An Bhruiséil,23.3.2018

COM(2018) 149 final

2018/0074(COD)

Togra le haghaidh

RIALACHÁN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

lena mbunaítear plean ilbhliantúil do na stoic éisc in Uiscí an Iarthair agus sna huiscí máguaird agus do na hiascaigh a shaothraíonn na stoic sin, lena leasaítear Rialachán (AE) 2016/1139 lena mbunaítear plean ilbhliantúil do Mhuir Bhailt, agus lena n
x001e
aisghairtear Rialacháin (CE) Uimh. 811/2004, (CE) Uimh. 2166/2005, (CE) Uimh. 388/2006, (CE) Uimh. 509/2007 agus (CE) Uimh. 1300/2008


MEABHRÁN MÍNIÚCHÁIN

1.COMHTHÉACS AN TOGRA

Forais agus cuspóirí an togra

Tá na hiascaigh in Uiscí an Iarthair agus sna limistéir máguaird an-chasta, lena mbaineann soithí as seacht gcinn ar a laghad de Bhallstáit chósta, agus éagsúlacht leathan de threalaimh dhifriúla iascaireachta in úsáid acu chun díriú ar réimse leathan de speicis dhifriúla éisc agus sliogéisc. Rud ríthábhachtach is ea go ngabhtar cuid mhór de na stoic ghrinnill is tábhachtaí, i.e. iad sin a mhaireann ar ghrinneall na farraige nó gar dó, in iascaigh ilspeiceas. Go praiticiúil, ciallaíonn sé sin go mbeidh meascán de speicis dhifriúla ina ghabháil ag soitheach gach uair a thugann sé a threalamh iascaireachta ar bord. Ní mar an gcéanna a bheidh an meascán de speicis sin ag brath ar an gcineál trealaimh iascaireachta a úsáidtear, agus ar cén uair a úsáidtear é agus cén áit a núsáidtear é.

Maidir leis na soithí a ghabhann stoic éisc atá faoi réir gabhálacha iomlána incheadaithe (TACanna), fágann sé gur cheart dóibh stad de bheith ag iascaireacht a luaithe a gcuóta den stoc éisc sin ídithe. Sular glacadh Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2013 maidir leis an gComhbheartas Iascaigh 1 (an Bunrialachán), ní raibh ar shoithí stad de bheith ag iascaireacht a luaithe a gcuóta féin de cheann amháin de na speicis sin ídithe. Ina ionad sin, bhí siad in ann leanúint den iascaireacht ar spriocspeicis eile agus, dá thoradh sin, lean siad de bheith ag gabháil na speiceas sin a raibh a gcuótaí ídithe cheana féin acu, fiú amháin mura raibh siad in ann na gabhálacha sin a thabhairt i dtír go dleathach. Na gabhálacha sin a chuaigh thar an gcuóta, b’éigean iad a aischur.

Ón uair a mbeidh an Bunrialachán i bhfeidhm, lena dtugtar isteach an oibleagáid gabhálacha a thabhairt i dtír, beidh sé mídhleathach aon ghabhálacha thar an gcuóta a aischur. Dá réir sin, féadfaidh sé go mbeidh ar shoithí stad de bheith ag iascaireacht go luath sa bhliain a luaithe a gcuóta ídithe don stoc éisc is mó a gcuirtear teorainn lena ghabháil. Sa chás sin, bheadh an stoc éisc is mó a bhfuil teorainn lena ghabháil ina “speiceas scoir”, mar a thugtar air, toisc a luaithe cuóta an stoic sin ídithe, chuirfeadh sé bac ar na deiseanna leanúint den iascaireacht ar stoic éisc eile. Is inmhianaithe, dá bhrí sin, agus TACanna á leagan síos maidir leis na stoic sin, a chur san áireamh go ngabhtar roinnt stoc éisc le chéile in iascaigh ilspeiceas. Ba cheart buntáistí a bheith ag baint le cur chuige den sórt sin le haghaidh caomhnú stoc agus le haghaidh saothrú na stoc sin araon. Is é an cur chuige sin atá glactha ag an togra seo.

Is é is aidhm leis an mBunrialachán na fadhbanna a bhaineann le ró-iascaireacht agus le haischur iasc a réiteach ar bhonn níos éifeachtaí ná mar a rinneadh sa reachtaíocht roimhe seo. Mar sin féin, murab ann do reachtaíocht bhreise, d’fhéadfadh sé tarlú nach núsáidfí an cuóta ar fad sna hiascaigh ilspeiceas in Uiscí an Iarthair agus ní cheadófaí aon díolúine ón oibleagáid gabhálacha a thabhairt i dtír a bheidh le glacadh tar éis do na pleananna aischuir dul in éag.

I bhfianaise na nidirghníomhaíochtaí in iascaigh ghrinnill in Uiscí an Iarthair, is inmhianaithe, dá bhrí sin, deiseanna iascaireachta a bhainistiú bunaithe ar pheirspictíocht an iascaigh ilspeiceas, agus i bhfianaise an dul chun cinn eolaíoch a rinneadh le déanaí, tá an cur chuige sin ar fáil anois. Bheadh cur chuige den sórt sin i gcomhréir freisin leis an gcur chuige bunaithe ar éiceachóras maidir le bainistiú iascaigh. Ba é an chéad chéim i dtreo bainistíocht oiriúnaitheach den chineál sin na stoic ábhartha go léir a thabhairt le chéile faoi aon phlean bainistíochta amháin. D’áireofaí faoin bplean sin spriocrátaí básmhaireachta iascaireachta arna sloinneadh i raonta do gach ceann de na stoic éisc, i gcás ina mbeidís ar fáil, a bheadh mar bhonn le socrú na TACanna bliantúla do na stoic sin. Leis sin, bheadh solúbthacht áirithe ann ó thaobh TACanna a leagan síos, rud a d’fhéadfadh cuidiú chun deacrachtaí a shárú, deacrachtaí a thagann chun cinn i gcomhthéacs na niascach ilspeiceas. Ina theannta sin, dhéanfadh an plean bearta coimirce a ionchorprú le go mbeadh creat ann chun ligean do stoic éisc téarnamh aon tráth a thiteann siad faoi bhun teorainneacha bitheolaíocha slána.

Is é cuspóir an togra creat a bhunú le haghaidh stoic ghrinnill, lena náirítear stoic dhomhainfharraige, agus a gcuid iascach in Uiscí an Iarthair. Déanfaidh an plean saothrú inbhuanaithe na stoc sin a áirithiú, trína áirithiú go ndéanfar iad a shaothrú de réir phrionsabail na huastáirgeachta inbhuanaithe (MSY) agus de réir an chur chuige bunaithe ar éiceachóras, chomh maith le cur chuige an réamhchúraim, maidir le bainistiú iascaigh. Áiritheoidh an plean cobhsaíocht ó thaobh deiseanna iascaireachta de, mar aon lena áirithiú go mbeidh an bainistiú bunaithe ar an bhfaisnéis eolaíoch is deireanaí maidir le stoic éisc, iascaigh ilspeiceas agus gnéithe eile den éiceachóras agus den chomhshaol. Leis an bplean, éascófar freisin tabhairt isteach na hoibleagáide gabhálacha a thabhairt i dtír.

Ba cheart na stoic éisc ar a bhfuil iompraíocht iascairí ag brath agus a bhfuil tábhacht eacnamaíoch leo a bhainistiú i gcomhréir le raonta FMSY. Dá bharr sin, déanfar thart ar 95 % de ghabhálacha in Uiscí an Iarthair ó thaobh méid de a bhainistiú i gcomhréir leis an uastáirgeacht inbhuanaithe. Ba cheart an chuid eile, i.e. stoic a ghabhtar mar fhoghabháil den chuid is mó, a bhainistiú de réir chur chuige an réamhchúraim.

Níl an tionscnamh mar chuid de thogra atá faoi chuimsiú an Chláir um Oiriúnacht agus Feidhmíocht Rialála (REFIT). Mar sin féin, chuideodh sé chun an reachtaíocht is infheidhme de chuid an Aontais a shimpliú. Trí bhíthin gach plean ilbhliantúil le haghaidh na stoc grinneall a thabhairt le chéile in aon rialachán amháin, tá sé beartaithe an rialachán sin a chur in ionad na gcúig phlean ilbhliantúla atá ann faoi láthair agus atá bunaithe ar speiceas aonair, arna nglacadh ag rialacháin ar leith. Is iad seo a leanas na cúig phlean aonspeicis atá ann faoi láthair:

1.an plean ilbhliantúil don stoc scadán in Uiscí Iarthair na hAlban agus do na hiascaigh a shaothraíonn an stoc sin (Rialachán (CE) Uimh. 1300/2008;

2.an plean ilbhliantúil don sól i Muir nIocht Thiar (Rialachán (CE) Uimh. 509/2007);

3.an plean ilbhliantúil don sól i mBá na Bioscáine (Rialachán (CE) Uimh. 388/2006);

4.an plean téarnaimh do stoc colmóirí an tuaiscirt (Rialachán (CE) Uimh. 811/2004;

5.an plean téarnaimh don cholmóir agus do ghliomach na hIorua in Uiscí Leithinis na hIbéire (Rialachán (CE) Uimh. 2166/2005).

Le tabhairt isteach an chur chuige nua seo, beifear in ann na cuspóirí maidir le caomhnú a bhaint amach agus, ag an am céanna, chuideodh sé chun deireadh a chur le teorainneacha leis an iarracht iascaireachta, rud a d’fhágfadh nach mbeadh aon ghá le roinnt mhaith de na hoibleagáidí maidir le tuairisciú agus rialáil. Dá thoradh sin, bheadh laghdú mór ar an ualach riaracháin.

Beidh feidhm ag an bplean maidir le soithí iascaireachta uile an Aontais in Uiscí an Iarthair beag beann ar a bhfad foriomlán, mar tá sin i gcomhréir le rialacha an Chomhbheartais Iascaigh (CBI) agus le héifeacht na soithí ar na stoic éisc lena mbaineann.

Le feidhm ón 1 Eanáir 2014 amach, leagtar amach rialacha CBI sa Bhunrialachán, lena náirítear na forálacha maidir le pleananna ilbhliantúla, lena mbunaítear an oibleagáid gabhálacha a thabhairt i dtír maidir leis na stoic éisc atá faoi réir TACanna agus faoi réir an réigiúnaithe, mar a thugtar air. Léirítear na forálacha sin mar seo a leanas sa phlean:

·i gcomhréir le prionsabail agus le cuspóirí na bpleananna ilbhliantúla a leagtar amach in Airteagal 9 den Bhunrialachán, is plean le haghaidh iascaigh ilspeiceas an plean seo, agus é bunaithe go príomha ar chuspóir MSY;

·in Airteagal 10 den Bhunrialachán, liostaítear a bhfuil sna pleananna ilbhliantúla a thagraíonn do spriocanna inchainníochtaithe. Sa phlean seo, sloinntear na spriocanna sin a fhreagraíonn don uastáirgeacht inbhuanaithe mar raonluachanna ar chomhairle ón gComhairle Idirnáisiúnta um Thaiscéalaíocht na Mara (CITM). Fágann na raonta sin gur féidir córas bainistíochta atá bunaithe ar uastáirgeacht inbhuanaithe a chur i bhfeidhm ar na stoic éisc sin agus go bhféadfaí, ag an am céanna, ardleibhéal intuarthachta a choinneáil. Forlíontar na spriocanna sin le forálacha coimirce atá nasctha le truicearphointe tagartha caomhnaithe. I dtaca le stoic éisc a bhfuil na pointí tagartha caomhnaithe sin ar fáil ina leith, sloinntear mar bhithmhais stoic sceite iad, rud a fhaightear trí bhíthin cleachtadh tagarmharcála de chuid CITM de ghnáth. An an gcaoi chéanna, i dtaca le haonaid fheidhmiúla áirithe de ghliomaigh na hIorua, sloinntear pointí tagartha den sórt sin, i gcás ina mbeidh fáil orthu, i dtéarmaí flúirse. In éagmais comhairle maidir leis an leibhéal bithmhaise sceite nó an leibhéal flúirse, ba cheart gníomhú má thugann comhairle eolaíoch le fios go bhfuil stoc éisc i mbaol. Leanadh den chur chuige céanna chun cuspóirí, spriocanna agus coimircí an phlean a shocrú agus chun an oibleagáid gabhálacha a thabhairt i dtír a chur chun feidhme mar a leagtar amach i Rialachán (AE) 2016/1139 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 6 Iúil 2016 lena mbunaítear plean ilbhliantúil maidir leis na stoic troisc, scadáin agus saláin i Muir Bhailt agus maidir leis na hiascaigh ina saothraítear na stoic sin, lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 2187/2005 ón gComhairle agus lena naisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1098/2007 ón gComhairle 2 ;

·de bhun Airteagal 15 den Bhunrialachán, beidh feidhm ag an oibleagáid gabhálacha a thabhairt i dtír in Uiscí an Iarthair maidir le speicis peiligeach ó 2015 ar aghaidh, maidir le hiascaigh ghrinnill áirithe agus speicis ar bunús an iascaigh iad ó 2016 ar aghaidh, agus maidir le gach speiceas eile faoi réir teorainneacha gabhála ón 1 Eanáir 2019 ar aghaidh. I gcomhréir le hAirteagal 16(7) de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013, tá sé de cheangal ar na Ballstáit TACanna a leithdháileadh ar shoithí a bhfuil a mbratach ar foluain acu, ag cur san áireamh chomhdhéanamh dóchúil na gabhála agus na hoibleagáide na gabhálacha ar fad a thabhairt i dtír. Chun an méid sin a bhaint amach, féadfaidh na Ballstáit bearta náisiúnta a dhéanamh, amhail cuid de na taiscí den TAC náisiúnta atá ar fáil a choinneáil siar le haghaidh cuótaí a mhalartú le Ballstáit eile;

·i gcomhréir le hAirteagal 18 den Bhunrialachán, féadfaidh na Ballstáit a bhfuil leas díreach bainistíochta acu moltaí comhpháirteacha a chur isteach le haghaidh, inter alia, beart áirithe atá le glacadh i gcás inar tugadh an chumhacht don Choimisiún gníomhartha cur chun feidhme nó tarmligthe a ghlacadh chun cuspóirí plean ilbhliantúil a bhaint amach. Chuige sin, bunaítear leis an bplean comhar réigiúnach i measc na mBallstát maidir le forálacha a ghlacadh le haghaidh na hoibleagáide gabhálacha a thabhairt i dtír agus bearta caomhnaithe sonracha le haghaidh stoic áirithe.

