An Bhruiséil,14.3.2018

COM(2018) 135 final

2018/0063(COD)

Togra le haghaidh

TREOIR Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

maidir le seirbhíseoirí creidmheasa, ceannaitheoirí creidmheasa agus comhthaobhacht a aisghabháil

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

{SWD(2018) 75 final}
{SWD(2018) 76 final}


MEABHRÁN MÍNIÚCHÁIN

1.COMHTHÉACS AN TOGRA

Forais agus cuspóirí an togra

Is cuid thábhachtach é an togra seo den obair chun Aontas Eacnamaíoch agus Airgeadaíochta na hEorpa (AEA) a neartú. Déanfaidh córas airgeadais níos comhtháite feabhas a chur ar bhuanseasmhacht an Aontais Eacnamaíoch agus Airgeadaíochta in aghaidh suaitheadh neamhfhabhrach trí rioscaí a roinnt ar bhonn príobháideach trasteorann, agus san am céanna an gá a laghdú atá le rioscaí a chomhroinnt ar bhonn poiblí. Chun na cuspóirí sin a bhaint amach, ba cheart don Aontas Eorpach an tAontas Baincéireachta a chur i gcrích agus bunchlocha uile Aontas na Margaí Caipitil a chur i bhfeidhm. Leagann Teachtaireacht an 11 Deireadh Fómhair 2017 1 ón gCoimisiún bealach chun cinn leis an Aontas Baincéireachta a chur i gcrích trí laghdú riosca agus comhroinnt riosca a chur chun cinn san am céanna, mar chuid den treochlár chun AEA a neartú de réir mar atá leagtha amach ag an gCoimisiún an 6 Nollaig 2017. 2

Tá sé ríthábhachtach dul i ngleic le stoc mór iasachtaí neamhthuillmheacha (NPLanna) 3 agus le carnadh ionchasach sa todhchaí díobh chun an tAontas Baincéireachta a chur i gcrích. Laghdóidh sin na rioscaí a thuilleadh agus ligfidh sé do na bainc díriú ar iasachtaí a thabhairt do ghnóthaí agus do shaoránaigh. Is iasachtaí iad na hiasachtaí neamhthuillmheacha nach bhfuil an tiasachtaí in ann na híocaíochtaí sceidealta a íoc chun ús nó aisíocaíochtaí caipitil a chumhdach. Nuair a bhíonn íocaíochtaí dlite gan íoc le níos mó ná 90 lá, nó nuair a dhéantar measúnú nach dócha go ndéanfaidh iasachtaí iasacht a aisíoc, rangaítear an iasacht mar iasacht neamhthuillmheach. Mar gheall ar an ngéarchéim airgeadais agus na cúluithe eacnamaíocha a tháinig aisti b’fhorleithne é míchumas iasachtaithe a gcuid iasachtaí a aisíoc, de réir mar a bhí deacrachtaí íocaíochta leanúnacha nó féimheacht i gceist le tuilleadh cuideachtaí agus saoránach. B’amhlaidh a bhí an cás go háirithe i mBallstáit a raibh tréimhsí fada cúluithe eacnamaíocha rompu. Dá thoradh sin agus imthosca eile, tháinig méadú ar iasachtaí neamhthuillmheacha ar leabhair roinnt banc.

Tá dhá phríomhbhealach ar féidir go gcuirfidh stoc mór iasachtaí neamhthuillmheacha isteach ar fheidhmíocht bainc. Ar an gcéad dul síos, saothraíonn iasachtaí neamhthuillmheacha níos lú ioncaim do bhanc ná iasachtaí tuillmheacha agus dá réir sin laghdaíonn siad brabúsacht an bhainc, agus d’fhéadfaidís a bheith ina gcúis caillteanas lena laghdófaí a chaipiteal. Is féidir leis na héifeachtaí sin amhras a chruthú faoi inmharthanacht an bhainc sna cásanna is crua agus bíonn impleachtaí ionchasacha leis sin maidir le cobhsaíocht airgeadais. Ar an dara dul síos, tá méideanna suntasacha acmhainní bainc, idir acmhainní daonna agus acmhainní airgeadais, nach mbíonn ar fáil de dheasca iasachtaí neamhthuillmheacha. Laghdaíonn sé sin cumas an bhainc iasacht a thabhairt, lena náirítear d’fhiontair bheaga agus mheánmhéide (FBManna).

Bíonn tionchar go háirithe ag soláthar laghdaithe creidmheasa ar FBManna, ós rud é go mbraitheann siad ar iasachtaí bainc níos mó ná a bhraitheann cuideachtaí móra, rud a chuireann isteach ar fhás eacnamaíoch agus ar chruthú post. Is minic a bhíonn iasachtú bainc thar a bheith costasach agus chuir géarchéim airgeadais 2008 isteach go mór ar mhéideanna iasachtaithe bainc do FBManna, rud a chuireann bac ar fhorbairt agus ar fhás FBManna.

Tá margaí tánaisteacha dea-fhorbartha le haghaidh iasachtaí neamhthuillmheacha ar cheann de bhunchlocha CMU dhea-fheidhmigh 4 . Tá bunú Aontas na Margaí Caipitil (CMU) ar cheann de phríomhchuspóirí thosaíocht an Choimisiúin foinsí nua cistiúcháin a chur ar fáil le haghaidh gnóthaí AE, FBManna agus cuideachtaí nuála ardfháis go háirithe. Cé go bhfuil tionscadal Aontas na Margaí Caipitil dírithe ar rochtain ar airgeadais neamhbhainc a éascú le haghaidh gnóthaí san Aontas Eorpach agus an tairgeadas neamhbhainc sin a éagsúlú, admhaíonn sé freisin an ról lárnach atá ag bainc i leith geilleagar an Aontais Eorpaigh a mhaoiniú. Dá réir sin, is é is aidhm le ceann de shruthanna oibre Aontas na Margaí Caipitil feabhas a chur ar chumas na mbanc iasacht a thabhairt do ghnólachtaí, lena náirítear trí neartú a gcumais luach a aisghabháil de chomhthaobhacht arna cur ar fáil chun iasachtaí a urrú.

Ní mór dul i ngleic le hardleibhéil iasachtaí neamhthuillmheacha le cur chuige cuimsitheach. Cé gur ar na bainc agus ar na Ballstáit 5 fós an phríomhfhreagracht ó thaobh dul i ngleic le hardleibhéil iasachtaí neamhthuillmheacha, tá gné shoiléir d’AE i gceist freisin i leith stoic reatha iasachtaí neamhthuillmheacha a laghdú, agus cosc a chur ar charnadh iomarcach iasachtaí neamhthuillmheacha amach anseo i bhfianaise idirnascacht chóras baincéireachta an Aontais Eorpaigh agus go háirithe idirnascacht chóras baincéireachta an limistéir euro. Go háirithe, tá éifeachtaí leathnú amach tábhachtacha ag Ballstáit a bhfuil ardleibhéil iasachtaí neamhthuillmheacha acu ann ar gheilleagar an Aontais Eorpaigh ina iomláine, ó thaobh fás eacnamaíoch agus cobhsaíocht airgeadais araon.

Ghlac an Chomhairle “Plean Gníomhaíochta chun dul i ngleic le hIasachtaí Neamhthuillmheacha san Eoraip” i mí Iúil 2017 ag féachaint don ghné AE sin agus ag cur leis an gcomhaontú comhroinnte faoin ngá leanúint ar aghaidh agus síneadh a chur leis na gníomhaíochtaí arna dtionscnamh ag an gCoimisiún cheana. Sa Phlean Gníomhaíochta leagtar amach cur chuige cuimsitheach atá dírithe ar mheascán de gníomhaíochtaí beartais comhlántacha i gceithre réimse: (i) maoirseacht agus rialú banc, (ii) creataí athstruchtúrúcháin, dócmhainneachta agus aisghabháil fiach a athchóiriú, (iii) margaí tánaisteacha i gcomhair sócmhainní tochsail a fhorbairt, agus (iv) athstruchtúrú an chórais baincéireachta a chur chun cinn. Ní mór gníomhaíocht sna réimsí sin a dhéanamh ar an leibhéal náisiúnta agus ar leibhéal an Aontais i gcás inarb iomchuí. Beidh tionchar níos láidre ag bearta áirithe ar mheasúnú riosca na mbanc ar thionscnamh na hiasachta, cothóidh cinn eile mear-aithint agus bainistíocht níos fearr ar iasachtaí neamhthuillmheacha, agus cuirfidh bearta eile feabhas ar luach margaidh na niasachtaí neamhthuillmheacha sin. Treiseoidh na gníomhaíochtaí sin a chéile ach ní bheidís éifeachtach go leor dá gcuirfí chun feidhme iad ar bhonn leithleaseach.

Príomhchodanna na hiarrachta sin is ea an togra seo mar aon leis na bearta eile atá á gcur chun tosaigh ag an gCoimisiún mar phacáiste cuimsitheach le haghaidh iasachtaí neamhthuillmheacha, agus an ghníomhaíocht arna glacadh ag an Sásra Maoirseachta Aonair (SMA) agus ag an Údarás Baincéireachta Eorpach (ÚBE). Cuidíonn an Coimisiún, trí roinnt bearta comhlántacha éagsúla a chomhcheangal, an timpeallacht iomchuí a chruthú do bhainc chun dul i ngleic le hiasachtaí neamhthuillmheacha ar a gcláir chomhardaithe agus déanfaidh sé an riosca go ndéanfaí iasachtaí neamhthuillmheacha a charnadh amach anseo a laghdú.

Ceanglófar ar bhainc acmhainní leordhóthanacha a chur de leataobh nuair a éireoidh iasachtaí nua neamhthuillmheach, rud a chruthóidh dreasachtaí iomchuí chun dul i ngleic le hiasachtaí neamhthuillmheacha go luath agus carnadh iomarcach iasachtaí neamhthuillmheacha a sheachaint.

Má néiríonn iasachtaí neamhthuillmheach, beidh bainc in ann dul i ngleic le hiasachtaí neamhthuillmheacha ach sásraí forfheidhmiúcháin níos éifeachtúla a bheith ann le haghaidh iasachtaí urrúsaithe, faoi réir coimircí iomchuí le haghaidh iasachtaithe. Dá ainneoin sin, má éiríonn stoic d’iasachtaí neamhthuillmheacha rómhór – mar atá faoi láthair i gcás bainc agus Ballstáit áirithe – beidh bainc in ann iad a dhíol i margaí tánaisteacha éifeachtúla iomaíocha trédhearcacha le hoibreoirí eile. Déanfaidh maoirseoirí iad a threorú maidir leis sin, bunaithe ar na cumhachtaí atá acu cheana a bhaineann go sonrach le bainc, cumhachtaí Cholún 2 mar a thugtar orthu, faoin Rialachán maidir le Ceanglais Chaipitil (RCC) 6 . I gcás ina mbeidh Iasachtaí Neamhthuillmheacha ina bhfadhb mhór fhorleathan, is féidir leis na Ballstáit cuideachtaí bainistithe sóchmhainní náisiúnta a bhunú nó bearta malartacha eile a dhéanamh laistigh den chreat cúnaimh stáit agus rialacha réitigh banc atá ann faoi láthair.

Cuirfidh an togra seo bac ar charnadh iomarcach iasachtaí neamhthuillmheacha ar chláir chomhardaithe na mbanc ar dhá bhealach.

Ar an gcéad dul síos, tabharfaidh an togra cúnamh do bhainc iasachtaí neamhthuillmheacha a bhainistiú ar bhonn níos fearr trí éifeachtúlacht na nósanna imeachta aisghabhála fiach a mhéadú trí nós imeachta comhchoiteann leithleach um fhorfheidhmiú comhthaobhachta seachbhreithiúnach luathaithe (AECE) a chur ar fáil. I dtromlach na gcásanna, téann bainc i ngleic lena gcuid iasachtaí neamhthuillmheacha iad féin trí luach a aisghabháil le réiteach. Is iasachtaí iad atá urraithe le comhthaobhacht sciar mhóir de na hiasachtaí a éiríonn neamhthuillmheach. Cé gur féidir le bainc comhthaobhacht a fhorfheidhmiú faoi na creataí náisiúnta dócmhainneachta agus aisghabhála fiach, féadfaidh an próiseas a bheith mall agus éiginnte. Idir an dá linn, fanfaidh iasachtaí neamhthuillmheacha ar chláir chomhardaithe na mbanc, rud a fhágfaidh go mbeidh an banc neamhchosanta ar éiginnteacht fhada agus nach mbeidh a acmhainní ar fáil. Cuireann sé sin bac ar an mbanc díriú isteach ar iasachtú nua do chustaiméirí inmharthana. Dá réir sin, leis an togra seo cuirtear modhanna níos éifeachtúla ar fáil do bhainc agus d’aonáin údaraithe eile iasachtaí urraithe a eisiúint chun a gcuid airgid a aisghabháil as iasachtaí urraithe d’iasachtaithe gnó, lasmuigh den chúirt. Bheadh teacht ar an nós imeachta seachbhreithiúnach níos éifeachtúla sin dá mbeadh sé comhaontaithe roimh ré idir an tiasachtóir agus an tiasachtaí, sa chomhaontú iasachta. Ní bhainfidh sé le creidmheasanna tomhaltóirí agus é deartha ionas nach gcuirfidh sé isteach ar athstruchtúrú coisctheach ná ar imeachtaí dócmhainneachta agus gan ordlathas creidmheasanna i gcás dócmhainneachta a athrú. Tugtar tosaíocht i gcónaí do nósanna imeachta athstruchtúraithe agus dócmhainneachta thar nós imeachta um fhorfheidhmiú comhthaobhachta seachbhreithiúnach luathaithe atá leagtha amach sa togra seo.

Ar an dara dul síos, spreagfaidh an togra forbairt margaí tánaisteacha le haghaidh iasachtaí neamhthuillmheacha. I roinnt cásanna, tharlódh nach mbeadh bainc in ann a niasachtaí neamhthuillmheacha a bhainistiú ar mhodh éifeachtach ná éifeachtúil. Aisghabhálfaidh na bainc níos lú luacha sna cásanna sin dá gcuid iasachtaí ná mar bheadh indéanta ina mhalairt de chás. D’fhéadfadh an cás sin a bheith ann, mar shampla, nuair a bheadh bainc o comhair carnadh mór iasachtaí neamhthuillmheacha agus nach mbeadh an fhoireann nó an saineolas is gá acu chun freastal orthu mar is ceart. D’fhéadfadh deacrachtaí ag bainc freisin punann iasachtaí neamhthuillmheacha a bhainistiú nuair a thitfeadh an cineál iasachtaí lasmuigh de phríomhshaineolas an bhainc ar aisghabháil a dhéanamh ina leith. Tharlódh gurbh é an réiteach is fearr sa chás sin seirbhísiú na niasachtaí sin a sheachfhoinsiú chuig seirbhíseoir creidmheasa speisialaithe nó an comhaontú creidmheasa a dhíol le ceannaitheoir creidmheasa a bhfuil an ghoile riosca is gá chomh maith leis an saineolas chun é a bhainistiú. Ar na cúiseanna sin, cuireann an togra seo deireadh le bacainní míchuí a bhíonn ar sheirbhísiú creidmheasa a dhéanann tríú páirtithe agus ar aistriú creidmheasanna d’fhonn margaí tánaisteachta a fhorbairt a thuilleadh le haghaidh iasachtaí neamhthuillmheacha. Chuir an éagsúlacht atá ann faoi láthair i gcreata reachtacha na mBallstát le haghaidh iasachtaí neamhthuillmheacha bac ar theacht chun cinn margaidh thánaistigh éifeachtaigh le haghaidh iasachtaí neamhthuillmheacha. Cruthaítear sa togra sraith chomhchoiteann rialacha ar gá do sheirbhíseoirí creidmheasa tríú páirtí í a chomhlíonadh chun feidhmiú laistigh den Aontas. Leagtar amach comhchaighdeáin sa togra chun iompar agus faireachán iomchuí ar fud an Aontais a áirithiú, agus iomaíochas níos géire a éascú idir seirbhíseoirí i leith rochtain ar an margadh a chomhchuibhiú idir na Ballstáit. Laghdóidh sé sin an costas iontrála do cheannaitheoirí iasachta ionchasacha trí inrochtaineacht a mhéadú agus na costais ar sheirbhísiú creidmheasa a laghdú. Ós rud é go mbeadh tuilleadh ceannaitheoirí sa mhargadh an bealach, ba cheart gurbh fhusa, ceteris paribus, margadh níos iomaíche a chruthú ina mbeadh líon mór ceannaitheoirí, as a dtiocfadh éileamh níos mó agus praghsanna idirbhirt níos airde.

Tá an togra seo comhlántach i leith roinnt beart eile arna gcur i láthair inniu de réir mar atá leagtha amach sa Teachtaireacht “An dara tuarascáil ar dhul chun cinn maidir le laghdú ar Iasachtaí Neamhthuillmheacha san Eoraip” ón gCoimisiún 7 . D’fhonn cosc a chur ar an riosca go ndéanfaí soláthar nár leor é le haghaidh iasachtaí neamhthuillmheacha sa todhchaí, eisíonn an Coimisiún togra ar leith freisin maidir le hasbhaintí a bhaineann le soláthar ar féidir nach leor é le haghaidh neamhchosaintí neamhthuillmheacha, togra lena leasaítear an Rialachán maidir le Ceanglais Chaipitil (RCC) 8 . Leis an leasú tugtar isteach cúlstopanna stuama reachtacha mar a thugtar orthu arb ionann iad agus íosleibhéil soláthairtí agus asbhaintí a mbeadh sé ar na bainc a dhéanamh as a gcistí féin chun na caillteanais a tabhaíodh agus atá tuartha a chumhdach i dtaobh iasachtaí nuathionscanta a éiríonn neamhthuillmheach ar ball. Mar chuid eile den phacáiste iasachtaí neamhthuillmheacha, foráiltear treoir neamhcheangailteach do Bhallstáit faoin dóigh ar féidir leo cuideachtaí bainistíochta sócmhainní náisiúnta (AMCanna) a bhunú, nuair is iomchuí, de réir rialacha baincéireachta an Aontais Eorpaigh agus rialacha an Aontais Eorpaigh maidir leis an státchabhair. Cuireann an Gormchló AMC moltaí praiticiúla ar fáil chun AMCanna a dhearadh agus a chur ar bun ar an leibhéal náisiúnta, ar bhonn na gcleachtas is fearr de réir thaithí na mBallstát 9 .

Treisíonn na tionscnaimh sin a chéile. Áirithítear leis na cúlstopanna stuama reachtacha go gcumhdófar go leordhóthanach iasachtaí neamhthuillmheacha sa todhchaí, sa dóigh go mbeidh sé níos éasca iad a réiteach nó a dhíol. Is cúnamh é an Gormchló AMC do Bhallstáit a bhfuil cúnamh ag teastáil uathu a gcuid banc a athstruchtúrú trí chuideachtaí bainistíochta sócmhainní a bhunú chun dul i ngleic le hiasachtaí neamhthuillmheacha. Comhlántar na héifeachtaí sin leis an iarracht margaí tánaisteacha a fhorbairt a thuilleadh le haghaidh iasachtaí neamhthuillmheacha ós rud é go gcothódh éileamh níos iomaíche ar iasachtaí neamhthuillmheacha agus go méadódh sin a luach margaidh. Thairis sin, laghdaíonn forfheidhmiú luathaithe comhthaobhachta na costais a bhaineann le hiasachtaí neamhthuillmheacha a réiteach ós sásra tapa é le haghaidh luach na comhthaobhachta a aisghabháil. San am céanna, ní chuireann an togra isteach ar an iliomad cosaintí le haghaidh iasachtaithe atá le fáil i reachtaíocht an Aontais Eorpaigh agus i reachtaíocht náisiúnta. Tugann sé isteach roinnt cosaintí breise, d’fhonn teorainn a chur le rioscaí ionchasacha a eascraíonn as díol iasachtaí tomhaltóirí agus creidmheasanna tuillmheacha.

Comhsheasmhacht le forálacha beartais atá sa réimse beartais cheana

Déantar caighdeánú leis an togra seo ar an gcóras rialála (rialacha sainmhíniúcháin, údaraithe, maoirseachta, iompair) le haghaidh seirbhíseoirí creidmheasa agus ceannaitheoirí creidmheasa. I láthair na huaire, de bhun éagsúlachtaí sa reachtaíocht náisiúnta agus ina cur chun feidhme idir na Ballstáit tá éagsúlacht mhór samhlacha gnó agus méid éagothrom gníomhaíochta idir na Ballstáit agus dá réir sin níor rannchuidigh siad ach le líon thar a bheith teoranta de dhíolacháin ar iasachtaí neamhthuillmheacha i roinnt Ballstát ina bhfuil ardchóimheasa iasachtaí neamhthuillmheacha. Dá thoradh sin, tá ar institiúidí creidmheasa a dteastaíonn uathu a gcuid punann creidmheasa ina bhfuil iasachtaí neamhthuillmheacha a dhiúscairt déileáil le bonn infheisteoirí atá scoilte idir teorainneacha náisiúnta, agus bíonn ar sheirbhíseoirí creidmheasa déileáil le deacrachtaí suntasacha chun creidmheasanna lena mbaineann gné thrasteorann (go háirithe bailiú trasteorann) a sheirbhísiú agus níl ach scóip theoranta ann ó thaobh barainneachtaí scála a réadú ar bhonn gníomhaíochtaí trasteorann.

Tá an togra seo comhsheasmhach le hAirteagal 169 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE), le reachtaíocht thánaisteach agus le rialacha an Aontais lena mbaineann an aidhm ardleibhéal cosanta do thomhaltóirí a áirithiú, i réimse na seirbhísí airgeadais. Chuige sin, cinntear sa togra go mbeidh feidhm fós ag rialacha cosanta tomhaltóirí d’fhonn an leibhéal céanna cosanta a áirithiú, cibé duine ar leis an creidmheas nó a dhéanann an creidmheas a sheirbhísiú agus cibé córas dlí atá i bhfeidhm i mBallstát cheannaitheoir an chreidmheasa nó sheirbhíseoir an chreidmheasa. Soiléirítear sa togra go mbeidh feidhm fós ag cosaint tomhaltóirí agus go háirithe na cearta arna ndámhachtain do thomhaltóirí faoin Treoir um Chreidmheas Morgáiste 10 agus faoin Treoir um Chreidmheas Tomhaltóirí 11 agus faoin Treoir um Théarmaí Conarthacha Míchothroma 12 maidir le creidmheas arna dhámhachtain ag institiúid chreidmheasa cibé duine a dhéanfaidh an creidmheas a cheannach nó a sheirbhísiú ina dhiaidh sin. Ina theannta sin, ar nós Airteagal 17 den Treoir um Chreidmheas Tomhaltóirí, i gcás ina sannfar cearta an chreidiúnaí do thríú páirtí, leasófar an Treoir um Chreidmheas Morgáiste lena shonrú go mbeidh an tomhaltóir i dteideal aon chosaint a bhí ar fáil aige i gcoinne an chreidiúnaí tosaigh a phléadáil i gcoinne an tsannaí.

Tá an togra comhsheasmhach freisin leis an Treoir um Airgeadas Comhthaobhach (FCD) 13 , lenar tugadh córas Eorpach isteach le haghaidh comhthaobhacht idir urrúis, airgead tirim agus éilimh chreidmheasa a chur ar fáil agus a fhorfheidhmiú. Ní chuirfeadh an nós imeachta um fhorfheidhmiú comhthaobhachta seachbhreithiúnach luathaithe atá leagtha amach sa togra seo isteach ar chomhthaobhacht arna rialú ag an Treoir um Airgeadas Comhthaobhach ós rud é go ndéanfadh sé rialú ar fhorfheidhmiú cineálacha eile comhthaobhachta seachas na cinn atá faoi chuimsiú na Treorach um Airgeadas Comhthaobhach. Go bunúsach, chuirfeadh an togra seo nósanna imeachta éifeachtacha lasmuigh den chúirt ar fáil chun comhthaobhacht i bhfoirm sócmhainní sochorraithe agus dochorraithe, arna gcur ar fáil ag cuideachtaí agus ag fiontraithe chun iasachtaí a urrú, a fhorfheidhmiú, ach ní chuirfidh an togra seo isteach ar chúrsaí a rialaítear leis an Treoir um Chomhthaobhacht Airgeadais.

Áiritheoidh an tionscnamh comhsheasmhacht iomlán le himeachtaí réamhdhócmhainneachta agus dócmhainneachta arna dtionscnamh faoi réir dhlíthe agus rialacháin náisiúnta na mBallstát. Áiritheofaí comhsheasmhacht tríd an bprionsabal go bhfuil an forfheidhmiú seachbhreithiúnach comhthaobhachta atá leagtha amach sa togra seo indéanta chomh fada agus nach bhfuil feidhm ag bac ar ghníomhaíochtaí forfheidhmithe aonair, i gcomhréir leis na dlíthe náisiúnta is infheidhme.

Thairis sin, áiritheodh an togra seo comhsheasmhacht iomlán agus comhlántacht le togra an Choimisiúin maidir le creataí athstruchtúrúcháin coisctheacha 14 (Togra Athstruchtúrúcháin) inar moladh bearta chun éifeachtacht na nósanna imeachta athstruchtúrúcháin agus dócmhainneachta a fheabhsú agus a áirithiú go mbeidh na nósanna imeachta athstruchtúrúcháin coisctheacha ar fáil ionas gur féidir le cuideachtaí inmharthana a bhfuil deacrachtaí airgeadais acu dócmhainneacht a sheachaint. Cé go bhfuil sé mar aidhm ag an Togra Athstruchtúrúcháin 15 creat breithiúcháin comhchuibhithe a bhunú maidir le hathstruchtúrú coisctheach agus dara deis le haghaidh cuideachtaí agus fiontraithe, is é is aidhm don togra seo éifeachtacht na nósanna imeachta um fhorfheidhmiú comhthaobhachta lasmuigh den chúirt a fheabhsú. D’fhonn comhsheasmhacht agus comhlántacht iomlán leis an Togra Athstruchtúrúcháin a áirithiú, bheadh an forfheidhmiú seachbhreithiúnach comhthaobhachta atá leagtha amach sa togra seo indéanta chomh fada agus nach bhfuil feidhm ag bac ar ghníomhaíochtaí forfheidhmithe aonair, i gcomhréir leis an Togra Athstruchtúrúcháin. Foráiltear sa Togra Athstruchtúrúcháin go bhfuil creidiúnaithe, lena náirítear creidiúnaithe urraithe cuideachta nó fiontraí atá faoi réir imeachtaí athstruchtúraithe, faoi réir bac ar ghníomhaíochtaí aonair forfheidhmithe ionas gur féidir leis an bhféichiúnaí plean athstruchtúrúcháin a idirbheartú le creidiúnaithe agus dócmhainneacht a sheachaint.

Comhsheasmhacht le beartais eile de chuid an Aontais

Breis agus cúig bliana i ndiaidh do Cheannairí Stáit agus do Rialtais na mBallstát teacht ar chomhaontú maidir le hAontas Baincéireachta a chruthú, tá dhá cholún den Aontas Baincéireachta i bhfeidhm – maoirseacht aonair agus réiteach aonair – agus an leabhar rialacha aonair d’institiúidí uile an Aontais Eorpaigh ina bhunchloch acu. Cé go bhfuil dul chun cinn tábhachtach déanta, tá tuilleadh céimeanna de dhíth chun an tAontas Baincéireachta a chur i gcrích, lena náirítear scéim aonair ráthaithe taiscí a chruthú, de réir mar atá leagtha amach i dTeachtaireacht an 17 Deireadh Fómhair 2017 ón gCoimisiún agus sa Treochlár arna chur i láthair an 6 Nollaig, mar chuid den phacáiste chun an tAontas Eacnamaíoch agus Airgeadaíochta a dhoimhniú.

Anuas ar an bpacáiste cuimsitheach athchóirithe arna mholadh ag an gCoimisiún i mí na Samhna 2016 (“Pacáiste athchóirithe baincéireachta”), tá forbairt ar mhargadh tánaisteach le haghaidh iasachtaí agus soláthar cosanta feabhsaithe do chreidiúnaithe urraithe mar chuid de na bearta laghdaithe riosca atá de dhíth chun athléimneacht na hearnála baincéireachta a neartú i gcomhthráth le tabhairt isteach na Scéime Eorpaí Árachais Taiscí (SEÁT). Ag an am céanna, is é is aidhm do na bearta a áirithiú go mbeidh leabhar rialacha aonair leanúnach ann d’institiúidí uile an Aontais Eorpaigh, bídís san Aontas Baincéireachta nó ná bíodh. Tá cuspóirí foriomlána an tionscnaimh seo, mar a mhínítear thuas, comhsheasmhach agus comhleanúnach le bunchuspóirí an Aontais Eorpaigh, is iad sin cobhsaíocht airgeadais a chur chun cinn, dóchúlacht agus méid na tacaíochta ó cháiníocóirí i gcás ina réiteofar institiúid chomh maith le rannchuidiú le cistiú comhchuí inbhuanaithe na gníomhaíochta geilleagraí, rud a chothóidh leibhéal ard iomaíochais agus cosanta tomhaltóirí.

