An Bhruiséil,29.6.2017

COM(2017) 344 final

2017/0144(COD)

Togra le haghaidh

RIALACHÁN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

lena mbunaítear córas láraithe leis na Ballstáit a shainaithint ag a bhfuil faisnéis faoi chiontuithe náisiúnach tríú tír agus daoine gan stát (NTTanna) chun an Córas Faisnéise Eorpach um Thaifid Choiriúla (an córas ECRIS-TCN) a fhorlíonadh agus chun tacú leis agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 1077/2011

{SWD(2017) 248 final}


MEABHRÁN MÍNIÚCHÁIN

1.COMHTHÉACS AN TOGRA

·Forais agus cuspóirí an togra

Leis an gCóras Faisnéise Eorpach um Thaifid Choiriúla (ECRIS) arna bhunú le Cinneadh Réime 2009/315/JHA agus Cinneadh 2009/316/JHA 1 ón gComhairle, déantar foráil maidir le malartú ríomhairithe faisnéise taifid choiriúil ar bhonn díláraithe idir na Ballstáit. Tá an córas ECRIS i bhfeidhm ó mhí Aibreáin 2012 agus cuireann sé ar chumas údaráis um thaifid choiriúla na mBallstát faisnéis iomlán a fháil faoi chiontuithe arna ndéanamh roimhe sin ag náisiúnach de chuid an Aontais ón mBallstát a bhfuil a náisiúntacht ag an duine sin.

Cé gur féidir faisnéis a mhalartú trí ECRIS faoi chiontuithe maidir le náisiúnaigh tríú tír agus daoine gan stát (dá ngairtear 'NTTanna' anseo feasta) 2 sa lá atá inniu ann, níl aon nós imeachta ná sásra ann chun é sin a dhéanamh go héifeachtúil. Mar atá ráite sa tuarascáil staidrimh ón gCoimisiún maidir le húsáid ECRIS 3 , arna glacadh an lá céanna leis an togra seo, is leasc leis na Ballstáit an córas reatha atá i bhfeidhm faoi láthair maidir le NTTanna a úsáid. Is é ceann de na cúiseanna de na cúiseanna le leibhéil ísle úsáide an chórais sin i leith NTTanna go bhfuil ar Bhallstáit atá ag iarraidh faisnéis den sórt sin a fháil iarrataí "ginearálta" a sheoladh chuig na Ballstáit ar fad, lena náirítear (formhór na mBallstát) na Ballstáit nach bhfuil an fhaisnéis arna hiarraidh acu. Ba é an ghné is costasaí de shreabhadh oibre ECRIS (suas le EUR 78 milliún meastar) an tualach riaracháin a thiocfadh as freagra a thabhairt ar iarrataí "ginearálta", dá seolfadh na Ballstáit iarrataí den sórt sin go córasach. Ós rud é nach bhfuil ECRIS éifeachtúil maidir le NTTanna, i gcleachtas is minic a bhíonn na Ballstáit ag brath ar fhaisnéis arna stóráil ina gcláir náisiúnta taifead coiriúil féin, agus sna cláir sin amháin. Dá bhrí sin, ní i gcónaí a bhíonn faisnéis iomlán faoi stair choiriúil náisiúnaigh tríú tír arna chiontú ar fáil do chúirteanna, údaráis forfheidhmithe dlí ná údaráis eile atá ina teideal.

D'athdhearbhaigh an Chomhairle Eorpach agus an Chomhairle um Cheartais agus Gnóthaí Baile cúpla uair a thábhachtaí atá sé an ECRIS atá ann faoi láthair a fheabhsú. Ar chuid de thacar maidir le náisiúnaigh tríú tír ina chuid de thacar beart comhordaithe atá leagtha amach sa Chlár Oibre Eorpach maidir leis an tSlándáil 4 tá feabhas a chur ar an ECRIS atá ann faoi láthair.

Chuige sin, an 19 Eanáir 2016, mhol an Coimisiún Treoir (COM(2016) 07 final) lena bhféachtar le leasú a dhéanamh ar Chinneadh Réime 2009/315/JHA maidir leis an gcóras ECRIS agus maidir le malartú faisnéise faoi náisiúnaigh tríú tír agus daoine gan stát (NTTanna) agus a chuirtear in ionad Chinneadh 2009/316/JHA 5 ón gComhairle. Is léir ó fhorbairtí ó shin, áfach, go gcaithfear beart breise a dhéanamh trí bhíthin togra reachtach forlíontach d'fhonn córas láraithe a bhunú chun faisnéis chéannachta ar NTTanna a phróiseáil. A bhuí leis an gcóras láraithe sin beidh údaráis na mBallstát in ann a shainaithint cé na Ballstáit a bhfuil taifid choiriúla acu ar an NTT lena mbaineann, ionas go bhféadfaidh siad an córas ECRIS atá ann cheana a úsáid chun iarrataí ar fhaisnéis faoi chiontuithe a sheoladh chuig na Ballstáit sin amháin. Is féidir na forbairtí a achoimriú mar seo a leanas.

Ar an gcéad dul síos, de bharr go ndearnadh ionsaithe sceimhlitheoireachta uafásacha i gcathracha san Eoraip tá saincheisteanna slándála níos tábhachtaí anois ná riamh. Tá athrú tagtha ar an dearcadh polaitiúil maidir le húsáid chórasach méarlorg chun sainaithint shlán a dhéanamh agus ar an meon i leith roinnt agus slándáil sonraí i gcoitinne 6 , agus anois cuirtear an bhéim ar éifeachtacht agus éifeachtúlacht agus ar an ngá le naisc idir córais éagsúla malartuithe faisnéise a fhorbairt san Eoraip. Féadfaidh córas láraithe ECRIS-TCN ina bhfuil méarloirg agus faisnéis chéannachta eile tacú leis an modh seo, mar d'fhéadfaí seirbhís chomhroinnte meaitseála bithmhéadraí agus stóras coiteann céannachta a chur ar bun i dtaca le hidir-inoibritheacht na gcóras faisnéise, dá dteastódh sin ó reachtóirí amach anseo. Dá mbeadh réiteach díláraithe ann ní bheadh na deiseanna céanna ann maidir le sineirgíochtaí amach anseo.

Ar an dara dul síos, sa Teachtaireacht Stronger and Smarter Information Systems for Borders and Security" [Córais Faisnéise níos Láidre agus níos Cliste do Theorainneacha agus don tSlándáil] 7 tá moltaí nithiúla praiticiúla chun na huirlisí atá ann cheana a fhorbairt a thuilleadh, agus moltaí agus smaointe nithiúla maidir le cineálacha nua idir-inoibritheachta. Iarrann an Coimisiún níos mó éifeachtúlachta agus idir-inoibritheachta maidir leis na bunachair shonraí Eorpacha atá ann cheana agus na córais leictreonacha malartuithe faisnéise, lena náirítear córas ECRIS-TCN. Is é an grúpa ardleibhéil saineolaithe ar idir-inoibritheacht atá i gceannas ar an obair leanúnach ar an Teachtaireacht 8 , agus tá an córas ECRIS-TCN a mholtar anseo ar cheann de na córais atá ina chuid den tionscnamh idir-inoibritheachta sin. Ní bheadh idir-inoibritheacht den sórt sin indéanta dá mba rud é go mbeadh an réiteach díláraithe a moladh in Eanáir 2016 curtha i bhfeidhm.

Ar an tríú dul síos, le linn na bliana 2016, ba léir gur bhain fadhbanna teicniúla leis an gcóras díláraithe a moladh in Eanáir 2016, go háirithe maidir le malartaithe díláraithe méarlorg a bhfuil ainm bréige ag gabháil leo. Ní bheadh a leithéid d'fhadhbanna teicniúla ann i gcás córas láraithe, ós rud é nach mbaileofaí na méarloirg ach in aon bhunachar sonraí amháin, faoi bhainistíocht eu-LISA, agus faoi mhaoirseacht an Mhaoirseora Eorpaigh ar Chosaint Sonraí.

Ar cheann de na príomhchuspóirí reachtacha a áirítear sa Dearbhú Comhpháirteach ón gCoimisiún, ón gComhairle agus ó Pharlaimint na hEorpa maidir le tosaíochtaí reachtacha an Aontais do 2017, tá Rialachán nua ECRIS-TCN a ghlacadh chun slándáil shaoránaigh an Aontais a chosaint agus déantar tagairt shonrach sa dearbhú sin d'ECRIS.

·Comhsheasmhacht le forálacha beartais atá sa réimse beartais cheana

Forlíonann an togra seo togra 2016 ón gCoimisiún le haghaidh Treoir lena leasaítear Cinneadh Réime ECRIS agus lena naisghairtear Cinneadh ECRIS ón gComhairle. Sa togra forlíontach seo dírítear ar chóras lárnach ECRIS-TCN a bhunú agus a rialú, agus sa togra ó 2016 déantar rialú ar na malartaithe díláraithe faisnéise faoi chiontuithe maidir le NTTanna is ceart a bheith ann nuair a shuítear cé na Ballstáit a fuair faisnéis faoi chiontuithe ón gcóras ECRIS-TCN. Nuair a ghlacfaidh na reachtóirí an dá thogra, beidh dhá ionstraim éagsúla ann lena ndéanfar ECRIS agus an córas ECRIS-TCN araon a rialú: Cinneadh Réime ECRIS 2009/315/JHA agus Cinneadh 2019/316/JHA ón gComhairle, arna leasú leis an Treoir, agus an Rialachán ECRIS-TCN lena mbunaítear an córas láraithe ECRIS-TCN.

Comhfhreagraíonn an togra seo don togra ón gCoimisiún maidir le eu-LISA lena naisghairtear an Rialachán eu-LISA reatha, arna bheartú ar an dáta céanna leis an togra seo, mar cuirfear bainistiú an chórais ECRIS-TCN faoi chúram eu-LISA. Tá forálacha comhfhreagracha sa dá thogra maidir le tascanna eu-LISA i ndáil leis an gcóras ECRIS-TCN. Ag brath ar a thapúil a ghlacfaidh na comhreachtóirí an dá thogra, caithfear comhsheasmhacht a áirithiú idir an dá théacs ó thaobh tascanna eu-LISA de.

Is é is aidhm don togra an togra ón gCoimisiún le haghaidh Treorach ó Eanáir 2016 a fhorlíonadh, trí chóras láraithe a chruthú d'fhonn na Ballstáit a bhfuil faisnéis faoi chiontuithe maidir le NTTanna acu a shainaithint go héifeachtach. Faoin gcóras cuardaigh amas/gan amas atá beartaithe, córas atá bunaithe ar shonraí alfa-uimhriúla agus ar mhéarloirg NTTanna arna gciontú sna Ballstáit, beidh na Ballstáit in ann Ballstáit eile inar ciontaíodh NTT áirithe a shainaithint go tapa. Ba cheart don Bhallstát iarrthach iarraidh ar na Ballstáit sin arna sainaithint an fhaisnéis iarbhír faoin gciontú a chur ar fáil tríd an gcóras ECRIS atá ann cheana, arna fheabhsú ag togra Eanáir 2016.

Áirítear sa togra ón gCoimisiún ó Eanáir 2016 na leasuithe is gá ar Chinneadh Réime 2009/315 lena ndéantar foráil maidir leis na malartaithe sin maidir le NTTanna trí ECRIS cheana. Ciallaíonn sin go gcomhlánaíonn agus go bhforlíonann an dá thogra a chéile: cé gurb é aidhm an togra córas nua láraithe a bhunú, is é is aidhm do thogra 2016 maidir le leasuithe ar Chinneadh Réime 2009 a áirithiú go bhféadfar an fhaisnéis iomlán faoi thaifid choiriúla a mhalartú i gcás NTTanna agus náisiúnaigh de chuid an Aontais araon. Ar an leibhéal teicniúil, déanfar na bogearraí comhéadain chun an córas lárnach ECRIS-TCN a úsáid a chomhtháthú leis na bogearraí tagartha do chur chun feidhme ECRIS, ionas nach mbeidh ach clár bogearraí amháin ag teastáil ó úsáideoirí an chórais chun idirghníomhú leis an gcóras lárnach ECRIS-TCN agus leis na húdaráis um thaifid choiriúla i mBallstáit eile. D'fhorbair an Coimisiún na bogearraí tagartha do chur chun feidhme ECRIS mar chuid de chur chun feidhme Chinneadh Réime 2009/316 9 . Faoi láthair úsáidtear i 24 Bhallstát iad chun faisnéis as taifid choiriúla a mhalartú i gcomhréir le Cinneadh Réime 2009/315.

Uirlisí nó bunachair eile de chuid an Aontais atá ceaptha an choireacht a chosc agus a chomhrac, ní bheidís ina réiteach ná ina maolú ar an bhfadhb a bhaineann le malartú neamhéifeachtúil faisnéise taifid choiriúil maidir le NTTanna arna gciontú. Níl ann do rogha eile maidir le feabhas a chur ar mhalartú faisnéise faoi chiontuithe coiriúla NTTanna trí ECRIS trí bhíthin uirlis eile malartuithe faisnéise arna lua sa Chlár Oibre Eorpach maidir leis an tSlándáil (amhail SIS II, Prüm agus Eurodac), mar tá cuspóirí éagsúla ag na huirlisí sin.

·Comhsheasmhacht le beartais eile de chuid an Aontais

Is cuid den Chlár Oibre Eorpach maidir leis an tSlándáil é ECRIS a fheabhsú i dtaca le NTTanna.

Is cuid é freisin den chur chuige nua atá leagtha amach ag an gCoimisiún 10 maidir le bainistiú sonraí i dtaca le teorainneacha agus leis an tslándáil, ina bhfuil córais faisnéise láraithe uile an Aontais don bhainistiú slándála, teorainneacha agus imirce idir-inoibritheach, agus go dtugann an idir-oibritheacht sin lánurraim do chearta bunúsacha, sa chaoi is:

·go bhféadfar cuardach a dhéanamh sna córais ar fad an tráth céanna ar thairseach cuardaigh Eorpach, i lánchomhlíonadh teorainneacha feidhme agus cearta rochtana, chun úsáid níos fearr a bhaint as na córais faisnéise atá ann cheana, agus go bhféadfar rialacha níos cuíchóirithe a bheith ann maidir le rochtain ar fhorfheidhmiú dlí;

·go núsáidfidh na córais aon tseirbhís chomhroinnte meaitseála bithmhéadraí amháin chun cuardaigh a dhéanamh i gcórais éagsúla faisnéise ina bhfuil sonraí bithmhéadracha, agus go bhféadfaidh sé go mbeidh bratacha amas ann nó gan a bheith ann chun nasc le sonraí bithmhéadracha ó chóras eile;

·go roinneann na córais stóras coiteann céannachta ina bhfuil sonraí alra-uimhriúla, le brath an bhfuil duine cláraithe faoi iliomad céannachta i mbunachair shonraí éagsúla.

Cuireadh tús le plé agus le hobair bhreise ar chur chun feidhme an chur chuige seo, lena náirítear ar cé na gnéithe a chuirfí chun feidhme maidir leis an gcóras ECRIS-TCN.

Ina theannta sin, tacaíonn malartú faisnéise as taifid choiriúla le cur i bhfeidhm Chinneadh Réime 2008/675/JHA ón gComhairle 11 , ina sonraítear go mba cheart d'údaráis bhreithiúnacha na mBallstát, le linn imeachtaí coiriúla, ciontuithe arna dtabhairt roimhe sin i gcoinne an duine chéanna ar fhíricí éagsúla i mBallstáit eile a chur san áireamh, is cuma cén náisiúntacht atá ag an duine lena mbaineann.

Mar atá sonraithe sa Teachtaireacht maidir le beartas um fhilleadh níos éifeachtaí san Aontas Eorpach (C(2017) 200 final), ba cheart d'údaráis inniúla na mBallstát a chur san áireamh freisin ciontuithe arna ndéanamh roimhe sin i dtaca le cinntí maidir le deireadh a chur le fanacht dhlíthiúil, filleadh agus cead isteach a dhiúltú maidir le náisiúnaigh tríú tír ar bagairt iad don bheartas poiblí nó don tslándáil phoiblí nó don tslándáil náisiúnta. I gás inarb infheidhme, ní foláir foláirimh arna mbunú ar chinntí den sórt sin a chur isteach i SIS i gcomhréir le hAirteagal 24 de Rialachán 1987/2006 [togra ón gCoimisiún COM(2016) 882 final] [agus Airteagal 3 de thogra ón gCoimisiún COM(2016) 881 final].

2.BUNÚS DLÍ, COIMHDEACHT AGUS COMHRÉIREACHT

·Bunús dlí

Rialachán arna bhunú ar Airteagal 82(1)(d) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh atá san ionstraim dlí atá beartaithe. Is é Airteagal 82(1)(d) an bunús dlí le ceart an Aontais gníomhú i réimse an chomhair bhreithiúnaigh in ábhair choiriúla chun comhar idir údaráis bhreithiúnacha nó údaráis dá leithéid na mBallstát a éascú maidir le himeachtaí in ábhair choiriúla agus forfheidhmiú cinntí. Baineann an beart atá beartaithe go sonrach leis an réimse seo agus cuireann sé le reachtaíocht ábhartha an Aontais atá ann cheana.

·Coimhdeacht (maidir le hinniúlacht neamheisiach)

Ní féidir córas láraithe a bhunú ar leibhéal an Bhallstáit amháin chun faisnéis taifid choiriúil NTTanna arna gciontú a mhalartú . Chun córas coiteann a chur ar bun a bhfuil sé d'aidhm aige malartú faisnéise caighdeánaithe, gasta, comhordaithe agus éifeachtúil a dhéanamh idir na Ballstáit, teastaíonn obair as lámh a chéile. Ní féidir seo a bhaint amach go haontaobhach ar leibhéal an Bhallstáit ná go déthaobhach idir Bhallstáit. Is tasc é atá le déanamh ar leibhéal an Aontais.

·Comhréireacht

Is gá malartú éifeachtúil faisnéise taifid choiriúil chun dul i ngleic le coireacht trasteorann agus cuidíonn sé go mór chun prionsabal an aitheantais fhrithpháirtigh ar bhreithiúnais agus ar chinntí breithiúnacha a chur i bhfeidhm i limistéar coiteann ceartais agus slándála ina mbíonn saorghluaiseacht ag daoine. Dá bhrí sin, tá beart ar leibhéal an Aontais comhréireach le cuspóirí an tionscnaimh. Ní théann na hathruithe atá beartaithe thar a bhfuil riachtanach chun cuspóir an chomhair breithiúnaigh trasteorann a bhaint amach, agus chun cur leis an méid atá á gcur i bhfeidhm cheana sa ECRIS atá i bhfeidhm faoi láthair do náisiúnaigh an Aontais.

Sa rogha atá beartaithe, déantar faisnéis chéannachta NTT arna chiontú a lárú i gcóras atá i bhfeidhme ar fud an Aontais arna bhunú le déileáil le ECRIS-TCN agus is é eu-LISA a dhéanfaidh an córas sin a fhorbairt agus a bhainistiú. Is féidir le Ballstát ar mian leis na Ballstáit a shainaithint ag a bhfuil faisnéis taifid choiriúil náisiúnaigh tríú tír ar leith déanamh amhlaidh trí chuardach amas/gan amas a dhéanamh i lárchóras na NTTanna.

I gcomparáid le togra 2016 ón gCoimisiún maidir le córas díláraithe, níl athruithe ar chomhréireacht an réitigh atá beartaithe ach maidir le próiseáil lárnach na sonraí pearsanta. Maidir le neamh-idirdhealú idir náisiúnaigh de chuid an Aontais agus NTTanna, déanann an réiteach atá beartaithe sonraí céannachta maidir le NTTanna a lárú ar leibhéal an Aontais, agus déantar sonraí maidir le náisiúnaigh de chuid an Aontais a stóráil agus a phróiseáil ar leibhéal an Bhallstáit. Tá an méid sin comhréireach agus tá údar maith leis, mar ní thagann aon mhíbhuntáistí suntasacha as an difríocht sa chaoi a bpléitear le NTTanna agus ní fhéadfaí cuspóirí an tionscnaimh a bhaint amach chomh maith céanna ar bhealach díláraithe.

Tháinig saincheisteanna teicniúla nach rabhthas ag súil leo chun cinn maidir le malartú na méarlorg a bhfuil ainm bréige ag gabháil leo i ndiaidh togra 2016 ón gCoimisiún a ghlacadh, agus léirigh tuilleadh anailíse a rinneadh go bhfuil sé i bhfad níos costasaí agus níos casta roghanna malartacha díláraithe a chur chun feidhme, agus go méadaítear an riosca go mbeidh fadhbanna teicniúla le linn na céime cur chun feidhme. Cé go bhfuil roinnt difríochtaí idir na roghanna láraithe agus díláraithe, níl na difríochtaí mór le húdar a thabhairt gur cheart níos mó a chaitheamh ar réiteach díláraithe a cheapadh.



·An rogha ionstraime

Togra le haghaidh Rialacháin atá á chur ar aghaidh ag an gCoimisiún, mar leis an ionstraim reachtach atá beartaithe déantar lárchóras ar leibhéal an Aontais a bhunú, arna bhainistiú ag an nGníomhaireacht Eorpach eu-LISA, agus leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 1077/2011 12 freisin. Tá an Rialachán infheidhme go díreach sna Ballstáit ar fad agus ina cheangal go huile agus go hiomlán agus dá bhrí sin áirithítear leis cur i bhfeidhm aonfhoirmeach na rialacha ar fud an Aontais agus a dteacht i bhfeidhm ag an am céanna. Áirithítear leis deimhneacht dhlíthiúil trí léirmhínithe éagsúla sna Ballstáit a sheachaint, agus dá bhrí sin, ní tharlóidh ilroinnt dhlíthiúil .

3.TORTHAÍ Ó MHEASTÓIREACHTAÍ EX POST, Ó CHOMHAIRLIÚCHÁIN LEIS NA PÁIRTITHE LEASMHARA AGUS Ó MHEASÚNUITHE TIONCHAIR

·Meastóireachtaí ex post/seiceálacha oiriúnachta ar an reachtaíocht atá ann cheana

Sa Tuarascáil ar chur chun feidhme Chinneadh Réime 2009/315/JHA ón gComhairle 2016 13 , tugtar d'aire go ndearnadh dul chun cinn suntasach maidir le malartú faisnéise taifid choiriúil idir na Ballstáit, agus go bhfuil na forálacha is tábhachtaí curtha chun feidhme go sásúil, cé go ndearnadh forálacha eile a thrasuí go míchothrom. Déantar easnaimh Airteagal 7(4) den Chinneadh Réime a shonrú sa Tuarascáil agus an gá le sásra éifeachtúil a bhunú le haghaidh malartuithe faisnéise maidir le NTTanna.

·Comhairliúcháin leis na páirtithe leasmhara

Forbraíodh straitéis fhorleathan chomhairliúcháin chun rannpháirtíocht leathan a áirithiú le linn thimthriall beartais thogra 2016 ón gCoimisiún. Áirithíodh sna comhairliúcháin sin teagmhálacha déthaobhacha, cruinnithe le páirtithe leasmhara agus le saineolaithe agus cúnamh scríofa chun tuairimí eolasacha agus ionadaíocha a chur ar fáil don Choimisiún. D'iarr an Coimisiún raidhse leathan cothrom tuairimí maidir leis an tsaincheist seo tríd an deis a thabhairt do na páirtithe ábhartha ar fad (na Ballstáit, na húdaráis náisiúnta, dlíodóirí, lucht léinn, páirtithe leasmhara na gceart bunúsach, páirtithe leasmhara cosanta sonraí) a gcuid tuairimí a chur in iúl, go háirithe Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chearta Bunúsacha, an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí agus an Mheitheal Oibre ar Airteagal 29, ina bhfuil údaráis mhaoirseachta cosanta sonraí na mBallstát. Rinneadh tuilleadh comhairliúcháin leis an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí agus na Ballstáit agus an togra seo á ullmhú. Ina theannta sin, rinneadh an tsaincheist a phlé i sainghrúpa an Choimisiúin maidir leis an dlí coiriúil, ina bhfuil lucht léinn agus cleachtóirí i réimse an dlí choiriúil, an 23 Márta 2017.