I gcomhréir le comhairle eolaíoch ón gCoiste Eolaíoch, Teicniúil agus Eacnamaíoch um Iascach (CETEI), níl teorainneacha bliantúla leis an iarracht iascaireachta (an líon laethanta ar muir) san áireamh sa phlean. Mar sin féin, féadfaidh na Ballstáit uasteorainneacha le haghaidh acmhainn iascaireachta a chur ar bun ar an leibhéal náisiúnta.

Comhsheasmhacht le forálacha beartais atá ann cheana sa réimse beartais

Tá an togra ón gCoimisiún comhsheasmhach leis an gcreat dlíthiúil atá ann cheana i mbainistiú iascaigh in Uiscí an Iarthair:

·Le Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013 ó Parlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2013 maidir leis an gComhbheartas Iascaigh (CBI), lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1954/2003 ón gComhairle agus Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009 ón gComhairle, agus lena naisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 2371/2002 ón gComhairle, Rialachán (CE) Uimh. 639/2004 ón gComhairle agus Cinneadh 2004/585/CE ón gComhairle1, leagtar amach creat ginearálta CBI agus sainítear na cásanna ina nglacfaidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle pleananna ilbhliantúla.

·Le Rialachán (CE) Uimh. 850/98 ón gComhairle an 30 Márta 1998 maidir le acmhainní iascaigh a chaomhnú trí bhearta teicniúla chun óg-orgánaigh mhuirí a chosaint 3 , leagtar amach bearta teicniúla caomhnaithe, i.e. na rialacha maidir le comhdhéanamh gabhála, íosmhéid na mogall, íosmhéid na niasc is féidir a thabhairt i dtír, limistéir choiscthe agus séasúir choiscthe i gcás iascaigh áirithe. Bunaítear sa Rialachán sin freisin srian ar shruthlíonta. Tá athbhreithniú á dhéanamh air faoi láthair agus cuirfear Rialachán nua ina ionad má ghlactar an togra ón gCoimisiún le haghaidh Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le hacmhainní iascaigh a chaomhnú agus éiceachórais mhuirí a chosaint trí bhearta teicniúla, lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1967/2006 ón gComhairle, Rialachán (CE) Uimh. 1098/2007 ón gComhairle agus Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009 ón gComhairle agus Rialachán (AE) Uimh. 1343/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena naisghairtear Rialacháin (CE) Uimh. 894/97, (CE) Uimh. 850/98, (CE) Uimh. 2549/2000, (CE) Uimh. 254/2002, (CE) Uimh. 812/2004 agus (CE) Uimh. 2187/2005 ón gComhairle 4 . 

·Sna Rialacháin bhliantúla ón gComhairle lena socraítear na deiseanna iascaireachta agus na coinníollacha gaolmhara is infheidhme in Uiscí an Iarthair le haghaidh stoic éisc áirithe agus grúpaí de stoc éisc áirithe, leagtar amach leibhéil na TACanna do na stoic lena mbaineann. (Is é Rialachán (AE) 2018/120 ón gComhairle an 23 Eanáir 2018 an Rialachán is deireanaí agus is é atá ceangailteach faoi láthair. Leis an Rialachán sin, socraítear do 2018 na deiseanna iascaireachta ar stoic éisc áirithe agus ar ghrúpaí de stoc éisc is infheidhme in uiscí an Aontais agus, i gcás soithí iascaireachta an Aontais, in uiscí áirithe taobh amuigh den Aontas 5 .)

·Le Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009 ón gComhairle lena mbunaítear córas rialaithe Comhphobail d’fhonn comhlíonadh rialacha an Chomhbheartais Iascaigh a áirithiú, agus lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 847/96, (CE) Uimh. 2371/2002, (CE) Uimh. 811/2004, (CE) Uimh. 768/2005, (CE) Uimh. 2115/2005, (CE) Uimh. 2166/2005, (CE) Uimh. 388/2006, (CE) Uimh. 509/2007, (CE) Uimh. 676/2007, (CE) Uimh. 1098/2007, (CE) Uimh. 1300/2008, (CE) Uimh. 1342/2008, agus lena naisghairtear Rialachán (CEE) Uimh. 2847/93, Rialachán (CE) Uimh. 1627/94 agus Rialachán (CE) Uimh. 1966/2006 6 (dá ngairtear Rialachán Uimh. 1224/2009 ón gComhairle anseo feasta), leagtar amach na ceanglais rialaithe ghinearálta le haghaidh iascaigh mar aon le ceanglais rialaithe shonracha le haghaidh pleananna ilbhliantúla.

·Tá an Coimisiún ag moladh tagairtí dinimiciúla a chur i bhfeidhm ar raonta FMSY agus ar phointí tagartha caomhnaithe. Áirithítear leis an gcur chuige sin nach mbeidh na paraiméadair sin atá riachtanach chun deiseanna iascaireachta a shocrú as dáta agus go mbeidh an Chomhairle i gcónaí in ann úsáid a bhaint as an gcomhairle eolaíoch is fearr dá bhfuil ar fáil. Anuas air sin, ba cheart an cur chuige céanna lena bhforáiltear tagairtí dinimiciúla maidir leis an gcomhairle eolaíoch is fearr dá bhfuil ar fáil a leanúint chun stoic éisc i Muir Bhailt a bhainistiú. Ar an ábhar sin, ba cheart Rialachán (AE) 2016/1139 a mhodhnú.

·Comhsheasmhacht le beartais eile de chuid an Aontais

Tá an togra agus a chuspóirí i gcomhréir le beartais an Aontais, go háirithe na beartais chomhshaoil, shóisialta, mhargaidh agus trádála.

2.BUNÚS DLÍ, COIMHDEACHT AGUS COMHRÉIREACHT

·Bunús dlí

Airteagal 43(2) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh

·Prionsabal na coimhdeachta

Baineann forálacha an togra le hacmhainní bitheolaíocha na farraige a chaomhnú, bearta a thagann faoi inniúlacht eisiach an Aontais. Dá bhrí sin, níl feidhm ag prionsabal na coimhdeachta.

·Prionsabal na comhréireachta

Cloíonn na bearta atá beartaithe le prionsabal na comhréireachta toisc go bhfuil siad iomchuí agus riachtanach agus toisc nach ann d’aon bhearta eile nach bhfuil chomh sriantach céanna lena bhféadfaí na cuspóirí inmhianaithe beartais a bhaint amach.

·An rogha ionstraime

An ionstraim atá beartaithe: Rialacháin ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle.

3.TORTHAÍ Ó MHEASTÓIREACHTAÍ EX POST, Ó CHOMHAIRLIÚCHÁIN LEIS NA PÁIRTITHE LEASMHARA AGUS Ó MHEASÚNUITHE TIONCHAIR

Rinneadh comhairliúchán ar leibhéil éagsúla, lena náirítear páirtithe leasmhara, eolaithe, an pobal, lena náirítear riaracháin phoiblí, agus seirbhísí an Choimisiúin. Rinneadh sin tar éis próiseas meastóireachta iomlán, próiseas a bunaíodh ionas go mbeadh na cúraimí agus na ceisteanna nach mór aghaidh a thabhairt orthu sonraithe ag an gCoimisiún, ach is ó eolaithe agus ó shaineolaithe eile, agus ó pháirtithe leasmhara a bhí iomlán rannpháirteach le linn an phróisis ar fad, a fuarthas an teolas is ríthábhachtaí ag gach céim den phróiseas.

·Comhairliúcháin leis na páirtithe leasmhara

Chuathas i gcomhairle le páirtithe leasmhara ar bhealach spriocdhírithe a bhuí le comhairliúcháin leis an gComhairle Chomhairleach d’Uiscí an Iarthair Thuaidh agus leis an gComhairle Chomhairleach d’Uiscí an Iarthair Theas. Eagraíochtaí leasmhara is ea comhairlí comhairleacha, a bunaíodh mar chuid den athchóiriú ar CBI in 2002, lena dtugtar le chéile lucht tionscail, eadhon earnáil na hiascaireachta, earnáil na próiseála agus earnáil na margaíochta, agus grúpaí sainleasa eile, amhail eagraíochtaí comhshaoil agus eagraíochtaí tomhaltóirí. Eagraítear na comhairlí comhairleacha de réir imchuacha farraige agus cuireann na comhairlí comhairleacha thuasluaite comhairle ar fáil faoi na hiascaigh sa limistéar geografach a chumhdaítear leis an togra seo.

Rinneadh comhairliúchán poiblí fadréimseach ar an idirlíon idir an 22 Bealtaine agus an 15 Meán Fómhair 2015 7 . Fuarthas 28 bhfreagra mhionsonraithe ó na Ballstáit, na comhairlí comhairleacha, eagraíochtaí ionadaíocha de chuid an tionscail, eagraíochtaí neamhrialtasacha agus ón bpobal. Is iad seo a leanas na príomhchonclúidí ar thángthas orthu:

·Ba é an fhadhb is mó nach bhfuil na stoic éisc ag leibhéal MSY fós agus, ar an ábhar sin, ní féidir leis an tionscal tairbhe iomlán a bhaint as iascaireacht inbhuanaithe agus, toisc go bhfuil na pleananna ilbhliantúla atá ann faoi láthair neamhéifeachtach, ní féidir úsáid a bhaint as beart bainistithe an Chomhbheartais Iascaigh nua;

·Ní mór don Aontas Eorpach beart a dhéanamh, ar oibleagáid é freisin faoin gConradh, ach is gá sin a dhéanamh i gcomhar le hearnáil na hiascaireachta;

·Tá na grúpaí a ndeachthas i gcomhairle leo go mór i bhfabhar cur chuige réamhghníomhach ilbhliantúil in áit cur chuige atá frithghníomhach bliantúil. D’fhéadfadh gá a bheith le cur chuige frithghníomhach fós, áfach, de réir mar a bhíonn athrú ag teacht ar na dálaí;

·Ní mór creat cobhsaí trédhearcach a bheith ann chun MSY a bhaint amach agus ní mór creat dlíthiúil a chur ar bun le haghaidh chur chun feidhme fadtéarmach na hoibleagáide gabhálacha a thabhairt i dtír agus cur chuige réigiúnach i leith bainistiú iascaigh. Bhí roinnt daoine den tuairim gur cheart raon feidhme níos leithne a bheith ag an togra agus gur cheart cuspóirí i dtaca leis an gcomhshaol a áireamh ann;

·Is iomchuí creat a chur ar bun chun an príomhspeiceas a bhainistiú go comhsheasmhach laistigh de phlean ilbhliantúil bainistíochta. Leis an bplean, ba cheart comhdhéanamh gabhála agus leithdháileadh cuótaí a léiriú agus ba cheart é a bheith bunaithe ar ghnéithe a bhaineann leis na speicis ar fad. Ba cheart líon níos mó speiceas a chumhdach leis an gcreat seachas na príomhspeicis. Ba cheart féachaint le dáileadh geografach atá comhsheasmhach a bheith ann ó thaobh na bitheolaíochta agus na hiascaireachta de;

·Maidir leis na speicis atá le cumhdach leis an bplean, bhí deighilt shoiléir ann idir eagraíochtaí gairmiúla, arbh fhearr leo díriú ar na speicis a shaothraítear sna hiascaigh is mó, arna gcumhdach ag na pleananna aischuir atá i bhfeidhm ó 2016, e.g. an trosc, an colmóir, méagraim, an láimhíneach, agus eagraíochtaí neamhrialtasacha, arbh fhearr leo go gcumhdófaí leis an bplean réimse níos leithne speiceas a ghabhtar mar phríomhspeicis nó mar fhoghabhálacha.

·I gcás bainistiú iascaigh, ba cheart sainiúlachtaí réigiúnacha agus feabhas ar rannpháirtíocht na bpáirtithe leasmhara a chur san áireamh; ba cheart cur chuige an réamhchúraim a chur i bhfeidhm.

Ag an tráth céanna leis an gcomhairliúchán poiblí, rinneadh suirbhé spriocdhírithe a raibh ceisteanna níos beaichte agus níos teicniúla air. Cuireadh an suirbhé sin chuig na comhairlí comhairleacha, chuig údaráis na mBallstát, chuig Coiste PECH de chuid Pharlaimint na hEorpa agus chuig Coiste an Choimisiúin um Acmhainní Nádúrtha de chuid Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa.

·Bailiú agus úsáid saineolais 

Is iad eolaithe a bhí ag obair faoi choimirce an Choiste Eolaíoch, Theicniúil agus Eacnamaíoch um Iascach (CETEI) agus faoi choimirce na Comhairle Idirnáisiúnta um Thaiscéalaíocht na Mara (CITM), chomh maith leis an nGrúpa um Measúnú ar Acmhainní Mara (GMAM) a rinne an chuid is mó den obair agus den chomhairliúchán ba ghá chun an mheastóireacht ar an reachtaíocht atá ann faoi láthair a chumhdach, agus sin faoi chreatchonradh leis an gCoimisiún.

·Meastóireachtaí ex post/seiceálacha oiriúnachta ar an reachtaíocht atá ann cheana

Rinne CETEI, CITM agus GMAM roinnt meastóireachtaí ar na pleananna bainistíochta aonspeicis atá ann faoi láthair sula ndearnadh CBI a athchóiriú. Lena chois sin, déantar síor-athbhreithniú ar na bearta bainistíochta atá i bhfeidhm faoi láthair.

