiúint acu do bhaill teaghlaigh shaoránaigh an Aontais nach náisiúnaigh de Bhallstát iad, bainfidh na Ballstáit leas as an bhformáid chéanna a bunaíodh le forálacha Rialachán (CE) Uimh. 1030/2002 ón gComhairle lena leagtar síos formáid aonfhoirmeach le haghaidh ceadanna cónaithe do náisiúnaigh tríú tír agus arna leasú go deireanach le Rialachán (AE) 2017/1954, agus arna chur chun feidhme le forálacha Chinneadh C(2002) 3069 ón gCoimisiún an 14 Lúnasa 2002 lena mbunaítear sonraíochtaí teicniúla maidir le cur chun feidhme na formáide aonfhoirmí le haghaidh ceadanna cónaithe do náisiúnaigh tríú tír, arna leasú go deireanach le Cinneadh C(2013) 6178 ón gCoimisiún an 30 Meán Fómhair 2013.

(2)De mhaolú ar mhír 1, cuirfear in iúl go soiléir ar chárta go bhfuil sé á eisiúint i gcomhréir le Treoir 2004/38/CE agus beidh an teideal ‘Cárta cónaithe baill teaghlaigh shaoránaigh an Aontais’ nó ‘Cárta buanchónaithe baill teaghlaigh shaoránaigh an Aontais’ faoi seach air. Féadfaidh na Ballstáit leas a bhaint as na cóid chaighdeánaithe ‘Art 10 DIR 2004/38/EC’ nó ‘Art 20 DIR 2004/38/EC’ faoi seach.

(3)Féadfaidh na Ballstáit sonraí a iontráil le haghaidh úsáid náisiúnta i gcomhréir leis an dlí náisiúnta. Agus sonraí á niontráil agus á stóráil acu, urramóidh na Ballstáit na ceanglais chéanna a leagtar amach in Airteagal 4 (2) de Rialachán (CE) Uimh. 1030/2002 ón gComhairle, arna leasú go deireanach le Rialachán (AE) 2017/1954.

Airteagal 8

Cártaí cónaithe atá ann cheana a chéimniú amach

(1)Cártaí cónaithe ball teaghlaigh shaoránaigh an Aontais nach náisiúnaigh de Bhallstát iad, ar cártaí cónaithe iad nach bhfuil i bhformáid le haghaidh ceadanna cónaithe a leagtar síos i Rialachán (CE) Uimh. 1030/2002 arna leasú le Rialachán (CE) Uimh. 380/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an [cuir isteach dáta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo], scoirfidh siad de bheith bailí ar dhul in éag dóibh nó faoi cheann [dhá bhliain tar éis dháta chur i bhfeidhm an Rialacháin seo], cibé acu is túisce.

(2)Cártaí cónaithe ball teaghlaigh shaoránaigh an Aontais nach náisiúnaigh de Bhallstát iad, ar cártaí cónaithe iad atá i bhformáid le haghaidh ceadanna cónaithe do náisiúnaigh tríú tír a leagtar síos i Rialachán (CE) Uimh. 1030/2002, arna leasú le Rialachán (CE) Uimh. 380/2008, ach nach bhfuil i bhformáid a leagtar síos i Rialachán (CE) Uimh. 1030/2002 arna leasú le Rialachán (AE) 2017/1954 an [dáta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo], scoirfidh siad de bheith bailí ar dhul in éag dóibh nó faoi cheann [cúig bliana tar éis dháta chur i bhfeidhm an Rialacháin seo], cibé acu is túisce.

CAIBIDIL V
FORÁLACHA COITEANNA

Airteagal 9

Pointe teagmhála

(1)Ainmneoidh gach Ballstát údarás amháin ina phointe teagmhála maidir le cur chun feidhme an Rialacháin seo. Cuirfidh sé ainm an údaráis sin in iúl don Choimisiún agus do na Ballstáit eile. Má athraíonn Ballstát a údarás ainmnithe, cuirfidh sé an Coimisiún agus na Ballstáit eile ar an eolas dá réir.