Chuathas i gcomhairle le páirtithe leasmhara na gceart bunúsach roimh thogra an Choimisiúin in Eanáir 2016, ach tá a gcuid tuairimí fós bailí. D'aithin siad i gcoitinne na héifeachtaí dearfacha a bheadh ag sásra ECRIS-TCN amach anseo ó thaobh an cheartais de tríd an gcabhair a thabharfadh sé pianbhreitheanna iomchuí a ghearradh agus páistí a chosaint ar mhí-úsáid, chomh maith leis na héifeachtaí dearfacha a bheadh aige i dtaca le cinnteacht dhlíthiúil do dhaoine nach bhfuil taifead coiriúil acu. Thacaigh siad i bprionsabal le córas díláraithe, a bheadh níos lú cur isteach aige ar an gceart maidir le cosaint sonraí pearsanta, dar leo, i gcomparáid le lárchóras ar leibhéal an Aontais.

Léirigh na páirtithe leasmhara sin freisin go bhféadfaí córas is sonrach do NTTanna a thabhairt isteach lena gcaithfí le NTTanna ar bhealach difriúil ó náisiúnaigh de chuid an Aontais, a mhéid a urramódh an córas an prionsabal sin agus a bheadh údar oibiachtúil ann é a bheith riachtanach agus comhréireach, ó thaobh phrionsabal an chomhionannais de. Is gá fachtóirí is sonrach do NTTanna a chur san áireamh anseo, mar tá baol ann go mbeadh droch-thionchair ar chearta bunúsacha NTTanna ag córas láraithe, agus ba cheart na rioscaí sin a mhaolú. Tharraing na páirtí leasmhara aird ar na coimircí is gá chun dul i ngleic le staid shonrach na NTTanna i gcomhthéacs na himirce, na húsáide a bhaintear as méarloirg, chearta an pháiste, agus i gcomhthéacs ábhair sonraí agus réitigh éifeachtacha.

Sa Tuairim 3/2016 uaidh maidir le togra ón gCoimisiún an 19 Eanáir 2016, mhol an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí ainm bréige a chur i bhfeidhm mar choimirce cuí chun an cur isteach ar an gceart ar shaol príobháideach agus an ceart ar shonraí pearsanta a chosaint a laghdú i gcás na ndaoine lena mbaineann. Chomh maith leis sin, mhol an Maoirseoir an cur chuige díláraithe a roghnaigh an Coimisiún sa togra uaidh an 19 Eanáir 2016, gan rogha láraithe a chur as an áireamh. Ag cruinniú na saineolaithe an 10–11 Eanáir 2017, thacaigh na Ballstáit le lárchóras lena náirítear sonraí céannachta NTTanna arna gciontú, ach dhiúltaigh siad do lárú breise sonraí, amhail sonraí céannachta náisiúnaigh de chuid an Aontais, agus do shonraí maidir le ciontuithe a áirithiú sa bhunachar sonraí láraithe.

Le linn an chruinnithe saineolaithe céanna chuaigh an Coimisiún i gcomhairle leis na Ballstáit freisin maidir leis na hiarmhairtí a d'fhéadfadh a bheith ag obair an Ghrúpa Ardleibhéil Saineolaithe ar Chórais Faisnéise agus Idir-inoibritheacht ar an reachtaíocht atá idir lámha. Dar leis na Ballstáit ba cheart an bhéim a bheith ar an gcóras ECRIS-TCN a bhunú go tapa. Cé go raibh ábhar machnaimh sna coincheapa eile, agus cé gur cheart an córas a cheapadh chun idirnaisc a d'fhéadfadh a bheith ann amach anseo a chur san áireamh, dhearbhaigh na Ballstáit gurbh é úsáid sheirbhís chomhroinnte meaitseála bhithmhéadraí an taon ghné a bhféadfaidís tacú leis láithreach bonn. Ar a bharr sin, chuir na Ballstáit in iúl gur cheart an fhéidearthacht íomhánna den aghaidh a stóráil a bheith ann ón tús, ionas go bhféadfaí bogearraí aghaidh aitheanta a úsáid ina dhiaidh sin chun sainaithint níos éifeachtaí a chur i bhfeidhm.  

·Bailiú agus úsáid saineolais

Le cois na staidéar agus na sonraí a úsáideadh agus an togra 2016 á ullmhú, rinneadh staidéar a choimisiúnú i Márta 2016 ar an bhféidearthacht méarloirg a úsáid agus ar na costais a bhainfeadh leis 14 . Ina theannta sin, i staidéar comhlántach ar an tionchar ar na costais a bheadh ag rogha láraithe lena náirítear mearloirg rinneadh measúnú cuimsitheach ar an gcás a roghnaíodh, agus rinneadh machnamh ar an úsáid a d'fhéadfaí a bhaint as an gcóras comhroinnte meaitseála bithmhéadraí agus ar an bprofú a dhéanfaí ar an gcóras láraithe maidir le hidir-inoibritheacht 15 .

·Measúnú tionchair

Rinne an Coimisiún measúnú tionchair 16 le dul leis an togra ón gCoimisiún le haghaidh Treorach an 19 Eanáir 2016 (COM(2016) 7 final). Leis an togra forlíontach seo tá nóta anailíse, a chuireann leis an measúnú tionchair sin.

Sa nóta anailíse, déanann an Coimisiún anailís bhreise ar an réiteach tosaíochta córas ECRIS-TCN a chruthú a chomhlíonann na ceanglais fheidhmiúla agus a sheachnaíonn na deacrachtaí teicniúla a bhaineann le méarloirg a bhfuil ainm bréige ag gabháil leo. Rinneadh anailísiú ar thionchar an réitigh seo ar na costais bhunaithe, na costais riaracháin, na cearta bunúsacha agus an chosaint sonraí, agus cuireadh san áireamh na torthaí ón gcomhairliúchán spriocdhírithe le páirtithe leasmhara a rinneadh sular glacadh an togra le haghaidh Treorach in Eanáir 2016, agus torthaí an dá staidéar thuasluaite a rinneadh in 2016 agus in 2017. Breithníodh torthaí an Ghrúpa Ardleibhéil Saineolaithe ar Chórais Faisnéise agus Idir-inoibritheacht, chomh maith le torthaí chruinniú na saineolaithe ECRIS an 10–11 Eanáir 2017. Rinneadh measúnú breise ar chostais, go háirithe maidir leis an rogha tosaíochta, agus léirítear é sa nóta.

Is é an córas láraithe lena náirítear sonraí alfa-uimhriúla agus méarloirg an rogha tosaíochta. Is é an rogha seo is costas-éifeachtúla, agus tá sí níos simplí ar leibhéal teicniúil agus níos éasca a bhainistiú i gcomparáid leis na roghanna eile. Maidir le neamh-idirdhealú idir náisiúnaigh de chuid an Aontais agus NTTanna, cé go ndéantar sonraí céannachta NTTanna a lárú ar leibhéal an Aontais leis an rogha seo, agus déantar sonraí náisiúnaigh de chuid an Aontais a stóráil agus a phróiseáil ar leibhéal an Bhallstáit, tá an rogha seo comhréireach agus tá údar maith léi, mar ní thagann aon mhíbhuntáistí suntasacha as an difríocht sa chaoi a bpléitear le NTTanna. Ar a bharr sin, tá buntáiste le córas láraithe sa mhéid agus gur féidir an córas ECRIS-TCN a oiriúnú do rannpháirtíocht i seirbhís chomhroinnte meaitseála bithmhéadraí agus stóras coiteann céannachta amach seo, lena néascófaí rochtain dhíreach do Eurojust, Europol, [agus Oifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh] agus lena gcruthófaí lárphointe teagmhála i Eurojust do thríú Stáit a dteastaíodh faisnéis uathu faoi NTTanna arna gciontú. Tá an fhéidearthacht ann chomh maith córas a bhunú ar féidir é a phrofú le haghaidh idir-inoibritheacht le córais eile ar leibhéal an Aontais amach anseo, dá mba mhian le reachtóirí sa todhchaí.

Bheadh an tionchar seo a leanas ar bhuiséad an Aontais agus ar na buiséid náisiúnta: costas aonuaire ar an Aontas dar luach thart ar EUR 13 002 000, costas thart ar EUR 13 344 000 ar na Ballstáit (iomlán thart ar EUR 26 346 000); costais leantacha ar an Aontas dar luach thart ar EUR 2 133 000; meastar go dtiocfaidh méadú ar na costais do na Ballstáit thar na blianta, ag tosú ag EUR 6 087 000 agus ag méadú go EUR 15 387 000. Ciallaíonn sin go dtiocfaidh méadú de réir a chéile ar na costais leanúnacha iomlána thar na blianta, ag tosú ag EUR 8 220 000 agus ag méadú go huasmhéid EUR 17 520 000.

Faoi láthair, ní bhaineann na Ballstáit úsáid as ECRIS chun NTTanna a chuardach ach i 5 % de na cásanna, ar na cúiseanna thuasluaite. Meastar go dtiocfaidh méadú suntasach ar úsáid ECRIS i ngeall ar bhuntáistí na rogha atá beartaithe. Dá mba rud é go gcuirfeadh na Ballstáit iarrataí ginearálta isteach go córasach, ba é an tualach riaracháin a bhaineann le freagra a thabhairt ar na hiarrataí sin an ghné ba chostasaí de shreabhadh oibre ECRIS (suas le EUR 78 milliún, a mheastar); Déantar costas den sórt sin a sheachaint leis an réiteach arna bheartú.

·Cearta bunúsacha

Tugtar le fios in Airteagal 6(1) den Chonradh ar an Aontas Eorpach go naithníonn an tAontas na cearta, na saoirsí agus na prionsabail a leagtar amach sa Chairt um Chearta Bunúsacha.

Áirítear forálacha dlí ar na bearta atá beartaithe chun a áirithiú go ndéantar faisnéis i leith náisiúnaigh tríú tír arna gciontú a mhalartú ar bhonn níos éifeachtúla. Tá na forálacha sin i gcomhréir le forálacha ábhartha na Cairte, lena náirítear sonraí pearsanta a chosaint, prionsabal an chomhionannais os comhair an dlí agus toirmeasc ginearálta ar idirdhealú.

Tá na bearta atá beartaithe gan dochar don mheas ar an saol príobháideach agus ar shaol an teaghlaigh, an ceart chun leigheas éifeachtach agus triail chóir a fháil agus toimhde na neamhchiontachta. Tá na bearta atá beartaithe gan dochar freisin do phrionsabal an nonrefoulement, do chosaint i gcás ina dtarlaíonn aistriú, díbirt nó eiseachadadh agus do chaighdeáin agus do bharántais ábhartha eile a chumhdaítear i ndlí an Aontais Eorpaigh maidir le tearmann, filleadh agus teorainneacha.

Ní dhéanann na forálacha difear do na cearta bunúsacha, lena náirítear an ceart sonraí pearsanta a chosaint, níos mó ná thar a bhfuil fíor-riachtanach chun cuspóir an chomhair bhreithiúnaigh in ábhair choiriúla a bhaint amach, i gcomhréir le ceanglais Airteagal 52(1) den Chairt.

Maidir le córas láraithe a chur ar bun ar leibhéal an Aontais ina mbeidh sonraí pearsanta, is gá togra 2016 ón gCoimisiún do Threoir a fhorlíonadh le gníomh reachtach chun a bhunú, roinnt na bhfreagrachtaí idir an Ballstát agus an eagraíocht atá freagrach as a fhorbairt, agus a bhainistiú oibríochtúil a rialáil, chomh maith le haon fhorálacha cosanta sonraí ar leith is gá chun na socruithe maidir le cosaint sonraí atá ann cheana a fhorlíonadh agus foráil a dhéanamh maidir le leibhéal foriomlán leordhóthanach i dtaca le cosaint sonraí agus slándáil sonraí. Ní mór cearta bunúsacha na ndaoine lena mbaineann a chosaint chomh maith.

Is saintréith de chuid na rogha a rinneadh é próiseáil na sonraí pearsanta ar an leibhéal náisiúnta agus ar leibhéal an Aontais araon. Dá bhrí sin, is gá na rialacha maidir le cosaint sonraí atá ann cheana don chóras díláraithe ECRIS atá ann faoi láthair ar leibhéal na mBallstát a fhorlíonadh le rialacha sonracha maidir le sonraí a phróiseáil ar leibhéal an Aontais. Ní mór córas breise maidir le cosaint sonraí – amhail an córas a úsáidtear le haghaidh córais mhalartaithe faisnéise láraithe atá ann cheana ar leibhéal an Aontais – a chur i bhfeidhm, dá bhrí sin, agus caithfidh sé Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 [, nó a Rialachán a thagann i gcomharbacht air] a chomhlíonadh. Cumhdaítear próiseáil sonraí pearsanta ag eu-LISA faoi Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 cheana féin.

Maidir le cosaint sonraí agus slándáil, níl aon difríochtaí suntasacha ann idir na réitigh dhifriúla a d’fhéadfadh a bheith ann, fiú más gá rialacha soiléire don rogha lárnach a rinneadh agus idirdhealú idir cúraimí na mBallstáit agus cúraimí an Aontais Eorpaigh. Is féidir le córas cosanta sonraí ar leibhéal an Aontais an chosaint chéanna a thabhairt do bhunachair sonraí náisiúnta agus a thugann na córais náisiúnta. Tá teicneolaíocht le haghaidh bearta slándála ann a bhfuil a fiúntas cruthaithe agus tá an teicneolaíocht sin á cur i bhfeidhm cheana ar roinnt bunachar sonraí mórscála de chuid an Aontais, mar atá Córas Faisnéise Schengen (SIS), Córas Faisnéise Víosaí (VIS) agus Eurodac.

Tá sé d’oibleagáid ar na Ballstáit a áirithiú go gcuirfear na forálacha chun feidhme agus lánurraim á tabhairt do na cearta bunúsacha agus do na prionsabail bhunúsacha mar a chumhdaítear sa Chairt iad, lena náirítear i gcás a bhfreagrachtaí as na sonraí a bhailiú agus a úsáid. Ní mór do na Ballstáit a áirithiú freisin go bhfuil an ceart ag na hábhair sonraí na sonraí sin a rochtain chun iad a cheartú, agus go bhfuil leigheasanna éifeachtacha i bhfeidhm a thugann cead do na hábhair sonraí dúshlán a thabhairt i gcás taifid chóiriúla mhíchruinne agus na caighdeáin a thig ón gceart chun leigheas éifeachtach á gcomhlíonadh go hiomlán, lena náirítear cúnamh dlíthiúil agus seirbhísí ateangaireachta agus aistriúcháin a bheith ar fáil.

Nuair a bheidh an Coimisiún ag tuairisciú ar chur i bhfeidhm na bhforálacha, déanfaidh sé measúnú freisin ar thionchar na mbeart atá beartaithe agus a gcur chun feidhme ar chearta bunúsacha. Áireofar sa mheasúnú sin meastóireacht ar an tionchar ar chearta bunúsacha náisiúnach tríú tír i gcomparáid leis an éifeacht ar chearta bunúsacha náisiúnach de chuid an Aontais. In athbhreithniú an Choimisiúin, díreofar go háirithe ar an ngá le húsáid méarlorg, sonraí bithmhéadracha eile agus sonraí sainaitheantais agus ar chomhréireacht na húsáide sin, i bhfianaise na taithí a fuarthas agus na nuirlisí agus na dteicnící a úsáideadh chun baol na bréagmheaitseálacha a sheachaint. Ní mór d’aon tograí maidir le hathbhreithniú a dhéanamh ar an gcóras amach anseo toradh an mheasúnuithe sin a chur san áireamh.

Tá an togra seo gan dochar do fhreagrachtaí na mBallstát faoina ndlíthe náisiúnta, lena náirítear rialacha maidir le ciontuithe mionaoiseach agus leanaí a iontráil i gclár náisiúnta na dtaifead coiriúil. Ar an mbealach céanna, ní chuireann sé cosc ar dhlí bunreachtúil na mBallstát ná ar chomhaontuithe idirnáisiúnta a bhfuil siad faoina gceangal a chur i bhfeidhm, go háirithe iad sin a éiríonn as an gCoinbhinsiún Eorpach um Chearta an Duine agus Saoirsí Bunúsacha, ar páirtithe iad na Ballstáit uile dóibh.

4.IMPLEACHTAÍ BUISÉADACHA

Chomh fada agus a bhaineann leis na costais aonuaire, is é EUR 13 002 000 an timchlúdach airgeadais atá beartaithe chun an Rialachán a chur chun feidhme san Aontas Eorpach. Tá an timchlúdach atá beartaithe comhoiriúnach leis an gcreat airgeadais ilbhliantúil reatha agus cumhdófar na costais tríd an gclár ceartais don tréimhse 2018–2020. Ón mbliain 2021 ar aghaidh, laghdófar ar na costais agus déanfar iad a chobhsú chun gníomhaíochtaí cothabhála a chumhdach. Tugtar tuilleadh mionsonraí sa ráiteas airgeadais reachtach a ghabhann leis an togra seo. Beartaíonn an Coimisiún cur chun feidhme agus cothabháil an chórais ECRIS-TCN a chur de chúram ar eu-LISA. Beidh acmhainní daonna breise ag teastáil ó eu-LISA chun na gníomhaíochtaí a chur i gcrích. Earcófar cúigear gníomhairí ar conradh ón mbliain 2018 amach don chéim forbartha.

5.EILIMINTÍ EILE

·Pleananna cur chun feidhme agus socruithe faireacháin, meastóireachta agus tuairiscithe

Trí bliana i ndiaidh theacht i bhfeidhm an chórais ECRIS-TCN agus gach ceithre bliana ina dhiaidh sin, déanfaidh an Coimisiún meastóireacht ar a fheidhmiú, lena náirítear a éifeachtacht chun cur le malartú faisnéise ar NTTanna arna gciontú, agus aon saincheisteanna teicniúla a bhaineann lena éifeachtúlacht. Ag an gcéim sin, déanfaidh an Coimisiún athmheasúnú freisin ar cheart an córas a leathnú chun tuilleadh sonraí a chur san áireamh. Ar bhonn na meastóireachta sin, déanfaidh an Coimisiún Cinneadh maidir le haon obair leantach iomchuí.

Déanfar faireachán leanúnach ar chur chun feidhme an chórais nua trí Bhord Bainistíochta eu-LISA agus tríd an ngrúpa saineolaithe ECRIS atá ann cheana. Leanfaidh an grúpa sin de bheith ag cur fóraim ar fáil freisin chun na cleachtais is fearr a bhunú maidir le faisnéis as taifid choiriúla a mhalartú ar leibhéal an Aontais, go háirithe an fhaisnéis a bhaineann le NTTanna arna gciontú.

Saineoidh an Coimisiún táscairí faireacháin amhail leibhéal malartuithe taifead coiriúil NTTanna i gcomparáid le líon na gciontuithe arna dtabhairt a bhaineann le NTTanna agus táscairí ábhartha eile chomh maith. Cuirfidh na Ballstáit agus eu-LISA araon staidreamh rialta ar fáil lenar féidir faireachán leanúnach a dhéanamh ar fhorbairtí ar an gcóras.

·Míniúchán mionsonraithe ar fhorálacha sonracha an togra

In Airteagal 1 leagtar amach ábhar an Rialacháin.

Ba cheart a áirithiú sa lárchóras ECRIS-TCN go bhféadfaidh na húdaráis inniúla a fháil amach go tapa agus go héifeachtúil cé na Ballstáit a bhfuil faisnéis taifid choiriúil faoi náisiúnach tríú tír á stóráil acu.

In Airteagal 2 sainítear raon feidhme an Rialacháin. Tá feidhm ag an Rialachán maidir le faisnéis chéannachta náisiúnach tríú tír a phróiseáil; níl feidhm aige maidir le próiseáil faisnéise faoi chiontuithe arna rialáil le Cinneadh Réime 2009/315/JHA, mar a leasaítear leis an Treoir arna beartú ag an gCoimisiún in 2016. Níor cheart don chóras ECRIS-TCN ach faisnéis chéannachta náisiúnach tríú tír a bhí faoi réir cinntí críochnaitheacha ó na cúirteanna coiriúla laistigh den Aontas Eorpach a phróiseáil chun faisnéis a fháil faoi na ciontuithe arna ndéanamh roimhe sin tríd an gCóras Faisnéise Eorpach um Thaifid Choiriúla arna bhunú le Cinneadh Réime 2009/315/JHA ón gComhairle.

In Airteagal 3 tá liosta sainmhínithe téarmaí atá in úsáid sa Rialachán. Cé gurb ann do shainmhínithe áirithe san acquis ábhartha cheana, sainmhínítear coincheapa eile anseo den chéad uair.

Cuirtear sainmhíniú ar "náisiúnach tríú tír" isteach chun a shoiléiriú, chun críocha an Rialacháin seo, go náirítear sa ghrúpa sin daoine daoine gan stát agus daoine nach eol don Bhallstát ciontaitheach an náisiúntacht atá acu. Ba cheart an sainmhíniú sin a bheith mar an gcéanna leis an sainmhíniú a úsáidtear sa Chinneadh Réime, arna leasú leis an Treoir arna beartú ag an gCoimisiún 2016.

I gcomhthéacs chur i bhfeidhm an Rialacháin seo, ciallaíonn "údaráis inniúla" údaráis lárnacha na mBallstát, mar aon le Eurojust, Europol, [ agus Oifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh.] 17

In Airteagal 4 tugtar tuairisc ar ailtireacht theicniúil an chórais ECRIS-TCN. Ba cheart gurb iad na Seirbhísí daingne Tras-Eorpacha le haghaidh Teileamaitic idir Riaracháin (sTESTA) nó aon fhorbairt bhreise orthu sin an bonneagar cumarsáide a úsáidfear. Soiléirítear san Airteagal go ndéanfar na bogearraí comhéadain don chóras nua a chomhtháthú leis sna bogearraí tagartha do chur chun feidhme ECRIS, ionas gur féidir leis an úsáideoir iad a úsáid go furasta agus gan stró.

In Airteagal 5 cuirtear d'oibleagáid ar an mBallstát ciontaitheach taifead sonraí a chruthú sa lárchóras ECRIS-TCN do gach náisiúnach tríú tír arna chiontú a luaithe agus is féidir i ndiaidh an ciontú a iontráil i gclár náisiúnta na dtaifead coiriúil.

Níor cheart a bheith sa chóras ECRIS-TCN ach faisnéis chéannachta náisiúnach tríú tír arna gciontú ag cúirt coiriúil laistigh den Aontas Eorpach. Ba cheart a áirithiú ar an bhfaisnéis chéannachta sin sonraí alfa-uimhriúla, sonraí méarlorg i gcomhréir le Cinneadh Réime 2009/315/JHA arna leasú leis an Treoir arna beartú ag an gCoimisiún in 2016, agus íomhánna den aghaidh sa mhéid agus go ndéantar iad a thaifeadadh i mbunachair shonraí náisiúnta na dtaifead coiriúil sna Ballstáit.

Chun a áirithiú go mbeidh an córas a éifeachtaí agus is féidir, faoin Airteagal seo cuirtear d’oibleagáid ar na Ballstáit taifid de chiontuithe "stairiúla" náisiúnach tríú tír a chruthú sa chóras ECRIS-TCN, i.e. ciontuithe a tugadh sular tháinig an Rialachán i bhfeidhm. Faoi Airteagal 25, ba cheart do na Ballstáit an próiseas sin a chur i gcrích laistigh de 24 mhí ón uair a thiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm. Chun na críche sin, áfach, níor cheart go mbeadh sé d’oibleagáid ar na Ballstáit faisnéis a bhailiú nár iontráladh ina dtaifid chóiriúla cheana féin sular tháinig an Rialachán i bhfeidhm.