Ní chomhlíonann na cúig phlean bainistíochta atá ann faoi láthair ceanglais CBI nó conclúidí an Tascfhórsa Idirinstitiúidigh 8 agus níl ag éirí leo cuspóirí CBI a bhaint amach. De thoradh athbhreithnithe ar phleananna ilbhliantúla atá ann faoi láthair, arna ndéanamh ag an gCoiste Eolaíoch, Teicniúil agus Eacnamaíoch um Iascach (CETEI) agus ag an gComhairle Idirnáisiúnta um Thaiscéalaíocht na Mara (CITM) 9 , cinneadh é seo a leanas:

·Maidir leis an bplean don scadán in Uiscí Iarthair na hAlban, thángthas ar an gconclúid seo a leanas a bhuí le tagarmharc 2015 de chuid CITM: “níor cuireadh i bhfeidhm aon phlean réamhchúraim do na stoic chónasctha. Rinneadh meastóireacht chónasctha ar an scadán i limistéar 6aN agus limistéar 6aS/7bc a thagarmharcáil in 2015. Déantar na stoic a chónascadh óir ní féidir iad a dheighilt ó chéile i ngabhálacha tráchtála nó i suirbhéanna. 10 ;

·Maidir leis an bplean don sól i Muir nIocht Thiar (Rialachán (CE) Uimh. 509/2007), thug CETEI le fios in 2014 gurbh é “an srian ar TAC an taon ghné den phlean a bhí éifeachtach”. Anuas air sin, tháinig CETEI ar an gconclúid seo a leanas: “Toisc gur iascaigh ilspeiceas iad na hiascaigh ar fad sa limistéar, tá CETEI den tuairim gur trí bhíthin plean ilbhliantúil réigiúnach maidir le bainistiú iascach a cheapadh agus a chur chun feidhme is fearr a d’fhéadfaí bainistiú éifeachtúil na niascach a bhaint amach” óir, mar thoradh air sin, “bheadh an bainistiú níos éifeachtúla agus sheachnófaí neamhchothromaíocht idir TACanna”. Maidir le teorainneacha leis an iarracht iascaireachta, chuir CETEI in iúl gur “iarracht iascaireachta nach ndéantar a rialáil leis an bplean bainistíochta don sól an chuid is mó den iarracht iascaireachta, arna sloinneadh in kW laethanta iascaireachta, a dhéantar i Muir nIocht Thiar” agus “nár chuir an iarracht iascaireachta a fhorordaítear leis an bplean srian ar aon chabhlach”. Má chuirtear srian ar an iarracht iascaireachta, “d’fhéadfadh sé go dtiocfadh na soithí níos cóngaraí don chósta chun iascaireacht a dhéanamh, áit ar lú an costas ar bhreosla agus ar líonmhaire an sól. Dá dtarlódh sin, d’fhéadfadh sé freisin go dtiocfadh méadú ar ghabhálacha leathóg róbheag mar thoradh ar mhéadú ar an iarracht iascaireachta i limistéir iasclainne” 11 ;

·Tá sé mar chuspóir ag an bplean maidir leis an sól i mBá na Bioscáine (Rialachán (CE) Uimh. 388/2006) an stoc a athbhunú ach níor leagadh síos leis an bplean aon sprioc chun MSY a bhaint amach. In 2011, thug CETEI le fios go gceanglaítear leis an bplean “spriocanna nua bitheolaíocha a shocrú tar éis don stoc a leibhéal bithmhaise réamhchúraim a bhaint amach” 12 . D’ainneoin gur bhain an stoc an leibhéal sin amach in 2010, ní dhearnadh aon athbhreithniú;

·Sa phlean maidir leis an gcolmóir tuaisceartach (Rialachán (CE) Uimh. 811/2004), meastar go bhfuil an cuspóir bainte amach nuair a choinnítear méid an stoic sceite os cionn teorainneacha bitheolaíocha sábháilte le linn dhá bhliain as a chéile. Níor ceapadh an plean go sonrach, mar sin, chun MSY a bhaint amach. Chomh maith leis sin, thug CITM le fios go bhfuil “an plean téarnaimh atá ann faoi láthair (Rialachán (CE) Uimh. 811/2004) bunaithe ar phointí tagartha réamhchúraim nach bhfuil oiriúnach a thuilleadh 13 ;

·Cuireadh in iúl tuairimí den chineál céanna i gcás an phlean maidir leis an gcolmóir deisceartach agus gliomach na hIorua (Rialachán (CE) Uimh. 2166/2005): níor ceapadh an plean chun MSY a bhaint amach agus, de réir, CITM, úsáidtear sa phlean “pointí tagartha réamhchúraim nach bhfuil oiriúnach a thuilleadh”. In 2010, bhí CETEI den tuairim “nár baineadh amach an laghdú ar an ráta básmhaireachta iascaireachta a rabhthas ag súil leis ó 2006 de thoradh an phlean” agus “d’ainneoin gur tháinig laghdú ar an iarracht iascaireachta rialáilte, tháinig méadú ar an iarracht oibríochtúil (iarracht tomhaiste de réir gabhálacha) toisc gur aistríodh an iarracht chuig trealaimh lena ngabhtar breis colmóirí a bhuí leis an iarracht chéanna”, agus “gur dócha nach mbainfear amach FMSY faoi 2015 mar a bhí beartaithe. Dá thoradh sin, níl ag éirí leis an bplean na cuspóirí a luaitear ann a bhaint amach 14 ;

Cháin roinnt páirtithe leasmhara an córas maidir le laethanta ar muir freisin de dheasca éifeachtaí saobha a bheith aige a dhéanann díobháil don chomhshaol in ionad stoic éisc a chaomhnú, mar shampla, na soithí nach bhfuil ach buiséad teoranta de laethanta iascaireachta acu, ní mór dóibh dul ag iascaireacht gar don chladach, áit a mbíonn dlús mór d’éisc óga.

·Measúnú tionchair

Rinneadh an measúnú tionchair le haghaidh plean ilbhliantúil d’Uiscí an Iarthair i gcomhthéacs an Chomhbheartais Iascaigh nua agus athdhréachtú na rialachán maidir le bearta teicniúla. San áireamh sa Chomhbheartas Iascaigh nua tá, inter alia, oibleagáid nua gabhálacha a thabhairt i dtír, amlíne chun an uastáirgeacht inbhuanaithe (MSY) a bhaint amach agus an réigiúnú. Ina fhianaise sin, tá faisnéis chúlra maidir leis na saincheisteanna sin curtha ar fáil i roinnt tuarascálacha, staidéar agus conarthaí. Áirítear san fhaisnéis chúlra sin na nithe seo a leanas:

·athchóiriú an Chomhbheartais Iascaigh;

·    an tionchar a bhain le tabhairt isteach na hoibleagáide gabhálacha a thabhairt i dtír;

·    gnéithe socheacnamaíocha an Chomhbheartais Iascaigh;

·    rialachán nua a cheapadh maidir le bearta teicniúla;

·    saincheisteanna faoi iascaigh ilspeiceas san Aontas Eorpach, lena náirítear dul i ngleic le héifeachtaí scoir;

·    ceisteanna maidir le limistéir bhainistíochta le haghaidh na bpleananna ilbhliantúla nua;

·    ceisteanna maidir le bainistiú trí uastáirgeacht inbhuanaithe a úsáid.

Scrúdaíodh go mion trí rogha reachtacha sa mheasúnú tionchair: Rogha 1 – úsáid a bhaint as rialacha ábhartha an Chomhbheartais Iascaigh atá ann cheana, Rogha 2 – plean ilbhliantúil amháin a chur ar bun le haghaidh iascaigh ilspeiceas, Rogha 3 – roinnt pleananna ilbhliantúla le haghaidh iascaigh ilspeiceas a chur in ionad na bpleananna atá ann faoi láthair.

Is léiriú é Rogha 1 ar an status quo nach dtugann aghaidh, ar bhealach éifeachtach, ar na fadhbanna a bhaineann leis an ró-iascaireacht agus an rialachas neamhéifeachtach (féach roinn 1.4 agus roinn 3). Go deimhin, ina ionad sin, tá sé beartaithe leis an togra aghaidh a thabhairt ar na fadhbanna atá ann de dheasca an status quo. Toisc, ar an ábhar sin, go leanfadh forálacha a bheadh ag teacht salach ar a chéile de bheith i bhfeidhm, is léir nach féidir leis an rogha sin na cuspóirí sonracha a bhaint amach.

Le Rogha 2, bheadh plean amháin i gceist a chumhdódh Uiscí uile an Iarthair. Ar an gcaoi sin, chuirfí san áireamh leis an rogha sin go mbíonn cuid mhór de na Ballstáit chéanna ag iascaireacht in Uiscí an Iarthair Thuaidh agus Uiscí an Iarthair Theas agus, lena chois sin, go mbíonn roinnt cabhlach iascaireachta i mbun gníomhaíochtaí iascaireachta sa dá limistéar.

Anuas air sin, le plean amháin d’fhéadfaí moltaí comhpháirteacha lena gcumhdófaí iascaigh shonracha, bídís in Uiscí an Iarthair Thuaidh nó Uiscí an Iarthair Theas faoi seach, a thíolacadh go fóill. Chomh maith leis sin, i gcás Uiscí an Iarthair Thiar agus Uiscí an Iarthair Theas, leanfaidh na moltaí an tsamhail cheannann chéanna agus a glacadh sa phlean ilbhliantúil do Mhuir Bhailt, ar samhail í a dhéanfar a mhionchoigeartú a thuilleadh trí bhíthin an phlean ilbhliantúil don Mhuir Thuaidh.

Le Rogha 3, bheadh dhá phlean i gceist, a chumhdódh Uiscí an Iarthair Thuaidh agus Uiscí an Iarthair Theas faoi seach. Bheadh difear idir an rogha seo agus Rogha 2 ar an ábhar go léireofaí le Rogha 3 an socrú maidir le réigiúnú atá ann faoi láthair óir cumhdaíonn an Chomhairle Chomhairleach d’Uiscí an Iarthair Thuaidh agus an Chomhairle Chomhairleach d’Uiscí an Iarthair Theas an dá limistéar sin faoi seach. Is iad sin na limistéir a d’úsáid grúpa na mBallstát d’Uiscí an Iarthair Thuaidh agus grúpa na mBallstát d’Uiscí an Iarthair Theas chun moladh comhpháirteach i dtaobh pleananna aischuir a chur ar fáil.

Chuirfeadh an dá phlean, mar sin, síneadh ar bhealach nádúrtha leis an obair atá déanta trí na pleananna aischuir chun na ceanglais maidir le bainistiú iascach a mheas, chun cuspóirí CBI a bhaint amach, i.e. an oibleagáid gabhálacha a thabhairt i dtír a chur chun feidhme agus MSY a shroicheadh.

D’ainneoin gur tugadh scór níos airde do Rogha 2 agus Rogha 3 ná Rogha 1, an cás bunlíne, tá sé tugtha le fios san anailís a rinneadh go dtí seo gurb é Rogha 2, plean ilbhliantúil amháin le haghaidh iascaigh ilspeiceas in Uiscí uile an Iarthair, a bhain an scór is airde amach maidir leis na critéir seo a leanas:

·Éifeachtacht agus éifeachtúlacht;

·An tualach riaracháin a laghdú;

·Príomhchuspóirí foriomlána CBI a bhaint amach;

·Creat bainistíochta a sholáthar lena néascaítear cobhsaíocht agus intuarthacht.

Ina theannta sin, a bhuí le creat bainistíochta amháin, is simplí a bheidh an creat dlíthiúil agus is lú an tualach riaracháin ar na Ballstáit agus ar lucht tionscail.

·Oiriúnacht rialála agus simpliú

Cé nach bhfuil an plean seo nasctha leis an gClár um Oiriúnacht agus Feidhmíocht Rialála (REFIT), laghdaíonn sé na hualaí rialála óir thiocfadh sé in ionad cúig rialachán atá le cumasc sa phlean seo. Ina theannta sin, chuirfeadh sé deireadh le scéimeanna casta na laethanta ar muir, ar ghá acmhainní breise riaracháin ina leith chun iad a bhainistiú agus chun faireachán a dhéanamh orthu.

Sa chóras atá ann faoi láthair, déantar costas mór eacnamaíoch a bhrú ar ghnólachtaí agus go háirithe ar FBManna; is é rialáil róchasta is cúis leis na caillteanais sin agus seachnófar iad amach anseo (na leasanna díreacha a bhaineann le simpliú). A bhuí le saothrú inbhuanaithe, beidh tuilleadh brabúis á dhéanamh agus beidh feidhmíocht fheabhsaithe eacnamaíoch ann dá bharr. Beidh tuilleadh saoirse ag iascairí a chinneadh cén áit is féidir iascaireacht a dhéanamh agus cén uair. Agus deireadh á chur leis an gcóras don iarracht iascaireachta, ní hamháin go laghdaítear ualach riaracháin an tionscail, lena náirítear ceanglais throma tuairiscithe, ach laghdaítear freisin an tualach ar na riaracháin náisiúnta faireachán agus próiseáil a dhéanamh ar thuarascálacha den sórt sin.

Dhéanfaí an plean bainistíochta don scadán in Uiscí Iarthair na hAlban, a leagtar síos i Rialachán (CE) Uimh. 1300/2008 ón gComhairle, a aisghairm. Tá an plean tar éis dul as feidhm i ngeall ar an athrú atá tar éis teacht ar an tuiscint eolaíoch i leith na stoc lena mbaineann.

·Cearta bunúsacha

Ní bhaineann sé le hábhar.

4.IMPLEACHTAÍ BUISÉADACHA

Níl aon impleachtaí buiséadacha ann.

5.EILIMINTÍ EILE

·Pleananna cur chun feidhme, agus socruithe faireacháin, meastóireachta agus tuairiscithe

Déantar foráil sa phlean do mheastóireacht thréimhsiúil ar a thionchar ar na stoic éisc lena mbaineann bunaithe ar chomhairle eolaíoch. Tá sé ríthábhachtach tréimhse iomchuí a shainaithint le haghaidh meastóireacht dá sórt: tréimhse inar féidir bearta réigiúnaithe a ghlacadh, a chur chun feidhme agus éifeachtaí ar na stoic éisc agus ar an iascach a thaispeáint. Ba cheart modh oibre comhlachtaí eolaíocha a chur san áireamh, lena náirítear an tagarmharcáil rialta a dhéanann siad. Le gairid, níorbh fhéidir comhairle eolaíoch a sholáthar de dheasca easpa sonraí nó treochtaí a bhféadfaí meastóireacht a dhéanamh orthu, i gcás inar bhain sé le tréimhse mheastóireachta trí bliana. Dá réir sin, ba cheart meastóireacht a dhéanamh ar an bplean gach cúig bliana.

Ar an mbonn sin, ní mór a thabhairt faoi deara nach gcuireann meastóireacht thréimhsiúil ar thionchar an phlean cosc ar reachtóirí an plean a leasú, i gcás inar gá sin i ngeall ar fhorbairtí nua.

·Míniúchán mionsonraithe ar fhorálacha sonracha an togra

I gcomhréir le cuspóir foriomlán CBI maidir le hacmhainní iascaigh a chaomhnú agus ag féachaint go sonrach d’Airteagal 9 agus d’Airteagal 10 den Bhunrialachán lena gceanglaítear pleananna ilbhliantúla a fhorbairt, is iad seo a leanas príomheilimintí an phlean:

·Baineann raon feidhme an phlean le stoic ghrinnill, lena náirítear stoic dhomhainfharraige, in Uiscí an Iarthair agus leis na hiascaigh ina saothraítear na stoic sin. Leis an bplean, cumhdaítear freisin cur chun feidhme na hoibleagáide gabhálacha a thabhairt i dtír agus bearta teicniúla maidir leis na stoic éisc uile agus na hiascaigh ina saothraítear na stoic sin in Uiscí an Iarthair.

