An Bhruiséil,22.3.2017

COM(2017) 142 final

2017/0063(COD)

Togra le haghaidh

TREOIR Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

maidir le húdaráis iomaíochta na mBallstát a chumhachtú le bheith ina bhforfheidhmitheoirí níos éifeachtaí agus chun dea-fheidhmiú an mhargaidh inmheánaigh a áirithiú

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

{SWD(2017) 114 final}
{SWD(2017) 115 final}
{SWD(2017) 116 final}


MEABHRÁN MÍNIÚCHÁIN

(1)COMHTHÉACS AN TOGRA

Comhthéacs Ginearálta

Tá na Ballstáit den Aontas Eorpach (AE) ina gcomhpháirtithe riachtanacha de chuid an Choimisiúin Eorpaigh san obair chun rialacha iomaíochta AE a fhorfheidhmiú. Ón mbliain 2004 i leith, tá sé de chumhacht ag údaráis iomaíochta náisiúnta na mBallstát rialacha iomaíochta AE a chur i bhfeidhm i gcomhar leis an gCoimisiún i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 1/2003 ón gComhairle 1 . Go deimhin, tá oibleagáid ar na húdaráis iomaíochta náisiúnta rialacha iomaíochta AE a chur i bhfeidhm maidir le comhaontuithe nó cleachtais a d'fhéadfadh tionchar a imirt ar thrádáil idir na Ballstáit. Le níos mó ná deich mbliana anuas, tá an Coimisiún agus na húdaráis iomaíochta náisiúnta ag forfheidhmiú rialacha iomaíochta AE i ndlúthchomhar leis an nGréasán Eorpach Iomaíochta. Ba chun na críche sin go sonrach a cuireadh an Gréasán ar bun sa bhliain 2004.

Cuid dhílis de mhargadh inmheánach atá oscailte, iomaíoch agus nuálach a chruthú is ea forfheidhmiú rialacha iomaíochta AE ag an gCoimisiún agus ag na húdaráis iomaíochta náisiúnta araon. Tá an forfheidhmiú sin riachtanach maidir le fostaíocht agus fás a chruthú in earnálacha tábhachtacha den gheilleagar freisin, go háirithe an earnáil fuinnimh, an earnáil teileachumarsáide, an earnáil dhigiteach agus an earnáil iompair.

Saintréith de chuid an mhargaidh inmheánaigh is ea rialacha iomaíochta an Aontais Eorpaigh: nuair a dhéantar an iomaíocht a shaobhadh, ní féidir leis an margadh inmheánach feidhmiú de réir a phoitéinsil iomláin ná na dálaí cuí a chruthú le haghaidh fás eacnamaíoch marthanach. Agus an margadh aonair á dhéanamh níos doimhne agus níos córa, príomhghné den obair sin is ea a áirithiú go ndéantar rialacha an margaidh inmheánaigh a fhorfheidhmiú go héifeachtach le go mbeidh torthaí is léir don saoránach orthu. Tá rialacha iomaíochta AE á bhforfheidhmiú anois ar scála nach bhféadfadh an Coimisiún a ghnóthú ina aonar. Tá níos mó ná 1000 cinneadh forfheidhmiúcháin déanta ag an gCoimisiún agus ag na húdaráis iomaíochta náisiúnta ón mbliain 2004 i leith. Ba iad na húdaráis iomaíochta náisiúnta a bhí freagrach as 85 % de na cinntí sin. Tá gníomhaíocht i measc roinnt comhlachtaí forfheidhmiúcháin éagsúla ina díspreagadh i bhfad níos láidre, níos éifeachtaí agus níos fearr os comhair cuideachtaí a bhfuil cathú orthu rialacha iomaíochta AE a shárú. De ghnáth, déanann an Coimisiún imscrúdú ar chleachtais fhrithiomaíocha nó comhaontuithe frithiomaíocha lena dtéitear i bhfeidhm ar an iomaíocht i dtrí Bhallstát nó níos mó, nó i gcás ina bhfuil sé úsáideach fasach a bhunú don Eoraip ar fad. Is minic a bhíonn na húdaráis iomaíochta náisiúnta i riocht maith chun gníomhú i gcás ina bhfuil difear suntasach déanta don iomaíocht ina gcríoch féin. Tá saineolas acu ar an dóigh a noibríonn na margaí ina mBallstát féin. Baintear an-leas as an eolas sin nuair a bhíonn na rialacha iomaíochta á bhforfheidhmiú acu. Nuair a dhéantar gníomhaíocht ar leibhéal náisiúnta, is amhlaidh go gcuirtear tacaíocht d'fhorfheidhmiú iomaíochta chun cinn sa tsochaí i gcoitinne.

Forais agus cuspóirí an togra

Cé go bhfuil acmhainneacht ag na húdaráis iomaíochta náisiúnta chun rialacha iomaíochta AE a fhorfheidhmiú ar bhealach níos éifeachtaí, níor baineadh leas as an acmhainneacht sin go dtí seo. Le Rialachán (CE) Uimh. 1/2003 níor tugadh aghaidh ar na hacmhainní agus na hionstraimí a bheadh ar fáil do na húdaráis iomaíochta náisiúnta chun rialacha iomaíochta AE a chur i bhfeidhm. Dá bharr sin, níl ag cuid mhór díobh na hacmhainní agus na hionstraimí a theastaíonn uathu chun Airteagal 101 agus Airteagal 102 CFAE a fhorfheidhmiú go héifeachtach:

1. Níl ag roinnt údarás iomaíochta náisiúnta ráthaíochtaí in-fhorfheidhmithe lena gcumasófaí dóibh rialacha iomaíochta AE a chur i bhfeidhm go neamhspleách gan treoir ó eintitis phoiblí nó phríobháideacha. Níl sách acmhainní daonna agus airgeadais ag roinnt údarás. D'fhéadfadh sé go rachadh sé sin i bhfeidhm ar an gcumas atá acu chun rialacha a fhorfheidhmiú go héifeachtach. Mar shampla, níl roinnt údarás iomaíochta náisiúnta in ann iniúchtaí comhuaineacha a dhéanamh ar gach ball de chairtéal atá faoi dhrochamhras, rud a thugann am luachmhar do na baill eile chun fianaise a scriosadh agus brath a sheachaint. Is in easnamh ar údaráis eile atá uirlisí cuí teicneolaíochta faisnéise fóiréinsí chun fianaise a aimsiú ar sháruithe.

2. Níl ag cuid mhór údarás iomaíochta náisiúnta na huirlisí uile a theastaíonn uathu chun sáruithe ar dhlí na hiomaíochta a bhrath agus chun dul i ngleic leis na sáruithe sin go héifeachtach. Níl ag roinnt údarás iomaíochta náisiúnta cumhachtaí imscrúdaitheacha tábhachtacha, amhail an chumhacht chun fianaise atá stóráilte ar fhóin phóca, ar ríomhairí glúine agus ar tháibléid, etc., a bhailiú. Is laige shuntasach sa ré dhigiteach é sin. Ní bhíonn aon fhiúntas ag baint lena gcumhachtaí imscrúdaitheacha go minic toisc nach bhféadfaidh siad smachtbhannaí éifeachtacha a fhorchur ar chuideachtaí nach gcomhlíonann iad.

3. Ní fhéadfadh gach údarás iomaíochta náisiúnta fíneálacha éifeachtacha a fhorchur: I roinnt Ballstát, cuirtear leis an dlí náisiúnta cosc ar údaráis iomaíochta náisiúnta fíneálacha éifeachtacha a fhorchur i leith sáruithe ar dhlí iomaíochta AE. I mBallstáit áirithe, mar shampla, ní gá do chuideachtaí ach iad féin a athstruchtúrú chun fíneálacha a sheachaint. I roinnt Ballstát, is beag fíneáil a ghearrtar i leith sáruithe ar Airteagal 101 agus Airteagal 102 CFAE nó ní ghearrtar aon fhíneálacha ar chor ar bith ina leith. Tá an-éagsúlacht ann maidir le leibhéal na bhfíneálacha a fhorchuirtear: is féidir gur airde i bhfad i mBallstát amháin ná i mBallstát eile an pionós a fhorchuirtear i leith an chiona chéanna, gan aon chúinsí oibiachtúla a bheadh ina núdar leis an difríocht sin.

4. Uirlis thábhachtach maidir le cairtéil a bhrath is ea cláir thrócaire. Leis na cláir sin, spreagtar cuideachtaí chun faisnéis luachmhar a sholáthar faoi na cairtéil ina raibh siad páirteach i gcomaoin díolúine iomlán nó pháirteach a fháil ó fhíneálacha. Cuideachtaí atá ag smaoineamh faoi iarratas a dhéanamh ar thrócaire, teastaíonn uathu méid dóthanach deimhneachta dlíthiúla chun iad a spreagadh chun comhoibriú leis na húdaráis. Tá géarghá ann leis an deimhneacht sin nuair a dhéanann cuideachtaí iarratas ar thrócaire i mBallstáit dhifriúla i gcásanna ina dtéann gníomhaíochtaí an chairtéil i bhfeidhm ar roinnt dlínsí. Mar gheall ar na héagsúlachtaí atá ann sna cláir thrócaire ar fud na hEorpa, áfach, cuirtear drogall ar chuideachtaí roimh an bhfírinne lom a dhéanamh agus roimh fhianaise a sholáthar ar na cleachtais fhrithiomaíocha a raibh siad ag gabháil dóibh.

5. Chomh maith leis sin, baineann bearnaí agus laigí in uirlisí agus ráthaíochtaí na núdarás iomaíochta náisiúnta an bonn ón gcóras cumhachtaí comhchosúla atá i bhfeidhm chun Airteagal 101 agus Airteagal 102 CFAE a fhorfheidhmiú bunaithe ar dhlúthchomhar laistigh den Ghréasán Eorpach Iomaíochta. Cuid dhílis den chóras sin is ea na húdaráis a bheith in ann brath ar a chéile chun bearta bailithe fíoras a dhéanamh thar ceann údarás eile. Níl ag éirí leis an gcóras sin, áfach, toisc gurb ann d'údaráis iomaíochta náisiúnta go fóill nach bhfuil uirlisí leordhóthanacha bailithe fíoras acu. Bearnaí eile sa chumas atá ag na húdaráis iomaíochta náisiúnta chun cúnamh frithpháirteach a thabhairt, baineann siad an bonn freisin ón gcóras forfheidhmiúcháin iomaíochta Eorpach, rud arb é is aidhm dó feidhmiú mar aonad comhtháite. Mar shampla, ní fhéadfaidh údaráis iomaíochta náisiúnta riaracháin a iarraidh go bhforfheidhmeofar a bhfíneálacha ar bhonn trasteorann i gcás nach bhfuil aon láithreacht dhlíthiúil ag an sáraitheoir ina gcríoch féin. Cé go ndíolann a lán cuideachtaí earraí agus seirbhísí le cuid mhór tíortha éagsúla thar an Idirlíon sa ré dhigiteach, tá seans ann nach bhfuil láithreacht dhlíthiúil acu ach i gceann amháin de na tíortha sin, e.g. i mBallstát amháin. Dá bhrí sin, is ag cuideachtaí den sórt sin atá tearmann inar féidir leo fíneálacha a sheachaint.

Mar gheall ar na bearnaí agus ar na srianta sin ar uirlisí agus ráthaíochtaí na núdarás iomaíochta náisiúnta, is féidir difear mór a bheith ann maidir leis na torthaí a bhíonn ar na himeachtaí a dhéantar i gcoinne gnóthais atá ag gabháil do chleachtais fhrithiomaíocha ag brath ar na Ballstáit ina bhfuil siad gníomhach: d'fhéadfadh sé nach mbeidís faoi réir aon ghníomhaíochta forfheidhmiúcháin, nó d'fhéadfadh sé go mbeidís faoi réir gníomhaíocht neamhéifeachtach forfheidhmiúcháin, faoi Airteagail 101 nó 102 CFAE toisc, mar shampla, nach féidir fianaise a bhailiú ar chleachtais fhrithiomaíocha nó toisc gur féidir le gnóthais dliteanas i leith fíneálacha a sheachaint. Saobhann forfheidhmiú neamh-chomhsheasmhach rialacha iomaíocha AE an iomaíocht sa mhargadh inmheánach agus baineann sé an bonn ón gcóras díláraithe forfheidhmiúcháin a cuireadh i bhfeidhm le Rialachán (CE) Uimh. 1/2003.

Tá togra reachtach ag teastáil, mar sin, chun cumhacht a thabhairt do na ÚINanna chun rialacha iomaíochta AE a fhorfheidhmiú ar bhealach níos éifeachtaí agus chun a áirithiú go mbeidh ag na ÚINanna na ráthaíochtaí riachtanacha maidir le neamhspleáchas agus acmhainní agus cumhachtaí forfheidhmiúcháin agus fíneála. Má chuirtear deireadh leis na bacainní náisiúnta lena gcuirtear cosc ar ÚINanna rialacha a fhorfheidhmiú go héifeachtach, cabhrófar le deireadh a chur le saobhadh ar an iomaíocht sa mhargadh inmheánach ag an am céanna. Cuirfear deireadh freisin leis na míbhuntáistí a fhulaingíonn tomhaltóirí agus lucht gnó, lena náirítear FBManna, de dheasca saobhadh den sórt sin. Ina theannta sin, má chumasaítear do na húdaráis iomaíochta náisiúnta chun cúnamh frithpháirteach éifeachtach a thabhairt dá chéile, beifear in ann cothroime iomaíochta níos fearr a áirithiú agus dlúthchomhar a chosaint laistigh den Ghréasán Eorpach Iomaíochta.

Tá an togra mar chuid de Chlár Oibre an Choimisiúin 2017 2 agus tá sé bunaithe ar an eispéireas forfheidhmiúcháin sa Ghréasán Eorpach Iomaíochta ón mbliain 2004 i leith.

Comhsheasmhacht le forálacha beartais atá sa réimse beartais cheana

Comhlánú a bheidh sa togra ar Rialachán (CE) Uimh. 1/2003, ós rud go mbainfear amach, trí ÚINanna a chumhachtú le bheith ina bhforfheidhmitheoirí éifeachtacha, lánacmhainneacht an chórais dhíláraithe forfheidhmiúcháin a tugadh isteach leis an rialachán sin. Go háirithe, is leis an togra a chuirfear bunús leis an gceanglas a leagtar síos in Airteagal 35 de Rialachán (CE) Uimh. 1/2003, is é sin, gur cheart do na Ballstáit na húdaráis iomaíochta náisiúnta a ainmniú ar bhealach ina gcomhlíonfar forálacha an Rialacháin go héifeachtach. Má áirithítear go mbeidh ag na húdaráis iomaíochta náisiúnta cumhachtaí éifeachtacha cinnteoireachta agus fíneála, is amhlaidh go nurramófar go hiomlán ceanglais Airteagal 5 de Rialachán (CE) Uimh. 1/2003 (lena dtugtar de cheart do na húdaráis iomaíochta náisiúnta cinntí agus fíneálacha a ghlacadh le linn dóibh Airteagal 101 agus Airteagal 102 CFAE a chur i bhfeidhm) agus go gcuirfear leis na ceanglais sin. Má thugtar cumhachtaí éifeachtacha bailithe fíoras do na húdaráis iomaíochta náisiúnta, is amhlaidh go dtabharfar lánéifeacht don oibleagáid a leagtar síos in Airteagal 22 de Rialachán (CE) Uimh. 1/2003 lena gceanglaítear go mbeidh ÚINanna in ann bearta den sórt sin a chur i gcrích thar ceann comhaltaí eile den Ghréasán Eorpach Iomaíochta. Ina theachtaireacht in 2016 maidir le dlí an Aontais Eorpaigh dar teideal 'Torthaí níos fearr a bhuí le cur chun feidhme níos fearr', 3 d'aibhsigh an Coimisiún a thábhachtaí atá córas forfheidhmiúcháin atá láidir, éifeachtúil agus éifeachtach chun a áirithiú go ndéanfaidh na Ballstáit dlí an Aontais Eorpaigh a chur i bhfeidhm, a chur chun feidhme agus a fhorfheidhmiú ina iomláine. Léiríodh gur dúshlán i gcónaí é dlí an Aontais Eorpaigh a fhorfheidhmiú agus éilíodh tuilleadh béime ar an bhforfheidhmiú ar mhaithe leis an leas coiteann.

Comhsheasmhacht le beartais eile de chuid an Aontais

Tá an togra comhsheasmhach go hiomlán le beartais reatha de chuid an Aontais i réimsí eile, agus tá sé comhoiriúnach go hiomlán dóibh, go háirithe iad sin lena dtugtar ról sainiúil comhairleach, comhair, faireacháin, tuairiscithe nó cinnteoireachta do na húdaráis iomaíochta náisiúnta nó don Ghréasán Eorpach Iomaíochta. 4  

2.BUNÚS DLÍ, COIMHDEACHT AGUS COMHRÉIREACHT

Bunús dlí

Tá an togra seo bunaithe ar Airteagail 103 agus 114 CFAE araon toisc go saothraítear leis roinnt spriocanna atá fite fuaite ina chéile, is iad sin: (1) éifeacht a thabhairt do na prionsabail a leagtar amach in Airteagal 101 agus Airteagal 102 CFAE trí chumhacht a thabhairt do na húdaráis iomaíochta náisiúnta chun rialacha a fhorfheidhmiú ar bhealach níos éifeachtaí; (2) a áirithiú nach saobhfar an iomaíocht sa mhargadh inmheánach agus nach gcuirfear tomhaltóirí agus gnóthais faoi mhíbhuntáiste le dlíthe agus bearta náisiúnta lena gcuirtear cosc ar na húdaráis iomaíochta náisiúnta rialacha a fhorfheidhmiú go héifeachtach; (3) a áirithiú go mbeidh na ráthaíochtaí agus na huirlisí céanna i bhfeidhm i gcás an dlí iomaíochta náisiúnta nuair a chuirfear i bhfeidhm i gcomhthráth le hAirteagal 101 agus Airteagal 102 CFAE é chun deimhneacht dhlíthiúil agus cothroime iomaíochta a áirithiú; agus (4) rialacha éifeachtacha maidir le cúnamh frithpháirteach a chur i bhfeidhm chun feidhmiú rianúil an mhargaidh inmheánaigh agus an chórais dlúthchomhair laistigh den Ghréasán Eorpach Iomaíochta a chosaint.

A áirithiú go mbeidh ag na húdaráis iomaíochta náisiúnta na hacmhainní agus na hionstraimí a theastaíonn chun Airteagal 101 agus Airteagal 102 CFAE a fhorfheidhmiú ar bhealach níos éifeachtaí faoi raon feidhme Airteagal 103(1) CFAE sa mhéid go gcabhróidh sé sin le lánéifeachtacht na rialacha iomaíochta a áirithiú. Le hAirteagal 103(1), tugtar cumhacht don Chomhairle chun rialacháin nó treoracha a ghlacadh "chun éifeacht a thabhairt do na prionsabail atá leagtha amach in Airteagail 101 agus 102". Go háirithe, féadfar bearta den sórt sin a ghlacadh de bhun Airteagal 103(2)(e) CFAE "chun an gaol a chinneadh idir dlíthe náisiúnta agus na forálacha atá sa Roinn seo nó a glacadh de bhun an Airteagail seo" agus de bhun Airteagal 103(2)(a) "chun a áirithiú go ngéillfear do na toirmisc a leagtar síos in Airteagal 101(1) agus in Airteagal 102, trí fhoráil a dhéanamh maidir le fíneálacha agus íocaíochtaí pionósacha tréimhsiúla ina leith".

Ní leor é sin amháin, áfach, toisc go dtéann aidhm agus ábhar na Treorach atá beartaithe thar an mbunús dlí sin. Cuspóir neamhspleách de chuid na Treorach atá beartaithe is ea feidhmiú an mhargaidh inmheánaigh a threisiú ar na dóigheanna seo a leanas: (1) dul i ngleic leis na rialacha náisiúnta a chuireann cosc ar ÚINanna forfheidhmiú éifeachtach a dhéanamh, agus leis sin comhionannas cosanta a mhéadú san Eoraip do chuideachtaí agus do thomhaltóirí; (2) a áirithiú go mbeidh na ráthaíochtaí agus na huirlisí céanna i bhfeidhm i gcás an dlí iomaíochta náisiúnta nuair a chuirfear i bhfeidhm i gcomhthráth le hAirteagal 101 agus Airteagal 102 CFAE é chun deimhneacht dhlíthiúil agus cothroime iomaíochta a áirithiú; agus (3) rialacha éifeachtacha a leagan síos maidir le cúnamh frithpháirteach chun dea-fheidhmiú an mhargaidh inmheánaigh agus córas an dlúthchomhair laistigh den Ghréasán Eorpach Iomaíochta a chosaint.

I roinnt Ballstát, cuirtear leis an dlí náisiúnta cosc ar na húdaráis iomaíochta náisiúnta fíneálacha éifeachtacha a fhorchur ar chuideachtaí i leith sáruithe ar rialacha iomaíochta AE. Cuideachtaí atá ag sárú rialacha iomaíochta agus a bhfuil láithreacht acu i mBallstáit nach bhfuil cumhachtaí éifeachtacha fíneála ag na húdaráis iomaíochta náisiúnta iontu, tá cosaint acu ar smachtbhannaí agus is beag dreasacht atá acu chun gníomhú i gcomhréir le rialacha iomaíochta AE. Treisíonn sé sin saobhadh an mhargaidh ar fud na hEorpa agus baineann sé an bonn ón margadh inmheánach. Ina theannta sin, caitear le cuideachtaí ar bhealaí difriúla sna Ballstáit dhifriúla mar gheall ar na difríochtaí atá ann i gcroíphrionsabail a gclár trócaire faoi seach. Dá bhrí sin, tá an dóigh a gcaitear le cuideachta ag brath ar an údarás a dhéanann gníomh ina leith. Is le gníomhaíocht ar leibhéal AE amháin is féidir a áirithiú go gcuirfear croíphrionsabail chomhchoiteanna i bhfeidhm maidir le trócaire a dheonú agus, ar an mbealach sin, cothroime iomaíochta níos fearr a sholáthar do ghnólachtaí.

Mar an gcéanna, d'fhéadfadh sé go gcuirfeadh laigí nó bearnaí i ndlíthe náisiúnta cosc ar na húdaráis iomaíochta náisiúnta fianaise a bhailiú go héifeachtach. Tarlaíonn sé gur as na Ballstáit iad féin a thagann na bearta a dhéantar chun an bonn a bhaint ó neamhspleáchas na núdarás iomaíochta náisiúnta nó chun teorainn a chur lena nacmhainní. Mar shampla, d'fhéadfadh sé go mbeadh fonn ar Bhallstát srianta a chur ar neamhspleáchas a údaráis iomaíochta náisiúnta toisc go bhfuil sé ag iarraidh rialú méadaithe a fheidhmiú ar chinntí an údaráis sin. Mar gheall ar an gcumas atá ag rialtas chun tionchar a imirt ar údarás iomaíochta náisiúnta nó chun brú a chur air, d'fhéadfadh sé go dtabharfaí tús áite do chúinsí polaitiúla seachas forfheidhmiú fónta iomaíochta atá bunaithe ar argóintí dlíthiúla agus eacnamaíocha, rud a bheadh chun dochair do chuideachtaí atá ag oibriú sa mhargadh inmheánach.

Mar gheall ar na bearnaí agus ar na srianta sin ar uirlisí agus ráthaíochtaí na núdarás iomaíochta náisiúnta, d'fhéadfadh sé nach mbeadh cuideachtaí atá ag gabháil do chleachtais fhrithiomaíocha faoi réir aon ghníomhaíochta forfheidhmiúcháin, nó d'fhéadfadh sé go mbeidís faoi réir gníomhaíocht neamhéifeachtach forfheidhmiúcháin, faoi Airteagal 101 nó Airteagal 102 CFAE toisc, mar shampla, nach féidir fianaise a bhailiú ar chleachtais fhrithiomaíocha nó toisc gur féidir le gnóthais dliteanas i leith fíneálacha a sheachaint. Ní féidir le cuideachtaí dul in iomaíocht bunaithe ar a mbuanna féin fad atá tearmainn ann inar féidir cleachtais fhrithiomaíocha a chur i gcrích. Dá bhrí sin, díspreagtar iad chun dul isteach i margaí den sórt sin agus chun leas a bhaint as na cearta atá acu chun gnó a bhunú agus earraí agus seirbhísí a sholáthar iontu. I gcás tomhaltóirí atá lonnaithe i mBallstáit inar laige an ghníomhaíocht forfheidhmiúcháin ná atá sí in áiteanna eile, cailleann siad na tairbhí a bhaineann le forfheidhmiú éifeachtach iomaíochta in aghaidh cleachtais fhrithiomaíocha, ar cleachtais iad a fhágann go bhfuil praghsanna ar earraí agus seirbhísí ard go saorga. Dá bhrí sin, saobhann forfheidhmiú neamh-chomhsheasmhach Airteagal 101 agus Airteagal 102 CFAE ar fud na hEorpa an iomaíocht sa mhargadh inmheánach agus baineann sé an bonn óna fheidhmiú cuí.

Bealach eile a dtugtar aghaidh ar chomhfhogasú dlíthe náisiúnta leis an Treoir atá beartaithe is ea go gcumhdaíonn a raon feidhme cur i bhfeidhm na rialacha iomaíochta náisiúnta. Go praiticiúil, cuireann formhór na ÚINanna forálacha den dlí iomaíochta náisiúnta i bhfeidhm i gcomhthráth le hAirteagal 101 agus Airteagal 102 CFAE sna cásanna céanna. Is léir go nimreofar, leis an Treoir atá beartaithe, tionchar ar na forálacha den dlí iomaíochta náisiúnta a chuireann ÚINanna i bhfeidhm i gcomhthráth. Thairis sin, nuair a dhéanann ÚIN bearta imscrúdaitheacha go luath le linn cáis, is minic nach léir an bhfuil éifeacht ar thrádáil ann a bheadh ina cúis le dlí iomaíochta AE a chur i bhfeidhm. Dá réir sin, caithfidh an ÚIN glacadh leis go bhféadfadh feidhm a bheith ag an dá rud. Fágann sin, agus ÚINanna ag úsáid na cumhachta dá bhforáiltear sa togra chun fianaise dhigiteach a bhailiú, go bhféadfadh sé go ndéanfaidís amhlaidh i gcomhair chur i bhfeidhm dhlí an Aontais agus an dlí náisiúnta araon. Dá bhrí sin, is deacair, ní dodhéanta fiú, cur i bhfeidhm comhthráthach den sórt sin den dlí náisiúnta agus d'Airteagal 101 agus Airteagal 102 CFAE a scaradh óna chéile. Gan na ráthaíochtaí agus na huirlisí céanna a bheith i bhfeidhm i gcás an dlí náisiúnta nuair a chuirfear i bhfeidhm i gcomhthráth le hAirteagal 101 agus Airteagal 102 CFAE é, beidh éiginnteacht dhlíthiúil ann agus d'fhéadfaí dochar a dhéanamh don chothroime iomaíochta. Thairis sin, d'fhonn cosaint fhiúntach a bheith ann don ábhar trócaire agus socraíochta, caithfidh feidhm a bheith ag an gcosaint sin ní hamháin le linn imeachtaí os comhair ÚINanna maidir le cur i bhfeidhm Airteagal 101 agus Airteagal 102 CFAE, ach nuair a chuirfear na forálacha coibhéiseacha den dlí náisiúnta i bhfeidhm ina naonar freisin.

Bearnaí agus laigí sa chumas atá ag na húdaráis iomaíochta náisiúnta chun cúnamh frithpháirteach a thabhairt, baineann siad an bonn freisin ón gcóras forfheidhmiúcháin iomaíochta Eorpach, rud arb é is aidhm dó feidhmiú mar aonad comhtháite. Mar shampla, ní fhéadfaidh formhór na núdarás iomaíochta náisiúnta fógra a thabhairt faoi bhearta tábhachtacha forfheidhmiúcháin ná a iarraidh go bhforfheidhmeofar a bhfíneálacha ar bhonn trasteorann i gcás nach bhfuil aon láithreacht dhlíthiúil ag an sáraitheoir ina gcríoch féin. Dá bhrí sin, is ag cuideachtaí den sórt sin faoi láthair atá tearmann inar féidir leo fíneálacha a sheachaint. An ghníomhaíocht neamhéifeachtach forfheidhmiúcháin a thagann as sin, saobhann sí an iomaíocht do ghnóthais atá géilliúil don dlí agus baineann sí an bonn ón muinín atá ag tomhaltóirí as an margadh inmheánach, go háirithe as an timpeallacht dhigiteach. Gné thábhachtach de chothroime iomaíochta a áirithiú agus de shaobhadh iomaíochta a chosc san Eoraip is ea aghaidh a thabhairt ar na héagsúlachtaí atá ann trí fhoráil a dhéanamh maidir le córas inar féidir fógra trasteorann a thabhairt faoi réamhagóidí in aghaidh sáruithe líomhnaithe ar Airteagal 101 agus Airteagal 102 CFAE agus in aghaidh cinntí lena gcuirtear na hairteagail sin i bhfeidhm, mar aon le fíneálacha arna ngearradh ag údaráis iomaíochta náisiúnta riaracháin a fhorfheidhmiú ar bhonn trasteorann. Mar an gcéanna, chun feidhmiú rianúil an chórais cumhachtaí comhchosúla a chosaint sa Ghréasán Eorpach Iomaíochta, ba cheart na rialacha náisiúnta maidir le tréimhsí teorann a chur ar fionraí fad atá imeachtaí ar siúl os comhair ÚINanna de chuid Ballstáit eile nó os comhair an Choimisiúin.

Maidir le comhfhogasú dlíthe náisiúnta leis na haidhmeanna sonracha sin, ar aidhmeanna iad a léirítear go hiomlán i dtéacs na Treorach atá beartaithe, téann sé thar éifeacht a thabhairt d'Airteagal 101 agus Airteagal 102 CFAE. Ina ionad sin, is le feidhmiú cuí an mhargaidh inmheánaigh a bhaineann sé.