In Airteagal 6 pléitear úsáid íomhánna den aghaidh. Faoi láthair, féadfar íomhánna den aghaidh atá sa chóras ECRIS-TCN a úsáid chun críche an chéannacht a fhíorú, agus chun na críche sin amháin. Amach anseo, ní chuirfear as an áireamh é, nuair a bheidh na bogearraí aghaidh-aitheanta forbartha, go bhféadfaí na híomhánna den aghaidh a úsáid le haghaidh meaitseáil bhithmhéadrach uathoibríoch ar choinníoll gur comhlíonadh na ceanglais theicniúla maidir leis sin.

In Airteagal 7 déantar foráil maidir le rialacha úsáidte an chórais ECRIS-TCN chun na Ballstáit ag a bhfuil faisnéis taifid chóiriúil a shainaithint chun faisnéis a fháil faoi na ciontuithe arna ndéanamh roimhe sin tríd an gCóras Faisnéise Eorpach um Thaifid Choiriúla arna bhunú le Cinneadh Réime 2009/315/JHA ón gComhairle. Beidh feidhm ag na teorainneacha de réir cuspóra a áirítear sa Chinneadh Réime arna leasú leis an Treoir arna beartú in 2016 maidir le haon mhalartú a dhéanfar ina dhiaidh sin ar fhaisnéis taifid chóiriúil.

Cuirtear d’oibleagáid ar na Ballstáit úsáid a bhaint as an gcóras ECRIS-TCN i ngach cás ina bhfaigheann siad iarratas ar fhaisnéis faoi chiontuithe arna ndéanamh roimhe sin ag náisiúnaigh tríú tír i gcomhréir leis an dlí náisiúnta, agus obair leantach a dhéanamh ar aon amais i gcomhar leis na Ballstáit arna sainaithint tríd an gcóras ECRIS. Ba cheart feidhm a bheith ag an oibleagáid sin maidir leis an dá iarratas ar fhaisnéis chun críche imeachtaí coiriúla agus cuspóirí ábhartha eile.

Is féidir le Ballstát ar mian leis na Ballstáit a shainaithint ag a bhfuil faisnéis taifid chóiriúil NTT ar leith déanamh amhlaidh trí chuardach "amas/gan amas" a dhéanamh sa lárchóras NTTanna agus úsáid á baint as sonraí alfa-uimhriúla nó méarloirg an NTT sin, má tá na sonraí sin ar fáil. I gcás "amais", cuirfear ainmneacha na mBallstát a chuir na sonraí ar fáil in iúl mar aon leis na sonraí tagartha, agus aon sonraí céannachta gaolmhara. Dá bharr sin, beidh na Ballstáit in ann úsáid a bhaint as an gcóras ECRIS atá ann cheana chun céannacht na ndaoine lena mbaineann a fhíorú sula ndéanfar faisnéis taifid choiriúil a mhalartú.

Níor cheart glacadh leis gan smaoineamh go gciallaíonn amas sa chóras ECRIS-TCN gur ciontaíodh an náisiúnach tríú tír lena mbaineann sa Bhallstát arna léiriú nó go bhfuil faisnéis as an taifead cóiriúil ag an mBallstát arna léiriú faoin náisiúnach tríú tír sin. Níor cheart ciontuithe arna ndéanamh roimhe sin a dheimhniú ach amháin ar bhonn faisnéise a gheofar as taifid choiriúla na mBallstát lena mbaineann.

Baineann Airteagal 8 leis an tréimhse choinneála chun sonraí a stóráil.

Is féidir go mbeidh difríochtaí suntasacha sna Ballstáit idir na forálacha náisiúnta maidir le sonraí a choinneáil sna taifid chóiriúla agus sna córais méarlorg, agus ní hé is aidhm don togra seo iad a chomhchuibhiú. Tá an prionsabal seanbhunaithe a bhaineann le cloí le tréimhsí coinneála an Bhallstáit chiontaithigh infheidhme anseo freisin maidir leis na sonraí a dhéantar a tharchur chuig an lárchóras. I ndeireadh na dála, chomh fada agus a choinnítear sonraí na gciontuithe i dtaifid chóiriúla na mBallstát, ba cheart iad a bheith ar fáil freisin go mbeadh údaráis na mBallstát eile in ann iad a chur san áireamh. Is é atá i gceist leis sin freisin gur cheart na sonraí uile a bhaineann leis an duine arna chiontú a choinneáil le linn na tréimhse sin, fiú dá mba rud é go mbeadh méarloirg a tháinig as bunachar sonraí eile seachas as an taifead coiriúil scriosta cheana as bunachar sonraí náisiúnta méarlorg. Os a choinne sin, fiú más rud é go leanfar de mhéarloirg a choinneáil ar an leibhéal náisiúnta, ní mór na méarloirg sin a scriosadh ón lárchóras más rud é go ndéantar an fhaisnéis uile faoi chiontuithe a scriosadh as na taifid chóiriúla náisiúnta. Tá an cur chuige mar an gcéanna anseo i leith ciontuithe NTTanna agus atá i leith ciontuithe náisiúnach de chuid an Aontais Eorpaigh a chuirtear in iúl do na Ballstáit sin lena mbaineann náisiúntacht an duine arna chiontú faoin gCinneadh Réime.

Áirítear in Airteagal 9 oibleagáidí ar na Ballstáit cruinneas na sonraí a chuirtear chuig an lárchóras a fhíorú agus iad a cheartú chomh maith leis na sonraí a chuirtear chuig an lárchóras a leasú i gcás aon leasaithe a dhéanfar ina dhiaidh sin ar na taifid chóiriúla náisiúnta. Arís, tá sin ag teacht le loighic an Chinnidh Réime i gcomhair náisiúnaigh an Aontais Eorpaigh.

In Airteagal 10 tugtar cumhachtaí cur chun feidhme don Choimisiún chun coinníollacha aonfhoirmeacha a áirithiú maidir le feidhmiú an chórais ECRIS-TCN. Ba cheart na cumhachtaí sin a fheidhmiú i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 18 . Is é an nós imeachta scrúdúcháin an nós imeachta coiste a roghnaíodh. In Airteagal 34 déantar Airteagal 10 a fhorlíonadh maidir le bunú an nóis imeachta sin.

In Airteagal 11 cuirtear de chúram ar eu-LISA forbairt agus bainistiú oibríochtúil a dhéanamh ar an gcóras ECRIS-TCN, ós rud é go bhfuil taithí aige ar chórais láraithe eile ar mórscála a bhainistiú sa réimse ceartais agus gnóthaí baile. Cuirtear de chúram ar eu-LISA freisin tuilleadh forbartha a dhéanamh ar na bogearraí tagartha do chur chun feidhme ECRIS agus iad a chothabháil chun a áirithiú go mbeidh an córas ECRIS-TCN ag feidhmiú go rianúil agus go mbeidh an córas ECRIS amhlaidh. A bhuí leis na bogearraí tagartha don chur chun feidhme, is féidir na bogearraí idirnaisc a úsáid dá dtagraítear faoi láthair in Airteagal 3(1)(a) de Chinneadh ECRIS ón gComhairle.

In Airteagal 12 tugtar liosta de fhreagrachtaí na mBallstát maidir leis an gcóras ECRIS-TCN. Is iad na Ballstáit amháin atá freagrach as a mbunachair shonraí náisiúnta atá acu féin de thaifid choiriúla.

In Airteagal 13 tugtar aghaidh ar fhreagracht as úsáid na sonraí.

In Airteagal 14 ainmnítear Eurojust mar an pointe teagmhála do thríú tíortha agus d’eagraíochtaí idirnáisiúnta ar mian leo faisnéis faoi chiontuithe NTT a iarraidh. Is é an cuspóir atá leis sin go seachnófar go gcaithfidh tríú tíortha agus eagraíochtaí idirnáisiúnta iarrataí a chur chuig roinnt Ballstát. Níor cheart go dtabharfadh Eurojust aon fhaisnéis don tríú Stát iarrthach ná don eagraíocht idirnáisiúnta iarrthach, lena náirítear aon fhaisnéis faoi na Ballstáit ag a bhfuil sonraí na gciontuithe – ba cheart dó í a chur in iúl do na Ballstáit lena mbaineann, agus dóibh sin amháin, i gcás amais. Bheadh sé faoi na Ballstáit lena mbaineann a Chinneadh cibé acu a rachaidís i dteagmháil leis an tríú Stát nó leis an eagraíocht idirnáisiúnta nó nach rachaidís chun a léiriú go bhféadfaí faisnéis ar chiontuithe arna ndéanamh roimhe sin ag NTT a chur ar fáil i gcomhréir leis an reachtaíocht náisiúnta.

Le hAirteagal 15 tugtar rochtain dhíreach do Eurojust, Europol [, agus Oifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh] ar an gcóras ECRIS-TCN chun críche a gcúraimí reachtúla a chomhlíonadh. Mar sin féin, ba cheart nach mbeadh rochtain ag na húdaráis inniúla sin ar an gcóras ECRIS ar an gcaoi sin d’fhonn an fhaisnéis faoi chiontuithe a iarraidh, ach ba cheart dóibh úsáid a bhaint as a mbealaí cumarsáide seanbhunaithe leis na húdaráis náisiúnta chun an fhaisnéis sin a fháil. Sa chur chuige sin, urramaítear na rialacha arna mbunú sna hionstraimí reachtúla do na heagraíochtaí sin maidir lena dteagmhálacha le húdaráis na mBallstát.

In Airteagal 16 tugtar liosta de na freagrachtaí atá ar Eurojust, Europol, [agus Oifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh] maidir leis an gcóras ECRIS-TCN.

Le hAirteagal 17 rialáiltear ceist na slándála sonraí.

Baineann Airteagal 18 le dliteanas na mBallstát i leith daoine aonair nó i leith Ballstát eile i gcás aon oibríochta próiseála neamhdhleathaí nó i gcás aon bhirt nach bhfuil i gcomhréir leis an Rialachán seo. Ba cheart rialacha maidir le dliteanas na mBallstát i ndáil le damáiste a thiocfadh as sárú den chineál sin ar an Rialachán seo a leagan síos ar an leibhéal náisiúnta.

In Airteagal 19 cuirtear d’oibleagáid ar na Ballstáit faireachán a dhéanamh ar a mhéid a chomhlíonann na húdaráis lárnacha ainmnithe ar an leibhéal náisiúnta an Rialachán seo. 

Le hAirteagal 20, aon úsáid a bhainfear as sonraí a iontráiltear sa chóras ECRIS-TCN de shárú ar an Rialachán seo, beidh sé inphionóis faoin dlí náisiúnta.  

In Airteagal 21 sonraítear na rialaitheoirí sonraí agus an próiseálaí sonraí.

In Airteagal 22 déantar teorannú ar chuspóirí próiseála sonraí pearsanta sa lárchóras chun na Ballstáit a shainaithint ag a bhfuil faisnéis taifid chóiriúil NTTanna.

In Airteagal 23 tugtar do náisiúnaigh tríú tír ar iontráladh a sonraí sa chóras ECRIS-TCN ceart ar rochtain, ar cheartú agus ar scriosadh na sonraí sin i gcás ina mbeadh bonn dlí leis sin.

Le hAirteagal 24 rialaítear an comhar idir na húdaráis lárnacha agus na húdaráis mhaoirseachta chun cearta cosanta sonraí a áirithiú.

In Airteagal 25 tugtar aghaidh ar na leigheasanna dlí a bheidh ar fáil do náisiúnaigh tríú tír a nimrítear tionchar orthu.

In Airteagal 26 agus Airteagal 27 leagtar amach na rialacha maidir leis an maoirseacht a dhéanfaidh na húdaráis mhaoirseachta agus an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí. Le hAirteagal 28 rialaítear an comhar eatarthu.

Le hAirteagal 29 rialáiltear an cheist maidir le eu-LISA agus na húdaráis inniúla a bheith ag coinneáil logaí.

In Airteagal 30 tugtar aghaidh ar úsáid sonraí le haghaidh tuairisciú agus staidrimh agus cuirtear de chúram ar eu-LISA staidreamh a ullmhú maidir leis an gcóras ECRIS-TCN agus leis na bogearraí tagartha do chur chun feidhme ECRIS. Leagtar síos freisin oibleagáid ar na Ballstáit an staidreamh is gá chun dul i mbun a staidreamh a thiomsú agus a anailísiú a chur ar fáil do eu-LISA, agus staidreamh ar líon na NTTanna arna gciontú a chur ar fáil don Choimisiún, agus líon na NTTanna arna gciontú ar a gcríoch féin freisin.

Le hAirteagal 31 rialaítear na costais. D’ainneoin go bhféadfaí cláir airgeadais an Aontais a úsáid i gcomhréir leis na rialacha is infheidhme, ba cheart do gach Ballstát a chostais féin a sheasamh a eascraíonn as bunachar sonraí um thaifid choiriúla a chur chun feidhme, a riar, a úsáid agus a chothabháil, agus a eascraíonn as cur chun feidhme, riar, úsáid agus cothabháil na nathruithe teicniúla is gá a dhéanamh chun go mbeifí in ann an córas ECRIS-TCN a úsáid.

In Airteagal 32 leagtar síos go sainráite go bhfuil d’oibleagáid ar na Ballstáit a núdaráis lárnacha a chur in iúl do eu-LISA agus ar eu-LISA an teolas sin a fhoilsiú.

In Airteagal 33 leagtar síos go sainráite gurb é an Coimisiún a chinnfidh an dáta a thiocfaidh an córas ECRIS-TCN i bhfeidhm agus luaitear na réamhchoinníollacha atá le comhlíonadh sula féidir leis an gcóras a bheith beo.

Baineann Airteagal 34 le hoibleagáidí eu-LISA agus an Choimisiúin maidir le tuairisciú agus athbhreithniú. Trí bliana i ndiaidh theacht i bhfeidhm an chórais ECRIS-TCN agus gach ceithre bliana ina dhiaidh sin, déanfaidh an Coimisiún meastóireacht ar a fheidhmiú, lena náirítear a éifeachtacht chun cur le malartú faisnéise ar NTTanna arna gciontú, agus aon saincheisteanna teicniúla a bhaineann lena éifeachtúlacht. Ag an gcéim sin, déanfaidh an Coimisiún athmheasúnú freisin ar cheart an córas a leathnú chun tuilleadh sonraí a chur san áireamh. Ar bhonn na meastóireachta sin, déanfaidh an Coimisiún Cinneadh maidir le haon obair leantach iomchuí.

Baineann Airteagal 35 leis an nós imeachta coiste atá le húsáid arna bunú ar fhoráil chaighdeánach.

Foráiltear le hAirteagal 36 go gcuirfidh eu-LISA grúpa comhairleach ar bun a chuideoidh le forbairt agus le hoibríochtaí an chórais ECRIS-TCN agus na mbogearraí tagartha do chur chun feidhme ECRIS.

Le hAirteagal 37 rialáiltear na leasuithe ar Rialachán (AE) 1077/2011 maidir le freagrachtaí agus cúraimí nua eu-LISA.

In Airteagal 38 leagtar amach an spriocdháta 24 mhí tar éis theacht i bhfeidhm an Rialacháin do na Ballstáit é a chur chun feidhme ar an leibhéal náisiúnta. Leagfar amach sna gníomhartha cur chun feidhme na sonraíochtaí maidir le forbairt agus cur chun feidhme teicniúil an chórais ECRIS-TCN.

Foráiltear in Airteagal 39 maidir leis an Rialachán seo teacht i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

2017/0144 (COD)

Togra le haghaidh

RIALACHÁN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

lena mbunaítear córas láraithe leis na Ballstáit a shainaithint ag a bhfuil faisnéis faoi chiontuithe náisiúnach tríú tír agus daoine gan stát (NTTanna) chun an Córas Faisnéise Eorpach um Thaifid Choiriúla (an córas ECRIS-TCN) a fhorlíonadh agus chun tacú leis agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 1077/2011

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 82(1)(d) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach,

De bharr an méid seo a leanas:

(1)Tá sé leagtha síos mar chuspóir ag an Aontas limistéar saoirse, slándála agus ceartais a chur ar fáil dá shaoránaigh, gan teorainneacha inmheánacha, ina náiritheofar saorghluaiseacht daoine, i dteannta bearta iomchuí chun an choireacht a chosc agus a chomhrac.

(2)Chun an cuspóir sin a bhaint amach, is gá faisnéis faoi chiontuithe a thugtar sna Ballstáit a chur san áireamh lasmuigh den Bhallstát ciontaitheach, le linn imeachtaí nua coiriúla, mar a leagtar síos i gCinneadh Réime 2008/675/JHA 19 ón gComhairle agus, ina theannta sin, d’fhonn cionta nua a chosc.

(3)Mar chuid den chuspóir sin, glactar leis go ndéanfar faisnéis arna baint as taifid choiriúla a mhalartú idir údaráis inniúla na mBallstát. Eagraítear agus éascaítear an malartú faisnéise sin a bhuí leis na rialacha a leagtar amach i gCinneadh Réime 2009/315/JHA 20 ón gComhairle agus tríd an gCóras Faisnéise Eorpach um Thaifid Choiriúla (ECRIS) a bunaíodh le Cinneadh 2009/316/JHA ón gComhairle 21 .

(4)Ní chumhdaítear go leordhóthanach, áfach, sainghnéithe na niarrataí a bhaineann le náisiúnaigh tríú tír faoi chreat dlíthiúil ECRIS. Cé gur féidir anois faisnéis a mhalartú faoi náisiúnaigh tríú tír trí ECRIS, níl aon nós imeachta ná sásra ann chun é sin a dhéanamh go héifeachtúil.

(5)Ní bhailítear faisnéis faoi náisiúnaigh tríú tír laistigh den Aontas i mBallstát na náisiúntachta mar a bhailítear i gcás náisiúnaigh Ballstát; ní dhéantar ach í a stóráil sna Ballstáit inar tugadh na ciontuithe. Ní féidir, dá bhrí sin, forléargas iomlán a fháil ar stair choiriúil náisiúnaigh tríú tír ach amháin má iarrtar an fhaisnéis sin ar na Ballstáit go léir.

(6)Le “hiarrataí ginearálta” den sórt sin, forchuirtear ualach riaracháin ar na Ballstáit uile, lena náirítear na Ballstáit sin nach bhfuil faisnéis acu faoin náisiúnach tríú tír sin. I gcleachtas, i ngeall ar an ualach sin, díspreagtar na Ballstáit ó fhaisnéis faoi náisiúnaigh tríú tír a iarraidh agus, mar thoradh air sin, ní bhíonn ag na Ballstáit d’fhaisnéis taifid choiriúil ach an fhaisnéis atá á stóráil ina gclár náisiúnta féin.

(7)Chun cúrsaí a fheabhsú, ba cheart córas a bhunú trína bhféadfaidh údarás lárnach Ballstáit a fháil amach go tapa agus go héifeachtúil cé na Ballstáit eile a bhfuil faisnéis taifid choiriúil faoi náisiúnach tríú tír á stóráil acu ionas go bhféadfaí leas a bhaint ansin as an gcreat ECRIS atá ann cheana chun faisnéis taifid choiriúil a iarraidh ó na Ballstáit sin i gcomhréir le Cinneadh Réime 2009/315/JHA.

(8)Ar an ábhar sin, ba cheart a leagan síos leis an Rialachán seo rialacha maidir le córas láraithe a chur ar bun ina mbeidh sonraí pearsanta ar leibhéal an Aontais, roinnt na bhfreagrachtaí idir an Ballstát agus an eagraíocht atá freagrach as an gcóras a fhorbairt agus a chothabháil, agus maidir le haon fhorálacha cosanta sonraí ar leith is gá chun na socruithe maidir le cosaint sonraí atá ann cheana a fhorlíonadh agus ba cheart dó foráil a dhéanamh maidir le leibhéal foriomlán leordhóthanach i dtaca le cosaint sonraí agus slándáil sonraí. Ba cheart cearta bunúsacha na ndaoine lena mbaineann a chosaint chomh maith.

(9)Ba cheart a chur de chúram ar an nGníomhaireacht Eorpach chun bainistiú oibríochtúil a dhéanamh ar chórais mhórscála TF sa limistéar saoirse, slándála agus ceartais (eu-LISA), arna bunú le Rialachán (AE) Uimh. 1077/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 22 d’fhonn na Ballstáit ag a bhfuil faisnéis faoi chiontuithe arna ndéanamh roimhe sin ag náisiúnaigh tríú tír a shainaithint (“an Córas ECRIS-TCN”), an córas nua láraithe ECRIS-TCN a fhorbairt agus a oibriú, i bhfianaise na taithí atá ag an nGníomhaireacht córais mhórscála eile a bhainistiú i réimse an cheartais agus na ngnóthaí baile. Ba cheart sainordú na Gníomhaireachta a leasú chun na cúraimí nua sin a léiriú.

(10)Ó tharla go bhfuil sé riachtanach dlúthnaisc theicniúla a chruthú idir an córas ECRIS-TCN agus an córas ECRIS atá ann faoi láthair, ba cheart a chur de chúram ar eu-LISA chomh maith bogearraí tagartha do chur chun feidhme ECRIS a fhorbairt tuilleadh agus a chothabháil, agus ba cheart sainordú eu-LISA a leasú chun é sin a léiriú.

(11)Níor cheart go mbeadh sa chóras ECRIS-TCN ach faisnéis chéannachta náisiúnach tríú tír arna gciontú i gcúirt chóiriúil laistigh den Aontas Eorpach, agus an fhaisnéis sin amháin, a chuimsiú. Ba cheart a áireamh ar an bhfaisnéis chéannachta sin sonraí alfa-uimhriúla, sonraí méarlorg i gcomhréir le Cinneadh Réime 2009/315/JHA agus íomhánna den aghaidh a mhéid a dhéantar iad a thaifeadadh i mbunachair shonraí náisiúnta na dtaifead cóiriúil sna Ballstáit.

(12)I gcás ina ndéantar meaitseáil idir sonraí atá ar taifead sa lárchóras agus na sonraí a úsáideann an Ballstát chun cuardach a dhéanamh (amas), cuirtear ar fáil an fhaisnéis chéannachta dá bhfuarthas “amas” ina coinne a thaifeadadh, mar aon leis an amas. Níor cheart an fhaisnéis sin a úsáid ach chun cúnamh a thabhairt céannacht an náisiúnaigh tríú tír lena mbaineann a dheimhniú. D’fhéadfaí a áireamh leis sin sonraí den sórt sin a thaifeadadh mar ailias náisiúnaigh tríú tír i mbunachar sonraí náisiúnta na dtaifead coiriúil sna Ballstáit a dhéanann an cuardach.

(13)Ar an gcéad dul síos, níor cheart íomhánna den aghaidh atá sa chóras ECRIS-TCN a úsáid ach chun críche céannacht náisiúnaigh tríú tír a fhíorú, agus chun na críche sin amháin. San am atá amach romhainn, nuair a bheidh na bogearraí aghaidh-aitheanta forbartha, b’fhéidir go bhféadfaí na híomhánna den aghaidh a úsáid le haghaidh meaitseáil bhithmhéadrach uathoibríoch ar choinníoll gur comhlíonadh na ceanglais theicniúla maidir leis sin.

(14)Is gá an bhithmhéadracht a úsáid óir is í an modh is iontaofa chun náisiúnaigh tríú tír atá ar chríoch na mBallstát a shainaithint, nach bhfuil doiciméid ná aon mhodh eile inar féidir iad a shainaithint ina seilbh acu, agus chun sonraí náisiúnach tríú tír a mheaitseáil ar bhealach níos iontaofa.

(15)Ba cheart do na Ballstáit taifid a chruthú sa chóras ECRIS-TCN maidir le náisiúnaigh tríú tír arna gciontú a luaithe is féidir i ndiaidh an ciontú a iontráil i gclár náisiúnta na dtaifead coiriúil.

(16)Lena chois sin, ba cheart do na Ballstáit taifid a chruthú sa chóras ECRIS-TCN maidir le náisiúnaigh tríú tír arna gciontú roimh theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo chun a áirithiú go mbeidh an córas chomh héifeachtach agus is féidir. Chun na críche sin, áfach, níor cheart go mbeadh sé d’oibleagáid ar na Ballstáit faisnéis a bhailiú nár iontráladh ina dtaifid chóiriúla cheana féin sular tháinig an Rialachán i bhfeidhm.

