9.11.2018   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

1


TUAIRIM Uimh. 4/2018

(de bhun Airteagal 325(4) CFAE)

maidir le togra le haghaidh Treoir ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le cosaint do dhaoine a thuairiscíonn sáruithe ar dhlí an Aontais

(2018/C 405/01)

TÁ CÚIRT INIÚCHÓIRÍ AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 325(4) de,

Ag féachaint don togra le haghaidh Treoir ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le cosaint do dhaoine a thuairiscíonn sáruithe ar dhlí an Aontais (COM(2018) 218 final),

Ag féachaint d'iarrataí na Parlaiminte agus na Comhairle an 29 Bealtaine 2018 ar thuairim maidir leis an togra thuasluaite,

TAR ÉIS AN TUAIRIM SEO A GHLACADH:

BARÚLACHA GINEARÁLTA

1.

Tar éis roinnt cásanna iomráiteacha maidir le sceithireacht agus roinnt tionscnamh ar leibhéal na mBallstát (1) agus ar an leibhéal idirnáisiúnta (2), mhol an Coimisiún, an 23 Aibreán 2018, Treoir maidir le cosaint do dhaoine a thuairiscíonn sáruithe ar dhlí an Aontais (“an togra”). Bhí ag gabháil leis an Treoir teachtaireacht maidir leis an gcosaint a thugtar do sceithirí a neartú ar leibhéal an Aontais (3).

2.

Tugaimid dár n-aire go bhfuil raon leathan cineálacha cur chuige maidir le sceithireacht ag na Ballstáit faoi láthair (4). Tugaimid dár n-aire ina theannta sin go bhfuil cur chuige ilroinnte le sonrú in acquis an Aontais i ndáil le sáruithe a thuairisciú. D'fhéadfadh Treoir atá cuimsitheach, dea-dheartha agus áisiúil don úsáideoir a bheith ina huirlis éifeachtach chun a áirithiú go gcuirtear cosc ar dhaoine dlí an Aontais a shárú agus go ndéantar sáruithe, nuair is ann dóibh, a phionósú. Sa mhéid is go bhféadfadh sáruithe difear a dhéanamh do leasanna airgeadais an Aontais, d'fhéadfaí cur le cosaint bhuiséad an Aontais, le bainistíocht fhónta airgeadais agus le cuntasacht ach na sáruithe sin a chosc trí thuairisciú tráthúil agus éifeachtach a dhéanamh.

3.

Cuirimid fáilte mhór roimh an togra óir measaimid go dtiocfaidh de chórais sceithireachta a thabhairt isteach nó a leathnú sna Ballstáit uile, mar atá beartaithe sa togra, go dtiocfaidh de sin feabhas a chur ar bhainistiú bheartais an Aontais ón mbun aníos. Tharlódh an méid sin trí ghníomhaíochtaí na saoránach agus na bhfostaithe mar chomhlánú ar an bhforfheidhmiú ó bharr anuas amhail gníomhaíochtaí um shárú arna dtionscnamh ag an gCoimisiún in aghaidh Ballstáit faoi Airteagal 258 CFAE (5). Dá réir sin, d'fhéadfadh an Treoir cur le feasacht na saoránach faoina gcearta dlíthiúla agus faoin gcaoi ar féidir leo ról ríthábhachtach a imirt i gcur i bhfeidhm dhlí an Aontais Eorpaigh. I gcás inar léir ó shárú sonrach gurb ann d'fhadhb níos córasaí, d'fhéadfadh sé go gcuideodh sé leis an gCoimisiún cás a chur le chéile i gcoinne Ballstáit dá ndéanfaí an sárú sin a thuairisciú.

4.

Ar a bharr sin, i gcás ina mbaineann sárú a tuairiscíodh le leasanna airgeadais an Aontais, d'fhéadfadh an sceithireacht sa chás sin coigilteas a ghiniúint faoi chomhair bhuiséad an Aontais trí shuimeanna a íocadh go míchuí a ghnóthú. San fhadtéarma, i gcás ina dtarraingítear aird de thoradh na sceithireachta ar lúba ar lár nó ar bhearnaí i mbainistiú airgeadais chláir an Aontais, cuirfidh sé ar chumas reachtóir an Aontais na hathruithe ar na rialacha riachtanacha a achtú tar éis togra a theacht ón gCoimisiún.

5.

Mar iniúchóir seachtrach an Aontais, ní bheadh ról díreach againn i dtaca leis an gcóras tuairiscithe atá beartaithe leis an Togra. Agus an sainordú a leagtar síos dúinn in Airteagal 287 CFAE á chur i gcrích againn, ní nós linn iniúchtaí ná imscrúduithe a thionscnamh go huathoibríoch ar bhonn faisnéis a fhaightear ó thríú páirtithe. Mar sin féin, le linn dúinn ár n-obair iniúchóireachta a phleanáil, déanaimid machnamh cúramach ar aon fhaisnéis ábhartha a tuairiscíodh ar bhealaí seachtracha. Nuair a chuireann sceithire duine dár n-iniúchóirí ar an eolas faoi neamhchomhlíonadh, féadfar aon fhaisnéis neamhnochta a chur san áireamh san obair iniúchóireachta (6). D'fhéadfaí earraíocht a bhaint as tuarascálacha bunaithe ar sceithireacht i dtaca lenár dtosaíochtaí oibre amach anseo freisin (7).