(2)Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh na pointí teagmhála ar an eolas faoi na seirbhísí ábhartha faisnéise agus cúnaimh atá ann faoi láthair ar leibhéal an Aontais agus go bhféadfaidh siad comhar a dhéanamh leis na seirbhísí sin, amhail An Eoraip Agatsa, SOLVIT, EURES, comhlachtaí dá bhforáiltear faoi Airteagal 4 de Threoir 2014/54/AE, an Líonra Fiontar Eorpach agus na hionaid ilfhreastail.

Airteagal 10

Sonraí pearsanta a chosaint

(1)Gan dochar do chur i bhfeidhm Rialachán (AE) 2016/679, beidh sé de cheart ag na daoine a neisítear cárta aitheantais nó doiciméad cónaithe dóibh fíorú a dhéanamh ar na sonraí pearsanta atá sna doiciméid agus, i gcás inarb iomchuí, ceartú nó scriosadh a iarraidh.

(2)Ní áireofar faisnéis i bhfoirm atá inléite ag meaisíní i gcárta aitheantais nó i ndoiciméad cónaithe ach amháin i gcomhréir leis an Rialachán seo nó le reachtaíocht náisiúnta an Bhallstáit eisiúna.

(3)Ní bhainfear leas as na sonraí bithmhéadracha a bhailítear agus a stóráiltear i meán stórála na gcártaí aitheantais agus na ndoiciméad cónaithe ach amháin i gcomhréir le dlí an Aontais agus leis an dlí náisiúnta chun fíorú a dhéanamh ar:

(a)bharántúlacht an chárta aitheantais nó an doiciméid cónaithe;

(b)chéannacht an tsealbhóra trí bhíthin gnéithe inchomparáide atá ar fáil go díreach nuair is gá de réir an dlí an cárta aitheantais nó an doiciméad cónaithe a thaispeáint.

Airteagal 11

Faireachán

Faoi cheann 12 mhí ar a dhéanaí tar éis an teachta i bhfeidhm, cuirfidh an Coimisiún clár mionsonraithe ar bun chun faireachán a dhéanamh ar aschuir, torthaí agus tionchair an Rialacháin seo.

Leagfar amach leis an gclár faireacháin na modhanna trína mbaileofar na sonraí agus an fhianaise eile is gá agus na tráthanna ag a mbaileofar iad. Sonrófar ann an ghníomhaíocht a bheidh le déanamh ag an gCoimisiún agus ag na Ballstáit chun na sonraí agus fianaise eile a bhailiú agus a anailísiú.

Soláthróidh na Ballstáit na sonraí agus fianaise eile don Choimisiún atá riachtanach chun an faireachán a dhéanamh.

Airteagal 12

Tuairisciú agus Meastóireacht

(1)Ceithre bliana tar éis dháta a chur i bhfeidhm, déanfaidh an Coimisiún tuarascáil ar chur chun feidhme an Rialacháin seo a chur faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa, na Comhairle agus Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa.

(2)Tráth nach luaithe ná sé bliana tar éis dháta chur i bhfeidhm an Rialacháin seo, déanfaidh an Coimisiún meastóireacht ar an Rialachán seo agus cuirfidh sé tuarascáil ar na príomhthorthaí faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa, na Comhairle agus Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa. Déanfar an mheastóireacht i gcomhréir le treoirlínte an Choimisiúin maidir le rialáil níos fearr.

(3)Soláthróidh na Ballstáit an fhaisnéis don Choimisiún atá riachtanach chun na tuarascálacha a ullmhú.

Airteagal 13

Teacht i bhfeidhm

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh feidhm aige ó 12 mhí tar éis dó teacht i bhfeidhm.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil,

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa    Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán    An tUachtarán