(17)Mar thoradh ar an bhfeabhas a chuirfear ar scaipeadh faisnéise faoi chiontuithe, ba cheart é a bheith ina chabhair ag na Ballstáit Cinneadh Réime 2008/675/JHA a chur chun feidhme, rud a chuireann oibleagáid ar na Ballstáit ciontuithe arna ndéanamh roimhe sin a chur san áireamh le linn imeachtaí nua coiriúla.

(18)Ba cheart é a bheith d’oibleagáid ar na Ballstáit úsáid a bhaint as an gcóras ECRIS-TCN i ngach cás ina bhfaighidh siad iarraidh ar fhaisnéis faoi chiontuithe arna ndéanamh roimhe sin ag náisiúnaigh tríú tír i gcomhréir leis an dlí náisiúnta, agus an obair leantach a dhéanamh ar aon amais leis na Ballstáit arna sainaithint tríd an gcóras ECRIS. Níor cheart an oibleagáid sin a theorannú d’iarrataí a bhaineann le himscrúduithe coiriúla amháin.

(19)Níor cheart glacadh leis gan smaoineamh go gciallaíonn amas sa chóras ECRIS-TCN gur ciontaíodh an náisiúnach tríú tír lena mbaineann sa Bhallstát arna léiriú nó go bhfuil faisnéis taifid choiriúil ag an mBallstát arna léiriú faoin náisiúnach tríú tír sin. Níor cheart ciontuithe arna ndéanamh roimhe sin a dheimhniú ach amháin ar bhonn faisnéise a gheofar as taifid choiriúla na mBallstát lena mbaineann.

(20)D’ainneoin go bhféadfaí cláir airgeadais an Aontais a úsáid i gcomhréir leis na rialacha is infheidhme, ba cheart do gach Ballstát a chostais féin a sheasamh a eascraíonn as a bhunachar sonraí um thaifid choiriúla agus a bhunachair shonraí náisiúnta méarlorg a chur chun feidhme, a riar, a úsáid agus a chothabháil, agus a eascraíonn as cur chun feidhme, riar, úsáid agus cothabháil na nathruithe teicniúla is gá a dhéanamh chun go mbeifí in ann an córas ECRIS-TCN a úsáid, lena náirítear na naisc atá aige leis an lárphointe rochtana náisiúnta.

(21)Ba cheart rochtain a bheith ag Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh i ndáil le comhar i bhforfheidhmiú an dlí (Europol) arna bunú le Rialachán (AE) 2016/794 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 23 , ag Eurojust arna bhunú le Cinneadh 2002/187/JHA ón gComhairle 24 [agus ag Oifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh arna bunú le Rialachán (AE) .../... 25 ] ar an gcóras ECRIS-TCN leis na Ballstáit ag a bhfuil faisnéis taifid choiriúil faoi náisiúnach tríú tír a shainaithint chun tacú lena gcúraimí reachtúla.

(22)Leis an Rialachán seo, leagtar síos rialacha dochta agus na coimircí is gá maidir leis an gcóras ECRIS-TCN a rochtain, lena náirítear an fhreagracht atá ar na Ballstáit na sonraí a bhailiú agus a úsáid. Lena chois sin, leagtar amach ann cearta an duine aonair i ndáil le cúiteamh, rochtain, ceartú, scriosadh agus sásamh, go háirithe an ceart chun leighis éifeachtaigh agus maoirseacht a dhéanamh ar oibríochtaí próiseála ag údaráis neamhspleácha phoiblí. Urramaíonn sé, dá bhrí sin, na cearta agus na saoirsí bunúsacha agus comhlíontar leis na prionsabail a aithnítear, go háirithe, sa Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh, lena náirítear an ceart chun sonraí pearsanta a chosaint, prionsabal an chomhionannais os comhair an dlí agus toirmeasc ginearálta ar idirdhealú.

(23)Ba cheart feidhm a bheith ag Treoir (AE) 2016/680 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 26 maidir le próiseáil sonraí pearsanta ag údaráis náisiúnta inniúla chun críocha cionta coiriúla a chosc, a imscrúdú, a bhrath nó a ionchúiseamh nó chun pionóis choiriúla a fhorghníomhú, lena náirítear cosaint in aghaidh bagairtí don tslándáil phoiblí agus na bagairtí sin a chosc. Ba cheart feidhm a bheith ag Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 27 maidir le próiseáil sonraí pearsanta ag údaráis náisiúnta ar choinníoll nach bhfuil feidhm ag forálacha náisiúnta lena dtrasuitear Treoir (AE) 2016/680. Ba cheart maoirseacht chomhordaithe a áirithiú i gcomhréir le hAirteagal 62 den [Rialachán nua maidir le cosaint sonraí d’institiúidí agus comhlachtaí an Aontais].

(24)Ba cheart rialacha a leagan síos maidir le dliteanas na mBallstát i ndáil le damáiste a thiocfadh as aon sáruithe ar an Rialachán seo.

(25)Ós rud é nach féidir leis na Ballstáit cuspóir an Rialacháin seo, eadhon faisnéis taifid choiriúil faoi náisiúnaigh tríú tír a mhalartú go mear agus go héifeachtúil, a ghnóthú go leordhóthanach agus, de bharr na sineirgíochta agus na hidir-inoibritheachta atá riachtanach, gur fearr is féidir é a ghnóthú ar leibhéal an Aontais, féadfaidh an tAontas bearta a ghlacadh, i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta, a leagtar amach in Airteagal 5 den Chonradh ar an Aontas Eorpach. I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta a leagtar amach san Airteagal sin, ní théann an Rialachán seo thar a bhfuil riachtanach chun an cuspóir sin a ghnóthú.

(26)Chun coinníollacha aonfhoirmeacha a áirithiú maidir le bunú agus bainistiú oibríochtúil an chórais ECRIS-TCN, ba cheart cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt don Choimisiún. Ba cheart na cumhachtaí sin a fheidhmiú i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 28 .

(27)I gcomhréir le hAirteagal 1 agus le hAirteagal 2 de Phrótacal Uimh. 22 maidir le seasamh na Danmhairge, atá i gceangal leis an gConradh ar an Aontas Eorpach agus leis an gConradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, níl an Danmhairg rannpháirteach i nglacadh an Rialacháin seo agus níl sí faoi cheangal aige ná faoi réir a chur i bhfeidhm.

(28)I gcomhréir le hAirteagal 1 agus le hAirteagal 2 agus le hAirteagal 4a(1) de Phrótacal Uimh. 21 maidir le seasamh na Ríochta Aontaithe agus na hÉireann i dtaca leis an limistéar saoirse, slándála agus ceartais, atá i gceangal leis an gConradh ar an Aontas Eorpach agus leis an gConradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus gan dochar d’Airteagal 4 den Phrótacal sin, níl an dá Bhallstát sin rannpháirteach i nglacadh na Treorach seo agus níl siad faoi cheangal aici ná faoi réir a cur i bhfeidhm.

[nó]

I gcomhréir le hAirteagal 3 agus Airteagal 4a(1) de Phrótacal Uimh. 21 maidir le seasamh na Ríochta Aontaithe agus na hÉireann i dtaca leis an limistéar saoirse, slándála agus ceartais, atá i gceangal leis an gConradh ar an Aontas Eorpach agus leis an gConradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, tá fógra tugtha ag an dá Bhallstát sin gur mian leo bheith rannpháirteach i nglacadh agus i gcur i bhfeidhm na Treorach seo.

(29)Ós rud é gur thug an Ríocht Aontaithe fógra an 29 Márta 2017 go bhfuil sé de rún aici an tAontas a fhágáil, de bhun Airteagal 50 den Chonradh ar an Aontas Eorpach, scoirfidh na Conarthaí d’fheidhm a bheith acu maidir leis an Ríocht Aontaithe ó dháta theacht i bhfeidhm an chomhaontaithe um tharraingt siar nó, dá uireasa sin, dhá bhliain tar éis an fhógra, ach amháin má chinneann an Chomhairle Eorpach, i gcomhaontú leis an Ríocht Aontaithe, síneadh ama a chur leis an tréimhse sin. Dá bharr sin, agus gan dochar d’aon fhorálacha sa chomhaontú um tharraingt siar, beidh feidhm ag an tuairisc thuasluaite ar rannpháirtíocht na Ríochta Aontaithe sa togra go dtí go scoirfidh an Ríocht Aontaithe de bheith ina Ballstát, agus go dtí an uair sin amháin.

(30)Chuathas i gcomhairle leis an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí i gcomhréir le hAirteagal 28(2) de Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 29 agus thug sé tuairim uaidh an ... 30 ,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

CAIBIDIL 1
Forálacha ginearálta

Airteagal 1
Ábhar

Leis an Rialachán seo:

(a)bunaítear córas chun na Ballstáit ag a bhfuil faisnéis faoi chiontuithe arna ndéanamh roimhe sin ag náisiúnaigh tríú tír a shainaithint ("an córas ECRIS-TCN");

(b)leagtar síos na coinníollacha faoina núsáidfidh na húdaráis inniúla an córas ECRIS-TCN chun faisnéis a fháil faoi na ciontuithe arna ndéanamh roimhe sin tríd an gCóras Faisnéise Eorpach um Thaifid Chóiriúla (ECRIS) arna bhunú le Cinneadh 2009/316/JHA. 

Airteagal 2
Raon feidhme

Tá feidhm ag an Rialachán seo maidir le próiseáil faisnéise céannachta náisiúnach tríú tír a bhí faoi réir cinntí críochnaitheacha ina gcoinne ó chúirteanna coiriúla sna Ballstáit chun críche na Ballstáit inar tugadh na cinntí sin a shainaithint.

Airteagal 3
Sainmhínithe

Chun críocha an Rialacháin seo, beidh feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:

(a)ciallaíonn "ciontú" aon Chinneadh críochnaitheach ó chúirt choiriúil i gcoinne duine nádúrtha i ndáil le cion coiriúil, a mhéid a bhreactar síos an Cinneadh sin i dtaifead coiriúil an Bhallstáit chiontaithigh;

(b)ciallaíonn "imeachtaí coiriúla" an chéim roimh an triail, céim na trialach agus forghníomhú an chiontaithe;

(c)ciallaíonn "taifead coiriúil" an clár náisiúnta nó na cláir náisiúnta ina ndéantar ciontuithe a thaifeadadh i gcomhréir leis an dlí náisiúnta;

(d)ciallaíonn "Ballstát ciontaitheach" an Ballstát ina dtugtar ciontú;

(e)ciallaíonn "údarás lárnach" an túdarás/na húdaráis arna (n)ainmniú i gcomhréir le hAirteagal 3(1) de Chinneadh Réime 2009/315/JHA;

(f)ciallaíonn "údaráis inniúla" na húdaráis lárnacha agus comhlachtaí an Aontais is inniúil chun an córas ECRIS-TCN a rochtain i gcomhréir leis an Rialachán seo;

(g)ciallaíonn "náisiúnach tríú tír" náisiúnach de chuid tír nach Ballstát í, is cuma má tá náisiúntacht Ballstáit ag an duine sin freisin, nó duine gan stát, nó duine nach eol don Bhallstát ciontaitheach an náisiúntacht atá aige;

(h)ciallaíonn "lárchóras" na bunachair shonraí, arna bhforbairt agus arna gcothabháil ag EU-LISA, ina bhfuil faisnéis chéannachta náisiúnach tríú tír a bhí faoi réir cinntí críochnaitheacha ina gcoinne ó na cúirteanna coiriúla sna Ballstáit;

(i)ciallaíonn "bogearraí comhéadain" na bogearraí arna nóstáil ag na húdaráis inniúla lenar féidir leo an lárchóras a rochtain tríd an mbonneagar cumarsáide dá dtagraítear in Airteagal 4;

(j)ciallaíonn "sainaithint" an próiseas arb é atá ann céannacht duine a dheimhniú trí chuardach i mbunachar sonraí a dhéanamh in iliomad tacar sonraí;

(k)ciallaíonn "sonraí alfa-uimhriúla" sonraí a léirítear le litreacha, le digití, le saincharachtair, le spásanna nó le comharthaí poncaíochta;

(l)ciallaíonn "sonraí méarlorg" na sonraí a bhaineann le méarloirg, idir loirg shimplí agus loirg rollta, gach ceann de na deich méar;

(m)ciallaíonn "íomhá den aghaidh" íomhá dhigiteach den aghaidh;

(n)ciallaíonn "amas" meaitseáil nó meaitseálacha a fhaightear trí chomparáid a dhéanamh idir na sonraí arna dtaifeadadh sa lárchóras agus na sonraí arna núsáid ag Ballstát don chuardach;

(o)ciallaíonn "lárphointe rochtana náisiúnta'" an pointe náisiúnta a nascann leis an mbonneagar cumarsáide dá dtagraítear in Airteagal 4;

(p)ciallaíonn "bogearraí tagartha do chur chun feidhme ECRIS" na bogearraí arna bhforbairt ag an gCoimisiún agus arna gcur ar fáil do na Ballstáit chun faisnéis taifid choiriúil a mhalartú trí ECRIS.

Airteagal 4
Ailtireacht theicniúil an chórais ECRIS-TCN

1.Is é a bheidh sa chóras ECRIS-TCN:

(a)lárchóras mar a stóráiltear faisnéis chéannachta náisiúnach tríú tír arna gciontú;

(a)lárphointe rochtana náisiúnta i ngach Ballstát;

(b)bogearraí comhéadain lena gcumasaítear nascadh na núdarás lárnach leis an lárchóras tríd an lárphointe rochtana náisiúnta agus an bonneagar cumarsáide;

(c)bonneagar cumarsáide idir an lárchóras agus an lárphointe rochtana náisiúnta.

2.Is é eu-LISA a dhéanfaidh an lárchóras a óstáil ar an dá shuíomh theicniúla atá aige.

3.Déanfar na bogearraí comhéadain a chomhtháthú leis na bogearraí tagartha do chur chun feidhme ECRIS. Bainfidh na Ballstáit úsáid as na bogearraí tagartha do chur chun feidhme ECRIS chun an córas ECRIS-TCN a cheadú, agus chun tuilleadh iarrataí ar fhaisnéis taifid choiriúil a sheoladh amach.

CAIBIDIL II
Iontráil agus úsáid sonraí ag na húdaráis lárnacha

Airteagal 5
Sonraí a iontráil sa chóras ECRIS-TCN

1.I gcás gach náisiúnach tríú tír arna chiontú, cruthóidh údarás lárnach an Bhallstáit chiontaithigh taifead sonraí sa lárchóras. Beidh na sonraí seo a leanas sa taifead sonraí:

(a)    sloinne (ainm an teaghlaigh); céadainm (céadainmneacha); dáta breithe; áit bhreithe (baile agus tír); náisiúntacht nó náisiúntachtaí; inscne; ainmneacha na dtuismitheoirí; ainmneacha roimhe sin, ainm (ainmneacha) bréige agus/nó ainm (ainmneacha) ailias, más infheidhme; cód an Bhallstáit chiontaithigh;

(b)sonraí méarlorg i gcomhréir le Cinneadh Réime 2009/315/JHA 31 agus leis na sonraíochtaí le haghaidh taifeach agus úsáid méarlorg dá dtagraítear i bpointe (b) d'Airteagal 10(1); uimhir thagartha shonraí méarlorg an duine arna chiontú lena náirítear cód an Bhallstáit chiontaithigh.

2.Féadfaidh íomhánna d'aghaidh an náisiúnaigh tríú tír arna chiontú a bheith sa taifead sonraí chomh maith.

3.Cruthóidh an Ballstát ciontaitheach an taifead sonraí a luaithe agus is féidir tar éis an ciontú a iontráil i gclár náisiúnta na dtaifead coiriúil.

4.Cruthóidh na Ballstáit chiontaitheacha taifid sonraí freisin do chiontuithe a tugadh roimh [dháta theacht i bhfeidhm an Rialachán seo] a mhéid a stóráiltear na sonraí sin ina gclár náisiúnta féin de thaifid choiriúla nó ina mbunachar sonraí náisiúnta méarlorg.

Airteagal 6
Rialacha sonracha maidir le híomhánna den aghaidh

1.Ní úsáidfear íomhánna den aghaidh dá dtagraítear in Airteagal 5(2) ach amháin le haghaidh deimhniú céannachta náisiúnaigh tríú tír a sainaithníodh trí chuardach alfa-uimhriúil nó cuardach ar bhonn méarlorg a dhéanamh.

2.A luaithe agus a bheidh sé indéanta go teicniúil, féadfar íomhánna den aghaidh a úsáid freisin chun náisiúnach tríú tír a shainaithint ar bhonn an aitheantóra bhithmhéadraigh sin. Sula gcuirtear an fheidhmiúlacht sin chun feidhme sa chóras ECRIS-TCN, tíolacfaidh an Coimisiún tuarascáil ar infhaighteacht agus ullmhacht na teicneolaíochta is gá, agus rachfar i gcomhairle le Parlaimint na hEorpa ar an ábhar sin.

Airteagal 7
An córas ECRIS-TCN a úsáid chun na Ballstáit ag a bhfuil faisnéis taifid choiriúil a shainaithint

1.Nuair a iarrtar faisnéis taifid choiriúil faoi náisiúnach tríú tír i mBallstát chun críocha imeachtaí coiriúla i gcoinne an náisiúnaigh tríú tír sin nó chun aon chríocha eile cé is moite d'imeachtaí coiriúla i gcomhréir le dlí náisiúnta an Bhallstáit sin, úsáidfidh údarás lárnach an Bhallstáit an córas ECRIS-TCN chun na Ballstáit ag a bhfuil faisnéis taifid choiriúil faoin náisiúnach tríú tír sin a shainaithint d'fhonn faisnéis a fháil trí ECRIS faoi chiontuithe arna ndéanamh roimhe sin.

2.Beidh rochtain ag Europol, Eurojust [agus ag Oifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh], i gcomhréir le hAirteagal 14, Airteagal 15 agus Airteagal 16, ar an gcóras ECRIS-TCN chun na Ballstáit ag a bhfuil faisnéis taifid choiriúil faoi náisiúnach tríú tír a shainaithint.

3.Féadfaidh na húdaráis inniúla an córas ECRIS-TCN a cheadú trí na sonraí dá dtagraítear in Airteagal 5(1) a úsáid.

4.Féadfaidh na húdaráis inniúla an córas ECRIS-TCN a cheadú freisin trí na híomhánna den aghaidh dá dtagraítear in Airteagal 5(2) a úsáid, ar choinníoll gur cuireadh an fheidhmiúlacht sin chun feidhme i gcomhréir le hAirteagal 6(2).

5.I gcás amais, déanfaidh an lárchóras faisnéis a sholáthar don údarás inniúil go huathoibríoch faoi na Ballstáit ag a bhfuil faisnéis taifid choiriúil faoi náisiúnach tríú tír, mar aon leis na huimhreacha tagartha gaolmhara agus aon fhaisnéis chéannachta chomhfhreagrach. Ní úsáidfear an fhaisnéis sin ach chun céannacht an náisiúnaigh tríú tír lena mbaineann a fhíorú.

6.I gcás nach mbíonn amas ann, cuirfidh an lárchóras an túdarás inniúil ar an eolas go huathoibríoch faoin méid sin.

CAIBIDIL III
Na sonraí a choinneáil agus a leasú

Airteagal 8
Tréimhse choinneála chun sonraí a stóráil

1.Stórálfar gach taifead sonraí aonair sa lárchóras chomh fada agus a stórálfar na sonraí a bhaineann le ciontuithe an duine lena mbaineann i gclár náisiúnta na dtaifead coiriúil.

2.Nuair a bheidh an tréimhse choinneála dá dtagraítear i mír 1 imithe in éag, scriosfaidh údarás lárnach an Bhallstáit chiontaithigh an taifead sonraí aonair ón lárchóras gan mhoill, agus in aon chás tráth nach déanaí ná mí tar éis don tréimhse choinneála sin dul in éag.  

Airteagal 9
Sonraí a leasú agus a scriosadh

1.Beidh sé de cheart ag na Ballstáit na sonraí a d'iontráil siad sa chóras ECRIS-TCN a leasú nó a scriosadh.

2.Aon leasú a dhéanfar ina dhiaidh sin i gclár náisiúnta na dtaifead coiriúil ar an bhfaisnéis ba bhonn le taifead sonraí i gcomhréir le hAirteagal 5, ní mór don Bhallstát ciontaitheach an leasú ceannann céanna a dhéanamh ar an bhfaisnéis atá sa taifead sonraí sin sa lárchóras.

3.I gcás ina bhfuil cúis ag Ballstát a chreidiúint go bhfuil na sonraí a thaifead sé sa lárchóras míchruinn nó gur próiseáladh na sonraí sa lárchóras de shárú ar an Rialachán seo, seiceálfaidh sé na sonraí lena mbaineann agus, más gá, déanfaidh sé iad a leasú nó a scriosadh ón lárchóras gan mhoill.

4.I gcás ina bhfuil cúis ag Ballstát seachas an Ballstát a d'iontráil na sonraí a chreidiúint go bhfuil na sonraí a taifeadadh sa lárchóras míchruinn nó gur próiseáladh na sonraí sa lárchóras de shárú ar an Rialachán seo, déanfaidh sé teagmháil le húdarás lárnach an Bhallstáit chiontaithigh gan mhoill. Dearbhóidh an Ballstát ciontaitheach cruinneas na sonraí agus dlíthiúlacht a bpróiseála faoi cheann mí amháin.

CAIBIDIL IV
Forbairt, Oibríocht agus Freagrachtaí

Airteagal 10
Gníomhartha cur chun feidhme arna nglacadh ag an gCoimisiún

1.Glacfaidh an Coimisiún na gníomhartha is gá le haghaidh fhorbairt agus chur chun feidhme teicniúil an chórais ECRIS-TCN, agus go háirithe rialacha maidir leis an méid seo a leanas:

(a)na sonraíochtaí teicniúla maidir le próiseáil na sonraí alfa-uimhriúla;

(b)na sonraíochtaí teicniúla maidir le taifeach agus próiseáil méarlorg sa chóras ECRIS-TCN;

(c)sonraíochtaí teicniúla na mbogearraí comhéadain dá dtagraítear i bpointe (c) d'Airteagal 4(1);

(d)na sonraíochtaí teicniúla maidir le próiseáil na níomhánna den aghaidh;

(e)cáilíocht sonraí, lena náirítear sásra agus nósanna imeachta chun seiceálacha a dhéanamh ar cháilíocht sonraí;

(f)na sonraí a iontráil i gcomhréir le hAirteagal 5;

(g)na sonraí a rochtain i gcomhréir le hAirteagal 7;

(h)na sonraí a leasú agus a scriosadh i gcomhréir le hAirteagal 8 agus Airteagal 9;

(i)na logaí a choinneáil agus a rochtain i gcomhréir le hAirteagal 29;

(j)staidreamh a sholáthar i gcomhréir le hAirteagal 30;

(k)ceanglais feidhmíochta agus infhaighteachta an chórais ECRIS-TCN.

2.Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme dá dtagraítear i mír 1 i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 35(2).

Airteagal 11
Forbairt agus bainistiú oibríochtúil

1.Is é eu-LISA a bheidh freagrach as forbairt agus bainistiú oibríochtúil an chórais ECRIS-TCN. Is éard a bheidh san fhorbairt mionsaothrú agus cur chun feidhme na sonraíochtaí teicniúla, tástáil agus comhordú foriomlán an tionscadail.

2.Is é eu-LISA a bheidh freagrach freisin as na bogearraí tagartha do chur chun feidhme ECRIS a fhorbairt a thuilleadh agus a chothabháil.

3.Is é eu-LISA a shaineoidh dearadh ailtireacht fhisiceach an chórais ECRIS-TCN lena náirítear a shonraíochtaí teicniúla agus an éabhlóid a thiocfaidh ar na sonraíochtaí sin i dtaca leis an lárchóras dá dtagraítear i bpointe (a) d'Airteagal 4(1), an lárphointe rochtana náisiúnta dá dtagraítear i bpointe (b) d'Airteagal 4(1) agus na bogearraí comhéadain dá dtagraítear i bpointe (c) d'Airteagal 4(1). Glacfaidh an Bord Bainistíochta an dearadh sin, faoi réir tuairim fhabhrach ón gCoimisiún.