·Leis na cuspóirí agus na spriocanna, baintear amach leibhéil bhásmhaireachta iascaireachta atá ag teacht le prionsabal na huastáirgeachta inbhuanaithe. I gcomhréir le hAirteagal 10 den Bhunrialachán, ba cheart a bheith in ann na spriocanna a chainníochtú. Sloinntear na spriocanna atá beartaithe mar spriocraonta básmhaireachta iascaireachta bunaithe ar FMSY, de réir chomhairle CITM. Fágann na raonta FMSY sin gur féidir córas bainistíochta atá bunaithe ar uastáirgeacht inbhuanaithe a chur i bhfeidhm ar na stoic éisc lena mbaineann, agus dealraíonn sé go bhféadfaí oiriúnuithe a dhéanamh dá nathródh an chomhairle eolaíoch, agus go bhféadfaí ardleibhéal intuarthachta a choinneáil ag an am céanna;

·Is é CITM a shocraíonn na pointí tagartha caomhnaithe atá san áireamh sa phlean, arna sloinneadh i dtonaí de bhithmhais stoic sceite nó i bhflúirse an lín, agus is trí bhíthin cleachtadh tagarmharcála de chuid CITM a dhéantar sin de ghnáth. In éagmais comhairle faoi phointí tagartha maidir le bithmhais stoic sceite nó maidir le flúirse, ba cheart gníomhú i gcás inar léir a bhuí le comhairle eolaíoch go bhfuil stoc éisc i mbaol.

·Tá coimircí agus bearta caomhnaithe sonracha nasctha leis na pointí tagartha caomhnaithe. I gcás inar léir a bhuí le comhairle eolaíoch go bhfuil aon cheann de na stoic éisc lena mbaineann faoi bhun an phointe sin, ba cheart an TAC a laghdú i leith an stoic sin. Is féidir an beart sin a chomhlánú de réir mar is gá le bearta amhail bearta teicniúla, bearta éigeandála ón gCoimisiún nó bearta éigeandála na mBallstát.

·Forálacha a bhaineann leis an oibleagáid gabhálacha a thabhairt i dtír a ghlacfar faoi réigiúnú, tá gá leo chun an oibleagáid gabhálacha a thabhairt i dtír a chur chun feidhme ina hiomláine. Leis na forálacha sin, déanfar foráil freisin maidir le bunús dlí do dhíolúintí ardmharthanais a d’fhéadfadh a bheith ann amach anseo agus do dhíolúintí de minimis, i gcomhréir leis an gcomhairle eolaíoch.

2018/0074 (COD)

Togra le haghaidh

RIALACHÁN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

lena mbunaítear plean ilbhliantúil do na stoic éisc in Uiscí an Iarthair agus sna huiscí máguaird agus do na hiascaigh a shaothraíonn na stoic sin, lena leasaítear Rialachán (AE) 2016/1139 lena mbunaítear plean ilbhliantúil do Mhuir Bhailt, agus lena naisghairtear Rialacháin (CE) Uimh. 811/2004, (CE) Uimh. 2166/2005, (CE) Uimh. 388/2006, (CE) Uimh. 509/2007 agus (CE) Uimh. 1300/2008

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 43(2) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa 15 ,

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach,

De bharr an méid seo a leanas:

(1)I gCoinbhinsiún na Náisiún Aontaithe an 10 Nollaig 1982 maidir le Dlí na Farraige, a bhfuil an tAontas ina pháirtí conarthach ann, déantar foráil maidir le hoibleagáidí caomhnaithe, lena náirítear líon na speiceas atá á saothrú a choinneáil ar leibhéil nó a thabhairt ar ais chuig leibhéil lenar féidir an uastáirgeacht inbhuanaithe (MSY) a bhaint amach.

(2)Ag an gCruinniú Mullaigh Domhanda um Fhorbairt Inbhuanaithe i Nua-Eabhrac in 2015, gheall an tAontas agus a Bhallstáit go ngníomhóidís faoi 2020 chun saothrú an éisc a rialú go héifeachtach, agus cosc a chur leis an ró-iascaireacht, an iascaireacht neamhdhleathach, neamhthuairiscithe, neamhrialáilte, mar aon le cleachtais iascaireachta dhíobhálacha, agus pleananna bainistithe eolaíochtbhunaithe a chur chun feidhme chun stoic éisc a athbhunú, a luaithe is féidir, chuig na leibhéil sin lenar féidir, ar a laghad, MSY a bhaint amach, arna gcinneadh ag a saintréithe bitheolaíocha.

(3)Bunaítear le Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 16 rialacha an Chomhbheartais Iascaigh (CBI) i gcomhréir le hoibleagáidí idirnáisiúnta an Aontais. Tá sé mar aidhm ag CBI cur le cosaint an chomhshaoil mhuirí, le bainistiú inbhuanaithe na speiceas uile sin a ndéantar saothrú tráchtála orthu, agus go háirithe le dea-stádas comhshaoil a bhaint amach faoi 2020, mar a leagtar amach in Airteagal 1(1) de Threoir 2008/56/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 17 .

(4)Is iad cuspóirí CBI, inter alia, a áirithiú go ndéanfar iascaireacht agus dobharshaothrú inbhuanaithe san fhadtéarma ó thaobh an chomhshaoil de, cur chuige an réamhchúraim a chur i bhfeidhm i ndáil le bainistiú iascaigh agus cur chuige atá bunaithe ar an éiceachóras a chur chun feidhme i ndáil le bainistiú iascaigh.

(5)D’fhonn cuspóirí CBI a bhaint amach, glacfar roinnt beart caomhnaithe, agus meascáin éagsúla díobh de réir mar is iomchuí, mar atá pleananna ilbhliantúla, bearta teicniúla, chomh maith le deiseanna iascaireachta a shocrú agus a leithdháileadh.

(6)De bhun Airteagal 9 agus Airteagal 10 de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013, beidh gach plean ilbhliantúil bunaithe ar chomhairle eolaíoch, theicniúil agus eacnamaíoch. I gcomhréir leis na forálacha sin, ba cheart a bheith sa phlean seo cuspóirí, spriocanna inchainníochtaithe a bhfuil amchláir shoiléire ag gabháil leo, pointí tagartha caomhnaithe, coimircí agus bearta teicniúla atá ceaptha chun gabhálacha de thaisme a sheachaint agus iad a laghdú.

(7)Tagraíonn “an chomhairle eolaíoch is fearr dá bhfuil ar fáil” do chomhairle eolaíoch a bhfuil teacht ag an bpobal uirthi agus lena dtagann na sonraí eolaíocha agus na modhanna eolaíocha is nua-aimseartha dá bhfuil ann agus atá eisithe nó athbhreithnithe ag comhlacht eolaíoch neamhspleách atá aitheanta ar leibhéal an Aontais Eorpaigh nó ar an leibhéal idirnáisiúnta.

(8)Ba cheart teacht a bheith ag an gCoimisiún ar an gcomhairle eolaíoch is fearr dá bhfuil ar fáil maidir leis na stoic éisc a thagann faoi raon feidhme an phlean ilbhliantúil. Chuige sin, tugann sé i gcrích meabhráin tuisceana leis an gComhairle Idirnáisiúnta um Thaiscéalaíocht na Mara (CITM). Ba cheart an chomhairle eolaíoch a eisíonn CITM a bheith bunaithe ar an bplean ilbhliantúil seo agus ba cheart, go háirithe, raonta FMSY agus pointí tagartha bithmhaise, i.e. MSY BTRIGGER agus BLIM, a léiriú sa chomhairle eolaíoch sin. Ba cheart na luachanna sin a léiriú sa chomhairle maidir leis an stoc éisc ábhartha agus, i gcás inarb iomchuí, in aon chomhairle eolaíoch eile a bhfuil teacht ag an bpobal uirthi, lena náirítear, mar shampla, in aon chomhairle maidir le hiascaigh ilspeiceas a eisíonn CITM.

(9)Le Rialacháin (CE) Uimh. 811/2004 18 , (CE) Uimh. 2166/2005 19 , (CE) Uimh. 388/2006 20 , (CE) Uimh. 509/2007 21 , (CE) Uimh. 1300/2008 22 agus (CE) Uimh. 1342/2008 23 ón gComhairle leagtar amach na rialacha maidir le saothrú a dhéanamh ar stoc colmóirí an tuaiscirt, ar an stoc colmóirí agus ar stoc ghliomaigh na hIorua sa Mhuir Chantabrach agus in Uiscí Iarthar Leithinis na hIbéire, an sól i mBá na Bioscáine, an sól sa Chaol Thiar, an scadán ar in Uiscí Iarthar na hAlban, agus an trosc in Kattegat, sa Mhuir Thuaidh, in Uiscí Iarthar na hAlban agus i Muir Éireann. Is in iascaigh ilspeiceas a thógtar iad sin agus stoic ghrinnill eile. Dá bhrí sin, is iomchuí plean ilbhliantúil amháin a bhunú ina gcuirfear san áireamh idirghníomhaíochtaí teicniúla den chineál sin.

(10)Ina theannta sin, ba cheart feidhm a bheith ag an bplean ilbhliantúil sin maidir le stoic ghrinnill in Uiscí an Iarthair, lena náirítear Uiscí an Iarthair Thuaidh agus Uiscí an Iarthair Theas. Is iad sin na speicis d’iasc iomlán, iasc leathógach agus iasc loingeánach mar aon le gliomach na hIorua (Nephrops norvegicus) a mhaireann ar ghrinneall an cholúin uisce nó i ngar dó.

(11)Tá roinnt stoc grinnill ann a shaothraítear in Uiscí an Iarthair agus sna huiscí máguaird araon. Dá bhrí sin, ba cheart raon feidhme na bhforálacha atá sa phlean i dtaca le spriocanna agus coimircí stoc a shaothraítear in Uiscí an Iarthair den chuid is mó a leathnú amach d’fhonn na limistéir sin lasmuigh d’Uiscí an Iarthair a chuimsiú ann. Ina theannta sin, i gcás stoic atá in Uiscí an Iarthair freisin agus a shaothraítear lasmuigh d’Uiscí an Iarthair, ní mór na spriocanna agus na coimircí a bhunú i bpleananna ilbhliantúla do na limistéir sin lasmuigh d’Uiscí an Iarthair ina saothraítear na stoic sin den chuid is mó, agus raon feidhme na bpleananna ilbhliantúla a leathnú le go gcumhdófar Uiscí an Iarthair leo freisin.

(12)Ba cheart raon feidhme geografach an phlean ilbhliantúil a bheith bunaithe ar dháileadh geografach na stoc éisc mar a léirítear é sa chomhairle is déanaí maidir le stoic a sholáthraíonn CITM. D’fhéadfaí gur gá athruithe a dhéanamh ar dháileadh geografach na stoc éisc mar a leagtar amach sa phlean ilbhliantúil de bharr feabhas a bheith ag teacht ar an bhfaisnéis eolaíoch, sin nó de bharr imirce stoc. Ar an ábhar sin, ba cheart an chumhacht a thabhairt don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh lena gcoigeartaítear dáileadh geografach na stoc éisc a leagtar amach sa phlean ilbhliantúil i gcás inar léir ón gcomhairle eolaíoch a sholáthraíonn CITM go bhfuil athrú ar dháileadh geografach na stoc éisc ábhartha.

(13)Nuair a shaothraíonn tríú tíortha stoic ar leas coiteann iad freisin, ba cheart don Aontas oibriú i gcomhar leis na tríú tíortha sin lena áirithiú go mbainistítear na stoic sin ar bhealach inbhuanaithe atá comhsheasmhach le cuspóirí Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013, go háirithe le hAirteagal 2(2) den Rialachán sin, agus le cuspóirí an Rialacháin seo. I gcás nach dtiocfar ar chomhaontú foirmiúil, ba cheart don Aontas gach iarracht a dhéanamh chun socruithe coitinne a bhaint amach chun iascaireacht a dhéanamh ar stoic den sórt sin d’fhonn go bhféadfaí bainistiú inbhuanaithe a dhéanamh agus, ar an gcaoi sin, cothrom iomaíochta a chur chun cinn d’oibreoirí an Aontais.

(14)Ba cheart gurb é cuspóir an phlean rannchuidiú le cuspóirí CBI a bhaint amach agus, go háirithe, MSY a shroicheadh agus a choinneáil i gcás na spriocstoc, an oibleagáid gabhálacha a thabhairt i dtír i gcás stoic ghrinnill atá faoi réir teorainneacha gabhála a chur chun feidhme, caighdeán cothrom maireachtála a chur chun cinn dóibh siúd a bhíonn ag brath ar ghníomhaíochtaí iascaireachta, agus aird á tabhairt ar iascaigh chósta agus ar ghnéithe socheacnamaíocha. Leis an bplean, ba cheart cur chuige bunaithe ar éiceachóras i dtaca le bainistiú iascaigh a chur chun feidhme chun a áirithiú go ndéanfaí tionchair dhiúltacha gníomhaíochtaí iascaireachta ar éiceachóras na mara a laghdú a oiread is féidir. Ba cheart é a bheith i gcomhréir le reachtaíocht chomhshaoil an Aontais, go háirithe leis an gcuspóir dea-stádas comhshaoil a bhaint amach faoin mbliain 2020 (i gcomhréir le Treoir 2008/56/CE) agus le cuspóirí Threoir 2009/147/CE agus Threoir 92/43/CEE ón gComhairle. Leis an bplean seo, ba cheart mionsonraí a shonrú freisin maidir le cur chun feidhme na hoibleagáide gabhálacha a thabhairt i dtír in Uiscí an Iarthair i gcás gach stoic éisc de speicis a bhfuil an oibleagáid gabhálacha a thabhairt i dtír infheidhme maidir leis faoi Airteagal 15 de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013.

(15)Ceanglaítear faoi Airteagal 16(4) de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013 go socrófar deiseanna iascaireachta i gcomhréir leis an gcuspóir a leagtar amach Airteagal 2(2) den Rialachán sin agus go gcomhlíonfaidh siad na spriocanna, na hamchláir agus na corrlaigh a shocrófar sna pleananna ilbhliantúla.

