An Bhruiséil,27.9.2017

COM(2017) 571 final

2017/0245(COD)

Togra le haghaidh

RIALACHÁN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

lena leasaítear Rialachán (AE) 2016/399 maidir leis na rialacha is infheidhme maidir le rialú teorann ag teorainneacha inmheánacha a athbhunú ar bhonn sealadach


MEABHRÁN MÍNIÚCHÁIN

1.COMHTHÉACS AN TOGRA

Forais agus cuspóirí an togra

Le dhá bhliain anuas tá méadú nach beag tagtha ar athbhunú ar bhonn sealadach rialaithe teorann ag teorainneacha inmheánacha san Aontas Eorpach. Ó Mheán Fómhair 2015 i leith rinneadh rialuithe teorann a athbhunú agus a shíneadh beagnach 50 uair (36 huaire 1 a athbhunaíodh rialuithe teorainn le linn na tréimhse 2006–2015). Ba é ba chúis leis sin gluaiseachtaí tánaisteacha na n-imirceach neamhrialta agus an méadú atá tagtha ar bhagairtí sceimhlitheoireachta trasteorann, ar bagairtí tromchúiseacha iad ar an tslándáil inmheánach nó ar an mbeartas poiblí i Stáit Schengen áirithe. De thoradh na mbagairtí tromchúiseacha sin bhí ar Bhallstáit áirithe síneadh a chur roinnt uaireanta leis an rialú teorann athbhunaithe, in amanna go dtí go raibh na tréimhsí a bhí i bhfeidhm go dleathach istigh.

Chomh luath le Bealtaine 2017, d'aithin an Coimisiún go raibh dúshláin slándála nua tagtha chun cinn le blianta beaga anuas, agus is léir ón líon mór ionsaithe sceimhlitheoireachta a rinneadh le déanaí gur fíor sin. Chuige sin, cé gur leor, go dtí seo, an creat dlíthiúil atá i bhfeidhm faoi láthair chun aghaidh a thabhairt ar na dúshláin, chuir an Coimisiún tús le plé faoin gcreat sin a bheith oiriúnach a dhóthain chun aghaidh a thabhairt ar na dúshláin slándála atá ag teacht chun cinn.

Ar bhonn na rialacha maidir le limistéar Schengen atá i bhfeidhm faoi láthair, is féidir rialuithe teorann ag teorainneacha inmheánacha a bheith i bhfeidhm ar feadh tréimhse is faide ná sé mhí i gcás ina bhfuil easnaimh thromchúiseacha i mbainistiú teorainn seachtraí Ballstáit, arna léiriú le meastóireacht Schengen, a chuireann feidhmiú foriomlán an limistéir gan rialú ag teorainneacha inmheánacha i mbaol, nó mar thoradh ar neamh-chomhlíonadh Ballstáit le cinneadh ón gComhairle ina sainaithnítear bearta chun na rioscaí a mhaolú i rialú na dteorainneacha seachtracha a chuireann feidhmiú limistéar Schengen i mbaol (Airteagal 29 de nós imeachta Chód Teorainneacha Schengen, arna mhodhnú le Rialachán (AE) 2016/1624 an 14 Meán Fómhair 2016 maidir leis an nGarda Teorann agus Cósta Eorpach) 2 . Sna cásanna sin, is féidir leis an gComhairle, ar bhonn togra ón gCoimisiún, a mholadh do Bhallstát amháin nó níos mó cinneadh a dhéanamh rialú teorann a athbhunú ag gach cuid dá dteorainneacha inmheánacha nó ag codanna sonracha díobh, ar feadh tréimhse shonrach nach faide ná sé mhí, tréimhse is féidir a athnuachan trí huaire 3 .

I gcás nach mbaineann an baol tromchúiseach don bheartas poiblí nó don tslándáil inmheánach leis na heasnaimh i mbainistiú teorainneacha seachtracha a léiríodh le meastóireacht Schengen, beidh athbhunú rialú teorann ag teorainneacha inmheánacha faoi réir na gcoinníollacha agus na dteorainneacha ama a leagtar amach in Airteagal 25 go hAirteagal 28 de Chód Teorainneacha Schengen. Dá réir sin, is féidir rialú teorann ag teorainneacha inmheánacha a dhéanamh ar feadh tréimhse suas le sé mhí – i gcás imeachtaí intuartha amhail imeachtaí idirnáisiúnta spóirt nó imeachtaí polaitiúla (Airteagal 25) – nó ar feadh tréimhse suas le dhá mhí – i gcásanna ina bhfuil beart láithreach ag teastáil (Airteagal 28). De réir léirmhíniú an Choimisiúin, is féidir tréimhsí an rialaithe teorann athbhunaithe faoi Airteagal 25 agus Airteagal 28 teacht ceann i ndiaidh a chéile Dá bhrí sin, maidir le cinntí i ndáil le rialú teorann a athbhunú ar fhoras éagsúil, scrúdaítear gach fógra ina cheann agus ina cheann agus ar a dtuillteanais féin agus de réir na sprioc-amanna is infheidhme maidir le gach cás ar leith.

Tríd is tríd, léiríonn athbhunú ar bhonn sealadach rialaithe teorann go gcuireann na Ballstáit an beart sin i bhfeidhm ar bhealach stuama 4 . Rinneadh ionsamhlú de limistéar áit nach mbeadh rialacha Schengen i bhfeidhm agus is léir air sin go mbeadh costas ann don gheilleagar mura mbeadh limistéar Schengen i bhfeidhm 5 .

Le dhá bhliain anuas, is léir nach leor an coigeartú atá déanta ar na rialacha agus nósanna imeachta maidir le síneadh a chur le rialú sealadach ag teorainneacha inmheánacha chun aghaidh a thabhairt ar an ardú atá tagtha ar bhaol don bheartas poiblí nó don tslándáil inmheánach. Ina theannta sin, na rialacha atá i bhfeidhm faoi láthair, ní chuireann siad chun cinn úsáid beart malartach chun dul i ngleic le le baol tromchúiseach ach an oiread. Ina theannta sin, is gá a áirithiú go bhfuil an Ballstát a bhfuil sé beartaithe aige rialuithe teorann a athbhunú nó a shíneadh ag comhoibriú lena Bhallstát comharsanachta. Ar deireadh, is gá léiriú níos soiléire a thabhairt sa chreat dlíthiúil maidir leis an oibleagáid atá ar na Ballstáit measúnú a dhéanamh, tamall maith sula ndéantar cinneadh maidir le rialú ag teorainneacha inmheánacha a athbhunú, an bhféadfadh na bearta malartacha atá ar fáil aghaidh a thabhairt ar an mbaol arna shainaithint, agus an chaoi a bhféadfaidís sin a dhéanamh, i gcomhréir leis an Moladh ón gCoimisiún an 12 Bealtaine 2017 maidir le seiceálacha póilíneachta comhréireacha agus comhar trasteorann i limistéar Schengen. Spreag na bearta sin, i measc bearta eile, na Ballstáit chun tosaíocht a thabhairt do sheiceálacha póilíneachta comhréireacha, thar rialú teorann a athbhunú ar bhonn sealadach i gcás baol tromchúiseach don bheartas poiblí nó don tslándáil inmheánach.

I bhfianaise an mhéid sin, chinn an Coimisiún gur gá nuashonrú a dhéanamh ar na rialacha maidir le rialú teorann ag teorainneacha inmheánacha a athbhunú ar bhonn sealadach.

I gcomhréir leis sin, is é cuspóir an togra seo:

a áirithiú go dtugann na teorainneacha ama is infheidhme maidir leis an rialú teorann sealadach ag teorainneacha inmheánacha caoi do na Ballstáit, nuair is gá, na bearta is gá a dhéanamh chun dul i ngleic leis an mbaol tromchúiseach don bheartas poiblí nó don tslándáil inmheánach;

cosaintí nós imeachta níos fearr a thabhairt isteach chun a áirithiú go ndéantar an cinneadh maidir le rialú teorann sealadach ag teorainneacha inmheánacha nó síneadh an rialaithe sin ar bhonn measúnú riosca ceart agus go ndéantar i gcomhar leis na Ballstáit eile lena mbaineann é;

Chuige sin, moltar an méid seo a leanas:

go gcuirfear síneadh leis an teorainn ama le haghaidh athbhunú ar bhonn sealadach rialaithe teorann ag teorainneacha inmheánacha atá leagtha síos i dtaca le ré intuartha an bhaoil thromchúisigh go dtí bliain amháin (in áit sé mhí) agus go méadófar fad thréimhsí an tsínidh ó 30 lá go dtí 6 mhí.