4.Is é eu-LISA a dhéanfaidh an córas ECRIS-TCN a fhorbairt agus a chur chun feidhme faoi cheann [dhá bhliain tar éis theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo] agus tar éis don Choimisiún na bearta dá bhforáiltear in Airteagal 10 a ghlacadh.

5.Roimh chéim an deartha agus na forbartha, bunóidh Bord Bainistíochta eu-LISA Bord Bainistíochta an chláir ar a mbeidh deichniúr comhaltaí ar a mhéad. Ar an mbord sin beidh ochtar comhaltaí a cheapfaidh an Bord Bainistíochta, cathaoirleach ghrúpa comhairleach an chórais ECRIS-TCN dá dtagraítear in Airteagal 36 agus comhalta amháin a cheapfaidh an Coimisiún. Na comhaltaí a cheapfaidh an Bord Bainistíochta, toghfar iad as measc na mBallstát sin atá faoi cheangal go hiomlán, faoi dhlí an Aontais, ag na hionstraimí reachtacha lena rialaítear ECRIS agus a bheidh rannpháirteach sa chóras ECRIS-TCN, agus as a measc siúd amháin. Áiritheoidh an Bord Bainistíochta go mbeidh ag na hionadaithe a cheapann sé an taithí agus an saineolas is gá i bhforbairt agus i mbainistiú córais TF a thugann tacaíocht d'údaráis bhreithiúnacha agus d'údaráis um thaifid choiriúla. Tiocfaidh Bord Bainistíochta an chláir le chéile uair amháin gach trí mhí ar a laghad, agus níos minice ná sin nuair is gá. Áiritheoidh sé go ndéanfar bainistiú iomchuí ar chéim deartha agus forbartha an chórais ECRIS-TCN. Cuirfidh Bord Bainistíochta an chláir tuarascálacha i scríbhinn faoi bhráid bhord bainistíochta eu-LISA gach mí maidir le dul chun cinn an tionscadail. Ní bheidh aon chumhacht cinnteoireachta ná aon sainordú aige chun ionadaíocht a dhéanamh thar ceann chomhaltaí an Bhoird Bainistíochta.

6.Déanfaidh Bord Bainistíochta an chláir a rialacha nós imeachta a bhunú lena náireofar go háirithe rialacha maidir leis an méid seo a leanas:

(a)an chathaoirleacht;

(b)ionaid le haghaidh cruinnithe;

(c)ullmhú cruinnithe;

(d)saineolaithe a ligean isteach ar chruinnithe;

(e)pleananna cumarsáide a áiritheoidh go dtabharfar an fhaisnéis iomlán do chomhaltaí an Bhoird Bainistíochta nach mbíonn rannpháirteach sna cruinnithe.

7.Is ag an mBallstát ag a bhfuil Uachtaránacht Chomhairle an Aontais Eorpaigh a bheidh an chathaoirleacht ar choinníoll go bhfuil sé faoi cheangal go hiomlán, faoi dhlí an Aontais, ag na hionstraimí reachtacha lena rialaítear ECRIS agus go mbeidh sé rannpháirteach sa chóras ECRIS-TCN. Mura gcomhlíontar an ceanglas sin, is ag an gcéad Bhallstát eile ag a mbeidh an Uachtaránacht agus a chomhlíonann an ceanglas sin a bheidh an chathaoirleacht.

8.Is í an Ghníomhaireacht a íocfaidh as gach costas taistil agus cothabhála a thabhóidh comhaltaí Bhord Bainistíochta an chláir agus beidh feidhm ag Airteagal 10 de rialacha nós imeachta eu-LISA maidir leo mutatis mutandis. Déanfaidh eu-LISA rúnaíocht Bhord Bainistíochta an chláir a áirithiú.

9.Le linn chéim an deartha agus na forbartha, is éard a bheidh i ngrúpa comhairleach an chórais ECRIS-TCN dá dtagraítear in Airteagal 36 bainisteoirí tionscadal náisiúnta an chórais ECRIS-TCN. Le linn chéim an deartha agus na forbartha tiocfaidh sé le chéile uair amháin sa mhí ar a laghad go dtí dtiocfaidh an córas ECRIS-TCN i bhfeidhm. Tuairisceoidh sé do Bhord Bainistíochta eu-LISA tar éis gach cruinnithe. Cuirfidh sé saineolas teicniúil ar fáil chun tacú le cúraimí Bhord Bainistíochta an chláir agus déanfaidh sé an obair leantach a bhaineann le hullmhacht na mBallstát.

10.Áiritheoidh eu-LISA, i gcomhar leis na Ballstáit, go núsáidfear an teicneolaíocht is fearr a bheidh ar fáil i gcónaí, faoi réir anailís costais agus tairbhe.

11.Is é eu-LISA a bheidh freagrach as na cúraimí seo a leanas a bhaineann leis an mbonneagar cumarsáide dá dtagraítear i bpointe (d) d'Airteagal 4(1):

(a)maoirseacht;

(b)slándáil;

(c)comhordú an chaidrimh idir na Ballstáit agus an soláthraí.

12.Is é an Coimisiún a bheidh freagrach as gach cúram eile a bhaineann leis an mbonneagar cumarsáide, go háirithe an méid seo a leanas:

(a)cúraimí a bhaineann le cur chun feidhme an bhuiséid;

(b)fáil agus athnuachan;

(c)ábhair a bhaineann le conarthaí.

13.Is é eu-LISA a fhorbróidh sásra agus nósanna imeachta chun seiceálacha cáilíochta a dhéanamh ar na sonraí atá sa chóras ECRIS-TCN, agus cuirfidh sé tuarascálacha rialta faoi bhráid na mBallstát. Cuirfidh eu-LISA tuarascáil rialta faoi bhráid an Choimisiúin ina gcumhdaítear na saincheisteanna a tháinig chun cinn agus na Ballstáit lena mbaineann.

14.Is éard a bheidh i mbainistiú oibríochtúil an chórais ECRIS-TCN na cúraimí go léir a theastaíonn chun an córas ECRIS-TCN sin a choinneáil ag obair i gcomhréir leis an Rialachán seo, go háirithe an obair chothabhála agus na forbairtí teicniúla is gá lena áirithiú go bhfeidhmíonn an córas ar leibhéal atá sásúil ó thaobh na cáilíochta oibríochtúla de, i gcomhréir leis na sonraíochtaí teicniúla.

15.Is é eu-LISA a dhéanfaidh na cúraimí maidir le hoiliúint a thabhairt i dtaca le húsáid theicniúil an chórais ECRIS-TCN agus na mbogearraí tagartha do chur chun feidhme ECRIS.

16.Gan dochar d'Airteagal 17 de Rialacháin Foirne Oifigigh an Aontais Eorpaigh, cuirfidh eu-LISA rialacha iomchuí rúndachta gairmiúla nó oibleagáidí comhionanna rúndachta eile i bhfeidhm maidir lena chuid ball foirne ar fad ar gá dóibh bheith ag obair le sonraí a chláraítear sa lárchóras. Beidh feidhm ag an oibleagáid sin chomh maith tar éis do na baill foirne sin imeacht as oifig nó scor den fhostaíocht nó tar éis fhoirceannadh a ngníomhaíochtaí.

Airteagal 12
Freagrachtaí na mBallstát

1.Beidh gach Ballstát freagrach as an méid seo a leanas:

(a)nasc slán a áirithiú idir a mbunachair shonraí náisiúnta féin de thaifid choiriúla agus na bunachair shonraí náisiúnta méarlorg agus an lárphointe rochtana náisiúnta;

(b)forbairt, oibriú agus cothabháil an naisc dá dtagraítear i bpointe (a);

(c)nasc a áirithiú idir a gcórais náisiúnta agus na bogearraí tagartha do chur chun feidhme ECRIS;

(d)bainistiú agus socruithe a dhéanamh i ndáil le rochtain ag baill foirne chuí-údaraithe na núdarás lárnach ar an gcóras ECRIS-TCN i gcomhréir leis an Rialachán seo agus liosta de na baill foirne sin, maille lena bpróifílí, a chruthú agus a nuashonrú go rialta.

2.Cuirfidh gach Ballstát oiliúint iomchuí, go háirithe faoi shlándáil sonraí, faoi rialacha cosanta sonraí agus faoi chearta bunúsacha ábhartha, ar bhaill foirne na núdarás a mbeidh sé de cheart acu an córas ECRIS-TCN a rochtain, sula núdarófar dóibh na sonraí atá stóráilte sa lárchóras a phróiseáil.

Airteagal 13

Freagracht as úsáid na sonraí

1.I gcomhréir le Treoir (AE) 2016/680, áiritheoidh gach Ballstát go ndéanfar na sonraí arna dtaifeadadh sa chóras ECRIS-TCN a phróiseáil go dleathach, agus áiritheoidh siad go háirithe:

(a)gur ag na baill foirne chuí-údaraithe amháin a bheidh rochtain ar na sonraí chun a gcúraimí a dhéanamh;

(b)gur go dleathach agus le lánurraim do dhínit an náisiúnaigh tríú tír a bhaileofar na sonraí;

(c)go náireofar na sonraí go dleathach sa chóras ECRIS-TCN;

(d)go mbeidh na sonraí cruinn agus cothrom le dáta nuair a chuirfear sa chóras ECRIS-TCN iad.

2.Áiritheoidh eu-LISA go noibreofar an córas ECRIS-TCN i gcomhréir leis an Rialachán seo agus leis na gníomhartha cur chun feidhme dá dtagraítear in Airteagal 10, agus i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 [nó an Rialachán a thagann i gcomharbacht air]. Go háirithe, déanfaidh eu-LISA na bearta is gá chun slándáil an lárchórais agus an bhonneagair cumarsáide atá idir an lárchóras agus an lárphointe rochtana náisiúnta a áirithiú, gan dochar do fhreagrachtaí gach Ballstáit.

3.Cuirfidh eu-LISA Parlaimint na hEorpa, an Chomhairle, an Coimisiún, agus an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí ar an eolas faoi na bearta a dhéanfaidh sé de bhun mhír 2 maidir le teacht i bhfeidhm an chórais ECRIS-TCN.

4.Cuirfidh an Coimisiún an fhaisnéis dá dtagraítear i mír 3 ar fáil do na Ballstáit agus don phobal ar shuíomh gréasáin poiblí a nuashonrófar go rialta.

Airteagal 14
Pointe teagmhála le haghaidh tríú tíortha agus eagraíochtaí idirnáisiúnta

1.Féadfaidh tríú tíortha agus eagraíochtaí idirnáisiúnta a niarrataí ar fhaisnéis faoi chiontuithe arna ndéanamh roimhe sin ag náisiúnaigh tríú tír a chur faoi bhráid Eurojust.

2.Nuair a fhaigheann Eurojust iarraidh dá dtagraítear i mír 1, úsáidfidh sé an córas ECRIS-TCN chun a Chinneadh cé na Ballstáit ag a bhfuil faisnéis faoin náisiúnach tríú tír lena mbaineann agus, i gcásanna ina sainaithnítear na Ballstáit sin, tarchuirfidh sé an iarraidh láithreach chuig údaráis lárnacha na mBallstát sin. Beidh na Ballstáit lena mbaineann freagrach as déileáil ina dhiaidh sin leis na hiarrataí sin, i gcomhréir lena ndlí náisiúnta.

3.Ní fhéadfaidh Eurojust, Europol, [Oifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh] ná aon údarás lárnach i mBallstát faisnéis arna fáil ón gcóras ECRIS-TCN maidir le ciontuithe arna ndéanamh roimhe sin ag náisiúnach tríú tír, nó faisnéis faoi na Ballstáit ag a bhféadfadh an fhaisnéis sin a bheith, a aistriú chuig tríú tír, eagraíocht idirnáisiúnta ná páirtí príobháideach ná í a chur a fáil d'aon cheann acu sin.

Airteagal 15
Rochtain le haghaidh Eurojust, Europol [, agus Oifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh]

1.Beidh rochtain dhíreach ag Eurojust ar an gcóras ECRIS-TCN chun críche Airteagal 14 a chur chun feidhme agus d'fhonn a chúraimí reachtúla a chomhlíonadh.

2.Beidh rochtain dhíreach ag Europol [agus Oifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh] ar an gcóras ECRIS-TCN chun críche a gcúraimí reachtúla a chomhlíonadh.

3.Tar éis amas a fháil a léiríonn cé na Ballstáit ag a bhfuil faisnéis taifid choiriúil faoi náisiúnach tríú tír, féadfaidh Eurojust, Europol [agus Oifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh] a dteagmhálacha le húdaráis náisiúnta na mBallstát sin a úsáid, ar teagmhálacha iad arna mbunú i gcomhréir lena nionstraimí bunaithe dlí, chun an fhaisnéis faoi na ciontuithe a lorg.

4.Gach ceann de na comhlachtaí dá dtagraítear san Airteagal seo, beidh siad freagrach as bainistiú agus socruithe a dhéanamh i ndáil le rochtain ag baill foirne chuí-údaraithe ar an gcóras ECRIS-TCN i gcomhréir leis an Rialachán seo, agus as liosta de na baill foirne sin, maille lena bpróifílí, a chruthú agus a nuashonrú go rialta.

Airteagal 16
Freagrachtaí Eurojust, Europol [agus Oifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh]

1.Bunóidh Eurojust, Europol [agus Oifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh] na modhanna teicniúla chun nascadh leis an gcóras ECRIS-TCN agus is iadsan a bheidh freagrach as an nasc sin a chothabháil.

2.Na comhlachtaí dá dtagraítear i mír 1, cuirfidh siad oiliúint iomchuí, go háirithe faoi shlándáil sonraí, faoi rialacha cosanta sonraí agus faoi chearta bunúsacha ábhartha, ar bhaill foirne na núdarás a mbeidh sé de cheart acu an córas ECRIS-TCN a rochtain, sula núdarófar dóibh na sonraí atá stóráilte sa lárchóras a phróiseáil.

3.Áiritheoidh na comhlachtaí dá dtagraítear i mír 1 go gcosnófar na sonraí pearsanta a phróiseálann siad faoin Rialachán seo i gcomhréir leis na forálacha is infheidhme maidir le cosaint sonraí.

Airteagal 17
Slándáil sonraí

1.Is é eu-LISA a dhéanfaidh na bearta is gá chun slándáil an chórais ECRIS-TCN a áirithiú, gan dochar do fhreagrachtaí gach Ballstáit, agus na bearta slándála a shonraítear i mír 3 á gcur san áireamh.

2.Maidir leis an gcóras ECRIS-TCN a chur i bhfeidhm, is é eu-LISA a dhéanfaidh na bearta is gá chun na cuspóirí a leagtar amach i mír 3 a bhaint amach, lena náirítear plean slándála a ghlacadh mar aon le plean leanúnachais gnó agus plean athshlánaithe i gcás tubaiste.

3.Is iad na Ballstáit féin a bheidh freagrach as slándáil na sonraí sula gcuirfear chuig an lárphointe rochtana náisiúnta iad agus fad a bheifear á gcur chuige. Go háirithe, déanfaidh gach Ballstát an méid seo a leanas:

(a)cosnóidh siad na sonraí go fisiciúil, lena náirítear trí phleananna teagmhasacha a dhéanamh chun bonneagar criticiúil a chosaint;

(b)diúltóidh siad do dhaoine neamhúdaraithe rochtain ar shuiteálacha náisiúnta ina ndéanann an Ballstát oibríochtaí a bhaineann leis an gcóras ECRIS-TCN;

(c)cuirfidh siad bac ar léamh, cóipeáil, modhnú nó scriosadh neamhúdaraithe na meán ar a bhfuil sonraí stóráilte;

(d)cuirfidh siad bac ar iontráil neamhúdaraithe sonraí maille le hiniúchadh, modhnú nó scriosadh neamhúdaraithe sonraí pearsanta stóráilte;

(e)cuirfidh siad bac ar phróiseáil neamhúdaraithe sonraí sa chóras ECRIS-TCN agus aon mhodhnú nó scriosadh neamhúdaraithe sonraí a próiseáladh sa chóras ECRIS-TCN;

(f)áiritheoidh siad nach mbeidh rochtain ag na daoine a bhfuil údarú acu an córas ECRIS-TCN a rochtain ach ar na sonraí sin atá cumhdaithe faoina núdarú rochtana, trí mheán aitheantais indibhidiúla úsáideora agus modhanna rochtana rúnda amháin;

(g)áiritheoidh siad go gcruthóidh na húdaráis uile a bhfuil ceart rochtana ar an gcóras ECRIS-TCN acu próifílí ina mbeidh cur síos ar fheidhmeanna agus ar fhreagrachtaí na ndaoine a bheidh údaraithe sonraí a iontráil, a leasú, a scriosadh, a cheadú agus a chuardach, agus go gcuirfear na próifílí sin ar fáil do na húdaráis mhaoirseachta náisiúnta dá dtagraítear in Airteagal 25 gan mhoill arna iarraidh sin dóibh;

(h)áiritheoidh siad gur féidir a fhíorú agus a shuíomh cé na comhlachtaí ar féidir sonraí pearsanta a tharchur chucu agus trealamh cumarsáide sonraí á úsáid chuige sin;

(i)áiritheoidh iad gur féidir a fhíorú agus a shuíomh cé na sonraí a próiseáladh sa chóras ECRIS-TCN, cá huair a próiseáladh iad, cé a rinne an phróiseáil sin agus cad chuige a ndearnadh í;

(j)cuirfidh siad bac ar léamh, cóipeáil, modhnú nó scriosadh neamhúdaraithe sonraí pearsanta nuair a bheidh na sonraí pearsanta sin á dtarchur chuig an gcóras ECRIS-TCN nó uaidh, nó le linn iompar na meán sonraí, go háirithe trí bhíthin teicnící criptithe iomchuí;

(k)déanfaidh siad faireachán ar éifeachtacht na mbeart slándála dá dtagraítear sa mhír seo agus déanfaidh siad na bearta eagrúcháin is gá maidir le faireachán inmheánach chun a áirithiú go bhfuil siad i gcomhréir leis an Rialachán seo.

Airteagal 18
Dliteanas

1.Aon duine nó aon Bhallstát ar bhain damáiste dó de dheasca oibríocht phróiseála neamhdhleathach nó de dheasca aon bhirt nach bhfuil i gcomhréir leis an Rialachán seo, beidh sé i dteideal cúiteamh a fháil ón mBallstát atá freagrach as an damáiste a bhain dó. Beidh an Ballstát sin díolmhaithe ó aon dliteanas, go hiomlán nó i bpáirt, má éiríonn leis a chruthú nárbh é a bhí freagrach as an eachtra ba shiocair leis an damáiste.

2.Más rud é go dteipeann ar Bhallstát a chuid oibleagáidí a chomhlíonadh faoin Rialachán seo agus gurb é sin is cúis le damáiste don chóras ECRIS-TCN, is é an Ballstát sin a chuirfear faoi dhliteanas i leith an damáiste sin más rud é agus a mhéid nach ndearna eu-LISA nó Ballstát eile atá rannpháirteach sa chóras ECRIS-TCN bearta réasúnta chun an damáiste sin a sheachaint nó chun a thionchar a íoslaghdú.

3.Is faoi fhorálacha dhlí náisiúnta an Bhallstáit arb é an cosantóir é a rialálfar éilimh ar chúiteamh a dhéanfar i gcoinne Ballstáit as an damáiste dá dtagraítear i mír 1 agus i mír 2.

Airteagal 19
Féinfhaireachán

Áiritheoidh na Ballstáit go nglacfaidh gach údarás lárnach na bearta is gá chun an Rialachán seo a chomhlíonadh agus go gcomhoibreoidh siad, más gá, leis an údarás maoirseachta agus leis an údarás náisiúnta maoirseachta.

Airteagal 20
Pionóis

Déanfaidh na Ballstáit na bearta is gá lena áirithiú go bhféadfar pionóis éifeachtacha chomhréireacha athchomhairleacha a ghearradh, i gcomhréir leis an dlí náisiúnta, as aon úsáid a bhainfear as sonraí a iontráiltear sa chóras ECRIS-TCN de shárú ar an Rialachán seo.

CAIBIDIL V
Cearta agus maoirseacht maidir le cosaint sonraí

Airteagal 21
Rialaitheoir agus próiseálaí sonraí

1.Measfar gur rialaitheoir é gach údarás lárnach de chuid an Bhallstáit i gcomhréir le Treoir (AE) 2016/680 maidir le próiseáil sonraí pearsanta ag an mBallstát sin faoin Rialachán seo.

2.Measfar gur próiseálaí sonraí é eu-LISA i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 45/2001/AE maidir leis na sonraí pearsanta arna niontráil sa lárchóras ag na Ballstáit.

Airteagal 22
An cuspóir atá le próiseáil sonraí pearsanta

1.Déanfar na sonraí atá sa lárchóras a phróiseáil chun críche na Ballstáit a shainaithint ag a bhfuil faisnéis taifid choiriúil faoi náisiúnach tríú tír agus chun na críche sin amháin.

2.Maidir le rochtain ar an gcóras ECRIS-TCN chun críche na sonraí dá dtagraítear in Airteagal 5 a iontráil, a leasú, a scriosadh agus a cheadú, is ag baill foirne chuí-údaraithe na núdarás lárnach agus ag baill foirne chuí-údaraithe na gcomhlachtaí dá dtagraítear in Airteagal 15, agus ag na baill foirne sin amháin, a bheidh an rochtain sin chun críche sonraí a cheadú. Beidh an rochtain sin teoranta a mhéid is gá chun gur féidir na cúraimí a dhéanamh i gcomhréir leis an gcuspóir dá dtagraítear in Airteagal 1, agus beidh sí comhréireach leis na cuspóirí atá le baint amach.

Airteagal 23
Ceart ar rochtain, ar cheartú agus ar scriosadh

1.Féadfar na hiarrataí ó náisiúnaigh tríú tír a bhaineann leis na cearta sin a leagtar amach in Airteagal 14 agus in Airteagal 16 de Threoir (AE) 2016/680 a chur chuig údarás lárnach aon Bhallstáit.

2.Más chuig Ballstát, seachas an Ballstát ciontaitheach, a dhéantar iarraidh, dearbhóidh údaráis an Bhallstáit, ar chuige a cuireadh an iarraidh, cruinneas na sonraí agus dlíthiúlacht na próiseála a rinneadh ar na sonraí sin sa chóras ECRIS-TCN laistigh de mhí más féidir an dearbhú sin a dhéanamh gan dul i gcomhairle leis an mBallstát ciontaitheach. Murar féidir, rachaidh an Ballstát nach é an Ballstát ciontaitheach é i dteagmháil le húdaráis an Bhallstáit chiontaithigh, laistigh de 14 lá, agus dearbhóidh an Ballstát ciontaitheach, laistigh de mhí ó thráth na teagmhála, cruinneas na sonraí agus dlíthiúlacht na próiseála a rinneadh ar na sonraí sin.

3.I gcás ina mbeidh na sonraí a taifeadadh sa chóras ECRIS-TCN míchruinn ó thaobh fíricí de, nó gur go neamhdhleathach a taifeadadh iad, ceartóidh nó scriosfaidh an Ballstát ciontaitheach na sonraí sin i gcomhréir le hAirteagal 9. Dearbhóidh an Ballstát ciontaitheach nó, más iomchuí, an Ballstát ar chuige a seoladh an iarraidh, i scríbhinn gan mhoill don duine lena mbaineann go ndearnadh beart chun na sonraí a bhaineann leis an duine sin a cheartú nó a scriosadh.