6.

Tugaimid dár n-aire nach gcumhdaíonn an togra sceithireacht a dhéanfadh foireann an Aontais a bhaineann le gníomhaíochtaí institiúidí, oifigí agus chomhlachtaí an Aontais, óir déileáiltear leo sin faoi láthair leis na Rialacháin Foirne (8).

OBAIR ULLMHÚCHÁIN A DHÉANANN AN COIMISIÚN

7.

Tugaimid dár n-aire go ndearna an Coimisiún cuid mhaith obair ullmhúcháin i rith 2017. D'eagraigh sé comhairliúchán poiblí 12 sheachtain, a bhfuarthas 5 707 bhfreagra dá bharr mar aon le trí cinn de chomhairliúchán ar líne a bhí dírithe ar gheallshealbhóirí, dhá cheardlann le saineolaithe náisiúnta agus aon cheardlann amháin le saineolaithe acadúla agus abhcóideachta. Ina theannta sin, choimisiúnaigh sé staidéar seachtrach agus rinne sé measúnú tionchair (9); tar éis tuairim dhiúltach a thabhairt ar dtús i leith an mheasúnaithe sin d'fhormheas an Bord um Ghrinnscrúdú Rialála é (10).

8.

Sa mheasúnú tionchair a rinne an Coimisiún, measann sé go bhfuil riosca idir EUR 179 mbilliún agus EUR 256 bhilliún in aghaidh na bliana (11) ann don Aontas Eorpach faoi láthair de thoradh calaoise agus éillithe. De réir an ríomha atá déanta aige, leis an togra seo thabharfaí cosaint sceithireachta do 40 % d'fhórsa saothair an Aontais, agus chuirfí feabhas ar an leibhéal cosanta i gcás beagnach 20 % den fhórsa. Ar deireadh, measann an Coimisiún go gcosnódh an togra EUR 747,8 milliún de chostais aonuaire agus EUR 1 336,6 milliún de chostais oibríochtúla bhliantúla ar na hearnálacha poiblí agus príobháideacha.

BARÚLACHA SONRACHA

Ní chumhdaítear leis an roinn seo ach na hairteagail sin den togra a bhfuil barúlacha sonracha againn ina gcomhair.

Airteagal 1 — Raon feidhme ábhartha

9.

Leis an togra seo airbheartaítear daoine a thuairiscíonn sáruithe sna ceithre phríomhchatagóir seo a leanas a chosaint:

sáruithe a thagann faoi raon feidhme gníomhartha de chuid an Aontais i líon teoranta réimsí (12). Liostaítear na gníomhartha lena mbaineann in iarscríbhinn agus sa dara cuid di sin tugtar na gníomhartha ina bhfuil rialacha sonracha cheana féin maidir le sáruithe a thuairisciú. Ceadaítear in Aithris 19 agus Aithris 82 aird a thabhairt ar an iarscríbhinn a leasú (i.e. cur léi) gach uair a bhaineann cosaint do sceithirí le gníomh nua de chuid an Aontais.

sáruithe ar rialacha iomaíochta.

sáruithe a dhéanann difear do leasanna airgeadais an Aontais mar a shainmhínítear in Airteagal 325 CFAE (maidir le calaois a chomhrac), agus aird ar leith a thabhairt ar Threoir PIF(Cosaint Leasanna Airgeadais) (13) agus Rialachán OLAF (14).

sáruithe a bhaineann leis an margadh inmheánach, i dtaca le gníomhartha a sháraíonn na rialacha maidir le cáin chorparáide nó a sháraíonn socruithe arb é is cuspóir dóibh buntáiste cánach a bhaint amach a chuirfeadh cuspóir nó aidhm an dlí cánach corparáide is infheidhme ó mhaith.

10.

Ós rud é go bhfuil eilimintí de nósanna imeachta sceithireachta i mórán gníomhartha reachtacha de chuid an Aontais cheana féin, luaitear sa togra go dtabharfaí tosaíocht do rialacha earnáilsonracha (mar shampla, do na rialacha atá sa Treoir maidir le Drochúsáid Mhargaidh (15)). Mar sin féin, bheadh feidhm ag an togra maidir leis na hábhair uile nach bhfuil á rialáil ag gníomh atá earnáilsonrach.

An anailís seo againne

11.

Cuirimid fáilte roimh an rún atá ag an gCoimisiún a áirithiú go gcumhdóidh an Treoir mórán réimsí de ghníomhaíocht an Aontais. Léiriú is ea é sin ar an moladh ó Chomhairle na hEorpa creat normatach atá “cuimsitheach agus comhleanúnach” (16) a chur i bhfeidhm.

12.