Fógraíodh an tionscnamh seo sa Teachtaireacht maidir le hAthbhreithniú meántéarma ar an bPlean Gníomhaíochta chun Aontas Margaí Caipitil a Fhorbairt 16 . Leis an Teachtaireacht leagadh béim air gur féidir le margaí caipitil fosta cúnamh a thabhairt do bhainc Eorpacha dúshláin iasachtaí neamhthuillmheacha a shárú. Leagadh béim air go bhfuil beartais lena mbaineann an aidhm feidhmiú na margaí tánaisteacha le haghaidh iasachtaí neamhthuillmheacha a fheabhsú ina bpríomhchuid de réiteach inmharthanach, agus go bhféadfadh bainistiú iasachtaí neamhthuillmheacha tairbhe a bhaint as creataí forfheidhmithe iasachtaí níos intuartha agus níos éifeachtúla arna ndearadh ionas gur féidir le creidiúnaithe urraithe luach a aisghabháil go tapa.

Tá sé ar cheann de chuspóirí an togra seo feabhas a chur ar an gcumas atá ag creidiúnaithe urraithe luach a aisghabháil ó chomhthaobhacht ar bhonn níos tapa trí nósanna imeachta seachbhreithiúnacha um fhorfheidhmiú comhthaobhachta. Lena chur ar a gcumas do chreidiúnaithe urraithe, bainc san áireamh, luach a fháil de chomhthaobhacht ar bhonn níos tapa, rannchuideodh an togra seo tuilleadh iasachtaí bainc don gheilleagar, do FBManna go háirithe, a éascú agus ar phraghas níos ísle, i gcomhréir le cuspóir Aontas na Margaí Caipitil rochtain ar airgeadas le haghaidh cuideachtaí a éascú.

Áiritheodh na forálacha maidir le seirbhíseoirí agus ceannaitheoirí iasachtaí tuilleadh intuarthachta agus trédhearcachta i margaí tánaisteacha le haghaidh iasachtaí neamhthuillmheacha, a ligfeadh do cheannaitheoirí ionchasacha, dá réir sin, na sócmhainní sin a phraghsáil ar bhonn níos cruinne. Ligfeadh sé sin do na bainc a niasachtaí neamhthuillmheacha a dhíol do linn níos mó infheisteoirí as a bhféadfaí teacht ar phraghsanna idirbhirt a bheadh níos gaire do luach forluiteach na sócmhainní. Bheadh cláir chomhardaithe níos fearr ann mar gheall air sin agus bheadh institiúidí creidmheasa níos ullmhaithe sreabhadh creidmheasa nua a chur ar fáil don gheilleagar.

Tá sé ríthábhachtach maidir le feidhmiú agus cobhsaíocht earnáil baincéireachta na hEorpa, agus dá réir sin don gheilleagar i gcoitinne, go rachfar i ngleic leis na rioscaí atá fágtha san earnáil sin. Go háirithe, tá éifeachtaí leathnú amach tábhachtacha ag Ballstáit a bhfuil ardleibhéil iasachtaí neamhthuillmheacha acu ann ar gheilleagair eile san Aontas Eorpach agus don Aontas Eorpach i gcoitinne, ó thaobh fás eacnamaíoch agus cobhsaíocht airgeadais araon. Dá mbeadh margaí iasachtaí neamhthuillmheacha deighilte idir teorainneacha náisiúnta de dheasca éagsúlachtaí móra i gcórais údarúcháin, ní bheadh sin comhsheasmhach le cuspóir Aontas na Margaí Caipitil.

Tá an tionscnamh seo gan dochar do na cosaintí atá i bhfeidhm do thomhaltóirí, lena náirítear i gcás ina dtiocfaidh institiúid neamhchreidmheasa in áit an chreidiúnaí bunaidh. Áirítear cheana i reachtaíocht an Aontais Eorpaigh roinnt beart maidir le cosaint tomhaltóirí. Foráiltear sa togra go mbeidh ar na ceannaitheoirí creidmheasa agus ar na seirbhíseoirí creidmheasa dlí an Aontais a chomhlíonadh maidir le cosaint do thomhaltóirí is infheidhme maidir leis an gcomhaontú creidmheasa tosaigh. Mar an gcéanna, beidh feidhm fós ag na rialacha cosanta tomhaltóirí atá i bhfeidhm i mBallstát an tomhaltóra, a eascraíonn go díreach as an gconradh creidmheasa tosaigh nó as rialacha eile is infheidhme maidir leis na creidmheasanna a thugtar do thomhaltóirí nó a bhaineann leis na rialacha ginearálta cosanta tomhaltóirí atá i bhfeidhm i mBallstát an tomhaltóra.

Áirítear freisin leis na cosaintí thuasluaite na bearta éigeantacha nó deonacha dá bhforáiltear chun tomhaltóirí a chosaint sa Bhallstát ina gcónaíonn siad de ghnáth, go háirithe na nósanna imeachta aisghabhála fiachais foirmiúla agus neamhfhoirmiúla arna gcur ar bun ag comhlachtaí poiblí nó príobháideacha trína gcuirtear comhairle fiachais ar fáil do theaghlaigh a bhfuil an iomarca fiach orthu, le haghaidh fiachas a aisghabháil. Thairis sin, maidir le cleachtadh gníomhaíochtaí seirbhísithe creidmheasa i gcomhthéacs trasteorann, beidh an ionstraim seo gan dochar do rialacha comhchuibhithe an Aontais Eorpaigh lena socraítear an dlí is infheidhme, an dlínse is infheidhme agus aithint agus a fhorfheidhmiú na breithiúnais i gcúrsaí sibhialta agus tráchtála lena náirítear imeachtaí dócmhainneachta.

Níl cearta iasachtaithe, cearta cosanta sonraí pearsanta ná forálacha dlí sibhialta náisiúnta lena rialaítear sannadh conarthaí faoi chuimsiú an togra seo. Ní mór próiseáil sonraí pearsanta i gcomhthéacs na Treorach seo na rialacha maidir le cosaint sonraí pearsanta a chomhlíonadh go hiomlán.

2.BUNÚS DLÍ, COIMHDEACHT AGUS COMHRÉIREACHT

Bunús dlí

Tugann Airteagal 114 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE) inniúlacht do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle bearta a ghlacadh maidir le comhfhogasú na bhforálacha atá leagtha síos le dlí, le rialachán nó le gníomhaíocht riaracháin sna Ballstáit, arb é is cuspóir dóibh bunú agus feidhmiú an mhargaidh inmheánaigh. Ceadaítear le hAirteagal 114, CFAE don AE bearta a ghlacadh ní hamháin chun deireadh a chur le bacainní reatha ar bhunú agus ar fheidhmiú an mhargaidh inmheánaigh, ach chun dul i ngleic leis na bacainní a dhíspreagann oibreoirí eacnamaíocha le leas iomlán a bhaint as tairbhí an mhargaidh sin go háirithe infheistiú i mBallstáit eile. Ina theannta sin, tugtar le hAirteagal 53 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE) inniúlacht do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle Treoracha a ghlacadh le haghaidh forálacha náisiúnta maidir le gníomhaíochtaí eacnamaíocha a chomhordú.

Faoi láthair, ní féidir le ceannaitheoirí creidmheasa agus seirbhíseoirí creidmheasa leas a bhaint as an margadh inmheánach de bharr bacainní arna gcruthú de dheasca reachtaíochtaí náisiúnta a bheith éagsúil in éagmais córas rialála agus maoirseachta tiomnaithe comhleanúnach.

Ní rialaítear ceannaitheoirí nach bainc iad creidmheasa arna dhámhachtain ag institiúidí creidmheasa i mBallstáit áirithe, agus i mBallstáit eile tá siad faoi réir ceanglais éagsúla, ceanglais arb ionann iad ina amanna agus ceanglas ceadúnais iomlána baincéireachta a fháil. Dá bharr sin, is amhlaidh gur féidir le ceannaitheoirí feidhmiú go dleathach i mBallstát amháin ach bacainní nach beag a bheith i gceist dóibh creidmheasanna a cheannach i mBallstáit eile. Tá sin ar cheann de na cúiseanna go bhfeidhmíonn ceannaitheoirí den chuid is mó i líon teoranta Ballstát, rud a fhágann nach bhfuil ach méid teoranta iomaíochais sa mhargadh inmheánach ós rud é go bhfuil líon na gceannaitheoirí ag a bhfuil spéis íseal go leor fós, rud a laghdaigh raon feidhme agus méid ionchasach margaidh éifeachtúil iomaíoch le haghaidh iasachtaí neamhthuillmheacha. Is claonadh é i margaí le haghaidh iasachtaí neamhthuillmheacha nach mbíonn i gceist ach méideanna beaga trádála, braisle láidir a bheith i gceithre Bhallstát nach bhfuil ach ceann amháin acu ina Bhallstát beag (Éire, an Iodáil, an Ríocht Aontaithe agus an Spáinn). Bíonn claonadh sna margaí sin cinsealacht a bheith ag ceannaitheoirí móra, rud is féidir a mhíniú go pointe de bhun na nardbhacainní a bhíonn i bhfeidhm agus a chuireann bac ar iontráil sa mhargadh agus a chuireann iomaíochas as a riocht.

Bíonn bacainní ar sheirbhíseoirí creidmheasa freisin forleathnú trasteorann a dhéanamh agus scála a gcuid gníomhaíochtaí a mhéadú. Ar an gcéad dul síos, ní rialaítear an ghníomhaíocht sin ach i roinnt de na Ballstáit agus is mór an difear idir an dóigh a sainítear iad ó Bhallstát go Ballstát. Cuireann sé sin bac, go praiticiúil, ar fhorbairt straitéisí forleithne trí bhunú tánaisteach nó trí sholáthar trasteorann seirbhísí sa mhargadh inmheánach. Ar an dara dul síos, i gcuid mhór de na Ballstáit is gá údarú a bheith ann le haghaidh roinnt gníomhaíochtaí a dhéanann na seirbhíseoirí creidmheasa sin. Déanann na húdaruithe sin ceanglais dhifriúla a fhorchur agus ní dhéanann siad foráil maidir le féidearthachtaí ó thaobh méadú ar bhonn trasteorann. Ar deireadh, i gcásanna áirithe, ceanglaítear nach mór a bheith bunaithe sa Bhallstát de réir an dlí, rud a chuireann cosc ar an tsaoirse bhunúsach seirbhísí a sholáthar ar bhonn trasteorann.

Ina theanta sin, cuireann na bacainní a chuireann cosc ar sheirbhíseoirí creidmheasa oibriú ar bhonn trasteorann isteach go hindíreach ar cheannaitheoirí ionchasacha, a bhféadfadh sé a bheith dodhéanta dóibh rochtain a fháil ar mhargadh náisiúnta agus creidmheasanna a cheannach ó institiúidí creidmheasa, mura féidir leo an seirbhísiú a eisfhoinsiú ansin ó aonáin eile seachas an banc ónar bhfuair siad an comhaontú creidmheasa ná seirbhísí seirbhíseoirí creidmheasa ó Bhallstáit eile de chuid an Aontais Eorpaigh a úsáid.

Cuireann na héagsúlachtaí móra ar chaighdeáin rialála arna nglacadh ag Ballstáit le hilroinnt an mhargaidh, rud a chuireann srian le saorshreabhadh caipitil agus seirbhísí laistigh d’AE, a mbíonn easpa iomaíochais mar thoradh air agus a gcuirtear moill dá dheasca ar fhorbairt ar mhargadh tánaisteach feidhmiúil le haghaidh creidmheasanna bainc. Is dócha go bhfuil lagbhrú iomaíoch ar an dá mhargadh (an ceann le haghaidh ceannacháin agus an ceann le haghaidh seirbhísíú creidmheasa) ann nuair nach atá ann rannpháirtíocht infheisteoirí agus seirbhíseoirí teoranta. Is é an toradh a bhíonn air sin na táillí arda a ghearrann gnólachtaí seirbhísithe creidmheasa ar cheannaitheoirí as ucht a gcuid seirbhísí agus na praghsanna ísle a bhíonn infhaighte ag bainc má dhíolann siad iasachtaí neamhthuillmheacha d’infheisteoirí nach bainc iad, rud a laghdaíonn dreasachtaí do bhainc scaradh go pras lena stoc mór iasachtaí neamhthuillmheacha.

Ní bhaineann creidiúnaithe a dhámh iasachtaí urraithe do chuideachtaí agus d’fhiontraithe tairbhe i ngach Ballstát as nósanna imeachta tapa éifeachtacha chun forfheidhmiú a dhéanamh i leith na niasachtaí sin má mhainnigh iasachtaí gnó. Dá mbeadh na nósanna imeachta sin ar fáil, thiocfadh laghdú ar an riosca go gcarnódh bainc iasachtaí neamhthuillmheacha.

D’fhonn luach a aisghabháil den chomhthaobhacht de chuid iasachtaí i mBallstát eile, tá ar an gcreidiúnaí rialacha a leanúint atá éagsúil leis na rialacha i mBallstát baile an chreidiúnaí, agus nach eol don chreidiúnaí a éifeachtaí atá siad. Ní féidir leis an gcreidiúnaí nós imeachta a chomhaontú le hiasachtaí faoi láthair atá ag na Ballstáit go léir. Cruthaíonn sin costais maidir le comhairle dlí agus ciallaíonn sé go bhféadfadh tréimhse níos faide a bheith i gceist le nósanna imeachta aisghabhála, agus rátaí aisghabhála níos ísle a bheith i gceist freisin. Féadfaidh an tionchas go naisghabhfaí ar mhéid níos lú, nó sa chás is measa, nach naisghabhfaí aon rud, ó iasacht urraithe dá mainneodh féichiúnaí, iasachtóir a dhíspreagadh le hiasachtaí a chur ar fáil ar bhonn trasteorann ar an gcéad dul síos, nó is féidir leis praghas iasachtaithe a ardú le haghaidh cuideachtaí. Is ionann é sin agus díspreagadh d’iasachtaithe le dul i muinín creidiúnaithe i mBallstáit eile. Cuireann sé sin bac ar shaorghluaiseacht caipitil agus bíonn éifeacht dhíreach aige ar fheidhmiú an mhargaidh aonair. Tá acmhainneacht in Aontas na Margaí Caipitil nár úsáideadh fós maidir le cistiú a chur ar fáil do chuideachtaí, do FBManna go háirithe, a bhraitheann go mór ar iasachtú bainc.

Mar an gcéanna, ba cheart d’infheisteoirí a bhfuil sé i gceist acu punanna iasachtaí neamhthuillmheacha a cheannach éiginnteachtaí dlíthiúla ionchasacha a chur san áireamh maidir le luach a aisghabháil den chomhthaobhacht a bhaineann leis na hiasachtaí sin, agus i gcás ina mbeidh aisghabháil luacha trasteorann níos deacra nó má gabhann éiginnteachtaí dlíthiúla léi, cuirfidh sin isteach ar an bpraghas, agus dá réir sin, ar an seans go néireodh le bainc punanna a dhíol nó iad a dhíol d’infheisteoirí ó Bhallstát eile freisin ar phraghas chomh gar agus is féidir don phraghas arna socrú ag soláthar na mbanc i leith na niasachtaí sin 17 .

Is ionann an ilroinnt reatha agus céimeanna éagsúla deiseanna cistiúcháin do chuideachtaí, ós rud é nach mbíonn an teacht céanna ar iasachtaí bainc ag cuideachtaí, ag FBManna go háirithe, sna Ballstáit nach bhfuil nósanna imeachta éifeachtúla iontu le haghaidh luach a aisghabháil ó iasachtaí urraithe.

Dá ndéanfaí creat maidir le nósanna imeachta éifeachtúla um fhorfheidhmiú comhthaobhachta lasmuigh den chúirt a bhunú bhainfeadh na creidiúnaithe urraithe go léir i ngach Ballstát tairbhe as infhaighteacht d’uirlis leithleach chomhchoiteann bhrostaithe chun luach a aisghabháil as iasacht urraithe sa chás nach naisíocann iasachtaí gnó an iasacht. Ba cheart go gcruthódh sé sin dreasachtaí chun tuilleadh iasachtaithe a dhéanamh ar bhonn trasteorann trí éiginnteacht a laghdú maidir le torthaí an nós imeachta um fhorfheidhmiú (m.sh. ráta aisghabhála agus am aisghabhála) i gcás idirbheartaíochtaí trasteorann.

Coimhdeacht (maidir le hinniúlacht neamheisiach)

Faoi Airteagal 4 CFAE, ní mór gníomhaíocht AE chun an margadh inmheánach a chur i gcrích a mheas i dtaca le prionsabal na coimhdeachta a leagtar amach in Airteagal 5(3) den Chonradh ar an Aontas Eorpach (CAE). Ní mór a mheasúnú an amhlaidh nárbh fhéidir leis na Ballstáit cuspóirí an togra a ghnóthú faoi chuimsiú a gcóras dlí náisiúnta agus, de bharr fhairsinge agus éifeachtaí na gcuspóirí, gur fearr is féidir iad a ghnóthú ar leibhéal an Aontais.

Ó tharla géarchéim airgeadais 2008, chuir an stoc iasachtaí neamhthuillmheacha a bhí ag dul i méad go dtí le deireanas isteach ar bhraistintí ar earnáil baincéireachta na hEorpa ar an iomlán agus b’ionann iad agus seachtrachtaí diúltacha don Aontas Eorpach ar an iomlán. Tá na tosca sin níos ábhartha fiú i gcomhthéacs an Aontais Bhaincéireachta. D’fheidhmigh roinnt Ballstát go réamhghníomhach chun dul i ngleic leis an stoc mór iasachtaí neamhthuillmheacha sna blianta beaga anuas, rud a bhí cothaithe ag clár coigeartaithe eacnamaíoch de chuid an Aontais Eorpaigh/an Chiste Airgeadaíochta Idirnáisiúnta den chuid is mó.

Cé gur aithin na Ballstáit chomh tromchúiseach agus atá fadhb na niasachtaí neamhthuillmheacha, theip ar an gcuid is mó acu bearta éifeachtacha a ghlacadh chun dul i ngleic le taobh ‘éilimh’ aistriú na niasachtaí neamhthuillmheacha. Astu siúd a rinne gníomhaíochtaí maidir le ceannach agus seirbhísiú creidmheasa a rialú; rinne siad é gan foráil a dhéanamh le haghaidh cásanna trasteorann. Mar gheall air sin, ní leorga iomaíochas sa mhargadh. Tá ilroinnt ag dul i bhfeidhm ar na margaí sin mar gheall ar na cineálacha cur chuige atá glactha ag na Ballstáit agus na léirmhíniúcháin éagsúla atá acu go háirithe maidir le gníomhaíochtaí seirbhísithe creidmheasa. Dá réir sin, ní féidir na cuspóirí a bhaint amach le gníomhaíocht aonair ag na Ballstáit.

Tá faireachán á dhéanamh ag Ranna an Choimisiúin ar an margadh le roinnt blianta anuas agus d'aithin siad go bhfuil ag méadú ar fhadhbanna éagsúla nach mór idirghabháil a dhéanamh ina leith ar leibhéal an Aontais. Is léir ón bhfianaise arna bailiú i staidéir agus i gcomhairliúcháin phoiblí nár leor an téarnamh ar fhás eacnamaíoch chun stoc na niasachtaí neamhthuillmheacha a laghdú ós rud é go bhfuil siad ag cur isteach ar iontaofacht na mbanc, ar a soláthar creidmheasa agus ar na hionchais maidir le fás eacnamaíoch ar an bhforiomlán. Níor tugadh faoi iarracht chomhordúcháin ar bith go dtí seo i measc na mBallstát maidir le rialacha le haghaidh ceannaitheoirí agus seirbhíseoirí creidmheasa bainc. Ní fhéadfadh na bearta a rinne na Ballstáit ach dálaí a margadh náisiúnta féin a leigheas, agus níor leor sin chun an tionchar diúltach ar fheidhmiú an Mhargaidh Aonair a laghdú.

Dá soláthrófaí creat ar leibhéal AE bheadh dálaí iontrála aonchineálacha ann do cheannaitheoirí creidmheasa agus do sheirbhíseoirí creidmheasa mar aon le pas le haghaidh a gcuid gníomhaíochtaí a chur i gcrích ar fud an Mhargaidh Aonair. Is é an toradh a bheadh air sin tuilleadh iomaíochais idir infheisteoirí ionchasacha in iasachtaí bainc agus ligfeadh sé do bhainc iad a dhíol ar phraghsanna níos iomaíche. Dá réir sin, ligfeadh sé sin do na bainc neamhchosaint ar iasachtaí neamhthuillmheacha a laghdú agus acmhainní a atreorú i dtreo iasachtú nua don gheilleagar. San am céanna, áiritheodh na cosaintí arna gcur ar fáil le haghaidh tomhaltóirí, go gcoimeádfaí an leibhéal cosanta do thomhaltóirí fud fad an Aontais nuair a dhéanfaí iasachtaí do thomhaltóirí arna ndámhachtain i dtús báire ag institiúidí creidmheasa a dhíol agus a sheirbhísiú.

Ar an gcaoi chéanna, tá rialacha baile ar fhorais a bhaineann go príomha le cúinsí baile bunaithe ag Ballstáit a bhfuil nósanna imeachta um fhorfheidhmiú seachbhreithiúnach socraithe acu cheana féin. I roinnt cásanna, tá na nósanna imeachta um fhorfheidhmiú seachbhreithiúnach comhthaobhachta ann le tamall fada agus ní gá gurb ionann iad a bheith ann agus dreasacht le haghaidh idirbhearta trasteorann. Mar gheall ar na héagsúlachtaí ar éifeachtúlacht na nósanna imeachta náisiúnta atá ann cheana agus easpa nósanna imeachta dá leithéid sin i roinnt Ballstát, is é an cuspóir córais éifeachtacha dá leithéid sin a chur ar fáil ar fud an Aontais Eorpaigh, agus a áirithiú gur féidir le bainc nó le gnóthais eile atá údaraithe creidmheas a dhámhachtain i ngach Ballstát a leithéid de nós imeachta a úsáid. I bhfianaise na nasc nádúrtha idir forfheidhmiú comhthaobhachta agus dlíthe sibhialta, maoine, tráchtála, réamhdhócmhainneachta, dócmhainneachta agus poiblí na mBallstát, is gá go mbeadh sé indéanta na rialacha atá beartaithe maidir le sásra comhchoiteann leithleach um fhorfheidhmiú seachbhreithiúnach comhthaobhachta a chur chun feidhme ar bhealach atá comhsheasmhach le dlíthe na mBallstát sin. Bunaítear sna forálacha thíos, dá réir sin, sásra comhchoiteann forlíontach gan aon cheangal ar Bhallstáit cur isteach ar a gcóras náisiúnta um fhorfheidhmiú seachbhreithiúnach i gcás ina mbeidh na córais sin ann le haghaidh an chineáil comhthaobhachta atá cumhdaithe sa togra. Dearadh forfheidhmiú comhthaobhachta seachbhreithiúnach luathaithe mar shásra ar leith chun a áirithiú gur féidir sásra um fhorfheidhmiú seachbhreithiúnach a chomhaontú ar bhonn conarthach idir creidiúnaí agus iasachtaí gnó le haghaidh sócmhainní sochorraithe agus dochorraithe arna gceapadh mar chomhthaobhacht.

Is féidir na cuspóirí sin a bhaint amach ar bhonn níos fearr ar leibhéal an Aontais Eorpaigh.

Comhréireacht

De réir phrionsabal na comhréireachta, níor cheart go rachadh inneachar ná foirm ghníomhaíocht an Aontais Eorpaigh thar a bhfuil riachtanach chun cuspóirí na gConarthaí a ghnóthú.

Níl sa togra seo ach a bhfuil riachtanach chun dul isteach sa mhargadh agus forbairt trasteorann a spreagadh, agus é sin gan dochar d’fhorálacha sa dlí náisiúnta maidir le cearta creidiúnaí a aistriú go hiarbhír, nó d’aon rialacha is infheidhme maidir le hathstruchtúrú coisctheach nó imeachtaí dócmhainneachta.

Bunaítear leis na forálacha thíos córas rialála atá comhréireach maidir le dálaí a chruthú atá ceangailteach go leor le bheith éifeachtach na cuspóirí a bhaint amach ach a fhágann uasmhéid solúbthachta ann do na Ballstáit forálacha náisiúnta lena gcosnaítear cearta agus cosaintí iasachtaithe a choimeád.

Thairis sin, cé nach gcuireann sé isteach ar na rialacha cosanta tomhaltóirí atá ann cheana, tugtar san áireamh sa togra an gá le cosaintí méadaithe nuair a bhíonn creidmheasanna tomhaltóirí i gceist. I bhfianaise na gcúiseanna dlisteanacha imní sin tugadh ceanglas isteach sa togra go núsáidfeadh ceannaitheoirí tríú tír iasachtaí tomhaltóirí seirbhísí seirbhíseoirí creidmheasa údaraithe, atá faoi réir ag ceanglais na Treorach seo agus atá faoi réir maoirseacht san Aontas Eorpach ag údaráis inniúla náisiúnta. Mar an gcéanna, is é is sprioc don sásra um fhorfheidhmiú comhthaobhachta seachbhreithiúnach luathaithe cothromaíocht a bhaint amach idir leasanna creidiúnaí agus leasanna an iasachtaí gnó. Níl sé ar fáil le haghaidh iasachtaí arna ndámhachtain do thomhaltóirí a fhorfheidhmiú, agus fiú i gcás úinéirí gnó, ní bheadh sé ar fáil chun comhthaobhacht a fhorfheidhmiú ina mbeidh áit chónaithe tosaigh an iasachtaí ghnó. I gcás inar íoc iasachtaí gnó cuid mhór (85 %) den tsuim atá le híoc faoin gcomhaontú creidmheasa cheana, bheadh sé riachtanach tuilleadh ama a thabhairt dó chun íocaíocht a dhéanamh sula bhféadfaí comhthaobhacht a fhorfheidhmiú.

Tá an ionstraim dhlíthiúil arna roghnú, Treoir, saincheaptha chun cothrom iomaíochta a áirithiú idir creidiúnaithe urraithe maidir lena gcumas nós imeachta seachbhreithiúnach a chomhaontú leis an iasachtaí chun luach a aisghabháil den chomhthaobhacht d’fhonn cobhsaíocht airgeadais a choimeád agus deiseanna cistiúcháin le haghaidh cuideachtaí a mhéadú.

An rogha ionstraime

Roghnaíodh Treoir chun a áirithiú gur féidir le Ballstáit na forálacha lena mbaineann a thrasuí ar dhóigh a bheidh comhsheasmhach leis na dlíthe príobháideacha agus poiblí atá ann cheana agus na naisc éagsúla le dlíthe sibhialta, tráchtála, maoine agus dócmhainneachta á dtabhairt san áireamh. Ní fhoráiltear in Airteagal 53 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh atá mar bhunús dlí an togra seo ach maidir le Treoir a ghlacadh.

Thairis sin, is cosúil go mbeadh Treoir ar an rogha ionstraime is iomchuí mar gheall ar an riachtanas comhoibriú riaracháin a áirithiú agus san am céanna cead a thabhairt leanúint den éagsúlacht roghanna maoirseachta atá ann faoi láthair sna Ballstáit maidir leis na gníomhaíochtaí atá cumhdaithe sa togra seo.

3.TORTHAÍ Ó MHEASTÓIREACHTAÍ EX POST, Ó CHOMHAIRLIÚCHÁIN LEIS NA PÁIRTITHE LEASMHARA AGUS Ó MHEASÚNUITHE TIONCHAIR

Meastóireachtaí ex post/seiceálacha oiriúnachta ar an reachtaíocht atá ann cheana

Níl feidhm ag seiceálacha oiriúnachta ex post ós rud é nach raibh an réimse sin rialaithe roimhe seo ach ar leibhéal náisiúnta,

Comhairliúcháin leis na páirtithe leasmhara

Rinne seirbhísí an Choimisiúin comhairliúchán poiblí tiomnaithe a dhéanamh maidir le forbairt margaí tánaisteacha le haghaidh iasachtaí neamhthuillmheacha agus creidiúnaithe urraithe a chosaint ar mhainneachtain iasachtaithe 18 . Tugadh fianaise cháilíochtúil sna freagraí ar an gcomhairliúchán poiblí sin a thacaíonn le measúnú tionchair a fhorbairt.

Is léiriú beacht é an togra ar an aiseolas a bailíodh sa chomhairliúchán.

Is léiriú é an togra ar an aiseolas a fuarthas ón ngrúpa saineolaithe a ndeachaigh seirbhísí an Choimisiúin i gcomhairle leo maidir le forfheidhmiú comhthaobhachta seachbhreithiúnach luathaithe. Is cur chuige níos comhréirí an togra chun cuspóir an bheartais a bhaint amach seachas comhchuibhiú iomlán trí cheart urrúis nua a chruthú, de réir mar a bhí a foráilte i dtús báire sa chomhairliúchán poiblí.