4.Mura naontaíonn an Ballstát ar chuige a seoladh an iarraidh go bhfuil sonraí atá ar taifead sa chóras ECRIS-TCN míchruinn ó thaobh fíricí de, nó gur go neamhdhleathach a taifeadadh iad, glacfaidh an Ballstát sin Cinneadh riaracháin agus míneoidh sé i scríbhinn gan mhoill don duine lena mbaineann cad chuige nach bhfuil sé sásta na sonraí sin a bhaineann leis a cheartú nó a scriosadh.

5.Ina theannta sin, cuirfidh an Ballstát a ghlac an Cinneadh riaracháin de bhun mhír 4 faisnéis ar fáil don duine lena mbaineann ina míneofar na bearta is féidir leis an duine sin a dhéanamh mura nglacann sé leis an míniú. Áireofar san fhaisnéis sin an tslí le caingean a thionscnamh nó le gearán a dhéanamh os comhair údaráis inniúla nó chúirteanna an Bhallstáit sin, agus aon chúnamh, lena náirítear cúnamh ó na húdaráis mhaoirseachta, atá ar fáil i gcomhréir le dlí náisiúnta an Bhallstáit sin.

6.Pé faisnéis is gá chun an duine lena mbaineann a shainaithint, beidh sin san áireamh in aon iarraidh a dhéanfar de bhun mhír 1 agus mhír 2. Is chun feidhmiú na gceart dá dtagraítear i mír 1 agus i mír 2 a éascú, agus chun na críche sin amháin, a úsáidfear an fhaisnéis sin, agus déanfar í a scriosadh láithreach ina dhiaidh sin.

7.Aon uair a iarrfaidh duine sonraí a bhaineann leis féin i gcomhréir le mír 2, coimeádfaidh an túdarás lárnach taifead i bhfoirm doiciméid scríofa go ndearnadh an iarraidh sin, agus faoin mbealach ar láimhseáladh an iarraidh agus faoin údarás a rinne sin, agus cuirfidh sé an doiciméad sin ar fáil gan mhoill do na húdaráis mhaoirseachta.

Airteagal 24
Comhar chun cearta cosanta sonraí a áirithiú

1.Oibreoidh údaráis lárnacha na mBallstát i gcomhar le chéile chun na cearta a leagtar síos in Airteagal 23 a fhorghníomhú.

2.I ngach Ballstát, cabhróidh an túdarás maoirseachta, arna iarraidh sin air, leis an duine lena mbaineann, agus cuirfidh sé comhairle air maidir le feidhmiú a chirt chun sonraí a bhaineann leis a cheartú nó a scriosadh.

3.Chuige sin, oibreoidh údarás maoirseachta an Bhallstáit sin a tharchuir na sonraí, oibreoidh sé i gcomhar le húdaráis mhaoirseachta na mBallstát ar faoina mbráid a cuireadh an iarraidh.

Airteagal 25
Leigheasanna

1.I ngach Ballstát, beidh sé de cheart ag aon duine caingean a thionscnamh nó gearán a dhéanamh sa Bhallstát sin a dhiúltaigh ceart rochtana ar na sonraí a bhain leis an duine sin, nó an ceart ar na sonraí sin a cheartú nó a scriosadh, dá bhforáiltear in Airteagal 23.

2.Beidh cúnamh ar fáil ó na húdaráis mhaoirseachta ó thús deireadh na nimeachtaí sin.

Airteagal 26
Maoirsiú arna dhéanamh ag an údarás maoirseachta

1.Áiritheoidh gach Ballstát go ndéanfaidh an túdarás maoirseachta nó na húdaráis mhaoirseachta náisiúnta arna nainmniú de bhun Airteagal 41 de Threoir (AE) 2016/680 faireachán ar dhlíthiúlacht na próiseála arna déanamh ag an mBallstát lena mbaineann ar shonraí pearsanta dá dtagraítear in Airteagal 6, lena náirítear tarchur na sonraí sin chuig an gcóras ECRIS-TCN agus uaidh sin.

2.Áiritheoidh an túdarás maoirseachta go ndéanfar iniúchadh, gach ceithre bliana ar a laghad, ar na hoibríochtaí próiseála sonraí i mbunachair shonraí náisiúnta na dtaifead coiriúil agus sna bunachair shonraí náisiúnta méarlorg i gcomhréir le caighdeáin iniúchóireachta idirnáisiúnta ábhartha ón uair a thiocfaidh an córas ECRIS-TCN i bhfeidhm.

3.Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh a dhóthain acmhainní ag an údarás maoirseachta chun na cúraimí a chuirtear air faoin Rialachán seo a chomhlíonadh.

4.Soláthróidh gach Ballstát aon fhaisnéis a iarrfaidh na húdaráis mhaoirseachta agus, go háirithe, aon fhaisnéis maidir leis na gníomhaíochtaí a rinneadh i gcomhréir le hAirteagal 12, Airteagal 13 agus Airteagal 17. Tabharfaidh gach Ballstát rochtain do na húdaráis mhaoirseachta ar a dtaifid de bhun Airteagal 29 agus ceadóidh siad dóibh rochtain a bheith acu ag aon tráth ar gach áitreabh dá gcuid a bhaineann leis an gcóras ECRIS-TCN.

Airteagal 27
Maoirsiú arna dhéanamh ag an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí

1.Áiritheoidh an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí gur i gcomhréir leis an Rialachán seo a dhéanfaidh eu-LISA gach gníomhaíocht próiseála sonraí pearsanta dá chuid a bhaineann leis an gcóras ECRIS-TCN.

2.Áiritheoidh an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí gur i gcomhréir le caighdeáin iniúchóireachta idirnáisiúnta ábhartha a dhéanfar iniúchadh, gach ceithre bliana ar a laghad, ar ghníomhaíochtaí próiseála sonraí pearsanta na Gníomhaireachta. Seolfar tuarascáil ar an iniúchóireacht sin chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig eu-LISA, chuig an gCoimisiún, chuig na húdaráis mhaoirseachta agus chuig na húdaráis mhaoirseachta náisiúnta. Tabharfar deis do eu-LISA barúlacha a nochtadh sula nglacfar an tuarascáil.

3.Soláthróidh eu-LISA an fhaisnéis a iarrfaidh an Maoirseoir Eorpach um Chosaint Sonraí, tabharfaidh sé rochtain dó ar gach doiciméad agus ar na taifid sin dá chuid dá dtagraítear in Airteagal 29 agus ceadóidh sé rochtain dó ag aon tráth ar gach áitreabh dá chuid.

Airteagal 28
Comhar idir na hÚdaráis Mhaoirseachta Náisiúnta agus an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí

Ba cheart maoirseacht chomhordaithe a áirithiú i gcomhréir le hAirteagal 62 den [Rialachán nua maidir le cosaint sonraí d'institiúidí agus comhlachtaí an Aontais].

Airteagal 29
Logaí a choinneáil

1.Áiritheoidh eu-LISA agus na húdaráis inniúla, i gcomhréir lena bhfreagrachtaí féin, go ndéanfar gach oibríocht próiseála sonraí sa chóras ECRIS-TCN a logáil chun críocha inghlacthacht na hiarrata a sheiceáil, faireachán a dhéanamh ar dhlíthiúlacht na próiseála sonraí agus ar shláine agus slándáil sonraí agus chun féinfhaireachán a dhéanamh.

2.Léireoidh an loga nó na doiciméid an méid seo a leanas:

(a)cuspóir na hiarrata ar rochtain ar shonraí atá stóráilte sa chóras ECRIS-TCN;

(b)na sonraí tarchurtha dá dtagraítear in Airteagal 5;

(c)tagairt an chomhaid náisiúnta;

(d)dáta agus am beacht na hoibríochta;

(e)na sonraí a úsáideadh chun cuardach a dhéanamh;

(f)marc aitheantais an oifigigh a rinne an cuardach agus an oifigigh a d'ordaigh an cuardach sin.

3.De bharr na logála a dhéantar ar chomhairliúcháin agus ar nochtadh beifear in ann an túdar atá leis na hoibríochtaí sin a dhéanamh amach.

4.Ní úsáidfear logaí ná doiciméid ach amháin chun faireachán a dhéanamh ar dhlíthiúlacht na próiseála sonraí agus chun sláine agus slándáil sonraí a áirithiú. Ní fhéadfar ach logaí ina bhfuil sonraí neamhphearsanta a úsáid i gcomhair an fhaireacháin agus na meastóireachta dá dtagraítear in Airteagal 34. Úsáidfear bearta iomchuí chun na logaí sin a chosaint ar rochtain neamhúdaraithe agus scriosfar iad tar éis bliain amháin, mura mbeidh gá leo a thuilleadh i gcomhair nósanna imeachta faireacháin ar cuireadh tús leo cheana.

5.Arna iarraidh sin air, cuirfidh eu-LISA logaí a oibríochtaí próiseála ar fáil do na húdaráis lárnacha gan mhoill mhíchuí.

6.Na húdaráis mhaoirseachta náisiúnta inniúla atá freagrach as inghlacthacht na hiarrata a sheiceáil, as faireachán a dhéanamh ar dhlíthiúlacht na próiseála sonraí agus as sláine agus slándáil na sonraí, beidh rochtain acu ar na logaí sin arna iarraidh sin dóibh d'fhonn a ndualgais a chomhlíonadh. Arna iarraidh sin orthu, cuirfidh na húdaráis lárnacha logaí a noibríochtaí próiseála ar fáil do na húdaráis mhaoirseachta inniúla gan mhoill mhíchuí.

CAIBIDIL VI
Forálacha críochnaitheacha

Airteagal 30
Sonraí a úsáid chun críocha tuairiscithe agus staidrimh

1.Chun críocha tuairiscithe agus staidrimh, agus chun na gcríoch sin amháin, agus gan sainaithint iarratasóirí aonair a cheadú, beidh rochtain ag baill foirne chuí-údaraithe eu-LISA, na núdarás inniúil agus an Choimisiúin ar na sonraí arna bpróiseáil laistigh den chóras ECRIS-TCN.

2.Chun críche mhír 1, déanfaidh eu-LISA lárstóras a bhunú, a chur chun feidhme agus a óstáil ar a shuíomh teicniúil nó a shuíomhanna teicniúla féin ina mbeidh na sonraí dá dtagraítear i mír 1, ar sonraí iad nach bhféadfaí duine a shainaithint dá mbíthin, ach a gceadófaí leo tuarascálacha agus staidreamh inoiriúnaithe a aimsiú. Is le slánrochtain a thabharfar rochtain ar an lárstóras chun críocha tuairiscithe agus staidrimh, agus chun na gcríoch sin amháin, agus déantar an rochtain sin agus próifílí na núsáideoirí a rialú.

3.Glacfar rialacha mionsonraithe maidir le feidhmiú an lárstórais agus leis na rialacha cosanta sonraí agus slándála is infheidhme maidir leis an lárstóras i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 35(2).

4.Áireofar leis na nósanna imeachta a chuirfidh eu-LISA ar bun chun faireachán a dhéanamh ar fheidhmiú an chórais ECRIS-TCN dá dtagraítear in Airteagal 34 agus ar bhogearraí tagartha do chur chun feidhme ECRIS, áireofar leo an fhéidearthacht staidreamh a sholáthar ar bhonn rialta d'fhonn an faireachán sin a áirithiú.

Gach mí cuirfidh eu-LISA staidreamh neamhphearsanta faoi bhráid an Choimisiúin maidir le taifeadadh, stóráil agus malartú faisnéise arna baint as na taifid choiriúla tríd an gcóras ECRIS-TCN agus trí na bogearraí tagartha do chur chun feidhme ECRIS. Arna iarraidh sin don Choimisiún, cuirfidh eu-LISA ar fáil dó staidreamh maidir le gnéithe áirithe a bhaineann le cur chun feidhme an Rialacháin seo.

5.Cuirfidh na Ballstáit an staidreamh ar fáil do eu-LISA is gá chun na hoibleagáidí atá air dá dtagraítear san Airteagal seo a chomhlíonadh. Cuirfidh siad staidreamh ar fáil don Choimisiún faoi líon na náisiúnach tríú tír arna gciontú mar aon le líon na gciontuithe arna dtabhairt do náisiúnaigh tríú tír ar a gcríoch féin.

Airteagal 31
Costais

1.Is ar bhuiséad ginearálta an Aontais Eorpaigh a thitfidh na costais arna dtabhú i dtaca leis an lárchóras, leis an mbonneagar cumarsáide, leis na bogearraí comhéadain agus leis na bogearraí tagartha do chur chun feidhme ECRIS a bhunú agus a fheidhmiú.

2.Maidir leis na costais arna dtabhú i dtaca le Eurojust, Europol agus [Oifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh] a nascadh leis an gcóras ECRIS-TCN, is ar bhuiséad na gcomhlachtaí sin a thitfidh siad.

3.Is ar na Ballstáit a thitfidh na costais eile, go sonrach na costais arna dtabhú i dtaca le cláir náisiúnta na dtaifead coiriúil, na bunachair shonraí náisiúnta méarlorg agus na húdaráis lárnacha atá ann faoi láthair a nascadh leis an gcóras ECRIS-TCN maille leis na costais arna dtabhú i dtaca leis na bogearraí tagartha do chur chun feidhme ECRIS a óstáil.

Airteagal 32
Fógraí

Tabharfaidh gach Ballstát fógra do eu-LISA i dtaobh na núdarás inniúil dá chuid a bhfuil rochtain acu chun sonraí a iontráil, a leasú, a scriosadh, a cheadú nó a chuardach. Foilseoidh eu-LISA liosta de na húdaráis lárnacha sin go rialta.

Airteagal 33
Teacht i bhfeidhm

1.Cinnfidh an Coimisiún an dáta a thiocfaidh an córas ECRIS-TCN i bhfeidhm nuair a bheidh na coinníollacha seo a leanas comhlíonta:

(a)beidh na bearta dá dtagraítear in Airteagal 10 glactha;

(b)beidh sé dearbhaithe ag eu-LISA go bhfuil tástáil chuimsitheach ar an gcóras ECRIS-TCN tugtha chun críche go rathúil aige féin i gcomhar leis na Ballstáit;

(c)beidh na socruithe teicniúla agus dlíthiúla maidir leis na sonraí dá dtagraítear in Airteagal 5 a bhailiú agus a tharchur chuig an gcóras ECRIS-TCN bailíochtaithe ag na Ballstáit agus beidh fógra tugtha acu don Choimisiún ina leith.

2.Tabharfaidh eu-LISA fógra don Choimisiún maidir le cur i gcríoch rathúil na tástála dá dtagraítear i bpointe (b) de mhír (1). Cuirfidh an Coimisiún torthaí na tástála arna déanamh de bhun phointe (b) de mhír 1 in iúl do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle.

3.Foilseofar an Cinneadh ón gCoimisiún dá dtagraítear i mír 1 san Iris Oifigiúil.

4.Tosóidh na Ballstáit ag úsáid an chórais ECRIS-TCN ón dáta a chinnfidh an Coimisiún i gcomhréir le mír 1.

Airteagal 34
Faireachán agus meastóireacht

1.Áiritheoidh eu-LISA go mbeidh nósanna imeachta ann chun faireachán a dhéanamh ar fhorbairt an chórais ECRIS-TCN de réir cuspóirí a bhaineann le pleanáil agus costais agus chun faireachán a dhéanamh ar fheidhmiú an chórais ECRIS-TCN agus na mbogearraí tagartha do chur chun feidhme ECRIS de réir cuspóirí a bhaineann le haschur teicniúil, costéifeachtúlacht, slándáil agus cáilíocht seirbhíse.

2.Chun críocha faireachán a dhéanamh ar fheidhmiú an chórais agus ar an gcothabháil theicniúil, beidh rochtain ag eu-LISA ar an bhfaisnéis is gá maidir leis na hoibríochtaí próiseála sonraí arna ndéanamh sa chóras ECRIS-TCN agus sna bogearraí tagartha do chur chun feidhme ECRIS.

3.Faoi cheann [sé mhí tar éis don Rialachán seo teacht i bhfeidhm] agus gach sé mhí dá éis le linn na céime forbartha, cuirfidh eu-LISA tuarascáil faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle faoin dul chun cinn atá déanta i ndáil le forbairt an chórais ECRIS-TCN. A luaithe a bheidh an fhorbairt sin tugtha chun críche, cuirfear tuarascáil faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle ina míneofar an chaoi ar baineadh amach na cuspóirí, go háirithe i dtaca le pleanáil agus costas, agus ina dtabharfar údar maith le haon chás inar imíodh óna raibh socraithe.

4.Dhá bhliain tar éis don chóras ECRIS-TCN teacht i bhfeidhm agus gach bliain ina dhiaidh sin, cuirfidh eu-LISA tuarascáil ar fheidhmiú teicniúil an chórais ECRIS-TCN agus na mbogearraí tagartha do chur chun feidhme ECRIS, lena náirítear a slándáil, faoi bhráid an Choimisiúin, tuarascáil a bheidh bunaithe go háirithe ar staidreamh maidir le feidhmiú agus úsáid an chórais ECRIS-TCN agus ar mhalartú na faisnéise, trí bhíthin na mbogearraí tagartha do chur chun feidhme ECRIS, arna baint as na taifid choiriúla.

5.Trí bliana tar éis don chóras ECRIS-TCN teacht i bhfeidhm, agus gach ceithre bliana dá éis, déanfaidh an Coimisiún meastóireacht fhoriomlán ar an gcóras ECRIS-TCN agus ar na bogearraí tagartha do chur chun feidhme ECRIS. Áireofar sa mheastóireacht fhoriomlán sin measúnú ar chur i bhfeidhm an Rialacháin, scrúdú ar na torthaí de réir na gcuspóirí agus de réir a dtionchair ar chearta bunúsacha, maille le measúnú ar bhailíocht leanúnach na bunréasúnachta, ar chur i bhfeidhm an Rialacháin seo, ar shlándáil an chórais agus ar aon impleachtaí a bheidh ann d'oibríochtaí amach anseo agus déanfar pé moltaí is gá. Tarchuirfidh an Coimisiún an tuarascáil mheastóireachta chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle.

6.Tabharfaidh na Ballstáit, Eurojust, Europol[, agus Oifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh] do eu-LISA agus don Choimisiún pé faisnéis is gá chun na tuarascálacha dá dtagraítear san Airteagal seo a dhréachtú de réir na dtáscairí cainníochtúla a réamhshaineoidh an Coimisiún nó eu-LISA nó iad araon. Ní chuirfidh an fhaisnéis sin aon mhodh oibre i gcontúirt ná ní bheidh faisnéis ar áireamh inti ina nochtfar foinsí, céannacht ball foirne ná imscrúduithe na núdarás ainmnithe.

7.Soláthróidh eu-LISA don Choimisiún an fhaisnéis is gá chun na meastóireachtaí foriomlána dá dtagraítear i mír 5 a dhéanamh.

Airteagal 35
Nós imeachta coiste

1.Tabharfaidh coiste cúnamh don Choimisiún. Beidh an coiste sin ina choiste de réir bhrí Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 32 .

2.I gcás ina ndéanfar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5 de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

Airteagal 36
Grúpa comhairleach

Bunóidh eu-LISA grúpa comhairleach agus soláthróidh sé don ghrúpa sin an saineolas a bhaineann leis an gcóras ECRIS-TCN agus leis na bogearraí tagartha do chur chun feidhme ECRIS, go háirithe agus a chlár oibre bliantúil agus a thuarascáil bhliantúil ar ghníomhaíochtaí á nullmhú aige. Le linn chéim an deartha agus na forbartha, beidh feidhm ag Airteagal 11.

Airteagal 37
Leasuithe ar Rialachán (AE) Uimh. 1077/2011

Leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 1077/2011 mar a leanas:

(1)In Airteagal 1, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 2:

“2. Beidh an Ghníomhaireacht freagrach as bainistiú oibríochtúil a dhéanamh ar an gCóras Faisnéise, ar an gCóras Faisnéise Víosaí [VIS], ar Eurodac, [ar an gcóras Dul Isteach/Imeachta [EES]], [ar ETIAS], [ar an gcóras uathoibrithe do chlárú, d'fhaireachán agus don sásra um leithdháileadh le haghaidh iarratais ar chosaint idirnáisiúnta], ar an gcóras ECRIS-TCN agus ar na bogearraí tagartha do chur chun feidhme ECRIS.

(2)Cuirtear an tAirteagal seo a leanas isteach:

"Airteagal 5a

Cúraimí a bhaineann leis an gcóras ECRIS-TCN

Maidir leis an gcóras ECRIS-TCN agus na bogearraí tagartha do chur chun feidhme ECRIS, déanfaidh an Ghníomhaireacht an méid seo a leanas:

(a)na cúraimí a thugtar dó le Rialachán Uimh. XXX/20XX ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle*;

(b)cúraimí maidir le hoiliúint a thabhairt ar úsáid theicniúil an chórais ECRIS-TCN agus na mbogearraí tagartha do chur chun feidhme ECRIS.

__________

*    Rialachán (AE) Uimh. XXX/20XX ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle* an X.X.X lena mbunaítear córas láraithe leis na Ballstáit a shainaithint ag a bhfuil faisnéis faoi chiontuithe náisiúnach tríú tír agus daoine gan stát (NTTanna) chun an Córas Faisnéise Eorpach um Thaifid Choiriúla (an córas ECRIS-TCN) a fhorlíonadh agus chun tacú leis agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 1077/2011 (IO L …).”

(3)in Airteagal 7, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 5:

“5. Féadfar cúraimí a bhaineann le bainistiú oibríochtúil an bhonneagair cumarsáide a chur ar eintitis sheachtracha de chuid na hearnála príobháidí nó ar chomhlachtaí seachtracha de chuid na hearnála príobháidí i gcomhréir le Rialachán (CE, Euratom) Uimh. 966/2012. Ina leithéid de chás, beidh na bearta slándála dá dtagraítear i mír 4 ina gceangal ar an soláthróir líonra agus ní bheidh rochtain aige, in aon slí, ar shonraí oibríochtúla na gcóras seo: SIS II, VIS, Eurodac, [EES], [ETIAS], [an córas uathoibrithe do chlárú, d'fhaireachán agus don sásra um leithdháileadh le haghaidh iarratais ar chosaint idirnáisiúnta], an córas ECRIS-TCN, ná ar an malartú SIRENE a bhaineann le SIS II.

(4)In Airteagal 8, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1:

“1. Déanfaidh an Ghníomhaireacht faireachán ar na forbairtí atá déanta i gcúrsaí taighde is ábhartha do bhainistiú oibríochtúil na gcóras seo: SIS II, VIS, Eurodac, [EES], [ETIAS], [an córas uathoibrithe do chlárú, d'fhaireachán agus don sásra um leithdháileadh le haghaidh iarratais ar chosaint idirnáisiúnta], an córas ECRIS-TCN, agus do bhainistiú oibríochtúil córas mórscála TF eile”.

(5)In Airteagal 12, leasaítear mír 1 mar a leanas:

(a)cuirtear isteach pointe nua (sa) i ndiaidh phointe (s):

“(sa) na tuarascálacha a ghlacadh maidir le forbairt an chórais ECRIS-TCN de bhun Airteagal 34(3) de Rialachán (AE) Uimh. XXX/20XX ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an X.X.X lena mbunaítear córas láraithe leis na Ballstáit a shainaithint ag a bhfuil faisnéis faoi chiontuithe náisiúnach tríú tír agus daoine gan stát (NTTanna) chun an Córas Faisnéise Eorpach um Thaifid Choiriúla (an córas ECRIS-TCN) a fhorlíonadh agus chun tacú leis agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 1077/2011 (IO L …)”.