go ndéanfaidh na Ballstáit measúnú riosca a ullmhú agus a chur isteach ina measúnófar cá fhad a mheastar a mhairfidh an baol arna shainaithint agus cé na codanna de na teorainneacha inmheánacha a ndéanfar difear dóibh, agus ina léireofar gur rogha dheiridh é an síneadh ar an rialú teorann; má chuirtear síneadh níos mó ná sé mhí le rialuithe teorann, go míneoidh an Ballstát freisin ina dhiaidh sin an chaoi a raibh rialú teorann ina chuidiú chun aghaidh a thabhairt ar an mbaol arna shainaithint; chun cáilíocht na measúnuithe riosca sin a chinntiú, go dtabharfaidh an Coimisiún ról do na Gníomhaireachtaí ábhartha (an Garda Teorann agus Cósta Eorpach agus Europol).

go ndéanfar obair iardain níos fearr ar thuairim an Choimisiúin ina gcuirtear in iúl na hábhair imní i dtaca leis an ngá atá le rialuithe teorann, agus comhréireacht na rialuithe sin agus go gcuirfear i bhfeidhm nós imeachta comhairliúcháin a mbeidh an Coimisiún, na Ballstáit agus, mar a mholtar anois, na Gníomhaireachtaí ábhartha bainteach leis; áiritheofar sa nós imeachta comhairliúchán atá i bhfeidhm faoi láthair an gá atá le comhar leis na Ballstáit a ndéanfaidh na rialuithe teorann atá beartaithe difear dóibh.

go dtabharfar féidearthacht nua isteach chun síneadh dhá bhliain ar a laghad a chur leis na rialuithe ag teorainneacha inmheánacha i gcás ina mairfidh an baol tromchúiseach don bheartas poiblí nó don tslándáil inmheánach níos faide ná an sprioc-am, is é sin aon bhliain amháin, a bhí leagtha síos, ar choinníoll gur féidir an síneadh sin a lua leis an bhforas céanna (e.g. baol a bhaineann le hoibríocht gréasáin sceimhlitheoireachta trasteorann) agus go gcuirfear bearta eisceachtúla comhchuimseacha náisiúnta i bhfeidhm laistigh den chríoch chun aghaidh a thabhairt ar an mbaol (amhail an staid éigeandála).

I gcomhthéacs na leasuithe sin, soiléiríonn an togra freisin an fhoclaíocht lena gcinnfear an sprioc-am is infheidhme faoi Airteagal 29 de Chód Teorainneacha Schengen.

Ní dhéanann an togra seo aon athrú ar an bhforas atá le hathbhunú ar bhonn sealadach rialaithe teorann ag teorainneacha inmheánacha dá mbeartaítear i gCód Teorainneacha Schengen.

Comhsheasmhacht le forálacha beartais atá sa réimse beartais cheana

Déanann an togra seo modhnú ar na sprioc-amanna ginearálta maidir le hathbhunú ar bhonn sealadach rialaithe teorann ag teorainneacha inmheánacha arna leagan amach in Airteagal 25 iad, i gcás imeachtaí/baol intuartha go háirithe, ach caomhnaíonn sé an prionsabal atá ann faoi láthair maidir le rialú teorann a athbhunú ar bhonn sealadach agus na cosaintí is infheidhme maidir leo agus ar an gcaoi sin beidh ag an gCoimisiún, ar thaobh amháin, an chumhacht (agus an dualgas i gcásanna níos faide ná sé mhí) seasamh a ghlacadh maidir leis an ngá atá leis na seiceálacha atá beartaithe agus comhréireacht na seiceálacha sin agus, ar an taobh eile, an "nós imeachta comhairliúcháin" dá dtagraítear in Airteagal 27(5) de Chód Teorainneacha Schengen, rud a threiseofar le rannpháirtíocht na nGníomhaireachtaí ábhartha a bhfuil an saineolas acu an fhaisnéis arna soláthar ag an mBallstát lena mbaineann san fhógra agus sa mheasúnú riosca, an fhaisnéis sin a mheasúnú. Ina theannta sin, na critéir maidir le hathbhunú ar bhonn sealadach rialaithe teorann ag teorainneacha inmheánacha, a leagtar amach in Airteagal 26 de Chód Teorainneacha Schengen, leanfaidh d'fheidhm a bheith acu.

Cuireann an togra leis an bprionsabal nár cheart rialuithe ag teorainneacha inmheánacha a athbhunú ach mar rogha dheiridh. Faoi Airteagal 23 de Chód Teorainneacha Schengen, beidh na Ballstáit i dteideal go fóill seiceálacha póilíneachta a dhéanamh laistigh den chríoch, lena n-áirítear sna limistéir teorann, agus i gcásanna áirithe rogha mhalartach éifeachtúil a bheidh sa rogha sin in áit rialú teorann a athbhunú ar bhonn sealadach. Ba cheart go spreagfaí na Ballstáit le cuimhneamh ar bhearta malartacha a úsáid, amhail bearta treisithe póilíneachta, toisc go mbeidh ceanglas ann measúnú riosca a sholáthar chun a léiriú gur rogha dheiridh é an t-athbhunú nó an síneadh atá beartaithe ar rialuithe teorann. Chuige sin, tacóidh an togra a thuilleadh le cur chun feidhme an Mholta ón gCoimisiún maidir le seiceálacha póilíneachta comhréireacha laistigh den chríoch 6 , i gcás ina dtugann an Coimisiún tacaíocht ar leith do na Ballstáit i dtaca le tosaíocht a thabhairt do sheiceálacha póilíneachta, seachas rialuithe teorann ag teorainneacha inmheánacha a athbhunú ar bhonn sealadach.

Na hathruithe atá beartaithe, tá siad i gcomhréir le hAirteagal 72 CFAE ós rud é nach ndéanann siad difear d'fheidhmiú na bhfreagrachtaí atá ar na Ballstáit i dtaca le riail agus reacht a choimeád agus an tslándáil inmheánach a chosaint.

Is faoi Airteagal 29 de Chód Teorainneacha Schengen amháin is féidir rialuithe teorann ag teorainneacha inmheánacha a shíneadh go fóill i gcás easnaimh thromchúiseacha a bheith i mbainistiú na dteorainneacha seachtracha ag Ballstát, arna léiriú le meastóireacht Schengen. Cuireadh leis an bhféidearthacht sin le déanaí a bhuí le forálacha ábhartha atá sa Rialachán maidir leis an nGarda Teorann agus Cósta Eorpach. Faoin Rialachán sin, d'fhéadfadh údar a bheith le rialú teorann ag teorainneacha inmheánacha a athbhunú ar bhonn sealadach (Airteagal 19(10) de Chód Teorainneacha Schengen) i gcás nach ndéanann Ballstát obair iardain leordhóthanach i dtaca le measúnú leochaileachta diúltach nó i gcás nach n-iarann Ballstát tacaíocht leordhóthanach ón nGníomhaireacht Eorpach um an nGarda Teorann agus Cósta chun dul i ngleic leis an mbrú sonrach míréireach ag a theorainneacha seachtracha, rud a chuirfeadh feidhmiú limistéar Schengen i mbaol.

Comhsheasmhacht le beartais eile de chuid an Aontais

De bhun Airteagal 26 de Chód Teorainneacha Schengen, rud a bhfuil feidhm aige go fóill, ba cheart a chur san áireamh in aon chinneadh maidir le rialú ag teorainneacha inmheánacha a athbhunú nó a shíneadh ar bhonn sealadach, go háirithe, an tionchar a d'fhéadfadh a bheith ag an mbeart sin ar shaorghluaiseacht daoine laistigh den limistéar gan rialú ag teorainneacha inmheánacha. Sa chomhthéacs sin, ba cheart a chuimhneamh nach bhfuil i dTreoir 2004/38/CE 7 ceart chun bheith saor ó sheiceálacha slándála tráth atáthar ag trasnú na dteorainneacha áit a gcuirtear rialuithe i bhfeidhm i gcomhréir le Cód Teorainneacha Schengen. Dá bhrí sin, ní gá drochthionchar a bheith ar shaorghluaiseacht de bharr uastréimhse an rialaithe teorann ag teorainneacha inmheánacha a nuashonrú; ní chuirfí isteach ar shaorghluaiseacht ach amháin dá mbainfí mí-úsáid as an rogha sin.

Chun an riosca sin a mhaolú, moltar, sa bhreis ar an bhféidearthacht atá ann faoi láthair don Choimisiún ábhair imní a chur in iúl am ar bith maidir leis an ngá atá le rialuithe teorann nó comhréireacht na rialuithe sin (fad an athbhunaithe nó an tsínidh), go mbeidh oibleagáid ar an gCoimisiún tuairim a eisiúint gach uair a bhíonn rialuithe teorann i bhfeidhm níos faide ná sé mhí. Tá cosaint bhreise sa nós imeachta comhairliúcháin anois ar an ábhar gur cheart na Gníomhaireachtaí ábhartha a bheith san áireamh freisin. Rinneadh soiléiriú sa téacs atá beartaithe le bheith ina nós imeachta comhairliúcháin, rud a mbeadh an Coimisiún i gceannas air, go gcuirfear san áireamh go cuí dearcaí na mBallstát a ndéanfaidh na rialuithe sin difear dóibh.