Dearbhaíodh i dtromlach na bhfreagraí ar an gcomhairliúchán poiblí maidir le margaí tánaisteacha le haghaidh iasachtaí neamhthuillmheacha go bhfuil méid, leachtacht agus struchtúr reatha na margaí san Aontas Eorpach ina mbac ar bhainistiú agus ar réiteach iasachtaí neamhthuillmheacha san Aontas Eorpach.

I gcás thromlach soiléir na bhfreagróirí sin a nocht tuairim, is ionann éagsúlachtaí i rialacha náisiúnta maidir le díolacháin iasachtaí neamhthuillmheacha agus bac éifeachtach ar fhorbairt margaí le haghaidh iasachtaí neamhthuillmheacha. Maidir leis an gcineál atá bacainní ar ghníomhaíocht thrasteorann, tagraíonn tromlach na bhfreagraí don chreat dlí, do rialacha dócmhainneachta agus do chleachtais áitiúla. Éilíonn roinnt páirtithe leasmhara rialacha breise chun thomhaltóirí/d’fhéichiúnaithe a chosaint agus measann páirtithe leasmhara eile gur leor iad na rialacha reatha agus gur cheart iad a choimeád. Tacaíonn tromlach suntasach le creat an Aontais Eorpaigh le haghaidh seirbhíseoirí iasachta. Molann beagnach gach freagróir a thacaíonn le creat a bheith ag an Aontas Eorpach le haghaidh seirbhíseoirí iasachta gur cheart an creat córas ceadúnaithe a chumhdach agus molann thart ar leath acu go rialódh sé maoirseacht ar sheirbhíseoirí iasachta.

Bailiú agus úsáid saineolais

Baineadh leas sa togra as cuid mhór taighde, staidéir sheachtracha, comhairliúcháin spriocdhírithe, agallamh agus as foinsí eile nach iad.

D’fhoilsigh eagraíochtaí Eorpacha agus idirnáisiúnta éagsúla tuarascálacha anailíseacha a chuireann le ceardlanna taighde agus le comhairliúcháin le páirtithe leasmhara (an Bord Eorpach um Riosca Sistéamach (BERS), an tÚdarás Baincéireachta Eorpach (ÚBE), an Sásra Maoirseachta Aonair (SMA), an Banc Ceannais Eorpach (BCE) agus an Ciste Airgeadaíochta Idirnáisiúnta (CAI)). D’fhéadfadh seirbhísí an Choimisiúin go háirithe cur leis an tuarascáil ó fhoghrúpa tiomnaithe maidir le hiasachtaí neamhthuillmheacha de chuid Choiste Seirbhísí Airgeadais na Comhairle, agus le taighde ó chomhairliúcháin, ó acadóirí agus ó mheithle machnaimh. Bunaíodh grúpa saineolaithe as Ballstáit agus institiúidí de chuid an Aontais Eorpaigh i lár 2017 chun leanúint de Phlean Gníomhaíochta na Comhairle.

Baineadh leas sa togra freisin as iarrataí spriocdhírithe ar fhaisnéis ar aireachtaí Ceartais agus ar shaineolaithe dlí na mBallstát, agus as roinnt cruinnithe le saineolaithe náisiúnta ó Bhallstáit. San áireamh sa bhailiú faisnéise bhí cruinnithe le páirtithe leasmhara agus páipéir thaighde acadúla.

Measúnú tionchair

Rinneadh imscrúdú ar na príomhthionchair eacnamaíocha agus shóisialta in dhá mheasúnú tionchair a ghabhann leis an togra seo.

Rinneadh imscrúdú sa chéad mheasúnú tionchair ar chás ceannaitheoirí creidmheasa agus seirbhíseoirí creidmheasa. Tá tuairisc ann ar an gcás bunlíne agus cuirtear é sin i gcomparáid le trí rogha fhéideartha le haghaidh bacainní iontrála ar cheannaitheoirí iasachta agus ar sheirbhíseoir iasachta a laghdú. Tugann an bhunlíne san áireamh go mbeadh bacainní sainiúla ar theacht isteach ann fós i roinnt Ballstát agus go bhfanfadh rialacha iompair a dhíspreagann teacht isteach infheisteoirí agus forbairt caidrimh idir infheisteoirí agus seirbhíseoirí iasachta gan éifeacht. Ceapadh trí rogha, bunaithe ar an raon rialacha a fheidhmíonn sna Ballstáit agus ar chomhphlé faoi na cleachtais rialála is fearr, chun teacht isteach sa mhargadh a éascú agus a chomhchuibhiú, trí leas a bhaint as prionsabail chomhchoiteanna ardleibhéil neamhcheangailteacha lena ndírítear ar na bacainní is suntasaí, as caighdeáin chomhchoiteanna cheangailteacha lena gceadaítear gníomhaíocht trasteorann le pasanna nó le leabhar rialacha aonair ceangailteach lena mbaineann pasanna. De réir na hanailíse a rinneadh sa mheasúnú tionchair, tá an dá rogha dheireanacha chomh éifeachtúil céanna agus astu siúd measadh go raibh an rogha lena mbaineann caighdeáin chomhchoiteanna cheangailteacha níos comhréirí chun an cuspóir a bhaint amach, i bhfianaise, chomh maith leis sin, na bhforálacha atá thar a bheith éagsúil maidir le haistrithe creidmheasa agus cearta iasachtaithe sna Ballstáit a bhféadfadh spás le haghaidh roghanna náisiúnta a bheith de dhíth ina leith.

Cuireadh an measúnú tionchair isteach chuig an mBord um Ghrinnscrúdú Rialála an 8 Nollaig 2017 19 . Thug an Bord tuairim dhiúltach ar an measúnú tionchair agus rinne sé roinnt moltaí chun feabhas a chur air. Athbhreithníodh an doiciméad dá réir sin agus cuireadh faoi bhráid an Bhoird an athuair é an 29 Eanáir 2018. Chuir an Bord um Ghrinnscrúdú Rialála tuairim dhearfach ar fáil an 13 Feabhra 2018 20 .

Is iad seo a leanas na príomhathruithe a tugadh isteach sa mheasúnú tionchair chun na tuairimí ón mBord a chur san áireamh:

Tugadh isteach aon réamhrá nua amháin do na trí thionscnamh reachtacha go léir maidir le hiasachtaí neamhthuillmheacha. Tá míniú ann ar shaincheist na niasachtaí neamhthuillmheacha i gcomhthéacs níos leithne agus tá tuilleadh sonraí ann i ndáil leis na naisc ar bhealach idir na tionscnaimh éagsúla sa Phlean Gníomhaíochta um Iasachtaí Neamhthuillmheacha.

Cuireadh éagsúlachtaí i gcearta iasachtaithe i láthair mar chúiseanna fadhbanna mar aon le comhphléití faoin dóigh a nidirghníomhaíonn siad le hathruithe ar an gcóras údarúcháin le haghaidh infheisteoirí in iasachtaí neamhthuillmheacha agus le haghaidh seirbhíseoirí iasachta. Tagraíodh dó sin freisin sa chomhphlé faoi thionchar ginearálta an tionscnaimh.

Rinneadh na forálacha nithiúla a shonrú a thuilleadh, lena náirítear cur síos ar raon ionchasach na bhforálacha sin mar aon le comhphlé faoi na cleachtais is fearr agus faoin dóigh ar féidir iad a chomhcheangal i gcóras rialála comhsheasmhach. Rinneadh soiléiriú go bhfuil idir iasachtaí tuillmheacha agus iasachtaí neamhthuillmheacha i gceist sna díolacháin iasachta.

Tar éis na moltaí maidir leis an dara tuairim ón mBord um Ghrinnscrúdú Rialála, tugadh isteach na hathruithe seo a leanas:

Cúngaíodh an tacar roghanna tosaíochta agus rinneadh tuairisc mhionsonraithe ar na forálacha nithiúla lena mbaineann.

Forleathnaíodh an tacar táscairí monatóireachta chun iompar seirbhíseoirí iasachta agus ceannaitheoirí iasachtaí neamhthuillmheacha a chumhdach maidir le cearta agus maoirseoirí iasachtaithe.

Bhain an dara measúnú tionchair leis an bhforfheidhmiú comhthaobhachta seachbhreithiúnach luathaithe. Rinneadh ceithre rogha bheartais a shainaithint agus a iniúchadh 21 . Thagair an chéad rogha do ghníomhaíocht neamhrialála fhéideartha bunaithe ar thionscnaimh chomhchuibhiúcháin idirnáisiúnta atá ann cheana maidir le nósanna imeachta um fhorfheidhmiú seachbhreithiúnach comhthaobhachta ina molfadh an Coimisiún do Bhallstáit nósanna imeachta dá leithéid a chur i bhfeidhm. Rinneadh fiosrú sa dara rogha arb í an rogha thosaíochta í ar an bhféidearthacht comhchuibhiú íosta ar nós imeachta um fhorfheidhmiú comhthaobhachta seachbhreithiúnach luathaithe ar fud an Aontais Eorpaigh a bhunú ionas go mbeadh nós imeachta éifeachtúil um fhorfheidhmiú comhthaobhachta seachbhreithiúnach luathaithe ar fáil dóibh agus ar na buntáistí a bhainfeadh leis an mbunú sin. Rinneadh iniúchadh sa tríú rogha ar an argóint ar son urrús nua a chruthú le nós imeachta lánchomhchuibhithe um fhorfheidhmiú seachbhreithiúnach. Breithníodh sa cheathrú rogha a diúltaíodh ag céim luath ar an gceist ar cheart sásra forfheidhmiúcháin lasmuigh den chúirt a bhunú ar leibhéal an Aontais trí chóras malartach.

Tá an togra tacaithe ag tuairim dheimhneach arna heisiúint ag an mBord um Ghrinnscrúdú Rialála maidir le forfheidhmiú comhthaobhachta seachbhreithiúnach luathaithe an 12 Eanáir 2018 22 .

De réir mar a mhol an Bord um Ghrinnscrúdú Rialála, leasaíodh an measúnú tionchair tríd an tuairisc ar thionchar an togra ar reachtaíocht náisiúnta na mBallstát a chur san áireamh.

Oiriúnacht rialála agus simpliú

Laghdódh creat údarúcháin comhchuibhithe na costais riaracháin ar fud an Aontais Eorpaigh agus tugann sé an deis do sheirbhíseoirí creidmheasa a gcuid gníomhaíochtaí a mhórscálú i mBallstáit éagsúla tríd an bpas a úsáid.

Cearta bunúsacha

Sa togra urramaítear na cearta bunúsacha agus comhlíontar na prionsabail atá aitheanta i gCairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh, go háirithe tsaoirse chun gnó a sheoladh , an ceart chun maoine, an ceart chun triail chóir a fháil, cosaint sonraí pearsanta agus cosaint an tomhaltóra.

4.IMPLEACHTAÍ BUISÉADACHA

Ní bhaineann aon chostais bhuiséadacha i ar bhuiséad an Aontais Eorpaigh leis an togra reachtach seo.

5.EILIMINTÍ EILE

Pleananna cur chun feidhme, agus socruithe faireacháin, meastóireachta agus tuairiscithe

Tá sé beartaithe go ndéanfar measúnú 5 bliana tar éis chur chun feidhme an bhirt agus i gcomhréir le Treoirlínte an Choimisiúin maidir le rialáil níos fearr. Is é cuspóir an mheasúnaithe a mheas, i measc rudaí eile, a éifeachtaí agus a éifeachtúla agus a bhí sé maidir le baint amach na gcuspóirí beartais agus cinneadh a dhéanamh an bhfuil bearta nó leasuithe nua ag teastáil. Tabharfaidh na Ballstáit an fhaisnéis is gá chun an Tuarascáil sin a ullmhú don Choimisiún.

Doiciméid mhíniúcháin (le haghaidh treoracha)

I bhfianaise éagsúlacht na gcóras dlí agus faireacháin náisiúnta agus an ghá go ndéanfaí an Treoir a chur chun feidhme go comhsheasmhach, ba cheart doiciméad amháin nó níos mó ina mbeidh míniú ar an nasc idir comhpháirteanna na Treorach agus codanna comhfhreagracha ionstraimí náisiúnta trasuí a chur le fógairt na mbeart trasuí arna ndéanamh ag na Ballstáit.

Míniúchán mionsonraithe ar fhorálacha sonracha an togra

Cuimsíonn Teideal I an tábhar, an raon feidhme agus na sainmhínithe.

Baineann an Treoir le ceannaitheoirí agus le seirbhíseoirí creidmheasa arna eisiúint i dtús báire ag institiúid chreidmheasa nó ag a fochuideachtaí, cibé cineál iasachtaí lena mbaineann. Ní bhainfidh an Treoir le ceannach ná le seirbhísiú comhaontaithe creidmheasa a dhéanann institiúid chreidmheasa nó a fochuideachtaí san Aontas Eorpach ná le ceannach ná seirbhísiú comhaontuithe creidmheasa arna neisiúint ag cineálacha eile creidiúnaithe seachas institiúidí creidmheasa agus a gcuid fochuideachtaí.

Maidir leis an nós imeachta um fhorfheidhmiú comhthaobhachta seachbhreithiúnach luathaithe, baineann an Treoir seo le comhaontuithe creidmheasa arna dtabhairt i gcrích idir creidiúnaithe, bainc den chuid is mó, agus iasachtaithe chun críocha a dtrádála, a ngnó nó a ngairme agus atá urraithe ag aon sócmhainní sochorraithe agus dochorraithe ar leis an iasachtaí iad agus atá curtha i ngeall do chreidiúnaí d’fhonn aisíoc iasachta a urrú. Ba cheart go seachnófaí tionchair dhiúltacha do thomhaltóirí agus do theaghlaigh má theorannaítear an raon feidhme d’iasachtaí corparáideacha. Fiú i gcás iasachtaithe gnó, eisiafar príomháit chónaithe úinéirí gnó ón raon feidhme, bunaithe ar dhálaí sóisialta.

Leagtar amach in Airteagal 3 na sainmhínithe a úsáidtear le haghaidh chuspóirí na Treorach seo.

Bunaítear creat i dTeideal IIle haghaidh seirbhíseoirí comhaontuithe creidmheasa arna neisiúint ag institiúidí creidmheasa.

Cuimsítear na rialacha i gCaibidil I le haghaidh seirbhíseoirí creidmheasa a údarú.

Leagtar amach in Airteagal 5 an tsraith uasta ceanglas ar gá do sheirbhíseoirí creidmheasa iad a chomhlíonadh le bheith údaraithe ina mBallstát baile.

Leagtar amach in Airteagal 6 na nósanna imeachta don údarú agus in Airteagal 7 na cásanna inar féidir údarú a tharraingt siar.

Tugtar oibleagáid isteach le hAirteagal 8 clár poiblí seirbhíseoirí creidmheasa údaraithe a chur ar bun i ngach Ballstát.

Tá ceanglas in Airteagal 9 go bhfuil an caidreamh idir seirbhíseoir creidmheasa agus creidiúnaí bunaithe ar chonradh i scríbhinn lena náirítear, i measc saincheisteanna eile, tagairt shoiléir d’oibleagáid cloí le dlí an Aontais agus leis an dlí náisiúnta is infheidhme maidir leis an gcomhaontú creidmheasa. Ina theannta sin, tá ar sheirbhíseoir creidmheasa taifid a choimeád ar feadh 10 mbliana ar féidir le húdaráis inniúla rochtain a fháil orthu.

Foráiltear in Airteagal 10 maidir le rialacha maidir le heisfhoinsiú gníomhaíochtaí a dhéanann seirbhíseoirí creidmheasa trína áirithiú go bhfanfaidh siad iomlán freagrach as na hoibleagáidí go léir faoi na forálacha náisiúnta lenar trasuíodh an Treoir seo.

Baineann Caibidil II le seirbhísiú creidmheasa trasteorann a chur ar fáil.

Ceanglaíonn Airteagal 11 ar Bhallstáit an tsaoirse seirbhísí a chur ar fáil san Aontas a áirithiú le haghaidh seirbhíseoirí creidmheasa údaraithe. Chuige sin, tá forálacha sonracha maidir le nósanna imeachta agus cumarsáid idir údaráis bhaile agus óstaigh leagtha amach sa Treoir.

Foráiltear in Airteagal 12 le haghaidh rialacha sonracha faoin dóigh a ndéanfar na seirbhíseoirí trasteorann sin a mhaoirsiú trí ualach na maoirseachta a chomhroinnt idir údaráis inniúla bhaile agus an Bhallstáit is óstach.

Cumhdaíonn Teideal III ceannaitheoirí creidmheasa.

Foráiltear in Airteagal 13 go ndéanfaidh creidiúnaithe an fhaisnéis go léir atá riachtanach do cheannaitheoir creidmheasa a chur ar fáil sula ndéanfaidh siad conradh, agus urraim iomchuí á tabhairt do rialacha cosanta sonraí pearsanta. Nuair a dhéanfar an chéad aistriú creidmheasa ó institiúid chreidmheasa chuig ceannaitheoir nach institiúid chreidmheasa é, déanfar é sin a chur in iúl do mhaoirseoir na hinstitiúide creidmheasa.

Sainordaíonn Airteagal 14 go núsáidfeadh institiúidí creidmheasa caighdeáin sonraí arna gcur ar fáil ag an Údarás Baincéireachta Eorpach.

D’fhorchuir Airteagal 15 oibleagáid ar na hionadaithe, atá bunaithe san Aontas, de na ceannaitheoirí creidmheasa nach bhfuil bunaithe san Aontas, úsáid a bhaint as seirbhíseoir creidmheasa údaraithe nó as institiúid chreidmheasa san Aontas i gcás comhaontuithe creidmheasa arna dtabhairt i gcrích le tomhaltóirí.

Cuimsíonn Airteagal 16 na rialacha maidir le ceannaitheoirí creidmheasa na húdaráis inniúla a chur ar an eolas faoi sheirbhísiú an chreidmheasa arna cheannach.

Cuimsíonn Airteagal 17 riail lena gceanglaítear, i gcás ina naistreofar comhaontú creidmheasa, go sannfaidh an ceannaitheoir tríú tír ionadaí atá bunaithe san Aontas. Beidh an tionadaí sin freagrach as na oibleagáidí a fhorchuirfear ar cheannaitheoirí creidmheasa leis an Treoir seo.

Leagtar amach in Airteagal 18 na rialacha maidir leis an gceannaitheoir creidmheasa an comhaontú creidmheasa fhormeidhmíú go díreach agus maidir leis na hoibleagáidí faisnéise atá curtha ar na ceannaitheoirí creidmheasa agus ar na húdaráis inniúla.

Le hAirteagal 19 cuirtear oibleagáidí faisnéise ceannaitheora i láthair i gcás ina dtraschuirfidh an ceannaitheoir an comhaontú creidmheasa.

Cuimsíonn Teideal IV an mhaoirseacht a dhéanann na húdaráis inniúla.

Leagtar amach in Airteagal 20 oibleagáidí an chomhlíonta leanúnaigh leis na forálacha náisiúnta lenar trasuíodh an Treoir seo agus sannadh na núdarás inniúil a bheidh freagrach as na feidhmeanna agus na dualgais a a fheidhmiú agus a dhéanamh arna socrú sna forálacha náisiúnta lena gcuirfear an Treoir chun feidhme.

Mionsonraíonn Airteagal 21 cumhachtaí maoirseachta na núdarás inniúil agus foráiltear in Airteagal 22 maidir le rialacha maidir le pionósacha riaracháin agus bearta feabhais.

Le Teideal V bunaítear creat um forfheidhmiú comhthaobhachta seachbhreithiúnach luathaithe, ar ionstraim é arna comhaontú idir an creidiúnaí urraithe agus an tiasachtaí gnó ar bhonn deonach agus ar féidir leis an gcreidiúnaí urraithe leas a bhaint aisti a uaithe a bheidh na coinníollacha atá leagtha amach in Airteagal 23 comhlíonta.

Ceanglaíonn Airteagal 24 ar Bhallstáit go mbeidh nós imeachta forfheidhmiúcháin amháin i bhfeidhm acu ar féidir é a úsáid chun críche an tsásra um fhorfheidhmiú comhthaobhachta seachbhreithiúnach luathaithe atá leagtha amach sa togra seo. Is féidir le Ballstáit rogha a dhéanamh idir ceant poiblí agus nósanna imeachta díolacháin phríobháideacha a úsáidtear go minic chun comhthaobhacht a réadú. i gcás ina mbunófar sa dlí náisiúnta nós imeachta maidir le sócmhainn a leithreasú, is féidir an nós imeachta sin a úsáid chun críche an nós imeachta um fhorfheidhmiú comhthaobhachta seachbhreithiúnach luathaithe sin. Tá lánrogha ag Ballstáit an cineál nós imeachta forfheidhmiúcháin ba cheart a chur ar fáil do chreidiúnaithe a shocrú, mar gheall ar an iliomad nasc idir forfheidhmiú comhthaobhachta agus dlíthe príobháideacha agus poiblí, agus, go háirithe, ag brath ar an gcineál slándála ba cheart a úsáid chun comhthaobhacht a leithreasú.

Tugtar an ceart in Airteagal 28 don iasachtaí cur in aghaidh úsáid an nós imeachta um fhorfheidhmiú comhthaobhachta seachbhreithiúnach luathaithe sna cúirteanna náisiúnta.

D’fhonn an tiasachtaí a chosaint, ceanglaíonn Airteagal 29 ar an gcreidiúnaí, i gcás ina naisghabhálfar an iomarca tríd an nós imeachta um fhorfheidhmiú comhthaobhachta seachbhreithiúnach luathaithe, aon difríocht dheimhneach idir an tsuim atá le híoc faoin gcomhaontú creidmheasa urraithe agus na fáltais a fuarthas ó na sócmhainní a dhíol (tar éis ceant poiblí nó díolachán príobháideach) a íoc don iasachtaí gnó. I gcás leithreasaithe, is iomchuí go mbeidh sé ar an gcreidiúnaí aon difríocht dheimhneach idir an tsuim atá le híoc faoin gcomhaontú creidmheasa urraithe agus luacháil na sócmhainne a íoc don iasachtaí.

Tá sé d’aidhm ag Airteagal 32 a áirithiú go mbeidh an nós imeachta um fhorfheidhmiú comhthaobhachta seachbhreithiúnach luathaithe iomlán comhsheasmhach comhlántach le himeachtaí réamhdhócmhainneachta nó dócmhainneachta a a thionscnófar i gcomhréir le dlíthe na mBallstát. Tá sé d’aidhm ag Airteagal 32 freisin a áirithiú go mbeidh an nós imeachta um fhorfheidhmiú comhthaobhachta seachbhreithiúnach luathaithe iomlán comhsheasmhach agus comhlántach leis an Togra Athstruchúrúcháin trína shonrú go bhfuil creidiúnaithe, lena náirítear creidiúnaithe cuideachta nó fiontraí atá faoi réir imeachtaí athstruchtúrúcháin, faoi réir an bhaic ar ghníomhaíochtaí forfheidhmithe aonair.

Ceanglaíonn Airteagal 33 ar Bhallstáit agus, i gcás institiúidí creidmheasa, ar mhaoirseoirí institiúidí creidmheasa sonraí a bhailiú, ar bhonn bliantúil, i ndáil le líon na niasachtaí urraithe a forfheidhmíodh le himeachtaí lasmuigh den chúirt, leis na tréimhsí ama agus luach na rátaí aisghabhála, agus na sonraí sin a tharchur chuig an gCoimisiún ar bhonn bliantúil.

Le Teideal VI foráiltear cosaintí sonracha le haghaidh tomhaltóirí in Airteagal 34 i gcás ina ndéanfar comhaontú creidmheasa a mhionathrú agus foráiltear in Airteagal 35 láimhseáil gearán a dhéanann an seirbhíseoir creidmheasa agus na húdaráis inniúla araon.

Athdhearbhaíonn Airteagal 36 urramú rialacha um chosaint sonraí pearsanta.

Foráiltear le hAirteagal 37 oibleagáid um chomhar riaracháin ghinearálta idir na húdaráis inniúla.

Cuimsíonn Teideal VII leasú in Airteagal 38 ar an Treoir um Chreidmheas Morgáiste go mbeidh foráil ann i gcás ina naistrítear creidmheas chuig tomhaltóir arna chumhdach ag an Treoir sin, go mbeidh an tomhaltóir i dteideal pléadáil i gcoinne an cheannaitheora creidmheasa i leith aon chosaint a bhí ar fáil dó ar an gcreidiúnaí tosaigh agus oibleagáid é sin a chur in iúl don tomhaltóir.

Cuimsíonn Teideal VIII na forálacha críochnaitheacha faoi leagan amach Coiste chun cuidiú leis an gCoimisiún, faoin athbhreithniú, faoi sprioc-am an trasuí, faoi theacht i bhfeidhm agus faoi sheolaithe

2018/0063 (COD)

Togra le haghaidh

TREOIR Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

maidir le seirbhíseoirí creidmheasa, ceannaitheoirí creidmheasa agus comhthaobhacht a aisghabháil

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 53 agus Airteagal 114 de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa 23 ,

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach,

De bharr an méid seo a leanas:

(1)Is tosaíocht don Aontas é straitéis chuimsitheach a bhunú chun dul i ngleic leis an bhfadhb a bhaineann le hiasachtaí neamhthuillmheacha 24 . Cé gur ar na hinstitiúidí creidmheasa atá an fhreagracht dul i ngleic le hiasachtaí neamhthuillmheacha go príomha, tá gné shoiléir ann a bhaineann leis an Aontas freisin i leith stoic iasachtaí neamhthuillmheacha a laghdú, chomh maith le cosc a chur ar mhéadú iomarcach iasachtaí neamhthuillmheacha amach anseo. De bharr a idirnasctha atá na córais bhaincéireachta agus airgeadais ar fud an Aontais, córais ina bhfuil institiúidí creidmheasa in ann oibriú san iliomad dlínsí agus Ballstát, is mór an dóchúlacht go mbeidh éifeachtaí iarmharta ann idir na Ballstáit agus san Aontas ina iomláine, i dtéarmaí fás eacnamaíoch agus cobhsaíocht airgeadais araon.

(2)Cuirfidh córas airgeadais comhtháite feabhas ar bhuanseasmhacht an Aontais Eacnamaíoch agus Airgeadaíochta in aghaidh suaitheadh neamhfhabhrach trí rioscaí a roinnt ar bhonn príobháideach trasteorann, agus laghdóidh sé san am céanna an gá le rioscaí a roinnt ar bhonn poiblí. Chun na cuspóirí sin a bhaint amach, ba cheart don Aontas an tAontas Baincéireachta a thabhairt i gcrích agus Aontas na Margaí Caipitil a fhorbairt a thuilleadh. Cuid ríthábhachtach de thabhairt i gcrích an Aontais Bhaincéireachta is ea dul i ngleic le stoic arda iasachtaí neamhthuillmheacha agus an fhadhb a d’fhéadfadh a bheith ann amach anseo má charntar iad ar an ábhar go bhfuil sé ríthábhachtach chun an earnáil bhaincéireachta a thabhairt i gcrích, cobhsaíocht airgeadais a choimeád agus iasachtaí a spreagadh chun fostaíocht agus fás a chruthú laistigh den Aontas.

(3)I mí Iúil 2017 ina “Plean Gníomhaíochta chun Dul i nGleic le hIasachtaí Neamhthuillmheacha san Eoraip” 25 d’iarr an Chomhairle ar institiúidí éagsúla bearta iomchuí a dhéanamh chun aghaidh a thabhairt arís ar líon ard na niasachtaí neamhthuillmheacha san Aontas. Sa Phlean Gníomhaíochta leagtar amach cur chuige cuimsitheach a dhíríonn isteach ar mheascán de ghníomhaíochtaí beartais comhlántacha i gceithre cinn de réimsí: (i) maoirseacht agus rialú banc, (ii) creata athstruchtúraithe, dócmhainneachta agus aisghabháil fiach a athchóiriú, (iii) margaí tánaisteacha le haghaidh sócmhainní tochsail a fhorbairt, agus (iv) athstruchtúrú an chórais bhaincéireachta a chur chun cinn. Ní mór gníomhaíocht sna réimsí sin a dhéanamh ar an leibhéal náisiúnta agus ar leibhéal an Aontais i gcás inarb iomchuí. D’fhógair an Coimisiún go raibh rún den chineál céanna aige sa “Teachtaireacht maidir leis an Aontas Baincéireachta a thabhairt i gcrích” an 11 Deireadh Fómhair 2017 26 , inar iarradh pacáiste cuimsitheach maidir le dul i ngleic le hIasachtaí Neamhthuillmheacha laistigh den Aontas.