(b)cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (t):

“(t) na tuarascálacha a ghlacadh maidir le feidhmiú teicniúil SIS II de bhun Airteagal 50(4) de Rialachán (CE) Uimh. 1987/2006 agus Airteagal 66(4) de Chinneadh 2007/533/JHA faoi seach, [nó Airteagal 54(7) de Rialachán XX an XX ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le Córas Faisnéise Schengen (SIS) a bhunú, a oibriú agus a úsáid i réimse na seiceálacha teorann, lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 515/2014 agus lena naisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 1987/2006 agus Airteagal 71(7) de Rialachán XX an XX ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le Córas Faisnéise Schengen (SIS) a bhunú, a oibriú agus a úsáid i réimse an chomhair póilíneachta in ábhair choiriúla, lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 515/2014 agus lena naisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 1986/2006, Cinneadh 2007/533/JHA ón gComhairle agus Cinneadh 2010/261/AE ón gCoimisiún] agus maidir le VIS de bhun Airteagal 50(3) de Rialachán (CE) Uimh. 767/2008 agus Airteagal 17(3) de Chinneadh 2008/633/JHA, [maidir le EES de bhun Airteagal 64(4) de Rialachán (AE) XX/XX an XXX agus maidir le ETIAS de bhun Airteagal 81(4) de Rialachán (AE) XX/XX an XXX, agus maidir leis an gcóras ECRIS-TCN agus leis na bogearraí tagartha do chur chun feidhme ECRIS de bhun Airteagal 34(4) de Rialachán (AE) XX/XXX;"

(c)cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (v):

"(v)    barúlacha foirmiúla a ghlacadh faoi thuarascálacha an Mhaoirseora Eorpaigh ar Chosaint Sonraí maidir leis na hiniúchtaí a rinneadh de bhun Airteagal 45(2) de Rialachán (CE) Uimh. 1987/2006, Airteagal 42(2) de Rialachán (CE) Uimh. 767/2008 agus Airteagal 31(2) de Rialachán (AE) Uimh. 603/2013, Airteagal 50(2) de Rialachán (AE) XX/XX an XXX [lena mbunaítear EES) agus Airteagal 57 de Rialachán (AE) XX/XX an XXX [lena mbunaítear ETIAS) agus Airteagal 27(2) de Rialachán (AE) XX/XXXX) [lena mbunaítear an córas ECRIS-TCN], agus obair leantach iomchuí ar na hiniúchtaí sin a áirithiú;”.

(d)cuirtear an pointe seo a leanas isteach i ndiaidh phointe (xa):

“(xb) Staidreamh a fhoilsiú a bhaineann leis an gcóras ECRIS-TCN agus leis na bogearraí tagartha do chur chun feidhme ECRIS de bhun Airteagal 30 de Rialachán XXXX/XX;" .

(e) Cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (y):

"(y)    foilsiú bliantúil liosta na núdarás inniúil atá údaraithe chun cuardach díreach a dhéanamh ar na sonraí atá in SIS II de bhun Airteagal 31(8) de Rialachán (CE) Uimh. 1987/2006 agus Airteagal 46(8) de Chinneadh 2007/533/JHA a áirithiú, mar aon le liosta oifigí chórais náisiúnta SIS II (N.SIS II) agus na mbiúrónna SIRENE dá dtagraítear in Airteagal 7(3) de Rialachán (CE) Uimh. 1987/2006 agus in Airteagal 7(3) de Chinneadh 2007/533/JHA faoi seach [nó in Airteagal 36(8) de Rialachán XX an XX ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le Córas Faisnéise Schengen (SIS) a bhunú, a oibriú agus a úsáid i réimse na seiceálacha teorann, lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 515/2014 agus lena naisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1987/2006 agus in Airteagal 53(8) de Rialachán XX an XX maidir le Córas Faisnéise Schengen (SIS) a bhunú, a oibriú agus a úsáid i réimse an chomhair póilíneachta in ábhair choiriúla, lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 515/2014 agus lena naisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1986/2006, Cinneadh 2007/533/JHA ón gComhairle agus Cinneadh 2010/261/AE ón gCoimisiún mar aon le liosta oifigí chórais náisiúnta SIS II (N.SIS II) agus na mbiúrónna SIRENE dá dtagraítear in Airteagal 7(3) de Rialachán XX an XX ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le Córas Faisnéise Schengen (SIS) a bhunú, a oibriú agus a úsáid i réimse na seiceálacha teorann, agus Airteagal 7(3) de Rialachán XX an XX ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le Córas Faisnéise Schengen (SIS) a bhunú, a oibriú agus a úsáid i réimse an chomhair póilíneachta in ábhair choiriúla faoi seach; [mar aon le liosta de na húdaráis inniúla de bhun Airteagal 8(2) de Rialachán (AE) Uimh. XX/XXXX lena mbunaítear EES]; [liosta de na húdaráis inniúla de bhun Airteagal 11 de Rialachán (AE) Uimh. XX/XXXX lena mbunaítear ETIAS] agus [liosta de na húdaráis lárnacha de bhun Airteagal 32 de Rialachán XX/XXX lena mbunaítear an córas ECRIS-TCN ];"

(6)In Airteagal 15, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 4:

"4.    Féadfaidh Europol agus Eurojust freastal, mar bhreathnóirí, ar chruinnithe an Bhoird Bainistíochta ach ceist a bhaineann le SIS II, i ndáil le cur i bhfeidhm Chinneadh 2007/533/JHA, a bheith ar an gclár oibre. [Féadfaidh an Garda Teorann agus Cósta Eorpach freastal, mar bhreathnóirí, ar chruinnithe an Bhoird Bainistíochta ach ceist a bhaineann le SIS, i ndáil le cur i bhfeidhm Rialachán (AE) 2016/1624 nó Rialachán (AE) XXX an XXX, a bheith ar an gclár oibre]. Ina theannta sin, féadfaidh Europol freastal, mar bhreathnóir, ar chruinnithe an Bhoird Bainistíochta ach ceist a bhaineann le VIS, i ndáil le cur i bhfeidhm Chinneadh 2008/633/JHA, a bheith ar an gclár oibre nó ceist a bhaineann le Eurodac, i ndáil le cur i bhfeidhm Rialachán (AE) Uimh. 603/2013 a bheith ar an gclár oibre. [Féadfaidh Europol freastal mar bhreathnóir ar chruinnithe an Bhoird Bainistíochta freisin ach ceist a bhaineann le EES, i ndáil le cur i bhfeidhm Rialachán XX/XXXX (lena mbunaítear EES), a bheith ar an gclár oibre nó ceist a bhaineann le ETIAS, i ndáil le Rialachán (AE) XX/XXXX (lena mbunaítear ETIAS), a bheith ar an gclár oibre. Féadfaidh an Garda Teorann agus Cósta Eorpach freastal ar chruinnithe an Bhoird Bainistíochta freisin, ach ceist a bhaineann le ETIAS, i ndáil le cur i bhfeidhm Rialachán XX/XX an XXX, a bheith ar an gclár oibre.] [Féadfaidh an Oifig Tacaíochta Eorpach do Chúrsaí Tearmainn (EASO) freastal, mar bhreathnóir, ar chruinnithe an Bhoird Bainistíochta freisin, ach ceist a bheith ar an gclár oibre a bhaineann leis an gcóras uathoibrithe do chlárú, d'fhaireachán agus don sásra um leithdháileadh le haghaidh iarratais ar chosaint idirnáisiúnta sin dá dtagraítear in Airteagal 44 de Rialachán (AE) lena mbunaítear na critéir agus na sásraí lena gcinntear cé acu Ballstát atá freagrach as scrúdú a dhéanamh ar iarratas ar chosaint idirnáisiúnta arna thaisceadh i mBallstát ag náisiúnach tríú tír nó ag duine gan stát (athmhúnlú) COM(2016) 270 final-2016/0133(COD).] [Féadfaidh Eurojust, Europol agus Oifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh freastal, mar bhreathnóirí, ar chruinnithe an Bhoird Bainistíochta freisin, ach ceist a bheith ar an gclár a bhaineann le Rialachán XX/XXXX (lena mbunaítear córas láraithe leis na Ballstáit a shainaithint ag a bhfuil faisnéis faoi chiontuithe náisiúnach tríú tír agus daoine gan stát (NTTanna) chun an Córas Faisnéise Eorpach um Thaifid Choiriúla (ECRIS) a fhorlíonadh agus chun tacú leis agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 1077/2011 (córas ECRIS-TCN). Féadfaidh an Bord Bainistíochta a iarraidh ar aon duine eile freastal ar a chuid cruinnithe mar bhreathnóir, ar duine é a bhféadfadh a thuairim a bheith ina díol spéise.

(7)Cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (g) de mhír 5 d'Airteagal 17:

“(g) gan dochar d'Airteagal 17 de na Rialacháin Foirne, ceanglais rúndachta a bhunú chun Airteagal 17 de Rialachán (CE) Uimh. 1987/2006, Airteagal 17 de Chinneadh 2007/533/JHA, Airteagal 26(9) de Rialachán (CE) Uimh. 767/2008, Airteagal 4(4) de Rialachán (AE) Uimh. 603/2013 [Airteagal 34(4) de Rialachán (AE) XX/XX an XX (lena mbunaítear EES)] 33 , Airteagal 64(2) de Rialachán XX/XXXX (lena mbunaítear ETIAS) agus Airteagal 11(16) de [Rialachán (AE) XX/XX an XXX lena mbunaítear an córas ECRIS-TCN] a chomhlíonadh.”

(8)In Airteagal 19, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1:

“1. Soláthróidh na Grúpaí Comhairleacha seo a leanas don Bhord Bainistíochta saineolas a bhaineann le córais mhórscála TF, go háirithe agus a gclár oibre bliantúil agus a dtuarascálacha bliantúla ar ghníomhaíochtaí á nullmhú acu:

(a)Grúpa Comhairleach SIS II;

(b)Grúpa Comhairleach VIS;

(c)Grúpa Comhairleach Eurodac;

(d)Grúpa Comhairleach [EES-ETIAS];

(e)Grúpa Comhairleach an chórais ECRIS-TCN;

(f)aon Ghrúpa Comhairleach eile a bhaineann le córas mórscála TF i gcás ina bhforáiltear dó san ionstraim reachtach ábhartha lena rialaítear forbairt, bunú, oibriú agus úsáid an chórais mórscála TF sin."

Airteagal 38
Forálacha críochnaitheacha agus idirthréimhseacha

1.Déanfaidh na Ballstáit na bearta is gá chun forálacha an Rialacháin seo a chomhlíonadh laistigh de 24 mhí ó dháta a theachta i bhfeidhm.

2.I gcás ciontuithe a thugtar roimh [dháta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo] cruthóidh na húdaráis lárnacha na taifid sonraí indibhidiúla sa lárchóras laistigh de 24 mhí, ar a dhéanaí, tar éis don ionstraim seo teacht i bhfeidhm, a mhéid a stóráiltear na sonraí sin ina gclár náisiúnta féin de thaifid choiriúla nó ina mbunachair shonraí náisiúnta méarlorg.

Airteagal 39
Teacht i bhfeidhm agus infheidhmeacht

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm ar an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh. Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach sna Ballstáit i gcomhréir leis na Conarthaí.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil,

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa    Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán    An tUachtarán

RÁITEAS AIRGEADAIS REACHTACH

1.LEAGAN AMACH AN TOGRA/TIONSCNAIMH

1.1.Teideal an togra/tionscnaimh

1.2.Réimsí beartais lena mbaineann i gcreat ABM/ABB

1.3.An cineál togra/tionscnaimh

1.4.Cuspóirí

1.5.Foras an togra/tionscnaimh

1.6.Fad agus tionchar airgeadais

1.7.Modhanna bainistíochta atá beartaithe

2.BEARTA BAINISTÍOCHTA

2.1.Rialacha faireacháin agus tuairiscithe

2.2.Córas bainistíochta agus rialaithe

2.3.Bearta chun calaois agus neamhrialtachtaí a chosc

3.AN TIONCHAR AIRGEADAIS A MHEASTAR A BHEIDH AG AN TOGRA/TIONSCNAMH

3.1.Ceannteidil an chreata airgeadais ilbhliantúil agus na línte buiséid ar a nimreofar tionchar

3.2.An tionchar a mheastar a bheidh ag an togra/tionscnamh ar chaiteachas 

3.2.1.Achoimre ar an tionchar a mheastar a bheidh ag an togra/tionscnamh ar chaiteachas

3.2.2.An tionchar a mheastar a bheidh ag an togra/tionscnamh ar leithreasuithe faoi chomhair oibríochtaí

3.2.3.An tionchar a mheastar a bheidh ag an togra/tionscnamh ar leithreasuithe de chineál riaracháin

3.2.4.Comhoiriúnacht don chreat airgeadais ilbhliantúil reatha

3.2.5.Ranníocaíochtaí ó thríú páirtithe

3.3.An tionchar a mheastar a bheidh ar ioncam

1.LEAGAN AMACH AN TOGRA/TIONSCNAIMH

1.1.Teideal an togra/tionscnaimh

Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena mbunaítear córas láraithe leis na Ballstáit a shainaithint ag a bhfuil faisnéis faoi chiontuithe náisiúnach tríú tír agus daoine gan stát (NTTanna) chun an Córas Faisnéise Eorpach um Thaifid Choiriúla (ECRIS) a fhorlíonadh agus chun tacú leis agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 1077/21 (an córas ECRIS-TCN)

1.2.Réimsí beartais lena mbaineann i gcreat ABM/ABB 34  

Réimse beartais        33    Ceartas agus Tomhaltóirí

Gníomhaíocht ABB        33.03    Ceartas

1.3.An cineál togra/tionscnaimh

 Baineann an togra/tionscnamh le beart nua 

 Baineann an togra/tionscnamh le beart nua a leanann treoirthionscadal/réamhbheart 35  

 Baineann an togra/tionscnamh le síneadh ar bheart atá ann cheana 

 Baineann an togra/tionscnamh le beart a atreoraíodh i dtreo beart nua 

1.4.Cuspóirí

1.4.1.Cuspóirí straitéiseacha ilbhliantúla an Choimisiúin ar a bhfuil an togra/tionscnamh dírithe

   Feabhas a chur ar fheidhmiú comhlimistéir slándála agus ceartais trí mhalartú faisnéise in ábhair choiriúla maidir le NTTanna a fheabhsú.

   An choireacht a laghdú agus cosc na coireachta a chur chun cinn (maidir le sceimhlitheoireacht freisin).

   An neamh-idirdhealú a áirithiú idir NTTanna agus náisiúnaigh de chuid an Aontais maidir le malartú éifeachtúil faisnéise taifid choiriúil.

1.4.2.Cuspóirí sonracha agus na gníomhaíochtaí ABM/ABB lena mbaineann

Cuspóir sonrach

   Líon na niarrataí neamhriachtanacha ar fhaisnéis taifid choiriúil a bhaineann le NTTanna, agus na costais a bhíonn ann dá bharr, a laghdú.

   Líon na malartuithe faisnéise taifid choiriúil maidir le NTTanna trí ECRIS a mhéadú.

Gníomhaíochtaí ABM/ABB lena mbaineann

Féach na gníomhaíochtaí a gcuirtear síos orthu i liosta gníomhaíochtaí ABM/ABB N°33 03

1.4.3.An toradh agus an tionchar a bhfuil súil leo

Sonraigh an tionchar a bheadh ag an togra/tionscnamh ar na tairbhithe/grúpaí ar a bhfuil sé dírithe.

Leis an tionscnamh, meastar go ndéanfar foráil maidir le córas láraithe chun an Ballstát nó na Ballstáit ag a bhfuil faisnéis faoi NTTanna a shainaithint d'fhonn líon na malartuithe faisnéise ar chiontuithe maidir le NTTanna trí ECRIS atá ann faoi láthair a mhéadú.

1.4.4.Táscairí lena léireofar toradh agus tionchar

Sonraigh na táscairí lena léireofar an faireachán ar chur chun feidhme an togra/tionscnaimh.

Leibhéal na dtaifead cóiriúil NTTanna a mhalartaítear i gcomparáid le líon na gciontuithe maidir le NTTanna agus na NTTanna a chiontaítear.

1.5.Foras an togra/tionscnaimh

1.5.1.Na ceanglais is gá a chomhlíonadh sa ghearrthéarma nó san fhadtéarma

Córas láraithe ina gcoinnítear faisnéis alfa-uimhriúil agus faisnéis chéannachta méarlorg NTTanna a chur chun feidhme ag eu-LISA, d'fhonn an Ballstát nó na Ballstáit ag a bhfuil faisnéis faoi chiontuithe NTTanna a shainaithint.

1.5.2.Luach breise a bhaineann le rannpháirteachas an AE

Leis an tionscnamh, meastar go ndéanfar foráil maidir le córas láraithe chun an Ballstát nó na Ballstáit ag a bhfuil faisnéis faoi NTTanna a shainaithint d'fhonn líon na malartuithe faisnéise ar chiontuithe maidir le NTTanna trí ECRIS atá ann faoi láthair a mhéadú. Ní féidir leis na Ballstáit córas den sórt sin a bhunú astu féin, ach éilíonn sé córas a chruthú a bheidh le forbairt agus le bainistiú ag eu-LISA.

1.5.3.Ceachtanna a foghlaimíodh ó thaithí eile den sórt sin san am a chuaigh thart

Bunaíodh ECRIS in am trátha i mí Aibreáin 2012. Is é is aidhm leis na dea-chleachtais chéanna a chur i bhfeidhm. Ina theannta sin, léirigh na caibidlíochtaí ar thogra 2016 an Choimisiúin le haghaidh Treoir ar ECRIS-TCN go bhfuiltear go mór i bhfabhar córas láraithe a bhunú.

1.5.4.Comhoiriúnacht d'ionstraimí iomchuí eile agus sineirgíocht a d'fhéadfadh a bheith ann

Féach na míreanna thuas "Comhsheasmhacht le beartais eile de chuid an Aontais". Is cuid den straitéis atá leagtha amach sa Chlár Oibre Eorpach maidir leis an tSlándáil é feabhas a chur ar ECRIS maidir le NTTanna.

Tá baint ag an tionscnamh freisin le hobair an Ghrúpa Ardleibhéil Saineolaithe ar Idir-inoibritheacht, ós rud é go meastar an córas ECRIS-TCN nua a bheith ar cheann de na córais a mbeidh idir-inoibritheacht breise acu le córais eile de chuid an Aontais, amhail an Córas Faisnéise Schengen, an Córas Faisnéise Víosaí agus Eurodac.

Ina theannta sin, tacaíonn malartú faisnéise um thaifid choiriúla le cur i bhfeidhm Chinneadh Réime 2008/675/JHA ón gComhairle, lena sonraítear go mba cheart d'údaráis bhreithiúnacha na mBallstát, le linn imeachtaí coiriúla, ciontuithe arna dtabhairt roimhe sin i gcoinne an duine chéanna ar fhíricí éagsúla i mBallstáit eile a chur san áireamh, is cuma cén náisiúntacht atá ag an duine lena mbaineann.

Mar atá sonraithe sa Teachtaireacht maidir le beartas um fhilleadh níos éifeachtaí san Aontas Eorpach (C(2017) 200 final), ba cheart d'údaráis inniúla na mBallstát a chur san áireamh freisin ciontuithe arna ndéanamh roimhe sin i dtaca le cinntí maidir le deireadh a chur le fanacht dlíthiúil, filleadh agus cead isteach a dhiúltú maidir le náisiúnaigh tríú tír atá ina mbagairt don bheartas poiblí nó don tslándáil phoiblí nó don tslándáil náisiúnta.

1.6.Fad agus tionchar airgeadais

 Togra/tionscnamh a bheidh i bhfeidhm ar feadh tréimhse theoranta

   Togra/tionscnamh a bheidh i bhfeidhm ón [LL/MM]BBBB go dtí an [LL/MM]BBBB

   Tionchar airgeadais ó BBBB go BBBB

 Togra/tionscnamh a bheidh i bhfeidhm ar feadh tréimhse neamhtheoranta

Cuirfear chun feidhme é le linn na tréimhse tosaigh idir 2018 agus 2020, agus cuirfear ag feidhmiú go hiomlán ina dhiaidh sin é.

1.7.Modh(anna) bainistíochta atá beartaithe 36  

 Bainistíocht dhíreach a dhéanann an Coimisiún

ina ranna, lena náirítear an chuid sin den fhoireann atá i dtoscaireachtaí an Aontais;

   trí na gníomhaireachtaí feidhmiúcháin 37  

 Bainistíocht atá comhroinnte leis na Ballstáit

 Bainistíocht indíreach trí chúraimí a bhaineann le cur chun feidhme an bhuiséid a shannadh dóibh seo a leanas:

tríú tíortha nó na comhlachtaí a d'ainmnigh siad;

eagraíochtaí idirnáisiúnta agus a ngníomhaireachtaí (tabhair sonraí);

BEI agus an Ciste Eorpach Infheistíochta;

comhlachtaí dá dtagraítear in Airteagal 208 agus Airteagal 209 den Rialachán Airgeadais;

comhlachtaí dlí poiblí;

comhlachtaí arna rialú ag an dlí príobháideach agus a bhfuil misean seirbhíse poiblí acu sa mhéid go gcuireann siad ráthaíochtaí leordhóthanacha airgeadais ar fáil;

comhlachtaí arna rialú ag dlí príobháideach Ballstáit, a gcuirtear de chúram orthu comhpháirtíochtaí príobháideacha poiblí a chur chun feidhme, agus a sholáthraíonn ráthaíochtaí leordhóthanacha airgeadais;

daoine a gcuirtear de chúram orthu bearta sonracha a chur chun feidhme in CBES de bhun Theideal V de CAE, ar daoine iad a aithnítear sa bhunghníomh ábhartha.

I gcás ina sonraítear níos mó ná modh bainistíochta amháin, tabhair sonraí sa roinn "Nótaí" le do thoil.

2.BEARTA BAINISTÍOCHTA

2.1.Rialacha faireacháin agus tuairiscithe

Sonraigh minicíocht na mbeart agus na coinníollacha atá leo

Tá sé beartaithe go ndéanfar faireachán rialta ar chur chun feidhme an tionscnaimh ag eu-LISA i gcomhréir leis an aistriú buiséid, le prionsabal na bainistíochta fónta airgeadais agus nósanna imeachta riaracháin an Choimisiúin.

2.2.Córas bainistíochta agus rialaithe

2.2.1.Na rioscaí a aithníodh.

Cuirfear próiseas bainistithe riosca leantach ar bun leis an aistriú buiséid.

2.2.2.Faisnéis maidir leis an gcóras rialaithe inmheánaigh atá i bhfeidhm.

Cumhdóidh na modhanna rialaithe atá ann cheana arna gcur i bhfeidhm ag an gCoimisiún an taistriú buiséid chuig eu-LISA.

2.2.3.Meastachán ar chostais agus ar shochair na rialuithe agus measúnú ar an leibhéal riosca earráide a bhfuiltear ag súil leis.

Déantar foráil maidir le líon mór sásraí rialála airgeadais agus riaracháin tríd an aistriú buiséid agus trí ghnáthnósanna imeachta airgeadais an Choimisiúin.

2.3.Bearta chun calaois agus neamhrialtachtaí a chosc

Sonraigh bearta coisctheacha agus cosanta atá ann cheana nó atá beartaithe.

Tá feidhm ag rialacha agus nósanna imeachta tairisceana i rith an phróisis forbartha; Orthu sin tá:

– bunú an chláir oibre, ina mbeidh clocha míle don mhaoiniú a scaoileadh chun inrialaitheacht ar an méid atá bainte amach agus ar na costais a áirithiú;

– dréachtú iomchuí sonraíochtaí chun inrialaitheacht maidir le baint amach na dtorthaí is gá agus na gcostas arna dtabhú a áirithiú;

– anailís cháilíochtúil agus airgeadais na dtairiscintí;

– rannpháirtíocht ranna eile de chuid an Choimisiúin i rith an phróisis;

– torthaí a fhíorú agus imscrúdú a dhéanamh ar shonraisc roimh íocaíocht, ar roinnt leibhéil; agus

– iniúchadh inmheánach.

3.AN TIONCHAR AIRGEADAIS A MHEASTAR A BHEIDH AG AN TOGRA/TIONSCNAMH

3.1.Ceannteidil an chreata airgeadais ilbhliantúil agus na línte buiséid ar a nimreofar tionchar

• Línte buiséid atá ann cheana

In ord cheannteidil agus línte buiséid an chreata airgeadais ilbhliantúil.

Ceannteideal an chreata airgeadais ilbhliantúil

Líne buiséid

Saghas
caiteachais

Ranníocaíocht

Uimhir

LD/LN 38 .