Mar sin féin, cé go n-aithnímid go hiomlán an gá atá le roinnt na gcumhachtaí idir an tAontas agus na Ballstáit a urramú agus cé go n-admhaímid na srianta intreacha a ghabhann leis an Treoir mar ionstraim dlí, is ábhar buartha dúinn castacht an raoin feidhme ábhartha agus na himpleachtaí a d'fhéadfadh a bheith aige sin sa chleachtas do chosaint éifeachtach sceithirí. Sa Teachtaireacht uaidh a ghabhann leis, spreagann an Coimisiún na Ballstáit go sonrach le “smaoineamh ar” raon feidhme na Treorach “a leathnú” chuig “réimsí eile2 agus le creat cuimsitheach comhtháite a áirithiú ar an leibhéal náisiúnta” (17). Mura ndéantar an raon feidhme sin a leathnú ar bhonn deonach faoin dlí náisiúnta, b'fhéidir go mbeadh ar úsáideoirí deiridh measúnuithe casta a dhéanamh ar gá saineolas a bheith acu ina leith ach gan an chinnteacht ann go mbeadh an saineolas sin i gcónaí acu. Níor mhór do sceithirí ionchasacha a thuiscint cé acu a bhain nó nár bhain an sárú a bhí siad le tuairisciú le gníomh a liostaítear san iarscríbhinn (a bheadh leasaithe agus comhdhlúite idir an dá linn b'fhéidir) ionas go bhféadfaidís leas a bhaint as an gcosaint a thugtar dóibh leis an Treoir agus faoin reachtaíocht trasuite náisiúnta. D'fhéadfadh an chastacht seo an deimhneacht dhlíthiúil atá ann do sceithirí ionchasacha a laghdú, rud a dhíspreagfadh iad sáruithe ar dhlí an Aontais a thuairisciú.

13.

Measaimid go ndéantar castacht an raoin feidhme a mhaolú go páirteach i ngeall ar na forálacha éagsúla atá sa togra chun cuidiú a thabhairt do sceithirí ionchasacha i bhfoirm faisnéis atá soiléir agus inrochtana go héasca, comhairle agus cúnaimh (18), agus toisc gur leor forais réasúnacha a bheith ann lena chreidiúint gur tháinig tuarascáil faoin raon feidhme (19).

14.

Cuirimid fáilte roimh an rún atá ag an gCoimisiún na sáruithe uile a dhéanann difear do leasanna airgeadais an Aontais, mar a shainmhínítear in Airteagal 325 CFAE iad, a chumhdach, ar “réimse lárnach é ar gá forfheidhmiú dhlí an Aontais a neartú ina leith” (20). Tugtar sainmhíniú i dTreoir PIF ar “leasanna airgeadais an Aontais” mar “na hioncaim, na caiteachais agus na sócmhainní uile a chumhdaítear leis na nithe seo a leanas, a fhaightear tríothu, nó atá dlite dóibh: (i) buiséad an Aontais; (ii) buiséid institiúidí, chomhlachtaí, oifigí agus ghníomhaireachtaí an Aontais a bhunaítear de bhun na gConarthaí nó buiséid a bhainistíonn siad agus a ndéanann siad faireachán orthu go díreach nó go hindíreach” (21). D'áireofaí leis sin, mar shampla, na cistí AE uile, CBL agus dleachtanna custaim, ach ní bheadh san áireamh ionstraimí nach bhfuil bunaithe faoi dhlí an Aontais agus nach bhfuil ioncam AE ná caiteachas AE i gceist leo, amhail an Sásra Cobhsaíochta Eorpach.

Airteagal 2 — Raon feidhme pearsanta

15.

Cuimsítear sa togra lucht tuairisciúcháin san earnáil phoiblí agus san earnáil phríobháideach a fhaigheann faisnéis maidir le sáruithe i gcomhthéacs a bhaineann leis an obair, lena n-áirítear oibrithe deonacha, oiliúnaithe gan phá agus daoine atá á n-earcú.

An anailís seo againne

16.

Is díol sásaimh dúinn raon feidhme na forála seo, go háirithe toisc go gcuirtear san áireamh sáruithe a dhéanann difear do leasanna airgeadais an Aontais Eorpaigh i dtionscadail chasta ina mbíonn éagsúlacht gníomhaithe (conraitheoirí, fochonraitheoirí, sainchomhairleoirí, deonaithe, etc.) rannpháirteach, ar sceithirí ionchasacha iad uile.

Airteagal 4 — Oibleagáid maidir le bealaí inmheánacha agus nósanna imeachta inmheánacha a bhunú le haghaidh tuairisciú agus obair leantach ar thuarascálacha

17.

Chuirfeadh an togra de cheangal ar na Ballstáit a áirithiú go mbunódh eintitis dhlíthiúla sna hearnálacha príobháideacha agus poiblí bealaí inmheánacha agus nósanna imeachta inmheánacha le haghaidh sceithireachta. Ní mór na bealaí inmheánacha sin a bheith ar fáil d'fhostaithe chun a n-úsáide agus b'fhéidir ar fáil do chatagóirí eile, amhail geallsealbhóirí, conraitheoirí nó oiliúnaithe freisin.

18.

Dhéanfaí eintitis dhlíthiúla phríobháideacha a bhfuil níos lú ná 50 fostaí acu nó a bhfuil láimhdeachas nó iomlán an chláir chomhardaithe níos lú ná EUR 10 milliún acu a eisiaimh, cé is moite d'eintitis a bheadh ag feidhmiú i réimsí íogaire áirithe.

19.