(4)Leis an Treoir seo, mar aon le bearta eile atá á gcur chun tosaigh ag an gCoimisiún, chomh maith leis an ngníomhaíocht a rinne an Banc Ceannais Eorpach i gcomhthéacs na maoirseachta baincéireachta faoin Sásra Maoirseachta Aonair agus a rinne an tÚdarás Baincéireachta Eorpach, cruthófar an timpeallacht iomchuí d’institiúidí creidmheasa chun dul i ngleic le hIasachtaí Neamhthuillmheacha ar a gcláir chomhardaithe agus déanfaidh sé an riosca a bhaineann le carnadh Iasachtaí Neamhthuillmheacha a laghdú.

(5)Ceanglófar ar institiúidí creidmheasa acmhainní leordhóthanacha a chur de leataobh nuair a éireoidh iasachtaí nua neamhthuillmheach, agus ba cheart go gcruthófaí dreasachtaí iomchuí mar gheall air sin chun dul i ngleic le hiasachtaí neamhthuillmheacha go luath, rud a chuirfeadh cosc ar charnadh iomarcach na niasachtaí sin. I gcás ina néireoidh iasachtaí neamhthuillmheach, bheadh institiúidí creidmheasa in ann Iasachtaí Neamhthuillmheacha a fhorfheidhmiú ach sásraí forfheidhmithe níos éifeachtúla a bheith ann le haghaidh iasachtaí urraithe, faoi réir coimircí iomchuí le haghaidh iasachtaithe. Dá ainneoin sin, má éiríonn stoic d’Iasachtaí Neamhthuillmheacha rómhór – mar is amhlaidh faoi láthair i gcás institiúidí creidmheasa áirithe agus Ballstáit áirithe – ba cheart an deis a bheith ag institiúidí creidmheasa iad a dhíol i margaí tánaisteacha éifeachtúla iomaíocha trédhearcacha le hoibreoirí eile. Déanfaidh údaráis inniúla institiúidí creidmheasa iad a threorú chuige sin, agus sin bunaithe ar na cumhachtaí atá acu cheana a bhaineann go sonrach le bainc, cumhachtaí Cholún 2 mar a thugtar orthu, faoi Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 27 (an Rialachán maidir le Ceanglais Chaipitil). I gcás ina néireoidh Iasachtaí Neamhthuillmheacha ina bhfadhb mhór go forleathan, is féidir leis na Ballstáit cuideachtaí bainistíochta sócmhainní náisiúnta a bhunú nó bearta malartacha eile a dhéanamh laistigh den chreat cúnaimh stáit atá ann faoi láthair agus laistigh de rialacha réitigh banc.

(6)Ba cheart go gcuirfeadh an Treoir seo ar chumas institiúidí creidmheasa dul i ngleic le hiasachtaí ar bhonn níos fearr a luaithe a éireoidh siad neamhthuillmheach trí choinníollacha a fheabhsú chun an chomhthaobhacht a úsáidtear leis an gcreidmheas a chur faoi urrús a fhorfheidhmiú nó an creidmheas a dhíol le tríú páirtithe. Dá dtabharfaí isteach forfheidhmiú comhthaobhachta luathaithe mar shásra tapa le haghaidh luach na comhthaobhachta a aisghabháil, laghdófaí na costais a bhaineann le hIasachtaí Neamhthuillmheacha a réiteach agus, dá bhrí sin, thacófaí le hinstitiúidí creidmheasa agus le ceannaitheoirí Iasachtaí Neamhthuillmheacha araon ó thaobh aisghabháil luacha de. Ina theannta sin, nuair a bhíonn ar institiúidí creidmheasa aghaidh a thabhairt ar charnadh mór Iasachtaí Neamhthuillmheacha agus go bhfuil an fhoireann nó an saineolas chun iad a sheirbhísiú gann, réiteach amháin a d’fhéadfadh a bheith ann an seirbhísiú a dhéantar ar na hiasachtaí a eisfhoinsiú chuig seirbhíseoir creidmheasa speisialaithe nó an comhaontú creidmheasa a aistriú chuig ceannaitheoir creidmheasa a bhfuil an fonn riosca is gá aige chomh maith leis an saineolas chun é a bhainistiú.

(7)An dá réiteach atá ann d’institiúidí creidmheasa chun dul i ngleic le hIasachtaí Neamhthuillmheacha dá bhforáiltear leis an Treoir seo, treisíonn siad a chéile. A bhuí le hachar ama níos gairide le haghaidh forfheidhmiú agus rátaí téarnaimh méadaithe, a bhfuiltear ag súil leis mar thoradh ar fhorfheidhmiú comhthaobhachta sheachbhreithiúnaigh luathaithe, déanann sé luach Iasachtaí Neamhthuillmheacha a mhéadú. Dá réir sin, dhéanfadh sé praghsanna tairgthe a ardú ó thaobh idirbhearta Iasachtaí Neamhthuillmheacha de. Éifeacht bhreise a bheidh aige sin nach mbeidh díol Iasachtaí Neamhthuillmheacha chomh casta céanna má dhéantar an iasacht a chomhthaobhú. Is é is cúis leis sin go bhfuil déanamh amach praghsanna níos simplí maidir le hIasachtaí Neamhthuillmheacha comhthaobhaithe ná iasacht gan urrús in idirbheart margaidh tháinaisteach mar go leagtar síos le luach na comhthaobhachta luach íosta maidir le hIasacht Neamhthuillmheach. Dá mbeadh margadh tánaisteach níos leachtaí ann agus é ag feidhmiú níos fearr le haghaidh Iasachtaí Neamhthuillmheacha ina léireodh infheisteoirí tuilleadh suime in Iasachtaí Neamhthuillmheacha, a mbeadh mír an fhorfheidhmithe luathaithe á hionchorprú iontu, bheadh dreasachtaí breise ann le haghaidh institiúidí creidmheasa forfheidhmiú comhthaobhachta sheachbhreithiúnaigh luathaithe a úsáid tráth a eisítear na hiasachtaí nua. Lena chois sin, an comhchuibhiú atá bainte amach leis an Treoir seo, dhéanfadh sé dream infheisteoirí a fhorbairt ar fud an Aontais a bheadh toilteanach infheistiú in Iasachtaí Neamhthuillmheacha.

(8)Cé go ndéantar tagairt do na téarmaí ‘iasachtaí’ agus ‘bainc’ go coitianta sa díospóireacht phoiblí, úsáidfear anseo feasta na téarmaí níos cruinne ‘creidmheas’ nó ‘comhaontuithe creidmheasa’ nó ‘institiúid chreidmheasa’. Ina theannta sin, mura sonraítear a mhalairt, cumhdaítear a gcuid fochuideachtaí ag na téarmaí banc agus institiúidí creidmheasa freisin.

(9)Ba cheart, leis an Treoir seo forbairt margaí tánaisteacha le haghaidh Iasachtaí Neamhthuillmheacha san Aontas a chothú trí dheireadh a chur le baic ar institiúidí creidmheasa Iasachtaí Neamhthuillmheacha a aistriú go dtí institiúidí neamhchreidmheasa, agus cearta tomhaltóirí a choimirciú san am céanna. Ba cheart na ceanglais údarúcháin a shimpliú agus a chomhchuibhiú le haghaidh seirbhíseoirí creidmheasa le haon bheart a bheartófar. Ba cheart creat a bhunú leis an Treoir seo ar fud an Aontais le haghaidh ceannaitheoirí agus seirbhíseoirí comhaontuithe creidmheasa arna neisiúint ag institiúidí creidmheasa araon.

(10)Mar sin féin, faoi láthair, ní féidir le ceannaitheoirí creidmheasa agus seirbhíseoirí creidmheasa leas a bhaint as an margadh inmheánach de bharr bacainní arna gcruthú ag reachtaíochtaí náisiúnta éagsúla in éagmais córas rialála agus maoirseachta atá tiomnaithe agus comhleanúnach chuige sin. Is mór an difear atá idir rialacha na mBallstát i dtaca leis an dóigh a bhféadfaidh institiúidí neamhchreidmheasa comhaontuithe creidmheasa a fháil ó institiúidí creidmheasa. Na hinstitiúidí neamhchreidmheasa a cheannaíonn creidmheas arna eisiúint ag institiúidí creidmheasa, ní rialaítear iad i mBallstáit áirithe, agus i mBallstáit eile tá siad faoi réir ceanglais éagsúla, agus amanna ceanglais arb ionann iad agus ceanglas údarú a fháil ó institiúid chreidmheasa. Ba é an toradh a bhí ar na difríochtaí sin sna ceanglais rialála gur cruthaíodh bacainní móra ar cheannach dleathach creidmheasa ar bhonn trasteorann san Aontas trí na costais chomhlíonta a mhéadú, costais nár mhór a íoc chun féachaint le punanna creidmheasa a cheannach. Dá thoradh sin, oibríonn ceannaitheoirí creidmheasa i líon teoranta Ballstát, rud a fhágann nach bhfuil ach beagán iomaíochta sa mhargadh inmheánach, mar gur beag an líon ceannaitheoirí creidmheasa a bhfuil suim acu ann. I ngeall air sin, tá margadh tánaisteach neamhéifeachtúil ann le haghaidh Iasachtaí Neamhthuillmheacha. Sa bhreis air sin, na margaí le haghaidh Iasachtaí Neamhthuillmheacha, ar margaí naisiúnta iad ar an iomlán, is iondúil go leanann siad de bheith beag.

(11)Ba iad éileamh íseal, iomaíocht lag agus praghsanna tairge ísle ar phunanna comhaontuithe creidmheasa sna margaí tánaisteacha na torthaí a bhí ar rannpháirtíocht theoranta na ninstitiúidí neamhchreidmheasa, rud atá ina dhíspreagadh d’institiúidí creidmheasa le comhaontuithe creidmheasa neamhthuillmheacha a dhíol. Dá bhrí sin, tá gné shoiléir a bhaineann leis an Aontas i gceist maidir le forbairt na margaí le haghaidh creidmheasanna arna ndeonú ag institiúidí creidmheasa agus a dhíoltar le hinstitiúidí neamhchreidmheasa. Ar thaobh amháin, ba cheart an deis a bheith ag institiúidí creidmheasa comhaontuithe creidmheasa neamhthuillmheacha, nó comhaontuithe thuillmheacha fiú, a dhíol ar fud an Aontais i margaí tánaisteacha éifeachtúla iomaíocha trédhearcacha. Ar an taobh eile de, i ngeall ar thabhairt i gcrích an Aontais Baincéireachta agus Aontas na Margaí Caipitil, is gá gníomhú chun carnadh comhaontuithe creidmheasa neamhthuillmheacha ar chláir chomhardaithe a chosc ionas gur féidir leo leanúint de bheith ag comhlíonadh an ról seo acu, is é sin an geilleagar a mhaoiniú.

(12)Ba cheart an deis a bheith ag creidiúnaithe comhaontú creidmheasa a fhorfheidhmiú agus na méideanna atá dlite dóibh a aisghabháil nó ba cheart an deis a bheith acu an aisghabháil sin a chur ar iontaobh duine a sholáthraíonn seirbhísí den sórt sin ar bhonn gairmiúil, mar atá seirbhíseoirí creidmheasa. Mar an gcéanna, is minic a úsáideann ceannaitheoirí creidmheasa ó institiúidí creidmheasa seirbhísí atá á soláthar ag seirbhíseoirí creidmheasa chun méideanna atá dlite a aisghabháil agus, mar sin féin, níl gníomhaíochtaí seirbhíse creidmheasa faoi réir creat de chuid an Aontais.

(13)Déanann Ballstáit áirithe gníomhaíochtaí seirbhísithe a rialú, ar leibhéil éagsúla. Ar an gcéad dul síos, ní rialaítear na gníomhaíochtaí sin ach i roinnt de na Ballstáit agus is mór an difear idir an dóigh a sainítear iad ó Bhallstát go Ballstát. Na costais mhéadaithe a bhaineann le comhlíonadh rialála, oibríonn siad mar bhacainn ar fhorbairt straitéisí fairsingithe trí bhunú tánaisteach nó trí sheirbhísí a sholáthar ar bhonn trasteorann. Ar an dara dul síos, i gcuid mhór de na Ballstáit is gá údarú a bheith ann le haghaidh roinnt gníomhaíochtaí a dhéanann na seirbhíseoirí creidmheasa sin. Déanann na húdaruithe sin ceanglais dhifriúla a fhorchur agus ní dhéanann siad foráil maidir le méadú ar bhonn trasteorann, rud a oibríonn mar bhacainn arís eile ar sheirbhísí a sholáthar ar bhonn trasteorann. Ar deireadh, i gcásanna áirithe, ceanglaítear nach mór a bheith bunaithe sa Bhallstát de réir an dlí, rud a chuireann cosc ar an tsaoirse seirbhísí a sholáthar ar bhonn trasteorann.

(14)Cé gur féidir le seirbhíseoirí creidmheasa a seirbhísí a sholáthar d’institiúidí creidmheasa agus do cheannaitheoirí creidmheasa nach institiúidí creidmheasa iad, tá nasc idir margadh iomaíoch comhtháite le haghaidh seirbhíseoirí creidmheasa agus margadh iomaíoch comhtháite a fhorbairt le haghaidh ceannaitheoirí creidmheasa. Ós rud é gur minic nach mbíonn sé de chumas ag ceannaitheoirí creidmheasa creidmheas a sheirbhísiú astu féin, ní fhéadfaidh siad creidmheas a cheannach ó institiúidí creidmheasa, mura féidir leo an seirbhísiú a eisfhoinsiú chuig eintitis eile.

(15)Is í an easpa brú iomaíoch ar an margadh le haghaidh creidmheas a cheannach agus ar an margadh le haghaidh gníomhaíochtaí seirbhísithe creidmheasa is cúis le gnólachtaí seirbhísithe creidmheasa a bheith ag gearradh táillí arda ar cheannaitheoirí creidmheasa as a gcuid seirbhísí, agus bíonn praghsanna ísle ar mhargaí tánaisteacha le haghaidh creidmheasa mar thoradh air sin. Mar gheall air sin, laghdaítear dreasachtaí atá ann d’institiúidí creidmheasa scaradh lena stoc d’Iasachtaí Neamhthuillmheacha.

(16)Dá bhrí sin, is gá gníomhaíocht a dhéanamh ar leibhéal an Aontais chun aghaidh a thabhairt ar sheasamh ceannaitheoirí creidmheasa agus seirbhíseoirí creidmheasa i ndáil le creidmheas a dheonaigh institiúidí creidmheasa ar dtús. Níl sé beartaithe creidmheas arna eisiúint ag institiúidí neamhchreidmheasa ar dtús a chumhdach nó fiacha a bhailiú ar bhonn ginearálta ag an bpointe seo, mar nach bhfuil fianaise mhaicreaeacnamaíoch ann go mbaineann sé le hábhar, nach bhfuil dreasachtaí ailínithe i gceart nó nach bhfuil margaí ag feidhmiú mar is ceart le haghaidh raon feidhme chomh forleathan sin.

(17)Cé gurb é is aidhm leis an Treoir seo cumas na ninstitiúidí a neartú chun dul i ngleic le creidmheas a d’éirigh neamhthuillmheach nó a bhfuil an riosca ann go mbeidh sé neamhthuillmheach, sa mhargadh tánaisteach cumhdaítear idir chreidmheas tuillmheach agus chreidmheas neamhthuillmheach. I bhfíordhíolacháin mhargaidh, cuimsítear punanna creidmheasa, punanna a bhfuil meascán de chreidmheas tuillmheach agus creidmheas neamhthuillmheach iontu. San áireamh sna punanna tá idir chreidmheas atá urraithe agus chreidmheas atá neamhurraithe agus chreidmheas ar le tomhaltóirí nó gnólachtaí é. I gcás ina raibh difríocht sna rialacha maidir le forfheidhmiú creidmheasa i ndáil le gach cineál creidmheasa nó gach cineál iasachtaí, bheadh costais bhreise ag baint le pacáistiú na bpunann creidmheasa sin le haghaidh a ndíolta. Na forálacha sa Treoir seo a dhíríonn ar fhorbairt an mhargaidh thánaistigh, cumhdaíonn siad creidmheas tuillmheach agus creidmheas neamhthuillmheach chun cás a sheachaint ina ndéanfadh na costais bhreise sin infheisteoirí a dhíspeagadh le bheith rannpháirteach agus an margadh seo a ilroinnt, margadh atá ag teacht chun cinn. Bainfidh institiúidí creidmheasa tairbhe as bunachar ninfheisteoirí níos mó agus as seirbhíseoirí creidmheasa níos éifeachtúla a bheith ann. Fabhrófar tairbhí comhchosúla chuig cuideachtaí bainistithe sócmhainní, cuideachtaí atá ríthábhachtach i roinnt Ballstát ó thaobh margaíocht a dhéanamh ar chreidmheas neamhthuillmheach agus ar chreidmheas tuillmheach araon a tháinig as institiúidí creidmheasa a ndearnadh iad a réiteach nó a athstruchtúrú nó cuideachtaí a ndearnadh creidmheas a ghlanadh dá gcláir chomhardaithe ar dhóigh eile 28 .

(18)I ngeall ar an mbéim a leagann reachtas an Aontais ar an gcosaint a thugtar do thomhaltóirí le Treoir 2014/17/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 29 , le Treoir 2008/48/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle  30 agus le Treoir ón gComhairle 93/13/CEE 31 , níor cheart sannadh chearta an chreidiúnaithe faoi chomhaontú creidmheasa nó sannadh an chomhaontaithe féin do cheannaitheoir creidmheasa, difear a dhéanamh do leibhéal na cosanta a dheonaítear le dlí an Aontais ar thomhaltóirí ar dhóigh ar bith. Ba cheart do cheannaitheoirí creidmheasa agus do sheirbhíseoirí creidmheasa dlí an Aontais a chomhlíonadh de réir mar is infheidhme maidir leis an gcomhaontú creidmheasa tosaigh agus ba cheart go gcoinneodh an tomhaltóir an leibhéal céanna cosanta dá bhforáiltear faoi dhlí an Aontais nó mar a chinntear le rialacha Aontais nó le rialacha easaontachta dlí náisiúnta ainneoin an dlí is infheidhme maidir leis an gceannaitheoir creidmheasa nó leis an seirbhíseoir creidmheasa.

(19)Níor cheart an Treoir seo aon difear a dhéanamh do ghníomhartha dhlí an Aontais a bhaineann le comhar breithiúnach in ábhar sibhialta, go sonrach na forálacha a bhaineann leis an dlí is infheidhme maidir le hoibleagáidí conarthacha agus maidir le dlínse, lena náirítear cur i bhfeidhm na ngníomhartha agus na bhforálacha sin i gcásanna aonair faoi Rialachán (CE) Uimh. 593/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 32 agus, Rialachán (AE) 1215/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 33 . Tá ceangal ar gach creidiúnaí agus ar aon duine ar ionadaí air é na gníomhartha sin i ndlí an Aontais a urramú ina gcuid idirbhearta leis na húdaráis tomhaltóra agus náisiúnta chun a áirithiú go ndéanfar cearta an tomhaltóra a chosaint.

(20)Chun ardleibhéal cosanta a áirithiú do thomhaltóirí, déantar foráil i ndlí an Aontais agus sa dlí náisiúnta maidir le líon áirithe ceart agus coimircí i ndáil le comhaontuithe creidmheasa arna ngealladh do thomhaltóir nó arna ndeonú air. Tá feidhm ag na cearta agus ag na coimircí sin go háirithe maidir leis an gcaibidlíocht faoi chomhaontú creidmheasa agus a thabhairt i gcrích agus maidir lena fheidhmiú nó le mainneachtain ann. Is amhlaidh an cás go háirithe i ndáil le comhaontuithe creidmheasa tomhaltóirí fadtéarmacha a thagann faoi Threoir 2014/17/AE, i dtaca le ceart an tomhaltóra a chuid oibleagáidí a chomhlíonadh go hiomlán nó i bpáirt faoi chomhaontú creidmheasa sula dtéann an comhaontú sin in éag nó aistriú féideartha an chomhaontaithe creidmheasa chuig ceannaitheoir creidmheasa a chur in iúl trí bhíthinn na Bileoige Faisnéise Caighdeánaithe Eorpaí, i gcás inarb iomchuí. Lena chois sin, níor cheart cearta an iasachtaí a athrú más amhlaidh gur i bhfoirm nuachan conartha a rinneadh an comhaontú creidmheasa idir institiúid chreidmheasa agus ceannaitheoir a aistriú.

(21)Ina theannta sin, leis an Treoir seo ní laghdaítear raon feidhme chur i bhfeidhm rialacha an Aontais maidir le cosaint tomhaltóra agus a mhéid atá ceannaitheoirí creidmheasa cáilithe mar chreidiúnaithe faoi fhorálacha Threoir 2014/17/CE agus Threoir 2008/48/CE, ba cheart iad a bheith faoi réir na noibleagáidí sonracha a leagtar síos le hAirteagal 35 de Threoir 2014/17/AE nó d’Airteagal 20 de Threoir 2008/48/CE, faoi seach.

(22)Tugann institiúidí creidmheasa agus a gcuid fochuideachtaí faoi ghníomhaíochtaí seirbhísithe creidmheasa mar chuid dá ngnáthghnó. Tá na hoibleagáidí céanna orthu maidir le creidmheas arna eisiúint acu féin agus maidir le creidmheas arna cheannach acu ó institiúid chreidmheasa eile. Ós rud é go bhfuil siad á rialáil agus faoi mhaoirseacht cheana féin, bheadh dúbailt costas údaraithe agus chomhlíonta ann nár ghá dá ndéanfaí an Treoir seo a chur i bhfeidhm maidir lena ngníomhaíchtaí seirbhísithe creidmheasa nó maidir lena ngníomhaíochtaí ceannaigh agus dá bhrí sin ní chumhdaítear leis an Treoir seo iad.

(23)Le go mbeidh ceannaitheoirí creidmheasa agus seirbhíseoirí creidmheasa atá ann cheana in ann iad féin a chur in oiriúint do cheanglais na bhforálacha naisiúnta lena gcuirfear i bhfeidhm an Treoir seo agus, go háirithe le go mbeifear in ann seirbhíseoirí creidmheasa a údarú, ní bheidh feidhm ag an Treoir seo ach amháin maidir le comhaontuithe creidmheasa a aistreofar sé mhí tar éis dhul in éag spriocdháta an trasuí.

(24)An túdarú a thugtar do sheirbhíseoir creidmheasa chun gníomhaíochtaí seirbhísithe creidmheasa a sholáthar ar fud an Aontais, ba cheart é a bheith faoi réir tacar coinníollacha aonfhoirmeach comhchuibhithe agus ba cheart do na húdaráis inniúla iad a chur i bhfeidhm ar dhóigh chomhréireach. Chun laghdú a sheachaint maidir leis an gcosaint a thugtar d’fheichiúnaí nó d’iasachtaí agus chun iontaobh a chur chun cinn, ba cheart a áirithiú leis na coinníollacha maidir le húdarú a dheonú agus a choinneáil mar sheirbhíseoir creidmheasa go bhfuil taifead póilíneachta glan ag seirbhíseoirí creidmheasa, ag daoine a bhfuil sealúchas cáilitheach acu sa seirbhíseoir creidmheasa nó ag daoine ar cuid de bhainistíocht an tsoláthraí seirbhíse iad, maidir le cionta coiriúla tromchúiseacha a bhaineann le coireanna i gcoinne maoine, le coireanna a bhaineann le gníomhaíochtaí airgeadais nó le coireanna i gcoinne na sláine fisiciúla agus go bhfuil dea-cháil orthu. Mar an gcéanna, níor cheart na daoine sin chomh maith leis an seirbhíseoir creidmheasa a bheith faoi réir nós imeachta dócmhainneachta nó níor cheart iad a bheith dearbhaithe ina bhféimhigh roimhe sin, mura bhfuarthas a ndea-cháil ar ais i gcomhréir leis an dlí náisiúnta. Ar deireadh, le go ndéanfar cosaint féichiúnaithe chomh maith le cosaint sonraí pearsanta a áirithiú, is gá a cheangal go mbunófar socruithe rialachais iomchuí agus na sásraí rialála inmheánacha agus taifeadadh agus láimhseáil gearáin, agus go ndéanfar maoirseacht orthu. Ina theannta sin, ba cheart oibleagáid a bheith ar sheirbhíseoirí creidmheasa gníomhú go cothrom agus aird chuí a thabhairt ar stádas airgeadais na niasachtaithe. I gcás ina mbeidh seirbhísí comhairliúcháin maidir le fiacha ar fáil lena néascaítear aisíoc fiach ar an leibhéal náisiúnta, ba cheart do na seirbhíseoirí smaoineamh ar iasachtaithe a chur chuig na seirbhísí sin.

(25)Chun nósanna imeachta fadálacha agus éiginnteacht a sheachaint, is gá ceanglais a leagan síos maidir leis an bhfaisnéis is gá d’iarrthóirí a thabhairt, chomh maith leis na sprioc-amanna réasúnacha le haghaidh údarú agus na cúinsí a bhaineann le húdarú a tharraingt siar. I gcás ina naistarraingeoidh údaráis údarú seirbhíseora creidmheasa a sholáthraíonn gníomhaíochtaí seirbhísithe creidmheasa i mBallstáit eile, ba cheart údaráis inniúla sa Bhallstát is óstach a chur ar an eolas faoi. Mar an gcéanna, ba cheart clár poiblí cothrom le dáta a bhunú i ngach Ballstát chun trédhearcacht a áirithiú maidir le líon agus céannacht na seirbhíseoirí creidmheasa údaraithe.

(26)Ba cheart a leagan síos gurb iad na seirbhíseoirí creidmheasa atá freagrach as a áirithiú, i gcás ina ndéanfaidh siad a gcuid gníomhaíochtaí a eisfhoinsiú chuig soláthraithe seirbhíse creidmheasa, nach mbeidh riosca oibríochtúil míchuí ann mar thoradh air seo ná nach mbeidh neamhchomhlíonadh ann ó thaobh an tsoláthraí seirbhíse creidmheasa de maidir le haon cheanglais dlí náisiúnta nó Aontais nó nach mbeidh srian le cumas maoirseora rialála a dhualgais a chomhlíonadh agus cearta iasachtaithe a choimirciú.

(27)Ós rud é, nuair a dhéanann creidiúnaí bainistiú agus forfheidhmiú comhaontú creidmheasa a chur ar iontaoibh, tarmligeann an creidiúnaí a chuid ceart agus dualgas agus an teagmháil dhíreach atá aige leis an iasachtaí freisin chuig an seirbhíseoir creidmheasa ach fanann sé freagrach as sa deireadh, ba cheart an nasc idir an creidiúnaí agus an seirbhíseoir creidmheasa a leagan síos go soiléir i scríbhinn agus ba cheart go bhféadfadh údaráis inniúla a dhearbhú cén dóigh a ndéantar caidreamh den sórt sin a chinneadh.

(28)Chun a áirithiú go mbeidh an ceart ag seirbhíseoir creidmheasa tabhairt faoi ghníomhaíochtaí trasteorann agus chun foráil a dhéanamh maidir leis an maoirseacht ar na gníomhaíochtaí sin, bunaítear nós imeachta leis an Treoir seo maidir le feidhmiú cheart an tseirbhíseora chreidmheasa údaraithe chun tabhairt faoi ghníomhaíocht thrasteorann. An chumarsáid idir údaráis sa Bhallstát baile agus sna Ballstáit is óstaigh chomh maith leis an gcumarsáid le seirbhíseoir creidmheasa, ba cheart sin a dhéanamh faoi cheann achar ama réasúnach.

(29)Le go ndéanfar maoirseacht éifeachtúil éifeachtach ar sheirbhíseoirí creidmheasa trasteorann, ba cheart creat sonrach a chruthú le haghaidh comhar idir na húdaráis inniúla baile agus na húdaráis inniúla sa Bhallstát is óstach. Ba cheart an deis a bheith ann faisnéis a mhalartú leis an gcreat sin, agus rúndacht na faisnéise a chaomhnú san am céanna, cigireachtaí ar an láthair nó lasmuigh den láithreán a dhéanamh, cabhair a sholáthar, torthaí seiceálacha agus cigireachtaí agus aon bhearta a dhéanfar a fhógairt.

(30)Reamhriachtanas tábhachtach ba cheart a bheith ann sula nglacfaidh ceannaitheoirí creidmheasa an ról chucu féin, go mbeidh rochtain acu ar gach faisnéis ábhartha agus ba cheart don Bhallstát a áirithiú gur féidir sin a dhéanamh, agus san am céanna rialacha cosanta sonraí an Aontais agus rialacha cosanta sonraí náisiúnta a chomhlíonadh.

