An Bhruiséil,31.5.2017

SWD(2017) 195 final

DOICIMÉAD INMHEÁNACH OIBRE DE CHUID AN CHOIMISIÚIN

ACHOIMRE FEIDHMIÚCHÁIN AR AN MEASÚNÚ TIONCHAIR

a ghabhann leis an doiciméad

TOGRA LE hAGHAIDH RIALACHÁN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1071/2009 agus Rialachán (CE) Uimh. 1072/2009 d'fhonn iad a oiriúnú d'fhorbairtí san earnáil

{COM(2017) 281 final}
{SWD(2017) 194 final}


Bileog Achoimre Feidhmiúcháin

Measúnú tionchair ar an athbhreithniú ar Rialachán (CE) Uimh. 1071/2009 maidir le rochtain ar ghairm an oibreora iompair de bhóthar agus ar Rialachán (CE) Uimh. 1072/2009 maidir le rochtain ar an margadh idirnáisiúnta iompair de bhóthar

A. An gá atá le beart

Cén fhadhb atá ann agus cén fáth ar fadhb í ar leibhéal an Aontais?

Is iad seo a leanas na príomhfhadhbanna a sainaithníodh:

·Cúinsí a bhaineann an bonn ón iomaíocht chóir idir oibreoirí iompair cónaitheacha agus oibreoirí iompair neamhchónaitheacha.

·Costais mhóra ar an tionscal agus ar údaráis forfheidhmiúcháin Bhallstáit an Aontais.

Is éard is cúis leis na fadhbanna sin:

·Forfheidhmiú neamhréireach agus neamhéifeachtach.

·Easnaimh sna rialacha.

·Raon feidhme éagsúil na rialacha.

Is ar tharlóirí agus a gcuid fostaithe is mó a bhíonn tionchar ag na fadhbanna seo, ach bíonn tionchar acu freisin ar pháirtithe eile a bhfuil baint acu leis an slabhra iompair, amhail seoladóirí, seoltóirí lasta agus úsáideoirí deiridh.

Cad é ba cheart a bhaint amach?

Is iad seo a leanas cuspóirí ginearálta na hidirghabhála:

·Cuidiú le comhchuibhiú a dhéanamh ar na coinníollacha iomaíochta idir tarlóirí cónaitheacha agus tarlóirí neamhchónaitheacha.

·Costais a laghdú do ghnólachtaí agus forfheidhmiú éifeachtúil na rialacha a chinntiú.

 

Is iad seo a leanas an dá chuspóir shonracha:

·Faireachán agus forfheidhmiú comhleanúnach agus comhsheasmhach a áirithiú maidir leis na rialacha atá i bhfeidhm sna Ballstáit faoi láthair.

·Tuilleadh sonraithe a dhéanamh ar na rialacha agus líon na roghanna atá ag na Ballstáit a laghdú.

Cad é an breisluach atá le beart a dhéanamh ar leibhéal an Aontais (coimhdeacht)?

Ní dócha go leigheasfar easnaimh na rialacha gan beart a dhéanamh ar leibhéal an Aontais. Ní féidir na heasnaimh a leigheas ach amháin le hidirghabháil reachtach chun na rialacha a chomhchuibhiú a thuilleadh. Is ar údaráis na mBallstát is mó atá cúram an fhorfheidhmiúcháin. D'fhonn leibhéal forfheidhmiúcháin níos aonfhoirmí agus cleachtais forfheidhmiúcháin chomhchosúla a bhaint amach, ní foláir don Aontas Eorpach rialacha a leagan amach chun an forfheidhmiú a éascú agus a dhéanamh níos éifeachtúla agus ní foláir freisin íosleibhéal coiteann forfheidhmiúcháin a lorg.

B. Réitigh

Cad iad na roghanna lenar féidir na cuspóirí a bhaint amach? An bhfuil rogha thosaíochta ann nó nach bhfuil? Mura bhfuil, cén fáth?

Rogha 1: An creat dlíthiúil a shoiléiriú: bearta chun aon débhríocht atá ann a shoiléiriú agus chun tuilleadh sonraithe a dhéanamh ar na rialacha, gan iad a athrú go substaintiúil.

Rogha 2: An forfheidhmiú a neartú: sa bhreis ar na bearta a luaitear i Rogha 1, áirítear sa rogha seo bearta chun an forfheidhmiú a neartú.

Rogha 3: Athbhreithniú forleathan ar na rialacha: sa bhreis ar na bearta thuasluaite, áirítear sa rogha seo bearta breise a fhéachann leis an gcreat dlíthiúil atá ann cheana a athrú go substaintiúil.