Sainmhínítear eintitis dhlíthiúla phoiblí mar údaráis riaracháin stáit agus réigiúnacha, bardais a bhfuil níos mó ná 10 000 cónaitheoir iontu agus eintitis eile atá faoi rialú an dlí phoiblí.

An anailís seo againne

20.

Tuigimid gur mian leis an gCoimisiún eintitis phríobháideacha agus phoiblí áirithe a dhíolmhú ón oibleagáid bealaí tuairiscithe inmheánacha a bhunú, rud, mar a deir an Coimisiún ina mheasúnú tionchair, a bhfuil costas airgeadais agus riaracháin ag gabháil leis. Is léir freisin nach gcoiscfeadh an díolmhú sin ar sceithirí úsáid a bhaint as bealaí seachtracha.

21.

Mar sin féin, measaimid go bhfágfadh díolmhú bardas áirithe ón oibleagáid bealaí tuairiscithe inmheánacha a bhunú, go bhfágfadh sé go laghdófaí go suntasach an chosaint atá ar fáil do sceithirí, ós rud é gurb é 5 887 an meánlíon cónaitheoirí sna bardais san Aontas, agus éagsúlachtaí móra i gceist ó Bhallstát go chéile (22). Tuigimid go bhfuil an tairseach atá molta in úsáid cheana féin ag roinnt Ballstát (an Bheilg, an Fhrainc, an Spáinn) chun na bardais níos lú a shainiú. Mar sin féin, measaimid gur cheart don Choimisiún na cúiseanna atá aige a thabhairt, maidir leis an tairseach atá socraithe aige, don Pharlaimint agus don Chomhairle, agus míniú a thabhairt ar a mhéid a léirítear ann na teorainneacha fostaithe agus láimhdeachais, rud a d'fhónfadh le heintitis san earnáil phríobháideach a dhíolmhú.

Airteagal 5 – Nósanna imeachta le haghaidh tuairisciú inmheánach agus obair leantach ar thuarascálacha

22.

Sa togra tá sonraí na nósanna imeachta le haghaidh tuairisciú inmheánach, go háirithe cur ar bun bealaí rúnda agus ainmniú an duine nó na roinne a bhfuil sé de chúram air obair leantach dhíograiseach a dhéanamh ar thuarascálacha sceithireachta, agus socraítear tréimhse ama réasúnach sa togra — tráth nach mó ná 3 mhí — le haiseolas a thabhairt do sceithirí.

An anailís seo againne

23.

I measc na n-oibleagáidí mionsonraithe maidir le tuairisciú inmheánach tá soláthar “faisnéise atá soiléir agus inrochtana gan stró” maidir le nósanna imeachta agus tuairisciú, rud ar síol sásaimh dúinn é. Mar sin féin, táimid den tuairim nach gcumhdaíonn siad go leordhóthanach an mhúscailt feasachta ná an oiliúint foirne. Bheimis teann ar an tábhacht a bhaineann le timpeallacht dhearfach agus iontaofa a chothú, san earnáil phoiblí agus phríobháideach araon, ina nglactar leis an sceithireacht mar ghné inghlactha den chultúr corparáideach (23).

Airteagal 13 — Coinníollacha maidir le cosaint na ndaoine a thuairiscíonn

24.

San Airteagal seo leagtar síos na coinníollacha maidir le daoine a thuairiscíonn a cháiliú le haghaidh cosaint faoin Treoir. Is cuma cén bealach a úsáideadh (bíodh sé inmheánach, seachtrach nó poiblí), ní mór forais réasúnacha a bheith acu lena chreidiúint gur fíor an fhaisnéis a tuairiscíodh tráth a tuairiscithe agus gur tháinig an fhaisnéis faoi raon na Treorach.

25.

D'fhonn cáiliú le haghaidh cosaint sceithireachta nuair atáthar ag tuairisciú go seachtrach (i.e. lasmuigh dá gcuideachta/n-oifig le húdarás inniúil náisiúnta), ní mór don duine na coinníollacha seo a leanas a chomhlíonadh:

Tuairisciú go hinmheánach ar dtús, ach gan gníomhaíocht iomchuí a bheith déanta laistigh den “tréimhse ama réasúnach” (tráth nach mó ná 3 mhí); nó

Gan bheith ábalta tuairisciú go hinmheánach, nó ní féidir a bheith ag súil leis go réasúnta go mbeadh sé/sí ar an eolas go bhféadfaidís tuairisciú go hinmheánach; nó

A bheith áirithe i gcatagóir nach raibh an tuairisciú inmheánach éigeantach ina leith (e.g. conraitheoirí, oiliúnaithe gan phá); nó

Ní féidir a bheith ag súil leis go réasúnta go n-úsáidfeadh sé/sí bealaí tuairiscithe inmheánacha i bhfianaise “ábhar na tuarascála”; nó

Ní mór forais réasúnacha a bheith ann lena chreidiúint go gcuirfeadh tuairisciú inmheánach éifeachtacht na gníomhaíochta imscrúdaithí ag údarás inniúil i gcontúirt; nó

A bheith i dteideal tuairisciú go seachtrach de réir dhlí an Aontais.

26.