(31)I gcás ina ndéanfaidh institiúid chreidmheasa comhaontú creidmheasa a aistriú, ba cheart ceangal a bheith orthu a chur in iúl dá maoirseoir agus don údarás inniúil a dhéanann maoirseacht ar chomhlíonadh na Treorach seo faoi phríomhthréithe na punainne creidmheasa arna haistriú agus céannacht an cheannaitheora agus, i gcás inarb iomchuí, a ionadaí san Aontas. Ba cheart oibleagáid a bheith ar an údarás sin an fhaisnéis sin a aistriú chuig na húdaráis is inniúil chun maoirseacht a dhéanamh ar an gceannaitheoir creidmheasa agus ar an údarás inniúil san áit a bhfuil an tiasachtaí bunaithe. Leis na ceanglais trédhearcachta sin is féidir faireachán comhchuibhithe éifeachtach a dhéanamh ar aistriú na gcomhaontuithe creidmheasa laistigh den Aontas.

(32)Mar chuid de phlean Gníomhaíochta na Comhairle, dhéanfaí bonneagar sonraí institiúidí creidmheasa a neartú trí shonraí aonfhoirmeacha caighdeánaithe a bheith acu le haghaidh comhaontuithe creidmheasa neamhthuillmheacha. Tá teimpléid sonraí ceaptha ag an Údarás Baincéireachta Eorpach a chuireann faisnéis ar fáil faoi neamhchosaintí sa leabhar baincéireachta, rud a fhágann go bhfuil ceannaitheoirí ionchasacha in ann luach na gcomhaontuithe creidmheasa a mheasúnú agus a ndícheall cuí a dhéanamh. Dá gcuirfí teimpléid den sórt sin i bhfeidhm maidir le comhaontuithe creidmheasa, laghdódh sé éagothroime ó thaobh faisnéise de idir ceannaitheoirí agus díoltóirí ionchasacha comhaontuithe creidmheasa agus, ar an dóigh sin, rannchuideodh sé le forbairt an mhargaidh thánaistigh fheidhmiúil san Aontas. Ba cheart don Údarás Baincéireachta Eorpach na teimpléid sonraí a fhorbairt mar chaighdeáin theicniúla cur chun feidhme agus ba cheart d’institiúidí creidmheasa na caighdeáin sin a úsáid chun luacháil na gcomhaontuithe creidmheasa a éascú le haghaidh díolacháin.

(33)Ó tharla gur cam casta an rud punann de chreidmheas neamhthuillmheach a luacháil, is infheisteoirí sofaisticiúla iad na fíorcheannaitheoirí ar mhargaí tánaisteacha. Is minic gur cistí infheistíochta, institiúidí airgeadais nó institiúidí creidmheasa iad. Ós rud é nach bhfuil creidmheas nua á chruthú acu, ach go bhfuil siad ag ceannach creidmheasa atá ann cheana ar a riosca féin, ní ábhar buartha iad ó thaobh stuamachta de agus is diomaibhseach an méid a chuirfidís le riosca córasach. Dá bhrí sin níl bonn cirt le ceangal a chur ar na cineálacha sin infheisteoirí iarratas a dhéanamh ar údarú nó coinníollacha ar leith a leagan síos le go mbeifear in ann tabhairt faoi ghníomhaíochtaí den sórt sin. Tá sé tábhachtach, áfach, go mbeidh feidhm ag rialacha cosanta tomhaltóra an Aontais agus rialacha cosanta tomhaltóra náisiúnta fós agus gurb iad na cearta iasachtaithe a éiríonn as an gcomhaontú creidmheasa tosaigh atá i bhfeidhm fós freisin.

(34)Féadfaidh ceannaitheoirí creidmheasa as tríú tír é a dhéanamh níos deacra do thomhaltóir an Aontais a bheith ag brath ar a gcearta faoi dhlí an Aontais agus d’údaráis náisiúnta maoirseacht a dhéanamh ar fhorfheidhmiú an chomhaontaithe chreidmheasa. Féadfaidh institiúidí creidmheasa a dhíspeagadh le comhaontuithe creidmheasa den sórt sin a aistriú chuig ceannaitheoirí creidmheasa as tríú tír mar gheall ar an riosca a bhaineann lena ndea-cháil. Trí oibleagáid a fhorchur ar ionadaí na gceannaitheoirí as tríú tír a cheannaíonn creidmheas tomhaltóra institiúid chreidmheasa nó seirbhíseoir creidmheasa a cheapadh a bhfuil údarú aige san Aontas comhaontú creidmheasa a sheirbhísiú, áirithítear go gcaomhnaítear na caighdeáin chéanna ó thaobh na gceart tomhaltóra tar éis aistriú an chomhaontaithe creidmheasa. Tá an seirbhíseoir creidmheasa faoi oibleagáid dlíthe an Aontais agus na dlíthe náisiúnta is infheidhme a urramú agus ba cheart na cumhachtaí is gá a thabhairt do na húdaráis náisiúnta i ngach Ballstát chun maoirseacht éifeachtach a dhéanamh ar ghníomhaíocht an tseirbhíseora sin.

(35)Na ceannaitheoirí creidmheasa a úsáideann seirbhísí seirbhíseoirí creidmheasa nó institiúidí creidmheasa, ba cheart dóibh an méid sin a chur in iúl do na húdaráis inniúla ionas go mbeidh siad in ann maoirseacht a dhéanamh maidir le hiompar an tseirbhíseora creidmheasa i ndáil leis an iasachtaí. Tá oibleagáid ar cheannaitheoirí creidmheasa freisin a chur in iúl do na húdaráis inniúla ar fúthu atá sé maoirseachta a dhéanamh orthu má úsáideann siad institiúid chreidmheasa dhifriúil nó seirbhíseoir creidmheasa difriúil.

(36)Na ceannaitheoirí creidmheasa a fhorfheidhmíonn an comhaontú creidmheasa ceannaithe ar bhonn díreach, ba cheart dóibh sin a dhéanamh i gcomhréir leis an dlí is infheidhme maidir leis an gcomhaontú creidmheasa, lena náirítear rialacha cosanta tomhaltóra is infheidhme maidir leis an iasachtaí. Tá feidhm ag rialacha náisiúnta a bhaineann go háirithe le conarthaí a fhorfheidhmiú, le cosaint tomhaltóra agus leis an dlí coiriúil fós agus ba cheart d’údaráis inniúla a áirithiú go gcomhlíonfar iad ar chríoch na mBallstát.

(37)Chun forfheidhmiú na noibleagáidí a leagtar síos sa Treoir a éascú, i gcás nach bhfuil ceannaitheoir creidmheasa bunaithe san Aontas, ba cheart go ndéanfadh an dlí náisiúnta, lena gcuirtear an Treoir seo chun feidhme agus i gcás inar tugadh comhaontú creidmheasa chun críche, foráil maidir le ceannaitheoir creidmheasa as tríú tír chun ionadaí a cheapadh atá bunaithe san Aontas, agus tabharfar sainordú go rachaidh na húdaráis inniúla i dteagmháil leis an ionadaí sin de bhreis ar an gceannaitheoir creidmheasa nó ina ionad. Tá an tionadaí sin freagrach as na oibleagáidí a fhorchuirtear ar cheannaitheoirí creidmheasa leis an Treoir seo.

(38)San am i láthair, cuirtear údarú agus maoirseacht seirbhíseoirí creidmheasa agus ceannaitheoirí creidmheasa sna Ballstáit ar iontaoibh údaráis éagsúla, agus dá bhrí sin tá sé ríthábhachtach go ndéanfaidh na Ballstáit a róil a shoiléiriú agus cumhachtaí leordhóthanacha a shannadh, go háirithe ar an ábhar gur féidir go mbeidh orthu maoirseacht a dhéanamh ar eintitis a atá i mbun seirbhísí a sholáthar i mBallstáit eile. Chun maoirseacht éifeachtúil comhréireach a áirithiú ar fud an Aontais, ba cheart do na Ballstáit na cumhachtaí is gá a dheonadh ar údaráis inniúla le go ndéanfaidh siad a gcuid dualgas faoin Treoir seo, lena náirítear an chumhacht an fhaisnéis is gá a fháil, sáruithe féidearthacha a fhiosrú, gearáin iasachtaithe a láimhseáil agus pionóis agus bearta ceartaitheacha a fhorchur, lena náirítear an túdarú a aistarraingt. I gcás ina gcuirfear pionóis den sórt sin i bhfeidhm, ba cheart do na Ballstáit a áirithiú go gcuirfidh na húdaráis inniúla i bhfeidhm iad ar dhóigh chomhréireach agus cúiseanna lena gcuid cinntí a thabhairt agus, ina theannta sin, ba cheart na cinntí sin a bheith faoi réir aithbhreithniú breithiúnach freisin i gcásanna nach ngníomhóidh údaráis inniúla laistigh den achar ama a tugadh chuige sin.

(39)Sa “Phlean gníomhaíochta chun dul i ngleic le hiasachtaí neamhthuillmheacha san Eoraip” ón gComhairle, cuireadh tionscnamh reachtach chun tosaigh chun an chosaint a thugtar do chreidiúnaithe urraithe a fheabhsú trí mhodhanna níos éifeachtúla a thabhairt dóibh chun luach a aisghabháil ó chreidmheas urraithe trí bhíthin nós imeachta forfheidhmithe comhthaobhachta sheachbhreithiúnaigh luathaithe.

(40)Na sásraí forfheidhmithe tapa éifeachtúla lasmuigh den chúirt a chuireann ar chumas creidiúnaithe urraithe luach a aisghabháil ó chomhthaobhacht i gcás mainneachtain iasachtaí, níl siad le fáil i roinnt Ballstát, rud a fhágann nach bhfuil creidiúnaithe urraithe in ann comhthaobhacht a fhorfheidhmiú ach amháin sa chúirt sna Ballstáit sin, rud a bhíonn fadálach costasach. I gcás ina bhfuil sé ar fáil, tá raon feidhme agus éifeachtúlacht na nósanna imeachta forfheidhmithe seachbhreithiúnacha éagsúil ó Bhallstát go chéile. Ar an gcúis sin, is gá sásra comhchoiteann ar leith a bhunú a bheidh le fáil i ngach Ballstát. Níor cheart an sásra sin, áfach, bearta forfheidhmithe náisiúnta atá ann cheana a ionadú lena náirítear iad siúd nach gceanglaítear leo dul i muinín na gcúirteanna.

(41)An neamhéifeachtúlacht a bhaineann le nósanna imeachta forfheidhmithe seachbhreithiúnacha i roinnt Ballstát, is gné thábhachtach í maidir le rátaí ísle aisghabhála i gcásanna ina ndéanann iasachtaithe mainneachtain ar chomhaontuithe creidmheasa urraithe. Baineann costais bhreise le fad cuid de na nósanna imeachta atá ann cheana maidir le creidiúnaithe urraithe agus maidir le cailleadh luach na sócmhainní arna gcur ar fáil mar chomhthaobhacht. Sna Ballstáit nach bhfuil nósanna imeachta forfheidhmithe seachbhreithiúnacha leagtha síos iontu le haghaidh cineálacha éagsúla comhthaobhachta, is minic a théann creidiúnaithe faoi phróisis forfheidhmithe breithiúnacha fhadálacha.

(42)Ar uairibh bíonn easpa cothroime ann mar thoradh ar nósanna imeachta forfheidhmithe seachbhreithiúnacha le haghaidh institiúidí creidmheasa agus cuideachtaí ar fud an Aontais i ndáil le rochtain ar chreidmheas, go háirithe le haghaidh FBManna ar mó an spleáchas atá acu ar chreidmheas bainc ná mar atá ag cuideachtaí níos mó. Is é an toradh atá ar rátaí aisghabhála éagothroma sna Ballstáit éagsúla go mbíonn difríochtaí ann maidir le creidmheas bainc a bheith ar fáil do FBManna ar an ábhar go laghdaítear cumas na ninstitiúidí creidmheasa iasachtaí a thabhairt de réir mar a charntar iasachtaí neamhthuillmheacha ar a gcláir chomhardaithe, mar gheall ar cheanglais stuamachta agus ar acmhainní inmheánacha ar ghá a thiomnú do dhul i ngleic le hiasachtaí neamhthuillmheacha. Cuireann sin le heaspa muiníne sa chumas comhthaobhacht a fhorfheidhmiú i mBallstáit éagsúla agus is féidir go mbeidh costais níos airde iasachta ann mar thoradh air sin de réir na háite ina bhfuil siad bunaithe, cibé fíoracmhainneacht chreidmheasa atá acu. Dá bhrí sin, tá nós imeachta comhchoiteann nua de dhíth le haghaidh an mhargaidh aonair, an Aontais Baincéireachta agus Aontas na Margaí Caipitil agus is gá a áirithiú go mbeidh sé ar chumas institiúidí creidmheasa agus fiontar a bhfuil údarás acu creidmheas a eisiúint trí chomhaontuithe creidmheasa urraithe a thabhairt i gcrích i ngach Ballstát, go mbeidh sé ar a gcumas na comhaontuithe sin a fhorfheidhmiú trí nósanna imeachta forfheidhmithe seachbhreithiúnacha brostaithe.

(43)Chun tomhaltóirí a chosaint, ba cheart comhaontuithe creidmheasa a thugtar do thomhaltóirí a eisiamh ó raon feidhme an tsásra forfheidhmithe sheachbhreithiúnaigh luathaithe dá bhforáiltear sa Treoir seo. Mar an gcéanna, chun fiontraithe aonair a chosaint, níor cheart feidhm a bheith ag an sásra seo maidir le comhaontuithe creidmheasa atá urraithe ag comhthaobhacht i bhfoirm réadmhaoine, réadmhaoin arb í príomháit chónaithe an fhiontraithe aonair í.

(44)Ó tharla gur ionstraim dheonach é an sásra forfheidhmithe seachbhreithiúnach luathaithe sin atá faoi réir comhaontú idir an creidiúnaí urraithe agus an tiasachtaí gnó, is gá an tiasachtaí a chur ar an eolas faoi na hiarmhairtí agus faoi na coinníollacha faoinar féidir leis an gcreidiúnaí an nós imeachta luathaithe seo a úsáid. Dá bhrí sin, ba cheart na coinníollacha a leagan síos i gcomhaontú i scríbhinn, nó i bhformáid a ndearnadh nótaireacht air i gcás ina bhforálfar sin, idir an creidiúnaí agus an tiasachtaí.

(45)Chun iasachtaithe gnó a chosaint, is iomchuí a áirithiú go mbeidh na bearta is gá ann chun a áirithiú go ndéanfaidh creidiúnaithe achar réasúnach ama a dheonadh d’iasachtaithe le haghaidh íocaíocht a dhéanamh chun forfheidhmiú den chineál sin a sheachaint.

(46)Chun a áirithiú gur ionstraim thapa éifeachtúil é an sásra forfheidhmithe comhthaobhachta seachbhreithiúnaigh luathaithe seo chun luach a aisghabháil de chomhthaobhacht, ba cheart teideal is infheidhmithe go díreach sa chomhaontú idir an creidiúnaí urraithe agus an tiasachtaí gnó maidir leis, is é sin le rá clásal sa chomhaontú lena mbeifear in ann an chomhthaobhacht a fheidhmiú go díreach trí fhorfheidhmiú comhthaobhachta seachbhreithiúnach luathaithe gan gá le teideal infheidhmithe a iarraidh ar an gcúirt.

(47)Sna Ballstáit ina bhfuil nósanna imeachta forfheidhmithe seachbhreithiúnacha bunaithe cheana féin, tá eilimintí a bhaineann le dlíthe náisiúnta sibhialta, tráchtála, maoine, dócmhainneachta agus poiblí fite fuaite sna nósanna imeachta sin, agus tá an cineál nós imeachta forfheidhmithe is féidir a úsáid ag brath ar an gcineál sócmhainne a chuirtear ar fáil mar chomhthaobhacht, agus i dtaca le nósanna imeachta le haghaidh sócmhainní dochorraithe, is minic a bhíonn eilimintí nós imeachta níos déine iontu chomh maith le maoirseacht bhreithiúnach íosta. Dá bhrí sin ba cheart solúbthacht a bheith ag na Ballstáit agus cinneadh á dhéanamh acu maidir le cén cineál nós imeachta a chuirfear ar fáil do chreidiúnaithe urraithe chun críocha an fhorfheidhmithe comhthaobhachta sheachbhreithiúnaigh luathaithe: ceant poiblí nó díol príobháideach, nó, faoi chreata naisiúnta áirithe, leithreasú na sócmhainne.

(48)Chun a áirithiú nach naisghabhfaidh an creidiúnaí ach an méid atá dlite dó ón iasachtaí gnó faoin gcomhaontú creidmheasa, ba cheart do na Ballstáit a áirithithiú go mbeidh oibleagáid ar an gcreidiúnaí urraithe aon difear deimhneach idir suim an chomhaontaithe creidmheasa nár íocadh agus fáltais dhíol na sócmhainne (tar éis ceant poiblí nó díol príobháideach), nó, i gcás leithreasú idir an tsuim gan íoc agus luacháil na sócmhainne a rinneadh chun críocha an leitheasraithe. Is iomchuí, i gcás ina ndéanfaidh na Ballstáit foráil maidir le comhthaobhacht a réadú trí bhíthin leithreasú, gur cheart gurbh é an difear idir suim an chomhaontaithe chreidmheasa atá gan íoc agus luacháil na sócmhainne, gurbh é sin an difear deimhneach atá le híoc leis an iasachtaí. I gcás ina naisghabhfar níos lú ná suim an chomhaontaithe creidmheasa gan íoc trí bhíthinn an fhorfheidhmithe leasaithe sin, níor cheart do na Ballstáit cosc a chur ar rannpháirtithe i gcomhaontú creidmheasa urraithe a aontú go soiléir gur leor comhaontacht a réadú trí bhíthin forfheidhmiú comhthaobhachta seachbhreithiúnach luathaithe chun an creidmheas a aisíoc.

(49)Ba cheart do na Ballstáit a áirithiú, i gcás ina naistreofar comhaontú creidmheasa urraithe ón gcreidiúnaí go triú páirtí, comhaontú ina ndearnadh foráil maidir le forfheidhmiú comhthaobhachta seachbhreithiúnach luathaithe a leagtar amach sa Treoir seo, go bhfaighidh an tríú páirtí sin an ceart leas a bhaint as an bhforfheidhmiú comhthaobhachta seachbhreithiúnach luathaithe faoi na téarmaí agus na coinníollacha céanna agus a bheadh ag an gcreidiúnaí urraithe.

(50)Chun comhleanúnachas a áirithiú maidir le rialacha réamhdhócmhainneachta agus rialacha dócmhainneachta, ba cheart do na Ballstáit a áirithiú, i gcás ina dtionscnófar imeacht i ndáil le húinéir na gnólachta, dá bhforáiltear sa Togra le haghaidh Treoir ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le hathstruchtúrú coisctheach agus an dara deis 34 , go bhfuil réadú na comhthaobhachta a dhéanfar de bhun forfheidhmiú comhthaobhachta seachbhreithiúnach luathaithe faoi réir bac ar ghníomhaíochtaí forfheidhmithe aonair i gcomhréir leis na dlíthe náisiúnta is infheidhme lenar trasuíodh an Treoir sin. I gcás ina dtionscnófar aon nósanna imeachta i ndáil leis an iasachtaí gnó, ba cheart réadú na comhthaobhachta de bhun forfheidhmiú comhthaobhachta seachbhreithiúnach luathaithe a bheith faoi réir bac ar ghníomhaíochtaí forfheidhmithe aonair freisin i gcomhréir leis na dlíthe náisiúnta is infheidhme. Ba cheart é a fhágáil faoin dlí náisiúnta an mbeidh rochtain fhabhrach ag creidiúnaithe urraithe ar chomhthaobhacht faoin sásra luathaithe sin fiú tar éis tionscnamh nósanna dócmhainneachta.

(51)Ó tharla líon teoranta sonraí a bheith ar fáil maidir le líon na nósanna imeachta seachbhreithiúnacha a úsáideann institiúidí creidmheasa chun luach a aisghabháil de chomhthaobhacht i gcás mainneachtain iasachtaithe, ba cheart ceangal a bheith ar údaráis inniúla a dhéanann maoirseacht ar institiúidí creidmheasa faisnéis a bhailiú maidir le líon na gcomhaontuithe creidmheasa urraithe a fhorfheidhmítear trí fhorfheidhmiú comhthaobhachta seachbhreithiúnach luathaithe agus an tachar ama a bhaineann leis an bhforfheidhmiú sin. Chun tuiscint níos fearr a fháil ar éifeachtúlacht fheidhmiú fhorfheidhmiú comhthaobhachta seachbhreithiúnach luathaithe laistigh den Aontas, ba cheart do na Ballstáit sonraí staidrimh bliantúla faoi na gnóthaí sin a sholáthar don Choimisiún agus sin ag tosú amach bliain amháin tar éis chur i bhfeidhm na Treorach seo.

(52)Gan dochar d’oibleagáidí réamhchonarthacha faoi Threoir 2014/17(AE), faoi Threoir 2008/48/CE agus faoi Threoir 93/13/CEE, agus chun ardleibhéal cosanta tomhaltóra a áirithiú, ba cheart liosta soiléir cuimsitheach a chur faoi bhráid an tomhaltóra ar a mbeidh aon athruithe den sórt sin luaite, an tamscála maidir lena gcur i bhfeidhm agus na sonraí is gá chomh maith le hainm agus seoladh an údaráis náisiúnta inar féidir leis gearán a thaisceadh, agus sin in am trátha agus sula ndéanfar aon mhodhnú ar théarmaí agus ar choinníollacha an chomhaontaithe creidmheasa.

(53)Ós rud é go mbeidh feidhmiú na margaí tánaisteacha ag brath den chuid is mó ar dhea-cháil na neintiteas i gceist, ba cheart do sheirbhíseoirí creidmheasa sásra éifeachtúil a bhunú trína gcaithfear le gearáin ó iasachtaithe. Ba cheart do na Ballstáit a áirithiú go mbeidh nósanna imeachta éifeachtacha inrochtana ag údaráis is inniúil ar mhaoirseacht a dhéanamh ar cheannaigh creidmheasa agus ag seirbhíseoirí creidmheasa chun dul i ngleic le gearáin iasachtaithe.

(54)Tá feidhm ag forálacha Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 35 agus ag Rialachan (CE) Uimh. 45/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 36 araon maidir le próiseáil sonraí pearsanta chun críocha na Treorach seo. Go háirithe, i gcás ina bpróiseálfar sonraí pearsanta chun críocha na Treorach seo, ba cheart an chríoch shonrach sin shonrú, tagairt don bhunús dlí ábhartha, na ceanglais slándála a leagtar síos i Rialachán (AE)2016/679 a chomhlíonadh, agus prionsabail an riachtanais, na comhréireachta, teorannú de réir cuspóra, agus an tréimhse coinneála sonraí comhréireach a urramú. Lena chois sin, ba cheart cosaint sonraí pearsanta trí dhearadh agus cosaint sonraí mar réamhshocrú a bheith leabaithe i ngach córas próiseála sonraí a fhorbrófar agus a úsáidfear laistigh de chreat na Treorach seo. Mar an gcéanna, an comhar riaracháin agus an chabhair fhrithpháirteach idir údaráis inniúla na mBallstát, ba cheart iad a bheith comhoiriúnach do na rialacha maidir le cosaint sonraí pearsanta a leagtar síos i Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, agus i gcomhréir le rialacha cosanta sonraí náisiúnta lena gcuirtear reachtaíocht an Aontais chun feidhme.

(55)Chun a áirithiú nach ndéanfar difear do leibhéal cosanta an tomhaltóra i gcás ina sannfar cearta an chreidiúnaithe nó an chomhaontaithe féin do thriú páirtí faoi chomhaontú creidmheasa morgáiste, ba cheart leasú ar Threoir 2014/17/AE a thabhairt isteach chun a leagan síos, i gcásanna ina naistreofar creidmheas atá cumhdaithe ag an Treoir sin, go mbeidh an tomhaltóir i dteideal pléadáil i gcoinne an cheannaigh chreidmheasa maidir le haon chosaint a bhí ar fáil dó i gcoinne an chreidiúnaithe tosaigh agus go bhfuil sé i dteideal a bheith coinnithe ar an eolas faoin sannadh.

(56)I gcomhréir le Dearbhú Comhpháirteach Polaitiúil an 28 Meán Fómhair 2011 ó na Ballstáit agus ón gCoimisiún maidir le doiciméid mhíniúcháin, ghlac na Ballstáit mar chúram orthu féin, i gcásanna a mbeidh údar cuí leo, doiciméad amháin nó níos mó a chur leis an bhfógra maidir lena mbearta trasuite lena míneofar an gaol idir codanna de threoir agus páirteanna comhfhreagracha na nionstraimí náisiúnta trasuite. I ndáil leis an Treoir seo, measann an reachtóir go bhfuil údar cuí le doiciméid den chineál sin a tharchur,

TAR ÉIS AN TREOIR SEO A GHLACADH:

Teideal I

Ábhar, raon feidhme agus sainmhínithe

Airteagal 1

Ábhar

Leis an Treoir seo leagtar síos creat comhchoiteann agus ceanglais le haghaidh:

(a)seirbhíseoirí creidmheasa a ghníomhaíonn thar ceann institiúid creidmheasa nó ceannaitheoir creidmheasa i ndáil le comhaontú creidmheasa arna eisiúint ag institiúid creidmheasa nó ag a fochuideachtaí; 

(b)ceannaitheoirí creidmheasa a cheannaíonn comhaontú creidmheasa arna eisiúint ag institiúid creidmheasa nó ag a fochuideachtaí;

(c)sásra comhchoiteann breise um fhorfheidhmiú comhthaobhachta seachbhreithiúnach luathaithe i ndáil le comhaontuithe creidmheasa urraithe arna dtabhairt i gcrích idir creidiúnaithe agus iasachtaithe gnó atá urraithe ag comhthaobhacht.

Airteagal 2

Raon feidhme

1.Beidh feidhm ag Airteagail 3 go 22 agus Airteagail 34 go 43 den Treoir seo maidir leis an méid seo a leanas:

(a)seirbhíseoir creidmheasa nó comhaontú creidmheasa arna eisiúint ag institiúid creidmheasa atá bunaithe san Aontas nó ag a fochuideachtaí atá bunaithe san Aontas a ghníomhaíonn thar ceann an chreidiúnaí, i gcomhréir le dlí an Aontais is infheidhme nó leis an dlí náisiúnta is infheidhme. 

(b)ceannaitheoir creidmheasa comhaontaithe creidmheasa arna eisiúint ag institiúid creidmheasa atá bunaithe san Aontas nó ag a fochuideachtaí atá bunaithe san Aontas, trína nglacann an ceannaitheoir creidmheasa oibleagáidí an chreidiúnaí faoin gcomhaontú creidmheasa, i gcomhréir le dlí an Aontais is infheidhme nó leis an dlí náisiúnta is infheidhme.

2.Beidh feidhm ag Airteagail 3, 23 go 33, agus 39 go 43 den Treoir seo maidir le comhaontuithe creidmheasa urraithe a thugtar i gcrích idir creidiúnaithe agus iasachtaithe gnó atá urraithe le haon sócmhainní sochorraithe agus dochorraithe ar leis an iasachtaí gnó iad agus ar breacadh mar chomhthaobhacht iad do chreidiúnaí chun aisíocaíocht éileamh a thagann as an gcomhaontú creidmheasa urraithe a urrú.

3.Ní dhéanann an Treoir seo difear don chosaint a dheonaítear do thomhaltóirí, de bhun Threoir 2014/17/AE, Threoir 2008/48/CE, Threoir 93/13/CEE ón gComhairle agus na bhforálacha náisiúnta lenar trasuíodh iad, i dtaca le comhaontuithe creidmheasa a thagann faoina raon feidhme.

4.Ní bheidh feidhm ag Airteagail 3 go 22 agus Airteagail 34 go 43 den Treoir seo maidir leis an méid seo a leanas:

(a)an seirbhísiú ar chomhaontú creidmheasa a dhéanann institiúid creidmheasa nó a fochuideachtaí atá bunaithe san Aontas;

(b)seirbhísiú ar chomhaontú creidmheasa nár eisigh institiúid creidmheasa atá bunaithe san Aontas nó a fochuideachtaí atá bunaithe san Aontas, ach amháin i gcás ina gcuirfear comhaontú creidmheasa arna eisiúint ag institiúid den chineál sin nó a fochuideachtaí in áit an chomhaontaithe creidmheasa a eisíodh;

(c)ceannach comhaontaithe creidmheasa a dhéanann institiúid creidmheasa nó a fochuideachtaí atá bunaithe san Aontas;

(d)aistriú comhaontuithe creidmheasa a aistrítear roimh an dáta dá dtagraítear sa dara fomhír d’Airteagal 41(2).

