An Bhruiséil,21.12.2017

COM(2017) 797 final

2017/0355(COD)

Togra le haghaidh

TREOIR Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

maidir le dálaí oibre trédhearcacha agus intuartha san Aontas Eorpach

{SWD(2017) 478 final}
{SWD(2017) 479 final}


MEABHRÁN MÍNIÚCHÁIN

1.    COMHTHÉACS AN TOGRA

Tá athrú ó bhonn tar éis teacht ar shaol na hoibre ó glacadh Treoir 91/533/CEE maidir leis an oibleagáid atá ar an bhfostóir a chuid fostaithe a chur ar an eolas faoi na coinníollacha is infheidhme maidir leis an gconradh nó leis an gcaidreamh fostaíochta (“an Treoir maidir le Dearbhú i Scríbhinn”). Le 25 bliana anuas, tá margadh an tsaothair éirithe níos solúbtha. In 2016, ba chineálacha “neamhchaighdeánacha” fostaíochta aon cheathrú de na conarthaí fostaíochta uile agus, le deich mbliana anuas, ba phoist “neamhchaighdeánacha” breis agus leath de na poist nua a cruthaíodh 1 . A bhuí leis an digitiú, cruthaíodh cineálacha nua fostaíochta agus, de thoradh athruithe déimeagrafacha, tá an chuid sin den phobal atá fostaithe níos éagsúla anois. I ngeall ar an tsolúbthacht a bhaineann le cineálacha nua fostaíochta, tá cuid mhór post cruthaithe agus fás tagtha ar mhargadh an tsaothair. Ó 2014, cruthaíodh breis agus cúig mhilliún post, ar poist i gcineálacha nua fostaíochta beagnach 20 % díobh. De bharr go bhfuil cineálacha nua fostaíochta in ann oiriúnú d’athruithe sa chomhthéacs eacnamaíoch, is féidir samhlacha nua gnó a fhorbairt, lena náirítear sa gheilleagar comhoibríoch, agus tá an deis ag daoine a eisíodh roimhe seo ó mhargadh an tsaothair rochtain a bheith acu air. Tá an leibhéal fostaíochta san Aontas Eorpach ag an leibhéal is airde riamh, le 236 mhilliún fear agus bean fostaithe.

I ngeall ar na treochtaí sin, áfach, fágtar freisin go bhfuil cineálacha áirithe caidrimh fostaíochta éagobhsaí agus go bhfuil méadú ar an easpa intuarthachta a bhaineann leo, go háirithe i gcás oibrithe a bhfuil poist fhorbhásacha acu. De thoradh creataí dlíthiúla uireasacha, féadfaidh oibrithe atá fostaithe i bpoist neamhchaighdeánacha a bheith faoi réir cleachtais dhoiléire agus éagóracha agus is deacair, dá bharr, a gcearta a fhorfheidhmiú. Tá idir 4 agus 6 mhilliún duine a bhfuil conarthaí ar éileamh nó conarthaí eadrannacha acu, agus gan a fhios ag a bhformhór cathain a bheidh siad ag obair nó cá fhad a mhairfidh an obair. Tá suas le milliún duine faoi réir clásail eisiachais, rud a choisceann orthu obair a dhéanamh d’fhostóir eile 2 . Ní éiríonn ach le haon cheathrú cuid d’oibrithe sealadacha aistriú go post buan, agus, faoi 2016, ba é tuairim is 28 % an líon oibrithe ar post páirtaimseartha ainneonach a bhí acu 3 . Fágann sin gur féidir le socruithe oibre níos solúbtha éiginnteacht a chruthú i dtaca le cearta is infheidhme 4 .

Dá bharr sin, tá rialacháin nua curtha i bhfeidhm ag roinnt Ballstát agus tá comhaontuithe comhchoiteanna nua forbartha ag comhpháirtithe sóisialta náisiúnta, rud a fhágann go bhfuil méadú ag teacht ar a ilghnéitheach agus atá an córas rialála ar fud an Aontais. Tá baol ann go dtiocfaidh méadú ar iomaíocht lena bhfuil sé beartaithe gearradh faoi chaighdeáin shóisialta, rud a mbíonn tionchar díobhálach aige freisin ar fhostóirí, a mbíonn orthu déileáil le brú iomaíochta neamh-inbhuanaithe, agus ar na Ballstáit, a ligeann uathu ioncam cánach agus ranníocaíochtaí slándála sóisialta. Is é an dúshlán atá ann a chinntiú go ndéanfar margaí saothair dinimiciúla nuálacha a chuireann taca faoi iomaíochas an Aontais Eorpaigh a leagan amach ar dhóigh a thugann cosaint bhunúsach do gach oibrí, gnóthachain táirgiúlachta níos fadtéarmaí d’fhostóirí agus a fhágann gur féidir caighdeáin na mBallstát a thabhairt níos gaire dá chéile ar mhaithe le dálaí oibre agus maireachtála níos fearr.

Tá an tionscnamh seo ar cheann de phríomhbhearta an Choimisiúin chun tacú le Colún Eorpach na gCeart Sóisialta, a d’fhógair Parlaimint na hEorpa, an Chomhairle agus an Coimisiún go comhpháirteach ag an gCruinniú Mullaigh Sóisialta do Phoist Chóra agus d’Fhás in Göteborg an 17 Samhain 2017 5 . Tugann an Colún treoir maidir le caighdeáin shóisialta na mBallstát a ardú agus a thabhairt níos gaire dá chéile i gcomhthéacs na nathruithe atá tagtha ar shaol na hoibre. Leis an Treoir seo, tacaítear go háirithe le Prionsabal 5 den Cholún maidir le “Fostaíocht sheasmhach inoiriúnaithe” agus Prionsabal 7 maidir le “Faisnéis faoi choinníollacha fostaíochta agus cosaint i gcás dífhostuithe” 6 . Fógraíodh an tionscnamh i litir intinne ón Uachtarán Juncker agus ó Chéad-Leas-Uachtarán Timmermans an 13 Meán Fómhair 2017 agus is cuid de chlár oibre an Choimisiúin é.

Leis an togra seo, tugtar aghaidh ar dhá dhúshlán idirnasctha. Sa chéad áit, leis an meastóireacht a rinneadh ar Threoir 91/533/CEE faoi Chlár um Oiriúnacht agus Feidhmíocht Rialála an Choimisiúin (REFIT) 7 , sainaithníodh laigí i raon feidhme na Treorach i leith daoine a dtugtar cosaint dóibh agus ábhar na Treorach agus cuireadh in iúl an dóigh a bhféadfaí a héifeachtúlacht a fheabhsú. Sa dara háit, leis an gcomhairliúchán poiblí a rinneadh ar Cholún Eorpach na gCeart Sóisialta 8 , tarraingíodh aird ar bhearnaí idir acquis sóisialta an Aontais mar atá agus athruithe le tamall anuas ar mhargadh an tsaothair. Cuireadh béim air sin freisin sa Rún ó Pharlaimint na hEorpa an 17 Eanáir 2017 maidir leis an gColún. D’iarr an Pharlaimint go gcuimseofaí cineálacha nua caidrimh fostaíochta faoi chaighdeáin íosta atá ann cheana féin, go bhfeabhsófaí forfheidhmiú dhlí an Aontais, go gcuirfí leis an deimhneacht dhlíthiúil ar fud an mhargaidh aonair, agus go gcuirfí cosc le hidirdhealú trí dhlí reatha an Aontais a chomhlánú chun buntacar de chearta in-fhorfheidhmithe a áirithiú do gach oibrí, beag beann ar an gcineál conartha nó caidrimh fostaíochta 9 . Leis an Rún ó Pharlaimint na hEorpa in Iúil 2017 maidir le dálaí oibre agus fostaíocht fhorbhásach, iarrtar ar an gCoimisiún an Treoir maidir le Dearbhú i Scríbhinn a athbhreithniú chun cineálacha nua fostaíochta a chur san áireamh inti 10 . Ina dtuairimí faoin gColún, tharraing Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus Coiste na Réigiún aird ar na bearnaí atá sa chosaint a thugtar d’oibrithe agus ar na ngá gníomhú ar leibhéal an Aontais Eorpaigh chun creat le haghaidh dálaí oibre córa a chur ar bun agus chun cothromaíocht a bhaint amach idir an tsolúbthacht agus an tslándáil fostaíochta 11 .

Mar a fhoráiltear in Airteagal 154 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE) 12 , sheol an Coimisiún, an 26 Aibreán 2017 agus an 21 Meán Fómhair 2017 faoi seach, dhá chéim den chomhairliúchán leis na comhpháirtithe sóisialta Eorpacha maidir leis an treo ina bhféadfadh bearta an Aontais dul agus maidir lena bhfuil sna bearta sin. Níor chuir na comhpháirtithe sóisialta tús le próiseas an idirphlé faoin ábhar dá bhforáiltear in Airteagal 155 CFAE agus é mar aidhm acu caidreamh conarthach, lena náirítear comhaontuithe, a chur ar bun. Ar bhonn na dtuairimí a tugadh sa chomhairliúchán leis na comhpháirtithe sóisialta, tá an togra seo le haghaidh Treorach á thabhairt chun cinn ag an gCoimisiún i gcomhréir le forálacha CFAE.

Is é is aidhm ghinearálta don togra atá beartaithe fostaíocht níos seasmhaí agus níos intuartha a chur chun cinn agus, ag an am céanna, inoiriúnaitheacht sa mhargadh saothair a áirithiú agus dálaí maireachtála agus oibre a fheabhsú.

Is iad seo a leanas na cuspóirí sonracha trína mbíthin a thabharfaí aghaidh ar an aidhm ghinearálta:

(1) feabhas a chur ar an rochtain atá ag oibrithe ar fhaisnéis a bhaineann lena ndálaí oibre;

(2) dálaí oibre a fheabhsú do gach oibrí, go háirithe dóibh siúd atá i bhfostaíocht nua agus neamhchaighdeánach agus, ag an am céanna, an scóip maidir le hinoiriúnaitheacht agus nuálaíocht sa mhargadh saothair a chaomhnú;

(3) feabhas a chur ar chomhlíonadh na gcaighdeán i dtaca le dálaí oibre trí bhíthin forfheidhmiú feabhsaithe; agus

(4) an trédhearcacht sa mhargadh saothair a fheabhsú agus, ag an am céanna, ró-ualach riaracháin a chuirtear ar ghnóthais de gach méid a sheachaint.

Leis an togra atá beartaithe, cuirfear ionstraim nua in áit na Treorach maidir le Dearbhú i Scríbhinn, ionstraim lena náiritheofar trédhearcacht maidir le dálaí oibre le haghaidh gach oibrí agus lena sainítear cearta substainteacha nua chun intuarthacht agus slándáil dálaí oibre a fheabhsú, go háirithe le haghaidh daoine a bhfuil poist fhorbhásacha acu. Déantar sin tríd an bhforáil i gCaibidil II maidir le nuashonrú ar an bhfaisnéis bhunúsach faoin gcaidreamh fostaíochta a chuirfear ar fáil d’oibrithe uile an Aontais, lena náirítear an 2-3 mhilliún duine a mheastar nach bhfuil cuimsithe faoi láthair faoi raon feidhme na Treorach maidir le Dearbhú i Scríbhinn, rud a fhágann go mbíonn na coincheapa “fostaí” agus “caidreamh fostaíochta” le sainmhíniú i ndlí an Bhallstáit. Soiléireofar raon feidhme pearsanta na Treorach trí choincheap an “oibrí” a shainmhíniú ar bhonn chásdlí seanbhunaithe Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh (CBAE) chun stádas oibrí a chinneadh, agus leathnófar an coincheap sin trí laghdú a dhéanamh ar na deiseanna a bheidh ann do na Ballstáit oibrithe i gcaidreamh fostaíochta gearrthéarmach, nó i gcaidreamh corrfhostaíochta, a eisiamh. Leagtar síos ceanglais íosta nua i gCaibidil III: teorainn le fad uasta aon tréimhse promhaidh, riail ghinearálta nach féidir cosc a chur ar oibrí obair a dhéanamh d’fhostóir eile lasmuigh den sceideal oibre, cearta maidir le breis intuarthachta ó thaobh am oibre de agus réamhfhógra réasúnach d’oibrithe a bhfuil sceidil oibre athraitheacha acu, deis iarraidh a dhéanamh aistriú chuig cineál fostaíochta atá níos seasmhaí agus níos intuartha, agus ceart ar oiliúint éigeantach gan chostas. Mar bhonn taca leis na cearta sin, tá forálacha a thugann aghaidh ar laigí i bhforfheidhmiú Threoir 91/533/CEE agus forálacha a chuireann in oiriúint bearta forfheidhmiúcháin as codanna eile d’acquis sóisialta an Aontais Eorpaigh lena dtugtar aghaidh ar chásanna inchomparáide 13 .

In ionad aghaidh a thabhairt ar chineál áirithe fostaíochta, mar a dhéantar sna Treoracha maidir le hobair pháirtaimseartha nó obair ar théarma seasta nó obair shealadach ghníomhaireachta 14 , áiritheoidh an Treoir atá beartaithe cosaint uilíoch ar leibhéal bunúsach sna cineálacha conartha atá ann cheana agus a bheidh ann amach anseo. Ionstraim níos éifeachtaí a bheidh i dTreoir den sórt sin ná tionscnaimh reachtacha ar leith a dhíríonn ar chineálacha sonracha fostaíochta a fhéadfaidh, mar thoradh ar an luas géar faoi athruithe i margadh an tsaothair, a bheith as dáta gan mhoill. Leis an Treoir atá beartaithe, ba cheart an creat dlíthiúil a leagan síos chun cineálacha nua fostaíochta inoiriúnaithe a fhorbairt ar bhealach dearfach amach anseo.

Leis an togra seo, táthar ag súil go gcuirfear raon buntáistí ar fáil. Rachaidh an tsoiléire maidir le dálaí oibre agus caighdeáin íosta nua chun sochair do gach oibrí, lena náirítear na hoibrithe sin a bhfuil caidreamh fostaíochta gearrthéarmach nó caidreamh corrfhostaíochta acu. D’ainneoin go bhféadfaidh fostóirí, solúbthacht éigin ag an imeall a chailliúint, meastar go mbainfidh siad sochar as tuilleadh iomaíochta inbhuanaithe, lena mbaineann breis deimhneachta dlíthiúla, agus as fórsa saothair níos spreagtha agus níos táirgiúla, lena mbaineann cobhsaíocht chonarthach agus ráta coinneála níos airde. Bheadh bonn níos leithne maidir le cánachas agus ranníocaíochtaí slándála sóisialta ar leas na sochaí go ginearálta.

·Comhsheasmhacht le forálacha beartais atá sa réimse beartais cheana

Leis an Treoir atá beartaithe, comhlánaítear na gníomhartha seo a leanas de reachtaíocht thánaisteach an Aontais Eorpaigh:

Treoir 96/71/CE maidir le hoibrithe a phostú faoi chuimsiú seirbhísí a sholáthar

Le hAirteagal 6 den Treoir atá beartaithe, sonraítear an fhaisnéis i scríbhinn is gá a chur ar fáil d’oibrithe a chuirfear chuig an gcoigríoch, lena náirítear na hoibrithe sin a phostófar chuig Ballstát eile de chuid an Aontais, agus tarraingíonn an tAirteagal sin as na forálacha ábhartha de Threoir 96/71/CE, i gcomhréir lena bhfuil molta sa mheastóireacht REFIT.

Treoir 97/81/CE ón gComhairle maidir le hobair pháirtaimseartha agus Treoir 1999/70/CE ón gComhairle maidir le hobair ar théarma seasta

Le hAirteagal 10 den Treoir atá beartaithe, comhlánaítear forálacha an dá Threoir sin atá dírithe go sonrach ar oibrithe páirtaimseartha agus oibrithe ar théarma seasta, lena mbunaítear an deis a bheith ag oibrí cineál fostaíochta a bhfuil dálaí oibre níos seasmhaí agus níos intuartha ag dul leis a iarraidh, más ann don fhostaíocht sin, agus freagra i scríbhinn a fháil ón bhfostóir.

Treoir 2008/104/CE maidir le hobair shealadach ghníomhaireachta

Léirigh an mheastóireacht REFIT go bhféadfadh an Treoir maidir le Dearbhú i Scríbhinn aird níos fearr a thabhairt ar Threoir 2008/104/CE trí oibrithe gníomhaireachta a chumhdach go sainráite agus trína shonrú go bhfuil sé d’oibleagáid ar an ngnóthas úsáideora teagmháil dhíreach a dhéanamh leis an oibrí gníomhaireachta chun é a chur ar an eolas faoi na coinníollacha fostaíochta. Léirítear é sin in Airteagal 2 den Treoir atá beartaithe, ina leagtar amach critéir chun stádas an oibrí agus stádas an fhostóra a shainmhíniú agus in Airteagal 1 ina sonraítear go bhféadfaidh níos mó ná eintiteas amháin feidhmeanna an fhostóra a chomhlíonadh. 