Rogha 4 - cothrománach: Raon feidhme na rialachán a leathnú: leis an rogha seo déantar cur i bhfeidhm rialachán amháin de na rialacháin nó an dá rialachán féin a leathnú d'fhonn feithiclí éadroma tráchtála (LCVanna) a áireamh ann go hiomlán nó i bpáirt. D'fhéadfaí é a chomhcheangal le haon cheann de na roghanna eile.

Is éard atá sa rogha thosaíochta teaglaim de Rogha 3 agus leathnú páirteach Rialachán (CE) Uimh. 1071/2009 chun LCVanna a chuimsiú ann.

Na páirtithe leasmhara éagsúla agus na bearta is rogha leo Na páirtithe leasmhara éagsúla agus na bearta is rogha leo

Tá comhaontú ginearálta ann maidir le formhór na mbeart arb é is aidhm dóibh coincheapa atá ann cheana a shoiléiriú agus a shonrú a thuilleadh agus forfheidhmiú na rialacha a threisiú. Tá easaontú ann, áfach, maidir leis na príomhbhearta éagsúla a d'fhéadfadh staideanna iomaíochta tarlóirí ó Bhallstáit dhifriúla a athrú. Go hiondúil, is fearr leis na Ballstáit ina n-íoctar tuarastail arda rialacha níos déine maidir le cabatáiste, rud lena dtacaíonn na ceardchumainn, ach is fearr leis na Ballstáit ina n-íoctar tuarastail ísle tuilleadh léirscaoilte i dtaca leis na rialacha cabatáiste, rud lena dtacaíonn formhór na gcomhlachas tarlóirí.

C. Tionchar na rogha tosaíochta

Cad iad buntáistí na rogha tosaíochta (más ann di; murab ann, cad iad buntáistí na bpríomhroghanna)?

- Bheadh gnólachtaí in ann airgead a shábháil trí dhoiciméid iompair leictreonacha a úsáid agus trí rialacha níos soiléire (EUR 3-5 billiún do 28 mBallstát an Aontais idir 2020 agus 2035).

- Faireachán agus forfheidhmiú níos éifeachtaí ar na rialacha agus laghdú ar líon na sáruithe. Táthar ag súil leis go dtiocfaidh laghdú suas le 62 % ar na sáruithe ar rialacha cabatáiste agus laghdú thart ar 10 % ar an mbaol go dtiocfaidh ann do chuideachtaí caocha.

- Cur i bhfeidhm comhsheasmhach na rialacha i 28 mBallstát an Aontais.

Dálaí oibre níos fearr do thiománaithe.

Cad iad costais na rogha tosaíochta (más ann di; murab ann, cad iad costais na bpríomhroghanna)?

- Costais níos mó i dtaca le cur chun feidhme agus forfheidhmiú do na Ballstáit (EUR 65-166 mhilliún do 28 mBallstáit an Aontais idir 2020 agus 2035).

 

- Tiocfaidh de chur i bhfeidhm páirteach na rialacha maidir le LCVanna costais bhreise a chur ar ghnólachtaí, mar atá méadú thart ar 4-10 % ar na costais oibríochta.

Cén tionchar a imreofar ar FBManna agus ar an iomaíochas?

Ní mheastar go mbeadh tionchar faoi leith ag formhór na mbeart na FBManna. D'fhéadfadh sé gur mhó an tionchar a bheadh ag leathnú páirteach na rialacha maidir le LCVanna ar oibreoirí an-bheag, áfach, ós rud é gur mó an úsáid a bhaineann siad as LCVanna.

An imreofar tionchar suntasach ar bhuiséid náisiúnta agus ar údaráis riaracháin náisiúnta?

De réir mar a luadh thuas, cuirfear costais bhreise ar na Ballstáit de thoradh na rialacha a fhorfheidhmiú.

An mbeidh aon tionchar suntasach eile i gceist?

Ní bheidh tionchair shuntasacha chomhshaoil ná tionchair ar líon iomlán na bpost ar leibhéal an Aontais Eorpaigh.

Sineirgí leis an tionscnamh sóisialta, mar atá:

(1) bearta atá dírithe ar an bhforfheidhmiú a fheabhsú; agus

(2) beidh de thoradh ar na rialacha nua maidir le cabatáiste agus an cur chuige ambhunaithe maidir le postú oibreoirí dá bhforáiltear faoin tionscnamh sóisialta a thabhairt isteach in éineacht, beidh de thoradh air sin forfheidhmiú an dá shraith rialacha a éascú.

Comhréireacht?

Ní théann an rogha thosaíochta thar a bhfuil riachtanach chun an bhunfhadhb a réiteach agus chun cuspóirí an tionscnaimh a chomhlíonadh.

D. Iarobair

Cathain a dhéanfar athbhreithniú ar an mbeartas?

Tá sé beartaithe meastóireacht ar an Rialachán leasaitheach in 2025, ar choinníoll go dtiocfaidh sé i bhfeidhm in 2020.