Chun bheith i dteideal a cháilithe le haghaidh cosaint sceithireachta agus é/í ag tuairisciú go poiblí, ní mór don duine:

Tuairisciú go hinmheánach ar dtús agus/nó go seachtrach i gcomhréir leis an Treoir; nó

Ní féidir a bheith ag súil leis go réasúnta go n-úsáidfeadh sé/sí bealaí inmheánacha agus/nó seachtracha i ngeall ar chontúirt shoiléir do leas an phobail nó ar chontúirt den sórt sin atá ar tí tarlú, nó i ngeall ar chúinsí áirithe an cháis, nó i gcás ina raibh riosca dochair do-iompaithe ann.

An anailís seo againne

27.

Measaimid gur cheart gurb é an toisc chinntitheach ná leas an phobail ó thaobh na faisnéise atá nochta trí sceithireacht. Ba cheart a chosc ar na Ballstáit aon eisiamh ó chosaint a ghníomhachtú ar bhonn na rún suibiachtúil nó an spreagtha shonraigh atá ag sceithire.

28.

Measaimid gur stuama i bprionsabal an riail ghinearálta lena gceanglaítear bealaí inmheánacha a úsáid ar dtús agus go gcuidíonn sí le forbairt cultúir ina nglactar le sceithireacht. Mar sin féin, thabharfaimis dár n-aire go bhfágfadh na heisceachtaí ar an riail sin, atá dréachtaithe go forleathan, go mbeadh gá le léirmhíniú breise (riaracháin agus breithiúnach) le go seachnófar an éiginnteacht le haghaidh sceithirí ionchasacha. Ina theannta sin, ní mór a bheith cúramach a áirithiú nach gcruthóidh an córas cascáide atá beartaithe, i ngeall ar charnadh na spriocdhátaí, nach gcruthóidh sé bacainní ar an gcosc ar shárú, rud a chuirfeadh cuspóir na Treorach ó rath.

29.

Ar deireadh, cé nach bhfuil an dá staid inchomparáide go díreach, i bhfianaise shonraíocht leagan amach institiúideach an Aontais Eorpaigh, tugaimid dár n-aire go bhfuil an cur chuige reatha sna Rialacháin Foirne maidir le sceithireacht a dhéanann foireann an Aontais éagsúil leis na rialacha a mholann an Coimisiún anseo. De réir na Rialachán Foirne, féadfaidh foireann an Aontais, gan eisceacht, tairbhiú de chosaint sceithireachta ach dul caol díreach chuig OLAF gan gá le dul ar iontaoibh bealaí inmheánacha ar dtús (24).

30.

Maidir leis na heisceachtaí lena gceadaítear bealaí tuairiscithe inmheánacha a sheachaint, bheimis ag súil leis in Airteagal 13(2) go mbeadh an fhéidearthacht sin ann le haghaidh sceithirí, a bhfuil forais réasúnacha acu a chreidiúint go gcuirfeadh an tuairisciú inmheánach a sábháilteacht phearsanta nó a leasanna dlisteanacha i gcontúirt.

31.

Faigheann Cúirt Iniúchóirí na hEorpa roinnt cáintí spontáineacha go rialta maidir le calaois amhrasta ó thríú páirtithe (fuarthas 29 gcinn de na cáintí sin in 2017), lena n-áirítear cásanna a d'fheádfadh teacht faoi raon pearsanta agus ábhartha an togra. Tar éis scrúdú a dhéanamh orthu, cuirimid aon chásanna ábhartha ar aghaidh chuig OLAF. (25) Is díol sásaimh dúinn go ráthaítear leis an togra (26) go bhfaighidh na sceithirí seo an chosaint chéanna agus a d'fhaighidís dá ndéanfaidís tuairisciú leis na húdaráis inniúla ina mBallstát féin.

32.

Ar deireadh, creidimid nár cheart cosaint do sceithirí a dhiúltú do daoine a thuairiscigh go hanaithnid más rud é go nochtar a gcéannacht ina dhiaidh sin. Bheadh an méid sin ag luí le spreagadh an Aontais maidir le tuairisciú go hanaithnid chuig OLAF inter alia ó laistigh de Bhallstát (27) agus ag luí freisin le beartas an Choimisiúin i réimse dhlí na hiomaíochta (28). I gcomhthéacs na hoibre a dhéanaimid ar an tuairim seo, dheimhnigh an Coimisiún dúinn go dtabharfaí cosaint go deimhin do sceithirí anaithnide a nochtfaí a gcéannacht ina dhiaidh sin.

Airteagal 15 — Bearta maidir le daoine a thuairiscíonn a chosaint in aghaidh frithbheartaíochta

33.

Cuireann an togra de cheangal ar na Ballstáit na bearta is gá a dhéanamh in aghaidh frithbheartaíochta. Tá liosta neamhchuimsitheach de sheacht mbeart ann:

ceanglais maidir le faisnéis phoiblí,

cúnamh ó údaráis inniúla,

neamh-infhorfheidhmitheacht srianta nochta conarthacha agus neamhchonarthacha maidir leis an sceithire (e.g. clásail rúndachta i gconradh),

aisiompú an dualgais cruthúnais in imeachtaí breithiúnacha a bhaineann le dochar arna fhulaingt ag an sceithire (e.g. ní mór don fhostóir a chruthú nár dífhostaíodh é de thoradh na sceithireachta ach gur dífhostaíodh é go heisiach ar fhorais a bhfuil údar cuí leo),

rochtain ar bhearta ceartaitheacha lena n-áirítear faoiseamh eatramhach,

díolúine ó bhearta, nósanna imeachta agus leigheasanna sa Treoir maidir le Rúin Trádála (29), agus an fhéidearthacht an sceithireacht a agairt chun gur féidir díbhe imeachtaí dlíthiúla a iarraidh,

cúnamh dlíthiúil, agus cúnamh dlíthiúil agus airgeadais.