Cuidiú atá sa togra chun slándáil i limistéar Schengen a fheabhsú óir tugann sé féidearthacht dhleathach do na Ballstáit síneadh a chur, más gá, le rialú ag teorainneacha inmheánacha chun dul i ngleic leis an mbaol tromchúiseach don bheartas poiblí nó don tslándáil inmheánach a thugann údar leis na rialuithe sin.

I gcomhréir iomlán le hobair an Choimisiúin a leagtar amach sa Chlár Oibre Eorpach maidir le hImirce agus sa Chlár Oibre Eorpach maidir leis an tSlándáil atá sé creat dlíthiúil Schengen a nuashonrú i bhfianaise na taithí atá faighte maidir le dul i ngleic le dúshláin nua chun a áirithiú go mbíonn sé indéanta faoin gcreat sin freagairt iomchuí a thabhairt ar bhaol seasta tromchúiseach don bheartas poiblí nó don tslándáil inmheánach.

2.BUNÚS DLÍ, COIMHDEACHT AGUS COMHRÉIREACHT

Bunús dlí

Ar Airteagal 77(2)(e) CFAE atá an togra bunaithe.

Leasú é an togra seo ar Rialachán (AE) Uimh. 2016/399 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Márta 2016 maidir le Cód an Aontais maidir leis na rialacha lena rialaítear gluaiseacht daoine thar theorainneacha (Cód Teorainneacha Schengen).

Coimhdeacht (maidir le hinniúlacht neamheisiach)

Tá gníomhaíocht i réimse na saoirse, na slándála agus an cheartais ag teacht faoi chuimsiú ceann de na réimsí inniúlachta arna gcomhroinnt idir an tAontas agus na Ballstáit, i gcomhréir le hAirteagal 4(2) CFAE. Dá bhrí sin, tá prionsabal na comhréireachta infheidhme de bhua Airteagal 5(3) CAE, agus de réir an phrionsabail sin ní ghníomhóidh an tAontas ach amháin mura féidir, agus a mhéid nach féidir, leis na Ballstáit cuspóirí an bhirt arna beartú a ghnóthú go leordhóthanach, bíodh sé ar leibhéal lárnach nó ar leibhéal réigiúnach agus áitiúil, ach gur féidir, de bharr fhairsinge nó éifeachtaí an bhirt arna beartú, na cuspóirí sin a ghnóthú níos fearr ar leibhéal an Aontais.

Modhnaítear leis an togra seo, ar bhealach teoranta, ná forálacha de Chaibidil III de Chód Teorainneacha Schengen atá leagtha síos cheana agus a bhaineann le rialú teorann ag teorainneacha inmheánacha a athbhunú ar bhonn sealadach d'fhonn freagairt ar an taithí a fuarthas le blianta beaga anuas nuair a chuir roinnt Ballstát síneadh cúpla uair le tréimhsí bunaidh an rialaithe teorann athbhunaithe ag teorainneacha inmheánacha.

Treisítear leis an togra seo freisin oibleagáidí na mBallstát i dtaca leis na Ballstáit chomharsanachta, a ndéanfaidh athbhunú nó síneadh beartaithe rialaithe teorann difear dóibh, ós rud é go bhfacthas go raibh éifeachtúlacht na bhforálacha atá i bhfeidhm faoi láthair teoranta.

Ní féidir leis na Ballstáit an cuspóir maidir leis an raon feidhme, an fad agus an nós imeachta a shainiú i dtaca le síneadh eisceachtúil rialuithe sealadacha ag codanna ar leith de na teorainneacha inmheánacha, ag cur san áireamh fhreagrachtaí na mBallstát maidir leis an ord poiblí agus an tslándáil inmheánach agus an ghá rialuithe ag teorainneacha inmheánacha a shrianadh a mhéid is gá, chun an limistéar gan rialuithe ag teorainneacha inmheánacha a chaomhnú, ní féidir leis na Ballstáit an cuspóir sin a ghnóthú go leordhóthanach, ach is féidir an cuspóir sin a ghnóthú níos fearr ar leibhéal an Aontais. Féadfaidh an tAontas, dá bhrí sin, bearta a ghlacadh, i gcomhréir le prionsabal na comhréireachta.

Comhréireacht

Tá na hathruithe atá beartaithe ar na rialacha maidir le rialú teorann ag teorainneacha inmheánacha a athbhunú ar bhonn sealadach comhréireach leis an gcuspóir beartas poiblí a chosaint agus slándáil inmheánach a áirithiú sa limistéar gan rialuithe ag teorainneacha inmheánacha.

Aithnítear go hiomlán sa togra seo go gcaithfidh, faoi rialacha Schengen, athbhunú ar bhonn sealadach rialaithe teorann agus síneadh an rialaithe sin leanúint de bheith ina eisceacht, faoi réir rialacha sonracha a bhíonn i bhfeidhm do bhaill uile limistéar Schengen.

Tá an togra ag riar ar an easnamh a sainaithníodh sna rialacha atá i bhfeidhm faoi láthair maidir le baol seasta don bheartas poiblí agus don tslándáil inmheánach a bhain do roinnt Ballstát le blianta beaga anuas (i.e. bagairtí sceimhlitheoireachta trasteorann agus gluaiseachtaí tánaisteacha imirceach neamhrialta a thug údar le rialú ag teorainneacha inmheánacha a athbhunú ar bhonn sealadach). Ar bhonn na taithí sin, is cosúil nach leor, amach anseo, an cleachtas a bhfuil glactha leis ag an gCoimisiún na huasteorainneacha ama do rialú teorann ag teorainneacha inmheánacha ar bhonn Airteagal 28 (imeachtaí a éilíonn bearta láithreacha) agus Airteagal 25 (imeachtaí intuartha) a chur le chéile, nach leor sin chun aghaidh a thabhairt ar bhaol fadtéarmach.

Chuige sin, féachann an togra leis an méid seo a leanas a dhéanamh:

1) Síneadh a chur leis an sprioc-am ginearálta d'imeachtaí intuartha sa chaoi is go mbeidh bliain ann.

Meastar go gcuirfear an sprioc-am uasta sin i bhfeidhm i gcás nach féidir aghaidh a thabhairt ar bhaol don bheartas poiblí nó don tslándáil inmheánach faoi cheann cúpla mí; níor cheart go ndéanfadh an fhéidearthacht sin dochar do mheánfhad an rialaithe teorann arna athbhunú ar an bhforas is rialta a bhaineann go hiondúil le himeachtaí spóirt nó le himeachtaí polaitiúla ardleibhéil. Coinnítear seo i gcuimhne: faoi na teorainneacha sin a leagtar amach i gCód Teorainneacha Schengen, is faoi na Ballstáit atá an cinneadh maidir le fad iarbhír athbhunú ar bhonn sealadach rialuithe teorann faoi Airteagal 25 nó Airteagal 28. Mar sin féin, ós rud é nár cheart do raon feidhme ná fad athbhunú ar bhonn sealadach rialaithe teorann ag teorainneacha inmheánacha dul thar an méid is gá chun freagairt ar an mbaol tromchúiseach, féadfaidh an Coimisiún maoirseacht a dhéanamh ar fhad iarbhír na rialuithe sin agus féadfaidh sé tuairim a eisiúint ina leith sin; i gcás ábhair imní a bhaineann leis an ngá le rialuithe teorann a athbhunú nó le comhréireacht na rialuithe sin, nó i gcás ina ndéantar rialú teorann ag teorainneacha inmheánacha ar feadh tréimhse níos faide ná sé mhí, tá sé d'oibleagáid ar an gCoimisiún tuairim a eisiúint.

Ina theannta sin, tabharfar aghaidh ar aon mhí-úsáid fhéideartha ar an amchlár nuashonraithe faoi chumhachtaí ginearálta an Choimisiúin ina cháil mar chaomhnóir na gConarthaí.

Lena chois sin, beidh athbhunú nó síneadh rialuithe teorann faoi réir measúnú riosca agus ba cheart a fhiosrú sa mheasúnú sin an fad a mheastar a mhairfidh an baol agus na codanna den teorainn a dhéanfaidh sé difear dóibh, ba cheart measúnú a dhéanamh ar na bearta atá ar fáil agus ba cheart míniú a thabhairt ar an bhfáth a meastar gurb é an beart a roghnaíodh an beart is fearr chun aghaidh a thabhairt ar an mbaol arna shainaithint. Tar éis do rialú éifeachtúil teorann a bheith i bhfeidhm ar feadh sé mhí, ba cheart anailís a thabhairt sa mheasúnú riosca ar an gcaoi a raibh síntí roimhe sin ina gcuidiú chun dul i ngleic leis an mbaol arna shainaithint.