(16)Is iomchuí spriocrátaí básmhaireachta iascaireachta (F), a chomhfhreagraíonn don chuspóir MSY a shroicheadh agus a choinneáil, a shocrú mar raonta luachanna atá comhsheasmhach le MSY (FMSY) a bhaint amach. Is gá na raonta sin, agus iad bunaithe ar an gcomhairle eolaíoch is fearr dá bhfuil ar fáil, chun solúbthacht a sholáthar chun athruithe ar an gcomhairle eolaíoch a chur san áireamh, chun rannchuidiú le cur chun feidhme na hoibleagáide gabhálacha a thabhairt i dtír agus chun saintréithe na niascach ilspeiceas a chur san áireamh. Ba cheart don Chomhairle Idirnáisiúnta um Thaiscéalaíocht na Mara (CITM) raonta FMSY a ríomh, go háirithe sa chomhairle thréimhsiúil uaithi i dtaca le gabhálacha. Bunaithe ar an bplean seo, ceaptar na raonta sin chun laghdú nach mó ná 5 % sa táirgeacht fhadtéarmach a dhéanamh i gcomparáid le MSY 24 . Caidhpeáiltear uasteorainn an raoin ionas nach mó ná 5 % an dóchúlacht go dtitfidh an stoc faoi BLIM. Cloíonn an uasteorainn sin freisin le “riail chomhairle” ó CITM, lena léirítear i gcás ina bhfuil drochbhail ar an mbithmhais sceite nó ar an bhflúirse, go laghdófar F go luach nach mó ná uasteorainn atá cothrom le luach phointe FMSY arna iolrú faoin mbithmhais sceite nó faoin bhflúirse i mbliain na gabhála iomláine is incheadaithe (TAC) arna roinnt ar MSY BTRIGGER. Úsáideann CITM na breithnithe sin agus an riail chomhairle agus comhairle eolaíoch á soláthar aige maidir leis an ráta básmhaireachta iascaireachta agus roghanna gabhála.

(17)Chun críocha deiseanna iascaireachta a shocrú, ba cheart uastairseach a bheith ann do raonta FMSY sa ghnáthúsáid agus, ar choinníoll go meastar go bhfuil dea-bhail ar an stoc lena mbaineann, féadfar uasteorainn den raon sin a úsáid i gcásanna áirithe. Níor cheart go mbeifí in ann deiseanna iascaireachta a shocrú ach a fhad leis an uasteorainn, más rud é, ar bhonn comhairle nó fianaise eolaíoch, gur gá sin chun na cuspóirí a leagtar síos sa Rialachán seo i dtaca le hiascaigh ilspeiceas a bhaint amach, nó más gá sin chun díobháil a dhéanfadh dinimic stoic laistigh den aon speiceas amháin nó idir speicis dhifriúla a sheachaint, nó chun na hathruithe sin a tharlódh do dheiseanna iascaireachta ó bhliain go bliain a theorannú.

(18)I gcás stoic éisc a mbíonn fáil ar spriocanna MSY ina leith, agus d’fhonn na bearta coimirce a chur i bhfeidhm, ní mór pointí tagartha caomhnaithe a bhunú arna sloinneadh mar spreagleibhéil bhithmhaise sceite do na stoic éisc, agus mar spreagleibhéil flúirse do ghliomach na hIorua.

(19)Ba cheart bearta iomchuí coimirce a bheartú i gcás ina dtitfeadh méid an stoic éisc faoi bhun na leibhéal sin. Ba cheart a áireamh sna bearta coimirce laghdú ar dheiseanna iascaireachta agus bearta caomhnaithe sonracha nuair is den riachtanas, de réir comhairle eolaíoch, bearta ceartaitheacha. Is ceart na bearta sin a fhorlíonadh le gach beart eile, nuair is iomchuí, amhail bearta de chuid an Choimisiúin i gcomhréir le hAirteagal 12 de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013 nó bearta de chuid na mBallstát i gcomhréir le hAirteagal 13 de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013.

(20)I gcás ghliomach na hIorua, ba cheart go bhféadfaí na gabhálacha iomlána is incheadaithe (TACanna) in Uiscí an Iarthair a shocrú de réir líon na dteorainneacha gabhála sin a bunaíodh i gcás gach aonaid fheidhmiúil agus de réir na ndronuilleog staidrimh atá lasmuigh d’aonaid fheidhmiúla an limistéir TAC sin. Ach ní choisctear leis sin bearta a ghlacadh chun aonaid fheidhmiúla áirithe a chosaint.

(21)Chun cur chuige réigiúnach a chur i bhfeidhm i dtaca le hacmhainní bitheolaíocha mara a chaomhnú agus a shaothrú go hinbhuanaithe, is iomchuí foráil a dhéanamh maidir leis an bhféidearthacht bearta teicniúla a dhéanamh in Uiscí an Iarthair maidir le gach stoc éisc.

(22)I gcás ina gcuirfidh an Chomhairle san áireamh tionchar suntasach iascach áineasa i gcreat na ndeiseanna iascaireachta a dhéantar ar stoc faoi leith, ba cheart di a bheith ábalta TAC a shocrú do ghabhálacha tráchtála lena gcuirfear san áireamh méid na ngabhálacha áineasa agus/nó bearta eile a dhéanamh lena srianfar iascaigh áineasa amhail teorainn éisc agus tréimhsí coiscthe.

(23)Chun an oibleagáid gabhálacha a thabhairt i dtír arna bunú le hAirteagal 15(1) de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013 a chomhlíonadh, ba cheart leis an bplean foráil a dhéanamh maidir le bearta bainistíochta breise i gcomhréir le hAirteagal 18 de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013.

(24)An sprioc-am chun moltaí comhpháirteacha ó na Ballstáit a bhfuil leas díreach bainistíochta acu a thíolacadh, ba cheart é a leagan síos, mar a cheanglaítear le Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013.

(25)I gcomhréir le hAirteagal 10(3) de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013, ba cheart forálacha a bhunú don mheasúnú tréimhsiúil a dhéanfaidh an Coimisiún ar leordhóthanacht agus éifeachtúlacht chur i bhfeidhm an Rialacháin seo, bunaithe ar chomhairle eolaíoch. Ba cheart meastóireacht a dhéanamh ar an bplean faoi ... [cúig bliana tar éis dháta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo], agus gach cúig bliana ina dhiaidh sin. Mar thoradh air sin, is féidir an oibleagáid gabhálacha a thabhairt i dtír a chur chun feidhme go hiomlán, bearta réigiúnaithe a ghlacadh agus a chur chun feidhme agus tionchar a imirt ar na stoic éisc agus ar na hiascaigh. Is é cúig bliana an íostréimhse a éilíonn comhlachtaí eolaíocha freisin.

(26)Chun dul in oiriúint don dul chun cinn teicniúil agus eolaíoch ar bhealach prapúil agus comhréireach agus chun solúbthacht a áirithiú agus chun ligean do bhearta áirithe forbairt, ba cheart an chumhacht chun gníomhartha a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh a tharmligean chuig an gCoimisiún i dtaca leis an Rialachán seo a fhorlíonadh i ndáil le bearta ceartaitheacha agus le cur chun feidhme na hoibleagáide gabhálacha a thabhairt i dtír. Tá sé tábhachtach, go háirithe, go rachaidh an Coimisiún i mbun comhairliúcháin iomchuí le linn a chuid oibre ullmhúcháin, lena náirítear ar leibhéal na saineolaithe, agus go ndéanfar na comhairliúcháin sin i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos i gComhaontú Idirinstitiúideach maidir le Reachtóireacht Níos Fearr an 13 Aibreán 2016 25 . Go sonrach, chun rannpháirtíocht chomhionann in ullmhú na ngníomhartha tarmligthe a áirithiú, gheobhaidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle na doiciméid uile ag an am céanna leis na saineolaithe sna Ballstáit, agus beidh rochtain chórasach ag a gcuid saineolaithe ar chruinnithe ghrúpaí saineolaithe an Choimisiúin a bheidh ag déileáil le hullmhú na ngníomhartha tarmligthe.

(27)Chun deimhneacht dhlíthiúil a chur ar fáil, is iomchuí a shoiléiriú gur féidir a mheas go bhfuil na bearta sealadacha scoir, atá glactha chun cuspóirí an phlean dá bhforáiltear sa Rialachán seo a bhaint amach, incháilithe do thacaíocht faoi Rialachán (AE) Uimh. 508/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 26 .

(28)Trí thagairtí dinimiciúla a chur i bhfeidhm ar raonta FMSY agus ar phointí tagartha caomhnaithe, áirithítear nach mbeidh na paraiméadair sin atá riachtanach chun deiseanna iascaireachta a shocrú as dáta agus go mbeidh an Chomhairle i gcónaí in ann úsáid a bhaint as an gcomhairle eolaíoch is fearr dá bhfuil ar fáil. Anuas air sin, ba cheart an cur chuige sin ina gcuimsítear tagairtí dinimiciúla don chomhairle eolaíoch is fearr dá bhfuil ar fáil a leanúint chun stoic éisc i Muir Bhailt a bhainistiú. Sa chomhthéacs seo, tagraíonn “an chomhairle eolaíoch is fearr dá bhfuil ar fáil” do chomhairle eolaíoch a bhfuil teacht ag an bpobal uirthi agus lena dtagann na sonraí eolaíocha agus na modhanna eolaíocha is nua-aimseartha dá bhfuil ann agus atá eisithe nó athbhreithnithe ag comhlacht eolaíoch neamhspleách atá aitheanta ar leibhéal an Aontais Eorpaigh nó ar an leibhéal idirnáisiúnta. Dá réir sin, ba cheart Rialachán (AE) 2016/1139 27 a leasú.

(29)Ba cheart Rialacháin (CE) Uimh. 811/2004 ón gComhairle, (CE) Uimh. 2166/2005 ón gComhairle, (CE) Uimh. 388/2006 ón gComhairle, (CE) Uimh. 509/2007 ón gComhairle, (CE) Uimh. 1300/2008 ón gComhairle a aisghairm.

(30)I gcomhréir le hAirteagal 9(4) de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013, rinneadh measúnú cuí ar thionchar geilleagrach agus sóisialta dóchúil an phlean sular dréachtaíodh é.

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:


CAIBIDIL I
ÁBHAR, RAON FEIDHME AGUS SAINMHÍNITHE

Airteagal 1
Ábhar agus raon feidhme

1.Bunaítear leis an Rialachán seo plean ilbhliantúil (“an plean”) i dtaca leis na stoic ghrinnill seo a leanas, lena náirítear stoic dhomhainfharraige, in Uiscí an Iarthair, lena náirítear iascaigh a shaothraíonn na stoic éisc sin, agus, i gcás ina mbeidh na stoic éisc sin lasmuigh d’Uiscí an Iarthair, sna huiscí máguaird:

(1)an scabaird dhubh (Aphanopus carbo) i bhfolimistéir 1, 2, 4, 6–8, 10 agus 14, agus i ranna 3a, 5a–b, 9a agus 12b;

(2)alfainsíní (Beryx spp.) san Atlantach Thoir Thuaidh;

(3)an gránadóir cruinnsocach (Coryphaenoides rupestris) i roinn 5b, folimistéar 6 agus folimistéar 7;

(4)an doingean mara Eorpach (Dicentrarchus labrax) i ranna 4b, 4c, 7a, agus 7d–h;

(5)trosc an Atlantaigh (Gadus morhua) i roinn 7a;

(6)trosc an Atlantaigh (Gadus morhua) i ranna 7e–k;

(7)an mhéigrim scoilteán (Lepidorhombus spp.) i roinn 4a agus roinn 6a;

(8)an mhéigrim scoilteán (Lepidorhombus spp.) i roinn 6b;

(9)an mhéigrim scoilteán (Lepidorhombus spp.) i ranna 7b–k, ranna 8a–b, agus roinn 8d;

(10)an mhéigrim scoilteán (Lepidorhombus spp.) i roinn 8c agus roinn 9a;

(11)láimhínigh (Lophiidae) i ranna 7b–k, ranna 8a–b, agus roinn 8d;

(12)láimhínigh (Lophiidae) i roinn 8c agus roinn 9a;

(13)an chadóg (Melanogrammus aeglefinus) i roinn 6b;

(14)an chadóg (Melanogrammus aeglefinus) i roinn 7a;

(15)an chadóg (Melanogrammus aeglefinus) i ranna 7b–k;

(16)an faoitín (Merlangius merlangus) i roinn 7b, roinn 7c agus ranna 7e–k;

(17)an faoitín (Merlangius merlangus) i bhfolimistéar 8 agus roinn 9a;

(18)an colmóir Eorpach (Merluccius merluccius) i bhfolimistéar 4, folimistéar 6 agus folimistéar 7, roinn 3a, ranna 8a–b agus roinn 8d;

(19)an colmóir Eorpach (Merluccius merluccius) i roinn 8c agus roinn 9a;

(20)an langa gorm (Molva dypterygia) i roinn 5b, folimistéar 6 agus folimistéar 7;

(21)gliomach na hIorua (Nephrops norvegicus) de réir aonad feidhmiúil (AF) i bhfolimistéar 6 agus roinn 5b:

sa Mhaoil Thuaidh (AF 11);

sa Mhaoil Theas (AF 12);

i gCaolas Chluaidh (AF 13);

i roinn VIa, lasmuigh de na haonaid fheidhmiúla (Uiscí Iarthar na hAlban);

(22)gliomach na hIorua (Nephrops norvegicus) de réir aonad feidhmiúil i bhfolimistéar 7:

i Muir Éireann Thoir (AF 14);

i Muir Éireann Thiar (AF 15);

ar Bhanc Porcupine (AF 16);

i Meánna Árann (AF 17);

i Muir Éireann (AF 19);

sa Mhuir Cheilteach (AF 20–21);

i gCaol Bhriostó (AF 22);

i bhfolimistéar 7 CITM lasmuigh de na haonaid fheidhmiúla (an Mhuir Cheilteach Thiar Theas, Iardheisceart na hÉireann);

(23)gliomach na hIorua (Nephrops norvegicus) de réir aonad feidhmiúil i ranna 8a, 8b, 8d agus 8e:

i mBá na Bioscáine Theas (AF 25);

(24)gliomach na hIorua (Nephrops norvegicus) de réir aonad feidhmiúil i bhfolimistéar 9 agus folimistéar 10, agus limistéar CECAF 34.1.1 (an Coiste Iascaigh um an Atlantach Thoir Láir):

in Uiscí Iarthar na Gailíse (AF 26–27);

sna hUiscí Ibéaracha (AF28–29);

i Murascaill Cádiz (AF 30);

(25)an deargán (Pagellus bogaraveo) i bhfolimistéar 9;

(26)an deargán (Pagellus bogaraveo) i bhfolimistéar 10;

(27)an leathóg bhallach (Pleuronectes platessa) i roinn 7d;

(28)an leathóg bhallach (Pleuronectes platessa) i roinn 7e;

(29)an mangach (Pollachius pollachius) i bhfolimistéar 7;

(30)an sól coiteann (Solea solea) i bholimistéar 5, roinn 6b, agus folimistéar 12 agus folimistéar 14;

(31)an sól coiteann (Solea solea) i roinn 7b agus roinn 7c;

(32)an sól coiteann (Solea solea) i roinn 7d;

(33)an sól coiteann (Solea solea) i roinn 7e;

(34)an sól coiteann (Solea solea) i roinn 7f agus roinn 7g;

(35)an sól coiteann (Solea solea) i roinn 7h, roinn 7j agus roinn 7k;

(36)an sól coiteann (Solea solea) i roinn 8a agus roinn 8b;

(37)an sól coiteann (Solea solea) i roinn 8c agus roinn 9a.