(1)    Rialachán (AE) 2017/458 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Márta 2017, lena leasaítear Rialachán (AE) 2016/399 a mhéid a bhaineann le hathneartú seiceálacha sna bunachair sonraí ábhartha ag teorainneacha seachtracha.
(2)    Tuarascáil bhliantúil 2016 maidir le soghluaisteacht an lucht saothair laistigh den Aontas (sonraí 2015).
(3)    Táblaí maidir le turasanna trasteorann shaoránaigh an Aontais in 2015 (gach cúis) - http://ec.europa.eu/eurostat/statistics-explained/index.php/Tourism_statistics.
(4)    COM(2016) 790 final.
(5)    Conclúidí ón gComhairle maidir le plean Gníomhaíochta an Choimisiúin chun freagairt na hEorpa ar chalaois doiciméad taistil a neartú arna ghlacadh an 27 Márta 2017 http://www.consilium.europa.eu/en/press/press-releases/2017/03/27/jha-travel-document-fraud .
(6)    Cheana féin in 2005, ghlac na Ballstáit d’aon toil na Conclúidí ón gComhairle maidir le híoscheanglais a bhaineann le slándáil na bpróiseas eisiúna do chártaí aitheantais na mBallstát (doiciméad 14390/05 ón gComhairle). Lean Rialachán é sin in 2006 http://register.consilium.europa.eu/doc/srv?l=EN&f=ST%2014938%202006%20INIT .
(7)    COM(2016) 602 final.
(8)    Conclúidí ón gComhairle maidir le Tuarascáil ar Shaoránacht AE 2017 arna glacadh an 11 Bealtaine 2017 http://data.consilium.europa.eu/doc/document/ST-9080-2017-INIT/ga/pdf .
(9)    Sa bhreis air sin, i gcúig Bhallstát eile tá oibleagáid ar shaoránaigh doiciméad neamh-shonrach a bheith ina seilbh acu chun críocha sainaitheantais. I gcleachtas, is cárta aitheantais é seo go minic.
(10)    Treoir 2004/38/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 29 Aibreán 2004 maidir leis an gceart atá ag saoránaigh an Aontais agus ag daoine dá dteaghlaigh gluaiseacht agus cónaí faoi shaoirse ar chríoch na mBallstát (IO L 158, 30.4.2004, lch. 77).
(11)    COM (2009) 313 final.
(12)    Pléadh an tábhar sin freisin faoi chuimsiú Ardán REFIT (Tuairim ó Ardán REFIT ar aighneacht ó shaoránach (LtL 242) maidir le Doiciméid Aitheantais agus Taistil, 7 Meitheamh 2017). Spreag Ardán REFIT an Coimisiún chun anailís a dhéanamh ar a indéanta atá sé doiciméid aitheantais agus chónaithe a chomhchuibhiú, nó aon phríomhghnéithe díobh a chomhchuibhiú, d’fhonn saorghluaiseacht a éascú agus dul i ngleic leis na dúshláin atá roimh shaoránaigh shoghluaiste an Aontais ina dtíortha óstacha.
(13)    Rialachán (AE) 2017/458 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Márta 2017, lena leasaítear Rialachán (AE) 2016/399 a mhéid a bhaineann le hathneartú seiceálacha sna bunachair sonraí ábhartha ag teorainneacha seachtracha.
(14)    Togra le haghaidh Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le creat a bhunú le haghaidh idir-inoibritheacht idir córais faisnéise an Aontais Eorpaigh (comhar póilíneachta agus comhar breithiúnach, tearmann agus imirce) COM(2017) 794 final.    Togra le haghaidh Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le creat a bhunú le haghaidh idir-inoibritheacht idir córais faisnéise an Aontais Eorpaigh (teorainneacha agus víosaí) agus lena leasaítear Cinneadh 2004/512/CE ón gComhairle, Rialachán (CE) Uimh. 767/2008, Cinneadh 2008/633/CGB ón gComhairle, Rialachán (AE) 2016/399 agus Rialachán (AE) 2017/2226.
(15)    Rialachán (CE) Uimh. 2252/2004, (IO L 385, 29.12.2004, lch. 1). Ní ghlacann UK ná IE páirt sa bheart sin.
(16)    Rialachán (CE) Uimh. 1683/95, (IO L 164, 14.7.1995, lch. 1).
(17)    Rialachán (CE) Uimh. 1030/2002, (IO L 157, 15.6.2002, lch. 1).
(18)    Rialachán (CE) Uimh. 1931/2006, (IO L 405, 30.12.2006, lch. 1).