Mar fhocal scoir, tá dhá ghné ann den bheartas a shaothraítear leis an togra seo le haghaidh Treorach, ó thaobh aidhm na Treorach agus ábhar na Treorach araon. Is le cur i bhfeidhm éifeachtach bheartas iomaíochta AE a bhaineann gné amháin díobh agus is le feidhmiú cuí an mhargaidh inmheánaigh a bhaineann an ceann eile. Tá na gnéithe sin fite fuaite ina chéile: má táthar chun a áirithiú go dtabharfar cumhacht do na húdaráis iomaíochta náisiúnta chun rialacha a fhorfheidhmiú go héifeachtach, beidh gá le reachtaíocht a rith chun deireadh a chur le constaicí i ndlíthe náisiúnta ar cúis iad le forfheidhmiú neamh-chomhsheasmhach, rud a shaobhann an iomaíocht sa mhargadh inmheánach. Má dhéantar amhlaidh, ní chuirfear tomhaltóirí agus gnólachtaí faoi mhíbhuntáiste le dlíthe agus bearta náisiúnta lena gcuirtear cosc ar na húdaráis iomaíochta náisiúnta rialacha a fhorfheidhmiú go héifeachtach. Caithfidh na ráthaíochtaí agus uirlisí céanna do ÚINanna a bheith i bhfeidhm maidir le cur i bhfeidhm forálacha den dlí iomaíochta náisiúnta nuair a chuirfear i bhfeidhm i gcomhthráth le hAirteagal 101 agus Airteagal 102 CFAE iad, as siocair an ghá le deimhneacht dhlíthiúil agus cothroime iomaíochta. Ar deireadh, is gá foráil a dhéanamh maidir le sásra éifeachtach trasteorann le haghaidh cúnamh frithpháirteach chun cothroime iomaíochta a áirithiú agus chun córas na gcumhachtaí comhchosúla laistigh den Ghréasán Eorpach Iomaíochta a chosaint. Cé gur aidhmeanna ar leith gach ceann acu sin, is aidhmeanna idirspleácha freisin iad, agus ní féidir iad a bhaint amach ar leithligh le glacadh dhá ionstraim éagsúla. Mar shampla, níorbh fhéidir an Treoir atá beartaithe a dheighilt ina dhá hionstraim: ceann amháin, bunaithe ar Airteagal 103 CFAE, a thabharfadh do ÚINanna na dóigheanna agus na huirlisí a theastaíonn uathu chun Airteagal 101 agus Airteagal 102 CFAE a chur i bhfeidhm, agus an dara ceanna, bunaithe ar Airteagal 114 CFAE, a cheanglódh ar na Ballstáit foráil a dhéanamh maidir leis na rialacha céanna i gcomhair chur i bhfeidhm an dlí iomaíochta náisiúnta nuair a chuirfear i bhfeidhm i gcomhthráth le rialacha iomaíochta AE é. Ar na cúiseanna sin, tá an togra bunaithe ar Airteagal 114 CFAE freisin.

Coimhdeacht

Le Rialachán (CE) Uimh. 1/2003 cuireadh córas díláraithe ar bun don fhorfheidhmiú iomaíochta, ach níor baineadh leas iomlán as an gcóras sin go fóill. Leis an Treoir atá beartaithe, d'áiritheofaí go mbeadh an forfheidhmiú iomaíochta ar an leibhéal náisiúnta éifeachtach trí na ráthaíochtaí agus na huirlisí a theastaíonn uathu a thabhairt do ÚINanna chun forfheidhmiú éifeachtach a dhéanamh.

Tá rialacha lena mbaineann gné thrasteorann á gcur i bhfeidhm ag na húdaráis iomaíochta náisiúnta

Ba cheart don Aontas Eorpach gníomhaíocht a dhéanamh chun dul i ngleic leis na fadhbanna a sainaithníodh toisc go bhfuil rialacha lena mbaineann gné thrasteorann á gcur i bhfeidhm ag na húdaráis iomaíochta náisiúnta. D'fhéadfadh sé go ndéanfadh gníomhaíocht forfheidhmiúcháin ag an údarás iomaíochta náisiúnta i mBallstát amháin dul i bhfeidhm ar an iomaíocht, ar ghnólachtaí agus ar thomhaltóirí i mBallstáit eile, e.g. is gnách go ndéanann cairtéal náisiúnta iomaitheoirí as Ballstáit eile a eisiamh óna mhargadh féin. Mura bhfuil ag ÚINanna na hacmhainní agus na huirlisí a theastaíonn chun rialacha a fhorfheidhmiú (e.g. má tá acmhainní in easnamh orthu), d'fhéadfadh sé go mbeadh drochiarmhairtí díreacha ann do thomhaltóirí agus do ghnólachtaí i mBallstát an ÚIN lena mbaineann agus i mBallstáit eile freisin. D'fhéadfadh sé go ndéanfaí dochar do chumas ÚINanna comhoibriú le chéile ar fud na hEorpa freisin. Ní fhéadfaidh Ballstát Y aghaidh a thabhairt ar an easpa acmhainní agus ionstraimí atá ag an údarás iomaíochta náisiúnta i mBallstát Y. Dá bhrí sin, is le gníomhaíocht AE amháin is féidir dul i ngleic leis an bhfadhb sin.

A áirithiú gurb éifeachtach atá comhar trasteorann

Is le gníomhaíocht ar leibhéal AE amháin is féidir a áirithiú go bhfeidhmeofar go sásúil an córas comhair a bunaíodh le Rialachán (CE) Uimh. 1/2003. Ceann de na príomhghnéithe de Rialachán (CE) Uimh. 1/2003 is ea go bhforáiltear leis maidir le sásraí comhair lena gcumasaítear do na húdaráis iomaíochta náisiúnta imscrúdú a dhéanamh ar sháruithe líomhnaithe lasmuigh de theorainneacha a mBallstáit féin. Féadfaidh údarás iomaíochta náisiúnta amháin iarraidh ar údarás iomaíochta náisiúnta eile bearta imscrúdaitheacha a dhéanamh thar a cheann ar mhaithe le fianaise atá lonnaithe i ndlínse eile a bhailiú. Mar a tugadh faoi deara thuas, ní éiríonn go maith leis an sásra sin mura bhfuil ag na húdaráis iomaíochta náisiúnta uile cumhachtaí éifeachtacha chun iniúchtaí a dhéanamh nó chun faisnéis a iarraidh. Mar an gcéanna, tá sé deacair dul i ngleic leis an bhfadhb sin ar leibhéal náisiúnta. Mar shampla, má theastaíonn ón údarás iomaíochta náisiúnta i mBallstát A go mbaileoidh an túdarás iomaíochta náisiúnta i mBallstát B fianaise ó chuideachtaí atá lonnaithe ina chríoch, agus má tharlaíonn sé nach bhfuil ag an údarás iomaíochta náisiúnta i mBallstát B cumhachtaí éifeachtacha chun an fhianaise sin a bhailiú, is beag atá Ballstát A in ann a dhéanamh chun an scéal sin a réiteach.

Idirnaisc idir cláir thrócaire na núdarás iomaíochta san Eoraip

Is idirnasctha atá cláir thrócaire toisc gur minic a chuireann cuideachtaí iarratais isteach chuig roinnt dlínsí AE agus go dteastaíonn ráthaíochtaí maidir le deimhneacht dhlíthiúil trasteorann uathu. Bunaithe ar an eispéireas le deich mbliana anuas, ní féidir leis na Ballstáit an deimhneacht dhlíthiúil trasteorann sin a thabhairt go sásúil leo féin. Is as na héagsúlachtaí i gcláir thrócaire a thagann torthaí difriúla d'iarratasóirí ar thrócaire go fóill maidir le cé acu a gheobhaidh nó nach bhfaighidh siad díolúine ó fhíneálacha nó laghduithe fíneálacha ar chor ar bith. I gcás cuideachtaí atá ag smaoineamh faoi iompraíocht cairtéil a thuairisciú do roinnt dlínsí ionas go gcaithfear leo ar bhealach níos trócairí, ní fhaigheann siad an deimhneacht a theastaíonn uathu maidir le cé acu a bhainfidh nó nach mbainfidh siad tairbhe as an tuairisciú sin agus maidir lena mhéid a bhainfidh siad tairbhe as. Tá gníomhaíocht AE ag teastáil chun a áirithiú go mbeidh córas trócaire i bhfeidhm agus go gcuirfear an córas sin i bhfeidhm ar bhealach comhsheasmhach i ngach Ballstát.

Féadtar le dlíthe náisiúnta cosc a chur ar na húdaráis iomaíochta náisiúnta rialacha a fhorfheidhmiú ar bhealach níos éifeachtaí

Mar a mhínítear thuas sa chuid ina bpléitear le bunús dlí an togra, féadann an dlí náisiúnta ÚINanna a fhágáil le heaspa neamhspleáchais nó gan uirlisí éifeachtacha chun sáruithe a bhrath agus chun fíneálacha éifeachtacha a ghearradh ar chuideachtaí i leith sáruithe ar rialacha iomaíochta AE. Chun dul i ngleic leis an bhfadhb sin, ní mór bearta a dhéanamh ar leibhéal AE.

Bunaithe ar an eispéireas go dtí seo, ní dóigh, in éagmais reachtaíocht AE, go bhfaighidh na húdaráis iomaíochta náisiúnta na huirlisí uile a theastaíonn

Baineadh úsáid fhairsing as gníomhaíocht bhog ar mhaithe le gníomhaíocht dheonach a spreagadh ar an leibhéal náisiúnta. Mar sin féin, níl ag roinnt ÚINanna go fóill na ráthaíochtaí agus na huirlisí a theastaíonn chun rialacha a fhorfheidhmiú go héifeachtach. Agus níos mó ná deich mbliana dulta thart anois, ní dóigh go dtabharfar isteach na hathruithe a theastaíonn chun feabhas a chur ar éifeachtacht an chórais dhíláraithe forfheidhmiúcháin faoi Rialachán (CE) Uimh. 1/2003 agus chun cumhacht a thabhairt do ÚINanna chun rialacha a fhorfheidhmiú ar bhealach níos éifeachtaí. Dá bharr sin, beidh acmhainní leordhóthanacha nó uirlisí tábhachtacha áirithe chun sáruithe a bhrath agus a phionósú in easnamh ar a lán ÚINanna fós, rud a dhéanfaidh díobháil d'fheidhmiú cuí an chórais dhíláraithe a cuireadh i bhfeidhm le Rialachán (CE) Uimh. 1/2003.

Mar sin, ní leis na creataí iomaíochta náisiúnta reatha amháin a chumasófar do na húdaráis iomaíochta náisiúnta chun rialacha iomaíochta AE a fhorfheidhmiú ar bhealach níos éifeachtaí ar fud an Aontais Eorpaigh. Ina theannta sin, ní féidir leis an gCoimisiún forfheidhmiú a dhéanamh ar aon cheanglais AE maidir le huirlisí imscrúdaithe agus pionósaithe, acmhainní agus struchtúr institiúideach na núdarás iomaíochta náisiúnta le linn dó rialacha iomaíochta AE a fhorfheidhmiú murab ann do cheanglais den sórt sin. Dá bhrí sin, is le tionscnamh ar leibhéal an Aontais Eorpaigh amháin is féidir cumhacht a thabhairt do na húdaráis iomaíochta náisiúnta chun rialacha a fhorfheidhmiú ar bhealach níos éifeachtaí trína áirithiú go mbeidh acmhainní agus ionstraimí níos éifeachtaí acu chun rialacha iomaíochta AE a chur i bhfeidhm.

Comhréireacht

I gcás fhormhór na ngnéithe lena mbaineann, leagfar caighdeáin íosta síos leis an togra chun cumhacht a thabhairt do ÚINanna chun rialacha iomaíochta AE a fhorfheidhmiú go héifeachtach. Áiritheoidh an méid sin go mbainfear cothromaíocht amach idir na cuspóirí ginearálta agus na cuspóirí sonracha an togra a chomhlíonadh, ar thaobh amháin, gan cur isteach go míchuí ar thraidisiúin náisiúnta, ar an taobh eile. Beidh na Ballstáit in ann caighdeáin níos airde a leagan síos agus a rialacha a oiriúnú do shainiúlachtaí náisiúnta go fóill. Mar shampla, beidh saoirse ag na Ballstáit a núdarás iomaíochta náisiúnta a dhearadh, a eagrú agus a mhaoiniú de réir mar is toil leo, ar choinníoll go náiritheofar a néifeacht. Thairis sin, áiritheoidh an Treoir atá beartaithe go dtabharfar lán-urraim do mhian na mBallstát sin a roghnaigh samhail bhreithiúnach don fhorfheidhmiú iomaíochta.

Is sna coinníollacha maidir le trócaire a dheonú do chairtéil rúnda amháin a theastaíonn rialacha níos mionsonraithe chun breisluach a bhaint amach ó thaobh forfheidhmiú iomaíochta de. Ní dhéanfaidh cuideachtaí an fhírinne lom ar na cairtéil rúnda ina raibh siad páirteach ach amháin i gcás ina bhfuil deimhneacht dhlíthiúil dhóthanach acu maidir le cé acu a dheonófar nó nach ndeonófar díolúine ó fhíneálacha dóibh. Mar gheall ar na difríochtaí suntasacha atá ann i measc na gclár trócaire is infheidhme sna Ballstáit, cruthaítear éiginnteacht dhlíthiúil d'iarratasóirí féideartha ar thrócaire agus d'fhéadfadh sé go lagófaí na dreasachtaí atá acu chun iarratas a dhéanamh ar thrócaire dá bharr sin. Dá bhféadfadh na Ballstáit rialacha trócaire níos boige nó níos déine a chur i bhfeidhm sa réimse a chumhdaítear leis an Treoir seo, ní hé amháin go mbeadh sé sin contrártha don chuspóir atá ann chun na dreasachtaí d'iarratasóirí féideartha a choinneáil ar mhaithe le forfheidhmiú iomaíochta san Aontas a dhéanamh chomh héifeachtach agus is féidir, ach chuirfeadh sé an chothroime iomaíochta i mbaol do ghnóthais atá ag oibriú sa mhargadh inmheánach freisin.

Leis an gcur chuige seo a ghlactar sa togra, uasmhéadaítear éifeachtacht na ÚINanna agus cuirtear isteach a laghad is féidir ar shainiúlachtaí náisiúnta trí na rialacha is mionsonraithe a theorannú do na réimsí sin ina bhfuil fíorghá leo chun forfheidhmiú éifeachtach a láidriú.

Ní bheadh cur chuige calabraithe den sórt sin ina imeacht radacach ón gceanglas ginearálta a leagtar síos i ndlí an Aontais Eorpaigh, is é sin, nach mór do na Ballstáit foráil a dhéanamh do nósanna imeachta agus smachtbhannaí éifeachtacha chun rialacha AE a fhorfheidhmiú. Ina ionad sin, bheadh an cur chuige ina éabhlóid loighciúil ar an gceanglas sin. De réir Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh, ní mór a áirithiú sa dlí náisiúnta go bhfuil dlí iomaíochta AE lán-éifeachtach. 5  Tá an Chúirt den tuairim freisin nár cheart do rialacha nós imeachta mionsonraithe náisiúnta maidir le feidhmiú ÚINanna gnóthú an chuspóra a leagtar síos i Rialachán (CE) Uimh. 1/2003 a chur i mbaol, is é sin, a áirithiú go gcuirfidh na húdaráis sin Airteagal 101 agus Airteagal 102 CFAE i bhfeidhm go héifeachtach. 6

An rogha ionstraime

Is é aidhm an togra seo le haghaidh Treorach feabhas a chur ar éifeachtacht na núdarás iomaíochta náisiúnta, gan cur chuige uilechoiteann a fhorchur orthu ag an am céanna ionas gur féidir aird a thabhairt ar thraidisiúin dhlíthiúla agus sainiúlachtaí institiúideacha na mBallstát. Dá réir sin, is é treoir an bealach is fearr chun a áirithiú go mbeidh ag na húdaráis iomaíochta náisiúnta na ráthaíochtaí a theastaíonn uathu chun rialacha a fhorfheidhmiú ar bhealach níos éifeachtaí, gan cur isteach go míchuí ar shainiúlachtaí agus traidisiúin náisiúnta. I gcodarsnacht le rialachán, is é an toradh atá ar Threoir go dtabharfar de chumhacht do na Ballstáit chun a roghnú cé na bealaí is fearr chun na bearta atá sa Treoir a chur chun feidhme. Ina theannta sin, tá treoir ina huirlis sholúbtha chun a áirithiú go mbeidh ag na húdaráis iomaíochta náisiúnta na ráthaíochtaí a theastaíonn uathu maidir le neamhspleáchas agus acmhainní agus cumhachtaí forfheidhmiúcháin agus fíneála. Is le treoir freisin a thabharfar deis dóibh dul níos faide ná sin, más mian leo déanamh amhlaidh.

3.TORTHAÍ Ó MHEASTÓIREACHTAÍ EX POST, Ó CHOMHAIRLIÚCHÁIN LEIS NA PÁIRTITHE LEASMHARA AGUS Ó MHEASÚNUITHE TIONCHAIR

Meastóireachtaí ex post/seiceálacha oiriúnachta ar an reachtaíocht atá ann cheana

Sa tréimhse 2013/2014, rinne an Coimisiún measúnú ar fheidhmiú Rialachán (CE) Uimh. 1/2003 ón gComhairle. Bunaithe ar thorthaí na hanailíse sin, fuarthas amach sa Teachtaireacht maidir le Deich mBliana Rialachán 1/2003 ón gComhairle, a foilsíodh sa bhliain 2014, go bhfuil acmhainneacht ag na húdaráis iomaíochta náisiúnta chun rialacha a fhorfheidhmiú ar bhealach níos éifeachtaí. Sainaithníodh inti freisin roinnt réimsí ar gá gníomh a dhéanamh ina leith chun forfheidhmiú éifeachtach a neartú i measc na núdarás iomaíochta náisiúnta, go háirithe chun a ráthú: (1) go mbeidh acmhainní leordhóthanacha ag na húdaráis iomaíochta náisiúnta agus go mbeidh siad sách neamhspleách; (2) go mbeidh uirlisí éifeachtacha ar fáil do na húdaráis iomaíochta náisiúnta; (3) go bhféadfaidh údaráis iomaíochta náisiúnta fíneálacha éifeachtacha a fhorchur; agus (4) go mbeidh cláir thrócaire éifeachtacha i bhfeidhm ag na húdaráis iomaíochta náisiúnta. 7  

Sa Teachtaireacht a foilsíodh sa bhliain 2014, cuireadh le fionnachtana an doiciméid dar teideal Report of Five Years of Regulation 1/2003. Fuarthas amach sa doiciméad gur cabhraíodh le forfheidhmiú níos láidre a sholáthar trí chumhacht a thabhairt do na húdaráis iomaíochta náisiúnta chun rialacha iomaíochta AE a fhorfheidhmiú i gcomhar le chéile. 8 Mar sin féin, thángthas ar an gconclúid sa Teachtaireacht go bhféadfaí an scéal a fheabhsú fós, go háirithe chun a áirithiú go mbeadh cumhachtaí forfheidhmiúcháin agus uirlisí fíneála éifeachtacha ag na húdaráis iomaíochta náisiúnta.

Comhairliúcháin leis na páirtithe leasmhara

Ón 4 Samhain 2015 go dtí an 12 Feabhra 2016, thionóil an Coimisiún comhairliúchán poiblí i bhfoirm Shuirbhé AE a bhí roinnte in dhá chuid. Sa chéad chuid, bhí ceisteanna ginearálta inar lorgaíodh ionchur ó pháirtithe leasmhara nach raibh saineolas acu ar chúrsaí iomaíochta. Chuimsigh an dara cuid ceisteanna a bhí dírithe ar pháirtithe leasmhara a raibh taithí/eolas níos doimhne acu ar an ábhar.

Tháinig an comhairliúchán sna sála ar fhoilsiú na Teachtaireachta ón gCoimisiún maidir le Deich mBliana Rialachán 1/2003. Sainaithníodh sa Teachtaireacht roinnt réimsí ar gá gníomh a dhéanamh ina leith chun cur leis na cumhachtaí atá ag na húdaráis iomaíochta náisiúnta chun rialacha iomaíochta AE a fhorfheidhmiú. Dá réir sin, pléadh le ceithre shaincheist thábhachtacha le linn an dara cuid den chomhairliúchán. Ba iad sin: (i) acmhainní agus neamhspleáchas na núdarás iomaíochta náisiúnta; (ii) na huirlisí forfheidhmiúcháin atá ar fáil do na húdaráis iomaíochta náisiúnta; (iii) na cumhachtaí atá ag na húdaráis iomaíochta náisiúnta chun fíneálacha a fhorchur ar ghnóthais; agus (iv) cláir thrócaire.

Fuarthas 181 fhreagra san iomlán ó pháirtithe leasmhara éagsúla, lenar áiríodh daoine aonair príobháideacha, gnólachtaí dlí agus comhlachtaí comhairleoireachta dlí, cuideachtaí agus comhlachais tionscail, eagraíochtaí do thomhaltóirí, an lucht léinn, eagraíochtaí neamhrialtasacha, meithleacha machnaimh, ceardchumainn agus údaráis phoiblí, roinnt Aireachtaí agus údarás iomaíochta náisiúnta ina measc, laistigh den Aontas Eorpach agus lasmuigh de araon.

Bhí 76 % de fhreagróirí den tuairim go bhféadfadh na húdaráis iomaíochta náisiúnta níos mó a dhéanamh chun rialacha iomaíochta AE a fhorfheidhmiú ná mar a tharlaíonn faoi láthair. Ina theannta sin, bhí 80 % díobh den tuairim gur cheart gníomhaíocht a dhéanamh chun forfheidhmiú a neartú i measc na núdarás iomaíochta náisiúnta. Agus na freagróirí leagtha amach de réir catagóir páirtithe leasmhara: Bhí 100 % de na hinstitiúidí acadúla, na heagraíochtaí do thomhaltóirí, na ceardchumainn agus na húdaráis iomaíochta náisiúnta a ghlac páirt sa chomhairliúchán náisiúnta den tuairim gur cheart gníomhaíocht a dhéanamh. Ba iad seo a leanas na céatadáin de na grúpaí seo a leanas a bhí i bhfách le gníomhaíocht a dhéanamh: 86 % d'eagraíochtaí neamhrialtasacha; 84 % de chomhlachtaí comhairleoireachta dlí/gnólachtaí dlí; 77 % de chuideachtaí/fiontair bheaga agus mheánmhéide/micrifhiontair/trádálaithe aonair; 67 % de mheithleacha machnaimh agus 61 % de chomhlachais tionscail. B'fhearr le 64 % de na páirtithe leasmhara a ghlac páirt sa chomhairliúchán poiblí go ndéanfaí gníomhaíocht den sórt sin trí mheascán de ghníomhaíocht AE agus de ghníomhaíocht ó na Ballstáit. Bhí 19 % díobh i bhfách le gníomhaíocht AE amháin agus bhí 8 % díobh i bhfách le gníomhaíocht ó na Ballstáit amháin. 9

I dteannta an chomhairliúcháin phoiblí, rinne an Coiste um Ghnóthaí Eacnamaíochta agus Airgeadaíochta (ECON) i bParlaimint na hEorpa agus an Coimisiún éisteacht phoiblí a eagrú i gcomhar le chéile an 19 Aibreán 2016, agus é mar aidhm léi deis eile a thabhairt do shaineolaithe agus páirtithe leasmhara chun a gcuid tuairimí a chur in iúl ar an gcomhairliúchán poiblí. Ag teacht sna sála ar an éisteacht sin, tionóladh dhá dhíospóireacht phainéil ar na ceithre thopaic a cumhdaíodh sa chomhairliúchán poiblí. I gcás fhormhór na rannpháirtithe sna díospóireachtaí sin, lenar áiríodh thart ar 150 duine de pháirtithe leasmhara ón lucht léinn, an lucht gnó (idir ghnólachtaí móra agus ghnólachtaí beaga), comhlachtaí comhairleoireachta, comhlachais tionscail, gnólachtaí dlí, an preas, daoine aonair príobháideacha agus údaráis phoiblí, d'aontaigh siad le cuspóirí an tionscnaimh agus bhí siad i bhfách leo.

Ar deireadh, tionóladh dhá chruinniú le hAireachtaí iomchuí chun réamh-aiseolas a fháil uathu maidir leis an togra. An 12 Meitheamh 2015, tugadh fógra do na hAireachtaí lena mbaineann faoi na príomh-shaincheisteanna ar shainaithin an Coimisiún iad. Tionóladh cruinniú eile leis na hAireachtaí agus na húdaráis iomaíochta náisiúnta an 14 Aibreán 2016, áit ar cuireadh iad ar an eolas faoi thorthaí an chomhairliúcháin phoiblí.

Cuireadh na torthaí ón gcomhairliúchán poiblí, ón éisteacht phoiblí agus ó na cruinnithe leis na hAireachtaí lena mbaineann san áireamh sa togra ansin.

Bailiú agus úsáid saineolais

Thug an Coimisiún faoi bhailiú sonraí fairsing i gcomhar le gach ÚIN chun léargas mionsonraithe a fháil ar an staid faoi láthair.

Measúnú tionchair

Cumhdaítear sa tuarascáil ar an measúnú tionchair ón gCoimisiún gach ceann de na príomhghnéithe a bhaineann leis an togra seo. Scrúdaíodh ceithre rogha beartais. Is é an rogha tosaíochta, a chuirtear chun feidhme leis an togra seo, gníomhaíocht reachtach AE a dhéanamh chun acmhainní agus ionstraimí íosta a thabhairt do na húdaráis iomaíochta náisiúnta ionas gur féidir leo rialacha a fhorfheidhmiú go héifeachtach, agus leas á bhaint as gníomhaíocht bhog agus rialacha mionsonraithe araon nuair is cuí.

Maidir leis na trí rogha beartais eile a scrúdaíodh sa tuarascáil ar an measúnú tionchair: (i) Is beag seans go néireodh leis an gcás bunlíne – is é sin, gan gníomhaíocht AE a dhéanamh – na cuspóirí beartais a ghnóthú agus ní chomhlíonfadh sé ionchais na bpáirtithe leasmhara ach oiread; (ii) Ní sholáthrófaí leis an rogha chun gníomhaíocht bhog amháin a dhéanamh bunús dlí fónta chun a áirithiú go mbeadh ag na húdaráis iomaíochta náisiúnta uile na hacmhainní agus na hionstraimí a theastaíonn uathu chun rialacha a fhorfheidhmiú go héifeachtach. Ina theannta sin, tá bearta boga i bhfeidhm le roinnt blianta anuas, gan acmhainneacht an chórais dhíláraithe a cuireadh i bhfeidhm le Rialachán (CE) Uimh. 1/2003 a ghnóthú go hiomlán riamh; (iii) Dá dtabharfaí acmhainní agus ionstraimí mionsonraithe agus aonfhoirmeacha do na húdaráis iomaíochta náisiúnta trí ghníomhaíocht reachtach AE, bheadh tairbhí beaga breise ann i gcoibhneas leis an rogha tosaíochta. Bheadh cur isteach méadaithe ar chórais agus traidisiúin dhlíthiúla náisiúnta i gceist leis sin freisin, áfach.

Sa mheasúnú ar thairbhí na rogha tosaíochta, ó thaobh cúrsaí cáilíochtúla agus cainníochtúla araon de (mar shampla, an tionchar dearfach a bheadh ag an rogha ar fhás Tháirgiúlacht na bhFachtóirí Uile, ar príomhghné d'olltáirgeacht Intíre í) 10 , léirítear gur mhó na tairbhí a bhainfí amach ná na costais chur chun feidhme. 

Thug Bord Grinnscrúdú Rialála an Choimisiúin a bharúlacha maidir leis an dréacht-Mheasúnú Tionchair i Meán Fómhair 2016 agus ina thuairim fhabhrach i Nollaig 2016, agus cuireadh an méid sin san áireamh go cuí 11 . As deireadh na mbarúlacha sin, tugtar sa Mheasúnú Tionchair deiridh an fhianaise starógach uile atá ar fáil chun cúiseanna na faidhbe a léiriú, tuilleadh mionsonraí faoi na roghanna beartais a measadh, agus mionanailís ar an gcostas agus an sochar a bhaineann le rogha na tosaíochta, ina léirítear gur mó i bhfad sochar an togra seo ná an costas a ghabhfadh leis. Thairis sin, mínítear a thuilleadh sa Mheasúnú Tionchair deiridh na srianta agus an éiginnteacht a bhaineann leis na meastacháin chainníochtúla, tugtar léiriú níos follasaí ar dhearcadh na ngeallsealbhóirí de réir an chomhairliúcháin phoiblí, agus taispeántar ar dhóigh níos fearr an méid a chloíonn na roghanna arna meas le prionsabail na coimhdeachta agus na comhréireachta.

Cé hiad na daoine a rachfar i bhfeidhm orthu agus conas a rachfar i bhfeidhm orthu

Bainfidh gach tomhaltóir agus cuideachta, idir chuideachtaí móra agus chuideachtaí beaga, lena náirítear FBManna, tairbhe as cumhacht a thabhairt do ÚINanna chun rialacha a fhorfheidhmiú ar bhealach níos éifeachtaí toisc go neartófaí forfheidhmiú éifeachtach iomaíochta agus go gcruthófaí cothroime iomaíochta níos fearr ag an am céanna. Mar sin, níl aon ghá ann foráil a dhéanamh do raon feidhme difreáilte, e.g. chun fiontair bheaga agus mheánmhéide a dhíolmhú nó chun córas níos boige a chur i bhfeidhm dóibh.

Údaráis iomaíochta náisiúnta

Is iad údaráis iomaíochta náisiúnta a bhainfidh an tairbhe is mó as an tionscnamh agus is orthusan, agus ar ghnólachtaí, a imreofar an tionchar is dírí. A luaithe a chuirfear an togra chun feidhme, tabharfar do gach údarás iomaíochta náisiúnta acmhainní agus ionstraimí éifeachtacha chun fianaise a fháil ar sháruithe, chun fíneáil a fhorchur ar chuideachtaí a bhriseann an dlí agus chun gníomhú go neamhspleách le linn dóibh rialacha iomaíochta AE a fhorfheidhmiú. Ina theannta sin, beidh acu na hacmhainní a theastaíonn uathu chun a gcúraimí a chomhlíonadh agus chun cláir thrócaire níos éifeachtaí a chur ar fáil. Mar sin, beidh na húdaráis iomaíochta náisiúnta in ann gníomhaíocht éifeachtach forfheidhmiúcháin a dhéanamh agus cumasófar dóibh obair i gcomhar le húdaráis iomaíochta eile san Aontas Eorpach ar bhealach níos fearr, rud a mhéadóidh an iomaíocht sna margaí. Rud ba shonraí fós, áiritheoidh sé go néireoidh leis an gcóras um bailiú agus malartú faisnéise trasteorann a cuireadh i bhfeidhm le Rialachán (CE) Uimh. 1/2003. Cé go bhféadfadh sé sin costais bhreise a chruthú d'údaráis phoiblí áirithe, mar shampla, i gcás ina mbeidh uirlisí nua TF ag teastáil, meastar gurb íseal a bheidh na costais sin. Toisc go mbeidh na hathruithe a theastaíonn ag brath ar thúsphointe beacht an chreata dhlíthiúil náisiúnta lena mbaineann, ní rachfar i bhfeidhm ar gach údarás iomaíochta náisiúnta ar an mbealach céanna.