2) Tugtar féidearthacht isteach leis an togra freisin síneadh eisceachtúil a chur leis an rialú ag teorainneacha inmheánacha má mhaireann an baol céanna níos mó ná bliain amháin, ach ní ann don fhéidearthacht sin ach amháin má tá an baol tromchúiseach don bheartas poiblí nó don tslándáil inmheánach a luadh chun údar a thabhairt le síneadh an rialaithe teorann, má tá sé sonrach a dhóthain agus má fhreagraíonn sé do bhearta eisceachtúla comhchuimseacha náisiúnta, staid éigeandála go háirithe. Chun cineál neamhghnách an tsínidh bhreise sin a áirithiú, bheadh tuairim ón gCoimisiún ag teastáil, agus moladh ón gComhairle ina dhiaidh sin i gcás inarb iomchuí, chun dul thar na sprioc-amanna ginearálta a leagtar síos i gCód Teorainneacha Schengen, agus chun na coinníollacha a leagan síos le haghaidh comhar idir na Ballstáit lena mbaineann agus bheadh an moladh sin mar réamhchoinníoll le síneadh ar bith. Bhainfeadh an moladh sin le tréimhsí nach faide ná sé mhí, agus d'fhéadfaí síneadh a chur leo trí huaire ar a mhéad, ar feadh tréimhse sé mhí gach uair, faoin nós imeachta céanna.

An rogha ionstraime

Baineann an togra le leasú a dhéanamh ar Rialachán. Ós rud é go bhfuil an togra i gcomhréir leis na forálacha atá i bhfeidhm cheana faoi Theideal III de Chaibidil II den Rialachán sin maidir le athbhunú ar bhonn sealadach rialaithe teorann ag teorainneacha inmheánacha, Rialachán amháin a bheadh iomchuí mar ionstraim.

3.TORTHAÍ Ó MHEASTÓIREACHTAÍ EXPOST, Ó CHOMHAIRLIÚCHÁIN LEIS NA PÁIRTITHE LEASMHARA AGUS Ó MHEASÚNUITHE TIONCHAIR

Measúnú tionchair

Faoin leasú atá beartaithe bheadh solúbthacht éigin ceadaithe faoi na rialacha atá i bhfeidhm cheana, gan loighic an athbhunaithe eisceachtúil rialaithe teorann ag teorainneacha inmheánacha a athrú. Tugann sin údar le hanailís shimplithe ar na roghanna atá ar fáil. Ní bheidh gá le measúnú tionchair iomlán, dá bhrí sin.

Cearta bunúsacha

Urramaíonn an leasú atá beartaithe na cearta bunúsacha agus na prionsabail a leagtar amach i gCairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh, go háirithe an ceart chun gluaiseacht agus cónaí faoi shaoirse (Airteagal 45). Leanfaidh d'fheidhm a bheith ag cosaintí Airteagal 3a, Airteagal 4 agus Airteagal 7 de Chód Teorainneacha Schengen.

4.IMPLEACHTAÍ BUISÉADACHA

Níl aon impleachtaí do bhuiséad an Aontais Eorpaigh ag an leasú atá beartaithe.

5.EILIMINTÍ EILE

Míniúchán mionsonraithe ar fhorálacha sonracha an togra

Leasaítear Airteagal 25 mar a leanas:

·Maidir leis an sprioc-am uasta le haghaidh athbhunú ar bhonn sealadach rialaithe teorann i gcás imeachtaí intuartha a mbaineann baol tromchúiseach don bheartas poiblí nó don tslándáil inmheánach leo, arna leagan amach sa chéad abairt de mhír 4, cuirtear síneadh 6 mhí leis sa chaoi is gur bliain atá ann. I gcomhréir leis an méid sin, chun go mbeidh fad na dtréimhsí in-athnuaite faoin bhforáil seo i gcomhréir níos dlúithe le huasfhad foriomlán na rialuithe teorann, modhnaítear mír 1 agus mír 3 freisin agus déantar foráil maidir le síneadh a chur le tréimhsí in-athnuaite féideartha ó 30 lá go dtí 6 mhí.

·Is é is cuspóir don mhodhnú sin baol seasta tromchúiseach don bheartas poiblí nó don tslándáil inmheánach a chur san áireamh (amhail bagairtí sceimhlitheoireachta trasteorann nó gluaiseachtaí tánaisteacha imirceach neamhrialta a thugann údar le rialú ag teorainneacha a athbhunú ar bhonn sealadach) a bhféadfadh níos mó ama a bheith ag teastáil chun dul i ngleic leis, mar a léiríodh le blianta beaga anuas.

·Leasaítear mír 2 chun an tagairt don Airteagal 27a nua a chur isteach.

·Cuirtear féidearthacht isteach i mír 4 maidir le rialú teorann ag teorainneacha inmheánacha a shíneadh ar bhonn eisceachtúil thar an sprioc-am uasta. Dá réir sin, i gcás ina mbíonn baol tromchúiseach don bheartas poiblí nó don tslándáil inmheánach ann ar feadh níos mó ná bliain amháin, is féidir rialuithe teorann a shíneadh go heisceachtúil ar feadh tréimhsí in-athnuaite suas le sé mhí, agus ar feadh dhá bhliain ar a mhéid, faoi réir na gcoinníollacha a leagtar amach san Airteagal 27a nua agus de réir an nós imeachta a leagtar amach ann.

·Is é is cuspóir don mhodhnú sin na rialacha nuashonraithe a chur níos mó in oiriúint do na dúshláin nua.

Leasaítear Airteagal 27 mar a leanas:

·Cuirtear le mír 1, ina sainítear na heilimintí a bhaineann le hathbhunú beartaithe an rialaithe teorann (atá infheidhme maidir le síntí freisin, ar bhonn Airteagal 25(3)), cuirtear léi pointe nua aa) lena gcuirtear oibleagáid nua ar na Ballstáit measúnú riosca a ullmhú agus a roinnt. Ba cheart measúnú a dhéanamh sa mheasúnú riosca ar an bhfad a mheastar a mhairfidh an baol agus cé na codanna den teorainn a ndéanfar difear dóibh agus ba cheart a léiriú ann gur rogha dheiridh iad na rialuithe teorann. Ba cheart tuairisc mhionsonraithe a thabhairt freisin ar an gcomhordú leis na Ballstáit chomharsanachta a mbaineann an rialú teorann sealadach ag teorainneacha inmheánacha leo. Chun cáilíocht na sonraí sin a áirithiú, is gá don Choimisiún dul i dteagmháil leis an nGníomhaireacht ábhartha, ag brath ar an mbaol is bonn leis an athbhunú nó leis an síneadh atá beartaithe ar an rialú teorann (i.e. an Ghníomhaireacht Eorpach um an nGarda Teorann agus Cósta nó Europol).    

Is é is cuspóir don eilimint nua sin é a chur i dtábhacht gur rogha dheiridh iad rialuithe teorann mar bheart chun aghaidh a thabhairt ar bhaol tromchúiseach don bheartas poiblí nó don tslándáil inmheánach, agus nár cheart iad a úsáid ach amháin má mheastar nach leor bearta eile chun na torthaí céanna a fháil.
   

Treisítear an cuspóir sin leis an oibleagáid shonrach a chuirtear ar na Ballstáit a sháraíonn an tréimhse sé mhí de rialuithe teorann, a léiriú go cúlghabhálach go raibh an rialú teorann a athbhunaíodh ina chuidiú chun aghaidh a thabhairt ar an mbaol arna shainaithint.
   
Leagtar béim san fhoráil leasaithe freisin ar an ngá atá le comhordú leis na Ballstáit chomharsanachta a ndéanfaidh an rialú teorann atá beartaithe difear dóibh.
   

Sa chomhthéacs sin, cuirtear le pointe e) chun a shoiléiriú gur cheart don chomhordú leis na Ballstáit chomharsanachta lena mbaineann tarlú sula ndéantar an cinneadh maidir le rialuithe teorann ag teorainneacha inmheánacha a athbhunú nó a shíneadh.
   

Ina theannta sin, modhnaítear an abairt dheireanach den mhír seo chun béim a leagan ar go mbeidh an comhar leis na Ballstáit chomharsanachta faoi réir aird an Choimisiúin, agus go bhféadfadh sé tuilleadh fiosruithe a dhéanamh ina leith sin.

·I bhfianaise an nós imeachta shonraigh maidir le rialú teorann a shíneadh thar níos mó ná bliain amháin, déantar na cúinsí faoina gceanglaítear ar an gCoimisiún tuairim a eisiúint, a shonraítear i mír 4, déantar iad a mhodhnú dá réir sin. Tar éis an modhnú sin a dhéanamh, féadfaidh an Coimisiún nó aon Bhallstát tuairim a eisiúint, ach i gcás ábhair imní a bhaineann leis an ngá leis na rialuithe teorann atá beartaithe a athbhunú nó le comhréireacht na rialuithe sin, nó i gcás ina ndéantar rialú teorann ag teorainneacha inmheánacha ar feadh tréimhse níos faide ná sé mhí, tá sé d'oibleagáid ar an gCoimisiún tuairim a eisiúint. Treisítear an oibleagáid sin agus déantar í a nuashonrú chun a chur san áireamh an oibleagáid nua a bhaineann leis an measúnú riosca a ullmhú agus ról na nGníomhaireachtaí i measúnú a dhéanamh uirthi.