5.Ní bheidh feidhm ag Airteagail 3, 23 go 33 agus Airteagail 34 go 43 den Treoir seo maidir leis an méid seo:

(a)comhaontuithe creidmheasa urraithe a thugtar i gcrích idir creidiúnaithe agus iasachtaithe ar tomhaltóirí neamhbhrabúsmhara iad mar a shainmhínítear i bpointe (a) d’Airteagal 3 de Threoir 2008/48/CE;

(b)comhaontuithe creidmheasa urraithe a thugtar i gcrích idir creidiúnaithe agus iasachtaithe ar cuideachtaí neamhbhrabúsmhara iad;

(c)comhaontuithe creidmheasa urraithe a thugtar i gcrích idir creidiúnaithe agus iasachtaithe gnó atá urraithe ag ag na catagóirí comhthaobhachta seo a leanas:

(i)socruithe comhthaobhachta airgeadais mar a shainmhínítear in Airteagal 2(1)(a) de Threoir 2002/47/CE 37 ;

(ii)maoin chónaithe dhochorraithe arb í príomháit chónaithe úinéara gnó í.

Airteagal 3

Sainmhínithe

Chun críche na Treorach seo, beidh feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:

(1)ciallaíonn “institiúid chreidmheasa” institiúid chreidmheasa mar a shainmhínítear i bpointe (1) d’Airteagal 4(1) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 38 ;

(2)ciallaíonn ‘creidiúnaí’ institiúid chreidmheasa nó aon duine dlítheanach a d’eisigh creidmheas agus é i mbun a cheirde, a ghnó nó a ghairme, nó ceannaitheoir creidmheasa;

(3)ciallaíonn ‘iasachtaí’ duine dlíthiúil nó nádúrtha a thug comhaontú creidmheasa i gcrích le creidiúnaí;

(4)ciallaíonn ‘iasachtaí gnó’ duine dlítheanach nó nádúrtha, cé is moite de thomhaltóir, a thug comhaontú creidmheasa i gcrích le creidiúnaí;

(5)ciallaíonn ‘comhaontú creidmheasa’ comhaontú mar a eisíodh, a modhnaíodh nó ar cuireadh comhaontú eile ina áit ar dtús trína ndeonaíonn creidiúnaí nó trína ngeallann creidiúnaí creidmheas a dheonú i bhfoirm íocaíochta iarchurtha, iasachta nó cineál comhréitigh eile den chineál sin.

(6)ciallaíonn ‘comhaontú creidmheasa urraithe’ comhaontú creidmheasa arna thabhairt i gcrích ag institiúid chreidmheasa nó ag aon ghnóthas eile atá údaraithe creidmheas a eisiúint, atá urraithe ag ceann amháin de na cineálacha comhthaobhachta seo a leanas;

(a)morgáiste, muirear, lian, nó aon cheart urrúis inchomparáide eile a úsáidtear go coitianta i mBallstát i dtaca le sócmhainní dochorraithe;

(b)gealltán, muirear, lian, nó aon cheart urrúis inchomparáide eile a úsáidtear go coitianta i mBallstát i dtaca le sócmhainní sochorraithe;

(7)ciallaíonn ‘ceannaitheoir creidmheasa’ aon duine nádúrtha nó dlítheanach cé is moite de chomhar creidmheasa nó fochuideachta comhair creidmheasa a cheannaíonn comhaontú creidmheasa agus é i mbun á cheirde, a ghnó nó a ghairme, nó ceannaitheoir creidmheasa;

(8)ciallaíonn ‘seirbhíseoir creidmheasa’ aon duine nádúrtha nó dlítheanach, cé is moite d’institiúid chreidmheasa nó a fochuideachtaí a dhéanann ceann amháin nó níos mó de na gníomhaíochtaí seo thar ceann creidiúnaí:

(a)faireachán ar chomhaontú creidmheasa;

(b)faisnéis a bhailiú agus a bhainistiú faoi stádas an chomhaontaithe creidmheasa, an iasachtaí agus aon chomhthaobhachta a úsáidtear chun an comhaontú creidmheasa a urrú;

(c)an tiasachtaí a chur ar an eolas faoi aon athruithe ar rátaí úis, muirir agus íocaíochtaí atá dlite faoin gcomhaontú creidmheasa;

(d)na cearta agus na hoibleagáidí faoin gcomhaontú creidmheasa a fhorfheidhmiú thar ceann an chreidiúnaí, lena náirítear aisíocaíochtaí a riar.

(e)téarmaí agus coinníollacha an chomhaontaithe creidmheasa a athchaibidliú leis na hiasachtaithe, i gcás nach ‘idirghabhálaí creidmheasa’ iad mar a shainmhínítear in Airteagal 4(5) de Threoir 2014/17/AE nó Airteagal 3(f) de Threoir 2008/48/CE;

(f)gearáin ó iasachtaithe a láimhseáil.

(9)Ciallaíonn ‘Ballstát baile’ an Ballstát ina bhfuil sainchónaí ar an seirbhíseoir nó ina bhfuil sé bunaithe.

(10)Ciallaíonn ‘Ballstát is óstach’ Ballstát, cé is moite de Bhallstát baile, ina bhfuil brainse bunaithe ag seirbhíseoir creidmheasa, ina bhfuil gníomhaire ceaptha aige nó ina soláthraíonn seirbhíseoir creidmheasa seirbhísí.

(11)Ciallaíonn “tomhaltóir” tomhaltóir mar a shainmhínítear i bpointe (a) d’Airteagal 3 de Threoir 2008/48/CE;

Teideal II

Seirbhíseoirí creidmheasa

Caibidil I

Seirbhíseoirí creidmheasa a údarú

Airteagal 4

Ceanglais ghinearálta

1.Cuirfidh na Ballstáit de cheangal ar sheirbhíseoir creidmheasa údarú a fháil ina Bhallstát baile sula rachaidh sé i mbun gníomhaíochtaí ar a chríoch i gcomhréir leis na ceanglais a leagtar amach sna forálacha náisiúnta lenar trasuíodh an Treoir seo.

2.Tabharfaidh na Ballstáit an chumhacht na húdaruithe sin a dheonú do na húdaráis inniúla a ainmníodh de bhun Airteagal 20(3).

Airteagal 5

Ceanglais maidir le húdarú a dheonú

1.Déanfaidh na Ballstáit na ceanglais seo a leanas a leagan síos maidir le húdarú a dheonú dá dtagraítear in Airteagal 4(1):

(a)beidh an tiarratasóir ina shaoránach den Aontas nó ina dhuine dlítheanach dá dtagraítear in Airteagal 54 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh;

(b)i gcás inar duine dlítheanach an tiarratasóir, beidh na tréithe seo a leanas ag na comhaltaí san orgán bainistíochta agus riaracháin agus ag na daoine a bhfuil sealúchais cháilitheacha acu san iarratasóir, de réir bhrí phointe (36) d’Airteagal 4(1) de Rialachán Uimh.575/2013, nó i gcás inar duine nádúrtha an tiarratasóir:

(i)beidh dea-cháil leordhóthanach air/orthu;

(ii)beidh taifead ciontuithe glan nó a choibhéis náisiúnta ag an duine sin i dtaca le ciontuithe coiriúla tromchúiseacha a bhaineann le maoin, gníomhaíochtaí airgeadais nó sláine fhisiciúil

(iii)ní bheidh sé faoi réir aon nós imeachta dócmhainneachta faoi láthair ná ní bheidh dearbhú féimheachta déanta air é murar aischuireadh é i gcomhréir leis an dlí náisiúnta;

(c)beidh socruithe rialachais iomchuí agus sásraí rialaithe inmheánacha i bhfeidhm ag an iarratasóir lena náiritheofar go nurramófar cearta iasachtaithe agus go gcomhlíonfar na rialacha maidir le sonraí pearsanta daoine a chosaint i gcomhréir leis na dlíthe lena rialaítear an comhaontú creidmheasa,

(d)cuirfidh an tiarratasóir beartas iomchuí i bhfeidhm lena náiritheofar go ndéileálfar go cothrom dícheallach le hiasachtaithe, agus a stádas airgeadais á chur san áireamh agus, i gcás ina mbeidh sin ar fáil, an gá atá ann na hiasachtaithe sin a threorú chuig seirbhísí comhairle maidir le fiachas agus chuig seirbhísí sóisialta;

(e)nósanna imeachta mionsonraithe iomchuí a bheith i bhfeidhm ag an iarratasóir lena náiritheofar go ndéanfar gearáin ó na hiasachtaithe a láimhseáil agus a thaifeadadh.

2.Diúltóidh údaráis inniúla na mBallstát baile údarú a dheonú dá dtagraítear in Airteagal 4(1), i gcás nach gcomhlíonann an tiarratasóir na ceanglais a leagtar amach i mír 1.

Airteagal 6

Nós imeachta maidir le húdarú a dheonú agus a dhiúltú

1.Cuirfidh na Ballstáit nós imeachta ar bun chun seirbhíseoirí creidmheasa a údarú lenar féidir le hiarratasóir iarratas a dhéanamh agus an fhaisnéis uile a sholáthar is gá chun go mbeidh údarás inniúil ina Bhallstát baile in ann a fhíorú go bhfuil na coinníollacha go léir a leagtar síos sna bearta náisiúnta lenar trasuíodh Airteagal 5(1) comhlíonta ag an iarratasóir.

2.Beidh an méid seo a leanas ag gabháil leis an iarratas ar an údarú dá dtagraítear i mír 1:

(a)fianaise ar stádas dlíthiúil an iarratasóra agus a ionstraim chomhdhéanaimh, i gcás inarb iomchuí;

(b)seoladh cheannoifig an iarratasóra nó a oifige cláraithe;

(c)céannacht comhaltaí orgáin bainistíochta agus riaracháin an iarratasóra a bhfuil sealúchais cháilitheacha de réir bhrí phointe (36) d’Airteagal 4(1) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 ina seilbh;

(d)fianaise go gcomhlíonann an tiarratasóir agus na daoine dá dtagraítear i bpointe (c) den Airteagal seo na coinníollacha a leagtar síos in Airteagal 5(1)(b);

(e)fianaise maidir leis na socruithe rialachais agus na sásraí rialaithe inmheánaigh dá dtagraítear in Airteagal 5(1) (c);

(f)fianaise maidir leis an mbeartas dá dtagraítear in Airteagal 5(1)(d);

(g)fianaise maidir leis na nósanna imeachta inmheánacha dá dtagraítear in Airteagal 5(1)(e);

(h)aon chomhaontú eisfhoinsithe dá dtagraítear in Airteagal 10(1);

3.Áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfaidh údaráis inniúla i mBallstát baile, laistigh de 20 lá oibre ón tráth a gheofar an tiarratas ar údarú, a mheas an bhfuil an tiarratas comhlánaithe ina iomláine. I gcás ina measfar an tiarratas a bheith comhlánaithe ina iomláine, socróidh na húdaráis inniúla dáta faoina mbeidh ar an iarratasóir aon fhaisnéis bhreise a chur ar fáil agus tabharfaidh siad fógra don iarratasóir tráth a mheasfar an tiarratas a bheith comhlánaithe ina iomláine.

4.Áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfaidh údaráis inniúla i mBallstát baile, faoi cheann 30 lá oibre ón tráth a gheofar iarratas comhlánaithe, a mheas an bhfuil na forálacha náisiúnta lenar trasuíodh an Treoir seo á gcomhlíonadh ag an iarratasóir. Glacfaidh na húdaráis inniúla, tar éis dóibh an measúnú sin a dhéanamh, cinneadh lán-réasúnaithe lena ndeonófar nó lena ndiúltófar an túdarú agus fógrófar sin don iarratasóir faoi cheann cúig lá oibre.

5.Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh cead achomhairc os comhair binse ag iarratasóir i gcás ina gcinnfidh údaráis inniúla i mBallstát baile iarratas ar údarú a dhiúltú de bhun Airteagal 5(2) nó i gcás nach ndéanfaidh na húdaráis inniúla aon chinneadh i ndáil le hiarratas ar údarú, laistigh de shé mhí tar éis iarratas atá comhlánaithe ina iomláine a bheith taiscithe.

Airteagal 7

Údarú a tharraingt siar

1.Áiritheoidh na Ballstáit go bhféadfaidh údaráis inniúla i mBallstát baile an túdarú a deonaíodh do sheirbhíseoir a tharraingt siar i gcás:

(a)nár bhain seirbhíseoir sin úsáid as an údarú laistigh de dhá mhí dhéag ó deonaíodh é;

(b)inar thréig sé an túdarú go sainráite;

(c)ina mbeidh scortha aige de ghníomhaíochtaí seirbhíseora creidmheasa a dhéanamh le níos mó ná sé mhí;

(d)ina bhfuair sé údarú trí ráitis bhréagacha a dhéanamh nó ar mhodh neamhrialta eile;

(e)mura mbeidh na coinníollacha a leagtar síos in Airteagal 5(1) á gcomhlíonadh a thuilleadh ag an seirbhíseoir;

(f)ina ndearna sé sárú tromchúiseach ar na rialacha is infheidhme, lena náirítear forálacha an dlí náisiúnta lenar trasuíodh an Treoir seo.

2.I gcás ina dtarraingeofar siar údarú i gcomhréir le mír 1, áiritheoidh na Ballstáit go gcuirfidh údaráis inniúla i mBallstát baile na húdaráis inniúla sna Ballstáit is óstach ar an eolas faoi aon soláthar seirbhísí a dhéanfaidh an seirbhíseoir creidmheasa seirbhísí faoi Airteagal 11.

Airteagal 8

Clár na seirbhíseoirí údaraithe

1.Áiritheoidh na Ballstáit go mbunóidh agus go gcoinneoidh na húdaráis inniúla clár náisiúnta de na seirbhíseoirí creidmheasa údaraithe atá údaraithe seirbhísí a sholáthar laistigh dá gcríoch, lena náirítear na seirbhíseoirí creidmheasa a sholáthraíonn seirbhísí faoi Airteagal 11.

2.Beidh rochtain ar líne ag an bpobal ar an gclár agus déanfar é a uasdátú go rialta.

3.I gcás ina ndéanfar údarú a tharraingt siar, déanfaidh na húdaráis inniúla an clár a uasdátú gan mhoill.

Airteagal 9

Caidreamh conarthach idir seirbhíseoir creidmheasa agus creidiúnaí

1.Áiritheoidh na Ballstáit go soláthróidh seirbhíseoir creidmheasa a sheirbhísí i ndáil le comhaontú creidmheasa a bhainistiú agus a fhorfheidhmiú ar bhonn comhaontú i scríbhinn le creidiúnaí.

2.Déanfar foráil maidir leis an méid seo a leanas sa chomhaontú dá dtagraítear i mír 1:

(a)tuairisc mhionsonraithe ar na gníomhaíochtaí seirbhísithe creidmheasa atá le déanamh ag an seirbhíseoir creidmheasa;

(b)leibhéal an luacha saothair don seirbhíseoir creidmheasa nó an chaoi ina bhfuil sin le ríomh;

(c)an méid is féidir an seirbhíseoir creidmheasa ionadaíocht a dhéanamh ar an gcreidiúnaí i dtaca leis an iasachtaí;

(d)gealltanas ó na páirtithe dlí an Aontais agus an dlí náisiúnta is infheidhme maidir leis an gcomhaontú a chomhlíonadh, lena náirítear maidir le cosaint tomhaltóirí.

3.Áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfaidh an seirbhíseoir creidmheasa an méid seo a leanas a thaifeadadh agus a choinneáil go ceann deich mbliana ar a laghad tar éis dháta an chonartha dá dtagraítear i mír 1:

(a)gach comhfhreagras leis an gcreidiúnaí agus leis an iasachtaí araon;

(b)gach treoir a fuarthas ón gcreidiúnaí i dtaca le gach comhaontú creidmheasa a ndéanann sé bainistiú agus forfheidhmiú air thar ceann an chreidiúnaí sin.

4.Áiritheoidh na Ballstáit go gcuirfidh an seirbhíseoir creidmheasa na taifid dá dtagraítear i mír 3 ar fáil do na húdaráis inniúla arna iarraidh sin.

Airteagal 10

Eisfhoinsiú ag seirbhíseoir creidmheasa

1.Áiritheoidh na Ballstáit, i gcás ina mbainfidh seirbhíseoir creidmheasa úsáid as tríú páirtí chun gníomhaíochtaí a dhéanamh, gníomhaíochtaí a dhéanfadh an seirbhíseoir creidmheasa (soláthraí seirbhísí creidmheasa) féin de ghnáth, leanfaidh an seirbhíseoir creidmheasa de bheith lánfhreagrach as na hoibleagáidí uile faoi na forálacha náisiúnta lenar trasuíodh an Treoir seo a chomhlíonadh. Beidh eisfhoinsiú na ngníomhaíochtaí seirbhísithe creidmheasa sin faoi réir na gcoinníollacha seo a leanas:

(a)comhaontú eisfhoinsithe i scríbhinn a thabhairt i gcrích idir an seirbhíseoir creidmheasa agus an soláthraí seirbhísí creidmheasa faoina bhfuil sé d’oibleagáid ar an soláthraí seirbhísí creidmheasa dlí ábhartha an Aontais nó an dlí náisiúnta ábhartha is infheidhme maidir leis an gcomhaontú creidmheasa a chomhlíonadh.

(b)ní fhéadfar na hoibleagáidí atá ar sheirbhíseoirí creidmheasa faoin Treoir seo a tharmligean;

(c)ní athrófar an caidreamh conarthach idir an seirbhíseoir conarthach agus a chliaint ná na hoibleagáidí atá ar an seirbhíseoir creidmheasa i leith a chliant;

(d)ní dhéanfar difear do na coinníollacha maidir leis an seirbhíseoir creidmheasa a údarú mar a leagtar amach in Airteagal 5(1);

(e)ní chuirfidh an teisfhoinsiú chuig an soláthraí seirbhísí creidmheasa cosc ar an maoirseacht a dhéanann údaráis inniúla seirbhíseora creidmheasa i gcomhréir le hAirteagal 12 agus Airteagal 20.

(f)beidh rochtain dhíreach ag an seirbhíseoir creidmheasa ar an bhfaisnéis ábhartha uile a bhaineann leis na seirbhísí a eisfhoinseofar don soláthraí seirbhísí creidmheasa;

(g)coinneoidh an seirbhíseoir creidmheasa an saineolas agus na hacmhainní lena mbeidh sé in ann na seirbhísí eisfhoinsithe a sholáthar, tar éis fhoirceannadh an comhaontaithe eisfhoinsithe.

2.Áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfaidh an seirbhíseoir creidmheasa taifead ar na taifid go léir a tugadh don soláthraí seirbhísí creidmheasa agus go gcoinneoidh sé iad go ceann deich mbliana ar a laghad tar éis dháta an chonartha dá dtagraítear i mír 1.

3.Áiritheoidh na Ballstáit go gcuirfidh an seirbhíseoir creidmheasa agus an soláthraí seirbhísí creidmheasa an fhaisnéis dá dtagraítear i mír 2 ar fáil do na húdaráis inniúla ar a iarraidh sin.

Caibidil II

Seirbhísiú Creidmheasa Trasteorann

Airteagal 11

Saoirse chun gníomhaíochtaí seirbhísithe creidmheasa a dhéanamh i mBallstát is óstach

1.Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh an ceart ag seirbhíseoir creidmheasa, tar éis dó údarú a fháil i gcomhréir le hAirteagal 5 ina Bhallstát baile, na seirbhísí atá cumhdaithe ag an údarú a sholáthar san Aontas.

2.Áiritheoidh na Ballstáit i gcás ina bhfuil sé beartaithe ag soláthraí seirbhísí creidmheasa atá údaraithe i gcomhréir le hAirteagal 5 seirbhísí a sholáthar i mBallstát is óstach go dtíolacfaidh sé chuig an údarás inniúil sa Bhallstát is óstach an fhaisnéis seo a leanas:

(a)an Ballstát is óstach ina bhfuil sé beartaithe ag an seirbhíseoir seirbhísí a sholáthar;

(b)i gcás inarb infheidhme, seoladh an bhrainse a bhunófar sa Bhallstát is óstach;

(c)i gcás inarb infheidhme, céannacht agus seoladh gníomhaire a cheapfar i mBallstát is óstach;

(d)céannacht na ndaoine atá freagrach as soláthar gníomhaíochtaí seirbhísithe creidmheasa a bhainistiú sa Bhallstát is óstach;

(e)de réir mar a bheidh, mionsonraí na mbeart a rinneadh maidir le nósanna imeachta inmheánacha agus sásraí rialaithe inmheánacha a oiriúnú chun go gcomhlíonfar na dlíthe is infheidhme maidir leis an gcomhaontú creidmheasa.

3.Déanfaidh údaráis inniúla an Bhallstáit is óstach, faoi cheann 30 lá oibre ó fuarthas an fhaisnéis dá dtagraítear in mír 2, an fhaisnéis sin a chur chuig údaráis inniúla an Bhallstáit is óstach agus admhóidh siad sin go bhfuarthas an fhaisnéis sin gan mhoill. Tar a éis sin cuirfidh na húdaráis inniúla an Bhallstáit baile in iúl don seirbhíseoir creidmheasa sin go bhfuair siad an dearbhú fála sin.

4.Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh cead achomhairc os comhair binse ag seirbhíseoir creidmheasa i gcás nár chuir údaráis inniúla an Bhallstáit is óstach an fhaisnéis sin chucu.

5.Áiritheoidh na Ballstáit, nuair a bheidh an fhaisnéis dá dtagraítear i mír 2 curtha chucu ag údaráis inniúla Ballstáit baile go bhféadfaidh an seirbhíseoir creidmheasa tosú ar sheirbhísí a sholáthar sa Bhallstát is óstach ón am is luaithe díobh seo a leanas:

(a)nuair a gheobhaidh siad teachtaireacht ó na húdarás inniúla sa Bhallstát is óstach ina nadmhaítear go bhfuarthas an teachtaireacht dá dtagraítear i mír 3;

(b)i gcás nach bhfaighfear cumarsáid dá dtagraítear i bpointe (a), dhá mhí tar éis dháta chur in iúl na faisnéise dá dtagraítear i mír 3.

6.Áiritheoidh na Ballstáit go gcuirfidh seirbhíseoir creidmheasa in iúl d’údarás inniúil an Bhallstáit is óstach aon athrú a dhéanfar tar a éis sin ar an bhfaisnéis a cuireadh in iúl i gcomhréir le mír 3 trí bhíthin an nós imeachta a leagtar amach i míreanna 3 go 5.

7.Áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfaidh údaráis inniúla an Bhallstáit baile taifead ar an gclár dá dtagraítear in Airteagal 8 maidir leis na seirbhíseoirí creidmheasa atá údaraithe gníomhaíochtaí seirbhísithe creidmheasa a sholáthar ar a gcríoch agus mionsonraí an Bhallstáit is óstach.

Airteagal 12

Maoirseacht ar sheirbhíseoirí creidmheasa a sholáthraíonn seirbhísí trasteorann

1.Áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfaidh údaráis inniúla an Bhallstáit baile measúnú agus meastóireacht ar chomhlíontacht leanúnach seirbhíseora creidmheasa a sholáthraíonn seirbhísí i mBallstát is óstach le ceanglais na Treorach seo.

2.Áiritheoidh na Ballstáit go dtabharfar an chumhacht do na húdaráis inniúla i mBallstát baile maoirseacht agus imscrúdú a dhéanamh, agus smachtbhannaí nó pionóis riaracháin agus bearta leighis a fhorchur ar sheirbhíseoirí creidmheasa i dtaca lena ngníomhaíochtaí i mBallstát is óstach.

3.Áiritheoidh na Ballstáit go gcuirfidh údaráis inniúla an Bhallstáit baile na bearta a rinneadh i dtaca leis an seirbhíseoir creidmheasa in iúl d’údaráis inniúla na mBallstát is óstach.

4.Áiritheoidh na Ballstáit, i gcás ina mbeidh brainse bunaithe nó gníomhaire ceaptha i mBallstát is óstach ag seirbhíseoir creidmheasa, a bhfuil sainchónaí air i mBallstát baile nó atá bunaithe ann, go noibreoidh údaráis inniúla an Bhallstáit baile agus údaráis inniúla an Bhallstáit is óstach i ndlúthchomhar agus iad i mbun na bhfeidhmeanna agus na ndualgas dá bhforáiltear sa Treoir seo, go háirithe agus seiceálacha, imscrúduithe agus cigireachtaí ar an láthair á ndéanamh nó i dtaca leis an ngníomhaire sin.

5.Áiritheoidh na Ballstáit go niarrfaidh na húdaráis inniúla i mBallstát baile, agus iad i mbun na bhfeidhmeanna agus na ndualgas dá bhforáiltear sa Treoir seo, go niarrfaidh siad cúnamh ar údaráis inniúla an Bhallstáit is óstach chun cigireacht ar an láthair a dhéanamh ar bhrainse atá bunaithe i mBallstát is óstach nó ar ghníomhaire atá ceaptha sa Bhallstát sin.

6.Ina theannta sin áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh údaráis inniúla na mBallstát is óstach i dteideal a chinneadh cad iad na bearta is iomchuí atá le déanamh i ngach cás ar leith chun freagairt don iarraidh ar chúnamh ó na húdaráis inniúla i mBallstát baile.

7.I gcás ina gcinnfidh údaráis inniúla an Bhallstáit is óstach cigireachtaí ar an láthair a dhéanamh thar ceann údarás inniúil i mBallstát baile, cuirfidh siad torthaí na gcigireachtaí sin in iúl gan mhoill d’údaráis inniúla an Bhallstáit bhaile.

8.Ar a dtionscnamh féin, féadfaidh údaráis inniúla an Bhallstáit is óstach seiceálacha, cigireachtaí agus imscrúduithe a dhéanamh maidir le gníomhaíochtaí seirbhísithe creidmheasa a soláthraítear ar a gcríoch ag seirbhíseoir creidmheasa atá údaraithe i mBallstát baile. Cuirfidh údaráis inniúla an Bhallstáit is óstach torthaí na seiceálacha, na gcigireachtaí agus na niniúchtaí sin ar fáil gan mhoill do na húdaráis inniúla sa Bhallstát bhaile.

9.Áiritheoidh na Ballstáit i gcás ina mbeidh fianaise ag údaráis inniúla an Bhallstáit is óstach go mbeidh seirbhíseoir creidmheasa a sholáthraíonn seirbhísí ar a chríoch, i gcomhréir le hAirteagal 11, ag sárú na noibleagáidí a thagann as na forálacha náisiúnta lenar trasuíodh an Treoir seo, go gcuirfidh údaráis an Bhallstáit is óstach an fhianaise chuig na húdaráis inniúla ina mBallstát baile agus go niarrfaidh siad go ndéanfaidh siadsan bearta cuí.

10.Áiritheoidh na Ballstáit go gcuirfidh údaráis inniúla na mBallstát baile mionsonraí aon nós imeachta riaracháin nó eile a rinneadh i dtaca le fianaise a chuir an Ballstát is óstach ar fáil nó maidir le haon smachtbhannaí nó pionóis agus bearta leighis a rinneadh i gcoinne an tseirbhíseora creidmheasa nó an fáth nach ndearnadh iad, chuig údaráis inniúla an Bhallstáit is óstach a chuir isteach an fhianaise tráth nach déanaí ná dhá mhí ón iarraidh dá dtagraítear i mír 8. I gcás ina dtionscnófar nós imeachta, cuirfidh na húdaráis inniúla ina mBallstát baile údaráis inniúla an Bhallstáit is óstach ar an eolas go rialta faoina stádas.

11.Áiritheoidh na Ballstáit, tar éis dóibh an Ballstát baile a chur ar an eolas, i gcás nach ndearnadh aon bhearta leordhóthanacha faoi cheann tréimhse réasúnta ama nó d’ainneoin bearta a bheith déanta ag na húdaráis inniúla ina mBallstáit bhaile nó i gcás práinneach ina leanfaidh an seirbhíseoir creidmheasa d’oibleagáidí faoin Treoir seo a shárú, beidh údaráis inniúla an Bhallstáit is óstach i dteideal aon smachtbhannaí nó pionóis agus bearta leighis a dhéanamh chun a áirithiú go gcomhlíonfar forálacha na Treorach seo ar a chríoch tar éis dó na húdaráis inniúla sa Bhallstát baile a chur ar an eolas gan mhoill.

Teideal III

Ceannaitheoirí creidmheasa

Airteagal 13

An ceart chun faisnéis a fháil maidir le comhaontú creidmheasa

1.Áiritheoidh na Ballstáit go gcuirfidh creidiúnaí an fhaisnéis uile is gá ar fáil do cheannaitheoir creidmheasa chun go mbeidh an ceannaitheoir creidmheasa sin in ann measúnú a dhéanamh ar luach an chomhaontaithe creidmheasa sin agus ar an dóchúlacht gur féidir luach an chomhaontaithe sin a aisghabháil sula ndéanfaidh sé conradh maidir leis an gcomhaontú creidmheasa sin a aistriú.