Gnólachtaí

Beidh tionchar suntasach ag an tionscnamh ar ghnólachtaí freisin. Ar an gcéad dul síos, is amhlaidh, cosúil le tomhaltóirí, go bhfuil leibhéal fo-optamach forfheidhmiúcháin iomaíochta chun dochair do ghnólachtaí toisc gur gá dóibh déileáil leis an tionchar diúltach atá ag na praghsanna níos airde a ghearrann soláthraithe agus leis na leibhéil níos ísle nuálaíochta agus rogha atá ann dá bharr sin. Is gá dóibh déileáil leis na hiarrachtaí a dhéanann a niomaitheoirí atá ag sárú rialacha iomaíochta chun iad a eisiamh ón margadh freisin. Leis an togra, neartófar forfheidhmiú iomaíochta i measc na núdarás iomaíochta náisiúnta san Eoraip agus cruthófar timpeallacht ina mbeidh cothroime iomaíochta níos fearr agus ina néireoidh le cultúr iomaíochta, rud a bheidh chun tairbhe do gach cuideachta, idir chuideachtaí móra agus chuideachtaí beaga, toisc go gcumasófar dóibh dul in iomaíocht le chéile ar bhealach níos cothroime agus bunaithe ar a mbuanna féin agus fás a bhaint amach ar fud an mhargaidh aonair. Ina theannta sin, spreagfar gnólachtaí chun bheith nuálach agus chun raon níos fearr de tháirgí agus seirbhísí ardchaighdeáin a thairiscint lena gcomhlíonfar ionchais tomhaltóirí.

Ar an dara dul síos, rachaidh an togra chun tairbhe go pointe éigin do ghnólachtaí is ábhar d'imscrúduithe de bharr sáruithe líomhnaithe ar rialacha iomaíochta AE. Má thugtar bun-acmhainní agus bun-uirlisí éifeachtacha do ÚINanna, laghdófar an éagsúlacht torthaí a fheicfidh cuideachtaí, rud a fhágfaidh go mbeidh cur i bhfeidhm rialacha iomaíochta AE níos intuartha agus a mhéadóidh deimhneacht dhlíthiúil ar fud an Aontais Eorpaigh. D'fhéadfadh sé go mbainfeadh gnólachtaí tairbhe as cearta nós imeachta níos fearr freisin, go háirithe sna dlínsí sin ina bhféadfaí an méid sin a fheabhsú, agus as tuilleadh deimhneacht dhlíthiúil a bheith acu le linn dóibh iarratas a dhéanamh ar thrócaire freisin. D'fhéadfadh sé go mbeadh ar ghnólachtaí freastal ar chostais oiriúnaithe tosaigh ionas gur féidir leo cleachtadh a fháil ar na rialacha nós imeachta nua. Mar sin féin, is dóigh go mbeidh laghdú ann ar na costais a bhaineann le hoiriúnú do chreataí dlíthiúla difriúla i measc gnólachtaí atá ag gabháil do ghníomhaíochtaí trasteorann sa mhargadh aonair.

I gcás na ngnólachtaí sin atá ag sárú an dlí i ndlínsí áirithe, áfach, beidh sé níos doilí dóibh fianaise a cheilt nó fíneálacha a sheachaint nó tairbhe a bhaint as fíneálacha ísle.

Tomhaltóirí

Bainfidh tomhaltóirí tairbhe as na buntáistí a thiocfaidh as an iomaíocht níos láidre sa mhargadh, ó thaobh rogha níos fairsinge agus táirgí níos fearr de. Mar gheall ar an easpa acmhainní, ionstraimí agus acmhainne atá ag na húdaráis iomaíochta náisiúnta chun rialacha iomaíochta AE a fhorfheidhmiú ar an mbealach is éifeachtaí, is amhlaidh go gcailleann tomhaltóirí na buntáistí a bhaineann le forfheidhmiú iomaíochta. Áiritheofar leis an togra go dtabharfar do thomhaltóirí ar fud na hEorpa leibhéal comhionann cosanta ar chleachtais ghnó a fhágann go bhfuil na praghsanna ar earraí agus seirbhísí ard go saorga, rud a mhéadóidh an rogha earraí agus seirbhísí nuálacha a bheidh ar fáil dóibh ar phraghsanna réasúnta ag an am céanna.

Cearta bunúsacha

Áiritheoidh an togra go gcosnófar cearta bunúsacha na gcuideachtaí a bheidh faoi réir imeachtaí iomaíochta, lena náirítear an ceart chun gnó a sheoladh, an cearta chun maoine, an dea-riarachán agus an ceart chun leighis éifeachtaigh os comhair binse (Airteagail 16, 17, 41 agus 47 den Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh). Tabharfar leis an togra cumhachtaí éifeachtacha do na húdaráis iomaíochta náisiúnta chun rialacha iomaíochta AE a fhorfheidhmiú a mhéid a bheidh sé sin riachtanach agus comhréireach. Leis an togra, cuirfear oibleagáid ar na Ballstáit foráil a dhéanamh maidir le coimircí cuí le haghaidh fheidhmiú na gcumhachtaí sin, ar coimircí iad a chomhlíonfaidh ar a laghad na caighdeáin a leagtar síos i gCairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh agus a bheidh i gcomhréir le prionsabail ghinearálta dhlí AE, lena náirítear urraim chuí ar chearta an duine nádúrtha chun cosanta sonraí. Go háirithe, ba cheart do na coimircí sin na cearta cosanta atá ag cuideachtaí is ábhar d'imeachtaí i leith fhorfheidhmiú Airteagal 101 agus Airteagal 102 CFAE a urramú. Tá an ceart chun éisteacht a fháil ina ghné riachtanach de na cearta sin. Áirítear leis sin an ceart chun fógra foirmiúil a fháil faoi na hagóidí ó na húdaráis iomaíochta náisiúnta faoi dhlí iomaíochta AE agus an ceart éifeachtach chun rochtain a fháil ar an gcomhad lena mbaineann ionas gur féidir le cuideachtaí a gcosaint a ullmhú. Maidir leis na heintitis ar a ndírítear cinntí críochnaitheacha ÚINanna lena gcuirtear Airteagal 101 agus Airteagal 102 CFAE i bhfeidhm, ba cheart dóibh an ceart a bheith acu chun leigheas éifeachtach a fháil os comhair binse chun agóid a dhéanamh in aghaidh na gcinntí sin.

Áirítear leis an togra freisin coimircí sonracha le haghaidh cearta bunúsacha a urramú. Mar shampla, ba cheart iniúchtaí ar áitribh nach áitribh ghnó iad bheith faoi réir údarú a fháil roimh ré ó údarás breithiúnach. Is leabaithe i roinnt forálacha freisin atá ráthaíochtaí maidir le cearta bunúsacha. Mar shampla, ní fhéadfaidh na húdaráis iomaíochta náisiúnta fíneálacha agus leigheasanna struchtúrtha agus iompraíochta a fhorchur ach amháin i gcás ina bhfuil na fíneálacha agus na leigheasanna sin "comhréireach". Ní bheidh na húdaráis iomaíochta náisiúnta in ann iniúchtaí a dhéanamh ná iarrataí ar fhaisnéis a eisiúint ach amháin i gcás ina sásóidh siad tástáil "riachtanais".

4.IMPLEACHTAÍ BUISÉADACHA

Tá bonneagar slán ag teastáil chun comhar agus malartú faisnéise éifeachtach agus éifeachtúil a éascú idir na Ballstáit. Tá an Gréasán Eorpach Iomaíochta ag brath ar idir-inoibritheacht ionas gur féidir leis feidhmiú. De réir an chreata airgeadais ilbhliantúil reatha is faoi clár ISA2 a mhaoinítear na gníomhaíochtaí seo 12  den chuid is mó ag brath ar na acmhainní atá ar fáil don chlár, ar incháilitheacht agus ar chritéir tosaíochta. Beidh rialacha mionsonraithe an tionchair bhuiséadaigh i ndiaidh 2020 faoi réir an togra ón gCoimisiún maidir leis an gcéad chreat airgeadais ilbhliantúil eile agus thoradh deiridh na gcaibidlíochtaí maidir leis an gcreat airgeadais ilbhliantúil i ndiaidh 2020. Samhlaítear go mbeidh suim tháscach 1 mhilliún EUR in aghaidh na bliana ag teastáil chun tacú le córas lárnach faisnéise (Córas an Ghréasáin Eorpaigh Iomaíochta) agus é a chothabháil, a fhorbairt, a óstáil agus a oibriú i gcomhréir leis na caighdeáin iomchuí rúndachta agus slándála sonraí. Meastar go mbeidh suim 500 000 EUR in aghaidh na bliana i gceist leis na costais riaracháin eile a thabhófar i ndáil le feidhmiú an Ghréasáin Eorpaigh Iomaíochta, e.g. cruinnithe a eagrú, cláir oiliúna a fhorbairt agus a sholáthar agus treoirlínte agus prionsabail chomhchoiteanna a eisiúint.

Maidir le soláthar foirne, tá an togra neodrach ó thaobh an bhuiséid de agus ní bheidh acmhainní breise foirne ag teastáil ina leith. Tugtar mionsonraí ina leith sin sa ráiteas airgeadais reachtach a ghabhann leis an togra seo.

5.EILIMINTÍ EILE

Pleananna cur chun feidhme, agus socruithe faireacháin, meastóireachta agus tuairiscithe

D'ullmhaigh an Coimisiún Plean Cur Chun Feidhme ina sainaithnítear na príomhdhúshláin ar dóigh gur gá do na Ballstáit dul i ngleic leo agus an Treoir á glacadh agus á cur chun feidhme acu. Moltar sa Phlean roinnt bealaí ina bhféadfaí na dúshláin sin a shárú freisin.

Áirítear iad seo a leanas leis an bPlean Cur Chun Feidhme: (i) bosca ríomhphoist feidhmiúil a bhunú mar phointe teagmhála aonair leis an gCoimisiún, rud a mbeidh na Ballstáit in ann é a úsáid i ndáil le gach saincheist a bhaineann leis an Treoir atá beartaithe, agus (ii) roinnt gníomhartha a gcuirfidh an Coimisiún agus na Ballstáit i gcrích iad chun dul i ngleic leis na trí phríomhdhúshlán cur chun feidhme, is iad sin: (a) an Treoir a chur chun feidhme laistigh den tréimhse ama lena mbaineann, (b) oiliúint agus tacaíocht a sholáthar do na húdaráis iomaíochta náisiúnta, agus (c) faisnéis leordhóthanach a áirithiú don lucht gnó.

Déanfaidh an Coimisiún faireachán ar thrasuí agus ar chur chun feidhme na Treorach sa tréimhse suas go dtí an dáta trasuite agus tar éis an dáta sin araon.

Déanfar meastóireacht ex post ar an Treoir 5 bliana tar éis a trasuite.

Doiciméid mhíniúcháin

Sa Treoir atá beartaithe, leagtar amach bearta sonracha a bhfuil sé mar aidhm leo a áirithiú: (1) go mbeidh ag na húdaráis iomaíochta náisiúnta ráthaíochtaí éifeachtacha maidir le neamhspleáchas agus acmhainní agus cumhachtaí forfheidhmiúcháin agus fíneála; (2) go mbeidh na ráthaíochtaí agus na huirlisí céanna i bhfeidhm nuair a chuirfidh ÚINanna an dlí náisiúnta i bhfeidhm i gcomhthráth le hAirteagal 101 agus Airteagal 102 CFAE; agus (3) go mbeidh ÚINanna in ann cúnamh frithpháirteach éifeachtach a thabhairt dá chéile chun an córas dlúthchomhair laistigh den Ghréasán Eorpach Iomaíochta a chosaint. Tagann roinnt oibleagáidí dlíthiúla as an Treoir atá beartaithe. Má táthar chun an Treoir a thrasuí go héifeachtach, mar sin, beidh gá ann le leasuithe sonracha spriocdhírithe a dhéanamh ar na rialacha náisiúnta lena mbaineann. Ionas go mbeidh an Coimisiún in ann faireachán a dhéanamh ar chirte an trasuite, ní leor go dtarchuirfeadh na Ballstáit téacs na bhforálacha cur chun feidhme amháin, toisc go bhféadfadh sé go mbeadh gá le measúnú foriomlán a dhéanamh ar an gcóras a thiocfadh as faoin dlí náisiúnta. Ar na cúiseanna sin, ba cheart do na Ballstáit doiciméid mhíniúcháin freisin a tharchur chuig an gCoimisiún. Is doiciméid iad sin ina léireofar na forálacha reatha nó na forálacha nua faoin dlí náisiúnta a bhfuil sé i gceist iad a úsáid chun cur chun feidhme a dhéanamh ar na bearta aonair a leagtar amach sa Treoir atá beartaithe.

Míniúchán mionsonraithe ar fhorálacha sonracha an togra

Cuimsíonn an togra 10 gcaibidil ina bhfuil 34 airteagal.

Caibidil I – Ábhar, raon feidhme agus sainmhínithe

Sa Chaibidil seo, sainmhínítear an raon feidhme agus na príomhthéarmaí a úsáidtear sa togra. Tríd is tríd, is ionann na sainmhínithe a úsáidtear agus na sainmhínithe sin a úsáidtear i Rialachán (CE) Uimh. 1/2003 agus i dTreoir 2014/104/AE maidir le damáistí as sáruithe ar na rialacha iomaíochta. 13

Caibidil II – Cearta Bunúsacha

Áiritheofar leis an togra seo go ndéanfaidh na Ballstáit foráil maidir le coimircí cuí le haghaidh na gcumhachtaí dá bhforáiltear sa togra seo a fheidhmiú. Ní mór na coimircí sin a bheith, ar a laghad, i gcomhréir leis na caighdeáin a leagtar síos i gCairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh agus le prionsabail ghinearálta dhlí AE 14 . Le linn an phróisis chomhairliúcháin phoiblí, léiríodh éileamh follasach ó dhlíodóirí, lucht gnó agus eagraíochtaí gnó a áirithiú go méadófaí na ráthaíochtaí nós imeachta mar chúiteamh ar chumhachtaí éifeachtacha forfheidhmiúcháin ÚINanna.

Caibidil III – Neamhspleáchas agus acmhainní

Áirithítear leis an gcaibidil seo go mbeidh na ráthaíochtaí is gá maidir le neamhspleáchas ag ÚINanna. Go háirithe, tugtar isteach leis an gcaibidil ráthaíochtaí a bhfuil sé mar aidhm leo baill foirne agus lucht bainistíochta na núdarás iomaíochta náisiúnta a chosaint ar thionchar seachtrach le linn dóibh rialacha iomaíochta AE a fhorfheidhmiú trí na nithe seo a leanas a dhéanamh: (i) a áirithiú gur féidir leo a ndualgais a chomhlíonadh agus a gcumhachtaí a fheidhmiú go neamhspleách ar thionchar polaitiúil agus tionchar seachtrach eile; (ii) treoracha ó aon rialtas nó ó aon eintiteas poiblí nó príobháideach eile a eisiamh go sainráite; (iii) a áirithiú go staonfaidh siad ó aon ghníomhaíocht nach luíonn le comhlíonadh a ndualgas agus le feidhmiú a gcumhachtaí; (iv) toirmeasc a chur ar bhaill dá lucht bainistíochta a dhífhostú ar chúiseanna a bhaineann le cinnteoireacht i gcásanna sonracha; (v) a áirithiú go mbeidh sé de chumhacht acu a dtosaíochtaí a shocrú i gcásanna aonair, lena náirítear an chumhacht chun gearáin a dhiúltú ar chúiseanna tosaíochta. Maidir leis an ngné sin, ní chuirfidh an togra isteach ar shaincheart na mBallstát cuspóirí ginearálta beartais a chinneadh. Le linn an chomhairliúcháin phoiblí bhí formhór na ngeallsealbhóirí ar son gníomhaíocht a chumhdódh na gnéithe sin uile. Go háirithe, thug gnólachtaí le fios nach féidir le ÚINanna díriú ar an sáruithe sin is mó a dhéanann díobháil don iomaíocht toisc nach bhfuil siad in ann a dtosaíochtaí féin a shocrú ina niomláine.

Ina theannta sin, cuirtear leis an gCaibidil seo ceanglas sainráite ar na Ballstáit a áirithiú go mbeidh ag na húdaráis iomaíochta náisiúnta na hacmhainní daonna, airgeadais agus teicniúla a theastaíonn uathu chun a gcroíchúraimí faoi Airteagail 101 agus 102 CFAE a chomhlíonadh. Tugtar leis an bhforáil lena mbaineann an tsaoirse do na Ballstáit chun déileáil le luaineachtaí eacnamaíocha gan éifeachtacht ÚINanna a chur i mbaol.

Caibidil IV – Cumhachtaí

Is iad cumhachtaí agus nósanna imeachta imscrúdaithe agus cinnteoireachta na príomhuirlisí oibre atá ag na húdaráis iomaíochta. Ní ionann na cumhachtaí do gach ÚIN san Eoraip, áfach, agus níl na cumhachtaí uile a theastaíonn ag a lán acu. Tá éagsúlacht mhór ann maidir le raon feidhme na gcumhachtaí imscrúdaitheacha agus cinnteoireachta atá ag na húdaráis iomaíochta náisiúnta, rud a dhéanann difear suntasach dá éifeachtaí atá siad.

Chun an scéal sin a réiteach, foráiltear leis an togra seo do na croíchumhachtaí éifeachtacha íosta chun imscrúdú a dhéanamh (an chumhacht chun iniúchadh a dhéanamh ar áitribh ghnó agus ar áitribh nach áitribh ghnó iad agus chun iarrataí ar fhaisnéis a eisiúint) agus chun cinntí a dhéanamh (an chumhacht chun cinntí toirmisc a ghlacadh, lena náirítear an chumhacht chun leigheasanna struchtúrtha agus iompraíochta, cinntí gealltanais agus bearta eatramhacha a fhorchur). Bhí tacaíocht fhorleathann ann do bhearta a d'áiritheodh go mbeadh na huirlisí éifeachtacha sin ag ÚINanna, sa chomhairliúchán poiblí. Mar shampla, d'aibhsigh geallsealbhóirí áirithe, lucht gnó den chuid is mó, gur fhadhb mhór do chuideachtaí atá thíos le sáruithe frith-iomaíochta é gan an chumhacht a bheith ag ÚINanna leigheasanna struchtúracha a fhorchur.

Áiritheofar leis an togra freisin go mbeidh téagar sna huirlisí sin trí fhoráil a dhéanamh do smachtbhannaí éifeachtacha i leith neamhchomhlíonadh. Ionas go mbeidh fiúntas ag baint leo, ríomhfar na smachtbhannaí i gcomhréir le láimhdeachas iomlán an ghnóthais lena mbaineann. Mar sin féin, beidh solúbthacht ag na Ballstáit maidir leis an dóigh a gcuirfear é sin chun feidhme (e.g. ní shocrófar céatadáin shonracha do leibhéal na fíneála).

Caibidil V – Fíneálacha agus íocaíochtaí pionósacha tréimhsiúla

Uirlis riachtanach forfheidhmiúcháin is ea an cumas atá ag na húdaráis iomaíochta chun fíneáil a fhorchur ar chuideachtaí a sháraíonn dlí na hiomaíochta. Is é cuspóir na bhfíneálacha pionós a chur ar chuideachtaí a sháraigh rialacha iomaíochta agus na cuideachtaí sin nó cuideachtaí eile a chur ó dhul i mbun iompraíocht neamhdhleathach nó ó leanúint ar aghaidh léi. I mbreithiúnas uaithi sa bhliain 2009, rialaigh Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh gur "cúinse le haghaidh chur i bhfeidhm comhsheasmhach rialacha iomaíochta AE is ea éifeachtacht na bpionós arna bhforchur ag ÚINanna agus ag an gCoimisiún". 15  Mar sin féin, tá roinnt saincheisteanna ann a théann i bhfeidhm ar a mhéid a fhorfheidhmítear Airteagal 101 agus Airteagal 102 CFAE. Fágann sé sin go mbíonn cuideachtaí faoi réir fíneálacha an-íseal, nó nach mbíonn siad faoi réir aon fhíneálacha, ag brath ar an údarás a dhéanann gníomh ina leith. Baineann an méid sin ar fad an bonn ó iarrachtaí chun sáruithe a dhíspreagadh agus chun cothroime iomaíochta a chur chun cinn.

Ar an gcéad dul síos, tá éagsúlacht ann ar fud na mBallstát maidir le cineál na bhfíneálacha a bhforchuireann na húdaráis iomaíochta náisiúnta iad i leith sáruithe ar rialacha iomaíochta AE. Is féidir fíneálacha a ghearradh in imeachtaí riaracháin (an ÚIN a ghearrann iad), in imeachtaí breithiúnacha neamhchoiriúla (na cúirteanna a ghearrann iad) nó in imeachtaí coiriúla nó garchoiriúla (na cúirteanna a ghearrann iad i bhformhór na gcásanna, ach i gcásanna áirithe, an ÚIN a ghearrann iad de réir nósanna imeachta garchoiriúla (oilghnímh)). I bhformhór na mBallstát, is fíneálacha riaracháin iad na fíneálacha a fhorchuirtear. Forchuirtear fíneálacha sibhialta 16 i dtrí Bhallstát. Forchuirtear fíneálacha in imeachtaí coiriúla (agus garchoiriúla) i gcúig Bhallstát. Tá dlí iomaíochta AE á thearc-fhorfheidhmiú i bhformhór na mBallstát ina bhforchuirtear fíneálacha go príomha in imeachtaí coiriúla (agus garchoiriúla). Fiú amháin in áiteanna ina raibh an dlí á fhorfheidhmiú mar is ceart, tharla sé gurbh annamh a forchuireadh smachtbhannaí iontu sa tréimhse 2004-2013. Dúirt formhór na bpáirtithe leasmhara sa chomhairliúchán poiblí gur lú a oireann na córais choiriúla d'fhorfheidhmiú éifeachtach rialacha iomaíochta AE. Le dul i ngleic leis na fadhbanna "tearc-fhorfheidhmiúcháin" sin agus chun solúbthacht a chaomhnú do na Ballstáit, áiritheoidh an togra i gcás na mBallstát sin nach féidir leis na ÚINanna riaracháin iontu cinntí fíneála a ghlacadh faoi láthair, go gcaithfear cumhachtaí a thabhairt do ÚINanna cinntí den sórt sin a ghlacadh go díreach nó go mbeidh ar na Ballstáit a áirithiú gur féidir le cúirt cinntí den sórt sin a dhéanamh in imeachtaí breithiúnacha neamhchoiriúla. Ar an dóigh sin, coinneofar an gá le hathrú chomh híseal agus is féidir.

Ar an dara dul síos, tá difríochtaí ann sna modheolaíochtaí a úsáidtear chun fíneálacha a ríomh. Is féidir leis na difríochtaí sin tionchar suntasach a imirt ar leibhéal na bhfíneálacha a bhforchuireann na húdaráis iomaíochta náisiúnta iad. Baineann na difríochtaí leis na nithe seo a leanas go háirithe: (1) an fhíneáil uasta a fhéadfar a shocrú (an tsuim dhlíthiúil uasta) agus (2) na paraiméadair maidir leis an bhfíneáil a ríomh. Tugann difríochtaí den sórt sin míniú páirteach ar cén fáth a bhfuil na fíneálacha i mBallstát amháin 25 uaire níos airde ná na fíneálacha i mBallstát eile faoi láthair, rud atá ag brath ar an údarás a dhéanann gníomh. Forchuirtear fíneálacha an-íseal i leith an tsáraithe chéanna uaireanta, rud a chruthaíonn éagsúlacht mhór ar fud na hEorpa maidir le héifeacht dhíspreagthach na bhfíneálacha, agus is saincheist sin a ardaíodh le linn an chomhairliúcháin phoiblí. Uaireanta, ní bhíonn na fíneálacha a fhorchuirtear ag teacht leis an dochar a rinne an iompraíocht fhrithiomaíoch don iomaíocht. Chun a áirithiú go bhféadfaidh ÚINanna fíneálacha díspreagthacha a shocrú bunaithe ar shraith chomhchoiteann croípharaiméadar: ar an gcéad dul síos, ba cheart uasmhéid coiteann dlíthiúil a bheith ann, mar atá 10 % de láimhdeachas domhanda, agus ar an dara dul síos, tráth a shocrófaí an fhíneáil, ba cheart do ÚINanna aird a thabhairt ar chroíchúinsí tromchúise agus ar fhad an tsáraithe.

Baineann an tríú gné le teorainneacha maidir le cé hiad na daoine a fhéadfar a chur faoi dhliteanas i leith an fhíneáil a íoc. Is le cásdlí Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh a bhunaítear coincheap an "ghnóthais" i ndlí iomaíochta AE. Ciallaíonn sé go bhféadfar eintitis dhlíthiúla dhifriúla ar le "gnóthas" amháin iad a chur faoi dhliteanas i gcomhpháirt agus go leithleach i leith aon fhíneálacha a ghearrfar ar an "ngnóthas" lena mbaineann. 17 Léiríonn sé sin go soiléir don ghrúpa corparáideach ar fad nach leanfaidh gnóthais nach gcloíonn le dea-rialachas corparáideach agus nach gcomhlíonann dlí na hiomaíochta ar aghaidh le pionós a sheachaint. Chomh maith leis sin, beidh an fhíneáil ag teacht le láidreacht fhoriomlán an ghrúpa chorparáidigh, agus ní le láidreacht na fochuideachta amháin. Fágann sé sin go mbeidh fiúntas méadaitheach ag baint léi agus go mbeidh sí ina díspreagadh níos fearr. San am i láthair, áfach, ní fhéadfaidh roinnt údarás iomaíochta náisiúnta máthairchuideachtaí a chur faoi dhliteanas i leith sáruithe a rinne fochuideachtaí atá faoina rialú. Ina theannta sin, ní fhéadfaidh roinnt údarás iomaíochta náisiúnta comharbaí dlíthiúla nó eacnamaíocha an tsáraitheora a chur faoi dhliteanas i leith fíneálacha nó, i gcásanna áirithe, tá éiginnteacht ann maidir leis an gcumhacht atá acu chun déanamh amhlaidh, beag beann ar chásdlí seanbhunaithe Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh. Fágann sé sin nach gá do chuideachtaí ach cumasc a dhéanamh le cuideachtaí eile nó a struchtúr corparáideach a athrú ionas gur féidir leo fíneálacha a sheachaint. Chun an scéal sin a réiteach, foráiltear leis an togra seo go gcuirfear coincheap an ghnóthais i bhfeidhm chun fíneálacha a fhorchur ar mháthairchuideachtaí agus ar na comharbaí dlíthiúla agus eacnamaíocha ar ghnóthais.

Caibidil VI – Trócaire

Ní dhéanfaidh cuideachtaí an fhírinne lom ar na cairtéil rúnda ina raibh siad páirteach ach amháin i gcás ina bhfuil deimhneacht dhlíthiúil dhóthanach acu maidir le cé acu a dheonófar nó nach ndeonófar díolúine ó fhíneálacha dóibh. Is é aidhm na Caibidle seo tuilleadh deimhneacht dhlíthiúil a thabhairt do chuideachtaí atá ag iarraidh iarratas a dhéanamh ar thrócaire agus, ar an mbealach sin, na dreasachtaí atá acu chun comhoibriú leis an gCoimisiún agus leis na húdaráis iomaíochta náisiúnta a chothabháil ag an am céanna trí laghdú a dhéanamh ar na difríochtaí atá ann i measc na gclár trócaire is infheidhme sna Ballstáit faoi láthair. Chun an méid sin a ghnóthú, déantar leis an togra seo príomhphrionsabail Chlár Trócaire Eiseamláireach an Ghréasáin Eorpaigh Iomaíochta a thrasuí sa dlí. Áiritheofar leis sin go bhféadfaidh na húdaráis iomaíochta náisiúnta uile díolúine ó fhíneálacha agus laghdú fíneálacha a dheonú agus go bhféadfaidh siad glacadh le hiarratais achoimre faoi na coinníollacha céanna. Sa chomhairliúchán poiblí, mheas 61% de na geallsealbhóirí gur fhadhb é nach raibh na Ballstáit ag cur Shamhailchlár Trócaire an Ghréasáin Eorpaigh Iomaíochta chun feidhme.

Ina theannta sin, áirithítear leis an gCaibidil seo go mbeidh cúig lá oibre ag iarratasóirí chun iarratais achoimre a chur isteach. Chomh maith leis sin, soiléirítear léi nár cheart d'iarratasóirí déileáil le hiarrataí comhuaineacha atá dian ó thaobh acmhainní de ó na húdaráis iomaíochta náisiúnta le linn don Choimisiún imscrúdú a dhéanamh ar an gcás lena mbaineann. Soiléirítear léi freisin gurb amhlaidh, a luaithe a chinnfidh an Coimisiún gan gníomhú ar an gcás, gur cheart d'iarratasóirí achoimre an deis a bheith acu chun iarratais iomlána ar thrócaire a chur isteach chuig na húdaráis iomaíochta náisiúnta iomchuí.

Ar deireadh, áirithítear leis an gCaibidil seo go ndéanfar fostaithe agus stiúrthóirí de chuid cuideachtaí a chuirfidh iarratas ar dhíolúine isteach a chosaint ar smachtbhannaí aonair, i gcás inarb ann dóibh, ar choinníoll go gcomhoibreoidh siad leis na húdaráis. Tá sin tábhachtach le go mbeidh dreasachtaí ann do chuideachtaí iarratas a dhéanamh ar thrócaire mar is minic a bhraitheann an tiarratas trócaire ar lán-chomhoibriú na bhfostaithe, gan imní faoi smachtbhannaí.

Ar an dóigh chéanna, na daoine arb eol dó go bhfuil cairtéal ann nó an chaoi a bhfeidhmíonn cairtéal, nó sárú de shórt eile ar an dlí in aghaidh trustaí, ba cheart na daoine sin a spreagadh le faisnéis a thabhairt. Bealach amháin le sin a dhéanamh is ea modhanna iontaofa rúnda a chur ar fáil le tuairisciú a dhéanamh. Chuige sin, tá go leor ÚINanna agus cur i bhfeidhm, nó ag smaoineamh faoi chur i bhfeidhm, modhanna éifeachtacha chun daoine a thuairiscíonn nó a nochtann faisnéis faoi sháruithe ar dhlí iomaíochta AE a chosaint ar dhíoltas, amhail bearta smachta a dhéanfadh an fostóir ina gcoinne. Mar shampla, thug an Coimisiún isteach uirlis rúnda do sceithirí eolais i gcásanna iomaíochta an 16 Márta 2017 18 . Tá béim leagtha ag an gCoimisiún ar a thábhachtaí atá sé sceithirí eolais a chosaint agus tá sé ag fiosrú na féidearthachta tuilleadh gníomhaíochta cothrománaí nó gníomhaíochta earnálaí a dhéanamh ar leibhéal AE 19 .