·Déantar mír 5, ina leagtar amach mionsonraí an nós imeachta comhairliúcháin idir an Coimisiún agus na Ballstáit, a nuashonrú freisin chun ról na nGníomhaireachtaí a léiriú. Dá réir sin, tá coinne go mbeidh na Gníomhaireachtaí rannpháirteach sa phróiseas sin. Léiríonn na modhnuithe eile na hathruithe a rinneadh ar mhíreanna roimhe sin lena bhfeabhsaítear sofheictheacht na seiceála ar an ngá leis na rialuithe teorann atá beartaithe agus comhréireacht na rialuithe sin. Ar deireadh, is é is aidhm do na modhnuithe atá beartaithe deimhin a dhéanamh de go gcuirfear bearta comhordúcháin i bhfeidhm idir na Ballstáit a mbaineann athbhunú nó síneadh ar bhonn sealadach rialaithe teorann ag teorainneacha inmheánacha leo.

Mar a luadh thuas, cuirtear Airteagal 27a nua isteach d'fhonn na coinníollacha agus an nós imeachta a chinneadh atá le leanúint i gcás baol tromchúiseach don bheartas poiblí nó don tslándáil inmheánach a bhíonn ann ar feadh níos mó ná bliain amháin.

·Mínítear i mír 1 gur féidir síneadh eisceachtúil thar bhliain amháin a chur le rialuithe teorann i gcás ina bhfuil baol tromchúiseach don bheartas poiblí nó don tslándáil inmheánach ann atá sonrach a dhóthain agus a mhaireann níos mó ná bliain amháin. Ba cheart an fhoráil a léamh i bhfianaise Aithris 8 a thugann níos mó treorach maidir leis an gcaoi chun sonraí an bhaoil a léiriú. Dá bhrí sin, ag cur san áireamh freisin na gcritéar le haghaidh athbhunú ar bhonn sealadach rialaithe teorann mar a leagtar amach in Airteagal 26 iad, d'fhéadfaí síneadh eisceachtúil a chur le rialuithe teorann thar bliain amháin chun tacú leis na bearta eisceachtúla arna ndéanamh ar an leibhéal náisiúnta chun aghaidh a thabhairt ar an mbaol tromchúiseach leanúnach don bheartas poiblí nó don tslándáil inmheánach (amhail an staid éigeandála).

·Déantar tagairt i mír 2 d'fhorálacha nós imeachta Airteagal 27 ar cheart feidhm a bheith leo go fóill (coinníollacha a bhaineann le hábhar fógra, le rialacha maidir le faisnéis a roinnt le Parlaimint na hEorpa agus leis an gComhairle, agus leis an gceart roinnt faisnéise a bheith rúnaicmithe).

·Leagtar síos i mír 3 agus i mír 4 an nós imeachta atá le leanúint. Dá réir sin, is féidir leis an gComhairle an síneadh sin a mholadh, ag cur san áireamh di thuairim an Choimisiúin (atá éigeantach i bhfianaise an mhodhnaithe ar Airteagal 27(4) a ndéantar cur síos air thuas, agus mar a léirítear i mír 3 d'Airteagal 27a).    

Is féidir síneadh a mholadh trí huaire, ar feadh tréimhsí suas le sé mhí gach uair, ag leanúint an nós imeachta chéanna. Ós rud é gur gnách gurb é a bheadh mar chúis leis an ngá le síneadh breise a chur le rialuithe teorann ag teorainneacha inmheánacha thar aon bhliain amháin foras a bhaineann le cumhachtaí feidhmiúcháin náisiúnta agus cumhachtaí náisiúnta maidir le forghníomhú, agus gur cheart go dtacódh bearta eisceachtúla comhchuimseacha náisiúnta leis sin, moltar gan an moladh ón gComhairle a bheith ag brath ar thogra ón gCoimisiúin a mbeadh an baol ann, sna cúinsí seo, é a bheith ag brath ar eolas an-teoranta. Ba cheart don Chomhairle, mar sin féin, an tuairim ón gCoimisiún a chur san áireamh go cuí.
   

I gcomhréir leis na forálacha a bhí i bhfeidhm roimhe seo áit a raibh gá na Ballstáit chomharsanachta a bheith níos gníomhaí, moladh freisin go gcinnfí sa mholadh ón gComhairle, i gcás inarb iomchuí, na coinníollacha comhair idir na Ballstáit lena mbaineann.

Tá in Airteagal 2 den Rialachán coinníollacha caighdeánacha maidir le teacht i feidhm agus raon feidhme an chur i bhfeidhm.    

2017/0245 (COD)

Togra le haghaidh

RIALACHÁN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

lena leasaítear Rialachán (AE) 2016/399 maidir leis na rialacha is infheidhme maidir le rialú teorann ag teorainneacha inmheánacha a athbhunú ar bhonn sealadach

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe pointe (e) d’Airteagal 77(2) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach,

De bharr an méid seo a leanas:

(1)I limistéar ina bhféadfaidh daoine gluaiseacht faoi shaoirse, ba cheart é a bheith ina eisceacht rialú teorann a athbhunú ag teorainneacha inmheánacha. Níor cheart cinneadh ar rialú ag teorainneacha inmheánacha a athbhunú ach amháin mar rogha dheiridh, agus ar feadh tréimhse theoranta agus a mhéid is gá na rialuithe sin agus atá siad comhréireach leis an mbaol tromchúiseach arna shainaithint don bheartas poiblí nó don tslándáil inmheánach.

(2)De réir chineál agus scála an bhaoil thromchúisigh sin arna shainaithint, is féidir bearta éagsúla a dhéanamh chun aghaidh a thabhairt air. Tá cumhachtaí póilíneachta ag na Ballstáit, dá dtagraítear in Airteagal 23 de Rialachán (AE) 2016/399 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Márta 2016 maidir le Cód an Aontais maidir leis na rialacha lena rialaítear gluaiseacht daoine thar theorainneacha (Cód Teorainneacha Schengen) 8 , cumhachtaí is féidir a úsáid, faoi réir coinníollacha áirithe, sna limistéir teorann. Tá treoirlínte do na Ballstáit ina thaobh sin sa Mholadh ón gCoimisiún maidir le seiceálacha comhréireacha póilíneachta agus comhar póilíneachta i limistéar Schengen 9 .

(3)I gcomhréir le forálacha Chaibidil II de Theideal III de Chód Teorainneacha Schengen, is féidir rialú ag teorainneacha inmheánacha a athbhunú ar bhonn sealadach mar rogha dheiridh i gcás baol tromchúiseach don bheartas poiblí nó don tslándáil inmheánach ar feadh tréimhse theoranta nach faide ná sé mhí i gcás imeachtaí intuartha (Airteagal 25), agus ar feadh tréimhse theoranta nach faide ná dhá mhí i gcásanna a éilíonn beart láithreach (Airteagal 28). Ba leor na tréimhsí sin chun dul i ngleic leis an mbaol tromchúiseach a bhain leis na himeachtaí intuartha is minice, amhail imeachtaí idirnáisiúnta spóirt nó imeachtaí polaitiúla ardleibhéil.

(4)Mar sin féin, is léir ónar tharla roimhe seo go bhféadfadh baol áirithe tromchúiseach don bheartas poiblí nó don tslándáil inmheánach, amhail bagairtí sceimhlitheoireachta trasteorann nó cásanna sonracha i ndáil le gluaiseachtaí tánaisteacha imirceach, leanúint de bheith ann go ceann i bhfad tar éis dheireadh na dtréimhsí thuasluaite. Dá bhrí sin, tá gá agus údar le coigeartú a dhéanamh ar na teorainneacha ama is infheidhme maidir le rialú teorann a athbhunú ar bhonn sealadach, lena gcur in oiriúint do na riachtanais atá ann faoi láthair, ach ní mór a áirithiú san am céanna nach mbainfear mí-úsáid as an mbeart sin agus gur eisceacht é, nach rachfaí ina mhuinín ach amháin mar rogha dheiridh. Chuige sin, ba cheart síneadh a chur leis an sprioc-am ginearálta is infheidhme faoi Airteagal 25 de Chód Teorainneacha Schengen sa chaoi is gur bhliain a bheadh inti.