An anailís seo againne

34.

Tríd is tríd, aontaímid leis an gCoimisiún agus is díol sásaimh dúinn an togra le haghaidh Treorach. Is díol sásaimh ar leith dúinn an liosta cuimsitheach samplaí de bhearta in aghaidh na frithbheartaíochta, rud nach gcoisceann ar fhostóirí, áfach, cinntí fostaíochta a bhfuil údar cuí leo a dhéanamh, fiú in aghaidh sceithirí. Bheimis teann go háirithe ar an tábhacht a bhaineann le timpeallacht dhearfach a chothú san earnáil phoiblí agus san earnáil phríobháideach araon, ina nglactar le sceithireacht mar ghné inghlactha den chultúr corparáideach. Tugaimid dár n-aire freisin nach bhfuil focal sa Treoir faoi cheist na srianta ama, rud a fhágann nach féidir leis na Ballstáit na srianta sin ar chosaint sceithirí a thabhairt isteach nó a choimeád ar bun.

Airteagal 21— Tuairisciú, meastóireacht agus athbhreithniú

35.

Bheadh ceangal ar na Ballstáit an fhaisnéis ábhartha uile maidir le cur chun feidhme agus cur i bhfeidhm na Treorach a chur ar fáil don Choimisiún. Ansin leagtar amach cur chuige dhá chéim sa togra. Faoin 15 Bealtaine 2023, i.e. dhá bhliain tar éis dheireadh na tréimhse trasuite ar an 15 Bealtaine 2021, níor mhór don Choimisiún tuarascáil a chur faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle maidir le cur chun feidhme agus cur i bhfeidhm na Treorach.

36.

Bheadh sé de cheangal ar na Ballstáit freisin staitisticí áirithe a chur ar aghaidh chuig an gCoimisiún ar bhonn bliantúil “má tá siad ar fáil ar an leibhéal lárnach sa Bhallstát lena mbaineann”. Baineann na staitisticí sin le roinnt tuarascálacha a fuarthas ó údaráis inniúla, líon na n-imscrúduithe agus na torthaí críochnaitheacha orthu agus na himeachtaí a tionscnaíodh dá bharr sin, agus meastachán ar an damáiste airgeadais agus na méideanna a aisghabháladh. Sa mheabhrán míniúcháin a ghabhann leis an tuairim, deir an Coimisiún go gcuirfeadh na sonraí seo, dá réir sin, bonn eolais faoi thuarascálacha reatha OLAF agus go bhféadfaí iad a chomhlánú le tuarascálacha bliantúla Oifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh agus Ombudsman an Aontais Eorpaigh.

37.

Faoin 15 Bealtaine 2027, agus na staitisticí sin á gcur san áireamh aige, bheadh ceangal ar an gCoimisiún tuarascáil bhreise, ina ndéanfaí measúnú ar thionchar an dlí náisiúnta lena dtrasuitear an Treoir, a chur faoi bhráid na Parlaiminte agus na Comhairle. I measc nithe eile, dhéanfaí measúnú sa tuarascáil ar an ngá atá le haon leasuithe chun raon ábhartha na Treorach a leathnú.

An anailís seo againne

38.

Measaimid gur féidir trédhearcacht agus fairsinge na gceanglas tuairiscithe atá beartaithe a fheabhsú. Táimid den tuairim go bhfágfadh roghnaíocht sheoladh na staitisticí i gcás Ballstáit áirithe (na Ballstáit sin nach bhfuil staitisticí ar fáil ar an leibhéal lárnach), agus an chaoi nach ndéanfaí na staitisticí a mhiondealú de réir réimse beartais, go bhfágfadh sé go laghdófaí éifeachtacht na forála seo. Ina theannta sin, ba ghá fanacht sé bliana ó spriocdháta an trasuite agus ocht mbliana ó theacht i bhfeidhm na Treorach chun tairbhiú go poiblí d'aon fhaisnéis atá sna staitisticí. Samhlaítear dúinn go bhfuil an tréimhse sin díréireach fada agus ag teacht salach ar an oibleagáid atá in Airteagal 21(2) maidir leis an “bhfaisnéis ábhartha uile” faoi chur chun feidhme agus cur i bhfeidhm na Treorach.

39.