Caibidil VII – Cúnamh Frithpháirteach

Áirithítear leis an gCaibidil seo gurb amhlaidh, nuair a iarrfaidh údarás iomaíochta náisiúnta amháin ar údarás iomaíochta náisiúnta eile bearta imscrúdaitheacha a dhéanamh thar a cheann ar mhaithe le fianaise atá lonnaithe i ndlínse eile a bhailiú, go mbeidh sé de cheart ag oifigigh ón údarás iomaíochta náisiúnta iarrthach chun freastal ar an iniúchadh sin agus chun cúnamh gníomhach a thabhairt lena linn. Cuirfidh sé sin feabhas ar éifeachtúlacht agus éifeachtacht na niniúchtaí.

Ina theannta sin, áirithítear leis an gCaibidil seo go mbeidh socruithe i bhfeidhm chun na húdaráis iomaíochta náisiúnta a chumasú chun cúnamh frithpháirteach a iarraidh agus a sholáthar le haghaidh fógra a thabhairt faoi chinntí agus le haghaidh fíneálacha a fhorfheidhmiú i gcás nach bhfuil aon láithreacht dhlíthiúil ag na cuideachtaí lena mbaineann i gcríoch an údaráis iomaíochta náisiúnta iarrthaigh, nó i gcás nach leor na hacmhainní atá acu sa chríoch sin chun an fhíneáil a fhorfheidhmiú ina gcoinne. Is é is aidhm do chúnamh frithpháirteach den sórt sin a laghad cur isteach is féidir a dhéanamh ar an dlí náisiúnta, agus bheadh na coimircí tábhachtacha seo a leanas i gceist leis: (i) cuirfear bearta fógartha agus forfheidhmiúcháin i gcrích i gcomhréir le dlíthe an Bhallstáit iarrtha; (ii) ní fhéadfar cinntí lena bhforchuirtear fíneálacha a fhorfheidhmiú ach amháin a luaithe a bheidh siad críochnaitheach agus nach bhféadfar achomharc a dhéanamh ina naghaidh ar an ngnáthbhealach a thuilleadh; (iii) rialófar tréimhsí teorann le dlí an Bhallstáit is iarratasóir; (iv) ní bheidh oibleagáid ar an údarás iarrtha cinntí fíneála a fhorfheidhmiú i gcás ina mbeidh sé sin contrártha go follasach do bheartas poiblí an Bhallstáit sin; agus (v) tiocfaidh faoi inniúlacht an Bhallstáit is iarratasóir díospóidí a bhaineann le dlíthiúlacht birt agus tiocfaidh faoi inniúlacht an Bhallstáit iarrtha díospóidí a bhaineann leis na bearta fógartha nó forfheidhmiúcháin a rinneadh sa Bhallstát iarrtha.

Tá cúnamh frithpháirteach ina ghné lárnach den togra seo toisc go bhfuil sé fíor-riachtanach maidir le dlúthchomhar laistigh den Ghréasán Eorpach Iomaíochta agus, dá bhrí sin, maidir le rath an chórais dhíláraithe ar a bhfuil cur i bhfeidhm éifeachtach dhlí iomaíochta AE ag brath. Gan cúnamh frithpháirteach éifeachtach a bheith ann, ní bheadh cothroime iomaíochta ann do chuideachtaí atá ag gabháil do ghníomhaíochtaí i níos mó ná Ballstát amháin agus chuirfí srian ar fheidhmiú cuí an mhargaidh inmheánaigh dá bharr sin.

Caibidil VIII – Tréimhsí teorann

Áirithítear leis an gCaibidil seo gurb amhlaidh, i gcás ina mbeidh imeachtaí ar siúl os comhair ÚIN nó os comhair an Choimisiúin, go gcuirfear ar fionraí ar feadh thréimhse na nimeachtaí sin na tréimhsí teorann is infheidhme maidir le húdaráis iomaíochta náisiúnta eile a fhéadfaidh imeachtaí a thionscnamh maidir leis an gcomhaontú céanna, maidir leis an gcinneadh céanna ó chomhlachas gnóthas nó maidir leis an gcleachtas comhbheartaithe céanna. Áiritheoidh sé sin go néireoidh leis an gcóras cumhachtaí comhchosúla laistigh den Ghréasán Eorpach Iomaíochta agus nach gcuirfear cosc ar údaráis iomaíochta náisiúnta eile gníomh a dhéanamh ina dhiaidh sin mar gheall go bhfuil cosc ama ar a nimeachtaí. Beidh saoirse ag na Ballstáit go fóill chun fad na dtréimhsí teorann ina gcóras féin a chinneadh nó chun dearbhthréimhsí teorann a thabhairt isteach ar an gcoinníoll nach bhfágfaidh na tréimhsí sin go mbeidh sé chóir a bheith dodhéanta nó ródheacair dlí iomaíochta AE a fhorfheidhmiú go héifeachtach.

Caibidil IX – Forálacha ginearálta

Áirithítear leis an gCaibidil seo go mbeidh ag ÚINanna riaracháin, arb iad is fearr chun a gcinntí a mhíniú, an ceart chun a gcásanna a thionscnamh agus/nó a chosaint os comhair na gcúirteanna. 20 Cuirfidh sé sin cosc ar dhúbláil costais agus iarrachta a bhaineann leis na cásanna sin a bheith á gcosaint ag comhlacht eile.

Soláthraítear leis an gCaibidil seo coimirce thábhachtach a fhágann nach bhféadfar faisnéis a bhailítear de bhun na Treorach atá beartaithe a úsáid ach amháin chun na críche a bhfuarthas í ina leith agus nach bhféadfar an fhaisnéis sin a úsáid ach oiread chun smachtbhannaí a fhorchur ar dhaoine nádúrtha.

Ar deireadh, áirithítear leis an gCaibidil seo go mbeidh fianaise inghlactha beag beann ar an meán ar a bhfuil an fhaisnéis sin stóráilte, chun a áirithiú nach ndéanfaidh saincheisteanna digiteacha difear do na rialacha nós imeachta iomchuí.

2017/0063 (COD)

Togra le haghaidh

TREOIR Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

maidir le húdaráis iomaíochta na mBallstát a chumhachtú le bheith ina bhforfheidhmitheoirí níos éifeachtaí agus chun dea-fheidhmiú an mhargaidh inmheánaigh a áirithiú

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 103 agus Airteagal 114 de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa 21 ,

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach,

De bharr an méid seo a leanas:

(1)Is leis an mbeartas poiblí a bhaineann Airteagal 101 agus Airteagal 102 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE) agus ba cheart iad a chur i bhfeidhm go héifeachtach ar fud an Aontais chun a áirithiú nach saobhfaí an iomaíocht sa mhargadh inmheánach. Is gá forfheidhmiú éifeachtach Airteagal 101 agus Airteagal 102 CFAE chun a áirithiú go mbeidh margaí na hEorpa níos oscailte iomaíche, go mbeidh cuideachtaí ag iomaíocht iontu ar a mbuanna féin gan cuideachtaí bacainní ar dhul isteach sa mhargadh a chur suas, sa dóigh gur féidir leo rachmas ghiniúint agus poist a chruthú. Tugann an forfheidhmiú sin cosaint don tomhaltóir ar chleachtais ghnó a choinneodh praghas na nearraí agus na seirbhísí go hard ar dhóigh shaorga agus méadaíonn sé rogha an tomhaltóra maidir le hearraí agus seirbhísí nuálacha.

(2)Is iad údaráis iomaíochta náisiúnta na mBallstát a dhéanann forfheidhmiú poiblí Airteagal 101 agus Airteagal 102 CFAE i gcomhthráth leis an gCoimisiún de bhun Rialachán (CE) Uimh. 1/2003 ón gComhairle ( 22 ). Le chéile, is gréasán údarás poiblí iad na húdaráis iomaíochta náisiúnta agus an Coimisiún a chuireann rialacha iomaíochta AE i bhfeidhm i ndlúthchomhar (an Gréasán Eorpach Iomaíochta).

(3)Le hAirteagal 3(1) de Rialachán (CE) Uimh. 1/2003 ceanglaítear ar na húdaráis iomaíochta náisiúnta (ÚINanna) agus ar na cúirteanna náisiúnta Airteagal 101 agus Airteagal 102 CFAE a chur i bhfeidhm ar chomhaontuithe nó ar iompraíocht a d'fhéadfadh difear a dhéanamh don trádáil idir na Ballstáit. Go praiticiúil, cuireann formhór na ÚINanna forálacha an dlí iomaíochta náisiúnta i bhfeidhm i gcomhthráth le hAirteagal 101 agus Airteagal 102 CFAE. Dá bhrí sin, leis an Treoir seo, arb é is cuspóir di a áirithiú go bhfuil ag ÚINanna na ráthaíochtaí is gá maidir le neamhspleáchas agus cumhachtaí forfheidhmiúcháin agus fíneála le bheith in ann Airteagal 101 agus Airteagal 102 CFAE a chur i bhfeidhm go héifeachtach, is léir go nimreofar tionchar ar na forálacha den dlí iomaíochta náisiúnta a chuireann ÚINanna i bhfeidhm i gcomhthráth.

(4)Thairis sin, tríd an gcumhacht a thabhairt do ÚINanna an fhaisnéis uile faoin ngnóthas atá faoi imscrúdú a fháil i bhfoirm dhigiteach gan beann ar an meán ina bhfuil sin stóráilte, ba cheart go ndéanfaí difear do raon feidhme na gcumhachtaí atá ag ÚINanna tráth a ndéanann siad, go luath sna himeachtaí, an beart imscrúdaitheach cuí ar bhonn, freisin, na bhforálacha den dlí iomaíochta náisiúnta a chuirtear i bhfeidhm i gcomhthráth le hAirteagal 101 agus Airteagal 102 CFAE. Dá dtabharfaí do ÚINanna cumhachtaí iniúchta de raon feidhme éagsúil de réir mar a dhéanfaidís, ar deireadh thiar, forálacha an dlí iomaíochta náisiúnta amháin a chur i bhfeidhm nó Airteagal 101 agus Airteagal 102 CFAE a chur i bhfeidhm freisin i gcomhthráth, laghdófaí éifeachtacht fhorfheidhmiú dhlí na hiomaíochta sa margadh inmheánach. Dá réir sin, ba cheart do raon feidhme na Treorach idir chur i bhfeidhm Airteagal 101 agus Airteagal 102 CFAE ina naonar agus chur i bhfeidhm an dlí iomaíochta náisiúnta i gcomhthráth ar an gcás céanna a chumhdach. Eisceacht uaidh sin is ea cosaint na ráiteas trócaire agus na naighneachtaí socraíochta a bhaineann freisin leis an dlí iomaíochta náisiúnta arna chur i bhfeidhm ina aonar.

(5)Mar sin féin, de dheasca an dlí náisiúnta tá a lán ÚINanna ann nach bhfuil na ráthaíochtaí riachtanacha acu maidir le neamhspleáchas agus cumhachtaí forfheidhmiúcháin agus fíneála chun go mbeidís in ann na rialacha sin a fhorfheidhmiú go héifeachtach. Baineann sé sin an bonn ón gcumas atá acu chun Airteagal 101 agus Airteagal 102 CFAE a chur i bhfeidhm go héifeachtach, agus forálacha den dlí iomaíochta náisiúnta a chur i bhfeidhm i gcomhthráth le hAirteagal 101 agus Airteagal 102 CFAE de réir mar is iomchuí. Mar shampla, faoin dlí náisiúnta fágtar a lán ÚINanna gan uirlisí éifeachtacha chun fianaise a aimsiú maidir le sáruithe ar Airteagal 101 agus Airteagal 102 CFAE, nó chun fíneáil a ghearradh ar chuideachtaí a bhris an dlí, nó níl acu na hacmhainní a theastaíonn chun Airteagal 101 agus Airteagal 102 CFAE a chur i bhfeidhm go héifeachtach. Cuireann an méid sin cosc orthu aon ghníomhaíocht a dhéanamh nó cuireann sé iallach orthu a ngníomhaíocht forfheidhmiúcháin a theorannú. Mar gheall ar an easpa uirlisí oibríochtúla agus ráthaíochtaí atá ar a lán ÚINanna chun Airteagal 101 agus Airteagal 102 CFAE a chur i bhfeidhm go héifeachtach, is amhlaidh gur féidir difear mór a bheith ann maidir leis na torthaí a bhíonn ar na himeachtaí a dhéantar i gcoinne gnóthais atá ag gabháil do chleachtais fhrithiomaíocha ag brath ar na Ballstáit ina bhfuil siad gníomhach: d'fhéadfadh sé nach mbeidís faoi réir aon ghníomhaíochta forfheidhmiúcháin, nó d'fhéadfadh sé go mbeidís faoi réir gníomhaíocht neamhéifeachtach forfheidhmiúcháin, faoi Airteagal 101 agus Airteagal 102 CFAE. Mar shampla, ní gá do ghnóthais i mBallstáit áirithe ach iad féin a athstruchtúrú chun dliteanais i leith fíneálacha a sheachaint. Mar gheall ar fhorfheidhmiú neamh-chomhsheasmhach ar Airteagal 101 agus Airteagal 102 CFAE agus ar fhorálacha den dlí iomaíochta náisiúnta arna gcur i bhfeidhm i gcomhthráth le hAirteagal 101 agus Airteagal 102 CFAE, cailltear deiseanna chun deireadh a chur le bacainní ar dhul isteach sa mhargadh agus chun margaí iomaíocha níos oscailte a chruthú ar fud an Aontais Eorpaigh, áit a rachadh gnóthais in iomaíocht le chéile ar bhealach atá cothrom agus bunaithe ar a mbuanna. Déantar an dochar is mó ina leith sin do ghnóthais agus do thomhaltóirí sna Ballstáit sin inar laige na cumhachtaí atá ag ÚINanna chun rialacha a fhorfheidhmiú go héifeachtach. Ní féidir le gnóthais dul in iomaíocht bunaithe ar a mbuanna féin fad atá tearmainn ann inar féidir cleachtais fhrithiomaíocha a chur i gcrích toisc, mar shampla, nach féidir fianaise a bhailiú ar chleachtais fhrithiomaíocha nó toisc gur féidir le gnóthais dliteanas i leith fíneálacha a sheachaint sna háiteanna sin. Is díspreagadh an méid sin orthu dul isteach i margaí den sórt sin agus chun leas a bhaint as na cearta atá acu chun gnó a bhunú agus earraí agus seirbhísí a sholáthar iontu. Na tomhaltóirí atá lonnaithe i mBallstáit inar lú an forfheidhmiú, cailleann siad na tairbhí a bhaineann le forfheidhmiú éifeachtach iomaíochta. Ar an dóigh sin, de dheasca forfheidhmiú neamh-chomhsheasmhach ar Airteagal 101 agus Airteagal 102 CFAE agus ar fhorálacha den dlí iomaíochta náisiúnta a chuirtear i bhfeidhm i gcomhthráth le hAirteagal 101 agus Airteagal 102 CFAE fud fad na hEorpa, saobhtar an iomaíocht sa mhargadh inmheánach agus baintear an bonn óna fheidhmiú cuí.

(6)Baineann bearnaí agus laigí in uirlisí agus ráthaíochtaí ÚINanna an bonn ón gcóras cumhachtaí comhchosúla atá i bhfeidhm chun Airteagal 101 agus Airteagal 102 CFAE a fhorfheidhmiú, córas atá ceaptha feidhmiú mar aonad comhtháite bunaithe ar dhlúthchomhar laistigh den Ghréasán Eorpach Iomaíochta. Cuid dhílis den chóras sin is ea na húdaráis a bheith in ann brath ar a chéile chun bearta bailithe fíoras a dhéanamh thar ceann a chéile. Níl ag éirí leis an gcóras sin, áfach, toisc gurb ann ÚINanna go fóill nach bhfuil uirlisí leordhóthanacha bailithe fíoras acu. Níl na húdaráis iomaíochta náisiúnta in ann cúnamh frithpháirteach a thabhairt dá chéile i réimsí tábhachtacha eile ach oiread. Mar shampla, is amhlaidh, i bhformhór na mBallstát, go bhfuil gnóthais atá ag oibriú ar bhonn trasteorann in ann fíneálacha a sheachaint ar an mbonn nach bhfuil láithreacht dhlíthiúil acu i gcinn áirithe de chríocha na mBallstát ina bhfuil siad gníomhach. Laghdaíonn sé sin na dreasachtaí atá acu chun Airteagal 101 agus Airteagal 102 CFAE a chomhlíonadh. An ghníomhaíocht neamhéifeachtach forfheidhmúcháin a thagann as sin, saobhann sí an iomaíocht do ghnóthais a chloíonn leis an dlí agus baineann sí an bonn ón muinín atá ag tomhaltóirí as an margadh inmheánach, go háirithe sa timpeallacht dhigiteach.

(7)Ar mhaithe le limistéar comhchoiteann forfheidhmiúcháin iomaíochta a bheith ann dáiríre san Eoraip, limistéar ina soláthrófar cothroime iomaíochta níos fearr do ghnóthais atá ag oibriú sa mhargadh inmheánach agus ina laghdófar dálaí míchothroma do thomhaltóirí, is gá ráthaíochtaí íosta maidir le neamhspleáchas agus acmhainní agus croíchumhachtaí forfheidhmiúcháin agus fíneála a thabhairt isteach i leith Airteagal 101 agus Airteagal 102 CFAE a chur i bhfeidhm agus forálacha den dlí iomaíochta náisiúnta a chur i bhfeidhm i gcomhthráth le hAirteagal 101 agus Airteagal 102 CFAE ionas go mbeidh ÚINanna lánéifeachtach.

(8)Is iomchuí Airteagal 103 agus Airteagal 114 CFAE araon a bheith mar bhunús dlí leis an Treoir seo. Is amhlaidh atá toisc go gcumhdaíonn an Treoir seo ní amháin cur i bhfeidhm Airteagal 101 agus Airteagal 102 CFAE agus cur i bhfeidhm forálacha den dlí iomaíochta náisiúnta i gcomhthráth leis na hairteagail sin, ach go gcumhdaíonn sí freisin na bearnaí agus na heasnaimh a bhaineann leis na huirlisí agus na ráthaíochtaí atá ag ÚINanna chun Airteagal 101 agus Airteagal 102 CFAE a chur i bhfeidhm, rud a dhéanann dochar don iomaíocht agus do dhea-fheidhmiú an mhargaidh inmheánaigh araon.

(9)Ráthaíochtaí íosta a thabhairt isteach chun a áirithiú go gcuirfidh ÚINanna Airteagal 101 agus Airteagal 102 CFAE i bhfeidhm go héifeachtach, tá sé sin gan dochar don chumas atá ag na Ballstáit chun ráthaíochtaí níos fairsinge maidir le neamhspleáchas agus acmhainní a choinneáil nó a thabhairt isteach le haghaidh ÚINanna agus chun rialacha níos mionsonraithe a choinneáil nó a thabhairt isteach maidir le cumhachtaí forfheidhmiúcháin agus fíneála na núdarás sin. Go háirithe, féadfaidh na Ballstáit cumhachtaí breise, nach gcuimsítear sa tacar bunaidh cumhachtaí dá bhforáiltear sa Treoir seo, a thabhairt do ÚINanna chun a néifeachtacht a threisiú a thuilleadh.

(10)Os a choinne sin, tá rialacha mionsonraithe ag teastáil i réimse na gcoinníollacha maidir le trócaire a dheonú do chairtéil rúnda. Ní dhéanfaidh cuideachtaí an fhírinne lom ar na cairtéil rúnda ina raibh siad páirteach ach amháin más leor an deimhneacht dhlíthiúil atá acu maidir le cé acu a dheonófar nó nach ndeonófar díolúine ó fhíneálacha dóibh. Mar gheall ar na difríochtaí suntasacha atá ann i measc na gclár trócaire is infheidhme sna Ballstáit, cruthaítear éiginnteacht dhlíthiúil d'iarratasóirí féideartha ar thrócaire agus d'fhéadfadh sé go lagófaí na dreasachtaí atá acu chun iarratas a dhéanamh ar thrócaire dá bharr sin. Dá bhféadfadh na Ballstáit rialacha trócaire níos boige nó níos déine a chur i bhfeidhm sa réimse a chumhdaítear leis an Treoir seo, ní hé amháin go mbeadh sé sin contrártha don chuspóir atá ann chun na dreasachtaí d'iarratasóirí a choinneáil ar mhaithe le forfheidhmiú iomaíochta san Aontas a dhéanamh chomh héifeachtach agus is féidir, ach chuirfeadh sé an chothroime iomaíochta i mbaol do ghnóthais atá ag oibriú sa mhargadh inmheánach freisin. Ní chuireann an méid sin cosc ar na Ballstáit cláir thrócaire a chur i bhfeidhm lena gcumhdaítear cairtéil rúnda agus sáruithe eile ar Airteagal 101 agus Airteagal 102 CFAE agus forálacha náisiúnta coibhéiseacha.

(11)Níl feidhm ag an Treoir seo maidir le dlíthe náisiúnta sa mhéid go bhforáiltear iontu maidir le smachtbhannaí coiriúla a fhorchur ar dhaoine nádúrtha, cé is moite de na rialacha lena rialaítear an tidirghníomhú idir cláir trócaire agus forchur smachtbhannaí ar dhaoine nádúrtha.

(12)Ba cheart feidhmiú na gcumhachtaí a thugtar do ÚINanna a bheith faoi réir coimircí cuí a chomhlíonann ar a laghad caighdeáin phrionsabail ghinearálta dhlí AE agus an Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh. Áirítear ar na coimircí sin an ceart chun dea-riaracháin agus chun cosanta atá ag gnóthais a urramú, rud a bhfuil an ceart chun éisteacht a fháil ina ghné riachtanach de. Go háirithe, ba cheart do ÚINanna fógra a thabhairt do na páirtithe atá á nimscrúdú faoi na réamhagóidí a rinneadh ina naghaidh faoi Airteagal 101 nó Airteagal 102 CFAE sula ndéanfaidh siad cinneadh lena ndéanfar díobháil dá leasanna agus ba cheart deis a thabhairt do na páirtithe lena mbaineann chun a dtuairimí ar na hagóidí sin a chur in iúl go soiléir sula ndéanfar aon chinneadh den sórt sin. Páirtithe ar tugadh fógra dóibh faoi réamhagóidí maidir le sárú líomhnaithe ar Airteagal 101 nó Airteagal 102 CFAE, ba cheart an ceart a bheith acu chun rochtain a fháil ar cháschomhad ábhartha na ÚINanna ionas gur féidir leo leas éifeachtach a bhaint as na cearta cosanta atá acu. Tá sé sin faoi réir an leasa dhlisteanaigh atá ag gnóthais a rúin ghnó a chosaint agus ní chumhdaíonn sé faisnéis rúnda agus doiciméid inmheánacha de chuid ÚINanna ná an Choimisiúin ná comhfhreagras idir na húdaráis iomaíochta náisiúnta agus an Coimisiún. Thairis sin, na heintitis ar a ndírítear cinntí críochnaitheacha ÚINanna agus Airteagal 101 nó Airteagal 102 CFAE á gcur i bhfeidhm acu, ba cheart an ceart a bheith acu chun leigheas éifeachtach os comhair binse, i gcomhréir le hAirteagal 47 de Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh. Ba cheart cinntí críochnaitheacha den sórt sin ó ÚINanna a bheith réasúnaithe ionas go mbeidh na heintitis ar a bhfuil na cinntí sin dírithe in ann na cúiseanna leis an gcinneadh a thuiscint agus leas a bhaint as an gceart atá acu chun leigheas éifeachtach a fháil. Ba cheart na cosaintí sin bheith ceaptha ar bhealach ina mbaintear cothromaíocht amach idir cearta bunúsacha na ngnóthas a urramú agus an dualgas chun a áirithiú go bhforfheidhmeofar Airteagal 101 agus Airteagal 102 CFAE go héifeachtach.

(13)Gné riachtanach de chur i bhfeidhm éifeachtach aonfhoirmeach na rialacha iomaíochta Eorpacha is ea cumhacht a thabhairt do ÚINanna chun Airteagal 101 agus Airteagal 102 CFAE a chur i bhfeidhm go neamhchlaonta agus ar mhaithe le forfheidhmiú éifeachtach na rialacha.

(14)Ba cheart neamhspleáchas ÚINanna a neartú chun cur i bhfeidhm éifeachtach aonfhoirmeach Airteagal 101 agus Airteagal 102 CFAE a áirithiú. Chuige sin, ba cheart foráil shainráite a dhéanamh sa dlí náisiúnta chun a áirithiú go gcosnófar ÚINanna, le linn dóibh Airteagal 101 agus Airteagal 102 CFAE a chur i bhfeidhm, ar idirghabháil sheachtrach nó brú polaitiúil a d'fhéadfadh measúnú neamhspleách na núdarás ar ábhair a thagann os a gcomhair a chur i mbaol. Chun na críche sin, ba cheart rialacha a leagan síos roimh ré maidir leis na forais le comhaltaí de chomhlacht cinnteoireachta na ÚINanna a dhífhostú, agus é mar aidhm leo deireadh a chur le haon amhras réasúnta atá ann maidir le neodracht an chomhlachta sin agus maidir lena leochaileacht i leith tosca seachtracha.

(15)Chun neamhspleáchas ÚINanna a áirithiú, ba cheart dá mbaill foirne agus do chomhaltaí dá gcomhlacht cinnteoireachta gníomhú go hionraic agus staonadh ó aon ghníomhaíocht nach luíonn le comhlíonadh a ndualgas. De thoradh an ghá cosc a chur ar aon bhaol do neamhspleáchas an mheasúnaithe a dhéanfaidh baill foirne nó comhaltaí an chomhlachta cinnteoireachta, ba cheart dóibh, le linn a dtréimhse fostaíochta agus a dtéarma oifige agus ar feadh achar réasúnta ina dhiaidh sin, staonadh ó aon ghairm neamhoiriúnach, bíodh an ghairm sin sochrach nó ná bíodh. Dá réir sin, níor cheart dóibh, le linn a dtéarma fostaíochta nó le linn a dtéarma oifige, aon leas a bheith acu in aon ghnólachtaí nó eagraíochtaí a bhíonn ag déileáil le ÚIN a mhéid a d'fhéadfadh sé sin cur as dá neamhspleáchas. Ba cheart do bhaill foirne agus do chomhaltaí den chomhlacht cinnteoireachta dearbhú a dhéanamh ar aon leas nó sócmhainn atá acu a d'fhéadfadh coinbhleacht leasa a chruthú le linn dóibh a ndualgais a chomhlíonadh. Ba cheart ceangal a bheith orthu an comhlacht cinnteoireachta, na comhaltaí eile den chomhlacht cinnteoireachta nó, i gcás ÚINanna nach bhfuil ach duine amháin in ann cinntí a dhéanamh iontu, an túdarás ceapacháin, a chur ar an eolas má tharlaíonn sé, le linn dóibh a ndualgais a chomhlíonadh, go niarrtar orthu cinneadh a dhéanamh ar ábhar ina bhfuil leas acu a d'fhéadfadh cur isteach ar a neamhchlaontacht.

(16)Ní choisceann neamhspleáchas ÚINanna athbhreithniú breithiúnach ná maoirseacht pharlaiminteach i gcomhréir le dlíthe na mBallstát. Cuireann ceanglais chuntasachta le creidiúnacht agus dlisteanacht gníomhaíochtaí ÚINanna a áirithiú freisin. Sampla de cheanglas cuntasachta comhréireach is ea tuarascálacha tréimhsiúla maidir lena ngníomhaíochtaí a bheith á bhfoilsiú ag ÚINanna do chomhlacht rialtais nó parlaiminteach. Féadfar ÚINanna a chur faoi réir rialú nó faireachán maidir lena gcaiteachas airgeadais freisin, ar an gcoinníoll nach ndéanfaidh sé sin difear dá neamhspleáchas.

(17)Ba cheart do ÚINanna a bheith in ann tosaíocht a thabhairt dá nimeachtaí i leith fhorfheidhmiú Airteagal 101 agus Airteagal 102 CFAE ionas go mbeidh siad in ann úsáid éifeachtach a bhaint as a nacmhainní agus ionas go gcumasófar dóibh díriú ar chosc a chur ar iompraíocht fhrithiomaíoch a shaobhann an iomaíocht sa mhargadh inmheánach agus deireadh a chur le hiompraíocht den sórt sin. Chuige sin, ba cheart dóibh bheith in ann gearáin a dhiúltú ar na forais nach saincheisteanna tosaíochta iad. Ba cheart an méid sin a dhéanamh gan dochar don chumhacht atá ag ÚINanna chun gearáin a dhiúltú ar fhorais eile, amhail an easpa inniúlachta, nó chun a chinneadh nach bhfuil aon fhorais ann le gníomhaíocht ar a dtaobh féin. Ní dhéanfaidh an chumhacht atá ag ÚINanna chun tosaíocht a thabhairt dá nimeachtaí forfheidhmiúcháin dochar don cheart atá ag rialtas Ballstáit chun treoirlínte beartais ghinearálta nó tosaíochta a eisiúint chuig na húdaráis iomaíochta náisiúnta nuair is treoirlínte iad nach mbaineann le himeachtaí sonracha i leith fhorfheidhmiú Airteagal 101 agus Airteagal 102 CFAE.

(18)Ba cheart do ÚINanna na hacmhainní riachtanacha foirne, saineolais, airgeadais agus trealaimh theicniúil a bheith acu chun a áirithiú gur féidir leo a gcúraimí a chomhlíonadh go héifeachtach le linn dóibh Airteagal 101 agus Airteagal 102 CFAE a chur i bhfeidhm. I gcás ina leathnófar a ndualgais agus a gcumhachtaí faoin dlí náisiúnta, ba cheart acmhainní leordhóthanacha a bheith acu go fóill chun na cúraimí sin a chomhlíonadh.

(19)Teastaíonn ó ÚINanna sraith íosta cumhachtaí imscrúdaitheacha agus cinnteoireachta comhchoiteanna ionas gur féidir leo Airteagal 101 agus Airteagal 102 CFAE a chur i bhfeidhm go héifeachtach.

(20)Ba cheart cumhachtaí éifeachtacha imscrúdaithe a thabhairt do ÚINanna ionas gur féidir leo aon chomhaontú, aon chinneadh nó aon chleachtas comhbheartaithe a thoirmisctear le hAirteagal 101 CFAE nó aon mhí-úsáid ceannasachta a thoirmisctear le hAirteagal 102 CFAE a bhrath ag aon chéim de na himeachtaí atá os a gcomhair.

(21)Is gá go leor cumhachtaí imscrúdaitheacha a bheith ag na húdaráis iomaíochta náisiúnta riaracháin chun dúshláin forfheidhmiúcháin na timpeallachta digití a sheasamh agus ba cheart iad a úsáid chun cumasú do na húdaráis iomaíochta náisiúnta gach faisnéis a bhaineann le gnóthas nó comhlachas gnóthas is ábhar don bheart imscrúdaitheach a fháil i bhfoirm dhigiteach, lena náirítear sonraí a fhaightear trí mhodhanna fóiréinseacha, beag beann ar an meán ina bhfuil an fhaisnéis stóráilte, amhail ríomhairí glúine, fóin phóca agus gléasanna móibíleacha.