Ina theannta sin, tacaíonn na forálacha i gCaibidil III den Treoir atá beartaithe le heagrú ama oibre lena dtugtar cosaint do shlándáil agus sláinte oibrithe, rud a dtugtar aghaidh air i dTreoir 2003/88/CE maidir le gnéithe áirithe a bhaineann le heagrú ama oibre.

Maidir le hoiliúnaithe, tugann an Coimisiún dá aire go bhfuil siad faoi chosaint cheana faoin Moladh ón gComhairle an 10 Márta 2014 maidir le creat cáilíochta ar oiliúnachtaí. Tá creat den chineál céanna molta ag an gCoimisiún le haghaidh printíseach 15 .

Maidir leis na forálacha forfheidhmiúcháin a áirítear in Airteagail 13 go 18 den Treoir atá beartaithe, tá siad bunaithe ar fhorálacha atá in acquis sóisialta an Aontais cheana féin mar a shonraítear sa roinn ina ndéantar cur síos ar na hairteagail den Treoir atá beartaithe, agus comhlánaíonn siad na forálacha sin.

·Comhsheasmhacht le beartais eile de chuid an Aontais

Cabhróidh an Treoir atá beartaithe na prionsabail seo a leanas a leagtar amach i gColún Eorpach na gCeart Sóisialta a chur chun feidhme:

Prionsabal 1: Oideachas, oiliúint agus foghlaim ar feadh an tsaoil Cuirtear an oiliúint arna soláthar ag an bhfostóir faoi chuimsiú na gceanglas faisnéise in Airteagal 3 agus, le hAirteagal 11, ceanglaítear ar na Ballstáit a áirithiú go gcuirfidh fostóirí oiliúint éigeantach ar fáil saor in aisce dá noibrithe, mar a cheanglaítear i reachtaíocht ábhartha an Aontais nó an Bhallstáit nó i gcomhaontuithe comhchoiteanna.

Prionsabal 2: Comhionannas inscne Is mná iad den chuid is mó an fórsa saothair atá rannpháirteach sna cineálacha nua agus neamhchaighdeánacha fostaíochta, agus rachadh na cearta ábhartha a chruthaítear i gCaibidlí III go VI den Treoir atá beartaithe chun sochair dóibh go háirithe 16 . Leis an Treoir, mar sin, cuirfear leis an bprionsabal go bhfeabhsófar an chóir chomhionann agus comhdheiseanna maidir le rannpháirteachas i margadh an tsaothair.

Prionsabal 5: Fostaíocht sheasmhach inoiriúnaithe Fágann Airteagal 1 agus Airteagal 2 den Treoir atá beartaithe go bhfuil raon feidhme níos leithne anois ag an Treoir agus go dtugtar aghaidh ar an bprionsabal go bhfuil an ceart ag oibrithe cóir chothrom chomhionann a fháil i dtaca le dálaí oibre, agus teacht acu ar chosaint shóisialta agus oiliúint “beag beann ar an gcineál caidrimh fostaíochta atá acu agus ar an bhfad atá an caidreamh sin ar bun”. Is cuspóir ginearálta é leis an Treoir atá beartaithe cothromaíocht a bhaint amach idir cearta oibrithe a fheabhsú, ar thaobh amháin, agus “an tsolúbthacht is gá ag fostóirí chun dul in oiriúint go tapa d’athruithe sa chomhthéacs eacnamaíoch” dá dtagraítear i bPrionsabal 5(b) a choimeád, ar an taobh eile, lena náirítear trí dheis a thabhairt na ceanglais íosta maidir le dálaí oibre a mhodhnú trí bhíthin comhaontuithe comhchoiteanna (Airteagal 12). Leis an Treoir atá beartaithe, tugtar aghaidh freisin ar Phrionsabal 5(d): “Cuirfear cosc ar aon chaidreamh fostaíochta a mbeidh dálaí oibre forbhásacha mar thoradh leis, lena náirítear trí chosc a chur le míúsáid conarthaí neamhthipiciúla. Is tréimhse réasúnach a bheidh sna tréimhsí promhaidh.” Tugtar aghaidh ar an gcéad chuid den Phrionsabal leis na cearta ábhartha nua ar bhreis intuarthachta agus ar chineál nua fostaíochta a iarraidh, chomh maith le srianta ar úsáid clásal eisiachais agus clásal neamh-chomhoiriúnachta. Tugtar aghaidh ar an dara cuid den Phrionsabal trí theorainn sé mhí a leagan síos maidir le tréimhsí promhaidh.

Prionsabal 7: Faisnéis faoi choinníollacha fostaíochta agus cosaint i gcás dífhostuithe Leis an Treoir atá beartaithe, treisítear an oibleagáid atá ann faoi láthair faisnéis i scríbhinn a chur ar fáil, trí scóip na faisnéise is gá a sholáthar a leathnú agus a nuashonrú ar a laghad, agus tríd an sprioc le haghaidh sholáthar na faisnéise sin a laghdú ó dhá mhí go dtí an chéad lá den chaidreamh fostaíochta, sa chaoi go nurramaítear an ghné sin de Phrionsabal 7(a) go gcaithfear an fhaisnéis a sholáthar “ag tús na tréimhse fostaíochta”.

Prionsabal 8: Idirphlé sóisialta agus rannpháirtíocht oibrithe Chuathas i gcomhairle leis na comhpháirtithe sóisialta faoi Airteagal 154 CFAE maidir leis an scóip a d’fhéadfadh a bheith ag bearta an Aontais chun an Treoir maidir le Dearbhú i Scríbhinn a athbhreithniú, agus cuireadh a bhfreagraí san áireamh agus an togra ón gCoimisiún á chur i dtoll a chéile. Le hAirteagal 12 den Treoir atá beartaithe, cuirtear solúbthacht ar fáil chun na ceanglais íosta a leagtar amach i gCaibidil III a athrú trí chomhaontú comhchoiteann, ar choinníoll go nurramaíonn an tathrú sin an chosaint fhoriomlán a thugtar leis an Treoir atá beartaithe.

Tá tionscnaimh eile ann a thacaíonn le Colún Eorpach na gCeart Sóisialta a chur chun feidhme a bhfuil dlúthbhaint acu leis an Treoir atá beartaithe, agus comhlánaíonn siad í, go háirithe an togra reachtach maidir le cothromaíocht oibre is saoil do thuismitheoirí agus do chúramóirí (COM(2017)253 final), comhairliúchán leis na comhpháirtithe sóisialta maidir le rochtain ar chosaint shóisialta le haghaidh oibrithe agus daoine féinfhostaithe (C(2017)2610 final agus C(2017)7773 final), agus teachtaireacht léirmhínitheach maidir le huaireanta oibre (C(2017)2601 final). Leis an togra le haghaidh Treoir maidir le cothromaíocht oibre is saoil do thuismitheoirí agus do chúramóirí, tugtar isteach an ceart d’oibrithe a bhfuil páistí suas le 12 bhliain d’aois acu socruithe oibre solúbtha a iarraidh chun críocha cúraim; tá dualgas, dá bharr sin, ar fhostóirí iarrataí ar shocruithe oibre solúbtha a mheas agus freagra a thabhairt orthu, ag cur san áireamh riachtanais na bhfostóirí agus na noibrithe araon, agus údar a thabhairt le haon diúltú ar iarraidh den chineál sin. Ina theannta sin, ba cheart oibleagáid a bheith ar fhostóirí iarrataí ar fhilleadh ar an ngnáthphatrún oibre a mheas agus freagra a thabhairt orthu. Leis an Treoir atá beartaithe maidir le dálaí oibre trédhearcacha agus intuartha, chomhlánófaí sin trí dheis a thabhairt d’oibrithe cineál oibre atá níos seasmhaí, in ionad cineál oibre atá níos solúbtha, a iarraidh.

Ar deireadh, cuireadh san áireamh an togra le haghaidh athbhreithniú a dhéanamh ar an Treoir maidir le hoibrithe a phostú (COM(2016)128 final) agus na tograí a rinneadh faoin bpacáiste soghluaisteachta in earnáil an iompair an 31 Bealtaine 2017, go háirithe na rialacha sonracha atá beartaithe maidir le tiománaithe in earnáil an iompair de bhóthar a phostú (COM(2017)278 final).

2.    BUNÚS DLÍ, COIMHDEACHT AGUS COMHRÉIREACHT

·Bunús dlí

Tá an togra bunaithe ar Airteagal 153(2)(b) CFAE, lena bhforáiltear go nglacfar treoracha ina leagtar síos ceanglais íosta maidir le, inter alia, “dálaí oibre” faoi mar a leagtar amach in Airteagal 153(1)(b) CFAE, agus, ag an am céanna, staonadh ó shrianta riaracháin, airgeadais agus dlíthiúla a fhorchur a bheadh ina mbac ar bhunú nó ar fhorbairt gnóthas beag agus meánmhéide.

·Coimhdeacht

Le Treoir 91/533/CEE, leagadh síos ar leibhéal an Aontais Eorpaigh oibleagáidí faisnéise i dtaca le dálaí oibre. Dhearbhaigh an mheastóireacht REFIT a rinneadh ar an Treoir sin go bhfuil gá fós le beart ar leibhéal an Aontais sa réimse sin, i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta. Is gá leasuithe a dhéanamh chun an Treoir sin a ailíniú le forbairtí sa mhargadh saothair ó glacadh in 1991 í, agus chun aghaidh a thabhairt ar na heasnaimh a shainaithnítear sa mheastóireacht REFIT.

Ar leibhéal an Aontais, tá údar cuí leis na cearta ábhartha breise a bhunaítear i gCaibidil III óir, níor dhócha go bhfágfadh bearta na mBallstát, agus na bearta sin amháin, mar fhreagairt ar chineálacha nua fostaíochta neamhchaighdeánacha go mbeadh an leibhéal céanna cosanta ann ó thaobh na trédhearcachta agus na hintuarthachta de, agus bheadh baol ann go dtiocfadh méadú ar éagsúlachtaí idir na Ballstáit agus go bhféadfadh iomaíochas a bheith ann ar bhonn na gcaighdeán sóisialta. D’fhágfadh sin nach mbeadh cothrom iomaíochta ann do ghnólachtaí agus chuirfeadh sé sin bac ar fheidhmiú an mhargaidh inmheánaigh.

Tá an Treoir atá beartaithe bunaithe ar chórais na mBallstát a chomhchuibhiú ar leibhéal íosta, rud a urramaíonn inniúlachtaí na mBallstát caighdeáin níos airde a leagan síos agus a chuireann an deis ar fáil do na comhpháirtithe sóisialta an meascán de chearta ábhartha agus d’oibleagáidí a athrú trí chomhaontú comhchoiteann. I gcomhréir le hAirteagal 153(2)(b) CFAE, tacóidh an Treoir le gníomhaíochtaí na mBallstát agus comhlánóidh sí iad trí cheanglais íosta maidir leis an gcur chun feidhme de réir a chéile.

·Comhréireacht

Tugtar lán-urraim do phrionsabal na comhréireachta óir tá raon feidhme an togra teoranta do dhá rud, mar atá deimhin a dhéanamh de go gcuirfear faisnéis atá comhsheasmhach ar fáil d’oibrithe faoina ndálaí oibre, agus cearta bunúsacha a áirithiú d’oibrithe, óir d’uireasa na gceart sin d’fhéadfadh sé tarlú go nísleofaí na caighdeáin shóisialta go mór. Áirítear leis an Treoir atá beartaithe bearta chun ualaí a laghdú agus chun tacú leis an gcomhlíontacht. Mar a léirítear sa mheasúnú tionchair, i bhfianaise na sochar fabhraithe agus na sochar fadtéarmach, tá na costais féin réasúnach go leor agus tá údar leo ó thaobh fostaíocht atá níos seasmhaí a chur ar fáil, an táirgiúlacht a ardú agus nósanna imeachta a shimpliú le haghaidh oibrithe agus fostóirí, rud atá ag teacht le cuspóirí sóisialta ginearálta an Aontais Eorpaigh.

Leis an togra, tugtar an rogha do na Ballstáit caighdeáin níos fabhraí d’oibrithe a choimeád nó a chur i bhfeidhm agus gnéithe a bhaineann go sonrach lena gcásanna náisiúnta féin a chur san áireamh, agus tugtar deis comhdhéanamh na gceart ábhartha sin a bhaineann le hábhar na Treorach a mhodhnú trí bhíthin comhaontuithe comhchoiteanna. Dá bhrí sin, fágann an togra go mbeidh solúbthacht ann maidir leis na bearta iarbhír cur chun feidhme a roghnófar.

·An rogha ionstraime

Foráiltear go sainráite le hAirteagal 153(2)(b) agus Airteagal 153(1)(b) CFAE, le chéile, gur Treoracha an ionstraim dlí a úsáidfear chun na ceanglais íosta i dtaca le dálaí oibre a bhunú agus beidh ar na Ballstáit iad a chur chun feidhme de réir a chéile.

3.    TORTHAÍ Ó MHEASTÓIREACHTAÍ EX POST, Ó CHOMHAIRLIÚCHÁIN LEIS NA PÁIRTITHE LEASMHARA AGUS Ó MHEASÚNUITHE TIONCHAIR

·Meastóireachtaí ex post/seiceálacha oiriúnachta ar an reachtaíocht atá ann cheana

Foilsíodh meastóireacht REFIT ar an Treoir maidir le Dearbhú i Scríbhinn i mí Aibreáin 2017 17 . Thángthas ar an gconclúid inti go measann na páirtithe leasmhara uile gurb ábhartha atá an Treoir agus go bhfuil idir meánleibhéal agus ardleibhéal comhlíontachta ann sna Ballstáit agus sna hearnálacha éagsúla i ndáil leis an Treoir. Tríd is tríd, bhí an Treoir thar a bheith éifeachtach maidir lena cuspóirí a ghnóthú. D’fhéadfaí éifeachtacht na Treorach a mhéadú a thuilleadh trí athbhreithniú a dhéanamh ar a raon feidhme chun a áirithiú go gcumhdófar raon níos leithne oibrithe léi, lena náirítear iad sin atá i gcineálacha nua fostaíochta, trí ghiorrú a dhéanamh ar an spriocthréimhse dhá mhí le haghaidh faisnéis a sholáthar d’oibrithe agus trí fhorfheidhmiú a fheabhsú trí athbhreithniú a dhéanamh ar na modhanna sásaimh agus ar na smachtbhannaí i gcásanna neamhchomhlíontachta. Maidir le héifeachtúlacht, ní cosúil go raibh méadú suntasach ann ar chostais do chuideachtaí de bharr thrasuí na Treorach. Maidir le comhleanúnachas seachtrach, tá scóip ann le haghaidh tuilleadh cóineasaithe a bhaint amach leis na rialacha lena gcumhdaítear oibrithe ar postú, oibrithe sealadacha gníomhaireachta agus oiliúnaithe.

Deimhníodh sa mheastóireacht freisin go soláthraítear breisluach soiléir don Aontas leis an Treoir. Tá sé riachtanach caighdeáin íosta a bheith i bhfeidhm ar leibhéal an Aontais maidir le faisnéis a sholáthar d’fhostaithe toisc go méadaíonn sé sin deimhneacht d’fhostóirí agus d’fhostaithe araon agus go seachnaíonn sé sodar díobhálach go grinneall idir na Ballstáit ó thaobh dálaí oibre de. Méadaíonn sé intuarthacht do ghnólachtaí agus éascaíonn sé soghluaisteacht oibrithe laistigh den mhargadh inmheánach freisin.

·Comhairliúcháin leis na páirtithe leasmhara

Rinne an Coimisiún comhairliúchán poiblí ar an Treoir maidir le Dearbhú i Scríbhinn idir an 26 Eanáir agus an 20 Aibreán 2016. Cuirtear achoimre ar na freagraí a fuarthas i gceangal leis an meastóireacht REFIT.

Reáchtáladh comhairliúchán poiblí oscailte ar an togra ón gCoimisiún le haghaidh Cholún Eorpach na gCeart Sóisialta ó mhí an Mhárta go mí na Nollag 2016. Mar a léiríodh go soiléir sa chomhairliúchán poiblí sin, 18 tá gá méadaitheach ann le cearta cuí a shainiú agus a chur i bhfeidhm do chuid mhór oibrithe atá i gcineálacha nua agus neamhchaighdeánacha de chaidreamh fostaíochta. A bhuí le socruithe conarthacha den sórt sin, tá deiseanna á gcruthú do dhaoine chun dul isteach sa mhargadh saothair nó fanacht ann agus is féidir le daoine a roghanna féin a dhéanamh mar gheall ar an tsolúbthacht a ghabhann leo. De bharr rialáil neamhdhóthanach, áfach, tá cuid mhór daoine sáinnithe i lúba ar lár sa dlí lena gcuirtear iad faoi réir cleachtais dhoiléire nó éagóracha agus lena gcruthaítear deacrachtaí dóibh maidir lena gcearta a fhorfheidhmiú.