I gcás ina dtabharfaidh comhairle eolaíoch le fios go bhfuil athrú ar dháileadh geografach na stoc éisc a liostaítear sa chéad fhomhír den mhír seo, féadfaidh an Coimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 15 chun an Rialachán seo a leasú trí na limistéir a shonraítear thuas a choigeartú chun an tathrú sin a léiriú. Ní dhéanfaidh na coigeartuithe sin na ceantair stoic a mhéadú lasmuigh d’uiscí an Aontais i bhfolimistéir 4 go 10, agus limistéar CECAF 34.1.1, limistéar CECAF 34.1.2 agus limistéar CECAF 34.2.0.

2.Más rud é, ar bhonn comhairle eolaíoch, go measann an Coimisiún gur gá an liosta a leagtar amach sa chéad fhomhír de mhír 1 a leasú, féadfaidh an Coimisiún togra a chur isteach chun an liosta sin a leasú.

3.I dtaca leis na huiscí máguaird a chumhdaítear i mír 1 den Airteagal seo, ní bheidh feidhm ach ag Airteagal 4 agus Airteagal 6 agus na bearta a bhaineann le deiseanna iascaireachta faoi Airteagal 7 den Rialachán seo.

4.Beidh feidhm ag an Rialachán seo freisin maidir leis na foghabhálacha a thógtar in Uiscí an Iarthair nuair atá iascaireacht á déanamh ar na stoic éisc a liostaítear i mír 1. I gcás ina mbunófar, áfach, raonta FMSY agus coimircí maidir le bithmhais i dtaca leis na stoic éisc sin faoi ghníomhartha dlí eile de chuid an Aontais lena mbunaítear pleananna ilbhliantúla, beidh feidhm ag na raonta agus na coimircí sin.

5.Leis an Rialachán seo freisin, sonraítear mionsonraí maidir le cur chun feidhme na hoibleagáide gabhálacha a thabhairt i dtír in uiscí an Aontais in Uiscí an Iarthair i gcás gach stoic éisc de speicis a bhfuil an oibleagáid gabhálacha a thabhairt i dtír infheidhme maidir leis faoi Airteagal 15 de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013.

6.Leis an Rialachán seo, déantar foráil maidir le bearta teicniúla, mar a leagtar amach in Airteagal 8, atá infheidhme in Uiscí an Iarthair i dtaca le haon stoc.

Airteagal 2
Sainmhínithe

Chun críocha an Rialacháin seo, i dteannta na sainmhínithe a leagtar síos in Airteagal 4 de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, in Airteagal 4 de Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009 ón gComhairle agus in Airteagal 3 de Rialachán (CE) Uimh. 850/98 ón gComhairle, beidh feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:

(1)ciallaíonn “Uiscí an Iarthair” Uiscí an Iarthair Thuaidh (folimistéar 5 CITM (seachas roinn 5a agus uiscí an Aontais in 5b amháin), folimistéar 6 CITM agus folimistéar 7 CITM) agus Uiscí an Iarthair Theas (folimistéar 8 CITM, folimistéar 9 CITM agus folimistéar 10 CITM (na huiscí timpeall ar na hAsóir), agus limistéar CECAF 34.1.1, limistéar CECAF 34.1.2 agus limistéar CECAF 34.2.0 (na huiscí timpeall ar Mhaidéara agus na hOileáin Chanáracha));

(2)ciallaíonn “raon FMSY” raon luachanna arna sholáthar sa chomhairle eolaíoch is fearr dá bhfuil ar fáil, go háirithe comhairle eolaíoch ón gComhairle Idirnáisiúnta um Thaiscéalaíocht na Mara (CITM), ina bhfuil uastáirgeacht inbhuanaithe (MSY) fhadtéarmach ann mar thoradh ar gach leibhéal básmhaireachta iascaireachta laistigh den raon sin bunaithe ar phatrún iascaireachta agus faoi mheándálaí comhshaoil atá ann cheana gan difear suntasach a dhéanamh don phróiseas atáirgthe don stoc éisc lena mbaineann. Ceaptar an raon sin chun laghdú nach mó ná 5 % sa táirgeacht fhadtéarmach a dhéanamh i gcomparáid leis an uastáirgeacht inbhuanaithe. Cuirtear uasteorainn leis ionas nach mó ná 5 % an dóchúlacht go dtitfidh an stoc éisc faoin bpointe tagartha teorann do bhithmhais stoic sceite (BLIM);

(3)ciallaíonn “MSY FLOWER” an luach is ísle laistigh de raon FMSY;

(4)ciallaíonn “MSY FUPPER” an luach is airde laistigh de raon FMSY;

(5)is é “luach phointe FMSY” luach an ráta básmhaireachta iascaireachta measta atá bunaithe ar phatrún iascaireachta agus ar dhálaí comhshaoil reatha agus is é a thugann an uastáirgeacht fhadtéarmach;

(6)ciallaíonn “an raon is ísle de FMSY” raon ina bhfuil luachanna ó MSY FLOWER suas le luach phointe FMSY;

(7)ciallaíonn “an raon is airde de FMSY” raon ina bhfuil luachanna ó FMSY suas le luach phointe MSY FUPPER;

(8)ciallaíonn “BLIM an pointe tagartha maidir le méid an stoic arna sholáthar sa chomhairle eolaíoch is fearr dá bhfuil ar fáil, go háirithe ó CITM, ar faoina bhun is féidir laghdú a bheith ar acmhainn atáirgthe an stoic éisc;

(9)ciallaíonn “MSY BTRIGGER” an pointe tagartha do bhithmhais stoic sceite, nó i gcás ghliomach na hIorua an pointe tagartha do fhlúirse, arna sholáthar sa chomhairle eolaíoch is fearr dá bhfuil ar fáil, go háirithe ó CITM, ar faoina bhun a dhéanfar gníomhaíocht bhainistíochta shonrach agus iomchuí chun a áirithiú go ndéanfaidh rátaí saothraithe i dteannta éagsúlachtaí nádúrtha stoic a athbhunú thar leibhéil atá in ann MSY a tháirgeadh san fhadtéarma.


CAIBIDIL II
CUSPÓIRÍ

Airteagal 3
Cuspóirí

1.    Rannchuideoidh an plean le cuspóirí an Chomhbheartais Iascaigh a liostaítear in Airteagal 2 de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013 a bhaint amach, go háirithe trí chur chuige an réamhchúraim a chur i bhfeidhm i leith bainistiú iascaigh, agus beidh sé mar aidhm aige a áirithiú go saothrófar beo-acmhainní bitheolaíocha na mara chun líon na speiceas atá á saothrú a athbhunú agus a choinneáil os cionn leibhéil lenar féidir MSY a bhaint amach.

2.    Rannchuideoidh an plean le hábhair mhuirí aischurtha a dhíothú trí ghabhálacha de thaisme a sheachaint agus a laghdú, a mhéid is féidir, agus le cur chun feidhme na hoibleagáide gabhálacha a thabhairt i dtír a bhunaítear in Airteagal 15 de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013 i gcás na speiceas atá faoi réir teorainneacha gabhála agus a bhfuil feidhm ag an Rialachán seo maidir leo.

3.    Leis an bplean, cuirfear chun feidhme cur chuige bunaithe ar éiceachóras i dtaca le bainistiú iascaigh chun a áirithiú go ndéanfar tionchair dhiúltacha gníomhaíochtaí iascaireachta ar éiceachóras na mara a laghdú a oiread is féidir. Beidh sé i gcomhréir le reachtaíocht chomhshaoil an Aontais, go háirithe leis an gcuspóir dea-stádas comhshaoil a bhaint amach faoin mbliain 2020 mar a leagtar amach in Airteagal 1(1) de Threoir 2008/56/CE agus leis na cuspóirí a leagtar amach in Airteagal 4 agus Airteagal 5 de Threoir 2009/147/CE agus in Airteagal 6 agus Airteagal 12 de Threoir 92/43/CEE ón gComhairle.

4.    Go háirithe, beidh sé d’aidhm ag an bplean:

(a)a áirithiú go gcomhlíonfar na coinníollacha a thuairiscítear i dtuairisceoir 3 atá in Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir 2008/56/CE; agus

(b)cuidiú le comhlíonadh na dtuairisceoirí ábhartha eile atá in Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir 2008/56/CE i gcomhréir leis an ról atá ag na hiascaigh ina gcomhlíonadh.

5.    Déanfar bearta sa phlean i gcomhréir leis an gcomhairle eolaíoch is fearr dá bhfuil ar fáil. I gcás nach mbeidh sonraí leordhóthanacha ann, déanfar caomhnú na stoc éisc ábhartha a shaothrú go feadh méid inchomparáide.

CAIBIDIL III
SPRIOCANNA

Airteagal 4
Spriocanna

1.    Déanfar an spriocráta básmhaireachta iascaireachta a bhaint amach i gcomhréir leis na raonta FMSY a shainítear in Airteagal 2 a luaithe is féidir, agus de réir a chéile ar bhonn forásach faoin mbliain 2020 do na stoic éisc a liostaítear in Airteagal 1(1), agus déanfar é a choinneáil ina dhiaidh sin laistigh de raonta FMSY, i gcomhréir leis an Airteagal seo.

2.    Déanfar na raonta FMSY sin bunaithe ar an bplean seo a iarraidh ar CITM.

3.    I gcomhréir le hAirteagal 16(4) de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013, nuair a shocróidh an Chomhairle deiseanna iascaireachta do stoc éisc, bunóidh sí na deiseanna sin faoi bhun an raoin is ísle de FMSY atá ar fáil an tráth sin don stoc éisc sin.

4.    D’ainneoin mhír 1 agus mhír 3, féadfar deiseanna iascaireachta a shocrú ag leibhéil is ísle ná raonta FMSY.

5.    D’ainneoin mhír 3 agus mhír 4, féadfar deiseanna iascaireachta do stoc éisc a shocrú i gcomhréir leis an raon is airde de FMSY atá ar fáil an tráth sin don stoc éisc sin, ar choinníoll go bhfuil an stoc éisc dá dtagraítear in Airteagal 1(1) os cionn MSY BTRIGGER:

(a)más rud é, ar bhonn na comhairle nó na fianaise eolaíche, gur gá sin chun na cuspóirí a leagtar síos in Airteagal 3 i gcás iascaigh ilspeiceas a bhaint amach;

(b)más rud é, ar bhonn na comhairle nó na fianaise eolaíche, gur gá sin chun díobháil thromchúiseach a dhéanfaidh dinimic stoic laistigh den aon speiceas amháin nó idir speicis dhifriúla a sheachaint; nó

(c)chun éagsúlachtaí i ndeiseanna iascaireachta idir blianta as a chéile a theorannú go dtí uasmhéid de 20 %.

6.    In aon chás, déanfar deiseanna iascaireachta a shocrú sa chaoi is go náiritheofar gur lú ná 5 % an dóchúlacht go dtitfidh an bhithmhais stoic sceite faoin bpointe tagartha teorann do bhithmhais stoic sceite (BLIM).

Airteagal 5
Bainistiú na stoc foghabhálacha

1.Socrófar bearta bainistíochta, lena náirítear, i gcás inarb iomchuí, deiseanna iascaireachta, do na stoic dá dtagraítear in Airteagal 1(4) agus an chomhairle eolaíoch is fearr dá bhfuil ar fáil á cur san áireamh agus beidh siad i gcomhréir leis na cuspóirí a leagtar síos in Airteagal 3.

2.Déanfar na stoic sin a bhainistiú faoi chur chuige an réamhchúraim i dtaca le bainistiú iascaigh mar a shainítear i bpointe 8 d’Airteagal 4(1) de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013 nuair nach ann d’fhaisnéis eolaíoch leordhóthanach.

3.I gcomhréir le hAirteagal 9(5) de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013, cuirfidh bainistiú iascach ilspeiceas san áireamh, i dtaca le stoic éisc dá dtagraítear in Airteagal 1(4) den Rialachán seo, an deacracht a bhaineann le hiascaireacht a dhéanamh ar na stoic uile de réir MSY le linn an trátha chéanna, go háirithe i gcásanna ina mbeidh dúnadh róluath an iascaigh mar thoradh ar an deacracht sin.

CAIBIDIL IV
COIMIRCÍ

Airteagal 6
Pointí tagartha caomhnaithe

Bunaithe ar an bplean seo, iarrfar na pointí tagartha caomhnaithe seo a leanas ar CITM chun acmhainn iomlán atáirgthe na stoc éisc dá dtagraítear in Airteagal 1(1) a chosaint.

(a)    MSY BTRIGGER do na stoic éisc dá dtagraítear in Airteagal 1(1);

(b)    BLIM do na stoic éisc dá dtagraítear in Airteagal 1(1).

Airteagal 7
Coimircí

1.    I gcás ina léireofar leis an gcomhairle eolaíoch go bhfuil bithmhais stoic sceite, agus flúirse i gcás ghliomach na hIorua, ceachtar de na stoic éisc dá dtagraítear in Airteagal 1(1) faoi bhun MSY BTRIGGER i mbliain ar leith, glacfar gach beart ceartaitheach iomchuí chun a áirithiú go ndéanfar leibhéil an stoic éisc nó an aonaid fheidhmiúil lena mbaineann a athbhunú go tapa os cionn na leibhéal atá in ann MSY a tháirgeadh. Go háirithe, de mhaolú ar Airteagal 4(3) agus (5), socrófar deiseanna iascaireachta ag leibhéil a bheidh ag teacht le ráta básmhaireachta iascaireachta arna laghdú faoi bhun an raoin is airde de FMSY, ag cur san áireamh an laghdú i mbithmhais.

2.    I gcás ina léireofar leis an gcomhairle eolaíoch go bhfuil bithmhais stoic sceite, agus flúirse i gcás ghliomach na hIorua, ceachtar de na stoic éisc dá dtagraítear in Airteagal 1(1) faoi bhun (BLIM), déanfar bearta ceartaitheacha breise chun a áirithiú go ndéanfar leibhéil an stoic éisc nó an aonaid fheidhmiúil lena mbaineann a athbhunú go tapa os cionn na leibhéal atá in ann MSY a tháirgeadh. Go háirithe, de mhaolú ar Airteagal 4(3) agus (5), féadfar a áireamh ar na bearta ceartaitheacha sin iascach spriocdhírithe an stoic éisc nó an aonaid fheidhmiúil lena mbaineann a chur ar fionraí agus deiseanna iascaireachta a laghdú go leordhóthanach.