(22)Ba cheart cumhacht a thabhairt do na húdaráis iomaíochta náisiúnta riaracháin chun iniúchadh a dhéanamh ar áitribh ghnóthas agus áitribh chomhlachas gnóthas is ábhar d'imeachtaí i leith chur i bhfeidhm Airteagal 101 agus Airteagal 102 CFAE, mar aon le háitribh de chuid rannpháirtithe eile margaidh a bhféadfadh faisnéis a bheith acu a bhainfeadh le himeachtaí den sórt sin. Ba cheart do na húdaráis iomaíochta náisiúnta bheith in ann iniúchtaí den sórt sin a dhéanamh i gcás ina bhfuil forais réasúnta ar a laghad ann lena mheas go ndearnadh sárú ar Airteagal 101 nó Airteagal 102 CFAE.

(23)Ionas go mbeidh siad éifeachtach, leis an gcumhacht atá acu chun iniúchtaí a dhéanamh, ba cheart na húdaráis iomaíochta náisiúnta riaracháin a bheith in ann rochtain a fháil ar fhaisnéis a bhfuil rochtain ag an ngnóthas nó ag an gcomhlachas gnóthas nó ag an duine is ábhar don iniúchadh uirthi i gcás ina mbaineann an fhaisnéis sin leis an ngnóthas atá á imscrúdú.

(24)Ar mhaithe le fadú neamhriachtanach ar iniúchtaí a sheachaint, ba cheart cumhacht a thabhairt do na húdaráis iomaíochta náisiúnta riaracháin leanúint de chuardach a dhéanamh in áitribh an údaráis nó in áitribh ainmnithe eile ar chóipeanna nó sleachta de leabhair agus taifid a bhaineann le gnó an ghnóthais nó an chomhlachais ghnóthas atá á iniúchadh.

(25)Bunaithe ar an eispéireas go dtí seo, d'fhéadfadh go mbeadh taifid ghnó á gcoinneáil i dteach stiúrthóirí nó i dteach daoine eile atá ag obair do ghnóthas, go háirithe mar gheall ar an méadú ar shocruithe solúbtha oibre. Chun a áirithiú go mbeidh na hiniúchtaí éifeachtach, ba cheart an chumhacht a thabhairt do na húdaráis iomaíochta náisiúnta riaracháin chun dul isteach in aon áitribh, lena náirítear tithe príobháideacha, i gcás ina bhfuil amhras réasúnta ann go bhfuil taifid ghnó á gcoinneáil iontu a d'fhéadfadh bheith ábhartha maidir lena chruthú go ndearnadh sárú tromchúiseach ar Airteagal 101 nó Airteagal 102 CFAE. Ba cheart feidhmiú na cumhachta sin bheith faoi réir údarú a fháil roimh ré ó údarás breithiúnach. Ní chuirfidh an méid sin cosc ar na Ballstáit cúraimí údaráis náisiúnta bhreithiúnaigh a thabhairt d'údarás iomaíochta náisiúnta riaracháin atá ag gníomhú i gcáil údarás breithiúnach, i gcásanna fíorphráinne.

(26)Ba cheart do ÚINanna cumhachtaí éifeachtacha a bheith acu chun a cheangal go soláthrófaí faisnéis nuair is gá chun aon chomhaontú, aon chinneadh nó aon chleachtas comhbheartaithe a thoirmisctear le hAirteagal 101 CFAE nó aon mhí-úsáid ceannasachta a thoirmisctear le hAirteagal 102 CFAE a bhrath. An ceart chun faisnéis a éileamh beag beann ar an áit a bhfuil sí stóráilte, ba cheart é a bheith a áireamh air sin, ar choinníoll go bhfuil an fhaisnéis sin le fáil ag an eintiteas a bhfuil an iarratas faisnéise dírithe air. Léiríonn an taithí gur féidir leis an bhfaisnéis a sholáthraíonn tríú páirtithe sa mhargadh ar bhonn deonach, amhail iomaitheoirí, custaiméirí agus tomhaltóirí, gur féidir leis an bhfaisnéis sin bheith ina foinse luachmhar i gcomhair forfheidhmiú eolach agus láidir agus gur cheart do ÚINanna í a chothú.

(27)Ba cheart modhanna éifeachtacha a bheith ag ÚINanna chun an iomaíocht a athbhunú sa mhargadh trí leigheasanna struchtúracha agus iompraíochta comhréireacha a fhorchur.

(28)Más rud é, le linn imeachtaí a bhféadfadh sé go dtoirmiscfí comhaontú nó cleachtas dá mbarr, go dtairgeann gnóthais nó comhlachais gnóthas do ÚINanna gealltanais a mhaolaíonn ábhair imní na núdarás sin, ba cheart do na húdaráis sin bheith in ann cinntí a ghlacadh lena ndéantar na gealltanais sin ceangailteach ar na gnóthais lena mbaineann agus lena ndéantar iad in-fhorfheidhmithe ina naghaidh. Ba cheart a leagan síos i gcinntí gealltanais den sórt sin nach bhfuil aon fhorais ann a thuilleadh le gníomhaíocht ag na ÚINanna, gan conclúid a bhaint cé acu a bhí nó nach raibh sárú ar Airteagal 101 CFAE nó Airteagal 102 CFAE ann. Ní dhéanfaidh cinntí gealltanais dochar do na cumhachtaí atá ag údaráis iomaíochta agus cúirteanna na mBallstát chun a chinneadh go raibh sárú ann agus chun cinneadh a dhéanamh ar an gcás.

(29)Chun forfheidhmiú éifeachtach aonfhoirmeach Airteagal 101 agus Airteagal 102 CFAE a áirithiú, ba cheart do na húdaráis iomaíochta náisiúnta an chumhacht a bheith acu chun fíneálacha éifeachtacha, comhréireacha agus athchomhairleacha a fhorchur ar ghnóthais agus comhlachais gnóthas i leith sáruithe ar Airteagal 101 nó Airteagal 102 CFAE in imeachtaí riaracháin nó in imeachtaí os comhair cúirteanna sibhialta. Ní dhéanfaidh sé sin dochar do dhlíthe náisiúnta na mBallstát lena bhforáiltear go bhféadfaidh na cúirteanna smachtbhannaí a fhorchur i leith sárú ar Airteagal 101 agus Airteagal 102 CFAE.

(30)Chun a áirithiú go gcomhlíonfaidh gnóthais agus comhlachais gnóthas na cumhachtaí imscrúdaitheacha agus cinnteoireachta atá ag na ÚINanna, ní mór do na húdaráis iomaíochta náisiúnta riaracháin a bheith in ann fíneálacha éifeachtacha a fhorchur i leith neamhchomhlíonadh agus ní mór dóibh bheith in ann íocaíochtaí pionósacha tréimhsiúla a fhorchur chun comhlíonadh na gcumhachtaí sin a fhorchur in imeachtaí riaracháin nó in imeachtaí os comhair cúirteanna sibhialta. Ní dhéanfaidh sé sin dochar do dhlíthe náisiúnta na mBallstát lena bhforáiltear go bhféadfaidh na cúirteanna fíneálacha den sórt sin a ghearradh in imeachtaí breithiúnacha coiriúla. Thairis sin, ní dhéanfaidh an Treoir seo difear do na rialacha náisiúnta maidir le caighdeán an chruthúnais ná d'oibleagáidí ÚINanna fíorais an cháis ábhartha a fháil amach, ar choinníoll go bhfuil na rialacha agus na hoibleagáidí sin i gcomhréir le prionsabail ghinearálta dhlí an Aontais. Ba cheart na fíneálacha agus na híocaíochtaí pionósacha tréimhsiúla a chinneadh i gcomhréir le láimhdeachas iomlán na ngnóthas agus na gcomhlachas gnóthas lena mbaineann.

(31)Chun cur i bhfeidhm éifeachtach aonfhoirmeach Airteagal 101 agus Airteagal 102 CFAE a áirithiú, ba cheart coincheap an ghnóthais, mar a leagtar amach in Airteagal 101 agus Airteagal 102 CFAE é, a chur i bhfeidhm i gcomhréir le cásdlí Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh, is é sin, gur aonad eacnamaíoch é an gnóthas, fiú amháin i gcás ina bhfuil sé comhdhéanta de roinnt daoine dlítheanacha nó nádúrtha. Dá réir sin, ba cheart ÚINanna a bheith in ann coincheap an ghnóthais a chur i bhfeidhm chun máthairchuideachta a chur faoi dhliteanas i leith iompar fochuideachta dá cuid, agus chun fíneálacha a ghearradh uirthi ina leith, i gcás inar aonad eacnamaíoch aonair iad an mháthairchuideachta agus an fhochuideachta lena mbaineann. Ionas nach mbeidh gnóthais in ann dliteanas a sheachaint i leith fíneálacha arna ngearradh i leith sáruithe ar Airteagal 101 agus Airteagal 102 CFAE, trí athruithe dlíthiúla nó eagraíochtúla a dhéanamh, ba cheart ÚINanna a bheith in ann comharbaí dlíthiúla nó eacnamaíocha an ghnóthais a chur faoi dhliteanas i leith sárú ar Airteagal 101 agus Airteagal 102 CFAE, agus fíneálacha a ghearradh orthu ina leith, i gcomhréir le cásdlí Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh.

(32)Chun a áirithiú go mbeidh na fíneálacha a ghearrfar i leith sáruithe ar Airteagal 101 agus Airteagal 102 CFAE ag teacht le tábhacht eacnamaíoch an tsáraithe, ba cheart do ÚINanna aird a thabhairt ar thromchúis an tsáraithe. Chomh maith leis sin, ba cheart do ÚINanna bheith in ann fíneálacha a shocrú atá comhréireach le fad an tsáraithe. Ba cheart na tosca sin a mheasúnú i gcomhréir le cásdlí Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh. Go háirithe, maidir leis an measúnú ar thromchúis an tsáraithe, tá sé leagtha síos ag Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh nach mór chúinsí an cháis a chur san áireamh, an comhthéacs ina ndearnadh an sárú agus éifeacht dhíspreagthach na bhfíneálacha. I measc na dtosca a d'fhéadfadh a bheith i gceist leis an measúnú sin, tá an láimhdeachas ó na hearraí agus na seirbhísí ar ina leith a rinneadh an sárú agus méid agus cumhacht eacnamaíoch an ghnóthais, toisc go léiríonn na tosca sin an tionchar a bhí an gnóthas in ann a imirt ar an margadh. Thairis sin, le sáruithe arís is arís eile ag an ngnóthas céanna léirítear an claonadh atá ag an ngnóthas sin sáruithe den sórt sin a dhéanamh, agus dá bhrí sin, is léiriú an-suntasach é sin ar thromchúis an iompair atá i gceist agus, dá réir sin, ar an ngá atá le leibhéal an phionóis a mhéadú le go mbeidh sé ina dhíspreagadh éifeachtach. Agus an fhíneáil a ghearrfar á ríomh acu, ba cheart do ÚINanna luach na díolachán earraí agus seirbhísí de chuid an ghnóthais a bhfuil baint dhíreach nó indíreach ag an sárú leo a chur san áireamh. Mar an gcéanna, ba cheart ÚINanna a bheith i dteideal méadú a dhéanamh ar an bhfíneáil a ghearrfar ar ghnóthas nó ar chomhlachas gnóthas i gcás ina leanfaidh sé den sárú céanna a dhéanamh, nó ina ndéanfaidh sé sárú den chineál céanna, tar éis don Choimisiún nó d'údarás iomaíochta náisiúnta cinneadh a dhéanamh go ndearna an gnóthas nó an comhlachas gnóthas lena mbaineann sárú ar Airteagal 101 nó Airteagal 102 CFAE.

(33)Bunaithe ar an eispéireas go dtí seo, is minic a imríonn comhlachais gnóthas ról i sáruithe iomaíochta agus ba cheart ÚINanna a bheith in ann fíneáil éifeachtach a ghearradh ar chomhlachais den sórt sin. Agus measúnú á dhéanamh ar thromchúis an tsáraithe chun suim na fíneála a chinneadh in imeachtaí a arna dtionscnamh in aghaidh comhlachais gnóthas i gcás ina mbaineann an sárú le gníomhaíochtaí na mball, ba cheart aird a thabhairt ar shuim na ndíolachán earraí agus seirbhísí de chuid na ngnóthas is baill den chomhlachas a bhfuil baint dhíreach nó indíreach ag an sárú leo. Chun a áirithiú go ngnóthófar go héifeachtach na fíneálacha arna bhforchur ar chomhlachais gnóthas as na sáruithe atá déanta acu, is gá na coinníollacha a leagan síos ar a bhféadfaí ÚINanna ceangal a chur ar chomhaltaí an chomhlachais an fhíneáil a íoc i gcás nach bhfuil an comhlachas féin sócmhainneach. Agus sin á dhéanamh acu, ba cheart do ÚINanna aird a thabhairt ar mhéid choibhneasta na ngnóthas ar leis an gcomhlachas iad agus go háirithe ar chás na bhfiontar beag agus meánmhéide. Tá íocaíocht na fíneála ag comhalta amháin nó ag roinnt comhaltaí de chuid an chomhlachais gan dochar do rialacha den dlí náisiúnta lena bhforáiltear maidir le gnóthú an mhéid arna íoc ó chomhaltaí eile den chomhlachas.

(34)Is mór an difear idir éifeacht díspreagthach na bhfíneálacha fud fad na hEorpa agus i mBallstáit áirithe is fíor-íseal an tuasmhéid is féidir a ghearradh mar fhíneáil. Lena áirithiú gur féidir le ÚINanna fíneálacha díspreagthacha a leagan síos, ba cheart uasmhéid na fíneála a shocrú ar leibhéal nach lú ná 10% de láimhdeachas iomlán domhanda an ghnóthais lena mbaineann. Níor cheart don mhéid sin cosc a chur ar na Ballstáit uasmhéid fíneála is airde ná sin a choinneáil nó a thabhairt isteach.

(35)Uirlis thábhachtach maidir le cairtéil rúnda a bhrath is ea cláir thrócaire agus ar an dóigh sin, cuidiú is ea iad agus na sáruithe is tromchúisí ar dhlí na hiomaíochta á nionchúiseamh agus pionóis a ngearradh ina leith. Tá difríochtaí suntasacha ann faoi láthair i measc na gclár trócaire is infheidhme sna Ballstáit, áfach. Cruthaíonn na difríochtaí sin éiginnteacht dhlíthiúil do ghnóthais atá ag sárú rialacha maidir leis na coinníollacha faoinar féidir leo iarratas a dhéanamh ar thrócaire agus maidir leis an díolúine a gheobhaidh siad faoin gclár trócaire/faoi na cláir thrócaire lena mbaineann. D'fhéadfadh sé go laghdódh an éiginnteacht sin na dreasachtaí atá ag iarratasóirí féideartha ar thrócaire chun iarratas a dhéanamh. Dá réir sin, laghdaítear éifeacht an gníomhaíochta forfheidhmiúcháin iomaíochta san Aontas toisc nach féidir an oiread céanna cairtéal rúnda a bhrath.

(36)Cuireann na difríochtaí idir na cláir trócaire ar leibhéal na mBallstát an chothroime iomaíochta i mbaol do ghnóthais atá ag oibriú sa mhargadh inmheánach freisin. Dá bhrí sin, tá sé cuí an deimhneacht dhlíthiúil a mhéadú trí dheireadh a chur leis na difríochtaí sin.

(37)Ba cheart do ÚINanna díolúine ó fhíneálacha, agus laghduithe fíneálacha, a dheonú do ghnóthais i gcás ina sásaítear coinníollacha áirithe. Ba cheart a mheas gur sholáthair gnóthas don údarás iomaíochta náisiúnta fianaise i ndáil le cairtéal rúnda lenar cumasaíodh dó sárú ar Airteagal 101 CFAE a aimsiú i gcás nach raibh fianaise leordhóthanach ag an údarás sin chun sárú ar Airteagal 101 CFAE a aimsiú i dtaca leis an gcairtéal céanna tráth a chuir an gnóthas fianaise den sórt sin isteach.

(38)Ba cheart an deis a bheith ag iarratasóirí chun iarratas a dhéanamh i scríbhinn ar thrócaire nó, nuair is cuí, ar bhealaí eile nach néilíonn go dtáirgfear doiciméid, faisnéis nó ábhair eile atá i seilbh an iarratasóra, faoi choimeád an iarratasóra nó faoi rialú an iarratasóra. Chuige sin, ba cheart do ÚINanna córais a bheith i bhfeidhm acu a chuireann ar a gcumas glacadh le ráitis trócaire ó bhéal nó ar bhealaí eile, lena náirítear foirm dhigiteach.

(39)Iarratasóirí a rinne iarratas ar thrócaire chuig an gCoimisiún Eorpach i dtaca le cairtéal rúnda líomhnaithe, ba cheart dóibh bheith in ann iarratais achoimre i dtaca leis an gcairtéal sin a chur isteach chuig na ÚINanna a mheasann siad a bheith cuí. Ba cheart do ÚINanna glacadh le hiarratais achoimre ina bhfuil tacar íosta faisnéise i dtaca leis an gcairtéal líomhnaithe gan aon fhaisnéis bhreise nach gcuimsítear sa tacar íosta sin a iarraidh sula mbeidh sé beartaithe acu gníomhú ar an gcás. Mar sin féin, is faoi na hiarratasóirí atá sé na ÚINanna ar chuir siad iarratais achoimre isteach chucu a chur ar an eolas má thagann athrú ar scóip a niarratais ar thrócaire chuig an gCoimisiún. Ba cheart do ÚINanna admháil a thabhairt d'iarratasóirí ina luafar an dáta agus an tam a fuarthas an tiarratas agus ba cheart dóibh fógra a thabhairt don iarratasóir faoi cé acu a fuair nó nach bhfuair siad iarratas achoimre nó iarratas ar thrócaire roimhe sin i dtaca leis an gcairtéal céanna. Nuair a chinnfidh an Coimisiún gan gníomhú ar an gcás ina iomláine nó i bpáirt, ba cheart an deis a bheith ag iarratasóirí chun iarratais iomlána ar thrócaire a chur isteach chuig na ÚINanna ar chuir siad iarratais achoimre isteach chucu.

(40)Mar gheall ar an éiginnteacht dhlíthiúil atá ann maidir le cé acu a bheidh nó nach mbeidh fostaithe de chuid gnóthas faoi réir smachtbhannaí aonair, cuirtear cosc ar iarratasóirí féideartha iarratas a dhéanamh ar thrócaire. Dá bhrí sin, fostaithe agus stiúrthóirí reatha agus iarfhostaithe agus iarstiúrthóirí de chuid gnóthais a dhéanfaidh iarratas chuig údaráis iomaíochta ar dhíolúine ó fhíneálacha, ba cheart iad a chosaint ar aon smachtbhannaí a fhorchuirfidh údaráis phoiblí mar gheall ar a rannpháirtíocht sa chairtéal rúnda a chumhdaítear leis an iarratas. Ba cheart an chosaint sin a bheith ag brath ar na fostaithe agus na stiúrthóirí sin comhoibriú go gníomhach leis na ÚINanna lena mbaineann agus ar an iarratas ar dhíolúine a bheith curtha isteach roimh thús na nimeachtaí coiriúla.

(41)I gcóras cumhachtaí comhchosúla chun Airteagal 101 agus Airteagal 102 CFAE a chur i bhfeidhm, tá dlúthchomhar idir ÚINanna ag teastáil. Go háirithe, i gcás ina ndéanfaidh ÚIN iniúchadh thar ceann ÚIN eile de bhun Airteagal 22(1) de Rialachán (CE) Uimh. 1/2003 ón gComhairle, ba cheart láithreacht agus cúnamh na noifigeach ón údarás iarrthach a chumasú ar mhaithe le feabhas a chur ar éifeachtacht na niniúchtaí den sórt sin trí acmhainní, eolas agus saineolas teicniúil breise a sholáthar.

(42)Mar an gcéanna, ba cheart socruithe a chur i bhfeidhm chun ÚINanna a chumasú chun cúnamh frithpháirteach a iarraidh le haghaidh fógra a thabhairt faoi réamhagóidí agus cinntí agus le haghaidh forfheidhmiú cinntí lena bhforchuirtear fíneálacha nó íocaíochtaí pionósacha tréimhsiúla i gcás nach bhfuil aon láithreacht dhlíthiúil i gcríoch an údaráis sin ag an ngnóthas lena mbaineann. D'áiritheodh sé sin forfheidhmiú éifeachtach Airteagal 101 agus Airteagal 102 CFAE agus chuirfeadh sé le feidhmiú cuí an mhargaidh inmheánaigh.

(43)Chun a áirithiú go ndéanfaidh ÚINanna Airteagal 101 agus Airteagal 102 CFAE a fhorfheidhmiú go héifeachtach, is gá rialacha fónta a sholáthar maidir le tréimhsí teorann a chur ar fionraí. Go háirithe, i gcóras cumhachtaí comhchosúla, ba cheart tréimhsí teorann náisiúnta a chur ar fionraí fad atá imeachtaí ar siúl os comhair ÚINanna Ballstáit eile nó os comhair an Choimisiúin. Ní chuireann an méid sin cosc ar na Ballstáit dearbhthréimhsí teorann a choinneáil nó a thabhairt isteach, ar an gcoinníoll nach bhfágfaidh fad na ndearbhthréimhsí ama sin go mbeidh sé chóir a bheith dodhéanta nó ródheacair Airteagal 101 agus Airteagal 102 CFAE a fhorfheidhmiú go héifeachtach.

(44)Chun a áirithiú go ndéileálfar le cásanna ar bhealach éifeachtach éifeachtúil laistigh den Ghréasán Eorpach Iomaíochta, sna Ballstáit sin ina bhfuil inniúlacht ag údarás iomaíochta náisiúnta riaracháin chun imscrúdú a dhéanamh ar sháruithe ar Airteagal 101 nó Airteagal 102 CFAE agus ina bhfuil inniúlacht ag údarás iomaíochta náisiúnta breithiúnach chun cinneadh a ghlacadh lena gcinntear go raibh sárú ann agus/nó lena bhforchuirtear an fhíneáil, ba cheart na húdaráis iomaíochta náisiúnta riaracháin a bheith in ann an chaingean a thabhairt go díreach os comhair an údaráis iomaíochta náisiúnta bhreithiúnaigh. Ina theannta sin, agus a mhéid a ghníomhaíonn cúirteanna náisiúnta mar chúirteanna athbhreithnithe in imeachtaí a thionscnaítear in aghaidh cinntí forfheidhmiúcháin ÚINanna atá ag cur Airteagal 101 nó Airteagal 102 CFAE i bhfeidhm, ba cheart teidlíocht iomlán a bheith ag na húdaráis iomaíochta náisiúnta astu féin chun páirt a ghlacadh mar ionchúisitheoir, mar chosantóir nó mar fhreagróir sna himeachtaí sin agus ba cheart na cearta céanna a bheith acu le páirtí den sórt sin sna himeachtaí sin.

(45)An baol go nochtfar ábhar féin-inchoiritheach lasmuigh de chomhthéacs an imscrúdaithe dár soláthraíodh é, is féidir leis an mbaol sin laghdú a dhéanamh ar na dreasachtaí atá ag iarratasóirí féideartha ar thrócaire chun comhoibriú le húdaráis iomaíochta. Mar thoradh air sin, agus beag beann ar an bhfoirm ina gcuirtear ráitis trócaire isteach, níor cheart úsáid a bhaint as an bhfaisnéis atá i ráitis trócaire a fuarthas trí rochtain a fháil ar an gcomhad ach amháin nuair is gá déanamh amhlaidh chun cearta cosanta a fheidhmiú in imeachtaí os comhair chúirteanna na mBallstát i gcásanna an-teoranta atá bainteach go díreach leis an gcás inar deonaíodh an rochtain. Níor cheart cosc a chur ar údaráis iomaíochta leis sin na cinntí uathu a fhoilsiú i gcomhréir le dlí an Aontais is infheidhme nó an dlí náisiúnta is infheidhme.

(46)Gné thábhachtach d'Airteagal 101 agus Airteagal 102 CFAE a fhorfheidhmiú is ea an fhianaise. Ba cheart ÚINanna a bheith in ann breithniú a dhéanamh ar fhianaise iomchuí, is cuma cé acu a tugadh an fhianaise sin i scríbhinn, ó bhéal nó i bhfoirm thaifeadta, lena náirítear taifeadtaí ceilte arna ndéanamh ag daoine dlítheanacha nó nádúrtha, ar an gcoinníoll nach bhfuil na taifeadtaí sin ar an aon fhoinse fianaise amháin atá ar fáil. Ní dhéanfaidh sé sin dochar don cheart chun éisteacht a fháil.

(47)Chun tacú le dlúthchomhar laistigh den Ghréasán Eorpach Iomaíochta, ba cheart don Choimisiún córas lárnach faisnéise (Córas an Ghréasáin Eorpaigh Iomaíochta) a chothabháil, a fhorbairt, a óstáil, a oibriú agus a chothú i gcomhréir leis na caighdeáin iomchuí maidir le rúndacht, cosaint sonraí agus slándáil sonraí. Tá an Gréasán Eorpach Iomaíochta ag brath ar idir-inoibritheacht ionas gur féidir leis feidhmiú ar bhealach éifeachtach éifeachtúil. Is ar bhuiséad ginearálta an Aontais ba cheart na costais a chur a bhaineann leis an gcóras lárnach faisnéise a chothabháil, a fhorbairt, a óstáil agus a oibriú agus ar na costais a bhaineann le tacaíocht a thabhairt d'úsáideoirí an chórais, mar aon le costais riaracháin eile a thabhófar i dtaca le feidhmiú an Ghréasáin Eorpaigh Iomaíochta, go háirithe na costais a bhaineann le cruinnithe a eagrú. Suas go dtí an bhliain 2020, foráiltear go gcumhdóidh an clár um réitigh idir-inoibritheachta agus comhchreataí do riaracháin phoiblí Eorpacha (clár ISA2) na costais a bhaineann le Córas an Ghréasáin Eorpaigh Iomaíochta, ag brath ar na acmhainní atá ar fáil don chlár, ar incháilitheacht agus ar chritéir tosaíochta.

(48)Ós rud é nach féidir leis na Ballstáit cuspóirí na Treorach seo, is iad sin, a áirithiú go mbeidh ag ÚINanna na ráthaíochtaí riachtanacha maidir le neamhspleáchas agus acmhainní agus cumhachtaí forfheidhmiúcháin agus fíneála ionas go mbeidh siad in ann Airteagal 101 agus Airteagal 102 CFAE a chur i bhfeidhm go héifeachtach agus Airteagal 101 agus Airteagal 102 CFAE i gcomhthráth leis an dlí iomaíochta náisiúnta a chur i bhfeidhm go héifeachtach agus feidhmiú éifeachtach an mhargaidh inmheánaigh agus an Ghréasáin Eorpaigh Iomaíochta a áirithiú, a ghnóthú go leordhóthanach ina naonar agus, de bharr na héifeachtachta agus na haonfhoirmeachta a theastaíonn maidir le cur i bhfeidhm Airteagal 101 agus Airteagal 102 CFAE, gur fearr is féidir iad a ghnóthú ar leibhéal an Aontais amháin, go háirithe i bhfianaise a raon feidhme críochach, féadfaidh an tAontas bearta a ghlacadh, i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta a leagtar amach in Airteagal 5 den Chonradh ar an Aontas Eorpach. I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta a leagtar amach san Airteagal sin, ní théann an Treoir seo thar a bhfuil riachtanach chun an cuspóir sin a ghnóthú.

(49)I gcomhréir leis an gComhdhearbhú Polaitíochta an 28 Meán Fómhair 2011 ó na Ballstáit agus ón gCoimisiún maidir le doiciméid mhíniúcháin 23 , ghlac na Ballstáit mar chúram orthu féin, i gcásanna a bhfuil údar cuí leo, doiciméad amháin nó níos mó a chur leis an bhfógra faoina mbearta trasuite, ar doiciméid iad lena mínítear an caidreamh idir comhábhair treorach agus páirteanna comhfhreagracha ionstraimí náisiúnta trasuite. I ndáil leis an Treoir seo, measann an reachtóir go bhfuil údar cuí le doiciméid den sórt sin a tharchur.

TAR ÉIS AN TREOIR SEO A GHLACADH:

CAIBIDIL I

ÁBHAR, RAON FEIDHME AGUS SAINMHÍNITHE

Airteagal 1

Ábhar agus raon feidhme

1.Leagtar rialacha deimhne amach leis an Treoir seo chun a áirithiú go mbeidh ag na húdaráis iomaíochta náisiúnta na ráthaíochtaí riachtanacha maidir le neamhspleáchas agus acmhainní agus cumhachtaí forfheidhmiúcháin agus fíneála ionas go mbeidh siad in ann Airteagal 101 agus Airteagal 102 CFAE a chur i bhfeidhm go héifeachtach ionas nach saobhfar an iomaíocht sa mhargadh inmheánach agus nach gcuirfear tomhaltóirí agus gnóthais faoi mhíbhuntáiste le dlíthe agus bearta náisiúnta lena gcuirtear cosc ar na húdaráis iomaíochta náisiúnta rialacha a fhorfheidhmiú go héifeachtach. Cumhdaíonn raon feidhme na Treorach cur i bhfeidhm Airteagal 101 agus Airteagal 102 CFAE agus forálacha den dlí iomaíochta náisiúnta arna gcur i bhfeidhm i gcomhthráth le hAirteagal 101 agus Airteagal 102 CFAE ar an gcás céanna, cé is moite d'Airteagal 29(2) a bhaineann leis an dlí iomaíochta náisiúnta arna chur i bhfeidhm ina aonar.

2.Leagtar amach leis an Treoir seo rialacha deimhne maidir le cúnamh frithpháirteach chun feidhmiú rianúil an mhargaidh inmheánaigh agus an chórais dlúthchomhair sa Ghréasán Eorpach Iomaíochta a chosaint.