De bhun Airteagal 154 CFAE, thug an Coimisiún faoi chomhairliúchán dhá chéim leis na comhpháirtithe sóisialta ar athbhreithniú féideartha a dhéanamh ar an Treoir maidir le Dearbhú i Scríbhinn.

Bhí tuairimí measctha ag na comhpháirtithe sóisialta maidir leis an ngá atá le gníomhaíocht reachtach chun Treoir 91/533/CEE a athbhreithniú agus ní raibh siad ar aon intinn maidir le dul isteach in idirbheartaíocht dhíreach chun comhaontú a thabhairt i gcrích ar leibhéal an Aontais.

Sa dá chéim, bhí ceardchumainn i bhfabhar raon feidhme pearsanta na Treorach a shoiléiriú agus a leathnú, go háirithe trí dheireadh a chur le heisiaimh ón raon feidhme pearsanta agus trí chritéir a chur ar áireamh sa Treoir chun cabhrú le sainaithint a dhéanamh ar chásanna inarb ann do chaidreamh fostaíochta. Ina theannta sin, rinne siad cás ar son daoine féinfhostaithe a thabhairt faoi raon feidhme na Treorach. Maidir leis an bpacáiste faisnéise, d’aontaigh ceardchumainn leis an liosta a moladh sa doiciméad comhairliúcháin ón gCoimisiún agus rinne siad cás ar son nithe eile a chur leis an bpacáiste. D’iarr siad go soláthrófaí dearbhuithe i scríbhinn roimh thús na hoibre nó tráth shíniú an chonartha. Aithníodh gur gá feabhas a chur ar rochtain ar smachtbhannaí agus ar mhodhanna sásaimh, lenar áiríodh trína éileamh go dtabharfaí toimhde fostaíochta isteach i gcás gur mhainnigh an fostóir dearbhú i scríbhinn a sholáthar. Ar deireadh, bhí siad i bhfách go láidir le cearta íosta nua a thabhairt isteach a bhfuil mar aidhm leo feabhas a chur ar a thrédhearcaí agus ar a intuartha atá dálaí oibre. Mar sin féin, d’iarr siad go dtabharfaí níos mó ceart ná iad sin a cuireadh i láthair sa dara doiciméad comhairliúcháin, lenar áiríodh toirmeasc iomlán ar chineálacha socruithe conarthacha nach gcinntítear leo líon íosta uaireanta íoctha d’oibrithe ná an ceart chun luach saothair leordhóthanach a fháil.

Sa dá chéim, chuir eagraíochtaí fostóirí i gcoinne raon feidhme na Treorach a leathnú agus sainmhíniú ar oibrí a thabhairt isteach, bunaithe ar ábhair imní a bhain leis an tsolúbthacht do ghnólachtaí agus leis an acmhainneacht chun poist a chruthú, mar aon le hábhair imní a bhain le coimhdeacht. Ní raibh formhór na neagraíochtaí fostóirí i bhfách leis an bpacáiste faisnéise a leasú ná leis an spriocthréimhse dhá mhí a laghdú. Ní raibh aon eagraíocht i bhfách le hathruithe a dhéanamh ar an gcóras sásaimh agus smachtbhannaí ar leibhéal an Aontais. Ach amháin i líon an-bheag cásanna, chuir eagraíochtaí fostóirí i gcoinne cearta íosta nua a thabhairt isteach in aon Treoir athbhreithnithe. Ar an gcúis sin, b’fhearr leo gan tuairimí a chur in iúl ar na cearta íosta sonracha a leagtar amach sa doiciméad comhairliúcháin, agus mhaígh siad gur tháinig saincheisteanna den sórt sin faoin inniúlacht náisiúnta agus nár ghá don Aontas gníomhaíocht a dhéanamh sna réimsí sin nó go mbeadh gníomhaíocht den sórt sin contrártha do phrionsabal na coimhdeachta, fiú.

·Bailiú agus úsáid saineolais

Dhámh an Coimisiún conradh le haghaidh anailís a dhéanamh ar na costais agus ar na tairbhí a bheadh ag baint leis na bearta a d’fhéadfadh an tAontas a dhéanamh faoi aon Treoir athbhreithnithe. Chomh maith leis sin, rinne sé athbhreithniú ar roinnt foinsí príomha anailíse agus sonraí a bhaineann le fostaíocht nua agus neamhchaighdeánach, go háirithe iad sin a thiomsaigh Parlaimint na hEorpa, 19 an Foras Eorpach chun Dálaí Maireachtála agus Oibre a Fheabhsú (Eurofound), 20 an Eagraíocht Idirnáisiúnta Saothair (ILO), 21 agus an Eagraíocht um Chomhar agus Forbairt Eacnamaíochta (OECD) 22 .

·Measúnú tionchair

Pléadh an Measúnú Tionchair leis an mBord um Ghrinnscrúdú Rialála an 29 Samhain 2017. D'eisigh an Bord tuairim dhearfach a raibh barúlacha ag gabháil léi, ar tugadh aghaidh orthu trí raon feidhme an tionscadail seo, na roghanna a bhaineann leis agus na buntáistí a bhfuiltear ag súil leo a shoiléiriú a thuilleadh agus trí mhíniú a thabhairt ar an gcaoi a bhféadfaí iarmhairtí neamhbheartaithe a d'fhéadfadh a bheith ann a mhaolú 23 .

An meascán beart a chuirtear ar aghaidh sa togra seo, measadh sa Mheasúnú Tionchair go raibh sé ar an meascán beart is éifeachtaí, is éifeachtúla agus is comhleanúnaí atá ann. Léirítear san anailís chainníochtúil a rinneadh ar an meascán tosaíochta beart go meastar go dtiocfaidh feabhas suntasach ar dhálaí oibre agus maireachtála dá bharr. Is é an toradh is suntasaí a bheidh air go dtiocfaidh 2-3 mhilliún duine d’oibrithe neamhchaighdeánacha faoi raon feidhme na Treorach den chéad uair. Ba cheart go nimreodh intuarthacht mhéadaithe do thart ar 4 mhilliún-7 milliún oibrí tionchar dearfach ar a gcothromaíocht oibre is saoil agus ar a sláinte. D’fhéadfadh go niarrfadh 14 mhilliún oibrí cineál nua oibre. Mar gheall ar an easpa clásal eisiachais a bheidh ann, cumasófar 90,000-360,000 oibrí ar éileamh obair bhreise a lorg agus 355-1,424 mhilliún EUR eile a thuilleamh gach bliain. Dheimhneofaí an ceart atá ag oibrithe chun oiliúint éigeantach saor in aisce a fháil agus bheadh rochtain níos éasca acu ar shásamh. Bhainfeadh fostóirí tairbhe as an iomaíocht níos inbhuanaithe a bheadh ann, as an méadú ar dheimhneacht dhlíthiúil agus as an bhfeabhas foriomlán ar thrédhearcacht sna margaí saothair. I measc na dtairbhí neamhchainníochtaithe d’fhostóirí, tá méadú ar choinneáil agus ar dhílseacht, feabhas ar chaidreamh oibrithe, laghdú ar an líon gearán agus cásanna cúirte agus feabhas ar phleanáil acmhainní, ar tairbhí iad lena gcuirfear le méadú foriomlán ar tháirgiúlacht a bhaint amach.

Maidir le fostóirí, is iad seo a leanas na costais a mheastar a bheidh ag baint leis an meascán tosaíochta roghanna: meastar go mbeidh costas 18-153 EUR d’fhiontair bheaga agus mheánmhéide agus costas 10-45 EUR do chuideachtaí móra ag baint le dearbhuithe nua nó athbhreithnithe i scríbhinn a eisiúint. Bheadh ar chuideachtaí costais aonuaire a iompar freisin chun cleachtadh a fháil ar an Treoir nua: meánchostas 53 EUR d’fhiontair bheaga agus mheánmhéide agus meánchostas 39 EUR do chuideachtaí móra. Maidir leis na costais a bheidh ag baint le freagra a thabhairt ar iarrataí ar chineál nua fostaíochta, meastar go mbeidh siad cosúil leo sin atá ag baint le dearbhú nua i scríbhinn a eisiúint. Síleann fostóirí go bhféadfaidh roinnt costas indíreach measartha íseal a bheith ann freisin (comhairle dlí, córais sceidealaithe athbhreithnithe, am bainistithe acmhainní daonna, faisnéis do bhaill foirne). Is ag an imeall amháin a chaillfear an tsolúbthacht sin (i.e. don sciar beag fostóirí atá ag baint úsáid fhairsing as na cineálacha is solúbtha fostaíochta). Cuirtear na héifeachtaí neamhbheartaithe san áireamh sa mheascán tosaíochta roghanna agus áirítear bearta maolaithe leis. Cé nach meastar go mbeidh aon tionchar comhiomlán suntasach ann ar phá, is dóigh go dtiocfaidh méadú ar thuilleamh an duine aonair mar gheall ar an laghdú a bheidh ann ar an tearcfhostaíocht agus ar mhinicíocht na gclásal eisiachais agus mar gheall ar na dálaí oibre níos intuartha a bheidh ann. Ní mheastar go dtabhóidh oibrithe aon chostais ar bith.

Bheadh an tionchar sonrach ar gach Ballstát ag brath ar roinnt tosca, lena náirítear méid na gcoigeartuithe reachtacha atá ag teastáil, minicíocht na gcineálacha neamhchaighdeánacha fostaíochta agus an comhthéacs socheacnamaíoch i gcoitinne. Tríd is tríd, meastar go mbeidh laghdú ann ar an obair neamhdhearbhaithe toisc go néascófar iniúchadh agus forfheidhmiú leis na bearta atá beartaithe. Ar leibhéal an Aontais, meastar gurb ionann agus 40-120 milliún EUR in aghaidh na bliana luach na hoibre neamhdhearbhaithe a thabharfar isteach sa gheilleagar foirmiúil. I measc na dtairbhí eile a d’fhéadfadh a bheith i gceist, bheadh méadú bliantúil 8 milliún-25 mhilliún EUR ar ioncam cánach agus laghdú bliantúil 4-24 mhilliún EUR ar íocaíochtaí slándála sóisialta. D’fhéadfaí méadú bliantúil 46-185 mhilliún EUR ar ioncam cánach a chruthú freisin toisc go mbeidh oibrithe ar éileamh in ann fostaíocht bhreise a lorg. I measc na dtairbhí neamhchainníochtaithe a d’fhéadfadh a bheith i gceist, bheadh méadú ar tháirgiúlacht, feabhas ar inoiriúnaitheacht an fhórsa saothair, méadú ar shoghluaisteacht laistigh de mhargaí saothair náisiúnta agus ar fud an Aontais araon agus méadú ar chomhtháthú sóisialta. D’fhéadfadh rochtain níos fearr ar shásamh feabhas a chur ar chomhsheasmhacht maidir le cur i bhfeidhm an chreata dhlíthiúil. Is dóigh go mbeidh costais measartha íseal ag baint le trasuí aonuaire na Treorach agus lena cur chun feidhme leanúnach toisc go mbeidh gá ann le creataí dlíthiúla na mBallstát a oiriúnú.

·Oiriúnacht rialála agus simpliú

Toisc gur athbhreithniú é seo ar phíosa reachtaíochta atá ann cheana féin, bhreathnaigh an Coimisiún ar dheiseanna atá ann chun ualaí a shimpliú agus a laghdú. Léirítear san anailís nach rómhór iad na costais a eascraíonn as an Treoir agus níor cuireadh fianaise i láthair go raibh modhanna níos saoire ann chun na cuspóirí céanna a chomhlíonadh leis an oiread éifeachtúlachta céanna. Tá scóip ann, áfach, chun trédhearcacht agus deimhneacht dhlíthiúil conarthaí fostaíochta a shoiléiriú agus a mhéadú. A bhuí le raon feidhme na Treorach a shoiléiriú, beidh sé níos éasca an creat rialála a thuiscint agus beidh breis intuarthachta ag baint leis. Ina theannta sin, cuimsítear eilimintí simpliúcháin sa Treoir. De bharr nach bhfuil ach líon teoranta sonraí ar fáil, níor cainníochtaíodh na heilimintí simpliúcháin ach mínítear iad sa mheabhrán míniúcháin. Maidir le hoibleagáidí nua a leagan síos, tá córas níos éadroime do FBManna beartaithe maidir le hiarraidh ar aistriú go cineál eile fostaíochta agus, chun ualaí ar fhostóirí a laghdú, soláthrófar teimpléid agus samhlacha le haghaidh dearbhuithe i scríbhinn agus chun faisnéis a chur ar fáil d’fhostóirí i bhformáid inrochtana faoi dhlíthe nó forálacha náisiúnta agus faoi chomhaontuithe comhchoiteanna ábhartha. De réir an Mheasúnaithe Tionchair, d'fhéadfadh na bearta maolúcháin sin an costas a bhaineann le dearbhuithe i scríbhinn a tháirgeadh a laghdú 30 % go 40 %.

·Cearta bunúsacha

Tá cuspóirí an togra seo ag teacht le Cairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh, go háirithe Airteagal 31 maidir le dálaí oibre cothroma agus córa, lena bhforáiltear go bhfuil "ag gach oibrí an ceart chun dálaí oibre lena nurramaítear a shláinte nó a sláinte, a shábháilteacht nó a sábháilteacht agus a dhínit nó a dínit".

4.    IMPLEACHTAÍ BUISÉADACHA

Ní theastaíonn ón togra aon acmhainní breise ó bhuiséad an Aontais Eorpaigh.

5.    EILIMINTÍ EILE

·Socruithe faireacháin, meastóireachta agus tuairiscithe

Ní mór do na Ballstáit an Treoir a thrasuí dhá bhliain tar éis an dáta glactha agus ní mór dóibh na bearta náisiúnta trasuí a chur in iúl don Choimisiún tríd an mBunachar Sonraí MNE. I gcomhréir le hAirteagal 153(3) CFAE, féadfaidh siad trasuí na Treorach a chur faoi chúram na gcomhpháirtithe sóisialta trí chomhaontuithe comhchoiteanna.

Chun measúnú a dhéanamh ar a éifeachtaí atá an tionscnamh seo maidir leis na cuspóirí ginearálta agus sonracha atá leis a ghnóthú, shainaithin an Coimisiún croítháscairí dul chun cinn chun faireachán a dhéanamh ar a chur chun feidhme rathúil 24 . Déanfaidh an Coimisiún faireachán rialta ar na táscairí sin agus úsáidfear iad mar bhonn don mheastóireacht agus don tuairisciú a dhéanfaidh sé ar thionchar na Treorach ocht mbliana tar éis an dáta teacht i bhfeidhm.

·Míniúchán mionsonraithe ar fhorálacha sonracha an togra



Caibidil I – Forálacha ginearálta

Airteagal 1 – Cuspóir, ábhar agus raon feidhme

Ceadaítear le mír 3 do na Ballstáit gan forálacha na Treorach a chur i bhfeidhm maidir le caidreamh fostaíochta a mhaireann suas le hocht nuaire sa mhí. Cuirtear an maolú sin in ionad na bhféidearthachtaí reatha le haghaidh eisiaimh ó raon feidhme pearsanta Airteagal 1 de Threoir 91/533/CEE (caidreamh fostaíochta nach mó ná mí amháin nó seachtain oibre nach mó ná ocht nuaire nó atá de chineál ócáideach agus/nó sonrach), arb amhlaidh, dar leis an meastóireacht REFIT, gur cuireadh i bhfeidhm go neamh-chomhsheasmhach iad agus go ndearnadh líon méadaitheach oibrithe a eisiamh leo 25 . Foráiltear le mír 4 gurb amhlaidh, i gcás nach socraítear na huaireanta oibre roimh ré, mar shampla san fhostaíocht ar éileamh, nár cheart feidhm a bheith ag an maolú sin mar nach eol fad ama na hoibre.

Faoi mhír 5, comhlánaítear an sainmhíniú ar fhostóir in Airteagal 2 le soiléiriú go bhféadfaidh feidhm an fhostóra chun críche na Treorach atá beartaithe a bheith comhlíonta ag níos mó ná eintiteas amháin. Mar shampla, i gcás oibrí sealadach gníomhaireachta, féadfaidh na ceanglais faisnéise in Airteagal 3 a bheith comhlíonta go páirteach ag an ngníomhaireacht oibre sealadaí agus go páirteach ag an ngnóthas úsáideora. Chun a áirithiú nach leagfar ualaí díréireacha ar theaghlaigh phríobháideacha, féadfaidh na Ballstáit gan cur i bhfeidhm a dhéanamh ar na cearta chun cineál nua oibre a iarraidh agus chun oiliúint éigeantach saor in aisce a fháil agus chun cur i bhfeidhm toimhdí fabhracha i gcás faisnéis ar iarraidh maidir le daoine nádúrtha atá ag fostú oibrithe tí.