2.Cuirfidh na Ballstáit de cheangal ar institiúid chreidmheasa nó ar fhochuideachta na hinstitiúide a aistríonn comhaontú creidmheasa chuig ceannaitheoir creidmheasa na húdaráis inniúla a ainmníodh i gcomhréir le hAirteagal 20(3) den Treoir seo agus Airteagal 4 de Threoir 2013/36/AE 39 a chur ar an eolas maidir leis an méid seo a leanas:

(a)an cineál sócmhainne lena bhfuil an comhaontú creidmheasa urraithe, lena náirítear faisnéis maidir le cé acu is comhaontú é a tugadh i gcrích le tomhaltóirí nó nach ea;

(b)luach an chomhaontaithe creidmheasa;

(c)céannacht agus seoladh an iasachtaí agus an cheannaitheora creidmheasa agus, i gcás inarb infheidhme, céannacht agus seoladh an ionadaí a d’ainmnigh sé i gcomhréir le hAirteagal 17.

3.Cuirfidh na húdaráis inniúla dá dtagraítear i mír 2 an fhaisnéis dá dtagraítear sa mhír sin agus aon fhaisnéis eile a mheasann siad a bheith riachtanach chun a gcúram a dhéanamh i gcomhréir leis an Treoir seo in iúl gan mhoill d’údaráis inniúla an Bhallstáit ina bhfuil an ceannaitheoir creidmheasa nó a ionadaí, a ainmníodh i gcomhréir le hAirteagal 17, bunaithe agus d’údaráis inniúla an Bhallstáit ina bhfuil an tiasachtaí bunaithe nó ina bhfuil sainchónaí air.

4.Cuirfear na forálacha a leagtar síos i mír 1, mír 2 agus mír 3 i bhfeidhm i gcomhréir le Rialachán (AE) 2016/679 agus Rialachán (CE) Uimh. 45/2001.

Airteagal 14

Caighdeáin theicniúla i gcomhair sonraí maidir le hiasachtaí neamhthuillmheacha

1.Forbróidh ÚBE dréachtchaighdeáin theicniúla lena shonrófar na formáidí a bheidh le húsáid ag creidiúnaithe ar institiúidí creidmheasa iad i dtaca le faisnéis a chur ar fáil mar a leagtar amach in Airteagal 13(1), chun faisnéis mhionsonraithe maidir lena neamhchosaintí sa leabhar baincéireachta a chur ar fáil do cheannaitheoirí creidmheasa i dtaca leis an gcomhaontú creidmheasa a scagadh agus a luacháil agus dícheall cuí airgeadais a dhéanamh ina thaobh.

2.Cuirfidh ÚBE na dréachtchaighdeáin theicniúla cur chun feidhme sin faoi bhráid an Choimisiúin faoin 31 Nollaig 2018.

3.Tugtar an chumhacht don Choimisiún na caighdeáin theicniúla tarmligthe dá dtagraítear i mír 1 a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 15 de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 40 .

Airteagal 15

Oibleagáidí na gceannaitheoirí creidmheasa

1.Áiritheoidh na Ballstáit go gceapfaidh ionadaí ceannaitheora creidmheasa dá dtagraítear in Airteagal 17(1) institiúid chreidmheas atá bunaithe san Aontas nó a fhochuideachta nó seirbhíseoir creidmheasa atá údaraithe gníomhaíochtaí seirbhísithe creidmheasa a dhéanamh i dtaca le comhaontuithe creidmheasa a thabharfar i gcrích le tomhaltóirí.

2.Áiritheoidh na Ballstáit nach mbeidh ceannaitheoir creidmheasa faoi aon cheanglais bhreise eile maidir le comhaontuithe creidmheasa a cheannach cé is moite dá bhforáiltear sna bearta náisiúnta lenar trasuíodh an Treoir seo.

Airteagal 16

Seirbhíseoirí creidmheasa, institiúidí creidmheasa agus a bhfochuideachtaí a úsáid.

1.Cuirfidh na Ballstáit de cheangal ar cheannaitheoir creidmheasa nó, i gcás inarb infheidhme, a ionadaí a ainmníodh i gcomhréir le hAirteagal 17, céannacht agus seoladh na hinstitiúide creidmheasa, a fhochuideachta nó an tseirbhíseora creidmheasa atá fostaithe aige chun gníomhaíochtaí seirbhísithe creidmheasa a dhéanamh i dtaca leis an an gcomhaontú creidmheasa aistrithe, a chur in iúl do na húdaráis inniúla sa Bhallstát ina bhfuil sé bunaithe nó ina bhfuil sainchónaí air.

2.I gcás ina bhfostóidh ceannaitheoir creidmheasa nó a ionadaí a ainmníodh i gcomhréir le hAirteagal 17 institiúid chreidmheasa eile nó fochuideachta chun creidmheas seirbhíseora creidmheasa eile a sheirbhísiú, cuirfidh sé na húdaráis inniúla dá dtagraítear i mír 1 ar an eolas dhá sheachtain ar a laghad roimh an athrú sin agus cuirfidh sé in iúl céannacht agus seoladh na hinstitiúide creidmheasa nua, a fhochuideachta nó an tseirbhíseora creidmheasa atá fostaithe aige chun gníomhaíochtaí seirbhísithe creidmheasa a dhéanamh i dtaca leis an an gcomhaontú creidmheasa aistrithe.

3.Cuirfidh na Ballstáit de cheangal ar na húdaráis inniúla sa Bhallstát ina bhfuil an ceannaitheoir creidmheasa bunaithe nó ina bhfuil sainchónaí air nó, i gcás inarb infheidhme, an tionadaí a d’ainmnigh sé i gcomhréir le hAirteagal 17, an fhaisnéis a fuarthas i gcomhréir le hAirteagal 13(3) a thraschur gan moill mhíchuí chuig na húdaráis inniúla atá freagrach as maoirseacht a dhéanamh ar an institiúid chreidmheasa, a fochuideachta nó seirbhíseoir creidmheasa dá dtagraítear i mír 1 agus mír 2.

Airteagal 17

Ionadaithe ar cheannaitheoirí creidmheasa nach bhfuil bunaithe san Aontas

1.Déanfaidh na Ballstáit foráil i gcás ina ndéanfar aistriú comhaontaithe creidmheasa a thabhairt i gcrích go ndéanfaidh ceannaitheoir creidmheasa nach bhfuil sainchónaí air nó nach bhfuil bunaithe san Aontas ionadaí a bhfuil sainchónaí air nó atá bunaithe san Aontas a ainmniú i scríbhinn.

2.Is chuig an ionadaí dá dtagraítear i mír 1 maille leis an gceannaitheoir creidmheasa nó ina ionad sin a dhíreoidh na húdaráis inniúla na ceisteanna go léir a bhaineann leis an Treoir seo a chomhlíonadh go leanúnach agus is air a bheidh an fhreagracht iomlán as comhlíonadh na noibleagáidí a forchuireadh ar an gceannaitheoir creidmheasa faoi na forálacha náisiúnta lenar trasuíodh an Treoir seo.

Airteagal 18

Ceannaitheoir creidmheasa comhaontú creidmheasa a fhorfheidhmiú go díreach

1.Áiritheoidh na Ballstáit go gcuirfidh ceannaitheoir creidmheasa nó, i gcás inarb infheidhme, a ionadaí a ainmníodh i gcomhréir le hAirteagal 17, in iúl d’údaráis an Bhallstáit ina bhfuil an ceannaitheoir creidmheasa nó, i gcás inarb infheidhme, a ionadaí bunaithe nó ina bhfuil sainchónaí air in iúl go bhfuil rún aige comhaontú creidmheasa a fhorfheidhmiú go díreach tríd an bhfaisnéis seo a leanas a chur ar fáil:

(a)an cineál sócmhainne lena bhfuil an comhaontú creidmheasa urraithe, lena náirítear faisnéis maidir le cé acu is comhaontú é a tugadh i gcrích le tomhaltóirí nó nach ea;

(b)luach an chomhaontaithe creidmheasa;

(c)céannacht agus seoladh an iasachtaí agus an cheannaitheora creidmheasa agus céannacht agus seoladh a ionadaí a ainmníodh i gcomhréir le hAirteagal 17.

2.Cuirfidh na Ballstáit de cheangal ar na húdaráis inniúla dá dtagraítear i mír 1 an fhaisnéis a fuarthas i gcomhréir le mír 1 a tharchur gan moill mhíchuí chuig údaráis inniúla an Bhallstáit ina bhfuil an iasachtaí bunaithe.

Airteagal 19

Ceannaitheoir creidmheasa comhaontú creidmheasa a aistriú

1.Cuirfidh na Ballstáit de cheangal ar cheannaitheoir creidmheasa nó, i gcás inarb infheidhme, a ionadaí a ainmníodh i gcomhréir le hAirteagal 17, a thraschuireann comhaontú creidmheasa chuig ceannaitheoir creidmheasa eile céannacht agus seoladh an cheannaitheora creidmheasa nua a chur in iúl do na húdaráis inniúla dá dtagraítear in Airteagal 18(1) agus, i gcás inarb iomchuí, dá ionadaí a ainmníodh i gcomhréir le hAirteagal 17.

2.Áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfaidh na húdaráis inniúla dá dtagraítear i mír 1 an fhaisnéis a fuarthas i gcomhréir le hAirteagal 13(3) a tharchur gan moill mhíchuí chuig údaráis inniúla an Bhallstáit ina bhfuil an ceannaitheoir creidmheasa nua bunaithe agus sainchónaí air, agus i gcás inarb infheidhme, ina bhfuil a ionadaí bunaithe nó ina bhfuil sainchónaí air.

Teideal IV

Maoirseacht

Airteagal 20

Údaráis inniúla maoirseacht a dhéanamh

1.Áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfaidh seirbhíseoirí creidmheasa agus, i gcás inarb infheidhme, seirbhíseoirí creidmheasa ar eisfhoinsíodh gníomhaíochtaí chucu i gcomhréir le hAirteagal 10, go gcomhlíonfaidh siad na forálacha náisiúnta lenar trasuíodh an Treoir seo ar bhonn leanúnach agus áiritheoidh siad go mbeidh na gníomhaíochtaí faoi réir maoirseacht leordhóthanach a dhéanfaidh na húdaráis inniúla sa Bhallstát baile chun an chomhlíontacht sin a mheasúnú.

2.Áiritheoidh an Ballstát i gcás ina mbeidh na ceannaitheoirí creidmheasa bunaithe nó ina mbeidh sainchónaí orthu nó, i gcás inarb infheidhme, a nionadaí a ainmníodh i gcomhréir le hAirteagal 17, go mbeidh na húdaráis inniúla dá dtagraítear i mír 1 freagrach as maoirseacht a dhéanamh ar na hoibleagáidí a leagtar amach in Airteagail 15-19 i dtaca le ceannaitheoirí creidmheasa nó i gcás inarb infheidhme, lena nionadaithe a ainmníodh i gcomhréir le hAirteagal 17.

3.Ainmneoidh na Ballstáit na húdaráis inniúla a bheidh freagrach as na feidhmeanna agus na dualgais a dhéanamh faoi na forálacha náisiúnta lenar trasuíodh an Treoir seo.

4.I gcás ina nainmneoidh na Ballstáit níos nó ná údarás inniúil amháin de bhun mhír 3, socróidh siad cúraimí na núdarás éagsúil.

5.Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh bearta iomchuí i bhfeidhm le go bhféadfaidh na húdaráis inniúla a ainmníodh de bhun mhír 3 an fhaisnéis is gá a fháil ó cheannaitheoirí nó a nionadaithe, seirbhíseoirí creidmheasa, soláthraithe seirbhísí creidmheasa dá neisfhoinsíonn seirbhíseoir gníomhaíochtaí faoi Airteagal 10, iasachtaithe nó aon duine eile nó aon údarás poiblí, chun an méid seo a leanas a dhéanamh:

(a)measúnú ar chomhlíontacht leanúnach na gceanglas a leagtar síos sna forálacha náisiúnta lenar trasuíodh an Treoir seo;

(b)sáruithe féideartha ar na ceanglais seo a imscrúdú;

(c)pionóis riaracháin agus bearta leighis a fhorchur i gcomhréir leis na forálacha lenar trasuíodh Airteagal 22.

6.Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh an saineolas, na hacmhainní, an acmhainneacht oibríochtúil agus na cumhachtaí is gá ag na húdaráis inniúla a ainmníodh de bhun mhír 3 chun a bhfeidhmeanna agus a ndualgais a leagtar síos sa Treoir seo a fheidhmiú agus a dhéanamh.

Airteagal 21

Ról agus cumhachtaí maoirseachta na núdarás inniúil

1.Áiritheoidh na Ballstáit go dtabharfar d’údaráis inniúla an Bhallstáit baile a ainmníodh de bhun Airteagal 20(3), gach cumhacht maoirseachta, iniúchta agus forchuir smachtbhannaí is gá chun a bhfeidhmeanna agus a ndualgais a leagtar síos sa Treoir seo a fheidhmiú agus a dhéanamh lena náirítear an méid seo a leanas:

(a)an chumhacht údarú a dheonú nó a dhiúltú de bhun Airteagal 5;

(b)an chumhacht údarú a tharraingt siar de bhun Airteagal 7;

(c)an chumhacht cigireachtaí ar an láthair agus cigireachtaí lasmuigh den láthair a dhéanamh;

(d)an chumhacht smachtbhannaí riaracháin agus bearta leighis a fhorchur i gcomhréir leis na forálacha lenar trasuíodh Airteagal 22;

(e)an chumhacht comhaontuithe eisfhoinsithe a thug seirbhíseoirí creidmheasa i gcrích le soláthraithe seirbhísí creidmheasa a athbhreithniú i gcomhréir le hAirteagal 10(1).

2.Áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfaidh údaráis inniúla an Bhallstáit baile, uair amháin in aghaidh na bliana ar a laghad, meastóireacht ar an gcaoi ar chuir seirbhíseoir creidmheasa chun feidhme na gceanglas a leagtar amach i bpointe (c), pointe (d) agus pointe (e) d’Airteagal 5(1).

3.Leagfaidh na húdaráis inniúla síos raon an athbhreithnithe dá dtagraítear i mír 2, ag féachaint do mhéid, do chineál, do scála agus do chastacht ghníomhaíochtaí an tseirbhíseora creidmheasa lena mbaineann.

4.Cuirfidh údaráis inniúla an Bhallstáit baile údaráis inniúla an Bhallstáit is óstach, ar an eolas go rialta, agus uair amháin sa bhliain ar a laghad, maidir le torthaí na meastóireachta dá dtagraítear i mír 2, lena náirítear mionsonraí aon phionós riaracháin nó beart leighis a rinneadh.

5.Áiritheoidh na Ballstáit agus iad ag déanamh na meastóireachta dá dtagraítear i mír 2 go ndéanfaidh údaráis inniúla na mBallstát baile agus na mBallstát is óstach gach faisnéis riachtanach a mhalartú gur féidir leo na cúraimí a leagtar síos sa Treoir a chomhlíonadh

6.Áiritheoidh na Ballstáit go bhféadfaidh an túdarás inniúil sa Bhallstát baile a cheangal ar sheirbhíseoir, soláthraí seirbhísí creidmheasa nó ceannaitheoir creidmheasa nó a ionadaí a ceapadh i gcomhréir le hAirteagal 17 nach gcomhlíonann ceanglais na bhforálacha náisiúnta lenar trasuíodh an Treoir seo, a cheangal go ndéanfar nó go dtabharfar go luath na gníomhaíochtaí nó na céimeanna is gá chun na forálacha sin a chomhlíonadh.

Airteagal 22

Smachtbhannaí riaracháin agus bearta feabhais

1.Déanfaidh na Ballstáit rialacha a leagan síos lena mbunófar pionóis riaracháin iomchuí agus bearta leighis is infheidhme maidir leis na cásanna seo a leanas ar a laghad:

(a)ní dhearna an seirbhíseoir creidmheasa iontráil nó rinne sé iontráil i gcomhaontú eisfhoinsithe de shárú ar na forálacha lenar trasuíodh Airteagal 10 nó rinne an soláthraí seirbhísí creidmheasa dár eisfhoinsíodh na feidhmeanna sárú ar na rialacha dlíthiúla is infheidhme, lena náirítear an dlí náisiúnta lenar trasuíodh an Treoir seo;

(b)ní áirithítear le socruithe rialachais agus sásraí rialaithe inmheánacha seirbhíseora creidmheasa go nurramófar cearta an iasachtaí agus go gcomhlíonfar na rialacha maidir le sonraí pearsanta a chosaint;

(c)ní leordhóthanach beartas an tseirbhíseora creidmheasa chun iasachtaithe a láimhseáil mar a leagtar amach in Airteagal 5(1)(d);

(d)ní fhoráiltear le nósanna imeachta inmheánacha an tseirbhíseora creidmheasa maidir le gearáin ó iasachtaithe a thaifeadadh agus a láimhseáil de réir na noibleagáidí a shocraítear sna bearta náisiúnta lenar trasuíodh an treoir seo;

(e)ní chuireann ceannaitheoir creidmheasa ná, i gcás inarb infheidhme, a ionadaí atá ainmnithe i gcomhréir le hAirteagal 17 an fhaisnéis in iúl dá bhforáiltear i mbearta náisiúnta lenar trasuíodh Airteagal 16, Airteagal 18 agus Airteagal 19;

(f)ní chomhlíonann ceannaitheoir creidmheasa ná, i gcás inarb infheidhme, a ionadaí atá ainmnithe i gcomhréir le hAirteagal 17 ceanglas na mbeart náisiúnta lenar trasuíodh Airteagal 15;

(g)ní chomhlíonann ceannaitheoir creidmheasa ceanglas na mbeart náisiúnta lenar trasuíodh Airteagal 17.

2.Beidh na pionóis agus na beartais dá dtagraítear i mír 1 éifeachtach, comhréireach agus athchomhairleach agus beidh iontu an méid seo a leanas ar a laghad:

(a)údarú chun gníomhú mar sheirbhíseoir creidmheasa a chur ar ceal;

(b)ordú lena gcuirtear ceangal ar sheirbhíseoir creidmheasa nó ceannaitheoir creidmheasa nó, i gcás inarb infheidhme, ar a ionadaí a ainmníodh i gcomhréir le hAirteagal 17 an sárú sin a leigheas, scor den iompraíocht atá i gceist agus gan gabháil don iompraíocht sin arís;

(c)pionóis airgid riaracháin;

3.Áiritheoidh na Ballstáit chomh maith go gcuirfear pionóis riaracháin agus bearta feabhais chun feidhme go héifeachtach.

4.Áiritheoidh na Ballstáit nuair a bheidh na údaráis inniúla ag cinneadh cén cineál pionós riaracháin nó beart leighis eile agus mhéid na bpionós riaracháin airgid sin go gcuirfidh siad san áireamh na himthosca uile seo a leanas, i gcás inarb ábhartha:

(a)tromchúis an tsáraithe agus a fhad a mhair sé;

(b)méid freagrachta an tseirbhíseora creidmheasa nó ceannaitheora creidmheasa nó i gcás inarb infheidhme, a ionadaí a ainmníodh i gcomhréir le hAirteagal 17 as an sárú;

(c)láidreacht airgeadais an tseirbhíseora creidmheasa nó an cheannaitheora seirbhíse atá freagrach as an sárú, lena náirítear trí thagairt a dhéanamh do láimhdeachas iomlán duine dhlítheanaigh nó d’ioncam bliantúil duine nádúrtha;

(d)tábhacht an bhrabúis a fuarthas nó an chaillteanais a seachnaíodh de thoradh mhéid freagrachta an tseirbhíseora creidmheasa nó ceannaitheora creidmheasa nó i gcás inarb infheidhme, a ionadaí a ainmníodh i gcomhréir le hAirteagal 17 as an sárú a mhéid is féidir sin a dhéanamh amach;

(e)na caillteanais do thríú páirtithe mar gheall ar an sárú, a mhéid is féidir na caillteanais sin a dhéanamh amach;

(f)an méid a chomhoibríonn an seirbhíseoir creidmheasa nó an ceannaitheoir creidmheasa atá freagrach as an sárú leis na húdaráis inniúla;

(g)sáruithe a rinne an seirbhíseoir creidmheasa nó an ceannaitheoir creidmheasa nó, i gcás inarb infheidhme, a ionadaí a ainmníodh i gcomhréir le hAirteagal 17 atá freagrach as an sárú;

(h)aon iarmhairtí sistéamacha nó féideartha ar an sárú.

5.I gcás ina mbeidh feidhm ag na cásanna dá dtagraítear sa chéad mhír maidir le daoine dlítheanacha, áiritheoidh na Ballstáit chomh maith go gcuirfidh na húdaráis inniúla na smachtbhannaí pionósacha agus na bearta feabhais a leagtar amach i mír a 2 i bhfeidhm maidir le comhaltaí den chomhlacht bainistíochta nó an orgáin riaracháin agus maidir le daoine aonair eile atá freagrach as an sárú.

6.Áiritheoidh na Ballstáit sula ndéanfaidh siad cinneadh lena bhforchuirfear pionóis nó smachtbhannaí riaracháin a leagtar amach i mír 2 den Airteagal seo, go dtabharfaidh na húdaráis inniúla don seirbhíseoir creidmheasa, don cheannaitheoir creidmheasa lena mbaineann, nó i gcás inarb infheidhme dá ionadaí a ainmníodh i gcomhréir le hAirteagal 17, an deis éisteacht a fháil.

7.Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh aon chinneadh maidir le smachtbhannaí riaracháin nó bearta feabhais mar a leagtar amach i mír 2 a fhorchur, go mbeidh sé réasúnaithe mar is ceart agus go mbeidh sé faoi réir cead achomhairc.

TEIDEAL V

Forfheidhmiú Comhthaobhachta Seachbhreithiúnach Luathaithe

Airteagal 23

Coinníollacha maidir le húsáid dheonach Forfheidhmithe Comhthaobhachta Sheachbhreithiúnaigh Luathaithe

1.Áiritheoidh na Ballstáit go bhféadfaidh creidiúnaí an sásra um fhorfheidhmiú comhthaobhachta seachbhreithiúnach luathaithe a fheidhmiú i gcás ina gcomhlíonfar na coinníollacha uile seo a leanas:

(a)tá an sásra comhaontaithe i scríbhinn, nó i bhformáid nótaraithe má chuireann an Ballstát sin ar fáil, ag an gcreidiúnaí agus ag an iasachtaí gnó agus sonraítear sa chomhaontú an forghníomhú agus an tréimhse ama ina bhféadfaidh an tiasachtaí gnó íocaíocht a dhéanamh tar éis an fhorghníomhaithe sin chun nach ndéanfar an forfheidhmiú comhthaobhachta seachbhreithiúnach luathaithe a fhorghníomhú;

(b)cuireadh an tiasachtaí gnó ar an eolas maidir le cur i bhfeidhm agus iarmhairtí an fhorfheidhmithe comhthaobhachta sheachbhreithiúnaigh luathaithe sular tugadh i gcrích an comhaontú dá dtagraítear i bpointe (a);

(c)faoi cheann ceithre seachtaine ó thráth an fhorfheidhmithe, nó tráth níos déanaí a chomhaontaigh an creidiúnaí agus an tiasachtaí gnó sin, chuir an creidiúnaí an tiasachtaí ar an eolas maidir leis an méid uile seo a leanas:

(i)rún an chreidiúnaí na sócmhainní a réadú trí bhíthin an tsásra um fhorfheidhmiú comhthaobhachta seachbhreithiúnach luathaithe chun oibleagáidí conarthacha an chomhaontaithe creidmheasa urraithe a chomhlíonadh;

(ii)an cineál bearta forfheidhmiúcháin atá le cur i bhfeidhm dá dtagraítear in Airteagal 25 agus Airteagal 26;

(iii)an tréimhse ama le haghaidh íocaíocht a dhéanamh sula núsáidfear an sásra um fhorfheidhmiú comhthaobhachta seachbhreithiúnach luathaithe dá dtagraítear i bpointe (a);

(iv)méid réamhshocraithe an chomhaontaithe creidmheasa urraithe atá dlite de bhun oibleagáidí conarthacha an chomhaontaithe chreidmheasa urraithe;

(d)níl an íocaíocht iomlán mar a shonraítear i bhfógra an chreidiúnaí dá dtagraítear i bpointe (c) déanta ag an iasachtaí gnó.

Chun críocha mhír 1, beidh sa chomhaontú dá dtagraítear i mír 1(a) teideal a bheidh in-fhorfheidhmithe go díreach.

Chun críocha mhír 1(a), féadfaidh na Ballstáit a chinneadh í gcásanna ina bhfuil 85 % de mhéid an chomhaontaithe chreidmheasa urraithe íoctha ag an iasachtaí gnó, go bhféadfar síneadh sé mhí ar a laghad a chur leis an tréimhse ama dá dtagraítear sa chomhaontú sin.

2.Áiritheoidh na Ballstáit nach gceadófar don iasachtaí gnó na sócmhainní a cuireadh i ngeall mar chomhthaobhacht a dhiúscairt tar éis dó an fógra a fháil dá dtagraítear i mír 1(c) agus go mbeidh sé faoi réir dualgas ginearálta comhoibriú a dhéanamh agus gach faisnéis is ábhartha a chur ar fáil i gcás ina mbeidh an sásra um fhorfheidhmiú comhthaobhachta seachbhreithiúnach luathaithe infheidhmithe i gcomhréir le mír 1.

3.Áiritheoidh na Ballstáit go dtabharfaidh an creidiúnaí don iasachtaí gnó tréimhse ama réasúnta chun íocaíocht a dhéanamh agus go ndéanfaidh sé iarrachtaí réasúnta úsáid an tsásra um fhorfheidhmiú comhthaobhachta seachbhreithiúnach luathaithe a úsáid.

Airteagal 24

Forfheidhmiú

1.Áiritheoidh na Ballstáit go bhféadtar an chomhthaobhacht a réadú de bhun an tsásra um fhorfheidhmiú comhthaobhachta seachbhreithiúnach luathaithe.

2.Forálfaidh na Ballstáit maidir le ceann amháin nó an dá cheann de na modhanna seo a leanas chun an chomhthaobhacht a réadú dá dtagraítear i mír 1 maidir le gach cineál cirt agus comhthaobhachta urraithe:

(a)    ceant poiblí;

(b)díolachán príobháideach.

Maidir leis an dá mhodh sin, féadfaidh na Ballstáit foráil a dhéanamh go gceapfar nótaire, báille nó oifigeach poiblí eile i gcás inarb iomchuí chun a áirithiú go ndáilfear fáltais díolacháin ar fhaighteoir agus go naistreofar comhthaobhacht chuige go héifeachtach tapa, nó go gcaomhnófar cearta an iasachtaí

3.I gcás ina mbunóidh an Ballstáit an nós imeachta forfheidhmithe sheachbhreithiúnaigh trí bhíthin leithreasú, rialófar an ceart atá ag an gcreidiúnaí an tsócmhainn a choinneáil chun dliteanas an iasachtaí gnó a shásamh nó a shásamh i bpáirt leis na dlíthe is infheidhme sna Ballstáit. Áiritheoidh na Ballstáit i gcás leithreasú gurb é an difríocht dheimhneach a bheidh le híoc ag an iasachtaí gnó an difríocht idir an tsuim atá le híoc faoin gcomhaontú creidmheasa urraithe agus luacháil na sócmhainne.

4.Chun críocha an réadaithe dá dtagraítear i mír 2, áiritheoidh na Ballstáit go bhfaighidh an creidiúnaí luacháil ar na sócmhainní, chun an praghas forchoimeádta a shocrú i gcás ceant poiblí nó díolachán príobháideach, agus go gcomhlíonfar na coinníollacha seo a leanas:

(a)tagann an creidiúnaí agus an tiasachtaí ar chomhaontú maidir leis an luachálaí atá le ceapadh;

(b)is luachálaí a dhéanann an luacháil;

(c)tá an luacháil cothrom réadúil;

(d)déantar an luacháil go sonrach chun críocha an chomhthaobhacht a réadú tar éis an fhorfheidhmithe;

(e)tá an ceart ag an iasachtaí gnó agóid a dhéanamh in aghaidh na luachála os comhair cúirte i gcomhréir le hAirteagal 29.

5.Chun críocha phointe (a), i gcás nach féidir leis na páirtithe teacht ar chomhaontú maidir le luachálaí a cheapadh chun an chomhthaobhacht a réadú dá dtagraítear i mír 2, déanfar luachálaí a cheapadh trí bhíthin cinneadh breithiúnach i gcomhréir le dlí náisiúnta an Bhallstáit ina bhfuil an tiasachtaí gnó bunaithe nó ina bhfuil sainchónaí air.