Airteagal 2

Sainmhínithe

Chun críocha na Treorach seo, tá feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:

(1) ciallaíonn ‘údarás iomaíochta náisiúnta’ údarás arna ainmniú ag Ballstát de bhun Airteagal 35 de Rialachán (CE) 1/2003 mar údarás atá freagrach as Airteagal 101 agus Airteagal 102 CFAE a chur i bhfeidhm. Féadfaidh na Ballstáit údarás riaracháin amháin nó níos mó (‘údarás iomaíochta náisiúnta riaracháin’) agus údaráis bhreithiúnacha (‘údarás iomaíochta náisiúnta breithiúnach’) a ainmniú chun na feidhmeanna sin a chomhlíonadh;

(2) ciallaíonn ‘údarás iomaíochta’ údarás iomaíochta náisiúnta nó an Coimisiún, nó an dá cheann díobh, de réir mar a éilíonn an comhthéacs;

(3) ciallaíonn ‘an Gréasán Eorpach Iomaíochta’ an Líonra údarás poiblí arna chur ar bun ag na húdaráis iomaíochta náisiúnta agus ag an gCoimisiún chun fóram plé agus comhair a chur ar fáil le haghaidh Airteagal 101 agus Airteagal 102 CFAE a chur i bhfeidhm agus a fhorfheidhmiú;

(4)ciallaíonn 'forálacha den dlí iomaíochta náisiúnta' forálacha den dlí náisiúnta arb ionann cuspóir dóibh den chuid is mó agus d'Airteagal 101 agus Airteagal 102 CFAE agus a chuirtear i bhfeidhm ar an gcás céanna agus i gcomhthráth le dlí an Aontais in aghaidh trustaí de bhun Airteagal 3(1) de Rialachán (CE) Uimh. 1/2003 cé is moite d'úsáid faisnéise arna fáil ó ráitis trócaire agus aighneachtaí socraíochta dá dtagraítear in Airteagal 29(2) agus diomaite de na forálacha den dlí náisiúnta lena bhforchuirtear pionóis choiriúla ar dhaoine nádúrtha.

(5) ciallaíonn ‘cúirt náisiúnta’ cúirt náisiúnta nó binse de réir bhrí Airteagal 267 CFAE;

(6) ciallaíonn ‘cúirt athbhreithnithe’ cúirt náisiúnta a dtugtar cumhacht di le gnáthmhodhanna achomhairc chun athbhreithniú a dhéanamh ar chinntí údaráis iomaíochta náisiúnta nó chun athbhreithniú a dhéanamh ar bhreithiúnais lena bhfógraítear na cinntí sin, beag beann ar cé acu atá nó nach bhfuil an chumhacht ag an gcúirt í féin chun sárú ar dhlí na hiomaíochta a chinneadh;

(7) ciallaíonn ‘imeachtaí’ na himeachtaí os comhair údarás iomaíochta náisiúnta chun Airteagal 101 nó Airteagal 102 CFAE a chur i bhfeidhm go dtí go ndúnfaidh an túdarás sin na himeachtaí sin trí chinneadh dá dtagraítear in Airteagal 9 nó Airteagal 11 a dhéanamh nó go socróidh sé nach bhfuil aon fhorais ann le tuilleadh gníomhaíochta uaidh, nó, i gcás an Choimisiúin, ciallaíonn sé imeachtaí os a chomhair chun Airteagal 101 nó Airteagal 102 CFAE a chur i bhfeidhm go dtí go ndúnfaidh sé na himeachtaí sin trí chinneadh a dhéanamh de bhun Airteagail 7, 9 nó 10 de Rialachán (CE) Uimh. 1/2003 nó go socróidh sé nach bhfuil aon fhorais ann le tuilleadh gníomhaíochta uaidh;

(8) ciallaíonn ‘gnóthas’, mar a leagtar amach in Airteagal 101 agus Airteagal 102 CFAE, eintiteas ar bith atá i mbun gníomhaíocht gheilleagrach, beag beann ar a stádas dlíthiúil agus ar an dóigh a maoinítear é, i gcomhréir le cásdlí Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh;

(9) ciallaíonn ‘cairtéal rúnda’ comhaontú agus/nó cleachtas comhbheartaithe idir dhá iomaitheoir nó níos mó arb é is aidhm dó a niompraíocht iomaíoch sa mhargadh a chomhordú agus/nó dul i gcion ar pharaiméadair ábhartha iomaíochta trí chleachtais amhail praghsanna ceannaigh nó díola nó coinníollacha eile trádála a shocrú; cuótaí táirgeachta nó díolacháin a leithdháileadh; margaí a pháirtiú, lena náirítear rigeáil tairiscintí; srianta a chur le hallmhairí nó le honnmhairí agus/nó gníomhartha frithiomaíocha a dhéanamh in aghaidh iomaitheoirí eile; ar gníomhaíocht í nach bhfuil ach na rannpháirtithe eolach uirthi i bpáirt nó ina hiomláine;

(10) ciallaíonn ‘díolúine ó fhíneálacha’ nach bhforchuirtear fíneáil ar bith ar ghnóthas as páirt a ghlacadh i gcairtéal rúnda mar luach saothair ar chomhoibriú le húdarás iomaíochta faoi chuimsiú clár trócaire;

(11) ciallaíonn ‘laghdú fíneálacha’ go bhforchuirtear fíneáil atá níos lú ná na fíneálacha a d'fhorchuirfí seachas sin ar ghnóthas i leith páirt a ghlacadh i gcairtéal rúnda mar luach saothair ar chomhoibriú le húdarás iomaíochta faoi chuimsiú clár trócaire;

(12) ciallaíonn ‘trócaire’ díolúine ó fhíneálacha agus laghdú fíneálacha araon;

(13) ciallaíonn ‘clár trócaire’ clár a bhaineann le cur i bhfeidhm Airteagal 101 CFAE nó an dlí iomaíochta náisiúnta ar ar a bhonn a chomhoibríonn rannpháirtí i gcairtéal rúnda, go neamhspleách ar na gnóthais eile atá rannpháirteach sa chairtéal, le himscrúdú de chuid an údaráis iomaíochta trí léirithe a thabhairt go deonach faoi eolas an rannpháirtí sin ar an gcairtéal agus faoin ról a bhí aige ann, rud ar a bhfaighidh an rannpháirtí sin mar chúiteamh, trí chinneadh nó trí dheireadh a chur le himeachtaí, díolúine ó fhíneálacha nó laghdú fíneálacha as a rannpháirtíocht sa chairtéal;

(14) ciallaíonn ‘ráiteas trócaire’ léiriú ó bhéal nó i scríbhinn, nó taifead de, arna thabhairt ag gnóthas nó duine nádúrtha, nó thar a cheann, d'údarás iomaíochta ina ndéantar cur síos ar an eolas atá ag an ngnóthas nó an duine nádúrtha sin ar chairtéal agus ina ndéantar cur síos ar a ról ann, ar léiriú é a tarraingíodh suas go sonrach lena chur faoi bhráid an údaráis iomaíochta d'fhonn díolúine nó laghdú fíneálacha a fháil faoi chlár trócaire, gan faisnéis a bhí ar fáil roimhe sin a áireamh; 

(15) ciallaíonn ‘faisnéis a bhí ar fáil roimhe sin’ fianaise a bhí ann beag beann ar na himeachtaí an údaráis iomaíochta, bíodh an fhaisnéis sin i gcomhad an údaráis iomaíochta nó ná bíodh;

(16) ciallaíonn ‘aighneacht socraíochta’ léiriú deonach arna thabhairt ag gnóthas, nó thar a cheann, d'údarás iomaíochta ina ndéantar cur síos ar admháil an ghnóthais, nó ar a dhiúltú do shéanadh, maidir lena rannpháirtíocht i sárú ar Airteagal 101 CFAE nó ar an dlí iomaíochta náisiúnta agus maidir lena fhreagracht as an sárú sin, ar léiriú é a tarraingíodh suas go sonrach chun cur ar chumas an údaráis iomaíochta nós imeachta simplithe nó brostaithe a chur i bhfeidhm;

(17) ciallaíonn ‘iarratasóir’ gnóthas a dhéanann iarratas ar dhíolúine ó fhíneálacha nó ar laghdú fíneálacha faoi chlár trócaire; 

(18) ciallaíonn ‘údarás is iarratasóir’ údarás iomaíochta náisiúnta a dhéanann iarraidh ar chúnamh frithpháirteach dá dtagraítear in Airteagail 23, 24 nó 25;

(19) ciallaíonn ‘údarás iarrtha’ údarás iomaíochta náisiúnta a fhaigheann iarraidh ar chúnamh frithpháirteach agus, i gcás iarraidh ar chúnamh dá dtagraítear in Airteagal 24 agus Airteagal 25, is féidir go gciallaíonn sé an oifig phoiblí, an túdarás nó an roinn inniúil ar a bhfuil freagracht phríomha as cinntí den sórt sin a fhorfheidhmiú faoi dhlíthe, rialacháin agus cleachtas riaracháin náisiúnta;

Le gach tagairt do chur i bhfeidhm Airteagal 101 agus Airteagal 102 CFAE, agus do sháruithe orthu, tuigfear go gcuimsítear cur i bhfeidhm na bhforálacha den dlí iomaíochta náisiúnta ar an gcás céanna i gcomhthráth.

CAIBIDIL II

CEARTA BUNÚSACHA

Airteagal 3

Coimircí

Beidh feidhmiú na gcumhachtaí dá dtagraítear sa Treoir seo ag na húdaráis iomaíochta náisiúnta faoi réir coimircí cuí, lena náirítear urramú chearta cosanta na ngnóthas agus an ceart chun leighis éifeachtaigh os comhair binse, i gcomhréir le prionsabail ghinearálta dhlí an Aontais agus leis an gCairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh.

CAIBIDIL III

NEAMHSPLEÁCHAS AGUS ACMHAINNÍ

Airteagal 4

Neamhspleáchas

1.Chun neamhspleáchas na núdarás iomaíochta náisiúnta riaracháin a áirithiú agus Airteagal 101 agus Airteagal 102 CFAE á gcur i bhfeidhm acu, áiritheoidh na Ballstáit gur go neamhchlaonta agus ar mhaithe le forfheidhmiú éifeachtach aonfhoirmeach na bhforálacha a chomhlíonfaidh na húdaráis riaracháin iomaíochta náisiúnta a ndualgais agus a fheidhmeoidh siad a gcumhachtaí, faoi réir ceanglais chuntasachta chomhréireacha agus gan dochar don dlúthchomhar idir na húdaráis iomaíochta sa Ghréasán Eorpach Iomaíochta.

2.Go háirithe, áiritheoidh na Ballstáit na nithe seo:

a) go bhféadfaidh na baill foirne agus na comhaltaí de chomhlacht cinnteoireachta an údaráis iomaíochta náisiúnta riaracháin a ndualgais a chomhlíonadh agus a gcumhachtaí a fheidhmiú go neamhspleách ar thionchar polaitiúil agus ar thionchar seachtrach eile le haghaidh Airteagal 101 agus Airteagal 102 CFAE a chur i bhfeidhm;

b) nach ndéanfaidh na baill foirne agus na comhaltaí de chomhlacht cinnteoireachta an údaráis iomaíochta náisiúnta riaracháin aon treoracha a iarraidh ná a ghlacadh ó aon rialtas nó eintiteas poiblí nó príobháideach eile le linn dóibh a ndualgais a chomhlíonadh agus a gcumhachtaí a fheidhmiú le haghaidh Airteagal 101 agus Airteagal 102 CFAE a chur i bhfeidhm;

c) go staonfaidh na baill foirne agus na comhaltaí de chomhlacht cinnteoireachta an údaráis iomaíochta náisiúnta riaracháin ó aon ghníomhaíocht nach luíonn le comhlíonadh a ndualgas agus feidhmiú a gcumhachtaí le haghaidh Airteagal 101 agus Airteagal 102 CFAE a chur i bhfeidhm;

d) nach bhféadfar na comhaltaí de chomhlacht cinnteoireachta an údaráis iomaíochta riaracháin a dhífhostú ach amháin mura gcomhlíonann siad na coinníollacha a theastaíonn le haghaidh chomhlíonadh a ndualgas a thuilleadh nó go bhfuarthas iad ciontach i mí-iompar tromchúiseach faoin dlí náisiúnta. Ba cheart na forais le dífhostú a leagan síos roimh ré sa dlí náisiúnta. Ní dhífhostófar iad ar chúiseanna a bhaineann le comhlíonadh cuí a ndualgas agus le feidhmiú cuí a gcumhachtaí le linn Airteagal 101 agus Airteagal 102 CFAE a chur i bhfeidhm, mar a shainmhínítear in Airteagal 5(2);

e) go mbeidh an chumhacht ag na húdaráis iomaíochta náisiúnta riaracháin chun a dtosaíochtaí a shocrú le haghaidh cúraimí a chomhlíonadh chun Airteagal 101 agus Airteagal 102 CFAE a chur i bhfeidhm, mar a shainmhínítear in Airteagal 5(2). A mhéid atá oibleagáid ar na húdaráis iomaíochta náisiúnta riaracháin gearáin a chuirtear isteach go foirmiúil a bhreithniú, áireofar leis sin an chumhacht atá ag na húdaráis sin chun na gearáin sin a dhiúltú ar na forais nach measann siad gur saincheisteanna tosaíochta iad. Beidh sé sin gan dochar don chumhacht atá ag na húdaráis iomaíochta náisiúnta chun gearáin a dhiúltú ar fhorais eile a shainítear sa dlí náisiúnta.

Airteagal 5

Acmhainní

1.Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh ag na húdaráis iomaíochta náisiúnta na hacmhainní daonna, airgeadais agus teicniúla a theastaíonn le haghaidh a ndualgais a chomhlíonadh go héifeachtach agus le haghaidh a gcumhachtaí a fheidhmiú go héifeachtach le linn Airteagal 101 agus Airteagal 102 CFAE a chur i bhfeidhm, mar a shainmhínítear i mír 2.

2.Áireofar na nithe seo le cur i bhfeidhm Airteagal 101 agus Airteagal 102 CFAE ag na húdaráis iomaíochta náisiúnta: imscrúduithe a dhéanamh d'fhonn Airteagal 101 agus Airteagal 102 CFAE a chur i bhfeidhm; cinntí a dhéanamh lena gcuirtear na forálacha sin i bhfeidhm ar bhonn Airteagal 5 de Rialachán 1/2003; agus oibriú i ndlúthchomhair sa Ghréasán Eorpach Iomaíochta d'fhonn cur i bhfeidhm éifeachtach aonfhoirmeach Airteagal 101 agus Airteagal 102 CFAE a áirithiú.

CAIBIDIL IV

CUMHACHTAÍ

Airteagal 6

Cumhacht chun iniúchadh a dhéanamh ar áitribh ghnó

1.Áiritheoidh na Ballstáit go bhféadfaidh na húdaráis iomaíochta náisiúnta riaracháin aon iniúchtaí neamhfhógartha is gá dhéanamh ar ghnóthais agus comhlachais gnóthas le haghaidh Airteagal 101 agus Airteagal 102 CFAE a chur i bhfeidhm. Áiritheoidh na Ballstáit go dtabharfar na cumhachtaí seo a leanas ar a laghad do na hoifigigh agus do dhaoine tionlacain eile atá údaraithe ag na húdaráis iomaíochta náisiúnta chun iniúchadh a dhéanamh:

a) an chumhacht chun dul isteach in áitreabh, talamh agus modh iompair ar bith de chuid gnóthas agus comhlachas gnóthas;

b) an chumhacht chun scrúdú a dhéanamh ar na leabhair agus ar thaifid eile a bhaineann leis an ngnó, beag beann ar an meán ina bhfuil siad stóráilte, lena náirítear an ceart chun rochtain a fháil ar fhaisnéis ar a bhfuil rochtain ag an eintiteas is ábhar don iniúchadh;

c) an chumhacht chun cóipeanna nó sleachta as na leabhair nó taifid sin a ghlacadh nó a fháil i bhfoirm ar bith agus i gcás ina measfaidh siad go bhfuil sé riachtanach leanúint de chuardaigh a dhéanamh ar na cóipeanna nó na sleachta sin ina náitreabh nó in áitreabh ainmnithe eile;

d) an chumhacht chun aon áitreabh gnó agus aon leabhair nó taifid a shéalú ar feadh thréimhse an iniúchta agus a mhéid is gá chun críche an iniúchta;

e) an chumhacht chun iarraidh ar aon ionadaí ón ngnóthas nó ón gcomhlachas gnóthas nó ar aon bhall foirne den ghnóthas nó den chomhlachas gnóthas mínithe a thabhairt ar fhíorais nó ar dhoiciméid a bhaineann le hábhar agus cuspóir an iniúchta agus an freagra a thaifeadadh.

2.Áiritheoidh na Ballstáit go gceanglófar ar ghnóthais agus ar chomhlachais gnóthas géilleadh d'iniúchtaí a dhéanfaidh na húdaráis iomaíochta náisiúnta riaracháin. I gcás ina gcuirfidh gnóthas nó comhlachas gnóthas i gcoinne iniúchta a ordóidh údarás iomaíochta náisiúnta riaracháin nó a údaróidh cúirt náisiúnta, féadfaidh na húdaráis iomaíochta náisiúnta cúnamh riachtanach a fháil ó na póilíní nó ó ghníomhaireacht feidhmiúcháin choibhéiseach chun ligean dóibh an tiniúchadh a dhéanamh. Féadfar cúnamh den sórt sin a fháil mar bheart réamhchúraim.

Airteagal 7

Cumhacht chun iniúchadh a dhéanamh ar áitribh eile

1.I gcás ina mbeidh amhras réasúnta ann go bhfuil leabhair nó taifid eile a bhaineann leis an ngnóthas agus le hábhar an iniúchta a d'fhéadfadh a bheith ábhartha chun sárú tromchúiseach ar Airteagal 101 nó Airteagal 102 CFAE a chruthú á gcoinneáil in aon áitribh seachas iad sin dá dtagraítear in Airteagal 6 nó in aon talamh nó modh iompair, lena náirítear tithe na stiúrthóirí, na mbainisteoirí agus na mball foirne eile de ghnóthais agus de chomhlachais gnóthas, áiritheoidh na Ballstáit go bhféadfaidh na húdaráis iomaíochta náisiúnta riaracháin iniúchtaí neamhfhógartha a dhéanamh ar aon áitribh, talamh agus modhanna iompair den sórt sin.

2.Ní fhéadfar iniúchtaí den sórt sin a dhéanamh gan údarú a fháil roimh ré ó údarás náisiúnta breithiúnach.

3.Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh na cumhachtaí sin a leagtar amach in Airteagal 6(1)(a), (b) agus (c) agus Airteagal 6(2) ar a laghad ag na hoifigigh agus na daoine tionlacain eile atá údaraithe ag na cúirteanna náisiúnta chun iniúchadh a dhéanamh i gcomhréir le mír 1 den Airteagal seo.

Airteagal 8

Iarrataí ar fhaisnéis

Áiritheoidh na Ballstáit go bhféadfaidh na húdaráis iomaíochta náisiúnta riaracháin, trí chinneadh a dhéanamh, ceangal a chur ar ghnóthais agus comhlachais gnóthas an fhaisnéis riachtanach ar fad a chur ar fáil laistigh de thréimhse shonraithe ama le haghaidh Airteagal 101 agus Airteagal 102 CFAE a chur i bhfeidhm. Cumhdófar leis an oibleagáid sin faisnéis a bhfuil rochtain ag an ngnóthas agus ag an gcomhlachas gnóthas uirthi.

Airteagal 9

Sárú a chinneadh agus deireadh a chur leis

I gcás ina gcinnfidh na húdaráis iomaíochta náisiúnta go ndearnadh sárú ar Airteagal 101 nó Airteagal 102 CFAE, áiritheoidh na Ballstáit go bhféadfaidh na húdaráis iomaíochta náisiúnta, trí chinneadh a dhéanamh, ceangal a chur ar na gnóthais agus na comhlachais gnóthas lena mbaineann deireadh a chur leis an sárú sin. Chun na críche sin, féadfaidh siad aon leigheasanna iompraíochta nó struchtúrtha a fhorchur atá comhréireach leis an sárú a rinneadh agus atá riachtanach chun deireadh a chur leis an sárú go héifeachtach.

Airteagal 10

Bearta eatramhacha

Áiritheoidh na Ballstáit go bhféadfaidh na húdaráis iomaíochta náisiúnta riaracháin atá ag gníomhú ar a dtionscnamh féin a ordú, trí chinneadh a dhéanamh, go bhforchuirfí bearta eatramhacha ar ghnóthais sna cásanna sin ar a laghad ina bhfuil práinn mar gheall ar an mbaol go ndéanfaí dochar tromchúiseach doleigheasta don iomaíocht agus ar bhonn cinnidh prima facie go ndearnadh sárú ar Airteagal 101 nó Airteagal 102 CFAE. Beidh feidhm ag cinneadh den sórt sin ar feadh tréimhse shonrach ama agus féadfar é a athnuachan a mhéid is gá agus is cuí.

Airteagal 11

Gealltanais

In imeachtaí arna dtionscnamh d'fhonn teacht ar chinneadh lena gceanglaítear go gcuirfear deireadh le sárú ar Airteagal 101 nó Airteagal 102 CFAE, áiritheoidh na Ballstáit go bhféadfaidh na húdaráis iomaíochta náisiúnta, trí chinneadh a dhéanamh, na gealltanais a thugann gnóthais go réiteoidh siad na hábhair imní a chuireann na húdaráis sin in iúl a chur de cheangal. Féadfar cinneadh den sórt sin a ghlacadh ar feadh tréimhse shonrach ama agus tiocfar ar an gconclúid ann nach bhfuil aon fhorais ann a thuilleadh le beart ag an údarás iomaíochta náisiúnta lena mbaineann.

CAIBIDIL V

FÍNEÁLACHA AGUS ÍOCAÍOCHTAÍ PIONÓSACHA TRÉIMHSIÚLA

Airteagal 12

Fíneálacha ar ghnóthais agus comhlachais ghnóthas

1.Gan dochar do dhlíthe náisiúnta na mBallstát lena bhforáiltear go bhféadfaidh smachtbhannaí a fhorchur in imeachtaí breithiúnacha coiriúla, áiritheoidh na Ballstáit go bhféadfaidh na húdaráis iomaíochta náisiúnta riaracháin fíneálacha airgid éifeachtacha, comhréireacha agus díspreagthacha a ghearradh trí chinneadh in imeachtaí riaracháin, nó trína iarraidh in imeachtaí breithiúnacha neamhchoiriúla go ngearrfaí iad, ar ghnóthais nó ar chomhlachais gnóthas i gcás ina mbeidh Airteagal 101 nó Airteagal 102 CFAE sáraithe acu, d'aon ghnó nó le faillí.

2.Gan dochar do dhlíthe náisiúnta na mBallstát lena bhforáiltear maidir le smachtbhannaí choiriúla a fhorchur in imeachtaí breithiúnacha coiriúla, áiritheoidh na Ballstáit gur féidir leis na húdaráis iomaíochta náisiúnta riaracháin cinneadh a dhéanamh in imeachtaí riaracháin go ndéanfar, nó gur féidir leo a iarraidh in imeachtaí breithiúnacha neamhchoiriúla go ndéanfar, fíneálacha éifeachtacha comhréireacha díspreagthacha, a chinnfear i gcomhréir lena láimhdeachas iomlán, a fhorchur ar ghnóthais nó ar chomhlachais gnóthas, i gcás inar amhlaidh, d'aon ghnó nó le faillí:

a)gur theip orthu comhoibriú le hiniúchadh dá dtagraítear in Airteagal 6(2);

b)gur briseadh séalaí arna bhfeistiú ag oifigigh nó ag daoine tionlactha eile arna núdarú ag na húdaráis iomaíochta náisiúnta dá dtagraítear in Airteagal 6(1)(d);

c)maidir le ceist dá dtagraítear in Airteagal 6(1)(e), gur thug siad freagra mícheart nó míthreorach, gur theip orthu nó gur dhiúltaigh siad freagra iomlán a thabhairt, nó gur theip orthu freagra mícheart, míthreorach nó neamhiomlán a thug ball foirne a cheartú laistigh de theorainn ama arna leagan síos ag an údarás iomaíochta náisiúnta;

d)gur thug siad faisnéis mhícheart, neamhiomlán nó mhíthreorach mar fhreagra ar iarraidh arna déanamh i gcinneadh dá dtagraítear in Airteagal 8 nó nár thug siad an fhaisnéis laistigh den teorainn ama arna sonrú;

e)gur theip orthu cloí le cinneadh dá dtagraítear in Airteagal 10 agus in Airteagal 11;

3.Áiritheoidh na Ballstáit go gcuirfear coincheap an ghnóthais i bhfeidhm chun críche fíneálacha a ghearradh ar mháthairchuideachtaí agus ar chomharbaí dlíthiúla agus eacnamaíocha gnóthas.

Airteagal 13

Na fíneálacha a ríomh

1.Áiritheoidh na Ballstáit go dtabharfar aird ar thromchúis agus ar fhad an tsáraithe agus méid na fíneála i leith sárú ar Airteagal 101 nó Airteagal 102 CFAE á chinneadh ag na húdaráis iomaíochta náisiúnta.

2.I gcás ina bhforchuirfear fíneáil ar chomhlachas gnóthas, agus aird á tabhairt ar láimhdeachas a chuid ball, agus nach mbeidh an comhlachas sócmhainneach, áiritheoidh na Ballstáit go gcuirfear ceangal ar an gcomhlachas ranníocaíochtaí a iarraidh óna chuid ball chun suim na fíneála a íoc.

I gcás inar gá dóibh déanamh amhlaidh chun íoc iomlán na fíneála a áirithiú, áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh na húdaráis iomaíochta náisiúnta i dteideal a éileamh go ndéanfar ceann ar bith de na gnóthais a raibh a nionadaithe ina gcomhaltaí de chomhlachtaí cinnteoireachta an chomhlachais an méid den fhíneáil atá amuigh a íoc. A mhéid atá sé riachtanach fós, beidh na húdaráis iomaíochta náisiúnta i dteideal freisin a éileamh go ndéanfaidh ceann ar bith de na baill den chomhlachas a bhí gníomhach sa mhargadh ina ndearnadh an sárú an méid den fhíneáil atá amuigh a íoc. Ní éileofar íocaíocht, áfach, ar na baill sin den chomhlachas nár chuir an sárú chun feidhme agus nach raibh eolach air nó a d'fhán glan air go gníomhach sular cuireadh tús leis an imscrúdú.

Airteagal 14

Méid uasta na fíneála

1.Maidir le méid uasta na fíneála a fhéadfaidh údarás iomaíochta náisiúnta a ghearradh ar gach gnóthas nó comhlachas gnóthas a ghlac páirt i sárú ar Airteagal 101 nó Airteagal 102 CFAE, áiritheoidh na Ballstáit nach socrófar é ar leibhéal atá faoi bhun 10 % dá láimhdeachas domhanda iomlán sa bhliain ghnó roimh an gcinneadh.

2.I gcás ina mbainfidh sárú ag comhlachas gnóthas le gníomhaíochtaí a chuid ball, ní shocrófar méid uasta na fíneála ar leibhéal atá faoi bhun 10 % de shuim láimhdeachas domhanda iomlán gach baill atá gníomhach sa mhargadh a dtéann an sárú ag an gcomhlachas i gcion air. Mar sin féin, ní mó ná an méid uasta a shocraítear i gcomhréir le mír 1 a bheidh dliteanas airgeadais gach gnóthais i leith íoc na fíneála.

Airteagal 15

Íocaíochtaí pionósacha tréimhsiúla

Áiritheoidh na Ballstáit go bhféadfaidh na húdaráis iomaíochta náisiúnta riaracháin, trí chinneadh a dhéanamh, íocaíochtaí pionósacha tréimhsiúla atá éifeachtach, comhréireach agus díspreagthach a fhorchur ar ghnóthais agus comhlachais gnóthas, ar íocaíochtaí iad a chinnfear i gcomhréir lena láimhdeachas laethúil iomlán, chun iallach a chur orthu:

a)géilleadh don iniúchadh dá dtagraítear in Airteagal 6(2),

b) faisnéis iomlán cheart a sholáthar, dá dtagraítear in Airteagal 8,

c) cloí le cinneadh dá dtagraítear in Airteagail 9, 10 agus 11.

CAIBIDIL VI

TRÓCAIRE

Airteagal 16

Díolúine ó fhíneálacha

1.Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh cláir thrócaire i bhfeidhm ag na húdaráis iomaíochta náisiúnta lena gcumasófar dóibh díolúine ó fhíneálacha a dheonú do ghnóthais.

2.Áiritheoidh na Ballstáit nach bhféadfar díolúine a dheonú ach sna cásanna seo:

a)go gcomhlíonann an gnóthas na coinníollacha a leagtar síos in Airteagal 18;

b)go nochtann an gnóthas a rannpháirtíocht i gcairtéal rúnda; agus

c)go bhfuil an gnóthas ar an gcéad cheann le fianaise a chur isteach:

i.lena gcumasaítear don údarás iomaíochta náisiúnta, tráth a fhaigheann sé an tiarratas, iniúchadh spriocdhírithe a dhéanamh i dtaca leis an gcairtéal rúnda, ar choinníoll nach raibh fianaise ina sheilbh ag an údarás iomaíochta náisiúnta cheana féin chun iniúchadh a dhéanamh i dtaca leis an gcairtéal rúnda nó nach raibh iniúchadh den sórt sin déanta aige cheana féin; nó

ii.lena gcumasaítear, i dtuairim an údaráis iomaíochta náisiúnta, cinneadh go ndearnadh sárú ar dhlí na hiomaíochta, ar choinníoll nach raibh fianaise ina sheilbh ag an údarás iomaíochta náisiúnta cheana féin chun a chinneadh go ndearnadh sárú den sórt sin agus nár cháiligh aon ghnóthas eile roimhe sin le haghaidh díolúine faoi mhír 2(c)(i) i dtaca leis an gcairtéal sin.

3.Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh gach gnóthas incháilithe le haghaidh díolúine ó fhíneálacha, cé is moite de na gnóthais sin a rinne bearta chun iallach a chur ar ghnóthais eile páirt a ghlacadh i gcairtéal rúnda.

Airteagal 17

Laghdú fíneálacha

1.Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh cláir thrócaire i bhfeidhm ag na húdaráis iomaíochta náisiúnta lena gcumasófar dóibh laghdú fíneálacha a dheonú do ghnóthais nach gcáilíonn le haghaidh díolúine.

2.Áiritheoidh na Ballstáit nach ndeonófar laghdú fíneálacha ach amháin i gcás ina gcomhlíonfar na coinníollacha a leagtar síos in Airteagal 18 agus go nochtfaidh an tiarratasóir a rannpháirtíocht i gcairtéal rúnda agus go dtabharfaidh sé fianaise ar an gcairtéal rúnda líomhnaithe don údarás iomaíochta náisiúnta arb ionann í agus breisluach suntasach chun a chruthú go ndearnadh sárú ar Airteagal 101 CFAE nó ar fhoráil chomhfhreagrach den dlí náisiúnta, i gcoibhneas leis an bhfianaise atá i seilbh an údaráis iomaíochta náisiúnta tráth an iarratais.

3.Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh na húdaráis iomaíochta náisiúnta in ann laghdú breise fíneálacha a dheonú i gcás ina dtabharfaidh an tiarratasóir fianaise a mbainfidh an túdarás iomaíochta náisiúnta úsáid aisti, gan dul i muinín tuilleadh comhthacaíochta, chun fírinne tuilleadh fíoras a chruthú as a dtiocfaidh méadú ar fhíneálacha i gcomparáid leis na fíneálacha a d'fhorchuirfí ar na rannpháirtithe sa chairtéal rúnda seachas sin. Beidh an laghdú fíneálacha don iarratasóir i gcomhréir leis an méadú sin ar na fíneálacha.