(19)    Rialachán (AE) 2017/1953 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Deireadh Fómhair 2017, lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1030/2002 lena leagtar síos formáid aonfhoirmeach le haghaidh ceadanna cónaithe do náisiúnaigh tríú tír.
(20)    Rialachán (CE) Uimh. 1030/2002 ón gComhairle an 13 Meitheamh 2002 lena leagtar síos formáid aonfhoirmeach do cheadanna cónaithe do náisiúnaigh tríú tír. (IO L 157, 15.6.2002, lch. 1).
(21)    Mar a aithnítear in Airteagal 5 a de Rialachán 1030/2002 ón gComhairle.
(22)    Doiciméad ón gComhairle an 11 Meitheamh 2008 (13.06), PV/CONS 26 JAI 188, 8622/08 ADD 1.
(23)     http://www.europarl.europa.eu/RegData/etudes/STUD/2016/556957/IPOL_STU(2016)556957_EN.pdf .
(24)    http://ec.europa.eu/transparency/regdoc/?fuseaction=ia
(25)    Tuairim Ardán REFIT XIII.3a arna glacadh i mí an Mheithimh 2017
(26)    Leag CBAE amach na critéir chun údar cuí a thabhairt le cur isteach den sórt sin i gcomhthéacs Rialachán 2252/2004 i gcás C-291/12 Schwarz v Stadt Bochum, ECLI:EU:C:2013:670. Maidir le teorainneacha ar chearta na Cairte, mheabhraigh sí nach mór ‘foráil a dhéanamh sa dlí dóibh, bunbhrí na gceart sin a urramú, agus, i gcomhréir le prionsabal na comhréireachta, go bhfuil gá leo agus go bhfreagraíonn siad go hiarbhír do chuspóirí leasa ghinearálta arna naithint ag an Aontas Eorpach nó don riachtanas cearta agus saoirsí daoine eile a chosaint’ agus chinn sí gur comhlíonadh na critéir sin leis an gcuspóir i dtaca le ‘cosc a chur ar fhalsú pasanna agus, an dara rud, cosc a chur ar úsáid chalaoiseach na bpasanna sin’.
(27)    Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Aibreán 2016 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena naisghairtear Treoir 95/46/CE (An Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí) (Téacs atá ábhartha maidir le LEE) agus Treoir (AE) 2016/680 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Aibreán 2016 i ndáil le cosaint daoine nádúrtha maidir le próiseáil sonraí pearsanta ag údaráis inniúla chun cionta coiriúla a chosc, a imscrúdú, a bhrath nó a ionchúiseamh nó chun pionóis choiriúla a fhorghníomhú, agus saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena naisghairtear Cinneadh Réime 2008/977/CGB ón gComhairle.
(28)    Rialachán (CE) Uimh. 2252/2004 ón gComhairle.
(29)    Rialachán (CE) Uimh. 1030/2002 ón gComhairle.
(30)    Comhaontú Idirinstitiúideach idir Parlaimint na hEorpa, Comhairle an Aontais Eorpaigh agus an Coimisiún Eorpach maidir le Reachtóireacht Níos Fearr an 13 Aibreán 2016; IO L 123, 12.5.2016, lgh. 1–14.
(31)    IO C , , lch. .
(32)    IO C , , lch. .
(33)    Treoir 2004/38/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 29 Aibreán 2004 maidir le ceart shaoránaigh an Aontais agus bhaill a dteaghlaigh chun gluaiseacht agus cónaí faoi shaoirse ar chríoch na mBallstát (IO L 158, 30.4.2004, lch. 77).
(34)    COM (2013) 837 final an 25.11.2013, lch. 7 agus COM(2009)313 final an 2.7.2009, lch. 15.
(35)    COM(2016) 790 final
(36)    Rialachán (AE) Uimh. 910/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Iúil 2014 maidir le ríomh-shainaitheantas agus seirbhísí iontaoibhe le haghaidh ríomh-idirbheart sa mhargadh inmheánach agus lena naisghairtear Treoir 1999/93/CE (IO L 257, 28.8.2014, lch. 73).
(37)    IO L 23, 26.11.2009
(38)    Rialachán (CE) Uimh. 1030/2002 ón gComhairle an 13 Meitheamh 2002 ag leagan síos formáid chomhionann le haghaidh ceadanna cónaithe do náisiúnaigh thríú tíortha (IO L 157, 15.6.2002, lch. 1)
(39)    IO L 286, 1.11.2017, lch. 9.
(40)    IO L 119, 4.5.2016, lch. 1.
(41)    Comhaontú Idirinstitiúideach idir Parlaimint na hEorpa, Comhairle an Aontais Eorpaigh agus an Coimisiún Eorpach maidir le Reachtóireacht Níos Fearr an 13 Aibreán 2016; IO L 123, 12.5.2016, lgh. 1–14.