Tugaimid dár n-aire go bhfuil fasach ann do nádúr roghnach thuairisciú na mBallstát, mar atá, Treoir PIF (30). Mar sin féin, ní mheasaimid gur gá, i bhfianaise na comhsheasmhachta sin, inti féin, na forálacha laga tuairiscithe sin a bhuanú. Cé go n-aithnímid na himpleachtaí costais a bhaineann le hoibleagáid níos leithne a thabhairt isteach, ba bhreá linn aird na Parlaiminte agus na Comhairle a tharraingt air go bhféadfadh infhaighteacht na staitisticí sin a bheith barrthábhachtach tráth níos déanaí chun feidhmíocht na hinfheistíochta airgeadais agus riaracháin i bhfad níos mó, nár mhór do na Ballstáit agus eintitis phoiblí agus phríobháideacha a dhéanamh i gcur chun feidhme na Treorach, a thomhas. Le linn a chuid oibre ullmhúcháin, bhí an Coimisiún in ann togáil ar cheachtanna a foghlaimíodh i ndlínsí éagsúla ar fud an domhain; ba é ba chúis leis sin go pointe áirithe infhaighteacht sonraí ó na dlínsí sin maidir le cur chun feidhme a gcuid socruithe sceithireachta. Más gá, d'fhéadfadh an Coimisiún cíoradh a dhéanamh ar na féidearthachtaí éagsúla maidir le maoiniú ón Aontas a thabhairt do na Ballstáit chun cuidiú leo le bailiú na sonraí.

40.

Creidimid nach mór don fhaisnéis staidrimh faoi sceithireacht sna Ballstáit a bheith den cháilíocht is airde is féidir, agus gur cheart go háirithe go mbeadh fáil uirthi de réir tíre, de réir gníomh dlíthiúil, agus de réir réimse ábhair agus gur cheart go n-áireofaí inti torthaí deiridh na gcásanna sibhialta agus coiriúla. Táimid ar aon tuairim le hOifig Iniúchóireachta Náisiúnta na Ríochta Aontaithe go bhfágann foilsiú staitisticí cuimsitheacha ar imscrúduithe sceithireachta, lena n-áirítear a dtorthaí, go méadaítear muinín na bhfostaithe sna socruithe sceithireachta, mar go bhfeiceann siad go ndéileáiltear go stuama leis an tuairisciú (31).

Ghlac Seomra V an Tuairim seo agus an tUas. Lazaros S. LAZAROU, Comhalta den Chúirt Iniúchóirí, mar cheannaire air i Lucsamburg ag a chruinniú an 26 Meán Fómhair 2018.

Don Chúirt Iniúchóirí

Klaus-Heiner LEHNE

Uachtarán


(1)  Féach ar an anailís a rinne an Coimisiún maidir le creat reachtach na mBallstát, atá ar fáil in “Iarschribhínn 6”: https://ec.europa.eu/info/sites/info/files/1-11_annexes.pdf

(2)  Féach, inter alia, An Chomhairle Eorpach, An Coinbhinsiún Dlí Choiriúil maidir le hÉilliú, Sraith Chonarthaí de chuid Chomhairle na hEorpa Uimh. 173, Strasbourg, 27/01/1999; An Chomhairle Eorpach, Protection of whistleblowers (Cosaint do Sceithirí), Moladh CM/Rec(2014) 7 agus meabhrán míniúcháin; Rún 58/04 an 31 Deireadh Fómhair 2003 ó Chomhthionól Ginearálta na Náisiún Aontaithe: Coinbhinsiún na Náisiún Aontaithe in aghaidh an Éillithe; plean gníomhaíochta G20 in aghaidh Éilliú maidir le sceithirí a chosaint: Study on whistle blower protection frameworks, compendium of best practices and guiding principles for legislation (Staidéar ar chreataí cosanta do sceithirí, coimre na ndea-chleachtas agus na dtreoirphrionsabal le haghaidh reachtaíochta) (2011).

(3)  COM(2018) 214 final.

(4)  Féach ar an anailís a rinne an Coimisiún maidir le creat reachtach na mBallstát, atá ar fáil in “Iarschribhínn 6”: https://ec.europa.eu/info/sites/info/files/1-11_annexes.pdf

(5)  Maidir leis sin, féach ár n-athbhreithniú lánléargais, a foilsíodh an 3 Meán Fómhair 2018: “Dlí an Aontais Eorpaigh a chur i bhfeidhm: cúraimí maoirseachta an Choimisiúin Eorpaigh faoi Airteagal 17(1) den Chonradh ar an Aontas Eorpach”.

(6)  An Caighdeán Idirnáisiúnta Iniúchóireachta (ISA) 250 (Athbhreithnithe), Dlíthe agus Rialacháin a chur san áireamh in iniúchadh ar Ráitis Airgeadais, A17. “Féadfaidh an t-iniúchóir fios faisnéise a fháil faoi neamhchomhlíonadh dlíthe agus rialachán nach de thoradh na nósanna imeachta i míreanna 13-17 a chomhlíonadh é (e.g. nuair a chuireann sceithire an t-iniúchóir ar an eolas faoin neamhchomhlíonadh).”

(7)  Don bhliain reatha, féach ár gclár oibre don bhliain 2018.

(8)  Airteagal 22c de Rialachán Uimh. 31 (CEE), 11 (CEFA), lena leagtar síos Rialacháin Foirne na nOifigeach agus Coinníollacha Fostaíochta Sheirbhísigh Eile Chomhphobal Eacnamaíochta na hEorpa agus an Chomhphobail Eorpaigh d'Fhuinneamh Adamhach, arna leasú go deireanach (IO 45, 14.6.1962, lch. 1385)); féach freisin fiosrúchán an Ombudsman Eorpaigh maidir leis na rialacha sin, a dúnadh an 27.2.2015 (Cás OI/1/2014/PMC).