Treoir 2009/13/CE lena gcuirtear i bhfeidhm comhaontú na gcomhpháirtithe sóisialta maidir leis an gCoinbhinsiún Oibreachais Mhuirí, 2006, agus lena leasaítear Treoir 1999/63/CE agus Treoir (AE) 2017/159 lena gcuirtear i bhfeidhm comhaontú na gcomhpháirtithe sóisialta maidir leis an gCoinbhinsiún um Obair san Iascaireacht, cuimsítear forálacha sonracha iontu ar chomhaontuithe fostaíochta maraithe agus ar chomhaontuithe oibre iascairí. Dá bhrí sin, soiléirítear le mír 7 d’Airteagal 1 go mbeidh feidhm ag Caibidil II den Treoir atá beartaithe gan dochar do na treoracha sin.

Airteagal 2 – Sainmhínithe

Leagtar síos leis an airteagal seo critéir le haghaidh stádas oibrithe a dheimhniú chun críche na Treorach atá beartaithe. Tá na critéir sin bunaithe ar chásdlí Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh a forbraíodh ó chás C-66/85 Lawrie-Blum i leith, mar a meabhraíodh an uair is déanaí i gcás C-216/15 Ruhrlandklinik. Tá sé riachtanach na critéir sin a shonrú i bhfianaise fhionnachtana na meastóireachta REFIT á léiriú gurb amhlaidh, i dtaca le raon feidhme na Treorach maidir le Dearbhú i Scríbhinn, go bhfuil éagsúlacht ann i measc na mBallstát, ag brath ar na coincheapa atá acu ar a bhfuil i gceist le "fostaí", "caidreamh fostaíochta" agus "conradh fostaíochta" 26 , agus na rioscaí a bhaineann le líon méadaitheach oibrithe i gcineálacha neamhchaighdeánacha fostaíochta a eisiamh, amhail oibrithe tí, oibrithe ar éileamh, oibrithe eadrannacha, oibrithe dearbhánbhunaithe agus oibrithe ardáin. Bheadh feidhm ag an Treoir atá beartaithe maidir leis na hoibrithe sin, ar choinníoll go gcomhlíonann siad na critéir a leagtar amach thuas 27 .

Caibidil II - Faisnéis faoin gcaidreamh fostaíochta

Airteagal 3 – Oibleagáid chun faisnéis a sholáthar

Leis an bhforáil seo, tugtar cothrom le dáta na ceanglais íosta faisnéise a leagtar amach in Airteagal 2 den Treoir maidir le Dearbhú i Scríbhinn, agus aird á tabhairt ar na torthaí ar an meastóireacht REFIT 28 agus ar na hionchuir ó chomhpháirtithe sóisialta trí eilimintí nua a thabhairt isteach a bhaineann leis na nithe seo a leanas:

·fad agus coinníollacha promhaidh (Airteagal 3.2.f);

·teidlíocht i leith oiliúna (Airteagal 3.2.g);

·socruithe le haghaidh ragoibre agus a luacha saothair, i bhfianaise an bhreithiúnais ó Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh i gCás C-350/99 Lange á rá gurb ionann an fhaisnéis sin agus ceann de na "gnéithe bunúsacha den chaidreamh fostaíochta" ar cheart eolas a thabhairt don oibrí fúthu sa dearbhú i scríbhinn (Airteagal 3.2.k);

·faisnéis thábhachtach faoi sceidil athraitheacha oibre a chinneadh, chun go gcuirfear san áireamh leitheadúlacht mhéadaitheach cineálacha eagraithe oibre amhail conarthaí ócáideacha nó conarthaí uaireanta nialasacha nó obair sa gheilleagar comhoibríoch (Airteagal 3.2.l);

·faisnéis faoin gcóras slándála sóisialta/faoi na córais slándála sóisialta a fhaigheann ranníocaíochtaí (Airteagal 3.2.n).

De bhreis air sin, nuachóiríodh na ceanglais faisnéise a bhaineann leis an áit oibre (Airteagal 3.2.b) chun cineálacha oibre, amhail obair ardáin, nach gcinneann an fostóir an áit oibre dóibh a chumhdach agus cuireadh an nós imeachta maidir le fostaíocht a fhoirceannadh (Airteagal 3.2.i) ar áireamh ann.

Airteagal 4 – Uainiú agus modhanna faisnéise

Ar aon dul le Prionsabal 7 de Cholún Eorpach na gCeart Sóisialta dá dtagraítear thuas, cuirtear le mír 1 an chéad lá den chaidreamh fostaíochta in ionad na tréimhse uasta reatha 2 mhí le haghaidh dearbhú i scríbhinn a sholáthar, ar tréimhse í a leagtar amach in Airteagal 3 de Threoir 91/533/CEE. Leagtar amach inti freisin go bhféadfar an dearbhú a sholáthar i bhfoirm leictreonach.

Chun na hualaí ar fhostóirí a laghdú, agus ar aon dul leis na moltaí atá sa mheastóireacht REFIT 29 , ceanglaítear ar na Ballstáit le míreanna 2 agus 3 teimpléid agus samhlacha a tháirgeadh le haghaidh an dearbhaithe i scríbhinn agus faisnéis a chur ar fáil d’fhostóirí i bhformáid inrochtana faoi dhlíthe nó forálacha náisiúnta agus faoi chomhaontuithe comhchoiteanna ábhartha.

Airteagal 5 – Modhnú ar an gcaidreamh fostaíochta

Leis an bhforáil seo, tugtar cothrom le dáta Airteagal 5 "Modhnú ar ghnéithe den chonradh nó den chaidreamh fostaíochta" de Threoir 91/533/CEE chun a cheangal nach mór gach modhnú ar na dálaí oibre a dtugtar fógra fúthu faoi Airteagal 3 nó ar an bhfaisnéis a sholáthraítear faoi Airteagal 6 den Treoir atá beartaithe a tharchur an lá a thagann siad in éifeacht ar a dhéanaí, seachas suas le dhá mhí ina dhiaidh sin, mar atá amhlaidh sa Treoir reatha.

Airteagal 6 – Faisnéis bhreise d’oibrithe a phostaítear nó a chuirtear thar lear

Leis an bhforáil seo, tugtar cothrom le dáta Airteagal 4 "Oibrithe easaoránacha" de Threoir 91/533/CEE chun é a chur ar chomhréim leis na forálacha ábhartha de Threoir 96/71/CE maidir le hoibrithe ar postú agus Treoir 2014/67/AE, an treoir forfheidhmithe ghaolmhar. Chun srian a chur leis na hualaí ar fhostóirí, níl feidhm ag na hoibleagáidí a leagtar amach san Airteagal seo ach amháin i gcás go maireann fad na tréimhse oibre thar lear níos mó ná ceithre seachtaine as a chéile, mura bhforálann na Ballstáit go sonrach dá mhalairt. Féadfaidh faisnéis a sholáthraítear roimh an chéad imeacht roinnt sannachán oibre grúpáilte a chumhdach agus féadfaidh an fhaisnéis sin a mhodhnú ina dhiaidh sin i gcás athrú.

Caibidil III – Na ceanglais íosta a bhaineann le dálaí oibre

Airteagal 7 – Fad uasta aon tréimhse promhaidh

Leis an bhforáil seo, socraítear fad uasta sé mhí le haghaidh aon tréimhse phromhaidh, ach amháin i gcás go bhfuil údar maith ann le fad níos faide de bharr chineál na fostaíochta, amhail post bainistíochta, nó i gcás go bhfuil fad ama níos faide le leas an oibrí, mar shampla fadú tar éis breoiteacht fhada.

Tá an fhoráil seo ag teacht le Prionsabal 5(d) de Cholún Eorpach na gCeart Sóisialta: "5(d): Ba cheart fad réasúnach a bheith in aon tréimhse phromhaidh."

Airteagal 8 – Fostaíocht chomhuaineach

Foráiltear leis an airteagal seo nach bhféadfaidh a fhostóir nó a fostóir cosc a chur ar oibrí ar bith glacadh le fostaíocht eile (ar a dtugtar clásail eisiachais nó neamh-chomhoiriúnachta), ach amháin i gcás go bhfuil cúiseanna dlisteanacha ann leis sin, amhail rúin ghnó a chosaint nó coinbhleachtaí leasa a sheachaint.

Airteagal 9 – Intuarthacht íosta oibre

Foráiltear leis an airteagal seo gurb amhlaidh, i gcás go bhfuil sceideal oibre athraitheach ag oibrí ina gcinneann an fostóir, agus ní an toibrí, uainiú na sannachán oibre,

(a) nach mór don fhostóir fógra a thabhairt do na hoibrithe sin faoi na tréimhsí uaireanta agus laethanta a bhféadfar ceangal a chur orthu obair lena linn. Chuirfeadh sé sin ar chumas na noibrithe an tam nach gcumhdaítear leis na huaireanta agus na laethanta tagartha sin a chaitheamh i bhfostaíocht eile nó san oideachas nó ar oibleagáidí cúraim a chomhlíonadh. Cé go bhféadfaidh oibrithe aontú le hobair lasmuigh de na huaireanta agus laethanta tagartha, ní fhéadfar oibleagáid a chur orthu déanamh amhlaidh agus is gá nach rachaidh sé chun aimhleasa dóibh má dhiúltaíonn siad don obair (féach Airteagal 16).

(b) nach bhféadfar ceangal a chur ar oibrithe obair i gcás nach bhfaigheann siad réamhfhógra réasúnach óna bhfostóir, rud a leagtar amach roimh ré sa dearbhú i scríbhinn. Cé go bhféadfaidh siad aontú le hobair, is gá nach rachaidh sé chun aimhleasa dóibh má dhiúltaíonn siad don obair (féach Airteagal 16). Is féidir go mbeidh éagsúlacht ann ar fud earnálacha difriúla maidir lena bhfuil i gceist le réamhfhógra réasúnach.

Ní bheidh feidhm ag na forálacha seo i gcásanna ina leagfaidh an fostóir síos cúram a bheidh le déanamh, ach fágtar an tsaoirse ag an oibrí an sceideal ama a shocrú ar lena linn a chuirfidh sé an cúram i gcrích.

Airteagal 10 – Aistriú chuig cineál eile fostaíochta

Leis an airteagal seo, bunaítear ceart chun cineál níos seasmhaí agus níos intuartha oibre a iarraidh, más ann don chineál oibre sin, mar shampla d’oibrithe atá ag iarraidh aistriú chuig caidreamh oibre lánaimseartha, nó chuig caidreamh oibre lena ngabhann líon níos airde uaireanta íoctha cinnte nó chuig sceideal oibre nach bhfuil chomh hathraitheach céanna. Ceanglaítear ar fhostóirí freagra i scríbhinn a thabhairt.

Beidh an spriocdháta nach mór don fhostóir freagra a thabhairt laistigh de cothrom le trí mhí do dhaoine nádúrtha, micrifhiontair, fiontair bheaga agus fiontair mheánmhéide agus cothrom le mí amháin d’fhiontair mhóra chun go laghdófar an tualach ar fhiontair bheaga nach bhfuil an rochtain chéanna acu ar sheirbhísí tiomnaithe bainistithe acmhainní daonna. Ina theannta sin, d’fhéadfaí an freagra ar iarrataí arna ndéanamh ina dhiaidh sin ag an aon oibrí amháin ar fhostóir ar duine nádúrtha nó micrifhiontar, fiontar beag nó fiontar meánmhéide é a thabhairt ó bhéal i gcás nach bhfuil aon athrú ann ar an údar leis an bhfreagra.

Tá an fhoráil seo ag teacht le Prionsabal 5(a) de Cholún Eorpach na gCeart Sóisialta: "Cothófar an taistriú chuig cineálacha fostaíochta nach bhfuil dáta deiridh luaite leo."

Airteagal 11 – Oiliúint

Áirithítear leis an bhforáil seo go gcuirfidh fostóirí aon oiliúint a gceanglaítear orthu faoi reachtaíocht an Aontais, faoi reachtaíocht náisiúnta nó faoi chomhaontuithe comhchoiteanna í a chur ar oibrithe ionas gur féidir leo a gcúraimí a chomhlíonadh, gan costas na hoiliúna sin a ghearradh ar na hoibrithe.

Caibidil IV – Comhaontuithe comhchoiteanna

Airteagal 12 – Comhaontuithe comhchoiteanna

Leis an bhforáil seo, ceadaítear modhnuithe ar na caighdeáin íosta a leagtar amach in Airteagal 7 go hAirteagal 11 (i.e. na cearta ábhartha a áireamh gan an pacáiste faisnéise a áireamh) trí bhíthin comhaontuithe comhchoiteanna arna dtabhairt chun críche idir na comhpháirtithe sóisialta faoin dlí náisiúnta nó faoin gcleachtas náisiúnta. Ní mór nach lú an méid foriomlán cosanta a thugtar d’oibrithe ná an méid sin a bhforáiltear dó in Airteagal 7 go hAirteagal 11 i dteannta a chéile.

Caibidil V – Forálacha cothrománacha

Airteagal 13 – Comhlíonadh

Leis an bhforáil seo, mar aon le hAirteagal 16 go hAirteagal 18, leantar an cur chuige céanna ar ghlac an comhreachtóir é i dTreoir 2006/54/CE, Treoir 2000/43/CE agus Treoir 2000/78/CE.

Ceanglaítear le hAirteagal 13 ar na Ballstáit a áirithiú go ndéanfar na leasuithe riachtanacha ar chomhaontuithe aonair nó comhchoiteanna, ar rialacha inmheánacha de chuid gnóthas agus ar aon socruithe eile chun iad a chur ar chomhréim le forálacha na Treorach atá beartaithe. Ní bhaineann an oibleagáid sin le modhnuithe ar na caighdeáin íosta a leagtar amach in Airteagal 7 go hAirteagal 11 a leagtar síos i gcomhréir le hAirteagal 12.

Airteagal 14 - Toimhde dhlíthiúil agus sásra luathréitigh

Foráiltear leis an airteagal seo, ar bhonn an dea-chleachtais reatha i measc na mBallstát, do dhá bhealach mhalartacha sásaimh i gcás nach soláthraítear an fhaisnéis ar fad a leagtar amach in Airteagal 3, nó cuid di, is iad sin

·toimhdí fabhracha a úsáid atá comhréireach leis an bhfaisnéis atá ar iarraidh, lena náirítear, ar a laghad, toimhde go mbeidh caidreamh fostaíochta nach bhfuil dáta deiridh luaite leis ann mura soláthraítear aon fhaisnéis faoi fhad an chaidrimh fostaíochta, toimhde go mbeidh post lánaimseartha ann mura soláthraítear aon fhaisnéis faoi na huaireanta íoctha cinnte, agus toimhde nach mbeidh tréimhse phromhaidh ann mura soláthraítear aon fhaisnéis faoi thréimhse phromhaidh a bheith ann nó faoi fhad aon tréimhse promhaidh; nó

·rochtain ar nós imeachta riaracháin faoina bhfuil sé d’údarás ag údarás inniúil (a d’fhéadfadh a bheith ina chomhlacht reatha amhail cigireacht saothair nó comhlacht breithiúnach) fíorais an cháis a dhéanamh amach chun ordú a thabhairt don fhostóir an fhaisnéis atá ar iarraidh a eisiúint agus chun fíneáil a ghearradh mura ndéantar amhlaidh.

Tugtar aghaidh leis an bhforáil seo ar na heasnaimh sna sásraí reatha a sainaithníodh sa mheastóireacht REFIT, rud inar thángthas ar an gconclúid gur neamhéifeachtúla córais sásaimh atá bunaithe ar éilimh ar dhamáistí ná na córais sin atá bunaithe ar chineálacha eile pionóis, amhail cnapshuimeanna 30 .

Chun nósanna imeachta foirmiúla sásaimh a sheachaint i gcásanna inar féidir faisnéis atá mícheart nó ar iarraidh a cheartú nó a sholáthar go réidh, ní mór fógra a thabhairt don fhostóir ar dtús faoi aon fhaisnéis atá fágtha ar lár agus beidh 15 lá ag an bhfostóir ansin chun an fhaisnéis atá ar iarraidh a sholáthar.

Airteagal 15 – An ceart chun sásaimh

Bunaítear leis an bhforáil seo an prionsabal nach mór do na Ballstáit a áirithiú go soláthrófar le córais dlí náisiúnta rochtain ar réiteach díospóide atá éifeachtach agus neamhchlaonta mar aon le ceart chun sásaimh agus, i gcás inarb iomchuí, ceart chun cúitimh, i dtaca le sáruithe ar na cearta arna mbunú faoin Treoir atá beartaithe. Tá an fhoráil seo ag teacht le Prionsabal 7 de Cholún Eorpach na gCeart Sóisialta.