(5)Chun a áirithiú go leanfaidh na rialuithe ag teorainneacha inmheánacha sin de bheith ina n-eisceacht, ba cheart do na Ballstáit measúnú riosca a chur isteach maidir le hathbhunú nó síneadh beartaithe an rialaithe teorann. Ba cheart measúnú a dhéanamh sa mheasúnú riosca, go háirithe, ar an bhfad a mheastar a mhairfidh an baol arna shainaithint agus ar cé na codanna de na teorainneacha inmheánacha a ndéanfar difear dóibh, agus ba cheart a léiriú gur rogha dheiridh é an síneadh ar na rialuithe teorann agus ba cheart a mhíniú cén chaoi a mbeadh rialú teorainn ina chuidiú chun aghaidh a thabhairt ar an mbaol arna shainaithint. I gcás rialú ag teorainneacha inmheánacha is faide ná 6 mhí, ba cheart a léiriú go cúlghabhálach sa mheasúnú riosca freisin éifeachtúlacht an rialaithe teorann arna athbhunú chun aghaidh a thabhairt ar an mbaol arna shainaithint agus ba cheart míniú mionsonraithe a thabhairt ar an gcaoi a ndeachthas i gcomhairle le gach Ballstát comharsanachta a ndearna an síneadh sin difear dóibh agus ar ról na mBallstát sin i gcinneadh na socruithe is lú ualach oibríochtúil.

(6)Beidh cáilíocht an mheasúnaithe riosca arna chur isteach ag an mBallstát an-tábhachtach chun measúnú a dhéanamh ar an ngá atá le hathbhunú nó le síneadh beartaithe an rialaithe teorann, agus ar chomhréireacht an rialaithe bheartaithe sin. Ba cheart baint a bheith ag an nGníomhaireacht Eorpach um an nGarda Teorann agus Cósta agus ag Europol leis an measúnú sin.

(7)Ba cheart cumhacht an Choimisiúin tuairim a eisiúint faoi Airteagal 27(4) de Chód Teorainneacha Schengen a mhodhnú chun na hoibleagáidí nua atá ar na Ballstáit i dtaca leis an measúnú riosca a chur san áireamh, lena n-áirítear an comhar leis na Ballstáit lena mbaineann. Nuair a dhéantar rialú teorann ag teorainneacha inmheánacha ar feadh níos mó ná sé mhí, ba cheart é a bheith d'oibleagáid ar an gCoimisiún tuairim a eisiúint. Ba cheart freisin an nós imeachta comhairliúcháin dá bhforáiltear le hAirteagal 27(5) de Chód Teorainneacha Schengen a mhodhnú chun ról na nGníomhaireachtaí (an Ghníomhaireacht Eorpach um an nGarda Teorann agus Cósta agus Europol) a chur san áireamh agus chun díriú ar chur chun feidhme praiticiúil gnéithe éagsúla den chomhar idir na Ballstáit, lena n-áirítear comhordú beart éagsúil, i gcás inarb iomchuí, ar an dá thaobh den teorainn.

(8)Chun na rialacha athbhreithnithe a dhéanamh níos oiriúnaí do na dúshláin a bhaineann le baol seasta tromchúiseach don bheartas poiblí nó don tslándáil inmheánach, ba cheart foráil shonrach a dhéanamh maidir leis an bhféidearthacht síneadh a chur le rialuithe ag teorainneacha inmheánacha thar aon bhliain amháin. Ba cheart bearta eisceachtúla comhchuimseacha náisiúnta – staid éigeandála, mar shampla – a chur i bhfeidhm laistigh den chríoch in éineacht leis an síneadh sin chun aghaidh a thabhairt ar an mbaol. I gcás ar bith, fiú agus an fhéidearthacht sin ann, níor cheart na rialuithe ag teorainneacha inmheánacha a bheith i bhfeidhm níos mó ná dhá bhliain.

(9)Ba cheart an tagairt d'Airteagal 29 atá in Airteagal 25(4) a mhodhnú d'fhonn an gaol idir na tréimhsí is infheidhme faoi Airteagal 29 agus Airteagal 25 de Chód Teorainneacha Schengen a shoiléiriú.

(10)An fhéidearthacht rialuithe sealadacha a dhéanamh ag teorainneacha inmheánacha mar fhreagairt ar bhaol sonrach don bheartas poiblí nó don tslándáil inmheánach a mhaireann níos mó ná bliain amháin, ba cheart í a bheith faoi réir nós imeachta ar leith.

(11)Chuige sin, ba cheart don Choimisiún tuairim a eisiúint maidir leis an ngá atá leis an síneadh sin agus comhréireacht an tsínidh agus, i gcás inarb iomchuí, maidir leis an gcomhar leis na Ballstáit chomharsanachta.

(12)I bhfianaise chineál na mbeart sin, a bhfuil baint acu le cumhachtaí feidhmiúcháin náisiúnta agus le cumhachtaí náisiúnta forfheidhmiúcháin i dtaca le baol tromchúiseach don bheartas poiblí nó don tslándáil inmheánach, ba cheart cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt go heisceachtúil don Chomhairle moltaí a ghlacadh faoin nós imeachta áirithe seo.

(13)Féadfaidh an Chomhairle, ag cur thuairim an Choimisiúin san áireamh, síneadh eisceachtúil den chineál sin a mholadh agus, i gcás inarb iomchuí, na coinníollacha maidir le comhar idir na Ballstáit lena mbaineann a chinneadh, d'fhonn a áirithiú gur beart eisceachtúil é agus nach mbeidh sé i bhfeidhm ach an fad is gá agus a bhfuil údar leis, agus go bhfuil sé ag teacht leis na bearta a rinneadh ar an leibhéal náisiúnta laistigh den chríoch chun aghaidh a thabhairt ar an mbaol áirithe céanna don bheartas poiblí nó don tslándáil inmheánach. Ba cheart gur réamhriachtanas é an moladh ón gComhairle maidir le haon síneadh breise anuas ar an tréimhse bliana, agus ba cheart, dá bhrí sin, é a bheith ag teacht leis an moladh dá bhforáiltear cheana in Airteagal 29.

(14)Ós rud é gurb é is cuspóir don Rialachán seo síneadh ar rialú teorann a athbhunaíodh a cheadú i gcásanna eisceachtúla ag codanna sonracha de na teorainneacha inmheánacha ar feadh na tréimhse is gá do Bhallstát chun freagairt leordhóthanach a thabhairt ar bhagairt sheasta de chineál trasteorann, gurb é is cuspóir dó comhlánú a dhéanamh ar na rialacha atá i bhfeidhm cheana féin maidir le rialú teorann ag teorainneacha inmheánacha a athbhunú ar bhonn sealadach, ní féidir leis na Ballstáit an méid sin a bhaint amach ag gníomhú dóibh ina n-aonar; is gá leasú a dhéanamh ar na comhrialacha arna mbunú ar leibhéal an Aontais. Dá bhrí sin, féadfaidh an tAontas bearta a ghlacadh, i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta arna leagan amach in Airteagal 5 den Chonradh ar an Aontas Eorpach. I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta a leagtar amach san Airteagal sin, ní théann an Rialachán seo thar a bhfuil riachtanach chun na cuspóirí sin a ghnóthú.

(15)I gcomhréir le hAirteagal 1 agus le hAirteagal 2 de Phrótacal Uimh. 22 maidir le seasamh na Danmhairge, atá i gceangal leis an gConradh ar an Aontas Eorpach agus leis an gConradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, níl an Danmhairg rannpháirteach i nglacadh an Rialacháin seo agus níl sí faoi cheangal aige ná faoi réir a chur i bhfeidhm. Ós rud é go gcuireann an Rialachán seo le acquis Schengen, cinnfidh an Danmhairg, i gcomhréir le hAirteagal 4 den Phrótacal sin, laistigh de thréimhse sé mhí tar éis don Chomhairle cinneadh a dhéanamh ar an Rialachán seo, an gcuirfidh sí chun feidhme ina dlí náisiúnta é.

(16)Is é atá sa Rialachán seo forbairt ar fhorálacha acquis Schengen nach bhfuil an Ríocht Aontaithe rannpháirteach iontu, i gcomhréir le Cinneadh 2000/365/CE ón gComhairle 10 ; dá bhrí sin, níl an Ríocht Aontaithe rannpháirteach i nglacadh an Rialacháin seo ná níl sí faoi cheangal aige ná faoi réir a chur i bhfeidhm.

(17)Is é atá sa Rialachán seo forbairt ar fhorálacha acquis Schengen nach bhfuil Éire rannpháirteach iontu, i gcomhréir le Cinneadh 2002/192/CE ón gComhairle 11 ; dá bhrí sin, níl Éire rannpháirteach i nglacadh an Rialacháin seo agus níl sí faoi cheangal aige ná faoi réir a chur i bhfeidhm

(18)Maidir leis an Íoslainn agus leis an Iorua, is é atá sa Rialachán seo forbairt ar fhorálacha acquis Schengen de réir bhrí an Chomhaontaithe arna thabhairt i gcrích ag Comhairle an Aontais Eorpaigh agus Poblacht na hÍoslainne agus Ríocht na hIorua maidir le comhlachas an dá thír sin le hacquis Schengen a chur chun feidhme, a chur i bhfeidhm agus a fhorbairt 12 , ar forálacha iad a thagann faoi réim an réimse dá dtagraítear i bpointe A d'Airteagal 1 de Chinneadh 1999/437/CE ón gComhairle 13 .