ó thíortha de chuid CSTE 39

ó thíortha is iarrthóirí 40

ó thríú tíortha

de réir bhrí Airteagal 21(2)(b) den Rialachán Airgeadais

3

18 02 07

An Ghníomhaireacht Eorpach um bainistiú oibríochtúil a dhéanamh ar chórais mhórscála TF i limistéar saoirse, slándála agus ceartais (eu-LISA)

Difreáilte

Níl

Níl

Níl

Níl

3

33 03 02

An comhar breithiúnach a éascú agus tacú leis in ábhair shibhialta agus choiriúla

Difreáilte

Níl

Níl

Níl

Níl

5

33 01 01

Caiteachas a bhaineann le hoifigigh agus gníomhairí sealadacha sa réimse beartais um Cheartas agus Tomhaltóirí

Neamhdhifreáilte

Níl

Níl

Níl

Níl

3.2.An tionchar a mheastar a bheidh ag an togra/tionscnamh ar chaiteachas

3.2.1.Achoimre ar an tionchar a mheastar a bheidh ag an togra/tionscnamh ar chaiteachas

Ceannteideal an chreata airgeadais
ilbhliantúil

3

Slándáil agus Saorántacht

Uimhir na líne buiséid 18 02 07 41

Bliain
2018

Bliain
2019

Bliain
2020

IOMLÁN

Teideal 1: Caiteachas foirne

Gealltanais

(1)

0,263

0,350

0,350

0,963

Íocaíochtaí

(2)

0,263

0,350

0,350

0,963

Teideal 2: Caiteachas bonneagair agus oibríochtúil

Gealltanais

(1a)

 

 

 

 

Íocaíochtaí

(2 a)

 

 

 

 

Teideal 3: Caiteachas oibríochtúil

Gealltanais

(3 a)

3,766

3,766

3,766

11,298

Íocaíochtaí

(3b)

1,883

3,766

3,766

9,415

IOMLÁN leithreasuithe
d'Ard-Stiúrthóireacht um Cheartas agus Tomhaltóirí/eu-LISA

Gealltanais

=1+1a +3a

4,029

4,116

4,116

12,261

Íocaíochtaí

=2+2a

+3b

2,146

4,116

4,116

10,378



Ceannteideal an chreata airgeadais
ilbhliantúil:

5

Caiteachas riaracháin

2018

2019

2020

IOMLÁN

Uimhir na líne buiséid: 33 01 01

•Acmhainní daonna

0,207

0,207

0,207

0,621

•Caiteachas riaracháin eile

0,040

0,040

0,040

0,120

IOMLÁN Ard-Stiúrthóireacht um Cheartas agus Tomhaltóirí/eu-LISA

Leithreasuithe

0,247

0,247

0,247

0,741

IOMLÁN leithreasuithe
do CHEANNTEIDEAL 5
den chreat airgeadais ilbhliantúil
 

(Iomlán gealltanas = Iomlán íocaíochtaí)

0,247

0,247

0,247

0,741

2018

2019

2020

IOMLÁN

IOMLÁN leithreasuithe
faoi CHEANNTEIDIL 1 go 5
den chreat airgeadais ilbhliantúil
 

Gealltanais

4,276

4,363

4,363

13,002

Íocaíochtaí

2,393

4,363

4,363

11,119

3.2.2. An tionchar a mheastar a bheidh ag an togra/tionscnamh ar leithreasuithe faoi chomhair oibríochtaí

3.2.2.1.An tionchar a mheastar a bheidh ar bhuiséad eu-LISA, Caiteachas Oibríochtúil

   Ní éilíonn an togra/tionscnamh go núsáidfear leithreasuithe faoi chomhair oibríochtaí

   Éilíonn an togra/tionscnamh go núsáidfear leithreasuithe faoi chomhair oibríochtaí mar a mhínítear thíos:

Leithreasuithe faoi chomhair gealltanas in EUR milliúin (go dtí an tríú deachúil)

Sonraigh cuspóirí agus aschuir

Teideal 3: Caiteachas oibríochtúil

Bliain
2018

Bliain
2019

Bliain
2020

IOMLÁN

ASCHUIR

Saghas 42

Líon

Costas

Líon

Costas

Líon

Costas

Líon

Costas

Líon

Costas

Líon

Costas

Líon

Costas

Líon

Costas

Líon

Costas

Líon iomlán

Costas iomlán

CUSPÓIR SONRACH Uimh. 1 43

Lárchóras agus bogearraí tagartha do chur chun feidhme ECRIS a fhorbairt

– Aschur

Conraitheoir

 

1,406

 

1,406

 

1,406

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

4,218

– Aschur

Bogearraí

 

1,618

 

1,618

 

1,618

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

4,854

– Aschur

Crua-earraí

 

0,476

 

0,476

 

0,476

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

1,428

– Aschur

Riarachán

– Aschur

Eile (oifig)

Fo-iomlán do chuspóir sonrach Uimh. 1

 

3,500

 

3,500

 

3,500

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

10,500

CUSPÓIR SONRACH Uimh. 2

Lárchóras a Chothabháil

Bliain
2018

Bliain
2019

Bliain
2020

IOMLÁN

– Aschur

Conraitheoir

 

 

 

 

 

 

 

– Aschur

Bogearraí

 

 

 

 

 

 

 

– Aschur

Crua-earraí

 

 

 

 

 

 

 

– Aschur

Riarachán

– Aschur

Eile (oifig)

Fo-iomlán do chuspóir sonrach Uimh. 2

 

 

 

 

 

 

 

CUSPÓIR SONRACH Uimh. 3

Líonra

– Aschur

Forbairt

– Aschur

Oibríochtaí

Fo-iomlán do chuspóir sonrach Uimh. 3

CUSPÓIR SONRACH Uimh. 4

Cruinnithe

0,266

 

0,266

 

0,266

0,798

COSTAS IOMLÁN eu-LISA

 

3,766

 

3,766

 

3,766

 

11,298

3.2.3.An tionchar a mheastar a bheidh ar acmhainní daonna

3.2.3.1.Meastacháin ar chaiteachas ar fhoireann eu-LISA: Achoimre

   Ní éilíonn an togra/tionscnamh go núsáidfear leithreasuithe de chineál riaracháin

   Éilíonn an togra/tionscnamh go núsáidfear leithreasuithe de chineál riaracháin mar a mhínítear thíos:

Sloinnfear an meastachán in aonaid de choibhéis lánaimseartha

Bliain
2018

Bliain
2019

Bliain
2020

IOMLÁN

Oifigigh (Gráid AD)

Oifigigh (Gráid AST)

Baill foirne ar conradh

5

5

5

Baill foirne shealadacha

Saineolaithe náisiúnta ar iasacht

IOMLÁN

5

5

5

Le linn chéim an chur chun feidhme, tá sé beartaithe cúigear gníomhairí ar conradh a earcú don bhainistiú tionscadal, iarobair ar an bhforbairt, dearbhú cáilíochta agus tástáil an chórais. Ó 2021 ar aghaidh, meastar go laghdófar an fhoireann agus déanfaidh siad an tionscadal a bhainistiú agus roinnt gníomhaíochtaí cothabhála agus tacaíochta ar an gcóras.

Foireann

Cainníocht

Próifíl

Cúraim(í)

Gníomhaire ar Conradh (FGIV)

1

Bainisteoir tionscadail

An tionscadal a ullmhú agus a chur i gcrích

Gníomhaire ar Conradh (FGIV)

1

Innealtóir córais

Saineolas maidir le dearadh, cur chun feidhme agus cáilíochtaí teicniúla an réitigh

Gníomhaire ar Conradh (FGIV)

2

Saineolaí iarratais

Dearadh, cur chun feidhme agus seoladh an iarratais

Gníomhaire ar Conradh (FGIV)

1

Innealtóir Cáilíochta Bogearraí

Plean bainistíochta a thástáil, sainiú cáis a thástáil, doiciméid cháilíochta, feachtas tástála a fhíorú

3.2.4.An tionchar a mheastar a bheidh ag an togra/tionscnamh ar leithreasuithe de chineál riaracháin

3.2.4.1. Achoimre Ard-Stiúrthóireacht um Cheartas agus Tomhaltóirí

   Ní éilíonn an togra/tionscnamh go núsáidfear leithreasuithe de chineál riaracháin

   Éilíonn an togra/tionscnamh go núsáidfear leithreasuithe de chineál riaracháin mar a mhínítear thíos:

EUR milliúin (go dtí an tríú deachúil)

Bliain
2018

Bliain
2019

Bliain
2020

IOMLÁN

CEANNTEIDEAL 5
den chreat airgeadais ilbhliantúil

Acmhainní Daonna Ard-Stiúrthóireacht um Cheartas agus Tomhaltóirí

0,207

0,207

0,207

0,621

Caiteachas riaracháin eile

0,040

0,040

0,040

0,120

Fo-iomlán CHEANNTEIDEAL 5
den chreat airgeadais ilbhliantúil

0,247

0,247

0,247

0,741

Lasmuigh de CHEANNTEIDEAL 5 44
den chreat airgeadais ilbhliantúil

Acmhainní daonna

Caiteachas eile
de chineál riaracháin

Fo-iomlán
lasmuigh de CHEANNTEIDEAL 5
den chreat airgeadais ilbhliantúil

IOMLÁN

0,247

0,247

0,247

0,741

3.2.4.2.Na hacmhainní daonna a mheastar a bheidh riachtanach

   Ní éilíonn an togra/tionscnamh go núsáidfear acmhainní daonna.

   Éilíonn an togra/tionscnamh go núsáidfear acmhainní daonna mar a mhínítear thíos:

Sloinnfear an meastachán in aonaid de choibhéis lánaimseartha

Bliain
2018

Bliain
2019

Bliain
2020

IOMLÁN

•Poist don phlean bunaíochta (oifigigh agus foireann shealadach)

XX (Ceanncheathrú agus Oifigí Ionadaíocht an Choimisiúin) Ard-Stiúrthóireacht um Cheartas agus Tomhaltóirí

1.5

1.5

1.5

4.5

XX 01 01 02 (Toscaireachtaí)

XX 01 05 01 (Taighde indíreach)

10 01 05 01 (Taighde díreach)

XX 01 02 02 (CA, LA, SNE, INT agus JED sna toscaireachtaí)

XX 01 04 yy  45

– sa cheanncheathrú

(1)

– toscaireachtaí

XX 01 05 02 (CA, SNE, INT – taighde indíreach)

10 01 05 02 (CA, INT, SNE – taighde díreach)

Línte buiséid eile (sonraigh)

IOMLÁN

1.5

1.5

1.5

4.5

       Is é XX an réimse beartais nó an teideal buiséid lena mbaineann

Soláthrófar na hacmhainní daonna is gá le baill foirne ón Ard-Stiúrthóireacht a bhfuil bainistíocht an bhirt faoina gcúram cheana agus/nó a ath-imlonnófar laistigh den Ard-Stiúrthóireacht, mar aon le haon leithdháileadh breise a d'fhéadfaí a thabhairt don Ard-Stiúrthóireacht atá i mbun bainistíochta faoi chuimsiú an nós imeachta maidir le leithdháileadh bliantúil i bhfianaise na srianta buiséadacha.    

Cur síos ar na cúraimí a bheidh le déanamh:

Oifigigh agus pearsanra sealadach

Cumhdaíonn an post AD rannpháirtíocht DG JUST i bhforbairt an chórais ag eu-LISA, chomh maith leis na gníomhartha cur chun feidhme is gá maidir le sonraíochtaí an chórais a ullmhú.

Pearsanra seachtrach

3.2.5.Comhoiriúnacht don chreat airgeadais ilbhliantúil reatha

   Tá an togra/tionscnamh comhoiriúnach don chreat airgeadais ilbhliantúil reatha.

   Beidh athchlárú an cheannteidil ábhartha sa chreat airgeadais ilbhliantúil ag gabháil leis an togra/tionscnamh seo.

Mínigh an cineál athchláraithe a bhfuil gá leis, agus sonraigh na línte buiséid lena mbaineann agus na méideanna comhfhreagracha.

   Éilíonn an togra/tionscnamh go gcuirfear an ionstraim sholúbthachta i bhfeidhm nó go ndéanfar athbhreithniú ar an gcreat airgeadais ilbhliantúil.

Mínigh an méid a bhfuil gá leis, agus sonraigh na ceannteidil agus na línte buiséid lena mbaineann agus na méideanna comhfhreagracha.

3.2.6.Ranníocaíochtaí ó thríú páirtithe

Ní dhéantar foráil sa togra/tionscnamh maidir le cómhaoiniú le tríú páirtithe.

Déantar foráil sa togra/tionscnamh maidir le cómhaoiniú atá réamh-mheasta thíos:

Leithreasuithe in EUR milliúin (go dtí an 3ú deachúil)

Bliain
N

Bliain
N+1

Bliain
N+2

Bliain
N+3

Iontráil na blianta ar fad a theastaíonn le fad an tionchair a thaispeáint (féach pointe 1.6)

Iomlán

Sonraigh an comhlacht cómhaoinithe 

IOMLÁN leithreasuithe cómhaoinithe



3.3.An tionchar a mheastar a bheidh ar ioncam

   Ní bheidh tionchar airgeadais ar bith ag an togra ar ioncam.

   Beidh an tionchar airgeadais seo a leanas ag an togra/tionscnamh:

I.    ar acmhainní dílse

II.    ar ioncam ilghnéitheach



EUR milliúin (go dtí an tríú deachúil)

Líne buiséid ioncaim:

Leithreasuithe atá ar fáil don bhliain airgeadais reatha

Tionchar an togra/tionscnaimh 46

Bliain
N

Bliain
N+1

Bliain
N+2

Bliain
N+3

Iontráil na blianta ar fad a theastaíonn le fad an tionchair a thaispeáint (féach pointe 1.6)

Airteagal ………….

I gcás ioncam ilghnéitheach atá 'sannta', sonraigh na línte buiséid a nimrítear tionchar orthu.

Sonraigh an modh chun an tionchar ar ioncam a ríomh.

(1) IO L 93, 7.4.2009, Lch. 23 agus Lch. 33.
(2) I gcomhréir le togra 2016 ón gCoimisiún (COM(2016) 07 final), tá feidhm ag an togra seo maidir le náisiúnaigh tríú tír ag a bhfuil náisiúntacht Ballstáit freisin, d'fhonn a áirithiú gur féidir teacht ar an bhfaisnéis cibé acu atá an náisiúntacht eile ar eolas nó nach bhfuil. Féach leathanach 12 den mheabhrán míniúcháin a ghabhann leisleis an togra sin.
(3) Tuarascáil ón gCoimisiún maidir le faisnéis arna baint as taifid choiriúla a mhalartú idir na Ballstáit tríd an gCóras Faisnéise Eorpach um Thaifid Choiriúla (ECRIS).
(4) " An Clár Oibre Eorpach maidir leis an tSlándáil" – Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún an 28 Aibreán 2015 (COM (2015)185 final).
(5) Bhí measúnú tionchair (SWD(2016) 4 ag gabháil leis an togra. Tá sé fós faoi chaibidil ag an gComhairle. Ghlac Coiste um Shaoirsí Sibhialta, um Cheartas agus um Ghnóthaí Baile (LIBE) i bParlaimint na hEorpa a thuarascáil ar thogra 2016 ón gCoimisiún le haghaidh Treorach an 27 Meitheamh 2016.
(6) Sa mheasúnú tionchair a ghabhann le togra 2016 ón gCoimisiún, bhí plé gairid ann faoin rogha bunachar sonraí lánláraithe a chur ar bun ina mbeadh faisnéis chéannachta na ndaoine arna gciontú, chomh maith leis an bhfaisnéis iomlán maidir leis an gciontú, ach níor glacadh leis an rogha sin. Tháinig sé chun solais trí chomhairliúcháin leis na Ballstáit, go háirithe ag cruinniú na saineolaithe ECRIS i Meán Fómhair 2014, nach raibh an rogha sin indéanta ó thaobh na polaitíochta de, mar níor thacaigh ach cúpla Ballstát léi, agus sin an chúis nár glacadh léi.
(7) COM(2016) 205 final, 6.4.2016.
(8) Foilsíodh an tionscadal críóchnaitheach de chuid an ghrúpa ardleibhéil saineolaithe an 11 Bealtaine. Tá sé ar fáil ag: http://ec.europa.eu/transparency/regexpert/index.cfm?do=groupDetail.groupDetailDoc&id=32600&no=1
(9) Féach Airteagal 3 de Chinneadh 2009/316 ón gComhairle.
(10) COM(2017) 261 final, 16.5.2017.
(11) Cinneadh Réime 2008/675/JHA ón gComhairle an 24 Iúil 2008 maidir le ciontuithe i mBallstáit an Aontais Eorpaigh a chur san áireamh i gcúrsa imeachtaí nua coiriúla, IO L 220, 15.8.2008, Lch. 32.
(12) IO L 286, 1.11.2011, Lch. 1.
(13) COM(2016) 6 final, 19.1.2016.
(14) http://ec.europa.eu/newsroom/just/item-detail.cfm?item_id=82547
(15) http://ec.europa.eu/newsroom/just/item-detail.cfm?item_id=82551
(16) SWD(2016) 4 final
(17) A fhad agus nach nglacfar an Rialachán lena mbunaítear Oifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh, cuirtear tagairtí dó idir lúibíní cearnacha.
(18) IO L 55, 28.2.2011, Lch. 13.
(19) Cinneadh Réime 2008/675/JHA ón gComhairle an 24 Iúil 2008 maidir le ciontuithe i mBallstáit an Aontais Eorpaigh a chur san áireamh le linn imeachtaí nua coiriúla (IO L 220, 15.8.2008, Lch. 32).
(20) Cinneadh Réime 2009/315/JHA ón gComhairle an 26 Feabhra 2009 maidir le heagrú agus le hábhar an mhalartaithe faisnéise a bhaintear as an taifead coiriúil idir na Ballstáit (IO L 93, 7.4.2009, Lch. 23).
(21) Cinneadh 2009/316/JHA ón gComhairle an 6 Aibreán 2009 maidir le bunú an Chórais Faisnéise Eorpaigh um Thaifid Choiriúla (ECRIS) agus Airteagal 11 de Chinneadh Réime 2009/315/JHA (IO L 93, 7.4.2009, Lch. 33) á chur i bhfeidhm.
(22) Rialachán (AE) Uimh. 1077/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Deireadh Fómhair 2011 lena mbunaítear Gníomhaireacht Eorpach chun bainistiú oibríochtúil a dhéanamh ar chórais mhórscála TF sa limistéar saoirse, slándála agus ceartais (IO L 286, 1.11.2011, Lch. 1).
(23) Rialachán (AE) 2016/794 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Bealtaine 2016 maidir le Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh i ndáil le Comhar i bhForfheidhmiú an Dlí (Europol) agus lena naisghairtear Cinntí 2009/371/JHA, 2009/934/JHA, 2009/935/ JHA, 2009/936/ JHA agus 2009/968/ JHA ón gComhairle agus a ghabhann ionad na gCinntí sin (IO L 135, 24.5.2016, Lch. 53).
(24) Cinneadh 2002/187/JHA ón gComhairle an 28 Feabhra 2002 lenar bunaíodh Eurojust d’fhonn an comhrac in aghaidh na coireachta tromchúisí a neartú (IO L 063, 6.3.2002, Lch. 1).
(25) Rialachán (AE) .../... (IO L …)
(26) Treoir (AE) 2016/680 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Aibreán 2016 i ndáil le cosaint daoine nádúrtha maidir le próiseáil sonraí pearsanta ag údaráis inniúla chun cionta coiriúla a chosc, a imscrúdú, a bhrath nó a ionchúiseamh nó chun pionóis choiriúla a fhorghníomhú, agus saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena naisghairtear Cinneadh Réime 2008/977/JHA ón gComhairle (IO L 119, 4.5.2016, Lch. 89).
(27) Rialachán (AE) Uimh. 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Aibreán 2016 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le próiseáil sonraí pearsanta agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena naisghairtear Treoir 95/46/CE (an Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí) (IO L 119, 4.5.2016, Lch. 1).
(28) Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Feabhra 2011 lena leagtar síos na rialacha agus na prionsabail ghinearálta a bhaineann leis na sásraí maidir le rialú ag na Ballstáit ar fheidhmiú cumhachtaí cur chun feidhme ag an gCoimisiún (IO L 55, 28.2.2011, lch.13).
(29) Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Nollaig 2000 maidir le daoine aonair a chosaint i ndáil le próiseáil sonraí pearsanta ag institiúidí agus ag comhlachtaí an Chomhphobail agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin (IO L 008, 12.1.2001, Lch. 1).
(30) IO C…
(31) Mar a leasaítear leis an Treoir ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leasaítear Cinneadh Réime 2009/315/JHA maidir le malartú faisnéise faoi náisiúnaigh tríú tír agus maidir leis an gCóras Faisnéise Eorpach um Thaifid Choiriúla (ECRIS), agus a chuirtear in ionad Chinneadh 2009/316/JHA ón gComhairle (...).
(32) Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Feabhra 2011 lena leagtar síos na rialacha agus na prionsabail ghinearálta a bhaineann leis na sásraí maidir le rialú ag na Ballstáit ar fheidhmiú cumhachtaí chur chun feidhme ag an gCoimisiún (IO L 55, 28.2.2011, Lch. 13).
(33) Rialachán maidir le EES.
(34) ABM: Bainistiú de réir gníomhaíochtaí; ABB: Buiséadú de réir gníomhaíochtaí.
(35) Mar a thagraítear dó in Airteagal 54(2)(a) nó (b) den Rialachán Airgeadais.
(36) Is féidir mionsonraí ar na modhanna bainistíochta agus tagairtí don Rialachán Airgeadais a fheiceáil ar shuíomh gréasáin Ard-Stiúrthóireacht an Bhuiséid: http://www.cc.cec/budg/man/budgmanag/budgmanag_en.html
(37) Cuirfear an buiséad ar fáil do eu-LISA trí aistriú buiséid ó bhuiséad an Chláir Cheartais go dtí 2020, agus 2020 san áireamh. Ó 2021 ar aghaidh, áiritheofar na costais i mbuiséad eu-LISA, agus an Creat Airgeadais Ilbhliantúil nua glactha.
(38) LD = Leithreasuithe difreáilte / LN = Leithreasuithe neamhdhifreáilte.
(39) CSTE: Comhlachas Saorthrádála na hEorpa.
(40) Tíortha is iarrthóirí agus, nuair is iomchuí, tíortha ó na Balcáin Thiar a d'fhéadfadh bheith ina niarrthóirí.
(41) Cuirfear an buiséad ar fáil do eu-LISA trí aistriú buiséid ó bhuiséad an Chláir Cheartais go dtí 2020. Ó 2021 ar aghaidh, beidh an córas ag feidhmiú agus laghdófar na costais go costais athfhillteacha chun an córas a chothabháil, agus déanfar na costais a áirithiú i mbuiséad eu-LISA nuair a ghlacfar an Creat Airgeadais Ilbhliantúil nua.
(42) Is iad na haschuir táirgí agus seirbhísí atá le soláthar (e.g.: líon na malartuithe mac léinn a fhaigheann maoiniú, iomlán km de bhóithre a rinneadh, etc.).
(43) Mar a thuairiscítear i bpointe 1.4.2. 'Cuspóirí sonracha...'
(44) Cúnamh agus caiteachas teicniúil agus/nó riaracháin ar mhaithe le cláir agus/nó bearta de chuid AE (seanlínte "BA") a chur chun feidhme, taighde indíreach, taighde díreach.
(45) Fo-uasteorainn d'fhoireann sheachtrach arna cumhdach ag leithreasuithe faoi chomhair oibríochtaí (na seanlínte "BA").
(46) A fhad a bhaineann le hacmhainní dílse traidisiúnta (dleachtanna talmhaíochta, tobhaigh siúcra), ní mór na méideanna a luaitear a bheith ina nglanmhéideanna, i.e. méideanna comhlána agus 25 % de na costais bhailiúcháin a bheith bainte astu.