Airteagal 16 – Cosaint ar chóir dhíobhálach nó ar iarmhairtí díobhálacha

Ceanglaítear leis an bhforáil seo ar na Ballstáit cosaint bhreithiúnach leordhóthanach ar aon chóir dhíobhálach nó ar iarmhairtí díobhálacha ag an bhfostóir a thabhairt d’oibrithe atá ag déanamh gearán faoi sháruithe ar fhorálacha arna nglacadh de bhun na Treorach seo.

Airteagal 17 – Cosaint ar dhífhostú agus dualgas cruthúnais

Má tá oibrí den tuairim gur dífhostaíodh é nó í nó go ndearnadh aimhleas coibhéiseach dó nó di (amhail oibrí ar éileamh nach bhfuil obair á sannadh dó nó di a thuilleadh) ar an bhforas go mbaineann sé nó sí úsáid nó leas as na cearta a bhunaítear sa Treoir seo, agus má tá sé nó sí in ann fíorais a thabhairt lena dtacaítear leis an tuairim sin, leagtar leis an bhforáil seo dualgas ar an bhfostóir a chruthú gur bunaithe ar chúiseanna oibiachtúla eile a bhí an dífhostú nó an chóir dhíobhálach líomhnaithe.

Airteagal 18 – Pionóis

Ceanglaítear leis an bhforáil seo ar na Ballstáit foráil a dhéanamh do phionóis éifeachtacha chomhréireacha athchomhairleacha as sáruithe ar na hoibleagáidí faoin Treoir seo agus a áirithiú go gcuirfear i bhfeidhm iad.

Caibidil VI – Forálacha críochnaitheacha

Airteagal 19 – Forálacha níos fabhraí

Is foráil chaighdeánach í seo lena gceadaítear do na Ballstáit leibhéal cosanta a thabhairt atá níos airde ná an leibhéal sin a chinntítear leis an Treoir atá beartaithe agus lena náirithítear nach núsáidfear í chun caighdeáin reatha sna réimsí céanna a ísliú.

Airteagal 20 – Cur chun feidhme

Bunaítear leis an bhforáil seo an tréimhse uasta atá ag na Ballstáit chun an Treoir a thrasuí sa dlí náisiúnta agus na téacsanna ábhartha a chur in iúl don Choimisiún. Socraítear an tréimhse sin mar dhá bhliain tar éis an dáta teacht i bhfeidhm. Ina theannta sin, leagtar béim inti go bhféadfaidh na Ballstáit, de bhun Airteagal 153(3) CFAE, cur chun feidhme na Treorach a chur faoi chúram na gcomhpháirtithe sóisialta i gcás ina niarrann na comhpháirtithe sóisialta an cúram sin agus ar choinníoll go ndéanann na Ballstáit na bearta riachtanacha ar fad chun a áirithiú go bhféadfaidh siad na torthaí atá á lorg faoin Treoir seo a chinntiú i gcónaí.

Airteagal 21 – Socruithe idirthréimhseacha

Foráiltear leis an airteagal seo don idirthréimhse idir Treoir 91/533/CEE agus teacht i bhfeidhm na Treorach atá beartaithe.

Airteagal 22 – Athbhreithniú ag an gCoimisiún

Is foráil chaighdeánach í seo lena gceanglaítear ar an gCoimisiún tuairisc a thabhairt don chomhreachtóir ar chur i bhfeidhm na Treorach seo, lena náirítear measúnú a dhéanamh ar aon ghá leis an Treoir a athbhreithniú nó a thabhairt cothrom le dáta.

Airteagal 23 – Aisghairm

Leagtar síos leis an bhforáil seo an dáta ar a naisghairfear Treoir 91/533/CEE, á shonrú go ndéanfar gach tagairt don Treoir aisghairthe a fhorléiriú mar thagairtí don Treoir nua.

Airteagal 24 – Teacht i bhfeidhm agus Airteagal 25 – Seolaithe

Is forálacha caighdeánacha iad seo lena leagtar síos go dtiocfaidh an Treoir i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a foilsithe san Iris Oifigiúil agus go ndírítear chuig na Ballstáit í.

2017/0355 (COD)

Togra le haghaidh

TREOIR Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

maidir le dálaí oibre trédhearcacha agus intuartha san Aontas Eorpach

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 153 (1)(b) agus 153(2)(b)] de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa 31 ,

Ag féachaint don tuairim ó Choiste na Réigiún 32 ,

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach,

De bharr an méid seo a leanas:

(1)Foráiltear leis an gCairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh in Airteagal 31 de go bhfuil ag gach oibrí an ceart chun dálaí oibre lena nurramaítear a shláinte, a shábháilteacht agus a dhínit, agus chun go mbeidh teorainn leis an líon uasta uaireanta oibre, chun tréimhsí sosa in aghaidh an lae agus in aghaidh na seachtaine agus chun tréimhse shaoire le pá in aghaidh na bliana.

(2)Foráiltear i bPrionsabal 7 de Cholún Eorpach na gCeart Sóisialta, arna fhógairt in Göteborg an 17 Samhain 2017 go bhfuil ag oibrithe an ceart chun faisnéis a fháil i scríbhinn ag tús na fostaíochta faoi na cearta agus na hoibleagáidí a thagann as an gcaidreamh fostaíochta sin, agus iad ar thréimhse phromhaidh san áireamh, agus go bhfuil an ceart acu chun rochtain a fháil ar phróiseas réitigh díospóidí éifeachtach neamhchlaonta agus, i gcás dífhostú gan údar maith, go bhfuil an ceart acu chun sásaimh, lena náirítear cúiteamh leordhóthanach. Foráiltear le Prionsabal 5 go bhfuil an ceart ag oibrithe, beag beann ar an ar an gcineál caidrimh fostaíochta atá acu agus ar an bhfad atá an caidreamh sin ar bun, go bhfuil an ceart ag oibrithe cóir chothrom chomhionann a fháil i dtaca le dálaí oibre, rochtain ar chosaint shóisialta agus oiliúint, go mbeidh cosc le cur ar aon chaidreamh fostaíochta a mbeidh dálaí oibre forbhásacha mar thoradh leis, lena náirítear trí chosc a chur le míúsáid conarthaí neamhthipiciúla, gur cheart gur tréimhse réasúnach a bheidh sa tréimhse phromhaidh, agus go mbeidh athrú de réir a chéile le cothú i dtreo cineálacha fostaíochta nach bhfuil dáta deiridh luaite leo.

(3)Ón tráth a glacadh Treoir 91/533/CEE 33 , tháinig athruithe forleathana ar na margaí saothair mar gheall ar fhorbairtí déimeagrafacha agus an digitiú, as ar tháinig cineálacha fostaíochta nua, lenar tacaíodh le cruthú post agus le fás sa mhargadh saothair. Is minic cineálacha nua fostaíochta gan a bheith chomh rialta cobhsaí agus a bhí cineálacha caidrimh fostaíochta traidisiúnta agus gur lú an intuarthacht do na hoibrithe lena mbaineann, rud a fhágann nach mbíonn aon chinnteacht maidir le cearta agus le cosaint shóisialta is infheidhme. De bhrí go bhfuil an saol oibre seo síorathraitheach, tá gá níos mó le faisnéis iomlán a thabhairt d'oibrithe maidir lena ndálaí bunúsacha oibre agus ba cheart sin a dhéanamh go tráthúil i scríbhinn. D'fhonn forbairt na gcineálacha fostaíochta nua a dhíriú go leordhóthanach, ba cheart roinnt ceart íosta nua a thabhairt d'oibrithe san Aontas arb é is aidhm do na cearta sin seasmhacht agus intuarthacht i gcineálacha caidrimh fostaíochta a chur chun cinn agus agus, ag an am céanna, cóineasú aníos a bhaint amach ar fud na mBallstát agus an inoiriúnaitheacht sa mhargadh saothair a chaomhnú.

(4)De bhun Threoir 91/533/CEE, tá an ceart ag formhór na noibrithe san Aontas chun faisnéis a fháil i scríbhinn maidir lena ndálaí oibre. Ní chumhdaítear na hoibrithe go léir san Aontas le Treoir 91/533/CEE áfach. Anuas air sin, tá bearnaí sa chosaint i ndáil le cineálacha fostaíochta nua a tháinig as forbairtí sa mhargadh saothair ó bhí 1991 ann.

(5)Ba cheart ceanglais íosta i ndáil le faisnéis maidir le gnéithe bunúsacha an chaidrimh fostaíochta agus a bhaineann le dálaí oibre is infheidhme maidir le gach oibrí a bhunú ar leibhéal an Aontais chun ardleibhéal trédhearcachta agus intuarthachta i dtaca lena ndálaí oibre a ráthú do na hoibrithe go léir san Aontas.

(6)Rinne an Coimisiún comhairliúchán dhá chéim leis na comhpháirtithe sóisialta maidir le raon feidhme agus éifeachtacht Threoir 91/533/CEE a fheabhsú agus maidir lena cuspóirí a leathnú chun cearta nua d'oibrithe a chur isteach, i gcomhréir le hAirteagal 154 den Chonradh. Níor tháinig as seo aon chomhaontú go rachadh na comhpháirtithe sóisialta i mbun caibidlíochta i dtaca leis na hábhair sin. Mar sin féin, i bhfianaise na dtorthaí a bhí ar na comhairliúcháin phoiblí oscailte a rinneadh chun tuairimí na saoránach agus na bpáirtithe leasmhara éagsúla a fháil, tá sé tábhachtach beart a dhéanamh sa réimse seo tríd an gcreat dlíthiúil atá ann cheana a nuachóiriú agus a oiriúnú.

(7)Chun éifeachtacht na gceart dá bhforáiltear i ndlí an Aontais a áirithiú, ba cheart raon feidhme pearsanta Threoir 91/533/CEE a thabhairt cothrom le dáta. Tá critéir bunaithe ina cásdlí ag Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh chun stádas oibrí a chinneadh 34 atá iomchuí chun raon feidhme pearsanta chur i bhfeidhm na Treorach a chinneadh. Tá an sainmhíniú ar oibrí in Airteagal 2(1) bunaithe ar na critéir seo. Áirithítear leo go gcuirtear raon feidhme pearsanta na Treorach chun feidhme go haonfhoirmeach agus, ag an am céanna, go bhfágtar faoi na húdaráis agus na cúirteanna náisiúnta é a chur i bhfeidhm maidir le cásanna áirithe. Ar choinníoll go gcomhlíonann siad na critéir sin, d'fhéadfadh oibrithe tí, oibrithe ar éileamh oibrithe eadrannacha, oibrithe dearbhánbhunaithe, oibrithe ardáin, oiliúnaithe agus printísigh teacht faoi raon feidhme na Treorach seo.

(8)I bhfianaise líon méadaitheach na noibrithe a eisiatar ó raon feidhme Threoir 91/533/CEE ar bhonn maoluithe a rinne na Ballstáit faoi Airteagal 1 den Treoir sin, is gá deis a thabhairt do na Ballstáit, in ionad na maoluithe sin, gan forálacha na Treorach a chur i bhfeidhm maidir le caidreamh oibre atá san iomlán cothrom le hocht nuaire an chloig nó níos lú le linn tréimhse tagartha d'aon mhí amháin. Níl aon éifeacht ag an maolú sin ar an sainmhíniú a thugtar ar oibrí dá bhforáiltear in Airteagal 2(1).

(9)Mar thoradh ar neamh-intuarthacht na hoibre ar éileamh lena náirítear conarthaí uaireanta nialasacha, níor cheart an maolú i ndáil le hocht nuaire an chloig in aghaidh na míosa a úsáid maidir le cineálacha caidrimh fostaíochta nach gcinntear aon mhéid oibre le pá ina leith roimh thús na fostaíochta.

(10)Féadfaidh roinnt daoine nádúrtha nó dlítheanacha éagsúla feidhmeanna agus freagrachtaí an fhostóra a ghlacadh chucu féin i gcleachtas. Ba cheart go leanfadh na Ballstáit de bheith saor chun cinneadh níos beaichte a dhéanamh maidir leis an duine nó na daoine a meastar go bhfuil siad freagrach go hiomlán nó i bpáirt as feidhmiú na noibleagáidí a leagtar síos leis an Treoir seo maidir le fostóirí, fad a chomhlíontar na hoibleagáidí sin go léir. Ba cheart go bhféadfadh na Ballstáit a chinneadh freisin go bhfuil na hoibleagáidí sin go léir nó cuid díobh le sannadh do dhuine nádúrtha nó dlítheanach nach páirtí é sa chaidreamh fostaíochta. Ba cheart go bhféadfadh na Ballstáit rialacha sonracha a bhunú chun daoine aonair ag gníomhú dóibh mar fhostóirí d'oibrithe tí sa teaghlach a eisiamh ó na hoibleagáidí chun iarraidh ar chineál fostaíochta eile a mheas agus freagra a thabhairt ar an iarraidh sin, agus chun oiliúint éigeantach saor ó chostas a chur ar fáil, agus ó chumhdach an tsásra sásaimh atá bunaithe ar thoimhdí fabhracha i gcás ina bhfuil faisnéis ar iarraidh sa dearbhú i scríbhinn.

(11)Tugadh isteach le Treoir 91/533/CEE liosta íosta de ghnéithe bunúsacha nach mór oibrithe a chur ar an eolas i scríbhinn ina leith. Is gá an liosta sin a oiriúnú chun forbairtí sa mhargadh saothair a chur san áireamh, an borradh atá ag teacht faoi chineálacha neamhchaighdeánacha fostaíochta go háirithe.

(12)Ba cheart faisnéis maidir le ham oibre a bheith comhsheasmhach le forálacha Threoir 2003/88/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 35 , agus ba cheart faisnéis maidir le sosanna, tréimhsí scíthe laethúla, thréimhsí scíthe seachtainiúla agus an méid saoire le pá a bheith ann.

(13)Maidir le luach saothair, ba cheart go mbeadh san fhaisnéis a bheidh le cur ar fáil gach gné den luach saothair sin lena náirítear ranníocaíochtaí in airgead tirim nó mar íocaíocht chomhchineáil, a fhaigheann an toibrí go díreach nó go neamhdhíreach i dtaca lena chuid oibre. Ba cheart go mbeadh soláthar faisnéise den chineál sin gan dochar don tsaoirse atá ag fostóirí chun gnéithe luacha saothair breise amhail íocaíochtaí aon uaire a chur ar fáil. Fiú mura gcuirtear na gnéithe den luach saothair atá dlite de réir an dlí nó comhaontú coiteann san fhaisnéis, ní ceart gur cúis é sin gan iad a chur ar fáil don oibrí.

(14)Mura féidir sceideal oibre seasta a chur in iúl mar gheall ar chineál na fostaíochta, ba cheart go gcuirfí in iúl d'oibrithe an chaoi a mbunófar a sceideal oibre, lena náireofar na sliotáin ama a d'fhéadfaidís glao chun oibre a fháil agus an réamhfhógra íosta is ceart dóibh a fháil.

(15)Ba cheart a bheith san fhaisnéis faoi chórais slándála sóisialta, i gcás inarb ábhartha, faisnéis faoi shochar breoiteachta, máithreachais agus a gcoibhéis, sochar do thuismitheoirí, sochar atharthachta, seanaoise, easláine, marthanóra, dífhostaíochta, luathscoir nó linbh. Ba cheart a bheith san fhaisnéis faoi chosaint slándála sóisialta a chuirfidh an fostóir ar fáil, i gcás inarb ábhartha, cumhdach trí bhíthin scéimeanna pinsin fhorlíontaigh de réir bhrí Threoir 98/49/CE 36 ón gComhairle agus Threoir 2014/50/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 37 .

(16)Ba cheart an ceart a bheith ag oibrithe faisnéis a fháil i scríbhinn ag tús na fostaíochta faoi na cearta agus na hoibleagáidí a thagann as an gcaidreamh fostaíochta sin. Ba cheart go bhfaighidís an fhaisnéis ábhartha faoin gcéad lá den fhostaíocht ar a dhéanaí.

(17)Chun cuidiú le fostóirí faisnéis thráthúil a chur ar fáil, ba cheart go náiritheodh na Ballstáit go mbeadh teimpléid ar fáil ar an leibhéal náisiúnta lena nairítear faisnéis atá ábhartha agus cuimsitheach go leor maidir leis an gcreat dlíthiúil is infheidhme. Féadann na húdaráis náisiúnta agus na comhpháirtithe sóisialta na teimpléid sin a fhorbairt ar an leibhéal earnálach nó ar an leibhéal áitiúil.