(19)Maidir leis an Eilvéis, is é atá sa Rialachán seo forbairt ar fhorálacha acquis Schengen de réir bhrí an Chomhaontaithe arna thabhairt i gcrích idir an tAontas Eorpach, an Comhphobal Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise maidir le comhlachas Chónaidhm na hEilvéise le acquis Schengen a chur chun feidhme, a chur i bhfeidhm agus a fhorbairt 14 , ar forálacha iad a thagann faoi réim an réimse dá dtagraítear i bpointe A d'Airteagal 1 de Chinneadh 1999/437/CE 15 , arna léamh i gcomhar le hAirteagal 3 de Chinneadh 2008/146/CE ón gComhairle 16 .

(20)Maidir le Lichtinstéin, is é atá sa Rialachán seo forbairt ar fhorálacha acquis Schengen de réir bhrí an Phrótacail idir an tAontas Eorpach, an Comhphobal Eorpach, Cónaidhm na hEilvéise agus Prionsacht Lichtinstéin i ndáil le haontachas Phrionsacht Lichtinstéin leis an gComhaontú idir an tAontas Eorpach, an Comhphobal Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise maidir le comhlachas Chónaidhm na hEilvéise le acquis Schengen a chur chun feidhme, a chur i bhfeidhm agus a fhorbairt 17 , ar forálacha iad a thagann faoi réim an réimse dá dtagraítear i bpointe A d'Airteagal 1 de Chinneadh 1999/437/CE arna léamh i gcomhar le hAirteagal 3 de Chinneadh 2011/350/AE ón gComhairle 18 .

(21)Urramaítear leis an Rialachán seo na cearta bunúsacha agus na prionsabail a aithnítear, go háirithe, le Cairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh.

(22)Ba cheart, dá bhrí sin, Rialachán (AE) Uimh. 2016/399 a leasú dá réir sin,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 2016/399 mar a leanas:

(1)Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 25:

"1. I gcás ina bhfuil baol tromchúiseach ann don bheartas poiblí nó don tslándáil inmheánach sa limistéar gan rialú teorann ag teorainneacha inmheánacha i mBallstát, féadfaidh an Ballstát sin rialú teorann a athbhunú ar bhonn eisceachtúil ag a theorainneacha inmheánacha uile nó ag codanna sonracha dá theorainneacha inmheánacha ar feadh tréimhse teoranta 30 lá ar a mhéid, nó ar feadh ré intuartha an bhaoil thromchúisigh má mhaireann sé níos faide ná 30 lá ach nach faide ná sé mhí. Ní rachaidh raon feidhme agus ré athbhunú sealadach an rialaithe teorann ag teorainneacha inmheánacha thar a bhfuil riachtanach chun freagairt a thabhairt ar an mbaol tromchúiseach.    

2. Ní athbhunófar rialú teorann ag teorainneacha inmheánacha ach mar rogha dheiridh, agus i gcomhréir le hAirteagail 27, 27a, 28 agus 29. Cuirfear na critéir dá dtagraítear, faoi seach, in Airteagal 26 agus in Airteagal 30 san áireamh i ngach cás ina bhfuil sé beartaithe rialú teorann ag teorainneacha inmheánacha a athbhunú de bhun Airteagail 27, 27a, 28 agus 29.    

3. Más ann fós don bhaol tromchúiseach don bheartas poiblí nó don tslándáil inmheánach sa Bhallstát lena mbaineann tar éis na tréimhse dá bhforáiltear i mír 1 den Airteagal seo, féadfaidh an Ballstát sin rialú teorann ag a theorainneacha inmheánacha a shíneadh, ag cur san áireamh dó na critéir dá dtagraítear in Airteagal 26 agus i gcomhréir le hAirteagal 27, ar bhonn an fhorais chéanna dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo agus, ag cur aon ghné nua san áireamh, ar feadh tréimhsí in-athnuaite a fhreagraíonn do ré intuartha an bhaoil thromchúisigh agus nach faide iad ná sé mhí.    

4. An tréimhse iomlán a mbeidh rialú teorann ag teorainneacha inmheánacha athbhunaithe lena linn, lena n-áirítear aon síneadh dá bhforáiltear le mír 3 den Airteagal seo, ní bheidh sí níos faide aon bhliain amháin.

Sna cásanna eisceachtúla dá dtagraítear in Airteagal 27a, féadfar dhá bhliain eile ar a mhéad a chur leis an tréimhse iomlán i gcomhréir leis an Airteagal sin.

I gcúinsí eisceachtúla, dá dtagraítear in Airteagal 29, féadfar dhá bhliain ar a mhéad a chur leis an tréimhse iomlán, i gcomhréir le mír 1 den Airteagal sin."

(2)Leasaítear Airteagal 27 mar a leanas:

(I) I mír 1, cuirtear an litir nua (aa) seo a leanas isteach:

"(aa) measúnú riosca ina measúnófar cá fhad a mheastar a mhairfidh an baol arna shainaithint agus cé na codanna de na teorainneacha inmheánacha a ndéanfar difear dóibh, agus ina léireofar gur rogha dheiridh é an síneadh ar an rialú teorann agus ina míneofar an chaoi a gcabhródh rialú teorann chun aghaidh a thabhairt ar an mbaol arna shainaithint. I gcás inar athbhunaíodh rialú teorann cheana ar feadh níos mó ná sé mhí, míneofar sa mheasúnú riosca freisin an chaoi ar chuidigh an rialú teorann a athbhunaíodh cheana chun dul i ngleic leis an mbaol arna shainaithint.

Beidh sa mheasúnú riosca freisin tuarascáil mhionsonraithe ar an gcomhordú a bhí ar bun idir an Ballstát lena mbaineann agus an Ballstát nó na Ballstáit a bhfuil teorainneacha inmheánacha aige nó acu leo, teorainneacha ag a raibh rialú teorann i bhfeidhm.

Roinnfidh an Coimisiún an measúnú riosca leis an nGníomhaireacht Eorpach um an nGarda Teorann agus Cósta agus le Europol, de réir mar is iomchuí."

(i) I mír 1, cuirtear an méid seo a leanas in ionad litir (e):

"(e) i gcás inarb iomchuí, na bearta atá le déanamh ag na Ballstáit eile, arna gcomhaontú roimh athbhunú ar bhonn sealadach an rialaithe teorann ag na teorainneacha inmheánacha lena mbaineann."

(iii) Cuirtear an méid seo a leanas in ionad na habairte deiridh de mhír 1:

"I gcás inar gá, féadfaidh an Coimisiún faisnéis bhreise a iarraidh ar na Ballstáit lena mbaineann, lena n-áirítear faisnéis faoin gcomhar leis na Ballstáit a ndéanfaidh an síneadh atá beartaithe ar rialú teorann ag teorainneacha inmheánacha difear dóibh agus an fhaisnéis bhreise is gá chun a mheas an rogha dheiridh é sin."

(iv) Cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 4:

"4. Tar éis dó fógra a fháil ó Bhallstát faoi mhír 1, agus ag féachaint don chomhairliúchán dá bhforáiltear i mír 5, féadfaidh an Coimisiún nó aon Bhallstát eile tuairim a eisiúint, gan dochar d’Airteagal 72 CFAE.

I gcás ina bhfuil imní ar an gCoimisiún maidir leis an ngá atá leis an rialú teorann atá beartaithe a athbhunú ag teorainneacha inmheánacha nó le comhréireacht an rialaithe sin, nó má mheasann sé go mbeadh comhairliúchán maidir le gnéithe éigin den fhógra iomchuí, eiseoidh sé tuairim chuige sin.

I gcás inar athbhunaíodh rialú teorann ag teorainneacha inmheánacha ar feadh sé mhí cheana, eiseoidh an Coimisiún tuairim.

   (v) Cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 5:

"An fhaisnéis dá dtagraítear i mír 1, chomh maith le haon tuairim ón gCoimisiún nó ó Bhallstát dá dtagraítear i mír 4, beidh siad faoi réir comhairliúchán arna stiúradh ag an gCoimisiún. I gcás inarb iomchuí, beidh mar chuid den chomhairliúchán comhchruinnithe idir an Ballstát atá ag beartú rialú teorann a athbhunú ag teorainneacha inmheánacha, na Ballstáit eile, go háirithe iad sin a ndéanfaidh na bearta sin difear dóibh go díreach, agus na Gníomhaireachtaí ábhartha. Déanfar scrúdú ar chomhréireacht na mbeart atá beartaithe, ar an mbaol arna shainaithint don bheartas poiblí nó don tslándáil inmheánach agus ar na dóigheanna ar féidir a áirithiú go gcuirfear chun feidhme an comhar frithpháirteach idir na Ballstáit. An Ballstát a bhfuil sé beartaithe aige rialú teorann ag teorainneacha inmheánacha a athbhunú nó a shíneadh, tabharfaidh sé lánaird ar thorthaí an chomhairliúcháin sin nuair a bheidh rialuithe teorann á ndéanamh aige.    