(9)  SWD(2018) 116.

(10)  SEC(2018) 198.

(11)  SWD(2018)116, lch. 46.

(12)  Soláthar poiblí; seirbhísí airgeadais, cosc ar sciúradh airgid agus maoiniú sceimhlitheoireachta; sábháilteacht táirgí; sábháilteacht iompair; cosaint an chomhshaoil; sábháilteacht núicléach; sábháilteacht bia agus beatha, sláinte agus leas ainmhithe; sláinte phoiblí; cosaint tomhaltóirí; cosaint príobháideachais agus sonraí pearsanta, agus slándáil córas gréasán agus faisnéise.

(13)  Treoir (AE) 2017/1371 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 5 Iúil 2017 maidir leis an gcomhrac in aghaidh na calaoise ar leasanna airgeadais an Aontais trí bhíthin an dlí choiriúil (IO L 198, 28.7.2017, lch. 29).

(14)  Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 883/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Meán Fómhair 2013 maidir le himscrúduithe arna ndéanamh ag an Oifig Eorpach Frith-Chalaoise (OLAF) agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1073/1999 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Rialachán (Euratom) Uimh. 1074/1999 ón gComhairle (IO L 248, 18.9.2013, lch. 1).

(15)  Treoir 2014/57/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Aibreán 2014 maidir le smachtbhannaí coiriúla ar dhrochúsáid mhargaidh (IO L 173, 12.6.2014, lch. 179).

(16)  CM/Rec(2014)7, mír 7.

(17)  COM(2018) 214 final, leathanach 12

(18)  Airteagal 5(1)(e) maidir le heintitis dhlíthiúla san earnáil phríobháideach agus san earnáil phoiblí, Airteagal 10 maidir le húdaráis inniúla agus Airteagal 15(2) agus (3) maidir leis na Ballstáit.

(19)  Airteagal 13(1).

(20)  Aithris 16.

(21)  Airteagal 2(1)(a) de Threoir (AE) 2017/1371.

(22)  ECFE (Eagraíocht um Chomhar agus Forbairt Eacnamaíochta), Subnational governments in OECD Countries: Key Data, 2018 edition (Rialtais fonáisiúnta i dTíortha ECFE: príomhshonraí, eagrán 2018), lgh. 5-6.

(23)  Féach Oifig Iniúchóireachta Náisiúnta na Ríochta Aontaithe, Making a whistleblowing policy work (Beartas sceithireachta a chur i bhfeidhm), Tuarascáil ón Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste, HC 1152, Seisiún 2013-14, 18 Márta 2014, Institiúid Chairte na nIniúchóirí Inmheánacha, Whistleblowing and corporate governance, the role of internal audit in whistleblowing (Sceithireacht agus rialachas corparáideach, ról an iniúchta inmheánaigh i dtaca le sceithireacht), Eanáir 2014.

(24)  Airteagal 22a(1) de na Rialacháin Foirne, arna leasú.

(25)  Cinneadh 43-2017 ó Chúirt Iniúchóirí na hEorpa maidir le comhar idir Cúirt Iniúchóirí na hEorpa (CIE) agus Oifig Eorpach Frith-Chalaoise (OLAF) i dtaca le cásanna calaoise amhrasta arna n-aithint ag CIE le linn a hoibre iniúchóireachta nó arna soláthar di mar cháintí spontáineacha ó thríú páirtithe.

(26)  Airteagal 13(3).

(27)  Rialachán (AE, Euratom) 883/2013, Airteagal 5 (Oscailt na n-imscrúduithe) mír 1: “Féadfaidh an tArd-Stiúrthóir imscrúdú a oscailt má tá leoramhras ann, a d'fhéadfadh a bheith bunaithe ar fhaisnéis a chuirfidh aon tríú páirtí ar fáil nó ar fhaisnéis a chuirfidh foinse anaithnid ar fáil, go ndearnadh calaois nó éilliú nó gníomhaíocht neamhdhleathach eile a rinne dochar do leasanna airgeadais an Aontais.” (béim curtha leis).

(28)  Fógra ón gCoimisiúin maidir le Díolúine ó fhíneálacha agus laghdú ar fhíneálacha i gcásanna cairtéal (IO C 298, 8.12.2006, lch. 17)

(29)  Treoir (AE) 2016/943 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 8 Meitheamh 2016 maidir le fios gnó agus faisnéis ghnó neamhnochta (rúin trádála) a chosaint ar iad a fháil, a úsáid agus a nochtadh go neamhdhleathach (IO L 157, 15.6.2016, lch. 1).

(30)  Airteagal 18(2) de Threoir (AE) 2017/1371.

(31)  Oifig Iniúchóireachta Náisiúnta na Ríochta Aontaithe, Making a whistleblowing policy work (Beartas Sceithireachta a chur i bhfeidhm), Tuarascáil ón Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste, HC 1152, Seisiún 2013-14, 18 Márta 2014, pointe 4.18.