(18)Ba cheart d'oibrithe a phostaítear nó a chuirtear ar an gcoigríoch faisnéis bhreise a fháil a bhaineann go sonrach lena gcás. I gcás sannachán oibre arna sannadh i ndiaidh a chéile i roinnt Ballstát nó tríú tíortha, amhail in earnáil an iompair idirnáisiúnta de bhóthar, d’fhéadfaí an fhaisnéis sin a ghrúpáil do roinnt sannachán roimh an gcéad imeacht agus í a leasú ina dhiaidh sin dá dtiocfadh athrú uirthi. I gcás ina gcáileoidh siad mar oibrithe postaithe faoi Threoir 96/71/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 38 , ba cheart fógra a thabhairt dóibh freisin maidir leis an suíomh gréasáin náisiúnta aonair arna fhorbairt ag an mBallstát óstach áit a bhfaighidh siad an fhaisnéis ábhartha maidir leis na dálaí oibre a bhaineann lena gcás. Mura bhforálann na Ballstáit dá mhalairt, beidh feidhm ag na hoibleagáidí sin má bhíonn fad na tréimhse oibre ar an gcoigríoch níos faide ná ceithre seachtaine as a chéile.

(19)Leis na tréimhsí promhaidh, féadann fostóirí a chinneadh an bhfuil oibrithe oiriúnach don phost dár ceapadh iad agus, ag an am céanna, tacaíocht agus oiliúint bhainteach a chur ar fáil dóibh. D'fhéadfadh cosaint laghdaithe ar dhífhostú a bheith ag baint leis na tréimhsí sin. Níor cheart tréimhse fhada neamhdheimhneachta a bheith ag gabháil le hiontráil ar an margadh saothair nó le haistriú go post nua. Ba cheart, mar a bhunaítear i gcolún Eorpach na gCeart Sóisialta, gur tréimhse réasúnach a bheadh sna tréimhsí promhaidh. Tá uasfhad tréimhse promhaidh ginearálta idir trí mhí agus sé mhí bunaithe ag líon mór Ballstát, ar cheart a mheas go bhfuil sé sin réasúnach. Féadann tréimhsí promhaidh a bheith níos faide ná sé mhí i gcás ina bhfuil bonn cuí leis an méid sin de bharr chineál na fostaíochta (i gcás poist bhainistíochta mar shampla), agus i gcás ina dtéann an méid sin chun leas an oibrí (i gcás breoiteacht fhadtéarmach mar shampla nó i gcomhthéacs bearta sonracha chun fostaíocht bhuan a chur chun cinn go háirithe i measc oibrithe óga).

(20)Níor cheart go gcuirfeadh fostóirí toirmeasc ar oibrithe glacadh le post le fostóirí eile, lasmuigh den tréimhse ama a bhíonn siad ag obair dóibh, faoi réir na dteorainneacha maidir le ham oibre a leagtar amach i dTreoir 2003/88/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 39 . D'fhéadfadh clásail neamh-chomhoiriúnachta, a thuigtear mar shrian ar obair a dhéanamh do chatagóirí fostóra sonracha, a bheith riachtanach ar chúiseanna oibiachtúla, amhail rúin ghnó a chosaint nó coinbhleachtaí leasa a sheachaint.

(21)Ba cheart go mbainfeadh oibrithe a bhfuil a sceideal oibre athraitheach den chuid is mó tairbhe as intuarthacht íosta oibre i gcás inarb é an fostóir is mó a chinneann an sceideal oibre, bíodh sin go díreach, trí shannacháin oibre a leithdháileadh mar shampla, nó go neamhdhíreach, trí cheangal a chur ar an oibrí iarrataí ó chliant a fhreagairt mar shampla.

(22)Ba cheart uaireanta agus laethanta tagartha, a thuigfear mar shliotáin ama inar féidir obair a dhéanamh arna iarraidh sin don fhostóir, a bhunú i scríbhinn ag tús an chaidrimh fostaíochta.

(23)Tá réamhfhógra íosta réasúnach, a thuigtear mar an tréimhse ama idir an tráth a chuirtear oibrí ar an eolas faoi shannachán nua oibre agus an tráth a thosaíonn an sannachán, ina ghné riachtanach eile d'intuarthacht oibre maidir le cineálacha caidrimh fostaíochta a bhfuil sceideal oibre athraitheach nó sceideal oibre arna chinneadh ag an bhfostóir ag baint leo. Féadfaidh fad na tréimhse réamhfhógra athrú i gcomhréir le riachtanais na nearnálacha, agus cosaint leordhóthanach d'oibrithe a áirithiú ag an am céanna. Beidh feidhm ag réamhfhógra gan dochar do Threoir 2002/15/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 40 .

(24)Ba cheart go bhféadfadh oibrithe sannachán oibre a dhiúltú mura bhfuil sé faoi réir na nuaireanta agus na laethanta tagartha nó murar tugadh fógra dó de réir an réamhfhógra íosta gan iarmhairtí díobhálacha a fhulaingt mar gheall ar an diúltú sin. Ba cheart an deis a bheith ag oibrithe glacadh leis an obair a shanntar más mian leo amhlaidh.

(25)I gcás ina bhfuil deis ag fostóirí conarthaí lánaimseartha nó conarthaí nach bhfuil dáta deiridh luaite leo a thairiscint d'oibrithe i gcineálacha fostaíochta neamhchaighdeánacha, ba cheart aistriú chuig cineálacha fostaíochta atá níos seasmhaí a chur chun cinn. Ba cheart oibrithe a bheith in ann cineál fostaíochta níos intuartha agus níos buaine a iarraidh, i gcás ina bhfuil fáil air sin, agus freagra a fháil i scríbhinn ón bhfostóir a chuireann idir riachtanais an fhostóra agus riachtanais an oibrí san áireamh.

(26)I gcás ina gceanglaítear ar fhostóirí sa reachtaíocht nó i gcomhaontuithe comhchoiteanna oiliúint a chur ar fáil dá noibrithe chun an obair dá bhfuil siad fostaithe a dhéanamh, tá sé tábhachtach an oiliúint a chur ar fáil ar bhonn cothrom, do na hoibrithe i gcineálacha fostaíochta neamhchaighdeánacha san áireamh. Níor cheart costais ar oiliúint den chineál sin a ghearradh ar an oibrí, nó níor cheart na costais a choinneáil siar ó luach saothair an oibrí nó a bhaint de.

(27)Féadann comhpháirtithe sóisialta a mheas go mbeidh forálacha atá difriúil ó na caighdeáin íosta a shocraítear i gCaibidil a Trí den Treoir seo níos iomchuí in earnálacha nó i gcásanna sonracha, chun cuspóir na Treorach seo a shaothrú. Dá bhrí sin, ba cheart go bhféadfadh na Ballstáit ceadú do chomhpháirtithe sóisialta comhaontuithe comhchoiteanna a thabhairt i gcrích lena leasaítear na forálacha atá sa chaibidil sin, fad is nach ndéantar leibhéal ginearálta na cosanta a thugtar d’oibrithe a ísliú.

(28)Léiríodh leis an gcomhairliúchán ar Cholún Eorpach na gCeart Sóisialta gur gá forfheidhmiú an dlí saothair san Aontas a neartú chun a éifeachtacht a áirithiú. I dtaca le Treoir 91/533/CEE, deimhníodh sa mheastóireacht REFIT 41 go bhféadfaí a héifeachtacht a fheabhsú le sásraí forfheidhmiúcháin neartaithe. Léiríodh inti nach bhfuil córais sásaimh atá bunaithe ar éilimh ar dhamáiste amháin chomh héifeachtach leis na córais lena bhforáiltear maidir le smachtbhannaí chomh maith (amhail cnapshuimeanna nó cailleadh ceadanna) d'fhostóirí nach neisíonn dearbhuithe i scríbhinn. Léiríodh inti freisin gurb annamh a dhéanann oibrithe iarracht sásamh a lorg le linn an chaidrimh fostaíochta, rud a chuireann i mbaol an cuspóir maidir le dearbhú i scríbhinn a sholáthar lena áirithiú go gcuirtear oibrithe ar an eolas maidir le gnéithe bunúsacha a gcaidrimh fostaíochta. Tá sé riachtanach, dá bharr sin, forálacha maidir le forfheidhmiú a thabhairt isteach lena náirithítear go mbainfear úsáid as toimhdí fabhracha i gcás nach gcuirfear faisnéis ar fáil faoin gcaidreamh fostaíochta, nó go mbainfear úsáid as nós imeachta riaracháin faoina bhféadtar ceangal a chur ar an bhfostóir an fhaisnéis atá ar iarraidh a chur ar fáil agus é a bheith faoi réir smachtbhanna mura ndéana sé amhlaidh. Ba cheart an sásamh sin a bheith faoi réir nós imeachta lena gcuirtear in iúl don fhostóir go bhfuil faisnéis ar iarraidh agus faoina bhfuil cúig lá déag aige chun faisnéis iomlán cheart a chur ar fáil.

(29)Tá lear mór forálacha forfheidhmiúcháin glactha don acquis sóisialta san Aontas ón uair a glacadh Treoir 91/533/CEE, go háirithe i réimsí an fhrith-idirdhealaithe agus an chomhionannais deiseanna, ar cheart gnéithe de a chur i bhfeidhm maidir leis an Treoir seo lena áirithiú go mbeidh rochtain ag oibrithe ar phróiseas réitigh díospóidí éifeachtach neamhchlaonta, agus, i gcás dífhostú gan údar maith, go mbeidh an ceart acu chun sásaimh, lena náirítear cúiteamh leordhóthanach, de réir Phrionsabal 7 de Cholún Eorpach na gCeart Sóisialta

(30)Go sonrach, ag féachaint do chineál bunúsach an chirt cosaint dhlítheanach éifeachtach a fháil, ba cheart leanúint den chosaint sin a thabhairt d'oibrithe ag deireadh an chaidrimh fostaíochta as a dtagann sárú líomhnaithe ar chearta an oibrí faoin Treoir seo.

(31)Ceanglaítear le cur chun feidhme éifeachtach na Treorach seo cosaint bhreithiúnach agus riaracháin leormhaith a chur ar fáil ar aon chóir dhíobhálach a dhéantar mar fhreagairt ar iarracht cearta a fheidhmiú dá bhforáiltear faoin Treoir seo, ar aon ghearán a dhéantar leis an bhfostóir nó ar aon imeachtaí dlíthiúla nó riaracháin arb é is aidhm dóibh comhlíontacht leis an Treoir seo a fhorfheidhmiú.

(32)Ba cheart cosaint a bheith ag oibrithe a fheidhmíonn a gcearta dá bhforáiltear sa Treoir seo ar dhífhostú nó aimhleas coibhéiseach (amhail oibrí ar éileamh nach sanntar obair dó a thuilleadh) nó ar aon ullmhú maidir le dífhostú a d'fhéadfadh a bheith ann ar an bhforas go ndearna siad iarracht na cearta sin a fheidhmiú. Nuair a mheasann oibrithe gur dífhostaíodh iad nó gur fhulaing siad aimhleas coibhéiseach ar an bhforas sin, ba cheart oibrithe agus údaráis inniúla a bheith in ann ceangal a chur ar an bhfostóir foras cuíréasúnaithe don dhífhostú nó don bheart coibhéiseach a sholáthar.

(33)An dualgas cruthúnais nár tharla dífhostú nó aimhleas coibhéiseach ar an bhforas gur fheidhmigh oibrithe a gcearta dá bhforáiltear sa Treoir seo, ba cheart gur ar an bhfostóir a thitfeadh sé má bhunaíonn oibrithe, os comhair cúirte nó údaráis inniúil eile, fíricí ónar féidir toimhde a dhéanamh go ndearnadh iad a dhífhostú nó go raibh siad faoi réir bearta a bhfuil éifeachtaí coibhéiseacha leo ar fhoras den sórt sin.

(34)Ba cheart do na Ballstáit foráil a dhéanamh maidir le pionóis éifeachtacha, chomhréireacha agus athchomhairleacha maidir le sáruithe na noibleagáidí faoin Treoir seo.

(35)Ós rud é nach féidir leis na Ballstáit cuspóirí na Treorach seo a ghnóthú go leordhóthanach agus, de bharr an ghá atá ann le comhcheanglais íosta a bhunú, gur fearr is féidir iad a ghnóthú ar leibhéal an Aontais, féadfaidh an tAontas bearta a ghlacadh, i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta a leagtar amach in Airteagal 5 den Chonradh ar an Aontas Eorpach. I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta a leagtar amach san Airteagal sin, ní théann an Treoir seo thar a bhfuil riachtanach chun na cuspóirí sin a ghnóthú.

(36)Leis an Treoir seo, leagtar síos ceanglais íosta, sa chaoi nach ndéantar aon athrú ar shaincheart na mBallstát forálacha níos fabhraí a thabhairt isteach nó a choinneáil. Ba cheart go mbeadh feidhm fós ag cearta a fuarthas faoin gcreat dlíthiúil atá ann cheana, mura dtugtar forálacha níos fabhraí isteach leis an Treoir seo. Ní féidir cur chun feidhme na Treorach seo a úsáid chun maolú ar na cearta atá ann cheana féin atá leagtha amach sa reachtaíocht náisiúnta nó i reachtaíocht an Aontais atá ann cheana sa réimse seo, ná ní fhéadfaidh sé a bheith mar fhoras bailí chun leibhéal ginearálta na cosanta a thugtar d’oibrithe sa réimse dá gcumhdaítear sa Treoir seo a laghdú.

(37)Agus an Treoir seo á cur chun feidhme acu, ba cheart do na Ballstáit staonadh ó shrianta riaracháin, airgeadais agus dlíthiúla a fhorchur a bheadh ina mbac ar bhunú nó ar fhorbairt gnóthas beag agus meánmhéide. Dá bhrí sin, tugtar cuireadh do na Ballstáit measúnú a dhéanamh ar an tionchar atá ag a ngníomh trasuite ar FBManna d’fhonn a áirithiú nach mbeidh éifeacht dhíréireach aige ar FBManna, le haird faoi leith ar mhicrifhiontair agus ar ualach riaracháin, agus torthaí na measúnuithe sin a fhoilsiú.

(38)Féadfaidh na Ballstáit cur chun feidhme na Treorach seo a chur ar iontaoibh na gcomhpháirtithe sóisialta go comhpháirteach, i gcásanna ina niarrann na comhpháirtithe sóisialta é sin a dhéanamh agus fad is go ndéanann na Ballstáit gach beart is gá chun a áirithiú gur féidir leo na torthaí arna lorg faoin Treoir seo a ráthú i gcónaí.

(39)I bhfianaise na nathruithe substaintiúla a thugtar isteach leis an Treoir seo ar leibhéal cuspóra, raon feidhme agus ábhair, níl sé iomchuí Treoir 91/533/CEE a leasú. Ba cheart, dá bhrí sin, Treoir 91/533/CEE a aisghairm.

(40)I gcomhréir le Dearbhú Comhpháirteach Polaitiúil an 28 Meán Fómhair 2011 ó na Ballstáit agus ón gCoimisiún maidir le doiciméid mhíniúcháin 42 , ghlac na Ballstáit mar chúram orthu féin, i gcásanna a bhfuil údar cuí leo, doiciméad amháin nó níos mó a chur leis an bhfógra maidir lena mbearta trasuite, ar doiciméid iad lena mínítear an gaol idir codanna de threoir agus páirteanna comhfhreagracha na nionstraimí náisiúnta trasuite. I ndáil leis an Treoir seo, measann an reachtóir go bhfuil údar leis na doiciméid sin a tharchur.

TAR ÉIS AN TREOIR SEO A GHLACADH:

Caibidil I

Forálacha ginearálta

Airteagal 1

Cuspóir, ábhar agus raon feidhme

1.Is é is cuspóir don Treoir seo dálaí oibre a fheabhsú trí fhostaíocht níos seasmhaí agus níos intuartha a chur chun cinn agus, ag an am céanna, inoiriúnaitheacht sa mhargadh saothair a áirithiú.

2.Leis an Treoir seo, leagtar síos na cearta íosta a bhaineann le gach oibrí san Aontas.

3.Féadfaidh na Ballstáit a chinneadh nach mbeidh feidhm ag na hoibleagáidí sa Treoir seo maidir le hoibrithe a bhfuil caidreamh fostaíochta acu atá cothrom le, nó níos lú ná, ocht nuaire an chloig ar an iomlán le linn tréimhse thagartha de mhí amháin. Agus an tréimhse ocht nuaire an chloig sin á ríomh, cuirfear san áireamh an tam a chaitear ag obair le gach fostóir ar cuid den fhiontar, den ghrúpa nó den eintiteas céanna é nó a bhaineann leis an bhfiontar, leis an ngrúpa nó leis an eintiteas céanna.

4.Ní bheidh mír 3 infheidhme maidir le caidreamh fostaíochta más rud é nach socraítear méid cinnte d’obair ar íocaíocht roimh ré sula gcuirfear tús leis an bhfostaíocht.

5.Féadfaidh na Ballstáit a chinneadh cé hiad na daoine atá freagrach as na hoibleagáidí a leagtar, leis an Treoir seo, ar fhostóirí a fheidhmiú ar choinníoll go gcomhlíonfar na hoibleagáidí sin ar fad. Féadfaidh siad a chinneadh freisin go sannfar na hoibleagáidí sin go léir, nó cuid díobh, do dhuine nádúrtha nó dlítheanach nach páirtí sa chaidreamh fostaíochta é. Tá an mhír seo gan dochar do Threoir 2008/104/CE.