Airteagal 18

Coinníollacha ginearálta le haghaidh trócaire

Chun cáiliú le haghaidh trócaire, áiritheoidh na Ballstáit nach mór don iarratasóir na coinníollacha carnacha seo a leanas a chomhlíonadh:

a)chuir sé deireadh lena rannpháirtíocht sa chairtéal rúnda líomhnaithe díreach tar éis dó a iarratas a dhéanamh, seachas an méid sin a bheadh ag teastáil le réasún, i dtuairim an údaráis iomaíochta náisiúnta inniúil, chun sláine a imscrúdaithe a chaomhnú;

b)comhoibríonn sé go dílis agus go hiomlán ar bhonn leanúnach tapa leis an údarás iomaíochta náisiúnta ón uair a dhéanann sé iarratas go dtí go mbeidh a imeachtaí in aghaidh gach páirtí atá á nimscrúdú tugtha chun críche ag an údarás trí chinneadh a ghlacadh nó go dtí go mbeidh deireadh curtha ag an údarás lena imeachtaí ar shlí eile. Áirítear leis sin:

i.an fhaisnéis ábhartha agus an fhianaise ábhartha ar fad a bhaineann leis an gcairtéal rúnda líomhnaithe a thiocfaidh ina sheilbh nó ar a mbeidh rochtain aige a chur ar fáil don údarás iomaíochta náisiúnta go pras;

ii.bheith ar fáil don údarás iomaíochta náisiúnta chun freagra a thabhairt ar aon iarraidh a d'fhéadfadh cur leis na fíorais a dhéanamh amach;

iii.fostaithe agus stiúrthóirí reatha (agus, más féidir, iarfhostaithe agus iarstiúrthóirí) a chur ar fáil le haghaidh agallamh leis an údarás iomaíochta náisiúnta;

iv.gan faisnéis ábhartha ná fianaise ábhartha a scriosadh, a bhrionnú ná a cheilt; agus

v.gan a nochtadh go ndearna sé iarratas agus gan ábhar a iarratais a nochtadh sula mbeidh agóidí eisithe ag an údarás iomaíochta náisiúnta sna himeachtaí os a chomhair, mura bhfuil a mhalairt comhaontaithe; agus

c)nuair atá sé ag beartú iarratas a dhéanamh chuig an údarás iomaíochta náisiúnta, ní mór an méid seo a leanas gan a bheith déanta aige:

i.fianaise ar an gcairtéal líomhnaithe a scriosadh, a bhrionnú ná a cheilt; nó

ii.a nochtadh go raibh sé ag beartú iarratas a dhéanamh nó cuid ar bith d'ábhar a iarratais bheartaithe a nochtadh, seachas d'údaráis iomaíochta eile.

Airteagal 19

Foirm na niarratas ar thrócaire

Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh iarratasóirí in ann iarratas a dhéanamh i scríbhinn ar thrócaire agus go mbeidh córas i bhfeidhm ag na húdaráis iomaíochta náisiúnta lena gcumasófar dóibh glacadh le ráitis trócaire ó bhéal nó ar bhealaí éagsúla nach néilíonn go dtáirgfear doiciméid, faisnéis nó ábhair eile atá i seilbh an iarratasóra, faoi choimeád an iarratasóra nó faoi rialú an iarratasóra.

Airteagal 20

Marcóir le haghaidh iarratas foirmiúil ar dhíolúine

1.Áiritheoidh na Ballstáit go bhféadfaidh gnóthas ar mian leis iarratas a dhéanamh ar dhíolúine iarratas a dhéanamh chuig údarás iomaíochta náisiúnta ar mharcóir ar an gcéad dul síos. Leis an marcóir, deonófar áit sa scuaine don iarratasóir ar feadh tréimhse, ar tréimhse í a bheidh le sonrú de réir an cháis ag an údarás iomaíochta náisiúnta a gheobhaidh an tiarratas ar mharcóir. Leis sin, tabharfar deis don iarratasóir an fhaisnéis agus an fhianaise riachtanach a bhailiú chun an tairseach ábhartha fianaise le haghaidh díolúine a chomhlíonadh.

2.Áiritheoidh na Ballstáit go bhféadfaidh na húdaráis iomaíochta náisiúnta a roghnú cé acu a dheonóidh nó nach ndeonóidh siad marcóir.

3.I gcás ina dtabharfaidh an tiarratasóir an marcóir chun críche laistigh den tréimhse shonraithe, áiritheoidh na Ballstáit go measfar an fhaisnéis agus an fhianaise a cuireadh ar fáil a bheith curtha isteach tráth a deonaíodh an marcóir.

Airteagal 21

Iarratais achoimre

1.Iarratasóirí a dhéanfaidh iarratas ar thrócaire chuig an gCoimisiún trí iarratas a dhéanamh ar mharcóir nó trí iarratas iomlán a chur isteach i dtaca le cairtéal rúnda líomhnaithe, áiritheoidh na Ballstáit go bhféadfaidh siad iarratais achoimre i dtaca leis an gcairtéal sin a chur isteach chuig na húdaráis iomaíochta náisiúnta a mheasfaidh an tiarratasóir a bheith in ann déileáil leis an gcás.

2.Áiritheoidh na Ballstáit go nglacfaidh na húdaráis iomaíochta náisiúnta le hiarratais achoimre ar choinníoll go ndéanfar iad i gceann de na foirmeacha a leagtar síos in Airteagal 19, gurb ionann a raon feidhme táirge, geografach agus ama agus é sin atá ag an iarratas ar thrócaire arna chur isteach chuig an gCoimisiún, agus go ndéanfar cur síos gairid iontu ar na nithe seo a leanas, a mhéid is eol don iarratasóir tráth a chuirfear isteach an tiarratas:

a)ainm agus seoladh an iarratasóra;

b)na páirtithe eile sa chairtéal rúnda líomhnaithe;

c)an táirge/na táirgí lena mbaineann;

d)an chríoch/na críocha lena mbaineann;

e)an fad ama;

f)cineál iompraíocht an chairtéil líomhnaithe;

g)an Ballstát/na Ballstáit ar dócha go mbeidh fianaise ar fáil ann/iontu; agus

h)faisnéis faoi iarratais eile a rinne an tiarratasóir ar thrócaire san am atá thart nó a d'fhéadfadh sé a dhéanamh sa todhchaí i dtaca leis an gcairtéal líomhnaithe.

3.Áiritheoidh na Ballstáit go staonfaidh na húdaráis iomaíochta náisiúnta óna iarraidh ar an iarratasóir aon fhaisnéis a chur ar fáil a bhaineann leis an sárú líomhnaithe a chumhdaítear leis an iarratas achoimre, seachas na míreanna a leagtar amach i mír 2, sula néileoidh siad go gcuirfí iarratas iomlán isteach de bhun mhír 6.

4.Áiritheoidh na Ballstáit go gcuirfidh na húdaráis iomaíochta náisiúnta a gheobhaidh iarratas achoimre admháil ar fáil don iarratasóir ina luafar an dáta agus an tam a fuarthas an tiarratas.

5.Áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfaidh na húdaráis iomaíochta náisiúnta a gheobhaidh iarratas achoimre a dheimhniú cé acu a fuair nó nach bhfuair siad iarratas achoimre nó iarratas ar thrócaire roimhe sin i dtaca leis an gcairtéal rúnda líomhnaithe céanna tráth a gheofar an tiarratas achoimre agus tabharfaidh siad fógra don iarratasóir dá réir.

6.Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh deis ag iarratasóirí iarratais iomlána ar thrócaire a chur isteach chuig na húdaráis iomaíochta náisiúnta lena mbaineann, agus na hiarratais achoimre dá dtagraítear i mír 1 á dtabhairt chun críche acu, a luaithe a thabharfaidh an Coimisiún fógra do na húdaráis sin nach bhfuil sé beartaithe aige gníomhú ar an gcás ina iomláine nó i bpáirt. Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh an chumhacht ag na húdaráis iomaíochta náisiúnta tréimhse réasúnta ama a shonrú ar lena linn nach mór don iarratasóir an tiarratas iomlán agus an fhianaise agus an fhaisnéis chomhfhreagrach a chur isteach.

7.I gcás ina gcuirfidh an tiarratasóir an tiarratas iomlán isteach i gcomhréir le mír 6 agus laistigh den tréimhse atá sonraithe ag an údarás iomaíochta náisiúnta, áiritheoidh na Ballstáit go measfar an fhaisnéis atá istigh ann a bheith curtha isteach ar an dáta agus ag an am a cuireadh an tiarratas achoimre isteach. I gcás ina gcuirfidh an tiarratasóir an tiarratas achoimre isteach tráth nach déanaí ná 5 lá oibre tar éis dó an tiarratas ar thrócaire a chur isteach chuig an gCoimisiún, measfar gur cuireadh an tiarratas achoimre isteach ar an dáta agus ag an am a cuireadh an tiarratas ar thrócaire isteach chuig an gCoimisiún.

Airteagal 22

An tidirghníomhú idir cláir trócaire agus smachtbhannaí ar dhaoine nádúrtha

Áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfar fostaithe agus stiúrthóirí reatha agus iarfhostaithe agus iarstiúrthóirí de chuid iarratasóirí chuig údaráis iomaíochta ar dhíolúine ó fhíneálacha a chosaint ar aon smachtbhannaí coiriúla agus riaracháin agus ar smachtbhannaí a fhorchuirfear in imeachtaí breithiúnacha neamhchoiriúla mar gheall ar a rannpháirtíocht sa chairtéal rúnda a chumhdaítear leis an iarratas, ar choinníoll go gcomhoibreoidh na fostaithe agus na stiúrthóirí sin go gníomhach leis na húdaráis iomaíochta lena mbaineann agus gur cuireadh an tiarratas ar dhíolúine isteach roimh thús na nimeachtaí coiriúla.

CAIBIDIL VII

CÚNAMH FRITHPHÁIRTEACH

Airteagal 23

Comhar idir na húdaráis iomaíochta náisiúnta

I gcás ina ndéanfaidh na húdaráis iomaíochta náisiúnta riaracháin iniúchadh thar ceann údarás iomaíochta eile, agus mar gheall air, de bhun Airteagal 22 de Rialachán (CE) Uimh. 1/2003 ón gComhairle, tabharfar cead d'oifigigh agus do dhaoine tionlacain eile atá údaraithe ag an údarás iomaíochta náisiúnta iarrthach dul chuig an údarás iomaíochta náisiúnta iarrtha agus cabhrú leis go gníomhach san iniúchadh trí na cumhachtaí dá dtagraítear in Airteagail 6 agus 7 a fheidhmiú.

Airteagal 24

Iarrataí ar fhógra a thabhairt faoi réamhagóidí agus faoi chinntí

1.Gan dochar d'aon fhoirm eile fógra a thabharfaidh údarás iomaíochta náisiúnta den Bhallstát is iarratasóir i gcomhréir leis na rialacha atá i bhfeidhm sa Bhallstát sin, áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfaidh an túdarás iarrtha, arna iarraidh sin ag an údarás is iarratasóir, fógra a thabhairt don eintiteas lena mbaineann thar ceann an údaráis is iarratasóir faoi réamhagóidí in aghaidh an tsáraithe líomhnaithe ar Airteagal 101 agus Airteagal102 CFAE agus faoi chinntí lena gcuirtear na hAirteagail sin i bhfeidhm, chomh maith le doiciméid a bhaineann le forfheidhmiú cinntí lena bhforchuirtear fíneálacha nó íocaíochtaí pionósacha tréimhsiúla.

2.Áiritheoidh an túdarás iarrtha gur i gcomhréir leis na dlíthe, na rialacháin agus na cleachtais riaracháin náisiúnta atá i bhfeidhm sa Bhallstát iarrtha a chuirfear an fógra i gcrích sa Bhallstát iarrtha.

Airteagal 25

Iarrataí ar fhorfheidhmiú cinntí lena bhforchuirtear fíneálacha nó íocaíochtaí pionósacha tréimhsiúla

1.Áiritheoidh na Ballstáit, arna iarraidh sin ag an údarás is iarratasóir, go bhforfheidhmeoidh an túdarás iarrtha cinntí lena bhforchuirtear fíneálacha nó íocaíochtaí pionósacha tréimhsiúla arna nglacadh i gcomhréir le hAirteagal 12 agus Airteagal 15 ag an údarás is iarratasóir. Ní bheidh feidhm ach sa mhéid:

a)nach bhfuil láithreacht dhlíthiúil i mBallstát an údaráis is iarratasóir ag an ngnóthas a bhfuil an fhíneáil nó an íocaíocht thréimhsiúil pionósach infheidhmithe ina choinne; nó

b) gur léir nach leor na hacmhainní, i mBallstát an údaráis is iarratasóir, atá ag an ngnóthas a bhfuil an fhíneáil nó an íocaíocht thréimhsiúil pionósach infheidhmithe ina choinne;

2.Áiritheoidh an túdarás iarrtha gur i gcomhréir leis na dlíthe, na rialacháin agus na cleachtais riaracháin náisiúnta atá i bhfeidhm sa Bhallstát iarrtha a chuirfear an forfheidhmiú i gcrích sa Bhallstát iarrtha.

3.Ní fhéadfaidh an túdarás is iarratasóir iarraidh ar fhorfheidhmiú a dhéanamh ach amháin i gcás inar críochnaitheach an cinneadh lena gceadaítear an forfheidhmiú sa Bhallstát is iarratasóir agus nach féidir achomharc a dhéanamh ina aghaidh ar an ngnáthbhealach a thuilleadh.

4.Is leis na dlíthe atá i bhfeidhm sa Bhallstát is iarratasóir a rialófar ceisteanna faoi thréimhsí teorann.

5.Ní bheidh oibleagáid ar an údarás iarrtha cinntí a fhorfheidhmiú de bhun mhír 1 i gcás ina mbeadh sé sin contrártha go follasach do bheartas poiblí an Bhallstáit ina bhfuil an forfheidhmiú á iarraidh.

Airteagal 26

Díospóidí a bhaineann le hiarrataí ar fhógra a thabhairt agus ar fhorfheidhmiú cinntí lena bhforchuirtear fíneálacha nó íocaíochtaí pionósacha

1.Díospóidí a bhaineann le dlíthiúlacht birt a bhfuil fógra le tabhairt faoi nó cinnidh lena bhforchuirtear fíneálacha nó íocaíochtaí pionósacha tréimhsiúla i gcomhréir le hAirteagal 12 agus Airteagal 15 a dhéanfaidh údarás is iarratasóir, tiocfaidh siad faoi inniúlacht chomhlachtaí inniúla an Bhallstáit is iarratasóir agus rialófar iad le rialacha náisiúnta an Stáit sin.

2.Díospóidí a bhaineann leis na bearta forfheidhmiúcháin arna ndéanamh sa Bhallstát iarrtha nó a bhaineann le bailíocht fógra arna thabhairt ag an údarás iarrtha, tiocfaidh siad faoi inniúlacht chomhlachtaí inniúla an Bhallstáit iarrtha agus rialófar iad leis na rialacha atá i bhfeidhm sa Stát sin.

CAIBIDIL VIII

TRÉIMHSÍ TEORANN

Airteagal 27

Fionraíocht na dtréimhsí teorann le haghaidh pionóis a fhorchur

1.Áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfar na tréimhsí teorann do na húdaráis iomaíochta náisiúnta fíneálacha nó íocaíochtaí pionósacha tréimhsiúla a fhorchur de bhun Airteagal 12 agus Airteagal 15 a chur ar fionraí ar feadh fhad na nimeachtaí os comhair údaráis iomaíochta náisiúnta de chuid Ballstáit eile nó os comhair an Choimisiúin i dtaca le sárú lena mbaineann an comhaontú céanna, an cinneadh comhlachais céanna nó an cleachtas comhbheartaithe céanna. Tosóidh an fhionraíocht tráth a dhéanfar fógra faoin gcéad bheart imscrúdaitheach foirmiúil a thabhairt don ghnóthas is ábhar do na himeachtaí. Tiocfaidh sé chun deiridh an lá a chuirfidh an túdarás lena mbaineann deireadh lena imeachtaí agus go dtabharfaidh sé fógra don ghnóthas faoi sin. Beidh fad na tréimhse fionraíochta gan dochar do dhearbhthréimhsí teorann dá bhforáiltear faoin dlí náisiúnta.

2.An tréimhse teorann le haghaidh fíneálacha nó íocaíochtaí pionósacha tréimhsiúla a fhorchur, cuirfear ar fionraí í fad atá cinneadh údaráis iomaíochta faoi réir imeachtaí atá ar feitheamh os comhair cúirt athbhreithnithe.

CAIBIDIL IX

FORÁLACHA GINEARÁLTA

Airteagal 28

Ról na núdarás iomaíochta náisiúnta riaracháin os comhair cúirteanna náisiúnta

1.Na Ballstáit a ainmneoidh idir údarás iomaíochta náisiúnta riaracháin, a bhfuil inniúlacht aige chun imscrúdú a dhéanamh ar sháruithe ar Airteagal 101 nó Airteagal 102 CFAE, agus údarás iomaíochta náisiúnta breithiúnach, a bhfuil inniúlacht aige chun cinneadh a ghlacadh lena gcinntear go raibh sárú ann agus/nó lena bhforchuirtear an fhíneáil, áiritheoidh siad go bhféadfaidh an túdarás iomaíochta náisiúnta riaracháin an chaingean a thabhairt go díreach os comhair an údaráis iomaíochta náisiúnta bhreithiúnaigh.

2.A mhéid a bheidh na cúirteanna náisiúnta ag gníomhú mar chúirteanna athbhreithnithe in imeachtaí arna dtionscnamh in aghaidh cinntí forfheidhmiúcháin ó údaráis iomaíochta náisiúnta lena gcuirtear Airteagal 101 nó Airteagal 102 CFAE i bhfeidhm, áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh teidlíocht iomlán ag an údarás iomaíochta náisiúnta as féin chun páirt a ghlacadh sna himeachtaí sin mar ionchúisitheoir, mar chosantóir nó mar fhreagróir agus go mbeidh aige na cearta céanna le páirtí poiblí den sórt sin sna himeachtaí sin.

Airteagal 29

Teorainneacha maidir le faisnéis a úsáid

1.Níor cheart faisnéis a bhailítear ar bhonn na bhforálacha dá dtagraítear sa Treoir seo a úsáid ach chun na críche a fuarthas í. Níor cheart í a úsáid mar fhianaise le haghaidh smachtbhannaí a fhorchur ar dhaoine nádúrtha.

2.Áiritheoidh na Ballstáit gur chun cearta cosanta a fheidhmiú in imeachtaí os comhair údarás iomaíochta náisiúnta a dheonófar rochtain ar ráitis trócaire agus aighneachtaí socraíochta, agus chuige sin amháin. Áiritheoidh na Ballstáit nach féidir leis an bpáirtí dar tugadh rochtain ar an gcomhad úsáid a bhaint as faisnéis arna tógáil ó na ráitis trócaire agus aighneachtaí socraíochta sin ach amháin nuair is gá sin chun a chearta cosanta a fheidhmiú in imeachtaí os comhair chúirteanna na mBallstát i gcásanna a bhaineann go díreach leis an gcás ar deonaíodh an rochtain ina leith, agus a bhaineann leis an méid seo a leanas:

a)leithdháileadh fíneála idir rannpháirtithe cairtéil a ghearr údarás iomaíochta náisiúnta orthu i gcomhpháirt agus go leithleach; nó

b)athbhreithniú ar chinneadh a rinne údarás iomaíochta náisiúnta gurbh ann do shárú ar Airteagal 101 CFAE nó ar fhorálacha den dlí iomaíochta náisiúnta.

3.Áiritheoidh na Ballstáit maidir leis na catagóirí seo a leanas d'fhaisnéis arna fáil le linn imeachtaí os comhair údarás iomaíochta náisiúnta, nach núsáidfear in imeachtaí os comhair na gcúirteanna náisiúnta iad go dtí go mbeidh deireadh curtha ag an údarás iomaíochta náisiúnta lena chuid imeachtaí i gcoinne gach páirtí atá faoi imscrúdú trí chinneadh a ghlacadh dá dtagraítear in Airteagal 9 nó Airteagal 11 nó go mbeidh deireadh curtha aige leis na himeachtaí ar bhealach eile:

a)Faisnéis a d'ullmhaigh daoine nádúrtha nó dlítheanacha eile i gcomhair imeachtaí an údarás iomaíochta náisiúnta go sonrach; agus

b)Faisnéis a tharraing an túdarás iomaíochta náisiúnta suas agus a chuir sé chuig na páirtithe le linn na nimeachtaí.

4.Áiritheoidh na Ballstáit nach malartófar na ráitis trócaire ach idir údaráis iomaíochta náisiúnta de bhun Airteagal 12 de Rialachán (CE) Uimh. 1/2003:

a)le toiliú an iarratasóra; nó

b)i gcás ina bhfuil iarratas trócaire a bhaineann leis an sárú céanna faighte ón iarratasóir céanna ag an údarás a gheobhadh ráiteas agus ag údarás a tharchurtha, ar choinníoll nach bhfuil, tráth a dtarchuirfí an fhaisnéis, an deis ar fáil don iarratasóir an fhaisnéis a tharraingt siar a chuir sé faoi bhráid an údaráis sin a gheobhadh ráiteas; nó

c)i gcás ina bhfuil gealltanas i scríbhinn tugtha ag an údarás a gheobhadh ráiteas, maidir leis an bhfaisnéis arna tarchur chuige agus aon fhaisnéis eile a gheobhadh sé tar éis dháta agus am an tarchurtha de réir mar atá sé nótáilte ag údarás a tharchurtha, nach ndéanfaidh sé féin ná aon údarás eile a dtarchuirfear chuige í ina dhiaidh sin an fhaisnéis sin a úsáid chun smachtbhannaí a fhorchur ar an iarratasóir, ar aon duine nádúrtha nó dlítheanach eile arna chumhdach ar an gcóireáil fhabhrach a chuir an túdarás tarchurtha ar fáil de thoradh an iarratais a rinne an tiarratasóir faoina chlár trócaire, ná ar fhostaí ná ar iarfhostaí de chuid aon duine de na daoine thuasluaite;

agus ar choinníoll go bhfuil an cosaint ar nochtadh arna deonú ag an údarás iomaíochta náisiúnta a gheobhadh ráiteas coibhéiseach leis an gcosaint arna tabhairt ag údarás iomaíochta náisiúnta a tharchurtha.

5.I gcás ina ndéanfaidh údarás iomaíochta náisiúnta faisnéis a thug iarratasóir go deonach de bhun Airteagal 12 de Rialachán (CE) Uimh. 1/2003 a tharchur gan toiliú an iarratasóra, áiritheoidh na Ballstáit go bhfuil na húdaráis iomaíochta náisiúnta a gheobhadh ráiteas in ann an gealltanas dá dtagraítear i mír 4(c) a thabhairt.

6.Beidh feidhm ag mír 2 go mír 5 gan beann ar an bhfoirm ina gcuirfear isteach na ráitis trócaire de bhun Airteagal 19.

Airteagal 30

Inghlacthacht fianaise os comhair údaráis iomaíochta náisiúnta

Áiritheoidh na Ballstáit go náireofar doiciméid, ráitis ó bhéal, taifeadtaí agus gach mír eile a chuimsíonn faisnéis, beag beann ar an meán ina bhfuil an fhaisnéis stóráilte, ar na cineálacha cruthúnais atá inghlactha mar fhianaise os comhair údarás iomaíochta náisiúnta.

Airteagal 31

Costais Chóras an Ghréasáin Eorpaigh Iomaíochta

Is as buiséad ginearálta an Aontais, faoi chuimsiú na leithreasuithe atá ar fáil, a fhreastalófar ar na costais a thabhóidh an Coimisiún i dtaca le cothabháil agus forbairt a dhéanamh ar chóras an Ghréasáin Eorpaigh Iomaíochta agus le comhar laistigh den Ghréasán Eorpach Iomaíochta.

CAIBIDIL X

FORÁLACHA CRÍOCHNAITHEACHA

Airteagal 32

Trasuí

1.Na forálacha reachtaíochta, rialúcháin nó riaracháin is gá chun an Treoir seo a chomhlíonadh, déanfaidh na Ballstáit iad a thabhairt i bhfeidhm faoin [tréimhse dhá bhliain le haghaidh trasuí] ar a dhéanaí. Cuirfidh siad téacs na bhforálacha sin in iúl don Choimisiún láithreach.

Nuair a ghlacfaidh na Ballstáit na forálacha sin, beidh tagairt iontu don Treoir seo nó beidh tagairt den sórt sin ag gabháil leo tráth a bhfoilsithe oifigiúil. Is iad na Ballstáit a chinnfidh an tslí le tagairt den sórt sin a dhéanamh.

2.Déanfaidh na Ballstáit téacs phríomhfhorálacha an dlí náisiúnta a ghlacfaidh siad sa réimse a chumhdaítear leis an Treoir seo a chur in iúl don Choimisiún.

Airteagal 33

Teacht i bhfeidhm

Tiocfaidh an Treoir seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a foilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Airteagal 34

Seolaithe

Dírítear an Treoir seo chuig na Ballstáit.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil,

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa    Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán    An tUachtarán

RÁITEAS AIRGEADAIS REACHTACH

1.LEAGAN AMACH AN TOGRA/TIONSCNAIMH

1.1.Teideal an togra/tionscnaimh

1.2.Réimsí beartais lena mbaineann i gcreat ABM/ABB

1.3.An cineál togra/tionscnaimh

1.4.Cuspóirí

1.5.Foras an togra/tionscnaimh

1.6.Fad agus tionchar airgeadais

1.7.Modhanna bainistíochta atá beartaithe

2.BEARTA BAINISTÍOCHTA

2.1.Rialacha faireacháin agus tuairiscithe

2.2.Córas bainistíochta agus rialaithe

2.3.Bearta chun calaois agus neamhrialtachtaí a chosc

3.AN TIONCHAR AIRGEADAIS A MHEASTAR A BHEIDH AG AN TOGRA/TIONSCNAMH

3.1.Ceannteidil an chreata airgeadais ilbhliantúil agus na línte buiséid ar a nimreofar tionchar

3.2.An tionchar a mheastar a bheidh ag an togra/tionscnamh ar chaiteachas 

3.2.1.Achoimre ar an tionchar a mheastar a bheidh ag an togra/tionscnamh ar chaiteachas

3.2.2.An tionchar a mheastar a bheidh ag an togra/tionscnamh ar leithreasuithe faoi chomhair oibríochtaí

3.2.3.An tionchar a mheastar a bheidh ag an togra/tionscnamh ar leithreasuithe de chineál riaracháin

3.2.4.Comhoiriúnacht don chreat airgeadais ilbhliantúil reatha

3.2.5.Ranníocaíochtaí ó thríú páirtithe

3.3.An tionchar a mheastar a bheidh ar ioncam

RÁITEAS AIRGEADAIS REACHTACH

1.LEAGAN AMACH AN TOGRA/TIONSCNAIMH

1.1.Teideal an togra/tionscnaimh

Treoir ó Parlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le húdaráis iomaíochta na mBallstát a chumhachtú le bheith ina bhforfheidhmitheoirí níos éifeachtaí agus chun dea-fheidhmiú an mhargaidh inmheánaigh a áirithiú.

1.2.Réimsí beartais lena mbaineann i gcreat ABM/ABB 24  

Réimse beartais:    Teideal 03 – Beartas iomaíochta.

Gníomhaíochtaí:    03 02 – Comhordú beartais, an Gréasán Eorpach Iomaíochta, agus comhar idirnáisiúnta.

03 05 – Cairtéil, in aghaidh trustaí, agus léirscaoileadh.

1.3.An cineál togra/tionscnaimh

Baineann an togra/tionscnamh le beart nua. 

1.4.Cuspóirí

1.4.1.Cuspóirí straitéiseacha ilbhliantúla an Choimisiúin ar a bhfuil an togra/tionscnamh dírithe

Cuspóir Ginearálta A: Borradh Nua faoi Phoist, Fás agus Infheistíocht.

1.4.2.Cuspóirí sonracha agus na gníomhaíochtaí ABM/ABB lena mbaineann

Cuspóir Sonrach Uimh. 2: Cur i bhfeidhm éifeachtach comhleanúnach dhlí iomaíochta AE ag na húdaráis iomaíochta náisiúnta agus ag cúirteanna náisiúnta.

Gníomhaíochtaí ABM/ABB lena mbaineann: 03 02 - Comhordú beartais, an Gréasán Eorpach Iomaíochta, agus comhar idirnáisiúnta, agus 03 05 - Cairtéil, in aghaidh trustaí, agus léirscaoileadh.

1.4.3.An toradh agus an tionchar a bhfuil súil leo

1.4.4.Is ar na húdaráis iomaíochta náisiúnta, gnólachtaí agus tomhaltóirí a imreoidh an tionscnamh an tionchar is mó, mar a mhínítear i gcuid 2 den Mheabhrán Míniúcháin. Táscairí lena léireofar toradh agus tionchar

Léirítear sa tábla thíos táscairí a d'fhéadfaí a úsáid chun an toradh agus an tionchar a thomhas.

Cuspóirí

Príomhtháscairí

A áirithiú go mbeidh uirlisí éifeachtacha imscrúdaithe agus cinnteoireachta ag gach údarás iomaíochta náisiúnta.

Gníomhaíocht reachtach

1. Fáil ar na príomhuirlisí imscrúdaithe agus cinnteoireachta in aghaidh an údaráis iomaíochta náisiúnta.

2. Fáil ar na príomhráthaíochtaí nós imeachta in aghaidh an údaráis iomaíochta náisiúnta.

3. Úsáid uirlisí nua imscrúdaithe in aghaidh an údaráis iomaíochta náisiúnta.

4. An líon cinntí forfheidhmiúcháin de réir cineál cinnidh (e.g. toirmisc, gealltanais, bearta eatramhacha).

Gníomhaíocht bhog:

1. Cur i bhfeidhm á dhéanamh ag na húdaráis iomaíochta náisiúnta ar chleachtais/treoir mholta, nuair is infheidhme, lena bhformhuiniú/formhuiniú ag an nGréasán Eorpach Iomaíochta.

A áirithiú go mbeidh gach údarás iomaíochta náisiúnta in ann fíneálacha éifeachtacha a fhorchur.

Gníomhaíocht reachtach:

1. Sna Ballstáit atá ag forchur fíneálacha faoi láthair ar ghnóthais in imeachtaí breithiúnacha coiriúla:

- Fáil ar fhíneálacha in imeachtaí riaracháin/imeachtaí breithiúnacha neamhchoiriúla.

- Cumas ag na húdaráis iomaíochta náisiúnta chun cásanna a thionscnamh/a chosaint os comhair cúirteanna.

- An líon fíneálacha vs. an líon cásanna i gcomparáid leis an tréimhse roimhe sin nuair ba iad na fíneálacha ba mhinice a ghearrtaí fíneálacha in imeachtaí breithiúnacha coiriúla.