3.    Féadfar a áireamh i mbearta ceartaitheacha dá dtagraítear san Airteagal seo:

(a)    bearta éigeandála i gcomhréir le hAirteagal 12 agus Airteagal 13 de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013;

(b)    bearta de bhun Airteagal 8 den Rialachán seo.

4.    Beidh rogha na mbeart dá dtagraítear san Airteagal seo iomchuí do chineál, tromchúis, fad agus atriall na staide i gcás inar lú an bhithmhais stoic sceite, agus flúirse i gcás ghliomach na hIorua, ná na leibhéil dá dtagraítear in Airteagal 6.


CAIBIDIL V
BEARTA TEICNIÚLA

Airteagal 8
Bearta teicniúla

1.    Tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 15 den Rialachán seo agus le hAirteagal 18 de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013 chun an Rialachán seo a fhorlíonadh maidir leis na bearta teicniúla seo a leanas:

(a)    sonraíochtaí saintréithe trealaimh iascaireachta agus rialacha maidir le húsáid an trealamh sin, chun roghnaíocht a áirithiú nó a fheabhsú, chun gabhálacha de thaisme a laghdú nó chun an tionchar diúltach ar an éiceachóras a íoslaghdú;

(b)sonraíochtaí modhnuithe nó feistí breise a chuirtear le trealamh iascaireachta, chun roghnaíocht a áirithiú nó a fheabhsú, chun gabhálacha de thaisme a laghdú nó chun an tionchar diúltach ar an éiceachóras a íoslaghdú;

(c)teorannuithe nó toirmisc ar úsáid trealaimh iascaireachta áirithe agus ar ghníomhaíochtaí iascaireachta, i limistéir áirithe nó le linn tréimhsí áirithe chun éisc sceite, éisc faoin íosmhéid tagartha caomhnaithe nó speicis éisc nach spriocspeicis iad a chosaint nó chun an tionchar diúltach ar an éiceachóras a íoslaghdú; agus

(d)íosmhéideanna tagartha caomhnaithe a leagan síos d’aon cheann de na stoic éisc a bhfuil feidhm ag an Rialachán seo maidir leo, chun cosaint na nóg-orgánach muirí a áirithiú;

2.    Cuirfidh na bearta dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo leis na cuspóirí a leagtar amach in Airteagal 3 a bhaint amach.


CAIBIDIL VI
DEISEANNA IASCAIREACHTA

Airteagal 9
Deiseanna iascaireachta

1.    Le linn do na Ballstáit deiseanna iascaireachta atá ar fáil dóibh a leithdháileadh i gcomhréir le hAirteagal 17 de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013, cuirfidh siad san áireamh an comhdhéanamh is dóchúil a bheidh ar ghabhálacha na soitheach atá rannpháirteach in iascach ilspeiceas.

2.    Tar éis dóibh fógra a thabhairt don Choimisiún, féadfaidh na Ballstáit na deiseanna iascaireachta a leithdháilfear orthu a mhalartú go hiomlán nó i bpáirt de bhun Airteagal 16(8) de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013.

3.    Gan dochar d’Airteagal 7, féadfar gabháil iomlán incheadaithe na stoc sin de ghliomach na hIorua atá in Uiscí an Iarthair a ríomh mar líon na dteorainneacha gabhála atá ag na haonaid fheidhmiúla arna suimiú leis na dronuilleoga staidrimh sin atá lasmuigh de na haonaid fheidhmiúla.

4.    I gcás ina léireofar leis an gcomhairle eolaíoch go bhfuil tionchar suntasach ag iascaigh áineasa ar rátaí básmhaireachta iascaireachta stoic éisc ar leith, féadfaidh an Chomhairle iascaigh áineasa a chur san áireamh agus a theorannú agus deiseanna iascaireachta á socrú aici chun nach sárófar an spriocráta básmhaireachta iomlán iascaireachta.


CAIBIDIL VII
FORÁLACHA ATÁ NASCTHA LEIS AN OIBLEAGÁID GABHÁLACHA A THABHAIRT I DTÍR

Airteagal 10
Forálacha atá nasctha leis an oibleagáid gabhálacha a thabhairt i dtír in uiscí an Aontais de chuid Uiscí an Iarthair

Maidir le gach stoc éisc de speicis in Uiscí an Iarthair a bhfuil an oibleagáid gabhálacha a thabhairt i dtír infheidhme maidir leis faoi Airteagal 15(1) de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013, tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 15 den Rialachán seo agus Airteagal 18 de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013 chun an Rialachán seo a fhorlíonadh trí mhionsonraithe na hoibleagáide sin a shonrú mar a fhoráiltear i bpointí (a) go (e) d’Airteagal 15(5) de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013.


CAIBIDIL VIII
ROCHTAIN AR UISCÍ AGUS AR ACMHAINNÍ

Airteagal 11
Údaruithe iascaireachta agus uasteorainneacha le haghaidh acmhainn iascaireachta

1.    Le haghaidh gach ceann de limistéir CITM dá dtagraítear in Airteagal 1(1) den Rialachán seo, eiseoidh gach Ballstát údaruithe iascaireachta i gcomhréir le hAirteagal 7 de Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009 ón gComhairle i gcás soithí a bhfuil bratach an Bhallstáit sin ar foluain acu agus atá i mbun gníomhaíochtaí iascaireachta sa limistéar sin. I gcás údaruithe iascaireachta den sórt sin, féadfaidh na Ballstáit acmhainn iomlán soithí den sórt sin, arna sloinneadh in kW, a theorannú freisin trí threalamh sonrach a úsáid.

2.    Bunóidh agus coimeádfaidh gach Ballstát liosta soithí a mbeidh an túdarú iascaireachta dá dtagraítear i mír 1 acu agus cuirfidh an Ballstát an liosta sin ar fáil don Choimisiún agus do na Ballstáit eile ar a shuíomh gréasáin oifigiúil féin.



CAIBIDIL IX
STOC AR LEAS COITEANN É A BHAINISTIÚ

Airteagal 12
Prionsabail agus cuspóirí a bhaineann le stoic a bhainistiú ar leas coiteann don Aontas agus do thríú tíortha iad

1. Nuair a shaothróidh tríú tíortha stoic ar leas coiteann iad freisin, oibreoidh an tAontas i gcomhar leis na tríú tíortha sin lena áirithiú go mbainistítear na stoic sin ar bhealach inbhuanaithe atá comhsheasmhach le cuspóirí Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013, go háirithe le hAirteagal 2(2) den Rialachán sin, agus le cuspóirí an Rialacháin seo. I gcás nach dtiocfar ar chomhaontú foirmiúil, déanfaidh an tAontas gach iarracht teacht ar shocrú coiteann maidir le hiascaireacht a dhéanamh ar na stoic sin ionas go bhféadfaí bainistiú inbhuanaithe a dhéanamh agus, ar an gcaoi sin, cothrom iomaíochta a chur chun cinn d’oibreoirí an Aontais.

2. I gcomhthéacs stoic a bhainistiú go comhpháirteach le tríú tíortha, féadfaidh an tAontas deiseanna iascaireachta a mhalartú le tríú tíortha de bhun Airteagal 33(2) de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013.

CAIBIDIL X
RÉIGIÚNÚ

Airteagal 13
An comhar réigiúnach

1.    Beidh feidhm ag Airteagal 18(1) go (6) de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013 maidir leis na bearta dá dtagraítear in Airteagal 8 agus Airteagal 10 den Rialachán seo.

2.     Chun críche mhír 1 den Airteagal seo, féadfaidh na Ballstáit ag a bhfuil leas díreach bainistíochta in Uiscí an Iarthair Thuaidh agus na Ballstáit ag a bhfuil leas díreach bainistíochta in Uiscí an Iarthair Theas, féadfaidh siad moltaí comhpháirteacha a thíolacadh i gcomhréir le hAirteagal 18(1) de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013 den chéad uair tráth nach déanaí ná dhá mhí dhéag tar éis don Rialachán seo teacht i bhfeidhm agus, ina dhiaidh sin, dhá mhí dhéag tar éis gach meastóireachta ar an bplean a chuirfear isteach i gcomhréir le hAirteagal 14. Féadfaidh siad na moltaí sin a thíolacadh freisin nuair a mheasfaidh siad gur gá sin, go háirithe i gcás athrú tobann ar staid aon chinn de na stoic éisc a bhfuil feidhm ag an Rialachán seo maidir leis. Ní mór gach moladh comhpháirteach i ndáil leis na bearta a bhaineann le bliain féilire ar leith a thíolacadh tráth nach déanaí ná an 1 Iúil, an bhliain roimhe sin.

3    Beidh an cumhachtú a dheonaítear faoi Airteagal 8 agus Airteagal 10 den Rialachán seo gan dochar do chumhachtaí a thugtar don Choimisiún faoi fhorálacha eile de dhlí an Aontais, lena náirítear Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013.



CAIBIDIL XI
MEASTÓIREACHT AGUS FORÁLACHA NÓS IMEACHTA

Airteagal 14
Meastóireacht ar an bplean

Faoi [cúig bliana tar éis dháta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo], agus gach cúig bliana ina dhiaidh sin, cuirfidh an Coimisiún tuarascáil faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle maidir le torthaí an phlean agus maidir le tionchar an phlean ar na stoic éisc a bhfuil feidhm ag an Rialachán seo ina leith agus maidir leis na hiascaigh a shaothraíonn na stoic éisc sin, go háirithe maidir le baint amach na gcuspóirí dá dtagraítear in Airteagal 3.

Airteagal 15
An tarmligean a fheidhmiú

1.    Is faoi réir na gcoinníollacha a leagtar síos san Airteagal seo a thugtar an chumhacht don Choimisiún chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh.

2.    Déanfar tarmligean na cumhachta dá dtagraítear in Airteagail 1(1), Airteagal 8 agus Airteagal 10 a thabhairt don Choimisiún go ceann tréimhse cúig bliana ón dáta a thiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm. Déanfaidh an Coimisiún, tráth nach déanaí ná naoi mí roimh dheireadh na tréimhse cúig bliana, tuarascáil a tharraingt suas maidir le tarmligean na cumhachta. Déanfar tarmligean na cumhachta a fhadú go hintuigthe go ceann tréimhsí comhfhaid, mura rud é go gcuireann Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle in aghaidh an fhadaithe sin tráth nach déanaí ná trí mhí roimh dheireadh gach tréimhse.

3.    Féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle tarmligean na cumhachta dá dtagraítear in Airteagal 1(1), Airteagal 8 agus Airteagal 10 a chúlghairm aon tráth. Déanfaidh cinneadh chun cúlghairm a dhéanamh deireadh a chur le tarmligean na cumhachta atá sonraithe sa chinneadh sin. Gabhfaidh éifeacht leis an lá tar éis fhoilsiú an chinnidh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh nó ar dháta is déanaí a shonrófar sa chinneadh. Ní dhéanfaidh sé difear do bhailíocht aon ghníomhartha tarmligthe atá i bhfeidhm cheana.

4.    Roimh dó gníomh tarmligthe a ghlacadh, rachaidh an Coimisiún i mbun comhairliúcháin le saineolaithe arna nainmniú ag gach Ballstát i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos i gComhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr 28 .

5.    A luaithe a ghlacfaidh sé gníomh tarmligthe, tabharfaidh an Coimisiún fógra, an tráth céanna, do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle faoi.

6.    Ní thiocfaidh gníomh tarmligthe a ghlactar de bhun Airteagal 1(1), Airteagal 8 agus Airteagal 10 i bhfeidhm ach amháin mura mbeidh aon agóid curtha in iúl ag Parlaimint na hEorpa ná ag an gComhairle laistigh de thréimhse dhá mhí tar éis fógra faoin ngníomh sin a thabhairt do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle nó más rud é, roimh dhul in éag na tréimhse sin, go mbeidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle araon tar éis a chur in iúl don Choimisiún nach ndéanfaidh siad aon agóid. Déanfar an tréimhse sin a fhadú dhá mhí ar thionscnamh Pharlaimint na hEorpa nó na Comhairle.

CAIBIDIL XII
TACAÍOCHT ÓN GCISTE EORPACH MUIRÍ AGUS IASCAIGH

Airteagal 16
Tacaíocht ón gCiste Eorpach Muirí agus Iascaigh

Measfar bearta scoir shealadaigh a ghlactar chun cuspóirí an phlean a shroicheadh mar scor sealadach gníomhaíochtaí iascaireachta chun críocha phointe (a) agus phointe (c) d’Airteagal 33(1) de Rialachán (AE) Uimh. 508/2014.