6.Féadfaidh na Ballstáit a chinneadh nach mbeidh feidhm ag na hoibleagáidí a leagtar amach in Airteagal 10, Airteagal 11 agus Airteagal 14(a) maidir le daoine nádúrtha ar de theaghlach iad i gcás inar obair don teaghlach sin a dhéanfar.

7.Beidh Caibidil II den Treoir seo infheidhme maidir le maraithe agus iascairí, gan dochar do Threoir 2009/13/CE ón gComhairle agus Treoir (AE) 2017/159 ón gComhairle faoi seach.

Airteagal 2

Sainmhínithe

1.Chun críocha na Treorach seo, beidh feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:

(a)ciallaíonn “oibrí” duine nádúrtha a dhéanann seirbhísí a fheidhmiú ar feadh tréimhse áirithe ama le haghaidh, agus faoi stiúir, duine eile i gcomaoin luach saothair;

(b)ciallaíonn “fostóir” duine nádúrtha nó dlítheanach, nó daoine nádúrtha nó dlítheanacha, ar páirtí díreach nó neamhdhíreach, nó páirtithe díreacha nó neamhdhíreacha, é nó iad i gcaidreamh fostaíochta le hoibrí;

(c)ciallaíonn “caidreamh fostaíochta” an caidreamh oibre idir oibrithe agus fostóirí mar a shainmhínítear thuas;

(d)ciallaíonn “sceideal oibre” an sceideal lena socraítear na huaireanta agus na laethanta ar a gcuirfear tús agus deireadh le feidhmiú na hoibre;

(e)ciallaíonn “uaireanta agus laethanta tagartha” na sliotáin ama ar laethanta sonraithe ar féidir obair a dhéanamh lena linn má iarrann an fostóir amhlaidh.

2.Chun críche na Treorach seo, tá le “micrifhiontar”, “fiontar beag” agus “fiontar meánmhéide” an bhrí a shanntar dóibh sa Mholadh ón gCoimisiún an 6 Bealtaine 2003 maidir leis an sainmhíniú ar mhicrifhiontar, fiontar beag agus fiontar meánmhéide 43 nó in aon ghníomh eile a thiocfaidh in áit an Mholta sin.

Caibidil II

Faisnéis faoin gcaidreamh fostaíochta

Airteagal 3

Oibleagáid chun faisnéis a sholáthar

1.Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh sé de dhualgas ar fhostóirí oibrithe a chur ar an eolas faoi na gnéithe bunúsacha den chaidreamh fostaíochta.

2.Áireofar na nithe seo a leanas san fhaisnéis dá dtagraítear i mír 1:

(a)céannachtaí na bpáirtithe sa chaidreamh fostaíochta;

(b)an tionad oibre; i gcás nach bhfuil aon ionad seasta oibre nó príomhionad oibre ann, an prionsabal go bhfuil an toibrí fostaithe in ionaid éagsúla nó go bhfuil an tsaoirse ag an oibrí a ionad oibre féin, agus an oifig chláraithe nó, i gcás inarb iomchuí, áit chónaithe an fhostóra, a chinneadh;

(c)(i) teideal, grád, cineál nó catagóir na hoibre ar lena haghaidh atá an toibrí fostaithe; nó    

(ii) míniú aicearrach ar na sonraí oibre nó tuairisc ghairid ar an obair;

(d)dáta tosaithe an chaidrimh fostaíochta;

(e)i gcás caidreamh fostaíochta sealadaí, dáta deiridh an chaidrimh fostaíochta sin nó an fad a mheastar a mhairfidh sé;

(f)fad agus coinníollacha na tréimhse promhaidh, más ann di;

(g)aon teidlíocht oiliúna a sholáthróidh an fostóir;

(h)an méid saoire íoctha a mbeidh an toibrí ina teideal nó, i gcás nach féidir sin a chur in iúl tráth a thugtar an fhaisnéis, na nósanna imeachta lena leithdháilfear agus lena gcinnfear an tsaoire sin;

(i)an nós imeachta, lena náirítear fad na tréimhse fógra, atá le comhlíonadh ag an bhfostóir agus ag an oibrí má thagann deireadh lena gcaidreamh fostaíochta nó, i gcás nach féidir fad na tréimhse fógra a chur in iúl tráth a thugtar an fhaisnéis, an modh lena gcinnfear an tréimhse fógra sin;

(j)an bunphá tosaigh, aon chomh-eilimintí eile, minicíocht agus modh íocaíochta an luacha saothair a mbeidh an toibrí ina theideal;

(k)i gcás nach sceideal oibre athraitheach é, ina iomláine nó den chuid is mó, fad ghnáthlá oibre nó ghnáthsheachtain oibre an oibrí agus aon socruithe maidir le ragobair agus an luach saothair i leith na ragoibre sin;

(l)i gcás inar sceideal oibre athraitheach é, ina iomláine nó den chuid is mó, an prionsabal gur sceideal oibre athraitheach é, líon na nuaireanta íoctha a chinnteofar, an luach saothair i leith na hoibre a dhéanfar anuas ar na huaireanta cinnte, agus i gcás inarb é an fostóir a chinnfidh an sceideal oibre ina iomláine nó den chuid is mó:

(i)na huaireanta agus na laethanta tagartha ar lena linn a d’fhéadfaí a cheangal ar an oibrí obair a dhéanamh;

(ii)an réamhfhógra íosta a thabharfar don oibrí roimh thús sannacháin oibre;

(m)aon chomhaontuithe comhchoiteanna lena rialófar dálaí oibre an oibrí; i gcás comhaontuithe comhchoiteanna a thabharfaidh comhlachtaí nó institiúidí comhpháirteacha speisialta lasmuigh den ghnólacht i gcrích, ainm an chomhlachta inniúil nó ainm na hinstitiúide comhpháirtí ar laistigh díobh a rinneadh na comhaontuithe;

(n)an institiúid slándála sóisialta nó na hinstitiúidí slándála sóisialta dá dtugtar na ranníocaíochtaí sóisialta atá nasctha leis an gcaidreamh fostaíochta agus aon chosaint a bhaineann le slándáil shóisialta atá á gcur ar fáil ag an bhfostóir.

3.Féadfar, i gcás inarb iomchuí, an fhaisnéis dá dtagraítear i mír 2(f) go (k) agus (n) a thabhairt mar thagairt d’fhorálacha reachtaíochta, rialúcháin, riaracháin nó reachtúla nó do chomhaontuithe comhchoiteanna lena rialaítear na pointí áirithe sin.

Airteagal 4

Uainiú agus modhanna faisnéise

1.Déanfar an fhaisnéis dá dtagraítear in Airteagal 3(2) a sholáthar i bhfoirm doiciméid don oibrí féin ar an gcéad lá den chaidreamh fostaíochta ar a dhéanaí. Féadfar an doiciméad sin a sholáthar agus a chur ar aghaidh go leictreonach fad agus is féidir leis an oibrí teacht air go héasca agus fad agus is féidir an doiciméad a stóráil agus a phriontáil.

2.Forbróidh na Ballstáit teimpléid agus samhlacha maidir leis an doiciméad dá dtagraítear i mír 1 agus cuirfidh siad ar fáil iad d’oibrithe agus d’fhostóirí, lena náirítear trína gcur ar fáil ar shuíomh gréasáin oifigiúil náisiúnta amháin agus ar mhodhanna oiriúnacha eile.

3.Áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfar an fhaisnéis maidir leis na forálacha reachtaíochta, rialúcháin, riaracháin nó reachtúla, nó leis na comhaontuithe comhchoiteanna lena rialaítear an creat dlíthiúil is infheidhme atá le cur in iúl ag fostóirí, a chur ar fáil saor in aisce don phobal i gcoitinne ar mhodh atá soiléir, trédhearcach agus cuimsitheach agus atá inrochtana go cianda agus go leictreonach, lena náirítear trí thairseacha ar líne atá ann cheana do shaoránaigh agus gnólachtaí an Aontais.

Airteagal 5

Modhnú ar an caidreamh fostaíochta

I gcás aon athrú ar na gnéithe den chaidreamh fostaíochta dá dtagraítear in Airteagal 3(2) agus ar an bhfaisnéis bhreise dá dtagraítear in Airteagal 6 d’oibrithe a phostófar nó a chuirfear chuig an gcoigríoch, áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfar, a luaithe is féidir agus an lá a bheidh éifeacht aige ar a dhéanaí, an fhaisnéis sin a chur ar fáil i bhfoirm doiciméid ón bhfostóir chuig an oibrí.

Airteagal 6

Faisnéis bhreise d’oibrithe a phostaítear nó a chuirtear chuig an gcoigríoch

1.I gcás ina gceanglófar ar oibrí obair a dhéanamh i mBallstát nó i dtríú tír nach é an Ballstát é ina mbíonn sé ag obair de ghnáth, áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfar an doiciméad dá dtagraítear in Airteagal 4(1) a chur ar fáil roimh an dáta imeachta agus go gcuimseofar ann, ar a laghad, an fhaisnéis seo a leanas:

(a)an tír nó na tíortha ina ndéanfar an obair ar an gcoigríoch agus an fad a mhairfidh an obair sin;

(b)an tairgeadra a úsáidfear chun an luach saothair a íoc;

(c)i gcás inarb infheidhme, na sochair in airgead agus na sochair chomhchineáil a ghabhann leis an sannachán oibre nó na sannacháin oibre, lena náirítear i gcás oibrithe ar postú atá cumhdaithe le Treoir 96/71/CE aon liúntais a bhaineann go sonrach le postú agus aon socruithe chun caiteachas ar thaisteal, cothú agus lóistín a chúiteamh;

(d)i gcás inarb infheidhme, na coinníollacha lena rialaítear aisdúichiú an oibrí.

2.Lena chois sin, i gcás inar oibrí ar postú atá cumhdaithe le Treoir 96/71/CE an toibrí a chuirfear chuig an gcoigríoch, cuirfear ar an eolas é i leith na nithe seo a leanas:

(a)an luach saothair a mbeidh an toibrí ina theideal i gcomhréir leis an dlí is infheidhme de chuid an Bhallstáit óstaigh;

(b)an nasc chuig an suíomh gréasáin oifigiúil náisiúnta nó na suíomhanna gréasáin oifigiúla náisiúnta arna fhorbairt nó arna bhforbairt ag an mBallstát óstach nó ag na Ballstáit óstacha de bhun Airteagal 5(2) de Threoir 2014/67/AE.

3.Féadfar, i gcás inarb iomchuí, an fhaisnéis dá dtagraítear i mír 1(b) agus mír 2(a) a thabhairt mar thagairt d’fhorálacha reachtaíochta, rialúcháin, riaracháin nó reachtúla nó do chomhaontuithe comhchoiteanna lena rialaítear na pointí áirithe sin.

4.Mura ndéanann na Ballstáit a mhalairt a fhoráil, ní bheidh feidhm ag mír 1 ná mír 2 i gcás inar ceithre seachtaine as a chéile, nó níos lú ná sin, fad gach tréimhse oibre lasmuigh den Bhallstát ar lena linn a oibríonn an toibrí de ghnáth.

Caibidil III

Ceanglais íosta maidir le dálaí oibre

Airteagal 7

Fad uasta aon tréimhse promhaidh

1.I gcás ina mbeidh caidreamh fostaíochta faoi réir tréimhse phromhaidh, áiritheoidh na Ballstáit nach rachaidh an tréimhse sin thar shé mhí, lena náirítear aon síneadh ama.

2.Féadfaidh na Ballstáit foráil a dhéanamh maidir le tréimhsí promhaidh níos faide i gcás ina mbeidh údar leis i ngeall ar an gcineál fostaíochta atá ann nó i gcás ina rachaidh sé chun sochair an oibrí.

Airteagal 8

Fostaíocht chomhuaineach

1.Áiritheoidh na Ballstáit nach gcuirfidh fostóir cosc ar oibrithe fostaíocht a ghlacadh le fostóirí eile, lasmuigh den sceideal oibre atá curtha ar bun ag an bhfostóir sin.

2.Mar sin féin, féadfaidh fostóirí coinníollacha neamh-chomhoiriúnachta a leagan síos i gcás ina mbeidh údar leis na srianta sin ar chúiseanna dlisteanacha, amhail rúin ghnó a chosaint nó coinbhleachtaí leasa a sheachaint.

Airteagal 9

Intuarthacht íosta oibre

I gcás inar sceideal oibre athraitheach, ina iomláine nó den chuid is mó, atá ag an oibrí nó gurb é an fostóir a chinnfidh an sceideal oibre sin ina iomláine nó den chuid is mó, áiritheoidh na Ballstáit nach bhféadfaidh an fostóir a cheangal ar an oibrí obair a dhéanamh ach sna cásanna seo a leanas:

(a)i gcás ina dtarlóidh an obair laistigh d’uaireanta tagartha agus laethanta tagartha réamhshocraithe, arna leagan síos i scríbhinn ag tús an chaidrimh fostaíochta, i gcomhréir le hAirteagal 3(2)(l)(i), agus

(b)i gcás ina gcuirfidh an fostóir an toibrí ar an eolas faoin sannachán oibre laistigh de thréimhse réasúnach roimh ré, i gcomhréir le hAirteagal 3(2)(l)(ii).

Airteagal 10

Aistriú chuig cineál eile fostaíochta

1.Áiritheoidh na Ballstáit go bhféadfaidh oibrithe a bhfuil ar a laghad sé mhí sinsearachta acu leis an bhfostóir céanna cineál fostaíochta a iarraidh a bhfuil dálaí oibre níos seasmhaí agus níos intuartha ag dul leis, más ann don fhostaíocht sin.

2.Cuirfidh an fostóir freagra i scríbhinn ar fáil laistigh de mhí amháin tar éis an iarraidh a fháil. Maidir le daoine nádúrtha atá ag feidhmiú mar fhostóirí, agus micrifhiontair, fiontair bheaga nó fiontair mheánmhéide, féadfaidh na Ballstáit foráil a dhéanamh go gcuirfear síneadh nach mó ná trí mhí leis an spriocdháta sin agus go bhféadfar freagra ó bhéal a thabhairt ar iarraidh chosúil a fuarthas ón oibrí céanna ina dhiaidh sin i gcás nach bhfuil aon athrú ann ar an údar leis an bhfreagra sin maidir le cás an oibrí.

Airteagal 11

Oiliúint

I gcás ina gceanglófar ar fhostóirí le reachtaíocht an Aontais nó le reachtaíocht náisiúnta nó le comhaontuithe comhchoiteanna oiliúint a chur ar fáil d’oibrithe le go bhféadfaidh siad an obair dár fostaíodh iad a dhéanamh, áiritheoidh na Ballstáit go gcuirfear an oiliúint sin ar fáil don oibrí saor in aisce.

Caibidil IV

Comhaontuithe comhchoiteanna

Airteagal 12

Comhaontuithe comhchoiteanna

I gcomhréir leis an dlí nó leis an gcleachtas náisiúnta, féadfaidh na Ballstáit cead a thabhairt do chomhpháirtithe sóisialta comhaontuithe comhchoiteanna a thabhairt i gcrích, lena ndéanfar, chomh maith le hurraim á tabhairt do chosaint fhoriomlán oibrithe, socruithe a bhunú maidir le dálaí oibre oibrithe nuair nach ionann iad agus na dálaí sin dá dtagraítear in Airteagal 7 go hAirteagal 11.

Caibidil V

Forálacha cothrománacha

Airteagal 13

Comhlíontacht

Más rud é go bhfuil forálacha a sháraíonn an Treoir seo i gcomhaontuithe aonair nó i gcomhaontuithe comhchoiteanna, i rialacha inmheánacha gnóthas, nó in aon socruithe eile, déanfaidh na Ballstáit na bearta is gá chun a áirithiú go ndearbhófar go bhfuil siad ar neamhní nó go leasófar iad chun go mbeidh siad ag teacht le forálacha na Treorach seo.