Airteagal 25

Ceant poiblí;

1.Áiritheoidh na Ballstáit gur i gcomhréir leis na gnéithe seo a leanas a dhéanfar comhthaobhacht a réadú trí bhíthin ceant poiblí:

(a)beidh am agus láthair an cheant phoiblí fógartha ag an gcreidiúnaí deich lá ar a laghad roimh an gceant sin;

(b)beidh iarrachtaí réasúnta déanta ag an gcreidiúnaí an líon ceannaitheoirí ionchasacha is airde is féidir a mhealladh;

(c)beidh fógra tugtha ag an gcreidiúnaí don iasachtaí faoin gceant poiblí, agus d’aon tríú páirtí a bhfuil leas aige sa tsócmhainn nó ceart maidir léi, lena náirítear am agus láthair an cheant, deich lá ar a laghad roimh an gceant sin;

(d)beidh luacháil déanta ar an tsócmhainn roimh an gceant poiblí;

(e)beidh praghas forchoimeádta na sócmhainne cothrom ar a laghad le méid na luachála a socraíodh roimh an gceant poiblí;

(f)féadtar an tsócmhainn a dhíol ar laghdú praghais nach mó na 20 % de mhéid na luachála i gcás ina bhfuil feidhm ag an dá ní seo a leanas:

(i)ní bheidh tairiscint ar líne déanta ag aon cheannaitheoir i gcomhréir leis na ceanglais dá dtagraítear i bpointe (e) agus pointe (f) ag an gceant poiblí;

(ii)beidh garbhaol ann go dtiocfaidh meathlú ar an tsócmhainn.

2.I gcás nach ndíolfar an tsócmhainn ar cheant poiblí, féadfaidh na Ballstáit foráil maidir leis an gcomhthaobhacht a réadú trí bhíthin díolachán príobháideach.

3.I gcás ina ndéanfaidh Ballstát foráil maidir leis an dara ceant poiblí, beidh feidhm ag pointe(a) go pointe (e) de mhír 1 ach féadfar an tsócmhainn a dhíol ar phraghas a laghdaítear a thuilleadh, de réir mar a chinnfidh na Ballstáit.

Airteagal 26

Díolachán príobháideach

1.Áiritheoidh na Ballstáit gur i gcomhréir leis na gnéithe seo a leanas a dhéanfar comhthaobhacht a réadú trí bhíthin díolachán príobháideach:

(a)beidh iarrachtaí réasúnta déanta ag an gcreidiúnaí, lena náirítear fógraíocht phoiblí leordhóthanach, ceannaitheoirí ionchasacha a mhealladh;

(b)beidh fógra tugtha ag an gcreidiúnaí don iasachtaí gnó faoin rún atá aige an tsócmhainn a dhíol, agus d’aon tríú páirtí a bhfuil leas aige sa tsócmhainn nó ceart maidir léi, deich lá ar a laghad sula gcuirfidh sé an tsócmhainn ar díol;

(c)beidh luacháil déanta ar an tsócmhainn sula gcuirfear ar díol í, agus/nó roimh cheant poiblí i gcomhréir le pointe (c) d’Airteagal 25(1);

(d)beidh praghas treorach na sócmhainne cothrom leis an méid nó níos mó ná an méid a socraíodh sa luacháil dá dtagraítear i bpointe (c), tráth a cuireadh an tsócmhainn ar díol go príobháideach;

(e)féadtar an tsócmhainn a dhíol ar laghdú praghais nach mó na 20 % dá luach i gcás ina mbeidh feidhm ag an dá ní seo a leanas:

(i)ní bheidh tairiscint déanta ag aon cheannaitheoir ar líne i gcomhréir leis na ceanglais dá dtagraítear i bpointe (d) agus pointe (e) laistigh de thríocha lá;

(ii)beidh garbhaol ann go dtiocfaidh meathlú ar an tsócmhainn.

2.Mura ndíolfar an tsócmhainn go príobháideach faoi cheann tríocha lá ó cuireadh ar díol í, áiritheoidh na Ballstáit go bhfógróidh an creidiúnaí an díolachán go poiblí ar feadh tréimhse bhreise tríocha lá sula dtabharfar aon díolachán i gcrích.

3.I gcás ina ndéanfaidh Ballstát foráil maidir leis an dara hiarracht ar dhíolachán príobháideach, beidh feidhm ag pointe(a) go pointe (d) de mhír 1 ach féadfar an tsócmhainn a dhíol ar phraghas a laghdófar a thuilleadh, mar a chinnfidh na Ballstáit.

Airteagal 27

Cearta urraithe contrártha

Déanfaidh na Ballstáit foráil nach ndéanfaidh forfheidhmiú ceann de na cearta urraithe contrártha trí bhíthin na bhforálacha náisiúnta sin lenar trasuíodh an Treoir seo, nach ndéanfaidh sé difear don tosaíocht a bhaineann le ceann de na cearta sin sa chomhthaobhacht chéanna.

Airteagal 28

Ceart chun agóid a dhéanamh in aghaidh forfheidhmithe

Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh ag an iasachtaí gnó an ceart chun agóid a dhéanamh in aghaidh an tsásra um fhorfheidhmiú comhthaobhachta seachbhreithiúnach luathaithe os comhair cúirt náisiúnta i gcás nach ndearnadh na sócmhainní a cuireadh ar fáil mar chomhthaobhacht a dhíol i gcomhréir leis na forálacha náisiúnta lenar trasuíodh Airteagal 24(3), Airteagal 25 agus Airteagal 26, nó i gcás nach ndearnadh na sócmhainní a luacháil i gcomhréir leis na forálacha náisiúnta lenar trasuíodh Airteagal 24(4).

Airteagal 29

Farasbarr a aisíoc

Áiritheoidh na Ballstáit gurb é a bheidh le híoc ag an gcreidiúnaí leis an iasachtaí gnó aon difear dheimhneach idir an tsuim atá le híoc faoin gcomhaontú creidmheasa urraithe agus na fáltais a fuarthas ó na sócmhainní a dhíol.

Airteagal 30

Socraíocht maidir leis an méid atá le híoc

Gan dochar d’Airteagail 19 go 23 de Threoir (AE) 20XX/XX ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 41 , i gcásanna inar lú an méid a réadaíodh tar éis an sásra um fhorfheidhmiú comhthaobhachta seachbhreithiúnach luathaithe a úsáid ná an méid den chomhaontú creidmheasa urraithe atá le híoc, féadfaidh na Ballstáit foráil a dhéanamh maidir le socraíocht na ndliteanas uile faoin gcomhaontú sin, i gcomhréir leis na dlíthe náisiúnta is infheidhme.

Airteagal 31

Aistriú comhaontuithe creidmheasa urraithe chuig tríú páirtithe

Áiritheoidh na Ballstáit i gcás ina ndéanfaidh an institiúid chreidmheasa nó a fochuideachta comhaontú creidmheasa urraithe lena bhforálfar maidir leis an gceart chun an sásra um fhorfheidhmiú comhthaobhachta seachbhreithiúnach luathaithe a úsáid a aistriú chuig tríú páirtí, go bhfaighidh an tríú páirtí sin an ceart chun an sásra um fhorfheidhmiú comhthaobhachta seachbhreithiúnach luathaithe a úsáid i gcás mainneachtana ag an iasachtaí gnó faoi na téarmaí agus na coinníollacha céanna is infheidhme maidir leis an institiúid creidmheasa.

Airteagal 32

Nósanna imeachta um athstruchtúrú agus um dhócmhainneacht

1.Beidh an Treoir seo gan dochar do Threoir (AE) 20XX/XX ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 42 .

2.Áiritheoidh na Ballstáit i gcás ina dtionscnófar nósanna imeachta dócmhainneachta i ndáil le hiasachtaí gnó, go mbeidh réadú comhthaobhachta de bhun dlíthe náisiúnta lenar trasuíodh an Treoir seo faoi réir baic ar ghníomhaíochtaí forfheidhmithe aonair i gcomhréir leis na dlíthe náisiúnta is infheidhme.

Airteagal 33

Bailiú sonraí

1.Déanfaidh na Ballstáit agus, i gcás institiúidí creidmheasa, déanfaidh na húdaráis inniúla a dhéanann maoirseacht ar institiúidí creidmheasa faisnéis a bhailiú go bliantúil ó chreidiúnaithe ar líon na gcomhaontuithe creidmheasa urraithe a fhorfheidhmíodh trí bhíthin an fhorfheidhmithe comhthaobhachta sheachbhreithiúnaigh luathaithe agus na hamchláir a leagadh amach don fhorfheidhmiú sin.

2.Déanfaidh na Ballstáit agus, i gcás institiúidí creidmheasa, déanfaidh na húdaráis inniúla a dhéanann maoirseacht ar institiúidí creidmheasa, an fhaisnéis seo a leanas a bhailiú ó chreidiúnaithe;

(a)an líon nósanna imeachta a tionscnaíodh, atá ar feitheamh agus a réadaíodh de bhun na bhforálacha náisiúnta lenar trasuíodh an Treoir seo, lena náirítear:

(i)an líon nósanna imeachta i dtaca le sócmhainní sochorraithe,

(ii)an líon nósanna imeachta i dtaca le sócmhainní dochorraithe.

(b)fad na nósanna imeachta ó fhógairt go socrú , arna leagan amach de réir mhodh a réadaithe (díolachán poiblí, díolachán príobháideach, nó leithreasú)

(c)meánchostais gach nós imeachta, in EUR;

(d)na rátaí socraíochta.

3.Déanfaidh na Ballstáit na sonraí dá dtagraítear i mír 2 a chomhiomlánú agus staitisticí a thiomsú ó na sonraí comhiomlánaithe don bhliain féilire iomlán dar tús DÁTA [OP: Cuir isteach an dáta an 1 Eanáir tar éis ghlacadh an ghnímh seo].

4.Déanfar na staitisticí dá dtagraítear sa chéad fhomhír a chur in iúl don Choimisiún go bliantúil agus faoin 31 Márta den bhliain féilire tar éis na bliana ar bailíodh na sonraí ina leith.

TEIDEAL VI

Cosaintí agus an dualgas comhoibriú a dhéanamh

Airteagal 34

Modhnú an chomhaontaithe creidmheasa

Gan dochar do na hoibleagáidí maidir leis an tomhaltóir a chur ar an eolas de bhun Threoir 2014/17/AE, Threoir 2008/48/CE agus Threoir 93/13/CEE, áiritheoidh na Ballstáit, sula ndéanfaidh an creidiúnaí téarmaí agus coinníollacha an chomhaontaithe creidmheasa a mhodhnú trí thoiliú nó trí oibriú an dlí, go gcuirfidh sé an fhaisnéis seo a leanas in iúl don tomhaltóir.

(a)tuairisc chuimsitheach shoiléir ar na hathruithe atá beartaithe;

(b)clár ama le haghaidh chur chun feidhme na nathruithe sin;

(c)na forais ghearáin atá ag an tomhaltóir i dtaca leis na modhnuithe sin;

(d)an tréimhse ama inar féidir aon ghearán den chineál sin a thaisceadh;

(e)ainm agus seoladh an údaráis inniúil ar chuige a fhéadfar gearán a thíolacadh.

Airteagal 35

Gearáin

1.Áiritheoidh na Ballstáit go gcuirfidh an seirbhíseoir creidmheasa an fhaisnéis seo a leanas in iúl, gan mhoill, don iasachtaí:

(a)céannacht an tseirbhíseora creidmheasa;

(b)cóip den údarú a deonaíodh dó de bhun Airteagal 6;

(c)ainm, seoladh agus sonraí teagmhála na núdarás inniúil sa Bhallstát ina bhfuil sainchónaí ar an iasachtaí nó ina bhfuil sé bunaithe agus an áit ar féidir leis an iasachtaí gearán a thíolacadh.

2.Beidh an teachtaireacht dá dtagraítear i mír 1 i scríbhinn nó ar mheán leictreonach i gcás ina gceadaítear sin faoi dhlí an Aontais nó faoin dlí náisiúnta.

3.Áiritheoidh na Ballstáit, i ngach teachtaireacht tar a éis sin leis an iasachtaí agus in aon chumarsáid ar an teileafón, go gcuimseofar agus go luafar inti sé an fhaisnéis a liostaítear i bpointí (a) agus (c) de mhír 1.

4.Áiritheoidh na Ballstáit go mbunóidh agus go gcoinneoidh seirbhíseoirí creidmheasa nósanna imeachta trédhearcacha éifeachtacha chun gearáin ó iasachtaithe a láimhseáil.

5.Áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfaidh seirbhíseoirí creidmheasa gearáin ó iasachtaithe a láimhseáil saor in aisce agus go dtaifeadfar na gearáin agus an méid a dhéantar chun iad a láimhseáil.

6.Áiritheoidh na Ballstáit go mbunóidh agus go bhfoilseoidh na húdaráis inniúla nós imeachta maidir le gearáin ó iasachtaithe i dtaca le ceannaitheoirí creidmheasa seirbhíseoirí creidmheasa agus soláthraithe seirbhísí creidmheasa a láimhseáil agus go láimhseálfar go pras iad tráth a bhfaighfear iad.

Airteagal 36

Cosaint sonraí pearsanta

Faisnéis a chuirtear ar fáil do dhaoine aonair maidir le sonraí pearsanta a phróiseáil agus maidir le próiseáil na sonraí pearsanta sin agus aon phróiseáil sonraí pearsanta eile a dhéanfar chun críocha na Treorach seo, cuirfear an fhaisnéis ar fáil i gcomhréir le Rialachán (AE) 2016/679 agus Rialachán (CE) Uimh. 45/2001.

Airteagal 37

Comhar idir údaráis inniúla

1.Áiritheoidh na Ballstáit go noibreoidh na húdaráis inniúla dá dtagraítear in Airteagail 7, 11, 12, 13, 16, 18, 19 agus 21 i gcomhar le chéile nuair is gá chun a ndualgais a dhéanamh agus a gcumhachtaí a fheidhmiú faoi na dlíthe náisiúnta lenar trasuíodh an Treoir seo. Déanfaidh na húdaráis sin comhordú ar a mbearta freisin chun dúbailt agus forluí a d’fhéadfadh a bheith ann a sheachaint agus iad ag cur cumhachtaí maoirseachta agus pionóis agus bearta riaracháin i bhfeidhm i gcásanna trasteorann.

2.Áiritheoidh na Ballstáit go gcuirfidh na húdaráis inniúla in iúl dá chéile, arna a iarraidh sin agus gan moill mhíchuí, an fhaisnéis is gá chun críocha a bhfeidhmeanna agus a ndualgais a dhéanamh faoi na forálacha náisiúnta lenar trasuíodh an Treoir seo.

3.Áiritheoidh na Ballstáit go núsáidfidh na húdaráis inniúla a gheobhaidh faisnéis rúnda agus iad i mbun a bhfeidhmeanna agus a ndualgais faoin Treoir, go núsáidfidh siad an fhaisnéis sin chun a bhfeidhmeanna agus a ndualgais a fheidhmiú agus a dhéanamh agus chuige sin amháin.

4.Déanfaidh na Ballstáit na bearta riaracháin agus eagraíochtúla is gá chun an comhar dá bhforáiltear san Airteagal seo a éascú.

5.Éascóidh an tÚdarás Baincéireachta Eorpach an malartú faisnéise idir na húdaráis inniúla sna Ballstáit agus cuirfidh sé an comhar eatarthu chun cinn.

TEIDEAL VII

Leasú

Airteagal 38

Leasú ar Threoir 2014/17/AE

Cuirtear isteach an tAirteagal 28a seo a leanas:

“Airteagal 28a

1.I gcás ina sannfar cearta an chreidiúnaí faoi chomhaontú creidmheasa do thríú páirtí nó ina sannfar an comhaontú féin, beidh an tomhaltóir i dteideal aon chosaint a bhí ar fáil aige i gcoinne an chreidiúnaí tosaigh a phléadáil i gcoinne an tsannaí lena náirítear fritháireamh i gcás inar ceadmhach sin sa Bhallstát lena mbaineann.

2.Cuirfear an tomhaltóir ar an eolas maidir leis an sannadh dá dtagraítear i mír 1.”

TEIDEAL VIII

Forálacha deiridh

Airteagal 39

Coiste

1.Tabharfaidh coiste cúnamh don Choimisiún. Beidh an coiste sin ina choiste de réir bhrí Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 43 .

2.I gcás ina ndéanfar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 4 de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

Airteagal 40

Meastóireacht

1.Cúig bliana tar éis theacht i bhfeidhm na Treorach seo, déanfaidh an Coimisiún meastóireacht ar an Treoir seo agus tabharfaidh sé tuarascáil maidir leis na príomhchinntí do Pharlaimint na hEorpa, don Chomhairle agus do Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa.

2.I gcás ina dtiocfaidh fadhbanna tábhachtacha chun cinn maidir le feidhmiú na Treorach de bharr na meastóireachta, leagfar amach sa tuarascáil an chaoi a bhfuil sé beartaithe aghaidh a thabhairt ar na fadhbanna a aithníodh, lena náirítear bearta agus tráthchlár don athbhreithniú ionchasach.

Airteagal 41

Trasuí

1.Na dlíthe, na rialacháin agus na forálacha reachtaíochta is gá chun an Treoir seo a chomhlíonadh, déanfaidh na Ballstáit iad a ghlacadh agus a fhoilsiú faoin 31 Nollaig 2020 ar a dhéanaí. Cuirfidh siad téacs na bhforálacha sin in iúl don Choimisiún láithreach.

2.Cuirfidh siad na forálacha sin i bhfeidhm ón 1 Eanáir 2021 ar aghaidh.

Beidh feidhm ag Airteagail 4(1), 7, 9 go 12 ón 1 Iúil 2021, áfach.

3.Nuair a ghlacfaidh na Ballstáit na forálacha sin, beidh tagairt iontu don Treoir seo nó beidh tagairt den sórt sin ag gabháil leo tráth a bhfoilsithe oifigiúil. Is iad na Ballstáit a chinnfidh cén tslí le tagairt den sórt sin a dhéanamh.

4.Maidir le téacs phríomhfhorálacha an dlí náisiúnta a ghlacfaidh siad sa réimse a chumhdaítear leis an Treoir seo, cuirfidh na Ballstáit an téacs sin in iúl don Choimisiún.

Airteagal 42

Teacht i bhfeidhm

Tiocfaidh an Treoir seo i bhfeidhm ar an bhfichiú lá tar éis lá a foilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Airteagal 43

Seolaithe

Dírítear an Treoir seo chuig na Ballstáit.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil,

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa    Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán    An tUachtarán

(1)    Teachtaireacht chuig Parlaimint na hEorpa, an Chomhairle, chuig an mBanc Ceannais Eorpach, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún maidir leis an Aontas Baincéireachta a chur i gcrích, COM(2017) 592 final, 11.10.2017.
(2)    Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle Eorpach, chuig an gComhairle agus chuig an mBanc Ceannais Eorpach - céimeanna breise i dtreo aontas eacnamaíoch agus airgeadaíochta na hEorpa a chur i gcrích: treochlár, COM(2017) 821 final, 06.12.2017.
(3)    Seasann iasachtaí neamhthuillmheacha d’iasachtaí neamhthuillmheacha nach bhfuil an tiasachtaí in ann na híocaíochtaí sceidealta a íoc ina leith chun ús nó aisíocaíochtaí caipitil a chumhdach. Nuair a bhíonn íocaíochtaí dlite gan íoc le níos mó ná 90 lá, nó nuair a dhéantar measúnú nach dócha go ndéanfaidh iasachtaí iasacht a aisíoc, rangaítear an iasacht mar iasacht neamhthuillmheach. Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2015/227 ón gCoimisiún.
(4)    Teachtaireacht ón gCoimisiún Eorpach chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle Eorpach, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún: Aontas na Margaí Caipitil a chur i gcrích faoi 2019 - Am le dlús a chur lena chur i bhfeidhm, COM(2018) 114.
(5)    Luaigh an Coimisiún an tábhar seo ar bhonn comhsheasmhach, le haghaidh na mBallstát lena mbaineann, i gcomhthéacs an tSeimeastair Eorpaigh.
(6)    Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Meitheamh 2013 maidir le ceanglais stuamachta i gcomhair institiúidí creidmheasa agus gnólachtaí infheistíochta agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 648/2012, IO L 176, 27.6.2013, lch. 1-337.
(7)    Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle Eorpach, chuig an gComhairle agus chuig an mBanc Ceannais Eorpach - an dara tuarascáil ar dhul chun cinn maidir le hiasachtaí neamhthuillmheacha san Eoraip a laghdú, COM(2018) 133
(8)    Rialachán (AE) Uimh. 575/2013, ibidem.
(9)    Gormchló AMC Dhoiciméad Inmheánach Oibre an Choimisiúin, SWD(2018) 72.
(10)    Treoir 2014/17/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 4 Feabhra 2014 maidir le comhaontuithe creidmheasa do thomhaltóirí a bhaineann le maoin chónaithe dhochorraithe agus lena leasaítear Treoir 2008/48/CE agus Treoir 2013/36/AE agus Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010 (IO L 60, 28.2.2014, lch. 34)
(11)    Treoir 2008/48/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Aibreán 2008 maidir le comhaontuithe creidmheasa le haghaidh tomhaltóirí agus lena naisghairtear Treoir 87/102/CEE ón gComhairle, IO L 133, 22.5.2008, lch. 66–92.
(12)    Treoir 93/13/CEE ón gComhairle an 5 Aibreán 1993 maidir le téarmaí éagóracha i gconarthaí tomhaltóra, IO L 95, 21.4.1993, lch. 29–34.
(13)    Treoir 2002/47/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 6 Meitheamh 2002 maidir le socruithe comhthaobhachta airgeadais ( http://eur-lex.europa.eu/legal-content/en/txt/?uri=celex%3a32002l0047 ).
(14)    Togra le haghaidh Treoir ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le creataí um athstruchtúrú coisctheach, dara deis agus bearta chun éifeachtúlacht nósanna imeachta athstruchtúraithe, dócmhainneachta agus urscaoilte a fheabhsú agus lena leasaítear Treoir 2012/30/AE, COM/2016/0723 final, 22.11.2016.
(15)    Togra le haghaidh Treoir ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le creataí um athstruchtúrú coisctheach, dara deis agus bearta chun éifeachtúlacht nósanna imeachta athstruchtúraithe, dócmhainneachta agus urscaoilte a fheabhsú agus lena leasaítear Treoir 2012/30/AE, COM/2016/0723 final, 22.11.2016
(16)    Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, an gComhairle, Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún maidir leis an Athbhreithniú Meántéarma ar Phlean Gníomhaíochta Aontas na Margaí Caipitil, COM(2017) 292 final, 8.6.2017.
(17)    Má tá soláthar 30 % d’iasacht neamhthuillmheach ag banc agus go ndéanann sé í a dhíol tar a éis sin ar phraghas atá níos ísle ná 70 % den luach, beidh caillteanas sa bhreis i ndán don bhanc.
(18)    https://ec.europa.eu/info/sites/info/files/2017-non-performing-loans-consultation-document_en.pdf.
(19)    Doiciméad Inmheánach Oibre de chuid an Choimisiúin - Measúnú Tionchair: Margaí tánaisteacha a fhorbairt le haghaidh iasachtaí neamhthuillmheacha trí bhacainní míchuí ar sheirbhísiú iasachta a dhéanann tríú páirtithe agus ar aistriú iasachtaí a bhaint agus fhorfheidhmiú comhthaobhachta seachbhreithiúnach luathaithe (Cuid 1 / 2). Doiciméad Inmheánach Oibre (2018) 75.
(20)    An Bord um Ghrinnscrúdú Rialála, Tuairim: Measúnú Tionchair / Forbairt margaí tánaisteacha le haghaidh iasachtaí neamhthuillmheacha, Ares(2018)827204 - 13/02/2018.
(21)    Doiciméad Inmheánach Oibre de chuid an Choimisiúin - Measúnú Tionchair: Margaí tánaisteacha a fhorbairt le haghaidh iasachtaí neamhthuillmheacha trí bhacainní míchuí ar sheirbhísiú iasachta a dhéanann tríú páirtithe agus ar aistriú iasachtaí a bhaint agus fhorfheidhmiú comhthaobhachta seachbhreithiúnach luathaithe (Cuid 2 / 2). Doiciméad Inmheánach Oibre (2018) 75
(22)    An Bord um Ghrinnscrúdú Rialála, Tuairim: Measúnú Tionchair / Forfheidhmiú Seachbhreithiúnach Luathaithe Comhthaobhachta, Ares(2018)215454 - 12/01/2018.
(23)    IO C , , p. .
(24)    Féach thíos an Páipéar Machnaimh maidir leis an Aontais Eacnamaíoch agus Airgeadaíochta a dhéanamh níos doimhne: https://ec.europa.eu/commission/sites/beta-political/files/reflection-paper-emu_en.pdf , 31.5.2017
(25)    11/07/2017, http://www.consilium.europa.eu/en/press/press-releases/2017/07/11/conclusions-non-performing-loans/pdf.
(26)    Teachtaireacht chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig an mBanc Ceannais Eorpach, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún maidir leis an Aontas Baincéireachta a thabhairt i gcrích, COM(2017) 592 final, 11.10.2017.
(27)    Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Meitheamh 2013 maidir le ceanglais stuamachta i gcomhair institiúidí creidmheasa agus gnólachtaí infheistíochta, agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 (IO L 176, 27.6.2013, lch. 1).
(28)    Féach an doiciméad Inmheánach Oibre SWD(2018 72) ón gCoimisiún maidir le Gormchló AMC.
(29)    Treoir 2014/17/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 4 Feabhra 2014 maidir le comhaontuithe creidmheasa do thomhaltóirí a bhaineann le maoin chónaithe dhochorraithe agus lena leasaítear Treoir 2008/48/CE agus Treoir 2013/36/AE agus Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010 (IO L 60, 28.2.2014, lch. 34).
(30)    Treoir 2008/48/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Aibreán 2008 maidir le comhaontuithe creidmheasa le haghaidh tomhaltóirí agus lena naisghairtear Treoir 87/102/CEE ón gComhairle (IO L 60/34, 22.5.2008, lch. 66).
(31)    Treoir 93/13/CEE ón gComhairle an 5 Aibreán 1993 maidir le téarmaí éagóracha i gconarthaí tomhaltóra (IO L 95, 21.4.1993, lch. 29).
(32)    Rialachán (CE) Uimh. 593/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Meitheamh 2008 maidir leis an dlí is infheidhme ar oibleagáidí conarthacha (An Róimh I) (IO L 177, 4.7.2008, lgh. 6–16.
(33)    Rialachán (AE) 1215/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Nollaig 2012 maidir le dlínse agus le haithint agus forghníomhú breithiúnas in ábhair shibhialta agus tráchtála IO L 351, 20.12.2012, lgh. 1-32.
(34)    Togra le haghaidh Treoir ó Pharliamint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le creataí um athstruchtúrú coisctheach, dara deis agus bearta chun éifeachtúlacht nósanna imeachta athstruchtúraithe, dócmhainneachta agus urscaoilte a fheabhsú agus lena leasaítear Treoir 2012/30/AE, COM/2016/0723 final, 22.11.2016.
(35)    Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Aibreán 2016 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena naisghairtear Treoir 95/46/CE (An Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí) (IO L 119, 4.5.2016, lch. 1).
(36)    Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Nollaig 2000 maidir le daoine aonair a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil ag institiúidí agus ag comhlachtaí an Chomhphobail agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin (IO L 8, 12.1.2001, lch. 1).
(37)    Treoir 2002/47/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 6 Meitheamh 2002 maidir le socruithe comhthaobhachta airgeadais (IO L 168, 27.6.2002, lch. 43).
(38)    Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Meitheamh 2013 maidir le ceanglais stuamachta i gcomhair institiúidí creidmheasa agus gnólachtaí infheistíochta, agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 (IO L 176, 27.6.2013, lch. 1).
(39)    Treoir 2013/36/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Meitheamh 2013 maidir le rochtain ar ghníomhaíocht institiúidí creidmheasa agus maoirseacht stuamachta ar institiúidí creidmheasa agus ar ghnólachtaí infheistíochta, lena leasaítear Treoir 2002/87/CE agus lena naisghairtear Treoir 2006/48/CE agus Treoir 2006/49/CE (IO L 176, 27.6.2013, lch. 338).
(40)    Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Samhain 2010 lena mbunaítear Údarás Maoirseachta Eorpach (An tÚdarás Baincéireachta Eorpach), lena leasaítear Cinneadh Uimh. 716/2009/CE agus lena naisghairtear Cinneadh 2009/78/CE ón gCoimisiún (IO L 331, 15.12.2010, lch. 12).
(41)    TREOIR (AE) .../.... ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle [...] maidir le creataí um athstruchtúrú coisctheach, dara deis agus bearta chun éifeachtúlacht nósanna imeachta athstruchtúraithe, dócmhainneachta agus urscaoilte a fheabhsú agus lena leasaítear Treoir 2012/30/AE (IO L […], […], lch. […]).
(42)    TREOIR (AE) .../.... ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle [...] maidir le creataí um athstruchtúrú coisctheach, dara deis agus bearta chun éifeachtúlacht nósanna imeachta athstruchtúraithe, dócmhainneachta agus urscaoilte a fheabhsú agus lena leasaítear Treoir 2012/30/AE (IO L […], […], lch. […]).
(43)    Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Feabhra 2011 lena leagtar síos na rialacha agus na prionsabail ghinearálta a bhaineann leis na sásraí maidir le rialú ag na Ballstáit ar fheidhmiú cumhachtaí cur chun feidhme ag an gCoimisiún (IO L 55, 28.2.2011, lch. 13).