CAIBIDIL XIII
LEASÚ AR RIALACHÁN (AE) 2016/1139

Airteagal 17
Leasú ar rialachán (AE) 2016/1139

Leasaítear Rialachán (AE) 2016/1139 mar a leanas:

1.    Cuirtear an tairteagal seo a leanas in ionad Airteagal 2:

“Chun críocha an Rialacháin seo, tá feidhm ag na sainmhínithe dá dtagraítear in Airteagal 4 de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013, Airteagal 4 de Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009 agus Airteagal 2 de Rialachán (CE) Uimh. 2187/2005. Sa bhreis air sin, tá feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:

(1) ciallaíonn “stoic pheiligeacha” na stoic a liostaítear i bpointe (c) go pointe (h) d’Airteagal 1(1) den Rialachán seo agus aon mheascán díobh sin;

(2) ciallaíonn “raon FMSY” raon luachanna arna sholáthar sa chomhairle eolaíoch is fearr dá bhfuil ar fáil, go háirithe comhairle eolaíoch ón gComhairle Idirnáisiúnta um Thaiscéalaíocht na Mara (CITM), ina bhfuil uastáirgeacht inbhuanaithe (MSY) fhadtéarmach ann mar thoradh ar gach leibhéal básmhaireachta iascaireachta laistigh den raon sin bunaithe ar phatrún iascaireachta agus faoi mheándálaí comhshaoil atá ann cheana gan difear suntasach a dhéanamh don phróiseas atáirgthe do na stoic éisc lena mbaineann. Ceaptar an raon sin chun laghdú nach mó ná 5 % sa táirgeacht fhadtéarmach a dhéanamh i gcomparáid leis an uastáirgeacht inbhuanaithe. Cuirtear uasteorainn leis ionas nach mó ná 5 % an dóchúlacht go dtitfidh an stoc éisc faoin bpointe tagartha teorann do bhithmhais stoic sceite (BLIM);

(3) ciallaíonn “MSY FLOWER” an luach is ísle laistigh de raon FMSY;

(4) ciallaíonn “MSY FUPPER” an luach is airde laistigh de raon FMSY;

(5) ciallaíonn “luach phointe FMSY” luach an ráta básmhaireachta iascaireachta measta atá bunaithe ar phatrún iascaireachta agus ar dhálaí comhshaoil reatha agus is é a thugann an uastáirgeacht fhadtéarmach;

(6) ciallaíonn “an raon is ísle de FMSY” raon ina bhfuil luachanna ó MSY FLOWER suas le luach phointe FMSY;

(7) ciallaíonn “an raon is airde de FMSY” raon ina bhfuil luachanna ó FMSY suas le luach phointe MSY FUPPER;

(8) ciallaíonn “BLIM” an pointe tagartha maidir le méid an stoic arna sholáthar sa chomhairle eolaíoch is fearr dá bhfuil ar fáil, go háirithe ó CITM, ar faoina bhun is féidir laghdú a bheith ar acmhainn atáirgthe na stoc éisc;

(9) ciallaíonn “MSY BTRIGGER” an pointe tagartha do bhithmhais stoic sceite arna sholáthar sa chomhairle eolaíoch is fearr dá bhfuil ar fáil, go háirithe ó CITM, ar faoina bhun a dhéanfar gníomhaíocht bhainistíochta shonrach agus iomchuí chun a áirithiú go ndéanfaidh rátaí saothraithe i dteannta éagsúlachtaí nádúrtha stoic a athbhunú thar leibhéil atá in ann MSY a tháirgeadh san fhadtéarma;

(10) ciallaíonn “na Ballstáit lena mbaineann” na Ballstáit ag a bhfuil leas díreach bainistíochta, eadhon an Danmhairg, an Ghearmáin, an Eastóin, an Laitvia, an Liotuáin, an Pholainn, an Fhionlainn agus an tSualainn.”

2.    Cuirtear an tairteagal seo a leanas in ionad Airteagal 4:

“Airteagal 4
Spriocanna

1.    Déanfar an spriocráta básmhaireachta iascaireachta a bhaint amach i gcomhréir leis na raonta FMSY a shainítear in Airteagal 2 a luaithe is féidir, agus de réir a chéile ar bhonn forásach faoin mbliain 2020 do na stoic éisc a liostaítear in Airteagal 1(1), agus déanfar é a choinneáil ina dhiaidh sin laistigh de raonta FMSY, i gcomhréir leis an Airteagal seo.

2.    Déanfar na raonta FMSY sin bunaithe ar an bplean seo a iarraidh ar CITM.

3.    I gcomhréir le hAirteagal 16(4) de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013, nuair a shocróidh an Chomhairle deiseanna iascaireachta do stoc éisc, bunóidh sí na deiseanna sin faoi bhun an raoin is ísle de FMSY atá ar fáil an tráth sin don stoc éisc sin.

4.    D’ainneoin mhír 1 agus mhír 3, féadfar deiseanna iascaireachta a shocrú ag leibhéil is ísle ná raonta FMSY.

5.    D’ainneoin mhír 3 agus mhír 4, féadfar deiseanna iascaireachta do stoc éisc a shocrú i gcomhréir leis an raon is airde de FMSY atá ar fáil an tráth sin don stoc éisc sin, ar choinníoll go bhfuil an stoc éisc dá dtagraítear in Airteagal 1(1) os cionn MSY BTRIGGER:

(a)más rud é, ar bhonn na comhairle nó na fianaise eolaíche, gur gá sin chun na cuspóirí a leagtar síos in Airteagal 3 i gcás iascaigh ilspeiceas a bhaint amach;

(b)más rud é, ar bhonn na comhairle nó na fianaise eolaíche, gur gá sin chun díobháil thromchúiseach a dhéanfadh dinimic stoic laistigh den aon speiceas amháin nó idir speicis dhifriúla a sheachaint; nó

(c)chun éagsúlachtaí i ndeiseanna iascaireachta idir blianta as a chéile a theorannú go dtí uasmhéid de 20 %.

6.    In aon chás, déanfar deiseanna iascaireachta a shocrú sa chaoi is go náiritheofar gur lú ná 5 % an dóchúlacht go dtitfidh an bhithmhais stoic sceite faoin bpointe tagartha teorann do bhithmhais stoic sceite (BLIM).”

3.    I gCaibidil III, cuirtear an tairteagal seo a leanas i ndiaidh Airteagal 4:

“Airteagal 4a
Pointí tagartha caomhnaithe

Bunaithe ar an bplean seo, iarrfar na pointí tagartha caomhnaithe seo a leanas ar CITM chun acmhainn iomlán atáirgthe na stoc éisc dá dtagraítear in Airteagal 1(1) a chosaint:

(a)    MSY BTRIGGER do na stoic éisc dá dtagraítear in Airteagal 1(1);

(b)    BLIM do na stoic éisc dá dtagraítear in Airteagal 1(1);

4.    Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 5: 

"Airteagal 5
Coimircí

1.    I gcás ina léireofar leis an gcomhairle eolaíoch go bhfuil bithmhais stoic sceite ceachtar de na stoic éisc dá dtagraítear in Airteagal 1(1) faoi bhun MSY BTRIGGER i mbliain ar leith, glacfar gach beart ceartaitheach iomchuí chun a áirithiú go ndéanfar leibhéil an stoic éisc lena mbaineann a athbhunú go tapa os cionn na leibhéal atá in ann MSY a tháirgeadh. Go háirithe, de mhaolú ar Airteagal 4(3) agus (5), socrófar deiseanna iascaireachta ag leibhéil a bheidh ag teacht le ráta básmhaireachta iascaireachta arna laghdú faoi bhun an raoin is airde de FMSY, ag cur san áireamh an laghdú i mbithmhais.

2.    I gcás ina léireofar leis an gcomhairle eolaíoch go bhfuil bithmhais stoic sceite ceachtar de na stoic éisc dá dtagraítear in Airteagal 1(1) faoi bhun BLIM, déanfar bearta ceartaitheacha breise chun a áirithiú go ndéanfar leibhéil an stoic éisc lena mbaineann a athbhunú go tapa os cionn na leibhéil atá in ann MSY a tháirgeadh. Go háirithe, de mhaolú ar Airteagal 4(3) agus (5), féadfar a áireamh ar na bearta ceartaitheacha sin iascach spriocdhírithe an stoic éisc a chur ar fionraí agus deiseanna iascaireachta a laghdú go leordhóthanach.

3.    Féadfar a áireamh i mbearta ceartaitheacha dá dtagraítear san Airteagal seo:

(a)    bearta éigeandála i gcomhréir le hAirteagal 12 agus Airteagal 13 de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013;

(b)    bearta de bhun Airteagal 7 agus Airteagal 8 den Rialachán seo.

4.    Beidh rogha na mbeart dá dtagraítear san Airteagal seo iomchuí do chineál, tromchúis, fad agus atriall na staide i gcás inar lú an bhithmhais stoic sceite ná na leibhéil dá dtagraítear in Airteagal 4a.”

5.    Scriostar Iarscríbhinn I agus Iarscríbhinn II.

CAIBIDIL XIV
FORÁLACHA CRÍOCHNAITHEACHA

Airteagal 18
Aisghairmeacha

1.Aisghairtear na Rialacháin seo a leanas:

a) Rialachán (CE) Uimh. 811/2004;

b) Rialachán (CE) Uimh. 2166/2005;

c) Rialachán (CE) Uimh. 388/2006;

d) Rialachán (CE) Uimh. 509/2007;

e) Rialachán (CE) Uimh. 1300/2008.

2.Déanfar tagairtí don Rialachán aisghairthe a fhorléiriú mar thagairtí don Rialachán seo.

Airteagal 19
Teacht i bhfeidhm

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil,

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa    Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán    An tUachtarán

(1)

   IO L 354, 28.12.2013, lch. 22.

(2)    IO L 191, 15.7.2016, lch. 1.
(3)

   IO L 125, 27.4.1998, lch. 1.

(4)    COM/2016/0134 final – 2016/074 (COD)
(5)

   IO L 27, 31.01.2018, lch. 1.

(6)    IO L 343, 22.12.2009, lch. 1.
(7)     https://ec.europa.eu/info/consultations/multi-annual-plans-western-eu-waters_en  
(8)    Cuireadh an tascfhórsa idirinstitiúideach maidir le pleananna ilbhliantúla ar bun in 2013 chun aghaidh a thabhairt ar shaincheisteanna idirinstitiúideacha agus chun teacht ar chomhaontú faoi bhealach chun dul chun cinn a dhéanamh maidir le ceapadh agus tabhairt isteach pleananna ilbhliantúla a éascú i gcomhréir leis an gComhbheartas Iascaigh agus chun scrúdú a dhéanamh ar na saincheisteanna a bhaineann le pleananna ilbhliantúla agus chun na roghanna a fhiosrú féachaint le teacht ar bhealach iomchuí chun dul chun cinn a dhéanamh.
(9)    Is féidir teacht ar thuarascálacha CETEI lena ndéantar measúnú ar na pleananna ilbhliantúla atá ann faoi láthair anseo: https://stecf.jrc.ec.europa.eu/reports/management-plans
(10)     http://www.ices.dk/sites/pub/Publication%20Reports/Advice/2015/2015/her-67bc.pdf
(11)

    STECF: Evaluation/scoping of Management plans - Evaluation of the multi-annual plan for the management of Western Channel sole (Regulation EC 509/2007) (STECF-14-04), p.7 and 10 [Meastóireacht ar phleananna bainistíochta agus an raon feidhme a bhaineann leo – Meastóireacht ar an bplean ilbhliantúil maidir leis an sól i Muir nIocht Thiar a bhainistiú (Rialachán (CE) Uimh. 509/2007), lch. 7 agus lch. 10]

(12)

    STECF: Impact Assessment of Bay of Biscay sole (STECF-11-01), p. 12 [Measúnú tionchair ar an sól i mBá na Bioscáine, lch 12]

(13)     http://www.ices.dk/sites/pub/Publication%20Reports/Advice/2016/2016/hke-nrtn.pdf  
(14)

    CETEI: Report of the Sub Group on Management Objectives and Strategies (SGMOS 10-06). Part d) Evaluation of Multi-Annual Plan for hake and Nephrops in areas VIIIc and IXa, p. 6 [Tuarascáil an Fhoghrúpa ar Chuspóirí agus Straitéisí Bainistíochta. Cuid d) Meastóireacht ar phlean ilbhliantúil don cholmóir agus do Nephrops i limistéar VIIIc agus limistéar IXa, lch. 6].

(15)    IO C , , lch. .
(16)    Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2013 maidir leis an gComhbheartas Iascaigh, lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1954/2003 ón gComhairle agus Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009 ón gComhairle agus lena naisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 2371/2002 ón gComhairle, Rialachán (CE) Uimh. 639/2004 ón gComhairle agus Cinneadh 2004/585/CE ón gComhairle (IO L 354, 28.12.2013, lch. 22).
(17)    Treoir 2008/56/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Meitheamh 2008 lena mbunaítear creat do ghníomhaíocht Chomhphobail i réimse an bheartais comhshaoil mhuirí (an Treoir Réime um Straitéis Mhuirí) (IO L 164, 25.6.2008, lch. 19).
(18)    Rialachán (CE) Uimh. 811/2004 ón gComhairle an 21 Aibreán 2004 lena mbunaítear bearta chun stoc colmóirí an tuaiscirt a athshlánú (IO L 150, 30.4.2004, lch. 1)
(19)    Rialachán (CE) Uimh. 2166/2005 ón gComhairle an 20 Nollaig 2005 lena mbunaítear bearta chun stoc colmóirí an deiscirt agus stoic ghliomaigh na hIorua sa Mhuir Chantabrach agus in Uiscí Iarthair Leithinis na hIbéire a athshlánú agus lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 850/98 maidir le hacmhainní iascaigh a chaomhnú trí bhearta teicniúla chun óg-orgánaigh mhuirí a chosaint (IO L 345, 28.12.2005, lch. 5)
(20)    Rialachán (CE) Uimh. 388/2006 ón gComhairle an 23 Feabhra 2006 lena mbunaítear plean ilbhliantúil do shaothrú inbhuanaithe an stoic sól i mBá na Bioscáine (IO L 65, 7.3.2006, lch. 1)
(21)    Rialachán (CE) Uimh. 509/2007 ón gComhairle an 7 Bealtaine 2007 lena mbunaítear plean ilbhliantúil do shaothrú inbhuanaithe an stoic sól sa Chaol Thiar (IO L 122, 11.5.2007, lch. 7)
(22)    Rialachán (CE) Uimh. 1300/2008 ón gComhairle an 18 Nollaig 2008 lena mbunaítear plean ilbhliantúil don stoc scadán in Uiscí Iarthar na hAlban agus do na hiascaigh a shaothraíonn an stoc sin (IO L 344, 20.12.2008, lch. 6)
(23)    Rialachán (CE) Uimh. 1342/2008 ón gComhairle an 18 Nollaig 2008 lena mbunaítear plean fadtéarmach do na stoic troisc agus do na hiascaigh siúd a shaothraíonn na stoic sin agus lena naisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 423/2004 (IO L 348, 24.12.2008, lch. 20)
(24)

    MSY

(25)    IO L 123, 12.5.2016, lch. 1.
(26)    Rialachán (AE) Uimh. 508/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Bealtaine 2014 maidir leis an gCiste Eorpach Muirí agus Iascaigh agus lena naisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 2328/2003 ón gComhairle, Rialachán (CE) Uimh. 861/2006 ón gComhairle, Rialachán (CE) Uimh. 1198/2006 ón gComhairle, Rialachán (CE) Uimh. 791/2007 ón gComhairle agus Rialachán (AE) Uimh. 1255/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 149, 20.5.2014, lch. 1).
(27)    Rialachán (AE) Uimh. 2016/1139 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 6 Iúil 2016 lena mbunaítear plean ilbhliantúil do na stoic troisc, scadáin agus saláin i Muir Bhailt agus do na iascaigh ina saothraítear na stoic sin, lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 2187/2005 ón gComhairle agus lena naisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1098/2007 (IO L 191, 15.7.2016, lch. 1).
(28)    Comhaontú Idirinstitiúideach idir Parlaimint na hEorpa, Comhairle an Aontais Eorpaigh agus an Coimisiún Eorpach maidir le Reachtóireacht Níos Fearr.