Airteagal 14

Toimhde dhlíthiúil agus sásra luathréitigh díospóidí

I gcás nach bhfuair oibrí gach doicméad, nó ceann de na doiciméid, dá dtagraítear in Airteagal 4(1), Airteagal 5 agus Airteagal 6, in am trátha agus nár éirigh leis an bhfostóir an fhaillí sin a leigheas laistigh de 15 lá tar éis fógra a fháil ina leith, áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh feidhm ag ceann de na córais seo a leanas:

(a)rachaidh toimhdí fabhracha, arna sainiú ag an mBallstát, chun sochair don oibrí. I gcás nach bhfuil an fhaisnéis dá dtagraítear i bpointí (e), (f), (k) nó (l) d’Airteagal 3(2) san fhaisnéis a cuireadh ar fáil, áireofar sna toimhdí fabhracha toimhde go bhfuil caidreamh fostaíochta ag an oibrí nach bhfuil dáta deiridh luaite leis, toimhde nach bhfuil aon tréimhse phromhaidh ann nó toimhde go bhfuil post lánaimseartha ag an oibrí. Beidh an deis ag fostóirí na toimhdí a bhréagnú; nó

(b)beidh an deis ag an oibrí gearán a chur faoi bhráid údarás inniúil in am trátha. I gcás ina gcinnfidh an túdarás inniúil go bhfuil údar leis an ngearán, ordóidh sé don fhostóir nó do na fostóirí an fhaisnéis atá in easnamh a chur ar fáil. I gcás nach gcuirfidh an fostóir an fhaisnéis atá in easnamh ar fáil laistigh de 15 lá tar éis dó an tordú a fháil, beidh an túdarás in ann pionós riaracháin iomchuí a fhorchur, fiú má tá deireadh tagtha leis an gcaidreamh fostaíochta. Ina theannta sin, beidh an deis ag fostóirí achomharc riaracháin a thaisceadh i gcoinne an chinnidh lena bhforchuirtear an pionós. Féadfaidh na Ballstáit comhlachtaí atá ann cheana a ainmniú mar údaráis inniúla.

Airteagal 15

An ceart chun sásaimh

Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh rochtain ag oibrithe, lena náirítear na hoibrithe sin a bhfuil deireadh tagtha lena gcaidreamh fostaíochta, ar phróiseas réitigh díospóidí éifeachtach neamhchlaonta agus ar cheart chun sásaimh, agus cúiteamh leordhóthanach san áireamh, i gcás sáruithe ar a gcearta de dhroim na Treorach seo.

Airteagal 16

Cosaint ar chóir dhíobhálach nó ar iarmhairtí díobhálacha

Tabharfaidh na Ballstáit na bearta is gá isteach chun oibrithe, lena náirítear oibrithe ar ionadaithe iad ar son na bhfostaithe, a chosaint ar aon chóir dhíobhálach a dhéanann fostóir nó ar iarmhairtí díobhálacha mar thoradh ar ghearán a cuireadh faoi bhráid an fhostóra nó aon imeachtaí dlíthiúla ar cuireadh tús leo chun comhlíonadh na gceart dá bhforáiltear sa Treoir seo a fhorfheidhmiú.

Airteagal 17

Cosaint ar dhífhostú agus dualgas cruthúnais

1.Déanfaidh na Ballstáit na bearta is gá chun cosc a chur ar dhífhostú oibrithe, nó a chomhionann, agus gach ullmhúchán chun oibrithe a dhífhostú, ar an bhforas go ndearna siad na cearta dá bhforáiltear sa Treoir seo a fheidhmiú.

2.Oibrithe a mheasann gur dífhostaíodh iad, nó go raibh siad faoi réir bearta a raibh an éifeacht chéanna leo, féadfaidh siad, ar an bhforas go ndearna siad na cearta dá bhforáiltear sa Treoir seo a fheidhmiú, iarraidh ar an bhfostóir foras cuíréasúnaithe leis an dífhostú, nó a chomhionann, a sholáthar. Déanfaidh an fostóir an foras sin a sholáthar i scríbhinn.

3.Má dhéanann na hoibrithe dá dtagraítear i mír 2 fíricí as ar féidir a thoimhdiú go raibh dífhostú den chineál sin, nó a chomhionann, ann, a shuí os comhair cúirte nó údarás inniúil eile, déanfaidh na Ballstáit na bearta is gá chun a áirithiú go mbeidh sé faoin bhfreagróir a chruthú go raibh foras leis an dífhostú nárbh aon fhoras díobh sin dá dtagraítear i mír 1 é.

4.Ní chuirfidh mír 3 cosc ar na Ballstáit rialacha fianaise a thabhairt isteach atá níos fabhraí do ghearánaithe.

5.Ní gá do na Ballstáit mír 3 a chur i bhfeidhm maidir le himeachtaí ina bhfuil sé faoin gcúirt nó faoin gcomhlacht inniúil fíorais an cháis a imscrúdú.

6.Ní bheidh feidhm ag mír 3 maidir le nósanna imeachta coiriúla, mura bhforáiltear a mhalairt sna Ballstáit.

Airteagal 18

Pionóis

Leagfaidh na Ballstáit síos na rialacha maidir leis na pionóis is infheidhme i leith sáruithe ar na forálacha náisiúnta arna nglacadh de bhun na Treorach seo nó na forálacha ábhartha atá i bhfeidhm cheana maidir leis na cearta atá faoi chuimsiú raon feidhme na Treorach seo. Déanfaidh na Ballstáit na bearta uile is gá chun a áirithiú go gcuirfear na pionóis sin i bhfeidhm. Beidh na pionóis éifeachtach, comhréireach agus athchomhairleach. Féadfaidh fíneáil a bheith i gceist. Féadfaidh freisin go mbeidh íocaíocht cúitimh ann.

Caibidil VI

Forálacha críochnaitheacha

Airteagal 19

Forálacha níos fabhraí

1.Ní bheidh foras bailí sa Treoir seo chun an leibhéal ginearálta cosanta a thugtar cheana féin d’oibrithe laistigh de na Ballstáit a laghdú.

2.Ní dhéanfaidh an Treoir seo difear do shaincheart na mBallstát forálacha reachtaíochta, rialúcháin nó riaracháin atá níos fabhraí d’oibrithe a chur i bhfeidhm nó a thabhairt isteach, nó é a spreagadh nó a cheadú comhaontuithe comhchoiteanna atá níos fabhraí d’oibrithe a chur i bhfeidhm.

3.Ní dochar an Treoir seo d’aon chearta eile a thugtar d’oibrithe trí ghníomhartha eile dlí de chuid an Aontais.

Airteagal 20

Cur chun feidhme

1.Glacfaidh agus foilseoidh na Ballstáit na forálacha reachtaíochta, rialúcháin agus riaracháin is gá chun an Treoir seo a chomhlíonadh faoin [dáta a thiocfaidh an Treoir seo i bhfeidhm + 2 bhliain], nó áiritheoidh siad go dtabharfaidh na comhpháirtithe sóisialta na forálacha is gá isteach trí bhíthin comhaontú, agus é a bheith d’oibleagáid ar na Ballstáit na bearta is gá a dhéanamh chun gur féidir leo na torthaí arna bhforchur leis an Treoir seo a áirithiú i gcónaí.

Cuirfidh siad an Coimisiúin ar an eolas faoi sin láithreach.

2.Nuair a ghlacfaidh na Ballstáit na forálacha sin, beidh tagairt iontu don Treoir seo nó beidh tagairt den sórt sin ag gabháil leo tráth a bhfoilsithe oifigiúil. Leagfaidh na Ballstáit síos na modhanna a ndéanfar tagairtí den sórt sin.

Airteagal 21

Socruithe idirthréimhseacha

Beidh feidhm ag na cearta agus na hoibleagáidí a leagtar amach sa Treoir seo maidir le haon chaidreamh fostaíochta a bhí ann cheana ar an [dáta a thiocfaidh an Treoir seo i bhfeidhm + 2 bhliain]. Mar sin féin, soláthróidh nó comhlánóidh fostóirí na doiciméid dá dtagraítear in Airteagal 4(1), Airteagal 5 agus Airteagal 6 ar iarraidh a fháil ó oibrí. I gcás nach ndéanfar iarraidh den sórt sin, ní fhágfaidh sin go ndéanfar oibrithe a eisiamh ó na cearta íosta a bhunaítear faoin Treoir seo.

Airteagal 22

Athbhreithniú ag an gCoimisiún

Agus an tionchar ar fhiontair bheaga agus mheánmhéide á chur san áireamh, déanfaidh an Coimisiún, faoin [dáta a thiocfaidh an Treoir seo i bhfeidhm + 8 mbliana], i gcomhairle leis na Ballstáit agus na comhpháirtithe sóisialta ar leibhéal an Aontais, cur i bhfeidhm na Treorach seo a athbhreithniú d’fhonn na leasuithe is gá, i gcás inarb iomchuí, a mholadh.

Airteagal 23

Aisghairm

Déanfar Treoir 91/533/CEE a aisghairm le héifeacht ón [dáta a thiocfaidh an Treoir seo i bhfeidhm + 2 bhliain]. Déanfar aon tagairtí don Treoir aisghairthe a fhorléiriú mar thagairtí don Treoir seo.

Airteagal 24

Teacht i bhfeidhm

Tiocfaidh an Treoir seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Airteagal 25

Seolaithe

Dírítear an Treoir seo chuig na Ballstáit.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil,

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa    Thar ceann na Comhairle

(1)    Le hobair neamhchaighdeánach, cuimsítear obair pháirtaimseartha bhuan chomh maith le hobair lánaimseartha agus pháirtaimseartha shealadach.
(2)    Study to support Impact Assessment on the Review of the Written Statement Directive” [Staidéar chun tacú leis an measúnú tionchair i ndáil leis an athbhreithniú ar an Treoir maidir le Dearbhú i Scríbhinn] ón Lárionad maidir le seirbhísí straitéise agus meastóireachta agus ón Institiúid maidir leis an mbeartas poiblí agus bainistíocht.
(3)    Suirbhé an Aontais Eorpaigh ar an lucht saothair (AE-28, 2016)
(4)    Teachtaireacht ón gCoimisiún A European Agenda for the Collaborative Economy [Clár oibre Eorpach maidir leis an ngeilleagar comhoibríoch] COM(2016)356 final.
(5)     http://data.consilium.europa.eu/doc/document/ST-13129-2017-INIT/en/pdf
(6)    Prionsabal 7 “Tá an ceart ag oibrithe eolas a fháil i scríbhinn ag tús na tréimhse fostaíochta faoi na cearta atá acu agus faoi na hoibleagáidí atá orthu de thoradh an chaidrimh fostaíochta, lena n-áirítear sa tréimhse phromhaidh...”
(7)    REFIT Evaluation of the “Written Statement Directive” (Directive 91/533/EEC) [An mheastóireacht REFIT ar an “Treoir maidir le Dearbhú i Scríbhinn” (Treoir 91/533/CEE)], SWD(2017)205 final.
(8)    Report of the public consultation, accompanying the document Communication from the Commission to the European Parliament, the Council, the European Economic and Social Committee and the Committee of the Regions – Establishing a European Pillar of Social Rights [Tuarascáil ar an gcomhairliúchán poiblí, a ghabhann leis an Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún lena mbunaítear Colún Eorpach na gCeart Sóisialta], SWD(2017)206 final.
(9)    Rún ó Pharlaimint na hEorpa an 19 Eanáir 2017 maidir le Colún Eorpach na gCeart Sóisialta.
(10)    Rún ó Pharlaimint na hEorpa an 4 Iúil 2017 maidir le dálaí oibre agus fostaíocht fhorbhásach.
(11)    Tuairim SOC/542 ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa an 25 Eanáir 2017. Tuairim ó Choiste na Réigiún maidir le Colún Eorpach na gCeart Sóisialta an 11 Deireadh Fómhair 2017.
(12)    C(2017)2611 final agus C(2017)6121 final.
(13)    Treoir 2006/54/CE (maidir le cur chun feidhme phrionsabal an chomhionannais deiseanna agus na córa comhionainne idir fir agus mná i gcúrsaí fostaíochta agus slí beatha (athmhúnlú)), Treoir 2000/43/CE (lena gcuirtear chun feidhme prionsabal na córa comhionainne idir daoine beag beann ar bhunadh ciníoch nó ar thionscnamh eitneach), agus Treoir 2000/78/CE (lena mbunaítear creat ginearálta le haghaidh na córa comhionainne san fhostaíocht agus sa tslí bheatha).
(14)    Treoir 97/81/CE ón gComhairle (obair pháirtaimseartha), Treoir 1999/70/CE ón gComhairle (obair ar théarma seasta), Treoir 2008/104/CE (obair shealadach ghníomhaireachta).
(15)    COM(2017)563 final.
(16)    Suirbhé an Aontais Eorpaigh ar an lucht saothair (AE-28, 2016)
(17)    SWD(2017)205 final.
(18)    Féach Teachtaireacht seolta COM(2016)127 final agus an Tuarascáil ar an gcomhairliúchán poiblí a leagtar amach ar leathanaigh 18-21 de SWD(2017)206 final.
(19)    Parlaimint na hEorpa, Roinn Beartais A, (2016) Precarious Employment: 
Patterns, Trends and Policy Strategies in Europe[An Fhostaíocht Fhorbhásach: Patrúin, Treochtaí agus Straitéisí Beartais san Eoraip].
(20)    Eurofound (2015), New forms of employment[Cineálacha nua fostaíochta], Oifig Foilseachán an Aontais Eorpaigh, Lucsamburg; Eurofound (2017), Aspects of non-standard employment in Europe[Gnéithe den fhostaíocht neamhchaighdeánach san Eoraip], Eurofound, Baile Átha Cliath
(21)    Non-standard employment around the world: Understanding challenges, shaping prospects [An fhostaíocht neamhchaighdeánach ar fud an domhain: Dúshláin a thuiscint, ionchais a mhúnlú], an Oifig Idirnáisiúnta Saothair – an Ghinéiv: an Oifig Idirnáisiúnta Saothair. 2016.
(22)    OECD Employment Outlook 2014, "Non-regular employment, job security and labour market divide".[Ionchas Fostaíochta OECD 2014, "An fhostaíocht neamhrialta, seasmhacht post agus an roinnt sa mhargadh saothair".] 
(23)    Féach Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Measúnú Tionchair.
(24)    Cé gur ó fhoinsí sonraí inchomparáide (Eurostat, OECD) a tógadh formhór na gcroítháscairí, féadfar faisnéis a thógáil ó shonraí náisiúnta i gcás nach ann d’aon táscairí. Is féidir an liosta mionsonraithe táscairí a fháil sa Mheasúnú Tionchair.
(25)    SWD(2017)205 final, leathanach 25.
(26)    SWD(2017)205 final, leathanaigh 21, 25 agus fonóta 50.
(27)    Féach freisin Teachtaireacht ón gCoimisiún, A European Agenda for the Collaborative Economy[Clár oibre Eorpach maidir leis an ngeilleagar comhoibríoch], COM(2016)356 final, Roinn 2.4.
(28)    SWD(2017)205 final, leathanach 24.
(29)    SWD(2017)205 final, leathanach 29.
(30)    SWD(2017)205 final, leathanach 26.
(31)    IO C , , lch. .
(32)    IO C , , lch. .
(33)    Treoir 91/533/CE ón gComhairle an 14 Deireadh Fómhair 1991 maidir le hoibleagáid ar fhostóir a chuid fostaithe a chur ar an eolas faoi na coinníollacha is infheidhme maidir leis an gconradh nó leis an gcaidreamh fostaíochta (IO L 288, 18.10.1991, lch 32).
(34)    Breithiúnais an 3 Iúil 1986, Deborah Lawrie-Blum, Cás 66/85; an 14 Deireadh Fómhair 2010, Union Syndicale Solidaires Isère, Cás C-428/09; an 9 Iúil 2015, Balkaya, Cás C-229/14; an 4 Nollaig 2014, FNV Kunsten, Cás C-413/13; agus an 17 Samhain 2016, Ruhrlandklinik, Cás C-216/15.
(35)    Treoir 2003/88/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 4 Samhain 2003 maidir le gnéithe áirithe d'eagrú ama oibre, (IO L 299, 18.11.2003, lch. 9).
(36)    Treoir 98/49/CE ón gComhairle an 29 Meitheamh 1998 maidir le cearta pinsin fhorlíontaigh a chosaint do dhaoine fostaithe agus do dhaoine féinfhostaithe a bheidh ag gluaiseacht laistigh den Chomhphobal (IO L 209, 25.7.1998, lch. 46).
(37)    Treoir 2014/50/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Aibreán 2014 maidir le ceanglais íosta i leith soghluaisteacht oibrithe idir Ballstáit a fheabhsú trí fháil agus coimeád ceart pinsin fhorlíontaigh a fheabhsú, (IO L 128, 30.4.2014, lch. 1).
(38)    Treoir 96/71/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Nollaig 1996 maidir le hoibrithe a phostú faoi chuimsiú soláthar seirbhísí (IO L 18, 21.1.1997, lch. 1).
(39)    Treoir 2003/88/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 4 Samhain 2003 maidir le gnéithe áirithe d'eagrú ama oibre, (IO L 299, 18.11.2003, lch. 9).
(40)    Treoir 2002/15/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Márta 2002 maidir le heagrú ama oibre daoine atá i mbun gníomhaíochtaí soghluaiste iompair de bhóthar (IO L 80, 23.3.2002, lch. 35).
(41)    SWD(2017)205 final, lch 26.
(42)    IO C 369, 17.12.2011, lch. 14.
(43)    IO L 124/36, 20.5 2003.