(3)Cuirtear Airteagal 27a nua isteach:

Nós imeachta ar leith i gcás inar faide ná aon bhliain amháin an baol tromchúiseach ar an mbeartas poiblí nó ar an tslándáil inmheánach

"1. I gcásanna eisceachtúla, nuair a bhíonn an baol céanna don bheartas poiblí nó don tslándáil inmheánach roimh an mBallstát tar éis na tréimhse dá dtagraítear sa chéad abairt d'Airteagal 25(4), agus nuair a chuirtear bearta eisceachtúla comhchuimseacha náisiúnta i bhfeidhm freisin laistigh den chríoch chun aghaidh a thabhairt ar an mbaol sin, is féidir síneadh breise a chur leis an rialú teorann a athbhunaíodh ar bhonn sealadach chun dul i ngleic leis an mbaol sin.

2. Sé seachtaine ar a dhéanaí roimh dhul in éag na tréimhse dá dtagraítear sa chéad abairt d'Airteagal 25(4), tabharfaidh an Ballstát fógra do na Ballstáit eile agus don Choimisiún go bhfuil síneadh breise á lorg aige i gcomhréir leis an nós imeachta ar leith a leagtar síos san Airteagal seo. Beidh san fhógra sin an fhaisnéis a cheanglaítear faoi Airteagal 27(1)(a) go (e). Beidh feidhm ag mír 2 agus mír 3 d'Airteagal 27.

3. Eiseoidh an Coimisiún tuairim.

4. Féadfaidh an Chomhairle, ag tabhairt aird chuí di ar an tuairim ón gCoimisiún, a mholadh go gcuirfidh an Ballstát síneadh breise le rialú teorann ag teorainneacha inmheánacha ar feadh tréimhse suas le sé mhí. Féadfar síneadh nach faide ná sé mhí a chur leis an tréimhse sin agus is féidir sin a dhéanamh trí huaire ar a mhéid. Sa mholadh ón gComhairle, luafaidh sí ar a laghad an fhaisnéis dá dtagraítear in Airteagal 27(1)(a) go (e). I gcás inarb iomchuí, cinnfidh sí na coinníollacha maidir le comhar idir na Ballstáit lena mbaineann."

Airteagal 2

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach sna Ballstáit i gcomhréir leis na Conarthaí.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil,

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa    Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán    An tUachtarán

(1) Liosta de na rialuithe teorann ag teorainneacha inmheánacha a athbhunaíodh: https://ec.europa.eu/home-affairs/sites/homeaffairs/files/what-we-do/policies/borders-and-visas/schengen/reintroduction-border-control/docs/ms_notifications_-_reintroduction_of_border_control_en.pdf.
(2) I gcomhréir leis an nós imeachta sin, mhol an Chomhairle an 12 Bealtaine 2016, ar bhonn togra ón gCoimisiún, go ndéanfadh na cúig Bhallstát is mó a ndearna na gluaiseachtaí tánaisteacha difear dóibh rialuithe teorann a athbhunú ag roinnt de na teorainneacha inmheánacha. An 12 Bealtaine 2017, d'údaraigh an Chomhairle do na cúig Bhallstát sin don tríú huair agus don uair dheireanach, na rialuithe sin a shíneadh go dtí 11 Samhain 2017.
(3) A bhuí leis an Rialachán maidir leis an nGarda Teorann agus Cósta Eorpach lenar tugadh isteach acmhainní agus uirlisí nua (amhail measúnuithe éigeantacha leochaileachta agus moltaí iardain ina leith, agus comhroinnt éigeantach acmhainní), is fearr a fhéadfar dúshláin nua a láimhseáil, má thagann siad chun cinn arís, ar leibhéal an bhainistithe teorainneacha san Aontas. Ba cheart go ndéanfaí leis sin an foras a theorannú maidir le rialú teorann ag teorainneacha inmheánacha a athbhunú ar bhonn sealadach i dtaca leis an staid ag na teorainneacha seachtracha.
(4) Idir 2006 – an dáta a glacadh Cód Teorainneacha Schengen – agus 2015 – tús na géarchéime imirce – athbhunaíodh rialuithe teorann 36 huaire agus b'annamh a cuireadh síneadh leo agus sna cásanna inar cuireadh, ní raibh i gceist ach cúpla lá nó cúpla seachtain.
(5) De réir anailís an Choimisiúin ar chostas eacnamaíoch díreach limistéar Schengen a chur ar fionraí – cás ina n-athbhunaítear rialuithe teorann ar feadh tréimhse níos faide – bheadh tionchar suntasach ag an moill ag na teorainneacha ar an iompar trasteorann (go háirithe an t-iompar de bhóthar), turasóireacht, riaracháin phoiblí agus oibrithe agus taistealaithe trasteorann. I gcás na gcatagóirí sin, measadh na costais dhíreacha a bheith idir EUR 5 billiún agus EUR 18 billiún in aghaidh na bliana (nó 0.06%–0.13% den olltáirgeacht intíre), ag brath ar fhad na moilleanna. Na costais indíreacha a bhaineann le limistéar Schengen a chur ar fionraí sa mheántéarma, d'fhéadfaidís a bheith i bhfad níos airde ná na meastacháin dhíreacha sin, mar bheadh tionchar níos mó ná riamh ar thrádáil laistigh den chomhphobal, ar infheistíocht agus ar shoghluaisteacht dá mba rud é go gcuirfí an comhtháthú eacnamaíoch i mbaol de dheasca limistéar Schengen a chur ar fionraí.
(6) C(2017) 3349 final.
(7) Treoir 2004/38/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 29 Aibreán 2004 maidir leis an gceart atá ag saoránaigh an Aontais agus ag daoine dá dteaghlaigh chun gluaiseacht agus cónaí a dhéanamh faoi shaoirse ar chríoch na mBallstát (IO L 158, 30.4.2004, lch. 77).
(8) IO L 77, 23.3.2016, lch. 1.
(9) C(2017) 3349 final an 12.5.2017.
(10) Cinneadh 2000/365/CE ón gComhairle an 29 Bealtaine 2000 maidir leis an iarraidh ó Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann a bheith rannpháirteach i roinnt forálacha de acquis Schengen (IO L 131, 1.6.2000, lch. 43).
(11) Cinneadh 2002/192/CE ón gComhairle an 28 Feabhra 2002 maidir leis an iarraidh ó Éirinn a bheith rannpháirteach i roinnt forálacha de acquis Schengen (IO L 64, 7.3.2002, lch. 20).
(12) IO L 176, 10.7.1999, lch. 36.
(13) Cinneadh 1999/437/CE ón gComhairle an 17 Bealtaine 1999 maidir le socruithe áirithe i dtaca le cur i bhfeidhm an Chomhaontaithe arna thabhairt i gcrích ag Comhairle an Aontais Eorpaigh agus Poblacht na hÍoslainne agus Ríocht na hIorua maidir le comhlachas an dá thír sin le hacquis Schengen a chur chun feidhme, a chur i bhfeidhm agus a fhorbairt (IO L 176, 10.7.1999, lch. 31).
(14) IO L 53, 27.2.2008, lch. 52.
(15) Cinneadh 1999/437/CE ón gComhairle an 17 Bealtaine 1999 maidir le socruithe áirithe i dtaca le cur i bhfeidhm an Chomhaontaithe arna thabhairt i gcrích ag Comhairle an Aontais Eorpaigh agus Poblacht na hÍoslainne agus Ríocht na hIorua maidir le comhlachas an dá thír sin le hacquis Schengen a chur chun feidhme, a chur i bhfeidhm agus a fhorbairt (IO L 176, 10.7.1999, lch. 31).
(16) Cinneadh 2008/146/CE ón gComhairle an 28 Eanáir 2008 maidir le tabhairt i gcrích an Chomhaontaithe, ar son an Chomhphobail Eorpaigh, idir an tAontas Eorpach, an Comhphobal Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise maidir le comhlachas Chónaidhm na hEilvéise le acquis Schengen a chur chun feidhme, a chur i bhfeidhm agus a fhorbairt (IO L 53, 27.2.2008 lch. 1).
(17) IO L 160, 18.6.2011, lch. 21.
(18) Cinneadh 2011/350/AE ón gComhairle an 7 Márta 2011 maidir le tabhairt i gcrích an Phrótacail, ar son an Aontais Eorpaigh, idir an tAontas Eorpach, an Comhphobal Eorpach, Cónaidhm na hEilvéise agus Prionsacht Lichtinstéin i ndáil le haontachas Phrionsacht Lichtinstéin leis an gComhaontú idir an tAontas Eorpach, an Comhphobal Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise maidir le comhlachas Chónaidhm na hEilvéise le acquis Schengen a chur chun feidhme, a chur i bhfeidhm agus a fhorbairt, a bhaineann le seiceálacha ag na teorainneacha inmheánacha a dhíothú agus le gluaiseacht daoine (IO L 160, 18.6.2011, lch. 19).