2. Cur i bhfeidhm na suime uasta forordaithe don leibhéal fíneálacha in aghaidh an údaráis iomaíochta náisiúnta.

3. Athruithe sa leibhéal fíneálacha i gcomparáid leis an staid roimh theacht i bhfeidhm na Treorach.

4. Suim iomlán na bhfíneálacha arna bhforchur.

5. Feidhm/neamhfheidhm choincheap an ghnóthais chun críche fíneálacha a fhorchur ar mháthairchuideachtaí agus ar chomharbaí dlíthiúla agus eacnamaíocha gnóthas.

Gníomhaíocht bhog:

1. Cur i bhfeidhm á dhéanamh ag na húdaráis iomaíochta náisiúnta ar chleachtais/treoir mholta, nuair is infheidhme, lena bhformhuiniú/formhuiniú ag an nGréasán Eorpach Iomaíochta.

A áirithiú go mbeidh clár trócaire atá dea-cheaptha i bhfeidhm ag gach údarás iomaíochta náisiúnta, ar clár é lena néascaítear iarratas a dhéanamh ar thrócaire i níos mó ná dlínse amháin.

Gníomhaíocht reachtach:

1. Fáil in aghaidh an údaráis iomaíochta náisiúnta ar ráthaíochtaí éifeachtacha lenar féidir le hiarratasóirí ar thrócaire a náit sa scuaine trócaire a chosaint.

2. Fáil in aghaidh an údaráis iomaíochta náisiúnta ar rialacha lena ndéantar fostaithe de chuid iarratasóirí ar thrócaire a chosaint ar smachtbhannaí.

3. An líon iarratas ar thrócaire in aghaidh an údaráis iomaíochta náisiúnta.

Gníomhaíocht bhog:    

1. Cur i bhfeidhm á dhéanamh ag na húdaráis iomaíochta náisiúnta ar chleachtais/treoir mholta, nuair is infheidhme, lena bhformhuiniú/formhuiniú ag an nGréasán Eorpach Iomaíochta.

A áirithiú go mbeidh acmhainní dóthanacha ag na húdaráis iomaíochta náisiúnta agus go bhféadfaidh siad rialacha iomaíochta AE a fhorfheidhmiú go neamhspleách.

Gníomhaíocht reachtach:

1. Fáil in aghaidh an údaráis iomaíochta náisiúnta ar rialacha lena náirithítear nach bhfaighidh na húdaráis iomaíochta náisiúnta treoracha ó chomhlachtaí poiblí nó príobháideacha.

2. Suirbhé ar cé acu a rinneadh nó nach ndearnadh iarrachtaí an bonn a bhaint ón neamhspleáchas atá ag na húdaráis iomaíochta náisiúnta.

3. Suirbhé ar cé acu atá nó nach bhfuil acmhainní leordhóthanacha daonna agus airgeadais ag na húdaráis iomaíochta náisiúnta chun a gcúraimí a chomhlíonadh, lena náirítear treochtaí agus comparáidí maidir le leibhéal foirne agus buiséid.

Costais bhreise do ÚINanna.

1. Costais bhreise a thabhaítear mar thoradh ar chumhachtaí breisithe (oiliúint, etc.)

2. Costais a bhaineann leis na bearta forfheidhmiúcháin in aghaidh trustaí a dhéanann na húdaráis iomaíochta náisiúnta (costais vs. méid na bhfíneálacha arna ngearradh).

1.5.Foras an togra/tionscnaimh

1.5.1.Na ceanglais is gá a chomhlíonadh sa ghearrthéarma nó san fhadtéarma

Is é príomhchuspóir an tionscnaimh reachtaigh seo a áirithiú go mbainfear amach acmhainneacht iomlán an chórais dhíláraithe forfheidhmiúcháin um rialacha iomaíochta AE a cuireadh i bhfeidhm le Rialachán (CE) Uimh. 1/2003. Déanfar amhlaidh trí chumhacht a thabhairt do na húdaráis iomaíochta náisiúnta chun rialacha a fhorfheidhmiú ar bhealach níos éifeachtaí. Leis sin, neartófar forfheidhmiú éifeachtach rialacha iomaíochta AE. Chomh maith leis sin, beidh sé mar bhonn agus thaca ag an dlúthchomhar sa Ghréasán Eorpach Iomaíochta.

Chuige sin, is gá go ngnóthófar na cuspóirí sonracha seo a leanas:

1.    a áirithiú go mbeidh uirlisí éifeachtacha imscrúdaithe agus cinnteoireachta ag gach údarás iomaíochta náisiúnta;

2.    a áirithiú go mbeidh gach údarás iomaíochta náisiúnta in ann fíneálacha éifeachtacha díspreagthacha a fhorchur;

3.    a áirithiú go mbeidh clár dea-dheartha trócaire i bhfeidhm ag gach údarás iomaíochta náisiúnta, ar clár é lena néascaítear iarratas a dhéanamh ar thrócaire i níos mó ná dlínse amháin; agus

4.    a áirithiú go mbeidh acmhainní dóthanacha ag na húdaráis iomaíochta náisiúnta agus go bhféadfaidh siad rialacha iomaíochta AE a fhorfheidhmiú go neamhspleách.

1.5.2.Luach breise a bhaineann le rannpháirteachas an AE

Tá roinnt cúiseanna ann lena dtugtar údar le rannpháirteachas AE chun na cuspóirí a ndéantar cur síos orthu i gcuid 1.5.1 a ghnóthú agus chun acmhainneacht iomlán an chórais dhíláraithe forfheidhmiúcháin um rialacha iomaíochta AE a bhaint amach, mar a mhínítear i gcuid 2 den Mheabhrán Míniúcháin.

1.5.3.Ceachtanna a foghlaimíodh ó thaithí eile den sórt sin san am a chuaigh thart

Le Rialachán (CE) Uimh. 1/2003, tugtar cumhacht do na húdaráis iomaíochta náisiúnta chun rialacha iomaíochta AE a chur i bhfeidhm. Mar thoradh air sin, tá rialacha iomaíochta AE á bhforfheidhmiú anois ar scála nach bhféadfadh an Coimisiún a ghnóthú ina aonar. Tá níos mó ná 1000 cinneadh forfheidhmiúcháin déanta ag an gCoimisiún agus ag na húdaráis iomaíochta náisiúnta ón mbliain 2004 i leith. Ba iad na húdaráis iomaíochta náisiúnta a bhí freagrach as 85 % de na cinntí sin. Tá an togra reachtach bunaithe ar an taithí forfheidhmiúcháin a ghnóthaigh na húdaráis iomaíochta náisiúnta agus ar bhearta breise bailithe fíoras a rinneadh ó bhí an bhliain 2004 ann.

1.5.4.Comhoiriúnacht d'ionstraimí iomchuí eile agus sineirgíocht a d'fhéadfadh a bheith ann

Tá an togra reachtach comhoiriúnach do Rialachán (CE) Uimh. 1/2003 agus beidh sineirgíocht láidir aige leis mar go gcuirfidh sé ar chumas na núdarás iomaíochta náisiúnta a lánacmhainneacht a bhaint amach sa chóras díláraithe forfheidhmiúcháin um rialacha iomaíochta AE dá bhforáiltear leis an Rialachán seo.

1.6.Fad agus tionchar airgeadais

Togra/tionscnamh a bheidh i bhfeidhm ar feadh tréimhse neamhtheoranta

1.7.Modhanna bainistíochta atá beartaithe 25  

Bainistíocht dhíreach a dhéanann an Coimisiún agus a chuid ranna.

2.BEARTA BAINISTÍOCHTA

2.1.Rialacha faireacháin agus tuairiscithe

Bainfear úsáid as na leithreasuithe chun tacú le córas lárnach faisnéise (Córas an Ghréasáin Eorpaigh Iomaíochta) agus é a chothabháil, a fhorbairt, a óstáil agus a oibriú i gcomhréir leis na caighdeáin iomchuí rúndachta agus slándála sonraí. Áiritheofar leo go mbeidh dlúthchomhar ann idir na húdaráis iomaíochta náisiúnta agus an Coimisiún sa Ghréasán Eorpach Iomaíochta ar bhealaí éagsúla. Beidh feidhm ag rialacha tuairiscithe na hArd-Stiúrthóireachta.

2.2.Córas bainistíochta agus rialaithe 

2.2.1.Na rioscaí a aithníodh.

Maidir le TF: an riosca go dteipfeadh ar chórais TF tacaíocht éifeachtach a thabhairt d'oibriú an Ghréasáin Eorpaigh Iomaíochta.

2.2.2.Faisnéis maidir leis an gcóras rialaithe inmheánaigh atá i bhfeidhm.

TF: Próisis éifeachtacha rialachais TF lena dtugtar páirt ghníomhach d'úsáideoirí na gcóras.

Caiteachas: is é aidhm na bpróiseas rialaithe inmheánaigh a áirithiú go ndéanfar bainistiú leordhóthanach ar na rioscaí a bhaineann le dlíthiúlacht agus le rialtacht na mbun-idirbheart agus le cineál na níocaíochtaí. Ina theannta sin, tá an córas rialaithe comhdhéanta de bhunchlocha difriúla, lena náirítear: tuairisc a thabhairt don lucht ardbhainistíochta, fíorú ex ante ag an bhfoireann lárnach airgeadais, coiste comhairleach inmheánach le haghaidh soláthairtí agus conarthaí, rialuithe ex post agus iniúchtaí ag an tSeirbhís um Iniúchóireacht Inmheánach agus ag Cúirt Iniúchóirí na hEorpa.

2.2.3.Meastachán ar chostais agus ar shochair na rialuithe agus measúnú ar an leibhéal riosca earráide a bhfuiltear ag súil leis.

Caiteachas: Meastar gurb ionann costais na rialuithe agus níos lú ná 3 % den chaiteachas iomlán. Gan cúrsaí airgid a áireamh, cumhdaítear na nithe seo leis na buntáistí a bhaineann le rialuithe: luach níos fearr ar airgead, bacadh, gnóthachain éifeachtúlachta, feabhsuithe córais, agus comhlíonadh na bhforálacha rialála.

Maolaítear na rioscaí go héifeachtach trí bhíthin na rialuithe atá i bhfeidhm. Meastar gur lú ná 2 % an riosca earráide.

2.3.Bearta chun calaois agus neamhrialtachtaí a chosc

Maolaítear na rioscaí calaoise le rialuithe sonracha. Déantar faireachán agus rialú níos mine ar ghníomhaíochtaí agus oibríochtaí atá i mbaol méadaithe calaoise. De bharr an chórais rialaithe thuasluaite agus chineál an chaiteachais faoin modh bainistíochta dírí, is féidir a mheas gurb íseal atá an riosca calaoise.

Tá gach idirbheart faoi réir rialuithe ex ante chéad leibhéal, i gcomhréir lenár gciorcaid airgeadais. Is rialuithe oibríochtúla agus airgeadais iad na rialuithe sin. Is é an stiúrthóireacht oibríochtúil a dhéanann an tionscnamh agus fíorú oibríochtúil agus is é an rannóg airgeadais in Aonad R2 d'Ard-Stiúrthóireacht na hIomaíochta a dhéanann an tionscnamh agus fíorú airgeadais.

Measúnaítear an riosca calaoise gach bliain i gcomhthéacs an chleachtaidh bhainistíochta riosca.

3.AN TIONCHAR AIRGEADAIS A MHEASTAR A BHEIDH AG AN TOGRA/TIONSCNAMH

3.1.Ceannteidil an chreata airgeadais ilbhliantúil agus na línte buiséid ar a nimreofar tionchar

Línte buiséid atá ann cheana

Sa bhliain 2016, is faoi chlár ISA2 faoi bheart ABCDE a chistítear na córais faisnéise lena dtacaítear le hoibríochtaí an Ghréasáin Eorpaigh Iomaíochta. Is faoi chaiteachas riaracháin a chistítear na costais eile a thabhaítear i dtaca le feidhmiú an Ghréasáin Eorpaigh Iomaíochta. Beidh an rud céanna infheidhme ó 2017 go 2020. Beidh rialacha mionsonraithe an tionchair bhuiséadaigh i ndiaidh 2020 faoi réir an togra ón gCoimisiún maidir leis an gcéad chreat airgeadais ilbhliantúil eile agus thoradh deiridh na gcaibidlíochtaí maidir leis an gcreat airgeadais ilbhliantúil i ndiaidh 2020.

In ord cheannteidil agus línte buiséid an chreata airgeadais ilbhliantúil.

Ceannteideal an chreata airgeadais ilbhliantúil

Líne buiséid

Saghas
caiteachais

Ranníocaíocht



Ceannteideal 1a

LD/LN.  26

ó thíortha CSTE 27

ó thíortha is iarrthóirí 28

ó thríú tíortha

de réir bhrí Airteagal 21(2)(b) den Rialachán Airgeadais

26.030100

LD.

NÍL

NÍL

Ceannteideal an chreata airgeadais ilbhliantúil

Líne buiséid

Saghas
caiteachais

Ranníocaíocht

Ceannteideal 5

LD/LN

ó thíortha de chuid CSTE

ó thíortha is iarrthóirí

ó thríú tíortha

de réir bhrí Airteagal 21(2)(b) den Rialachán Airgeadais

03.010211

Neamhdhifreáilte

NÍL

NÍL

NÍL

NÍL

3.2.An tionchar a mheastar a bheidh ag an togra/tionscnamh ar chaiteachas

3.2.1.Achoimre ar an tionchar a mheastar a bheidh ag an togra/tionscnamh ar chaiteachas

Ceannteideal an chreata airgeadais ilbhliantúil

Uimhir 1a

Iomaíochas le haghaidh fáis agus post

EUR milliúin (go dtí an tríú deachúil)

Ard-Stiúrthóireacht: COMP

Bliain
2018

Bliain
2019

Bliain
2020

Blianta ina dhiaidh sin (íocaíochtaí)

IOMLÁN

•Leithreasuithe faoi chomhair oibríochtaí

Líne buiséid 26.030100 29

Gealltanais

(1)

1,000

1,000

1,000

3,000

Íocaíochtaí

(2)

0,700

0,900

1,000

0,400

3,000

Leithreasuithe de chineál riaracháin arna maoiniú ó chlúdach clár sonrach 30  

IOMLÁN leithreasuithe
do DG COMP

Gealltanais

=1+1a +3

1,000

1,000

1,000

3,000

Íocaíochtaí

=2+2a+3

0,700

0,900

1,000

0,400

2,600



IOMLÁN leithreasuithe faoi chomhair oibríochtaí

Gealltanais

(4)

1,000

1,000

1,000

3,000

Íocaíochtaí

(5)

0,700

0,900

1,000

3,000

•IOMLÁN leithreasuithe de chineál riaracháin arna maoiniú as clúdach clár sonrach

(6)

0

0

0

0

IOMLÁN leithreasuithe
faoi CHEANNTEIDEAL 1a
den chreat airgeadais ilbhliantúil

Gealltanais

=4+ 6

1,000

1,000

1,000

3,000

Íocaíochtaí

=5+ 6

0,700

0,900

1,000

0,400

3,000



Ceannteideal an chreata airgeadais
ilbhliantúil:

5

"Caiteachas riaracháin"

EUR milliúin (go dtí an tríú deachúil)

Bliain
N

Bliain
N+1

Bliain
N+2

Blianta ina dhiaidh sin (íocaíochtaí)

IOMLÁN

Ard-Stiúrthóireacht: COMP

• Acmhainní daonna

0,759

0,759

0,759

2,277

• Caiteachas riaracháin eile

0,500

0,550

0,550

1,600

IOMLÁN AS COMP

Leithreasuithe

1,259

1,309

1,309

3,877

IOMLÁN leithreasuithe faoi CHEANNTEIDEAL 5
den chreat airgeadais ilbhliantúil
 

(Iomlán gealltanas = Iomlán íocaíochtaí)

1,259

1,309

1,309

3,877

EUR milliúin (go dtí an tríú deachúil)

Bliain
N 31

Bliain
N+1

Bliain
N+2

Blianta ina dhiaidh sin (íocaíochtaí)

IOMLÁN*

IOMLÁN leithreasuithe faoi CHEANNTEIDIL 1 go 5
den chreat airgeadais ilbhliantúil
 

Gealltanais

2,259

2,309

2,309

6,877

Íocaíochtaí

1,959

2,209

2,309

0,400

6,877

3.2.2.An tionchar a mheastar a bheidh ag an togra/tionscnamh ar leithreasuithe faoi chomhair oibríochtaí

Éilíonn an togra/tionscnamh go núsáidfear leithreasuithe faoi chomhair oibríochtaí mar a mhínítear thíos:

Ní féidir le hArd-Stiúrthóireacht na hIomaíochta liosta uileghabhálach d'aschuir atá le soláthar trí bhíthin idirghabhálacha airgeadais, an meánchostas agus na huimhreacha a chur ar fáil mar a iarrtar sa rannán seo mar gur tionscnamh nua é seo agus níl fáil ar aon sonraí staidrimh roimhe ar féidir leas a bhaint astu.

Chun buntacú le dlúthchomhar sa Ghréasán Eorpach Iomaíochta agus chun na cuspóirí a ghnóthú ar an mbealach is fearr, táimid ag súil leis na cineálacha caiteachais seo a leanas, i measc nithe eile:

tacú le córas lárnach faisnéise (Córas an Ghréasáin Eorpaigh Iomaíochta) agus é a chothabháil, a fhorbairt, a óstáil agus a oibriú i gcomhréir leis na caighdeáin iomchuí rúndachta agus slándála sonraí. Tá an Gréasán Eorpach Iomaíochta ag brath ar idir-inoibritheacht le gur féidir leis feidhmiú ar bhealach éifeachtach éifeachtúil.

costais riaracháin eile arna dtabhú i dtaca le feidhmiú an Ghréasáin Eorpaigh Iomaíochta, lena náirítear:

costais a bhaineann le cruinnithe a eagrú;

oiliúint a sholáthar d'údaráis iomaíochta náisiúnta;

ábhar clóite arna aistriú chuig gach teanga;

cleachtais/treoir mholta arna naistriú chuig gach teanga a eisiúint;

suirbhéanna/staidéir/meastóireachtaí leantacha.

3.2.3.An tionchar a mheastar a bheidh ag an togra/tionscnamh ar leithreasuithe de chineál riaracháin

3.2.3.1.Achoimre

Ní éilíonn an togra/tionscnamh go núsáidfear leithreasuithe breise de chineál riaracháin.

Comhlíonfar na riachtanais acmhainní daonna trí fhoireann ón Ard-Stiúrthóireacht a bhfuil bainistíocht na gníomhaíochta faoina cúram cheana agus/nó atá ath-imlonnaithe taobh istigh den Ard-Stiúrthóireacht, mar aon le haon leithdháileadh breise a d'fhéadfaí a thabhairt don Ard-Stiúrthóireacht atá i mbun bainistíochta faoi chuimsiú an nós imeachta maidir le leithdháileadh bliantúil i bhfianaise na srianta buiséadacha. Beidh an rud céanna infheidhme maidir leis na leithreasuithe is gá chun an caiteachas riaracháin a chumhdach.

3.2.3.2.Na hacmhainní daonna a mheastar a bheidh riachtanach

Éilíonn an togra/tionscnamh go núsáidfear acmhainní daonna mar a mhínítear thíos:

Sloinnfear an meastachán in aonaid de choibhéis lánaimseartha

Bliain
N

Bliain
N+1

Bliain N+2

Bliain N+3

Tréimhse neamhtheoranta
(féach pointe 1.6)
(féach pointe 1.6)

• Poist don phlean bunaíochta (oifigigh agus foireann shealadach)

XX 01 01 01 (Ceanncheathrú agus Oifigí Ionadaíocht an Choimisiúin)

5,5

5,5

5,5

5,5

5,5

XX 01 01 02 (Toscaireachtaí)

XX 01 05 01 (Taighde indíreach)

10 01 05 01 (Taighde díreach)

 Foireann sheachtrach (i gcoibhéis lánaimseartha: FTE) 32

XX 01 02 01 (CA, SNE, INT ón gclúdach iomlánaíoch)

XX 01 02 02 (CA, LA, SNE, INT agus JED sna toscaireachtaí)

XX 01 04 yy  33

- sa Cheanncheathrú

- i dToscaireachtaí

XX 01 05 02 (CA, SNE, INT – taighde indíreach)

10 01 05 02 (CA, INT, SNE – taighde díreach)

Línte buiséid eile (sonraigh)

IOMLÁN

5,5

5,5

5,5

5,5

5,5

Is é XX an réimse beartais nó an teideal buiséid lena mbaineann.

Soláthrófar na hacmhainní daonna is gá le baill foirne ón Ard-Stiúrthóireacht a bhfuil bainistíocht an bhirt faoina gcúram cheana agus/nó a ath-imlonnófar laistigh den Ard-Stiúrthóireacht, mar aon le haon leithdháileadh breise a d'fhéadfaí a thabhairt don Ard-Stiúrthóireacht atá i mbun bainistíochta faoi chuimsiú an nós imeachta maidir le leithdháileadh bliantúil i bhfianaise na srianta buiséadacha.

Cur síos ar na cúraimí a bheidh le déanamh:

Oifigigh agus pearsanra sealadach

AD – Faireachán agus comhordú a dhéanamh ar an nGréasán Eorpach Iomaíochta

AST – Bainisteoir tionscadail TF ar chóras lena dtacaítear le hoibriú an Ghréasáin Eorpaigh Iomaíochta, cruinnithe de chuid an Ghréasáin Eorpaigh Iomaíochta a chomhordú

Pearsanra seachtrach

N/B

3.2.4.Comhoiriúnacht don chreat airgeadais ilbhliantúil reatha

Tá an togra/tionscnamh comhoiriúnach don chreat airgeadais ilbhliantúil reatha agus do chlárú airgeadais reatha ISA2, ní theastaíonn aon acmhainní breise.

3.2.5.Ranníocaíochtaí ó thríú páirtithe

Ní dhéantar foráil sa togra/tionscnamh maidir le cómhaoiniú le tríú páirtithe.

3.3.An tionchar a mheastar a bheidh ar ioncam

Ní bheidh tionchar airgeadais ar bith ag an togra ar ioncam.

(1) Rialachán (CE) Uimh. 1/2003 ón gComhairle an 16 Nollaig 2002 maidir le cur chun feidhme na rialacha iomaíochta a leagtar síos in Airteagal 81 agus in Airteagal 82 den Chonradh (IO 2003, L 1, lch. 1).
(2) COM(2016) 710 críochnaitheach.
(3) Teachtaireacht ón gCoimisiún - dlí AE: Torthaí níos fearr a bhuí le cur chun feidhme níos fearr, C/2016/8600, (IO C 18, 19.1.2017, lch.10).
(4) Treoir 2002/21/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 7 Márta 2002 maidir le comhchreat rialála i gcomhair gréasán agus seirbhísí cumarsáide leictreonaí (IO 2002, L 108, lch. 33); Treoir 2009/72/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Iúil 2009 maidir le comhrialacha don mhargadh inmheánach sa leictreachas agus lena naisghairtear Treoir 2003/54/CE (IO 2009, L 211, lch. 55); Rialachán (CE) Uimh. 1211/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Samhain 2009 lena mbunaítear Comhlacht na Rialálaithe Eorpacha um Chumarsáid Leictreonach (BEREC) agus an Oifig (IO 2009, L 337, lch. 1); Rialachán (AE) Uimh. 1227/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Deireadh Fómhair 2011 maidir le sláine agus trédhearcacht an mhargaidh mórdhíola fuinnimh (IO 2011, L 326, lch. 1); Treoir 2012/34/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 21 Samhain 2012 lena mbunaítear limistéar Eorpach aonair iarnróid (IO 2012, L 343, lch. 32); Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Nollaig 2013 lena mbunaítear comheagraíocht na margaí i dtáirgí talmhaíochta agus lena naisghairtear Rialachán (CEE) Uimh. 922/72, Rialachán (CEE) Uimh. 234/79, Rialachán (CE) Uimh. 1037/2001, agus Rialachán (CE) Uimh. 1234/2007 ón gComhairle (IO 2013, L 347, lch. 671); Rialachán (AE) Uimh. 537/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Aibreán 2014 maidir le ceanglais shonracha a bhaineann le hiniúchóireacht reachtúil ar eintitis leasa phoiblí agus lena naisghairtear Cinneadh 2005/909/CE ón gCoimisiún (IO 2014, L 158, lch. 77).
(5) Cás C-557/12, Kone AG v. ÖBB-Infrastruktur AG, EU:C:2014:1317, mír 32.
(6) Cás C-439/08, Vlaamse federatie van verenigingen van Brood- en Banketbakkers, Ijsbereiders en Chocoladebewerkers (VEBIC) VZW, EU:C.2010:739, mír 56 agus mír 57.
(7) Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle, Ten Years of Antitrust Enforcement under Regulation 1/2003: Achievements and Future Perspectives COM(2014) 453, agus na Doiciméid Inmheánacha Oibre a ghabhann léi: Ten Years of Antitrust Enforcement under Regulation 1/2003 SWD(2014) 230 agus Enhancing competition enforcement by the Member States' competition authorities: institutional and procedural issues SWD(2014) 231, http://ec.europa.eu/competition/antitrust/legislation/regulations.html.
(8) Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle, Report on the functioning of Regulation 1/2003 COM(2009) 206 final, agus an Doiciméad Inmheánach Oibre a ghabhann léi, SEC(2009) 574 final, http://ec.europa.eu/competition/antitrust/legislation/regulations.html.
(9) D'fhreagair an 8 % eile: "ní heol/ní bhaineann".
(10) Féach Roinn 6.3 den Tuarascáil ar an Measúnú Tionchair. http://ec.europa.eu/transparency/regdoc/?fuseaction=ia.
(11) Féach Roghanna an 28 Meán Fómhair 2016 agus an 9 Nollaig 2016 atá le fáil ag: http://ec.europa.eu/transparency/regdoc/?fuseaction=ia. Féach freisin Iarscríbhinn I den Tuarascáil ar an Measúnú Tionchair.
(12) Cinneadh (AE) 2015/2240 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Samhain 2015 lena mbunaítear an clár um réitigh idir-inoibritheachta agus comhchreataí do riaracháin phoiblí, do ghnólachtaí agus do shaoránaigh na hEorpa (clár ISA2) mar mhodh leis an earnáil phoiblí a nuachóiriú (IO 2015, L 318. lch. 1).
(13) IO L 349, 5.12.2014, lch. 1.
(14) De réir chásdlí Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh, "na ceanglais a eascraíonn ón gcosaint do chearta bunúsacha sa dlíchóras [i.e. dlíchóras AE], tá siad ceangailteach ar na Ballstáit freisin nuair a chuireann siad rialacha AE i bhfeidhm ", breithiúnas a tugadh in Karlsson agus Eile, Cás C-292/97, ECLI: EU:C:2000:202, mír 37. Féach freisin an breithiúnas a tugadh in Eturas, Cás C-74/14, ECLI:EU:C:2016:42, mír 38, inar mheabhraigh Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh gur prionsabal ginearálta de chuid dhlí AE é toimhde na neamhchiontacha, agus go bhfuil sé cumhdaithe feasta in Airteagal 48(1) de Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh (féach, chuige sin, an breithiúnas a tugadh in E.ON Energie v an Coimisiún, C 89/11 P, ECLI: EU:C:2012:738, mír 72), nach mór do na Ballstáit a urramú agus dlí iomaíochta AE á chur i bhfeidhm acu. Féach freisin chuige sin, an breithiúnas a tugadh in VEBIC, C439/08, ECLI: EU:C:2010:739, mír 63.
(15) Breithiúnas sa chás Inspecteur van de Belastingdienst v X BV, C-429/07, ECLI: EU:C:2009:359, míreanna 36-39. 
(16) Úsáidtear an téarma “fíneálacha sibhialta” chun tagairt d'fhíneálacha a ghearrtar in imeachtaí breithiúnacha neamhchoiriúla.
(17) Breithiúnas in AkzoNobel NV v Commission, C-97/08 P, ECLI:EU:C:2009:536. I gcásanna den sórt sin, is gá a léiriú go nimríonn an mháthairchuideachta tionchar cinntitheach ar an bhfochuideachta a rinne an sárú.
(18) http://ec.europa.eu/competition/cartels/whistleblower/index.html.
(19) http://ec.europa.eu/newsroom/just/item-detail.cfm?item_id=54254.
(20) Thug Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh breithiúnas nach mór Airteagal 35 de Rialachán (CE) Uimh. 1/2003 a fhorléiriú mar chosc ar rialacha náisiúnta lena gcuirtear cosc ar ÚIN páirt a ghlacadh, mar chosantóir nó mar fhreagróir, in imeachtaí breithiúnacha arna dtionscnamh in aghaidh cinneadh ón údarás é féin, VEBIC, Cás C-439/08, ECLI:EU:C:2010:739, mír 64.
(21) IO C , , lch. .
(22) Rialachán (CE) Uimh. 1/2003 ón gComhairle an 16 Nollaig 2002 maidir le cur chun feidhme na rialacha iomaíochta a leagtar síos in Airteagal 81 agus in Airteagal 82 den Chonradh (IO L 1, 4.1.2003, lch. 1).
(23) IO C 369, 17.12.2011, lch. 14.
(24) ABM: bainistiú de réir gníomhaíochtaí; ABB: Buiséadú de réir gníomhaíochtaí.
(25) Is féidir mionsonraí ar na modhanna bainistíochta agus tagairtí don Rialachán Airgeadais a fheiceáil ar shuíomh gréasáin na hard-stiúrthóireachta de chuid an Choimisiúin, Ard-Stiúrthóireacht an Bhuiséid: http://ec.europa.eu/budget/index_en.cfm.
(26) LD = Leithreasuithe difreáilte / LN = Leithreasuithe neamhdhifreáilte.
(27) CSTE: Comhlachas Saorthrádála na hEorpa.
(28) Tíortha is iarrthóirí agus, más iomchuí, iarrthóirí a d'fhéadfadh bheith ann sna Balcáin Thiar.
(29) Méideanna táscacha iad seo, agus tá siad faoi réir an nós imeachta bhuiséadaigh bhliantúil agus na dtosaíochtaí arna leagan síos faoi chlár oibre bliantúil ISA².
(30) Cúnamh agus caiteachas teicniúil agus/nó riaracháin ar mhaithe le cláir agus/nó bearta de chuid AE (seanlínte "BA") a chur chun feidhme, taighde indíreach, taighde díreach.
(31) Is í bliain N an bhliain a chuirfear tús le cur chun feidhme an togra/tionscnaimh.
(32) CA = Ball foirne ar conradh; LA= Ball foirne áitiúil; SNE= Saineolaí náisiúnta ar iasacht; INT= Ball foirne gníomhaireachta; JED = Saineolaí sóisearach i dtoscaireacht.
(33) Fo-uasteorainn d'fhoireann sheachtrach arna cumhdach ag leithreasuithe faoi chomhair oibríochtaí (na seanlínte "BA").